Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruidhean Chaorthainn
Title
Bruidhean Chaorthainn
Author(s)
In eagar ag Pádraic Mac Piarais,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraig
Composition Date
1912
Publisher
Connradh na Gaeilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Bruidhean Chaorthainn</title><author><name type="main">In eagar ag Pádraic Mac Piarais</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">NL116</note> <note type="L">a</note> <note type="B">1912</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2013</date><idno>NL116</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>Bruidhean Chaorthainn</title><author>In eagar ag Pádraic Mac Piarais</author><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>1912</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>BRUIDHEAN CHAORTHAINN:</span> <lb n="2"/></p> </div> <pb n="i"/> <div><lb n="3"/><p><span>RÉAMHRÁDH.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>'Sí seo an chéad uair ag an sgéal clúmhail seo dá</span> <lb n="6"/><span>chur fá eagar agus fá chló i n-a iomlán. Dá mhéid meas</span> <lb n="7"/><span>dá raibh ag Gaedhealaibh air leis na ciantaibh, níor ghabh</span> <lb n="8"/><span>éinne le n-a ais é chur os comhair an phobail go dtí</span> <lb n="9"/><span>anois. Rinne an tOllamh Pádraic Seoighe é chur i</span> <lb n="10"/><span>mBéarla,* tá tuilleadh agus cúig bliadhna fichead ó</span> <lb n="11"/><span>shoin ann, agus 'sé an t-aistriughadh so, ar n-a léigheadh</span> <lb n="12"/><span>dhom agus mé i mo sgurach ag dul ar sgoil, a ghríosuigh</span> <lb n="13"/><span>mise chum spéis a chur sa sgéal de'n chéad uair. Is</span> <lb n="14"/><span>cuimhneach liom mé 'gá rádh liom féin an uair sin go</span> <lb n="15"/><span>mb'fhéidir le Dia go ngeallfaidhe dhom-sa “Bruidhean</span> <lb n="16"/><span>Chaorthainn” a chur amach i nGaedhilg lá fada nó goirid:</span> <lb n="17"/><span>agus tháinig sé sa saoghal gur gealladh! “A bhuidhe le</span> <lb n="18"/><span>Dia,” mar adeireadh na sean-sgríbhneoirí.</span></p> <lb n="19"/> <lb n="20"/><p><span>1. Na Lámh-Sgríbhne.</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>Is beag sgéal is líonmhaire macsamhail ins na lámh-</span> <lb n="23"/><span>sgríbhnibh 'ná é seo. Teist é sin ar an árd-mheas a bhí</span> <lb n="24"/><span>ag ar n-aithreachaibh air. Fuair D'Arbois De Iubain-</span> <lb n="25"/><span>bhille trí chóib fichead dhe agus é ag cuartughadh na</span> <lb n="26"/><span>leabharlann cúig bliadhna fichead ó shoin; bhí dhá chóib</span> <lb n="27"/><span>eile ag an Seoigheach cúpla bliadhain roimhe sin nár éirigh</span> <lb n="28"/><span>le De Iubainbhille greim a fhágháil ortha; agus tá trí</span> <lb n="29"/><span>chóib i Leabharlainn na nAdhbhacóideach i nDún Éadain</span> <lb n="30"/><span>nárbh' eol do De Iubainbhille iad a bheith ann ar chor ar</span></p> </div> <pb n="ii"/> <div><lb n="31"/><p><span>bith. Sin ocht gcóib fichead ar a laighead i leabharlannaibh</span> <lb n="32"/><span>puiblidhe, gan trácht ar a bhfuil de chóibeannaibh i lámh-</span> <lb n="33"/><span>sgríbhnibh atá i seilbh daoine annso is annsúd ar fud</span> <lb n="34"/><span>na tíre.</span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>Cuireann De Iubainbhille an t-aguisín seo le n-a</span> <lb n="37"/><span>áireamh:— </span></p> </div> <pb n="iii"/> <div><lb n="38"/><p><span>Tá, mar adubhras, trí lámh-sgríbhne i Leabharlainn na</span> <lb n="39"/><span>nAdhbhacóideach i nDún Éadain a bhfuil cóibeanna de'n</span> <lb n="40"/><span>sgéal ionnta. Tá cur síos ortha so san Scottish Review,</span> <lb n="41"/><span>Meadhon Fóghmhair, 1894, ó láimh W. A. Craigie. Léightear</span> <lb n="42"/><span>annsin:— “Bruighean Chaorthainn, </span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>*Tá an méid seo ag Craigie fá bhun an leathanaigh: “… </span> <lb n="45"/></p> </div> <pb n="iv"/> <div><lb n="46"/><p><span>Go dtí Alt 22 dár n-innsin-ne atá i gcló ag Mac</span> <lb n="47"/><span>Uí Chailín i “Leabhar na Féinne,” acht, mar adeir</span> <lb n="48"/><span>Craigie, tá an chanamhain chomh truaillighthe sin aige gur</span> <lb n="49"/><span>beag is fiú a theistimhin. “Maghach Colgar” (.i. Míodhach</span> <lb n="50"/><span>Mac Colgáin) an teideal atá ar an sgéal atá fá</span> <lb n="51"/><span>chló i “Sgeulachdan Gaidhealach (Tales of the West</span> <lb n="52"/><span>Highlands)”: ní mór í a chosmhaileacht le n-ar sgéal-ne,</span> <lb n="53"/><span>acht níl aimhreas nach iad cnámha an sgéil chéadna atá</span> <lb n="54"/><span>ann. Ó bhéal-aithris shean-iasgaire darbh' ainm Alastar</span> <lb n="55"/><span>Mac Néill a sgríobh Mac Uí Chailín an sgéal so, i</span> <lb n="56"/><span>n-oileán Barra dhó, sa mbliadhain 1859.</span> <lb n="57"/></p> </div> <pb n="v"/> <div><lb n="58"/><p><span>Sa mbliadhain 1901 rinne mise cuid mhaith de</span> <lb n="59"/><span>“Bhruidhean Chaorthainn” a ath-sgríobhadh ó'n lámh-</span> <lb n="60"/><span>sgríbhinn 23 K 7 san Acadaimh. Stadas de'n obair seo</span> <lb n="61"/><span>ar n-a chlos dom go raibh mo chara, Pádraig Ó Briain, ag</span> <lb n="62"/><span>braith ar an sgéal a chur i gcló ó chúpla lámh-sgríbhinn a</span> <lb n="63"/><span>bhí aige féin. Níor lean Pádraig dá láimh, ámh; agus b'é</span> <lb n="64"/><span>deireadh an sgéil go dtug sé dom-sa a raibh de lámh-</span> <lb n="65"/><span>sgríbhnibh agus eile aige agus go dtug lán-chead dom</span> <lb n="66"/><span>bualadh ar m'aghaidh agus an “Bhruidhean” a chur i gcló.</span> <lb n="67"/><span>Táim an-bhuidheach dhe as ucht a charthannais liom agus as</span> <lb n="68"/><span>ucht a dtug sé dhom de chongnamh agus mé i mbun na</span> <lb n="69"/><span>hoibre.</span></p> <lb n="70"/> <lb n="71"/><p><span>Ní leanann an teistimhín seo atá fá chló againn d'aon</span> <lb n="72"/><span>lámh-sgríbhinn áirithe. 'Siad so na lámh-sgríbhne a bhí os</span> <lb n="73"/><span>mo chomhair 'gá socrughadh dhom:—</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>(A.) An lámh-sgríbhinn 23 K 7, R.I.A. (1702-1745).</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>(B.) An lámh-sgríbhinn 23 C 30, R.I.A. (1733).</span></p> <lb n="78"/> <lb n="79"/><p><span>(C.) Lámhsgríbhinn de chuid Phádraig Uí Chearmada,</span> <lb n="80"/><span>(1840-4.)</span></p> <lb n="81"/> <lb n="82"/><p><span>I dtaobh (A), 'sé Domhnall Mac Donnchadha a sgríobh a</span> <lb n="83"/><span>furmhór “ar Dhroichead na Ruachtaidhe i gCo. Chiarraidhe,”</span> <lb n="84"/><span>mar adeir sé féin, i gcaitheamh na mbliadhan 1700-2.</span> <lb n="85"/><span>Ní dóigh liom gurab é Domhnall a sgríobh an sgéal</span> <lb n="86"/><span>áirithe seo, ámh, ná an sgéal roimhe (“Feis Tighe Chonáin</span> <lb n="87"/><span>Chinn tSléibhe”). Aon lámh-sgríbhneoireacht amháin atá</span> <lb n="88"/><span>san dá sgéal so, agus ní hionann í agus an sgríbh-</span></p> </div> <pb n="vi"/> <div><lb n="89"/><p><span>naeoirecht atá sa gcuid eile de'n leabhar, .i. sgríbh-</span> <lb n="90"/><span>neoireacht Dhomhnaill. I ndeireadh “Feis Tighe Chonáin”</span> <lb n="91"/><span>léightear na focla so: “FINIS. Ar na sgríobhadh le</span> <lb n="92"/><span>Dómhnall Ó Mathúna an trímhúghadh lá fithchiod do'n</span> <lb n="93"/><span>Mhárta annsa bliaighain daois an tighearna 1744-5.”</span> <lb n="94"/><span>Measaim, dá réir seo, gurab é Domhnall O Mhathghamhna</span> <lb n="95"/><span>a sgríobh an chóib seo de “Bhruidhean Chaorthainn,”</span> <lb n="96"/><span>timcheall na bliadhna 1744-5, agus go raibh D'Arbois</span> <lb n="97"/><span>De Iubainbhille ag dul amugha nuair adubhairt sé gur</span> <lb n="98"/><span>sa mbliadhain 1702 a sgríobhadh í.</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>Aindrias Mac Cuirtín a sgríobh (B) i gCo. an Chláir,</span> <lb n="101"/><span>sa mbliadhain 1733. 'Sí seo an tríomhadh lámh-sgríbhinn</span> <lb n="102"/><span>a bhí ag an Seoigheach ag cur an sgéil i mBéarla dhó.</span> <lb n="103"/><span>Ní beag le rádh saothar Aindriais Mhic Chuirtín le n-a</span> <lb n="104"/><span>linn. File maith agus rígh-sgoláire a b'eadh é. Bhí sé</span> <lb n="105"/><span>ar na filíbh ba dhéidheannaighe i gCúige Mumhan a chleacht</span> <lb n="106"/><span>an Deibhidhe.</span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Maidir le (C), lámh-sgríbhinn í seo a sgríobh Mícheál</span> <lb n="109"/><span>Brún i Lios Mór na nDéise i gcaitheamh na mbliadhan</span> <lb n="110"/><span>1840-4. Seo mar tá curtha síos aige i ndeireadh ar</span> <lb n="111"/><span>sgéil-ne: “FINIT. Ar na sgríobhadh re Micheal Brunn</span> <lb n="112"/><span>Lismor 1844 an ttarna mí.” Ba leis an Athair P.</span> <lb n="113"/><span>Ó Slatarra, Sagart Pobail Bhaile Dhuibh, an leabhar so</span> <lb n="114"/><span>lá de'n tsaoghal: tá a ainm sgríobhtha aige ar an gcéad</span> <lb n="115"/><span>leathanach maille leis na foclaibh seo: “Ballyduff, July</span> <lb n="116"/><span>15/70.” Is lem' charaid, Pádraig Ó Cearmada, anois é,</span> <lb n="117"/><span>agus táim fá chomaoin mhóir ag Pádraig i ngeall ar</span> <lb n="118"/><span>tamall de a thabhairt dom. Is dócha gur do (C) is</span></p> </div> <pb n="vii"/> <div><lb n="119"/><p><span>dlúithe a leanas ar dteistimhin agus gur mhó an chabhair</span> <lb n="120"/><span>dhom (B) 'ná (A) 'gá ceartughadh agus 'gá beachtughadh</span> <lb n="121"/><span>dhom.</span></p> <lb n="122"/> <lb n="123"/><p><span>AN SGÉAL.</span></p> <lb n="124"/> <lb n="125"/><p><span>Ní luaidhtear “Bruidhean Chaorthainn” ins na sean-</span> <lb n="126"/><span>leabhraibh, go bhfios dom-sa. Ní fhágann sin nach sgéal</span> <lb n="127"/><span>ársa atá ann. Muna mbeadh go raibh cáil mhór air le</span> <lb n="128"/><span>fada d'aimsir ní bheithí dhá ath-sgríobhadh i nGaedheal-</span> <lb n="129"/><span>tacht na hAlban sa mbliadhain 1603. Mar adeir De</span> <lb n="130"/><span>Iubainbhille, tagrann an Céitinneach dhó i “bhForas Feasa</span> <lb n="131"/><span>ar Éirinn.” Seo iad a bhriathra, de réir mar bhaineas</span> <lb n="132"/><span>as an lámh-sgríbhinn atá i Leabharlainn na mBráthar</span> <lb n="133"/><span>i mBaile Átha Cliath iad:— “… Dá n-abróchadh</span> <lb n="134"/><span>éinne nach in-chreidte mórán dár sgríobhadh ar an bhFéinn,</span> <lb n="135"/><span>is deimhin gurab fíor dhó é, óir ní raibh ríoghacht san bhith</span> <lb n="136"/><span>is nach sgríobhtaoi re linn na págánachta sgéal dá</span> <lb n="137"/><span>ngoirthí Fabula. Féach ‘Ridire na Gréine,’ Bevis of</span> <lb n="138"/><span>Hampton, Huon of Burdex, agus a shamhail eile sin do</span> <lb n="139"/><span>sgríobhadh re linn an chreidimh féin. Gidheadh, ní fhuil</span> <lb n="140"/><span>críoch san bhith is nár sgríobhadh staire fírinneacha in-</span> <lb n="141"/><span>chreidte. Mar an gcéadna, tar cheann gur sgríobhadh</span> <lb n="142"/><span>iomad d'fhinnsgéaltaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an</span> <lb n="143"/><span>bhFéinn, mar atá ‘Cath Finn-Trágha,’ ‘Bruidhean Chaor-</span> <lb n="144"/><span>thainn,’ agus ‘Imtheachta an Ghiolla Dheacair,’ agus a</span> <lb n="145"/><span>shamhail sin de chaitheamh aimsire, thairis sin is dearbh gur</span> <lb n="146"/><span>sgríobhadh staire in-chreidte fírinneacha ortha.”</span></p> <lb n="147"/> <lb n="148"/><p><span>B'fhéidir sin a bheith amhlaidh. Acht cibé sin de, is</span></p> </div> <pb n="viii"/> <div><lb n="149"/><p><span>cinnte go bhfuil an “finnsgéal filidheachta” so ar na</span> <lb n="150"/><span>sgéaltaibh is áilne dár cumadh i nÉirinn le linn na</span> <lb n="151"/><span>Gaedhilge a bheith i n-uachtar. Níl aon aimhreas nach é</span> <lb n="152"/><span>“Bruidhean Chaorthainn” an sgéal is fearr de na sgéal-</span> <lb n="153"/><span>taibh Finnaidheachta fré chéile, má fhágtar an rígh-sgéal</span> <lb n="154"/><span>úd, “Tóraidheacht Dhiarmada agus Ghráinne,” as an</span> <lb n="155"/><span>gcomhaireamh. Tá cosmhaileacht áirithe idir é agus laoithe</span> <lb n="156"/><span>nó sgéalta eile a chuireas síos ar bhruidheantaibh nó</span> <lb n="157"/><span>ar uachaisibh draoidheachta, mar atá “Bruidhean Cheise</span> <lb n="158"/><span>Chorainn,” “Seilg Shléibhe Fuaid,” agus “Seilg Shléibhe</span> <lb n="159"/><span>gCuilinn;” acht ní i ngeall ar an sgéal féin, acht i</span> <lb n="160"/><span>ngeall ar a léirighthear ann d'uaisleacht méin agus</span> <lb n="161"/><span>aignidh, d'fhíor-laochas, d'fhíor-charthannacht, agus de</span> <lb n="162"/><span>dhlúth-mhuinnteardhas i measg carad, is fiú “Bruidhean</span> <lb n="163"/><span>Chaorthainn” a áireamh ar phríomh-sgéaltaibh na hÉireann.