Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Luibheólas
Title
Luibheólas
Author(s)
Tóibín, Seán,
Pen Name
Fear Faire, An / Lúgh Mac Céin / Seán na
Composition Date
1918
Publisher
Lóchrainn, An
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Luibh Eolas. Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair. Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht ins gach tor ar fuaid gacha páirce. An Caisearbhán. Amach as an bpréimh is eadh fhásan bileóga an Chaisearbháin (Taraxacum Officinalis) agus ní bhíon de ghas ar an luibh ach an gas fada bog ar a bhfásan an bláth. Dath geal buidhe a bhíon ar an mblátha agus nuair fheóchan, bíon go clúmhach ar nós an Spuinnc agus gráinne síl ag bun gacha ribe den chlúmh. Tagan fonn eitilte ar an ngráinnín sin nuair a shéidean an ghaoth agus bfhéidir go mbíon cúpla míle de bhóthar idir áit bheirtha an ghráinne sin agus an fód a bheathuighan clann do! Bíon bior ar an ngráinne síl agus nuair a thagan an pairisiút anuas as na glinn- tibh aer, deinean an gráinnín poll sa talamh do féin mar bíon sé ar a bhíor fé. Ní daingine an "ceangal lae agus bliana" a chuireadh Fionn ar a churrach 'ná an ghreim a bheirean an gráinne síl sin ar an ithir. Fear sainnte is eadh an
Caisearbhán atá de shíor ar lorg tuille talaimh is triúcha dá chine, agus pé fód in a dtéighean a phréamh fanfaidh ann "le saoghal na bhfear." Tá árd-mheas ag na seandaoine ar an gCaisearbhán mar leigheas ar dhroch- ghoile agus ar ghalar ae. Tá a lán slighte aca chun é bheirbhiú. Chonnac mná tighe i gCiarraighe 'á thabhairt dá gclainn mar dheoch ghlantha na fola i dtosach an ear- raigh. Tá cúl 'á thabhairt ag Gaedhlaibh anois le leigheasana den tsórd san; is milse leó "buidéal na scillinge is trí leitphinge" a gheibhtar i siopa na bhfuin- neóg ioldathach. A meon féin ag gach dream dá dtagan, go bhfóire Dia ortha! ("Cas-tsearbhán," a deirtar in áiteana sa Mhumhain). An Mismín. Ar a bhalath bhreágh aithneóch- thá an Mísmín (mentha). Tá seacht saghas Mísmín ann agus is é an áit tais an ball is annsa leo le chéile, ach aon tsórd amháin (Mentha Arvensis), agus is maith leis sin an fód a bhíon tirm. Sin é an saghas a bhíon sa gháirdín ag daoine mar ghlasair i gcóir an anbhruithe. Cuirean sé blas agus balath ar an súip. Ní bhíon
ón bhFranncach ach dornlach den Mhísmín, nó d'aon luibh chumhra mar é, agus dhéanfadh sé anbhruithe girrfhéidh nó anbhruithe circe dhuit nó saghas ar bith iarfá air, agus gan aon bhlúire feola aige chun an ghnótha! Bláth ar ghné den chorcuire a bhíon ar gach saghas Mísmín, ach ní bláth ró bhreágh é. Ní ar an mbláth a bhíon an Mísmín ag brath chun líonmhaire do dhul ar a shórt. Cuirean sé préamhacha ar leith amach uaidh agus gan de chúram ortha san ach chun planndaí nua a dhéanamh. Ní gádh ansan bheith ag brath ar an síol chun an treibh a bhuanú agus d'á bhrigh sin, ní gádh breághthacht bláth. An Garbhlus. Tríd an bhfál is tríd an drisleach a chífeá an Garbh- lus, "Garalus," (Gallium Aparine) ag fás. Tá sé lán de chrúicíní beaga agus téighid siad in achrann san uile rud bhíon ag fás i gcomhgar an luis. Nuair is dóigh leis an Driseóig gurab í féin is aoirde is is mó le rádh sa "tír chois claidhe" i dtosach an tsamh- raidh, preaban an Garbhlus in a sheasamh agus tréis cúpla seachtain bíon an Dris- eóg bhocht múchta aige agus gáir maoidhte is magaidh ar siubhal aige fúithi. Agus
