Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tír-Eólas na hEórpa
Title
Tír-Eólas na hEórpa
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tír-eólas na hEorpa Réamh-rádh. Sí seo an chéad iarracht a rinneadh ar leabhar eolais ar thíortha iasachta a sgriobhadh i nGaedhilg na haimsire seo. Le dhá bhliadhain déag anuas (ó thosnuigheas ag cur suime i n-ádhbhar-sgoile a mhúnadh i nGaedhilg agus mé imeasg oidí sgoileann dhá-theangthach), táim ag bailiú ainmneacha áiteann i nGaedhilg, agus is áthas liom gur tháinig sé sa saoghal go mbéadh fáilte roimh leabhar a mbéadh na hainmneacha sin ann. Na ceachtanna mar atáid sa leabhrán seo, sgríobhadh iad i gcóir na n-oidí sgoile agus na n-adhbhar oidí a bhí d’á dteagasg agam i gCúrsaí an tSamhraidh anuraidh agus i rith na bliadhna ó shoin. As na sean-leabhra ba mhó do fuaras na hainmneacha mar atá Geograif Ros Ailithir i Leabhar Laighean, na hAnnála, “Forus Feasa,” Eachtraí, Iomraimh, agus sean-sgéalta de gach saghas: acht táim fá chomaoin freisin, ag a lán d’ughdair na haimsire seo a sgríobh leabhra agus aistí ar thíortha thar lear .i. Mícheál Breathnach, Diarmaid Donn, An tAthair Peadar - solus na bhFlaitheas d’á n-anam! - An Buachaillín Buidhe, Conán Maol, Cú Uladh, Pádhraic Ó Domhnalláin, An tAthair P. Ó Duinnín, An Dr. S. Mac Énrí, An Dr. T. Ó Máille, Liam Ó Rinn, agus sgríobhnóirí agus eagar- thóirí leabhra ar cheana. Ní fhéadaim iad go léir d’ainmniú, mar ba mhinic a sgríobhainn síos ainm áite agus nach sgríobhainn ainm an leabhair i n-ar léigheas é. Idir eatorra ar fad ba bheag ainm a mb’éigin dom féin cumadh. Iad-siúd a chumas, thugas iarracht faoi n-a gceapadh mar ceaptaoi ainmneacha áiteann fadó. Táim buidheach do mo charaid, Pádraig Ó Dálaigh, ar son comhairle a thug sé dom agus mé ag réidhtiú na sgríbhinne do’n chlódóir. Caitlín Nic Ghabhann.
Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann. Tír-eolas na hEorpa. Ó n-ár dTír Féin amach. Dothosnuigheamar ar chruinn-eolas d’fhoghluim agus sinn ag féachaint romhainn amach ó dhoras tighe na sgoile, thar bhánta féarmhara ar bparáiste féin - thar phortaigh, thar choillte, thar aibhneacha, suas go mullach na sléibhte bhí ag bun na spéire. Nó b’fhéidir gurbh í an fhairrge fhairsing a bhí sínte amach romhainn agus sinn ag tosnú ar bheith fiosrach i dtaoibh an domhain mhóir seo ar a bhfuilmid. B’fhéidir gur thar shráideanna cumhanga a d’fhéachamar, suas go bárr tighthe gruamdha a bhí idir sinn agus na sléibhte agus nach raibh d’oibreacha Dé le feiceál againn acht an spéar ghlan ghorm ós ar gceann. Acht, míle buidheachas le Dia, is beag má tá aon bhaile, beag nó mór, i n-Éirinn nach bhfuil sléibhte nó fairrge, nó páirceanna glasa le feiceál uaidh. Fiú Bhaile Átha Cliath féin, is fánach ball ann nach bhfeicfeá Beann Éadair nó Sléibhte Chualann uaidh, agus níl ann an gasúr ná an ghearr-chaile a bhfuil siubhal aige nó aice nach mbéadh ábalta an tuaith amach, nó an fhairrge, a shroichint gan ró-mhoill.
“Bíonn gach tosnú lag.” Seadh, thosnuigheamar mar sin, agus de réir mar tháinig fás fúinn agus tuigsint chugainn, méaduigheadh ar ár n-eolas. Cuireadh i n-umhail dúinn, mar aon le rudaí eile, go raibh paráistí eile sínte amach ar gach taobh d’ár bparáiste sinne: gur i gConndae áirithe a bhí na paráistí sin go léir: agus go raibh tríocha a’s dá cheann aca siúd i n-Éirinn. Cheapamar gur mhór an tír í Éire - an tír ionmhuin dothug Dia dhúinn mar áit-chomhnaidhthe. An Domhan Mór. Fuaramar amharc ar léar-sgáil an domhain, lá, agus b’iongnadh linn a laighead a’s bhí Éire i gcomórtas le tíortha eile an domhain. Níor laghduigh sin ar ár gcean- amhlacht uirthi - beag an baoghal! - acht theastuigh uainn eolas d’fhágháil ortha siúd, nídh nárbh iongnadh. Tá cur síos sa leabhrán seo ar na tíortha atá sa gcuid de’n domhan le n-a mbainimid féin .i. Roinn na hEorpa. B’fhéidir go mbéadh a thuille le fágháil nuair a bheás sé seo léighte. Roinn na hEorpa. A Méad. Sí is lugha de Ranna móra an domhain ar fad, cé is moite d’Ástraoill. Má bhreathnuighmid ar an gcuid eile - ar Mheiriocá thiar, ar an Áisia thoir, ar an Aifric theas, feicimid gur mó gach ceann aca ná’n Eoraip.
A Tábhachtaighe. Acht is mó le rádh an Eoraip, ar go leor bealach, ná aon cheann aca. Is mó atá déanta aici ar son oideachais agus léighinn, ar son filidheachta agus litridheachta, ar son peictiúrachta, agus dealbhaidheachta, agus gach a mbaineann le áilneacht agus le míneachas i saoghal an duine. Innte-se atá furmhór de náisiúin mhóra an domhain suidhte. Aice-se atá mór-chuid mhór de thráchtáil an domhain. Innte-se ba dhoimhne dophréamhuigh an Chríostaidheacht, agus uaithe-se ba mhó dochuaidh misinéirí chun an Creideamh sin do chraobhsgaoileadh ar fud an domhain, ó aimsir na n-Aspol i leith. Uaithe-se a thriall na lorgaidhthe móra clúmhala, ó aimsir Bhréanainn Naomhtha se’ againn féin anuas, le tíortha, nár bhfios cinnte d’éinne an uair sin iad a bheith ann, dobhraith. Ní beag le rádh í an Eoraip ar a lán slighthe. Léar-sgáil na hEorpa. Suidheamh ár dtíre féin uirthi. Ag féachaint ar léar-sgáil na hÉorpa dhúinn, féicimid go bhfuil Éire amuigh sa bhfairrge mhóir do’n leith thiar thuaidh, agus oileán is mó ná í do’n leith thoir dhi, idir í agus an Mhóir-thír. Oileán atá ionnta anois, acht níl mórán doimhneachta san uisge atá idir iad agus an Mhóir-thír i gcomparáid le n-a dhoimhne a’s tá sé tamaillín beag siar ó chóstaibh na hÉireann. Ní raibh aon fhairrge idir sinn agus an chuid eile de’n Eoraip, uair.
Dealbhú na hEorpa. Feicimid gur machaire mór atá i lár na hEorpa - “Clár Mór na hEorpa” a tugtar air sin. Tá’n ceann caol de i n-Éirinn, agus i n-Iarthar na Frainnce, agus téigheann sé i leithead de réir mar ghluaistear soir go dtí go bhfuil leithead na Rúise ó’n Tuaisceart go dtí’n Deisceart ann, sa deire. Tá Ranng Mór sléibhte ar an taobh theas de’n Eoraip - sínte soir-siar a bhfurmhór - agus fó-rannga amach uaidh i ngach treo. Tá Sléibhte eile i n-Oirthear na hEorpa, acht ní mór iad ar ghualainn Shléibhte an Deiscirt. Tá Sléibhte móra san Iar-Thuais- ceart chomh maith. Tá a lán aibhneacha i lár na hEorpa a bhfuil a mbun-shruthanna sna Sléibhte móra theas. An Cósta. Feicimid go bhfuil Cósta na hEorpa an-fhada agus bearnach, áit ar hídigheadh an talamh bog leis an taoille agus gur fágadh an talamh seo cruaidh - na carraigeacha cruaidhe - i n-a mBeanna nó i n-a Ceanna sáithte amach sa bhfairrge. I n-áiteacha, mar atá, An Mhuir dTorrian Theas, nó an Mhuir Báltach Thuaidh, tá’n fhairrge leath- nuighthe amach thar réimsí móra talmhan istigh faoi’n tír. A Thairbhe Sin. Is mór an tairbhe do’n Eoraip an cósta bheith chomh fada sin. Is beag tír innti nach bhfuil imeall-bhord léi cois fairrge. Iad-siúd nach bhfuil, tá bealaigh uisge, idir aibhneacha agus canála, ionnta, a dhéanas bóthar mór do’n fhairrge dóibh. Is ar an bhfairrge is mó a déantar tráchtáil. An Aoráid. Chor leis sin, is fionn-fhuaire aimsir na hEorpa sa Samhradh agus is teotha sa nGeimhreadh í de bhárr an méad
di a theangmhuigheas leis an bhfairrge. Is fusa an talamh a theitheadh ná’n t-uisge, teacht an tSamhraidh acht is fuide a choinnigheas an t-uisge an teas nuair a téithear é. In Oirthear na hEorpa atá i bhfad ó’n bhfairrge, bíonn sé an-mheirbh sa Samhradh, agus bíonn fuacht mór ann sa nGeimhreadh. Tais agus Triomacht. Tá baint ag an bhfairrge le fliche nó le triomacht na haimsire, freisin. Gaoth bhreagh bhog ’ndeas is minice a shéideas thar an Eoraip. Sguabann sí léi an ghail a éirigheas ó’n aigéan de bhárr teasa na gréine. De réir mar théigheas an gháil i n-áirde - agus amannta cuirtear i n-áirde go tobann í, ar theangmhachtáil do’n ghaoith le sléibhte árda - fuarann sí, agus déantar uisge di, a thuiteas ar an talamh i bhfuirm báistighe. Is beag gail a fhanas sa ngaoith ar shroichint Oirthir na hEorpa dhi, agus dhá bhithín sin, bíonn brothal agus triomacht mhór ann. A Suidheadh. Tá’n chuid is mó de’n Eoraip taobh istigh de’n Chrios Measardha thuaidh - fágann sin, freisin, nach mbíonn ró-theas ann acht amháin sa bhfíor-Dheisceart, ná aon ró- fhuacht, acht amháin sa bhfíor-Thuaisceart. Réigiún ann féin ’seadh An Rúis. Níl aon Ranng Sléibhte ar an taobh ó thuaidh dhi leis an ngaoith phréachtaigh adtuaidh a choinneal amach uaithi sa nGeimhreadh, agus tá’n cead céadna ag an ngaoith mheirbh a ndeas séideadh ar a fuaid sa Samhradh- níl de Shléibhte sa treo sin acht Sléibhte na Cácáise atá idir í agus an Phéirs. Anois, breathnuighmís ar gach tír faoi leith san Eoraip.
