Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cogar Mogar
Title
Cogar Mogar
Author(s)
Ua Laoghaire, Diarmuid,
Pen Name
Fíre Feá
Composition Date
1909
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cogar Mogar. I. Caitheamh-Aimsire Iasachta. Is fada dhom ar an saoghal agus is mó saghas caitheamh aimsIre a chonac le m' rae, ach do bhuaidh na "Hubby Horses" ortha go léir. Táid siad ag gluaiseacht ó áit go h-áit anis le tamall. Cuirid siad fútha anso 's ansúd ar feadh seachtmhaine nú caidhcís, ins na h-áiteanaibh go mbíon amhras acu go mbeadh raighse amadán go meallfidís roinnt phinginí uatha. Do ráinidh dóibh teacht i m' chomharsanacht féin tráth éigin le déanaighe go h-árimhthe. Ní raibh aon tsuaineas aigne orm go bhfeaca iad. Chuadhas fé na ndéin. Do leath mó shúile orm nuair a chonac iad. Do eighrigh mo chroidhe orm nuair a chonac an sluagh bhí ag féachaint ortha, agus an driuch a bhí ortha. Bhí a gcóracha curtha i dtreó acu. Bhíodar istigh i lár láithreáin mhóir, leathan, lathaighe . Bhí na Hubby Horses ar siúbhal. Chídhfá capail agus asail agus muca agus gabhair agus gach aon tsaghas animhighe ag gabháil mór dtíompal ar greada. Chídhfá fir luatha láidire, agus sean-daoine, agus fiú amháin buachailí sgoile ag marcuigheacht ortha. Thugas fé ndeara aon tsean-duine amháin a bhí ann. Fear mór garbh láidir sgoth-aosta a b' eadh é. Bhí
sé ag marcuigheacht ar sheana chráin mhuice a bhí chomh do-thígheasach leis féin. Dá bhficfá mar fhéachadh sé ar na daoine féachaint an rabhadar á thabhairt fé ndeara! "Seadh," arsa mise liom féin. "Tá'n tú ar muin na muice dhoit féin, a dhuine bhoicht!" Bhí san go maith go dtí gur stopadh d' a mharcuigheacht é. Dá bhficfá chomh buartha 's do bhí sé! D'fhéach sé 'n a thíompal. Chonaic sé na marcaigh eile ag túirleac. Chonaic sé tuile marcaig ag dul suas. Chonaic sé pocán gabhair ná raibh aoinne ag dul fé na dhéin. Níor fhéad sé foidhneamh. Seo fé dhéin an ghabhair é, agus do phreab sé anáirde air. Do gháir na daoine nuair a chonaiceadar an fear bocht gan chiall. Do gháir sé féin chómh maith le cách. Ghluaisigheadar. Dá bhicfá an stiúir a bhí ar mo shean-duine bhocht, agus an mhórdháil a bhí air i dtaobh bheith ag marcuigheacht ar ghabhar. Níor bh' aon nuadhacht bheith ag marcuigheacht ar chapal. Bhí dhá adhairc ar an ngabhar a bhí chómh fada agus chómh géar le dhá bheaignit ach ná rabhadar chómh díreach. Bhí meigeal de fhéasóig fhada, sgáinte, liath air, a bhí ag teacht anuas go dtí an talamh, i gcás go raibh sé i gcontabhairt seasaimh air; agus is ró bheag ná go raibh sé ag meigiolaig. An chéad uair a bhí sé ag gabháil tharainn do liúigh agus do sgread agus do bhéic na daoine i dtreó go dtáinidh píoparnach i m' chluasaibh féin, agus gur mheasas go raibh mo phlaosg briste. Níor chuir san aon chorabhuais ar an sean-duine ámhthach. Níor bh'fhearr leis rud a bhí ar siúbhal acu. Fé cheann tamail mhothuigheas fuacht ag teacht ar mo chosaibh. Do fhéachas ar an dtalamh fé m' chosaibh agus i m' thiompal. Cad a bheadh ná lathach go glúinibh orm féin, agus ar a raibh eile láithreach.
"Seadh," arsa mise liom féin, "is é mo mhór- thuairim go bhfuil breis agus mo dhá dhóithin des na Hubby Horses fághálta agam-sa; fágaim ansan sibh agus bhúr dtairbhthe nár fhaghad." Dia mór linn, a dhaoine mo chroidhe istigh! Nách sinn na h-amadáin! Nách fhuiriste sinn a mhealladh! Nách éachtach an sult a gheibhmíd i ndaoine bhíon ag stealla-mhaga fúinn! Na daoine seo bhíonn ag gluaiseacht ó áit go h-áit ar an gcuma san ní fios cad as iad. Níl beann acu ar Dhia ná ar dhuine. Daoine "gan paidir gan créidh, gan atheanta Dé" iseadh iad. Cad é an donas atá ag gabháil dúinn ná cuirimíd an ruagairt ortha? Nách tubaisteach an chriú sinn agus cuir suas leó in aon chor! Níl leigheas air ach bheith cráidhte.
II. "Is malluighthe an dram tuinncéirí." Is ró ghearr ó bhí capal agam le díol, agus do rugas liom é go dtí sráid éigin i gCúntae Luiminighe go raibh aonach capal ann. Ní déarfidh mé cad í an tsráid í, ach amháin go bhfuil sí i ngearracht fiche míle dhe 'n Chaithir. Nuair a shroiseas an t-aonach, ní gádh dhom a rádh go bhfeaca radharc. Bhí capail agus asail agus daoine ann. Bhí na capail ag rith síos suas, agus anonn 's anall ar greada. Bhí cuid acu ar cos anáirde, agus cuid acu ar sodar, cuid acu ag siúbhal agus cuid acu 'n a stop. Bhí capail fiaidh agus capail ráis ann, capail i gcóir chairéireachta, agus capail, d'réir mar mheasas, gan aon mhaitheas in aon chor ionta. Bhí bramaig de gach aon aos ann, cuid achu go sleamhain, beathuighthe, deagh-chúmtha, go raibh braon foluigheachta ionta, agus tuile acu go seang, seirigthe, giobalach, ocarach, na raibh siúbhal na slighe ionta, ó ocras agus ó dhroch-usáid. I dtaobh na n-asal, ní mór go bhfeacathas in aon chor iad, bhíodar chómh suarach san idir na capailibh, ach mar sin féin bhíodar ann, agus cé ná raibh puinn tuirt ionta, ba mhaith an sás iad féin a chuir in úil iad mar nuair a liogadh ceann acu sgread as, do fhreagaruigheadh ceann eile é, agus ceann eile agus fós ceann eile, agus mar sin dóibh, go dtí go mbídís go léir ag béicigh i dteannta chéile, ó cheann ceann na sráide. B'fhéidir ansan má seadh gur bh' fhada ó uaigneas do mhuíntir an aonaig é. An fhaid a bhíodh a gcómhrádh ar siúbhal agus na h-aralaibh
níor bh' fhéidir do aoinne eile focal a labhairt, nú dá labharadh ba bheag an chabhair do é mar ná h- areóch' aoinne é. Seadh, do bhí capal agam-sa le díol, agus do dhíolas é leis. Do casadh ceannuightheoir ó Bh' L' áth' Cliath orm. 'N fhaid a bhí an maraga á dhéanamh bhí locht dhíolta na gceannrach go bruideamhail ag rith síos suas, agus ó 's ag trácht ortha é, is ann a bhíodar, lán an bhaill acu. Ní raibh de éadach um úmpa ach na giobail, agus ní raibh focal síbhialta le fághail amach ash béal aoinne acu, ach gach aon fhocal ar a fhaobhar agus ar a chúinne. Bhí cuid acu, na mná go mór mór, go bhficfá leanbh ar chuislinn acu, agus bacala cheannrach ar an gcuislinn eile; agus an driuch a bhíodh ortha! Go sábhálaidh Dia sinn! Ba mhaith leat ráil iarrainn a bheith idir tu 'gus iad. Do bhailigh miothal acu tíompal orm-sa go h-árimhthe, chun cheannraig a dhíol liom, nuair a bhraitheadar nár bhfuláir nú go ndíolfainn mo chapal. Ní raibh de sheift agam-sa ach gan a thairiscint dóibh ach fíor bheagán airgid air. Nuair a bhí an marga déanta, do thairigeas pinnin do mhnaoi acu ar cheannrach, agus má dheineas, dar ndóigh, mo dhá creach! Do liúigh sí agus do léim sí, agus do spriúch sí agus do bhéic sí. Tháinid crith chos agus lámh ionam le h-eagala roímpi, agus geallaim gur bhaineas uaim féin. Thugas súil-fhéachaint tíompal orm, agus chonac gasra fear tamailín uaim, agus iad ag briseadh a gcroidhe ag gáirí. Do athnigheas duine acu. Bhagaruigheas air. Tháinid sé anall chúgham. Do fhiafruigheas de cad a bhí á gcuir ag gáirí. Dubhairt sé liom gur umam féin a bhíodar ag gáirí. Níor thuigeas go dtí san go raibh aon tsult in aon chor i m' ghnóthaibh.
