Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gramadach Dhá-theangthach
Title
Gramadach Dhá-theangthach
Author(s)
Laoide, Seosamh / Ó Coindealbháin, Tadhg,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REÁMHRÁDH. Sa bhliadhain 1825 do chuir Tadhg ó Coindealbháin toradh a shaothair i gcló .i. A Grammatical Introduc- tion to the Irish Language, &c. Sgéal dá-theangthach dob' eadh é .i. an Ghaedhilg agus an Béarla ar aghaidh a chéile ann ar gach éin- leathanach. Ní holc an leabhar do chuir Mac Uí Choindealbháin le chéile, go mór-mhór má bheirimíd i gcuimhne caidé an cor do bhí ar an oideachas Gaedhealach fá'n taca sain. Ba mhaith an sgoláire é Tadhg ó Coindealbháin. Ba dhuine de na sgoláiríbh dúthchasacha dob' fhearr do bhí i gConnachtaibh é le n-a linn féin. Is léir dúinn ar an ngramadaigh do chuir sé le chéile go raibh taithighe an-mhaith aige ar na láimh- sgríbhnibh agus ar an sean- Ghaedhilg mar an gcéadna fá mar do tuigtí í an uair sin ó bhéaloideas ár luchta léighinn féin. Ní raibh luadh
ná luadhthairt fós ar na Gearmánchaibh ná ar a gcuid oibre sa pháirc sin, acht corr-Ghaedheal sa tír ag baint eolais ar an sean-teangaidh tré ghluai- seannaibh agus tagarthaibh na seanchaidhe nGaedhealach. D'fhoghluim Tadhg mórán ar an gcuma so — cár bh'iongnadh dhó agus é 'na mhaighistir sgoile? — agus do chuir sé síos go cruinn é i n-a sgríbhinn. Má tá locht ar bith air, is é badh tógtha air nár thogh sé i gcomhnaidhe an focal ba mhó bhí i n-úsáid i dtráchtan- naibh gramadamhla, m. sh., i n-aghaidh nomen do rug sé “duais” do roghain tar “ainm,” cé gurb é an dara ceann an focal do bhí riamh ag lucht grama- daighe go bhfios damh-sa. Mar sin féin, do samh- luigheadh do Chonnradh na Gaedhilge nár bh'olc an bheart dóibh an leabhar do chur amach an ath-uair agus a fheabhas do rinne Tadhg a ghnó san iomlán.
Ó thárla nach é an focal is coitchionnta atá isna téxannaibh gramadaighe do gheibhtear ag Mac Uí Choindealbháin is gach uile chás, do chonncas dúinn nár mhisde an leabhar foclóir do chur leis 'na mbeadh comhroghain cheart díobh ar fághail ann. Cá bhfríoth iad? arsa tusa, a léightheoir. Ionnus cheana nach beir i bhfad aineolach sa cheist, bhéarfam anois fios ár n-ughdar-ne dhuit. A leithéid seo. Do bhaineamar an chuid is mó dár gcuid focal ar Glu- aiseannaibh Shan Gallen .i. na gluaiseanna gramadamhla do sgríobh eaglaisigh Ghaedheal- acha ar ghramadaigh Laidne Phrisciani i Mainistir Ghaill i dTír na Suíssach. Tomás O Nuall- áin do chuir tús ar an obair sin agus sinn féin do chuir críoch air. Níor bh'é sin ár n-éin-éadáil ó'n gcuairt. Do bhaineamar fós beagán ar Uraiceacht
na n-Éigeas — tá an trácht sain lom-lán díobh, agus má tá féin, ní hé gach éin- cheann aca, fóiríor, oireas i gceart do'n aimsir seo. Áilbhlas is mó atá san Uraiceacht, agus cár bh'iongnadh dhúinn dá n-abróchaimís go n-oirfeadh leabhar ann féin do'n sgéal sain amháin? Do chuartuigheamar gramadach Mhic Cuirtín agus Uí Bheaglaoich mar aon leo sain, agus fuaramar mórán focal ann. Éadáil eile dhúinn a bhfuil i ndeireadh gramadaighe Uí Bhriain díobh. Tá cuid de fhoclaibh an Choindealbhán- aigh sa bhfoclóir mar an gcéadna. Fá dheireadh thiar thall níor dhearmada- mar caint na ndaoine, go háirithe nuair do oir sé d'ár ngnó, m. sh., “tá dul na Gaedhilge air,” &rl. Ní hionann focal gram- adamhail do bhí ag Gaedhea- laibh gach éan-uair. Ní abróchainn ná go bhfuil dá chineál focal gramadaighe
againn i meamram .i. focail na ngramadach agus focail na n-éigeas. B'fhéidir linn a rádh go dtáinig tonn athruighthe ar an bhfoclughadh bhí aca chuige trí huaire ar a laighead. Na focail atá isna Gluaiseannaibh do baineadh mórán díobh go díreach ar an Laidin. Ní hamhlaidh do'n aimsir nua: Do bhíodh focail úr-nua ghlan- Ghaedhilge dá gcumadh agus dá gcur i n-úsáid go dtí an aimsir sin féin. Féach:
Do cuireadh céim eile leo sain san aimsir dhéidheanaigh .i. aibhriughadh, m. sh., ro-fhoghlumtha. Is léir ar an méid sin nach deachaidh tobar eoluis na gramadaighe riamh i ndísg imeasg Gaedheal. Ní rabhadar éan-lá riamh nach tugaidís aire mhaith do'n ghramadaigheacht go fiú lochta bheith ortha dá thaobh, agus gurab 'in é an fáth go bhfuil an litriughadh nach mór gan athrughadh uatha go dtí an lá atá indiu ann. Tá roinnt focal úr-nua annso mar an gcéadna. Ní gan fáth atáid ar fághail. Tá caint gram- adamhail ag baint leis an aimsir seo, tá sain — caint nár smaoin na nAlexandraigh riamh ar a leithéid — caint nár theas- tuigh ó na gramadachaibh Rómhánacha, cé go dteas- tuigheann uainne go cruaidh indiu. Sin é dob' adhbhar do “athaiceannda,” do “aithbheart,” agus do chuid
eile dhíobh. Is dóigh linn, dá síorfaidhe páirc na gramadaighe go léir, gurab iad so féin na cinn is mó 'na mbeadh duine 'na ngábhadh, ag cur síos dó ar ghramadaigh. Na focail is simplidhe atá ann .i. ainm, uimhir, briathar, &rl., tá siad ag mórán daoine faoi seo. Ní hé sin do smaointibh ealadhanta, is beag de dhaoinibh 'na bhfuilid aca. Caidé an mhaith dúinn foclóir do chur le chéile, má gheillimíd d'ár ndeacraíbh féin? Sin é díreach fá ndear do'n Ghaedhilg gan dul chum cinn i n-a cuid focal ealadhanta, agus focail úr-nua Gréigise dá síorchur leis an Saxbhéarla ó ló go ló! Féachtar ar homoeoteleuton agus ar a leithéidíbh. Ní healadha do theangaidh go deimhin an gníomh sain “stad stagúin i mbéal bearnan.” Ní hé an lag- mhisneach do chosain an bhearna riamh, acht an croidhe calma, croidhe nár
thuit riamh ar an té ar leis é agus nach tuit- fidh. Do shaoileamar gur bh'fhearr dúinn gan éan- athrughadh do chur i saothar Thaidhg Uí Choindealbháin acht amháin cuid de na somplaíbh sean-Ghaedhilge do bhualadh amach. B'í sin comhairle thug duine d'ár gcuid léightheoirí dhúinn. Dá réir sin, d'fhágamar an t-Oilbhéimeach agus an t-Iriséachtach le chéile i ndeilbh na mbriathar ó thárla nár mhaith linn éan- fhocal mínighthe do chailleadh dár cuireadh i gcaint na gramadaighe. Tuigeadh an mac léighinn, ámh, nach gnáthach indiu acht éin- cheann amháin do chur síos, .i. an Coinghiollach mar ainm air, i n-aghaidh an dá thaobh. Is so-dhéanta d'éinne an ceartughadh sain. Níor cheart go mbeadh ró-ionntaoibh nó sár- mhuighin ag an bpobal ar an leabhar so. Ní fhuil
ann, mar adéarfaidhe, acht mar do bheadh siubhal gearr tré ghort achrannach aimh- réidh focal na gramadaighe Gaedhealaighe 'n-ar féidir a rádh 'na thaobh go bhfuil cruithneacht agus fiadhaile nó luibhearnach tré n-a chéile ann. Is dócha go bhfuil an iomad focal thíos againn. Má tá féin, nach fearr go mór an sgéal sain 'ná dá n-abraimís le focal éigin “Ní ceart duit-se bheith ag fás ins an ghort” agus é ghlanadh as an slighe láithreach bonn? An dream a thiocfas i n-ár ndiaidh, ortha-san bhíodh glanadh an ghuirt ghramadamhail ó fhiadhaile, dá mbadh é cás Fódla féin é, dar le Seathrún Céitinn: “Fá dheoidh gur fhás a lán de'n chogal tríotha.” Níor bh'iongnadh dá mbailightí meitheal mhaith dhíobh súd — meitheal gan truaighe leis — agus cor- ráin an ghlanta 'na láimh
aca, ar chuma nach fágfaidhe éan-rud míostuamdha gan gearradh gan glanadh. Go dtí an lá sain is dócha go ndéanfaidh an leabhar so an gnó, má's olc maith é. Ár rádh fá dheoidh: Ní faghtar saoi gan locht, a n-abair eagna ár sean agus ár sinsear, agus ní taise do'n rud so idir lámhaibh againn. Dá bhféadfaimís feabhas, nó, mo dhearmad, ruidín beag de chraoibh an aonaigh do chur air, is sinn féin do chuirfeadh agus míle fáilte. Ó thárla nach beirtear an chraobh i n-aisgidh gach éan- uair, caithfimíd géilleadh dár mbacaighe féin, má cailleadh an taca so í. Glór de ghlórthaibh carad dam, d'éist an chló d'fheic- rint dó, “An té 'n-ar mhaith leis bárr do chur air, cuireadh.” Seosamh Laoide.
