Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tosach na hOibre

Title
Tosach na hOibre
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Muinntir an Bhranair

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TOSACH NA hOIBRE.



"Tá an branar go cumhra 's beatha fén úir,
'S an ithir a' feitheamh le lúth ár lámh."



Seo chughat, a léightheóir, an chéad uimhir den "mBranar," agus tá súil
againn go bhfaghair "go cumhra" é. Mara bhfaghair, ná bíodh do bhreith ró-
chruaidh, ach cuimhnigh gurab é an chéad iaracht é, agus nách foláir do gach
tosnú bheith lag d'réir an tsean-fhocail.



'Sé rud atá curtha romhainn againn ná míosachán, nú irisleabhar míosamhail,
'na mbeidh aistí ag cur síos ar na neithe seo: leitríocht, ealadhain, stair, polai-
tíocht, creideamh, curadóireacht, déantúisí, cúrsaí an tsaoghail, etc. ; sgéalta
gearra; aistriúchán ó theangthacha iasachta agus beagán filíochta. Níl ach
aon trí neithe amháin coisgithe - sgoláireacht, propaganda agus seana-sgéal-
uíocht, mar tá a n-áit féin dóibh sin. Ní gá' puinn tráchta a dhéanamh anso ar
an riachtanas atá lena leithéid seo d'irisleabhar; is eol do gach éinne é.



Go dtí so, ní raibh aon pháipéar in Eirinn a bhí tabhartha suas ar fad do
sgríbhneóireacht na Gaedhilge. Na páipéir go mbíon Gaedhilg ionnta, tá cúraimí
eile ortha, agus ní mór an chabhair is féidir dóibh a thabhairt do leitríocht na
teangan. Tá a rian ar an leitríocht, níl sí ag fás d'réir an méid suime atá á chur
sa teangain in aghaidh an lae. Má's maith linn an teanga a mhaireachtaint, ní
mór dúinn í 'chur in oireamhaint don saoghal atá anois ann, agus is trí sgríbh-
neóireacht is mó a déanfar san. Tá an saidhbhreas innte, an "bheatha fén úir,"
ní theastaighean ach é 'thabhairt ar barr ithreach. Caithfar í 'thabhairt amach
as an dtigh ghloine 'na bhfuil sí le fada, agus stad de bheith ag déanamh peat-
uíochta uirthe. Caithfar í 'shaothrú, isé sin, cur síos ar gach aon tsaghas ní
innte. Caithfar, leis, sgóp a thabhairt dí, - mar atá déanta ag muinntir na
hAlban, - agus gan sgáth ná eagla bheith againn roim fhocail iasachta ná roim
shlighte nua chun rudaí a rádh, i dtreo is ná beam go deo i dtaoibh le seana-
sgéalta Fianaigheachta agus le heachtraí beaga tuatha mar léightheóireacht.



Go dtí so, leis, níor ghnáthach an sgríbhneóir Gaedhilge a dhíol, sa tslighe
is nárbh fhiú leis puinn de dhuadh na sgríbhneóireachta a chur air féin. Táimíd-


L. 4


ne chun díol, chomh maith is is féidir, as gach éinní a chuirfeam i gcló sa
"Bhranar" Beidh an díoluíocht d'réir gustail an pháipéir. Má bhíon ceanach
maith air, agus mórán fógraí ann, díolfar an sgríbhneóir go maith, - mara mbeidh
ní féidir é. Má's sgríbhneóir tu, mar sin, cuir faobhar ar do pheann láithreach
agus sgríbh rud éigin gur fiú é 'léigheamh. Agus má's léighteoir tu atá ar
mhaithe le sgríbhneóireacht na Gaedhilge, ná bíodh aon leisge ort ach dein do
dhícheal chun léightheóirí a sholáthar dúinn. Ná bíodh sé le casadh linn feasta
nách fiú don Eireannach suim a chur i saothrú a theangan féin dá mhéid a
mhaoidheamh as a náisiúntacht.



Beidh fáilte againn roim aistí, sgéalta gearra, aistriúchán, etc., ach gan thar
5,000 focal bheith ionnta, agus díolfam as gach aon cheann a bheidh oireamhnach.
Ní bheam-na freagarthach, ámhthach, i dtuairimí aon sgríbhneóra. Einne go
dteastóidh uaidh a sgríbhinn a chur thar nais chuige, cuireadh sé clúdach stamp-
álta chughainn 'na theannta agus déanfar é.



Seoltar gach éinní i dtaobh sgríbhneóireachta go dtí - "An t-Eagarthóir,"
agus gach éinní i dtaobh fógraí, gnótha etc., go dtí an "Bainisteóir,"
19 Plás Eli, Baile Atha Cliath.



Gabhaimíd leath-sgéal i dtaobh An Branar a bheith déanach ag teacht amach
an turus so, ach ní h-orainne atá an locht mar do chaill na clódóirí orainn. Tá
súil againn go bhféadfam é bheith amuich againn i dtosach an mhí feasta.


L. 5


FÁILTE ROIM NA DEORAIDHIBH.



Fáilte romhaibh go Clár geal Eoghain a sháirshliocht chróga dhílis:
Fáilte romhaibh a tháin gan smól thug grádh dár Róisín mhín-tais:
Fáilte romhaibh is dá mhilleón, a áil na leomhan thar tuinn ghil:
I bhFáil na dtreon beidh trácht go deo ar bhreághacht bhur meon,
is maoidheamh as.



O bhántaibh Eoghain sgiob Seán buidhe crón thar sáile flós ár dtaoiseach,
Is do sháidh le fórsa an bláth-threibh leomhan gan spás i seomraíbh daoirse,
Gan fáil ar chóir, gan sásamh dóibh, a gClár gan fóntacht bídh air:
Más blátha rós ba ghnáth-thocht dóibh, níor bhfánach fós ann spíona.



A gcás cé sgeólfaidh, sáidhte dhóibh ó mhná is ó ógshliocht caoin-tais;
Chun fáin a ngnó, a sparáin gan ór, fé ghátar mór a muinntir:
Ach cás ba mhó, an raibh Fáil gan treoir, an raibh fághalta óigfhir dhísle,
Nú ar sádhadh na slóite sárfhear fónta in árus Sheóin fá dhaoirse?



Ach fáilte romhaibh go Clár geal Eoghain, fáilte fós is míle.
Beidh trácht ag fóirne Fáil go deo, ar bhur sgeol is mórchuid maoidhimh as.
Sibh bláthmhar beo, gan cháim gan cheo, i bhFódl' fé áilleacht saoirse
Go bás, gan smól 'r bhur gcáil a leomhna - siúd fáilte romhaibh óm chroidhe-se.



MICHEAL O CUILEANAIN.


L. 6


CUMANNACHAS CEARD SAN AM LE THEACHT.



Is iomdha athrú mór tháinic ar an seansaoghal seo le linn na n-aoiseann:
d'eirigh Impíreacht na Róimhe agus do ghabh forlamhas ar chríocha an Oirthir
agus an Iarthair, agus annsin tháinic an dubhchan uirri, agus do thuit ó na
chéile; tháinic an túrcach borb anoir chugainn ó'n Aise agus do gabh cathair
Chonstantín, gur sgapadh iarsmaí léighínn agus feallsamhnachta na sean-
Ghréagach ar fud Iarthair na hEórpa; chuir an sgapadh sin meanma agus mis-
neach sna daoine, gur ghluais Cristóir Columbus thar fairrge anonn le domhan
úrnua fháil; tháinic cogadh na gcreideamh agus cogadh na nImpireach agus
cogadh na rí-dhamhna; d'eirigh aitheacha tuatha na Frainnce amach, gur faduigh-
eadh teine nár múchadh ó shoin; tháinic ré na n-inneall agus na gaile agus
cuireadh éadan nua ar an saoghal ach ní raibh aon athrú d'ár luadhadh i ndáil
le bheith chomh mór leis an atharrach atá ag teacht ar an sean-tsaoghal seo
ós gcomhair ár súl, nó ós comhair súl na ndaoine a bhfuil léargus aca.



Agus seo é an t-athrú mór atá i gceist agam: go bhfuil lucht oibre an
domhain, lucht soláthruighthe gach maoine, ag teacht i réim, agus forlamhas
ar an saoghal seo ghá ghabháil aca.



De réir a chéile déanfar an ghabháil seo. Tá an fuarloch chugainn anoir.
Agus níl aon chomacht ó Dhia anuas fhéadfas cosg a chur leis an bhfuarloch
sin. Brisfear ar an lucht oibre thall agus i bhfus, agus ó am go ham, toisg
easba léighinn agus eólais bheith aca, toisg cuid dá dtreóraidhe bheith cean-
nuighthe ag na máighistirí; ach bainfidh siad a gcuid féin amach le n-ár linn:
a gcuid féin - cé mhéad é sin? Seilbh agus stiúrú gach ádhbhar maoine dá
bhfuil ann - sin é ceart an lucht oibre, mar is iad, agus is iad amháin sholá-
thruigheann gach iolmhaoin agus saidhbhreas dá bhfuil ann. Agus nuair bhéas
an ceart sin bainte amach aca beidh an t-Atharrach Mór ar fáil, an t-Atharrach
tionnsgalach agus economíc is mó dár tháinic ariamh.



Ach ní buan aon Atharrach economíc ach an ceann bhíos feileamhnach do'n


L. 7


uair agus do'n ócáid. Ní mór do'n phobul bheith ullamh n-a chomhair. Má
leagtar aon tsíbhéaltacht, caithfar síbhéaltacht eile bheith ullamh ag lucht a
leagtha le cur 'na h-ionad. Tá ré na Caipítalachta i ndáil le bheith thart. Tá
ré na Cumannachta chugainn anoir. An mbeidh sinn-ne, lucht oibre na hEórpa,
in ann síbhéaltacht nua 'thógáil in ionad na síbhéaltacht atá ag tuitim ó chéile?



Le ceart páidhe an lucht oibre 'chosaint ar chaipítálaí, cuireadh an sean-
chumannachas ceárd ar bun, agus ní raibh aon cheapadh ag lucht a bhuanuighthe
bunathrú tionnsgalach a dhéanamh ar an saoghal. Ach tá a mhalairt de
bharamhail ag ceannairí an chumannachais nua: seilbh agus stiúrú gach ádhbhar
maoine 'bhaint amach do'n lucht oibre an cuspóir mór atá curtha rómpa aca.
Go dtí le deich mbliana ó shoin gur chuir an Lorcánach Cumann an Lucht
Iompuir ar bun abair, ní raibh aon cheangal dlúth idir na cumainn ceárd in
Eirinn. Bhí na céadta aca ann agus gach ceann aca ag obair as a láimh féin,
agus gan aon cháirdeas mór eatorra. Cuirtí stailc ar siubhal le árdú páidhe 'bhaint
amach, ach is suarach an congnamh a bhíodh le fáil ag lucht na stailceanna seo
ó na gcomhoibritheóirí. Ach d'athruigheadh é sin. Cuireadh Comhdháil na
gCeárd ar bun i 1894, ach má cuireadh, is beag brí ná éifeacht a bhí san gComh-
dháil go ceann dá bhliain déag 'na dhiaidh sin, gur chuir an Lorcánach Cumann
an Lucht Iompuir ar bun i 1907. Thasbáin an cumann nua seo an bóthar ceart
do lucht oibre na hEireann. Cuireadh i gcéill dhóibh nach ndéanfadh cumann
faoi leith i gcomhair gach céirde mórán maitheasa. Bhí an cumannachas nua
buanuighthe i nEirinn nuair cluineadh an dá rosgcatha bhí ag an gcumann nua
seo: "aon chumann mór amháin," agus an dara ceann, "má loittear duine
againn, loittear an t-iomlán." Agus sin é an rosgcatha atá ag lucht oibre na
linne seo in Eirinn, agus sin an rosgcatha bhéas aca san am le theacht, go
mbainfidh siad a gceart iomlán, a gceart dúchasach amach.



1V.



Cuireadh an chloch bhuin go daingean. Aon chumann mór amháin, aon
arm mór tionnsgalach amháin bhéas ann san am le theacht, go gcuirfear an
cuspóir luadhadh cheana i ngníomh, go mbeidh gach déantús dá bhfuil sa tír
i seilbh lucht a oibrighthe.



Ach déarfar liom go bhfuil mórán cineál ceárd ann, agus nach bhfeilfeadh
aon chumann ceárd dhóibh uile go léir. Is tréise guala le gualainn sinn, agus
tá gach tairbhe dá bhfuil le fáil ag cumainn faoi leith le fáil ar an dóigh eile,


L. 8


mar beidh mír nó roinnt faoi leith i gcoalmhair gach céirde san aon chumann
mór bhéas ann san am le theacht, (mar tá i gCumann an Lucht Iompuir faoi
láthair) agus beidh stiúrú na míre faoi lucht na míre sin amháin. Ar an gcaoi
sin beidh cead ag gach cineál céirde gnó na céirde sin a chur chun cinn gan
cosg ó'n lucht oibre i gcoitiannta; agus má chuirean aon namhaid isteach ar
aon mhír de'n mhórchumann beidh fhios ag an mír sin go seasfaidh an lucht
oibre ar fad taobh thiar díobh, ní hionann agus anois.



Sochar cumann faoi leith gan an dochar, atá san riarú seo.



Ní gábhadh dhom a rá go sgaoilfear an ceangal atá idir chuid mhór de na
cumainn i nEirinn indiu le na macasamhail de chumainn tar lear. Seasfaidh
an mór chumann atá i gceist agam ar a bhunaibh féin, ach go gcabhróchaidh
sé, agus go ndéanfaidh sé bráithreachas leis an lucht oibre i ngach tír, ach
é féin bheith neamhspleádhach ar gach dream. Tá an Bráithreachas agus an
Idirnáisiúntacht seo ann cheana; bíonn Cuallacht Oibre Eireann agus Comh-
dháil na gCeárd i ngach dáil idirnáisiúnta oibre dá mbíonn ar an mór-thír, agus
tá beirt theachtairí ó Eirinn ar Choisde Gnótha na Dála Idirnáisiúnta le deir-
eannach, agus admhuigheann an Dáil Idirnáisiúnta sin gur náisiún faoi leith
Eire, ní hionann is an Chomdháil Stát atá na suidhe a bPáras faoi láthair.
Cuireann cainnt faoi Idirnáisiúntacht eagla ar chuid dár muinntir faoi láthair;
ach ní call dóibh bheith faiteach. Caitfidh an dá rud bheith ann, an Náisiúntacht
agus an Idirnáisiúntacht, agus ní chuireann siad isteach ar a chéile ar aon
bhealach.



V.



Ní sáithte i gcistí cogaidh ná i ngnó na máighistirí bhéas airgead agus
maoin an Chumannachais Ceárd san am le theacht. Ní headh, ach beidh a
bhunmhaoin féin ag an mórchumann, nó ag míribh an chumainn sin, agus baill
an chumainn dá oibriú ar mhaithe le na mbráithre oibre. Caithtear an chuid is
mó de bhráigíl na gcumann ar airgead tinnis, ar airgead díomhaointis, ar airgead
adhlachta agus eile faoi láthair: ach, amach annseo nuair bhéas taltaí dá gcuid
féin, agus monarchaí dá gcuid féin, ag mírí an mhór-chumainn, ní bheidh ar an
gcumannachas ceárd é féin a bhanú ar an dóigh sin; agus is cinnte nach bhfuil
sna bronntanais seo ach bánú, mar ní bhíonn aon bhuantairbhe do'n chuman-
nachas ceárd ionnta. Beidh an fear bhéas na chomhnaidhe in ann é féin agus
a chúram a chothú ar fheilm nó i monarcha a chumainn, de réir a chéirde agus a
acfuinne, agus beidh an t-airgead díomhaointis fhághann sé ó na chumann anois
gan caitheamh, agus é mar bhunmhaoin ag an gcumann leis an obair tionn-
sgalach bhéas idir lámhaí 'chur chun cinn. Bhéadh tairbhe eile ann na taltaí


L. 9


agus na monarchaí seo bheith ann: chuirfeadh tréimhse ar an bhfeilm, nó sa
gcoilíneacht oibre, feabhus mór ar an bhfear féin; bhéaradh sé sláinte dhó fein
agus dá mhuirghín, agus dhéanfadh sé neamhspleádhach é ar gach bealach.
Domhan beag ann féin bhéadh i ngach coilínteacht aca seo, domhan beag suairc
sona agus otharaí an airm oibre ag obair ionnta ar a ndóigh dúchasach féin.
Ar a' dhóigh dúchasach féin - is ar éigin gur féidir linn-ne, atá ghá chrádh faoi
chuing na caipítalachta, an mhaith a thiocfadh as an modh oibre sin a thuig-
sint - fág thart an t-irisleabhar ar feadh leath-uaire, a léightheóir, agus déan
machtnamh air, agus ná déan dearmad go bhfuil tréithre agus súbhailcí san
duine nach n-aibightear ar chor ar bith faoi chuing na caipítalachta. Ní fios
dúinn cé'n bárr buaidh bhéadh ag an bhfilíocht, ag an dathuíocht, ag an deal-
bhóireacht, agus ag mórán ceárd agus dána eile nuair d'féadfadh sluagh mór
de mhoghaí na h-aimsire seo a mór-ualach imnidhe 'sgaoileadh anuas díobh.



Bristear stailceanna réidh go leór faoi láthair. An ganntanas agus an
t-ocras an gléas ionnsuidhthe is treise dá bhfuil ag na caipítálaí chuige sin;
ach nuair bhéas na coilíni oibre seo ar bun ag lucht an chumannachtais ceárd
san am le theacht, bainfear an faobhar de'n ghléas barbardha troda seo. Beidh
beatha dá gcuid féin ag na cumannaí ceárd aimsir stailce.



VI.



