Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír-Eólas na hEórpa

Title
Tír-Eólas na hEórpa
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tír-eólas na hEorpa



Réamh-rádh.



Sí seo an chéad iarracht a rinneadh ar leabhar eolais
ar thíortha iasachta a sgriobhadh i nGaedhilg na haimsire
seo. Le dhá bhliadhain déag anuas (ó thosnuigheas ag cur
suime i n-ádhbhar-sgoile a mhúnadh i nGaedhilg agus mé
imeasg oidí sgoileann dhá-theangthach), táim ag bailiú
ainmneacha áiteann i nGaedhilg, agus is áthas liom gur
tháinig sé sa saoghal go mbéadh fáilte roimh leabhar a
mbéadh na hainmneacha sin ann. Na ceachtanna mar
atáid sa leabhrán seo, sgríobhadh iad i gcóir na n-oidí
sgoile agus na n-adhbhar oidí a bhí d’á dteagasg agam
i gCúrsaí an tSamhraidh anuraidh agus i rith na bliadhna
ó shoin.



As na sean-leabhra ba mhó do fuaras na hainmneacha
mar atá Geograif Ros Ailithir i Leabhar Laighean, na
hAnnála, “Forus Feasa,” Eachtraí, Iomraimh, agus
sean-sgéalta de gach saghas: acht táim fá chomaoin
freisin, ag a lán d’ughdair na haimsire seo a sgríobh
leabhra agus aistí ar thíortha thar lear .i. Mícheál
Breathnach, Diarmaid Donn, An tAthair Peadar - solus
na bhFlaitheas d’á n-anam! - An Buachaillín Buidhe,
Conán Maol, Cú Uladh, Pádhraic Ó Domhnalláin, An
tAthair P. Ó Duinnín, An Dr. S. Mac Énrí, An Dr.
T. Ó Máille, Liam Ó Rinn, agus sgríobhnóirí agus eagar-
thóirí leabhra ar cheana. Ní fhéadaim iad go léir d’ainmniú,
mar ba mhinic a sgríobhainn síos ainm áite agus nach
sgríobhainn ainm an leabhair i n-ar léigheas é. Idir
eatorra ar fad ba bheag ainm a mb’éigin dom féin cumadh.
Iad-siúd a chumas, thugas iarracht faoi n-a gceapadh
mar ceaptaoi ainmneacha áiteann fadó.



Táim buidheach do mo charaid, Pádraig Ó Dálaigh,
ar son comhairle a thug sé dom agus mé ag réidhtiú na
sgríbhinne do’n chlódóir.
Caitlín Nic Ghabhann.


L. 7


Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann.



Tír-eolas na hEorpa.



Ó n-ár dTír Féin amach.



Dothosnuigheamar ar chruinn-eolas d’fhoghluim agus
sinn ag féachaint romhainn amach ó dhoras tighe na sgoile,
thar bhánta féarmhara ar bparáiste féin - thar phortaigh,
thar choillte, thar aibhneacha, suas go mullach na sléibhte
bhí ag bun na spéire. Nó b’fhéidir gurbh í an fhairrge
fhairsing a bhí sínte amach romhainn agus sinn ag tosnú
ar bheith fiosrach i dtaoibh an domhain mhóir seo ar a bhfuilmid.
B’fhéidir gur thar shráideanna cumhanga a d’fhéachamar,
suas go bárr tighthe gruamdha a bhí idir sinn agus na
sléibhte agus nach raibh d’oibreacha Dé le feiceál againn
acht an spéar ghlan ghorm ós ar gceann. Acht, míle
buidheachas le Dia, is beag má tá aon bhaile, beag nó mór,
i n-Éirinn nach bhfuil sléibhte nó fairrge, nó páirceanna
glasa le feiceál uaidh. Fiú Bhaile Átha Cliath féin, is
fánach ball ann nach bhfeicfeá Beann Éadair nó Sléibhte
Chualann uaidh, agus níl ann an gasúr ná an ghearr-chaile
a bhfuil siubhal aige nó aice nach mbéadh ábalta an tuaith
amach, nó an fhairrge, a shroichint gan ró-mhoill.


L. 8


“Bíonn gach tosnú lag.”



Seadh, thosnuigheamar mar sin, agus de réir mar tháinig
fás fúinn agus tuigsint chugainn, méaduigheadh ar ár
n-eolas. Cuireadh i n-umhail dúinn, mar aon le rudaí
eile, go raibh paráistí eile sínte amach ar gach taobh d’ár
bparáiste sinne: gur i gConndae áirithe a bhí na paráistí
sin go léir: agus go raibh tríocha a’s dá cheann aca siúd
i n-Éirinn. Cheapamar gur mhór an tír í Éire - an tír
ionmhuin dothug Dia dhúinn mar áit-chomhnaidhthe.



An Domhan Mór.



Fuaramar amharc ar léar-sgáil an domhain, lá, agus
b’iongnadh linn a laighead a’s bhí Éire i gcomórtas le
tíortha eile an domhain. Níor laghduigh sin ar ár gcean-
amhlacht uirthi - beag an baoghal! - acht theastuigh uainn
eolas d’fhágháil ortha siúd, nídh nárbh iongnadh. Tá cur
síos sa leabhrán seo ar na tíortha atá sa gcuid de’n
domhan le n-a mbainimid féin .i. Roinn na hEorpa.
B’fhéidir go mbéadh a thuille le fágháil nuair a bheás sé
seo léighte.



Roinn na hEorpa.



A Méad.



Sí is lugha de Ranna móra an domhain ar fad, cé is
moite d’Ástraoill. Má bhreathnuighmid ar an gcuid
eile - ar Mheiriocá thiar, ar an Áisia thoir, ar an Aifric
theas, feicimid gur mó gach ceann aca ná’n Eoraip.


L. 9


A Tábhachtaighe.



Acht is mó le rádh an Eoraip, ar go leor bealach, ná
aon cheann aca. Is mó atá déanta aici ar son oideachais
agus léighinn, ar son filidheachta agus litridheachta, ar
son peictiúrachta, agus dealbhaidheachta, agus gach
a mbaineann le áilneacht agus le míneachas i saoghal an
duine. Innte-se atá furmhór de náisiúin mhóra an
domhain suidhte. Aice-se atá mór-chuid mhór de thráchtáil
an domhain. Innte-se ba dhoimhne dophréamhuigh an
Chríostaidheacht, agus uaithe-se ba mhó dochuaidh misinéirí
chun an Creideamh sin do chraobhsgaoileadh ar fud
an domhain, ó aimsir na n-Aspol i leith. Uaithe-se a thriall
na lorgaidhthe móra clúmhala, ó aimsir Bhréanainn Naomhtha
se’ againn féin anuas, le tíortha, nár bhfios cinnte d’éinne
an uair sin iad a bheith ann, dobhraith. Ní beag le rádh
í an Eoraip ar a lán slighthe.



Léar-sgáil na hEorpa.



Suidheamh ár dtíre féin uirthi.



Ag féachaint ar léar-sgáil na hÉorpa dhúinn, féicimid
go bhfuil Éire amuigh sa bhfairrge mhóir do’n leith thiar
thuaidh, agus oileán is mó ná í do’n leith thoir dhi,
idir í agus an Mhóir-thír. Oileán atá ionnta anois, acht
níl mórán doimhneachta san uisge atá idir iad agus an
Mhóir-thír i gcomparáid le n-a dhoimhne a’s tá sé tamaillín
beag siar ó chóstaibh na hÉireann. Ní raibh aon fhairrge
idir sinn agus an chuid eile de’n Eoraip, uair.


L. 10


Dealbhú na hEorpa.



Feicimid gur machaire mór atá i lár na hEorpa -
“Clár Mór na hEorpa” a tugtar air sin. Tá’n ceann
caol de i n-Éirinn, agus i n-Iarthar na Frainnce, agus
téigheann sé i leithead de réir mar ghluaistear soir go dtí
go bhfuil leithead na Rúise ó’n Tuaisceart go dtí’n
Deisceart ann, sa deire. Tá Ranng Mór sléibhte ar an
taobh theas de’n Eoraip - sínte soir-siar a bhfurmhór -
agus fó-rannga amach uaidh i ngach treo. Tá Sléibhte
eile i n-Oirthear na hEorpa, acht ní mór iad ar ghualainn
Shléibhte an Deiscirt. Tá Sléibhte móra san Iar-Thuais-
ceart chomh maith. Tá a lán aibhneacha i lár na hEorpa
a bhfuil a mbun-shruthanna sna Sléibhte móra theas.



An Cósta.



Feicimid go bhfuil Cósta na hEorpa an-fhada agus
bearnach, áit ar hídigheadh an talamh bog leis an taoille
agus gur fágadh an talamh seo cruaidh - na carraigeacha
cruaidhe - i n-a mBeanna nó i n-a Ceanna sáithte amach
sa bhfairrge. I n-áiteacha, mar atá, An Mhuir dTorrian
Theas, nó an Mhuir Báltach Thuaidh, tá’n fhairrge leath-
nuighthe amach thar réimsí móra talmhan istigh faoi’n tír.



A Thairbhe Sin.



Is mór an tairbhe do’n Eoraip an cósta bheith chomh fada
sin. Is beag tír innti nach bhfuil imeall-bhord léi cois
fairrge. Iad-siúd nach bhfuil, tá bealaigh uisge, idir
aibhneacha agus canála, ionnta, a dhéanas bóthar mór do’n
fhairrge dóibh. Is ar an bhfairrge is mó a déantar tráchtáil.



An Aoráid.



