Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
GAETHE GRÉINE 1 - AISTIDHE DUAIS OIREACHTAIS 1919
Title
GAETHE GRÉINE 1 - AISTIDHE DUAIS OIREACHTAIS 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Conradh na Gaeilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISDHE DUAIS OIREACHTAIS 1919
RÉAMHRÁDH. Seo agaibh toradh na gcomórtas liteardha ag Oireachtas a 1919. Baineann na haistidhe le stair is ceól, le eóluidheacht is ealadhantacht, le feall- samhnacht is litridheacht, le feabhsughadh saoghail an phobuil, le cúrsaíbh tionnscuil is le nidhthibh eile. Gaethe Gréine an teideal do ceapadh do'n chnuasacht. Go dtugaidh sé gile na gréine go Gaedhealtacht Éireann is níosa shia, is go leanaidh mór-chuid eile dá shamhail é do réir mar imtheochaidh na bliadhanta tharainn.
ARMADA NA SPÁINNE. Tá breis agus trí chéad bliadhain ann ó scríobh an Bacúnach na focail sin thuas; agus táid comh fíor indiu agus bhíodar an uair sin. Go deimhin ní fhuil againn le déanadh acht cuimhneamh ar a lán samhlaoidi eile chum fírinne an scéil a dheimhniughadh i gceart. Nuair theasbáin an Bacúnach a riachtanaighe is bhí sé do Shasana forlámhas na bhfairrgí do bheith fá n-a lámhaibh féin ní raibh eolas ar bith aige ar Chath Trafalgair, ar chath na Níle nó ar chath Iutlainn. Toisc éirim aigne thar bárr bheith aige, ámhthach, thuig sé go dianmhaith gur ón bhfairrge a gheobhadh a thír dhúthchais réim agus rachmas, agus dá mbeadh sé de mhíádh ar mhuinntir Shasana choidhche gan cabhlach dobhriste a choimeád i gcomhnaidhe nárbh fhada an lá go mbuaidhfidhe ortha go hiomlán. B'fhíor dó gan aon amhras. An chosaint do b'fheárr bhí ag muinntir Shasana riamh,
cabhlaigh láidre, pé aca cabhlaigh ramhlong mbeag iad nó cabhlaigh na long catha is na cursóirí catha is nua déanadh. Caithfear a admháil, dá luighead áthas chuireann sé orainn-ne, go bhfuil an lá leis an mBreatain go dtí so, agus do réir gach aon deallraimh go mbeidh, go lá an bhreatha. Gach aon tír a chuir ina haghaidh, an Fhraingc, an Spáinn, an Tír fó Thuinn, an Ghearmáin féin, tá buaidhte ag an mBreatain Mhóir ortha go léir; agus is léir nach le méid a sluaighte fuair sí an buadh ortha acht le calmacht agus le fuinneamh a cuid máirnéalach agus le feabhus a chuid long chatha. Is gnáthach linn, ó n-ár n-óige, a chlos gur le Sasana fhorlámhas na bhfairrgí: ní heol do gach éinne, ámhthach, cionnus a fuair sí an forlámhas san. In aimsir Eilís is eadh bhí ainm Shasana go hárd an chéad uair tré fheabhus a gníomhartha i gcúrsaíbh cogaidh ar an bhfairrge bhfairsing. Is le linn Eilís bheith ina bainríoghain uirthe a thosnuigh Sasana ar dhianchomhrac a dhéanadh chum seilbhe na bhfairrgí a bhaint amach dí féin. Tá fhios ag an domhan cionnus d' éirigh léi, cionnus a rug sí buadh ar an Spáinn, agus cionnus a milleadh agus a creacadh an tír sin i dtreo tar éis roinnt bhliadhan nach raibh innte, acht scáil thar mar bhí roimhe sin. Is deacair dúinn-ne a thuigsint, agus a luighead spéis a chuirtear sa Spáinn fá láthair nách fada siar ó bhí sí ar an dtír ba mhó comhacht agus saidhbhreas sa domhan bhraonach. Dála gach tíre eile níorbh' fhada do lean réim agus rachmus dí agus ní fhuil innte anois acht stát suarach seachas na tiórtha móra atá ag riaradh an domhain. Acht má's é atá romhainn scrúdughadh a dhéanadh ar sheanchus na Spáinne sa tseanaimsir ní feárr rud a dheanfaimís 'ná dearmhad a dhéanadh ar Spáinn na haimsire seo agus ar an míchás ina bhfuil sí agus ár n-aigne a thabhairt go hiomlán don tsean-Spáinn. Acht ar ndóigh ní fhéadaimíd gan tromchroidhe bheith orainn agus a luathacht a scar an chomhacht agus an saidhbhreas le n-ár seancharaid agus go mórmhór a rádh gur as uaigh mhórdhachta na Spáinne d'fhás comhacht Shasana.
An té gur dóigh leis gurab ionann Spáinn na haimsire seo agus Spáinn na seanaimsire is deacair do a thuigsint an scannradh a bhíodh i gcroidhe gach Sasanaigh roimh chomhacht na Spáinne san sémhadh haois déag. Agus go deimhin níorbh iongnadh an scannradh san. Bhí an Spáinn fá réim agus fá rachmus an uair sin; bhí gastacht agus éirim aigne ag a lucht ceannais; bhí cródhacht agus calmacht ag baint le na saighdiúiríbh bhí ainm a cuid cabhlach in áirde de bhárr gniómhartha na máirnéalach i gcath Lepanto, bhí saidhbhreas agus iolmhaitheas an domhain nua ag teacht isteach i longaibh Spáinneacha go dtí gach cuan i gcríochaibh Philib II. Bhí riaghaltas na Spáinne agus a chríocha eile fá Philib féin, rud a thugann comhacht thar bárr d' aon tír, ar feadh tamaill ar aon chuma. Nuair cuireadh Pilib II. ina rígh ar an Spáinn i mbliadhain 1553 dfhéadfaidhe a rádh gur aige a bhí an oighreacht do b'fhairsinge is ba chomhachtaighe is ba saidhbhre dár fágbhadh ag aon rígh ná ag aon impire riamh go dtí sin. I dteannta na Spáinne féin bhí seilbh aige ar Náiplís, ar an Sicil, ar Mhilan, ar Franché-Compté agus an na Státaibh íochtaracha san Eoraip, ar Thunis, ar Oran, agus ar a lán áiteach nach iad san Áifric, ar na hoileánaibh Pilibíneacha agus na Malúcaigh san Asia. Acht bhí críocha ní ba saidhbhre 'na iad san féin fá n-a smacht. Bhí seilbh sa domhan nua aige ar Mexico agus ar Pheru, ar an Spáinn Nua, ar Chilí, ar Hispaniola agus ar Chúba. Is fíor nárbh fhéidir leis muinntear na Tíre fó Thuinn a thabhairt fá n-a smacht dá dhícheallaighe chuir sé chuige, acht i ndíoghal ar ar chaill sé sa tír sin ghabh sé seilbh ar an bPoirtingéal agus ar a críochaibh líonmhara iasachta súd i mbliadhain a 1580. Chítear dúinn ón méid sin thuas nár bh'fhéidir comhacht agus saidhbhreas na Spáinne a shárughadh san sémhadh aois déag. Agus rud do b'fhearr 'ná san féin na stáit mhóra eile bhíodh ag dul i gcomórtas le n-a chéile i gcúr- saíbh cogaidh bhíodar go léir tré n-a chéile de bhárr bruighean agus achrann sa mbaile agus ní raibh ionnta acht stáit shuaracha seachas ríoghacht na Spáinne. Bhí an oiread san
laige agus meathtachta ar an bhFraingc de dheascaibh imreasáin creideamh ná raibh aon fhonn catha uirthe. Níor ghábha aon eagla bheith ar Philib, leis, roimh an nGearmáin ná roimh an Iodáil ná roimh an bPólain. Bhí an iomarca carad aige ionnta chum féachaint chuige ná béadh aon eascáirdeas idir na tíorthaibh sin agus an Spáinn. Maidir leis na Turcaigh, nár dhein cabhlach na Spáinne ní ba mhó chum buadhchaint ar a sluaightibh i gcath Lepanto ná cabhlach aon stáit eile? Tar éis an chatha san is ag dul i laighead a bhí comhacht na Mussalman san Eoraip agus is don Spáinn bhí creideamhaint an bhuadha ag dul. Dá bhrígh sin níorbh iongnadh gur ghabh uabhar agus díomas Rí na Spáinne. Thuig sé go dianmhaith go raibh uain aige ar impireacht mhór bhfairsing a chur ar bun a bhéadh ní ba chomhachtaighe agus ní ba shaidhbhre agus ní ba sheasmhaighe 'ná impireacht na Rómhánach san aimsir anallód. Rud eile dhe: fear anchráibhtheach bhí ann, fear a thug cuid mhaith dá shaoghal ag diantroid ar son na hEaglaise. Mar b' ádhmharaighe an tsaoghal é, na stáit Phrotestúnacha go raibh sé ag cur ina gcoinne i gcúrsaíbh creidimh b'iad na stáit sin a bhí ag milleadh agus ag creachadh na Spáinne i gcúrsaíbh cogaidh agus tráchtála. Nuair éirigh muinntear na Seacht gCuige i gcoinne Philib de dheascaibh chruadhála a lucht ionaid, lasadar mar dhéarfaidhe, solus domhúchta a chuir croidhthe na bProtestúnach tré theine i ngach tír i roinn na hEórpa. Ní raibh aon áird ag Pilib ar na Protes- túnachaibh ar dtúis: shíl sé, nídh nárbh' iongnadh, ná bead aon bhreith aca ar sheasamh i bhfad in aghaidh a shluaighte deagh- ghleásta deaghriaruithe, acht bhí breall air. Ba ghearr gur cuireadh in iúl dó nár bhfhurus chur dfhiachaibh ortha géilleadh dhó; pé lochta bhí le fághail ortha nárbh fheidir meathtacht ná spadántacht a chur i na leith agus gur thúisce leo an bás féin ná creideamh agus riaghaltas iasachta. Go mórmhór is ó Shasana dhfhoghlunn sé ceacht nár thaithnigh go romhaith leis: dá luighead meas agus cion atá againn ar mhuinntir Shasana caithfimíd a admháil go
bhfuil cródhacht a ndhóthain ag baint leo. Ár ndóigh ní fhéadfaidhe easbaidh misnigh a chur ina leith san sémhadh haois déag. Is annsan a théighdís máirnéalaigh Shasana amach ar an bhfairrge i loingeasaibh comhachtacha ag creachadh agus ag argain long dtráchtála is criócha n-iasachta na Spáinne. Is iomdha árthrach breagh áluinn lán de sheodaibh luachmhara is d'ór is d'airgead ghleoite ghléineach bhíodh ag teacht ó thíorthaibh saidhbhre Aimerica agus Ásia a ghabhaidís le neart lámh agus le gliocas aigne. Dá ndéanaidís amhlaidh indiu chrochfaídhe mar fhoghluidhthibh fairrge iad: acht bhí meas agus cion ag a muinntir féin ortha an tráth san, na “Gallant sea-dogs of Old England.” Is uatha san, i scoil ghadai- dheachta agus dúnmharbhtha d'fhoghluim Sir Francis Drake agus Hawkins agus Raleigh a gcéard .i. cionnus árthraighe na Spáinne a thiomáint ó sna fairrgibh, agus tráchtáil na Spáinneach a chur ar neamhnídh. Agus ná síl go raibh na Sasanaigh sásta le foghluidheadht fairrge a chleachtadh. Ní rabhadar. Nuair gheibhidís faill chuige do théighidís i dtír i gcríochaibh iasachta na Spáinne ag creachadh agus ag milleadh agus ag marbhadh cibé duine a sheasfadh an fód ina gcoinne. Rud eile, do thugaidís iongnadh fear agus airgead do mhéirleachaibh na Seacht gCúige agus do ghríosaidí siad súd chum a slán a thabhairt fá Philib agus a thaoiseachaibh cogaidh. Go deimhin is beag fagháil bheadh ag na méir- leachaibh úd ar sheasamh i n-a n-aghaidh dá mhéid a misneach, muna mbeadh go bhfaghaidís an congnamh san ó n-a gcáirdibh i Sasana. Níorbh iongnadh dá dheascaibh sin, agus a mhéid dioghbhála a bhí ag na Sasanachaibh á dhéanadh ina choinne gur gheall Pilib go gcuirfeadh sé comhacht Shasana ar neamhnídh dá mbeadh sé ar a chumas é a dhéanadh. Ní mór dúinn buntáistí an bhuadha sin a thuigsint i gceart (1) dá n-éirigheadh le Pilib do bheadh deireadh go deo le foghluidheacht fairrge na Sasanach (2) níorbh fholáir do mhuinntir na Tíre fó Thuinn géilleadh do fhorlámhas na Spáinne (3) ní bheadh i Sasana féin acht stát spleadhach fá riaradh Philib, agus (4) rud ba mhilse le Pilib, bheadh buille mór tabhartha aige ar son an chreidimh. Ba léir ón méid sin gurbh fhearr a raghadh sé
chum tairbhe dá thír agus dá chreideamh 'ná cogadh i gcoinne aon stáit eile. Nuair bhíodh socair ag Pilib ar aon rud tábachtach a dhéanadh níor dhual dó aon fhaillighe a chur sa n-obair. Ar an adhbar san ghlaoidh sé ar a lucht comhairle agus d'innis sé an scéal dóibh tríd síos. D'fhiafruigh sé dhíobh cad é an tslighe do b'fhearr chum díoghaltais d' agairt ar mhuinntir Shasana thar cheann a ndearnadar de dhíoghbháil ar a chríochaibh agus chum a gcomhacht a chur ar neamhnidh. Is é do chomhairligh an fear ba ghasta ar a thaoiseachaibh, Santa Crus, ná gach long dá raibh san impireacht a bhailiughadh, sluagh mór a chur ionnta agus an cabhlach mór san a dhíruighadh fá Shasana. Cheap Pilib, ámhthach, nárbh éigean loingeas chomh mór san d'ullmhughadh agus is é rud ar ar chinn sé fá dheireadh ná cabhlach mór a bhailiughadh, é a chur go dtí an Muir nIocht, loingeas Shasana a dhíbirt as an bhfhairrge sin agus gach aon rud d'ullmhughadh i gcóir gabhála. Nuair bhéadh gach aon rud ar a dtoil féin aca, sluagh Spáinneach a bhí sa Hollónt fá riaradh an taoisigh mhóir úd, Parma, a chur i dtír i Sasana agus briseadh ar an dtír san go hiomlán. Cromadh ar an obair agus in gach cuan sa Spáinn agus i dtíorthaibh nach í cloistí fuaim an chasúir agus guthanna na gceárdaithe a bhí ag ullmhughadh an armada i gcóir bhuadha mhóir an chreidimh agus na Spáinne. An fhaid is atá an obair ar siubhail b'fheidir nár mhiste dhúinn stracfhéachaint a thabhairt ar Shasana agus ar an gcuma ina bhfuil sí, féachaint cionnas a sheasfaidh sí in aghaidh sluaighte Philib. Ní fhuil aon amhras ná go raibh Pilib ag brath ar chongnamh ó dhream áirithe i Sasana nuair shocruigh sé ar fhobha a thabhairt fá 'n dtír sin. Ní fhuil aon amhras ná go raibh a chúis féin aige leis. Nuair cuireadh Eilís ina bainríoghain sa bhliadhain 1558 bhí marbhántacht in gach ball de bhallaíbh beatha Shasana: bí bruighean agus achrann ag cur as dí sa mbaile, dream tábhachtach ag cur in aghaidh na bainríoghna nua agus ag déanadh a ndíchill chum í a dhíbirt as an dtír ar fad. Bhí na Sasanaigh tar éis an chathair mhór úd Calais a chailleamhaint i gcogadh míádhbharach leis an bhFrainge,
bhí stát eascáirdeamhail .i. Alba, láimh léi agus gan uaidh acht gaoth an fhocail chum dhíoghaltais d' agairt ar lucht a chreachta; bhí clampar agus imreasán in ár dtír féin agus bhí ag teip ar fhearaibh ionaid na bainríoghna smacht a chur ar na “méirleachaibh.” Is fíor go raibh Sasana féin ag dul chum cinn go tapaidh i ngnóthaibh tráchtála is déantúsaí: ó cuireadh Eilís ina ceann uirthe bhí sí ag dul i saidhbhreas agus i gcomhacht gach bliadhain. Ina dhiaidh sin níor fhéad sí cuimilt leis an Spáinn in acfuinn ná in uimhir a muinntire agus ní raibh cara ar bith aice acht amháin an Tír fó Thuinn. Dá mhéid an chontabhairt níor thug Eilís ná a lucht comhairle cúl leis an gcath. Nuair cuireadh in iúl dóibh an rud a bhí socair ag Pilib dheineadar gach aon ullmhuchán i gcóir an chogaidh. Chomhairligh cuid dá taoiseachaibh d' Eilís gan bac le cabhlach na Spáinne ach acht sluagh mór a ghléasadh agus a chur i dtreo, sa tslighidh, nuair thiocfadh na Spáinnigh i dtír, go mb'fheidir leis an sluagh Sasanach chath d'fhógairt ortha agus iad a dhíbirt as an dtír. Níor ghéill Eilis dóibh ámhthach, acht dhein sí comhairle Raleigh agus roinn eile desna taoiseachaibh .i. gach long oireamhnach a bhailiughadh in áit áirithe, iad a ullmhughadh agus cath fairrge a dhéanadh leis an gcabhlach mór san i gcoinnibh na n-eachtrannach. Bhí loingeas na Spáinneach ullamh nach mór sa bhliadhain 1587 acht cúpla seachtmhain sul a raibh socair ag an aimiréil imtheacht do ghluais cabhlach Shasana fá riaradh Drake isteach, i gcuan Lisbón, chuir sé a lán des na longaibh catha thre theinidh ann agus amach leis arís ar nós sidhe gaoithe. Do chuir sin cosc le hobair na gabhála go ceann bliadhna eile, agus rud eile, thug sé uain do mhuinntir Shasana ar a chuid árthrach gcogaidh a ullmhughadh agus a chur i dtreo i gceart. I mí Iúil sa bhliadhain 1588, ámhthach, bhí cabhlac na Spáinneach an “Gran Armada” gléasta ullamh go hiomlán i gcóir an chatha. Is dócha nach fearr rud a dhéanfamís anois ná gearrthuairisc a thabhairt ar mhéid agus ar líonmhaireacht an chabhlaigh sin. Is gnáthach le scribhneóiribh Shasana bheith go romhaoidh-
teach ar fad as an mbuaidh a gabhadh ar an Armada. Ba dhóigh le duine ortha go raibh an tArmada san chomh mór chomh comhachtach nach mór le cabhlach Shasana an lae indiu; agus nach raibh i loingeas Shasana an tráth úd acht cúpla árthrach beag suarach. Go deimhin féin ní fhuil mórán de'n fhírinne sa tuairisc sin agus ní fhuil againn le déanadh acht stracfhéachaint a thabhairt ar liosta árthrach na Spáinne chum neamhfhírinne an scéil sin a dheimhniughadh. Ní mór dúinn an méid seo a thuigsint nach raibh i ngailiún- aibh na Spáinneach acht báid bheaga shuaracha seachas na longa catha atá ag treabhadh na dtonn fá láthair. B'fhéidir le haon chursóir amháin indiu an Gran Ármada a mhilleadh is a chur go tóin puill i gcúpla uair an chluig, agus ní bhfuighbheadh gunnaí an Armada oiread is órlach dá chroiceann iarainn san a bhriseadh. An long ba mhó, “La Regazona,” i gcabhlach na Spáinneach ní raibh de mheadhchain innte acht 1249 tonna agus ní raibh acht 30 gunnaí aici agus gan ionnta san acht gunnaí suaracha seachas gunnaí na Sasanach. Go deimhin ní chum catha do ceapadh furmhór de longaibh an Armada in aon chor acht chum tráchtála: Gailiúin mhóra árda thuaithealacha do b'eadh iad, agus na taoibh is na caisleáin árda do bhí ionnta, in ionad congnadh a thabhairt don luing is amhlaidh chuiridís as dí, mar nuair bhéadh an ghaoth ina coinne do bhídís ina seoltaibh nach mór agus do chuiridís moill ar shiubhal na luinge. Rud eile, mar dubhras thuas, ní bhíodh ag na gailiúnaibh seo acht fír- bheagán gunnaí agus cad é an díoghbháil acht gan ionnta san acht gunnaí beaga gearra. Bhí cheithre fichid des na gailiúnaibh seo ag na Spáinneachaibh agus iad go léir beag- nach lán de shaighdiúiríbh. Bhí breis agus trí fichid árthrach eile aca: gailísí (Galleasse) .i. longa beaga a raghadh fá shéol nó fá rámhaidheacht, agus iad go léir gléasta i gceart i gcóir chatha; “Urcaidhthe” .i. longa taisce agus adhbhar cogaidh; “raibrí” agus “Pataissí” (Pattasses). Na gailísí sin, bíodh nach raibh de mheadhchain ins gach ceann díobh acht 250 tonna, bhí deich ngunnaí is dachad aca go léir. Dá mbeadh na gailiúin chomh gléasta chomh armtha
leis na gailísíbh sin b'fheidir go mbeadh a mhalairt de chrot ar an scéal. Seo liosta de longaibh an Armada Saghas na Long Uimhir na Long Gunnaí Tonnaí Saighdiúirí Mairnéa- laigh Gailiúin Urcaidhthe Pataissí Gailisí Iad go léir Na fir go léir idir saighdiúiribh agus máirnéalachaibh 29,000. Chítar on liosta so, dá mhéid long bhí san Armada nach raibh de meadhchain ionnta go léir an oiread is atá i dhá cheann de longaibh catha na haimsire seo. .i. an “Queen Elizabeth” no an “New Mexico.” Rud eile, is léir go raibh an iomarca saighdiúirí agus gan acht fírbheagán máirnéalach san Armada; agus atá gach aon deallramh nách chum tairbhthe na Spáinneach a chuaidh sin. Ní fhuil aon tuairisc chruinn ar mhéid chabhlaigh Shasana. Tá ainmneacha 197 árthrach le feicsint, ámhthach, ar liosta an chabhlaigh sin, a throid i gcoinnibh an Armada. An long ba mhó an "Victory" bhí 1110 tonna mheadhchain innte agus bhí 800 tonnaí sa luing cheannais .i. an "Royal Ark." Bhí trí chéad máirnéalach agus céad saighdiúir mar fhuirinn san árthrach san: rud a theasbánann go soiléir gur ghnáthaighe leis na Sasanachaibh máirnéalaig ná saighdiúirí in a longaibh catha. Rud ba thábhachtaighe 'na san féin bhí 44 gunna sa luing cheannais sin agus gach ceann díobh abhfad ní ba mhó is ní ba chumasaighe 'ná gunnaí na Spáinneach. Mar sin do gach luing Shasanaigh: bíodh go raibh na hárthraighe féin abhfad ní ba lugha 'ná árthraighe an Armada bhíodar abhfad ní ba chóirithe, gléasta ina ngunnáibh agus ina bhfuir- eannaibh. Rud eile, ní rabhadar tuaithealach ar nós gailiún
na Spáinneach, agus dá bhárr san b'fheidir leis na Sasana- chaibh láthair an chatha do thoghadh dóibh féin. Is fíor go raibh easbaidh púdair agus adhbhair cogaidh eile ag cur as do loingeas Shasana, acht bhí an tArmada san anchás chéadna. Go deimhin níor thug na Spáinnigh acht fírbheagan adhbhair lámhachta sna gailiúnaibh leo: b'fheidir gurbh amhlaidh nach raibh morán ionntaobhe aca as na gunnaíbh gearra. Is mithid dúinn tosach a chur ar thuairisc eachtra an Armada san. Dubhramar cheana gur ghluais an loingeas dobhuaidhte fá shéol i mí an Mheithimh acht gur éirigh anfa sa bhfairrge agus gurbh éigean dó filleadh. Cheap na Sasanaigh ar dtús go raibh deireadh leis an gcontabhairt, agus chomhairligh cuid de chaiptíníbh na bainríoghna a cabhlach a chur i ndiaidh an Armada bhriste agus é a chur ar neamh- nídh. Níor ghéill Eilís dóibh ámhthach, agus dá dheascaibh sin d'éirigh leis an Armada gluaiseacht arís i gceann mí eile. Ba mhór an scrupall do sna Spáinneachaibh an taoiseach mór úd Santa Cruz do chailleamhaint. An fear a cuireadh ina cheann ar an Armada thar a éis sin, Diúic Medina Sidonia níor mhór le rádh é i gcúrsaíbh cogaidh, agus maidir le máirnéalacht is ar éigean chonnaic sé long aon lá d'á shaoghal. Do b'é sin an chéad tuathal do dhein Pilib, fear neamheolasach a chur i gceannas ar an loingeas mór. Is é a bhí socair ag Pilib agus a lucht comhairle an tArmada a chur fé dhéin críoch na Tíre fó Thuinn, an cabhlach Sasanach a dhíbirt as an gCanal agus sluagh Spáinneach a bhí ag troid is na Seacht gCúigíbh a thabhairt isteach i mbádaibh go Sasana. Níor bhaoghal, dar leo, dá bhfuightaidhe an sluagh san a chur i dtír i Sasana go n-éireó- chadh le saighdiúiribh drocharmtha Eilis é a ruagairt amach. An taoiseach do bhí i gceannas ar an sluagh san, Diúic Parma, do bhí a ainm anáirde ar fud na hEórpa de bhárr a ghastachta, a éirim aigne agus a chródhachta i gcúr- saíbh cogaidh. Bhí 40,000 fear ullamh ag an Parma so ag béal na Séilde i gcór gabhála Shasana agus mórchuid bád agus árthrach eile, lán d'adhbhar cogaidh is de bhiadh. Ta sé chomh maith againn a rádh annso ná raibh aon bhreith ag
Parma ar na harthraighe sin a chur chum fairrge, mar bhí cabhlach láidir Hollóntach ag faire imeallbhórd na Tíre fó Thuinn. Ghluais an tArmada fá sheól i mí Iúil 1588; agus go deimhin ba bhreagh aoibhinn an radharc é, na gailiúin mhaordha lucthmhara fá lánréim seoil ag treabhadh na dtonn, na seolta fairsinge leathana ioldathacha ar luascadh sa ngaoith, na fir chalma deagharmtha ag siubhal léibheanna na long, na gunnaí soillseacha ag taitneamh fá'n ngréin. Do b'fhada dhóibh ar an ndul san ag déanadh go mall ar chríochaibh Shasana. Fá dheireadh, tar éis sé lá a chaitheamh ag cur an ruathair díobh do chonnacadar imeallbhórd Shasana abhfad uatha. Thángadar suas le bád iascaigh agus d'innis an fhuireann don aimiréal chionnius mar bhíodar thar éis an cabhlach Sasanach dh'fheicsint an lá san agus é ag teacht amach as cuan Plímut. Bhí gaoth aniar ndeas ann, rud d'oir go maith d' obair an Armada. Lean sé dá shiubhal gan aon chur isteach á dhéanadh ag na Sasanachaibh air ar feadh roinnt lá. Bhí socair ag an aimiréal Sasanach, Howard, ámhthach, gan leigint leis an Armada níos sia, da mba air bheadh an leigheas. Bíodh nách raibh iomlán a chabhlaigh ullamh aige chuir sé roimhe tabhairt fé longaibh na Spáinneach, urchair a chaitheamh leo agus imtheacht uatha sul a mbeadh uain ag na gailiúnaibh ar theacht i gcómhgar a chuid árthrach féin. Ba mhaith bhí fhios ag Howard agus ag a chaiptíníbh eile, dá dtagadh longa móra an Armada i ngiorracht dóibh sin go mbrisfidís ortha; agus nárbh fhearr rud a dhéanfadh siad 'ná a gcabhlach a choimheád tamall fada amach uatha, rud nár dheacair a dhéanadh, toisc éadtromachta na n-árthrach Sasanach.
Deineadh comhairle an áirdaimiséil agus lean cabhlach Shasana longa an Armada, ag caitheamh leo gach aon lá, 'gá gcur tré theinidh agus ag déanadh gach aon tsaghais díoghbhála dhóibh. Ní furus tuairisc chruinn a thabhairt ar an gcath san, dianchath fada le n-ar cailleadh a lán árthrach Spáinneach. Caithfar a admháil go raibh an donas ar fad ar na Spáinneachaibh. Níor dheineadar oiread is aon long amháin a bháthadh ar na Sasanachaibh. Toisc níos mó taithighe a bheith aca ar mháirnéalacht agus toisc éadtromacht a gcuid árthrach agus méid a gcuid gunnaí mór ba léir go raibh an buaidh ag na Sasanachaibh ó thosach an chatha. Gach ar dhein an tArmada chum é féin a chosaint, b'iad na gailísí a dhein é: bhí na gailiúin róthuaithealach ar fad chum teacht i gcomhgar do sna longaibh Sasanacha: rud eile, bhí an iomad saighdiúirí ionnta, rud a raghadh i dtairbhthe do sna Spáinneachaibh dá mba ghráscar lámh bhéadh ar siubhal aca, act d'fhéach na naimhde chuige nach mbéadh a leithéid ar siubhal. Fá dheireadh thiar thall do shrois an tArmada caladh- phort Calais agus dhfhan sé ann go ceann cúpla lá. Shíl Medina-Sidonia go raibh leath a ghnótha déanta aige agus nach mbéadh aige acht fuireach go mbéadh sluaighte Parma ullamh i gcóir gabhála Shasana agus go mbéadh a ghnó déanta ar fheabhus aige. Ní gábha a rádh go raibh breall air. Níor thug na Sasanaigh faill do chum a chabhlaigh bhriste (muna raibh sé briste bhí sé geall le bheith briste) a ullmhughadh is a neartughadh arís. In am mharbh na hoidhche agus na fuirne ina gcodhladh go sámh chuir Howard agus a cháirde, na Hollóntaigh, sé longa teineadh isteach imeasc árthrach na Spáinneach. Do gaibh uamhan agus scannradh lucht an Armada. Do shíleadar, nídh nárbh iongnadh, go raibh cabhlach Shasana ar a dtí. Do gheárradar na cáblaí agus amach leó sa bhfairrge. Do scar na hárthraighe ó n-a chéile, do chuaidh cuid aca i dtír ar charraigeachaibh na Fraingce mar ar báthadh iad, agus níor fhan de'n Armada acht a leath. Annsin is eadh thug loingeas Shasana fobha fútha. Ní raibh aon tseó act a raibh de chródhacht is de dhánacht ag máirnéalachaibh Shasana, agus iad ag díriughadh
a gcuid long i mbéal an bháis, mar déarfaidhe. Ní raibh le clos ainnsin acht torann na dtonn buithreadh na ngunnaí mór agus feadghail na bpiléar. Ba léir ó thosach go mbuadhfaidhe ar na Spáinneachaibh. Fá dheireadh, toisc a gcuid adhbhar lámhachta bheith ídighthe, d'órduigh Medina Sidonia dá chaiptínibh deireadh a chur leis an dtroid. Má bhí easbaidh adhbhair cogaidh an na Spáinneachaibh bhí na Sasanaigh san an chás chéadna, i dtreo nuair fuaradar an uain chuige gur árduigheadar a seólta agus amach leó sa bhfairrge. B'uathbhásach an díoghbháil a rinneadh do'n Armada. I dteannta a lán árthrach breagh chur go tóin puill bhí longa eile an chabhlaigh briste ina mionbhruscar nach mór. Is ar éigean, agus iad ag déanadh a seacht ndíchill, bhí sé ar chumas na bhfuireann iad a choiméad ar snámh. Ní hiongnadh, dá dheasca san, gur bhris ar chródhacht an ard- aimiréil agus gur shocruigh sé ar an ngabháil a thréigint agus filleadh ar an Spáinn. Do ghlaoidh sé ar na caiptíníbh eile agus chuir sé a chomhairle féin in iúl dóibh. Do thoiligh cuid aca leis. Na fir ba ghasta is ba mhó eolas i máirnéalacht is i gcogadh fairrge thugadar mar chomhairle dó fuireach go mbeadh cúlghaoth aige agus cath a chur ar na Sasanachaibh arís. Níor ghéill Medina-Sidonia dóibh sin. Ís é nidh ar an chinn sé sa deireadh imtheacht leo mór- timcheall na Breataine is na hÉireann go dtí an Spáinn, acht dá n-aistrigheadh an ghaoth go dtabharfaidís fá n-a náimhdibh arís. Mar sin cuireadh deireadh le gabháil Shasana, mar bhí fhios ag gach éinne ná béadh aon chaoi ag muinntir an Armada ar chath a dhéanadh leis na Sasanachaibh tar éis ar fhulaingeadar de chruadhtan is d'anró. Fá dheireadh do bhí deireadh leis an mustar! Ní raibh le déanadh acht filleadh abhaile comh mear is thug Dia rioth dóibh. B'aingeis míádhmharach an filleadh san. Lean cabhlach Shasana iad ar feadh roinnt lá. B'éigean dó-san filleadh freisin tré easbhaidh lóin. Ba mhar a cheile é amhthach. Ní fhéadfadh aon chabhlach fearg na fairrge a shárughadh. An tArmada mór dobhuaidhte mar ghlaodhann na Sasanaigh air, do briseadh
agus báitheadh a lán dá longaibh ar imeallbhórdaibh Alban agus Éireann, ionnus nár fhan ar snámh díobh acht fír- bheagan árthrach. Ní gábha tuairisc a thabhairt ar an ais- tear míádhbharach úd tríd an bhfairrge Ghearmánaigh agus tríd an bhfairrge mhóir: is leor an méid seo; gur tháinig iarmharán an Armada i gcuantaibh na Spáinne i meadhon Fhoghmhair timcheall le dá fhichid árthrach agus iad go léir briste do-aithnighthe. 'Se adubhairt Pilib II. nuair airigh sé tuairisc an scéil: "Ní fhuil leigheas againn air: b'é toil Dé e." B'é bárr an bhuadha mhóir sin go raibh deireadh go deo le comhacht na Spáinne: ag dul i laige agus i mbochtaine a bhí an tír mhíadhbharach san ó'n am san amach, agus anois, trí chéad bliadhain tar éis an bhuadha san, tá a rian le feicsint go soiléir ar chuma na Spáinne. Do chuir an buaidh mór tosach maith ar chomhacht agus ar shaidhbhreas Shasana: do theasbáin sé gur cabhlach láidir an chosaint is mó do Shasana. Is maith d'fhoghluim muinntear Shasana an cheacht san, ceacht atá comh fíor indiu agus bhí sé i mbliadhain a 1588. Fá mar do shaor a cabhlach Sasana an uair úd ó smacht na Spáinneach do shaor sé í i mbliadhain a 1914 ó smacht na nGearmánach. Ní beag san. "MANANNÁN MAC LIR."
NA GABHÁLA A DHEIN HANNIBAL. Tuairim is an t-am a bhí Cú Chulain is laochradh na Craoibhe Ruaidhe ag maireachtaint i nÉirinn — má's fiór dos na scéaluidhthibh — do bhí dhá impireacht mhóra ar an dtaobh theas do Roinn na hEorpa. Iad ag faire is ag féachaint ar a chéile díreach mar a bhí Sasana is an Ghearmáin ar feadh roinnt bhliadhan roim an gcogadh mhór. Ar Roinn na hEorpa féin do bhí ceann aca, an Róimh, príomh-chathair an domhain Phágánaigh fadó agus príomh-chathair an domhain Chríostaidhe indiu, acht ar imeall-bhórdaibh na hAifrice, ós comhair oileáin na Sisile amach, a bhí an Charrthach. Impir- eachta móra comhachta a b'eadh an dá cheann, agus fé mar is dual dá leithéid, níor theastuigh ó cheachtar aca acht an leithscéal ba lugha chum an chinn eile do threascairt. Do cheap an Róimh go raibh an chaoi aici chuige sin nuair éirigh léi sa bhliadhain 247 roim Chríost oileán na Sisile ar fad nach mór do bhaint de'n Charrthaigh. Do bhí ceann urraidh cliste, ámh, ar arm na Carrthaighe — Hamilcar do b'ainm do — agus cé nar éirigh leis Sisile do shábháil ó sna Romhán- achaibh, níor mhór cogadh cúig mbliadhan do chur air sar ar bhog sé a ghreim dhe, agus annson féin d'imthigh sé as ar shlighe ba chosamhla le gluaiseacht an duine do bhuaidh ná le himtheachtaibh an té ar ar rugadh an buaidh. Nuair a tháinig sé abhaile bhí a thuille gnó ag feitheamh leis. Bhí cuid des na hamhsanaibh tar éis éirghe amach i gcoinnibh na hImpireachta, agus ag cabhrú leo bhí muinntear Libia, áit a bhí fé smacht na Carrthaighe. Do tháinig le Hamilcar na méirligh seo do bhrughadh fé chois, acht má tháinig féin, do cheap na Rómhánaigh narbh' oireamhnaighe éan- tráth eile chum tabhairt fé arís, agus chum an mhargaidh a bhí deánta aca leis i 241 R.C. nuair d'fhág sé oileán na Sisile, do bhriseadh, agus chum a raibh fé smacht na Carrthaighe
i n-oileán Corsice do ghabháilt idir a lámhaibh féin. Do thuig Hamilcar nárbh' éan-mhaith bheith ag cuimhneamh ar an troid do chur ar an Róimh gan a thuille comhachta do bheith aige féin. Mar sin, do cheap sé nárbh fearr rud a dhéanfadh sé na roinnt bhliadhan do chaitheamh ag bailiú is ag neartú a shluagh i dtreo is go bhféadfadh sé an cath d'fhógairt ar an Róimh ar a fód féin. Uime sin, do chuaidh sé go dtí an Spáinn, áit 'na raibh adhbhar saighdiúir go flúirseach, chomh maith le gach adhbhar eile a bheadh ag teastáil i gcóir na hoibre do bhí idir lámhaibh aige. Do chaith sé naoi mbliadhna ag gabháilt do'n obair sa Spáinn, go dtí gur marbhadh é i gcath sa bhliadhain 228. Deich mbliadhna sar a ndeaghaidh Hamilcar go dtí an Spáinn, nó timcheall na bliadhna 247 roim Chríost, do rugadh a mhac, Hannibal, an taoiseach is mó clú, b'fhéidir, dá raibh riamh 'sa' domhan. Deirtear gur thug a athair os comhair altórach a dhéithe é sar a raibh sé naoi mbliadhna d'aois, agus gur chuir sé fé gheasaibh é bheith 'na dhearg-namhaid ag Impireacht na Róimhe go dtí lá a bháis. Pé aca gur fíor bréag an scéal son tá sé deimhnightheach ná raibh ag Hannibal acht naoi mbliadhna d'aois nuair thosnuigh sé ar ghaiscidheacht d'fhoghluim, rud a chuireann i gcuimhne dhúinn óige ar laoich féin, Cúchulain. D'fhan sé sa Spáinn i dteannta a athar agus bhí sé láithreach sa chath 'nar marbhadh é siúd. B'é Hasdrubal, céile deirbhshéathar Hannibal, a bhí os cionn an airm tar éis bháis do Hamilcar, agus do lean an buachaill óg ag foghluim a chéirde faoi. Annson nuair do cailleadh é siúd 'sa bhliadhain 221, ní shásóchadh éanrud na saighdiúirí acht Hannibal féin do bheith mar cheann urraidh ortha cé ná raibh d'aois aige an tan son acht sé bliadhna ar fhichid. Níorbh' fhada gur theasbáin sé cad é an mianach a bhí ann, mar ní raibh dhá bhliadhain caithte aige mar cheann urraidh nuair a bhí an Spáinn ar fad fé n-a smacht, acht amháin an cúinne beag úd, Saguntum, mar a raibh coilíneacht Ghréagach. Do ghlaoidh na coilínigh ar na Rómhánaigh chum teacht dá gcosaint acht má thángadar féin, do bhuaidh Hannibal ortha an bhliadhain 'na dhiaidh sin, agus b'é siúd an chéad bhuaidh do
fuair Hannibal ar an namhaid mhóir. Nuair do chonnaic sé a shaoráidighe is a bhuaidh sé ortha sa Spáinn, do cheap sé go raibh sé i n-am aige tabhairt fútha ar fhód na Róimhe féin, mar dá n-éirigheadh leis an lámh uachtair d'fhagháil ortha annson, do bhí an Charrthach slán go deo gan namhaid sa domhan mhór aici gur fiú é 'áireamh. Sar ar fhéad sé an Spáinn d'fhágaint, ámhthach, do bhí air an treo ceart do chur ar gach aon rud ann. Do bhí dhá áit gur ghádh dho cóir chosanta do chur ortha sar a n-imthigheadh sé — an Spáinn féin agus tír na Libia san Aifric. 'Sé rud do dhein sé ná saighdiúirí ó Libia do chur mar arm chosanta sa Spáinn, agus Spáinnigh mar lucht faire ar Libia. Níor bhaoghal annson go ndéanfaidhe muinnteardhas idir an lucht chosanta agus na daoine fé n-a gcúram agus go gcuideochaidís le chéile chum saothair Hannibal is a athar do chur ar neimh-nidh. Chuaidh Hannibal thar Sléibhte na bPirné gan cur isteach air, acht nuair do thogair sé dul thar abhainn na Róna do cuireadh i gcéill do go raibh na Gaill d'áitigh ar imeall- bhórd na habhann ag iarraidh troda do chur air. 'Sé seift ar ar shocruigh sé chum buadhchaint ortha ná Hanno, duine d'á oifigeachaibh, agus complacht saighdiúirí faoi, do chur go dtí áth a bhí tamall maith suas ó'n áit 'na raibh sé féin. Nuair a bhí sé d' uain aca súd bheith treasna na habhann, d'órduigh Hannibal do'n arm i gcoitcheann tabhairt fé'n dtreasnú. Do léim na Spáinnigh isteach san abhainn, agus do chuadhadar de shnámh go dtí an taobh eile, mar bhí sean- taithighe aca sud ar an uisce. Chuaidh na troighthigh treasna i mbádaibh beaga suaracha do fuarthas ó sna daoinibh barbardha do chomhnuigh ar an dtaobh son de'n abhainn; agus do deineadh báid mhóra throma i gcóir na marcach. Díreach nuair a bhí Hannibal agus na saighdiúirí ag teacht i dtír, agus cruth cogaidh ar na Gaill do bhí ag feitheamh leo ar an bport, do chonnacadar so, taobh thiar dhíobh, lasracha na dteinte do bhí aduighthe ag Hanno. Do tháinig scannradh ortha, agus do theicheadar. Tháinigh na Carrthaigh go léir slán i dtír, acht bhí an chuid ba thruime de'n treasnú le déanamh fós. Ní dheaghaidh sluaighte na Carrthaighe riamh i gcath gan
tréad mór trod 'na dteannta, agus bhí na hainmhidhthe móra scáthmhara so ar an dtaobh thall do'n abhainn fós. Do chuaidh Hannibal treasna arís, agus d'órduigh sé sraic mhór a dhéanamh, í do chlúdach le húrlár chriadh, agus í cheangal leis an dtalamh. Annson do deineadh an tarna sraic níos sia amach san abhainn. Ní raibh sí seo chomh mór leis an gcéad cheann, acht do bhí sí clúduighthe ar an gcuma gcéadna, agus do ceangladh an dá shraic le chéile. Chuaidh na truid ar an gcéad shraic, agus uaithi sin ar an dtarna ceann, agus gan éan-amhras ortha, mar gheall ar an úrlár criadh, go raibh an talamh tirm tréigthe aca. Nuair a bhíodar go léir ar an sraic ba shia amach san abhainn, do scaoileadh í siúd, agus do stiúradh go dtí an taobh eile í, gan go leigfeadh eagla dos na trodaibh cos leo a bhogadh nuair a mhothuigheadar an rud a bhí fútha ag corrú". Nuair a bhí an Róin curtha dhe aige, ní raibh acht an chuid ba lugha d'á aistear déanta ag Hannibal fós. Ós a chomhair amach bhí na sléibhte árda bána úd, na hAilp, agus go dtí go mbeidís sin buaidhte aige, níor bhaoghal do'n Róimh. Is beag cúis a dhein Hannibal díobh ámhthach. Ar an dtaobh thall dhíobh bhí an namha — mar sin ní raibh le déanamh aige acht iad do chur de chomh tapaidh agus d'fhéadfadh sé. Níl sé ró-dheimhnighthe cár thosnuig Hannibal ar thurus na nAlp, acht 'sé is dóichighe ná gur lean sé de'n Róin chomh fada le Bhien, agus go ndeaghaidh treasna na tíre annson go dtí bearna bheag San Bearnard, agus gur tháinig sé anuas i nGleann Aosta. Ní túisce a thúg sé fé'n turus ná thosnuigh an trioblóid. Do bhí na daoine do chomhnuigh san áit go han-mhí-shásta nuair chonnacadar an sluagh mór a bhí ag teacht tríd a nduthaigh. Is dócha gur cheapadar gur chúcha féin a bhítheas. Ar aon chuma d' ionnsuigheadar Hannibal, agus ós rud é go rabhadar son ar na hárdaibh agus eisean sa ghleann fútha, do raghadh sé go dona air, muna mbeadh gur cuireadh i gcéill do go raibh sé de nós aca imtheacht leo go dtí a dtighthe féin san oidhche. Chomh luath
is do fuair Hannibal imthighthe iad, d'órduigh sé teinte móra do chur ar lasadh san ngleann, 'á theasbáint gurbh' ann a bhí a shluagh, agus annson do thug sé dream saighdiúirí leis, agus do chuadhadar suas imeasc na gcarraig go dtí go rabhadar san áit 'na raibh an namha ar feadh an lae. Nuair thángadar son ar maidin, agus nuair thuigeadar an cleas do himreadh ortha, do tháinig eagla ortha, agus do theicheadar. Do dhíoladar, ámh, as a raibh de díoghbháil déanta aca. Chomh luath is a tháinig Hannibal is a shluagh as an mbearnain, d'ionnsuigh sé a bpríomh-bhaile, do fuair sé thar n-ais a lán d'á earraíbh a bhí goidthe aca, agus annson do chuir sé tré theinidh é. Níor chuir sin críoch ar an scéal ámh. Nuair a tuigeadh domh uinntir na Sléibhte ná raibh dul aca ar bhuadhchaint ar Hannibal le neart a lámh, do thugadar faoi ar shlighe eile. Do tháinig dream sean-taoiseach chuige ag tairgsint mhuinteardhais do, ag tabhairt bhídh chuige, agus ag geallamhaint chabhrach do, idir eolaidhthe is eile. Ní ró-mhór an iontaoibh a bhí ag Hannibal as a gcomharthaíbh cairdeasa, ámhthach, agus cé gur ghlac sé le n-a dtreoruidhthibh níorbh'é a dhearmhad gan treallamh troda do chur ar an arm. Ba mhaith uaidh é, mar nuair bhíodar i mbealach chaol chumhang do tháinig na sluaighte de lucht na Sléibhte ar an hárdaibh 'na dtimcheall, agus do chaitheadar clocha móra anuas le fánaidh ortha. Do choimeád Hannibal na saighdiúirí fé fhoithin na gcarraig, agus nuair bhí deire leis an gcioth chloch do chuireadar an ruaig ar an namhaid. Dá olcas a bhí an scéal ag Hannibal ar thurus na nAlp le feall na dtreoruidhthe, le heascáirdeas na ndaoine, le gaduidheacht na mbitheamhnac, agus le ganntanas an bhídh, bhí rud amháin a ghoill air níos mó ná éan-rud eile, agus do b'é siúd an fuacht. Bhí mí deire-fhoghmhair beagnach caithte, agus bhí an sneachta go tiugh cheana féin ar na sléibhtibh, agus gan foscadh ná foithin le fagháil ag na daoinibh bochta so ó thíorthaibh teo. Nuair a thángadar chomh fada le barr na bearnan bhíodar chomh traochta son gur mhaith le n-a bhfurmhór bás d'fhagháil ar an láthair, acht do theasbáin Hannibal dóibh an tír thorthamhail ghrianach tamaillín beag fútha thíos. D'éirigh a gcroidhe
ionta nuair chonnacadar í chomh comhgharach son dóibh mar cheapadar, agus do thugadar fé'n gcuid eile de'n turus go toiltheanach. Níor bh'fhada gur cuireadh cosc leo arís, ámhthach. Do bhí an cnoc i bhfad níos dírighe ar an dtaobh so ná ar an dtaobh eile, agus b'é dícheall gach fir é féin do choimeád ó shleamhnú' síos le fánaidh. Dá ndeánadh sé é ní stadfadh sé go mbrisfidhe i gcoinnibh charraige nó chrainn é na céadta troigh síos uaidh, agus do cailleadh a lán idir fir is ainmhidhthe ar an gcuma son. Ag cur na gcnoc díobh dóibh do thángadar go dtí áit mar a raibh scailp de'n chnoc tar éis tuitim isteach sa ghleann, agus bhí aill fágtha ann a bhí míle troigh ar aoirde. Bhí an aill so díreach ós a gcomhair, agus ní fhéadfad súil Hannibal féin éan-chasán d'fheicsint chum dul síos. D'órduigh sé casán a dhéanamh timcheall na haille, acht bhí an scéal ní ba mheasa ná riamh annson. Do bhí an talamh clúduighthe le sneachta, acht fé'n sneachta do bhí an leac oidhre, mar 'sé rud a bhí ann ná muir reóidhte, agus ní amháin gur dheacair siubhal air, acht do thuit a lán tríd an leac oidhre nó do chuadar i n-achrann ann, agus b'éigean iad d'fhágaint mar a rabhadar. 'Sa deire, b'éigean tabhairt suas do, agus campa a dhéanamh i n-áit 'na mbeadh an talamh cruaidh fé'n sneachta. Ar maidin lae ar na bháireach do leag na saighdiúirí a lán crann mór a bhí ag fás timcheall na háite, agus do dheineadar carn díobh i gcoinnibh na haille. Annson, nuair a bhí an ghaoth ag séideadh go tréan, do chuireadar teine leó. Nuair a bhí an charraig féin go han-the do chaitheadar fínéagra léi, agus dhein sin bog í. Bhíodar i n-ann casán do ghearradh amach annson le húirlisíbh iarainn, agus i gcionn ceithre lá bhí bealach chomh leathan son déanta aca gurbh' fhéidir na truid féin do thiomáint air. Bhí na hainmhidhthe bochta son marbh nach mór le fuacht is le hocras, mar ní raibh éin-bhiadh le fagháil ar bharr na beárnan, agus ní taise dos na saighdiúirí féin. Do thug Hannibal sos trí lá dhóibh i nGleann Aosta, agus is maith a bhí sé tuillte aca. Tuigtear dúinn cad é mar chruadhtan is anró d' fhulaingeadar ar na sléibhtibh úd nuair léighmíd ná raibh fágtha ag Hannibal acht 20,000 troightheach agus 5,000
