Historical Irish Corpus
1600 - 1926

GAETHE GRÉINE 1 - AISTIDHE DUAIS OIREACHTAIS 1919

Title
GAETHE GRÉINE 1 - AISTIDHE DUAIS OIREACHTAIS 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Conradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AISDHE DUAIS OIREACHTAIS
1919


L. ii


RÉAMHRÁDH.



Seo agaibh toradh na gcomórtas liteardha ag
Oireachtas a 1919. Baineann na haistidhe le stair
is ceól, le eóluidheacht is ealadhantacht, le feall-
samhnacht is litridheacht, le feabhsughadh saoghail an
phobuil, le cúrsaíbh tionnscuil is le nidhthibh eile.
Gaethe Gréine an teideal do ceapadh do'n chnuasacht.
Go dtugaidh sé gile na gréine go Gaedhealtacht
Éireann is níosa shia, is go leanaidh mór-chuid eile
dá shamhail é do réir mar imtheochaidh na bliadhanta
tharainn.


L. 1


ARMADA NA SPÁINNE.




Tá breis agus trí chéad bliadhain ann ó scríobh an
Bacúnach na focail sin thuas; agus táid comh fíor indiu
agus bhíodar an uair sin. Go deimhin ní fhuil againn
le déanadh acht cuimhneamh ar a lán samhlaoidi eile chum
fírinne an scéil a dheimhniughadh i gceart. Nuair theasbáin
an Bacúnach a riachtanaighe is bhí sé do Shasana forlámhas
na bhfairrgí do bheith fá n-a lámhaibh féin ní raibh eolas
ar bith aige ar Chath Trafalgair, ar chath na Níle nó ar
chath Iutlainn. Toisc éirim aigne thar bárr bheith aige,
ámhthach, thuig sé go dianmhaith gur ón bhfairrge a gheobhadh
a thír dhúthchais réim agus rachmas, agus dá mbeadh sé de
mhíádh ar mhuinntir Shasana choidhche gan cabhlach dobhriste
a choimeád i gcomhnaidhe nárbh fhada an lá go mbuaidhfidhe
ortha go hiomlán. B'fhíor dó gan aon amhras. An
chosaint do b'fheárr bhí ag muinntir Shasana riamh,


L. 2


cabhlaigh láidre, pé aca cabhlaigh ramhlong mbeag iad nó
cabhlaigh na long catha is na cursóirí catha is nua déanadh.
Caithfear a admháil, dá luighead áthas chuireann sé
orainn-ne, go bhfuil an lá leis an mBreatain go dtí so,
agus do réir gach aon deallraimh go mbeidh, go lá an
bhreatha. Gach aon tír a chuir ina haghaidh, an Fhraingc, an
Spáinn, an Tír fó Thuinn, an Ghearmáin féin, tá buaidhte
ag an mBreatain Mhóir ortha go léir; agus is léir nach le
méid a sluaighte fuair sí an buadh ortha acht le calmacht
agus le fuinneamh a cuid máirnéalach agus le feabhus a
chuid long chatha.



Is gnáthach linn, ó n-ár n-óige, a chlos gur le Sasana
fhorlámhas na bhfairrgí: ní heol do gach éinne, ámhthach,
cionnus a fuair sí an forlámhas san. In aimsir Eilís is
eadh bhí ainm Shasana go hárd an chéad uair tré fheabhus a
gníomhartha i gcúrsaíbh cogaidh ar an bhfairrge bhfairsing.
Is le linn Eilís bheith ina bainríoghain uirthe a thosnuigh
Sasana ar dhianchomhrac a dhéanadh chum seilbhe na
bhfairrgí a bhaint amach dí féin. Tá fhios ag an domhan
cionnus d' éirigh léi, cionnus a rug sí buadh ar an Spáinn,
agus cionnus a milleadh agus a creacadh an tír sin i
dtreo tar éis roinnt bhliadhan nach raibh innte, acht scáil
thar mar bhí roimhe sin.



Is deacair dúinn-ne a thuigsint, agus a luighead spéis
a chuirtear sa Spáinn fá láthair nách fada siar ó bhí sí ar
an dtír ba mhó comhacht agus saidhbhreas sa domhan
bhraonach. Dála gach tíre eile níorbh' fhada do lean
réim agus rachmus dí agus ní fhuil innte anois acht stát
suarach seachas na tiórtha móra atá ag riaradh an domhain.
Acht má's é atá romhainn scrúdughadh a dhéanadh ar sheanchus
na Spáinne sa tseanaimsir ní feárr rud a dheanfaimís
'ná dearmhad a dhéanadh ar Spáinn na haimsire seo agus
ar an míchás ina bhfuil sí agus ár n-aigne a thabhairt go
hiomlán don tsean-Spáinn. Acht ar ndóigh ní fhéadaimíd
gan tromchroidhe bheith orainn agus a luathacht a scar an
chomhacht agus an saidhbhreas le n-ár seancharaid agus go
mórmhór a rádh gur as uaigh mhórdhachta na Spáinne d'fhás
comhacht Shasana.


L. 3


An té gur dóigh leis gurab ionann Spáinn na haimsire
seo agus Spáinn na seanaimsire is deacair do a thuigsint
an scannradh a bhíodh i gcroidhe gach Sasanaigh roimh chomhacht
na Spáinne san sémhadh haois déag. Agus go deimhin
níorbh iongnadh an scannradh san. Bhí an Spáinn fá réim
agus fá rachmus an uair sin; bhí gastacht agus éirim aigne
ag a lucht ceannais; bhí cródhacht agus calmacht ag baint
le na saighdiúiríbh bhí ainm a cuid cabhlach in áirde de bhárr
gniómhartha na máirnéalach i gcath Lepanto, bhí saidhbhreas
agus iolmhaitheas an domhain nua ag teacht isteach i longaibh
Spáinneacha go dtí gach cuan i gcríochaibh Philib II. Bhí
riaghaltas na Spáinne agus a chríocha eile fá Philib féin,
rud a thugann comhacht thar bárr d' aon tír, ar feadh
tamaill ar aon chuma.



Nuair cuireadh Pilib II. ina rígh ar an Spáinn i mbliadhain
1553 dfhéadfaidhe a rádh gur aige a bhí an oighreacht do
b'fhairsinge is ba chomhachtaighe is ba saidhbhre dár fágbhadh
ag aon rígh ná ag aon impire riamh go dtí sin. I dteannta
na Spáinne féin bhí seilbh aige ar Náiplís, ar an Sicil, ar
Mhilan, ar Franché-Compté agus an na Státaibh íochtaracha
san Eoraip, ar Thunis, ar Oran, agus ar a lán áiteach nach
iad san Áifric, ar na hoileánaibh Pilibíneacha agus na
Malúcaigh san Asia. Acht bhí críocha ní ba saidhbhre 'na
iad san féin fá n-a smacht. Bhí seilbh sa domhan nua aige
ar Mexico agus ar Pheru, ar an Spáinn Nua, ar Chilí,
ar Hispaniola agus ar Chúba.



Is fíor nárbh fhéidir leis muinntear na Tíre fó Thuinn a
thabhairt fá n-a smacht dá dhícheallaighe chuir sé chuige, acht
i ndíoghal ar ar chaill sé sa tír sin ghabh sé seilbh ar an
bPoirtingéal agus ar a críochaibh líonmhara iasachta súd
i mbliadhain a 1580.



Chítear dúinn ón méid sin thuas nár bh'fhéidir comhacht
agus saidhbhreas na Spáinne a shárughadh san sémhadh
aois déag. Agus rud do b'fhearr 'ná san féin na stáit
mhóra eile bhíodh ag dul i gcomórtas le n-a chéile i gcúr-
saíbh cogaidh bhíodar go léir tré n-a chéile de bhárr bruighean
agus achrann sa mbaile agus ní raibh ionnta acht stáit
shuaracha seachas ríoghacht na Spáinne. Bhí an oiread san


L. 4


laige agus meathtachta ar an bhFraingc de dheascaibh
imreasáin creideamh ná raibh aon fhonn catha uirthe. Níor
ghábha aon eagla bheith ar Philib, leis, roimh an nGearmáin
ná roimh an Iodáil ná roimh an bPólain. Bhí an iomarca
carad aige ionnta chum féachaint chuige ná béadh aon
eascáirdeas idir na tíorthaibh sin agus an Spáinn.
Maidir leis na Turcaigh, nár dhein cabhlach na Spáinne ní
ba mhó chum buadhchaint ar a sluaightibh i gcath Lepanto
ná cabhlach aon stáit eile? Tar éis an chatha san is ag
dul i laighead a bhí comhacht na Mussalman san Eoraip
agus is don Spáinn bhí creideamhaint an bhuadha ag
dul.



Dá bhrígh sin níorbh iongnadh gur ghabh uabhar agus díomas
Rí na Spáinne. Thuig sé go dianmhaith go raibh uain aige
ar impireacht mhór bhfairsing a chur ar bun a bhéadh ní ba
chomhachtaighe agus ní ba shaidhbhre agus ní ba sheasmhaighe 'ná
impireacht na Rómhánach san aimsir anallód. Rud eile
dhe: fear anchráibhtheach bhí ann, fear a thug cuid mhaith
dá shaoghal ag diantroid ar son na hEaglaise. Mar b'
ádhmharaighe an tsaoghal é, na stáit Phrotestúnacha go
raibh sé ag cur ina gcoinne i gcúrsaíbh creidimh b'iad na
stáit sin a bhí ag milleadh agus ag creachadh na Spáinne
i gcúrsaíbh cogaidh agus tráchtála. Nuair éirigh muinntear
na Seacht gCuige i gcoinne Philib de dheascaibh chruadhála a
lucht ionaid, lasadar mar dhéarfaidhe, solus domhúchta a
chuir croidhthe na bProtestúnach tré theine i ngach tír i
roinn na hEórpa. Ní raibh aon áird ag Pilib ar na Protes-
túnachaibh ar dtúis: shíl sé, nídh nárbh' iongnadh, ná bead aon
bhreith aca ar sheasamh i bhfad in aghaidh a shluaighte deagh-
ghleásta deaghriaruithe, acht bhí breall air. Ba ghearr
gur cuireadh in iúl dó nár bhfhurus chur dfhiachaibh ortha
géilleadh dhó; pé lochta bhí le fághail ortha nárbh fheidir
meathtacht ná spadántacht a chur i na leith agus gur
thúisce leo an bás féin ná creideamh agus riaghaltas
iasachta.



Go mórmhór is ó Shasana dhfhoghlunn sé ceacht nár
thaithnigh go romhaith leis: dá luighead meas agus cion
atá againn ar mhuinntir Shasana caithfimíd a admháil go


L. 5


bhfuil cródhacht a ndhóthain ag baint leo. Ár ndóigh ní
fhéadfaidhe easbaidh misnigh a chur ina leith san sémhadh
haois déag. Is annsan a théighdís máirnéalaigh Shasana amach
ar an bhfairrge i loingeasaibh comhachtacha ag creachadh agus
ag argain long dtráchtála is criócha n-iasachta na Spáinne.
Is iomdha árthrach breagh áluinn lán de sheodaibh luachmhara
is d'ór is d'airgead ghleoite ghléineach bhíodh ag teacht ó
thíorthaibh saidhbhre Aimerica agus Ásia a ghabhaidís le neart
lámh agus le gliocas aigne. Dá ndéanaidís amhlaidh indiu
chrochfaídhe mar fhoghluidhthibh fairrge iad: acht bhí meas agus
cion ag a muinntir féin ortha an tráth san, na “Gallant
sea-dogs of Old England.” Is uatha san, i scoil ghadai-
dheachta agus dúnmharbhtha d'fhoghluim Sir Francis Drake
agus Hawkins agus Raleigh a gcéard .i. cionnus árthraighe
na Spáinne a thiomáint ó sna fairrgibh, agus tráchtáil na
Spáinneach a chur ar neamhnídh. Agus ná síl go raibh na
Sasanaigh sásta le foghluidheadht fairrge a chleachtadh. Ní
rabhadar. Nuair gheibhidís faill chuige do théighidís i dtír i
gcríochaibh iasachta na Spáinne ag creachadh agus ag milleadh
agus ag marbhadh cibé duine a sheasfadh an fód ina gcoinne.
Rud eile, do thugaidís iongnadh fear agus airgead do
mhéirleachaibh na Seacht gCúige agus do ghríosaidí siad
súd chum a slán a thabhairt fá Philib agus a thaoiseachaibh
cogaidh. Go deimhin is beag fagháil bheadh ag na méir-
leachaibh úd ar sheasamh i n-a n-aghaidh dá mhéid a misneach,
muna mbeadh go bhfaghaidís an congnamh san ó n-a gcáirdibh
i Sasana.



Níorbh iongnadh dá dheascaibh sin, agus a mhéid dioghbhála
a bhí ag na Sasanachaibh á dhéanadh ina choinne gur gheall Pilib
go gcuirfeadh sé comhacht Shasana ar neamhnídh dá mbeadh sé
ar a chumas é a dhéanadh. Ní mór dúinn buntáistí an
bhuadha sin a thuigsint i gceart (1) dá n-éirigheadh le Pilib
do bheadh deireadh go deo le foghluidheacht fairrge na
Sasanach (2) níorbh fholáir do mhuinntir na Tíre fó Thuinn
géilleadh do fhorlámhas na Spáinne (3) ní bheadh i Sasana
féin acht stát spleadhach fá riaradh Philib, agus (4) rud ba
mhilse le Pilib, bheadh buille mór tabhartha aige ar son an
chreidimh. Ba léir ón méid sin gurbh fhearr a raghadh sé


L. 6


chum tairbhe dá thír agus dá chreideamh 'ná cogadh i gcoinne
aon stáit eile.



Nuair bhíodh socair ag Pilib ar aon rud tábachtach a
dhéanadh níor dhual dó aon fhaillighe a chur sa n-obair. Ar
an adhbar san ghlaoidh sé ar a lucht comhairle agus d'innis
sé an scéal dóibh tríd síos. D'fhiafruigh sé dhíobh cad é an
tslighe do b'fhearr chum díoghaltais d' agairt ar mhuinntir
Shasana thar cheann a ndearnadar de dhíoghbháil ar a
chríochaibh agus chum a gcomhacht a chur ar neamhnidh. Is
é do chomhairligh an fear ba ghasta ar a thaoiseachaibh,
Santa Crus, ná gach long dá raibh san impireacht a
bhailiughadh, sluagh mór a chur ionnta agus an cabhlach mór
san a dhíruighadh fá Shasana. Cheap Pilib, ámhthach, nárbh
éigean loingeas chomh mór san d'ullmhughadh agus is é rud
ar ar chinn sé fá dheireadh ná cabhlach mór a bhailiughadh, é
a chur go dtí an Muir nIocht, loingeas Shasana a dhíbirt
as an bhfhairrge sin agus gach aon rud d'ullmhughadh i gcóir
gabhála. Nuair bhéadh gach aon rud ar a dtoil féin aca,
sluagh Spáinneach a bhí sa Hollónt fá riaradh an taoisigh
mhóir úd, Parma, a chur i dtír i Sasana agus briseadh
ar an dtír san go hiomlán.



Cromadh ar an obair agus in gach cuan sa Spáinn agus
i dtíorthaibh nach í cloistí fuaim an chasúir agus guthanna na
gceárdaithe a bhí ag ullmhughadh an armada i gcóir bhuadha
mhóir an chreidimh agus na Spáinne. An fhaid is atá an obair
ar siubhail b'fheidir nár mhiste dhúinn stracfhéachaint a
thabhairt ar Shasana agus ar an gcuma ina bhfuil sí, féachaint
cionnas a sheasfaidh sí in aghaidh sluaighte Philib.



Ní fhuil aon amhras ná go raibh Pilib ag brath ar chongnamh
ó dhream áirithe i Sasana nuair shocruigh sé ar fhobha a
thabhairt fá 'n dtír sin. Ní fhuil aon amhras ná go raibh a
chúis féin aige leis. Nuair cuireadh Eilís ina bainríoghain
sa bhliadhain 1558 bhí marbhántacht in gach ball de bhallaíbh
beatha Shasana: bí bruighean agus achrann ag cur as dí
sa mbaile, dream tábhachtach ag cur in aghaidh na bainríoghna
nua agus ag déanadh a ndíchill chum í a dhíbirt as an dtír
ar fad. Bhí na Sasanaigh tar éis an chathair mhór úd Calais
a chailleamhaint i gcogadh míádhbharach leis an bhFrainge,


L. 7


bhí stát eascáirdeamhail .i. Alba, láimh léi agus gan uaidh
acht gaoth an fhocail chum dhíoghaltais d' agairt ar lucht a
chreachta; bhí clampar agus imreasán in ár dtír féin
agus bhí ag teip ar fhearaibh ionaid na bainríoghna smacht a
chur ar na “méirleachaibh.” Is fíor go raibh Sasana féin
ag dul chum cinn go tapaidh i ngnóthaibh tráchtála is
déantúsaí: ó cuireadh Eilís ina ceann uirthe bhí sí ag
dul i saidhbhreas agus i gcomhacht gach bliadhain.
Ina dhiaidh sin níor fhéad sí cuimilt leis an Spáinn in
acfuinn ná in uimhir a muinntire agus ní raibh cara ar
bith aice acht amháin an Tír fó Thuinn.



Dá mhéid an chontabhairt níor thug Eilís ná a lucht
comhairle cúl leis an gcath. Nuair cuireadh in iúl dóibh
an rud a bhí socair ag Pilib dheineadar gach aon ullmhuchán
i gcóir an chogaidh. Chomhairligh cuid dá taoiseachaibh d' Eilís
gan bac le cabhlach na Spáinne ach acht sluagh mór a ghléasadh
agus a chur i dtreo, sa tslighidh, nuair thiocfadh na Spáinnigh
i dtír, go mb'fheidir leis an sluagh Sasanach chath d'fhógairt
ortha agus iad a dhíbirt as an dtír. Níor ghéill Eilis dóibh
ámhthach, acht dhein sí comhairle Raleigh agus roinn eile
desna taoiseachaibh .i. gach long oireamhnach a bhailiughadh
in áit áirithe, iad a ullmhughadh agus cath fairrge a
dhéanadh leis an gcabhlach mór san i gcoinnibh na
n-eachtrannach.



Bhí loingeas na Spáinneach ullamh nach mór sa bhliadhain
1587 acht cúpla seachtmhain sul a raibh socair ag an
aimiréil imtheacht do ghluais cabhlach Shasana fá riaradh
Drake isteach, i gcuan Lisbón, chuir sé a lán des na longaibh
catha thre theinidh ann agus amach leis arís ar nós sidhe
gaoithe. Do chuir sin cosc le hobair na gabhála go ceann
bliadhna eile, agus rud eile, thug sé uain do mhuinntir
Shasana ar a chuid árthrach gcogaidh a ullmhughadh agus a
chur i dtreo i gceart. I mí Iúil sa bhliadhain 1588, ámhthach,
bhí cabhlac na Spáinneach an “Gran Armada” gléasta
ullamh go hiomlán i gcóir an chatha. Is dócha nach fearr
rud a dhéanfamís anois ná gearrthuairisc a thabhairt ar
mhéid agus ar líonmhaireacht an chabhlaigh sin.



Is gnáthach le scribhneóiribh Shasana bheith go romhaoidh-


L. 8


teach ar fad as an mbuaidh a gabhadh ar an Armada. Ba
dhóigh le duine ortha go raibh an tArmada san chomh mór
chomh comhachtach nach mór le cabhlach Shasana an lae indiu;
agus nach raibh i loingeas Shasana an tráth úd acht cúpla
árthrach beag suarach. Go deimhin féin ní fhuil mórán de'n
fhírinne sa tuairisc sin agus ní fhuil againn le déanadh
acht stracfhéachaint a thabhairt ar liosta árthrach
na Spáinne chum neamhfhírinne an scéil sin a
dheimhniughadh.



Ní mór dúinn an méid seo a thuigsint nach raibh i ngailiún-
aibh na Spáinneach acht báid bheaga shuaracha seachas na
longa catha atá ag treabhadh na dtonn fá láthair. B'fhéidir
le haon chursóir amháin indiu an Gran Ármada a mhilleadh
is a chur go tóin puill i gcúpla uair an chluig, agus ní
bhfuighbheadh gunnaí an Armada oiread is órlach dá
chroiceann iarainn san a bhriseadh. An long ba mhó, “La
Regazona,” i gcabhlach na Spáinneach ní raibh de mheadhchain
innte acht 1249 tonna agus ní raibh acht 30 gunnaí aici agus
gan ionnta san acht gunnaí suaracha seachas gunnaí na
Sasanach. Go deimhin ní chum catha do ceapadh furmhór de
longaibh an Armada in aon chor acht chum tráchtála:
Gailiúin mhóra árda thuaithealacha do b'eadh iad, agus na
taoibh is na caisleáin árda do bhí ionnta, in ionad congnadh
a thabhairt don luing is amhlaidh chuiridís as dí, mar nuair
bhéadh an ghaoth ina coinne do bhídís ina seoltaibh nach mór
agus do chuiridís moill ar shiubhal na luinge. Rud eile,
mar dubhras thuas, ní bhíodh ag na gailiúnaibh seo acht fír-
bheagán gunnaí agus cad é an díoghbháil acht gan ionnta san
acht gunnaí beaga gearra. Bhí cheithre fichid des na
gailiúnaibh seo ag na Spáinneachaibh agus iad go léir beag-
nach lán de shaighdiúiríbh. Bhí breis agus trí fichid árthrach
eile aca: gailísí (Galleasse) .i. longa beaga a raghadh fá
shéol nó fá rámhaidheacht, agus iad go léir gléasta i gceart
i gcóir chatha; “Urcaidhthe” .i. longa taisce agus adhbhar
cogaidh; “raibrí” agus “Pataissí” (Pattasses). Na
gailísí sin, bíodh nach raibh de mheadhchain ins gach ceann
díobh acht 250 tonna, bhí deich ngunnaí is dachad aca go
léir. Dá mbeadh na gailiúin chomh gléasta chomh armtha


L. 9


leis na gailísíbh sin b'fheidir go mbeadh a mhalairt
de chrot ar an scéal. Seo liosta de longaibh an Armada



Saghas na
Long



Uimhir na
Long



Gunnaí



Tonnaí



Saighdiúirí



Mairnéa-
laigh



Gailiúin
Urcaidhthe
Pataissí
Gailisí



Iad go léir



Na fir go léir idir saighdiúiribh agus máirnéalachaibh
29,000. Chítar on liosta so, dá mhéid long bhí san
Armada nach raibh de meadhchain ionnta go léir an oiread
is atá i dhá cheann de longaibh catha na haimsire seo. .i.
an “Queen Elizabeth” no an “New Mexico.”



Rud eile, is léir go raibh an iomarca saighdiúirí agus
gan acht fírbheagán máirnéalach san Armada; agus atá
gach aon deallramh nách chum tairbhthe na Spáinneach a
chuaidh sin.



Ní fhuil aon tuairisc chruinn ar mhéid chabhlaigh Shasana.
Tá ainmneacha 197 árthrach le feicsint, ámhthach, ar liosta
an chabhlaigh sin, a throid i gcoinnibh an Armada. An long
ba mhó an "Victory" bhí 1110 tonna mheadhchain innte
agus bhí 800 tonnaí sa luing cheannais .i. an "Royal Ark."
Bhí trí chéad máirnéalach agus céad saighdiúir mar fhuirinn
san árthrach san: rud a theasbánann go soiléir gur
ghnáthaighe leis na Sasanachaibh máirnéalaig ná saighdiúirí
in a longaibh catha. Rud ba thábhachtaighe 'na san féin bhí 44
gunna sa luing cheannais sin agus gach ceann díobh abhfad
ní ba mhó is ní ba chumasaighe 'ná gunnaí na Spáinneach.
Mar sin do gach luing Shasanaigh: bíodh go raibh na hárthraighe
féin abhfad ní ba lugha 'ná árthraighe an Armada bhíodar
abhfad ní ba chóirithe, gléasta ina ngunnáibh agus ina bhfuir-
eannaibh. Rud eile, ní rabhadar tuaithealach ar nós gailiún


L. 10


na Spáinneach, agus dá bhárr san b'fheidir leis na Sasana-
chaibh láthair an chatha do thoghadh dóibh féin. Is fíor go raibh
easbaidh púdair agus adhbhair cogaidh eile ag cur as do
loingeas Shasana, acht bhí an tArmada san anchás chéadna.
Go deimhin níor thug na Spáinnigh acht fírbheagan adhbhair
lámhachta sna gailiúnaibh leo: b'fheidir gurbh amhlaidh nach
raibh morán ionntaobhe aca as na gunnaíbh gearra.



Is mithid dúinn tosach a chur ar thuairisc eachtra an
Armada san. Dubhramar cheana gur ghluais an loingeas
dobhuaidhte fá shéol i mí an Mheithimh acht gur éirigh anfa sa
bhfairrge agus gurbh éigean dó filleadh. Cheap na Sasanaigh
ar dtús go raibh deireadh leis an gcontabhairt, agus
chomhairligh cuid de chaiptíníbh na bainríoghna a cabhlach a
chur i ndiaidh an Armada bhriste agus é a chur ar neamh-
nídh. Níor ghéill Eilís dóibh ámhthach, agus dá dheascaibh sin
d'éirigh leis an Armada gluaiseacht arís i gceann mí
eile.



Ba mhór an scrupall do sna Spáinneachaibh an taoiseach
mór úd Santa Cruz do chailleamhaint. An fear a cuireadh
ina cheann ar an Armada thar a éis sin, Diúic Medina
Sidonia níor mhór le rádh é i gcúrsaíbh cogaidh, agus maidir
le máirnéalacht is ar éigean chonnaic sé long aon lá d'á
shaoghal. Do b'é sin an chéad tuathal do dhein Pilib,
fear neamheolasach a chur i gceannas ar an loingeas
mór. Is é a bhí socair ag Pilib agus a lucht comhairle an
tArmada a chur fé dhéin críoch na Tíre fó Thuinn, an cabhlach
Sasanach a dhíbirt as an gCanal agus sluagh Spáinneach
a bhí ag troid is na Seacht gCúigíbh a thabhairt isteach
i mbádaibh go Sasana. Níor bhaoghal, dar leo, dá
bhfuightaidhe an sluagh san a chur i dtír i Sasana go n-éireó-
chadh le saighdiúiribh drocharmtha Eilis é a ruagairt amach.
An taoiseach do bhí i gceannas ar an sluagh san, Diúic
Parma, do bhí a ainm anáirde ar fud na hEórpa de
bhárr a ghastachta, a éirim aigne agus a chródhachta i gcúr-
saíbh cogaidh. Bhí 40,000 fear ullamh ag an Parma so
ag béal na Séilde i gcór gabhála Shasana agus mórchuid
bád agus árthrach eile, lán d'adhbhar cogaidh is de bhiadh.
Ta sé chomh maith againn a rádh annso ná raibh aon bhreith ag


L. 11


Parma ar na harthraighe sin a chur chum fairrge, mar bhí
cabhlach láidir Hollóntach ag faire imeallbhórd na Tíre
fó Thuinn.



Ghluais an tArmada fá sheól i mí Iúil 1588; agus go
deimhin ba bhreagh aoibhinn an radharc é, na gailiúin mhaordha
lucthmhara fá lánréim seoil ag treabhadh na dtonn, na
seolta fairsinge leathana ioldathacha ar luascadh sa
ngaoith, na fir chalma deagharmtha ag siubhal léibheanna na
long, na gunnaí soillseacha ag taitneamh fá'n ngréin.



Do b'fhada dhóibh ar an ndul san ag déanadh go mall
ar chríochaibh Shasana. Fá dheireadh, tar éis sé lá a chaitheamh
ag cur an ruathair díobh do chonnacadar imeallbhórd
Shasana abhfad uatha.



Thángadar suas le bád iascaigh agus d'innis an fhuireann
don aimiréal chionnius mar bhíodar thar éis an cabhlach
Sasanach dh'fheicsint an lá san agus é ag teacht amach as
cuan Plímut. Bhí gaoth aniar ndeas ann, rud d'oir go
maith d' obair an Armada. Lean sé dá shiubhal gan aon
chur isteach á dhéanadh ag na Sasanachaibh air ar feadh
roinnt lá.



Bhí socair ag an aimiréal Sasanach, Howard, ámhthach,
gan leigint leis an Armada níos sia, da mba air bheadh
an leigheas. Bíodh nách raibh iomlán a chabhlaigh ullamh
aige chuir sé roimhe tabhairt fé longaibh na Spáinneach,
urchair a chaitheamh leo agus imtheacht uatha sul a mbeadh
uain ag na gailiúnaibh ar theacht i gcómhgar a chuid árthrach
féin. Ba mhaith bhí fhios ag Howard agus ag a chaiptíníbh
eile, dá dtagadh longa móra an Armada i ngiorracht dóibh
sin go mbrisfidís ortha; agus nárbh fhearr rud a dhéanfadh
siad 'ná a gcabhlach a choimheád tamall fada amach uatha,
rud nár dheacair a dhéanadh, toisc éadtromachta na
n-árthrach Sasanach.


L. 12


Deineadh comhairle an áirdaimiséil agus lean cabhlach
Shasana longa an Armada, ag caitheamh leo gach aon lá,
'gá gcur tré theinidh agus ag déanadh gach aon tsaghais
díoghbhála dhóibh. Ní furus tuairisc chruinn a thabhairt ar an
gcath san, dianchath fada le n-ar cailleadh a lán árthrach
Spáinneach. Caithfar a admháil go raibh an donas ar fad
ar na Spáinneachaibh. Níor dheineadar oiread is aon long
amháin a bháthadh ar na Sasanachaibh. Toisc níos mó taithighe
a bheith aca ar mháirnéalacht agus toisc éadtromacht a
gcuid árthrach agus méid a gcuid gunnaí mór ba léir go
raibh an buaidh ag na Sasanachaibh ó thosach an chatha. Gach
ar dhein an tArmada chum é féin a chosaint, b'iad na
gailísí a dhein é: bhí na gailiúin róthuaithealach ar fad chum
teacht i gcomhgar do sna longaibh Sasanacha: rud eile,
bhí an iomad saighdiúirí ionnta, rud a raghadh i dtairbhthe do
sna Spáinneachaibh dá mba ghráscar lámh bhéadh ar siubhal
aca, act d'fhéach na naimhde chuige nach mbéadh a leithéid
ar siubhal.



Fá dheireadh thiar thall do shrois an tArmada caladh-
phort Calais agus dhfhan sé ann go ceann cúpla lá. Shíl
Medina-Sidonia go raibh leath a ghnótha déanta aige agus
nach mbéadh aige acht fuireach go mbéadh sluaighte Parma
ullamh i gcóir gabhála Shasana agus go mbéadh a ghnó
déanta ar fheabhus aige. Ní gábha a rádh go raibh breall
air. Níor thug na Sasanaigh faill do chum a chabhlaigh
bhriste (muna raibh sé briste bhí sé geall le bheith briste)
a ullmhughadh is a neartughadh arís. In am mharbh na hoidhche
agus na fuirne ina gcodhladh go sámh chuir Howard agus a
cháirde, na Hollóntaigh, sé longa teineadh isteach imeasc
árthrach na Spáinneach. Do gaibh uamhan agus scannradh
lucht an Armada. Do shíleadar, nídh nárbh iongnadh, go
raibh cabhlach Shasana ar a dtí. Do gheárradar na cáblaí
agus amach leó sa bhfairrge. Do scar na hárthraighe
ó n-a chéile, do chuaidh cuid aca i dtír ar charraigeachaibh na
Fraingce mar ar báthadh iad, agus níor fhan de'n Armada
acht a leath. Annsin is eadh thug loingeas Shasana fobha
fútha. Ní raibh aon tseó act a raibh de chródhacht is de
dhánacht ag máirnéalachaibh Shasana, agus iad ag díriughadh


L. 13


a gcuid long i mbéal an bháis, mar déarfaidhe. Ní raibh le
clos ainnsin acht torann na dtonn buithreadh na ngunnaí
mór agus feadghail na bpiléar. Ba léir ó thosach go
mbuadhfaidhe ar na Spáinneachaibh. Fá dheireadh, toisc a
gcuid adhbhar lámhachta bheith ídighthe, d'órduigh Medina
Sidonia dá chaiptínibh deireadh a chur leis an dtroid.
Má bhí easbaidh adhbhair cogaidh an na Spáinneachaibh bhí na
Sasanaigh san an chás chéadna, i dtreo nuair fuaradar an
uain chuige gur árduigheadar a seólta agus amach leó
sa bhfairrge.



B'uathbhásach an díoghbháil a rinneadh do'n Armada.
I dteannta a lán árthrach breagh chur go tóin puill bhí
longa eile an chabhlaigh briste ina mionbhruscar nach mór.
Is ar éigean, agus iad ag déanadh a seacht ndíchill, bhí
sé ar chumas na bhfuireann iad a choiméad ar snámh. Ní
hiongnadh, dá dheasca san, gur bhris ar chródhacht an ard-
aimiréil agus gur shocruigh sé ar an ngabháil a thréigint
agus filleadh ar an Spáinn. Do ghlaoidh sé ar na caiptíníbh
eile agus chuir sé a chomhairle féin in iúl dóibh. Do
thoiligh cuid aca leis. Na fir ba ghasta is ba mhó eolas
i máirnéalacht is i gcogadh fairrge thugadar mar chomhairle
dó fuireach go mbeadh cúlghaoth aige agus cath a chur ar na
Sasanachaibh arís. Níor ghéill Medina-Sidonia dóibh sin.
Ís é nidh ar an chinn sé sa deireadh imtheacht leo mór-
timcheall na Breataine is na hÉireann go dtí an Spáinn,
acht dá n-aistrigheadh an ghaoth go dtabharfaidís fá n-a
náimhdibh arís.



Mar sin cuireadh deireadh le gabháil Shasana, mar bhí
fhios ag gach éinne ná béadh aon chaoi ag muinntir an
Armada ar chath a dhéanadh leis na Sasanachaibh tar éis
ar fhulaingeadar de chruadhtan is d'anró. Fá dheireadh
do bhí deireadh leis an mustar! Ní raibh le déanadh acht
filleadh abhaile comh mear is thug Dia rioth dóibh. B'aingeis
míádhmharach an filleadh san. Lean cabhlach Shasana iad ar
feadh roinnt lá. B'éigean dó-san filleadh freisin tré
easbhaidh lóin. Ba mhar a cheile é amhthach. Ní fhéadfadh aon
chabhlach fearg na fairrge a shárughadh. An tArmada mór
dobhuaidhte mar ghlaodhann na Sasanaigh air, do briseadh


L. 14


agus báitheadh a lán dá longaibh ar imeallbhórdaibh Alban
agus Éireann, ionnus nár fhan ar snámh díobh acht fír-
bheagan árthrach. Ní gábha tuairisc a thabhairt ar an ais-
tear míádhbharach úd tríd an bhfairrge Ghearmánaigh agus
tríd an bhfairrge mhóir: is leor an méid seo; gur tháinig
iarmharán an Armada i gcuantaibh na Spáinne i meadhon
Fhoghmhair timcheall le dá fhichid árthrach agus iad go léir
briste do-aithnighthe. 'Se adubhairt Pilib II. nuair airigh
sé tuairisc an scéil: "Ní fhuil leigheas againn air:
b'é toil Dé e."



B'é bárr an bhuadha mhóir sin go raibh deireadh go deo le
comhacht na Spáinne: ag dul i laige agus i mbochtaine
a bhí an tír mhíadhbharach san ó'n am san amach, agus anois,
trí chéad bliadhain tar éis an bhuadha san, tá a rian le
feicsint go soiléir ar chuma na Spáinne. Do chuir an
buaidh mór tosach maith ar chomhacht agus ar shaidhbhreas
Shasana: do theasbáin sé gur cabhlach láidir an chosaint is
mó do Shasana. Is maith d'fhoghluim muinntear Shasana an
cheacht san, ceacht atá comh fíor indiu agus bhí sé i
mbliadhain a 1588. Fá mar do shaor a cabhlach Sasana an
uair úd ó smacht na Spáinneach do shaor sé í i mbliadhain
a 1914 ó smacht na nGearmánach. Ní beag san.



"MANANNÁN MAC LIR."


L. 15


NA GABHÁLA A DHEIN HANNIBAL.



Tuairim is an t-am a bhí Cú Chulain is laochradh na Craoibhe
Ruaidhe ag maireachtaint i nÉirinn — má's fiór dos na
scéaluidhthibh — do bhí dhá impireacht mhóra ar an dtaobh
theas do Roinn na hEorpa. Iad ag faire is ag féachaint
ar a chéile díreach mar a bhí Sasana is an Ghearmáin ar
feadh roinnt bhliadhan roim an gcogadh mhór. Ar Roinn na
hEorpa féin do bhí ceann aca, an Róimh, príomh-chathair an
domhain Phágánaigh fadó agus príomh-chathair an domhain
Chríostaidhe indiu, acht ar imeall-bhórdaibh na hAifrice, ós
comhair oileáin na Sisile amach, a bhí an Charrthach. Impir-
eachta móra comhachta a b'eadh an dá cheann, agus fé mar is
dual dá leithéid, níor theastuigh ó cheachtar aca acht an
leithscéal ba lugha chum an chinn eile do threascairt. Do
cheap an Róimh go raibh an chaoi aici chuige sin nuair éirigh
léi sa bhliadhain 247 roim Chríost oileán na Sisile ar fad
nach mór do bhaint de'n Charrthaigh. Do bhí ceann urraidh
cliste, ámh, ar arm na Carrthaighe — Hamilcar do b'ainm
do — agus cé nar éirigh leis Sisile do shábháil ó sna Romhán-
achaibh, níor mhór cogadh cúig mbliadhan do chur air sar ar
bhog sé a ghreim dhe, agus annson féin d'imthigh sé as ar shlighe
ba chosamhla le gluaiseacht an duine do bhuaidh ná le
himtheachtaibh an té ar ar rugadh an buaidh.



Nuair a tháinig sé abhaile bhí a thuille gnó ag feitheamh
leis. Bhí cuid des na hamhsanaibh tar éis éirghe amach i
gcoinnibh na hImpireachta, agus ag cabhrú leo bhí muinntear
Libia, áit a bhí fé smacht na Carrthaighe. Do tháinig le
Hamilcar na méirligh seo do bhrughadh fé chois, acht má
tháinig féin, do cheap na Rómhánaigh narbh' oireamhnaighe éan-
tráth eile chum tabhairt fé arís, agus chum an mhargaidh a bhí
deánta aca leis i 241 R.C. nuair d'fhág sé oileán na
Sisile, do bhriseadh, agus chum a raibh fé smacht na Carrthaighe


L. 16


i n-oileán Corsice do ghabháilt idir a lámhaibh féin. Do
thuig Hamilcar nárbh' éan-mhaith bheith ag cuimhneamh ar an
troid do chur ar an Róimh gan a thuille comhachta do bheith
aige féin. Mar sin, do cheap sé nárbh fearr rud a
dhéanfadh sé na roinnt bhliadhan do chaitheamh ag bailiú is
ag neartú a shluagh i dtreo is go bhféadfadh sé an cath
d'fhógairt ar an Róimh ar a fód féin. Uime sin, do chuaidh
sé go dtí an Spáinn, áit 'na raibh adhbhar saighdiúir go
flúirseach, chomh maith le gach adhbhar eile a bheadh ag teastáil
i gcóir na hoibre do bhí idir lámhaibh aige. Do chaith sé naoi
mbliadhna ag gabháilt do'n obair sa Spáinn, go dtí gur
marbhadh é i gcath sa bhliadhain 228.



Deich mbliadhna sar a ndeaghaidh Hamilcar go dtí an
Spáinn, nó timcheall na bliadhna 247 roim Chríost, do
rugadh a mhac, Hannibal, an taoiseach is mó clú, b'fhéidir,
dá raibh riamh 'sa' domhan. Deirtear gur thug a athair os
comhair altórach a dhéithe é sar a raibh sé naoi mbliadhna
d'aois, agus gur chuir sé fé gheasaibh é bheith 'na dhearg-namhaid
ag Impireacht na Róimhe go dtí lá a bháis. Pé aca gur
fíor bréag an scéal son tá sé deimhnightheach ná raibh ag
Hannibal acht naoi mbliadhna d'aois nuair thosnuigh sé ar
ghaiscidheacht d'fhoghluim, rud a chuireann i gcuimhne dhúinn
óige ar laoich féin, Cúchulain.



D'fhan sé sa Spáinn i dteannta a athar agus bhí sé láithreach
sa chath 'nar marbhadh é siúd. B'é Hasdrubal, céile
deirbhshéathar Hannibal, a bhí os cionn an airm tar éis bháis
do Hamilcar, agus do lean an buachaill óg ag foghluim a
chéirde faoi. Annson nuair do cailleadh é siúd 'sa
bhliadhain 221, ní shásóchadh éanrud na saighdiúirí acht
Hannibal féin do bheith mar cheann urraidh ortha cé ná
raibh d'aois aige an tan son acht sé bliadhna ar fhichid.
Níorbh' fhada gur theasbáin sé cad é an mianach a bhí ann, mar
ní raibh dhá bhliadhain caithte aige mar cheann urraidh nuair
a bhí an Spáinn ar fad fé n-a smacht, acht amháin an cúinne
beag úd, Saguntum, mar a raibh coilíneacht Ghréagach.
Do ghlaoidh na coilínigh ar na Rómhánaigh chum teacht dá
gcosaint acht má thángadar féin, do bhuaidh Hannibal ortha
an bhliadhain 'na dhiaidh sin, agus b'é siúd an chéad bhuaidh do


L. 17


fuair Hannibal ar an namhaid mhóir. Nuair do chonnaic sé
a shaoráidighe is a bhuaidh sé ortha sa Spáinn, do cheap sé
go raibh sé i n-am aige tabhairt fútha ar fhód na Róimhe
féin, mar dá n-éirigheadh leis an lámh uachtair d'fhagháil
ortha annson, do bhí an Charrthach slán go deo gan namhaid
sa domhan mhór aici gur fiú é 'áireamh. Sar ar fhéad
sé an Spáinn d'fhágaint, ámhthach, do bhí air an treo ceart
do chur ar gach aon rud ann. Do bhí dhá áit gur ghádh dho
cóir chosanta do chur ortha sar a n-imthigheadh sé — an
Spáinn féin agus tír na Libia san Aifric. 'Sé rud do dhein sé
ná saighdiúirí ó Libia do chur mar arm chosanta sa Spáinn,
agus Spáinnigh mar lucht faire ar Libia. Níor bhaoghal
annson go ndéanfaidhe muinnteardhas idir an lucht
chosanta agus na daoine fé n-a gcúram agus go gcuideochaidís
le chéile chum saothair Hannibal is a athar do chur ar
neimh-nidh.



Chuaidh Hannibal thar Sléibhte na bPirné gan cur isteach
air, acht nuair do thogair sé dul thar abhainn na Róna do
cuireadh i gcéill do go raibh na Gaill d'áitigh ar imeall-
bhórd na habhann ag iarraidh troda do chur air. 'Sé seift
ar ar shocruigh sé chum buadhchaint ortha ná Hanno, duine
d'á oifigeachaibh, agus complacht saighdiúirí faoi, do chur
go dtí áth a bhí tamall maith suas ó'n áit 'na raibh sé féin.
Nuair a bhí sé d' uain aca súd bheith treasna na habhann,
d'órduigh Hannibal do'n arm i gcoitcheann tabhairt fé'n
dtreasnú. Do léim na Spáinnigh isteach san abhainn, agus
do chuadhadar de shnámh go dtí an taobh eile, mar bhí sean-
taithighe aca sud ar an uisce. Chuaidh na troighthigh treasna
i mbádaibh beaga suaracha do fuarthas ó sna daoinibh
barbardha do chomhnuigh ar an dtaobh son de'n abhainn; agus
do deineadh báid mhóra throma i gcóir na marcach. Díreach
nuair a bhí Hannibal agus na saighdiúirí ag teacht i dtír, agus
cruth cogaidh ar na Gaill do bhí ag feitheamh leo ar an
bport, do chonnacadar so, taobh thiar dhíobh, lasracha na
dteinte do bhí aduighthe ag Hanno. Do tháinig scannradh
ortha, agus do theicheadar. Tháinigh na Carrthaigh go léir slán
i dtír, acht bhí an chuid ba thruime de'n treasnú le déanamh
fós. Ní dheaghaidh sluaighte na Carrthaighe riamh i gcath gan


L. 18


tréad mór trod 'na dteannta, agus bhí na hainmhidhthe móra
scáthmhara so ar an dtaobh thall do'n abhainn fós. Do chuaidh
Hannibal treasna arís, agus d'órduigh sé sraic mhór a dhéanamh,
í do chlúdach le húrlár chriadh, agus í cheangal leis an dtalamh.
Annson do deineadh an tarna sraic níos sia amach san
abhainn. Ní raibh sí seo chomh mór leis an gcéad cheann, acht
do bhí sí clúduighthe ar an gcuma gcéadna, agus do ceangladh
an dá shraic le chéile. Chuaidh na truid ar an gcéad shraic,
agus uaithi sin ar an dtarna ceann, agus gan éan-amhras ortha,
mar gheall ar an úrlár criadh, go raibh an talamh tirm
tréigthe aca. Nuair a bhíodar go léir ar an sraic ba shia
amach san abhainn, do scaoileadh í siúd, agus do stiúradh go
dtí an taobh eile í, gan go leigfeadh eagla dos na trodaibh
cos leo a bhogadh nuair a mhothuigheadar an rud a bhí fútha
ag corrú".



Nuair a bhí an Róin curtha dhe aige, ní raibh acht an chuid
ba lugha d'á aistear déanta ag Hannibal fós. Ós a
chomhair amach bhí na sléibhte árda bána úd, na hAilp,
agus go dtí go mbeidís sin buaidhte aige, níor bhaoghal do'n
Róimh. Is beag cúis a dhein Hannibal díobh ámhthach. Ar
an dtaobh thall dhíobh bhí an namha — mar sin ní raibh le
déanamh aige acht iad do chur de chomh tapaidh agus d'fhéadfadh
sé.



Níl sé ró-dheimhnighthe cár thosnuig Hannibal ar thurus
na nAlp, acht 'sé is dóichighe ná gur lean sé de'n Róin
chomh fada le Bhien, agus go ndeaghaidh treasna na tíre annson
go dtí bearna bheag San Bearnard, agus gur tháinig sé anuas
i nGleann Aosta. Ní túisce a thúg sé fé'n turus ná
thosnuigh an trioblóid. Do bhí na daoine do chomhnuigh san
áit go han-mhí-shásta nuair chonnacadar an sluagh mór a
bhí ag teacht tríd a nduthaigh. Is dócha gur cheapadar gur
chúcha féin a bhítheas. Ar aon chuma d' ionnsuigheadar
Hannibal, agus ós rud é go rabhadar son ar na hárdaibh agus
eisean sa ghleann fútha, do raghadh sé go dona air, muna
mbeadh gur cuireadh i gcéill do go raibh sé de nós aca
imtheacht leo go dtí a dtighthe féin san oidhche. Chomh luath


L. 19


is do fuair Hannibal imthighthe iad, d'órduigh sé teinte
móra do chur ar lasadh san ngleann, 'á theasbáint gurbh' ann
a bhí a shluagh, agus annson do thug sé dream saighdiúirí leis,
agus do chuadhadar suas imeasc na gcarraig go dtí go
rabhadar san áit 'na raibh an namha ar feadh an lae. Nuair
thángadar son ar maidin, agus nuair thuigeadar an cleas do
himreadh ortha, do tháinig eagla ortha, agus do theicheadar.
Do dhíoladar, ámh, as a raibh de díoghbháil déanta aca.
Chomh luath is a tháinig Hannibal is a shluagh as an mbearnain,
d'ionnsuigh sé a bpríomh-bhaile, do fuair sé thar n-ais
a lán d'á earraíbh a bhí goidthe aca, agus annson do chuir sé
tré theinidh é. Níor chuir sin críoch ar an scéal ámh.
Nuair a tuigeadh domh uinntir na Sléibhte ná raibh dul aca
ar bhuadhchaint ar Hannibal le neart a lámh, do thugadar
faoi ar shlighe eile. Do tháinig dream sean-taoiseach
chuige ag tairgsint mhuinteardhais do, ag tabhairt bhídh
chuige, agus ag geallamhaint chabhrach do, idir eolaidhthe is eile.
Ní ró-mhór an iontaoibh a bhí ag Hannibal as a gcomharthaíbh
cairdeasa, ámhthach, agus cé gur ghlac sé le n-a dtreoruidhthibh
níorbh'é a dhearmhad gan treallamh troda do chur ar an
arm. Ba mhaith uaidh é, mar nuair bhíodar i mbealach chaol
chumhang do tháinig na sluaighte de lucht na Sléibhte ar an
hárdaibh 'na dtimcheall, agus do chaitheadar clocha móra
anuas le fánaidh ortha. Do choimeád Hannibal na
saighdiúirí fé fhoithin na gcarraig, agus nuair bhí deire leis an
gcioth chloch do chuireadar an ruaig ar an namhaid.



Dá olcas a bhí an scéal ag Hannibal ar thurus na
nAlp le feall na dtreoruidhthe, le heascáirdeas na
ndaoine, le gaduidheacht na mbitheamhnac, agus le ganntanas
an bhídh, bhí rud amháin a ghoill air níos mó ná éan-rud
eile, agus do b'é siúd an fuacht. Bhí mí deire-fhoghmhair
beagnach caithte, agus bhí an sneachta go tiugh cheana féin
ar na sléibhtibh, agus gan foscadh ná foithin le fagháil ag
na daoinibh bochta so ó thíorthaibh teo. Nuair a thángadar
chomh fada le barr na bearnan bhíodar chomh traochta
son gur mhaith le n-a bhfurmhór bás d'fhagháil ar an láthair,
acht do theasbáin Hannibal dóibh an tír thorthamhail
ghrianach tamaillín beag fútha thíos. D'éirigh a gcroidhe


L. 20


ionta nuair chonnacadar í chomh comhgharach son dóibh
mar cheapadar, agus do thugadar fé'n gcuid eile de'n
turus go toiltheanach. Níor bh'fhada gur cuireadh cosc leo
arís, ámhthach. Do bhí an cnoc i bhfad níos dírighe ar an
dtaobh so ná ar an dtaobh eile, agus b'é dícheall gach fir é
féin do choimeád ó shleamhnú' síos le fánaidh. Dá
ndeánadh sé é ní stadfadh sé go mbrisfidhe i gcoinnibh
charraige nó chrainn é na céadta troigh síos uaidh, agus do
cailleadh a lán idir fir is ainmhidhthe ar an gcuma son.
Ag cur na gcnoc díobh dóibh do thángadar go dtí áit mar
a raibh scailp de'n chnoc tar éis tuitim isteach sa ghleann,
agus bhí aill fágtha ann a bhí míle troigh ar aoirde. Bhí an
aill so díreach ós a gcomhair, agus ní fhéadfad súil Hannibal
féin éan-chasán d'fheicsint chum dul síos. D'órduigh sé
casán a dhéanamh timcheall na haille, acht bhí an scéal ní
ba mheasa ná riamh annson. Do bhí an talamh clúduighthe le
sneachta, acht fé'n sneachta do bhí an leac oidhre, mar 'sé
rud a bhí ann ná muir reóidhte, agus ní amháin gur dheacair
siubhal air, acht do thuit a lán tríd an leac oidhre nó do
chuadar i n-achrann ann, agus b'éigean iad d'fhágaint mar a
rabhadar. 'Sa deire, b'éigean tabhairt suas do, agus campa a
dhéanamh i n-áit 'na mbeadh an talamh cruaidh fé'n sneachta.
Ar maidin lae ar na bháireach do leag na saighdiúirí a
lán crann mór a bhí ag fás timcheall na háite, agus do
dheineadar carn díobh i gcoinnibh na haille. Annson,
nuair a bhí an ghaoth ag séideadh go tréan, do chuireadar
teine leó. Nuair a bhí an charraig féin go han-the do
chaitheadar fínéagra léi, agus dhein sin bog í. Bhíodar i
n-ann casán do ghearradh amach annson le húirlisíbh
iarainn, agus i gcionn ceithre lá bhí bealach chomh leathan son
déanta aca gurbh' fhéidir na truid féin do thiomáint air.
Bhí na hainmhidhthe bochta son marbh nach mór le fuacht is le
hocras, mar ní raibh éin-bhiadh le fagháil ar bharr na
beárnan, agus ní taise dos na saighdiúirí féin. Do thug
Hannibal sos trí lá dhóibh i nGleann Aosta, agus is maith
a bhí sé tuillte aca. Tuigtear dúinn cad é mar chruadhtan
is anró d' fhulaingeadar ar na sléibhtibh úd nuair léighmíd
ná raibh fágtha ag Hannibal acht 20,000 troightheach agus 5,000


L. 21


marcach, agus go raibh 33,000 saighdiúir fágtha 'na dhiaidh aige
ar na hAlpaibh.