</span> <lb n="164"/><span>Badh dheacair na hailt úd ó Alt 21 go dtí Alt 26 a</span> <lb n="165"/><span>shárughadh ar áilneacht smaointe ná ar bhinneas focal</span> <lb n="166"/><span>agus litridheacht na hEorpa a chuartughadh.</span></p> <lb n="167"/> <lb n="168"/><p><span>Níor mhór dom mo bhuidheachas a ghabháil le Pádraig</span> <lb n="169"/><span>Ó Briain agus le Pádraig Ó Cearmada ar na hádhbhar-</span> <lb n="170"/><span>aibh atá luaidhte cheana agam; le hOsborn Ó hAimhirgin</span> <lb n="171"/><span>mar gheall ar mé a chur ar an eolas uair nó dhó; agus</span> <lb n="172"/><span>le Seosamh Laoide, ní hé amháin as ucht fromhtha an</span> <lb n="173"/><span>leabhair seo a léigheadh agus a cheartughadh dhom, acht as</span> <lb n="174"/><span>ucht a bhfuaireas de theagasg agus de threorughadh agus</span> <lb n="175"/><span>de dheagh-chomhairle uaidh le dhá bhliadhain déag anuas.</span></p> <lb n="176"/> <lb n="177"/><p><span>PÁDRAIC MAC PIARAIS.</span></p> <lb n="178"/> <lb n="179"/><p><span>Márta, 1908.</span> <lb n="180"/></p> </div> <pb n="1"/> <div><lb n="181"/><p><span>BRUIDHEAN CHAORTHAINN.</span></p> <lb n="182"/> <lb n="183"/><p><span>1. Árd-rí uasal oirdhearc do ghabh flaitheas agus</span> <lb n="184"/><span>forlámhas ar cheithre treabhaibh Lochlann, dar ba chomh-</span> <lb n="185"/><span>ainm Colgán Cruaidh-Armach, mac Dathchaoin Tréin. Do</span> <lb n="186"/><span>comóradh aonach agus árd-oireachtas leis an rígh in aon</span> <lb n="187"/><span>de laethibh ar fhaithche a dhúna agus a dheagh-bhaile féin, i</span> <lb n="188"/><span>gcathraigh na Beirbhe Lochlannaighe, go dtángadar maithe</span> <lb n="189"/><span>agus mór-uaisle Lochlann n-a choinne agus i n-a chomh-</span> <lb n="190"/><span>dháil ann; agus ar mbeith i n-ionad aon bhuidhne dhóibh do</span> <lb n="191"/><span>labhair an rí de ghuth árd-mhór sholus-ghlan, agus is é</span> <lb n="192"/><span>adubhairt:—</span></p> <lb n="193"/> <lb n="194"/><p><span>“A árd-mhaithe Lochlann, ó thárla d'aon láthair sibh,</span> <lb n="195"/><span>innsidh dham an aithnid daoibh locht ná aineamh orm féin</span> <lb n="196"/><span>mar rígh agus mar ró-thighearna.”</span></p> <lb n="197"/> <lb n="198"/><p><span>Adubhradar an sluagh uile d'aitheasg aon fhir nachar</span> <lb n="199"/><span>bh' fheasach dóibh féin locht ar bith air.</span></p> <lb n="200"/> <lb n="201"/><p><span>“Ní hamhlaidh sin damh-sa,” ar Rí Lochlann: “is aithnid</span> <lb n="202"/><span>dam locht mór orm.”</span></p> <lb n="203"/> <lb n="204"/><p><span>“Créad é sin, a árd-rí?” ar siad-san.</span></p> <lb n="205"/> <lb n="206"/><p><span>“Atá,” ar sé, “Rí na nOileán bheith dá ghairm díom</span> <lb n="207"/><span>agus gan na hoileáin uile agam.”</span> <lb n="208"/></p> </div> <pb n="2"/> <div><lb n="209"/><p><span>“Cia an chuid atá uait, nó nach bhfuil agat díobh, a</span> <lb n="210"/><span>árd-rí?” ar siad.</span></p> <lb n="211"/> <lb n="212"/><p><span>“Éire iath-ghlas oileánach do bhí ag mo sheanaibh agus</span> <lb n="213"/><span>ag mo shinnsearaibh romham,” ar sé; “agus fuaradar</span> <lb n="214"/><span>mórán uilc ag á cosnamh ar a n-eascáirdibh; óir is ag</span> <lb n="215"/><span>troid ar son na hÉireann do thuit Balor Béimneach</span> <lb n="216"/><span>le Lughaidh Lámh-Fhada, agus sluagh do-áirmhighthe. I gcionn</span> <lb n="217"/><span>bliadhna i n-a dhiaidh sin thug Breas, mac Baloir, cath do</span> <lb n="218"/><span>Tuathaibh Dé Danann ar Mhaigh Tuireadh, agus is ann</span> <lb n="219"/><span>do thuit Breas féin, Iarann agus Slánach, dhá inghin</span> <lb n="220"/><span>Bhaloir uí Néid, agus a bhainchéile, Ceitleann Chraos-</span> <lb n="221"/><span>Fhiaclach. Atá a feart i nDún Cheitleann, ar thaoibh thuaidh</span> <lb n="222"/><span>de Mhaigh Tuireadh.”</span></p> <lb n="223"/> <lb n="224"/><p><span>“Créad do b'áil leat a dhéanamh, a árd-rí?” ar siad.</span></p> <lb n="225"/> <lb n="226"/><p><span>“Badh mhaith liom,” ar sé, “dul go hÉirinn dá</span> <lb n="227"/><span>hargain agus dá cur fá smacht agus fá chíos agus cháin</span> <lb n="228"/><span>dam féin agus do chloinn mo chloinne go foircheann an</span> <lb n="229"/><span>bheatha; do ghlacadh mo chíosa agus mo chána agus m'ein-</span> <lb n="230"/><span>eachlainne uaithi ar ais nó ar éigean; agus d'fhágháil</span> <lb n="231"/><span>braighead agus giall re comhall dam go humhal as sin</span> <lb n="232"/><span>amach.”</span></p> <lb n="233"/> <lb n="234"/><p><span>Adubhairt maithe Lochlann go rabhadar féin sásta go</span> <lb n="235"/><span>leor leis an gcomhairle fuaradar, agus gur dhoiligh leo</span> <lb n="236"/><span>a fhaid go dtugadar an turas soin.</span></p> <lb n="237"/> <lb n="238"/><p><span>2. Is annsoin do chuir Rí Lochlann gairm agus comh-</span> <lb n="239"/><span>chruinniughadh ar shluaightibh agus ar shochraidíbh Lochlann</span> <lb n="240"/><span>uile, go rabhadar seacht ruadh-chatha ró-mhóra ar fhaithche</span> <lb n="241"/><span>na Beirbhe. Do thugadar sruth-léim shanntach shiubhail san</span></p> </div> <pb n="3"/> <div><lb n="242"/><p><span>bhfairrge bhfíor-dhoimhin bhfliuch-thonnaigh le n-a longaibh</span> <lb n="243"/><span>deagh-chumtha béal-leathana agus le n-a gcurachánaibh</span> <lb n="244"/><span>daingeana deagh-chumhduighthe do-bhriste sár-luatha. Do</span> <lb n="245"/><span>shíneadar na sár-bhréide saidhbhre solusmhara leis na</span> <lb n="246"/><span>seol-chrannaibh síth-righne sleamhna cruadha, agus do</span> <lb n="247"/><span>ghabhadar le seoladh na gaoithe gárthaighe glan-fhuaire ar</span> <lb n="248"/><span>chrioslach na mara móire guirme, gur éirigh an dubh-</span> <lb n="249"/><span>fhairrge i n-a gleanntaibh luaimneacha liath-ghlasa mear-</span> <lb n="250"/><span>thuargantacha mí-chéillidhe; ionnus nachar fágadh fallaing</span> <lb n="251"/><span>gan fásgadh, ná tairnge gan tarraing, ná breac-long</span> <lb n="252"/><span>gan briseadh, muna dteagmhóchadh lucht a bhfreastail</span> <lb n="253"/><span>agus a bhfortachta i n-a bhfochair. Acht níor chian dóibh</span> <lb n="254"/><span>amhlaidh sin gur traochadh gach neart an-chumasach dá</span> <lb n="255"/><span>raibh ins na tonnaibh tréan-gharbha, agus go raibh an mhuir</span> <lb n="256"/><span>i n-a clár cothrom comh-réidh, agus do thángadar go tinn-</span> <lb n="257"/><span>easnach i dtír, agus thugadar aithne gurab i gCúigeadh</span> <lb n="258"/><span>oll-bhladhach Uladh do ghabhadar cuan agus caladh-phort.</span></p> <lb n="259"/> <lb n="260"/><p><span>3. Tigid i dtír, agus do thionnsgnadar ag ionnarbadh</span> <lb n="261"/><span>agus ag creachadh na tíre rómpa ó dheas, nó go rángadar,</span> <lb n="262"/><span>tra, sgéala na n-olc soin go Teamhraigh. Is é ba rí</span> <lb n="263"/><span>ar Éirinn an tráth soin, eadhón, Cormac mac Airt mhic</span> <lb n="264"/><span>Chuinn Chéad-Chathaigh, agus chuir sé teachtaire go hAl-</span> <lb n="265"/><span>mhain Laighean, mar a raibh Fionn mac Cumhaill agus</span> <lb n="266"/><span>Fianna glan-áilne Gaedheal, dá fhógradh dhó an ríoghacht</span> <lb n="267"/><span>do chosnamh, agus na hallmhuraigh do chosg de'n bhfeidhm bhí</span> <lb n="268"/><span>fútha. D'fhreagair Fionn mac Cumhaill an fuagradh soin,</span> <lb n="269"/><span>agus chuir sé tionól agus tiomsughadh ar sheacht gcathaibh</span> <lb n="270"/><span>na Gnáth-Fhéinne, agus thángadar as gach áird i n-a</span></p> </div> <pb n="4"/> <div><lb n="271"/><p><span>rabhadar go hobhann aontuighthe chum na togharma soin, i</span> <lb n="272"/><span>n-a mbuidhnibh troma taidhbhseacha, agus i n-a gcipíbh</span> <lb n="273"/><span>dlútha do-sgaoilte, d'anacal a dtriath agus a dtighearnaí</span> <lb n="274"/><span>ar armaibh a mbith-námhad. Iar rochtain do láthair an</span> <lb n="275"/><span>Rígh-Fhéinnidh, .i. Fionn mac Cumhaill, dóibh, fearas Fionn</span> <lb n="276"/><span>fíor-chaoin fáilte rómpa uile, agus innseas dóibh go</span> <lb n="277"/><span>raibh Rí Lochlann ag creach-losgadh na hÉireann, “Agus</span> <lb n="278"/><span>do chuir,” ar sé, “Cormac mac Airt teachta chugam-sa,</span> <lb n="279"/><span>dá fhaisnéis dam go dtángadar allmhuraigh go hÉirinn</span> <lb n="280"/><span>agus dá rádh linn cath do thabhairt dóibh.”</span></p> <lb n="281"/> <lb n="282"/><p><span>4. A haithle na hiomagallmha soin, do ghabhadar a</span> <lb n="283"/><span>dtreallmha troda agus teagmhála umpa, agus do</span> <lb n="284"/><span>chuadar i n-a n-ionadaibh catha agus comhlainn, go ráng-</span> <lb n="285"/><span>adar féin agus na Lochlannaigh i n-aon áit. Is annsoin</span> <lb n="286"/><span>do rochtadar i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile go fíoch-</span> <lb n="287"/><span>mhar fíor-nimhneach agus go léidmheach luath-ghoineach, gur</span> <lb n="288"/><span>chaitheadar fras dá n-armaibh faghartha le aroile, go</span> <lb n="289"/><span>ndeachadar i muinighin a gclaidheamh gclais-leathan, go</span> <lb n="290"/><span>dtugadar glún le gliadh agus troigh le taca agus aghaidh</span> <lb n="291"/><span>le hiomghoin, gan fios tláis ná tarcuisne ar cheachtar</span> <lb n="292"/><span>díobh, gur thuit deich míle eatortha an lá soin.</span></p> <lb n="293"/> <lb n="294"/><p><span>5. Ó do chonnairc Fianna Éireann an díth-láithriughadh</span> <lb n="295"/><span>thugadar na hallmhuraigh ortha, gabhas confadh catha iad,</span> <lb n="296"/><span>eadhón, mire i n-a míleadhaibh, fíoch i n-a bhflathaibh, agus</span> <lb n="297"/><span>neart i n-a n-ógaibh; agus rinneadar troid chródha</span> <lb n="298"/><span>chalma leis na Lochlannachaibh, ionnus gur cosgradh</span> <lb n="299"/><span>sluaighte móra ar gach leith. Dála Osgair mhic Oisín, ar</span> <lb n="300"/><span>bhfeicsin na Féinne i mbaoghal, agus meirge an Ríogh</span></p> </div> <pb n="5"/> <div><lb n="301"/><p><span>Lochlannaigh i n-a sheasamh, do líon rabharta feirge an</span> <lb n="302"/><span>laoch soin D'ionnsuigh sé go harrachtach an áit i n-a raibh</span> <lb n="303"/><span>Rí Lochlann, agus do nocht a lann go héasgaidh, agus do</span> <lb n="304"/><span>ghabh de bhéimeannaibh garbha i n-a námhaid. D'éirigh mire</span> <lb n="305"/><span>meanman agus aoirde aignidh do Rígh Lochlann, agus</span> <lb n="306"/><span>do bhrostuigh i gcomhdháil Osgair. Do thugadar comhrac</span> <lb n="307"/><span>dásachtach dá chéile, nó gur tholladar na cathbhairr</span> <lb n="308"/><span>cruaidh-righne bhí ar a gceannaibh, agus ba chneas-ghearrtha</span> <lb n="309"/><span>throm-osnadhach bhí na tréan-fhir úd ó'n treas-ghleo soin.</span> <lb n="310"/><span>Acht fá dheireadh do dícheannadh Rí Lochlann i bhfoir-</span> <lb n="311"/><span>cheann an chomhlainn, agus do mhaoidh Fianna Éireann an</span> <lb n="312"/><span>cath ar na Lochlannachaibh.</span></p> <lb n="313"/> <lb n="314"/><p><span>6. Do briseadh ar na hallmhurachaibh iar dtuitim dá</span> <lb n="315"/><span>dtriath. Do chuadar clann mhac Ríogh Lochlann do chath-</span> <lb n="316"/><span>ughad an chatha iar marbhadh a n-athar, acht ní sáruighthear</span> <lb n="317"/><span>an sean-fhocal leo, óir “ní gnáth cathughadh iar ndíth</span> <lb n="318"/><span>tighearna.” Gabhas an mac bha shine bhí ag Rígh Lochlann</span> <lb n="319"/><span>earraidhe agus iorghail a athar uime, agus do chuaidh sé</span> <lb n="320"/><span>féin agus a bheirt dearbhráthar i bhfíor-thosach an chatha</span> <lb n="321"/><span>ag comhrac Fhinn agus na Féinne. D'ionnsuigheadar na</span> <lb n="322"/><span>deagh-churaidh sin a chéile go fearamhail foirtil, ionnus</span> <lb n="323"/><span>gur marbhadh an dias mhac ba shine bhí ag Rígh Lochlann,</span> <lb n="324"/><span>go nach ndeachaidh eachlach 'n-a bheathaidh as díobh acht mac</span> <lb n="325"/><span>óg Ríogh Lochlann, eadhón, Míodhach mac Colgáin.