Ansan do b'éigin dom féin gáire chómh maith leó, nuair a thuigeas andeire mo sgéil. Um an dtaca san bhí fiche éigin duine bailighthe am' thíompal ag díol cheannrach. Nuair a chonaiceadar mise ag gáirí, cheapadar gur ag magadh fútha féin a bhíos. Chuir san fearg ortha. Chromadar ar bheith ag aragóint eatartha féin ansan, agus ó an aragóint tháinidh troid, agus ó an dtroid tháinidh bruíghean, agus "Ba gearr go raibh coga ar an aonach." Sgaras-sa leo ar an gcuma san agus is sé deirim liom féin ó shin "gur malluighthe an dram tuinncéirí."
III. Na Bacaig. An t-seachtmhain seo 'ghaibh tharainn sé rud a dubhart libh ná gur "malluighthe and dram tuinncéirí." Seo anis, ta dram eile ná liogfadh leó é ar mhalluightheacht; agus is é dram é sin ná na bacaig. An chéad lá riamh a cuireadh bacach ar a bhonnaibh, fear bacach a b' eadh é. Bhí sé mar leath-sgéal aige ná féadfadh sé aon obair a dhéanamh toisc é bheith 'n a mhairtíneach. Chomáin sé leis ar an gcuma san ar feadh tamail, ag dul ó áit go h-áit ag d' iaruig déarca, agus a chleith 'n a láimh aige mar chúnghnamh chun siúbhail. D'fhaghadh sé lóistín na h-oidhche saor annso 's annsúd nuair a theastuigheadh uaidh. Bhí an sgeul ar a thoil aige go dtáinidh lá fliuch air a's nár fhéad sé gabháil amach. Bhí sé mar mhuiríghean ar mhuíntir an tíghe sin ar feadh lae agus oidhche eile. B' éigin do cuímhneamh ar sheift eile ansan. Do bheartuidh sé gur mhaith an rud do mála sholáthar i gcás go bhféadgadh sé oiread a bhailiúghadh agus a chuir chun taisge, 'n fhaid a bheadh an lá breágh aife, a's do chothoch' díomhaoin é i gcaitheamh an droch-lae. Dá bhrí sin d' aimsig sé mála, agus ní túisge rug an mhaidean air ná thóg sé leis an chleith, agus chaith seile ar a láimh, agus bhuail an bóthar do féin agus port feaduíola 'n a bhéal aige. Dar leis ní raibh fear sa domhan chomh socair aigne leis. Ba ró-ghearr do ag gabháil d'á chéird nuair a tháinidh formad ar dhaoinibh. Fé cheann tamail d'iompaidh duine eile amach 'n a bhacach, agus duine eile 'n a dhiaidh sin arís, agus mar sin dóibh go dtí go rabhadar
flúrseach go leór. Daoine macánta diadhasamhala b'eadh iad; agus nuair iarraidís déirc an son Dé agus ar son an tSlánuightheóra ní eiteigheadh aoinne iad. Ansan do thosanuighidís ar phaidireoóireacht chun Dé agus bhídís ag d'iaruig gach aon athchuiní níos cruadha ná a chéile dho 'n t-é thugadh an déirc dóibh, i gcás gur dhóigh leat nár bh' fhéidir do Dhia gan éisteacht leó. Bhídís chomh tógtha suas san leis na paidireacha gur ar éigin a mhothóidís an tig trí theine, 'bhfad uainn an t-olc. Bhíodh na cimeádaighthe tíghe chómh ceanamhail sin ortha gur bh'é b' fhada leó go bhficfidís chúcha iad. Chun sgéil gheairid a dhéanamh de, níor bh' fada go raibh gach aon mhairtíneach 'n a bhacach. Ach tá bacaig agus bacaig ann. Nuair a chonacathas an saoghal breágh a bhí ages na bacaig is mó áit 'n a raibh fuairthé leisgeamhail díomhaoin gur thrioblóideach leó bheith ag obair. Dá bhrí sin d'árduigheadar leó na málaí agus chuadar ag d'iaruig déarca. Bhí dhá saghas bacaig ansan againn, bacaig dleaghthacha agus bacaig an- dleaghthacha. Nuair a gheibheadh na bacaig an-dleaghthacha déirc ní paidireacha a bhíodh 'na chúram ortha, ach pé beag mór a gheibhidís ní bhídís sásta nuair ná faghaidís tuile. Ansan chromaidís ar eascuinighe agus ar thromuigheacht agus ar bheith ag casadh asachán leis an t-é thugadh an déirc dóibh, go dtí go dteighidís chomh fada 's gur le steall uisge bheiribhthe a cuirtí ó'n doras iad. Níl aon ealaighe ná go mbíon ag dul i ngéarchúisighe ó am go h-am, agus is amhlaigh do ealaighe na mbacach chómh maith leó. Nuair a thuigeadar iad féin is é mheasadar gur mór an díth céille dhóigh bheith "ag iompar an mhála" in aon chor, agus go mór mór nuair a bhíodh saosúr bréag ann agus na prátaí go maith bhíodh
a ndrom briste ar fad ó 'n mála. Chaitheadar uatha na málaí ar fad ansan 's a' donas dóibh. Thairigeadar chúca a lán seifteana ansan chun arigead a mhealladh ós na daoinibh. Fuair cuid acu málaí láimh agus ghabhadar tíompal ag bailiúghadh ubh agus 'á ndíol. Fuair tuile acu leabhair agus chuirfidís síos t'ainm ar raol; an dóigh leat ná go mbeadhfá fé chomaoine mhór ansan acu! Bhí tuile acu ná raibh sé de chríoth ionta mála ná leabhar a sholáthar, ach bheith ag gluaiseacht ó thig go tig, agus ó áit go h-áit, agus ó shráid go sráid ag stolladh, 's ag stracadh, 's ag snapadh, 's ag guid, 's ag fuadach, agus ag tabhairt droch-chainnte uatha, rud atá ar bharr a dteangan acu. Níl sé ceaduighthe do bhacach a bhailiughadh ach an méid a chothóghadh é ó bhéile go béile nú ó lá go lá, ná níl sé ceaduighthe dho an oiread agus aon déirc amháin a thógaint gan guidhe chun Dé ar son an t-é thug an déirc sin do, ag gabháil bhuidhchais le Dia i dtaobh é bheith aige le tabhairt do, agus á iaruig ar Dhia a shláinte fhágaint ag an duine sin toisg é bheith 'n a thígheasach chómh maith san, agus fé dheire shiar thall, ní deintar dearmhad ar na h-anamnachaibh i bProgadóireacht. Toisg iad bheith chómh maith san chun paidireóireacht, ní bhíodh aon bhean-tighe ná fear-tighe go mbeadh aon Chríostamhalacht in aon chor ag baint leó, ná gur mhór acu beannacht na mbocht. Bhíodh sé mar 'nath ag daoinibh roimis seo, nuair a cailltí bean-tighe nú fear-tighe maith, "go mothóghadh bocht Dé amuich" a leithéid seo nú a leithéid siúd de dhuine. Ach tá an aimsir sin imighthe; agus ní h-iad na cimeáduighthe tíghe fé ndeár é. Táid na cimeáduighthe tíghe chómh fial, chómh fáilteach, chómh farseag, a's do bhíodar riamh, dá gcastí naíghe déarca ortha. Siad na bacaig féin fé ndeár é.
Tá stráilí díomhaoine, leisgeamhala, droch-bhéalacha, ag gluaiseacht ag bacachas anis, agus go deimhn féin, is mór an peaca cabhair ná cúngnamh a thabhairt dóibh. Cídhfá fir luatha láidire ag gabháil an bhóthair, go ndéarfá leat féin gur chóra dhóibh bheith ag obair in áit éigin, ag tuilleamh a gcuda, ná bheith mar mhuirighean ar dhaoinibh bochta go bhfuil a ndóithin, agus breis agus a ndóithin, le déanamh acu cheana féín. Agus mar bharr ar gach tubairt, is anamh a chídhfá duine acu gan bean aige, agus is minic a chídhfá beirt bhan le cois dhuine acu. Sin é aghar an sgéil. Tá sé olc go leór bheith a gcothughadh féin, ach nuair a chaithtear a locht leanamhana chothughadh leis, is seacht measa na san é. Agus rud eile; is cuma cioca gheóbhfar mórán d' á nduadh nú beagán. Ní bhíon tuínte buidhchais acu ar aoinne pé beag nú mór a déanfí dhóibh. Dá bhrí sin, níor bhfearra dhos na daoine rud a dhéanfidís ná iad a ghlacadh fé bhun a gcúraim. Dá dtisbeánfí dochal dóibh ins gach aon bhall d'á ngeóbhdís, do chaithfidís "mágh éigin eile umpáil," nú bás d' fhágháil leis an ocras taobh éigin acu. Ansan ní bheadh a leithéidí ann in aon chor, agus an t-é go mbeadh port aige, thabharfadh sé aire dho, nuair ná bheadh aon dul amach eile aige dá gcailleadh sé é. Do chrádhfadh sé an croidhe i nduine bheith ag feuchaint ortha, oidhche aonaig, nú ag éisteacht leó, nuair a castar miothal acu ar a chéile, sé an chéad chríth a dheinid siad na págh an lae ól i bhfochair a chéile. Ansan tigean a gcaint chúcha, agus leanan bruíghean an chainnt, "agus as san tiocas."
