Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Luibheólas

Title
Luibheólas
Author(s)
Tóibín, Seán,
Pen Name
Fear Faire, An / Lúgh Mac Céin / Seán na
Composition Date
1918
Publisher
Lóchrainn, An

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Luibh Eolas.



Tá áilneacht ar gach taobh dínn fan gacha bóthair.
Má bhíon an radharc ceart againn chífeam áilneacht
ins gach tor ar fuaid gacha páirce.



An Caisearbhán.



Amach as an bpréimh is
eadh fhásan bileóga an
Chaisearbháin (Taraxacum
Officinalis) agus ní bhíon de ghas ar an
luibh ach an gas fada bog ar a bhfásan
an bláth. Dath geal buidhe a bhíon ar an
mblátha agus nuair fheóchan, bíon go clúmhach
ar nós an Spuinnc agus gráinne síl ag
bun gacha ribe den chlúmh. Tagan fonn
eitilte ar an ngráinnín sin nuair a
shéidean an ghaoth agus bfhéidir go mbíon
cúpla míle de bhóthar idir áit bheirtha
an ghráinne sin agus an fód a bheathuighan
clann do!



Bíon bior ar an ngráinne síl agus nuair
a thagan an pairisiút anuas as na glinn-
tibh aer, deinean an gráinnín poll sa
talamh do féin mar bíon sé ar a bhíor
fé. Ní daingine an "ceangal lae agus
bliana" a chuireadh Fionn ar a churrach
'ná an ghreim a bheirean an gráinne síl
sin ar an ithir. Fear sainnte is eadh an


L. 2


Caisearbhán atá de shíor ar lorg tuille
talaimh is triúcha dá chine, agus pé fód in
a dtéighean a phréamh fanfaidh ann "le
saoghal na bhfear."



Tá árd-mheas ag na seandaoine ar
an gCaisearbhán mar leigheas ar dhroch-
ghoile agus ar ghalar ae. Tá a lán slighte
aca chun é bheirbhiú. Chonnac mná tighe
i gCiarraighe 'á thabhairt dá gclainn mar
dheoch ghlantha na fola i dtosach an ear-
raigh. Tá cúl 'á thabhairt ag Gaedhlaibh
anois le leigheasana den tsórd san; is
milse leó "buidéal na scillinge is trí
leitphinge" a gheibhtar i siopa na bhfuin-
neóg ioldathach. A meon féin ag gach
dream dá dtagan, go bhfóire Dia ortha!
("Cas-tsearbhán," a deirtar in áiteana
sa Mhumhain).



An Mismín.



Ar a bhalath bhreágh aithneóch-
thá an Mísmín (mentha).
Tá seacht saghas Mísmín
ann agus is é an áit tais an ball is
annsa leo le chéile, ach aon tsórd amháin
(Mentha Arvensis), agus is maith leis
sin an fód a bhíon tirm. Sin é an
saghas a bhíon sa gháirdín ag daoine mar
ghlasair i gcóir an anbhruithe. Cuirean
sé blas agus balath ar an súip. Ní bhíon


L. 3


ón bhFranncach ach dornlach den Mhísmín,
nó d'aon luibh chumhra mar é, agus dhéanfadh
sé anbhruithe girrfhéidh nó anbhruithe circe
dhuit nó saghas ar bith iarfá air, agus gan
aon bhlúire feola aige chun an ghnótha!



Bláth ar ghné den chorcuire a bhíon ar
gach saghas Mísmín, ach ní bláth ró bhreágh
é. Ní ar an mbláth a bhíon an Mísmín
ag brath chun líonmhaire do dhul ar a
shórt. Cuirean sé préamhacha ar leith
amach uaidh agus gan de chúram ortha
san ach chun planndaí nua a dhéanamh.
Ní gádh ansan bheith ag brath ar an síol
chun an treibh a bhuanú agus d'á bhrigh sin, ní
gádh breághthacht bláth.



