Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruidhean Chaorthainn

Title
Bruidhean Chaorthainn
Author(s)
In eagar ag Pádraic Mac Piarais,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraig
Composition Date
1912
Publisher
Connradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BRUIDHEAN CHAORTHAINN:


L. i


RÉAMHRÁDH.



'Sí seo an chéad uair ag an sgéal clúmhail seo dá
chur fá eagar agus fá chló i n-a iomlán. Dá mhéid meas
dá raibh ag Gaedhealaibh air leis na ciantaibh, níor ghabh
éinne le n-a ais é chur os comhair an phobail go dtí
anois. Rinne an tOllamh Pádraic Seoighe é chur i
mBéarla,* tá tuilleadh agus cúig bliadhna fichead ó
shoin ann, agus 'sé an t-aistriughadh so, ar n-a léigheadh
dhom agus mé i mo sgurach ag dul ar sgoil, a ghríosuigh
mise chum spéis a chur sa sgéal de'n chéad uair. Is
cuimhneach liom mé 'gá rádh liom féin an uair sin go
mb'fhéidir le Dia go ngeallfaidhe dhom-sa “Bruidhean
Chaorthainn” a chur amach i nGaedhilg lá fada nó goirid:
agus tháinig sé sa saoghal gur gealladh! “A bhuidhe le
Dia,” mar adeireadh na sean-sgríbhneoirí.



1. Na Lámh-Sgríbhne.



Is beag sgéal is líonmhaire macsamhail ins na lámh-
sgríbhnibh 'ná é seo. Teist é sin ar an árd-mheas a bhí
ag ar n-aithreachaibh air. Fuair D'Arbois De Iubain-
bhille trí chóib fichead dhe agus é ag cuartughadh na
leabharlann cúig bliadhna fichead ó shoin; bhí dhá chóib
eile ag an Seoigheach cúpla bliadhain roimhe sin nár éirigh
le De Iubainbhille greim a fhágháil ortha; agus tá trí
chóib i Leabharlainn na nAdhbhacóideach i nDún Éadain
nárbh' eol do De Iubainbhille iad a bheith ann ar chor ar


L. ii


bith. Sin ocht gcóib fichead ar a laighead i leabharlannaibh
puiblidhe, gan trácht ar a bhfuil de chóibeannaibh i lámh-
sgríbhnibh atá i seilbh daoine annso is annsúd ar fud
na tíre.



Cuireann De Iubainbhille an t-aguisín seo le n-a
áireamh:—


L. iii


Tá, mar adubhras, trí lámh-sgríbhne i Leabharlainn na
nAdhbhacóideach i nDún Éadain a bhfuil cóibeanna de'n
sgéal ionnta. Tá cur síos ortha so san Scottish Review,
Meadhon Fóghmhair, 1894, ó láimh W. A. Craigie. Léightear
annsin:— “Bruighean Chaorthainn,



*Tá an méid seo ag Craigie fá bhun an leathanaigh: “…


L. iv


Go dtí Alt 22 dár n-innsin-ne atá i gcló ag Mac
Uí Chailín i “Leabhar na Féinne,” acht, mar adeir
Craigie, tá an chanamhain chomh truaillighthe sin aige gur
beag is fiú a theistimhin. “Maghach Colgar” (.i. Míodhach
Mac Colgáin) an teideal atá ar an sgéal atá fá
chló i “Sgeulachdan Gaidhealach (Tales of the West
Highlands)”: ní mór í a chosmhaileacht le n-ar sgéal-ne,
acht níl aimhreas nach iad cnámha an sgéil chéadna atá
ann. Ó bhéal-aithris shean-iasgaire darbh' ainm Alastar
Mac Néill a sgríobh Mac Uí Chailín an sgéal so, i
n-oileán Barra dhó, sa mbliadhain 1859.


L. v


Sa mbliadhain 1901 rinne mise cuid mhaith de
“Bhruidhean Chaorthainn” a ath-sgríobhadh ó'n lámh-
sgríbhinn 23 K 7 san Acadaimh. Stadas de'n obair seo
ar n-a chlos dom go raibh mo chara, Pádraig Ó Briain, ag
braith ar an sgéal a chur i gcló ó chúpla lámh-sgríbhinn a
bhí aige féin. Níor lean Pádraig dá láimh, ámh; agus b'é
deireadh an sgéil go dtug sé dom-sa a raibh de lámh-
sgríbhnibh agus eile aige agus go dtug lán-chead dom
bualadh ar m'aghaidh agus an “Bhruidhean” a chur i gcló.
Táim an-bhuidheach dhe as ucht a charthannais liom agus as
ucht a dtug sé dhom de chongnamh agus mé i mbun na
hoibre.



Ní leanann an teistimhín seo atá fá chló againn d'aon
lámh-sgríbhinn áirithe. 'Siad so na lámh-sgríbhne a bhí os
mo chomhair 'gá socrughadh dhom:—



(A.) An lámh-sgríbhinn 23 K 7, R.I.A. (1702-1745).



(B.) An lámh-sgríbhinn 23 C 30, R.I.A. (1733).



(C.) Lámhsgríbhinn de chuid Phádraig Uí Chearmada,
(1840-4.)



I dtaobh (A), 'sé Domhnall Mac Donnchadha a sgríobh a
furmhór “ar Dhroichead na Ruachtaidhe i gCo. Chiarraidhe,”
mar adeir sé féin, i gcaitheamh na mbliadhan 1700-2.
Ní dóigh liom gurab é Domhnall a sgríobh an sgéal
áirithe seo, ámh, ná an sgéal roimhe (“Feis Tighe Chonáin
Chinn tSléibhe”). Aon lámh-sgríbhneoireacht amháin atá
san dá sgéal so, agus ní hionann í agus an sgríbh-


L. vi


naeoirecht atá sa gcuid eile de'n leabhar, .i. sgríbh-
neoireacht Dhomhnaill. I ndeireadh “Feis Tighe Chonáin”
léightear na focla so: “FINIS. Ar na sgríobhadh le
Dómhnall Ó Mathúna an trímhúghadh lá fithchiod do'n
Mhárta annsa bliaighain daois an tighearna 1744-5.”
Measaim, dá réir seo, gurab é Domhnall O Mhathghamhna
a sgríobh an chóib seo de “Bhruidhean Chaorthainn,”
timcheall na bliadhna 1744-5, agus go raibh D'Arbois
De Iubainbhille ag dul amugha nuair adubhairt sé gur
sa mbliadhain 1702 a sgríobhadh í.



Aindrias Mac Cuirtín a sgríobh (B) i gCo. an Chláir,
sa mbliadhain 1733. 'Sí seo an tríomhadh lámh-sgríbhinn
a bhí ag an Seoigheach ag cur an sgéil i mBéarla dhó.
Ní beag le rádh saothar Aindriais Mhic Chuirtín le n-a
linn. File maith agus rígh-sgoláire a b'eadh é. Bhí sé
ar na filíbh ba dhéidheannaighe i gCúige Mumhan a chleacht
an Deibhidhe.



Maidir le (C), lámh-sgríbhinn í seo a sgríobh Mícheál
Brún i Lios Mór na nDéise i gcaitheamh na mbliadhan
1840-4. Seo mar tá curtha síos aige i ndeireadh ar
sgéil-ne: “FINIT. Ar na sgríobhadh re Micheal Brunn
Lismor 1844 an ttarna mí.” Ba leis an Athair P.
Ó Slatarra, Sagart Pobail Bhaile Dhuibh, an leabhar so
lá de'n tsaoghal: tá a ainm sgríobhtha aige ar an gcéad
leathanach maille leis na foclaibh seo: “Ballyduff, July
15/70.” Is lem' charaid, Pádraig Ó Cearmada, anois é,
agus táim fá chomaoin mhóir ag Pádraig i ngeall ar
tamall de a thabhairt dom. Is dócha gur do (C) is


L. vii


dlúithe a leanas ar dteistimhin agus gur mhó an chabhair
dhom (B) 'ná (A) 'gá ceartughadh agus 'gá beachtughadh
dhom.



AN SGÉAL.



Ní luaidhtear “Bruidhean Chaorthainn” ins na sean-
leabhraibh, go bhfios dom-sa. Ní fhágann sin nach sgéal
ársa atá ann. Muna mbeadh go raibh cáil mhór air le
fada d'aimsir ní bheithí dhá ath-sgríobhadh i nGaedheal-
tacht na hAlban sa mbliadhain 1603. Mar adeir De
Iubainbhille, tagrann an Céitinneach dhó i “bhForas Feasa
ar Éirinn.” Seo iad a bhriathra, de réir mar bhaineas
as an lámh-sgríbhinn atá i Leabharlainn na mBráthar
i mBaile Átha Cliath iad:— “… Dá n-abróchadh
éinne nach in-chreidte mórán dár sgríobhadh ar an bhFéinn,
is deimhin gurab fíor dhó é, óir ní raibh ríoghacht san bhith
is nach sgríobhtaoi re linn na págánachta sgéal dá
ngoirthí Fabula. Féach ‘Ridire na Gréine,’ Bevis of
Hampton, Huon of Burdex, agus a shamhail eile sin do
sgríobhadh re linn an chreidimh féin. Gidheadh, ní fhuil
críoch san bhith is nár sgríobhadh staire fírinneacha in-
chreidte. Mar an gcéadna, tar cheann gur sgríobhadh
iomad d'fhinnsgéaltaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an
bhFéinn, mar atá ‘Cath Finn-Trágha,’ ‘Bruidhean Chaor-
thainn,’ agus ‘Imtheachta an Ghiolla Dheacair,’ agus a
shamhail sin de chaitheamh aimsire, thairis sin is dearbh gur
sgríobhadh staire in-chreidte fírinneacha ortha.”