AN AIBCHIDIR DHÉIDHEANACH. AN CHÉAD LÉIGHEANN. Eagar, Anmanna agus Canamhain na hAibchidre i láthair i bhfeidhm. A a, Ailm B b, Beith C c, Coll D d, Dair E e, Eadha F f, Fearn G g, Gort, y gamma I i, Iogha L l, Luis M m, Muin N n, Nuin O o, Oir P p, Peith R r, Ruis S s, Sail T t, Teine U u, Ur H h, Uath Mar aon leis na hocht litreachaibh dhéag thuas, sgríobh na sinsir iad so síos: - Qq, q, ceirt, Zz, sd, sdraif, Ng, ng, ngiadal, Ea, ea, eabhadh, Io, io, ifin, Oi, oi, óir, Y, ui, uilleann, Ao, ao, amhancholl,
An saothar so, maille le hoibreachaibh eile, le Tadhg O Coinnialláin ón gCorcaigh bhig i bhfairche Chille Allaidh i nÉirinn; chum maitheas agus sochar lucht a thíre, amuigh 's i mbaile, le n-a dteanga mhín bhinn mhilis mháthardha a mhúnadh dhá chéile, &c. AN AIBCHIDIR GHAEDHEALACH. AN CHÉAD LÉIGHEANN. Gothaidhe gearra is fada. Gothaidhe caola is leathna. II. LÉIGHEANN. Clár na gConsanaidhe Séimhidhe agus na nUrdhubhadh.
AN OGAM CHRAOBH ANNSO SÍOS. Sgríobh na draoithe i n-ogham chraobh A n-intleacht ghrinn, ar shlait gach taobh; Trasna, díreach, cruinn, is claon, Gach graf dá bhfuil indiu le feidhm. Beith 'na haonar dom' láimh dheis; Agus Luis dís gan eisleis. Fearn triúr, Sail ceathrar is eadh, Agus Nuin go n-a cúigear. Uath 'na haonar dom' láimh chlí, Agus Dair dís go ndeigh-ní. Teine triúr, ceathrar do Choll; Ceirt 'na cúigear ní chealam. Muin fiar-tharsna — mór an modh; Dís do Ghort, triúr do Ngiadal. Straif 'na ceathrar gan doilghe; Ruis 'na cúigear comhshuidhthe. Ailm 'na haonar tarsna anuas, Agus Onn dís go ndeagh-chnuas. Ur triúr, Eadha ceathrar cain, Is Iogha cúigear d' fheadhain. Eabhadh 'na crois um an gcraoibh, Óir 'na buaile bhuig bhláthchaoin. Uilleann 'na lúib dom' leath dheas, Mar thuig ughdair is oircheas. Ceithre fleasg i n-Ifin árd Dom' leith dheis bhaineas gach bárd. A hocht Amhancholl ma le Do leathtaoibh chlé na craoibhe. Curthar Peith, ar do láimh dheis, Sínte díreach leis an bhfleisg. OGHAM
ÓIRLÉAGHADH. TRÁCHT AR NA LITRIBH. Foillsigheann an t-Oirléa- ghadh gné is brígh na litreacha, agus an fíor-mhodh ceart lé' gcurthar na focla i n-eagar. Is graf gach litir ionad- as fuaim iomlán, is í an phríomh nó an mhír is lugha d'fhocal. San Teanga Ghaedhilge is ceithre litre fichead bhí ag na sinsear- aibh, a laghduigheadh go dtí na hocht gcinn déag so síos go déidheanach: .i., a, b, c, d, e, f, g, i, l, m, n, o, p, r, s, t, u, is h, atá roinnte i n-a dhá gcinéal: eadhon, gothaidhe agus comhfhuaimne. Táid cúig gothaidhe: .i., a, e, i, o, u, athroinnte i n-a dhá gcinéal, caol is leathan: a, o, u, leathan; e is i, caol. Sgríobhthar gach aicme dhíobh so ar son a chéile, trá bhíd gan trasnach nó síneadh fada; ch, gh, dh, th, mar an gcéadna; acht is ughdair mhío-stuama ghnídh- eas so. Táid dhá chomhfhuaim dhéag ann, athroinnte i malarta- chaibh is i seasmhachaibh: .i. b, c, d, f, g, m, p, s, is t, na malartacha; l, n, is r, na seasmhacha. Is litir goth a ghnídheas son iomlán ann féin, agá
mbíd trí guthaidhe: .i., fada, gearr nó éideimhin, is meadh- ónach. An chéad ghuth bhaineas do gach goth a síntear, ar uairibh le n-a n-eidir- dhealughadh ó fhoclaibh eile cóimhionann sgríobhtha, acht neamhionann i mbrígh is i gcanamhain. Is le trasnach nó síneadh fada os a gcionn, eidir- dhealuighthear na gothaidhe fada ó na cinn ghearra: . Is den chinéal mheadó- nach an treas: .i., dall, mall, benn, menn, cinn, minn, borr, corr, bunn, funn. Is annamh fághthar go- thaidhe sgríobhtha dúbalta: .acht amháin i meamruim: .i., baan, baain, baath, silsaan; easbogbaa: níl gothaidhe maon i ndeireadh focal,
acht go coitcheann fada; cuid gearr: .i., ba, ga, barra, file, de, do, mo, duile is deirli. Mar atá i n-eagar cóimh- fhreagrach canamhna na ngothaidhe is na gcomh- fhuaimne, is fogus d'fhuaim na litreacha Sacs shonann ár litre i n-a bpríomh- ndeilbh neamhfhada neimh- shéimhidhe. Meastar le dream nach bhfuil níos mo ná comharta na hanála amháin san litir h, agus go dtig le goin a fheidhm a fhreagairt (.), imne, bh, ch, dh, &c. Chuir dream eile go déidheanach as a saothar go hiomlán é, acht níl sin ionchos- anta. I dtaobh duar mbain- inscneacha, nocha thosuigheas le goth, trá théigheas le nó a rompa, is éigin h a shonadh chomh teann leis an h Shac- sanach ins na foclaibh, have, hall, &c. .i., a haghaidh, a hairgead, a huair, le hOs- ruidhibh, le hUltaibh: acht ar mhodhaibh eile ní sgríobhthar h, muna' i ndiaidh c, g, p nó t; dá bhrígh sin, is éigin do na sgríbhneóiríbh mío-stuama thairgeas a mbeag-shaothar a chur a nGaedhilge san litir Rómhánach bheith aireach ar fheidhm h: óir is minic a chuireas a dheagh-bhail an léightheóir amugha agus is go mór-mhór ioná sin achrann-
as a dhroch-bhail toghadh na saoithe. 'Sí an litir s Bainríoghan na gComhfhuaimne, lán- chumhachtach agus fras; “suae potestatis litera:” trá bhíos i dtús focail, glacaidh sí na gothaidhe go léir, agus gach comhfhuaim uile 'na diaidh, a thig i láthair le n-a riocht. CANAMHAIN NA nGOTHAIDHE IS NA gCOMHFHUAIMNE.
CANAMHNA NA nDEAGHFHOGHRACHA IS NA dTREAGH- FHOGHRACHA.
Ceithre hamhanchoill ríomhthar ann, Cúig heabhadha fós go coitcheann, Cúig ifine muin ar mhuin, Trí huilleanna, is óir 'na haonar. e, i dtús gach eabhadh áin, i, i dtús gach ifin iomláin, u, i dtús gach uillinn uill, a, i dtús gach amhanchoill. AMHANCHOILL
Clár na nDeaghfhoghracha is na dTreaghfhoghracha. Do bhrígh go bhfuil cúig deagh- fhoghracha, agus na treagh- fhoghracha uile, do shíor fada, is féidir a sgríobh- adh le trasnach no síneadh fada, nó gan comharthadh ar bith, má's áil; .i.
Táid so síos comharthuighthe lé trasnach nó síneadh nó síneadh fada, chum sócamhail don léightheóir.
AR LITRIBH DÚBALTA. Ní cóir goth ná comhfhuaim a sgríobhadh fa dhó, acht l, n is r, nocha sonann do shíor go teann, i meadhon is i ndeireadh focal: gidh son- ann l, n is r, amhail a mbeith dúbalta i dtús focal bhaineas don bhaininsgne, agus do naethibh nó do nidhthibh san uimhir iolraidh: .i., a llámh, a nnáire, a nneart, a rréim; a lleabhra, a lleastar.