donas an scéil ar fad, ní fhéadfadh an Garbhlus aon dul i n-áirde a dhéanamh mura mbeadh ise bheith mar thaca aige! Nuair a bhíon an síol aibidh, cuirean an Garbhlus an duine agus an t-ainmhidhe do dhéanamh gnótha dho, ag scaipeadh síl. Beirid siad leó cuid den síol i gan fhios dóibh, é ceangailte i gcasóig duine, nó i gclúmh an ainmhidhe. Nuair a thagan an athbhliain bíon craobhacha den Gharbhlus in áit ná raibh riamh cheana, chun driseóg agus tor do chrádh. Ní mhairean an Garbhlus ach ar feadh cúpla mí. Saoghal gairid suairc a bhíon aige agus is dóigh gur ar an nDriseóig a bhíon an t-árd-áthas nuair eugan fear a ciapaithe. An Feileastrom. Bileóga breághtha fada agus déanamh claidhimh ortha a bhíon ar an bhFeileas- trom (iris pseudacorus). Is neamhchoit- ianta an saghas blátha a thagan air. É mar a bheadh trí bhlátha singile ceangailte d'á chéile, agus dath geal buidhe ortha. Sa churrach nó cois an tsrutháin 'fhásan an Feileastrom agus níl aon tseó ach a mhire is a leathan sé é féin ar fuaid an chur- raigh. I dtosach an tsamhraidh a thagan
an bláth air agus bíon mar a bheadh máilín tímpal an bhlátha go dtagan an lá chun an bhreághthacht a thaisbeáint. Bainean an Feileastrom preab as na comharsanaibh agus cuirean eud ortha lá na taisbeána. Nuair imthighean an bláth fásan sparán trom teann in a inead. Síol a bhíon sa sparán san agus nuair a bhíon an síol aibidh, eirighean an sparán dubh nó crón. Áis mhór do fheirmeóiríbh an Feileastrom, mar deinean sé ceann ana-mhaith ar chruaich féir. Labhartar an ainm ar a lán cuma mar atá — "Feileastrom, "Eileas- trom," "Seilistring," agus c. Athair Talmhan. Is deas bog mín an bhileóg a bhíon ar an Athair Talmhan (Achillea Millefolium). A lán mionbhláth le chéile is eadh an bláth, agus is mó dath agus gné datha a bhíon air. É bán de ghnáth, ach an plannda is giorra dho san, b'fhéidir gur bláth liathdhearg bheadh air. Is é áit is deise in a bhfaca é 'ná i gceanntar an Bhuirinn, i nDúithe Dhála gCais. Bíon gach gné ó bhán go dearg ar an Athair Talmhan ansúd. Is mór ag na beachaibh an tAthair Talmhan mar tá flúirse meala ann.
Chonac fear i gCill Áirne (i mbliain a 1908) 'á bhailiú, mar leigheas ar an eitinn (galar scamhóg), agus dheineadh Mr. Gibson a lán de'n leigheas san do dhaoine bochta i gCathair Luimne- Minmhear. In áiteanna i gcomhgar na farraige. Iseadh is flúirsighe fhásan an Minmhear (Conium Maculata). Tá a lán plannda den déanamh céadna leis an Minmhear, ach aithneóghair é sin i gcomhnaidhe ar na smóilíní dubh- dhearga a bhíon ar an ngas agus bíon an gas sleamhain. Tá an Minmhear lán de nimh agus seachnuighid na beithíg é, dá bhrí sin. Dá mb'iad na gamhna féin, ní bhainfeadh an méid sin dearmhaid dóibh agus baint leis. Sin buntáiste atá ag an ainmhídhe, de ghnáth, ar an nduine — aithnighean sé an rud go mbíon an nimh ann agus ní aithnighean an duine é! Sa tseanaimsir, bás le nimh a thugaidís Gréagaig do lucht tréasúin a dhéanamh, agus is í nimh a bhíodh aca chuige 'ná nimh an Mhinmheara. Braon de shugh na luibhe sin d'ól Socráid Saoi nuair a daoradh chun báis é. Labhartar "Milmhear" agus "Muinmhear," leis.