B'fhéidir sin a bheith amhlaidh. Acht cibé sin de, is


L. viii


cinnte go bhfuil an “finnsgéal filidheachta” so ar na
sgéaltaibh is áilne dár cumadh i nÉirinn le linn na
Gaedhilge a bheith i n-uachtar. Níl aon aimhreas nach é
“Bruidhean Chaorthainn” an sgéal is fearr de na sgéal-
taibh Finnaidheachta fré chéile, má fhágtar an rígh-sgéal
úd, “Tóraidheacht Dhiarmada agus Ghráinne,” as an
gcomhaireamh. Tá cosmhaileacht áirithe idir é agus laoithe
nó sgéalta eile a chuireas síos ar bhruidheantaibh nó
ar uachaisibh draoidheachta, mar atá “Bruidhean Cheise
Chorainn,” “Seilg Shléibhe Fuaid,” agus “Seilg Shléibhe
gCuilinn;” acht ní i ngeall ar an sgéal féin, acht i
ngeall ar a léirighthear ann d'uaisleacht méin agus
aignidh, d'fhíor-laochas, d'fhíor-charthannacht, agus de
dhlúth-mhuinnteardhas i measg carad, is fiú “Bruidhean
Chaorthainn” a áireamh ar phríomh-sgéaltaibh na hÉireann.
Badh dheacair na hailt úd ó Alt 21 go dtí Alt 26 a
shárughadh ar áilneacht smaointe ná ar bhinneas focal
agus litridheacht na hEorpa a chuartughadh.



Níor mhór dom mo bhuidheachas a ghabháil le Pádraig
Ó Briain agus le Pádraig Ó Cearmada ar na hádhbhar-
aibh atá luaidhte cheana agam; le hOsborn Ó hAimhirgin
mar gheall ar mé a chur ar an eolas uair nó dhó; agus
le Seosamh Laoide, ní hé amháin as ucht fromhtha an
leabhair seo a léigheadh agus a cheartughadh dhom, acht as
ucht a bhfuaireas de theagasg agus de threorughadh agus
de dheagh-chomhairle uaidh le dhá bhliadhain déag anuas.



PÁDRAIC MAC PIARAIS.



Márta, 1908.


L. 1


BRUIDHEAN CHAORTHAINN.



1. Árd-rí uasal oirdhearc do ghabh flaitheas agus
forlámhas ar cheithre treabhaibh Lochlann, dar ba chomh-
ainm Colgán Cruaidh-Armach, mac Dathchaoin Tréin. Do
comóradh aonach agus árd-oireachtas leis an rígh in aon
de laethibh ar fhaithche a dhúna agus a dheagh-bhaile féin, i
gcathraigh na Beirbhe Lochlannaighe, go dtángadar maithe
agus mór-uaisle Lochlann n-a choinne agus i n-a chomh-
dháil ann; agus ar mbeith i n-ionad aon bhuidhne dhóibh do
labhair an rí de ghuth árd-mhór sholus-ghlan, agus is é
adubhairt:—



“A árd-mhaithe Lochlann, ó thárla d'aon láthair sibh,
innsidh dham an aithnid daoibh locht ná aineamh orm féin
mar rígh agus mar ró-thighearna.”



Adubhradar an sluagh uile d'aitheasg aon fhir nachar
bh' fheasach dóibh féin locht ar bith air.



“Ní hamhlaidh sin damh-sa,” ar Rí Lochlann: “is aithnid
dam locht mór orm.”



“Créad é sin, a árd-rí?” ar siad-san.



“Atá,” ar sé, “Rí na nOileán bheith dá ghairm díom
agus gan na hoileáin uile agam.”


L. 2


“Cia an chuid atá uait, nó nach bhfuil agat díobh, a
árd-rí?” ar siad.



“Éire iath-ghlas oileánach do bhí ag mo sheanaibh agus
ag mo shinnsearaibh romham,” ar sé; “agus fuaradar
mórán uilc ag á cosnamh ar a n-eascáirdibh; óir is ag
troid ar son na hÉireann do thuit Balor Béimneach
le Lughaidh Lámh-Fhada, agus sluagh do-áirmhighthe. I gcionn
bliadhna i n-a dhiaidh sin thug Breas, mac Baloir, cath do
Tuathaibh Dé Danann ar Mhaigh Tuireadh, agus is ann
do thuit Breas féin, Iarann agus Slánach, dhá inghin
Bhaloir uí Néid, agus a bhainchéile, Ceitleann Chraos-
Fhiaclach. Atá a feart i nDún Cheitleann, ar thaoibh thuaidh
de Mhaigh Tuireadh.”



“Créad do b'áil leat a dhéanamh, a árd-rí?” ar siad.



“Badh mhaith liom,” ar sé, “dul go hÉirinn dá
hargain agus dá cur fá smacht agus fá chíos agus cháin
dam féin agus do chloinn mo chloinne go foircheann an
bheatha; do ghlacadh mo chíosa agus mo chána agus m'ein-
eachlainne uaithi ar ais nó ar éigean; agus d'fhágháil
braighead agus giall re comhall dam go humhal as sin
amach.”



Adubhairt maithe Lochlann go rabhadar féin sásta go
leor leis an gcomhairle fuaradar, agus gur dhoiligh leo
a fhaid go dtugadar an turas soin.



2. Is annsoin do chuir Rí Lochlann gairm agus comh-
chruinniughadh ar shluaightibh agus ar shochraidíbh Lochlann
uile, go rabhadar seacht ruadh-chatha ró-mhóra ar fhaithche
na Beirbhe. Do thugadar sruth-léim shanntach shiubhail san


L. 3


bhfairrge bhfíor-dhoimhin bhfliuch-thonnaigh le n-a longaibh
deagh-chumtha béal-leathana agus le n-a gcurachánaibh
daingeana deagh-chumhduighthe do-bhriste sár-luatha. Do
shíneadar na sár-bhréide saidhbhre solusmhara leis na
seol-chrannaibh síth-righne sleamhna cruadha, agus do
ghabhadar le seoladh na gaoithe gárthaighe glan-fhuaire ar
chrioslach na mara móire guirme, gur éirigh an dubh-
fhairrge i n-a gleanntaibh luaimneacha liath-ghlasa mear-
thuargantacha mí-chéillidhe; ionnus nachar fágadh fallaing
gan fásgadh, ná tairnge gan tarraing, ná breac-long
gan briseadh, muna dteagmhóchadh lucht a bhfreastail
agus a bhfortachta i n-a bhfochair. Acht níor chian dóibh
amhlaidh sin gur traochadh gach neart an-chumasach dá
raibh ins na tonnaibh tréan-gharbha, agus go raibh an mhuir
i n-a clár cothrom comh-réidh, agus do thángadar go tinn-
easnach i dtír, agus thugadar aithne gurab i gCúigeadh
oll-bhladhach Uladh do ghabhadar cuan agus caladh-phort.



3. Tigid i dtír, agus do thionnsgnadar ag ionnarbadh
agus ag creachadh na tíre rómpa ó dheas, nó go rángadar,
tra, sgéala na n-olc soin go Teamhraigh. Is é ba rí
ar Éirinn an tráth soin, eadhón, Cormac mac Airt mhic
Chuinn Chéad-Chathaigh, agus chuir sé teachtaire go hAl-
mhain Laighean, mar a raibh Fionn mac Cumhaill agus
Fianna glan-áilne Gaedheal, dá fhógradh dhó an ríoghacht
do chosnamh, agus na hallmhuraigh do chosg de'n bhfeidhm bhí
fútha. D'fhreagair Fionn mac Cumhaill an fuagradh soin,
agus chuir sé tionól agus tiomsughadh ar sheacht gcathaibh
na Gnáth-Fhéinne, agus thángadar as gach áird i n-a


L. 4


rabhadar go hobhann aontuighthe chum na togharma soin, i
n-a mbuidhnibh troma taidhbhseacha, agus i n-a gcipíbh
dlútha do-sgaoilte, d'anacal a dtriath agus a dtighearnaí
ar armaibh a mbith-námhad. Iar rochtain do láthair an
Rígh-Fhéinnidh, .i. Fionn mac Cumhaill, dóibh, fearas Fionn
fíor-chaoin fáilte rómpa uile, agus innseas dóibh go
raibh Rí Lochlann ag creach-losgadh na hÉireann, “Agus
do chuir,” ar sé, “Cormac mac Airt teachta chugam-sa,
dá fhaisnéis dam go dtángadar allmhuraigh go hÉirinn
agus dá rádh linn cath do thabhairt dóibh.”



4. A haithle na hiomagallmha soin, do ghabhadar a
dtreallmha troda agus teagmhála umpa, agus do
chuadar i n-a n-ionadaibh catha agus comhlainn, go ráng-
adar féin agus na Lochlannaigh i n-aon áit. Is annsoin
do rochtadar i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile go fíoch-
mhar fíor-nimhneach agus go léidmheach luath-ghoineach, gur
chaitheadar fras dá n-armaibh faghartha le aroile, go
ndeachadar i muinighin a gclaidheamh gclais-leathan, go
dtugadar glún le gliadh agus troigh le taca agus aghaidh
le hiomghoin, gan fios tláis ná tarcuisne ar cheachtar
díobh, gur thuit deich míle eatortha an lá soin.



5. Ó do chonnairc Fianna Éireann an díth-láithriughadh
thugadar na hallmhuraigh ortha, gabhas confadh catha iad,
eadhón, mire i n-a míleadhaibh, fíoch i n-a bhflathaibh, agus
neart i n-a n-ógaibh; agus rinneadar troid chródha
chalma leis na Lochlannachaibh, ionnus gur cosgradh
sluaighte móra ar gach leith. Dála Osgair mhic Oisín, ar
bhfeicsin na Féinne i mbaoghal, agus meirge an Ríogh


L. 5


Lochlannaigh i n-a sheasamh, do líon rabharta feirge an
laoch soin D'ionnsuigh sé go harrachtach an áit i n-a raibh
Rí Lochlann, agus do nocht a lann go héasgaidh, agus do
ghabh de bhéimeannaibh garbha i n-a námhaid. D'éirigh mire
meanman agus aoirde aignidh do Rígh Lochlann, agus
do bhrostuigh i gcomhdháil Osgair. Do thugadar comhrac
dásachtach dá chéile, nó gur tholladar na cathbhairr
cruaidh-righne bhí ar a gceannaibh, agus ba chneas-ghearrtha
throm-osnadhach bhí na tréan-fhir úd ó'n treas-ghleo soin.
Acht fá dheireadh do dícheannadh Rí Lochlann i bhfoir-
cheann an chomhlainn, agus do mhaoidh Fianna Éireann an
cath ar na Lochlannachaibh.