Sonann l, r is n, trá leanas s ins an tsiolla chéadna, go teann amhail a mbeith dúbalta: .i., sliabh, srian agus sníomh; mar slliabh, srrian, snníomh léigh- tear iad: ní bhfuilid séi- mhidhe. Acht trá thig dhá chomh- fhuaim i n-éinfheacht i n-a bhfocal cumaisgthe, cong- bhaighid a gcéad tson: .i., léightear braittirm, agus sgríobhthar do ghnáth brait- irm. Cuirtear nd go minic air son nn, .i., ceand i n-áit ceann. Is cóir an fhuaim a gnídheas an litir dá ngoir- tear ngiadal (ng), is le n-a clos o thíorthach (má's féidir) is fearr a foghluim. Cuirtear d agus l, trá théid roimh n, i n agus l eile; amhail a sgríobhthar ‘na colna céadna’ ar son ‘na colla céanna.’ Gidh meastar nach ndúb- luighthear éan-chomhfhuaim acht amháin l, n is r; agus sin i meadhon agus i ndeireadh focal, dearbhuigh- thear dhúinn gur féidir na comhfhuaimne-se síos a dhúb- lughadh; .i., c, f, p agus t; agus fós m agus s, do réir mar sgríobhann lucht an tsaoghail mheadhonaigh: is i dtosach focal curthar iad,
acht cc amháin, fághthar i ndeireadh fuidhire; .i., dricc, sonann cc mar g; ff mar bh; pp mar b, agus tt mar d; meastar le dream eile, gur bh'fhearr súd a chur imeasg na gcomhfhuaimne atá urdhubhtha, agus i n-ionad cc, gc a chur; ar son ff, bhf a chur; i n-áit pp, bp a rádh; agus tt, a thabhairt air dt. Ní shonann l, n ná r, dúbalta i dtús éan-tládh- fhocail. I measg na gcomhfhuaim- ne atá séimhidhe, urdhubhtha, bactha no múchta, atá m amháin saor. Ní urdhubhthar s, muna dtéidhidh an t-alt an róimhe, agus l, n nó r 'na dhiaidh; .i., an tsrón, an tslat, an tsneadh, an tsais, an tsamhfhuin. Trá ghníthear tládhfhocal de lánfhocal a chríochnuigh- eas i n-a ll nó nn, caill- eann sé an litir dhéidheanach; .i., aibhleach, ó abhall; aibh- neach, ó abhainn. TRÁCHT AR NA COMH- FHUAIMNIBH NÓ CON - SOINIBH. Is graf gach comhfhuaim, nach sontar uaithi fein, agus nach dtig gan a bheith i n-éin- fheacht le goth, chum fuaim iomlán theacht uatha araon, Táid dá comhfhuáim dhéag ann, roinnte eidir sheasmhach- aibh is mhalartachaibh.
Athruighthear naoi gcinn aca go malartachaibh, le goin os a gcinn, nó h ré n-a riocht; imne, mh nó mh, le a n-athruigheann siad a son. 'Siad na seasmhacha l, n is r, nocha shíor-chongbhuigheas a son. Le linn h a chur leis na malartachaibh-se, nó a séimhiughadh, ghnídhthear neimh- ionann d'á gcéad riocht iad; ionnus gur bh'fhéidir a mbeith 'na gcabharthaidhthibh, nó 'na n-íochtaránaighibh; atá cuid aca comh tochtha sain 's gur'b é a bhfeidhm a bheith sgríobhtha, le n-a bpríomh a chongbháil soiléir, agus gan an focal a bheith míochumtha. Tá canamhain gach íoch- taránaigh comh neimhionann sain d'á bpríomh-shon, ionnus gur bh'fhéidir a rádh le fíogh- airibh nó le grafaibh áirighthe, mar is gnáth do theang- thaibh eile, noch achrannas fághail amach an tsanais; dá bhrígh sin 'sé a seilbh a chongbhuigheas an Ghaedhilge beacht, ceart, is iomlán, ó gach doiléirgeacht ro- choitcheann i dteangthaibh eile.
TRÁCHT AR NA MALAR- TACHAIBH. — Bh. Sonann bh go coitcheann mar v Sacs i dtús focail, trá thig roimh ghoth chaol; .i. bhíos, bhean, do bheast, do bheartrach, nó i ndeireadh focail ar bith; .i. searbh, tarbh, dearbh, deirbh, doilbh: acht trá bhíonn roimh ghoth leathan i dtosach focail, nó i lár focail, sonann sí mar w, agus seal mar v; imne, bháitheas, gabha, gabhar; amhail a mbeith sgríobhtha wáitheas, gawa, gawar: gidh curthar mh go minic i n-ionad bh, agus vice versa, sontar an goth níos tréine is níos airde ná iad súd roimhe, .i. leanbh, sliabh, slabhraidhe, amháin, cnámh, gríobh-shrónach, domhar, do- mhan, luath-mharc, snámhaidhe, támhaidhe, talmhaidhe, Clochán na bhFomharaidhe. Ch no Ch, Sonann ch no ch mar x Gréagach roimh ghoth, i dtús focail, .i. mo chos, mo cheann, is mar xeann, xos is éigin a léigheadh: acht i ndeireadh focail i bhfogus do ghoth leathan, nó i lár focal d'ilshiollaíbh, sonann sí go garbh, mar gh san bhfo- cal lough; .i. each, céacht, reachtaire, reachollach,
tlachtbheart; má leanann goth caol í i dtús focal, nó 'na diaidh i ndeireadh focal cailleann sí ar an modh soin a tlocht nó garbh-shon, agus fuaimnighthear í le séimheadh teann; .i. chím, chí- fead, eich, chichis, chigh, chith, chib, chich, chil, chiochaire, chinn- bheartas, chischin, chionnsir, a chruaidhe chiuchair, chiormaire, a chiomaigh. Dh. Is garbh-ghuthach shonann dh i dtús focal roimh ghoth leathan; .i. mo dháid; níl éan-tson san teanga Shac- sanaigh comh cosmhail acht gh, san bhfocal ghost; .i. dhuit nó ghuit. Trá bhíonn i dto- sach focail roimh ghoth chaol, nó i lár focail le goth ar bith, sonann sí mar y; .i. a Dhia ghrádhaigh, dhearcas, adharc. Sonann sí go maon no séimhidhe i lár focail, trá leanas comhfhuaim í; .i. fiadh-lorga; bíonn amhlaidh i ndiaidh deaghfhoghair: .i. a mhadaidh. Tá sí maon i n-adh- bhal is i bhfleadh; acht i ndeireadh focail, i ndiaidh ghotha leathain, sonann sí mar u; .i. dearbhughadh, fargadh, fasgadh, gearradh, lasadh, madadh, múnadh, nodhadh, rannsughadh, sásughadh, súg- radh, táthughadh, tarchomhladh,
tarmchruthughadh; i mbodhar, mar bowar, noch mhalart na Breathnaigh ar dd; .i. byddar. Fh. Séimhighthear f ann gach ionad d'á gcurthar í. Is i dtosach focal coitcheann a bhíonn sí, nó mar phrímh ins an dara mír do chumaisgeach- aibh, i n-a sontar go teann í; .i. an fhuil, comhfhuil, is mar a nuil, comhuil sontar iad. Is cosmhail ó chian, gur sonadh fh mar h, do bhrígh go bhfuil dearbhtha go ndearnadar na Spáinnigh féidhm di, i gcanamhain focal ó Laidin; .i. hierro, harina, hermoso, i n-áit fer- rum, farina, formosus; acht i láthair ní sontar fh air éan-chor, imne, a fhir, a fhirg, fhirgna, a fhirn, a fhis, a fhith, is mar ir, irgna, is cóir a rádh, &c. Gh. Táid dhá chinéal fuaimne ag gh: sonann sí go garbh trá théid roimh ghoth leathan i dtosach focail; .i. ghoineas; arís mar y, ins an bhfocal youth; .i. ghearras, gheallas; i lár nó i ndeireadh focail cailleann sí go huile a son; .i. beathughadh, ceann- aidhe, droighean, figheadhóir,
greamughadh, leathnughadh, muirighin, neartughadh, oighe, práidhinn, súmaire, tighear- na, ughdaracht, ughra; idir a righibh, i n-ughaim na gcámh- all. Táid maon leis, trá curthar i lár focail mar astránach, chum dhá shiolla dhéanamh de ghothaidhibh; .i. fuigheall. Mh Atá dhá fhuaim ag mh. Trá théidheas roimh ghoth leathan i dtús nó lár focail, sontar é mar v no w mar so síos; .i. mo mholadh, mo mháthair, comhroinn, domhanghrabhadh, Eamhain, foghmhar, gamhain, samhfhuin, comhrainn; nárab omh do mhúr, is mar wolu, wáthair, gawin, sawfhuin, cowroinn, &c., sontar iad so. Trá thig roimh ghoth caol, i dtosach nó meadhón focail, nó chríochnuigheas éan-fhocal, sontar é mar v; imne, mo mhéar, mo mheanadh, a leimhe, a lámh. Ní mór nach bhfuil maon i lár focail i ndiaidh gotha leathain; .i. comhursa, sonann sé san ionad chéadna mar an múchshrónach u, trá bhíonn i n-a phríomh-ghoth san tsiolla, .i. samhradh, trá théidheas o, nó u, roimhe, ní mór nach bhfuil maon; .i. comhgar, is mar có-gar a sontar é.