'Sé céad rud do dhein Hannibal ar shroisint na hIodáile
dho, ná cuire do thabhairt dos na treabhaibh timcheall
cloidhe leis. Do dhíultuigh na Táirínigh, acht do dhíoladar
as an ndiúltadh, mar do thóg Hannibal a bpríomh-chathair,
ar a nglaodhtar Turino anois, agus ní raibh sé de mhisneach i
n-éin-dream eile aca cur 'na choinnibh. Do bhí Scipio,
ceann urraidh na Rómhánach, ag feitheamh leis ag abhainn
na Ticinus, ámh, agus bhí comhrac idir na marcaigh ar an dá
thaobh. Bhí ag éirghe leis na Rómhánaigh ar dtúis, acht na
marcaigh dhubha ó Núimidia a bhí mar dhá sciathán ar arm
Hannibal, do thángadar taobh thiar des na Rómhánaigh, agus
do chuireadar an ruaig ortha. Ní raibh éan-choinne ag na
Rómhánaigh le n-a leithéid, mar 'sé rud adubhairt Scipio
leo roim an gcath ná "Ní fir atá 'n-bhur gcoinnibh" ar
seisean, "acht scátha fear," bhí na Carrthaigh chomh caithte
traochta son.



Tar éis an chomhraic sin do thug Scipio a shluaighte
treasna na Pó go Placentia, mar a raibh dún-phort láidir,
acht ní fada d'fhan sé ann. Thosnuigh na Gaill go léir ar
theacht fé dhéin Hannibal, agus cuid díobh a bhí i n-arm Scipio
féin, do mharbhadar na hoifigigh Rómhánacha a bhí ós a
gcionn, agus thángadar fé bhrat Hannibal. Tháinig scannradh
ar Scipio, agus dob' fhada leis go mbeadh sé imthighthe as
duthaigh na nGall. Ba mheasa chuige mar cháirdibh iad ná
mar náimhdibh, agus d'imthigh sé leis imeasc na gcnoc ar an
dtaobh theas d'abhainn na Treibia, áit narbh' fhéidir le mar-
caigh Hannibal cur isteach air go fuiriste. D'fhan sé
annson le Sempronius, an ceann urraidh a bhí ar an
gcuid eile de shluaightibh na Róimhe, mar do b'eol do
Scipio é a bheith ag teacht le congnamh chuige. Fear cródha
ceann-dána ab'eadh Sempronius so gan puinn ghaoise ná
chéille, agus dob' fhada leis go mbeadh an chaoi aige ar
bhuadhchaint ar na Carrthaigh. Do bhí fhios ag Hannibal
cad é an saghas é, agus ní túisce a bhí sé tagtha ná d'ollmhuigh
Hannibal cath do. Bhí cumar doimhinn ar an dtaobh de'n
abhainn ar a raibh Hannibal, agus é chomh clúduighthe le


L. 22


driseógaibh is le sceachaibh narbh' fhéidir é d'fheicsint go
mbeithí 'na ghoire, agus do chuir Hannibal duine des na
hoifigigh do bhfearr a bhí aige, fear darb'ainm Mago,
i bhfolach ann agus 1,000 troightheach agus 1,000 marcach, saigh-
diúirí toghtha iad go léir, le n-a chois. Annson do chuir
sé na Núimidigh treasna na habhann chum na Rómhánach do
mhealladh anall. Nuair a chonnaic Sempronius iad do
tháinig sé féin agus 38,000 troightheach agus 4,000 marcach na
gcoinnibh gan fanamhaint le béile na maidne féin d'ithe,
i n-aimhdheoin gach ar bh' fhéidir le Scipio a dhéanamh. Do
leigh na Núimidigh ortha go rabhthas ag buadhchaint ortha agus
do theicheadar treasna na habhann agus na Rómhánaigh 'na
ndiaidh. Bhí na Carrthaigh ag fanamhaint leo ar an bport,
saighdiúirí na n-arm n-éadtrom ar dtúis agus annson
furmhór an tsluaigh i lár baill, na marcaigh ar an dá
sciathán, agus na truid lasmuich díobh. Nuair a bhí an
Rómhánach déidheanach ar an bport, do tharraing na troighthigh
siar rómpa agus d'éaluigheadar isteach tríd an gcuid eile
de'n arm agus do chonnaic na Rómhánaigh an chontabhairt 'na
rabhadar. Ní raibh de mharcaigh aca acht leath an oirid is
bhí 'na gcoinnibh agus nuair a thuigeadar an scéal agus nuair a
chonnaic na capaill na truid ag teacht fé n a ndéin do
theicheadar leo ar a ndícheall. D'fhág son na troighthigh
gan cosaint ar éan-taobh díobh acht do sheasadar an fód
go cródha go dtí gur tháinig Mago is a dhá mhíle taobh thiar
díobh agus b'in é deire an scéil. D'éirigh le 10,000 nó
mar sin Placentia do shroisint, acht do cailleadh furmhór
na coda eile.



Bhí ag éirghe go maith le Hannibal annson acht má bhí
féin bhí constaicí móra idir é féin is an Róimh fós.
Táid Sléibhte na nApeinnín fiar-threasna na Iodáile,
á roinnt 'na dhá tír fé leith nach mór agus ar an dtaobh thall
díobh son bhí dhá shluagh mhóra fé'n mbeirt uachtarán Flabhius
agus Serbhilius ag feitheamh le Hannibal. Thug sé fé thurus na
Sléibhte, acht tháinig a leithéid sin d'anfa gur bh'éigean do é
chur ar athló. Do chuir sé dhe iad, ámh, cúpla seachtmhain
'na dhiaidh sin, agus 'sé áit 'nar tháinig sé anuas ná i lár buill
an leath-chéad míle slighe a bhí idir an mbeirt a bhí ag súil


L. 23


leis ag ceann eigin de'n dá bhearnain ba choitcheanta do
dhaoine teacht tríotha tar éis na Sléibhte do chur díobh.
Dob'uathbhásach an áit 'nar tháinig sé anuas. Bhíodh sé bog
fliuch i gcomhnuidhe, mar talamh íseal 'seadh é ar phort na
hÁrno, acht an bhliadhain sin bhí an scéal seacht measa ná
mar ba ghnáth, mar bhí tuile mhór ar an Árno. Bhí sluaighthe
Hannibal ag siubhal tríd an mbogach ar feadh ceithre lá
is trí n-oidhche gan ball tirm fé n-a gcosaibh. 'Na suidhe
ar an mbagáiste no arna capaill báidhte a bhí go flúirseach
san abhainn a gheibheadh na saighdiúirí sos beag. Tháinig
galar éigin ar chrúbaibh na gcapall, ó'n bhfliche, do bádhadh
a lán des na saighdiúiríbh nó do cailleadh iad de dheascaibh
aicíde, agus do chaill Hannibal féin a leath-shúil tré thinneas
éigin a tháinig air. Ba chuma leis é go léir, ámhthach,
nuair do chuimhnigh sé ar an mbob do bhuail sé ar an namhaid.



I n-Arretium a bhí Flabhius, agus níorbh' fuláir do Hannibal
dul i n-aice na háite sin, dá mba mhaith leis an Róimh do
shroisint. B'é rud do b' fhearr dho, dar leis, ná Flabhius
do mhealladh amach 'na choinnibh sar a mbeadh d'uain ag
Serbhilius teacht le cabhair chuige. Mar sin do chrom sé
ar an ndúthaigh móir-thimcheall do chreachadh agus d' argain,
agus níor theip an cleas air. Nuair chuala sé go raibh Flabhius
ar a thóir, do bhrostuigh sé air fé dhéin locha Trasimene.
Táid na cnuic an-chomgharach do'n loch so ag an dá cheann
acht i lár buill, tá slighe mhaith leathan idir iad is é.
'Sé rud do dhein Hannibal ná cuid d'á shaighdiúiríbh, idir
marcaigh ir troighthigh, do chur ag an mbéal ba shia uaidh dé
bhóthar an locha, cuid eile aca i bhfolach ag an mbéal ba
chomhgharaighe, agus an furmhór fé scáth na gcnoc ar an taobh
de'n tsaghas faithche a bhí i lár buill. Tháinig Flabhius go
dtí béal an bhóthair um thráthnóna, agus do chaith sé an oidhche
ann. Ar maidin gan féachaint an raibh an bóthar réidh os
a chomhair amach, do chuaidh sé féin agus a 30,000 saighdiúir
isteach sa bhealach. Chomh luath is a bhíodar i n-achrann ann,
do dhún na saighdiúirí a bhí fágtha ann ag Hannibal an dá
oscailt, do rith an chuid eile anuas ósna cnocaibh, agus ní
facthas riamh macsamhail an dearg-áir do deineadh ar
bhruach an locha son. 15,000 desna Rómhánaigh a cailleadh,


L. 24


agus Flabhius ina measc, agus níor chaill Hannibal acht 1,500.
Cuid des na Rómhánaigh do cailleadh is amhlaidh do chaitheadar
iad féin isteach sa loch d'fhonn snáimh go dtí an taobh eile,
acht bhí an t-uisce doimhinn agus an t-éide trom, agus do bádhadh
iad go léir. Léighimíd go raibh crith-talmhan san Íodáil
an lá son, agus cé go raibh sé de neart ann bailte móra ná
raibh ró-fhada ó loch Trasimene do leagadh, níor mhothuigh
éinne dé'n dá shluagh é. Do fágadh na mílte braighde idir
lámhaibh Hannibal, agus mar bharr ar mhí-ádh na Rómhánach do
rug Hannibal cúpla lá 'na dhiaidh sin, ar 4,000 marcach
a bhí ag teacht go Flabhius ó Shérbhilius sar a raibh fhios aige
siúd cad é mar thionnóisc a bhí tar éis tuitim amach do
Flabhius.



Nuair tháinig scéal an bhrisligh uathbhásaigh sin go dtí
an Róimh, bhí scannradh is anfa ar na Rómhánaigh go léir.
Bhí buaidhte ar dhuine des na huactharáin, bhí an duine eile
i bhfad ó bhaile, agus bhí an namha ag déanamh ar an gcathair ar
a dhícheall. B'é seift do cheapadar ná Sár-Uachtarán do
dhéanamh de Chuintus Fabius Macsimus, agus comhacht iomlán
do thabhairt do. Fear críonna ciallmhar do b'eadh é siúd,
agus nuair thuig sé narbh' fhéidir dos na Rómhánaigh buadhchaint
ar Hannibal, sé rud do dhein sé ná fanamhaint tamall
taobh thiar de i gcomhnuidhe, ag marbhú' roinnte dhá shaigh-
diúiríbh annso, agus ag baint uatha beagáinín d'á gcreachaibh
annsúd. Ar an nós son níor thug sé éan-chaoi do Hannibal
ar a thuille éacht do déanamh ná ar phuinn díoghbhála do
dhéanamh dos na Rómhánaigh. Do bhí Fabius ag feitheamh go
mbeadh an chaoi aige ar theacht timcheall ar arm Hannibal
agus é do bhascadh ar fad, agus bhí gach deallramh go raibh an
chaoi sin aige sa bhliadhain 217. Bhí sluagh Hannibal i
bhfaithche na Campania, agus gan de shlighe aige chum dul fé
dhéin na háite 'na raibh ceaptha aige an geimhreadh do
chaitheamh acht tríd aon bheárnain amháin. Bhí Fabius chomh
deimhnightheach son go raibh a namha i bpúnc aige nár fhág
sé acht 4,000 fear ag béal na beárnan son, agus do
choimeád sé an chuid eile d'á shluagh ar na sléibhtibh móir-
thimcheall. Do thuig Hannibal a raibh beartuighthe ag
Fabius, ámh, agus d'órduigh sé 2,000 de sna beithidhigh ba


L. 25


láidre d'ár bailigheadh sa Champania do thabhairt le cheíle
fé scáth na hoidhche, geaitirí do cheangailt ar a n-adharcaibh,
agus do chur ar lasadh. Do deineadh amhlaidh. Do ghabh
scannradh na ba, nuair a mhothuigheadar an teas, agus nuair
chonnacadar gur ar a n-adharcaibh féin a bhí na lasracha,
agus do ritheadar anonn is anall ag cur na gcrann is na
dtor 'na n-aice tre theinidh, go dtí gur thiomáin na saigh-
diúirí suas na cnuic iad, fé dhéin sluaighte Fabius. Do
scannruigheadar-son nuair chonnacadar chúcha na teinte —
ní fhéadfaidís na ba féin d'fheicsint — agus do rith na fir a bhí
ag béal na beárnan fé dhéin a gcomráidithe. D'fhág son
slighe réidh ag Hannibal, agus d'imthigh sé leis ar a shocracht.



B'é an chéad bhuaidh eile do rug Hannibal ar na
Rómhánaigh ná Cath Channae. Níorbh 'e Fabius a bhí 'na choinnibh
an uair sin, mar bhí a ré siúd caithte. Bhí beirt uachtarán
os cionn an airm, agus do bhí 80,000 fear fútha — an sluagh
ba mhó dár chuir an Róimh le chéile i n-aon áit amháin riamh.
Do bhíodh an t-arm lá fé dhuine de'n bheirt uachtarán, lá
fé'n duine eile. B'é Publius Terentius Bharro a bhí i
gceannus an lá a tháinig an dá shluagh i gcoinnibh a chéile,
ar phort abhann na hÁifidius. Tá lúb ar an abhainn ag
Cannae, agus sa lúib sin do chuir Hannibal an 30,000
fear a bhí aige i gcoinnibh an 80,000 Rómhánach. Bhí
Hasdrubal agus na marcaigh troma ar an dtaobh clé, bhí na
Núimidigh — ní raibh fágtha aca acht dhá mhíle fear — ar an
dtaobh dheis, agus na marcaigh Rómhánacha ós a gcomhair amach.
I lár buill bhí na Spáinnigh agus na Gaill — troighthigh iad so —
agus iad suidhte i bhfuirm dinge go mbéadh a ceann leis na
Rómhánaigh. Bhí na troighthigh ó'n Aifric ar an dá sciathán,
beagáinín taobh thiar de'n ding úd, agus claidhmhte agus úirlisí
eile Rómhánacha aca a fuaradar ag loch Trasimene.



B'iad na marcaigh fé Hasdrubal a thosnuigh ar an gcath,
agus ní hamháin gur chuireadar an ruaig ar na Rómhánaigh a
bhí ós a gcomhair amach, acht nuair a bhí buaidhte aca ortha son
do chuadar taobh thiar de'n tsluagh Rómhánach ar fad chomh
fada lair an dtaobh dheas mar a raibh na Núimidigh ag
coimeád na Rómhánach siar. Do thángadar ortha so amar
agus do bhí deire leo. Annson do tharraingeadar siar go


L. 26


dtí go rabhadar taobh theas de sna troighthigh Rómhánacha
Bhí ag éirghe leo súd go maith, dar leo féin, mar bhí na
Gaill is na Spáinnigh ag géilleadh rómpa. Do bhí na
Rómhánaigh ghá leanmhaint agus do stad an géilleadh chomh luath
is a bhí na Rómhánaigh go léir brúighte isteach ar a chéile sa
lúib, d'iompuig na hAifriceánaigh isteach ortha, agus do
tháinig Hasdrubal ortha aniar. Bhítheas 'gá n-ionsuighe ó
gach taobh, agus do bhrughadar isteach ar a chéile go dtí ná raibh
slighe aca chum claidhimh a tharraingt as a thruaill gan
trácht ar fheidhm do bhaint as. Nuair a bhí deire leis an
gcoscar do bhí 50,000 Rómhánach marbh agus duine de sna
huachtaráin 'na measc. Do deineadh geimhligh de 20,000,
agus níor chaill na Carrthaigh acht 5,500 marcach, agus dhá chéad
éigin troightheach.



Cuireann buaidh mór Channae deire le "Gabhálaibh
Hannibal" nach mór. Do bhí an cogadh ar siubhal go ceann
trí mbliadhan déag 'na dhiaidh acht is beag eachtra do
deineadh ar éan-taobh ann. Ní raibh éan-chabhair le fagháil
ag Hannibal ó n-a thír féin, ó'n gCárrthaigh, agus bhí a shluaighte
á gcailleamhaint aige 'na nduine agus 'na nduine, mar bhí na
Rómhánaigh ag leanmhaint de chomhairle Fabius agus ar a thóir
de shíor, gan chaoi a thabhairt do ar dhul chum comhraic leo.
Do dhein an Charrtach aon iarracht amháin ar bhreis saighdiúir
do chur chuige fé n-a dhearbhráthair féin Hasdrubal, acht
do fuair na Rómhánaigh fios a theachta, agus do buadhadh air
ag an Metárus. B'é an chéad eolas a fuair Hannibal
ar a thuras, ná ceann Hasdrubal á chaitheamh isteach 'sa'
champa chuige.



D'fhan Hannibal san Iodáil go dtí an bhliadhain 204 r. Ch.
Do glaodhadh a bhaile air annson mar do bhí Scipio óg san
Aifric féin, agus é ag tabhairt fé Utica. Ní raibh an rath
céadna ar Hannibal 'na dhuthaigh féin a bhí air san tír
iasachta, agus do buadhadh air i gcath Zama (202). 'Na dhiaidh
sin do deineadh síothcháin idir an dá impireacht, agus do
luigh Hannibal isteach ar obáir an Stáit do riaradh. Dá
fheabhas é i gcúrsaíbh cogaidh níor thaise dho i slightibh
sióthchána. Do chuir sé treo chomh maith sin ar na gnóthaíbh
airgid gur dhíol an Charrtach an dachad milliún de cháin


L. 27


chogaidh do chuir na Rómhánaigh uirthi taobh istigh de thrí
bliadhnaibh déag, cé gur baineadh dí an dúthaigh úd na
Spáinne do bhuaidh Hamilcar di, agus na hoileáin — an dá áit
as a dtagadh a saidhbhreas go léir nach mór. Do tháinig
éad ar na Rómhánaigh agus d'éiligheadar Hannibal do thabhairt
suas dóibh. Níor fhan Hannibal ag féachaint cad a
dhéanfadh na Carrthaigh, acht d'éaluigh sé leis go hEphesus.
Do chaith sé tamall éigin i dteannta ríogh na háite, ag
iarraidh é do ghríosú' chum fogha do thabhairt fé'n Róimh,
acht ní deánfadh Antiochus rud air. I n-aimhdheoin
chomhairle Hannibal ámh, dó chuir sé loingeas béag 'na
gcoinnibh, agus do bhuaidh na Rómhánaigh air gan duadh, agus do
dheineadar iarracht eile ar ghreim d'fhagháil ar Hannibal.
Do theip ortha, ámh, mar d'imthigh Hannibal leis fé choimirce
Prusias, Rí Bitinia. Do lean na Rómhánaigh go Bitinia é,
agus nuair ba léir do Hannibal ná raibh dul uatha aige, do
shluigh sé siar an nimh a choimeád sé de ghnáth i bhfáinne a bhí
ar a láimh, mar do bhí coinne aige i gcomhnuidhe leis an
gcinneamhain do tháinig air sa deire. 'Sa bhliadhain 183
roim Chríost do thárla.



Sin deire scéil Hannibal. Ó n-a náimhdibh féin amháin
a fuaramar gach eolas dá bhfuil againn. Má tá a fheabhas
mar thaoiseach is mar ghaiscidheach, agus mar fhear tuigsine
chomh soiléir sin ó n-a dtuaraisc siúd, ní fuláir ná
gurbh' iongantach an duine é. An fear do bhuaidh ar na
Rómhánaigh ag loch Trasimene agus ag Cannae tar éis cath
do chur ortha ins an am agus 'san áit a bhí ceaptha 'na
chóir aige féin ní gaiscidheach cródha amháin a bhí ann acht
taoiseach is treoruidhe go raibh meon is tuigsint thar barr
aige. Go dtugaidh Dia go mbeidh a leithéid againne an
chéad uair eile a bheimíd féin is an namha ós comhair á
chéile ar Pháirc an Áir!



CANNAE, do scríobh.


L. 28


DRAOITHE ÉIREANN.



"Ó ghabhadar righte Éireann creideamh Chríost anamchara
eaglaise do bhíodh i n ionad an draoi ag foillsuighadh
reacht agus dlighthe Dé do'n rígh agus dá theaglach." 1
Ní hionann so agus a rádh gur cuireadh deireadh leis na
draoithibh ar theacht an chreidimh, mar nár cuireadh. Bhí
draoi ag Muirinn bean Raghallaigh ríogh Chonnacht i n-aimsir
Chiaráin naomhtha agus Diarmuid i bhflaitheas Éireann: 2
agus bhí draoi ag Maolochtrar rí na nDéiseach 'san
seachtmhadh aois. 3



Agus cad ba dhraoi ann? Bhí oiread san cúraim ar na
draoithibh gur deocair san a rádh go cruinn. Bhíodh duine
aca i n-a oide, duine aca i n-a fháidh, duine aca i n-a
eadargabháluidhe, duine aca i n-a liaigh, duine aca i n-a
bhreitheamh, duine aca mar thaca is mar chomhairleoir ag
an righ, agus mar soin de. Árd-bhreitheamhain do b'eadh
na draoithe, arsa ughdar de ughdaraibh na Breatan, agus
do bhí a gcúirt aca i Moin Chonaing. 4



"B'uras do Ghaedhealaibh iad féin do choimeád go
hÁdhamh de bhrigh ó aimsir Ghaedhil i leith go mbídís draoithe
aca do choimeádadh a nglúna geinealaigh agus a ndála i
ngach turas dá dtárla dhóibh go rochtain Éireann. Agus
fós do bhíodh báidh le healadhain aca, de bhrígh gur i ngeall
ar a fhoghluim fuair Niúl athair Ghaedhil gach sealbhas dá
bhfuair. 5



Agus clanna Gaedhil ag triall ó Charóin go Sliabh
Rife thárla murdhuchain ar an muir rómpa. Do chanaidís


L. 29


so ceól do loingseachaibh go gcuiridís codladh ortha, agus
mharbhuighdís annsoin iad de ghnáth. Is é leigheas do dhein
Caichear draoi air sin céir do leaghad i gcluasaibh a
chuideachtan fhéin i gcuma is ná cloisfidís an ceól. Mar
soin dóibh gur ghabhadar cuan i Sliabh Rife thuaidh. Agus
is annsoin do rinne Caichear faistine dhóibh nár bh'ionad
comhnuidhthe dhóibh aon áit go rochtain Éireann dóibh agus
nár bh'iad féin do roichfeadh í acht a sliocht. 6



Tá a leithéid chéadna de scéal le léigheamh i nEachtra
na nArgonátach agus 'san Odyssey. Chosain bean
Pheiléasa is ceól Oirféasa na hArgonátaigh ar chantan na
murdhuchan. Thug Odysseus cuaird ar Chirce le linn a
iomrámha. Agus é féin is a fhuireann ag filleadh abhaile
thángadar go hoileán na murdhuchan. Dhein Odysseus céir
do leaghadh i gcluasaibh na fuirinne i dtreó nár chualadar
cantan na murdhuchan is iad ag gabháil thársta. Dá bhrígh
sin sheól an fhuireann leó gan mhoill gan dochar. Dhein
Odysseus é féin do cheangal go dtí an seól-chrann, agus
cé gur chualaidh sé na murdhuchain níor mhealladh is níor
mharbhuigeadh é, is níor mhoilligheadh, féin, é fá mar im-
thigheadh ar mháirnéalachaibh eile de ghnáth



"Do sheinn sí ceólta binne sidhe
Le'r chaill gach laoich againn a neart,
Do ceangladh sinn le inghin an ríogh
Cé'r mhór ár ngníomhartha i ngach cath."



Rann é seo as "Eachtra na Mná Móire thar lear,"
agus is beag nach ionann a bhrígh agus brígh na scéal do
luadhadh cheana.



A bhfad is a bhfad sul ar leag clanna Gaedhil cos ar
thalamh na hÉireann bhí draoithe ann agus bandraoithe
leis. Innistear dúinn go raibh triúr aca ag Partolán
féin. Fios agus Eólas agus Tochmorc a n-ainmneacha,
agus ba oireamhnach na hainnineacha iad. Bhí draoithe is
bandraoithe ag Fomórchaibh fá threóradh Chonaing i
dTóirinis. Bhí draoithe is bandraoithe, leis, ag clannaibh


L. 30


Neimheadh, agus bhailigheadar tráth ar agaidh Tóirinse
amach. Chuir na Fomóraigh a ndraoithe is a mbandraoithe
chum iad do ruagairt, acht bhuaidh draoithe is bandraoithe
Neimheadh ortha. Bean Neimheadh .i. Reilbheó inghean ríogh
Gréige bhí i gceannas ortha. Chuireadar ruagairt ar
Fhomórchaibh, scriosadar a dtúr, agus mharbhuigheadar a
dtaoiseach .i. Conaing 7 Agus Tuatha Dé Danann
i ndeóraidheacht ó Éirinn dheineadar an draoidheacht do
chleachtadh. Bhí an Daghdha mar fhoidhia aca. Brian is
Iuchar is Iucharba a dtriúr druadh. Beachuill is Danae
a mbeirt bhandruadh. Bhí bandraoithe eile aca, leis .i.
Bodhbh is Macha is Móirrioghan. Chuaid Briotán Maol
agus a mhac Fearghus go Moin Chonaing, 8 agus do réir
Leabhair Bhaile Móta leathadh a sliocht ó'n áit sin ar fuid
na Breatan uile nach mór go teacht na Sasanach, agus
thiómáineadar súd thar n-ais go Moin Chonaing iad. 9
Uar is Eithear na draoithe ba mhó cáil ar chlannaibh Míleadh
ag teacht i nÉirinn dóibh. Marbhuigheadh ag Sliabh Mis iad.



BAISTEADH. — Bhí a mbaisteadh áirithe féin ag na
draoithibh. Baisteadh gheintlidhe ghairtidhe dhe. An uair
rugadh Conall Cearnach tháinig draoithe agus do chanadar
baisteadh geintlidhe ós cionn an leinbh. 10 Baisteadh
Oileall Óluim i srothaibh geintlidhe i dtosach na tríomhadh
aoise. 11 Tugadh baisteadh geintlidhe ar thriúr mac Chonaill
Deirg Ui Chorra i gchómhair diablaidheachta, cé go rabhadar
go maith cráibhtheach fé dheireadh a saoghail. 12 Éide bán
bíodh ar na draoithibh de ghnát. 13 Acht bhíodh maise ortha
dá n-iongnais Tá oiread san measa ag draoithibh ar an
ndair, arsa Pliny, ná bainid riamh lé cúrsaíbh creidimh
gan fleasc dá duilleógaibh mar mhaise ortha. 14



TEINE DRAOIDHEACHTA. — Midhe mac Bratha an chéad
duine chum teine do adnadh do mhacaibh Míleadh i nÉirinn.
D'fhan an teine ar lasadh go ceann seacht mbliadhan


L. 31


i nUisneach, agus is leis do dheintidhe prímhtheinte eile na
hÉireann do adnadh. Dubhairt draoithe Éireann gur
masladh dhóibh féin an teine seo do bheith ar lasadh, agus
dá bhrígh sin thángadar i n-éintigh i ndáil chómhairle. Acht is
eadh thárla dá bharr so go ndearnadh a dteangacha do
ghearradh amach le Midhe is do adhnacal i n-ithir Uisnigh.
Is é tuairim Eoghain Ui Chomhraidhe gurab é seo an chéad
tagairt do theine draoidheachta i n-ár scríbhnibh dúthchais. 15



IODHBAIRT. I dTlachtgha is eadh do hórduigheadh
Teine Thlachtgha mar a gcleathtaidhe leó draoithe Éireann
do chruinniughadh is do choimhthionól.16 Atáid le feicsint
i nÉirinn fós i n-áitibh go leór iomad de leacaibh ró-
leathna agus galláin cloch ag a n-iomchur, agus is dóibh
gairmthear altóire iodhluidhe is na sean-leabhraibh. Is
ar na haltóiribh seo do chleachtadh na draoithe a n-iodhbartha
i n-allód maille le marbhadh a mbocán is a dtarbh is a
reitheadh, agus na draoithe féin do theacht i n-a nglúnaibh
fé shileadh fola na hiodhbartha dá nglanadh féin ó shalachar
a gcion fé mhar dheineadh árd-shagart na nGiúdaidhe an
tan théigheadh fé dhroichead na híodhbartha chum go ritheadh
fuil na híodhbartha air féin. 17



CLIATHA FIS. — Is é feidhm dheinidís de sheithíb na
dtarbh n-iodhbartha a gcoimeád chum na deamhain do
chur fé gheasaibh leó. Is iomdha slighe go gcuiridís geasa
ortha mar atá sileadh ar a scálaibh féin 'san uisce no
bheith ag amharc ar na néaltaibh no ag éisteacht le foghar
gaoithe no le glór na n-éan. An tan do cheileadh gach
áis díobh so ortha is budh éigean dóibh a ndicheall do
dhéanamh is eadh dheinidís cruinnchliatha caorthain do
sholáthairt agus seithidhe na dtarbh n-iodhbartha do leathadh
ortha agus an taobh do bhíodh leis an bhfeoil do chur i
n-uachtar. Bhíodh ionntaoibh aca as a ngeasaibh chum na
deamhain a mhealladh chucha agus eólas do fhagháil uatha.
Is mar gheall air seo adeirtar go dtéigheann duine ar a
chliathaibh fis an uair dheineann a dhicheall chum scéala
do fhagháil.18


L. 32


IOMBAS FOROSNAI. — Pé nidh go dteastuigheadh ó'n
bhfile a aimsiughadh nochtadh an cleas so a chómharthaidhe
dhó. Dheineadh an file greim de fheoil aimh muice no
madraidh no cuit do chogaint. Annsoin théigheadh sé i n-a
leabaidh ar chúl dorais agus chanadh ós cionn na feóla
agus thairrigeadh dá dhéithibh geintlidhe é. Impigheadh sé
ar na déithibh iarsoin, agus dá mbudh rud é ná beadh
cómharthaidhe no teinm le fagháil aige fá cheann lae chanfadh
sé ós cionn a dhá bhas agus iarrfadh ar a dhéithibh teacht
i n-a leabhaid i dtreó ná cuirfidhe isteach ar a chodhladh.
Chuireadh a dhá bhais treasna ar a dhá leacain annsoin agus
thuiteadh a chodladh air. Bhítidhe ag faire air annsoin i
dtreó ná déanfaidhe a chorruidhe ná a dhúiseacht go dtí
go nochtfaidhe dhó gach nidh go mbhíodh sé ar a lorg i
gcionn lae no dhó, no trí, b'fhéidir. Chuir Pádraig
Naomhta go dian i n-a choinne so, óir bhí baint aige leis
an Teinm Laoghdha. Cleas no rún draoidheachta chum
daoine marbha d'aithneamhaint, mór-mhór daoine go
ndéanfaidhe a ndithcheannadh no a ndiothbhalladh, do b'eadh
an Teinm Laoghdha. Luadhtar ainm Fhinn mhic Chumhaill
mar aon leis an Teinin Laoghdha is na scríbhnibh. Mar-
bhuigheadh Lomna fear freastail dá raibh ag Fionn toisc
gur scéithidh sé ar mhnaoi fhallsa Fhinn i dtaoibh cómhráidh
áirithe. Tháinig Fionn ar chorp Lomna; chogain sé a
órdóg, ní hionann is mar dheineadh daoine eile muicfheoil
no a leithéid do chogaint, agus léirigheadh dó gur corp
Lomna do bhí ann is gur árduigh náimhde leó an
ceann. 19



Luadhtar ainm an fhile Maen mac Eatnae mar aon
leis an Teinin Laoghdha so, leis. Thug Connla mac Thaidhg
Mhic Céin mic Oilealla Óloim plaosc mhadraidh baclann
chuige siúd bliadhanta tar éis a mharbhtha, agus dhein
Maen amach gur plaosc Mogha Eimhe an chéad madradh
baclann dár tugadh riamh i nÉirinn do bhí ann. 20



Uaireanta do bhaineadh iodhbairt leis an Teinm Laoghdha.
Chuir Pádraig Naomhtha go mór i n-a choinne san.
Uaireanta eile ní bhaineadh iodhbairt leis. Dicheatal do


L. 33


Cheannaibh a thugtaidhe air sin mar ghnás, agus do scaoil
Pádraig Naomhtha leis. 21



Do phós Aonghus rí Mumhan Eithne Uathach. Bhain
coingeall leis an bpósadh, 'sé sin go ndéanfadh Déisigh
le n-ar bhain sí treabha áirithe do ruagairt as Osraighe.
Bhí draoi an-ghlic ag muinntir Osraighe. Dill do b'ainm
dó. Acht dá ghliocas é, bhí draoithe na nDéiseach ró-ghlic
dó. Chuir duine aca so é féin i bhfuirm bó le n-a mharbhadh
i dtreó go saorfaidhe a chlann choidhche. De bharr chómhairle
inghine Dill a bhí mar mhnaoi freastail ag Eithne Uathach
i gCaiseal do buadhadh ar threabhaibh Osraighe agus leanadh
iad thar teórain oirthir Mumhan. Agus is é fáth go
dtugtar Osraighe mar ainm ortha toisc gur rith gach
duine chomh mear le os agus iad ag sceinneadh ó
Dhéiseachaibh. 22



ADRADH. — Deir Eoghan Ua Comhraidhe, fós, ná beadh sé
dleaghthach fá riaghail na ndruadh teampuill do thógaint i
n-onóir na ndéithe ná iad do adhradh fó iadhadh an tighe.23



Dheineadh Gaedhil Crom Cruach .i. righiodhal Éireann
agus na foidhéithe do bhí timcheall air i Maigh Sleacht
do adhradh gur cailleadh Tighearnmas agus a mhuinntear
is an t-adhradh so ar siubhal aca. Chuir Pádraig deireadh
le Crom agus le n-a fhoidhéithibh, cé go n-innistear dúinn
go raibh Crom féin cumhdaighthe le ór is le airgead agus
gur iodla cloiche bhí 'san gcuid eile.



Lá dá raibh Cormac mac Airt i dtigh Chleitigh bhí na
draoithe ag adhradh an Laoigh Órdha i n-a fhiadhnaise agus
an chuideachta ag déanamh amhlaidh. Do fhiafruigh Mael-
gheann draoi de Chormac cad fé ndeara dhó gan bheith
ag adhradh an Laoigh chomh maith le cách. "Mar na déan-
fainn adhradh do'n cheap do dhein mo cheárduidhe féin,"
arsa Cormac. "Ni dhéanfad adhradh feasta acht do
Dhia neimhe agus talmhan agus ithfrinn." 24



Tráth eile mheas Cormac cíos dhá chóige do bhaint de'n
Mhumhain. Thug sé draoithe ó Albain leis, agus bhíodar


L. 34


ag imirt iomad draoidheachta ar rígh Mhumhan is ar a
mhuinntir no go raibh daoine agus áirnéis i nguais bháis
de easba uisce. Chuir rí Mumhan fios go Ciarraighe ar
Mhogh Ruith. Chomh luath is tháinig Mogh Ruith do scaoil sé
an glas do bhí ar an uisce ag na draoithibh iasachta agus
bhí uisce go leór ag muinntir na Mumhan feasta. B'é
críoch an scéil gur chuir Muimhuigh an ruaig ar shluagh
Chormaic de bharr draoidheachta Mogha Ruith. 25



ANÁL DRAOIDHEACHTA. — Agus Mogh Ruith ag troid an
tráth úd leis an triúr druadh do bhí ag Cormac .i. Ceacht
agus Ciotha agus Ciothruadh, damha allta do bhí ag tarrac
a charbaid. "Cia hiad na daoine is neasa dhom?" ar
reisean. D'inniseadh dó gur triúr fear do bhí ann agus
iad árd liath. "Triúr druadh Chormaic atá ann," ar
seisean, "agus tá geallta ag mo dhéithibh-se go ndéanfar
clocha dhíobh acht m'anál do shéideadh ortha an uair bhéarad
ortha. Dhein sé anál draoidheachta do shéideadh ortha,
agus deineadh clocha dhíobh. 26



Is fada mhair an draoi seo má's fíor do na filíbh:



Ré naoi rí déag diaidh i ndiaidh
Saoghal Mogha Ruith ré róghliaidh
Ó Roith mac Rioghaill, mór bloidh
Go Cairbre lonn Lithfeachair. 27



Tá sé amuigh ar Mhogh Ruith go ndeachaidh sé go hoirthear
domhain ag foghluim draoidheachta ó Shímeon Magus. 28



DLAOI FULLA. — Is é an tslighe go ndeintidhe dlaoi
fulla dlaoi féir no tuighe do chur fá dhraoidheacht, 'sé
sin focail éigin draoideachta do chanadh ós a chionn agus
é chaitheamh isteach idir dhá shúil an duine do bhí le gortughadh
annsoin. Bhíodh so ar siubhal ó ré Nuadha Fullon rí
Laighean, sé chéad bliadhan roimh theacht Chríost go ré
Maolochtair rí na nDéiseach sé chéad bliadhan tar éis
teachta Críost. B'é Maolochtar so do thug do Mhochuda


L. 35


naomhtha fearann i gcómhair mainistreach Leasa Móir.
Bhí mac áluinn éirimeamhail aige dárabh aimn Comhgán
le n-a chéad mhnaoi, b'í seo máthair Chuimín Fhada naoimh.
Acht an uair phós sé an ath-uair chuir a dhara bhean dúil
mhór i gComhgán, agus, toisc ná géillfeadh seisean dá
toil, chuir sí d'fhiachaibh ar dhraoi Mhaolochtair an t-ógánach
do bhualadh le slait no le dlaoi fulla. Dhein seisean é
féin do nighe agus níor thúisce san 'ná tháinig nascóide
ar a chroiceann, thuit a chuid gruaige dhe, chaill sé a
mheabhair, agus d'imthigh sé ar ghealtaigh. Chuireadh an
dlaoi fulla ag rith is ag crith is ag léimrigh duine díreach
ar nós geilt. 29



Léaghtar fós gur tháinig Lobhán draoi ó Albain aimsear
Chuilm Cille, óir chualaidh sé teisteas ar oineach Eochach
Aontsúla sínsear síl Shúilleabháin. D' iarr sé tabhartas
ar Eochaidh, agus, má iarr, ní shásóchadh aon bhrontannas
eile é acht leath-shúil an Éireannaigh Bhí de uamhain is
de eagla ar Eochaidh roimh cáineadh an draoi gur thug sé
an leath-shúil dó cé gur fhág san é féin i n-a dhall. Tharla
Ruadhán Lothra láithreach, agus bhí de dhéistin air gur
iarr sé ar Dhia súla Lobháin do chur i gceann Eochach
feasta, agus innistear dúinn gur géilleadh dá
athchuinge. 30



LIAGHA. — Má dheineadh draoithe iasachta díoghbháil,
féin, dheineadh a thuilleadh aca fóirithin agus leigheas. Bhí
draoi darabh ainm Trostán i bhfochair na gCruithneach do
tháinig go hÉirinn i n-aimsir Eireamhóin. Tharla drong
eile i n-achrann i nEireamhón an tráth úd; agus is amhla
bhíodar agus nimh ar arm gach aoin aca ionnus, pé beag
mór an créacht do dhéanfaidís, ná raibh leigheas ar bith
ar an othar go bhfhaghadh bás. Chualaidh Eireamhón go raibh
leithéid Trostáin ar na Cruithneachaibh agus go raibh i n-a
chumas na hothraigh do leigheas. Chuir sé fios air; agus,
cé gur imthigh urmhór na gCruithneach go hAlbain i dtráth
d'fhan Trostán draoi agus cúigear eile aca i nÉirinn
agus fuaireadar fearann i mBreaghmhaigh ó Eireamhón. 31


L. 36


Tá an rann so i dtaoibh draoidheachta le léigheamh i
nEachtra an Amadáin Mhóir:



Cuireas an gaiscidheach faoi le draoidheacht
An leath chois mar do bhí ariamh;
Annsoin do ráidh an Gruagach glic
Bímís-na anois ag triall. 32



OIDIDHE. — Léaghtar ag Iúl Caesar i san seismheadh
leabhar dá stair go raibh tearmonn ag na draoithibh do
tháinig i n-iarthar Eórpa ag seóladh scol do'n Fhrainnc.
Is inmheasta gur ó Éirinn do thriall na draoithe so de
bhrigh gur bh'í Éire tobar draoidheachta iarthair Eórpa an
tan soin agus gur bh'í an Ghaedhealg an teanga do na
draoithibh céadna. Bhí saoirse agus cádhas aca mar aon
le tearmonn ó uaislibh na Frainnce. Agus bhronntaidhe
ór ortha i nÉirinn:



Labhras Fearghus na mbriathar gceart
Ó's é do bhronnadh an t-ór ar dhraoi
Go bhfuair do Oscur cead ó Gholl
Dul chum comhraic leis an mhnaoi.



I gCruachain is eadh fuair beirt inghean Laoghaire
oileamhain agus tabhairt suas fé chúram bheirte druadh.
Draoi an chéad oide do bhí ag Colm Cille féin: fáidh a
thugtar air i Leabhar Leasa Móir.



FÁIDHE. — Níor bh'é seo an t-aon fháidh do bhí ortha. An
ghorta do bhí i nÉirinn agus Conn Céadchathach i bhflaitheas
na críche, thairngir draoi Mhogha Nuadhat go raibh sí ag
teacht; agus dá bhrígh sin chuir Mogh Nuadhat gach ar
fhéad sé de arbhar i dtaisce go raibh a iothla lán. An
uair bheir an aimsear chruaidh ar an bpobal mór ní ba
dhiadnaighe, b'éigin dóibh teacht ag triall ar Mhogh ar lorg
bídh, idir náimhdibh agus cáirdibh, agus d'eirigh leis mórán
aca do chur fé chíos agus fé cháin agus fé smacht ar an
gcuma soin.


L. 37


Bhí taidhbhreamh ag Eochaidh mac Earca rí Fear Bolg
roimh ghabháltas Tuatha dé Danann, agus d'innis sé dá
dhraoi Ceasarn é. B'é míniughadh thug an draoi air go
raibh namha chomhachtach ag déanamh ortha. Tharla Cath
Muighe Tuireadh i ngearracht aimsire mar a raibh draoithe
gach sluaigh ag cleachtadh a gcleas ar mhaithe le n-a
muinntir ar charraigeachaibh is ar bhallaibh ar pháirc an
bhuailte no gur buadhadh ar Thuathaibh dé Danann.



Deir inghean ríogh Gréag so i dtaoibh a hathar i nEachtra
na Mná Móire thar lear:



Na draoithe dhearbhuigh faistine dhó —
Mo mhallacht dóibh go bráth arís —
Go mbéarainn mac do scriosfadh an Ghréig
Is do bhainfeadh dhe féin a cheann gan scíth.



Do bhíos-sa lá cé dubhach an scéal,
Ar áilneach béith ag sileadh súl;
Le draoidheacht chrosta m'athar féin
Do chailleas mo scéimh agus mo shnúdh.



I gcionn tamaill tar éis bháis Chonaire Mhóir tionóladh
dáil i dTeamhair i gcúirt Earca mic Cairbre. Bhí
Meadhbh is Ailill i láthair ó Chonnachtaigh, Cúroi Mac Dáire
ó Dheasmhumhain, Tighearnach mac Luchta ó Thuadhmhumhain,
agus Fionn mac Rosa rí Laighean. Ní bheadh aon bhaint aca
le Ultaibh, óir bhíodar uile i n-a gcoinnibh. Theastuigh
uatha a dhéanamh amach cia bheadh mar áirdrígh i ndiaidh
Chonaire. Marbhuigheadh tarbh. Chaith fear a dhóthain mhór
de'n fheoil is de'n anbhruith is chuaidh chum codlata dá
bharr. Tháinig ceathrar druadh ag cantan ós a chionn
annsoin, agus chonnaic sé tré aisling comharthaidhe an
áirdríogh do bhí le beith aca. 36



Thairngir draoithe Mic Con dó nach mairfeadh leath-


L. 38


bhliadhain muna bhfaghadh sé Teamhair. 37 Agus do dhein
draoi eile tairngreacht i dtaoibh Brighde sul ar rugadh í. 38



EADARGHABHÁLUIDHTHE. — An tan mheas maithe Mumhan
Corc is Cormac do dhóghadh is a luath do chur le sruth
toisc gur clann toghartha bhí ionta chuir Dineach draoi mar
athchuinge ortha gan Corc do mharbhadh acht a thabhairt dó
féin. Ghéilleadar do'n draoi, agus rug seisean Corc
ar muir leis go hInis Bhaoi mar a raibh an chailleach
Baoi i n-a cómhnuidhe; agus d'fhág sé fé n-a comairce
siúd é feadh bliadhna. Annsoin chuir sé fé chomairce
Sáruithe é: b'í siúd sean-mháthair Chuirc féin i leith a
athar agus a mháthar. Agus d'eirigh le Corc ríoghacht na
Mumhan do ghabháil i dtráth. 39



COMHAIRLEOIRIDHE. — Is léir as so nár bh'annamh
righte fé chomaoin ag draoithibh. Do fhiafruigh Eochaidh
Feidlioch dá dhraoithibh cá áit a ndéanfadh longphort,
agus adubhradar leis a dhéanamh i nDruim na nDruadh
le n-a ráidhtear Cruachain. 40



Tráth dár theastuigh ó Chonchubhar mac Neasa labhairt
le n-a lucht leanamhna ní raibh de chead aige focal do
rádh no gur chuir Cathbhadh draoi ceist air i dtosach. Agus
is é Cathbhadh do thug cómhairle dhó agus é ag dul chum
catha le Meidhbh.41



Bhí Eochaidh rí Laighean ag brath ar bheith i n-a áirdrígh
i n-inead Néill Naoi nGiallach; agus chómhairligh draoi
dhó gan geasa na Teamhrach do choill. "Óir is dá
geasaibh," ar seisean, "gan rí do shuidhe inte chum flaitheas
Éireann do ghabháil go ngeobhadh nasc niadh fé n-a bhrághaid
no go ngeobhadh grádh ridire gaiscidh." Thréigh Eochaidh
an Teamhair annsoin, agus tháinig Niall go Teamhraigh
is do ghaibh flaitheas Éireann. Agus Eochaidh ag triall
thar ais go Laighnibh bhuail sé isteach i dtigh Laidcinn
mic Bairrcheadha, draoi Néill. Thug mac an draoi
masladh ar Eochaidh; agus, má dhein, do mhairbh Eochaidh


L. 39


ar an láthair sin é. Do ghearán an draoi an taistealuidhe
le Niall gan mhoill; agus d'áitimh sé air dul agus
Laighin do chreachadh. B'éigin do Eochaidh géilleadh do
Niall dá dheascaibh so; agus d'órduigh an draoi do lucht
leanamhna Néill annsoin Eochaidh do cheangal le slabhradh
do choirthe chloiche ar bhruach Sláine cois Cille Brighde go
marbhóchadh naonbhar laoch ann é. Ceangladh é: acht do
stol Eochaidh an slabhradh ó chéile le corp gaiscidh agus
do scaoil é féin is do sceinn uatha go hAlbain. Mhairbh
sé Niall 'shan Fhrannic i dtráth. 42



Agus Pádraig naomhtha féin ag déanamh ar Theamhraigh
beirt dhruadh do chómhairligh do Laoghaire cad budh chóir
dó a dhéanamh. 43



Bhí dhá mhac déag ag Cas sínsear Dháil gCais, agus b'é
Lughaidh Dealbhaeth an mac b'óige aca. Bhí seisear mac
ag Lughaidh agus inghean dárabh ainm Aoife. Thug sé
Aoife mar mhnaoi do Thrad mac Tasaigh a bhí i na-fhlath
ríoghdha is i n-a dhraoi. Ó'n Trad so gairmthear Trad-
raighe i dTuadhmhumhain.



CEÓ DRAOIDHEACHTA. — Agus Cath Cuile Dreimhne ar
siubhal thóg draoi Dhiarmada arba druadh idir an dá
shluagh. A Dhia, arsa Colm Cille, cia an fáth ná baintear
dinn an ceó? Deineadh amhlaidh i gcionn tamaill de
bharr cleasa, agus buadhadh ar Dhiarmuid. 44



DRAOITHE TUATHA DÉ DANANN. — Níor bh'ionann
draoidheacht Tuath Dé Danann agus an draoidheacht go
bhfuilmíd ag tagairt di. Agus an aicme seo i n-a
gcómhnuidhe a bhfad is a bhfad ó shoin i gcrích na hAithne
innistear dúinn go dtáinig cobhlach mór ó chrích na Síria
ag déanamh cogaidh ar lucht críche na hAithne i dtreó
is go mbídís i n-achrann i n-a chéile gach lá. Acht an
drong de mhuinntir chríche na hAithne do mharbhuightidhe
indiu, abair, tugadh fé ndeara gurab é an drong chéadna
do bhíodh ag troid lá ar na bháireach. "Tré dhraoidheacht
Tuath Dé Danann do ghnithidhe so, óir do chuiridís deamhna
i sna corpaibh chum a n-aithbheodhchana." 45


L. 40


Is iad so na daoine céadna do bhí i nÉirinn ní ba
dhiadhnaighe. Is iad do chruinnigh timcheall chloinne Míleadh
an uair ghabhadar súd cuan i nInbhear Sláinge is do chuir
ceó draoidheacha ós a gcoinn ionnus gur ruagadh mic
Míleadh ó'n oileán amach arís leis an ndraoidheacht so
is gur bh'éigin dóibh dul timcheall Éireann. Gabhadar
cuan annsoin ag Inbhear Scéine, agus thángadar i dtráth
go Teamhair. Tar éis beagán connspóide annsúd le
cloinn Chearmada chómhairligh Aimheirghin dá ghaoltaibh
féin triall thar n-ais go hInbhear Scéine agus dul i n-a
longaibh feadh naoi dtonn ar muir. Dheineadar uile
amhlaidh. Acht chomh luath agus chonnaic Tuatha Dé
Danann ar muir iad deir an seanchus gur thógadar gaoth
ghaibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar muir, agus
tugadh bádhadh is scaipeadh ar chlannaibh Míleadh dá
dheascaibh. 46



Do bádhadh cóigear díobh san,
De chlannaibh meara Míleadh,
I gcuantaibh Éireann na rann
Le draoidheacht Tuath Dé Danann.



Deirthear linn go ndeachaidh Tuatha Dé Danann go
luath i bhfochair an tsluaigh sidhe go tíorthaibh na mbeó,
"áit ná bíonn bás ná peacadh ná ionnarbhadh."



CROSÁNTACHT. — Leis an aimsir níor tuigeadh cad ba
dhraoi agus draoidheacht ann chomh cruinn agus mar tuigeadh
agus na draoithe fó réim. Do réir mar leath an
creideamh shaoil daoine gur chuma draoidheacht no
geintlidheacht agus gur bh'aon nidh amháin geintlidheacht
agus crosántacht. Tá Seathrún Céitinn mar ughdar
againn gur géilleadh do'n chrosántacht so a bhfad anuas
i nÉirinn.



Lá dá raibh Caindeach naomh i n-oileán Rosa Cré chonnaic
sé sluagh díomhór deamhan ag imtheacht an aoir ós a chionn.47
An uair cuireadh corp Dhonnchadha mhic Cheallaigh athair


L. 41


céile Dhonnchadha mhic Fhlainn tSionna i Saighir Chiaráin
tháinig naonbhar de chrosánaibh ciabhacha cíordhubha ar an
uaigh agus ghabhadar ag cliaraidheacht amhail is béas do
chrosánaibh ó shoin anall; agus ba ghile a súla is a bhfiacla
'ná sneachta is ba dhuibhe 'ná gual gabhann gach ball eile
dhíobh. Gach duine chíodh iad agus iad ag cantain ar
uaigh Dhonnchadha dheineadh galar lae is oidhche dhóibh. Fé
dheireadh tháinig iongnadh ar chléir na dúthaighe, óir ba
dheighfhear an Donnchadh so má bhí deighfhear ar an saoghal
riamh; agus níor thuigeadar cad fé ndeara do chrosánaibh
bheith ag coimhdeacht an chuirp mar soin. Dá réir sin
dheineadar tréigheanas agus urnuighthe feadh trí lá go
bhfoillseochaidhe dhóibh cad fáth gur lean na deamhna corp
an ríogh. Agus tháinig aingeal Dé agus adubhairt leó
gurabh é sin an treas feacht ag na deamhnaibh ag teacht i
nÉirinn as ithfreann ag déanamh buaidheartha ós cionn
chuirp an ríogh mar nár fhéadadar faill do fhagháil air
agus é i n-a bheathaidh. Do chómhairligh fós dóibh Aifreann
agus uisce coisreacan do dhéanamh lá ar na bháireach,
agus an t-uisce do chrothadh ar an uaigh agus ar an roilig
uile. Deineadh amhlaidh, agus leis sin d'imthigh na deamhna
as radharc cháich, is ní fhacthas ó shoin i leith iad. 48



Is fá'n am soin do bhí an crosán Fionn Ua Cionga is
mac Rionntach Ua Conoráin ann. Dubharthas gur
mheabhruigh siad so a nduain ó'n naonbhar crosán do
tháinig ag déanamh buaidheartha ós cionn chuirp Dhonnchaidh
mic Ceallaigh ríogh Osruighe is do leanadar do'n
chrosántacht mar ealadhain go bás.



Abair is ná leantar do'n chrosántacht mar ealadhain i
nÉirinn anois ní fhágann san lucht na tuatha gan piseóga
go flúirseach aca fós. Dá ndéanfaidhe na piseóga so
do scrúdughadh ní'l baoghal ná go míneochaidís mórán
mór i seanchus na hÉireann nach féidir le coigchríochaibh
ná leó so go bhfuil a n-áitreabh i mbailtibh móra no i
gcaithreachaibh a thuigsint indiu. Béal-oideas na
nGaedheal eochair an tseanchusa dúthchais, agus gan an


L. 42


béal-oideas soin go cruinn ag staruidhe an lae indiu
ní'l i n-a theagasc acht buille fé thuairim, ar an gcuid is
mó dhe. Ní chuireann ár mbéal-oideas crosántacht ná
piseóga i leith na ndruadh ar leithligh, agus ní cóir a
gcur i n-a leith acht chomh beag. Níor bh'iad na gnása ba
dhual do dheagh-dhraoithibh.