marcach, agus go raibh 33,000 saighdiúir fágtha 'na dhiaidh aige ar na hAlpaibh. 'Sé céad rud do dhein Hannibal ar shroisint na hIodáile dho, ná cuire do thabhairt dos na treabhaibh timcheall cloidhe leis. Do dhíultuigh na Táirínigh, acht do dhíoladar as an ndiúltadh, mar do thóg Hannibal a bpríomh-chathair, ar a nglaodhtar Turino anois, agus ní raibh sé de mhisneach i n-éin-dream eile aca cur 'na choinnibh. Do bhí Scipio, ceann urraidh na Rómhánach, ag feitheamh leis ag abhainn na Ticinus, ámh, agus bhí comhrac idir na marcaigh ar an dá thaobh. Bhí ag éirghe leis na Rómhánaigh ar dtúis, acht na marcaigh dhubha ó Núimidia a bhí mar dhá sciathán ar arm Hannibal, do thángadar taobh thiar des na Rómhánaigh, agus do chuireadar an ruaig ortha. Ní raibh éan-choinne ag na Rómhánaigh le n-a leithéid, mar 'sé rud adubhairt Scipio leo roim an gcath ná "Ní fir atá 'n-bhur gcoinnibh" ar seisean, "acht scátha fear," bhí na Carrthaigh chomh caithte traochta son. Tar éis an chomhraic sin do thug Scipio a shluaighte treasna na Pó go Placentia, mar a raibh dún-phort láidir, acht ní fada d'fhan sé ann. Thosnuigh na Gaill go léir ar theacht fé dhéin Hannibal, agus cuid díobh a bhí i n-arm Scipio féin, do mharbhadar na hoifigigh Rómhánacha a bhí ós a gcionn, agus thángadar fé bhrat Hannibal. Tháinig scannradh ar Scipio, agus dob' fhada leis go mbeadh sé imthighthe as duthaigh na nGall. Ba mheasa chuige mar cháirdibh iad ná mar náimhdibh, agus d'imthigh sé leis imeasc na gcnoc ar an dtaobh theas d'abhainn na Treibia, áit narbh' fhéidir le mar- caigh Hannibal cur isteach air go fuiriste. D'fhan sé annson le Sempronius, an ceann urraidh a bhí ar an gcuid eile de shluaightibh na Róimhe, mar do b'eol do Scipio é a bheith ag teacht le congnamh chuige. Fear cródha ceann-dána ab'eadh Sempronius so gan puinn ghaoise ná chéille, agus dob' fhada leis go mbeadh an chaoi aige ar bhuadhchaint ar na Carrthaigh. Do bhí fhios ag Hannibal cad é an saghas é, agus ní túisce a bhí sé tagtha ná d'ollmhuigh Hannibal cath do. Bhí cumar doimhinn ar an dtaobh de'n abhainn ar a raibh Hannibal, agus é chomh clúduighthe le
driseógaibh is le sceachaibh narbh' fhéidir é d'fheicsint go mbeithí 'na ghoire, agus do chuir Hannibal duine des na hoifigigh do bhfearr a bhí aige, fear darb'ainm Mago, i bhfolach ann agus 1,000 troightheach agus 1,000 marcach, saigh- diúirí toghtha iad go léir, le n-a chois. Annson do chuir sé na Núimidigh treasna na habhann chum na Rómhánach do mhealladh anall. Nuair a chonnaic Sempronius iad do tháinig sé féin agus 38,000 troightheach agus 4,000 marcach na gcoinnibh gan fanamhaint le béile na maidne féin d'ithe, i n-aimhdheoin gach ar bh' fhéidir le Scipio a dhéanamh. Do leigh na Núimidigh ortha go rabhthas ag buadhchaint ortha agus do theicheadar treasna na habhann agus na Rómhánaigh 'na ndiaidh. Bhí na Carrthaigh ag fanamhaint leo ar an bport, saighdiúirí na n-arm n-éadtrom ar dtúis agus annson furmhór an tsluaigh i lár baill, na marcaigh ar an dá sciathán, agus na truid lasmuich díobh. Nuair a bhí an Rómhánach déidheanach ar an bport, do tharraing na troighthigh siar rómpa agus d'éaluigheadar isteach tríd an gcuid eile de'n arm agus do chonnaic na Rómhánaigh an chontabhairt 'na rabhadar. Ní raibh de mharcaigh aca acht leath an oirid is bhí 'na gcoinnibh agus nuair a thuigeadar an scéal agus nuair a chonnaic na capaill na truid ag teacht fé n a ndéin do theicheadar leo ar a ndícheall. D'fhág son na troighthigh gan cosaint ar éan-taobh díobh acht do sheasadar an fód go cródha go dtí gur tháinig Mago is a dhá mhíle taobh thiar díobh agus b'in é deire an scéil. D'éirigh le 10,000 nó mar sin Placentia do shroisint, acht do cailleadh furmhór na coda eile. Bhí ag éirghe go maith le Hannibal annson acht má bhí féin bhí constaicí móra idir é féin is an Róimh fós. Táid Sléibhte na nApeinnín fiar-threasna na Iodáile, á roinnt 'na dhá tír fé leith nach mór agus ar an dtaobh thall díobh son bhí dhá shluagh mhóra fé'n mbeirt uachtarán Flabhius agus Serbhilius ag feitheamh le Hannibal. Thug sé fé thurus na Sléibhte, acht tháinig a leithéid sin d'anfa gur bh'éigean do é chur ar athló. Do chuir sé dhe iad, ámh, cúpla seachtmhain 'na dhiaidh sin, agus 'sé áit 'nar tháinig sé anuas ná i lár buill an leath-chéad míle slighe a bhí idir an mbeirt a bhí ag súil
leis ag ceann eigin de'n dá bhearnain ba choitcheanta do dhaoine teacht tríotha tar éis na Sléibhte do chur díobh. Dob'uathbhásach an áit 'nar tháinig sé anuas. Bhíodh sé bog fliuch i gcomhnuidhe, mar talamh íseal 'seadh é ar phort na hÁrno, acht an bhliadhain sin bhí an scéal seacht measa ná mar ba ghnáth, mar bhí tuile mhór ar an Árno. Bhí sluaighthe Hannibal ag siubhal tríd an mbogach ar feadh ceithre lá is trí n-oidhche gan ball tirm fé n-a gcosaibh. 'Na suidhe ar an mbagáiste no arna capaill báidhte a bhí go flúirseach san abhainn a gheibheadh na saighdiúirí sos beag. Tháinig galar éigin ar chrúbaibh na gcapall, ó'n bhfliche, do bádhadh a lán des na saighdiúiríbh nó do cailleadh iad de dheascaibh aicíde, agus do chaill Hannibal féin a leath-shúil tré thinneas éigin a tháinig air. Ba chuma leis é go léir, ámhthach, nuair do chuimhnigh sé ar an mbob do bhuail sé ar an namhaid. I n-Arretium a bhí Flabhius, agus níorbh' fuláir do Hannibal dul i n-aice na háite sin, dá mba mhaith leis an Róimh do shroisint. B'é rud do b' fhearr dho, dar leis, ná Flabhius do mhealladh amach 'na choinnibh sar a mbeadh d'uain ag Serbhilius teacht le cabhair chuige. Mar sin do chrom sé ar an ndúthaigh móir-thimcheall do chreachadh agus d' argain, agus níor theip an cleas air. Nuair chuala sé go raibh Flabhius ar a thóir, do bhrostuigh sé air fé dhéin locha Trasimene. Táid na cnuic an-chomgharach do'n loch so ag an dá cheann acht i lár buill, tá slighe mhaith leathan idir iad is é. 'Sé rud do dhein Hannibal ná cuid d'á shaighdiúiríbh, idir marcaigh ir troighthigh, do chur ag an mbéal ba shia uaidh dé bhóthar an locha, cuid eile aca i bhfolach ag an mbéal ba chomhgharaighe, agus an furmhór fé scáth na gcnoc ar an taobh de'n tsaghas faithche a bhí i lár buill. Tháinig Flabhius go dtí béal an bhóthair um thráthnóna, agus do chaith sé an oidhche ann. Ar maidin gan féachaint an raibh an bóthar réidh os a chomhair amach, do chuaidh sé féin agus a 30,000 saighdiúir isteach sa bhealach. Chomh luath is a bhíodar i n-achrann ann, do dhún na saighdiúirí a bhí fágtha ann ag Hannibal an dá oscailt, do rith an chuid eile anuas ósna cnocaibh, agus ní facthas riamh macsamhail an dearg-áir do deineadh ar bhruach an locha son. 15,000 desna Rómhánaigh a cailleadh,
agus Flabhius ina measc, agus níor chaill Hannibal acht 1,500. Cuid des na Rómhánaigh do cailleadh is amhlaidh do chaitheadar iad féin isteach sa loch d'fhonn snáimh go dtí an taobh eile, acht bhí an t-uisce doimhinn agus an t-éide trom, agus do bádhadh iad go léir. Léighimíd go raibh crith-talmhan san Íodáil an lá son, agus cé go raibh sé de neart ann bailte móra ná raibh ró-fhada ó loch Trasimene do leagadh, níor mhothuigh éinne dé'n dá shluagh é. Do fágadh na mílte braighde idir lámhaibh Hannibal, agus mar bharr ar mhí-ádh na Rómhánach do rug Hannibal cúpla lá 'na dhiaidh sin, ar 4,000 marcach a bhí ag teacht go Flabhius ó Shérbhilius sar a raibh fhios aige siúd cad é mar thionnóisc a bhí tar éis tuitim amach do Flabhius. Nuair tháinig scéal an bhrisligh uathbhásaigh sin go dtí an Róimh, bhí scannradh is anfa ar na Rómhánaigh go léir. Bhí buaidhte ar dhuine des na huactharáin, bhí an duine eile i bhfad ó bhaile, agus bhí an namha ag déanamh ar an gcathair ar a dhícheall. B'é seift do cheapadar ná Sár-Uachtarán do dhéanamh de Chuintus Fabius Macsimus, agus comhacht iomlán do thabhairt do. Fear críonna ciallmhar do b'eadh é siúd, agus nuair thuig sé narbh' fhéidir dos na Rómhánaigh buadhchaint ar Hannibal, sé rud do dhein sé ná fanamhaint tamall taobh thiar de i gcomhnuidhe, ag marbhú' roinnte dhá shaigh- diúiríbh annso, agus ag baint uatha beagáinín d'á gcreachaibh annsúd. Ar an nós son níor thug sé éan-chaoi do Hannibal ar a thuille éacht do déanamh ná ar phuinn díoghbhála do dhéanamh dos na Rómhánaigh. Do bhí Fabius ag feitheamh go mbeadh an chaoi aige ar theacht timcheall ar arm Hannibal agus é do bhascadh ar fad, agus bhí gach deallramh go raibh an chaoi sin aige sa bhliadhain 217. Bhí sluagh Hannibal i bhfaithche na Campania, agus gan de shlighe aige chum dul fé dhéin na háite 'na raibh ceaptha aige an geimhreadh do chaitheamh acht tríd aon bheárnain amháin. Bhí Fabius chomh deimhnightheach son go raibh a namha i bpúnc aige nár fhág sé acht 4,000 fear ag béal na beárnan son, agus do choimeád sé an chuid eile d'á shluagh ar na sléibhtibh móir- thimcheall. Do thuig Hannibal a raibh beartuighthe ag Fabius, ámh, agus d'órduigh sé 2,000 de sna beithidhigh ba
láidre d'ár bailigheadh sa Champania do thabhairt le cheíle fé scáth na hoidhche, geaitirí do cheangailt ar a n-adharcaibh, agus do chur ar lasadh. Do deineadh amhlaidh. Do ghabh scannradh na ba, nuair a mhothuigheadar an teas, agus nuair chonnacadar gur ar a n-adharcaibh féin a bhí na lasracha, agus do ritheadar anonn is anall ag cur na gcrann is na dtor 'na n-aice tre theinidh, go dtí gur thiomáin na saigh- diúirí suas na cnuic iad, fé dhéin sluaighte Fabius. Do scannruigheadar-son nuair chonnacadar chúcha na teinte — ní fhéadfaidís na ba féin d'fheicsint — agus do rith na fir a bhí ag béal na beárnan fé dhéin a gcomráidithe. D'fhág son slighe réidh ag Hannibal, agus d'imthigh sé leis ar a shocracht. B'é an chéad bhuaidh eile do rug Hannibal ar na Rómhánaigh ná Cath Channae. Níorbh 'e Fabius a bhí 'na choinnibh an uair sin, mar bhí a ré siúd caithte. Bhí beirt uachtarán os cionn an airm, agus do bhí 80,000 fear fútha — an sluagh ba mhó dár chuir an Róimh le chéile i n-aon áit amháin riamh. Do bhíodh an t-arm lá fé dhuine de'n bheirt uachtarán, lá fé'n duine eile. B'é Publius Terentius Bharro a bhí i gceannus an lá a tháinig an dá shluagh i gcoinnibh a chéile, ar phort abhann na hÁifidius. Tá lúb ar an abhainn ag Cannae, agus sa lúib sin do chuir Hannibal an 30,000 fear a bhí aige i gcoinnibh an 80,000 Rómhánach. Bhí Hasdrubal agus na marcaigh troma ar an dtaobh clé, bhí na Núimidigh — ní raibh fágtha aca acht dhá mhíle fear — ar an dtaobh dheis, agus na marcaigh Rómhánacha ós a gcomhair amach. I lár buill bhí na Spáinnigh agus na Gaill — troighthigh iad so — agus iad suidhte i bhfuirm dinge go mbéadh a ceann leis na Rómhánaigh. Bhí na troighthigh ó'n Aifric ar an dá sciathán, beagáinín taobh thiar de'n ding úd, agus claidhmhte agus úirlisí eile Rómhánacha aca a fuaradar ag loch Trasimene. B'iad na marcaigh fé Hasdrubal a thosnuigh ar an gcath, agus ní hamháin gur chuireadar an ruaig ar na Rómhánaigh a bhí ós a gcomhair amach, acht nuair a bhí buaidhte aca ortha son do chuadar taobh thiar de'n tsluagh Rómhánach ar fad chomh fada lair an dtaobh dheas mar a raibh na Núimidigh ag coimeád na Rómhánach siar. Do thángadar ortha so amar agus do bhí deire leo. Annson do tharraingeadar siar go
dtí go rabhadar taobh theas de sna troighthigh Rómhánacha Bhí ag éirghe leo súd go maith, dar leo féin, mar bhí na Gaill is na Spáinnigh ag géilleadh rómpa. Do bhí na Rómhánaigh ghá leanmhaint agus do stad an géilleadh chomh luath is a bhí na Rómhánaigh go léir brúighte isteach ar a chéile sa lúib, d'iompuig na hAifriceánaigh isteach ortha, agus do tháinig Hasdrubal ortha aniar. Bhítheas 'gá n-ionsuighe ó gach taobh, agus do bhrughadar isteach ar a chéile go dtí ná raibh slighe aca chum claidhimh a tharraingt as a thruaill gan trácht ar fheidhm do bhaint as. Nuair a bhí deire leis an gcoscar do bhí 50,000 Rómhánach marbh agus duine de sna huachtaráin 'na measc. Do deineadh geimhligh de 20,000, agus níor chaill na Carrthaigh acht 5,500 marcach, agus dhá chéad éigin troightheach. Cuireann buaidh mór Channae deire le "Gabhálaibh Hannibal" nach mór. Do bhí an cogadh ar siubhal go ceann trí mbliadhan déag 'na dhiaidh acht is beag eachtra do deineadh ar éan-taobh ann. Ní raibh éan-chabhair le fagháil ag Hannibal ó n-a thír féin, ó'n gCárrthaigh, agus bhí a shluaighte á gcailleamhaint aige 'na nduine agus 'na nduine, mar bhí na Rómhánaigh ag leanmhaint de chomhairle Fabius agus ar a thóir de shíor, gan chaoi a thabhairt do ar dhul chum comhraic leo. Do dhein an Charrtach aon iarracht amháin ar bhreis saighdiúir do chur chuige fé n-a dhearbhráthair féin Hasdrubal, acht do fuair na Rómhánaigh fios a theachta, agus do buadhadh air ag an Metárus. B'é an chéad eolas a fuair Hannibal ar a thuras, ná ceann Hasdrubal á chaitheamh isteach 'sa' champa chuige. D'fhan Hannibal san Iodáil go dtí an bhliadhain 204 r. Ch. Do glaodhadh a bhaile air annson mar do bhí Scipio óg san Aifric féin, agus é ag tabhairt fé Utica. Ní raibh an rath céadna ar Hannibal 'na dhuthaigh féin a bhí air san tír iasachta, agus do buadhadh air i gcath Zama (202). 'Na dhiaidh sin do deineadh síothcháin idir an dá impireacht, agus do luigh Hannibal isteach ar obáir an Stáit do riaradh. Dá fheabhas é i gcúrsaíbh cogaidh níor thaise dho i slightibh sióthchána. Do chuir sé treo chomh maith sin ar na gnóthaíbh airgid gur dhíol an Charrtach an dachad milliún de cháin
chogaidh do chuir na Rómhánaigh uirthi taobh istigh de thrí bliadhnaibh déag, cé gur baineadh dí an dúthaigh úd na Spáinne do bhuaidh Hamilcar di, agus na hoileáin — an dá áit as a dtagadh a saidhbhreas go léir nach mór. Do tháinig éad ar na Rómhánaigh agus d'éiligheadar Hannibal do thabhairt suas dóibh. Níor fhan Hannibal ag féachaint cad a dhéanfadh na Carrthaigh, acht d'éaluigh sé leis go hEphesus. Do chaith sé tamall éigin i dteannta ríogh na háite, ag iarraidh é do ghríosú' chum fogha do thabhairt fé'n Róimh, acht ní deánfadh Antiochus rud air. I n-aimhdheoin chomhairle Hannibal ámh, dó chuir sé loingeas béag 'na gcoinnibh, agus do bhuaidh na Rómhánaigh air gan duadh, agus do dheineadar iarracht eile ar ghreim d'fhagháil ar Hannibal. Do theip ortha, ámh, mar d'imthigh Hannibal leis fé choimirce Prusias, Rí Bitinia. Do lean na Rómhánaigh go Bitinia é, agus nuair ba léir do Hannibal ná raibh dul uatha aige, do shluigh sé siar an nimh a choimeád sé de ghnáth i bhfáinne a bhí ar a láimh, mar do bhí coinne aige i gcomhnuidhe leis an gcinneamhain do tháinig air sa deire. 'Sa bhliadhain 183 roim Chríost do thárla. Sin deire scéil Hannibal. Ó n-a náimhdibh féin amháin a fuaramar gach eolas dá bhfuil againn. Má tá a fheabhas mar thaoiseach is mar ghaiscidheach, agus mar fhear tuigsine chomh soiléir sin ó n-a dtuaraisc siúd, ní fuláir ná gurbh' iongantach an duine é. An fear do bhuaidh ar na Rómhánaigh ag loch Trasimene agus ag Cannae tar éis cath do chur ortha ins an am agus 'san áit a bhí ceaptha 'na chóir aige féin ní gaiscidheach cródha amháin a bhí ann acht taoiseach is treoruidhe go raibh meon is tuigsint thar barr aige. Go dtugaidh Dia go mbeidh a leithéid againne an chéad uair eile a bheimíd féin is an namha ós comhair á chéile ar Pháirc an Áir! CANNAE, do scríobh.
DRAOITHE ÉIREANN. "Ó ghabhadar righte Éireann creideamh Chríost anamchara eaglaise do bhíodh i n ionad an draoi ag foillsuighadh reacht agus dlighthe Dé do'n rígh agus dá theaglach." 1 Ní hionann so agus a rádh gur cuireadh deireadh leis na draoithibh ar theacht an chreidimh, mar nár cuireadh. Bhí draoi ag Muirinn bean Raghallaigh ríogh Chonnacht i n-aimsir Chiaráin naomhtha agus Diarmuid i bhflaitheas Éireann: 2 agus bhí draoi ag Maolochtrar rí na nDéiseach 'san seachtmhadh aois. 3 Agus cad ba dhraoi ann? Bhí oiread san cúraim ar na draoithibh gur deocair san a rádh go cruinn. Bhíodh duine aca i n-a oide, duine aca i n-a fháidh, duine aca i n-a eadargabháluidhe, duine aca i n-a liaigh, duine aca i n-a bhreitheamh, duine aca mar thaca is mar chomhairleoir ag an righ, agus mar soin de. Árd-bhreitheamhain do b'eadh na draoithe, arsa ughdar de ughdaraibh na Breatan, agus do bhí a gcúirt aca i Moin Chonaing. 4 "B'uras do Ghaedhealaibh iad féin do choimeád go hÁdhamh de bhrigh ó aimsir Ghaedhil i leith go mbídís draoithe aca do choimeádadh a nglúna geinealaigh agus a ndála i ngach turas dá dtárla dhóibh go rochtain Éireann. Agus fós do bhíodh báidh le healadhain aca, de bhrígh gur i ngeall ar a fhoghluim fuair Niúl athair Ghaedhil gach sealbhas dá bhfuair. 5 Agus clanna Gaedhil ag triall ó Charóin go Sliabh Rife thárla murdhuchain ar an muir rómpa. Do chanaidís
so ceól do loingseachaibh go gcuiridís codladh ortha, agus mharbhuighdís annsoin iad de ghnáth. Is é leigheas do dhein Caichear draoi air sin céir do leaghad i gcluasaibh a chuideachtan fhéin i gcuma is ná cloisfidís an ceól. Mar soin dóibh gur ghabhadar cuan i Sliabh Rife thuaidh. Agus is annsoin do rinne Caichear faistine dhóibh nár bh'ionad comhnuidhthe dhóibh aon áit go rochtain Éireann dóibh agus nár bh'iad féin do roichfeadh í acht a sliocht. 6 Tá a leithéid chéadna de scéal le léigheamh i nEachtra na nArgonátach agus 'san Odyssey. Chosain bean Pheiléasa is ceól Oirféasa na hArgonátaigh ar chantan na murdhuchan. Thug Odysseus cuaird ar Chirce le linn a iomrámha. Agus é féin is a fhuireann ag filleadh abhaile thángadar go hoileán na murdhuchan. Dhein Odysseus céir do leaghadh i gcluasaibh na fuirinne i dtreó nár chualadar cantan na murdhuchan is iad ag gabháil thársta. Dá bhrígh sin sheól an fhuireann leó gan mhoill gan dochar. Dhein Odysseus é féin do cheangal go dtí an seól-chrann, agus cé gur chualaidh sé na murdhuchain níor mhealladh is níor mharbhuigeadh é, is níor mhoilligheadh, féin, é fá mar im- thigheadh ar mháirnéalachaibh eile de ghnáth "Do sheinn sí ceólta binne sidhe Le'r chaill gach laoich againn a neart, Do ceangladh sinn le inghin an ríogh Cé'r mhór ár ngníomhartha i ngach cath." Rann é seo as "Eachtra na Mná Móire thar lear," agus is beag nach ionann a bhrígh agus brígh na scéal do luadhadh cheana. A bhfad is a bhfad sul ar leag clanna Gaedhil cos ar thalamh na hÉireann bhí draoithe ann agus bandraoithe leis. Innistear dúinn go raibh triúr aca ag Partolán féin. Fios agus Eólas agus Tochmorc a n-ainmneacha, agus ba oireamhnach na hainnineacha iad. Bhí draoithe is bandraoithe ag Fomórchaibh fá threóradh Chonaing i dTóirinis. Bhí draoithe is bandraoithe, leis, ag clannaibh
Neimheadh, agus bhailigheadar tráth ar agaidh Tóirinse amach. Chuir na Fomóraigh a ndraoithe is a mbandraoithe chum iad do ruagairt, acht bhuaidh draoithe is bandraoithe Neimheadh ortha. Bean Neimheadh .i. Reilbheó inghean ríogh Gréige bhí i gceannas ortha. Chuireadar ruagairt ar Fhomórchaibh, scriosadar a dtúr, agus mharbhuigheadar a dtaoiseach .i. Conaing 7 Agus Tuatha Dé Danann i ndeóraidheacht ó Éirinn dheineadar an draoidheacht do chleachtadh. Bhí an Daghdha mar fhoidhia aca. Brian is Iuchar is Iucharba a dtriúr druadh. Beachuill is Danae a mbeirt bhandruadh. Bhí bandraoithe eile aca, leis .i. Bodhbh is Macha is Móirrioghan. Chuaid Briotán Maol agus a mhac Fearghus go Moin Chonaing, 8 agus do réir Leabhair Bhaile Móta leathadh a sliocht ó'n áit sin ar fuid na Breatan uile nach mór go teacht na Sasanach, agus thiómáineadar súd thar n-ais go Moin Chonaing iad. 9 Uar is Eithear na draoithe ba mhó cáil ar chlannaibh Míleadh ag teacht i nÉirinn dóibh. Marbhuigheadh ag Sliabh Mis iad. BAISTEADH. — Bhí a mbaisteadh áirithe féin ag na draoithibh. Baisteadh gheintlidhe ghairtidhe dhe. An uair rugadh Conall Cearnach tháinig draoithe agus do chanadar baisteadh geintlidhe ós cionn an leinbh. 10 Baisteadh Oileall Óluim i srothaibh geintlidhe i dtosach na tríomhadh aoise. 11 Tugadh baisteadh geintlidhe ar thriúr mac Chonaill Deirg Ui Chorra i gchómhair diablaidheachta, cé go rabhadar go maith cráibhtheach fé dheireadh a saoghail. 12 Éide bán bíodh ar na draoithibh de ghnát. 13 Acht bhíodh maise ortha dá n-iongnais Tá oiread san measa ag draoithibh ar an ndair, arsa Pliny, ná bainid riamh lé cúrsaíbh creidimh gan fleasc dá duilleógaibh mar mhaise ortha. 14 TEINE DRAOIDHEACHTA. — Midhe mac Bratha an chéad duine chum teine do adnadh do mhacaibh Míleadh i nÉirinn. D'fhan an teine ar lasadh go ceann seacht mbliadhan
i nUisneach, agus is leis do dheintidhe prímhtheinte eile na hÉireann do adnadh. Dubhairt draoithe Éireann gur masladh dhóibh féin an teine seo do bheith ar lasadh, agus dá bhrígh sin thángadar i n-éintigh i ndáil chómhairle. Acht is eadh thárla dá bharr so go ndearnadh a dteangacha do ghearradh amach le Midhe is do adhnacal i n-ithir Uisnigh. Is é tuairim Eoghain Ui Chomhraidhe gurab é seo an chéad tagairt do theine draoidheachta i n-ár scríbhnibh dúthchais. 15 IODHBAIRT. I dTlachtgha is eadh do hórduigheadh Teine Thlachtgha mar a gcleathtaidhe leó draoithe Éireann do chruinniughadh is do choimhthionól.16 Atáid le feicsint i nÉirinn fós i n-áitibh go leór iomad de leacaibh ró- leathna agus galláin cloch ag a n-iomchur, agus is dóibh gairmthear altóire iodhluidhe is na sean-leabhraibh. Is ar na haltóiribh seo do chleachtadh na draoithe a n-iodhbartha i n-allód maille le marbhadh a mbocán is a dtarbh is a reitheadh, agus na draoithe féin do theacht i n-a nglúnaibh fé shileadh fola na hiodhbartha dá nglanadh féin ó shalachar a gcion fé mhar dheineadh árd-shagart na nGiúdaidhe an tan théigheadh fé dhroichead na híodhbartha chum go ritheadh fuil na híodhbartha air féin. 17 CLIATHA FIS. — Is é feidhm dheinidís de sheithíb na dtarbh n-iodhbartha a gcoimeád chum na deamhain do chur fé gheasaibh leó. Is iomdha slighe go gcuiridís geasa ortha mar atá sileadh ar a scálaibh féin 'san uisce no bheith ag amharc ar na néaltaibh no ag éisteacht le foghar gaoithe no le glór na n-éan. An tan do cheileadh gach áis díobh so ortha is budh éigean dóibh a ndicheall do dhéanamh is eadh dheinidís cruinnchliatha caorthain do sholáthairt agus seithidhe na dtarbh n-iodhbartha do leathadh ortha agus an taobh do bhíodh leis an bhfeoil do chur i n-uachtar. Bhíodh ionntaoibh aca as a ngeasaibh chum na deamhain a mhealladh chucha agus eólas do fhagháil uatha. Is mar gheall air seo adeirtar go dtéigheann duine ar a chliathaibh fis an uair dheineann a dhicheall chum scéala do fhagháil.18
IOMBAS FOROSNAI. — Pé nidh go dteastuigheadh ó'n bhfile a aimsiughadh nochtadh an cleas so a chómharthaidhe dhó. Dheineadh an file greim de fheoil aimh muice no madraidh no cuit do chogaint. Annsoin théigheadh sé i n-a leabaidh ar chúl dorais agus chanadh ós cionn na feóla agus thairrigeadh dá dhéithibh geintlidhe é. Impigheadh sé ar na déithibh iarsoin, agus dá mbudh rud é ná beadh cómharthaidhe no teinm le fagháil aige fá cheann lae chanfadh sé ós cionn a dhá bhas agus iarrfadh ar a dhéithibh teacht i n-a leabhaid i dtreó ná cuirfidhe isteach ar a chodhladh. Chuireadh a dhá bhais treasna ar a dhá leacain annsoin agus thuiteadh a chodladh air. Bhítidhe ag faire air annsoin i dtreó ná déanfaidhe a chorruidhe ná a dhúiseacht go dtí go nochtfaidhe dhó gach nidh go mbhíodh sé ar a lorg i gcionn lae no dhó, no trí, b'fhéidir. Chuir Pádraig Naomhta go dian i n-a choinne so, óir bhí baint aige leis an Teinm Laoghdha. Cleas no rún draoidheachta chum daoine marbha d'aithneamhaint, mór-mhór daoine go ndéanfaidhe a ndithcheannadh no a ndiothbhalladh, do b'eadh an Teinm Laoghdha. Luadhtar ainm Fhinn mhic Chumhaill mar aon leis an Teinin Laoghdha is na scríbhnibh. Mar- bhuigheadh Lomna fear freastail dá raibh ag Fionn toisc gur scéithidh sé ar mhnaoi fhallsa Fhinn i dtaoibh cómhráidh áirithe. Tháinig Fionn ar chorp Lomna; chogain sé a órdóg, ní hionann is mar dheineadh daoine eile muicfheoil no a leithéid do chogaint, agus léirigheadh dó gur corp Lomna do bhí ann is gur árduigh náimhde leó an ceann. 19 Luadhtar ainm an fhile Maen mac Eatnae mar aon leis an Teinin Laoghdha so, leis. Thug Connla mac Thaidhg Mhic Céin mic Oilealla Óloim plaosc mhadraidh baclann chuige siúd bliadhanta tar éis a mharbhtha, agus dhein Maen amach gur plaosc Mogha Eimhe an chéad madradh baclann dár tugadh riamh i nÉirinn do bhí ann. 20 Uaireanta do bhaineadh iodhbairt leis an Teinm Laoghdha. Chuir Pádraig Naomhtha go mór i n-a choinne san. Uaireanta eile ní bhaineadh iodhbairt leis. Dicheatal do
Cheannaibh a thugtaidhe air sin mar ghnás, agus do scaoil Pádraig Naomhtha leis. 21 Do phós Aonghus rí Mumhan Eithne Uathach. Bhain coingeall leis an bpósadh, 'sé sin go ndéanfadh Déisigh le n-ar bhain sí treabha áirithe do ruagairt as Osraighe. Bhí draoi an-ghlic ag muinntir Osraighe. Dill do b'ainm dó. Acht dá ghliocas é, bhí draoithe na nDéiseach ró-ghlic dó. Chuir duine aca so é féin i bhfuirm bó le n-a mharbhadh i dtreó go saorfaidhe a chlann choidhche. De bharr chómhairle inghine Dill a bhí mar mhnaoi freastail ag Eithne Uathach i gCaiseal do buadhadh ar threabhaibh Osraighe agus leanadh iad thar teórain oirthir Mumhan. Agus is é fáth go dtugtar Osraighe mar ainm ortha toisc gur rith gach duine chomh mear le os agus iad ag sceinneadh ó Dhéiseachaibh. 22 ADRADH. — Deir Eoghan Ua Comhraidhe, fós, ná beadh sé dleaghthach fá riaghail na ndruadh teampuill do thógaint i n-onóir na ndéithe ná iad do adhradh fó iadhadh an tighe.23 Dheineadh Gaedhil Crom Cruach .i. righiodhal Éireann agus na foidhéithe do bhí timcheall air i Maigh Sleacht do adhradh gur cailleadh Tighearnmas agus a mhuinntear is an t-adhradh so ar siubhal aca. Chuir Pádraig deireadh le Crom agus le n-a fhoidhéithibh, cé go n-innistear dúinn go raibh Crom féin cumhdaighthe le ór is le airgead agus gur iodla cloiche bhí 'san gcuid eile. Lá dá raibh Cormac mac Airt i dtigh Chleitigh bhí na draoithe ag adhradh an Laoigh Órdha i n-a fhiadhnaise agus an chuideachta ag déanamh amhlaidh. Do fhiafruigh Mael- gheann draoi de Chormac cad fé ndeara dhó gan bheith ag adhradh an Laoigh chomh maith le cách. "Mar na déan- fainn adhradh do'n cheap do dhein mo cheárduidhe féin," arsa Cormac. "Ni dhéanfad adhradh feasta acht do Dhia neimhe agus talmhan agus ithfrinn." 24 Tráth eile mheas Cormac cíos dhá chóige do bhaint de'n Mhumhain. Thug sé draoithe ó Albain leis, agus bhíodar
ag imirt iomad draoidheachta ar rígh Mhumhan is ar a mhuinntir no go raibh daoine agus áirnéis i nguais bháis de easba uisce. Chuir rí Mumhan fios go Ciarraighe ar Mhogh Ruith. Chomh luath is tháinig Mogh Ruith do scaoil sé an glas do bhí ar an uisce ag na draoithibh iasachta agus bhí uisce go leór ag muinntir na Mumhan feasta. B'é críoch an scéil gur chuir Muimhuigh an ruaig ar shluagh Chormaic de bharr draoidheachta Mogha Ruith. 25 ANÁL DRAOIDHEACHTA. — Agus Mogh Ruith ag troid an tráth úd leis an triúr druadh do bhí ag Cormac .i. Ceacht agus Ciotha agus Ciothruadh, damha allta do bhí ag tarrac a charbaid. "Cia hiad na daoine is neasa dhom?" ar reisean. D'inniseadh dó gur triúr fear do bhí ann agus iad árd liath. "Triúr druadh Chormaic atá ann," ar seisean, "agus tá geallta ag mo dhéithibh-se go ndéanfar clocha dhíobh acht m'anál do shéideadh ortha an uair bhéarad ortha. Dhein sé anál draoidheachta do shéideadh ortha, agus deineadh clocha dhíobh. 26 Is fada mhair an draoi seo má's fíor do na filíbh: Ré naoi rí déag diaidh i ndiaidh Saoghal Mogha Ruith ré róghliaidh Ó Roith mac Rioghaill, mór bloidh Go Cairbre lonn Lithfeachair. 27 Tá sé amuigh ar Mhogh Ruith go ndeachaidh sé go hoirthear domhain ag foghluim draoidheachta ó Shímeon Magus. 28 DLAOI FULLA. — Is é an tslighe go ndeintidhe dlaoi fulla dlaoi féir no tuighe do chur fá dhraoidheacht, 'sé sin focail éigin draoideachta do chanadh ós a chionn agus é chaitheamh isteach idir dhá shúil an duine do bhí le gortughadh annsoin. Bhíodh so ar siubhal ó ré Nuadha Fullon rí Laighean, sé chéad bliadhan roimh theacht Chríost go ré Maolochtair rí na nDéiseach sé chéad bliadhan tar éis teachta Críost. B'é Maolochtar so do thug do Mhochuda
naomhtha fearann i gcómhair mainistreach Leasa Móir. Bhí mac áluinn éirimeamhail aige dárabh aimn Comhgán le n-a chéad mhnaoi, b'í seo máthair Chuimín Fhada naoimh. Acht an uair phós sé an ath-uair chuir a dhara bhean dúil mhór i gComhgán, agus, toisc ná géillfeadh seisean dá toil, chuir sí d'fhiachaibh ar dhraoi Mhaolochtair an t-ógánach do bhualadh le slait no le dlaoi fulla. Dhein seisean é féin do nighe agus níor thúisce san 'ná tháinig nascóide ar a chroiceann, thuit a chuid gruaige dhe, chaill sé a mheabhair, agus d'imthigh sé ar ghealtaigh. Chuireadh an dlaoi fulla ag rith is ag crith is ag léimrigh duine díreach ar nós geilt. 29 Léaghtar fós gur tháinig Lobhán draoi ó Albain aimsear Chuilm Cille, óir chualaidh sé teisteas ar oineach Eochach Aontsúla sínsear síl Shúilleabháin. D' iarr sé tabhartas ar Eochaidh, agus, má iarr, ní shásóchadh aon bhrontannas eile é acht leath-shúil an Éireannaigh Bhí de uamhain is de eagla ar Eochaidh roimh cáineadh an draoi gur thug sé an leath-shúil dó cé gur fhág san é féin i n-a dhall. Tharla Ruadhán Lothra láithreach, agus bhí de dhéistin air gur iarr sé ar Dhia súla Lobháin do chur i gceann Eochach feasta, agus innistear dúinn gur géilleadh dá athchuinge. 30 LIAGHA. — Má dheineadh draoithe iasachta díoghbháil, féin, dheineadh a thuilleadh aca fóirithin agus leigheas. Bhí draoi darabh ainm Trostán i bhfochair na gCruithneach do tháinig go hÉirinn i n-aimsir Eireamhóin. Tharla drong eile i n-achrann i nEireamhón an tráth úd; agus is amhla bhíodar agus nimh ar arm gach aoin aca ionnus, pé beag mór an créacht do dhéanfaidís, ná raibh leigheas ar bith ar an othar go bhfhaghadh bás. Chualaidh Eireamhón go raibh leithéid Trostáin ar na Cruithneachaibh agus go raibh i n-a chumas na hothraigh do leigheas. Chuir sé fios air; agus, cé gur imthigh urmhór na gCruithneach go hAlbain i dtráth d'fhan Trostán draoi agus cúigear eile aca i nÉirinn agus fuaireadar fearann i mBreaghmhaigh ó Eireamhón. 31
Tá an rann so i dtaoibh draoidheachta le léigheamh i nEachtra an Amadáin Mhóir: Cuireas an gaiscidheach faoi le draoidheacht An leath chois mar do bhí ariamh; Annsoin do ráidh an Gruagach glic Bímís-na anois ag triall. 32 OIDIDHE. — Léaghtar ag Iúl Caesar i san seismheadh leabhar dá stair go raibh tearmonn ag na draoithibh do tháinig i n-iarthar Eórpa ag seóladh scol do'n Fhrainnc. Is inmheasta gur ó Éirinn do thriall na draoithe so de bhrigh gur bh'í Éire tobar draoidheachta iarthair Eórpa an tan soin agus gur bh'í an Ghaedhealg an teanga do na draoithibh céadna. Bhí saoirse agus cádhas aca mar aon le tearmonn ó uaislibh na Frainnce. Agus bhronntaidhe ór ortha i nÉirinn: Labhras Fearghus na mbriathar gceart Ó's é do bhronnadh an t-ór ar dhraoi Go bhfuair do Oscur cead ó Gholl Dul chum comhraic leis an mhnaoi. I gCruachain is eadh fuair beirt inghean Laoghaire oileamhain agus tabhairt suas fé chúram bheirte druadh. Draoi an chéad oide do bhí ag Colm Cille féin: fáidh a thugtar air i Leabhar Leasa Móir. FÁIDHE. — Níor bh'é seo an t-aon fháidh do bhí ortha. An ghorta do bhí i nÉirinn agus Conn Céadchathach i bhflaitheas na críche, thairngir draoi Mhogha Nuadhat go raibh sí ag teacht; agus dá bhrígh sin chuir Mogh Nuadhat gach ar fhéad sé de arbhar i dtaisce go raibh a iothla lán. An uair bheir an aimsear chruaidh ar an bpobal mór ní ba dhiadnaighe, b'éigin dóibh teacht ag triall ar Mhogh ar lorg bídh, idir náimhdibh agus cáirdibh, agus d'eirigh leis mórán aca do chur fé chíos agus fé cháin agus fé smacht ar an gcuma soin.
Bhí taidhbhreamh ag Eochaidh mac Earca rí Fear Bolg roimh ghabháltas Tuatha dé Danann, agus d'innis sé dá dhraoi Ceasarn é. B'é míniughadh thug an draoi air go raibh namha chomhachtach ag déanamh ortha. Tharla Cath Muighe Tuireadh i ngearracht aimsire mar a raibh draoithe gach sluaigh ag cleachtadh a gcleas ar mhaithe le n-a muinntir ar charraigeachaibh is ar bhallaibh ar pháirc an bhuailte no gur buadhadh ar Thuathaibh dé Danann. Deir inghean ríogh Gréag so i dtaoibh a hathar i nEachtra na Mná Móire thar lear: Na draoithe dhearbhuigh faistine dhó — Mo mhallacht dóibh go bráth arís — Go mbéarainn mac do scriosfadh an Ghréig Is do bhainfeadh dhe féin a cheann gan scíth. Do bhíos-sa lá cé dubhach an scéal, Ar áilneach béith ag sileadh súl; Le draoidheacht chrosta m'athar féin Do chailleas mo scéimh agus mo shnúdh. I gcionn tamaill tar éis bháis Chonaire Mhóir tionóladh dáil i dTeamhair i gcúirt Earca mic Cairbre. Bhí Meadhbh is Ailill i láthair ó Chonnachtaigh, Cúroi Mac Dáire ó Dheasmhumhain, Tighearnach mac Luchta ó Thuadhmhumhain, agus Fionn mac Rosa rí Laighean. Ní bheadh aon bhaint aca le Ultaibh, óir bhíodar uile i n-a gcoinnibh. Theastuigh uatha a dhéanamh amach cia bheadh mar áirdrígh i ndiaidh Chonaire. Marbhuigheadh tarbh. Chaith fear a dhóthain mhór de'n fheoil is de'n anbhruith is chuaidh chum codlata dá bharr. Tháinig ceathrar druadh ag cantan ós a chionn annsoin, agus chonnaic sé tré aisling comharthaidhe an áirdríogh do bhí le beith aca. 36 Thairngir draoithe Mic Con dó nach mairfeadh leath-
bhliadhain muna bhfaghadh sé Teamhair. 37 Agus do dhein draoi eile tairngreacht i dtaoibh Brighde sul ar rugadh í. 38 EADARGHABHÁLUIDHTHE. — An tan mheas maithe Mumhan Corc is Cormac do dhóghadh is a luath do chur le sruth toisc gur clann toghartha bhí ionta chuir Dineach draoi mar athchuinge ortha gan Corc do mharbhadh acht a thabhairt dó féin. Ghéilleadar do'n draoi, agus rug seisean Corc ar muir leis go hInis Bhaoi mar a raibh an chailleach Baoi i n-a cómhnuidhe; agus d'fhág sé fé n-a comairce siúd é feadh bliadhna. Annsoin chuir sé fé chomairce Sáruithe é: b'í siúd sean-mháthair Chuirc féin i leith a athar agus a mháthar. Agus d'eirigh le Corc ríoghacht na Mumhan do ghabháil i dtráth. 39 COMHAIRLEOIRIDHE. — Is léir as so nár bh'annamh righte fé chomaoin ag draoithibh. Do fhiafruigh Eochaidh Feidlioch dá dhraoithibh cá áit a ndéanfadh longphort, agus adubhradar leis a dhéanamh i nDruim na nDruadh le n-a ráidhtear Cruachain. 40 Tráth dár theastuigh ó Chonchubhar mac Neasa labhairt le n-a lucht leanamhna ní raibh de chead aige focal do rádh no gur chuir Cathbhadh draoi ceist air i dtosach. Agus is é Cathbhadh do thug cómhairle dhó agus é ag dul chum catha le Meidhbh.41 Bhí Eochaidh rí Laighean ag brath ar bheith i n-a áirdrígh i n-inead Néill Naoi nGiallach; agus chómhairligh draoi dhó gan geasa na Teamhrach do choill. "Óir is dá geasaibh," ar seisean, "gan rí do shuidhe inte chum flaitheas Éireann do ghabháil go ngeobhadh nasc niadh fé n-a bhrághaid no go ngeobhadh grádh ridire gaiscidh." Thréigh Eochaidh an Teamhair annsoin, agus tháinig Niall go Teamhraigh is do ghaibh flaitheas Éireann. Agus Eochaidh ag triall thar ais go Laighnibh bhuail sé isteach i dtigh Laidcinn mic Bairrcheadha, draoi Néill. Thug mac an draoi masladh ar Eochaidh; agus, má dhein, do mhairbh Eochaidh
ar an láthair sin é. Do ghearán an draoi an taistealuidhe le Niall gan mhoill; agus d'áitimh sé air dul agus Laighin do chreachadh. B'éigin do Eochaidh géilleadh do Niall dá dheascaibh so; agus d'órduigh an draoi do lucht leanamhna Néill annsoin Eochaidh do cheangal le slabhradh do choirthe chloiche ar bhruach Sláine cois Cille Brighde go marbhóchadh naonbhar laoch ann é. Ceangladh é: acht do stol Eochaidh an slabhradh ó chéile le corp gaiscidh agus do scaoil é féin is do sceinn uatha go hAlbain. Mhairbh sé Niall 'shan Fhrannic i dtráth. 42 Agus Pádraig naomhtha féin ag déanamh ar Theamhraigh beirt dhruadh do chómhairligh do Laoghaire cad budh chóir dó a dhéanamh. 43 Bhí dhá mhac déag ag Cas sínsear Dháil gCais, agus b'é Lughaidh Dealbhaeth an mac b'óige aca. Bhí seisear mac ag Lughaidh agus inghean dárabh ainm Aoife. Thug sé Aoife mar mhnaoi do Thrad mac Tasaigh a bhí i na-fhlath ríoghdha is i n-a dhraoi. Ó'n Trad so gairmthear Trad- raighe i dTuadhmhumhain. CEÓ DRAOIDHEACHTA. — Agus Cath Cuile Dreimhne ar siubhal thóg draoi Dhiarmada arba druadh idir an dá shluagh. A Dhia, arsa Colm Cille, cia an fáth ná baintear dinn an ceó? Deineadh amhlaidh i gcionn tamaill de bharr cleasa, agus buadhadh ar Dhiarmuid. 44 DRAOITHE TUATHA DÉ DANANN. — Níor bh'ionann draoidheacht Tuath Dé Danann agus an draoidheacht go bhfuilmíd ag tagairt di. Agus an aicme seo i n-a gcómhnuidhe a bhfad is a bhfad ó shoin i gcrích na hAithne innistear dúinn go dtáinig cobhlach mór ó chrích na Síria ag déanamh cogaidh ar lucht críche na hAithne i dtreó is go mbídís i n-achrann i n-a chéile gach lá. Acht an drong de mhuinntir chríche na hAithne do mharbhuightidhe indiu, abair, tugadh fé ndeara gurab é an drong chéadna do bhíodh ag troid lá ar na bháireach. "Tré dhraoidheacht Tuath Dé Danann do ghnithidhe so, óir do chuiridís deamhna i sna corpaibh chum a n-aithbheodhchana." 45
Is iad so na daoine céadna do bhí i nÉirinn ní ba dhiadhnaighe. Is iad do chruinnigh timcheall chloinne Míleadh an uair ghabhadar súd cuan i nInbhear Sláinge is do chuir ceó draoidheacha ós a gcoinn ionnus gur ruagadh mic Míleadh ó'n oileán amach arís leis an ndraoidheacht so is gur bh'éigin dóibh dul timcheall Éireann. Gabhadar cuan annsoin ag Inbhear Scéine, agus thángadar i dtráth go Teamhair. Tar éis beagán connspóide annsúd le cloinn Chearmada chómhairligh Aimheirghin dá ghaoltaibh féin triall thar n-ais go hInbhear Scéine agus dul i n-a longaibh feadh naoi dtonn ar muir. Dheineadar uile amhlaidh. Acht chomh luath agus chonnaic Tuatha Dé Danann ar muir iad deir an seanchus gur thógadar gaoth ghaibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar muir, agus tugadh bádhadh is scaipeadh ar chlannaibh Míleadh dá dheascaibh. 46 Do bádhadh cóigear díobh san, De chlannaibh meara Míleadh, I gcuantaibh Éireann na rann Le draoidheacht Tuath Dé Danann. Deirthear linn go ndeachaidh Tuatha Dé Danann go luath i bhfochair an tsluaigh sidhe go tíorthaibh na mbeó, "áit ná bíonn bás ná peacadh ná ionnarbhadh." CROSÁNTACHT. — Leis an aimsir níor tuigeadh cad ba dhraoi agus draoidheacht ann chomh cruinn agus mar tuigeadh agus na draoithe fó réim. Do réir mar leath an creideamh shaoil daoine gur chuma draoidheacht no geintlidheacht agus gur bh'aon nidh amháin geintlidheacht agus crosántacht. Tá Seathrún Céitinn mar ughdar againn gur géilleadh do'n chrosántacht so a bhfad anuas i nÉirinn. Lá dá raibh Caindeach naomh i n-oileán Rosa Cré chonnaic sé sluagh díomhór deamhan ag imtheacht an aoir ós a chionn.47 An uair cuireadh corp Dhonnchadha mhic Cheallaigh athair
céile Dhonnchadha mhic Fhlainn tSionna i Saighir Chiaráin tháinig naonbhar de chrosánaibh ciabhacha cíordhubha ar an uaigh agus ghabhadar ag cliaraidheacht amhail is béas do chrosánaibh ó shoin anall; agus ba ghile a súla is a bhfiacla 'ná sneachta is ba dhuibhe 'ná gual gabhann gach ball eile dhíobh. Gach duine chíodh iad agus iad ag cantain ar uaigh Dhonnchadha dheineadh galar lae is oidhche dhóibh. Fé dheireadh tháinig iongnadh ar chléir na dúthaighe, óir ba dheighfhear an Donnchadh so má bhí deighfhear ar an saoghal riamh; agus níor thuigeadar cad fé ndeara do chrosánaibh bheith ag coimhdeacht an chuirp mar soin. Dá réir sin dheineadar tréigheanas agus urnuighthe feadh trí lá go bhfoillseochaidhe dhóibh cad fáth gur lean na deamhna corp an ríogh. Agus tháinig aingeal Dé agus adubhairt leó gurabh é sin an treas feacht ag na deamhnaibh ag teacht i nÉirinn as ithfreann ag déanamh buaidheartha ós cionn chuirp an ríogh mar nár fhéadadar faill do fhagháil air agus é i n-a bheathaidh. Do chómhairligh fós dóibh Aifreann agus uisce coisreacan do dhéanamh lá ar na bháireach, agus an t-uisce do chrothadh ar an uaigh agus ar an roilig uile. Deineadh amhlaidh, agus leis sin d'imthigh na deamhna as radharc cháich, is ní fhacthas ó shoin i leith iad. 48 Is fá'n am soin do bhí an crosán Fionn Ua Cionga is mac Rionntach Ua Conoráin ann. Dubharthas gur mheabhruigh siad so a nduain ó'n naonbhar crosán do tháinig ag déanamh buaidheartha ós cionn chuirp Dhonnchaidh mic Ceallaigh ríogh Osruighe is do leanadar do'n chrosántacht mar ealadhain go bás. Abair is ná leantar do'n chrosántacht mar ealadhain i nÉirinn anois ní fhágann san lucht na tuatha gan piseóga go flúirseach aca fós. Dá ndéanfaidhe na piseóga so do scrúdughadh ní'l baoghal ná go míneochaidís mórán mór i seanchus na hÉireann nach féidir le coigchríochaibh ná leó so go bhfuil a n-áitreabh i mbailtibh móra no i gcaithreachaibh a thuigsint indiu. Béal-oideas na nGaedheal eochair an tseanchusa dúthchais, agus gan an
béal-oideas soin go cruinn ag staruidhe an lae indiu ní'l i n-a theagasc acht buille fé thuairim, ar an gcuid is mó dhe. Ní chuireann ár mbéal-oideas crosántacht ná piseóga i leith na ndruadh ar leithligh, agus ní cóir a gcur i n-a leith acht chomh beag. Níor bh'iad na gnása ba dhual do dheagh-dhraoithibh. CALMÓIR.