An Garbhlus.



Tríd an bhfál is tríd an
drisleach a chífeá an Garbh-
lus, "Garalus," (Gallium
Aparine) ag fás. Tá sé lán de chrúicíní
beaga agus téighid siad in achrann san
uile rud bhíon ag fás i gcomhgar an
luis. Nuair is dóigh leis an Driseóig
gurab í féin is aoirde is is mó le rádh
sa "tír chois claidhe" i dtosach an tsamh-
raidh, preaban an Garbhlus in a sheasamh
agus tréis cúpla seachtain bíon an Dris-
eóg bhocht múchta aige agus gáir maoidhte
is magaidh ar siubhal aige fúithi. Agus


L. 4


donas an scéil ar fad, ní fhéadfadh an
Garbhlus aon dul i n-áirde a dhéanamh
mura mbeadh ise bheith mar thaca aige!



Nuair a bhíon an síol aibidh, cuirean
an Garbhlus an duine agus an t-ainmhidhe
do dhéanamh gnótha dho, ag scaipeadh síl.
Beirid siad leó cuid den síol i gan
fhios dóibh, é ceangailte i gcasóig duine,
nó i gclúmh an ainmhidhe. Nuair a thagan
an athbhliain bíon craobhacha den Gharbhlus in
áit ná raibh riamh cheana, chun driseóg
agus tor do chrádh.



Ní mhairean an Garbhlus ach ar feadh cúpla
mí. Saoghal gairid suairc a bhíon aige
agus is dóigh gur ar an nDriseóig a
bhíon an t-árd-áthas nuair eugan fear
a ciapaithe.



An Feileastrom.



Bileóga breághtha fada
agus déanamh claidhimh ortha
a bhíon ar an bhFeileas-
trom (iris pseudacorus). Is neamhchoit-
ianta an saghas blátha a thagan air. É
mar a bheadh trí bhlátha singile ceangailte
d'á chéile, agus dath geal buidhe ortha. Sa
churrach nó cois an tsrutháin 'fhásan an
Feileastrom agus níl aon tseó ach a mhire
is a leathan sé é féin ar fuaid an chur-
raigh. I dtosach an tsamhraidh a thagan


L. 5


an bláth air agus bíon mar a bheadh máilín
tímpal an bhlátha go dtagan an lá chun
an bhreághthacht a thaisbeáint. Bainean an
Feileastrom preab as na comharsanaibh
agus cuirean eud ortha lá na taisbeána.



Nuair imthighean an bláth fásan sparán
trom teann in a inead. Síol a bhíon sa
sparán san agus nuair a bhíon an síol
aibidh, eirighean an sparán dubh nó crón.
Áis mhór do fheirmeóiríbh an Feileastrom,
mar deinean sé ceann ana-mhaith ar
chruaich féir. Labhartar an ainm ar a lán
cuma mar atá — "Feileastrom, "Eileas-
trom," "Seilistring," agus c.



Athair Talmhan.



Is deas bog mín an
bhileóg a bhíon ar an
Athair Talmhan (Achillea
Millefolium). A lán mionbhláth le chéile
is eadh an bláth, agus is mó dath agus gné
datha a bhíon air. É bán de ghnáth, ach
an plannda is giorra dho san, b'fhéidir
gur bláth liathdhearg bheadh air. Is é áit
is deise in a bhfaca é 'ná i gceanntar
an Bhuirinn, i nDúithe Dhála gCais. Bíon
gach gné ó bhán go dearg ar an
Athair Talmhan ansúd.



Is mór ag na beachaibh an tAthair
Talmhan mar tá flúirse meala ann.


L. 6


Chonac fear i gCill Áirne (i mbliain
a 1908) 'á bhailiú, mar leigheas ar an
eitinn (galar scamhóg), agus dheineadh
Mr. Gibson a lán de'n leigheas san
do dhaoine bochta i gCathair Luimne-



Minmhear.