IV. An Nodlaig. Tá An Nodlaig buailte linn, a cháirde mo chléibh. Ní thigean sé ach uair sa mbliain, agus b'fhéidir nár bheag a mhinicí, mar cuirean sí na daoine trí chéile. Ní dócha go bhfuil páiste in Éirinn ná go mbíon ag cuir 's ag cúiteamh, rátha roim rae, feuchaint ca h-uain a bheadh An Nodlaig ann. Ansan nuair a thigean sí bíon bréagáin "go h-abhainn a's anall arís" acu; agus ní fuláir dom admháil nách in Éirinn a deintar puinn des na bréagáin a bhíon acu. Chídhfá na páisdí gach aon tráth dhe 'n lá, agus de 'n oidhche leis, agus iad ag bruighean 's ag acharan le na chéile, feuchaint cia 'cu is breághtha bréagáin. Bíon éad ortha le na chéile. Nách óg go léir a bhíd siad nuair a bhrisean an droch-mhiteal amach ionta! Tugan An Nodlaig sonas agus suairceas chun a lán. Tugan sí brón chun a lán eile. Is mó tighlach a bhí go cúmpórdamhail bliain an taca so, agus cunas tá an sgeul anis acu! Fóiríor geur, táid siad ar a mhalairt de chuma anis! Is mó líntighe a bhí go sulthmhar pléisiúrtha i bhfochair a chéile um Nodlaig anuirig, ná fuil a dtásg ná a dtuairisc anis ann. B'fhéidir duine nú beirt acu bheith ag tabhairt an fhéir. B'fhéidir duine nú beirt acu bheith thar na faraigí fiaine, ag tuilleamh a mbeatha imeasc daoine ná fuil fhios acu cad a bhainean le Críostamhalacht ná le daondacht, ach díreach ar nós na mbeithigheach allta. B'fhéidir duine nú beirt acu bheith sa bhaile, dá mbeadh an baile acu, ach ní móide a bheith. Ach ar aon chuma táid siad sgaipidhthe,
agus sgaipidhthe i dtreó nár bh'fhéidir do aon rud fé bhun chómhachta Ríogh na bhflaitheas iad a chur le chéile arís. Is mó líntighe atá go brónach toisc athair nú máthair nú dritháir nú drifiúr a bheith in easnamh ortha. Ba mhairig a labharfadh ró-thréan. Ní fiú dhúinn 'n fhaid a bheidheam ar fuaid na mball so, bheith ró-thoghail ar fad. Caithfimís uainn é mar bhrón. Ní beag dhúinn a luatha chaithfam aghaidh a thabhairt air. Tá taobh eile ar an sgeul, dáltha an t-é' dubhairt go raibh dhá thaobh leis an gclaidhe - taobh na futhana agus taobh na síona. Is mó tig go bhfuil sean-daoine ionta agus a gclann amuich uatha ag tuilleamh. Ní bhíon caoi ages na daoinibh seo ar a chéíle fheiscint ó cheann ceann na bliana ach um Nodlaig. Níor bh'iongna dá leithéidíbh seo bheith ag cuimhneamh ar An Nodlaig. Nuair a théighid na daoine seo a-bhaile i gcóir Na Nodlag ní h-iongna go mbíon fáilte 'gus fiche rómpa. Tréis dul a-bhaile dhóibh is mó saghas caitheamh aimsire 'bhíon acu. Ní follamh a bhíon an buidéal roim chuid acu, ach is é áit go mbíon donas an sgéil go leanaid siad air go bhfollamhaighid siad é, agus dá chómhartha san féin bíd siad, lá ar na mháireach, gan chiall, gan mheabhair, gan chuímhne. Go dtugaidh Dia ciall dúinn! Ach ní mar sinn dóibh go léir. Nuair théighean tuile acu a-bhaile, bíon teine bhreágh bhrothalach móna rómpa, go ndéanfadh sé tairbhthe do dhuine suighe le n-a h-ais. Suidhean muíntir an tighe le chéile in aice na teine agus bíd siad ag innsint sgeulta dhá chéile, nú b'fhéidir go mbeahd fo-abhrán acu chun go mbíon sé in am dul a chodla. Ansan deiridh siad Coróinn Mhuire go mbíon chúig ndeichneamhar déag inti agus ní h-í an Choróinn Mhuire an chuid is siadha dhes na paidireacha in aon chor ach na percasaí a leanan í. Téid siad a chodla ansan.
V. Lá 'Le Stafán. Maidean Lae 'le Stafán, bhíos i m' shuidhe go seasgair le h-ais na teine istig sa bhaile, agus gan aoinne ag cuir chúgham ná uaim. Ní chuimhin liom anis cad air go rabhas ag machtnamh, ach gur dheallrach nách díomhaoin a bhí m'aigne ó b' ana' liom bheith i m'aonar. Pé 'r domhan é, do baineadh as mo mhachtnamh me. Do arigheas an fothram ag teacht fé m'dhéin. Do baineadh preab asam. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an dorus d' athnigheas gur choisígheacht gur bh' eadh é, agus go raibh triúr nú ceathrar ann ar a luighead. "A Mhuire na cruinne," arsa mise liom féin, "cad é an tóir é seo anis chúgham. Ní fuláir nú is iad na bacaig atá ar mo thí de bharr an aoide béil a thugas ortha an choigthíos so ghaib tharrainn. Ba mhairg dom nár sgaoil tharam iad; feuch anis an cruadh-chás 'n-a bhfuilim! Go dtugaidh Dia cabhair dom!" Geallaim-se dhoit go rabhas ag cuir uaim. Cé na raibh puinn aimsire agam chun machtnaimh ó 'n gcéad uair arigheas an fothram go dtí go bhfeacadh cad ba bhun leis, is mó rud a rith trí m'aigne. Seo fé dhéin an dorais me chun é dhúnadh agus é dhainginiughadh ortha dar liom féin. Bhaineadar tosach díom, agus níor rith liom aon chor a chuir de 'n doras. Cad a bheadh ann ach sgata garsún, agus dreoilín acu. "An fiabharas mheasas a radh orraibh," arsa mise nuair a chonac iad. Ní túisge chonaiceadar san mise ná liúghadar amach ash beul a chéile - "The wren, the wren, the king of all birds," &c.
"Duig an d---------l ionnaibh," arsa mise. Níor chuir san cosg leó. Do raideadar leó, Do b'eigin dom mo shuaineas a cheapadh agus éisteacht leó, d'a mhéid é mo fhearg. 'N fhaid a bhíodar ag abhrán bhíos-sa ag feuchaint ortha, ó dhuine go duine acu, agus á dtabhairt fé ndeara. Bhí suas le fiche éigin duine acu ann. Buachailí deasa, síbhialtha, deagh-éadaig a b' eadh cuid acu, ar a shon a's na raibh i dtuille acu ach giubalacháin. Thugas fé ndeara aoinne amháin acu sa mbreis ar an gcuid eile. Bulthach maith mór garbh láidir a b' eadh é. Bhí máínléad cinn air a bhí chómh mór le broc, agus chómh buidhe le prás. Bhí dhá phluic mhóra chraidhreaca air. Bhí dhá chnap-shúil air gur dhóigh leat ortha nár bh'fhios cad é an neómat a sgeinnfidís amach as a cheann. Bhí dhá chluais air chómh mór le dhá shluasaid. Bhí beul ó chluais go chluais air, agus is ar éigin a bhí aon tsrón air mar bhí sí suidhte isteach idir na plucaibh. Bhí caipín dubh air na raibh leath mór a dhóthain. Dheallruigheas gur le dritháir a b'óige ná é féin é. Bhí bannda dearg tíompal ar an gcaipín, agus na focail seo, i leitireachaibh buidhe ar an mbannda, H.M.S. Nelson, pé brí ata leó. Bhí casóg liath air, ná raibh ag dúnadh in aon chor mar is dócha gur fhás sé go h-éachtach ó deineadh an chasóg do. Bhí bríste geairid glún air agus priobán ar ghlúin leis, agus ní raibh aon bhróg air, ach é lomarachta ós na glúinibh síos. Cé go raibh an lá fuar in féin, ní raibh fuacht ná fliuchara ag goilleamhaint air. Dá mbeadh sneachta go glúinibh air ní h-é mo thuairim go ngéilfeadh na colapaí ramhara méithe dearga bhí air do aon fhuacht.
Seadh ar aon chuma, nuair a bhí an t-abhrán acu á chríochnughadh, sé an líne dheireanach a chuireadar leis ná Dar liom-sa do b'ionon san agus ag rádh: "Amach le d' chuid arigid, a bhoidichín shalach." Nuair a chonac chómh toghail iad dubhart liom féin go mbeidhinn-se toghail a ndóthain dóibh. Bhí cuímhne na mbacach imighthe as mo cheann um an dtaca san, ach ba ró-ghearr an mhaill ortha san é thabhairt thar n-ais chúgham arís. Sé seift a fuaras chúcha ansan na gan an oiread agus aon fhocal amháín Béarla a labhairt leó, agus ní raibh aon fhocal Ghaedhaluinn acu san a labharfidís liom. Bhíomair ag tabhairt gach re seadh dh'á chéile ansan ar feadh tamail gur imthigheadar uaim fé dheire ag stealladh dhiarmíní liom, agus iad go bréan díobh féin. Nuair imthig buachail na bpluc agus a chualacht do bhuaileas suas chun na teine arís, agus do shuigheas. Ba ghearr go dtáinidh Nóra isteach, tréis bheith ag feuchaint i ndiaidh na gcearc, nú rud éigin. "Cia 's bh' iad san? ar sise. "Locht dreoilín," arsa mise. "Nách éachtach an fothram a bhí agaibh," ar sise. "'S dóigh," arsa mise, "níor thuigeamair féin a chéile. Bhíodar ag stealladh Bhéarla liom ar a ndíochall, agus ní gheóchainn-se le n-air uatha é. Ansan ba sheacht ngéire na san iad mar lom oilc orm; ach geallaim-se dhoit gur thugamair go teith dh'á chéile ar an láithir sin é. Cheapadar go raibh an sgeul ar a dtoil acu go dtí gur theastbhuidh uatha síntiús éigin airgid fhagháil uaim-se. Sin é an uair a thuigeadar an tuaiplis a bhí déanta acu." "Aliliú," arsa Nóra, "nách éachtach mar ná féadan tú leogaint do sna daoinibh!"
