Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhrigheacht
Title
Uimhrigheacht
Author(s)
Ó Cuirrín, Seán,
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na h-Éireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Uimhrigheacht. Mar atá: Greas beag de thosach ealadhan na h-uimhrigheachta, ’na bhfuil toradh intleachta agus ceapadóireachta an ughdair agus a chomhair-chéile, maille le cnuasach as saothar ughdar le cáil, arna chur in eagair agus in oireamhaint do scoileanna na h-Éireann.
Réamhrádh I. Do’n Phobal Choitchianta “Ní múintear Gaoluinn anso, labhartar í,” a ndubhairt an Fear Mór liom ag trácht dó ar sgoil na leanbhaí sa Rinn, agus am briathar nach mar mhagadh atáim ach lán-dáríribh nuair adeirim ná beidh rí ná rath ar an nGaoluinn go dtí go n-éirightear dó lom as í mhúineadh - agus luighe isteach ar í labhairt agus í úsáid i ngnáth- obair na sgoile tríd an lá síos. Ná múintear Gaoluinn ach múintear gach aoinní tríd an nGaoluinn: sin modh múinte a sháruighean ar ar cheap lucht oideachais de mhodhaibh riamh. Is ró-fhada dhúinn ar fad ag casadh le Gaoluinn a múineadh mar theanga iasachta, teanga a chaithtear i leathtaoibh an túisge ’na ngábhtar de láimh Uimhríocht nó Algébar nó ceann eile de ghnáth-adhbhair léighinn na sgoile a mhúineadh. Tá an t-iarsma san na daoirse ar tí imtheachta uainn fé dheire agus ní mór an méala é. Is gearr go mbainfear na laincisí de’n Ghaoluinn agus go gcloisfear dá labhairt coitchianta i sgoil is i gcoláiste í ag lucht foghluma agus ag lucht a múinte. Tá an lá buailte linn ’na mbeidh feidhm ’á bhaint aisti ag aos léighinn is ag aos eoluíochta ag saothrú eolais dóibh agus ag foillsiú toradh a saothair chun onóra is chun sochair a dtíre dúthchais. Is dócha go bhfuil daoine ann fós, ámhthach, atá chómh dall ar an sgéal agus a mheas go ndéanfaidh úsáid na Gaoluinne ceataighe augs toismeasg d’obair na Matamaitice. A mhalairt sin ar fad atá fíor. Taobh
amuich de chúrsaíbh Náisiúntachta ar fad, is mór an feabhas a raghadh ar mhúineadh na Matamaitice dá gcaithimís uainn an Béarla mar shás a múinte. An saghas Béarla is gnáth le sgríbhneoirí Matamaitice a chleachtadh, is Béarla crochta crapuithe neamh-nádúrtha é agus é lán suas de théarmaí neamh-choitchianta mí- chuibhsacha. D’fhonn cruinnis cainnte a ceapadh na téarmaí; ach má fuarathas an cruinneas, do baineadh an t-anam as an dteangain chun é shroisint, rud nár ghádh a dhéanamh. D’fhan aca ansan cóir chainte a bhí leamh leicthe leath-mharbh .i. Béarlagair lucht Matamaitice. Ní deirim ná gurabé an Béarlagair seo is freagarthach i gcuid mhaith de’n droch-mheas a bhíonn ag mórán daoine ar an Matamaitic, daoine a cheapan gur rud tur dúr inti féin í, rud atá bun-os-cionn ar fad le áilleacht is le aoibhneas an tsaoghail. Má sgaipean an Ghaoluinn an droch-thuairim sin, beidh gníomh foghanta dá dhéanamh aici. Tá so de bhuaidh inti mar theanga, nach gádh caint na ndaoine d’atharú puinn chun í chur i n-oireamhaint d’obair na Matamaitice - ní gádh an anamúlacht ná an bheo-bhrióghmhaireacht do bhaint di ach go h-áirithe. II. Do’n Mhúinteóir - Na Téarmaí Gheobhfar roinnt téarmaí nua thall is abhfus tríd an leabhar so, téarmaí áiseamhla so-thuigsiona iad ná cuirfidh puinn corabhuaise ar sgoláirí sgoile go bhfuil tuisgint choitchianta aca. Ar a shon san is uile ní mór admháil gur dual do’n aos óg sgáth bheith aca roimh
aoinní i bhfuirm téarmaí nó teicniceálachais: is ar an ádhbhar san a bhreacaim an chomhairle seo leanas. - Ná tarraingítear anuas an iomarca téarmaí nua in aon cheacht amháin: sleamhnaídís isteach ins na ceachtanna i ndiaidh ar ndiaidh. Ná múintear téarma ar bith go dtí go mbíonn dian-ghádh leis, agus ní hamháin san, ach go dtí go mbraithid na sgoláirí, iad féin, go bhfuil gádh leis. Cuiridís eolas ar an rud ann féin agus bíodh taithighe mhaith aca air, tamall maith sar a bhfoghluimíd an téarma teicniceálta a ghabhan leis. Mar shompla air sin: sar a múintear an focal “cuideóg” do’n ranng, bíodh taithighe mhaith fhada aca ar cheisteanna de’n tsórd so dh’fhreagairt: - “Cad iad na huimreacha a mhéadófaí fé na chéile chun 42 d’fhagháil mar thoradh?” Ní fada a raghfar ar na ceisteanna san nó go dtabharfar fé ndeara gurab í an chaint chéadna atá ins gach ceann aca. Tuigfear ansan go mba mhór an áise an chaint sin do ghiorrú agus focal do chumadh gur bhrígh dhó “dhá uimhir a mhéaduightear fé na chéile chun uimhir áirithe eile d’fhagháil mar thoradh.” Má’s ar an gcuma san a chuirean an sgoláire aithne ar na téarmaí nua, ní sgáth ná doicheall a bheidh aige rómpa ach fáilte. Tuigfidh sé gur cabhair agus nach constaic dhó gach ceann díobh agus glacfaidh sé isteach in’aigne iad le na lán- toil. Na Ceisteanna. Ní hi gcóir na mbun-sgol ná i gcóir na meadhon-sgol ar leithiligh a ceapadh an leabhar so: tá ceisteanna ann a oirean do gach saghas sgoile agus do sgoláirí de gach aois, agus beidh ar an múinteóir na ceisteanna do thoghadh
a bheidh oireamhnach dá ranng féin. Ar na ceisteanna nó na somplaí atá sa leabhar aithneofar trí saighseanna: - (A) Ceisteanna teoirice .i. ceisteanna ’na n-iarrtar ar an sgoláire bun-phrionsabal éigin nó úsáid téarma éigin san uimhríocht do mhíniú. Chun na ceisteanna san d’fhreagairt go maith teastuighean, ní hamháin tuisgint mhaith ar na neithibh atá i gceist, ach fós cruinneas, soiléire, agus bríoghmhaireacht sa chaint. (B) Ceisteanna cleachttha .i. ceisteanna ná bíon ar an sgoláire ach ceann éigin de sna bun-riaghlacha nó bun-oibrithe do chur i bhfeidhm ar uimhreacha áirithe. Obair mhecainiceach é sin ach fós obair riachtanach: luas, aicillíocht, agus beachtuíocht na cáilíochta is riachtanaighe chuige. D’fhonn an luais do ghéarú cuireadh na sgoláirí síos ar aghaidh gach ceiste cad é an fhaic a bhain sé dhíobh í dhéanamh agus bídís de shíor a d’iarraidh an t-am san do ghiorrú. (C) Ceisteanna smaointe .i. ceisteanna ’na gcaithfidh na sgoláirí feidhm a bhaint as a gcumas réasúntachta chun iad a réidhteach. Tá dhá bhun-phrionsabal a bhainean le gach modh múinteóireachta agus anso an áit ’nar chóir dhom iad a luadh .i. gan aon rud a dhéanamh do sna macaibh léighinn atá ar a gcumas a dhéanamh uatha féin, agus gan aoinní dh’innsint dóibh a fhéadfaidís ’fhágháil amach iad féin. Le linn na gceisteanna so do réidhteach, ná bíodh de chabhair aca ach na cheithre bun-riaghlacha agus a meabhair chinn féin. Is beag ní is mó a mhaoluighean intleacht na sgoláirí agus a choisgean iad ar spéis agus suim do chur ’na gcuid oibre ná bheith ró-fhada ag gabháil do cheisteanna d’aon tsaghas amháin. Comhairlighim do’n mhúinteóir,
dá bhrígh sin, gach uair an chluig atá aige i gcóir uimhríochta do roinnt i dtrí codaibh mar leanas: - Oideas agus ceisteanna béil: … 20 nóimeat. Ceisteanna cleachttha: … 15 nóimeataí. Ceisteanna smaointe: … 25 nóimeataí. Ainmneacha na n-Uimhreacha. Tá trí slighte dá n-úsáid fé láthair chun uimhreacha dhá fhigiúir d’ainmniú, mar shompla: - Ocht gcapaill déag is trí fichid. Seacht ndeich a h-ocht de chapallaibh. Ocht gcapaill seachtódh (i. seachtmhoghadh). Ní h-ionmholta an chéad cheann díobh ach, maidir leis an dá shlighe eile, toghadh an múinteóir an ceann is fearr a taithnean leis agus leanadh sé dhe. Tá a bhuadha féin agus a lochta féin ag baint le gach ceann aca. Sé an tríomhadh ceann (i. modh an leabhair seo) an modh is giorra agus is slachtmhaire, ach, ar an dtaobh eile dhe, tá le rádh i bhfábhar an dara modha go leanan na huimhreacht an t-órd céadna sa chaint is a dheinean na figiúirí a sgríobhtar. Is ceart dom a luadh anso gur minic a sgríobhtar triochaid, ceathrachaid, … nóchaid, i n-ionad triocha, ceathracha, … nócha, .i. an tuiseal tabharthach do sgríobhadh i n-ionad an tuisil ainmnigh.
Ní bhfaghfar de dheacaireacht ins na focalaibh seachtmhogha, ochtmhogha, 7c., ach a bhfuaimeanna; ag so iad: - seachtmhogha(i)d = seachtó(i)d ochtmhogh(i)d = ochtó(i)d Do’n phobal choitchianta arís. Is minic a casadh liom gurbh olc an sás mé chun aoinní do mholadh. Admhuighim an locht san do bheith orm agus í anois níos mó ná riamh a bhraithim é nuair a theastuighean uaim a dhíol de mholadh do thabhairt do’n leabhar so. Ní fhéadfainn é agus ní thabharfad fé. Ní fheadar ciaca is mó, an feabhas a chuirfidh sé ar mhúineadh na Matamaitice nó an tairbhe a dhéanfaidh sé do chúis na Gaoluinne. Beidh an saoghal Fódlach buidheach do Sheán Ó Cuirrín mar gheall ar an saothar do rinne sé. Go bhfágaidh Dia fada buan ar an saoghal so é chun tuille leabhartha de’n tsórd so a bhronnadh orainn. Seoirse Mac Niocaill.
Réamhrádh an Ughdair Milleán mo dhuaidh agus díth m’fhoidhne ar an té ghríos agus ghaibh fá chuing an tsaothair seo me, agus cothrom an mhilleáin sin go bhfaghaidh de mholadh, más é an saothar le sochar don Ghaedhilg é, ba rún don ughdar. Cia amba léire dhó go mbadh laingcis ar an nGaedhilg ag cosc seoltacht siubhail uirre ar dteacht di i réim, easnamh leabhar na ngnáth adhbhar-léighinn uirre, ná an duine seo agam dá luadh .i. an Fear Mór, an fear nár fhoidhnigh fuireach le ré réime na Gaedhilge, agus nár leasc leis, in aimhdheoin an easnaimh sin, tabhairt fá theagasc gach foghluma aiste dá ghasra óg-Ghaedheal. “Beidh an saoghal Fódhlach buidheach don ughdar,” adeir fear scríobhtha réamhráidh an leabhair seo .i. Seoirse Mac Niocaill. Acht bíodh fhios ag fóirne Fódhla go mbadh fuirseadh fadhbach agus saothar gan snas ag an ughdar é mara mbeadh a chongnamh san. Is móide is molta an gníomh congnta san, nach i gcuimhne aon tsean-cheangail charadais ná aithne eadrainn a tugadh é, acht le h-aon- chorp grádha don Ghaedhilg agus le suim a shlánuighthe agus a saothruighthe, ní nach anamh ná iongntach ó fhear atá le fada ag éileamh cothrom na féinne don Ghaedhilg i meadhon- scoileanna na hÉireann. Ó ghabháil go scur dam, roinn sé liom gan doicheall a mhór-eolas ar an uimhrigheacht. Sé dhein meur ar eolas dam ar dtúis ar an gconair ’na ngeobhainn. Sé réidheadh gach ród rómham nuair a bhínn i bponc, agus a thagadh i gcabhair orm le soláthar nár
shuarach, nuair a bhínn féin indísc. Sé choimeád leis an obair mé agus a choimeád an obair liom, am lascadh le cáineadh, dála laegh le Coinchulainn, nuair ba lag mo luadar nó dá mbadh leamh mo ghreas, agus comhartha dham an cáineadh san nach árd-mholadh gan éifeacht é seo aige orm i ndeireadh, acht gur ó thuisgint a chinn sé. Maidir leis an réamhrádh so atá scríobhtha aige, ní misde a rádh ná gur maise ar an leabhar é. Ní mór dam mo bhuidheachas do ghabháil, leis, le Aireacht Oideachais na Dála i dtaobh deagh-bhreath do thabhairt ar mo shaothar, agus idtaobh na h-urruidheachta do thairgeadar dam. B’é comhairle na moltóir dam “cé mhéid” do chur in áit “de mhéid,” mar gurbé is coit- chianta, acht ba leasc liom dul ag scrios an rud ba thaitheach liom, agus a rogha do chách “cé mhéid,” “an mór,” “an ’mó,” nó rl., do léigheamh ann d’réir mar is taitheach nó mar is taitneamh leo. Sin mar a dheinim féin nuair a bhím ag pléidhe le leabhartha na gConnachtach nó na n-Ultach. Tá coinne agam ná breugnóchaidh an leabhar so an deagh-theist atá tabhartha air, agus go bhfíorfaidh sé an fáistíne a deineadh in a leith. Ní dhá leath dob’ acfuinn dam a dheunamh dem dhíthcheall ag gabháil dó, ag iarraidh barr maise agus slachta do chur air, agus é chur dem láimh chomh beacht agus b’eol dam. Chuarduigheas saothar suadh agus ughdar uimhrigheachta agus chruinnigheas chugham gach a mb¦fhiú liom a sholáthar uatha. Gabhaim buidheachas inso le Aireacht Chuireadóireachta agus Cheard-oideachais na h-Éireann i dtaobh a gcuid leabhar as a bhfuaras adhbhar na gceisteanna ar chúrsaí na h-Éireann. Dheineas mo dhíthcheall an Ghaedhealg do choimeád d’réir a ghlaine is a córach, agus í bheith go so-thuisgithe slachtmhar, ionnus go mba mhóide cabhair an leabhair do aos foghlumtha
agus oidí na h-uimhrigheachta. Gabhaim buidheachas ó chroidhe lem chomh-ollamhna in Iolscoil na Mumhan mar gheall ar ar dhiombaileadar dá n-aimsir agus dá bhfoidhne ag réidhteach adhb dam. Ní iarrfainn de theastas ar ghlaine Gaedhilge an leabhair, acht í dá saoradh féin ar éigin ar a gcuid siúd cáinte, ós feas do chách a meon. Ná tógtar orm aon dearmhad a gheobhtar im dhiaidh. Má tá dearmhad ann is de dhíthcheall beirte a chuaidh é d’fheiscint, mar an té a chabhruigh liom ó thúis, chabhruigh sé liom indeireadh in obair leadránach na bhfromhadh. Go gcúitighe Dia a shaothar leis agus gomba fada fá bhláth na sláinte é dochum glóire agus leas na Gaedhilge. Seán Ó Cuirrín.
Cuid I. Na Cheithre Riaghlacha. Caibidil I. Léigheamh agus Scríobhadh Uimhreach. 1. Beart nó gasra do chomhaireamh .i. a fhaghbhail amach dé méid rud sa mbeart nó dé méid duine sa ngasra. Mar seo. - A h-aon, a dó, a trí, a ceathair, 7rl. Ceann, dhá cheann, trí cinn, cheithre cinn 7rl. Duine, beirt, triúr, ceathrar, 7rl. Rudaí nó daoine d’áireamh thart .i. iad d’ainmniughadh. Mar seo. - Leabhar, peann, slinn, stól 7rl. Seán Ó Briain, Tadhg Ó Seaghdha, 7rl. Teasbáineann uimhir toradh an chomhairimh agus scríobh- tar í i bhfoclaibh, nó i gcomharthaí, ar a dtugtar figiúirí. Má bhíonn uimhir i bhfochair rudaí, uimhir thagrach iseadh í. Dála “cúig capaill” nó “cúigear.” Má bhíonn sí ’na h-aonar, uimhir mhaol iseadh í, dála “trí” nó “ceathair.” Sí an uimhrigheacht an ealadha a theasbáineann gach feidhm a bhaintear as uimhreacha. 2. Tá deich gcomhartha ann chum uimhreacha do theasbáint, agus is féidir aon uimhir dá mhéid do chur síos leo. Sid iad iad d’réir úird a méide: agus sid iad a n-ainmneacha: Neamhní, aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, seacht, ocht, naoi. Teasbáineann an comhartha 0 ná fuil aon cheann ann desna rudaí atá i gceist againn. Deich (10) an cheud uimhir eile i ndiaidh 9.
3. Deintear an comhaireamh d’réir deicheanna mar seo: - 11 aon-deug 12 dó-dheug 13 trí-deug 14 ceathair-deug 15 cúig-deug 16 sé-deug 17 seacht-deug 18 ocht-deug 19 naoi-deug 20 fiche 21 aon-fichead 22 dó-fichead 30 triocha 33 trí-triochad 40 ceathracha 44 ceathair-ceathrachad 50 caoga 55 cúig-caogad 60 seasca 66 sé-seascad 70 seachtmhogha 77 seacht seachmhoghadh 80 ochtmhogha 88 ocht-ochtmhoghad 90 nócha 99 naoi-nóchad 100 ceud Siné an sean-chomhaireamh bhí sa nGaedhilg agus is oireamhnaighe é ná comhaireamh na bhfichidí. “Dachad, deich is trí fichid, 7rl.” a tháinig isteach ón bhFraingcis. Scríobhadh agus Léigheamh Uimhreach. 4. Tarraing trí colamhain ar phíosa páipéir agus scríobh os a gcionn na focail “ceudta,”, “deicheanna,” “aonta” annsan gheobhair aon uimhir bheag, fá bhun míle, do chur síos ar an bpáipéar mar seo: Scríobh sa cheud colamhan an mó ceud slán san uimhir; sa dara colamhan an mó deich atá fágtha; agus sa treas colamhan an mó aon atá fágtha.
Cuirim i gcás, Cúig-deug .i. 1 deich amháin agus 5 aon. Aon-caogad .i. 5 dheich agus 1 amháin. Ceud agus cúig .i. 1 cheud amháin agus 5 aon, agus áit na ndeich follamh. Ceud agus caoga .i. 1 cheud amháin agus 5 dheich, agus áit na n-aon follamh. Chúig ceud agus deich, chúig ceud agus sé nóchad, mar theasbáintear iad. 5. Dá bhfágtaí na línte as, níor mhór bheith an-aireach ag scríobhadh na n-uimhreach, agus, mar sin féin, níor bh’fhuiris gan dearmhadh do dheunamh. B’fhuiris 15 ar an gceud líne do mheascadh le 15 ar an treas líne, agus b’fhusa ná san é do mheascadh le 15 ar an gceathramha líne (a). Annsan cheapadh an comhartha 0 chum a theasbáint ná fuil aon fhigiúir eile sa cholamhan don uimhir sin, agus ní raibh aon bhaoghal measctha feasta. (b). Teasbáineann an figiúir ar dheis na h-uimhreach anois dé méid aon inte, an ceann is giorra dhó, dé méid deich, agus an treas figiúir, ar clé, dé méid ceud. Ní gádh 015 do scríobhadh, mar teasbáineann 15 féin ná fuil aon cheudta ann. Acht is gádh é scríobadh sa lár nó i ndeireadh, 105, 150. 6. Nuair chuirimíd 0 ar dheis (.i. i ndeireadh) uimhreach .i. 150 do dheunamh de 15, sé rud a dheinimid ná columhan na n-aon d’fágaint follamh, an 5 a bhí i gcolumhan na n-aon do chomhaireamh i gcolumhan na ndeich, agus an 1 a bhí i gcolumhan na ndeich i gcolumhan na gceud. Sé sin, meudiughmíd gach figiúir de’n uimhir fá dheich. 7. Gheobhthaí aon uimhir dá mhéid do chur síos anois sa tslighe cheudna. Cuirim i gcás, in áit trí columhain, go
mbeadh trí columhain deug ar an bpáipéar. Sid iad na h-ainmeacha bheadh ós a gcionn: - Tá míle míle i milliún agus scríobhthar mar seo é, 1000000. Billiún thugtar ar milliún milliún agus scríobhthar é 1000000000000. Trilliún .i. milliún billiún, nó 1000000000000000000. Chum na h-uimhreahca móra do dheunamh so-léighte, deighealtar gach trí figiúir, ag comhaireamh ó’n deis siar, mar athá 1,000,000. Seo roint somplaí ar cionnus uimhreacha móra do léigheamh. 234,567 .i. dá chéad agus ceithre míle triochad, chúig ceud agus seacht seascad. 400,705 .i. cheithre cheud míle, seacht gceud agus cúig. 100,004,001 .i. ceud milliún, cheithre mhíle agus aon. 1,001,109,092,700 .i. billiún, míle ceud agus naoi milliún, dhá mhíle nóchad, seacht gceud. Léightear ó chlé go deis iad go léir, acht amháin 11, 12 … 21 … 99. Siar a léightear iad san, sé sin, an chuid bheag ar tosach. Nóta ar uimhir - In allód níor áirmhigheadh mar uimhreacha acht na slán- uimhreacha .i. 1,2,3, … 47, 7rl.
Anois tá brigh an fhocail ‘uimhir’ leathnuighthe amach i slighe go dtugtar uimhreacha ar - (1) na Coda (2) Na h-uimhreacha diúltacha .i. Tá so le rádh i dtaobh an dá shaghas uimhreach san, gur féidir uimhir ar bith dhíobh do dheunamh acht na h-oibrighthe simplidhe - bun oibrighthe na h-uimhrigheachta do chur i bhfeidhm ar na slán-uimhreacha, e.g. Tá saghas eile uimhreach nach féidir a fhaghbháil ar an gcuma san, mar atá. Sár-uimhreacha thugtar orra, mar caithtear dul leasmuigh de bhun- oibrighthe na h-uimhrigheachta chum iad d’fhághbháil. Somplaí I. Scríobhtar i bhfoclaibh na h-uimhreacha so - 5. Sa mbliadhain 1916, bhí 2,400,328 n-acra de thalamh treabhtha in Éirinn, agus sa mbliadhain 1917 treabhadh 3,037,730 acra, sin 637,402 acra sa mbreis. 6. Bhí 8,196,597 nduine in Éirinn sa mbliadhain 1841, acht de dheasca gorta, imirighe, agus géarleanmhana, ní raibh inte i mbliadhain 1901 acht 4,458,775 dhuine. 7. Sa mbliadhain 1913 tháinig 1748 áthraighe isteach go cuanta na h-Éireann le 5724048 tonnaí lasta ó thíortha iasachta, agus d’imthigh 1234 áthraighe amach le 4927807 tonnaí. 8. I gcaitheamh na 16 mbliadhain roimh ár gceangal le Sasana, £24,314,467 iomlán na gcánach do bhailigheadh in Éirinn; i gcaitheamh na 16 mbliadhain ’na dhiaidh san £77,844,194; agus i gcaitheamh na 16 mbliadhain roimh
an 31 lá de Mhárta, 1920, dhíoladh £268,809,500 cánach le Sasana. Scríobh i bhfigiúirí: - 13. Milliún dhá cheud agus chúig míle triochad agus trí. 14. Naoi milliún deug naoi gceud míle agus naoi- deug. 15. Tá fiche milliún trí cheud agus aon mhíle seacht- mhoghadh ceud agus cúig acra fichead in Éirinn ar fad. Tá seachta milliún deug acra de thalamh ionshaothruighthe inte agus saothruigheadh cúig mhilliún cúig cheud agus seachtmhogha míle cheithre cheud agus trí acra caogad de sin i mbliadhain a míle naoi gceud agus seacht-deug. 16. Sé billiúin seacht míle fichead seacht gceud milliún agus trí. 17. Cadé an uimhir is mó a gheobhthaí scríobhadh leis na figiúirí 2,3,9,0? Cadé an uimhir is lugha? 18. Cadé an uimhir is mó a gheobhthaí scríobhadh leis na figiúirí 3,4,0,5? Agus an ceann is lugha? 19. Cadé an uimhir is mó a thosnuigheann le 9 agus a chríochnuigheann le 0 agus cúig figiúirí ar fad inte? agus an ceann is lugha? 20. Cadé an uimhir is lugha le seacht bhfigiúirí a bhfuil 2 ’na tosach agus 3 ’na deireadh? Agus an ceann is mó?
Caibidil II. Suimiú. 8. Sé is Suimiú ann .i. aon uimhir amháin d’fhaghbháil a bheidh chomh mór le dhá uimhir nó a thuille curtha le chéile. Suim nó iomlán na n-uimhreach eile a thugtar ar an uimhir seo. Nuair a bhíonn an comhartha + (agus) idir uimhreacha cialluigheann san go bhfuilid le suimiú, agus cialluigh- eann an comhartha = “ionann is” e.g. 5+7=12. Sé sin, a cúig’s a seacht (ionann is) a dó-dheug. 9. Nóta i dtaobh na ntáibhlí suimighthe agus dealuighthe - Múintear na táibhlí seo i dteanta a chéile agus cuirtear ceisteanna mar iad so thíos ar na scoláirí i dtaobh gach peidhre uimhreach, i slighe go bhfeicfid ó gach taobh é, agus go dtuigfidh an gaol atá idir Suimiú agus Dealú. Múinteóir Scoláire 1. 7+3 10 2. Cad a chuirfidh mé le 7 chum 10 dheunamh? 3 3. Cad a chuirfidh me le 3 chum 10 dheunamh? 7 4. Má bhainim 3 as 10 cad a bheidh agam? 7 5. Má bhainim 7 as 10 cad a bheidh agam? 3 Cleachtuightear comhaireamh de’n tsaghas so: - Leantar den gcleachtadh so go bhfaghfar comhaireamh ’na 9-na go mear.
Deintear iad so a chleachtadh: 10. Tugtar taithighe don scoláire an suimiú do dheunamh treasna chomh maith le suas nó síos. Comhairle. - (1) Ná deintear an obair mar seo: “5 agus 3 a 8, 8 agus 0 a 17, 17 agus 1 a 18, …” (2) Ní gádh rádh acht: “5, 8, 17, 18, 26, 33, 39, 41, 43.” (3) Pioc amach gach peidhre nó tréidhe a dheineann 10. ’San cheud cheist tá 9+1=10, agus 6+2+2=10. Ní bheidh le rádh annsan acht “5, 8, 18, 26, 33, 43.” Agus ’san dara ceist “1, 5, 15, 20, 30, 34.” Uimhreacha Móra. 11. Sé slighe is oireamhnaighe uimhreacha móra do shuimiú ná iad do chur fá n-a chéile, aonta fá aonta, deicheanna fá dheicheanna agus mar sin. Suimigh 365, 1,274, 92, 836 mar seo: - Míniú - Ionann 17 n-aon agus 1 deich amháin agus 7 n-aon. Cuir síos 7 agus cuir an 1 leis na deicheanna. Na 25 deich sa dara áit, ionann iad agus 2 cheud agus 5 deich, agus cuirtear an 2 sa treas áit. Seo mar a dheintear an obair: - Aonta: 6, 8, 12, 17. Scríobh 7 agus aistrigh 1. Deicheanna: (aistrighthe), 4 13, 20, 26. Scríobh 6 agus aistrigh 2. Ceudta: 2 (aistrighthe), 10, 12, 15. Scríobh 5 agus ais- trigh 1. Mílte: 1, 2. Freag. 2,2567.
Somplaí III. Suimigh: - Socruigh agus cuir le chéile -
26. Cuir le chéile: Trí cheud agus dó-dheug, míle chúig ceud agus ceathair, sé mhíle seascad agus deich, naoi ceathrachad, seacht míle caogad ocht gceud agus seasca. 27. Suimigh: Dhá mhíle nóchad trí cheud agus trí seacht- mhoghad, míle naoi gceud agus naoi, trí cheud agus cúig fichead, deich míle agus seacht, sé cheud agus naoi ocht- mhoghad, agus seacht deug. 28. Cadé a suim so: Trí mhíle cheithre cheud agus sé caogad, naoi gceud agus ocht deug, cúig míle deug agus cúig deug, seasca míle dhá cheud agus seacht triochad, aon fichead, cheithre mhíle triochad naoi gceud agus seachtmhogha. 29. Cuir i gcomh-shuim: Trí ceud agus caoga, aon mhíle dheug agus seacht seascad, ocht míle caogad dhá cheud agus ceathracha, cheithre mhíle sé cheud agus aon fichead, chúig ceud agus cúig caogad. Ceisteanna Béil. (1) Tá 5 cinn de bha i bpáirc agus 7 gcinn i bpáirc eile. Dé méid bó sa dá pháirc? (2) Tá 6 pheidhre colúr ag garsún. Dé méid colúr aige? (3) Fuair Nóra 9 bpingne ón a h-athair, 5 phingne ón a máthair agus 3 pingne ón a h-áintín. An mó pingin bhí aici annsan? (4) An mó scoláire i rang ’na bhfuil ochtar garsún agus naonbhar gearrchaile? (5) Thug Seán 9 gcinn d’ubhla dá dhearbhráthair, 7 gcinn dá dheirbhshiúr, agus choimeád sé féin 8 gcinn. Dé méid ubhall bhí aige ar dtúis? (6) Bhí 15 scillinge fágtha ag fear tar éis 9 scillinge do chaitheamh agus 4 scillinge do chailleamhaint. An mór bhí aige ar dtúis?