In áiteanna i gcomhgar na
farraige. Iseadh is flúirsighe
fhásan an Minmhear (Conium
Maculata). Tá a lán plannda den déanamh
céadna leis an Minmhear, ach aithneóghair
é sin i gcomhnaidhe ar na smóilíní dubh-
dhearga a bhíon ar an ngas agus bíon
an gas sleamhain.



Tá an Minmhear lán de nimh agus
seachnuighid na beithíg é, dá bhrí sin.
Dá mb'iad na gamhna féin, ní bhainfeadh
an méid sin dearmhaid dóibh agus baint
leis. Sin buntáiste atá ag an ainmhídhe,
de ghnáth, ar an nduine — aithnighean sé
an rud go mbíon an nimh ann agus ní
aithnighean an duine é! Sa tseanaimsir,
bás le nimh a thugaidís Gréagaig do lucht
tréasúin a dhéanamh, agus is í nimh a
bhíodh aca chuige 'ná nimh an Mhinmheara.
Braon de shugh na luibhe sin d'ól Socráid
Saoi nuair a daoradh chun báis é.
Labhartar "Milmhear" agus "Muinmhear,"
leis.


L. 7


Marbhdhraighean.



Cois claidhe nó i gcomh-
gar fáil is eadh chífeá an
Marbhdhraighean, "Mara-
ghradhn" (Agrimonia eupatoria). Ní maith
leis iomad fliuchra. Bíon gas righin air
agus balath deas uaidh. Bíd na blátha go
mion. Iad mar a bheadh réilthíní beaga
buidhe. Bíon an Marbhdhraighean fé bhláth
ar feadh cúpla mí sa tsamhradh, mar
an túisce is fheóchan bláithín, oscailean
ceann eile amach. Comh-chuma dhó, agus
do bhláth an Droighneáin Duibh (Prunus
Communis) agus is de sin an ainm —
marbh-dhraighean, mar ní bhíon aon dealg
air.



Dála an Gharbhluis (Gallium Aparine),
cuirean an Marbh-dhraighean cách ag obair,
ag scaipeadh a chuid síl do. Tá crúicíní
chuige sin ag bun an bhlátha. Má scrúd-
uighir an bhileóg is mar seo atá: dhá
mhion-bhileóig ar aghaidh a chéile amach,
dhá cheann eile i bhfad níosa lugha ar
aghaidh a chéile amach, agus don réir sin suas
bileóg aonair mar cheann ar an sraith.
Is samhail do chleite a bheadh fliuch an
saghas san bileóige. An Ceallach, fear
bile 'gus bláth, i mBaile Bhéacháin a thug
an ainm dom (1910).


L. 8


Briosclán.



Bileóga deasa míne a bhíon
ar an mBriosclán (Potentilla
Anserina) agus leathta anuas
ar an dtalamh is maith leis bheith.



Tá na bláithíní go geal buidhe ach ní
bhíon aon raidhse dhíobh ann. Tá an taobh
íochtair den bhileóig ar dhath an airgid, agus
bileóg iseadh í go dtagan feócha uirthe
cúpla neomat tréis í stathadh. Fásan
géagán amach as cabhail na luibhe agus
imthighean sa tsiubhal do féin agus déinean
lus beag nua dhe agus ní túisce socair
sa talamh don lus nua 'ná go gcuirean
géagán eile amach agus tréis tamal slighe
(leath troigh) bheith curtha dhe aige, déin-
ean planda nua dhe, agus mar sin de,
go mbíon sraith lus nua ann agus ceangal
eadartha i bhfuirm géagáin. Iad mar a
bheadh saighdiúirí agus dlúthas cabhrach eadartha.



Adeirid Cláirínigh leigheas ar an
mbreoiteacht mhóir a bheith ann. Labh-
artar — "brioscalthán" agus "brioscán,"
agus deirean an Colgánach m.r.i.a. go
n-abarthar "briosclóg," Cois Life.



