Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruidhean Chaorthainn
Title
Bruidhean Chaorthainn
Author(s)
In eagar ag Pádraic Mac Piarais,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraig
Composition Date
1912
Publisher
Connradh na Gaeilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRUIDHEAN CHAORTHAINN:
RÉAMHRÁDH. 'Sí seo an chéad uair ag an sgéal clúmhail seo dá chur fá eagar agus fá chló i n-a iomlán. Dá mhéid meas dá raibh ag Gaedhealaibh air leis na ciantaibh, níor ghabh éinne le n-a ais é chur os comhair an phobail go dtí anois. Rinne an tOllamh Pádraic Seoighe é chur i mBéarla,* tá tuilleadh agus cúig bliadhna fichead ó shoin ann, agus 'sé an t-aistriughadh so, ar n-a léigheadh dhom agus mé i mo sgurach ag dul ar sgoil, a ghríosuigh mise chum spéis a chur sa sgéal de'n chéad uair. Is cuimhneach liom mé 'gá rádh liom féin an uair sin go mb'fhéidir le Dia go ngeallfaidhe dhom-sa “Bruidhean Chaorthainn” a chur amach i nGaedhilg lá fada nó goirid: agus tháinig sé sa saoghal gur gealladh! “A bhuidhe le Dia,” mar adeireadh na sean-sgríbhneoirí. 1. Na Lámh-Sgríbhne. Is beag sgéal is líonmhaire macsamhail ins na lámh- sgríbhnibh 'ná é seo. Teist é sin ar an árd-mheas a bhí ag ar n-aithreachaibh air. Fuair D'Arbois De Iubain- bhille trí chóib fichead dhe agus é ag cuartughadh na leabharlann cúig bliadhna fichead ó shoin; bhí dhá chóib eile ag an Seoigheach cúpla bliadhain roimhe sin nár éirigh le De Iubainbhille greim a fhágháil ortha; agus tá trí chóib i Leabharlainn na nAdhbhacóideach i nDún Éadain nárbh' eol do De Iubainbhille iad a bheith ann ar chor ar
bith. Sin ocht gcóib fichead ar a laighead i leabharlannaibh puiblidhe, gan trácht ar a bhfuil de chóibeannaibh i lámh- sgríbhnibh atá i seilbh daoine annso is annsúd ar fud na tíre. Cuireann De Iubainbhille an t-aguisín seo le n-a áireamh:—
Tá, mar adubhras, trí lámh-sgríbhne i Leabharlainn na nAdhbhacóideach i nDún Éadain a bhfuil cóibeanna de'n sgéal ionnta. Tá cur síos ortha so san Scottish Review, Meadhon Fóghmhair, 1894, ó láimh W. A. Craigie. Léightear annsin:— “Bruighean Chaorthainn, *Tá an méid seo ag Craigie fá bhun an leathanaigh: “…
Go dtí Alt 22 dár n-innsin-ne atá i gcló ag Mac Uí Chailín i “Leabhar na Féinne,” acht, mar adeir Craigie, tá an chanamhain chomh truaillighthe sin aige gur beag is fiú a theistimhin. “Maghach Colgar” (.i. Míodhach Mac Colgáin) an teideal atá ar an sgéal atá fá chló i “Sgeulachdan Gaidhealach (Tales of the West Highlands)”: ní mór í a chosmhaileacht le n-ar sgéal-ne, acht níl aimhreas nach iad cnámha an sgéil chéadna atá ann. Ó bhéal-aithris shean-iasgaire darbh' ainm Alastar Mac Néill a sgríobh Mac Uí Chailín an sgéal so, i n-oileán Barra dhó, sa mbliadhain 1859.
Sa mbliadhain 1901 rinne mise cuid mhaith de “Bhruidhean Chaorthainn” a ath-sgríobhadh ó'n lámh- sgríbhinn 23 K 7 san Acadaimh. Stadas de'n obair seo ar n-a chlos dom go raibh mo chara, Pádraig Ó Briain, ag braith ar an sgéal a chur i gcló ó chúpla lámh-sgríbhinn a bhí aige féin. Níor lean Pádraig dá láimh, ámh; agus b'é deireadh an sgéil go dtug sé dom-sa a raibh de lámh- sgríbhnibh agus eile aige agus go dtug lán-chead dom bualadh ar m'aghaidh agus an “Bhruidhean” a chur i gcló. Táim an-bhuidheach dhe as ucht a charthannais liom agus as ucht a dtug sé dhom de chongnamh agus mé i mbun na hoibre. Ní leanann an teistimhín seo atá fá chló againn d'aon lámh-sgríbhinn áirithe. 'Siad so na lámh-sgríbhne a bhí os mo chomhair 'gá socrughadh dhom:— (A.) An lámh-sgríbhinn 23 K 7, R.I.A. (1702-1745). (B.) An lámh-sgríbhinn 23 C 30, R.I.A. (1733). (C.) Lámhsgríbhinn de chuid Phádraig Uí Chearmada, (1840-4.) I dtaobh (A), 'sé Domhnall Mac Donnchadha a sgríobh a furmhór “ar Dhroichead na Ruachtaidhe i gCo. Chiarraidhe,” mar adeir sé féin, i gcaitheamh na mbliadhan 1700-2. Ní dóigh liom gurab é Domhnall a sgríobh an sgéal áirithe seo, ámh, ná an sgéal roimhe (“Feis Tighe Chonáin Chinn tSléibhe”). Aon lámh-sgríbhneoireacht amháin atá san dá sgéal so, agus ní hionann í agus an sgríbh-
naeoirecht atá sa gcuid eile de'n leabhar, .i. sgríbh- neoireacht Dhomhnaill. I ndeireadh “Feis Tighe Chonáin” léightear na focla so: “FINIS. Ar na sgríobhadh le Dómhnall Ó Mathúna an trímhúghadh lá fithchiod do'n Mhárta annsa bliaighain daois an tighearna 1744-5.” Measaim, dá réir seo, gurab é Domhnall O Mhathghamhna a sgríobh an chóib seo de “Bhruidhean Chaorthainn,” timcheall na bliadhna 1744-5, agus go raibh D'Arbois De Iubainbhille ag dul amugha nuair adubhairt sé gur sa mbliadhain 1702 a sgríobhadh í. Aindrias Mac Cuirtín a sgríobh (B) i gCo. an Chláir, sa mbliadhain 1733. 'Sí seo an tríomhadh lámh-sgríbhinn a bhí ag an Seoigheach ag cur an sgéil i mBéarla dhó. Ní beag le rádh saothar Aindriais Mhic Chuirtín le n-a linn. File maith agus rígh-sgoláire a b'eadh é. Bhí sé ar na filíbh ba dhéidheannaighe i gCúige Mumhan a chleacht an Deibhidhe. Maidir le (C), lámh-sgríbhinn í seo a sgríobh Mícheál Brún i Lios Mór na nDéise i gcaitheamh na mbliadhan 1840-4. Seo mar tá curtha síos aige i ndeireadh ar sgéil-ne: “FINIT. Ar na sgríobhadh re Micheal Brunn Lismor 1844 an ttarna mí.” Ba leis an Athair P. Ó Slatarra, Sagart Pobail Bhaile Dhuibh, an leabhar so lá de'n tsaoghal: tá a ainm sgríobhtha aige ar an gcéad leathanach maille leis na foclaibh seo: “Ballyduff, July 15/70.” Is lem' charaid, Pádraig Ó Cearmada, anois é, agus táim fá chomaoin mhóir ag Pádraig i ngeall ar tamall de a thabhairt dom. Is dócha gur do (C) is
dlúithe a leanas ar dteistimhin agus gur mhó an chabhair dhom (B) 'ná (A) 'gá ceartughadh agus 'gá beachtughadh dhom. AN SGÉAL. Ní luaidhtear “Bruidhean Chaorthainn” ins na sean- leabhraibh, go bhfios dom-sa. Ní fhágann sin nach sgéal ársa atá ann. Muna mbeadh go raibh cáil mhór air le fada d'aimsir ní bheithí dhá ath-sgríobhadh i nGaedheal- tacht na hAlban sa mbliadhain 1603. Mar adeir De Iubainbhille, tagrann an Céitinneach dhó i “bhForas Feasa ar Éirinn.” Seo iad a bhriathra, de réir mar bhaineas as an lámh-sgríbhinn atá i Leabharlainn na mBráthar i mBaile Átha Cliath iad:— “… Dá n-abróchadh éinne nach in-chreidte mórán dár sgríobhadh ar an bhFéinn, is deimhin gurab fíor dhó é, óir ní raibh ríoghacht san bhith is nach sgríobhtaoi re linn na págánachta sgéal dá ngoirthí Fabula. Féach ‘Ridire na Gréine,’ Bevis of Hampton, Huon of Burdex, agus a shamhail eile sin do sgríobhadh re linn an chreidimh féin. Gidheadh, ní fhuil críoch san bhith is nár sgríobhadh staire fírinneacha in- chreidte. Mar an gcéadna, tar cheann gur sgríobhadh iomad d'fhinnsgéaltaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an bhFéinn, mar atá ‘Cath Finn-Trágha,’ ‘Bruidhean Chaor- thainn,’ agus ‘Imtheachta an Ghiolla Dheacair,’ agus a shamhail sin de chaitheamh aimsire, thairis sin is dearbh gur sgríobhadh staire in-chreidte fírinneacha ortha.” B'fhéidir sin a bheith amhlaidh. Acht cibé sin de, is
cinnte go bhfuil an “finnsgéal filidheachta” so ar na sgéaltaibh is áilne dár cumadh i nÉirinn le linn na Gaedhilge a bheith i n-uachtar. Níl aon aimhreas nach é “Bruidhean Chaorthainn” an sgéal is fearr de na sgéal- taibh Finnaidheachta fré chéile, má fhágtar an rígh-sgéal úd, “Tóraidheacht Dhiarmada agus Ghráinne,” as an gcomhaireamh. Tá cosmhaileacht áirithe idir é agus laoithe nó sgéalta eile a chuireas síos ar bhruidheantaibh nó ar uachaisibh draoidheachta, mar atá “Bruidhean Cheise Chorainn,” “Seilg Shléibhe Fuaid,” agus “Seilg Shléibhe gCuilinn;” acht ní i ngeall ar an sgéal féin, acht i ngeall ar a léirighthear ann d'uaisleacht méin agus aignidh, d'fhíor-laochas, d'fhíor-charthannacht, agus de dhlúth-mhuinnteardhas i measg carad, is fiú “Bruidhean Chaorthainn” a áireamh ar phríomh-sgéaltaibh na hÉireann. Badh dheacair na hailt úd ó Alt 21 go dtí Alt 26 a shárughadh ar áilneacht smaointe ná ar bhinneas focal agus litridheacht na hEorpa a chuartughadh. Níor mhór dom mo bhuidheachas a ghabháil le Pádraig Ó Briain agus le Pádraig Ó Cearmada ar na hádhbhar- aibh atá luaidhte cheana agam; le hOsborn Ó hAimhirgin mar gheall ar mé a chur ar an eolas uair nó dhó; agus le Seosamh Laoide, ní hé amháin as ucht fromhtha an leabhair seo a léigheadh agus a cheartughadh dhom, acht as ucht a bhfuaireas de theagasg agus de threorughadh agus de dheagh-chomhairle uaidh le dhá bhliadhain déag anuas. PÁDRAIC MAC PIARAIS. Márta, 1908.