(7) Suimigh 15 agus 14 mar seo: 15+10+4; suimigh sa tslighe cheudna 17 agus 13, 12 agus 19, 15 agus 18, 23 agus 16. (8) Tá Seán scór bliadhain d’aois agus tá dosaoin bliadhain ag Tadhg air. Cadé an aois atá ag Tadhg? (9) An mó cos fá cheithre mhadra agus 8 lacha? (10) Cheannuigh feirmeoir bromach ar £20, seafaid ar £18, agus laogh ar £5. Dé méid airgid a chaith sé? Somplaí IV. 1. Dhíol siopadóir luach £784 san Earrach, luach £946 sa Samhradh, luach £869 sa bhFoghmhar, agus luach £623 sa nGeimhreadh. An mór dhíol sé ar fead na bliadhna? 2. Chuaidh garsún fá sgrúdú. Sid iad na marcanna fuair sé: - Gaedhealg, 352; Beurla, 289; Uimhrigheacht, 175; Algébar, 153; Céimseata, 247. Cadé an t-iomlán fuair sé? 3. Tá 30 míle slighe ar an mbóthar iarainn ó Bhaile Átha Cliath go Cilldara, 57 míle ó Chilldara go Dúrlas Éile, 42 mhíle ó Dhúrlas Éile go Ráth Luirc, agus 36 míle as san go Corcaigh. Cadé an fhaid ó Chilldara go Ráth Luirc? Ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh? 4. Suimigh na h-uimhreacha ó 1 go dtí 30. 5. Fuair Euclid bás sa mbliadhain 275 roimh aois ár dTighearna. An mó bliadhain ó mhair sé? 6. Dhíol ceannuidhe guail 976 tonnaí sa Márta, 835 tonnaí san Abrán, agus 798 dtonnaí sa mBeultaine. Má dhíol sé 83 tonnaí níos nó ráithe roimhe sin, an mó tonna bhí díolta i gcionn leath-bhliadhna aige? 7. Fuaradh i mbailiughadh airgid 960 pingin, 756 raol, 528 scilling, 85 leath-choróinn, agus 63 coróinn. An mó píosa airgid sa méid sin? 8. Tháinig go tigh peictiúirí naoi gceud agus chúig dhuine ochtmhoghad Dé Luain, 1037 nduine Dé Máirt, 974 dhuine Dé Ceudaoin, 1385 dhuine Diardaoin, 1298 nduine Dé h-Aoine, 1979 nduine Dé Sathairn. An mó duine tháinig ann i gcaitheamh na seachtmhaine? 9. An mó acra bhí fá arbhar in Éirinn sa mbliadhain
1919, má bhí 69,663 acra fá chruithneacht, 1,442,458 n-acra fá choirce, 186,625 acra fá eorna, 5,222 acra fá sheagal, agus 1,689 n-acra fá phis agus póinre? 10. An mó capall bhí in Éirinn sa mbliadhain 1920, má bhí 399,889 gcapaill ag feirmeoirí, 41,142 chapall ag lucht trághdála, 26,630 capall ag lucht ráis is fiadhaigh, 96, 317 mbramaigh agus 67,676 siorraigh? 11. Ag seo cúntas ar an méid daoine d’fhág Éire ó 1851 go dtí 1909: - Dé méid daoine d’fhág Éire ar fead na h-aimsire sin? 12. Méid na gcondae in acraí: - An Clár 852,389 Luimnigh 680,812 Corcaigh 1,849,606 Tiobrad Árann 1,062,963 Ciarruidhe 1,188,787 Portláirge 458,108 An mó acra talmhan i gCúige Mumhan? 13. Bhí in Éirinn sa mbliadhain 1901: - Caitlicigh 3,308,661 Metodigh 62,606 Eaglais Éireann 581,089 Creidimh Eile 63,743 Presbitrigh 443,276 An mó duine bhí in Éirinn an bhliadhain sin? 14. Teasbáineann an clár so leanas na marcanna a fuair triúr buachaill do chuaidh fá sgrúdú. Bhí duais ag dul don ngarsún is mó a fuair de mharcanna. Cé bhuaidh an duais?
15. Seo mar a dhíolamar airgead custuim le Sasana sa mbliadhain 1913-14. Cócó Ola gluaisteán Caifí Siúicre Biotáile ó thíortha leasmuigh té Torthaí tirmighthe tobac fíon An mór é iomlán na cánach san? 16. Seo clár ag teasbáint an méid tonna bhaineadh as coiréil na hÉireann. Líon isteach an t-iomlán i gcóir gach bliadhna. Mianach. Cailc Cloch theine, 7rl. Créidheanna Gairbhéal agus gainimh Clocha Bholcáin Cloch aoil Cloch ghainimhe, 7rl. Slinn An t-iomlán Suimiú Mear. 12. (1) Leantar de’n gcomhaireamh d’réir 2-na, 7rl, mar seo:- Comhairigh gach
Leantar de’n gcleachtadh so go bhfaghaidh an scoláire comhaireamh d’réir 50 nó uimhreacha níos aoirde. Chum a theasbáint go bhfuil an freagra ’na cheart, rointear é leis an uimhir atá i gceist 13 nó 17 7rl. Beidh an uimhir ó’r thosnuigheadh mar fuighleach. (2) Tar éis cleachtadh maith sa chomhaireamh so, is fuiris dhá cholumhan do shuimiú in éinfheacht. Cuirim i gcás, 395, 1234, 62, 876 do shuimiú. Mar seo a dheintear é: - An cheud pheidhre columhan: 76, 138, 172, 267. Scríobh 67 agus aistrigh 2. An dara peidhre columhan: 2, 10, 22, 25. (3) Tugtar a lán de’n tsaghas so le cleachtadh dosna scoláirí: - Ceisteanna Béil. (1) Fuigh an tsuim atá ag 23 pinn agus 14 pinn; 35 pinn agus 47 bpinn; 36 pinn agus 63 pinn. (2) Tá páirc chearnach 24 slata ar faid ar gach taobh. Dé meid slat ar faid sa bhfál atá thimcheall léi? (3) Tá 54 leabhair i mbosca, 72 leabhar i mbosca eile, agus 48 leabhair sa treas ceann. An mó leabhar ar fad ionta? (4) Dé méid scoláire in scoil ’na bhfuil 55 garsúin, 59 ngearrchailí, agus 78 leanbhaí? (5) Chuaidh fear 57 míle ar thraen, 43 míle ar ghluaisteán, agus 26 míle ar roth. Dé méid míle bhí sa turus? (6) Tá 31 lá i mBeultaine, 30 lá i Meitheamh, agus 31 in Iúl. Dé méid lá sa Samhradh?
Somplaí V. Suimigh (i) na sreathanna, agus (ii) na columhna. (Ní thugtar aon fhreagra leo so, mar ceartuigheann an dá iomlán a chéile.)
Caibidil III. Dealú. 13. Dá mbeadh dhá charn liathróid againn, A agus D, agus go mba mhaith linn a fhaghbháil amach dé méid liathróid bhí sa charn A sa mbreis ar B, gheobhmaís é dheunamh in dhá shlighe, mar atá: - (1) Liathróid do bhaint as A in aghaidh gach cinn atá in B. An méid bheadh fágtha (an t-iarmhar), siní an uimhir bheadh uainn. Nó (2) gheobhmaís bheith ag cur le B go mbeadh sé chomh mór le A. An méid liathróid chuirfimís le B chum an dá charn do chothromú, b’é an deifir bheadh idir an dá charn é. Sé an toradh ceudna bheadh againn as an dá mhódh, mar chímíd níos soiléire as so: - Tá an dá mhódh in úsáid san Uimhrigheacht, acht is oireamhnaighe agus is mire Módh II. Is fusa é d’fhoghluim leis, mar taisbeánann sé ná fuil in Dealú acht slighe eile chum feuchaint ar Shuimiú. 14. Ionann Dealú dá bhrigh sin agus an Deifir atá idir dhá uimhir do dheunamh amach .i. an uimhir d’fhaghbhail, is gádh a chur leis an gceann is lugha aca chum an ceann is mó do dheunamh. Dealuigh 262 ó 785, sé sin, fuigh an deifir atá idir 262 agus 785, nó fuigh an uimhir (523) chaithfear a chur le 262 chum 785 do dheunamh. Bíonn an comhartha - (ceal) ag gabhail le Dealú. 785-262 = 523, sé sin, 785 ceal 262 ionann is 523. Sé sin le rádh:- (1) Caithfear 523 do chur le 262 chum 785 do dheunamh. 523 an deifir. Nó (2) Má bhaintear 262 as 785, tá 523 fágtha. 523 an t-iarmhar.
Dealú na n-Aonta. Ceisteanna Béil agus Cleachtadh ar na Táibhlí. (1) Tá 5 pingne ag garsúna gus faghann sé 3 pingne eile. Dé méid pingin aige annsan? Dé méid atá 3 níos lugha ná 8? Cadé an bhreis atá ag 8 ar 5? Má bhaintear 5 phingne as 8 bpingne, an mó pingin fágtha? Dé méid pingin nár mhór a chur le 3 pingne chum 8 bpingne dheunamh? (2) Cadé an uimhir a chuirfeá le 11 chum 19 do dheunamh? Bain 11 as 19, cad atá fágtha? An mór agam as 19 scillinge t’réis 8 scillinge do chaitheamh? Cadé an deifir atá idir 19 agus 11? Idir 19 agus 8? (3) Dé méid é 9 agus 7? Cadé an bhreis atá ag 16 ar 7? Ar 9? Cadé an deifir atá idir 16 agus 9? idir 16 agus 7? (4) Tá Seán 16 bliadhna d’aois agus Tadhg 11 bhliadhain Dé méid bliadhain ag Seán ar Thadhg? (5) Tá 13 leathanaigh gan léigheamh fós agam? (6) 3,2,5,4,7,6,8,9,0. Bain gach uimhir díobh so i ndiaidh a chéile as (A) 10, (b) 11, (c) 12 &rl. (7) Lean ag baint 2 as 25 go mbeidh 1 fágtha. Lean ag baint 5 as 30 go mbeidh 0 fágtha. (8) Comhairigh ’na n-ochtanna na h-uimhreacha ó 7 go 31. Déin an rud ceudna tar n-ais. (9) Fuigh an uimhir atá in easnamh ionta so:
Dealú na n-Uimhreach Mór. 15. Dealuigh 2345 ó 4796. Scríobh na h-uimhreacha mar dheineamar sa suimiú - Míniú - Tá orrainn an dara líne dheunamh chomh mór leis an gceud líne. Tá an dara líne gairid isna h-aonta, na deicheanna, na ceudta agus na mílte. Mar seo dheintear an obair: - 5 ’sa haon a 6, 1 aon amháin in easnamh. 4 ’sa cúig a 9, 5 deich in easnamh. 3 ’sa ceathair a 7, 4 cheud in easnamh 2 ’sa dó a 4, 2 mhíle in easnamh. Tá 2451 in easnamh ar fad, agus siné an deifir nó an freagra atá uainn. Somplaí VI.
15. An mór a chuirfeá le trí mhíle seascad chúig ceud agus seacht ceathrachad chum seacht gceud chúig míle seachmhoghad sé cheud agus trí seascad do dheunamh? 16. Dealuigh seacht míle caogad sé cheud agus triocha ó ceud agus ocht míle seascad seacht gceud agus trí nóchad. 17. Cadé an t-iarmhar atá fátha nuair bhaintear seacht gceud agus trí triochad as trí míle naoi gceud agus ocht nóchad? 18. Cadé an deifir atá idir 5693794 agus 5543212? 19. Cheannuigh siopadóir luach £443 d’earradha agus dhíol sé ar £776 iad. Cadé an praifíd bhí aige asta? 20. Sa mbliadhain 1913 d’fhág 30967 nduine Éire agus 20314 dhuine an bhliadhain ’na dhiaidh. An mó duine sa mbreis d’imthigh i mbliadhain 1913? Dealú Coitchianta. 16. Má tháimid ag lorg an deifir atá idir 18 agus 42, chímíd go bhfuil níos mó aonta sa líne íochtrach ná atá sa líne uachtrach. Gheobhaimíd an uimhir cheudna do chur leo thíos is thuas, agus ní chuirfidh san malairt ar an deifir atá eatorra. Cuirimís 10 n-aon leis an gceud líne agus deich (10 n-aon eile) leis an dara líne, mar seo: - Abair id aigne: - 8 ’sa ceathair, 12; 1 agus 1 (ó’n 12), 2, agus 2, 4. 24 an deifir .i. 4 aon agus 2 dheich, mar tá 4 aon in easnamh agus 2 dheich. Réidhtighthear gach ceist tréd an módh so. Má bhíonn na deicheanna sa mbreis san uimhir bhig, cuirtear 10 ndeich leis an uimhir mhóir agus ceud (.i. 10 ndeich eile) leis an uimhir bhig, agus mar sin de.
Fuigh an deifir atá idir 12345 agus 4748 - Id aigne: - 8 ’sa seacht, cúigdeug; 4 agus 1, 5, agus naoi, ceathair deug; 7 agus 1, 8, agus cúig, trí deug; 4 agus 1, 5, agus seacht, dó dheug; 1 agus neimhní, 1. 17. Chum a theasbáint go bhfuil an freagra ’na cheart, cuirtear an deifir leis an uimhir bhig. Badh chóir go dtabharfad san an uimhir mhór. Somplaí VII Tabhair fá an dealú so do dheunamh gan an dara uimhir do chur fá’n cheud cheann.
Líon isteach na h-uimhreacha atá in easnamh ins na ceisteanna so ar bhiseacht. 27. 8970 an t-iomlán atá ag dhá uimhir, agus 1234 ceann aca. Cadé an ceann eile? 28. An mór a chuirfeá le 7396 chum 16235 do dheunamh? 29. Dealuigh 4567 ó 7654 agus cuir an deifir leis an suim atá ag 1234, 2345, 3456. 30. Bain 5467 as 7564 agus cuir an t-iarmhar le iomlán na n-uimhreach so, 2345, 3456, 4561. Ceisteanna Béil. (1). Cadé an t-aos atá agat? An mó bliadhain ó bhís 3 bliadhna d’aois? An mó bliadhain go mbeir 60? (2). Cadé an t-am ar an gclog anois é? An mó nómat ó thosnuigh an ceacht so? An mó nómat go gcríoch- nóchthar é? (3). Tá 100 scoláire i scoil. Má’s garsúin 57 nduine díobh, dé méid gearrchaile ann? (4). Dó-dheug an deifir atá idir dhá uimhir. Má’s 31 an uimhir mhór, cadé an uimhir bheag? (5). Cadé an uimhir a chuirfeá le 27 chum 36 do dheunamh? (6). Cadé an t-aos atá i mbliadhna ag anté rugadh bliadhain 1904? (7). Tá 150 ubh i mbosca. Má bhristear 29 gcinn, dé méid ceann díobh slán? Somplaí VIII. 1. Cheannaigh feirmeoir luach £758 de bheithidhig agus dhíol se i gcionn ráithe ar mhíle púnt iad. Cadé an praifíd a dhein sé orra?
2. Rugadh fear sa mbliadhain 1879. Cadé an t-aos atá aige anois? 3. Chuaidh 3456 saighdiúir chum catha, agus níor tháinig as acht 989 nduine. Dé méid fear a thuit sa troid? 4. Cuir 538 agus 999 le chéile agus bain a suim as 3011. 5. An mó bliadhain ó thárla an t-Eirighe amach in 1798? 6. Léigh garsún sgeul a thosnuigh ar leathanach 22 de’n leabhar agus a chríochnuigh ar leathanach 87. An mó leathanach bhí fá an sgeul? 7. Sa mbliadhain 1908 tháinig 1833 áthraighe trághdála ó thíortha leasmuigh go dtí cuanta na hÉireann agus i mbliadhain 1914, níor tháinig acht 1455 áthraighe. Dé méid ceann sa mbreis tháinig i mbliadhain 1908? 8. Tá Baile Átha Cliath 113 míle ó Bheul Feirste agus tá Dún Dealgan 58 míle ó Bheul Feirste. An mó míle ó Bhaile Átha Cliath go Dún Dealgan? 9. Rugadh Domhnall Ó Connaill sa mbliadhain 1775 agus fuair sé bás sa mbliadhain 1847. (a) Cadé an ré saoghail fuair sé? (b) an mó bliadhain ó d’eug sé? 10. I leabhar sceulta do scríobh P. Ó Conaire, críochnuighthear na sceulta ar na leathanaigh seo: Cadé an sceul is sia dá bhfuil sa leabhar? 11. Thoigh muintear na hÉireann 103 teachta sa Togha Mór. Bhí 75 teachtaí dílis don Phoblacht agus bhí ceathrar neachtarach. An mó duine bhí i gcoinne na poblachta? 12. Bhí 326 ubh i mbosca; tógadh ceithre dhosaoin bhí briste amach as agus cuireadh 73 cinn isteach in a n-áit. Dé méid ubh bhí ann in a dhiaidh san? 13. Bhí 250 caora ag feirmeoir; cailleadh dhá cheann deug, d’imthigh 9 gcinn amugha uaidh, agus dhíol sé 63 cinn. An mó caora bhí fágtha aige? 14. Bhí so ar an bpáipeur nuadhachta - “Bhí an Acuitania (long gaile) 445 míle slighe taobh thoir de Nua Eabhrach um meadhaon lae Dé Ceudaoin.” An fada bhí sí ó’n Chóbh? (Tá 2792 míle ó’n Chóbh go Nua Eabhrach.)
15. I 1914 baineadh 93040 tonna guail in Éirinn; i 1915, 84579 dtonna agus i 1916, 89833 tonna. Taisbeáin an bhreis nó an t-easnamh in aghaidh na bliadhna. 16. Bhí 8196597 nduine in Éirinn sa mbliain 1841 agus sin 3815191 duine sa mbreis ar an méid bhí ann i 1914. Dé méid duine bhí ann i 1914. 17. Líon an dara columhan sa chlár so leanas a theasbáineann an t-airgead chaitheadh ar ólachán in Éirinn: - Breis nó easnamh in aghaidh na bliadhna. Cuir + roimh an uimhir má’s breis é, - má’s easnamh. Bhí an méid seo talmhan fá bharraí in Éirinn: -
(A) Má tá 20371125 acra talmhan in Éirinn ar fad agus 17 milliún acra di ionshaothruighthe; an mó acra fá uisce, coillte, sléibhte, 7rl? (B) Saothruigheadh 5570453 acra (ag comhaireamh 17024 acra fá thorthaí) sa mbliain 1917. Dé méid acra báin bhí ann an bhliadhain sin? 19. Fágadh £10500 ag duine le h-udhacht. Chaith sé £479 de sin an cheud bhliadhain, £688 an dara bhliadhain, agus £735 an 3adh bliadhain. An mór bhí aige annsan? 20. Bhí 1470668 gcinn de bha bainne againn sa mbliadhain 1920. Má bhí 1516435 cinn againn sa mbliain 1916, an mó bó san sa mbreis ar bliain 1920? Suimiú agus Dealú. 18. Is fuiris roint uimhreacha so chur le chéile agus a suim do bhaint as uimhir is mó ná í, in aon iarracht amháin. Cuirim i gcás, 78976, 98723, 10204 do shuimiú agus a suim do bhaint as 1234567. Somplaí IX. Cuir le chéile an dara uimhir agus an chuid eile agus bain as an gceud uimhir iad.
Cuir isteach an líne atá in easnamh ins na ceisteanna so ar suimiú. Ná cuirtear na h-uimhreacha fá n-a chéile ionta so. Seo ceisteanna a bhaineann le hÉirinn. Líontar gach bearna follamh atá ionta.
19. An méid acra talmhan fá bharraidhe in Éirinn. 19. An Méid Acra Talmhan fá Bharraidhe in Éirinn. An méid fá arbhar An méid fá ghlasraidhe Feur-tirm An t-iomlán fá bharraidhe
20. Méid Eallach-stuic na h-Éireann Beithidhigh Tairbh Loilgheacha Seafaididhe Tórmaig Beithidhigh- Dhá bhliadhain nó os a chionn Bhliadhna nó fá bhun dhá bhl. Fá bhun bliadhna An t-Iomlán Caoirigh I gcóir síolruighthe - Reithidhe Fóisceacha Caoirigh eile - Bliadhain d’aois nó os a chionn Fá bhun bliadhna An t-Iomlán
Muca Cránacha Céise, Banbhaidhe, 7rl - Sé míosa nó os a chionn Fá bhun se míosa An t-Iomlán Gabhair agus Mionáin Capaill Dhá bhliadhain nó os a chionn, i gcóir - Cuireadóireachta Tarraingthe agus iomchair Ráis, Fiadhaigh, 7rl. Bramaigh - Blaidhna nó os a chionn Fá bhun bliadhna An t-Iomlán Miúileacha agus Rannaighe Asail An Comh-Iomlán
Caibidil IV Méadú 19. Sé is méadú ann .i. slighe ghairid chum uimhreacha comh-mhóra do shuimiú. An t-inmheudú a thugtar ar an uimhir atá le meudú, sé sin, aon cheann desna h-uimhreacha comh-mhóra san. Teasbáineann an meudthóir dé méid desna h-uimhreacha comh-móra atá le suimiú. Toradh nó comh-iomad a thugtar ar shuim na n-uimhreach san. Bíonn an comhartha X ag teasbáint an mheuduighthe, 9X6 = 54. Mar seo a léightear san: 9 meuduighthe fá 6 ionann is 54, nó 9 fá 6, 54. 20. Nóta ar na táibhlí meuduighthe agus rointe. Deineadh an scoláire féin na táibhlí meuduighthe mar seo: - Comhairigheadh sé d’réir 2,3, 7rl., mar a chleacht sé cheana ag gabhailt do shuimiú, agus scríobhadh sé fá n-a chéile na h-uimhreacha gheibhtear ón gcomhaireamh san. Múintear na táibhlí meuduighthe agus rointe i bhfochair a chéile le ceisteanna mar iad so thíos do chur, i dtaobh gach peidhre uimhreach. Múinteoir, Scoláire 1. 7 fá 3? 3 fá 7?, 21 2. Cadé an uimhir a meudóchthar 7 fúithe chum 21 d’fhaghbháil? 3 3. Cadé an uimhir a meudóchthar 3 fúithe chum 21 d’fhaghbháil? 7 4. An mó 7 in 21? 3 5. An mó 3 in 21? 7 6. Roinn 21 ar 7. 3 7. Roinn 21 ar 3. 7 8. Cad iad cuideoga 21? 3x7
Cleachtadh ar Tháibhlí an Mheuduighthe. 1. An mór a thabharfá ar 5 liathróid ar 3 pingne an ceann? 2. Tá 7 mbinse i scoil agus cúigear garsún i ngach binse. Dé méid garsún ar fad ann? 3. Tá 12 phingin i scilling. Dé méid pingin i 7 scillinge? 4. Tabhair a dtoradh so 5. Tá 4 feoirling i bpingin. dé méid feoirling i 3 pingne, 5 phingne, 7 bpingine, 9 bpingne? 6. D’oibrigheadh sclábhuidhe 9 n-uaire sa ló ar feadh 5 lá, agus 5 uaire ar an Satharn. Dé méid uair d’oibrigheadh sé gach aon tseachtmhain? 7. An mó pingin i scilling? i sé scillinge? An mó ubhall ar phingin an ceann do gheobhthá ar 6 scillinge? 8. Dé méid troigh i slait? I 7 slata, 9, slata, 11 slat? 9. Dé méid pingin i raol? An mór a chosnóchadh 8 bpúint siúicre ar raol an púnt? 10. Tá 9 mbáid iascaireachta i mbaile beag agus cúigear fuireann gach báid. An mó iascaire ar an mbaile? 11. Tuilleann fear £6 sa tseachtmhain. Caitheann sé £4 de agus cuireann sé an chuid eile i dtaisce. An mór é a thuarastal, a chaitheamh agus a bhuncúil i gcionn ráithe (.i. 12 sheachtmhain)? 12. Scríobh Seán Ó Céirín a ainm 9 n-uaire. An mó leitir bhí deunta aige?
Meudú Fuiris 21. Meuduigh 246 fá 7. Seo mar dheintear é: - Id aigne - “7 sé, dó ceathrachad.” Cuir síos an 2 agus aistrigh an 4. “7 gceathair, ocht fichead agus 4, dó triochad.” Cuir síos an 2 agus aistrigh an 3. “7 ndó, ceathair deug agus 3, seacht deug.” Cuir síos an 17. Ag meudú fá 10, ní gádh acht 0 do chur ar dheis na h-uimhreach, agus ag meudí fá 100, cuir dhá 0 ar a deis. Somplaí X. (A). Somplaí X. (B). 1. Tá 36 órlaigh in slait. Dé méid órlach in 7 slata, 8 sl., 9 sl.? 2. Tá 252 phingin i nginí. An mó pingin in 3,5,6, 8 nginí? 3. Shiubhluigh fear 8 míle Gallda. Dé méid slat bhí siubhaltha aige? (Míle Gallda = 1760 sl.)
4. An mó púnt meadhchain i dtonna? in 9 dtonnaí? in 12 thonna? 5. Tá 1440 nómat sa ló. An mó nómat in seachtmhain? Meuduigh san fá 4, fá 12. An mó nómat i mí, i ráithe? 6. Tá 9 gceirtlín snáith agam augs 113 slata i ngach ceirtlín. Dé méid troigh de shnáith bheadh agam dá gcuirfinn as a chéile iad? 7. Dá gcosnóchadh capall 35 phúint agus bó 23 púint, an mór a cheannóchadh 8 gcapaill agus 9 mba? 8. Thugas dá dhosaoin ubhall an duine do mhór-sheisear garsún agus ochtar gearrchaile. Dé méid ubhall thugas uaim? 9. Cuir 57 agus 48 le chéile agus meudaigh a suim fá 11. 10. Cadé an bhreis atá ag 8 scór ar 12 dhosaoin? 11. Thug bean feirmeora 490 ubh go dtí an margadh. Bhí 32 dhosaoin díobh slán; de méid ubh a bhriseadh? 12. An mó órlach ar faid i 23 feadha de théid? (Troig = 12 ór. Feadh = 6 tr.) Meudú le Cuideoga. 22. Dá mbeadh uimhir le meudú againn fá 56 (.i. 7x8), sé an freagra ceudna gheobhaimís, í mheudú ar dtúis fá 7 agus annsan fá 8, nó í mheudú ar dtúis fá 8 agus annsan fá 7. Seo trí somplaí: - Chum uimhir do mheudú fá 40, ní fádh acht meudú fá 4, agus 0 do chur ar deis. Sa slighe cheudna chum meudú fá 400, meuduigh fá 4, agus cuir dhá 0 ar deis. Mar sin a dheintear le gach uimhir mar iad.
Somplaí XI. (A). Somplaí XI. (B). 1. Tá 60 secund i nómat. An mó secund in uair? sa ló? i mí Lughnasa? i mí na Samhna? 2. Díolann siopadóir luach £679 d’earradha gach aon tseachtmhain. An mór bhíonn díolta aige i gcionn 3 ráithe? 3. An mó duine gheobhadh pingin as 48 nginí? 4. Fuair 54 buachaillí 3 dosaoin ubhall an duine as mála ’na raibh 3000 ubhall. Dé méid ubhall bhí fágtha? 5. An mó breac éisc atá in 64 scór? 6. Tá 112 phúnt i gceud-meadhchain. Dé méid máilín púint a gheobhthaí líonadh le 72 cheud siúicre? 7. Raghadh traen 65 mhíle san uair. Dá bhfanfadh sí ag imtheacht gan stad ar feadh dhá lá, an mó míle bheadh deunta aici? (lá=24 uaire.) 8. Cheannuigh ceannuightheoir-capall 81 capall ar £62 an ceann. An mór a dhíol sé asta? 9. Cadé an bhreis atá ag 1076x25 ar 779x35? 10. An mó punann i ngort arbhair, má tá 63 sreatha ann agus 964 phunann i ngach sreath? 11. Dé méid cipín-soluis in 99 mbosca, má tá 12 dhosaoin i ngach bosca? 12. Tá 144 órlach cearnach i dtroigh chearnach. An mó órlach cearnach sa mbrat atá leathta ar úrlár seomra, má’s 132 throigh chearnacha méid an úrláir?
Meudú Coitchianta. 23. Meuduigh 562 fá 374. Is ionann 374 agus 300+70+4; dá bhrigh sin is ionann 562x374 agus 562x300+562x70+562 x4. Leagtar amach mar seo é: - Mír-thoraidh iad so. Ní gádh na 0-the do scríobhadh i ndeireadh na mír-thoradh, acht ní mór aire do thabhairt go mbeadh na figiúirí deiridh fá n-a chéile i gceart. Bhíodh an figiúir deis de gach mír-thoradh díreach fá bhun an fhigiúra a bhfuiltear ag meudú leis. 24. Seo dhá shompla eile: - Tabhair fá ndeara suidheamh na mír-thoradh sa cheud shompla díobh so. Sa dara sompla, ós ionann 4 agus 2x2, ní gádh acht an cheud mhír-thoradh do dhúbailt chum an dara ceann d’fhaghbhail, agus mar an gceudna an dara ceann do dhúbailt chum an tríomhadh ceann d’fhaghbhail.
Somplaí XII (A). Meuduigh - Somplaí XII (B). 1. Meuduigh 345 fá 246 agus a dtoradh fá 26. 2. Meuduigh 429 faoi féin (.i. 429²). 3. Meuduigh 325 faoi féin dhá uair (.i. 429³). Faghtar a dtoradh so: - Somplaí XII. 1. Cuir toradh 86 agus 37 le toradh 86 agus 63 2. Bain toradh 37² as toradh 59². (.i. 59²-37²). Oibrigh iad so: -
Ceisteanna Béil. 1. Dé méid ubh i 25 dosaoin, 32 dhosaoin, 37 ndosaoin? 2. Dé méid púnt meadhchain i gcloich? In 18 gclocha, 36 clocha? 3. Meuduigh 45 fá 29, 30, 35, 41, 47. 4. Tá 34 iomaire i ngort agus 58 meacain i ngach iomaire. Dé méid meacan sa ngort. 5. Má bhaineann sé 47 second díot ceist uimhrigh- eachta do réidhteach, an mó secund a bhainfeadh sé dhíot 39 gceist den tsórt ceudna do réidhteach? 6. Meuduigh 25 faoi féin. Fuigh toradh 36², 39², 44², 51². Somplaí XII (D). 1. Tá 24 uaire an chluig sa ló. An mó uair a chluig i seachtmhain? In 37 seachtmhaine? 2. Tá 960 feoirling i bpúnt. An mó feoirling in £97? 3. Dhíol siopadóir 23 mhála siúicre i mbliadhain. Bhí dhá cheud-meadhchain i ngach aon mhála agus ’na phúint iseadh thomhaiseadh sé é. An mó máilín páipéir d’ídigh sé? (Ceud-m. = 112pt.) 4. Bhí duine ag siubhal agus ghaibh sé thar 137 bpollaí telegraif. Má bhí na pollaí 66 slata ó n-a chéile, an fada an turus a dhein sé? 5. Má bhaineann sé 47 secund díot ceist uimhrigheachta do réidhtheach, an mó secund a bhainfeadh sé dhíot 128 gceist de’n tsórt ceudna do réidhteach? 6. Fuigh a dtoradh so. Ciaca is mó? 7. Meuduigh 8. Bhí 7100 cnó i mála agus tugadh 36 chnó as do gach duine de 145 leanbhaí. Dé méid cnó bhí fágtha? 9. Fuair ceannuidhe bás i gcionn a sheacht mbliadhain nóchad agus bhí £7653 in a udhacht in aghaidh gach bliadhain d’aois bhí sé. An mór bhí san udhacht?
10. Sé ochtmhoghadh fá 79 sin 6794. Fuigh, gan gnáth obair an mheuduighthe do dheunamh, and toradh atá ag 86 fá 78. 11. D’fhág dhá ghluaisteán an áit cheudna in aoinfheacht chum dul an bóthar ceudna. Dheineadh ceann aca 34 mhíle san uair agus an ceann eile 28 míle. An mó míle bhí eatorra i gcionn 19 n-uair? 12. Gluaiseann solus 186000 míle slighe in secund agus baineann sé 498 secund de teacht ón ngréin go dtí an domhan so. An fada uainn an ghrian? Meudú agus Suimiú le Chéile. 25. Le beagán cleachttha is fuiris meudú do dheunamh le figiúirí single agus suimiú, nó dealú, bheith ghá dheunamh agat in a fhochair sin in aon iarracht amháin. Seo somplaí ag teasbáint an tslighe i ndeintear é. Somp. 1. - Meuduigh 5647213 fá 3, agus cuir an toradh le 9542870. Somp. 2. - Meuduigh 4561223 fá 4, agus bain an toradh as 29540790.
Seo sompla níos deacra. Somp. 3. - Meuduigh 4561223 fá 5, 3213479 fá 2, 7350968 fá 3. Cuir 2374112 le suim na dtoradh, agus bain an t-iomlán as 62100425. Somplaí XIII. 1. Meuduigh 1234 fá 5 agus cuir an toradh le 4321. 2. Meuduigh 3421 fá 6 agus cuir an toradh le 2013. 3. Iomaduigh 3241 fá 4 agus bain an toradh as 23467. 4. Iomaduigh 1203 fá 5 agus dealuigh an toradh ó 31456. Tá 5 fhreagra ar gach ceist díobh so: -
Nótaí eugsamhla. 26. Le meudthóirí áirighthe, is féidir an obair do ghiorrú. Feuch ar “Somplaí eugsamhla ar na cheithre Riaghlacha.” Seo slighte eile chuige sin: - Sompl. 1. Míniú - Gheobhmaís an uimhir do mheudú fá 7 ar dtúis agus a thoradh san fá 4, mar 28 = 7x4; nó gheobhmaís í mheudú fá 8 agus an toradh fá 9, mar Ux8x9 = u x72, agus, le é chur siar céim, beidh an uimhir fá 720 againn. Somp 2. Meuduigh 78926 fá 72864, agus ná bíodh thar 3 mír-thoraidh an. Míniú - Meuduigh fá 8 ar dtúis agus bíodh an cheud fhigiúir fá’n 8. Meuduigh an toradh fá 9 agus cuir siar aon céim amháin é. Meud- uigh an cheud toradh arís fá 8 agus cuir dá chéim chum deise é. D’fheudfaí oibriughadh sa tslighe cheudna le meudthóirí mar iad so: - 81972 (3 líne), 819729 (3 líne mar 729 = 9x81), 497343 (3 líne). Ní mór bheith an-aireach ag cur gach líne in a áit cheart.