</span></p> <lb n="326"/> <lb n="327"/><p><span>7. D'ainic Fionn Míodhach mac Colgáin, agus do</span> <lb n="328"/><span>chongbhuigh ar a choimirce agus ar a chosnamh féin é i n-a</span> <lb n="329"/><span>theaghlach nó go raibh sé inghníomha, agus thug coróin a</span> <lb n="330"/><span>athar dó, agus do ghairm Rí Lochlann de. Iar soin adubhairt</span></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="331"/><p><span>Míodhach: “A Fhinn, ó leigis dam maireachtain, agus gur</span> <lb n="332"/><span>thuilleas bás d'fhágháil uait, déanfad amhsaine agus</span> <lb n="333"/><span>ógláchas duit, agus fanfad id' fharradh go bráth. Béarad</span> <lb n="334"/><span>cíos Lochlann chugat go hÉirinn, dá dháil d'ollamhnaibh</span> <lb n="335"/><span>agus d'éigsibh mar aon leat-sa;” agus leis sin thug a</span> <lb n="336"/><span>lámh i láimh Fhinn mhic Chumhaill, go ndearnadar caradas</span> <lb n="337"/><span>agus muinnteardhas le chéile. Dála Fhinn agus na</span> <lb n="338"/><span>Féinne, d'asgnadar ar a mbuaidh chosgartha agus a gcomh-</span> <lb n="339"/><span>mhaoidhte go hAlmhain Laighean, gur leigheasadh a lucht</span> <lb n="340"/><span>othrais agus lán-chréacht aca. Iomthúsa Mhíodhaigh mhic</span> <lb n="341"/><span>Cholgáin, d'fhan sé i bhfochair na bhFiann, agus drong dá</span> <lb n="342"/><span>mhuinntir ag freastal air, seal fada agus aimsir imchian</span> <lb n="343"/><span>i gcuideachtain Fhinn.</span></p> <lb n="344"/> <lb n="345"/><p><span>8. Aon de laethibh dá raibh Fionn ag trácht le cuid</span> <lb n="346"/><span>d'Fhiannaibh Éireann i ndíoghrais chomhráidh, adubhairt Goll</span> <lb n="347"/><span>mac Móirne: “A Fhinn,” ar sé, “dar liom féin, is mór</span> <lb n="348"/><span>an ghuasacht duit mac Ríogh Lochlann do bheith id' chuid-</span> <lb n="349"/><span>eachtain de ghnáth, — iar marbhadh a athar agus a dhéise</span> <lb n="350"/><span>dhearbhráthar, a ghabháil féin agus a lán-fhuasgladh do</span> <lb n="351"/><span>thabhairt dó; agus gur orduigh an t-eagnaidhe gan ionn-</span> <lb n="352"/><span>taoibh do thabhairt le fear feille.”</span></p> <lb n="353"/> <lb n="354"/><p><span>“Is fíor do mhac Móirne gach a ndubhairt sé,” ar</span> <lb n="355"/><span>Oisín mac Fhinn; “agus ó nach áil le Míodhach sgaradh</span> <lb n="356"/><span>leat, tugthar forba agus fearann dó féin, agus a rádh</span> <lb n="357"/><span>leis treabhlacht agus tigheas do dhéanamh ann, go nach</span> <lb n="358"/><span>mbeadh id' chaidreamh níos fuide.”</span></p> <lb n="359"/> <lb n="360"/><p><span>“Is maith an chomhairle í sin,” ar Fionn, agus ar cách</span> <lb n="361"/><span>go comh-choitcheann, “agus déantar amhlaidh.”</span> <lb n="362"/></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="363"/><p><span>Do goireadh ar Mhíodhach mac Colgáin, agus tháinig sé</span> <lb n="364"/><span>do láthair Fhinn. Adubhairt Fionn leis gur mhithid dó sgur</span> <lb n="365"/><span>dá chuideachtain agus dul chum tighis agus maitheasa do</span> <lb n="366"/><span>dhéanamh dó féin: “óir do-bhéarad-sa dhuit, ar sé “dhá</span> <lb n="367"/><span>thriúcha céad ded' rogha chúigidh i nÉirinn le a n-áitiughadh.”</span></p> <lb n="368"/> <lb n="369"/><p><span>“Is maith liom-sa soin,” ar Míodhach, agus do gab</span> <lb n="370"/><span>buidheachas le Fionn.</span></p> <lb n="371"/> <lb n="372"/><p><span>9. Dob' iad so an dá thriúcha céad do thógh Míodhach,</span> <lb n="373"/><span>eadhón, triúcha céad Caonraighe atá cois na Sionainne,</span> <lb n="374"/><span>agus triúcha céad na nOileán, ós a chomhair ar an taoibh</span> <lb n="375"/><span>thuaidh de'n tSionainn. Do b'é ádhbhar fá n-a ndearna</span> <lb n="376"/><span>sé rogha de'n dá thriúcha céad soin, ionnus go leigfeadh</span> <lb n="377"/><span>Fionn dó faire agus forchoimeád do dhéanamh ar an</span> <lb n="378"/><span>gcuan bhí taobh leis; agus de bhrígh go raibh sé ar</span> <lb n="379"/><span>chuantaibh cluthmhara na hÉireann. Is ar Fhionn do bhí</span> <lb n="380"/><span>coimeád cuan agus caladh-phort na hÉireann, agus is</span> <lb n="381"/><span>ar na cuantaibh i dtaoibh thuaidh na hÉireann, is mo bhí</span> <lb n="382"/><span>a aireachas. Fáth eile fós do bhí aige, eadhón, i ndóchas</span> <lb n="383"/><span>go bhféadfadh sé laochradh Lochlann agus allmhuraigh</span> <lb n="384"/><span>iomdha i n-éinfheacht leo do thabhairt ar na cuantaibh</span> <lb n="385"/><span>de'n dtaoibh thiar d'Éirinn an tráth do gheobhadh sé uain</span> <lb n="386"/><span>ar fheall agus ar fhionghail do dhéanamh ar Fhionn agus</span> <lb n="387"/><span>ar Fhiannaibh Éireann.</span></p> <lb n="388"/> <lb n="389"/><p><span>10. Do chuaidh Míodhach mac Colgáin i gceannus an dá</span> <lb n="390"/><span>thriúcha céad réamhráidhte, agus ar feadh tréimhse fhada do</span> <lb n="391"/><span>líon toice agus trom-chonách é, go nach raibh bhrughaidh ná</span> <lb n="392"/><span>biadhtach i nÉirinn i gcomh-aimsir an fhir sin ba shaidhbhre</span> <lb n="393"/><span>iona é. Do bhí sé cúig bhliadhna déag i dtighearnas, agus</span></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="394"/><p><span>ní thug biadh ná deoch do ghiolla ná do gaisgidheach</span> <lb n="395"/><span>d'Fhiannaibh Éireann i rith na haimsire sin, agus ní</span> <lb n="396"/><span>mó thug cuireadh ná fleadhachas d'Fhionn féin, acht ag</span> <lb n="397"/><span>machtnamh cionnus d'agróchadh sé díoghaltas mar gheall</span> <lb n="398"/><span>ar mharbhadh a athar agus a bheirt dearbhráthar; gur chuir sé</span> <lb n="399"/><span>teachtaire go críochaibh Lochlann le tuairisg, agus d'iarr</span> <lb n="400"/><span>ar shluagh teacht go hÉirinn chum cabhartha leis. Níor bh'</span> <lb n="401"/><span>fhada go dtáinig buidhean líonmhar ag triall air, agus</span> <lb n="402"/><span>do ghabhadar cuan agus caladh gan fhios d'fhearaibh Éir-</span> <lb n="403"/><span>eann. Ba áthasach bhí Míodhach de bhrígh go bhfuair sé</span> <lb n="404"/><span>an congnamh soin.</span></p> <lb n="405"/> <lb n="406"/><p><span>11. Feacht n-aon i n-a dhiaidh sin do comóradh sealg</span> <lb n="407"/><span>agus fiadhach agus fian-chosgar le Fionn agus le Fiannaibh</span> <lb n="408"/><span>Éireann, fá thriúcha céad bhFear Morc, ris a ráidhtear</span> <lb n="409"/><span>Críoch Chonaill Gabhra an tan so. Sgaoileas Fionn an</span> <lb n="410"/><span>tsealg uaidh fá ghleanntaibh doimhne do-eolasa, agus fá</span> <lb n="411"/><span>choilltibh duilleacha dos-mhóra, agus fá chríochaibh cor-</span> <lb n="412"/><span>racha ceann-gharbha, agus fá mhaghaibh réidhe ró-fhairsinge</span> <lb n="413"/><span>i n-a ur-thimcheall, ionnus gur chuireadar na gadhair</span> <lb n="414"/><span>ghlóracha ghuth-bhinne sionnaigh as toraibh, agus míolta</span> <lb n="415"/><span>mong-ruadha as fásachaibh, agus bruic as pollaibh, nó</span> <lb n="416"/><span>gur marbhadh go leor díobh. Do shuidh Fionn an lá soin</span> <lb n="417"/><span>i n-a dhumha seilge, ag éisteacht le nuaill na bhfear</span> <lb n="418"/><span>bhfiadhaigh, agus le siusán na seilge, agus le gothaibh na</span> <lb n="419"/><span>ngadhar, agus le greasacht na ngiollaí, agus le gáir na</span> <lb n="420"/><span>mbhuidhean; agus is é áit i n-ar oirisigh an Rígh-Fhéinnidh,</span> <lb n="421"/><span>ar Thulaigh an Fhoirghleanna, ris a ráidhtear Cnoc Fírinne</span> <lb n="422"/><span>Ó gConaill an tan so, agus drong d'Fhiannaibh Éireann</span> <lb n="423"/><span>maille ris.</span> <lb n="424"/></p> </div> <pb n="9"/> <div><lb n="425"/><p><span>12. Níor chian dóibh ann go bhfacadar an t-aon ridire</span> <lb n="426"/><span>óg innillte mear-chalma dá n-ionnsaidhe. Do bhí treal-</span> <lb n="427"/><span>lamh catha agus cótán sróill deirg shuaithnidh uime, maille</span> <lb n="428"/><span>re lúireach lán-áluinn Lochlannach; agus cinnbheart ar</span> <lb n="429"/><span>a raibh clocha buadha um a cheann; agus sgiath shnasta</span> <lb n="430"/><span>dheagh-mhaiseach ar a ghualainn; agus sleagh sgiamhach</span> <lb n="431"/><span>sgáth-ghléigeal i n-a láimh dheis dheag-thapaidh. Tháinig an</span> <lb n="432"/><span>gruagach groidhe gníomh-éachtach soin do láthair agus bean-</span> <lb n="433"/><span>nuigheas do'n Rígh-Fhéinnidh. D'fhreagair Fionn an beann-</span> <lb n="434"/><span>acht go flaitheamhail feardha, agus fochtas sgéala dhe.</span></p> <lb n="435"/> <lb n="436"/><p><span>“Ní bhfuilid sgéala agam duit,” ar an t-óglách,</span> <lb n="437"/><span>“acht gur fear dána mé, agus file thug dán chugat-sa</span> <lb n="438"/><span>a Rígh-Fhéinnidh.”</span></p> <lb n="439"/> <lb n="440"/><p><span>“Creidim gur fear dána i gcathaibh agus i gcomh-</span> <lb n="441"/><span>lannaibh thú,” ar Fionn, “acht ní shaoilim gur fear dána</span> <lb n="442"/><span>tháinig le dán thú.”</span></p> <lb n="443"/> <lb n="444"/><p><span>“Is fear dána le dán mé,” ar an t-óglách, “agus dá</span> <lb n="445"/><span>dhearbhadh soin atá dán agam duit-se: is leis thánag</span> <lb n="446"/><span>de'n cor so, agus tugthar éisteacht dam.”</span></p> <lb n="447"/> <lb n="448"/><p><span>“Máiseadh,” ar Fionn, “ní hionad dána do dhíol ná</span> <lb n="449"/><span>d'éisteacht an áit seo, agus tar liom-sa go bruidhin</span> <lb n="450"/><span>éigin de bhruidhnibh na hÉireann, agus do-gheobhair do</span> <lb n="451"/><span>bhreith féin uaim i ndíol do dhána.”</span></p> <lb n="452"/> <lb n="453"/><p><span>“Ní rachad,” ar an t-óglách, “acht cuirim geasa ort</span> <lb n="454"/><span>nach bhfuilingid fíor-laoich muna n-éistir mo dhán agus</span> <lb n="455"/><span>a thuigsin mar a bhfuilir.”</span></p> <lb n="456"/> <lb n="457"/><p><span>13.“Gabh do dhán feasta, a fhir dhána,” ar Fionn;</span> <lb n="458"/><span>agus adubhairt an t-óglách mar leanas:—</span> <lb n="459"/></p> </div> <pb n="10"/> <div><lb n="460"/><p><span>“Do chonnarc teach ins an tír</span> <lb n="461"/><span>In nach dtugthar géill do rígh;</span> <lb n="462"/><span>Ní loisg teine, ní airg creach,</span> <lb n="463"/><span>Maith séan le'r ghabh an rígh-theach.”</span></p> <lb n="464"/> <lb n="465"/><p><span>“Tuigim an rann soin,” ar Fionn, “óir is é teach do</span> <lb n="466"/><span>chonnarcais, eadhón, Brugh na Bóinne, teach Aonghusa</span> <lb n="467"/><span>Óig mhic an Daghda, agus ní féidir é do losgadh ná do</span> <lb n="468"/><span>chreachadh le neart draoidheachta an fhir sin; gurab í sin</span> <lb n="469"/><span>tuigsin an rann sin ded' dán.”</span></p> <lb n="470"/> <lb n="471"/><p><span>“Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug an rann so:—</span></p> <lb n="472"/> <lb n="473"/><p><span>“Do chonnarc fear san leath thuaidh</span> <lb n="474"/><span>Noch beireas a lán de bhuaidh,</span> <lb n="475"/><span>Ní fearr leis amh 'na bruithte,</span> <lb n="476"/><span>Nocha mín a gharbh-chluiche.”</span></p> <lb n="477"/> <lb n="478"/><p><span>“Tuigim sin,” ar Fionn: “claidheamh Aonghusa Óig</span> <lb n="479"/><span>mhic an Daghda do chonnarcais; óir is fear-insgne an</span> <lb n="480"/><span>claidheamh, agus ar thaoibh chlí an churaidh do bhí an leath</span> <lb n="481"/><span>thuaidh; agus ní fearr leis amh 'ná bruithte ag gearradh</span> <lb n="482"/><span>cnámh agus corp do láimh éachtaigh Aonghusa; gurab í sin</span> <lb n="483"/><span>tuigsin an rann sin ded dhán.”</span></p> <lb n="484"/> <lb n="485"/><p><span>“Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, agus adubhairt</span> <lb n="486"/><span>aris:—</span></p> <lb n="487"/> <lb n="488"/><p><span>“Do chonnarc bean san leath theas,</span> <lb n="489"/><span>Agus a clann tré n-a cneas;</span> <lb n="490"/><span>Gidh mall a céim tar gach tuath,</span> <lb n="491"/><span>Is luaithe í 'na each ró-luath.”