Chor leis sin, is fionn-fhuaire aimsir na hEorpa sa
Samhradh agus is teotha sa nGeimhreadh í de bhárr an méad


L. 11


di a theangmhuigheas leis an bhfairrge. Is fusa an talamh
a theitheadh ná’n t-uisge, teacht an tSamhraidh acht is fuide
a choinnigheas an t-uisge an teas nuair a téithear é. In
Oirthear na hEorpa atá i bhfad ó’n bhfairrge, bíonn sé
an-mheirbh sa Samhradh, agus bíonn fuacht mór ann sa
nGeimhreadh.



Tais agus Triomacht.



Tá baint ag an bhfairrge le fliche nó le triomacht na
haimsire, freisin. Gaoth bhreagh bhog ’ndeas is minice
a shéideas thar an Eoraip. Sguabann sí léi an ghail a
éirigheas ó’n aigéan de bhárr teasa na gréine. De réir
mar théigheas an gháil i n-áirde - agus amannta cuirtear
i n-áirde go tobann í, ar theangmhachtáil do’n ghaoith le
sléibhte árda - fuarann sí, agus déantar uisge di,
a thuiteas ar an talamh i bhfuirm báistighe. Is beag gail
a fhanas sa ngaoith ar shroichint Oirthir na hEorpa dhi, agus
dhá bhithín sin, bíonn brothal agus triomacht mhór ann.



A Suidheadh.



Tá’n chuid is mó de’n Eoraip taobh istigh de’n Chrios
Measardha thuaidh - fágann sin, freisin, nach mbíonn
ró-theas ann acht amháin sa bhfíor-Dheisceart, ná aon ró-
fhuacht, acht amháin sa bhfíor-Thuaisceart. Réigiún ann
féin ’seadh An Rúis. Níl aon Ranng Sléibhte ar an taobh
ó thuaidh dhi leis an ngaoith phréachtaigh adtuaidh a choinneal
amach uaithi sa nGeimhreadh, agus tá’n cead céadna ag an
ngaoith mheirbh a ndeas séideadh ar a fuaid sa Samhradh-
níl de Shléibhte sa treo sin acht Sléibhte na Cácáise atá
idir í agus an Phéirs.



Anois, breathnuighmís ar gach tír faoi leith san Eoraip.


L. 12



An Bhreatain Mhór.



Sin é an t-oileán a chonnacamar do’n leith thoir d’Éirinn.
Tá’n fhairrge Mhór do’n leith thuaidh dhe: An Fhairrge Mhór
.i. Sruth na Maoile, Muir Meann agus Muir na Breataine
don leith thiar: Muir nIocht do’n leith theas agus An Mhuir
Thuaidh do’n leith thoir dhi.



A Dhéanamh.



Oileán mór é. Sléibhte árda ar an taobh thuaidh agus
ar an taobh thiar dhe ar nós ar n-Oileáin féin. Clár nó
Machaire i n-a lár - cuid de Chlár mór na hEorpa, a
bhfacamar an ceann caol de i n-Éirinn. Corr-shliabh thall
a's i bhfus ar a fuaid, acht gan aon Ranng Sléibhte san
Oirthear, áit a bhfuil Sléibhte Chualann againne. Tuiteann
fearthainn trom i nIarthar an Oileáin, acht bíonn sé níos
tirme san Oirthear.



Sasana



A gustal.



Tá trí cinn de thíortha san oileán sin - Sasana, san
Oir-Dheisceart, Alba sa Tuaisceart, agus An Bhreatain
Bheag san Iarthar. Sasana an tír is mó aca. Tír shaidhbhir í
a bhfuil a lán áitreabhach innti, agus níos mó bailte ar a
fuaid ná mar tá i n-aon tír eile ar an domhan. Tráchtáil
mhór idir í agus tíortha thar lear. Gual, iarann, luaidh,
soinc, copar agus mianaigh agus miotail eile le fágháil
innti go flúirseach. Déantuis mhóra iarainn, éadaigh


L. 13


cadáis, agus olna, síoda, criadh, gloine, páipéir agus
eile ar siubhal innti. Talamh saidhbhir innti a thugtar bárr
maith. Iasgaireacht ar fheabhas thart ar a cóstaí. Ní
hiongnadh gur líonmhar a háitightheoirí.



Na Bailte Móra.



Lonndain, cois abhann Teams, i nOirthear na tíre,
a príomh-chathair - an chathair is mó sa domhan. Comhnuigheann
suas le seacht míle duine innti - oiread faoi dhó, tuairim
a’s tá in Éirinn ar fad. Learpóil an dara cathair.
Tá sí suidhte cois mara, san Iarthar ar aghaidh Bhaile Átha
Cliath amach, nach mór. Baile mór tráchtála é. Manchuin
an tríomhadh cathair. Tá sí istigh faoi’n tír, sa tSír,
nó Conndae, céadna.



Alba.



Cine Gaedheal.



Tír Ghaedhealach is eadh Alba. Is ó Éirinn ba mhó do
háitigheadh í - níl acht caol fairrge idir an dá thír,
agus bhíodh a muintir fá smacht Áird-Righthe na hÉireann
san aimsir i n-allód. An Ghaedhilg is teanga dhúthchais
dóibh araon. Tá a h-ainm in áirde ar fud an domhain
ar áilneacht a sléibhte, a gleannta agus a locha : agus
ar an gcóir oideachais ar fheabhas atá ar bun innti.



Slighe-Bheatha na nDaoine.



Ní líonmhar a daoine sa Tuaisceart, áit a bhfuil na
Sléibhte Móra, agus gan acht fíor bheagán talmhan foghanta.
Cothuighthear caoirigh ar na sléibhte, agus déantar sníomh-


L. 14


acháin agus figheadóireacht sa taobh tíre sin. Iasgaireacht
an tslighe-bheatha atá aca-siúd a chomhnuigheas cois
fairrge. I nDeisceart na tíre tá talamh maith cuir.
In a theannta sin, tá mianaigh guail, iarainn agus luaidhe
ann. D’á bhárr sin, is líomhaire daoine ann ná san
Tuaisceart. Déantar éadach cadáis, lín agus olna, innill
de gach saghas, agus snaidhmthear longa san taobh sin
dé’n tír.



Na Bailte Móra.



Glaschú an baile puirt is mó in Albain. Tá tráchtáil
mhór idir é agus Meiriocá. Dún Éideann príomh-chathair
na hAlban. Cathair staireamhail í, agus clú mór uirthi
ar léigheann agus ar áilneacht. Dúndiadh agus Aibear-
adhain bailte tábhachtacha eile atá innti.



An Bhreatain Bheag.



A Bunadh.



Tír Cheilteach í seo. Tá gaol idir a teanga dhuthchais
agus ár dteanga-na, acht ní ró-ghairid é i gcomórtas
leis an ngaol atá idir teanga na hÉireann agus teanga
na hAlban.



A hÁilneacht.



Tá sléibhte árda agus gleannta doimhne ar a fuaid,
agus cáil mhór ortha maidir le háilneacht. Is féidir
Sléibhte na Breataine Bige d’fheicsint ó mhullach Shléibhte
Chualann aon lá breá glan.


L. 15


Gléas Maireachtála.



Comhnuigheann lear mór daoine i n-Oirthear agus
i nDeisceart na tíre - áit a bhfuil mianaigh ghuail go
fairsing. Déantar flainnín maith sa tír, agus leaghtar
iarann, copar agus miotal eile innti. Tagann lasta
móra miotail chuici ó’n Spáinn. An Chathair Dhubh sa
Deisceart, an baile is mó innti.



Inis Tuile.



Sin oileán mór amuigh sa bhfairrge do’n leith thuaidh
d’Éirinn. Tá bolcáin - nó cnuic a sgéitheann miotal
leaghta, agus luaithridh amach asta - ar an oileán. Bolcán
an-mhór iseadh Sliabh na hEicle. Brúchtann uisge beirbhthe
aníos as an talamh i n-áiteacha ann. Mar sin féin, bíonn
sé reoidhte an chuid is mó de’n bhliadhain. Leis an
Danmhairg a bhaineas an t-oileán sin.



An Fhrainnc.



A Teorannta.



Sí an Fhrainnc an chuid de’n Mhóir-tír is goire dhúinne -
is goire í do Shasana ná dúinn féin. Tá’n Fhairrge Mhór-
Muir nIocht (Coinéal na Breataine nó An Mhuinchille,
mar thugas na Franncaigh uirthi) do’n leiththuaidh dhi.
An Fhairrge Mhór (Báigh Bhioscáin) do’n leith thiar:
Sléibhte Píréine agus an Mhuir dTorrian do’n leith theas:
An Eadáil, An Eilbhéis, An Ghearmáin agus An Bheilg
do’n leith thoir di. Mar fheicfear ar an gCruinn, is goire
An Fhrainnc do Mheadhon líne na Cruinne na Éire. D’á
bhárr sin, is teotha an aimsir innti go mór-mhór san
Deisceart.


L. 16


Déanamh na Tíre.



Tá árdán sléibhte i n-Oir-Dheisceart na Frainnce,
mar atá, na Soibheana, Sléibhte Óibhéirn agus Iúra, agus
na hÁirdíní ar theorainn na Beilge. Tá Machaire Mór
de thalamh foghanta cothrom cuir san Iar-Thuaisceart-
an ceann thiar de Chlár Mór na hEorpa - idir na sléibhte
agus an cósta. Fágann sin gur fada mall-shnigheach iad
na haibhneacha a ghluaiseas asta i dtreo an chósta, agus
béifidhe ag súil go mbéidís intseolta feadh achair mhaith
fá’n tír - mar atá.



Na hAibhneacha.