Marbhdhraighean. Cois claidhe nó i gcomh- gar fáil is eadh chífeá an Marbhdhraighean, "Mara- ghradhn" (Agrimonia eupatoria). Ní maith leis iomad fliuchra. Bíon gas righin air agus balath deas uaidh. Bíd na blátha go mion. Iad mar a bheadh réilthíní beaga buidhe. Bíon an Marbhdhraighean fé bhláth ar feadh cúpla mí sa tsamhradh, mar an túisce is fheóchan bláithín, oscailean ceann eile amach. Comh-chuma dhó, agus do bhláth an Droighneáin Duibh (Prunus Communis) agus is de sin an ainm — marbh-dhraighean, mar ní bhíon aon dealg air. Dála an Gharbhluis (Gallium Aparine), cuirean an Marbh-dhraighean cách ag obair, ag scaipeadh a chuid síl do. Tá crúicíní chuige sin ag bun an bhlátha. Má scrúd- uighir an bhileóg is mar seo atá: dhá mhion-bhileóig ar aghaidh a chéile amach, dhá cheann eile i bhfad níosa lugha ar aghaidh a chéile amach, agus don réir sin suas bileóg aonair mar cheann ar an sraith. Is samhail do chleite a bheadh fliuch an saghas san bileóige. An Ceallach, fear bile 'gus bláth, i mBaile Bhéacháin a thug an ainm dom (1910).
Briosclán. Bileóga deasa míne a bhíon ar an mBriosclán (Potentilla Anserina) agus leathta anuas ar an dtalamh is maith leis bheith. Tá na bláithíní go geal buidhe ach ní bhíon aon raidhse dhíobh ann. Tá an taobh íochtair den bhileóig ar dhath an airgid, agus bileóg iseadh í go dtagan feócha uirthe cúpla neomat tréis í stathadh. Fásan géagán amach as cabhail na luibhe agus imthighean sa tsiubhal do féin agus déinean lus beag nua dhe agus ní túisce socair sa talamh don lus nua 'ná go gcuirean géagán eile amach agus tréis tamal slighe (leath troigh) bheith curtha dhe aige, déin- ean planda nua dhe, agus mar sin de, go mbíon sraith lus nua ann agus ceangal eadartha i bhfuirm géagáin. Iad mar a bheadh saighdiúirí agus dlúthas cabhrach eadartha. Adeirid Cláirínigh leigheas ar an mbreoiteacht mhóir a bheith ann. Labh- artar — "brioscalthán" agus "brioscán," agus deirean an Colgánach m.r.i.a. go n-abarthar "briosclóg," Cois Life. An Slánlus. Níl leanbh sa Ghaedheal- tacht ná h-aithnighean an Slánlus (Plantago Lan- ceolata). Amach as an bpréimh iseadh
fhásaid na bileóga, Iad fada biorach, agus gan an ghlaise cheudna ar aghaidh na bileóige agus atá ar a cúl. Bíon féitheóga fada ó bhun go bárr gacha bileóige. Is suarach an bláth a bhíon ar an Slánlus; is ar éigin gur fiú bláth a thabhairt air. É mar a bheadh cnaipín ar bharra gais fhada chruaidh. Tá árd-mheas ar an Slánlus mar leigheas ar chneádh. Nuair a bhuailean garsún buille dá chamán ar mhéirín ar gharsún eile, rithean an duine gortaithe fé dhéin an tSlánluis agus brisean sé bileóg de agus cimilean sé don mhéir gheárrtha í. Cuirean san stad leis an dtabhairt fola agus ní raghaidh an cneádh chun otharais. De sin an ainm. Adeirean an Colgánach go ndeinid Albanaigh agus muinntir Shléibhte Himalaya an saghas ceudna úsáide dhe — é in a leigheas ar dhro'chneádh aca, agus seo scéal a chuala sé i gConnachtaibh: D'éirigh idir an Chiaróg agus an Dara- daol, tráth, agus bhí in a chogadh chraorac aca. Sa chath dhóibh rug an Daradaol ar an gCiaróig agus chuir sé nimh a iorbaill innte agus d'fhág sínte marbh í,
dar leis. Ach cad a dhein an Chiaróg ach greim den tSlánlus 'ithe agus do leighiseadh láithreach bonn í. Cruach Phádraig. Tá gaol gairid idir an Slánlus agus Cruach Phád- raig (Plantago Major). Clann na beirte iseadh iad, muran drith- áireacha iad. Níl bileóga na Cruaiche biorach, ámh, ach amach as an bpréimh fhásaid siad agus tá na féitheóga ionnta. Luibh ana-threun is eadh í. Is cuma cad é an phasáil a déanfí uirthe, ní raghadh sí d'eugaibh. Tá an saghas ceudna buadha innte agus atá sa tSlánlus. Deintear ceirighe de sna bileógaibh mar leigheas ar aon dro'chneádh. Ní dóigh liom go bhfuil aon luibh eile ann go luadhtar ainm Phádraig léi ach an Chruach, agus is iongna é sin. Tugtar "cró" agus "crua" agus "cupóg" uirthe chomh maith le Cruach. An Feochadán Aithnighean gach aonne an Feochadán ar a dheilgní géara. Tá a lán saghas de ann ach is é an Feochadán Fiadh (Cnicus lanceolatus) an ceann is breaghtha dhíobh. Gas cruaidh díreach a bhíon air sin agus mar a bheadh mion