CALMÓIR.


L. 43


CÁBLA NA HATLAINTICE.



Budh dheocair a rádh cia ar bh'é an chéad saoi do chuimhnigh
ar theachtaireacht teintrighe do chur i gcéin. Acht innis-
tear dúinn ná raibh Agamamnon dall air; agus, dá
chómhartha san, Agamamnon do b'ainm do'n chéad luing a bhí
ag leagan Cábla na hAtlaintice i lár na naomhadh aoise
déag. Is eól dúinn go ndearna Gailileo tagairt i
mbliadhain a 1632 do teintridheacht na maigneite, is eól
dúinn fós go raibh eólas ag an Athair Fabiano Strada ar
theintridheacht agus dóchas aige, sul a bhfuair sé bás i
mbliadhain a 1649, go bhféadfaidhe úsáid do dhéanamh de i
gcomhair teachtaireachta



Spáinneach dárab ainm Salbha an chéad duine adubhairt,
i mbliadhain a 1795, gur bh'fhéidir feidhm do bhaint as
teintridheacht fó mhuir. Sé bliadhna déag ní ba dhiadhnaighe
bhain Somaraing 1 agus Scilling 2 iarracht as an srang
teintrighe i gcómhair teachtaireachta, agus chuige sin
dheineadar an srang d'fholachtain i gcumhdach cúitsiúc'.
Ní'l aon deimhniughadh againn, ámhthach, gur eirigh le
teintridheacht fó mhuir chum gur thug duine de mhuinntir
Sheachnasaigh iarracht faoi 'san Úiglighe 3 ar son Comhlucht na
nIndiach Thoir i mbliadhain a 1838. Chuir seisean srang
fó phíc isteach i rótán 4 scoiltthe, chas sé cnáib tarrtha
timcheall air sin agus cnáib fó phíc timcheall ortha uile.
B'é a thuairim go bhféadfaidhe srang mar soin do leathadh
treasna páirce fliche, no do leagan 'san abhain, agus go
bhfaghfaidhe cómharthaidhe teintrighe tríd gan locht ionta.
Mhínigh ollamh darabh ainm Faobharchloch 5 do chomhdhaltas
Feise i mbliadhain a 1840 slighe dár cheap sé féin chum


L. 44


sranga teintrighe do leagan ó Dhóbhar 6 go Calais.7 Ba
bheag nár bh'ionann é agus slighe Ui Sheachnasaigh acht beagán
feabhsa do bheith air. Chuir an tOllamh Mors 8 caisidhe
teintrighe 9 no srutha aibhléise tré shrang treasna cuain
Eabhraic Nuaidh i mbliadhain a 1842. Cnáib agus é
súighte i dtarra is i bpíc agus cumhdach cúitsiúc' 10 i n-a
dtimcheall a bhí mar adhbhar foluighthe aige ar an srang.
Leag Easra Coirneill 11 .i. bunaidhe Iolscoile Coirneill,
cábla 'san Udson 12 i mbliadhain a 1845 i dtreó is go
mbeadh baint ag Dún Laochdha 13 is Eabhrac Nuadh le
chéile feasta. Sranga umhaidh a bhí ann, cotún mar
chumhdach ortha, cúitsiúc dá bhfolachtain, agus píop luaidh
dá gcosaint uile. D'eirigh leis go maith chum gur briseadh
le leacoidhre é fé cheann bliadhna. An bhliadhain sin .i.
bliadhain a 1846, leagadh srang eile i gcuan Béalphuirt. 14
Cúitsiúc a bhí ghá folachtain, agus d'eirigh le Caireall West
cómharthaidhe do chur tríd ó bhád go tráigh. Tugadh an
iarracht so féachaint ar bh'fhéidir teachtaireacht teintrighe
do chur ó Shacsaibh go dtí an Fhrainnc; acht níor bh'fhéidir
dul chum cinn leis d'easba airgid.



Bhí beirt dhearbhráthar de mhuinntir Bhreit 15 ag gabháil
do theintridheacht i gcoitchinn fé'n am soin, ámh. I
n-aindeoin neamhshuime Riaghaltais Shacsan thugadar so
comhlucht le chéile chum srang teintrighe do leagan idir
Dhóbhar is Calais. An chuid de seo do leagadh ar dtír
srang umhaidh a bhí ann; bhí an srang clúdaighthe le cotún,
agus san féin súighte i gcúitsiúc leaghta. Bhí píop de
luadh throm mar chumhdach cosanta ar an gcábla so.
Guta peirce leath-órdlach i reimhre a bhí mar chumhdach
ar an gcuid eile de'n srang. Tromuigheadh é le cnapán-
aibh de luadh trom is gach cnapán díobh céad slat ó
chéile. D'eirigh leó a chur fó mhuir mar seo, agus teach-
taireacht do chur chum Laoise Napóilean Bónapart i


L. 45


dtreó gur léir go bhféadfaidhe feidhm do bhaint as. Acht
shaoil iascaire ó Bhúlong 16 gur múr éigin iasachta bhí ann;
thóg sé isteach i n-a líon é, agus d'fhág sé balbh go bráth é.



Leag duine de mhuinntir Shiubhlaigh 17 féith 18 dhá mhíle
slighe ar fhaid is guta peirce mar chumhdach air i Muir
nIocht i mbliadhain a 1849. Bhí an srang so casta ar
dhruma ar bórd luinge, agus scaoiltidhe amach é do réir
mar ghluaiseadh an long chum cinn. Ceangladh é cois
trágha ag Fócstón 19 do shrang aeir a bhí ag dul go ceann
cheithre fichead míle slighe le hais an bhóthair iarainn,
agus ar an gcuma so d'eirigh le fear ar bórd na luinge
agus le fear eile i Lúndain scéalta teintrighe do chur
chum a chéile. Fé cheann cúpla bliadhan eile .i. 1850 — 51,
leagadh cábla idir Dhóbhar is Calais arís. Bhí cheithre
sranga umhaidh 'san cábla nuadh agus dhá shrath de ghuta
peirce mar chumhdach ar gach srang aca. Leagadh na
féithe le hais a chéile, agus líonadh an spás a bhí eadartha
le cnáib tharrtha na Rúise. Cumhdaigheadh iad uile le téid
galbhánta. 20 Bhí deich gcinn de shrangaibh iarainn 'san
téid agus iad uile casta i bhfuirm spíre 21 timcheall na
bhféith is na cnáibe. Seacht dtuna an mheadhchain a bhí i
ngach faid míle de'n chábla soin agus é críochnuighthe.
Cé nár leagadh é gan mórán dá dhuadh, d'eirigh leis go
hiongantach.



Trí uaire i gcaitheamh 1852 measadh Éire is an Bhreatan
Mhór do cheangal le gléas teintrighe. An chéad iarracht
bhí an cábla ró-éadtrom do'n suathadh dheintidhe le
anncairíbh is le sna sruthaibh a bhíonn de ghnáth i mbun
na fairrge idir Bhinn Éadair is Moin Chonaing. 22 An
spás a bhí idir na féithe agus an cumhdach iarainn 'san
chábla so, measadh é fhágaint follamh glan. An dara
iarracht, ó Phórt Phádraig 23 i nAlbain go Domhnach Diagh. 24
deineadh smidirínidhe de'n chábla is é dá leagan. Féith


L. 46


umhaidh a bhí ann is é cumhdaighthe le cúitsiúc. Lastmuigh
dhe sin bhí guta peirce, agus taobh amuigh dhe sin arís
casadh cnáibh. Acht bhí sé ró éadtrom, agus mar adubhradh,
d'imthigh sé leis an taoide agus é dá leagan. Níor
eirigh leis an treas iarracht acht chomh beag. Idir an dá
áit chéadna measadh an cábla do leagan an taca san.
Acht leagadh cábla do Chomhlucht na Maigneite 25 i mbliadhain
a 1853, agus d'eirigh leis go buan. An mheadhchain
chéadna bhí aige seo is ag an gcábla ó Dhóbhar go Calais.
Bhí sé féithe ann, agus b'é an chéad bhuan-chábla é idir
Éirinn is an Bhreatain Mhóir.



An bhliadhain i n-a dhiadh san leagadh cábla idir Dhóbhar
agus Oisteind. I n-a dhiadh so arís leagadh cáblaidhe ó
Shacsaibh go Tír fó Thuinn is go dtí an Ghearmáin, ó
Dhanmarc go Suidín, 26 ó'n Iodáil go Corsaic 27 is ó
Shairdín 28 go Tuaisceart Afraice. An taithighe is an
t-eólas a bhí faghta roimh ré baineadh feidhm asta agus na
cáblaidhe so dá leagan. Mar a chéile cuireadh feabhas ar
an leagan is ar an gcumhdach do réir mar fuairtheas
eólas is mar mhothuigheadh gábhadh le feabhas. An taithighe
is an t-eólas a fuairtheas 'san uisce dhoimhin i Muir
dToirrian, 'san Muir Dhuibh is i mballaibh eile, sin iad a
ghríosuigh daoine chum tabhairt fé chábla na hAtlaintice.



Agus an saothar so ar siubhal 'san Eóraip tugadh cead
do dhuine de mhuinntir Ghiosboirn 29 cathair Shain Seán i
dTalamh an Éisc agus Rinn na Ré 30 i mBádh Labhráis
Naomhtha do cheangal Le srang 'san aer. Is eadh bhí
ceaptha ag lucht na líne seo eólas d'fhagháil ó longaibh a
thagadh ó Lúndain go cathair Shain Seán agus an t-eólas
san do chur go Rinn na Breatan 31 le colúraibh. Leag Cír
MacGuirt 32 agus daoine eile cábla ó chathair Shain Seán
go Canada is go líntibh Aimeirce i mbliadhain a 1856.
Bhí mór-chuid de shrangaibh caola i bhféith an chábla so i


L. 47


dtreó is go ngluaisfeadh an teachtaireacht go tapaidh
is go bhféadfaidhe an ghleas do láimhsiughadh go haiclidhe
is feidhm 'san mbreis do bhaint as.



Ó'n lá bhain Cír MacGuirt le teintridheacht fó mhuir 33
ba bheag nár dheimhin go dtiocfadh cábla na hAtlaintice
lá éigin. Acht ba mhór an cúram é an cábla do leagan.
'San chéad dul síos ní raibh thar céad is deich míle slighe
'san chábla ba shia dár leagadh roimis sin; agus bhí Éire
agus Talamh an Éisc suas le 2,000 míle slighe ó chéile.
Trí chéad feadh an doimhneas ba mhó i n-ar leagadh cábla
roimis sin; bhí urmhór na hAtlaintice, idir an dá bhall
so, trí míle slighe i ndoimhneas. Deineadh meadhachtain ó
longaibh de Chabhlach Aimeirce i mbliadhain a 1856, ámh,
agus fuairtheas eólas taithneamhach asta súd i dtaoibh buin
no leabadh na hAtlaintice. Pé scéal é, chuir Cír Mac-
Guirt comhlucht ar bun i nEabhrac Nuadh: Comhlucht
Teintrighe Eabhraic Nuaidh, Talaimh an Éisc agus Lúndan 34
ba theideal dó. Tháinig MacGuirt go Sacsaibh meadhon
fhoghmhair i mbliadhain a 1856 agus dhein sé margadh le
De Breit is De Brít 35, daoine go raibh a n-ainm i n-áirde
cheana i dtaoibh cáblaidhe. Ghealladar uile dá chéile go
ndéanfaidís uile a ndicheall chum cábla teintrighe do
leagan ó Thalamh an Éisc go hÉirinn agus Comhlucht
Teintrighe na hAtlaintice, no a leithéid, do bheith mar
ainm air. Cuireadh an Comhlucht ar bun gan mórán
fothraim. Fuairtheas 350,000 púnt airgid i n-a chómhair
i Sacsaibh is i nAlbain fé lár na Samhna .i. trí chéad go
leith scar, is míle púnt i ngach scar aca. Theastuigh ó
MhacGuirt 75,000 púnt d'fhágaint i leith Aimeirce, acht
samhluigheann sé nár chuir muinntear Aimeirce aon
an-spéis 'san ghnó. Toghadh ocht nduine dhéag mar
Chómhairle do'n Chomhlucht mí na Nodlag .i. móirsheisear
ó Lúndain, seisear ó Libhearpúl, 36 beirt ó Mhanchain, 37
beirt ó Ghlaschú agus duine ó Eabhrac Nuadh. Toghadh De


L. 48


Brít mar árd-inealtóir, 38 Báinteach 39 mar theintearuidhe, 40
is MacGuirt mar cheann urraidh. Bhí an tOllamh Mac
Tomáis 41 ar an gcómhairle, acht ní raibh aon bheart eile
aige i dtosach.



Sul ar chrom an fhuireann nuadh so ar a gcuid oibre
bhí comhdhaltas sealadach ar lorg cábla oireamhnaigh.
Leagadh breis agus trí fichid saghas cábla ós a gcómhair,
agus do thoghadar féith an-éadtrom: céad agus seacht
bpúint i gcómhair míle mara an mheadhchain do bhí 'san
bhféith umhaidh agus dhá chéad is trí fichid púnt no mar
soin i gcómhair míle mara 'san guta peirce 42 bhí i n-a
thimcheall. B'fhearr le De Brít 392 púnt do bheith i
ngach míle mara de'n bhféith is an mheadhchain chéadna 'san
chumhdach guta peirce. Budh mhaith le Mac Tomáis is
le Bheárlaigh 43 féith throm, leis, acht b'fhearr le Báinteach
ceann éadtrom. Bhí sé ró-dhiadnach ámh chum an margadh
d'athrughadh. Meascadh tarra is píc, cír is íle mine
ruis 44 le chéile, deineadh cnáib do shughadh annsúd, agus
casadh an chnáib súighte sin timcheall na féithe. Cuireadh
cumhdach eile no sciath spíre 45 timcheall air seo. Bhí
ocht srana 46 déag ann agus seacht sranga iarainn i
ngach sran i dtreó is gurabh Uimhir a 14 an tomhas treasna 47
bhí 'san sran chríochnuighte. Annsoin tairgeadh an cábla
so tré tharra leaghta. Tuna an míle mara a mheadhchain
'san aer, trí chéad déag go leith 'san uisce; agus iomchur-
óchadh sé trí thuna is ceathramha 'san uisce, no a mheadhchain
féin fó chúig. Bhí dhá srang déag i n-ionad seacht srang
mar chumhdach ar an gcábla i n-aice talmhan, agus dá
réir sin bhí naoi dtuna de mheadhchain i ngach míle de'n
chábla go chean i deich míle slighe ó Éirinn amach agus go
ceann chúig míle déag ó thalamh an Éisc toisc carraigeacha
do bheith go líonmhar 'san dá áit. Bíonn a dhá oiread so
de mheadhchain 'san chábla cois talmhan anois.


L. 49


Bhí 1640 míle mara idir dhá cheann an chábla .i. ó Chuan
Dairbhre i gCiarraighe go Bádh na Trionóide i dTalamh
an Éisc, agus measadh nár mhór 2,500 míle mara de
chábla i n-a chómhair toisc gan bun na fairrge do bheit
comhthrom, agus níor bh'fhios ná go n-imtheochadh nidhthe
eile bun os cionn. Níor fhágadh i gcómhair a dhéanta so
uile acht cheithre mhí; agus chum a dhéanta níor mhór faid
367,500 míle mara de shrangaibh do tharrac as 1687
tuna iarainn. Na sranga umhaidh is iarainn do snaoidheadh
i gcómhair an chábla soin ar leithligh rachaidís trí uaire
déag timcheall na cruinne, no ó chruinne go gealaigh, is
níosa shia i gcéin. Deineadh 1,200 srang do'n chéad
uair is faid dhá mhíle mara i ngach srang aca. Ceangladh
iad so as a chéile arís i dtreó is ná raibh acht ocht sranga
ann agus faid 300 míle i ngach srang aca. Ní gábhadh a
rádh go ndeachaidh nidhthe bun os cionn anois is arís agus
na sranga so ghá ndéanamh fé dheithneas. Cuir i gchás
an cumhdach guta peirce: chonnacthas ná bíodh an fhéith
istigh i gceartlár an chumhdaigh seo i gcomhnuidhe agus dá
réir sin go raibh locht ar an gcábla. Ní dheintear a
leithéid i n-aon chor anois. Do réir an mhargaidh, tugadh
suas le ceathramha milleóin púnt ar an gcábla so i
n-iomshlán: chosnóchadh cábla Atlaintice a dhá oiread
san anois, no a bhfad níos mó, b'fhéidir.



Mar adubhradh, níor fhágadh aimsear go leór i
gcómhair déanta an chábla; mar a chéile, níor fhágadh a
dhóthain aimsire i gcómhair a chasta is na háruistíbh, 48 i
gcómhair ghléasta loingis oireamhnaigh, ná i gcómhair
ghléis chum an cábla do leagan 'san fhairrge dhoimhin. An
gléas le n-a scaoiltidhe fé'n bhfairrge an cábla, ba
ghearr gur léir ná raibh sé láidir go leór ná aiclidhe go
leór; agus níor bh'annamh a bhíodh an lámh uachtair ag an
gcábla toisc gan cur i gcoinnibh 49 go leór do bheith 'san
ghléas acht amháin 'san mhuir éadoimhin. An gléas nuadh
fuairtheas i gcómhair scaoilte an chábla is amhla bhí sé
ró-láidir, ró-throm, ró-roighin, agus ba bhaoghal go ropfadh
sé an cábla dá mbeadh sé i bfeac. Le roth láimhe is


L. 50


eadh riairtidhe comhacht cosctha an ghléis sin, agus bhí
smacht aige ar ghlinn greama 50 do bhíodh timcheall ar roth
cosctha. 51 Bhíodh cumhdach timcheall gléis tiomána 52 ghacha
luinge, leis, ar eagla go rachadh an cábla i n-achrann 'san
ghléas dá ndruideadh an long chum deiridh.



Chuir Riaghaltas Shacsan an Agamamnon fé chúram
lucht leagain an chábla. Bhí baint ag an luing sin le
lámhchadh Seabastopoil beagán bliadhan roimis sin. Chuir
Riaghaltas Aimeirce an Niagara, 53 an long do b'fhearr i
n-a gCabhlach súd, fé n-a gcúram, mar a chéile. Bhí trí
longa ba lugha 'ná iad so fútha chomh maith céadna, agus
ghluaiseadar súd i dtosach d'fhonn an tslighe do thais-
beaint is do thómhas do sna longaibh móra. Ghluais an
Niagara ó'n Meirsigh 54 agus an Agamamnon ó'n Teims, 55
agus casadh ar a chéile iad ag Cóbh Chorcaighe i ndeireadh
Iuil i mbliadhain a 1857. Dheineadar an cábla ar fad
do infhiuchadh is do chur fó theist annsúd, faid 2,500 míle
dhe. Ghluaiseadar annsoin go Dairbhre, agus leagadar ó
thalamh amach an cábla. Bhí mór-áthas ar an bpobal dá
bharr so, is bhí gach árthach dá raibh 'san chuan fé bhratachaibh
glé. Socruigheadh gur máirnéalaigh ó Aimeirce thabharfadh
an cábla ar dtír i nDairbhre agus gur máirnéalaigh ó
sna tíorthaibh so thabharfadh ar dtír é i nAimeirce.



An cúigmheadh lá de Lughnasa 1857 tugadh an cábla ar
dtír i mBaile Chairbre, 56 trí míle slighe ó Chathair Saidhbhín 57
siar. Lá ar na bháireach ghluais an Niagara roimpe chum
an cábla do leagan go lár na fairrge. Bhí an
Agamamnon chum é shnadhmadh annsoin is an chuid eile
do leagan go feórain Aimeirce. Chúig míle slighe
amach, ámh, chuaidh an cábla i n-achrann 'san ghléas agus
ropadh é. Acht láimhsigheadh agus tógadh é ó thráigh amach
agus snadhmadh arís é gan mórán moille. B'éigin stad
ocht míle slighe ó thír agus an cábla trom, a leagadh cois
talmhan, do shnadhmadh le cábla ní b'éadtruime a bhí


L. 51


ceaptha i gcómhair na fairrge doimhne. Deineadh so go
cliste, scaoileadh ceann an chábla thruim go híochtar
fairrge le slabhra láidir, agus cuireadh dhá chómhartha os
cionn na háite mar ar snadhmadh an dá chábla. Bhí faid
dachad míle de'n chábla leagtha um nóin an t-ochtmhadh lá.
Bhí deich bhfeadh is cheithre fichid de dhoimhneas 'san bhfairrge
fé'n am soin. Fé mheadhon oidhche bhí chúig míle is cheithre
fichid de leagtha agus breis is dhá chéad feadh i ndoimhneas
na fairrge. Fé n-a hocht a chlog ar maidin bhí faid céad
is fiche míle de'n chábla tabhartha. B'shin a raibh 'san
cheirtlín 58 ar bórd deiridh na luinge. B'éigin ceirtlín
nuadh do láimhsiughadh iar so, agus deineadh an t-athrughadh
san gan duadh. Um nóin bhí suas le céad is dachad míle
de'n chábla scaoilte amach, agus bhí an fhairrge breis is
cheithre chéad feadh i ndoimhneas. Dhá shnaidhm 59 gach uair
a' chluig siubhal na luinge agus í ag leagadh an chábla
thruim cois tíre, shiubhail sí suas le cheithre snadhma gach
uair an chluig leis an gcábla éadtrom. Tar éis tamaill,
shiubhail sí chúig míle gach uair an chluig.



Ar a ceathair a chlog, maidean an deichmheadh lae
de'n mhí, bhí breis agus dhá chéad go leith míle slighe de'n
chábla scaoilte amach, agus bhí an long dhá chéad agus
cheithre míle slighe ó thír. Mothuigheadh go raibh tarrac 60
mór 'san bhfairrge annso, agus maraon leis sin d'eirigh
an ghaoth. Bhí dhá míle feadh de dhoimhneas 'san bhfairrge,
agus b'éigin neart tuna de chosc 61 do chur ar an gcábla
d'fhonn is go mbeadh long is cábla ar aen-tsiubhal.
Timcheall a sé a chlog tráthnóna cuaidh an cábla bun os
cionn. Shleamhnuigh sé as punaibh 62 an ghléis scaoilte
toisc go ndeachaidh píc is tarra i gcruadhas 'san chlais,63
agus d'imthig snaidhm mhór tharsta. Acht leaghasadh so.
Deineadh a thuilleadh cosanta ar an gcábla annsoin,
agus bogadh an tarra le íle. B'éigin an long do stad,
agus scaoileadh an chábla 64 do chosc le ineallaibh cosctha


L. 52


chum gur cuireadh i gceart arís é timcheall na rothán. 66
Gníomh tábhachtach do b'eadh é seo. Dheimhnigh sé go
bhféadfadh an long bheith i n-a stad 'san bhfairrge dhoimhin
is gan bheith ag scaoileadh an chábla, rud ná raibh ró-
dheimhin roimis sin.



Fé cheann tamaill tar éis gluaiste dhóibh arís ba bheag
nár mhó fé dhó siubhal an chábla 'ná siubhal na luinge.
Bhí an long ag siubhal trí snadhma, an cábla suas le sé
snadhma, gach uair an chluig. Annsoin cuireadh neart
chúig chéad fichead de chosc ar an gcábla. Acht níor leór
é. D'eirigh gaoth is fairrge, agus scuabadh an cábla ar
leath-taoibh 67 ó chúrsa na luinge i dtreó is go raibh siubhal
an chábla dhá shnaidhm go leith 'san mbreis ar shiubhal na
luinge fé mheadhon oidhche. Dá dheascaibh so, ní gan
conntabhairt do scaoiltidhe amach an cábla. Leis sin
cuireadh neart deich gcéad fichead de chosc ar an gcábla,
agus méaduigheadh so fós go neart chúig chéad déag ar
fhichid toisc siubhal an chábla do bheith ró-mhear. Dá bharr
so, bhí siubhal an chábla fé bhun chúig snadhm, agus lean
sé mar soin go dtí go raibh faid trí chéad is cheithre
fichead míle dhe scaoilte amach. Annsoin, thárla an
mí-ádh. Ropadh an cábla agus dhá mhíle feadh de dhoimhneas
'san bhfairrge. Seo mar chuir Caireall de Brít síos
ar an tionóisc:



"An uair chuaidh rotha an ghléis i moille budh chóir
an coscaire 68 do bhogadh do réir mar luigh an long
i log 69 na fairrge. An neart cosctha cuireadh ar an
gcábla ba bhun leis an tionóisc. Dá ndeintidhe an
gléas do láimhsiughadh go cliste níor bh'amhlaidh a
thuitfeadh amach … Bhí an fhuireann cortha
glan … An chéad uair eile, beidh gábhadh le trí
fóirne, toisc an obair a bheith chomh dian ortha is mar
atá, agus ní mór clisteacht fó leith i ngnóthaíbh
ineall i gchomhair an chosctha. Ní léir domhsa gur


L. 53


ceart aon easba misnigh orainn dá dheascaibh so.
I n-a ionad san is mó dóchas agam anois 'ná riamh
go n-eirgheochaidh le n-ár n-obair. Acht chómhair-
leochainn arís nár mhór féith agus cumhdach níos
truime 'ná mar bhí againn do sholáthairt feasta fé
mar mholas ó thúis."



D'fhill an loingeas go Béal Plíme 70 annsoin chum an
cábla do scaoileadh uatha. An cábla do cailleadh, faid
cheithre chéad míle, agus an aimsear do caitheadh dhá
leagan, measadh go raibh luach £100,000 ionta.



Tar éis tamaill mhaith aimsire fuairtheas an t-airgead
chum an dara iarracht do thabhairt fé leagan an chábla,
agus ceannuigheadh faid seacht gcéad míle de chábla
nuadh, no 3,000 míle ar fad. Cuireadh feabhais, leis,
ó'n gcéaduair ar ghléas scaoilte an chábla. Mór-mhór,
bhí an tOllamh Mac Tomáis ag scrúdadh an tsean-chábla,
agus ba bheag nár dheimhin leis fé'n am soin go raibh buaidh
fé leith ag an bhfíor-umhadh i gcómhair iomchurtha teintrighe,
agus go mbeadh a mhalairt le rádh i n-a thaoibh dá mba
nár bh'fhíor-umhadh é. Dá réir sin scrúduigheadh go dian
an cábla nuadh. I mbliadhain a 1,858 cheap an tOllamh
so galbhanomatar 71 an scatháin. Dá bharr so bhain brigh
nuadh feasta le comharthuidheacht 72 i gcéin is le teis-
tiughadh teintrighe 73 ar bórd luinge.



Mar ullmhughadh i gcómhair an dara iarrachta so
chuadhthas go Muir Bioscáine, 74 agus cleachtadh gach nidh
dár bhain le leagan cábla céad is fiche míle slighe
siar ó thuaidh ó Chruinne 75 i n-áit go raibh suas le trí
míle slighe de dhoimhneas 'san bhfairrge. Cleachtadh
agus aithchleachtadh scaoileadh an chábla, a shnadhmadh, a
phiocadh suas, a tharrac, a choimeád ar snámh, a leagan i
ndoimhneas na fairrge, agus mar soin de go dtí gur
bh'fhéidir iad uile do dhéanamh gan duadh agus an long ag
siubhal seacht míle slighe gach uair an chluig. Ghaibh


L. 54


Báinteach a leathscéal gan dul i n-aon iomrámh aca so.
D'fhill na longa ar Bhéal Phlíme i dtosach an Mheithimh, agus
i gcionn seachtmhaine ghluais an Agamamnon is an Niagara
go ceartlár na fairrge amach mar a raibh ceaptha aca
bualadh le chéile ag fad 53° 2, 76 leithead 33° 18. 76 Bhíodar
chum an cábla do shnadhmadh annsoin agus leigint do gach
luing aca an cábla do leagan go dtí n-a tír féin. Bhí
Caireall de Brít mar árd-inealtóir ar an Agamamnon,
Ua Canaing 77 is Ua Clúmháin 78 mar lucht conganta, de
Sainte 79 mar theintearuidhe, MacTomáis ag tabhairt
aire do sheómra an teistiúcháin 80 acht gan aon tuarastal
aige as.



Dia Domhnaigh an fichmheadh lá de Mheitheamh, má's fíor
a ndubhairt lucht irise 81 dá raibh ar bórd, beireadh ar an
Agamamnon i stuirm chomh dian is mar mhothuigheadh riamh
'san Atlaintic. Gach conntabhairt dár bheir ar Cholumbus 82
is Da Gama, 83 Magaleins 84 is Ímsceirc, 85 gach guais dár
ráinig do gach iomrámhuidhe ó aimsir Bhréandain is
Chormaic aniar ní raibh ionta acht neimhnidh i gcomórtas
leis an stuirm a bhí ag bagairt báidhte is múchta ar an
Agamamnon go ceann deich lá. Uch! cár chualathas a
shárughadh mar scéal. Oidhche dé Domhnaigh fuair an long
a leithéid sin de shuathadh go ndóbair di tuitim as a chéile.
Bhí an fhairrge mar bheadh fásach sneachta gan teóra ag
gluaiseacht le gaoith. Dia Luain ba dhóigh leó go raibh sí
thar fóir. An cruachán de'n chábla bhí ar bórd uachtair 86
na luinge, ba dhóbair do í phléascadh ó chéile, agus b'éigin
boltaidhe 87 do chur tríd síos d'fhonn a choimeád socair is
an long dhá suathadh anonn is anall. Ba mheasa fós a
bhí an scéal dia Máirt: bhí an long dá tomadh féin i


L. 55


logaibh mara amhail is dá mba mhian léi a drom do
bhriseadh agus an cábla do dhortadh i n-a charnán i n-íochtar
na fairrge. Suathadh í chomh mór san uair gur briseadh
ceann dá treasnánaibh 88 móra. Ácht amháin go bhfuair
sí sos beag anois is arís is i n-olcas a bhí an scéal ag
dul go deireadh na seachtmhaine. Oidhche mhillte ar fad
do b'eadh oidhche dé Sathairn. Ní fhéadfaidhe cómhairle an
chaptaen do chloisint le torann na dtonn agus glór
na gaoithe. Suathadh an long is caitheadh chomh mór san
anonn is anall í go raibh sí chomh fliuch ó'n dtaoibh istigh is
mar bhí sí ó'n dtaoibh amuigh. Leath-uair tar éis a deich
chonnacthas a trí no a ceathair de thonntaibh millte ag
déanamh uirthe. Ba chuma iad no cnuic uisce is iad,
cumhdaighthe le cubhar fhíochmhar. D'eirigh an long go
roighin i gcoinnibh an chéad chinn agus thuit go hobann
arís isteach i n-umar dhoimhin na fairrge. Leis sin thuit
sí ar a clítheán i dtreó go ndóbair í fhágaint béal fúithe
'san mhuir choimhthighigh. A leithéid de réabadh is thárla
dá bharr! D'imthigh ghach a raibh ar bórd chum fáin. Annsoin
d'iompuigh sí ar an gclítheán eile, agus ba dhá dhóbair
di casadh béal fúithe arís. Le n-a linn sin d'aimsigh
an dara tonn í. Chuir so gach nidh bun os cionn is tré
n-a chéile. Ní féidir cur síos air. Caitheadh gach nidh anonn
is anall, síos suas, is ó thaoibh taoibh Ghluais tuile sáile
ar bórd, d'árduigh sé a raibh de ghual ann ar fuid na
luinge agus scuab gach troscán is mion-rud dár ráinig
'san tslighe go fíor-íochtar na luinge. Bhí aoirde cnuic i
ngach tuinn de'n fhairrge mór dtimcheall. Luascadar
so an long fó dheis is fó chlé chúig uaire gan faeseamh i
slighe is go raibh sí 45° ó'n gcomhthrom gach cor aca.
Chuaidh cábla an bhúird íochtair ar seachrán dá dheascaibh
i dtreó is go raibh faid leath-chéad míle dhe casta thar
fóir. Is iomdha duine de'n fhuirinn a gortuigheadh, ní
raibh oiread is duine de'n fhuirinn gan a bheith traochta.
Bhuail tonn mhór deireadh na luinge agus bhris sé an
ghlinn mhór iarainn a bhí ag cosaint an scriú ar an gcábla
agus iad dá scaoileadh amhach. Timcheall a sé a chlog


L. 56


tráthnóna measadh í chasadh timcheall. Agus í ag casadh
chum aghaidh do thabhairt ar an stuirin thuit sí isteach i
log na fairrge arís, agus suathadh chomh mór san í gur
briseadh píob na gaile caithte 89 agus líonadh seómra an
inill 90 le gual. Ba ghearr go raibh na tonnta ag gluais-
eacht tríthe thall is i bhfus agus gach nidh dá raibh inte ar
snámh. Níor tháinig na húrlaisidhe teintrighe, féin,
saor. Bhí an scéal chomh aindeis san maidean dé Luain,
an dara lá fichead, gur socaruigheadh ar í chasadh timcheall
arís ar an raon eile. Nochtadh a clítheán dá dheascaibh
so; bhuail tonn eile í; suathadh ó cheann ceann í, agus
caitheadh ar a leath-cheann í go hobann i dtreó is gur
caitheadh céad go leith de'n dá chéad fear a bhí ar bórd
ó thaoibh taoibh i n-a gcarnánaibh; leónadh breis agus
dachad duine aca; bhí tuile i mbórd íochtair 91 na luinge;
scuabadh an gual isteach i n-árus an inill; cuireadh tros-
cáin is árdáin de dhruim búird chomh maith leis na glinntibh
a bhí ag cosaint na n-ineall; briseadh fuinneóga an
tseómra faire; agus beirt oifigeach a bhí 'n-a luighe,
tógadh ar snámh as a suidheachánaibh iad. B'é seo an
greas deiridh, ámh. Bhí feabhas ag teacht ar an uain gach
neómat feasta. Rith an Agamamnon léi go ceann lae is
an ghaoth i n-a diaidh. Bhí an calm aca arís dia Máirt;
agus cad a dhéanfadh an fhuireann acht í chasadh timcheall
arís agus aghaidh do thabhairt ar an sean-ionad choinne i
lár na bóchna. Bhí so dhá chéad míle slighe ní ba shia uatha
dia Máirt 'ná mar bhí an Domhnach roimis sin. An
Aoine 'ná dhiadh san .i. sé lá déag tar éis dóibh Béal
Phlíme d'fhágaint, bhí a n-ionad choinne leath-chéad míle
uatha.



Rud do b'iongnadh le gach éinne, chuir an Niagara an
stuirm di gan ró-dhuadh. D'eirigh léi go maith, cé gur
mhothuigh sí féin is na longa beaga an gála go dian.



An-chalm a bhí ag an gcuid eile de'n loingeas ag
an ionad choinne roimh an Agamamnon. Bhain sé
dhá lá dhíobh an cábla casta do réidhteach. Maidean


L. 57


de Sathairn an 26 mhadh lá de Mheitheamh cuireadh
ceann cábla an Niagara ar bórd an Agamamnoin;
sáthadh rael chasta idir an dá cheann mar chómhartha ratha;
snadhmadh le chéile iad, agus scaoileadh amach an cábla
chomhall uaigneach is dá mba corp mháirnéalaigh é.
Agus na longa sé míle slighe ó chéile, ámh, bhris an cábla
ar bórd an Niagara. Chasadar arís gan mhoill, snadhmadh
an cábla an ath-uair, agus cromadh ar a scaoileadh amach
láithreach bonn. Bhí ineall an Agamamnoin ag obair go
háluinn fé'n am so, faid chúig míle go leith de'n chábla
ag dul amach gach uair a' chluig agus an long féin ag
siubhal cheithre míle slighe le n-a linn sin. Bhí faid fiche
míle mara de'n chábla scaoilte amach fé mheadhon oidhche;
acht fé n-a ceathair a chlog maidean dé Domhnaigh d'innis
an tOllamh MacTomáis dóibh go raibh beárna 'san
teintridheacht. Shaoil sé gur scar an cábla leis an
Niagara. Pé scéal é, d'fhill na longa ar a n-ionad
coinne arís, fé mar bhí socruighthe aca roimh ré. Is ar
lucht an Agamamnoin a bhí iongnadh an uair iarr lucht an
Niagara ortha, i bhfuirm chomhartha, agus iad ag déanamh
ar a chéile, cionnus ar scar an cábla. Deineadh amach
gan mhoill gurab amhla bhris sé i n-íochtar na
fairrge, lár slighe idir an dá luing, ag an áit mar ar
snadhmadh é, do réir deallraimh. Ba mhí-ádhmharach an
rud é: acht ní raibh de leigheas air acht a shnadhmadh arís,
agus iarracht eile do bhaint as, cé go raibh biadh i n-easnamh
Ar na fóirnibh is gual i n-easnamh ar na longaibh.



Bhí faid céad míle de chábla 'sa mbreis ag na longaibh
fós, agus dá bhrigh sin shocruigheadar ar fhilleadh arís dá
n-imtheochadh éinnidh ortha sul a mbeadh céad míle siubhalta
ag ceachtar aca. Dá mbeireadh tionóisc ortha i n-a
dhiadh san rachaidís go Cóbh Chorcaighe chomh maith is do
b'fhéidir é. Dá réir sin, snadhmadh an cábla arís, agus
chum siubhail leó. Bhí ag eirghe go maith le gach nidh, agus
an uain féin go háluinn go dtí go raibh 146 míle de'n
chábla scaoilte amach ag an Agamamnon agus í 112 míle
ó'n ionad choinne. Annsoin do scar an cábla. Locht a
bhí 'san cheirtlín deiridh ó'n suathadh tugadh do 'nuair


L. 58


bhris na tonnta isteach 'san árus le linn an stuirm.
I n-aindeoin an tsocruighthe do bhí déanta, d'fhill an
Agamamnon ar an ionad choinne arís. Chaith sí féin is
an Chródhach 92 seachtmhain timcheall na háite i n-aindeoin
ceoidh is gaoithe: acht ní fhacadar rian ná tuairisc na
long eile, agus ghluaiseadar go Cóbh sa deireadh. Thán-
gadar annsúd an 12 mhadh lá d'Iúl. Bhí an Niagara ann
feadh seachtmhaine rómpa. Lean a fuireann súd an
chómhairle bhí ceaptha roimh ré.



Níor bh'fhada go raibh an tionóisc i mbéal gach éinné.
Tionóladh an Bórd arís. Mhol a n-uachtarán .i. Liam
Brún, ridire, 93 dhóibh eirghe as ar fad, a raibh de'n chábla
ar bórd na long do dhíol, agus an t-airgead do riaradh
ortha so thug uatha é. Níor ghéilleadh dó. B'é críoch an
scéil go ndeachaidh an loingeas ó Chóbh Chorcaige amach
arís an 17 mhadh lá d'Iúl 1858, gur shroich an Niagara an
sean-ionad choinne sé lá ní ba dhiadnaighe, is go raibh na
longa eile ag teacht i ndiaidh ar ndiaidh go dtáinig an
Agamamnon an 29 mhadh lá d'Iúl. Ceangladh í féin is
an Niagara dhá chéile le slabhra láidir annsoin, tugadh
ceann an chábla ar bórd an Agamamnoin, snadhmadh
dhá cheann an chábla, agus scaoileadh amach é. Bhí 1,500
feadh de dhoimhneas 'san bhfairrge mar ar scaoileadh amach
é. Agus 200 feadh dhe'n chábla scaoilte amach, gearradh
an slabhra mór, agus seo an dá luing chum a dtíortha féin.
Gach deich míle de'n chábla dár leagadar chuireadar
scéala chum a chéile. Fé cheann tamaill bhig aimsire
chuaidh cábla an Agamamnoin i ngiorracht snáthaide do
bheith i n-achrann i míol mór. Chuaidh gach nidh chum cinn
feasta, ámh, acht locht beag do bheith 'san chábla annso is
annsúd agus imshníomh ar na fóirnibh anois is arís dá
réir. Uair áirithe go deimhin thuit an lug ar a lag ortha.
Bhagair snáthad an ghléis ghlactha 94 ar "chré marbh," 95
agus saoileadh gurab amhla loiteadh an cumhdach folachtain. 96
Acht ceartuigheadh é fé cheann cúpla neómat, agus tháinig
na cómharthaidhe 97 ó'n Niagara mar ba ghnáth.


L. 59


Bheir an droch-uain ar an Agamamnon anois arís, i
dtreó is gur dóghadh mórán guail is gur bh'eagal leis an
bhfuirinn ná féadfaidhe Dairbhre do shroichint. Bhí gála
gaoithe i n-a gcoinnibh, agus bhí an uain chomh garbh san gur
bhaoghal leó gach neómat go mbrisfidhe an cábla is an
long ag tuitim go trom is go minic i logaibh na fairrge.
Rud eile dhe: ba dhá dhóbair do luing ó Aimeirce darabh
ainm an Taoiseach 98 dul i n-achrann 'san chábla is a leath
scaoilte amach. Dhéanfaidhe an tiubaiste muna mbeadh
gur athruigh an Agamamnon a cúrsa go fíor-obann i
slighe is go ndóbair di an cábla do ropadh is an Taoiseach
i ngiorracht cúpla slat di, cé gur chaith an Chródhach trí
urchair ag bagairt uirthe, is an Agamamnon féin urchar.
Fé cheann tamaillín tugadh fé ndeara go raibh na
cómharthaidhe teintrigheachta ag dul i laige, agus annsoin
stadadar ar fad go ceann trí ceathramhna de uair a'
chluig. Locht éigin a bhí 'san cheirtlín srang i seómra
faire an Niagara. Cuireadh so i n-a cheart gan mhoill,
agus bhí dóchas ag an bhfuirinn feasta ná beadh de ghábhadh
aca choidhche urchar do chaitheamh fé mar bhí ceaptha chum an
tubaiste do chur i n-iuil. Fé bhreacadh an lae go háirithe
dúisigheadh iad uile le fothram árd, is thángadar aníos.
B'áthas leó uile a thabhairt fé ndeara nár bh'é Gairm an
Tubaiste é acht an Chródhach ag scaoileadh na n-urchar go
tiugh fé bhárc eile ó Aimeirce a bhí ag teacht treasna ar
dheireadh an Agamamnoin. Thángadar saor ó'n dara
chonntabhaipt.



Mothuigheadh fé thráthnóna go raibh an sáile éadoimhin i
n-athchumar dóibh sa deireadh; fé mheadhon oidhche bhítheas
ag leagan an chábla i n-uisce nach raibh thar dhá chéad go
leith feadh i ndoimhneas. Go luath tráthnóna lae ar na
bháireach dhein an dá luing cómharthaidhe le n-a chéile chum
a chur i n-iuil ná raibh de sháile fé cheachtar aca acht dhá
chéad feadh i ndoimhneas. Fé mheadhon oidhche bhí an teach
soluis i Sceilg Michíl le feicsint ó'n Agamamnon; fé
eirghe an lae bhí an long is a comhluadar fé scáth na
gceann tíre atá ag cosaint cuanta Chiarraighe ó thúis an


L. 60


tsaoghail. Lucht irise dá raibh i láthair d'admhuigheadar
nár leagadh súil chinn riamh ar radharc ní b'áilne: an
fhairrge mhór mar bheadh sí i n-a suan acht cubhar na dtonn
go geal ar bruach trágha, an drúcht ag eirghe as na gleann-
taibh glasa, an ceó ag dul i ngile fé ghréin na maidne ar
éadan gacha sléibhe. Fé n-a sé a chlog do ghluais
an Agamamnon thar ceann an Dualais 99 isteach agus
láithreach baill do scaoil sí anncaire taobh le Beiginis 100
cois Dhairbhre. Scaoileadh urchar ó'n gCródhaigh ag béal
an chuain, agus bhailigh na daoine i n-a dtimcheall ó gach
árd. Leis sin tháinig scéala ó'n Niagara i dTalamh an
Éisc. Bhí an cábla ar dtír annsúd fé'n tráth céadna.
Níor imthigh aon nidh ar an Niagara le linn an iomrámha
acht gur casadh carnáin leacoidhre uirthe i ndeireadh na
scríbe, agus cuid aca céad agus fiche troigh ar aoirde.
Faid 1,030 míle de'n chábla do leag an Niagara, faid
1,020 míle an Agamamnon. 2,050 míle de'n chábla bhí
fó mhuir do réir an áirimh sin.



Go luath tráthnóna agus ceann an chábla dhá thabhairt ar
dtír i nDairbhre scaoil an Chródhach a thuilleadh urchar. Bhí
máirnéalaigh is uaisle ag tnúth le chéile féachaint cia aca
thabharfadh ó'n mbád isteach an cábla. Tomadh Ridire
Chiarraighe 'san uisce de bharr an deithnis. B'é críoch an
scéil gur tugadh ceann an chábla isteach i n-oifig cois cuain
agus ceangladh é do ghalbhanomatar 'san seómra teintrighe.
Chúig neómait chum a ceathair chuir an tOllamh macTomáis
an chéad "chaise teintrighe" 101 ó thír tír. Ar a ceathair
bhí an chaise thar ais chuige. B'shin scéala ó Éirinn go
Talamh an Éisc is thar ais i gcionn cúig neómat! An
cúigmheadh lá de Lughnasa i mbliadhain a 1858 do thuit san
amach, bliadhain díreach tar éis an chéad iarracht. Bhi
lúthgháir ar gach taoibh de'n Atlaintic dá bharr. Buaileadh
cloga na gceall agus caitheadh céad urchar i nEabhrac
Nuadh ag beannughadh do'n ócáid. Níor lugha de áthas a
bhí ar mhuinntir na hÉireann. Thug Árd-mhaor Átha Cliath


L. 61


fleadh uaidh agus bhí de Brít an t-árdinealtóir agus
na daoine ba mhó cáil 'san tír i láthair.



Fé cheann seachtmhaine chuaidh dhá luing mhóra .i. an
Europa is an Arabia i n-achrann i n-a chéile' san Atlaintic.
Le congnamh an chábla níor thúisce bhí scéala i nEabhrac
Nuadh 'ná cuireadh annso é. Ar an gcuma san deineadh
úsaid de'n chábla nuadh fé mar deineadh de'n teach-
tairidheacht gan srang an uair cailleadh an Titanic.
Nuaidheacht eile dár cuireadh trídh bhain sé le Síothcháin
'san tSín is leis an Achrann 'san Arm is na hIndiachaibh
Thoir. Agus cuireadh scéala chum Riaghaltais Chanada
ag órdughadh dhóibh gan saighdiuiridhe do scaoileadh ó'n
dtír sin fé mar bhí ceaptha. Sábháladh suas le 60,000
púnt airgid de bharr na teachtaireachta san ar leithligh.
Cuireadh suas le seacht gcéad go leith teachtaireacht
tré'n gcábla ar fad, agus theip air annsoin. Acht
deisigheadh é leis an aimsir, agus leagadh cábla eile
maraon leis fé'n am chéadna. Is iomdha cábla eile do
leagadh ar fuid an domhain ó shoin, agus ní beag an feabhas
do chuireadh ortha ó am go ham. Acht, scéal eile é sin,
agus nochtfar é trath éigin eile.



TÓITHÍN.


L. 62


CAD DFHÉADFAIDHE DHÉANAMH LEIS
AN MHÓIN.



Na mílte is na mílte bliadhain ó shoin, insan aois a
dtugtar Pleistocéné mar ainm uirthi ag lucht talamh-
eólais, do bhí foraoise móra de chrannaibh daraighe is
giúise agus de chrannaibh eile nach iad, a chlúduigh aghaidh
na tíre seo go léir. Do bhí Éire agus an Bhreatain
mhór ceangailte dá chéile insan aois sin agus dfhulaing
siad cruas agus daordháil na haoise móire oidhre.
Nuair a chuaidh an oidhir ar gcúl do deighleadh Éire ón
Bhreatain agus do rinn móin de sna coilltibh móra.



Is follus dúinn gur bh'eol do dhaoinibh, roimh an aimsir
go bhfuil aon chunntas againn uirthi, go raibh an mhóin
oireamhnach chum adhbhar teine do dhéanamh dí. Deireann
an Seanchas Mór go mbaintidhe fóda móna de phort
agus tá trácht ann ar mar a bheirtídhe abhaile iad nuair
a bhídís tiormuighthe. Luadhann an leabhar céadna smacht-
bhann ar éinne a ghoidfeadh iad. Is dóigh liom, ón méid
adeireann dlighthe na mBreitheamh gur le treabh nó
le muinntir áirighthe do bhain an mhóin agus gan a phíosa
féin bheith ag gach duine fé mar bhíonn indiu. Is docha ná
fuil aon tuairisc againn go ndhéantidhe teine den mhóin
sul ar scríobh Pliní a stair nadúrtha. Nuair a bhí an
t-ughdar san ag cur síos ar threabhaibh na Gearmáine
thíorthuaidh, dubhairt sé mar leanas: Ulva et palustri
junco funes nectunt ad praetexenda piscibus retia;
captumque manibus lutum ventis magis quam sole
siccantes, terra cibos et rigentia septemtrione viscera
sua urunt. (Vol. XVI., 1.1.)



Chítar do dhuine ar bith a fhéachas ar léarscáil go bhfuil
mórchuid dár dtír fé'n mhóin. Ní gábhadh a rádh dá


L. 63


ndéantaidhe úsáid ealadhanta den mhóin gur iomdha
déantús do bfhéidir a chur ar bun. Is mór is fiú é,
gan amhras, don stát. Dubhairt Risteárd Sancí i
bhfiadhnaise Comhdhála Tionnscail a bhí i gCorcaigh sa
bhliadhain 1902 "gurb iad fíormhianacha óir Éireann na
móinte, agus go mbeadh sé ar ár gcumas le n-a gcabhair
iomaidh do dhéanamh le na Sasannachaibh i ngach saghas
oibre." Is éifeachtach an rud é an mhóin i n-ionad guail i
ngach treó, agus is fearr í 'ná an gual uireanta. Is
ádhmharach an tír í Éire, i gcompráid le tíorthaibh eile,
mar tá reidhse mhór den mhóin aicí. Deirtar go bhfuil
os cionn trí millúin acra den mhóin i nÉirinn má chialluigh-
eann móin an mhóin ruadh agus an móinteán. Is ionann
sin agus a rádh go bhfuil an seachtmhadh cuid den tír fé
chlúdach móna acht i n-áitibh áirighthe níl an mhóin chomh
doimhin is atá sí i n-áitibh eile. Na móinte atá cothrom
réidh tá geall le milliún acra ionnta, agus tá na
móinte sin i bhfad níor luachmhaire 'ná na móinte eile.



Níl an mhóin le fágháil go fairsing acht amháin 'sna
tíorthaibh atá idir creasanna meadhonacha na cruinne.
Tá an sémhadh cuid, nach mór, de Hanobher, fén mhóin, agus
tá sealbh mhaith dí 'sna tíorthaibh seo a leanas .i. insan
Rúis, i dTír fó Thuinn, i nDanmarc, 'san Ioruadh, i Suéd-
land, agus i nAlbain. Is suarach a bhfuil dí insna
tíorthaibh seo, .i. insan Fhraingc, sa Ghréig, 'san Eilbhéis
sa Spáinn agus 'san Eadáil. Tá níos mó acra den
mhóin sa Ghearmáin, mar a bfuil 5,600,000 acra den
tír clúduighthe léi, 'ná i nÉirinn, mar a bhfuil trí milliún
acra dhí. Is mó abhfad atá i nÉirinn, amhthach, 'ná mar
atá i mBabharia, mar a bhfuil 185,000 acra, agus in
Austria-Ungaire i n-a bhfuil 100,000 acra, agus insan
Eilbhéis nach fuil innti acht 12,000 acra.



Do cruinneghadh Cómhdháil i dtaoibh na móna i mBaile
Atha Cliath sa bhliadhain 1907 (Proceedings of the Royal
Dublin Society, 1907), agus do tugadh tuairisc dúinn
ar bhreis is milliún acra den mhóin cóimhréidh agus ar
leathmhilliún acra nó mar sin den mhóin sléibhe. Do
roinn muinntir na Comdhála na móinte do réir na


L. 64


n-abhann a ghabhann tríotha. Dubhradar go bhfuil furmhór
na móna go leathan réidh i meadhon na tíre. Na
móinte is mó le fágháil, i Muigheó atáid. Tá 36,000
acra i móin Almhaine. Tá cunntas ar thrí móinte fichead
sa tuarasgabháil atá níos mó 'ná móinte na Mainge
uachtair i gCiarraighe i n-a bhfuil 8,566 acra, agus níos
lugha 'ná móinte Mhuigheó. Tá 176,000 acra nó mar
sin fé mhóintibh beaga, nár thugadar aon tuairisc ortha.
Deirtar go bhfuil an oiread sin den mhóin i nÉirinn is
nach caithfaidhe go ceann seacht gcéad bliadhain.



Do tugadh iarrachtaí fé usáid do dhéanamh den mhóin
mar adhbhar teine i rith an chéad bliadhain seo do ghaibh
tharainn, acht níor éirigh leó nó do stadadh den obair tar
éis tamaill. Easbhaidh eólais a bhí ortha. Ar a shon sin
amh, ní tógtha ortha é, mar níor chuir muinntir dúileólais
aon tsuim sa mhóin ná insna rudaibh a bhí le fagháil aisti
go dtí le deireannas. Is eól dóibh anois, ámh, go bhfuil
na cúig rudaí céadna .i. Cárbón, ocsaoigein, Hiodroigein
niotroigein, ruibh, insa mhóin agus i ngual agus i lignite.
Mar sin féin, níl an méid ceadna aca do réir a chéile sa
mhóin agus sa ghual agus sa lignite.