CÁBLA NA HATLAINTICE. Budh dheocair a rádh cia ar bh'é an chéad saoi do chuimhnigh ar theachtaireacht teintrighe do chur i gcéin. Acht innis- tear dúinn ná raibh Agamamnon dall air; agus, dá chómhartha san, Agamamnon do b'ainm do'n chéad luing a bhí ag leagan Cábla na hAtlaintice i lár na naomhadh aoise déag. Is eól dúinn go ndearna Gailileo tagairt i mbliadhain a 1632 do teintridheacht na maigneite, is eól dúinn fós go raibh eólas ag an Athair Fabiano Strada ar theintridheacht agus dóchas aige, sul a bhfuair sé bás i mbliadhain a 1649, go bhféadfaidhe úsáid do dhéanamh de i gcomhair teachtaireachta Spáinneach dárab ainm Salbha an chéad duine adubhairt, i mbliadhain a 1795, gur bh'fhéidir feidhm do bhaint as teintridheacht fó mhuir. Sé bliadhna déag ní ba dhiadhnaighe bhain Somaraing 1 agus Scilling 2 iarracht as an srang teintrighe i gcómhair teachtaireachta, agus chuige sin dheineadar an srang d'fholachtain i gcumhdach cúitsiúc'. Ní'l aon deimhniughadh againn, ámhthach, gur eirigh le teintridheacht fó mhuir chum gur thug duine de mhuinntir Sheachnasaigh iarracht faoi 'san Úiglighe 3 ar son Comhlucht na nIndiach Thoir i mbliadhain a 1838. Chuir seisean srang fó phíc isteach i rótán 4 scoiltthe, chas sé cnáib tarrtha timcheall air sin agus cnáib fó phíc timcheall ortha uile. B'é a thuairim go bhféadfaidhe srang mar soin do leathadh treasna páirce fliche, no do leagan 'san abhain, agus go bhfaghfaidhe cómharthaidhe teintrighe tríd gan locht ionta. Mhínigh ollamh darabh ainm Faobharchloch 5 do chomhdhaltas Feise i mbliadhain a 1840 slighe dár cheap sé féin chum
sranga teintrighe do leagan ó Dhóbhar 6 go Calais.7 Ba bheag nár bh'ionann é agus slighe Ui Sheachnasaigh acht beagán feabhsa do bheith air. Chuir an tOllamh Mors 8 caisidhe teintrighe 9 no srutha aibhléise tré shrang treasna cuain Eabhraic Nuaidh i mbliadhain a 1842. Cnáib agus é súighte i dtarra is i bpíc agus cumhdach cúitsiúc' 10 i n-a dtimcheall a bhí mar adhbhar foluighthe aige ar an srang. Leag Easra Coirneill 11 .i. bunaidhe Iolscoile Coirneill, cábla 'san Udson 12 i mbliadhain a 1845 i dtreó is go mbeadh baint ag Dún Laochdha 13 is Eabhrac Nuadh le chéile feasta. Sranga umhaidh a bhí ann, cotún mar chumhdach ortha, cúitsiúc dá bhfolachtain, agus píop luaidh dá gcosaint uile. D'eirigh leis go maith chum gur briseadh le leacoidhre é fé cheann bliadhna. An bhliadhain sin .i. bliadhain a 1846, leagadh srang eile i gcuan Béalphuirt. 14 Cúitsiúc a bhí ghá folachtain, agus d'eirigh le Caireall West cómharthaidhe do chur tríd ó bhád go tráigh. Tugadh an iarracht so féachaint ar bh'fhéidir teachtaireacht teintrighe do chur ó Shacsaibh go dtí an Fhrainnc; acht níor bh'fhéidir dul chum cinn leis d'easba airgid. Bhí beirt dhearbhráthar de mhuinntir Bhreit 15 ag gabháil do theintridheacht i gcoitchinn fé'n am soin, ámh. I n-aindeoin neamhshuime Riaghaltais Shacsan thugadar so comhlucht le chéile chum srang teintrighe do leagan idir Dhóbhar is Calais. An chuid de seo do leagadh ar dtír srang umhaidh a bhí ann; bhí an srang clúdaighthe le cotún, agus san féin súighte i gcúitsiúc leaghta. Bhí píop de luadh throm mar chumhdach cosanta ar an gcábla so. Guta peirce leath-órdlach i reimhre a bhí mar chumhdach ar an gcuid eile de'n srang. Tromuigheadh é le cnapán- aibh de luadh trom is gach cnapán díobh céad slat ó chéile. D'eirigh leó a chur fó mhuir mar seo, agus teach- taireacht do chur chum Laoise Napóilean Bónapart i
dtreó gur léir go bhféadfaidhe feidhm do bhaint as. Acht shaoil iascaire ó Bhúlong 16 gur múr éigin iasachta bhí ann; thóg sé isteach i n-a líon é, agus d'fhág sé balbh go bráth é. Leag duine de mhuinntir Shiubhlaigh 17 féith 18 dhá mhíle slighe ar fhaid is guta peirce mar chumhdach air i Muir nIocht i mbliadhain a 1849. Bhí an srang so casta ar dhruma ar bórd luinge, agus scaoiltidhe amach é do réir mar ghluaiseadh an long chum cinn. Ceangladh é cois trágha ag Fócstón 19 do shrang aeir a bhí ag dul go ceann cheithre fichead míle slighe le hais an bhóthair iarainn, agus ar an gcuma so d'eirigh le fear ar bórd na luinge agus le fear eile i Lúndain scéalta teintrighe do chur chum a chéile. Fé cheann cúpla bliadhan eile .i. 1850 — 51, leagadh cábla idir Dhóbhar is Calais arís. Bhí cheithre sranga umhaidh 'san cábla nuadh agus dhá shrath de ghuta peirce mar chumhdach ar gach srang aca. Leagadh na féithe le hais a chéile, agus líonadh an spás a bhí eadartha le cnáib tharrtha na Rúise. Cumhdaigheadh iad uile le téid galbhánta. 20 Bhí deich gcinn de shrangaibh iarainn 'san téid agus iad uile casta i bhfuirm spíre 21 timcheall na bhféith is na cnáibe. Seacht dtuna an mheadhchain a bhí i ngach faid míle de'n chábla soin agus é críochnuighthe. Cé nár leagadh é gan mórán dá dhuadh, d'eirigh leis go hiongantach. Trí uaire i gcaitheamh 1852 measadh Éire is an Bhreatan Mhór do cheangal le gléas teintrighe. An chéad iarracht bhí an cábla ró-éadtrom do'n suathadh dheintidhe le anncairíbh is le sna sruthaibh a bhíonn de ghnáth i mbun na fairrge idir Bhinn Éadair is Moin Chonaing. 22 An spás a bhí idir na féithe agus an cumhdach iarainn 'san chábla so, measadh é fhágaint follamh glan. An dara iarracht, ó Phórt Phádraig 23 i nAlbain go Domhnach Diagh. 24 deineadh smidirínidhe de'n chábla is é dá leagan. Féith
umhaidh a bhí ann is é cumhdaighthe le cúitsiúc. Lastmuigh dhe sin bhí guta peirce, agus taobh amuigh dhe sin arís casadh cnáibh. Acht bhí sé ró éadtrom, agus mar adubhradh, d'imthigh sé leis an taoide agus é dá leagan. Níor eirigh leis an treas iarracht acht chomh beag. Idir an dá áit chéadna measadh an cábla do leagan an taca san. Acht leagadh cábla do Chomhlucht na Maigneite 25 i mbliadhain a 1853, agus d'eirigh leis go buan. An mheadhchain chéadna bhí aige seo is ag an gcábla ó Dhóbhar go Calais. Bhí sé féithe ann, agus b'é an chéad bhuan-chábla é idir Éirinn is an Bhreatain Mhóir. An bhliadhain i n-a dhiadh san leagadh cábla idir Dhóbhar agus Oisteind. I n-a dhiadh so arís leagadh cáblaidhe ó Shacsaibh go Tír fó Thuinn is go dtí an Ghearmáin, ó Dhanmarc go Suidín, 26 ó'n Iodáil go Corsaic 27 is ó Shairdín 28 go Tuaisceart Afraice. An taithighe is an t-eólas a bhí faghta roimh ré baineadh feidhm asta agus na cáblaidhe so dá leagan. Mar a chéile cuireadh feabhas ar an leagan is ar an gcumhdach do réir mar fuairtheas eólas is mar mhothuigheadh gábhadh le feabhas. An taithighe is an t-eólas a fuairtheas 'san uisce dhoimhin i Muir dToirrian, 'san Muir Dhuibh is i mballaibh eile, sin iad a ghríosuigh daoine chum tabhairt fé chábla na hAtlaintice. Agus an saothar so ar siubhal 'san Eóraip tugadh cead do dhuine de mhuinntir Ghiosboirn 29 cathair Shain Seán i dTalamh an Éisc agus Rinn na Ré 30 i mBádh Labhráis Naomhtha do cheangal Le srang 'san aer. Is eadh bhí ceaptha ag lucht na líne seo eólas d'fhagháil ó longaibh a thagadh ó Lúndain go cathair Shain Seán agus an t-eólas san do chur go Rinn na Breatan 31 le colúraibh. Leag Cír MacGuirt 32 agus daoine eile cábla ó chathair Shain Seán go Canada is go líntibh Aimeirce i mbliadhain a 1856. Bhí mór-chuid de shrangaibh caola i bhféith an chábla so i
dtreó is go ngluaisfeadh an teachtaireacht go tapaidh is go bhféadfaidhe an ghleas do láimhsiughadh go haiclidhe is feidhm 'san mbreis do bhaint as. Ó'n lá bhain Cír MacGuirt le teintridheacht fó mhuir 33 ba bheag nár dheimhin go dtiocfadh cábla na hAtlaintice lá éigin. Acht ba mhór an cúram é an cábla do leagan. 'San chéad dul síos ní raibh thar céad is deich míle slighe 'san chábla ba shia dár leagadh roimis sin; agus bhí Éire agus Talamh an Éisc suas le 2,000 míle slighe ó chéile. Trí chéad feadh an doimhneas ba mhó i n-ar leagadh cábla roimis sin; bhí urmhór na hAtlaintice, idir an dá bhall so, trí míle slighe i ndoimhneas. Deineadh meadhachtain ó longaibh de Chabhlach Aimeirce i mbliadhain a 1856, ámh, agus fuairtheas eólas taithneamhach asta súd i dtaoibh buin no leabadh na hAtlaintice. Pé scéal é, chuir Cír Mac- Guirt comhlucht ar bun i nEabhrac Nuadh: Comhlucht Teintrighe Eabhraic Nuaidh, Talaimh an Éisc agus Lúndan 34 ba theideal dó. Tháinig MacGuirt go Sacsaibh meadhon fhoghmhair i mbliadhain a 1856 agus dhein sé margadh le De Breit is De Brít 35, daoine go raibh a n-ainm i n-áirde cheana i dtaoibh cáblaidhe. Ghealladar uile dá chéile go ndéanfaidís uile a ndicheall chum cábla teintrighe do leagan ó Thalamh an Éisc go hÉirinn agus Comhlucht Teintrighe na hAtlaintice, no a leithéid, do bheith mar ainm air. Cuireadh an Comhlucht ar bun gan mórán fothraim. Fuairtheas 350,000 púnt airgid i n-a chómhair i Sacsaibh is i nAlbain fé lár na Samhna .i. trí chéad go leith scar, is míle púnt i ngach scar aca. Theastuigh ó MhacGuirt 75,000 púnt d'fhágaint i leith Aimeirce, acht samhluigheann sé nár chuir muinntear Aimeirce aon an-spéis 'san ghnó. Toghadh ocht nduine dhéag mar Chómhairle do'n Chomhlucht mí na Nodlag .i. móirsheisear ó Lúndain, seisear ó Libhearpúl, 36 beirt ó Mhanchain, 37 beirt ó Ghlaschú agus duine ó Eabhrac Nuadh. Toghadh De
Brít mar árd-inealtóir, 38 Báinteach 39 mar theintearuidhe, 40 is MacGuirt mar cheann urraidh. Bhí an tOllamh Mac Tomáis 41 ar an gcómhairle, acht ní raibh aon bheart eile aige i dtosach. Sul ar chrom an fhuireann nuadh so ar a gcuid oibre bhí comhdhaltas sealadach ar lorg cábla oireamhnaigh. Leagadh breis agus trí fichid saghas cábla ós a gcómhair, agus do thoghadar féith an-éadtrom: céad agus seacht bpúint i gcómhair míle mara an mheadhchain do bhí 'san bhféith umhaidh agus dhá chéad is trí fichid púnt no mar soin i gcómhair míle mara 'san guta peirce 42 bhí i n-a thimcheall. B'fhearr le De Brít 392 púnt do bheith i ngach míle mara de'n bhféith is an mheadhchain chéadna 'san chumhdach guta peirce. Budh mhaith le Mac Tomáis is le Bheárlaigh 43 féith throm, leis, acht b'fhearr le Báinteach ceann éadtrom. Bhí sé ró-dhiadnach ámh chum an margadh d'athrughadh. Meascadh tarra is píc, cír is íle mine ruis 44 le chéile, deineadh cnáib do shughadh annsúd, agus casadh an chnáib súighte sin timcheall na féithe. Cuireadh cumhdach eile no sciath spíre 45 timcheall air seo. Bhí ocht srana 46 déag ann agus seacht sranga iarainn i ngach sran i dtreó is gurabh Uimhir a 14 an tomhas treasna 47 bhí 'san sran chríochnuighte. Annsoin tairgeadh an cábla so tré tharra leaghta. Tuna an míle mara a mheadhchain 'san aer, trí chéad déag go leith 'san uisce; agus iomchur- óchadh sé trí thuna is ceathramha 'san uisce, no a mheadhchain féin fó chúig. Bhí dhá srang déag i n-ionad seacht srang mar chumhdach ar an gcábla i n-aice talmhan, agus dá réir sin bhí naoi dtuna de mheadhchain i ngach míle de'n chábla go chean i deich míle slighe ó Éirinn amach agus go ceann chúig míle déag ó thalamh an Éisc toisc carraigeacha do bheith go líonmhar 'san dá áit. Bíonn a dhá oiread so de mheadhchain 'san chábla cois talmhan anois.
Bhí 1640 míle mara idir dhá cheann an chábla .i. ó Chuan Dairbhre i gCiarraighe go Bádh na Trionóide i dTalamh an Éisc, agus measadh nár mhór 2,500 míle mara de chábla i n-a chómhair toisc gan bun na fairrge do bheit comhthrom, agus níor bh'fhios ná go n-imtheochadh nidhthe eile bun os cionn. Níor fhágadh i gcómhair a dhéanta so uile acht cheithre mhí; agus chum a dhéanta níor mhór faid 367,500 míle mara de shrangaibh do tharrac as 1687 tuna iarainn. Na sranga umhaidh is iarainn do snaoidheadh i gcómhair an chábla soin ar leithligh rachaidís trí uaire déag timcheall na cruinne, no ó chruinne go gealaigh, is níosa shia i gcéin. Deineadh 1,200 srang do'n chéad uair is faid dhá mhíle mara i ngach srang aca. Ceangladh iad so as a chéile arís i dtreó is ná raibh acht ocht sranga ann agus faid 300 míle i ngach srang aca. Ní gábhadh a rádh go ndeachaidh nidhthe bun os cionn anois is arís agus na sranga so ghá ndéanamh fé dheithneas. Cuir i gchás an cumhdach guta peirce: chonnacthas ná bíodh an fhéith istigh i gceartlár an chumhdaigh seo i gcomhnuidhe agus dá réir sin go raibh locht ar an gcábla. Ní dheintear a leithéid i n-aon chor anois. Do réir an mhargaidh, tugadh suas le ceathramha milleóin púnt ar an gcábla so i n-iomshlán: chosnóchadh cábla Atlaintice a dhá oiread san anois, no a bhfad níos mó, b'fhéidir. Mar adubhradh, níor fhágadh aimsear go leór i gcómhair déanta an chábla; mar a chéile, níor fhágadh a dhóthain aimsire i gcómhair a chasta is na háruistíbh, 48 i gcómhair ghléasta loingis oireamhnaigh, ná i gcómhair ghléis chum an cábla do leagan 'san fhairrge dhoimhin. An gléas le n-a scaoiltidhe fé'n bhfairrge an cábla, ba ghearr gur léir ná raibh sé láidir go leór ná aiclidhe go leór; agus níor bh'annamh a bhíodh an lámh uachtair ag an gcábla toisc gan cur i gcoinnibh 49 go leór do bheith 'san ghléas acht amháin 'san mhuir éadoimhin. An gléas nuadh fuairtheas i gcómhair scaoilte an chábla is amhla bhí sé ró-láidir, ró-throm, ró-roighin, agus ba bhaoghal go ropfadh sé an cábla dá mbeadh sé i bfeac. Le roth láimhe is
eadh riairtidhe comhacht cosctha an ghléis sin, agus bhí smacht aige ar ghlinn greama 50 do bhíodh timcheall ar roth cosctha. 51 Bhíodh cumhdach timcheall gléis tiomána 52 ghacha luinge, leis, ar eagla go rachadh an cábla i n-achrann 'san ghléas dá ndruideadh an long chum deiridh. Chuir Riaghaltas Shacsan an Agamamnon fé chúram lucht leagain an chábla. Bhí baint ag an luing sin le lámhchadh Seabastopoil beagán bliadhan roimis sin. Chuir Riaghaltas Aimeirce an Niagara, 53 an long do b'fhearr i n-a gCabhlach súd, fé n-a gcúram, mar a chéile. Bhí trí longa ba lugha 'ná iad so fútha chomh maith céadna, agus ghluaiseadar súd i dtosach d'fhonn an tslighe do thais- beaint is do thómhas do sna longaibh móra. Ghluais an Niagara ó'n Meirsigh 54 agus an Agamamnon ó'n Teims, 55 agus casadh ar a chéile iad ag Cóbh Chorcaighe i ndeireadh Iuil i mbliadhain a 1857. Dheineadar an cábla ar fad do infhiuchadh is do chur fó theist annsúd, faid 2,500 míle dhe. Ghluaiseadar annsoin go Dairbhre, agus leagadar ó thalamh amach an cábla. Bhí mór-áthas ar an bpobal dá bharr so, is bhí gach árthach dá raibh 'san chuan fé bhratachaibh glé. Socruigheadh gur máirnéalaigh ó Aimeirce thabharfadh an cábla ar dtír i nDairbhre agus gur máirnéalaigh ó sna tíorthaibh so thabharfadh ar dtír é i nAimeirce. An cúigmheadh lá de Lughnasa 1857 tugadh an cábla ar dtír i mBaile Chairbre, 56 trí míle slighe ó Chathair Saidhbhín 57 siar. Lá ar na bháireach ghluais an Niagara roimpe chum an cábla do leagan go lár na fairrge. Bhí an Agamamnon chum é shnadhmadh annsoin is an chuid eile do leagan go feórain Aimeirce. Chúig míle slighe amach, ámh, chuaidh an cábla i n-achrann 'san ghléas agus ropadh é. Acht láimhsigheadh agus tógadh é ó thráigh amach agus snadhmadh arís é gan mórán moille. B'éigin stad ocht míle slighe ó thír agus an cábla trom, a leagadh cois talmhan, do shnadhmadh le cábla ní b'éadtruime a bhí
ceaptha i gcómhair na fairrge doimhne. Deineadh so go cliste, scaoileadh ceann an chábla thruim go híochtar fairrge le slabhra láidir, agus cuireadh dhá chómhartha os cionn na háite mar ar snadhmadh an dá chábla. Bhí faid dachad míle de'n chábla leagtha um nóin an t-ochtmhadh lá. Bhí deich bhfeadh is cheithre fichid de dhoimhneas 'san bhfairrge fé'n am soin. Fé mheadhon oidhche bhí chúig míle is cheithre fichid de leagtha agus breis is dhá chéad feadh i ndoimhneas na fairrge. Fé n-a hocht a chlog ar maidin bhí faid céad is fiche míle de'n chábla tabhartha. B'shin a raibh 'san cheirtlín 58 ar bórd deiridh na luinge. B'éigin ceirtlín nuadh do láimhsiughadh iar so, agus deineadh an t-athrughadh san gan duadh. Um nóin bhí suas le céad is dachad míle de'n chábla scaoilte amach, agus bhí an fhairrge breis is cheithre chéad feadh i ndoimhneas. Dhá shnaidhm 59 gach uair a' chluig siubhal na luinge agus í ag leagadh an chábla thruim cois tíre, shiubhail sí suas le cheithre snadhma gach uair an chluig leis an gcábla éadtrom. Tar éis tamaill, shiubhail sí chúig míle gach uair an chluig. Ar a ceathair a chlog, maidean an deichmheadh lae de'n mhí, bhí breis agus dhá chéad go leith míle slighe de'n chábla scaoilte amach, agus bhí an long dhá chéad agus cheithre míle slighe ó thír. Mothuigheadh go raibh tarrac 60 mór 'san bhfairrge annso, agus maraon leis sin d'eirigh an ghaoth. Bhí dhá míle feadh de dhoimhneas 'san bhfairrge, agus b'éigin neart tuna de chosc 61 do chur ar an gcábla d'fhonn is go mbeadh long is cábla ar aen-tsiubhal. Timcheall a sé a chlog tráthnóna cuaidh an cábla bun os cionn. Shleamhnuigh sé as punaibh 62 an ghléis scaoilte toisc go ndeachaidh píc is tarra i gcruadhas 'san chlais,63 agus d'imthig snaidhm mhór tharsta. Acht leaghasadh so. Deineadh a thuilleadh cosanta ar an gcábla annsoin, agus bogadh an tarra le íle. B'éigin an long do stad, agus scaoileadh an chábla 64 do chosc le ineallaibh cosctha
chum gur cuireadh i gceart arís é timcheall na rothán. 66 Gníomh tábhachtach do b'eadh é seo. Dheimhnigh sé go bhféadfadh an long bheith i n-a stad 'san bhfairrge dhoimhin is gan bheith ag scaoileadh an chábla, rud ná raibh ró- dheimhin roimis sin. Fé cheann tamaill tar éis gluaiste dhóibh arís ba bheag nár mhó fé dhó siubhal an chábla 'ná siubhal na luinge. Bhí an long ag siubhal trí snadhma, an cábla suas le sé snadhma, gach uair an chluig. Annsoin cuireadh neart chúig chéad fichead de chosc ar an gcábla. Acht níor leór é. D'eirigh gaoth is fairrge, agus scuabadh an cábla ar leath-taoibh 67 ó chúrsa na luinge i dtreó is go raibh siubhal an chábla dhá shnaidhm go leith 'san mbreis ar shiubhal na luinge fé mheadhon oidhche. Dá dheascaibh so, ní gan conntabhairt do scaoiltidhe amach an cábla. Leis sin cuireadh neart deich gcéad fichead de chosc ar an gcábla, agus méaduigheadh so fós go neart chúig chéad déag ar fhichid toisc siubhal an chábla do bheith ró-mhear. Dá bharr so, bhí siubhal an chábla fé bhun chúig snadhm, agus lean sé mar soin go dtí go raibh faid trí chéad is cheithre fichead míle dhe scaoilte amach. Annsoin, thárla an mí-ádh. Ropadh an cábla agus dhá mhíle feadh de dhoimhneas 'san bhfairrge. Seo mar chuir Caireall de Brít síos ar an tionóisc: "An uair chuaidh rotha an ghléis i moille budh chóir an coscaire 68 do bhogadh do réir mar luigh an long i log 69 na fairrge. An neart cosctha cuireadh ar an gcábla ba bhun leis an tionóisc. Dá ndeintidhe an gléas do láimhsiughadh go cliste níor bh'amhlaidh a thuitfeadh amach … Bhí an fhuireann cortha glan … An chéad uair eile, beidh gábhadh le trí fóirne, toisc an obair a bheith chomh dian ortha is mar atá, agus ní mór clisteacht fó leith i ngnóthaíbh ineall i gchomhair an chosctha. Ní léir domhsa gur
ceart aon easba misnigh orainn dá dheascaibh so. I n-a ionad san is mó dóchas agam anois 'ná riamh go n-eirgheochaidh le n-ár n-obair. Acht chómhair- leochainn arís nár mhór féith agus cumhdach níos truime 'ná mar bhí againn do sholáthairt feasta fé mar mholas ó thúis." D'fhill an loingeas go Béal Plíme 70 annsoin chum an cábla do scaoileadh uatha. An cábla do cailleadh, faid cheithre chéad míle, agus an aimsear do caitheadh dhá leagan, measadh go raibh luach £100,000 ionta. Tar éis tamaill mhaith aimsire fuairtheas an t-airgead chum an dara iarracht do thabhairt fé leagan an chábla, agus ceannuigheadh faid seacht gcéad míle de chábla nuadh, no 3,000 míle ar fad. Cuireadh feabhais, leis, ó'n gcéaduair ar ghléas scaoilte an chábla. Mór-mhór, bhí an tOllamh Mac Tomáis ag scrúdadh an tsean-chábla, agus ba bheag nár dheimhin leis fé'n am soin go raibh buaidh fé leith ag an bhfíor-umhadh i gcómhair iomchurtha teintrighe, agus go mbeadh a mhalairt le rádh i n-a thaoibh dá mba nár bh'fhíor-umhadh é. Dá réir sin scrúduigheadh go dian an cábla nuadh. I mbliadhain a 1,858 cheap an tOllamh so galbhanomatar 71 an scatháin. Dá bharr so bhain brigh nuadh feasta le comharthuidheacht 72 i gcéin is le teis- tiughadh teintrighe 73 ar bórd luinge. Mar ullmhughadh i gcómhair an dara iarrachta so chuadhthas go Muir Bioscáine, 74 agus cleachtadh gach nidh dár bhain le leagan cábla céad is fiche míle slighe siar ó thuaidh ó Chruinne 75 i n-áit go raibh suas le trí míle slighe de dhoimhneas 'san bhfairrge. Cleachtadh agus aithchleachtadh scaoileadh an chábla, a shnadhmadh, a phiocadh suas, a tharrac, a choimeád ar snámh, a leagan i ndoimhneas na fairrge, agus mar soin de go dtí gur bh'fhéidir iad uile do dhéanamh gan duadh agus an long ag siubhal seacht míle slighe gach uair an chluig. Ghaibh
Báinteach a leathscéal gan dul i n-aon iomrámh aca so. D'fhill na longa ar Bhéal Phlíme i dtosach an Mheithimh, agus i gcionn seachtmhaine ghluais an Agamamnon is an Niagara go ceartlár na fairrge amach mar a raibh ceaptha aca bualadh le chéile ag fad 53° 2, 76 leithead 33° 18. 76 Bhíodar chum an cábla do shnadhmadh annsoin agus leigint do gach luing aca an cábla do leagan go dtí n-a tír féin. Bhí Caireall de Brít mar árd-inealtóir ar an Agamamnon, Ua Canaing 77 is Ua Clúmháin 78 mar lucht conganta, de Sainte 79 mar theintearuidhe, MacTomáis ag tabhairt aire do sheómra an teistiúcháin 80 acht gan aon tuarastal aige as. Dia Domhnaigh an fichmheadh lá de Mheitheamh, má's fíor a ndubhairt lucht irise 81 dá raibh ar bórd, beireadh ar an Agamamnon i stuirm chomh dian is mar mhothuigheadh riamh 'san Atlaintic. Gach conntabhairt dár bheir ar Cholumbus 82 is Da Gama, 83 Magaleins 84 is Ímsceirc, 85 gach guais dár ráinig do gach iomrámhuidhe ó aimsir Bhréandain is Chormaic aniar ní raibh ionta acht neimhnidh i gcomórtas leis an stuirm a bhí ag bagairt báidhte is múchta ar an Agamamnon go ceann deich lá. Uch! cár chualathas a shárughadh mar scéal. Oidhche dé Domhnaigh fuair an long a leithéid sin de shuathadh go ndóbair di tuitim as a chéile. Bhí an fhairrge mar bheadh fásach sneachta gan teóra ag gluaiseacht le gaoith. Dia Luain ba dhóigh leó go raibh sí thar fóir. An cruachán de'n chábla bhí ar bórd uachtair 86 na luinge, ba dhóbair do í phléascadh ó chéile, agus b'éigin boltaidhe 87 do chur tríd síos d'fhonn a choimeád socair is an long dhá suathadh anonn is anall. Ba mheasa fós a bhí an scéal dia Máirt: bhí an long dá tomadh féin i
logaibh mara amhail is dá mba mhian léi a drom do bhriseadh agus an cábla do dhortadh i n-a charnán i n-íochtar na fairrge. Suathadh í chomh mór san uair gur briseadh ceann dá treasnánaibh 88 móra. Ácht amháin go bhfuair sí sos beag anois is arís is i n-olcas a bhí an scéal ag dul go deireadh na seachtmhaine. Oidhche mhillte ar fad do b'eadh oidhche dé Sathairn. Ní fhéadfaidhe cómhairle an chaptaen do chloisint le torann na dtonn agus glór na gaoithe. Suathadh an long is caitheadh chomh mór san anonn is anall í go raibh sí chomh fliuch ó'n dtaoibh istigh is mar bhí sí ó'n dtaoibh amuigh. Leath-uair tar éis a deich chonnacthas a trí no a ceathair de thonntaibh millte ag déanamh uirthe. Ba chuma iad no cnuic uisce is iad, cumhdaighthe le cubhar fhíochmhar. D'eirigh an long go roighin i gcoinnibh an chéad chinn agus thuit go hobann arís isteach i n-umar dhoimhin na fairrge. Leis sin thuit sí ar a clítheán i dtreó go ndóbair í fhágaint béal fúithe 'san mhuir choimhthighigh. A leithéid de réabadh is thárla dá bharr! D'imthigh ghach a raibh ar bórd chum fáin. Annsoin d'iompuigh sí ar an gclítheán eile, agus ba dhá dhóbair di casadh béal fúithe arís. Le n-a linn sin d'aimsigh an dara tonn í. Chuir so gach nidh bun os cionn is tré n-a chéile. Ní féidir cur síos air. Caitheadh gach nidh anonn is anall, síos suas, is ó thaoibh taoibh Ghluais tuile sáile ar bórd, d'árduigh sé a raibh de ghual ann ar fuid na luinge agus scuab gach troscán is mion-rud dár ráinig 'san tslighe go fíor-íochtar na luinge. Bhí aoirde cnuic i ngach tuinn de'n fhairrge mór dtimcheall. Luascadar so an long fó dheis is fó chlé chúig uaire gan faeseamh i slighe is go raibh sí 45° ó'n gcomhthrom gach cor aca. Chuaidh cábla an bhúird íochtair ar seachrán dá dheascaibh i dtreó is go raibh faid leath-chéad míle dhe casta thar fóir. Is iomdha duine de'n fhuirinn a gortuigheadh, ní raibh oiread is duine de'n fhuirinn gan a bheith traochta. Bhuail tonn mhór deireadh na luinge agus bhris sé an ghlinn mhór iarainn a bhí ag cosaint an scriú ar an gcábla agus iad dá scaoileadh amhach. Timcheall a sé a chlog
tráthnóna measadh í chasadh timcheall. Agus í ag casadh chum aghaidh do thabhairt ar an stuirin thuit sí isteach i log na fairrge arís, agus suathadh chomh mór san í gur briseadh píob na gaile caithte 89 agus líonadh seómra an inill 90 le gual. Ba ghearr go raibh na tonnta ag gluais- eacht tríthe thall is i bhfus agus gach nidh dá raibh inte ar snámh. Níor tháinig na húrlaisidhe teintrighe, féin, saor. Bhí an scéal chomh aindeis san maidean dé Luain, an dara lá fichead, gur socaruigheadh ar í chasadh timcheall arís ar an raon eile. Nochtadh a clítheán dá dheascaibh so; bhuail tonn eile í; suathadh ó cheann ceann í, agus caitheadh ar a leath-cheann í go hobann i dtreó is gur caitheadh céad go leith de'n dá chéad fear a bhí ar bórd ó thaoibh taoibh i n-a gcarnánaibh; leónadh breis agus dachad duine aca; bhí tuile i mbórd íochtair 91 na luinge; scuabadh an gual isteach i n-árus an inill; cuireadh tros- cáin is árdáin de dhruim búird chomh maith leis na glinntibh a bhí ag cosaint na n-ineall; briseadh fuinneóga an tseómra faire; agus beirt oifigeach a bhí 'n-a luighe, tógadh ar snámh as a suidheachánaibh iad. B'é seo an greas deiridh, ámh. Bhí feabhas ag teacht ar an uain gach neómat feasta. Rith an Agamamnon léi go ceann lae is an ghaoth i n-a diaidh. Bhí an calm aca arís dia Máirt; agus cad a dhéanfadh an fhuireann acht í chasadh timcheall arís agus aghaidh do thabhairt ar an sean-ionad choinne i lár na bóchna. Bhí so dhá chéad míle slighe ní ba shia uatha dia Máirt 'ná mar bhí an Domhnach roimis sin. An Aoine 'ná dhiadh san .i. sé lá déag tar éis dóibh Béal Phlíme d'fhágaint, bhí a n-ionad choinne leath-chéad míle uatha. Rud do b'iongnadh le gach éinne, chuir an Niagara an stuirm di gan ró-dhuadh. D'eirigh léi go maith, cé gur mhothuigh sí féin is na longa beaga an gála go dian. An-chalm a bhí ag an gcuid eile de'n loingeas ag an ionad choinne roimh an Agamamnon. Bhain sé dhá lá dhíobh an cábla casta do réidhteach. Maidean
de Sathairn an 26 mhadh lá de Mheitheamh cuireadh ceann cábla an Niagara ar bórd an Agamamnoin; sáthadh rael chasta idir an dá cheann mar chómhartha ratha; snadhmadh le chéile iad, agus scaoileadh amach an cábla chomhall uaigneach is dá mba corp mháirnéalaigh é. Agus na longa sé míle slighe ó chéile, ámh, bhris an cábla ar bórd an Niagara. Chasadar arís gan mhoill, snadhmadh an cábla an ath-uair, agus cromadh ar a scaoileadh amach láithreach bonn. Bhí ineall an Agamamnoin ag obair go háluinn fé'n am so, faid chúig míle go leith de'n chábla ag dul amach gach uair a' chluig agus an long féin ag siubhal cheithre míle slighe le n-a linn sin. Bhí faid fiche míle mara de'n chábla scaoilte amach fé mheadhon oidhche; acht fé n-a ceathair a chlog maidean dé Domhnaigh d'innis an tOllamh MacTomáis dóibh go raibh beárna 'san teintridheacht. Shaoil sé gur scar an cábla leis an Niagara. Pé scéal é, d'fhill na longa ar a n-ionad coinne arís, fé mar bhí socruighthe aca roimh ré. Is ar lucht an Agamamnoin a bhí iongnadh an uair iarr lucht an Niagara ortha, i bhfuirm chomhartha, agus iad ag déanamh ar a chéile, cionnus ar scar an cábla. Deineadh amach gan mhoill gurab amhla bhris sé i n-íochtar na fairrge, lár slighe idir an dá luing, ag an áit mar ar snadhmadh é, do réir deallraimh. Ba mhí-ádhmharach an rud é: acht ní raibh de leigheas air acht a shnadhmadh arís, agus iarracht eile do bhaint as, cé go raibh biadh i n-easnamh Ar na fóirnibh is gual i n-easnamh ar na longaibh. Bhí faid céad míle de chábla 'sa mbreis ag na longaibh fós, agus dá bhrigh sin shocruigheadar ar fhilleadh arís dá n-imtheochadh éinnidh ortha sul a mbeadh céad míle siubhalta ag ceachtar aca. Dá mbeireadh tionóisc ortha i n-a dhiadh san rachaidís go Cóbh Chorcaighe chomh maith is do b'fhéidir é. Dá réir sin, snadhmadh an cábla arís, agus chum siubhail leó. Bhí ag eirghe go maith le gach nidh, agus an uain féin go háluinn go dtí go raibh 146 míle de'n chábla scaoilte amach ag an Agamamnon agus í 112 míle ó'n ionad choinne. Annsoin do scar an cábla. Locht a bhí 'san cheirtlín deiridh ó'n suathadh tugadh do 'nuair
bhris na tonnta isteach 'san árus le linn an stuirm. I n-aindeoin an tsocruighthe do bhí déanta, d'fhill an Agamamnon ar an ionad choinne arís. Chaith sí féin is an Chródhach 92 seachtmhain timcheall na háite i n-aindeoin ceoidh is gaoithe: acht ní fhacadar rian ná tuairisc na long eile, agus ghluaiseadar go Cóbh sa deireadh. Thán- gadar annsúd an 12 mhadh lá d'Iúl. Bhí an Niagara ann feadh seachtmhaine rómpa. Lean a fuireann súd an chómhairle bhí ceaptha roimh ré. Níor bh'fhada go raibh an tionóisc i mbéal gach éinné. Tionóladh an Bórd arís. Mhol a n-uachtarán .i. Liam Brún, ridire, 93 dhóibh eirghe as ar fad, a raibh de'n chábla ar bórd na long do dhíol, agus an t-airgead do riaradh ortha so thug uatha é. Níor ghéilleadh dó. B'é críoch an scéil go ndeachaidh an loingeas ó Chóbh Chorcaige amach arís an 17 mhadh lá d'Iúl 1858, gur shroich an Niagara an sean-ionad choinne sé lá ní ba dhiadnaighe, is go raibh na longa eile ag teacht i ndiaidh ar ndiaidh go dtáinig an Agamamnon an 29 mhadh lá d'Iúl. Ceangladh í féin is an Niagara dhá chéile le slabhra láidir annsoin, tugadh ceann an chábla ar bórd an Agamamnoin, snadhmadh dhá cheann an chábla, agus scaoileadh amach é. Bhí 1,500 feadh de dhoimhneas 'san bhfairrge mar ar scaoileadh amach é. Agus 200 feadh dhe'n chábla scaoilte amach, gearradh an slabhra mór, agus seo an dá luing chum a dtíortha féin. Gach deich míle de'n chábla dár leagadar chuireadar scéala chum a chéile. Fé cheann tamaill bhig aimsire chuaidh cábla an Agamamnoin i ngiorracht snáthaide do bheith i n-achrann i míol mór. Chuaidh gach nidh chum cinn feasta, ámh, acht locht beag do bheith 'san chábla annso is annsúd agus imshníomh ar na fóirnibh anois is arís dá réir. Uair áirithe go deimhin thuit an lug ar a lag ortha. Bhagair snáthad an ghléis ghlactha 94 ar "chré marbh," 95 agus saoileadh gurab amhla loiteadh an cumhdach folachtain. 96 Acht ceartuigheadh é fé cheann cúpla neómat, agus tháinig na cómharthaidhe 97 ó'n Niagara mar ba ghnáth.
Bheir an droch-uain ar an Agamamnon anois arís, i dtreó is gur dóghadh mórán guail is gur bh'eagal leis an bhfuirinn ná féadfaidhe Dairbhre do shroichint. Bhí gála gaoithe i n-a gcoinnibh, agus bhí an uain chomh garbh san gur bhaoghal leó gach neómat go mbrisfidhe an cábla is an long ag tuitim go trom is go minic i logaibh na fairrge. Rud eile dhe: ba dhá dhóbair do luing ó Aimeirce darabh ainm an Taoiseach 98 dul i n-achrann 'san chábla is a leath scaoilte amach. Dhéanfaidhe an tiubaiste muna mbeadh gur athruigh an Agamamnon a cúrsa go fíor-obann i slighe is go ndóbair di an cábla do ropadh is an Taoiseach i ngiorracht cúpla slat di, cé gur chaith an Chródhach trí urchair ag bagairt uirthe, is an Agamamnon féin urchar. Fé cheann tamaillín tugadh fé ndeara go raibh na cómharthaidhe teintrigheachta ag dul i laige, agus annsoin stadadar ar fad go ceann trí ceathramhna de uair a' chluig. Locht éigin a bhí 'san cheirtlín srang i seómra faire an Niagara. Cuireadh so i n-a cheart gan mhoill, agus bhí dóchas ag an bhfuirinn feasta ná beadh de ghábhadh aca choidhche urchar do chaitheamh fé mar bhí ceaptha chum an tubaiste do chur i n-iuil. Fé bhreacadh an lae go háirithe dúisigheadh iad uile le fothram árd, is thángadar aníos. B'áthas leó uile a thabhairt fé ndeara nár bh'é Gairm an Tubaiste é acht an Chródhach ag scaoileadh na n-urchar go tiugh fé bhárc eile ó Aimeirce a bhí ag teacht treasna ar dheireadh an Agamamnoin. Thángadar saor ó'n dara chonntabhaipt. Mothuigheadh fé thráthnóna go raibh an sáile éadoimhin i n-athchumar dóibh sa deireadh; fé mheadhon oidhche bhítheas ag leagan an chábla i n-uisce nach raibh thar dhá chéad go leith feadh i ndoimhneas. Go luath tráthnóna lae ar na bháireach dhein an dá luing cómharthaidhe le n-a chéile chum a chur i n-iuil ná raibh de sháile fé cheachtar aca acht dhá chéad feadh i ndoimhneas. Fé mheadhon oidhche bhí an teach soluis i Sceilg Michíl le feicsint ó'n Agamamnon; fé eirghe an lae bhí an long is a comhluadar fé scáth na gceann tíre atá ag cosaint cuanta Chiarraighe ó thúis an
tsaoghail. Lucht irise dá raibh i láthair d'admhuigheadar nár leagadh súil chinn riamh ar radharc ní b'áilne: an fhairrge mhór mar bheadh sí i n-a suan acht cubhar na dtonn go geal ar bruach trágha, an drúcht ag eirghe as na gleann- taibh glasa, an ceó ag dul i ngile fé ghréin na maidne ar éadan gacha sléibhe. Fé n-a sé a chlog do ghluais an Agamamnon thar ceann an Dualais 99 isteach agus láithreach baill do scaoil sí anncaire taobh le Beiginis 100 cois Dhairbhre. Scaoileadh urchar ó'n gCródhaigh ag béal an chuain, agus bhailigh na daoine i n-a dtimcheall ó gach árd. Leis sin tháinig scéala ó'n Niagara i dTalamh an Éisc. Bhí an cábla ar dtír annsúd fé'n tráth céadna. Níor imthigh aon nidh ar an Niagara le linn an iomrámha acht gur casadh carnáin leacoidhre uirthe i ndeireadh na scríbe, agus cuid aca céad agus fiche troigh ar aoirde. Faid 1,030 míle de'n chábla do leag an Niagara, faid 1,020 míle an Agamamnon. 2,050 míle de'n chábla bhí fó mhuir do réir an áirimh sin. Go luath tráthnóna agus ceann an chábla dhá thabhairt ar dtír i nDairbhre scaoil an Chródhach a thuilleadh urchar. Bhí máirnéalaigh is uaisle ag tnúth le chéile féachaint cia aca thabharfadh ó'n mbád isteach an cábla. Tomadh Ridire Chiarraighe 'san uisce de bharr an deithnis. B'é críoch an scéil gur tugadh ceann an chábla isteach i n-oifig cois cuain agus ceangladh é do ghalbhanomatar 'san seómra teintrighe. Chúig neómait chum a ceathair chuir an tOllamh macTomáis an chéad "chaise teintrighe" 101 ó thír tír. Ar a ceathair bhí an chaise thar ais chuige. B'shin scéala ó Éirinn go Talamh an Éisc is thar ais i gcionn cúig neómat! An cúigmheadh lá de Lughnasa i mbliadhain a 1858 do thuit san amach, bliadhain díreach tar éis an chéad iarracht. Bhi lúthgháir ar gach taoibh de'n Atlaintic dá bharr. Buaileadh cloga na gceall agus caitheadh céad urchar i nEabhrac Nuadh ag beannughadh do'n ócáid. Níor lugha de áthas a bhí ar mhuinntir na hÉireann. Thug Árd-mhaor Átha Cliath
fleadh uaidh agus bhí de Brít an t-árdinealtóir agus na daoine ba mhó cáil 'san tír i láthair. Fé cheann seachtmhaine chuaidh dhá luing mhóra .i. an Europa is an Arabia i n-achrann i n-a chéile' san Atlaintic. Le congnamh an chábla níor thúisce bhí scéala i nEabhrac Nuadh 'ná cuireadh annso é. Ar an gcuma san deineadh úsaid de'n chábla nuadh fé mar deineadh de'n teach- tairidheacht gan srang an uair cailleadh an Titanic. Nuaidheacht eile dár cuireadh trídh bhain sé le Síothcháin 'san tSín is leis an Achrann 'san Arm is na hIndiachaibh Thoir. Agus cuireadh scéala chum Riaghaltais Chanada ag órdughadh dhóibh gan saighdiuiridhe do scaoileadh ó'n dtír sin fé mar bhí ceaptha. Sábháladh suas le 60,000 púnt airgid de bharr na teachtaireachta san ar leithligh. Cuireadh suas le seacht gcéad go leith teachtaireacht tré'n gcábla ar fad, agus theip air annsoin. Acht deisigheadh é leis an aimsir, agus leagadh cábla eile maraon leis fé'n am chéadna. Is iomdha cábla eile do leagadh ar fuid an domhain ó shoin, agus ní beag an feabhas do chuireadh ortha ó am go ham. Acht, scéal eile é sin, agus nochtfar é trath éigin eile. TÓITHÍN.