BRUIDHEAN CHAORTHAINN. 1. Árd-rí uasal oirdhearc do ghabh flaitheas agus forlámhas ar cheithre treabhaibh Lochlann, dar ba chomh- ainm Colgán Cruaidh-Armach, mac Dathchaoin Tréin. Do comóradh aonach agus árd-oireachtas leis an rígh in aon de laethibh ar fhaithche a dhúna agus a dheagh-bhaile féin, i gcathraigh na Beirbhe Lochlannaighe, go dtángadar maithe agus mór-uaisle Lochlann n-a choinne agus i n-a chomh- dháil ann; agus ar mbeith i n-ionad aon bhuidhne dhóibh do labhair an rí de ghuth árd-mhór sholus-ghlan, agus is é adubhairt:— “A árd-mhaithe Lochlann, ó thárla d'aon láthair sibh, innsidh dham an aithnid daoibh locht ná aineamh orm féin mar rígh agus mar ró-thighearna.” Adubhradar an sluagh uile d'aitheasg aon fhir nachar bh' fheasach dóibh féin locht ar bith air. “Ní hamhlaidh sin damh-sa,” ar Rí Lochlann: “is aithnid dam locht mór orm.” “Créad é sin, a árd-rí?” ar siad-san. “Atá,” ar sé, “Rí na nOileán bheith dá ghairm díom agus gan na hoileáin uile agam.”
“Cia an chuid atá uait, nó nach bhfuil agat díobh, a árd-rí?” ar siad. “Éire iath-ghlas oileánach do bhí ag mo sheanaibh agus ag mo shinnsearaibh romham,” ar sé; “agus fuaradar mórán uilc ag á cosnamh ar a n-eascáirdibh; óir is ag troid ar son na hÉireann do thuit Balor Béimneach le Lughaidh Lámh-Fhada, agus sluagh do-áirmhighthe. I gcionn bliadhna i n-a dhiaidh sin thug Breas, mac Baloir, cath do Tuathaibh Dé Danann ar Mhaigh Tuireadh, agus is ann do thuit Breas féin, Iarann agus Slánach, dhá inghin Bhaloir uí Néid, agus a bhainchéile, Ceitleann Chraos- Fhiaclach. Atá a feart i nDún Cheitleann, ar thaoibh thuaidh de Mhaigh Tuireadh.” “Créad do b'áil leat a dhéanamh, a árd-rí?” ar siad. “Badh mhaith liom,” ar sé, “dul go hÉirinn dá hargain agus dá cur fá smacht agus fá chíos agus cháin dam féin agus do chloinn mo chloinne go foircheann an bheatha; do ghlacadh mo chíosa agus mo chána agus m'ein- eachlainne uaithi ar ais nó ar éigean; agus d'fhágháil braighead agus giall re comhall dam go humhal as sin amach.” Adubhairt maithe Lochlann go rabhadar féin sásta go leor leis an gcomhairle fuaradar, agus gur dhoiligh leo a fhaid go dtugadar an turas soin. 2. Is annsoin do chuir Rí Lochlann gairm agus comh- chruinniughadh ar shluaightibh agus ar shochraidíbh Lochlann uile, go rabhadar seacht ruadh-chatha ró-mhóra ar fhaithche na Beirbhe. Do thugadar sruth-léim shanntach shiubhail san
bhfairrge bhfíor-dhoimhin bhfliuch-thonnaigh le n-a longaibh deagh-chumtha béal-leathana agus le n-a gcurachánaibh daingeana deagh-chumhduighthe do-bhriste sár-luatha. Do shíneadar na sár-bhréide saidhbhre solusmhara leis na seol-chrannaibh síth-righne sleamhna cruadha, agus do ghabhadar le seoladh na gaoithe gárthaighe glan-fhuaire ar chrioslach na mara móire guirme, gur éirigh an dubh- fhairrge i n-a gleanntaibh luaimneacha liath-ghlasa mear- thuargantacha mí-chéillidhe; ionnus nachar fágadh fallaing gan fásgadh, ná tairnge gan tarraing, ná breac-long gan briseadh, muna dteagmhóchadh lucht a bhfreastail agus a bhfortachta i n-a bhfochair. Acht níor chian dóibh amhlaidh sin gur traochadh gach neart an-chumasach dá raibh ins na tonnaibh tréan-gharbha, agus go raibh an mhuir i n-a clár cothrom comh-réidh, agus do thángadar go tinn- easnach i dtír, agus thugadar aithne gurab i gCúigeadh oll-bhladhach Uladh do ghabhadar cuan agus caladh-phort. 3. Tigid i dtír, agus do thionnsgnadar ag ionnarbadh agus ag creachadh na tíre rómpa ó dheas, nó go rángadar, tra, sgéala na n-olc soin go Teamhraigh. Is é ba rí ar Éirinn an tráth soin, eadhón, Cormac mac Airt mhic Chuinn Chéad-Chathaigh, agus chuir sé teachtaire go hAl- mhain Laighean, mar a raibh Fionn mac Cumhaill agus Fianna glan-áilne Gaedheal, dá fhógradh dhó an ríoghacht do chosnamh, agus na hallmhuraigh do chosg de'n bhfeidhm bhí fútha. D'fhreagair Fionn mac Cumhaill an fuagradh soin, agus chuir sé tionól agus tiomsughadh ar sheacht gcathaibh na Gnáth-Fhéinne, agus thángadar as gach áird i n-a
rabhadar go hobhann aontuighthe chum na togharma soin, i n-a mbuidhnibh troma taidhbhseacha, agus i n-a gcipíbh dlútha do-sgaoilte, d'anacal a dtriath agus a dtighearnaí ar armaibh a mbith-námhad. Iar rochtain do láthair an Rígh-Fhéinnidh, .i. Fionn mac Cumhaill, dóibh, fearas Fionn fíor-chaoin fáilte rómpa uile, agus innseas dóibh go raibh Rí Lochlann ag creach-losgadh na hÉireann, “Agus do chuir,” ar sé, “Cormac mac Airt teachta chugam-sa, dá fhaisnéis dam go dtángadar allmhuraigh go hÉirinn agus dá rádh linn cath do thabhairt dóibh.” 4. A haithle na hiomagallmha soin, do ghabhadar a dtreallmha troda agus teagmhála umpa, agus do chuadar i n-a n-ionadaibh catha agus comhlainn, go ráng- adar féin agus na Lochlannaigh i n-aon áit. Is annsoin do rochtadar i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile go fíoch- mhar fíor-nimhneach agus go léidmheach luath-ghoineach, gur chaitheadar fras dá n-armaibh faghartha le aroile, go ndeachadar i muinighin a gclaidheamh gclais-leathan, go dtugadar glún le gliadh agus troigh le taca agus aghaidh le hiomghoin, gan fios tláis ná tarcuisne ar cheachtar díobh, gur thuit deich míle eatortha an lá soin. 5. Ó do chonnairc Fianna Éireann an díth-láithriughadh thugadar na hallmhuraigh ortha, gabhas confadh catha iad, eadhón, mire i n-a míleadhaibh, fíoch i n-a bhflathaibh, agus neart i n-a n-ógaibh; agus rinneadar troid chródha chalma leis na Lochlannachaibh, ionnus gur cosgradh sluaighte móra ar gach leith. Dála Osgair mhic Oisín, ar bhfeicsin na Féinne i mbaoghal, agus meirge an Ríogh
Lochlannaigh i n-a sheasamh, do líon rabharta feirge an laoch soin D'ionnsuigh sé go harrachtach an áit i n-a raibh Rí Lochlann, agus do nocht a lann go héasgaidh, agus do ghabh de bhéimeannaibh garbha i n-a námhaid. D'éirigh mire meanman agus aoirde aignidh do Rígh Lochlann, agus do bhrostuigh i gcomhdháil Osgair. Do thugadar comhrac dásachtach dá chéile, nó gur tholladar na cathbhairr cruaidh-righne bhí ar a gceannaibh, agus ba chneas-ghearrtha throm-osnadhach bhí na tréan-fhir úd ó'n treas-ghleo soin. Acht fá dheireadh do dícheannadh Rí Lochlann i bhfoir- cheann an chomhlainn, agus do mhaoidh Fianna Éireann an cath ar na Lochlannachaibh. 6. Do briseadh ar na hallmhurachaibh iar dtuitim dá dtriath. Do chuadar clann mhac Ríogh Lochlann do chath- ughad an chatha iar marbhadh a n-athar, acht ní sáruighthear an sean-fhocal leo, óir “ní gnáth cathughadh iar ndíth tighearna.” Gabhas an mac bha shine bhí ag Rígh Lochlann earraidhe agus iorghail a athar uime, agus do chuaidh sé féin agus a bheirt dearbhráthar i bhfíor-thosach an chatha ag comhrac Fhinn agus na Féinne. D'ionnsuigheadar na deagh-churaidh sin a chéile go fearamhail foirtil, ionnus gur marbhadh an dias mhac ba shine bhí ag Rígh Lochlann, go nach ndeachaidh eachlach 'n-a bheathaidh as díobh acht mac óg Ríogh Lochlann, eadhón, Míodhach mac Colgáin. 7. D'ainic Fionn Míodhach mac Colgáin, agus do chongbhuigh ar a choimirce agus ar a chosnamh féin é i n-a theaghlach nó go raibh sé inghníomha, agus thug coróin a athar dó, agus do ghairm Rí Lochlann de. Iar soin adubhairt