Ph 'Sí fuaim f atá ag ph roimh ghoth nó dheaghfhoghar; .i. a Pheadair, a Phóil, a Phádruig, do pheacuigheas, mo pháiste; is mar a Fea- dair, a Fóil, a Fádruig, do feacuigheas, mo fáiste a sontar iad; acht má lean- ann e no i 'na n-aice, sos- tar go hiomlán iad; .i. a Philip is mar Ilip a bhíonn. Sh. Is mar h go coitcheann shíor-shonann sh; .i. mo Shlá- nuightheóir, mo shúil, mo shál, mo shearc, mo shéad, mo shiúr, mo shlighe, mo shaoghal: is minic bhíos s mar sh; .i. sean, acht is mar hean sontar shean. Th, mar an gcéadna, is mar h amháin sontar th; .i. mo thoil, a thinnis chuthaigh; acht is ro-lag a fhuaim i ndeireadh focail; .i. cruth, faith, laith. AR NA SEASMHACHAIBH. Do bhrígh nach séimhighthear agus nach n-urdhubhthar l, n, ná r, atáid 'na seas- mhachaibh,
L. Táid dhá fhuaim ag l, glé, is lom; an chéad shon, mar l Saics ins an bhfocal leap; .i. lá, láidir, an dara son mar l, ins an gceann dhéidh- eanach den bhfocal million; .i. leac. N. Mar a gcéadna is dá fhuaim atá ag n, ar dtús lag mar n san bhfocal fan nó mar n ins an bhfocal Saics never; .i. namhaid, nathair; arís mar n láidir san bhfo- cal neart, nocht, nó mar n san bhfocal Saics news; i ndeireadh focail, trá fill- tear é, sonann sé go teann, .i., ceann, cinn, lann, lonn, fuinn, cuinneach, ceannrach, fann, mann, onn, runn, sonn, tonn-ghó, tonnach. R. Is dhá fhuaim go sonnradhach bhíos ag r: an chéad shon fada; .i. ramh, nó mar r Saics san bhfocal road, brand, far: an dara fuaim mar r i réim, no mar r Saics san bhfocal clarion. Trá filltear é, bíonn teann; .i. barrach, earr, &c. Tá fuaim na litreacha dúbalta chomh do-fhoghlumtha sain is gur fearr a gclos
ó thíorthach, .i. ó Chonnachtach, Triughthach nó Chiarraidheach béilbhinn. TRÁCHT AR NA FUAIM- NIBH FAITHREACHA. B, sonann b leathan, mar b san bhfocal bay, Sacs, .i. baile, bana, banrach. C, sonann c leathan, mar c Sacs san bhfocal comb, .i. cúl, cus, custum. C, sonann c caol, mar k Sacs san bhfocal king, .i. ceann. D, sonann d leathan, tiugh is bog, mar th Sacs san bhfocal though, .i. dán quasi thán, darn, dubhán. D, sonann d caol, mar d Sacs san bhfocal duke, .i. déirc, dés, díle, dílis. F, sonann f gearr, mar f Sacs san bhfocal fat, .i. fail. F, sonann f leathan roimh ai, oi, ui, mar fw Sacs, .i. fuidhir, fuigheall, fuighle. M, sonann m leathan, mar m Sacs san bhfocal moon, .i. mór, mós, mong. M, sonann m gearr, mar m Sacs san bhfocal mark, .i. maith, mear, muin.
P, sonann p leathan, mar p Sacs san bhfocal pool, .i. peann, pronn, pis, páiste. S, sonann s leathan, mar s Sacs san bhfocal son, .i. cos, sál, samh, san, súil. S, sonann s caol, mar sh Sacs san bhfocal shift, fish, .i. searc, silt, sirt, slis. T, sonann t leathan, mar th Sacs san bhfocal thumb; .i. toil, tom, tonn, torann. T, sonann t caol, mar t Sacs san bhfocal tune; .i. teine, teas, tig. Is féidir na comhfhuaimne a roinn i n-a n-ocht gcinéal:
Clar Canamhna na gComhfhuaimneadh séimhidhe agus dúbalta, i dtús is i ndeireadh focal. Is í fuaim h go caoin, atá ag ch, dh, gh agus th, i ndiaidh i nó e, i ndeireadh focal; acht i ndiaidh gotha leathain mar u no y; seal maon: mh is bh mar v leis.
Bheir Gramadaigh urdu- bhadh, uirdiobhadh, nó teimh- eal ar fhocal, chum easbhadh focail i n-a rann nó díth fuaimne litre i n-a bhfocal a mhíniughadh. Atá cumhacht na gcomh- fhuaim ar a chéile chomh bríogh- mhar sain, 's go dtochtann ceann aca a fhoisgeach. Is i dtosach focal bhaineas le naethibh nó nídhthibh fághthar na comhfhuaimne-se, le' ráidh- tear astránach, imne, ins na foclaibh-se: ar ndóirne, ar ndóchas, ar ndiachta, a gcumhachta, a gcosamhlacht, a gcinn, a gcinnbheirt. Dá bhrígh sin do réir reachta ar dteanga, is éigin dóibh súd a bheith i dtosach focal, óir, tré dhúthchas atáid coigcríoch do na foc- laibh d'á bhfuilid réamh- churtha. Táid comhfhuaimne áirighthe ann urdhubhas a bhfoisgeacha, 's go dtochtar iad go hiomlán, amhail is gan a mbeith; ní meastar iad so a bheith astránach ná
coimhthigheach, acht gur éigin iad fás i ndíochlaonadh na nduar, is na mbriathar. Cum ar dteanga Ghaedh- ilge a shíor-chongbháil beacht i n-a fíor-eagar, dual is milse, is ro-riachtanach do na sár-ughdaraibh gach prímh- litir shealbach a sgríobhadh; muna mbeith go hannamh i ndán. Trá urdhubhas bh f, bí 'na mhalartach, agus sonann mar w Sacs, trá leanas goth leathan, .i. ar bhfás, bhar bhfonn, bhar bhfuil; acht roimh ghoth chaol mar v: .i. ar bhfir, is mar ar vir shonann sí. Trá urdhubhthar g le n, níl go hiomlán maon, acht mar leath-shon géar a bhíos; .i. mar ng san bhfocal king; .i. ar ngnás; mar an gcéad- na, trá théidheas g roimh n, congbhuigheann n leath-shon mar gn i ngnomon, .i. gnáth: trá thig i lár focal: .i. teanga, caingean, is éigin a sonadh mar tea-nga, cai- ngean. Ní bhfuil éan-fhuaim san teanga Shacsanaigh i gcosamhlacht chomh soilléir lé' dtigh iad so a shonadh: is usa a bhfoghluim le n-a gclos ó thíorthach. Ní urdhubhthar s, comhfhad is bhíos sealbhach, is bhíos duairghiolla roimhe, ná roimh
maon ní séimhighthear í; acht bí 'na mhalartach ar mhodh eile; .i. mo shlat bárr, mo shlaite, urdhubhthar s do shíor le t. Ar mhodhaibh, trá curthar an t-alt do réir inscne na nduar rompa, .i. don tslait, lámh an tsag- airt. Bíd na hurdhubhtha so ar thairgeachaibh is ar fhor- carachaibh áirightheacha san uimhir uathaidh, farra siu- dhuaraibh, is ins an deilbheach iolraidh. Tá feidhm leo i mbriath- raibh, i gcaidreachaibh, i sruithbhriathraibh eagnair- ceacha, agus ins an iriseachtach. Táid na príomh-chomh- fhuaimne sealbhacha (mar so urdhubhtha) chomh feidhmeamh- ail 's nach dtig a gcur as a n-eagar, níos mó ná thig g Sacs a chur as gnat, nó gnaw; óir, thairis sin, bheith a mbrígh go hiomlán doichéillidhe; muna mbeith meadhón cumaisgeacha nó i ndán, is sin go hannamh. Na dáil chéadna urdhubh- as an chomhfhuaim thosaigh, cuireann siad n roimh ghoth- aidhibh: .i. ar n-ár, ar n-éan, ar n-im, ar n-ór, ar n-úr, mar an gcéadna, a, ar, bhar, bhur, dá, is tuilleadh eile, urdhubhaid na focail a leanas; trá shéimhigheas is urdhubhas a na malart-
acha: .i., a chos, a mbád, ar n-athair, ar ndán, bhar mbruid, bhur ndos: dá ndíolfainn, dá gcuirfinn, dá bhfillfinn, dá dtoll- fainn, dá ngearrfainn, dá bpeacuighinn, dá mbuail- finn, a ndéanamh. Trá curthar an t-alt an roimh dhuar bhanda, thosuigh- eas lé malartach san tsluinneach, is éigin don chomhfhuaim a séimhiughadh, .i. an bhean; má's den inscne fheardha, ní athruigheann .i. an fear; acht má théidheann an roimh mhalartach, curthar an séimhiughadh ar an deil- bheach, má's den inscne fheardha an duar: .i. sluinn- each, an crann, deilbheach, an chrainn, tairgeach, don gcrann. Is minic a múchtar goth ins an nduairghiolla shealbh- ach, do réir ndeagh-ghlóracht na nod, trá curthar é roimh fhocal a thosuigheas le goth nó le f, .i. m'éadan, m'fhear; ní mo éadan ná mo fhear is cóir; athruigh- thear d i ndo go t; .i. d'éadan, t'éadan, t'fhear: mar an gcéadna an siu- dhuar do: .i. d'Éamonn, d'fhior: agus fós an goth a san alt an, trá leanas o, do, fo nó fa: .i. ón mbád, don áit, fán gcoill, fón tom, im láimh, dod láimh, ód
láimh; ní ó an mbád, do an áit, fa an gcoill, fo an tom, ann mo láimh, do do láimh ná ó do láimh is cóir a rádh. Séimhigheann do agus mo malartacha, .i. do cheann, mo ghlún. Sontar n san alt an le foclaibh leanas í, má tosuighthear le goth nó leis an litir f: eadhón, a nachros, a nfhal- luing: t mar an gcéadna: .i. an t-iasg. Is múchadh no cadadh ann trá baintear brígh freas- tail h ó chomhfhuaim shéimh- idhe; agus beirthear ar ais í chum a chéad shon, comh maith 's nach mbeith h ar éanchor ann. Trá thig comh- fhuaimne d'éan-chinéal diaidh i ndiaidh a chéile, lé' dtig a séimhiughadh; bíodh nó ná bíodh an chéad aca séimhidhe, bacann sí séimhiughadh an chinn eile: bean dhubh, bean dubh, gontha, gonthar, gonta, buailthear, luaidhthear. Mar so chongbhaigheann d, m agus p a chéile ó shéimh- iughadh; mar an gcéadna c is g, d is t. Caduigheann l, n, is s, ar a dteacht roimh d is t, na séimhidhe. Is báthadh cómhfhuaimneadh ann, an uair a théidheas dhá litir d'éan-chinéal i bhfocal cumaisgthe, ionnus go gcríochnuigheann aon aca
mír, trá thosuigheas an ceann eile; gur is nach sonann acht aon aca, trá múchtar an ceann eile: .i., sonann brat tirim, brai- tirm, searbh-bhlas, searbhlas. I bhfoclaibh dhó nó níos mó de shiollaíbh, is éigin do chóimhfhreagairt na ngothaidhe bheith eagarach; trá bhíos an goth déidheanach den chéad tsiolla leathan, is éigin don chéad ghoth san tsiolla a leanas bheith leathan leis; is trá bhíos goth caol san tsiolla dhéi- dheanach, is éigin don ghoth théidheas roimhe bheith caol amhlaidh, .i. is fíor-óir- léaghadh duine; acht is droch-eagar dune. Is í seo an riaghail le' n-abarthar caol le caol, is leathan le leathan. I bhfoclaibh d'ilshiollaíbh, is cóir an chéad tsiolla a chríochnughadh i gcomhfhuaim; .i., fír-éan; an chuid eile tosughadh le goth, no cumh- fhuaim; .i., searc-amh-ail, dar-san-tacht; acht i gcum- aisgeachaibh amháin; .i., adh- fhuathmhair-eacht, neamh-choimh- theach. AR NA hURDHUBHADHAIBH, &c. Is urdhubhadh ann, trá sostar an phríomh nó an chomhfhuaim shealbhach i n-éan-
fhocal le linn táithte comh- fhuaime eile, i n-a gcong- bhuigheann an litir bhisigh a son, .i. ar gciall; sostar c le teacht g. CLÁR NA nURDHUBHADH. Urdhubhthar b le m &c.