Nuair bhaintar an mhóin den phort, bíonn 90% d'uisce
innti, acht má leagthar ar an talamh í fé thaithneamh na
gréine agus má leasuighthar í do réir ghnáthúsáide, ní
bhionn acht tuairim 25% d'uisce innti agus í tirim.
Is féidir anois, amhthach, feidhm do bhaint as inneal
rómhair agus as inneall carttha (excavators and dredgers)
chum móin do bhaint, agus da bhrígh sin ní bhíonn an obair
chomh trioblóideach is mar do bhíodh. Tá boscaí chum
tíortha ann, freisin, chum an mhóin do thiormughadh. Bíonn
cuid aca daingean agus roinnt eile aca ag casadh.



Ní bhíonn acht caolchuid den mhóin nach féidir a dhoghadh,
agus gheibhtar i n-a luaithreadh í tar éis an dóighthe. Is
é an comhartha is fearr le déanamh amach cad is fiú an
mhóin mar ádhbhar teasa 'ná, an méid luaithridh a fágthar
in-a diaidh. Má bhíonn breis agus an ceathramhadh cuid
dí i n-a luaithreadh ní fiú dada an mhóin mar chonnadh.
Is maith an saghas móna é ná bíonn niós lugha ná 5% de


L. 65


luaithreadh ann, acht má bhíonn breis is 10% níl aon
mhaitheas innti. Do scrúduigh Roibeárd O Catháin (Pro-
ceedings of the Royal Irish Academy, 1844) sompla
móna a tháinig ó Chill Beagán i nIarmhidhe, agus do fuair
sé amach nach raibh acht 1.83% de luaithreadh innti. Do
scrúduigh sé sómpla eile a tháinig ó Chill Beathach i
gCondae an Chláir agus do fuair sé go raibh 8.06% de
luaithreadh inntí.



Is iomdha substaint organach atá le fágháil sa mhóin
agus is dócha go mbéidh lucht caladhan dá scrúdughadh go
ceann abhfad fós. Nuair bhíonn móin éadtrom caonamhail
tirim, bíonn 18%, nó mar sin, de cellulose innti i
bhfuirm snáitheann scaoilte. Is féidir tanach nó alcóthol
do bhaint asta san gan puinn trioblóide. Fuaradh amach
go raibh humic acid, céir, róisín, tannire, cellulose
agus pentosane ar na hadhbharthaibh is luachmhaire atá
le fágháil i móin tirim. Do réir Von Feilitzen (Berichte
der deutschen chem. gesell. 1905), téigheann an cellulose
is an pentosanes i laighead go tapaidh, do réir doimhne
sraithe na móna. Deimhnightar go 'bhfuil Dopplerite i
móin na hÉireann i n-a dteannta san (Proc. Royal
Dublin Society, Vol. X., 1903).



Ní dearnadh de ghnáth i nÉirinn, go nuige seo, acht an
mhóin do bhaint agus do leagadh ar an bport chum í do
thíoradh gan í do leasughadh ná do shaothrughadh. Nuair
saothruighthar an mhóin mar is cóir, í chur tré inneall
agus i do thiormughadh fén ngréin, bíonn dá dtrian an
oiread teasa innti is do bhíonn i ngual mhaith. Saoth-
ruightar an mhóin go fhairsing sa Ghearmáin, sa Rúis agus
i gCanada i gcóir traen ngaile. Do bheadh sí róthoir-
teamhail muna gcurthaidhe tré inneall í chun í do mheilt
agus í do ghearradh i n-a miotaibh beaga, agus annsin í
do dhlúthughadh le chéile. Do déantaidhe an mhóin do
bhrughadh le hinneallaibh móra sa Rúis agus sa Ghearmáin.
Luadhtar go ndéantaidhe an mhóin do leasughadh, ar chuma
éigin, i gcóir teine, os cionn deich mbliadhna is trí fichid
o shoin láimh leis an gCeapóig i Móin Almhaine. Acht
gan cumas thar na beartaibh ní féidir an mhóin do leasughadh


L. 66


is do mheilt ionnus go mbheadh sí chomh maith le gual, mar
tá sí ró-aithphreabach. Do nochtuigheadh le cabhair miocros-
cópa gur snáitheanna fighte tré chéile atá mar adhbhar
d'urmhór ár gcoda móna, agus dhá bhrígh sin, ní brughadh atá
ag teastáil uaithi acht na snáitheanna do bhriseadh agus
do mheilt chum nach fanfadh rian snáithe innti. Tar éis
an mhóin do chur tré inneall mar seo, leagthar fén
ngréin í, agus is gearr go mbíonn sí chomh cruaidh le
gual, agus chomh éifeachtach san chun gaile do dhéanamh
gur féidir úsáid do dhéanamh dí i n-ionad guail i gcóir
gach gnó. Tá caoi ceaptha ag M. Ecenberg chum an
mhóin do bhriseadh is do mheilt. Tar éis í do bhriseadh
is do ghearradh, cuirtar i n-oighean í. Ní foláir an
t-oighean bheith fé ghoradh 150° — 200° F. Déintar cárbón
den mhóin sa soitheach sin tré bhrígh uisce agus aeir teó.
Bíonn an mhóin cosmhail le lignite i n-a dhiaidh sin. Acht
bíonn 8% — 14% d'uisce innti fós agus baintar an t-uisce
aisti le teas. Déantar brící dhi i n-a dhiaidh sin. Ní
bhíonn leath an oiread ruibhe inntí annsan is a bhéadh sa
ghual agus is beag ná fuil an oiread céadna de bhrígh theasa
innti. Móin do leasuigheadh ar an gcuma san do bhuaidh
sí ar an ngual sa Rúis agus sa Ghearmáin agus i
Suédland.



Is fearr abhfad móin na hÉireann 'na móin na hEórpa
maidir le na hadhbharaibh atá innti. Dá bhrígh sin, déineann
sí gualadhmad thar barr, ó's amhlaidh ná fuil innti acht
atharrughadh ón luibh chum bheith i n-a méanach. Nuair a
bhíonn iarann dá leaghadh aca, tá sé riachtanach ortha an
teas is mó do sholáthar. Tá sé dfhiachaibh ortha, ar an
adhbhar sin úsáid do dhéanamh dé chóc nó de ghual adhmaid.
Is furus a fheicsint nach féidir an chruaidh do dhéanamh
go maith mara bhfuil an gualadhmaid glan. Sin é an
fáth gur fearr an t-iarann a thagann ó Suédland ná
aon iarann eile, a gcuid gualadhmuid do bheith go maith
glan. Nuair a chuirimíd móin na hÉireann i gcompráid
le móin iasachta agus nuair a chímíd na buadha atá innti,
thar móintibh eile, is léir gur mór an sealbhas atá
againn agus gan sinn ag déanamh úsáide dhe.


L. 67


Is fios dúinn, freisin, gur fearr go mór 'ná gual an
mhóin do bhéadh comhdlúighte (condensed). Fágann an
gual mórán luaithridh, beireann sé amach deatach tiugh
ceómhar, agus is gearr go meathann sé píopaí agus
comhlaí. Ní fhágann an mhóin chomhdlúighte amh, an oiread
céadna luaithridh i n-a diaidh. Ní bheireann sí amach
acht beagán deataigh, nach fuil chomh garbh le deatach guail
ar chor ar bith. Ar an adhbhar sin, mionúirlisidhe a
déantar le n-a cabhair bíonn seasamh fada ionnta. Dá
éagmuis sin, cailltar cuid mhaith den ghual ó bheith 'gá
chorraidhe ó áit go háit, acht ní théigheann acht fíorbheagán
den mhóin ar neamhnídh ar an gcuma céadna. Má cuirtar
an gual i dtaisce, téigheann sé i n-olcas, acht an mhóin
chomhdhlúighte is amhlaidh théigheann sí i bhfeabhas. Chífar ón
méid sin nach é amháin go bhfuil an mhóin chomhdhlúighte chomh
maith le gual chun teasa acht go sáruigheann sí an gual
ar chumaíbh. Muna dtéigheann déantúisí na hÉireann
chun cinn, ní heasbhaidh teine a bhéidh ortha. Deirtar go
bhfuil adhbhar cúig milliúin tonna meádhachan de mhóin
chomhdhlúighte i nÉirinn agus nach beidh sí caithte go ceann
seacht gcéad bliadhain.



Do dheimhnigh Riaghaltas Suédland tamall beag ó
shoin gur fiú an mhóin do shaothrughadh nuair a bhíonn an
gual sé scillinge déag an tonna, nó os a chionn. Ní
fuiris áireamh do dhéanamh ar an méid airgid atá dá
chailleamhain ag muinntir na hÉireann tre bheith ag ceannach
guail ar deich is trí fichid an tonna, seochas móin a
ndóithin do bheith cruachta ullamh aca i gcóir a ngnótha.
Tá leathchuma mór ag Éireannachaibh ar dhaoinibh eile,
mar gheall ar reidhréimseacht a dtíre, i dtaoibh saoth-
ruighthe na móna. Ní bhíonn acht céad lá nó mar sin aca
i gCanada i gcóir an mhóin do bhaint agus do shábháil
toisc a móinte bheith i n-a lic oidhre aon tráth eile.
Samhluighthar gur bh'eól dóibh os cionn dhá chéad bliadhain
o shoin i nÉirinn gur mhaith an rud an mhóin i gcóir leasuighthe
talmhan. Do cuireadh "Stair nadúrtha na hÉireann"
amach ag an dochtúir Gearóid Boate i mbliadhain 1645.
Dubhairt sé sa leabhar sin go ndéantaidhe úsáid den


L. 68


mhóin go fóirleathan mar aoileach agus "is maith tairbheach
an rud í i n-a chóir sin" ar seisean. Tá caoi ceaptha ag
A. Muritz agus A. G. Girard i bParaois chun nitrates
comhshamhluighthe (assimilate) do dhéanamh de sna nitrates
atá sa mhóin, agus é fé phaitean aca le deich mbliadhna.



Is iomdha toradh is féidir a tharraing as an mhóin,
freisin, acht í do dhríogadh, tarra móna, íle móna, íle
sholuis, íle paraifin, pic agus tanach. Do gheibhtar
gas móna, leis, ó sna lúbanaibh (retorts) agus an mhóin
'gá dríogadh. Is cosmhail le gas guail an gas san agus
is féidir úsáid do dhéanamh de chum soluis. I n-a theannta
sin, do gheibhtar cresol is fenol ó dhríogadh móna. Do
thug an Mond Gas Co i Londain, agus Crossley
Brothers i Manchuin, agus Carob Franc sa Ghearmáin,
iarrachtaí chun gais do tharraing as an mhóin i gcóir inneall
ngais. Déineann siad an mhóin do dhríogadh ar chuma
áirighthe agus ní hamhám go bhfaghaid siad an gas acht
gheibheann siad cóc agus noitrogéin i bhfuirm ammonium
sulphate i n-aonacht leis. Tá paitean ag H.C.
Woltereck as Carn Locha i nAontrum, mar a bhfuil an
obair ar siubhal aige, chum ammonía do dhéanam den
niotrogéin atá sa mhóin. Cuirthar an mhóin tré fuirnéisibh
áirighthe i n-aonacht le haer is le huisce agus do gheibhtar
mórán tairbhí eile aisti, eadhon, tarra parafín, acetic
acid agus ammonia. Ní féidir liom, annseo cur síos
iomlán do dhéanamh ar an gcaoi atá aige.



Déantar úsáid freisin, de sna préamhaibh móna i n-ionad
olna. Cuirthar 75% de shíoda na móna le 25% d'olainn
caorach i gcóir straillí agus éadaighe garbha den chinéal
sin do dhéanamh. Déintar éadaighe láimhliaghachtacha den
adhbhar chéadna. Is forus olann mhóna do dhéanamh den
sraith uachtair den mhóin sléibhe, mar bíonn sí chomh bog
scaoilte sin. Do déineadh iarracht ar éadach do dhéanamh
de cheannbhán bán acht níor éirigh leó. Dó bhí sé ródheacair
na ceallaí do bhriseadh i n-a sreangannaibh fé leith.



An mhóin éadtrom a bhíos ar uachtar agus go mbíonn a
Lán de phréamhaibh slán innti, tuigthar gur féidir páipéar
garbh marthanach a dhéanamh di. Ní forus a dhéanamh, ámh,


L. 69


mar gheall ar é bheith chomh deacair sin an humic acid
agus an ghainimh do scaramhaint uaithí. Is costasamhail an
rud é, leis, a bhánadh. Siné an fáth nár éirigh leó páipéar
móinteach do déanamh ionnus go mbéadh luach a saothair
aca. Do déantaidhe páipéar garbh, i gcóir ceangaltán
do chuairceadh, de phréamhaibh móna acht 15% de cheir-
teachaibh do chur leó. Do dhéantaidhe cártaí posta,
freisin, den adhbhar chéadna acht do bhíodh dath crón ortha.
Tá caoí fe leith ag C.E. Nelson chum páipéar do dhéanamh
dí agus tá teach céirde ar ocsailt aige i gCarac, i
Michigan le trí bliadhna déag. An muileann páipéir,
do bhí i gCill Droichead tá sé dúnta ó bhliadhain a 1905.
Do bhí muileann cosmhail leis i bhfoigseacht Admont,
baile mór i nAustria, agus do thuit an míádh céadna air.



Deimhnighthar nach deacair tanach do tharraing as
móinteach liath éadtrom. Nuair bhíonn an mhóin sin
tirim, glan ó luaithreadh, tá tuairim 18% de chellulose
le fágháil as na sreangannaibh. Is féidir 12% de thanach
do bhaint as móin thirim. Do bhí céad púnt de mhóin tirim
ann agus do fromhadh gur féidir sé púint glan de thanach
a tharraing aisti. Deir R. W. Wallace agus Sir W.
Ramsay gur féidir chúig ghalúin fichead nó sé ghalúin
fichead de thanach do tharraing as tonna meádhachan den
mhóin. Déineann siad an mhóin do bheirbhiughadh le huisce
agus beagán sulphuric acid. Leagann siad aol uirthi
i n-a dhiaidh sin agus silthear an suathachan go léir. Bíonn
an tanach sin maith go leór chum gluaisteán do
thiomáint.



Níl tír eile sa domhan go mbeadh a leithéid d'adhbhar
saibhris is comachta aice agus gan tairbhe 'ga bhaint as.
Tá an cheist seo chomh tábhachtach sin fé láthair gur cóir
don Stát féin móinte na hÉireann do stiúradh agus do
réidhtiughadh. Tá súil agam nach fada go mbéidh riaghaltas
againn a thiubhraidh aire don nidh sin. Tá an mhóin go
flúirreach againn acht i n-ionad úsáid do dhéanamh dí,
bíonn an gual againn 'ga thabhairt ón mBreatain agus
easair mhóna ón nGearmáin. Tá an gual chomh daor
sin agus ceist na n-oibridhe bun-os-cionn agus gach nidh,


L. 70


beagnach, tré chéile, go bhfuil sé riachtanach againn úsáid
a dhéanamh dá bhfuil againn. Mar gheall air sin, tá sé
d'fhiachaibh ní hamháin ar an riaghaltas acht ar mhuinntir
na hÉireann agus ar gach duine fé leith a chion féin do
dhéanamh i dtaoibh an ruda so. Tá súil agam nach leigfidh
siad tharsta rud is cóir dóibh a dhéanamh agus go mbéidh
toradh ar a saothar leis.



CARN BÁN.


L. 71


COMAOINEACHT.



Ní rud nuadh é comaoineacht bíodh go ndéantar uathbhás
dí ar na mallaibh. Bhain na céad Críostaidhthe an chiall
as teagasc ár Slánuightheóra gur mhair siad i gcoitcheann
gan bhuantsealbh ag aoinneach ar aon rud. Dhíol siad a
rabh aca agus thug an luach do chiste na n-aspal le caitheamh
ar oileamhaint agus ar earraidhe don tsluagh i gcoit-
cheann; agus tugann an scríobhnóir mór Frangcach an
tAthair Fuaird fá'r ndeara narbh eadh smuaineadh
nuadh é imeasc na nIudaigheach, óir gur mhair na sagairt
a tháinig do fhreastail sa Teampoll i gcoitcheann;
agus gur lean na Phairisíní a sompla súd; chuireadar
cumainn ar bun in ar chaitheadar a bproinn gach lá le
chéile. Agus bhí drong daoine fá leith a dtugtaidhe
Esséiní ortha agus ní rabh aon deighilt eidir a gcuid
earraidhe. Lean na Críostaidhthe nó cuid aca ariamh ó
shoin don nós chéadna ins na mainistribh agus ins na
clocharaibh ar fud an domhain. Acht tá an deithbhir seo
eidir chomaoineacht na ndaoine sin agus an chomaoineacht
ar a mbíonn trácht ar na haimsearaibh seo agus ar a
bhfuilmíd ag tagairt annso: gur dá ndeóin féin do
ghlacadar na daoine úd leis an gcomaoineacht agus mar
gheall ar Dhia: agus gur mar gheall ortha féin atá daoine
indiú ag iarraidh chomaoineachta. Tugtar boichte ar
chomaoineacht na manach agus na mbanriaghalta acht ní
ag súil le bochtanacht a bhfuil sóiséalaidhthe agus
comaoinidhthe ag éileamh gach earraidhe do bheith i gcoit-
cheann.



In ar dtír dhúthchais féin téid an cumanntas abhfad
siar in ar stair: chomh fada siar is téid an stair féin;
acht ní rabh cumanntas earraidhe ann acht cumanntas
talmhan. Chan fhuil an tuairisc chomh beacht againn is


L. 72


budh mhaith linn ar ghabháltas talmhan i sean Éirinn. Is
dóigh linn go bhfuil an t-eólas le fághail i leabhraibh an
fhéineachais, acht ní rinneadh staidéir bheacht ortha fós.
Ins an leabhar do scríobh Labhras Mac Fhionnghail tá
mórán rud deas Le léigheadh acht ní iontuigthe as ar fad,
goidé an riar do bhí ar sheilbh na talmhan. Cuireann
Eóin Mac Néill in aghaidh na tuairme do bhíodh ag mórán
daoine gur athrannadh an talamh go minic acht ní
nochtuigheann sé dhúinn an modh in ar tugadh a gcuid talmhan
féin do mhuintir gach tuatha. Acht tigeann gach staraidhe
le chéile san tuairim gur bha le muintir na tuaithe talamh
na tuaithe. Thugadar sealbh sealadach nó buantsealbh
do dhaoinibh áirighthe acht ón treibh fuair sé an tsealbh sin.
Is i bhfuirm talmhan ba ghnáthach tuarastal nó buantabharthas
do thabhairt do hoifigíbh nó feadhmanaigh do rinne
seirbhísigh phoiblidhe. An rí nó an flaith bhí roinnt de
thalamh na tuaithe ag dul dó. An biadhtach fuair sé
fearann talmhan mar chúiteamh dó in ar chaith sé ag
coinneáilt bídh do lucht siubhail. An t-árdollamh, an
breitheamh, an t-ollamh le ceárduidheacht, an t-árd-
oirfididhe agus bh'éidir mórán oifigeach poiblidhe eile
do bhíodh sealbh fearainn talmhan ag dul dóibh mar
thuarastal nó buantabhartas. Acht taobh ba thiar díobh
san go léir do bhí na céilidhthe nó lucht na tuaithe agus
do bhíodh comhshealbh aca i n-urmhór na talmhan; ins an
talamh mhaith, go háithrid an talamh intreabhtha, do bhíodh
teóranna, acht is dóighthe go mbíodh dream éigin daoine,
an fine, i gcór fá chuibhreann talmhan taobh istigh de
ghac teorainn. Agus an talamh bán agus na coillte
agus na portaigh do bhíodh siad saor do ghach saorchéile
san treibh le haghaidh eallaigh do chothughadh, le haghaidh
fiadhaigh, le haghaidh móin do bhaint, agus le haghaidh mórán
rúd eile. Bhí an cór suidhte go láidir in economacht
na nGaedheal. Is dóigh linn gur mhair sé in aimhdheóin
gach reacht Gallda anuas go dtí n-ar linn féin agus
go bhfuil sé le fagháil fós i mórán áiteann in Eirinn.
Agus ní hé amháin go rabh an cór go láidir agus comhshealbh
ag gach saorfhear den chineadh (ní cosmhail go rabh aon


L. 73


chomhshealbh talmhan ag na mnáibh bíodh go mbíodh buantsealbh
aca ar earraidhe éigin dá gcuid féin) acht cuireadh roinnt
den talamh ar leith le haghaidh seandaoine agus daoine
nach rabh in innmhe aire thabhairt do thalam nó dóibh féin;
rud gur mhaith le comaoinidhthibh an lae indiu do bheit
ann. Ar an adhbhar sin is follus gur do réir comaoin-
eactha do bhíodh sealbh na talmhan imeasc Gaedheal chomh
fada is bhí a reacht féin i bhféidhm.



Chá rabh dlighthe na Rómhánach fábhrach don chumannacht
acht badh eadh an réim fheodalach do chuir deireadh le gach
cumannacht i roinn na hEórpa. Dlighthe míleadhta do
b'eadh an réim fheodalach. Nuair do mháidhin na cineadha
fiadhaine ar lár na hEórpa agus ón tuaisceart anuas
ar an Impireacht Rómhánach agus ar a coilinídhthibh in
iarthar Eórpa do bhíodh taoiseach troda nó ceann cogaidh
aca agus nuair ghabhaidís tír nó tuath dar leo ba fearr
dóibh roinnt na tíre dfhágáil faoi an taoiseach. Tháinig
de sin an bunsmuaineadh gurbh leis an taoiseach (bhíodh
ainm ar leith aige mar atá rí, nó flaith no tighearna, agus l.)
an tír nó an tuath agus gur uaidh do fuair gach duine
eile a ghabháltas féin. Do bhronn sé fearann leathan ar
na taoiseachaibh is mó do chuidigh leis ins an chogadh.
Cuireadh as sealbh muintear dúthchasach na tíre agus chá
rabh ionnta acht daoscar sluagh nó aitheach tuatha feasta.
Is follus ón méid adubhramar go bhfuil an bunsmuaineadh
san réim fheodalach díreach contrardha don bhun-
smuaineadh sa chumannacht agus nár bh'éidir don dá mhodh
mairthin i gcomhluadar le chéile. Rug an réim fheodalach
an bhuaidh ar feadh mórán aoiseann, agus chuaidh an
chumannacht i neimhnídh. Do mhair sí in Éirinn níos maille
'ná in aon tír eile i Roinn na hEorpa acht tolladh a
croidhe ag cath Chionntsáile sa bhliadhain 1602, agus ó
shoin i leith cha rabh cumannacht i ngníomh in aon tír go
dtí 1917 nuair chuir Boilsibhící saorstát cumannacht
ar bun sa Rúis.



Do cailleadh bunsmuaineadh na cumannachta agus
is do réir a chéile nochtuigheadh arís é tuairim is céad
bhliadhain ó shoin. San Atharrughadh Mór san Fhraingc


L. 74


(1789-1794) do cuireadh an iomad de smuaintibh aite
thríd a chéile, acht is tearc duine chuimhnigh ar sheanreacht
na hEorpa sul ar cuireadh reachta míleadhta i bhfeidhm.
Do bhí scríobhnóirí éigin ann roimh an am sin féin, mar
Bholtaire agus Rousseau san Fhrainnc agus Cant agus
Hégel sa Ghearmáin do chuir daoine ag smuaineadh ar
neitheannaibh go leór agus do thúsnuigh fiosrachas nár
ghnáthach roimhe sin go háithrid ar cheisteannaibh creidimh.
Feallsamhnacht adhbharach chorpordha agus ainchreidmheach
do theagasc siad agus ó nach rabh, dar leo, an darna
saoghal ann do cheap daoine go mbudh cheart an t-oll-
mhaitheas is mó is féidir do bheith ag daoinibh ar an saoghal
so. Do bhí rian na feallsamhnachta sin ar na céad
daoinibh do scríobh ar shóisealacht agus ar chumannacht
is i Sasanaibh (agus in Éirinn) tháinig na scríobhnóirí
seo chum tosaigh ar dtús. Godbhin agus Owen agus
Uilliam Mac Thomáis ó Chorcaigh na daoine ba mhó cáil
ortha. Dar leo seo is féidir an cineadh daoine dfheabh-
sughadh go dtí pointe amgealda acht go bhfuighbhidís
oideachas saoirse agus comhroinn in ollmhaitheas an
tsaoghail. Do theagasc Uilliam MacThomáis mar theag-
ascann gach Sóiséalaidhe fá láthair gurab obair amháin do
bhéarann luachmhaireacht do neitheannaibh agus mar sin gur
le lucht oibre do réir chirt gach nídh a déantar, agus gur
mícheart buantsealbhachas agus coimhlint eadar oibrighthibh.



Bhí ughdair éigin san bhFraingc fán am chéadna do
bhíodh ag scrudughadh na gceisteann céadna agus ag
gearradh an chasáin do Shóisealachth mar tá sí i mbéalaibh
daoine anois .i. Sismondí, San Simón, Louis Blanc;
agus go haithrid Proudhon. Do bhí an t-ughdar deiridh
seo ní amháin ina Shóiséalaidhe acht ina ainreachtaidhe
chomh maith. Acht is é an Gearmánach Carl Marcs agus
a chara Frederic Engels do chuir an bhunchloch Shóisealach
is doimhne agus is daingne sa talamh. Feallsamhnach
géar do b'eadh Marcs, agus nuair do leag sé a intinn
le ceisteannabh economacha do chuir sé snas agus slacht
ar na teóiríbh do bhíodh dhá nochtadh go nuige sin. I lár
na haoise do ghabh thart do luigh a ré oibre. Chuir sé


L. 75


amach mórán scríbheann agus leabhar, an ceann is mo
aca "Dás Capital" in ar nochtuigh sé a smuainte go
hiomlán ar Shóisealacht agus ar chumannacht. Is iad
seo na smuainte is mó do nochtuigh sé ar a luigheann
teagasc Sóisealachta an lae indiu; óir glacann Sóis-
ealaidhthe de ghach uile chineál le Marcs mar fháidh ar a
dteagasc: gurab é saothar lucht oibre bhéarann luachmhaire
do ghach nídh, agus gur do réir mhéid an tsaothair luach-
mhaireactha an neithe. Ar an tséala sin gur le lucht
oibre ní hé amháin an tuarastal is mó a gheibh siad acht
an bhreis luachmhaireachta a ghnítear agus a théid fá láthair
do fhear na bunmhaoine a fhostuigheas lucht oibre: gur
mhídhlisteanach biseach ar bith ar airgead nó ar thrachtáil:
gur le lucht oibre fosta gach bunmhaoin agus gach ollmhai-
theas agus saidhbhreas athá ann cheana óir gur toradh
oibre iad go léir. Is bourgeoisie agus lucht súighte
brighe na n-oibreach gach fear bunmhaoine agus gach duine
dá bhfuil ann acht amháin an t-oibridhe.



Tá dhá nóta eile i dteagasc Mharcs do chuidigh go
mór le Sóiséalacht do bhuanadh .i. do theagasc sé gur
fáthanna economacha do bhí le gach éacht do thuit amach
i stair an domhain. Ní headh amháin gur suarach le rádh
ceisteanna creidimh, ceisteanna cineadhacha, ceisteanna
pearsanta agus l., in obair an tsaoghail, acht nach rabh a
leithéid de cheisteannaibh ann ionnta féin acht gur scáil
gach ceann aca ón cheist economach go fiú creideamh
féin; gur chum gach cineadh a Dhia féin, nó a ndéithe féin,
do réir smuainte tháinig chuca on riocht saoghalta in a
rabhadar: gur cheap daoine fiadhaine déithe fiadhaine
dóibh féin agus do réir mar éirigheadar ní ba mhíne agus
ní ba shéimhe gur cheapadar déithe ní ba mhíne agus ní ba
shéimhe dóibh féin. Slighe bheathadh agus iolmhaoin saoghalta
an t-aon rud amháin do rinne daoine do chorraidhe
agus go ndearnadh cogadh agus sióthcháin mar gheall air
sin, díreach mar chímíd fá láthair Gearmáinigh, agus
Sacsanaigh agus Poncánaigh ag déanamh cogaidh is síotchána
mar gheall ar a gcuid thráchtála agus a gcuid earraidhe,
cibé ar bith focla bhíonn ar a bpusaibh. Adhbharacht


L. 76


staramhail tugadh ar an teóir seo nó míniughadh economach
ar stair. Dálta a lán teórach eile bíonn conspóid
ann ar an chéill in ar theagasc Marcs an teóir acht
ón méid adubhairt sé féin agus go haithrid ón méid a
scríobh a chomhoibridhe Engels agus a lucht leanta isé an
dóigh in ar theagasc Marcs an teóir ins an chéill dhírigh
shothuigsinte .i. nach fuil sa chruinne acht adhbhar no damhna;
nach fuil aon úghdar nó stiúrthóir ar an chruinne acht
amháin "nádúir" a choinnigheas gach uile rud ag
gluaiseacht. Níl ar an saoghal seo acht an cineadh
daoine, ainmhínte agus adhbharacht agus is é an t-aon
rud amháin is fiú smuaineadh air do dhaoinibh ollmhaitheas
an tsaoghail do rannadh go cothrom. Ní abrann sé,
amhthach, gur ceart é rannadh go cothrom, mar is iontuigthe
uaidh nach fuil ceart ná cearr ann, acht gur éigin é.
Beireann sin go dtí an darna pointe sinn, dar theagasc
Marcs. Dar leis, tá dlighthe éigin ag stiuradh na
cruinne (siúd is nach fuil ughdar dlightheadh ann) ag
stiúrad beathadh an duine agus ag stiúradh comhluadaracht
daoine. Deir sé gurab iomdha réim chomhluadarachta
do chuir an saoghal de: gur fhóir gach réim díobh dá
aimsir féin; acht gur fhás i gcomhnuidhe, taobh istigh den
chomhluadaracht féin, frighid a millte. Réim an tsean
Romhánachais go rabh sé lobhtha meathta nuair dfhás an
Chríostuidheacht; go rabh an Chríostuidheacht caithte nuair
dfhás an fheodalacht, gur taobh istigh den fheodalacht
féin dfhás cnumh a loit í sul ar briseadh uirthe ag
Atharrughadh Mór na Fraingce, agus geineadh réim
bhourgeoisigh nó réim lucht bunmhaoine agus lucht gaimbín.
Chítar do go soiléir dar leis, go bhfuil an réim sin atá
againn fós ag dul i seirglighe agus go dtuitfidh sí as
a chéile gan rómhoill agus gurab í réim thiocfas aisti
ná an phobalacht Shóiséalach. Mar is é dligheadh na cruinne
é chan fhuil dul as againn agus ní móide gur féidir linn
cuidiughadh le n-a chur i bhfeidhm. Tá réim lucht gaimbín
agus bunmhaoine ag dul in olcas ó ló go ló, do réir
Marcs .i. saidhbhreas lucht saidbhris ag méadughadh agus
boichte na mbocht ag dul i méad leis, agus is i ndonacht


L. 77


a raghaidh an scéal chum nach beidh i gcumas an
chinidh daoine é dfhulaingt níos fuide, agus glacfaidh an
daoscarshluagh sealbh ar ghach bhunmaoine, ar gach úirléis
oibre agus ar gach adhbhar ndéantúisí, agus cuirfar
deireadh go deo na ndeor le réim na mbourgeoiseach.
Ní abrann Marcs an leanfaidh máthair an uilc an réim
Shóiséalach; acht ó fhágann sé an cheist ag an réim sin,
samhlaightear go measann sé nach beidh aon chlaochlodh
ar an bpobalacht Shóiséalach, ná aon ghábha leis.



Sé Marcs is fáidh, mar adubhramar, do lucht cumann-
achta agus lucht Sóiséalachta ar fud an domhain le breis
agus leathchéad bliadhain. Ní dóigh linn gur thuig an
deichmhadh cuid aca an teagasc iomlán do thug Marcs
uaidh agus níl siad ar aon scéal ar chor ar bith fá'n
dóigh is fearr le n-a theagasc do chur i bhfeidhm. An
chéad dream do ghabh chuca a theagasc dar leo do b'é an
rud a bhí ina cheann go mbeadh sealbh gach iolmhaoine ag
an stát nó ag riaghaltas stát. Do shaothróchadh daoine
do réir a n-acfuinne faoi chigiribh stáit agus do rannfad
an stát gach ollmhaitheas ortha, agus nach do réir a saothair
do dhéanfaidhe é acht do réir a dteastála. Agus ós
rud é gur theagasc Marcs gurb ó dhligheadh nadúrdha
agus ar éigean do thiocfadh an phobalacht Shóisealach i
gcrích, agus go mbéadh an scéal ag éirghe ní ba dhona i
dtólaimh go dtiocfadh an tAtharrughadh Mór, níor chuidigh
siad le haon leasughadh ná feabhsughadh ar lucht oibre,
agus níor ghabhadar aon pháirt i bpoiliteacht. Acht i rith
na haimsire do tháinig atharrughadh intinne ar a lán aca.
Cha rabh tairngreacht Mharcs dhá fíoradh. Cha rabh riocht
lucht oibre ag éirghe ní ba mheasa agus cha rabh an t-athar-
rughadh ag teacht. Rud eile, do thoisigh amhrus ag
méadughadh ar dhaoinibh fá'n stát. Na Frangcaigh go
haithrid níor mhór leo an stát, mar do bhí barraidheacht
eólais aca ar chaime agus ar thiorántas an stáit. Do
bhí an scéal amhlaidh roimh an chogadh mhór agus tá an
tuairim sin imthighthe i dtreise fá seacht ó shoin. Fuair
gach cineadh san Eoraip a leórdhóthain de riaghal an stáit
le linn an chogaidh agus is dóigh linn go bhfuil a n-urmhór


L. 78


bréan de iúil an stáit. Má táthar leath chomh bréan
dí i dtíorthaibh eile is táimíd-ne in Eirinn ní rachaidh
Sóiséalacht stáit i bhfeidhin go tobann.



Fá 'n am gur thoisigh amhrus ag fás fá Shóiséalacht
stáit, do cheap na Frangcaigh amach bealach eile le
sóiséalacht do chur i bhfeidhm ar a dtug siad Sindicealacht
agus do cheap roinnt Sasanaich gléas dóibh féin
gan mórán deithbhir ann ón ghléas Frangcach .i. Sóisealacht
cuideachtadh nó Guild Socialism. Sé chialluigheann
Sindicealacht, go mbeadh gach monarcha, abair, i seilbh
agus fá réir lucht oibre ins an monarchain sin, agus
go bhfuighbheadh lucht oibre gach ar bhfiú na déantúisí do
dhéanfaidís. Do bheadh an lucht oibre in a gcumannaibh
féin i ngach céird agus do bheadh gach a bhain leis an chéird
sin fá réir dóibh. Ní dheachaidh siad ní b'fhuide leis
an scéal ar dtús, agus d'fhágfadh siad riaghaltas na
tíre fá mhuintir na tíre i gcoitchinne; acht d'fhás an-éileamh
leis an aimsir, go dtí gur ceapadh go mbudh cheart
riaghaltas na tíre agus gach uile chomhacht agus gach uile
mhaoin do bheith i seilbh lucht oibre. Do bhí na sindica-
luidhthe ó thús i bhfábhar cogadh na rang agus an staile
oibre mar úirleisi coitcheannda.



Anuas go dtí cúpla bliadhain ó shoin cha rabh i ngach
ghné Sóiséalachta acht teóir. Acht do thuit éacht amach
fá'n am sin. Bhí eirghe Amach san Rúis. Bhí míshástacht
annsin le Riaghaltas an Csár le fada acht ba hé leathtrom
agus cruadhtan an chogaidh mhóir ba chiontach leis an Éirghe
Amach fá dheireadh. Do cuireadh an Csar mór agus a
chomhluadar faoi chois, agus do cuireadh Sóiséalach cliútach
i gceannas na tíre .i. Cerenscí. Acht do bhí daoine i
gcomhchaidreamhas leis nár Shóiséalaidhthe agus ní rabh
iontaobh ag muntir na tíre ionnta. Do bhí Éirghe Amach
agus Atharrughadh Mór eile aca agus tháinig na boilsibhící
i réim faoi cheannas Lenin, Trotsci, agus a gcomhlucht
agus do cuireadh réim Shóiséalach i bhfeidhm agus do
neartuigheadh leis an Sóiséalacht ó shoin. Sóiséalacht
den ghné Sindicealach atá i bhfeidhm aca. Ag seo síos
na ruda is tábhachtaighe i réim Riaghaltais na mBoilsibhící: —


L. 79


An Rúis do bheith ina Saorstát de Shóibhéataibh, de
oibrighthibh, de shaighdiúiribh, agus de Scológaibh (Soibheac — .i.
focal Rúiseach ar chumann).



An Saorstát deanta suas de Saorstátaibh Sóibhéatacha
náisiúnta comhcheangailte le chéile.



Deireadh do chur le fóiréigniughadh daoine daonda ag
daoinibh eile; agus réim Shóiséalacha ealadhanta do
chur ar bun ar fud an domhain.



Talamh na tíre do chur as buantseilbh dhaoine prióbháid-
eacha agus a thabhairt do lucht oibre gan luach nó cúiteamh
do thabhairt do na daoine gur leó é fá láthair, go
ndéanfar comhúsáid dé.



Gach foraois, míneach agus uisce gur fiú mórán iad,
gur leis an náisiún iad.



Gach monarcha, obair míneach, bóthar iarainn agus
gach úirleis agus gléas iomchair agus deantúsa do chur
faoi réir an lucht oibre.



Gan glacadh le haonfhiacha ó airgead iasachta tugadh
do Riaghaltas an Csáir, do na tighearnaíbh talmhan agus
do lucht gaimbín, i modh is go mbrisfar ar lucht bun-
mhaoine an domhain.



Na bannca do naisiúnadh.



Obair do bheith riachtanach ar ghach uile dhuine.



Go ngabhfhaidhe airm ag lucht oibre agus go riarfar
ina airm iad, agus gan cead airm d'iomchar ag lucht
saidhbhris.



Éindream a dhéineann éigniughadh ar lucht oibre nach
ceart fá láthair leigint dóibh aon pháirt do ghlacad i
Riaghaltas na tíre. Gur ceart gach cumhacht do
bheith i lámhaibh sluaighte saothair agus a dteachtaí
úghdarásacha.



Gur riachtanach deachtaireacht daoscar-sluagh bailte
mór is tuaithe agus scológ do bhunughadh le deireadh
do chur le lucht maoine; a chuirfeas deireadh le héigniughadh
duine ag duine eile agus sóiséalacht do leathadh agus
roinnt daoine i rangaibh do chur ar neimhnídh.



Gurbh é an rud saorstát na Rúise ná cumannacht
lucht saothair 'san Rúis.


L. 80


Gur le lucht oibre iomlán na tíre gach cumhacht taobh
istigh de teórannaibh na Rúise.



Do ceapadh riaghlacha agus dlighthe leis na cuspóiribh
sin go léir do chur in éifeacht. Ag seo na daoine nach
bhfuil cead aca guth do thabhairt ar aon cheist nó páirt
dá laighead do ghlacadh i ngnóthaíbh na tíre, nó airm do
láimhseáil .i.



(a) Duine ar bith a fhostuigheas duine eile le biseach
do bhaint as a shaothar.



(b) Duine ar bith a thigeann i dtír ar fhagháltas
gan a thuilleadh .i. ar bhiseach ar bhunmhaoine,
biseach ar siopaidheacht; cíos ó thalamh, ó
thoighthibh, agus rl.



(c) Lucht tráchtála agus ceannuidhthe.



(d) Manaigh agus cléir de gach uile sheórt.



(e) Aon duine de na síothmhaoraibh nó bleachtairíbh
do bhíodh ag an Csár nó aon duine dá dteaghlach
nó daoine muinteardha dhóibh.



(f) Geilt agus daoine gan stuaim.



(g) Méirligh.



Ar thaoibh airgid dearbhtar gurab í an chuspóir bhunúsach
lucht mhaoine do chur ar gcúl go mbeidh cathrathóirí an
tsaorstáit ar aon chothrom i dtaoibh chruthughadh agus
roinnt maoine agus is é an suathantas atá in airde
aca ar mheirge an tsaorstáit:



Dealbh corráin órdha agus casúir croiste ar a chéile
agus na cosa síos ar thalamh dhearg, gaethe gréine ag
lonnradh ortha, fleasc phunnan timchioll ortha agus an
scríbheann:



(a) Saorstát Soibhéatach Sóiséalach comhcheangailte na
Rúise.



(b) Lucht oibre an domhain guala ar ghualainn.



Is follus on méid atá scríobhtha againn go nuige seo
gurab é seo sóiséalacht i ngníomh agus dáríribh. Tá
an briathar ina ghníomh acht ní fios dúinn goidé an toradh
bhéas air. Níl an Stát Sóiséalach fada go leór ar


L. 81


bun agus tá a naímhde ar a thí chomh dian sin gur deacair
dó a leas a dhéanamh. Acht is mór is fiú dhúinn ár súla
a choingeáilt ar an Rúis ins an aimsir atá romhainn.
Má mhaireann an phobalacht Sóiséalach san Rúis ní mhairfidh
aon tiórántas ar thalamh an domhain.



Can fhuil againn le déanamh anois acht breathnughadh ar
an tuairim atá ar Shóiséalacht agus cummanacht in ar
dtír féin. San chéad dul, tá le rádh againn gur ar na
mallaibh atá aon tShóiséalacht in Éirinn. Bhí na Sóiséa-
laidhthe tosaigh ina n-ainChríostuidhthe agus ina n-ainreach-
taidhthe san am chéadna agus ó bhí an creideamh Catoiliceach
go bríoghmhar in Eirinn níor thaitn Carl Marcs nó
Frederic Engels nó a gcomhbhráithreacha le muintir na
hEireann. Ní nárbh iongnadh bhí an chléir go mór in aghaidh
an teagaisc nua. Séamas Ó Congbhaile, nach maireann,
an chéad duine gur fios dúinn do theagasc cummanacht
agus Sóiséalacht ós árd in Eirinn agus bhí páipéar
Sóiséalach aige dá chur amach fiche bliadhain ó shoin.
Annsin tháinig an Lorcanach agus ar na mallaibh Cathal
Ó Seannain, Tomás MacSeáin agus furmhór de threóraidhthe
lucht oibre an lae indiu. Ní ghlacann siad le han-
chríostuidheacht Marcs acht glacann siad le n-a theagasc
ar cheisteannaibh economacha.



Sé an duine is úghdarásaighe fós i Sóiséalacht na
hEireann Séamas Ó Congbhaile nach maireann, agus seo
mar chuireann sé síos ar Shóiséalacht: —



An míniughadh atá aige ar Shóiséalacht — "Réim
Caidreamh in a mbeidh tacaidheacht iomlán ag an gcineadh
daoine in aghaid imnidhe an ocrais go deó na ndeór …
réim in a mbeidh gach fear agus bean ina gcomhoighrí
agus iad buantsealbhuighthe ar ghach bhuaidh do rug inntleacht
nó lámha an duine amach i gcomhluadracht le chéile."
Agus an modh in a gcuirfar an rud seo i bhféidhm: "Beidh
na hoibridhthe i ngach gné oibre in aon chumann agus glacfa
siad gach cumhacht san monarchain nó sa teach oibre, toghfa
siad lucht ceannais gach oibre aca agus stiúrfa siad
an obair san ghné oibre sis: acht a bheith freagrach do
chaidreamhas i gcoitchinne: agus dá gcomhcheardaibh


L. 82


agus do choiste ceannais nó Riaghaltais an ghné oibre
go bhfuil baint aca leis. Gur teachtaí ó na Coistíbh
sin bhéas mar Riaghaltas náisiúnta. Sluagh Iúil Sóiséalach
… sé sin gnótha na tíre nó beatha chomhluadrach
an náisiúin, do stiúradh ar mhodh sluagh iúlach. Caithfar
tosnughadh 'san teach oibre agus gabháil ar aghaidh go dtí
an pointe is airde de stiúradh agus gníomhachas an
náisiúin …



Tiocfaidh buidheanta stiúrtha áiteamhla Sóiséalachta
do bhreathnughadh gach ceiste le hinntinne díreacha agus
le gach eolas fáighthe le saothar … Níor bhféidir
an obair seo a dhéanamh tré cheanntaraibh nó tíorthaibh,
fá leith …



Faoi Shóiséalacht ní mhairfidh státa, cúigí, ceanntair,
nó duthaighe acht mar ainmneacha geograipheacha, agus
ní mhairfidh mar adhbhair cumhachta Riaghaltais siúd is
go mbeadh buidheanta, riaghluighthe suidthe ionnta."



Is fiú tabhairt fá deara annseo gurbh é an fear do
scríobh an méid do aithscríobhamair thuas do fuair bás
ar son a thíre tar éis a scríobhtha.



B'éidir gurab é Cathal Ó Seannain an duine is
úghdarásaighe atá fágtha imeasc taoiseach lucht cumman-
achta in Eirinn, agus tugann sé a lán tuairimeach i
"nGuth lucht oibre" ar cheisteannaibh a bhaineann le
cumannacht. Do réir mar airighmíd tá sé beagnach
ar aon tuairim le Séamas Ó Congbhaile, agus tigeann
Tomás Mac Seáin, Uilliam Ó Briain, agus Sóiséalaidhthe
eile leis ar an scéal. Tarraingeann sé a lán rud ó
Charl Marcs. Molann sé an Cumann Eadarnáisiúnta,
agus tá sé go mór ar leith na mboilsibhící. Deirfimís
gur Sóiséaladhe Sindicealach é, acht nach nglacann sé leis
an ainchríostuidheacht agus go molann sé comhoibriúghadh,
rud nach breágh le n-a lán Sóiséalaidhthe. Rud eile
tá sé níos náisiúnta 'ná furmhór lucht an Chumainn
Eadarnáisiúnta.



Tuigimíd anois an gné Sóiséalachta a bhaineann linn
in Eirinn agus is gábha dhúinn a thuigsint. B'éidir go
mbeadh an tSóiséalacht i bhféidhm againn gan rómhoill.


L. 83


Tá sí ag borradh agus ag fás imeasc lucht oibre agus
tá siadsan tuairim a leath de mhuintir na tíre. Má
ghéibhtar Pobalacht no Saorstát in Eirinn béidh na
Sóiséalaidhte go láidir ón gceád lá: má gheibhmíd ár
saoirse thrí chabhair ó Raighaltasaibh Sóibhéata beidh
Sóibhéata againn in Eirinn ón gcéad lá. Níl acht aon
rud amháin in a aghaidh agus do bhí an rud sin in aghaidh
na Sóibhéat agus na Sóiséalachta san Rúis sé sin a
dheacracht is tá sé lucht tuaithe .i. na feirmeóirí beaga
do tharraingt isteach sa Chumannacht. Bhíodh an Eaglais
mar mhúr cosainte in aghaidh na cumannachta acht ní dóigh
linn go mbeidh feasta. Is tuar é gur fiú machtnamh
air gur bóidhcotadh na mná Riaghalta ag Cill Mantan
de bhrigh nach dtiubhraidís a n-éileamh tuarastala do na
sclábhaidhte do bhí ag obair dóibh.



Agus anois b'éidir nár mhisde dhúinn breathnughadh
ar bhfearrde dhúinn an chumannacht dá gcastaidhe ann í?
An féidir Sóiséalacht do chur ar bun gan éagcóir mhór
do dhéanamh ar aoinneach, agus má's féidir, an fhiú a
dhéanamh? An ndéanfadh an chumannacht nó an tSóiséalacht
beatha an duine d'fheabhsúghadh' agus boichte, dearóile,
agus dubháilce do dhíbirt mar mhaoidhid abhchóididhthe na
réime seo? An mbeadh neamh úr agus talamh úr ann dá
bharr agus millénnacht ar fud an domhain?



Is dóigh linn féin go dtiocfadh tairbhe as atharrughadh
mór den chinéal seo acht nach gcuirfeadh sé aon atharrughadh
ar nádúir an duine agus nach mbeadh aon Mhillénnacht
ann dá bharr. Is deacair an seanAdhamh do chlaoidh
ionnainn agus fanfaidh an tsainnt agus an éagcóir
agus an t-éigniughadh againn cibé ar bith réim economach
bhéas ann. Nár shéan Ananias agus Saphíra a saidhbhreas
ar Dhia féin agus iad corruighthe le caondúthracht agus
le cráibhe?



Acht bíodh sin mar atá, budh cheart saidhbhreas do roinnt
ní b'fhearr agus ní ba cothroime 'ná mar déantar fá
láthair. Leigheamar i bpáipéar an lae indiu go bhfuil
ingean Aindréas Cárnegie .i. fear na leabharlann, le
pósadh agus go mbeidh £27,000,000 mar spré aici.


L. 84


Deirfimís go mbudh mhór an gar duithe £26,990,000 de
sin do bhreith uaithe agus a roinnt ar na bochtaibh. Níor
thuigeamair riamh, cé'n fáth go mbeadh ceanntar mór
talmhan ag aon duine amháin agus gan fód le seasamh
air do bheith ag na céadtaibh. Níor chruthuigh aon duine
an talamh agus ní iontuigthe cé an dóigh a bhfuair an
chéad duine buantsealbh ar bhreis di is mar theastuigh
uaidh le saothrughadh. Má abartar gurbh iad na daoine
d'áitreabh an talamh i dtosach go mbudh ceart gur leo
í cé 'n fáth nach mbeadh sí ag an darna duine nuair a
gheobhadh an chéad duine bás. Acht duthaigh mhór leathan
do ghlacadh i seilbh aon duine amháin agus nuair bhíonn
sé críochnuighthe léithe a fhágáil ag a mhac agus ag a ua,
agus ag a shliocht agus sliocht a shleachta! Níl ciall
leis agus ní ceart foighid do bheith againn leis. Budh
cheart gan aon fhearann thalmhan do fhágáil i seilbh aoinnigh
nach bhféadfadh sé féin agus a theaghlach a saothrughadh
agus a shaothrughadh go maith. Dá ranntaidhe an talamh
ar an nós sin do chuirfeadh sé ar gcúl agus ar neimhnídh
uimhir éigin de na bailiughchánaibh móra saidhbhris. An
dream a chosnuigheann buantsealbh na talmhan dfhágáil
ag daoinibh príobháideacha aithrighthe .i. na tighearnaí talmhan,
bíonn dhá leithscéal aca de ghnáthach. Deir siad san chéad
dul gur fada siar an t-am ó fuair na daoine gur leó
an talamh sealbh uirthe. Rug siad greim ar an talamh
de neart lámh agus faobhar claidhimh, nó fuaradar í
le lúbaireacht dlighe nó ar bhealach éigin eile nach rabh
macánta b' éidir: acht mar sin féin tá an tsealbh chomh
fada sin aca ó ghlún go glúin go mbudh éagcóir mhór í
a bhaint díobtha anois. Ar bhfreagra air sin (1) nach
ndéantar cóir d' éagcóir leis an aimsir: (2) nár stad
an éagcóir nuair tugadh sealbh na talmhan go mícheart
ar dtús acht go ndéantar an éagcóir as an nuadh gach
bliadhain ó shóin. Fásann barr ar an talamh gach bhliadhain
agus mura ranntar an barr sin ar na daoinibh gur leó
é déantar an éagcóir gach uair nach ranntar é. (3) Is
leis an cineadh daoine go léir an talamh agus déantar
éagcóir ortha má fhágtar í i seilbh aon dream amháin.


L. 85


Is cruthughadh go leor air sin nach féidir do aoinneach
daonda mairstin beo gan roinnt de thoradh na talmhan:
agus go dtí go bhfuighbhe sinn cruthughadh sonnradhach nach
bhfuaramair riamh fós gur chruthuigh Dia talamh an domhain
fá choinne aon dreama bhig amháin ní ghlacfaimíd le
buantsealbh an dreama sin. "Seadh" arsa dream
eile "acht is fearr don chineadh daoine go bhfágtaidhe
buantsealbh na talmhan ag dream áirighthe i modh is go
dtiubhraidís sealbh seasta do na feirmeóiribh agus do
dhaoinibh eile do bhaint feidhm as an talamh. Dar ndóighe
dá mbudh le gach duine an talamh níor bh'éidir aon toradh
bhaint aisti. Ní bheadh go leór ag aon duine amháin agus
ní bheadh sealbh buantseasmhach ag aon duine le go
saothrochadh sé an talamh i gceart. Nuair ba leis an
treibh i seanÉirinn an talamh do b'éigean do na saor-
chéilí éirghe as a dtoighthibh agus a dtalamh gach re bliadhain
agus níor b' éidir leó aon tsaothrughadh talmhan ceart
do dhéanamh." Na daoine a labhrann mar seo is deacair
a chreideamh go bhfuil siad dáríribh. Ní fíor dóibh a
ndeir siad fá sheilbh na talmhan i seanEirinn, agus
ní fíor dóibh go mbeadh aon easbha teidil ag feirméoiribh
nó lucht saothruighthe talmhan da mbeadh buantsealbh
na talmhan ag an náisiún. Tá talamh go leor timchioll
ar an áit in a bhfuil sinn a scríobhadh gur le Comhairle
Cathrach Átha Cliath í, agus níl aon easbhaidh seilbhe ar na
daoine atá ag baint úsáide as an talamh .i. feirmeoirí,
muintear na spleodhtán (ceapach) lucht tighis, agus rl., an
fhéidhm is fearr do bhaint as an talamh acht an buantsealbh
a bheith ag an náisiún, sin é an riaghal le leanmhain. Ní
ag an stát é, tabhair fá deara, acht ag an náisiún. Ní
ceart do aon Ghaedhal aon rud a dhéanamh, aon fhocal
a labhairt, nó aon mhéar do shíneadh do neartóchadh leis
an stát Gallda in Eirinn. Go dtí go gcuirfar deireadh
le réim na ngall in Eirinn is beag an mhaith dhúinn bheith
ag cainnt ar Shóiséalacht, ar chumannacht, no ar aon
obair stáit eile.