CAD DFHÉADFAIDHE DHÉANAMH LEIS AN MHÓIN. Na mílte is na mílte bliadhain ó shoin, insan aois a dtugtar Pleistocéné mar ainm uirthi ag lucht talamh- eólais, do bhí foraoise móra de chrannaibh daraighe is giúise agus de chrannaibh eile nach iad, a chlúduigh aghaidh na tíre seo go léir. Do bhí Éire agus an Bhreatain mhór ceangailte dá chéile insan aois sin agus dfhulaing siad cruas agus daordháil na haoise móire oidhre. Nuair a chuaidh an oidhir ar gcúl do deighleadh Éire ón Bhreatain agus do rinn móin de sna coilltibh móra. Is follus dúinn gur bh'eol do dhaoinibh, roimh an aimsir go bhfuil aon chunntas againn uirthi, go raibh an mhóin oireamhnach chum adhbhar teine do dhéanamh dí. Deireann an Seanchas Mór go mbaintidhe fóda móna de phort agus tá trácht ann ar mar a bheirtídhe abhaile iad nuair a bhídís tiormuighthe. Luadhann an leabhar céadna smacht- bhann ar éinne a ghoidfeadh iad. Is dóigh liom, ón méid adeireann dlighthe na mBreitheamh gur le treabh nó le muinntir áirighthe do bhain an mhóin agus gan a phíosa féin bheith ag gach duine fé mar bhíonn indiu. Is docha ná fuil aon tuairisc againn go ndhéantidhe teine den mhóin sul ar scríobh Pliní a stair nadúrtha. Nuair a bhí an t-ughdar san ag cur síos ar threabhaibh na Gearmáine thíorthuaidh, dubhairt sé mar leanas: Ulva et palustri junco funes nectunt ad praetexenda piscibus retia; captumque manibus lutum ventis magis quam sole siccantes, terra cibos et rigentia septemtrione viscera sua urunt. (Vol. XVI., 1.1.) Chítar do dhuine ar bith a fhéachas ar léarscáil go bhfuil mórchuid dár dtír fé'n mhóin. Ní gábhadh a rádh dá
ndéantaidhe úsáid ealadhanta den mhóin gur iomdha déantús do bfhéidir a chur ar bun. Is mór is fiú é, gan amhras, don stát. Dubhairt Risteárd Sancí i bhfiadhnaise Comhdhála Tionnscail a bhí i gCorcaigh sa bhliadhain 1902 "gurb iad fíormhianacha óir Éireann na móinte, agus go mbeadh sé ar ár gcumas le n-a gcabhair iomaidh do dhéanamh le na Sasannachaibh i ngach saghas oibre." Is éifeachtach an rud é an mhóin i n-ionad guail i ngach treó, agus is fearr í 'ná an gual uireanta. Is ádhmharach an tír í Éire, i gcompráid le tíorthaibh eile, mar tá reidhse mhór den mhóin aicí. Deirtar go bhfuil os cionn trí millúin acra den mhóin i nÉirinn má chialluigh- eann móin an mhóin ruadh agus an móinteán. Is ionann sin agus a rádh go bhfuil an seachtmhadh cuid den tír fé chlúdach móna acht i n-áitibh áirighthe níl an mhóin chomh doimhin is atá sí i n-áitibh eile. Na móinte atá cothrom réidh tá geall le milliún acra ionnta, agus tá na móinte sin i bhfad níor luachmhaire 'ná na móinte eile. Níl an mhóin le fágháil go fairsing acht amháin 'sna tíorthaibh atá idir creasanna meadhonacha na cruinne. Tá an sémhadh cuid, nach mór, de Hanobher, fén mhóin, agus tá sealbh mhaith dí 'sna tíorthaibh seo a leanas .i. insan Rúis, i dTír fó Thuinn, i nDanmarc, 'san Ioruadh, i Suéd- land, agus i nAlbain. Is suarach a bhfuil dí insna tíorthaibh seo, .i. insan Fhraingc, sa Ghréig, 'san Eilbhéis sa Spáinn agus 'san Eadáil. Tá níos mó acra den mhóin sa Ghearmáin, mar a bfuil 5,600,000 acra den tír clúduighthe léi, 'ná i nÉirinn, mar a bhfuil trí milliún acra dhí. Is mó abhfad atá i nÉirinn, amhthach, 'ná mar atá i mBabharia, mar a bhfuil 185,000 acra, agus in Austria-Ungaire i n-a bhfuil 100,000 acra, agus insan Eilbhéis nach fuil innti acht 12,000 acra. Do cruinneghadh Cómhdháil i dtaoibh na móna i mBaile Atha Cliath sa bhliadhain 1907 (Proceedings of the Royal Dublin Society, 1907), agus do tugadh tuairisc dúinn ar bhreis is milliún acra den mhóin cóimhréidh agus ar leathmhilliún acra nó mar sin den mhóin sléibhe. Do roinn muinntir na Comdhála na móinte do réir na
n-abhann a ghabhann tríotha. Dubhradar go bhfuil furmhór na móna go leathan réidh i meadhon na tíre. Na móinte is mó le fágháil, i Muigheó atáid. Tá 36,000 acra i móin Almhaine. Tá cunntas ar thrí móinte fichead sa tuarasgabháil atá níos mó 'ná móinte na Mainge uachtair i gCiarraighe i n-a bhfuil 8,566 acra, agus níos lugha 'ná móinte Mhuigheó. Tá 176,000 acra nó mar sin fé mhóintibh beaga, nár thugadar aon tuairisc ortha. Deirtar go bhfuil an oiread sin den mhóin i nÉirinn is nach caithfaidhe go ceann seacht gcéad bliadhain. Do tugadh iarrachtaí fé usáid do dhéanamh den mhóin mar adhbhar teine i rith an chéad bliadhain seo do ghaibh tharainn, acht níor éirigh leó nó do stadadh den obair tar éis tamaill. Easbhaidh eólais a bhí ortha. Ar a shon sin amh, ní tógtha ortha é, mar níor chuir muinntir dúileólais aon tsuim sa mhóin ná insna rudaibh a bhí le fagháil aisti go dtí le deireannas. Is eól dóibh anois, ámh, go bhfuil na cúig rudaí céadna .i. Cárbón, ocsaoigein, Hiodroigein niotroigein, ruibh, insa mhóin agus i ngual agus i lignite. Mar sin féin, níl an méid ceadna aca do réir a chéile sa mhóin agus sa ghual agus sa lignite. Nuair bhaintar an mhóin den phort, bíonn 90% d'uisce innti, acht má leagthar ar an talamh í fé thaithneamh na gréine agus má leasuighthar í do réir ghnáthúsáide, ní bhionn acht tuairim 25% d'uisce innti agus í tirim. Is féidir anois, amhthach, feidhm do bhaint as inneal rómhair agus as inneall carttha (excavators and dredgers) chum móin do bhaint, agus da bhrígh sin ní bhíonn an obair chomh trioblóideach is mar do bhíodh. Tá boscaí chum tíortha ann, freisin, chum an mhóin do thiormughadh. Bíonn cuid aca daingean agus roinnt eile aca ag casadh. Ní bhíonn acht caolchuid den mhóin nach féidir a dhoghadh, agus gheibhtar i n-a luaithreadh í tar éis an dóighthe. Is é an comhartha is fearr le déanamh amach cad is fiú an mhóin mar ádhbhar teasa 'ná, an méid luaithridh a fágthar in-a diaidh. Má bhíonn breis agus an ceathramhadh cuid dí i n-a luaithreadh ní fiú dada an mhóin mar chonnadh. Is maith an saghas móna é ná bíonn niós lugha ná 5% de
luaithreadh ann, acht má bhíonn breis is 10% níl aon mhaitheas innti. Do scrúduigh Roibeárd O Catháin (Pro- ceedings of the Royal Irish Academy, 1844) sompla móna a tháinig ó Chill Beagán i nIarmhidhe, agus do fuair sé amach nach raibh acht 1.83% de luaithreadh innti. Do scrúduigh sé sómpla eile a tháinig ó Chill Beathach i gCondae an Chláir agus do fuair sé go raibh 8.06% de luaithreadh inntí. Is iomdha substaint organach atá le fágháil sa mhóin agus is dócha go mbéidh lucht caladhan dá scrúdughadh go ceann abhfad fós. Nuair bhíonn móin éadtrom caonamhail tirim, bíonn 18%, nó mar sin, de cellulose innti i bhfuirm snáitheann scaoilte. Is féidir tanach nó alcóthol do bhaint asta san gan puinn trioblóide. Fuaradh amach go raibh humic acid, céir, róisín, tannire, cellulose agus pentosane ar na hadhbharthaibh is luachmhaire atá le fágháil i móin tirim. Do réir Von Feilitzen (Berichte der deutschen chem. gesell. 1905), téigheann an cellulose is an pentosanes i laighead go tapaidh, do réir doimhne sraithe na móna. Deimhnightar go 'bhfuil Dopplerite i móin na hÉireann i n-a dteannta san (Proc. Royal Dublin Society, Vol. X., 1903). Ní dearnadh de ghnáth i nÉirinn, go nuige seo, acht an mhóin do bhaint agus do leagadh ar an bport chum í do thíoradh gan í do leasughadh ná do shaothrughadh. Nuair saothruighthar an mhóin mar is cóir, í chur tré inneall agus i do thiormughadh fén ngréin, bíonn dá dtrian an oiread teasa innti is do bhíonn i ngual mhaith. Saoth- ruightar an mhóin go fhairsing sa Ghearmáin, sa Rúis agus i gCanada i gcóir traen ngaile. Do bheadh sí róthoir- teamhail muna gcurthaidhe tré inneall í chun í do mheilt agus í do ghearradh i n-a miotaibh beaga, agus annsin í do dhlúthughadh le chéile. Do déantaidhe an mhóin do bhrughadh le hinneallaibh móra sa Rúis agus sa Ghearmáin. Luadhtar go ndéantaidhe an mhóin do leasughadh, ar chuma éigin, i gcóir teine, os cionn deich mbliadhna is trí fichid o shoin láimh leis an gCeapóig i Móin Almhaine. Acht gan cumas thar na beartaibh ní féidir an mhóin do leasughadh
is do mheilt ionnus go mbheadh sí chomh maith le gual, mar tá sí ró-aithphreabach. Do nochtuigheadh le cabhair miocros- cópa gur snáitheanna fighte tré chéile atá mar adhbhar d'urmhór ár gcoda móna, agus dhá bhrígh sin, ní brughadh atá ag teastáil uaithi acht na snáitheanna do bhriseadh agus do mheilt chum nach fanfadh rian snáithe innti. Tar éis an mhóin do chur tré inneall mar seo, leagthar fén ngréin í, agus is gearr go mbíonn sí chomh cruaidh le gual, agus chomh éifeachtach san chun gaile do dhéanamh gur féidir úsáid do dhéanamh dí i n-ionad guail i gcóir gach gnó. Tá caoi ceaptha ag M. Ecenberg chum an mhóin do bhriseadh is do mheilt. Tar éis í do bhriseadh is do ghearradh, cuirtar i n-oighean í. Ní foláir an t-oighean bheith fé ghoradh 150° — 200° F. Déintar cárbón den mhóin sa soitheach sin tré bhrígh uisce agus aeir teó. Bíonn an mhóin cosmhail le lignite i n-a dhiaidh sin. Acht bíonn 8% — 14% d'uisce innti fós agus baintar an t-uisce aisti le teas. Déantar brící dhi i n-a dhiaidh sin. Ní bhíonn leath an oiread ruibhe inntí annsan is a bhéadh sa ghual agus is beag ná fuil an oiread céadna de bhrígh theasa innti. Móin do leasuigheadh ar an gcuma san do bhuaidh sí ar an ngual sa Rúis agus sa Ghearmáin agus i Suédland. Is fearr abhfad móin na hÉireann 'na móin na hEórpa maidir le na hadhbharaibh atá innti. Dá bhrígh sin, déineann sí gualadhmad thar barr, ó's amhlaidh ná fuil innti acht atharrughadh ón luibh chum bheith i n-a méanach. Nuair a bhíonn iarann dá leaghadh aca, tá sé riachtanach ortha an teas is mó do sholáthar. Tá sé dfhiachaibh ortha, ar an adhbhar sin úsáid do dhéanamh dé chóc nó de ghual adhmaid. Is furus a fheicsint nach féidir an chruaidh do dhéanamh go maith mara bhfuil an gualadhmaid glan. Sin é an fáth gur fearr an t-iarann a thagann ó Suédland ná aon iarann eile, a gcuid gualadhmuid do bheith go maith glan. Nuair a chuirimíd móin na hÉireann i gcompráid le móin iasachta agus nuair a chímíd na buadha atá innti, thar móintibh eile, is léir gur mór an sealbhas atá againn agus gan sinn ag déanamh úsáide dhe.
Is fios dúinn, freisin, gur fearr go mór 'ná gual an mhóin do bhéadh comhdlúighte (condensed). Fágann an gual mórán luaithridh, beireann sé amach deatach tiugh ceómhar, agus is gearr go meathann sé píopaí agus comhlaí. Ní fhágann an mhóin chomhdlúighte amh, an oiread céadna luaithridh i n-a diaidh. Ní bheireann sí amach acht beagán deataigh, nach fuil chomh garbh le deatach guail ar chor ar bith. Ar an adhbhar sin, mionúirlisidhe a déantar le n-a cabhair bíonn seasamh fada ionnta. Dá éagmuis sin, cailltar cuid mhaith den ghual ó bheith 'gá chorraidhe ó áit go háit, acht ní théigheann acht fíorbheagán den mhóin ar neamhnídh ar an gcuma céadna. Má cuirtar an gual i dtaisce, téigheann sé i n-olcas, acht an mhóin chomhdhlúighte is amhlaidh théigheann sí i bhfeabhas. Chífar ón méid sin nach é amháin go bhfuil an mhóin chomhdhlúighte chomh maith le gual chun teasa acht go sáruigheann sí an gual ar chumaíbh. Muna dtéigheann déantúisí na hÉireann chun cinn, ní heasbhaidh teine a bhéidh ortha. Deirtar go bhfuil adhbhar cúig milliúin tonna meádhachan de mhóin chomhdhlúighte i nÉirinn agus nach beidh sí caithte go ceann seacht gcéad bliadhain. Do dheimhnigh Riaghaltas Suédland tamall beag ó shoin gur fiú an mhóin do shaothrughadh nuair a bhíonn an gual sé scillinge déag an tonna, nó os a chionn. Ní fuiris áireamh do dhéanamh ar an méid airgid atá dá chailleamhain ag muinntir na hÉireann tre bheith ag ceannach guail ar deich is trí fichid an tonna, seochas móin a ndóithin do bheith cruachta ullamh aca i gcóir a ngnótha. Tá leathchuma mór ag Éireannachaibh ar dhaoinibh eile, mar gheall ar reidhréimseacht a dtíre, i dtaoibh saoth- ruighthe na móna. Ní bhíonn acht céad lá nó mar sin aca i gCanada i gcóir an mhóin do bhaint agus do shábháil toisc a móinte bheith i n-a lic oidhre aon tráth eile. Samhluighthar gur bh'eól dóibh os cionn dhá chéad bliadhain o shoin i nÉirinn gur mhaith an rud an mhóin i gcóir leasuighthe talmhan. Do cuireadh "Stair nadúrtha na hÉireann" amach ag an dochtúir Gearóid Boate i mbliadhain 1645. Dubhairt sé sa leabhar sin go ndéantaidhe úsáid den
mhóin go fóirleathan mar aoileach agus "is maith tairbheach an rud í i n-a chóir sin" ar seisean. Tá caoi ceaptha ag A. Muritz agus A. G. Girard i bParaois chun nitrates comhshamhluighthe (assimilate) do dhéanamh de sna nitrates atá sa mhóin, agus é fé phaitean aca le deich mbliadhna. Is iomdha toradh is féidir a tharraing as an mhóin, freisin, acht í do dhríogadh, tarra móna, íle móna, íle sholuis, íle paraifin, pic agus tanach. Do gheibhtar gas móna, leis, ó sna lúbanaibh (retorts) agus an mhóin 'gá dríogadh. Is cosmhail le gas guail an gas san agus is féidir úsáid do dhéanamh de chum soluis. I n-a theannta sin, do gheibhtar cresol is fenol ó dhríogadh móna. Do thug an Mond Gas Co i Londain, agus Crossley Brothers i Manchuin, agus Carob Franc sa Ghearmáin, iarrachtaí chun gais do tharraing as an mhóin i gcóir inneall ngais. Déineann siad an mhóin do dhríogadh ar chuma áirighthe agus ní hamhám go bhfaghaid siad an gas acht gheibheann siad cóc agus noitrogéin i bhfuirm ammonium sulphate i n-aonacht leis. Tá paitean ag H.C. Woltereck as Carn Locha i nAontrum, mar a bhfuil an obair ar siubhal aige, chum ammonía do dhéanam den niotrogéin atá sa mhóin. Cuirthar an mhóin tré fuirnéisibh áirighthe i n-aonacht le haer is le huisce agus do gheibhtar mórán tairbhí eile aisti, eadhon, tarra parafín, acetic acid agus ammonia. Ní féidir liom, annseo cur síos iomlán do dhéanamh ar an gcaoi atá aige. Déantar úsáid freisin, de sna préamhaibh móna i n-ionad olna. Cuirthar 75% de shíoda na móna le 25% d'olainn caorach i gcóir straillí agus éadaighe garbha den chinéal sin do dhéanamh. Déintar éadaighe láimhliaghachtacha den adhbhar chéadna. Is forus olann mhóna do dhéanamh den sraith uachtair den mhóin sléibhe, mar bíonn sí chomh bog scaoilte sin. Do déineadh iarracht ar éadach do dhéanamh de cheannbhán bán acht níor éirigh leó. Dó bhí sé ródheacair na ceallaí do bhriseadh i n-a sreangannaibh fé leith. An mhóin éadtrom a bhíos ar uachtar agus go mbíonn a Lán de phréamhaibh slán innti, tuigthar gur féidir páipéar garbh marthanach a dhéanamh di. Ní forus a dhéanamh, ámh,
mar gheall ar é bheith chomh deacair sin an humic acid agus an ghainimh do scaramhaint uaithí. Is costasamhail an rud é, leis, a bhánadh. Siné an fáth nár éirigh leó páipéar móinteach do déanamh ionnus go mbéadh luach a saothair aca. Do déantaidhe páipéar garbh, i gcóir ceangaltán do chuairceadh, de phréamhaibh móna acht 15% de cheir- teachaibh do chur leó. Do dhéantaidhe cártaí posta, freisin, den adhbhar chéadna acht do bhíodh dath crón ortha. Tá caoí fe leith ag C.E. Nelson chum páipéar do dhéanamh dí agus tá teach céirde ar ocsailt aige i gCarac, i Michigan le trí bliadhna déag. An muileann páipéir, do bhí i gCill Droichead tá sé dúnta ó bhliadhain a 1905. Do bhí muileann cosmhail leis i bhfoigseacht Admont, baile mór i nAustria, agus do thuit an míádh céadna air. Deimhnighthar nach deacair tanach do tharraing as móinteach liath éadtrom. Nuair bhíonn an mhóin sin tirim, glan ó luaithreadh, tá tuairim 18% de chellulose le fágháil as na sreangannaibh. Is féidir 12% de thanach do bhaint as móin thirim. Do bhí céad púnt de mhóin tirim ann agus do fromhadh gur féidir sé púint glan de thanach a tharraing aisti. Deir R. W. Wallace agus Sir W. Ramsay gur féidir chúig ghalúin fichead nó sé ghalúin fichead de thanach do tharraing as tonna meádhachan den mhóin. Déineann siad an mhóin do bheirbhiughadh le huisce agus beagán sulphuric acid. Leagann siad aol uirthi i n-a dhiaidh sin agus silthear an suathachan go léir. Bíonn an tanach sin maith go leór chum gluaisteán do thiomáint. Níl tír eile sa domhan go mbeadh a leithéid d'adhbhar saibhris is comachta aice agus gan tairbhe 'ga bhaint as. Tá an cheist seo chomh tábhachtach sin fé láthair gur cóir don Stát féin móinte na hÉireann do stiúradh agus do réidhtiughadh. Tá súil agam nach fada go mbéidh riaghaltas againn a thiubhraidh aire don nidh sin. Tá an mhóin go flúirreach againn acht i n-ionad úsáid do dhéanamh dí, bíonn an gual againn 'ga thabhairt ón mBreatain agus easair mhóna ón nGearmáin. Tá an gual chomh daor sin agus ceist na n-oibridhe bun-os-cionn agus gach nidh,
beagnach, tré chéile, go bhfuil sé riachtanach againn úsáid a dhéanamh dá bhfuil againn. Mar gheall air sin, tá sé d'fhiachaibh ní hamháin ar an riaghaltas acht ar mhuinntir na hÉireann agus ar gach duine fé leith a chion féin do dhéanamh i dtaoibh an ruda so. Tá súil agam nach leigfidh siad tharsta rud is cóir dóibh a dhéanamh agus go mbéidh toradh ar a saothar leis. CARN BÁN.
COMAOINEACHT. Ní rud nuadh é comaoineacht bíodh go ndéantar uathbhás dí ar na mallaibh. Bhain na céad Críostaidhthe an chiall as teagasc ár Slánuightheóra gur mhair siad i gcoitcheann gan bhuantsealbh ag aoinneach ar aon rud. Dhíol siad a rabh aca agus thug an luach do chiste na n-aspal le caitheamh ar oileamhaint agus ar earraidhe don tsluagh i gcoit- cheann; agus tugann an scríobhnóir mór Frangcach an tAthair Fuaird fá'r ndeara narbh eadh smuaineadh nuadh é imeasc na nIudaigheach, óir gur mhair na sagairt a tháinig do fhreastail sa Teampoll i gcoitcheann; agus gur lean na Phairisíní a sompla súd; chuireadar cumainn ar bun in ar chaitheadar a bproinn gach lá le chéile. Agus bhí drong daoine fá leith a dtugtaidhe Esséiní ortha agus ní rabh aon deighilt eidir a gcuid earraidhe. Lean na Críostaidhthe nó cuid aca ariamh ó shoin don nós chéadna ins na mainistribh agus ins na clocharaibh ar fud an domhain. Acht tá an deithbhir seo eidir chomaoineacht na ndaoine sin agus an chomaoineacht ar a mbíonn trácht ar na haimsearaibh seo agus ar a bhfuilmíd ag tagairt annso: gur dá ndeóin féin do ghlacadar na daoine úd leis an gcomaoineacht agus mar gheall ar Dhia: agus gur mar gheall ortha féin atá daoine indiú ag iarraidh chomaoineachta. Tugtar boichte ar chomaoineacht na manach agus na mbanriaghalta acht ní ag súil le bochtanacht a bhfuil sóiséalaidhthe agus comaoinidhthe ag éileamh gach earraidhe do bheith i gcoit- cheann. In ar dtír dhúthchais féin téid an cumanntas abhfad siar in ar stair: chomh fada siar is téid an stair féin; acht ní rabh cumanntas earraidhe ann acht cumanntas talmhan. Chan fhuil an tuairisc chomh beacht againn is
budh mhaith linn ar ghabháltas talmhan i sean Éirinn. Is dóigh linn go bhfuil an t-eólas le fághail i leabhraibh an fhéineachais, acht ní rinneadh staidéir bheacht ortha fós. Ins an leabhar do scríobh Labhras Mac Fhionnghail tá mórán rud deas Le léigheadh acht ní iontuigthe as ar fad, goidé an riar do bhí ar sheilbh na talmhan. Cuireann Eóin Mac Néill in aghaidh na tuairme do bhíodh ag mórán daoine gur athrannadh an talamh go minic acht ní nochtuigheann sé dhúinn an modh in ar tugadh a gcuid talmhan féin do mhuintir gach tuatha. Acht tigeann gach staraidhe le chéile san tuairim gur bha le muintir na tuaithe talamh na tuaithe. Thugadar sealbh sealadach nó buantsealbh do dhaoinibh áirighthe acht ón treibh fuair sé an tsealbh sin. Is i bhfuirm talmhan ba ghnáthach tuarastal nó buantabharthas do thabhairt do hoifigíbh nó feadhmanaigh do rinne seirbhísigh phoiblidhe. An rí nó an flaith bhí roinnt de thalamh na tuaithe ag dul dó. An biadhtach fuair sé fearann talmhan mar chúiteamh dó in ar chaith sé ag coinneáilt bídh do lucht siubhail. An t-árdollamh, an breitheamh, an t-ollamh le ceárduidheacht, an t-árd- oirfididhe agus bh'éidir mórán oifigeach poiblidhe eile do bhíodh sealbh fearainn talmhan ag dul dóibh mar thuarastal nó buantabhartas. Acht taobh ba thiar díobh san go léir do bhí na céilidhthe nó lucht na tuaithe agus do bhíodh comhshealbh aca i n-urmhór na talmhan; ins an talamh mhaith, go háithrid an talamh intreabhtha, do bhíodh teóranna, acht is dóighthe go mbíodh dream éigin daoine, an fine, i gcór fá chuibhreann talmhan taobh istigh de ghac teorainn. Agus an talamh bán agus na coillte agus na portaigh do bhíodh siad saor do ghach saorchéile san treibh le haghaidh eallaigh do chothughadh, le haghaidh fiadhaigh, le haghaidh móin do bhaint, agus le haghaidh mórán rúd eile. Bhí an cór suidhte go láidir in economacht na nGaedheal. Is dóigh linn gur mhair sé in aimhdheóin gach reacht Gallda anuas go dtí n-ar linn féin agus go bhfuil sé le fagháil fós i mórán áiteann in Eirinn. Agus ní hé amháin go rabh an cór go láidir agus comhshealbh ag gach saorfhear den chineadh (ní cosmhail go rabh aon
chomhshealbh talmhan ag na mnáibh bíodh go mbíodh buantsealbh aca ar earraidhe éigin dá gcuid féin) acht cuireadh roinnt den talamh ar leith le haghaidh seandaoine agus daoine nach rabh in innmhe aire thabhairt do thalam nó dóibh féin; rud gur mhaith le comaoinidhthibh an lae indiu do bheit ann. Ar an adhbhar sin is follus gur do réir comaoin- eactha do bhíodh sealbh na talmhan imeasc Gaedheal chomh fada is bhí a reacht féin i bhféidhm. Chá rabh dlighthe na Rómhánach fábhrach don chumannacht acht badh eadh an réim fheodalach do chuir deireadh le gach cumannacht i roinn na hEórpa. Dlighthe míleadhta do b'eadh an réim fheodalach. Nuair do mháidhin na cineadha fiadhaine ar lár na hEórpa agus ón tuaisceart anuas ar an Impireacht Rómhánach agus ar a coilinídhthibh in iarthar Eórpa do bhíodh taoiseach troda nó ceann cogaidh aca agus nuair ghabhaidís tír nó tuath dar leo ba fearr dóibh roinnt na tíre dfhágáil faoi an taoiseach. Tháinig de sin an bunsmuaineadh gurbh leis an taoiseach (bhíodh ainm ar leith aige mar atá rí, nó flaith no tighearna, agus l.) an tír nó an tuath agus gur uaidh do fuair gach duine eile a ghabháltas féin. Do bhronn sé fearann leathan ar na taoiseachaibh is mó do chuidigh leis ins an chogadh. Cuireadh as sealbh muintear dúthchasach na tíre agus chá rabh ionnta acht daoscar sluagh nó aitheach tuatha feasta. Is follus ón méid adubhramar go bhfuil an bunsmuaineadh san réim fheodalach díreach contrardha don bhun- smuaineadh sa chumannacht agus nár bh'éidir don dá mhodh mairthin i gcomhluadar le chéile. Rug an réim fheodalach an bhuaidh ar feadh mórán aoiseann, agus chuaidh an chumannacht i neimhnídh. Do mhair sí in Éirinn níos maille 'ná in aon tír eile i Roinn na hEorpa acht tolladh a croidhe ag cath Chionntsáile sa bhliadhain 1602, agus ó shoin i leith cha rabh cumannacht i ngníomh in aon tír go dtí 1917 nuair chuir Boilsibhící saorstát cumannacht ar bun sa Rúis. Do cailleadh bunsmuaineadh na cumannachta agus is do réir a chéile nochtuigheadh arís é tuairim is céad bhliadhain ó shoin. San Atharrughadh Mór san Fhraingc
(1789-1794) do cuireadh an iomad de smuaintibh aite thríd a chéile, acht is tearc duine chuimhnigh ar sheanreacht na hEorpa sul ar cuireadh reachta míleadhta i bhfeidhm. Do bhí scríobhnóirí éigin ann roimh an am sin féin, mar Bholtaire agus Rousseau san Fhrainnc agus Cant agus Hégel sa Ghearmáin do chuir daoine ag smuaineadh ar neitheannaibh go leór agus do thúsnuigh fiosrachas nár ghnáthach roimhe sin go háithrid ar cheisteannaibh creidimh. Feallsamhnacht adhbharach chorpordha agus ainchreidmheach do theagasc siad agus ó nach rabh, dar leo, an darna saoghal ann do cheap daoine go mbudh cheart an t-oll- mhaitheas is mó is féidir do bheith ag daoinibh ar an saoghal so. Do bhí rian na feallsamhnachta sin ar na céad daoinibh do scríobh ar shóisealacht agus ar chumannacht is i Sasanaibh (agus in Éirinn) tháinig na scríobhnóirí seo chum tosaigh ar dtús. Godbhin agus Owen agus Uilliam Mac Thomáis ó Chorcaigh na daoine ba mhó cáil ortha. Dar leo seo is féidir an cineadh daoine dfheabh- sughadh go dtí pointe amgealda acht go bhfuighbhidís oideachas saoirse agus comhroinn in ollmhaitheas an tsaoghail. Do theagasc Uilliam MacThomáis mar theag- ascann gach Sóiséalaidhe fá láthair gurab obair amháin do bhéarann luachmhaireacht do neitheannaibh agus mar sin gur le lucht oibre do réir chirt gach nídh a déantar, agus gur mícheart buantsealbhachas agus coimhlint eadar oibrighthibh. Bhí ughdair éigin san bhFraingc fán am chéadna do bhíodh ag scrudughadh na gceisteann céadna agus ag gearradh an chasáin do Shóisealachth mar tá sí i mbéalaibh daoine anois .i. Sismondí, San Simón, Louis Blanc; agus go haithrid Proudhon. Do bhí an t-ughdar deiridh seo ní amháin ina Shóiséalaidhe acht ina ainreachtaidhe chomh maith. Acht is é an Gearmánach Carl Marcs agus a chara Frederic Engels do chuir an bhunchloch Shóisealach is doimhne agus is daingne sa talamh. Feallsamhnach géar do b'eadh Marcs, agus nuair do leag sé a intinn le ceisteannabh economacha do chuir sé snas agus slacht ar na teóiríbh do bhíodh dhá nochtadh go nuige sin. I lár na haoise do ghabh thart do luigh a ré oibre. Chuir sé
amach mórán scríbheann agus leabhar, an ceann is mo aca "Dás Capital" in ar nochtuigh sé a smuainte go hiomlán ar Shóisealacht agus ar chumannacht. Is iad seo na smuainte is mó do nochtuigh sé ar a luigheann teagasc Sóisealachta an lae indiu; óir glacann Sóis- ealaidhthe de ghach uile chineál le Marcs mar fháidh ar a dteagasc: gurab é saothar lucht oibre bhéarann luachmhaire do ghach nídh, agus gur do réir mhéid an tsaothair luach- mhaireactha an neithe. Ar an tséala sin gur le lucht oibre ní hé amháin an tuarastal is mó a gheibh siad acht an bhreis luachmhaireachta a ghnítear agus a théid fá láthair do fhear na bunmhaoine a fhostuigheas lucht oibre: gur mhídhlisteanach biseach ar bith ar airgead nó ar thrachtáil: gur le lucht oibre fosta gach bunmhaoin agus gach ollmhai- theas agus saidhbhreas athá ann cheana óir gur toradh oibre iad go léir. Is bourgeoisie agus lucht súighte brighe na n-oibreach gach fear bunmhaoine agus gach duine dá bhfuil ann acht amháin an t-oibridhe. Tá dhá nóta eile i dteagasc Mharcs do chuidigh go mór le Sóiséalacht do bhuanadh .i. do theagasc sé gur fáthanna economacha do bhí le gach éacht do thuit amach i stair an domhain. Ní headh amháin gur suarach le rádh ceisteanna creidimh, ceisteanna cineadhacha, ceisteanna pearsanta agus l., in obair an tsaoghail, acht nach rabh a leithéid de cheisteannaibh ann ionnta féin acht gur scáil gach ceann aca ón cheist economach go fiú creideamh féin; gur chum gach cineadh a Dhia féin, nó a ndéithe féin, do réir smuainte tháinig chuca on riocht saoghalta in a rabhadar: gur cheap daoine fiadhaine déithe fiadhaine dóibh féin agus do réir mar éirigheadar ní ba mhíne agus ní ba shéimhe gur cheapadar déithe ní ba mhíne agus ní ba shéimhe dóibh féin. Slighe bheathadh agus iolmhaoin saoghalta an t-aon rud amháin do rinne daoine do chorraidhe agus go ndearnadh cogadh agus sióthcháin mar gheall air sin, díreach mar chímíd fá láthair Gearmáinigh, agus Sacsanaigh agus Poncánaigh ag déanamh cogaidh is síotchána mar gheall ar a gcuid thráchtála agus a gcuid earraidhe, cibé ar bith focla bhíonn ar a bpusaibh. Adhbharacht
staramhail tugadh ar an teóir seo nó míniughadh economach ar stair. Dálta a lán teórach eile bíonn conspóid ann ar an chéill in ar theagasc Marcs an teóir acht ón méid adubhairt sé féin agus go haithrid ón méid a scríobh a chomhoibridhe Engels agus a lucht leanta isé an dóigh in ar theagasc Marcs an teóir ins an chéill dhírigh shothuigsinte .i. nach fuil sa chruinne acht adhbhar no damhna; nach fuil aon úghdar nó stiúrthóir ar an chruinne acht amháin "nádúir" a choinnigheas gach uile rud ag gluaiseacht. Níl ar an saoghal seo acht an cineadh daoine, ainmhínte agus adhbharacht agus is é an t-aon rud amháin is fiú smuaineadh air do dhaoinibh ollmhaitheas an tsaoghail do rannadh go cothrom. Ní abrann sé, amhthach, gur ceart é rannadh go cothrom, mar is iontuigthe uaidh nach fuil ceart ná cearr ann, acht gur éigin é. Beireann sin go dtí an darna pointe sinn, dar theagasc Marcs. Dar leis, tá dlighthe éigin ag stiuradh na cruinne (siúd is nach fuil ughdar dlightheadh ann) ag stiúrad beathadh an duine agus ag stiúradh comhluadaracht daoine. Deir sé gurab iomdha réim chomhluadarachta do chuir an saoghal de: gur fhóir gach réim díobh dá aimsir féin; acht gur fhás i gcomhnuidhe, taobh istigh den chomhluadaracht féin, frighid a millte. Réim an tsean Romhánachais go rabh sé lobhtha meathta nuair dfhás an Chríostuidheacht; go rabh an Chríostuidheacht caithte nuair dfhás an fheodalacht, gur taobh istigh den fheodalacht féin dfhás cnumh a loit í sul ar briseadh uirthe ag Atharrughadh Mór na Fraingce, agus geineadh réim bhourgeoisigh nó réim lucht bunmhaoine agus lucht gaimbín. Chítar do go soiléir dar leis, go bhfuil an réim sin atá againn fós ag dul i seirglighe agus go dtuitfidh sí as a chéile gan rómhoill agus gurab í réim thiocfas aisti ná an phobalacht Shóiséalach. Mar is é dligheadh na cruinne é chan fhuil dul as againn agus ní móide gur féidir linn cuidiughadh le n-a chur i bhfeidhm. Tá réim lucht gaimbín agus bunmhaoine ag dul in olcas ó ló go ló, do réir Marcs .i. saidhbhreas lucht saidbhris ag méadughadh agus boichte na mbocht ag dul i méad leis, agus is i ndonacht
a raghaidh an scéal chum nach beidh i gcumas an chinidh daoine é dfhulaingt níos fuide, agus glacfaidh an daoscarshluagh sealbh ar ghach bhunmaoine, ar gach úirléis oibre agus ar gach adhbhar ndéantúisí, agus cuirfar deireadh go deo na ndeor le réim na mbourgeoiseach. Ní abrann Marcs an leanfaidh máthair an uilc an réim Shóiséalach; acht ó fhágann sé an cheist ag an réim sin, samhlaightear go measann sé nach beidh aon chlaochlodh ar an bpobalacht Shóiséalach, ná aon ghábha leis. Sé Marcs is fáidh, mar adubhramar, do lucht cumann- achta agus lucht Sóiséalachta ar fud an domhain le breis agus leathchéad bliadhain. Ní dóigh linn gur thuig an deichmhadh cuid aca an teagasc iomlán do thug Marcs uaidh agus níl siad ar aon scéal ar chor ar bith fá'n dóigh is fearr le n-a theagasc do chur i bhfeidhm. An chéad dream do ghabh chuca a theagasc dar leo do b'é an rud a bhí ina cheann go mbeadh sealbh gach iolmhaoine ag an stát nó ag riaghaltas stát. Do shaothróchadh daoine do réir a n-acfuinne faoi chigiribh stáit agus do rannfad an stát gach ollmhaitheas ortha, agus nach do réir a saothair do dhéanfaidhe é acht do réir a dteastála. Agus ós rud é gur theagasc Marcs gurb ó dhligheadh nadúrdha agus ar éigean do thiocfadh an phobalacht Shóisealach i gcrích, agus go mbéadh an scéal ag éirghe ní ba dhona i dtólaimh go dtiocfadh an tAtharrughadh Mór, níor chuidigh siad le haon leasughadh ná feabhsughadh ar lucht oibre, agus níor ghabhadar aon pháirt i bpoiliteacht. Acht i rith na haimsire do tháinig atharrughadh intinne ar a lán aca. Cha rabh tairngreacht Mharcs dhá fíoradh. Cha rabh riocht lucht oibre ag éirghe ní ba mheasa agus cha rabh an t-athar- rughadh ag teacht. Rud eile, do thoisigh amhrus ag méadughadh ar dhaoinibh fá'n stát. Na Frangcaigh go haithrid níor mhór leo an stát, mar do bhí barraidheacht eólais aca ar chaime agus ar thiorántas an stáit. Do bhí an scéal amhlaidh roimh an chogadh mhór agus tá an tuairim sin imthighthe i dtreise fá seacht ó shoin. Fuair gach cineadh san Eoraip a leórdhóthain de riaghal an stáit le linn an chogaidh agus is dóigh linn go bhfuil a n-urmhór
bréan de iúil an stáit. Má táthar leath chomh bréan dí i dtíorthaibh eile is táimíd-ne in Eirinn ní rachaidh Sóiséalacht stáit i bhfeidhin go tobann. Fá 'n am gur thoisigh amhrus ag fás fá Shóiséalacht stáit, do cheap na Frangcaigh amach bealach eile le sóiséalacht do chur i bhfeidhm ar a dtug siad Sindicealacht agus do cheap roinnt Sasanaich gléas dóibh féin gan mórán deithbhir ann ón ghléas Frangcach .i. Sóisealacht cuideachtadh nó Guild Socialism. Sé chialluigheann Sindicealacht, go mbeadh gach monarcha, abair, i seilbh agus fá réir lucht oibre ins an monarchain sin, agus go bhfuighbheadh lucht oibre gach ar bhfiú na déantúisí do dhéanfaidís. Do bheadh an lucht oibre in a gcumannaibh féin i ngach céird agus do bheadh gach a bhain leis an chéird sin fá réir dóibh. Ní dheachaidh siad ní b'fhuide leis an scéal ar dtús, agus d'fhágfadh siad riaghaltas na tíre fá mhuintir na tíre i gcoitchinne; acht d'fhás an-éileamh leis an aimsir, go dtí gur ceapadh go mbudh cheart riaghaltas na tíre agus gach uile chomhacht agus gach uile mhaoin do bheith i seilbh lucht oibre. Do bhí na sindica- luidhthe ó thús i bhfábhar cogadh na rang agus an staile oibre mar úirleisi coitcheannda. Anuas go dtí cúpla bliadhain ó shoin cha rabh i ngach ghné Sóiséalachta acht teóir. Acht do thuit éacht amach fá'n am sin. Bhí eirghe Amach san Rúis. Bhí míshástacht annsin le Riaghaltas an Csár le fada acht ba hé leathtrom agus cruadhtan an chogaidh mhóir ba chiontach leis an Éirghe Amach fá dheireadh. Do cuireadh an Csar mór agus a chomhluadar faoi chois, agus do cuireadh Sóiséalach cliútach i gceannas na tíre .i. Cerenscí. Acht do bhí daoine i gcomhchaidreamhas leis nár Shóiséalaidhthe agus ní rabh iontaobh ag muntir na tíre ionnta. Do bhí Éirghe Amach agus Atharrughadh Mór eile aca agus tháinig na boilsibhící i réim faoi cheannas Lenin, Trotsci, agus a gcomhlucht agus do cuireadh réim Shóiséalach i bhfeidhm agus do neartuigheadh leis an Sóiséalacht ó shoin. Sóiséalacht den ghné Sindicealach atá i bhfeidhm aca. Ag seo síos na ruda is tábhachtaighe i réim Riaghaltais na mBoilsibhící: —
An Rúis do bheith ina Saorstát de Shóibhéataibh, de oibrighthibh, de shaighdiúiribh, agus de Scológaibh (Soibheac — .i. focal Rúiseach ar chumann). An Saorstát deanta suas de Saorstátaibh Sóibhéatacha náisiúnta comhcheangailte le chéile. Deireadh do chur le fóiréigniughadh daoine daonda ag daoinibh eile; agus réim Shóiséalacha ealadhanta do chur ar bun ar fud an domhain. Talamh na tíre do chur as buantseilbh dhaoine prióbháid- eacha agus a thabhairt do lucht oibre gan luach nó cúiteamh do thabhairt do na daoine gur leó é fá láthair, go ndéanfar comhúsáid dé. Gach foraois, míneach agus uisce gur fiú mórán iad, gur leis an náisiún iad. Gach monarcha, obair míneach, bóthar iarainn agus gach úirleis agus gléas iomchair agus deantúsa do chur faoi réir an lucht oibre. Gan glacadh le haonfhiacha ó airgead iasachta tugadh do Riaghaltas an Csáir, do na tighearnaíbh talmhan agus do lucht gaimbín, i modh is go mbrisfar ar lucht bun- mhaoine an domhain. Na bannca do naisiúnadh. Obair do bheith riachtanach ar ghach uile dhuine. Go ngabhfhaidhe airm ag lucht oibre agus go riarfar ina airm iad, agus gan cead airm d'iomchar ag lucht saidhbhris. Éindream a dhéineann éigniughadh ar lucht oibre nach ceart fá láthair leigint dóibh aon pháirt do ghlacad i Riaghaltas na tíre. Gur ceart gach cumhacht do bheith i lámhaibh sluaighte saothair agus a dteachtaí úghdarásacha. Gur riachtanach deachtaireacht daoscar-sluagh bailte mór is tuaithe agus scológ do bhunughadh le deireadh do chur le lucht maoine; a chuirfeas deireadh le héigniughadh duine ag duine eile agus sóiséalacht do leathadh agus roinnt daoine i rangaibh do chur ar neimhnídh. Gurbh é an rud saorstát na Rúise ná cumannacht lucht saothair 'san Rúis.
Gur le lucht oibre iomlán na tíre gach cumhacht taobh istigh de teórannaibh na Rúise. Do ceapadh riaghlacha agus dlighthe leis na cuspóiribh sin go léir do chur in éifeacht. Ag seo na daoine nach bhfuil cead aca guth do thabhairt ar aon cheist nó páirt dá laighead do ghlacadh i ngnóthaíbh na tíre, nó airm do láimhseáil .i. (a) Duine ar bith a fhostuigheas duine eile le biseach do bhaint as a shaothar. (b) Duine ar bith a thigeann i dtír ar fhagháltas gan a thuilleadh .i. ar bhiseach ar bhunmhaoine, biseach ar siopaidheacht; cíos ó thalamh, ó thoighthibh, agus rl. (c) Lucht tráchtála agus ceannuidhthe. (d) Manaigh agus cléir de gach uile sheórt. (e) Aon duine de na síothmhaoraibh nó bleachtairíbh do bhíodh ag an Csár nó aon duine dá dteaghlach nó daoine muinteardha dhóibh. (f) Geilt agus daoine gan stuaim. (g) Méirligh. Ar thaoibh airgid dearbhtar gurab í an chuspóir bhunúsach lucht mhaoine do chur ar gcúl go mbeidh cathrathóirí an tsaorstáit ar aon chothrom i dtaoibh chruthughadh agus roinnt maoine agus is é an suathantas atá in airde aca ar mheirge an tsaorstáit: Dealbh corráin órdha agus casúir croiste ar a chéile agus na cosa síos ar thalamh dhearg, gaethe gréine ag lonnradh ortha, fleasc phunnan timchioll ortha agus an scríbheann: (a) Saorstát Soibhéatach Sóiséalach comhcheangailte na Rúise. (b) Lucht oibre an domhain guala ar ghualainn. Is follus on méid atá scríobhtha againn go nuige seo gurab é seo sóiséalacht i ngníomh agus dáríribh. Tá an briathar ina ghníomh acht ní fios dúinn goidé an toradh bhéas air. Níl an Stát Sóiséalach fada go leór ar
bun agus tá a naímhde ar a thí chomh dian sin gur deacair dó a leas a dhéanamh. Acht is mór is fiú dhúinn ár súla a choingeáilt ar an Rúis ins an aimsir atá romhainn. Má mhaireann an phobalacht Sóiséalach san Rúis ní mhairfidh aon tiórántas ar thalamh an domhain. Can fhuil againn le déanamh anois acht breathnughadh ar an tuairim atá ar Shóiséalacht agus cummanacht in ar dtír féin. San chéad dul, tá le rádh againn gur ar na mallaibh atá aon tShóiséalacht in Éirinn. Bhí na Sóiséa- laidhthe tosaigh ina n-ainChríostuidhthe agus ina n-ainreach- taidhthe san am chéadna agus ó bhí an creideamh Catoiliceach go bríoghmhar in Eirinn níor thaitn Carl Marcs nó Frederic Engels nó a gcomhbhráithreacha le muintir na hEireann. Ní nárbh iongnadh bhí an chléir go mór in aghaidh an teagaisc nua. Séamas Ó Congbhaile, nach maireann, an chéad duine gur fios dúinn do theagasc cummanacht agus Sóiséalacht ós árd in Eirinn agus bhí páipéar Sóiséalach aige dá chur amach fiche bliadhain ó shoin. Annsin tháinig an Lorcanach agus ar na mallaibh Cathal Ó Seannain, Tomás MacSeáin agus furmhór de threóraidhthe lucht oibre an lae indiu. Ní ghlacann siad le han- chríostuidheacht Marcs acht glacann siad le n-a theagasc ar cheisteannaibh economacha. Sé an duine is úghdarásaighe fós i Sóiséalacht na hEireann Séamas Ó Congbhaile nach maireann, agus seo mar chuireann sé síos ar Shóiséalacht: — An míniughadh atá aige ar Shóiséalacht — "Réim Caidreamh in a mbeidh tacaidheacht iomlán ag an gcineadh daoine in aghaid imnidhe an ocrais go deó na ndeór … réim in a mbeidh gach fear agus bean ina gcomhoighrí agus iad buantsealbhuighthe ar ghach bhuaidh do rug inntleacht nó lámha an duine amach i gcomhluadracht le chéile." Agus an modh in a gcuirfar an rud seo i bhféidhm: "Beidh na hoibridhthe i ngach gné oibre in aon chumann agus glacfa siad gach cumhacht san monarchain nó sa teach oibre, toghfa siad lucht ceannais gach oibre aca agus stiúrfa siad an obair san ghné oibre sis: acht a bheith freagrach do chaidreamhas i gcoitchinne: agus dá gcomhcheardaibh
agus do choiste ceannais nó Riaghaltais an ghné oibre go bhfuil baint aca leis. Gur teachtaí ó na Coistíbh sin bhéas mar Riaghaltas náisiúnta. Sluagh Iúil Sóiséalach … sé sin gnótha na tíre nó beatha chomhluadrach an náisiúin, do stiúradh ar mhodh sluagh iúlach. Caithfar tosnughadh 'san teach oibre agus gabháil ar aghaidh go dtí an pointe is airde de stiúradh agus gníomhachas an náisiúin … Tiocfaidh buidheanta stiúrtha áiteamhla Sóiséalachta do bhreathnughadh gach ceiste le hinntinne díreacha agus le gach eolas fáighthe le saothar … Níor bhféidir an obair seo a dhéanamh tré cheanntaraibh nó tíorthaibh, fá leith … Faoi Shóiséalacht ní mhairfidh státa, cúigí, ceanntair, nó duthaighe acht mar ainmneacha geograipheacha, agus ní mhairfidh mar adhbhair cumhachta Riaghaltais siúd is go mbeadh buidheanta, riaghluighthe suidthe ionnta." Is fiú tabhairt fá deara annseo gurbh é an fear do scríobh an méid do aithscríobhamair thuas do fuair bás ar son a thíre tar éis a scríobhtha. B'éidir gurab é Cathal Ó Seannain an duine is úghdarásaighe atá fágtha imeasc taoiseach lucht cumman- achta in Eirinn, agus tugann sé a lán tuairimeach i "nGuth lucht oibre" ar cheisteannaibh a bhaineann le cumannacht. Do réir mar airighmíd tá sé beagnach ar aon tuairim le Séamas Ó Congbhaile, agus tigeann Tomás Mac Seáin, Uilliam Ó Briain, agus Sóiséalaidhthe eile leis ar an scéal. Tarraingeann sé a lán rud ó Charl Marcs. Molann sé an Cumann Eadarnáisiúnta, agus tá sé go mór ar leith na mboilsibhící. Deirfimís gur Sóiséaladhe Sindicealach é, acht nach nglacann sé leis an ainchríostuidheacht agus go molann sé comhoibriúghadh, rud nach breágh le n-a lán Sóiséalaidhthe. Rud eile tá sé níos náisiúnta 'ná furmhór lucht an Chumainn Eadarnáisiúnta. Tuigimíd anois an gné Sóiséalachta a bhaineann linn in Eirinn agus is gábha dhúinn a thuigsint. B'éidir go mbeadh an tSóiséalacht i bhféidhm againn gan rómhoill.
Tá sí ag borradh agus ag fás imeasc lucht oibre agus tá siadsan tuairim a leath de mhuintir na tíre. Má ghéibhtar Pobalacht no Saorstát in Eirinn béidh na Sóiséalaidhte go láidir ón gceád lá: má gheibhmíd ár saoirse thrí chabhair ó Raighaltasaibh Sóibhéata beidh Sóibhéata againn in Eirinn ón gcéad lá. Níl acht aon rud amháin in a aghaidh agus do bhí an rud sin in aghaidh na Sóibhéat agus na Sóiséalachta san Rúis sé sin a dheacracht is tá sé lucht tuaithe .i. na feirmeóirí beaga do tharraingt isteach sa Chumannacht. Bhíodh an Eaglais mar mhúr cosainte in aghaidh na cumannachta acht ní dóigh linn go mbeidh feasta. Is tuar é gur fiú machtnamh air gur bóidhcotadh na mná Riaghalta ag Cill Mantan de bhrigh nach dtiubhraidís a n-éileamh tuarastala do na sclábhaidhte do bhí ag obair dóibh. Agus anois b'éidir nár mhisde dhúinn breathnughadh ar bhfearrde dhúinn an chumannacht dá gcastaidhe ann í? An féidir Sóiséalacht do chur ar bun gan éagcóir mhór do dhéanamh ar aoinneach, agus má's féidir, an fhiú a dhéanamh? An ndéanfadh an chumannacht nó an tSóiséalacht beatha an duine d'fheabhsúghadh' agus boichte, dearóile, agus dubháilce do dhíbirt mar mhaoidhid abhchóididhthe na réime seo? An mbeadh neamh úr agus talamh úr ann dá bharr agus millénnacht ar fud an domhain? Is dóigh linn féin go dtiocfadh tairbhe as atharrughadh mór den chinéal seo acht nach gcuirfeadh sé aon atharrughadh ar nádúir an duine agus nach mbeadh aon Mhillénnacht ann dá bharr. Is deacair an seanAdhamh do chlaoidh ionnainn agus fanfaidh an tsainnt agus an éagcóir agus an t-éigniughadh againn cibé ar bith réim economach bhéas ann. Nár shéan Ananias agus Saphíra a saidhbhreas ar Dhia féin agus iad corruighthe le caondúthracht agus le cráibhe? Acht bíodh sin mar atá, budh cheart saidhbhreas do roinnt ní b'fhearr agus ní ba cothroime 'ná mar déantar fá láthair. Leigheamar i bpáipéar an lae indiu go bhfuil ingean Aindréas Cárnegie .i. fear na leabharlann, le pósadh agus go mbeidh £27,000,000 mar spré aici.
Deirfimís go mbudh mhór an gar duithe £26,990,000 de sin do bhreith uaithe agus a roinnt ar na bochtaibh. Níor thuigeamair riamh, cé'n fáth go mbeadh ceanntar mór talmhan ag aon duine amháin agus gan fód le seasamh air do bheith ag na céadtaibh. Níor chruthuigh aon duine an talamh agus ní iontuigthe cé an dóigh a bhfuair an chéad duine buantsealbh ar bhreis di is mar theastuigh uaidh le saothrughadh. Má abartar gurbh iad na daoine d'áitreabh an talamh i dtosach go mbudh ceart gur leo í cé 'n fáth nach mbeadh sí ag an darna duine nuair a gheobhadh an chéad duine bás. Acht duthaigh mhór leathan do ghlacadh i seilbh aon duine amháin agus nuair bhíonn sé críochnuighthe léithe a fhágáil ag a mhac agus ag a ua, agus ag a shliocht agus sliocht a shleachta! Níl ciall leis agus ní ceart foighid do bheith againn leis. Budh cheart gan aon fhearann thalmhan do fhágáil i seilbh aoinnigh nach bhféadfadh sé féin agus a theaghlach a saothrughadh agus a shaothrughadh go maith. Dá ranntaidhe an talamh ar an nós sin do chuirfeadh sé ar gcúl agus ar neimhnídh uimhir éigin de na bailiughchánaibh móra saidhbhris. An dream a chosnuigheann buantsealbh na talmhan dfhágáil ag daoinibh príobháideacha aithrighthe .i. na tighearnaí talmhan, bíonn dhá leithscéal aca de ghnáthach. Deir siad san chéad dul gur fada siar an t-am ó fuair na daoine gur leó an talamh sealbh uirthe. Rug siad greim ar an talamh de neart lámh agus faobhar claidhimh, nó fuaradar í le lúbaireacht dlighe nó ar bhealach éigin eile nach rabh macánta b' éidir: acht mar sin féin tá an tsealbh chomh fada sin aca ó ghlún go glúin go mbudh éagcóir mhór í a bhaint díobtha anois. Ar bhfreagra air sin (1) nach ndéantar cóir d' éagcóir leis an aimsir: (2) nár stad an éagcóir nuair tugadh sealbh na talmhan go mícheart ar dtús acht go ndéantar an éagcóir as an nuadh gach bliadhain ó shóin. Fásann barr ar an talamh gach bhliadhain agus mura ranntar an barr sin ar na daoinibh gur leó é déantar an éagcóir gach uair nach ranntar é. (3) Is leis an cineadh daoine go léir an talamh agus déantar éagcóir ortha má fhágtar í i seilbh aon dream amháin.