Is eól dúinn nach sgaoilfidh na máighistirí agus uachtaráin sotalacha an
domhain a ngreim go réidh; is léir é sin ó'n iarraidh atá ghá thabhairt aca ar
an bPoblacht Cumannach atá curtha ar bun san Rúise 'chur faoi chois. Ach
beidh arm cosanta dá gcuid féin ag na cumainn ceárd, nó ag comhdháil na
gcumann sin, amach annseo. Chuir Séamus O Conghaile tús leis an arm cosanta
seo i nEirinn nuair chuir sé Arm Oibre Eireann ar bun le linn na stailce móire
bhí i mBaile Atha Cliath i 1913-1914. Ach ní hé an t-arm cosanta seo an t-aon
ghléas cosanta agus ionnsuidhthe amháin bhéas ag an gCumannacht Cheárd:
nuair thiocfas an lucht oibre chuca féin i gceart, beidh sé 'na gcumas beatha
agus fir throda 'shéanadh ar an arm Stáit; beidh sé n-a gcumas deire chur le
cogaí stáit de bharr an greim bhéas aca ar ghléas tionnsgalach agus economíc
gach tíre.



Agus beidh deire le ré na caipítalachta nuair thiocfas an lá sin.



V11.



Ach caithfear saoirse phoilitíocht a bhaint amach do'n náisiún féin in
Eirinn i dtosach, mar sí an t-saoirse sin bun agus bárr gach saoirse eile. Agus


L. 10


nuair bhéas an cumannachas ceárd láidir, agus feistighthe ar an dóigh atá
luaidhte agam, bainfear amach saoirse iomlán economíc an lucht oibre, agus beidh
sé 'na gcumas seilbh agus riarú gach adhbhar maoine 'bhaint amach. Beidh
síbhéaltacht nua aca le cur in ionad na síbhéaltachta leagfar. Ach an t-saoirse
phearsana, buaidh agus coróinn gach saoirse eile, is corrdhuine in Eirinn a
cheapann go bhféadfaí a leithéid de sheóid uasal a bhronnadh ar an saoghal
cráidhte seo ar chor ar bith - ach fanaidís.



PADRAIC O CONAIRE.


L. 11


CEITHEIRN CHUTHAIL' COILLE.



Crádh liom eachtrainn 'ghá bhfógradh,
Ríoghra Fódla san oireacht;
'S nach goirthear díobh 'na ndúthchas
Ach ceitheirn chúthail' coille.



1.



Tráthnóna dhom am aonar i sean-fhothrach de chaisleán. Me am shuidhe
sa bhfuinneóig chumhang árd agus radharc agam ar an machaire mór torthúil
idir dhá shliabh. Portach dubh agus stráice geal de linn thíos uaim, an brobh
luachra ar luasgadh sa ghaoith ar imeall an phortaigh agus scata faoileán ón
bhfairrge i gcéin ag screadaig go fiadhain ós cionn an uisge. Leoithne ghaoithe
d' ealódh adtuaidh anois agus airís, í do ghluaiseacht go mall thar fallaí an
chaisleáin, í do scuabadh go hobann aníos chugham agus fuaim aici mar do
bheadh clóca síoda ag cimilt le clochaibh an staighre. Aistreach na smaointe
a tháinig chugham. Maidir leis an sean-fhothrach so de chaisleán 'na rabhas,
aolbhrugh ab' eadh é uair mar a raibh comhnuighe ar árd-fhile Shasanach,
dún daingean ab' eadh é ónar sheol an t-eachtrannach lucht loisgthe Mumhan
lucht millte Gaodhal chun saothair .i. caisleán Cille Colmáin, áit chomhnuithe
Spenser.



11.



Fairsing leathan an radharc a bhíodh ag an bhfile nuair a sheasmhadh sé
sa bhfuinneóig seo ag féachaint amach do. Agus ní bhíodh treó 'na bhféachadh
sé ná go luigheadh a shúil ar thalamh ba leis. Sléibhte ar an dtaobh theas uaidh,
an Abha Mhór agá mbun, sléibhte ar an dtaobh thuaidh, beanna na nGailte
i gcéin. Sléibhte loma iseadh indiu iad ach le na ré-sin bhíodh na coillte go
mullach ortha. Ní hiongna ansan go bhfuil trácht san "Faerie Queene" ar
choilltibh dubha diamhra, bhíodh a leithéid ar gach taobh de; agus nuair a
ghluaiseadh an ghaoth mhór tríotha um thráthnóna, níl file ná samhlóch, gur
ionnta a ghnáthuigheadh gruagaig agus draoithe an uilc, nú ná feicfeadh ridirí
an aoil chnis ag gabháil an treo chun an fód do sheasamh i gcoinne fathach
an fhill.


L. 12


Ach is maith a bhíodh fhios ag an bhfile go mbíodh daoine fén gcoill nách
Archimago gruagach ná Sansloi fathach. Is minic agus é i lár a mharcshluaigh
chosanta, ba léir do mar do bheadh an duine i dtiugh na gcrann ag faire air,
ar a theacht is ar a imtheacht. Dá dhéine é a chuardach, ní dhéanfadh a
dhícheall na "ceitheirn chúthaile" seo do ghlanadh as na coilltibh. Bhídís
ann i gcomhnuighe, an brat go sálaibh ortha agus gan a fhios cad é an úirlis
airm a bhíodh fá cheilt acu, an "glibbe " go súilibh ortha in aindeoin gach
dlighe is gairmscoile agus ná féadfadh éinne iad d' aithint thar a chéile. "Bhíodh
comhnuidhe ortha i bpluais an mhachtíre, an leaba chéadna fútha, an bia
céadna acu." Ach ba chuma leo san; chlaoidís fós le fód a sinnsear. Ba bheag
ar an bhfile iad agus dob' fhuath. Uaireanta agus é ag ceapadh filíochta sa
tseomra so a bhí go seasgair aol-gheal uair, agus loinnir na teine amach tríd
an bhfuinneoig, chuimhneóch' sé go hobann go raibh Cárrthach bocht nú Gearal-
tach fiadhain amuich ag féachaint ar an solus ó imeall na gcrann, é leathta
ag an bhfuacht is ag an annró, ach rún díoltais mar chaor teine ar lasadh na
chroidhe.



Níor shuairc an saol é don fhile fé iadh na bhfallaí aoldha.



III.



Lá des na laetheantaibh seo, ámh, is mór an rí rá is an scléip a bhí ar
fuaid an chaisleáin. Bhí "aodhre na fairrge" tagaithe anoir ó Eochaill ag
fiosrú a charad an file. Bhí na fallaí níos aolghile ná riamh istig is amuich.
Bhí fleadh is féasta ar bórd, bhí ceol is cainnt sa halla, bhí gleo is gliadar sa
chlós. Agus nuair a bhí ciúineas an tráthnóna ann, tháinig an bheirt amach
ar an bhfaithche, á ngrianadh féin, Spenser file agus Raleigh eachtrannach.
Do shín an file a mhéar chun na sléibhte agus d'ainmigh sé iad agus d'
aithris sé dán beag a bhí cúmtha aige ar ghrádh "Bregoge" do "Mhullah"
agus ar chuthach "Old Mole." Ar ball do labhradar ar chúrsaí na Mumhan
is ar bhriseadh na méirleach agus níor bhfaillighe dhóibh gan moladh' thabhairt
do'n tighearna Grey de Wilton de bhárr a ghaisge ag Dún an Oir. Do thrácht
an file ar na coilltibh, conas a thugaidís foithin don mhéirleach agus folach don
bhfeallaire. Ach do gháir an t-eachtrannach agus do chomhairligh sé na coillte
do leagadh fé mar a dhein sé féin i nEochoill, ag ruaigirt na namhad agus ag
teannadh a sparáin le hairgead. Ar ball do bhíodar ar atharrach phuirt. Do
thosnaig Raleigh ar chasaoid ar an mí-ádh a rug do cur fé i nEirinn i bhfad
ón gcúirt is ó ghnúis Eilíse, ag oscailt na slighe d,ógánaig uaibhreacha mar
Essex agus Cecil agus Leicester, glaigíní nár threabh riamh aon tonn, ná nár
ionnsuigh riamh aon bhaile, ach d'fhan sa teaghlach i gcomhnuighe ag meal-
ladh is ag cluaineadh na banríoghna. Do dhein Spenser comh-bhrón leis agus


L. 13


do nocht sé fé rún dó go raibh dán mór á sgrí' aige in onóir na banríoghna le
hionchas go mbronnfadh sí air gabháltas eile seochas fásach i lár coillte na
Mumhan. Fé dheire, sé rud ar ar shocradar, ná imtheacht, beirt acu, thar
tonntachaibh na mara go Lonndain agus gurbh é an feall é mara bhfaighdís
luacht a saothair ó Eilís in áit 'nár bhaol dóibh "ceitheirn chúthail" coille.



Ní mar a shíltear, bítear. Do ghlac an ríogan an moladh agus an chluain-
ireacht ach níor dhein sí rud ortha. Do seoladh an t-eachtrannach i gcéin
agus tháinig an file thar tuinn airís go fásach na Mumhan agus go coilltibh
dubha Cille Colmáin.



Níor ró-fhada ann do gur leath an cogar ar fuaid na tíre go raibh tuille
toirmisc chun siubhail i gcúige Uladh, agus gur briseadh an cath ar na Sasa-
naig. Ach cad é an iongna is an ollsacht nuair a deineadh amach gurabh é a
bhí 'na thaoiseach ar na méirleachaibh an turus so ná an flaith a hoileadh
chomh haireach i Lonndain Shasana, an captaen óg a chonnaic le na shúilibh
féin ár is éirlach Dhún an Oir. .i. Aodh ó Néill. Ba léir gan mhoill go raibh
atharrach saoil ag teacht, go raibh gluaiseacht nua ar siubhal fén gcoill. Is
annamh a théigheadh an file fén gcraoibh ná feiceadh sé níos soiléire ná riámh
lucht an bhrait is na glibe agus deallramh troda ortha, cé go bhfanaidís as
raon urchair fós; agus dá mhéid an marcshluagh, ní chuireadh sé aon sceón
ionta. Do chuimhnigh sé ar theitheadh leis go Corcaig. Bhí sé fuar aige.
Oidhche airithe do hairigheadh an liú fiaigh mór dtimcheall an chaisleáin. Do
bhíodhg an lucht cosanta; do buaileadh, do goineadh, do leagadh. Ní raibh aon
mhaith ann. Níor cualathas claoidheacht ar na Gaodhalaibh. Siúd de dhruim
na bhfallaí iad ag buanadh agus ag cartadh rompa agus do scuabadh na Gaill
isteach na ndúndaingean. Dob' fhíochmhar an troid é agus dob' fhánach.
Do scaoileadh an saighead teine i gcoinne an chaisleáin, agus is gearr go raibh
an t-adhmad tré theine. Do dhein an file ar an gcúl doras ar aghaidh an
phortaigh, agus do theith sé le na anam as an áit. Do nocht bladhm a chais-
leáin féin do comhgar an phortaigh i dtreo gurbh fhíor do nuair a sgríobh sé
"the rebel did light his candle at the flames of their houses to lead him in the
darkness." Nuair a tháinig sé féin is a mhuintir le chéile i gCorcaig do
fuarathas go raibh duine in easnamh ortha, gur fágadh an naoidhneán 'na
chliabhán sa teaghlach loisgthe.



V.



Bhí luisne na gréine fós sa domhan tiar nuair do thréigeas fuinneóg an
tseana-chaisleáin. Bhí deire le ceol an ghearraghuirt sa mhóinfhéar. D'eirigh


L. 14


an sgiathán leathair amach as scoilteachibh na bhfallaí agus do ghluais romham
fén aer. Tháinig sgread na bhfaoileán chugham ón bportach. Do dhein an
ghaoth bullabáisín de'n duilleabhar feoidhte is de smúit an bhóthair. D' fhéachas
don uair dheireannach ar an sean-fhothrach de chaisleán a bhí chomh daingean
tráth, agus do tháinig an seana-rann im chuimhne.



Do threasgair an saol is do shéid an ghaoth mar smál
Alastram, Caesar is an mhéid do bhí 'na bpáirt;
Tá an Teamhair 'na féar is féach an Traoi mar tá,
'S na Sasanaigh féin, dob' fhéidir go bhfaighdís bás.
SEAMUS O hAODHA.


L. 15


TARTARIN DE TARASCON.



Firín beag téagartha go bhfuil dathad éigin blian aige; é beag nách maol;
crombéal agus dhá fhéasóig dhubha air; dath sláintiúil ar a cheannachaibh;
féachaint dheas nádúrtha 'na shúilibh, ach amháin nuair a chuirean sé air na
gothaí troda úd go bhfuil aithne ag gach éinne sa bhaile mhór ortha. Sin é
Tartarin de Tarascon, mar a thaisbeánan Alphonse Daudet dúinn é sa leabhar
is mó greann, b'fhéidir, dár scríobhadh riamh.



I ndeisceart na Fraince a bhí comhnuí ar Thartarin, fén ngréin iongantaigh
úd a lonnruighean chómh láidir gléigeal son go gcuirean sí trí n-a chéile aigne
is meabhair na ndaoine ar a dtuitean a soillse, i dtreo is nách léir dóibh an
fhírinne thar an mbréig, ná scáth an ruda thar an rud féin. 'Sí an ghrian úd
fé ndear a lán des na rudaíbh is éagsamhla dá bhfuil le hinnsint i dtaobh
Tarascon. An ghrian son fé ndear an cuman fiadhaigh úd go raibh baint ag
gach fear i dTarascon leis, cé nach cuimhin le héinne beo cathain do connacthas
oiread is coinín fiadhain sa chomharsanacht. Ná ceap go gcuirfeadh an t-easba
seilge sin isteach ar fhiagaithe Tarascon, ámh. Do théighdís amach ar an
machaire gach maidean Domhnaig, a ghunna ar a ghualainn ag gach éinne agus
dornán maith de philéaraibh aige - agus caipín nua ar cheann gach duine riamh
aca. As na caipíni seo so gheibhidís an spórt ar fad. Do chaitheadh gach
fiaghaidhe a chaipín féin suas san aer, do scaoileadh sé fé agus é in áirde, agus
an duine ba mhó go mbeadh rian na bpiléar le feiseint 'na chaipín i ndeire an lae,
is aige-siúd a bheadh an chraobh.



B'é Tartarin an duine ba chliste ar an obair seo, agus sin fé ndear a lán
de'n chlú a bhí air imeasc a mhuintire féin imeasc lucht Tarascon, ach ní hag
brath air sin amháin a bhí sé. Bhí buadh nách é aige. Ba dhóbair do, tráth,
dul go Shang-Hai, mar bhainisteóir mhonarchan éigin, agus is beag an deif-
ríocht atá, i dTarascon, idir an rud a deineadh agus an rud gur dhóbair é 'dhéan-
amh. Bhí an oiread san scéal innste ag Tartarin mar gheall ar Shang-Hai agus
na Múraigh, agus mar gheall ar a ndéanfadh sé dá dtéidheadh sé ann nách
iongnadh gur chreid sé féin chómh maith le cách sa deire go ndeaghaidh sé ann
agus gur dhein sé na héachta go léir ar a mbíodh sé ag cur síos.



Dob' iongantach an tig a bhí aige leis. Tigín beag deas cluthmhar do


L. 16


b'eadh é, ach bhí na fallaí ón dtaobh istigh clúdaithe le gach saghas arm tein
agus faobhair atá, nó bhí, n-úsáid ar fuaid an domhain, agus bhí an gáirdin
lasmuigh lán de phlandaíbh ó gach tír fén ngréin. Thar gach ní eile dá raibh
ann bhí cáil ar an mbaobab. Crann ábhal-mhór 'seadh an baobab nuair chítear
é 'na thír dhúchais féin san Afric, ach an ceann a bhí i ngáirdín Tartarin, bhí
slighe a dhóthain aige i bpota bheag bhláth, agus mar sin dos na crainn feilme,
agus dos na crainn cócó ná raibh ionnta ach aoirde biataise agus dóibh go léir.



San tigín bheag chluthmhar so bhí saoghal breá suaimhneasach ag Tartarin
go dtí an lá mí-ádhmharach úd a tháinig dream éigin geócach go Tarascon
agus roint beithidheach allta 'na dteanta. Imeasc na n-ainmhidhe bhí león
mór craosach, agus chuaidh Tartarin ag féachaint air chómh maith le cách.
Pé fáth a bhí leis - dubhairt na Tarasconaigh gur éad a bhí air - ní túisge a chonnaic
an león an sáirfhear 'na sheasamh lasmuich des na barraí iarainn a bhí
chimeád féin uaidh, ná d'oscail sé an béal mór cíocrach, agus do chuir sé glam
as a cualathas ag Beaupaire ar an dtaobh thall de'n abhainn. Do rith gach
éinne, idir fhiagaithe agus eile, ach amháin Tartarin. D'fhan seisean 'n
sheasamh ós comhair an bheithidhigh allta, stoc a ghunna ar an dtalamh, agus
é féin agus an león eile ag féachaint idir an dá shúil ar a chéile. Tar éis tamaill
do chualaidh na daoine ba chomhgaraí dho é á rá fé n-a anál, "ba mhaith a
fiadhach é sin." Ba leor é sin do mhuintir Tarascon. Sara raibh an oidhche
tagtha i gceart bhí an ráfla leathta ar fuaid an bhaile go raibh socair ag Tar-
tarin dul go dtí tíortha i gcéin ag fiadhach na león.