An Bhreatain Mhór. Sin é an t-oileán a chonnacamar do’n leith thoir d’Éirinn. Tá’n fhairrge Mhór do’n leith thuaidh dhe: An Fhairrge Mhór .i. Sruth na Maoile, Muir Meann agus Muir na Breataine don leith thiar: Muir nIocht do’n leith theas agus An Mhuir Thuaidh do’n leith thoir dhi. A Dhéanamh. Oileán mór é. Sléibhte árda ar an taobh thuaidh agus ar an taobh thiar dhe ar nós ar n-Oileáin féin. Clár nó Machaire i n-a lár - cuid de Chlár mór na hEorpa, a bhfacamar an ceann caol de i n-Éirinn. Corr-shliabh thall a's i bhfus ar a fuaid, acht gan aon Ranng Sléibhte san Oirthear, áit a bhfuil Sléibhte Chualann againne. Tuiteann fearthainn trom i nIarthar an Oileáin, acht bíonn sé níos tirme san Oirthear. Sasana A gustal. Tá trí cinn de thíortha san oileán sin - Sasana, san Oir-Dheisceart, Alba sa Tuaisceart, agus An Bhreatain Bheag san Iarthar. Sasana an tír is mó aca. Tír shaidhbhir í a bhfuil a lán áitreabhach innti, agus níos mó bailte ar a fuaid ná mar tá i n-aon tír eile ar an domhan. Tráchtáil mhór idir í agus tíortha thar lear. Gual, iarann, luaidh, soinc, copar agus mianaigh agus miotail eile le fágháil innti go flúirseach. Déantuis mhóra iarainn, éadaigh
cadáis, agus olna, síoda, criadh, gloine, páipéir agus eile ar siubhal innti. Talamh saidhbhir innti a thugtar bárr maith. Iasgaireacht ar fheabhas thart ar a cóstaí. Ní hiongnadh gur líonmhar a háitightheoirí. Na Bailte Móra. Lonndain, cois abhann Teams, i nOirthear na tíre, a príomh-chathair - an chathair is mó sa domhan. Comhnuigheann suas le seacht míle duine innti - oiread faoi dhó, tuairim a’s tá in Éirinn ar fad. Learpóil an dara cathair. Tá sí suidhte cois mara, san Iarthar ar aghaidh Bhaile Átha Cliath amach, nach mór. Baile mór tráchtála é. Manchuin an tríomhadh cathair. Tá sí istigh faoi’n tír, sa tSír, nó Conndae, céadna. Alba. Cine Gaedheal. Tír Ghaedhealach is eadh Alba. Is ó Éirinn ba mhó do háitigheadh í - níl acht caol fairrge idir an dá thír, agus bhíodh a muintir fá smacht Áird-Righthe na hÉireann san aimsir i n-allód. An Ghaedhilg is teanga dhúthchais dóibh araon. Tá a h-ainm in áirde ar fud an domhain ar áilneacht a sléibhte, a gleannta agus a locha : agus ar an gcóir oideachais ar fheabhas atá ar bun innti. Slighe-Bheatha na nDaoine. Ní líonmhar a daoine sa Tuaisceart, áit a bhfuil na Sléibhte Móra, agus gan acht fíor bheagán talmhan foghanta. Cothuighthear caoirigh ar na sléibhte, agus déantar sníomh-
acháin agus figheadóireacht sa taobh tíre sin. Iasgaireacht an tslighe-bheatha atá aca-siúd a chomhnuigheas cois fairrge. I nDeisceart na tíre tá talamh maith cuir. In a theannta sin, tá mianaigh guail, iarainn agus luaidhe ann. D’á bhárr sin, is líomhaire daoine ann ná san Tuaisceart. Déantar éadach cadáis, lín agus olna, innill de gach saghas, agus snaidhmthear longa san taobh sin dé’n tír. Na Bailte Móra. Glaschú an baile puirt is mó in Albain. Tá tráchtáil mhór idir é agus Meiriocá. Dún Éideann príomh-chathair na hAlban. Cathair staireamhail í, agus clú mór uirthi ar léigheann agus ar áilneacht. Dúndiadh agus Aibear- adhain bailte tábhachtacha eile atá innti. An Bhreatain Bheag. A Bunadh. Tír Cheilteach í seo. Tá gaol idir a teanga dhuthchais agus ár dteanga-na, acht ní ró-ghairid é i gcomórtas leis an ngaol atá idir teanga na hÉireann agus teanga na hAlban. A hÁilneacht. Tá sléibhte árda agus gleannta doimhne ar a fuaid, agus cáil mhór ortha maidir le háilneacht. Is féidir Sléibhte na Breataine Bige d’fheicsint ó mhullach Shléibhte Chualann aon lá breá glan.
Gléas Maireachtála. Comhnuigheann lear mór daoine i n-Oirthear agus i nDeisceart na tíre - áit a bhfuil mianaigh ghuail go fairsing. Déantar flainnín maith sa tír, agus leaghtar iarann, copar agus miotal eile innti. Tagann lasta móra miotail chuici ó’n Spáinn. An Chathair Dhubh sa Deisceart, an baile is mó innti. Inis Tuile. Sin oileán mór amuigh sa bhfairrge do’n leith thuaidh d’Éirinn. Tá bolcáin - nó cnuic a sgéitheann miotal leaghta, agus luaithridh amach asta - ar an oileán. Bolcán an-mhór iseadh Sliabh na hEicle. Brúchtann uisge beirbhthe aníos as an talamh i n-áiteacha ann. Mar sin féin, bíonn sé reoidhte an chuid is mó de’n bhliadhain. Leis an Danmhairg a bhaineas an t-oileán sin. An Fhrainnc. A Teorannta. Sí an Fhrainnc an chuid de’n Mhóir-tír is goire dhúinne - is goire í do Shasana ná dúinn féin. Tá’n Fhairrge Mhór- Muir nIocht (Coinéal na Breataine nó An Mhuinchille, mar thugas na Franncaigh uirthi) do’n leiththuaidh dhi. An Fhairrge Mhór (Báigh Bhioscáin) do’n leith thiar: Sléibhte Píréine agus an Mhuir dTorrian do’n leith theas: An Eadáil, An Eilbhéis, An Ghearmáin agus An Bheilg do’n leith thoir di. Mar fheicfear ar an gCruinn, is goire An Fhrainnc do Mheadhon líne na Cruinne na Éire. D’á bhárr sin, is teotha an aimsir innti go mór-mhór san Deisceart.