</span> <lb n="492"/></p> </div> <pb n="11"/> <div><lb n="493"/><p><span>“Tuigim sin,” ar Fionn, “óir is cara d'Aonghus Óg</span> <lb n="494"/><span>thusa, agus ní headh mise. Is í bean do chonnarcais, an</span> <lb n="495"/><span>Bhóinn do'n taoibh theas de thigh Aonghusa; agus is iad an</span> <lb n="496"/><span>chlann do chonnarcais tré n-a cneas, eadhón, a bric</span> <lb n="497"/><span>bhallacha agus a bradáin bhall-chorcra ag snámh anonn</span> <lb n="498"/><span>agus anall seachnóin an tsrotha; agus gidh mall an</span> <lb n="499"/><span>sruth soin, is luaithe é ioná each san mbith, óir ní sguir-</span> <lb n="500"/><span>eann acht ag síor-shiubhal de ló agus d'oidhche. Is féidir</span> <lb n="501"/><span>leis dul timcheall na cruinne i seacht mbliadhnaibh, agus</span> <lb n="502"/><span>ní bhfuil each san domhan d'fhéadfadh a mhacsamhail sin do</span> <lb n="503"/><span>dhéanamh.”</span></p> <lb n="504"/> <lb n="505"/><p><span>“Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug rann eile:—</span></p> <lb n="506"/> <lb n="507"/><p><span>“Do chonnarc ceithearn go mbuadh,</span> <lb n="508"/><span>Fá n-éirghidís iomad sluagh,</span> <lb n="509"/><span>Eochair eo agus eochair shlat</span> <lb n="510"/><span>Gibé frithir do chonnarc.”</span></p> <lb n="511"/> <lb n="512"/><p><span>“Tuigim an rann soin leis,” ar Fionn; “óir is í slighe</span> <lb n="513"/><span>do gabhadh leat, tré lubhghort lán-toraidh atá ag Aonghus,</span> <lb n="514"/><span>agus is iad do chonnarcais beacha beaga breac-áilne ós</span> <lb n="515"/><span>barraibh dos deagh-bhláth, ag tionól agus ag tiomsughadh</span> <lb n="516"/><span>cnuasaigh agus toraidh dhóibh féin; agus is iad a nguib</span> <lb n="517"/><span>a n-eochracha ag buain mheala as na hóg-chraobhaibh.</span> <lb n="518"/><span>Gurab í sin tuigsin do dhánta go hiomlán.”</span></p> <lb n="519"/> <lb n="520"/><p><span>14. “Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, “d'innsis</span> <lb n="521"/><span>ciall mo dhánta. Is maith an tuigseach dán thú, a Fhinn,</span> <lb n="522"/><span>agus ní raibh tairbhe dán do' thabhairt chugat i ndóchas</span> <lb n="523"/><span>nach dtuigfidhe leat é.”</span> <lb n="524"/></p> </div> <pb n="12"/> <div><lb n="525"/><p><span>“Cia thú féin, a ógláigh, a thug na dáin fhilidheachta</span> <lb n="526"/><span>nuaidhe chugainn,” ar Fionn, “agus créad is comh-ainm</span> <lb n="527"/><span>duit?”</span></p> <lb n="528"/> <lb n="529"/><p><span>“An é nach n-aithnigheann tú é?” ar Conán Maol mac</span> <lb n="530"/><span>Móirne.</span></p> <lb n="531"/> <lb n="532"/><p><span>“Ní aithnighim, go deimhin.” ar Fionn.</span></p> <lb n="533"/> <lb n="534"/><p><span>“An bhfuil aithne agat ar Gholl, nó ar Oisín, nó</span> <lb n="535"/><span>orm-sa?” ar Conán.</span></p> <lb n="536"/> <lb n="537"/><p><span>“Créad as nach n-aithneochainn mo mhuinntir féin?”</span> <lb n="538"/><span>ar Fionn.</span></p> <lb n="539"/> <lb n="540"/><p><span>“Is éagcóir duit-se, a Fhinn,” ar Conán, “gan aithne</span> <lb n="541"/><span>níos fearr do bheith agat ar d'eascáirdibh ioná ar do</span> <lb n="542"/><span>cháirdibh, de bhrígh gurab iad d'eascáirde do dhéanfadh</span> <lb n="543"/><span>díth dhuit. Is é siúd Míodhach mac Colgáin, agus gidh</span> <lb n="544"/><span>gur duine ded' mhuinntir féin é, is námha duit é. Atá</span> <lb n="545"/><span>sé le cúig bliadhnaibh déag i bhFiannaibh Éireann, agus</span> <lb n="546"/><span>níor ghnáthuigh sé caradas ná ceannsacht le fearaibh</span> <lb n="547"/><span>Éireann ná flaitheamhlacht leat-sa féin an aimsir fhada</span> <lb n="548"/><span>soin.”</span></p> <lb n="549"/> <lb n="550"/><p><span>15. “Ní mise is cionntach leis an bhfaillighe sin,” ar</span> <lb n="551"/><span>Miodhach. “Ní rabhas mí ris an rae sin nach raibh fleadh</span> <lb n="552"/><span>urlamh ionchaithmhe fá chomhair Fhinn, agus ní tháinig sé</span> <lb n="553"/><span>dá caitheamh chugam; agus ní mó chuireas-sa fios air</span> <lb n="554"/><span>ná ní thugas cuireadh dhó, ar eagla go mbadh dí-mholta</span> <lb n="555"/><span>an cuireadh. Acht atá sleadh ullamh agam fád' chomhair</span> <lb n="556"/><span>anois, a Fhinn; agus geasa nach bhfuilingid fíor-laoich</span> <lb n="557"/><span>do chuirim ort muna dtagair anocht dá caitheamh, agus</span> <lb n="558"/><span>maithe agus mór-uaisle ná Féinne do thabhairt leat.</span></p> </div> <pb n="13"/> <div><lb n="559"/><p><span>Atáid dhá bhruidhin agam-sa i n-oirchill na fleidhe sin,</span> <lb n="560"/><span>eadhón, bruidhean díobh ar oileán atá ar an muir, agus</span> <lb n="561"/><span>bruidhean eile fá thír; agus an bhruidhean atá fá'n uisge,</span> <lb n="562"/><span>is innti atá an fhleadh. Béarar, má's maith libh, an</span> <lb n="563"/><span>fhleadh dá caitheamh do'n bhruidhin atá ar tír.”</span></p> <lb n="564"/> <lb n="565"/><p><span>16. D'aontuigh Fionn dul do chaitheamh na fleidhe, agus</span> <lb n="566"/><span>leis sin do cheileabhair Míodhach mac Colgáin d'Fhionn</span> <lb n="567"/><span>agus d'Fhiannaibh Éireann — an méid do bhí do láthair</span> <lb n="568"/><span>díobh — agus d'imthigh uatha. Adubhairt Fionn le Oisín,</span> <lb n="569"/><span>iar soin, oiriseamh le Fiannaibh Éireann, agus é féin do</span> <lb n="570"/><span>leanmhain an tan do thiocfaidís; agus ollamhain na</span> <lb n="571"/><span>Féinne agus an t-aos ealadhan do chongbháil i n-a fhochair</span> <lb n="572"/><span>féin, “go nach ndeachadh go Bruidhin an Oileáin go teacht</span> <lb n="573"/><span>do'n bhFéinn chugaibh,” ar sé, “agus cuirfead-sa sgéala</span> <lb n="574"/><span>na bruidhne agus na fleidhe ag triall oraibh.” Is iad so</span> <lb n="575"/><span>an cúigear d'fhan i bhfochair Oisín ar an tulaigh an lá úd,</span> <lb n="576"/><span>eadhón, Fatha Canann mac mic Con, Diarmaid Ó Duibhne,</span> <lb n="577"/><span>Caoilte mac Rónáin, Fiachna mac Fhinn, agus Inse mac</span> <lb n="578"/><span>Suibhne Seilge. Do ghluais Fionn roimhe as a haithle</span> <lb n="579"/><span>sin; agus is iad do chuaidh leis go Bruidhin Chaorthainn,</span> <lb n="580"/><span>eadhón, Goll mac Móirne, Dathchaoin Dian mac logha</span> <lb n="581"/><span>lámh-Dheirg, Glas mac Aon-Chearda Béarra, dhá mhac</span> <lb n="582"/><span>Aodha Bhig mhic Fhinn, Racha agus Daolghus, dhá Rígh Féinne</span> <lb n="583"/><span>Laighean, Aonghus mac Breasail Beola, Rígh-Fhéinnidh</span> <lb n="584"/><span>Fhiann gConnacht, Conán Maol mac Móirne, Conán mac</span> <lb n="585"/><span>an Léith Luachra, agus Cos-luath. Céad-Ghoineach.</span></p> <lb n="586"/> <lb n="587"/><p><span>17. Iar ndul i gar do'n bhruidhin, dóibh, do chuaidh Conán</span> <lb n="588"/><span>rómpa isteach d'fheicsin cumtha agus suidhighthe na bruidhne.</span></p> </div> <pb n="14"/> <div><lb n="589"/><p><span>Ní raibh aon duine ar a gcionn innti roimhe, agus ní</span> <lb n="590"/><span>fhaca Conán a comh-mhaith de bhruidhin riamh; óir bhí éag-</span> <lb n="591"/><span>samhlacht gacha datha agus gacha deiseachta innti; morc</span> <lb n="592"/><span>mór teineadh, gan deo, gan deatach, ar bhfadughadh ar urlár</span> <lb n="593"/><span>na bruidhne, agus éadaighe lán-mhaiseacha síoda agus</span> <lb n="594"/><span>brait áilne ar cheithre sleasaibh na bruidhne, agus gach</span> <lb n="595"/><span>re clár innti geal, dearg, gus gorm. Bhí buird órdha</span> <lb n="596"/><span>ar n-a bhfolach de bhiadhaibh saora so-chaithte ós a chomhair.</span> <lb n="597"/><span>Do mhol Conán go mór inneall agus ordughadh na</span> <lb n="598"/><span>bruidhne. Tháinig Fionn agus an drong bhí i n-a fharradh</span> <lb n="599"/><span>de'n bhFéinn isteach, agus do shuidheadar timcheall na</span> <lb n="600"/><span>teineadh ar shuidheachánaibh clúduighthe le sróll fíneálta.</span> <lb n="601"/><span>Bhí baladh suaithnidh sár-mhaiseach ag éirghe de'n teinidh,</span> <lb n="602"/><span>ionnus gur bh' mheanmnach aigeantach iad dá dhruim.</span></p> <lb n="603"/> <lb n="604"/><p><span>18. Adubhairt Fionn, i gcionn aga agus aimsire fada:</span> <lb n="605"/><span>“Is mór an iongnadh liom a fhaid go dtig Rí Lochlann</span> <lb n="606"/><span>chugainn, agus bheith mar so, gan a bheag ná a mhór de</span> <lb n="607"/><span>bhiadh ná de dhigh na fleidhe d'fhágháil. Is ins an mbruidhin</span> <lb n="608"/><span>atá ar muir atá an fhleadh dá hullmhughadh, agus is ann</span> <lb n="609"/><span>do cuirfear chum críche í.”</span></p> <lb n="610"/> <lb n="611"/><p><span>“Atá nídh fós is iongantaighe liom féin ioná soin,”</span> <lb n="612"/><span>ar Goll mac Móirne, “eadhón, an teine dár éirigh suair-</span> <lb n="613"/><span>ceas gacha deagh-bhalaidh, ag teacht dúinn annso, gur</span> <lb n="614"/><span>bréine anois í ioná fial-teach an domhain, agus gur</span> <lb n="615"/><span>mó a deatach ioná deatach teinte an bheatha uile.”</span></p> <lb n="616"/> <lb n="617"/><p><span>“Is é an nídh is mó chuireas iongnadh orm-sa,” ar</span> <lb n="618"/><span>Glas mac Aon-Chearda Béarra, “an bhruidhean ar a raibh</span> <lb n="619"/><span>éagsamhlacht an uile datha ag teacht isteach dúinn, nach</span></p> </div> <pb n="15"/> <div><lb n="620"/><p><span>bhfuil aon dath díobh uirthi anois; agus na cláir do bhí</span> <lb n="621"/><span>innti, mar an gcéadna, nach bhfuil aon chlár díobh innti</span> <lb n="622"/><span>anois, acht í ar n-a dlúth-dhaingniughadh de shlataibh</span> <lb n="623"/><span>cruaidh-righne caorthainn, agus ar n-a bualadh le cúlaibh</span> <lb n="624"/><span>tuagh.”</span></p> <lb n="625"/> <lb n="626"/><p><span>“Atá iongnadh níos mó ioná soin,” ar Faolán mac</span> <lb n="627"/><span>Aodha Big, “an bhruidhean ar a rabhadar seacht ndóirse</span> <lb n="628"/><span>ag suidhe dhúinn annso, nach bhfuil anois uirthi acht aon</span> <lb n="629"/><span>doras amháin cumhang deireoil agus a aghaidh ó thuaidh</span> <lb n="630"/><span>go díreach.”</span></p> <lb n="631"/> <lb n="632"/><p><span>“Atá iongnadh níos mó ioná iad uile,” ar Conán</span> <lb n="633"/><span>Maol mac Móirne, “na brait so-mhaiseacha do bhí fúinn</span> <lb n="634"/><span>an tráth shuidheamar annso, nach bhfuil aon tsnáithe díobh</span> <lb n="635"/><span>anois re ar gcneas; acht, dar liom, gurab í úir na</span> <lb n="636"/><span>tal agus is fuaire í ioná sneachta ádhbhal-mhór aon</span> <lb n="637"/><span>oidhche.”</span></p> <lb n="638"/> <lb n="639"/><p><span>19. “Is geasa damh-sa bheith i mBruidhin Chaorthainn aon</span> <lb n="640"/><span>dorais,” ar Fionn, “agus is eagal liom gurab foraois</span> <lb n="641"/><span>fheill an bhruidhean so i n-a bhfuilmid, agus gearraidh ar</span> <lb n="642"/><span>a taoibh í go ndeacham aisti amach.”</span></p> <lb n="643"/> <lb n="644"/><p><span>“Déanfam,” ar Conán mac Móirne; agus thugadar</span> <lb n="645"/><span>lámh thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus shaoil-</span> <lb n="646"/><span>eadar an bhruidhean do bhriseadh i n-a dtimcheall gan</span> <lb n="647"/><span>cháirde, agus ní raibh ar a gcumas dóibh, óir níor fhéada-</span> <lb n="648"/><span>dar aon chor do chur díobh ins an áit i n-a rabhadar.</span></p> <lb n="649"/> <lb n="650"/><p><span>“Uch, is measa mar a thárla,” ar Fionn, “óir atá-</span> <lb n="651"/><span>muid ceangailte de'n talamh go dochrach do-sgaoilte.”</span></p> <lb n="652"/> <lb n="653"/><p><span>Is annsoin adubhairt Goll mac Móirne le Fionn a</span></p> </div> <pb n="16"/> <div><lb n="654"/><p><span>ordóg do chur fá n-a dhéad feasa, agus fios agus fíor-</span> <lb n="655"/><span>eolas d'fhaisnéis créad é an cuibhreach i n-a rabhadar,</span> <lb n="656"/><span>agus créad d'fhóirfeadh iad, nó an dtáinig críoch a</span> <lb n="657"/><span>mbeathadh.</span></p> <lb n="658"/> <lb n="659"/><p><span>“Cuirfead,” ar Fionn, “óir is ceart agus is cóir do</span> <lb n="660"/><span>dhuine a dhícheall do dhéanamh an tan bhíos i bhfíor-</span> <lb n="661"/><span>éigean.”</span></p> <lb n="662"/> <lb n="663"/><p><span>20. Iar soin do chuir Fionn a ordóg fá n-a dhéad feasa,</span> <lb n="664"/><span>ionnus gur foillsigheadh fírinne dhó, agus an feall do</span> <lb n="665"/><span>hullmhuigheadh dóibh, agus cionnus fóirfidhe uaidh iad,</span> <lb n="666"/><span>gur chuir Fionn osna éagcaointeach ós árd as. Ar n-a</span> <lb n="667"/><span>chlos soin do chách adubhradar: “Má's áil leis na déithibh,</span> <lb n="668"/><span>a Fhinn, is tré nimh do mhéir do rinnis an osna soin?”