Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tosach na hOibre
Title
Tosach na hOibre
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Muinntir an Bhranair
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOSACH NA hOIBRE. "Tá an branar go cumhra 's beatha fén úir, 'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh." Seo chughat, a léightheóir, an chéad uimhir den "mBranar," agus tá súil againn go bhfaghair "go cumhra" é. Mara bhfaghair, ná bíodh do bhreith ró- chruaidh, ach cuimhnigh gurab é an chéad iaracht é, agus nách foláir do gach tosnú bheith lag d'réir an tsean-fhocail. 'Sé rud atá curtha romhainn againn ná míosachán, nú irisleabhar míosamhail, 'na mbeidh aistí ag cur síos ar na neithe seo: leitríocht, ealadhain, stair, polai- tíocht, creideamh, curadóireacht, déantúisí, cúrsaí an tsaoghail, etc. ; sgéalta gearra; aistriúchán ó theangthacha iasachta agus beagán filíochta. Níl ach aon trí neithe amháin coisgithe - sgoláireacht, propaganda agus seana-sgéal- uíocht, mar tá a n-áit féin dóibh sin. Ní gá' puinn tráchta a dhéanamh anso ar an riachtanas atá lena leithéid seo d'irisleabhar; is eol do gach éinne é. Go dtí so, ní raibh aon pháipéar in Eirinn a bhí tabhartha suas ar fad do sgríbhneóireacht na Gaedhilge. Na páipéir go mbíon Gaedhilg ionnta, tá cúraimí eile ortha, agus ní mór an chabhair is féidir dóibh a thabhairt do leitríocht na teangan. Tá a rian ar an leitríocht, níl sí ag fás d'réir an méid suime atá á chur sa teangain in aghaidh an lae. Má's maith linn an teanga a mhaireachtaint, ní mór dúinn í 'chur in oireamhaint don saoghal atá anois ann, agus is trí sgríbh- neóireacht is mó a déanfar san. Tá an saidhbhreas innte, an "bheatha fén úir," ní theastaighean ach é 'thabhairt ar barr ithreach. Caithfar í 'thabhairt amach as an dtigh ghloine 'na bhfuil sí le fada, agus stad de bheith ag déanamh peat- uíochta uirthe. Caithfar í 'shaothrú, isé sin, cur síos ar gach aon tsaghas ní innte. Caithfar, leis, sgóp a thabhairt dí, - mar atá déanta ag muinntir na hAlban, - agus gan sgáth ná eagla bheith againn roim fhocail iasachta ná roim shlighte nua chun rudaí a rádh, i dtreo is ná beam go deo i dtaoibh le seana- sgéalta Fianaigheachta agus le heachtraí beaga tuatha mar léightheóireacht. Go dtí so, leis, níor ghnáthach an sgríbhneóir Gaedhilge a dhíol, sa tslighe is nárbh fhiú leis puinn de dhuadh na sgríbhneóireachta a chur air féin. Táimíd-
ne chun díol, chomh maith is is féidir, as gach éinní a chuirfeam i gcló sa "Bhranar" Beidh an díoluíocht d'réir gustail an pháipéir. Má bhíon ceanach maith air, agus mórán fógraí ann, díolfar an sgríbhneóir go maith, - mara mbeidh ní féidir é. Má's sgríbhneóir tu, mar sin, cuir faobhar ar do pheann láithreach agus sgríbh rud éigin gur fiú é 'léigheamh. Agus má's léighteoir tu atá ar mhaithe le sgríbhneóireacht na Gaedhilge, ná bíodh aon leisge ort ach dein do dhícheal chun léightheóirí a sholáthar dúinn. Ná bíodh sé le casadh linn feasta nách fiú don Eireannach suim a chur i saothrú a theangan féin dá mhéid a mhaoidheamh as a náisiúntacht. Beidh fáilte againn roim aistí, sgéalta gearra, aistriúchán, etc., ach gan thar 5,000 focal bheith ionnta, agus díolfam as gach aon cheann a bheidh oireamhnach. Ní bheam-na freagarthach, ámhthach, i dtuairimí aon sgríbhneóra. Einne go dteastóidh uaidh a sgríbhinn a chur thar nais chuige, cuireadh sé clúdach stamp- álta chughainn 'na theannta agus déanfar é. Seoltar gach éinní i dtaobh sgríbhneóireachta go dtí - "An t-Eagarthóir," agus gach éinní i dtaobh fógraí, gnótha etc., go dtí an "Bainisteóir," 19 Plás Eli, Baile Atha Cliath. Gabhaimíd leath-sgéal i dtaobh An Branar a bheith déanach ag teacht amach an turus so, ach ní h-orainne atá an locht mar do chaill na clódóirí orainn. Tá súil againn go bhféadfam é bheith amuich againn i dtosach an mhí feasta.
FÁILTE ROIM NA DEORAIDHIBH. Fáilte romhaibh go Clár geal Eoghain a sháirshliocht chróga dhílis: Fáilte romhaibh a tháin gan smól thug grádh dár Róisín mhín-tais: Fáilte romhaibh is dá mhilleón, a áil na leomhan thar tuinn ghil: I bhFáil na dtreon beidh trácht go deo ar bhreághacht bhur meon, is maoidheamh as. O bhántaibh Eoghain sgiob Seán buidhe crón thar sáile flós ár dtaoiseach, Is do sháidh le fórsa an bláth-threibh leomhan gan spás i seomraíbh daoirse, Gan fáil ar chóir, gan sásamh dóibh, a gClár gan fóntacht bídh air: Más blátha rós ba ghnáth-thocht dóibh, níor bhfánach fós ann spíona. A gcás cé sgeólfaidh, sáidhte dhóibh ó mhná is ó ógshliocht caoin-tais; Chun fáin a ngnó, a sparáin gan ór, fé ghátar mór a muinntir: Ach cás ba mhó, an raibh Fáil gan treoir, an raibh fághalta óigfhir dhísle, Nú ar sádhadh na slóite sárfhear fónta in árus Sheóin fá dhaoirse? Ach fáilte romhaibh go Clár geal Eoghain, fáilte fós is míle. Beidh trácht ag fóirne Fáil go deo, ar bhur sgeol is mórchuid maoidhimh as. Sibh bláthmhar beo, gan cháim gan cheo, i bhFódl' fé áilleacht saoirse Go bás, gan smól 'r bhur gcáil a leomhna - siúd fáilte romhaibh óm chroidhe-se. MICHEAL O CUILEANAIN.
CUMANNACHAS CEARD SAN AM LE THEACHT. Is iomdha athrú mór tháinic ar an seansaoghal seo le linn na n-aoiseann: d'eirigh Impíreacht na Róimhe agus do ghabh forlamhas ar chríocha an Oirthir agus an Iarthair, agus annsin tháinic an dubhchan uirri, agus do thuit ó na chéile; tháinic an túrcach borb anoir chugainn ó'n Aise agus do gabh cathair Chonstantín, gur sgapadh iarsmaí léighínn agus feallsamhnachta na sean- Ghréagach ar fud Iarthair na hEórpa; chuir an sgapadh sin meanma agus mis- neach sna daoine, gur ghluais Cristóir Columbus thar fairrge anonn le domhan úrnua fháil; tháinic cogadh na gcreideamh agus cogadh na nImpireach agus cogadh na rí-dhamhna; d'eirigh aitheacha tuatha na Frainnce amach, gur faduigh- eadh teine nár múchadh ó shoin; tháinic ré na n-inneall agus na gaile agus cuireadh éadan nua ar an saoghal ach ní raibh aon athrú d'ár luadhadh i ndáil le bheith chomh mór leis an atharrach atá ag teacht ar an sean-tsaoghal seo ós gcomhair ár súl, nó ós comhair súl na ndaoine a bhfuil léargus aca. Agus seo é an t-athrú mór atá i gceist agam: go bhfuil lucht oibre an domhain, lucht soláthruighthe gach maoine, ag teacht i réim, agus forlamhas ar an saoghal seo ghá ghabháil aca. De réir a chéile déanfar an ghabháil seo. Tá an fuarloch chugainn anoir. Agus níl aon chomacht ó Dhia anuas fhéadfas cosg a chur leis an bhfuarloch sin. Brisfear ar an lucht oibre thall agus i bhfus, agus ó am go ham, toisg easba léighinn agus eólais bheith aca, toisg cuid dá dtreóraidhe bheith cean- nuighthe ag na máighistirí; ach bainfidh siad a gcuid féin amach le n-ár linn: a gcuid féin - cé mhéad é sin? Seilbh agus stiúrú gach ádhbhar maoine dá bhfuil ann - sin é ceart an lucht oibre, mar is iad, agus is iad amháin sholá- thruigheann gach iolmhaoin agus saidhbhreas dá bhfuil ann. Agus nuair bhéas an ceart sin bainte amach aca beidh an t-Atharrach Mór ar fáil, an t-Atharrach tionnsgalach agus economíc is mó dár tháinic ariamh. Ach ní buan aon Atharrach economíc ach an ceann bhíos feileamhnach do'n
uair agus do'n ócáid. Ní mór do'n phobul bheith ullamh n-a chomhair. Má leagtar aon tsíbhéaltacht, caithfar síbhéaltacht eile bheith ullamh ag lucht a leagtha le cur 'na h-ionad. Tá ré na Caipítalachta i ndáil le bheith thart. Tá ré na Cumannachta chugainn anoir. An mbeidh sinn-ne, lucht oibre na hEórpa, in ann síbhéaltacht nua 'thógáil in ionad na síbhéaltacht atá ag tuitim ó chéile? Le ceart páidhe an lucht oibre 'chosaint ar chaipítálaí, cuireadh an sean- chumannachas ceárd ar bun, agus ní raibh aon cheapadh ag lucht a bhuanuighthe bunathrú tionnsgalach a dhéanamh ar an saoghal. Ach tá a mhalairt de bharamhail ag ceannairí an chumannachais nua: seilbh agus stiúrú gach ádhbhar maoine 'bhaint amach do'n lucht oibre an cuspóir mór atá curtha rómpa aca. Go dtí le deich mbliana ó shoin gur chuir an Lorcánach Cumann an Lucht Iompuir ar bun abair, ní raibh aon cheangal dlúth idir na cumainn ceárd in Eirinn. Bhí na céadta aca ann agus gach ceann aca ag obair as a láimh féin, agus gan aon cháirdeas mór eatorra. Cuirtí stailc ar siubhal le árdú páidhe 'bhaint amach, ach is suarach an congnamh a bhíodh le fáil ag lucht na stailceanna seo ó na gcomhoibritheóirí. Ach d'athruigheadh é sin. Cuireadh Comhdháil na gCeárd ar bun i 1894, ach má cuireadh, is beag brí ná éifeacht a bhí san gComh- dháil go ceann dá bhliain déag 'na dhiaidh sin, gur chuir an Lorcánach Cumann an Lucht Iompuir ar bun i 1907. Thasbáin an cumann nua seo an bóthar ceart do lucht oibre na hEireann. Cuireadh i gcéill dhóibh nach ndéanfadh cumann faoi leith i gcomhair gach céirde mórán maitheasa. Bhí an cumannachas nua buanuighthe i nEirinn nuair cluineadh an dá rosgcatha bhí ag an gcumann nua seo: "aon chumann mór amháin," agus an dara ceann, "má loittear duine againn, loittear an t-iomlán." Agus sin é an rosgcatha atá ag lucht oibre na linne seo in Eirinn, agus sin an rosgcatha bhéas aca san am le theacht, go mbainfidh siad a gceart iomlán, a gceart dúchasach amach. 1V. Cuireadh an chloch bhuin go daingean. Aon chumann mór amháin, aon arm mór tionnsgalach amháin bhéas ann san am le theacht, go gcuirfear an cuspóir luadhadh cheana i ngníomh, go mbeidh gach déantús dá bhfuil sa tír i seilbh lucht a oibrighthe. Ach déarfar liom go bhfuil mórán cineál ceárd ann, agus nach bhfeilfeadh aon chumann ceárd dhóibh uile go léir. Is tréise guala le gualainn sinn, agus tá gach tairbhe dá bhfuil le fáil ag cumainn faoi leith le fáil ar an dóigh eile,
mar beidh mír nó roinnt faoi leith i gcoalmhair gach céirde san aon chumann mór bhéas ann san am le theacht, (mar tá i gCumann an Lucht Iompuir faoi láthair) agus beidh stiúrú na míre faoi lucht na míre sin amháin. Ar an gcaoi sin beidh cead ag gach cineál céirde gnó na céirde sin a chur chun cinn gan cosg ó'n lucht oibre i gcoitiannta; agus má chuirean aon namhaid isteach ar aon mhír de'n mhórchumann beidh fhios ag an mír sin go seasfaidh an lucht oibre ar fad taobh thiar díobh, ní hionann agus anois. Sochar cumann faoi leith gan an dochar, atá san riarú seo. Ní gábhadh dhom a rá go sgaoilfear an ceangal atá idir chuid mhór de na cumainn i nEirinn indiu le na macasamhail de chumainn tar lear. Seasfaidh an mór chumann atá i gceist agam ar a bhunaibh féin, ach go gcabhróchaidh sé, agus go ndéanfaidh sé bráithreachas leis an lucht oibre i ngach tír, ach é féin bheith neamhspleádhach ar gach dream. Tá an Bráithreachas agus an Idirnáisiúntacht seo ann cheana; bíonn Cuallacht Oibre Eireann agus Comh- dháil na gCeárd i ngach dáil idirnáisiúnta oibre dá mbíonn ar an mór-thír, agus tá beirt theachtairí ó Eirinn ar Choisde Gnótha na Dála Idirnáisiúnta le deir- eannach, agus admhuigheann an Dáil Idirnáisiúnta sin gur náisiún faoi leith Eire, ní hionann is an Chomdháil Stát atá na suidhe a bPáras faoi láthair. Cuireann cainnt faoi Idirnáisiúntacht eagla ar chuid dár muinntir faoi láthair; ach ní call dóibh bheith faiteach. Caitfidh an dá rud bheith ann, an Náisiúntacht agus an Idirnáisiúntacht, agus ní chuireann siad isteach ar a chéile ar aon bhealach. V. Ní sáithte i gcistí cogaidh ná i ngnó na máighistirí bhéas airgead agus maoin an Chumannachais Ceárd san am le theacht. Ní headh, ach beidh a bhunmhaoin féin ag an mórchumann, nó ag míribh an chumainn sin, agus baill an chumainn dá oibriú ar mhaithe le na mbráithre oibre. Caithtear an chuid is mó de bhráigíl na gcumann ar airgead tinnis, ar airgead díomhaointis, ar airgead adhlachta agus eile faoi láthair: ach, amach annseo nuair bhéas taltaí dá gcuid féin, agus monarchaí dá gcuid féin, ag mírí an mhór-chumainn, ní bheidh ar an gcumannachas ceárd é féin a bhanú ar an dóigh sin; agus is cinnte nach bhfuil sna bronntanais seo ach bánú, mar ní bhíonn aon bhuantairbhe do'n chuman- nachas ceárd ionnta. Beidh an fear bhéas na chomhnaidhe in ann é féin agus a chúram a chothú ar fheilm nó i monarcha a chumainn, de réir a chéirde agus a acfuinne, agus beidh an t-airgead díomhaointis fhághann sé ó na chumann anois gan caitheamh, agus é mar bhunmhaoin ag an gcumann leis an obair tionn- sgalach bhéas idir lámhaí 'chur chun cinn. Bhéadh tairbhe eile ann na taltaí
agus na monarchaí seo bheith ann: chuirfeadh tréimhse ar an bhfeilm, nó sa gcoilíneacht oibre, feabhus mór ar an bhfear féin; bhéaradh sé sláinte dhó fein agus dá mhuirghín, agus dhéanfadh sé neamhspleádhach é ar gach bealach. Domhan beag ann féin bhéadh i ngach coilínteacht aca seo, domhan beag suairc sona agus otharaí an airm oibre ag obair ionnta ar a ndóigh dúchasach féin. Ar a' dhóigh dúchasach féin - is ar éigin gur féidir linn-ne, atá ghá chrádh faoi chuing na caipítalachta, an mhaith a thiocfadh as an modh oibre sin a thuig- sint - fág thart an t-irisleabhar ar feadh leath-uaire, a léightheóir, agus déan machtnamh air, agus ná déan dearmad go bhfuil tréithre agus súbhailcí san duine nach n-aibightear ar chor ar bith faoi chuing na caipítalachta. Ní fios dúinn cé'n bárr buaidh bhéadh ag an bhfilíocht, ag an dathuíocht, ag an deal- bhóireacht, agus ag mórán ceárd agus dána eile nuair d'féadfadh sluagh mór de mhoghaí na h-aimsire seo a mór-ualach imnidhe 'sgaoileadh anuas díobh. Bristear stailceanna réidh go leór faoi láthair. An ganntanas agus an t-ocras an gléas ionnsuidhthe is treise dá bhfuil ag na caipítálaí chuige sin; ach nuair bhéas na coilíni oibre seo ar bun ag lucht an chumannachtais ceárd san am le theacht, bainfear an faobhar de'n ghléas barbardha troda seo. Beidh beatha dá gcuid féin ag na cumannaí ceárd aimsir stailce. VI. Is eól dúinn nach sgaoilfidh na máighistirí agus uachtaráin sotalacha an domhain a ngreim go réidh; is léir é sin ó'n iarraidh atá ghá thabhairt aca ar an bPoblacht Cumannach atá curtha ar bun san Rúise 'chur faoi chois. Ach beidh arm cosanta dá gcuid féin ag na cumainn ceárd, nó ag comhdháil na gcumann sin, amach annseo. Chuir Séamus O Conghaile tús leis an arm cosanta seo i nEirinn nuair chuir sé Arm Oibre Eireann ar bun le linn na stailce móire bhí i mBaile Atha Cliath i 1913-1914. Ach ní hé an t-arm cosanta seo an t-aon ghléas cosanta agus ionnsuidhthe amháin bhéas ag an gCumannacht Cheárd: nuair thiocfas an lucht oibre chuca féin i gceart, beidh sé 'na gcumas beatha agus fir throda 'shéanadh ar an arm Stáit; beidh sé n-a gcumas deire chur le cogaí stáit de bharr an greim bhéas aca ar ghléas tionnsgalach agus economíc gach tíre. Agus beidh deire le ré na caipítalachta nuair thiocfas an lá sin. V11. Ach caithfear saoirse phoilitíocht a bhaint amach do'n náisiún féin in Eirinn i dtosach, mar sí an t-saoirse sin bun agus bárr gach saoirse eile. Agus
nuair bhéas an cumannachas ceárd láidir, agus feistighthe ar an dóigh atá luaidhte agam, bainfear amach saoirse iomlán economíc an lucht oibre, agus beidh sé 'na gcumas seilbh agus riarú gach adhbhar maoine 'bhaint amach. Beidh síbhéaltacht nua aca le cur in ionad na síbhéaltachta leagfar. Ach an t-saoirse phearsana, buaidh agus coróinn gach saoirse eile, is corrdhuine in Eirinn a cheapann go bhféadfaí a leithéid de sheóid uasal a bhronnadh ar an saoghal cráidhte seo ar chor ar bith - ach fanaidís. PADRAIC O CONAIRE.