6. Do briseadh ar na hallmhurachaibh iar dtuitim dá
dtriath. Do chuadar clann mhac Ríogh Lochlann do chath-
ughad an chatha iar marbhadh a n-athar, acht ní sáruighthear
an sean-fhocal leo, óir “ní gnáth cathughadh iar ndíth
tighearna.” Gabhas an mac bha shine bhí ag Rígh Lochlann
earraidhe agus iorghail a athar uime, agus do chuaidh sé
féin agus a bheirt dearbhráthar i bhfíor-thosach an chatha
ag comhrac Fhinn agus na Féinne. D'ionnsuigheadar na
deagh-churaidh sin a chéile go fearamhail foirtil, ionnus
gur marbhadh an dias mhac ba shine bhí ag Rígh Lochlann,
go nach ndeachaidh eachlach 'n-a bheathaidh as díobh acht mac
óg Ríogh Lochlann, eadhón, Míodhach mac Colgáin.



7. D'ainic Fionn Míodhach mac Colgáin, agus do
chongbhuigh ar a choimirce agus ar a chosnamh féin é i n-a
theaghlach nó go raibh sé inghníomha, agus thug coróin a
athar dó, agus do ghairm Rí Lochlann de. Iar soin adubhairt


L. 6


Míodhach: “A Fhinn, ó leigis dam maireachtain, agus gur
thuilleas bás d'fhágháil uait, déanfad amhsaine agus
ógláchas duit, agus fanfad id' fharradh go bráth. Béarad
cíos Lochlann chugat go hÉirinn, dá dháil d'ollamhnaibh
agus d'éigsibh mar aon leat-sa;” agus leis sin thug a
lámh i láimh Fhinn mhic Chumhaill, go ndearnadar caradas
agus muinnteardhas le chéile. Dála Fhinn agus na
Féinne, d'asgnadar ar a mbuaidh chosgartha agus a gcomh-
mhaoidhte go hAlmhain Laighean, gur leigheasadh a lucht
othrais agus lán-chréacht aca. Iomthúsa Mhíodhaigh mhic
Cholgáin, d'fhan sé i bhfochair na bhFiann, agus drong dá
mhuinntir ag freastal air, seal fada agus aimsir imchian
i gcuideachtain Fhinn.



8. Aon de laethibh dá raibh Fionn ag trácht le cuid
d'Fhiannaibh Éireann i ndíoghrais chomhráidh, adubhairt Goll
mac Móirne: “A Fhinn,” ar sé, “dar liom féin, is mór
an ghuasacht duit mac Ríogh Lochlann do bheith id' chuid-
eachtain de ghnáth, — iar marbhadh a athar agus a dhéise
dhearbhráthar, a ghabháil féin agus a lán-fhuasgladh do
thabhairt dó; agus gur orduigh an t-eagnaidhe gan ionn-
taoibh do thabhairt le fear feille.”



“Is fíor do mhac Móirne gach a ndubhairt sé,” ar
Oisín mac Fhinn; “agus ó nach áil le Míodhach sgaradh
leat, tugthar forba agus fearann dó féin, agus a rádh
leis treabhlacht agus tigheas do dhéanamh ann, go nach
mbeadh id' chaidreamh níos fuide.”



“Is maith an chomhairle í sin,” ar Fionn, agus ar cách
go comh-choitcheann, “agus déantar amhlaidh.”


L. 7


Do goireadh ar Mhíodhach mac Colgáin, agus tháinig sé
do láthair Fhinn. Adubhairt Fionn leis gur mhithid dó sgur
dá chuideachtain agus dul chum tighis agus maitheasa do
dhéanamh dó féin: “óir do-bhéarad-sa dhuit, ar sé “dhá
thriúcha céad ded' rogha chúigidh i nÉirinn le a n-áitiughadh.”



“Is maith liom-sa soin,” ar Míodhach, agus do gab
buidheachas le Fionn.



9. Dob' iad so an dá thriúcha céad do thógh Míodhach,
eadhón, triúcha céad Caonraighe atá cois na Sionainne,
agus triúcha céad na nOileán, ós a chomhair ar an taoibh
thuaidh de'n tSionainn. Do b'é ádhbhar fá n-a ndearna
sé rogha de'n dá thriúcha céad soin, ionnus go leigfeadh
Fionn dó faire agus forchoimeád do dhéanamh ar an
gcuan bhí taobh leis; agus de bhrígh go raibh sé ar
chuantaibh cluthmhara na hÉireann. Is ar Fhionn do bhí
coimeád cuan agus caladh-phort na hÉireann, agus is
ar na cuantaibh i dtaoibh thuaidh na hÉireann, is mo bhí
a aireachas. Fáth eile fós do bhí aige, eadhón, i ndóchas
go bhféadfadh sé laochradh Lochlann agus allmhuraigh
iomdha i n-éinfheacht leo do thabhairt ar na cuantaibh
de'n dtaoibh thiar d'Éirinn an tráth do gheobhadh sé uain
ar fheall agus ar fhionghail do dhéanamh ar Fhionn agus
ar Fhiannaibh Éireann.



10. Do chuaidh Míodhach mac Colgáin i gceannus an dá
thriúcha céad réamhráidhte, agus ar feadh tréimhse fhada do
líon toice agus trom-chonách é, go nach raibh bhrughaidh ná
biadhtach i nÉirinn i gcomh-aimsir an fhir sin ba shaidhbhre
iona é. Do bhí sé cúig bhliadhna déag i dtighearnas, agus


L. 8


ní thug biadh ná deoch do ghiolla ná do gaisgidheach
d'Fhiannaibh Éireann i rith na haimsire sin, agus ní
mó thug cuireadh ná fleadhachas d'Fhionn féin, acht ag
machtnamh cionnus d'agróchadh sé díoghaltas mar gheall
ar mharbhadh a athar agus a bheirt dearbhráthar; gur chuir sé
teachtaire go críochaibh Lochlann le tuairisg, agus d'iarr
ar shluagh teacht go hÉirinn chum cabhartha leis. Níor bh'
fhada go dtáinig buidhean líonmhar ag triall air, agus
do ghabhadar cuan agus caladh gan fhios d'fhearaibh Éir-
eann. Ba áthasach bhí Míodhach de bhrígh go bhfuair sé
an congnamh soin.



11. Feacht n-aon i n-a dhiaidh sin do comóradh sealg
agus fiadhach agus fian-chosgar le Fionn agus le Fiannaibh
Éireann, fá thriúcha céad bhFear Morc, ris a ráidhtear
Críoch Chonaill Gabhra an tan so. Sgaoileas Fionn an
tsealg uaidh fá ghleanntaibh doimhne do-eolasa, agus fá
choilltibh duilleacha dos-mhóra, agus fá chríochaibh cor-
racha ceann-gharbha, agus fá mhaghaibh réidhe ró-fhairsinge
i n-a ur-thimcheall, ionnus gur chuireadar na gadhair
ghlóracha ghuth-bhinne sionnaigh as toraibh, agus míolta
mong-ruadha as fásachaibh, agus bruic as pollaibh, nó
gur marbhadh go leor díobh. Do shuidh Fionn an lá soin
i n-a dhumha seilge, ag éisteacht le nuaill na bhfear
bhfiadhaigh, agus le siusán na seilge, agus le gothaibh na
ngadhar, agus le greasacht na ngiollaí, agus le gáir na
mbhuidhean; agus is é áit i n-ar oirisigh an Rígh-Fhéinnidh,
ar Thulaigh an Fhoirghleanna, ris a ráidhtear Cnoc Fírinne
Ó gConaill an tan so, agus drong d'Fhiannaibh Éireann
maille ris.


L. 9


12. Níor chian dóibh ann go bhfacadar an t-aon ridire
óg innillte mear-chalma dá n-ionnsaidhe. Do bhí treal-
lamh catha agus cótán sróill deirg shuaithnidh uime, maille
re lúireach lán-áluinn Lochlannach; agus cinnbheart ar
a raibh clocha buadha um a cheann; agus sgiath shnasta
dheagh-mhaiseach ar a ghualainn; agus sleagh sgiamhach
sgáth-ghléigeal i n-a láimh dheis dheag-thapaidh. Tháinig an
gruagach groidhe gníomh-éachtach soin do láthair agus bean-
nuigheas do'n Rígh-Fhéinnidh. D'fhreagair Fionn an beann-
acht go flaitheamhail feardha, agus fochtas sgéala dhe.



“Ní bhfuilid sgéala agam duit,” ar an t-óglách,
“acht gur fear dána mé, agus file thug dán chugat-sa
a Rígh-Fhéinnidh.”



“Creidim gur fear dána i gcathaibh agus i gcomh-
lannaibh thú,” ar Fionn, “acht ní shaoilim gur fear dána
tháinig le dán thú.”



“Is fear dána le dán mé,” ar an t-óglách, “agus dá
dhearbhadh soin atá dán agam duit-se: is leis thánag
de'n cor so, agus tugthar éisteacht dam.”



“Máiseadh,” ar Fionn, “ní hionad dána do dhíol ná
d'éisteacht an áit seo, agus tar liom-sa go bruidhin
éigin de bhruidhnibh na hÉireann, agus do-gheobhair do
bhreith féin uaim i ndíol do dhána.”



“Ní rachad,” ar an t-óglách, “acht cuirim geasa ort
nach bhfuilingid fíor-laoich muna n-éistir mo dhán agus
a thuigsin mar a bhfuilir.”



13.“Gabh do dhán feasta, a fhir dhána,” ar Fionn;
agus adubhairt an t-óglách mar leanas:—


L. 10


“Do chonnarc teach ins an tír
In nach dtugthar géill do rígh;
Ní loisg teine, ní airg creach,
Maith séan le'r ghabh an rígh-theach.”



“Tuigim an rann soin,” ar Fionn, “óir is é teach do
chonnarcais, eadhón, Brugh na Bóinne, teach Aonghusa
Óig mhic an Daghda, agus ní féidir é do losgadh ná do
chreachadh le neart draoidheachta an fhir sin; gurab í sin
tuigsin an rann sin ded' dán.”



“Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug an rann so:—



“Do chonnarc fear san leath thuaidh
Noch beireas a lán de bhuaidh,
Ní fearr leis amh 'na bruithte,
Nocha mín a gharbh-chluiche.”