LÉIGHEANN. Duair is Duairghiollaidhe Sealbhacha.
cóir, trá shonann an fhuaim ionann, agus nach bhfuil an t-athrughadh neimhionann don phríomhfhocal, imne, is cóimhionann laodh, fiadhaighe, nó laogh is fiaghaidhe a sgríobhadh; acht ní cóir naoidhin a sgríobhadh ar son naoighin do bhrígh go bhfuil cumasgtha ó nae agus gein. Is mionfhocal gach fuidhir a réamhchurthar le duar, le briathar, no le sruithbhria- thar, chum a ghné, a cáil- lidheacht, nó a ghnáth-bhrígh a shoillsiughadh; táid na mion- fhocla réamhchurtha le modh- thaibh, 'na gcomharthaidhibh do na modhthaibh d'á mbeanann: neartuighid mionfhocla réamhchurtha le briathraibh a mbrígh, .i. anchaoin, aith- bhreathnuigh, aithghein; ghníd mionfhocla réimhbhriathar de thládhfhoclaibh le linn a gcur rompa, .i. go milis, go garg, go luath. Táid cuid díobh diúltach, cinn- teach, fiafraightheach, cosgach, connradhach, deimhneach, is roighneach. Meastar le dream nár chóir na mion- fhocla bheith corr don riaghail caol le caol is leathan le leathan i n-eagar na ngoth-
aidhe a leanas iad i n-a gcumasg, nó i n-a ngléire; .i. inmholta, anbhfios, romhi- lis, sármhilis, fearrde.
Deich nDiúltadh na Gaedhilge, annso síos.
Cuid ar mhodh eile. TRÁCHT AR SHANAS NA bhFOCAL. Is ros Graiméar nó broinn- fhréamh lé a dtuigmid léigh- eadh, sgríobhadh, is labhairt go beacht. Táid ceithre míre i mbroinn- fhréamh: .i. Óirléghadh, Fo- rusfhocail, Cóimhréir, is Áilbhlas. 'Sé an tÓirléaghadh fíor- eagar na litreacha. 'Sé an Forusfhocail sanas na mbriathar. 'Sí an Chóimhréir fíor-ughaim na bhfocal le chéile. 'Sé an tÁilbhlas fíor-chan- amhain na mbriathar. Táid naoi míre i n-urlabhra; .i. alt, duar, duarghiolla, briathar, sruithbhriathar, réimhbhriathar, comhnasg, siudhuar agus áilbhreas. Is mír d'ar gcaint an t-alt, thigeas roimh lánfhoclaibh, le n-a mbrígh dhoichríochta dhearbhughadh, .i., ceann, cum, is ceannfhaire; an t-abhall, an t-éan is an
t-iasgaire; an t-ór, an t-uan is an t-urchaire; an áit, an eala, is an fhionnóg, an irís, an inis, is an tsliseog; an óisg, an ola, is an ultóg. Táid dhá ghné nduar; .i. lánfhocal is tládhfhocal. Is duar nó lánfhocal gach nídh chímid, chloismid nó thuigmid, .i. fear, féar, gaoth, géim, meas, méin, ceann, ciall, agus tinneas. Roinntear an lánfhocal i n-a ghné dhíleas is choitcheann. Bí an lánfhocal díleas, trá fhreagras d'éan-nídh de chinéal; .i. Ádhamh, Éire, Áth Cliath. Is duar coit- cheann fhreagras don uile chinéal; .i. fear, cathair, abhainn, saoghal. bean, is muintir, bó, caora, is olann. Bíonn uimhir, insgne, orarus soidhbhris nó díochlaonadh. alt is airdiomrádh ag duaraibh. Is tládhfhocal gach focal fhoillsigheas cáilidheacht an duair, .i. flann, fíor, gann, géar, maith, menn is monach; síoth-sgéal, teagasg glan, daoine grinne, deaghmhná, searbhfoghantuidhe umhal. Is féidir tládhfhocail a chur i ngléire nó i n-iomarbhuidhe le n-a mbrígh a bhisiughadh nó a laghdughadh.
Táid trí céimeanna i ngléire; .i. dearbhthach, coibhchéimeach, is sáirchéi- meach, .i. árd, níos airde, ro-árd; maith, níos fearr, sár-mhaith. Táid dhá insgne; .i. firinsg- ne agus baininsgne. Foillsigheann an t-insgne an gné. Is firinsgne gach fireann; .i. fear, leoghan is scafaire, reithe, tarbh is sealgaire, coileach, cullach, is groighire, taoiseach, luam, ríghfhine, oide, file, cea- tharnach. Is baininsgne gach boin- eann; .i. bean, murdhúch is lonnóg; bó, caora, is iar- ndoe; cráin, láir, is iaróg; gé, ciarseach, is tonnóg. Táid dhá uimhir; .i. uimhir uathaidh, is uimhir iolraidh. Is uimhir uathaidh aon, .i. aon bhó. Is uimhir iolraidh níos mó. Uimhir uath. fear, cú, is each bean, bó, is beach. Uimhir iol. fir, coin, is eich. mná, ba, is beich. 'Siad oraruis na nduar na hathruighthe a ghníthear i n-a dtús is i n-a ndeireadh, le' bhfoillsighthear an dáil nó an dóigh le a mbaineann siad do nídhthibh eile. Táid sé oraruis; .i. sluinn- each, deilbheach, tairgeach, liudhuarach, nuailleach, is forcarach.