CEITHEIRN CHUTHAIL' COILLE. Crádh liom eachtrainn 'ghá bhfógradh, Ríoghra Fódla san oireacht; 'S nach goirthear díobh 'na ndúthchas Ach ceitheirn chúthail' coille. 1. Tráthnóna dhom am aonar i sean-fhothrach de chaisleán. Me am shuidhe sa bhfuinneóig chumhang árd agus radharc agam ar an machaire mór torthúil idir dhá shliabh. Portach dubh agus stráice geal de linn thíos uaim, an brobh luachra ar luasgadh sa ghaoith ar imeall an phortaigh agus scata faoileán ón bhfairrge i gcéin ag screadaig go fiadhain ós cionn an uisge. Leoithne ghaoithe d' ealódh adtuaidh anois agus airís, í do ghluaiseacht go mall thar fallaí an chaisleáin, í do scuabadh go hobann aníos chugham agus fuaim aici mar do bheadh clóca síoda ag cimilt le clochaibh an staighre. Aistreach na smaointe a tháinig chugham. Maidir leis an sean-fhothrach so de chaisleán 'na rabhas, aolbhrugh ab' eadh é uair mar a raibh comhnuighe ar árd-fhile Shasanach, dún daingean ab' eadh é ónar sheol an t-eachtrannach lucht loisgthe Mumhan lucht millte Gaodhal chun saothair .i. caisleán Cille Colmáin, áit chomhnuithe Spenser. 11. Fairsing leathan an radharc a bhíodh ag an bhfile nuair a sheasmhadh sé sa bhfuinneóig seo ag féachaint amach do. Agus ní bhíodh treó 'na bhféachadh sé ná go luigheadh a shúil ar thalamh ba leis. Sléibhte ar an dtaobh theas uaidh, an Abha Mhór agá mbun, sléibhte ar an dtaobh thuaidh, beanna na nGailte i gcéin. Sléibhte loma iseadh indiu iad ach le na ré-sin bhíodh na coillte go mullach ortha. Ní hiongna ansan go bhfuil trácht san "Faerie Queene" ar choilltibh dubha diamhra, bhíodh a leithéid ar gach taobh de; agus nuair a ghluaiseadh an ghaoth mhór tríotha um thráthnóna, níl file ná samhlóch, gur ionnta a ghnáthuigheadh gruagaig agus draoithe an uilc, nú ná feicfeadh ridirí an aoil chnis ag gabháil an treo chun an fód do sheasamh i gcoinne fathach an fhill.
Ach is maith a bhíodh fhios ag an bhfile go mbíodh daoine fén gcoill nách Archimago gruagach ná Sansloi fathach. Is minic agus é i lár a mharcshluaigh chosanta, ba léir do mar do bheadh an duine i dtiugh na gcrann ag faire air, ar a theacht is ar a imtheacht. Dá dhéine é a chuardach, ní dhéanfadh a dhícheall na "ceitheirn chúthaile" seo do ghlanadh as na coilltibh. Bhídís ann i gcomhnuighe, an brat go sálaibh ortha agus gan a fhios cad é an úirlis airm a bhíodh fá cheilt acu, an "glibbe " go súilibh ortha in aindeoin gach dlighe is gairmscoile agus ná féadfadh éinne iad d' aithint thar a chéile. "Bhíodh comhnuidhe ortha i bpluais an mhachtíre, an leaba chéadna fútha, an bia céadna acu." Ach ba chuma leo san; chlaoidís fós le fód a sinnsear. Ba bheag ar an bhfile iad agus dob' fhuath. Uaireanta agus é ag ceapadh filíochta sa tseomra so a bhí go seasgair aol-gheal uair, agus loinnir na teine amach tríd an bhfuinneoig, chuimhneóch' sé go hobann go raibh Cárrthach bocht nú Gearal- tach fiadhain amuich ag féachaint ar an solus ó imeall na gcrann, é leathta ag an bhfuacht is ag an annró, ach rún díoltais mar chaor teine ar lasadh na chroidhe. Níor shuairc an saol é don fhile fé iadh na bhfallaí aoldha. III. Lá des na laetheantaibh seo, ámh, is mór an rí rá is an scléip a bhí ar fuaid an chaisleáin. Bhí "aodhre na fairrge" tagaithe anoir ó Eochaill ag fiosrú a charad an file. Bhí na fallaí níos aolghile ná riamh istig is amuich. Bhí fleadh is féasta ar bórd, bhí ceol is cainnt sa halla, bhí gleo is gliadar sa chlós. Agus nuair a bhí ciúineas an tráthnóna ann, tháinig an bheirt amach ar an bhfaithche, á ngrianadh féin, Spenser file agus Raleigh eachtrannach. Do shín an file a mhéar chun na sléibhte agus d'ainmigh sé iad agus d' aithris sé dán beag a bhí cúmtha aige ar ghrádh "Bregoge" do "Mhullah" agus ar chuthach "Old Mole." Ar ball do labhradar ar chúrsaí na Mumhan is ar bhriseadh na méirleach agus níor bhfaillighe dhóibh gan moladh' thabhairt do'n tighearna Grey de Wilton de bhárr a ghaisge ag Dún an Oir. Do thrácht an file ar na coilltibh, conas a thugaidís foithin don mhéirleach agus folach don bhfeallaire. Ach do gháir an t-eachtrannach agus do chomhairligh sé na coillte do leagadh fé mar a dhein sé féin i nEochoill, ag ruaigirt na namhad agus ag teannadh a sparáin le hairgead. Ar ball do bhíodar ar atharrach phuirt. Do thosnaig Raleigh ar chasaoid ar an mí-ádh a rug do cur fé i nEirinn i bhfad ón gcúirt is ó ghnúis Eilíse, ag oscailt na slighe d,ógánaig uaibhreacha mar Essex agus Cecil agus Leicester, glaigíní nár threabh riamh aon tonn, ná nár ionnsuigh riamh aon bhaile, ach d'fhan sa teaghlach i gcomhnuighe ag meal- ladh is ag cluaineadh na banríoghna. Do dhein Spenser comh-bhrón leis agus
do nocht sé fé rún dó go raibh dán mór á sgrí' aige in onóir na banríoghna le hionchas go mbronnfadh sí air gabháltas eile seochas fásach i lár coillte na Mumhan. Fé dheire, sé rud ar ar shocradar, ná imtheacht, beirt acu, thar tonntachaibh na mara go Lonndain agus gurbh é an feall é mara bhfaighdís luacht a saothair ó Eilís in áit 'nár bhaol dóibh "ceitheirn chúthail" coille. Ní mar a shíltear, bítear. Do ghlac an ríogan an moladh agus an chluain- ireacht ach níor dhein sí rud ortha. Do seoladh an t-eachtrannach i gcéin agus tháinig an file thar tuinn airís go fásach na Mumhan agus go coilltibh dubha Cille Colmáin. Níor ró-fhada ann do gur leath an cogar ar fuaid na tíre go raibh tuille toirmisc chun siubhail i gcúige Uladh, agus gur briseadh an cath ar na Sasa- naig. Ach cad é an iongna is an ollsacht nuair a deineadh amach gurabh é a bhí 'na thaoiseach ar na méirleachaibh an turus so ná an flaith a hoileadh chomh haireach i Lonndain Shasana, an captaen óg a chonnaic le na shúilibh féin ár is éirlach Dhún an Oir. .i. Aodh ó Néill. Ba léir gan mhoill go raibh atharrach saoil ag teacht, go raibh gluaiseacht nua ar siubhal fén gcoill. Is annamh a théigheadh an file fén gcraoibh ná feiceadh sé níos soiléire ná riámh lucht an bhrait is na glibe agus deallramh troda ortha, cé go bhfanaidís as raon urchair fós; agus dá mhéid an marcshluagh, ní chuireadh sé aon sceón ionta. Do chuimhnigh sé ar theitheadh leis go Corcaig. Bhí sé fuar aige. Oidhche airithe do hairigheadh an liú fiaigh mór dtimcheall an chaisleáin. Do bhíodhg an lucht cosanta; do buaileadh, do goineadh, do leagadh. Ní raibh aon mhaith ann. Níor cualathas claoidheacht ar na Gaodhalaibh. Siúd de dhruim na bhfallaí iad ag buanadh agus ag cartadh rompa agus do scuabadh na Gaill isteach na ndúndaingean. Dob' fhíochmhar an troid é agus dob' fhánach. Do scaoileadh an saighead teine i gcoinne an chaisleáin, agus is gearr go raibh an t-adhmad tré theine. Do dhein an file ar an gcúl doras ar aghaidh an phortaigh, agus do theith sé le na anam as an áit. Do nocht bladhm a chais- leáin féin do comhgar an phortaigh i dtreo gurbh fhíor do nuair a sgríobh sé "the rebel did light his candle at the flames of their houses to lead him in the darkness." Nuair a tháinig sé féin is a mhuintir le chéile i gCorcaig do fuarathas go raibh duine in easnamh ortha, gur fágadh an naoidhneán 'na chliabhán sa teaghlach loisgthe. V. Bhí luisne na gréine fós sa domhan tiar nuair do thréigeas fuinneóg an tseana-chaisleáin. Bhí deire le ceol an ghearraghuirt sa mhóinfhéar. D'eirigh
an sgiathán leathair amach as scoilteachibh na bhfallaí agus do ghluais romham fén aer. Tháinig sgread na bhfaoileán chugham ón bportach. Do dhein an ghaoth bullabáisín de'n duilleabhar feoidhte is de smúit an bhóthair. D' fhéachas don uair dheireannach ar an sean-fhothrach de chaisleán a bhí chomh daingean tráth, agus do tháinig an seana-rann im chuimhne. Do threasgair an saol is do shéid an ghaoth mar smál Alastram, Caesar is an mhéid do bhí 'na bpáirt; Tá an Teamhair 'na féar is féach an Traoi mar tá, 'S na Sasanaigh féin, dob' fhéidir go bhfaighdís bás. SEAMUS O hAODHA.
TARTARIN DE TARASCON. Firín beag téagartha go bhfuil dathad éigin blian aige; é beag nách maol; crombéal agus dhá fhéasóig dhubha air; dath sláintiúil ar a cheannachaibh; féachaint dheas nádúrtha 'na shúilibh, ach amháin nuair a chuirean sé air na gothaí troda úd go bhfuil aithne ag gach éinne sa bhaile mhór ortha. Sin é Tartarin de Tarascon, mar a thaisbeánan Alphonse Daudet dúinn é sa leabhar is mó greann, b'fhéidir, dár scríobhadh riamh. I ndeisceart na Fraince a bhí comhnuí ar Thartarin, fén ngréin iongantaigh úd a lonnruighean chómh láidir gléigeal son go gcuirean sí trí n-a chéile aigne is meabhair na ndaoine ar a dtuitean a soillse, i dtreo is nách léir dóibh an fhírinne thar an mbréig, ná scáth an ruda thar an rud féin. 'Sí an ghrian úd fé ndear a lán des na rudaíbh is éagsamhla dá bhfuil le hinnsint i dtaobh Tarascon. An ghrian son fé ndear an cuman fiadhaigh úd go raibh baint ag gach fear i dTarascon leis, cé nach cuimhin le héinne beo cathain do connacthas oiread is coinín fiadhain sa chomharsanacht. Ná ceap go gcuirfeadh an t-easba seilge sin isteach ar fhiagaithe Tarascon, ámh. Do théighdís amach ar an machaire gach maidean Domhnaig, a ghunna ar a ghualainn ag gach éinne agus dornán maith de philéaraibh aige - agus caipín nua ar cheann gach duine riamh aca. As na caipíni seo so gheibhidís an spórt ar fad. Do chaitheadh gach fiaghaidhe a chaipín féin suas san aer, do scaoileadh sé fé agus é in áirde, agus an duine ba mhó go mbeadh rian na bpiléar le feiseint 'na chaipín i ndeire an lae, is aige-siúd a bheadh an chraobh. B'é Tartarin an duine ba chliste ar an obair seo, agus sin fé ndear a lán de'n chlú a bhí air imeasc a mhuintire féin imeasc lucht Tarascon, ach ní hag brath air sin amháin a bhí sé. Bhí buadh nách é aige. Ba dhóbair do, tráth, dul go Shang-Hai, mar bhainisteóir mhonarchan éigin, agus is beag an deif- ríocht atá, i dTarascon, idir an rud a deineadh agus an rud gur dhóbair é 'dhéan- amh. Bhí an oiread san scéal innste ag Tartarin mar gheall ar Shang-Hai agus na Múraigh, agus mar gheall ar a ndéanfadh sé dá dtéidheadh sé ann nách iongnadh gur chreid sé féin chómh maith le cách sa deire go ndeaghaidh sé ann agus gur dhein sé na héachta go léir ar a mbíodh sé ag cur síos. Dob' iongantach an tig a bhí aige leis. Tigín beag deas cluthmhar do
b'eadh é, ach bhí na fallaí ón dtaobh istigh clúdaithe le gach saghas arm tein agus faobhair atá, nó bhí, n-úsáid ar fuaid an domhain, agus bhí an gáirdin lasmuigh lán de phlandaíbh ó gach tír fén ngréin. Thar gach ní eile dá raibh ann bhí cáil ar an mbaobab. Crann ábhal-mhór 'seadh an baobab nuair chítear é 'na thír dhúchais féin san Afric, ach an ceann a bhí i ngáirdín Tartarin, bhí slighe a dhóthain aige i bpota bheag bhláth, agus mar sin dos na crainn feilme, agus dos na crainn cócó ná raibh ionnta ach aoirde biataise agus dóibh go léir. San tigín bheag chluthmhar so bhí saoghal breá suaimhneasach ag Tartarin go dtí an lá mí-ádhmharach úd a tháinig dream éigin geócach go Tarascon agus roint beithidheach allta 'na dteanta. Imeasc na n-ainmhidhe bhí león mór craosach, agus chuaidh Tartarin ag féachaint air chómh maith le cách. Pé fáth a bhí leis - dubhairt na Tarasconaigh gur éad a bhí air - ní túisge a chonnaic an león an sáirfhear 'na sheasamh lasmuich des na barraí iarainn a bhí chimeád féin uaidh, ná d'oscail sé an béal mór cíocrach, agus do chuir sé glam as a cualathas ag Beaupaire ar an dtaobh thall de'n abhainn. Do rith gach éinne, idir fhiagaithe agus eile, ach amháin Tartarin. D'fhan seisean 'n sheasamh ós comhair an bheithidhigh allta, stoc a ghunna ar an dtalamh, agus é féin agus an león eile ag féachaint idir an dá shúil ar a chéile. Tar éis tamaill do chualaidh na daoine ba chomhgaraí dho é á rá fé n-a anál, "ba mhaith a fiadhach é sin." Ba leor é sin do mhuintir Tarascon. Sara raibh an oidhche tagtha i gceart bhí an ráfla leathta ar fuaid an bhaile go raibh socair ag Tar- tarin dul go dtí tíortha i gcéin ag fiadhach na león. Nuair do ráinig an ráfla Tartarin féin do thuig sé láithreach gurab' é sin díreach a bhí 'na aigne a dhéanamh, ach do thuig sé leis nár ghá an deithineas. Mar sin d' fhanfadh an sceál go dtí an lá atá indiu ann mura mbeadh an t-aon namha amháin a bhí ag Tartarin, Costécalde, an gabha gunnaí. Do thosnuigh sé siúd ag séideadh fé Thartarin, 'á rádh go raghadh sé ar tóir na león díreach fé mar a chuaidh sé go Shang-Hai fad ó roimis sin, agus do cheap sé amhrán magaidh fé "ghunna Mháistir Gervais" a bhí ar tí urchar do chaitheamh i gcomhnuí agus nár chaith riamh. Níorbh' fhada go raibh an t-amhrán i mbéal gach éinne, agus ba dhóbair do Thartarin bhocht an réim ríoga a bhí aige i dTarascon do chailliúint. Ní fhéadfadh sé, ámh, a aigne do shocrú ar an dtigín bheag chluthmhar úd an bhaobab d' fhágaint agus dul amach i lár cruatain an tsaoghail. An rud ná déanfadh sé dá leóinte féin, ámh, do cuireadh d'fhiachaibh air a dhéanamh. Tháinig an Captaen Bravida, duine dá lucht ghrádha chuig oidhche, agus ní dubhairt sé, "Ach, a Thartarin, ní fuláir imtheacht." Do ghéill Tartarin dá chómhairle agus thosnuigh láithreach ar é féin d'ollmhú. Agus é siud an t-ollmhúchán! B' éigean dhá bhosca mhóra láidre do chur á ndéanamh i gcóir na n-arm faobhair agus teine. Bhí cábán de'n déanamh ba