“Tuigim sin,” ar Fionn: “claidheamh Aonghusa Óig
mhic an Daghda do chonnarcais; óir is fear-insgne an
claidheamh, agus ar thaoibh chlí an churaidh do bhí an leath
thuaidh; agus ní fearr leis amh 'ná bruithte ag gearradh
cnámh agus corp do láimh éachtaigh Aonghusa; gurab í sin
tuigsin an rann sin ded dhán.”



“Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, agus adubhairt
aris:—



“Do chonnarc bean san leath theas,
Agus a clann tré n-a cneas;
Gidh mall a céim tar gach tuath,
Is luaithe í 'na each ró-luath.”


L. 11


“Tuigim sin,” ar Fionn, “óir is cara d'Aonghus Óg
thusa, agus ní headh mise. Is í bean do chonnarcais, an
Bhóinn do'n taoibh theas de thigh Aonghusa; agus is iad an
chlann do chonnarcais tré n-a cneas, eadhón, a bric
bhallacha agus a bradáin bhall-chorcra ag snámh anonn
agus anall seachnóin an tsrotha; agus gidh mall an
sruth soin, is luaithe é ioná each san mbith, óir ní sguir-
eann acht ag síor-shiubhal de ló agus d'oidhche. Is féidir
leis dul timcheall na cruinne i seacht mbliadhnaibh, agus
ní bhfuil each san domhan d'fhéadfadh a mhacsamhail sin do
dhéanamh.”



“Is fíor soin,” ar an t-óglách, agus thug rann eile:—



“Do chonnarc ceithearn go mbuadh,
Fá n-éirghidís iomad sluagh,
Eochair eo agus eochair shlat
Gibé frithir do chonnarc.”



“Tuigim an rann soin leis,” ar Fionn; “óir is í slighe
do gabhadh leat, tré lubhghort lán-toraidh atá ag Aonghus,
agus is iad do chonnarcais beacha beaga breac-áilne ós
barraibh dos deagh-bhláth, ag tionól agus ag tiomsughadh
cnuasaigh agus toraidh dhóibh féin; agus is iad a nguib
a n-eochracha ag buain mheala as na hóg-chraobhaibh.
Gurab í sin tuigsin do dhánta go hiomlán.”



14. “Atá an ceart agat,” ar an t-óglách, “d'innsis
ciall mo dhánta. Is maith an tuigseach dán thú, a Fhinn,
agus ní raibh tairbhe dán do' thabhairt chugat i ndóchas
nach dtuigfidhe leat é.”


L. 12


“Cia thú féin, a ógláigh, a thug na dáin fhilidheachta
nuaidhe chugainn,” ar Fionn, “agus créad is comh-ainm
duit?”



“An é nach n-aithnigheann tú é?” ar Conán Maol mac
Móirne.



“Ní aithnighim, go deimhin.” ar Fionn.



“An bhfuil aithne agat ar Gholl, nó ar Oisín, nó
orm-sa?” ar Conán.



“Créad as nach n-aithneochainn mo mhuinntir féin?”
ar Fionn.



“Is éagcóir duit-se, a Fhinn,” ar Conán, “gan aithne
níos fearr do bheith agat ar d'eascáirdibh ioná ar do
cháirdibh, de bhrígh gurab iad d'eascáirde do dhéanfadh
díth dhuit. Is é siúd Míodhach mac Colgáin, agus gidh
gur duine ded' mhuinntir féin é, is námha duit é. Atá
sé le cúig bliadhnaibh déag i bhFiannaibh Éireann, agus
níor ghnáthuigh sé caradas ná ceannsacht le fearaibh
Éireann ná flaitheamhlacht leat-sa féin an aimsir fhada
soin.”



15. “Ní mise is cionntach leis an bhfaillighe sin,” ar
Miodhach. “Ní rabhas mí ris an rae sin nach raibh fleadh
urlamh ionchaithmhe fá chomhair Fhinn, agus ní tháinig sé
dá caitheamh chugam; agus ní mó chuireas-sa fios air
ná ní thugas cuireadh dhó, ar eagla go mbadh dí-mholta
an cuireadh. Acht atá sleadh ullamh agam fád' chomhair
anois, a Fhinn; agus geasa nach bhfuilingid fíor-laoich
do chuirim ort muna dtagair anocht dá caitheamh, agus
maithe agus mór-uaisle ná Féinne do thabhairt leat.


L. 13


Atáid dhá bhruidhin agam-sa i n-oirchill na fleidhe sin,
eadhón, bruidhean díobh ar oileán atá ar an muir, agus
bruidhean eile fá thír; agus an bhruidhean atá fá'n uisge,
is innti atá an fhleadh. Béarar, má's maith libh, an
fhleadh dá caitheamh do'n bhruidhin atá ar tír.”



16. D'aontuigh Fionn dul do chaitheamh na fleidhe, agus
leis sin do cheileabhair Míodhach mac Colgáin d'Fhionn
agus d'Fhiannaibh Éireann — an méid do bhí do láthair
díobh — agus d'imthigh uatha. Adubhairt Fionn le Oisín,
iar soin, oiriseamh le Fiannaibh Éireann, agus é féin do
leanmhain an tan do thiocfaidís; agus ollamhain na
Féinne agus an t-aos ealadhan do chongbháil i n-a fhochair
féin, “go nach ndeachadh go Bruidhin an Oileáin go teacht
do'n bhFéinn chugaibh,” ar sé, “agus cuirfead-sa sgéala
na bruidhne agus na fleidhe ag triall oraibh.” Is iad so
an cúigear d'fhan i bhfochair Oisín ar an tulaigh an lá úd,
eadhón, Fatha Canann mac mic Con, Diarmaid Ó Duibhne,
Caoilte mac Rónáin, Fiachna mac Fhinn, agus Inse mac
Suibhne Seilge. Do ghluais Fionn roimhe as a haithle
sin; agus is iad do chuaidh leis go Bruidhin Chaorthainn,
eadhón, Goll mac Móirne, Dathchaoin Dian mac logha
lámh-Dheirg, Glas mac Aon-Chearda Béarra, dhá mhac
Aodha Bhig mhic Fhinn, Racha agus Daolghus, dhá Rígh Féinne
Laighean, Aonghus mac Breasail Beola, Rígh-Fhéinnidh
Fhiann gConnacht, Conán Maol mac Móirne, Conán mac
an Léith Luachra, agus Cos-luath. Céad-Ghoineach.



17. Iar ndul i gar do'n bhruidhin, dóibh, do chuaidh Conán
rómpa isteach d'fheicsin cumtha agus suidhighthe na bruidhne.


L. 14


Ní raibh aon duine ar a gcionn innti roimhe, agus ní
fhaca Conán a comh-mhaith de bhruidhin riamh; óir bhí éag-
samhlacht gacha datha agus gacha deiseachta innti; morc
mór teineadh, gan deo, gan deatach, ar bhfadughadh ar urlár
na bruidhne, agus éadaighe lán-mhaiseacha síoda agus
brait áilne ar cheithre sleasaibh na bruidhne, agus gach
re clár innti geal, dearg, gus gorm. Bhí buird órdha
ar n-a bhfolach de bhiadhaibh saora so-chaithte ós a chomhair.
Do mhol Conán go mór inneall agus ordughadh na
bruidhne. Tháinig Fionn agus an drong bhí i n-a fharradh
de'n bhFéinn isteach, agus do shuidheadar timcheall na
teineadh ar shuidheachánaibh clúduighthe le sróll fíneálta.
Bhí baladh suaithnidh sár-mhaiseach ag éirghe de'n teinidh,
ionnus gur bh' mheanmnach aigeantach iad dá dhruim.



18. Adubhairt Fionn, i gcionn aga agus aimsire fada:
“Is mór an iongnadh liom a fhaid go dtig Rí Lochlann
chugainn, agus bheith mar so, gan a bheag ná a mhór de
bhiadh ná de dhigh na fleidhe d'fhágháil. Is ins an mbruidhin
atá ar muir atá an fhleadh dá hullmhughadh, agus is ann
do cuirfear chum críche í.”



“Atá nídh fós is iongantaighe liom féin ioná soin,”
ar Goll mac Móirne, “eadhón, an teine dár éirigh suair-
ceas gacha deagh-bhalaidh, ag teacht dúinn annso, gur
bréine anois í ioná fial-teach an domhain, agus gur
mó a deatach ioná deatach teinte an bheatha uile.”



“Is é an nídh is mó chuireas iongnadh orm-sa,” ar
Glas mac Aon-Chearda Béarra, “an bhruidhean ar a raibh
éagsamhlacht an uile datha ag teacht isteach dúinn, nach


L. 15


bhfuil aon dath díobh uirthi anois; agus na cláir do bhí
innti, mar an gcéadna, nach bhfuil aon chlár díobh innti
anois, acht í ar n-a dlúth-dhaingniughadh de shlataibh
cruaidh-righne caorthainn, agus ar n-a bualadh le cúlaibh
tuagh.”



“Atá iongnadh níos mó ioná soin,” ar Faolán mac
Aodha Big, “an bhruidhean ar a rabhadar seacht ndóirse
ag suidhe dhúinn annso, nach bhfuil anois uirthi acht aon
doras amháin cumhang deireoil agus a aghaidh ó thuaidh
go díreach.”



“Atá iongnadh níos mó ioná iad uile,” ar Conán
Maol mac Móirne, “na brait so-mhaiseacha do bhí fúinn
an tráth shuidheamar annso, nach bhfuil aon tsnáithe díobh
anois re ar gcneas; acht, dar liom, gurab í úir na
tal agus is fuaire í ioná sneachta ádhbhal-mhór aon
oidhche.”



19. “Is geasa damh-sa bheith i mBruidhin Chaorthainn aon
dorais,” ar Fionn, “agus is eagal liom gurab foraois
fheill an bhruidhean so i n-a bhfuilmid, agus gearraidh ar
a taoibh í go ndeacham aisti amach.”



“Déanfam,” ar Conán mac Móirne; agus thugadar
lámh thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus shaoil-
eadar an bhruidhean do bhriseadh i n-a dtimcheall gan
cháirde, agus ní raibh ar a gcumas dóibh, óir níor fhéada-
dar aon chor do chur díobh ins an áit i n-a rabhadar.