Nuair do ráinig an ráfla Tartarin féin do thuig sé láithreach gurab' é sin
díreach a bhí 'na aigne a dhéanamh, ach do thuig sé leis nár ghá an deithineas.
Mar sin d' fhanfadh an sceál go dtí an lá atá indiu ann mura mbeadh an t-aon
namha amháin a bhí ag Tartarin, Costécalde, an gabha gunnaí. Do thosnuigh
sé siúd ag séideadh fé Thartarin, 'á rádh go raghadh sé ar tóir na león díreach
fé mar a chuaidh sé go Shang-Hai fad ó roimis sin, agus do cheap sé amhrán
magaidh fé "ghunna Mháistir Gervais" a bhí ar tí urchar do chaitheamh i
gcomhnuí agus nár chaith riamh. Níorbh' fhada go raibh an t-amhrán i mbéal
gach éinne, agus ba dhóbair do Thartarin bhocht an réim ríoga a bhí aige i
dTarascon do chailliúint. Ní fhéadfadh sé, ámh, a aigne do shocrú ar an dtigín
bheag chluthmhar úd an bhaobab d' fhágaint agus dul amach i lár cruatain an
tsaoghail. An rud ná déanfadh sé dá leóinte féin, ámh, do cuireadh d'fhiachaibh
air a dhéanamh. Tháinig an Captaen Bravida, duine dá lucht ghrádha chuig
oidhche, agus ní dubhairt sé, "Ach, a Thartarin, ní fuláir imtheacht." Do ghéill
Tartarin dá chómhairle agus thosnuigh láithreach ar é féin d'ollmhú. Agus
é siud an t-ollmhúchán! B' éigean dhá bhosca mhóra láidre do chur á
ndéanamh i gcóir na n-arm faobhair agus teine. Bhí cábán de'n déanamh ba


L. 17


nua, bhí boscaí lan de gach saghas bídh dár cuireadh riamh i mboscáiníbh stáin
nó i bpotaíbh gloine, agus bhí culaidh éadaigh do Thartarin féin ar nós na
Múrach, idir chaipín dearg agus cnota fada gorm as, agus ribín leathan tímpal
ar a chom, agus eile.



Téidhean caitheamh ar gach ní agus tháinig an t-am 'na raibh gach rud
ollamh, agus ná raibh le déanamh ag Tartarin ach slán 'fhágaint ag muintir
Tarascon, agus imtheacht leis ag plé leis an saoghal. Ní déarfad focal mar
gheall ar an fhulaing sé ar bórd luinge dobé an chéad uair riamh aige ar an
bhfairge choimhtheach ná ar an nós nar cheap sé gur foghlaithe lucht iompartha
málaí do tháinig ar an luing ar sroising Algiers di, ná ar an ndéistin a bhí air
nuair chonnaic sé cad iad mar thighthe ósta móra breátha a bhí le fáil sa tír
iadhain úd na hAifrice.



B'é céad rud do dhein sé d'éis na mboscaí go léir do chur fé ghlas i dtigh
Osta na hEórpa, ná bualadh amach ar lorg na león, gunna ar a ghualainn
aige, agus ceann eile feistithe ar a dhrom. Níor mhaith leis eolas na slighe
do chur ar éinne, ar eagla go dtiocfadh sé 'na theannta, agus nách do féin
a bheadh an chreideamhaint go léir ag dul nuair a bheadh na leóin marbh aige.
Dob' fhada leis go raibh sé lasmuich de'n chathair, agus ba mhór an t-áthas
a bhí air nuair chonnaic sé amuich ar an machaire dream eag daoine go raibh
crot fiagaithe ortha. Ba bheag an meas a bhí aige ortha, ámh, nuair a fuair sé
ná raibh marbh acu ach roint coiníní. Bhí an oidhche ag teacht um an dtaca
san, ach do lean sé ar a aghaidh, mar bhí 'fhios aige ós na leabhraibh do-
áirmhthe a bhí léighte aige ó chuir sé roimis seilg na león do dhéanamh, gurb'
í an oidhche an tráth is oireamhnaighe do'n tsaghas son oibre.



Nuair a bhí solus an lae nách mór imthithe agus an oidhche ag leathadh
a brait dorchadais ar an dtalamh, tháinig Tartarin go dtí áit mar a raibh foithin
mhaith le fáil aige faid is bheadh sé ag feitheamh leis na leóin. Bhí an fásach
leathan 'na thímpall, samhluigheadh do, agus plandai éagsamhla ag fás annso
is annsúd ann. Do chaith sé é féin ar an dtalamh, gunna ar an bhfód ós a
chomhair amach, agus an gunna eile taobh thiar de, agus an scian mhór
fhiadhaigh fé n-a chrios. D'fhan sé annson ar feadh uair' an chluig, ar feadh
dhá uair a' chluig, ach níor tháinig an león. Annson, do chuimhnigh sé go
raibh sé de nós ag na fiagaithe móra mionán do thabhairt leo i dtreo is go
meallfadh a mhéileach chúcha an león. Ní raibh éan-fháil ag Tartarin ar mhion-
an, fóiríor, ach do thosnuigh sé féin ar mhéiligh ar a dhícheal. Ar dtúis, do
dhein sé méileach bheag truaimhéileach ach i ndiaidh a chéile do neartuigh agus
do ghéaruigh uirthe go dtí gur cosamhla í sa deire le búirth an leoín ná le
méileach mhionáin.



Níor ró-fhada gur chuala' sé fothram éigin 'na aice. Do stad sé de'n


L. 18


mhéiligh, agus do chuir sé cluas le héisteacht air féin. Gan amhras do bhí
ainmhidhe mór éigin ag corruighe cúpla slat uaidh. An león a bhí ann, cad
eile? Ba bheag an mhoill air an gunna do chur ar a ghualainn. Pan! Pan!
Bhí dhá urchar caithte, agus ní gan tairbhe. Chualaidh Tartarin mar a bheadh
búirth ainmhidhe ghortuithe, agus d'imthigh an león tríd an bhfásach uaidh
ar cos in náirde. D'fhan Tartarin mar a raibh aige mar bhí 'fhios aige go
dtagan an bhainleon ar lorg a céile i gcomhnuí, agus ba mhaith leis a croiceann
súd do bheith aige leis. Bhí am mairbh na h-oidhche ann anois, ámh. Bhí
Tartarin cortha de bharr eachtraí an lae, agus níor bh'fada gur imthigh idir
león is uile as a cheann, agus go raibh an fear bocht 'na shámh-chodhla.



'Sé rud do dhúisigh é ná trúmpa na saighdiúirí ó'n mbarraic a bhí cúpla
céad slat ó'n ngáirdín lán de phlandaí biatais 'na raibh sé tar éis na h-oidhche
do chur de! Ní miste a rá gurb' air a bhí an iongnadh agus an déistin nuair
a chonnaic sé "an fásach" fé sholus an lae, ach ba ró-chuma leis é nuair
chuimhnigh sé ar an león do bhí marbh aige. Fuair sé an rian fola ar an
dtalamh, agus do thug sé fé é do leanúint, dá dtugadh sé go dtí pluais an leóin
féin é. Níorbh' fhada ámh, go bhfeaca sé an rud ar an slighe roimis. Do rith
sé chuige. 'Sé rud a bhí ann ná asailín beag gleoite marbh, agus dhá ghoin
mhóra 'na cheann!



Dá olcas d' éirigh le Tartarin 'sa chéad tseilg seo níor bhain sé de an dúil
nimhneach a bhí aige sa bhfiadhach. Dubharthas leis ná raibh a thuille león
le fáil ach i ndeisceart na hAifrice. Mar sin, d'imthigh sé ó dheas. Do chaith
sé tamall maith ar an slighe agus do bhain eachtraí éagsamhla dho, ach do
shroich sé an áit a bhí uaidh. 'Ní 'na aonar a bhí sé ámh. Bhí an prionnsa
Gregoria ó Mhontenegro 'na theanta, duine gur chuir sé aithne air ar dtúis
ar an mbád a thug go tír na hAifrice é, agus a casadh air arís ar an mbothar
ó dheas - agus an camal.



Nuair do thángadar go dtí gleann mar a raibh gach cosamhlacht air gur
thaithig na hainmhidhthe fiadhaine é, do chuireadar suas an cábán, agus d'
imthigh Tartarin amach 'na aonar ar lorg na león. Do chuala' sé búirth leóin
tamall uaidh, gus do shocruigh sé é féin ar bhruach na linne gur cheart sna
leóin teacht ag ól as, ach níor thángadar. Nuair tháinig an mhaidean agus
gan tuairisg ar an leon fós, d'fhill sé fé dhéin a bhreicfeasta. Bhí an cábán
ann roimis, - agus an camal - ach sin a raibh. Bhí idir airgead agus earraí
imthithe glan, agus ní raibh tásc ná tuairisg ar an bprionnsa úd Gregorio ó
Mhontenegro.



Bhí Tartarin 'na shuidhe 'sa chábán lom, a cheann idir á dhá láimh aige,
agus é go bréan de féin agus de'n tsaoghal, nuair do mhothaigh sé an rud ag
an ndorus. León a bhí ann an uair seo gan teip, agus ní raibh nóimid ann go


L. 19


raibh sé 'na phleist mharbh lasmuich de dhoras an chábáin agus cúpla piléar
trí na cheann. Bhí Tartarin ag féachaint air agus a chroidhe ag léimrigh as a
bhéal, nách mór, le háthas agus le móráil, nuair do tháinig beirt fhathach d'
fhearaibh gorma ag rith fé dhéin an chábán. Do rugadar ar Thartarin, agus
do thugadar os comhair an ghiúistís é. Seana-león dall mín a bhíodh ag bailiú
airgid do mhainistir áirithe a bhí marbh aige. Bhí na daoine ar dearg-bhuile
mar gheall ar a bhás, mar bhí piseóg aca go dtiocfadh mí-ádh mór ar an
gceantar 'na marbhófaí é, agus is ar éigin nár cuireadh Tartarin bocht chun
báis. Pé scéal é, níor tháinig sé as ach de dheascaibh gach pingin ruadh a bhí
fágtha aige do dhíol, agus 'na theanta son gach ar fhéad sé d'fháil as na gunnaí
agus an cábán do reic. Bhí aon tsásamh aigne amháin aige. Do fágadh
croiceann an leóin aige, agus do chuir sé abhaile go Tarascon é.



Bhí an camal fós aige. Do dhein sé iarracht ar é do dhíol i dteanta an
chuid eile, ach ní cheannóchadh éinne uaidh é. Ba mhaith leis scarúint leis ar
shlighe éigin eile, mar ní mór an áise camal do dhuine ná fuil pingin ruadh
aige chun é féin do chothú, ach ní imtheochadh an camal uaidh. Grádh a
thug sé dho, ní foláir, mar do thagadh sé taobh thiar de Thartarin uaireanta
nuair a bhíodh sé na shuidhe cois bóthair, agus do chuireadh sé a leacain le na
leacain siúd ar nós mná grádhmhaire. Do dhein Tartarin a dhícheal chun
imtheacht uaidh, ach do theip air i gcomhnuí. Do théidheadh sé i bhfolach
uaidh, agus do chíodh sé an t-ainmhidhe mí-ádhmharach ag imtheacht síos an
bóthar ar cos in náirde 'á lorg, ach nuair a thagadh sé amach i gcionn uair an
chluig do bhíodh an camal ag feitheamh leis agus fáilte an domhain aige
roimis. Nuair tháinig sé go hAlgiers do thairg Captaen loinge ó Marseilles
an turus in aistear do abhaile, agus do cheap Tartarin go raibh sé réidh leis
an gcamal sa deire. Ní mar a saoiltear bítear ámh, mar do léim an camal
isteach san uisce agus do lean sé an bád a bhí ag tabhairt Tartarin agus an
chaptaen amach go dtí an long. Do thóg an captaen ar bórd luinge é, agus
nuair do chuaidh Tartarin isteach sa traen ag Marseilles, bhí an camal ullamh
agus ní baoghal ná gur shroich sé Tarascon chomh luath le Tartarin. Tháinig
sé féin agus an traen isteach sa stáisiún i dteanta a chéile agus do bhí páirt
aige sa bhfáilte iongantach a chuir an sluagh roim Tartarin, an fiagaidhe
iongantach.



MAIRE NÍ CHINNEIDE.


L. 20


AN COMHAR.



I.



Sgéala aniar.



Do bhíos i sáinn. Ní fheidir mé cad do dhéanfainn. Cúig nóimití amháin
dúinn ag gabháil de'n chluithe fithchille seo agus mé gham chosaint féin ar
mo dhícheall cheana féin. Bhíos náirighthe. Mise an té do b'fhearr chun
fithchille sa chumann, 'seadh agus más fíor adeirtear am thaobh níl fear i
gcathair Libherpúil a bhuaidhfeadh orm sa ghnó so, agus féach anois me i
sáinn aige siúd, age Séamus O Tuathail, Séamus nár léir dom aon chlisteacht
in ao' chor do bheith aige acht chum bréagriocht do chur ar shloinneadh a
shinnsear. "Towle" an bhréagriocht soin a cheilfeadh ar an saoghal gur shíol-
ruigh Séamus ó Chlanna Gaedheal; agus dobé seo, bodach an tsuarachais, go
raibh an lámh uachtair aige orm sa chluithe seo. Nár mhór rud éigin do
dhéanamh?



Acht níor deineadh an rud soin. Do cuireadh isteach ar an imirt. Cómh-
dhalta eile den chumann do díth isteach chughainn. Saothar air. Páipéar
nuachta 'na láimh. Bacachas ar a theangain de dheasgaibh an chorruighe a bhí
air. "A leithéid.. seo..." ar seisean, leis gach aon phioc dá dhuadh,
... éirghe amach... Baile Atha Cliath... Sinn Féin... méirleachas.."



Towle do sgiob an páipéar d'á láimh agus do léigh é. Do léigh sé os árd é.
An chéad chúnntas a bhí againn i bhfos ar éirghe amach na nGaedheal, seacht-
mhain no Cásga, bliain a 1916.



Do léigh sé go raibh éirghe amach ar siubhal age lucht Sinn Féin, go raibh
greim maith ag an Riaghaltas ortha ámhthach. Nárbh fhada go mbeadh sé
fé chosg ar fad, acht... acht... (do bhíodhg mo chroidhe!) go raibh
deallramh go raibh sé ag leathadh siar go Connachtaibh agus ó dheas chun na
Mumhan...



Má léigheadh a thuille níor airigheas-sa é. Do rith caise te na fola trém


L. 21


chroidhe, suas am cheann. Do loiteadh éisteacht na gcluas orm, do baineadh
radharc na súl díom, níor airigheas ná ní fheaca aon rud acht... trí sna
haislingibh... na héachta céadna a samhluightí riamh do Ghaedhealaibh nuair
a bhíodh slóighte na nGaedheal bailighthe fé arm agus in éide ar mhachaire an
áir chun... chun..., chuige seo díreach!



Acht do baineadh díom na haislingí. Duine éigin a bhí am chrothadh.
"Seo leat Sinn Féiner," ar se, "cad is dóigh leat féin 'na thaobh so go leír?
Cad é an bhrígh atá leis? Nú an amhlaidh gur taithneamhach leatsa geáitsí na
méirleach so?"



Pioc níor fhreagaireas. Do sgaoileas tharm na ceisteana baotha. Ba chuma
liom lucht na gceisteana. Ba ró-chuma liom aon rud acht an t-éirghe amach
ghá leathadh siar ó dheas agus ó thuaidh. Ceisteana agus freagraí! Preit
a dhuine. Do bhaineadar soin leis an aimsir atá caithte. Sé obair an lae indiú
'ná, buile ar bhuile, freagairt na ngunnaí, freagairt na dteangthach teine,
beaignití cruadha in ionad na bhfocal mbog. Acht pioc ní dubhart.



Tuairim bhodaigh.



Bé Towle an céad duine do labhair. Towle, an Gaedheal do dí-Ghaeluigh-
eadh. Fearg 'na ghlór, é canncarach, nimhneach.



"Tá súil le Dia agam go gcrochfar iad go leir," ar seisean. "Bheadh
soin féin ró-mhaith dhóibh, na bitheamhnaigh. Do chéasfainn iad mar a
deintí sa tsean-aimsir. Do stracfainn ó chéile iad, gan iad do chur chun bais,
agus do dhóighfinn iad agus iad leathmharbh agam. Cogadh mar é seo idir
lámha againn agus dream "agitators" mar iad so ag baint d'ár neart lá an
chruatain mhóir!... "Agus tuille mar sin. O nách minic gur nímhnighe an
Seóinín ná an Sasanach féin. Tá leathanach i seanchas na hEireann 'na
bhfeictear an abairt go raibh daoine ann a bhí "Hibernior Hibernis ipsis," acht
cad é an leathanach de'n tseanchus céadna a bhaineann leis na seacht aoiseanna
'nar cheart sgrí an díoghbháil a dhein an dream a bhí "Anglios Anglis ipsis!"



Bhíos bréan de Thowle, d'á ghuidheannaibh, d'á easgainíbh, d'á mheón
... de féin. Do bhuaileas amach fén speir, amach i ngile an lae nua a bhí
breacaithe ar áireamh na n-aois, an lá (acht Dia ag cabhrú linn) a bheadh 'na lá
eiseirghthe do Chlanna Gaedheal.


L. 22


Mí tar éis an lae úd bhíos am shuidhe i bhfiadhnuise teine an chumainn
ag déanamh na smaointe, cuid acu a bhí go geal ach an chuid ba mhó a bhí
go dubh dúbhach. Bhíos ag féachaint ar an ngual dhá dhóghadh sa ghráta"
nuair airigheas an duine lastiar díom. Do labhradh liom.



"Taoi smaointiúil anocht," arsa Towle, ó is é do bhí ann, "agus geallaim
dhuit gurab iad cúrsaí na hEireann atá ad bhuadhairt." Cár bhfios don bhodach
cad air go rabhas ag smaoineamh? Cad na thaobh ná leogfaí dhom mo rogha
ruda bheith ar m'aigne an fhaid is ná béinn ghá chur in úil don chuid eile?



Is ar éigin do cheileas an doitheall a bhí orm. Ach do thoghas go haireach
an freagra do thiubhrainn do. "Is baoghal liom," arsa mise, "go bhfuil
adhbhar machtnaimh agam, gus nách sa chumann so a gheobhainn cabhair
fhoghanta chuige."



Ach ní leogfadh sé dhom. B'fhéidir gur thug sé fe ndeara an doitheall. Ach
is beag coinne a bhí agam leis an rud a dubhairt Towle, bodach an tsuarachais,
an Seóinín críochnuithe.