sciatháin, nó cluasa, fan an ghais ó bhonn go bathas. Tá an gas féin go clúmhach. Dath den ghealchorcuire a bhíon ar an mbláth. Ní baoghal go mbeidh na leanbhaí ag stathadh bláth an Fheochadáin sin. Cos- aint rí mhaith ar lucht fuadaigh is eadh na deilgní cruadha geura. Bláth breágh ríoga is eadh é agus is é a thoibh (thoghaibh) na h-Albanaigh mar chraobh náisiúnta. Tá Feochadán eile ann (Cnicus Arvensis) agus d'aithneóthá ar bholath an bhlátha go bhfuil mór chuid meala ann. Bíon ana- chaidreamh ag na cuileóga leis — "Mo ghrádh thu, 'rud agat." Tá an Feóchadán Mín (Carduus Nutans) in a lus ana- ghlic. Aon bhláth amháin a bhíon ar bhárr gacha gais agus ar eagla go mbeadh na cuileóga is na beacha ar lorg na meala sara mbíon lá an mhargaidh ann, cuirean sé snátha tímpal an bhlátha. Ceapaid na cuileóga gur nead dubhánalla é agus seachnuighid ar a n-anam é! D'íosaidís na beithidhig an feochadán go sásta mara mbeadh na spíní. Ní bheadh feochadán le feicsint mura mbeadh an éide bhréagh catha a cheap sé dho féin. Níl aon bheann ag an asal ar dheilgní an fheóchadáin, ámh. Teanga mhaide at aige sin, is dócha.
Imthighean síol an fheóchadán le gaoith amhail a dheinean síol an Chaisearbháin. Tá cóir mhaith aige chun eitilte, "Feoth- anán" a labhartar i gConnachtaibh, Cupóg. Gas láidir righin a bhíon ar an gCupóig Sráide (Rumex obtusifolius) agus bláth glas gan chrot a bhíon uirthe. Bíd na bileoga go bog leathan, agus do deintí úsáid díobh, tráth, chun im do chimeád fionn- fhuar. Iad do leathadh ar an im nuair a bheadh sé meadhta in a phúntaibh. Páipéar a bhíon ann anois in inead na mbileóg san. Comhairle an "Department" é sin, is dócha. Nuair a thagan feocha ar an gCupóig, eirighean sí crón agus cróine ar áilneacht is eadh í. "Iarball mada ruaidh" a tug- tar ar an bplannda ansan. Pé fód go lonnuighean an Chupóg ann, fágfaidh sí go bocht é. Téid na préamhacha ana- fhada síos agus saothar thar bárr is eadh an Chupóg do ruagairt as an ngarraidhe. De chine cheart na troda is eadh í agus caithfar buachtain go glan is go h-iomlán uirthe sara n-eugan sí. Ó bheith ag fás sa' chlós nó "ar sráid" an tighe a tugadh
Cupóg Sráide uirthe. "Basa sráide" adeirid muinntir Bhaile Mhacóda. An Neanntóg. Gas caol lag a bhíon ar an Neanntóig (Urtica dioica). É cearnógach agus guairí air. Bíd na bileóga garbh agus iad lán de ribí. Má leagair do lámh ar an Neanntóig go deas réidh déanfair léimt, mar cuirfidh sí nimh ionat, ach má dheinir crotha maith lámh, crotha lámh an fhir tuaithe, léi, ní baoghal duit. Blátha glasa gan aon ró-chrot a bhíon uirthe. Bhí árd-mheas ar an Neanntóig ag seandaoine mar bhiadh a ghlanfadh an fhuil san earrach. Na bileóga óga do bheirbhiú agus beagán ime bheith mar ann- lan leó, bfhearr le seandaoine iad san ná aon chabáiste. "Má ithir trí bhéile neanntóg sa Bhealtaine, ní baoghal duit poc tinnis, an bhliain sin." Daoine a mbíon dathacha ortha, is minic a dheinid an cromán nó an ghuala a bhíon tinn do bhualadh le beart neanntóg, mar deirean comharsa éigin leó gur leigheas é sin. Is eadh, leis, ar feadh ghearrath- amaill, ach níor airigheas riamh gur thriail aonne an tarna h-uair é!