“Uch, is measa mar a thárla,” ar Fionn, “óir atá-
muid ceangailte de'n talamh go dochrach do-sgaoilte.”



Is annsoin adubhairt Goll mac Móirne le Fionn a


L. 16


ordóg do chur fá n-a dhéad feasa, agus fios agus fíor-
eolas d'fhaisnéis créad é an cuibhreach i n-a rabhadar,
agus créad d'fhóirfeadh iad, nó an dtáinig críoch a
mbeathadh.



“Cuirfead,” ar Fionn, “óir is ceart agus is cóir do
dhuine a dhícheall do dhéanamh an tan bhíos i bhfíor-
éigean.”



20. Iar soin do chuir Fionn a ordóg fá n-a dhéad feasa,
ionnus gur foillsigheadh fírinne dhó, agus an feall do
hullmhuigheadh dóibh, agus cionnus fóirfidhe uaidh iad,
gur chuir Fionn osna éagcaointeach ós árd as. Ar n-a
chlos soin do chách adubhradar: “Má's áil leis na déithibh,
a Fhinn, is tré nimh do mhéir do rinnis an osna soin?”



“Ní headh, go deimhin,” ar Fionn, “acht gabhann ar son
mo shaoghail feasta agus mo rae mar an gcéadna agus
ar chaitheas dem' aimsir gus indiu, óir d'fheall Rí Loch-
lann orainn, agus atá sé le ceithre bliadhnaibh déag ag
dealbhadh na mór-fhionghaile seo fá n-ár gcomhair-ne,
gurab anois do ráinig leis a críochnughadh. Ní bhfuair
árach orainn go dtug sé treise fear de Ghréagachaibh, dá
ngoirthear Sinnsear na gCath, leis, agus tá sé féin agus
Rí an Domhain i mBruidhin an Oileáin, agus ocht rí déag
i n-a bhfarradh ann; gurab ocht gcatha déag a léir-
thionól sluaigh, agus trí mhíle i ngach cath, ar a bhfuilid
trí Ríghthe Inse Tuile. Is draoithe duaibhseacha diabh-
laidhe agus tréan-fhir talcanta iad soin; óir is iad do
chuir an úir seo san mbruidhin i n-a bhfuilmid ceangailte.
Sinnsear na gCath is ceann agus comhairle ortha uile,


L. 17


agus is gearr go dtiocfaidh chugainn dár ndícheannadh;
óir ní féidir ár sgaoileadh ó'n gcruaidh-chuibhreach i n-a
dtárlamar go gcuimiltear fuil na dtrí Ríogh soin Inse
Tuile dár gcorpaibh. Atá mac mór-mheanmnach ag
Rígh an Domhain, eadhón, Borb mac Sinnsir na gCath, ar
an gcabhlach soin. Nimh, Ágh, agus Ácus is ainmneacha
do thrí Ríghthibh Inse Tuile.”



21. Ar gclos an sgéil sin do'n bheagán d'uaislibh na
Féinne bhí ins an mbruidhin, do leigeadar gártha troma
truaighmhéileacha asta ós árd de dhruim an imshníomha
agus an éadfhulaing i n-a rabhadar.



“Sguiridh, a Fhianna Éireann,” ar Fionn, “agus ná
déanaidh mná caointe díbh féin re hucht bhur mbáis; acht
gabhaidh meanma agus misneach chugaibh, agus seinnidh
an Dord Fhiann dúinn go cumhach ceol-bhinn mar oir-
fideadh roimh an mbás.”



Is annsoin do dhlúthadar a mbéil chum a chéile, agus
do sheinneadar an Dord Fhiann d'Fhionn agus dóibh féin.



22. Iomthúsa Oisín mhic Fhinn agus an uathaidh sluaigh
maille ris, seal fada dhóibh fá'n samhail sin go ndubhairt
Oisín: “A Fhianna Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom
a fhaid go gcuireann Fionn sgéala agus tuarasgbháil
na bruidhne agus na fleidhe chugainn amhail do gheall
sé; agus cia rachas do thabhairt sgéala uaidh?”



“Rachad-sa,” ar Fiachna mac Fhinn, “óir is mé an
duine is óige dá bhfuil ar an tulaigh seo.”



“Ag so mise leat,” ar Inse mac Suibhne Seilge.



Do ghluaiseadar rómpa, agus ní cian do chuadar


L. 18


an tan do chualadar an Dord Fhiann da seinnm san
mbruidhin go cumhach ceolmhar.



“Is maith atáthar ag an lucht do-ghní an ceol so,” ar
Inse mac Suibhne Seilge.



“Is dóichthe liom a bheith go holc aca,” ar Fiachna, “óir
is le linn dubhachais nó dubróin is gnáth leo an ceol so
do sheinnm.”



Do chuala Fionn dlúth-chomhrádh na díse sin agus
do thug aithne ortha, agus adubhairt: “An é seo guth
Fiachna mhic Fhinn do chluinim?”



“Is é go dearbhtha,” ar Fiachna.



“Ná tar níos neasa ioná soin do'n bhruidhin mhilltigh
mhalluighthe seo,” ar Fionn, “óir atámuid ceangailte
do'n talamh i n-úir Inse Tuile;” agus d'innis Fionn
gach nídh do himreadh ortha ó thús go deireadh dhó. Annsoin
d'fhiafruigh sé d'Fhiachna cia bhí i n-a fhochair. “Atá do
dhalta-sa, Inse mac Suibhne Seilge,” ar Fiachna.



“Teich ar ais leis go luath, agus ná leig fá fhorrán-
tacht claidheamh na n-allmhurach é.”



“Do b'olc an luach oileamhna maithe dhamh-sa tusa
d'fhágáil i n-éigean agus i n-anfhorlann, mar atá tú,
agus mé féin d'imtheacht uait,” ar Inse mac Suibhne.



“Máiseadh, ó nach áil leat imtheacht,” ar Fionn, “éirigh
féin agus Fiachna ar an áth ar sgáth na bruidhne, agus
cosnaidh é go maith go mbeiridh drong éigin d'Fiannaibh
Éireann oraibh;” agus do rinne siad amhlaidh.



“A mic Suibhne Seilge,” ar Fiachna, “cosain an t-áth
agus rachaidh mise d'fhios Bruidhne an Oileáin.”


L. 19


Ceileabhras cách dá chéile agus d'imthigh Fiachna roimhe
d'fhios na bruidhne.



23. Is annsoin do labhair iarla Gréagach bhí i mBruidhin
an Oileáin, agus adubhairt: “Rachad-sa ag iarraidh cinn
Fhinn mhic Chumhaill, agus do-bhéarad liom i bhfiadhnaise
Ríogh an Domhain é;” agus gluaiseas an t-iarla agus
céad ridire mar aon leis, agus níor stadadar nó go
rángadar go Bruidhin Chaorthainn; agus ar ndul go
hur an átha dóibh, do chonnarcadar mac Suibhne Seilge i
n-a sheasamh ar ur an átha.



“An duine thú?” ar an t-iarla.



“Is eadh, go deimhin,” ar Inse mac-Suibhne Seilge.



“Cia d'fhearaibh uaisle nó anuaisle an domhain tú?”
ar an t-iarla, “Nó cia darab muinntir thú?”



“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Inse.



“Máiseadh,” ar an t-iarla, “déan eolas dúinn mar
a bhfuil Fionn, go dtugam a cheann linn i bhfiadhnaise
Ríogh an Domhain.”



“Do b' olc an curadh coimeádta átha mé,” ar Inse,
“dá ndéanfainn mar adeir tusa liom; agus ná tar-se
thar an áth anall.”



Adubhairt an t-iarla: “Brisidh an t-áth ar an bhFéinn,”



24. Is annsoin thugadar sidhe sanntach sár-neartmhar
chum an átha, agus tháinig Inse mac Suibhne Seilge go
sar-chalma i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil, agus
thugadar gleo gáibhtheach gráineamhail dá chéile, agus do
thuiteadar an céad ridire Gréagach soin le béimeannaibh
borb-neartmhara Inse mhic Shuibhne. Annsoin do chomh-


L. 20


raic an t-iarla Gréagach agus mac Suibhne Seilge le
chéile, agus is cneadhach créachtach cróilinnteach do bhí
mac Suibhne Seilge iar marbhadh an chéad ridire sin.
Gidheadh, is meanmnach míleadhta mór-aigeantach an
comhrac do rinne sé féin agus an t-iarla Gréagach le
chéile nó gur thuit sé i bhfoircheann an chatha soin, agus
do bhain an t-iarla a cheann de.



Adubhairt an t-iarla iar soin: “Ní rachad d'ionnsaidhe
Bruidhne Caorthainn go mbiaidh sluagh Ríogh an Domhain
im' thimcheall, agus béaraidh mé an ceann so liom go
Rígh an Domhain.”



25. Ag dul d'ionnsaidhe Bruidhne an Oileáin dó,
thárla Fiachna mac Fhinn air.



“Cá conair as a dtángais, a ógláigh?” ar Fiachna.



“Ag iarraidh chinn Fhinn mhic Chumhaill do chuas,” ar
sé, “agus thárla óglách mór míleadhta mear-chalma i
mbrollach an átha orm féin agus ar mo mhuinntir, agus
an céad laoch do chuaidh liom do thuiteadar uile leis.”



“Créad as nachar thuitis féin leis?” ar Fiachna.



“Cruas mo chroidhe agus mire mo mheanman agus
láidreacht mo lámh do chlaoidh é, agus do thuit sé liom,”
ar an t-iarla.



“Dá dtuitfeadh,” ar Fiachna, “do-bhéarthá comhartha
cosgair agus comh-mhaoidhte leat.”



“Thugas a cheann liom,” ar an t-iarla.



“Taisbeán damh-sa é,” ar Fiachna.



Do thaisbeáin, agus do ghlac Fiachna an ceann, do
thug teora póg dhó, agus is é adubhairt sé: “Is maith


L. 21


tháinig an ceann so do'n cholainn ar a raibh sé ag
teacht na maidne indiu; agus an bhfuil a fhios agat cia
dá dtugais an ceann so?”



“Ní fheadar,” ar an t-iarla Gréagach, “acht munab
de mhuinntir Ríogh an Domhain tú.”