"Dá olcas iad na smaointe úd agat," ar seisean, "cuirfead-sa an ghile
in ionad an dúbhachais it aigne, ach cead cainnte do thabhairt dom le tamaillín."



"Bíodh an cead soin agat agus fáilte," arsa mise. "Ar ndóin, ní gábhadh
aon nósamhlacht sa chumann so."



"Ní gábhadh," ar seisean, "Ach fé rún duit an méid a 'neosad duit nuair
a bheidh an chuid eile imthighthe."



Sgéal an bhodaigh.



Níorbh fhada go raibh an chuid eile imthighthe agus do thosnuigh Towle
ar a chogar liom.



"Is dócha," ar seisean, "go raibh 'fhios agat gur Eireannach mé féin.
"O'Toole" an Béarla ceart ar m'ainm ach "Towle" a chuireas féin orm féin tar éis
dom eirghe as an scoluíocht. Is cuma anois fáth an atharuighthe; ní hé sin mo
sgéal, acht é seo.



"Is amhlaidh a bhíos ag siubhal na sráideana um thráthnóna timcheall
coicthís ó shoin nuair a bhuail seanfhear liom go raibh aithne mhaith aige ar
mo mhuinntir agus eolas aige ar m'ainm dhílis. Bhí duine eile 'na theannta.
Fear óg, láidir, fear go raibh rian an oideachais air nár tháinig isteach leis na
sean-éadaibh a bhí air.


L. 23


"Do bheannuigheamair dá chéile, ach do stadadar chun cainnte do dhéan-
amh liom. Níor mhaith liom mo cháirde mé d'fheiscint ag cainnt leis an mbeirt
agus d'iarras ortha teacht isteach i dtig leanna a bhí comhgarach dúinn chun
deoch d'ól. Ba léir ortha go raibh gnó éigin acu dhíom.



"I gcúl-sheomra an tighe leanna le linn na deochana d'ól dúinn, do thos-
nuigh an seanfhear ar chainnt do dhéanmh i dtaobh mo mhuinntire. Ní fheidir
mé cad chuige go raibh sé, ach ní leogfadh na béasa dhom cosg a chur le cainnt
fir a bhí níos aosta 'ná me féin.



Athair an bhodaigh.



"Is cuimhin liom an sgéal úd d'innseadh t'athair nuair ná rabhas-sa ach
am fhear óg," ar seisean. "Bhí baint éigin aige leis na Fíníní, agus pé cúis é,
bhíodar na píléirí ar a thóir. D'imthigh sé i bhfolach uatha. Lá dho annso, lá
eile dho annsúd, agus is ró-chuimhin liom oidhche do chaith sé in aon leabaidh
liomsa."



"Bhí sé fógraithe age lucht na dlighe go bhfaghadh an té a chabhróchadh
le na thógaint tuarasdal maith. Céad púnt a bhí le fáil ag an té a 'neosadh a
ionad ceilte do lucht na dlighe. Ach cé nár chaith sé oiread is uair a chluig
ach i measg na mbocht nú i dteannta na ndearóil, níor sgéitheadh ar a rún.
D'imthigh sé saor uatha go dtí gur éirigheadar na píléirí as an dtóir."



"Ná bac leis sin anois," arsa mise. "Táid na heachtraí úd tharainn anois
agus ní haon mhaith dhúinn bheith ag tagairt dóibh feasta."



"Níor chuir san cosg leis, ámhthach. "B'fhéidir é, a mhic," ar seisean,
"ach an deamhan a bhfeadar-sa ná beid siad againn arís. Ach ní fhágann soin
ná raibh t'athair buidheach do dheoruighthibh na hEireann sa chathair seo toisg
gur cheileadar chomh maith soin é."



""Ní haon iongnadh é" arsa mise, "agus is cuimhin liom féin an grádh
a bhí riamh aige dos na hEireannaigh sa chathair seo. Ní raibh aon rud ba
bhreátha leis 'ná cabhrú leo chómh fada is d'fheád sé é. Is cuimhin liom, leis,
go ndubhairt sé go raibh sé na "fheitheamhnaí" (sin é díreach a fhocal féin)
do sna Eireannaigh, agus gur mhar sin a bheadh sé an dá lá is an fhaid a
mhairfeadh sé. Seadh. Bíodh deoch eile againn anois."



"Bíodh," arsa an seanfhear, "agus olam sláinte na nGaedheal a chabh-
ruigheann le chéile."



"D'ólamair an tsláinte agus do lean an seanfhear d'a sgéal, dá ínnsint is
dá athínnsint, arís is arís.


L. 24


An Comhar.



"Bhí roinnt éigin cainnte déanta aige nuair d'iompuigh sé orm go hobann.



"Bhí se 'na fheitheamhnaí do Ghaedhealaibh, a dubhairt sé. Agus bhí.
Ba mhar sin a bheadh sé go dtí lá a bháis. B'fhíor soin do. Agus dá mbeadh sé
annso indiu ní déarfainn ná gur gheal leis go ndéanfadh a mhac na fiacha úd
do dhíol do dá bhfaighfí caoth chuige."



"Ba gheal," arsa mise, "agus is é a mhac do dhéanfadh é."



"Ba dhual athar duit sin a mhic," ar seisean, "agus dá dtiocfadh an
chaoth soin, ní beag mar shólás dúinn gur féidir bheith ag braith ort. Ach gan
ar fhírinne do cheilt, bhí amhrus éigin agam ort, "Mr. Toole," ach sé an
t-amhrus gan chúis agam é."



Atharú Meóin.



"Bé sin an chéad uair agam náire do theacht orm i dtaobh m'ainme d'atharú.



"Ná bíodh aon amhrus agat," arsa mise, "déanfad é ach fhios bheith
agam conas."



"Well," ar seisean, go bog, réidh, 'tá an chaoth soin buailte leat anois
féin. A ndéanfair do gheallúint do chóimhlíonadh?"



"Ní raibh coinne agam leis sin, ach ní raibh slighe as agam. Dubhart go
ndéanfainn é. Thugas na mionna móra. Bhíos i sáinn.



Annsoin do chuir sé an iongnadh orm. D'innis sé dhom go raibh an fear
óg a bhí 'na theannta ar a theicheadh ó lucht na dlighe toisg lámh éigin do
bheith aige i ngnó an éirghe amach úd i mBaile Atha Cliath. Gurbh é a bhí
uaidh 'ná dul anonn go hAimerice, ach gur ró-dheacair é dhéanamh gan cabhair
éigin, cabhair a bhí ar mo chumas féin a thabhairt do. Is cuma cad é an saghas
cabhrach é, ach go raibh sé ar mo chumas é thabhairt dó."



Do stad sé den chainnt. D'éirigh sé ciúin agus níor labhair sé gur bhriseas-sa
isteach ar a thost.



Sgéala aniar.



"Well," arsa mise, "ar dheinis é?"



Do thug sé páipeár dom, gearr-theachtaireacht ó Aimerice a bhí ann, agus
sid iad na focla a bhí air.



"Do saoluigheadh mac dúinn indiu."



"Cad is ciall leis seo," arsa mise.



"Sin fógra gur shrois sé Aimerice indiu," ar seisean, agus d'fhan sé 'na
thost er feadh tamaill.


L. 25


"Bhfuil cathú ort 'na thaobh," arsa mise.



"Dá mbeadh," d'fhreagair se, "ní bheinn dhá innsint anois duit. Ach
is dócha ná tuigeann tú, tusa d'fhan dílis riamh do chúis na hEireann, cad é an
t-atharú a dhein an t-eirghe amach ortha soin nár thuig ar dtúis é, ach a thuig-
eann anois é.



Mara mbeadh gur casadh an bheirt úd orm, is dócha go mbeinn fós mar
a bhios roimis an eirghe amach. An fear óg úd a mhínigh dom é, a chorruigh
mo smaointe, a mhúsgail an rud a bhí 'na chodladh am chroidhe, an rud a
fuaireamair mar oighreacht ó nár sinnsearaibh. Bé rud é sin ná grádh daingean
do-chlaoidhte do Caitilín Ní Uallacháin."



AN FAINNEACH FAIN.


L. 26


Carraigeacha.



An talamh so againn-ne caor dearg dob eadh é i dtosach, do réir tuairim
lucht eolaidheachta, agus é go léir ar na leaghadh. Ndiaidh ar ndiaidh do sgéith
an teas; do chruaidh an taobh amuigh den talamh agus do fágadh clúdach de
charraig mar a bheadh croiceann na thímpal. B'iúd í an chéad charraig a
deineadh ar uachtar na talmhan.



Níor bhfada, ámh, gur dineadh carraigeacha eile os a cionn súd a fholaigh
as radharc ar fad í, ach amháin i gcorr-áit annso agus annsúd.



Sidé an chuma nar dineadh na carraigeacha eile seo. Bhí an bhun-charraig
nochtaithe ar uachtar na talmhan agus thosnuigh comhacht na haimsire ar oibriú
uirthe, á briseadh agus á réabadh agus á stracadh as a chéile. Tháinig an
bháisteach ansan agus do súghadh an t-uisge isteach i bpoillíní na carraige agus
do leigh sé amach pé mianach a bhí ion-leachta i dtreó gur "loibh" an charraig.



Nó bféidir gur luigh an t-uisge isteach i sgoltachaibh na carraige agus nuair
tháinig fuacht an gheimhridh do dhin leacoidhir den uisge. Nuair thárla san
d'at an t-uisge, agus bhí sé mar a bheadh fear mór i lár comhthaláin daoine á
únfairt féin chun a anál do tharac, - do bhrúigh sé an charraig i leath-taoibh
uaidh agus do leathnuigh sé an scoilt i dtreo gur bhris sé an charraig ó chéile
i ndeire na dála. Do lean an sgéal ar an gcuma san go dtí gur dineadh spríos
den chruadh-charraig. Annsan do scuab an bháisteach agus an ghaoth an
brúsgar síos fé dhéin na sruthán, agus d'árduigh na srutháin chun siubhail leo é.
An t-ualach so de mhion-chlochaibh is de ghainimh is de chré a bhí i mbrollach
an tsrutháin, bhí sé mar bheadh úirlis ag an sruthán chun tuille éirligh a
dhéanamh, mar do radadh i gcoinnibh port an tsrutháin iad go dtí gur thuit na
puirt isteach, agus do soláthruigheadh tuille ualaigh don sruth dá dheasgaibh.



Is ionann sgeul do shrutháin an lae indiu. Bíonn an last céadna ar iompur
aca. Chífir é seo go soiléir aon lá a bheidh tuile san abhainn. Beidh dath
buidhe salach ar an uisge, ach má líonan tú gloine dhe chífir ar ball beag go
nglanfaidh an t-uisge, agus go dtuitfidh an salachar síos i dtoín na gloine.
Imthighean an cleas céadna ar ualach an tsrutháin, nuair a shroiseann sé an
fhairrge mhór. Maoluighean an fuadar annsan, agus tuitean an t-ualach síos
ndiaidh ar ndiaidh. Is dóichíde gurab iad na mion-chlocha is túisge a thuitfidh.


L. 27


mar gurab iad is truime a bheidh. Annsan tuitfidh an ghaineamh i gcomhgar do
bhéal na habhann. Agus an chré éadtrom a bhí i mbroinn na habhann, scuabfar
amach í fén bhfairrge agus leagfar síos mar láibh í tamall maith ón dtír i ndoimh-
neacht na fairrge.



B'iúd é an chuma nar dineadh na nuadh-charraigeacha gur thagras dóibh
cheana. Lean na haibhne agus na srutháin dá saothar go dtí go raibh cnuasacht
mhór de láib is de ghainimh is de mhion-chlochaibh laistigh dá chéile ar imeal-
bhórdaibh na tíre. Bheadh an láib agus an ghaineamh na céadta troigh ar
doimhneacht leis an aimsir. Annsan do thosnuigh atharú mór ar theacht ar
aghaidh na talmhan. Do hísligheadh an talamh tirm go dtí go raibh sé
clúdaithe ag an bhfairrge, agus cuireadh tóin na fairrge féin níos doimhne síos.
D'fhan cuid den talamh os cionn uisge, ámh, agus bíonn obair na haimsire agus
na sruthán ar siubhal i gcomhnaidhe, - an talamh á bhriseadh ag an aimsir agus
á leagadh síos arís ag na srutháin. Bailighean cnuasacht eile os cionn na láibe
agus na gainimhe do leagadh síos i dtosach, i gcás go mbrútar agus go bhfuintear
le chéile an chéad tsrath go dtí go ndinean cruadh-charraig de. Leagtar brat
eile de charraig anuas ar an tarna ceann agus brat eile os a cionn súd agus mar
sin de, go mbíonn siad leathta amach ar a chéile mar bheadh bairrlín agus
plaincéad, agus cuilt leathta amach ar leabaidh, agus mianach fé leith is gach
aon tsraith carraige. Tagan neamh-shocaracht ar an dtalamh arís, agus
árduighean sé é féin os cionn uisge go mall righin, agus nochtann sé é féin
agus a aghaidh clúdaithe fé bhrataibh carraige ná raibh ann nuair a tumadh é
na mílte blian roimis sin.



Sin cuma amháin na ndeintear carraigeacha i.e. a mianach do sgagadh is
do leathadh amach ag an uisge agus annsan é bhrúghadh chun go gcruadhfar
'na charraig é. Tugtar carraigeacha dríodair ar a leithéidí siúd, de bhrigh gur
de dhriodar na n-abhann agus na loch atá siad déanta.



Is féidir carraigeacha den tsaghas so do roinnt do réir an adhbhair atá
ionta.



1. - Roinn na gainimhe.



Sé adhbhar atá ins na carraigeacha so na gráinní de ghainimh a bhí i
ngrinneall na fairrge nó i ngrinneall locha fadó, agus gur táthadh is gur fuineadh
le chéile iad go dtí gur dhin cloch-ghainimhe dhíobh. Sin í an chloch is coitianta
i gCúige Mumhan - cloch ghainimhe, nó Seana-chloch Ghainimhe Ruadh mar
thugan lucht Géoluíochta uirthe. Is den déantús so cuid mhór de Chonntaéthe
Phortláirge, Chorcaighe, agus Chiarraidhe, go mór-mhór na cnuic agus na
sléibhte. Corrán Tuathail féin, cloch-ghainimhe iseadh é. Is deacair a chreid-
eamhaint go raibh an t-árd-bheann san fé uisge uair, agus é mar chuid de thráigh,
ach níl aon amhras ná gur mar sin a bhí an sgéal.


L. 28


Gráinní "quartz" is mó a bhíonn i gclochaibh gainimhe na hEireann.
Ní bhíon na clocha go léir ar aon dul do réir míne. Tá an chloch ghainimhe i
míne béidir, ins na trí ríoghachta le fáil i nDún na nGall agus i bhFearmanach,
agus tá sí ar fheabhas chun tógála. Ní den aois chéadna í seo, ámh, agus an
tSeana-Chloch Ruadh atá i gCúige Mumhan. Tá an chloch-ghainimhe seo níos
gairbhe agus níl sí chomh hoireamhnach chun tógála. Tá cloch-ghainimhe i
ngar do Leacht Uí Chonchubhair, i gCo. an Chláir, agus níl a sárú le fáil mar
leacacha do shráideana cathrach. Tá cloch-ghainimhe eile, a bhainean le "Ré
an Ghuail," raidhseamhil go leor in Eirinn, agus dob fhiú bheith níos mó 'na
haire, mar cloch mhaith iseadh í.



CLOCH CHUMAISCTHE (NÓ CONGLOMERATE).



Is cosamhail í seo leis an gcloich ghainimhe ach ní gráinní atá innte, ach
a mhalairt ar fad, clocha beaga agus iad mín cruinn ó shuathadh na dtonn, mar
gur ar an gcladach a bhíodar na luighe fad ó. Do luigh an ghainimh 'na
dtímpal agus nuair a cruadhdh í sin, d'fhan na clocha beaga sáithte innte, mar
bheadh rísíní i gcíste milis, ach gan aon ghannachúise dhíobh ann.



II. - Roinn na Cré.



Is míne go mór adhbhar na gcarraigeach so ná sa chloich ghainimhe, mar
níl ionta ach láib dlúithte. An charraig is coitianta den treibh seo brisean sí
na mion-leacacha tanaidhe agus tugtar "shale" air ansan. Sé an mianach
céadna - láib nó cré - atá sa tslinn, ach amháin gur fáisgeadh comh mór san í
uair, go scoiltean sí anois trasna luighe na cré, mar do chuir an fásgadh a
mhalairt de shocrú ar mhíreana beaga na cré. Carraig atharuithe a tugtar ar
a leithéid seo de charraig, agus déanfar a thuille cur síos ar ball ortha.



Is mór a thairbhighean na carraigeacha cré don chine daonna. Táid bog,
agus is gearr an mhoill ag an aimsir iad do bhriseadh, agus dinean siad ithir
mhaith shaidhbhir. Rud eile ní leogann an chré an t-uisge tríthe, agus dá
bhrigh sin ní cailltear i ndoimhneacht na talmhan pé uisge a thuiteann i bhfuirm
báistighe.



111. - Roinn an Aoil.



Sid é an treas roinn de charraigeacha a dineadh tré oibriú uisge. Níor
dhineas aon tagairt dóibh go dtí so, mar saghas fé leith iseadh iad, ach níor
chóir iad do dhearmhad mar isiad na carraigeacha is tairbhighe do mhuintir na
hEireann iad.



Amuich fén bhfairrge bhí na mílte míle d'ainmhithe beaga bídeacha. Nuair
a bhí a dtréimhse curtha isteach aca ar an saoghal so thuiteadar síos go tóin


L. 29


an phuill, agus d'fhan a gcuid sliogan agus a gcuid cnámh ann, pé cnámh a bhí
ag na créatúirí, gé gur dócha nár ró-théagartha ná ró-raidseamhail aca iad. Ach
bhí na h-ainimhithe féin go h-iomadamhail, agus lean na frasa dhíobh ar thuitim,
go dtí go raibh úrlar na fairrge clúdaithe aca, agus i gcionn cúpla míle blian
bhí sraith dhíobh ann na céadta troigh ar aoirde' agus sraith de láib eatortha
istigh annso agus annsúd.