Fá dtaoibh de Shóiséalacht a bhaineann le lucht oibre
go sonnradhach ní féidir linn glacadh le gach a ndeir


L. 86


na Sóiséalaidhthe. Nílimíd ar aon inntinn le Carl
Marcs in a thuairim gur adhbhar economach, nó fáth
adhbharach do bhí le gach éacht do thárla i stair an domhain.
Is dóigh linn go mbréagnuigheann anam agus inntinn
an duine an teoir úd agus go mbréagnuigheann go
sonnradhach ár stair féin an teoir. An mar gheall ar
bhiadh do sholáthar dóibh féin do thug Eoin Ruadh Ó Néill
nó Pádraig Sáirséil, nó Oilibher Pluincéad, nó Bhólf
Teón no Pádraig Mac Piarais a mbeatha uatha? Ní
headh go dearbhtha. Agus is úirísiol an smuaineadh é
do Charl Marcs nach bhfuil sa tsaoghal so nó in aon
tsaoghal eile acht corporacht agus soláthrughadh bídh.
Ní móide ghlacaimíd le n-a thuairim agus le tuairim a
lucht leanta gur le lucht oibre gach iolmhaoin dá dtigeann
as a gcuid saothair. Cuir i gcás go mbeadh dream éigin
oibre ag déanamh siúcra dhúinn in Éirinn. Do réir Carl
Marcs ba leó do réir chirt (acht nach luadhann se ceart
do bheith ann) an siúcra sin nó a luach iomlán. Acht do
chaithfidís adhbhar an tsiúcra .i. an meacan buidhe d'fhághail
agus má deirtear gur le lucht saothruighthe an mheacain
sin an luach ní fíor é: óir an talamh ar a bhfásann sé
is leis an náisiún é. Rud eile, ní le lucht déanta an
tsiúcra na húirleisí agus na hinnill le nar saothruigheadh
an siúcra. Abair gur le lucht oibre eile do shaothruigh
roimhe ré na húirleisí agus na hinnill ní hiad lucht
saothruighthe an tsiúcra amháin is oighrí dóibh siúd. Ar
an adhbhar sin má tá "breis luachmhaireachta" ar earraidhe
d'ullmhuigheann lucht oibre ní dóigh linn gur le lucht
oibre í acht oiread le haon dream eile.



Thar an dá rud sin atá luaidhte againn thuas ní féidir
linn glacadh le Riaghaltas na Sóibhéat. Táimíd i bhfábhar
Saorstáit nó pobalachta acht chan fhuilmíd i bhfábhar an
cumhacht go léir bheith ag aon dream amháin, nó ag fiú
trí dhreamanna, .i. saighdiúirí, sclábhaidhthe, agus scológa.
Chan fhuilmíd i bhfábhar deachtaireacht an daoscar-shlóigh.
Is ceart a rádh go n-abrann Boilsibhící na Rúise nach
bhfuil i réim na Sóibhéat acht réim shealadach.



Ó's réim shealadach é chan fhuil aon rud in a aghaidh


L. 87


go sealadach. Is dóighthe gur éigean cumhacht éigin
mar í do tharraingt chum na mBoilsibhící le seasamh in
aghaidh an tseantíorántais .i. réim an Csáir: agus dá
mbudh éidir réim dá samhail do chur ar bun in Eirinn
go sealadach do sheasóchadh aghaidh ar aghaidh le Seán
Buidhe bheadh fáilte roimpí. Nó le deireadh do chur le
réim lucht gaimbín, le Riaghal na mbodach mar atá sé
againn in Eirinn fá láthair do bheadh fáilte roímpí. Acht
mar Riaghaltas buantseasmhach b'fhearr linn Riaghaltas
toighte de ghothannaibh an phobail mar is gnáthach. Is mó
an náisiún go leír 'ná aon dream san náisiún, bíodh gur
lucht oibre féin iad.



Agus i dtaoibh an stáit Shóiséalaigh féin tá amhrus
againn faoi. Dá mbudh léir go mbudh fheairrde don
chineadh, don náisiún é, budh cheart é chur i bhfeidhm. Acht
tá dhá rud in a aghaidh (1) nár cheart na húirleisí oibre
agus an bhunmhaoin do bhreith ó na daoine gur leó iad
gan gábhadh mór do bheith leis agus gan a bheith cinnte
go rachadh sé i dtairbhe do na daoinibh i gcoitchiune agus
(2) nach bhfuil aon chruthughadh go rachadh an réim Shóiséalach
i dtairbhe don tsluaigh. Do réir gach sheaneolais ní
shaothruigheam daoine atá i gcór le chéile mar do shaothrui-
gheann daoine atá ag obair ar a son féin. Ní féidir
cór níos bríoghmhaire do chur ar bun ná an cór a bhíonn i
dteaghlach mhór abair: acht ní shaothruigheam baill de
theaghlach ins an teaghlach mar shaothruigheann siad ar ball
nuair théid siad amach sa tsaoghal ag saothrughadh dóibh
féin. An bhfuil aithne ag ar léightheóirí ar lucht oibre
atá ar fhostadh ag Comhairle Cathrach Atha Cliath nó ag
aon chomhairle phoiblidhe eile? Má tá, an abrann siad
go mbíonn an chuma oibre céadna ortha is bhíonn ar lucht
oibre duine no dream príobháideach a bhíonn ag saothrughadh
ar son bhisigh? Goidé mar bheadh an scéal againn dá
gcuirimís Pobalacht Shóiséalach ar bun agus a chuid
bhunmhaoine a bhaint de chách agus go bhfhuighbhmís amach
i ndeireadh na dála, gur mó ár leathtrom 'ná riamh
cheana?



Chan fhuilmíd in aghaidh na Sóiséalachta acht siúbhlaimís


L. 88


go réidh agus dearcaimís romhainn sul a ndéantar
atharrughadh mór. Breathnuighmís go grinn ar gach nídh
atá ag tuitim amach agus a thuitfeas amach san Rúis.
Is annsúd gheobhaimíd fios fáth an scéil um Shóiséalacht.
Má éirigheann leis na Boilsibhící tír na hóige do dhéanamh
san Rúis is gearr mhairfidh na stáit bhunmhaoineacha:
mura n-éireochaidh seachnaimís gan scráth lingthe nó
fód ar luascadh do dhéanamh de Eirinn. Agus fágaimís
an ainChríostaidheacht agus annreachtachas aca ar mhórtír
na hEórpa. Níl eagla orrainn roimh an tSóiséalacht
acht go nglacaimís chugainn an méid dí is tairbheach
agus is ceart dúinn, agus fágaimís an cáithleach ag
an té gur mhaith leis é. Is tré cór agus comhoibriughadh
is fearr an saorstát sóiséalach d'ionnsaighe.



AN STUIRICEACH STUAMDHA.


L. 89


LA PLÉIADE



Réamh-Rádh



Is mó atharrughadh a thagann ar shaoghal an náisiúin
do réir na deise nó na haindeise, an fhoirtiúin nó an
mhífhoirtiúin a bhíonn i n-áirithe don tír sin ó aois go haois.
Agus níl atharrughadh dá dtagann ná fágann a rian pé
beag mór é ar litridheacht na tíre sin. Bíonn dlúthbhaint
ag cúrsaí na litridheachta náisiúnta le cúrsaí saoghail
an náisiúin féin, díreach fé mar a bhíonn dlúthbhaint ag
deallramh an locha le deallramh na spéire a bhíonn os
cionn an locha san. Ní túisce a doirchightar an spéir
'ná doirchightar dath an locha; ní túisce a thaitneann an
ghrian 'ná taitneann uisce an locha chómh maith. Dá réir
sin tá leathanaigh dhubha agus leathanaigh gheala le feicsint
i ngach uile litridheacht náisiúnta; agus is mór an
difridheacht a bhíonn idir an dath a bhíonn ar chuid de na
leathanacha san seachas a chéile; acht mar sin féin leathanaigh
d'aon leabhar amháin 'seadh iad. Mar níl i ngach aon
litridheacht náisiúnta acht aon leabhar amháin, is cuma cad
é an difridheacht atá idir leathanach agus leathanach eile,
idir chaibidiol agus caibidiol eile.



Ní hamháin go mbíonn leathanaigh gheala agus leathanaigh
dhubha i ngach aon litridheacht náisiúnta acht bíonn leathanaigh
níos náisiúnta 'ná a chéile ann; agus is bríoghmhaire na
leathanaigh sin 'ná na leathanaigh eile. Chíonn an t-eacth-
rannach an rud san níos soiléire, b'fhéidir, 'ná duine
den treibh. Gheibheann duine den treibh tréithe náisiúnta
i ngach uile leathanach; acht dála an eachtranaigh, ní
mór do sna tréithibh náisiúnta bheith go gléineach ar an
leathanach sar a dtugann seisean fé ndeara iad i
n-aonchor.


L. 90


Ins an leabhar mór áluinn sin — litridheacht na Frainnce,
b'fhéidir ná fuil aon roinnt leathanach is dírighe do dhuthchas
na Frainnce 'ná an méid do scríobh la Pléiade; agus
lasmuigh den dráma (agus ní don dráma atáimíd ag
tagairt an turus so) is beag leathanach den leabhar atá
chomh bríoghmhar leó.



Uime sin is fiú do dhuine na leathanaigh sin do léigheadh
agus d'athléigheadh. Dánta fíor-fhranncacha iseadh iad;
dánta a chuireann in-iúl don eachtrannach an difiridheacht
a bhíonn idir náisiún agus náisiún eile, agus cad é an
ceangal a bhíonn idir chroidhe agus croidhe, pé Franncach
Gaedhlach na croidhthe iad, acht amháin gur croidhthe daonna
a bheadh ionnta.



Toisc iad bheith chomh dúthchasach san, toisc iad bheith
mar do bhéadh guth na Frainnce ins an ré sin, is fiú do
dhuine iad do léigheadh; acht ba dheacair é sin do dhéanamh
gan machtnamh do dhéanamh san am gcéadna ar na filíbh
do scríobh agus ar an saoghal a bhí ann an tráth san. Ná
habradh éinne gur obair gan tairbhe eolus do bhailiughadh
chughainn ar a mbaineann leó i n-a gcúrsaibh saoghalta:
agus ní hobair gan aoibhneas í acht chómh beag. Is dúr
dall an duine ná bainfeadh aoibhneas as scéal ar bheatha
an chumainn filí úd: níl Gaedhal ann, dar ndóigh, go
bhfuil aon léas eoluis aige ar na cúirtibh éigse a bhíodh
againn in Éirinn na nGaedhal ná cuirfeadh spéis i gcúrsaíbh
na "tromdáimhe" úd .i. la Pléiade. Agus is docha ná
fuil an duine ann, bíodh sé i n-a Ghaedhal nó i n-a Ghall
ná cuirfeadh spéis i scéal beatha Ronsard féin
máighistear na tromdáimhe sin.



Rud eile dhe: maireann na dánta do chum la Pléiade;
agus an spioraid a bhíodh san tromdáimh sin breis agus
trí chéad bliadhain ó shoin, is beó dho fós; 'seadh, bíodh is
ná raibh tásc ná tuairisc le fagháil ar an spioraid sin
ar feadh breis agus dhá chéad bliadhain. Sin scéal!
"An marbh ba mharbh is beó do bhí." Sin scéal dóchais
dón Ghaedhal go mórmhór, agus an rud céadna beagnach
ag tuitim amach i n-a thír féin indiu — mar a bhfuil
leathanaigh filidheachta a bhí imthighthe a cuimhne leis na


L. 91


céadtaibh bliadhain le feicsint i leabhraibh is i n-iris-
leabhraibh, agus ainmneacha na bhfilí do scríobh na leathanaigh
sin le cloisint isna sráideannaibh, agus isna scoileannaibh
agus isna hollscoileannaibh.



Budh mhaith liom labhairt ar dtúis ar cionnus mar thárla
gur chuir an file mór san Ronsard la Pléiade ar bun;
ar cad is brigh le hainm na tromdáimhe sin. Tráchtfad
annsain ar na smuaintibh ba mhian le Ronsard agus a
anamcháirde do chur i bhfeidhm ar a dtír féin: tar a
éis sin budh mhithid dam cur síos ar Ronsard féin agus
ar na filíbh eile ba mhó le rádh, na filí eile a scríobh fé
n-a anál. Annsain b'fhéidir nár mhisde dham innsint
cionnus mar d'éirigh leó, cad é an mhaitheas a dhein a
dteagasc d' fhilidheacht na Frainnce agus cionnus tá a
gcáil ag dul i méad fós ó ló go ló. Agus an fhaid is
a bhead ag scríobhadh, déanfad mo dhícheall gan dearmhad
a dhéanamh air seo: gur Gaedhal me agus gur do Ghaedh-
laibh eile atáim ag scríobhadh.



LA PLÉIADE.



I mbhliadhain a 1548 bhí fear ag triall ó Phoitiers go
Páras. Fear óg a b'eadh é, a chuid ghruaige ar dhath an
óir, é bocht a dhóthain acht mar sin féin bhí tabhairt suas
maith air. Ag sroisint tighe ósta dho, do bhuail sé isteach.
Bhí duine uasal istigh roimis, fear saidhbhir, do réir
dheallraimh. Comhaois dóibh araon. Do thosnuigh an
bheirt ar chaint, ar an gcathair sin Poitiers as a rabhadar
araon tar éis teacht, nó ar Pháras mar a raibh a dtriall,
nó ar chúrsaíbh an tsaoghail — is cuma cad air gur
thosnuighdar ar chaint, agus ní fios; acht is cinnte gur
chaitheadar furmhór na hoidhche ag cure síos ar fhilíbh agus
ar fhilidheacht na Frainnce, ar Villon agus ar Marot
agus ar fhilíbh eile nach mór le rádh a n-ainm indiu.
Maidir leis an nduine uasal san — ní stadfadh sé acht
bheith ag caint agus ag caint ar an saghas filidheachta
budh mhian leis fheicsint i n-a dteangain féin agus ar na


L. 92


hatharruighthibh nár mhór a dhéanamh san teangain sin sar
a bhféadfaidhe an saghas san filidheachta do scríobhadh
innti. Bhí sé chomh mór san i ndáiríribh gur dhóigh le
duine air gur ab amhlaidh do rinneadh taidhreamh dó agus
ná fuair sé aon chaoi ar an dtaidhreamh san do nochtadh
go dtí san: sin é a bhí á dhéanamh aige insan tigh ósta
san! B'é críoch an scéil é go raibh fhios ag ceachtar
aca gurbh fhile an fear eile! Do ghealladar dá chéile
gan scaramhaint feasta. Is mór an difridheacht idir
indiu agus indé!



An oidhche sin do cuireadh la Pléiade ar bun. Ronsard
do b'ainm don duine uasal. Joachim du Bellay do
b'ainm don stróinséir.



Ag léigheadh an scéil sin don duine go bhfuil litridheacht
na Frainncise ar eolus aige — cionnus mar a tháinig an
bheirt fhilí sin le chéile don chéad uair i dtigh ósta, tógann
sé a shúil den leabhar agus braitheann sé pictiúir os a
chomhair: chíonn sé an bheirt fhile ag cur aithne ar a chéile,
agus cloiseann sé glór a nguth. "Pierre de Ronsard
m'ainm-se" — "Joachim du Bellay is ainm damsa" —
dhá ainm ná scarfar ó n-a chéile go bráth! Annsain
má's Gaedhal é, — an léightheóir úd — deireann sé nach
foláir nó gur thuit a leithéid sin amach in Éirinn na
nGaedhal leis, agus breis is aon uair amháin — acht cá
bhfuil an scéal le fagháil? Mo thruagh-sa, canad!



Do bhíodh Ronsard i n-a chómhnuidhe um an dtaca san sa
choláiste úd — le collège de Coqueret, à Paris. Is é
fear a bhí i gceannus an choláiste sin ná Jean Dorat.
Fear mórchlú i n-a ré féin ab'eadh Dorat toisc a chruinne
a bhí an Ghréigis ar eolus aige; agus bhí fear óg eile 'n-a
chomhnuidhe ann leis .i. Jean Antoine de Baïf. Do chuir
an triúr san agus Joachim du Bellay saghas cúirte éigse
ar bun. Tugtaidhe la brigade mar ainm ar an gcúirt
éigse sin ar dtúis. Tamall gearr i n-a dhiaidh sin do
glacadh isteach sa ghasra Estielle Jodelle, Ponthus du
Thyard agus Rémy Belleau. Móirsheisear aca bhí ann
annsan, agus do bhaist Ronsard la Pléiade ortha i
gcuimhne an chumainn filí a bhíodh i rightheighlach Ptolemy


L. 93


Philadelphus anallód. Le himtheacht aimsire do glacadh
filí eile isteach ins an gcumann: Olivier de Magny,
Amadis Jamyn, Robert Garniér, Passerat, Desportes,
du Perron, Bertaut agus daoine nach iad. Do bhí féith
na filidheachta i gcuid aca; acht muna bheadh gur glacadh
isteach insan Pléiade iad is deimhin go mbeadh ainm a
lán aca imthighthe a cuimhne fad ó.



III. — AN GHAIRMSCOILE.



Ar dteacht le chéile dóibh ba ghearr an mhoill ar na
filíbh óga so iad féin do ghríosadh chun saothair. Bhí fonn
troda ortha leis, mar is dual dón aos óg. Tuigfar
an fonn troda san a bhí ortha acht an ghairmscoile do
chraobhscaoileadar tamaillín i n-a dhiaidh sin do léigheadh.
Agus do réir dheallraimh bhíodar go léir ar aon aigne
amháin i dtaobh cad air gurbh fhiú troid a dhéanamh. Sa
leitir do scríobh Dorat chum du Bellay tá an chainnt seo
le léigheadh:



Ní raibh acht bliadhain caithte ag du Bellay fé iadh an
choláiste nuair do scaoil sé gairmscoile na dámhscoile:
Défense et Illustration de la Langue française. Trí
bliadhna is fiche do b'aois dó an tráth san agus is iongantach
a dhoimhne tá smuainte na gairmscoile sin, mar le
smuaintibh fir óig: baineann sé le deallramh gur fé
anál Ronsard do scríobh du Bellay é — bíodh gur chómhnaois
dóibh geall leis. Acht má bhíodar óg bhíodar lomdáiríre,
doimhinchorruighthe; agus ní fuiris teóra do chur le n-a
leithéidí. Da mbadh leagadh na gcnoc féin é, dfhéadfadh a
leithéidí é dhéanamh. Bhídís i n-a gcomhnuidhe fé scáth a
chéile, bhídís ag oibriughadh a lámhaibh a chéile, ag tabhairt
conganta dá chéile, ag gríosadh a chéile. Dia leó!


L. 94


Sidiad na smuainte is mó le rádh san ghairmscoile
úd:



(A) Ní foláir dúinn feasta scríobhadh a Frainncis
i n-ionad bheith ag scríobhadh a Laidin: an rud
is féidir a rádh a Laidin, b'fhéidir é sin a
rádh a Frainncis — acht an Fhrainncis do shaoth-
rughadh fé mar do saothruigheadh an Laidean
agus an Ghréigis anallód.



(B) Ní mór dúinn triail do bhaint as an bhfilidheacht
mhóir —



ní mór dúinn gach saghas filidheachta a scríobh-
tidhe anallód insan Róimh agus go mórmhór
san Ghréig a chleachtadh arís sa bhFrainncis.
Dá bhrigh sin ní mór do sna filibh na sean-
úghdair do léigheadh agus d' athléigheadh i
dtreó go mbéidh ar a gcumas aithris do
dhéanamh ortha, i dtreó go mbeidh a gceárd aca.



Sin é bunús na gairmscoile sin an dá smaoineamh úd.
Le ceist na teangan a bhaineann an cheád smaoineamh. Le
ceist na filidheachta féin bhaineann an tarna smaoineamh.
Agus dá chomhartha san tá rian an leabhair sin le
feicsint go gléineach ar theangain agus ar fhilidheacht na


L. 95


Frainnce go dtí an lá indiu, cé nach as an leabhar a
gheibhtar an fhoghluim acht as na dántaibh do chum na filí
féin i n-a dhiaidh sin ag baint feidhme as a dteagasc féin.
Níor cheart dúinn éirighe as an dá smaoineamh san gan
iad do thuigsint beagáinín níos cruinne.



(a) Ag léigheadh na tuairme sin dúinn ba mhaith an
bhail orainn cuimhneamh ar a ghainne a bhíodh
lucht léighte leabhar sa bhFrainnc an tráth
san, agus gur bheag duine go raibh an léightheóir-
eacht aige ná go raibh an Laidean aige chómh
maith. Dá bhrigh sin is fuiris a thuigsint cad
n-a thaobh gur scríóbh Calvin an "Teagasc
Críostaidhe" i Laidin i dteannta é dhéanamh
sa bhFrainncis. B'í an Laidean teanga na scol
an tráth san i roinn na hEorpa, lasmuich
d'Éirinn, bíodh is go raibh atharrughadh insan
méid sin ag teacht go tiugh ar an saoghal.
Ba bheag ar na scoláiribh, a dteanga dhútchais:
b'í teanga na coitcheanntachta í, teanga na
hísleachta. Nuair a thug du Bellay comhairle
a leasa do sna filíbh óga chum triail do bhaint
as an bhfilidheacht ba mhó le rádh, agus mar an
gcéadna úsáid de dhéanamh den Fhrainncis
chuige sin, ní raibh aon easbha daoine ann,
agus scolaírí ortha leis, á rádh: ní féidir
sain do dhéanamh. Fé mar is eol dúinn, bhí
a mhalairt de thuairim ag an ndámhscoil:



Agus bíodh is gurbh é sin a dtuairim láidir,
níor thuig éinne a bhochtaineacht bhí an teanga
san chómh maith agus a thuig an dámhscoil é.
Cad fá ná tuigidís é? - agus priomhtheangacha
na hEórpa ar eolus aca go beacht! 'S eadh,
do thuigeadar, agus is é bunús na gairmscoile
úd ná cionnus d'fhéadfaidhe an teanga san


L. 96


do chur i n-oireamhaint don tsórt filídheachta
badh mhian leó. Do cheapadar narbh' fhearra
dhóibh rud a dheanfaidís ná (i) úsáid do dhéanamh
d'fhoclaibh a bhí le fagháil isna seandántaibh;
(2) úsáid do dhéanamh d'fhoclaibh a bhí le fagháil
i mbéalaibh na ndaoine acht ná raibh le fagháil
san litridheacht go dtí san; (3) focail do
thabhairt isteach sa bhFrainncis ón Laidin agus
ón nGréigis acht crot franncach do chur ortha.



(b) I dtaobh an tarna buntuairim sin is ceart
dúinn cuimhneamh go raibh an Renaissance
tar éis teacht fé lántseól, mar a déarfaidhe,
i dtír sa bhFrainnc. Do bhíodh na filí óga —
Ronsard féin, cuir i gcás — ag luighe isteach
go tiugh ar an nGréigis agus ag síorchur
litridheachta na teangan san i gcomórtas le
litridheacht na Frainncise. Is ag litridheacht
na Gréigise a bhíod an chraobh — ní nach iongna —
aon uair a deineadh san. Thugadar fé ndeara
a chaoile bhí a litridheacht féin seachas an
litridheacht iasachta. Agus bhí an scéal seacht
n-uaire ni ba mheasa nuair a déintidhe com-
paráid idir fhilidheacht na Gréigise agus an
fhilidheacht a scríobhadh le na linn féin —
filidheacht Clement Marot, cuir i gcás.
Ní hiongna gur bhris ar an bhfoigne aca:
leanbh i gcoinnibh fir nó spideóg i gcoinnibh
fuiseóige ba shamhail don chomórtas san.
Do mhúin an litridheacht ársa dhóibh cad ba
poême épique, tragédie, grande comédie,
poême lyrique, satire, agus épître ann: do
thuigeadar, leis, gurab as an taithighe a
gheibhtar an fhoghluim: agus is é rud a chuir-
eadar rómpa i n-a ngairmscoile ná a chur
i n-a luighe ar na filíbh óga tabhairt fé gach
uile shaghas filidheachta a cleachtthaidhe anallód.
Acht cá raibh adhbhar na litridheachta móire


L. 97


sin le fagháil ag na filíbh óga? Is é freagra
a thug du Bellay ar an gceist sin ná: cá
bhfuair na Gréagaigh an t-adhbhar san? Is é
adubhairt sé ná:



Dubhairt sé, leis, nárbh iad na haistriughcháin
a bhí uatha i n-aon chor acht úrscéalta déanta
den tseanmhéanach agus iad déanta chomh
maith san agus chómh mór san go bhféadfaidhe
iad do chur i ndlúthchomórtas lesna scéaltaibh
a deineadh sa tseanRóimh agus sa tsean
Ghréig. Ní raibh aon iontaoibh ag an ndámh-
scoil a haistriúghchán — filí do b'eadh iad!



Ní gábha a rádh gur chuir na tuairmí sin fuadar
fé sna scríbhneóiríbh a bhí suas an tráth san.
Bhí troid liteardha ann díreach fé mar a bhí
san tír chéadna tri chéad bliadhain i n-a dhiaid
san tráth a chuir Victor Hugo "Cromwell"
ar an árdán. Baineann sé le deallramh gur
minic a bhíodh a leithéid sin de throid liteardha
againn i nÉirinn na nGaedhal — an t-aos óg ag
éirighe amach i gcoinnibh na seanóirí. Tá
'fhios againn cionnus mar do b' éigean d'
Andrias Mac Cruitín dul isteach isna méad-
araibh nuadha, bíodh is gur bheag air iad; agus
ní gan gearán a dhéanamh a dhein sé é.



Tuigimíd anois cionnus mar do cuireadh an
Pléiade ar bun, cad é an brigh atá leis an
ainm sin, agus cad iad na mórsmuainte a
bhíodh á phléidh ag na filíbh óga san choláiste
úd i bPáras. Is mithid trácht anois ar na
filíbh is mó a bhí ins an dámhscoil sin.


L. 98


NA FILÍ.



Sé Ronsard féin do chuir síos mar sin air féin agus
ar a óige. Is deas an pictiúir é — an garsún, agus
dúil san bhfilidheacht cheana aige, ag caitheamh a choda
aimsire isna gleanntaibh ag déanamh amhrán dó féin agus,
dar leis, les simples Dryades, Faunes, Satyres, Pans,
Napées, Oréades agus gan bac do, le gentil troupeau des
fantastiques fées, mórtimcheall air.
'seadh, acht an chomplacht a bhíodh aige do
b'fhearr go mór iad 'ná na daoine saoghalta.



I mbliadhain a 1524 do rugadh Pierre de Ronsard insan
château de la Poissonniere i ngar do Coutoures, cois
Loire. Louis de Ronsard do b'ainm dá athair agus b'é
tigheasach an ríogh é. Bhí
saghas gaoil idir mháthair Pierre agus righthe Shasana, agus
bhíodh caidreamh ag Pierre de Ronsard, file, le hEilís,
ríoghain, le n-a ré. Do cuireadh ar choláiste Navarre
é, acht bhí sé chomh uaigneach san ann gur buaileadh breóite
é agus do rug a athair leis é as san go hAvignon. San
áit sin deineadh giolla de i dteaghlach Charles, duc
d' Orléans, mac an ríogh. Do phós deirbhshiúr Charles,
"Jacques Stuart" (Séamas V) .i. rí Alban, agus chuaidh
Pierre i dteannta na bainríoghna óige go hAlbain agus


L. 99


chaith sé dhá bhliadhain i nDún Éadain. Is ann a thosnuigh
sé ar Virgilius agus ar Horatius do léigheadh. Chaith sé
roinnt aimsire i Sasana, leis, agus d'fhoghluim an Béarla.
D'fhill sé abhaile ar an bhFrainnc agus b'é Charles, duc
d'Orléans a bhí aige arís mar mháighistir. Tar éis cuairt
a thabhairt ar an dTír fó Thuinn agus ar Flóndras do
cuireadh le teachtaireacht go hAlbain é. Ar dteacht thar
n-ais dó do thug sé cuaird ar an nGearmáin i dteannta
Lazare de Baïf .i. ambassadeur de France à la Diête de
Spire" (1540). Bhí mac ag Lazare de Baïf, Jean Antoine de
Baïf ab ainm dó, agus d'éirigh Pierre go hanmhuinteardha
leis an mac san, toisc é bheith i n-a fhile leis. De bhrígh gurbh
fhile é, ní dócha go gcuireadh sé an ruaig ar "an gcomplacht
ngil úd" a bhíodh ag feitheamh le Pierre isna gleanntaibh.
An fhaid is a bhí Ronsard insan nGearmáin bhí sé ag
foghluim teanga na tíre sin, agus innstar a leithéid eile
de scéal i n-a thaobh agus é san Iodáil. Ní raibh sé um an
dtaca san acht sé bliadhna déag d'aois. Ceapadh go
gcaithfeadh sé a shaoghal ag triall leis ó chúirt go cúirt
mar theachtaire ríogh. Acht ní mar síltear bhítear. B'é toil
Dé gur thuit breóiteacht ar an bhfear óg léigheanta san,
agus bíodh is go dtáinig sé slán ón aicíd d'fhág sí bodhar
é. Do thug sé cúl leis na cúirteannaibh. Bhí trúig eile
leis an dtréigint: mar adeir sé féin:



Do thugadh a athair fé ndeara go mbíodh sé ag ceapadh
na ndréachta agus, nidh nach iongna, do chuireadh sé i n-a
choinnibh. Do réir an fhile féin, deireadh a athair leis:



acht d'éirigh an t-athair as an scéal nuair a tháinig an


L. 100


allaidhir air. Do chuaidh Pierre isteach sa choláiste úd,
"de Coqueret i Paris" — agus do bhí a chara óg Jean
Antoine de Baïf i n-a theannta ann.



Is aoibhinn bheith ag machtnamh ortha araon — saoghal
sonasach aca ag déanamh léighinn. Tá cúntas deas
againn i n-a dtaobh, ó láimh Claude Binet:



Tá innste agam cheana gurbh é Jean Dorat, scoláire,
fear go raibh an Ghréigis ar fheabhas an domhain aige, a
bhí i n-a phríomhollamh ar an gcoláiste úd. Tá innste
agam cionnus mar a ghaibh du Bellay an treó, agus cionnus
mar dheineadar socrughadh eatortha féin gan scaramhaint
a thuille ó n-a chéile. Ní raibh san choláiste sin as san
amach acht saghas dámhscoile. Agus as san amach leis,
ní raibh ag Ronsard acht fé mar adubhairt sé féin une vie
sans vie. Bhí deireadh le ré na n-eachtraí. Do cuireadh
fé mhionórdaibh na hEaglaise é.



Do chuir sé a chéadh leabhar amach bliadhain a 1547, acht
ní raibh ann acht filidheacht ógánaigh. I mbliadhain a 1550
d'fhollsigh sé an chéad leabhar gurbh fhiú trácht air: "Odes"
ba theidiol dó. Do moladh go hárd an leabhar, agus
fuair an file clú is cáil dá bhárr; agus níor thaise don
tarna leabhar a chuir sé i n-eagar (1552). "Amours" is
ainm don leabhar san. Is fíor go raibh dream daoine
ann, agus filí leis, a chuir i gcoinnibh na filidheachta
nuaidhe: Mellin de Saint-Gelais a bhí i n-a cheann urraidh
ortha; b'fhearr leó súd an rud go raibh taithighe aca air —
filidheacht Mharot, cuir i gcás. Do ghlac an rí (Henri III)
leis an scoil nuaidh agus as san amach bhí deireadh le ré
Marot. I mbliadhan a 1553 do chuir Ronsard fé chló
"Les Hymnes" agus "Le Bocage Royal," "Les Amours
de Marie" agus dánta nach iad; agus i mbliadhain a


L. 101


1560, fé chuireadh Marie Stuart, do bhailigh sé a raibh
cumtha aige cheana agus d' fhoillsigh sé a shaothar liteardha
i gceithre leabhraibh. I mbliadhain a 1572 do tháinig an
"Franciade," dán anfhada ná cuirtar spéis ann. D'fhill
an file ar a thuaith féin i mbliadhain a 1574 agus chuir sé
leabhar eile amach — Amours — Sonnets à Hélène — leabhar
i n-a bhfaghtar roinn den obair is fearr dár dhein
se.



Sin iad na leabhair is mó le rádh dar scríobh sé; acht
an té a chuirfeadh roimis cúntas do thabhairt ar bheatha
Ronsard níor mhór dó trácht ar rudaíbh eile seachas na
leabhair. Is fíor gur chaith sé a shaoghal ag scríobhadh
dánta agus leabhar — une vie sans vie — acht ní hionann
san agus a rádh gur éaluigh sé ó chúrsaibh an tsaoghail:
a mhalairt ar fad a innstar i n-a thaobh. Mar adeir
George Wyndham san leabhar úd "Essays in Romantic
Literature" (do Ronsard atá sé ag tagairt):



I roinnt de sna dántaibh a scríobh Ronsard chímíd na
hainmneacha so: Cassandre, Hélène, Marie, agus
Genêvre: ní thuigfidhe filidheacht Ronsard i gceart gan
roinnt eoluis bheith ag an léightheóir ar na mnáibh
sin.



Do chuir sé aithne ar "Cassandre" — .i. Mdlle. du Pré
agus é i n-a fhear óg, agus do cheap sé nár mhór dó ceárd
na filidheachta d' fhoghluim go cruinn i dtreó go bhfeádadh
sé áilleacht an chailín sin, — ní raibh innte acht cailín, —
agus méid a ghrádha dhi do nochtadh. Sar a raibh deireadh
le na thréimhse stúdéir bhí Cassandre pósta le Jean de
Peigne! Acht do lean an caradas eatorra: is rídheas
an fhilidheacht do chum sé i n-a taobh:


L. 102


Is beó dá leithéid sin d'fhilidheacht; agus ní taise
do so:



Is mór an difridheacht a bhí idir Cassandre agus an chéad
bhean eile dá dtug Ronsard grádh a chroidhe. Bean
uasal a b'eadh Cassandre acht inghean d'óstaeir b'eadh
Marie. Deir úghdar Franncach i dtaobh Cassandre:


L. 103


Ní dhéarfadh éinne gur "Muse" Marie du Pin! Agus
ó's rud é go raibh an difrídheacht mhór san idir an bheirt,
idir Cassandre agus Marie, ní hiongna linn difridheacht
bheith idir an grádh a thug Ronsard dóibh; agus tá rian na
difridheachta san le feicsint nuair a cuirtar na dánta
do scríobh sé do Marie i gcomórtas le sna dántaibh do
scríobh sé do Cassandre roimis sin. Ní deas le léigheadh
an cúntas a thugann an ollamh T. B. Rudmose-Brown
san leabhar úd "French Literary Studies" ar an ngrádh
a bhí ag Ronsard do Marie: acht d'fheádfadh sé an scéal
san d'innsint dúinn ar a mhalairt de chuma ar fad agus
b'fhéidir gur ghlaine a bhéadh an Fhírinne ann annsain aige!
Dar liom tá an fhírinne ghlan ag Jean Dorchain san
méid a chuireann sé síos ar na dántaibh a scríobh an file
do Marie:



An té do scríobh san do thuig sé Ronsard i n-iomlán, do
thuig sé an file go dtí an smúsach; acht nuair a labhrann
T.B. Rudmose-Brown ar an ngrádh a thug Ronsard do
mhnaoi eile .i. Genèvre" tugann sé roué mar ainm
air! Seo mar a chuireann Hilaire Belloc síos ar an
gceist:


L. 104


Belloc nó ag Brown atá an fhírinne? Ag Belloc, dar
liomsa, mar nochtann beatha agus bás an fhile dhúinn,
agus a shaothar liteardha chómh maith, an scéal céadna —
gurbh fhear é ná raibh aon chráibhtheacht ann, acht murab' eadh,
nár roué é acht chómh beag. Ní don fhile a thug an cailín
grádh a cléibh, pé i nEirinn é acht do Charles de Pisseleu,
duine muinteardha do Ronsard. Fuair sí bás i n-a
hóige i mbliadhain a 1573 agus do scríobh an file sraith
dánta deasa 'gá cuimhne:



Ag tabhairt ghrádha do Marie dó iseadh do scríobh sé
Hymne de la Mort — dán sáruasal go bhfuil brigh is
neart le gach uile fhocal de: sidé deireadh an
dáin:


L. 105


Is iongantach a bhríoghmhaire tá sé mar le dán do scríobh
roué "Heureuse et profitable Mort" ba dheacair an abairt
sin do sharúghadh, agus Whitman féin do chur chuige.



Tháinig bean eile i n-a threó .i. Hélène de Fonsèque,
agus é ag druidim leis an aois. Thug sé grádh dhí, agus
níor ghrádh aon ghrádh a bhí ag Ronsard go dtí san. Is
leór dúinn cunntas Pierre de Nolhac ar theacht le chéile
dhóibh — do Ronsard agus do Hélène:



Is leor san.



arsa Hilaire Belloc i n-a taobh: ní hiongna mar sin gur
sháruigh an roinnt fhilidheachta do scríobh Ronsard i n-a
comhair a raibh scríobhtha aige cheana — agus níorbh fhuiris é
sin do dhéanamh. Di-se, dar ndóigh, an rud is mó clú
dár chum sé:


L. 106


I dtaobh a leithéid sin d'fhilidheacht cad tá agam cheana:
is beó dhó. Cuireann an t-amhráinín sin i gcuimhne dhúinn
an t-amhráinín úd do scríobh W. B. Yeats:



acht nuair a bheidh breis agus trí chéad bliadhain imthighthe
tharainn an ndéarfar i dtaobh an amhráinín sin; is beó
dhó? — amhráinín i n-a bhfaghtar na línte seo:



Tá scéal na mban do chuireadh croidhe an fhile ar crith
innste anois againn. Is minicí léightar na dánta do
chum sé dhóibh 'ná na dánta eile do scríobh sé; acht is fiú
na dánta eile do léigheadh chómh mhaith. B'fhiú dhúinn iad
do scrúdughadh, go mórmhór dá mbudh mhian linn saoghal
na Frainnce le n-a ré sin do thuigsint agus cionnus
mar a théigheadh sé i bhfeidhm ar aigne an fhile.



Bhí an creideamh nuadh agus an seanchreideamh in achrann
i n-a chéile an tráth san sa bhFrainnc. Do chlaoidh an
file le creideamh a shínsear agus dhein sé cion fir chun
é do chosaint. Cuirtidhe i n-a leith nár cheart dó a leitheíd
sin do dhéanamh agus é amuigh air gurbh' fhear gan creideamh
é. D'fhreagair se:



agus do lean sé ar an scéal mar sin ag déanamh, mar a
déarfaidhe, a ghnímh chreidimh féin. Acht, dar ndóigh,
b'fhearr leis gan an troid sin a bheith ann i n-aon chor;
ní fhéadfadh sé dearmad a dhéanamh ar an aimsir an-
allód:


L. 107


Chítar na hainmneacha sin Luther agus Calvin san
bhfilidheacht do scríobhadh i nÉirinn nuair a bhí an troid
chéadna ar siubhal ann: acht an fhaid is a bhíodh Ronsard
ag scríobhadh a leithéid sin de dhán, bhíodh sé ag cuimhneamh
ar ré na síothchána a bhí imthighthe tharainn; ní mar sin do
sna Gaedhlaibh: níor chuimhin leó súd ré síothchána i n-aon
chor. Comhrac an dá chreideamh ní raibh ann acht saghas
atharruighthe a bhí tar éis teacht ar an seanchomhrac!
Is í an chómhairle a thugadh Ronsard uaidh dá cháirdibh
féin ná an seanchreideamh do chosaint leis an bpeann:
ní móide go ndéanfadh an "peann," dá chlisteachth é,
aon mhaitheas don troid sin idir an dá chreideamh í
nÉirinn; agus níorbh fhéidir leis na seanfhilíbh é do
cheapadh acht chómh beag. Ní bhfaghtar isna dántaibh do
scríobhadar ar an gceist aon chomhairle den tsaghas san
a thugadh Ronsard uaidh sa bhFrainnc.



Acht bíodh is gur dhein Ronsard cion fir chun creidimh a
shinsear a chosaint, bhí de mhisneach aige na lochtanna a
fuair sé ortha do chur i leith na ndaoine a bhí i bhfeidhil
an chreidimh an tráth san.



Agus mar sin dó.



Deirtar gur chuma leis cad é an saghas creidimh a


L. 108


bhéadh sa bhFrainnc acht é bheith gan toirmeasc gan cogadh.
Nár scríobh sé:



'Seadh, do scríobh; acht seo mar thosnuigheann an dán
san



Níl insan dán san acht giota grinn.



Cúis bhróin dó gur éag na cáirde, idir fir is mná,
ba dhílse do, roimis féin — Joachim du Bellay, Olivier
de Magny, Rémy Belleau, Estienne Jodelle, Estienne
de la Boétie agus daoine nach iad. Mar sin bhí saoghal
uaigneach a dhóthain aige ar feadh roinnt éigin bhliadhan
roim bás dó. I ndeireadh bliadhna a 1585 do bhris ar a
shláinte agus chuaidh sé abhaile go dtí a thuath féin. Fuair
sé i n-a phraisigh í tar éis éirligh Huguenots. Theip an
codladh air. Chuaidh sé ó dheas mar a raibh clochar cois
Loire, "dans sa chêre Touraine," a bhí Fé chúram aige.
Is ar éigean a shrois sé an clochar, bhí sé chomh breóite
sin. Thuit sé fá dhó go faon lag sa tslighe dó. "Cad
is creideamh duit ag tréigint an tsaoghail seo dhuit?"
ar seanmhanach leis.



"Cad is dóigh leat"? ar seisean, agus fearg air,
"gheibhim bás san chreideamh san i n-a bhfuair m' athair
bhás, agus mo sheacht sínsear rómham."



Do bhailigh sé annsain na manaigh mórthímcheall air
agus do labhair go ceann abhfad leó, ghá rádh go raibh
cathughadh air i dtaobh na bpeacaí do dhein sé le n-a ré.
Dubhairt sé ná raibh san tsaoghal acht brón agus toirmeasc
agus cogadh agus peacaí agus pian; agus ná raibh aon


L. 109


deireadh leó acht amháin an bás. "Sé an clú," adubhairt
sé annsain, "an nídh is áilne fé luighe na gréine agus níl
éinne lem ré a fuair an oiread sin de agus a fuaireasa
féin: an méid a fuaireasa dhe, fágaim le huadhacht ag
mo thír é, é bheith aici agus mé ar shluagh na marbh. Trial-
laim ón áit seo mar a thriallfadh an té a bhéadh tuirseach
de, agus ná béadh uaidh acht flaitheas Dé."



Fuair sé bás sa chlochar san an seachtmhadh lá fichead
de mhí na Nodlag 1585, agus is ann do cuireadh é.



V. — NA FILÍ EILE.



Joachim du Bellay (1524-1560).



Sa bhliadhain 1524 do rugadh Joachim du Bellay i
Lyré, baile i ngar d'Angers. I n-a óige fuair a athair
agus a mháthair bás; agus níorbh' aoibhinn cúrsaí a shaoghail
as sain amach. Tugadh faillighe — mar adeir sé féin
linn — san oideachas a fuair sé. Do bhí sé ag déanamh
stuidéir ar an ndlighe go dtí gur casadh Ronsard air insan
tigh ósta úd: d'éirigh sé as an ndlighe annsain. Is eól
dúinn cheana gurab é do scríobh gairmscoile na dámh-
scoile sa bhliadhain 1549. Tamall gearr i n-a dhiaidh sin
d'fhoillsigh sé leabhar filidheachta — dánta do chum sé do
mhnaoi ar ar thug sé "Olive." D'imthigh sé don Róimh
i dteannta an Chairdinéil du Bellay (bhí gaol ag an bhfile
leis)agus d'fhan sé ann ar feadh cúig bhliadhna. An chuaird
sin ba thrúig leis an leabhar san Antiquités de Rome —
leabhar ar ar chuir Éamon Spenser Béarla. Deoraidhe
ab eadh du Bellay an tráth san agus, mar is dual do
dheoraidhe, bhíodh sé go huaigneach tromachroidheach; agus
bhí beirt eile — Olivier de Magny agus Panjas — insan
chás chéadna: seo mar dheineann sé tagairt don triúr
aca: —


L. 110


Agus is í an chuaird sin leis ba thrúig leis an sonnet
sáráluinn so — sonnet a théigheann i bhfeidhm ar aigne an
Ghaedhil de phreib.



Ag léigheadh an dáin sin do dhuine is fuiris a thuigsint
go mbéadh daoine ann a déarfadh gur mhó d'fhile an file
do chum san 'ná Ronsard féin. Ní fheadar an féidir gur
léigh na Géana Fiadhaine an dán san? A dtug sé sólás
aigne dóibh riamh? Ar mhaith le Donnchadh Ruadh é léigheadh?
Ar dheis dé go raibh anam an duine do scríobh é! Fuair
sé bás obann: chúig bhliadhna is fiche b' aois dó. Mar
adeir Hilaire Belloc: "Nuair léightar a chuid filidheachta
chítar an scamall os cionn a chinn agus an buanbhrón
mórálach, doimhinn i n-a shúilibh. 3" Agus mar a deir
Walter Pater: "Nochtann a lán den bhfilidheacht do
scríobh du Bellay a ré féin agus an "scoil" go raibh


L. 111


baint aige léi seachas aigne agus meón an fhile féin.
Ní chuirtar spéis i n-a chuid filidheachta, agus is fíor so
leis i dtaobh saothair Ronsard, toisc gurbh é file árighithe
do chum, acht toisc gurbh í, tráth, filidheacht à la mode —
go bhfuil baint aici le ré fé leith — ré i n-a gcuirtidhe
anaspéis san modh agus 'na ndeintidhe ar fheabhas é." 4
Ní thuigim cionnus mar a ceapadh riamh go raibh an ceart
ag Walter Pater nuair a dubhairt sé an méid sin i dtaobh
filidheachta du Bellay. Ba dhóigh le duine air nár léigh
sé riamh an sonnet úd "Heureux qui, comme Ulysse.
…"! Is leór an t-aon sonnet san amháin chum a chur
i n-iúl dúinn ná raibh an ceart aige san méid sin.



B'fheidir go mbéadh sé fíor dá n-abradh sé é i dtaobh
filí eile a bhí san ndámhscoil sin la Pléiade, acht ní fíor
i n-aon chor é fé mar dubhairt sé é. Bhí an modh scríobhtha
ar fheabhas ag du Bellay, acht ní hé sin an t-aon bhuac
amháin a bhí aige. Is é a chroidhe a labhrann linn i n-a
dhántaibh agus dá bhrigh sin is beó dóibh; is mó file eile
le n-a ré go raibh an modh scríobhta niós fearr aige 'ná
mar a bhí ag du Bellay acht ní déarfadh éinne gur beó dá
gcuid filidheachta.



Ba gheal le sna seanGhaedhlaibh gach ar scríobh sé do
léigheadh:



B'fhuiris a cheapadh gur ghiota ó Ghaedhilg na sémhadh
haoise déag é sin; agus cá bhfuil an té a léighfeadh an
dán do chum sé i dtaobh Belaud, a chat, ná cuimhneóchadh
ar "Pangur Bán"


L. 112


"Ní maith liom na dánta do baineadh as an aer"
arsa Goethe: Ní as an aer do bhaineadh du Bellay a chuid
filidheachta; ní foláir nó is cat aerach a bhí san chat úd
Belaud, acht níor chat aerdha é; agus ní filidheacht
"aerdha" an dán san tuas. Agus ba mhar sin do du
Bellay i gcomhnuidhe. Comhartha é sin gurb é a chroidhe a
labhrann linn. Seo dhíbh an rud is mó clú dár dhein sé
agus gheibhmíd na tréithe céadna ann;


L. 113


Olivier de Magny 1530-1559.



Duine des na "trois cygnes" úd é sin; agus ba chara
do Louise Labé é — an bhean iongantach úd a bhí i n-a
scoláire, in-a file, in-a ceóltóir, agus i n-a saighdiúir!
Gheibhmíd tagairt don ghrádh a bhí aca dá chéile insan
bhfilidheacht do scríobhadar araon — insan leabhar úd
"Amours" (1553) do scríobh seisean agus san leabhar
úd "Œuvres" d'fhoillsigh sise sa bhliadhain 1555. Deirtar
ná raibh Louise Labé dílis dó —



An fhaid is a bhí de Magny sa Róimh abhfad ó n-a thír
dhúchais féin, abhfad ó n-a "ghrádh geal" do chum sé an
leabhar ar a dtug sé "Soupirs" (1557).



Fuair sé bás nuair a bhí sé deich mbliadhna is fiche d'aois.



Jean Antoine de Baïf.



Is eol dúinn cheana an caradas a bhí idir an file sin
agus Ronsard le linn a n-óige. Insan Iodáil do rugadh é
mar a raibh a athair i n-a theachta Stáit ó n-a righ. Ar
n-éag don athair tháinig Jean i seilbh a dhuthchais; agus as
san amach bhí an saoghal ar a thoil féin aige, go dtí gur
bhain na Huguenots sealbh na hoighreachta san de. Thug
an rí congnamh do annsain, agus mura mbéadh go dtug
do b'aindeis an saoghal a bhí ag an bhfile. Bhí sé breóite
go leór go ceann abhfad sar a bhfuair sé bás sa bhliadhain
1589.


L. 114


D'fhoillsigh sé a lán leabhar, Do chuir sé Frainncis
ar roinnt drámann nGréagach; agus i ndeireadh na
scríbe tháinig an smuaineamh do gur mhaith an rud é an
Fhrainncis do scríobhadh fé mar a labhartaidhe í. Chítar
dúinn dá bhrigh sin, go raibh sé ar thaobh an "Leitriughadh
Simplidhe!"



Robert Garnier (1545-1601).



I bhFerté-Bernard (Maine) do rugadh Robert Garnier
sa bhliadhain 1545. Do chlaoidh sé leis an ndlighe acht
níor éirigh sé as ceárd na filídheachta. Do scríobh sé a
lán drámanna. Sa bhliadhain a 1601 do fuair sé bás,



Rémy Belleau (1528-1577).



Cara fíordhílis do Ronsard ab eadh Rémy Belleau —
an cara ba dhilse dá raibh aige — lasmuigh de du Bellay
féin, b'fhéidir. Tá a ainm "mon cher Belleau" le
feicsint i n-a lán de sna dántaibh do scríobh an
máighistir. Tugtidhe "le gentil Belleau" air mar leas
ainm agus cuireann san i n-iúl dúinn a ghrástamhlacht
atá a chuid bhéarsaí. Fuair sé bás i m "bláth a óige"
naoi mbliadhna is fiche do b'aois dó. Ní raibh duine ag
iomchar na cómhrann lá a churtha, ná raibh i n-a BLANK fhile ach
Ronsard. Jean Antoine de Baïf, Philippe Desportes,
Amadis Jamyn.



"Peintre de la nature" a thug Ronsard air. Tá eolus
ag a lán ar an ndán san "Avril" do scríobh sé: seo
giota de:


L. 115


Estienne Jodelle (1532 — 1573).



Estienne Jodelle: I bPáras do rugadh é sa bhliadhain
1532. Do thosnuigh sé ar scríobhadh, fé anál Ronsard,
agus é go hanóg. Is ar éigean bhí se fiche bliadhain d'aois
nuair do scríobh sé "Cléopâtre Captive," dráma bróin
do b'eadh é, agus



"Eugêne" — drama suilt —



Do thaitin na drámanna san go mór leis an righ agus
thug sé 500 écus mar luach saothair dó. Sé bliadhna i n-a
dhiaidh san d'éirigh an rí i n-a choinnibh agus ós rud é go
raibh an file go hana mhórálach do lean an scéal mar
sin. Bhí sé tugtha don ól agus don ragairne, agus dá
dheasca san fuair sé bás nuair a bhí sé dachad bliadhain
d'aois.



Ba dheas an rud cur síos ar na filíbh eile a bhí i
ndámhscoil la Pléiade — ar Estienne Pasquier (1529-1615)
an té do scríobh an leabhar ("Recherhes sur la France")
i n-a bhfaghtar a lán eoluis ar an Pléiade; ar Estienne
de la Boétie (1530-1563) cara do Montaigne; agus go
mórmhór ar d'Aubigné (1550-1630) an fear iongantach
san; acht dá ndéanainn é ní bhéadh deireadh leis an aiste
seo go ceann abhfad.