"Greadadh chúghat, a bhreallóigín gan ciall," arsa mise, "an amhlaig a leogfainn dóibh bheith ag magadh fúm ar mo thínteán féin? Cá bh'fios dómh-sa cad as iad féin ná a gcuid Bhéarla. B'fhada buidhe go leog- fainn-se dh'á leithéidí de ropairí iasachta gabháil de chosaibh ionam. B' ait liom san! Acíd chruaidh ortha, a's nár fhillid siad orm go h-árimhthe!" "Ní gádh dhoit bheith chómh borb san ar fad," arsa Nóra. "Ta sé olc do dhóthain iad eiteach agus gan bheith ag mallachtuighe ortha." "A dtairbhthe nár fhaghad," arsa mise. "Ní chun aon chumaoine chuir orm a thánadar, ná a léithéidí riamh. Nach iad na buanaig iad go samhaluighid siad gur ceart dom bheith agu crith i n' chroicean le h-eagla rompa. Bhíodh an méid sin anis acu ag imtheacht dóibh." "Bog réidh," arsa Nóra. "Má tá tuathal déanta agat ní h-aon chabhair bheith ag leanamhaint siar anis air." "Tuathal déanta agan-sa? arsa mise. "Ariú," arsa mise, "cá bhfuil an tuathal?" "Seo, seo," ar sise, "ní fearr bheith ag caint anis air. Caithfimís uainn é." "Cé tá ag cainnt air ach tusa?" arsa mise. "Ní mé ach tusa," ar sise. "'S dóigh deirim-se nách me ach tusa," arsa mise, "agus ní bheadh focal in aon chor mar gheall air ach mar a mbeadh tu, pé deamhan a bhíon ar mhnáibh go gcaithfid siad a gceann a shághadh isteach ins gach aon sgeul, agus mar bharr ar gach tubairt, ní bhainfadh an mac mallachtain féin deire an fhocail díobh. 'Focal nú dhó a gcoinnibh mná,' arsa an sean-fhocal, 'agus mar a dthiocfaidh sé lear tair léi.' "
"Is fada go sáiseóch focal nú dhó thusa," ar sise, "ná fiche focal." "Cad í an chainnt sin ort mar sin?" arsa mise léi go feargach. "Tá," ar sise, "go bhfuilean tú ag tagairt do an tsean-fhocal agus fíor-bheagán suime agat á chuir ann. 'Focal nú dhó a gcoinnibh mná,' arsa tusa, 'agus mar a dtiocfaidh sí leat tair léi.'" Ansan a thuigeas go raibh botún déanta agam; bhí an sean-fhocal sáruighthe agam t'réir mé féin á luaghadh le Nóra. Ní raibh fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh. Do thuigeas go soiléir go rabhas gabhtha i s na sopaibh aice, agus gur bh'é mé féin fé ndéar é. Bhuaileas smól ar mo phíopa, agus shádhar i m'beul é, agus chuireas an dorus amach díom, agus d'fhágas an gleann 's a raibh ann aice. Ba gheairid dom lasmuich nuair a chasadh cómharsa orm. Diarmuid an Éithig a b' ainm do, agis dáltha an sgéil, níor arigheas sgeul fóghanta ag an bhfear gcéadna riamh. Bheannuig sé dhom, agus bheannuigheas dó, agus bheannuigheamair féin d'á chéile. Níor bh'fhada dhúinn ag seanachuigheacht le n-a chéile nuair a thugas fé ndeara am' niúchadh agus ag mion-gháirí é. "Seadh," arsa mise i m' aigne féin, "ní fuláir nú tá leath-bhreall éigin orm. Ní fheadar an domhan ámhthaig, an amhl' airidh sé mé féin agus Nóra ag gabháil d'á chéile ó chiainibh? Is cuma dhom; neósfidh sé dhom láithreach baill é; ní fhéadfadh sé é chimeád istig pé rud é." B' fhíor dom. Do bhris ar an bhfoidhneamh aige fé cheann tamail. "Cogar a leith chúgham," ar seisean, "cad é sin a dheinis le garsúin an dreoilín ó chiainibh?"
"Maise, greadadh 's léiread ar gharsúin an dreoilín ar aon chuma," arsa mise, "mara b' iad a thairidh an tóir orm! Agus a Dhiarmuid," arsa mise, "cá bh' fhios doit-se cad a dheineas leo, nú ar dheineas aonní leó?" "Ariú, a dhuine," ar seisean. "Is tú ata 'n a mbeul ins gach aon áit 'n ar ghabhadar ó fhágadar tú." "Agus cad tá acu 'á rádh mar gheall orm?" arsa mise. Tháinig sé in imeall an sgéil, agus do innis sé dhom tríd síos é, an uile fhocal de, díreach ar an gcuma gur thit sé amach. "O mhaise, fágaim le h-uacht," arsa mise, "má 's rud é go gcasfar fear na bpluc orm-sa choidhche arís, ná sgarfad-sa leis go mbrisfead a phlaosg do, agus gur b' é an teacht déanach aige é." 'N fhaid a bhíos féin agus Diarmuid an Éithig ag cainnt, do chonac miothal eile garsún ag teacht fé dhéin an tighe chúghamh. Do sgiúrdas uaidh láithreach, agus do ritheas agus bhaineas amach an tig rómpa. Do aimsigheas bata draighin a bhí i gcimeád agam, anáirde as dhá lata, as cionn an doruis. Bhí fadharcán ar gach aon órlach de, agus gach fadharcán acu san órlach ar faid, agus chómh geur le snáthaid ramhar, i dtreó go ndéarfá leat féin, an t-é gheóbhadh buile nú dhó dhe ná tiocfadh aon tochus air go ceann tamail. Shocaruigheas mé féin ar dtaobh istigh de dhorus, agus mo bhata ar tarac agam feuchaint an mbeadh sé de chrosaibh ar fhear na bpluc teacht fé m' dhéin arís. Níor bhfada dhom ann gur aridheas ag teacht iad, agus fothram acu. "Seadh," arsa mise liom féin, " tá'n sibh ag teacht ar bhúr gcuire gan iaruidh, agus ní bheidh bhúr gcúrsa
in aisdear in aon chor, mar tabharfad-sa sgeul nuadh dhíbh le breith libh, agus sgeul nuadh ná dearmhódfig sibh go ceann tamail." Bhí iongna ar Nóra nuair a chonaic sí an droch- fhuadar a bhí fúm. Bhí fhios aici go raibh droch-stiúir éigin orm, agus ní leogfadh eagla dhí fhiafruighe dhíom cad ba bhun leis. Ní raibh de sheift ansan aici ach cromadh ar bheith a m' chuir chun suainis chómh maith agus d' fheud sí é. Ní raibh puinn aimsire againn chun machtnaimh amhthach, mar bhíodar againn de phreib. Chómh luath agus d' arigheas ag gabháil anuas thar chúinne an tighe iad do chromas ar bheith ag cnósach droch-aigne chúcha, agus a m' olamhúghadh féin chun an chéad duine a chídhfinn a bhualadh. Sar a dtánadar i m' radharc in aon chor thosanuigheadar ar a n-abhrán, agus ariú, a dhuine mo chroidhe 'stig, is iad a chuir an t-iongna agus an t-áthas orm i dteannta 'chéile! Ní abhrán Béarla a bhí acu, ach abhrán breágh Gaedhaluinn. Seo mar thosanuigheadar an chéad bhéarsa dhe- Dreoilín a fuaras-sa shíos ar an ínse, Fé bhrághaid carraige, agus carabhat síod' air; Thugas-sa chúghaibh é, a lánamha an tíghe seo; 'S go mba seacht fearr am' an dtaca so 'rís sibh. Chomáineadar leó ar an gcuma san chun go raibh tuairim le seacht bhéarsa dhéag ráidhte acu; agus ó's ag tagairt do 'n abhrán é, dá mbeadh aoinne de m' léightheóirí go mbeadh aon dúil aige ann, ní bheadh bac air é fhagháil le chéile i "gCeol Sídhe Nórma Bhórtuic." 'N fhaid a bhíodar ag gabháil de 'n abhrán thugadar fé ndeara droch-stiúir éachtach orm-sa. Chonaiceadar an bata draighin i m' láimh agam, agus me i m' sheasamh ag an
dorus rómpa olamh ar iad a bhualadh chómh luath agus do chídhfinn an chéad duine acu. I m' thaobh féin de 'n sgeul ní túisge arigheas an Ghaedhaluinn uatha, ná d' imthig cúrsaí an sgéil eile as mo cheann ar fad, agus níor chuimhnigeas a thuile air. Nuair a bhí an t-abhrán críochnuighthe acu, do chonac go soiléír go raibh sgeón éigin ionta, agus bhí iongna orm cad 'n a thaobh. D'iarras ortha teacht isteach, ach ní thiocfaidís. Do phreabas amach thar dorus agus do rugas ar láimh ar dhuine acu chun é tharac isteach; ach in inead teacht liom, is amhlaig a thairidh sé siar uaim, agus do chrom sé ar ghol. Do bhogas mo ghreidhm ansan agus d'fhiafruigheas de cad a bhí air. Theip air aon fhreagra thabhairt orm. Le n-a linn sin d'fhiafruidh buachail eile acu dhíom cad é an gnó a bhí agam de 'n bhata 'bhí i m' láimh agam, nú cé air go raibh an chúis agam. Ansan a thuigeas mé féin, agus d' innseas dóibh cunas a ghaibh liom féin agus le buachail na pbluc; agus do ghabhas a bpárdún, agus dubhairt leó nár ghábh dhóibh aon eagla bheith acu rómham, agus cé go raibh droch-fhuadar fúm, nách ortha bhí aon chúis agam, ach ar a mhalairt de libhiré. Ansan nuair a thuigeadar me, agus nuair a thuigeas iad, agus nuair a thuigeamair féin a chéile, do thánadar isteach, agus do shuigheadar síos chun na teine chun iad féin a théigheadh, agus is sinn a bhí go faid-sgéalach le n-a chéile ansan ar feadh thamail. Do ollamhaidh Nóra a ndinnéar dóbh ansan gan maill, agus do itheadar é, agus is acu bhí an gádh leis, mar bhí ocras, agus tuirse, agus fuacht ortha, i dteannta chéile. Sar ar sgaras leó, ar aon chuma, do chuireas comaoine eile ortha, agus do imthigheadar uaim go buidheach beannachtach, agus ní fhaca ó shin iad.