An Slánlus.



Níl leanbh sa Ghaedheal-
tacht ná h-aithnighean an
Slánlus (Plantago Lan-
ceolata). Amach as an bpréimh iseadh


L. 9


fhásaid na bileóga, Iad fada biorach,
agus gan an ghlaise cheudna ar aghaidh
na bileóige agus atá ar a cúl. Bíon
féitheóga fada ó bhun go bárr gacha
bileóige. Is suarach an bláth a bhíon
ar an Slánlus; is ar éigin gur fiú
bláth a thabhairt air. É mar a bheadh
cnaipín ar bharra gais fhada chruaidh.



Tá árd-mheas ar an Slánlus mar
leigheas ar chneádh. Nuair a bhuailean
garsún buille dá chamán ar mhéirín ar
gharsún eile, rithean an duine gortaithe
fé dhéin an tSlánluis agus brisean
sé bileóg de agus cimilean sé don
mhéir gheárrtha í. Cuirean san stad
leis an dtabhairt fola agus ní raghaidh
an cneádh chun otharais. De sin
an ainm. Adeirean an Colgánach go
ndeinid Albanaigh agus muinntir Shléibhte
Himalaya an saghas ceudna úsáide dhe
— é in a leigheas ar dhro'chneádh aca,
agus seo scéal a chuala sé i gConnachtaibh:



D'éirigh idir an Chiaróg agus an Dara-
daol, tráth, agus bhí in a chogadh chraorac
aca. Sa chath dhóibh rug an Daradaol
ar an gCiaróig agus chuir sé nimh a
iorbaill innte agus d'fhág sínte marbh í,


L. 10


dar leis. Ach cad a dhein an Chiaróg
ach greim den tSlánlus 'ithe agus do
leighiseadh láithreach bonn í.



Cruach Phádraig.



Tá gaol gairid idir an
Slánlus agus Cruach Phád-
raig (Plantago Major).
Clann na beirte iseadh iad, muran drith-
áireacha iad. Níl bileóga na Cruaiche
biorach, ámh, ach amach as an bpréimh
fhásaid siad agus tá na féitheóga ionnta.
Luibh ana-threun is eadh í. Is cuma cad
é an phasáil a déanfí uirthe, ní raghadh
sí d'eugaibh. Tá an saghas ceudna buadha
innte agus atá sa tSlánlus. Deintear
ceirighe de sna bileógaibh mar leigheas
ar aon dro'chneádh. Ní dóigh liom go
bhfuil aon luibh eile ann go luadhtar
ainm Phádraig léi ach an Chruach, agus
is iongna é sin. Tugtar "cró" agus "crua"
agus "cupóg" uirthe chomh maith le Cruach.



An Feochadán



Aithnighean gach aonne
an Feochadán ar a
dheilgní géara. Tá a
lán saghas de ann ach is é an Feochadán
Fiadh (Cnicus lanceolatus) an ceann is
breaghtha dhíobh. Gas cruaidh díreach a
bhíon air sin agus mar a bheadh mion


L. 11


sciatháin, nó cluasa, fan an ghais ó bhonn
go bathas. Tá an gas féin go clúmhach.
Dath den ghealchorcuire a bhíon ar an
mbláth. Ní baoghal go mbeidh na leanbhaí
ag stathadh bláth an Fheochadáin sin. Cos-
aint rí mhaith ar lucht fuadaigh is eadh
na deilgní cruadha geura. Bláth breágh
ríoga is eadh é agus is é a thoibh (thoghaibh)
na h-Albanaigh mar chraobh náisiúnta.
Tá Feochadán eile ann (Cnicus Arvensis)
agus d'aithneóthá ar bholath an bhlátha go
bhfuil mór chuid meala ann. Bíon ana-
chaidreamh ag na cuileóga leis — "Mo
ghrádh thu, 'rud agat." Tá an Feóchadán
Mín (Carduus Nutans) in a lus ana-
ghlic. Aon bhláth amháin a bhíon ar bhárr
gacha gais agus ar eagla go mbeadh na
cuileóga is na beacha ar lorg na meala
sara mbíon lá an mhargaidh ann, cuirean
sé snátha tímpal an bhlátha. Ceapaid na
cuileóga gur nead dubhánalla é agus
seachnuighid ar a n-anam é!