Míodhach: “A Fhinn, ó leigis dam maireachtain, agus gur thuilleas bás d'fhágháil uait, déanfad amhsaine agus ógláchas duit, agus fanfad id' fharradh go bráth. Béarad cíos Lochlann chugat go hÉirinn, dá dháil d'ollamhnaibh agus d'éigsibh mar aon leat-sa;” agus leis sin thug a lámh i láimh Fhinn mhic Chumhaill, go ndearnadar caradas agus muinnteardhas le chéile. Dála Fhinn agus na Féinne, d'asgnadar ar a mbuaidh chosgartha agus a gcomh- mhaoidhte go hAlmhain Laighean, gur leigheasadh a lucht othrais agus lán-chréacht aca. Iomthúsa Mhíodhaigh mhic Cholgáin, d'fhan sé i bhfochair na bhFiann, agus drong dá mhuinntir ag freastal air, seal fada agus aimsir imchian i gcuideachtain Fhinn. 8. Aon de laethibh dá raibh Fionn ag trácht le cuid d'Fhiannaibh Éireann i ndíoghrais chomhráidh, adubhairt Goll mac Móirne: “A Fhinn,” ar sé, “dar liom féin, is mór an ghuasacht duit mac Ríogh Lochlann do bheith id' chuid- eachtain de ghnáth, — iar marbhadh a athar agus a dhéise dhearbhráthar, a ghabháil féin agus a lán-fhuasgladh do thabhairt dó; agus gur orduigh an t-eagnaidhe gan ionn- taoibh do thabhairt le fear feille.” “Is fíor do mhac Móirne gach a ndubhairt sé,” ar Oisín mac Fhinn; “agus ó nach áil le Míodhach sgaradh leat, tugthar forba agus fearann dó féin, agus a rádh leis treabhlacht agus tigheas do dhéanamh ann, go nach mbeadh id' chaidreamh níos fuide.” “Is maith an chomhairle í sin,” ar Fionn, agus ar cách go comh-choitcheann, “agus déantar amhlaidh.”
Do goireadh ar Mhíodhach mac Colgáin, agus tháinig sé do láthair Fhinn. Adubhairt Fionn leis gur mhithid dó sgur dá chuideachtain agus dul chum tighis agus maitheasa do dhéanamh dó féin: “óir do-bhéarad-sa dhuit, ar sé “dhá thriúcha céad ded' rogha chúigidh i nÉirinn le a n-áitiughadh.” “Is maith liom-sa soin,” ar Míodhach, agus do gab buidheachas le Fionn. 9. Dob' iad so an dá thriúcha céad do thógh Míodhach, eadhón, triúcha céad Caonraighe atá cois na Sionainne, agus triúcha céad na nOileán, ós a chomhair ar an taoibh thuaidh de'n tSionainn. Do b'é ádhbhar fá n-a ndearna sé rogha de'n dá thriúcha céad soin, ionnus go leigfeadh Fionn dó faire agus forchoimeád do dhéanamh ar an gcuan bhí taobh leis; agus de bhrígh go raibh sé ar chuantaibh cluthmhara na hÉireann. Is ar Fhionn do bhí coimeád cuan agus caladh-phort na hÉireann, agus is ar na cuantaibh i dtaoibh thuaidh na hÉireann, is mo bhí a aireachas. Fáth eile fós do bhí aige, eadhón, i ndóchas go bhféadfadh sé laochradh Lochlann agus allmhuraigh iomdha i n-éinfheacht leo do thabhairt ar na cuantaibh de'n dtaoibh thiar d'Éirinn an tráth do gheobhadh sé uain ar fheall agus ar fhionghail do dhéanamh ar Fhionn agus ar Fhiannaibh Éireann. 10. Do chuaidh Míodhach mac Colgáin i gceannus an dá thriúcha céad réamhráidhte, agus ar feadh tréimhse fhada do líon toice agus trom-chonách é, go nach raibh bhrughaidh ná biadhtach i nÉirinn i gcomh-aimsir an fhir sin ba shaidhbhre iona é. Do bhí sé cúig bhliadhna déag i dtighearnas, agus
ní thug biadh ná deoch do ghiolla ná do gaisgidheach d'Fhiannaibh Éireann i rith na haimsire sin, agus ní mó thug cuireadh ná fleadhachas d'Fhionn féin, acht ag machtnamh cionnus d'agróchadh sé díoghaltas mar gheall ar mharbhadh a athar agus a bheirt dearbhráthar; gur chuir sé teachtaire go críochaibh Lochlann le tuairisg, agus d'iarr ar shluagh teacht go hÉirinn chum cabhartha leis. Níor bh' fhada go dtáinig buidhean líonmhar ag triall air, agus do ghabhadar cuan agus caladh gan fhios d'fhearaibh Éir- eann. Ba áthasach bhí Míodhach de bhrígh go bhfuair sé an congnamh soin. 11. Feacht n-aon i n-a dhiaidh sin do comóradh sealg agus fiadhach agus fian-chosgar le Fionn agus le Fiannaibh Éireann, fá thriúcha céad bhFear Morc, ris a ráidhtear Críoch Chonaill Gabhra an tan so. Sgaoileas Fionn an tsealg uaidh fá ghleanntaibh doimhne do-eolasa, agus fá choilltibh duilleacha dos-mhóra, agus fá chríochaibh cor- racha ceann-gharbha, agus fá mhaghaibh réidhe ró-fhairsinge i n-a ur-thimcheall, ionnus gur chuireadar na gadhair ghlóracha ghuth-bhinne sionnaigh as toraibh, agus míolta mong-ruadha as fásachaibh, agus bruic as pollaibh, nó gur marbhadh go leor díobh. Do shuidh Fionn an lá soin i n-a dhumha seilge, ag éisteacht le nuaill na bhfear bhfiadhaigh, agus le siusán na seilge, agus le gothaibh na ngadhar, agus le greasacht na ngiollaí, agus le gáir na mbhuidhean; agus is é áit i n-ar oirisigh an Rígh-Fhéinnidh, ar Thulaigh an Fhoirghleanna, ris a ráidhtear Cnoc Fírinne Ó gConaill an tan so, agus drong d'Fhiannaibh Éireann maille ris.
12. Níor chian dóibh ann go bhfacadar an t-aon ridire óg innillte mear-chalma dá n-ionnsaidhe. Do bhí treal- lamh catha agus cótán sróill deirg shuaithnidh uime, maille re lúireach lán-áluinn Lochlannach; agus cinnbheart ar a raibh clocha buadha um a cheann; agus sgiath shnasta dheagh-mhaiseach ar a ghualainn; agus sleagh sgiamhach sgáth-ghléigeal i n-a láimh dheis dheag-thapaidh. Tháinig an gruagach groidhe gníomh-éachtach soin do láthair agus bean- nuigheas do'n Rígh-Fhéinnidh. D'fhreagair Fionn an beann- acht go flaitheamhail feardha, agus fochtas sgéala dhe. “Ní bhfuilid sgéala agam duit,” ar an t-óglách, “acht gur fear dána mé, agus file thug dán chugat-sa a Rígh-Fhéinnidh.” “Creidim gur fear dána i gcathaibh agus i gcomh- lannaibh thú,” ar Fionn, “acht ní shaoilim gur fear dána tháinig le dán thú.” “Is fear dána le dán mé,” ar an t-óglách, “agus dá dhearbhadh soin atá dán agam duit-se: is leis thánag de'n cor so, agus tugthar éisteacht dam.” “Máiseadh,” ar Fionn, “ní hionad dána do dhíol ná d'éisteacht an áit seo, agus tar liom-sa go bruidhin éigin de bhruidhnibh na hÉireann, agus do-gheobhair do bhreith féin uaim i ndíol do dhána.” “Ní rachad,” ar an t-óglách, “acht cuirim geasa ort nach bhfuilingid fíor-laoich muna n-éistir mo dhán agus a thuigsin mar a bhfuilir.” 13.“Gabh do dhán feasta, a fhir dhána,” ar Fionn; agus adubhairt an t-óglách mar leanas:—
“Do chonnarc teach ins an tír In nach dtugthar géill do rígh; Ní loisg teine, ní airg creach, Maith séan le'r ghabh an rígh-theach.” “Tuigim an rann soin,” ar Fionn, “óir is é teach do chonnarcais, eadhón, Brugh na Bóinne, teach Aonghusa Óig mhic an Daghda, agus ní féidir é do losgadh ná do chreachadh le neart draoidheachta an fhir sin; gurab í sin tuigsin an rann sin ded' dán.” “Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug an rann so:— “Do chonnarc fear san leath thuaidh Noch beireas a lán de bhuaidh, Ní fearr leis amh 'na bruithte, Nocha mín a gharbh-chluiche.” “Tuigim sin,” ar Fionn: “claidheamh Aonghusa Óig mhic an Daghda do chonnarcais; óir is fear-insgne an claidheamh, agus ar thaoibh chlí an churaidh do bhí an leath thuaidh; agus ní fearr leis amh 'ná bruithte ag gearradh cnámh agus corp do láimh éachtaigh Aonghusa; gurab í sin tuigsin an rann sin ded dhán.” “Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, agus adubhairt aris:— “Do chonnarc bean san leath theas, Agus a clann tré n-a cneas; Gidh mall a céim tar gach tuath, Is luaithe í 'na each ró-luath.”