</span></p> <lb n="669"/> <lb n="670"/><p><span>“Ní headh, go deimhin,” ar Fionn, “acht gabhann ar son</span> <lb n="671"/><span>mo shaoghail feasta agus mo rae mar an gcéadna agus</span> <lb n="672"/><span>ar chaitheas dem' aimsir gus indiu, óir d'fheall Rí Loch-</span> <lb n="673"/><span>lann orainn, agus atá sé le ceithre bliadhnaibh déag ag</span> <lb n="674"/><span>dealbhadh na mór-fhionghaile seo fá n-ár gcomhair-ne,</span> <lb n="675"/><span>gurab anois do ráinig leis a críochnughadh. Ní bhfuair</span> <lb n="676"/><span>árach orainn go dtug sé treise fear de Ghréagachaibh, dá</span> <lb n="677"/><span>ngoirthear Sinnsear na gCath, leis, agus tá sé féin agus</span> <lb n="678"/><span>Rí an Domhain i mBruidhin an Oileáin, agus ocht rí déag</span> <lb n="679"/><span>i n-a bhfarradh ann; gurab ocht gcatha déag a léir-</span> <lb n="680"/><span>thionól sluaigh, agus trí mhíle i ngach cath, ar a bhfuilid</span> <lb n="681"/><span>trí Ríghthe Inse Tuile. Is draoithe duaibhseacha diabh-</span> <lb n="682"/><span>laidhe agus tréan-fhir talcanta iad soin; óir is iad do</span> <lb n="683"/><span>chuir an úir seo san mbruidhin i n-a bhfuilmid ceangailte.</span> <lb n="684"/><span>Sinnsear na gCath is ceann agus comhairle ortha uile,</span></p> </div> <pb n="17"/> <div><lb n="685"/><p><span>agus is gearr go dtiocfaidh chugainn dár ndícheannadh;</span> <lb n="686"/><span>óir ní féidir ár sgaoileadh ó'n gcruaidh-chuibhreach i n-a</span> <lb n="687"/><span>dtárlamar go gcuimiltear fuil na dtrí Ríogh soin Inse</span> <lb n="688"/><span>Tuile dár gcorpaibh. Atá mac mór-mheanmnach ag</span> <lb n="689"/><span>Rígh an Domhain, eadhón, Borb mac Sinnsir na gCath, ar</span> <lb n="690"/><span>an gcabhlach soin. Nimh, Ágh, agus Ácus is ainmneacha</span> <lb n="691"/><span>do thrí Ríghthibh Inse Tuile.”</span></p> <lb n="692"/> <lb n="693"/><p><span>21. Ar gclos an sgéil sin do'n bheagán d'uaislibh na</span> <lb n="694"/><span>Féinne bhí ins an mbruidhin, do leigeadar gártha troma</span> <lb n="695"/><span>truaighmhéileacha asta ós árd de dhruim an imshníomha</span> <lb n="696"/><span>agus an éadfhulaing i n-a rabhadar.</span></p> <lb n="697"/> <lb n="698"/><p><span>“Sguiridh, a Fhianna Éireann,” ar Fionn, “agus ná</span> <lb n="699"/><span>déanaidh mná caointe díbh féin re hucht bhur mbáis; acht</span> <lb n="700"/><span>gabhaidh meanma agus misneach chugaibh, agus seinnidh</span> <lb n="701"/><span>an Dord Fhiann dúinn go cumhach ceol-bhinn mar oir-</span> <lb n="702"/><span>fideadh roimh an mbás.”</span></p> <lb n="703"/> <lb n="704"/><p><span>Is annsoin do dhlúthadar a mbéil chum a chéile, agus</span> <lb n="705"/><span>do sheinneadar an Dord Fhiann d'Fhionn agus dóibh féin.</span></p> <lb n="706"/> <lb n="707"/><p><span>22. Iomthúsa Oisín mhic Fhinn agus an uathaidh sluaigh</span> <lb n="708"/><span>maille ris, seal fada dhóibh fá'n samhail sin go ndubhairt</span> <lb n="709"/><span>Oisín: “A Fhianna Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom</span> <lb n="710"/><span>a fhaid go gcuireann Fionn sgéala agus tuarasgbháil</span> <lb n="711"/><span>na bruidhne agus na fleidhe chugainn amhail do gheall</span> <lb n="712"/><span>sé; agus cia rachas do thabhairt sgéala uaidh?”</span></p> <lb n="713"/> <lb n="714"/><p><span>“Rachad-sa,” ar Fiachna mac Fhinn, “óir is mé an</span> <lb n="715"/><span>duine is óige dá bhfuil ar an tulaigh seo.”</span></p> <lb n="716"/> <lb n="717"/><p><span>“Ag so mise leat,” ar Inse mac Suibhne Seilge.</span></p> <lb n="718"/> <lb n="719"/><p><span>Do ghluaiseadar rómpa, agus ní cian do chuadar</span></p> </div> <pb n="18"/> <div><lb n="720"/><p><span>an tan do chualadar an Dord Fhiann da seinnm san</span> <lb n="721"/><span>mbruidhin go cumhach ceolmhar.</span></p> <lb n="722"/> <lb n="723"/><p><span>“Is maith atáthar ag an lucht do-ghní an ceol so,” ar</span> <lb n="724"/><span>Inse mac Suibhne Seilge.</span></p> <lb n="725"/> <lb n="726"/><p><span>“Is dóichthe liom a bheith go holc aca,” ar Fiachna, “óir</span> <lb n="727"/><span>is le linn dubhachais nó dubróin is gnáth leo an ceol so</span> <lb n="728"/><span>do sheinnm.”</span></p> <lb n="729"/> <lb n="730"/><p><span>Do chuala Fionn dlúth-chomhrádh na díse sin agus</span> <lb n="731"/><span>do thug aithne ortha, agus adubhairt: “An é seo guth</span> <lb n="732"/><span>Fiachna mhic Fhinn do chluinim?”</span></p> <lb n="733"/> <lb n="734"/><p><span>“Is é go dearbhtha,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="735"/> <lb n="736"/><p><span>“Ná tar níos neasa ioná soin do'n bhruidhin mhilltigh</span> <lb n="737"/><span>mhalluighthe seo,” ar Fionn, “óir atámuid ceangailte</span> <lb n="738"/><span>do'n talamh i n-úir Inse Tuile;” agus d'innis Fionn</span> <lb n="739"/><span>gach nídh do himreadh ortha ó thús go deireadh dhó. Annsoin</span> <lb n="740"/><span>d'fhiafruigh sé d'Fhiachna cia bhí i n-a fhochair. “Atá do</span> <lb n="741"/><span>dhalta-sa, Inse mac Suibhne Seilge,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="742"/> <lb n="743"/><p><span>“Teich ar ais leis go luath, agus ná leig fá fhorrán-</span> <lb n="744"/><span>tacht claidheamh na n-allmhurach é.”</span></p> <lb n="745"/> <lb n="746"/><p><span>“Do b'olc an luach oileamhna maithe dhamh-sa tusa</span> <lb n="747"/><span>d'fhágáil i n-éigean agus i n-anfhorlann, mar atá tú,</span> <lb n="748"/><span>agus mé féin d'imtheacht uait,” ar Inse mac Suibhne.</span></p> <lb n="749"/> <lb n="750"/><p><span>“Máiseadh, ó nach áil leat imtheacht,” ar Fionn, “éirigh</span> <lb n="751"/><span>féin agus Fiachna ar an áth ar sgáth na bruidhne, agus</span> <lb n="752"/><span>cosnaidh é go maith go mbeiridh drong éigin d'Fiannaibh</span> <lb n="753"/><span>Éireann oraibh;” agus do rinne siad amhlaidh.</span></p> <lb n="754"/> <lb n="755"/><p><span>“A mic Suibhne Seilge,” ar Fiachna, “cosain an t-áth</span> <lb n="756"/><span>agus rachaidh mise d'fhios Bruidhne an Oileáin.”</span> <lb n="757"/></p> </div> <pb n="19"/> <div><lb n="758"/><p><span>Ceileabhras cách dá chéile agus d'imthigh Fiachna roimhe</span> <lb n="759"/><span>d'fhios na bruidhne.</span></p> <lb n="760"/> <lb n="761"/><p><span>23. Is annsoin do labhair iarla Gréagach bhí i mBruidhin</span> <lb n="762"/><span>an Oileáin, agus adubhairt: “Rachad-sa ag iarraidh cinn</span> <lb n="763"/><span>Fhinn mhic Chumhaill, agus do-bhéarad liom i bhfiadhnaise</span> <lb n="764"/><span>Ríogh an Domhain é;” agus gluaiseas an t-iarla agus</span> <lb n="765"/><span>céad ridire mar aon leis, agus níor stadadar nó go</span> <lb n="766"/><span>rángadar go Bruidhin Chaorthainn; agus ar ndul go</span> <lb n="767"/><span>hur an átha dóibh, do chonnarcadar mac Suibhne Seilge i</span> <lb n="768"/><span>n-a sheasamh ar ur an átha.</span></p> <lb n="769"/> <lb n="770"/><p><span>“An duine thú?” ar an t-iarla.</span></p> <lb n="771"/> <lb n="772"/><p><span>“Is eadh, go deimhin,” ar Inse mac-Suibhne Seilge.</span></p> <lb n="773"/> <lb n="774"/><p><span>“Cia d'fhearaibh uaisle nó anuaisle an domhain tú?”</span> <lb n="775"/><span>ar an t-iarla, “Nó cia darab muinntir thú?”</span></p> <lb n="776"/> <lb n="777"/><p><span>“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Inse.</span></p> <lb n="778"/> <lb n="779"/><p><span>“Máiseadh,” ar an t-iarla, “déan eolas dúinn mar</span> <lb n="780"/><span>a bhfuil Fionn, go dtugam a cheann linn i bhfiadhnaise</span> <lb n="781"/><span>Ríogh an Domhain.”</span></p> <lb n="782"/> <lb n="783"/><p><span>“Do b' olc an curadh coimeádta átha mé,” ar Inse,</span> <lb n="784"/><span>“dá ndéanfainn mar adeir tusa liom; agus ná tar-se</span> <lb n="785"/><span>thar an áth anall.”</span></p> <lb n="786"/> <lb n="787"/><p><span>Adubhairt an t-iarla: “Brisidh an t-áth ar an bhFéinn,”</span></p> <lb n="788"/> <lb n="789"/><p><span>24. Is annsoin thugadar sidhe sanntach sár-neartmhar</span> <lb n="790"/><span>chum an átha, agus tháinig Inse mac Suibhne Seilge go</span> <lb n="791"/><span>sar-chalma i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil, agus</span> <lb n="792"/><span>thugadar gleo gáibhtheach gráineamhail dá chéile, agus do</span> <lb n="793"/><span>thuiteadar an céad ridire Gréagach soin le béimeannaibh</span> <lb n="794"/><span>borb-neartmhara Inse mhic Shuibhne. Annsoin do chomh-</span></p> </div> <pb n="20"/> <div><lb n="795"/><p><span>raic an t-iarla Gréagach agus mac Suibhne Seilge le</span> <lb n="796"/><span>chéile, agus is cneadhach créachtach cróilinnteach do bhí</span> <lb n="797"/><span>mac Suibhne Seilge iar marbhadh an chéad ridire sin.</span> <lb n="798"/><span>Gidheadh, is meanmnach míleadhta mór-aigeantach an</span> <lb n="799"/><span>comhrac do rinne sé féin agus an t-iarla Gréagach le</span> <lb n="800"/><span>chéile nó gur thuit sé i bhfoircheann an chatha soin, agus</span> <lb n="801"/><span>do bhain an t-iarla a cheann de.</span></p> <lb n="802"/> <lb n="803"/><p><span>Adubhairt an t-iarla iar soin: “Ní rachad d'ionnsaidhe</span> <lb n="804"/><span>Bruidhne Caorthainn go mbiaidh sluagh Ríogh an Domhain</span> <lb n="805"/><span>im' thimcheall, agus béaraidh mé an ceann so liom go</span> <lb n="806"/><span>Rígh an Domhain.”</span></p> <lb n="807"/> <lb n="808"/><p><span>25. Ag dul d'ionnsaidhe Bruidhne an Oileáin dó,</span> <lb n="809"/><span>thárla Fiachna mac Fhinn air.</span></p> <lb n="810"/> <lb n="811"/><p><span>“Cá conair as a dtángais, a ógláigh?” ar Fiachna.</span></p> <lb n="812"/> <lb n="813"/><p><span>“Ag iarraidh chinn Fhinn mhic Chumhaill do chuas,” ar</span> <lb n="814"/><span>sé, “agus thárla óglách mór míleadhta mear-chalma i</span> <lb n="815"/><span>mbrollach an átha orm féin agus ar mo mhuinntir, agus</span> <lb n="816"/><span>an céad laoch do chuaidh liom do thuiteadar uile leis.”</span></p> <lb n="817"/> <lb n="818"/><p><span>“Créad as nachar thuitis féin leis?” ar Fiachna.</span></p> <lb n="819"/> <lb n="820"/><p><span>“Cruas mo chroidhe agus mire mo mheanman agus</span> <lb n="821"/><span>láidreacht mo lámh do chlaoidh é, agus do thuit sé liom,”</span> <lb n="822"/><span>ar an t-iarla.</span></p> <lb n="823"/> <lb n="824"/><p><span>“Dá dtuitfeadh,” ar Fiachna, “do-bhéarthá comhartha</span> <lb n="825"/><span>cosgair agus comh-mhaoidhte leat.”</span></p> <lb n="826"/> <lb n="827"/><p><span>“Thugas a cheann liom,” ar an t-iarla.</span></p> <lb n="828"/> <lb n="829"/><p><span>“Taisbeán damh-sa é,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="830"/> <lb n="831"/><p><span>Do thaisbeáin, agus do ghlac Fiachna an ceann, do</span> <lb n="832"/><span>thug teora póg dhó, agus is é adubhairt sé: “Is maith</span></p> </div> <pb n="21"/> <div><lb n="833"/><p><span>tháinig an ceann so do'n cholainn ar a raibh sé ag</span> <lb n="834"/><span>teacht na maidne indiu; agus an bhfuil a fhios agat cia</span> <lb n="835"/><span>dá dtugais an ceann so?”</span></p> <lb n="836"/> <lb n="837"/><p><span>“Ní fheadar,” ar an t-iarla Gréagach, “acht munab</span> <lb n="838"/><span>de mhuinntir Ríogh an Domhain tú.”</span></p> <lb n="839"/> <lb n="840"/><p><span>“Ní dá mhuinntir mise,” ar Fiachna, “agus ní headh</span> <lb n="841"/><span>tusa níos fuide.”</span></p> <lb n="842"/> <lb n="843"/><p><span>26. Is annsoin d'ionnsuigheadar an dias deagh-laoch soin</span> <lb n="844"/><span>a chéile, agus do rinneadar troid dian dásachtach re chéile,</span> <lb n="845"/><span>nó gur thuit an t-iarla i ndeireadh an chomhraic sin le</span> <lb n="846"/><span>béimeannaibh feargacha forála Fhiachna mhic Fhinn. Agus</span> <lb n="847"/><span>do bhain Fiachna an ceann de, agus do rug leis é agus</span> <lb n="848"/><span>ceann Inse mhic Shuibhne Seilge chum an átha. D'fhuaigh</span> <lb n="849"/><span>sé ceann Inse mhic Suibhne Seilge le n-a cholainn, agus</span> <lb n="850"/><span>do rinne feart fiodhbhaidhe dhó, agus do chuir go honórach</span> <lb n="851"/><span>é. D'fhear sé a chluichthe caointe, agus do sgríobh a ainm</span> <lb n="852"/><span>i n-ogham. Do rug sé leis ceann an iarla Ghréagaigh</span> <lb n="853"/><span>go Bruidhin Chaorthainn, agus do labhair Fiachna i ndoras</span> <lb n="854"/><span>na bruidhne.