L. 116


VI. — FILIDHEACHT NA DÁMHSCOILE.



Is eól dúinn go maith an ghairmscoile a chuir an
dámhscoil amach ar theacht le chéile dhóibh; is eol dúinn,
leis, cionnus mar a cheapadar ná raibh ar a gcumas
nidhthe fiúntacha do rádh mar budh mhian leó mura
n-éireóchadh a dteanga féin níos saidhbhire 'ná mar a bhí
sí. Tá eolus againn leis ar an seift do cheapadar
chum san do dhéanamh. Do réir mar a bhí ceapaithe aca,
do dheineadar an bheart; agus ba mhaith an bhail ar an
bhFrainnc iad súd a bheith ann chun na teangan do chur ar
shlighe a leasa i dtreó go bhféadtaidhe na rudaí fiúntacha
san — b'iad fás an Renaissance iad — a rádh mar ba
chóir. Tá éiséirighe buailte linn i nÉirinn, agus níl sé
i n-ár gcumas an éiséirighe sin agus gach a mbaineann
leis do nochtadh sa teangain fé mar atá sí. Is fuiris a
rádh: cuimhnighmís ar an bPléiade; acht b'fhearra dhúinn
machtnamh do dhéanamh ar na fearaibh a bhí insan dámhscoil
sin. Scoláirí ab eadh iad, acht má's eadh do b'fhilí iad
leis. Dá mbéadh gan bheith ionnta acht scoláirí, d'fhéad-
faidís cinneadh, b'fhéidir, ar cad ba cheart dóibh a
dhéanamh, acht ar bh'féidir leó é dhéanamh? Is é an bhail
a bhí ar an bhFrainnc ná an sómpla a thugadar uatha i n-a
gcuid filidheachta bheith ar aon dul leis an dteagasc a
mhúineadar mar scoláirí. Níl an bhail sin orainn-na.
Tá scoláirí againn agus tá filí againn; acht is beag
scoláire dhíobh i n-a fhile, agus is beag file dhíobh i n-a
scoláire! Agus is measa 'ná san an scéal; tá daoine
ann agus níl an scoláireacht aca agus níl an fhilidheacht
aca acht chómh beag — agus i n-a aimdheóin sin siúd iad
ar a gcroidhe dhíchill ag ceapadh "téarmaí!" An Féidir
a chur i n-iúl dóibh siúd ná fuil rud is mó a loiteann
teanga 'ná aniomad "téarmaí" a bheith innti? Róluath
a bheidh ár ndóthain téarmaí againn! Fágaimís a leithéid
sin d' obair fé sna daoinibh go bhfuil litridheacht na
Gaedhilge ar eólus aca. Insa litridheacht san tá mar a
bhéadh tobar fióruisce againn, agus is é uisce an tobair sin


L. 117


a choiméadfaidh an teanga beó dhúinn. Bhí a leitheíd sin
de thobhar ag Ronsard agus ag á cháirdibh; acht tobar
éadtrom ab eadh é seachas an tobar atá againn-ne. Do
bhí ortha súd focail a tharraing chughtha ón Laidin agus ón
nGréigis; agus ní mór dúinn-ne Focail iasachta do
ghlacadh chúghainn leis ó theangachaibh an domhain; acht cá
beag dúinn é sin do dhéanamh nuair a bheimíd sa chruaidhchás:
níl tosnuighthe i gceart againn fós ar uisce ár dtobair
féin do tharraing. Go dtógaidh Dia i n-ár measc gasra
a dhéanfaidh an obair atá rómhainn i dtaobh na teangan
chomh ciallmhar agus a dhein la Pléiade an obair sa
bhFrainnc breis is trí chéad bliadhan ó shoin. Is beag
focal a thugadarsan isteach sa bhFrainncis leó ná fuil
beó fós: 5 is iad san a thug innti an focal is mó clú san
teangain sin, — an Focal "Patrie."



"Táimíd róchlaon chum filidheacht na Gaedhilgé do
mheas i meidh an Bhéarla is do réir a riaghlach sin" ar
"Tórna" ag cur síos dó ar dhántaibh Sheáin na Ráithíneach.
Is fíor dó; acht deinimíd filidheacht na Frainncise do
mheas, nó do mhímheas ba cheart dom a rádh, ar an gcuma
gcéadna: ní thuigimíd í acht amháin fé mar a thuigeann
an Sasannach í — agus, dar ndóigh ní doimhinn an tuigsint
a bhainid siadsan as aon fhilidheacht iasachta olc nó maith
Da mb'é Matthew Arnold féin é, níor thuig sé filidheacht
na Frainncise. Acht do thuigidís na seanGhaedhil í, agus
ba gheal leó filidheacht na dámhscoile úd, la Pléiade, do
léigheadh.



Ba gheal leó súd í toisc na tréithe seo bheith innti:



(I.) An módh a bheith ar fheabhas — an módh seachas na
focail. Sin é an fáth nach féidir leis an mBeárlóir
blas ceart na filidheachta do so bhraith: an rud atá
innti, ní thugann sé fé ndeara é toisc gan taithighe bheith
aige air i bhfilidheacht a theangan féin. Agus an rud ná
fuil innti — siúd ar lorg an ruda san é! Mothuigheann



"Avril," (Hilaire Belloc)


L. 118


an Béarlóir rud éigin uaidh nuair a leigheann sé abairtí
dála



mothuigheann sé rud éigin uaidh nuair a léigheann sé línte



(Olivier de Magny)



Nó:



"Cá bhfuil an fhilidheacht?" arsa an Béarlóir; acht
do bhéadh tuigsint is meas ag an nGaedhal ar a leithéid
sin d'abairtíbh agus de líntibh. 'Seadh, agus do bhéadh fhios
aige go raibh cruinneólus ag na filíbh franncach ar cheird
na filidheachta — go ndeaghadar isteach isna trí ceardchaibh
chómh maith leis na filíbh 'na thír féin chun na cheirde sin
d'fhoghluim — agus gur fhanadar ionnta — insan teach
meabhruighthe," agus insan "teach luighe" agus in san
"teach breithibh" go dtí go raibh sí aca.



(II.) Ainm na ndúithche mórthimcheall ar an bhfile
a bheith á luadhadh isna dántaibh. Tá na hainmneacha san
le fagháil i ngach uile leathanach nách mór. Fé mar is
eol dúinn ba mhór é a ngrádh dá ndúithchíbh féin, bíodh is ná
raibh i gcuid aca acht dúithchí bochta



Do b'aoibhinn leis an seanGhaedhal an giota san do
léigheadh; agus is minic a chífeadh sé giotaí anachosmhail
leis, i bhfilidheacht la Pléiade.


L. 119


(III.) Ainm na bhfilí eile a bheith le Feicsint isna
bhéarsaibh — comhartha gur dhámhscoil cheart



(IV.) An greann atá insan bhfilidheacht a bheith, mar a
déarfadh duine, fé cheilt — gan baint aige le greann na
coitcheanntachta. Cuir i gcás na dánta do scríobh du
Bellay dá chat agus dá mhadra; nó an sonnet seo:



Ní i dtaobh filidheachta la Pléiade adubhart an ollamh Robin
Flower é sin acht i dtaobh filidheachta a scríobhadh i
nÉirinn na nGaedhal; acht féach a oireamhnaighe atá sé
d' fhilidheacht la Pléiade leis!


L. 120


(V.) Eolus cruinn ar chúrsaíbh an tsaoghail a bheith ag
na filíbh. Ní hiongna san agus Rabelais agus Montaigne
chómhnaos dóibh! Bhiódh an t-eolus céadna ag na sean-
Ghaedhlaibh: tá rian an eoluis sin le feicsint go soiléir
isna seanfhoclaibh, agus isna dántaibh leis — cuir i gcás
iad súd do scríobh an Céitinneach agus iad súd atá
bailighthe isteach ag Tomás Ua Raithille insa leabhar úd
"Dánta Grádha."



Is dual dhon Ghaedhal agus is dual don bhFranncach,
leis, eolus den tsaghas san a bheith mar adhbhar cheapa-
dóireachta aige; agus dar liom, is é is tsúig leis sin
ná, mar adeir H. Belloc:



Tá an t-eolus san le fagháil i bhfilidheacht Ronsard, i
bhfilidheacht du Bellay; is beag file a bhí sa dámhscoil sin
ná raibh an t-eolus céadna aige. Seo cúpla giota a
bhainim as an ndán san do scríobh Estienne Jodelle, an
roué, dá Muse féin:



Ba dhóigh le duine air gurbh é Goethe do scríobh san.


L. 121


Agus annsain:



Do thaithneóchadh na giotaí sin leis an seanGhaedhal.
Agus b'fhéidir go dtuigfeadh seisean níos feárr 'ná
mar a thuigimídne ná scríobhadh Ronsard ná du Bellay ná
aon duine eile le ré la Pléiade, ar "Avril" ná ar an
"Printemps" ná ar "Une Fontaine" ná ar
"L'Alouette" ar a son féin: an fhaid is a bhídís ag
scríobhadh a leithéid sin d'amhránaibh is amhlaidh a bhídís
ag déanamh iarracht ar eolus ar chúrsaíbh an tsaoghail a
bhí aca do chur i leathtaoibh.



Tá a lán tréithe eile i n-a gcuid filidheachta do chuirfeadh
i gcuimhne don Ghaedhal filidheacht a thíre féin. Acht ar
an dtaobh eile den scéal is mó nídh a mhothóchadh an Gaedhal
uaidh insan bhfilidheacht sin. Céad bliadhain roimh ré
Ronsard do scríobh Villon na línte seo:



Do bheadh taithighe ag an nGaedhal ar rudaíbh mar sin,
rudaí a bhaineann preab a duine — rudaí i n-a bhfuil an
fionchrith díreach fé mar tá sé ins an dán san do chum
an Céitinneach — "Fáidh bhréagach an saoghal so." Ní
bhéadh éinnidh den tsaghas san le fagháil ag an nGaedhal
i saothar liteardha la Pléiade — comhartha go raibh an
Renaissance i bhfeidhm go dian ar a n-aigne. Ní túisce a
thagann na "Dryades, Faunes, Satyres, Pans, Napées,
agus Oréades" isteach i litridheacht tíre ná mar éirigheann
na filí as an stíl sin i n-a scríobhadh Villon. Nuair a


L. 122


scríobh Villon na línte sin do bhí sé ag obair díreach mar
oibrighidís na rionnadóirí sa mheadhon aois. Ní dheaghaidh
an Renaissance go dian i bhfeidhm ar aigne na nGaedheal
riamh; agus mar gheall air sin, do mhothochad an Gaedhal
rud éigin uaidh i bhfilidheacht la Pléiade.



Uch! uch! a Mhuire bhúidh,
A Bhuime Dé a Bhuime Dé,
Tugas grádh m'anma do mhnaoi
Ler milleadh mé, ler milleadh mé —



Mar sin a dhein Domhnall Mhac Carrthaigh Mór amhrán
grádha: dá mbéidís ag scríobhadh amhrán diadha do chuir-
feadh Ronsard nó du Bellay na hainmneacha diadha isteach
ann; acht ní dhéanfaidís a leithéid dá mbéidís ag scríobhadh
amhrán grádha. An Renaissance fé ndeara é sin leis:
Tá an nós céadna aca thall i Sasana fós. Chun deireadh
do chur leis an scéal: do thuigfadh an Gaedhal filidheacht
la Pléiade abhfad níos feárr 'ná mar a thuigfadh an
Béarlóir é; acht ar an dtaobh eile dhe, do bhéadh a lán
tréithe ann ná taithneochadh leis.



VII. — CRÍOCH AN SCÉIL.



Dubhairt Ronsard agus é ag fagháil bháis go raibh a
sháith agus a sheansháith aige de chlú is de cháil: b'fhior dó.
Acht, ní fada a bhí sé curtha nuair a chuir Malherbe i
n-iúl don tsaoghal go raibh an teanga loitithe aige agus
ag na filíbh a bhiódh na theannta. Agus do creideadh do é!
De bhrigh gur creideadh do ní léightidhe filidheacht na
dámhscoile sin ar feadh trí chéad bliadhain —


L. 123


go dtí go dtárla Sainte Beuve agus gur chuir sé i gcló
arís í. Ó shoin a leith tá an fhilidheacht san fé cháil agus
fé mheas, agus ag dul i méid i n-aghaidh na bliadhna atá
an cháil agus an meas san. Cad a scríobh Ronsard féin?:



Is mithid dam éirighe as an scéal. B'aoibhinn liom an
tréimhse do thugas i measc na bhfilí sin agus is deocair
scaramhaint leó. Agus an fhaid is bhíos i n-a dteannta
ag scrúdughadh a ndánta, ag aithris a gcuid bhéarsaí, ag
luadhchant a n-ainmneacha, do bhínn ag síorchuimhneam ar
dhámhscoileannaibh eile, d'iarraidh aithne do chur ortha —
obair ná féadfaidhe dhéanamh gan duadh, óir do fágadh na
dámhscoileanna sin ar lár agus d'imthig a n-ainm is a
gclú i ndearmad. Nuair a bhíodar ar lár ag an namhaid
do scríobh file éigin ar dhuine aca — ; agus go deimhin
is iad na smuainte céadna a bhí ag Ronsard agus é ag
druidim leis an aois:



Beannacht leó a los a saoire
dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe,
an cóimhthionál dar chóir searc,
doircheadán dóibh nír dhoircheacht.


L. 124


Ba haithgearr eatorra sin
lá Earraigh, aghaidh gheimhrigh:
an lucht téarnó do-ní a-nois
mí don éanló 'na n-éagmhois.



Ionnsa an t-anshaothar orra,
nach fuighid fir fhoghloma
gréas snáthsholas na suadh nglan
dar dhual fáthfhoras focal.



La Pléiade go nuige sin.



DOMHNALL Ó CORCRA.



30-5-1919.


L. 125


SCRÍBHINNÍ ALFRED DE MUSSET



Nuair a fhág Alfred de Musset an scoil sa mbliadhain
1827, agus é seacht mbliadhna déag d'aois, bhí sé tuirseach
den saoghal cheana féin. Ní hamhlaidh a bhí an saoghal
cruaidh air go dtí sin. Daoine compórdacha do b'eadh
a mhuinntear — bhí post fá'n riaghaltas ag a athair; do
cuireadh an mac ar scoil mhaith agus d'éirigh go breágh
leis ann; acht thug sé aghaidh ar an saoghal agus é lán
de mhíshogh. Is dócha nach raibh fhios aige annsin cad fé
ndear an riocht i n-a raibh sé, acht bhí a fhios so aige —
inar adubhairt sé féin i litir a scríobh sé um an dtaca
san — gur mhian leis filidheacht a scríobhadh, acht nár mhaith
leis an oiread san trioblóide a chur air féin; fá dheireadh,
nár theastuigh aon nidh uaidh acht an grádh. Bliadhanta
i n-a dhiaidh sin, rinne sé iarracht ar mhíshogh is mhíshásacht
a óige a mhínuighadh: ní raibh aon tsuaimhneas sa tír an
uair sin; bhí árdréim an chéad Napoleon thart agus gan
acht meathtacht fágtha i n-a diaidh. Bhí an Fhraingc fhéin,
isteach is amach le leathchéad bliadhan, ag athrughadh is
ag athrughadh — ríoghacht is poblacht is impireacht ag
leanamhaint a chéile, agus gan acht tréimhse ghairid ag
aon cheann aca. "Tagann galar na haoise seo .i. la
maladie du Siècle, ó dhá adhbhar .i. na daoine a tháinig
tré 1793 agus tré 1814, tá dhá ghoin i n-a gcroidhe. Gach
a raibh ann, tá sé thart; gach a mbeidh ann, níl sé ann fós.
Ná cuardaigh níos sia d'adhbhar ár n-olc." ("La Con-
fession d'un enfant du Siècle," Cuid I., Caib. II.)



Bhí athrughadh mór tagtha ar litridheacht na Fraingce
freisin. Le tuairim is dhá chéad bliadhan roimhe sin
bhí scríobhnóirí na Fraingce ceangailte le riaghlacha
daingine i dtaoibh na nidhthe a bhí ceaduighthe dhóibh a rádh
agus an tslighe i n-ar cheart iad a rádh. Anois bhí an


L. 126


Scoil Rómansaidheachta .i. l'Ecole Romantique, fá
lantseól; an scoil a scar le gach riaghal agus a thug
cead do scríobhnóiribh scríobhadh ar rud ar bith fá'n
ghréin nó ar rudaíbh nach raibh i n-aon áit acht i n-a n-aigne
féin. Do cuireadh Alfred de Musset i n-aithne do
phríomhughdair na scoile sin .i. Hugo, Rigny, Sainte-Beuve,
an bheirt Deschamps, Nodier, agus do chaitheadh sé cuid
mhaith aimsire i n-a dteannta. Tá á rian le feicsint
sa leabhar filidheachta a chuir sé amach i mbliadhain a
1830, .i. Contes d'Espagne et d'Italie." Dánta lán
de dhathannaibh, de ghrádh is de pháis iad so gníomhartha
uathbháis annso, magadh annsúd. Is insan leabhar so
a tháinig an "Ballade à la Lune" amach; níor ghéill
Musset don ómós a tugtar go coitchianta don ghealaigh
bhoicht:



Ní leigfeadh a thuigsint dó, amhthach, tuitim isteach i
mórchuid den bhaois a cleachtadh na hughdair róman-
saidheachta .i. a ndul thar teórainn i ngach rud, a ndios-
póireachta thar brígh ar litridheacht, is a lán eile. Rud
eile dhe, duine fá leith a bhí ann, fear ar mhian leis
daoine eile a leanamhaint. Is gearr gur thuit sé amach
leis na scríobhnóirí rómansaidheachta agus níor lean sé
dá dtréithe acht amháin an tsaoirse a bhain leo. Ní
raibh de dhlighe aige as san amach acht é féin. É féin an
t-aon duine amháin go raibh fíoraithne aige air, mar adeir
sé sa dán "Les Vœux Steriles," agus insna línte sin é
"Namouna":


L. 127


Dfhan an mhíshástacht aige i gcomhnuidhe agus innseann
sé dhúinn, ins na "Secrètes Pensées de Raphael," go
mb'fhearr leis bheith ar an saoghal i n-am na sean-
Ghréagach nó nuair a bhí na healadhnaigh clúmhla ag obair
'san Iodáil. Tagann an tseirbhe chun cinn i "Rolla"
(1833), scéal i dtaobh óigfhir a chaith a mhaoin ar aimhleas
arís agus arís eile, agus, nuair nach raibh a thuilleadh
le caitheamh aige, thug sé don bhás é féin. Dán atá lán
d'éadóchas is eadh "Rolla," gearán chroidhe gan chreideamh
atá ag iarraidh deimhne dfhagháil i n-áit éigin; acht "Thánga
isteach i n-antráth i saoghal ró-aosta" ar seisean.



Acht níor mhairbh Musset é féin ar nós Rolla. I
ndeireadh na bliadhna céadna d'éirigh an grádh idir é
féin agus Georges Sand. Bhí sé i ndán dó déine an
ghrádha agus doimhneas an éadochais dfhoghluim ón mhnaoi
úd a líon a chroidhe ar feadh tréimhse is a thréig é i n-a
dhiaidh sin. Roinnt bhliadhan dá éis sin, thóg sé an milleán
air féin, acht ar feadh cúpla bliadhain, is é sin 1834-5,
do ghoill droichbheart na mná go trom air, agus thárla
dá chionn go dtug sé don tsaoghal roinnt iarrachtaí
den fhilidheacht ghrádha is fearr dár scríobhadh ariamh. "Les
Nuits" na dánta is mó clú ortha. Insan "Nuit de
Mai," tá an "Éigse" 1 ag glaodhach air agus an t-earrach
ag borradh ann:



Dán brónach ag moladh an Uaignis is eadh "La Nuit de
Décembre." Déanann an Fhilidheacht iarracht eile ar a
mhealladh ar ais chuichi féin ins an "Nuit d' Août,"
acht briseann sé amach ag molaidh an ghrádha, an t-aon
chumhacht gur fiú géilleadh dhó:


L. 128


Agus sin é Alfred de Musset féin dá ríribh .i. file
an ghrádha! Géilleann sé aon uair amháin eile don
tseanphéin, agus tagann an osna dheireannach ó n-a chroidhe
ins an "Nuit d'Octobre." Rinne sé iarracht ar an scéal
d'innsint, agus tháinig robharta éadóchais agus seirbhe
anuas air:



Acht cuireann sé cosc air féin arís:



Roinnt bhliadhan i n-a dhiaidh san, thárla gur casadh é
féin agus Georges Sand ar a chéile arís, agus tháinig
an macalla deireannach ins an "Souvenir" (1841):



Maraon leis na "hOidhcheanta" so, do scríobh sé
dhá dhán i n-ar chuarduigh fé taca dá anam i n-aghaidh
dorchadais an aimhris a bhí ann. Ghlaodh sé ar Lamartine


L. 129


ins an "Lettre à Lamartine"; chuir sé i gcuimhne dhó an
tráth n a raibh seisean fá chrádh, agus dfhiafruigh de:



"Trompé par tes amis, trahi par ta maîtresse,
Du ciel et de toi-même as-tu jamais douté?"



Acht ní mór ná go raibh an uain san dearmhadta ag
Lamartine — níor thug sé aon áird ar an "Lettre."
Ghlaodh sé ar Dhia féin ins an "Espoir en Dieu." Níor
leór leis an t-aimhreas; níor leór leis creideamh na
bhfeallsamhan go léir; cuireann sé impidhe diachrach
dá chroidhe: —



Dán an-bhreágh freisin is eadh "Stances à la Malibran"
i n-a gcaoineann sé banamhránaidhe a fuair bás go luath
de bharr tionóisce, agus caoineann sé leis a lán de
lucht scríobhtha ealadhan agus éolaidheachta do bhí ag
fagháil bháis go tiugh um an dtaca san.



Idir na bliadhanta san 1835 agus 1841 a scríobh Alfred
de Musset an chuid is Fearr dá fhilidheacht. Cad iad
tréithe a shaothair? Óige, beodhacht, soilbhreacht, modh-
mhaireacht, agus go mórmhór dúthracht. 2 Ní leigeann se
éinnidh air, acht labhrann amach ó n-a chroidhe agus ó n-a
intinn féin. Bhí dhá thaoibh i n-a nádúir féin; ghoilleadh
nidhthe go doimhin dian air uaireanta, bhíodh sé tugtha
d'aoibhneas uaireanta eile. Tá an dá thréith chéadna i


L. 130


n-a chuid filidheachta — doimhneas agus magadh mín aerach;
tochtadh croidhe agus meidhir; aimhleas saoghalta annso,
caondúthracht aigne annsúd.



An tráth céadna dá shaoghal, tá na drámaí is fearr
dár scríobh sé riamh againn dá bharr. Nuair a thosuigh
sé ar dhrámaíbh a scríobhadh ar dtús, theip ar an gcéad
cheann a chuir sé os cómhair an phobail .i. La Nuit
Vénitienne. Dá éis sin níor scríobh sé i gcomhair an
árdáin, cé gur léirigheadh cuid dá shaothar ní ba dhéidheann-
aighe. Tháinig de sin nach ndearna sé aon iarracht ar na
drámaíbh a dhéanamh feileamhnach don árdán, rud a
dhéanfadh athrughadh mór ar a shaothar, óir ní fuláir don
scríobhnóir bheith ag cuimhneam ar an tslighe i n-a bhféadfadh
lucht an drama brigh an scéil a dhéanamh soiléir don
lucht éisteachta; ní mór dó é féin a cheilt agus neithe
seachas a mbaineann leis féin a chur ós a gcomhair.
Coscann sé sin saoirse an scríobhnóra, má's ceadtha a
rádh mar sin. Fé mar a bhí an scéal, thug Alfred de
Musset a shamhail fhéin dúinn ins na dramaibh díreach
mar a rinne sé sa bhfilidheacht; i dtreó is ná raibh aon
deifridheacht eatorra acht sa bhfuirm. Teasbánann sé
taobh éigin dá nádúir féin dúinn i ngach ceann aca. Acht
is mó 'ná san atá ionnta. Teasbánann sé a lán daoine
eile dhúinn chomh maith. Teasbánann sé ríghthe agus
uaisle, lucht airm, fir, mná is cailíní dhúinn, gach uile
shaghas díobh, acht fíordhaoine beodha iad go léir.



Tháinig "On ne badine pas avec l'amour" amach
i lár an bhriseadh chroidhe a bhí air i mbliadhain a 1834.
Dráma próis is eadh é agus sin é an ceann is fearr dár
scríobh sé agus an ceann is minicighe léirightar anois
Tráchtann sé ar an tslighe i n-a dtéigheann grádh glan-
áluinn ar ceal nuair a ghéilltar d'ainmhianta suaracha
gheibhtar an smaoineadh céadna i "La coupe et les Lèvres,"
dráma dár scríobh sé i bhfilidheacht roinnt bhliadhan roimhe
sin. Tá stíl Alfred de Musset i n-árdréim ins an
drama san "On ne badine pas avec l'amour"; Seal
beódha bríoghmhar, aerach é, seal brónach, lánáluinn.



An bhliadhain chéadna, sar a dtáinig Musset abhaile


L. 131


ón Iodáil, do scríobh sé "Lorenzaccio." Dráma
a bhaineann le stair na hIodáile é seo, agus deirtar sa
bhFraingc gurab é an t-aon dráma amháin sa bhFraingcis
go bhféadfaidhe a chur i gcomparáid le mórdhrámaíbh
Shakespeare. Tráchtann sé ar shaoghal i bhFlórant 3
aimsear an tíoránaigh Alessandro dé Medici; droich-
fhear a bhí tugtha d'aimhleas do b'eadh Alessandro.
Col ceathar dó do b'eadh Lorenzo nó Lorenzaccio,
sárdhuine an dráma. Fear árdaigeantach a bhí i Lorenzo
i n-a óige. Thuig sé a dhéine is a bhí saoghal na ndaoine
fá Alessandro agus chuir sé roimhe saoirse a thabhairt
ar ais dóibh tré bhás an tíoránaigh. Chuige sin, leig sé
air bheith chomh dona le hAlessandro féin, i slighe is
nach raibh ag aoinne acht mallacht i n-a chomhair. Is é seirbhe
an dráma gur thuig sé fé dheireadh go raibh sé chomh doimhin
san síos 'san olc nár fhéad sé é féin a shaoradh uaidh
arís, bhí sé loitthe amach is amach. Do thuig sé chomh
maith nach bhféadfadh sé aon mhaitheas a dhéanamh dá gcuireadh
sé Alessandro chun bháis; go raibh croidhe na ndaoine
chomh meathta san nach nglacfaidís leis an saoirse a
bhéadh i n-a gcumas a bhuanughadh. Mar sin féin do lean
sé ar an obair a bhí roimhe; mheall sé an tíoránach agus
mharbhuigh sé é. Ní fada i n-a dhiaidh sin gur thogh lucht
Flóraint nuathíoránach agus cuireadh Lorenzo chun báis
as ucht an dúnmharbhtha. Sin é cnámh an scéil; acht chuir
Musset feóil ar an gcnámh agus chuir sé an saoghal i
bhFlórant go soiléir ór ás gcomhair: chlanna na n-uasal
i n-éad len a chéile, cuid aca onórach go leór, a thuilleadh
eile lobhtha truaillighthe; agus, taobh Leo, an gnáthphobal
a thuig go maith nach raibh an scéal mar ba cheart; acht
do bhí a bhfurmhór chomh meathta, faithteach, nach saorfaidís
iad féin.



Is gearr i n-a dhiaidh sin gur scríobh Musset dhá sár-
dhráma grinn. Ins an "Quenouille de Barberine" tá
pictiúir de mhnaoi chroidheamhail chneasta a cuirtar fá
chathughadh ag fear a thug geall go meallfadh sé a croidhe
ó n-a fear dílis féin. Acht nach taitneamhach mar a


L. 132


rinne si magadh faoi agus mar ar chuir sí i mbraighdeanas
é i seómra mór i n-a tigh féin agus mar ar chuir sí dfhiachaibh
air snáth a shníomh dá mba mian leis biadh dfhagháil is do
chaitheamh. Scéal grádha óigfhir an dara ceann .i. "Le
Chandelier" agus é innste go haerach, éadtrom, agus é
curtha le chéile go maith. Pictiúir d'Alfred de Musset
féin i n-aois a sheacht mbliadhna déag is eadh Fortunio
cléireach óg in-oifig dhligheadóra in áit éigin fé'n dtuaith
agus tnúth an ghrádha istigh i n-a chroidhe. Iarrachtaidhe
maithe grinn, freisin. "Il ne faut jurer de rien," agus
"Un Caprice"; acht tar a n-éis siúd ní raibh an brígh
céadna i n-aon dráma dár scríobh sé.



Is ón "gCaprice" a tháinig gur éirigh le drámaíbh
Alfred de Musset 'san amharclain sa bhFraingc. Thárla
go léirightidhe an píosa san go príomháideach anois is arís
imeasc na n-uasal i gCathair Pheadair (Petrograd)
agus chuala banaisteóir ón bhFraingc trácht air. Do
chuir sise ar árdán an Théâtre-Français é i mbliadhain
a 1847, agus do tuigeadh as san amach an buadh a bhí i
nAlfred de Musset mar scríobhnóir dráma. Trí
bhuadha ba cheart a rádh, trí cinn fó leith agus a lán
eile i n-a ndiaidh. An buadh is tábhachtaighe aca an
ghluaiseacht atá ionnta; bíodh go bhfuil roinnt locht ins
an tslighe i n-ar cuireadh le chéile iad, cuir i gcás an
iomarca radharc gearr agus lochtaí eile gur furas iad
a leigheas. Ní stadann an ghluaiseacht ó thús go deireadh
agus í ceangailte go ceart don chnó nó don snáth atá
tríd. Buadh eile aca na mná a chuireann sé ós ár
gcomhair, deaghmhná is drochmhná, mná meidhracha is mná
i ndáiríribh mná aosta is cailíní óga, táid go léir ann,
agus thuig sé go maith iad go léir. An treas buadh
daonnacht na bhfear atá aige. Fear a léighfeadh na dramaí
gheobhadh sé ionnta duine cosmhail leis féin ar chuma éigin.
An nós a bhí ag Musset fé ndeara san, is dócha; is é
sin an daonnacht a mhothuigh sé i n-a chroidhe féin a scríobhadh,
agus ní fuláir nó tá préamh na daonnachta céadna istigh
i ngach aoinne. Lasmuigh de "Lorenzaccio" is beag
baint atá ag aon cheann de na dramaíbh seo le haon


L. 133


áit seachas áit eile. Daoine atá ionnta a gheobhthidhe i
n-áit ar bith agus i dtír ar bith; i ndaoine agus i n-ar
mhothuigheadar agus i n-ar fhulaingeadar is eadh a chuireadh
Musset suim i gcomhnuidhe.



Tá dhá thaoibh eile de scríobhnóireacht Alfred de Musset
nach mór a luadh; is iad sin scéalta agus léirmheasta.
Níor scríobh sé acht aon úirscéal fada amháin, "La
Confession d'un Enfant du Siêcle," a tháinig amach i
mbliadhain a 1836. A scéal féin atá ann agus é scríobhtha,
fá chrádh an bhróin is an éadóchais i slighe is gur ionann é
nó duilleóg ó shaoghal dhuine agus é ag iarraidh faesimh
dfhagháil tré nochtadh a chrádha chroidhe. Na gearrscéalta
do scríobh sé nílid ar an gcuid is tábhachtaighe dá chuid
oibre, acht mothuightar an aigne chéadna taoibh thiar díobh.
An ceann is fearr aca is é "l'Histoire d'un Merle
Blanc" é. Seo chugainn Musset féin arís i bhfuirm
loin bháin: airigheann sé an t-uaigneas toisc gur éan
fá leith é, agus téigheann sé amach ag iarraidh chéile
agus ag scríobhadh bhéarsaí gan teórainn. Is deas é an
caonmhagadh aérach atá ann, acht tá snáth na seirbhe agus
an éadóchais tríd.



Ní gábhadh cuardach do dhoimhneas ná do dhlighthe daingne
insan léirmheas a scríobh Musset; nílid ann. Do
léigh sé a lán leabhar, do chonnaic sé a lán pictiúirí
is snoighdóireacht, agus do chuir sé i n-iúil an tuairim
a bhí aige i n-a dtaoibh; tuairim thuigseannach do b' eadh í,
acht is annamh a bhac sé le teóiríbh agus, nuair a bhac,
ní rómhaith a chuir sé síos ortha. Tá a chuid tuairimí
scaipthe ar fud a scríbheann go léir; i ndíonbhrollach
"La Coupe et les Lèvres," tar éis cur síos ar an tslighe
i n-a mbeireann an fhilidheacht greim ar an bhfile, do
rinne sé trácht ar an ngráin a bhí aige do scríobhnóiríbh
a dhéanann aithris ar ughdair eile, ar a bheagshuim féin
sa phoilitidheacht, ar a thuairim i dtaoibh ghrádha dúthaighe,
ar an gcreideamh, ar bhéasacht, ar an ndéistin a bhí air
dfhimínigh, 4 ar ar thaithnigh leis nó nár thaithnigh i n-a lán
neithe nach iad. Dubhairt sé i dtaoíbh litridheachta na


L. 134


Fraingce 'san am san gur chorpán í go rabhthas ag iarraidh
a chur ag gluaiseacht, agus annsin dubhairt sé gur cheart
don scríobhnóir cuimhneamh gur i gcómhair daoine a bhíonn
sé ag scríobadh agus gur ar na neithibh a mhothuigheann
agus a smaoinigheann an chine daonna ba cheart scríobhadh.
Dán an-ghreannmhar magamhail is eadh "Namouna."
Caitheann sé trí ranna déag is ocht bhfichid ag leigint
air scéal Namouna d'innsint, agus le n-a linn sin
deineann sé machtnamh ar a lán rudaí. D'innis sé
an scéal fá dheireadh laistigh de cheithre ranna déag.
Acht ní theastóchadh an scéal ó aoinne fhaid is bhéadh na
smaointe eile go léir le fagháil. Ar an gcéad dul,
thug sé leadhbadh dosna fimínigh arís, lucht leigint ortha:
"Tá gach rud ar domhan soiléir acht amháin an fhimíneacht
… gach croidhe atá áluinn, is léir dúinn a áilneacht."
Annsin caitheann sé a lán rann ag iarraidh Hassan,
fear an scéil, a chur i n-aithne dhúinn, agus d'iompuigh
uaidh chun beirt bhan i litridheacht na Fraingce a chur
i gcompráid le n-a chéile, Manon Lescaut agus Hél ïse,
á rádh gurab é an Fáth go bhfuil Manon taithneamhach ná
toisc gur fíordhuine í. Tamall i n-a dhiaidh san briseann
sé amach ag moladh na filidheachta:



Ag cur síos do ar an nós a bhíonn ag daoinibh a chuireann
i leith scríobhnóirí go ndearnadar aithris ar dhuine éigin
a scríobh roimhe sin "Ní mór dúinn" ar seisean "bheith
chomh aineolach le máighistear scoile má's dóigh linn
gur féidir oiread agus focal a rádh nach ndubhairt duine
éigin cheana. Ag déanamh aithris a bhímíd agus sinn
ag cur cabáiste." Tagann tráchtas fada ar Don Juan
annsan agus fá dheireadh scéal Namouna.



Molann Musset nádúracht agus ciall i scríobhnóireacht
ins an dán "Une Soirée Perdue." Bheireann sé fobha
go dian i "Sur la Paresse" i n-aghaidh baosraidh lucht
páipéar is irisleabhar, béasachta bréagaighe, dul thar
meón i gcainnt is i scríobhnóireacht, easbaidh bheodhachta
na leabhar a thagadh amach, easbaidh chreidimh, suim i


L. 135


n-airgead is aimhleas, an suarachas 5 aigneadh nach
dtuigeann aon rud mór, agus neithe nach iad; molann
sé an tsaoirse agus an bheodhacth a bhíodh i scríbhinníbh
na Fraingce fadó.



Scríobh sé dhá agallamh i n-aghaidh na scríobhnóirí róman-
saidheachta: "Dupont et Durand" i bhfilidheacht agus
"Lettres de Dupuis et de Cotonet" i bprós. Sompla
is eadh Dupont den tsaghas duine a bhíodh ag iarraidh
slighe a cheapadh i n-a mbéadh an saoghal gan locht agus gach
duine ar a shástacht; is é Durand an scríobhnóir stródh-
amhail gan chiall gan téorainn nach mian le haoinne
suim a chur i n-a chuid scríbhinní. Beirt fhear atá i n-a
gcomhnuidhe i mbaile fá'n dtuaith is eadh Dupuis agus
Cotonet; bíd ag scríobhadh, mar'dh eadh, chun páipéir i
bParis ag iarraidh comhairle ar an gceist sin: Cad
is Rómansaidheacht ann?" agus tar éis a lán iarracht
ar é mhíniughadh dhóibh féin, is é cheapaid nach bhfuil i Róman-
saidheacht acht an iomarca aideacht a chur i n-úsáid.



Do chaith Alfred de Musset a shaoghal chomh dian san
gur chaill sé a mheanmain go luath. I mbliadhain a 1810 a
rugadh é, agus i mbliadhain a 1841 bhí sé gan bhrígh gan
spionn adh — a bheodhacht imthighthe, féith na filidheachta traochtha.
Ní hamhlaidh d'éirigh sé as an scríobhnóireacht annsan;
do lean sé dhe ag scríobhadh dánta beaga deasa agus
scéalta, acht ní ortha a mhaireann a chlú acht ar ar scríobh
sé roimhe sin. Bhí sé de shólás aige insna bliadhantaibh
deiridh dá shaoghal — i mbliadhain a 1857 a fuair sé bás —
go raibh árdcháil tagaithe ar a chuid drámaí agus iad
dhá léiriughadh go minic.



Maidir le meadracht filidheachta Alfred de Musset,
ní raibh sí gan locht. Do scríobhadh sé de réir mar
a thagadh na focla chuige, gan cuardach do na casaíbh do
b'áilne is do b'iomláine, agus ní raibh sé de nós aige a
bhéarsaí d'aithdhéanamh. Ní luaidhtar Musset ar na
scríobhnóirí is mó agus is aoirde cáil sa bhFraingc;
anois is arís, nuair a corruightídhe é, thagadh uaisleacht
is mórdhacht ann; acht de ghnáth is iad deise agus


L. 136


modhmhaireacht agus aeraighe a dhánta a thaithnigheann
linn.



Duine ag labhairt le daoinibh eile do b'eadh é. Níor
leig sé air bheith i n-a shárfhear gan locht, acht d'admhuigh
sé chomh deas, taithneamhach san é go ndéanfar a shaothar
do léigheamh gan staonadh leis an aimsir; agus gheobhaidh
sé i gcroidhe gach aoinne atá dáiríribh ar chóimhchéim leis
an saoghal, go mórmhór i gcroidhe na hóige mar a mbíonn
an grádh ag síorbhorradh.



SNAOISÍN.


L. 137


FEALLSAMHNACHT.



TEAGASC KANT I DTAOBH NA MBREITH RIACHTANACH.



Bhí Immanuel Kant ar na feallsamhnachaibh ba ghasta
dár mhair insan ochtmhadh aois déag, agus dfhág sé a rian
go soiléir ar theagasc a dheisciobal, go mórmhór, insan
Ghearmáin. Do tógadh is do múineadh go cráibhtheach é i
dtosach a shaoghail, i slighe gurbh fhear an-láidir é ar thaobh
an chredimh nuair a tháinig sé ar a chumas scribhinní
Leibnitz dfhoghluim is do thuigsint. Ar bhealach a leasa a
bhí sé nuair a thosnuigh sé ar an bhfoghluim sin, mar dá
mhéid a léigh sé de leabhraibh Leibnitz, sin é mar ba
mhó dfhás a mheas agus a eólas ar an gcreideamh.
Is truaghmhéileach an scéal é nar fhan sé mar sin i
gcomhnuidhe. I ndeireadh a shaoghail, tháinig anál Rousseau
agus an Caochlódh Frangcach faoi, agus do chuaidh sé ar
fán ón Eaglais.



Nuair a thosuigh sé i dtúis ag foghluim na feallsamhnachta
(tuairim bliadhain a 1740), do b'é Knutzen a bhí mar
oide aige, agus do mhínigh seisean teagasc Leibnitz agus
Wolff dó. D'éirigh sé míshásta den teagasc sin,
amhthach, mar ní raibh d'adhbhar ann acht amháin rudaí
inntleachtacha. Do ghlac fonn é saoghaleólas is diain-
eólas do chothughadh de bharr na mbuaidh a ghnóthuigh Leibnitz
is Newton insna healadhnaibh seo. Do léigh sé "Treatise
on Human Nature," leabhar a scríobh Hume, agus ba
ghearr gur thuig sé nach féidir riaghlacha mothuighthe a cheap
Locke agus an Scoil Shasannach do ghlacadh mar chéad
dheimhniughadh ag socrughadh cia aca an féidir nó nach
féidir dúinn eólas dfhághail ar an domhan. Dubhairt
Kant nach cóir, ar an gcéad fhásc i n-aon chor, teagasc
ar bith do ghlacadh nó do dhiultughadh acht é do thástáil
agus do scrúdughadh.


L. 138


Chonnaic sé go soiléir go bhfuil breithe ann agus go
bhfuilid riachtanach do gach duine agus san de shíor, is é
sin, nach féidir an dluthcheangal atá idir an bunadhbhar
agus an fhaisnéis, nó an nexus mar a deirtar, do
scaoileadh. Níor bh'fhéidir le Leibnitz ná le dream na
scoile Sasanaighe an cheist sin do shocrughadh i gceart .i.
Cé an fáth a bhfuil na breithe seo riachtanach mar atá.
B'in í an cheist a chuir Kant roimhe le n-a socrughadh. 1
Tá a fhreagra le fágháil i leabhar a chuir sé amach insa
bhliadhain 1781. "Kritik der reinen Vernunft" a theideal.
Tá a fhreagra i bhfad níos gasta 'ná freagraí Leibnitz ná
Hume, agus tá cuma na fírinne air, leis. Do dhein sé
iarracht ar shlighe mheadhonach dfhághail idir theagasc
Leibnitz agus teagasc Hume, acht cé go bhfuair sé slighe
mheadhonach ní fhuair sé an tslighe cheart. Is maith an scéal
dúinn go bhfuil slighe mheadhonach eile le fagháil, .i. an
tslighe a cheap muinntir na scol, agus gur fíor í.



Do réir Kant tá dhá shaghas breith ann .i. breithe fromhtha,
is breithe mothuighthe. Na rudaí a mhothuigheann gach duine
fé leith gan aon bhaint le daoinibh eile, mar sompla,
"táim te," is iad atá mar ádhbhar insna breithibh mothuighthe.
Acht nuair a deir duine go ngorann an ghrian an talamh,
coimhcheanglann sé "an ghrian" agus "ag goradh an talaimh"
i slighe gur fíor an abairt, ní amháin dó féin, acht do gach
duine. Is breith fhromhtha í sin. Cuireann Kant na
Breithe mothuighthe i leithtaoibh, acht fo-roinneann sé na
breithe fromhtha arís. Tá breithe ina bhfuil an fromhadh
mar bhun na faisnéise, agus breithe nach é an fromhadh
acht rud eile a thagann roimh an bhfromhadh agus nach fuil
aon bhaint aige leis, atá mar bhun na faisnéise (predi-
catum) ionnta. Breithe-a-posteriori a thug sé mar
theideal ar an gcéad shaghas agus a priori ar an dara
saghas. Ní bhíonn an nexus, sa chéad saghas, riachtanach
chomh cruinn is a bhíonn sé' sa dara saghas, agus 'san
am a bhíonn siad foirleathan (universal). Tá siad
sinthetic, mar adéarfadh Kant, mar tugann siad
eólas nuadh dhúinn i dtaobh an bhunadhbhair (subjectum)


L. 139


acht ní féidir leó a innsint dúinn cad is éigean bheith
fíor choidhche do gach aoinne, pé duine é, a fhromhas é.
Cuireann na breithe a priori fírinní den tsaghas san i
n-iúil dúinn. Is mar seo a mhínigh Leibnitz iad. Dubhairt
sé go bhfuilid go léir snasach (analitic) .i. innseann
siad 'sa bhfaisnéis rud éigin atá le fágháil 'sa bhunadhbhar
acht amháin a dhealughadh agus a snasughadh. Níor aontuigh
Kant leis an méid sin. Chonnaic sé go raibh breithe
ann atá táithte (sinthetic) acht narbh fhéidir an fhaisnéis
a tharraing as an bhunadhbhar agus ar an am chéadna narbh
é aon rud a tháinig ó'n fhromhadh ba bhun leó. Dá mbudh
rud ar bith a fromhthar ba bhun leó, ní bhéadh siad riachtanach
nó foirleathan mar bhíodar. Dá bharr sin do cheap sé
gur rud éigin a bhaineann leis an aigne féin agus a bhí
insan aigne sar a dtáinigh an bhreith os a chomhair, a choimh-
cheangail an fhaisnéis agus an bunadhbhar 'sa tslighe
riachtanach so. Na rudaí seo a bhí 'san aigne (Gemuth)
roimh ré, thug sé "cumadhtha-a-priori" mar ainm ortha. 2
Saghas clasa b'eadh iad tré n-ar ghaibh an dá smaoineadh a
bhí mar adhbhar 'san abairt. Níorbh fhéidir le na "chumadhthaibh"
seo eólas do thabhairt dúinn uatha féin. Do bhí sé de
dhíth ortha bheith coimhcheangailte le data (Gegenstande)
na gcéadfadh. Mar do rith na data tríotha, do coimh-
cheangladh iad le chéile go riachtanach agus go foirleathan,
do gach duine agus de shíor. Tabhartar na data so tré
na céadfadhaibh i saoghaleólas, agus i ndiaineólas,
cumann ár sinaoineadh féin iad. Acht i dtaoibh eólais
Árdeagnaidheachta, níl a leithéid de dhata le fagháil ag
na gcéadfadhaibh ar chor ar bith agus dá bhrígh sin níl sé
ar ár gcumas, dar leis eólas cruinn bheith againn ar
an ealadham seo i n-aon chor. Is mar gheall air sin atá
saoghaleólas agus dianeólas ag dul i méad gach lá
agus go gcuirtar eólas árdeagnaidheachta i leithtaoibh.
I n-a theannta sin dubhairt sé narbh fhéidir dúinn rudaí
do thuigsint mar a bhíodar ionnta féin acht amhám mar
léirighthear dúinn iad.



Ar an gcéad dul síos, de réir na teóire seo, chomh


L. 140


maith le teóir Hume, an t-adhbhar, is bun le na breithibh
seo bheith riachtanach fóirleathan, tá sé geimhlighthe istigh
'san aigne, nó admhuigheann sé ná fuil a fhios againn go
fíor cad is bun leó. Do bhí an ceart ag Kant, nuair
adubhairt sé i n-aghaidh Hume, nach féidir le nidh a bhaineas
leis an aigne agus a chlaochluigheann i n-aonacht leis,
bheith ciontach le riachtanas acht le riachtanas a chlaochlochadh.
Acht féach: is mar a chéile a theóir féin agus teoir Hume.
Bíonn na cumadhtha a priori ag obair i gan fhios dúinn
agus i n-a theannta san, baineann siad go h-iomlán
leis an intinn féin.



Badh léir dúinn, annsin, go ndéineann a dó agus a dó
ceathair (2x2 = 4) dár n-intinnibh féin agus do gach intinn
atá cosmhail leó, acht ní fhéadfaimís a thuigsint cé an fáth
a ndéineann a dó agus a dó a ceathair do gach intinn,
pé saghas í. Má's fíor é seo, cionnus is féidir linn
mearughadh 'san áireamh agus cad is ciall le páistí do
chur ar scoil i n-aon chor? Ba ghearr go bhfuair lucht
leanamhna Kant an earráid seo amach agus bhí sé dfhiachaibh
ortha, dar leó, slighe dfhághail as. Dubhairt Fichte gur
dlighe, nó rud éigin a bhaineas le dlighe ár nádúra féin
nuair a dheinimid breith, ba bhun leis an dá nidh (subjec-
tum et predicatum) do chur le chéile mar curtar le
chéile iad. Níor bh'é an Ego fé leith (indiuiduale) ba
bhun leis an ngníomh sin, acht rud éigin tuigseanach a
sháruigheas aigne daonna. Deireann lucht léighthe Kant,
cé gur chuir Kant roimhe a shocrughadh cionnus is féidir
do dhuine breithe atá riachtanach foirleathan do chumadh
gur b'amhlaidh nár áitigh sé na cumadhtha-a-priori 'san
intinn daonna ar a bhfuil eólas againn acht 'san intinn
mar rud ann féin. Dá bhrígh sin, ní féidir linn eólas
dfhágháil uirthi. Is é is toradh don teóir seo nach féidir
linn a dhéanamh amach cé an fáth a bhfuil na breithe seo
riachtanach foirleathan. Níl d'eólas againn acht amháin
ar bharraibh na smaointe. Dá éagmuis sin is uile,
bréagnuigheann an Critique í féin, mar cionnus do bhféidir
le Kant a rádh go raibh cumadhtha-a-priori i rud ar bith
narbh fhéidir linn eólas dfhagháil air.


L. 141


Cé go bhfuil na barraidhe seo neamhfhreagarthach bíodhghach
a ndóithin, is féidir gur ab ó reimhfhírinnibh a bhí ceart do
tarraingeadh iad, agus da bhrígh sin is fiú iad so a
scrúdughadh. Is é is príomhaighneas ag Kant go dtuismi-
gheann breithe atá riachtanach foirleathan (in materia
necessaria) ó chumadh-a-priori bheith ceangailte le data
na gcéadfadh. Is ionann sin agus a rádh go gcinneann
na cumadhtha-a-priori an aigne an comhnasc so dfheicsint
idir bhunadhbhar na breithe agus an rud a deirtar i n-a
thaoibh. Baineann na cumadhtha-a-priori seo leis an
aigne a thugann an bhreith. Ní thuigimíd cé an chaoi a
chinneann na cumadhtha seo an aigne an comhnasc do
dhéanamh. Tá fhios againn go ndéineann sí é agus sin a
bhfuil cinnte. 'Sí seo an cheist. Cionnus tá sé ar ár
gcumas teóir Kant a scrúdughadh agus a thástáil ma's
amhlaidh atá na cumadhtha-a-priori suidhthe i n-aigne
nach féidir linn eólas dfhághail uirthi agus a dhéineann
a ghnó i gan fhios dúinn? Mar aon leis sin, deir Kant
go bhfuil sé dfhiachaibh orainn admháil go bhfuil na cumadhtha
seo ann, mar ní féidir linn na breithe seo do thabhairt i
n-a n-éagmuis. Ní ceart dúinn a rádh ná fuil siad
ann de bhrígh nach mothuighmíd iad. Mar sin féin, cé
nach mothuighmíd iad, ní cóir go mbréagnochaidís na
rudaí a mhothuighmíd. Do b'fhéidir gur ab iad na rudaí
a tugtar don aigne tré na céadfadhaibh, le heidirmhíniughadh
do dhéanamh ortha, a chinneann an aigne chun an chomhnaisc
do chumadh eatorra! Ma's féidir linn a thaisbáint go
bhfuil an cumas so aca agus nac dhein Kant acht neimhnídh
dhíobh, is léir go bhfuil teipthe ar Kant agus ar a
theóir.



Déanfaimíd mínscrúdughadh, ar dtúis, ar bhreithibh an
dianeólais. Deir Kant go bhfuilid go léir táithte, 2
sé sin go n-innseann an fhaisnéis dúinn tuairisc éigin
i dtaoibh bunadhbhair na habartha nach féidir dúinn tarraing
as, le bhrígh snasuighthe. Cuir i gcás an abairt seo: —
Déineann a seacht agus a cúig a dó dhéag. Deir Kant
go gcialluigheann sin go bhfuil a cúig le cur le n-a seacht,


L. 142


gan amhras, acht nach cialluigheann sin gur ionann an
tsuim sin agus a dódhéag. I dtreó go bhfaighmís an
uimhir sin ní foláir dúinn cabhair dfhágháil ó rud éigin
go bhfuil glinnfhéachaint againn air, mar shompla, ár
gcúig méir, gur ionann iad agus a cúig, agus iad do
chur i ndiaidh a chéile leis an smaoineadh, a seacht.
"Ar an gcuma seo," arsa Kant, "chífead uimhir a
dódhéag ag éirghe os mo chomhair." Tá fhios againn
gurbh é an cumadh-a-priori is bun leis an mbreith,
de bhrígh go bhfuil an dá uimhir comhnasctha go riachtanach.
Ceanglann sé, annso, ar modh áirimh, dhá rud a tugtar
don aigne tré na céadfadhaibh.



Is breagh an t-aighneas sin, acht tá amhras orm nach
fíor é. Is follus a thuigsint má's eól dúinn cad is
"aon" ann agus cad is "suim aon" ann, agus má's
eól dúinn cad iad a seacht, a cúig, agus a dódhéag, go
gcaithfaimíd a fheicsint ní hé amháin gur ionann suim an
dhá chnuasacht, a seacht agus a cúig, agus suim choitcheann,
acht i n-a theannta sin gur ionann an tsuim agus an
uimhir chinnte a cheapaimíd bheith mar a dódhéag. Níl
'sa ghníomh go hiomlán acht snasughadh smaointe. Is
suim theóranta a cúig agus tá a seacht
agus a dódhéag
cosmhail leis. Is léir do gach
duine, annsin, má cuirtar a cúig le n-a seacht go
ndéineann a suim a dódhéag. Ácht ní hiad na comharthaí
corpordha a nochtann dúinn gur éigean an nexus riachtanach
so bheith eatorra, eadhon, suim a seacht agus a cúig, agus
an uimhir, a dódhéag. Is é an nadúir fholuighthe a bhaineann
leis an nglinnfhéachaint atá ag an aigne, des na rudaibh a
cuirthar i gcomórtas le chéile is bun leis. Ní foláir
dúinn, amh, úsáid do dhéanamh de sna comharthaibh corpordha
le chabhrughadh linn, na smaointe a tarraingthar asta
do chur i gcompráid le chéile.