Déanamh na Tíre. Tá árdán sléibhte i n-Oir-Dheisceart na Frainnce, mar atá, na Soibheana, Sléibhte Óibhéirn agus Iúra, agus na hÁirdíní ar theorainn na Beilge. Tá Machaire Mór de thalamh foghanta cothrom cuir san Iar-Thuaisceart- an ceann thiar de Chlár Mór na hEorpa - idir na sléibhte agus an cósta. Fágann sin gur fada mall-shnigheach iad na haibhneacha a ghluaiseas asta i dtreo an chósta, agus béifidhe ag súil go mbéidís intseolta feadh achair mhaith fá’n tír - mar atá. Na hAibhneacha. An tSaen, a thriallas ó thuaidh, tá sí ar an abhainn is mó le rádh sa bhFrainnc. An Lighiúr (Lúbháir) agus an Gharonn, a dhéanas a mbealaigh siar, agus an Rodháin a ghluaiseas ó dheas amach i mBáigh na Leomhan na haibhneacha móra eile atá innti. Tá’n Réin ar an taobh thoir de’n Fhrainnc cuid d’á bealach. Slighe-Bheatha na nDaoine. I n-Oirthear na tíre atá na mianaigh ghuail. Ag smaoineadh air sin, agus ar an méad a dubhradh faoi’n talamh shaidhbhir sa gcuid eile de’n tír, ní béifidhe ag ceapadh go bhfuil muinntir na Frainnce bailighthe le chéile i gcatharacha móra agus an tuaith amach ar bheagán áitreabhach, ar nós Shasana, agus ní mó aca atá. Feilméaracht an tslighe-bheatha atá ag furmhór na ndaoine i n-Iar-Thuaisceart na Frainnce. Toradh na Talmhan. Tugann an talamh bárr seagail, cruithneachta, bíotais mhilis, cnáibe, lín, meacan, coirce agus arbhair bhuidhe. Fásann crainn fhíneamhna go maith i nDeisceart
na Frainnce - amuigh faoi’n aer, agus ní i dtighthibh gloine mar fhásaid sa tír seo - agus déantar a lán fíona asta beathuighthear seiriceáin nó péistíní síoda sa gcuid sin de’n tír agus déantar síoda sár-mhaith innti. Déantar éadach cadáis, olna, agus lín, tobac, leathair, uaireadóirí, lása, agus na céadta rud eile sa bhFrainnc. Tugann an iasgaireacht slighe-bheatha mhaith do lucht comhnaidhthe cois- fhairrge innti. Tá cuanta maithe mara ar trí cósta léi - rud a théigheas go mór chun tairbhe di. Éire agus an Fhrainnc. Tá baint ag Éirinn leis an bhFrainnc le fada. Do chuidigh sí linn san am tá caithte, agus sinn ag iarraidh saoirseacht ár dtíre do bhaint amach. Dodhíolamar-ne an chomhar léithi - is i n-Árm na Frainnce a chuaidh na Géanna Fiadháine, agus laochra nach iad d’ár gcine. Toradh an Chogaidh Cuireadh leis an bhFrainnc i ndeire an Chogaidh Mhóir. Dá thír bheaga - Ealsás agus Lóraen, a baineadh dhi sa gcogadh a bhí idir í féin agus an Ghearmáin sa mbliadhain 1870, ghlac sí seilbh ortha an ath-uair. Poblacht iseadh an Fhrainnc. Na bailte móra, agus Tráchtáil istigh. Paraí a príomh-chathair - an chathair is clúmhala, b'fhéidir, ar an domhan. Tá Calae, Bordaoill, agus Marsael ar na bailte puirt, agus Réim, Neantae agus Túlús ar na bailte tíre is mó innti. Tá bóithre breaghtha Náisiúnta agus canála ar fheabhas ar fud na Frainnce.
Leith-Inis na hÍbéiria A Suidheamh agus a Déanamh Do’n leith thiar theas do’n Fhrainnc í. Tá árdán fairsing sléibhte ar a fuaid - ó’n bhfairrge thoir go dtí’n fhairrge thiar, beag nach. Sa taobh ó thuaidh atá na Píréiní, Sléibhte Chantáibria agus Sléibhte na hÁstúiria. I lár na tíre tá Sléibhte na Cástaoille, agus na Deisceart tá sléibhte Mhóiréana agus Sléibhte Néabháda. Is borb iad na haibhneacha a ghluaiseas in a measg siúd - ró-thapaidh in a ngluaiseacht le bheith oireamhnach do sheoltóireacht. An Aoráid. Bíonn fliuchán maith ann cois na fairrge thiar agus gan aon ró-theas ann: acht i lár na tíre bíonn tiormacht mhór agus teas millteach ann - san samhradh. An t-achar fada atá idir é agus an fhairrge mhór is cionntach léis sin, agus an ghaoth bhrothallach a ndeas ó’n Aifric. Sa ngeimhreadh bíonn fuacht préachtach ann mar gheall ar a áirde a’s tá an t-árdán. An Chaoi a Mairtear ann Talamh garbh cnocach atá sa gcuid is mó dé’n tír, agus é dóighte ag an ngréin sa Séasúr teo. Acht fásann neart torthaí innti - líomóidí, oráistí, fígí, plumaí, caoir- fhíona, agus mar sin de. Déantar mór-chuid fíona sa leith-inis, agus tá crainn ola innti go fairsing. Tá airgead, luaidh, airgead beo, soinc agus copar go leor le baint innti, chomh maith le gual agus iarann. Tá trácht ar a mianaigh chomh fáda siar a’s théigheas cunntas na stairidhthe.
An dá thír. Dá thír atá sa leith-inis seo - An Spáinn agus an Phórtuingéal. Tá’n Spáinn ar an taobh thoir agus thoir- thuaidh agus an Phórtuingéal ar an taobh thiar-theas. Tá príomh-chathair na Spáinne .i. Maidríd, suidhte i lár na tíre, cois abhann Tágús, agus bóithre iarainn ag déanamh uirthi ó na bailte móra eile. Tá caladh-phort maith ag Barsalóin thoir, agus cinn eile ag an gCadias theas, agus ag an gCruinne thuaidh. Tá Liosbón, príomh-chathair na Portuingéile, cois Inbhir Tágús. Ópórtó, cois abhann Dúró, baile cuain mór eile. Éire agus an Spáinn. Tá sean-bhaint ag ar dtír-ne leis an Spáinn. Tá gach éinne d’ár seanchaidhthe ghá chur i n-a luighe orainn gur ó’n Spáinn dotháínig ár sinnsear de Chlanna Mhíleadh. Níl ainm tíre is minice a d’fheicfeá i n-ár n-Annála agus in ár sean-sgéalta - cé's moite, b'fhéidir, do’n Ghréig, ó n-ár tháinig cuid eile d’ár sean de réir na stairidhthe céadna. A Mórdhacht in Allód. Ba mhór le rádh í, leith-Inis na hÍbéiria uair. Uaithe-se a thriall Criostóir Mac Cuilm ar lorg na nIndiacha Thoir, agus tháinig i dtír sna hIndiacha thiar - agus Partholán Dias, an chéad Eorpach a chuaidh i dtír san Airfic Theas. Uaithe-se a ghluais a t-Armáda, an cabhlach mór úd a shíl smacht a chur ar Shasana. Léith-se a bhain tíortha Mheiriocá Theas - níl de rian uirthi sa Roinn Mhóir sin indiú acht amháin a teanga atá ar labhairt i ngach áit, nach mór, ar fud na Roinne.
An Bheilg Tír bheag do’n leith thoir-thuaidh de’n Fhrainnc í sin. Tá’n Mhuir Thuaidh mar theorainn fairrge agus mar bhealach tráchtála aici. Níl sléibhte sa tír, cé is moite do na hÁirdíní atá ar an taobh thiar theas, ar theorainn na Frainnce. Tá cuid mhór de’n tír chomh híseal sin go m’béigin claidhtheacha do thógáil leis an bhfairrge a choinneál amach uatha. Tráchtáil na Tíre. Tá cóir bhréag tráchtala sa tír, idir bóithre iarainn, bealaigh uisge, agus rian-fháirr ghaile. An Mhás agus an Sgealt na haibhneacha is mó innti. Tá mianaigh guail, iarainn, agus soinc d’á saothrí sa mBeilg. Déantar ráillí iarainn, innill, gunnaí, agus gloine innti, agus is mór é toradh a talmhan. Má’s líonmhar a háitreabhaigh tá slighe mhaith mhaireachtála aca. Na bailte móra. Bruiséal is príomh-chathair do’n Bheilg. Baile puirt is mór le rádh ’seadh Antueirp. Tá Geant agus Brúis ar na Bailte móra eile ata innti. Éire agus an Bheilg. Tá baint ag Éirinn leis an mBeilg le fada an lá. Cuireadh failte roimh ár bhFlatha ó’n Tuaisceart innti, agus iad ar a mbealach go dtí an Róimh, nuair b’éigin dóibh techeadh ó n-a dtír féin, mar tá innste dhúinn ag Tadhg Ó Cianáin. Bhí Coláiste Éireannach i nDubhae an uair sin, agus tá Coláiste Éireananch sa Lobháin go dtí an lá atá indiú ann.
“Láthair-chatha na hEorpa”. Tá síothcháin sa mBeilg i láthair na huaire acht ní i gcomhnaidhe a bhí an sgéal mar sin. Is iomdha uair a d’fhéach lucht ceannais tíortha eile le neart a ghabháíl innti - muintir na Spáinne, muintir na Frainnce agus muintir na Gearmáine go háithridh. An Tír-fo-Thuinn Dealt d’Abhainn na Réine is mó atá sa tír seo, agus é gan bheith chomh hárd le huisge na mara. Tógadh sgonnraí thart timcheall uirthi le fairrge, ar eagla go mbáithfidhe an tír, agus gach a bhfuil innti, am rabharta eicín. Mar gheibhtear riar a gcáis aiste. Níl mianaigh ar bith san tír, acht tá ithir bhreagh shaidhbhir innti. Baintear báirr mhaithe seagail, cruithneachta bíotais agus fataí: fásann a lán bláthanna innti, agus tá stuic bláthanna ó’n tír-fo-thuinn le fágháil i ngach siopa síl, nach mór, ar fad an domhain. Feilméaracht an tslighe-bheatha atá ag furmhór ná ndaoine, acht déantar soithigh criadh, fightear éadach de gach saghas, agus snaidhmthear longa innti, freisin. Déantar úsaid de mhuilinn ghaoithe le arbhar do mheilt, líon agus cnáib do réidhtiú i gcóir snáithe, le siúcre, rís, caife agus a léitheidí, a thagas thar sáile chuca gan bheith ion-chaithte, d’ullmhú chun caithimh agus leis an mbárraidheacht uisge a bhíos sa talamh a chaidéal amach as, agus isteach sna canála. Na canála seo an chóir tráchtála is mó sa tír.