“Ní dá mhuinntir mise,” ar Fiachna, “agus ní headh
tusa níos fuide.”



26. Is annsoin d'ionnsuigheadar an dias deagh-laoch soin
a chéile, agus do rinneadar troid dian dásachtach re chéile,
nó gur thuit an t-iarla i ndeireadh an chomhraic sin le
béimeannaibh feargacha forála Fhiachna mhic Fhinn. Agus
do bhain Fiachna an ceann de, agus do rug leis é agus
ceann Inse mhic Shuibhne Seilge chum an átha. D'fhuaigh
sé ceann Inse mhic Suibhne Seilge le n-a cholainn, agus
do rinne feart fiodhbhaidhe dhó, agus do chuir go honórach
é. D'fhear sé a chluichthe caointe, agus do sgríobh a ainm
i n-ogham. Do rug sé leis ceann an iarla Ghréagaigh
go Bruidhin Chaorthainn, agus do labhair Fiachna i ndoras
na bruidhne.



“An é seo guth Fiachna do-chluinim?” ar Fionn.



“Is é go deimhin,” ar Fiachna.



“Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail agus
na hurlaidhthe athgharbha ainiarmharthacha úd do chuala-
mar ar an áth go forasta?”



“Do dhalta-sa, .i. Inse mac Suibhne Seilge, is mó do
rinne é,” ar Fiachna.



“Cionnus atá mo dhalta tar éis an chomhraic?” ar
Fionn.


L. 22


“Atá marbh gan amhras, agus do thuit céad ridire
Gréagach leis, agus do thuit sé féin le hiarla Gréagach
iar soin,” ar Fiachna.



“An bhfaca tú dá mharbhadh é?” ar Fionn.



“Ní fhaca,” ar Fiachna, “agus dá bhfeicfinn do shaor-
fainn ó éag é.”



“An ráinig leat díth do dhéanamh do'n té do mharbh é?”
ar Fionn.



“Do bhaineas a cheann de,” ar Fiachna, “agus thugas
liom chugat-sa é.”



“Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn: “is maith iad
mo chlann féin, agus ba bheag mo chuid d'Éirinn sul
a n-éirgheadar chugam; agus ba mhór mo chuid di anois
nó go dtárlas san mór-éigean so. Agus, a Fhiachna,
éirigh ar an áth, agus coimeád é go mbeiridh drong éigin
d'Fhiannaibh Éireann ort.”



27. Is annsoin do labhair iarla Gréagach, dár chomh-ainm
Cíorthann Cath-Mhíleadh. “Do chuadar mo bhráithreacha
amach ó chianaibh,” ar se, “agus rachad féin d'fhéachain
cionnus atáid siad féin agus Fianna Éireann re chéile;
óir is eagal liom nimh-ghaisge na nÉireannach do chur
ortha, agus rachad i n-a ndiaidh agus béarad ceithre
céad ridire liom.”



Do ghluais an t-iarla, agus níor forasadh leis go
hur an átha agus ceithre céad ridire mar aon leis, agus
do chonnarcadar Fiachna i n-a sheasamh ann.



“Cia darab muinntir thú?” ar an t-iarla.



“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Fiachna.


L. 23


“Cia do rinne an t-ár mór so i mbrollach an átha?”
ar an t-iarla.



“Is olc an fhiafraighe do rinne tú,” ar Fiachna, “acht
gibé do gheobhair san ngníomh agair air é.”



D'ionnsuigheadar na Gréagaigh an t-áth iar soin, agus do
chuaidh Fiachna go dian dásachtach agus go foirtil feidhm-
láidir fútha agus tríotha agus tarsa, agus thugadar
cath calma comh-neartmhar dá chéile, agus do thuit Cíor-
thann Cath-Míleadh agus a cheithre céad ridire le láimh
fheargaigh fhoirnimhnigh Fhiachna mhic Fhinn ar ur an átha.



28. Is annsoin do chuaidh sgéala an chomhraic sin go
Bruidhin an Oileáin, agus adubhairt Rí Lochlann: “Is
olc do rinneadar dul ann i gan fhios damh-sa, ná forgla
fear an domhain do dhul ann acht chomh beag i n-a gcuid-
eachtain, agus ní thiocfaidh eolach beo ná fear innste
sgéil thar ais díobh. Rachad-sa dá n-ionnsaidhe anois,
óir is ann atá an t-aon duine is beadaidhe san domhan
uile, eadhón, Conán mac Móirne, agus béarad proinn
céad fear liom de'n bhiadh is fearr san mbaile, agus an
uair do-chífeas sé an biadh dá chaitheamh ós a chomhair,
agus gan ar chumas dó a shroistin, rachaidh a chiall uaidh
de ghrádh an bhídh, agus bhéarad-sa bás dá bhfuil san
mbruidhin.”



Do ghluais sé chum an átha, agus cúig céad ridire
i n-a fhochair, agus do chonnairc Fiachna mac Fhinn i n-a
sheasamh ar ur an átha.



“An é siúd Fiachna mac Finn do-chím?” ar Míodhach.



“Is é go dearbhtha,” ar Fiachna.


L. 24


“Is ionmhuin liom an té atá ann,” ar Míodhach; “óir
do bhíos ceithre bliadhna déag i bhFiannaidheacht, agus
níor bhuaileas cú ná each ná duine dem' mhuinntir ar
feadh an rae sin.”



“Máiseadh,” ar Fiachna, “ní bhfuil de mhaithibh na Féinne
duine is lugha de chomaoine agat air 'ná mise, agus is
olc an mhaise duit-se anois é, óir d'fheallais orainn.”



“Níor agras m'athair agus mo dhias dearbhráthar
oraibh,” ar Míodhach, “do mharbhabhar i gcath Inse na
Beirbhe.”



“Is ort féin do rinnis an feall,” ar Fiachna.



Iar soin d'fhógair Míodhach d'Fhiachna an t-áth d'fhágáil.



“Ní bhéidh an sgéal soin agaibh le hinnsint orm-sa,”
ar Fiachna, “agus is truagh nach i dtús an lae thárla
chugam sibh sul do hanbhfainneadh mo chorp le hiomad
na gcneadh agus na gcréacht atá orm.”



Le n-a linn sin adubhairt Míodhach an t-áth do bhriseadh
ar an bhFéinn.



Is annsoin, do tháinig Fiachna i n-a gcoinne agus i
n-a gcomhdháil, amhail damh dian dásachtach ar n-a thréan-
bhualadh, nó mar leomhan lúthmhar lán-chréachtach ar n-a
crádh um a coileán, nó mar fhaolchoin chíocraigh chon-
fadhaigh. Dob' é sin samhlachas an bhriste agus an bhearrtha
agus an bhuan-réabtha uathbhásaigh thug Fiachna ar na
Lochlannachaibh gur thuit trí chéad laoch go deagh-thapaidh
leis díobh. Annsoin do throid sé féin agus Míodhach mac
Colgáin le chéile, agus do rinneadar comhrac féigh
feidhligheach fobhartach, agus urlaidhe ainiarmharthach do-


L. 25


eadrána, gan fios time ná tláis ná tarcuisne ag
ceachtar díobh thar a chéile.



29. Annsoin adubhairt Oisín mac Fhinn, agus é ar
mhullach Chnuic Fírinne, agus drong de'n bhFéinn i n-a
fhochair: “Is fada liom,” ar sé, “go dtagaidh an dís
gaisgidheach do chuaidh chum sgéala do thabhairt chugainn i
dtaobh Fhinn agus na Féinne.”



“Rogha gacha fleidhe atá aca,” ar sear díobh, “agus
ní hurusa leo a fhágáil.”



“Is baoghal liom-sa gurab 'ghá gcosnamh féin atáid,”
ar Oisín.



Adubhairt Diarmaid dreach-sholuis Ó Duibhne: “Rachad-
sa féin i n-a ndiaidh dá fhios créad fhuireachas iad.”



“Rachad-sa i n-éinfheacht leat,” ar Fatha Canann, mac
mic Chon.



Do ghluais an dís sin rómpa go Bruidhin Chaorthainn,
agus ar ndul i bhfogus do'n áth dóibh, mar a raibh Fiachna
agus Rí Lochlann ag comh-thuargain a chéile, d'fhiafruigh
Fatha Canann de Dhiarmaid an gcuala sé an fothram.



“Cluinim,” ar Diarmaid, “comh-gháir na sgiath, osnaidhe
na bhfear, gáir na ngeilt ós na gleanntaibh, agus
sgréachadh na mbadhbh ós na bruidheantaibh. Is ar an
áth re taobh na bruidhne atá an gleo gáibhtheach ádhbhal-
mhór so, agus is é Fiachna mac Fhinn do-ghní comhrac ris
na hallmhurachaibh. Brostuigheam chuige dá fhéachaint an
mbéaram i n-a bheathaidh air.”



“A Mic Uí Dhuibhne,” ar Fatha Canann, “ainic mac an
Rígh-Fhéinnidh ar bhás, no déaraidh Fionn gurab ded'
dheoin féin d'fhuilingis a bhásughadh.”


L. 26


“Má fhanaim-se le dul tar an áth anonn,” ar Diar-
rmaid, “ní bhéaraidh mé beo air, agus dá gcaithfinn mo
shleagh fá n-a dtuairim, ní fios cia aca do mharbhóchainn.”



“A Dhiarmaid,” ar Fatha Canann, “níor chaithis urchar
iomrollach riamh.”



Iar soin cuireas Diarmaid a mhéar i suaithnid shíoda an
Ghaoi Dheirg, agus thug rogha urchair do Mhíodhach mac Col-
gáin gur chuir an tsleagh tré n-a thaoibh agus tré n-a
chaomh-cholainn.



“Uch, is mairg dá dtárla an t-urchar soin,” ar
Míodhach, “agus is í sleagh Dhiarmada Uí Dhuibhne do
sáitheadh ionnam.”



“Is í, go deimhin,” ar Diarmaid, “agus seachain mac
an Rígh-Fhéinnidh, agus ná marbhthar leat é.”



“Ní móide do gheobhainn féin anacal uait-se é sin
do dhéanamh,” ar Míodhach, “agus ó táim-se chum tuitim
leat-sa de'n urchar soin, ní bhéaraidh Fionn a mhac féin
slán uaim-se, agus is gann an éiric liom é.”