nua, bhí boscaí lan de gach saghas bídh dár cuireadh riamh i mboscáiníbh stáin nó i bpotaíbh gloine, agus bhí culaidh éadaigh do Thartarin féin ar nós na Múrach, idir chaipín dearg agus cnota fada gorm as, agus ribín leathan tímpal ar a chom, agus eile. Téidhean caitheamh ar gach ní agus tháinig an t-am 'na raibh gach rud ollamh, agus ná raibh le déanamh ag Tartarin ach slán 'fhágaint ag muintir Tarascon, agus imtheacht leis ag plé leis an saoghal. Ní déarfad focal mar gheall ar an fhulaing sé ar bórd luinge dobé an chéad uair riamh aige ar an bhfairge choimhtheach ná ar an nós nar cheap sé gur foghlaithe lucht iompartha málaí do tháinig ar an luing ar sroising Algiers di, ná ar an ndéistin a bhí air nuair chonnaic sé cad iad mar thighthe ósta móra breátha a bhí le fáil sa tír iadhain úd na hAifrice. B'é céad rud do dhein sé d'éis na mboscaí go léir do chur fé ghlas i dtigh Osta na hEórpa, ná bualadh amach ar lorg na león, gunna ar a ghualainn aige, agus ceann eile feistithe ar a dhrom. Níor mhaith leis eolas na slighe do chur ar éinne, ar eagla go dtiocfadh sé 'na theannta, agus nách do féin a bheadh an chreideamhaint go léir ag dul nuair a bheadh na leóin marbh aige. Dob' fhada leis go raibh sé lasmuich de'n chathair, agus ba mhór an t-áthas a bhí air nuair chonnaic sé amuich ar an machaire dream eag daoine go raibh crot fiagaithe ortha. Ba bheag an meas a bhí aige ortha, ámh, nuair a fuair sé ná raibh marbh acu ach roint coiníní. Bhí an oidhche ag teacht um an dtaca san, ach do lean sé ar a aghaidh, mar bhí 'fhios aige ós na leabhraibh do- áirmhthe a bhí léighte aige ó chuir sé roimis seilg na león do dhéanamh, gurb' í an oidhche an tráth is oireamhnaighe do'n tsaghas son oibre. Nuair a bhí solus an lae nách mór imthithe agus an oidhche ag leathadh a brait dorchadais ar an dtalamh, tháinig Tartarin go dtí áit mar a raibh foithin mhaith le fáil aige faid is bheadh sé ag feitheamh leis na leóin. Bhí an fásach leathan 'na thímpall, samhluigheadh do, agus plandai éagsamhla ag fás annso is annsúd ann. Do chaith sé é féin ar an dtalamh, gunna ar an bhfód ós a chomhair amach, agus an gunna eile taobh thiar de, agus an scian mhór fhiadhaigh fé n-a chrios. D'fhan sé annson ar feadh uair' an chluig, ar feadh dhá uair a' chluig, ach níor tháinig an león. Annson, do chuimhnigh sé go raibh sé de nós ag na fiagaithe móra mionán do thabhairt leo i dtreo is go meallfadh a mhéileach chúcha an león. Ní raibh éan-fháil ag Tartarin ar mhion- an, fóiríor, ach do thosnuigh sé féin ar mhéiligh ar a dhícheal. Ar dtúis, do dhein sé méileach bheag truaimhéileach ach i ndiaidh a chéile do neartuigh agus do ghéaruigh uirthe go dtí gur cosamhla í sa deire le búirth an leoín ná le méileach mhionáin. Níor ró-fhada gur chuala' sé fothram éigin 'na aice. Do stad sé de'n
mhéiligh, agus do chuir sé cluas le héisteacht air féin. Gan amhras do bhí ainmhidhe mór éigin ag corruighe cúpla slat uaidh. An león a bhí ann, cad eile? Ba bheag an mhoill air an gunna do chur ar a ghualainn. Pan! Pan! Bhí dhá urchar caithte, agus ní gan tairbhe. Chualaidh Tartarin mar a bheadh búirth ainmhidhe ghortuithe, agus d'imthigh an león tríd an bhfásach uaidh ar cos in náirde. D'fhan Tartarin mar a raibh aige mar bhí 'fhios aige go dtagan an bhainleon ar lorg a céile i gcomhnuí, agus ba mhaith leis a croiceann súd do bheith aige leis. Bhí am mairbh na h-oidhche ann anois, ámh. Bhí Tartarin cortha de bharr eachtraí an lae, agus níor bh'fada gur imthigh idir león is uile as a cheann, agus go raibh an fear bocht 'na shámh-chodhla. 'Sé rud do dhúisigh é ná trúmpa na saighdiúirí ó'n mbarraic a bhí cúpla céad slat ó'n ngáirdín lán de phlandaí biatais 'na raibh sé tar éis na h-oidhche do chur de! Ní miste a rá gurb' air a bhí an iongnadh agus an déistin nuair a chonnaic sé "an fásach" fé sholus an lae, ach ba ró-chuma leis é nuair chuimhnigh sé ar an león do bhí marbh aige. Fuair sé an rian fola ar an dtalamh, agus do thug sé fé é do leanúint, dá dtugadh sé go dtí pluais an leóin féin é. Níorbh' fhada ámh, go bhfeaca sé an rud ar an slighe roimis. Do rith sé chuige. 'Sé rud a bhí ann ná asailín beag gleoite marbh, agus dhá ghoin mhóra 'na cheann! Dá olcas d' éirigh le Tartarin 'sa chéad tseilg seo níor bhain sé de an dúil nimhneach a bhí aige sa bhfiadhach. Dubharthas leis ná raibh a thuille león le fáil ach i ndeisceart na hAifrice. Mar sin, d'imthigh sé ó dheas. Do chaith sé tamall maith ar an slighe agus do bhain eachtraí éagsamhla dho, ach do shroich sé an áit a bhí uaidh. 'Ní 'na aonar a bhí sé ámh. Bhí an prionnsa Gregoria ó Mhontenegro 'na theanta, duine gur chuir sé aithne air ar dtúis ar an mbád a thug go tír na hAifrice é, agus a casadh air arís ar an mbothar ó dheas - agus an camal. Nuair do thángadar go dtí gleann mar a raibh gach cosamhlacht air gur thaithig na hainmhidhthe fiadhaine é, do chuireadar suas an cábán, agus d' imthigh Tartarin amach 'na aonar ar lorg na león. Do chuala' sé búirth leóin tamall uaidh, gus do shocruigh sé é féin ar bhruach na linne gur cheart sna leóin teacht ag ól as, ach níor thángadar. Nuair tháinig an mhaidean agus gan tuairisg ar an leon fós, d'fhill sé fé dhéin a bhreicfeasta. Bhí an cábán ann roimis, - agus an camal - ach sin a raibh. Bhí idir airgead agus earraí imthithe glan, agus ní raibh tásc ná tuairisg ar an bprionnsa úd Gregorio ó Mhontenegro. Bhí Tartarin 'na shuidhe 'sa chábán lom, a cheann idir á dhá láimh aige, agus é go bréan de féin agus de'n tsaoghal, nuair do mhothaigh sé an rud ag an ndorus. León a bhí ann an uair seo gan teip, agus ní raibh nóimid ann go
raibh sé 'na phleist mharbh lasmuich de dhoras an chábáin agus cúpla piléar trí na cheann. Bhí Tartarin ag féachaint air agus a chroidhe ag léimrigh as a bhéal, nách mór, le háthas agus le móráil, nuair do tháinig beirt fhathach d' fhearaibh gorma ag rith fé dhéin an chábán. Do rugadar ar Thartarin, agus do thugadar os comhair an ghiúistís é. Seana-león dall mín a bhíodh ag bailiú airgid do mhainistir áirithe a bhí marbh aige. Bhí na daoine ar dearg-bhuile mar gheall ar a bhás, mar bhí piseóg aca go dtiocfadh mí-ádh mór ar an gceantar 'na marbhófaí é, agus is ar éigin nár cuireadh Tartarin bocht chun báis. Pé scéal é, níor tháinig sé as ach de dheascaibh gach pingin ruadh a bhí fágtha aige do dhíol, agus 'na theanta son gach ar fhéad sé d'fháil as na gunnaí agus an cábán do reic. Bhí aon tsásamh aigne amháin aige. Do fágadh croiceann an leóin aige, agus do chuir sé abhaile go Tarascon é. Bhí an camal fós aige. Do dhein sé iarracht ar é do dhíol i dteanta an chuid eile, ach ní cheannóchadh éinne uaidh é. Ba mhaith leis scarúint leis ar shlighe éigin eile, mar ní mór an áise camal do dhuine ná fuil pingin ruadh aige chun é féin do chothú, ach ní imtheochadh an camal uaidh. Grádh a thug sé dho, ní foláir, mar do thagadh sé taobh thiar de Thartarin uaireanta nuair a bhíodh sé na shuidhe cois bóthair, agus do chuireadh sé a leacain le na leacain siúd ar nós mná grádhmhaire. Do dhein Tartarin a dhícheal chun imtheacht uaidh, ach do theip air i gcomhnuí. Do théidheadh sé i bhfolach uaidh, agus do chíodh sé an t-ainmhidhe mí-ádhmharach ag imtheacht síos an bóthar ar cos in náirde 'á lorg, ach nuair a thagadh sé amach i gcionn uair an chluig do bhíodh an camal ag feitheamh leis agus fáilte an domhain aige roimis. Nuair tháinig sé go hAlgiers do thairg Captaen loinge ó Marseilles an turus in aistear do abhaile, agus do cheap Tartarin go raibh sé réidh leis an gcamal sa deire. Ní mar a saoiltear bítear ámh, mar do léim an camal isteach san uisce agus do lean sé an bád a bhí ag tabhairt Tartarin agus an chaptaen amach go dtí an long. Do thóg an captaen ar bórd luinge é, agus nuair do chuaidh Tartarin isteach sa traen ag Marseilles, bhí an camal ullamh agus ní baoghal ná gur shroich sé Tarascon chomh luath le Tartarin. Tháinig sé féin agus an traen isteach sa stáisiún i dteanta a chéile agus do bhí páirt aige sa bhfáilte iongantach a chuir an sluagh roim Tartarin, an fiagaidhe iongantach. MAIRE NÍ CHINNEIDE.
AN COMHAR. I. Sgéala aniar. Do bhíos i sáinn. Ní fheidir mé cad do dhéanfainn. Cúig nóimití amháin dúinn ag gabháil de'n chluithe fithchille seo agus mé gham chosaint féin ar mo dhícheall cheana féin. Bhíos náirighthe. Mise an té do b'fhearr chun fithchille sa chumann, 'seadh agus más fíor adeirtear am thaobh níl fear i gcathair Libherpúil a bhuaidhfeadh orm sa ghnó so, agus féach anois me i sáinn aige siúd, age Séamus O Tuathail, Séamus nár léir dom aon chlisteacht in ao' chor do bheith aige acht chum bréagriocht do chur ar shloinneadh a shinnsear. "Towle" an bhréagriocht soin a cheilfeadh ar an saoghal gur shíol- ruigh Séamus ó Chlanna Gaedheal; agus dobé seo, bodach an tsuarachais, go raibh an lámh uachtair aige orm sa chluithe seo. Nár mhór rud éigin do dhéanamh? Acht níor deineadh an rud soin. Do cuireadh isteach ar an imirt. Cómh- dhalta eile den chumann do díth isteach chughainn. Saothar air. Páipéar nuachta 'na láimh. Bacachas ar a theangain de dheasgaibh an chorruighe a bhí air. "A leithéid.. seo..." ar seisean, leis gach aon phioc dá dhuadh, ... éirghe amach... Baile Atha Cliath... Sinn Féin... méirleachas.." Towle do sgiob an páipéar d'á láimh agus do léigh é. Do léigh sé os árd é. An chéad chúnntas a bhí againn i bhfos ar éirghe amach na nGaedheal, seacht- mhain no Cásga, bliain a 1916. Do léigh sé go raibh éirghe amach ar siubhal age lucht Sinn Féin, go raibh greim maith ag an Riaghaltas ortha ámhthach. Nárbh fhada go mbeadh sé fé chosg ar fad, acht... acht... (do bhíodhg mo chroidhe!) go raibh deallramh go raibh sé ag leathadh siar go Connachtaibh agus ó dheas chun na Mumhan... Má léigheadh a thuille níor airigheas-sa é. Do rith caise te na fola trém
chroidhe, suas am cheann. Do loiteadh éisteacht na gcluas orm, do baineadh radharc na súl díom, níor airigheas ná ní fheaca aon rud acht... trí sna haislingibh... na héachta céadna a samhluightí riamh do Ghaedhealaibh nuair a bhíodh slóighte na nGaedheal bailighthe fé arm agus in éide ar mhachaire an áir chun... chun..., chuige seo díreach! Acht do baineadh díom na haislingí. Duine éigin a bhí am chrothadh. "Seo leat Sinn Féiner," ar se, "cad is dóigh leat féin 'na thaobh so go leír? Cad é an bhrígh atá leis? Nú an amhlaidh gur taithneamhach leatsa geáitsí na méirleach so?" Pioc níor fhreagaireas. Do sgaoileas tharm na ceisteana baotha. Ba chuma liom lucht na gceisteana. Ba ró-chuma liom aon rud acht an t-éirghe amach ghá leathadh siar ó dheas agus ó thuaidh. Ceisteana agus freagraí! Preit a dhuine. Do bhaineadar soin leis an aimsir atá caithte. Sé obair an lae indiú 'ná, buile ar bhuile, freagairt na ngunnaí, freagairt na dteangthach teine, beaignití cruadha in ionad na bhfocal mbog. Acht pioc ní dubhart. Tuairim bhodaigh. Bé Towle an céad duine do labhair. Towle, an Gaedheal do dí-Ghaeluigh- eadh. Fearg 'na ghlór, é canncarach, nimhneach. "Tá súil le Dia agam go gcrochfar iad go leir," ar seisean. "Bheadh soin féin ró-mhaith dhóibh, na bitheamhnaigh. Do chéasfainn iad mar a deintí sa tsean-aimsir. Do stracfainn ó chéile iad, gan iad do chur chun bais, agus do dhóighfinn iad agus iad leathmharbh agam. Cogadh mar é seo idir lámha againn agus dream "agitators" mar iad so ag baint d'ár neart lá an chruatain mhóir!... "Agus tuille mar sin. O nách minic gur nímhnighe an Seóinín ná an Sasanach féin. Tá leathanach i seanchas na hEireann 'na bhfeictear an abairt go raibh daoine ann a bhí "Hibernior Hibernis ipsis," acht cad é an leathanach de'n tseanchus céadna a bhaineann leis na seacht aoiseanna 'nar cheart sgrí an díoghbháil a dhein an dream a bhí "Anglios Anglis ipsis!" Bhíos bréan de Thowle, d'á ghuidheannaibh, d'á easgainíbh, d'á mheón ... de féin. Do bhuaileas amach fén speir, amach i ngile an lae nua a bhí breacaithe ar áireamh na n-aois, an lá (acht Dia ag cabhrú linn) a bheadh 'na lá eiseirghthe do Chlanna Gaedheal.