Na bailte móra. Aimsteardam an príomh-bhaile - ar oileáin amuigh sa bhfairrge a tógadh é. Tá ainm Bhaile na hÁga in-áirde mar ionad cruinnighthe d’fhir Stáit ó thíortha móra an domhain. Baile mór tábhachtach eile iseadh Rotardam. An Ghearmáin. Na Teorannta. Tír mhór í seo. Tá’n Mhuir Báltach, an Danmharg agus an Mhuir Thuaidh don leith thuaidh dhi: An Fhrainnc do’n leith thiar: An Eilbhéis, An Ástria agus Seacó-Slóibheaice do’n leith theas: An Phólann agus an Rúis do’n leith thoir dhi. A Stair le n-Ár Linne. Impireacht mhór chumhachttach a b’eadh an Ghearmáin sul ar thosnuigh an Cogadh Mór, acht nuair a briseadh uirthi sa gcogadh sin, thuir an Impireacht ó chéile. Na Stáit a bhí innte, rinneadar Poblachtaí faoi leith díobh féin, acht táid comh-cheangailte fós. An Phrúis, an Bhábháir, agus an tSacsóin an chuid is tábhachtaighe díobh. Baogal Báithte. Fearacht na dtíortha eile a luadhamar a bhfuil imeall- bhord leo cois na Mara Thuaidh, dobháitfeadh an lán- mhara Tuaisceart na Gearmáine mara mbéadh gur tógadh claidhtheacha i n-a coinne.
Na hAibhneacha. Tá na milliúin punt caithte ag muintir na Gearmáine ar ghrinneall na fairrge agus inbhir na n-aibhneacha a ghlanadh de’n bhrúsgar carraige a thagas anuas leis na haibhneacha agus a shochruigheas cois cósta. De bhárr na sléibhte bheith i nDeisceart na hEorpa agus a sgar féin de Chlár Mór na hEorpa sa nGearmáin, tá na hAibhneacha fada, mall, agus an-fheileamhnach do thráchtáil. Tá canála ó abhainn go habhainn treasna na tíre, leis. A n-ainmneacha. Tá’n Bhiostúla sa nGearmáin cuid d’á bealach. Tá’n Ódar ar fad innti, nach mór. Abha an-tábhachtach iseadh an Ealb. Tá a lán bailte móra tráchtála ar bhruach na hEilbe agus a cumrachán. Ortha seo atá Béirlín, príomh- chathair na tíre. Tá bun-sruth na Danóibe sa bhForaois Dhuibh sa nGearmáin. Abha na Réine an abha is mó cáil innti, ar a háilneacht agus a húsáidighe. Ar bhruach na Maighne, cumracháin léithi, tá Francphort i n-a bhfuil Árd-Oifigí na mBannc. Ar bhruach na Réine féin tá an Cholóinn, i n-a ndéantar an chumhracht ar a dtugtar Uisge na Colóinne. Múinic príomh-chathair na Bábháire. Lucht déanta beorach is mó atá ag dul chun cinn innti. A dtugann an talamh. Tá gual, iarann, soinc, luaidh, copar, ór, airgead, niocal agus eile le fágháil go flúirseach sa nGearmáin. Tá’n chuid is mó de’n talamh i n-a thalamh fhoghanta chuir, agus baintear iomlán an tairbhe as. Beathuightear na táinte beithidheach sa tír, agus tá beacha go farrabachall innti. Daoine saothruightheacha tíoghmhaiseacha ’seadh na Gearmáinigh agus cóir oideachais ar fheabhas aca. Níorbh iongnadh í bheith ag buadhchaint ar thíortha móra tráchtála eile an domhain roimh an gcogadh.
Éire agus an Ghearmáin. Tá baint ag ar dtír-ne leis an nGearmáín le fada. I dtús ré na Críostaidheachta in Éirinn théigheadh misinéirí ó Éirinn leis an gcreideamh do chraobhsgaoileadh ar an Móir-thír. Tá a lorg go doimhin ar an nGearmáin, i bhfuirm sean-mhainistreacha, nó a bhfothracha, agus ainm- neacha áiteann, agus ta láimh-sgríbhinní leo i dtaisge i gColáistí na tíre sin fós. Cuireann sgoláirí na Gearmáine suim mhór i n-ár dteanga-na, agus thagadh aos-léighinn anall uaithe le n-a foghluim gach bliadhain roimh an gCogadh Mór. An Eilbhéís. A hÁilneacht. Tír bheag í seo do’n leith thoir de’n Fhrainnc, a bhfuil cáil agus clú uirthi ar fud an domhain ar áilneacht. Téigheann na mílte duine ann gach bliadhain le laetheannta saoire a chaitheamh sna gleannta dorcha doimhne cois na locha ciúine corcra: nó ag cnocadóireacht ar na sléibhte árda maordha atá san Eilbhéis - na hAlpa móra. Is slighe mhaireachtála d’á lán de na h-Eilbhéisigh aoidheacht do sholatháirt do na sluaighte a théigheas chuca, agus giollacht do thabhairt dóibh. An Aoráid. Níl aon imeall-bhord cois fairrge aici, agus is éagsamhlach an aimsir a bhíos innti. De bhárr a áirde a’s tá na sléibhte bíonn sioc agus sneachta ar a mullaigh, agus srutheanna oidhre ar shleasa na sléíbhte an lá is
brothallaighe sa samhradh, nuair a bhíos teas maith ins na gleannta. Acht déanann na sléibhte céadna fasgadh maith do na gleannta ar ghaoithe fuara agus teotha. Locha agus Aibhneacha. Na sruthanna oidhre san Eilbhéis is bárr do mhórán aibhneacha tábhachtacha. Tá bun na Réine sna hAlpa Móra, agus leathnuigheann a h-uisgí amach ar a bealach siar ó thuaidh le Loch Chonstans a dhéanamh. An Áir a líonas loch Lúsaern d’uisge na Rodháine a rinneadh loch Gheinéibhe, an Rodháin a bhíos ag gluaiseacht le fánaidh nó ag tuitim go garbh-ghlórach le binn ag déanamh bealaigh di féin siar ó dheas chun fairrge. Sealbh Triúir. Tá teorannta trí cinn de thíortha .i. An Fhrainnc, An Eilbhéis agus an Eadáil, ag Mont Blanc (An Sliabh Geal) sna hAlpa Móra. Sé an Sliabh is áirde san Eoraip é. Tá Sliabh Shan-Gotard ar an sliabh is áirde san Eilbhéis féin. Mar Mhaireann na hEilbhéisigh. Níl acht tuairim ’s an ceathramhadh cuid de thalamh na hEilbhéise ion-traothruighte - tá’n méad eile faoi shléibhte agus foraoisí. Crainn ghiúise is mó atá sna foraoisí sin, agus baintear úsáid asta i ndéantúis ádmhaid - baill bheaga trosgáin agus a leithéídí. Fásann caoir fhíona agus ubhla go maith sna gleannta, chomh maith le seagal, coirce agus eorna, acht is beag má fhásann díol mhuintire na tíre féin d’arbhar innti. Cothuighthear ba caoirigh agus gabhair ar na cnocaibh.
Déantúis. Déantar im agus cáise. Agus leasuighthear bainne sa tír. Cothuighthear seiriceáin sa taobh theas de’n tír, agus déantar síoda de’n tsnáith a sníomhaid. Déantar éadach cadáis agus olna, agus innill d’á lán saghas innti. Le cumhacht uisge agus aibhléise a déantar furmhór na n- earraidhe san Eilbhéis - níl gual le fágháil sa tír. Táthar ar ghann-chuid miotail san Eilbhéis, acht ní leo is faillighe a bhfuil le baint innti. Tá sár-oideachas céirdeamhail le fágháil ag muintir na hEilbhéíse, agus tá a rian sin ar an tír. An Náisiún. Poblacht i n-a bhfuil a lán poblachta beaga comh- cheangailte iseadh an Eilbhéis. Bhí roinnt de’n tír faoi smacht na Gearmáine, uair, acht d’éirigh leis na hEilbhéisigh seilbh a dtíre féin a bhaint amach. Béirn, cois na hÁire is príomh-chathair do’n tír. Bailte maithe tráchtála iseadh Súirich agus Géinéibh. Tá lorg na manach n-Éireannacha ar an Eilbhéis go dtí an lá atá indiú ann. An Eadáil. Cuma na Tíre. Leith-inis i bhfuirm bútaise fada, do’n leith theas de’n Eoraip í seo. Tá’n Mhuir dTorrian de gach leith di, acht amháin ar an taobh ó thuaidh, áit a bhfuil na hAlpa Móra. Tá Clár Mór de thalamh réidh cothrom (Clár Lombáirdí) i dtuaisceart na hEadáile idir na hAlpa agus na hApainíní .i. ranng sléibhte atá sinte síos suas ó cheann ceann na tíre, acht amháin ar an gClár úd. Ní mór le rádh iad na h-aibhneacha, maidir le tráchtáil, cé is moite do’n Phó a ghluaiseas soir treasna an Chláir thuaidh.