“Tuigim sin,” ar Fionn, “óir is cara d'Aonghus Óg thusa, agus ní headh mise. Is í bean do chonnarcais, an Bhóinn do'n taoibh theas de thigh Aonghusa; agus is iad an chlann do chonnarcais tré n-a cneas, eadhón, a bric bhallacha agus a bradáin bhall-chorcra ag snámh anonn agus anall seachnóin an tsrotha; agus gidh mall an sruth soin, is luaithe é ioná each san mbith, óir ní sguir- eann acht ag síor-shiubhal de ló agus d'oidhche. Is féidir leis dul timcheall na cruinne i seacht mbliadhnaibh, agus ní bhfuil each san domhan d'fhéadfadh a mhacsamhail sin do dhéanamh.” “Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug rann eile:— “Do chonnarc ceithearn go mbuadh, Fá n-éirghidís iomad sluagh, Eochair eo agus eochair shlat Gibé frithir do chonnarc.” “Tuigim an rann soin leis,” ar Fionn; “óir is í slighe do gabhadh leat, tré lubhghort lán-toraidh atá ag Aonghus, agus is iad do chonnarcais beacha beaga breac-áilne ós barraibh dos deagh-bhláth, ag tionól agus ag tiomsughadh cnuasaigh agus toraidh dhóibh féin; agus is iad a nguib a n-eochracha ag buain mheala as na hóg-chraobhaibh. Gurab í sin tuigsin do dhánta go hiomlán.” 14. “Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, “d'innsis ciall mo dhánta. Is maith an tuigseach dán thú, a Fhinn, agus ní raibh tairbhe dán do' thabhairt chugat i ndóchas nach dtuigfidhe leat é.”
“Cia thú féin, a ógláigh, a thug na dáin fhilidheachta nuaidhe chugainn,” ar Fionn, “agus créad is comh-ainm duit?” “An é nach n-aithnigheann tú é?” ar Conán Maol mac Móirne. “Ní aithnighim, go deimhin.” ar Fionn. “An bhfuil aithne agat ar Gholl, nó ar Oisín, nó orm-sa?” ar Conán. “Créad as nach n-aithneochainn mo mhuinntir féin?” ar Fionn. “Is éagcóir duit-se, a Fhinn,” ar Conán, “gan aithne níos fearr do bheith agat ar d'eascáirdibh ioná ar do cháirdibh, de bhrígh gurab iad d'eascáirde do dhéanfadh díth dhuit. Is é siúd Míodhach mac Colgáin, agus gidh gur duine ded' mhuinntir féin é, is námha duit é. Atá sé le cúig bliadhnaibh déag i bhFiannaibh Éireann, agus níor ghnáthuigh sé caradas ná ceannsacht le fearaibh Éireann ná flaitheamhlacht leat-sa féin an aimsir fhada soin.” 15. “Ní mise is cionntach leis an bhfaillighe sin,” ar Miodhach. “Ní rabhas mí ris an rae sin nach raibh fleadh urlamh ionchaithmhe fá chomhair Fhinn, agus ní tháinig sé dá caitheamh chugam; agus ní mó chuireas-sa fios air ná ní thugas cuireadh dhó, ar eagla go mbadh dí-mholta an cuireadh. Acht atá sleadh ullamh agam fád' chomhair anois, a Fhinn; agus geasa nach bhfuilingid fíor-laoich do chuirim ort muna dtagair anocht dá caitheamh, agus maithe agus mór-uaisle ná Féinne do thabhairt leat.
Atáid dhá bhruidhin agam-sa i n-oirchill na fleidhe sin, eadhón, bruidhean díobh ar oileán atá ar an muir, agus bruidhean eile fá thír; agus an bhruidhean atá fá'n uisge, is innti atá an fhleadh. Béarar, má's maith libh, an fhleadh dá caitheamh do'n bhruidhin atá ar tír.” 16. D'aontuigh Fionn dul do chaitheamh na fleidhe, agus leis sin do cheileabhair Míodhach mac Colgáin d'Fhionn agus d'Fhiannaibh Éireann — an méid do bhí do láthair díobh — agus d'imthigh uatha. Adubhairt Fionn le Oisín, iar soin, oiriseamh le Fiannaibh Éireann, agus é féin do leanmhain an tan do thiocfaidís; agus ollamhain na Féinne agus an t-aos ealadhan do chongbháil i n-a fhochair féin, “go nach ndeachadh go Bruidhin an Oileáin go teacht do'n bhFéinn chugaibh,” ar sé, “agus cuirfead-sa sgéala na bruidhne agus na fleidhe ag triall oraibh.” Is iad so an cúigear d'fhan i bhfochair Oisín ar an tulaigh an lá úd, eadhón, Fatha Canann mac mic Con, Diarmaid Ó Duibhne, Caoilte mac Rónáin, Fiachna mac Fhinn, agus Inse mac Suibhne Seilge. Do ghluais Fionn roimhe as a haithle sin; agus is iad do chuaidh leis go Bruidhin Chaorthainn, eadhón, Goll mac Móirne, Dathchaoin Dian mac logha lámh-Dheirg, Glas mac Aon-Chearda Béarra, dhá mhac Aodha Bhig mhic Fhinn, Racha agus Daolghus, dhá Rígh Féinne Laighean, Aonghus mac Breasail Beola, Rígh-Fhéinnidh Fhiann gConnacht, Conán Maol mac Móirne, Conán mac an Léith Luachra, agus Cos-luath. Céad-Ghoineach. 17. Iar ndul i gar do'n bhruidhin, dóibh, do chuaidh Conán rómpa isteach d'fheicsin cumtha agus suidhighthe na bruidhne.
Ní raibh aon duine ar a gcionn innti roimhe, agus ní fhaca Conán a comh-mhaith de bhruidhin riamh; óir bhí éag- samhlacht gacha datha agus gacha deiseachta innti; morc mór teineadh, gan deo, gan deatach, ar bhfadughadh ar urlár na bruidhne, agus éadaighe lán-mhaiseacha síoda agus brait áilne ar cheithre sleasaibh na bruidhne, agus gach re clár innti geal, dearg, gus gorm. Bhí buird órdha ar n-a bhfolach de bhiadhaibh saora so-chaithte ós a chomhair. Do mhol Conán go mór inneall agus ordughadh na bruidhne. Tháinig Fionn agus an drong bhí i n-a fharradh de'n bhFéinn isteach, agus do shuidheadar timcheall na teineadh ar shuidheachánaibh clúduighthe le sróll fíneálta. Bhí baladh suaithnidh sár-mhaiseach ag éirghe de'n teinidh, ionnus gur bh' mheanmnach aigeantach iad dá dhruim. 18. Adubhairt Fionn, i gcionn aga agus aimsire fada: “Is mór an iongnadh liom a fhaid go dtig Rí Lochlann chugainn, agus bheith mar so, gan a bheag ná a mhór de bhiadh ná de dhigh na fleidhe d'fhágháil. Is ins an mbruidhin atá ar muir atá an fhleadh dá hullmhughadh, agus is ann do cuirfear chum críche í.” “Atá nídh fós is iongantaighe liom féin ioná soin,” ar Goll mac Móirne, “eadhón, an teine dár éirigh suair- ceas gacha deagh-bhalaidh, ag teacht dúinn annso, gur bréine anois í ioná fial-teach an domhain, agus gur mó a deatach ioná deatach teinte an bheatha uile.” “Is é an nídh is mó chuireas iongnadh orm-sa,” ar Glas mac Aon-Chearda Béarra, “an bhruidhean ar a raibh éagsamhlacht an uile datha ag teacht isteach dúinn, nach
bhfuil aon dath díobh uirthi anois; agus na cláir do bhí innti, mar an gcéadna, nach bhfuil aon chlár díobh innti anois, acht í ar n-a dlúth-dhaingniughadh de shlataibh cruaidh-righne caorthainn, agus ar n-a bualadh le cúlaibh tuagh.” “Atá iongnadh níos mó ioná soin,” ar Faolán mac Aodha Big, “an bhruidhean ar a rabhadar seacht ndóirse ag suidhe dhúinn annso, nach bhfuil anois uirthi acht aon doras amháin cumhang deireoil agus a aghaidh ó thuaidh go díreach.” “Atá iongnadh níos mó ioná iad uile,” ar Conán Maol mac Móirne, “na brait so-mhaiseacha do bhí fúinn an tráth shuidheamar annso, nach bhfuil aon tsnáithe díobh anois re ar gcneas; acht, dar liom, gurab í úir na tal agus is fuaire í ioná sneachta ádhbhal-mhór aon oidhche.” 19. “Is geasa damh-sa bheith i mBruidhin Chaorthainn aon dorais,” ar Fionn, “agus is eagal liom gurab foraois fheill an bhruidhean so i n-a bhfuilmid, agus gearraidh ar a taoibh í go ndeacham aisti amach.” “Déanfam,” ar Conán mac Móirne; agus thugadar lámh thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus shaoil- eadar an bhruidhean do bhriseadh i n-a dtimcheall gan cháirde, agus ní raibh ar a gcumas dóibh, óir níor fhéada- dar aon chor do chur díobh ins an áit i n-a rabhadar. “Uch, is measa mar a thárla,” ar Fionn, “óir atá- muid ceangailte de'n talamh go dochrach do-sgaoilte.” Is annsoin adubhairt Goll mac Móirne le Fionn a