Mí tar éis an lae úd bhíos am shuidhe i bhfiadhnuise teine an chumainn ag déanamh na smaointe, cuid acu a bhí go geal ach an chuid ba mhó a bhí go dubh dúbhach. Bhíos ag féachaint ar an ngual dhá dhóghadh sa ghráta" nuair airigheas an duine lastiar díom. Do labhradh liom. "Taoi smaointiúil anocht," arsa Towle, ó is é do bhí ann, "agus geallaim dhuit gurab iad cúrsaí na hEireann atá ad bhuadhairt." Cár bhfios don bhodach cad air go rabhas ag smaoineamh? Cad na thaobh ná leogfaí dhom mo rogha ruda bheith ar m'aigne an fhaid is ná béinn ghá chur in úil don chuid eile? Is ar éigin do cheileas an doitheall a bhí orm. Ach do thoghas go haireach an freagra do thiubhrainn do. "Is baoghal liom," arsa mise, "go bhfuil adhbhar machtnaimh agam, gus nách sa chumann so a gheobhainn cabhair fhoghanta chuige." Ach ní leogfadh sé dhom. B'fhéidir gur thug sé fe ndeara an doitheall. Ach is beag coinne a bhí agam leis an rud a dubhairt Towle, bodach an tsuarachais, an Seóinín críochnuithe. "Dá olcas iad na smaointe úd agat," ar seisean, "cuirfead-sa an ghile in ionad an dúbhachais it aigne, ach cead cainnte do thabhairt dom le tamaillín." "Bíodh an cead soin agat agus fáilte," arsa mise. "Ar ndóin, ní gábhadh aon nósamhlacht sa chumann so." "Ní gábhadh," ar seisean, "Ach fé rún duit an méid a 'neosad duit nuair a bheidh an chuid eile imthighthe." Sgéal an bhodaigh. Níorbh fhada go raibh an chuid eile imthighthe agus do thosnuigh Towle ar a chogar liom. "Is dócha," ar seisean, "go raibh 'fhios agat gur Eireannach mé féin. "O'Toole" an Béarla ceart ar m'ainm ach "Towle" a chuireas féin orm féin tar éis dom eirghe as an scoluíocht. Is cuma anois fáth an atharuighthe; ní hé sin mo sgéal, acht é seo. "Is amhlaidh a bhíos ag siubhal na sráideana um thráthnóna timcheall coicthís ó shoin nuair a bhuail seanfhear liom go raibh aithne mhaith aige ar mo mhuinntir agus eolas aige ar m'ainm dhílis. Bhí duine eile 'na theannta. Fear óg, láidir, fear go raibh rian an oideachais air nár tháinig isteach leis na sean-éadaibh a bhí air.
"Do bheannuigheamair dá chéile, ach do stadadar chun cainnte do dhéan- amh liom. Níor mhaith liom mo cháirde mé d'fheiscint ag cainnt leis an mbeirt agus d'iarras ortha teacht isteach i dtig leanna a bhí comhgarach dúinn chun deoch d'ól. Ba léir ortha go raibh gnó éigin acu dhíom. "I gcúl-sheomra an tighe leanna le linn na deochana d'ól dúinn, do thos- nuigh an seanfhear ar chainnt do dhéanmh i dtaobh mo mhuinntire. Ní fheidir mé cad chuige go raibh sé, ach ní leogfadh na béasa dhom cosg a chur le cainnt fir a bhí níos aosta 'ná me féin. Athair an bhodaigh. "Is cuimhin liom an sgéal úd d'innseadh t'athair nuair ná rabhas-sa ach am fhear óg," ar seisean. "Bhí baint éigin aige leis na Fíníní, agus pé cúis é, bhíodar na píléirí ar a thóir. D'imthigh sé i bhfolach uatha. Lá dho annso, lá eile dho annsúd, agus is ró-chuimhin liom oidhche do chaith sé in aon leabaidh liomsa." "Bhí sé fógraithe age lucht na dlighe go bhfaghadh an té a chabhróchadh le na thógaint tuarasdal maith. Céad púnt a bhí le fáil ag an té a 'neosadh a ionad ceilte do lucht na dlighe. Ach cé nár chaith sé oiread is uair a chluig ach i measg na mbocht nú i dteannta na ndearóil, níor sgéitheadh ar a rún. D'imthigh sé saor uatha go dtí gur éirigheadar na píléirí as an dtóir." "Ná bac leis sin anois," arsa mise. "Táid na heachtraí úd tharainn anois agus ní haon mhaith dhúinn bheith ag tagairt dóibh feasta." "Níor chuir san cosg leis, ámhthach. "B'fhéidir é, a mhic," ar seisean, "ach an deamhan a bhfeadar-sa ná beid siad againn arís. Ach ní fhágann soin ná raibh t'athair buidheach do dheoruighthibh na hEireann sa chathair seo toisg gur cheileadar chomh maith soin é." ""Ní haon iongnadh é" arsa mise, "agus is cuimhin liom féin an grádh a bhí riamh aige dos na hEireannaigh sa chathair seo. Ní raibh aon rud ba bhreátha leis 'ná cabhrú leo chómh fada is d'fheád sé é. Is cuimhin liom, leis, go ndubhairt sé go raibh sé na "fheitheamhnaí" (sin é díreach a fhocal féin) do sna Eireannaigh, agus gur mhar sin a bheadh sé an dá lá is an fhaid a mhairfeadh sé. Seadh. Bíodh deoch eile againn anois." "Bíodh," arsa an seanfhear, "agus olam sláinte na nGaedheal a chabh- ruigheann le chéile." "D'ólamair an tsláinte agus do lean an seanfhear d'a sgéal, dá ínnsint is dá athínnsint, arís is arís.
An Comhar. "Bhí roinnt éigin cainnte déanta aige nuair d'iompuigh sé orm go hobann. "Bhí se 'na fheitheamhnaí do Ghaedhealaibh, a dubhairt sé. Agus bhí. Ba mhar sin a bheadh sé go dtí lá a bháis. B'fhíor soin do. Agus dá mbeadh sé annso indiu ní déarfainn ná gur gheal leis go ndéanfadh a mhac na fiacha úd do dhíol do dá bhfaighfí caoth chuige." "Ba gheal," arsa mise, "agus is é a mhac do dhéanfadh é." "Ba dhual athar duit sin a mhic," ar seisean, "agus dá dtiocfadh an chaoth soin, ní beag mar shólás dúinn gur féidir bheith ag braith ort. Ach gan ar fhírinne do cheilt, bhí amhrus éigin agam ort, "Mr. Toole," ach sé an t-amhrus gan chúis agam é." Atharú Meóin. "Bé sin an chéad uair agam náire do theacht orm i dtaobh m'ainme d'atharú. "Ná bíodh aon amhrus agat," arsa mise, "déanfad é ach fhios bheith agam conas." "Well," ar seisean, go bog, réidh, 'tá an chaoth soin buailte leat anois féin. A ndéanfair do gheallúint do chóimhlíonadh?" "Ní raibh coinne agam leis sin, ach ní raibh slighe as agam. Dubhart go ndéanfainn é. Thugas na mionna móra. Bhíos i sáinn. Annsoin do chuir sé an iongnadh orm. D'innis sé dhom go raibh an fear óg a bhí 'na theannta ar a theicheadh ó lucht na dlighe toisg lámh éigin do bheith aige i ngnó an éirghe amach úd i mBaile Atha Cliath. Gurbh é a bhí uaidh 'ná dul anonn go hAimerice, ach gur ró-dheacair é dhéanamh gan cabhair éigin, cabhair a bhí ar mo chumas féin a thabhairt do. Is cuma cad é an saghas cabhrach é, ach go raibh sé ar mo chumas é thabhairt dó." Do stad sé den chainnt. D'éirigh sé ciúin agus níor labhair sé gur bhriseas-sa isteach ar a thost. Sgéala aniar. "Well," arsa mise, "ar dheinis é?" Do thug sé páipeár dom, gearr-theachtaireacht ó Aimerice a bhí ann, agus sid iad na focla a bhí air. "Do saoluigheadh mac dúinn indiu." "Cad is ciall leis seo," arsa mise. "Sin fógra gur shrois sé Aimerice indiu," ar seisean, agus d'fhan sé 'na thost er feadh tamaill.
"Bhfuil cathú ort 'na thaobh," arsa mise. "Dá mbeadh," d'fhreagair se, "ní bheinn dhá innsint anois duit. Ach is dócha ná tuigeann tú, tusa d'fhan dílis riamh do chúis na hEireann, cad é an t-atharú a dhein an t-eirghe amach ortha soin nár thuig ar dtúis é, ach a thuig- eann anois é. Mara mbeadh gur casadh an bheirt úd orm, is dócha go mbeinn fós mar a bhios roimis an eirghe amach. An fear óg úd a mhínigh dom é, a chorruigh mo smaointe, a mhúsgail an rud a bhí 'na chodladh am chroidhe, an rud a fuaireamair mar oighreacht ó nár sinnsearaibh. Bé rud é sin ná grádh daingean do-chlaoidhte do Caitilín Ní Uallacháin." AN FAINNEACH FAIN.
Carraigeacha. An talamh so againn-ne caor dearg dob eadh é i dtosach, do réir tuairim lucht eolaidheachta, agus é go léir ar na leaghadh. Ndiaidh ar ndiaidh do sgéith an teas; do chruaidh an taobh amuigh den talamh agus do fágadh clúdach de charraig mar a bheadh croiceann na thímpal. B'iúd í an chéad charraig a deineadh ar uachtar na talmhan. Níor bhfada, ámh, gur dineadh carraigeacha eile os a cionn súd a fholaigh as radharc ar fad í, ach amháin i gcorr-áit annso agus annsúd. Sidé an chuma nar dineadh na carraigeacha eile seo. Bhí an bhun-charraig nochtaithe ar uachtar na talmhan agus thosnuigh comhacht na haimsire ar oibriú uirthe, á briseadh agus á réabadh agus á stracadh as a chéile. Tháinig an bháisteach ansan agus do súghadh an t-uisge isteach i bpoillíní na carraige agus do leigh sé amach pé mianach a bhí ion-leachta i dtreó gur "loibh" an charraig. Nó bféidir gur luigh an t-uisge isteach i sgoltachaibh na carraige agus nuair tháinig fuacht an gheimhridh do dhin leacoidhir den uisge. Nuair thárla san d'at an t-uisge, agus bhí sé mar a bheadh fear mór i lár comhthaláin daoine á únfairt féin chun a anál do tharac, - do bhrúigh sé an charraig i leath-taoibh uaidh agus do leathnuigh sé an scoilt i dtreo gur bhris sé an charraig ó chéile i ndeire na dála. Do lean an sgéal ar an gcuma san go dtí gur dineadh spríos den chruadh-charraig. Annsan do scuab an bháisteach agus an ghaoth an brúsgar síos fé dhéin na sruthán, agus d'árduigh na srutháin chun siubhail leo é. An t-ualach so de mhion-chlochaibh is de ghainimh is de chré a bhí i mbrollach an tsrutháin, bhí sé mar bheadh úirlis ag an sruthán chun tuille éirligh a dhéanamh, mar do radadh i gcoinnibh port an tsrutháin iad go dtí gur thuit na puirt isteach, agus do soláthruigheadh tuille ualaigh don sruth dá dheasgaibh. Is ionann sgeul do shrutháin an lae indiu. Bíonn an last céadna ar iompur aca. Chífir é seo go soiléir aon lá a bheidh tuile san abhainn. Beidh dath buidhe salach ar an uisge, ach má líonan tú gloine dhe chífir ar ball beag go nglanfaidh an t-uisge, agus go dtuitfidh an salachar síos i dtoín na gloine. Imthighean an cleas céadna ar ualach an tsrutháin, nuair a shroiseann sé an fhairrge mhór. Maoluighean an fuadar annsan, agus tuitean an t-ualach síos ndiaidh ar ndiaidh. Is dóichíde gurab iad na mion-chlocha is túisge a thuitfidh.
mar gurab iad is truime a bheidh. Annsan tuitfidh an ghaineamh i gcomhgar do bhéal na habhann. Agus an chré éadtrom a bhí i mbroinn na habhann, scuabfar amach í fén bhfairrge agus leagfar síos mar láibh í tamall maith ón dtír i ndoimh- neacht na fairrge. B'iúd é an chuma nar dineadh na nuadh-charraigeacha gur thagras dóibh cheana. Lean na haibhne agus na srutháin dá saothar go dtí go raibh cnuasacht mhór de láib is de ghainimh is de mhion-chlochaibh laistigh dá chéile ar imeal- bhórdaibh na tíre. Bheadh an láib agus an ghaineamh na céadta troigh ar doimhneacht leis an aimsir. Annsan do thosnuigh atharú mór ar theacht ar aghaidh na talmhan. Do hísligheadh an talamh tirm go dtí go raibh sé clúdaithe ag an bhfairrge, agus cuireadh tóin na fairrge féin níos doimhne síos. D'fhan cuid den talamh os cionn uisge, ámh, agus bíonn obair na haimsire agus na sruthán ar siubhal i gcomhnaidhe, - an talamh á bhriseadh ag an aimsir agus á leagadh síos arís ag na srutháin. Bailighean cnuasacht eile os cionn na láibe agus na gainimhe do leagadh síos i dtosach, i gcás go mbrútar agus go bhfuintear le chéile an chéad tsrath go dtí go ndinean cruadh-charraig de. Leagtar brat eile de charraig anuas ar an tarna ceann agus brat eile os a cionn súd agus mar sin de, go mbíonn siad leathta amach ar a chéile mar bheadh bairrlín agus plaincéad, agus cuilt leathta amach ar leabaidh, agus mianach fé leith is gach aon tsraith carraige. Tagan neamh-shocaracht ar an dtalamh arís, agus árduighean sé é féin os cionn uisge go mall righin, agus nochtann sé é féin agus a aghaidh clúdaithe fé bhrataibh carraige ná raibh ann nuair a tumadh é na mílte blian roimis sin. Sin cuma amháin na ndeintear carraigeacha i.e. a mianach do sgagadh is do leathadh amach ag an uisge agus annsan é bhrúghadh chun go gcruadhfar 'na charraig é. Tugtar carraigeacha dríodair ar a leithéidí siúd, de bhrigh gur de dhriodar na n-abhann agus na loch atá siad déanta. Is féidir carraigeacha den tsaghas so do roinnt do réir an adhbhair atá ionta. 1. - Roinn na gainimhe. Sé adhbhar atá ins na carraigeacha so na gráinní de ghainimh a bhí i ngrinneall na fairrge nó i ngrinneall locha fadó, agus gur táthadh is gur fuineadh le chéile iad go dtí gur dhin cloch-ghainimhe dhíobh. Sin í an chloch is coitianta i gCúige Mumhan - cloch ghainimhe, nó Seana-chloch Ghainimhe Ruadh mar thugan lucht Géoluíochta uirthe. Is den déantús so cuid mhór de Chonntaéthe Phortláirge, Chorcaighe, agus Chiarraidhe, go mór-mhór na cnuic agus na sléibhte. Corrán Tuathail féin, cloch-ghainimhe iseadh é. Is deacair a chreid- eamhaint go raibh an t-árd-bheann san fé uisge uair, agus é mar chuid de thráigh, ach níl aon amhras ná gur mar sin a bhí an sgéal.
Gráinní "quartz" is mó a bhíonn i gclochaibh gainimhe na hEireann. Ní bhíon na clocha go léir ar aon dul do réir míne. Tá an chloch ghainimhe i míne béidir, ins na trí ríoghachta le fáil i nDún na nGall agus i bhFearmanach, agus tá sí ar fheabhas chun tógála. Ní den aois chéadna í seo, ámh, agus an tSeana-Chloch Ruadh atá i gCúige Mumhan. Tá an chloch-ghainimhe seo níos gairbhe agus níl sí chomh hoireamhnach chun tógála. Tá cloch-ghainimhe i ngar do Leacht Uí Chonchubhair, i gCo. an Chláir, agus níl a sárú le fáil mar leacacha do shráideana cathrach. Tá cloch-ghainimhe eile, a bhainean le "Ré an Ghuail," raidhseamhil go leor in Eirinn, agus dob fhiú bheith níos mó 'na haire, mar cloch mhaith iseadh í. CLOCH CHUMAISCTHE (NÓ CONGLOMERATE). Is cosamhail í seo leis an gcloich ghainimhe ach ní gráinní atá innte, ach a mhalairt ar fad, clocha beaga agus iad mín cruinn ó shuathadh na dtonn, mar gur ar an gcladach a bhíodar na luighe fad ó. Do luigh an ghainimh 'na dtímpal agus nuair a cruadhdh í sin, d'fhan na clocha beaga sáithte innte, mar bheadh rísíní i gcíste milis, ach gan aon ghannachúise dhíobh ann. II. - Roinn na Cré. Is míne go mór adhbhar na gcarraigeach so ná sa chloich ghainimhe, mar níl ionta ach láib dlúithte. An charraig is coitianta den treibh seo brisean sí na mion-leacacha tanaidhe agus tugtar "shale" air ansan. Sé an mianach céadna - láib nó cré - atá sa tslinn, ach amháin gur fáisgeadh comh mór san í uair, go scoiltean sí anois trasna luighe na cré, mar do chuir an fásgadh a mhalairt de shocrú ar mhíreana beaga na cré. Carraig atharuithe a tugtar ar a leithéid seo de charraig, agus déanfar a thuille cur síos ar ball ortha. Is mór a thairbhighean na carraigeacha cré don chine daonna. Táid bog, agus is gearr an mhoill ag an aimsir iad do bhriseadh, agus dinean siad ithir mhaith shaidhbhir. Rud eile ní leogann an chré an t-uisge tríthe, agus dá bhrigh sin ní cailltear i ndoimhneacht na talmhan pé uisge a thuiteann i bhfuirm báistighe. 111. - Roinn an Aoil. Sid é an treas roinn de charraigeacha a dineadh tré oibriú uisge. Níor dhineas aon tagairt dóibh go dtí so, mar saghas fé leith iseadh iad, ach níor chóir iad do dhearmhad mar isiad na carraigeacha is tairbhighe do mhuintir na hEireann iad. Amuich fén bhfairrge bhí na mílte míle d'ainmhithe beaga bídeacha. Nuair a bhí a dtréimhse curtha isteach aca ar an saoghal so thuiteadar síos go tóin
an phuill, agus d'fhan a gcuid sliogan agus a gcuid cnámh ann, pé cnámh a bhí ag na créatúirí, gé gur dócha nár ró-théagartha ná ró-raidseamhail aca iad. Ach bhí na h-ainimhithe féin go h-iomadamhail, agus lean na frasa dhíobh ar thuitim, go dtí go raibh úrlar na fairrge clúdaithe aca, agus i gcionn cúpla míle blian bhí sraith dhíobh ann na céadta troigh ar aoirde' agus sraith de láib eatortha istigh annso agus annsúd. Sin é mar a dineadh Cloch-aoil na hEireann. Do hísligheadh an tír ar fad chun go raibh sé i ndoimhneacht na fairrge, agus do leathadh amach an srath d'iarsmaí na n-ainmhithe ar a gcuma a dubhart. Má infhiúchair smut de choich-aoil, chífir, uaireanta, múnla na n-ainmhithe, nó na sliogán so soiléir ann anois féin. Is mó saghas cloiche aoil atá ann, agus is mó feidhm a baintear aisti. An saghas atá le fáil tímpal Bhláth Cliath, bíon dath dubh uirthe, mar go bhfuil iaracht de chré measgaithe thríthe, agus ní bhíon sí oireamhnach ach d'fhallaí ar thaobh an bhóthair. Ach tá saighseana eile ann, agus ba dheacair a sárú d'fháil, le gile is le háilneacht, chun tógála, sé buac na bhfeirmeóirí in Eirinn an chloch-aoil do bheith scaipithe chomh fóir-leitheadamhail, mar sí fé ndeara torthamhlacht na talmhan. Os rud é gur lastuas den chloich- aoil a bhíon an gual le fáil i gcomhnaidhe glaodhtar "Cloch aoil fé ghual" ar chloich aoil na hEireann. Is ionann mianach don chloich-aoil agus don mharmar. Bhí an marmar na chloich-aoil, tráth, ach do hatharuigheadh chomh mór san í de dheasgaibh teasa agus brúighte gur dhin cloch nua dhi. Cárbón agus iarann agus rudái eile fé ndear na dathana, dubh, ruadh, uaithne a bhíonn ar an marmur. Tá curtha síos agam ar aon tsaghas carraigeach amháin, iad san go raibh baint ag an uisge le na ndéanamh, - carraigeacha dríodair mar tugtar ortha. Níor dhineas aon tagairt aon ghual an charraig is tábhachtaighe dhíobh go léir, ná don saghas san carraigeach a dineadh trí chomhacht teasa, ar nós an eibhir. Níor mhór cur síos fé leith a dhéanamh ortha san, agus caithfear é sin do chur ar ath-lá. SEAN BREATHNACH.