Nuair a bhíon tigh comhnaithe nó aon árus ag dul chun ragha, an feur agus an neanntóg a roinean an t-úrlár eadartha. Thrácht Seán Ó Coileáin, file, air sin agus é ag caoine Thighe Mhólaga: "Neanntóg ruadh ad, úrlár úr Is crónán na n-eas ad' chlúid!" Praiseach Bhuidhe. Ar bhuidheacht a blátha is eadh ainimnighadh an Phraiseach Bhuidhe (Bras- sica). Bláth gur fuiris é ghortú is eadh é, agus feóchan sé an túisce a stathtar é. Gas cruaidh a bhíon ar an bplannda; é sleamhain, uaireanta, ach is minicí dho go guaireach. I measc an arbhair is mó 'chítear an Phraiseach ag fás agus is minic a cheapfá gurbh é a síol san a cuireadh in inead síl an choirce. Radharc rí-thaithneamhach an brat mór buidhe úd sa' tsamhradh. Bu dheacair buachtaint air le breaghthacht, ach is anamh a chloisfá feirmeóir 'á mholadh, "Buidheacht agus breaghthacht! Preit! a dhuine, cad tá ort? Tú féin is do bhreaghthacht!" In aimsir an ghorta ('48) nuair a bhí ag teip glan ar Ghaedhlaibh aon ghreim bídh
den ghná'-shaghas do sholáthar, d'imthighadar amach fén gcoill is fén ngort is fén dtráigh ag taighde rómpa, agus d'aimsighadar dhá rud, an Cosáinín ('Carraigín Moss') ar an dtráigh agus an Phraiseach Bhuidhe sa' ghort. Bu bhiadh ann féin an cúnlach trágha san ach ní raibh fághail air ach ag an duine a bhí cois fharraige. Bu mhaith ar fad é an Phraiseach chun greim beag mine do chur i bhfad, agus bhí raidhse dhi i ngach gort dá raibh coirce ag fás ann riamh. Ladhar di agus dorn beag mine, is minic a chimeád sé an bás a' tig Gaedhil. Tá daoine indiu ann agus taithneamh aca don Phraisigh de bharr an scéil sin. 'Praiseach, ('Puirseach') atá mar ainm ar leitin in a lán ball sa Ghaedhaltacht ón uair úd i leith. Den treibh cheudna an Phraiseach Bhuidhe agus an cabáiste. Tá mil innte, ach í bheith chomh fada síos sa bhláth nách féidir le h-aon-bheich í aimsiú. Fágtar ag na buachaillí beaga í — ag na cuileóga is na mionpheidhleacáin. "Togha cailín" is eadh an Phraiseach Bhuidhe, dar leó. Airgidín na Luachra. Ar aon láthair leis an Luach- air, san áit a bhíon fliuch iseadh chítear Airgidín na Luachra (Spiraea Ulmaria). Bíon an gas
cruaidh caol, agus é crón. Tá cuma ana- dheas ar na bileógaibh; iad dubh-ghlas agus a gcúl ar ghile an airgid. Bu dheacair buachtaint ar bhláth an Airgidín le deiseacht is le cumhracht; é ar dhath an uachtair bainne, agus é go taidhseach ó thosach go deire Samhraidh. Is fuiris é leónadh, ámh, agus imthighan dá chrot an túisce a stathfá é, agus ní h-aon-leigheas é chur in árthach uisce. Adeir an Colgánach m.r.i.a. go mbainid muinntir Acla úsáid as an Airgidín chun dathú dubh a dheunamh agus gur mór aca é mar "ghlanaire" don mheidir. Siúd is go mbainean "roillsí móra" leis an Airgidín, níl aon mhil ann agus na cuileóga a théighan ag triall air a' lorg meala, ní foláir nó is searbh an chúlchaint a dheinid ag dul abhaile dhóibh, i ndeire an lae. "Bu dhóigh le duine ar a dheallramh súd go bhfuil saibhreas aige; ach is é an sean-sceul é, a chroidhe, "fothram cóistí, agus pócaí folamha"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services