Sin é mar a dineadh Cloch-aoil na hEireann. Do hísligheadh an tír ar fad
chun go raibh sé i ndoimhneacht na fairrge, agus do leathadh amach an srath
d'iarsmaí na n-ainmhithe ar a gcuma a dubhart.



Má infhiúchair smut de choich-aoil, chífir, uaireanta, múnla na n-ainmhithe,
nó na sliogán so soiléir ann anois féin. Is mó saghas cloiche aoil atá ann, agus
is mó feidhm a baintear aisti. An saghas atá le fáil tímpal Bhláth Cliath, bíon
dath dubh uirthe, mar go bhfuil iaracht de chré measgaithe thríthe, agus ní bhíon
sí oireamhnach ach d'fhallaí ar thaobh an bhóthair. Ach tá saighseana eile ann,
agus ba dheacair a sárú d'fháil, le gile is le háilneacht, chun tógála, sé buac na
bhfeirmeóirí in Eirinn an chloch-aoil do bheith scaipithe chomh fóir-leitheadamhail,
mar sí fé ndeara torthamhlacht na talmhan. Os rud é gur lastuas den chloich-
aoil a bhíon an gual le fáil i gcomhnaidhe glaodhtar "Cloch aoil fé ghual" ar
chloich aoil na hEireann.



Is ionann mianach don chloich-aoil agus don mharmar. Bhí an marmar na
chloich-aoil, tráth, ach do hatharuigheadh chomh mór san í de dheasgaibh teasa
agus brúighte gur dhin cloch nua dhi. Cárbón agus iarann agus rudái eile fé
ndear na dathana, dubh, ruadh, uaithne a bhíonn ar an marmur.



Tá curtha síos agam ar aon tsaghas carraigeach amháin, iad san go raibh
baint ag an uisge le na ndéanamh, - carraigeacha dríodair mar tugtar ortha.
Níor dhineas aon tagairt aon ghual an charraig is tábhachtaighe dhíobh go léir,
ná don saghas san carraigeach a dineadh trí chomhacht teasa, ar nós an eibhir.



Níor mhór cur síos fé leith a dhéanamh ortha san, agus caithfear é sin do
chur ar ath-lá.



SEAN BREATHNACH.


L. 30


Sprid an Locha.



1



Beannú dhuit, a Loch!
Sonas ort is rath!
Nár théad, is me amuigh,
Uait an loch amach.



A iarsma na leac,
Dob oighreata crot,
Tháinig it bhrollach
O mhullach na gcnoc.



Do shuíomh is do ghnúis
Bím leósan ar áis,
Brónach nó scléipeach,
Ag réiteach ár gcáis.



Is bronnse do Sprid
Ar bhrainnse dhen Dáimh,
Mar chongnamh ar uain
Dó le huaim a dháin.



O's tu do dheoil, lá,
Iúl ó thuathaibh Dé,
Tarraing i bpáirt linn,
Neartuigh sinn a Bhé.



B.e.


L. 31


11



Tráth nóna
Dé Luain ar raon rothóra,
do ghlacas óm Loch, ar luas,
duas.



Clis "Dhóra"
ná ceaduíonn trácht tionóla
fé ndeara am chriothnú, mo chreach,
sceach!



Na lachain
san Loch gan mheill mhearathail,
annaithí ón dlí ní dóigh
dhóibh.



An eala
ar snámh éascaidh gach aithghearra,
ní bhainfeadh aisti Iain Sec
geit.



An chorr iasc
is righne ar iascach ilphiast
beag uirthi captaein is céim
féin.



Cadé'n chúis
eagla nó dála an dealúis
ar dhuine d'Fhéinn Bhanbha bhláth,
tráth?



t.r.á.th.


L. 32


Tá an ghrian ag fuíochant fé scáth na scamall
N-a liathróid óir 's an dearg aniar
Ag bruithneadh niamh na bhfaoileann mbarrfhionn
Os cionn an Locha agus iad soir siar.



Cliotar is gleó 'ge scuainí lachan
Fuirse agus plubadh aca 's grág is liach
Aghaidh gach éin aca ar sheiscin na saileach-
Sluagh na bhfallaing is bláthmhar ciar.



Corr iasc n-a seasamh sa luachair ghairbh,
A muineál fala 's a ceann san aer,
Mar bheadh sí ag aeghreacht a tréata lachan
'S á mbréagadh a-bhaile t'réis cúrsa an lae.



N-a gceann 's n-a gceann sinn soillse á lasadh,
Is n-a gceann 's n-a gceann a bhfreagairt fén Loch-
Déanfad féin ar an éanlaith aithris;
Ragha mé a-bhaile - ní mór dam sos.


L. 33


An cogadhlong
nó an ceannachlong agcéin
an t-arthachso
snámhchrochta ar an Loch léir?



Ní fheadarsa
cad as a seólann sí-
gan stiúrbhata
ná siúlthaca n-a slí.



Triúr ógánach
innti, fé dhuadh go docht,
ag greadiomramh
bheagiongnadh bhuidhe na scolt!



Seadh, abairse
an aicme sidhe iad súd?
nó págánaigh
ó chábánaibh O gCúg!



Sé mheasaimse
gur bé Manannán mear
do bhuanfhoillsigh
an sluaghbhuidhinsin na sean!



A.n.


L. 34


A ógáin
bainse dhíot féin do bhrógáin;
éirigh ort fén Loch isteach
ag claoí let rath do thógáil.



Do dhoruí-
téad den bhunach is donaí-
ca bhfios ná gur dó atá i ndán
Corcaigh bheag bhán do chorruí!



An búistéir
dá ndéinir feidhm go gnúisréidh,
maithfidh dhuit do mhoill na bpiast,
ó's gnaoi leis iasc is cúirtéis!



I bPeánó
ní bhfaghtar aér a shlánóch
croidhe garsúin gan teacht fén Loch-
is ann do crochfaí cábóg.
A.ó.g.


L. 35


Ise i dtigh charad
I mBaile Abhfad Síos;
Eisean fé mhairg
I gCathair na Laoi.



Ise le suairceas
Ag ruagadh na n-och;
Eisean go huaigneach
Ar fhuarma ag an Loch.



Leitir bheag gleóite
Agus phóto do theacht
Ar éalódh a póca-
'S a bpógadh don bhfear.



An phóto do scannadh,
'S an meamram a léamh,
Agus tamall do chaitheamh
Ag machtnamh an scéil.



"Foidhne ar an gcruatan
'Sé bhuaidhfidh a riúin"-
Eirighe dhó ón bhfuarma
Agus gluaiseacht chun siubhail.


L. 36


Tá Bonar Law go cráite tur
Is Scotland Yard i bpráinn 's i mbruid
Is Shortt m'uchlán á rádh le nimh:
"Cár imthigh de Bhailéra?"



Ar Charson bhán do tháinig taom,
Do mheath a bhláth 's a lámh 's a chéim;
"Och," med Lloyd George, a mawr ei lef,
"Pa le y mae de Valera?"



Tá Iain 's a chroidhe ghá shníomh go tric;
Tá liaigh ag an bhFrínseach groidhe dá dhoigh;
Bionn liach istoidhche ó Bhuidhin an Chlub:
"O, where is de Valera!"



Do léim mac alla ón mBanna adtuaidh
Go sléibhtibh Ealla, is thart fén gcuan,
Ag éileamh feasa i bhfaision tsuairc-
Cár ghluais le de Bhailéra!



Tá an eala ag snámh gach lá ar an Loch,
'S na lachain lán den áthus suilt,
Ag teacht ar dáil, 's is árd é a nguth:
"Faid saoghail chun de Bhailéra!"



TORNA cct.


L. 37


Céard tá le déanamh faoi Chuige Uladh? Tá an cheist seo curtha tré
chéile comh mion is comh minic sin cheana nach bhfuil tada de nuaidheacht
innti. Fág marbh í mar cheist in ainm Dé, adeir tú? Béidir mh'anam, gur
bhfearr dhom gan dul in achrann innti. Ach tá sí le socrú againne anois agus
gan mhoill. Tá maoidhte againn nach mbéimidne ag obair dachad bliain mar
do bhí an dream d'imigh. Tá dream óg nua in uachtar i gcursaíbh poilitíochta
in Eirinn de bhárr an togha seo tharainn. A bhfurmhor ar bheagán suime i
gCúige Uladh go dtí seo. Sílim gur tráthúil an rud mar sin do chuid againn
roinnt machtnaimh agus roinnt cainnte a dhéanamh ar cheist na cúige sin.



Níl aon eólas agam féin ar Chúige Uladh. I mBaile Atha Cliath do rugadh
is do tógadh mé agus níl de thaithí agam ar an tuairisc ná ar na tuaiscear-
taigh ach an méid do fuaras orra le linn dom bheith ag cur isteach ar "shuidh-
eachán" i gcondae Ardmacha le goirid.



Níl agam annseo im dhiaidh ach ar chruinnigheas de bharamhlaibh agus
de smaointibh fánacha dhom féin annseo is annsiúd gCuige Uladh i rith an
togha. Má táid go léir bun os cionn leis an bhfírinne, leanadh an fíor-Ultach
lán-eólgaiseach ar mo thóir is ceartuigheadh sé mé.



Sí ceist a bhíodh ag déanamh buartha dhom i gcomnuidhe i dtaobh Chlainne
Liútair an tuaiscirt ná seo; an Gaedhil iad nó Gaill? Is minic do chloisinn ó nár
muintir féin, Sinn Féinidthe láidire, dílse, do rugadh is tógadh ina measg siúd
gur b'iad sgoth na nGaedheal iad, gur fuath leó Sasana, gur measa leó an
diabhal féin ná an Sasanach; ach go bhfuil néal mearbhaill éicínt buailte orra fá
láthair, a sgaipfeas i gceann sgathaimh mar do sgaipfeadh an ceó. Do chloisinn
daoine eile ghá mbréagnú sin. Freagra ar an gceist sin is mó bhí uaim an fhaid
is bhíos thíos ina measg. Chuas timcheall, do labhras le cuid aca, do rinneas
roinnt argúinteachta leó. Do chualas daoine eile ar argúint leó. Iad ag óráid-
íocht i dtaobh tréimhse Grattan is Wolfe Tone is Henry Joy McCracken is a
leitheidí. Tá roinnt den bhuidhin bhuidhe ann a bhí sáthach bodhar ag
McCracken bocht sul má bhí an togha thart!



Do dheasgaibh an méid sin go léir, 'sé freagra a bheirimse ar an gceist
úd nach Gaedhil iad ná chor ar bith ach Gaill; agus rud eile dhe, gur chúrsaí


L. 38


leamhais is dícéille dúinne bheith ag plé leó mar dá mb' Eireannaigh iad ná
cuid de chlainn na nGaedheal mar dhóigh dhe. Dubhairt duine aca, Carsonach
mór i mBéal Feirsde, glan díreach amach liom agus is dóigh liom gur leag sé
a mheár air, "Ní hEireannach mise. Is Ultach mé. Tá tusa is do chine leis
na míltibh blian in Eirinn. Ní cuimhneach libh aon tír eile. Tá mo mhuintir-
se annseo le idir dhá chéad is trí céad blian. Tá fhios agam an áit i ndeisceart
na hAlban ar tháinig siad as. Annseo, i gCuige Uladh, adeirim, atámuid.
Ní heól dom an chuid eile d'Eirinn. Ní hí mo thír í. Gaedhil no Ceiltigh
iseadh sibhse. Cuid den "British race" sinne. Anois nach shin é lomchlár na
mBreatain Mhóir iad ó cheart, do choinnigh iad féin deighilte amach ó shin ó
shean-ionndúiríbh na tíre? Nach ionnann cás don dá shliocht i gCúige Uladh
indiú is do na Franncaig is na Gearmáinigh in Alsás-Lorréin, nó do na Frann-
caigh is na Sasanaigh isna Canadás - an dá chine suidhte ar an aon límistéar
tíre amháin agus é ina shír-Chogadh Gaedheal re Gallaibh eatorra?



Ach freagróchar liom go bhfuilim ag déanamh dearmuid ar a ndearnadar
san ochtmhadh aois déag. Nár bhain na "Gaill" úd saoirse na hEireann
amach sa mbliain 1782? Nár lorguigheadar Republic ina dhiaidh sin? Nach
bhfuair go leór aca bás sa mbliain '98 ar son na hEireann? Nach bhfaca mé
féin an dealbh caol-árd breágh úd atá ina sheasamh go maordha ar mhullach
cnuic taobh' amu' de chathraigh Ardmacha do thóg fir bhuidhe an chondae sin
ós cionn céad blian ó shoin i ndíl-chuimhne ar "neamhspleadhacht na
hEireann?" Chonnaiceas é maise. Nár mhór an chabhair dúinne é san togha!
Nach iomdha bhóta a fuair sé dhom! Is eól dom an méid sin go maith ach is
eól dom an méid seo freisin; and t-agent le haghaidh an togha a bhí ag an
gCarsonach do bhuail mise "ua" nó "mac Uí" do William Orr do bhí ann;
fear eile a bhí ag obair go nimheanta im aghaidh, shíolruigh sé díreach ó
General Munro. Ní haon chabhair dúinn, dubh buidhe ná bán, bheith ag tagairt
don aois úd le lucht Charson indiú. Is iomdha Sasanach dílis ann ar throid a
shinnsir ar thaobh Chromail in aghaidh riogh Séarlus. Is iomdha Albanach no
Breathnach dílis ann ar throid a shinnsir go calma le cois Roibeard Brús no
Séarlus óg no Owen Glyndwr. An lughade a ndílseacht do righ Sheorsa indiú
é? Sé a fhearacht sin ag an "mBritisher" eile úd, an Carsonach Ultach. Ní
náire ná céim síos leó go léir gníomhartha gaile a sean in aghaidh na sean-ríogh.
Do dhéanfaidis féin an rud céadna dá mba bheó iad an uair úd. Ach tá síad
sásta indiú. Tá saoghal eile ann. Níl fonn rebeiliúntachta ar bith orra anois.
Tá Brús is Séarlus óg is Owen Glyndwr is Orr is Munro is McCracken ina
sámh-shuan san uaigh. Fágtar ann iad. Ná corruightear a gcnámha. Tá
obair an lae le déanamh againne. Imighmís ón roilig.


L. 39


An gcaithfear Eire do roinnt mar sin? Ní caithfear ár ndóigh. Ní hé sin
an "comhdhúnadh," mar adeir na hAlbanaigh, atá le baint as an sgéal. Isí
seo Eire agus is linn í. Is ceart í do rialú do réir toil furmhóir na ndaoine agus
tá an toil sin leagtha ar shaoirse d'fháil agus in aghaidh ceannsmacht na nGall.
Páirt d'Eirinn iseadh Cúige Uladh agus mara bhfuil an dream úd sásta le saoirse,
caithfidh siad géilleadh dhó nó tig leó imeacht abhaile go Sasana. Bíodh a
rogha aca.



Mura ngéillid agus mura n-imighid? Annsin tá sé de cheart ag muintir
na hEireann cogadh d'imirt ar an Eachtrannach agus



"clanna búir do dhíbirt
as ar mbailte dúthchais dílse,
do bhí ag ár sinnsear riamh romhainn."



Cogadh an chlaidhimh no cogadh an airgid? B'fhearr go mór mar shocrú ar
an sgéal cogadh an chlaidhimh, dá leigeadh arm Shasana dhúinn é.



B'fheídir go bhfuil dul amú ormsa ó thús deireadh agus gurb' í fírinne an
sgéil go bhfuil an tsean-náisiúntacht i bhfolach thíos ina gcroidhthibh siúd ach
í múchta báidhte ag an nGalldachas agus an t-aineólas. Tá cinnte orainn aon
deimhniú d'fháil air. Nuair a thógfas muintir na hEireann a gcuid airgid as
banncannaibh Uladh agus nuair cuirfear na taistealuidhthe gnótha ar ais folamh
go Béal Féirsde, annsin b'fhéidir go bhfuighidh siad féin amach ciaca Gaedhil
no Gaill iad agus go gcuirfidh siad in iúl dúinn é. Ach go dtí an lá sin deirimse
nár mhór do lucht Sinn Féin agus do Dháil Eireann, más mian leó gan botún
a dhéanamh, plé le lucht leanamhna Charson mar a déanfaidís le muintir
Shasana nó le dearg-námhaid ar bith eile.



Liam O Briain.


L. 40


Eachtra an bhuideil.



.i. aisling do léirigheadh dhom, ar na chur síos annso ar nós na sean-scéalta.



Aonach agus árd-oireachtas do commóradh le Labhradh léigheanta líomhtha
Ua Néill, árd-mhaor Bhaile Atha-Cliath ina mhór-árus mhaordha, agus tángadar
do láthair maithe is mór-fhlatha, filí is feallsamhain, uaisle is ísle na n-Gaedheal.
Agus do bhí ins an chomh-dháil agus ins an chomh-chruinniú sin an macaomh
cumasach críonna .i. Eoin Giolla-Mhuire mac Aodha Shandraigh mhic Liaim
Sheoirse de Blácam de shloinne Gall-Ghaedheal Uladh, ina shuidhe ina charbad
chuasach chúrbhálta cheathair-rothach .i. a phram.



Cidh trácht, iar n-éisteacht dó le h-amhránaibh aois-ceoil is le comhrádh
na bhfeallsamh, is le bladar is le plámás lucht na ndíol-bhoth, is le hóráidibh
deachra doimhne do-chríochnuithe na gcomhairleórí, éirigheas Aodh agus adubh-
airt leis an bhabán .i. a mhac:



"Is mithid dúinn a mhic ionmhuin" ar seisean, "imtheacht feasta as an
áit seo agus an bóthar abhaile do chur dhínn, óir chítear dhom go bhfuil scáile
na hoidhche ag teacht anuas agus ní gearr ná goirid an turas seo atá romhainn
go dtí Glas Naoidhean mar a bhfuil do mháthair ag fanacht is ag fuireach linn."