An tSaen, a thriallas ó thuaidh, tá sí ar an abhainn is mó
le rádh sa bhFrainnc. An Lighiúr (Lúbháir) agus an Gharonn,
a dhéanas a mbealaigh siar, agus an Rodháin a ghluaiseas
ó dheas amach i mBáigh na Leomhan na haibhneacha móra
eile atá innti. Tá’n Réin ar an taobh thoir de’n Fhrainnc
cuid d’á bealach.



Slighe-Bheatha na nDaoine.



I n-Oirthear na tíre atá na mianaigh ghuail. Ag smaoineadh
air sin, agus ar an méad a dubhradh faoi’n talamh shaidhbhir
sa gcuid eile de’n tír, ní béifidhe ag ceapadh go bhfuil
muinntir na Frainnce bailighthe le chéile i gcatharacha móra
agus an tuaith amach ar bheagán áitreabhach, ar nós Shasana,
agus ní mó aca atá. Feilméaracht an tslighe-bheatha atá ag
furmhór na ndaoine i n-Iar-Thuaisceart na Frainnce.



Toradh na Talmhan.



Tugann an talamh bárr seagail, cruithneachta,
bíotais mhilis, cnáibe, lín, meacan, coirce agus arbhair
bhuidhe. Fásann crainn fhíneamhna go maith i nDeisceart


L. 17


na Frainnce - amuigh faoi’n aer, agus ní i dtighthibh gloine
mar fhásaid sa tír seo - agus déantar a lán fíona asta
beathuighthear seiriceáin nó péistíní síoda sa gcuid sin
de’n tír agus déantar síoda sár-mhaith innti. Déantar
éadach cadáis, olna, agus lín, tobac, leathair, uaireadóirí,
lása, agus na céadta rud eile sa bhFrainnc. Tugann an
iasgaireacht slighe-bheatha mhaith do lucht comhnaidhthe cois-
fhairrge innti. Tá cuanta maithe mara ar trí cósta
léi - rud a théigheas go mór chun tairbhe di.



Éire agus an Fhrainnc.



Tá baint ag Éirinn leis an bhFrainnc le fada. Do
chuidigh sí linn san am tá caithte, agus sinn ag iarraidh
saoirseacht ár dtíre do bhaint amach. Dodhíolamar-ne
an chomhar léithi - is i n-Árm na Frainnce a chuaidh na
Géanna Fiadháine, agus laochra nach iad d’ár gcine.



Toradh an Chogaidh



Cuireadh leis an bhFrainnc i ndeire an Chogaidh Mhóir.
Dá thír bheaga - Ealsás agus Lóraen, a baineadh dhi sa
gcogadh a bhí idir í féin agus an Ghearmáin sa mbliadhain
1870, ghlac sí seilbh ortha an ath-uair. Poblacht iseadh
an Fhrainnc.



Na bailte móra, agus Tráchtáil istigh.



Paraí a príomh-chathair - an chathair is clúmhala, b'fhéidir,
ar an domhan. Tá Calae, Bordaoill, agus Marsael ar
na bailte puirt, agus Réim, Neantae agus Túlús ar na
bailte tíre is mó innti. Tá bóithre breaghtha Náisiúnta
agus canála ar fheabhas ar fud na Frainnce.


L. 18


Leith-Inis na hÍbéiria



A Suidheamh agus a Déanamh



Do’n leith thiar theas do’n Fhrainnc í. Tá árdán fairsing
sléibhte ar a fuaid - ó’n bhfairrge thoir go dtí’n fhairrge
thiar, beag nach. Sa taobh ó thuaidh atá na Píréiní, Sléibhte
Chantáibria agus Sléibhte na hÁstúiria. I lár na tíre
tá Sléibhte na Cástaoille, agus na Deisceart tá sléibhte
Mhóiréana agus Sléibhte Néabháda. Is borb iad na
haibhneacha a ghluaiseas in a measg siúd - ró-thapaidh
in a ngluaiseacht le bheith oireamhnach do sheoltóireacht.

An Aoráid.



Bíonn fliuchán maith ann cois na fairrge thiar agus gan
aon ró-theas ann: acht i lár na tíre bíonn tiormacht
mhór agus teas millteach ann - san samhradh. An t-achar
fada atá idir é agus an fhairrge mhór is cionntach léis
sin, agus an ghaoth bhrothallach a ndeas ó’n Aifric. Sa
ngeimhreadh bíonn fuacht préachtach ann mar gheall ar a
áirde a’s tá an t-árdán.

An Chaoi a Mairtear ann



Talamh garbh cnocach atá sa gcuid is mó dé’n tír, agus
é dóighte ag an ngréin sa Séasúr teo. Acht fásann neart
torthaí innti - líomóidí, oráistí, fígí, plumaí, caoir-
fhíona, agus mar sin de. Déantar mór-chuid fíona sa
leith-inis, agus tá crainn ola innti go fairsing. Tá
airgead, luaidh, airgead beo, soinc agus copar go leor
le baint innti, chomh maith le gual agus iarann. Tá trácht
ar a mianaigh chomh fáda siar a’s théigheas cunntas na
stairidhthe.


L. 19


An dá thír.

Dá thír atá sa leith-inis seo - An Spáinn agus an
Phórtuingéal. Tá’n Spáinn ar an taobh thoir agus thoir-
thuaidh agus an Phórtuingéal ar an taobh thiar-theas. Tá
príomh-chathair na Spáinne .i. Maidríd, suidhte i lár na tíre,
cois abhann Tágús, agus bóithre iarainn ag déanamh uirthi
ó na bailte móra eile. Tá caladh-phort maith ag
Barsalóin thoir, agus cinn eile ag an gCadias theas,
agus ag an gCruinne thuaidh. Tá Liosbón, príomh-chathair
na Portuingéile, cois Inbhir Tágús. Ópórtó, cois
abhann Dúró, baile cuain mór eile.

Éire agus an Spáinn.



Tá sean-bhaint ag ar dtír-ne leis an Spáinn. Tá gach
éinne d’ár seanchaidhthe ghá chur i n-a luighe orainn gur ó’n
Spáinn dotháínig ár sinnsear de Chlanna Mhíleadh. Níl
ainm tíre is minice a d’fheicfeá i n-ár n-Annála agus
in ár sean-sgéalta - cé's moite, b'fhéidir, do’n Ghréig,
ó n-ár tháinig cuid eile d’ár sean de réir na stairidhthe
céadna.

A Mórdhacht in Allód.



Ba mhór le rádh í, leith-Inis na hÍbéiria uair. Uaithe-se
a thriall Criostóir Mac Cuilm ar lorg na nIndiacha Thoir,
agus tháinig i dtír sna hIndiacha thiar - agus Partholán Dias,
an chéad Eorpach a chuaidh i dtír san Airfic Theas. Uaithe-se
a ghluais a t-Armáda, an cabhlach mór úd a shíl smacht
a chur ar Shasana. Léith-se a bhain tíortha Mheiriocá
Theas - níl de rian uirthi sa Roinn Mhóir sin indiú acht
amháin a teanga atá ar labhairt i ngach áit, nach mór, ar
fud na Roinne.


L. 20


An Bheilg



Tír bheag do’n leith thoir-thuaidh de’n Fhrainnc í sin.
Tá’n Mhuir Thuaidh mar theorainn fairrge agus mar bhealach
tráchtála aici. Níl sléibhte sa tír, cé is moite do na
hÁirdíní atá ar an taobh thiar theas, ar theorainn na
Frainnce. Tá cuid mhór de’n tír chomh híseal sin go
m’béigin claidhtheacha do thógáil leis an bhfairrge a choinneál
amach uatha.



Tráchtáil na Tíre.



Tá cóir bhréag tráchtala sa tír, idir bóithre iarainn,
bealaigh uisge, agus rian-fháirr ghaile. An Mhás agus
an Sgealt na haibhneacha is mó innti. Tá mianaigh guail,
iarainn, agus soinc d’á saothrí sa mBeilg. Déantar
ráillí iarainn, innill, gunnaí, agus gloine innti, agus
is mór é toradh a talmhan. Má’s líonmhar a háitreabhaigh
tá slighe mhaith mhaireachtála aca.



Na bailte móra.



Bruiséal is príomh-chathair do’n Bheilg. Baile puirt
is mór le rádh ’seadh Antueirp. Tá Geant agus Brúis
ar na Bailte móra eile ata innti.



Éire agus an Bheilg.



Tá baint ag Éirinn leis an mBeilg le fada an lá.
Cuireadh failte roimh ár bhFlatha ó’n Tuaisceart innti,
agus iad ar a mbealach go dtí an Róimh, nuair b’éigin
dóibh techeadh ó n-a dtír féin, mar tá innste dhúinn ag
Tadhg Ó Cianáin. Bhí Coláiste Éireannach i nDubhae an
uair sin, agus tá Coláiste Éireananch sa Lobháin go dtí
an lá atá indiú ann.


L. 21


“Láthair-chatha na hEorpa”.



Tá síothcháin sa mBeilg i láthair na huaire acht ní
i gcomhnaidhe a bhí an sgéal mar sin. Is iomdha uair
a d’fhéach lucht ceannais tíortha eile le neart a ghabháíl
innti - muintir na Spáinne, muintir na Frainnce agus
muintir na Gearmáine go háithridh.



An Tír-fo-Thuinn



Dealt d’Abhainn na Réine is mó atá sa tír seo, agus é
gan bheith chomh hárd le huisge na mara. Tógadh sgonnraí
thart timcheall uirthi le fairrge, ar eagla go mbáithfidhe
an tír, agus gach a bhfuil innti, am rabharta eicín.



Mar gheibhtear riar a gcáis aiste.