Sprid an Locha. 1 Beannú dhuit, a Loch! Sonas ort is rath! Nár théad, is me amuigh, Uait an loch amach. A iarsma na leac, Dob oighreata crot, Tháinig it bhrollach O mhullach na gcnoc. Do shuíomh is do ghnúis Bím leósan ar áis, Brónach nó scléipeach, Ag réiteach ár gcáis. Is bronnse do Sprid Ar bhrainnse dhen Dáimh, Mar chongnamh ar uain Dó le huaim a dháin. O's tu do dheoil, lá, Iúl ó thuathaibh Dé, Tarraing i bpáirt linn, Neartuigh sinn a Bhé. B.e.
11 Tráth nóna Dé Luain ar raon rothóra, do ghlacas óm Loch, ar luas, duas. Clis "Dhóra" ná ceaduíonn trácht tionóla fé ndeara am chriothnú, mo chreach, sceach! Na lachain san Loch gan mheill mhearathail, annaithí ón dlí ní dóigh dhóibh. An eala ar snámh éascaidh gach aithghearra, ní bhainfeadh aisti Iain Sec geit. An chorr iasc is righne ar iascach ilphiast beag uirthi captaein is céim féin. Cadé'n chúis eagla nó dála an dealúis ar dhuine d'Fhéinn Bhanbha bhláth, tráth? t.r.á.th.
Tá an ghrian ag fuíochant fé scáth na scamall N-a liathróid óir 's an dearg aniar Ag bruithneadh niamh na bhfaoileann mbarrfhionn Os cionn an Locha agus iad soir siar. Cliotar is gleó 'ge scuainí lachan Fuirse agus plubadh aca 's grág is liach Aghaidh gach éin aca ar sheiscin na saileach- Sluagh na bhfallaing is bláthmhar ciar. Corr iasc n-a seasamh sa luachair ghairbh, A muineál fala 's a ceann san aer, Mar bheadh sí ag aeghreacht a tréata lachan 'S á mbréagadh a-bhaile t'réis cúrsa an lae. N-a gceann 's n-a gceann sinn soillse á lasadh, Is n-a gceann 's n-a gceann a bhfreagairt fén Loch- Déanfad féin ar an éanlaith aithris; Ragha mé a-bhaile - ní mór dam sos.
An cogadhlong nó an ceannachlong agcéin an t-arthachso snámhchrochta ar an Loch léir? Ní fheadarsa cad as a seólann sí- gan stiúrbhata ná siúlthaca n-a slí. Triúr ógánach innti, fé dhuadh go docht, ag greadiomramh bheagiongnadh bhuidhe na scolt! Seadh, abairse an aicme sidhe iad súd? nó págánaigh ó chábánaibh O gCúg! Sé mheasaimse gur bé Manannán mear do bhuanfhoillsigh an sluaghbhuidhinsin na sean! A.n.
A ógáin bainse dhíot féin do bhrógáin; éirigh ort fén Loch isteach ag claoí let rath do thógáil. Do dhoruí- téad den bhunach is donaí- ca bhfios ná gur dó atá i ndán Corcaigh bheag bhán do chorruí! An búistéir dá ndéinir feidhm go gnúisréidh, maithfidh dhuit do mhoill na bpiast, ó's gnaoi leis iasc is cúirtéis! I bPeánó ní bhfaghtar aér a shlánóch croidhe garsúin gan teacht fén Loch- is ann do crochfaí cábóg. A.ó.g.
Ise i dtigh charad I mBaile Abhfad Síos; Eisean fé mhairg I gCathair na Laoi. Ise le suairceas Ag ruagadh na n-och; Eisean go huaigneach Ar fhuarma ag an Loch. Leitir bheag gleóite Agus phóto do theacht Ar éalódh a póca- 'S a bpógadh don bhfear. An phóto do scannadh, 'S an meamram a léamh, Agus tamall do chaitheamh Ag machtnamh an scéil. "Foidhne ar an gcruatan 'Sé bhuaidhfidh a riúin"- Eirighe dhó ón bhfuarma Agus gluaiseacht chun siubhail.
Tá Bonar Law go cráite tur Is Scotland Yard i bpráinn 's i mbruid Is Shortt m'uchlán á rádh le nimh: "Cár imthigh de Bhailéra?" Ar Charson bhán do tháinig taom, Do mheath a bhláth 's a lámh 's a chéim; "Och," med Lloyd George, a mawr ei lef, "Pa le y mae de Valera?" Tá Iain 's a chroidhe ghá shníomh go tric; Tá liaigh ag an bhFrínseach groidhe dá dhoigh; Bionn liach istoidhche ó Bhuidhin an Chlub: "O, where is de Valera!" Do léim mac alla ón mBanna adtuaidh Go sléibhtibh Ealla, is thart fén gcuan, Ag éileamh feasa i bhfaision tsuairc- Cár ghluais le de Bhailéra! Tá an eala ag snámh gach lá ar an Loch, 'S na lachain lán den áthus suilt, Ag teacht ar dáil, 's is árd é a nguth: "Faid saoghail chun de Bhailéra!" TORNA cct.
Céard tá le déanamh faoi Chuige Uladh? Tá an cheist seo curtha tré chéile comh mion is comh minic sin cheana nach bhfuil tada de nuaidheacht innti. Fág marbh í mar cheist in ainm Dé, adeir tú? Béidir mh'anam, gur bhfearr dhom gan dul in achrann innti. Ach tá sí le socrú againne anois agus gan mhoill. Tá maoidhte againn nach mbéimidne ag obair dachad bliain mar do bhí an dream d'imigh. Tá dream óg nua in uachtar i gcursaíbh poilitíochta in Eirinn de bhárr an togha seo tharainn. A bhfurmhor ar bheagán suime i gCúige Uladh go dtí seo. Sílim gur tráthúil an rud mar sin do chuid againn roinnt machtnaimh agus roinnt cainnte a dhéanamh ar cheist na cúige sin. Níl aon eólas agam féin ar Chúige Uladh. I mBaile Atha Cliath do rugadh is do tógadh mé agus níl de thaithí agam ar an tuairisc ná ar na tuaiscear- taigh ach an méid do fuaras orra le linn dom bheith ag cur isteach ar "shuidh- eachán" i gcondae Ardmacha le goirid. Níl agam annseo im dhiaidh ach ar chruinnigheas de bharamhlaibh agus de smaointibh fánacha dhom féin annseo is annsiúd gCuige Uladh i rith an togha. Má táid go léir bun os cionn leis an bhfírinne, leanadh an fíor-Ultach lán-eólgaiseach ar mo thóir is ceartuigheadh sé mé. Sí ceist a bhíodh ag déanamh buartha dhom i gcomnuidhe i dtaobh Chlainne Liútair an tuaiscirt ná seo; an Gaedhil iad nó Gaill? Is minic do chloisinn ó nár muintir féin, Sinn Féinidthe láidire, dílse, do rugadh is tógadh ina measg siúd gur b'iad sgoth na nGaedheal iad, gur fuath leó Sasana, gur measa leó an diabhal féin ná an Sasanach; ach go bhfuil néal mearbhaill éicínt buailte orra fá láthair, a sgaipfeas i gceann sgathaimh mar do sgaipfeadh an ceó. Do chloisinn daoine eile ghá mbréagnú sin. Freagra ar an gceist sin is mó bhí uaim an fhaid is bhíos thíos ina measg. Chuas timcheall, do labhras le cuid aca, do rinneas roinnt argúinteachta leó. Do chualas daoine eile ar argúint leó. Iad ag óráid- íocht i dtaobh tréimhse Grattan is Wolfe Tone is Henry Joy McCracken is a leitheidí. Tá roinnt den bhuidhin bhuidhe ann a bhí sáthach bodhar ag McCracken bocht sul má bhí an togha thart! Do dheasgaibh an méid sin go léir, 'sé freagra a bheirimse ar an gceist úd nach Gaedhil iad ná chor ar bith ach Gaill; agus rud eile dhe, gur chúrsaí
leamhais is dícéille dúinne bheith ag plé leó mar dá mb' Eireannaigh iad ná cuid de chlainn na nGaedheal mar dhóigh dhe. Dubhairt duine aca, Carsonach mór i mBéal Feirsde, glan díreach amach liom agus is dóigh liom gur leag sé a mheár air, "Ní hEireannach mise. Is Ultach mé. Tá tusa is do chine leis na míltibh blian in Eirinn. Ní cuimhneach libh aon tír eile. Tá mo mhuintir- se annseo le idir dhá chéad is trí céad blian. Tá fhios agam an áit i ndeisceart na hAlban ar tháinig siad as. Annseo, i gCuige Uladh, adeirim, atámuid. Ní heól dom an chuid eile d'Eirinn. Ní hí mo thír í. Gaedhil no Ceiltigh iseadh sibhse. Cuid den "British race" sinne. Anois nach shin é lomchlár na mBreatain Mhóir iad ó cheart, do choinnigh iad féin deighilte amach ó shin ó shean-ionndúiríbh na tíre? Nach ionnann cás don dá shliocht i gCúige Uladh indiú is do na Franncaig is na Gearmáinigh in Alsás-Lorréin, nó do na Frann- caigh is na Sasanaigh isna Canadás - an dá chine suidhte ar an aon límistéar tíre amháin agus é ina shír-Chogadh Gaedheal re Gallaibh eatorra? Ach freagróchar liom go bhfuilim ag déanamh dearmuid ar a ndearnadar san ochtmhadh aois déag. Nár bhain na "Gaill" úd saoirse na hEireann amach sa mbliain 1782? Nár lorguigheadar Republic ina dhiaidh sin? Nach bhfuair go leór aca bás sa mbliain '98 ar son na hEireann? Nach bhfaca mé féin an dealbh caol-árd breágh úd atá ina sheasamh go maordha ar mhullach cnuic taobh' amu' de chathraigh Ardmacha do thóg fir bhuidhe an chondae sin ós cionn céad blian ó shoin i ndíl-chuimhne ar "neamhspleadhacht na hEireann?" Chonnaiceas é maise. Nár mhór an chabhair dúinne é san togha! Nach iomdha bhóta a fuair sé dhom! Is eól dom an méid sin go maith ach is eól dom an méid seo freisin; and t-agent le haghaidh an togha a bhí ag an gCarsonach do bhuail mise "ua" nó "mac Uí" do William Orr do bhí ann; fear eile a bhí ag obair go nimheanta im aghaidh, shíolruigh sé díreach ó General Munro. Ní haon chabhair dúinn, dubh buidhe ná bán, bheith ag tagairt don aois úd le lucht Charson indiú. Is iomdha Sasanach dílis ann ar throid a shinnsir ar thaobh Chromail in aghaidh riogh Séarlus. Is iomdha Albanach no Breathnach dílis ann ar throid a shinnsir go calma le cois Roibeard Brús no Séarlus óg no Owen Glyndwr. An lughade a ndílseacht do righ Sheorsa indiú é? Sé a fhearacht sin ag an "mBritisher" eile úd, an Carsonach Ultach. Ní náire ná céim síos leó go léir gníomhartha gaile a sean in aghaidh na sean-ríogh. Do dhéanfaidis féin an rud céadna dá mba bheó iad an uair úd. Ach tá síad sásta indiú. Tá saoghal eile ann. Níl fonn rebeiliúntachta ar bith orra anois. Tá Brús is Séarlus óg is Owen Glyndwr is Orr is Munro is McCracken ina sámh-shuan san uaigh. Fágtar ann iad. Ná corruightear a gcnámha. Tá obair an lae le déanamh againne. Imighmís ón roilig.
An gcaithfear Eire do roinnt mar sin? Ní caithfear ár ndóigh. Ní hé sin an "comhdhúnadh," mar adeir na hAlbanaigh, atá le baint as an sgéal. Isí seo Eire agus is linn í. Is ceart í do rialú do réir toil furmhóir na ndaoine agus tá an toil sin leagtha ar shaoirse d'fháil agus in aghaidh ceannsmacht na nGall. Páirt d'Eirinn iseadh Cúige Uladh agus mara bhfuil an dream úd sásta le saoirse, caithfidh siad géilleadh dhó nó tig leó imeacht abhaile go Sasana. Bíodh a rogha aca. Mura ngéillid agus mura n-imighid? Annsin tá sé de cheart ag muintir na hEireann cogadh d'imirt ar an Eachtrannach agus "clanna búir do dhíbirt as ar mbailte dúthchais dílse, do bhí ag ár sinnsear riamh romhainn." Cogadh an chlaidhimh no cogadh an airgid? B'fhearr go mór mar shocrú ar an sgéal cogadh an chlaidhimh, dá leigeadh arm Shasana dhúinn é. B'fheídir go bhfuil dul amú ormsa ó thús deireadh agus gurb' í fírinne an sgéil go bhfuil an tsean-náisiúntacht i bhfolach thíos ina gcroidhthibh siúd ach í múchta báidhte ag an nGalldachas agus an t-aineólas. Tá cinnte orainn aon deimhniú d'fháil air. Nuair a thógfas muintir na hEireann a gcuid airgid as banncannaibh Uladh agus nuair cuirfear na taistealuidhthe gnótha ar ais folamh go Béal Féirsde, annsin b'fhéidir go bhfuighidh siad féin amach ciaca Gaedhil no Gaill iad agus go gcuirfidh siad in iúl dúinn é. Ach go dtí an lá sin deirimse nár mhór do lucht Sinn Féin agus do Dháil Eireann, más mian leó gan botún a dhéanamh, plé le lucht leanamhna Charson mar a déanfaidís le muintir Shasana nó le dearg-námhaid ar bith eile. Liam O Briain.