</span></p> <lb n="855"/> <lb n="856"/><p><span>“An é seo guth Fiachna do-chluinim?” ar Fionn.</span></p> <lb n="857"/> <lb n="858"/><p><span>“Is é go deimhin,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="859"/> <lb n="860"/><p><span>“Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail agus</span> <lb n="861"/><span>na hurlaidhthe athgharbha ainiarmharthacha úd do chuala-</span> <lb n="862"/><span>mar ar an áth go forasta?”</span></p> <lb n="863"/> <lb n="864"/><p><span>“Do dhalta-sa, .i. Inse mac Suibhne Seilge, is mó do</span> <lb n="865"/><span>rinne é,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="866"/> <lb n="867"/><p><span>“Cionnus atá mo dhalta tar éis an chomhraic?” ar</span> <lb n="868"/><span>Fionn.</span> <lb n="869"/></p> </div> <pb n="22"/> <div><lb n="870"/><p><span>“Atá marbh gan amhras, agus do thuit céad ridire</span> <lb n="871"/><span>Gréagach leis, agus do thuit sé féin le hiarla Gréagach</span> <lb n="872"/><span>iar soin,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="873"/> <lb n="874"/><p><span>“An bhfaca tú dá mharbhadh é?” ar Fionn.</span></p> <lb n="875"/> <lb n="876"/><p><span>“Ní fhaca,” ar Fiachna, “agus dá bhfeicfinn do shaor-</span> <lb n="877"/><span>fainn ó éag é.”</span></p> <lb n="878"/> <lb n="879"/><p><span>“An ráinig leat díth do dhéanamh do'n té do mharbh é?”</span> <lb n="880"/><span>ar Fionn.</span></p> <lb n="881"/> <lb n="882"/><p><span>“Do bhaineas a cheann de,” ar Fiachna, “agus thugas</span> <lb n="883"/><span>liom chugat-sa é.”</span></p> <lb n="884"/> <lb n="885"/><p><span>“Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn: “is maith iad</span> <lb n="886"/><span>mo chlann féin, agus ba bheag mo chuid d'Éirinn sul</span> <lb n="887"/><span>a n-éirgheadar chugam; agus ba mhór mo chuid di anois</span> <lb n="888"/><span>nó go dtárlas san mór-éigean so. Agus, a Fhiachna,</span> <lb n="889"/><span>éirigh ar an áth, agus coimeád é go mbeiridh drong éigin</span> <lb n="890"/><span>d'Fhiannaibh Éireann ort.”</span></p> <lb n="891"/> <lb n="892"/><p><span>27. Is annsoin do labhair iarla Gréagach, dár chomh-ainm</span> <lb n="893"/><span>Cíorthann Cath-Mhíleadh. “Do chuadar mo bhráithreacha</span> <lb n="894"/><span>amach ó chianaibh,” ar se, “agus rachad féin d'fhéachain</span> <lb n="895"/><span>cionnus atáid siad féin agus Fianna Éireann re chéile;</span> <lb n="896"/><span>óir is eagal liom nimh-ghaisge na nÉireannach do chur</span> <lb n="897"/><span>ortha, agus rachad i n-a ndiaidh agus béarad ceithre</span> <lb n="898"/><span>céad ridire liom.”</span></p> <lb n="899"/> <lb n="900"/><p><span>Do ghluais an t-iarla, agus níor forasadh leis go</span> <lb n="901"/><span>hur an átha agus ceithre céad ridire mar aon leis, agus</span> <lb n="902"/><span>do chonnarcadar Fiachna i n-a sheasamh ann.</span></p> <lb n="903"/> <lb n="904"/><p><span>“Cia darab muinntir thú?” ar an t-iarla.</span></p> <lb n="905"/> <lb n="906"/><p><span>“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Fiachna.</span> <lb n="907"/></p> </div> <pb n="23"/> <div><lb n="908"/><p><span>“Cia do rinne an t-ár mór so i mbrollach an átha?”</span> <lb n="909"/><span>ar an t-iarla.</span></p> <lb n="910"/> <lb n="911"/><p><span>“Is olc an fhiafraighe do rinne tú,” ar Fiachna, “acht</span> <lb n="912"/><span>gibé do gheobhair san ngníomh agair air é.”</span></p> <lb n="913"/> <lb n="914"/><p><span>D'ionnsuigheadar na Gréagaigh an t-áth iar soin, agus do</span> <lb n="915"/><span>chuaidh Fiachna go dian dásachtach agus go foirtil feidhm-</span> <lb n="916"/><span>láidir fútha agus tríotha agus tarsa, agus thugadar</span> <lb n="917"/><span>cath calma comh-neartmhar dá chéile, agus do thuit Cíor-</span> <lb n="918"/><span>thann Cath-Míleadh agus a cheithre céad ridire le láimh</span> <lb n="919"/><span>fheargaigh fhoirnimhnigh Fhiachna mhic Fhinn ar ur an átha.</span></p> <lb n="920"/> <lb n="921"/><p><span>28. Is annsoin do chuaidh sgéala an chomhraic sin go</span> <lb n="922"/><span>Bruidhin an Oileáin, agus adubhairt Rí Lochlann: “Is</span> <lb n="923"/><span>olc do rinneadar dul ann i gan fhios damh-sa, ná forgla</span> <lb n="924"/><span>fear an domhain do dhul ann acht chomh beag i n-a gcuid-</span> <lb n="925"/><span>eachtain, agus ní thiocfaidh eolach beo ná fear innste</span> <lb n="926"/><span>sgéil thar ais díobh. Rachad-sa dá n-ionnsaidhe anois,</span> <lb n="927"/><span>óir is ann atá an t-aon duine is beadaidhe san domhan</span> <lb n="928"/><span>uile, eadhón, Conán mac Móirne, agus béarad proinn</span> <lb n="929"/><span>céad fear liom de'n bhiadh is fearr san mbaile, agus an</span> <lb n="930"/><span>uair do-chífeas sé an biadh dá chaitheamh ós a chomhair,</span> <lb n="931"/><span>agus gan ar chumas dó a shroistin, rachaidh a chiall uaidh</span> <lb n="932"/><span>de ghrádh an bhídh, agus bhéarad-sa bás dá bhfuil san</span> <lb n="933"/><span>mbruidhin.”</span></p> <lb n="934"/> <lb n="935"/><p><span>Do ghluais sé chum an átha, agus cúig céad ridire</span> <lb n="936"/><span>i n-a fhochair, agus do chonnairc Fiachna mac Fhinn i n-a</span> <lb n="937"/><span>sheasamh ar ur an átha.</span></p> <lb n="938"/> <lb n="939"/><p><span>“An é siúd Fiachna mac Finn do-chím?” ar Míodhach.</span></p> <lb n="940"/> <lb n="941"/><p><span>“Is é go dearbhtha,” ar Fiachna.</span> <lb n="942"/></p> </div> <pb n="24"/> <div><lb n="943"/><p><span>“Is ionmhuin liom an té atá ann,” ar Míodhach; “óir</span> <lb n="944"/><span>do bhíos ceithre bliadhna déag i bhFiannaidheacht, agus</span> <lb n="945"/><span>níor bhuaileas cú ná each ná duine dem' mhuinntir ar</span> <lb n="946"/><span>feadh an rae sin.”</span></p> <lb n="947"/> <lb n="948"/><p><span>“Máiseadh,” ar Fiachna, “ní bhfuil de mhaithibh na Féinne</span> <lb n="949"/><span>duine is lugha de chomaoine agat air 'ná mise, agus is</span> <lb n="950"/><span>olc an mhaise duit-se anois é, óir d'fheallais orainn.”</span></p> <lb n="951"/> <lb n="952"/><p><span>“Níor agras m'athair agus mo dhias dearbhráthar</span> <lb n="953"/><span>oraibh,” ar Míodhach, “do mharbhabhar i gcath Inse na</span> <lb n="954"/><span>Beirbhe.”</span></p> <lb n="955"/> <lb n="956"/><p><span>“Is ort féin do rinnis an feall,” ar Fiachna.</span></p> <lb n="957"/> <lb n="958"/><p><span>Iar soin d'fhógair Míodhach d'Fhiachna an t-áth d'fhágáil.</span></p> <lb n="959"/> <lb n="960"/><p><span>“Ní bhéidh an sgéal soin agaibh le hinnsint orm-sa,”</span> <lb n="961"/><span>ar Fiachna, “agus is truagh nach i dtús an lae thárla</span> <lb n="962"/><span>chugam sibh sul do hanbhfainneadh mo chorp le hiomad</span> <lb n="963"/><span>na gcneadh agus na gcréacht atá orm.”</span></p> <lb n="964"/> <lb n="965"/><p><span>Le n-a linn sin adubhairt Míodhach an t-áth do bhriseadh</span> <lb n="966"/><span>ar an bhFéinn.</span></p> <lb n="967"/> <lb n="968"/><p><span>Is annsoin, do tháinig Fiachna i n-a gcoinne agus i</span> <lb n="969"/><span>n-a gcomhdháil, amhail damh dian dásachtach ar n-a thréan-</span> <lb n="970"/><span>bhualadh, nó mar leomhan lúthmhar lán-chréachtach ar n-a</span> <lb n="971"/><span>crádh um a coileán, nó mar fhaolchoin chíocraigh chon-</span> <lb n="972"/><span>fadhaigh. Dob' é sin samhlachas an bhriste agus an bhearrtha</span> <lb n="973"/><span>agus an bhuan-réabtha uathbhásaigh thug Fiachna ar na</span> <lb n="974"/><span>Lochlannachaibh gur thuit trí chéad laoch go deagh-thapaidh</span> <lb n="975"/><span>leis díobh. Annsoin do throid sé féin agus Míodhach mac</span> <lb n="976"/><span>Colgáin le chéile, agus do rinneadar comhrac féigh</span> <lb n="977"/><span>feidhligheach fobhartach, agus urlaidhe ainiarmharthach do-</span></p> </div> <pb n="25"/> <div><lb n="978"/><p><span>eadrána, gan fios time ná tláis ná tarcuisne ag</span> <lb n="979"/><span>ceachtar díobh thar a chéile.</span></p> <lb n="980"/> <lb n="981"/><p><span>29. Annsoin adubhairt Oisín mac Fhinn, agus é ar</span> <lb n="982"/><span>mhullach Chnuic Fírinne, agus drong de'n bhFéinn i n-a</span> <lb n="983"/><span>fhochair: “Is fada liom,” ar sé, “go dtagaidh an dís</span> <lb n="984"/><span>gaisgidheach do chuaidh chum sgéala do thabhairt chugainn i</span> <lb n="985"/><span>dtaobh Fhinn agus na Féinne.”</span></p> <lb n="986"/> <lb n="987"/><p><span>“Rogha gacha fleidhe atá aca,” ar sear díobh, “agus</span> <lb n="988"/><span>ní hurusa leo a fhágáil.”</span></p> <lb n="989"/> <lb n="990"/><p><span>“Is baoghal liom-sa gurab 'ghá gcosnamh féin atáid,”</span> <lb n="991"/><span>ar Oisín.</span></p> <lb n="992"/> <lb n="993"/><p><span>Adubhairt Diarmaid dreach-sholuis Ó Duibhne: “Rachad-</span> <lb n="994"/><span>sa féin i n-a ndiaidh dá fhios créad fhuireachas iad.”</span></p> <lb n="995"/> <lb n="996"/><p><span>“Rachad-sa i n-éinfheacht leat,” ar Fatha Canann, mac</span> <lb n="997"/><span>mic Chon.</span></p> <lb n="998"/> <lb n="999"/><p><span>Do ghluais an dís sin rómpa go Bruidhin Chaorthainn,</span> <lb n="1000"/><span>agus ar ndul i bhfogus do'n áth dóibh, mar a raibh Fiachna</span> <lb n="1001"/><span>agus Rí Lochlann ag comh-thuargain a chéile, d'fhiafruigh</span> <lb n="1002"/><span>Fatha Canann de Dhiarmaid an gcuala sé an fothram.</span></p> <lb n="1003"/> <lb n="1004"/><p><span>“Cluinim,” ar Diarmaid, “comh-gháir na sgiath, osnaidhe</span> <lb n="1005"/><span>na bhfear, gáir na ngeilt ós na gleanntaibh, agus</span> <lb n="1006"/><span>sgréachadh na mbadhbh ós na bruidheantaibh. Is ar an</span> <lb n="1007"/><span>áth re taobh na bruidhne atá an gleo gáibhtheach ádhbhal-</span> <lb n="1008"/><span>mhór so, agus is é Fiachna mac Fhinn do-ghní comhrac ris</span> <lb n="1009"/><span>na hallmhurachaibh. Brostuigheam chuige dá fhéachaint an</span> <lb n="1010"/><span>mbéaram i n-a bheathaidh air.”</span></p> <lb n="1011"/> <lb n="1012"/><p><span>“A Mic Uí Dhuibhne,” ar Fatha Canann, “ainic mac an</span> <lb n="1013"/><span>Rígh-Fhéinnidh ar bhás, no déaraidh Fionn gurab ded'</span> <lb n="1014"/><span>dheoin féin d'fhuilingis a bhásughadh.”</span> <lb n="1015"/></p> </div> <pb n="26"/> <div><lb n="1016"/><p><span>“Má fhanaim-se le dul tar an áth anonn,” ar Diar-</span> <lb n="1017"/><span>rmaid, “ní bhéaraidh mé beo air, agus dá gcaithfinn mo</span> <lb n="1018"/><span>shleagh fá n-a dtuairim, ní fios cia aca do mharbhóchainn.”</span></p> <lb n="1019"/> <lb n="1020"/><p><span>“A Dhiarmaid,” ar Fatha Canann, “níor chaithis urchar</span> <lb n="1021"/><span>iomrollach riamh.”</span></p> <lb n="1022"/> <lb n="1023"/><p><span>Iar soin cuireas Diarmaid a mhéar i suaithnid shíoda an</span> <lb n="1024"/><span>Ghaoi Dheirg, agus thug rogha urchair do Mhíodhach mac Col-</span> <lb n="1025"/><span>gáin gur chuir an tsleagh tré n-a thaoibh agus tré n-a</span> <lb n="1026"/><span>chaomh-cholainn.</span></p> <lb n="1027"/> <lb n="1028"/><p><span>“Uch, is mairg dá dtárla an t-urchar soin,” ar</span> <lb n="1029"/><span>Míodhach, “agus is í sleagh Dhiarmada Uí Dhuibhne do</span> <lb n="1030"/><span>sáitheadh ionnam.”</span></p> <lb n="1031"/> <lb n="1032"/><p><span>“Is í, go deimhin,” ar Diarmaid, “agus seachain mac</span> <lb n="1033"/><span>an Rígh-Fhéinnidh, agus ná marbhthar leat é.”</span></p> <lb n="1034"/> <lb n="1035"/><p><span>“Ní móide do gheobhainn féin anacal uait-se é sin</span> <lb n="1036"/><span>do dhéanamh,” ar Míodhach, “agus ó táim-se chum tuitim</span> <lb n="1037"/><span>leat-sa de'n urchar soin, ní bhéaraidh Fionn a mhac féin</span> <lb n="1038"/><span>slán uaim-se, agus is gann an éiric liom é.”</span></p> <lb n="1039"/> <lb n="1040"/><p><span>Iar rádh na mbriathar soin dó, do dícheannadh Fiachna</span> <lb n="1041"/><span>mac Fhinn leis, agus thuit sé féin go lár agus go lán-</span> <lb n="1042"/><span>talamh.