1. Meuduigh 9263417 fá 525, 636, 749, 856, agus 972. Ná bíodh acht dhá mhír-thoradh ann. 2. Meuduigh 3714629 fá 255, 366, 497, 568, 729, agus ná bíodh acht dhá mhír-thoradh ann. 3. Meuduigh 6192714 fá 49756, 54636, 216636, agus ná bíodh acht 3 mír-thoraidh ann. 4. Meuduigh 9172634 fá 56749, 36654, 366216, agus ná bíodh acht trí mír-thoraidh ann. 5. Meuduigh 7893264 fá 12111, agus ná bíodh acht dhá mhír-thoradh ann. 6. Meuduigh 78932612 fá 5678109, agus ná bíodh acht trí mír-thoraidh ann.
Caibidil V. Roint. 27. Isé is roint ann, a fhaghbhail amach an mó uair atá uimhir in uimhir eile, nó, an oiread san codacha comh-mhóra do dheunamh de’n uimhir. Ós ionann 6x8 agus 48, tá 6 ocht n-uaire i 48; nó má dheintear 6 coda cothroma de 48 beidh 8 i ngach cuid díobh. An ionroint a thugtar ar an uimhir atá le roint. An rointeoir a thugtar ar an uimhir atá le meudú chum an ionroint do dheunamh. Teasbáineann an líon dé méid uair atá an ionroint níos mó ná an rointeoir. Má bhíonn cuid de’n ionroint fágtha tréis an rointeoir do bhaint aiste chomh minic agus is féidir é, tugtar an fuighleach ar an gcuid sin. Bíonn an comhartha ÷ ag gabháil leis an roint. 27÷6 sé sin, “roinn 27 ar 6.” Scríobhtar go minic 27/6 agus deirtear “27 os cionn 6.” 28. Tá fhios againn gur ionann 7x6 agus 42. Is iontuigthe as san go bhfuil 6 seacht n-uaire in 42, agus go bhfuil 7 sé uair in 42; dá bhrigh sin 42÷7=6, nó 42/6=7. Ceisteanna Béil agus Cleachtadh ar Chlár na Rointe.
9. Dé méid é leath 18? Trian 21? An ceathramha cuid de 28? An naomhadh cuid de 54? 10. An mór é an 1/8 de £56? an 1/7 de 84 slata? An 1/9 de 72 phingin? 11. An mó scilling in 36d.? In 72d.? In 144d.? 12. An mó ceud-meadhchain in 48 gclocha? 72 Chloch? 96 clocha? Roint Ghairid. 29. Nuair is uimhir bheag an rointeoir deintear an roint mar seo: - 1. Teigheann an roinnteoir [isteah]“isteach” go cothrom ingach figiúir de’n ionroint. 213 an freagra. 2. Oibrigh mar seo: “27 isteach in 9, 1, agus 2 fágtha”. Sin 2 cheud .i. 20 deich; tá 22 dheich ann mar sin. “7 isteach in 22, 3, agus 1 fágtha. 7 isteach in 14, 2”. 3. Ní theigheann 7 isteach go bothrom san uimhir seo, agus tá 3 fágtha. Sé sin an fuighleach. Ós ionann 924 agus 92 dheich + 4, má roinnimíd ar 10 an uimhir sin, gheobhmaíd 92; agus 4 an fuighleach. Sé sin, an figiúir deiridh de’n ionroint an fuighleach agus na figiúirí eile an líon. Más 100 an rointeóir, an dá fhigiúir deiridh an fuighleach agus an chuid eile an líon. Somplaí XV. (A) Rointear -
Somplaí XV. (B) 1. Tá 184 garsún agus ochtar maighistir i gcoláiste. An mó garsún in aghaidh gach maighistir? 2. Do chuaidh long gaile 1620 míle slighe i gcúig lá. Cadé an fhaid do chuaidh sí in aghaidh an lae? 3. Fuair fear oighreacht £616 agus chaith sé £11 de gach seachtmhain. An fada sheasuigh an t-airgead? 4. An mó 12 in 876? An mó scilling sa méid sin pingin? 5. An mó 8 in 896? (A) An mó míle slighe sa méid sin furlong? (B) an mó ceud in 872 chloch? 6. Chuaidh 73645 saighdiúir chum catha. Marbhadh an cúigeadh cuid díobh. (A) Dé méid san a thuit? (B) Dé méid a tháinig saor? 7. Meuduigheadh uimhir áirighthe fá 9 agus fuaradh 3735 mar thoradh. Cadé an uimhir sin? 8. Tá 7 lá sa tseachtmhain. An mó seachtmhain in 9863 lá? 9. An mó máilín 7-bpúnt a gheobhthaí líonadh as mála mór siúicre ’na bhfuil 9863 púint? 10. Roinneadh 47355 ar uimhir áirighthe agus fuaradh 11. Cadé an uimhir sin? 11. Fuaradh 251 púnt ar chapall agus 8 gcinn de bha. Má b’fhiú 43 púint an capall, dé méid an ceann fuaradh ar na ba? 12. Bhí 420 ubhall i ngach baraille de sé bharaillí. Díoladh iad d’réir 5 cinn ar phingin. An mór fuaradh orra? 13. D’fhág fear £1386 in a udhacht chum é roint go cothrom ar a chúigear mac agus ceathrar inghean. An mór a fuair gach duine? 14. Cadé an bhreis atá ag an seachtmhadh cuid de 7693 ar an 9-adh cuid de 9702? 15. Tá 2240 púnt i dtonna. Dé méid leath-chloch (7 bpt.) gheobhthaí a thomhas as 5 thonna siúicre? 16. Bhí £5540 ag fear in a nótaí fiche bpúnt. An mó nóta bhí aige?
17. Cuir le chéile an t-ochtmhadh cuid de 3208 agus an séimheadh cuid de 5802. 18. Tá 972 chnó ag garsún i mbosca. Roineann sé leath díobh ar a sheisear compánach. Dé méid cnó a gheibheann gach duine? Agus dé méid fágtha aige féin? 19. Cheannuigh siopadóir 438 n-ubh agus dhá dhosaoin fichead in fhochair sin. Dé méid dosaoine a gheobhadh sé dhíol as an méid sin? Agus an mór dob’fhiú iad ar 3 scillinge an dosaoin? 20. Fuigh an 5-adh cuid den deifir atá idir 2863 agus 1998. 21. Dhíol triúr garsún 560 páipéar. Dhíol duine aca an t-ochtmhadh cuid den méid seo agus comh-dhíol do dhein an bheirt eile. Dé méid dhíol gach duine? 22. Bhí £1038 ag feirmeoir. Cheannuigh sé feirm ar £765, capall ar £66, agus 9 gcinn de bha ar an méid bhí fágtha aige. Dé méid an ceann thug sé ar na ba? 23. Cadé an t-ochtmhadh cuid de 2184 meuduighthe fá 19? 24. Roinn an toradh atá ag 207 fá 280 ar an deifir atá idir scór agus dosaoin. 25. Chuaidh eitealán 873 míle in 9 n-uaire an chluig agus bhain sé an fhaid cheudna de ghluaisteán 504 míle do dheunamh. An mó míle theigheadh an eitealán sa mbreis ar an ngluaisteán gach uair an chluig? 26. Suimigh le chéile trian 2013, an séimheadh cuid de 4560 agus 1/9 de 8739. 27. Ciaca is mó an t-aonmhadh cuid deug de £2343 nó an 1/12 de £2556? 28. Chosain bórd agus 6 chathaoir 293 scillinge. Má chosain an bórd 89 scillinge, an mór thugadh ar gadh aon cheann desna cathaoireach? 29. Tá 40 raol i bpúnt agus 8 bpionta i ngalún. An mó galún leanna dhíoladh i dtigh ósta lá aonaigh, má thógadh £23 agus é do dhíol ar raol an pionta? 30. Dé méid é an cúigeadh cuid? An séimheadh cuid? An deicheamhadh cuid de leath-choróinn?
Roint Fhada. 30. Nuair nach uimhir bheag an rointeoir, so mar dheintear an roint. 1. Rointear 6847 ar 41. Míniú - Is follus dúinn ná fuil na mílte de 41 in 6847. Tá 68 ceudta, 4 dheich agus 7 n-aon san uimhir. Gheobhmaíd 41 ceudta bhaint asta (.i. ceud 41). Tá 27 ceudta fátha .i. 270 deich; agus na 4 dheich thuas do chur leo, sin 274 dheich. Gheobhmaíd 6x41 deicheanna do bhaint as (.i. seasca 41). 6x41=246. Tá 28 ndeich fágtha .i. 280 aonta; agus na 7 n-aon thuas do chur leo, sin 287. Tá seacht 41 ionta san. Ceud, seasca seacht .i. 167 an freagra. 2. Rointear 1234567 ar 397. Míniú - Ní féidir 1 ná 12 ná 123 do roint in 397 gcodacha. Dá bhrigh sin tosnuigh- thear le 1234. .i. na mílte. 3109 an freagra, agus tá 294 fágtha. An Módh “Iodáileach”. 31. Sa módh so, ní scríobhtar an toradh gach iarracht ar aon chor. D’réir mar mheuduightear an rointeoir baintear a thoradh as an ionroint. Teasbáintear cionnus san do dheunamh i gCaib. IV. (25).
Seo mar dheunfaí an cheist seo thuas: - Míniú - An cheud chéim ná 397 do mheudughadh fá 3 agus bheith ag dealughadh san am cheudna. Mar seo - 3 seacht 21 agus 3=24. Scríobh an 3 agus aistrigh 2. 3 naoi 27, agus 2, 29, agus 4=33. Scríobh an 4 agus aistrigh 3. 3 trí 9, agus 3,12, agus 0=12. Deintear 435 den 42 le 5 do thógaint anuas ó ionroint. Annsan baintear 397 as 435, acht ní scríobhtar acht an fuighleach, 38. Mar seo - 7 agus 8=15, aistrigh 1; 9 agus 1, 10, agus 3=13, aistrigh 1; 3 agus 1, 4. Somplaí XVI. (A). Ceisteanna Béil. 1. Dé méid a bheadh ag dul do gach duine, dá rointí ceud go leith púnt ar bheirt? Triúir? Cúigear? 2. Dé méid púnt i leath-chloich? Dé méid máilín leath-chloiche gheobhthaí a líonadh le 343 púint siúicre? 3. Dé méid cloch meadhchain atá i gceud? Dá bhfaghainn coróinn an ceud ar 192 chloch prátaidhe, dé méid coróinn a bheadh agam? Dé méid scilling?
4. Tá 352 dhuine istigh i dtig pictiúirí agus tá aoinne deug ar gach stól. An mó stól fútha? 5. Dé meid dosaoin a bheadh agat as 530 ubh? Dé méid ubh a bheadh spártha? 6. Tá 14 púint i gcloich. An mó púnt corr a bheadh agat tar éis 205 púint ime do thomhas amach ’na chlocha? 7. Dé méid é an 1/15 cuid de 240 pingin? An 1/17 de £408? An 1/18 de 432 uair a chluig? 8. Roinn 892 ar 16, 13, 19, 21. 9. An mó scilling i bpúnt? An mó raol? An mó púnt i 960 raol? 10. Tá 21 scilling i nginí. An mó giní in 420 sc.? in 840 sc.? Somplaí XVI. (B) 1. An mó giní (21 scilling) is féidir a bhaint as 571 scilling? An mór bheidh fágtha? 2. Teastuigheann ó 721 duine dul thar abhainn. Ní’l slighe sa bhád acht do 47 nduine. An mó turus chaithfidh an fear calaidh dheunamh? An mó duine bheidh aige an turus deireanach? 3. Tosnuightear sa mbliadhain 1922 ar bhóthar iarainn a dheunamh ina mbeidh 1500 míle slighe. Má dheintear 237 míle gach bliadhain cadé an bhliadhain ’na gcríoch- nóchthar é? An mó míle dheunfar an bhliadhain sin? 4. Cadé an uimhir is giorra do 1000000 gur féidir í do roint go cruinn ar 2361? 5. Má riartar 9025 saighdiúir ’na gcathaibh, agus 87 fear agus 8 oifigeach do bheith i gach cath, an mó cath is féidir do dheunamh dhíobh? 6. Cheannuigh gárdnaeir 48 mbeart de thuir spriúnáin, 126 tuir i ngach beart. Chuir se in 96 sreatha iad, agus an oiread ceudna i ngach sreath. An mó tor i ngach sreath díobh? 7. Cad a bheidh fágtha tar éis an 38adh cuid de 14440 do bhaint as mhíle? 8. Má rointear 16080 pingin go cothrom ar 36 cailín agus 31 buachaill, an mór gheobhaidh gach duine?
9. Mhalartuigh fear 49 mbó ar 35 capaill. Má b’fhiú £35 an ceann na capaill, dé méid é luach gach bó? 10. Cadé an fuighleach tar éis aon mhíle dheug, cheithre cheud agus triocha do roint ar 19? 11. An mó uair is feidir 78 do bhaint as an deifir atá idir 12573 agus 4695? 12. Teigheann fear 83 míle ar a rothar in lá. An fada bhainfeadh sé dhe 1577 míle do dheunamh? An mó míle dheunfadh sé sin in 27 lá? 13. Tá teud 27877 n-órlaigh ar faid. Deintear 61 píosa dí ar chomh-fhaid. Dé méid órlach in 5 cinn desna píosaí sin? 14. Cadé an uimhir is lugha chaithfear a bhaint as 12770 chum é roint go cothrom ar 37? 15. Dhíol ceannuightheoir 26 capaill ar £38 an ceann. An mó bó fuair sé ar an méid sin ar £19 an ceann? 16. Cadé an uimhir meuduighthe fá 89 a thabhairfidh an toradh ceudna le 267 fá 43? 17. An mó duine gheobhadh púnt an duine as 239760 pingin? 18. An mó tonna a mheadhfadh 1117760 púnt siúicre? 19. An mó seacht-triochad is gádh chur le chéile chum aon mhíle dheug dhá cheud agus aon-dheug do deunamh? 20. An mó uair is feidir 91 do bhaint as 6110 fá 7? 21. Tá an ghrian timcheall 92628000 míle slighe uainn agus baineann sé 498 secund den solus sinn do shroichint. An mó míle ghluaiseann an solus gach secund? 22. Ta 24 uair sa ló agus 60 nómat san uair. An mó lá in 142560 nómat? 23. Ciaca is mó an tríomhadh cuid nóchad de £93907, nó an 94adh cuid de £94282? 24. Má dhíoltar 145 chaoire ar £580, cad is fiú 99 gcaoire? 25. Tar éis 5 ghiní an duine do thabhairt do shluagh fear, ní raibh acht 9 bpingne fágtha as 376749 bpingne. An mó fear bhí ann? 26. Cad atá fágtha tar éis an 47adh cuid de 17155 do dhealughadh uaidh? 27. Bhí £61404 in údhacht duine uasail tar éis a bháis,
sé sin, bhí £798 aige in aghaidh gach bliadhain d’aois bhí sé. Cadé an t-aos bhí aige? 28. Dé méid is gádh a bhaint as 12345677 chum 397 do dhul isteach ann gan fuighleach? 29. Dé méid is gádh a chur le 12345677 chum 397 do dhul isteach ann gan fuighleach? 30. Cad a bheidh fágtha tar éis míle milliún do roint ar 397? Roint (nótaí eugsamhla). 32. Módh na gCuideog. - Más féidir cuideoga do dheunamh den rointeoir, gheobhmaíd an roint-ghairid d’úsáid. Chum uimhir do roint ar 35 nó an 35adh cuid di d’fhaghbhail, gheobhmaís í roint ar dtúis in 7 gcoda cothroma agus gach cuid díobh san do roint arís in 5 coda cothroma. Bheadh an uimhir rointe annsan in 7x5=35 coda cothroma againn. Seo sompla eile ag teasbáint cionnus an fuighleach d’fhaghbhail. Chum an fuighleach iomlán d’fhaghbhail, meuduigh gach fuighleach fá sna cuideoga go léir a ghabhann roimhe, acht amháin an chuideog a thug é, agus cuir na toraidh le fuighleach na n-aonta.
33. Roint ar 20, 300, 4000 agus uimhreacha mar iad. - Is féidir an módh gairid (29) nó módh na gcuideog do chur ag obair orra so. Chum roint ar 100 ní’l le deunamh acht an dá fhigiúir deiridh do dheighilt uaidh mar fuighleach. 34. Roint ar 99, 999 srl. Somp. 3 Míniú - Sa cheud chuid faghtar 47855697 mar líon agus 1506 mar fuighleach. Acht tá 1506 níos mó ná 997, agus is éigin a roint arís.
Somplaí XVII. Rointear - Somplaí XVIII. Ceisteanna eugsamhla ar na cheithre riaghlacha. 1. Cadé an deifir atá idir uimhir agus figiúir? Idir comhaireamh agus áireamh? Cuir síos cúpla sompla ag teasbáint brigh do fhreagra? 2. Cad is suimhiú ann? Má dheintear roint uimhreacha do shuimiú, cadé an ainm a thugtar ar an uimhir a gheibhtear? Cruthuig go bhfuil 5+7=7+5; 6+4 +9 = 9+6+4. Abair é sin i bhfuirm riaghlach coitchianta. 3. Scríobh na h-uimhreacha 5,7,9, i sé órduighthe eug- samhla agus teasbáin go bhfaghfar an t-iomlán ceudna, pé órdughadh ina ndeintear iad do chur le chéile. 4. An féidir uimhir ar bith do dhealú ó uimhir eile ar bith? An mar a chéile 6-2, agus 2-6? Cadé an chiall d’fheudfaí bhaint as an gceann deireannach (2-6)? 5. Faigh luach na slonn so -
6. Faigh luach na slonn so - Cad a chialluigheann na lúibíní thimcheall na n-uimhreach? Cad a fhoghluimightear as an gceist seo? 7. Scríobh na figiúirí 4,5,6 i ngach órdughadh is féidir agus suimigh na h-uimhreacha a dheintear ar an gcuma san .i. 456+564+ … 8. Teasbáin gur mar a chéile 7(5-2) agus 7x5 -7x2. Cruthuigh gur fíor é, is cuma cad iad na h-uimhreacha a chuirtear in áit 7,5,2. (a) Faigh luach 579x457-579x346. 9. Ceap slighe ghairid chum 999 do chur le uimhir ar bith eile. Scríobh síos suim na n-uimhreach so a leanas, gan aon obair do dheunamh ar pháipéar - 10. Ceap slighe ghairid chum 99, 999, srl. do bhaint as uimhir ar bith. Dealuigh na h-uimhreacha so id aigne - 11. Cad is dealú ann? cadé an ainm a thugtar ar an uimhir a gheibhtear tar éis uimhir do bhaint as uimhir eile? 12. Dealuigh 367 ó 479. Cuir 4 le gach uimhir agus dealuigh. Bain 1 as gach uimhir agus dealuigh. Cad a thugann tú fá ndeara i dtaobh na bhfreagra? Cadé an riaghail a bhainfeá as san? 13. Cionnus a bhainfeá 37654 as 100000 gan 1 do bheith ghá aistriughadh gach iarracht agat mar is gnáth? 14. Cuir figiúirí in áit x-anna ins na ceisteanna so i slighe go mbeidh an t-iomlán ceart -
15. Ceisteanna dealuighthe iad so. Cuir isteach na figiúirí atá in easnamh. 16. Tá 10 scillinge ag Seán ar Sheumas, 4 scillinge ag Liam ar Sheán, agus 17 scillinge ag Seumas ar Liam. Cionnus a ghlanfar na fiacha agus gan acht aoinne amháin do thabhairt airgid uaidh? 17. Cuir le chéile 57+14 agus 57-14 agus teasbáin gur 57x2 an t-iomlán. Tástáil é sin le roint peidhre eile uimrheach. An bhfaghair an cheud uimhir díobh fá dhó mar fhreagra i gcomhnuidhe? Má chuirtear le céile suim agus deifir aon dá uimhir, cad a gheobhthar? 18. Faghtar amach cad is luach do A i ngach cás díobh so a leanas - Teasbáintear go soiléir go bhfuil gach freagra ceart. 19. Cad is meudú ann? Cadé an tslighe is giorra chum suim 37+37+37 d’fhaghbhail? Cad a bhíonn an meudthóir ag teasbáint? Teasbáin gur ionann 9x5 agus 5x9. An fíor é sin coitchianta? Cruthuigh é. 20. Cadé an tslighe is giorra chum 5x5x5x5x5 do scríobhadh? Faigh a luach so - 21. Simpligh 234x96+234x57 agus 234(96+57). An mar a chéile an dá fhreagra? Cad a thuigtear duit as san? Faigh a luach so - 22. Meuduigh 15873 fá 7 agus annsan scríobh síos (gan aon obair do dheunamh) toradh na gceist seo -
23. Cadé suim 0+0+0+0? Dá meudóchthá 0 fá aon uimhir ar bith, cadé an toradh gheobhthá? 24. Cadé an t-athrughadh a dheintear ar uimhir nuair meuduightear í (a) fá 10; (b) fá 100; (c) fá 1000? Scríobh síos toradh (a) 3456x10; (b) 579x1000; (c) 7948x10000. 25. Cadé an bhreis atá ag 10 ar 9? Cadé an bhreis atá ag 3654x10 ar 3654x9? Cadé an tslighe is giorra, dá bhrigh sin, chum uimhir do mheudú fá 9? (a) Meuduigh 26. Simpligh. Nach ionann an freagra agus 3456 x 5? Cadé an tslighe is giorra chum uimhir ar bith do mheudú fá 495? 27. Tá 32470956 mar thoradh ag dhá uimhir, agus 6489 ceann desna h-uimhreacha. Faigh an ceann eile. 28. Ciaca is mó toradh 5609 fá 6427 nó toradh 5906 fá 6247, agus dé méid sa deifir eatorra? 29. Má rointear 31884740 ar uimhir áirighthe, 40930 an líon a gheibhtear. Cadé an rointeoir, agus an fuighleach? 30. Cad is roint ann? Teasbáin le huimhreacha gur fíor so - Ionroint=Rointeoir x líon+fuighleach. 31. An féidir uimhir ar bith do roint ar uimhir eile ar bith? An mar a chéile 8÷4 agus 4÷8? Cadé an saghas uimhir a gheobhthá mar fhreagra ar na dara ceann (4÷8)? 32. Roinn 162 ar 18. Roinn 162x4 ar 18x4. An ionann freagra dóibh? Cad is iontuigthe as san? 33. Cadé an uimhir is lugha os cionn 5000 gur féidir í roint ar 63 gan fuighleach? 34. I gceist rointe 478 an rointeoir, 50236 an líon, agus 17 an fuighleach. Faigh an ionroint. 35. Má mheuduightear 2,5,7,13,19 agus uimhir eile fá n-a chéile 570570 an toradh a gheibhtear. Cadé an uimhir eile sin?
36. Cadé an uimhir atá fátha tar éis 409 do bhaint as 20101 chomh minic agus is féidir? 37. Rointear 973047 ar dhá uimhir, agus bíodh 279425 sa mbreis ag ceann aca ar an gceann eile? 38. Tá 400 beithidheach i bpáirc. Tá 258 gcinn de bha agus de chapaill ann, agus 256 cinn de bha agus de chaoirigh. Dé méid de gach saghas ann? 39. An mó uimhir ann a bhfuil chúig figiúirí ionta? An mó uimhir gan thar chúig figiúirí ionta? 40. Tá beirt mhac agus inghean ag fear atá 60 bliadhain d’aois. Ionann a aois agus suim aoiseanna a chlainne. Dhá bhliadhain ó shoin bhí sé fá dhó níos sine ná an mac is sine aige; agus anois tá suim aoiseanna an athar agus an mhic is sine seacht n-uaire níos mó ná aois an mhic is óige. Faigh aoiseanna na clainne. 41. Cuir síos toradh 763021x100. Roinn ar 4 é. An ionann an freagra agus toradh 763021x25? Dé chúis? Cadé an tslighe is giorra chum uimhir ar bith do mheudú fá 25? 42. Cadé an uimhir is lugha a chaithfear (a) chur le (b) bhaint as 17052 i dtreo go mbeidh sé ionrointe ar 23? 43. Cadé an uimhir is giorra do 14827 gur féidir a roint go cothrom ar 37? 44. Faigh uimhir i dtreo ná beidh acht 1-ta ar fad sa toradh, nuair a mheuduightear fá 17 í. Cadé an tslighe is giorra anois chum uimhir d’fhaghbhail i dtreo ná beidh sa toradh acht an figiúir 2 (3,4,5 srl), nuair a mheuduightear fá 17 í? 45. I gceist rointe 8713 an rointeoir, 3206 an líon agus 248 an fuighleach. Dé méid is gádh a chur leis an ionroint chum 3217 d’fhaghbhail mar líon agus 796 mar fuighleach leis an rointeoir ceudna? 46. Tuilleann an t-athair agus an mac £421 eatorra sa mbliadhain; tuilleann an mac £52 níos mó ná an inghean; agus tuilleann siad a dtriúr £534 eatorra. An mór é tuilleamh gach duine aca?
47. Tá 720 duine i bparróiste. Idir fheara is mhná tá 281 duine; idir fheara is bhuachaillí tá 343 duine; agus is mó ann de chailíní ná de bhuachaillí de 21 duine; An mó fear, bean, buachaill agus cailín sa pharróiste? 48. Roinn 4567 ar 25. Roinn 4567x4 ar 100. Dé chúis an líon ceudna bheith aca? Dé méid uair atá fuighleach an dara cinn níos mó ná fuighleach an cheud chinn? Dé chúis? Cadé an t-slighe is giorra chum uimhir ar bith do roint ar 25? Cionnas a cheartóchthar an fuighleach? (A) Roinn (le meudú). 49. Tá 18675 dhuine i mbaile mór agus 79250 duine ’na cheantair. Faghann duine as gach 45 dhuine bás sa mbaile mór in aghaidh na bliadhna agus duine as an leath-cheud sa cheantair. Dé méid bliadhain go mbeidh 10000 duine ar fad curtha as an dá áit? Cuirtear isteach na figiúirí atá in easnamh ins na ceisteanna so: - 50. T’réis 2982.. do roint ar 456 tá 1 fágtha.
58. Má rointear … 49481 ar 8765 beidh 8246 fágtha. 59. Cuir trí figiúirí i ndiaidh 656459 i dtreo go bhfeud- far an uimhir do roint go cothrom ar 1899. 60. An mó uimhir idir 1000 agus 7000 ’na raghad 171 go glan? 61. Dá rointí 495...816 ar 2112, ní bheadh aon fhuighleach fágtha. Cad iad na trí figiúirí atá in easnamh in a lár. 62. Cad iad na trí figiúirí chaithfear a chur roimh 115088 i dtreo go roinnfidh 1234 go glan é?
Caibidil VI. Módh an Aoin. 35. Réamh-nóta - Tá slighe ann chum ceisteanna uimhrigheachta do réidhteach ar a dtugtar “Módh an Aoin.” Chífear as an sompla a leanas cad as a thagann an ainm. Ní gnáth le údair uimhrigheachta é thabhairt isteach chomh luath so in a gcuid leabhar, acht ó ná fuil ann acht meudú agus roint, tuigtear dúinn nach misde an scoláire do chur ag deunamh ceisteanna simplidhe ann, díreach i ndiaidh na riaghlach san. Sompla - Fuaradh 51 oráiste ar 204 pingne. An mó pingin a chosnóchadh 68 n-oráistí. Réidhteach: - An cheud chéim - Cad a chosnóchadh aon oráiste amháin? (.i. 204÷51 nó 4d.) An dara ceim. - Cosnuigheann aon oráiste amháin 4d; cad a chosnóchaidh 68 n-oráistí? (.i. 4x68 nó 272d.) Maidir leis na ceisteanna so ’nár ndiaidh, sé ár dtuairim gur fearrde an scoláire gan a bheith i dtaobh le aon mhódh ar leith-leith chum iad do réidhteach, acht iad do dheunamh as a stuaim agus as a thuisgint féin. I dtaobh an tsompla so thuas, b’fhéidir go mb’fhearr gan baint le Módh an Aoin ar aon chor, acht é do réidhteach mar seo - Cosnuigheann 51 oráiste 204d.
1. Baineann sé 4 nómat díom 20 líne do scríobhadh. An mó líne a scríobhfad in aon nómat amháin? In dhá nómat? I 7 nómataí? 2. Cosnuigheann 7 bpúint té 21 scilling. An mór an púnt atá air? Cad a cosnóchadh 8 bpúint de. 3. Tá fear ag rothuidheacht agus teigheann sé 24 míle i dtrí uaire an chluig. An fada a theigheann sé in uair a chluig? Dé méid míle dheunfadh sé in dhá uair a chluig? 4. Díoltar fíon ar 60 scilling an dosaen buidéal. Dé méid an buidéal atá air? Cad a chaithfear a thabhairt ar 7 mbuidéal? 5. Dé méid an tonna atá ar gual, má thugtar £26 ar 13 thonna de? An mór a bheadh ar 47 dtonna guail? 6. Tá 5 mhíle chomh fada le 8 gciloméadar (geall leis). An mó míle in 16 ciloméadar? In 24 cilom.? In 72 chilom.? An mó ciloméadar in 10 míle? In 50 míle? 7. Cuireadh síol agus lobhaigh 4 ghráinne as gach dosaen de bharr na fliche. An mó planda tháinig as gach dosaen gráinne a chuireadh? An mó dosaen in 252? An mó planda fuaireadh as 252 ghráinne? 8. Goineadh 24 saighdiúir as an gceud i gcath. An mó duine a ghoineadh as an leath-cheud? As gach 25? Má bhí 600 duine gonta de bharr an chatha, an mó saighdiúir a bhí sa troid? 9. Tá 360 grád thimcheall an domhain, agus baineann sé 24 uaire de casadh iomlán do dheunamh. An mó grád a chasann sé in uair an chluig? In 7 n-uaire an chluig? 10. Gluaiseann traen 60 míle san uair. An mó míle theigheann sí in nómat? An mó troig gach secund? (Míle = 5280 troigh.) Dá raghadh sí 44 troighthe in secund, an mó míle bheadh deunta aici in uair? 11. I sgrúdú áirighthe theip ar triúr as gach deicheanbhar a thrialadh. Bhí 3420 duine fá sgrúdú. An mó duine ar eirigh leo? 12. Cuirtear 150 pionta fíona isteach i gceud buidéal. An mó pionta i ndeich mbuidéal? In dhá bhuidéal? In dhá dhosaen buidéal? An mó buidéal a mbeidh dhá dhosaen pionta ionta.
13. Imthigheann dhá long A agus B ón Chóbh, ag triall ar Shasana Nua. Teigheann A 15 mhíle san uair agus B 17 míle san uair. An mó míle ón a chéile iad i gcionn 12 uair? Nuair a bheidh A 180 míle ón Chóbh, cá mbeidh B? 14. Tá 4 órlach ar léir-scáil in aghaidh míle slighe (.i. 1760 slat). An mó slat idir dhá áit a bhfuil 7 n-órlach eatorra ar an léir-scáil? 15. Fear a shiubhlann 4 míle in uair a chluig, baineann sé amach a thig i gcionn 3 uaire. Cadé an fhaid a bhainfeadh sé dhe é do shroichint dá siubhladh sé (A) 2 mhíle, (B) míle, (C) 7 míle san uair? 16. Rointear suim airgid ar 40 duine agus gheibheann gach duine aca 30 scilling. Mara mbeadh ann acht 30 duine, dé meid a bheadh ag dul do gach aoinne aca? 17. Cailleadh mór-sheisear as gach aon dhá cheud i gcathair áirighthe le linn fiabhrais. Má bhí 15600 duine ar fad sa chathair, dé meid díobh a chailleadh? 18. Baineann seisear spealadóir gort arbhair in dhá lá. Mara mbeadh ag obair acht ceathrar, cadé an fhaid a thógfadh sé é bhaint? 19. Cheannuigheadh fear deich dtonna guail sa mbliadhain nuair a bhí £3 12s. An tonna air. Nuair d’eirigh se go dtí £4 an tonna, ní chaitheadh sé acht an méid ceudna airgid sa mbliadhain ar ghual. Dé méid tonna a dhóghadh sé annsan? 20. Tá scáil 5 troighthe ar faid ag fear atá 6 troighthe ar aoirde. Cadé an aoirde atá sa tigh a chaitheann scáil 80 troigh ar faid uaidh? 21. Dá mbaineadh sé 75 lá de ochtar fear coill do leagaint, dé méid fear nár mhór chum í do leagaint in 40 lá? 22. Cadé an fhaid a bhainfeadh sé de leath-cheud fear obair do bheith réidh aca, agus é do bhaint 75 lá de ocht nduine dheug fear é dheunamh? 23. Cailleann clog 15 secund san uair. Má chuirtear ’na cheart é um meadhon-lae Dé Domhnaigh, cathoin a bheidh sé uair a chluig chum deiridh? Cadé an t-am a bheidh sé ar an gclog san um meadhon-lae Dé Luain? 24. Chuaidh fear ag obair d’réir na seachtmhaine.