Is cruthughadh go leor air sin nach féidir do aoinneach daonda mairstin beo gan roinnt de thoradh na talmhan: agus go dtí go bhfuighbhe sinn cruthughadh sonnradhach nach bhfuaramair riamh fós gur chruthuigh Dia talamh an domhain fá choinne aon dreama bhig amháin ní ghlacfaimíd le buantsealbh an dreama sin. "Seadh" arsa dream eile "acht is fearr don chineadh daoine go bhfágtaidhe buantsealbh na talmhan ag dream áirighthe i modh is go dtiubhraidís sealbh seasta do na feirmeóiribh agus do dhaoinibh eile do bhaint feidhm as an talamh. Dar ndóighe dá mbudh le gach duine an talamh níor bh'éidir aon toradh bhaint aisti. Ní bheadh go leór ag aon duine amháin agus ní bheadh sealbh buantseasmhach ag aon duine le go saothrochadh sé an talamh i gceart. Nuair ba leis an treibh i seanÉirinn an talamh do b'éigean do na saor- chéilí éirghe as a dtoighthibh agus a dtalamh gach re bliadhain agus níor b' éidir leó aon tsaothrughadh talmhan ceart do dhéanamh." Na daoine a labhrann mar seo is deacair a chreideamh go bhfuil siad dáríribh. Ní fíor dóibh a ndeir siad fá sheilbh na talmhan i seanEirinn, agus ní fíor dóibh go mbeadh aon easbha teidil ag feirméoiribh nó lucht saothruighthe talmhan da mbeadh buantsealbh na talmhan ag an náisiún. Tá talamh go leor timchioll ar an áit in a bhfuil sinn a scríobhadh gur le Comhairle Cathrach Átha Cliath í, agus níl aon easbhaidh seilbhe ar na daoine atá ag baint úsáide as an talamh .i. feirmeoirí, muintear na spleodhtán (ceapach) lucht tighis, agus rl., an fhéidhm is fearr do bhaint as an talamh acht an buantsealbh a bheith ag an náisiún, sin é an riaghal le leanmhain. Ní ag an stát é, tabhair fá deara, acht ag an náisiún. Ní ceart do aon Ghaedhal aon rud a dhéanamh, aon fhocal a labhairt, nó aon mhéar do shíneadh do neartóchadh leis an stát Gallda in Eirinn. Go dtí go gcuirfar deireadh le réim na ngall in Eirinn is beag an mhaith dhúinn bheith ag cainnt ar Shóiséalacht, ar chumannacht, no ar aon obair stáit eile. Fá dtaoibh de Shóiséalacht a bhaineann le lucht oibre go sonnradhach ní féidir linn glacadh le gach a ndeir
na Sóiséalaidhthe. Nílimíd ar aon inntinn le Carl Marcs in a thuairim gur adhbhar economach, nó fáth adhbharach do bhí le gach éacht do thárla i stair an domhain. Is dóigh linn go mbréagnuigheann anam agus inntinn an duine an teoir úd agus go mbréagnuigheann go sonnradhach ár stair féin an teoir. An mar gheall ar bhiadh do sholáthar dóibh féin do thug Eoin Ruadh Ó Néill nó Pádraig Sáirséil, nó Oilibher Pluincéad, nó Bhólf Teón no Pádraig Mac Piarais a mbeatha uatha? Ní headh go dearbhtha. Agus is úirísiol an smuaineadh é do Charl Marcs nach bhfuil sa tsaoghal so nó in aon tsaoghal eile acht corporacht agus soláthrughadh bídh. Ní móide ghlacaimíd le n-a thuairim agus le tuairim a lucht leanta gur le lucht oibre gach iolmhaoin dá dtigeann as a gcuid saothair. Cuir i gcás go mbeadh dream éigin oibre ag déanamh siúcra dhúinn in Éirinn. Do réir Carl Marcs ba leó do réir chirt (acht nach luadhann se ceart do bheith ann) an siúcra sin nó a luach iomlán. Acht do chaithfidís adhbhar an tsiúcra .i. an meacan buidhe d'fhághail agus má deirtear gur le lucht saothruighthe an mheacain sin an luach ní fíor é: óir an talamh ar a bhfásann sé is leis an náisiún é. Rud eile, ní le lucht déanta an tsiúcra na húirleisí agus na hinnill le nar saothruigheadh an siúcra. Abair gur le lucht oibre eile do shaothruigh roimhe ré na húirleisí agus na hinnill ní hiad lucht saothruighthe an tsiúcra amháin is oighrí dóibh siúd. Ar an adhbhar sin má tá "breis luachmhaireachta" ar earraidhe d'ullmhuigheann lucht oibre ní dóigh linn gur le lucht oibre í acht oiread le haon dream eile. Thar an dá rud sin atá luaidhte againn thuas ní féidir linn glacadh le Riaghaltas na Sóibhéat. Táimíd i bhfábhar Saorstáit nó pobalachta acht chan fhuilmíd i bhfábhar an cumhacht go léir bheith ag aon dream amháin, nó ag fiú trí dhreamanna, .i. saighdiúirí, sclábhaidhthe, agus scológa. Chan fhuilmíd i bhfábhar deachtaireacht an daoscar-shlóigh. Is ceart a rádh go n-abrann Boilsibhící na Rúise nach bhfuil i réim na Sóibhéat acht réim shealadach. Ó's réim shealadach é chan fhuil aon rud in a aghaidh
go sealadach. Is dóighthe gur éigean cumhacht éigin mar í do tharraingt chum na mBoilsibhící le seasamh in aghaidh an tseantíorántais .i. réim an Csáir: agus dá mbudh éidir réim dá samhail do chur ar bun in Eirinn go sealadach do sheasóchadh aghaidh ar aghaidh le Seán Buidhe bheadh fáilte roimpí. Nó le deireadh do chur le réim lucht gaimbín, le Riaghal na mbodach mar atá sé againn in Eirinn fá láthair do bheadh fáilte roímpí. Acht mar Riaghaltas buantseasmhach b'fhearr linn Riaghaltas toighte de ghothannaibh an phobail mar is gnáthach. Is mó an náisiún go leír 'ná aon dream san náisiún, bíodh gur lucht oibre féin iad. Agus i dtaoibh an stáit Shóiséalaigh féin tá amhrus againn faoi. Dá mbudh léir go mbudh fheairrde don chineadh, don náisiún é, budh cheart é chur i bhfeidhm. Acht tá dhá rud in a aghaidh (1) nár cheart na húirleisí oibre agus an bhunmhaoin do bhreith ó na daoine gur leó iad gan gábhadh mór do bheith leis agus gan a bheith cinnte go rachadh sé i dtairbhe do na daoinibh i gcoitchiune agus (2) nach bhfuil aon chruthughadh go rachadh an réim Shóiséalach i dtairbhe don tsluaigh. Do réir gach sheaneolais ní shaothruigheam daoine atá i gcór le chéile mar do shaothrui- gheann daoine atá ag obair ar a son féin. Ní féidir cór níos bríoghmhaire do chur ar bun ná an cór a bhíonn i dteaghlach mhór abair: acht ní shaothruigheam baill de theaghlach ins an teaghlach mar shaothruigheann siad ar ball nuair théid siad amach sa tsaoghal ag saothrughadh dóibh féin. An bhfuil aithne ag ar léightheóirí ar lucht oibre atá ar fhostadh ag Comhairle Cathrach Atha Cliath nó ag aon chomhairle phoiblidhe eile? Má tá, an abrann siad go mbíonn an chuma oibre céadna ortha is bhíonn ar lucht oibre duine no dream príobháideach a bhíonn ag saothrughadh ar son bhisigh? Goidé mar bheadh an scéal againn dá gcuirimís Pobalacht Shóiséalach ar bun agus a chuid bhunmhaoine a bhaint de chách agus go bhfhuighbhmís amach i ndeireadh na dála, gur mó ár leathtrom 'ná riamh cheana? Chan fhuilmíd in aghaidh na Sóiséalachta acht siúbhlaimís
go réidh agus dearcaimís romhainn sul a ndéantar atharrughadh mór. Breathnuighmís go grinn ar gach nídh atá ag tuitim amach agus a thuitfeas amach san Rúis. Is annsúd gheobhaimíd fios fáth an scéil um Shóiséalacht. Má éirigheann leis na Boilsibhící tír na hóige do dhéanamh san Rúis is gearr mhairfidh na stáit bhunmhaoineacha: mura n-éireochaidh seachnaimís gan scráth lingthe nó fód ar luascadh do dhéanamh de Eirinn. Agus fágaimís an ainChríostaidheacht agus annreachtachas aca ar mhórtír na hEórpa. Níl eagla orrainn roimh an tSóiséalacht acht go nglacaimís chugainn an méid dí is tairbheach agus is ceart dúinn, agus fágaimís an cáithleach ag an té gur mhaith leis é. Is tré cór agus comhoibriughadh is fearr an saorstát sóiséalach d'ionnsaighe. AN STUIRICEACH STUAMDHA.
LA PLÉIADE Réamh-Rádh Is mó atharrughadh a thagann ar shaoghal an náisiúin do réir na deise nó na haindeise, an fhoirtiúin nó an mhífhoirtiúin a bhíonn i n-áirithe don tír sin ó aois go haois. Agus níl atharrughadh dá dtagann ná fágann a rian pé beag mór é ar litridheacht na tíre sin. Bíonn dlúthbhaint ag cúrsaí na litridheachta náisiúnta le cúrsaí saoghail an náisiúin féin, díreach fé mar a bhíonn dlúthbhaint ag deallramh an locha le deallramh na spéire a bhíonn os cionn an locha san. Ní túisce a doirchightar an spéir 'ná doirchightar dath an locha; ní túisce a thaitneann an ghrian 'ná taitneann uisce an locha chómh maith. Dá réir sin tá leathanaigh dhubha agus leathanaigh gheala le feicsint i ngach uile litridheacht náisiúnta; agus is mór an difridheacht a bhíonn idir an dath a bhíonn ar chuid de na leathanacha san seachas a chéile; acht mar sin féin leathanaigh d'aon leabhar amháin 'seadh iad. Mar níl i ngach aon litridheacht náisiúnta acht aon leabhar amháin, is cuma cad é an difridheacht atá idir leathanach agus leathanach eile, idir chaibidiol agus caibidiol eile. Ní hamháin go mbíonn leathanaigh gheala agus leathanaigh dhubha i ngach aon litridheacht náisiúnta acht bíonn leathanaigh níos náisiúnta 'ná a chéile ann; agus is bríoghmhaire na leathanaigh sin 'ná na leathanaigh eile. Chíonn an t-eacth- rannach an rud san níos soiléire, b'fhéidir, 'ná duine den treibh. Gheibheann duine den treibh tréithe náisiúnta i ngach uile leathanach; acht dála an eachtranaigh, ní mór do sna tréithibh náisiúnta bheith go gléineach ar an leathanach sar a dtugann seisean fé ndeara iad i n-aonchor.
Ins an leabhar mór áluinn sin — litridheacht na Frainnce, b'fhéidir ná fuil aon roinnt leathanach is dírighe do dhuthchas na Frainnce 'ná an méid do scríobh la Pléiade; agus lasmuigh den dráma (agus ní don dráma atáimíd ag tagairt an turus so) is beag leathanach den leabhar atá chomh bríoghmhar leó. Uime sin is fiú do dhuine na leathanaigh sin do léigheadh agus d'athléigheadh. Dánta fíor-fhranncacha iseadh iad; dánta a chuireann in-iúl don eachtrannach an difiridheacht a bhíonn idir náisiún agus náisiún eile, agus cad é an ceangal a bhíonn idir chroidhe agus croidhe, pé Franncach Gaedhlach na croidhthe iad, acht amháin gur croidhthe daonna a bheadh ionnta. Toisc iad bheith chomh dúthchasach san, toisc iad bheith mar do bhéadh guth na Frainnce ins an ré sin, is fiú do dhuine iad do léigheadh; acht ba dheacair é sin do dhéanamh gan machtnamh do dhéanamh san am gcéadna ar na filíbh do scríobh agus ar an saoghal a bhí ann an tráth san. Ná habradh éinne gur obair gan tairbhe eolus do bhailiughadh chughainn ar a mbaineann leó i n-a gcúrsaibh saoghalta: agus ní hobair gan aoibhneas í acht chómh beag. Is dúr dall an duine ná bainfeadh aoibhneas as scéal ar bheatha an chumainn filí úd: níl Gaedhal ann, dar ndóigh, go bhfuil aon léas eoluis aige ar na cúirtibh éigse a bhíodh againn in Éirinn na nGaedhal ná cuirfeadh spéis i gcúrsaíbh na "tromdáimhe" úd .i. la Pléiade. Agus is docha ná fuil an duine ann, bíodh sé i n-a Ghaedhal nó i n-a Ghall ná cuirfeadh spéis i scéal beatha Ronsard féin máighistear na tromdáimhe sin. Rud eile dhe: maireann na dánta do chum la Pléiade; agus an spioraid a bhíodh san tromdáimh sin breis agus trí chéad bliadhain ó shoin, is beó dho fós; 'seadh, bíodh is ná raibh tásc ná tuairisc le fagháil ar an spioraid sin ar feadh breis agus dhá chéad bliadhain. Sin scéal! "An marbh ba mharbh is beó do bhí." Sin scéal dóchais dón Ghaedhal go mórmhór, agus an rud céadna beagnach ag tuitim amach i n-a thír féin indiu — mar a bhfuil leathanaigh filidheachta a bhí imthighthe a cuimhne leis na
céadtaibh bliadhain le feicsint i leabhraibh is i n-iris- leabhraibh, agus ainmneacha na bhfilí do scríobh na leathanaigh sin le cloisint isna sráideannaibh, agus isna scoileannaibh agus isna hollscoileannaibh. Budh mhaith liom labhairt ar dtúis ar cionnus mar thárla gur chuir an file mór san Ronsard la Pléiade ar bun; ar cad is brigh le hainm na tromdáimhe sin. Tráchtfad annsain ar na smuaintibh ba mhian le Ronsard agus a anamcháirde do chur i bhfeidhm ar a dtír féin: tar a éis sin budh mhithid dam cur síos ar Ronsard féin agus ar na filíbh eile ba mhó le rádh, na filí eile a scríobh fé n-a anál. Annsain b'fhéidir nár mhisde dham innsint cionnus mar d'éirigh leó, cad é an mhaitheas a dhein a dteagasc d' fhilidheacht na Frainnce agus cionnus tá a gcáil ag dul i méad fós ó ló go ló. Agus an fhaid is a bhead ag scríobhadh, déanfad mo dhícheall gan dearmhad a dhéanamh air seo: gur Gaedhal me agus gur do Ghaedh- laibh eile atáim ag scríobhadh. LA PLÉIADE. I mbhliadhain a 1548 bhí fear ag triall ó Phoitiers go Páras. Fear óg a b'eadh é, a chuid ghruaige ar dhath an óir, é bocht a dhóthain acht mar sin féin bhí tabhairt suas maith air. Ag sroisint tighe ósta dho, do bhuail sé isteach. Bhí duine uasal istigh roimis, fear saidhbhir, do réir dheallraimh. Comhaois dóibh araon. Do thosnuigh an bheirt ar chaint, ar an gcathair sin Poitiers as a rabhadar araon tar éis teacht, nó ar Pháras mar a raibh a dtriall, nó ar chúrsaíbh an tsaoghail — is cuma cad air gur thosnuighdar ar chaint, agus ní fios; acht is cinnte gur chaitheadar furmhór na hoidhche ag cure síos ar fhilíbh agus ar fhilidheacht na Frainnce, ar Villon agus ar Marot agus ar fhilíbh eile nach mór le rádh a n-ainm indiu. Maidir leis an nduine uasal san — ní stadfadh sé acht bheith ag caint agus ag caint ar an saghas filidheachta budh mhian leis fheicsint i n-a dteangain féin agus ar na
hatharruighthibh nár mhór a dhéanamh san teangain sin sar a bhféadfaidhe an saghas san filidheachta do scríobhadh innti. Bhí sé chomh mór san i ndáiríribh gur dhóigh le duine air gur ab amhlaidh do rinneadh taidhreamh dó agus ná fuair sé aon chaoi ar an dtaidhreamh san do nochtadh go dtí san: sin é a bhí á dhéanamh aige insan tigh ósta san! B'é críoch an scéil é go raibh fhios ag ceachtar aca gurbh fhile an fear eile! Do ghealladar dá chéile gan scaramhaint feasta. Is mór an difridheacht idir indiu agus indé! An oidhche sin do cuireadh la Pléiade ar bun. Ronsard do b'ainm don duine uasal. Joachim du Bellay do b'ainm don stróinséir. Ag léigheadh an scéil sin don duine go bhfuil litridheacht na Frainncise ar eolus aige — cionnus mar a tháinig an bheirt fhilí sin le chéile don chéad uair i dtigh ósta, tógann sé a shúil den leabhar agus braitheann sé pictiúir os a chomhair: chíonn sé an bheirt fhile ag cur aithne ar a chéile, agus cloiseann sé glór a nguth. "Pierre de Ronsard m'ainm-se" — "Joachim du Bellay is ainm damsa" — dhá ainm ná scarfar ó n-a chéile go bráth! Annsain má's Gaedhal é, — an léightheóir úd — deireann sé nach foláir nó gur thuit a leithéid sin amach in Éirinn na nGaedhal leis, agus breis is aon uair amháin — acht cá bhfuil an scéal le fagháil? Mo thruagh-sa, canad! Do bhíodh Ronsard i n-a chómhnuidhe um an dtaca san sa choláiste úd — le collège de Coqueret, à Paris. Is é fear a bhí i gceannus an choláiste sin ná Jean Dorat. Fear mórchlú i n-a ré féin ab'eadh Dorat toisc a chruinne a bhí an Ghréigis ar eolus aige; agus bhí fear óg eile 'n-a chomhnuidhe ann leis .i. Jean Antoine de Baïf. Do chuir an triúr san agus Joachim du Bellay saghas cúirte éigse ar bun. Tugtaidhe la brigade mar ainm ar an gcúirt éigse sin ar dtúis. Tamall gearr i n-a dhiaidh sin do glacadh isteach sa ghasra Estielle Jodelle, Ponthus du Thyard agus Rémy Belleau. Móirsheisear aca bhí ann annsan, agus do bhaist Ronsard la Pléiade ortha i gcuimhne an chumainn filí a bhíodh i rightheighlach Ptolemy
Philadelphus anallód. Le himtheacht aimsire do glacadh filí eile isteach ins an gcumann: Olivier de Magny, Amadis Jamyn, Robert Garniér, Passerat, Desportes, du Perron, Bertaut agus daoine nach iad. Do bhí féith na filidheachta i gcuid aca; acht muna bheadh gur glacadh isteach insan Pléiade iad is deimhin go mbeadh ainm a lán aca imthighthe a cuimhne fad ó. III. — AN GHAIRMSCOILE. Ar dteacht le chéile dóibh ba ghearr an mhoill ar na filíbh óga so iad féin do ghríosadh chun saothair. Bhí fonn troda ortha leis, mar is dual dón aos óg. Tuigfar an fonn troda san a bhí ortha acht an ghairmscoile do chraobhscaoileadar tamaillín i n-a dhiaidh sin do léigheadh. Agus do réir dheallraimh bhíodar go léir ar aon aigne amháin i dtaobh cad air gurbh fhiú troid a dhéanamh. Sa leitir do scríobh Dorat chum du Bellay tá an chainnt seo le léigheadh: Ní raibh acht bliadhain caithte ag du Bellay fé iadh an choláiste nuair do scaoil sé gairmscoile na dámhscoile: Défense et Illustration de la Langue française. Trí bliadhna is fiche do b'aois dó an tráth san agus is iongantach a dhoimhne tá smuainte na gairmscoile sin, mar le smuaintibh fir óig: baineann sé le deallramh gur fé anál Ronsard do scríobh du Bellay é — bíodh gur chómhnaois dóibh geall leis. Acht má bhíodar óg bhíodar lomdáiríre, doimhinchorruighthe; agus ní fuiris teóra do chur le n-a leithéidí. Da mbadh leagadh na gcnoc féin é, dfhéadfadh a leithéidí é dhéanamh. Bhídís i n-a gcomhnuidhe fé scáth a chéile, bhídís ag oibriughadh a lámhaibh a chéile, ag tabhairt conganta dá chéile, ag gríosadh a chéile. Dia leó!
Sidiad na smuainte is mó le rádh san ghairmscoile úd: (A) Ní foláir dúinn feasta scríobhadh a Frainncis i n-ionad bheith ag scríobhadh a Laidin: an rud is féidir a rádh a Laidin, b'fhéidir é sin a rádh a Frainncis — acht an Fhrainncis do shaoth- rughadh fé mar do saothruigheadh an Laidean agus an Ghréigis anallód. (B) Ní mór dúinn triail do bhaint as an bhfilidheacht mhóir — ní mór dúinn gach saghas filidheachta a scríobh- tidhe anallód insan Róimh agus go mórmhór san Ghréig a chleachtadh arís sa bhFrainncis. Dá bhrigh sin ní mór do sna filibh na sean- úghdair do léigheadh agus d' athléigheadh i dtreó go mbéidh ar a gcumas aithris do dhéanamh ortha, i dtreó go mbeidh a gceárd aca. Sin é bunús na gairmscoile sin an dá smaoineamh úd. Le ceist na teangan a bhaineann an cheád smaoineamh. Le ceist na filidheachta féin bhaineann an tarna smaoineamh. Agus dá chomhartha san tá rian an leabhair sin le feicsint go gléineach ar theangain agus ar fhilidheacht na
Frainnce go dtí an lá indiu, cé nach as an leabhar a gheibhtar an fhoghluim acht as na dántaibh do chum na filí féin i n-a dhiaidh sin ag baint feidhme as a dteagasc féin. Níor cheart dúinn éirighe as an dá smaoineamh san gan iad do thuigsint beagáinín níos cruinne. (a) Ag léigheadh na tuairme sin dúinn ba mhaith an bhail orainn cuimhneamh ar a ghainne a bhíodh lucht léighte leabhar sa bhFrainnc an tráth san, agus gur bheag duine go raibh an léightheóir- eacht aige ná go raibh an Laidean aige chómh maith. Dá bhrigh sin is fuiris a thuigsint cad n-a thaobh gur scríóbh Calvin an "Teagasc Críostaidhe" i Laidin i dteannta é dhéanamh sa bhFrainncis. B'í an Laidean teanga na scol an tráth san i roinn na hEorpa, lasmuich d'Éirinn, bíodh is go raibh atharrughadh insan méid sin ag teacht go tiugh ar an saoghal. Ba bheag ar na scoláiribh, a dteanga dhútchais: b'í teanga na coitcheanntachta í, teanga na hísleachta. Nuair a thug du Bellay comhairle a leasa do sna filíbh óga chum triail do bhaint as an bhfilidheacht ba mhó le rádh, agus mar an gcéadna úsáid de dhéanamh den Fhrainncis chuige sin, ní raibh aon easbha daoine ann, agus scolaírí ortha leis, á rádh: ní féidir sain do dhéanamh. Fé mar is eol dúinn, bhí a mhalairt de thuairim ag an ndámhscoil: Agus bíodh is gurbh é sin a dtuairim láidir, níor thuig éinne a bhochtaineacht bhí an teanga san chómh maith agus a thuig an dámhscoil é. Cad fá ná tuigidís é? - agus priomhtheangacha na hEórpa ar eolus aca go beacht! 'S eadh, do thuigeadar, agus is é bunús na gairmscoile úd ná cionnus d'fhéadfaidhe an teanga san
do chur i n-oireamhaint don tsórt filídheachta badh mhian leó. Do cheapadar narbh' fhearra dhóibh rud a dheanfaidís ná (i) úsáid do dhéanamh d'fhoclaibh a bhí le fagháil isna seandántaibh; (2) úsáid do dhéanamh d'fhoclaibh a bhí le fagháil i mbéalaibh na ndaoine acht ná raibh le fagháil san litridheacht go dtí san; (3) focail do thabhairt isteach sa bhFrainncis ón Laidin agus ón nGréigis acht crot franncach do chur ortha. (b) I dtaobh an tarna buntuairim sin is ceart dúinn cuimhneamh go raibh an Renaissance tar éis teacht fé lántseól, mar a déarfaidhe, i dtír sa bhFrainnc. Do bhíodh na filí óga — Ronsard féin, cuir i gcás — ag luighe isteach go tiugh ar an nGréigis agus ag síorchur litridheachta na teangan san i gcomórtas le litridheacht na Frainncise. Is ag litridheacht na Gréigise a bhíod an chraobh — ní nach iongna — aon uair a deineadh san. Thugadar fé ndeara a chaoile bhí a litridheacht féin seachas an litridheacht iasachta. Agus bhí an scéal seacht n-uaire ni ba mheasa nuair a déintidhe com- paráid idir fhilidheacht na Gréigise agus an fhilidheacht a scríobhadh le na linn féin — filidheacht Clement Marot, cuir i gcás. Ní hiongna gur bhris ar an bhfoigne aca: leanbh i gcoinnibh fir nó spideóg i gcoinnibh fuiseóige ba shamhail don chomórtas san. Do mhúin an litridheacht ársa dhóibh cad ba poême épique, tragédie, grande comédie, poême lyrique, satire, agus épître ann: do thuigeadar, leis, gurab as an taithighe a gheibhtar an fhoghluim: agus is é rud a chuir- eadar rómpa i n-a ngairmscoile ná a chur i n-a luighe ar na filíbh óga tabhairt fé gach uile shaghas filidheachta a cleachtthaidhe anallód. Acht cá raibh adhbhar na litridheachta móire
sin le fagháil ag na filíbh óga? Is é freagra a thug du Bellay ar an gceist sin ná: cá bhfuair na Gréagaigh an t-adhbhar san? Is é adubhairt sé ná: Dubhairt sé, leis, nárbh iad na haistriughcháin a bhí uatha i n-aon chor acht úrscéalta déanta den tseanmhéanach agus iad déanta chomh maith san agus chómh mór san go bhféadfaidhe iad do chur i ndlúthchomórtas lesna scéaltaibh a deineadh sa tseanRóimh agus sa tsean Ghréig. Ní raibh aon iontaoibh ag an ndámh- scoil a haistriúghchán — filí do b'eadh iad! Ní gábha a rádh gur chuir na tuairmí sin fuadar fé sna scríbhneóiríbh a bhí suas an tráth san. Bhí troid liteardha ann díreach fé mar a bhí san tír chéadna tri chéad bliadhain i n-a dhiaid san tráth a chuir Victor Hugo "Cromwell" ar an árdán. Baineann sé le deallramh gur minic a bhíodh a leithéid sin de throid liteardha againn i nÉirinn na nGaedhal — an t-aos óg ag éirighe amach i gcoinnibh na seanóirí. Tá 'fhios againn cionnus mar do b' éigean d' Andrias Mac Cruitín dul isteach isna méad- araibh nuadha, bíodh is gur bheag air iad; agus ní gan gearán a dhéanamh a dhein sé é. Tuigimíd anois cionnus mar do cuireadh an Pléiade ar bun, cad é an brigh atá leis an ainm sin, agus cad iad na mórsmuainte a bhíodh á phléidh ag na filíbh óga san choláiste úd i bPáras. Is mithid trácht anois ar na filíbh is mó a bhí ins an dámhscoil sin.
NA FILÍ. Sé Ronsard féin do chuir síos mar sin air féin agus ar a óige. Is deas an pictiúir é — an garsún, agus dúil san bhfilidheacht cheana aige, ag caitheamh a choda aimsire isna gleanntaibh ag déanamh amhrán dó féin agus, dar leis, les simples Dryades, Faunes, Satyres, Pans, Napées, Oréades agus gan bac do, le gentil troupeau des fantastiques fées, mórtimcheall air. 'seadh, acht an chomplacht a bhíodh aige do b'fhearr go mór iad 'ná na daoine saoghalta. I mbliadhain a 1524 do rugadh Pierre de Ronsard insan château de la Poissonniere i ngar do Coutoures, cois Loire. Louis de Ronsard do b'ainm dá athair agus b'é tigheasach an ríogh é. Bhí saghas gaoil idir mháthair Pierre agus righthe Shasana, agus bhíodh caidreamh ag Pierre de Ronsard, file, le hEilís, ríoghain, le n-a ré. Do cuireadh ar choláiste Navarre é, acht bhí sé chomh uaigneach san ann gur buaileadh breóite é agus do rug a athair leis é as san go hAvignon. San áit sin deineadh giolla de i dteaghlach Charles, duc d' Orléans, mac an ríogh. Do phós deirbhshiúr Charles, "Jacques Stuart" (Séamas V) .i. rí Alban, agus chuaidh Pierre i dteannta na bainríoghna óige go hAlbain agus
chaith sé dhá bhliadhain i nDún Éadain. Is ann a thosnuigh sé ar Virgilius agus ar Horatius do léigheadh. Chaith sé roinnt aimsire i Sasana, leis, agus d'fhoghluim an Béarla. D'fhill sé abhaile ar an bhFrainnc agus b'é Charles, duc d'Orléans a bhí aige arís mar mháighistir. Tar éis cuairt a thabhairt ar an dTír fó Thuinn agus ar Flóndras do cuireadh le teachtaireacht go hAlbain é. Ar dteacht thar n-ais dó do thug sé cuaird ar an nGearmáin i dteannta Lazare de Baïf .i. ambassadeur de France à la Diête de Spire" (1540). Bhí mac ag Lazare de Baïf, Jean Antoine de Baïf ab ainm dó, agus d'éirigh Pierre go hanmhuinteardha leis an mac san, toisc é bheith i n-a fhile leis. De bhrígh gurbh fhile é, ní dócha go gcuireadh sé an ruaig ar "an gcomplacht ngil úd" a bhíodh ag feitheamh le Pierre isna gleanntaibh. An fhaid is a bhí Ronsard insan nGearmáin bhí sé ag foghluim teanga na tíre sin, agus innstar a leithéid eile de scéal i n-a thaobh agus é san Iodáil. Ní raibh sé um an dtaca san acht sé bliadhna déag d'aois. Ceapadh go gcaithfeadh sé a shaoghal ag triall leis ó chúirt go cúirt mar theachtaire ríogh. Acht ní mar síltear bhítear. B'é toil Dé gur thuit breóiteacht ar an bhfear óg léigheanta san, agus bíodh is go dtáinig sé slán ón aicíd d'fhág sí bodhar é. Do thug sé cúl leis na cúirteannaibh. Bhí trúig eile leis an dtréigint: mar adeir sé féin: Do thugadh a athair fé ndeara go mbíodh sé ag ceapadh na ndréachta agus, nidh nach iongna, do chuireadh sé i n-a choinnibh. Do réir an fhile féin, deireadh a athair leis: acht d'éirigh an t-athair as an scéal nuair a tháinig an
allaidhir air. Do chuaidh Pierre isteach sa choláiste úd, "de Coqueret i Paris" — agus do bhí a chara óg Jean Antoine de Baïf i n-a theannta ann. Is aoibhinn bheith ag machtnamh ortha araon — saoghal sonasach aca ag déanamh léighinn. Tá cúntas deas againn i n-a dtaobh, ó láimh Claude Binet: Tá innste agam cheana gurbh é Jean Dorat, scoláire, fear go raibh an Ghréigis ar fheabhas an domhain aige, a bhí i n-a phríomhollamh ar an gcoláiste úd. Tá innste agam cionnus mar a ghaibh du Bellay an treó, agus cionnus mar dheineadar socrughadh eatortha féin gan scaramhaint a thuille ó n-a chéile. Ní raibh san choláiste sin as san amach acht saghas dámhscoile. Agus as san amach leis, ní raibh ag Ronsard acht fé mar adubhairt sé féin une vie sans vie. Bhí deireadh le ré na n-eachtraí. Do cuireadh fé mhionórdaibh na hEaglaise é. Do chuir sé a chéadh leabhar amach bliadhain a 1547, acht ní raibh ann acht filidheacht ógánaigh. I mbliadhain a 1550 d'fhollsigh sé an chéad leabhar gurbh fhiú trácht air: "Odes" ba theidiol dó. Do moladh go hárd an leabhar, agus fuair an file clú is cáil dá bhárr; agus níor thaise don tarna leabhar a chuir sé i n-eagar (1552). "Amours" is ainm don leabhar san. Is fíor go raibh dream daoine ann, agus filí leis, a chuir i gcoinnibh na filidheachta nuaidhe: Mellin de Saint-Gelais a bhí i n-a cheann urraidh ortha; b'fhearr leó súd an rud go raibh taithighe aca air — filidheacht Mharot, cuir i gcás. Do ghlac an rí (Henri III) leis an scoil nuaidh agus as san amach bhí deireadh le ré Marot. I mbliadhan a 1553 do chuir Ronsard fé chló "Les Hymnes" agus "Le Bocage Royal," "Les Amours de Marie" agus dánta nach iad; agus i mbliadhain a
1560, fé chuireadh Marie Stuart, do bhailigh sé a raibh cumtha aige cheana agus d' fhoillsigh sé a shaothar liteardha i gceithre leabhraibh. I mbliadhain a 1572 do tháinig an "Franciade," dán anfhada ná cuirtar spéis ann. D'fhill an file ar a thuaith féin i mbliadhain a 1574 agus chuir sé leabhar eile amach — Amours — Sonnets à Hélène — leabhar i n-a bhfaghtar roinn den obair is fearr dár dhein se. Sin iad na leabhair is mó le rádh dar scríobh sé; acht an té a chuirfeadh roimis cúntas do thabhairt ar bheatha Ronsard níor mhór dó trácht ar rudaíbh eile seachas na leabhair. Is fíor gur chaith sé a shaoghal ag scríobhadh dánta agus leabhar — une vie sans vie — acht ní hionann san agus a rádh gur éaluigh sé ó chúrsaibh an tsaoghail: a mhalairt ar fad a innstar i n-a thaobh. Mar adeir George Wyndham san leabhar úd "Essays in Romantic Literature" (do Ronsard atá sé ag tagairt): I roinnt de sna dántaibh a scríobh Ronsard chímíd na hainmneacha so: Cassandre, Hélène, Marie, agus Genêvre: ní thuigfidhe filidheacht Ronsard i gceart gan roinnt eoluis bheith ag an léightheóir ar na mnáibh sin. Do chuir sé aithne ar "Cassandre" — .i. Mdlle. du Pré agus é i n-a fhear óg, agus do cheap sé nár mhór dó ceárd na filidheachta d' fhoghluim go cruinn i dtreó go bhfeádadh sé áilleacht an chailín sin, — ní raibh innte acht cailín, — agus méid a ghrádha dhi do nochtadh. Sar a raibh deireadh le na thréimhse stúdéir bhí Cassandre pósta le Jean de Peigne! Acht do lean an caradas eatorra: is rídheas an fhilidheacht do chum sé i n-a taobh:
Is beó dá leithéid sin d'fhilidheacht; agus ní taise do so: Is mór an difridheacht a bhí idir Cassandre agus an chéad bhean eile dá dtug Ronsard grádh a chroidhe. Bean uasal a b'eadh Cassandre acht inghean d'óstaeir b'eadh Marie. Deir úghdar Franncach i dtaobh Cassandre:
Ní dhéarfadh éinne gur "Muse" Marie du Pin! Agus ó's rud é go raibh an difrídheacht mhór san idir an bheirt, idir Cassandre agus Marie, ní hiongna linn difridheacht bheith idir an grádh a thug Ronsard dóibh; agus tá rian na difridheachta san le feicsint nuair a cuirtar na dánta do scríobh sé do Marie i gcomórtas le sna dántaibh do scríobh sé do Cassandre roimis sin. Ní deas le léigheadh an cúntas a thugann an ollamh T. B. Rudmose-Brown san leabhar úd "French Literary Studies" ar an ngrádh a bhí ag Ronsard do Marie: acht d'fheádfadh sé an scéal san d'innsint dúinn ar a mhalairt de chuma ar fad agus b'fhéidir gur ghlaine a bhéadh an Fhírinne ann annsain aige! Dar liom tá an fhírinne ghlan ag Jean Dorchain san méid a chuireann sé síos ar na dántaibh a scríobh an file do Marie: An té do scríobh san do thuig sé Ronsard i n-iomlán, do thuig sé an file go dtí an smúsach; acht nuair a labhrann T.B. Rudmose-Brown ar an ngrádh a thug Ronsard do mhnaoi eile .i. Genèvre" tugann sé roué mar ainm air! Seo mar a chuireann Hilaire Belloc síos ar an gceist:
Belloc nó ag Brown atá an fhírinne? Ag Belloc, dar liomsa, mar nochtann beatha agus bás an fhile dhúinn, agus a shaothar liteardha chómh maith, an scéal céadna — gurbh fhear é ná raibh aon chráibhtheacht ann, acht murab' eadh, nár roué é acht chómh beag. Ní don fhile a thug an cailín grádh a cléibh, pé i nEirinn é acht do Charles de Pisseleu, duine muinteardha do Ronsard. Fuair sí bás i n-a hóige i mbliadhain a 1573 agus do scríobh an file sraith dánta deasa 'gá cuimhne: Ag tabhairt ghrádha do Marie dó iseadh do scríobh sé Hymne de la Mort — dán sáruasal go bhfuil brigh is neart le gach uile fhocal de: sidé deireadh an dáin:
Is iongantach a bhríoghmhaire tá sé mar le dán do scríobh roué "Heureuse et profitable Mort" ba dheacair an abairt sin do sharúghadh, agus Whitman féin do chur chuige. Tháinig bean eile i n-a threó .i. Hélène de Fonsèque, agus é ag druidim leis an aois. Thug sé grádh dhí, agus níor ghrádh aon ghrádh a bhí ag Ronsard go dtí san. Is leór dúinn cunntas Pierre de Nolhac ar theacht le chéile dhóibh — do Ronsard agus do Hélène: Is leor san. arsa Hilaire Belloc i n-a taobh: ní hiongna mar sin gur sháruigh an roinnt fhilidheachta do scríobh Ronsard i n-a comhair a raibh scríobhtha aige cheana — agus níorbh fhuiris é sin do dhéanamh. Di-se, dar ndóigh, an rud is mó clú dár chum sé:
I dtaobh a leithéid sin d'fhilidheacht cad tá agam cheana: is beó dhó. Cuireann an t-amhráinín sin i gcuimhne dhúinn an t-amhráinín úd do scríobh W. B. Yeats: acht nuair a bheidh breis agus trí chéad bliadhain imthighthe tharainn an ndéarfar i dtaobh an amhráinín sin; is beó dhó? — amhráinín i n-a bhfaghtar na línte seo: Tá scéal na mban do chuireadh croidhe an fhile ar crith innste anois againn. Is minicí léightar na dánta do chum sé dhóibh 'ná na dánta eile do scríobh sé; acht is fiú na dánta eile do léigheadh chómh mhaith. B'fhiú dhúinn iad do scrúdughadh, go mórmhór dá mbudh mhian linn saoghal na Frainnce le n-a ré sin do thuigsint agus cionnus mar a théigheadh sé i bhfeidhm ar aigne an fhile. Bhí an creideamh nuadh agus an seanchreideamh in achrann i n-a chéile an tráth san sa bhFrainnc. Do chlaoidh an file le creideamh a shínsear agus dhein sé cion fir chun é do chosaint. Cuirtidhe i n-a leith nár cheart dó a leitheíd sin do dhéanamh agus é amuigh air gurbh' fhear gan creideamh é. D'fhreagair se: agus do lean sé ar an scéal mar sin ag déanamh, mar a déarfaidhe, a ghnímh chreidimh féin. Acht, dar ndóigh, b'fhearr leis gan an troid sin a bheith ann i n-aon chor; ní fhéadfadh sé dearmad a dhéanamh ar an aimsir an- allód:
Chítar na hainmneacha sin Luther agus Calvin san bhfilidheacht do scríobhadh i nÉirinn nuair a bhí an troid chéadna ar siubhal ann: acht an fhaid is a bhíodh Ronsard ag scríobhadh a leithéid sin de dhán, bhíodh sé ag cuimhneamh ar ré na síothchána a bhí imthighthe tharainn; ní mar sin do sna Gaedhlaibh: níor chuimhin leó súd ré síothchána i n-aon chor. Comhrac an dá chreideamh ní raibh ann acht saghas atharruighthe a bhí tar éis teacht ar an seanchomhrac! Is í an chómhairle a thugadh Ronsard uaidh dá cháirdibh féin ná an seanchreideamh do chosaint leis an bpeann: ní móide go ndéanfadh an "peann," dá chlisteachth é, aon mhaitheas don troid sin idir an dá chreideamh í nÉirinn; agus níorbh fhéidir leis na seanfhilíbh é do cheapadh acht chómh beag. Ní bhfaghtar isna dántaibh do scríobhadar ar an gceist aon chomhairle den tsaghas san a thugadh Ronsard uaidh sa bhFrainnc. Acht bíodh is gur dhein Ronsard cion fir chun creidimh a shinsear a chosaint, bhí de mhisneach aige na lochtanna a fuair sé ortha do chur i leith na ndaoine a bhí i bhfeidhil an chreidimh an tráth san. Agus mar sin dó. Deirtar gur chuma leis cad é an saghas creidimh a
bhéadh sa bhFrainnc acht é bheith gan toirmeasc gan cogadh. Nár scríobh sé: 'Seadh, do scríobh; acht seo mar thosnuigheann an dán san Níl insan dán san acht giota grinn. Cúis bhróin dó gur éag na cáirde, idir fir is mná, ba dhílse do, roimis féin — Joachim du Bellay, Olivier de Magny, Rémy Belleau, Estienne Jodelle, Estienne de la Boétie agus daoine nach iad. Mar sin bhí saoghal uaigneach a dhóthain aige ar feadh roinnt éigin bhliadhan roim bás dó. I ndeireadh bliadhna a 1585 do bhris ar a shláinte agus chuaidh sé abhaile go dtí a thuath féin. Fuair sé i n-a phraisigh í tar éis éirligh Huguenots. Theip an codladh air. Chuaidh sé ó dheas mar a raibh clochar cois Loire, "dans sa chêre Touraine," a bhí Fé chúram aige. Is ar éigean a shrois sé an clochar, bhí sé chomh breóite sin. Thuit sé fá dhó go faon lag sa tslighe dó. "Cad is creideamh duit ag tréigint an tsaoghail seo dhuit?" ar seanmhanach leis. "Cad is dóigh leat"? ar seisean, agus fearg air, "gheibhim bás san chreideamh san i n-a bhfuair m' athair bhás, agus mo sheacht sínsear rómham." Do bhailigh sé annsain na manaigh mórthímcheall air agus do labhair go ceann abhfad leó, ghá rádh go raibh cathughadh air i dtaobh na bpeacaí do dhein sé le n-a ré. Dubhairt sé ná raibh san tsaoghal acht brón agus toirmeasc agus cogadh agus peacaí agus pian; agus ná raibh aon
deireadh leó acht amháin an bás. "Sé an clú," adubhairt sé annsain, "an nídh is áilne fé luighe na gréine agus níl éinne lem ré a fuair an oiread sin de agus a fuaireasa féin: an méid a fuaireasa dhe, fágaim le huadhacht ag mo thír é, é bheith aici agus mé ar shluagh na marbh. Trial- laim ón áit seo mar a thriallfadh an té a bhéadh tuirseach de, agus ná béadh uaidh acht flaitheas Dé." Fuair sé bás sa chlochar san an seachtmhadh lá fichead de mhí na Nodlag 1585, agus is ann do cuireadh é. V. — NA FILÍ EILE. Joachim du Bellay (1524-1560). Sa bhliadhain 1524 do rugadh Joachim du Bellay i Lyré, baile i ngar d'Angers. I n-a óige fuair a athair agus a mháthair bás; agus níorbh' aoibhinn cúrsaí a shaoghail as sain amach. Tugadh faillighe — mar adeir sé féin linn — san oideachas a fuair sé. Do bhí sé ag déanamh stuidéir ar an ndlighe go dtí gur casadh Ronsard air insan tigh ósta úd: d'éirigh sé as an ndlighe annsain. Is eól dúinn cheana gurab é do scríobh gairmscoile na dámh- scoile sa bhliadhain 1549. Tamall gearr i n-a dhiaidh sin d'fhoillsigh sé leabhar filidheachta — dánta do chum sé do mhnaoi ar ar thug sé "Olive." D'imthigh sé don Róimh i dteannta an Chairdinéil du Bellay (bhí gaol ag an bhfile leis)agus d'fhan sé ann ar feadh cúig bhliadhna. An chuaird sin ba thrúig leis an leabhar san Antiquités de Rome — leabhar ar ar chuir Éamon Spenser Béarla. Deoraidhe ab eadh du Bellay an tráth san agus, mar is dual do dheoraidhe, bhíodh sé go huaigneach tromachroidheach; agus bhí beirt eile — Olivier de Magny agus Panjas — insan chás chéadna: seo mar dheineann sé tagairt don triúr aca: —
Agus is í an chuaird sin leis ba thrúig leis an sonnet sáráluinn so — sonnet a théigheann i bhfeidhm ar aigne an Ghaedhil de phreib. Ag léigheadh an dáin sin do dhuine is fuiris a thuigsint go mbéadh daoine ann a déarfadh gur mhó d'fhile an file do chum san 'ná Ronsard féin. Ní fheadar an féidir gur léigh na Géana Fiadhaine an dán san? A dtug sé sólás aigne dóibh riamh? Ar mhaith le Donnchadh Ruadh é léigheadh? Ar dheis dé go raibh anam an duine do scríobh é! Fuair sé bás obann: chúig bhliadhna is fiche b' aois dó. Mar adeir Hilaire Belloc: "Nuair léightar a chuid filidheachta chítar an scamall os cionn a chinn agus an buanbhrón mórálach, doimhinn i n-a shúilibh. 3" Agus mar a deir Walter Pater: "Nochtann a lán den bhfilidheacht do scríobh du Bellay a ré féin agus an "scoil" go raibh
baint aige léi seachas aigne agus meón an fhile féin. Ní chuirtar spéis i n-a chuid filidheachta, agus is fíor so leis i dtaobh saothair Ronsard, toisc gurbh é file árighithe do chum, acht toisc gurbh í, tráth, filidheacht à la mode — go bhfuil baint aici le ré fé leith — ré i n-a gcuirtidhe anaspéis san modh agus 'na ndeintidhe ar fheabhas é." 4 Ní thuigim cionnus mar a ceapadh riamh go raibh an ceart ag Walter Pater nuair a dubhairt sé an méid sin i dtaobh filidheachta du Bellay. Ba dhóigh le duine air nár léigh sé riamh an sonnet úd "Heureux qui, comme Ulysse. …"! Is leór an t-aon sonnet san amháin chum a chur i n-iúl dúinn ná raibh an ceart aige san méid sin. B'fheidir go mbéadh sé fíor dá n-abradh sé é i dtaobh filí eile a bhí san ndámhscoil sin la Pléiade, acht ní fíor i n-aon chor é fé mar dubhairt sé é. Bhí an modh scríobhtha ar fheabhas ag du Bellay, acht ní hé sin an t-aon bhuac amháin a bhí aige. Is é a chroidhe a labhrann linn i n-a dhántaibh agus dá bhrigh sin is beó dóibh; is mó file eile le n-a ré go raibh an modh scríobhta niós fearr aige 'ná mar a bhí ag du Bellay acht ní déarfadh éinne gur beó dá gcuid filidheachta. Ba gheal le sna seanGhaedhlaibh gach ar scríobh sé do léigheadh: B'fhuiris a cheapadh gur ghiota ó Ghaedhilg na sémhadh haoise déag é sin; agus cá bhfuil an té a léighfeadh an dán do chum sé i dtaobh Belaud, a chat, ná cuimhneóchadh ar "Pangur Bán"
"Ní maith liom na dánta do baineadh as an aer" arsa Goethe: Ní as an aer do bhaineadh du Bellay a chuid filidheachta; ní foláir nó is cat aerach a bhí san chat úd Belaud, acht níor chat aerdha é; agus ní filidheacht "aerdha" an dán san tuas. Agus ba mhar sin do du Bellay i gcomhnuidhe. Comhartha é sin gurb é a chroidhe a labhrann linn. Seo dhíbh an rud is mó clú dár dhein sé agus gheibhmíd na tréithe céadna ann;
Olivier de Magny 1530-1559. Duine des na "trois cygnes" úd é sin; agus ba chara do Louise Labé é — an bhean iongantach úd a bhí i n-a scoláire, in-a file, in-a ceóltóir, agus i n-a saighdiúir! Gheibhmíd tagairt don ghrádh a bhí aca dá chéile insan bhfilidheacht do scríobhadar araon — insan leabhar úd "Amours" (1553) do scríobh seisean agus san leabhar úd "Œuvres" d'fhoillsigh sise sa bhliadhain 1555. Deirtar ná raibh Louise Labé dílis dó — An fhaid is a bhí de Magny sa Róimh abhfad ó n-a thír dhúchais féin, abhfad ó n-a "ghrádh geal" do chum sé an leabhar ar a dtug sé "Soupirs" (1557). Fuair sé bás nuair a bhí sé deich mbliadhna is fiche d'aois. Jean Antoine de Baïf. Is eol dúinn cheana an caradas a bhí idir an file sin agus Ronsard le linn a n-óige. Insan Iodáil do rugadh é mar a raibh a athair i n-a theachta Stáit ó n-a righ. Ar n-éag don athair tháinig Jean i seilbh a dhuthchais; agus as san amach bhí an saoghal ar a thoil féin aige, go dtí gur bhain na Huguenots sealbh na hoighreachta san de. Thug an rí congnamh do annsain, agus mura mbéadh go dtug do b'aindeis an saoghal a bhí ag an bhfile. Bhí sé breóite go leór go ceann abhfad sar a bhfuair sé bás sa bhliadhain 1589.
D'fhoillsigh sé a lán leabhar, Do chuir sé Frainncis ar roinnt drámann nGréagach; agus i ndeireadh na scríbe tháinig an smuaineamh do gur mhaith an rud é an Fhrainncis do scríobhadh fé mar a labhartaidhe í. Chítar dúinn dá bhrigh sin, go raibh sé ar thaobh an "Leitriughadh Simplidhe!" Robert Garnier (1545-1601). I bhFerté-Bernard (Maine) do rugadh Robert Garnier sa bhliadhain 1545. Do chlaoidh sé leis an ndlighe acht níor éirigh sé as ceárd na filídheachta. Do scríobh sé a lán drámanna. Sa bhliadhain a 1601 do fuair sé bás, Rémy Belleau (1528-1577). Cara fíordhílis do Ronsard ab eadh Rémy Belleau — an cara ba dhilse dá raibh aige — lasmuigh de du Bellay féin, b'fhéidir. Tá a ainm "mon cher Belleau" le feicsint i n-a lán de sna dántaibh do scríobh an máighistir. Tugtidhe "le gentil Belleau" air mar leas ainm agus cuireann san i n-iúl dúinn a ghrástamhlacht atá a chuid bhéarsaí. Fuair sé bás i m "bláth a óige" naoi mbliadhna is fiche do b'aois dó. Ní raibh duine ag iomchar na cómhrann lá a churtha, ná raibh i n-a BLANK fhile ach Ronsard. Jean Antoine de Baïf, Philippe Desportes, Amadis Jamyn. "Peintre de la nature" a thug Ronsard air. Tá eolus ag a lán ar an ndán san "Avril" do scríobh sé: seo giota de:
Estienne Jodelle (1532 — 1573). Estienne Jodelle: I bPáras do rugadh é sa bhliadhain 1532. Do thosnuigh sé ar scríobhadh, fé anál Ronsard, agus é go hanóg. Is ar éigean bhí se fiche bliadhain d'aois nuair do scríobh sé "Cléopâtre Captive," dráma bróin do b'eadh é, agus "Eugêne" — drama suilt — Do thaitin na drámanna san go mór leis an righ agus thug sé 500 écus mar luach saothair dó. Sé bliadhna i n-a dhiaidh san d'éirigh an rí i n-a choinnibh agus ós rud é go raibh an file go hana mhórálach do lean an scéal mar sin. Bhí sé tugtha don ól agus don ragairne, agus dá dheasca san fuair sé bás nuair a bhí sé dachad bliadhain d'aois. Ba dheas an rud cur síos ar na filíbh eile a bhí i ndámhscoil la Pléiade — ar Estienne Pasquier (1529-1615) an té do scríobh an leabhar ("Recherhes sur la France") i n-a bhfaghtar a lán eoluis ar an Pléiade; ar Estienne de la Boétie (1530-1563) cara do Montaigne; agus go mórmhór ar d'Aubigné (1550-1630) an fear iongantach san; acht dá ndéanainn é ní bhéadh deireadh leis an aiste seo go ceann abhfad.