</span></p> <lb n="1043"/> <lb n="1044"/><p><span>Tháinig Diarmaid thar an áth anall, agus dubhairt</span> <lb n="1045"/><span>le Míodhach mac Colgáin:</span></p> <lb n="1046"/> <lb n="1047"/><p><span>“Ó do rugas id' bheathaidh ort déanfad thú dhícheannadh:</span> <lb n="1048"/><span>gidheadh, dá n-éagthá sul ar shroich liom teacht ag triall</span> <lb n="1049"/><span>ort, ní dhéanfainn thú dhícheannadh. Ní fulair liom do</span> <lb n="1050"/><span>cheann do bheith agam d'Fhionn i n-éiric a mhic.”</span></p> <lb n="1051"/> <lb n="1052"/><p><span>Iar soin do theasg sé an ceann de Rígh Lochlann.</span> <lb n="1053"/></p> </div> <pb n="27"/> <div><lb n="1054"/><p><span>30. Chuaidh Diarmaid go doras Bruidhne Caorthainn,</span> <lb n="1055"/><span>agus d'iarr é osgailt.</span></p> <lb n="1056"/> <lb n="1057"/><p><span>“An tú Diarmaid?” ar Fionn.</span></p> <lb n="1058"/> <lb n="1059"/><p><span>“Is mé,” ar Diarmaid.</span></p> <lb n="1060"/> <lb n="1061"/><p><span>“Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail do</span> <lb n="1062"/><span>chualamar ar an áth?” ar Fionn.</span></p> <lb n="1063"/> <lb n="1064"/><p><span>“Do mhac meanmnach mór-éachtach-sa, .i. Fiachna mac</span> <lb n="1065"/><span>Fhinn, is mó do rinne de,” ar Diarmuid.</span></p> <lb n="1066"/> <lb n="1067"/><p><span>“Cionnus atá mo mhac a haithle an chomhraic?” ar</span> <lb n="1068"/><span>Fionn.</span></p> <lb n="1069"/> <lb n="1070"/><p><span>“Atá marbh gan amhras,” ar Diarmaid, “agus do</span> <lb n="1071"/><span>thuiteadar trí chéad laoch láidir lán-chalma leis de</span> <lb n="1072"/><span>mhuinntir Mhíodhaigh mhic Colgáin, agus do marbadh dá</span> <lb n="1073"/><span>chéad eile dhíobh liom-sa agus le Fatha Canann.</span></p> <lb n="1074"/> <lb n="1075"/><p><span>“An bhfaca tusa dá mharbhadh é?” ar Fionn.</span></p> <lb n="1076"/> <lb n="1077"/><p><span>“Do chonnarc,” ar Diarmaid, “agus ní rugas i n-a</span> <lb n="1078"/><span>bheathaidh air.”</span></p> <lb n="1079"/> <lb n="1080"/><p><span>“Cia do mharbh mo mhac?” ar Fionn.</span></p> <lb n="1081"/> <lb n="1082"/><p><span>“Míodhach mac Colgáin,” ar Diarmaid.</span></p> <lb n="1083"/> <lb n="1084"/><p><span>“An bhfaca tusa Míodhach ag imtheacht tar éis mo</span> <lb n="1085"/><span>mhic-se do mharbhadh,” ar Fionn.</span></p> <lb n="1086"/> <lb n="1087"/><p><span>“Do chífinn dá n-imthigheadh,” ar Diarmaid, “óir do</span> <lb n="1088"/><span>mharbhas é, agus thugas a cheann chugat-sa.”</span></p> <lb n="1089"/> <lb n="1090"/><p><span>“Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn, “óir is minic</span> <lb n="1091"/><span>roimhe sin d'fhóiris ar Fhiannaibh Éireann, agus cuirimid</span> <lb n="1092"/><span>comairc ár n-anam agus ár gcorp ort go héirghe gréine</span> <lb n="1093"/><span>i mbárach.”</span></p> <lb n="1094"/> <lb n="1095"/><p><span>“Gabhaim do chomairc re hais ar fhearaibh an domhain”,</span></p> </div> <pb n="28"/> <div><lb n="1096"/><p><span>ar Diarmaid; agus ceileabhras dóibh go ndubhairt</span> <lb n="1097"/><span>Conán mac Móirne: “A Dhiarmaid,” ar sé, “is olc</span> <lb n="1098"/><span>mo thuras féin do'n bhruidhin seo, agus is fuar an úir dá</span> <lb n="1099"/><span>bhfuilim ceangailte; gidheadh, is doilghe liom ioná soin</span> <lb n="1100"/><span>uile bheith gan biadh gan deoch, agus tá rogha gacha fleidhe</span> <lb n="1101"/><span>dá raibh riamh i nÉirinn i mBruidhin an Oileáin anocht,</span> <lb n="1102"/><span>agus tabhair corn fá dhigh chugam as.”</span></p> <lb n="1103"/> <lb n="1104"/><p><span>“Is mairg béal as a dtáinig an comhrádh soin, a</span> <lb n="1105"/><span>Chonáin,” ar Diarmaid, “agus forgla sluaigh an domhain</span> <lb n="1106"/><span>ar tí do bhásuighthe, agus fós nach bhfuil dod' fhortacht</span> <lb n="1107"/><span>agus ag fortacht a bhfuil san mbruidhin seo acht mise</span> <lb n="1108"/><span>agus Fatha Canann.”</span></p> <lb n="1109"/> <lb n="1110"/><p><span>“Uch, a Dhiarmaid, dá mbadh cara dlúth nó duine</span> <lb n="1111"/><span>gaolmhar duit d'iarrfadh an athchuinge sin ort, is deifreach</span> <lb n="1112"/><span>dícheallach do dhéanfá é, agus do rachthá i gconntabhairt</span> <lb n="1113"/><span>dá thabhairt chuige, agus ní rachair damh-sa ann. Ar an</span> <lb n="1114"/><span>adhbhar soin is fearr leat mise do thuitim ioná bheith im'</span> <lb n="1115"/><span>bheathaidh.”</span></p> <lb n="1116"/> <lb n="1117"/><p><span>“Ná himdhearg mé níos mó, a Chonáin,” ar Diarmaid,</span> <lb n="1118"/><span>“agus rachad d'iarraidh bídh agus dighe dhuit.”</span></p> <lb n="1119"/> <lb n="1120"/><p><span>31. Gluaiseas Diarmaid chum an átha, mar a raibh</span> <lb n="1121"/><span>Fatha Canann ag foraire, agus adubhairt leis:</span></p> <lb n="1122"/> <lb n="1123"/><p><span>“A Fhatha Chanann,” ar sé, “déan-sa faire agus iom-</span> <lb n="1124"/><span>chosnamh ar an áth go ndeachainn-se go Bruidhin an</span> <lb n="1125"/><span>Oileán d'fhéachain na n-allmhurach, agus ag iarraidh bídh</span> <lb n="1126"/><span>agus dighe do Chonán.”</span></p> <lb n="1127"/> <lb n="1128"/><p><span>“Ná héirigh,” ar Fatha Canann, “óir atá biadh agus</span> <lb n="1129"/><span>deoch go líonmhar annso thug Míodhach leis, agus ní</span></p> </div> <pb n="29"/> <div><lb n="1130"/><p><span>bhfuair sé rae chum a chaithte, agus beir a leor-dhóthain</span> <lb n="1131"/><span>chum Conáin de.”</span></p> <lb n="1132"/> <lb n="1133"/><p><span>“Dá ndéanfainn sin,” ar Diarmaid, “déaradh Conán</span> <lb n="1134"/><span>gur biadh daoine marbh do bhéarainn chuige, agus do</span> <lb n="1135"/><span>cháinfeadh sé mé; déan-sa faire agus forchoimheád ar</span> <lb n="1136"/><span>an áth go teacht damh-sa ar ais.”</span></p> <lb n="1137"/> <lb n="1138"/><p><span>Dála Dhiarmada, do ráinig roimhe go Bruidhin an</span> <lb n="1139"/><span>Oileáin, agus do chuaidh isteach innti, agus is ann fuair</span> <lb n="1140"/><span>sé Rí an Domhain agus a mhac go n-a sluaightibh i n-a</span> <lb n="1141"/><span>suidhe ar na bordaibh ag caitheamh fleadh agus féasta,</span> <lb n="1142"/><span>agus daileamhain dá ndáil ortha. Do bhí corn comh-</span> <lb n="1143"/><span>fhleadhach i láimh gach aon duine aca, go n-a lán de dhigh</span> <lb n="1144"/><span>sho-bhlasta sho-óla dá thabhairt do Rígh an Domhain. Thug</span> <lb n="1145"/><span>Diarmaid buille neartmhar náimhdighe do'n dáileamh fá</span> <lb n="1146"/><span>neasa dhó, gur sgar a cheann re a cholainn, agus gabhas</span> <lb n="1147"/><span>an corn i n-a láimh chlí agus an claidheamh i n-a láimh</span> <lb n="1148"/><span>dheis, agus gluaiseas gus an mbord mór, agus do thug</span> <lb n="1149"/><span>buille dhá chois i n-ucht an ríogh, agus do threasgair go</span> <lb n="1150"/><span>hainiarmharthach é, agus do thóg an mhias do bhí i bhfiadhnaise</span> <lb n="1151"/><span>an ríogh, agus do ghluais air go Bruidhin an Chaorthainn</span> <lb n="1152"/><span>gan fuiliughadh gan foirdheargadh, agus tháinig go hur an</span> <lb n="1153"/><span>átha, agus fuair Fatha Canann i n-a chodladh i mbrollach</span> <lb n="1154"/><span>an átha.</span></p> <lb n="1155"/> <lb n="1156"/><p><span>“Is iongnadh liom do chodladh fá'n am so,” ar Diar-</span> <lb n="1157"/><span>maid, “agus nach bhfuil eagla ná uamhan ort i dtaoibh an</span> <lb n="1158"/><span>áir uathbhásaigh id' thimcheall, agus is doiligh liom d'fhágáil</span> <lb n="1159"/><span>san gcodladh soin, agus dá bhfanfainn féin id' fhochair</span> <lb n="1160"/><span>cháinfeadh Conán mé. Acht adeir an sean-fhocal: ‘Is beo</span></p> </div> <pb n="30"/> <div><lb n="1161"/><p><span>neach d'éis a bhuailte, agus ní beo é d'éis a cháinte.</span> <lb n="1162"/><span>Rachad leis an mbiadh so chum Conáin.”</span></p> <lb n="1163"/> <lb n="1164"/><p><span>32. Gluaiseas Diarmaid go Bruidhin Chaorthainn, agus</span> <lb n="1165"/><span>labhras i ndoras na bruidhne, agus adubhairt:</span></p> <lb n="1166"/> <lb n="1167"/><p><span>“A Chonáin,” ar sé, “atá biadh agam duit, agus ní</span> <lb n="1168"/><span>bhfuil a fhios agam cionnus a bheidh sé agat.”</span></p> <lb n="1169"/> <lb n="1170"/><p><span>“Teilg chugam é,” ar Conán: “atám-se ar aghaidh an</span> <lb n="1171"/><span>dorais go díreach, agus níor thugais urchar mearaidhe</span> <lb n="1172"/><span>riamh.”</span></p> <lb n="1173"/> <lb n="1174"/><p><span>“Dob' eagal liom go salóchainn thú,” ar Diarmaid.</span></p> <lb n="1175"/> <lb n="1176"/><p><span>“Ní theicheann cú roimh chnáimh,” ar Conán.</span></p> <lb n="1177"/> <lb n="1178"/><p><span>Annsoin caitheas Diarmaid an biadh chum Chonáin, agus</span> <lb n="1179"/><span>do bhuail timcheall a bhéil agus a bhrollaigh é, gur smear</span> <lb n="1180"/><span>agus gur shaluigh sé Conán go mór.</span></p> <lb n="1181"/> <lb n="1182"/><p><span>“Atá deoch agam duit, a Chonáin,” ar Diarmaid,</span> <lb n="1183"/><span>“agus ní fheadar cionnus do shroichfidh mé thú.”</span></p> <lb n="1184"/> <lb n="1185"/><p><span>“Éirigh de léim lúthmhair lán-éadtruim ar mhullach na</span> <lb n="1186"/><span>bruidhne, agus déan poll ós mo chionn, agus doirt an</span> <lb n="1187"/><span>deoch go díreach im' bhéal,” ar Conán.</span></p> <lb n="1188"/> <lb n="1189"/><p><span>Dála Dhiarmada, d'éirigh sé de léim lán-thapaidh ar</span> <lb n="1190"/><span>mhullach na bruidhne, agus do rinne sé poll ós cionn</span> <lb n="1191"/><span>Chonáin, agus do dhoirt sé an chuid ba mhó de'n digh ar</span> <lb n="1192"/><span>gach taobh dá bhéal.</span></p> <lb n="1193"/> <lb n="1194"/><p><span>“A Dhiarmaid,” ar Conán, “dá mbadh cara dlúth nó</span> <lb n="1195"/><span>duine gaolmhar do bheadh fút annso, is díreach do chuirfeá</span> <lb n="1196"/><span>rud i n-a bhéal, agus ní mian leat é chur im' bhéal-sa.”</span></p> <lb n="1197"/> <lb n="1198"/><p><span>Ó do chualaidh Diarmaid sin do dhoirt sé an méid do</span> <lb n="1199"/><span>bhí ins an gcorn i mbéal Chonáin, agus do léim féin</span></p> </div> <pb n="31"/> <div><lb n="1200"/><p><span>de'n bhruidhin, agus d'imthigh d'fhorchoimeád an átha.</span></p> <lb n="1201"/> <lb n="1202"/><p><span>33. Fá'n am soin ba chlos i mBruidhin an Oileáin gur</span> <lb n="1203"/><span>marbhadh Míodhach mac Colgáin, Rí Lochlann, agus a</span> <lb n="1204"/><span>ndeachaidh leis. Adubhairt trí ríghthe Inse Tuile: “Is</span> <lb n="1205"/><span>olc do rinne Rí Lochlann dul amach i gan fhios dúinn:</span> <lb n="1206"/><span>óir is dúinn badh chóir a raibh i mBruidhin Chaorthainn do</span> <lb n="1207"/><span>dhícheannadh, de bhrígh gur sinn do chuir an úir innti.”</span></p> <lb n="1208"/> <lb n="1209"/><p><span>Gluaisid iar soin agus deich gcéad ridire armuighthe</span> <lb n="1210"/><span>éidighthe maraon riú go hur an átha, agus do chonnarc-</span> <lb n="1211"/><span>adar Diarmaid i n-a sheasamh ar an áth.</span></p> <lb n="1212"/> <lb n="1213"/><p><span>“Cia thú atá ar an áth?” ar siad.</span></p> <lb n="1214"/> <lb n="1215"/><p><span>“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Diarmaid.</span></p> <lb n="1216"/> <lb n="1217"/><p><span>“An tú Diarmaid Ó Duibhne?” ar siad.</span></p> <lb n="1218"/> <lb n="1219"/><p><span>“Is mé go dearbh,” ar Diarmaid.</span></p> <lb n="1220"/> <lb n="1221"/><p><span>“Is maith linn tú bheith ann,” ar siad, “óir is comh-</span> <lb n="1222"/><span>dhalta gaisge agus foghlama dúinn-ne thú, agus ar an</span> <lb n="1223"/><span>ádhbhar soin fág an t-áth, agus tabhair slighe, nó cead</span> <lb n="1224"/><span>slighe, dúinn-ne go ndeachaimís go Bruidhin Chaorthainn,</span> <lb n="1225"/><span>agus go dtugaimís ceann Fhinn mhic Chumhaill linn.”</span></p> <lb n="1226"/> <lb n="1227"/><p><span>“Is ó Fhionn thánag-sa do chosnamh an átha, agus do</span> <lb n="1228"/><span>naisg sé comairc orm go teacht d'Fhiannaibh Éireann dá</span> <lb n="1229"/><span>fhortacht; uime sin, fad is beo mise ní thabharfad cead</span> <lb n="1230"/><span>slighe dhíbh-se.”</span></p> <lb n="1231"/> <lb n="1232"/><p><span>34. Iar n-a chlos soin do ríoghraidh Inse Tuile thugsad</span> <lb n="1233"/><span>sidhe sanntach chum an átha agus tháinig Diarmaid i n-a</span> <lb n="1234"/><span>gcoinne agus i n-a gcomhdháil go míleadhta mear-chalma,</span> <lb n="1235"/><span>agus thugadar cath cródha cosgarthach dá chéile gur</span> <lb n="1236"/><span>thuiteadar drong mhór de'n laochraidh le Diarmaid ar an</span></p> </div> <pb n="32"/> <div><lb n="1237"/><p><span>láithrigh sin; agus leis sin bíodhgas Fatha Canann as a</span> <lb n="1238"/><span>chodladh le béiceadh agus búireadh na míleadh, agus le</span> <lb n="1239"/><span>sgeimleadh na sgiath dá sgoilteadh, agus le sianghail na</span> <lb n="1240"/><span>n-óg dá n-oirleach.