Sé an teagasc céadna a chuireann Kant os a chomhair
le breithe cé-mheasta do mhinuighadh. Deir sé go bhfuilid
táithte mar an gcéadna. Cuir i gcás an abairt seo: —
Is í an líne díreach an líne is giorra idir dhá phonnc. Ni


L. 143


féidir faisnéis na habartha so do tharraing as an mbun-
adhbhar, dar leis, de bhrígh go bhfuil an fhaisnéis i n-órdughadh
fé leith, eadhon, méad, ón mbunadhbhar (saghas). Acht
níl an abairt luaidhthe go hiomlán aige. Is é seo an
abairt sa n-iomlán: Nuair a chuirtar an líne díreach i
gcompráid le haon líne eile idir dhá phonnc, is í an líne
díreach an tslighe is giorra. Chífear go bhfuil trí
órduighthe 'sa bhunadhbhar .i. méad (líne), saghas i mhéad
(díreach) agus comhmheas i méad (i gcompráid le), agus
tá na trí órduighthe céadna 'sa bhfaisnéis, i. méad (slighe)
agus comhmheas i méad (is giorra). Má fiafruighthar
dinn, anois, cé an fáth a gcomhcheanglaimíd, ar an gcuma
so, go riachtanach, an smaoineadh, "líne díreach," agus
an smaoineadh, "an tslighe is giorra" idir dá phonnc,
freagraimíd gur léir dúinn go glinnfhéachaint go bhfuil
an abairt fíor i ngach cás, pé corpordha foluighthe é.
Chímid go glinnfhéachaint gur éigean don líne díreach
AX, ABX bheith níos giorra 'na
aon líne eile, ABX, ná fuil sa treó chéadna ó A. Ní hé
glinnfhéachaint chéadfadhach na rudaí gcorpordha is bun leis
an nexus bheith riachtanach acht na smaointe a tharrainigmíd
asta, tar éis iad bheith snasuighthe againn. Tá siad comh
cheangailte go riachtanach de bhrigh go bhfoillsighthar go
foluighthe don tuigsint na rudaí a mhothuigheann na céadfaidh
go corpordha. Is follus dúinn ón méid sin gur féidir linn
an comhcheangal do thuigsint gan chabhair ó chumadhthaibh-a-
priori a chuirfeadh an comhcheangal riachtanach so ar an
mbunadhbhar agus ar an bhfaisnéis le chéile.



Nuair a thosnuigh Kant ar bhreithibh saoghaleólais do
scrúdughadh, cuireadh amugha ag a theóir féin é. Do
chreid sé go raibh an saghas céadna riachtanais i mbreithibh
saeghaleólais agus a bhí i mbreithibh an diaineólais agus
na hárdeagnaidheachta. I n-a ionad sin, níl ionnta
acht breithe a taraingtar as na neithibh a mhothuigheann
na céadfaidh bheith ag tuitim amach go coitcheannta. Do


L. 144


shíl Kant go raibh ceist an riachtanais socruighthe i gan
fhios dúinn ag na cumadhthaibh-a-priori agus nach féidir
linn eólas bheith againn ortha ná a dhéanamh amach cionnus
a cuireadh i bhfeidhm iad. Dá bhrígh sin nuair a fuair sé
amach gur sháruigh breithe an tsaoghaleólais a bhfuil mothuighthe
againn, agus go raibh riachtanas áirighthe ionnta, do b'é
a dhóigh gur ab amhlaidh do comhnascadh cumadhtha-a-priori
agus data céadfadhacha le chéile agus sin ba bhun leó.
Is amhlaidh mar atá an scéal nach é riachtanas na hárd-
eagnaidheachta atá 'sna breithibh seo i n-aon chor acht amháin
riachtanas nádúrtha.



Ní lugha 'ná san an mearbhall a bhí air nuair a chuir
sé roimhe "riaghail an adhbhair" do mhíniughadh. Deir sé
go dtuigeann sé ó "rud ag tuitim amach" go raibh rud
éigin eile ann roimhe sin i n-am, acht ná fuil aon cheist
'sa smaoineadh sin i dtaoibh ádhbhar bheith faoi." Dá
dheascaibh sin, dubhairt sé go raibh an abairt seo táithte,
leis, agus mar bhí sí níos foirleithne ná gur féidir le
duine an riaghail do dhéanamh ó n-a mhothuigh sé féin, do
shíl Kant gur chumadhtha-a-priori fé ndear an nexus
bheith riachtanach. Acht do dhein sé dhá earráid 'sa cheist
seo. Do cheap sé gur ionann "adhbhar" agus "adhbhar
riachtanach" agus i n-a theannta sin, nach raibh aon bhaint
ag an riaghail seo le nár féidir linn mothughadh tré n-ár
gcéadfadhaibh. Acht níorbh'é riachtanas na hárdeag-
naidheachta a bhí i n-a intinn aige chum mínighthe ar chor
ar bith. Do shíl sé gur bh'é, acht i n-a ionad sin, b'é
riachtanas nádúrtha a bhaineas leis an riaghail eile sin,
eadhon, biothbhuaine na nádúire a bhí i n-a intinn aige.
Dubhairt sé, freisin, nach féidir linn bheith cinnte, an
ceart dúinn an riaghail do chur ar neithibh nach mothuighmíd
ná nach féidir linn mothughadh tré n-ár gcéadfadhaibh.
Do bhréagnuigh Kant an rud a dubhairt Hume, gur féidir
leis "rud ag tuitim amach" do cheapadh gan aon adhbhar
bheith faoi. Acht do theip air féin an riaghail do mhíniughadh
i gceart nuair adubhairt sé gur chumadhtha-a-priori, a
bhí insan aigne, a chomhcheangail an smaoineadh, "rud
ag tuitim amach" agus an smaoineadh "adhbhar bheith


L. 145


faoi." Do cheap sé nár bhféidir linn an abairt do
thuigsint in-a n-éagmuis. Is mar seo a mhínigheann
muinntir na scol é. 'Sé seo an riaghail cheart go
hiomlán: — Ní thig le nidh teagmhaiseach .i. nidh nach
dual dó bheith beó de réir a nádúire féin, bheith beó gan
adhbhar bheith faoi. Is forus a fheicsint má bhíonn nidh
beó nach dual dó, ann féin, bheith beó nach foláir dúinn
creideamhaint go raibh adhbhar faoi. Chífear ón méid
sin go bhfuil an nexus riachtanach idir an bunadhbhar
agus an fhaisnéis, de bhrígh nach féidir a cheapadh go
mbéadh an bunadhbhar ann gan an fhaisnéis bheith ann
leis.



Is dócha go bhfreagróchadh Kant gur fíor ár n-aighneas
i dtaoibh na rudaí gur éigean dúinn ceapadh acht ó's rud é
go sáruigheann sé na neithe gur féidir linn mothughadh
tré na céadfadhaibh ná fuil sé ar ár gcumas a thuigsint
ná eólas cruinn a bheith againn an fíor é da ríribh.
D'admhochadh sé gur fíor ár dteóir da mbadh rud é gur
admhuigh sé go rabhamair i n-ánn eólas dfhágháil ar néithibh
ionnta féin. D'aimhdheóin sin, pé uair a mhothuighmíd
rud ag tuitim amach, is éigean dúinn admháil go raibh
adhbhar faoi, mar ní féidir linn ceapadh go Mbéadh rud
ann agus gan adhbhar dúthchasach ná imeallach bheith aige
do bheith ann. Más amhlaidh nach ionann an rud is éigean
dúinn a cheapadh, annso, agus an rud atá ann dá
ríribh tuigthar nach féidir dúinn eólas dfhágháil ar
an saoghal agus nach fuil i gceapadh acht amháin
mearbhall.



Do shéan Kant, amh, an cheist fhíor agus d'iompuigh
sé i leithtaoibh. Níor dhein sé iarracht a dhéanamh soiléir
cé an fáth a gcuireann "riaghail an adhbhair" dfhiachaibh
orainn ceapadh go bhfuil sé riachtanach adhbhar bheith fé
gach rud a thuiteann amach. Do chuir sé a mhalairt de
cheist roimhe. D'fhiafruigh sé cé an fáth a bhfuil sé riach-
tanach againn ceapadh gur gníomh," a bhí ann roimh ré, is
bun le gach atharrughadh. Do shíl sé go gcuireann riaghail
an lánréasúin dfhiachaibh orainn an méid seo do cheapadh,


L. 146


rud nach déineann sé ar chor ar bith. Is lugha a chuireann
an riaghail seo dfhiachaibh orainn cheapadh go bhfuil adhbhar
riachtanach fé gach rud a thuiteann amach. Is é seo a
chuireann sí dfhiachaibh orainn a cheapadh go bhfuil rud
tuismighthe fé gach atharrughadh agus go bhfuil an rud so
i n-ánn an t-atharrughadh do dhéanamh sothuigseana dúinn.
Ní "gníomh" is éigean dúinn cheapadh bheith ann roimh ré,
acht rud tuismighthe. Riachtanas nádúire a bhí i n-aigne
Kant, agus b'é sin a chuir amugha é. Acht an riachtanas
árdeagnaidheachta, ní féidir eisceacht a cheapadh uaidh
mar tarraingthar as na ceapadhthaibh foluighthe a snasui-
gheann an tuigsin.



Chífear ón méid sin nach raibh an ceart ag Kant ar
chor ar bith. Ní gábha dhúinn cabhair o chumadhthaibh-a-
priori le n-ár gceapadhtha a chur le chéile. Tarraingthar
ár gceapadhtha go léir ó na neithibh a mhothuighmíd tré
n-ár gcéadfadhaibh agus is fíór an fhaisnéis a thugann
siad dúinn i dtaoibh rudaí a sháruigheann ár gcéadfaidh
do mhothughadh, cé na fuil an t-eólas so acht cosmhalach
agus easbaidheach. Admhuigheann Kant féin gur féidir
linn eólas dfhághail i dtaoibh beatha agus nádúire rudaí
a sháruigheann ar gcéadfaidh do mhothughadh tré n-ár
gcreideamh féin. Tarraingthar an creidheamh so as
data a gheibhimíd ó rud d'ainmnigh sé "practical
reason." Acht níl insna rudaí seo acht neithe a mhothuighmíd
agus níor thaisbeán sé go raibh dhá shlighe ag an aigne
daonna, i n-a ndéineann sé breithe ó na neithibh a mhothuighi-
míd.



Is dóigh liom gur léir ón méid atá luaidhte agam nach
díreach an teoir a cheap Kant i dtaoibh breithe atá riach-
tanach. Do chonnacamair gur bh'é ba bhun leis an nexus
bheith riachtanach, ná, snasughadh na gceapadhtha a cuirthar
i gcompráid le chéile. Más gábha deimhniughadh eile,
scruduighimís mar éirighmíd cinnte i dtaoibh rud éigin
ó bheith amhrasach no baramhlach i n-a taoibh. Chífimíd
gur b'iad na rudaí a mhothuigheann ár gcéadfaidh a threóiri-
gheann sinn. I n-a theannta sin, ós amhlaidh nach
n-oibrigheann na cumadhtha-a-priori do réir ár dtola


L. 147


féin, oibrigheann siad i n-aghaidh gach a mothuighmíd. Is
fíor nach cuireann na céadfaidh i n-iúl dúinn acht mar
shamhluigheann rudaí dhóibh, acht tá cumas ag ar n-aigne
machtnadh ortha agus annsin aontughadh nó gan aontughadh
leó. Ní féidir le héinne a rádh nach raibh éirim aigne
ag Kant acht an méid ar éirigh leis feallsamhnacht do
cheapadh uaidh féin, fiadhnuigheann an cruaidhchás i n-a
bhfuil lucht a leanamhna suidhte agus na teóirí bréige
atá 'gá gceapadh aca o shoin.



CARN BÁN.


L. 148


CÚRSAIDHE IASCAIGH I NÉIRINN



Adeirtar linn go mbíodh cuanta is aibhnte na hÉireann
tuillte le hiasc ins an tseanaimsir. Pé scéal ag na
haibhntibh é, ní baoghal ná go bhfuil iasc go flúirseach
fós i gcuantaibh is i bhfairgibh na tíre seo.



Is mór an stór saidhbhris do náisiún dála ár náisiún-
na, atá gan mórán déantúisí, an fhairge agus a mbain-
eann léi, dá ndéintidhe iad a láimhsiughadh agus do chur
chum críche.



Adéarfar gur saoghal ró dhian ró-anróghach, róchontabhrtach
saoghal an iascaire, agus gur b'in é fé ndeár é má tá
imthighthe chum deiridh ag a ghairm bheathadh. Ní shamhluigheann
sé go bhfuil puinn dul ar aghaidh déanta againn. Maidir
le gléas is oireamhaint is láimhsiughadh tá cúrsaí iascaigh
insa chan chéadna is do bhíodar fiche bliadhain ó shin. Ní
heasbha chruadhais ná calmacht in ár n-iascairí fé ndear
san; níl an easbha sin ortha mar do fromhadh.



Easbha suime atá ag cur ar an ngnó. Do bheartuig an
náisiún a aigne ar cheist na talmhan, agus féach na feir-
meóirí indiu tá meas aca ortha féin, tá iontaoibh aca
as an bhfeirm mar ghairm bheathadh, agus tá suim aca i
bhfeirmeóireacht mar ghnó. Níl de dhíth ortha anois acht
oideachas agus beidh an lá leó.



Is mithid don náisiún feasta an fhairge agus tionnscal
na mara a thabhairt fé n-a aire. Curtar i dtuigsint don
iascaire gur fear tábhachtach é, agus beidh meas dá réir
aige air féin. Faghtar gléas do go mbeidh neart aige
a inntleacht d' oibriughadh leis; tugtar oideachas
oireamhnach do, agus ní baoghal ná go dtiocfaidh a mhalairt
de chrot air féin is ar a ghnó.



Is leis an naisiún an t-iascaire, agus is ar an náisiún
atá iascaireacht do shaothrughadh agus an t-iascaire a


L. 149


chur ar a bhonnaibh os cionn a ghnótha, agus mar dhíol air
sin is ag an náisiún a bhéas an chéad chál chum toradh na
hoibre. Bíonn dá thaoibh ar gach aon scéal, agus tá dhá
thaoibh ar an scéal so: taobh an náisiúin agus taobh an
iascaire.



OIDEACHAS AGUS OIREAMHAINT.



Budh cheart oideachas oireamhnach a thabhairt don iascaire.
Ní puinn mhaith dho, amh, eólas marbh, éolas díomhaoin.
Níor mhór caoi a thabhairt do i dteannta an eólais, ar
éirim a inntleachta a chur i bhfeidhm. Ní féidir leis
san do dhéanamh, agus a chuid oideachais a chur chum tairbhthe
dho féin is don náisiún, muna bhfuil gléas le tarrac
chuige aige.



Fear bocht an t-iascaire fé lathair. Dá bhrígh sin
budh cheart caoi a thabhairt do ar ghléas dfhághail ar cáirde.
Obair don náisiún é seo, is ar an náisiún a bheidh é dhéanamh,
nó is bocht a bheidh an t-iascaire choidhche, mar is beag
ceannuidhe a thógfaidh an fhairrge mar urradh ar a chuid.
Dá mbeadh cumann chómhpháirteachais idir na hiascairibh
féin, budh leór don stát toradh a saothair mar urrudhas
ar a earraibh. Níor ghábha annsan bheith ag iarraidh ar an
bhfeirmeóir ná an siopadóir seasamh leis.



Féach an feabhas a thiocfaidh ar chúrsaíbh iascaireachta le
heólas is oireamhaint. Sa chéad dul síos tiocfaidh leis
an iascaire gach aon tsaosúr d' oibriughadh. "Beidh an
dá thráig ag an ngobadán." Do bhéadh an trálaereacht
le déanamh san Earrach, bhéadh saosúr na maicréal ón
bhFóghmhar go Nodlaig, gan trácht ar na scadánaibh ná
ar na gliomaig ná ar an spiléireacht, ná ar na mion-
shaosúraibh eile.



Dá dtagadh ciúineas insan Earrach, mar a thagann go
minic, ní fágfaidhe díomhaoin na fir, acht fágtar go minic
fé lathair, mar is ar an ngaoith athá a mbraith. Ní gábha
an scéal a bheith amhlaidh acht innill íle a chur sna bádaibh
agus nuair a bheifaidhe ag ceannach báid, bád nuadh-
ghléasta dfhághail. Beidh na báid sin oireamhnach i gcóir


L. 150


gach saghas iascaig do dhéanamh gach lá sa bhliadhain. Má
theipeann an ghaoth scaoilfar anuas na seólta agus
oibreóchthar an t-inneall — sin a mbeidh ann.



Na báid nuadhchoirighthe sin leis, beid siad abhfad níos
sabhálaighe 'ná na báid a bhíod ag braith ar na seólta
amháin. Nuair a thagann an stoirm cathtar na seólta a
fhilleadh, annsan bíonn an bád seóil fé smacht na gaoithe,
imthighthe ó smacht na stiúrach, 'á caitheamh ó thuinn go
tuinn.



Is minic, leis, a cailltar airgead toisc gan inneall
a bheith sna bádaibh. Cuireann an ciúineas breis moille
ar na bádaibh seóil, agus tagaid chum cuain is calaphuirt
déadhnach don dtraen.



I dtaobh oideachais. Tá a fhios ag an saoghal nach é an
saghas céadna oideachais d'oirfeadh don iascaire agus
d'oirfeadh don bhfeirmeóir nó don gcléireach nó don
gceardaidhe. Tá leathscéal d'iarracht éigin dá dhéanamh
chum oideachais a thabhairt fé leith do gach dream díobh
san, acht maidir lesna hiascairíbh níl faic 'á dhéanamh
ar a son i gcúrsaibh oideachais. Do theastochadh roinnt
éigin eólais ó gach iascaire ar máirnéalacht, ar chionnus
léarscáil mara do léigheamh is do tharrac, agus budh
cheart a chur dfhiachaibh ortha snámh dfhoghluim. Is aisteach
an scéal é nách fuil dream ar imeallbhórdaibh na mara
is lugha eólas ar snámh 'ná na hiascairí. Ceist shuarach
dar leat í sin, acht ní headh acht a mhalairt.



Dfhéadfaidhe eólas a bhailiughadh agus a chur le chéile
ar na talmhantaíbh éisc, an cineál iasc a ghnáthuigheann gach
talamh díobh an saosúr a ghabhann leis, an réidh nó anacrach
é. Dá mbeadh an t-eólas ag na hiascairibh dfhéadfaidís,
dá mbeadh an oireamhaint cheart aca, dul fé dhéin na
maicréal, nuair a bheadh deire leis an dtrálaereacht,
agus filleadh ar n-ais ar biaiste na trálaereachta
nuair a bheadh deire le biaiste na scadán. Níor ghábha
dhóibh bheith díomhaoin ar aonchor.



Eólas eile nár mhór i dtaobh iascaireachta ná so:
An t-am in a scéitheann gach cinéal éisc agus an áit n-ar
gnáth leó scéitheachtain, cosaint ó thrálaeiríbh a chur


L. 151


ar na bancanna áirighthe sin, le linn scéithte don iasc,
mar stracann na trálanna troma an scéitheachtain agus
marbhuightar na milliúin mioniasc sa tslighe sin. Dá
dtuigeadh na hiascairí gurb olc an cnuaisciún "gé an
uibh órdha a mharbhadh" bfhuirist na bancanna a chosaint
acht na hallmhuraig a choimeád amach. Pé scoileanna a
curfar ar bun do sna hiascairíbh cathfar roinnt cnuais-
ciún, idir cnuaisciún tighis agus cnuaisciún náisiúnta, a
mhúineadh ionnta, mar ní mó atá an t-adhbhar so ag
teastáil ó aon dream in Éirinn 'ná ó na hiascairí.
Tuigfar dóibh gur ceart dóibh ar a son féin aire thabhairt
don scéitheachtain, mar má mharbhuighid an síol ní bheidh aon
fhóghmhar aca. Tuigfar do gach fhear díobh go bhfuil sé
ag seasamh leis féin má sheasuigheann sé le n-a chómhpháir-
tidhe, agus tuigfar dóibh go léir gur ceart dhóibh seasamh
leis an náisiún ar a bhfuil a mbraith.



Budh mhór an cur amach ar an iascaire leis, eólas a
bheith aige ar inneallóireacht (beagán de) ar dheisiúghchán,
agus ar líontóireacht. Do theastóchadh uaidh taithighe a
dhéanamh ar gach saghas gléas, ón dorugha go dtí an pota
ghliomaigh, agus ón gcochal go dtí an trál, mar bíonn an
bhliadhain ann anois is arís nách tagann puinn maicréal
isteach, agus go mbíonn bancanna na trálaereachta
dealbh go leór. Budh mhór an áis don iascaire annsan
Saighneóireacht a tharrac chuige nó spiléaracht nó fionn-
ríoghacht leis an dtreamail. Annsan nuair a bheidh
oireamhaint cheart ag an iascaire agus an t-oideachas
ceart aige, beidh i n-a chumas dul ar bhórd luinge a bheidh
inneamhail don bhfairrge, agus beidh a fhios aige cionnus
dul fé dhéin a bheathadh do thuilleamh go fearamhail is go
heólgaiseach, agus gan imnidhe air go mbeidh ocras air
féin ná ar a chlainn.



MARGAIDHE.



Chum dianeagair a dhéanamh ar an ngnó go léir budh
cheart do sna hiascairíbh bheith i gcumann cómharoibre,
nó i gcumann cómhpháirteachais, agus obair an iascaig


L. 152


go léir a chur fé stiúrughadh reachtaire a bheadh freagrach
don náisiún. Do bheadh ar an reachtaire sin an margadh
a chosaint d'iasc na hÉireann, agus smacht a chur anois
is arís ar na ceannachóiríbh dá mbraitheadh sé fonn ortha
chum brabach thar meadhon a dhéanamh. I gcoinne sin do
bheadh ar na hiascairibh margaidhe na hÉireann do shásamh
sul a gcuiridís aon phioc dá dtoradh thar lear.



Dfhéadfadh an reachtaire oifigeach uaidh a bheith i ngach
ceanntair iascaig. Dfhéadfaidís sin na hórduighthe a
chómhlíonadh a thiocfadh isteach ó gach páirt dén tír
d'iarraidh éisc.



Nuair a thagann cladarach éisg isteach is minic bhíonn
ceal barrailí agus ceal salainn ar na ceannachóiribh,
leigthar do'n iasc lobhadh ceal leasuighthe. Bfhuiris an
scéal san do leigheas acht stór mór salainn is barrailí
a bheith i ngach baile iascaigh, agus muna mbeadh fonn ar
na ceannachóiríbh an t-iasc go léir a leasughadh dfhéadfadh
oifigeach an reachtaire é dhéanamh. Agus dfhéadfaídhe
cómhacht fé leith a thabhairt do aon uair a bhéadh fonn ar
na ceannachóiribh luach an éisch a ghearradh anuas thar
phingin áirighthe. Budh mhór is ba ghábhtrach an t-urrudhas
don iascaire bocht é sin.



Is aindeis is is náireach an scéal é go gcathtar fios
a chur go Sasana go minic d'iarraidh éisc — iasc a ghabhtar
ar imeallfhairrgíbh na hÉireann.



Bíonn a mbrabach féin ag ceannachóiríbh Shasana as an
margadh agus sinne a dhíolann as. Dfhéadfaídhe an
t-airgead san a choimeád sa bhaile acht "biúró" nó oifig
fé chúram reachtaire a chur ar bun i bpríomhchathair na
hÉireann. Dfhéadfaidhe na hórduighthe do sheóladh ag
triall air. Obair eile Don reachtaire margadhe dfhághail
amuigh don fharasbár a bhéadh againn sa bhaile. Dá mbeadh
ár riaghaltas féin againn dfhéadfaidhe cothrom na féinne
dfhághail d'iasc na hÉireann, nó muna bhfaghthaidhe dfhéad-
faidhe an comhar do dhíol leis an náisiún do bheadh ciontach.
Do bhéadh neart againn cáin a leagadh ar a chuid earraí
sin ag teacht isteach annso. Do mhúinfeadh san ceacht dho,
agus níor ghábha dhúinne bheith ag imtheacht agus ár méar


L. 153


in ár mbéal againn fé mar do bhí cúpla bliadhain ó shin
nuair a leag na púncáin cáin ar mhaicréil na hÉireann.



MARGADH D'IASC ÚR.



An t-iasc a ghabhtar leis an dtrálaer, úr a curtar
ar an margadh é. Is mór an cur siar ar iascairíbh ceal
leac oighreach, acht is measa 'ná san féin easbha caethamh-
lachta traenann, mar is de dheascaibh drochthraenanna
a bhíonn gábha aige ar aonchor leis an leac oighir.
Is minic ceal boscaí ar an dtraen a fhágann an baile
iascaig, agus is minic fós an phríomhthraen imthighthe
sul a dtagann traen na lagharóige isteach. Annsan
iseadh bhíonn gábha leis an leac oighir, mar muna gcuirtídhe
ar leac oighir an t-iasc do bheadh diomáiste mór imthighthe
air sul a shroiseadh sé an margadh.



Bfhuiris roinnt leac oighre dfhagháil sa gheimhreadh acht tig
oighreach a dhéanamh le hé choiméad. Níor ghábha acht bán
do réidhteach, agus uisge a scaoileadh ar a fhuaid nuair
a thiocfadh an sioc. Dá luighead a gheóbhthaidhe mar sin
de ba mhór an chabhair é.



Ba chóir, amh, go bhféadtaidhe oighireachán (refrigerator)
a chur ar bun i ngach ceanntar i n-a ndéintar trálaereacht.
Ní baoghal ná go ndíolfadh sé as féin. Pé scéal é is
neamhchnuaisciúnta an gnó beith ag tarrac leac oighreach
ar bhóthar iarainn cúpla céad mile ó bhaile mar adéintar.



LEASUGHAD.



Tá maicréil na hIoruaidhe ag buadhchain ar mhaicréalaibh
na hÉireann sna Stáit. Eagar gnótha fé ndeár san,
agus ar ndóigh tá inntleacht is meabhair chinn ag Éireannaigh
ar a luighead chómh maith le cách eile dá gcuiridís rómpa
binibe gnótha a chur ortha féin.



Déinid leasuightheoirí na hIoruaidhe na bric do thoghadh.
Biónn na bric mhóra leó féin agus na bric bheaga leó
féin, agus na bric mheadhonacha leó féin. Bíonn na bric
i ngach barraile d'aon mheádhchain, agus is mór an áis é
sin don siopadóir, mar ní gábha dho bheith 'á meádhaidh arís.


L. 154


Is mór an tapamhlacht é sin agus fear grithileánach is eadh
an siopadóir, agus ceannóchaidh sé barraile toghtha níos
túisce ná barraile n-a mbeidh an t-iasc caithte i ngabhal
a chéile meascaithe mion is garbh.



Bíonn an iomarca fústair ar ár leasuightheóiribh-na
chum obair dá leithéid sin do dhéanamh nuair a thagann
cladarach éisc ortha, acht mar sin féin do bfhiú dhóibh a
suaimhneas do cheapadh agus a ngnó do dhéanamh i gceart.
Is minic a bhuadhfaidhe go maith leis, mar ní baoghal go
bhfanfadh an t-iasc ar a lámhaibh.



Tamall ó shin do chrom daoine ar leasughadh nach raibh
puinn tuigsint aca i gcúrsaíbh leasuighthe. Do caitheadh
cuid d'iasc na hÉireann insa bhfairrge in Aimeirceá.
Do thug sin drochainm do leasuightheóiríbh na tíre seo.
Ba mhór an éagcóir é, agus éagcóir a b'eadh é gur bhfhuiris
é do chosc, acht fíneáil throm do chur ar éinne a chuirfeadh
chum siubhail iasc ná beadh leasuighthe i gceart, agus
annsan cómhartha céirde na hÉireann do chur ar gach
barraile.



STÁIN-LEASUGHADH.



Is mór an truagh nach fuil fhios againn cé an méid a
caithtar ar iasc stáinleasuighthe gach bliadhain in Éirinn.
Caithtar cuid mhaith gan amhras, mar níl siopa beagnách
nach díoltar boscaí séirdíní is spruit, agus rl., ann, gan
trácht ar na bradáin stánuighthe a thagann ó Chanaideá.
Thar sáile a thagann sé go léir agus is leibideach an scéal
é go bhfuil so amhlaidh agus sinn féin ag cur éisc thar
sáile go saor. "Díolaim saor is ceannuighim daor"
atá ag muinntir na hÉireann. Dá mbeadh spioraid an
ghnótha i lucht tionnscail na tíre seo bfhuiris dóibh stáin-
leasughadh do dhéanamh ar an oiread éisc is do dhéanfadh
muinntir na hÉireann féin ar a laighead. Níl aon
dianeólaigheacht ag baint leis mar chéird. Dá
dtosnuighthidhe ar an obair sin in Eirinn ní baoghal ná
go n-éireóchadh leis. Is fusa go mór margadh dfhághail


L. 155


don iasc stáinleasuighthe 'ná dh'iasc na picealach mar ní
bhíonn aon ghoirteamas ann.



Tá beagán den obair seo 'á dhéanamh i nDaingean
Uí Chúise. Púncán atá i mbun na hoibre ann, agus cé
go bhfuil iomaidheacht idir é féin agus n-a ceannachóirí
eile tá ag éirghe leis.



Is mór an truagh nách fuil beagán den stáinleasughadh
'á dhéanamh i ngach ceanntar iascaig in Éirinn.



Dá mbailightidhe stocairgead bfhuiris an obair á chur
ar siubhal, mar ní theastochadh aon inneallaí costasamhla.
Coire is inead roighileáin agus íle olibhe agus roinnt
stánach, — b'shin a dteastóchadh. Acht an fhaid is bheidh
easbha muinghíne ag muinntir na hÉireann as a dtionn-
scalthóiríbh agus an fhaid is bheimíd ag brath ar an bhfear
thall ní baoghal go ndéanfam puinn. Ní bhíonn an mhuinghín
acht mar a mbíonn an t-urrudhas, agus is é an t-urradh
atá ag teastáil uainn, riaghaltas dúthchais a chosnóch-
aidh ár ndéantúisí le cothrom cánach ar an earradh iasachta.



AN CHEILP.



Tá dlúthcheangal idir chúrsaíbh ceilpe agus cúrsaíbh
iascaigh, mar is iascairí a bhíonn ag gabháil don cheilp.



Dá aindeisidheacht cúrsaí an iascaig is aindeisí go
mór cursaí na ceilpe. Ceannuigheann an choitchiantacht
iasc acht ní cheannuigheann acht chómhluadar fánach an
cheilp. Dá bhrígh sin is fusa go mór fear déanta na
ceilpe do scrios 'ná an t-iascaire. Ní bhéad le déanamh
ag an gcúpla cómhluadar acht teacht le chéile agus an
luach a shocrughadh eatorra, agus ní baoghal go gcuirfidhe
chúcha ná uatha.



Do bhí obair den tsórt san ar siubhal go dtí le trí
bliadhna anuas, nó go dtáinigh ceannachóirí neamhspleadhacha
ar an margadh. Tá deich bpúint an tonna ar cheilp
indiu in áit dhá phúnt roimhe seo. Do bhí an scéal ní ba
mheasa 'ná san féin, mar do leig na ceannachóirí ortha go
raibh gléas aca chum an cheilp do mheas. Is minic do
gheibhtidhe an phingin ab aoirde ar ualach di agus, do


L. 156


cuirtidhe siar ualach eile as an teine chéadna, daortha
damanta. Do gheibheadh sé an phingin ab aoirde lá
ar na bháireach bfhéidir, dá mbeadh an t-ádh leis an bhfear
gur leis í. Do bhíodh an lom dá léirscrios gan aon agó.



Níl aon phioc den obair a ghabhann le foth-thorthaí na
ceilpe 'á dhéanamh in Éirinn. Is mór an truagh san,
mar tá saidhbhreas thar na beartaibh le fághail asta.



Is mór an truagh, leis, nach fuil lucht na ceilpe do
déanamh, i gcumann. Do bhéadh neart aca annsan, iad
féin a chosaint ar na scriosairíbh.



BRADÁIN.



Má tá na bradáin ag dul i ngannachúiseacht sinn féin
fé ndeár é. Is é do cheap muinntir na hÉireann nach
raibh aon chál ag na Sasannaig chum cosaint a chur ar na
haibhntibh a thug Dia dhóibh. Cantáil is eadh do dhein na
Sasannaig agus do marbhuigheadh na bradáin dá n-aimhdheóin
idir geimhreadh agus samhradh, ba chuma iad a bheith i
séasúr nó gan do bheith. Acht ní mór an tairbhthe bradán
i mbéal scéitheachtainte, agus nuair a marbhuightidhe an
mháthair do marbhuightídhe an scéitheachtaint chómh maith.
Dfhág an obair sin na haibhnte ar bheagán bradán. Ba
mheasa 'ná san fós nós eile a cleachtaighthidhe .i. nimh
a chur insan uisce, mar do scriosadh an nimh an abha ar
fad agus a mbíodh innte.



Rud eile a dhéin a lán díoghbhála do sna haibhntibh — do
bhíodh na trálaerí gaile ag rith isteach aganfhiosaidheacht
ar bhéalaibh na n-abhann i ndorchadas na hoidhche. Do
bheiridís leis an dtrál ar na céadtaibh bradán sa tslighe
dhuit nách aon iongnadh é má tá aibhnte na hÉireann gan
an oiread bradán ionnta is mar do bhíodh.



Chum duine do leigheas is é an rud is gábhtaraighe 'ná
eólas a chur ar an ngalar. Tá a fhios againn cad tá
bun os cionn le sna haibhntibh. Faghtar an leigheas.



Ní mór a chosnóchadh sé leabthacha grin a dhéanamh in
aice gach abhann, cloidhe cosantá a chur leó agus fir a


L. 157


chur 'á bhfaireadh. Scéithfeadh na bradáin in sna leabthacha
san go nadúrtha.



I bhfotháit annso is annsúd in Éirinn, baintar an
scéitheachtaint amach as na bradánaibh, agus curtar na
huibhe i mboscaíbh go mbíonn séithleán uisce ag gabháil
tríotha. Fágtar annsan iad nó go dtagann na bric
bheaga amach agus abhfad i n-a dhiaidh san, nó go mbíd
siad láidir a ndóithin chum iad do chur amach ar na mion-
aibhntibh.



Is costasamhail an obair í sin, mar caithtar tighthe
móra do thógaint agus leabthacha grin do dhéanamh do
sna bradánaibh chómh maith. Bíonn sé anadhian, leis,
ar an mbradán an eochair a bhrughadh as. Bíonn sé tinn
agus anathinn i n-a dhiaidh. Mar sin féin, tá sé de
bhuadh ag an tslighe sin seochas an scéitheachtaint nádúrtha
fé chosaint .i. is féidir na bric óga dfheicsint gach lá
agus aire do thabhairt dóibh. Ní thiocfaidh aon namha
ortha nó go mbeid láidir go maith. Is féidir breith
ortha aon uair agus iad do chur amach ar aon abhainn.
Is minic a beirtar go hAstraelia is go hÁifric iad.
Curtar amach miliúin éigin in aibhntibh na hÉireann gach
bliadhain. Dá n-aibigheadh a dtrian is mór an flúirse
a chuirfeadh sé ar bhradánaibh sa tír seo.



Tuigtar go bhfuil aibhnte is cuanta is imeallfhairrgí
na hÉireann agus nách fuil a sárughadh chum éisc le fághail
san domhan bfhéidir. In áit gach iascaire dfhéadfaidhe
deichneabhar a bheith, acht aire a thabhairt don ngnó agus
an iascaireacht do shaothrughadh mar budh cheart. Eólas
a theastuigheann agus binibe oibre agus muinighín gnótha —
meas ag an iascaire air féin agus ar an iascaireacht,
agus meas againne air — cosaint dhlighthe agus cabhair
ó riaghaltas, caethamhlacht ar oireamhaint agus gléas
dfhághail, agus tuigsint a bheith ag na hiascairíbh i gcúrsaíbh
cnúaisciúin go mór mhór cnúaisciún náisiúnta.



"IASCAIRE."


L. 158


SEAN-CHEÓL NA hÉIREANN.



AN SEAN-NÓS.



Is fada siar atá tagairt do cheól 'san tír seo. Chuir
ár sínsear spéis ann ó thúis. Tá seanchus Éireann,
roimh theacht an chreidimh, lán de scéalaibh i dtaoibh ceoil.
Do réir Fise Adhamhnáin, bíonn aingil an Tighearna ag sír-
sheinim cheoil ar neamh do Dhia na Glóire. Deirtear i
Saltair na Rann go raibh an saoghal go dian ar Ádhamh is
ar Éabha toisc a mbeith go ceann bliadhna gan biadh cóir,
gan adhbhar teine, gan tigheas, gan ceól, gan éadach.
Bhíodh ceól agus amhránuidheacht ar siubhal coitchianta i
nEamhain Macha le linn Chonchubhair Mic Neasa. Bíodh
ceóltóiridhe ag seinim ag Cruachain agus lucht cuarta
ag feitheamh le biadh. Chuir Moiriath inghean Scoiriaith,
ríogh Chorca Dhuibhne, an ceóltóir Craiftine go dtí an
Frainnc chum Labhraidh Loingse do mhealladh abhaile chúiche.
Dílse Fheircheirtne an cruitire do Choin Roi mac Dáire is
mó is bun le scéal de righscéaltaibh sean Éireann. Bhí
ollamh re ceól ar lucht leanamhna Chormaic mic Airt.
Ní'l aon teóra le n-a bhfuil de chur síos ar cheol is
cantain i scéaludheacht is i bhfilidheacht na Féine. Cuirid
Annála Uladh síos i mbliadhain a 634 ar bhás Ailealla
cruitire, mac Aodha Sláine.



Léaghtar go minic, minic go mbíodh ceól 'san eaglais ó
thúis i nÉirinn, is tá beatha na naomh mar ughdarás againn
gur ghnáthach le manachaibh taisteal na hEireann, cláirse-
acha do bheith ar iomchur aca gach áit dá ngabhaidís. Dá
bhrigh sin bhí ollamhain ceoil na hÉireann is a n-ainm i
n-áirde ar fuid na hEórpa. Thug Geartrúd naomhtha ó
Nibheill cuireadh do bheirt dhearbhrathár Fursa .i. Foillean
agus Ultán, chum ceól do mhúineadh dá mnáibh riaghalta.
D'fhág Dungal mórán leabhra ceoil le hudhacht ag leabhar-


L. 159


lain Pháibh mar ar bhunaigh sé scoil mhór-chlú. B' é
Maonghal a bhí i gceannas scoile an cheoil i mainistir na
nGaedheal i San Gall an tráth ba mhó fó réim an scoil
sin. Gaedheal eile darabh ainm Tuathal a bhí i gcean-
nas na scoile i n-a dhiaidh. Bhí cáil na scoile sin i mbéalaibh
daoine ar fuid na hEorra, agus is ann a ceapadh
mór-chuid de cheól na heaglaise. Mar a chéile, manaigh
is ollamhain cheoil ó Éirinn a chéadmhúin a gcuid cheoil
do mhuinntir Alban agus Breatan agus Sacsan, mórmhór
i nGlaistimbir na nGaedheal. Thug rí na Breatan ceól-
tóiridhe cliste leis ó Éirinn timcheall bliadhna a 1078
agus is iad so do chéadchuir an Eisteadfód ar bun.
Bhíodar go líonmhar i nÉirinn an tráth san. Cuirid Annála
Uladh síos, i mbliadhain a 1110, ar Fheardomhnach dall
fear léighinn Chille Dara, iodhon saoi cruitireachta, d'éag
an bhliadhain úd. Tamall i na dhiadh san dubhairt Gearalt
Caimbreins ná faca sé féin i dtír ar bith cruitiridhe do
chuirfeadh sé i gcomórtas lé cruitiríbh na hÉireann.
Agus dubharthas i dtaoibh Mhaolruanaidh mic Chearbhaill
an cruitire dall do marbhuigheadh i mbliadhain a 1328 i
bhfochair an Ridire Seán MacFeórais nár chualathas
riamh is ná cloisfidhe go bráth a shárughadh de thimpire.



Ba ghnáthach cruitire ag cantain is ag seinim 'san am
chéadna. Tá a dhemhniughadh so againn 'san scéal úd
innistear i dtaoibh Feidlimidh mic Criomhthainn rí na
Mumhan 'san naomhadh aois. Scríbh athair Ghailileo mar
seo i dtaoibh na cruite i bhFlóraint i mbiadhain a 1581: —
"Tugadh an gléas ársaidh so chughainne ó Éirinn ar
dtúis do réir Dainte. Deintear na céadta ceann aca
'san tír sin, agus cúmtar go háluinn ann iad. Tá
eólas agus taithighe ag muinntir an oileain sin ar an
gcruit leis na ciantaibh is na ciantaibh eile. Fiú amháin
cuirid a macsamhail ar shuaicheantas a ríoghachta, ar a
dtighthibh puiblidhe, ar a gcuid airgid, ar gach nidh; agus
is é an fáth go ndeinid mar go ndeirid gur shíolradar ó
Dháithí Fáidh."



Tugann Riseárd Stanathurst árdmholadh do chruitire ó
Éirinn a bhí ar a lucht aithne féin i mbliadhain a 1584.


L. 160


Agus Franncach dá raibh i nÉirinn dachad bliadhain ní ba
dhiadhnaighe, seo mar thagair sé do cheól is do cheóltóiríbh
na tíre seo: — "Tá árd-chion ag muinntir na hÉireann
ar an gcruit. Seinid siad go léir uirthe fé mar sheineann
na Spáinnigh ar an bhfeidhlín, na Franncaigh ar an liút,
na hIodálaigh ar an nguiteár, na Spáinnigh ar an gcais-
tineit, na hAlbanaigh ar an bpíb mhóir, muinntear
Eilbhéise ar an bhfideoig, na Gearmánaigh ar an dtrúmpa,
na Danair ar an dtiompán, agus na Turcaigh ar an
bhfeadán.



Is iomdha gléas ceoil do bhí ag ár sínsear seoch is
an chruit is an chláirseach. Bhí an tinne no an phíob aca
chomh fada siar is mar théigheann ár n-eólas. Cuirtear
síos i mBruidhean dá Dearga ar naonbhar chuisleanach
Chonaire. B'ionann cuisleanach is píobaire. Saghas eile
píbe do b'eadh an bhuinne. Buinnire ghairtidhe de fhear
seanma an ghléis seo. Tá samhla trír fear seanma
tolluidhthe ar chrois Mhainistir Buithe, agus tá samhail
phíobaire eile tolluidhthe i gcrois i gCluain mhic Nóis.
Bhíodh an buinnire agus an cornaire i n-a suidhe ag an
mbórd céadna 'san Tigh Mhiodhchuarta ag fleidh na
Teamhrach. Úrlaisidhe eile ceoil do b'eadh an chuiseach
agus an feadán. Is beag deifir a bhí idir an chuisigh is
an bhuinne. Feadánach a ghairtidhe de fhear seanma an
fheadáin.



Ní raibh aon chomhaireamh ar a raibh de thrúmpaibh ag
muinntir na hÉireann i n-allód. Tá suas le deich
dtrúmpa fichead i dTigh na Seód i mBaile Átha Cliath,
agus fuairtheas leath-chéad éigin trúmpa i bportachaibh na
hÉireann thall is i bhfus le céad go leith bliadhain. Bhí
sé cinéil trúmpa ann ar a laighead de: Bhí corn ann is
buabhaill is adharc, dudag is galltrompa is barrabuadh.
Stocaire an ainm thugtaidhe ar fhear seanma trumpa.
I gcómhair chogaidh is mó dheintidhe úsáid de'n ghléas so.



Ba ghnáthach daoine ag coimhsheinim 'san sean-shaoghal i
nÉirinn, leis. Tá a sé no a seacht de fhoclaibh againn i
gcómhair coimhsheanma, ar a laighead de. Tá coimhsheinim
fhéin againn agus comhcheadal agus fóchanadh. Bain an


L. 161


focal coimhsheinim le gléas ceoil; bhain coimhcheadal le
guth béil. Is eól dúinn cad is aidhbhse ann ó'n míniughadh
atá air i nAmhra Chuilm Chille: "Thángadar iarsoin na
filidhe isin aireacht, agus duain molta leó dhó, agus
aidhbhse ainm an cheoil sin; agus ba cheól dearscaightheach é
mar adubhairt Colmán mac Leinín: —



"Luin ag eólaibh, uinge ag diarnaibh
Crota ban n-aitheach ag crothaibh ríoghna
Righte ag Domhnall dord ag aidhbhse
Adhann ag connill, coig ag mo choigilt se."
Agus i n-aenfheacht do ghnídís an ceól soin."



Ainm eile ar aidhbhse do b'eadh an cheapóg. Déanfaidh
maighdeana agus ógha Uladh ceapóg do chanadh im' thimcheall
gach tráthnóna, arsa Fearbogha 'san scéal úd i dtaoibh
Muice Mic Dáthó.



Bhí trí nósa áirithe ceoil ag na sean-cheóltóiríbh: bhí
an geantraighe aca is an goltraighe is an suantraighe.
Chuireadh an geantraighe ag rinnce is ag gáiridhe daoine
agus dfhágadh sé ga meadhrach meanmnach iad. Caointe
agus ceól brónach do b'eadh an goltraighe, agus ní annamh
do chuireadh sé daoine ag gol is ag sileadh deór. Chuireadh
an suantraighe lucht éisteachta chum suain, bhí de chneastacht
ann is de chomhacht suaimhneasa. Innistear dúinn i gCath
Ruis na Ríogh gur "chanadh ciuil is airfite is adhmholta
i n-aghaidh ríogh Lochlan i nDún dreachsholuis Dealgan, agus
gur fhanadar súd ann dá dheascaibh go solas thráth éirghe
ar na bhárach." Chuirtidhe leanbhaidhe chum suain 'san
sean-shaoghal, amhail is mar dheintear anois féin, is mar
dhéanfar go deó, leis an suantraighe, leis. Is eól dúinn
so ó sna rannaibh do ceapadh le Muirinn darab tosach,
"Codail ré suanán sáimhe," agus a mac Fionn mac
Cumhaill aici dhá chur a chodladh.



Deintear tagairt go minic do cheól eile dá n-éaghmuis
seo, 'sé sin an ceól sidhe. Do réir tuairime daoine
simplidhe ceól é seo chloistear ó'n aos sidhe i n-am
mharbh na hoidhche no am éigin dá leithéid. Ceóltóiridhe


L. 162


binne is mó chloiseann é; agus, dá mba rud é go
bhfoghlumóchadh ceóltóir fonn no port de'n cheól agus
é sheinim i n-a dhiadh san, creidid seandaoine i ndúithchíbh
áirithe fós go mbeadh sé 'n-a luighe dá dheascaibh de
easba sláinte, go ceann ráithe no níosa shia. Is beag
dúthaigh 'san Ghaedhealtacht gan eachtra éigin ann fós
i dtaoibh an cheoil sidhe.



Rud eile: Bhíodh cantain áirithe i gcómhair gach saghas
oibre ag ár sínsear chomh maith is mar tá againne. Bhí
a hamhrán no a cantain féin ag "cailín deas crúidhte na
mbó," agus ní call a rádh ná bíodh cantain de dhíth ar
mhnaoi casta "an túirnín lín." Bhíodh



Ding deang didearó, ding deang déaró,
Ding deang didearó, buail sin, séid séo



no a leithéid ag an ngabha. Ba ghnáthach lucht rómhair is
treabhtha ag feadghail; agus is beag gnó nár bhain ceól
no cantain éigin áirithe leis. Cuireadh an fhilidheacht ar
aon dul leis an gceól, agus chuaidh filidheacht is ceól i
bhfeabhas is i mire is i méid le cois a chéile ó aois go
haois. Dá chómhartha san tá sean-nós fé leith againn i
i nÉirinn i gcómhair amhránuidheachta agus seanma; agus,
i n-aindeoin gach reachta dar cheap na Gaill chum ár
gceól binn dúthchais do mhúchadh is do chur fé chois, tá
"an sean-nós" fé réim indiu agus beidh fé réim, de
dheoin Dé, an fhaid is bheidh uisce ag rith is féar ag fás
i ngleanntaibh glasa na Banban.


L. 163


SEANCHEOL NA hÉIREANN.



AN SEAN-NÓS.



An módh nó an nós sin ar an glaodhtar "An Sean-Nós"
fé láthair, ní bhaineann sé le cúrsaí ceoltóireachta i
n-aon chor, acht amháin ar an tslighe gcéadna n-a mbaineann
reacaireacht le cúrsaí filidheachta. Ceapann agus
cumann an file an dán, agus aithriseann nó deireann
an reacaire é; mar sin, leis, iseadh cheapann agus
chumann an ceoltóir a chuid ceóil, agus seinneann nó
deireann an cruitire nó an t-amhránuidhe é. Is le
hamhránuidheacht a bhaineann an sean-nós sin; agus
ceárd fé leith iseadh an amhránuidheacht seochas an
cheoltóireacht. Dhá chomhartha annso gur beag a bhaineann
an "Sean-Nós" sin le cúrsaí ceoil — do cheapfaidhe ó
n-a bhfuil ráidhte agus scríobhtha ag a bhfurmhór aca so a
bhíos ag trácht air, nár chloiseadh riamh cruit nó tiompán
nó píb in Éirnn, agus nár mhair ann fear cheoil a cheapadh
nó nár seinneadh cor nó port i gcóir ringce ná céilidhe.
Rud níos tábhachtaighe, 'ná san, rud a theasbháineann
dúinn go beacht soiléir an deighilt athá eatortha .i. na
hamhránuidhthe do bheith ann i na gcéadtaibh, — ina míltibh
bfhéidir — le céad bliadhain anuas, agus ní fios dúinn
gur cheap duine aca oiread is aon fhonn nuadh nó aon
streanncán cheoil nuadhdhéanta ar feadh na haimsire sin.
Dá mbeadh ceárd an cheoltóra aca, nó dá mbeadh fíor-
bhaint idir an amhránuidheacht agus an cheoltóireacht ní
fuláir nó go gceapfaidhe ceól nuadh éigin i gcóir amhráin
nua, — as Gaedhilg nó as Béarla. Acht ní mar sin thárla.
Níor dhéan na seanamhránuidhthe acht na fuinn a fuaireadar
ó n-a n-aithreachaibh is a seanaithreachaibh féin a choiméad
ón mbás. I n-a theannta sin, do dhéineadar na fuinn


L. 164


d'atharrughadh agus do mheascadh trí chéile cómh mór san
ná féadaimíd anois a bhfíorbhunadhas a dhéanamh amach —
cuir i gcás "Éamonn an Chnuic" mar atá sé ag an
Athair Pádraig Breatnach, ag Tomás O Mórdha (Silence
is in our Festal Halls), ag Uilliam Ó Maoltuile (l. 208,
History of Irish Music) agus ar a lán de leagthaibh
éagsamhla eile; "Eibhlín a Rúin" ar a bhfuil crota
éagsamhla curtha síos ag Carl Hardebeck, ag an
Athair Pádraig Breatnach, ag Tomás Ó Mórdha; "An
Chúilfhionn" ar a bhfuil leagthaí fé leith ag an nDochtúir
Pádraig Mac Seóighe, ag Sir Charles Stanford, ag
Seóirse Petrie, agus ag Tomás Ó Mórdha; "Spailpín
a Rúin" do scríobh Carl Hardebeck ar a mhalairt de
shlighe ar fad ón tslighe na bhfuil sé scríobhta ag an Atháir
Pádraig Breatnach; agus tá na céadta eile dhíobh ann
nach féidir le héinne is dócha, dá léigheanta agus dá
chliste é i gcúrsai céoil, a rádh nó a dheimhniughadh dhúinn,
cia aca leagadh do b'fhíorbhunudhas d'aon cheann aca ar
dtúis. Ar a shon san is uile samhluigheann sé dhamhsa
go bhfuilimíd ag cur an iomaid spéise ar fad, fé láthair,
ins na seanamhránuidhthe agus i n-a gcuid ceoil, san am
gcéadna go bhfuilmíd ag tabhairt ár gcúl leis an bhfíor-
shean-nós do chleacht ár sinnsear cómh fada siar le ré
Chonchubhar mhic Neasa, b'fhéidir; agus o shin anuas.
Dfhéadfaimís a rádh, go dtí go dtug Bunting cruitirí
na hÉireann le chéile sa bhliadhain 1792, i mBéal
Feirsde.



Cad é an sean-nós sin? Cá bhfuil a thuairisc le fághail?
An t-aon chunntas amháin athá le fághail air is i sean-
litridheacht ár sinnsear a dh'fhéadfaimíd teacht suas leis.
Do bhí anamheas ar fad ag ár sinnsear ar fhilidheacht
agus ar cheol, agus tá anathrácht sa tseanlitridheacht ar
chúrsaí ceoil agus gach ar bhain le ceárd na ceoltóireachta.
Cuirfead síos annso an méid dí a bhaineann leis an sean-
nós sin do chleachtaidís, chómh maith agus dfhéadaim
teacht suas leis. Deir Eoghan O Comhraidhe gur ab é an
cunntas is ársa ar ghléas ceoil do fuair se sa tsean-
litridheacht ná an giota so thíos do bhain sé as lámhscríbhinn


L. 165


ins an British Museum ina raibh cur síos ar Chath Mhaighe
Thuireadh: —



San aistriughchán sin do dhéan Mrs. Hutton ar Táin
Bó Chuailgne tá cur síos eile ar an seancheol céadna.
Níl an tseanGhaedhilg le fághail agam, agus caithfidh mé
m' innsint féin a chur air ón mBéarla.