D'íosaidís na beithidhig an feochadán
go sásta mara mbeadh na spíní. Ní
bheadh feochadán le feicsint mura mbeadh
an éide bhréagh catha a cheap sé dho féin.
Níl aon bheann ag an asal ar dheilgní
an fheóchadáin, ámh. Teanga mhaide at
aige sin, is dócha.


L. 12


Imthighean síol an fheóchadán le gaoith
amhail a dheinean síol an Chaisearbháin.
Tá cóir mhaith aige chun eitilte, "Feoth-
anán" a labhartar i gConnachtaibh,



Cupóg.



Gas láidir righin a bhíon ar
an gCupóig Sráide (Rumex
obtusifolius) agus bláth glas
gan chrot a bhíon uirthe. Bíd na bileoga
go bog leathan, agus do deintí úsáid
díobh, tráth, chun im do chimeád fionn-
fhuar. Iad do leathadh ar an im nuair a
bheadh sé meadhta in a phúntaibh. Páipéar
a bhíon ann anois in inead na mbileóg
san. Comhairle an "Department" é sin,
is dócha.



Nuair a thagan feocha ar an gCupóig,
eirighean sí crón agus cróine ar áilneacht
is eadh í. "Iarball mada ruaidh" a tug-
tar ar an bplannda ansan. Pé fód go
lonnuighean an Chupóg ann, fágfaidh sí
go bocht é. Téid na préamhacha ana-
fhada síos agus saothar thar bárr is eadh
an Chupóg do ruagairt as an ngarraidhe.
De chine cheart na troda is eadh í agus
caithfar buachtain go glan is go h-iomlán
uirthe sara n-eugan sí. Ó bheith ag fás
sa' chlós nó "ar sráid" an tighe a tugadh


L. 13


Cupóg Sráide uirthe. "Basa sráide"
adeirid muinntir Bhaile Mhacóda.



An Neanntóg.



Gas caol lag a bhíon ar
an Neanntóig (Urtica
dioica). É cearnógach
agus guairí air. Bíd na bileóga garbh
agus iad lán de ribí. Má leagair do
lámh ar an Neanntóig go deas réidh
déanfair léimt, mar cuirfidh sí nimh ionat,
ach má dheinir crotha maith lámh, crotha
lámh an fhir tuaithe, léi, ní baoghal duit.
Blátha glasa gan aon ró-chrot a bhíon
uirthe.



Bhí árd-mheas ar an Neanntóig ag
seandaoine mar bhiadh a ghlanfadh an
fhuil san earrach. Na bileóga óga do
bheirbhiú agus beagán ime bheith mar ann-
lan leó, bfhearr le seandaoine iad san
ná aon chabáiste. "Má ithir trí bhéile
neanntóg sa Bhealtaine, ní baoghal duit
poc tinnis, an bhliain sin." Daoine a
mbíon dathacha ortha, is minic a dheinid
an cromán nó an ghuala a bhíon tinn
do bhualadh le beart neanntóg, mar
deirean comharsa éigin leó gur leigheas
é sin. Is eadh, leis, ar feadh ghearrath-
amaill, ach níor airigheas riamh gur thriail
aonne an tarna h-uair é!


L. 14


Nuair a bhíon tigh comhnaithe nó aon
árus ag dul chun ragha, an feur agus an
neanntóg a roinean an t-úrlár eadartha.
Thrácht Seán Ó Coileáin, file, air sin agus
é ag caoine Thighe Mhólaga:



"Neanntóg ruadh ad, úrlár úr
Is crónán na n-eas ad' chlúid!"