Tig an sluinneach i ndiaidh an bhriathair; .i. léigheann an sgoláire maith go grinn. Foillsigheann an deilbheach seilbh; .i. lámh athara. “Do” nó “don” is cron don tairgeach; .i. don bhfear. Tig an liudhuarach i ndiaidh an bhriathair; .i. léigheann an sgoláire maith a leabhar. An t-uailleach mar an deilbheach, acht go bhfuil a, ó nó gairm mar chomharthaíbh eile go coitcheann leis; .i. á fhir, a mhuirnín mo chroidhe; a Mháire nó Mhuire! An forcarach mar an tair- geach; .i. ón bhfear, ón mnaoi, ón tsliabh. TRÁCHT AR AN ALT. Níl insa nGaedhilg acht an t-éan-phríom-alt (an), cóimhionann i mbrígh leis an tSacs-alt chríochach the. Ní athruigheann sé i n-éan- orarus san uimhir uathaidh, acht i nduaraibh banda, trá ghnídheas “na” 'san deilbheach amháin. Ghní na 'san uimhir iolraidh go huile, acht san deilbheach de dhuaraibh a thosuigheas le goth, le d nó g, a ghlacas n mar bhiseach, agus tháthuigheas leis an gcéad litir den nduar; .i. na n-inghean; na n-imtheacht; na ndeoch; na ndiacht: na
ngort; na nguidhbhreitheamh. Is mar so a díochlaonthar an t-alt: uimhir uathaidh. Gidh curthar “a'” go minic i n-ionad “an,” acht tá cor san modh so, go ndéantar an duar a leanas “an,” agus an duar théidheas roimh “a'” tréan; .i. ceann a' mhar- caigh, ceann an mharcaigh. Glacann na duair bhanda thosuigheas le goth h i dtús an deilbhigh, le n-a sonadh go teann; acht congbhuigh- eann an goth a neart ins na duair fheardha; .i. taobh dheas a héadain; taobh dheas a éadain. SOIDHBHRIS NA nDUAR. Táid trí soidhbhris ag duair fheardha, a trí eile ag duair bhanda. Is den chéad shoidhbhreas na duair fheardha thosuigheas le goth, a ghlacas t- i dtosach an tsluinnigh is an liudh. uath- aidh, agus h- le gach orarus iolraidh, acht na deilbhigh amháin a ghlacas n-; caol- uigheann siad insan deilbh-
each uath. agus ins an tsluinneach is liudh. iol- raidh; muna bhfuinidh siad i ngoth, a mhaireas ionann i ndeireadh gach oraruis, acht san tairgeach is forc. uath. a ghlacas ar uairibh -bh: Bí e, idh nó idhe san tsluin- neach liudh. is nuail. iol- raidh; ghní na duair chaol- uighthe go minic an dara sluinneach, liudh. is nuail. i n-“a,” is -bh mar thuas. UIMHIR UATHAIDH s. an t-easbog grinn d. an easbuig ghrinn t. do'n easbog ghrinn l. an t-easbog grinn n. a easbuig ghrinn f. ó'n easbog grinn UIMHIR IOLRAIDH s. na heasbuig ghrinne d. na n-easbog grinn, ng- t. dona heasbogaibh grinne l. na heasbuig ghrinne n. a easbuig, -a ghrinne f. ó na heasbogaibh grinne UIMHIR UATHAIDH s. an t-éan bán d. an éin bháin t. do'n éan bhán l. an t-éan bán n. a éin bháin f. ó'n éan bán UIMHIR IOLRAIDH s. na héin bhána nó héanta bána d. na n-éan bán, mb- t. do na héin bhána l. na héin bhána n. a éanta bána f. ó na héin nó héantaibh
UIMHIR UATHAIDH s. an t-iasg beag d. an éisg bhig t. do'n iasg bheag l. an t-iasg beag n. a éisg bhig f. ó'n iasg beag UIMHIR IOLRAIDH s. na héisg, -a, bheaga d. na n-iasg beag, mb- t. do na héisg bheaga l. na héisg bheaga n. ó iasga beaga f. ó na héisg nó hiasgaibh beaga UIMHIR UATHAIDH s. an t-inneach caol d. an innigh chaoil t. do'n inneach chaol l. an t-inneach caol n. ó innigh chaoil f. ó'n inneach caol UIMHIR IOLRAIDH s. na hinnigh chaola d. na n-inneach caol, gc- t. do na hinnibh caola l. na hinnigh chaola n. a innigh, inneacha caola f. ó na hinnibh caola UIMHIR UATHAIDH s. an t-inte milis d. an inte mhilis t. do'n inte mhilis l. an t-inte milis n. a inte mhilis f. ó'n inte mhilis UIMHIR IOLRAIDH s, na hintí nó hintidhe milse d. na n-inteadh milis t. do na hintibh milse l. na hintidhe milse n. a intidhe milse f. ó na hintibh milse UIMHIR UATHAIDH s. an t-ord diur d. an uird dhiuir t. do'n ord dhiur l. an t-ord diur n. a uird dhiuir f. ó'n ord diur UIMHIR IOLRAIDH s. na huird, -a, dhiura d. na n-ord diur, nd- t. do na huird, -aibh, diura l. na huird dhiura n. a orda diura f. ó na huird, -aibh diura
Is de'n dara soidhbhreas na duair fheardha thosuigheas le comhfhuaimnibh a séimhigh- thear nó urdhubhthar maille le séimhiughadh san uimhir uath. Caoluigheann siad, mar dhuair an chéad shoidhbhris; muna méad- uighidh an deilbheach le biseach a, ghní ch, gh san deilbheach uath. is ins an tsluinneach liudh is nuail. iol. Ghníd na duair fheardha so a chríochnuigheas i n-a ngoth nó -dh, -e, -idh no -idhe san tsluinneach liudh. is nuail. iol. agus glacaid -ibh nó -aibh san tairgeach is liudh. iol. mar ó cheana, maille leis an dara sluinneach, liudh. is nuail. san uimhir iolraidh, má's goth leathan a bhíos roimh an gcomh- fhuaim dhéidheanaigh.
UIMHIR UATHAIDH s. an crann ciar d. an chrainn chéir t. do'n gcrann chiar l. an crann chiar n. a chrainn chéir f. ó'n gcrann ciar UIMHIR IOLRAIDH s. na crainn chiara d. na gcrann ciar, gc- t. do na crainn chiara l. na crainn chiara n. a chranna ciara f. ó na crainn chiara IOLRADH s. na cranna ciara d. na gcrann ciar, -gc th do na crannaibh ciara l. na cranna ciara n. a chranna ciara f. ó na crannaibh ciara UIMHIR UATHAIDH s. an ceol binn d. an cheoil bhinn t. do'n gceol bhinn l. an ceol binn n. a cheoil bhinn f. ó'n gceol bhinn UIMHIR IOLRAIDH s. na ceoil bhinne d. na gceol binn, mb- t. do na ceoil bhinne l. na ceoil bhinne n. a cheolta binne f. ó na ceoil bhinne IOLRADH s. na ceolta binne d. na gceol binn, mb- t. do na ceoltaibh binne l. na ceolta binne n. a cheolta binne f. ó na ceoltaibh binne UIMHIR UATHAIDH s. an fál mín d. an fháil mhín t. do'n bhfál mhín l. an fál mín n. a fháil mhín f. ó'n bhfál mín IOLRAIDH s. na fálta míne d. na bhfál mín t. do na fáltaibh míne l. na fáil mhine n. a fhálta míne f. ó na fáil mhíne IOLRADH s. na fálta míne d. na bhfál mín t. do na fáltaibh míne l. na fálta míne n. a fhálta míne f. ó na fáltaibh míne UIMHIR UATHAIDH s. an giall géar d. an ghéill ghéir t. do'n ngiall ghéar l. an giall géar n. a ghéill ghéir f. ó'n ngiall géar UIMHIR IOLRAIDH s. na géill ghéara d. na ngiall géar, ng- t. do na giallaibh géara l. na géill ghéara n. a ghialla géara f. ó na géill ghéara UIMHIR UATHAIDH s. an giolla gasta d. an ghiolla ghasta t. do'n ngiolla ghasta l. an giolla gasta n. a ghiolla ghasta f. ó'n ngiolla gasta UIMHIR IOLRAIDH s. na giollaidhe gasta d. na ngiolladh gasta, ng- t. do na giollaíbh gasta l. na giollaidhe gasta n. a ghiollaidhe gasta f. ó na giollaíbh gasta
UIMHIR UATHAIDH s. an meanadh mór d. an mheanaidh mhóir t. do'n meanadh mhór l. an meanadh mór n. a mheanaidh mhóir f. ó'n meanadh mór UIMHIR IOLRAIDH s. na meanaidhe móra d. na meanadh mór t. do na meanaidhibh móra l. na meanaidhe móra n. a mheanaidhe móra f. ó na meanaidhibh móra UIMHIR UATHAIDH s. an seabhac luath d. an tseabhaic luaith t. do'n tseabhac luath l. an seabhac luath n. a sheabhaic luaith f. ó'n tseabhac luath UIMHIR IOLRAIDH s. na seabhaic luatha d. na seabhac luath t. do na seabhcaibh luatha l. na seabhaic luatha n. a sheabhca luatha f. ó na seabhcaibh luatha Is de'n treas soidhbhreas na duair fheardha thosuigheas le comhfhuaimnibh, a dhiúl- tigheas séimhiughadh is ur- dhubhadh san uimhir uath., acht urdhubhas an deilbheach iol- raidh amháin. Bíonn go coitcheann mar dhuaraibh an dara soidhbhris ins na hor- aruis eile. SOMPLA. UIMHIR UATHAIDH s. an damh reamhar d. an daimh reamhair t. do'n damh reamhar l. an damh reamhar n. a dhaimh reamhair f. ó'n damh reamhar UIMHIR IOLRAIDH s. na daimh reamhra d. na ndamh reamhar t. do na daimh reamhra l. na daimh reamhra n. a dhamha reamhra f. ó na daimh, -aibh reamhra. UIMHIR UATHAIDH s. an lot doimhin d. an luit, -a dhoimhin t. do'n lot doimhin l. an lot doimhin n. a luit dhoimhin f. ó'n lot doimhin UIMHIR IOLRAIDH s. na luit, -a, dhoimhne d. na lot doimhin. nd- t. do na luit, -aibh doimhne. l. na luit, -a, dhoimhne n. a lota doimhne f. ó na luit, -aibh doimhne
UIMHIR UATHAIDH s. an nasg trom d. an naisg thruim t. do'n nasg throm l. an nasg trom n. a naisg thruim f. ó'n nasg throm UIMHIR IOLRAIDH s. na naisg throma d. na nasg trom, dt- t. do na naisg throma l. na naisg throma n. a nasga troma f. ó na naisg, -aibh troma UIMHIR UATHAIDH s. an rann lán d. an rainn láin t. do'n rann lán l. an rann lán n. a rainn láin f. ó'n rann lán UIMHIR IOLRAIDH s. na ranna lána d. na rann lán t. do na rannaibh lána l. na ranna lána n. a ranna lána f. ó na rannaibh lána UIMHIR UATHAIDH s. an spád úr d. an spáid úir t. do'n spád úr l. an spád úr n. a spáid úir f. o'n spád úr UIMHIR IOLRAIDH s. na spáid, -a úra d. na spád úr, n-úr t. do na spáid, -aibh úra l. na spáid, -a úra n. a spáid, -a úra f. ó na spáid, -aibh úra UIMHIR UATHAIDH s. an t-eas riabhach d. an easa riabhaigh t. do'n eas riabhach l. an t-eas riabhach n. a eas riabhaigh f. ó'n eas riabhach UIMHIR IOLRAIDH s. na heasa riabhacha d. na n-eas riabhach t do na heasaibh riabhacha l. na heasa riabhacha n. a easa riabhacha f. ó na heasaibh riabhacha UIMHIR UATHAIDH s. an cath mór d. an chatha mhóir t. do'n gcath mhór l. an cath mór n. a chath mhóir f. ó'n gcath mór UIMHIR IOLRAIDH s. na catha móra d. na gcath mór t. do na cathaibh móra l. na catha móra n. a chatha móra f. ó na cathaibh móra UIMHIR UATHAIDH s. an druim bán d. an droma báin, bháin t. do'n druim bhán l. an druim bán n. a dhruim bháin f. ó'n druim bán UIMHIR IOLRAIDH s. na droma, -nna bána d. na ndruim bán, mb- t. do na dromaibh bána l. na droma bána n. a dhroma bána f. ó na dromaibh bána
UIMHIR UATHAIDH s. an gruth reamhar d. an ghrotha reamhair t. do'n ngruth reamhar l. an gruth reamhar n. a ghruth reamhair f. ó'n ngruth reamhar UIMHIR IOLRAIDH s. na grotha reamhra d. na ngruth reamhar t. do na grothaibh reamhra l. na grotha reamhra n. a ghrotha reamhra f. ó na grothaibh reamhra UIMHIR UATHAIDH s. an gleann fliuch d. an ghleanna fhliuich, fhlich t. do'n ngleann fhliuch l. an gleann fliuch n. a ghleann fhliuich, fhlich f. ó'n ngleann fliuch UIMHIR IOLRAIDH s. na gleanna, -ta fliucha d. na ngleann fliuch, bhf- t. do na gleannaibh fliucha l. na gleannta fliucha n. a ghleanna, -ta fliucha f. ó na gleanntaibh fliucha UIMHIR UATHAIDH s. an loch lán d. an locha láin t. do'n loch lán l. an loch lán n. a loch láin f. ó'n loch lán UIMHIR IOLRAIDH s. na locha lána d. na loch lán t. do na lochaibh lána l. na locha lána n. a locha lána f. ó na lochaibh lána UIMHIR UATHAIDH s. an sruth fuar d. an tsrotha fuair, fhuair t. do'n tsruth fhuar l. an sruth fuar n. a shruth fhuair f. ó'n tsruth fuar UIMHIR IOLRAIDH s. na srotha fuara d. na sruth fuar, bhf- t. do na srothaibh fuara l. na srotha fuara n. a shrotha fuara f. ó na srothaibh fuara Is de'n chéad shoidhbhreas gach duar banda thosuigheas le guth, ghlacas n- i dtús an tsluinnigh, tairg., liudh., fhorc. is e no a mar bhiseach leis an deilbh., chaoluigheas agus bhíos go coit- cheann mar na duair fheardha san uimhir iolraidh.