Is annsin do rug sé greim gríosach gránna ar chrannaibh an charbaid
chuasaigh cheathar-rothaigh .i. an pram, agus do bhuaileadar an bóthar ar an
dtoirt. Do ghluaiseadar rompa go caomh cneasta is go fóideach fíneálta go ceann
tamaill, agus ní innistear a n-imtheachta ná a n-eachtra go rángadar ionad dubh
dorcha do-eolasach ag fíor-bhun glinne géire i gceart-lár coille aimhréidhe.



Iarsin, éirigheas an macaomh .i. Eoin Giolla-Mhuire, 'na shuidhe isan
charbad réamhráite, agus leigeas osnadh éagcomhlainn agus árd-screadghail
ocrais as a amhgar anaithnid uaidh, gur stad Aodh agus bheireas cluas dó.



Agus atá ní cheana, cuireas Aodh a lámh isteach isan charbad gur tharraing
sé amach an soitheach slisgheal gloinidhe .i. buidéal an bhábáin, mar a ngná-
thuigheadh bainne d'iomchur. Súil dá dtug sé ar an bhuidéal chéadna gur thug
fá ndeara nach rabh oiread is braon bainne ann.



"Monuar a mhic ionmhuin" ar sé, "mar is truagh an cás is an mór-éigean
adhbhal-mhór ina bhfuilmid anois .i. gan blúire bidh ná braon dighe againn
isan bhuidéal. Agus atá súil le Dia agam" ar seisean, "nach fada anois an


L. 41


bealach gus an áit chum a bhfuil ár dtreo .i. Cúinne Shimi Uí Airt i nGlas
Naoidhean mar a bhfuighe tú nua gacha bidh agus sean gacha dighe. Uime sin,
bíodh foighid agat go fóill, a mhic" ar seisean.



Iomorro, leanas an bábán ar chaome is ar chasaoid, agus screadas ós árd
amhail Tarbh donn Chuailgne ag fuagart troda ar Chonnachtaibh.



Iomthúsa Aodha, do ghabh ag féachaint uaidh ar gach taoibh dhe, mar atá
soir, siar, ba dheas is ba thuaidh, agus níorbh fhada an t-am go bhfaca sé
ar an bhóthar an chailleach cham-fhiaclach chlaon-shúileach .i. sean-bhean
aonarach ársa, ag siubhal gach ndíreach dá ionnsaighe.



Beannuigheas an chailleach d'Aodh go ndubhairt: "Beatha is sláinte
chugat, a laoich" ar sí, "agus cé hé an macaomh crÓdha ceolmhar isan charbad,
go na ghlór do chloisfí lán-mhíle fearann uaidh?"



"Atá," arsa Aodh, "mo mhac .i. Eoin Giolla-Mhuire."



Fiafruigheas an t-sean bhean de annsin: "Créad é an raon siubhail ná
seachráin seo do bhain daoibh," ar sise, "no go rángabhar gus an dúthaigh
seo?"



"Atá," arso Aodh, "gur thárla dhúinn imtheacht as díreach ár slighe,
agus déan-sa eolas dom anois agus ná can gó, créad é ainm is dinnseanchus na
dúthaighe seo, agus cén fhaid ár dtriall fós gus an áit ina bhfuil ár n-ionad
comhnuidhe .i. Glas Naoidhean."



"Ráth Fearnáin ainm an bhaile seo 'nár dtimcheall" arsan chailleach,
"agus bíodh a fhios agat go ndeachabhar ar fán go faid deich míle. Agus ní
beag ná suarach an t-aistear atá romhaibh fós dá bhrigh sin," ar sise.



Cidh trácht, ar gclos na bhfocal seo d'Aodh, do lagadh a chriodhe 'na
chléibh agus thuit an critheagla ar a bhallaibh, agus do leig sé osnadh as, go
ndubhart an laoi:



"Mairg ár dtriall ar fán
Gan buidéal lán go luath,
Mairg do chom gan lón
Uch! a Eoin, is truagh."



A h-aithle na laoidhe sin, iompuigheas Aodh mórthimcheall agus ceanglas
an carbad dá chompar le téadaibh ro-láidre, agus do ghabh dhá tharraing 'na
dhiaidh. Do bhuail sé an bóthar ina chéimeannaibh cosluatha agus do ghluais
i lorg a chinn mar luas áinle nó mar shidhe ghaoithe ghlóraighe ag dul thar
ceann machaire nó mór-shléibhe i meadhon míosa Márta: ba hé sin treabhar-
luas déine do bhí leis an bhfear bhocht ag fágáilt na caillighe dhó.



Dála Eoin Giolla-Mhuire níor scuir sé do bheith ag éigheamh is ag
screadaigh le lán-neart a scamóg, gur mhór nár bodhruigheadh a athair


L. 42


dílis le dian-ghleo na cullóide. Achar fada dóibh don phort sin go bhfacador
tighthe móra agus cluigtheach árd os a gcomhair amach go ndubhairt Aodh:



"Tóg suas do chroidhe, a laogh," ar seisean, "agus cuir suas den chaoine
sin, óir isé mo thuairim is mo dhóchas gurab é cloigtheach Naoimh Pheadair
an cloigtheach úd, agus bí id thost, a thaisge, go bhfiafruigh mé de na daoinibh
annso, an amhladh gurab í eaglais Ghlas Mochaonog Nua an eaglais seo."



Cidh trácht, do chonnaic Aodh an t-arrachtach diablaidhe úr-ghránna .i. an
píléar ina thoirchim suain ag cúinne na sráide, agus cuireas ceist air ghá
fhiafruighe dhe cad ab ainm don bhale mór sin 'na thimcheall. Músclas an
píléar agus dearcas go géar ar Aodh go ndubhart:



"Baile an Ríogh da ngoirthear Dún Laoghaire ins na sein-leabhraibh isé
an baile seo agus cad fá ndear daoibhse bheith ag siubhal is ag seachrán 'sa
chomharsanacht seo 'sa mheadhon-oidhche go mall?"



Amhthach, focal ná freagra níor thug Aodh uaidh ar gclos na bhfocal seo
dhó, acht do ghabh ag rith i lorg a chinn arís, thar bheannaibh is thar ghleann-
taibh gan scíth gan sos, óir do shaoil 'na chroidhe nach dtiocfadh leis a bhaile
comhnuidhe do bhaint amach an oidhche sin. Do theicheadar tríd an dúthaigh,
iomorro, ar nós splainc teintrighe, agus níor stad an macaomh dá scréachaigh is
dá liúigh isan charbad, ag fuagairt don tsaoghal a rabh d'ocras is de chéasadh
acaointeach taobh istigh 'na bhoiligín bhocht. Feacht eile ar an dul sin dóibh
go bhfacadar cloigtheach eaglaise os a gcomhair arís, gur stad Aodh an dara
uair agus cuireas ceist ar phíléar eile:



"A shíoth-mhaoir ro-cheannsaigh," ar seisean, "innis dom go fírinneach
ainm na h-eaglaise seo nó an bhfuilmid ag teacht i ngiorra dár n-áit chomh-
nuidhthe .i. Glas Naoidhean cois Tulca."



Is annsin do rinne an píléar glámradh garbh gáire go ndubhairt:



"Maiseadh," ar seisean, "más é Glas Naoidhean ionad comhnuidhthe
daoibh, is eagal liom nach bhfearfar fáilte abhale romhaibh anocht, mar isé
eaglais chaiteadrálta Chille Coinnigh an eaglais sin ós bhur gcomhair amach.



Maidir le h-Aodh Sandrach mac Liaim Sheoirse reamhráite, nuair do chuala
na focail seo, do chromadar a chosa faoi gur leagadh ar an leic é. Eirigheas Eoin
Giolla-Mhuire 'na charbad gur leig sé rosc-catha ro-chruaidh as, agus thóg an
buidéal folamh 'na láimh gur bhuail sé béim mhór laochda ar cheann a athar
leis gur briseadh an buidéal 'na bhlúiríní beaga bídeacha agus gur dúisigheadh
Aodh -



Gurab é sin eachtra an bhuidéil go nuige seo.



AODH DE BLACAM.


L. 43


An t-Oileán Ur.



Gan amhras ar bith isé Baile Atha Cliath croidhe na hEireann. Agus ní
móide ná gurb é croidhe na Gaedhealtachta leis é fé láthair. 'Sí an Róimh
croidhe na Críostuigheachta. Ach is é an t-Oileán Ur croidhe an domhain.



Tá ana-grádh ag muintir na hEireann don Oileán Ur. Ní nách iongna, mar
is ann atá furmhór ár ndaoine. Is ann a fearadh fáilte rompa nuair a chuir an
t-ocras agus an anacra chun fáin iad atá breis as leath-chéad bliain ó shoin ann.
Ní raibh éan deagh-bheatha aca in Eirinn. Ach mar sin féin, "ba scaradh
cuirp le hanmain dóibh scaradh le na mbráithribh agus le na dtír dhúchais agus
dul uatha a dtíribh ciana comhaigheacha ar dheoraidheacht agus ar oilithre
tsuthain."



Tá fo-dhuine dos na céad deoraidhthibh sin beó fós 'san Oileán Ur; agus
táid chomh Gaedhealach, chomh símplí, chomh galánta as bhíodar éan lá riamh
in Eirinn. Bhíos ana-bhreóite i Mericá tuairim an taca so anuiridh, agus cé
bhuailfeadh chugham isteach lá, ná, seana-bhean chríona liath a bhí ar dheoraidh-
eacht ó Eirinn le breis as trí fichid bliain. D'airigh sí go rabhas déis teacht ó
Eirinn, agus ní raibh sí sásta gan teacht ar chuairt chugham. Agus níor
tháinig sí follamh leis. Thug sí go leor ubh úr agus ime léi ar eagla go mbeadh
éan easba orm. Go deimhin tá croidhe na féile i gcroidhe ban Eireann seachas
mnáibh eile an domhain.



"Mo radharc tar sal sínim
do clár na ndarach ndighainn,
mór dér mo ruisc glais glemhoill
mar feghaim tar mh'ais Erind."



Deoraidhe bocht a cheap an rann san romhainn nuair a bhí an radharc
déanach 'gha fháil aige ar a thír dhúchais. Is áirithe go raibh sé brónach thar
na beartaibh. Ní taise do gach deoraidhe eile é a ghluaiseann thar fairrge
anonn go bráth. Ach tá rud in áirithe dho thall, rud a chuireann a chroidhe
ag preabadh, agus mura dtugaidh sé aire mhaith dho féin, scaipfear an brón
agus an buaireamh aigne atá air in éaghmais Eireann. Gabhann an long
isteach i gcuan New York, agus annsan leathan an dá shúil aige - chíonn sé


L. 44


radharc ná feaca sé riamh, sé sin la rádh, "Iomháigh na Saoirse." Déanamh
mná óige ar áilleacht an domhain ar an íomháigh sin, agus a dhá láimh sínte
amach aice chuige ag fáiltiú roimis go croidhe an domhain, agus 'ghá chur
in iúl do ná fuil sé feasta fé dhaoirse, agus gur comh-uasal gach fear
i Mericá. Leanann an dá radharc san é an dá lá 's an fhaid a mhaireann sé,
an radharc déanach a fuair sé ar Erinn, agus an chéad radharc a fuair sé ar
an Oileán Ur. Agus ó'n lá san go dtí lá a bháis, 'sí a phríomh-phaidir in
aghaidh an lae ná "go saoraidh Dia Eire."



Is seoig an mhóráil a bhíonn ar an ndeoraidhe tar éis "Iomháigh na
Saoirse" a dh'fheiscint do. Nách mór an maoidheamh a bheidh aige as nuair
a bheidh sé ag scrí' chun a mhuintire sa bhaile mar gheall uirthe? Ach baintear
cuid don eirghe in áirde dhe i gcionn tamaill. Caitheann sé dul fé scrúdú dian
dochtúra sar a dtugar cead a chos do. Má ritheann leis an dochtúir a shásamh,
leigtear i dtír é. Tagann lucht bailighthe na mbéas nó na gcáin chuige annsan,
agus scrúdaigheann siad a chuid balcaisí agus a thaplach. Béidir go gcoimeádfaí
annsan ar an gcéidh é ar feadh cúpla uair a chloig sar a leigfí dho cos a bhogadh.
Bíonn speabhraoidí na saoirse beagnách imthighthe as a cheann um an dtaca
san agus cathú a dhóithin air a ndiaidh a bhaile dhúchais.



Buaileann sé amach fén sráid annsan, agus tagann scárd na shúilibh nuair
a chíonn sé na tighthe móra gur dóigh leat go bhféadfadh na cearca na réil-
thíní a phiocadh ó na mbarraibh. Ní fheadair sé ar domhan cad é an treó baill
ba cheart do gabháil fé dhéin a lóistín. Buaileann peiléar nó "cop" uime.
Tairgeann sé blúire páipéir amach as a phóca agus síneann sé chun an pheiléir
é. Ní fhéadfadh sé féin bun ná barr a bhaint as an seoladh atá scríbhtha air.
Léigheann an peiléar é: "141 W. 97 st, New York." "Eireannach is eadh thu,
a dhuine," arsan peileár. "Is eadh cheana, a ath... a dhuine uasail,"
ar seisean. Cuireann an peiléar smuta 'gháire as. "A Eireannaigh," ar
seisan, "cuir uait an focal san "uasal" feasta. "Fir" agus "mná" na focail atá
sa tír seo. Anois glac an gluaisteán sráide go sráid a 12 adh. Annsan gheobhair
an gluaisteán fé thalamh (Sub-way) go sráid a 50 adh, agus glac an gluaisteán
os cionn tailimh (Elevated) go sráid a 97 adh. Corruig ort. Seachain an mótor
san." "Dia go deó linn," ar san deoraidhe. "Is truagh gan mé thar n-ais i
mBaile Mhúirne." Agus gluaiseann sé chun siubhail go dubhach dobrónach.



Ní déarfainn go raibh éan deagh-shaoghal ag na céad deoraidhthibh do
chuaidh go Mericá ó Eirinn. Ní raibh aon tabhairt suas ortha ná foghluim
agus b'éigean dóibh an obair ba dhearóile sa tír a dhéanamh, fé mar atá an
scéal aiges na hIodálaigh agus ag Clainn Caimh ann anois. Tá se ráidhte go
ndeaghaidh a bhfurmhór ag obair ar an mbóthar iarainn agus gurb iad na
hEireannaigh a dhein an chuid is mó do bhóithribh iarainn an Oileáin Uir.


L. 45


Níor chuir an dream san éan airgead i dtaisge ach é scaipeadh chomh tíugh as
thuillidís é. Agus is oth liom a rádh gur chaitheadar a lán dá gcuid airgid ar
ól agus scléip, agus gur dheineadar faillighe d'oideachas a gcloinne. Bé an t-ól
donas agus tubaiste na nGaedheal riamh thall agus i bhfus. Tá deire le réim an
óil anois agus 'se mo thuairim go mbeid na hEireannaigh ar bharr ins gach
éan bhall sara fada.



Ach tá a mhalairt de scéal le hinnsint i dtaobh na nEireannach do chuaidh
ag sclábhaidheacht ar an bhfeirm. Bhíodar san críochnamhail gnóthach agus ba
ghairid go raibh a bhfeirm féin ag a lán aca. Bhí an talamh ana-shaor an t-am
san. Ach anois is ar éigin a cheannochadh éan airgead na feirmeacha a fuaradh
geall leis gan phiuc an uair sin. Do dhein a lán aca socrú síos in Illinois. Ait
ana-fhiadhain, i bhfuirm fásaigh, ab eadh an áit sin nuair a tháinig na hEirean-
naigh ann ar dtúis. Ach do dheineadar-san í shaothrú agus tá an talamh ann
ar an dtalamh is fearr i Mericá anois chun arbhair a thabhairt.



Go deimhin dob ainnis an saoghal a bhí aiges na céad deoraidhthibh sin
ag obair de ló 's d'oidhche a d'iarraidh crot a chur ar an áit. Ní raibh na
sásanna nua chun saothraighthe atá aca anois ann an uair sin. Agus ní fheadar
conus nár marbhuigheadh an uile dhuine aca leis an bhfuacht an chéad gheimh-
readh. Ní raibh tigh sa dúthaigh sin rómpa, ná cóir aca chun tighe a théigh-
eadh. Tuiteann an teas ann, uaireannta, chun neamh-ní. Is minic a thagadh
leacoidhir ar an uisce le linn an Aifrinn a bheith ghá rádh agam ann. Dá
bhrigh sin, ní féidir tigh a théidheadh annsan ach le fuirnéis, rud ná raibh aiges
na daoine bochta san an uair sin. Ní dhéanfadh teine mhóna ná teine ghuail an
gnó in éan chor annsúd. Agus ní raibh éan bhreith aca ar mhóin ná ar ghual
dh'fháil ann ach chomh beag. Máseadh, cad a choimeád 'na mbeathaidh iad?
Ní fuláir nó go raibh "sláinte an bhradáin" aca, "croidhe folláin," agus
b'fhéidir, uaireannta, "gob fliuch." Níor locht san ortha braoinín uisce beatha
a bhlaiseadh nuair a bhíodh an fuacht ag goilleamhaint ortha. Bhí go leór
adhmad aca, ámhaigh, agus mar a mbeadh san do bheidís leathta ar fad.



Ach tá an saoghal ar fheabhas agá gclann anois ann. Tá siad go léir
saidhbhir, cuid aca chomh saidhbhir, b'fhéidir leis an Mac Medha a bhí ann
fadó. Tá tighthe breághtha compórdacha aca, gach sás nua aca chun a gcuid
tailimh a shaothrú, mótair chun caithimh aimsire, agus mar bharr ar an scéal
go léir, an t-oideachas as fearr i Mericá 'ghá fháil agá gclainn.