Taisteal agus Tráchtáil Tá cóir mhaith tráchtála ar mhuir, agus cuanta maithe ag an Eadáil, agus cé go bhfuil na hAlpa Móra ar an taobh thuaidh, tá bóithre maithe thart le n-a mbun, agus bóithre iarainn faoi thalamh ann, agus ní chuireann na hAlpa isteach ar thráchtáil, mórán. Lucht taistil ó Thuaisceart na hEorpa a bhéadh ag triall ar an domhan thoir, nach dtaithneóchadh turas ró-fhada ar muir leo, is tríd an bhFrainnc a thriallaidh, go Bríndísí i nDeisceart na hEadáile, áit a dtéighid ar bord luinge. Obair agus Déantúis. Le cumhacht uisge is mó a oibrighthear muilte agus monarcha san Eadáil - níl mianaigh ná miotal go flúirseach sa tír. Éadach cadáis agus olna, lín-éadach, agus síoda ar fheabhas, na h-earraidhe is mó a déantar innti, maille le fíon. Fásann neart torthaí innti, agus crainn ola, rís, líon, cnáib, cruithneacht agus arbhar buidhe. An Aoráid. Bíonn brothal mór innti sa Samhradh acht amháin cois cósta thiar, acht san nGeimhreadh uaireannta bíonn aimsir chaillte ann. Séideann gaoth phréachtach ó na hAlpa reoidhte, sgaithte, thar an tír. Príomh-Chathair na Tíre. Maidir leis na bailte móra atá san Eadáil sí an Róimh, atá i n-aice le Tráigh Mhara Thíbhír, príomh-chathair na tíre. Cathair clúmhail atá innte leis na ciantaibh. Ba h-í ba phríomh-chathair d’Ímpireacht na Róimhe, a raibh smacht aice ar an domhan iomlán, nach mór, roimh Aois ar
dTighearna - sé sin le rádh, ar an méad de’n domhan a raibh eolas air, an uair sin. Acht is cúis mhaoidhte dhúinne nach raibh ár dtír-ne ariamh i n-a seilbh. Sa Róimh a chomhnuigheas an Pápa. Ba léis í, uair, agus an ceanntar mór-dtimcheall, acht baineadh dhe í suas le leith-chéad bliadhain ó shoin. Éire agus an Róimh. Is sa Róimh atá uaigheanna Iarlaí Uladh. Ba é an Pápa a thug dídean dóibh agus iad ar díbirt ó n-a dtír féín. Ní gádh cuir síos ar an mbaint atá idir Éire agus an Róimh, le linn na Críostaidheachta, ó aimsir Phádraic Naomhtha anuas. Tá a bheag nó a mhór d’eolas ag cách i n-a thaoibh sin. Na Bailte Móra Eile Tá Cathair Mhíoláin ar Chlár Lombáirdí. Tá Ard- Eaglais innti a rinneadh go h-iomlán de mharmar geal, in-a bhfuil suas le ceithre mhíle iomháigh. Déantar gluaisteáin agus earraidhe cruaidhe innti. Tá Túirín ar an taobh theas di - déantús gluaisteán agus éadaigh olna is mó atá ar siubhail sa mbaile sin. Géanóa, cois Bháighe Ghéanóa, an baile puirt is mó sa tír. Snaidhmthear longa ann agus déantar innill traenach agus innill eile ann. Tá Náipléas ar an mbaile is áilne san Eadáíl - ar an domhan, deir a lán. Ithir an-tsaidhbhir atá sa geanntar thart uirthi. Fásann gach saghas torthaí agus arbhair go flúirseach ann.
Bolcán Bhéasúibhe. I n-aice le Náipléas atá Sliabh Bhéasuibhe. Bolcán atá ann - cnoc dorinneadh de’n mhiotal leaghta atá go síorruidhe ar fiuchadh taobh istigh de’n Chruinn seo ar a gcomhnuighmíd. Brúchtann sé amach ó am go h-am, agus déanann an-sgrios thart timcheall, uaireannta. Méad- uighthear ar an sliabh le gach brúchtaighil. Bíonn deatach agus splanncracha i n-áirde ó bhéal an bholcáin, agus teas agus lasair uaidh, fiú amháin nuair nach mbíonn sé ar brúchtaighil. Oirthear na hEadáile. Tá Bhéinís san Oirthear, cois Mhara na hÁidria. Ar nós Aimsteardaim, tógadh ar oileáin í, agus is ar bháid a ghluaistear ó theach go teach ann. Rinneadh trácht cheana ar Bhríndísí san Oir-Dheisceart, baile puirt do phaisinéirí, d’earraidhe agus do litreacha do’n domhan thoir. Seoda a Sean atá ag na hEadálaigh. Í ngach ceann de na catharacha móra san Eadáil tá íomháigh agus peictiúirí agus leabhra áilne ársa iongantacha, ag taisbeáint nó i dtaisge: agus na Sean-Áruis Phuiblidhe agus na Teampaill atá ionnta, níl a sárú ar domhan ar áilneacht. Na hOileáin. Tá dhá Oileán mhóra leis an Eadáil amuigh sa Muir dTorrian .i. An tSísle do’n leith thiar theas, i ngar dhi, agus an tSáirdín, tamall maith amach ó’n gcósta thiar. Tá bolcán mór ar Oileán na Sísle, ar a dtugtar Sliabh Aetna. Oileáin thorthamhla iad - Oileán na Sáirdíne go mór-mhór, agus tá mianaigh luachmhara, freisin, ar an oileán sin.
Cuireadh leis an Eadáil i ndeire an Chogaidh. Fuair sí seilbh ar bhaile cuain Thriasta, agus ar thaltaí eile bhíodh i nDeisceart na hÁrtria. An Lochlann. Tá trí cinn de thíortha sa Lochlainn - An Danmharg, An Orbhuidh agus Tír na Sorcha. Ríoghachta neamh-spleadhacha iad go léír. An Danmharg - a bhfuil innte. Leith-Inis na hIútlainne agus roinnt oileán, mar atá, Oileán na Saolainne, Oileán na Lálainne agus Oileán Fiana, agus oileáin bheaga eile, atá sa Danmhairg. Ísleán atá innti thart le Cósta na Mara Thuaidh, agus caithtear an fhairrge a choinneál amach uaithe ar an gcaoi céadna i n-a ndéantar sa Tír-Fó-Thuinn é. An tSlighe a Mairtear Innti. Talamh maith cuir, agus cimín, atá i n-Oir-Dheisceart na hIútlainne agus sna hoileáín, a bheireas bárr maith seagail, eorna, biatais, coirce, agus cruithneachta, agus a chothuigheas sgata mór beithidheach. Ta tighthe-chomhair uachtair go fairsing sa tír. Ní déantar aon faillighe ionnta sna gléasanna is úire agus is fearr a chur i n-úsáid chun iomlán an bhrabaigh a bhaint as an mbraon maith bainne a cuirtear chuca ó na feilmí: agus tá díol maith ar thoradh bainne na Danmhairge i ngach tír. Déantar gráinne maith siúicre de’n bhíotais mhilis a fhásas sa tír, agus biadh maith do na beithidhigh iseadh an fhuighleach.
Na Bailte Móra. Cóbanthábhán (Port na gCeannaidhthe) ar Oileán na Saolainne cois Súnnda na Lochlainne, is príomh-chathair do’n tír - an t-aon chaladh-phort amháin atá innti a bhfuil díol luingis de dhoimhneacht sa bhfairrge taobh leis. Tá Árthúr, an dara cathair, i nIútlainn. Bailighthí cáin na Mara Báltach ag Baile na hÉalsannóire. Tá Cathair Óidín ar oileán Fiana. Na Caolais. Tá’n Súnda idir Saolainn agus Tír na Sorcha, An Crios Mór idir Saolainn agus Fian, agus an Crios Beag idir Oileán na Fiana agus an Iútlann. B’iad siúd na bealaigh uisge go dtí an Mhuir Báltach sul ar gearradh Canál na Cíle treasna na Roinne Gearmánaighe de’n Leith-Inis. An Orbhuidh. Dealbh na Tíre. An chuid thiar de’n leith-Inis mhór atá le feiceál againn do’n leith thiar-thuaidh de’n Eoraip ’seadh An Orbhuidh. Tír gharbh fhiadháin chnocach atá innti. Cósta fada beárnach aici. Báigheanna fada caola ar a dtugtar “Fíorda” cosamhail le Loch Cháirlinn nó Inbhear Sgéine s'againne, sínte achar fada istigh faoi’n tír, agus sléibhte árda garbha (“Fialta”) ar gach taobh díobh.