Thosnuigh se lá Beultaine, agus ar an 3adh lá de Mheadhon- Foghmhair bhí £54 tuillte aige. Cathoin a bheidh £84 tuillte aige? An mór a bhí tuillte aige ar an 16adh lá de mhí Iúil? 25. Tá uisce ag dul isteach i ndabhach tré phíopa. I gcionn 12 nóimeat tá 16 galún t’réis snighe isteach. Cathoin a bheidh an dabhach lán, má thoileann 100 galún ann? 26. Lastar coinneal atá 6 órlach ar faid. I gcionn 6 n-uair tá 4 órlach di ídighthe. Cadé an fhaid a sheasóchaidh an choinneal? 27. Dóghann long-gaile 35 tonnaí guail in aghaidh na seachtmhaine. Tá 85 tonnaí aici. Dé méid lá a seasóchaidh sé? 28. Tá dhá chlog in seomra. Cailleann cean aca 17 secund in aghaidh na h-uaire agus beireann an ceann eile 13 secund leis san uair. Cathoin a bheidh leath-uair de dheifir eatorra? Cadé an deifir a bheidh eatorra i gcionn lae? 29. Cosnuigheann turus 79 míle ar an mbóthar- iarainn 158d.; cadé an turus a chosnóchadh 56d.? Cad a chosnóchadh turus 100 míle? 30. Má dhíoltar £8 as iasacht ceud púnt go cionn bliadhna, cad badh cheart a dhíol as iasacht (a) £25? (b) £225? (ar feadh na h-aimsire ceudna). 31. Tá deuntúsán ann ’na ndeintear 400 gunna i gcaitheamh 5 lá. An mó gunna a dheunfar in 28 lá? Dé méid aimsire a thógfaidh sé 1000 gunna do dheunamh? 32. Má chosnuigheann púnt go leith siúicre scilling go leith cad a chosnóchaidh dosaen púnt de? 33. Cosnuigheann 75 púint d’airgead beo 165s, cad a chosnuigheann míle púnt de? (Faigh costas 25 púint ar dtúis, annsan costas 100 púnt 7c.) 34. Tá 84 fear i ndún agus lón bídh i gcóir 6 lá aca. Má mharbhthar dáireug aca, an fada raghaidh an biadh leis an gcuid eile? 35. I ciloméadar = 1000 méadar, 1 méadar = 100 centiméadar. An mó centiméadar i gciloméadar? Teigheann traen 72 cilom. san uair.; an mó centi- méadar a chuireann sí dhi in aghaidh an tsecuind?
36. Tá gluaisteán ag A a theigheann 75 míle in 3 uaire, agus ceann ag B a theigheann 88 míle in 4 uaire. Dé méid bóthair a dheunfadh (1) gluaisteán A in 4 uaire? (2) Gluaisteán B in 3 uaire? Ciaca cearr is mire? 37. Ceannuigheann bean 300 oráiste d’réir 5 cinn ar scilling, agus díolann sí ar leath-raol an ceann iad. Dé méid a bheireann sí leo go léir? 38. Meadhann troigh chiúbach de chloich aoil 175 púint. An mó troigh chiúbach in 10 dtonna di? (Tonna= 2240 pt.) 39. Díolann fear 48 sean-leabhair ar 5d. an ceann, agus ceannuigheann sé roint leabhar nua ar leath- choróinn (30d.) an ceann ar an airgead. An mó ceann a gheibheann sé? 40. Tá 30 míle bóthair roimh fear rothair agus ní’l aige acht 2 uair chum é chur de. An mó míle chaithfidh sé a dheunamh sa nóimeat? An fada ó cheann a chonaire é i gceann 48 nóim? 41. Meadhann canna lán d’uisce 12 phúnt, agus leath-lán meadhann se 7 bpúint. Cad a mheadhann sé follamh? 42. Teigheann duine ar turus. Má leigeann sé a sgíth ar feadh 5 nóim. t’réis gach leath-uair a chluig siubhail. (1) an mó uair a leigeann sé a sgíth i gcaitheamh 6 n-uair an chluig? (2) Má shiubhlann sé 4 míle san uair, dé méid den turus a bheidh thairis aige i gcaitheamh na 6 n-uair sin? Comhairle don Mhac-Léighinn. 36.(a) Bíonn na ceisteanna a cheaptar i gcóir leabhar uimhrigheachta chomh gairid don bhfírinne, maidir le cúrsaí an tsaoghail, agus a fheudtar iad do dheunamh, agus dá bhrigh sin badh cheart go mbeadh an freagra a gheibhtear amhlaidh. Más é an freagra a gheibhtear, gur ceann- uigheadh gual ar 7s. an tonna, nó go ndeachaidh duine 40 míle in uair a chluig de shiubhal a chos, nó gur 10 mbliadhna is aois d’athair clainne, badh chóir go dtuigfeadh
sé go bhfuil tuathal éigin deunta aige. Loirgeadh sé a thuathal annsan. (b) Nuair a chuirtear chum riaghlacha na h-uimhrigheachta d’úsáid i ngnáth-chúrsaí an tsaoghail, ní mór a fheiscint go cruinn ar dtúis, (1) cad iad na rudaí a bhfuil gnó againn díobh, agus (2) cadé an gaol atá eatorra, feuchaint an féidir na ceisteanna do réidhteach le oibrighthe na h-uimhrigheachta. Ní’l sa chomhairle sin acht an comhairle ceudna a tugadh thuas .i. coimeád gairid don bhfírinne maidir le cúrsaí an tsaoghail. Mara ndeunfar é sin is mó freagra áiféiseach a gheobhthar - freagraí a bheidh bun-os-cionn ar fad le fírinne an tsaoghail. Breathnuightear na ceisteanna so: - Ceist 1. - Do rith fear 100 slat in 10 secund; cadé an fhaid a rithfeadh se in uair a chluig? Má dheintear an cheist d’oibriú sa tslighe cheudna ar oibrigheadh na ceisteanna thuas (Smp. XIX.), gheobhthar amach go rithfeadh sé coraidheacht is 20 míle san uair,- rud ná feudfadh Caoilte fein a dhéanamh. Sé chúis go dteipeann orrainn freagra ciallmhar d’fhaghbhail ná gan aon ghaol do bheith idir an dá ní .i. luas duine ag cur ceud slat de, agus a luas dá mbeadh air leanmhaint de rithe ar feadh leath-uar an chluig; is fada ó chéile an dá luas san. Ceist 2. - “Dá leagfadh beirt fhear crann in 20 nóimeat, cadé an faid a bhainfeadh se de cheathrar é dheunamh?” Ní amháin nár luaithide fá dhó an obair, ceathrar ghá deunamh in áit beirte, acht b’fhéidir gurbh amhlaidh ba shia í, mar bheadh ceathrar sa tslighe dá chéile ag gabháilt d’obair beirte. Ceist 3. - “Cosnuigheann néamhann 4 gcarat £80, cad a chosnóchadh néamhann 8 gcarat?” Is gainne go mór na clocha móra ná na clocha beaga, agus dá brigh sin, bíonn bries fiacha orra seachas mar a bheadh mara mbeadh idir mór agus beag díobh acht deifir meadhchain. Más mó fá dhó an meadhchan is mó fá cheathair an luach nó b’fhéidir níos mó.
Ná mealltar an mac-léighinn le ceist ná fuil aon ghaol idir na nidhthe a luadhtar inte .i. ceist mar í seo - “Deineann fear atá 6 tr. ar aoirde obair áirighthe in 6 uaire, cadé an fhaid a bhainfidh sé d’fhear, 5 tr. ar aoirde, an obair cheudna dheunamh?” Níl aon ghaol idir na nidhthe sin, aoirde, obair, am go mbaineann an cheist leo. Somplaí XX. Ins na ceisteanna so a leanas, cuireadh an scoláire síos, nó abruigheadh sé, dé chúis nach féidir an freagra d’fhaghail de thoradh oibrighthe uimhrigheachta: - 1. Itheann fear púnt feola in 20 nóim. Dé méid púnt d’íosfadh sé in uair a chluig? 2. I rás bád do dhein an fhuireann do bhuaidh an rás míle slighe do chur díobh in 5 nóim. An mó míle raghaidís in 2 uair a chluig? 3. Chosnuigh 360 oráiste £3. Cad a chosnóchadh leath- dhosaen? 4. D’eirigh an taoide i gCuan Chorcaighe 6 tr. in 3 uaire a chluig. Cadé an aoirde d’eireochadh sí ann in lá? Bíonn fear tighe-ósta caillte £15 ’na ghnó an tseachtmhain ná bíonn acht deicheanbhar ar aoigheacht aige. An mór é an cailleamhaint, nuair a bhíonn 100 duine ar aoigheacht aige? 6. I dtigh áirithe rug cat ar 7 lucha in 7 lá. Cadé an fhaid a bhainfeadh sé dhe breith ar 30 lucha? 7. Má shiubhlaim 4 míle san uair, bainfeadh amach an tigh ar a 3 a chlog um thráthnóna. Cathoin a shroisfead an tigh má theighim ann ar rothar agus 8 míle san uair do dheunamh dham? 8. Do mhairbh iascairí an Daingin 10000 macrael in seachtmhain. An mór a mharbhóchaidís i mbliadhain? 9. Thug 4 capaill ualach adhmaid abhaile ó’n gcoill in 2 uair. Cadé an fhaid a bheadh 2 chapall ag deunamh an ghnó? 10. Meadhann garsún 7 glocha in aois a dhá bhliadhain deug. Cadé an meadhchan a bheidh ann nuair a bheidh sé 36 bliadhna d’aois?
Cuid II. Meadhchan agus Tomhas. Caibidil VII. Athrú Airgid (síos). Cleachtadh ar na Táibhlí. 1. Dé méid feoirling i bpingin? In 2d.? in 5d.? in 7d.? in 9d.? in 20d.? Cionnus a gheibhtear amach dé méid feoirling in aon uimhir áirighthe pingní? Dé chúis gur fá 4 a mheuduightear? 2. Dé méid leath-phingne i bpingin? in 3d.? in 4d.? in 6d.? in 12d.? in 24d.? Cionnus a gheibhtear amach dé méid leath-phingne in aon chearn ar aon chor pingní? Dé chúis gur fá 2 a mheuduightear? 3. Dé méid pingin i scilling? 2 scilling? 4s.? 10s? 20s? Cionnus a gheibhtear amach dé méid pingin ins an oiread san scilingí? Dé chúis meudú d’úsáid? dé chúis meudú fá 12? 4. An mó scilling i bpúnt? £1 5s.? £2? £2 10s.? £5? £5 7s.? £10? Cionnus a gheibhtear amach dé méid scilling in uimhir ar bith púnt? Dé chúis a mheudú fá 20? 5. Dé méid leath-raol in scilling? raol in scilling? leath-raol i bpíosa dhá scilling? in leath-choróinn? i gcoróinn? An mó raol i gcoróinn? i leath-shobhran? An mó leath-choróinn a gheobhthaí mar mhalairt ar 5s.? Ar 7s. 6d.? Ar 10s.? Ar £1? Ceisteanna Béil. 1. Dé méid ubhall leath-phinge a gheobhthaí ar 6d.? 9d.? 1s. 6d? 2. An mó iall bróige ar feoirling an ceann a gheobhainn ar scilling? Dhá scilling? Coróinn?
3. Bhailigh bacach coróinn indéirc, agus ’na leath- phingí iseadh fuair sé a leath. An mó leath-phinge bhí aige? 4. Mhalartuigheas 21d. ar trí píosaí geala. ’Diad na píosaí iad? 5. a. Faigh trí píosaí geala ar 24d.? b. Faigh trí píosaí geala ar leath-choróinn? c. Faigh trí píosaí geala ar choróinn? d. Faigh trí píosaí geala ar leath-shobhran? 6. Dé méid oráiste trí bpingin a gheobhthaí ar 12s.? 7. Má thugaim raol an duine do chúigear garsún agus ceathrar gearrchaile as choróinn, an mór agam ’na ndiaidh? 8. Dé méid leath-choróinn a theobhthaí ar £1? £1 2s.6d.? £2 5s.? £3 7s.6d.? £5 10s.? £6 17s.6d.? 9. Dé méid tistiún i scilling? An mó scilling nár mhór chum tistiún an duine do thabhairt do 20 buachaill agus 20 cailín? 10. Dé méid leanbh a gheobhadh raol an duine as choróinn, leath-choróinn, agus leath-shobhran? 11. Dé méid dosaoin ubh ar leath-choróinn an dosaoin gheobhainn a cheannach ar 15s.? 12. An mó leath-phingne in 10½ d. agus 2½d.? 13. An mó feoirling in 8¾d. agus 3¼d.? 14. Dé méid pingin i ndeich gcoróinn? 15. Dé méid stampa pingne a gheobhthaí ar 8s.4d.? 7s.6d.? 9s.2d.? 4s.2d.? 12s.? Somplaí. 37. Somp. 1. - Tabhair £14 6s. 10½d. go feoirlingí. Ní gádh na meudthóirí do chur síos acht ná dearmhadtar a ainm fein do chur i ndiaidh gach líne.
Somp. 2. - Tabhair 4s.11¾ d. go feoirlingí. Ní’l so acht ¼d. fá bhun 5s.; dá bhrigh sin gheobhaimíd 5s. d’athrú go feoirlingí agus 1 do dhealú uaidh. Fr. 239f. Somp. 3. - Dé méid raol in £11 18s. 6d.? Ní theastuigheann acht 3 raolacha ón £12. Tugtar £12 go raolacha agus baintear 3 as. Fr. 477 raol. Somplaí XXI. Athruigh go feoirlingí -
Athruightear - 26. Dé meid garsún a gheobhadh raol as £17 12s.6d.? Dé méid a gheobhadh leath-choróinn? 27. Déin pingní de gach suim airgid díobh so a leanas agus cuir na freagraí le chéile: - £3, 3 leath-choróinn, 3 ghiní, 3 choróinn, 3 leath-shobhran, 3 píosaí dhá scilling, 3 raolacha, 3 scillinge. 28. An mó stampa leath-phingne a gheobhthaí ar £7 10s.? 29. An mó earradh pingne a cheannóchadh £14 15s. 3d.? 30. An mó duine bhí istigh in amharclann má thógadh £50 10s. ag an dorus, agus leath-choróinn luach an ticéada? Athrú Airgid (suas) Cleachtadh ar na Táibhlí. 1. An mó pingin a gheobhainn ar 4 feoirlingí? 8 bhfeoirlingí? 16 feoirlingí? 24 feoirlingí? 2. Dé méid pingin in 16 leath-phinge? 20 leath- phinge? 50 leath-phinge? 100 leath-phinge? 3. Cionnus d’athróchthá aon uimhir feoirling go pingní? Leath-phingí go pingní? 4. Cadé an píosa geal gur ionann luach dó agus 12d.? Dé méid desna píosaí seo a gheobhthá ar 24d.? 36d.? 60d.? 5. Cionnus a thabharfá aon uimhir pingin go scillingí? 6. An mó píosa trí bpingin a gheobhthaí ar scilling? 5 scillinge? 6 scillinge? 8s.6d.? 10s. 6d.? 7. An mó tistiún i bpíosa dhá scilling? I gcoróinn? I bpúnt? I nginí? 8. An mó scilling a thabharfaí mar mhalairt ar 4 raolacha? 7 rolacha? 10 raolacha? 15 raol? 9. Cionnus a dheintear scillingí de raolacha?
10. An mó púnt in 20 scilling? 50 scilling? 70 scilling? 11. An mó giní in 42s.? 63s.? 84s.? 105s.? 12. Cionnus a dheintear (a) púint agus (b) ginidhe de scillingí? Ceisteanna Béil. 1. Ceithre ubhla ar phingin, dé méid san ar 48 n-ubhall? 60 ubhall? 84 ubhla? 2. Má ta leath-phinge an ceann ar oráistí, an mór a cheannóchadh 24 cinn? 40? 80? 3. Cheannuigh athair clainne 60 breagán leath-raolaighe. An mór bhí ag teacht chuige as £1? 4. Bhí leath-cheud duine ag céilidhe. Má bhí raol ar dul isteach, dé méid airgid a thógadh? 5. Thug gach duine de dhachad fear síntiús leath- choróinneach uaidh. Dé méid airgid sa méid sin? 6. Dhíoladh bácaer 40 builín pingne gach aon lá den tseachtmhain acht amháin an Domhnach. An mór a gheibheadh sé? 7. Cad is fiú 200 leabhar ar scilling an ceann? 8. Thuill garsún 3d. sa ló ar feadh mí na Feil’Brighde shobhran do bheith aige? 9. Tá 36 órlaigh i slait. Cad a chosnóchadh slat eudaigh ar phingin an t-órlach? 10. Tá 50 raol ag garsún, agus b’fhearr leis ’na leath-choróinneacha an t-airgead. Dé méid leath-choróinn a bheadh aige? 11. Dé méid £, s. a dhíolfadh as 10 leathróid-coise ar choróinn an ceann? 12. Cad a chosnóchadh scór caipín ar dhá scilling an ceann? 13. Bhí 180 pingin ag fear trama i ndiaidh aon turusa amháin. Dé méid scilling sa méid sin? 14. Dé méid leath-choróinn a dhíolfadh as 5 dosaoin stampaí pingne? 15. Dé meid píosa dhá scilling a gheobhthaí mar mhalairt
ar 12 leath-choróinn? Cionnus a thabharfaí aon uimhir leath-choróinneach go píosaí dhá scilling? Píosaí dhá scilling go leath-choróinneacha? 16. Dé méid £, s. a bheadh i gcúig ghiní? Dá mbeadh an-chuid púnt agat, cionnus a gheobhthá amach dé méid giní a b’fhiú iad? Somplaí XXII. Athruightear go púint, scillingí, 7c. - 7. Dé meid giní in (déin scillingí, pingní, 7rl., den bhfuighleach) £210, 14700 scilling, 826 raol, £300, 24713 pingne, 738064 feoirling, 4999968 bhfeoirling? 8. Athruigh 7823 giní go púint agus scillingí. 9. Cadé méid leath-choróinn in 720 píosa-2s., 845 raol, 6705 giní, 96480 feoirling? 10. Dé méid púnt agus scilling in 731 giní? 11. Dé méid píosa-2s. in 320 leath-choróinn, in 847 raol, in 1111 scilling? Athruigh (scríobh an fuighleach ’na scillingí, pingní, 7rl.) - 12. 7059 leath-choróinneacha go scillingí. 13. 4071 pingin go píosaí-2s. 14. 71999 leath-raolacha go £s. d. 15. 48061 feoirling go £ s. d. 16. 4713 giní go £ s. 17. Dé méid a chosnóchadh 7247 stampaí pingne? 18. Dá dtabharfadh 100000 duine síntiús leath- choróinneach uatha do Chonnradh na Gaedhilge, an mór a bheadh sa chiste? 19. Dé méid a chosnóchadh 7043 ubhla pingne? 20. Seacht ngrós peann-luaidhe ar ½d. an ceann? (Grós = 12 dhosaoin.)
Ceisteanna Measctha. Somplaí XXIII. 1. Dé méid scilling in 996 pingne? 2. Athruigh 6s. 10½ d. go leath-phingí. 3. Dé méid breugán rolaighe gheobhthaí a cheannach ar 17s. 6d.? 4. Chuir garsún 3d. i dtaisce gach aon lá i rith mí Eanair. An mór bhí aige annsan? 5. Cad a chosnóchadh trí ghrós riaghlacha pingne (144 = 1 grós) 6. Dé méid píosa coróinneach a gheobhainn ar 595 scillinge? 7. Dé méid leath-choróinn á dhíolfadh as 500 oráiste pingne? 8. Díolann garsún 55 páipéir gach aon lá. Dé méid airgid a bheidh aige i gcionn 6 lá? 9. Má thuilleann sclábhuidhe 6d. san uair, cadé an fhaid a bhainfidh sé dhe £1 17s. 6d. do thuilleamh? 10. Dé meid leabhar leath-choróinneach a bheadh le faghbhail ar £2 12s. 6d.? 11. Má chosnuigheann eudach 4s. an tslat, cadé an fhaid atá i bpíosa a chosnuigheann £5 12s.? 12. Tá 3d. an cháirt ar bhainne agus £1 12s. 6d. méid an bhille atá le díol ag bean-tighe. Dé méid cairt a fuair sí? 13. An mór a dhíolfadh as 45 hataí leath-choróinneach? 14. An mó slat euduigh ar 5s. an tslat a gheobhthaí ar £25 15s.? 15. Dé méid leanbh a gheobhadh leath-phinge an duine as 25 leath-choróinn? 16. Dé méid ticéid raolaighe a bheadh le faghbhail ar 21 giní? 17. Bhí raol ar dul isteach ag feuchaint ar bháire iomána, agus £15 13s. 6d. An méid a thógadh ag an ngeata. Dé meid duine bhí i láthair? 18. Bhí garsún ag deunamh ceist airgid agus dhearmhad
sé na scillingí chur síos, agus £6 0s. 9d an cheist annsan. Dubhairt an maighistir gur 1605d. an freagra ceart. Dé méid scilling d’fhágadh amach? 19. Cadé an fhaid a bhainfidh sé de gharsún £8 15s. do thuilleamh, agus 5s. sa tseachtmhain dó? 20. Má tá 2s an ceann ar shicíní, dé meid leath- choróinn a dhíolfadh as 40 ceann díobh? 21. Fuair beirt sclábhuidhe 60 scilling an duine mar thuarastal. Fuair fear aca leath-choróinneacha ar fad agus an fear eile píosaí dhá scilling. An mó píosa airgid bhí ag duine aca sa mbreis ar an duine eile? 22. Bhí ceithre cheud ochtmhogha duine ag cuirm ceoil. Bhí ticéidí scillinge ag 170 duine, agus ticéidí raolaighe ag an gcuid eile. Dé méid airgid a thógadh ann? 23. Cuireadh cúig phúint ’na leath-phingí isteach i mbosca. Tógadh amach 24 cinn, dé méid bhí fágtha? 24. Dá gcuirinn pingin i dtaisce gach lá, cadé an bun-chúil bheadh agam i gcionn dhá bhliadhain? (365 lá = bliadhain.) 25. Tá 15 leath-shobhran i mála agus 2000 pingin i mála eile. Dé méid pingin i gceann aca sa mbreis ar an gceann eile? 26. I gceist airgid 2357d. an freagra. Más 9 uimhir na bpúnt agus 16 uimhir na scilling, dé méid pingin ann? 27. Dé méid ubhall tistiúin a gheobhthaí ar dhá ghiní? 28. Dhíol feirmeoir laogh ar £3 7s. 6d. Dhíoladh ’na leath-choróinneacha é: dé méid píosa airgid fuair sé? 29. Dé méid giní a dhíolfadh as 84 dhosaoin peann- luaidhe leath-phinge? 30. Dhíol siopadóir luach £60 12s. 6d in seachtmhain agus siopadóir eile luach £57 14s. 10d. Faigh ’na pingní an breis bhí ag duine aca ar a chéile. 31. Dé méid milseán leath-phinge bheadh agat ar 14s. 10½d.? 32. Trí phingne go leith luach leabhair agus 4½d. Luach leabhair eile. Dé méid a chosnóchadh 408 gcinn desna leabhartha is daoire sa mbreis ar an méid ceudna desna ceannaibh is saoire?
33. Cuir síos i £ s. d. an breis atá ag 325 choróinn ar 325 píosaí 2s. 34. Cuireadh garsún go dtí oifig an phuist fa dhéin 385 cinn de stampaí dhá-phingin-go-leith agus an méid ceudna dhe stampaí trí-phinge go leith. An mór thug sé orra? 35. Cheannuigh siopadóir 16 oráistí ar trí feoirlingí an ceann, agus dhíol sé ar phingin an ceann iad. An mó do bheir sé leo? 36. Tá leath-choróinn sa ló pinsin ag ath-laoch agus dhá scilling sa ló ag fear eile. An mór sa mbreis ag duine aca ar a chéile i mbliadhain? 37. Dé méid leabhar dhá phingin a gheobhainn ar 3 ghiní? 38. Cad a cosnóchadh 27 ndosaoin peidhre láimhní ar 2s. 6d. an peidhre? 39. Chuaidh seacht gceud agus seisear ochtmhoghad go tigh pictiúirí. £26 13s. an méid airgid a thógadh. Má dhíol 280 duine scilling an duine. Dé méid chuaidh isteach ar raol an duine? 40. Dé méid giní a bheadh chomh mór le £21? Meadhchan Mór. Cleachtadh ar na Táibhlí. 1. Dé méid unsa i bpúnt té? Dé méid leath-unsa? Dé méid ceathramha-unsa? 2. Dé méid unsa in 2 pht.? 3 pt.? 3½ pt.? 7 bpt.? 3. Cionnus a gheobhthá amach dé méid unsa insan oiread san púnt? 4. Cionnus a dheunfá púint d’unsaí? 5. Dé méid púnt bheadh agat i gcloich shiúicre? In 2 chl.? in 4 cl.? in 8 gcl.? 6. Cuir ainm eile ar 14 pt.; 28 bpt.; 56 pt.; 112 pht.; 2240 pt. 7. Cionnus a bheadh fhios agat dé méid púnt a mheadhfadh an oiread san cloch? 8. Cionnus a gheobhthá amach dé méid cloch in aon uimhir púnt?
9. Dé méid ceathramha i leath-cheud? I gceud? In 5 cd.? In 10cd.? 10. Cionnus a dheunfá ceudta de ceathramhna? Agus ceathramhna dhe cheudta? 11. Dé méid ceud i dtonna? in 2 thn.? In 5 thn.? 12. Dé méid cloch i leath-thonna? 13. Dé méid ceathramha-unsa gheobhthaí a mheadhchaint as púnt piobair? As 3 pt.? As 3½ pt.? 14. Dé méid leath-unsa tobac gheobhthaí a bhaint de phíosa in a mbeadh 2 pht.? 4 pt.? 5 pt.? 15. Díoladh púnt té ’na unsaí. Dé méid unsa ann? In 2 pht.? In 3½ pt.? In 7 bpt.? 16. Dé méid mála bheadh fá 56 cl. prátaí, agus ceud meadhchain bheith i gach mála? 17. Líontar siúicre isteach i málaí ceathramha-chloiche. Dé méid mála dhíobh so bheadh fá cheud siúicre? Fá 4chd.? 18. Cheannuigh siopadóir 448 soithighe-púint de mhil. Dé méid ceud bhí aige? 19. Dé méid duine bocht a gheobhadh unsa té an duine as 5pht.? 20. Dé méid bulóg 2-pht. a mheadhfadh cloch? ceud? 21. Meadhann mála guail 10 gcl. Dé méid mála i dtonna? 22. Pingin an t-unsa ar mhilseáin, dé méid an púnt san? 23. An mór a thabharfá ar chloch plúir d’réir 2d. an púnt? 24. Cad a chosnóchadh ceud-meadhchain ubhall ar 2s. 6d. an chloch? 25. An mó púnt i dtonna? Athrú (síos) Somplaí XXIV. Athruigh go púint -
Dé méid unsa in? - Athruigh - Athrú (suas) Somplaí XXV. Dé méid cloch in? - Dé méid ceud in? - Athruigh go tonnaí, ceudta, ceathramhna. 7c. - Ceisteanna Measctha. Somplaí XXVI. 1. Dé méid beart 14-pt gheobhthaí a dheunamh as 5½ cd. siúicre? 2. Caitheann fear 3 us. tobac sa tseachtmhain. Dé méid cloch, 7rl., bheidh caithte i gcionn dhá bhliadhain aige? 3. Dé méid ceud siúicre a líonfadh 672 máilín púint? 4. Cadé an meadhchan bheadh in 150 bosca risíní a mbeadh 10 bpt. meadhchain i ngach bosca díobh? 5. Dá líontaí 13½ cd. siúicre isteach i málaí ¼-chl., dé méid mála bheadh faoi?
6. Tá 10 gcl. meadhchain i mála guail. Dé méid tonna in ocht mála caogad de? 7. Cheannuigh siopadóir 4 tn. prátaí, acht bhí 2 chd. díobh olc. Dé méid leath-chloch gheobhaidh sé a dhíol? 8. Ciaca is truime 8½ cl. nó 2000 us.? Cadé méid é an deifir? 9. Mheaduigh fear 16½ cl. sar ar thuit sé tinn, agus níor mheadhuigh sé acht 14¾ cl. t’réis a thinnis. Dé méid púnt a chaill sé? 10. Tá 5 clocha i rolla tobac. Dé méid lá dheunfadh sé fear a chaithfeadh unsa sa ló? 11. Tá 1½ cd. galúnaigh i mbosca. Dé méid beart 2-pht. a bheadh in dhá bhosca mar é? 12. Dé méid cloch siúicre a gheobhthaí thomhas as 1½ tn.? 13. Cúig thonna coirce ar scilling an chloch? 14. Tá 2 ualach lín ag feirmeoir, agus 136 cl. i ngach ualach. Dé méid tonna, 7rl., ann? 15. Má theigheann 5 ceathramhna guail isteach i mála, dé méid mála is féidir a líonadh as 6 tn. 16cd. 1 cr.? 16. Dé méid mála 8-gcl. gheobhthaí a líonadh as 3 tn. 15 cd. prátaí? 17. Nuair bhí feoil ar 7d. an púnt, fuaradh £6 10s. 8d. ar mhuic. Cadé an meadhchan bhí inte? 18. Cad is fiú 17½ cd. prátaí ar raol an chloc? 19. Dé méid ceud siúicre ar thistiún an púnt a gheobhainn ar £3 14s. 8d.? 20. Dé méid cloch plúir a dheunfadh 896 builín, agus naoi n-unsa bheith in gach ceann? 21. Caithtear púnt siúicre sa ló i dtigh. Dé méid os cionn 3 chd. a chaithfí ann bliadhain bhisigh? 22. Dé méid leath-phúnt a dheunfadh bean-tighe as sé feircíní ime a mbeadh leath-cheud in gach ceann? 23. Dé méid mála cloiche a líonfadh 5 tn. siúicre? 24. Dé méid tonna coirce a gheobhainn ar £16 agus scilling an chloch do thabhairt air? 25. Caitheann ceathrar fear unsa tobac an duine sa ló. Dé méid a chaithfidís a gceathrar i mbliadhain?