ordóg do chur fá n-a dhéad feasa, agus fios agus fíor- eolas d'fhaisnéis créad é an cuibhreach i n-a rabhadar, agus créad d'fhóirfeadh iad, nó an dtáinig críoch a mbeathadh. “Cuirfead,” ar Fionn, “óir is ceart agus is cóir do dhuine a dhícheall do dhéanamh an tan bhíos i bhfíor- éigean.” 20. Iar soin do chuir Fionn a ordóg fá n-a dhéad feasa, ionnus gur foillsigheadh fírinne dhó, agus an feall do hullmhuigheadh dóibh, agus cionnus fóirfidhe uaidh iad, gur chuir Fionn osna éagcaointeach ós árd as. Ar n-a chlos soin do chách adubhradar: “Má's áil leis na déithibh, a Fhinn, is tré nimh do mhéir do rinnis an osna soin?” “Ní headh, go deimhin,” ar Fionn, “acht gabhann ar son mo shaoghail feasta agus mo rae mar an gcéadna agus ar chaitheas dem' aimsir gus indiu, óir d'fheall Rí Loch- lann orainn, agus atá sé le ceithre bliadhnaibh déag ag dealbhadh na mór-fhionghaile seo fá n-ár gcomhair-ne, gurab anois do ráinig leis a críochnughadh. Ní bhfuair árach orainn go dtug sé treise fear de Ghréagachaibh, dá ngoirthear Sinnsear na gCath, leis, agus tá sé féin agus Rí an Domhain i mBruidhin an Oileáin, agus ocht rí déag i n-a bhfarradh ann; gurab ocht gcatha déag a léir- thionól sluaigh, agus trí mhíle i ngach cath, ar a bhfuilid trí Ríghthe Inse Tuile. Is draoithe duaibhseacha diabh- laidhe agus tréan-fhir talcanta iad soin; óir is iad do chuir an úir seo san mbruidhin i n-a bhfuilmid ceangailte. Sinnsear na gCath is ceann agus comhairle ortha uile,
agus is gearr go dtiocfaidh chugainn dár ndícheannadh; óir ní féidir ár sgaoileadh ó'n gcruaidh-chuibhreach i n-a dtárlamar go gcuimiltear fuil na dtrí Ríogh soin Inse Tuile dár gcorpaibh. Atá mac mór-mheanmnach ag Rígh an Domhain, eadhón, Borb mac Sinnsir na gCath, ar an gcabhlach soin. Nimh, Ágh, agus Ácus is ainmneacha do thrí Ríghthibh Inse Tuile.” 21. Ar gclos an sgéil sin do'n bheagán d'uaislibh na Féinne bhí ins an mbruidhin, do leigeadar gártha troma truaighmhéileacha asta ós árd de dhruim an imshníomha agus an éadfhulaing i n-a rabhadar. “Sguiridh, a Fhianna Éireann,” ar Fionn, “agus ná déanaidh mná caointe díbh féin re hucht bhur mbáis; acht gabhaidh meanma agus misneach chugaibh, agus seinnidh an Dord Fhiann dúinn go cumhach ceol-bhinn mar oir- fideadh roimh an mbás.” Is annsoin do dhlúthadar a mbéil chum a chéile, agus do sheinneadar an Dord Fhiann d'Fhionn agus dóibh féin. 22. Iomthúsa Oisín mhic Fhinn agus an uathaidh sluaigh maille ris, seal fada dhóibh fá'n samhail sin go ndubhairt Oisín: “A Fhianna Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom a fhaid go gcuireann Fionn sgéala agus tuarasgbháil na bruidhne agus na fleidhe chugainn amhail do gheall sé; agus cia rachas do thabhairt sgéala uaidh?” “Rachad-sa,” ar Fiachna mac Fhinn, “óir is mé an duine is óige dá bhfuil ar an tulaigh seo.” “Ag so mise leat,” ar Inse mac Suibhne Seilge. Do ghluaiseadar rómpa, agus ní cian do chuadar
an tan do chualadar an Dord Fhiann da seinnm san mbruidhin go cumhach ceolmhar. “Is maith atáthar ag an lucht do-ghní an ceol so,” ar Inse mac Suibhne Seilge. “Is dóichthe liom a bheith go holc aca,” ar Fiachna, “óir is le linn dubhachais nó dubróin is gnáth leo an ceol so do sheinnm.” Do chuala Fionn dlúth-chomhrádh na díse sin agus do thug aithne ortha, agus adubhairt: “An é seo guth Fiachna mhic Fhinn do chluinim?” “Is é go dearbhtha,” ar Fiachna. “Ná tar níos neasa ioná soin do'n bhruidhin mhilltigh mhalluighthe seo,” ar Fionn, “óir atámuid ceangailte do'n talamh i n-úir Inse Tuile;” agus d'innis Fionn gach nídh do himreadh ortha ó thús go deireadh dhó. Annsoin d'fhiafruigh sé d'Fhiachna cia bhí i n-a fhochair. “Atá do dhalta-sa, Inse mac Suibhne Seilge,” ar Fiachna. “Teich ar ais leis go luath, agus ná leig fá fhorrán- tacht claidheamh na n-allmhurach é.” “Do b'olc an luach oileamhna maithe dhamh-sa tusa d'fhágáil i n-éigean agus i n-anfhorlann, mar atá tú, agus mé féin d'imtheacht uait,” ar Inse mac Suibhne. “Máiseadh, ó nach áil leat imtheacht,” ar Fionn, “éirigh féin agus Fiachna ar an áth ar sgáth na bruidhne, agus cosnaidh é go maith go mbeiridh drong éigin d'Fiannaibh Éireann oraibh;” agus do rinne siad amhlaidh. “A mic Suibhne Seilge,” ar Fiachna, “cosain an t-áth agus rachaidh mise d'fhios Bruidhne an Oileáin.”
Ceileabhras cách dá chéile agus d'imthigh Fiachna roimhe d'fhios na bruidhne. 23. Is annsoin do labhair iarla Gréagach bhí i mBruidhin an Oileáin, agus adubhairt: “Rachad-sa ag iarraidh cinn Fhinn mhic Chumhaill, agus do-bhéarad liom i bhfiadhnaise Ríogh an Domhain é;” agus gluaiseas an t-iarla agus céad ridire mar aon leis, agus níor stadadar nó go rángadar go Bruidhin Chaorthainn; agus ar ndul go hur an átha dóibh, do chonnarcadar mac Suibhne Seilge i n-a sheasamh ar ur an átha. “An duine thú?” ar an t-iarla. “Is eadh, go deimhin,” ar Inse mac-Suibhne Seilge. “Cia d'fhearaibh uaisle nó anuaisle an domhain tú?” ar an t-iarla, “Nó cia darab muinntir thú?” “De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Inse. “Máiseadh,” ar an t-iarla, “déan eolas dúinn mar a bhfuil Fionn, go dtugam a cheann linn i bhfiadhnaise Ríogh an Domhain.” “Do b' olc an curadh coimeádta átha mé,” ar Inse, “dá ndéanfainn mar adeir tusa liom; agus ná tar-se thar an áth anall.” Adubhairt an t-iarla: “Brisidh an t-áth ar an bhFéinn,” 24. Is annsoin thugadar sidhe sanntach sár-neartmhar chum an átha, agus tháinig Inse mac Suibhne Seilge go sar-chalma i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil, agus thugadar gleo gáibhtheach gráineamhail dá chéile, agus do thuiteadar an céad ridire Gréagach soin le béimeannaibh borb-neartmhara Inse mhic Shuibhne. Annsoin do chomh-
raic an t-iarla Gréagach agus mac Suibhne Seilge le chéile, agus is cneadhach créachtach cróilinnteach do bhí mac Suibhne Seilge iar marbhadh an chéad ridire sin. Gidheadh, is meanmnach míleadhta mór-aigeantach an comhrac do rinne sé féin agus an t-iarla Gréagach le chéile nó gur thuit sé i bhfoircheann an chatha soin, agus do bhain an t-iarla a cheann de. Adubhairt an t-iarla iar soin: “Ní rachad d'ionnsaidhe Bruidhne Caorthainn go mbiaidh sluagh Ríogh an Domhain im' thimcheall, agus béaraidh mé an ceann so liom go Rígh an Domhain.” 25. Ag dul d'ionnsaidhe Bruidhne an Oileáin dó, thárla Fiachna mac Fhinn air. “Cá conair as a dtángais, a ógláigh?” ar Fiachna. “Ag iarraidh chinn Fhinn mhic Chumhaill do chuas,” ar sé, “agus thárla óglách mór míleadhta mear-chalma i mbrollach an átha orm féin agus ar mo mhuinntir, agus an céad laoch do chuaidh liom do thuiteadar uile leis.” “Créad as nachar thuitis féin leis?” ar Fiachna. “Cruas mo chroidhe agus mire mo mheanman agus láidreacht mo lámh do chlaoidh é, agus do thuit sé liom,” ar an t-iarla. “Dá dtuitfeadh,” ar Fiachna, “do-bhéarthá comhartha cosgair agus comh-mhaoidhte leat.” “Thugas a cheann liom,” ar an t-iarla. “Taisbeán damh-sa é,” ar Fiachna. Do thaisbeáin, agus do ghlac Fiachna an ceann, do thug teora póg dhó, agus is é adubhairt sé: “Is maith
tháinig an ceann so do'n cholainn ar a raibh sé ag teacht na maidne indiu; agus an bhfuil a fhios agat cia dá dtugais an ceann so?” “Ní fheadar,” ar an t-iarla Gréagach, “acht munab de mhuinntir Ríogh an Domhain tú.” “Ní dá mhuinntir mise,” ar Fiachna, “agus ní headh tusa níos fuide.” 26. Is annsoin d'ionnsuigheadar an dias deagh-laoch soin a chéile, agus do rinneadar troid dian dásachtach re chéile, nó gur thuit an t-iarla i ndeireadh an chomhraic sin le béimeannaibh feargacha forála Fhiachna mhic Fhinn. Agus do bhain Fiachna an ceann de, agus do rug leis é agus ceann Inse mhic Shuibhne Seilge chum an átha. D'fhuaigh sé ceann Inse mhic Suibhne Seilge le n-a cholainn, agus do rinne feart fiodhbhaidhe dhó, agus do chuir go honórach é. D'fhear sé a chluichthe caointe, agus do sgríobh a ainm i n-ogham. Do rug sé leis ceann an iarla Ghréagaigh go Bruidhin Chaorthainn, agus do labhair Fiachna i ndoras na bruidhne. “An é seo guth Fiachna do-chluinim?” ar Fionn. “Is é go deimhin,” ar Fiachna. “Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail agus na hurlaidhthe athgharbha ainiarmharthacha úd do chuala- mar ar an áth go forasta?” “Do dhalta-sa, .i. Inse mac Suibhne Seilge, is mó do rinne é,” ar Fiachna. “Cionnus atá mo dhalta tar éis an chomhraic?” ar Fionn.