A hÁitreabhaigh agus a Slighe-Bheatha. Tá sí ar bheagán áitreabhach agus ar ghann-chuid talmhan cuir. Mara mbéadh na foraoisí móra giúise, a thugas slighe-bheatha do chuid de na daoine - ag baint na gcrann agus ag cur an ádhmaid chun bealaigh - agus an iasgaireacht, ar a maireann roinnt eile aca, ní féadfaidhe bheith beo i dTír na hOrbhuidhe. Baintear roinnt miotail sa tír .i. iarann, airgead, copar, agus niocal. Cóir Tráchtála. Tá na hAibhneacha ró-ghairid, ró-gharb, ró-thapaidh i n-a ngluaiseacht le bheith oireamhnach do luingseoracht acht tig le luingis snámh ar na fíorda fada doimhne atá idir na hailltreacha móra cois cósta, a bhfuil oileáin i mbéal a bhfurmhóir chun fasgadh a dhéanamh dóibh. Na Bailte Cathair Cristiáinne an chathair is mó san Orbhuidh. I gCathair na Beirbhe thiar, déantar iasg a chur ar shalann agus a chur amach ar fud an Domhain Thuaidh. Tír na Sorcha. A Déanamh An Roinn thoir do’n leith-inis í sin. Níl sí baoghal ar bheith chomh sléibhteach leis an Orbhuidh. Tá na sléibhte is airde ar an taobh thiar de’n leith-inis. Téighid i n-ísle de réir mar gluaistear soir, agus is talamh réidh comh íseal cuir atá i n-Oirthear Thír na Sorcha.
Cóir Thráchtála agus Bailte Puirt Tá na haibhneacha fada mall-ghluaiseach, agus bhéidís oireamhnach go maith do thráchtáil marach an sioc. Bíonn leac-oidhre ortha féin agus an uisge Bháighe Bhotnia agus na Mara Báltach, do’n leith thoir de’n tír, ar feadh an Gheimhridh. Ní ar na haibhneacha soir a seoltar earraidhe chun bealaigh ó’n tír, de ghnáth, acht ó Ghotburg, atá i nGótlainn i nDeisceart na tíre. Stoctholm, i Sbhéalainn, príomh-chathair na tíre: tógadh í ar oileáin amuigh sa Muir Báltach. Tá bóithre iarainn nó bealaigh uisge ag déanamh uirthi ó na bailte eile sa tír. Tionnsgáil. Ádhmad agus a ndéantar de, idir comhlaí doras, frámaí fuinneoga, bosgaí agus a leithéidí: iarann agus déantúís iarainn - innill agus eile: páipéar agus a ndéantar dhe: ainmidhthe, idir beo agus marbh, agus a bhfághtar uatha, siad-san na rudaí is mó a soláthruighthear i dTír na Sorcha do’n chine daonna. Suidheadh agus Aoráid na Leith-Inse. Mar fheicfear ar an gCruinn, tá Tuaisceart leith-inse na Lochlann i n-aice leis an Muil Thuaidh, taobh istigh de’n Chrios Reoidhte Thuaidh, agus an Fhairrge Théachtuighthe do’n leith thuaidh di. D’á bhárr sin, bíonn fuacht millteach ann sa nGeimhreadh, go mór-mhór san Oirthear. Ar nós tíortha eile atá i n-aice leis an Muil Thuaidh bíonn solus na gréine ann ar feadh ráithe sa Samhradh, agus leanann an oidhche ar feadh ráithe sa nGeimhreadh. Bíonn solus gealaighe agus réalta ann, ámh, agus “Soillsí an Tuaiscirt” le feiceál sa spéir, sgaithte.
Éire agus An Lochlann. An Lochlann an t-aon tír amháin, cé is moite do Shasana, ar bhfearrde Éire gan aon bhaint bheith aici léi ariamh. Theigheadh a muintir amach fadó, ag goid a’s ag cosgairt rómpa. Ba mhinic dóibh foghail a dhéanamh ar ár dtír-ne. Dá mhéad d’á bhfuil fágtha againn de sheoda ár sean, ba mhó i bhfad é mara mbéadh muintir na Lochlainne. Chuireadar fútha i n-ar dtír sa deire, agus b’éigin dúinn san aonmhadh aois déag, ár neart a chruinnuí, agus iad a dhíbirt. An Phólann. An t-Athrú le n-ár linn. B’fhéidir gurbh í sin an tír is mó a raibh báidh againn léi ariamh - le bliadhanta fada tá sí faoi smacht, agus í roinnte i dtrí chuid ar an Rúiseach, An Gearmánach agus An tÁstriach. I ndeire an Chogaidh Mhóir d’éirigh léi an Triúr Tíoranach do dhíbirt, agus seilbh a ghlacadh ar a taltaí féin arís. Maidir le seilbh, tá tuairim ’s trí chéad seasga míle de mhíltibh cearnógacha taobh istigh de theorannta Phoblachta na Pólainne anois, agus céad Caladh-phuirt aice ar an Muir Báltach. Tír réidh í, acht tá cnuic ísle san taobh theas. Slighe-Bheatha na bPólannach. Tá talamh maith cuir sa bPólainn, a thugas bárr toghtha. Beathuighthear neart beithidheach innti. Tá foraoisí móra, tobair ola, mianaigh guail agus miotail - mar atá, luaidh agus soinc, innti. Déantar éadach cadáis agus olna, leathair agus a ndéantar de, biotáille agus siúicre sa bPólainn.
Na Bailte An Bhársóibh an príomh-chathair. Tá sí suidhte go deas cois abhann Bhiostúla. Tá mianaigh salainn i n-aice le Cathair Chracóibhe - baile beag fá’n talamh atá sna mianaigh seo. I dtighthe salainn a comhnuighthear ann, agus ar shráídeanna salainn a siubhltar ann. Baineann cuid de thír na Gailíse leis an bPólainn anois. Seacó-Shlóibheaice. A theacht ar an Saoghal. Stáit a bhain le hImpireacht na hÁstria uair, is mó atá sa tír sin, mar atá An Bhothaem, An Mhóraibh, An tSlóibheaic, An Rútaen agus An tSoilís. A Gustal. Sár-thalamh cuir atá innti, agus gual agus iarann le fágháil innti go fairsing. Déantar siúicre agus beoir, éadach olna, dathanna, gloine, trosgán, innill agus earraidhe miotail eile innti. A Bailte Móra An Phrág sa mBóthaem an príomh-chathair. Baile mór tráchtála, agus cathair staireamhail iseadh an Phrág. Baile tábháchtach eile sa mBóthaem is eadh Piolsaen. Baile an-mhór atá i mBrún i dtír na Móráibhe. Príomh- Chathair na Soilíse atá i mBreaslá. Abha na hEilbe an abha is mó a ghluaiseas thríd an tír, ar a bealach go dtí’n Ghearmáin agus an fhairrge.
An Ástria “Thuas Seal, agus Thíos -” Ba mhór le rádh í An Ástria roimh an gcogadh mór. Ba léi agus leis an nGearmáin lár na hEorpa ar fad. Anois níl de thalamh innti acht tuairim ’s ceathairce míle de mhíltibh cearnógacha - an sémhadh chuid d’Impireacht na hÁstria dobhí. Na hAlpa Tá cuid de na hAlpa Móra i nDeisceart na tíre. An Íosar agus an Ínn, cumracháin de chuid na Danóibe a ghluaiseas trí thuaisceart na hÁstria, tá a mbárr sna sléibhte sin. Sruth na Danóibe. Is mór is fiú an Danóib mar bhealach tráchtála. Ar a brúacha atá Cathair Bhiana, príomh-chathair na hÁstria, i n-a bhfuil sráideanna breaghtha leathana agus áruis áilne puiblidhe. Na Déantúis. Déantar a lán earraidhe beaga sa gcathair sin - idir seoda, soithigh criadh agus gloine, earraidhe leathair, agus deasaí - deasa i bhfuirm ornáidí tighe agus pearsain. Déantar fíon agus síoda i nDeisceart na hÁstria. An Aoráid. Aimsir éagsamhlach a bhíos sa tír sin, mar gheall ar a airde a’s tá na sléibhte sa taobh theas, agus ar chead bheith ag gaoith fhuair an gheimhridh anois séideadh thar a fuaid gan cosg. I n-a choinne sin, tá sí suidhte i nDeis- ceart na hEorpa agus í sáthach gar do’n Mhuir dTorrian leis an ngaoith bhrothallaigh andeas a mhothú sa Samhradh.
An Úngáir. A Suidheadh, agus Gearr-Stair. Do’n leith theas d’Ástria agus de Sheacó-Slóibheaice í sin. Cheann de na tíortha ba chuid d’Impireacht na hÁstria, i n-aghaidh a dtolach féin, iseadh í. Ba mhinic a d’fhéach sí le n-a saoirseacht a bhaint amach, agus fearacht na dtíortha eile atá luaidhte againn, d’éirigh léi le linn an Chogaidh Mhóir. Machaire mór atá innti agus sléibhte thart timcheall air. Búda Pheast atá ar bhruacha na Danóibe a príomh-chathair. Ceataighe. Ba chóir go mba thír mhór cuireadóireachta An Úngáir, acht níl na slighthe is fearr chun iomlán an tairbhe a bhaint as an talamh d’á gcleachtadh aca. Is suarach le rádh, freisin, a bhfuil de bhóithre iarainn innti. Mara mbéadh Sruth na Danóibe a ghluaiseas trí cheart-lár na tíre, agus na bóithre iarainn atá taobh léi, bhéadh droch-chaoi uirthi. Sin a bhfuil de chóir thráchtála sa tír. An Aoráid. Bíonn an aimsir an-fhuar ar fad sa nGeimhreadh, agus gangaid sa ngaoith anoir a shéideas thar an tír. Bíonn meirbhe mór ann sa Samhradh. Suidheamh na tíre is bun leis sin. Leith-inis na mBalcán Na Tíortha atá innti Tá lear mór tíortha sa leith-inis sin .i. An Rómáin, An Bhúlgáir, An Túircéir, An Ghréag, An Albáin, agus na tíortha atá i nIúgó-Shláibhia .i. An tSeirb, Bosnia agus Montanaegró, An Chróit agus An tSlabhóin.