Eachtra an bhuideil. .i. aisling do léirigheadh dhom, ar na chur síos annso ar nós na sean-scéalta. Aonach agus árd-oireachtas do commóradh le Labhradh léigheanta líomhtha Ua Néill, árd-mhaor Bhaile Atha-Cliath ina mhór-árus mhaordha, agus tángadar do láthair maithe is mór-fhlatha, filí is feallsamhain, uaisle is ísle na n-Gaedheal. Agus do bhí ins an chomh-dháil agus ins an chomh-chruinniú sin an macaomh cumasach críonna .i. Eoin Giolla-Mhuire mac Aodha Shandraigh mhic Liaim Sheoirse de Blácam de shloinne Gall-Ghaedheal Uladh, ina shuidhe ina charbad chuasach chúrbhálta cheathair-rothach .i. a phram. Cidh trácht, iar n-éisteacht dó le h-amhránaibh aois-ceoil is le comhrádh na bhfeallsamh, is le bladar is le plámás lucht na ndíol-bhoth, is le hóráidibh deachra doimhne do-chríochnuithe na gcomhairleórí, éirigheas Aodh agus adubh- airt leis an bhabán .i. a mhac: "Is mithid dúinn a mhic ionmhuin" ar seisean, "imtheacht feasta as an áit seo agus an bóthar abhaile do chur dhínn, óir chítear dhom go bhfuil scáile na hoidhche ag teacht anuas agus ní gearr ná goirid an turas seo atá romhainn go dtí Glas Naoidhean mar a bhfuil do mháthair ag fanacht is ag fuireach linn." Is annsin do rug sé greim gríosach gránna ar chrannaibh an charbaid chuasaigh cheathar-rothaigh .i. an pram, agus do bhuaileadar an bóthar ar an dtoirt. Do ghluaiseadar rompa go caomh cneasta is go fóideach fíneálta go ceann tamaill, agus ní innistear a n-imtheachta ná a n-eachtra go rángadar ionad dubh dorcha do-eolasach ag fíor-bhun glinne géire i gceart-lár coille aimhréidhe. Iarsin, éirigheas an macaomh .i. Eoin Giolla-Mhuire, 'na shuidhe isan charbad réamhráite, agus leigeas osnadh éagcomhlainn agus árd-screadghail ocrais as a amhgar anaithnid uaidh, gur stad Aodh agus bheireas cluas dó. Agus atá ní cheana, cuireas Aodh a lámh isteach isan charbad gur tharraing sé amach an soitheach slisgheal gloinidhe .i. buidéal an bhábáin, mar a ngná- thuigheadh bainne d'iomchur. Súil dá dtug sé ar an bhuidéal chéadna gur thug fá ndeara nach rabh oiread is braon bainne ann. "Monuar a mhic ionmhuin" ar sé, "mar is truagh an cás is an mór-éigean adhbhal-mhór ina bhfuilmid anois .i. gan blúire bidh ná braon dighe againn isan bhuidéal. Agus atá súil le Dia agam" ar seisean, "nach fada anois an
bealach gus an áit chum a bhfuil ár dtreo .i. Cúinne Shimi Uí Airt i nGlas Naoidhean mar a bhfuighe tú nua gacha bidh agus sean gacha dighe. Uime sin, bíodh foighid agat go fóill, a mhic" ar seisean. Iomorro, leanas an bábán ar chaome is ar chasaoid, agus screadas ós árd amhail Tarbh donn Chuailgne ag fuagart troda ar Chonnachtaibh. Iomthúsa Aodha, do ghabh ag féachaint uaidh ar gach taoibh dhe, mar atá soir, siar, ba dheas is ba thuaidh, agus níorbh fhada an t-am go bhfaca sé ar an bhóthar an chailleach cham-fhiaclach chlaon-shúileach .i. sean-bhean aonarach ársa, ag siubhal gach ndíreach dá ionnsaighe. Beannuigheas an chailleach d'Aodh go ndubhairt: "Beatha is sláinte chugat, a laoich" ar sí, "agus cé hé an macaomh crÓdha ceolmhar isan charbad, go na ghlór do chloisfí lán-mhíle fearann uaidh?" "Atá," arsa Aodh, "mo mhac .i. Eoin Giolla-Mhuire." Fiafruigheas an t-sean bhean de annsin: "Créad é an raon siubhail ná seachráin seo do bhain daoibh," ar sise, "no go rángabhar gus an dúthaigh seo?" "Atá," arso Aodh, "gur thárla dhúinn imtheacht as díreach ár slighe, agus déan-sa eolas dom anois agus ná can gó, créad é ainm is dinnseanchus na dúthaighe seo, agus cén fhaid ár dtriall fós gus an áit ina bhfuil ár n-ionad comhnuidhe .i. Glas Naoidhean." "Ráth Fearnáin ainm an bhaile seo 'nár dtimcheall" arsan chailleach, "agus bíodh a fhios agat go ndeachabhar ar fán go faid deich míle. Agus ní beag ná suarach an t-aistear atá romhaibh fós dá bhrigh sin," ar sise. Cidh trácht, ar gclos na bhfocal seo d'Aodh, do lagadh a chriodhe 'na chléibh agus thuit an critheagla ar a bhallaibh, agus do leig sé osnadh as, go ndubhart an laoi: "Mairg ár dtriall ar fán Gan buidéal lán go luath, Mairg do chom gan lón Uch! a Eoin, is truagh." A h-aithle na laoidhe sin, iompuigheas Aodh mórthimcheall agus ceanglas an carbad dá chompar le téadaibh ro-láidre, agus do ghabh dhá tharraing 'na dhiaidh. Do bhuail sé an bóthar ina chéimeannaibh cosluatha agus do ghluais i lorg a chinn mar luas áinle nó mar shidhe ghaoithe ghlóraighe ag dul thar ceann machaire nó mór-shléibhe i meadhon míosa Márta: ba hé sin treabhar- luas déine do bhí leis an bhfear bhocht ag fágáilt na caillighe dhó. Dála Eoin Giolla-Mhuire níor scuir sé do bheith ag éigheamh is ag screadaigh le lán-neart a scamóg, gur mhór nár bodhruigheadh a athair
dílis le dian-ghleo na cullóide. Achar fada dóibh don phort sin go bhfacador tighthe móra agus cluigtheach árd os a gcomhair amach go ndubhairt Aodh: "Tóg suas do chroidhe, a laogh," ar seisean, "agus cuir suas den chaoine sin, óir isé mo thuairim is mo dhóchas gurab é cloigtheach Naoimh Pheadair an cloigtheach úd, agus bí id thost, a thaisge, go bhfiafruigh mé de na daoinibh annso, an amhladh gurab í eaglais Ghlas Mochaonog Nua an eaglais seo." Cidh trácht, do chonnaic Aodh an t-arrachtach diablaidhe úr-ghránna .i. an píléar ina thoirchim suain ag cúinne na sráide, agus cuireas ceist air ghá fhiafruighe dhe cad ab ainm don bhale mór sin 'na thimcheall. Músclas an píléar agus dearcas go géar ar Aodh go ndubhart: "Baile an Ríogh da ngoirthear Dún Laoghaire ins na sein-leabhraibh isé an baile seo agus cad fá ndear daoibhse bheith ag siubhal is ag seachrán 'sa chomharsanacht seo 'sa mheadhon-oidhche go mall?" Amhthach, focal ná freagra níor thug Aodh uaidh ar gclos na bhfocal seo dhó, acht do ghabh ag rith i lorg a chinn arís, thar bheannaibh is thar ghleann- taibh gan scíth gan sos, óir do shaoil 'na chroidhe nach dtiocfadh leis a bhaile comhnuidhe do bhaint amach an oidhche sin. Do theicheadar tríd an dúthaigh, iomorro, ar nós splainc teintrighe, agus níor stad an macaomh dá scréachaigh is dá liúigh isan charbad, ag fuagairt don tsaoghal a rabh d'ocras is de chéasadh acaointeach taobh istigh 'na bhoiligín bhocht. Feacht eile ar an dul sin dóibh go bhfacadar cloigtheach eaglaise os a gcomhair arís, gur stad Aodh an dara uair agus cuireas ceist ar phíléar eile: "A shíoth-mhaoir ro-cheannsaigh," ar seisean, "innis dom go fírinneach ainm na h-eaglaise seo nó an bhfuilmid ag teacht i ngiorra dár n-áit chomh- nuidhthe .i. Glas Naoidhean cois Tulca." Is annsin do rinne an píléar glámradh garbh gáire go ndubhairt: "Maiseadh," ar seisean, "más é Glas Naoidhean ionad comhnuidhthe daoibh, is eagal liom nach bhfearfar fáilte abhale romhaibh anocht, mar isé eaglais chaiteadrálta Chille Coinnigh an eaglais sin ós bhur gcomhair amach. Maidir le h-Aodh Sandrach mac Liaim Sheoirse reamhráite, nuair do chuala na focail seo, do chromadar a chosa faoi gur leagadh ar an leic é. Eirigheas Eoin Giolla-Mhuire 'na charbad gur leig sé rosc-catha ro-chruaidh as, agus thóg an buidéal folamh 'na láimh gur bhuail sé béim mhór laochda ar cheann a athar leis gur briseadh an buidéal 'na bhlúiríní beaga bídeacha agus gur dúisigheadh Aodh - Gurab é sin eachtra an bhuidéil go nuige seo. AODH DE BLACAM.
An t-Oileán Ur. Gan amhras ar bith isé Baile Atha Cliath croidhe na hEireann. Agus ní móide ná gurb é croidhe na Gaedhealtachta leis é fé láthair. 'Sí an Róimh croidhe na Críostuigheachta. Ach is é an t-Oileán Ur croidhe an domhain. Tá ana-grádh ag muintir na hEireann don Oileán Ur. Ní nách iongna, mar is ann atá furmhór ár ndaoine. Is ann a fearadh fáilte rompa nuair a chuir an t-ocras agus an anacra chun fáin iad atá breis as leath-chéad bliain ó shoin ann. Ní raibh éan deagh-bheatha aca in Eirinn. Ach mar sin féin, "ba scaradh cuirp le hanmain dóibh scaradh le na mbráithribh agus le na dtír dhúchais agus dul uatha a dtíribh ciana comhaigheacha ar dheoraidheacht agus ar oilithre tsuthain." Tá fo-dhuine dos na céad deoraidhthibh sin beó fós 'san Oileán Ur; agus táid chomh Gaedhealach, chomh símplí, chomh galánta as bhíodar éan lá riamh in Eirinn. Bhíos ana-bhreóite i Mericá tuairim an taca so anuiridh, agus cé bhuailfeadh chugham isteach lá, ná, seana-bhean chríona liath a bhí ar dheoraidh- eacht ó Eirinn le breis as trí fichid bliain. D'airigh sí go rabhas déis teacht ó Eirinn, agus ní raibh sí sásta gan teacht ar chuairt chugham. Agus níor tháinig sí follamh leis. Thug sí go leor ubh úr agus ime léi ar eagla go mbeadh éan easba orm. Go deimhin tá croidhe na féile i gcroidhe ban Eireann seachas mnáibh eile an domhain. "Mo radharc tar sal sínim do clár na ndarach ndighainn, mór dér mo ruisc glais glemhoill mar feghaim tar mh'ais Erind." Deoraidhe bocht a cheap an rann san romhainn nuair a bhí an radharc déanach 'gha fháil aige ar a thír dhúchais. Is áirithe go raibh sé brónach thar na beartaibh. Ní taise do gach deoraidhe eile é a ghluaiseann thar fairrge anonn go bráth. Ach tá rud in áirithe dho thall, rud a chuireann a chroidhe ag preabadh, agus mura dtugaidh sé aire mhaith dho féin, scaipfear an brón agus an buaireamh aigne atá air in éaghmais Eireann. Gabhann an long isteach i gcuan New York, agus annsan leathan an dá shúil aige - chíonn sé
radharc ná feaca sé riamh, sé sin la rádh, "Iomháigh na Saoirse." Déanamh mná óige ar áilleacht an domhain ar an íomháigh sin, agus a dhá láimh sínte amach aice chuige ag fáiltiú roimis go croidhe an domhain, agus 'ghá chur in iúl do ná fuil sé feasta fé dhaoirse, agus gur comh-uasal gach fear i Mericá. Leanann an dá radharc san é an dá lá 's an fhaid a mhaireann sé, an radharc déanach a fuair sé ar Erinn, agus an chéad radharc a fuair sé ar an Oileán Ur. Agus ó'n lá san go dtí lá a bháis, 'sí a phríomh-phaidir in aghaidh an lae ná "go saoraidh Dia Eire." Is seoig an mhóráil a bhíonn ar an ndeoraidhe tar éis "Iomháigh na Saoirse" a dh'fheiscint do. Nách mór an maoidheamh a bheidh aige as nuair a bheidh sé ag scrí' chun a mhuintire sa bhaile mar gheall uirthe? Ach baintear cuid don eirghe in áirde dhe i gcionn tamaill. Caitheann sé dul fé scrúdú dian dochtúra sar a dtugar cead a chos do. Má ritheann leis an dochtúir a shásamh, leigtear i dtír é. Tagann lucht bailighthe na mbéas nó na gcáin chuige annsan, agus scrúdaigheann siad a chuid balcaisí agus a thaplach. Béidir go gcoimeádfaí annsan ar an gcéidh é ar feadh cúpla uair a chloig sar a leigfí dho cos a bhogadh. Bíonn speabhraoidí na saoirse beagnách imthighthe as a cheann um an dtaca san agus cathú a dhóithin air a ndiaidh a bhaile dhúchais. Buaileann sé amach fén sráid annsan, agus tagann scárd na shúilibh nuair a chíonn sé na tighthe móra gur dóigh leat go bhféadfadh na cearca na réil- thíní a phiocadh ó na mbarraibh. Ní fheadair sé ar domhan cad é an treó baill ba cheart do gabháil fé dhéin a lóistín. Buaileann peiléar nó "cop" uime. Tairgeann sé blúire páipéir amach as a phóca agus síneann sé chun an pheiléir é. Ní fhéadfadh sé féin bun ná barr a bhaint as an seoladh atá scríbhtha air. Léigheann an peiléar é: "141 W. 97 st, New York." "Eireannach is eadh thu, a dhuine," arsan peileár. "Is eadh cheana, a ath... a dhuine uasail," ar seisean. Cuireann an peiléar smuta 'gháire as. "A Eireannaigh," ar seisan, "cuir uait an focal san "uasal" feasta. "Fir" agus "mná" na focail atá sa tír seo. Anois glac an gluaisteán sráide go sráid a 12 adh. Annsan gheobhair an gluaisteán fé thalamh (Sub-way) go sráid a 50 adh, agus glac an gluaisteán os cionn tailimh (Elevated) go sráid a 97 adh. Corruig ort. Seachain an mótor san." "Dia go deó linn," ar san deoraidhe. "Is truagh gan mé thar n-ais i mBaile Mhúirne." Agus gluaiseann sé chun siubhail go dubhach dobrónach. Ní déarfainn go raibh éan deagh-shaoghal ag na céad deoraidhthibh do chuaidh go Mericá ó Eirinn. Ní raibh aon tabhairt suas ortha ná foghluim agus b'éigean dóibh an obair ba dhearóile sa tír a dhéanamh, fé mar atá an scéal aiges na hIodálaigh agus ag Clainn Caimh ann anois. Tá se ráidhte go ndeaghaidh a bhfurmhór ag obair ar an mbóthar iarainn agus gurb iad na hEireannaigh a dhein an chuid is mó do bhóithribh iarainn an Oileáin Uir.