Iar rádh na mbriathar soin dó, do dícheannadh Fiachna
mac Fhinn leis, agus thuit sé féin go lár agus go lán-
talamh.



Tháinig Diarmaid thar an áth anall, agus dubhairt
le Míodhach mac Colgáin:



“Ó do rugas id' bheathaidh ort déanfad thú dhícheannadh:
gidheadh, dá n-éagthá sul ar shroich liom teacht ag triall
ort, ní dhéanfainn thú dhícheannadh. Ní fulair liom do
cheann do bheith agam d'Fhionn i n-éiric a mhic.”



Iar soin do theasg sé an ceann de Rígh Lochlann.


L. 27


30. Chuaidh Diarmaid go doras Bruidhne Caorthainn,
agus d'iarr é osgailt.



“An tú Diarmaid?” ar Fionn.



“Is mé,” ar Diarmaid.



“Cia do rinne an gleo gáibhtheach gráineamhail do
chualamar ar an áth?” ar Fionn.



“Do mhac meanmnach mór-éachtach-sa, .i. Fiachna mac
Fhinn, is mó do rinne de,” ar Diarmuid.



“Cionnus atá mo mhac a haithle an chomhraic?” ar
Fionn.



“Atá marbh gan amhras,” ar Diarmaid, “agus do
thuiteadar trí chéad laoch láidir lán-chalma leis de
mhuinntir Mhíodhaigh mhic Colgáin, agus do marbadh dá
chéad eile dhíobh liom-sa agus le Fatha Canann.



“An bhfaca tusa dá mharbhadh é?” ar Fionn.



“Do chonnarc,” ar Diarmaid, “agus ní rugas i n-a
bheathaidh air.”



“Cia do mharbh mo mhac?” ar Fionn.



“Míodhach mac Colgáin,” ar Diarmaid.



“An bhfaca tusa Míodhach ag imtheacht tar éis mo
mhic-se do mharbhadh,” ar Fionn.



“Do chífinn dá n-imthigheadh,” ar Diarmaid, “óir do
mharbhas é, agus thugas a cheann chugat-sa.”



“Beir buaidh agus beannacht,” ar Fionn, “óir is minic
roimhe sin d'fhóiris ar Fhiannaibh Éireann, agus cuirimid
comairc ár n-anam agus ár gcorp ort go héirghe gréine
i mbárach.”



“Gabhaim do chomairc re hais ar fhearaibh an domhain”,


L. 28


ar Diarmaid; agus ceileabhras dóibh go ndubhairt
Conán mac Móirne: “A Dhiarmaid,” ar sé, “is olc
mo thuras féin do'n bhruidhin seo, agus is fuar an úir dá
bhfuilim ceangailte; gidheadh, is doilghe liom ioná soin
uile bheith gan biadh gan deoch, agus tá rogha gacha fleidhe
dá raibh riamh i nÉirinn i mBruidhin an Oileáin anocht,
agus tabhair corn fá dhigh chugam as.”



“Is mairg béal as a dtáinig an comhrádh soin, a
Chonáin,” ar Diarmaid, “agus forgla sluaigh an domhain
ar tí do bhásuighthe, agus fós nach bhfuil dod' fhortacht
agus ag fortacht a bhfuil san mbruidhin seo acht mise
agus Fatha Canann.”



“Uch, a Dhiarmaid, dá mbadh cara dlúth nó duine
gaolmhar duit d'iarrfadh an athchuinge sin ort, is deifreach
dícheallach do dhéanfá é, agus do rachthá i gconntabhairt
dá thabhairt chuige, agus ní rachair damh-sa ann. Ar an
adhbhar soin is fearr leat mise do thuitim ioná bheith im'
bheathaidh.”



“Ná himdhearg mé níos mó, a Chonáin,” ar Diarmaid,
“agus rachad d'iarraidh bídh agus dighe dhuit.”



31. Gluaiseas Diarmaid chum an átha, mar a raibh
Fatha Canann ag foraire, agus adubhairt leis:



“A Fhatha Chanann,” ar sé, “déan-sa faire agus iom-
chosnamh ar an áth go ndeachainn-se go Bruidhin an
Oileán d'fhéachain na n-allmhurach, agus ag iarraidh bídh
agus dighe do Chonán.”



“Ná héirigh,” ar Fatha Canann, “óir atá biadh agus
deoch go líonmhar annso thug Míodhach leis, agus ní


L. 29


bhfuair sé rae chum a chaithte, agus beir a leor-dhóthain
chum Conáin de.”



“Dá ndéanfainn sin,” ar Diarmaid, “déaradh Conán
gur biadh daoine marbh do bhéarainn chuige, agus do
cháinfeadh sé mé; déan-sa faire agus forchoimheád ar
an áth go teacht damh-sa ar ais.”



Dála Dhiarmada, do ráinig roimhe go Bruidhin an
Oileáin, agus do chuaidh isteach innti, agus is ann fuair
sé Rí an Domhain agus a mhac go n-a sluaightibh i n-a
suidhe ar na bordaibh ag caitheamh fleadh agus féasta,
agus daileamhain dá ndáil ortha. Do bhí corn comh-
fhleadhach i láimh gach aon duine aca, go n-a lán de dhigh
sho-bhlasta sho-óla dá thabhairt do Rígh an Domhain. Thug
Diarmaid buille neartmhar náimhdighe do'n dáileamh fá
neasa dhó, gur sgar a cheann re a cholainn, agus gabhas
an corn i n-a láimh chlí agus an claidheamh i n-a láimh
dheis, agus gluaiseas gus an mbord mór, agus do thug
buille dhá chois i n-ucht an ríogh, agus do threasgair go
hainiarmharthach é, agus do thóg an mhias do bhí i bhfiadhnaise
an ríogh, agus do ghluais air go Bruidhin an Chaorthainn
gan fuiliughadh gan foirdheargadh, agus tháinig go hur an
átha, agus fuair Fatha Canann i n-a chodladh i mbrollach
an átha.



“Is iongnadh liom do chodladh fá'n am so,” ar Diar-
maid, “agus nach bhfuil eagla ná uamhan ort i dtaoibh an
áir uathbhásaigh id' thimcheall, agus is doiligh liom d'fhágáil
san gcodladh soin, agus dá bhfanfainn féin id' fhochair
cháinfeadh Conán mé. Acht adeir an sean-fhocal: ‘Is beo


L. 30


neach d'éis a bhuailte, agus ní beo é d'éis a cháinte.
Rachad leis an mbiadh so chum Conáin.”



32. Gluaiseas Diarmaid go Bruidhin Chaorthainn, agus
labhras i ndoras na bruidhne, agus adubhairt:



“A Chonáin,” ar sé, “atá biadh agam duit, agus ní
bhfuil a fhios agam cionnus a bheidh sé agat.”



“Teilg chugam é,” ar Conán: “atám-se ar aghaidh an
dorais go díreach, agus níor thugais urchar mearaidhe
riamh.”



“Dob' eagal liom go salóchainn thú,” ar Diarmaid.



“Ní theicheann cú roimh chnáimh,” ar Conán.



Annsoin caitheas Diarmaid an biadh chum Chonáin, agus
do bhuail timcheall a bhéil agus a bhrollaigh é, gur smear
agus gur shaluigh sé Conán go mór.



“Atá deoch agam duit, a Chonáin,” ar Diarmaid,
“agus ní fheadar cionnus do shroichfidh mé thú.”



“Éirigh de léim lúthmhair lán-éadtruim ar mhullach na
bruidhne, agus déan poll ós mo chionn, agus doirt an
deoch go díreach im' bhéal,” ar Conán.



Dála Dhiarmada, d'éirigh sé de léim lán-thapaidh ar
mhullach na bruidhne, agus do rinne sé poll ós cionn
Chonáin, agus do dhoirt sé an chuid ba mhó de'n digh ar
gach taobh dá bhéal.



“A Dhiarmaid,” ar Conán, “dá mbadh cara dlúth nó
duine gaolmhar do bheadh fút annso, is díreach do chuirfeá
rud i n-a bhéal, agus ní mian leat é chur im' bhéal-sa.”



Ó do chualaidh Diarmaid sin do dhoirt sé an méid do
bhí ins an gcorn i mbéal Chonáin, agus do léim féin


L. 31


de'n bhruidhin, agus d'imthigh d'fhorchoimeád an átha.



33. Fá'n am soin ba chlos i mBruidhin an Oileáin gur
marbhadh Míodhach mac Colgáin, Rí Lochlann, agus a
ndeachaidh leis. Adubhairt trí ríghthe Inse Tuile: “Is
olc do rinne Rí Lochlann dul amach i gan fhios dúinn:
óir is dúinn badh chóir a raibh i mBruidhin Chaorthainn do
dhícheannadh, de bhrígh gur sinn do chuir an úir innti.”



Gluaisid iar soin agus deich gcéad ridire armuighthe
éidighthe maraon riú go hur an átha, agus do chonnarc-
adar Diarmaid i n-a sheasamh ar an áth.



“Cia thú atá ar an áth?” ar siad.



“De mhuinntir Fhinn mhic Chumhaill mé,” ar Diarmaid.



“An tú Diarmaid Ó Duibhne?” ar siad.



“Is mé go dearbh,” ar Diarmaid.



“Is maith linn tú bheith ann,” ar siad, “óir is comh-
dhalta gaisge agus foghlama dúinn-ne thú, agus ar an
ádhbhar soin fág an t-áth, agus tabhair slighe, nó cead
slighe, dúinn-ne go ndeachaimís go Bruidhin Chaorthainn,
agus go dtugaimís ceann Fhinn mhic Chumhaill linn.”



“Is ó Fhionn thánag-sa do chosnamh an átha, agus do
naisg sé comairc orm go teacht d'Fhiannaibh Éireann dá
fhortacht; uime sin, fad is beo mise ní thabharfad cead
slighe dhíbh-se.”



34. Iar n-a chlos soin do ríoghraidh Inse Tuile thugsad
sidhe sanntach chum an átha agus tháinig Diarmaid i n-a
gcoinne agus i n-a gcomhdháil go míleadhta mear-chalma,
agus thugadar cath cródha cosgarthach dá chéile gur
thuiteadar drong mhór de'n laochraidh le Diarmaid ar an


L. 32


láithrigh sin; agus leis sin bíodhgas Fatha Canann as a
chodladh le béiceadh agus búireadh na míleadh, agus le
sgeimleadh na sgiath dá sgoilteadh, agus le sianghail na
n-óg dá n-oirleach.