VI. — FILIDHEACHT NA DÁMHSCOILE. Is eól dúinn go maith an ghairmscoile a chuir an dámhscoil amach ar theacht le chéile dhóibh; is eol dúinn, leis, cionnus mar a cheapadar ná raibh ar a gcumas nidhthe fiúntacha do rádh mar budh mhian leó mura n-éireóchadh a dteanga féin níos saidhbhire 'ná mar a bhí sí. Tá eolus againn leis ar an seift do cheapadar chum san do dhéanamh. Do réir mar a bhí ceapaithe aca, do dheineadar an bheart; agus ba mhaith an bhail ar an bhFrainnc iad súd a bheith ann chun na teangan do chur ar shlighe a leasa i dtreó go bhféadtaidhe na rudaí fiúntacha san — b'iad fás an Renaissance iad — a rádh mar ba chóir. Tá éiséirighe buailte linn i nÉirinn, agus níl sé i n-ár gcumas an éiséirighe sin agus gach a mbaineann leis do nochtadh sa teangain fé mar atá sí. Is fuiris a rádh: cuimhnighmís ar an bPléiade; acht b'fhearra dhúinn machtnamh do dhéanamh ar na fearaibh a bhí insan dámhscoil sin. Scoláirí ab eadh iad, acht má's eadh do b'fhilí iad leis. Dá mbéadh gan bheith ionnta acht scoláirí, d'fhéad- faidís cinneadh, b'fhéidir, ar cad ba cheart dóibh a dhéanamh, acht ar bh'féidir leó é dhéanamh? Is é an bhail a bhí ar an bhFrainnc ná an sómpla a thugadar uatha i n-a gcuid filidheachta bheith ar aon dul leis an dteagasc a mhúineadar mar scoláirí. Níl an bhail sin orainn-na. Tá scoláirí againn agus tá filí againn; acht is beag scoláire dhíobh i n-a fhile, agus is beag file dhíobh i n-a scoláire! Agus is measa 'ná san an scéal; tá daoine ann agus níl an scoláireacht aca agus níl an fhilidheacht aca acht chómh beag — agus i n-a aimdheóin sin siúd iad ar a gcroidhe dhíchill ag ceapadh "téarmaí!" An Féidir a chur i n-iúl dóibh siúd ná fuil rud is mó a loiteann teanga 'ná aniomad "téarmaí" a bheith innti? Róluath a bheidh ár ndóthain téarmaí againn! Fágaimís a leithéid sin d' obair fé sna daoinibh go bhfuil litridheacht na Gaedhilge ar eólus aca. Insa litridheacht san tá mar a bhéadh tobar fióruisce againn, agus is é uisce an tobair sin
a choiméadfaidh an teanga beó dhúinn. Bhí a leitheíd sin de thobhar ag Ronsard agus ag á cháirdibh; acht tobar éadtrom ab eadh é seachas an tobar atá againn-ne. Do bhí ortha súd focail a tharraing chughtha ón Laidin agus ón nGréigis; agus ní mór dúinn-ne Focail iasachta do ghlacadh chúghainn leis ó theangachaibh an domhain; acht cá beag dúinn é sin do dhéanamh nuair a bheimíd sa chruaidhchás: níl tosnuighthe i gceart againn fós ar uisce ár dtobair féin do tharraing. Go dtógaidh Dia i n-ár measc gasra a dhéanfaidh an obair atá rómhainn i dtaobh na teangan chomh ciallmhar agus a dhein la Pléiade an obair sa bhFrainnc breis is trí chéad bliadhan ó shoin. Is beag focal a thugadarsan isteach sa bhFrainncis leó ná fuil beó fós: 5 is iad san a thug innti an focal is mó clú san teangain sin, — an Focal "Patrie." "Táimíd róchlaon chum filidheacht na Gaedhilgé do mheas i meidh an Bhéarla is do réir a riaghlach sin" ar "Tórna" ag cur síos dó ar dhántaibh Sheáin na Ráithíneach. Is fíor dó; acht deinimíd filidheacht na Frainncise do mheas, nó do mhímheas ba cheart dom a rádh, ar an gcuma gcéadna: ní thuigimíd í acht amháin fé mar a thuigeann an Sasannach í — agus, dar ndóigh ní doimhinn an tuigsint a bhainid siadsan as aon fhilidheacht iasachta olc nó maith Da mb'é Matthew Arnold féin é, níor thuig sé filidheacht na Frainncise. Acht do thuigidís na seanGhaedhil í, agus ba gheal leó filidheacht na dámhscoile úd, la Pléiade, do léigheadh. Ba gheal leó súd í toisc na tréithe seo bheith innti: (I.) An módh a bheith ar fheabhas — an módh seachas na focail. Sin é an fáth nach féidir leis an mBeárlóir blas ceart na filidheachta do so bhraith: an rud atá innti, ní thugann sé fé ndeara é toisc gan taithighe bheith aige air i bhfilidheacht a theangan féin. Agus an rud ná fuil innti — siúd ar lorg an ruda san é! Mothuigheann "Avril," (Hilaire Belloc)
an Béarlóir rud éigin uaidh nuair a leigheann sé abairtí dála mothuigheann sé rud éigin uaidh nuair a léigheann sé línte (Olivier de Magny) Nó: "Cá bhfuil an fhilidheacht?" arsa an Béarlóir; acht do bhéadh tuigsint is meas ag an nGaedhal ar a leithéid sin d'abairtíbh agus de líntibh. 'Seadh, agus do bhéadh fhios aige go raibh cruinneólus ag na filíbh franncach ar cheird na filidheachta — go ndeaghadar isteach isna trí ceardchaibh chómh maith leis na filíbh 'na thír féin chun na cheirde sin d'fhoghluim — agus gur fhanadar ionnta — insan teach meabhruighthe," agus insan "teach luighe" agus in san "teach breithibh" go dtí go raibh sí aca. (II.) Ainm na ndúithche mórthimcheall ar an bhfile a bheith á luadhadh isna dántaibh. Tá na hainmneacha san le fagháil i ngach uile leathanach nách mór. Fé mar is eol dúinn ba mhór é a ngrádh dá ndúithchíbh féin, bíodh is ná raibh i gcuid aca acht dúithchí bochta Do b'aoibhinn leis an seanGhaedhal an giota san do léigheadh; agus is minic a chífeadh sé giotaí anachosmhail leis, i bhfilidheacht la Pléiade.
(III.) Ainm na bhfilí eile a bheith le Feicsint isna bhéarsaibh — comhartha gur dhámhscoil cheart (IV.) An greann atá insan bhfilidheacht a bheith, mar a déarfadh duine, fé cheilt — gan baint aige le greann na coitcheanntachta. Cuir i gcás na dánta do scríobh du Bellay dá chat agus dá mhadra; nó an sonnet seo: Ní i dtaobh filidheachta la Pléiade adubhart an ollamh Robin Flower é sin acht i dtaobh filidheachta a scríobhadh i nÉirinn na nGaedhal; acht féach a oireamhnaighe atá sé d' fhilidheacht la Pléiade leis!
(V.) Eolus cruinn ar chúrsaíbh an tsaoghail a bheith ag na filíbh. Ní hiongna san agus Rabelais agus Montaigne chómhnaos dóibh! Bhiódh an t-eolus céadna ag na sean- Ghaedhlaibh: tá rian an eoluis sin le feicsint go soiléir isna seanfhoclaibh, agus isna dántaibh leis — cuir i gcás iad súd do scríobh an Céitinneach agus iad súd atá bailighthe isteach ag Tomás Ua Raithille insa leabhar úd "Dánta Grádha." Is dual dhon Ghaedhal agus is dual don bhFranncach, leis, eolus den tsaghas san a bheith mar adhbhar cheapa- dóireachta aige; agus dar liom, is é is tsúig leis sin ná, mar adeir H. Belloc: Tá an t-eolus san le fagháil i bhfilidheacht Ronsard, i bhfilidheacht du Bellay; is beag file a bhí sa dámhscoil sin ná raibh an t-eolus céadna aige. Seo cúpla giota a bhainim as an ndán san do scríobh Estienne Jodelle, an roué, dá Muse féin: Ba dhóigh le duine air gurbh é Goethe do scríobh san.
Agus annsain: Do thaithneóchadh na giotaí sin leis an seanGhaedhal. Agus b'fhéidir go dtuigfeadh seisean níos feárr 'ná mar a thuigimídne ná scríobhadh Ronsard ná du Bellay ná aon duine eile le ré la Pléiade, ar "Avril" ná ar an "Printemps" ná ar "Une Fontaine" ná ar "L'Alouette" ar a son féin: an fhaid is a bhídís ag scríobhadh a leithéid sin d'amhránaibh is amhlaidh a bhídís ag déanamh iarracht ar eolus ar chúrsaíbh an tsaoghail a bhí aca do chur i leathtaoibh. Tá a lán tréithe eile i n-a gcuid filidheachta do chuirfeadh i gcuimhne don Ghaedhal filidheacht a thíre féin. Acht ar an dtaobh eile den scéal is mó nídh a mhothóchadh an Gaedhal uaidh insan bhfilidheacht sin. Céad bliadhain roimh ré Ronsard do scríobh Villon na línte seo: Do bheadh taithighe ag an nGaedhal ar rudaíbh mar sin, rudaí a bhaineann preab a duine — rudaí i n-a bhfuil an fionchrith díreach fé mar tá sé ins an dán san do chum an Céitinneach — "Fáidh bhréagach an saoghal so." Ní bhéadh éinnidh den tsaghas san le fagháil ag an nGaedhal i saothar liteardha la Pléiade — comhartha go raibh an Renaissance i bhfeidhm go dian ar a n-aigne. Ní túisce a thagann na "Dryades, Faunes, Satyres, Pans, Napées, agus Oréades" isteach i litridheacht tíre ná mar éirigheann na filí as an stíl sin i n-a scríobhadh Villon. Nuair a
scríobh Villon na línte sin do bhí sé ag obair díreach mar oibrighidís na rionnadóirí sa mheadhon aois. Ní dheaghaidh an Renaissance go dian i bhfeidhm ar aigne na nGaedheal riamh; agus mar gheall air sin, do mhothochad an Gaedhal rud éigin uaidh i bhfilidheacht la Pléiade. Uch! uch! a Mhuire bhúidh, A Bhuime Dé a Bhuime Dé, Tugas grádh m'anma do mhnaoi Ler milleadh mé, ler milleadh mé — Mar sin a dhein Domhnall Mhac Carrthaigh Mór amhrán grádha: dá mbéidís ag scríobhadh amhrán diadha do chuir- feadh Ronsard nó du Bellay na hainmneacha diadha isteach ann; acht ní dhéanfaidís a leithéid dá mbéidís ag scríobhadh amhrán grádha. An Renaissance fé ndeara é sin leis: Tá an nós céadna aca thall i Sasana fós. Chun deireadh do chur leis an scéal: do thuigfadh an Gaedhal filidheacht la Pléiade abhfad níos feárr 'ná mar a thuigfadh an Béarlóir é; acht ar an dtaobh eile dhe, do bhéadh a lán tréithe ann ná taithneochadh leis. VII. — CRÍOCH AN SCÉIL. Dubhairt Ronsard agus é ag fagháil bháis go raibh a sháith agus a sheansháith aige de chlú is de cháil: b'fhior dó. Acht, ní fada a bhí sé curtha nuair a chuir Malherbe i n-iúl don tsaoghal go raibh an teanga loitithe aige agus ag na filíbh a bhiódh na theannta. Agus do creideadh do é! De bhrigh gur creideadh do ní léightidhe filidheacht na dámhscoile sin ar feadh trí chéad bliadhain —
go dtí go dtárla Sainte Beuve agus gur chuir sé i gcló arís í. Ó shoin a leith tá an fhilidheacht san fé cháil agus fé mheas, agus ag dul i méid i n-aghaidh na bliadhna atá an cháil agus an meas san. Cad a scríobh Ronsard féin?: Is mithid dam éirighe as an scéal. B'aoibhinn liom an tréimhse do thugas i measc na bhfilí sin agus is deocair scaramhaint leó. Agus an fhaid is bhíos i n-a dteannta ag scrúdughadh a ndánta, ag aithris a gcuid bhéarsaí, ag luadhchant a n-ainmneacha, do bhínn ag síorchuimhneam ar dhámhscoileannaibh eile, d'iarraidh aithne do chur ortha — obair ná féadfaidhe dhéanamh gan duadh, óir do fágadh na dámhscoileanna sin ar lár agus d'imthig a n-ainm is a gclú i ndearmad. Nuair a bhíodar ar lár ag an namhaid do scríobh file éigin ar dhuine aca — ; agus go deimhin is iad na smuainte céadna a bhí ag Ronsard agus é ag druidim leis an aois: Beannacht leó a los a saoire dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe, an cóimhthionál dar chóir searc, doircheadán dóibh nír dhoircheacht.
Ba haithgearr eatorra sin lá Earraigh, aghaidh gheimhrigh: an lucht téarnó do-ní a-nois mí don éanló 'na n-éagmhois. Ionnsa an t-anshaothar orra, nach fuighid fir fhoghloma gréas snáthsholas na suadh nglan dar dhual fáthfhoras focal. La Pléiade go nuige sin. DOMHNALL Ó CORCRA. 30-5-1919.
SCRÍBHINNÍ ALFRED DE MUSSET Nuair a fhág Alfred de Musset an scoil sa mbliadhain 1827, agus é seacht mbliadhna déag d'aois, bhí sé tuirseach den saoghal cheana féin. Ní hamhlaidh a bhí an saoghal cruaidh air go dtí sin. Daoine compórdacha do b'eadh a mhuinntear — bhí post fá'n riaghaltas ag a athair; do cuireadh an mac ar scoil mhaith agus d'éirigh go breágh leis ann; acht thug sé aghaidh ar an saoghal agus é lán de mhíshogh. Is dócha nach raibh fhios aige annsin cad fé ndear an riocht i n-a raibh sé, acht bhí a fhios so aige — inar adubhairt sé féin i litir a scríobh sé um an dtaca san — gur mhian leis filidheacht a scríobhadh, acht nár mhaith leis an oiread san trioblóide a chur air féin; fá dheireadh, nár theastuigh aon nidh uaidh acht an grádh. Bliadhanta i n-a dhiaidh sin, rinne sé iarracht ar mhíshogh is mhíshásacht a óige a mhínuighadh: ní raibh aon tsuaimhneas sa tír an uair sin; bhí árdréim an chéad Napoleon thart agus gan acht meathtacht fágtha i n-a diaidh. Bhí an Fhraingc fhéin, isteach is amach le leathchéad bliadhan, ag athrughadh is ag athrughadh — ríoghacht is poblacht is impireacht ag leanamhaint a chéile, agus gan acht tréimhse ghairid ag aon cheann aca. "Tagann galar na haoise seo .i. la maladie du Siècle, ó dhá adhbhar .i. na daoine a tháinig tré 1793 agus tré 1814, tá dhá ghoin i n-a gcroidhe. Gach a raibh ann, tá sé thart; gach a mbeidh ann, níl sé ann fós. Ná cuardaigh níos sia d'adhbhar ár n-olc." ("La Con- fession d'un enfant du Siècle," Cuid I., Caib. II.) Bhí athrughadh mór tagtha ar litridheacht na Fraingce freisin. Le tuairim is dhá chéad bliadhan roimhe sin bhí scríobhnóirí na Fraingce ceangailte le riaghlacha daingine i dtaoibh na nidhthe a bhí ceaduighthe dhóibh a rádh agus an tslighe i n-ar cheart iad a rádh. Anois bhí an
Scoil Rómansaidheachta .i. l'Ecole Romantique, fá lantseól; an scoil a scar le gach riaghal agus a thug cead do scríobhnóiribh scríobhadh ar rud ar bith fá'n ghréin nó ar rudaíbh nach raibh i n-aon áit acht i n-a n-aigne féin. Do cuireadh Alfred de Musset i n-aithne do phríomhughdair na scoile sin .i. Hugo, Rigny, Sainte-Beuve, an bheirt Deschamps, Nodier, agus do chaitheadh sé cuid mhaith aimsire i n-a dteannta. Tá á rian le feicsint sa leabhar filidheachta a chuir sé amach i mbliadhain a 1830, .i. Contes d'Espagne et d'Italie." Dánta lán de dhathannaibh, de ghrádh is de pháis iad so gníomhartha uathbháis annso, magadh annsúd. Is insan leabhar so a tháinig an "Ballade à la Lune" amach; níor ghéill Musset don ómós a tugtar go coitchianta don ghealaigh bhoicht: Ní leigfeadh a thuigsint dó, amhthach, tuitim isteach i mórchuid den bhaois a cleachtadh na hughdair róman- saidheachta .i. a ndul thar teórainn i ngach rud, a ndios- póireachta thar brígh ar litridheacht, is a lán eile. Rud eile dhe, duine fá leith a bhí ann, fear ar mhian leis daoine eile a leanamhaint. Is gearr gur thuit sé amach leis na scríobhnóirí rómansaidheachta agus níor lean sé dá dtréithe acht amháin an tsaoirse a bhain leo. Ní raibh de dhlighe aige as san amach acht é féin. É féin an t-aon duine amháin go raibh fíoraithne aige air, mar adeir sé sa dán "Les Vœux Steriles," agus insna línte sin é "Namouna":
Dfhan an mhíshástacht aige i gcomhnuidhe agus innseann sé dhúinn, ins na "Secrètes Pensées de Raphael," go mb'fhearr leis bheith ar an saoghal i n-am na sean- Ghréagach nó nuair a bhí na healadhnaigh clúmhla ag obair 'san Iodáil. Tagann an tseirbhe chun cinn i "Rolla" (1833), scéal i dtaobh óigfhir a chaith a mhaoin ar aimhleas arís agus arís eile, agus, nuair nach raibh a thuilleadh le caitheamh aige, thug sé don bhás é féin. Dán atá lán d'éadóchas is eadh "Rolla," gearán chroidhe gan chreideamh atá ag iarraidh deimhne dfhagháil i n-áit éigin; acht "Thánga isteach i n-antráth i saoghal ró-aosta" ar seisean. Acht níor mhairbh Musset é féin ar nós Rolla. I ndeireadh na bliadhna céadna d'éirigh an grádh idir é féin agus Georges Sand. Bhí sé i ndán dó déine an ghrádha agus doimhneas an éadochais dfhoghluim ón mhnaoi úd a líon a chroidhe ar feadh tréimhse is a thréig é i n-a dhiaidh sin. Roinnt bhliadhan dá éis sin, thóg sé an milleán air féin, acht ar feadh cúpla bliadhain, is é sin 1834-5, do ghoill droichbheart na mná go trom air, agus thárla dá chionn go dtug sé don tsaoghal roinnt iarrachtaí den fhilidheacht ghrádha is fearr dár scríobhadh ariamh. "Les Nuits" na dánta is mó clú ortha. Insan "Nuit de Mai," tá an "Éigse" 1 ag glaodhach air agus an t-earrach ag borradh ann: Dán brónach ag moladh an Uaignis is eadh "La Nuit de Décembre." Déanann an Fhilidheacht iarracht eile ar a mhealladh ar ais chuichi féin ins an "Nuit d' Août," acht briseann sé amach ag molaidh an ghrádha, an t-aon chumhacht gur fiú géilleadh dhó:
Agus sin é Alfred de Musset féin dá ríribh .i. file an ghrádha! Géilleann sé aon uair amháin eile don tseanphéin, agus tagann an osna dheireannach ó n-a chroidhe ins an "Nuit d'Octobre." Rinne sé iarracht ar an scéal d'innsint, agus tháinig robharta éadóchais agus seirbhe anuas air: Acht cuireann sé cosc air féin arís: Roinnt bhliadhan i n-a dhiaidh san, thárla gur casadh é féin agus Georges Sand ar a chéile arís, agus tháinig an macalla deireannach ins an "Souvenir" (1841): Maraon leis na "hOidhcheanta" so, do scríobh sé dhá dhán i n-ar chuarduigh fé taca dá anam i n-aghaidh dorchadais an aimhris a bhí ann. Ghlaodh sé ar Lamartine
ins an "Lettre à Lamartine"; chuir sé i gcuimhne dhó an tráth n a raibh seisean fá chrádh, agus dfhiafruigh de: "Trompé par tes amis, trahi par ta maîtresse, Du ciel et de toi-même as-tu jamais douté?" Acht ní mór ná go raibh an uain san dearmhadta ag Lamartine — níor thug sé aon áird ar an "Lettre." Ghlaodh sé ar Dhia féin ins an "Espoir en Dieu." Níor leór leis an t-aimhreas; níor leór leis creideamh na bhfeallsamhan go léir; cuireann sé impidhe diachrach dá chroidhe: — Dán an-bhreágh freisin is eadh "Stances à la Malibran" i n-a gcaoineann sé banamhránaidhe a fuair bás go luath de bharr tionóisce, agus caoineann sé leis a lán de lucht scríobhtha ealadhan agus éolaidheachta do bhí ag fagháil bháis go tiugh um an dtaca san. Idir na bliadhanta san 1835 agus 1841 a scríobh Alfred de Musset an chuid is Fearr dá fhilidheacht. Cad iad tréithe a shaothair? Óige, beodhacht, soilbhreacht, modh- mhaireacht, agus go mórmhór dúthracht. 2 Ní leigeann se éinnidh air, acht labhrann amach ó n-a chroidhe agus ó n-a intinn féin. Bhí dhá thaoibh i n-a nádúir féin; ghoilleadh nidhthe go doimhin dian air uaireanta, bhíodh sé tugtha d'aoibhneas uaireanta eile. Tá an dá thréith chéadna i
n-a chuid filidheachta — doimhneas agus magadh mín aerach; tochtadh croidhe agus meidhir; aimhleas saoghalta annso, caondúthracht aigne annsúd. An tráth céadna dá shaoghal, tá na drámaí is fearr dár scríobh sé riamh againn dá bharr. Nuair a thosuigh sé ar dhrámaíbh a scríobhadh ar dtús, theip ar an gcéad cheann a chuir sé os cómhair an phobail .i. La Nuit Vénitienne. Dá éis sin níor scríobh sé i gcomhair an árdáin, cé gur léirigheadh cuid dá shaothar ní ba dhéidheann- aighe. Tháinig de sin nach ndearna sé aon iarracht ar na drámaíbh a dhéanamh feileamhnach don árdán, rud a dhéanfadh athrughadh mór ar a shaothar, óir ní fuláir don scríobhnóir bheith ag cuimhneam ar an tslighe i n-a bhféadfadh lucht an drama brigh an scéil a dhéanamh soiléir don lucht éisteachta; ní mór dó é féin a cheilt agus neithe seachas a mbaineann leis féin a chur ós a gcomhair. Coscann sé sin saoirse an scríobhnóra, má's ceadtha a rádh mar sin. Fé mar a bhí an scéal, thug Alfred de Musset a shamhail fhéin dúinn ins na dramaibh díreach mar a rinne sé sa bhfilidheacht; i dtreó is ná raibh aon deifridheacht eatorra acht sa bhfuirm. Teasbánann sé taobh éigin dá nádúir féin dúinn i ngach ceann aca. Acht is mó 'ná san atá ionnta. Teasbánann sé a lán daoine eile dhúinn chomh maith. Teasbánann sé ríghthe agus uaisle, lucht airm, fir, mná is cailíní dhúinn, gach uile shaghas díobh, acht fíordhaoine beodha iad go léir. Tháinig "On ne badine pas avec l'amour" amach i lár an bhriseadh chroidhe a bhí air i mbliadhain a 1834. Dráma próis is eadh é agus sin é an ceann is fearr dár scríobh sé agus an ceann is minicighe léirightar anois Tráchtann sé ar an tslighe i n-a dtéigheann grádh glan- áluinn ar ceal nuair a ghéilltar d'ainmhianta suaracha gheibhtar an smaoineadh céadna i "La coupe et les Lèvres," dráma dár scríobh sé i bhfilidheacht roinnt bhliadhan roimhe sin. Tá stíl Alfred de Musset i n-árdréim ins an drama san "On ne badine pas avec l'amour"; Seal beódha bríoghmhar, aerach é, seal brónach, lánáluinn. An bhliadhain chéadna, sar a dtáinig Musset abhaile
ón Iodáil, do scríobh sé "Lorenzaccio." Dráma a bhaineann le stair na hIodáile é seo, agus deirtar sa bhFraingc gurab é an t-aon dráma amháin sa bhFraingcis go bhféadfaidhe a chur i gcomparáid le mórdhrámaíbh Shakespeare. Tráchtann sé ar shaoghal i bhFlórant 3 aimsear an tíoránaigh Alessandro dé Medici; droich- fhear a bhí tugtha d'aimhleas do b'eadh Alessandro. Col ceathar dó do b'eadh Lorenzo nó Lorenzaccio, sárdhuine an dráma. Fear árdaigeantach a bhí i Lorenzo i n-a óige. Thuig sé a dhéine is a bhí saoghal na ndaoine fá Alessandro agus chuir sé roimhe saoirse a thabhairt ar ais dóibh tré bhás an tíoránaigh. Chuige sin, leig sé air bheith chomh dona le hAlessandro féin, i slighe is nach raibh ag aoinne acht mallacht i n-a chomhair. Is é seirbhe an dráma gur thuig sé fé dheireadh go raibh sé chomh doimhin san síos 'san olc nár fhéad sé é féin a shaoradh uaidh arís, bhí sé loitthe amach is amach. Do thuig sé chomh maith nach bhféadfadh sé aon mhaitheas a dhéanamh dá gcuireadh sé Alessandro chun bháis; go raibh croidhe na ndaoine chomh meathta san nach nglacfaidís leis an saoirse a bhéadh i n-a gcumas a bhuanughadh. Mar sin féin do lean sé ar an obair a bhí roimhe; mheall sé an tíoránach agus mharbhuigh sé é. Ní fada i n-a dhiaidh sin gur thogh lucht Flóraint nuathíoránach agus cuireadh Lorenzo chun báis as ucht an dúnmharbhtha. Sin é cnámh an scéil; acht chuir Musset feóil ar an gcnámh agus chuir sé an saoghal i bhFlórant go soiléir ór ás gcomhair: chlanna na n-uasal i n-éad len a chéile, cuid aca onórach go leór, a thuilleadh eile lobhtha truaillighthe; agus, taobh Leo, an gnáthphobal a thuig go maith nach raibh an scéal mar ba cheart; acht do bhí a bhfurmhór chomh meathta, faithteach, nach saorfaidís iad féin. Is gearr i n-a dhiaidh sin gur scríobh Musset dhá sár- dhráma grinn. Ins an "Quenouille de Barberine" tá pictiúir de mhnaoi chroidheamhail chneasta a cuirtar fá chathughadh ag fear a thug geall go meallfadh sé a croidhe ó n-a fear dílis féin. Acht nach taitneamhach mar a
rinne si magadh faoi agus mar ar chuir sí i mbraighdeanas é i seómra mór i n-a tigh féin agus mar ar chuir sí dfhiachaibh air snáth a shníomh dá mba mian leis biadh dfhagháil is do chaitheamh. Scéal grádha óigfhir an dara ceann .i. "Le Chandelier" agus é innste go haerach, éadtrom, agus é curtha le chéile go maith. Pictiúir d'Alfred de Musset féin i n-aois a sheacht mbliadhna déag is eadh Fortunio cléireach óg in-oifig dhligheadóra in áit éigin fé'n dtuaith agus tnúth an ghrádha istigh i n-a chroidhe. Iarrachtaidhe maithe grinn, freisin. "Il ne faut jurer de rien," agus "Un Caprice"; acht tar a n-éis siúd ní raibh an brígh céadna i n-aon dráma dár scríobh sé. Is ón "gCaprice" a tháinig gur éirigh le drámaíbh Alfred de Musset 'san amharclain sa bhFraingc. Thárla go léirightidhe an píosa san go príomháideach anois is arís imeasc na n-uasal i gCathair Pheadair (Petrograd) agus chuala banaisteóir ón bhFraingc trácht air. Do chuir sise ar árdán an Théâtre-Français é i mbliadhain a 1847, agus do tuigeadh as san amach an buadh a bhí i nAlfred de Musset mar scríobhnóir dráma. Trí bhuadha ba cheart a rádh, trí cinn fó leith agus a lán eile i n-a ndiaidh. An buadh is tábhachtaighe aca an ghluaiseacht atá ionnta; bíodh go bhfuil roinnt locht ins an tslighe i n-ar cuireadh le chéile iad, cuir i gcás an iomarca radharc gearr agus lochtaí eile gur furas iad a leigheas. Ní stadann an ghluaiseacht ó thús go deireadh agus í ceangailte go ceart don chnó nó don snáth atá tríd. Buadh eile aca na mná a chuireann sé ós ár gcomhair, deaghmhná is drochmhná, mná meidhracha is mná i ndáiríribh mná aosta is cailíní óga, táid go léir ann, agus thuig sé go maith iad go léir. An treas buadh daonnacht na bhfear atá aige. Fear a léighfeadh na dramaí gheobhadh sé ionnta duine cosmhail leis féin ar chuma éigin. An nós a bhí ag Musset fé ndeara san, is dócha; is é sin an daonnacht a mhothuigh sé i n-a chroidhe féin a scríobhadh, agus ní fuláir nó tá préamh na daonnachta céadna istigh i ngach aoinne. Lasmuigh de "Lorenzaccio" is beag baint atá ag aon cheann de na dramaíbh seo le haon
áit seachas áit eile. Daoine atá ionnta a gheobhthidhe i n-áit ar bith agus i dtír ar bith; i ndaoine agus i n-ar mhothuigheadar agus i n-ar fhulaingeadar is eadh a chuireadh Musset suim i gcomhnuidhe. Tá dhá thaoibh eile de scríobhnóireacht Alfred de Musset nach mór a luadh; is iad sin scéalta agus léirmheasta. Níor scríobh sé acht aon úirscéal fada amháin, "La Confession d'un Enfant du Siêcle," a tháinig amach i mbliadhain a 1836. A scéal féin atá ann agus é scríobhtha, fá chrádh an bhróin is an éadóchais i slighe is gur ionann é nó duilleóg ó shaoghal dhuine agus é ag iarraidh faesimh dfhagháil tré nochtadh a chrádha chroidhe. Na gearrscéalta do scríobh sé nílid ar an gcuid is tábhachtaighe dá chuid oibre, acht mothuightar an aigne chéadna taoibh thiar díobh. An ceann is fearr aca is é "l'Histoire d'un Merle Blanc" é. Seo chugainn Musset féin arís i bhfuirm loin bháin: airigheann sé an t-uaigneas toisc gur éan fá leith é, agus téigheann sé amach ag iarraidh chéile agus ag scríobhadh bhéarsaí gan teórainn. Is deas é an caonmhagadh aérach atá ann, acht tá snáth na seirbhe agus an éadóchais tríd. Ní gábhadh cuardach do dhoimhneas ná do dhlighthe daingne insan léirmheas a scríobh Musset; nílid ann. Do léigh sé a lán leabhar, do chonnaic sé a lán pictiúirí is snoighdóireacht, agus do chuir sé i n-iúil an tuairim a bhí aige i n-a dtaoibh; tuairim thuigseannach do b' eadh í, acht is annamh a bhac sé le teóiríbh agus, nuair a bhac, ní rómhaith a chuir sé síos ortha. Tá a chuid tuairimí scaipthe ar fud a scríbheann go léir; i ndíonbhrollach "La Coupe et les Lèvres," tar éis cur síos ar an tslighe i n-a mbeireann an fhilidheacht greim ar an bhfile, do rinne sé trácht ar an ngráin a bhí aige do scríobhnóiríbh a dhéanann aithris ar ughdair eile, ar a bheagshuim féin sa phoilitidheacht, ar a thuairim i dtaoibh ghrádha dúthaighe, ar an gcreideamh, ar bhéasacht, ar an ndéistin a bhí air dfhimínigh, 4 ar ar thaithnigh leis nó nár thaithnigh i n-a lán neithe nach iad. Dubhairt sé i dtaoíbh litridheachta na
Fraingce 'san am san gur chorpán í go rabhthas ag iarraidh a chur ag gluaiseacht, agus annsin dubhairt sé gur cheart don scríobhnóir cuimhneamh gur i gcómhair daoine a bhíonn sé ag scríobadh agus gur ar na neithibh a mhothuigheann agus a smaoinigheann an chine daonna ba cheart scríobhadh. Dán an-ghreannmhar magamhail is eadh "Namouna." Caitheann sé trí ranna déag is ocht bhfichid ag leigint air scéal Namouna d'innsint, agus le n-a linn sin deineann sé machtnamh ar a lán rudaí. D'innis sé an scéal fá dheireadh laistigh de cheithre ranna déag. Acht ní theastóchadh an scéal ó aoinne fhaid is bhéadh na smaointe eile go léir le fagháil. Ar an gcéad dul, thug sé leadhbadh dosna fimínigh arís, lucht leigint ortha: "Tá gach rud ar domhan soiléir acht amháin an fhimíneacht … gach croidhe atá áluinn, is léir dúinn a áilneacht." Annsin caitheann sé a lán rann ag iarraidh Hassan, fear an scéil, a chur i n-aithne dhúinn, agus d'iompuigh uaidh chun beirt bhan i litridheacht na Fraingce a chur i gcompráid le n-a chéile, Manon Lescaut agus Hél ïse, á rádh gurab é an Fáth go bhfuil Manon taithneamhach ná toisc gur fíordhuine í. Tamall i n-a dhiaidh san briseann sé amach ag moladh na filidheachta: Ag cur síos do ar an nós a bhíonn ag daoinibh a chuireann i leith scríobhnóirí go ndearnadar aithris ar dhuine éigin a scríobh roimhe sin "Ní mór dúinn" ar seisean "bheith chomh aineolach le máighistear scoile má's dóigh linn gur féidir oiread agus focal a rádh nach ndubhairt duine éigin cheana. Ag déanamh aithris a bhímíd agus sinn ag cur cabáiste." Tagann tráchtas fada ar Don Juan annsan agus fá dheireadh scéal Namouna. Molann Musset nádúracht agus ciall i scríobhnóireacht ins an dán "Une Soirée Perdue." Bheireann sé fobha go dian i "Sur la Paresse" i n-aghaidh baosraidh lucht páipéar is irisleabhar, béasachta bréagaighe, dul thar meón i gcainnt is i scríobhnóireacht, easbaidh bheodhachta na leabhar a thagadh amach, easbaidh chreidimh, suim i
n-airgead is aimhleas, an suarachas 5 aigneadh nach dtuigeann aon rud mór, agus neithe nach iad; molann sé an tsaoirse agus an bheodhacth a bhíodh i scríbhinníbh na Fraingce fadó. Scríobh sé dhá agallamh i n-aghaidh na scríobhnóirí róman- saidheachta: "Dupont et Durand" i bhfilidheacht agus "Lettres de Dupuis et de Cotonet" i bprós. Sompla is eadh Dupont den tsaghas duine a bhíodh ag iarraidh slighe a cheapadh i n-a mbéadh an saoghal gan locht agus gach duine ar a shástacht; is é Durand an scríobhnóir stródh- amhail gan chiall gan téorainn nach mian le haoinne suim a chur i n-a chuid scríbhinní. Beirt fhear atá i n-a gcomhnuidhe i mbaile fá'n dtuaith is eadh Dupuis agus Cotonet; bíd ag scríobhadh, mar'dh eadh, chun páipéir i bParis ag iarraidh comhairle ar an gceist sin: Cad is Rómansaidheacht ann?" agus tar éis a lán iarracht ar é mhíniughadh dhóibh féin, is é cheapaid nach bhfuil i Róman- saidheacht acht an iomarca aideacht a chur i n-úsáid. Do chaith Alfred de Musset a shaoghal chomh dian san gur chaill sé a mheanmain go luath. I mbliadhain a 1810 a rugadh é, agus i mbliadhain a 1841 bhí sé gan bhrígh gan spionn adh — a bheodhacht imthighthe, féith na filidheachta traochtha. Ní hamhlaidh d'éirigh sé as an scríobhnóireacht annsan; do lean sé dhe ag scríobhadh dánta beaga deasa agus scéalta, acht ní ortha a mhaireann a chlú acht ar ar scríobh sé roimhe sin. Bhí sé de shólás aige insna bliadhantaibh deiridh dá shaoghal — i mbliadhain a 1857 a fuair sé bás — go raibh árdcháil tagaithe ar a chuid drámaí agus iad dhá léiriughadh go minic. Maidir le meadracht filidheachta Alfred de Musset, ní raibh sí gan locht. Do scríobhadh sé de réir mar a thagadh na focla chuige, gan cuardach do na casaíbh do b'áilne is do b'iomláine, agus ní raibh sé de nós aige a bhéarsaí d'aithdhéanamh. Ní luaidhtar Musset ar na scríobhnóirí is mó agus is aoirde cáil sa bhFraingc; anois is arís, nuair a corruightídhe é, thagadh uaisleacht is mórdhacht ann; acht de ghnáth is iad deise agus
modhmhaireacht agus aeraighe a dhánta a thaithnigheann linn. Duine ag labhairt le daoinibh eile do b'eadh é. Níor leig sé air bheith i n-a shárfhear gan locht, acht d'admhuigh sé chomh deas, taithneamhach san é go ndéanfar a shaothar do léigheamh gan staonadh leis an aimsir; agus gheobhaidh sé i gcroidhe gach aoinne atá dáiríribh ar chóimhchéim leis an saoghal, go mórmhór i gcroidhe na hóige mar a mbíonn an grádh ag síorbhorradh. SNAOISÍN.
FEALLSAMHNACHT. TEAGASC KANT I DTAOBH NA MBREITH RIACHTANACH. Bhí Immanuel Kant ar na feallsamhnachaibh ba ghasta dár mhair insan ochtmhadh aois déag, agus dfhág sé a rian go soiléir ar theagasc a dheisciobal, go mórmhór, insan Ghearmáin. Do tógadh is do múineadh go cráibhtheach é i dtosach a shaoghail, i slighe gurbh fhear an-láidir é ar thaobh an chredimh nuair a tháinig sé ar a chumas scribhinní Leibnitz dfhoghluim is do thuigsint. Ar bhealach a leasa a bhí sé nuair a thosnuigh sé ar an bhfoghluim sin, mar dá mhéid a léigh sé de leabhraibh Leibnitz, sin é mar ba mhó dfhás a mheas agus a eólas ar an gcreideamh. Is truaghmhéileach an scéal é nar fhan sé mar sin i gcomhnuidhe. I ndeireadh a shaoghail, tháinig anál Rousseau agus an Caochlódh Frangcach faoi, agus do chuaidh sé ar fán ón Eaglais. Nuair a thosuigh sé i dtúis ag foghluim na feallsamhnachta (tuairim bliadhain a 1740), do b'é Knutzen a bhí mar oide aige, agus do mhínigh seisean teagasc Leibnitz agus Wolff dó. D'éirigh sé míshásta den teagasc sin, amhthach, mar ní raibh d'adhbhar ann acht amháin rudaí inntleachtacha. Do ghlac fonn é saoghaleólas is diain- eólas do chothughadh de bharr na mbuaidh a ghnóthuigh Leibnitz is Newton insna healadhnaibh seo. Do léigh sé "Treatise on Human Nature," leabhar a scríobh Hume, agus ba ghearr gur thuig sé nach féidir riaghlacha mothuighthe a cheap Locke agus an Scoil Shasannach do ghlacadh mar chéad dheimhniughadh ag socrughadh cia aca an féidir nó nach féidir dúinn eólas dfhághail ar an domhan. Dubhairt Kant nach cóir, ar an gcéad fhásc i n-aon chor, teagasc ar bith do ghlacadh nó do dhiultughadh acht é do thástáil agus do scrúdughadh.
Chonnaic sé go soiléir go bhfuil breithe ann agus go bhfuilid riachtanach do gach duine agus san de shíor, is é sin, nach féidir an dluthcheangal atá idir an bunadhbhar agus an fhaisnéis, nó an nexus mar a deirtar, do scaoileadh. Níor bh'fhéidir le Leibnitz ná le dream na scoile Sasanaighe an cheist sin do shocrughadh i gceart .i. Cé an fáth a bhfuil na breithe seo riachtanach mar atá. B'in í an cheist a chuir Kant roimhe le n-a socrughadh. 1 Tá a fhreagra le fágháil i leabhar a chuir sé amach insa bhliadhain 1781. "Kritik der reinen Vernunft" a theideal. Tá a fhreagra i bhfad níos gasta 'ná freagraí Leibnitz ná Hume, agus tá cuma na fírinne air, leis. Do dhein sé iarracht ar shlighe mheadhonach dfhághail idir theagasc Leibnitz agus teagasc Hume, acht cé go bhfuair sé slighe mheadhonach ní fhuair sé an tslighe cheart. Is maith an scéal dúinn go bhfuil slighe mheadhonach eile le fagháil, .i. an tslighe a cheap muinntir na scol, agus gur fíor í. Do réir Kant tá dhá shaghas breith ann .i. breithe fromhtha, is breithe mothuighthe. Na rudaí a mhothuigheann gach duine fé leith gan aon bhaint le daoinibh eile, mar sompla, "táim te," is iad atá mar ádhbhar insna breithibh mothuighthe. Acht nuair a deir duine go ngorann an ghrian an talamh, coimhcheanglann sé "an ghrian" agus "ag goradh an talaimh" i slighe gur fíor an abairt, ní amháin dó féin, acht do gach duine. Is breith fhromhtha í sin. Cuireann Kant na Breithe mothuighthe i leithtaoibh, acht fo-roinneann sé na breithe fromhtha arís. Tá breithe ina bhfuil an fromhadh mar bhun na faisnéise, agus breithe nach é an fromhadh acht rud eile a thagann roimh an bhfromhadh agus nach fuil aon bhaint aige leis, atá mar bhun na faisnéise (predi- catum) ionnta. Breithe-a-posteriori a thug sé mar theideal ar an gcéad shaghas agus a priori ar an dara saghas. Ní bhíonn an nexus, sa chéad saghas, riachtanach chomh cruinn is a bhíonn sé' sa dara saghas, agus 'san am a bhíonn siad foirleathan (universal). Tá siad sinthetic, mar adéarfadh Kant, mar tugann siad eólas nuadh dhúinn i dtaobh an bhunadhbhair (subjectum)
acht ní féidir leó a innsint dúinn cad is éigean bheith fíor choidhche do gach aoinne, pé duine é, a fhromhas é. Cuireann na breithe a priori fírinní den tsaghas san i n-iúil dúinn. Is mar seo a mhínigh Leibnitz iad. Dubhairt sé go bhfuilid go léir snasach (analitic) .i. innseann siad 'sa bhfaisnéis rud éigin atá le fágháil 'sa bhunadhbhar acht amháin a dhealughadh agus a snasughadh. Níor aontuigh Kant leis an méid sin. Chonnaic sé go raibh breithe ann atá táithte (sinthetic) acht narbh fhéidir an fhaisnéis a tharraing as an bhunadhbhar agus ar an am chéadna narbh é aon rud a tháinig ó'n fhromhadh ba bhun leó. Dá mbudh rud ar bith a fromhthar ba bhun leó, ní bhéadh siad riachtanach nó foirleathan mar bhíodar. Dá bharr sin do cheap sé gur rud éigin a bhaineann leis an aigne féin agus a bhí insan aigne sar a dtáinigh an bhreith os a chomhair, a choimh- cheangail an fhaisnéis agus an bunadhbhar 'sa tslighe riachtanach so. Na rudaí seo a bhí 'san aigne (Gemuth) roimh ré, thug sé "cumadhtha-a-priori" mar ainm ortha. 2 Saghas clasa b'eadh iad tré n-ar ghaibh an dá smaoineadh a bhí mar adhbhar 'san abairt. Níorbh fhéidir le na "chumadhthaibh" seo eólas do thabhairt dúinn uatha féin. Do bhí sé de dhíth ortha bheith coimhcheangailte le data (Gegenstande) na gcéadfadh. Mar do rith na data tríotha, do coimh- cheangladh iad le chéile go riachtanach agus go foirleathan, do gach duine agus de shíor. Tabhartar na data so tré na céadfadhaibh i saoghaleólas, agus i ndiaineólas, cumann ár sinaoineadh féin iad. Acht i dtaoibh eólais Árdeagnaidheachta, níl a leithéid de dhata le fagháil ag na gcéadfadhaibh ar chor ar bith agus dá bhrígh sin níl sé ar ár gcumas, dar leis eólas cruinn bheith againn ar an ealadham seo i n-aon chor. Is mar gheall air sin atá saoghaleólas agus dianeólas ag dul i méad gach lá agus go gcuirtar eólas árdeagnaidheachta i leithtaoibh. I n-a theannta sin dubhairt sé narbh fhéidir dúinn rudaí do thuigsint mar a bhíodar ionnta féin acht amhám mar léirighthear dúinn iad. Ar an gcéad dul síos, de réir na teóire seo, chomh
maith le teóir Hume, an t-adhbhar, is bun le na breithibh seo bheith riachtanach fóirleathan, tá sé geimhlighthe istigh 'san aigne, nó admhuigheann sé ná fuil a fhios againn go fíor cad is bun leó. Do bhí an ceart ag Kant, nuair adubhairt sé i n-aghaidh Hume, nach féidir le nidh a bhaineas leis an aigne agus a chlaochluigheann i n-aonacht leis, bheith ciontach le riachtanas acht le riachtanas a chlaochlochadh. Acht féach: is mar a chéile a theóir féin agus teoir Hume. Bíonn na cumadhtha a priori ag obair i gan fhios dúinn agus i n-a theannta san, baineann siad go h-iomlán leis an intinn féin. Badh léir dúinn, annsin, go ndéineann a dó agus a dó ceathair (2x2 = 4) dár n-intinnibh féin agus do gach intinn atá cosmhail leó, acht ní fhéadfaimís a thuigsint cé an fáth a ndéineann a dó agus a dó a ceathair do gach intinn, pé saghas í. Má's fíor é seo, cionnus is féidir linn mearughadh 'san áireamh agus cad is ciall le páistí do chur ar scoil i n-aon chor? Ba ghearr go bhfuair lucht leanamhna Kant an earráid seo amach agus bhí sé dfhiachaibh ortha, dar leó, slighe dfhághail as. Dubhairt Fichte gur dlighe, nó rud éigin a bhaineas le dlighe ár nádúra féin nuair a dheinimid breith, ba bhun leis an dá nidh (subjec- tum et predicatum) do chur le chéile mar curtar le chéile iad. Níor bh'é an Ego fé leith (indiuiduale) ba bhun leis an ngníomh sin, acht rud éigin tuigseanach a sháruigheas aigne daonna. Deireann lucht léighthe Kant, cé gur chuir Kant roimhe a shocrughadh cionnus is féidir do dhuine breithe atá riachtanach foirleathan do chumadh gur b'amhlaidh nár áitigh sé na cumadhtha-a-priori 'san intinn daonna ar a bhfuil eólas againn acht 'san intinn mar rud ann féin. Dá bhrígh sin, ní féidir linn eólas dfhágháil uirthi. Is é is toradh don teóir seo nach féidir linn a dhéanamh amach cé an fáth a bhfuil na breithe seo riachtanach foirleathan. Níl d'eólas againn acht amháin ar bharraibh na smaointe. Dá éagmuis sin is uile, bréagnuigheann an Critique í féin, mar cionnus do bhféidir le Kant a rádh go raibh cumadhtha-a-priori i rud ar bith narbh fhéidir linn eólas dfhagháil air.