Níor chuir an dream san éan airgead i dtaisge ach é scaipeadh chomh tíugh as thuillidís é. Agus is oth liom a rádh gur chaitheadar a lán dá gcuid airgid ar ól agus scléip, agus gur dheineadar faillighe d'oideachas a gcloinne. Bé an t-ól donas agus tubaiste na nGaedheal riamh thall agus i bhfus. Tá deire le réim an óil anois agus 'se mo thuairim go mbeid na hEireannaigh ar bharr ins gach éan bhall sara fada. Ach tá a mhalairt de scéal le hinnsint i dtaobh na nEireannach do chuaidh ag sclábhaidheacht ar an bhfeirm. Bhíodar san críochnamhail gnóthach agus ba ghairid go raibh a bhfeirm féin ag a lán aca. Bhí an talamh ana-shaor an t-am san. Ach anois is ar éigin a cheannochadh éan airgead na feirmeacha a fuaradh geall leis gan phiuc an uair sin. Do dhein a lán aca socrú síos in Illinois. Ait ana-fhiadhain, i bhfuirm fásaigh, ab eadh an áit sin nuair a tháinig na hEirean- naigh ann ar dtúis. Ach do dheineadar-san í shaothrú agus tá an talamh ann ar an dtalamh is fearr i Mericá anois chun arbhair a thabhairt. Go deimhin dob ainnis an saoghal a bhí aiges na céad deoraidhthibh sin ag obair de ló 's d'oidhche a d'iarraidh crot a chur ar an áit. Ní raibh na sásanna nua chun saothraighthe atá aca anois ann an uair sin. Agus ní fheadar conus nár marbhuigheadh an uile dhuine aca leis an bhfuacht an chéad gheimh- readh. Ní raibh tigh sa dúthaigh sin rómpa, ná cóir aca chun tighe a théigh- eadh. Tuiteann an teas ann, uaireannta, chun neamh-ní. Is minic a thagadh leacoidhir ar an uisce le linn an Aifrinn a bheith ghá rádh agam ann. Dá bhrigh sin, ní féidir tigh a théidheadh annsan ach le fuirnéis, rud ná raibh aiges na daoine bochta san an uair sin. Ní dhéanfadh teine mhóna ná teine ghuail an gnó in éan chor annsúd. Agus ní raibh éan bhreith aca ar mhóin ná ar ghual dh'fháil ann ach chomh beag. Máseadh, cad a choimeád 'na mbeathaidh iad? Ní fuláir nó go raibh "sláinte an bhradáin" aca, "croidhe folláin," agus b'fhéidir, uaireannta, "gob fliuch." Níor locht san ortha braoinín uisce beatha a bhlaiseadh nuair a bhíodh an fuacht ag goilleamhaint ortha. Bhí go leór adhmad aca, ámhaigh, agus mar a mbeadh san do bheidís leathta ar fad. Ach tá an saoghal ar fheabhas agá gclann anois ann. Tá siad go léir saidhbhir, cuid aca chomh saidhbhir, b'fhéidir leis an Mac Medha a bhí ann fadó. Tá tighthe breághtha compórdacha aca, gach sás nua aca chun a gcuid tailimh a shaothrú, mótair chun caithimh aimsire, agus mar bharr ar an scéal go léir, an t-oideachas as fearr i Mericá 'ghá fháil agá gclainn. Chítear dúinn anois gur dheineadar na céad deoraidhthe ó Eirinn dícéille mór ná deaghaidh go léir ag obair ar na feirmeacha. Do bheadh mór-chuid eile de thalamh an Oileáin Uir agá gclainn anois, agus ní bheadh éan teóra lena saidhbhreas agus lena gcomhacht agus lena neart. Ach b'fhéidir nách fearra dhúinn-ne annso in Eirinn a mhalairt de scéal a
bheith aca. Ní hiad na hEireannaibh shaidhbhre i Mericá na daoine is mó a chuireann suim i gcúrsaíbh na hEireann ann. "Ní thuigeann an sáthach sámh an t-ocras," adeir an sean-fhocal. Ní hiad na hEireannaigh shaidhbhre i Mericá ná in Eirinn, leis, a chabhraigh riamh le hEirinn. Nuair a bhíon bailiú airgid i Mericá d'Eirinn, siad síntiúisí na nEireannach mbocht a dhein- eann an bheart. Agus nách mór an scárd an méid airgid atá curtha abhaile go hEirinn gach éan bhliain le fad do bhliantaibh ag triall ar a n-aithreachaibh agus a máthaireachaibh ag buachaillíbh agus ag cailíníbh bochta na hEireann? Agus ní sos fós dóibh. Dá bhrigh sin, siad hEireannaigh bhochta Mericá (ní'l éan bhochtaineacht ann mar atá annso) an dream is dílse dá dtír dhuchais, agus a bhí riamh agus a bheidh go deó. Tá siad ag troid riamh is choidhche, thoir thiar theas agus thuaidh, ar son na hEireann i Mericá, agus ní bheidh siad sásta go deó go dtí go mbeidh glan-tsaoirse agá dtír dhúchais agus an namhaid 'na ruaig thar fairrge amach. Má theipeann na hEireannaigh shaidhbhre orainn anois in am na haimiléise - i mbeárna an bhaoghail - agus ní dóigh liom go dteipfid, ná bíodh aon amhras againn go dteipfid na hEireannaigh bhochta orainn. Is mó an chomhacht atá aca san, ar shlighe, ná aiges na hEireannaigh shaidhbhre. Ach pé scéal é, fé láthair ar éan tslighe, tá gach éan Eireannach i Mericá, idir bhocht agus saidhbhir, ceapaithe ar chnámh a dhíchill a dhéanamh ar shaoirse ghlain dh'fháil d'Eirinn. "Ceist agam ort," arsa duine éigin. "Cad 'na thaobh go raibh na hEireannaigh i Mericá ar an ndream daoine ba dhílse do Mhericá le linn an mhór chogaidh seo?" Ceist leanbaidhe an cheist sin, agus ní gá' dhom freagra a thabhairt uirthe. Dá mbeidís i gcoinnibh an Oileáin Uir agus ar thaobh na nGearmánach, b'in é díreach do theasdaigh ó namhdaibh na hEireann, i dtreó go mbrisfí a gcomhacht i Mericá agus ná féadfaidís a thuille tairbhe a dhéanamh ar son na hEireann, ná éan díobháil a dhéanamh feasta do Shasana ann. Ach bhíodar dílis do'n Oileán Ur. Do throideadar go cródha agus go calma ar a shon. Agus anois tá a gcomhacht níosa threise agus níosa thréine ná mar a bhí sé éan lá riamh i Mericá. Ná measadh éinne gur throid na Mericánaigh ar son Sasana a shábháil. Is beag duine i Mericá go bhfuil éan bheann aige ar Shasana. Ní lugha ná san a bhíodar ag troid ar son éan airgid, do thugadar ar iasacht di, a dh'fháil tar n-ais. Bhí cúis cogaidh aca féin - scéal fada le hinnsint - agus ní rabhadar 'ghá mbodhradh féin le Sasana. "Is cuma linn can imtheochaidh ar Shasana, ach caithfimíd an Kaiser a chlaoi." B'in í an chaint a bhí i mbéal gach fíor-Mhericánaigh le linn an chogaidh. Agus "a Dhia síor Eire" an chaint atá ag gach éinne aca anois ó fhairrge go fairrge agus ó chuan go cuan. AINDRIAS O CEILEACHAIR.
TRACHT AR STAIR. Tá an iomad daoine ann nách maith leo stair na tíre seo a léigh' agus ní hiongna é toisg an chuma ina sgríobhtar í. Ní oireamhnuighean sí an tír seo i gcrot Béarla, níl an blas céadna uirthe agus bheadh i nGaedhilg, agus fairis sin roinntear an stair sin ar chuma go dtiocfadh a dátaí agus a tuitim amach isteach le stair Shasana. Sid é an locht is mó atá ar stair Bhéarla na hEireann. Féach uirthe fá mar atá sí inár leabhraibh. Tugtar beagán cúntais dúinn as Béarla ar imtheachtaibh ár sinnsear roim theacht na Normanach, agus is cúntas balbh an chuid is mó dhe toisg ná bíon fios a chéirde ag an stairdhe Béarla. Tugtar annsan a lán cainnte dhúinn ar na Normanaig féin agus is dóich le cách gur stair é, ach ní headh. Deirtear linn gur bhuaidh na Normanaig ar Eirinn agus creidtear indiu é. Níl ann ach bréag a cheap na Sasanaig blianta i ndiaidh na Normanach. Ba dhóich leat ó'n stair gur dhaoine uaisle na Normanaig. Níorbh eadh. Fir gan tabhairt suas, gan léigheann, gan leabhair dob' eadh na Normanaig úd; fir bhochta do bhí dúilmhear i saidhbhres agus gur chuma leo conus a gheobh- aidís é, pe'ca le feall nó le goid nó le fuadach. Ní raibh seasamh ar a bhfocal 'na ar a ngeallamhaint. Dhíbir Ardrí Eireann Diarmaid mac Murchudha, rí Laighean, an poll amach, agus ar bhfilleadh thar nais do, do thug sé leis mar fhearaibh conganta dream Normanach agus d'fhanadar aige go lá a bháis. Fear borb, láidir dob eadh Diarmaid, bhí eolas cruinn aige ar choga agus fonn air bheith 'na Ardrí ar Eirinn. Moltar na Normanaig sa stair ach cáintear Diarmaid. Sin é direach breith na Sasanach agus creidtear í. Níl innte ach bréag a chum na Gaill ar a son féin. Ní raibh Diarmaid gan locht ach dob fhearr é mar fhear cogaidh 'ná na Normanaig. Bhí sé fial agus go maith do bochtaibh agus do dhaoinibh ísle, tréithe ná cuirean aon ughdar i leith aon Normanaig. Fear clisde chun comhraic dob' eadh an Normanach agus ba bheag eolas eile a bhí aige. Bhíodh sé clúduighthe le lúireach ó bhonn go bathas agus cóta de shligiríní cruadha ar a chapal. Bhí an buadh aige féin agus ag Diarmaid ar feadh cúpla blian d'éis a dteacht go hEirinn, toisg go rabhadar lúirithe agus gan ach éadach mín ortha súd a bhí 'na gcoinnibh. Ba lag leis na hEireannaig lúireach a chur ortha féin, bhí breis
mhisnig ionnta, agus breis mhuinghin aca as neart a gcuisleana. Ba ghearr gur chuir cuid aca lúireach umpa agus coisgeadh an Normanach agus Diarmaid. Níor chuir na daoine puinn suime ar dtúis ins na Normanaig toisg ná raibh ionnta ach fir thuarasdail Dhiarmada, rí Laighean, agus ní raibh Eire 'na choin- nibh toisg gur cheap a lán go rabhthas ró-chruaidh air, agus nár chóir é thiomáint an poll amach. Féach cad adeir Annala na hEireann fé'n mbliain 1173: "Ro cuirseat for nemtni na Flemandaig" - sé sin nár cuireadh puinn suime, nó nár bhfiú trácht thar na Normanaig. Do b'é Diarmaid, agus sluaighte Laighean, a bhí ag cur buartha ar Eirinn an uair sin, agus níorbh iad Strongbow, 'ná Seán de Cúrsa, 'ná Hugo de Láis, 'ná éinne de'n dream go gcloisimíd trácht mór ortha i stair Bhéarla an lae indiu. Stair do réir tola Shasana an stair sin a léighmíd ins na leabhraibh indiu. Deinid fear fiadhain do Dhiarmaid agus uaisle des na Normanaig. Ní mar sin a bhí. Is amhlaidh a bhíodh na Normanaig ag umhlú dho Dhiarmaid agus eagla ortha roimis mar dream fealltach dob' eadh iad. Dubhairt Strongbow leó, nuair a bheadh Diarmaid 'na Ardrí, go gcuirfí eisean is iadsan abhaile agus go mbeidís chomh bocht is bhíodar riamh. Do chrom- adar ar shiosmarnaig le chéile, agus dob é bun an sgéil é gur thugadar nimh do Dhiarmaid. Ba ghránna an radharc ar chlár é Diarmaid na nGall, dath dubh ar a chorp, a cheannaighthe ataithe agus an croiceann ag sgubhadh dhá chnámh- aibh. Gan amhras, dubarthas gur mhás nádúrtha a fuair sé ach bhí a mhalairt d'fhios ag Strongbow. Ní túisge bhí Diarmaid marbh, 'ná gur chuir Strongbow féin roimis bheith 'na Ardrí, agus ghluais sé leis ó dheas. Nách beag trácht atá i stair na hEireann ar Dhomhnall O Bhriain, rí Thuadh-Mhumhan, ach do b'in é an fear a chuir cosg le Strongbow. Bhí dream beag laoch ag Domhnall, ach bhí do chéill aige lúireacha a chur umpa, agus bhuail sé le Strongbow ag Dúrlus i dTiobraid Ara agus briseadh ar Ghallaibh. An bhliain a bhí chughainn, bhrúcht Strongbow ó dheas arís; bhuail Domhnall umpa ag Dúrlus; bhí cath dian eatortha; briseadh ar Ghallaibh; thug Domhnall béim claidhimh do Strongbow, agus lean sé ar Ghallaibh go Portláirge. Tógadh Strongbow agus é leath- mharbh go Bleácliath mar a bhfuair sé bás. Ghabh an Brianach úd do chosaibh i Seán de Cúrsa, i Hugo de Láis agus in gach taoiseach Gallda le na linn, agus faid do mhair sé bhí an lámh uachtair aige ar Ghallaibh Laighean ar feadh ocht mbliana déag. Nach ait an stair atá againn gur beag trácht atá i leabhraibh, lasmuich do Annála na hEireann, ar laoch mar Dhomhnall mór O Briain! Níor bhuaidh na Normanaig ar Eirinn, agus iad súd a tháinig le Diar- maid, bhíodar ag tabhairt an fhéir chúig bhliana d'eis teacht anall dóibh.
Tháinig a lán Gall 'na ndiaidh agus b'éigean doibh Páil a chur suas ar réise chaol thalmhan cois na fairge sa taobh thoir d'Eirinn agus bhí an Pháil úd chomh cumhang cheithre bliana 'na dhiadh san ná raibh a teoranna ach seacht míle lasmuich do Bhleácliath. Teasbánann an méid sin ná fuil brigh an sgéil againn ach rotha-seama staire do ceapadh fé chúram Gall. Bhuaidh na Normanaig ar Shasanaig, ní raibh aca ach aon chath amháin, agus as soin amach bhí an Sasanach bocht mar bhuachaill capal is gadhar aca ar feadh trí chéad blian. Bhídís i dtrithibh fé na theangain gharbh, agus ní raibh sa Bhéarla, dar leo, ach teanga threabhaire, agus do reir staire Chassel, agus stairthe eile, dá mb'eol duit Normanach a 'bhréagnú nó fós áiteamh air, is amhlaidh a chuirfeadh goic air féin agus déarfadh go mórtaiseach: "An dóich leat gur Sasanach me!" Mar sin féin chuaidh sé chun cogaidh leis an bhFraingc, agus ghlaoidh sé chuige an sglábhuidhe Sasanaig, agus lean an cath ar feadh céad blian. "Fuath liom an Franncach," ar seisean, "agus fuath liom a theanga dá réir sin, is measa liom an tráille bocht Sasanaig a chabhruigheann liom agus beidh a theanga gharbh agam as so amach." Fuin- eadh an dá threibh feasda. Mór é comhacht theangan! D'fás an Normanach 'na Shasanach fé bhrigh an Bhéarla agus 'na Eireannach fé bhrigh na Geadh- ilge, agus níl tásg ná tuairisg air féin indiu, mar chaill sé a theanga féin, agus dá dheasgaibh sin cuimileadh amach é as treabhacha an domhain. Chuir sé an Sasanach fé chois, agus bhí a leithéid sin d'eagla ag an Sasanach roimis agus d'uirim aige dho, gur b'é an port is mó ag gach Sasanach beag uallach indiu: "Tháinig mo shinnsear i leith le Liam Concúr!" Ní bhfaghfá tréith de'n tsaghas soin imeasg Eireannach in aon chor, agus sé fáth é ná raibh na Gaill riamh mar cheann ar Eirinn. Dá bhrigh sin ní admhóch' bacach bóthair sa tír seo go raibh bainnt, olc, maith, 'ná donai aige féin 'ná 'gá shinnsear le fuil 'ná le béasa aon Normanaig. Dá chomartha san maireann sprid Ghaedhealach na hEireann gus indiu, agus ní túisge a bheidh ceo agus smúit an Bhéarla glanta dhá meabhair, ná go mbeidh an acfuinn chéadna aici do bhí fadó, - gach Gall is Gaedheal idir na cheithre fairgí a bhailiú isteach 'na bínn agus Eireannaig a dhéanamh dhíobh. CONAN MAOL.
CATHAIR NA nDEAMHAN. Aistrighthe ó Bhéarla Liam Mac Fhinn, a rugadh i gCorcaig san mbliain 1793. Ins na laethibh a bhí, do chómhnuig i gcathair shéanmhar Chadhro, rabbi Eabhrach dárbh' ainm Iochónan. Ní raibh ar a chine neach ba léigheanta ná é. Do leath a cháil ó náisiún go náisiún, i gcás go dtagadh óig-fhir ó imeallaibh an Oirthir chun teasgasg a ghlacadh uaidh. Ba dhoimhin agus b'iomlán é a eolas ar bhéal-oideas na n-Atharach; agus nuair eirigheadh argóint idir dhaoinibh i dtaobh ceisteana de'n tsórd, níor ghá' ach bagairt cinn uaidh chun iad do réidhteach. Bhí sé cráibheach, cóir, measardha; agus dian dúthrachtach ag leanúint na dlighe. Bhí aon dubháilce amháin ann ámh: bhí grádh a chroidhe san ór, agus níor bhronn sé déirc ar dhuine bhocht riamh. Fear saidhbhir ab eadh é; agus is de bhárr a eagna agus a chuid eolais a chnuasuigh sé furmhór a ghustail. Bhí brón ar Eabhraig na cathrach i dtaobh an lochd so bheith sa té ba léigheanta dhá gcine; agus cé go dtugaidís onóir do ar son a cháile, is é ainm a bhíodh ag mnáibh agus ag leanbhaibh na sráide air ná Iochónan an Bochtán. Bhí togha feasa aige ar na gnáthaibh a cleachtí chun duine do thabhairt isteach go creideamh Mhaoise, agus do thuilleadh sé mórán airgid ag friothá- lamh mar sin ar dhaoinibh. Lá áirithe agus é ag siubhal trí pháirceanaibh lasmuigh de'n chathair i gcomhrádh le hógánach ar mhíniú na dlighe, do thárla gur bhuail aingeal an bháis go hobann an fear óg, i gcás gur thuit sé 'na chorp mharbh i bhfiadh- naise an rabbi. Nuair a chonnaic sé go raibh an buachaill marbh, do réab sé a chuid éadaig, agus do thug sé glóir do'n Tighearna. Ach do priocadh a chroidhe, i gcás go dtigeadh smuainte ar an mbás chuige i dtaidhrithibh na hoidhche. Thagadh buaidhreamh aigne air nuair a mhachtnuigheadh sé ar chruas a chroidhe le bochtaibh, agus adubhairt sé: " Go mbeannuighthear ainm an Tighearna! an chéad dea'-obair a hiarrfar orm a dhéanamh, déanfád í ar son an ainm naomtha san." Ach chuir sé liach as, mar bhí eagla air go n-iarrfí cuid éigin dá chuid airgid air. Faid bhí sé ag machtnamh ar na neithibh sin, do tháinig glaodhach airthin- neach chun an dorais.