VI. Imirce. Dé Domhnaig seo ghaibh tharainn, chuadhas go dtí an t-Aifreann go deagh-mhóideach. Do léighidh an sagart an leitir úd a fuair sagairt na hÉirean ós na h-easpuig bliain an taca so, mar gheall ar na daoinibh a théighean "ag marcuigheacht ar an sgadán," a ndubhairt Mícheál ua Murchadha, Beannacht Dé le n' anam! Do éisteas leis go h-aerach 'n fhaid a bhí sé á léigheadh. Nuair a bhí sí léighte aige do thosanuidh sé féín ar chaint ansan, agus geallaim-se dhoit gur aige a bhí an chóir air i dteannta an eólais. Chuir sé a lán nidhthe in úil dómh-sa go h-áirimhthe ná raibh fhios agam roimis sin, agus is dócha gur bh' é an sgeul céadna é ag a lán eile d' á raibh láithreach leis, ar a shon a's gur dócha go raibh cuid mhaith dhes na daoinibh gur imthig cainnt an t-sagairt díobh fé mar imtheóchadh an braon de 'n ghé. Pé 's domhan é do chuir cainnt an t-sagairt mi-se ag machtnamh, agus as an machtnamh, do chromas ar sgríobhadh, agus seo dhíbh anis tora mo smaointe. Sar a raibh aon trácht ar dhroch-shaoghal ná ar ghorta, bhí tíompal le naoi miliún daoine 'n a gcómhnuighe i n-Éirinn, agus fé mar airighim ós na sean-daoinibh, bhí a ndóithin le n-ithe agus le n-ól acu. Ó an dtalamh iseadh sholátharuighidís iomaláine a mbeatha ins an am san. Bhí an sgeul ar a dtoil acu chun gur mheath na prátaí, agus chun gur tháinidh an dubh ortha. Bhí a mhalairt de sgeul ansan acu ámhthach. B'iad na daoine bochta an chéad dram gur ghoill an gorta ortha. Níor sheasaimh na daoine bochta a bhfad. Fuaradar bás leis
an ocras. Ní raibh an sgeul chómh dona san ar fad ageas na daoinibh neamh-spleácha. Bhí biadhtha eile acu in éagmais na bprátaí. Bhí coirce agus cruinneacht agus rudaí dhe 'n tsaghas san acu a chuinnibh an t-anam ionta. Ach nuair a bhí na daoine bochta ag fagháil bháis 'n a sluaghthibh do deineadh failíghe de iad a chur in aon chor. Do fágadh ar bharra tailimh iad. Do cuireadh mórán acu a ngáirdíníbh agus i ndígrachaibh gan fiú na córan. Ní raibh aon tracht ar iad a bhreith go dtí an roilig. Níor bh' fhéidir é. Ni raibh sé de neart ins na daoinibh iad a bhreith ann. Is minic a bhíodh na daoine bhíodh a gcur ag titim ar a sálaibh le gorta agus le h-ocras. Fé dheire nuair nár féadadh iad a chur chómh tiubh agus do gheibhidís bás is amhlaidh a fágadh ansan iad gan tean- gabháil in aon chor leó. Is minic nuair a gheibheadh líntíghe bás istigh sa bhaile, gur b' amhlaig a leagtí an tig ortha chun iad a chlúdach ar chuma éigin. Chuirfeadh sé sgárd i d' chroidhe bheith ag éisteacht leis na sean- daoinibh ag ínsint mar gheall ortha. Déarfidís leat gur minic a chonaiceadar bean ag fágháil bháís agus leanbh ar a bacalainn aici, nú leanbh ag fagháil bháis ar ucht a mháthar, nú athair agus máthair aagus ál clainne ag fagháil bháis ar aon láthair, 'bhfad uainn an t-olc! I ndeire na dála ní raibh le feiscint shoir shiar thall ná abhus ach coirp. Ba ghearr an mhaill ar na coirp sin an t-aer a bhréanadh mór dtíompal. Bhí aicíd eile ar na daoinibh ansan i dteannta an ocrais, cé nár bheag dhóibh a raibh de'n donas ortha roim raé. Tháinidh éagcruas ortha; slán beo mar a n-ínstar é, agus gach aoinne a chloisean é! Bhí an donas ar fad ansan ortha. Do lean an sgeul ar an gcuma san leó ar feadh dhá bhliadhain. Ba dheacair muíntir na h-Éirean a chur ar a
mbonnaibh ansan arís. Ba ghearr 'n a dhiagh san gur thosanuidh an méid a mhair acu ar bheith ag gluaiseacht thar na faraigí fiadhaine, chun slighe mhaireachtaint a bhaint amach i náisiúnaibh iasachta. Ansan arís; ba ghearr gur b' amhlaig a cheap na daoine gur mhór an truagh fear luath láidir fheiscint sa bhaile in aon chor, ach é ruagairt an loch amach chómh luath a's do bheadh sé fiche bliadhan de aois. Nuair a fuair na daoine tathaíghe ar bheith ag gluaiseacht ar an gcuma san, ní bhíodh aon mheas ar aoinne fhanfadh sa bhaile. Do bhodharfadh seana-mhná tu ag ínsint doit mar gheall ar na leitireachaibh a bhíodh acu á fhagháil ó n-a gclainn. Ní mheasfá ortha go mbeadh gnó ná obair 'n-a chúram thall ortha. Ní fheadar-sa an mbíon an ceart acu i gcómhnuighe amhthaig. Admhuighim go mbíon an ceart acu uaireanta; ach san am gcéadna, ní féidir dóibh radharc mo shúl a bhaint díom-sa. Chín-se fir tréana lúthmhara ag fágaint an bhaile agus ag dul anonn chúcha. Arighim na sgéalta breághtha go léir uatha 'n fhaid a bhíd siad thall. Arighim ag teacht a-bhaile iad. Tigid siad. Ach má seadh, cad é an driuch a bhíon ortha? Ní bhíon ionta ach i bhfuirim sgáile! Is beag ná go bhficsá an solus tríotha. Bhíd siad mar mhuirighean ar a muíntir ansan an chuid eile dh' á saoghal, pé faid geairid é, agus dar ndóigh ní fada é, mar bíd siad ar bhruach na h-uaighe ag teacht a-bhaile dhóibh. Do arighinn sean-duine a rádh roimis seo, go raibh se sa t-seana-tharagaireacht go mbeadh muíntir na h-Éirean ag imtheacht thar faraige riamh a's choidhche go dtí ná beadh sa bhaile ach an mhiúrach, ach go ndéanfadh an mhiúrach an gnó. Is dócha nár misde do dhuine a rádh, aon tráth feasta, go bhfuil muíntir na h-Éirean imthighthe, ach an mhiúrach. Is sinn-na an mhiúrach anis, a
cháirde mo chléibh, agus ó is rud é go ndeir an taragaireacht go ndéanfimíd an bheart, ní miste dhúinn tosanúghadh. Tá mórán againn tréis tosanúghadh fadó riamh, agus saothar maith dénata againn. Ach ní dhéanfadh san do 'n mhuíntir atá 'n-a gcodladh fós é. Tá a lán acu á leogaint ortha nár arigheadar focal uainn fós. Ní fuláir nú tá bodhaire nú rud éigin ag imirt ortha. Dá bhrí sin, nuair a casfar aoinne acu orrainn cuirimís búirt uathbhásach ariann, a raghaidh tríotha ó chluais go cluas i dtreó go mbeidh píoparnach 'n a gcluasaibh go ceann tamail. Ansan 'n fhaid a bheidh an meisge-chodlata ortha b'fhéidir go bhféadfimís an dubh a bhualadh 'n a gheal ortha. Tugaimís fútha go h-arighthe. Buailimís buille anso 's ansúd. B'fhéidir go ndéanfí iaracht ar chosg a chur linn. Ach má deintar féin, sin mar is fearr é. Ní bheadh aon bhrí linn mara gcuirimís sinn féin i n-úil anso 's ansúd. Nuair a cuirfar i n-úil dúinn go bhfuilimíd ag goileamhaint ar na daoinibh, sin é an cómhartha go bhfuilimíd ann, agus nách díomhaoin atáimíd. Ach tá rud eile sa chás. Cá dtosanóchaimíd? Sid í an cheist. Sean-fhocal é nár bh'fhearra do dhuine bheith ag obair ná fios a bheith aige cad a bheadh ar siúbhal aige. Níor bh'fhearra dhúinn-na rud a dhéanfimís ná tosanúghadh leis na feirimeoiríbh. "Agus cad 'n a thaobh san?" arsa tusa. Neósfad-sa dhoit, a mhic mo chléibh. Mar tá díomhaointeas agus leisgeamhacht ag imirt ortha i dteannta chéile. Táid siad eighrighthe ash cuiread- óireacht nách mór. Beithíg sheasga atá ar an dtalamh acu. Níl san d' réir dlighe Dé. Nuair a chruthaig Dia an domhan, do chruthaig Sé an talamh tirim chun go bhásfadh barraígheacha agus torthaí ann chun an chine