Cé go bhfuil na barraidhe seo neamhfhreagarthach bíodhghach a ndóithin, is féidir gur ab ó reimhfhírinnibh a bhí ceart do tarraingeadh iad, agus da bhrígh sin is fiú iad so a scrúdughadh. Is é is príomhaighneas ag Kant go dtuismi- gheann breithe atá riachtanach foirleathan (in materia necessaria) ó chumadh-a-priori bheith ceangailte le data na gcéadfadh. Is ionann sin agus a rádh go gcinneann na cumadhtha-a-priori an aigne an comhnasc so dfheicsint idir bhunadhbhar na breithe agus an rud a deirtar i n-a thaoibh. Baineann na cumadhtha-a-priori seo leis an aigne a thugann an bhreith. Ní thuigimíd cé an chaoi a chinneann na cumadhtha seo an aigne an comhnasc do dhéanamh. Tá fhios againn go ndéineann sí é agus sin a bhfuil cinnte. 'Sí seo an cheist. Cionnus tá sé ar ár gcumas teóir Kant a scrúdughadh agus a thástáil ma's amhlaidh atá na cumadhtha-a-priori suidhthe i n-aigne nach féidir linn eólas dfhághail uirthi agus a dhéineann a ghnó i gan fhios dúinn? Mar aon leis sin, deir Kant go bhfuil sé dfhiachaibh orainn admháil go bhfuil na cumadhtha seo ann, mar ní féidir linn na breithe seo do thabhairt i n-a n-éagmuis. Ní ceart dúinn a rádh ná fuil siad ann de bhrígh nach mothuighmíd iad. Mar sin féin, cé nach mothuighmíd iad, ní cóir go mbréagnochaidís na rudaí a mhothuighmíd. Do b'fhéidir gur ab iad na rudaí a tugtar don aigne tré na céadfadhaibh, le heidirmhíniughadh do dhéanamh ortha, a chinneann an aigne chun an chomhnaisc do chumadh eatorra! Ma's féidir linn a thaisbáint go bhfuil an cumas so aca agus nac dhein Kant acht neimhnídh dhíobh, is léir go bhfuil teipthe ar Kant agus ar a theóir. Déanfaimíd mínscrúdughadh, ar dtúis, ar bhreithibh an dianeólais. Deir Kant go bhfuilid go léir táithte, 2 sé sin go n-innseann an fhaisnéis dúinn tuairisc éigin i dtaoibh bunadhbhair na habartha nach féidir dúinn tarraing as, le bhrígh snasuighthe. Cuir i gcás an abairt seo: — Déineann a seacht agus a cúig a dó dhéag. Deir Kant go gcialluigheann sin go bhfuil a cúig le cur le n-a seacht,
gan amhras, acht nach cialluigheann sin gur ionann an tsuim sin agus a dódhéag. I dtreó go bhfaighmís an uimhir sin ní foláir dúinn cabhair dfhágháil ó rud éigin go bhfuil glinnfhéachaint againn air, mar shompla, ár gcúig méir, gur ionann iad agus a cúig, agus iad do chur i ndiaidh a chéile leis an smaoineadh, a seacht. "Ar an gcuma seo," arsa Kant, "chífead uimhir a dódhéag ag éirghe os mo chomhair." Tá fhios againn gurbh é an cumadh-a-priori is bun leis an mbreith, de bhrígh go bhfuil an dá uimhir comhnasctha go riachtanach. Ceanglann sé, annso, ar modh áirimh, dhá rud a tugtar don aigne tré na céadfadhaibh. Is breagh an t-aighneas sin, acht tá amhras orm nach fíor é. Is follus a thuigsint má's eól dúinn cad is "aon" ann agus cad is "suim aon" ann, agus má's eól dúinn cad iad a seacht, a cúig, agus a dódhéag, go gcaithfaimíd a fheicsint ní hé amháin gur ionann suim an dhá chnuasacht, a seacht agus a cúig, agus suim choitcheann, acht i n-a theannta sin gur ionann an tsuim agus an uimhir chinnte a cheapaimíd bheith mar a dódhéag. Níl 'sa ghníomh go hiomlán acht snasughadh smaointe. Is suim theóranta a cúig agus tá a seacht agus a dódhéag cosmhail leis. Is léir do gach duine, annsin, má cuirtar a cúig le n-a seacht go ndéineann a suim a dódhéag. Ácht ní hiad na comharthaí corpordha a nochtann dúinn gur éigean an nexus riachtanach so bheith eatorra, eadhon, suim a seacht agus a cúig, agus an uimhir, a dódhéag. Is é an nadúir fholuighthe a bhaineann leis an nglinnfhéachaint atá ag an aigne, des na rudaibh a cuirthar i gcomórtas le chéile is bun leis. Ní foláir dúinn, amh, úsáid do dhéanamh de sna comharthaibh corpordha le chabhrughadh linn, na smaointe a tarraingthar asta do chur i gcompráid le chéile. Sé an teagasc céadna a chuireann Kant os a chomhair le breithe cé-mheasta do mhinuighadh. Deir sé go bhfuilid táithte mar an gcéadna. Cuir i gcás an abairt seo: — Is í an líne díreach an líne is giorra idir dhá phonnc. Ni
féidir faisnéis na habartha so do tharraing as an mbun- adhbhar, dar leis, de bhrígh go bhfuil an fhaisnéis i n-órdughadh fé leith, eadhon, méad, ón mbunadhbhar (saghas). Acht níl an abairt luaidhthe go hiomlán aige. Is é seo an abairt sa n-iomlán: Nuair a chuirtar an líne díreach i gcompráid le haon líne eile idir dhá phonnc, is í an líne díreach an tslighe is giorra. Chífear go bhfuil trí órduighthe 'sa bhunadhbhar .i. méad (líne), saghas i mhéad (díreach) agus comhmheas i méad (i gcompráid le), agus tá na trí órduighthe céadna 'sa bhfaisnéis, i. méad (slighe) agus comhmheas i méad (is giorra). Má fiafruighthar dinn, anois, cé an fáth a gcomhcheanglaimíd, ar an gcuma so, go riachtanach, an smaoineadh, "líne díreach," agus an smaoineadh, "an tslighe is giorra" idir dá phonnc, freagraimíd gur léir dúinn go glinnfhéachaint go bhfuil an abairt fíor i ngach cás, pé corpordha foluighthe é. Chímid go glinnfhéachaint gur éigean don líne díreach AX, ABX bheith níos giorra 'na aon líne eile, ABX, ná fuil sa treó chéadna ó A. Ní hé glinnfhéachaint chéadfadhach na rudaí gcorpordha is bun leis an nexus bheith riachtanach acht na smaointe a tharrainigmíd asta, tar éis iad bheith snasuighthe againn. Tá siad comh cheangailte go riachtanach de bhrigh go bhfoillsighthar go foluighthe don tuigsint na rudaí a mhothuigheann na céadfaidh go corpordha. Is follus dúinn ón méid sin gur féidir linn an comhcheangal do thuigsint gan chabhair ó chumadhthaibh-a- priori a chuirfeadh an comhcheangal riachtanach so ar an mbunadhbhar agus ar an bhfaisnéis le chéile. Nuair a thosnuigh Kant ar bhreithibh saoghaleólais do scrúdughadh, cuireadh amugha ag a theóir féin é. Do chreid sé go raibh an saghas céadna riachtanais i mbreithibh saeghaleólais agus a bhí i mbreithibh an diaineólais agus na hárdeagnaidheachta. I n-a ionad sin, níl ionnta acht breithe a taraingtar as na neithibh a mhothuigheann na céadfaidh bheith ag tuitim amach go coitcheannta. Do
shíl Kant go raibh ceist an riachtanais socruighthe i gan fhios dúinn ag na cumadhthaibh-a-priori agus nach féidir linn eólas bheith againn ortha ná a dhéanamh amach cionnus a cuireadh i bhfeidhm iad. Dá bhrígh sin nuair a fuair sé amach gur sháruigh breithe an tsaoghaleólais a bhfuil mothuighthe againn, agus go raibh riachtanas áirighthe ionnta, do b'é a dhóigh gur ab amhlaidh do comhnascadh cumadhtha-a-priori agus data céadfadhacha le chéile agus sin ba bhun leó. Is amhlaidh mar atá an scéal nach é riachtanas na hárd- eagnaidheachta atá 'sna breithibh seo i n-aon chor acht amháin riachtanas nádúrtha. Ní lugha 'ná san an mearbhall a bhí air nuair a chuir sé roimhe "riaghail an adhbhair" do mhíniughadh. Deir sé go dtuigeann sé ó "rud ag tuitim amach" go raibh rud éigin eile ann roimhe sin i n-am, acht ná fuil aon cheist 'sa smaoineadh sin i dtaoibh ádhbhar bheith faoi." Dá dheascaibh sin, dubhairt sé go raibh an abairt seo táithte, leis, agus mar bhí sí níos foirleithne ná gur féidir le duine an riaghail do dhéanamh ó n-a mhothuigh sé féin, do shíl Kant gur chumadhtha-a-priori fé ndear an nexus bheith riachtanach. Acht do dhein sé dhá earráid 'sa cheist seo. Do cheap sé gur ionann "adhbhar" agus "adhbhar riachtanach" agus i n-a theannta sin, nach raibh aon bhaint ag an riaghail seo le nár féidir linn mothughadh tré n-ár gcéadfadhaibh. Acht níorbh'é riachtanas na hárdeag- naidheachta a bhí i n-a intinn aige chum mínighthe ar chor ar bith. Do shíl sé gur bh'é, acht i n-a ionad sin, b'é riachtanas nádúrtha a bhaineas leis an riaghail eile sin, eadhon, biothbhuaine na nádúire a bhí i n-a intinn aige. Dubhairt sé, freisin, nach féidir linn bheith cinnte, an ceart dúinn an riaghail do chur ar neithibh nach mothuighmíd ná nach féidir linn mothughadh tré n-ár gcéadfadhaibh. Do bhréagnuigh Kant an rud a dubhairt Hume, gur féidir leis "rud ag tuitim amach" do cheapadh gan aon adhbhar bheith faoi. Acht do theip air féin an riaghail do mhíniughadh i gceart nuair adubhairt sé gur chumadhtha-a-priori, a bhí insan aigne, a chomhcheangail an smaoineadh, "rud ag tuitim amach" agus an smaoineadh "adhbhar bheith
faoi." Do cheap sé nár bhféidir linn an abairt do thuigsint in-a n-éagmuis. Is mar seo a mhínigheann muinntir na scol é. 'Sé seo an riaghail cheart go hiomlán: — Ní thig le nidh teagmhaiseach .i. nidh nach dual dó bheith beó de réir a nádúire féin, bheith beó gan adhbhar bheith faoi. Is forus a fheicsint má bhíonn nidh beó nach dual dó, ann féin, bheith beó nach foláir dúinn creideamhaint go raibh adhbhar faoi. Chífear ón méid sin go bhfuil an nexus riachtanach idir an bunadhbhar agus an fhaisnéis, de bhrígh nach féidir a cheapadh go mbéadh an bunadhbhar ann gan an fhaisnéis bheith ann leis. Is dócha go bhfreagróchadh Kant gur fíor ár n-aighneas i dtaoibh na rudaí gur éigean dúinn ceapadh acht ó's rud é go sáruigheann sé na neithe gur féidir linn mothughadh tré na céadfadhaibh ná fuil sé ar ár gcumas a thuigsint ná eólas cruinn a bheith againn an fíor é da ríribh. D'admhochadh sé gur fíor ár dteóir da mbadh rud é gur admhuigh sé go rabhamair i n-ánn eólas dfhágháil ar néithibh ionnta féin. D'aimhdheóin sin, pé uair a mhothuighmíd rud ag tuitim amach, is éigean dúinn admháil go raibh adhbhar faoi, mar ní féidir linn ceapadh go Mbéadh rud ann agus gan adhbhar dúthchasach ná imeallach bheith aige do bheith ann. Más amhlaidh nach ionann an rud is éigean dúinn a cheapadh, annso, agus an rud atá ann dá ríribh tuigthar nach féidir dúinn eólas dfhágháil ar an saoghal agus nach fuil i gceapadh acht amháin mearbhall. Do shéan Kant, amh, an cheist fhíor agus d'iompuigh sé i leithtaoibh. Níor dhein sé iarracht a dhéanamh soiléir cé an fáth a gcuireann "riaghail an adhbhair" dfhiachaibh orainn ceapadh go bhfuil sé riachtanach adhbhar bheith fé gach rud a thuiteann amach. Do chuir sé a mhalairt de cheist roimhe. D'fhiafruigh sé cé an fáth a bhfuil sé riach- tanach againn ceapadh gur gníomh," a bhí ann roimh ré, is bun le gach atharrughadh. Do shíl sé go gcuireann riaghail an lánréasúin dfhiachaibh orainn an méid seo do cheapadh,
rud nach déineann sé ar chor ar bith. Is lugha a chuireann an riaghail seo dfhiachaibh orainn cheapadh go bhfuil adhbhar riachtanach fé gach rud a thuiteann amach. Is é seo a chuireann sí dfhiachaibh orainn a cheapadh go bhfuil rud tuismighthe fé gach atharrughadh agus go bhfuil an rud so i n-ánn an t-atharrughadh do dhéanamh sothuigseana dúinn. Ní "gníomh" is éigean dúinn cheapadh bheith ann roimh ré, acht rud tuismighthe. Riachtanas nádúire a bhí i n-aigne Kant, agus b'é sin a chuir amugha é. Acht an riachtanas árdeagnaidheachta, ní féidir eisceacht a cheapadh uaidh mar tarraingthar as na ceapadhthaibh foluighthe a snasui- gheann an tuigsin. Chífear ón méid sin nach raibh an ceart ag Kant ar chor ar bith. Ní gábha dhúinn cabhair o chumadhthaibh-a- priori le n-ár gceapadhtha a chur le chéile. Tarraingthar ár gceapadhtha go léir ó na neithibh a mhothuighmíd tré n-ár gcéadfadhaibh agus is fíór an fhaisnéis a thugann siad dúinn i dtaoibh rudaí a sháruigheann ár gcéadfaidh do mhothughadh, cé na fuil an t-eólas so acht cosmhalach agus easbaidheach. Admhuigheann Kant féin gur féidir linn eólas dfhághail i dtaoibh beatha agus nádúire rudaí a sháruigheann ar gcéadfaidh do mhothughadh tré n-ár gcreideamh féin. Tarraingthar an creidheamh so as data a gheibhimíd ó rud d'ainmnigh sé "practical reason." Acht níl insna rudaí seo acht neithe a mhothuighmíd agus níor thaisbeán sé go raibh dhá shlighe ag an aigne daonna, i n-a ndéineann sé breithe ó na neithibh a mhothuighi- míd. Is dóigh liom gur léir ón méid atá luaidhte agam nach díreach an teoir a cheap Kant i dtaoibh breithe atá riach- tanach. Do chonnacamair gur bh'é ba bhun leis an nexus bheith riachtanach, ná, snasughadh na gceapadhtha a cuirthar i gcompráid le chéile. Más gábha deimhniughadh eile, scruduighimís mar éirighmíd cinnte i dtaoibh rud éigin ó bheith amhrasach no baramhlach i n-a taoibh. Chífimíd gur b'iad na rudaí a mhothuigheann ár gcéadfaidh a threóiri- gheann sinn. I n-a theannta sin, ós amhlaidh nach n-oibrigheann na cumadhtha-a-priori do réir ár dtola
féin, oibrigheann siad i n-aghaidh gach a mothuighmíd. Is fíor nach cuireann na céadfaidh i n-iúl dúinn acht mar shamhluigheann rudaí dhóibh, acht tá cumas ag ar n-aigne machtnadh ortha agus annsin aontughadh nó gan aontughadh leó. Ní féidir le héinne a rádh nach raibh éirim aigne ag Kant acht an méid ar éirigh leis feallsamhnacht do cheapadh uaidh féin, fiadhnuigheann an cruaidhchás i n-a bhfuil lucht a leanamhna suidhte agus na teóirí bréige atá 'gá gceapadh aca o shoin. CARN BÁN.
CÚRSAIDHE IASCAIGH I NÉIRINN Adeirtar linn go mbíodh cuanta is aibhnte na hÉireann tuillte le hiasc ins an tseanaimsir. Pé scéal ag na haibhntibh é, ní baoghal ná go bhfuil iasc go flúirseach fós i gcuantaibh is i bhfairgibh na tíre seo. Is mór an stór saidhbhris do náisiún dála ár náisiún- na, atá gan mórán déantúisí, an fhairge agus a mbain- eann léi, dá ndéintidhe iad a láimhsiughadh agus do chur chum críche. Adéarfar gur saoghal ró dhian ró-anróghach, róchontabhrtach saoghal an iascaire, agus gur b'in é fé ndeár é má tá imthighthe chum deiridh ag a ghairm bheathadh. Ní shamhluigheann sé go bhfuil puinn dul ar aghaidh déanta againn. Maidir le gléas is oireamhaint is láimhsiughadh tá cúrsaí iascaigh insa chan chéadna is do bhíodar fiche bliadhain ó shin. Ní heasbha chruadhais ná calmacht in ár n-iascairí fé ndear san; níl an easbha sin ortha mar do fromhadh. Easbha suime atá ag cur ar an ngnó. Do bheartuig an náisiún a aigne ar cheist na talmhan, agus féach na feir- meóirí indiu tá meas aca ortha féin, tá iontaoibh aca as an bhfeirm mar ghairm bheathadh, agus tá suim aca i bhfeirmeóireacht mar ghnó. Níl de dhíth ortha anois acht oideachas agus beidh an lá leó. Is mithid don náisiún feasta an fhairge agus tionnscal na mara a thabhairt fé n-a aire. Curtar i dtuigsint don iascaire gur fear tábhachtach é, agus beidh meas dá réir aige air féin. Faghtar gléas do go mbeidh neart aige a inntleacht d' oibriughadh leis; tugtar oideachas oireamhnach do, agus ní baoghal ná go dtiocfaidh a mhalairt de chrot air féin is ar a ghnó. Is leis an naisiún an t-iascaire, agus is ar an náisiún atá iascaireacht do shaothrughadh agus an t-iascaire a
chur ar a bhonnaibh os cionn a ghnótha, agus mar dhíol air sin is ag an náisiún a bhéas an chéad chál chum toradh na hoibre. Bíonn dá thaoibh ar gach aon scéal, agus tá dhá thaoibh ar an scéal so: taobh an náisiúin agus taobh an iascaire. OIDEACHAS AGUS OIREAMHAINT. Budh cheart oideachas oireamhnach a thabhairt don iascaire. Ní puinn mhaith dho, amh, eólas marbh, éolas díomhaoin. Níor mhór caoi a thabhairt do i dteannta an eólais, ar éirim a inntleachta a chur i bhfeidhm. Ní féidir leis san do dhéanamh, agus a chuid oideachais a chur chum tairbhthe dho féin is don náisiún, muna bhfuil gléas le tarrac chuige aige. Fear bocht an t-iascaire fé lathair. Dá bhrígh sin budh cheart caoi a thabhairt do ar ghléas dfhághail ar cáirde. Obair don náisiún é seo, is ar an náisiún a bheidh é dhéanamh, nó is bocht a bheidh an t-iascaire choidhche, mar is beag ceannuidhe a thógfaidh an fhairrge mar urradh ar a chuid. Dá mbeadh cumann chómhpháirteachais idir na hiascairibh féin, budh leór don stát toradh a saothair mar urrudhas ar a earraibh. Níor ghábha annsan bheith ag iarraidh ar an bhfeirmeóir ná an siopadóir seasamh leis. Féach an feabhas a thiocfaidh ar chúrsaíbh iascaireachta le heólas is oireamhaint. Sa chéad dul síos tiocfaidh leis an iascaire gach aon tsaosúr d' oibriughadh. "Beidh an dá thráig ag an ngobadán." Do bhéadh an trálaereacht le déanamh san Earrach, bhéadh saosúr na maicréal ón bhFóghmhar go Nodlaig, gan trácht ar na scadánaibh ná ar na gliomaig ná ar an spiléireacht, ná ar na mion- shaosúraibh eile. Dá dtagadh ciúineas insan Earrach, mar a thagann go minic, ní fágfaidhe díomhaoin na fir, acht fágtar go minic fé lathair, mar is ar an ngaoith athá a mbraith. Ní gábha an scéal a bheith amhlaidh acht innill íle a chur sna bádaibh agus nuair a bheifaidhe ag ceannach báid, bád nuadh- ghléasta dfhághail. Beidh na báid sin oireamhnach i gcóir
gach saghas iascaig do dhéanamh gach lá sa bhliadhain. Má theipeann an ghaoth scaoilfar anuas na seólta agus oibreóchthar an t-inneall — sin a mbeidh ann. Na báid nuadhchoirighthe sin leis, beid siad abhfad níos sabhálaighe 'ná na báid a bhíod ag braith ar na seólta amháin. Nuair a thagann an stoirm cathtar na seólta a fhilleadh, annsan bíonn an bád seóil fé smacht na gaoithe, imthighthe ó smacht na stiúrach, 'á caitheamh ó thuinn go tuinn. Is minic, leis, a cailltar airgead toisc gan inneall a bheith sna bádaibh. Cuireann an ciúineas breis moille ar na bádaibh seóil, agus tagaid chum cuain is calaphuirt déadhnach don dtraen. I dtaobh oideachais. Tá a fhios ag an saoghal nach é an saghas céadna oideachais d'oirfeadh don iascaire agus d'oirfeadh don bhfeirmeóir nó don gcléireach nó don gceardaidhe. Tá leathscéal d'iarracht éigin dá dhéanamh chum oideachais a thabhairt fé leith do gach dream díobh san, acht maidir lesna hiascairíbh níl faic 'á dhéanamh ar a son i gcúrsaibh oideachais. Do theastochadh roinnt éigin eólais ó gach iascaire ar máirnéalacht, ar chionnus léarscáil mara do léigheamh is do tharrac, agus budh cheart a chur dfhiachaibh ortha snámh dfhoghluim. Is aisteach an scéal é nách fuil dream ar imeallbhórdaibh na mara is lugha eólas ar snámh 'ná na hiascairí. Ceist shuarach dar leat í sin, acht ní headh acht a mhalairt. Dfhéadfaidhe eólas a bhailiughadh agus a chur le chéile ar na talmhantaíbh éisc, an cineál iasc a ghnáthuigheann gach talamh díobh an saosúr a ghabhann leis, an réidh nó anacrach é. Dá mbeadh an t-eólas ag na hiascairibh dfhéadfaidís, dá mbeadh an oireamhaint cheart aca, dul fé dhéin na maicréal, nuair a bheadh deire leis an dtrálaereacht, agus filleadh ar n-ais ar biaiste na trálaereachta nuair a bheadh deire le biaiste na scadán. Níor ghábha dhóibh bheith díomhaoin ar aonchor. Eólas eile nár mhór i dtaobh iascaireachta ná so: An t-am in a scéitheann gach cinéal éisc agus an áit n-ar gnáth leó scéitheachtain, cosaint ó thrálaeiríbh a chur
ar na bancanna áirighthe sin, le linn scéithte don iasc, mar stracann na trálanna troma an scéitheachtain agus marbhuightar na milliúin mioniasc sa tslighe sin. Dá dtuigeadh na hiascairí gurb olc an cnuaisciún "gé an uibh órdha a mharbhadh" bfhuirist na bancanna a chosaint acht na hallmhuraig a choimeád amach. Pé scoileanna a curfar ar bun do sna hiascairíbh cathfar roinnt cnuais- ciún, idir cnuaisciún tighis agus cnuaisciún náisiúnta, a mhúineadh ionnta, mar ní mó atá an t-adhbhar so ag teastáil ó aon dream in Éirinn 'ná ó na hiascairí. Tuigfar dóibh gur ceart dóibh ar a son féin aire thabhairt don scéitheachtain, mar má mharbhuighid an síol ní bheidh aon fhóghmhar aca. Tuigfar do gach fhear díobh go bhfuil sé ag seasamh leis féin má sheasuigheann sé le n-a chómhpháir- tidhe, agus tuigfar dóibh go léir gur ceart dhóibh seasamh leis an náisiún ar a bhfuil a mbraith. Budh mhór an cur amach ar an iascaire leis, eólas a bheith aige ar inneallóireacht (beagán de) ar dheisiúghchán, agus ar líontóireacht. Do theastóchadh uaidh taithighe a dhéanamh ar gach saghas gléas, ón dorugha go dtí an pota ghliomaigh, agus ón gcochal go dtí an trál, mar bíonn an bhliadhain ann anois is arís nách tagann puinn maicréal isteach, agus go mbíonn bancanna na trálaereachta dealbh go leór. Budh mhór an áis don iascaire annsan Saighneóireacht a tharrac chuige nó spiléaracht nó fionn- ríoghacht leis an dtreamail. Annsan nuair a bheidh oireamhaint cheart ag an iascaire agus an t-oideachas ceart aige, beidh i n-a chumas dul ar bhórd luinge a bheidh inneamhail don bhfairrge, agus beidh a fhios aige cionnus dul fé dhéin a bheathadh do thuilleamh go fearamhail is go heólgaiseach, agus gan imnidhe air go mbeidh ocras air féin ná ar a chlainn. MARGAIDHE. Chum dianeagair a dhéanamh ar an ngnó go léir budh cheart do sna hiascairíbh bheith i gcumann cómharoibre, nó i gcumann cómhpháirteachais, agus obair an iascaig
go léir a chur fé stiúrughadh reachtaire a bheadh freagrach don náisiún. Do bheadh ar an reachtaire sin an margadh a chosaint d'iasc na hÉireann, agus smacht a chur anois is arís ar na ceannachóiríbh dá mbraitheadh sé fonn ortha chum brabach thar meadhon a dhéanamh. I gcoinne sin do bheadh ar na hiascairibh margaidhe na hÉireann do shásamh sul a gcuiridís aon phioc dá dtoradh thar lear. Dfhéadfadh an reachtaire oifigeach uaidh a bheith i ngach ceanntair iascaig. Dfhéadfaidís sin na hórduighthe a chómhlíonadh a thiocfadh isteach ó gach páirt dén tír d'iarraidh éisc. Nuair a thagann cladarach éisg isteach is minic bhíonn ceal barrailí agus ceal salainn ar na ceannachóiribh, leigthar do'n iasc lobhadh ceal leasuighthe. Bfhuiris an scéal san do leigheas acht stór mór salainn is barrailí a bheith i ngach baile iascaigh, agus muna mbeadh fonn ar na ceannachóiríbh an t-iasc go léir a leasughadh dfhéadfadh oifigeach an reachtaire é dhéanamh. Agus dfhéadfaídhe cómhacht fé leith a thabhairt do aon uair a bhéadh fonn ar na ceannachóiribh luach an éisch a ghearradh anuas thar phingin áirighthe. Budh mhór is ba ghábhtrach an t-urrudhas don iascaire bocht é sin. Is aindeis is is náireach an scéal é go gcathtar fios a chur go Sasana go minic d'iarraidh éisc — iasc a ghabhtar ar imeallfhairrgíbh na hÉireann. Bíonn a mbrabach féin ag ceannachóiríbh Shasana as an margadh agus sinne a dhíolann as. Dfhéadfaídhe an t-airgead san a choimeád sa bhaile acht "biúró" nó oifig fé chúram reachtaire a chur ar bun i bpríomhchathair na hÉireann. Dfhéadfaidhe na hórduighthe do sheóladh ag triall air. Obair eile Don reachtaire margadhe dfhághail amuigh don fharasbár a bhéadh againn sa bhaile. Dá mbeadh ár riaghaltas féin againn dfhéadfaidhe cothrom na féinne dfhághail d'iasc na hÉireann, nó muna bhfaghthaidhe dfhéad- faidhe an comhar do dhíol leis an náisiún do bheadh ciontach. Do bhéadh neart againn cáin a leagadh ar a chuid earraí sin ag teacht isteach annso. Do mhúinfeadh san ceacht dho, agus níor ghábha dhúinne bheith ag imtheacht agus ár méar
in ár mbéal againn fé mar do bhí cúpla bliadhain ó shin nuair a leag na púncáin cáin ar mhaicréil na hÉireann. MARGADH D'IASC ÚR. An t-iasc a ghabhtar leis an dtrálaer, úr a curtar ar an margadh é. Is mór an cur siar ar iascairíbh ceal leac oighreach, acht is measa 'ná san féin easbha caethamh- lachta traenann, mar is de dheascaibh drochthraenanna a bhíonn gábha aige ar aonchor leis an leac oighir. Is minic ceal boscaí ar an dtraen a fhágann an baile iascaig, agus is minic fós an phríomhthraen imthighthe sul a dtagann traen na lagharóige isteach. Annsan iseadh bhíonn gábha leis an leac oighir, mar muna gcuirtídhe ar leac oighir an t-iasc do bheadh diomáiste mór imthighthe air sul a shroiseadh sé an margadh. Bfhuiris roinnt leac oighre dfhagháil sa gheimhreadh acht tig oighreach a dhéanamh le hé choiméad. Níor ghábha acht bán do réidhteach, agus uisge a scaoileadh ar a fhuaid nuair a thiocfadh an sioc. Dá luighead a gheóbhthaidhe mar sin de ba mhór an chabhair é. Ba chóir, amh, go bhféadtaidhe oighireachán (refrigerator) a chur ar bun i ngach ceanntar i n-a ndéintar trálaereacht. Ní baoghal ná go ndíolfadh sé as féin. Pé scéal é is neamhchnuaisciúnta an gnó beith ag tarrac leac oighreach ar bhóthar iarainn cúpla céad mile ó bhaile mar adéintar. LEASUGHAD. Tá maicréil na hIoruaidhe ag buadhchain ar mhaicréalaibh na hÉireann sna Stáit. Eagar gnótha fé ndeár san, agus ar ndóigh tá inntleacht is meabhair chinn ag Éireannaigh ar a luighead chómh maith le cách eile dá gcuiridís rómpa binibe gnótha a chur ortha féin. Déinid leasuightheoirí na hIoruaidhe na bric do thoghadh. Biónn na bric mhóra leó féin agus na bric bheaga leó féin, agus na bric mheadhonacha leó féin. Bíonn na bric i ngach barraile d'aon mheádhchain, agus is mór an áis é sin don siopadóir, mar ní gábha dho bheith 'á meádhaidh arís.
Is mór an tapamhlacht é sin agus fear grithileánach is eadh an siopadóir, agus ceannóchaidh sé barraile toghtha níos túisce ná barraile n-a mbeidh an t-iasc caithte i ngabhal a chéile meascaithe mion is garbh. Bíonn an iomarca fústair ar ár leasuightheóiribh-na chum obair dá leithéid sin do dhéanamh nuair a thagann cladarach éisc ortha, acht mar sin féin do bfhiú dhóibh a suaimhneas do cheapadh agus a ngnó do dhéanamh i gceart. Is minic a bhuadhfaidhe go maith leis, mar ní baoghal go bhfanfadh an t-iasc ar a lámhaibh. Tamall ó shin do chrom daoine ar leasughadh nach raibh puinn tuigsint aca i gcúrsaíbh leasuighthe. Do caitheadh cuid d'iasc na hÉireann insa bhfairrge in Aimeirceá. Do thug sin drochainm do leasuightheóiríbh na tíre seo. Ba mhór an éagcóir é, agus éagcóir a b'eadh é gur bhfhuiris é do chosc, acht fíneáil throm do chur ar éinne a chuirfeadh chum siubhail iasc ná beadh leasuighthe i gceart, agus annsan cómhartha céirde na hÉireann do chur ar gach barraile. STÁIN-LEASUGHADH. Is mór an truagh nach fuil fhios againn cé an méid a caithtar ar iasc stáinleasuighthe gach bliadhain in Éirinn. Caithtar cuid mhaith gan amhras, mar níl siopa beagnách nach díoltar boscaí séirdíní is spruit, agus rl., ann, gan trácht ar na bradáin stánuighthe a thagann ó Chanaideá. Thar sáile a thagann sé go léir agus is leibideach an scéal é go bhfuil so amhlaidh agus sinn féin ag cur éisc thar sáile go saor. "Díolaim saor is ceannuighim daor" atá ag muinntir na hÉireann. Dá mbeadh spioraid an ghnótha i lucht tionnscail na tíre seo bfhuiris dóibh stáin- leasughadh do dhéanamh ar an oiread éisc is do dhéanfadh muinntir na hÉireann féin ar a laighead. Níl aon dianeólaigheacht ag baint leis mar chéird. Dá dtosnuighthidhe ar an obair sin in Eirinn ní baoghal ná go n-éireóchadh leis. Is fusa go mór margadh dfhághail
don iasc stáinleasuighthe 'ná dh'iasc na picealach mar ní bhíonn aon ghoirteamas ann. Tá beagán den obair seo 'á dhéanamh i nDaingean Uí Chúise. Púncán atá i mbun na hoibre ann, agus cé go bhfuil iomaidheacht idir é féin agus n-a ceannachóirí eile tá ag éirghe leis. Is mór an truagh nách fuil beagán den stáinleasughadh 'á dhéanamh i ngach ceanntar iascaig in Éirinn. Dá mbailightidhe stocairgead bfhuiris an obair á chur ar siubhal, mar ní theastochadh aon inneallaí costasamhla. Coire is inead roighileáin agus íle olibhe agus roinnt stánach, — b'shin a dteastóchadh. Acht an fhaid is bheidh easbha muinghíne ag muinntir na hÉireann as a dtionn- scalthóiríbh agus an fhaid is bheimíd ag brath ar an bhfear thall ní baoghal go ndéanfam puinn. Ní bhíonn an mhuinghín acht mar a mbíonn an t-urrudhas, agus is é an t-urradh atá ag teastáil uainn, riaghaltas dúthchais a chosnóch- aidh ár ndéantúisí le cothrom cánach ar an earradh iasachta. AN CHEILP. Tá dlúthcheangal idir chúrsaíbh ceilpe agus cúrsaíbh iascaigh, mar is iascairí a bhíonn ag gabháil don cheilp. Dá aindeisidheacht cúrsaí an iascaig is aindeisí go mór cursaí na ceilpe. Ceannuigheann an choitchiantacht iasc acht ní cheannuigheann acht chómhluadar fánach an cheilp. Dá bhrígh sin is fusa go mór fear déanta na ceilpe do scrios 'ná an t-iascaire. Ní bhéad le déanamh ag an gcúpla cómhluadar acht teacht le chéile agus an luach a shocrughadh eatorra, agus ní baoghal go gcuirfidhe chúcha ná uatha. Do bhí obair den tsórt san ar siubhal go dtí le trí bliadhna anuas, nó go dtáinigh ceannachóirí neamhspleadhacha ar an margadh. Tá deich bpúint an tonna ar cheilp indiu in áit dhá phúnt roimhe seo. Do bhí an scéal ní ba mheasa 'ná san féin, mar do leig na ceannachóirí ortha go raibh gléas aca chum an cheilp do mheas. Is minic do gheibhtidhe an phingin ab aoirde ar ualach di agus, do
cuirtidhe siar ualach eile as an teine chéadna, daortha damanta. Do gheibheadh sé an phingin ab aoirde lá ar na bháireach bfhéidir, dá mbeadh an t-ádh leis an bhfear gur leis í. Do bhíodh an lom dá léirscrios gan aon agó. Níl aon phioc den obair a ghabhann le foth-thorthaí na ceilpe 'á dhéanamh in Éirinn. Is mór an truagh san, mar tá saidhbhreas thar na beartaibh le fághail asta. Is mór an truagh, leis, nach fuil lucht na ceilpe do déanamh, i gcumann. Do bhéadh neart aca annsan, iad féin a chosaint ar na scriosairíbh. BRADÁIN. Má tá na bradáin ag dul i ngannachúiseacht sinn féin fé ndeár é. Is é do cheap muinntir na hÉireann nach raibh aon chál ag na Sasannaig chum cosaint a chur ar na haibhntibh a thug Dia dhóibh. Cantáil is eadh do dhein na Sasannaig agus do marbhuigheadh na bradáin dá n-aimhdheóin idir geimhreadh agus samhradh, ba chuma iad a bheith i séasúr nó gan do bheith. Acht ní mór an tairbhthe bradán i mbéal scéitheachtainte, agus nuair a marbhuightidhe an mháthair do marbhuightídhe an scéitheachtaint chómh maith. Dfhág an obair sin na haibhnte ar bheagán bradán. Ba mheasa 'ná san fós nós eile a cleachtaighthidhe .i. nimh a chur insan uisce, mar do scriosadh an nimh an abha ar fad agus a mbíodh innte. Rud eile a dhéin a lán díoghbhála do sna haibhntibh — do bhíodh na trálaerí gaile ag rith isteach aganfhiosaidheacht ar bhéalaibh na n-abhann i ndorchadas na hoidhche. Do bheiridís leis an dtrál ar na céadtaibh bradán sa tslighe dhuit nách aon iongnadh é má tá aibhnte na hÉireann gan an oiread bradán ionnta is mar do bhíodh. Chum duine do leigheas is é an rud is gábhtaraighe 'ná eólas a chur ar an ngalar. Tá a fhios againn cad tá bun os cionn le sna haibhntibh. Faghtar an leigheas. Ní mór a chosnóchadh sé leabthacha grin a dhéanamh in aice gach abhann, cloidhe cosantá a chur leó agus fir a
chur 'á bhfaireadh. Scéithfeadh na bradáin in sna leabthacha san go nadúrtha. I bhfotháit annso is annsúd in Éirinn, baintar an scéitheachtaint amach as na bradánaibh, agus curtar na huibhe i mboscaíbh go mbíonn séithleán uisce ag gabháil tríotha. Fágtar annsan iad nó go dtagann na bric bheaga amach agus abhfad i n-a dhiaidh san, nó go mbíd siad láidir a ndóithin chum iad do chur amach ar na mion- aibhntibh. Is costasamhail an obair í sin, mar caithtar tighthe móra do thógaint agus leabthacha grin do dhéanamh do sna bradánaibh chómh maith. Bíonn sé anadhian, leis, ar an mbradán an eochair a bhrughadh as. Bíonn sé tinn agus anathinn i n-a dhiaidh. Mar sin féin, tá sé de bhuadh ag an tslighe sin seochas an scéitheachtaint nádúrtha fé chosaint .i. is féidir na bric óga dfheicsint gach lá agus aire do thabhairt dóibh. Ní thiocfaidh aon namha ortha nó go mbeid láidir go maith. Is féidir breith ortha aon uair agus iad do chur amach ar aon abhainn. Is minic a beirtar go hAstraelia is go hÁifric iad. Curtar amach miliúin éigin in aibhntibh na hÉireann gach bliadhain. Dá n-aibigheadh a dtrian is mór an flúirse a chuirfeadh sé ar bhradánaibh sa tír seo. Tuigtar go bhfuil aibhnte is cuanta is imeallfhairrgí na hÉireann agus nách fuil a sárughadh chum éisc le fághail san domhan bfhéidir. In áit gach iascaire dfhéadfaidhe deichneabhar a bheith, acht aire a thabhairt don ngnó agus an iascaireacht do shaothrughadh mar budh cheart. Eólas a theastuigheann agus binibe oibre agus muinighín gnótha — meas ag an iascaire air féin agus ar an iascaireacht, agus meas againne air — cosaint dhlighthe agus cabhair ó riaghaltas, caethamhlacht ar oireamhaint agus gléas dfhághail, agus tuigsint a bheith ag na hiascairíbh i gcúrsaíbh cnúaisciúin go mór mhór cnúaisciún náisiúnta. "IASCAIRE."
SEAN-CHEÓL NA hÉIREANN. AN SEAN-NÓS. Is fada siar atá tagairt do cheól 'san tír seo. Chuir ár sínsear spéis ann ó thúis. Tá seanchus Éireann, roimh theacht an chreidimh, lán de scéalaibh i dtaoibh ceoil. Do réir Fise Adhamhnáin, bíonn aingil an Tighearna ag sír- sheinim cheoil ar neamh do Dhia na Glóire. Deirtear i Saltair na Rann go raibh an saoghal go dian ar Ádhamh is ar Éabha toisc a mbeith go ceann bliadhna gan biadh cóir, gan adhbhar teine, gan tigheas, gan ceól, gan éadach. Bhíodh ceól agus amhránuidheacht ar siubhal coitchianta i nEamhain Macha le linn Chonchubhair Mic Neasa. Bíodh ceóltóiridhe ag seinim ag Cruachain agus lucht cuarta ag feitheamh le biadh. Chuir Moiriath inghean Scoiriaith, ríogh Chorca Dhuibhne, an ceóltóir Craiftine go dtí an Frainnc chum Labhraidh Loingse do mhealladh abhaile chúiche. Dílse Fheircheirtne an cruitire do Choin Roi mac Dáire is mó is bun le scéal de righscéaltaibh sean Éireann. Bhí ollamh re ceól ar lucht leanamhna Chormaic mic Airt. Ní'l aon teóra le n-a bhfuil de chur síos ar cheol is cantain i scéaludheacht is i bhfilidheacht na Féine. Cuirid Annála Uladh síos i mbliadhain a 634 ar bhás Ailealla cruitire, mac Aodha Sláine. Léaghtar go minic, minic go mbíodh ceól 'san eaglais ó thúis i nÉirinn, is tá beatha na naomh mar ughdarás againn gur ghnáthach le manachaibh taisteal na hEireann, cláirse- acha do bheith ar iomchur aca gach áit dá ngabhaidís. Dá bhrigh sin bhí ollamhain ceoil na hÉireann is a n-ainm i n-áirde ar fuid na hEórpa. Thug Geartrúd naomhtha ó Nibheill cuireadh do bheirt dhearbhrathár Fursa .i. Foillean agus Ultán, chum ceól do mhúineadh dá mnáibh riaghalta. D'fhág Dungal mórán leabhra ceoil le hudhacht ag leabhar-
lain Pháibh mar ar bhunaigh sé scoil mhór-chlú. B' é Maonghal a bhí i gceannas scoile an cheoil i mainistir na nGaedheal i San Gall an tráth ba mhó fó réim an scoil sin. Gaedheal eile darabh ainm Tuathal a bhí i gcean- nas na scoile i n-a dhiaidh. Bhí cáil na scoile sin i mbéalaibh daoine ar fuid na hEorra, agus is ann a ceapadh mór-chuid de cheól na heaglaise. Mar a chéile, manaigh is ollamhain cheoil ó Éirinn a chéadmhúin a gcuid cheoil do mhuinntir Alban agus Breatan agus Sacsan, mórmhór i nGlaistimbir na nGaedheal. Thug rí na Breatan ceól- tóiridhe cliste leis ó Éirinn timcheall bliadhna a 1078 agus is iad so do chéadchuir an Eisteadfód ar bun. Bhíodar go líonmhar i nÉirinn an tráth san. Cuirid Annála Uladh síos, i mbliadhain a 1110, ar Fheardomhnach dall fear léighinn Chille Dara, iodhon saoi cruitireachta, d'éag an bhliadhain úd. Tamall i na dhiadh san dubhairt Gearalt Caimbreins ná faca sé féin i dtír ar bith cruitiridhe do chuirfeadh sé i gcomórtas lé cruitiríbh na hÉireann. Agus dubharthas i dtaoibh Mhaolruanaidh mic Chearbhaill an cruitire dall do marbhuigheadh i mbliadhain a 1328 i bhfochair an Ridire Seán MacFeórais nár chualathas riamh is ná cloisfidhe go bráth a shárughadh de thimpire. Ba ghnáthach cruitire ag cantain is ag seinim 'san am chéadna. Tá a dhemhniughadh so againn 'san scéal úd innistear i dtaoibh Feidlimidh mic Criomhthainn rí na Mumhan 'san naomhadh aois. Scríbh athair Ghailileo mar seo i dtaoibh na cruite i bhFlóraint i mbiadhain a 1581: — "Tugadh an gléas ársaidh so chughainne ó Éirinn ar dtúis do réir Dainte. Deintear na céadta ceann aca 'san tír sin, agus cúmtar go háluinn ann iad. Tá eólas agus taithighe ag muinntir an oileain sin ar an gcruit leis na ciantaibh is na ciantaibh eile. Fiú amháin cuirid a macsamhail ar shuaicheantas a ríoghachta, ar a dtighthibh puiblidhe, ar a gcuid airgid, ar gach nidh; agus is é an fáth go ndeinid mar go ndeirid gur shíolradar ó Dháithí Fáidh." Tugann Riseárd Stanathurst árdmholadh do chruitire ó Éirinn a bhí ar a lucht aithne féin i mbliadhain a 1584.
Agus Franncach dá raibh i nÉirinn dachad bliadhain ní ba dhiadhnaighe, seo mar thagair sé do cheól is do cheóltóiríbh na tíre seo: — "Tá árd-chion ag muinntir na hÉireann ar an gcruit. Seinid siad go léir uirthe fé mar sheineann na Spáinnigh ar an bhfeidhlín, na Franncaigh ar an liút, na hIodálaigh ar an nguiteár, na Spáinnigh ar an gcais- tineit, na hAlbanaigh ar an bpíb mhóir, muinntear Eilbhéise ar an bhfideoig, na Gearmánaigh ar an dtrúmpa, na Danair ar an dtiompán, agus na Turcaigh ar an bhfeadán. Is iomdha gléas ceoil do bhí ag ár sínsear seoch is an chruit is an chláirseach. Bhí an tinne no an phíob aca chomh fada siar is mar théigheann ár n-eólas. Cuirtear síos i mBruidhean dá Dearga ar naonbhar chuisleanach Chonaire. B'ionann cuisleanach is píobaire. Saghas eile píbe do b'eadh an bhuinne. Buinnire ghairtidhe de fhear seanma an ghléis seo. Tá samhla trír fear seanma tolluidhthe ar chrois Mhainistir Buithe, agus tá samhail phíobaire eile tolluidhthe i gcrois i gCluain mhic Nóis. Bhíodh an buinnire agus an cornaire i n-a suidhe ag an mbórd céadna 'san Tigh Mhiodhchuarta ag fleidh na Teamhrach. Úrlaisidhe eile ceoil do b'eadh an chuiseach agus an feadán. Is beag deifir a bhí idir an chuisigh is an bhuinne. Feadánach a ghairtidhe de fhear seanma an fheadáin. Ní raibh aon chomhaireamh ar a raibh de thrúmpaibh ag muinntir na hÉireann i n-allód. Tá suas le deich dtrúmpa fichead i dTigh na Seód i mBaile Átha Cliath, agus fuairtheas leath-chéad éigin trúmpa i bportachaibh na hÉireann thall is i bhfus le céad go leith bliadhain. Bhí sé cinéil trúmpa ann ar a laighead de: Bhí corn ann is buabhaill is adharc, dudag is galltrompa is barrabuadh. Stocaire an ainm thugtaidhe ar fhear seanma trumpa. I gcómhair chogaidh is mó dheintidhe úsáid de'n ghléas so. Ba ghnáthach daoine ag coimhsheinim 'san sean-shaoghal i nÉirinn, leis. Tá a sé no a seacht de fhoclaibh againn i gcómhair coimhsheanma, ar a laighead de. Tá coimhsheinim fhéin againn agus comhcheadal agus fóchanadh. Bain an
focal coimhsheinim le gléas ceoil; bhain coimhcheadal le guth béil. Is eól dúinn cad is aidhbhse ann ó'n míniughadh atá air i nAmhra Chuilm Chille: "Thángadar iarsoin na filidhe isin aireacht, agus duain molta leó dhó, agus aidhbhse ainm an cheoil sin; agus ba cheól dearscaightheach é mar adubhairt Colmán mac Leinín: — "Luin ag eólaibh, uinge ag diarnaibh Crota ban n-aitheach ag crothaibh ríoghna Righte ag Domhnall dord ag aidhbhse Adhann ag connill, coig ag mo choigilt se." Agus i n-aenfheacht do ghnídís an ceól soin." Ainm eile ar aidhbhse do b'eadh an cheapóg. Déanfaidh maighdeana agus ógha Uladh ceapóg do chanadh im' thimcheall gach tráthnóna, arsa Fearbogha 'san scéal úd i dtaoibh Muice Mic Dáthó. Bhí trí nósa áirithe ceoil ag na sean-cheóltóiríbh: bhí an geantraighe aca is an goltraighe is an suantraighe. Chuireadh an geantraighe ag rinnce is ag gáiridhe daoine agus dfhágadh sé ga meadhrach meanmnach iad. Caointe agus ceól brónach do b'eadh an goltraighe, agus ní annamh do chuireadh sé daoine ag gol is ag sileadh deór. Chuireadh an suantraighe lucht éisteachta chum suain, bhí de chneastacht ann is de chomhacht suaimhneasa. Innistear dúinn i gCath Ruis na Ríogh gur "chanadh ciuil is airfite is adhmholta i n-aghaidh ríogh Lochlan i nDún dreachsholuis Dealgan, agus gur fhanadar súd ann dá dheascaibh go solas thráth éirghe ar na bhárach." Chuirtidhe leanbhaidhe chum suain 'san sean-shaoghal, amhail is mar dheintear anois féin, is mar dhéanfar go deó, leis an suantraighe, leis. Is eól dúinn so ó sna rannaibh do ceapadh le Muirinn darab tosach, "Codail ré suanán sáimhe," agus a mac Fionn mac Cumhaill aici dhá chur a chodladh. Deintear tagairt go minic do cheól eile dá n-éaghmuis seo, 'sé sin an ceól sidhe. Do réir tuairime daoine simplidhe ceól é seo chloistear ó'n aos sidhe i n-am mharbh na hoidhche no am éigin dá leithéid. Ceóltóiridhe
binne is mó chloiseann é; agus, dá mba rud é go bhfoghlumóchadh ceóltóir fonn no port de'n cheól agus é sheinim i n-a dhiadh san, creidid seandaoine i ndúithchíbh áirithe fós go mbeadh sé 'n-a luighe dá dheascaibh de easba sláinte, go ceann ráithe no níosa shia. Is beag dúthaigh 'san Ghaedhealtacht gan eachtra éigin ann fós i dtaoibh an cheoil sidhe. Rud eile: Bhíodh cantain áirithe i gcómhair gach saghas oibre ag ár sínsear chomh maith is mar tá againne. Bhí a hamhrán no a cantain féin ag "cailín deas crúidhte na mbó," agus ní call a rádh ná bíodh cantain de dhíth ar mhnaoi casta "an túirnín lín." Bhíodh Ding deang didearó, ding deang déaró, Ding deang didearó, buail sin, séid séo no a leithéid ag an ngabha. Ba ghnáthach lucht rómhair is treabhtha ag feadghail; agus is beag gnó nár bhain ceól no cantain éigin áirithe leis. Cuireadh an fhilidheacht ar aon dul leis an gceól, agus chuaidh filidheacht is ceól i bhfeabhas is i mire is i méid le cois a chéile ó aois go haois. Dá chómhartha san tá sean-nós fé leith againn i i nÉirinn i gcómhair amhránuidheachta agus seanma; agus, i n-aindeoin gach reachta dar cheap na Gaill chum ár gceól binn dúthchais do mhúchadh is do chur fé chois, tá "an sean-nós" fé réim indiu agus beidh fé réim, de dheoin Dé, an fhaid is bheidh uisce ag rith is féar ag fás i ngleanntaibh glasa na Banban.
SEANCHEOL NA hÉIREANN. AN SEAN-NÓS. An módh nó an nós sin ar an glaodhtar "An Sean-Nós" fé láthair, ní bhaineann sé le cúrsaí ceoltóireachta i n-aon chor, acht amháin ar an tslighe gcéadna n-a mbaineann reacaireacht le cúrsaí filidheachta. Ceapann agus cumann an file an dán, agus aithriseann nó deireann an reacaire é; mar sin, leis, iseadh cheapann agus chumann an ceoltóir a chuid ceóil, agus seinneann nó deireann an cruitire nó an t-amhránuidhe é. Is le hamhránuidheacht a bhaineann an sean-nós sin; agus ceárd fé leith iseadh an amhránuidheacht seochas an cheoltóireacht. Dhá chomhartha annso gur beag a bhaineann an "Sean-Nós" sin le cúrsaí ceoil — do cheapfaidhe ó n-a bhfuil ráidhte agus scríobhtha ag a bhfurmhór aca so a bhíos ag trácht air, nár chloiseadh riamh cruit nó tiompán nó píb in Éirnn, agus nár mhair ann fear cheoil a cheapadh nó nár seinneadh cor nó port i gcóir ringce ná céilidhe. Rud níos tábhachtaighe, 'ná san, rud a theasbháineann dúinn go beacht soiléir an deighilt athá eatortha .i. na hamhránuidhthe do bheith ann i na gcéadtaibh, — ina míltibh bfhéidir — le céad bliadhain anuas, agus ní fios dúinn gur cheap duine aca oiread is aon fhonn nuadh nó aon streanncán cheoil nuadhdhéanta ar feadh na haimsire sin. Dá mbeadh ceárd an cheoltóra aca, nó dá mbeadh fíor- bhaint idir an amhránuidheacht agus an cheoltóireacht ní fuláir nó go gceapfaidhe ceól nuadh éigin i gcóir amhráin nua, — as Gaedhilg nó as Béarla. Acht ní mar sin thárla. Níor dhéan na seanamhránuidhthe acht na fuinn a fuaireadar ó n-a n-aithreachaibh is a seanaithreachaibh féin a choiméad ón mbás. I n-a theannta sin, do dhéineadar na fuinn
d'atharrughadh agus do mheascadh trí chéile cómh mór san ná féadaimíd anois a bhfíorbhunadhas a dhéanamh amach — cuir i gcás "Éamonn an Chnuic" mar atá sé ag an Athair Pádraig Breatnach, ag Tomás O Mórdha (Silence is in our Festal Halls), ag Uilliam Ó Maoltuile (l. 208, History of Irish Music) agus ar a lán de leagthaibh éagsamhla eile; "Eibhlín a Rúin" ar a bhfuil crota éagsamhla curtha síos ag Carl Hardebeck, ag an Athair Pádraig Breatnach, ag Tomás Ó Mórdha; "An Chúilfhionn" ar a bhfuil leagthaí fé leith ag an nDochtúir Pádraig Mac Seóighe, ag Sir Charles Stanford, ag Seóirse Petrie, agus ag Tomás Ó Mórdha; "Spailpín a Rúin" do scríobh Carl Hardebeck ar a mhalairt de shlighe ar fad ón tslighe na bhfuil sé scríobhta ag an Atháir Pádraig Breatnach; agus tá na céadta eile dhíobh ann nach féidir le héinne is dócha, dá léigheanta agus dá chliste é i gcúrsai céoil, a rádh nó a dheimhniughadh dhúinn, cia aca leagadh do b'fhíorbhunudhas d'aon cheann aca ar dtúis. Ar a shon san is uile samhluigheann sé dhamhsa go bhfuilimíd ag cur an iomaid spéise ar fad, fé láthair, ins na seanamhránuidhthe agus i n-a gcuid ceoil, san am gcéadna go bhfuilmíd ag tabhairt ár gcúl leis an bhfíor- shean-nós do chleacht ár sinnsear cómh fada siar le ré Chonchubhar mhic Neasa, b'fhéidir; agus o shin anuas. Dfhéadfaimís a rádh, go dtí go dtug Bunting cruitirí na hÉireann le chéile sa bhliadhain 1792, i mBéal Feirsde. Cad é an sean-nós sin? Cá bhfuil a thuairisc le fághail? An t-aon chunntas amháin athá le fághail air is i sean- litridheacht ár sinnsear a dh'fhéadfaimíd teacht suas leis. Do bhí anamheas ar fad ag ár sinnsear ar fhilidheacht agus ar cheol, agus tá anathrácht sa tseanlitridheacht ar chúrsaí ceoil agus gach ar bhain le ceárd na ceoltóireachta. Cuirfead síos annso an méid dí a bhaineann leis an sean- nós sin do chleachtaidís, chómh maith agus dfhéadaim teacht suas leis. Deir Eoghan O Comhraidhe gur ab é an cunntas is ársa ar ghléas ceoil do fuair se sa tsean- litridheacht ná an giota so thíos do bhain sé as lámhscríbhinn
ins an British Museum ina raibh cur síos ar Chath Mhaighe Thuireadh: — San aistriughchán sin do dhéan Mrs. Hutton ar Táin Bó Chuailgne tá cur síos eile ar an seancheol céadna. Níl an tseanGhaedhilg le fághail agam, agus caithfidh mé m' innsint féin a chur air ón mBéarla. "Do tharraing an chéad cruitire a lámh thar na téadaibh, agus do sheinn sé an Goltraighe dólásach dubrónach; agus tar éis a chloisint dóibh d'éag dáréag dfhearaibh Mheidhbhe le huaigneas agus le duairceas chroidhe. Do tharraing an dara cruitire a lámh thar na téadaibh, agus do sheinn sé an Geantraighe soilbhir dóibh, i dtréo gur imthigh a mbrón agus a dtromachroidhe de na fearaibh ina thimcheall le neart aoibhnis agus suaircis, agus gur chómhgháirigheadar le háthas agus le tógáil croidhe.