26. Ceannuightear té ar 1s. 9d. an púnt agus ath- táiltear ar 2s. 3d. an púnt é. An mór a bheadh beirthe le 2chd.? 27. Dé méid mála 100-pt. gheobhthaí a líonadh as 10 dtonna plúir? 28. Tá 16 mála i dtonna guail. Ciaca is truime mála dhe nó ceud? Dé méid púnt sa deifir? 29. Cad a chosnóchadh 1cd. 2cr. 12pt. sóide ar phingin an púnt? 30. Ídigheann líon-tighe 3us. té sa ló. Cadé an fhaid a raghadh 4 cl. 12pt. 7 us. leo? Tomhas Faid. Cleachtadh ar na Táibhlí. 1. Dé méid órlach i dtroigh? 2 thr.? 3. tr.? 6 tr.? 2. Cionnus d’athróchthá troighthe go h-órlaighe? Órlaighe go troighthe? 3. Dé méid troigh i slait? Órlach i slait? Órlach i slait go leith? Órlach i slait agus ceathramha? 4. Dé méid troigh in 5 sl.? 10 sl.? 15 sl.? 5. Cionnus a dheunfá slata de throighthe? Troighthe de shlata? 6. Dé méid slat i bpéirse bhig? I bpéirse mhóir? Dé méid slat sa deifir eatorra? 7. Cionnus a thugtar péirsí go slata? Slata go péirsí? 8. Dá siubhlóchainn 2 stáid (furlong), dé méid péirse san? 9. Dé méid péirse in 4 stáid? 7 st.? 8st.? 10. Cionnus athruightear stáide go péirsí? Péirsí go stáide? 11. Tá 10 bpéirse ar faid i gclaidhe páirce. Dé méid slat san? Dé méid troigh? 12. Do rith garsún míle; garsún eile 10 st. Faigh an deifir ’na phéirsí. 13. Tá leath-phinge órlach ar a threasna. Dé méid leath-phinge a shínfeadh feadh slaite? 3 sl.? 5 sl.?
14. Tá fear 6 tr. 3ór. ar aoirde. Dé méid órlach aige ar fhear atá 5 tr. 7 ór. ar aoirde? 15. Dé méid dosaoin tairnge órlaigh a shínfeadh feadh 3 sl.? 5 sl.? 10sl.? 16. Dé méid stáid in 1¼ míle? in 10 ml.? 17. Cad a chosnóchadh 2 shl. téide ar phingin an t-órlach? 18. An mór a bheadh ar órlach de d’réir 3 s. an tslat? 19. Shiubhlas míle slighe. Dé méid slat san? Dé méid troigh? 20. Tá taobh cearnóige 5½ sl. ar faid. Dé méid péirse thimcheall í? 21. Coróinn is raol an péirse, dé méid an tslat san? 22. Dé méid lúb i slabhra? Dé méid slat? Órlach? 23. Dé méid slat-riaghail as a chéile a shínfeadh feadh míle? 3 ml.? 7ml.? Somplaí XXVII. (Ná bac péirsí.) Athruightear - 1. 3 mil. 3st. go troighthe. 2. 17 ml. 3sl. go h-órlaighe. 3. 500 sl. go h-órlaighe. 4. 22 st. go slata. 5. 7 mil. 6 st. go slata. 6. 18 ml. go slata. 7. 3 ml. 4 st. 11 sl. go troighthe. 8. 4 ml. 7 st. 11 sl. go troighthe. 9. 5 ml. 2 st. 3 sl. go troighthe. 10. 15¾ ml. go slata. 11. 100 ml. go slabhraí. 12. 59 sl. go h-órlaighe. 13. 65 pr. móra 4 sl. go troighthe. 14. 16 st. go leath-shlata. Athruigh go mílte, stáide, (ná bac péirsí), slata, 7c. -
Ceisteanna Measctha. Somplaí XXVIII. 1. Dé méid tairnge órlaigh gheobhthaí a ghearradh de 36 sl. de shreang-iarainn? 2. Dé méid stampa, órlach ar faid, a shínfeadh feadh 45 sl.? 3. Dé méid slat de shreang-iarainn nár mhór chum 13392 bhiorán órlaigh do dheunamh? 4. Dé méid órlach sa deifir idir péirse mhór agus péirse bheag? 5. An mó coiscéim dhá throigh ar faid a thabharfaidh garsún ag siubhal go dtí an scoil agus as, má tá a thig 2 st. ón scoil? 6. Dá mbaintí cloch phrátaí as gach aon rámhan (5½ sl.) d’iomaire, dé méid tonna bheadh i bpáirc 80 iomaire, agus 20 pr. faid gach iomaire? 7. Tá páirc dronn-uilneach 20pr. ar faid, agus 15 pr. ar leithead. Cadé faid an chlaidhe, atá mór-thimcheall leis, ’na throighthe? 8. Tá Corrán Tuathail 3414 tr. ar aoirde agus Sliabh Dúnáird 2796 tr. Cadé an deifir atá eatorra ’na shlata? 9. Tá 12 ór. ar timcheall i roth breugáin. Dé méid casadh dheineann sé ag dul 35 sl.? 10. Tá órlach ar treasna i leath-phinge. Dé méid díobh i ndiaidh a chéile a shínfeadh feadh búird 7½ tr. ar faid? 11. Dá n-ídeochthaí ualach cloch ar gach péirse bóthair, dé méid ualach a dheiseochadh 5 m. 6 st. 24pr.? 12. Dhá throigh go leith faid coiscéim saighdiúra, dé méid coiscéim a thabharfadh saighdiúir ag siubhal 1760 sl.? 13. Deineann roth trucaileach, atá 3 sl. ar timcheall, 500 casadh i dturus. Dé méid furlong deunta aige? 14. Cad a chosnóchadh 25 cláracha giúise, a mbeadh 5 tr. d’fhaid in gach ceann aca, ar 3d. an troigh?
15. Tá 2240 sl. i míle mór (Gaedhlach), agus 1760 sl. i míle beag (Gallda). Dé méid órlach sa mbreis ag ceann aca ar an gceann eile? 16. Tá dhá bhaile chúig mhíle ó chéile. Má shiubhlaim 1200 pr. ó cheann aca, d ’iarracht ar an gceann eile, dé méid slat ón gceann eile mé? 17. Gluaiseann mo rothar 5½ sl. le gach aon chasadh a dheineann na troighthíní. Cadé an fhaid ó bhaile atáim t’réis 1500 casadh. 18. Dé méid píosa 9-nór. gheobhthaí a bhaint de chleath 10 sl. 9 ór. ar faid? 19. D’réir pingin an péirse, ’dé’n faid bóthair a ghlanfaí ar £5? 20. Dé méid péirse Gaedhlach a bheadh in 56 péirsí Gallda? 21. Dé bhfaghfaí briseadh £5 ’na leath-phingí, agus iad do cur in aon sreath díreach amháin, dé méid slat a bheadh sa sreath? (½d. = 1 ór). 22. Cosnuigheann teud-fuinneoige leath-phinge an tslat. Dé méid slat a bheadh agam ar leath-choróinn? 23. Dé méid troigh in 1 1/8 ml.? 24. Dé méid púnt meadhchain de shreang-iarainn a shínfeadh feadh míle bothair, agus 12 thr. de do dhul chum an phúint? 25. Teigheann fear 12 ml. san uair ar rothar. Má leann sé ag rothuidheacht ó 7.30 a.m. go h-eadarshuth, dé méid péirse deunta aige? 26. Ceannuighim lása Gaedhlach ar 2½ d. an t-órlach, cad a chosnuigheann 5 sl. de orm? 27. Dé méid slat, 7rl., in 5843 ór + 346¼ tr.? 28. Tá Corrán Tuathail 3414 tr. ar aoirde, dé méid troigh fá bhun míle ann? 29. Má tá eudach ar 4s. 6d. an tslat, dé méid airgid a cheannóchadh rolla 165 tr. dhe? 30. Dé méid crann 5 slata ar faid a shínfeadh as a chéile feadh na 7 míle slighe atá ón Rinn go Dúngarbhán?
Am. Cleachtadh ar na Táibhlí. 1. Dé méid secund in nóimeat? 5 nóim.? Leath uair? 2. Dé méid nóimeat i leath-uair? 3. Dé meid uair in 120 nóim.? 240 nóim.? 60 nóim.? 4. An mó nóimeat in 60 sec.? 180 sec.? 120 sec.? 5. Dé méid nóimeat in 1½ uair? 6. Dé méid uair in lá? 2 lá? 3 lá? 7. Tabhair ainm eile ar 180 nóim. 8. Dé méid nóimeat i gceathramha uaire? I dtrí ceathramhna? 9. Dé méid seachtmhain in 21 lá? 14 lá? 35 lá? 10. Dé méid lá in 2 bhl.? in 2 bhl. bhisigh? 11. An mó lá in 48 n-uaire? 72 uair? 24 uaire? 12. Dé méid secund in nóimeat agus 40 sec.? 13. Dé méid uair agus nóimeat in 100 nóim.? 14. Athruigh 1½ go h-uaire; 2¼ go h-uaire? 15. An mó seachtmhain in 49 lá? 63 lá? 84 lá? 16. Dé méid seachtmhain i gcoicthigheas? I gcoicthigheas agus mí? 17. Dé méid uair sa mbreis ag an mBeultaine ar an Meitheamh? 18. Bíonn an scoil ar siubhal ón a 9 a chlog go dtí a 3 a clog gach lá de 5 lá. An mó uair san? 19. Cionnus aithnightear bliadhain bhisigh? 20. Cad iad na míosa ’na bhfuil 30 lá? 31 lá? Athrú. Somplaí XXIX. Athruigh - 1. 13 uaire 10 nóim go secuind. 2. 4 seachtmhaine 2 lá 11 uair go nóimeataí. 3. 9 scht. 1 lá 7 nuaire 12 nóim. 35 sec. go secuind. 4. 69 lá 10 nuaire 39 sec. go secuind. 5. 7 scht. 3 lá 7 nuaire 11 nóim. go nóimeataí. 6. 365 lá go móimeataí. 7. 49 nuaire 49 nóim. 49 sec. go secuind.
8. 24 bl. 124 lá go laethe. 9. Dé méid nóimeat i mí Eanair, mí na Samhna, mí na Feil’ Brighde (1898)? 10. Comhairigh dé méid uair sa dara leath den mbliadhain? Athruigh go bliadhanta (.i. 52 scht.), seachtmhainí, laethe, 7c.- Ceisteanna Measctha. Somplaí XXX. 1. Tá garsún 8 mbl. d’aois agus garsún eile 13 bl. d’aois. Dé méid lá ag duine aca ar a chéile? 2. Buaileann clog gach aon uair, dé méid buille bhuailfeadh sé i rith na bliadhna? 3. Teigheann Tadhg a chodladh ar a 9p.m. agus eirigheann sé ar a 6.30a.m., dé méid secund sa leaba dó? 4. Dé méid nóimeat i mí Eanair agus na Feil’Brighde, 1916? 5. Tuilleann cearduidhe 18s. sa ló. An mór san sa mbliadhain? 6. Gluaiseann traen míle sa nóimeat. Cadé an fhaid a raghaidh sí idir 9 a.m. agus 22.15 p.m.? 7. Má leanann cogadh ar feadh 1½ bl., dé meid lá a sheasuigheann sé? 8. Teigheann long gaile 28 ml. san uair. Dé méid nóimeat a bhaineann se dhi 280 ml. do dheunamh? 9. Beireann uaireadóir 15 sec. leis in 24 uaire. Dé méid nóimeat chum cinn é i gcionn coicthighis? 10. Tá 480 leathanach i leabhar, agus léighfinn leathanach de in 3 nóim. Cadé an fhaid a bhainfidh sé dhíom an leabhar ar fad do léigheamh? 12. Tuitim dem chodladh 10.15 p.m. agus dúisighim 6.30a.m. Dé méid nóimeat im chodladh dham?
13. Tá gearrchaile 8½ bl. d’aois. Dé méid lá ar an saoghal di? 14. Dé méid nóimeat sa cheud ráithe de bhliadhain bhisigh? 15. Dé méid timcheall d’aghaidh cluig a dheineann snáthad na h-uaire i mbliadhain? 16. Dé méid lá a bhainfidh sé de shnáthaid na nóimeat 480 timcheall d’aghaidh an chluig do dheunamh? 17. Teigheann fear-rothair 12 ml. san uair: dé méid míle bóthair a chuirfidh sé dhe idir eadarshuth agus 1.45 p.m.? 18. Bíonn scoláire 5½ uaire den lá ar scoil. Dé méid uair a bheidh curtha isteach aige i gcionn 8 scht. scoile (5 lá)? 19. Teigheann gluaisteán 35 ml. san uair, agus traen 45 ml. san uair. Dé méid uair sa mbreis a bhainfidh sé dhen ngluaisteán 315 do dheunamh? 20. Cadé an fhaid a bhainfidh sé de cholbhar eitealladh 285 ml., agus é do dhul míle in 2 nóim.? 21. Rugadh gearrchaile lá coille, 1904. Dé méid lá d’aois bhí sí lá coille, 1914? 22. Dé méid a thuilleann garsún in 8 scht., agus é d’oibriughadh 8 n-uaire sa ló ar feadh 6 lá na seachtmhaine, ar 2d. san uair? 23. Bogann dhá thraen in aoinfheacht, chum dul malairt treo. Teigheann ceann aca 60 ml. san uair agus an ceann eile 50ml san uair. Dé méid nóimeat go mbeidh 220 ml. eatorra? 24. Tá 1540 sl. i gcúrsa ráis. Cadé an fhaid a bhaineann sé de ghaiscidheach reatha é chur de, agus 110 sl. do dheunamh dó in 20 sec.? 25. Dé méid secund i mbliadhain reatha (bhisigh) sa mbreis ar bhliadhain choitchinn? 26. Tá 320 custuiméir ag fuinteoir, agus bíonn 4 bulóg an duine uatha sa ló. Dé méid bulóg a dhíolann sé i gcaitheamh mí Lughnasa? 27. Dé méid mion-bhuille a thugann clog lá Nodlag, agus ceann dá thabhairt in aghaidh an tsecuind aige? 28. Bhain sé coigthigheas agus 14 uaire de chearduidhe greas oibre do chur da léimh. Cadé an tuarastal bhí ag dul dó d’réir scilling san uair?
Meadhchain agus Tomhais Eile. Somplaí XXXI. Meadhchan Troighe. Athruigh go gráinneacha - Athruigh go púint, unsaí, 7c. - Tomhas Cearnach (ná bac péirsí c.) Athruigh - 16. 30 acra 2 cheathramha (-acra) go troighthe cearnacha. 17. 10 ac. go slata c. 18. 50 sl.c. go h-órlaighe c. 19. 217 ac.3 cr. go slata c. 20. 21 ac. go troighthe c. 21. 30 ac.3 cr. 506 sl.c. 3 tr.c. 112 ór.c. go h-órlaighe c. Athruigh go h-acraí, ceathramhna (ná bac péirsí c.), slata c.,7c. - Tomhas Soitheach. Athruigh - 28. 3 ceathramhna 1 buiseul 2 phic 3 chairt go piontaí. 29. 13 cr. 2 bs. 2. pc. 1 galún go galúin. 30. 5 cr. 6 bs. 6 gl. go galúin. 31. 1 cr. 2 bs. 2 pc. 3 ct. go piontaí.
Athruigh go beathramhna, buiséil. 7c. - Tomhas Faid (tuille). (Somplaí 38-60 le deunamh tar éis eolus d’fhaghbhail ar chodacha.) Athruigh - Athruigh go mílte, stáide, péirsí, slata, 7c. - Tomhas Cearnach (tuille). Athruigh - Athruigh go h-acraí, ceathramhna, péirsí, slata, 7c. - Tomhas Ciúbach. Athruigh - 61. 3 sl.cb. 23 tr.cb. 119 ór. cb. go h-órlaighe ciúbacha. 62. 14 sl.cb. 7 tr. cb. 470 ór. cb. go h-órlaighe cb. 63. Dé méid slat ciúbach in míle ciúbach? 64. Athruigh 361662 ór. cb. go slata ciúbacha, 7c. 65. Athruigh 70000000 sl. cb. go mílte ciúbacha.
Caibidil VIII. Na Cheithre Riaghlacha: Airgead Suimiú Airgid. 38. Insan dá chaibidil seo (VIII. 7 IX) ar Shuimiú, Dealú, Meudú agus Roint Airgid, 7c. ní mór nach iad na riaghlacha ceudna atá ag obair agus atá foghlumtha cheana ag an scoláire (Caib. II.-V.). Ní’l acht so sa deifir eatorra: In áit comhaireamh ’na ndeicheanna, go gcomhairighmíd ar dtúis ’na gceathracha (ag deunamh pingní desna feoirlingí), annsan ’na ndó-dheuga (ag deunamh scillingí desna pingní), agus annsan ’na bhfichidí (ag deunamh púint desna scillingí). Suimiú comhshuidhte, 7c., a thugtar ar Shuimiú, Dealú, 7c., airgid agus a leithéid. Ceisteanna Béil. 1. Dé méid feoirling i bpingin? I leath-phinge? I scilling? 2. Dé méid pingin i scilling? Dé méid órlach i dtroigh? Dé méid ní i ndosaoin? Cad a thugair fá ndeara ’na dtaobh? 3. An mór a bheadh ag garsún a mbeadh 5 leath-phinge agus 7 bpingne aige? 4. Dé méid pingin a gheobhthá ar 16 feoirling agus 12 fheoirling? 5. Dé méid é 10d. agus 10 leath-phinge? 6. Cuir le cheile: 7. Faigh a n-iomlán so: 8. Cadé an píosa geal a gheobhthaí orra so: 9. Tá 9½ d. agam; faghaim scilling óm athair agus 8½ d. óm mháthair. Dé méid agam ’na dhiaidh san?
Somplaí XXXII. Cuir le chéile:
Somplaí XXXIII. 1. Sid iad na fiacha atá ag siopadóir ar bhean-tighe: 6½ ar arán, 11d. ar shiúicre, 9½d. ar im, agus 8½ d. ar shubh. Dé méid é an bille? 2. Chuir garsún 9 scillinge i dtaisce, agus thug a mháthair 5d. dó in aghaidh gach scillinge bhí aige. An mór bhí aige annsan? 3. Cuir 1s. 9¾d. le n-a chéile cheithre h-uaire, agus dé méid a bheidh agat? 4. Bhí 6s. 9d. ag Tadhg. Fuair sé 1s. 7d. agus annsan dhá raol. An mór bhí aige ar fad? 5. Cheannuigh Nóra 5 leabhair ar 1s. 10½ d. an ceann. Cadé an costas bhí deunta aici? 6. Chím im sparán 7 raol, leath-choróinn, agus 9 leath- phinge. An mór agam ar fad? 7. Seo mo chúntas i siopa lóin: Siúicre, 1s. 5½d.; im, 2s. 10d.; min-choirce, 9¼.; cúiríní, 7½d. Faigh an t-iomlán. 8. T’éis dam 2s. 10½d., 3s. 8¼ d., agus 5s. do chaitheamh, bhí 3s.5¼d. fágtha agam. Dé méid bhí agam ar dtúis? 9. Bhailigh bacach an mhála 3s. 9½d. gach lá ar feadh 4 lá. Dé méid airgid a bhí aige annsan? 10. Cheannuigh mé hata ar 3s. 10d. agus caipín ar 2s. 4½d., agus annsan bhí leath-shobhran fágtha agam. An mór a bhí agam ar dtúis? 11. Tá na fiacha so ag búistéir orm: Mairt-fheoil, 2s. 7½d.; gríscíní, 1s. 9d.; blonog, 10½d.; caoir-fheoil, 5s. 9d.; dé méid aige orm ar fad? 12. Thug bean-uasal 7s. 6d. ar hata, 4s.11d. ar foscán-gréine agus d’fhág san dhá leath-choróinn aici Dé méid bhí aici ar dtúis? Dealú Airgid. Ceisteanna Béil. 1. An mór a bheadh ag teacht chugham as scilling t’réis 7½d. do thabhairt ar leabhar? 2. Cheannuigh garsún caipín ar 10½d. Dé méid d’fhan aige as scilling?
3. Bhí raol ag Tomás agus chaith sé 3¾d. An mór d’fhág san aige? 4. Dé méid a chuirfeá le 10½d. chum dhá scilling do dheunamh? 5. Tugaim 9d. ar leabhar. Dé méid atá ag teacht chugham as leath-choróinn? 6. Chuir cléireach 5s. síos im choinne in áit 5d. Dé méid a bhíodh ionam? 7. Má chaithim dhá scilling agus 3 raolacha, an mór bheidh fágtha agam as choróinn? 8. Dé méid i bhfochair 7¾d. a dheunfadh scilling? 9. Dé méid agam as leath-shobhran t’réis bille le 8s. 3d. do dhíol? 10. Bíodh 3s. 6½d. agam’sa agus 2s.9d. agat-sa. Dé mhéid sa mbreis agam ort? Somplaí XXXIV.
Déin Somp. 31-39 gan iad do chur fá n-a chéile. 31. Dealuigh 1s.9½d. ó 3s.8d. 32. Bain 9s. 8¾d. as 10s. 6d. 33. As 12s. 1½d. Bain 4s. 10¼d. 34. Ó 14s. 2½d. dealuigh 6s. 3¾d. 35. Faigh an deifir idir 8s.9½d. agus 5s. 10¾d. 36. Dé méid sa mbreis ag 17s.9¼d. ar 12s.9¾d.? 37. Dé méid fá bhun 15s.1½d. atá 10s.5¼d.? 38. Dé méid sa deifir idir 14s.5¼d. agus 11s. 6½d.? 39. Cad a chuirfeá le 5s. 6½d. chum 9s. do dheunamh? Oibrigh - Ceisteanna Béil. 1. T’réis 7s.6d. do dhíolas leath-shobhran, dé méid agam? 2. Cheannuigh scoláire liathróid iomána ar 3s.9d. An mór d’fhan aige as 5s.6d.? 3. Thugas 4s.3d. ar hata. Dé méid d’fhág san as trí leath-choróinn agam? 4. Bhí 12s.6d. ag cailín ’na sparán. Chaith sí é go léir go dtí 2s.9d. Dé méid é an caitheamh? 5. Tá coróinn is raol ag Tadhg agus dá leath-choróinn i bhfochair píosa-dhá-scilling ag Seán. Dé méid ag Seán sa mbreis ar Thadhg? 6. Dé méid atá 8s.8d. fá bhun 11s.5d.? 7. Tá 15s.9d. fiacha orm agus ní’l agam acht 12s.10d. Dé méid nár mhór dam chum na fiacha do ghlanadh? 8. Dé méid leath-phinge i leath-choróinn sa mbreis ar 1s.8½d.? 9. Má dhíoltar 13s.9d. as leath-shobhran agus dhá leath-choróinn, dé méid atá fágtha? 10. Bhí 15s. ag siopadóir orm agus dhíolas trí leath- choróinn de leis. Dé méid aige orm fós?
Somplaí XXXV. 1. Dé méid agam as shobhran, t’réis peidhre bróg do cheannach ar 9s.9d. agus caipín ar 2s.6d.? 2. Teastuigheann uaim ball euduigh do cheannach ar 15r.8d., acht ní’l agam acht 13s.9d. Dé méid eile a dheunfadh mo ghnó? 3. Dhíol bean bille le 8s.3½d. agus bille eile le 3s.7½d. púnt a bhí aici, dé méid bhí ag teacht chúiche as? 4. Tá 19s.6d. agam. Má cheannuighim bórd ar 13s.10d. agus cathaoir ar 4s.9d., dé méid a bheidh agam? 5. Bain 11s.10½d. as iomlán 8s.6d. agus 10s.3¾d. 6. Bheannuigh scoláire mála-scoile ar 4s.6d. agus leabhair ar 3s.9½d. Dé méid d’fhan aige as cheithre leath- choróinn? 7. Tá 6 leath-choróinn agam. Má cheannuighim bríste ar 11s.11d. agus caipín ar an gcuid eile, dé méid a chosnuigheann an caipín orm? 8. Bhí 16s. 0½d. fiacha ar dhuine agus mhaitheadh 10½d. dó. Dé méid bhí air a dhíol? 9. Dé méid a bhí siopadóir ionam, a bhain 9s.6½ díom in áit 6s.9½d.? 10. Ocht scilinge deug agus tistiún a chosain bórd agus dhá cathaoir. Má chosain na cathaoireacha 3s.4d. an ceann, dé méid é luach an bhúird? 11. Dhíol bean feirmeora meascán ime ar 15s.4d. As an airgead san cheannuigh sí púnt té ar 2s.10d. agus cloch shiúicre ar 5s.10d. Dé méid d’airgead an ime d’fhan aici? 12. Tá leath-shobhran go dtí pingin ag Seán. Coimeád- ann sé 3s.6d. dó fein agus tugann sé an chuid eile dá mháthair. Dé méid a gheibheann sise? Suimiú Airgid. 39. Comhairle. - Cuirtear an cleachtadh a mholadh sa Suimiú Simplí i bhfeidhm sa Suimiú Comhshuidhte. Cleachtuightear Suimiú Dála 6d.+1s.+1s.6d.+ 2s.+7c.
Ceisteanna Béil. 1. Tá coróinn airgid agam. Má gheibhim 1s.7d. agus 2s.5d., dé méid a bheidh agam annsan? 2. Chaith Nóra 3s.7d. agus 1s.8d. Dé méid san? 3. Tá 3s.9d. orm i siopa lóin, 10s. i siopa eudaigh, agus 12s.6d. i siopa leabhar. Dé méid fiacha orm ar fad? 4. Má chuirtear 7½d., 8¾d., agus 1s.5d. le chéile, cadé an t-iomlán? 5. Tuilleann fear 5s.6d. sa ló. Tuilleann mac leis 3s.9d. sa ló agus mac eile 2s.6d. Dé méid é tuilleamh lae an triúir? 6. Suimigh 4½d., 9½d., agus 1s.9¾d. 7. Cheannuigh duine uasal sicín ar 2s. 8½d., lacha ar 3s.3½d., agus gé ar 9s.6d. Dé méid costais a dhein sé? 8. Cuir le chéile corónn, píosa-dhá-scilling, scilling, agus raol. 9. Tuilleann garsún 2s.8d. sa ló, agus tuilleann a athair 2s.4d. níos mó ná san. Dé méid a thuillid eatorra? 10. Cadé an t-iomlán atá ag 4s.7½d., 4s.4½d., agus leath-choróinn? Somplaí XXXVI. Suimigh somplaí 1-8 ó bhun go barr agus ó chlé go deis. Annsan suimigh iomláin na gcolumhan agus iomláin na sreath, chum a theasbáint go bhfuil an suimiú deunta i gceart.
Dealú 40. Comhairle. - 1. Ní mór don scoláire bheith in iúl ar dealú do dheunamh gan an t-airgead beag do chur fá’n airgead mór. Mar atá, £86 14s. 8d. do bhaint as £104 7s.11d. gan iad d’aith-scríobhadh. 2. Más ag baint 4s.10d. as £10 do dhuine is fusaide an obair na £10 d’athrughadh go £9 19s.12d. ’na aigne ar dtúis. Ceisteanna Béil. 1. Dé méid a bhainfeá as leath-choróinn chum 1s. 3¼d. do bheith fágtha? 2. Dé méid a chuirfeá le 10¼d. chum dhá scilling do dheunamh? 3. Dá gcaithinn 2s.4d. agus 1s.8½d. as choróinn, an mór a bheadh fágtha agam? 4. De méid a bheadh agat as 3s.6d. tar éis 6¼d. do chaitheamh? 5. Tá 3s.8½d. ag Peadar agus 9½d. níos lugha ag Liam. Dé méid a theastuigheann ó Liam chum trí scillinge do bheith aige? 6. Dhíol garsún liathróid ar 1s.9½d. agus ghaibh sé 10½d. Dé méid a bhí aige annsan?
7. Má bhaintear 5 leath-choróinn as phúnt, an mór a bheidh fágtha? 8. Bíodh 3s.6d. agam sa agus 4s.4d. agat-sa. Má thugaim 5d. duit, dé méid a bheidh ag ceachtar againn annsan? 9. Dá mbeadh 1s.8½d. eile agam, gheobhainn earradh atá uaim ar 3s.6d. do cheannach. An mór agam? 10. De méid a bheadh fágtha t’’réis 6¾d. do bhaint as 4s.6d.? Somplaí XXXVII. Oibrigh iad so gan iad d’aith-scríobhadh fá n-a chéile -
Suimiú agus Dealú le Chéile. 41. Ag gabháil do chúntaisí airgid, rud an-acrach iseadh é, bheith in iúl ar an suimiú agus an dealú do dheunamh in aon iarracht amháin. Smp. - Cuir le céile £81 15s.6d., £17 0s.3d., agus 17s.6d., agus bain an t-iomlán as £193 4s.8d. Somplaí XXXVIII. Líontar isteach na línte atá in easnamh insna ceist- eanna so ar shuimiú airgid (smp.7-9).
Somplaí XXXIX. 1. Dhíol ceannuightheoir bó ar £26 12s.6d. agus bheir sé £5 17s.6d. léi. An mór a thug sé uirre? 2. Tuilleann fear agus a mhac £20 eatorra. Má thuilleann an mac £6 15s.6d., dé méid os a chionn san a thuilleann an t-athair? 3. Cheannuigh duine-uasal dhá ghluaisteán ar £500. Má chosain an ceann ba dhaoire £275 10s., dé méid fá n-a bhun san a chosain an ceann eile? 4. Chosain capall, cearr agus culaidh 60 giní. Dob’ fhiú £5 12s.6d. an chulaidh agus 34 ghiní an capall. Cad a chosain an cearr? 5. Cheannuigh feirmeoir bó ar £22 10s. agus capall ar £45. Dhíol se an capall ar £49 10s. agus an bó ar £20 fá n-a bhun san. Dé méid a bheir sé seo? 6. Cad a chaithfear a chur le £571 13s.9d. chum £1001 4s.11d. do dheunamh? 7. Cad a bhainfead as £1875 4s.8d. chum £1114 16s.8d. do bheith fágtha agam? 8. Bhí £5 ag fear ’na phóca; chaill sé 10s., thug sé uaidh 25s. agus dhíol sé dhá bhille le £1 7s.8d. agus £1 11s. 4d. An mór atá fágtha aige? 9. Dé méid sa mbreis ag £100 13s.5d. ar £48 17s.6d.? Líon isteach na línte atá in easnamh insna cheithre ceisteanna so ar shuimiú. 14. £15 7s.11d. an ceann is mó de dhá shuim airgid. Cadé an ceann is lugha más £20 a n-iomlán araon? 15. £1801 4s.11d. an ceann is lugha de dhá shuim airgid. Cadé an ceann is mó, más £740 18s.9d. an deifir atá eatorra?
16. Níor fhan agam as nóta deich bpúnt acht 9s. 7½d. Dé méid a chaith mé? 17. Bhí £35 fiacha ar fhear. Dhíol sé 18 nginí agus annsan £11 17s. 6½d. Dé méid fiacha bhí air fós? 18. Tuilleann fear, a bhean agus a mhac £4 12s.6d. eatorra sa tseachtamhain. Ma thuilleann an fear dhá ghiní agus an bhean 10s., níos lugha ná é, dé méid a thuilleann an mac? 19. Má bhaintear £34 16s.8¼d. fa dhó as £100, dé méid atá fágtha? 20. Tá 10 nginí agam. Badh mhaith liom fiacha £6 18s.9½d. agus £4 7s.11¼d. do dhíol. Dé méid eile nár mhór dam? 21. Bain 10s.10½d. as míle púnt. 22. Chosain tonna prátaidhe £3 3s.6d. Má dhíoltar a leath ar £1 18s.10d. agus an leath eile ar dhá ghiní, dé méid a bheirtear leo? 23. 24. Dhíol feirmeoir muca ar £17 4s.8½d. agus ba ar £69 10s. Chuir se an t-airgead sa mbanc, agus annsan bhí £100 aige ann. Dé méid bhí ann roimhe sin aige? 25. Bain iomlán £18 11s.4d., £23 17s.11d., £81 6s.8d. as £300. 26. Cadé an difir atá idir £469 18s.4d., agus an t-iomlán atá ag £17 4s.1d., £18 4s.10d., £19 19s.6d? 27. Dé méid atá fágtha as £40 t’réis na fiacha so do dhíol: - £3 17s.6d., £10 18s.1d., £4 8s.5d., £19 19s.? 28. Faigh an t-iarmhar i ndiaidh £63 11s.8d. - £17 16s.2d. - £1 11s.8d. - £14 19s.11d. - £7 6s.8d. 29. Faigh suim airgid a bheidh chomh mór le £93 4s.9d. +£17 6s.8d. - £23 11s.5d. - £16 4s.2d. 30. Tá na fiacha so leanas ar fhear; agus tá na fiacha so aige ar dhaoine eile. Ciaca i bhfiacha nó a mhalairt dó, agus dé méid é?