“Atá marbh gan amhras, agus do thuit céad ridire Gréagach leis, agus do thuit sé féin le hiarla Gréagach iar soin,” ar Fiachna. “An bhfaca tú dá mharbhadh é?” ar Fionn. “Ní fhaca,” ar Fiachna, “agus dá bhfeicfinn do shaor- fainn ó éag é.” “An ráinig leat díth do dhéanamh do'n té do mharbh é?” ar Fionn. “Do bhaineas a cheann de,” ar Fiachna, “agus thugas liom chugat-sa é.” “Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn: “is maith iad mo chlann féin, agus ba bheag mo chuid d'Éirinn sul a n-éirgheadar chugam; agus ba mhór mo chuid di anois nó go dtárlas san mór-éigean so. Agus, a Fhiachna, éirigh ar an áth, agus coimeád é go mbeiridh drong éigin d'Fhiannaibh Éireann ort.” 27. Is annsoin do labhair iarla Gréagach, dár chomh-ainm Cíorthann Cath-Mhíleadh. “Do chuadar mo bhráithreacha amach ó chianaibh,” ar se, “agus rachad féin d'fhéachain cionnus atáid siad féin agus Fianna Éireann re chéile; óir is eagal liom nimh-ghaisge na nÉireannach do chur ortha, agus rachad i n-a ndiaidh agus béarad ceithre céad ridire liom.” Do ghluais an t-iarla, agus níor forasadh leis go hur an átha agus ceithre céad ridire mar aon leis, agus do chonnarcadar Fiachna i n-a sheasamh ann. “Cia darab muinntir thú?” ar an t-iarla. “De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Fiachna.
“Cia do rinne an t-ár mór so i mbrollach an átha?” ar an t-iarla. “Is olc an fhiafraighe do rinne tú,” ar Fiachna, “acht gibé do gheobhair san ngníomh agair air é.” D'ionnsuigheadar na Gréagaigh an t-áth iar soin, agus do chuaidh Fiachna go dian dásachtach agus go foirtil feidhm- láidir fútha agus tríotha agus tarsa, agus thugadar cath calma comh-neartmhar dá chéile, agus do thuit Cíor- thann Cath-Míleadh agus a cheithre céad ridire le láimh fheargaigh fhoirnimhnigh Fhiachna mhic Fhinn ar ur an átha. 28. Is annsoin do chuaidh sgéala an chomhraic sin go Bruidhin an Oileáin, agus adubhairt Rí Lochlann: “Is olc do rinneadar dul ann i gan fhios damh-sa, ná forgla fear an domhain do dhul ann acht chomh beag i n-a gcuid- eachtain, agus ní thiocfaidh eolach beo ná fear innste sgéil thar ais díobh. Rachad-sa dá n-ionnsaidhe anois, óir is ann atá an t-aon duine is beadaidhe san domhan uile, eadhón, Conán mac Móirne, agus béarad proinn céad fear liom de'n bhiadh is fearr san mbaile, agus an uair do-chífeas sé an biadh dá chaitheamh ós a chomhair, agus gan ar chumas dó a shroistin, rachaidh a chiall uaidh de ghrádh an bhídh, agus bhéarad-sa bás dá bhfuil san mbruidhin.” Do ghluais sé chum an átha, agus cúig céad ridire i n-a fhochair, agus do chonnairc Fiachna mac Fhinn i n-a sheasamh ar ur an átha. “An é siúd Fiachna mac Finn do-chím?” ar Míodhach. “Is é go dearbhtha,” ar Fiachna.
“Is ionmhuin liom an té atá ann,” ar Míodhach; “óir do bhíos ceithre bliadhna déag i bhFiannaidheacht, agus níor bhuaileas cú ná each ná duine dem' mhuinntir ar feadh an rae sin.” “Máiseadh,” ar Fiachna, “ní bhfuil de mhaithibh na Féinne duine is lugha de chomaoine agat air 'ná mise, agus is olc an mhaise duit-se anois é, óir d'fheallais orainn.” “Níor agras m'athair agus mo dhias dearbhráthar oraibh,” ar Míodhach, “do mharbhabhar i gcath Inse na Beirbhe.” “Is ort féin do rinnis an feall,” ar Fiachna. Iar soin d'fhógair Míodhach d'Fhiachna an t-áth d'fhágáil. “Ní bhéidh an sgéal soin agaibh le hinnsint orm-sa,” ar Fiachna, “agus is truagh nach i dtús an lae thárla chugam sibh sul do hanbhfainneadh mo chorp le hiomad na gcneadh agus na gcréacht atá orm.” Le n-a linn sin adubhairt Míodhach an t-áth do bhriseadh ar an bhFéinn. Is annsoin, do tháinig Fiachna i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil, amhail damh dian dásachtach ar n-a thréan- bhualadh, nó mar leomhan lúthmhar lán-chréachtach ar n-a crádh um a coileán, nó mar fhaolchoin chíocraigh chon- fadhaigh. Dob' é sin samhlachas an bhriste agus an bhearrtha agus an bhuan-réabtha uathbhásaigh thug Fiachna ar na Lochlannachaibh gur thuit trí chéad laoch go deagh-thapaidh leis díobh. Annsoin do throid sé féin agus Míodhach mac Colgáin le chéile, agus do rinneadar comhrac féigh feidhligheach fobhartach, agus urlaidhe ainiarmharthach do-
eadrána, gan fios time ná tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh thar a chéile. 29. Annsoin adubhairt Oisín mac Fhinn, agus é ar mhullach Chnuic Fírinne, agus drong de'n bhFéinn i n-a fhochair: “Is fada liom,” ar sé, “go dtagaidh an dís gaisgidheach do chuaidh chum sgéala do thabhairt chugainn i dtaobh Fhinn agus na Féinne.” “Rogha gacha fleidhe atá aca,” ar sear díobh, “agus ní hurusa leo a fhágáil.” “Is baoghal liom-sa gurab 'ghá gcosnamh féin atáid,” ar Oisín. Adubhairt Diarmaid dreach-sholuis Ó Duibhne: “Rachad- sa féin i n-a ndiaidh dá fhios créad fhuireachas iad.” “Rachad-sa i n-éinfheacht leat,” ar Fatha Canann, mac mic Chon. Do ghluais an dís sin rómpa go Bruidhin Chaorthainn, agus ar ndul i bhfogus do'n áth dóibh, mar a raibh Fiachna agus Rí Lochlann ag comh-thuargain a chéile, d'fhiafruigh Fatha Canann de Dhiarmaid an gcuala sé an fothram. “Cluinim,” ar Diarmaid, “comh-gháir na sgiath, osnaidhe na bhfear, gáir na ngeilt ós na gleanntaibh, agus sgréachadh na mbadhbh ós na bruidheantaibh. Is ar an áth re taobh na bruidhne atá an gleo gáibhtheach ádhbhal- mhór so, agus is é Fiachna mac Fhinn do-ghní comhrac ris na hallmhurachaibh. Brostuigheam chuige dá fhéachaint an mbéaram i n-a bheathaidh air.” “A Mic Uí Dhuibhne,” ar Fatha Canann, “ainic mac an Rígh-Fhéinnidh ar bhás, no déaraidh Fionn gurab ded' dheoin féin d'fhuilingis a bhásughadh.”
“Má fhanaim-se le dul tar an áth anonn,” ar Diar- rmaid, “ní bhéaraidh mé beo air, agus dá gcaithfinn mo shleagh fá n-a dtuairim, ní fios cia aca do mharbhóchainn.” “A Dhiarmaid,” ar Fatha Canann, “níor chaithis urchar iomrollach riamh.” Iar soin cuireas Diarmaid a mhéar i suaithnid shíoda an Ghaoi Dheirg, agus thug rogha urchair do Mhíodhach mac Col- gáin gur chuir an tsleagh tré n-a thaoibh agus tré n-a chaomh-cholainn. “Uch, is mairg dá dtárla an t-urchar soin,” ar Míodhach, “agus is í sleagh Dhiarmada Uí Dhuibhne do sáitheadh ionnam.” “Is í, go deimhin,” ar Diarmaid, “agus seachain mac an Rígh-Fhéinnidh, agus ná marbhthar leat é.” “Ní móide do gheobhainn féin anacal uait-se é sin do dhéanamh,” ar Míodhach, “agus ó táim-se chum tuitim leat-sa de'n urchar soin, ní bhéaraidh Fionn a mhac féin slán uaim-se, agus is gann an éiric liom é.” Iar rádh na mbriathar soin dó, do dícheannadh Fiachna mac Fhinn leis, agus thuit sé féin go lár agus go lán- talamh. Tháinig Diarmaid thar an áth anall, agus dubhairt le Míodhach mac Colgáin: “Ó do rugas id' bheathaidh ort déanfad thú dhícheannadh: gidheadh, dá n-éagthá sul ar shroich liom teacht ag triall ort, ní dhéanfainn thú dhícheannadh. Ní fulair liom do cheann do bheith agam d'Fhionn i n-éiric a mhic.” Iar soin do theasg sé an ceann de Rígh Lochlann.