</span></p> <lb n="1241"/> <lb n="1242"/><p><span>Do thóg Fatha Canann a shleagh agus ritheas i gcoinne</span> <lb n="1243"/><span>Dhiarmada Uí Dhuibhne, i ndíoghail gan é dhúiseacht as a</span> <lb n="1244"/><span>codladh, agus do theich Diarmaid thar an áth roimhe i ndóigh</span> <lb n="1245"/><span>go ndíoghalfadh sé a fhearg ar a eascáirdibh. D'iompuigh</span> <lb n="1246"/><span>Diarmaid air, agus adubhairt leis: “Díoghail t'fhearg</span> <lb n="1247"/><span>ar do námhaid, agus fós is leor liom-sa ar fhulaing mé</span> <lb n="1248"/><span>uait gus anois.”</span></p> <lb n="1249"/> <lb n="1250"/><p><span>Iompuigheas Fatha Canann uaidh iar soin, agus téid fá</span> <lb n="1251"/><span>na hallmhurachaibh, agus gabhas dá n-éirleach agus dá</span> <lb n="1252"/><span>n-ath-cumadh, dá dheis agus dá chlí. Comhraiceas Diarmaid</span> <lb n="1253"/><span>agus trí ríghthe Inse Tuile le chéile go gáibhtheach grod-</span> <lb n="1254"/><span>urlamh, gur éirigh uaill agus árd-áigneadh i nDiarmaid,</span> <lb n="1255"/><span>agus thuiteadar trí ríghthe Inse Tuile leis. Thug sé</span> <lb n="1256"/><span>féin agus Fatha Canann dearg-ár ar na hallmhurach-</span> <lb n="1257"/><span>aibh, go nach ndeachaidh fear innste sgéil as díobh, agus</span> <lb n="1258"/><span>teasgas Diarmaid na cinn de thrí ríghthibh Inse Tuile,</span> <lb n="1259"/><span>agus gluaisid Diarmaid agus Fatha Canann rómpa</span> <lb n="1260"/><span>d'ionnsaidhe Bruidhne Caorthainn. Do labhair Diarmaid</span> <lb n="1261"/><span>i ndoras na bruidhne, agus fiafruigheas Fionn sgéala</span> <lb n="1262"/><span>an chatha dhe.</span></p> <lb n="1263"/> <lb n="1264"/><p><span>35. “Do marbhadh ríoghradh Inse Tuile go n-a mhuinntir</span> <lb n="1265"/><span>liom-sa agus le Fatha Canann,” ar Diarmaid, “agus</span> <lb n="1266"/><span>thugamar a gcinn chugat-sa.”</span></p> <lb n="1267"/> <lb n="1268"/><p><span>“Beir buaidh agus beannacht, a Dhiarmaid” ar Fionn:</span></p> </div> <pb n="33"/> <div><lb n="1269"/><p><span>“is buadhach an cosgar soin. Cuimlidh cuid de'n bhfuil</span> <lb n="1270"/><span>sin fá na dóirsibh go n-osgluighthear libh iad.”</span></p> <lb n="1271"/> <lb n="1272"/><p><span>Do rinne siad amhlaidh, agus téid isteach san mbruidhin,</span> <lb n="1273"/><span>agus do chuimil siad an fhuil ar dtús d'Fhionn agus de</span> <lb n="1274"/><span>chách, gur éirgheadar as an mbruidhin amach, agus do chan</span> <lb n="1275"/><span>siad ceolta binne ag breith a mbuidhe ris na déithibh i</span> <lb n="1276"/><span>dtaoibh iad do sgaradh ris an mór-ghábhadh soin i n-a</span> <lb n="1277"/><span>rabhadar; agus tigid as an mbruidhin amach iar soin, acht</span> <lb n="1278"/><span>Conán mac Móirne amháin, óir níor shroich an fhuil é, agus</span> <lb n="1279"/><span>do bhí a dhá sháil, cúl a chinn, agus a shlinneáin ag lean-</span> <lb n="1280"/><span>mhain de'n talamh.</span></p> <lb n="1281"/> <lb n="1282"/><p><span>“A Dhiarmaid,” ar Conán, “an annso do b' áil leat</span> <lb n="1283"/><span>mise d'fhágáil?”</span></p> <lb n="1284"/> <lb n="1285"/><p><span>“Ní headh,” ar Diarmaid, ag filleadh air, go ndubhairt</span> <lb n="1286"/><span>le Fatha Canann congnamh leis, go rugadar ar Chonán</span> <lb n="1287"/><span>agus thugadar tarraing foirtil feidhm-láidir dó, gur</span> <lb n="1288"/><span>fágadh a chroiceann ag leanmhain de'n talamh; gonadh de</span> <lb n="1289"/><span>sin do lean an forainm de ó shoin a leith, .i. Conán Maol</span> <lb n="1290"/><span>mac Móirne.</span></p> <lb n="1291"/> <lb n="1292"/><p><span>Is annsoin adubhairt Fionn. “A Dhiarmaid,” ar sé,</span> <lb n="1293"/><span>“ní badh ionchomhraic aon duine dá bhfuil san mbruidhin</span> <lb n="1294"/><span>seo go héirghe gréine i mbárach; agus uime sin, éirigh</span> <lb n="1295"/><span>féin agus Fatha Canann ar an áth, agus cosnaidh é, go</span> <lb n="1296"/><span>mbeiridh drong éigin d'Fhiannaibh Éireann orainn.” Do</span> <lb n="1297"/><span>rinneadar amhail adubhradh leo.</span></p> <lb n="1298"/> <lb n="1299"/><p><span>36. Do cualadh fá'n am soin i mBruidhin an Oileáin gur</span> <lb n="1300"/><span>marbhadh ríoghradh Inse Tuile agus a muinntir maille riú.</span> <lb n="1301"/><span>Adubhairt mac míleadhta mear-chalma do bhí ag Rígh an</span></p> </div> <pb n="34"/> <div><lb n="1302"/><p><span>Domhain, .i. Borb mac Sinnsir na gCath, go rachadh féin</span> <lb n="1303"/><span>do dhíoghail ar marbhadh dá mhuinntir, agus go dtiubhradh</span> <lb n="1304"/><span>ceann Fhinn mhic Chumhaill chum a athar. Gluaiseas roimhe</span> <lb n="1305"/><span>agus míle laoch láidir lán-chalma mar aon leis go hur</span> <lb n="1306"/><span>an átha, agus do chomhraic Diarmaid agus Fatha Canann</span> <lb n="1307"/><span>leo go feargach foirtil.</span></p> <lb n="1308"/> <lb n="1309"/><p><span>Is fá'n am soin adubhairt Oisín mac Fhinn: “A Fhianna</span> <lb n="1310"/><span>Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom féin a fhaid atáid</span> <lb n="1311"/><span>an laochradh do chuaidh do thabhairt sgéala Fhinn agus na</span> <lb n="1312"/><span>Féinne chugainn, agus rachad féin i n-a ndiaidh.”</span></p> <lb n="1313"/> <lb n="1314"/><p><span>Ghluais sé féin agus cách i n-éinfheacht leis go gcual-</span> <lb n="1315"/><span>adar gáir an chatha ag an áth. Do bhrostuigheadar</span> <lb n="1316"/><span>d'fhortacht a muinntre. Ó do chonnairc Fionn agus Goll</span> <lb n="1317"/><span>go n-a raibh de'n bhFéinn i n-a bhfochair Oisín ag dul</span> <lb n="1318"/><span>san gcath, do mhéaduigh uaill agus meanma iad go</span> <lb n="1319"/><span>ndeachadar dá rochtain, gur cuireadh cath ainmhín eatortha,</span> <lb n="1320"/><span>gan fios dóibh cia aca díobh do b' arrachtaighe. Thárla</span> <lb n="1321"/><span>Goll glac-láidir mac Móirne agus Borb mac Sinn-</span> <lb n="1322"/><span>sir na gCath re chéile, agus rinneadar gliadh tréimhse</span> <lb n="1323"/><span>fhada nó gur luathuigh Goll a lámh san iorghail sin, agus</span> <lb n="1324"/><span>do thug béim bhasgaitheach bháis do mhac Ríogh an Domhain,</span> <lb n="1325"/><span>agus do sgar a cheann le n-a cholainn. Maoidheadh an</span> <lb n="1326"/><span>cath ar na hallmhurachaibh, go nach ndeachaidh aithid díobh</span> <lb n="1327"/><span>beo ó láthair an chatha.</span></p> <lb n="1328"/> <lb n="1329"/><p><span>Ar gclos i mBruidhin an Oileáin na mór-éacht soin</span> <lb n="1330"/><span>do thógadar gártha troma géar-chaointe, agus faoidh fhada</span> <lb n="1331"/><span>fhíor-thruaighe ós árd ag caoineadh mic Ríogh an Domhain.</span> <lb n="1332"/><span>Éirgheas Rí an Domhain féin amach iar soin, agus líon</span></p> </div> <pb n="35"/> <div><lb n="1333"/><p><span>a shluaigh agus a shochraide i n-a thimcheall, go ndubhairt</span> <lb n="1334"/><span>le n-a mhuinntir a gcáirde do dhíoghail ar an bhFéinn.</span> <lb n="1335"/><span>Thógadar faobhar a n-arm ós a gcionn, go ndeachadar</span> <lb n="1336"/><span>chum an átha, agus cuireadh cath ainmhín ath-gharbh eatortha</span> <lb n="1337"/><span>féin agus an beagán d'uaislibh na Féinne do bhí rómpa.</span></p> <lb n="1338"/> <lb n="1339"/><p><span>38. Is annsoin d'éirgheadar Fianna Éireann, agus do</span> <lb n="1340"/><span>chuireadar iad féin i n-ordughadh catha agus cruaidh-chomh-</span> <lb n="1341"/><span>raic, .i. Clanna beo-chliste Baoisgne i n-ur-thosach an chéad</span> <lb n="1342"/><span>chatha, agus Clanna meara míleadhta mór-calma Móirne</span> <lb n="1343"/><span>i dtosach an dara catha, agus Clanna cródha cosgaracha</span> <lb n="1344"/><span>mic an Smóil i dtosach an treas chatha, agus Clanna nimh-</span> <lb n="1345"/><span>neacha neamh-eaglacha Neamhain i dtosach an cheathramhadh</span> <lb n="1346"/><span>chatha. Do bhí brata meidhreacha maoth-sróill i lámhaibh na</span> <lb n="1347"/><span>laoch lán-chalma, agus cinnbhearta caomh-áille cloch-</span> <lb n="1348"/><span>bhuadhacha ar cheannaibh na gcuradh, agus sgiatha sgiamh-</span> <lb n="1349"/><span>áille ar rígh-laochaibh agus ar rígh-churadhaibh; agus</span> <lb n="1350"/><span>claidheamh trom toirt-bhuilleach ar thaoibh chlí gach cath-</span> <lb n="1351"/><span>mhílidh; agus craoiseach chrann-righin chró-fhairsing go</span> <lb n="1352"/><span>briochtaibh nimhe i ndeas-lámhaibh na ndeagh-fhear i n-oir-</span> <lb n="1353"/><span>chill ágha agus áthais do dhéanamh.</span></p> <lb n="1354"/> <lb n="1355"/><p><span>Is mairg, tra, na bíodhbhaidhe chum adtángadar na sár-</span> <lb n="1356"/><span>laochraidhe siubhlacha fíor-bheodha soin, .i. an dream nár</span> <lb n="1357"/><span>turnadh agus nár traochadh i gcathaibh ná i gcomhlannaibh</span> <lb n="1358"/><span>riamh. Do bhrúchtadar na catha ceachtardha soin i gceann</span> <lb n="1359"/><span>a chéile, agus do chaith siad frasa faobhracha dá n-arm-</span> <lb n="1360"/><span>aibh diubhraicthe ria a chéile go ndeachadar i muinghin a</span> <lb n="1361"/><span>gclaidheamh gcolg-dhíreach gclais-leathan, gur mhór-áidhbhéil</span> <lb n="1362"/><span>re a fháisnéis an leadradh agus an lán-sgeimhleadh thug</span> <lb n="1363"/><span>cách for a chéile.</span> <lb n="1364"/></p> </div> <pb n="36"/> <div><lb n="1365"/><p><span>Ba thruaghamhail tuarasgbháil an chatha an tan soin,</span> <lb n="1366"/><span>óir ro ba iomdha inchinn, abach, agus ionnathar ar chosaibh</span> <lb n="1367"/><span>lán-láidre laoch. Ro ba iomdha ann fós bruinne baoth-</span> <lb n="1368"/><span>dhearg agus corp go ciorrbhuighthe, laochradh go leointe,</span> <lb n="1369"/><span>agus míleadh go mór-chréachtach, lámha go leathta, agus</span> <lb n="1370"/><span>béal ar n-a ghlas-bhánughadh.</span></p> <lb n="1371"/> <lb n="1372"/><p><span>39. Brostuigheas Fionn, an flaith Féinne, a laochradh féin</span> <lb n="1373"/><span>ins an gcruaidh-chomhrac soin, gur chorruigh méad meanman</span> <lb n="1374"/><span>i n-a mhíleadhaibh, agus loinne lán-dásachtach i n-a laoch-</span> <lb n="1375"/><span>radhaibh, agus fíoch frithir-nimhneach i n-a fhlathaibh, ionnus</span> <lb n="1376"/><span>gur gad um gainimh dul i ngleic comhraic le Fiannaibh</span> <lb n="1377"/><span>Éireann an tan soin, nó gur tanuigheadh go tiugh an</span> <lb n="1378"/><span>sluagh allmhurach leo. An tráth do chonnairc Osgar mac</span> <lb n="1379"/><span>Oisín meirge agus mór-bhratach Ríogh an Domhain i n-a</span> <lb n="1380"/><span>sheasamh gan clódh, agus an cró comh-dhaingean catha do</span> <lb n="1381"/><span>bhí timcheall air dá anacal ar armaibh a námhad, ionn-</span> <lb n="1382"/><span>suigheas é mar leomhan ar lán-mhire, agus comhraiceas</span> <lb n="1383"/><span>féin agus Rí an Domhain le chéile, go mórdhálach mear-</span> <lb n="1384"/><span>chalma, go dtug gach fear díobh caogad cneadh agus</span> <lb n="1385"/><span>créacht ar a chéile, gur árduigh uaill agus aigneadh</span> <lb n="1386"/><span>Osgair mhic Oisín, go dtug buille borb-neartmhar báis</span> <lb n="1387"/><span>do Rígh an Domhain, agus do sgar a cheann le n-a cholainn.</span> <lb n="1388"/><span>Agus iar soin madhmadh ar na hallmhurachaibh, go nach</span> <lb n="1389"/><span>ndeachaidh eolach beo as díobh, acht beagán do chuaidh i</span> <lb n="1390"/><span>muinghin a mór-reatha d'ionnsaidhe a long.</span></p> <lb n="1391"/> <lb n="1392"/><p><span>40. Gonadh í sin críoch Bhruidhne Caorthainn go nuige</span> <lb n="1393"/><span>sin.</span> <lb n="1394"/></p> </div> <pb n="39"/> <div><lb n="1395"/><p><span>Truagh, a bháis, do neart</span> <lb n="1396"/><span>Nach gabh ceart ná cóir,</span> <lb n="1397"/><span>Mar chuirtear fád' smacht</span> <lb n="1398"/><span>Ríoghraidh na n-at n-óir.</span></p> <lb n="1399"/> <lb n="1400"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services