daonda do chothughadh agus do bheathughadh; agus do chruthaig Sé na h-animhighthe i gcóir an chine daonda leis. B'é A thoil smacht a bheith ag an gcine daonda ar na h-animhighthe go léir, fiú amháin na beithíg allta. Táthar ag sárughadh thoil Dé i n-Éirinn i láthair na h-uaire. Na daoine gur bh' é a gceart socarúghadh síos dóibh féin i dtalamh na h-Éireann, is fada fánach a ghabhaid siad. Táid siad sgaipighthe ar fuaid an domhain go léir nách mór; go ro maith an mhaise dhóibh é! Cé ná fuilim-se i m' shean-duine fós, is mór an t-atharughadh atá taguighthe ar an saoghal le m' chuímhne. Is maith is cuímhin liom nuair a bhíos i m' gharsún ag dul ar sgoil, bothán nú dhó bheith i ngach aon dá chéad slat de 'n bhóthar, agus lánamha agus a gclann a bheith 'n a gcómhnuighe i ngach bothán acu. Sglábhuighthe a b' eadh iad go léir; agus cé ná riabh saidhbhreas ná gustal acu, ní raibh buairt ná brón ortha. Bhídís ag obair dos na feirimeoiribh mór dtíompal. Bhíodh a ndóithin le déanamh acu agus díol fiach d' á réir acu. Nuair a ghabhaim an bóthar céadna anis tigean deóra le m' shúilibh nuair ná feicim tig ná treabh ná bothán faid mo radhairc! Tá na tighthe leaguithe agus na gáirdíní beaga a bhí ag gabháil leó lioguithe leis na páirceanaibh, agus i n ineadh garuighthe prátaí fé bhláth bhán, nú goirt chruinneachtan nú eórnan nú coirce, go mbeadh mithiolaí fear agus ban ag obair ionta, ag baint agus a buaint, gur bhreágh an radharc dho 'n t-é bheadh ag gabháil an bhóthair iad, níl le feisgint ionta ach ba agus capail agus caoire agus fiú amháin gabhair agus asail ag ínníor ortha. Tá sé ag teacht de chor sa tsaoghal, d' a brí sin, go bhfuil smacht ag an mbeithígheach allta ar an gCríostaighe, agus an Críostaíghe á ghabháil le n-ais go
mín macánta. Go dtugaidh Dia ciall dúinn! Is baoghalach liom nách misde an mhiúrach a thabhairt mar ainm orainn. Nuair a bheidh an méid sin cogaidh curtha dhínn againn is dócha go mbeidh saothar orainn, nídh nách iongna; ach sin mar is fearr é; mar tá cath eile chómh dian leis nú b'fhéidir níos déine ag feitheamh linn, agus b'fhéidir nár bh' fhearra dhúinn rud a dhéanfimís ná aghaidh a thabhairt air láithreach baill, sar a bhfuarfimís, ar eagla go dtiocfadh leisge orainn dá dtógaimís sos, agus go dtitfadh an lug ar a lag againn sar a mbeadh ár n-obair i leith taoibh. "Cé chuige go bhfuilean tú ag cnósach droch-aigne anis?" arsa tusa. Ní chun duine ná beirt ná chun triúr atáim ag cnósach droch-aigne, má 's droch-aigne a thugan tú air, ach chun a lán. Má thugas aoide béil ar na feirmeóiríbh ó ciainibh is é is lúgha is gann dom an córúghadh céadna a thabhairt dos na sglábhuighthibh anis ar eagla ná tuigfidís i gceart me. Bhí an dealbhas ag imirt ar gach aon aicme sa t-seana-shaoghal, agus bíodh fhios agat-sa gur maith an sás smacht a chuir ar dhuine an dealbhas. Níl aon dabht ná dearmad na go raibh cuid acu ana leath-lámhach fad ó. Bhíodar 'n a gcómhnuíghe i mbothánaibh súig ná raibh futhain ná sgáth ó an mbraon anuas ionta ná dá n-abarainn ó an mbraon aníos. Is fhuiriste dhóibh é shéanadh anis, cnách ortha é! Chuir an dlíghe iachaibh ar an mBórd tighthe breághtha glana dhéanamh dóibh. Tá mórán des na tighthibh déanta le fada riamh, tuile acu ná fuil déanta chómh fada san, tuile acu ná fuil ach díreach críochnuighthe agus fo cheann acu ná fuil tosanuighthe in aon chor fós. Na daoine a fuair a
dtighthe fad ó riamh, is deacara iad san a úndrabháil ná na daoine na fuair aon tig fós. Nuair a bhí tathaíghe acu ar na bothánaibh súig, níor aithnígheadar iad féin nuair a fuaradar tighthe breághtha glana. Da bhrí sin tháínidh teasbach ortha, agus níl ag déanamh buartha dhóibh ó shin ach mór-chúis, agus ag tromaigheacht ar fheirmeóiríbh. Ba dhóigh liom féin ná fuil aon chúis acu anís chun bheith ag cnáibhseáil. Bhí trí púint cíosa acu á dhíol ash bothán fuar dealbh agus inead garaighe sar ar deineadh na tighthe seo; ach anis nuair atá tighthe acu nách féidir locht fhagháil ortha is mór leó leath an méid sin cíosa dhíol asta. Is mór an náire agus an athis i dteannta chéile an sgeul a bheith ar an gcuma san againn. Ach ní thuigimíd é, cé gur minic a cuirtar ar ár mbais chúghainn é. Tuigfimíd é nuair a bheidh sé ró dhéanach againn. Ba chóir go mbeadh fhios againn go bhfuil an namhaid ag faire orainn coitchianta, agus go bhfuil sé ag feitheam go bhfaghaidh sé uair na faille orrainn chun teacht aniar adtuaidh orainn agus dul sa bhroicil againn. "Is greannamhar san de," arsa tusa, "ag magadh fé na ndaoine mar gheall ar bheith ag acharan agus gan agat féin le maoidheamh ach t'fheabhas chun acharainn." Ná bíodh ceist ort, a fhir mhaith; má thugan tú fé ndeara go bhfuilim-se ag magadh fút tá gach aon tseans go dtabharfir fé ndeara gach aoinne ag magadh fút, agus go ndéanfir iaracht ar chosg a chur leó.
VII. Diarmuid ag insint sgéil d' a chlainn. Diarmuid. - Bailighídh tíompal orm anis, a chlann ó, go neósfidh mé sgeul díbh. Is fada dhom ag cuímhneamh ar é ínsint díbh ach níor fhéadar é go dtí so. Cáit. - Cad 'n a thaobh, a Dhiarmuid? Máire. - Cad 'n thaobh, a Dhiarmuid? Mhaise feuch air sin! Ba chóir go dtuigfá féin cad 'n a thaobh agus gan bheith 'g ár mbodharadh. Cáit. - An dtuigean tusa cad 'n a thaobh, a Mháire? Máire. - Tuigim go h-áluinn andaigh. Cad 'n a thaobh ná tuigfinn? Agus do thuigfá-sa leis dá mbeadh aon tuisgint ionat, ach níl. Cáit. - Ó 's agat-sa 'tá an tuisgint go léir má seadh, freagair no cheist-se. Máire. - Cad í 'n cheist? Cáit. - Cad 'n a thaobh nár inis Diarmuid an sgeul dúinn fad ó riamh? Máire. - Mar níl sé ceapuighthe ar aon fhocal de 'n fhírinne ínsint dúinn, agus ní raibh an bhreug curtha le chéile 'ge go dtí so. Éamonn. - Is sibh an bheirt chailíní is droch-mhúinte dá bhfeaca fós riamh i m' shúilibh cinn. Cáit. - Cunas san, a Éamoinn? Éamonn. - Cunas san, a Éamoinn? Mhaise, ar airidh aoinne riamh a leithéid de cheist! Is beag d' á
mhearathal ort! Dá mbeadh aon uraim agaibh do'n t-é 'tá chun an sgéil ínsint dúinn, do sgaoilfadh sibh leis agus do liogfadh sibh do é ínsint. Cáit. - Agus cé tá ag mailliughadh an sgéil? Éamonn. - Cé tá ag mailliughadh an sgéil? Andaigh mar a bhfuil fhios agat-sa é ní fheadar-sa cé 'ge go bhfuil fhios é. Cáit. - Ní mise 'tá á mhailliughadh pé 'n Éirinn é. Éamonn. - Agus cé tá á mhailliughadh mar sin? Cáit. - Tusa 'gus Máire. Máire. - Bhíodh geall anis go bhfuil Máire leis cionntach. Nuair atá botún déanta agat féin ní fuláir leat mise tharach isteach ann leis. Cáit. - Cad é an botún atá déanta agam, a Mháire? Ní thuigim féin go bhfuil aon bhotún déanta agam. Máire.- Tá fhios agam-sa ná tuigean tú. Dar ndóigh dá dtuigfá ní dheánfá é. Nách cuímhin leat go ndubhart leat ná raibh aon tuisgint ionat! An cuímhin? Cáit. - Ni cuímhin. Máire. - An cuímhin leat-sa é, a Éamoinn? Éamoinn. - Is cuímhin. Cáit. - Feuch anis tú, a Mháire; cad tá le rádh agat? Máire. - Tá a lán le rádh agam dá liogfá-sa dhom é, ach ní liogfá. Dubhart-sa leat------------ Cáit. - Tá a lán le rádh agat dá liogainn-se dhoit é! Nílim-se i d' stop ar do rogha rud a rádh, pé duine 'tá i d' stop air.