"Do tharraing an chéad cruitire a lámh thar na
téadaibh, agus do sheinn sé an Goltraighe dólásach
dubrónach; agus tar éis a chloisint dóibh d'éag
dáréag dfhearaibh Mheidhbhe le huaigneas agus le
duairceas chroidhe. Do tharraing an dara cruitire
a lámh thar na téadaibh, agus do sheinn sé an
Geantraighe soilbhir dóibh, i dtréo gur imthigh a
mbrón agus a dtromachroidhe de na fearaibh ina
thimcheall le neart aoibhnis agus suaircis, agus gur
chómhgháirigheadar le háthas agus le tógáil croidhe.


L. 166


Do tháinig an tríomhadh cruitire chúcha agus do sheinn
sé an Suantraighe, a bhí íseal aoibhinn le chloisint,
agus tháinig suaimhneas agus síothchán chroidhe agus
sámhchodladh ar na sluaightibh go léir ar chloisint
an tsáircheoil sin dóibh."



Tá foscéal, leis, ag baint leis an "Táin Bó Chuailgne,"
a bhfuil trácht ann ar cad ba phríomhchúis leis na trí
ceolta sin .i. an Goltraighe, an Geantraighe, agus an
Suantraighe. "Tain Bó Fraich" is teidiol don foscéal
so. Do chuaidh Fraech go Ráth Chruachain chum Findabar, .i.
inghean d' Oilioll agus do Mheadhbh, d' iarraidh mar bhan-
chéile dó féin. Do thug sé triúr cruitirí leis ina theannta
chum cheoil a dhéanamh don gcomhluadar. Seo mar a
chuireann an seanscéal síos ar na cruitirí agus ar a
gcuid ceoil:


L. 167


Ma thuigimíd i gceart é, is mór an sásamh aigne, is
iongantach an t-adhbhar mórtais dúinn é, an méid seo
eólais atá le fághail i seanlitridheacht na nGaedhal.
Agus cad tá le tuigsint againn as? Ar an gcéad
dhul síos, chímíd gur ab gnáthnós nó convention a bhí ag
na seanGhaedhil, na trí ceolta so a bheith ghá seinnt aca,
agus ar an ordughadh céadna dóibh, leis i gcomhnuidhe
.i. an Goltraighe i dtosach, an Geantraighe ina dhiaidh
sin, agus an Suantraighe mar dheire. Is ar an ndul sin
amháin atá gach aon chur síos ortha dá bhfuil le fághail isna
seanscéaltaibh. Sin é an chéad taobh de. Seo taobh eile
.i, nach fios dúinn an t-am ná cleachtthaidhe ceol in Eirinn.
In gach roinnt de sna trí seanroinnteanna a deintear
dár seanltridheacht tá anathrácht ar cheol, agus tuigimíd
go soiléir go raibh árdmheas ag na daoine ar cheól agus
gach ar bhain le cúrsaí ceoil. Tá san le tabhairt fé
ndear sa roinnt is ársa dá bhfuil fágtha againn chómh
maith agus atá in aon roinnt eile — níos fearr, b'fhéidir.
Ní bheadh sé de dhánaidheacht ag aoinne fé láthair, is dócha,
a rádh nár bhain na scéalta ársa sin leis an saoghal a bhí
in Éirinn i bhfad roimh aimsir Chríost. Na scéalta a
bhfuil trácht ionnta ar ré na ndéithe chuir cúrsaí na
haimsire crot nuadh ortha b'fhéidir; acht, bíodh gur chuir,
is fuiris a thuigsint ó na scéaltaibh féin, a simplidheacht
agus ársacht a módh scéal d'innsint, go mbaineann
cnámha na scéal leis an seanshaoghal ar fad, an saoghal
a bhí ann na céadta bliadhain is dócha, roimh theacht Mhiledh
agus a shluagh go hÉirinn. Do bfhéidir nárbh ionnann an
chruit a bhí ann an uair sin agus an chruit a bhí ag Toir-
déalbach Ó Cearbhalláin, abair. 'Sé is dóichighe nárbh
ionann. Acht, cé nárbh ionnann féin, do bh' ionnann an
meas agus an smaoineadh a bhí ag na seanchuidhthibh a
cheap na scéalta sin agus ag na filí a tháinig na
ndiaidh.



Do chum Giolla Bríde Mac Conmidhe, nó Giolla Bríde
Albanach, dán mar gheall ar chruit Uí Bhriain, a thárla in
Albain le n-a ré féin (1180 — 1250?). Seo mar a thráchtann
é ar an gcruit —


L. 168


"Thabhroid chugham cruit mo ríogh go ttreigim,
uirre m'imshníomh a bhrón da bhuing do dhuine re glór
an chroinn cumruidhe."



Tugtar fé ndear cionnus a deireann sé go bhféadfadh
duine a bhrón do thréigint ar chloisint gutha na cruite
dho — díreach fé mar do thréigeadar na Fomóraigh a ngol
agus a mbrón, agus do thosnuigheadar ar gháiridhe ar
chloisint cheoil an Daghdha dhóibh fad ó.



Annsan tráchtann sé ar an té go mba leis an chruit —



An tan do thaighleadh a lámh
a nadhbhuidh chiúil go cómhlán
a h-osnadh leabar mín mór
do beanadh dhinn ár ndobrón.



Cad é an saghas ceoil sin ar a dtugann sé
a h-osnadh leabar mín mór



acht fíor Shuantraighe ceoil.



Do beanadh dhinn ár ndobrón — ceol aoibhinn, íseal,
sítheach a bhéarfadh suaimhneas croidhe, sásamh chuirp agus
aigne, agus sámhchodladh do n-a lucht éistigh. Annsan
leanann sé dhe



Cruit I Briain! binn a horgáin
re hucht bhfleighe bhfionng Abráin
ó, bhéanadh stuaigh Gabrain gloin
argain truaigh as na téadaibh.



Do bhí cruit eile ar seachrán ó dhuine eile den treibh
chéadna, leis, agus seo cuid den dán a cheap file gan
ainm mar gheall uirthe: —



Ceolchar sin a cruit mo rígh!
rom chuir a snim siansa do théd;
suail nachar saobadh mo cruth
od cuala do ghuth dod ghlés.



Is é an tuairim céadna atá aige-so agus a bhí ag lucht na
seanscéal leis.



Siansa do théad a chuir buaidhreadh orm adeir sé;
agus arís


L. 169


Is beag nár saobadh mo chroth nuair a chuala me
do ghuth, uair do ghléasadh.



Nach ionnann sin agus an tseantuairim atá i dTáin Bó
Fraoich



File eile a mhair tuairim bl. a 1500, cheap sé dán ar
chruit leis, agus seo cuid de —



Féach mar a ainmnigheann sé an chruit
Uallanach bhog-ghothach, binn



ar a bhféadfaidhe an Goltraighe dubrónach do sheinnt ar
fheabhas an domhain, gan amhras, do cheapfá: Agus ina
theannta sin —


L. 170


Fé mar a dubhradh i seanscéal éigin eile —



Dá mb'é go raibh a athair agus a mháthair sínte
marbh le n a chosaibh ag gach fear díobh ní fhéadfadh
sé gan gáirí áthais a dhéanamh, ar chloisint an cheoil
sin dó.



Mar sin iseadh dfhan na smaointe céadna ag muinntir
na hÉireann ar feadh na gcéadta bliadhain ar cheol agus
ar a chomhacht, ar chorp agus ar aigne an duine. Cé nach
ainmnightar na seancheolta ag éinne aca san a bhfuilim ag
tagairt dóibh anois, is follus gur ceolta dá saghas
san a bhaintidhe as an gcruit le linn na bhfilí seo atá
luaidhte agam thuas .i. ó 1200 go 1500 abair. Acht tá
deimhniughadh fé leith againn gur mhair na seancheolta sin
go dtí i bhfad níos giorra dár n-aimsir féin 'ná sin.
Tar éis bháis an Cheasbhallánaigh sa bhliadhain a 1738
dubhairt Cormac O Conchubhair ó Béal átha na gCarr mar
mholadh air agus ar chruinneas a cheoltóireachta gur
sháruigh sé ar a dtáinig roimhe i dtrí gnáthcheoltaibh
na nGaedhal.



Munab é go raibh na trí cheolta sin dá gcleachtadh le n-a
linn féin, cionnus a déarfadh O Conchubhair gura "gnáth-
cheolta imeasc na nGaedhal" iad?



Dfhéadfadh duine ceol Uí Cearbhalláin a roinnt do réir
na dtrí seancheolta féin, leis, .i. na "Pléarácaí" i
n-aon roinnt amháin saghas Geantraighe, na fuinn is
dubrónaighe ar fad, mar atá "Subháilce Uí Chearbhalláin,"
"Marbhna Tordhealbhaigh mhic Dhonncadha" agus a leithéid
sin mar Gholtraighe agus cuid eile dhíobh, atá go sámh,
mall agus go fíorbhinn, mar atá "Réalt na Maidne"
mar shaghas Suantraighe. Ní bheadh acht caolchuid fágtha
lasmuich agat ná réidhteochadh le haon cheann de sna trí
seancheoltaibh: — "The Princess Royal" abair, agus
an t "Amhrán buadha" atá ag Pádraig mac Seóighe in
Old Irish Music and Folk Songs, uimhir a 279; nó
"Micheál mac an Bháird" uimhir a 448, agus "Giolla
Dubh ua Glamhráin" uimhir a 450. Fuinn iad so atá


L. 171


anabhríoghmhar, anafhuinneamhail ar fad, acht gan iad a
bheith soilbhir a ndóithin i gcóir Geantraighe, ná mallréidh
a ndóithin i gcóir Suantraighe.



Acht tá níos mó 'ná so le tabhairt fé ndear againn sna
somplaíbh sin romhainn. Is féidir linn a thuigsint ón
gcursíos so nárbh phríomhthúis ceoil na hÉireann an ceol
ársa so atá luaidhte sa tseanlitridheacht. A chontrárdha-
san ar fad. Ní fuláir nó go raibh ceoltóirí na hÉireann
tar éis cuirp an cheoil do chuartughadh, agus a fhíoranam
do thuigsint sar a bhfhéadaidís an roinnt do dhéanamh de.



Do sheinn sé na trí ceolta ó n-a ainmnightear
an cruitire.



Sé sin le rádh go raibh sé ar chumas an chruitire aon
cheann de sna ceoltaibh sin do sheinnt nó do cheapadh
nuair a bheadh gábha le n-a leithéid, ní hamháin do réir
tochta nó rachta a chroidhe féin, acht do réir a intleachta
agus do réir nósanna a chéirde dfhéadfadh sé é dhéanamh
leis. Céim mhór ar aghaidh i gcursaí ceoil ag na sean-
Ghaedhil do b'eadh é sin, buadh nach fios dúinn a bheith ag
aon dream eile ar dhruim an domhain. Ealadha fé leith
iseadh an cheoltóireacht ar an gcuma so — gur lugha ar
fad an bhaint atá aige le haon rud taobh amuich d'aigne
an duine 'ná mar atá ag aon ealadhain eile. Nuair is
mian le file, nó le péintéir, nó le snoighdóir, nó le
héinne eile d'aos dána an domhain, a chuid smaointe
do nochtadh, féadann sé na rudaí a bhrostuigheann a aigne
agus a chroidhe do tharraingt isteach ina chuid oibre,
agus iad do theasbáint ós comhair ár súl nó dár
n-intleacht istigh. Cialluighean focail an fhile rudaí fé
leith, gach aon fhocal nó gach aon rádh dá scríobhann sé,
agus tuigimíd brígh na bhfocal, agus chimíd cad tá ag
spreagadh a smaointe ann. Ar an gcuma gcéadna, pé
rud is maith leis an bpéintéir, pé áit, nó pé duine thugann
sé isteach ina chuid oibre chímíd gur fear nó bean
nó seanchaisleán nó troid nó cath atá i gceist aige, nó ag
an snoighdóir; na rudaí seo a thugann sé os ár gcomhair
mínigheann siad brigh a smaointe agus gluaiseacht a


L. 172


aigne, toisc go gcialluighean gach ceann díobh rud éigin
taobh amuich dá aigne féin go bhfuil eolas againn air
cheana. Cuir i gcás an claidheam i láimh Shain Seóirse do
chum Donatello. Muna mbeadh go dtuigimíd cheana féin
cad is claidheamh ann, agus cad chuige é, agus a sciath,
ní thuigfimís ar aon chor cad do bhí in aigne Dhonatello.
Agus is léir dúinn, leis, ó n-ár saoghal féin cad a chial-
luighean an fhéachaint chalma sin ar aghaidh is i súilibh an
naoimh. Munab é, ba shaothar in aisce do Dhonatello a
chuid oibre an turas san. Is féidir leis an bhfile, chomh
maith, na rudaí a chorruigheann agus a bhrostuigheann a
aigne agus a chroidhe a chur síos tríd na foclaibh atá
ollamh ina chóir ag na daoinibh coitchianta cheana féin.



Uch, a 'Liféir óig mo chroidhe
Isé do bhás atá sí 'chaoidheadh
Isé do bheir an lá 'na oidhche.
Isé do-bheir an chumhaidh ar dhaoinibh.



Agus arís



Ní leanfaidh sé an fiadh go deóidh
Fá ghleanntaibh dubha, ná sléibhtibh ceóidh
Ní chluinfear a adharc go binn á séideadh
Ná guth a ghadhar ar bheinn an tsléibhe.



A lámh bhronntach go fann 'ná luighe
A chroidhe meanmnach marbh gan bhrígh
Síol na gcuradh agus cara na mbárd
Searc na gceolradh chanas go hárd.



Nó mar chuir síos Milton cúis a bhróin


L. 173


Mímhgheann an fhilidheacht, nó an phéintéireacht, nó an
tsnoighdoireacht a brígh féin tríd na rudaí iasachta a
tugtar isteach innti. Ní mar sin don cheoltóireacht.
Ní féidir leis an gceoltóir aon rud iasachta a thabhairt
isteach. Is éigean don cheol a bhrígh agus a chiall a
mhíniughadh uaidh féin. Níl aon "fhoclóir" fé leith ag
Baint le ceol. Ní chialluigheann aon nóta ná aon
streanncán ceoil aon rud taobh amuich dhe féin; ní
bhaineann sé le gnáthshaoghal daoine fé mar a bhaineann
focail na bhfilí nó figiúirí an phéintéara nó an snoighdóra,
leis. Ní fhéadfadh an ceoltóir a chur i n-umhail dúinn go
bhfuil sé ag iarraidh cosc a chur le n-a chuid smaointe dub-
rónach, fé mar a dhéanann Milton. Ni féidir leis a
rádh linn go raibh lámh bhronntach ag an bhfear marbh, nó
go bhfuil an lá i n-a oidhche, dar leis, ó d'éag sé. Cionnus
a theasbánfadh sé dhúinn go mbíodh a chara ag seilg ar an
sliabh, a ghadhair le n-a chois, agus a adharc 'ga seinnt
go binn aige? Ní féidir leis néallta na spéire nó
dorchadas na hodhche a tharraingt isteach i n-a chuid ceoil
chum a theasbáint dúinn cad a chuireann brón nó áthas
chroidhe air. Níl aon rud a chabhruigheann leis acht amháin
fuaim agus gluaiseacht a cheoil agus is éigean dá lucht
éisteachta ciall a smaointe agus gluaiseacht a aigne a
thuigsint ón gceol féin, ó na fuaimeannaibh dothuigse a
bhaintar as téadaibh marbhtha. Cionnus a déanfar sin —
cionnus a cuirfar ciall le haon rud dá leithéid. ná
chialluighean aon nídh uaid féin? Seo mar a thráchtann
Charles Lamb ar comh deacair agus a bhí sé do féin
ceol a thuigsint: —


L. 174


Sin é an rud is mó a dhéanann an deighilt idir an cheol-
tóireacht agus na healadhna eile, ná fuil ann acht "sound
and fury," agus gur éigean ciall agus réasún a bhaint as
sin.



Nuair a tosnuigheadh ar an bhfilidheacht, nó ar an
bpéintéireacht, nó ar ann drámaidheacht do cheapadh,
do bhí saghas "foclóra" ollamh roimh ré ag gach duine
aca — saghas hierogliphic, dhéarsá, a mhínigheadh gluaiseacht
aigne an cheapadóra do ghnáthdhaoinibh. Ní raibh an
"foclóir" sin ag an gceoltóir, agus níl fós, agus ní
bheidh go deó. De dhéin Wagner iarracht ar a leitheid
d'oibriughadh ar shlighe fé leith. Bíonn streanncán fé leith
i gcóir rudaí fé léith san ndrámaidheacht aige sin,
agus nuair a luaidthar aon cheann de sna rudabh sin ar
an ardán, cloistar a cheol féin ón "orchester." Acht
baineann sin le ceol drámaidheachta; ní bhaineann sé le
ceol "neamhspleadhach." Do b'éigean don gceoltóir a
chuid smaointe do nochtadh tré n-a chuid ceoil, acht do bhí
air, leis, ciall an cheoil a mhínuighadh tré an gceol féin.
Do chaithfeadh sé a cheol a cheapadh agus a chumadh ar an
tslighe sin, go mbeadh sé go soiléir sothuigse, go mbeadh


L. 175


ann rud níos fearr, níos bríogmhaire, níos éifeachtaighe
ná rhapsodia nó ráiméis ceolmhar. Do bhí air an foclóir
a bhí in easnamh air (nó seift éigin in a ionad) a cheapadh —
an obair chéadna a bhí ar na daoine a cheap agus a chum
teangthacha an domhain, acht amháin gur bhain gach focal
dár cheapadar-san le rud éigin fé leith taobh amuich
d' aigne an duine, nó le smaoineadh fé leith istigh sa
mheóin nó sa chroidhe, agus nábaineann aon alt ceoil le
haon rud acht le halt eile de féin, agus ná cialluigheann
sé aon rud fé leith taobh amuich dhe féin. Do bhí clocha an
tighe a bhí le tógáil ollamh roimh ré i gcóir an fhile, nó
an phéintéara, acht amháin iad do thoghadh is do dheisughadh
is do shocrughadh doréir gluaiseachta a aigne, cruinneas a
thuigsiona, nó tochta a chrodhe; acht do bhí ar an gceoltóir,
leis, na clocha úd do ghearradh amach as an gcoiléar, iad
do ghreannadh agus do chu madh i gcóir a chuid oibre, agus
iad a chur le chéile i dtreó go mbeadh gach aon cheann aca
san áit ab oireamhnaighe dhi. Do bhíair corp marbh na
bhfuaimeanna a baintar as téadaibh nó as úirlisíbh práis
agus adhmaid — an corp mór sin atá gan bheatha, gan
beodhacht, gan spioraid gan anam — do chuardach agus do
shaothrughadh agus brígh agus éifeacht, fuinneamh agus
misneach, tocht agus racht a mheóin is a chroidhe féin
d'análughadh isteach ann i dtreó go mbudh rud beómhar,
spioraideamhal, corruighthe a bheadh ann in ionad cuirp
laig, mairbh gan brígh, gan éifeacht; do bh'éigean dó
fíorchrot agus deaghchuma do chur ar an alp marbh sin
gan chrot, gan riocht; in aon fhocal amháin do bhí fíor-
chruthughadh le déanam aige, fé mar a deirtar sa Bhíobla



Ar dtúis do bhí corp an cheóil follamh, gan riocht
agus d'oibrigh spioraid an duine (i. an cheoltóra)
trid.



B'shin é an chuis, is dóigh liom, gurab é an cheoltóireacht
an ealadha ba dheireannaighe a tháinig chun chinn ar mór-
roinn na hEórpa. Má bhí ar na hoibrighthóirí eile a gcuid
brící a dhéanamh, do bhí ar na ceoltóirí, leis, adhbhar a


L. 176


mbríc do sholáthar, fé mar a bhí ar na sean-Iudaighibh san
Éigipt fadó, roimh dul amach sa bhfásach dóibh. Níor
thosnuigh ré an cheoil i gceart san Eóraip go dtí timcheall
bl. a 1600. Do bhí ceol dá chleachtadh ann roimhe sin
gan amhras, acht níór cheol "neamhspleádhach" é; ní
raibh ann acht adhbhar cabhruighthe le drámaideacht, nó le
filidheacht, nó le rud éigin i bhfuirm teasbántais puiblidhe
a bhíodh aca shan am sin. Ceol Gregóra, ceol Sain Pilib
Néri, ceol na hEaglase, an ceol "tuathach" sin a bhíodh
ar siubhal ag na mionfhlaithibh san Iodáil chum smaointe
an phobuil a choiméád ó bheith ag casadh le cheisteannaibh
polait dheachta — ní raibh i n-aon cheann aca san an fíór-
cheol sin, "musik selbstandig" na nGearmánach go
bhfuilim ag tagairt dó anais; ceol a baintar as téadaibh
nó as aon úirlis ceoil eile seochas an guth daonna, agus
gan bhacaint le hamhránuidheacht, ná le scéaluidheacht, ná
le drámuidheacht, ná le haon rud eile lasmuich de sna
fuaimeannaibh féin.



Nuair a tosnuigheadh ar an gceol "neamhspleadhach"
d' oibruighadh do bhí ré na n-ealadhma eile san Iodáil
críochruighthe. I n-ainnsir Dhante, timcheall a 1300, do
tosgnuigheadh ar an bhfilidheacht, agus do mhair Giotto san
am chéadna. Ó Bhenethia, is dócha is mó sa dfhás foirg-
nitheóracht na hIodáile, agus sa tseanaimsir ar fad,
timcheall a 421. Nuair a d'éag Michel Angelo sa
bhliadhain 1564, tháinig deire le ré na bpéintéirí is na
bhfoirgnitheóirí is na snoighdóirí mór. Do b'é sin deire
aimsire na healadhna ba mhó clú agus cáil dár cleachtadh
san Eoraip ó aimsir na sean-Ghréagach anuas. Do bhí
an ceol claisdealach féin tar éis teacht chum cinn an
uair sin, agus do b'í sin an ealadha ba dheireannaighe a
d'éirigh san Iodáil. Do rugadh Montebherde timcheall
1566, Schütz 1585, Cavalli 1600, Carissimi 1604, Lully
1634, Corelli 1653; agus do b'iad san na daoine a
thosnuigh ré ceoil na n-úirlisí.



Tuigimíd as an méid sin gur fearr a thuig na sean-
Ghaedhil nádúir an cheoil, agus an dluthbhaint athá aige le
hanam an duine 'ná aon dream eile ar dhruim an domhain.


L. 177


Ní fios dúinn an raibh an meas céadna, nó an tuigsint
céadna ag na seanGhréagaibh féin agus a bhí ag na sean-
Ghaedhil ar cheol agus ar cheárd an cheoltóra. An finn-
scéal sin do cheap na seanGhréagaigh ar Orpheus agus a
Lyra, teasbáineann sin dhúinn chomh beag agus a thuigeadar
comhacht an cheoil ar anam an duine. Ní raibh sé ar
chumas Orpheus a dhéanamh acht gach aon nídh a chloisfeadh
a chuid ceoil a mhealladh, i dtreo go leanaidís go léir é,
ní hamháin fir agus mná, acht beithidhig an fhásaigh, crainn
na coille, agus clocha na talmhan. Do cheapfá ar dtúis
bfhéidir nárbh fhéidir comhacht ní ba threise 'ná san a bheith
ann: acht ar féachaint isteach go géar sa scéal dúinn
chífimíd nach amhlaidh athá. Na daoine a cheap an scéal
sin níor thuigeadar gur bhain aon chomhacht eile le ceól acht
amháin comhacht a bhinnis. Níor b'fhéidir leis na beithidhighibh
éigciallda san ná leis na clochaibh marbhtha balbha a
mhalairt de chomhacht a thuigsint, dá mbeadh séann féinigh.
Agus níl aon rud sa scéal a chuirfeadh i n-iúl go raibh.
Níl focal i dtaobh gur chuir an ceol draoidheachta sin
aon atharrughadh ar a lucht éisteachta ná go dtáinig aon
chorruighe aigne ortha toisc é chloisint. Do b'ionann leó,
do réir an scéil, an ceol diadha sin agus an ceol
iongantach eile sin do mheall an seanmhanach ó n-a chill,
agus do choimeád ar feadh céad bliadhain é ag éisteacht
leis, agus ag síormhachtnamh ar a bhinneas. Acht ní hé
an binneas an buadh is mo atá sa cheol. An ceol is
éifeachtaighe is is fuinneamhla is minic a bhíonn sé lán
de ghéire is de sheirbhe. Cuir i gcás anachuid de cheol
Bheethobhen mar atá an chéad roinnt den chuigmhadh
Sinfonia Eróica, no an chéad roinnt den chúigmhadh
Sinfonia, cuid den Hammer clabhier Sonate, nó an
chéad roinnt den Sonate deireannach (Op. ii, C.
minor). Agus an roinnt dheireannach den chúigmhadh
Sinfonia, ní le binneas a fhuama a chorruighean sé na
daoine a bhíos gá chloisint acht le fuinneamh agus le
sárchomhacht a ghluaiseachta i dtreó gur léim sean-
shaighdiúir suas nuair chuala sé é, agus gur ghlaoidh ós árd
"l'Empereur, l'Empereur." Sin é an buadh is mó


L. 178


dá mbaineann le ceol, an chomhacht atá ann chum anam agus
aigne do chorruighe is do bhrosdughadh chum áthais nó chum
bróin. B'sin é an rud nár thuig na seanGhréagaig;
agus b'shin é an rud céadna do thuig na seanGhaedhil
níos fearr 'ná mar do thuig aon dream eile dá bhfuil ar
eolas againn indiu. Agus do b'shin é an fáth, dar liom,
gur chumadar an cunntas sin a bhíodh aca ar chruit an
Daghdha .i. go raibh trí téada air, téad óir, téad airgid,
is téad iarainn. Is ar an dtéid iarainn do sheinntidhe
an Goltraighe. Nach ionann sin agus a rádh go mbíodh
an Goltraighe go garbh agus go searbh le cloisint, seochas
an dá cheann eile a sheinntidhe ar théadaibh óir is airgid?
Is é mo thuairim gurab é sin an tslighe do cheapadar
chum a chur i n-iúl dúinn nár b'é an binneas an t-aon
bhuadh amháin do bhí i n-a gcuid ceoil. Dá ghairbhe é, nó
dá sheirbhe é an Goltraighe, do bhuaidh sé ar an dá cheoil
eile le méid a chomhachta ar anam agus ar aigne an duine.
Acht do bhain cuid den bhuadh sin leis na ceolta eile chomh
maith. Ní hamháin go raibh comhacht san nGeantraighe
chum na daoine do spreagadh chum gháire, agus áthas
chroidhe a chur ortha, acht go bhféadfaidhe é dhéanamh tar
éis an Goltraighe do chloisint dóibh ar dtúis, agus iad
go dólásach, dubrónach i n-a dhiaidh; go bhféadfaidhe an
t-uaigneas agus an duairceas croidhe is aigne do dhíbirt
ar fad asta agus sólás is luthgháir is suairceas a
bhronnadh ortha arís. Agus do b'éigean don Suantraighe
leis an corruighe agus an gríosughadh aigne sin do chiúiniu-
ghadh agus do chur ar neamhnídh sar a bhféadfaidhe an
tsíothchán croidhe, an suaimhneas aigne, is an sámhchodladh
cuirp do thabhairt do sna daoinibh. Mar is ins an ordughadh
chéadna do sheinntidhe na trí ceolta i gcomhnuidhe. .i. an
Goltraighe ar dtúis, annsan an Geantraighe agus an
Suantraighe mar dheire.



Agus sin rud eile a theasbáineann dúinn an fíorthuigsint
a bhí aca ar nádúir an chéoil. Nuair a tosnuigheadh ar an
gceol "neamhspleadhach" d'oibriughadh do chaith na ceol-
tóirí tamall maith d'iarraidh a thuigsint cionnus do
bfhearr na ceolta éagsamhla a bhí dá gceapadh aca an
shocrughadh i dteannta a chéile, Éirigheann an chluas


L. 179


agus an aigne tuirseach tar éis bheith tamaill ag éisteacht
le ceol d'aon tsaghas amháin. Is éigean don cheoltóir
annsan atharrughadh crota do chur ar ghluaiseacht a cheoil,
agus na ceolta éagsamhla do mheascadh le chéile, i dtreó
ná tiocfadh an tuirse sin ar a lucht éisteachta. Ar
dtúis, do bhíodh ceolta na ringcí curtha le chéile aca i
"Partita" agus i "Suite"; acht do mhothuigheadar i
gcionn tamaillín ná raibh aon fhíorcheangal idir chuid de
agus an chuid eile. Annsan do tháinig ré na "bhFúgaí."
Ón Laidin is eadh thagann an focal "fúga" mar do
cheapfá go bhfuil cuid den cheol ag eitilt roimh chuid eile,
toisc go mbíonn an streanncán céadna ceoil gá ghabháil ag
gach aon cheann aca. Acht cé gur cheapadar a lán cleasa
chum an cheoil d'oibriughadh agus a dhéanamh níos fuide,
agus chum breis suime do tharraingt ó n-a lucht éisteachta,
ní raibh san "bhFúga" acht ceol d'aon tsaghas agus ní
shásóchadh sé na ceoltoírí féin ná na gnathdhaoine i ndeire
na dála. Do chuirfidhe "Preludia" i dteannta an
"Fúga," leis, agus i n-aimsir Bach (1685- ) tháinig
a n-oibriughadh araon chomh maith san chum cinn nach féidir
é a sárughadh, is dócha, ar fheabhas a chruinnis agus a chomh-
achta ar gach aon tslighe.



Dfhás saghas eile ceoil annsan — an Sonate. Do bhíodh
a dó nó a trí nó a cheithre roinnt san Sonate — Sonate
ceart do réir a riaghlacha féin, i dtosach, agus é go mear,
fuinneamhail; san dara roinnt do bhíodh saghas fo-Shonate,
acht é go mall, réidh; Minuetto is mó a bhíodh san tríomhadh
roinnt (acht gur chuir Beethóbhen Scherzo inaionad);
agus Rondó mar dheire. Do bhí, do dearfá, gach aon
tsaghas ceoil san "Sonate" san dfhéadfadh a bheith ann.
Má ba mhaith leis e, dfhéadfadh an ceoltóir an "Fúga"
féin a thabhairt isteach ann, agus do déanadh amhlaidh fo-
uair. Acht cad fé ndear na héagsamhlachta san? Cad
ba ghábha a leithéid d' "fuirm" ceoil a cheapadh? Seo mar
a chuireann Sir Hubert Parry síos ar an gceist i n-a
leabhar "The Art of Music": —


L. 180


Nach beadh an ceart againn agus a rádh go míní-
gheann san dúinn fíorbhrígh an nósa nó an "convention"
sin a chleacht na seanGhaedhil i dtaobh cionnus ba cheart
a gceolta do cheangal dá chéile? Cad eile a bhí san
nós san acht saghas Sonate in embryo? Cé nach ionann
ar fad an t-órdughadh ar ar shocruigheadar gluaiseacht
cheoil agus an t-órdughadh atá san Sonate le n-ár linn
féin, nách fuil sé le tuigsint againn as go raibh lárcheart
na fírinne i n-a n-aigne aca, agus a leithéidde nós a
cheapadh i n-aon chor? Cá bhfuil an deimhniughadh le fagháil


L. 181


againn gur thuig aon dream eile an méid sin féin?
Tráchtann Plato ar cheolta éagsamhla a bhí ann le n-a
linn féin, gan amhras, agus teasbáineann sé gur thuig sé
go maith gur le gluaiseacht aigne an duine a bhain cuid
aca. Acht ní abrann sé go raibh aon nós mar an seannós
Gaedhlach san dá chleachtadh ag aos cheoil na nGréagach.
Cé go raibh, ar a luighead, seacht modh aca-san, agus a
thréithe féin ag baint le gach módh aca, ní fios dúinn gur
thuigeadar ar aon tslighe, go réidhtigheainn sé le nádúir
an cheoil féin agus le gluaiseacht aigne an duine, iad a
chur le chéile ar aon órdughadh fé leith.



Is i gceól oirnéise, leis, is mó a chuir ár sinnsear
spéis. Tá san le tuigsint as ár litridheacht chomh maith.
Ní fios dúinn gur ceapadh aon dán mholta ar aon amhrá-
nuidhe, dá fheabhas é ar a mhodh amhránuidheachta nó gur
cuireadh síos ar a bhás in sna seanannalaibh, fé mar
a cuireadh síos ar bhás na gcruitirí ba mhó cáil is clú.
Agus tá deimhniughadh níos fearr 'ná é, leis, gur mó an
spéis a chuireadar i gceól na cruite 'ná i n aon tsaghas
eile ceoil. Níor shíolruigh aon tsaghas eile ceoil ó na
déithibh; do b'í an chruit an t-aon ghléas ceoil a bhíodh
ag an Daghdha, agus is tríd an gcruit a dfhéadfadh sé an
chomhacht ba mhó a bhí aige ar anam an duine a theasbáint.
Agus mar fhíordheimhniughadh, tá so le tabhairt fé ndear
leis — gur ab é an cruitire an t-aon duine amháin d'aos-
ceoil na tíre go mba dhual dó "enecland" dfhágháil ar
shon aon ghonta a déanfaidhe air chomh maith le héiric ar
shon na díoghbhála féin. Agus do bhí sin le fagháil aige
cia aca ba chruitire ríogh nó cruitire taoisigh é, nó gan
aon bhaint a bheith aige le rí ná le taoiseach.



Táim tar éis theasbáint anois gur fearr a thuig na
seanGhaedhil fíornádúir an cheoil ná aon dream eile ar
mhórroinn na hEórpa. D'oibrigheadar ceol na n-úirlisí
niba lugha agus ní bfhearr 'ná mar a d'oibrigh aon treabh
eile é, agus do thuigeadar ní b'fhearr ná mar a thuig aon
dream eile é cionnus ba cheart sin do dhéanamh. Má bhí
an tuigsint sin agus an chomhacht sin ag na seanGhaedhil,
ní fuláir nó go mbeadh an chomacht agus an tuigsint


L. 182


céadna againn i nÉirinn indiu. Sin é an fáth go ndubhart
i dtosach go bhfuilimíd ag cur an iomaid spéise san
ámhránuidheait fé láthair. Má's áil linn ceol Gaedhlach
nuádhdhéanta do cheapadh i gcóir na haimsire seo níor
mhór dúinn an tuigsint céadna a bheith againn ar oibriughadh
agus ar nádúir an cheoil agus a bhí ag na seanGhaedhil.
Cionnus a déanfar sin, cionnus a cheapfar ceol Gaedhlach
do réir nósanna na haimsire seo, gan fíoreolas a bheith
againn ar gach aon rud a bhaineann le cursaí ceoil, leis
an "technique" go háirithe? Nílimíd ag tabhairt aire
do cheol an "pianoforte" ná do cheol "symphonique"
fé láthair; do cheapfá ó n-ár gcuirmeachaibh ceoil, ó
chomórtaisíbh an Oireachtais féin nárbh fhiú píosa ceoil
nuadhdheánta a bheith againn. Tugtar duaiseanna ar gach
aon tsaghas oibre nuadhcheaptha i roinn na seríbhneóreachta,
tugtar duaiseanna eile i gcóir labhairt na Gaedhilge, i
i gcóir ringce, i gcóir eolais ar sheanchas na hÉireann,
i gcóir reacaireachta, scéaluidheachta agus rl., i gcóir gach
aon tsaghas gléasa ceoil, beagnach, do sheinnt acht amháin
an chruit atá ann indiu, .i. an piano; acht ní thugtar aon
duais don té a cheapfadh píosa ceoil Ghaedhlaigh dúinn.
Nach ait an scéul é sin? Nach mithid dúinn féachaint
chuige? An dóigh le muinntir na hÉireann ná fuil i
seancheol ár sinnsear acht amháin amhránuidheacht is
píobaireacht? Deirimse gur dúinn-ne, oighrí na ndaoine
a thuig nádúir an cheoil niós fearr 'ná aon dream eile
ar mhórroinn na hEórpa — gur dúinn-ne is ceart agus
is dual an ceol is uaisle agus is maordha i measc ceolta
na hEórpa do cheapadh agus do chumadh, is cuma cia aca
i gcóir guthanna nó oirnéise acht amháin leanamhaint
go dílis don bhfíorshean-nós sin a thagann chughainn le fíor-
bheannacht ár sinnsear agus fíorrian a smaointe agus
a gcumadh air. Is buaine port ná glór na n-éan adeir
an seanfhocal. An bhfuil aon rud ar eolas againn atá
níos buaine 'ná seantréithe agus seannádúir an Ghaedhil?



CRAIFTINE.


L. 183


MO MHÓID.



Bheirim mo mhóid go deó bheith dilis
Dom thírín áluinn ó;
Is go ndéanfad measc Gaedhal lem ré mo dhícheall
Dom thírín áluinn ó;
Molfad go hárd a cáil de shíor,
Is dise go bráth beidh grádh im chroidhe,
Ní eisteóchad le cách ag cáine choidhch'
Mo thírín áluinn ó.



Gníomhartha ár dtreón fén bhfód tá sínte
Im thírín áluinn ó,
Beidh agam dom sheóladh im ród lem linn-se
Im thírín álumn ó;
Ar dteanga, ár gceól, ár nósa féin,
Beidh agam lem ló gan gó, fé réim,
Agus seasóchad an fód lá cómhraic déin,
Im thirín áluinn ó.



LEANAIMÍS RIAN ÁR LAOCH GO DEÓ,



Tá anaghleó in Éirinn
D' iarraidh Gaedhal do chur ar fán,
Tá an namhaid ag ceapadh éitheach
Chun sinne chaochadh mar ba ghnáth;
Tá cosc le labhairt na Gaedhilge,
Tá lucht Sinn féin á raide thar tuinn.
Agus spreallairíní bréana
Ag Gallaibh ann ag léiriughadh dlighe.
Acht choidhche Gaedhil
Don Ghall ní ghéillfe,
Is uaisle Gaedhil ná Gaill go mór,
Is bheirimíd móid dhá chéile
Go leanfam rian ár laoch go deó.


L. 184


Agam-sa tá árddhóchas
As clanna óga Inis Fáil,
Tá spioraid róbhreágh 's eólas,
'S misneach mór aca gan scáth;
Agus ní har lorg déarca
Ar namhadaibh Gaedhal a bhíd aon tráth,
Acht i mbun a ngnótha féinidh,
'S á n-ullmhughadh féin chum bheith neamhspleádhach
Mar choidhche Gaedhil
Don Ghall ní ghéillfe
Is uaisle Gaedhil ná Gaill go mór,
Is bheirimíd móid dhá chéile,
Go leanfam rian ár laoch go deó.



An mheathtacht bhí feadh tréimhse
Ag baint dár réim i bhfeas do chách
Níl a rian anois in aonbhall,
Acht a mhalairt scéil ar fad 'na háit;
Go bhfuigheam arís ár saoirse,
Den chath ní stríocfaimíd go bráth;
Tá gráin 'n-ár gcroidhe don daoirse,
'S beidh go dtí go bhfuighmíd bás.
Le congnamh Dé,
'S cabhair a chéile,
Buadhfaimíd gan baoghal sa ghnó,
Agus chífimíd 'n-ar ló-na
Ár Róisín Gaedhlach féin fí choróinn.



TEACHTAIREACHT CHUGHAT.



Teachtaireácht chughat a chara chiúin,
Annso fé chlúdach gheobhair-se,
Ó dhaingean dubhach i gcathair bhúir,
Acht níl mianach dubhach im sceól duit.



Searc tá im scéal, is grádh gan chlaon,
'S ríomhaim céad gealphóg duit,
Sonacht saoghail measc togha na nGaedhal,
'S cantain éan it chómhgar.


L. 185


Gach focal scríobhaim chughat, grádh ann bíonn,
I mbárr mo phinn bíonn teódas,
Mar an peann mothuigheann mar théigheann óm chroidhe
Dúthracht díleas dóibh-sin.



Léig ós árd duit féin an dán
Go mothuighir grádh ag gluaiseacht
Ó bhun go bárr dot shuath' go sámh,
S ót shaoghal gach crádh 'á ruagadh.



Sin teachtaireacht chughat, a bhean mhaith lium,
Annso fét shúil im dháinín;
Teachtaireacht chughat, mo ghrádh dham mhúin,
Le cur anonn tar sáile.



BEANNUIGHIMSE DHUIT A BHLÁITH.



Aoibhinn liom an bláth
Ar mo chlár im aice,
Gach blúire dhe go breágh,
An tÁrdmhac féin do mhaisig.



Beannuighim-se dhuit a bhláith,
Fáilte rómhat is dachad;
Do ghlas, do bhuidhe, do bhán,
Is áluinn liom mar dhatha.



Is umhal, is cneasta, dfhás
An bláithín beag so tamall
Go híseal bhí gan cháil,
Feadh trátha ar an dtalamh.
Beannuighim, agus rl.


L. 186


Grian is gaoth fothlá
Thugadh grádh dho, is ceanas,
Ist oidhche codla shámh
Ar an mbláth so thagadh.
Beannuighim agus rl.



Tháinig scéimh sa bhláth,
Do réir mar d'fhás is neartuig,
An glas, an buidhe, an bán,
Bhí thar bárr ann daithte.
Beannuighim, agus rl.



An chiumhais is gile bán,
An buidhe ina lár tá breactha,
'S idir an bhuidhe is an bán
Tá brághaidnasc gleoidhte glas ann.
Beannuighim, agus rl.



Cara dhom chroidhe mo bhláth
Annso ar chlár im aice
'S geallaim ó chroidhe mo ghrádh
Don bhán, don bhuidhe is don ghlas san.
Beannuighim-se agus rl.



A LEABHAIRÍN CHAOIL.



A leabhairín chaoil fet chlúdach,
Mo scéilín scríobhaim le dúthracht
Le dísle croidhe don chúilfhionn
Dhúisig ionnam gradh.



Mo ghrádh, mo bhláth, mo rós í,
Mo ghrádh gan cháim, mo stóirín,
Mar sámhchruit ráidhte a beóilín,
Im chluais-se gach tráth.


L. 187


Cuir di in iúil a dháinín
Mar chuireas tú ar phár di,
'S le searc gach lúb gur tháthas,
Is áthas im chroidhe.



Nuair bhead ar fán óm ghrádh-sa,
'S tusa ar chlár 'n-a hárus,
Ná leig a grádh ar fán uaim,
A dháinín an cheóil.



GLÓIRE DUINE COINSIAS GLAN.



Glóire dhuine coinsias glan,
Dó tugann neart is croidhe slán,
Cómhnuidhean áthas fé n-á dhíon,
A choinsias má bhíonn gan smál.



Nuair thagann air pian nó crádh,
Ní ghníonn gearán leis an saoghal;
Leanann dá chúrsa go sámh,
Bíonn leigheas 'n-a lár, trí chómhacht Dé.



An duine gan coinsias glan,
Buairt is eagal air is gnáth;
Tráth ceaptar é bheith fé rath,
Bíonn 'na chroidhe an calc, á chrádh.



Na tabhair do bhreith do réir cló,
Bíonn lobhadh sa bhfeóil dá fheabhas bláth;
Is gearr sheasuighean breith an tsaoghail,
Acht seasóchaidh breith Dé go bráth.



(Féach aithris ar XPT. Lebhar II. Caib. VI).


L. 188


ÉIRIG GO TAPAIDH.



Fonn "An Síoda tá at Bhallait."



Téannaidh go tapaidh a Ghaedhala don bhaile
Mar a luigheann i riocht mairbh ár Róisín
Go n-innseam go mear di thar cúrsaí na reachta
So thabharfaidh cead reatha dá cóirchlainn
Ó tá sí le fada tinn cráidhte ar an leabaidh
Trí dhíth is trí easbha a cómhachta
Acht téannaidh is canaidh in éinfheacht liom ranna
A thiubharfaidh di anam is nóbhrígh.



Ó éirig go tapaidh
A Róisín det leabaidh
Tá an ghrian gheal ag scaipe do néallta
Tá deimhniughadh gur gairid
Go bhfeiceam ár namhaid
Á ruagairt ó thalamh na hÉireann.



A Róisín chaoin chneasta cuir do lámha geala im ghlacaibh
'S do sheanacheann leag ar mo bhrághaid-se
Corruig do theanga it bhéal bhí go balbh
'S deimhnig dúinn feasta nách tláth thu.
Ár saothar-na beannuig is éiréochaidh go geal linn
Tá dóchas i bhfearaibh na beárnan
Go bhfeicfar fé cheannus gan beann ar na Gallaibh
Ár bhfeis féin go neartmhar in Áth Cliath.
Éirig go tapaid, agus rl.



Óir theip ar na gallaibh do chlann-sa do mhealladh
'San aimsir chuaidh tharainn, le bréagaibh
'S óir theip ortha teanga do chlainne ba bhlasta
Do mhúchadh fé charnaibh Béarla
Cad fáth go mbeam faiteach go mbuaidhfeadh na Sacsain
Cad fáth go mbeadh eagal ar Ghaedhlaibh
Ó, múscail go tapaidh do mhisneach, is labhair,
O's fada linn balbh do bhéal-sa.
Éirig, agus rl.


L. 189


"Céad fáilte dom bhaile, cead fáilte agus dachad
Céad fáilte let theachtaireacht chughamsa
Mo chnámha bhí go craptha táid lúthmhar chum reatha
Tá líomhthacht im theangain ba shúighte
Tá fuinneamh im ballaibh mar bhíodh agam cheana
Sul ar baineadh díom sealbh im dhúthaig
Beir buadh agus beannacht, is beódhacht dam do ranna"
Arsa Róisín dom fhreagairt go fiúntach.



Agus d'éirig dá leabaidh
'S thug dam a beannacht
An bhean san gur ainm di Róisín;
Faid saoghail chúiche is beatha,
Fé shláinte go mairidh,
'S fán agus scaipe ar a nómhadaibh!



Peadar Ó hAnnracháin do cheap na sé hiarrachtaí
sin tuas a bhuaidh an chéadh du ais sa bhfilidheacht.



SCÉAL LUAIN NA CÁSCA.



Domhnall na Cásca cct.



Scéal Luain na Cásca go deó beidh trácht air
Nuair throid na sárfhir go cródha tréan,
'N-aghaidh namhad go dána dfhonn saorse thárlamh
Is bheith gan spleádhchas 'n-a dtír cheart féin.
Sé lá na seachtmhaine 'n-aghaidh camthaí Shasana
Go dílis sheasadar gan stad gan staon.
Do réir mar mheastar dóibh is leór a leagadar
Ir go mbuaidh Dia feasta le bhúr láimh Sinn Féin.



Dá líonmhar slóighte 's a ngunnaí móra
Ag taoisigh Sheóirse agus toghadh gach gléis,
Níor bh'aonchomórtas iad súd i gcómhlann
Le buidhin na Fódla i gcath ná i ngléic.


L. 190


Mar mbeadh an dearmad do ráinig eatortha
Bhí Éire ar lasadh againn ó thaobh go taobh
Is deireadh dearbhtha le réim an tSasanaigh
I dtír na Banban son suas Sinn Féin.



Is mó iarracht thréanmhar thug Clann na hÉireann
A dtír a shaoradh ó ghallsprot chlaon.
Níor sháruigh éinne le feabhas a dtréithe
An bhuidhean so is déidhnaighe do throid go héag.
Ní fhuil trácht i seanchas an domhain dá fhairsinge
Ar bhuidhin ba sheasmhaighe 's ba ghlaine méinn:
An méid sin d'admhuigh a namhaid cé tarcuisneach
Acht nár a'maith aca 'sé thuill Sinn Féin.



Do throid na mná leó go croidhmhail áluinn
Is sheasaimh lámh leó i mbearna an bhaoghail,
'S do threoir a ngárdaí go feidhmeamhail sárghlic
Mar thaoisigh tábhachtmhar i gcath na Trae.
Nó máthair mhileadhta an Ghréagaigh shoineannta
Adubhairt gan fill' uirthi gan buaidh nó an t-éag.
Acht bhí fear is fiche ag an namhaid 'n-aghaidh an duine aca
Acht beidh lá eile againn 's an buaidh Sinn Féin.



Má theip an buaidh ortha mór theip an uaisleacht
'N-a gcroidhe glan uaibhreach gan chor gan chlaon,
Acht socair stuamdha 'san bás dá luadh leo
'S níor las a ngruadhanna le scáth sa tsaoghal.
Is léir mar thuigimíd gach braon dár shileadar
Go raghaidh chum suime dhúinn os comhair Mhic Dé,
'S gur saoirse thuilleadar dhá dtír ghlas shoilbhir
Is daoirsmacht mhilleadar le comhacht Sinn Féin.



Nuair gabhadh ár dtaoisigh is beag mar síleadh
A leithéid d'íspirt i gclos don tsaoghal
Go ndéanfaidís súd ar éigse 's saoithe
Ba léigheanta líomhtha ar shliocht na nGaedhal.


L. 191


Nár mhór an ghaisce dhóibh 's a ndrom le falla aca
Na piléir á stealladh leo acht cinnte an scéal
An Mhaighdean Bheannuighthe bhí ann súd' n-a seasamh leo
Is sheol a n-anamna dá hárus fhéin.



Ní fhuil tír 'san Eóraip bhí síos le fóirneart
Fé dhaoirse ag geócaigh is imprí claon,
Ná fuil ag tógaint a gcinn go módhmhrach
Dhfhonn saoirse is leorcheart a dfhagháil dóibh féin,
Tá Wilson ceannasach ag cur coingheall ceangalta
I bhfeidhm ar cheamalaigh bhí ag creachadh an tsaoghail.
Is braghaghill smachtaithe ar gach fealltóir cealgach
Is é focal faire anois an domhain Sinn Féin.



TEACHT NA nGAEDHAL.



Domhnall na Cásca ro chan.



Fonn: Síle ní Ghadhra.



Do chruthuigh Dia glórmhar an mórmhuir mórtimcheall
Do inis na Fódla go leórleathan díonmhar
'Á deighil ón roinn Eórpa mar chomhartha ceart cinnte
Gur cumadh gan ghó í d'áiteóirí na tíre,
Nuair chruthuigh Dia an inis ghlas shoilbhir shaor
Do cheap Sé mar inead dfhuireann na nGaedhal
Do threoir ar bárr tuinne ón oirthear gan baoghal
'S gan dearmad stiúirigh a gcúrsa sa treó so
Is thug dóibh sealbhúsacht le hughdarás comhachta.



Do b'fhairsing do b'áluinn ba bhláthmhar a coillte,
Do b'úrghlas a bánta is a máighe maise míne,
A haibhne ró-áilne le fánaidh ag gíogladh,
'S a sléibhte cinnárda fí bhláth cumhra mísle.
Bhí biadh agus beatha is gach earradh le fhagháil
De shochar a tailimh gan easbhaidh don táin,
'Gus saothar na mbeacha 'n-a srathaibh gan cháim.
An fiadhphoc go buacach fí stuadhbheannaibh módhmhrach,
An míol muighe go luaimneach is uaill chon 'n-a dheóidh
san.


L. 192


Do mhaireadar Gaedhil ann feadh céadta is na mílte
Go sonasach séanmar fá ghréin ghil na saoirse;
Gan chumhangthas ó éinne gan ghéibhinn ná daoirse
Acht ag borradh i n-aghaidh an lae is a gcéim dul i n-aoirde
Fá riaghalthóiri cliste nár mhisde a dtreóir
'S na dlighthe ba chirte ba chothruime cóir
Ba thaca don luige is mhillfeadh éagcóir
An lag is an láidir comhdhásachtach dilis
Comhthugtha comhpháirteach chum lán leas' a dtíre.



Níor mhair insa tsaoghal uile aentreibh do b'ársa
Chomh mínighthe éirimeamhail léigheanta neamhspleathach leó
A lucht ealadhan is céirde is a ré sin ba thábhachtmhar
Ceól binn ar théadaibh is léircheapadh dánta
D'éis theacht do Naomh Pádraig le grásta an tSuibhscéil
Nó sealad 'n-a dheábhaidh sin ba shárfhios don tsaoghal
Go raibh Parrthas láithreach i gClár Luirc na naomh
Le diadhas, le foghluim, le ceannsa is deaghriaghaltha
'N-a cealla barrannsacht ir cantaireacht diadha.



'N-a dhiaidh san ón bhFódla i nglóir ainm Íosa
Thriall teachtairí cródha tar mórmhuir go tíortha
Bhí súidhte in aineólas fí cheobhrat na hoidhche
Le solus na glóire an Suibhsceól do chraobhscaoileadh
An Chríostuidheacht do leathadar fairsing i gcéin
'S na mílte do tarraingeadh tapaidh chum Dé
Tá naomhthacht a mbeatha isna startha le léigheadh
Ní fhuil coláiste 'san Eóraip gan leórchuid dá saothar
Is teastas na Fódla gan teóra thar aon tír.



Domhnall Ó Conchubhair i gCuilinn Uí Chaoimh do
bhuaidh an dara duais leis an dá iarracht san tuas.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services