Níl mianaigh ar bith san tír, acht tá ithir bhreagh shaidhbhir
innti. Baintear báirr mhaithe seagail, cruithneachta
bíotais agus fataí: fásann a lán bláthanna innti, agus
tá stuic bláthanna ó’n tír-fo-thuinn le fágháil i ngach
siopa síl, nach mór, ar fad an domhain. Feilméaracht
an tslighe-bheatha atá ag furmhór ná ndaoine, acht déantar
soithigh criadh, fightear éadach de gach saghas, agus
snaidhmthear longa innti, freisin. Déantar úsaid de
mhuilinn ghaoithe le arbhar do mheilt, líon agus cnáib do
réidhtiú i gcóir snáithe, le siúcre, rís, caife agus a
léitheidí, a thagas thar sáile chuca gan bheith ion-chaithte,
d’ullmhú chun caithimh agus leis an mbárraidheacht uisge
a bhíos sa talamh a chaidéal amach as, agus isteach sna
canála. Na canála seo an chóir tráchtála is mó sa tír.


L. 22


Na bailte móra.

Aimsteardam an príomh-bhaile - ar oileáin amuigh sa
bhfairrge a tógadh é. Tá ainm Bhaile na hÁga in-áirde
mar ionad cruinnighthe d’fhir Stáit ó thíortha móra an
domhain. Baile mór tábhachtach eile iseadh Rotardam.

An Ghearmáin.

Na Teorannta.



Tír mhór í seo. Tá’n Mhuir Báltach, an Danmharg agus
an Mhuir Thuaidh don leith thuaidh dhi: An Fhrainnc do’n
leith thiar: An Eilbhéis, An Ástria agus Seacó-Slóibheaice
do’n leith theas: An Phólann agus an Rúis do’n leith
thoir dhi.

A Stair le n-Ár Linne.



Impireacht mhór chumhachttach a b’eadh an Ghearmáin sul
ar thosnuigh an Cogadh Mór, acht nuair a briseadh uirthi
sa gcogadh sin, thuir an Impireacht ó chéile. Na Stáit
a bhí innte, rinneadar Poblachtaí faoi leith díobh féin,
acht táid comh-cheangailte fós. An Phrúis, an Bhábháir,
agus an tSacsóin an chuid is tábhachtaighe díobh.

Baogal Báithte.



Fearacht na dtíortha eile a luadhamar a bhfuil imeall-
bhord leo cois na Mara Thuaidh, dobháitfeadh an lán-
mhara Tuaisceart na Gearmáine mara mbéadh gur tógadh
claidhtheacha i n-a coinne.


L. 23


Na hAibhneacha.



Tá na milliúin punt caithte ag muintir na Gearmáine
ar ghrinneall na fairrge agus inbhir na n-aibhneacha a
ghlanadh de’n bhrúsgar carraige a thagas anuas leis na
haibhneacha agus a shochruigheas cois cósta. De bhárr na
sléibhte bheith i nDeisceart na hEorpa agus a sgar féin
de Chlár Mór na hEorpa sa nGearmáin, tá na hAibhneacha
fada, mall, agus an-fheileamhnach do thráchtáil. Tá canála
ó abhainn go habhainn treasna na tíre, leis.

A n-ainmneacha.



Tá’n Bhiostúla sa nGearmáin cuid d’á bealach. Tá’n
Ódar ar fad innti, nach mór. Abha an-tábhachtach iseadh
an Ealb. Tá a lán bailte móra tráchtála ar bhruach na
hEilbe agus a cumrachán. Ortha seo atá Béirlín, príomh-
chathair na tíre. Tá bun-sruth na Danóibe sa bhForaois
Dhuibh sa nGearmáin. Abha na Réine an abha is mó cáil
innti, ar a háilneacht agus a húsáidighe. Ar bhruach
na Maighne, cumracháin léithi, tá Francphort i n-a bhfuil
Árd-Oifigí na mBannc. Ar bhruach na Réine féin tá
an Cholóinn, i n-a ndéantar an chumhracht ar a dtugtar
Uisge na Colóinne. Múinic príomh-chathair na Bábháire.
Lucht déanta beorach is mó atá ag dul chun cinn innti.

A dtugann an talamh.



Tá gual, iarann, soinc, luaidh, copar, ór, airgead,
niocal agus eile le fágháil go flúirseach sa nGearmáin.
Tá’n chuid is mó de’n talamh i n-a thalamh fhoghanta chuir,
agus baintear iomlán an tairbhe as. Beathuightear na
táinte beithidheach sa tír, agus tá beacha go farrabachall
innti. Daoine saothruightheacha tíoghmhaiseacha ’seadh na
Gearmáinigh agus cóir oideachais ar fheabhas aca. Níorbh
iongnadh í bheith ag buadhchaint ar thíortha móra tráchtála
eile an domhain roimh an gcogadh.


L. 24


Éire agus an Ghearmáin.



Tá baint ag ar dtír-ne leis an nGearmáín le fada.
I dtús ré na Críostaidheachta in Éirinn théigheadh misinéirí
ó Éirinn leis an gcreideamh do chraobhsgaoileadh ar an
Móir-thír. Tá a lorg go doimhin ar an nGearmáin,
i bhfuirm sean-mhainistreacha, nó a bhfothracha, agus ainm-
neacha áiteann, agus ta láimh-sgríbhinní leo i dtaisge
i gColáistí na tíre sin fós. Cuireann sgoláirí na
Gearmáine suim mhór i n-ár dteanga-na, agus thagadh
aos-léighinn anall uaithe le n-a foghluim gach bliadhain
roimh an gCogadh Mór.

An Eilbhéís.

A hÁilneacht.



Tír bheag í seo do’n leith thoir de’n Fhrainnc, a bhfuil
cáil agus clú uirthi ar fud an domhain ar áilneacht.
Téigheann na mílte duine ann gach bliadhain le laetheannta
saoire a chaitheamh sna gleannta dorcha doimhne cois na
locha ciúine corcra: nó ag cnocadóireacht ar na sléibhte
árda maordha atá san Eilbhéis - na hAlpa móra. Is slighe
mhaireachtála d’á lán de na h-Eilbhéisigh aoidheacht do
sholatháirt do na sluaighte a théigheas chuca, agus giollacht
do thabhairt dóibh.

An Aoráid.



Níl aon imeall-bhord cois fairrge aici, agus is
éagsamhlach an aimsir a bhíos innti. De bhárr a áirde
a’s tá na sléibhte bíonn sioc agus sneachta ar a mullaigh,
agus srutheanna oidhre ar shleasa na sléíbhte an lá is


L. 25


brothallaighe sa samhradh, nuair a bhíos teas maith ins na
gleannta. Acht déanann na sléibhte céadna fasgadh
maith do na gleannta ar ghaoithe fuara agus teotha.

Locha agus Aibhneacha.



Na sruthanna oidhre san Eilbhéis is bárr do mhórán
aibhneacha tábhachtacha. Tá bun na Réine sna hAlpa Móra,
agus leathnuigheann a h-uisgí amach ar a bealach siar ó
thuaidh le Loch Chonstans a dhéanamh. An Áir a líonas
loch Lúsaern d’uisge na Rodháine a rinneadh loch
Gheinéibhe, an Rodháin a bhíos ag gluaiseacht le fánaidh
nó ag tuitim go garbh-ghlórach le binn ag déanamh bealaigh
di féin siar ó dheas chun fairrge.

Sealbh Triúir.



Tá teorannta trí cinn de thíortha .i. An Fhrainnc, An
Eilbhéis agus an Eadáil, ag Mont Blanc (An Sliabh Geal)
sna hAlpa Móra. Sé an Sliabh is áirde san Eoraip é.
Tá Sliabh Shan-Gotard ar an sliabh is áirde san Eilbhéis
féin.

Mar Mhaireann na hEilbhéisigh.



Níl acht tuairim ’s an ceathramhadh cuid de thalamh na
hEilbhéise ion-traothruighte - tá’n méad eile faoi shléibhte
agus foraoisí. Crainn ghiúise is mó atá sna foraoisí
sin, agus baintear úsáid asta i ndéantúis ádmhaid -
baill bheaga trosgáin agus a leithéídí. Fásann caoir
fhíona agus ubhla go maith sna gleannta, chomh maith le
seagal, coirce agus eorna, acht is beag má fhásann díol
mhuintire na tíre féin d’arbhar innti. Cothuighthear ba
caoirigh agus gabhair ar na cnocaibh.


L. 26


Déantúis.



Déantar im agus cáise. Agus leasuighthear bainne sa
tír. Cothuighthear seiriceáin sa taobh theas de’n tír, agus
déantar síoda de’n tsnáith a sníomhaid. Déantar éadach
cadáis agus olna, agus innill d’á lán saghas innti. Le
cumhacht uisge agus aibhléise a déantar furmhór na n-
earraidhe san Eilbhéis - níl gual le fágháil sa tír. Táthar
ar ghann-chuid miotail san Eilbhéis, acht ní leo is faillighe
a bhfuil le baint innti. Tá sár-oideachas céirdeamhail le
fágháil ag muintir na hEilbhéíse, agus tá a rian sin ar
an tír.

An Náisiún.



Poblacht i n-a bhfuil a lán poblachta beaga comh-
cheangailte iseadh an Eilbhéis. Bhí roinnt de’n tír faoi
smacht na Gearmáine, uair, acht d’éirigh leis na hEilbhéisigh
seilbh a dtíre féin a bhaint amach. Béirn, cois na hÁire
is príomh-chathair do’n tír. Bailte maithe tráchtála iseadh
Súirich agus Géinéibh. Tá lorg na manach n-Éireannacha
ar an Eilbhéis go dtí an lá atá indiú ann.

An Eadáil.

Cuma na Tíre.