Praiseach Bhuidhe.



Ar bhuidheacht a blátha
is eadh ainimnighadh an
Phraiseach Bhuidhe (Bras-
sica). Bláth gur fuiris é ghortú is eadh
é, agus feóchan sé an túisce a stathtar
é. Gas cruaidh a bhíon ar an bplannda;
é sleamhain, uaireanta, ach is minicí dho
go guaireach.



I measc an arbhair is mó 'chítear an
Phraiseach ag fás agus is minic a cheapfá
gurbh é a síol san a cuireadh in inead síl
an choirce. Radharc rí-thaithneamhach an
brat mór buidhe úd sa' tsamhradh. Bu
dheacair buachtaint air le breaghthacht, ach
is anamh a chloisfá feirmeóir 'á mholadh,
"Buidheacht agus breaghthacht! Preit! a
dhuine, cad tá ort? Tú féin is do
bhreaghthacht!"



In aimsir an ghorta ('48) nuair a bhí ag
teip glan ar Ghaedhlaibh aon ghreim bídh


L. 15


den ghná'-shaghas do sholáthar, d'imthighadar
amach fén gcoill is fén ngort is fén
dtráigh ag taighde rómpa, agus d'aimsighadar
dhá rud, an Cosáinín ('Carraigín Moss') ar
an dtráigh agus an Phraiseach Bhuidhe sa' ghort.
Bu bhiadh ann féin an cúnlach trágha san ach
ní raibh fághail air ach ag an duine a bhí
cois fharraige. Bu mhaith ar fad é an
Phraiseach chun greim beag mine do chur
i bhfad, agus bhí raidhse dhi i ngach gort
dá raibh coirce ag fás ann riamh.



Ladhar di agus dorn beag mine, is minic
a chimeád sé an bás a' tig Gaedhil. Tá
daoine indiu ann agus taithneamh aca don
Phraisigh de bharr an scéil sin. 'Praiseach,
('Puirseach') atá mar ainm ar leitin in
a lán ball sa Ghaedhaltacht ón uair úd
i leith. Den treibh cheudna an Phraiseach
Bhuidhe agus an cabáiste. Tá mil innte,
ach í bheith chomh fada síos sa bhláth nách
féidir le h-aon-bheich í aimsiú. Fágtar
ag na buachaillí beaga í — ag na cuileóga
is na mionpheidhleacáin. "Togha cailín" is
eadh an Phraiseach Bhuidhe, dar leó.



Airgidín na
Luachra.



Ar aon láthair leis an Luach-
air, san áit a bhíon fliuch
iseadh chítear Airgidín na
Luachra (Spiraea Ulmaria). Bíon an gas


L. 16


cruaidh caol, agus é crón. Tá cuma ana-
dheas ar na bileógaibh; iad dubh-ghlas agus
a gcúl ar ghile an airgid. Bu dheacair
buachtaint ar bhláth an Airgidín le deiseacht
is le cumhracht; é ar dhath an uachtair
bainne, agus é go taidhseach ó thosach go
deire Samhraidh. Is fuiris é leónadh, ámh,
agus imthighan dá chrot an túisce a stathfá
é, agus ní h-aon-leigheas é chur in árthach
uisce.



Adeir an Colgánach m.r.i.a. go mbainid
muinntir Acla úsáid as an Airgidín chun
dathú dubh a dheunamh agus gur mór aca é
mar "ghlanaire" don mheidir.



Siúd is go mbainean "roillsí móra"
leis an Airgidín, níl aon mhil ann agus na
cuileóga a théighan ag triall air a' lorg
meala, ní foláir nó is searbh an chúlchaint
a dheinid ag dul abhaile dhóibh, i ndeire an
lae. "Bu dhóigh le duine ar a dheallramh
súd go bhfuil saibhreas aige; ach is é an
sean-sceul é, a chroidhe, "fothram cóistí,
agus pócaí folamha"

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services