30. Chuaidh Diarmaid go doras Bruidhne Caorthainn, agus d'iarr é osgailt. “An tú Diarmaid?” ar Fionn. “Is mé,” ar Diarmaid. “Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail do chualamar ar an áth?” ar Fionn. “Do mhac meanmnach mór-éachtach-sa, .i. Fiachna mac Fhinn, is mó do rinne de,” ar Diarmuid. “Cionnus atá mo mhac a haithle an chomhraic?” ar Fionn. “Atá marbh gan amhras,” ar Diarmaid, “agus do thuiteadar trí chéad laoch láidir lán-chalma leis de mhuinntir Mhíodhaigh mhic Colgáin, agus do marbadh dá chéad eile dhíobh liom-sa agus le Fatha Canann. “An bhfaca tusa dá mharbhadh é?” ar Fionn. “Do chonnarc,” ar Diarmaid, “agus ní rugas i n-a bheathaidh air.” “Cia do mharbh mo mhac?” ar Fionn. “Míodhach mac Colgáin,” ar Diarmaid. “An bhfaca tusa Míodhach ag imtheacht tar éis mo mhic-se do mharbhadh,” ar Fionn. “Do chífinn dá n-imthigheadh,” ar Diarmaid, “óir do mharbhas é, agus thugas a cheann chugat-sa.” “Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn, “óir is minic roimhe sin d'fhóiris ar Fhiannaibh Éireann, agus cuirimid comairc ár n-anam agus ár gcorp ort go héirghe gréine i mbárach.” “Gabhaim do chomairc re hais ar fhearaibh an domhain”,
ar Diarmaid; agus ceileabhras dóibh go ndubhairt Conán mac Móirne: “A Dhiarmaid,” ar sé, “is olc mo thuras féin do'n bhruidhin seo, agus is fuar an úir dá bhfuilim ceangailte; gidheadh, is doilghe liom ioná soin uile bheith gan biadh gan deoch, agus tá rogha gacha fleidhe dá raibh riamh i nÉirinn i mBruidhin an Oileáin anocht, agus tabhair corn fá dhigh chugam as.” “Is mairg béal as a dtáinig an comhrádh soin, a Chonáin,” ar Diarmaid, “agus forgla sluaigh an domhain ar tí do bhásuighthe, agus fós nach bhfuil dod' fhortacht agus ag fortacht a bhfuil san mbruidhin seo acht mise agus Fatha Canann.” “Uch, a Dhiarmaid, dá mbadh cara dlúth nó duine gaolmhar duit d'iarrfadh an athchuinge sin ort, is deifreach dícheallach do dhéanfá é, agus do rachthá i gconntabhairt dá thabhairt chuige, agus ní rachair damh-sa ann. Ar an adhbhar soin is fearr leat mise do thuitim ioná bheith im' bheathaidh.” “Ná himdhearg mé níos mó, a Chonáin,” ar Diarmaid, “agus rachad d'iarraidh bídh agus dighe dhuit.” 31. Gluaiseas Diarmaid chum an átha, mar a raibh Fatha Canann ag foraire, agus adubhairt leis: “A Fhatha Chanann,” ar sé, “déan-sa faire agus iom- chosnamh ar an áth go ndeachainn-se go Bruidhin an Oileán d'fhéachain na n-allmhurach, agus ag iarraidh bídh agus dighe do Chonán.” “Ná héirigh,” ar Fatha Canann, “óir atá biadh agus deoch go líonmhar annso thug Míodhach leis, agus ní
bhfuair sé rae chum a chaithte, agus beir a leor-dhóthain chum Conáin de.” “Dá ndéanfainn sin,” ar Diarmaid, “déaradh Conán gur biadh daoine marbh do bhéarainn chuige, agus do cháinfeadh sé mé; déan-sa faire agus forchoimheád ar an áth go teacht damh-sa ar ais.” Dála Dhiarmada, do ráinig roimhe go Bruidhin an Oileáin, agus do chuaidh isteach innti, agus is ann fuair sé Rí an Domhain agus a mhac go n-a sluaightibh i n-a suidhe ar na bordaibh ag caitheamh fleadh agus féasta, agus daileamhain dá ndáil ortha. Do bhí corn comh- fhleadhach i láimh gach aon duine aca, go n-a lán de dhigh sho-bhlasta sho-óla dá thabhairt do Rígh an Domhain. Thug Diarmaid buille neartmhar náimhdighe do'n dáileamh fá neasa dhó, gur sgar a cheann re a cholainn, agus gabhas an corn i n-a láimh chlí agus an claidheamh i n-a láimh dheis, agus gluaiseas gus an mbord mór, agus do thug buille dhá chois i n-ucht an ríogh, agus do threasgair go hainiarmharthach é, agus do thóg an mhias do bhí i bhfiadhnaise an ríogh, agus do ghluais air go Bruidhin an Chaorthainn gan fuiliughadh gan foirdheargadh, agus tháinig go hur an átha, agus fuair Fatha Canann i n-a chodladh i mbrollach an átha. “Is iongnadh liom do chodladh fá'n am so,” ar Diar- maid, “agus nach bhfuil eagla ná uamhan ort i dtaoibh an áir uathbhásaigh id' thimcheall, agus is doiligh liom d'fhágáil san gcodladh soin, agus dá bhfanfainn féin id' fhochair cháinfeadh Conán mé. Acht adeir an sean-fhocal: ‘Is beo
neach d'éis a bhuailte, agus ní beo é d'éis a cháinte. Rachad leis an mbiadh so chum Conáin.” 32. Gluaiseas Diarmaid go Bruidhin Chaorthainn, agus labhras i ndoras na bruidhne, agus adubhairt: “A Chonáin,” ar sé, “atá biadh agam duit, agus ní bhfuil a fhios agam cionnus a bheidh sé agat.” “Teilg chugam é,” ar Conán: “atám-se ar aghaidh an dorais go díreach, agus níor thugais urchar mearaidhe riamh.” “Dob' eagal liom go salóchainn thú,” ar Diarmaid. “Ní theicheann cú roimh chnáimh,” ar Conán. Annsoin caitheas Diarmaid an biadh chum Chonáin, agus do bhuail timcheall a bhéil agus a bhrollaigh é, gur smear agus gur shaluigh sé Conán go mór. “Atá deoch agam duit, a Chonáin,” ar Diarmaid, “agus ní fheadar cionnus do shroichfidh mé thú.” “Éirigh de léim lúthmhair lán-éadtruim ar mhullach na bruidhne, agus déan poll ós mo chionn, agus doirt an deoch go díreach im' bhéal,” ar Conán. Dála Dhiarmada, d'éirigh sé de léim lán-thapaidh ar mhullach na bruidhne, agus do rinne sé poll ós cionn Chonáin, agus do dhoirt sé an chuid ba mhó de'n digh ar gach taobh dá bhéal. “A Dhiarmaid,” ar Conán, “dá mbadh cara dlúth nó duine gaolmhar do bheadh fút annso, is díreach do chuirfeá rud i n-a bhéal, agus ní mian leat é chur im' bhéal-sa.” Ó do chualaidh Diarmaid sin do dhoirt sé an méid do bhí ins an gcorn i mbéal Chonáin, agus do léim féin
de'n bhruidhin, agus d'imthigh d'fhorchoimeád an átha. 33. Fá'n am soin ba chlos i mBruidhin an Oileáin gur marbhadh Míodhach mac Colgáin, Rí Lochlann, agus a ndeachaidh leis. Adubhairt trí ríghthe Inse Tuile: “Is olc do rinne Rí Lochlann dul amach i gan fhios dúinn: óir is dúinn badh chóir a raibh i mBruidhin Chaorthainn do dhícheannadh, de bhrígh gur sinn do chuir an úir innti.” Gluaisid iar soin agus deich gcéad ridire armuighthe éidighthe maraon riú go hur an átha, agus do chonnarc- adar Diarmaid i n-a sheasamh ar an áth. “Cia thú atá ar an áth?” ar siad. “De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Diarmaid. “An tú Diarmaid Ó Duibhne?” ar siad. “Is mé go dearbh,” ar Diarmaid. “Is maith linn tú bheith ann,” ar siad, “óir is comh- dhalta gaisge agus foghlama dúinn-ne thú, agus ar an ádhbhar soin fág an t-áth, agus tabhair slighe, nó cead slighe, dúinn-ne go ndeachaimís go Bruidhin Chaorthainn, agus go dtugaimís ceann Fhinn mhic Chumhaill linn.” “Is ó Fhionn thánag-sa do chosnamh an átha, agus do naisg sé comairc orm go teacht d'Fhiannaibh Éireann dá fhortacht; uime sin, fad is beo mise ní thabharfad cead slighe dhíbh-se.” 34. Iar n-a chlos soin do ríoghraidh Inse Tuile thugsad sidhe sanntach chum an átha agus tháinig Diarmaid i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil go míleadhta mear-chalma, agus thugadar cath cródha cosgarthach dá chéile gur thuiteadar drong mhór de'n laochraidh le Diarmaid ar an