UIMHIR UATHAIDH s. an ascall the d. na hascaille te t. do'n ascaill the l. an ascall the n. a ascall the f. ó'n ascaill the UIMHIR IOLRAIDH s. na hascaillidhe, -a teotha d. na n-ascall te, dt- t. do na hascaillaibh teotha l. na hascaillidhe teotha n. a ascaillidhe teotha f. ó na hascaillibh teotha UIMHIR UATHAIDH s. an imlinn fhann d. na himlinne fainne t. do'n imlinn fhainn l. an imlinn fhann n. a imlinn fhann f. ó'n imlinn fhainn UIMHIR IOLRAIDH s. na himlinne fanna d. na n-imlinn fann, bhf- t. do na himlinnibh fanna l. na himlinne fanna n. a imlinne fanna f. ó na himlinnibh fanna UIMHIR UATHAIDH s. an inis ghlan d. na hinse glaine t. do'n inis ghlain l. an inis ghlan n. a inis ghlan f. ó'n inis ghlain UIMHIR IOLRAIDH s. na hinsidhe glana d. na n-inis glan, ng- t. do na hinsibh glana l. na hinsidhe glana n. a insidhe glana f. ó na hinsibh glana UIMHIR UATHAIDH s. an uair dhéidheanach d. na huaire déidheanaigh t. do'n uair dhéidheanaigh l. an uair dhéidheanach n. a uair dhéidheanach f. ó'n uair dhéidheanach UIMHIR IOLRAIDH s. na huaire déidheanacha d. na n-uair déidheanach, nd- t. do na huairibh déidheanacha l. na huaire déidheanacha n. a uaire déidheanacha f. ó na huairibh déidheanacha UIMHIR UATHAIDH s. an óigh óg g. na hóighe óige t. do'n óigh óig l. an óigh óg n. a óigh óg f. ó'n óigh óig UIMHIR IOLRAIDH s. na hóighe óga d. na n-óigh óg, n-óg t. do na hóighibh óga l. na hóighe óga n. a óighe óga f. ó na hóighibh óga UIMHIR UATHAIDH s. an easgon gheal d. na heasgoine gile t. do'n easgoin ghil IOLRADH s. na heasgonaidhe geala d. na n-easgon geal, ng- t. do na heasgonaibh geala Is de'n dara soidhbhreas gach duar banda thosuigheas le
comhfhuaim, séimhighthear no urdhubhthar ins an tsluinn- each mar na duair fheardha, caoluighthear is ghlacann -e, san deilbh uath. mar bhiseach, ghní -a san ts., liu. iolr.; cuid eile -e. SOMPLA. UIMHIR UATHAIDH s. an chos chaol d. na coise caoile t. do'n gcois chaoil l. an chos chaol n. a chos chaol f. ó'n gcois chaoil UIMHIR IOLRAIDH s. na cosa caola d. na gcos caol, gc- t. do na cosaibh caola l. na cosa caola n. a chosa caola f. ó na cosaibh caola UIMHIR UATHAIDH s. an chearc chiar d. na circe céire t. do'n gcirc chéir l. an chearc chiar n. a chearc chiar f. ó'n gcirc chéir UIMHIR IOLRAIDH s. na cearca ciara d. na gcearc ciar, gc- t. do na cearcaibh ciara l. na cearca ciara n. a chearca ciara f. ó na cearcaibh ciara UATHAIDH s. an bhoth bheag d. na boithe bige t. do'n mboith bhig IOLRAIDH s. na botha beaga d. na mboth beag, mb- t. do na bothaibh beaga UATHAIDH s. an fhailc chumhaing d. nó failce cumhainge t. do'n bhfailc chumhaing IOLRAIDH s. na failcidhe cumhainge d. na bhfailc cumhaing, gc- t. do na failcibh cumhainge UATHAIDH s. an ghéag ghearr d. na géige girre t. do'n ngéig ghirr IOLRAIDH s. na géaga gearra d. na ngéag gearr, ng- t. do na géagaibh gearra UATHAIDH s. an mhias mhór d. na méise móire t. do'n méis mhóir IOLRAIDH s. na miasa móra d. na mi as mór t. do n a miasaibh móra UATHAIDH s. an tiach thiugh d. na tíche tiuighe t. do'n dtích thiuigh IOLRAIDH s. na tiacha tiugha d. na dtiach tiugh, dt- t. do na tiachaibh tiugha
UIMHIR UATHAIDH s. an tslat mhín d. na slaite míne t. do'n tslait mhín l. an tslat mhín n. a shlat mhín f. ó'n tslait mhín UIMHIR IOLRAIDH s. na slata míne d. na slat mín t. do na slataibh míne l. na slata míne n. a shlata míne f. ó na slataibh míne Is de'n treas soidhbhreas gach duar banda thosuigh- eas le d, l, n, r, is s, nach séimhighthear is nach n-urdhubhthar, acht d- 'san deilbheach iolraidh amháin. Ghníd a n-oraruis san uimhir iolraidh mar na duair bhanda. SOMPLA. UIMHIR UATHAIDH s. an deilf dhubh d. na deilfe duibhe t. do'n deilf dhuibh l. an deilf dhubh n. a dheilf dhubh f. ó'n deilf dhuibh UIMHIR IOLRAIDH s. na deilfí dubha d. na ndeilf dubh, nd- t. do na deilfíbh dubha l. na deilfí dubha n, a dheilfí dubha f. ó na dheilfíbh dubha UIMHIR UATHAIDH s. an dris cham d. na drise caime t. do'n dris chaim l. an dris cham n. a dhris cham f. ó'n dris chaim UIMHIR IOLRAIDH s. na driseacha cama d. na ndris cam, gc- t. do na driseachaibh cama l. na driseacha cama n. a dhriseacha cama f. ó na driseachaibh cama UIMHIR UATHAIDH s. an lámh láidir d. na láimhe láidre t. do'n láimh láidir l. an lámh láidir n. a lámh láidir f. ó'n láimh láidir UIMHIR IOLRAIDH s. na lámha láidre d. na lámh láidir t. do na lámhaibh láidre l. na lámha láidre n. a lámha láidre f. ó na lámhaibh láidre
UIMHIR UATHAIDH s. an neasg thinn d. na neisge tinne t. do'n neisg thinn l. an neasg thinn n. a neasg thinn f. ó'n neisg thinn UIMHIR IOLRAIDH s. na neasga tinne d. na neasg tinn, dt- t. do na neasgaibh tinne l. na neasga tinne n. a neasga tinne f. ó na neasgaibh tinne UATHAIDH s. an rinn ruadh d. na rinne ruaidhe t. do'n rinn ruaidh IOLRAIDH s. na rinne ruaidhe d. na rinn ruadh t. do na rinnibh ruaidhe UIMHIR UATHAIDH s. an spéir ard d. na spéire airde t. do'n spéir aird l. an spéir ard n. a spéir ard f. ó'n spéir aird UIMHIR IOLRAIDH s. na spéartha arda d. na spéar ard, n-a. t. do na spéarthaibh arda l. na speartha arda n. a spéartha arda f. ó na spéarthaibh arda CLÁR Chum Díochlaonadh na ndeacht-nduar bhfeardha is banda a dhéanamh réidh do'n léightheóir ins an Deilbheach uath. agus ins an tSluinn- each agus Deilbheach iol- raidh annso síos.
Is easbadh, iolardhas, nó iomad, a ghnídheas mí- bheachtach, le a gclaontar an duar go hathrughadh soidhbhris, d'á bhfuil cuid aca so curtha san eagar so, chum sócamhail do'n léightheóir.