Do thóg Fatha Canann a shleagh agus ritheas i gcoinne
Dhiarmada Uí Dhuibhne, i ndíoghail gan é dhúiseacht as a
codladh, agus do theich Diarmaid thar an áth roimhe i ndóigh
go ndíoghalfadh sé a fhearg ar a eascáirdibh. D'iompuigh
Diarmaid air, agus adubhairt leis: “Díoghail t'fhearg
ar do námhaid, agus fós is leor liom-sa ar fhulaing mé
uait gus anois.”



Iompuigheas Fatha Canann uaidh iar soin, agus téid fá
na hallmhurachaibh, agus gabhas dá n-éirleach agus dá
n-ath-cumadh, dá dheis agus dá chlí. Comhraiceas Diarmaid
agus trí ríghthe Inse Tuile le chéile go gáibhtheach grod-
urlamh, gur éirigh uaill agus árd-áigneadh i nDiarmaid,
agus thuiteadar trí ríghthe Inse Tuile leis. Thug sé
féin agus Fatha Canann dearg-ár ar na hallmhurach-
aibh, go nach ndeachaidh fear innste sgéil as díobh, agus
teasgas Diarmaid na cinn de thrí ríghthibh Inse Tuile,
agus gluaisid Diarmaid agus Fatha Canann rómpa
d'ionnsaidhe Bruidhne Caorthainn. Do labhair Diarmaid
i ndoras na bruidhne, agus fiafruigheas Fionn sgéala
an chatha dhe.



35. “Do marbhadh ríoghradh Inse Tuile go n-a mhuinntir
liom-sa agus le Fatha Canann,” ar Diarmaid, “agus
thugamar a gcinn chugat-sa.”



“Beir buaidh agus beannacht, a Dhiarmaid” ar Fionn:


L. 33


“is buadhach an cosgar soin. Cuimlidh cuid de'n bhfuil
sin fá na dóirsibh go n-osgluighthear libh iad.”



Do rinne siad amhlaidh, agus téid isteach san mbruidhin,
agus do chuimil siad an fhuil ar dtús d'Fhionn agus de
chách, gur éirgheadar as an mbruidhin amach, agus do chan
siad ceolta binne ag breith a mbuidhe ris na déithibh i
dtaoibh iad do sgaradh ris an mór-ghábhadh soin i n-a
rabhadar; agus tigid as an mbruidhin amach iar soin, acht
Conán mac Móirne amháin, óir níor shroich an fhuil é, agus
do bhí a dhá sháil, cúl a chinn, agus a shlinneáin ag lean-
mhain de'n talamh.



“A Dhiarmaid,” ar Conán, “an annso do b' áil leat
mise d'fhágáil?”



“Ní headh,” ar Diarmaid, ag filleadh air, go ndubhairt
le Fatha Canann congnamh leis, go rugadar ar Chonán
agus thugadar tarraing foirtil feidhm-láidir dó, gur
fágadh a chroiceann ag leanmhain de'n talamh; gonadh de
sin do lean an forainm de ó shoin a leith, .i. Conán Maol
mac Móirne.



Is annsoin adubhairt Fionn. “A Dhiarmaid,” ar sé,
“ní badh ionchomhraic aon duine dá bhfuil san mbruidhin
seo go héirghe gréine i mbárach; agus uime sin, éirigh
féin agus Fatha Canann ar an áth, agus cosnaidh é, go
mbeiridh drong éigin d'Fhiannaibh Éireann orainn.” Do
rinneadar amhail adubhradh leo.



36. Do cualadh fá'n am soin i mBruidhin an Oileáin gur
marbhadh ríoghradh Inse Tuile agus a muinntir maille riú.
Adubhairt mac míleadhta mear-chalma do bhí ag Rígh an


L. 34


Domhain, .i. Borb mac Sinnsir na gCath, go rachadh féin
do dhíoghail ar marbhadh dá mhuinntir, agus go dtiubhradh
ceann Fhinn mhic Chumhaill chum a athar. Gluaiseas roimhe
agus míle laoch láidir lán-chalma mar aon leis go hur
an átha, agus do chomhraic Diarmaid agus Fatha Canann
leo go feargach foirtil.



Is fá'n am soin adubhairt Oisín mac Fhinn: “A Fhianna
Éireann,” ar sé, “is iongnadh liom féin a fhaid atáid
an laochradh do chuaidh do thabhairt sgéala Fhinn agus na
Féinne chugainn, agus rachad féin i n-a ndiaidh.”



Ghluais sé féin agus cách i n-éinfheacht leis go gcual-
adar gáir an chatha ag an áth. Do bhrostuigheadar
d'fhortacht a muinntre. Ó do chonnairc Fionn agus Goll
go n-a raibh de'n bhFéinn i n-a bhfochair Oisín ag dul
san gcath, do mhéaduigh uaill agus meanma iad go
ndeachadar dá rochtain, gur cuireadh cath ainmhín eatortha,
gan fios dóibh cia aca díobh do b' arrachtaighe. Thárla
Goll glac-láidir mac Móirne agus Borb mac Sinn-
sir na gCath re chéile, agus rinneadar gliadh tréimhse
fhada nó gur luathuigh Goll a lámh san iorghail sin, agus
do thug béim bhasgaitheach bháis do mhac Ríogh an Domhain,
agus do sgar a cheann le n-a cholainn. Maoidheadh an
cath ar na hallmhurachaibh, go nach ndeachaidh aithid díobh
beo ó láthair an chatha.



Ar gclos i mBruidhin an Oileáin na mór-éacht soin
do thógadar gártha troma géar-chaointe, agus faoidh fhada
fhíor-thruaighe ós árd ag caoineadh mic Ríogh an Domhain.
Éirgheas Rí an Domhain féin amach iar soin, agus líon


L. 35


a shluaigh agus a shochraide i n-a thimcheall, go ndubhairt
le n-a mhuinntir a gcáirde do dhíoghail ar an bhFéinn.
Thógadar faobhar a n-arm ós a gcionn, go ndeachadar
chum an átha, agus cuireadh cath ainmhín ath-gharbh eatortha
féin agus an beagán d'uaislibh na Féinne do bhí rómpa.



38. Is annsoin d'éirgheadar Fianna Éireann, agus do
chuireadar iad féin i n-ordughadh catha agus cruaidh-chomh-
raic, .i. Clanna beo-chliste Baoisgne i n-ur-thosach an chéad
chatha, agus Clanna meara míleadhta mór-calma Móirne
i dtosach an dara catha, agus Clanna cródha cosgaracha
mic an Smóil i dtosach an treas chatha, agus Clanna nimh-
neacha neamh-eaglacha Neamhain i dtosach an cheathramhadh
chatha. Do bhí brata meidhreacha maoth-sróill i lámhaibh na
laoch lán-chalma, agus cinnbhearta caomh-áille cloch-
bhuadhacha ar cheannaibh na gcuradh, agus sgiatha sgiamh-
áille ar rígh-laochaibh agus ar rígh-churadhaibh; agus
claidheamh trom toirt-bhuilleach ar thaoibh chlí gach cath-
mhílidh; agus craoiseach chrann-righin chró-fhairsing go
briochtaibh nimhe i ndeas-lámhaibh na ndeagh-fhear i n-oir-
chill ágha agus áthais do dhéanamh.



Is mairg, tra, na bíodhbhaidhe chum adtángadar na sár-
laochraidhe siubhlacha fíor-bheodha soin, .i. an dream nár
turnadh agus nár traochadh i gcathaibh ná i gcomhlannaibh
riamh. Do bhrúchtadar na catha ceachtardha soin i gceann
a chéile, agus do chaith siad frasa faobhracha dá n-arm-
aibh diubhraicthe ria a chéile go ndeachadar i muinghin a
gclaidheamh gcolg-dhíreach gclais-leathan, gur mhór-áidhbhéil
re a fháisnéis an leadradh agus an lán-sgeimhleadh thug
cách for a chéile.


L. 36


Ba thruaghamhail tuarasgbháil an chatha an tan soin,
óir ro ba iomdha inchinn, abach, agus ionnathar ar chosaibh
lán-láidre laoch. Ro ba iomdha ann fós bruinne baoth-
dhearg agus corp go ciorrbhuighthe, laochradh go leointe,
agus míleadh go mór-chréachtach, lámha go leathta, agus
béal ar n-a ghlas-bhánughadh.



39. Brostuigheas Fionn, an flaith Féinne, a laochradh féin
ins an gcruaidh-chomhrac soin, gur chorruigh méad meanman
i n-a mhíleadhaibh, agus loinne lán-dásachtach i n-a laoch-
radhaibh, agus fíoch frithir-nimhneach i n-a fhlathaibh, ionnus
gur gad um gainimh dul i ngleic comhraic le Fiannaibh
Éireann an tan soin, nó gur tanuigheadh go tiugh an
sluagh allmhurach leo. An tráth do chonnairc Osgar mac
Oisín meirge agus mór-bhratach Ríogh an Domhain i n-a
sheasamh gan clódh, agus an cró comh-dhaingean catha do
bhí timcheall air dá anacal ar armaibh a námhad, ionn-
suigheas é mar leomhan ar lán-mhire, agus comhraiceas
féin agus Rí an Domhain le chéile, go mórdhálach mear-
chalma, go dtug gach fear díobh caogad cneadh agus
créacht ar a chéile, gur árduigh uaill agus aigneadh
Osgair mhic Oisín, go dtug buille borb-neartmhar báis
do Rígh an Domhain, agus do sgar a cheann le n-a cholainn.
Agus iar soin madhmadh ar na hallmhurachaibh, go nach
ndeachaidh eolach beo as díobh, acht beagán do chuaidh i
muinghin a mór-reatha d'ionnsaidhe a long.



40. Gonadh í sin críoch Bhruidhne Caorthainn go nuige
sin.


L. 39


Truagh, a bháis, do neart
Nach gabh ceart ná cóir,
Mar chuirtear fád' smacht
Ríoghraidh na n-at n-óir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services