A Teorannta agus a Déanamh. Tá’n cósta an-bheárnach agus na céadta oileán thart air - do’n leith thoir-theas, go háithrid. Tá Oileán Chréata - oileán an-mhór, amuigh sa Muir dTorrian do’n leith theas dhi. Tá Muir na hAidria agus Muir na hIóinne do’n leith thiar dhi, agus Muir n-Aigide, Muir Marmara agus An Mhuir Dhubh do’n leith thoir. Talamh garbh sléibhteach talamh na leith-inse. Fó-rannga de na hAlpa ’seadh sléibhte na mBalcán, na hAlpa Dianáirice ar an taobh thiar, Sléibhte Phiondúis ar an taobh theas, agus Sléibhte Ródóipe ar an taobh thoir, i dtír na Búlgáíre. Níl acht bearna chaol idir shléibhte na mBalcán agus Alpa Thran- soilbháinne agus Sléibhte Charpáitia i dtír na Rómainne. Na haibhneacha atá sa leith-inis, nílid in-tseolta toisg a ngluaiseacht bheith ró-sgiobtha, acht tá bóithre iarainn agus bealaigh móra ar a mbruacha ag bun na sléibhte. An Ghréag Sí sin an tír is mó, b'fhéidir, a bhfuil trácht uirthi i n-ár sean-sgéalta agus Annála, mar de réir ár seanchaidhthe is uaithi dotháinig dream d’ár sinnsear i n-allód. A Cáil Fadó. Níl sí chomh mór le rádh i láthair na huaire a’s bhíodh. Bhí uair ann agus ba mhór a clú ar léighinn agus ar litrideacht, ar chrodhacht agus ar ghaisgidheacht. Tá a teanga ársa agus a sean-litridheacht faoi mheas ar fud an domhain go dtí an lá atá indiú ann.
Na Bailte Tábhachtacha. Cathair na hAithne an phríomh-chathair. Tá Áruis ársa - nó a bhfothracha - innti, agus thart uirthi go fóill - iarsma a sean-tsíbhíaltachta. Tá Saloiníce ag teacht i gceirt go mór le goirid mar bhaile puirt. Is ann atá Ceann Cursa Mhór-Bhóthair Iarainn Láir na hEorpa agus táthar ghá chur suas agus anuas le Bríndísí i nDeisceart na hEadaíle mar Cheann Cúrsa do luingis ó’n Oirthear. An Túircéis. A Raibh Aice. Ba leis an Túircéis, uair, cuid mhór de thíortha na mBalcán, acht is beag le rádh a bhfuil de sheilbh aice sa leith-inis indiú. Tá mór-chuid de’n Túircéis san Áisia Bhig, agus i dtír na hAirméinne. A Catharacha. Cathair Chonstaintín a príomh-chathair, cois caolais Bhosporuis. (Faoi stiúradh Chumainn na Náisiún a cuireadh an Caolas seo i ndeire an Chogaidh Mhóir.) Tá déantúis tábhachtacha ar siubhail innti, agus tá suidheamh an-oireamhnach chun tráchtála aice, idir an Mhuir Dhubh agus Muir Mharmara. Níl acht Caolas Dhárdanoil idir Muir Marmara agus An Mhuir dTorrian. I gCathair Áidréin, istigh faoi’n tír, tá roinnt mhaith déantúis ar siubhail. Éire agus an Túircéis. Is fiú dhúinn a thabhairt chun ar gcuimhne gurbh iad muintir na Túircéise ba thúisge d’fhóir orainne - Éireannaigh - in aimsir an ghorta, agus last luinge de bhiadh do chur ag triall orainn. Ní h-iad-san ba chionn-tsiocair le nár leigeadh chugainn é.
An Bhúlgáir. Do’n leith thuaidh de’n Túircéis an tír sin. Sóiphia a príomh-chathair, atá suidhte ar árdán cois bearnan idir na sléibhte, agus cois Mhór-Bhóthar Iarainn Láir na hEorpa. Cathair Philipe na Róméille an dara cathair de réir méid agus tábhachta. An Rómáin. Do’n leith-thuaidh de’n Bhúlgáir í sin. Búcarast an phríomh-chathair. Tá sí suidhte i lár an Mhachaire Mhóir atá i n-Oir-Dheisceart na Rómáinne. Innti atá Inbhear Danóibe, agus an t-ísleán mór bogach atá cois na Mara Duibhe. Baineann an Transoilbháin leis an Rómáin anois. An tSeirb. Do’n leith thuaidh de’n Ghréig í sin. Tír í a bhí go mór i gceirt le linn an Chogaidh Mhóir. Béalgrád a príomh- chathair. Daingean, cois cumair na Danóibe agus na Sáibhe a bhí innti. Nís, baile atá ag táthachán na mBóthar Iarainn ó Chathair Chonstaintín agus Saloiníce, tá sé ag dul chun tosaigh go mear le goirid. Ágram cois abhann na Sáibhe, príomh-chathair Iúgó-Shláibhia.
An Albáin agus eile. Tá Tír na hAlbáinne i nIarthar na leith-inse cois Mhara na hÁidria. Sgútáirí a príomh-chathair. Baile puirt tábhachtach atá innti seadh Dúratso. Saetinne an baile is mó atá i Montanaegró. Toradh na Talmhan sa Leith-Inis Fásann gach saghas torthaí sa leith-inis - idir oráistí agus fígí, líomóidí, caoir-ola, caoir-fhíona, agus plumaí - triomuighthear na caoir-fhíona, agus cuirtear chugainne iad i n-a gcuiríní agus i n-a rísíní; triomuighthear na plumaí, agus is i n-a bprúin a bhíd agus iad ar díol sna siopaí. Fásann gach cineál arbhair innti, acht ní go ró- fhlúirseach é - acht amháin sa mBúlgáir - toisg a do- shaothruighthe a’s tá an talamh innte. Cumhacht. Fásann róis go farrabachall, go háithrid sa Róméil, agus déantar a lán cumhrachta rós sa tír sin agus sa Túircéis. Miotail. Tá miotal le baint fairsing go leor, idir airgead iarann, luaidh, copar agus soinc, dá ndéantaí a shaothrú. Tá mianaigh guail agus coiléir mharmair i n-áiteacha. An Dúil Bheo. Beathuighthear na táinte beithidheach ar na sléibhte agus ar na machairí - idir ba, caoirigh agus capaill. Tá gabhair fhiadháine go leor sa nGréig, agus tréada móra muc i bhforaoisí na Seirbia.