Leith-inis i bhfuirm bútaise fada, do’n leith theas de’n
Eoraip í seo. Tá’n Mhuir dTorrian de gach leith di, acht
amháin ar an taobh ó thuaidh, áit a bhfuil na hAlpa Móra.
Tá Clár Mór de thalamh réidh cothrom (Clár Lombáirdí)
i dtuaisceart na hEadáile idir na hAlpa agus na
hApainíní .i. ranng sléibhte atá sinte síos suas ó cheann
ceann na tíre, acht amháin ar an gClár úd. Ní mór le rádh
iad na h-aibhneacha, maidir le tráchtáil, cé is moite do’n
Phó a ghluaiseas soir treasna an Chláir thuaidh.


L. 27


Taisteal agus Tráchtáil



Tá cóir mhaith tráchtála ar mhuir, agus cuanta maithe
ag an Eadáil, agus cé go bhfuil na hAlpa Móra ar an
taobh thuaidh, tá bóithre maithe thart le n-a mbun, agus
bóithre iarainn faoi thalamh ann, agus ní chuireann na hAlpa
isteach ar thráchtáil, mórán. Lucht taistil ó Thuaisceart
na hEorpa a bhéadh ag triall ar an domhan thoir, nach
dtaithneóchadh turas ró-fhada ar muir leo, is tríd an
bhFrainnc a thriallaidh, go Bríndísí i nDeisceart na
hEadáile, áit a dtéighid ar bord luinge.



Obair agus Déantúis.



Le cumhacht uisge is mó a oibrighthear muilte agus
monarcha san Eadáil - níl mianaigh ná miotal go flúirseach
sa tír. Éadach cadáis agus olna, lín-éadach, agus síoda
ar fheabhas, na h-earraidhe is mó a déantar innti, maille
le fíon. Fásann neart torthaí innti, agus crainn ola,
rís, líon, cnáib, cruithneacht agus arbhar buidhe.



An Aoráid.



Bíonn brothal mór innti sa Samhradh acht amháin cois
cósta thiar, acht san nGeimhreadh uaireannta bíonn aimsir
chaillte ann. Séideann gaoth phréachtach ó na hAlpa
reoidhte, sgaithte, thar an tír.

Príomh-Chathair na Tíre.



Maidir leis na bailte móra atá san Eadáil sí an
Róimh, atá i n-aice le Tráigh Mhara Thíbhír, príomh-chathair
na tíre. Cathair clúmhail atá innte leis na ciantaibh.
Ba h-í ba phríomh-chathair d’Ímpireacht na Róimhe, a raibh
smacht aice ar an domhan iomlán, nach mór, roimh Aois ar


L. 28


dTighearna - sé sin le rádh, ar an méad de’n domhan
a raibh eolas air, an uair sin. Acht is cúis mhaoidhte
dhúinne nach raibh ár dtír-ne ariamh i n-a seilbh. Sa Róimh
a chomhnuigheas an Pápa. Ba léis í, uair, agus an ceanntar
mór-dtimcheall, acht baineadh dhe í suas le leith-chéad
bliadhain ó shoin.

Éire agus an Róimh.



Is sa Róimh atá uaigheanna Iarlaí Uladh. Ba é an Pápa
a thug dídean dóibh agus iad ar díbirt ó n-a dtír féín.
Ní gádh cuir síos ar an mbaint atá idir Éire agus an
Róimh, le linn na Críostaidheachta, ó aimsir Phádraic
Naomhtha anuas. Tá a bheag nó a mhór d’eolas ag cách
i n-a thaoibh sin.

Na Bailte Móra Eile



Tá Cathair Mhíoláin ar Chlár Lombáirdí. Tá Ard-
Eaglais innti a rinneadh go h-iomlán de mharmar geal,
in-a bhfuil suas le ceithre mhíle iomháigh. Déantar
gluaisteáin agus earraidhe cruaidhe innti.

Tá Túirín ar an taobh theas di - déantús gluaisteán
agus éadaigh olna is mó atá ar siubhail sa mbaile sin.

Géanóa, cois Bháighe Ghéanóa, an baile puirt is mó sa
tír. Snaidhmthear longa ann agus déantar innill
traenach agus innill eile ann.

Tá Náipléas ar an mbaile is áilne san Eadáíl - ar an
domhan, deir a lán. Ithir an-tsaidhbhir atá sa geanntar
thart uirthi. Fásann gach saghas torthaí agus arbhair go
flúirseach ann.


L. 29


Bolcán Bhéasúibhe.



I n-aice le Náipléas atá Sliabh Bhéasuibhe. Bolcán
atá ann - cnoc dorinneadh de’n mhiotal leaghta atá go
síorruidhe ar fiuchadh taobh istigh de’n Chruinn seo ar a
gcomhnuighmíd. Brúchtann sé amach ó am go h-am, agus
déanann an-sgrios thart timcheall, uaireannta. Méad-
uighthear ar an sliabh le gach brúchtaighil. Bíonn deatach
agus splanncracha i n-áirde ó bhéal an bholcáin, agus
teas agus lasair uaidh, fiú amháin nuair nach mbíonn sé
ar brúchtaighil.



Oirthear na hEadáile.



Tá Bhéinís san Oirthear, cois Mhara na hÁidria. Ar nós
Aimsteardaim, tógadh ar oileáin í, agus is ar bháid a
ghluaistear ó theach go teach ann. Rinneadh trácht cheana
ar Bhríndísí san Oir-Dheisceart, baile puirt do phaisinéirí,
d’earraidhe agus do litreacha do’n domhan thoir.



Seoda a Sean atá ag na hEadálaigh.



Í ngach ceann de na catharacha móra san Eadáil tá
íomháigh agus peictiúirí agus leabhra áilne ársa iongantacha,
ag taisbeáint nó i dtaisge: agus na Sean-Áruis Phuiblidhe
agus na Teampaill atá ionnta, níl a sárú ar domhan
ar áilneacht.



Na hOileáin.



Tá dhá Oileán mhóra leis an Eadáil amuigh sa Muir
dTorrian .i. An tSísle do’n leith thiar theas, i ngar dhi,
agus an tSáirdín, tamall maith amach ó’n gcósta thiar.
Tá bolcán mór ar Oileán na Sísle, ar a dtugtar Sliabh
Aetna. Oileáin thorthamhla iad - Oileán na Sáirdíne go
mór-mhór, agus tá mianaigh luachmhara, freisin, ar an
oileán sin.


L. 30


Cuireadh leis an Eadáil i ndeire an Chogaidh. Fuair sí
seilbh ar bhaile cuain Thriasta, agus ar thaltaí eile bhíodh
i nDeisceart na hÁrtria.



An Lochlann.



Tá trí cinn de thíortha sa Lochlainn - An Danmharg,
An Orbhuidh agus Tír na Sorcha. Ríoghachta neamh-spleadhacha
iad go léír.



An Danmharg - a bhfuil innte.



Leith-Inis na hIútlainne agus roinnt oileán, mar atá,
Oileán na Saolainne, Oileán na Lálainne agus Oileán
Fiana, agus oileáin bheaga eile, atá sa Danmhairg.
Ísleán atá innti thart le Cósta na Mara Thuaidh, agus
caithtear an fhairrge a choinneál amach uaithe ar an gcaoi
céadna i n-a ndéantar sa Tír-Fó-Thuinn é.



An tSlighe a Mairtear Innti.



Talamh maith cuir, agus cimín, atá i n-Oir-Dheisceart
na hIútlainne agus sna hoileáín, a bheireas bárr maith
seagail, eorna, biatais, coirce, agus cruithneachta, agus
a chothuigheas sgata mór beithidheach. Ta tighthe-chomhair
uachtair go fairsing sa tír. Ní déantar aon faillighe
ionnta sna gléasanna is úire agus is fearr a chur i n-úsáid
chun iomlán an bhrabaigh a bhaint as an mbraon maith bainne
a cuirtear chuca ó na feilmí: agus tá díol maith ar
thoradh bainne na Danmhairge i ngach tír. Déantar
gráinne maith siúicre de’n bhíotais mhilis a fhásas sa tír,
agus biadh maith do na beithidhigh iseadh an fhuighleach.


L. 31


Na Bailte Móra.



Cóbanthábhán (Port na gCeannaidhthe) ar Oileán na
Saolainne cois Súnnda na Lochlainne, is príomh-chathair
do’n tír - an t-aon chaladh-phort amháin atá innti a bhfuil
díol luingis de dhoimhneacht sa bhfairrge taobh leis. Tá
Árthúr, an dara cathair, i nIútlainn. Bailighthí cáin na
Mara Báltach ag Baile na hÉalsannóire. Tá Cathair
Óidín ar oileán Fiana.



Na Caolais.



Tá’n Súnda idir Saolainn agus Tír na Sorcha, An Crios
Mór idir Saolainn agus Fian, agus an Crios Beag idir
Oileán na Fiana agus an Iútlann. B’iad siúd na bealaigh
uisge go dtí an Mhuir Báltach sul ar gearradh Canál
na Cíle treasna na Roinne Gearmánaighe de’n Leith-Inis.



An Orbhuidh.



Dealbh na Tíre.



An chuid thiar de’n leith-Inis mhór atá le feiceál againn
do’n leith thiar-thuaidh de’n Eoraip ’seadh An Orbhuidh.
Tír gharbh fhiadháin chnocach atá innti. Cósta fada beárnach
aici. Báigheanna fada caola ar a dtugtar “Fíorda”
cosamhail le Loch Cháirlinn nó Inbhear Sgéine s'againne,
sínte achar fada istigh faoi’n tír, agus sléibhte árda
garbha (“Fialta”) ar gach taobh díobh.


L. 32


A hÁitreabhaigh agus a Slighe-Bheatha.