31. Cheannuigheadh tigh ar £750, chaitheadh £160 18s.4d. ar throscán dó, agus annsan dhíoladh idir thigh agus troscán ar £1000. An mór a bheireadh leis? 32. Cuir iomlán £27 3s.4d. agus £19 11s.5½d. leis an deifir atá eatorra? 33. Bainim suim éigin airgid as £1001 19s.6d.agus atá £756 18s.7d.fágtha. Dé méid a bhainim as? 34. Cadé an tsuim airgid a mbainfear £9851 14s.7d. aiste, chum £867 4s.11d. d’fhaghbhail mar iarmhar? 35. Sidé an faghbhail i siopa áirighthe ar feadh sé lá. Sidé an caitheamh ar feadh na haimsire sin. De méid atá an faghbhail thar an gcaitheamh. Meudú Airgid. Ceisteanna Béil. 1. Cad a chosnóchadh 8 sceana ar 9d. an ceann? 2. An mór a thabharfá ar 6sl. téide ar 6½d. an tslat? 3. Cad dob’fhiú 3 dosaoin ubh ar 1s.4d. an dosaoin? 4. Cheannuigh siopadóir earraidhe ar 8½d. an ceann agus dhíol sé ar scilling an ceann iad. Dé méid airgid a dhein sé as dosaoin díobh? 5. Cad a chosnuigheann 6 pt. té ar 2s. 6d. an púnt? 6. Dá gceannóchainn 5 dos. oráistí ar 7½d. an dosaoin agus iad do dhíol ar phingin an ceann, dé méid a bheur- fainn leo? 7. Tugtar leath-choróin an duine do mhórsheisear garsún as shobhran. An mór atá fágtha? 8. Dé méid a dhíolfadh as 3 leabhair ar 1s.9d. an ceann, agus an oiread ceudna leabhar ar 8d. an ceann? 9. An mór a bheadh ag teacht chugham as leath-shobhran t’réis díol as 7 leathróidí ar 1s.4d. an ceann? 10. Dé méid i bhfochair luach 3 pt.ime, ar 1s.6½d. an púnt, a dheunfadh coróinn?
Somplaí XL. Somplaí XLI. 1. Cheannuigh garsún leabhair ar 1s.6d. an ceann, agus 6 cinn ar 1s.4d. an ceann. Dé méid é an costas? 2. Ta 2s.4½d. ag Seán agus a chúig oiread san ag Tadhg. Dé méid aca araon eatorra? 3. Cheannuigheadh 3 sicíní ar 2s.6d. an ceann, agus 4 cinn ar 2s.7½d. an ceann. Díoladh iad go léir ar 2s.9d. an ceann. Dé méid a bheireadh leo? 4. Dé méid fágtha agam as 9s.6d. t’réis 7 mbónaí do cheannach ar 6½d. an ceann, agus peidhre láimhní ar 1s.11d.? 5. Dosaoin slat euduigh ar 1s. 5½d. an tslat? 6. Dé méid ar fad a chosnóchadh cos caoir-fheola, a mheadhfadh 7 bpt., ar 1s.3½d. an púnt, agus 4 pt. mairt- fheola ar 1s.4½d. an púnt? 7. Dé méid airgid nár mhór dam chum díol as 8 n-unsa té ar 3½d. an t-unsa agus 5 pt. siúicre a 10½d. an púnt? 8. Tuilleann garsún 2s.9d. sa ló, agus tá an méid sin fá dhó dá athair. An mór a thuillfidís araon in 2 lá?
9. Ciaca is daoire, 7 sicíní ar 2s.8½ d. an ceann, nó 8 lachain ar 2s.2½d. an ceann? Dé méid í an bhreis? 10. An mór a bheadh fágtha agat as chúig leath-choróinn t’réis 1s.4½d. an ceann do thabhairt ar 9 leabhair? 11. Cheannuigh siopadóir 9 gcolbhair ar 1s.2d. an ceann agus 6 coiníní ar 1s.7½d. an ceann. An mór a dhíol sé asta go léir? 12. Dé méid a chosnóchadh 8 sl. eudaigh, ar 1s.6½d. an tslat, sa mbreis ar 4 pheidhre stocaí, ar 2s.4½d. an peidhre? Roint Airgid. Ceisteanna Béil. 1. Dá rointí scilling ar thriúr, dé méid a gheobhadh gach duine? 2. Thug Nóra 7½d. ar thrí leabhair-scríobhtha, dé méid an ceann san? 3. Dé méid an púnt ar shiúicre, nuair a chosnuigheann cheithre púint 1s.10d.? 4. Gheobhainn 2 pht. milseán ar 1s.10d. Dé méid a bheadh ar leath-phúnt? 5. Raol ar 4 cinn d’uibhe, dé méid an ceann san? 6. Dé méid an chloch ar phrátaí, nuair a gheobhthaí 4cl. ar leath-choróinn? 7. Dé méid ar leath-dhosaoin ubhall, nuair atá 2s.7½d. ar thrí dosaoin díobh? 8. Fuaradh coróinn ar 3 pt. ime, de méid an púnt san? 9. Dá bhfuighbhtheá trian 7s.6d. agus an ceathramha cuid de 10s., dé méid a bheadh agat? 10. Cad a chosnóchadh leath-phúnt té, agus 3 pt. de do chosaint 7 scillinge? 11. Dé méid an t-unsa ar shíolta-aráin nuair a cheannóchadh scilling 8 n-unsa? 12. Dá mbeadh a sheacht oiread airgid agam agus atá agam, bheadh 2s.0½d. agam. An mór agam?
Somplaí XLII. Rointear - Somplaí XLIII. 1. Dé méid a bheadh agam dá bhfaghainn an cúigmheadh cuid agus an séimheadh cuid de 12s.6d.? 2. Dá gcosnóchadh 4pt. té 10s. 8d., dé méid a thabharfaí ar 3 pt.? 3. Dhíol bean feirmeora 5 sicíní ar 14s.2d., agus 3 lachain ar 5s.9d. Dé méid an ceann ar na sicíní? ar na lachain? 4. Cúig slata eudaigh ar 19s.9½d., dé méid an tslat san?
5. Bhí leath-choróinn ag teacht chugham as phúnt, t’réis 5 ticéidí traenach do cheannach. Dé méid an ceann iad? 6. Dé méid d’fhanfadh agat as 12s.4½d. t’réis an naomhadh cuid de do chaitheamh? 7. Chosain 9 bpt. ime agus púnt cáise 13s.6½d. Má chosain an cháis 1s.2d., dé méid an púnt a bhí ar an im? 8. Cheannuigheadh 12 pt. té ar 17s.6d. agus dhíoladh ar phúnt é. Dé méid í an bhreith d’réir an phúint? 9. Cadé an bhreis atá ag an naomhadh cuid de 19s.1½d. ar an ochtmhadh cuid de 15s.2d.? 10. Rointear 19s.3d. go cothrom ar mhóirsheisear garsún agus cúigear gearrchaile. Dé meid an duine a gheibhid? 11. Má mheuduighim suim airgid fá 11, faghaim 13s.0¾d. Dé méid é? 12. Dé méid dob’fhiú 4sl. eudaigh, agus 9 sl. de do chosaint 19s. 1½d.? 13. Cheannuigh mé 5 cl. prátaí ar 4s.4½d. i siopa agus 7 gcl. ar 6s.8½d i siopa eile. Ciaca ba shaoire d’réir na cloiche, agus dé méid sa deifir eatorra? 14. Cuir an 1/7 de 11s.11½d. leos an 1/11 de 7s.1¼d. 15. Thug mé trí leath-choróinn ar 5 phúint feola agus fuair mé 5d. thar n-ais. Dé méid an púnt a chuireadh orm? Meudú. 42. Meudú le Cuideoga. - Má tá an meudthóir os cionn 12 agus gur féidir cuideoga do dheunamh de, déantar amhlaidh leis. Nóta: Badh mhar a chéile an toradh dá meuduightí ar dtúis fá 7 agus annsan fá 4. Acht is fusaide an obair an 4 do bheith mar cheud-mheudthóir, mar cuireann san na feoirlingí as an tslighe. Muna mbeadh feoirlingí san ionmheudú agus go mbeadh meudthóir dála 36 againn, b’iad na cuideoga a b’fhearr ná 12 ar dtúis (mar glantar as na pingní) agus annsan 3.
Nuair atá an meuduighteoir os cionn 12, agus nach fuiris cuideoga simplidhe do dheunamh de, a rogha den dá mhódh so don scoláire: Míniú: Is ionann meudú fá 467 agus meudú fá 400, 60, agus 7 agus na trí toraidh do chur le chéile. Nótaí ar Mheudú. Is féidir an meudú do ghiorrú go minic, díreach mar atá deunta ag an scoláire cheana sa meudú coitchianta. Chum uimhir do mheudú fá 495, meuduightear ar dtúis fá 5, annsan fá 10, agus fá 10 arís .i. u.x500; annsan baintear an cheud thoradh as so .i. u.x500 - u.x5 = u.x495.
Is fuiris meudú agus suimiú do dheunamh le chéile. Tugtar ceisteanna ar nós na sompla so a leanas le cleachtadh dosna scoláirí: Ceisteanna Béil. 1. Cad a chosnóchadh 8 bpt. té ar 2s.6d. an púnt? 2. Dá mbeadh 10¾d. fá 10 agat, dé méid a bheadh agat? 3. Dé méid a dhíolfadh as dosaoin caipín, ar 1s.8d. an ceann? 4. Deich bpúint siúicre ar 1s.5½d. an púnt? 5. Seacht bpúint cáise ar 11½d. an púnt? 6. Cad is fiú 8 gcl. plúir ar 2s.8d. an púnt? 7. An mór a thabharfad ar 9 gcl. prátaí ar 1s.7½d. a cloch? 8. Dé méid airgid nár mhór chum 2s.6d. an duine do thabhairt d’aoinne-deug garsún? 9. Dé méid airgid a cheannóchadh 6 pt. té ar 2s.8d. an púnt agus 4pt. siúicre ar 1s.6d. an púnt. 10. An mór a bheadh fágtha agam as phúnt t’réis meascán ime 12-pht. Meadhchain do cheannach ar 1s.5½d. an púnt. Somplaí XLIV. Meuduigh -
Meuduightear le cuideoga - Meudú fada inso - Somplaí XLV. 1. Tuilleann fear £2 1s.7½d. sa tseachtmhain. Dé méid a bhíonn tuillte aige i gcionn 4 scht.? 2. Tuilleann an t-athair fá dhó níos mó ná an mac. Má thá £1 3s.9d. sa tseachtmhain don mac, dé méid a thuillfid araon in 5 scht.? 3. Tá £6 7s.6d. an tonna ar phrátaí, agus £2 16s.8d. an tonna ar mheacain. Dé méid a bheadh fágtha as £500 ag an té a cheannóchadh 36 tonnaí de gach saghas? 4. Dhíol feirmeoir 12 bhanbh ar £3 3s.6d. an ceann agus 36 caoirigh ar £4 17s.6d. an ceann. Dé méid a fuair sé orra go léir? 5. £22 10s. an cíos bliadhna atá ar ach tigh de ocht dtighthe. Dé méid a bheidh dá mbarr ag an tighearna- talmhan, agus é do chailleamhaint £15 13s.9d. le deisiuchán orra? 6. Cheannuigh siopadóir 5 bhoscaí té. a raibh 72 pht. in gach ceann aca, ar 1s.7½d. an púnt. Dhíol sé é go léir ar 2s.4d. an púnt. Dé méid bhí dá dtairbhe aige? 7. Tá 7s. 1½d. sa ló do chearduidhe. Dé méid a bheadh ag dul dó, i gcionn 9 scht. (seachtmhain = 6 lá oibre)?
8. Cadé an tuarastal bliadhna (365 lá) ata ag fear a dhíoltar d’réir 4s.6d. sa ló? 9. An mór a chosnóchadh 15 tonna guail ar £3 11s.6d. an tonna? 10. Dé méid a bheadh fágtha as £100 t’réis díol as 112pht. té ar 2s.6d. an púnt. 50pht. caifí ar 1s.6d. an pt., agus 100pt. ime ar 1s.5d. an pt.? 11. Dé méid sa tseachtamhain a chaithtear ar thuarastail i muileann, má tá 25 feara ann ag faghbhail £1 15s.6d. an duine, agus 15 garsúin ag faghbhail £1 1s.6d. an duine? 12. Ceannuightear 100 púnt té mar seo: - 20 pt. ar 1s.2d. an pt., 40pt. ar 1s.6d. an pt., 30pt. ar 2s. an pt., agus an chuid eile ar 2s.6d.an pt. Dé méid é an costas? 13. Dhíol feirmeoir ar aonach 25 laoigh ar £3 6s. an ceann, 33 banbhaí ar £1 16s. an ceann, 80 caora ar £4 4s. an ceann, agus trí bramaigh ar £15 15s. an ceann. An mór a fuair sé orra go léir? 14. Tá míle púnt ’na chíos bliadhna ag teacht isteach chum tighearna-talmhan, agus caitheann sé £760 18s. de. Dé méid i dtaisce aige i gcionn 13 mbliadhain? 15. Tuilleann saor-chloch £5 5s. sa tseachtmhain; caitheann sé £2 2s., agus cuireann sé an chuid eile sa mbanc. Dé méid tuillte, caithte agus sa mbanc aige i gcionn na bliadhna (.i. 52 shcht.)? Roint Chomhshuidhte. 43. Tá dhá thaobh ar an Roint Chomhshuidhte díreach mar atá ar an Roint Shimplidhe. Cás I. An oiread san coda cothroma do dheunamh de uimhir thagrach, nó uimhir thagrach do roint ar uimhir mhaol. Cás II. A lorg dé méid uair a gheobhthaí uimhir thagrach do bhaint as uimhir thagrach eile den chineul cheudna, nó uimhir thagrach do roint ar uimhir thagrach eile den chineul cheudna.
Cás I. Smp. 1. - Roinn £12 9s.6d. ar 3. Tá an freagra so-fheiscithe inso. Smp. 2. - Roinn £9 3s. 10¾d. ar 7. Smp. 3. - Roinn £20 4s. 8¼d. ar 11. Sa cheist seo, chítear go bhfuil 10 bhfeoirlingí fágtha .i. 2½d. Scríobhtar: líon, £1 16s. 9¼d.; fuighleach, 2½d. Smp. 4. - Roinn £7361 18s. 4½d. ar 67, agus ar 100. Chum ront ar 100 ní gádh acht an dá fhigiúir ar deis do scrios, agus siad na figiúirí, atá fágtha ar clé, an líon. Baintear feidhm as an módh gairid gach aon uair a bhíonn 100,1000 7c., mar rointeoir. Roint. Ceisteanna Béil. 1. Cadé an seachtmhadh cuid de 6s.5d? 2. Cadé an naomhadh cuid de 8s.3d.? 3. Cadé an cúigeadh cuid de 3s.10¼d.? 4. Cadé an deichmheadh cuid de 9s.7d?
5. Cadé an t-aonmhadh cuid deug de 9s.4¾d.? 6. Cadé an dara cuid deug de 11s.6d.? 7. Má fuaireadh 8 bpúint ime ar 15s., dé méid an púnt bhí air? 8. Tuilleann 4 garsún agus triúr gearrchaile 2 ghiní. Dé méid a thuilleann gach aoinne aca? 9. Chosain 3 pheidhre bróg £5. Dé méid an peidhre san? 10. Bhí £70 ag feirmeoir; cheannuigh sé 8 gcinn de laoigh agus bhí £5 fágtha aige. De méid an ceann a bhí na laoigh air? 11. Roinn £1 ar bheirt, agus bíodh scilling sa mbreis ag duine aca ar an duine eile. 12. Tugadh 35s. ar bhórd agus 6 cathaoireacha. Má chosain an bórd 10s., dé méid an ceann na cathaoireacha? Somplaí XLVI. Rointear (ní’l fuighleach in uimh. 1-4) - Tabhair an fuighleach sa bhfuirm is simplidhe ionta so .i. más 7 bhfeoirlingí atá fághtha, scríobh 1¾d. - Rointear, le cuideoga nuair is féidir é, agus tugtar an fuighleach, má bhíonn ann, sa bhfuirm is simplidhe -
Somplaí XLVII. 1. Cheannuigh siopadóir 20 dosaoin ubh ar £1 3s.4d. Dé méid an dosaoin a chuirfidh sé orra chum coróinn do bhreith? 2. Cheannuigheadh píosa eudaigh a raibh 35 slata ar faid ann ar £23 17s.6d. agus dhíoladh ar £30 6s.8d. é. Dé méid é an proifíd d’réir na slaite? 3. Fuair captaoin agus fuireann 25 fear £1363 6s.8d., ar ghabháil cuain dá luing. £380 scair an chaptaoin. Dé méid a fuair gach fear den bhfuirinn? 4. Chosain 7 mbaraille biotáile, a raibh 12 ghalún an ceann ionta £445 4s. Dé méid an galún a bhí air? 5. Rointear £202 13s.3½d. go cothrom ar 14 dhuine fear agus 13 dhuine ban. Dé méid ag dul do gach aoinne aca? 6. 1. Roinn £856 2s.4½d. ar 71. 2. Cadé an uimhir is lugha feoirling atá le baint as £856 2s.4½d., chum 71 do roint an iarmhair go cothrom? 3. Cadé an tsuim is lugha airgid is gádh a chur le £856 2s.4½d., chum 71 do roint an iomláin go cothrom? 7. Dá rointí £1861 13s.4d. go cothrom ar 100 duine, dé méid é scair gach duine dhe? 8. Cadé an tsuim airgid (1) díreach os cionn £1000, (2) díreach fá bhun £1000, gur féidir 47 gcoda do dheunamh go glan de? 9. Roinn £756 12s.7d. ar 43, agus tabhair an feoirling is giorra do cheart sa bhfreagra. 10. Cheannuigh feirmeoir 5 ba agus 3 capaill ar £210. Chosain na capaill a dhá oiread leis na ba. Dé méid an ceann na ba?
11. Roinneadh £186 19s.4d. ar 20 fear-oibre, agus bronnadh a raibh fágtha de phingní ar bhochtán. Dé méid pingin a fuair sé? 12. Cad is líon do £3305763 14s 8¼÷4001? Cás II. 44. Smp.1. - Dé méid uair atá £13 2s.6d. in £1640 12s.6d.? Sé an fhreagra ceudna do gheobhthaí dá n-athruightí go leath-choróinneacha, go raolacha, nó go pingní gach suim airgid. Athruightear go leath-choróinneacha iad mar is amhlaidh san is fusa an roint. £13 2s.6d.=8x13+1 =105 leath-choróinn, agus £1640 12s.6d.=13125 leath- choróinn. Rointear 13125 ar 105. Freag. 125. Is éigin gach suim airgid d’athrú go feoirlingí inso. Seo slighe eile - Gheobhaidh an scoláire cliste an dealú agus an meudú do dheunamh in aoineacht, gan an toradh do scríobhadh, agus is lughaide an mhoill san.
Somplaí XLVIII. Dé méid uair a gheibhtear - Faigh an líon agus an fuighleach sa bhfuirm is simplidhe nuair a rointear - 15. Dé méid £17 16s.8d. le chéile a dheunfadh £107? 16. Dé méid uair a gheobhthaí £40 0s.10d. do bhaint as £800 17s.? Dé méid pingin fágtha? 17. Bain £4 7s.6d. as £18 19s.2d. As an bhfuighleach bain £4 7s.6d. arís, agus mar sin a mhinicigheacht agus a fheudfair. Dé méid uair is féidir a bhaint as? Cadé an fuighleach deiridh? An mó uair atá an fuighleach deiridh so in £4 7s.6d.? 18. Dé méid duine a gheobhadh £1 7s.as 27 nginí? 19. De méid leath-choróinn in (1) 10 nginí, (2) £180 17s.6d.? 20. Dé méid fear a bhfaghainn £1 3s.6d. an duine do thabhairt dóibh as £12 18s.6d.? 21. Má chaitheann fear £1 6s.8d. sa tseachtmhain, dé méid seachtmhain a raghaidh £500 leis? 22. Cadé an tsuim is mó airgid a gheobhthaí a bhaint 69 n-uaire as £1000?
23. Roinn £9652 6s. ar £100 10s.10¾d. 24. Dhíol ceannuightheoir £1222 10s. ag an aonach as roint bó agus capall a cheannuigh sé. Má thug sé £25 5s. an ceann ar na ba agus £40 15s. an ceann ar na capaill, agus gur choimhmhéad a chosnuigheadar, dé méid de gach saghas a bhí aige? 25. An mó uair d’fheudfaí £74 5s.1¼d. do bhaint as £14776 15s.8¾d.? Somplaí de Cheisteanna Airgid. 45. Smp. 1 - Tá £3 11s.6d. agam ’na leath-choróin- eacha, ’na phíosaí 2s., agus ’na scillingí, cothrom de gach saghas. Dé méid píosa airgid ar fad agam? Deintear carn ’na mbeidh gach píosa dhíobh .i. 2s.6d. +2s+1s. Is ionann san agus 5s.6d., agus tá 3 píosaí airgid agam in aghaidh gach cairn díobh so atá in £3 11s.6d. Tugtar go raolacha iad. £3 11s.6d. = 143 raol; 5s.6d. = 11 raol. Agus 143/11 = 13. Dá bhrigh sin, tá 39 bpíosaí airgid agam. Fr.39. Smp.2. - Tá £1 11s.3d. ag A agus B eatorra, £1 13s.6d. ag B agus C eatorra, agus £1 10s.7d. ag A agus C eatorra. Dé méid ag gach duine aca? Chum cuid A d’fhaghbhail, bain £1 13s.6d. as £2 7s.8d. .i. 14s.2d. Agus chum cuid B d’fhaghbhail, bain £1 10s.7d. as £2 7s.8d. .i. 17s.1d.
Somplaí XLIX. 1. Chosnuigheann 6 cathaoireacha agus bórd £6 13s. ar fad. Má tá £3 10s. ar an mbórd leis féin, dé méid an ceann na cathaoireacha? 2. Dé méid a bheadh agat as £10 t’réis díol asta so: - 20 pt. té ar 2s.8d. an púnt, 3 dos.pt. siúicre ar 10d. an púnt, 14 pt. caifí ar 1s. 10d. an púnt, agus 25 boscaí cócó ar 6d. an bosca? 3. Tá an oiread ceudna scillingí, raolacha, agus pingní i mála airgid. Ma tá £1 11s.8d. ar fad sa mála, dé méid píosa airgid de gach saghas ann? 4. Tá sreath tighthe ag tighearna-talmhan agus 3s.6d. cíosa sa tseachtmhain aige ar gach tigh. Má tá 25 tighthe ann, dé méid é a chíos bliadhna (.i. 52 scht.) asta go léir? 5. Chosain carraeste agus peidhre capall £172 13s. Má chosain na capaill £48 16s.6d. an ceann, dé méid a chosain an carraeste? 6. Cadé an tsuim airgid is giorra do £100, a gheobhthaí roint go cothrom, gan fuighleach, ar 27 nduine? 7. Dé méid pingin is gádh a chur le £25 14s.3d. chum 13 duine d’fhaghbhail £1 19s.7d. an duine as? 8. Dé méid airgid a dhíolfadh a dtuarastail ar feadh 5 seachtmhain le 37 gcearduidhthe, agus £3 18s.6d. an duine sa tseachtmhain dóibh? 9. Dé méid púnt té ar 3s.9d. an púnt a chosnóchadh an méid ceudna le 50 slat eudaigh ar £1 1s.6d. an tslat? 10. Cheannuigh mé an oiread ceudna stampaí pingne agus stampaí leath-phinge ar £1 10s. Dé méid stampa a cheannuigh mé ar fad? 11. Bhí na fiacha so orm in 4 siopaí. An mór agam as £12 t’réis iad do ghlanadh? 12. Roinneadh £8 1s.6d. ar an méid ceudna fear agus ban. Fuair gach fear coróinn agus gach bean raol fá n-a bhun. Dé méid duine bhí ann?
13. Ta fear ag díol £50 sa mbliadhain cíosa as a thig; caitheann sé £8 sa tseachtmhain ar lón 7rl. don teaghlach; tá £12 10s. sraithe sa mbliadhain air; agus imthigheann £150 ar fó-chostaisí eile. Dé méid a bhíonn fágtha aige as na £700 de teacht-isteach atá aige? (bl.=52 scht.) 14. Suimigh agus bain an t-iomlán as £1394 19s.1d. 15. Faigh an deifir ’na feoirlingí atá idir £120 15s.10d. agus 12000 feoirling. 16. Bhailigheadh £8 4s.3d. ’na leath-choróinneacha, píosaí dhá scilling, scillingí, raolacha, agus pingní, cothrom de gach saghas. Dé méid píosa airgid bhí ann ar fad? 17. Dé méid turus traenach a bheadh agam as £31 4s.2d., más 8s.11d. costas gach turuis? 18. D’ullmhuigheadh fleadh i gcóir 250 duine. Bhí 12s.6d. an duine orra, acht cuireadh 5s. sa mbreis ar 190 duine aca, a bhí ag ól fíona. Dé méid airgid a dhíol as an bhfleidh? 19. Cheannuigh siopadóír 78. lín-eudaigh ar 2s. 6½ d. an tslat, agus 50sl. baifití. Má chosain sé go léir £11 6s.4½d. air, dé méid an tslat a thug sé ar an mbaifití? 20. An mór a thabharfaí ar thonna (2240 pt.) cáise ar 7d. an pt.? 21. Tá £1 5s. ag Seán agus ag Tadhg eatorra, £1 3s.6d. ag Tadhg agus ag Liam eatorra, agus £1 2s.6d. ag Seán agus ag Liam eatorra. Dé méid ag gach duine aca? 22. Faigh suim airgid a mbeidh £27 3s.7d. ann 29 n-uaire? 23. Dé méid duine a gheobhadh £3 17s.8½d. an duine as £221 9s.4½d.? 24. Má rointear £195 17s. go cothrom ar 82 dhuine, dé méid é scair gach duine? Dé méid a bheidh fágtha? 25. Cadé an tsuim airgid is giorra do £250 gur féidir 71 cuid do dheunamh go cothrom de? Dé méid in gach cuid díobh?
26. Roinneadh £25 15s. ar an oiread ceudna fear, ban, agus leanbh, 5s. do gach fear, 3s. do gach bean, agus 1s.6d. do gach leanbh. Dé méid duine a fuair scair as? 27. Má gheibhtear banbh ar £1 10s.6d. agus go ndíol- tar ar £2 1s.3d. é, an mór a bheurfaí le 250 banbh? 28. Má rointear £53 12s. ar 25 fheara, 17 mná, agus 12 garsún, agus 18s.6d. do thabhairt do gach bean, agus 10s. do gach garsún, dé méid an duine a gheibheann na fir? 29. Caitheann fear 15s.7d. sa ló agus bíonn £24 6d.8d. i dtaisce aige i gceann na bliadhna. Cadé an tuarastal atá aige d’réir na bliadhna .i. 365 lá? 30. An mór a bheadh fágtha as £90 t’réis na fiacha so do ghlanadh: 31. Tá £63 14s.3d. eatorra ag beirt fear, agus tá a dhá oiread ag duine aca leis an duine eile. Dé méid ag ceachtar aca? 32. Cuirtear sclábhuidhe ag obair ar fead 36 ar 2s.6d. sa ló, acht gach aon tríomhadh lá ní oibrigheann sé acht ar feadh leath an lae. Dé méid a bhí ag teacht chuige i gceann na h-aimsire? 33. Dé méid púnt té ar 3s.2½d. an púnt a chaithfí mhalartú ar 92 sl. síoda ar 8s.0¼d. an tslat? 34. Dé méid is gádh a bhaint as £8216 15s.8d. chum £7 6s.8d. do dhul isteach san iarmhar an oiread san uair slán? 35. Tá £113 9s.10¼d. i mbosca, idir nótaí £5, nótaí £1, leath-shobhrain, leath-choróinneacha, scillingí agus feoirlingí, agus an uimhir cheudna de gach saghas ann. Cadé an uimhir seo? 36. Dé méid uair a gheobhainn 14s.11¾d. do dhíol as £89 2s.6¼d.? 37. Tá £10 19s. 9¼d. agam le roint go cothrom ar 137 ngarsún. An mór a bheidh ag dul do gach duine aca? 38. Dé méid carn a gheobhainn a dheunamh de £13 1s.1d. airgid, agus leath-choróinn, píosa dhá scilling, raol agus feoirling do chur i ngach carn?
39. Roinn £394 12s.6d. ar 15. 40. Má eirigheann eudach 3s.4d. sa tslat, de méid sa mbreis a chaithfear a thabhairt ar 830 sl. de? Dé méid slat de a gheobhthaí ar £173 6s.8d., má chosain 260 sl. an méid sin airgid sar ar eirigh sé? 41. Dé méid is gádh a chur le £7634 18s.6¾d. chum £9001 15s.5¼d. do dheunamh? 42. I mbosca airgid t’réis bailiúcháin fuaireadh 52 leath-phinge, 679 bpingne, 97 bpíosaí-trí-bpingin, 78 raolacha, 39 scillinge, 21 píosa-dhá-scilling, agus 17 leath-choróinn. Dé méid a bhí ann ar fad? 43. Dé méid uair a gheobhainn £237 6s.8d. do dhíol as £9256? 44. Dé méid pingin nár mhór a mheudú fá 59 chum £8 19s.5d. do dheunamh? 45. Nuair dob’fhiú 9½d. an franc, de méid díobh a gheobhthá ar £86 1s.10½d.? 46. Tá £13 17s.6d. ag beirt eatorra, agus tá 17s.6d. ag duine aca sa mbreis ar a chéile. Dé méid ag gach duine aca? 47. Dhíol siopadóir 420 pt.té ar 2s.6d. an púnt agus 200 pt.caifí, agus bhí £70 5s. aige as an dá earradh. Dé méid an púnt a bhí aige ar an gcaifí? 48. D’fhág an t-athair £1991 13s.4d. chum é do roint go cothrom ar a mhór-sheisear mac agus a sheisear inghean. Dé méid é scair gach duine? Dá bhfaghadh gach aon mhac a dhá oiread le gach inghin, cad dob’fhiú gach scair? 49. Roinn £2 1s.8d. ar thriúr, A,B, agus C, agus tabhair leath-raol do B agus raol do C in aghaidh gach pingine a gheobhaidh A. 50. Dhíol feirmeoir 30 caora le búistéir ar £135. Dhíol sé sin an chaoir-fheoil ar 1s.6d. an púnt agus bhí £45 proifíde aige asta. Dé méid púnt meadhchain a bhí in gach caoirigh?
Caibidil IX. Na Cheithre Riaghlacha: Meadhchain agus Tomhais. Suimiú Comhshuidhte. 46. Tá na ceisteanna ionta so ar aon dul le ceisteanna an airgid. Tá snadhm bheag i dtomhas faid agus i dtomhas cearnach nuair a bhíonn péirsí ionta, agus is fearra dhon scoláire gan tabhairt fútha go mbeidh eolas maith aige ar chodacha. Tá an comhartha roimh gach ceist a bhfuil snadhm inte. Sompla 1. - Cuir le chéile Nóta. - An scoláire ná fuil eolas ar chodacha aige, oibrigheadh sé mar seo: 110 sl.c.=440 ceathramha sl.c.; acht tá 121 ceathramha sl.c. i bpéirse cearnach, agus 440 = 3x121+77. Dá bhrigh sin, faghtar 3 pr.c. agus 11¼ sl.c. fágtha .i. 19¼sl.c. Somplaí L. Suimighear iad so, agus athruightear na freagraí go léir go dtí an ainm is aoirde dá bhfeudtar, acht amháin nuair adeirtear a mhalairt: - Meadhchan Mór
Meadhchan Troighe.
Tomhas Faid. Tomhas Cearnach. Tomhas Ciúbach.
Tomhas Soitheach. Tomhas Ama. Dealú. 47. Smp. - Dealuigh 4 pr. 4 sl. 1 tr. 10 ór. ó 6 pr. 2 s. 2 tr. 5 ór. Deintear 1 tr.6 ór den leath-shlait ata sa cheud fhreagra (A), chum an freagra glan (B) d’fhághail.