Do tháinig an tríomhadh cruitire chúcha agus do sheinn sé an Suantraighe, a bhí íseal aoibhinn le chloisint, agus tháinig suaimhneas agus síothchán chroidhe agus sámhchodladh ar na sluaightibh go léir ar chloisint an tsáircheoil sin dóibh." Tá foscéal, leis, ag baint leis an "Táin Bó Chuailgne," a bhfuil trácht ann ar cad ba phríomhchúis leis na trí ceolta sin .i. an Goltraighe, an Geantraighe, agus an Suantraighe. "Tain Bó Fraich" is teidiol don foscéal so. Do chuaidh Fraech go Ráth Chruachain chum Findabar, .i. inghean d' Oilioll agus do Mheadhbh, d' iarraidh mar bhan- chéile dó féin. Do thug sé triúr cruitirí leis ina theannta chum cheoil a dhéanamh don gcomhluadar. Seo mar a chuireann an seanscéal síos ar na cruitirí agus ar a gcuid ceoil:
Ma thuigimíd i gceart é, is mór an sásamh aigne, is iongantach an t-adhbhar mórtais dúinn é, an méid seo eólais atá le fághail i seanlitridheacht na nGaedhal. Agus cad tá le tuigsint againn as? Ar an gcéad dhul síos, chímíd gur ab gnáthnós nó convention a bhí ag na seanGhaedhil, na trí ceolta so a bheith ghá seinnt aca, agus ar an ordughadh céadna dóibh, leis i gcomhnuidhe .i. an Goltraighe i dtosach, an Geantraighe ina dhiaidh sin, agus an Suantraighe mar dheire. Is ar an ndul sin amháin atá gach aon chur síos ortha dá bhfuil le fághail isna seanscéaltaibh. Sin é an chéad taobh de. Seo taobh eile .i, nach fios dúinn an t-am ná cleachtthaidhe ceol in Eirinn. In gach roinnt de sna trí seanroinnteanna a deintear dár seanltridheacht tá anathrácht ar cheol, agus tuigimíd go soiléir go raibh árdmheas ag na daoine ar cheól agus gach ar bhain le cúrsaí ceoil. Tá san le tabhairt fé ndear sa roinnt is ársa dá bhfuil fágtha againn chómh maith agus atá in aon roinnt eile — níos fearr, b'fhéidir. Ní bheadh sé de dhánaidheacht ag aoinne fé láthair, is dócha, a rádh nár bhain na scéalta ársa sin leis an saoghal a bhí in Éirinn i bhfad roimh aimsir Chríost. Na scéalta a bhfuil trácht ionnta ar ré na ndéithe chuir cúrsaí na haimsire crot nuadh ortha b'fhéidir; acht, bíodh gur chuir, is fuiris a thuigsint ó na scéaltaibh féin, a simplidheacht agus ársacht a módh scéal d'innsint, go mbaineann cnámha na scéal leis an seanshaoghal ar fad, an saoghal a bhí ann na céadta bliadhain is dócha, roimh theacht Mhiledh agus a shluagh go hÉirinn. Do bfhéidir nárbh ionnann an chruit a bhí ann an uair sin agus an chruit a bhí ag Toir- déalbach Ó Cearbhalláin, abair. 'Sé is dóichighe nárbh ionann. Acht, cé nárbh ionnann féin, do bh' ionnann an meas agus an smaoineadh a bhí ag na seanchuidhthibh a cheap na scéalta sin agus ag na filí a tháinig na ndiaidh. Do chum Giolla Bríde Mac Conmidhe, nó Giolla Bríde Albanach, dán mar gheall ar chruit Uí Bhriain, a thárla in Albain le n-a ré féin (1180 — 1250?). Seo mar a thráchtann é ar an gcruit —
"Thabhroid chugham cruit mo ríogh go ttreigim, uirre m'imshníomh a bhrón da bhuing do dhuine re glór an chroinn cumruidhe." Tugtar fé ndear cionnus a deireann sé go bhféadfadh duine a bhrón do thréigint ar chloisint gutha na cruite dho — díreach fé mar do thréigeadar na Fomóraigh a ngol agus a mbrón, agus do thosnuigheadar ar gháiridhe ar chloisint cheoil an Daghdha dhóibh fad ó. Annsan tráchtann sé ar an té go mba leis an chruit — An tan do thaighleadh a lámh a nadhbhuidh chiúil go cómhlán a h-osnadh leabar mín mór do beanadh dhinn ár ndobrón. Cad é an saghas ceoil sin ar a dtugann sé a h-osnadh leabar mín mór acht fíor Shuantraighe ceoil. Do beanadh dhinn ár ndobrón — ceol aoibhinn, íseal, sítheach a bhéarfadh suaimhneas croidhe, sásamh chuirp agus aigne, agus sámhchodladh do n-a lucht éistigh. Annsan leanann sé dhe Cruit I Briain! binn a horgáin re hucht bhfleighe bhfionng Abráin ó, bhéanadh stuaigh Gabrain gloin argain truaigh as na téadaibh. Do bhí cruit eile ar seachrán ó dhuine eile den treibh chéadna, leis, agus seo cuid den dán a cheap file gan ainm mar gheall uirthe: — Ceolchar sin a cruit mo rígh! rom chuir a snim siansa do théd; suail nachar saobadh mo cruth od cuala do ghuth dod ghlés. Is é an tuairim céadna atá aige-so agus a bhí ag lucht na seanscéal leis. Siansa do théad a chuir buaidhreadh orm adeir sé; agus arís
Is beag nár saobadh mo chroth nuair a chuala me do ghuth, uair do ghléasadh. Nach ionnann sin agus an tseantuairim atá i dTáin Bó Fraoich File eile a mhair tuairim bl. a 1500, cheap sé dán ar chruit leis, agus seo cuid de — Féach mar a ainmnigheann sé an chruit Uallanach bhog-ghothach, binn ar a bhféadfaidhe an Goltraighe dubrónach do sheinnt ar fheabhas an domhain, gan amhras, do cheapfá: Agus ina theannta sin —
Fé mar a dubhradh i seanscéal éigin eile — Dá mb'é go raibh a athair agus a mháthair sínte marbh le n a chosaibh ag gach fear díobh ní fhéadfadh sé gan gáirí áthais a dhéanamh, ar chloisint an cheoil sin dó. Mar sin iseadh dfhan na smaointe céadna ag muinntir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliadhain ar cheol agus ar a chomhacht, ar chorp agus ar aigne an duine. Cé nach ainmnightar na seancheolta ag éinne aca san a bhfuilim ag tagairt dóibh anois, is follus gur ceolta dá saghas san a bhaintidhe as an gcruit le linn na bhfilí seo atá luaidhte agam thuas .i. ó 1200 go 1500 abair. Acht tá deimhniughadh fé leith againn gur mhair na seancheolta sin go dtí i bhfad níos giorra dár n-aimsir féin 'ná sin. Tar éis bháis an Cheasbhallánaigh sa bhliadhain a 1738 dubhairt Cormac O Conchubhair ó Béal átha na gCarr mar mholadh air agus ar chruinneas a cheoltóireachta gur sháruigh sé ar a dtáinig roimhe i dtrí gnáthcheoltaibh na nGaedhal. Munab é go raibh na trí cheolta sin dá gcleachtadh le n-a linn féin, cionnus a déarfadh O Conchubhair gura "gnáth- cheolta imeasc na nGaedhal" iad? Dfhéadfadh duine ceol Uí Cearbhalláin a roinnt do réir na dtrí seancheolta féin, leis, .i. na "Pléarácaí" i n-aon roinnt amháin saghas Geantraighe, na fuinn is dubrónaighe ar fad, mar atá "Subháilce Uí Chearbhalláin," "Marbhna Tordhealbhaigh mhic Dhonncadha" agus a leithéid sin mar Gholtraighe agus cuid eile dhíobh, atá go sámh, mall agus go fíorbhinn, mar atá "Réalt na Maidne" mar shaghas Suantraighe. Ní bheadh acht caolchuid fágtha lasmuich agat ná réidhteochadh le haon cheann de sna trí seancheoltaibh: — "The Princess Royal" abair, agus an t "Amhrán buadha" atá ag Pádraig mac Seóighe in Old Irish Music and Folk Songs, uimhir a 279; nó "Micheál mac an Bháird" uimhir a 448, agus "Giolla Dubh ua Glamhráin" uimhir a 450. Fuinn iad so atá
anabhríoghmhar, anafhuinneamhail ar fad, acht gan iad a bheith soilbhir a ndóithin i gcóir Geantraighe, ná mallréidh a ndóithin i gcóir Suantraighe. Acht tá níos mó 'ná so le tabhairt fé ndear againn sna somplaíbh sin romhainn. Is féidir linn a thuigsint ón gcursíos so nárbh phríomhthúis ceoil na hÉireann an ceol ársa so atá luaidhte sa tseanlitridheacht. A chontrárdha- san ar fad. Ní fuláir nó go raibh ceoltóirí na hÉireann tar éis cuirp an cheoil do chuartughadh, agus a fhíoranam do thuigsint sar a bhfhéadaidís an roinnt do dhéanamh de. Do sheinn sé na trí ceolta ó n-a ainmnightear an cruitire. Sé sin le rádh go raibh sé ar chumas an chruitire aon cheann de sna ceoltaibh sin do sheinnt nó do cheapadh nuair a bheadh gábha le n-a leithéid, ní hamháin do réir tochta nó rachta a chroidhe féin, acht do réir a intleachta agus do réir nósanna a chéirde dfhéadfadh sé é dhéanamh leis. Céim mhór ar aghaidh i gcursaí ceoil ag na sean- Ghaedhil do b'eadh é sin, buadh nach fios dúinn a bheith ag aon dream eile ar dhruim an domhain. Ealadha fé leith iseadh an cheoltóireacht ar an gcuma so — gur lugha ar fad an bhaint atá aige le haon rud taobh amuich d'aigne an duine 'ná mar atá ag aon ealadhain eile. Nuair is mian le file, nó le péintéir, nó le snoighdóir, nó le héinne eile d'aos dána an domhain, a chuid smaointe do nochtadh, féadann sé na rudaí a bhrostuigheann a aigne agus a chroidhe do tharraingt isteach ina chuid oibre, agus iad do theasbáint ós comhair ár súl nó dár n-intleacht istigh. Cialluighean focail an fhile rudaí fé leith, gach aon fhocal nó gach aon rádh dá scríobhann sé, agus tuigimíd brígh na bhfocal, agus chimíd cad tá ag spreagadh a smaointe ann. Ar an gcuma gcéadna, pé rud is maith leis an bpéintéir, pé áit, nó pé duine thugann sé isteach ina chuid oibre chímíd gur fear nó bean nó seanchaisleán nó troid nó cath atá i gceist aige, nó ag an snoighdóir; na rudaí seo a thugann sé os ár gcomhair mínigheann siad brigh a smaointe agus gluaiseacht a
aigne, toisc go gcialluighean gach ceann díobh rud éigin taobh amuich dá aigne féin go bhfuil eolas againn air cheana. Cuir i gcás an claidheam i láimh Shain Seóirse do chum Donatello. Muna mbeadh go dtuigimíd cheana féin cad is claidheamh ann, agus cad chuige é, agus a sciath, ní thuigfimís ar aon chor cad do bhí in aigne Dhonatello. Agus is léir dúinn, leis, ó n-ár saoghal féin cad a chial- luighean an fhéachaint chalma sin ar aghaidh is i súilibh an naoimh. Munab é, ba shaothar in aisce do Dhonatello a chuid oibre an turas san. Is féidir leis an bhfile, chomh maith, na rudaí a chorruigheann agus a bhrostuigheann a aigne agus a chroidhe a chur síos tríd na foclaibh atá ollamh ina chóir ag na daoinibh coitchianta cheana féin. Uch, a 'Liféir óig mo chroidhe Isé do bhás atá sí 'chaoidheadh Isé do bheir an lá 'na oidhche. Isé do-bheir an chumhaidh ar dhaoinibh. Agus arís Ní leanfaidh sé an fiadh go deóidh Fá ghleanntaibh dubha, ná sléibhtibh ceóidh Ní chluinfear a adharc go binn á séideadh Ná guth a ghadhar ar bheinn an tsléibhe. A lámh bhronntach go fann 'ná luighe A chroidhe meanmnach marbh gan bhrígh Síol na gcuradh agus cara na mbárd Searc na gceolradh chanas go hárd. Nó mar chuir síos Milton cúis a bhróin
Mímhgheann an fhilidheacht, nó an phéintéireacht, nó an tsnoighdoireacht a brígh féin tríd na rudaí iasachta a tugtar isteach innti. Ní mar sin don cheoltóireacht. Ní féidir leis an gceoltóir aon rud iasachta a thabhairt isteach. Is éigean don cheol a bhrígh agus a chiall a mhíniughadh uaidh féin. Níl aon "fhoclóir" fé leith ag Baint le ceol. Ní chialluigheann aon nóta ná aon streanncán ceoil aon rud taobh amuich dhe féin; ní bhaineann sé le gnáthshaoghal daoine fé mar a bhaineann focail na bhfilí nó figiúirí an phéintéara nó an snoighdóra, leis. Ní fhéadfadh an ceoltóir a chur i n-umhail dúinn go bhfuil sé ag iarraidh cosc a chur le n-a chuid smaointe dub- rónach, fé mar a dhéanann Milton. Ni féidir leis a rádh linn go raibh lámh bhronntach ag an bhfear marbh, nó go bhfuil an lá i n-a oidhche, dar leis, ó d'éag sé. Cionnus a theasbánfadh sé dhúinn go mbíodh a chara ag seilg ar an sliabh, a ghadhair le n-a chois, agus a adharc 'ga seinnt go binn aige? Ní féidir leis néallta na spéire nó dorchadas na hodhche a tharraingt isteach i n-a chuid ceoil chum a theasbáint dúinn cad a chuireann brón nó áthas chroidhe air. Níl aon rud a chabhruigheann leis acht amháin fuaim agus gluaiseacht a cheoil agus is éigean dá lucht éisteachta ciall a smaointe agus gluaiseacht a aigne a thuigsint ón gceol féin, ó na fuaimeannaibh dothuigse a bhaintar as téadaibh marbhtha. Cionnus a déanfar sin — cionnus a cuirfar ciall le haon rud dá leithéid. ná chialluighean aon nídh uaid féin? Seo mar a thráchtann Charles Lamb ar comh deacair agus a bhí sé do féin ceol a thuigsint: —
Sin é an rud is mó a dhéanann an deighilt idir an cheol- tóireacht agus na healadhna eile, ná fuil ann acht "sound and fury," agus gur éigean ciall agus réasún a bhaint as sin. Nuair a tosnuigheadh ar an bhfilidheacht, nó ar an bpéintéireacht, nó ar ann drámaidheacht do cheapadh, do bhí saghas "foclóra" ollamh roimh ré ag gach duine aca — saghas hierogliphic, dhéarsá, a mhínigheadh gluaiseacht aigne an cheapadóra do ghnáthdhaoinibh. Ní raibh an "foclóir" sin ag an gceoltóir, agus níl fós, agus ní bheidh go deó. De dhéin Wagner iarracht ar a leitheid d'oibriughadh ar shlighe fé leith. Bíonn streanncán fé leith i gcóir rudaí fé léith san ndrámaidheacht aige sin, agus nuair a luaidthar aon cheann de sna rudabh sin ar an ardán, cloistar a cheol féin ón "orchester." Acht baineann sin le ceol drámaidheachta; ní bhaineann sé le ceol "neamhspleadhach." Do b'éigean don gceoltóir a chuid smaointe do nochtadh tré n-a chuid ceoil, acht do bhí air, leis, ciall an cheoil a mhínuighadh tré an gceol féin. Do chaithfeadh sé a cheol a cheapadh agus a chumadh ar an tslighe sin, go mbeadh sé go soiléir sothuigse, go mbeadh
ann rud níos fearr, níos bríogmhaire, níos éifeachtaighe ná rhapsodia nó ráiméis ceolmhar. Do bhí air an foclóir a bhí in easnamh air (nó seift éigin in a ionad) a cheapadh — an obair chéadna a bhí ar na daoine a cheap agus a chum teangthacha an domhain, acht amháin gur bhain gach focal dár cheapadar-san le rud éigin fé leith taobh amuich d' aigne an duine, nó le smaoineadh fé leith istigh sa mheóin nó sa chroidhe, agus nábaineann aon alt ceoil le haon rud acht le halt eile de féin, agus ná cialluigheann sé aon rud fé leith taobh amuich dhe féin. Do bhí clocha an tighe a bhí le tógáil ollamh roimh ré i gcóir an fhile, nó an phéintéara, acht amháin iad do thoghadh is do dheisughadh is do shocrughadh doréir gluaiseachta a aigne, cruinneas a thuigsiona, nó tochta a chrodhe; acht do bhí ar an gceoltóir, leis, na clocha úd do ghearradh amach as an gcoiléar, iad do ghreannadh agus do chu madh i gcóir a chuid oibre, agus iad a chur le chéile i dtreó go mbeadh gach aon cheann aca san áit ab oireamhnaighe dhi. Do bhíair corp marbh na bhfuaimeanna a baintar as téadaibh nó as úirlisíbh práis agus adhmaid — an corp mór sin atá gan bheatha, gan beodhacht, gan spioraid gan anam — do chuardach agus do shaothrughadh agus brígh agus éifeacht, fuinneamh agus misneach, tocht agus racht a mheóin is a chroidhe féin d'análughadh isteach ann i dtreó go mbudh rud beómhar, spioraideamhal, corruighthe a bheadh ann in ionad cuirp laig, mairbh gan brígh, gan éifeacht; do bh'éigean dó fíorchrot agus deaghchuma do chur ar an alp marbh sin gan chrot, gan riocht; in aon fhocal amháin do bhí fíor- chruthughadh le déanam aige, fé mar a deirtar sa Bhíobla Ar dtúis do bhí corp an cheóil follamh, gan riocht agus d'oibrigh spioraid an duine (i. an cheoltóra) trid. B'shin é an chuis, is dóigh liom, gurab é an cheoltóireacht an ealadha ba dheireannaighe a tháinig chun chinn ar mór- roinn na hEórpa. Má bhí ar na hoibrighthóirí eile a gcuid brící a dhéanamh, do bhí ar na ceoltóirí, leis, adhbhar a
mbríc do sholáthar, fé mar a bhí ar na sean-Iudaighibh san Éigipt fadó, roimh dul amach sa bhfásach dóibh. Níor thosnuigh ré an cheoil i gceart san Eóraip go dtí timcheall bl. a 1600. Do bhí ceol dá chleachtadh ann roimhe sin gan amhras, acht níór cheol "neamhspleádhach" é; ní raibh ann acht adhbhar cabhruighthe le drámaideacht, nó le filidheacht, nó le rud éigin i bhfuirm teasbántais puiblidhe a bhíodh aca shan am sin. Ceol Gregóra, ceol Sain Pilib Néri, ceol na hEaglase, an ceol "tuathach" sin a bhíodh ar siubhal ag na mionfhlaithibh san Iodáil chum smaointe an phobuil a choiméád ó bheith ag casadh le cheisteannaibh polait dheachta — ní raibh i n-aon cheann aca san an fíór- cheol sin, "musik selbstandig" na nGearmánach go bhfuilim ag tagairt dó anais; ceol a baintar as téadaibh nó as aon úirlis ceoil eile seochas an guth daonna, agus gan bhacaint le hamhránuidheacht, ná le scéaluidheacht, ná le drámuidheacht, ná le haon rud eile lasmuich de sna fuaimeannaibh féin. Nuair a tosnuigheadh ar an gceol "neamhspleadhach" d' oibruighadh do bhí ré na n-ealadhma eile san Iodáil críochruighthe. I n-ainnsir Dhante, timcheall a 1300, do tosgnuigheadh ar an bhfilidheacht, agus do mhair Giotto san am chéadna. Ó Bhenethia, is dócha is mó sa dfhás foirg- nitheóracht na hIodáile, agus sa tseanaimsir ar fad, timcheall a 421. Nuair a d'éag Michel Angelo sa bhliadhain 1564, tháinig deire le ré na bpéintéirí is na bhfoirgnitheóirí is na snoighdóirí mór. Do b'é sin deire aimsire na healadhna ba mhó clú agus cáil dár cleachtadh san Eoraip ó aimsir na sean-Ghréagach anuas. Do bhí an ceol claisdealach féin tar éis teacht chum cinn an uair sin, agus do b'í sin an ealadha ba dheireannaighe a d'éirigh san Iodáil. Do rugadh Montebherde timcheall 1566, Schütz 1585, Cavalli 1600, Carissimi 1604, Lully 1634, Corelli 1653; agus do b'iad san na daoine a thosnuigh ré ceoil na n-úirlisí. Tuigimíd as an méid sin gur fearr a thuig na sean- Ghaedhil nádúir an cheoil, agus an dluthbhaint athá aige le hanam an duine 'ná aon dream eile ar dhruim an domhain.
Ní fios dúinn an raibh an meas céadna, nó an tuigsint céadna ag na seanGhréagaibh féin agus a bhí ag na sean- Ghaedhil ar cheol agus ar cheárd an cheoltóra. An finn- scéal sin do cheap na seanGhréagaigh ar Orpheus agus a Lyra, teasbáineann sin dhúinn chomh beag agus a thuigeadar comhacht an cheoil ar anam an duine. Ní raibh sé ar chumas Orpheus a dhéanamh acht gach aon nídh a chloisfeadh a chuid ceoil a mhealladh, i dtreo go leanaidís go léir é, ní hamháin fir agus mná, acht beithidhig an fhásaigh, crainn na coille, agus clocha na talmhan. Do cheapfá ar dtúis bfhéidir nárbh fhéidir comhacht ní ba threise 'ná san a bheith ann: acht ar féachaint isteach go géar sa scéal dúinn chífimíd nach amhlaidh athá. Na daoine a cheap an scéal sin níor thuigeadar gur bhain aon chomhacht eile le ceól acht amháin comhacht a bhinnis. Níor b'fhéidir leis na beithidhighibh éigciallda san ná leis na clochaibh marbhtha balbha a mhalairt de chomhacht a thuigsint, dá mbeadh séann féinigh. Agus níl aon rud sa scéal a chuirfeadh i n-iúl go raibh. Níl focal i dtaobh gur chuir an ceol draoidheachta sin aon atharrughadh ar a lucht éisteachta ná go dtáinig aon chorruighe aigne ortha toisc é chloisint. Do b'ionann leó, do réir an scéil, an ceol diadha sin agus an ceol iongantach eile sin do mheall an seanmhanach ó n-a chill, agus do choimeád ar feadh céad bliadhain é ag éisteacht leis, agus ag síormhachtnamh ar a bhinneas. Acht ní hé an binneas an buadh is mo atá sa cheol. An ceol is éifeachtaighe is is fuinneamhla is minic a bhíonn sé lán de ghéire is de sheirbhe. Cuir i gcás anachuid de cheol Bheethobhen mar atá an chéad roinnt den chuigmhadh Sinfonia Eróica, no an chéad roinnt den chúigmhadh Sinfonia, cuid den Hammer clabhier Sonate, nó an chéad roinnt den Sonate deireannach (Op. ii, C. minor). Agus an roinnt dheireannach den chúigmhadh Sinfonia, ní le binneas a fhuama a chorruighean sé na daoine a bhíos gá chloisint acht le fuinneamh agus le sárchomhacht a ghluaiseachta i dtreó gur léim sean- shaighdiúir suas nuair chuala sé é, agus gur ghlaoidh ós árd "l'Empereur, l'Empereur." Sin é an buadh is mó
dá mbaineann le ceol, an chomhacht atá ann chum anam agus aigne do chorruighe is do bhrosdughadh chum áthais nó chum bróin. B'sin é an rud nár thuig na seanGhréagaig; agus b'shin é an rud céadna do thuig na seanGhaedhil níos fearr 'ná mar do thuig aon dream eile dá bhfuil ar eolas againn indiu. Agus do b'shin é an fáth, dar liom, gur chumadar an cunntas sin a bhíodh aca ar chruit an Daghdha .i. go raibh trí téada air, téad óir, téad airgid, is téad iarainn. Is ar an dtéid iarainn do sheinntidhe an Goltraighe. Nach ionann sin agus a rádh go mbíodh an Goltraighe go garbh agus go searbh le cloisint, seochas an dá cheann eile a sheinntidhe ar théadaibh óir is airgid? Is é mo thuairim gurab é sin an tslighe do cheapadar chum a chur i n-iúl dúinn nár b'é an binneas an t-aon bhuadh amháin do bhí i n-a gcuid ceoil. Dá ghairbhe é, nó dá sheirbhe é an Goltraighe, do bhuaidh sé ar an dá cheoil eile le méid a chomhachta ar anam agus ar aigne an duine. Acht do bhain cuid den bhuadh sin leis na ceolta eile chomh maith. Ní hamháin go raibh comhacht san nGeantraighe chum na daoine do spreagadh chum gháire, agus áthas chroidhe a chur ortha, acht go bhféadfaidhe é dhéanamh tar éis an Goltraighe do chloisint dóibh ar dtúis, agus iad go dólásach, dubrónach i n-a dhiaidh; go bhféadfaidhe an t-uaigneas agus an duairceas croidhe is aigne do dhíbirt ar fad asta agus sólás is luthgháir is suairceas a bhronnadh ortha arís. Agus do b'éigean don Suantraighe leis an corruighe agus an gríosughadh aigne sin do chiúiniu- ghadh agus do chur ar neamhnídh sar a bhféadfaidhe an tsíothchán croidhe, an suaimhneas aigne, is an sámhchodladh cuirp do thabhairt do sna daoinibh. Mar is ins an ordughadh chéadna do sheinntidhe na trí ceolta i gcomhnuidhe. .i. an Goltraighe ar dtúis, annsan an Geantraighe agus an Suantraighe mar dheire. Agus sin rud eile a theasbáineann dúinn an fíorthuigsint a bhí aca ar nádúir an chéoil. Nuair a tosnuigheadh ar an gceol "neamhspleadhach" d'oibriughadh do chaith na ceol- tóirí tamall maith d'iarraidh a thuigsint cionnus do bfhearr na ceolta éagsamhla a bhí dá gceapadh aca an shocrughadh i dteannta a chéile, Éirigheann an chluas
agus an aigne tuirseach tar éis bheith tamaill ag éisteacht le ceol d'aon tsaghas amháin. Is éigean don cheoltóir annsan atharrughadh crota do chur ar ghluaiseacht a cheoil, agus na ceolta éagsamhla do mheascadh le chéile, i dtreó ná tiocfadh an tuirse sin ar a lucht éisteachta. Ar dtúis, do bhíodh ceolta na ringcí curtha le chéile aca i "Partita" agus i "Suite"; acht do mhothuigheadar i gcionn tamaillín ná raibh aon fhíorcheangal idir chuid de agus an chuid eile. Annsan do tháinig ré na "bhFúgaí." Ón Laidin is eadh thagann an focal "fúga" mar do cheapfá go bhfuil cuid den cheol ag eitilt roimh chuid eile, toisc go mbíonn an streanncán céadna ceoil gá ghabháil ag gach aon cheann aca. Acht cé gur cheapadar a lán cleasa chum an cheoil d'oibriughadh agus a dhéanamh níos fuide, agus chum breis suime do tharraingt ó n-a lucht éisteachta, ní raibh san "bhFúga" acht ceol d'aon tsaghas agus ní shásóchadh sé na ceoltoírí féin ná na gnathdhaoine i ndeire na dála. Do chuirfidhe "Preludia" i dteannta an "Fúga," leis, agus i n-aimsir Bach (1685- ) tháinig a n-oibriughadh araon chomh maith san chum cinn nach féidir é a sárughadh, is dócha, ar fheabhas a chruinnis agus a chomh- achta ar gach aon tslighe. Dfhás saghas eile ceoil annsan — an Sonate. Do bhíodh a dó nó a trí nó a cheithre roinnt san Sonate — Sonate ceart do réir a riaghlacha féin, i dtosach, agus é go mear, fuinneamhail; san dara roinnt do bhíodh saghas fo-Shonate, acht é go mall, réidh; Minuetto is mó a bhíodh san tríomhadh roinnt (acht gur chuir Beethóbhen Scherzo inaionad); agus Rondó mar dheire. Do bhí, do dearfá, gach aon tsaghas ceoil san "Sonate" san dfhéadfadh a bheith ann. Má ba mhaith leis e, dfhéadfadh an ceoltóir an "Fúga" féin a thabhairt isteach ann, agus do déanadh amhlaidh fo- uair. Acht cad fé ndear na héagsamhlachta san? Cad ba ghábha a leithéid d' "fuirm" ceoil a cheapadh? Seo mar a chuireann Sir Hubert Parry síos ar an gceist i n-a leabhar "The Art of Music": —
Nach beadh an ceart againn agus a rádh go míní- gheann san dúinn fíorbhrígh an nósa nó an "convention" sin a chleacht na seanGhaedhil i dtaobh cionnus ba cheart a gceolta do cheangal dá chéile? Cad eile a bhí san nós san acht saghas Sonate in embryo? Cé nach ionann ar fad an t-órdughadh ar ar shocruigheadar gluaiseacht cheoil agus an t-órdughadh atá san Sonate le n-ár linn féin, nách fuil sé le tuigsint againn as go raibh lárcheart na fírinne i n-a n-aigne aca, agus a leithéidde nós a cheapadh i n-aon chor? Cá bhfuil an deimhniughadh le fagháil
againn gur thuig aon dream eile an méid sin féin? Tráchtann Plato ar cheolta éagsamhla a bhí ann le n-a linn féin, gan amhras, agus teasbáineann sé gur thuig sé go maith gur le gluaiseacht aigne an duine a bhain cuid aca. Acht ní abrann sé go raibh aon nós mar an seannós Gaedhlach san dá chleachtadh ag aos cheoil na nGréagach. Cé go raibh, ar a luighead, seacht modh aca-san, agus a thréithe féin ag baint le gach módh aca, ní fios dúinn gur thuigeadar ar aon tslighe, go réidhtigheainn sé le nádúir an cheoil féin agus le gluaiseacht aigne an duine, iad a chur le chéile ar aon órdughadh fé leith. Is i gceól oirnéise, leis, is mó a chuir ár sinnsear spéis. Tá san le tuigsint as ár litridheacht chomh maith. Ní fios dúinn gur ceapadh aon dán mholta ar aon amhrá- nuidhe, dá fheabhas é ar a mhodh amhránuidheachta nó gur cuireadh síos ar a bhás in sna seanannalaibh, fé mar a cuireadh síos ar bhás na gcruitirí ba mhó cáil is clú. Agus tá deimhniughadh níos fearr 'ná é, leis, gur mó an spéis a chuireadar i gceól na cruite 'ná i n aon tsaghas eile ceoil. Níor shíolruigh aon tsaghas eile ceoil ó na déithibh; do b'í an chruit an t-aon ghléas ceoil a bhíodh ag an Daghdha, agus is tríd an gcruit a dfhéadfadh sé an chomhacht ba mhó a bhí aige ar anam an duine a theasbáint. Agus mar fhíordheimhniughadh, tá so le tabhairt fé ndear leis — gur ab é an cruitire an t-aon duine amháin d'aos- ceoil na tíre go mba dhual dó "enecland" dfhágháil ar shon aon ghonta a déanfaidhe air chomh maith le héiric ar shon na díoghbhála féin. Agus do bhí sin le fagháil aige cia aca ba chruitire ríogh nó cruitire taoisigh é, nó gan aon bhaint a bheith aige le rí ná le taoiseach. Táim tar éis theasbáint anois gur fearr a thuig na seanGhaedhil fíornádúir an cheoil ná aon dream eile ar mhórroinn na hEórpa. D'oibrigheadar ceol na n-úirlisí niba lugha agus ní bfhearr 'ná mar a d'oibrigh aon treabh eile é, agus do thuigeadar ní b'fhearr ná mar a thuig aon dream eile é cionnus ba cheart sin do dhéanamh. Má bhí an tuigsint sin agus an chomhacht sin ag na seanGhaedhil, ní fuláir nó go mbeadh an chomacht agus an tuigsint
céadna againn i nÉirinn indiu. Sin é an fáth go ndubhart i dtosach go bhfuilimíd ag cur an iomaid spéise san ámhránuidheait fé láthair. Má's áil linn ceol Gaedhlach nuádhdhéanta do cheapadh i gcóir na haimsire seo níor mhór dúinn an tuigsint céadna a bheith againn ar oibriughadh agus ar nádúir an cheoil agus a bhí ag na seanGhaedhil. Cionnus a déanfar sin, cionnus a cheapfar ceol Gaedhlach do réir nósanna na haimsire seo, gan fíoreolas a bheith againn ar gach aon rud a bhaineann le cursaí ceoil, leis an "technique" go háirithe? Nílimíd ag tabhairt aire do cheol an "pianoforte" ná do cheol "symphonique" fé láthair; do cheapfá ó n-ár gcuirmeachaibh ceoil, ó chomórtaisíbh an Oireachtais féin nárbh fhiú píosa ceoil nuadhdheánta a bheith againn. Tugtar duaiseanna ar gach aon tsaghas oibre nuadhcheaptha i roinn na seríbhneóreachta, tugtar duaiseanna eile i gcóir labhairt na Gaedhilge, i i gcóir ringce, i gcóir eolais ar sheanchas na hÉireann, i gcóir reacaireachta, scéaluidheachta agus rl., i gcóir gach aon tsaghas gléasa ceoil, beagnach, do sheinnt acht amháin an chruit atá ann indiu, .i. an piano; acht ní thugtar aon duais don té a cheapfadh píosa ceoil Ghaedhlaigh dúinn. Nach ait an scéul é sin? Nach mithid dúinn féachaint chuige? An dóigh le muinntir na hÉireann ná fuil i seancheol ár sinnsear acht amháin amhránuidheacht is píobaireacht? Deirimse gur dúinn-ne, oighrí na ndaoine a thuig nádúir an cheoil niós fearr 'ná aon dream eile ar mhórroinn na hEórpa — gur dúinn-ne is ceart agus is dual an ceol is uaisle agus is maordha i measc ceolta na hEórpa do cheapadh agus do chumadh, is cuma cia aca i gcóir guthanna nó oirnéise acht amháin leanamhaint go dílis don bhfíorshean-nós sin a thagann chughainn le fíor- bheannacht ár sinnsear agus fíorrian a smaointe agus a gcumadh air. Is buaine port ná glór na n-éan adeir an seanfhocal. An bhfuil aon rud ar eolas againn atá níos buaine 'ná seantréithe agus seannádúir an Ghaedhil? CRAIFTINE.
MO MHÓID. Bheirim mo mhóid go deó bheith dilis Dom thírín áluinn ó; Is go ndéanfad measc Gaedhal lem ré mo dhícheall Dom thírín áluinn ó; Molfad go hárd a cáil de shíor, Is dise go bráth beidh grádh im chroidhe, Ní eisteóchad le cách ag cáine choidhch' Mo thírín áluinn ó. Gníomhartha ár dtreón fén bhfód tá sínte Im thírín áluinn ó, Beidh agam dom sheóladh im ród lem linn-se Im thírín álumn ó; Ar dteanga, ár gceól, ár nósa féin, Beidh agam lem ló gan gó, fé réim, Agus seasóchad an fód lá cómhraic déin, Im thirín áluinn ó. LEANAIMÍS RIAN ÁR LAOCH GO DEÓ, Tá anaghleó in Éirinn D' iarraidh Gaedhal do chur ar fán, Tá an namhaid ag ceapadh éitheach Chun sinne chaochadh mar ba ghnáth; Tá cosc le labhairt na Gaedhilge, Tá lucht Sinn féin á raide thar tuinn. Agus spreallairíní bréana Ag Gallaibh ann ag léiriughadh dlighe. Acht choidhche Gaedhil Don Ghall ní ghéillfe, Is uaisle Gaedhil ná Gaill go mór, Is bheirimíd móid dhá chéile Go leanfam rian ár laoch go deó.
Agam-sa tá árddhóchas As clanna óga Inis Fáil, Tá spioraid róbhreágh 's eólas, 'S misneach mór aca gan scáth; Agus ní har lorg déarca Ar namhadaibh Gaedhal a bhíd aon tráth, Acht i mbun a ngnótha féinidh, 'S á n-ullmhughadh féin chum bheith neamhspleádhach Mar choidhche Gaedhil Don Ghall ní ghéillfe Is uaisle Gaedhil ná Gaill go mór, Is bheirimíd móid dhá chéile, Go leanfam rian ár laoch go deó. An mheathtacht bhí feadh tréimhse Ag baint dár réim i bhfeas do chách Níl a rian anois in aonbhall, Acht a mhalairt scéil ar fad 'na háit; Go bhfuigheam arís ár saoirse, Den chath ní stríocfaimíd go bráth; Tá gráin 'n-ár gcroidhe don daoirse, 'S beidh go dtí go bhfuighmíd bás. Le congnamh Dé, 'S cabhair a chéile, Buadhfaimíd gan baoghal sa ghnó, Agus chífimíd 'n-ar ló-na Ár Róisín Gaedhlach féin fí choróinn. TEACHTAIREACHT CHUGHAT. Teachtaireácht chughat a chara chiúin, Annso fé chlúdach gheobhair-se, Ó dhaingean dubhach i gcathair bhúir, Acht níl mianach dubhach im sceól duit. Searc tá im scéal, is grádh gan chlaon, 'S ríomhaim céad gealphóg duit, Sonacht saoghail measc togha na nGaedhal, 'S cantain éan it chómhgar.
Gach focal scríobhaim chughat, grádh ann bíonn, I mbárr mo phinn bíonn teódas, Mar an peann mothuigheann mar théigheann óm chroidhe Dúthracht díleas dóibh-sin. Léig ós árd duit féin an dán Go mothuighir grádh ag gluaiseacht Ó bhun go bárr dot shuath' go sámh, S ót shaoghal gach crádh 'á ruagadh. Sin teachtaireacht chughat, a bhean mhaith lium, Annso fét shúil im dháinín; Teachtaireacht chughat, mo ghrádh dham mhúin, Le cur anonn tar sáile. BEANNUIGHIMSE DHUIT A BHLÁITH. Aoibhinn liom an bláth Ar mo chlár im aice, Gach blúire dhe go breágh, An tÁrdmhac féin do mhaisig. Beannuighim-se dhuit a bhláith, Fáilte rómhat is dachad; Do ghlas, do bhuidhe, do bhán, Is áluinn liom mar dhatha. Is umhal, is cneasta, dfhás An bláithín beag so tamall Go híseal bhí gan cháil, Feadh trátha ar an dtalamh. Beannuighim, agus rl.
Grian is gaoth fothlá Thugadh grádh dho, is ceanas, Ist oidhche codla shámh Ar an mbláth so thagadh. Beannuighim agus rl. Tháinig scéimh sa bhláth, Do réir mar d'fhás is neartuig, An glas, an buidhe, an bán, Bhí thar bárr ann daithte. Beannuighim, agus rl. An chiumhais is gile bán, An buidhe ina lár tá breactha, 'S idir an bhuidhe is an bán Tá brághaidnasc gleoidhte glas ann. Beannuighim, agus rl. Cara dhom chroidhe mo bhláth Annso ar chlár im aice 'S geallaim ó chroidhe mo ghrádh Don bhán, don bhuidhe is don ghlas san. Beannuighim-se agus rl. A LEABHAIRÍN CHAOIL. A leabhairín chaoil fet chlúdach, Mo scéilín scríobhaim le dúthracht Le dísle croidhe don chúilfhionn Dhúisig ionnam gradh. Mo ghrádh, mo bhláth, mo rós í, Mo ghrádh gan cháim, mo stóirín, Mar sámhchruit ráidhte a beóilín, Im chluais-se gach tráth.
Cuir di in iúil a dháinín Mar chuireas tú ar phár di, 'S le searc gach lúb gur tháthas, Is áthas im chroidhe. Nuair bhead ar fán óm ghrádh-sa, 'S tusa ar chlár 'n-a hárus, Ná leig a grádh ar fán uaim, A dháinín an cheóil. GLÓIRE DUINE COINSIAS GLAN. Glóire dhuine coinsias glan, Dó tugann neart is croidhe slán, Cómhnuidhean áthas fé n-á dhíon, A choinsias má bhíonn gan smál. Nuair thagann air pian nó crádh, Ní ghníonn gearán leis an saoghal; Leanann dá chúrsa go sámh, Bíonn leigheas 'n-a lár, trí chómhacht Dé. An duine gan coinsias glan, Buairt is eagal air is gnáth; Tráth ceaptar é bheith fé rath, Bíonn 'na chroidhe an calc, á chrádh. Na tabhair do bhreith do réir cló, Bíonn lobhadh sa bhfeóil dá fheabhas bláth; Is gearr sheasuighean breith an tsaoghail, Acht seasóchaidh breith Dé go bráth. (Féach aithris ar XPT. Lebhar II. Caib. VI).
ÉIRIG GO TAPAIDH. Fonn "An Síoda tá at Bhallait." Téannaidh go tapaidh a Ghaedhala don bhaile Mar a luigheann i riocht mairbh ár Róisín Go n-innseam go mear di thar cúrsaí na reachta So thabharfaidh cead reatha dá cóirchlainn Ó tá sí le fada tinn cráidhte ar an leabaidh Trí dhíth is trí easbha a cómhachta Acht téannaidh is canaidh in éinfheacht liom ranna A thiubharfaidh di anam is nóbhrígh. Ó éirig go tapaidh A Róisín det leabaidh Tá an ghrian gheal ag scaipe do néallta Tá deimhniughadh gur gairid Go bhfeiceam ár namhaid Á ruagairt ó thalamh na hÉireann. A Róisín chaoin chneasta cuir do lámha geala im ghlacaibh 'S do sheanacheann leag ar mo bhrághaid-se Corruig do theanga it bhéal bhí go balbh 'S deimhnig dúinn feasta nách tláth thu. Ár saothar-na beannuig is éiréochaidh go geal linn Tá dóchas i bhfearaibh na beárnan Go bhfeicfar fé cheannus gan beann ar na Gallaibh Ár bhfeis féin go neartmhar in Áth Cliath. Éirig go tapaid, agus rl. Óir theip ar na gallaibh do chlann-sa do mhealladh 'San aimsir chuaidh tharainn, le bréagaibh 'S óir theip ortha teanga do chlainne ba bhlasta Do mhúchadh fé charnaibh Béarla Cad fáth go mbeam faiteach go mbuaidhfeadh na Sacsain Cad fáth go mbeadh eagal ar Ghaedhlaibh Ó, múscail go tapaidh do mhisneach, is labhair, O's fada linn balbh do bhéal-sa. Éirig, agus rl.
"Céad fáilte dom bhaile, cead fáilte agus dachad Céad fáilte let theachtaireacht chughamsa Mo chnámha bhí go craptha táid lúthmhar chum reatha Tá líomhthacht im theangain ba shúighte Tá fuinneamh im ballaibh mar bhíodh agam cheana Sul ar baineadh díom sealbh im dhúthaig Beir buadh agus beannacht, is beódhacht dam do ranna" Arsa Róisín dom fhreagairt go fiúntach. Agus d'éirig dá leabaidh 'S thug dam a beannacht An bhean san gur ainm di Róisín; Faid saoghail chúiche is beatha, Fé shláinte go mairidh, 'S fán agus scaipe ar a nómhadaibh! Peadar Ó hAnnracháin do cheap na sé hiarrachtaí sin tuas a bhuaidh an chéadh du ais sa bhfilidheacht. SCÉAL LUAIN NA CÁSCA. Domhnall na Cásca cct. Scéal Luain na Cásca go deó beidh trácht air Nuair throid na sárfhir go cródha tréan, 'N-aghaidh namhad go dána dfhonn saorse thárlamh Is bheith gan spleádhchas 'n-a dtír cheart féin. Sé lá na seachtmhaine 'n-aghaidh camthaí Shasana Go dílis sheasadar gan stad gan staon. Do réir mar mheastar dóibh is leór a leagadar Ir go mbuaidh Dia feasta le bhúr láimh Sinn Féin. Dá líonmhar slóighte 's a ngunnaí móra Ag taoisigh Sheóirse agus toghadh gach gléis, Níor bh'aonchomórtas iad súd i gcómhlann Le buidhin na Fódla i gcath ná i ngléic.
Mar mbeadh an dearmad do ráinig eatortha Bhí Éire ar lasadh againn ó thaobh go taobh Is deireadh dearbhtha le réim an tSasanaigh I dtír na Banban son suas Sinn Féin. Is mó iarracht thréanmhar thug Clann na hÉireann A dtír a shaoradh ó ghallsprot chlaon. Níor sháruigh éinne le feabhas a dtréithe An bhuidhean so is déidhnaighe do throid go héag. Ní fhuil trácht i seanchas an domhain dá fhairsinge Ar bhuidhin ba sheasmhaighe 's ba ghlaine méinn: An méid sin d'admhuigh a namhaid cé tarcuisneach Acht nár a'maith aca 'sé thuill Sinn Féin. Do throid na mná leó go croidhmhail áluinn Is sheasaimh lámh leó i mbearna an bhaoghail, 'S do threoir a ngárdaí go feidhmeamhail sárghlic Mar thaoisigh tábhachtmhar i gcath na Trae. Nó máthair mhileadhta an Ghréagaigh shoineannta Adubhairt gan fill' uirthi gan buaidh nó an t-éag. Acht bhí fear is fiche ag an namhaid 'n-aghaidh an duine aca Acht beidh lá eile againn 's an buaidh Sinn Féin. Má theip an buaidh ortha mór theip an uaisleacht 'N-a gcroidhe glan uaibhreach gan chor gan chlaon, Acht socair stuamdha 'san bás dá luadh leo 'S níor las a ngruadhanna le scáth sa tsaoghal. Is léir mar thuigimíd gach braon dár shileadar Go raghaidh chum suime dhúinn os comhair Mhic Dé, 'S gur saoirse thuilleadar dhá dtír ghlas shoilbhir Is daoirsmacht mhilleadar le comhacht Sinn Féin. Nuair gabhadh ár dtaoisigh is beag mar síleadh A leithéid d'íspirt i gclos don tsaoghal Go ndéanfaidís súd ar éigse 's saoithe Ba léigheanta líomhtha ar shliocht na nGaedhal.
Nár mhór an ghaisce dhóibh 's a ndrom le falla aca Na piléir á stealladh leo acht cinnte an scéal An Mhaighdean Bheannuighthe bhí ann súd' n-a seasamh leo Is sheol a n-anamna dá hárus fhéin. Ní fhuil tír 'san Eóraip bhí síos le fóirneart Fé dhaoirse ag geócaigh is imprí claon, Ná fuil ag tógaint a gcinn go módhmhrach Dhfhonn saoirse is leorcheart a dfhagháil dóibh féin, Tá Wilson ceannasach ag cur coingheall ceangalta I bhfeidhm ar cheamalaigh bhí ag creachadh an tsaoghail. Is braghaghill smachtaithe ar gach fealltóir cealgach Is é focal faire anois an domhain Sinn Féin. TEACHT NA nGAEDHAL. Domhnall na Cásca ro chan. Fonn: Síle ní Ghadhra. Do chruthuigh Dia glórmhar an mórmhuir mórtimcheall Do inis na Fódla go leórleathan díonmhar 'Á deighil ón roinn Eórpa mar chomhartha ceart cinnte Gur cumadh gan ghó í d'áiteóirí na tíre, Nuair chruthuigh Dia an inis ghlas shoilbhir shaor Do cheap Sé mar inead dfhuireann na nGaedhal Do threoir ar bárr tuinne ón oirthear gan baoghal 'S gan dearmad stiúirigh a gcúrsa sa treó so Is thug dóibh sealbhúsacht le hughdarás comhachta. Do b'fhairsing do b'áluinn ba bhláthmhar a coillte, Do b'úrghlas a bánta is a máighe maise míne, A haibhne ró-áilne le fánaidh ag gíogladh, 'S a sléibhte cinnárda fí bhláth cumhra mísle. Bhí biadh agus beatha is gach earradh le fhagháil De shochar a tailimh gan easbhaidh don táin, 'Gus saothar na mbeacha 'n-a srathaibh gan cháim. An fiadhphoc go buacach fí stuadhbheannaibh módhmhrach, An míol muighe go luaimneach is uaill chon 'n-a dheóidh san.
Do mhaireadar Gaedhil ann feadh céadta is na mílte Go sonasach séanmar fá ghréin ghil na saoirse; Gan chumhangthas ó éinne gan ghéibhinn ná daoirse Acht ag borradh i n-aghaidh an lae is a gcéim dul i n-aoirde Fá riaghalthóiri cliste nár mhisde a dtreóir 'S na dlighthe ba chirte ba chothruime cóir Ba thaca don luige is mhillfeadh éagcóir An lag is an láidir comhdhásachtach dilis Comhthugtha comhpháirteach chum lán leas' a dtíre. Níor mhair insa tsaoghal uile aentreibh do b'ársa Chomh mínighthe éirimeamhail léigheanta neamhspleathach leó A lucht ealadhan is céirde is a ré sin ba thábhachtmhar Ceól binn ar théadaibh is léircheapadh dánta D'éis theacht do Naomh Pádraig le grásta an tSuibhscéil Nó sealad 'n-a dheábhaidh sin ba shárfhios don tsaoghal Go raibh Parrthas láithreach i gClár Luirc na naomh Le diadhas, le foghluim, le ceannsa is deaghriaghaltha 'N-a cealla barrannsacht ir cantaireacht diadha. 'N-a dhiaidh san ón bhFódla i nglóir ainm Íosa Thriall teachtairí cródha tar mórmhuir go tíortha Bhí súidhte in aineólas fí cheobhrat na hoidhche Le solus na glóire an Suibhsceól do chraobhscaoileadh An Chríostuidheacht do leathadar fairsing i gcéin 'S na mílte do tarraingeadh tapaidh chum Dé Tá naomhthacht a mbeatha isna startha le léigheadh Ní fhuil coláiste 'san Eóraip gan leórchuid dá saothar Is teastas na Fódla gan teóra thar aon tír. Domhnall Ó Conchubhair i gCuilinn Uí Chaoimh do bhuaidh an dara duais leis an dá iarracht san tuas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services