Tá sí ar bheagán áitreabhach agus ar ghann-chuid talmhan
cuir. Mara mbéadh na foraoisí móra giúise, a thugas
slighe-bheatha do chuid de na daoine - ag baint na gcrann
agus ag cur an ádhmaid chun bealaigh - agus an iasgaireacht,
ar a maireann roinnt eile aca, ní féadfaidhe bheith beo
i dTír na hOrbhuidhe. Baintear roinnt miotail sa tír .i.
iarann, airgead, copar, agus niocal.



Cóir Tráchtála.



Tá na hAibhneacha ró-ghairid, ró-gharb, ró-thapaidh i n-a
ngluaiseacht le bheith oireamhnach do luingseoracht acht
tig le luingis snámh ar na fíorda fada doimhne atá idir
na hailltreacha móra cois cósta, a bhfuil oileáin i mbéal
a bhfurmhóir chun fasgadh a dhéanamh dóibh.



Na Bailte



Cathair Cristiáinne an chathair is mó san Orbhuidh.
I gCathair na Beirbhe thiar, déantar iasg a chur ar shalann
agus a chur amach ar fud an Domhain Thuaidh.



Tír na Sorcha.



A Déanamh



An Roinn thoir do’n leith-inis í sin. Níl sí baoghal
ar bheith chomh sléibhteach leis an Orbhuidh. Tá na sléibhte
is airde ar an taobh thiar de’n leith-inis. Téighid i n-ísle
de réir mar gluaistear soir, agus is talamh réidh comh
íseal cuir atá i n-Oirthear Thír na Sorcha.


L. 33


Cóir Thráchtála agus Bailte Puirt



Tá na haibhneacha fada mall-ghluaiseach, agus bhéidís
oireamhnach go maith do thráchtáil marach an sioc. Bíonn
leac-oidhre ortha féin agus an uisge Bháighe Bhotnia agus
na Mara Báltach, do’n leith thoir de’n tír, ar feadh an
Gheimhridh. Ní ar na haibhneacha soir a seoltar earraidhe
chun bealaigh ó’n tír, de ghnáth, acht ó Ghotburg, atá i
nGótlainn i nDeisceart na tíre.



Stoctholm, i Sbhéalainn, príomh-chathair na tíre: tógadh
í ar oileáin amuigh sa Muir Báltach. Tá bóithre iarainn
nó bealaigh uisge ag déanamh uirthi ó na bailte eile sa tír.



Tionnsgáil.



Ádhmad agus a ndéantar de, idir comhlaí doras,
frámaí fuinneoga, bosgaí agus a leithéidí: iarann agus
déantúís iarainn - innill agus eile: páipéar agus a
ndéantar dhe: ainmidhthe, idir beo agus marbh, agus a
bhfághtar uatha, siad-san na rudaí is mó a soláthruighthear
i dTír na Sorcha do’n chine daonna.



Suidheadh agus Aoráid na Leith-Inse.



Mar fheicfear ar an gCruinn, tá Tuaisceart leith-inse
na Lochlann i n-aice leis an Muil Thuaidh, taobh istigh de’n
Chrios Reoidhte Thuaidh, agus an Fhairrge Théachtuighthe do’n
leith thuaidh di. D’á bhárr sin, bíonn fuacht millteach ann
sa nGeimhreadh, go mór-mhór san Oirthear. Ar nós tíortha
eile atá i n-aice leis an Muil Thuaidh bíonn solus na gréine
ann ar feadh ráithe sa Samhradh, agus leanann an oidhche
ar feadh ráithe sa nGeimhreadh. Bíonn solus gealaighe
agus réalta ann, ámh, agus “Soillsí an Tuaiscirt”
le feiceál sa spéir, sgaithte.


L. 34


Éire agus An Lochlann.



An Lochlann an t-aon tír amháin, cé is moite do Shasana,
ar bhfearrde Éire gan aon bhaint bheith aici léi ariamh.
Theigheadh a muintir amach fadó, ag goid a’s ag cosgairt
rómpa. Ba mhinic dóibh foghail a dhéanamh ar ár dtír-ne. Dá
mhéad d’á bhfuil fágtha againn de sheoda ár sean, ba mhó i
bhfad é mara mbéadh muintir na Lochlainne. Chuireadar fútha
i n-ar dtír sa deire, agus b’éigin dúinn san aonmhadh aois
déag, ár neart a chruinnuí, agus iad a dhíbirt.



An Phólann.



An t-Athrú le n-ár linn.



B’fhéidir gurbh í sin an tír is mó a raibh báidh againn
léi ariamh - le bliadhanta fada tá sí faoi smacht, agus í
roinnte i dtrí chuid ar an Rúiseach, An Gearmánach agus
An tÁstriach. I ndeire an Chogaidh Mhóir d’éirigh léi an
Triúr Tíoranach do dhíbirt, agus seilbh a ghlacadh ar a
taltaí féin arís. Maidir le seilbh, tá tuairim ’s trí
chéad seasga míle de mhíltibh cearnógacha taobh istigh de
theorannta Phoblachta na Pólainne anois, agus céad
Caladh-phuirt aice ar an Muir Báltach. Tír réidh í, acht
tá cnuic ísle san taobh theas.



Slighe-Bheatha na bPólannach.



Tá talamh maith cuir sa bPólainn, a thugas bárr toghtha.
Beathuighthear neart beithidheach innti. Tá foraoisí móra,
tobair ola, mianaigh guail agus miotail - mar atá, luaidh
agus soinc, innti. Déantar éadach cadáis agus olna,
leathair agus a ndéantar de, biotáille agus siúicre
sa bPólainn.


L. 35


Na Bailte



An Bhársóibh an príomh-chathair. Tá sí suidhte go deas
cois abhann Bhiostúla. Tá mianaigh salainn i n-aice le
Cathair Chracóibhe - baile beag fá’n talamh atá sna mianaigh
seo. I dtighthe salainn a comhnuighthear ann, agus ar
shráídeanna salainn a siubhltar ann. Baineann cuid
de thír na Gailíse leis an bPólainn anois.



Seacó-Shlóibheaice.



A theacht ar an Saoghal.



Stáit a bhain le hImpireacht na hÁstria uair, is mó
atá sa tír sin, mar atá An Bhothaem, An Mhóraibh, An
tSlóibheaic, An Rútaen agus An tSoilís.



A Gustal.



Sár-thalamh cuir atá innti, agus gual agus iarann
le fágháil innti go fairsing. Déantar siúicre agus
beoir, éadach olna, dathanna, gloine, trosgán, innill
agus earraidhe miotail eile innti.



A Bailte Móra



An Phrág sa mBóthaem an príomh-chathair. Baile mór
tráchtála, agus cathair staireamhail iseadh an Phrág.
Baile tábháchtach eile sa mBóthaem is eadh Piolsaen.
Baile an-mhór atá i mBrún i dtír na Móráibhe. Príomh-
Chathair na Soilíse atá i mBreaslá.



Abha na hEilbe an abha is mó a ghluaiseas thríd an tír,
ar a bealach go dtí’n Ghearmáin agus an fhairrge.


L. 36


An Ástria



“Thuas Seal, agus Thíos -”



Ba mhór le rádh í An Ástria roimh an gcogadh mór.
Ba léi agus leis an nGearmáin lár na hEorpa ar fad.
Anois níl de thalamh innti acht tuairim ’s ceathairce míle
de mhíltibh cearnógacha - an sémhadh chuid d’Impireacht na
hÁstria dobhí.



Na hAlpa



Tá cuid de na hAlpa Móra i nDeisceart na tíre.
An Íosar agus an Ínn, cumracháin de chuid na Danóibe
a ghluaiseas trí thuaisceart na hÁstria, tá a mbárr sna
sléibhte sin.



Sruth na Danóibe.



Is mór is fiú an Danóib mar bhealach tráchtála. Ar a
brúacha atá Cathair Bhiana, príomh-chathair na hÁstria,
i n-a bhfuil sráideanna breaghtha leathana agus áruis
áilne puiblidhe.



Na Déantúis.



Déantar a lán earraidhe beaga sa gcathair sin - idir
seoda, soithigh criadh agus gloine, earraidhe leathair,
agus deasaí - deasa i bhfuirm ornáidí tighe agus pearsain.
Déantar fíon agus síoda i nDeisceart na hÁstria.



An Aoráid.



Aimsir éagsamhlach a bhíos sa tír sin, mar gheall ar a
airde a’s tá na sléibhte sa taobh theas, agus ar chead
bheith ag gaoith fhuair an gheimhridh anois séideadh thar a
fuaid gan cosg. I n-a choinne sin, tá sí suidhte i nDeis-
ceart na hEorpa agus í sáthach gar do’n Mhuir dTorrian
leis an ngaoith bhrothallaigh andeas a mhothú sa Samhradh.


L. 37


An Úngáir.



A Suidheadh, agus Gearr-Stair.



Do’n leith theas d’Ástria agus de Sheacó-Slóibheaice
í sin. Cheann de na tíortha ba chuid d’Impireacht na
hÁstria, i n-aghaidh a dtolach féin, iseadh í. Ba mhinic
a d’fhéach sí le n-a saoirseacht a bhaint amach, agus fearacht
na dtíortha eile atá luaidhte againn, d’éirigh léi le linn
an Chogaidh Mhóir. Machaire mór atá innti agus sléibhte
thart timcheall air. Búda Pheast atá ar bhruacha na
Danóibe a príomh-chathair.



Ceataighe.



Ba chóir go mba thír mhór cuireadóireachta An Úngáir,
acht níl na slighthe is fearr chun iomlán an tairbhe a bhaint
as an talamh d’á gcleachtadh aca. Is suarach le rádh,
freisin, a bhfuil de bhóithre iarainn innti. Mara mbéadh
Sruth na Danóibe a ghluaiseas trí cheart-lár na tíre,
agus na bóithre iarainn atá taobh léi, bhéadh droch-chaoi
uirthi. Sin a bhfuil de chóir thráchtála sa tír.