Chítear dúinn anois gur dheineadar na céad deoraidhthe ó Eirinn dícéille
mór ná deaghaidh go léir ag obair ar na feirmeacha. Do bheadh mór-chuid eile
de thalamh an Oileáin Uir agá gclainn anois, agus ní bheadh éan teóra lena
saidhbhreas agus lena gcomhacht agus lena neart.



Ach b'fhéidir nách fearra dhúinn-ne annso in Eirinn a mhalairt de scéal a


L. 46


bheith aca. Ní hiad na hEireannaibh shaidhbhre i Mericá na daoine is mó a
chuireann suim i gcúrsaíbh na hEireann ann. "Ní thuigeann an sáthach sámh
an t-ocras," adeir an sean-fhocal. Ní hiad na hEireannaigh shaidhbhre i
Mericá ná in Eirinn, leis, a chabhraigh riamh le hEirinn. Nuair a bhíon
bailiú airgid i Mericá d'Eirinn, siad síntiúisí na nEireannach mbocht a dhein-
eann an bheart. Agus nách mór an scárd an méid airgid atá curtha abhaile go
hEirinn gach éan bhliain le fad do bhliantaibh ag triall ar a n-aithreachaibh
agus a máthaireachaibh ag buachaillíbh agus ag cailíníbh bochta na hEireann?
Agus ní sos fós dóibh.



Dá bhrigh sin, siad hEireannaigh bhochta Mericá (ní'l éan bhochtaineacht
ann mar atá annso) an dream is dílse dá dtír dhuchais, agus a bhí riamh agus
a bheidh go deó. Tá siad ag troid riamh is choidhche, thoir thiar theas agus
thuaidh, ar son na hEireann i Mericá, agus ní bheidh siad sásta go deó go dtí
go mbeidh glan-tsaoirse agá dtír dhúchais agus an namhaid 'na ruaig thar
fairrge amach. Má theipeann na hEireannaigh shaidhbhre orainn anois in am
na haimiléise - i mbeárna an bhaoghail - agus ní dóigh liom go dteipfid, ná
bíodh aon amhras againn go dteipfid na hEireannaigh bhochta orainn. Is mó
an chomhacht atá aca san, ar shlighe, ná aiges na hEireannaigh shaidhbhre.
Ach pé scéal é, fé láthair ar éan tslighe, tá gach éan Eireannach i Mericá, idir
bhocht agus saidhbhir, ceapaithe ar chnámh a dhíchill a dhéanamh ar shaoirse
ghlain dh'fháil d'Eirinn.



"Ceist agam ort," arsa duine éigin. "Cad 'na thaobh go raibh na
hEireannaigh i Mericá ar an ndream daoine ba dhílse do Mhericá le linn an mhór
chogaidh seo?" Ceist leanbaidhe an cheist sin, agus ní gá' dhom freagra a
thabhairt uirthe. Dá mbeidís i gcoinnibh an Oileáin Uir agus ar thaobh na
nGearmánach, b'in é díreach do theasdaigh ó namhdaibh na hEireann, i dtreó
go mbrisfí a gcomhacht i Mericá agus ná féadfaidís a thuille tairbhe a dhéanamh
ar son na hEireann, ná éan díobháil a dhéanamh feasta do Shasana ann. Ach
bhíodar dílis do'n Oileán Ur. Do throideadar go cródha agus go calma ar a
shon. Agus anois tá a gcomhacht níosa threise agus níosa thréine ná mar a
bhí sé éan lá riamh i Mericá. Ná measadh éinne gur throid na Mericánaigh
ar son Sasana a shábháil. Is beag duine i Mericá go bhfuil éan bheann aige ar
Shasana. Ní lugha ná san a bhíodar ag troid ar son éan airgid, do thugadar
ar iasacht di, a dh'fháil tar n-ais. Bhí cúis cogaidh aca féin - scéal fada le
hinnsint - agus ní rabhadar 'ghá mbodhradh féin le Sasana. "Is cuma linn can
imtheochaidh ar Shasana, ach caithfimíd an Kaiser a chlaoi." B'in í an chaint
a bhí i mbéal gach fíor-Mhericánaigh le linn an chogaidh. Agus "a Dhia síor
Eire" an chaint atá ag gach éinne aca anois ó fhairrge go fairrge agus ó chuan
go cuan.



AINDRIAS O CEILEACHAIR.


L. 47


TRACHT AR STAIR.



Tá an iomad daoine ann nách maith leo stair na tíre seo a léigh' agus ní
hiongna é toisg an chuma ina sgríobhtar í. Ní oireamhnuighean sí an tír seo i
gcrot Béarla, níl an blas céadna uirthe agus bheadh i nGaedhilg, agus fairis sin
roinntear an stair sin ar chuma go dtiocfadh a dátaí agus a tuitim amach isteach
le stair Shasana. Sid é an locht is mó atá ar stair Bhéarla na hEireann. Féach
uirthe fá mar atá sí inár leabhraibh. Tugtar beagán cúntais dúinn as Béarla ar
imtheachtaibh ár sinnsear roim theacht na Normanach, agus is cúntas balbh an
chuid is mó dhe toisg ná bíon fios a chéirde ag an stairdhe Béarla.



Tugtar annsan a lán cainnte dhúinn ar na Normanaig féin agus is dóich le
cách gur stair é, ach ní headh. Deirtear linn gur bhuaidh na Normanaig ar Eirinn
agus creidtear indiu é. Níl ann ach bréag a cheap na Sasanaig blianta i ndiaidh
na Normanach. Ba dhóich leat ó'n stair gur dhaoine uaisle na Normanaig. Níorbh
eadh.



Fir gan tabhairt suas, gan léigheann, gan leabhair dob' eadh na Normanaig
úd; fir bhochta do bhí dúilmhear i saidhbhres agus gur chuma leo conus a gheobh-
aidís é, pe'ca le feall nó le goid nó le fuadach. Ní raibh seasamh ar a bhfocal 'na
ar a ngeallamhaint.



Dhíbir Ardrí Eireann Diarmaid mac Murchudha, rí Laighean, an poll amach,
agus ar bhfilleadh thar nais do, do thug sé leis mar fhearaibh conganta dream
Normanach agus d'fhanadar aige go lá a bháis. Fear borb, láidir dob eadh
Diarmaid, bhí eolas cruinn aige ar choga agus fonn air bheith 'na Ardrí ar Eirinn.
Moltar na Normanaig sa stair ach cáintear Diarmaid. Sin é direach breith na
Sasanach agus creidtear í. Níl innte ach bréag a chum na Gaill ar a son féin.



Ní raibh Diarmaid gan locht ach dob fhearr é mar fhear cogaidh 'ná na
Normanaig. Bhí sé fial agus go maith do bochtaibh agus do dhaoinibh ísle,
tréithe ná cuirean aon ughdar i leith aon Normanaig. Fear clisde chun comhraic
dob' eadh an Normanach agus ba bheag eolas eile a bhí aige. Bhíodh sé clúduighthe
le lúireach ó bhonn go bathas agus cóta de shligiríní cruadha ar a chapal. Bhí
an buadh aige féin agus ag Diarmaid ar feadh cúpla blian d'éis a dteacht go
hEirinn, toisg go rabhadar lúirithe agus gan ach éadach mín ortha súd a bhí
'na gcoinnibh. Ba lag leis na hEireannaig lúireach a chur ortha féin, bhí breis


L. 48


mhisnig ionnta, agus breis mhuinghin aca as neart a gcuisleana. Ba ghearr gur
chuir cuid aca lúireach umpa agus coisgeadh an Normanach agus Diarmaid.
Níor chuir na daoine puinn suime ar dtúis ins na Normanaig toisg ná raibh
ionnta ach fir thuarasdail Dhiarmada, rí Laighean, agus ní raibh Eire 'na choin-
nibh toisg gur cheap a lán go rabhthas ró-chruaidh air, agus nár chóir é thiomáint
an poll amach.



Féach cad adeir Annala na hEireann fé'n mbliain 1173: "Ro cuirseat for
nemtni na Flemandaig" - sé sin nár cuireadh puinn suime, nó nár bhfiú trácht
thar na Normanaig. Do b'é Diarmaid, agus sluaighte Laighean, a bhí ag
cur buartha ar Eirinn an uair sin, agus níorbh iad Strongbow, 'ná Seán de
Cúrsa, 'ná Hugo de Láis, 'ná éinne de'n dream go gcloisimíd trácht mór ortha
i stair Bhéarla an lae indiu. Stair do réir tola Shasana an stair sin a léighmíd
ins na leabhraibh indiu. Deinid fear fiadhain do Dhiarmaid agus uaisle des na
Normanaig. Ní mar sin a bhí. Is amhlaidh a bhíodh na Normanaig ag umhlú
dho Dhiarmaid agus eagla ortha roimis mar dream fealltach dob' eadh iad.
Dubhairt Strongbow leó, nuair a bheadh Diarmaid 'na Ardrí, go gcuirfí eisean
is iadsan abhaile agus go mbeidís chomh bocht is bhíodar riamh. Do chrom-
adar ar shiosmarnaig le chéile, agus dob é bun an sgéil é gur thugadar nimh
do Dhiarmaid. Ba ghránna an radharc ar chlár é Diarmaid na nGall, dath dubh
ar a chorp, a cheannaighthe ataithe agus an croiceann ag sgubhadh dhá chnámh-
aibh. Gan amhras, dubarthas gur mhás nádúrtha a fuair sé ach bhí a
mhalairt d'fhios ag Strongbow.



Ní túisge bhí Diarmaid marbh, 'ná gur chuir Strongbow féin roimis bheith
'na Ardrí, agus ghluais sé leis ó dheas. Nách beag trácht atá i stair na
hEireann ar Dhomhnall O Bhriain, rí Thuadh-Mhumhan, ach do b'in é an fear
a chuir cosg le Strongbow. Bhí dream beag laoch ag Domhnall, ach bhí do
chéill aige lúireacha a chur umpa, agus bhuail sé le Strongbow ag Dúrlus i
dTiobraid Ara agus briseadh ar Ghallaibh. An bhliain a bhí chughainn, bhrúcht
Strongbow ó dheas arís; bhuail Domhnall umpa ag Dúrlus; bhí cath dian
eatortha; briseadh ar Ghallaibh; thug Domhnall béim claidhimh do Strongbow,
agus lean sé ar Ghallaibh go Portláirge. Tógadh Strongbow agus é leath-
mharbh go Bleácliath mar a bhfuair sé bás.



Ghabh an Brianach úd do chosaibh i Seán de Cúrsa, i Hugo de Láis agus
in gach taoiseach Gallda le na linn, agus faid do mhair sé bhí an lámh uachtair
aige ar Ghallaibh Laighean ar feadh ocht mbliana déag. Nach ait an stair
atá againn gur beag trácht atá i leabhraibh, lasmuich do Annála na hEireann,
ar laoch mar Dhomhnall mór O Briain!



Níor bhuaidh na Normanaig ar Eirinn, agus iad súd a tháinig le Diar-
maid, bhíodar ag tabhairt an fhéir chúig bhliana d'eis teacht anall dóibh.


L. 49


Tháinig a lán Gall 'na ndiaidh agus b'éigean doibh Páil a chur suas ar réise
chaol thalmhan cois na fairge sa taobh thoir d'Eirinn agus bhí an Pháil úd
chomh cumhang cheithre bliana 'na dhiadh san ná raibh a teoranna ach seacht
míle lasmuich do Bhleácliath. Teasbánann an méid sin ná fuil brigh an sgéil
againn ach rotha-seama staire do ceapadh fé chúram Gall.



Bhuaidh na Normanaig ar Shasanaig, ní raibh aca ach aon chath amháin,
agus as soin amach bhí an Sasanach bocht mar bhuachaill capal is gadhar
aca ar feadh trí chéad blian. Bhídís i dtrithibh fé na theangain gharbh, agus
ní raibh sa Bhéarla, dar leo, ach teanga threabhaire, agus do reir staire Chassel,
agus stairthe eile, dá mb'eol duit Normanach a 'bhréagnú nó fós áiteamh air,
is amhlaidh a chuirfeadh goic air féin agus déarfadh go mórtaiseach: "An
dóich leat gur Sasanach me!" Mar sin féin chuaidh sé chun cogaidh leis an
bhFraingc, agus ghlaoidh sé chuige an sglábhuidhe Sasanaig, agus lean an
cath ar feadh céad blian. "Fuath liom an Franncach," ar seisean, "agus
fuath liom a theanga dá réir sin, is measa liom an tráille bocht Sasanaig a
chabhruigheann liom agus beidh a theanga gharbh agam as so amach." Fuin-
eadh an dá threibh feasda. Mór é comhacht theangan! D'fás an Normanach
'na Shasanach fé bhrigh an Bhéarla agus 'na Eireannach fé bhrigh na Geadh-
ilge, agus níl tásg ná tuairisg air féin indiu, mar chaill sé a theanga féin, agus
dá dheasgaibh sin cuimileadh amach é as treabhacha an domhain. Chuir sé an
Sasanach fé chois, agus bhí a leithéid sin d'eagla ag an Sasanach roimis agus
d'uirim aige dho, gur b'é an port is mó ag gach Sasanach beag uallach indiu:
"Tháinig mo shinnsear i leith le Liam Concúr!"



Ní bhfaghfá tréith de'n tsaghas soin imeasg Eireannach in aon chor, agus
sé fáth é ná raibh na Gaill riamh mar cheann ar Eirinn. Dá bhrigh sin ní
admhóch' bacach bóthair sa tír seo go raibh bainnt, olc, maith, 'ná donai aige
féin 'ná 'gá shinnsear le fuil 'ná le béasa aon Normanaig. Dá chomartha san
maireann sprid Ghaedhealach na hEireann gus indiu, agus ní túisge a bheidh
ceo agus smúit an Bhéarla glanta dhá meabhair, ná go mbeidh an acfuinn
chéadna aici do bhí fadó, - gach Gall is Gaedheal idir na cheithre fairgí a bhailiú
isteach 'na bínn agus Eireannaig a dhéanamh dhíobh.



CONAN MAOL.


L. 50


CATHAIR NA nDEAMHAN.



Aistrighthe ó Bhéarla Liam Mac Fhinn, a rugadh i gCorcaig san mbliain 1793.



Ins na laethibh a bhí, do chómhnuig i gcathair shéanmhar Chadhro, rabbi
Eabhrach dárbh' ainm Iochónan. Ní raibh ar a chine neach ba léigheanta ná é.
Do leath a cháil ó náisiún go náisiún, i gcás go dtagadh óig-fhir ó imeallaibh
an Oirthir chun teasgasg a ghlacadh uaidh. Ba dhoimhin agus b'iomlán é a
eolas ar bhéal-oideas na n-Atharach; agus nuair eirigheadh argóint idir dhaoinibh
i dtaobh ceisteana de'n tsórd, níor ghá' ach bagairt cinn uaidh chun iad do
réidhteach. Bhí sé cráibheach, cóir, measardha; agus dian dúthrachtach ag
leanúint na dlighe. Bhí aon dubháilce amháin ann ámh: bhí grádh a chroidhe
san ór, agus níor bhronn sé déirc ar dhuine bhocht riamh. Fear saidhbhir ab
eadh é; agus is de bhárr a eagna agus a chuid eolais a chnuasuigh sé furmhór
a ghustail. Bhí brón ar Eabhraig na cathrach i dtaobh an lochd so bheith sa
té ba léigheanta dhá gcine; agus cé go dtugaidís onóir do ar son a cháile, is é
ainm a bhíodh ag mnáibh agus ag leanbhaibh na sráide air ná Iochónan an
Bochtán.



Bhí togha feasa aige ar na gnáthaibh a cleachtí chun duine do thabhairt
isteach go creideamh Mhaoise, agus do thuilleadh sé mórán airgid ag friothá-
lamh mar sin ar dhaoinibh.



Lá áirithe agus é ag siubhal trí pháirceanaibh lasmuigh de'n chathair i
gcomhrádh le hógánach ar mhíniú na dlighe, do thárla gur bhuail aingeal an
bháis go hobann an fear óg, i gcás gur thuit sé 'na chorp mharbh i bhfiadh-
naise an rabbi.



Nuair a chonnaic sé go raibh an buachaill marbh, do réab sé a chuid éadaig,
agus do thug sé glóir do'n Tighearna. Ach do priocadh a chroidhe, i gcás go
dtigeadh smuainte ar an mbás chuige i dtaidhrithibh na hoidhche. Thagadh
buaidhreamh aigne air nuair a mhachtnuigheadh sé ar chruas a chroidhe le
bochtaibh, agus adubhairt sé: " Go mbeannuighthear ainm an Tighearna! an
chéad dea'-obair a hiarrfar orm a dhéanamh, déanfád í ar son an ainm
naomtha san." Ach chuir sé liach as, mar bhí eagla air go n-iarrfí cuid éigin
dá chuid airgid air.



Faid bhí sé ag machtnamh ar na neithibh sin, do tháinig glaodhach airthin-
neach chun an dorais.


L. 51


"Músgail, a chodlatánaig," ars an guth, "músgail! tá leanbh i gcontabh-
airt an bháis, agus do chuir máthair an leinbh mise ar do lorg chun go ndéantá
an ní atá riachtanach do'n leanbh."



"Tá an oidhche dubh, dorcha," ars an rabbi, "agus is mór é m'aos. Ná
fuil fir is óige ná mise sa chathair agat?"



"Is tusa amháin a dubharthas liom fháil, - tusa ar a ngoirid daoine an
t-Eagnach, agus ar a ngoirid daoine eile an Bochtán. Seo sparán óir mar
thuarastal duit. Cuirim ort teacht liom in ainm Dé Bhí."



Do chuimhnig an Rabbi ar na móidibh a thug sé uaidh tamall beag roimhe
sin, agus do tháinig aithreachas air, mar bhí tuairim aige go raibh an sparán
teann.



"O chuireann tú orm san ainm sin," ars an Rabbi, "raghad leat; ach
tá súil agam ná fuil an t-aistear fada. Cuir chughat do chuid óir."



"Tá an áit i bhfogus dúinn," ars an coigcríoch. "Bí mear; tá an uain
ag imtheacht."