Na Duairghiollaidhe, annso síos. Is focal an duairghiolla, fheidhmeas i n-ionad duair, le n-a shíor-aithris a chosg; .i. atá an fear súgach; sgríobhaidh sé, múinidh sé. Táid sé ghné nduairghiolladh; .i. comhursach, carchleitheach, sealbhach, treóraidheach, caidridheach, is aimhchríoch- ach. Táid sé duairghiollaidhe comhurs.; .i. méné, túné, éné, uath.; sinné, ibhné, agus iadné, iolr. Aithriseann an carchleitheach (a nó noch) an fearb nó an rann a chuaidh roimhe; .i. tá an fear slán a mhaireas i bhfad. Dearbhuigheann an sealbhach an tseilbh nó an dualgas; .i. mo lámh, do chos, a cheann, a ceann, ar n-athair, bhar máthair, a leabhar 's a ndubh. Grinnbhreathnuigheann na treoraidhigh an nídh d'á mbaineann; .i. sa, se, so is sin; úd is súd; .i. is é sin an fear, is í so an bhean. Is caidridhigh cé, cí, cia, créad, cad is cá, a cuir- thear ag fiafrughadh ceis- teanna; .i. cia hé? créad a ghnídhis? cé bhfuilir? Ghníthear comaisgeacha de
dhuairghiollaíbh trá cuir- thear iad le siudhuaraibh; leat, agam. Is aimhchríochaigh gach is cách, éigin is eile, neach is cuid uile, an té, an tí; cé, cidh is gidh; is iad so a chuireas a mbrígh i modh an- chuimreach nó coitcheann. Is siad na seilbhigh mo, do, is a, deilbhigh na bpríomh- chomhursach thig ó mé, tú, sé, is sí. So, sin, súd, is úd, na ceithre treoraidhigh nach féidir a ndíochlaonadh san uimhir uathaidh ná iolraidh. Tá na carchleathacha amhlaidh; .i. a, noch, nocha: meastar gur aicile no mionfhocal diúltach amháin nach; gidh táid comharthaidhe ar fheidhm, trá tuigthear go bhfuil duairghiolla i n-éinfheacht leis; .i. óir ní bhfuil nídh ar bith foluighthe nach bhfoill- seóchthar; tá an carchleith- each, noch, ins an tsompla tuigthe, acht níl ráite san nGaedhilge. Is caidridheacha na comaisgtheacha so: .i. coin, cáide, cas, cionad, cionnus, cidh is cáit: tig cuin, ó cia is sin; cáide, ó cia is faide; cas, ó cia is as; cionad, ó cia is ionad;
cada, o cia is fada; créad, ó cia is rud; cionnus ó cia is ionnus; cáit, ó cia is áit. Is i n-ionad “cuin” scríobhthar le dream cia an uair; uime sin, ar son cas; cia fhaide ar son cáide; cia is as ar son cas; cia ionad ar son cionad; cia fada ar son cada; gad é ar son créad; gad mar ar son cionnus; gad as ar son cidh; cia áit, ar son cáit. Is díbheachtach a curthar na fuidhiordhála caidridheacha so: gá, cé, &c. Is iarraidheacha an té, an tí, cách, gach, cuid, gibé, neach, is uile. AN BRIATHAR, &c. Is focal an briathar a chialluigheas gníomh nó beith éinneich ionaid nó nídh; .i. goiridh an fear, maireann na daoine, tuitidh an crann, atáim. Táid ceithre phrímh-nidhthe le n-a ngrinnbhreathnughadh i mbriathraib; eadhón, eagar, raethe agus soinréim. Táid ceithre ghné briathar; .i. gníomhach, fulaingtheach, neachtrach is eircghiollach. Is gníomhach nó aistreach gach briathar a chialluigheas gníomh; .i. labhraim focal, sgríobhas an litir. Is fulaingtheach gach briathar innseann nídh ar bith ful- aingthe nó cabhruighthe leis
an adhbhar; .i. táim molta, claoidhtear go minic togha na bhfear i n-éan-ló. Is beachtach, neimhbheachtach nó tearcach gach briathar. Is neachtrach gach briathar a chialluigheas beith amháin; .i., táim, tá sé. Mar an gcéadna, is neach- trach nó neamhaistreach gach briathar, nach dtéideann a gcumhacht go nídh ar bith eile, agus dhiúltigheas duar dhá leanmhain; .i. ruithim, eitiollaid na héanlaith, fuamnighidh na mara, béicidh na leoghain. Is den neachtrach gach eirc- ghiollach, no neimhinsgne shíor- fhuineann mar fhulaing- theach, agus bhíos gan uimhir ná pearsa, .i., luaidhtear. Táid cúig heagair; .i., Ful- áireamh, Tásgach, Oilbhéim- each, Iriseachtach nó Conn- radhach, is Iarraidhtheach nó Aimhchríochach. 'Sé an t-eagar an fíor-mhodh, le a n-eagruighthear an briathar, chum a thoid-bhrígh a fhoillsiughadh go hiomlán. Orduigheann nó toirmis- geann an Fuláireamh; .i. taruigh, imthigh, grádhuigh é, úmluigh dhó. Innseann an Tásgach an gníomh nó an t-adhbhar i lá- thair 's go cinnte; .i. táim, comharluigheann sé, grádh- uigheann sé.
Innseann an Toilbhéimeach an gníomh nó an t-adhbhar amhail indéanta nó doi- dhéanta, cóir nó corr; .i. ní sgríobhfainn, léighfinn. Foillsigheann an tIriseach- tach an nídh go connradhach, ar son dóigh, mian no baramhail; agus téidheann comhnasg roimhe i n-a rádh nó 'na nod noch amháin chomharthuigheas é ó'n eagar thuas; .i. teagasg an t-ain- bhfiosach, gidheadh dá ndiuil- teochadh sé go ceanndána. Innseann an tIarraidhtheach an nídh go hanchuimseach, agus go coitcheann gan áirmheacht do shluinneach d'uimhir ná do phearsain, óir níl neachtar aca aige; .i., léigheadh, labhairt, codladh, múnadh, dearcadh, siubhal, cruinniughad, suidhe. Táid trí raethe; .i. freac- nairc, eagnairc is fáis- tineach; .i. suidhim, shuidheas, suidhfead no suidhfidh mé. Innseann an freacnairc an t-am i láthair, agus foillsigheann an gníomh no an chríoch ar imtheacht san tráth chéadna; .i. chím. Foillsigheann an t-eagnairc an t-am a chuaidh thort; .i. chonnairceas an bhó 's an laogh. Foillsigheann an fáistineach an t-am le teacht; .i. chífead mór-bhuidhean.
Tá dhá uimhir ag briathraibh, uimhir uathaidh is uimhir iolraidh; .i. ruithim, ruith- eam. Táid trí Pearsana ins gach uimhir; .i. mé, tú, é; sinn nó inn, ibh no sibh, is iad. Táid dhá fhaoidh; .i. gníomh- arthach is fulaingtheach, Gníomhach, léigh, cruinnigh. Fulaingtheach léighthear. Atá an leabhar léighte. Táid dhá shoinréim; .i. caol is leathan; mar atá, léigh is sgríobh. Is ó'n mbríathar thigeas an sruithbhriathar i n-a bhfuil roinn den mbriathar is den tládhfhocal i n-éin- feacht; .i. ag léigheadh, ag míniughadh, sínte, sgríobhtha. Táid trí ghné sruithbhriathar; .i. freacnairc, eagnairc is fáistineach. Ghnídh an sruithbhriathar gníomhach, trá bhíos in roimhe, ionad na n-oibriugh- adh is na nduairbhriathar. AN FULÁIREAMH. An Freacnairc.
AN TÁSGACH. Freacnairc. An Dearbhach. tá mé slán, tá tú slán, tá sé slán, tá sinn slán, tá sibh slán, tá siad slán. Eagnairc. bhíos nó bhí mé, bhí tú, bhí sé, bhí sinn, bhí sibh, bhí siad. Fáistineach. AN TOILBHÉIMEACH NÓ AN CONNRADHACH.
má bhím, má bhíonn tú, má bhíonn sé, má bhíonn sinn, má bhíonn sibh, má bhíonn siad.
Cuirthear réimhbhriathar i n-éinfeacht le briathar, le tládhfhochal, le sruith- bhriathar, nó le réimhbhriathar eile, le n-a mbrígh nó a gcumhachta dhearbhughadh; .i. léigheann an fíor-dheagh- dhuine go ro-ghrinn, labh- raidh go beacht. Is mír den urlabhar an comh- nasg, a chuireas focla is rannta le chéile, .i. a cheann 's a chosa, ná seas, acht imthigh. Is focal siudhuar a cuirthear roimh lánfhocla nó duair- ghiollaidhe, le n-a ndáil le chéile fhoillsiughadh, trá nach féidir a bhfoillsiughadh le soidhbhrisíbh: is éigin don bhfocal a cuirthear leo a bheith i n-orarus áiridhe, do réir acht is gnás: leanann an deilbheach cuid aca, an tairgeach cuid eile, tuill- eadh an liudhuarach. Com- aisgeann siad so síos le foclaibh, acht go sonnradhach le duairghiollaíbh, .i., de,
le, re, di, fa, fuid, ann; ag, um, faoi, ua, air, ion, tair, chuige, do, eidir, co, a, o, roimh, seach, .i., agam, agad, chugaibh-se, liom-sa, leat-sa, rér, romhad. Acht ní chomaisgeann na siudhuair so síos le foclaibh eile i n-a saothar; .i. ann, san, chum, gan, go, gus, iar, mar, os, réir, timchioll. Is focal uaillbhreas a cuirthear i measg rann, le mian an chainteora aithris; a mhuirnín! á!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services