An Aoráid.



Bíonn an aimsir an-fhuar ar fad sa nGeimhreadh, agus
gangaid sa ngaoith anoir a shéideas thar an tír. Bíonn
meirbhe mór ann sa Samhradh. Suidheamh na tíre is bun
leis sin.



Leith-inis na mBalcán



Na Tíortha atá innti



Tá lear mór tíortha sa leith-inis sin .i. An Rómáin,
An Bhúlgáir, An Túircéir, An Ghréag, An Albáin, agus
na tíortha atá i nIúgó-Shláibhia .i. An tSeirb, Bosnia
agus Montanaegró, An Chróit agus An tSlabhóin.


L. 38


A Teorannta agus a Déanamh.



Tá’n cósta an-bheárnach agus na céadta oileán thart
air - do’n leith thoir-theas, go háithrid. Tá Oileán Chréata
- oileán an-mhór, amuigh sa Muir dTorrian do’n leith
theas dhi. Tá Muir na hAidria agus Muir na hIóinne
do’n leith thiar dhi, agus Muir n-Aigide, Muir Marmara
agus An Mhuir Dhubh do’n leith thoir. Talamh garbh sléibhteach
talamh na leith-inse. Fó-rannga de na hAlpa ’seadh
sléibhte na mBalcán, na hAlpa Dianáirice ar an taobh
thiar, Sléibhte Phiondúis ar an taobh theas, agus Sléibhte
Ródóipe ar an taobh thoir, i dtír na Búlgáíre. Níl acht
bearna chaol idir shléibhte na mBalcán agus Alpa Thran-
soilbháinne agus Sléibhte Charpáitia i dtír na Rómainne.
Na haibhneacha atá sa leith-inis, nílid in-tseolta toisg
a ngluaiseacht bheith ró-sgiobtha, acht tá bóithre iarainn
agus bealaigh móra ar a mbruacha ag bun na sléibhte.



An Ghréag



Sí sin an tír is mó, b'fhéidir, a bhfuil trácht uirthi i n-ár
sean-sgéalta agus Annála, mar de réir ár seanchaidhthe
is uaithi dotháinig dream d’ár sinnsear i n-allód.



A Cáil Fadó.



Níl sí chomh mór le rádh i láthair na huaire a’s bhíodh.
Bhí uair ann agus ba mhór a clú ar léighinn agus ar
litrideacht, ar chrodhacht agus ar ghaisgidheacht. Tá a
teanga ársa agus a sean-litridheacht faoi mheas ar fud
an domhain go dtí an lá atá indiú ann.


L. 39


Na Bailte Tábhachtacha.



Cathair na hAithne an phríomh-chathair. Tá Áruis ársa -
nó a bhfothracha - innti, agus thart uirthi go fóill - iarsma
a sean-tsíbhíaltachta. Tá Saloiníce ag teacht i gceirt
go mór le goirid mar bhaile puirt. Is ann atá Ceann
Cursa Mhór-Bhóthair Iarainn Láir na hEorpa agus táthar
ghá chur suas agus anuas le Bríndísí i nDeisceart na
hEadaíle mar Cheann Cúrsa do luingis ó’n Oirthear.



An Túircéis.



A Raibh Aice.



Ba leis an Túircéis, uair, cuid mhór de thíortha na
mBalcán, acht is beag le rádh a bhfuil de sheilbh aice sa
leith-inis indiú. Tá mór-chuid de’n Túircéis san Áisia
Bhig, agus i dtír na hAirméinne.



A Catharacha.



Cathair Chonstaintín a príomh-chathair, cois caolais
Bhosporuis. (Faoi stiúradh Chumainn na Náisiún a cuireadh
an Caolas seo i ndeire an Chogaidh Mhóir.) Tá déantúis
tábhachtacha ar siubhail innti, agus tá suidheamh an-oireamhnach
chun tráchtála aice, idir an Mhuir Dhubh agus Muir Mharmara.
Níl acht Caolas Dhárdanoil idir Muir Marmara agus
An Mhuir dTorrian. I gCathair Áidréin, istigh faoi’n
tír, tá roinnt mhaith déantúis ar siubhail.



Éire agus an Túircéis.



Is fiú dhúinn a thabhairt chun ar gcuimhne gurbh iad muintir
na Túircéise ba thúisge d’fhóir orainne - Éireannaigh -
in aimsir an ghorta, agus last luinge de bhiadh do chur
ag triall orainn. Ní h-iad-san ba chionn-tsiocair le
nár leigeadh chugainn é.


L. 40


An Bhúlgáir.



Do’n leith thuaidh de’n Túircéis an tír sin. Sóiphia a
príomh-chathair, atá suidhte ar árdán cois bearnan idir
na sléibhte, agus cois Mhór-Bhóthar Iarainn Láir na hEorpa.
Cathair Philipe na Róméille an dara cathair de réir méid
agus tábhachta.



An Rómáin.



Do’n leith-thuaidh de’n Bhúlgáir í sin. Búcarast an
phríomh-chathair. Tá sí suidhte i lár an Mhachaire Mhóir
atá i n-Oir-Dheisceart na Rómáinne. Innti atá Inbhear
Danóibe, agus an t-ísleán mór bogach atá cois na Mara
Duibhe. Baineann an Transoilbháin leis an Rómáin anois.



An tSeirb.



Do’n leith thuaidh de’n Ghréig í sin. Tír í a bhí go mór
i gceirt le linn an Chogaidh Mhóir. Béalgrád a príomh-
chathair. Daingean, cois cumair na Danóibe agus na
Sáibhe a bhí innti. Nís, baile atá ag táthachán na mBóthar
Iarainn ó Chathair Chonstaintín agus Saloiníce, tá sé
ag dul chun tosaigh go mear le goirid. Ágram cois
abhann na Sáibhe, príomh-chathair Iúgó-Shláibhia.


L. 41


An Albáin agus eile.



Tá Tír na hAlbáinne i nIarthar na leith-inse cois Mhara
na hÁidria. Sgútáirí a príomh-chathair. Baile puirt
tábhachtach atá innti seadh Dúratso. Saetinne an baile
is mó atá i Montanaegró.



Toradh na Talmhan sa Leith-Inis



Fásann gach saghas torthaí sa leith-inis - idir oráistí
agus fígí, líomóidí, caoir-ola, caoir-fhíona, agus plumaí -
triomuighthear na caoir-fhíona, agus cuirtear chugainne
iad i n-a gcuiríní agus i n-a rísíní; triomuighthear na
plumaí, agus is i n-a bprúin a bhíd agus iad ar díol sna
siopaí. Fásann gach cineál arbhair innti, acht ní go ró-
fhlúirseach é - acht amháin sa mBúlgáir - toisg a do-
shaothruighthe a’s tá an talamh innte.



Cumhacht.



Fásann róis go farrabachall, go háithrid sa Róméil,
agus déantar a lán cumhrachta rós sa tír sin agus sa
Túircéis.



Miotail.



Tá miotal le baint fairsing go leor, idir airgead
iarann, luaidh, copar agus soinc, dá ndéantaí a shaothrú.
Tá mianaigh guail agus coiléir mharmair i n-áiteacha.



An Dúil Bheo.



Beathuighthear na táinte beithidheach ar na sléibhte agus
ar na machairí - idir ba, caoirigh agus capaill. Tá gabhair
fhiadháine go leor sa nGréig, agus tréada móra muc
i bhforaoisí na Seirbia.


L. 42


Iasgaireacht.



Is mór is fiú an iasgaireacht cois cósta na leith-inse,
agus baintear a lán brabaigh aiste.



A Tionnsgáil.



Déantar brait-urláir, síoda, tobac, fíon, ola, im,
cáise, leathair, ádhbhair léighis do photacaeirí, leasuighthear
craicinn bheithidheach, agus ullmuighthear caife sa leith-inis.



An Rúis San Eoraip.



A Teorannta.



Tá’n fairrge Teáchtuighthe agus An Mhuir Gheal do’n
leith thuaidh dhi, Báigh Bhotnia, An Mhuir Bháltach, An Pholáinn
agus An Rómáin do’n leith thiar: An Mhuir Dhubh, Muir
Meoit, Sléibhte na Cácáire agus Muir Chairp do’n leith
theas, agus Sléibhte na Riphe agus an tSíbír do’n leith
thoir. D’á mhéad d’á bhfuil de’n Rúis ar Roinn na hEorpa
níl ann acht an chaol-chuid. Is mó i bhfad An Rúis san
Áisia.



A Déanamh.



Is innti atá an Ceann leathan de Chlár Mór na
hEorpa. Machaire mór í ó cheann ceann na tíre, acht
amháin go bhfuil Cnuic Bhealdaí i n-a lár. Na haibhneacha
a bhfuil a mbárr sna Cnuic sin, táid fada mall-shnigheach
agus úsáideach mar bhealaigh uisge nuair nach mbíd reoidhte.
Baineann sin d’á n-úsáid cuid mhór de’n bhliadhain.
Iad-siúd a ghluaiseas ó thuaidh is beag a dtairbhe do
tráchtáíl amach, mar bíonn leac-oidhre ar an huisgí thuaidh


L. 43


i dtóláimh, nach mór. Na haibhneacha a ghluaiseas ó dheas
déantar usáid díobh acht amháin sa bhfíor-gheimhreadh.
Nuair bhíos idir thalamh agus uisge reoidhte, árduighthear
earraidhe agus paisinéirí chun bealaigh ar shleamhnáin -
carbaid a dtig leo ghluaiseacht ar an sneachta.



An Rúis a bhí agus an Rúis atá.