Máire. - Cé stop anis díreach me? Éamonn. - Cáit gan amhras. 'S é agam á rádh ó chiainibh--------- Cáit. - Éist liom go fóil, a Éamoinn, ní ag teacht rómhat ar do sgeul é---------- Éamonn. - Cad eile ach ag teacht rómham ar mo sgeul. Dá mb' áil leat gan teacht rómham ar mo sgeul ní bheadh aoinní agam le tabhairt i d' choinnibh; ach nuair a thánaighis rómham ar mo sgeul tá dhá nídh agam le tabhairt i d' choinnibh, teacht rómham ar mo sgeul ar dtúir, agus ansan a rádh liom nách ag teacht rómham ar mo sgeul a bhís. Cáit. - Seo, seo! Ní fearra dhúinn rud a dhéanfimís ná eirighe as an gclampar. Tosanuig ar do sgeul, a Dhiarmuid. Máire. - Seadh go díreach! Sgeul thairis anis, nuair ná fuil aon tseift eile agat. Cáit. - Cad tá déanta as an slighe agam go mbeadh náire na athis 'n a thaobh orm? Máire. - Tá an donas déanta agat. Cáit. - Cad é an donas é fiafruighim díot? Máire. - Tá easonóir tabhartha do Dhiarmuid agat, rud go bhfuil togha an eólais agat air. Cáit. - Níl aon easonóir tabhartha do Dhiarmuid agam- sa. Tá a mhalairt de uraim agam do. Maire. - Má tá uraim agat do, sin é an uraim a chodail amuich. Éamonn. - 'Sé an locht is mó a gheibhim ar an mbeirt agaibh, 'ná an iomad de mhianach na mban a bheith
ionaibh. Ní cuímhin liom go bhfeaca fós riamh, i m' shúilibh cinn, bean ag éisteacht le sgeul, ná go gcaithfadh sí féín a leath ínsint amach roimis an t-é bheadh ag casadh le h-é ínsint. Máire. - Bíodh an méid sin anis agat, a Cháit. Cáit. - Bíodh, agus do chion de agat-sa leis, a Mháire, agus dáltha 'n sgéil, a Éamoinn, níos ghádh dhoit-se aon asachán a thabhairt do aoinne------------- Éamonn. Tá an méid seo de dhefaraigheacht eadarainn: Nuair a bhí Diarmuid ar tí an sgéil a thosanughadh, do bhriseabhair-se isteach, agus do chromabhair ar bheith ag sgeannadh a chéile. Bhí fhios agam-sa ná raibh san ceart; ach cad fhéadfinn a dhéanamh! Tuínte na ngrást, ach mo bheul éisteacht. Bhíos ag brath ó am go h-am go n-éistfadh sibh. Fé dheire shiar thall, nuair a bhíos cráidhte ciapuighte i gceart agaibh, b' éiGean dom labhairt. Ní fhéad- finn brúthadh orm féin níos siadha. Cáit. - Ní fhéadfá, mar bhí dúil mharaibhtheach agat féin i d'chion de 'n chogar mogar. Éamonn. - Níor chás dom mo chion de 'n chogar mogar a bheith agam 'n fhaid a bheadhfá-sa sa n-imirt. Cáit. - Mar sin féin mhaise, ba mhaith an sás do chúig a bhualadh thu, nuair a gheibhtá caoi air. Máire. - Seo, "ní déanaighe an mhaith aon uair." Éistig anis féin go n-aireócham an sgeul. Cáit. - Is fada anonn é, a Mháire! Agus nuair iarras- sa oraibh ó chiainibh éisteacht ní baoghal go bhfuaras aon tora, mar ní sháiseóchadh an saoghal tusa, a Mháire, gan an focal deireanach a bheith agat féin.
Máire. - "Sé an t-asachán ag an gciteal á thabhairt do 'n chorcán é." Fágaim fé Éamonn anis an sgeul Cioca 'gainn is cionntach, a Éamoinn? Éamonn. - Tá'n sibh araon cionntach, a Mháire; agus ba mhairig doit nár fhiafruidh díom cioca 'gaibh is cionntaighe. Cáit. - Táimíd go léir cionntach, má 's ar sin é, a Éamoinn, agus ba mhairig doit-se nár fhiafruidh cioca againn is cionntaighe. Éamonn. - Greada chughaibh, a shloigisc dhroch-mhúinte! Ní bhainfadh an deamhan féin an bheárna ná lár an chlaighe de aoinne dhe 'n bheirt agaibh! Ní fhéadfadh aoinne go mbeadh aon mheas in aon chor aige air féin tig a réidhteach libh, a thoicí gan tuisgint gan tabhairt amach! Máire. - Tosanuig an sgeul dúinn, a Dhiarmuid. Do chrádhfidís sin aingeal 'n fhaid a leanfí ag tabhairt gach re seadh dhóibh ar an gcuma san. Diarmuid. - Is fadó bheadh sé tosanuighthe agam, a Mháire a chuid, dá n-éistfí liom, ach ní éistfí. Éamonn. - Éistfar anis leat, a Dhiarmuid. Diarmuid. - An éistir-se liom, a Cháit? Cáit. - Éistfad, a Dhiarmuid. Diarmuid. - An éistfir-se liom, a Mháire? Máire. - Éistfad go h-areach, a Dhiarmuid. Diarmuid. - Tá gealltha agaibh go léir anis go n-éistfidh sibh liom. Tá súil agam go n-déanfidh sibh agus tá eagal' orm na déanfidh sibh. Bíodh fhios agaibh- se gur b' fhusa go mór geallamhaint a thabhairt ná beart a dhéanamh d' á réir.