Somplaí LI. Meadhchan Mór. Baintear Meadhchan Troighe. Tomas Faid. Tomhas Cearnach. Tomhas Ciúbach. Tomhas Soitheach.
Tomhas Ama. 19. 50 nóimeat 50 secund as lá. 20. 40 lá 17 n-uaire 12 nóimeat as bliadhain bhisigh. Meudú. 48. Feuch leat an da mhódh chum airgead do mheudú. Má bhíonn an meudthóir an-mhór, sé an dara módh is oireamhnaigh. Somplaí LII. Meuduigh - Roint. Feuch leat na somplaí ar Roint an Airgid. Somplaí LIII. Rointear iad so, agus tugtar an fuighleach, má tá ann -
10. Dé méid uair is féidir 3 tn.4cd.1cr.17pt. do baint as 135tn.4cd.3cr.14pt.? 11. Cadé an uimhir a meudóchthar 7 ml. 6 st. 22 pr. 4sl. fúithe, chum 211 ml.1st.13pr.3sl.1tr.6ór. d’fhaghbhail? 12. Má mheuduightear 13 uaire 32 nóim 15 sec. fá uimhir áirighthe, 2 shcht.1 lá 19 n-uaire 3 nóim. an freagra do gheibhtear. Cadé an uimhir sin? 13. Dé méid uair atá 10 us.10m.p. in 17 pt.6us.? 14. Chuir feirmeoir 60 ac.3cr. talmhan ’na gharraidhthe reachtais chum roint sclábhuidhe, agus 1 ac.2cr.3pr. méid gach garraidhe díobh. Dé méid garraidhe a bhí ann? Somplaí LIV. (Ceisteanna Eugsamhla). 1. Nuair ná raibh acht 2½d. an púnt ar an siúicre, an mór a chosnuigheadh (1) ceud-meadhchain de. (2) tonna de? 2. An mór a mheadhfadh 42 spiúnóg airgid, a bhfuil 2 us.3 m.p.8 gr. an ceann ionta? 3. Dé méid secund a bhí i mí na Feil’Brighde, 1903? 4. (1) Cuir le chéile 20cd.2cr.14pt.5us.7cd. 22pt.11us.,2cr.4us.,agus 4cd.1cr.4us. (2) Dé méid máilín-páipéir a raghadh an méid sin siúicre ionta, agus púnt go leith de do dhul in gach ceann díobh? 5. Gluaiseann solus 186000 míle sa secund, agus tá an ghrian 93000000 míle ón domhan so. Cadé an fhaid a bhaineann sé de sholus na gréine teacht chughainn? 6. Dé méid uair a gheibhtear 8 ml.4st.17 pr. in 359 ml. 1st.34pr.? 7. Deich bpúint an meadhchan atá i ngalún uisce agus 1000 us. an meadhchan atá i dtroigh ciúbach d’uisce. Dé méid troigh ciúbach d’uisce a líonfadh coire, a raghad 375 ghalúin ann? 8. Dé méid nóimeat ó 7.30 a.m. Dé Máirt go dtí 8.15 p.m. an Sathrann ’na dhiaidh? 9. Dé méid sclábhuidhe a gheobhadh garrdha an duine as pháirc 5 n-acra, agus 16 pr.c. do bheith i ngach garrdha díobh? 10. Roinn 219 lá 2 uair 35 nóim.11 sec.ar 4 lá 3 uaire 13 nóim. 7 sec. 11. Díoltar £14 6s. cíosa sa mbliadhain as thigh. Dé méid san d’réir na seachtmhaine? 12. Tá leath-phinge órlach ar a treasna. Dé méid leath-phinge le h-ais a chéile ’na sreath díreach a shínfeadh feadh leath-mhíle slighe? 13. Cadé an meadhchan iomlán atá in 1001 boiscín, a bhfuil 3 pt. 3 us. 3 dr. an ceann ionta? 14. Dé méid uair a raghadh 6 tr.2 ór. isteach in 3 ml. 970 sl. 2 thr. 10 ór.? Dé méid casadh a dheunfadh roth trucaileach atá 6 tr. 2 ór. ar timcheall i gcúrsa 3 ml. 970 sl. 2 thr. 10 ór.? 15. Tá 185 pt. 4 us. in dhá mála, agus tá 16 pt. 8 us. meadhchain i gceann aca thar a chéile. Dé méid meadhchain atá i ngach mála aca? 16. Díolann fear 6½ d. sa phúnt as a theacht-isteach. Dé méid a bhíonn fágtha aige as na £750 de theacht-isteach atá aige? 17. Má thógaim 99 gcoiscéim sa nóimeat agus 30 ór. d’fhaid i ngach coiscéim aca, dé méid míle agus slat a shiubhlóchainn in uair a chluig? 18. Líonadh baraille 54 ngalún de bheoir amach i mbuidéil phionta. Má dheineadh diomailt ar 2 ghalún de, dé méid buideul a líonadh? 19. Dé méid fáinne, a mbeadh 4 m.p. 15gr. an ceann ionta, a gheobhthaí dheunamh as chnopán óir ’na bhfuil 1 pt. 4 us. 13 m.p. meadhchain? 20. Cuireadh sa margadh le cearduidhe, 3d. fíneála bheith air gach aon uair a bheadh sé 10 nóim. deidheanach.
Má d’imthigh giní go leith uaidh mar sin i gcaitheamh na bliadhna, dé méid uair a chluig oibre a chaill sé? 21. An mór a chosnóchadh 3 cr. 10pt. tobac ar 8d. an t-unsa? 22. Cheannuigh siopadóir 500 sl. eudaigh ar 3s.6¼d. an tslat agus bheir sé 1¾d. an tslat leis. Dé méid airgid a fuair sé air go léir? Dé méid a bheir sé leis? 23. Buaileann clog aon bhuille amháin i gcionn gach uaire agus gach ceathramha uair. Dé méid buille a bhuailfeadh sé i gcaitheamh 5 mbliadhain, agus dhá bhliadhain bhisigh orra? 24. Rugadh garsún maidean lae Beultaine, 1901. Dé méid lá d’aois a bhí sé maidean lae Samhna, 1914? 25. Dé méid casadh a dheunfadh roth-carraeiste, atá 3 sl. 2 tr. 6 ór. ar timcheall, ag dul 7 ml. 3 st. 34 pr. 4 sl. 1 tr.? 26. Deineann roth 5000 casadh ar bhóthar ná teastuigh- eann uaidh acht 100 sl. chum 10 ml. slighe bheith ann. Dé méid slat ar timcheall sa roth? 27. Dé méid airgid nár mhór chum na fiacha so do ghlanadh? - 14 pt. muic-fheola ar 1s.9¾d. an púnt, 10 pt. mairt-fheola ar 1s.5d. an púnt, 18 n-ae ar 3½ d. an ceann, 12 pt. gríscíní ar 10½d. an púnt? 28. Dé méid sa mbreis a chosnóchaidh 10 dtonna guail t’réis é d’eirighe 1d. sa cheud-meadhchain? 29. Meuduigh an deifir atá idir 12 cd.3cr.17pt. 10 us. agus 5 cd. 2 cr, 23 pt. 11 us. fá 528. 30. An mór a bheadh fágtha as £1000 de theacht-isteach, t’reis cáin 8d. sa phúnt do dhíol as? 31. Raghadh 6 tn. 6cd. guail isteach i gcarra traenach. Dé méid carra nár mhór chum 189 tn. d’iomchar? 32. Dé méid lá ó lá’l Brighde, 1910, go lá Nodlag, 1911? (ná comhairigh acht ceann de’n dá lá so). 33. Mheadhuigh 53 boscaí oráistí 6 cr.7pt.9us. Cadé meadhchan gach bosca díobh, más comh-mheaidhte iad? 34. Tá na rotha móra fá inneal traenach 16 tr.11 ór. ar timcheall agus na rotha beaga 7 tr.3 ór. ar timcheall. Dé méid casadh sa mbreis a bheidh deunta ag na rotha beaga thar na rotha móra t’réis turus 203 míle?
35. Dé méid gráinne óir i gcupán a mheadhann 11 us. 3 m.p.? 36. Cheannuigheadh tonna siúicre ar £40, agus d’ath- táileadh ar 6s. an púnt é. Dé méid a bheireadh leis? 37. Más 5 m.p. 8 gr. an meadhchan atá i sobhran, cad is fiú 16 pt. 3 us. 4 m.p. de’n mianach ceudna? 38. Má mheasctar 10 pt. té, ar 3s. an púnt le 6 pt. té, ar 2s.8d. an púnt, dé méid an púnt is fiú an meascadh? 39. Tá cuaillí ’na seasamh 2 tr.6 ór. ón-a chéile feadh cúrsa ráis atá 350 sl. ar faid. Má tá cuaille ag gach ceann de’n gcúrsa, dé méid cuaille ann ar fad? 40. Athruigh 120 pt. meadhchain mór go dtí púint agus unsaí Meadhchain Troighe? 41. Má líontar 3 chd. 2cr. siúicre isteach in máilíní ’na raghadh 1 pt. 8 us., 2pt. 8 us., agus 3 pt., agus cothrom de gach saghas do líonadh, dé méid máilín ann ar fad? 42. Cheannuigheadh roint earradha ar 7s. 6d. an ceann. Dá bhfaghfaí leagaint 3d. an ceann ionta, badh lugha de 15s. an costas. Dé méid earradh a cheannuigheadh agus an mór a chosnuigheadar? 43. Dé méid timcheall de chúrsa 352 sl. a bheidh ar rothadóir a dheunamh in rás 10 míle? 44. Meadhann 6 carraí traenach maille len-a n-ualaighe 36 tn. 6 chd. ar fad. Más 1 tn. 5chd. 1 cr. meadhchan gach carra agus gur ionann ualach dóibh, cadé meadhchan gach ualaigh? 45. An mór a dhíolfadh as 100000 stampa leath-phinge? 46. Tá roth tosaigh carraeiste 8 tr. ar timcheall, agus an roth deiridh 11 tr. Dé méid casadh sa mbreis a dheunfaidh ceann aca ar an gceann eile ar feadh 3 ml. bóthar? 47. Mheasc óstaeir 10 gl. biotáille ar 11s. an galún, 8 gl. ar 9s. agus 6 gl ar 9s.2d. Dé méid an galún a chuir sé ar an meascadh, má bheir sé £1 19s. leis ar fad? 48. Líonadh 100 mála arbhair isteach i gcarra; 6pt. 11us. meadhchan gach mála agus 120 pt. meadhchan ualaigh
gach mála. Faigh troime an ualaigh ar fadh ’na thonnaí, ceudta, 7c. 49. Dé méid ceud agus púnt a mheudóchthar fá 93 chum an toradh ceudna do thabhairt le 4c. 17pt. ar n-a mheudú fá 91? 50. Tháinig an 16adh lá de Shamhain, 1899, ar an Diar- daoin. Cadé an lá de’n tseachtmhain ar thuit an 4adh lá de Mhárta air sa mbliadhain cheudna? 51. Má ghluaiseann traen 60ml. sa uair, dé méid troigh a theigheann sí sa secund ar an imtheacht san? 52. Cheannuigheadh 500 oráiste ar 25s.; dhíoladh 300 díobh ar 10d. an dosaoin agus an chuid eile ar 6d. gach 8 gcinn. Dé méid a bheireadh leo? 53. Bhí an méid ceudna púnta in dhá thraidín siúicre. Chosain an cheud traidín £2 3s.9d., sé sin, d’réir 1s.3d. an púnt, agus chosain an dara traidin £2.0s.10d. Dé méid púnt a bhí i ngach traidín, agus dé méid an púnt a bhí ar an dara ceann? 54. An mó gardha a bheadh i bpáirc 2 ac.3cr.8pr., dámbadh 4 sl.c. méid gach garrdha aca? 55. Bhí díreach 30000 lá caithte ag sean-duine ar an saoghal nuair a fuair sé bás um eadarshuth lae’l Pádruig, 1916. Cathoin a rugadh é? 56. Bhí 3 pt. 6 us. fátha t’réis 5 cd.3cr.22pt. do thomas amach ’na bhearta cothroma, a raibh 7pt.2us. an ceann ionta. Dé méid beart ann? 57. Tá 185 pt. 4 us. meadhchan (móir) in dhá mhála guail le chéile, agus tá 16 pt. 8 us. sa mbreis i gceann aca thar a chéile. Dé méid meadhchain i ngach mála aca? 58. Thóg mé 10032 coiscéim ag siubhal 4 ml.6st. dam. Cadé an fhaid a bhí i ngach coiscéim dá dtugas má ba chomh-fhaid dóibh? 59. Dé méid a shábháiltear de chostas 150000 tr. cb. de ghas, má gheibhtear 3d. sa míle leagaint ann? 60. Tá roth deiridh carraeiste 2 sl. 2 tr. 2 ór. ar timcheall. Dé méid casadh a dheineann sí ag dul 27 ml. 578 sl. 2 tr. 10 ór. slighe. Má chasann an roth tosaigh fá dhó níos mire ioná í, dé méid slat, 7c. ar timcheall inte?
Cuid III. Cuideoga agus Meuduidhthe. Caibidil X. Cuideoga agus Uimhreacha Dochta. 49. Cuideog. - Má mheuduightear dhá uimhir nó breis sá n-a chéile an toradh thugtar ar an bhfreagra gheibhtear, agus Cuideoga den toradh iseadh na h-uimhreacha mheuduightear. Mar atá, 6 an toradh ata ag 2x3, agus, dá bhrigh sin 2 agus 3 na cuideoga atá ag 6. Comh-chuideog. - Nuair atá an uimhir cheudna mar chuideoig ag dhá uimhir eile nó breis, comh-chuideog desna h-uimhreacha san iseadh í. Mar atá, comh-chuideog de 12 agus 27 iseadh 3. Sé is meuduidhe uimhreach ná uimhir a raghadh sí isteach inte go cothrom níos mó na aon uair amháin. Mar atá, meuduidhe do 2 iseadh 12, mar teigheann 2 isteach in 12 6 uaire. Tá 12 ’na mheuduidhe ag 3,4,6 leis. Uimhreacha Leantacha .i. uimhreacha ná fuil de dheifir eatorra agus a chéile acht 1. Mar atá, 15,16,17; nó 100,99,98. Réidh-uimhreacha .i. uimhreacha a dteigheann 2 isteach ionta gan fuighleach. Mar atá, 2,4,6,8,10. Áirmhightear 0 imeasc na réidh-uimhreach. Corr-uimhreacha .i. uimhreacha nach féidir a roint ar 2. Mar atá, 1,3,5,7,9 … Uimhreacha Dochta .i. uimhreacha ná fuil de chuideoga aca acht ia féin agus 1. Mar atá, 1,2,3,5,7,11,13 …
Uimhreacha Deighilteacha .i. uimhreacha ná fuil docht. Mar atá, 4,6,8,9,10,12, … Tá uimhreacha docht le n-a chéile nuair ná fuil de chomh- chuideoig aca acht 1. Mar atá, 15 agus 32. Nuair atá uimhreacha docht le n-a chéile ní ionann san agus a rádh go gcaithfidh gach ceann aca bheith docht inte féin. Sé thuigtear go coitchianta le “deighilt i gcuideoga” ná cuideoga docta do dheunamh den uimhir. Ní’l acht aon tslighe amháin chuige sin. Acht tá níos mó ná aon tslighe amháin chum cuideoga nach docht do dheunamh d’uimhir. e.g., 12 = 6x2, nó 4x3. Riaghlacha Ionrointeachta. 50. Ceapadh an scoláire fein na riaghlacha so as na ceisteanna a leanas. Is mar sin is fearr a chuimhneochaidh sé orra. 1. Roinn na h-uimhreacha 20, 32, 44, 158 ar 2. An roinneann sé go cothrom iad? Cadé an saghas uimhir í an figiúir atá i ndeireadh gach uimhreach? Cadé an riaghail a bhainfeá as? 2. Roinn 2352 ar 3. An roinneann sé go cothrom é? Feuch an roinnfeadh 3 suim figiúir na h-uimhreach go cothrom (.i. 2+3+5+2). Bain an triail ceudna as 4785. Cad is iontuighthe as? 3. Roinn 4524 ar 3. An roinneann sé go cothrom an uimhir a gheibhtear ón dá fhigiúir deiridh, leis? Bain an triail ceudna as 5700. Cadé an riaghail atá le baint as? 4. Roinn 100, 215, 360 agus 1545 ar 5. Tabhair fá ndeara an figiúir atá i ndeireadh gach uimhreach. Cadé é? Cad iad na h-uimhreacha atá ionrointe ar 5? 5. Roinn 738 agus 2472 ar 2 agus ar 3. an roinneann siad go cothrom iad? Roinn na h-uimhreacha cheundna ar 6 (.i. 2x3). Cionnus a bheadh fhios agat uimhir do bheith ionrointe ar 6? 6. Feuch an raghadh 8 isteach go cothrom in 11000 agus
34128. Tabhair fá ndeara na trí figiúirí atá i ndeireadh na cheud uimhreach. An bhfuil an chuid … 128 den dara uimhir ionrointe ar 8? Riaghail? 7. Roinn 548163 ar 9. Roinn suim figiúir na huimhreach (.i. 5+4+8+1+6+3) ar 9. An bhfuil fuighleach ann aon uair díobh? Bain an triail cheudna as uimhreacha eile. Riaghail? 8. Nuair a rointear uimhir ar 10, sé an figiúir deireanach den uimhir an fuighleach i gcómhnuidhe. Cadé an figiúir a bheadh i ndeireadh na h-uimhreach nuair ná beadh aon fuileach ann? Cionnus d’aithneochthá uimhir a bheadh ionrointe ar 10? 9. Roinn (1) 456786 agus (2) 46192817 ar 11. An roinneann sé go cothrom iad? Anois faigh an deifir atá idir suim na bhfigiúir sa réidh-shreath agus suim na bhfigiúir sa chorr-shreath, mar atá Cadé freagra (1)? Nach meuduidhe de 11 freagra (2)? Déin righail as san. 10. Cuir síos trí uimhreacha atá ionrointe ar 3 agus 4. Feuch a raghadh 12 isteach ionta. Cionnus a bheadh fhios agat uimhir do bheith ionrointe ar 12? Somplaí LV. 1. Faigh na cuideoga dochta atá ag - 2. Ciaca desna h-uimhreacha so a leanas is féidir a roint go cothrom? 3. Cad iad na cuideaga a mbainfeá triail asta feuchaint a mb’fhéidir uimhir áirighthe do roint ar?
4. Scríobh síos na huimhreacha atá orra so a leanas gur féidir a roint ar 5. Scríobh síos an fuighleach t’réis na h-uimhreacha so a leanas do roint ar 6. Scríobh síos an fuighleach t’réis na h-uimhreacha so a leanas do roint ar Deighilt i gCuideoga. 51. Gheobhaimíd na riaghlacha so thuas do chur ag obair anois ar an uimhir 133056. Mar seo: - Cuirtear na cuideoga síos d’réir úird a méide .i. ag tosnú leis an gceann is lugha. Ní’l aon tslighe ghairid chum a dheunamh amach an féidir uimhir do roint go cothrom ar 7. Ní féidir aon righail do dheunamh chum uimhir dhocht d’aithint, acht má gheibhtear fuighleach gach aon uair a rointear uimhir ar na h-uimhreacha dochta i ndiaidh a chéile, caithfidh an uimhir sin bheith docht. Cuir i gcás go mbeadh an uimhir 401 fágtha t’réis na cuidoega so-fheiscthe go léir (.i. 2,3, 7c.) d’ídiú. Annsan bhainfimís triail i ndiaidh a chéile as 7, 13, 17, 19, acht ní dheunfaidís an gnó. B’fhollus dúinn ón bhfeagra gheobhaimís le 19 mar rointeoir (.i. 21+ ) gur uimhir dhocht í an uimhir. Mar 23 an uimhir dhocht is giorra do 19, agus thabharfadh san uimhir is lugha ná 23 mar líon,
agus, dá bhrigh sin, ní roinnfeadh 23 an uimhir 401; mar, dá roinnfeadh, dheunfadh an líon .i. an uimhir is lugha ná 23, an gnó roimhe sin. Is fuiris na cuideoga atá ag uimhir d’fheiscint uair- eanta. Uimhir na gCuideog. - Is fuiris a dheunamh amach dé méid cuideog ar fad ag uimhir. Cuir i gcás an uimhir seo thuas - agus aon uimhir a gheibhtear t’réis uimhir ó gach ceann desna cheithre línte do mheudú fá n-a chéile, e.g., roinnfidh sí 133056. Anois tá 7 n-uimhreacha sa cheud líne, agus 4 cinn sa dara líne. Dá bhrigh sin, is féidir 7x4 peidhrí do dheunamh as an cheud dhá líne. Sa tslighe cheudna is féidir 7x4x2x2 toraidh d’fhaghbhail as na cheithre línte .i. 112. Dá bhrigh sin, tá 112 chuideog ar fad ann. Áirmhightear 1 agus an uimhir féin orra so. Somplaí LVI. Faigh na cuideoga dochta atá ag: -
Dé méid cuideog, gan 1 agus an uimhir féin d’áireamh, an roinnfidh? - Faigh na h-uimhreacha dochta go léir atá idir - Cearnóga agus Preumha Cearnacha. 52. Má mheuduightear uimhir ar bith fúithe féin, cearnóg na h-uimreach a thugtar ar an toradh a gheibhtear, e.g. 5x5=25, dá bhrigh sin sé 25 cearnóg. 5. Deirtear leis gurbé 5 preumh chearnach 25. Somplaí - Sé 16 cearnóg 4. Sé 121 cearnóg 11. Sé 4 preumh chearnach 16. Sé 11 preumh chearnach 121. Chum cearnóg aon uimhir ar bith d’fhághail, ní’l le deunamh acht í mheudú fúithe fein. Teasbáinfidh an sompla so a leanas cionnus is féidir teacht ar phreumh chearnach uimhir ar bith gur féidir a deighilt ’na cuideóga: - Dá bhrigh sin, is ionann 11025 agus 3x5x7 meuduighthe faoi féin. Seo slighe ghairid chum an dá thoradh so do scríobhadh: -
Cleachtadh Béil. - 1. Cadé an uimhir a mheudóchthaí fúithe féin chum gach uimhir díobh so a leanas do dheunamh: - 2. Cearnuigh gach uimhir ó 20 go dtí 100. Somplaí LVII. 1. Fághtar, le cuideoga, an phreumh chearnach atá ag - 2. Scíobhtar síos cearnóg gach uimhir ó 1 go dtí 10, agus cruthuightear as san nach féidir d’uimhir chearnach (.i. uimhir a gheibhtear de bharr uimhir eile do chearnú), 2,3,7,8 do bheith mar figiúir deiridh aici. 3. Faghtar dhá uimhir gur ionann a bpreumh chearnach agus iad féin. 4. Faghtar preumh chearnach - Cad atá le foghluim asta san? 5. Cad a gheobhthar má mheuduightear preumh chearnach aon uimhir fá’n préimh sin féin? Simplightear - 6. Teasbáintear go bhfuil idir 6 agus 7. Ar an gcuma gceudna faghtar dhá uimhir a mbeidh eatorra istigh. 7. Tá 22 shlat i slabhra. An mó slat chearnach i slabhra cearnach? 8. Tá 100 cetiméadar i méadar. An mó centiméadar cearnach i méadar cearnach?
Caibidil XI. An Chomh-chuideog is Mó (C.C.M.) 53. Sí an chomh-chuideog is mó (c.c.m.) athá ag dhá uimhir nó breis ná an uimhir is mó a roinnfidh ceachtar aca go cothrom. Mar atá, comh-chuideog de 72 agus 120 iseadh 6, agus 12 leis, acht 24 an chomh-chuideog is mó. Baintear feidhm as dhá mhódh chum an c.c.m. d’fhaghail. Módh 1. - Nuair is féidir na h-uimhreacha do dheighilt ’na gcuideoga dochta, is fuiris an c.c.m. do phiocadh amach asta: - Smp. 1 - Faigh an c.c.m. athá ag 75, 135, 210. Ní gádh thar ceann desna h-uimhreacha do dheighilt i gcuideoga uaireanta. Dá n-iarrtaí orrainn an C.C.M. atá ag 10 agus 14 d’fhaghail amach ’nár n-aigne, dheunfaimís cuideoga ar dtúis de’n 10 .i. 2x5; roinnfeadh 2 an 14, acht ní roinnfeadh 5 é; dá bhrigh sin, 2 an C.C.M. Smp. 2 - Faigh an C.C.M. athá ag 90,162,306. Baintear triail as 2, feuchaint an roinnfeadh sé iad go léir, annsan as 3, annsan as 3x3. Is follus ná roinnfidh 5 iad. Roinnfidh an chuid eile iad go léir. Dá bhrigh sin, 2x3x3 .i. 18 an C.C.M.
. Somplaí LVIII. - C.C.M. Módh 1. (Ar do bheul). Faigh an C.C.M. atá ag - (Ar pháipeur) Dlighthe na gCuideog. 53. I. - Faigh cuideoga aon uimhreach, abraim 14. Meuduigh 14 fá 5,7,8. An bhfuil na cuideoga san i ngach toradh a gheibhtear? An fíor san go coitchianta? Cuir síos an dlighe sin i bhfoclaibh. II. - Tóg aon chomh-chuideog atá ag 30 agus 48. Feuch an roinnfeadh sí 30+48. Bain an triail cheudna as aon dá uimhir eile. An fíor san i dtaobh gach peidhre uimhreach? Cad atá fíor ’na dtaobh? III. - “Cuideog de dheifir gach peidhre uimhreach iseadh gach comh-chuideog atá aca.” Teasbáin le uimhreacha gur fíor san. IV. “Aon uimhir atá ’na comh-chuideoig de dhá uimhir eile, tá sí ’na cuideoig de shuim nó de dheifir gach meuduidhe de cheann aca agus gach meuduidhe de’n cheann
eile.” (Cuimhnigh go bhfaghadh neamhní (0) bheigh ’na mheuduidhe ag aon uimhr ar bith .i. go roinneann an uimhir go cothrom é.) Cruthuigh fírinne an dlighe sin le dlighte I., II., III.; agus teasbáin le uimhreacha leis, gur fíor é. V. - “Aon uimhir atá ’na comh-chuideoig de dhá uimhir eile, tá sí ’na cuideoig den bhfuighleach a gheibhtear t’réis an ceann is mó aca do roint ar an gceann is lugha.” Cruthuigh le dlighte I. agus III., agus le uimhreacha, gur fíor san. VI. - Faigh an C.C.M. atá ag 30 agus 48. Cadé an fuighleach atá ann t’réis 48 do roint ar 30? Cadé an C.C.M. atá ag an bhfuighleach so agus an uimhir is lugha den bpeidhre? An mar a chéile é agus C.C.M. an dá uimhir féin? Feuch an fíor san i dtaobh peidhre eile uimhreach. Cuir an dlighe sin i bhfoclaibh. C.C.M. - Módh II. 54. Ní féidir feidhm do bhaint as Módh I. acht amháin le uimhreacha gur fuiris cuideoga dheunamh díobh. Tá Módh II. ag braith ar dhlighe VI., sé sin, an C.C.M. atá ag dhá uimhir, sí an C.C.M. ceudna í ata ag an uimhir is lugha díobh agus an fuighleach a gheibhtear t’réis an ceann is mó do roint ar an gceann is lugha. Teasbáintear 3 slighte inso chum an roint do dheunamh. Sé an cheud slighe is fearr don scoláire a úsáid ar dtúis, mar sé is fusa a thuisgint. T’réis tamaill gheobhaidh sé an dara slighe nó an treas slighe (.i. an módh Iodáileach) do ghabháil chuige. Smp. - Faigh an C.C.M. de 703 agus 817.
C.C.M. Nótaí Eugsamhla. 55. 1. Má bhíonn cuideog in aon cheann desna rointeoirí nó desna h-ionrointe, gur follus ná bain- eann sí leis an C.C.M., ní miste í chaitheamh as. Sa sompla thuas gheobhtaí 57 d’úsáid mar dara rointeoir in áit 114. 2. Badh chóir na comh-chuieoga so-fheiscithe go léir do chur amach as na h-uimhreacha sara dtosnóchthaí ar Módh II., agus iad do mheudú i ndeireadh fá’n C.C. a gheibhtear le Módh II. Cuir i gcás go mbeadh na h-uimhreacha 3515 agus 4085 againn. Le iad do roint ar 5, faghaimíd 703 agus 817. 19 an C.C.M. atá aca san; dá bhrigh sin 5x19 .i. 95 an C.C.M. de sna h-uimhreacha. 3. Má ta an C.C.M. de thrí uimhreacha nó breis ag teastáil agus ná foghnóchadh Módh I., faghtar an C.C.M. de’n dá cheann is lugha aca d’réir Módh II. Más féidir cuideoga do dheunamh den C.C.M. seo, gheobhthar casadh ar Módh I. Muna féidir, cuirtear Módh II. i bhfeidhm ar an C.C.M. agus an cheud uimhir eile is lugha, agus mar sin de. 4. Má tá an C.T.M. (.i. comh-thomhus is mó) de dhá uimhir thagracha ag teastáil, ní mór na h-uimhreacha d’athrú go dtí an chomh-ainm cheudna. Smp. - Faghtar an C.T.M. de Athruightear gach suim airgid go pingní .i. dá bhrigh sin, an C.T.M. desna suimeanna a tugadh.
Somplaí LIX. Faigh an C.C.M. de - 27. Cadé an uimhir is mó a roinnfidh 10549 agus 24797 go cothrom? 28. Faigh an uimhir is mó gur féidir 61655 agus 70092 do roint go glan uirre. 29. Cadé an uimhir is aoirde a roinnfeadh ceachtar de 16650, 10730 agus 1961 go cothrom? 30. Dé méid uair a gheobhthaí an C.C.M. de 150271 agus 165647 do bhaint as ceachtar aca? 31. Cad iad an dá uimhir is lugha a roinnfí 168543 agus 314675 orra leath-má-leath, agus an líon ceudna d’fhaghail mar fhreagra? 32. Cadé an meadhchan is mó a roinnfeadh 3 tn. 5pt. agus 20 tn. 3 cd. 2cr. go glan? 33. Dá ndeunfaí codacha comh-mheáidhte de 4 tn. 15 cd. 3 cr. agus 454 cd., cadé an meadhchan is mó gheobhadh a bheith i ngach cuid díobh? 34. Roinneadh £3 17s.7d, ’na scaracha cothroma agus annsan roinneadh £11 1s.8d. ’na scaracha den luach ceudna. Dé méid slighe a gheobhthaí san do dheunamh dá mbeithfí gan na leath-phingí do bhac? 35. Deineadh scaracha cothroma de £12 17s. 11d., agus annsan deineadh scaracha den luach ceudna de £16 7s.3d. agus de £7 18s.8d. Má bhí uimhir iomlán na scaracha chomh beag agus b’fhéidir a bheith, dé méid é, agus cad dob’fhiú gach scair?
Caibidil XII. An Comh-Mheuduidhe is Lugha (C.M.L.). 56. Sé an Comh-mheuduidhe is lugha atá ag dhá uimhir nó breis na an uimhir is lugha ’na roinnfeadh ceachtar aca go glan. Mar atá, cuideoga de 108 iseadh 9 agus 12, agus comh-mheuduidhe iseadh 108, acht ní hé an comh-mheud- uidhe is lugha é, mar roinnfeadh an dá uimhir 36 leis, agus sé 36 an C.M.L. atá aca. Módh I. - Má gheibhtear cuideoga dochta na n-uimhreach do chur síos, is fuiris an C.M.L. d’fhaghbhail. Smp. - Faigh an C.M.L. de 24, 36, 48, 60. Míniú - Tá na cuideoga 2,3,5 ins ha h-uimh- reacha agus iad san amháin, dá bhrigh sin tá na cuideoga so i ngach meuduidhe agus na cuideoga so amháin sa meuduidhe is lugha. De bhrigh go bhfuil 2 fá 4 in 48, agus caithfear 3 a thógaint fá dhó, mar atá sé amhlaidh in 36, agus 5 aon uair amháin. Gheobhthaí an obair seo do shocrú sa tslighe go bhfaghfaí na h-uimhreacha do bhriseadh ’na gcuideoga agus an C.M.L. d’fhaghail in aon iarracht amháin. Mar seo a scíobhtar é annsan: Míniú - Cuideog de 48 iseach 24, agus de bhrigh go roinnfidh sé aon mheuduidhe de 48, gheobhthar é do scrios. Roinntear treasna leis na cuideoga atá ag dhá uimhir díobh nó breis, d’réir úird a méide. Scríobh a líon fá bhun gach uimhreach a roinntear, agus tabhair síos go h-iomlán gach uimhir do- rointe.