Ogánach cródha, agus é éadaighthe go greanta dob eadh an teachtaire.



D'eirig Iochónan, agus do chur sé uimis. D'oscail sé an doras, agus
do chuir sé an glas go dlúth 'na dhiaidh air, agus do chuir sé na heochracha
i bhfolach in aice an dorais. Do dhein an t-ógánach mion-gháire nuair a
chonnaic sé an Rabbi ag coigilt na n-eochrach, ach níor labhair sé focal. Do
ghluais an bheirt ortha.



"Ní cuimhin liom," ars an Rabbi, "go bhfeaca oidhche chomh dubh riamh.
Dein treorú dhom mar ní fheicim an bóthar."



"Tá eolas maith agam-sa air," ars an teachtaire, agus chuir sé osna as.
"Bóthar leathan is eadh é, agus tá teasdal mórán daoine air; beir ar mo chuis-
linn, agus ná bíodh eagla ort."



Do chuireadar díobh; agus cé gur mhór é an dóircheacht, do thug an
Rabbi fé ndeara, ar theacht do niamh soluis anois agus arís, go raibh sé in
áit a bhí as a aithne. "Do shamhluigheas," ar sé, "go raibh eolas na tíre
ar feadh mórán mílte tímpal na cathrach agam, agus anois níl fhios agam cá
bhfuilim. Ní héidir, a óig-fhir, gur b'amhal' a chuais amú?" Do laguig a
mhisneach.



"Ná bíodh ceist ort," ars an t-ógánach. Tá deire anois díreach le nár
n-aistear." Agus ar rádh na bhfocal do, do baineadh na cosa ó'n Rabbi, agus
do shleamhnuigh sé le fánaig fhada. Ar a theacht chuige féin do chonnaic
sé gur baineadh an turrain chéadna as an ógánach. Bhí an bheirt 'na seasamh
thíos.



"A ógánaig," ars an Rabbi, "má's ag magadh fé shean-duine ataoi, is
giorra ar do shaoghal é. Mairg do'n té thugan masla do cheann liath."


L. 52


Do ghaibh an t-ógánach a leath-sgéal, agus do leanadar dá dtriall tamall
beag eile gan caint. Do laigheaduig an doircheacht, agus ar n-árdú a shúl do'n
Rabbi, do chonnaic sé gur shroitheadar geataí cathrach ná feaca sé riamh
roime sin. Ba mhór é a iongna, óir ní raibh cathair sa tír ná raibh eolas aige
uirthe, agus ní raibh sé ach leath-uair a' chluig ó fhág sé a thig cómhnuighthe
féin i gCadhro. Do lean sé an treoraidhe agus é ar crith.



Ba ghéarr gur chuadar isteach sa chathair. Bhí soillse ar lasadh ins gach
ball, fé mar bheadh saoire mhór éigin ar siúbhal. Bhí na sráideana lán de
lucht spóirt, agus gan le clos ach guth agus gleo an áthais ó gach taobh.
Ach nuair a dhearc Iochónan i ngnúis na bhfear, thug sé fé ndeara gur daoine
iad go rabh peanaid mhór éigin aca dhá fhulag, cé go raibh deá'ramh an áthais
féin ortha. D'aithin sé ar na comharthaibh seo gur deamhain ab eadh iad.
Do chuir san sgannra a anama air; agus nuair a thaithn solus na dtrísleán
ar aghaidh an óig-fhir, do chonnaic an Rabbi go raibh comhartha an deamhain
ar sin chomh maith. Do mhéidigh sin an sgannra air, ach níor labhair sé gíog,
agus do lean sé an t-ógánach gur threoir sé chun tighe breágh é a bhí san
áit dob uaisle de'n chathair.



"Téidhir isteach ann so," ars an treoraidhe leis, "óir is liom-sa an tigh-
seo, agus tá an bhean agus an leanbh breoite i seómra lastuas ann." Do
chuir an Rabbi na staidhrí suas de chun go bhfuair sé iad.



Bhí an bhean-uasal 'na luighe ar leabaidh. Bhí maisiúlacht agus dathú-
lacht thar meon ag baint léi; ach san am chéadna bhí scáil an bhróin agus an
éadóchais os cionn na háilneachta uirthe. Bhí an leanbh i n-éadaibh daora
'na bhreac-chodladh ar bhaclainn bhanartlann le na taobh.



"A sholuis mo bheatha," ars an deamhan leis an mnaoi uasail, "do thugas
chubhat é, - fear na heagna, an té bhí uait. Gheobhad na neithe a theas-
duighean; tosnuigheadh sé láithreach, óir chím go bhfuil deabhadh chun na
háite seo fhágaint air."



Ar rádh na bhfocal do, d'fhéach sé ar an Rabbi, agus do chuir sé gáir
bheag mhagaidh as, agus d'fhág sé an seomra agus do lean an bhanaltra é.



Nuair a bhí Iochónan agus an bhean uasal 'na n-aonar d'iompuigh sí ar
an leabaidh chuige, agus dubhairt sí:



"A fhir an mhí-áidh, an bhfuil fhios agat cad é an áit é seo' na a dtáinghis?"



"Tá's agam anois é," ar sé, agus do leog sé osna trom as; "tá's agam
go bhfuilim i gcathair na ndeamhan."



"Bíodh a fhios fairis sin agat," ar sí, agus do rith sruth deor ó'n a
súilibh, "nár tugadh riamh isteach innte ach neach a pheacaidh i bhfiadhnaise
an Tighearna. Ní ceist anois cad é mo pheaca féin, ná ní mian liom a fhia-
fruighe cad é do pheaca sa, - ach ní fhágfair an ball so go deo. Taoi caillte


L. 53


mar atáim-se féin, fóiríor, - caillte, caillte, caillte." Agus do chrom sí ar ghol
arís.



Do chaith an Rabbi a bhairéad ar an úrlár, do réab sé a chuid gruaige,
agus dubhairt sé: "Mairg, mairg dómh-sa! Agus a bhean, cé hí thusa a
labhrann mar seo liom?"



"Bean Eabhrach;" ar sí, "inghean ollaimh dlighe i gcathair Bhagdaid.
Do tugadh annso, mé, is cuma conas; agus do pósadh mé le flaith ameasg na
ndeamhan, - an té chuaidh id iarraidh. Agus an leanbh so, sé ár gcéadghein
é, - naoineán neamhchiontach, - ní cheadóchainn go gcaillfeadh sé a anam.
D'iarras ar mo chéile sagart do sholáthar a dhéanfadh an leanbh do thímpal-
ghearradh; agus ós rud é go gcuala tuairisg ar do léighean i dtig m'athar,
d'ainmnigheas tusa mar shagart do. Cé gur mór é mo chéile ameasg na
ndeamhan, is daonachtúla é ná iad; agus rud eile, ní bhfaghadh sé ó'n a chroidhe
mise d'eiteach, óir cé gur b'é do mhill mé, is mór é a ghrádh dhom. Dubhairt
sé go raibh aithne mhaith aige ort agus ná féadfá diúltadh. Tá's agat féin
cad é an choir atá déanta agat a chuir i gcómhacht na ndeamhan tu."



"Dearbhuighim ós cómhair na bhflaitheas," ars an Rabbi, "gur chim-
eádas riamh an dlighe go dúthrachtach, gur shiubhluigheas gan staonadh do
réir theagaisg na n-Atharach ó laethibh m'óige gus indiu. Níor imreas an-cheart
ar neach riamh le gníomh ná le bréithir; gach lá d'adhras an Tighearna, agus
do rinneas an bheag agus an mhór de gach gnáth a bhainean le seirbhís Dé in
A theampul."



"Do thuitfeadh amach," ars an bhean, "go ndéanfá mar a deirir, agus
breis, agus na dhiadh san go mbeidhfá i gcomhacht na ndeamhan. Ach níl
am anois againn. Airighim ciscéim mo chéile ag teacht aníos an staidhre. Tá
aon tseans amháin ar imtheacht fós agat."



"A Ghile na Gile, cad é sin?" ars an Rabbi, agus crith a chroidhe air.



"Ná hith, agus ná hól, ná glac duais ná tuarasdal faid a bheir annso; agus
an fhaid a rithfidh leat san do dhéanamh, ní bheidh comhacht ag na deamh-
anaibh ort beo ná marbh. Bíodh misneach ort, agus bí buan-tseasamhach."



Ar stad de'n chaint do'n mhnaoi, do tháinig a céile isteach sa tseomra,
agus an bhanaltra 'na dhiadh. Aici-se do bhí gach ní d'oir do mhiniostráltacht
an Rabbi. Do dhein sé a ghnó, agus brón ar a chroidhe, agus do háirmheadh
an leanbh ameasg na bhfíoraon.



Nuair a bhí gach ní déanta, do cuireadh an fíon thart do réir nós na sinnsear.
Do bhlais an leanbh é, do bhlais máthair an leinbh é; ach nuair a tugadh do'n
tsagart é, do chuir sé suas do, ghá rádh, "Ná tóg orm go n-eitighim é, a
Thighearna; táim fé mhóidibh trosgadh a dhéanamh indiu, agus ní íosfad ná
ní ólfad."


L. 54


"Mar is mian leat," ars an deamhan. "Ní hé mo thoil-se go réabfá do
mhóide," agus do chuir sé gáir mhagaidh as.



Do tugadh an Rabbi bocht go seomra fé leith, mar ar chaith sé an far-is-
barr de'n oidhche agus an lá na diaidh ag gol agus ag impidhe ar Dhia é
thabhairt saor ó Chathair na nDeamhan. Ach nuair a bhuail an dara uair
déag, agus nuair a bhí an ghrian fé, do tháinig flaith na ndeamhan arís chuige
agus adubhairt:



"Ith anois, iarraim ort, óir tá lá do mhóide thart," agus do chuir sé biadh
ós a chomhair.



"Féach orm a Thighearna, ach ná féach le feirg orm," ars an Rabbi. Tá
móide tabhartha agam trosagdh do dhéanamh indiu leis."



"Níl fearg orm," ars an deamhan. "Bíodh mar is maith leat; ní chuirfead
isteach ort i dtaobh do mhóide." Agus chuir sé gáir mhagaidh arís as.



D'fhan an Rabbi lá eile sa tseomra ag caoi agus ag úrnaighthe, agus
nuair a chuaidh an ghrian fé lastiar des na cnocaibh, do tháinig flaith na
ndeamhan chuige arís, agus adubhairt:



"Ith anois, mar is mithid duit ocras a bheith ort; ba dhocht iad do mhóide."
Agus do chuir sé biadh dea'-bhlasta ar bórd chuige.



Do chuir an milis-bhiadh mian mór ar an Rabbi, ach do ghuidh sé ó'n
a chroidhe chun an Tighearna na cathaí do dhul thairis. Do chuadar; agus
do dhein sé freagra.



"Fós an treas uair, ná tóg ar do sheirbhíseach ná hitheann sé. Do dheineas
na móide d'athnuachtaint.



"Bíodh mar sin," ars an té eile. "Eirigh agus lean mé."



Do thóg an deamhan trísleán 'na láimh agus do threoruigh sé an Rabbi
trí scúinsíbh fada cama gur thug sé go seomra fairsing árd é. Ar a ndul isteach
ann, do chonnaic an Rabbi gur d'airgead gheal a bhí sé déanta. Dá mb'iad
na fallaí, an t-úrlár, an díonuachtair, an táirseach agus na h-ursana iad, is
d'airgead thathacach a bhíodar déanta. Bhí na frathacha agus ciumhaiseana
an díonuachtara chomh greanta san gur dhóigh leat nuair bhíodar ag taith-
neamh fé sholus an trísleáin, gur obair néata sheaca iad. I lár an tseomra bhí
soithí móra de'n mhiteal chéadna agus iad cruachta le hairgead geal.



"A Rabbi," ars an deamhan, "táim fé chomaoine agat; tóg an méid is
mian leat dá mb'é an t-iomlán é."



"Ní bheadh san ceaduighthe agam," ars an Rabbi. "Do chuiris fé
gheasaibh mé teacht in ainm Dé, agus is in A ainm a thánag, agus ní ar dhuais
ná ar thuarasdal."



"Lean mise," arsa Flaith na nDeamhan, agus do chuadar araon isteach
go seomra eile, a bhí níos sia siar sa tig.


L. 55


Fé mar a bhí an chéad sheomra déanta d'airgead, is d'ór bhuidhe a bhí
sé seo déanta. Bhí piléirí óir ag eirghe as úrlár óir agus ag cimeád an chinn
óir suas. Bhí cheithre cinn fhichead d'árthaíbh sa tseomra, - sé cinn cois gach
falla, - agus bhíodar uile lán go bruach de phíosáibh óir; agus ba mhó dob fhiú
an t-ór a bhí i ngach ceann aca ná iomlán ciste rithe an domhan i dteannta
chéile.



Do ghriog an tsaint croidhe an Rabbi nuair a chonnaic sé ag taithneamh
sa tsolus bhuidhe iad, mar thaithneamh na gréine tráthnóna breágh fómhair.
Ach trí chabhair Dé do lean sé dá fhocal.



Ars an Deamhan: "Ní'l mac máthar ar thalamh an domhain a bhéadh
chomh saidhbhir leat mara mbeadh agat ach lán éin chinn amháin aca, agus
féach do-bheirim iad uile dhuit. Bídís go léir agat."



D'eitigh Iochónan arís. Annsan d'oscail an Deamhan dogas an trímhadh
seomra. B'é sin Halla na mBuadh-Chloch. Ní túisge chuir an Rabbi a chos
thar táirsing ná chuir sé sgread as, agus chuir sé a lámha ar a shúilibh. Do
dhall gile na seod é mar a dhéanfadh féachaint ar ghréin an mheádhan lae.
Bhí clocha buadha thar áireamh i miasaibh agat, agus gach ceann aca níos
mó ná ubh colúir. Ar bhórdaibh alabastair bhí saghasana eile de sheodaibh,
agus bhíodar snuighte, líomhtha, greanta i ndiaidh lámha saor-cheárdaidhthe.
Sé rud a bhí ag tabhairt soluis do'n Hálla ná carbuncail mór a bhí sa bhfalla
i gceann de. Bhí an seomra chomh solusmhar is dá mbeadh an ghrian ag
taithneamh isteach ann; ach bhí an solus chomh bog le bog-sholus na ré.



Chuir an radharc-so an Rabbi i gcruachás; ach do chabhruigh Dia leis agus
d'éitigh sé arís.



"Chím go n-aithnigheann tú me," ars an Deamhan. "Tá'n ceart agat,-
is deamhan me, agus is chun tu mhealladh do thaispeánas iad-so dhuit; ach
Ós rud é gur chuiris im choinnibh go dti so, ní chuirfead a thuille de chathaíbh
ort. Do dheinis rud dom sa tigh seo, agus cé ná fuil meas ar bith agam-sa air,
is mór ag mo mhnaoi é, agus is annsa liom í ná m'anam féin. Siubhluigh, tá
seomra eile fós agat le feiscint. Croth suas tu féin." Mar bhí súile Iochónan
dúnta, é ag bualadh a uchta, agus ag guidhe chun an Tighearna.



Ní raibh deá'ramh ar bith ag an seómra deireanach leis an gcuid eile.
Poll beag suarach gan trosgán ab eadh é. Ar crochadh leis na fallaibh salacha
bhí mórchuid eochrach meirgeacha, - eochracha móra agus eochracha beaga,
agus iad gan réir ach ar crochadh annso agus annsúd. Do tháinig iongna
a chroidhe ar Iochónan nuair a chonnaic sé eochracha a thighe féin 'na measg,-
na heochracha úd do chuir sé i bhfolach go seana-chríona, mar a shíl sé, nuair
fhág sé an baile chun dul lcis an nDeamhan.



"Cad a chíon tú," ars an Deamhan, "go bhfuil tú ag féachaint chomh
géar san air? An té a dhiúltaigh airgead agus ór agus clocha-bhuadha nách ait
suim a bheith aige ghá chur i roinnt sean-eochrach meirgeacha."



"Is iad mo chuid mhacánta féin iad," ars an Rabbi. "Glacfad go
buidheach iad má deintear iad do thairiscint dom."



Do thóg an Deamhan eochracha Iochónain de'n fhalla, agus chuir sé 'na
láimh iad. "Tá cead imtheacht' agat," ar sé; "ach, a Rabbi, glac cómhairle
do leasa, agus oscail, ní hé amháin do thig ach do chroidhe chomh maith. Is
é cruas do chroidhe a thug an greim domhsa ort. Ba mhaith dhuit gur dheinis
éan ghníomh carthanachta amháin. Sé sin do theacht liom-sa gan díoluíocht.
Sin é a shaor tu. Ná bí id bhochtán feasta."



D'umhluigh an Rabbi go talamh, agus do thug sé buidheachas do Dhia
i dtaobh é shaoradh. "Ach conus, led' thoil, " ar sé, "a raghad thar nais,
óir níl eolas na slighte agam?"



"Dún do shúile," ars an Deamhan. Do dhein, agus i gcionn nóimit do
chualaidh sé an Deamhan ghá rádh leis iad d'oscailt arís. Agus féach nuair a
dhein, sé áit go bhfeaca sé go raibh sé, - i lár a sheomra féin in a thig féin
i gCadhro, agus a eochracha 'na láimh aige.



Nuair a tháinig sé chuige féin do gaibh sé buidheachas go humhal le
Dia na Trócaire a shaor é. Do lean sé faid a mhair sé de'n chomhairle úd
a fuair sé agus é i ngéibhean. D'oscail sé a thig agus a sparán agus a chroidhe
do bhochtaibh na cathrach. Níor cuireadh obair ar bun san áit le haghaidh
maitheasa na ndaoine ná gur mhór é a chongnamh chúiche; agus le himeacht
na laethanta, in ionad Iochónan an Bochtán a bheith mar leas-ainm air, is
é a thugadh uasal agus íseal air ná Iochónan na Féile.
Gruagach an Tobair

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services