"Músgail, a chodlatánaig," ars an guth, "músgail! tá leanbh i gcontabh- airt an bháis, agus do chuir máthair an leinbh mise ar do lorg chun go ndéantá an ní atá riachtanach do'n leanbh." "Tá an oidhche dubh, dorcha," ars an rabbi, "agus is mór é m'aos. Ná fuil fir is óige ná mise sa chathair agat?" "Is tusa amháin a dubharthas liom fháil, - tusa ar a ngoirid daoine an t-Eagnach, agus ar a ngoirid daoine eile an Bochtán. Seo sparán óir mar thuarastal duit. Cuirim ort teacht liom in ainm Dé Bhí." Do chuimhnig an Rabbi ar na móidibh a thug sé uaidh tamall beag roimhe sin, agus do tháinig aithreachas air, mar bhí tuairim aige go raibh an sparán teann. "O chuireann tú orm san ainm sin," ars an Rabbi, "raghad leat; ach tá súil agam ná fuil an t-aistear fada. Cuir chughat do chuid óir." "Tá an áit i bhfogus dúinn," ars an coigcríoch. "Bí mear; tá an uain ag imtheacht." Ogánach cródha, agus é éadaighthe go greanta dob eadh an teachtaire. D'eirig Iochónan, agus do chur sé uimis. D'oscail sé an doras, agus do chuir sé an glas go dlúth 'na dhiaidh air, agus do chuir sé na heochracha i bhfolach in aice an dorais. Do dhein an t-ógánach mion-gháire nuair a chonnaic sé an Rabbi ag coigilt na n-eochrach, ach níor labhair sé focal. Do ghluais an bheirt ortha. "Ní cuimhin liom," ars an Rabbi, "go bhfeaca oidhche chomh dubh riamh. Dein treorú dhom mar ní fheicim an bóthar." "Tá eolas maith agam-sa air," ars an teachtaire, agus chuir sé osna as. "Bóthar leathan is eadh é, agus tá teasdal mórán daoine air; beir ar mo chuis- linn, agus ná bíodh eagla ort." Do chuireadar díobh; agus cé gur mhór é an dóircheacht, do thug an Rabbi fé ndeara, ar theacht do niamh soluis anois agus arís, go raibh sé in áit a bhí as a aithne. "Do shamhluigheas," ar sé, "go raibh eolas na tíre ar feadh mórán mílte tímpal na cathrach agam, agus anois níl fhios agam cá bhfuilim. Ní héidir, a óig-fhir, gur b'amhal' a chuais amú?" Do laguig a mhisneach. "Ná bíodh ceist ort," ars an t-ógánach. Tá deire anois díreach le nár n-aistear." Agus ar rádh na bhfocal do, do baineadh na cosa ó'n Rabbi, agus do shleamhnuigh sé le fánaig fhada. Ar a theacht chuige féin do chonnaic sé gur baineadh an turrain chéadna as an ógánach. Bhí an bheirt 'na seasamh thíos. "A ógánaig," ars an Rabbi, "má's ag magadh fé shean-duine ataoi, is giorra ar do shaoghal é. Mairg do'n té thugan masla do cheann liath."
Do ghaibh an t-ógánach a leath-sgéal, agus do leanadar dá dtriall tamall beag eile gan caint. Do laigheaduig an doircheacht, agus ar n-árdú a shúl do'n Rabbi, do chonnaic sé gur shroitheadar geataí cathrach ná feaca sé riamh roime sin. Ba mhór é a iongna, óir ní raibh cathair sa tír ná raibh eolas aige uirthe, agus ní raibh sé ach leath-uair a' chluig ó fhág sé a thig cómhnuighthe féin i gCadhro. Do lean sé an treoraidhe agus é ar crith. Ba ghéarr gur chuadar isteach sa chathair. Bhí soillse ar lasadh ins gach ball, fé mar bheadh saoire mhór éigin ar siúbhal. Bhí na sráideana lán de lucht spóirt, agus gan le clos ach guth agus gleo an áthais ó gach taobh. Ach nuair a dhearc Iochónan i ngnúis na bhfear, thug sé fé ndeara gur daoine iad go rabh peanaid mhór éigin aca dhá fhulag, cé go raibh deá'ramh an áthais féin ortha. D'aithin sé ar na comharthaibh seo gur deamhain ab eadh iad. Do chuir san sgannra a anama air; agus nuair a thaithn solus na dtrísleán ar aghaidh an óig-fhir, do chonnaic an Rabbi go raibh comhartha an deamhain ar sin chomh maith. Do mhéidigh sin an sgannra air, ach níor labhair sé gíog, agus do lean sé an t-ógánach gur threoir sé chun tighe breágh é a bhí san áit dob uaisle de'n chathair. "Téidhir isteach ann so," ars an treoraidhe leis, "óir is liom-sa an tigh- seo, agus tá an bhean agus an leanbh breoite i seómra lastuas ann." Do chuir an Rabbi na staidhrí suas de chun go bhfuair sé iad. Bhí an bhean-uasal 'na luighe ar leabaidh. Bhí maisiúlacht agus dathú- lacht thar meon ag baint léi; ach san am chéadna bhí scáil an bhróin agus an éadóchais os cionn na háilneachta uirthe. Bhí an leanbh i n-éadaibh daora 'na bhreac-chodladh ar bhaclainn bhanartlann le na taobh. "A sholuis mo bheatha," ars an deamhan leis an mnaoi uasail, "do thugas chubhat é, - fear na heagna, an té bhí uait. Gheobhad na neithe a theas- duighean; tosnuigheadh sé láithreach, óir chím go bhfuil deabhadh chun na háite seo fhágaint air." Ar rádh na bhfocal do, d'fhéach sé ar an Rabbi, agus do chuir sé gáir bheag mhagaidh as, agus d'fhág sé an seomra agus do lean an bhanaltra é. Nuair a bhí Iochónan agus an bhean uasal 'na n-aonar d'iompuigh sí ar an leabaidh chuige, agus dubhairt sí: "A fhir an mhí-áidh, an bhfuil fhios agat cad é an áit é seo' na a dtáinghis?" "Tá's agam anois é," ar sé, agus do leog sé osna trom as; "tá's agam go bhfuilim i gcathair na ndeamhan." "Bíodh a fhios fairis sin agat," ar sí, agus do rith sruth deor ó'n a súilibh, "nár tugadh riamh isteach innte ach neach a pheacaidh i bhfiadhnaise an Tighearna. Ní ceist anois cad é mo pheaca féin, ná ní mian liom a fhia- fruighe cad é do pheaca sa, - ach ní fhágfair an ball so go deo. Taoi caillte
mar atáim-se féin, fóiríor, - caillte, caillte, caillte." Agus do chrom sí ar ghol arís. Do chaith an Rabbi a bhairéad ar an úrlár, do réab sé a chuid gruaige, agus dubhairt sé: "Mairg, mairg dómh-sa! Agus a bhean, cé hí thusa a labhrann mar seo liom?" "Bean Eabhrach;" ar sí, "inghean ollaimh dlighe i gcathair Bhagdaid. Do tugadh annso, mé, is cuma conas; agus do pósadh mé le flaith ameasg na ndeamhan, - an té chuaidh id iarraidh. Agus an leanbh so, sé ár gcéadghein é, - naoineán neamhchiontach, - ní cheadóchainn go gcaillfeadh sé a anam. D'iarras ar mo chéile sagart do sholáthar a dhéanfadh an leanbh do thímpal- ghearradh; agus ós rud é go gcuala tuairisg ar do léighean i dtig m'athar, d'ainmnigheas tusa mar shagart do. Cé gur mór é mo chéile ameasg na ndeamhan, is daonachtúla é ná iad; agus rud eile, ní bhfaghadh sé ó'n a chroidhe mise d'eiteach, óir cé gur b'é do mhill mé, is mór é a ghrádh dhom. Dubhairt sé go raibh aithne mhaith aige ort agus ná féadfá diúltadh. Tá's agat féin cad é an choir atá déanta agat a chuir i gcómhacht na ndeamhan tu." "Dearbhuighim ós cómhair na bhflaitheas," ars an Rabbi, "gur chim- eádas riamh an dlighe go dúthrachtach, gur shiubhluigheas gan staonadh do réir theagaisg na n-Atharach ó laethibh m'óige gus indiu. Níor imreas an-cheart ar neach riamh le gníomh ná le bréithir; gach lá d'adhras an Tighearna, agus do rinneas an bheag agus an mhór de gach gnáth a bhainean le seirbhís Dé in A theampul." "Do thuitfeadh amach," ars an bhean, "go ndéanfá mar a deirir, agus breis, agus na dhiadh san go mbeidhfá i gcomhacht na ndeamhan. Ach níl am anois againn. Airighim ciscéim mo chéile ag teacht aníos an staidhre. Tá aon tseans amháin ar imtheacht fós agat." "A Ghile na Gile, cad é sin?" ars an Rabbi, agus crith a chroidhe air. "Ná hith, agus ná hól, ná glac duais ná tuarasdal faid a bheir annso; agus an fhaid a rithfidh leat san do dhéanamh, ní bheidh comhacht ag na deamh- anaibh ort beo ná marbh. Bíodh misneach ort, agus bí buan-tseasamhach." Ar stad de'n chaint do'n mhnaoi, do tháinig a céile isteach sa tseomra, agus an bhanaltra 'na dhiadh. Aici-se do bhí gach ní d'oir do mhiniostráltacht an Rabbi. Do dhein sé a ghnó, agus brón ar a chroidhe, agus do háirmheadh an leanbh ameasg na bhfíoraon. Nuair a bhí gach ní déanta, do cuireadh an fíon thart do réir nós na sinnsear. Do bhlais an leanbh é, do bhlais máthair an leinbh é; ach nuair a tugadh do'n tsagart é, do chuir sé suas do, ghá rádh, "Ná tóg orm go n-eitighim é, a Thighearna; táim fé mhóidibh trosgadh a dhéanamh indiu, agus ní íosfad ná ní ólfad."
"Mar is mian leat," ars an deamhan. "Ní hé mo thoil-se go réabfá do mhóide," agus do chuir sé gáir mhagaidh as. Do tugadh an Rabbi bocht go seomra fé leith, mar ar chaith sé an far-is- barr de'n oidhche agus an lá na diaidh ag gol agus ag impidhe ar Dhia é thabhairt saor ó Chathair na nDeamhan. Ach nuair a bhuail an dara uair déag, agus nuair a bhí an ghrian fé, do tháinig flaith na ndeamhan arís chuige agus adubhairt: "Ith anois, iarraim ort, óir tá lá do mhóide thart," agus do chuir sé biadh ós a chomhair. "Féach orm a Thighearna, ach ná féach le feirg orm," ars an Rabbi. Tá móide tabhartha agam trosagdh do dhéanamh indiu leis." "Níl fearg orm," ars an deamhan. "Bíodh mar is maith leat; ní chuirfead isteach ort i dtaobh do mhóide." Agus chuir sé gáir mhagaidh arís as. D'fhan an Rabbi lá eile sa tseomra ag caoi agus ag úrnaighthe, agus nuair a chuaidh an ghrian fé lastiar des na cnocaibh, do tháinig flaith na ndeamhan chuige arís, agus adubhairt: "Ith anois, mar is mithid duit ocras a bheith ort; ba dhocht iad do mhóide." Agus do chuir sé biadh dea'-bhlasta ar bórd chuige. Do chuir an milis-bhiadh mian mór ar an Rabbi, ach do ghuidh sé ó'n a chroidhe chun an Tighearna na cathaí do dhul thairis. Do chuadar; agus do dhein sé freagra. "Fós an treas uair, ná tóg ar do sheirbhíseach ná hitheann sé. Do dheineas na móide d'athnuachtaint. "Bíodh mar sin," ars an té eile. "Eirigh agus lean mé." Do thóg an deamhan trísleán 'na láimh agus do threoruigh sé an Rabbi trí scúinsíbh fada cama gur thug sé go seomra fairsing árd é. Ar a ndul isteach ann, do chonnaic an Rabbi gur d'airgead gheal a bhí sé déanta. Dá mb'iad na fallaí, an t-úrlár, an díonuachtair, an táirseach agus na h-ursana iad, is d'airgead thathacach a bhíodar déanta. Bhí na frathacha agus ciumhaiseana an díonuachtara chomh greanta san gur dhóigh leat nuair bhíodar ag taith- neamh fé sholus an trísleáin, gur obair néata sheaca iad. I lár an tseomra bhí soithí móra de'n mhiteal chéadna agus iad cruachta le hairgead geal. "A Rabbi," ars an deamhan, "táim fé chomaoine agat; tóg an méid is mian leat dá mb'é an t-iomlán é." "Ní bheadh san ceaduighthe agam," ars an Rabbi. "Do chuiris fé gheasaibh mé teacht in ainm Dé, agus is in A ainm a thánag, agus ní ar dhuais ná ar thuarasdal." "Lean mise," arsa Flaith na nDeamhan, agus do chuadar araon isteach go seomra eile, a bhí níos sia siar sa tig.
Fé mar a bhí an chéad sheomra déanta d'airgead, is d'ór bhuidhe a bhí sé seo déanta. Bhí piléirí óir ag eirghe as úrlár óir agus ag cimeád an chinn óir suas. Bhí cheithre cinn fhichead d'árthaíbh sa tseomra, - sé cinn cois gach falla, - agus bhíodar uile lán go bruach de phíosáibh óir; agus ba mhó dob fhiú an t-ór a bhí i ngach ceann aca ná iomlán ciste rithe an domhan i dteannta chéile. Do ghriog an tsaint croidhe an Rabbi nuair a chonnaic sé ag taithneamh sa tsolus bhuidhe iad, mar thaithneamh na gréine tráthnóna breágh fómhair. Ach trí chabhair Dé do lean sé dá fhocal. Ars an Deamhan: "Ní'l mac máthar ar thalamh an domhain a bhéadh chomh saidhbhir leat mara mbeadh agat ach lán éin chinn amháin aca, agus féach do-bheirim iad uile dhuit. Bídís go léir agat." D'eitigh Iochónan arís. Annsan d'oscail an Deamhan dogas an trímhadh seomra. B'é sin Halla na mBuadh-Chloch. Ní túisge chuir an Rabbi a chos thar táirsing ná chuir sé sgread as, agus chuir sé a lámha ar a shúilibh. Do dhall gile na seod é mar a dhéanfadh féachaint ar ghréin an mheádhan lae. Bhí clocha buadha thar áireamh i miasaibh agat, agus gach ceann aca níos mó ná ubh colúir. Ar bhórdaibh alabastair bhí saghasana eile de sheodaibh, agus bhíodar snuighte, líomhtha, greanta i ndiaidh lámha saor-cheárdaidhthe. Sé rud a bhí ag tabhairt soluis do'n Hálla ná carbuncail mór a bhí sa bhfalla i gceann de. Bhí an seomra chomh solusmhar is dá mbeadh an ghrian ag taithneamh isteach ann; ach bhí an solus chomh bog le bog-sholus na ré. Chuir an radharc-so an Rabbi i gcruachás; ach do chabhruigh Dia leis agus d'éitigh sé arís. "Chím go n-aithnigheann tú me," ars an Deamhan. "Tá'n ceart agat,- is deamhan me, agus is chun tu mhealladh do thaispeánas iad-so dhuit; ach Ós rud é gur chuiris im choinnibh go dti so, ní chuirfead a thuille de chathaíbh ort. Do dheinis rud dom sa tigh seo, agus cé ná fuil meas ar bith agam-sa air, is mór ag mo mhnaoi é, agus is annsa liom í ná m'anam féin. Siubhluigh, tá seomra eile fós agat le feiscint. Croth suas tu féin." Mar bhí súile Iochónan dúnta, é ag bualadh a uchta, agus ag guidhe chun an Tighearna. Ní raibh deá'ramh ar bith ag an seómra deireanach leis an gcuid eile. Poll beag suarach gan trosgán ab eadh é. Ar crochadh leis na fallaibh salacha bhí mórchuid eochrach meirgeacha, - eochracha móra agus eochracha beaga, agus iad gan réir ach ar crochadh annso agus annsúd. Do tháinig iongna a chroidhe ar Iochónan nuair a chonnaic sé eochracha a thighe féin 'na measg,- na heochracha úd do chuir sé i bhfolach go seana-chríona, mar a shíl sé, nuair fhág sé an baile chun dul lcis an nDeamhan. "Cad a chíon tú," ars an Deamhan, "go bhfuil tú ag féachaint chomh géar san air? An té a dhiúltaigh airgead agus ór agus clocha-bhuadha nách ait suim a bheith aige ghá chur i roinnt sean-eochrach meirgeacha." "Is iad mo chuid mhacánta féin iad," ars an Rabbi. "Glacfad go buidheach iad má deintear iad do thairiscint dom." Do thóg an Deamhan eochracha Iochónain de'n fhalla, agus chuir sé 'na láimh iad. "Tá cead imtheacht' agat," ar sé; "ach, a Rabbi, glac cómhairle do leasa, agus oscail, ní hé amháin do thig ach do chroidhe chomh maith. Is é cruas do chroidhe a thug an greim domhsa ort. Ba mhaith dhuit gur dheinis éan ghníomh carthanachta amháin. Sé sin do theacht liom-sa gan díoluíocht. Sin é a shaor tu. Ná bí id bhochtán feasta." D'umhluigh an Rabbi go talamh, agus do thug sé buidheachas do Dhia i dtaobh é shaoradh. "Ach conus, led' thoil, " ar sé, "a raghad thar nais, óir níl eolas na slighte agam?" "Dún do shúile," ars an Deamhan. Do dhein, agus i gcionn nóimit do chualaidh sé an Deamhan ghá rádh leis iad d'oscailt arís. Agus féach nuair a dhein, sé áit go bhfeaca sé go raibh sé, - i lár a sheomra féin in a thig féin i gCadhro, agus a eochracha 'na láimh aige. Nuair a tháinig sé chuige féin do gaibh sé buidheachas go humhal le Dia na Trócaire a shaor é. Do lean sé faid a mhair sé de'n chomhairle úd a fuair sé agus é i ngéibhean. D'oscail sé a thig agus a sparán agus a chroidhe do bhochtaibh na cathrach. Níor cuireadh obair ar bun san áit le haghaidh maitheasa na ndaoine ná gur mhór é a chongnamh chúiche; agus le himeacht na laethanta, in ionad Iochónan an Bochtán a bheith mar leas-ainm air, is é a thugadh uasal agus íseal air ná Iochónan na Féile. Gruagach an Tobair
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services