Dálta tíortha eile ar Roinn na hEorpa, is deacair
cur síos beacht a dhéanamh ar an Rúis fá láthair - an
déanamh atá uirthi indiú, b'fhéidir nach é an déanamh a bhéadh
uirthi bliadhain ó indiú! Impireacht a bhí innti roimh an
Éirghe Amach sa tír. Tá deire leis an Impireacht anois.
Na Stáit atá ar an taobh thiar de’n Rúis táid i n-a
bpoblachtaí neamh-spleadhacha anois, mar atá .i. An
Úcráin san Iar-Dheisceart: An Liotuáin, An Laitbhia,
An Eastóin agus Tír na Finne i nIarthar agus i n-Iar-
Thuaisceart na Rúise.



An Aoráid.



Rinneadh tagairt d’aoráid na Rúise cheana, agus
mínigheadh a éagsamhla a’s bhíos sí. Na línte comh-fhuachta
a déantar ar an léar-sgáil sa nGeimhreadh, tasbáinid
gur ionann fuacht do thuaisceart na Lochlainne agus do
Dheisceart na Rúise, áit atá na céadta míle níos goire
do Mheadhon-Líne na Cruinne. Na línte comh-theasa a
tarraingtear sa Samhradh, tasbáinid gur ionann teas
do lár na Rúise agus do Thuaisceart na hAifrice, atá
na céadta míle níos goire do’n mheadhon-líne.



Toradh na Talmhan.



Déantar cúig roinn de’n Rúis de réir na ngnóthaí
is mó atá ag dul cun cinn ionnta, nó de réir a thorthamhla
a’s tá an talamh. Tá Machairí móra reoidhte sa taobh


L. 44


ó thuaidh ar a dtugtar “Na Túndraí,” nach bhfásann ortha
acht caonach agus tuir bheaga, agus nach gcomhnuigheann
ionnta acht teaghlaigh fhánacha de na Lapaí. Tá Cúige na
bhForaoisí ó dheas ó na Machairí úd. Tá Cúige na
nDéantús i Lár na Rúise, agus Cúige na Feilméarachta
ó dheas uaithe sin. Talamh cimín ar a dtugtar “Na
Steapaí” atá i bhfior-Dheisceart na Rúise. Tugann
talamh cuir na Rúise bárr go flaitheamhail. Ba dheacair
do mhuintir na hEorpa riar a gcáis d’fhágháil mara mbéadh
cruithneacht na Rúise ar fágháil.



A Sean-Fhaisiúnta.



Tá talamh breagh saidhbhir sa Rúis. Tá mianaigh agus
miotal go flúirseach le baint innti, acht níl iomlán an
tairbe d’á bhaint asta. Ceileadh oideachas agus léighinn
ar mhuintir na Rúise le linn na hImpireachta, agus níl
an t-eolas céirdeamhail aca is riachtanach chun aon ró-
bhrabach a bhaint as an sár-thalamh a gheall Dia dóibh.



A Feabhrú.



Tá muintir na Rúise ag teacht chun tosaigh sna neithe
sin, agus ní féadfaidhe teora a chur le n-a fheabhas a’s
bhéidís dá mbéadh síothcháin sa tír. Tá cothú na milliún
duine sna foraoisí thuaidh, san ithir shaidhbhir láir agus
theas: sna mianaigh guail agus miotail: sna tobair ola:
i n-a bhfághtar ó na hainmidhthe, idir mín agus allta, atá
go fairsing sa tír, sna torthaí i gceanntar na Críme,
agus sna hádhbhair saidhbhris eile, ba liosta a n-áireamh.



A Bailte Móra agus a dTráchtáil.



Cathair Pheadair a príomh-chathair - baile mór tráchtála.
Tá Cathair Mhorcóibhe i lár na tíre - bhí sí in a príomh-


L. 45


chathair uair. Sean-chathair staireamhail í. Óideasa, ar
bhruach na Mara Duibhe an baile puirt is mó le rádh sa
Rúis. Baile puirt is eadh Ardaingeal cois na Mara
Gile, acht cuireann an sioc isteach ar an tráchtáil amach as.
Ta déantúis mhóra siúicre i gCíbh, baile mór i dtír na
hÚcráinne. Tá bailte puirt go leor cois na Mara
Báltach. Ríge, i dtír na Laitbhia an ceann is mó aca.
Caladh-phort mór iseadh Réibhéal i bPoblacht na hEastóinne.
Ábó agus Éilsinnfeors i dTír na Finne táid suidhte
go maith chun tráchtála acht mar mínigheadh cheana ní bhíonn
na fairrgí amach intseolta feadh an gheimhridh.



Na hAontaighe.



Bíonn Aontaighe Móra sa Rúis. Tagann ceannaidhthe
anoir agus anoir-ndeas o’n tSíbír, ó’n tSín agus o’n
bPéirs agus ó thríotha eile sa Domhan Thoir ag ceannacht,
ag díol, agus ag malartú innti.


L. 46


Ceisteanna Mar Shomplaí - An Rúis.



1. Féachaidh ar an léarsgáil agus innsidh dhom cá bhfuil
An Rúis?
2. An mó í ná Éire? Cé mhéad uair, tuairim?
3. Cad iad na tíortha atá idir Éire agus An Rúis?
4. Cá bhfuil sí suidhte i gcomparáid le hÉire?
5. Dá mbéitheá ag dul do’n Rúis, cé’n bealach a rachthá?
6. Cé na teorannta atá uirthi? (Ainmnigh nó taisbáin
a teorannta.
7. Cé aca taobh a bhfuil Sléibhte na Riphe?
8. Ceárd tá ar an taobh thoir de na sléibhte sin?
9. An sléibhte móra iad? An gcuirid isteach ar thrách-
táil, morán?
10. Cé’n déanamh atá ar an Rúis?
11. Cé’n bhaint atá aige sin leis an Aoráid?
12. Bhfuil aon bhaint ag an aoráid le saoghal an duine?
13. Cá bhfuil bárr Abhann Bholga? Abhann Danaí?
14. An bhfuil na sléibhte sin i bhfad ó’n gCósta?
15. Cé’n sórt aibhneacha a bhéadh sa Rúis, a meas tú?
16. Cé’n rud is mó a chuireas isteach ar thráchtáil ar
uisge sa Rúis?
17. Cé’n tslighe a ceapadh chun earraidhe d’iomchar le linn
an t-uisge bheith reoidhte?
18. Cé’n fáth gur deacair cunntas beacht a thabhairt
ar an Rúis faoi láthair?
19. An bhfuil corrú i dtír ar bith eile san Eoraip fá
láthair?
20. Cad ba bhun leis an neamh-shocracht go léir?
21. Cá fhaide a bhí an Cogadh Mór ar siubhal?


L. 47


22. Cé’n saghas Riaghaltais a bhí sa Rúis go dtí le goirid?
23. Cá bhfuil na Stáit nua neamh-spleadhacha suidhte?
24. Cé mhéad roinn a déantar de’n Rúis?
25. Ar roinneadh í ar an gcaoi chéadna a’r roinneadh Éire?
26. An líonmhaire daoine i nDeisceart ná i dTuaisceart
na tíre? Cad is bun leis sin?
27. Dá mbéadh a lán ádhmaid ó luct trosgán a dhéanamh
i n-aon tír, cé’n chuid de’n Rúis ba dóichighe a
gheobhaidís é?
28. Dá mba muilneoirí plúir do mhuintir-se, cé’n chuid
de’n Rúis is mó a gcuiridís suim innti?
29. Cé’n tabhartas is mó a thugas an Rúis do’n chine
daonna?
30. An saothruighthear an talamh mar ba cheart innti?
31. An mbaintear an oiread miotail innti a’s do féad-
faidhe?
32. Cad is cionntach le hiargcúltacht na Rúise?
33. Cé’n bhaint atá ag oideachas le dul chun cinn?
34. Ainmnigh na hádhbhair saidhbhris atá sa Rúis.
35. Cad iad na bailte is mó innti?
36. Taisbeáin dom Cathair Pheadair ar an léarsgáil.
37. Cé thóg í, agus cad é an saghas áite ar tógadh í?
38. Ar cualais aon sgéal faoi Mhorcóibh ariamh?
39. Cheal nár léighis aon nidh faoi’n bhfogha dothug
Napolean faoi’n Rúis?
40. Cad chuige a bhfuil Óideasa ar an mbaile puirt
is mó innti?
41. Céard a chuireas isteach ar Árdaingeal mar chaladh-
phort?
42. Cá dtéigheann an Bholga amach sa bhfairrge?
43. Ar bhfearrde an tír é dá dtéigheadh sí amach sa Muir
Dhuibh?
44. Ar mhaith an smaoineadh do mhuintir na Rúise canáil
a ghearradh treasna go dtí an Mhuir Dhubh?


L. 48


45. An mbeadh sé ar an gcanáil do b’fhuide sa domhan,
a’ meas tú?
46. Cé’n áit b’fhearr chun a ghearrtha? Ó Eastracán,
an eadh?
47. Ainmnigh na bailte puirt atá cois na Mara Báltach.
48. Innis gach ar féidir leat innsint fá na hAontaighe
sa Rúis.
49. An cosamhail iad leis na hAontaighe bhíodh i nÉirinn
fadó?
50. Cé’n difrigheacht a bhéadh eatorra?
51. Cé’n difrigheacht a thiúbhrfá fá deara idir Aontaighe
an lae indiú i n-Éirinn agus sa Rúis?
52. Sgríobh tráchtas ar
1. “Aontaighe (a) in-allód; (b) le n-ár
linne.”
2. Saoghal leanbhaí sa Rúis.
3. Turas ar Shleamhnán.


A Críoch.









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services