láithrigh sin; agus leis sin bíodhgas Fatha Canann as a chodladh le béiceadh agus búireadh na míleadh, agus le sgeimleadh na sgiath dá sgoilteadh, agus le sianghail na n-óg dá n-oirleach. Do thóg Fatha Canann a shleagh agus ritheas i gcoinne Dhiarmada Uí Dhuibhne, i ndíoghail gan é dhúiseacht as a codladh, agus do theich Diarmaid thar an áth roimhe i ndóigh go ndíoghalfadh sé a fhearg ar a eascáirdibh. D'iompuigh Diarmaid air, agus adubhairt leis: “Díoghail t'fhearg ar do námhaid, agus fós is leor liom-sa ar fhulaing mé uait gus anois.” Iompuigheas Fatha Canann uaidh iar soin, agus téid fá na hallmhurachaibh, agus gabhas dá n-éirleach agus dá n-ath-cumadh, dá dheis agus dá chlí. Comhraiceas Diarmaid agus trí ríghthe Inse Tuile le chéile go gáibhtheach grod- urlamh, gur éirigh uaill agus árd-áigneadh i nDiarmaid, agus thuiteadar trí ríghthe Inse Tuile leis. Thug sé féin agus Fatha Canann dearg-ár ar na hallmhurach- aibh, go nach ndeachaidh fear innste sgéil as díobh, agus teasgas Diarmaid na cinn de thrí ríghthibh Inse Tuile, agus gluaisid Diarmaid agus Fatha Canann rómpa d'ionnsaidhe Bruidhne Caorthainn. Do labhair Diarmaid i ndoras na bruidhne, agus fiafruigheas Fionn sgéala an chatha dhe. 35. “Do marbhadh ríoghradh Inse Tuile go n-a mhuinntir liom-sa agus le Fatha Canann,” ar Diarmaid, “agus thugamar a gcinn chugat-sa.” “Beir buaidh agus beannacht, a Dhiarmaid” ar Fionn:
“is buadhach an cosgar soin. Cuimlidh cuid de'n bhfuil sin fá na dóirsibh go n-osgluighthear libh iad.” Do rinne siad amhlaidh, agus téid isteach san mbruidhin, agus do chuimil siad an fhuil ar dtús d'Fhionn agus de chách, gur éirgheadar as an mbruidhin amach, agus do chan siad ceolta binne ag breith a mbuidhe ris na déithibh i dtaoibh iad do sgaradh ris an mór-ghábhadh soin i n-a rabhadar; agus tigid as an mbruidhin amach iar soin, acht Conán mac Móirne amháin, óir níor shroich an fhuil é, agus do bhí a dhá sháil, cúl a chinn, agus a shlinneáin ag lean- mhain de'n talamh. “A Dhiarmaid,” ar Conán, “an annso do b' áil leat mise d'fhágáil?” “Ní headh,” ar Diarmaid, ag filleadh air, go ndubhairt le Fatha Canann congnamh leis, go rugadar ar Chonán agus thugadar tarraing foirtil feidhm-láidir dó, gur fágadh a chroiceann ag leanmhain de'n talamh; gonadh de sin do lean an forainm de ó shoin a leith, .i. Conán Maol mac Móirne. Is annsoin adubhairt Fionn. “A Dhiarmaid,” ar sé, “ní badh ionchomhraic aon duine dá bhfuil san mbruidhin seo go héirghe gréine i mbárach; agus uime sin, éirigh féin agus Fatha Canann ar an áth, agus cosnaidh é, go mbeiridh drong éigin d'Fhiannaibh Éireann orainn.” Do rinneadar amhail adubhradh leo. 36. Do cualadh fá'n am soin i mBruidhin an Oileáin gur marbhadh ríoghradh Inse Tuile agus a muinntir maille riú. Adubhairt mac míleadhta mear-chalma do bhí ag Rígh an
Domhain, .i. Borb mac Sinnsir na gCath, go rachadh féin do dhíoghail ar marbhadh dá mhuinntir, agus go dtiubhradh ceann Fhinn mhic Chumhaill chum a athar. Gluaiseas roimhe agus míle laoch láidir lán-chalma mar aon leis go hur an átha, agus do chomhraic Diarmaid agus Fatha Canann leo go feargach foirtil. Is fá'n am soin adubhairt Oisín mac Fhinn: “A Fhianna Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom féin a fhaid atáid an laochradh do chuaidh do thabhairt sgéala Fhinn agus na Féinne chugainn, agus rachad féin i n-a ndiaidh.” Ghluais sé féin agus cách i n-éinfheacht leis go gcual- adar gáir an chatha ag an áth. Do bhrostuigheadar d'fhortacht a muinntre. Ó do chonnairc Fionn agus Goll go n-a raibh de'n bhFéinn i n-a bhfochair Oisín ag dul san gcath, do mhéaduigh uaill agus meanma iad go ndeachadar dá rochtain, gur cuireadh cath ainmhín eatortha, gan fios dóibh cia aca díobh do b' arrachtaighe. Thárla Goll glac-láidir mac Móirne agus Borb mac Sinn- sir na gCath re chéile, agus rinneadar gliadh tréimhse fhada nó gur luathuigh Goll a lámh san iorghail sin, agus do thug béim bhasgaitheach bháis do mhac Ríogh an Domhain, agus do sgar a cheann le n-a cholainn. Maoidheadh an cath ar na hallmhurachaibh, go nach ndeachaidh aithid díobh beo ó láthair an chatha. Ar gclos i mBruidhin an Oileáin na mór-éacht soin do thógadar gártha troma géar-chaointe, agus faoidh fhada fhíor-thruaighe ós árd ag caoineadh mic Ríogh an Domhain. Éirgheas Rí an Domhain féin amach iar soin, agus líon
a shluaigh agus a shochraide i n-a thimcheall, go ndubhairt le n-a mhuinntir a gcáirde do dhíoghail ar an bhFéinn. Thógadar faobhar a n-arm ós a gcionn, go ndeachadar chum an átha, agus cuireadh cath ainmhín ath-gharbh eatortha féin agus an beagán d'uaislibh na Féinne do bhí rómpa. 38. Is annsoin d'éirgheadar Fianna Éireann, agus do chuireadar iad féin i n-ordughadh catha agus cruaidh-chomh- raic, .i. Clanna beo-chliste Baoisgne i n-ur-thosach an chéad chatha, agus Clanna meara míleadhta mór-calma Móirne i dtosach an dara catha, agus Clanna cródha cosgaracha mic an Smóil i dtosach an treas chatha, agus Clanna nimh- neacha neamh-eaglacha Neamhain i dtosach an cheathramhadh chatha. Do bhí brata meidhreacha maoth-sróill i lámhaibh na laoch lán-chalma, agus cinnbhearta caomh-áille cloch- bhuadhacha ar cheannaibh na gcuradh, agus sgiatha sgiamh- áille ar rígh-laochaibh agus ar rígh-churadhaibh; agus claidheamh trom toirt-bhuilleach ar thaoibh chlí gach cath- mhílidh; agus craoiseach chrann-righin chró-fhairsing go briochtaibh nimhe i ndeas-lámhaibh na ndeagh-fhear i n-oir- chill ágha agus áthais do dhéanamh. Is mairg, tra, na bíodhbhaidhe chum adtángadar na sár- laochraidhe siubhlacha fíor-bheodha soin, .i. an dream nár turnadh agus nár traochadh i gcathaibh ná i gcomhlannaibh riamh. Do bhrúchtadar na catha ceachtardha soin i gceann a chéile, agus do chaith siad frasa faobhracha dá n-arm- aibh diubhraicthe ria a chéile go ndeachadar i muinghin a gclaidheamh gcolg-dhíreach gclais-leathan, gur mhór-áidhbhéil re a fháisnéis an leadradh agus an lán-sgeimhleadh thug cách for a chéile.
Ba thruaghamhail tuarasgbháil an chatha an tan soin, óir ro ba iomdha inchinn, abach, agus ionnathar ar chosaibh lán-láidre laoch. Ro ba iomdha ann fós bruinne baoth- dhearg agus corp go ciorrbhuighthe, laochradh go leointe, agus míleadh go mór-chréachtach, lámha go leathta, agus béal ar n-a ghlas-bhánughadh. 39. Brostuigheas Fionn, an flaith Féinne, a laochradh féin ins an gcruaidh-chomhrac soin, gur chorruigh méad meanman i n-a mhíleadhaibh, agus loinne lán-dásachtach i n-a laoch- radhaibh, agus fíoch frithir-nimhneach i n-a fhlathaibh, ionnus gur gad um gainimh dul i ngleic comhraic le Fiannaibh Éireann an tan soin, nó gur tanuigheadh go tiugh an sluagh allmhurach leo. An tráth do chonnairc Osgar mac Oisín meirge agus mór-bhratach Ríogh an Domhain i n-a sheasamh gan clódh, agus an cró comh-dhaingean catha do bhí timcheall air dá anacal ar armaibh a námhad, ionn- suigheas é mar leomhan ar lán-mhire, agus comhraiceas féin agus Rí an Domhain le chéile, go mórdhálach mear- chalma, go dtug gach fear díobh caogad cneadh agus créacht ar a chéile, gur árduigh uaill agus aigneadh Osgair mhic Oisín, go dtug buille borb-neartmhar báis do Rígh an Domhain, agus do sgar a cheann le n-a cholainn. Agus iar soin madhmadh ar na hallmhurachaibh, go nach ndeachaidh eolach beo as díobh, acht beagán do chuaidh i muinghin a mór-reatha d'ionnsaidhe a long. 40. Gonadh í sin críoch Bhruidhne Caorthainn go nuige sin.
Truagh, a bháis, do neart Nach gabh ceart ná cóir, Mar chuirtear fád' smacht Ríoghraidh na n-at n-óir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services