Iasgaireacht. Is mór is fiú an iasgaireacht cois cósta na leith-inse, agus baintear a lán brabaigh aiste. A Tionnsgáil. Déantar brait-urláir, síoda, tobac, fíon, ola, im, cáise, leathair, ádhbhair léighis do photacaeirí, leasuighthear craicinn bheithidheach, agus ullmuighthear caife sa leith-inis. An Rúis San Eoraip. A Teorannta. Tá’n fairrge Teáchtuighthe agus An Mhuir Gheal do’n leith thuaidh dhi, Báigh Bhotnia, An Mhuir Bháltach, An Pholáinn agus An Rómáin do’n leith thiar: An Mhuir Dhubh, Muir Meoit, Sléibhte na Cácáire agus Muir Chairp do’n leith theas, agus Sléibhte na Riphe agus an tSíbír do’n leith thoir. D’á mhéad d’á bhfuil de’n Rúis ar Roinn na hEorpa níl ann acht an chaol-chuid. Is mó i bhfad An Rúis san Áisia. A Déanamh. Is innti atá an Ceann leathan de Chlár Mór na hEorpa. Machaire mór í ó cheann ceann na tíre, acht amháin go bhfuil Cnuic Bhealdaí i n-a lár. Na haibhneacha a bhfuil a mbárr sna Cnuic sin, táid fada mall-shnigheach agus úsáideach mar bhealaigh uisge nuair nach mbíd reoidhte. Baineann sin d’á n-úsáid cuid mhór de’n bhliadhain. Iad-siúd a ghluaiseas ó thuaidh is beag a dtairbhe do tráchtáíl amach, mar bíonn leac-oidhre ar an huisgí thuaidh
i dtóláimh, nach mór. Na haibhneacha a ghluaiseas ó dheas déantar usáid díobh acht amháin sa bhfíor-gheimhreadh. Nuair bhíos idir thalamh agus uisge reoidhte, árduighthear earraidhe agus paisinéirí chun bealaigh ar shleamhnáin - carbaid a dtig leo ghluaiseacht ar an sneachta. An Rúis a bhí agus an Rúis atá. Dálta tíortha eile ar Roinn na hEorpa, is deacair cur síos beacht a dhéanamh ar an Rúis fá láthair - an déanamh atá uirthi indiú, b'fhéidir nach é an déanamh a bhéadh uirthi bliadhain ó indiú! Impireacht a bhí innti roimh an Éirghe Amach sa tír. Tá deire leis an Impireacht anois. Na Stáit atá ar an taobh thiar de’n Rúis táid i n-a bpoblachtaí neamh-spleadhacha anois, mar atá .i. An Úcráin san Iar-Dheisceart: An Liotuáin, An Laitbhia, An Eastóin agus Tír na Finne i nIarthar agus i n-Iar- Thuaisceart na Rúise. An Aoráid. Rinneadh tagairt d’aoráid na Rúise cheana, agus mínigheadh a éagsamhla a’s bhíos sí. Na línte comh-fhuachta a déantar ar an léar-sgáil sa nGeimhreadh, tasbáinid gur ionann fuacht do thuaisceart na Lochlainne agus do Dheisceart na Rúise, áit atá na céadta míle níos goire do Mheadhon-Líne na Cruinne. Na línte comh-theasa a tarraingtear sa Samhradh, tasbáinid gur ionann teas do lár na Rúise agus do Thuaisceart na hAifrice, atá na céadta míle níos goire do’n mheadhon-líne. Toradh na Talmhan. Déantar cúig roinn de’n Rúis de réir na ngnóthaí is mó atá ag dul cun cinn ionnta, nó de réir a thorthamhla a’s tá an talamh. Tá Machairí móra reoidhte sa taobh
ó thuaidh ar a dtugtar “Na Túndraí,” nach bhfásann ortha acht caonach agus tuir bheaga, agus nach gcomhnuigheann ionnta acht teaghlaigh fhánacha de na Lapaí. Tá Cúige na bhForaoisí ó dheas ó na Machairí úd. Tá Cúige na nDéantús i Lár na Rúise, agus Cúige na Feilméarachta ó dheas uaithe sin. Talamh cimín ar a dtugtar “Na Steapaí” atá i bhfior-Dheisceart na Rúise. Tugann talamh cuir na Rúise bárr go flaitheamhail. Ba dheacair do mhuintir na hEorpa riar a gcáis d’fhágháil mara mbéadh cruithneacht na Rúise ar fágháil. A Sean-Fhaisiúnta. Tá talamh breagh saidhbhir sa Rúis. Tá mianaigh agus miotal go flúirseach le baint innti, acht níl iomlán an tairbe d’á bhaint asta. Ceileadh oideachas agus léighinn ar mhuintir na Rúise le linn na hImpireachta, agus níl an t-eolas céirdeamhail aca is riachtanach chun aon ró- bhrabach a bhaint as an sár-thalamh a gheall Dia dóibh. A Feabhrú. Tá muintir na Rúise ag teacht chun tosaigh sna neithe sin, agus ní féadfaidhe teora a chur le n-a fheabhas a’s bhéidís dá mbéadh síothcháin sa tír. Tá cothú na milliún duine sna foraoisí thuaidh, san ithir shaidhbhir láir agus theas: sna mianaigh guail agus miotail: sna tobair ola: i n-a bhfághtar ó na hainmidhthe, idir mín agus allta, atá go fairsing sa tír, sna torthaí i gceanntar na Críme, agus sna hádhbhair saidhbhris eile, ba liosta a n-áireamh. A Bailte Móra agus a dTráchtáil. Cathair Pheadair a príomh-chathair - baile mór tráchtála. Tá Cathair Mhorcóibhe i lár na tíre - bhí sí in a príomh-
chathair uair. Sean-chathair staireamhail í. Óideasa, ar bhruach na Mara Duibhe an baile puirt is mó le rádh sa Rúis. Baile puirt is eadh Ardaingeal cois na Mara Gile, acht cuireann an sioc isteach ar an tráchtáil amach as. Ta déantúis mhóra siúicre i gCíbh, baile mór i dtír na hÚcráinne. Tá bailte puirt go leor cois na Mara Báltach. Ríge, i dtír na Laitbhia an ceann is mó aca. Caladh-phort mór iseadh Réibhéal i bPoblacht na hEastóinne. Ábó agus Éilsinnfeors i dTír na Finne táid suidhte go maith chun tráchtála acht mar mínigheadh cheana ní bhíonn na fairrgí amach intseolta feadh an gheimhridh. Na hAontaighe. Bíonn Aontaighe Móra sa Rúis. Tagann ceannaidhthe anoir agus anoir-ndeas o’n tSíbír, ó’n tSín agus o’n bPéirs agus ó thríotha eile sa Domhan Thoir ag ceannacht, ag díol, agus ag malartú innti.
Ceisteanna Mar Shomplaí - An Rúis. 1. Féachaidh ar an léarsgáil agus innsidh dhom cá bhfuil An Rúis? 2. An mó í ná Éire? Cé mhéad uair, tuairim? 3. Cad iad na tíortha atá idir Éire agus An Rúis? 4. Cá bhfuil sí suidhte i gcomparáid le hÉire? 5. Dá mbéitheá ag dul do’n Rúis, cé’n bealach a rachthá? 6. Cé na teorannta atá uirthi? (Ainmnigh nó taisbáin a teorannta. 7. Cé aca taobh a bhfuil Sléibhte na Riphe? 8. Ceárd tá ar an taobh thoir de na sléibhte sin? 9. An sléibhte móra iad? An gcuirid isteach ar thrách- táil, morán? 10. Cé’n déanamh atá ar an Rúis? 11. Cé’n bhaint atá aige sin leis an Aoráid? 12. Bhfuil aon bhaint ag an aoráid le saoghal an duine? 13. Cá bhfuil bárr Abhann Bholga? Abhann Danaí? 14. An bhfuil na sléibhte sin i bhfad ó’n gCósta? 15. Cé’n sórt aibhneacha a bhéadh sa Rúis, a meas tú? 16. Cé’n rud is mó a chuireas isteach ar thráchtáil ar uisge sa Rúis? 17. Cé’n tslighe a ceapadh chun earraidhe d’iomchar le linn an t-uisge bheith reoidhte? 18. Cé’n fáth gur deacair cunntas beacht a thabhairt ar an Rúis faoi láthair? 19. An bhfuil corrú i dtír ar bith eile san Eoraip fá láthair? 20. Cad ba bhun leis an neamh-shocracht go léir? 21. Cá fhaide a bhí an Cogadh Mór ar siubhal?
22. Cé’n saghas Riaghaltais a bhí sa Rúis go dtí le goirid? 23. Cá bhfuil na Stáit nua neamh-spleadhacha suidhte? 24. Cé mhéad roinn a déantar de’n Rúis? 25. Ar roinneadh í ar an gcaoi chéadna a’r roinneadh Éire? 26. An líonmhaire daoine i nDeisceart ná i dTuaisceart na tíre? Cad is bun leis sin? 27. Dá mbéadh a lán ádhmaid ó luct trosgán a dhéanamh i n-aon tír, cé’n chuid de’n Rúis ba dóichighe a gheobhaidís é? 28. Dá mba muilneoirí plúir do mhuintir-se, cé’n chuid de’n Rúis is mó a gcuiridís suim innti? 29. Cé’n tabhartas is mó a thugas an Rúis do’n chine daonna? 30. An saothruighthear an talamh mar ba cheart innti? 31. An mbaintear an oiread miotail innti a’s do féad- faidhe? 32. Cad is cionntach le hiargcúltacht na Rúise? 33. Cé’n bhaint atá ag oideachas le dul chun cinn? 34. Ainmnigh na hádhbhair saidhbhris atá sa Rúis. 35. Cad iad na bailte is mó innti? 36. Taisbeáin dom Cathair Pheadair ar an léarsgáil. 37. Cé thóg í, agus cad é an saghas áite ar tógadh í? 38. Ar cualais aon sgéal faoi Mhorcóibh ariamh? 39. Cheal nár léighis aon nidh faoi’n bhfogha dothug Napolean faoi’n Rúis? 40. Cad chuige a bhfuil Óideasa ar an mbaile puirt is mó innti? 41. Céard a chuireas isteach ar Árdaingeal mar chaladh- phort? 42. Cá dtéigheann an Bholga amach sa bhfairrge? 43. Ar bhfearrde an tír é dá dtéigheadh sí amach sa Muir Dhuibh? 44. Ar mhaith an smaoineadh do mhuintir na Rúise canáil a ghearradh treasna go dtí an Mhuir Dhubh?
45. An mbeadh sé ar an gcanáil do b’fhuide sa domhan, a’ meas tú? 46. Cé’n áit b’fhearr chun a ghearrtha? Ó Eastracán, an eadh? 47. Ainmnigh na bailte puirt atá cois na Mara Báltach. 48. Innis gach ar féidir leat innsint fá na hAontaighe sa Rúis. 49. An cosamhail iad leis na hAontaighe bhíodh i nÉirinn fadó? 50. Cé’n difrigheacht a bhéadh eatorra? 51. Cé’n difrigheacht a thiúbhrfá fá deara idir Aontaighe an lae indiú i n-Éirinn agus sa Rúis? 52. Sgríobh tráchtas ar 1. “Aontaighe (a) in-allód; (b) le n-ár linne.” 2. Saoghal leanbhaí sa Rúis. 3. Turas ar Shleamhnán. A Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services