57. Módh II. - Baintear feidhm as an módh seo nuair nach fuiris cuideoga dochta na n-uimhreach d’fheiscint. Is ionann an C.C.M. de dhá uimhir agus toradh a gcomh- chuideog go léir; dá bhrigh sin, má roinntear gach uimhir díobh ar an C.C.M., gheobhthar mar líon toradh na gcuideog nach coitcheann. Is ionann, dá bhrigh sin, an C.M.L. de dhá uimhir agus toradh an C.C.M. agus an dá líon; nó, is ionann é agus toradh ceachtar desna h-uimhreacha agus an líon a gheibhtear nuair a rointear an uimhir eile ar an C.C.M., nó arís, is ionann é agus an líon a gheibhtear t’réis toradh na n-uimhreach do roint ar a gC.C.M. Tógaimís 43709 agus 109981 mar shompla. Má theastuigheann an C.M.L. de thrí uimhreacha nó breis nach so-scaoilte i gcuideoga, faghtar an C.M.L. de dhá cheann aca ar dtúis; annsan an C.M.L. de seo agus an 3adh uimhir, agus mar sin de go mbeidh go léir ídighthe. Sé an C.M.L. deireannach an ceann atá ag teastáil. Somplaí LX. Faghtar an C.M.L. desna h-uimhreacha so: - (Ceisteanna Béil.)
(Ceisteanna Scríobhtha.) Cadé an uimhir is lugha gheobhthaí a roint go glan ar? - 46. Dé méid uair a roinnfeadh ceachtar de sna h-uimhr- eacha an C.M.L. atá aca? 47. Faigh an uimhir is lugha a raghadh isteach inte go glan. 48. Cadé an C.M.L. atá ag na h-uimhreacha go léir suas go dtí 16, agus é féin san áireamh? Somplaí LXI. (Ceisteanna eugsamhla ar chuideoga, C.C.M., agus C.M.L.) 1. Scríobh na cuideoga dochta go léir atá ag 27720. 2. Cad iad na comh-chuideoga dochta atá ag 23760 agus 26136? 3. Faigh an C.C.M. agus an C.M.L. de 27720 agus 51744. 4. Cad iad na cuideoga dochta a mheudóchthaí fá n-a chéile chum 40579 do thabhairt?
5. Cadé an deifir atá idir an C.C.M. agus an C.M.L. de 160, 352, agus 992? 6. Dé méid uair a roinnfeadh an C.C.M. de 1530, 61506, 10302 a gC.M.L.? 7. Cadé an C.C.M. de 40457 agus 420325? Cad iad na cuideoga dochta fá meudóchthar í chum an C.M.L. do dheunamh? 8. Cadé an uimhir is lugha a raghadh 125, 136, 180, 24, 27 isteach inte gan fuighleach? 9. Faigh an uimhir is mó a roinnfidh 1625, 2281, agus 4217, agus a fhágfaidh 8,4 agus 4 mar fuighligh leith-ar- leith. 10. Faigh trí uimhreacha a mbeidh 527 mar thoradh meuduighthe ag an da cheud cheann aca, 713 mar thoradh ag an dara agus an tríomhadh ceann agus 391 mar thoradh ag an cheud agus an tríomhadh ceann. 11. Cadé an tsuim is lugha airgid a gheobhthar a dhíol amach go h-iomlán ’na nótaí £8, nó ’na nótaí £10, nó ’na nótaí £25. 12. Tá an C.M.L. de dhá uimhir níos mó fá 28 ná a gC.C.M., agus 1740 a suim araon le chéile. Más 240 ceann desna h-uimhreacha, cadé an dara ceann? 13. Faigh an uimhir is mó a roinnfidh 13956 agus 14565 agus a fhágfaidh 7 mar fuighleach ina ndiaidh araon. 14. Cadé an roinnteoir is mó a fhágfadh 27 agus 49 mar fhuighligh leith-ar-leith le 68130 agus 107275? 15. Tá dhá uimhir a bhfuil 244188 mar C.M.L. aca, agus 84 mar C.C.M. Más 1428 ceann díobh, faigh an ceann eile. 16. Faigh uimhir a fhágfaidh 63 mar fhuighleach rointe le 34100 agus 93 mar fuighleach rointe le 307100. 17. Cadé an uimhir is lugha a fhágfaidh 22 mar fuighleach arna roint ar 32, 32 mar fuighleach arna roint ar 42, agus 42 mar fhuighleach arna roint ar 52? 18. Tá 20391 galún beorach agus 49287 ngalúin leanna le líonadh isteach i mbaraillí atá comh-mheud agus atá deunta chomh mór agus b’fhéidir é. Dé méid galún a raghaidh i ngach baraille, gan an dá dheoch do mheascadh? 19. Shiubhlóchadh ceathrar fear 27 ml., 28 ml., 35 ml. agus
45 ml. an duine sa ló; cadé an fhaid slighe is lugha a bheadh siubhalta ag gach aoinne aca i gcionn an oiread san laetheanta slána? 20. Tosnuigheann cheithre cluigíní ag bualadh in éinfeacht, agus leanaid de t’réis sos 20 sec., 25 sec., 28 sec., agus 50 secund leith-ar-leith. Cadé an slán- uimhir is lugha nóimeat ó thosnuighid go mbíd ar chomh- chling arís? 21. Cadé an meadhchan is lugha siúicre gheobhthaí a thomhus ’na bhearta iomlána a mbeadh na meadhchain seo a leanas ionta: - 18 pt., 25 pt.7 us, 10 pt.? 22. Tá tigh 26 sl.2 tr. 1 ór. ar faid agus 14 sl. 1 tr. 11 ór. ar leathad, agus tá leaca cearnacha le cur san úrlár ann. Cadé an méad a bheadh i bhfaobhar na lice is mó gheobhthaí a úsáid? 23. Ag dul suas dréimre dham, má theighim thar dhá chéim gach aon iarrracht beidh céim corr i ndeireadh, má theighim thar 3 chéim beidh 2 chéim corr, má theighim thar 4 chéim beidh 3 cinn corr, má theighim thar 5 chéim beidh 4 cinncorr, má theighim thar 6 chéim beidh 5 cinn corr, má theighim thar 7 gcéim beidh 6 cinn corr. Dé méid céim sa dréimre? 24. Faigh an uimhir is lugha a thabharfaidh 25 mar fuighleach nuair a rointear ar 35 í, 35 mar fuighleach nuair a rointear ar 45 í, agus 45 mar fuighleach nuair a rointear ar 55 í. Ceisteanna Eugsamhla. Chum ath-eolas do chur ar an obair atá deunta cheana. A. 1. Cadé an uimhir is mó a meudóchthaí 84 fúithe chum uimhir chearnach d’fhághail? 2. Baineann sé 3 uaire an chluig de chaideul 450 troighthe ciúbach d’uisce do thaoscadh as dhabhaigh. An fada bhainfeadh sé dhe 1200 tr.cb. do thaoscadh aiste? 3. Meadhann galún uisce 10 bpúint. An mór a mheadhfadh 3 piontaí?
4. An mó lá ón 5adh lá d’Abrán, 1907, go dtí an 3adh lá d’Eanair, 1909? 5. Faigh a luach so (agus a dheunamh dhuit sa tslighe is giorra): B. 1. Tá Corrán Tuathail 3414 troighthe ar aoirde. An mó slat sa méid sin? An mó slat siar ó mhíle-slighe é? 2. Tá obair áirighthe le deunamh a bhfeudfadh 10 fear í chríochnú in 13 lá, acht caithfear í críochnú laistigh de 8 lá. An mó fear sa mbreis nár mhór chuige sin? (Bíodh ciall leis an bhfreagra.) 3. Scríobh síos na chúig uimhreacha dochta a leanann 13, agus meuduigh na sé cinn fá n-a chéile. 4. An mó púnt, scilling is pingin in 1000000 pingin? 5. Cuireadh cath Aondroma an 7adh lá de Mheitheamh, 1798. Cadé an lá den tseachtmhain é sin? C. 1. Faigh na cuideoga dochta atá ag 3175524, agus annsan faigh a phreumh chearnach. 2. Cosnuigheann 15 chóip de leabhar £4 5s.; cad a chosnóchadh grós? 3. Dá gcuirtí coróinn sa mbreis cánach ar gach míle toitín, cadé an deifir a dheunfadh san sa mbliadhain do dhuine a chaitheann 7 mboiscín 20 toitín agus boiscín 10 dtoitín sa tseachtmhain? 4. Meuduigh (a) £52 11s.7½d. fá 475, agus (b) 15 tn. 11 cd. 3cr. fá 368. 5. Siubhlann coisidhe 27 gciloméadair in 4 uaire; an mó centiméadar a chuireann sé dhe sa secund? D. 1. Má chosnuigheann 6 cd. 2cr. iarainn £26, cadé an meadhchan iarainn a gheobhthar ar £187 15s.? 2. Roinneadh £287 11s.4d. ar 53 duine; dé méid a fuair gach duine aca? Cadé an fuighleach d’fhan gan roint?
3. Ag seo na meadhchain atá in ochtar bádóir. Dá mbeadh an meadhchan ceudna in gach duine aca agus iomláine na meadhchan do bheith gan athrú, cadé an meadhchan san (.i. an meadhchan meadhonach)? 4. Más ionann púnt airgid agus 45 franc, an mó franc a mhalartóchthaí ar £24 5s. 4d.? 5. Deinim beart páipeur do chomhaireamh ’na dtrí is ’na dtrí agus faghaim ceann corr. Comhairighim arís iad ’na sé is ’na sé agus faghaim dhá cheann corr. An bhfuil dearmhad deunta agam? Dé chúis? E. 1. Tá £800 de theacht-isteach ag duine. Tá an cheud £225 saor ó cháin aige, 3s. sa phúnt ar an dara £225, agus 6s. sa phúnt ar an gcuid eile dhe. An mór é iomlán na cánach atá air? 2. An mó uimhir idir 10 agus 1000 atá ionrointe ar 11? 3. Trí bric as gach aon scór an scair atá ag dul do iascaire atá páirteach i mbád le iascairí eile. Cadé an luach éisc a mharbhann an fhuireann go léir an bhliadhain go dtuilleann an t-iascaire sin £35? 4. Faigh an C.C.M. agus an C.M.L. de 9030 agus 12390. 5. D’ullmhuigheadh dinnéar i gcóir 30 duine ar 7s.6d. an duine. Níor tháinig chum an dinnéir acht 27 nduine, acht chaitheadh an t-iomlán do dhíol le fear an ósta. Dé méid costais a bhí ar gach duine? F. 1. Measctar 4 galúin fíona ar 21s.9d. an galún le 9 ngal. ar 24s. an galún, agus cuirtear galún uisce annsan leis. Cad is fiú galún den meascadh? 2. Deintear uimhir, a bhfuil 5 mar fhigiúir deiridh inte,
do chearnú (.i. do mheudú fúithe féin): cruthuigh go bhfagh- far uimhir a mbeidh 25 mar deireadh aici? 3. Thug fear capall fá ndeara gur rith ceann dá chapaill-ráis 20 leath-shlat in secund, agus b’ionann san, dar leis, agus 20 míle san uair. Teasbáin go raibh sé gairid don bhfírinne agus faigh dé méid é a dhearmhad. 4. Cuir le chéile: (a) Má roinntear an t-iomlán ar mhór-sheisear, cad a gheobhaidh gach duine aca? An mbeidh aon rud fágtha? 5. Tá fear ’na sheasamh le h-ais an bhóthair-iarainn agus tugann sé fá ndeara go mbaineann sé 8 sec. de thraen 176 slat ar faid dul thairis. An mó míle san uair atá an traen ag cur di? G. 1. Faigh faid an bhinse aga bhfuil tú id shuidhe (le riaghail nó rl.). Dé méid binse mar é as a chéile a shínfeadh feadh míle? 2. Faigh a luach so: (a) Má dhúbaltar uimhir, cadé an deifir a dhein- eann san ’na cearnóig? Cruthuigh gur fíor san i gcomhnuidhe. 3. Comhnuigheann Seán leath-mhíle ón scoil agus siubhlann sé 110 slata sa nóimeat: tá Ruaidhrí ’na chomhnuidhe ¼ mhíle ón scoil, agus siubhlann sé 88 slata sa nóimeat. Fágann Seán an tigh ar a 9 a chlog agus fágann Ruaidhrí 9.5 a.m. Ciaca is túisce ag an scoil, agus dé méid nóimeat de thosach aige ar an duine eile? 4. Sé 432 an C.M.L. de dhá uimhir agus 6 an C.C.M. Cad iad na h-uimhreacha? (Dhá fhreagra.) 5. Sa Rúis úsáidtear an “bherst” in áit an míle ( - slighe). Tá timcheall 3520 troigh i bherst. Má tá 252 bherst idir dhá chathair sa Rúis, an mó míle san?
H. 1. Díoltar £49 12s.10d. sa tseachtmhain le 23 sclábhuidhe; dé méid a gheibheann 15 dhuine aca? 2. (a) Athruigh go feoirlingí £47 8s. 3¼d. (b) Meuduigh £47 8s. 3¼d. fá 480. Cuir an dá fhreagra i gcompráid le n-a chéile, agus cúm riaghail áiseamhail chum cesiteanna de’n tsórd so a dheunamh id ceann (gan páipeur): - 3s. 2½d.x 480, 7s.10d.x 480, 7c. 3. Cuirtear riaghail-órlach agus riaghail-centiméadar i slighe go bhfuil a dhá bhfaobhar le n-a chéile agus a línte tosaigh ar aghaidh a chéile. Tugtar fá ndeara go bhfuil 94 ar an riaghail-cm. nach mór ar aghaidh 37 ar an riaghail- ór.; cadé an uimhir ar an riaghail-ór a bheidh geall leis ar aghaidh 33 ar an riaghail-cm.? 4. Cheannuigh fear pictiúir ar £3 agus dhíol sé ar 3½ giní é. Cadé an proifíd a dhein sé? Cadé an proifíd a dhein sé in aghaidh gach púint dár chaith sé? Dá gcaitheadh sé ceud púnt ar an gcuma ceudna, cadé an proifíd a dheunfadh sé? 5. Simpligh: I. 1. In áit uimhir do mheudú fá 495, dhein garsún dear- mhad agus mheuduigh fá 594 í, agus bhí 37026 de dhearmhad sa bhfreagra. Cadé an freagra ceart? 2. Cadé an uimhir a roinnfí 94 agus 137 uirre, agus 3 agus 4 d’fhághail mar fuighleach leith-ar-leith? 3. Má chosnuigheann aistear 325 míle ar an mbóthar- iarainn £2 14s.2d., cad badh cheart a dhíol as aistear 631 míle? 4. Meadhann troigh ciúbach de chloich 1½cd. Cadé an toirt a bheadh sa chloich a mheadhfadh 6 tn.? 5. Tá traen 240 sl. ar faid ag imtheacht 30 míle san uair. An fada a bhainfidh sé di dul thar droichead 112 sl. ar faid?
L. 1. Fágann long Luimneach um meadhon lae, Dia Luain, an 4adh lá de Lughnasa chum dul go baile puirt atá 2148 míle ó bhaile. Má chuireann sí 365 ml. di in aghaidh an lae, cadé (a) an lá den tseachtmhain, (b) an lá den mí a shroichfidh sí port? 2. Tá an méid seo airgid ag dáireug fear: - £352 7s. an duine ag triúr aca, £428 11s. an duine ag cúigear eile, agus ag an gceathrar eile leath-má-leath. Má chuirtear an t-airgead go léir i gceann a chéile agus a roint go cothrom, ciaca is mó a bheidh caillte leis, agus an mór a chaillfidh sé? 3. Cruthuigh go dtuiteann an 10adh lá de mhí Nodlag ar an lá ceudna den tseachtamhain is a thuigeann an 10adh lá de Mheadhon Foghmhair sa bhliadhain cheudna. 4. Tá páirc i bhfuirm triantáin; 712,584,424 troighthe faid a taobh. Táthar chum cleatha do chur as a chéile timcheall léi. Cadé an fhaid is mó a gheobhaidh a bheith ins na cleatha a bheidh le gach taobh di, má theastuigheann cothrom díobh ann? 5. Má tá gach ceann desna h-uilleacha atá ag bun triantáin comh-chosaigh fá dhó níos mó ná an uille eile, an mó céim in gach uillinn den triantán? (an 3 uilleacha =180º). M. 1. Bhain meitheal fear gort arbhair in 3 lá agus iad ag obair ar feadh 8 n-uaire sa ló. An fada a bheidís ghá bhaint, mar a n-oibrighdís acht 6 uaire sa ló? 2. Roinneas uimhir ar 42, agus fuaras 39 mar fuighleach: Cad a bheadh fágtha dá roinninn an uimhir cheudna ar 7? 3. An mó secund ó 10.30 a.m. Dé Luain go dtí 5 p.m. Dé Máirt? 4. Díolann £54 tuarastail cúigear sclábhuidhe ar feadh 6 seachtmhaine. Cad a thuilleann gach sclábhuidhe
aca sa tseachtmhain? An mó seachtmhain a dhíolfadh £216 a dtuarastail le 8 sclábhuidhe? 5. Táthar chum úrlár do pháiliú le leaca cearnacha - na leaca is mó b’fhéidir a úsáid, agus iad comh-hór. Tá an t-úrlár 29tr.3ór. ar fad agus 17tr.4ór ar leithead. Cadé faid faobhair gach lice? N. 1. Meadhann bosca atá lán de phlúr 9 bpúint: nuair a bhíonn sé leath-lán meadhann sé 5 phúint. Cad a mheadhfadh sé follamh? 2. Roinn 78x136-75x52 ar 26, ins an tslighe is giorra dob’fhéidir. 3. Cuireann A chum bóthair ar rothar ar a 10 a chlog ar maidin, agus teigheann sé 9 míle san uair. Ar 10.40 leanann B é, agus teigheann 11 mhíle san uair. An fada ó bhaile atá A nuair a chuireann B chum bóthair? Cé méid níos giorra dá chéile a bhíonn siad in aghaidh gach uaire a chluig? Cathoin a thiocfaidh B suas le A? 4. Míle = 1760 slat. Acra = 4840 slat chearnach. As san fhaigh dé méid acra in míle cearnach. 5. Cuimhnigh ar uimhir éigin: meuduigh fá dhó í: cuir 10 léi: tóg a leath san: bain an cheud uimhir as an leath san. An 5 an t-iarmhar atá agat? Teasbáin go cruinn gurbé an feagra ceudna a gheobhair pé uimhir le n-a dtosnuighir. O. 1. Tochraiseann fear a uaireadóir ar a 8 a chlog ar maidin agus arís ar a 10 a chlog istoidhche. Teannann 10 gcasadh ar maidin é: An mó casadh a theannfadh é istoidhche? 2. Teastuigheann ó ghluaisteánuidhe dul 120 míle in 6 uaire. I rith na cheud 4 uaire ní dheineann sé acht 18 míle san uair (ar an meadhon). An mó míle a chaithfidh sé a dheunamh san uair as san amach, chum an t-aistear do chríochnú in am? 3. I gceist rointe, 359 an rointeoir, 428 an líon, agus 99 an fuighleach. Faigh an ionroint.
4. Seo ceist ’nar deineadh uimhir do chearnú (.i. do mheudú fúithe féin): - Cadé an uimhir í? 5. Roinn £1422 3s. 10½d. ar 727. P. 1. Bhí roint airgid ag fear. Thug sé 3s.7½d. an duine do 17 nduine agus bhí 3s.4¾d. fágtha aige. Dé méid airgid a bhí aige ar dtúis? 2. Tarraing líne 25cm. ar faid. Tomhais é feuchaint an mó órlach atá ann. As san faigh an mó centiméadar in 25 ór. 3. Bailightear gasra fear le chéile agus iad go léir ar chomh-aoirde. Más 206 tr.7ór. suim a n-aoirde, an mó fear sa ngasra? Cad is aoirde do gach duine aca? (Tabhair aire go mbeidh freagra ciallmhar agat!) 4. Tá beirt fhear ag siubhal i gcoinne a chéile, duine aca ag cur 3 mhíle de agus an duine eile 4 mhíle, san uair. Dé méid níos giorra dá chéile iad i gcionn uair an chluig? Má tháid 28 míle ó n-a iad i gcionn uaire an chluig? Má tháid 28 míle ó n-a chéile ar dtúis, cadé an fhaid go dteagmhóchaid le chéile? 5. Cad a thuigeann tú leis na teurmaí seo: - Cuideog, uimhir dhocht, meuduidhe? Cadé an uimhir dhocht is giorra do 200? R. 1. Bhí an oiread san leath-shobhran ag duine, a dhá oiread scilling, a thrí oiread leath-choróinn, agus a sheacht oiread raol. Má b’fhiú £26 9s. ar fad é, an mó píosa airgid a bhí aige? 2. Tá billeog páipéir 9 n-órlach ar faid agus 5 ór. ar leithead. An mó stiall 5ór.x1ór. is féidir a
ghearradh dhi? An mó cearnóg 1 ór.x1ór. is féidir a ghearradh dhi? 3. D’fheudfadh A mac-samhail a dheunamh de láimh- scríbhinn a bhfuil 360 leathanach inte in 90 uair: d’fheudfadh B é dheunah in 72 uair. An mó leathanach a dheunfadh gach duine aca san uair? An mó leathanach a dheunfadh an bheirt aca le chéile in uair? An fada a bhainfeadh sé dhíobh araon í do chríochnú? 4. Meuduigh £4 18s.10½d. fá 284 insa tslighe is giorra. 5. Dealuigh an deifir atá idir raol go leith agus 6 pinge go leith ón deifir atá idir púnt go leith agus fiche scilling go leith. S. 1. Faghann A agus B gluaisteán ar iasacht go cionn 3 mhí. Bíonn sé dá úsáid ag A trí lá den tseachtmhain, agus ag B na ceithre lá eile. Má chosnuigheann an iasacht 80 giní, cad badh chóir do gach duine aca a dhíol? 2. Ceannuigheann siopadóir ceud-meudhchain té ar £12 10s., agus díolann sé ar 2s.10d. an púnt é. An mór a bheireann sé leis? Dé méid a bheireann sé le gach aon luach £100 de a cheannuigheann sé? 3. Má íoctar £6 mar chíos as iasacht £100 go ceann bliadhna, cad is ceart a íoc as iasacht (a)£25, (b)£125? Cad is ceart a íoc as £125 go ceann 3 mbliadhain? 4.(a) Roinn sa tslighe is giorra. 5. Tá 32740 duine i mbaile mór agus 5 mhadra ann in aghaidh gach ceud duine. Má tá trí leath-choróinn cánach ar gach madra, dé méid é iomlán cánach na madraí sa mbaile sin? T. 1. Bhí garsún 12bl. 137 lá d’aois lá Beultaine, 1921. Cadé an lá a rugadh é? 2. Roinn £192 1s. ar 16 fear agus 13 ban, i slighe is go bhfaghaidh bean 7s.6d. in aghaidh gach púint a gheibheann fear.
3. Cade an uimhir dhá fhigiúir is mó a roinnfeadh 1746 agus 2637 go cothrom? 4. Ta cúigear muintire i dtigh, agus tá an bheirt is óige 5 bl. agus 8 bl. d’aois. Más 106 bl. suim a n-aoiseanna go leir anois, cad ba shuim dá n-aoiseanna 6 bl. ó shoin? 5. Tá úrlár 24tr. ar faid agus 16 tr. ar leithead: An mó troigh cearnach ann? (Feuch leat, Ceisteanna Eugsamhla, R.2.) Cad a chosnóchadh se é dhathú ar 2½d. an tr. cearnach? U. 1. Faigh, sa tslighe is giorra, a luach so: - 2. Má chuirtear le chéile suim agus deifir dhá uimhir, teasbain go bhfaghfar an uimhir is mó dhíobh fá dhó. Cad a gheobhthar má bhaintear an deifir ón tsuim? Más 173 suim dhá uimhir agus 47 a ndeifir, cad iad na h-uimhreacha féin? 3. Má scríobhtar síos na h-uimhreacha go léir atá os cionn 100 agus fá bhun 1000, (a) an mó uimhir a bheidh ann? (b) an mó figiúir a bheidh ionta? (c) an mó uair a scríobhfar an figiúir 3? (a) an mó uair a scríobhfar 0? 4. Roinn 51975 in dhá chuideoig a bheidh chomh comhgarach dá chéile agus dob’fhéidir? 5. Tá £13 14s 7d. ag A, agus £4 3s.2d. ag B. Dé méid a thabharfaidh A do B, i slighe is go mbeidh a dhá oiread ag A is atá ag B? X. 1. Teasbáin gur ionann 142857x7 agus 999999. As san ceap slighe comhgarach chum uimhir mhór (abair 769542) do mheudú fá 142857. 2. Cad a chialluigheann na teurmaí “comh-chuideog is mó” agus “comh-mheuduidhe is lugha”? Cúm-se fein somplaí ghá theasbáint cionnus a gheibhtear iad.
3. Cad a chosnóchadh stampaí i gcóir milliún (a) leitreach, (b) cárta puist? 4. Má chosnuigheann 5pt. té 13s. 4d., an mó púnt de a gheobhthar ar £17 1s.4d. (ar an luach ceudna)? 5. Tá dabhach ann a líonfadh 120 galún í. Líonfadh an sgonna A í in 12 nóim., agus an sgonna B in 6 nóim. Má bhíonn an dá sgonna ag oibriú, an mó galún a thagann isteach sa nóimeat? Cadé a fhaid a bhainfeadh sé díobh an dabhach do líonadh? Y. 1. Teasbáin gur ionann Cad a gheobhthar má mheuduighthear toradh dhá uimhir fá n-a líon? Toradh dhá uimhir = 768, a líon = 3; cad iad na h-uimhreacha? 2. Tá clog ag imtheacht ró-mhear. Teasbáineann sé an t-am ceart um meadhon-lae lá Beultaine, agus an t-am ceart arís um meadhon-lae Lughnasa a 9. Dé méid ró-mhear atá sé ar a 3 a chlog, p.m., Meitheamh a 7? 3. Chuaidh ceud scoláire fá scrúdú. Thóg 64 duine aca Fraingcis mar adhbhar scrúduighthe, 32 dhuine Gearmáinis. Bhí 20 duine nár thóg Fraingcis ná Gearmáinis. An mó duine a thóg an dá theanga? 4. Cadé an uimhir a bhfuil a cearnóg idir (a) (i) Bhí aithne ag mo shean-athair ar dhuine, agus bliadhain áirighthe thug an duine sin fá ndeara dá gcearnuigheadh sé uimhir a aoise go bhfaghadh uimhir na bliadhna san. Cadé an bliadhain ’na rugadh é? 5. Bliadhain áirighthe cuireadh cath in Éirinn. Dá gcuirtí 35 le uimhir na bliadhna san gheobhthaí uimhir chearnach, agus dá mbaintí 46 aiste, gheobhthaí uimhir chearnach leis. Cadé an cath san?
Aguisín Caibidil XIII. Táibhlí Meadhchan agus Tomhas. (a bhfuil in úsáid sa leabhar so dhíobh). Airgead. 4 feoirlinge (f.) nó … pingin (d.) 2 leath-phinge 12 phingin … … scilling (s.) 20 scilling … … púnt (£) 4 pingne … … tistiún 6 pingne … … raol 5 scillinge … … coróinn 21 scilling … … giní (i Sasana Nua) 100 cent (c.) … … dollar ($) (sa bhFrainc.) 100 centime (c.)… … franc (fr.) Meadhchan (“Mór”). 16 dhram (dr.) … … unsa (us.) 16 unsaí … … púnt (pt.) 14 púint … … cloch (cl.) 28 púint nó 2 chloich … … ceathramha (cr.) 4 ceathramhna … … ceud-mheadhchain (cd.) 20 ceud … … tonna (tn.) Meadhchan Troighe. 24 ghráinne … … meadhchan-pingne (mp.) 20 meadhchan-pingne … unsa (us.) 12 unsa … … púnt (pt.) Tomhas Ciúbach. 1,728 órlaighe ciúbacha (ór.cb.) … troigh chiúbach (tr.cb.) 27 dtroighthe ciúbacha … slat chiúbach (sl.cb.)
Tomhas Faid. 12 órlach (ór.) … troigh (tr.) 3 troighthe … … slat (sl.) 220 slat … … stáid (st.) 8 stáide, nó 1,760 slat … míle (ml.) 5½ slata … … péirse (pr.) 7 slata … … péirse mhór 40 péirse … … stáid 2,240 slat … … míle mór 100 lúb, nó 22 shlait … … slabhra (ag tomhas talmhan) 10 slabhra … … stáid 6 troighthe … … feadh (ag tomhas doimheas na fairrge) 6,080 troigh … … míle fairrge (ag tomhas luas long 3 mhíle … … léig Tomhas Faid Méadrach 10 milliméadair (mm.) … centiméadar (cm.) 10 centiméadar … deciméadar (dm.) 10 ndeciméadair … méadar (m.) 10 méadair … decaméadar (Dm.) 10 ndecaméadair … hectoméadar (Hm.) 10 hectoméadar … ciloméadar (Cm.) Tomhas Cearnach. 144 órlaighe cearnacha (ór.c.) … troigh chearnach (tr.c.) 9 dtroighthe cearnacha … slat chearnach (sl.ch.) 4,840 slat chearnach … acra (ac.) 640 acra … míle cearnach (ml.c.) 30 ¼ slat chearnach … péirse chearnach (pr.c.) 49 slata cearnacha … péirse chearnach mhór. 40 péirse cearnach … ceathramha (cr.) 4 ceathramhna … acra. Tomhas Ama. 60 secund (sec.) … nóimeat (nóim.,nó.,nm.) 60 nóimeat … … uair (u.) 24 uaire … … lá (l.) 7 lá … … seachtmhain (scht.) 365 lá … … bliadhain (bl.) 366 lá … … bliadhain bhisigh 2 sheachtmhain … … coigthigheas 3 mhí … … ráithe Tomhas Soitheach 4 chnagaire … … pionta (pnt.) 2 phionta … … cáirt (ct.) 4 cháirt … … galún (gl.) 2 ghalún … … pic (pc.) 4 phic … … buiseul (bs.) 8 mbuiséil … … ceathramha.
Aguisín II Léigheamh agus Scríobhadh Uimhreach Caibidil XIV. Uimhir-comharthaí na Rómhánach. Sid iad uimhir-chomharthaí an Mhódha Rómhánaigh: - I. .i. 1, X. .i. 10, C. .i. 100 V. .i. 5, L. .i. 50, D. .i. 500 M. .i. 1000 Seo mar theasbáintear uimhreacha leo: - i. Suimightear luach na gcomharthaí. Cuirtear an comhartha is mó luach ar tosach, agus an chuid eile ’na dhiaidh d’réir úird a méide, mar atá: Ní gnáth thar trí cinn desna comharthaí ceudna do chur indiaidh a chéile. Is cead IIII. (.i. 4) do scríobhadh, acht is minicí gheibhthear sa tslighe eile é (feuch leat ii.). Ní scríobhthar VV. (10), LL. (100), DD. (1000). (ii.) Má bhíonn comhartha díreach roimh comhartha is mó ná é, baintear a luach as an gcomhartha mór, mar atá: Ní bhaintear thar aon chomhartha amhain amhlaidh san as chomhartha is mó ná é. Ní scríobhfaí IIV. i gcomhair 3. (iii.) Meuduigheann líne os cionn an chomhartha a luach fá mhíle, mar atá: Acht is anamh feidhm á bhaint as Tá an chuid eile ag deunamh aithrise orra san, mar atá (ó 10-20). Tugtar fá ndeara nach IXX scríobhtar i gcomhair 19, ná IC, i gcomhair 99. Badh dhóigh le duine go mbeadh MCM ar 1900, dála XIX ar 10, ach MDCCCC a gheibhtear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services