Cáit. - Déanfam-na beart d' á réir, a Dhiarmuid. Máire. - Tá a lán d' á chuímhnamh agat. Diarmuid. - Seadh arís sibh! Nách maith a bhí fhios agam ná h-éistfadh sibh liom! Na h-arighím focal eile uaibh, nú brisfidh mé plaosg an chéad duine eile agaibh a labharfidh! Nuair a bhíos-sa óg aerach "fuinneamhail sgléipeach," andubhairt an file, tá leath-chéad éigin bliadhan ó shin ann, ba mhór é mo dhúil i bh-fiadhach agus i sealagaireacht. Go bhfóiridh Dia orainn, is fhuiriste dhom é shéanadh indiu! B' é b' fhada liom go mbínn sa bhaile ó an gcéad Aifrean gach aon Domhnach chun mh' aghaidh a thabhairt ar na sléibhtibh, ag tóruigheacht ar ghearr-fhiadhthibh, agus mo thruagh-sa an gearr-fhiadh go mbeadh sé de phláinéid air gabháil i m'threó. Bhí cú bhreac-bhán agam, a bhí chómh lúthmhar le Bran úd a bhí ag Fionn Mac Cúmhail aon lá riamh, mara raibh sí níos lúthmhaire. Agus i m' thaobh féin, ní dóigh liom, agus ní i dtaobh me féin 'á rádh é, go raibh an fear san beirtha beó in Éirinn go dtabharfinn mo chúl leis i dtaobh ratha nú léimth nú i dtaobh aon ghaisge eile d' á 'r mhaith leis a tharac air. Ach fé mar adubhart ó chianibh is fhuiriste dhom é cheilt anis. Sean-fhocal é "gur breágh an rud an óige an t-é chuirfeadh ar fóghnamh í." Ach pé duine chuir ar fóghnamh í ná nár aoinne amháin. Is minic a bhíos amuich, moch déanach, fuar agus fliuch; agus ní dócha go mbíon aoinne ghabhan trí annróth dhe 'n t-saghas san ná go mbíon cathughadh air nuair a bhíon sé ró dhéanach aige. Is amhlaidh dómh-sa go h-árimhthe mar ní rabhas gan mo chion de 'n díth-chéille, dálta a lán nách me. Tá sé déanach agam bheith ag caitheamh in
diaidh na h-óige anis ámhthach. Ní fearra dhom rud a dhéanfinn ná abhrán an bhéil dúnta a dhéanamh de. Ba ghnáth liom cleith mhór fhada fuínseóige bheith agam, go mbíodh oiread mo dhá dhorainn de chnapóig ar a barra, agus an ceann caol di i m' láimh agam. Nuair a bhuailinn buile dhe 'n chleith sin ar thor aitinn, dá ráineóchadh gearr-fhiadh ann ba ghearr an mhaill air gabháil amach, agus is beag an baoghal go mbeadh meisge chodlata ná dathach na lagachar radhairc air tréis gabháil amach do ach chómh beag. Ní baoghal go bhfanadh sé feuchaint cad é an tóir a bhíodh chuige ach an cnoc amach a chuir de láithreach baill. Go ghabhas amach le m' chuin maidean airimhthe, agus do dheineas ceann ar aghaidh ar Chnoc Fiarna. Lá fuar trim sneachtaigh idir dhá Nodlaig a b' eadh é. Bhí boidire tíoránaig de Mhuíntir Shaunders 'n a chómhnuighe ar an dtaobh abhus de Chnoc Fiarna an uair sin, agus mo thruagh-sa an t-é go mbéarfadh sé sin ná a stíobhard air ag fiadhadh ar a chuid tailimh. Nuair a bhíos i ngearracht leath-mhíle nú mar sin de thig an tíoránaig cad a phreabfadh amach ash tor aitinn chúgham ach gearr- fhiadh. Níor stad sé feuchaint ar bhaoghal do mise ná aoinní dh' á shaghas ach an talamh a chuir de chómh mear agus bhí sé 'n a choisíníbh agus mear go maith a bhí sé ionta. Ní lúgha ná thógas-sa aon fhailíghe i m' ghnó féin ach liúghadh ar an gcuin, agus seo i ndiaidh an ghearr-fhiadh í ar greadadh. Thug an gearr-fhiadh aghaidh siar ó dheas, agus níor bh' fhada chuaidh sé nuair a bhain an chú casadh as. Soir ó dheas leis ansan, agus fé dhéin tíghe an tíoránaig. Chuadhas féin ar mhullach claighe mhóir a bhí ann i gcás go mbeadh radharc agam ortha. Bhí radharc bhreágh agam ó 'n gclaighe ortha. Chídhinn an chú, agus
a pus i ngearracht leath-troig de eireabal an ghearr- fhiadh, dá mbeadh eireabal air, ach níor mhó ná san é, agus a beul ar leathadh aici, agus í ag abhastaraig le feirig, agus nár bh' fhios, dar liom, cad é an neómat a shloigfeadh sí isteach 'n a clab é. Ar an dtaobh eile dhe 'n gheul, cé ná raibh sa ghearr-fhiadh ach créatúirín beag lag suarach, níor bh' fhéidir buachtaint air i n-a- cilígheacht ná i n-oiltheacht. Nuair a bhíodh sé sa chúntabhairt éachtach go léir, chasadh sé go h-oban, agus ar neómat na baise , cá mbíodh sé, in ineadh bheith ar aghaidh na cun amach, nú mar mheasainn-se gur cheart do bheith, istig 'n a beul, ach laistiar di! Théidheadh an chú fiche éigin slat ceann ar aghaidh ansan sar a bhféadadh sí baint uaithi féin chun casadh. Bhíodh an gearr-fhiadh ag rith 'n a mhalairt de threó ar an bhfeadh san, i gcás go mbídís i bhfad ó chéile um an dtaca go mbíodh an chú réidh chun é leanamhaint arís. Thugadar tuairim le h-uair gho leith dhe chloig ag gabháil d'a chéile ar an gcuma san, agus mise anáirde ar an gclaighe agus mo shúile ar mhullach mo chinn agam, agus is dócha sgeón orm ag feuchaint ortha, go dtí fé dheire shiar thall muair a bhíodar araon tuirseach tnáthte buailte amach, agus gan ionta a thuille ratha dhéanamh, do thit an gearr-fhiadh ar bhior a chinn, mín marbh ar lár na páirce! Ní raibh an chú i bhfad siar uaidh agus nuair a thir sé n-a chnaipe mharbh ar a h-aghaidh amach chómh h-oban, do theangaidh a cosa tosaig leis, i dtreó go bhfuair sí barra-thuisle, agus gur chaitheadh, tón tar ceann, d'á dhroim amch í agus gur fhan sí ansan, sínte ó lúb ladhair, i ngearracht cúpla truig de 'n ghearr- fhiadh! Nuair a chonac-sa iad araon treasgartha chuireas féin ins na cosaibh agus chuadar fé na ndéin. Ba ghearr an
mhaill orm dul go dtí iad. Bhí an da ablach ansan rómham gan cor ionta, gan anam gan anál ionta, "gan aithne gan úrlabhara acu." 'Sé déarfadh aoinne nár mhisde do Choisde an Chrobhanaora suighe ortha! Do rugas ar chluais ar an gcuin agus do thugas crotha dhi. Marbh! Bhí sí chómh marbh le h-Art! B'fhéidir ansan má seadh go raibh buairt orm! Níor bhuairt go dtí é! Mo chú marbh! Spórt na bliana loitidhthe orm! An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid de sgrios! "Níl leigheas air," arsa mise liom féin, " ach bheith cráidhthe." Feuchaint éigin d' á dtugas ar an ngearr-fhiadh, thugas fé ndeara féitheacha a chos ag coruighe. Fé cheann tamail do chroth sé cos leis, agus fé cheann tamail eile do chroth sé a cheann. Chuir san i gcuímhne dhom an cleas imir an mada ruadh ar Mháire 'n Doichil, nuair a mhairbh sé na géana airthi. Bhí dhá cheann déag de ghéanaibh istig i bhfalaig i gcúinne an chlóis aici agus an dorus dúnta go daingean ortha. Tháinidh an mada ruadh istoidhche. Theip air an dorus fhosgailt. Do léim sé anáirde ar bhuaic an tíghe bhig agus do déin sé poll ann, agus seo síos isteach é. Mhairbh sé an dá cheann déag de ghéanaibh ar an láthair sin, agus is deallrach go raibh féasta maith aige ortha. Bhí san go maith go dtí gur oir do teacht amach! Níor bh' fhéidir do é! Cad abhí le déanamh ansan aige? Fan leat go fóil is dóigh! Is beag an boaghal gur theastabhuidh aon chomhairle uaidh 'n a chruadh-chás! Níor cheaduigh sé a sgeul le h-aoinne, ach do cheap sé a shuaineas do féin! Ar maidin la 'r n-amháireach nuair a chuaidh Máire fé dhéin na ngéan chun iad a liogaint amach, d' aridh an mada ruadh ag teacht í. An deamhan blúire dhein sé
ach luighe síos do féin agus leogaint air bheith chómh marbh le h-aon ghé acu. D' fhosgail Máire an dorus agus d' fheuch sí isteach! Ariú, a dhuine na n-áran, do baineadh preab aiste! Chonaic sí na géana go léir marbh! Chonaic sí an mada ruadh chómh marbh leó! Bhí 'fhios aici gur bh' é an mada ruadh a mhairbh na géana! Cheap sí gur bh' iad na géana mhairbh an mada ruadh! Cheap sí gur bh'amhlaigh a chuir sé marmur air féin leó, nú gur bh' amhlaig a sgoilth sé air féin leó, nú rud éigin dhe 'n tsaghas san! Chuir san breis shuainis airthe. Ach bhí san de dhearmhad airthi. Bhí breall airthi, mar neósfidh mé dhoit. Bhí an mada ruadh sínte sa chúinne ba shiadha uaithe dhe 'n tigín. Do dhein sí air anonn agus d' fheuch sí air go géar. Dá mhéid é a fhearg níor fhéad sí gan gáire uime. "Dar fiadh," ar sise, "is tú an mada ruadh i mbun na gcearc, i dáiríribh." Bhí saghas sásaimh aigne airthi nuair a chonaic sí go raibh an bitheamhanach féin marbh chómh maith leó. Do rug sí ar eireabal air agus thug sí crotha dho. Bhí sé marbh! "Seadh," ar sise, "do mharbhaís iad agus do mharbhaigheadar tú. Marbhughadh a's tmáthadh ort a bhitheamhanaigh, má táim i n-easpa mo ghéana féin táim sásta ó 's rud é ná deighidh do chúrsa i n-aisge leat-sa a chlaidhre!" Do thóg sí 'n a bacalainn é agus thug sí a h-aghaidh ar an ndorus leis. "Is agam atá an bréan-ualach ionat," ar sise, "ach mar sin féin ba bhréine de ualach agam tú dá mbéadhfá i d' bheathaidh, agus gan aon fhagháil agam ar tú mharbhughadh." Chaith sí amach ar an gcarn aoilidh é.
"Bíodh an méid sin anis agat," ar sise. Ní túisge theangbhaidh an mada ruadh leis an dtalamh amuich 'ná chroth sé é féin agus phreab sé 'n a sheasamh agus as go brách leis! B'fhéidir ansan má seadh go raibh fearg ar Mháire! Agus má bhí féin cad abhí le déanamh aici ach a beul éisteacht! Bhí eagal orm-sa go n-imireóchadh an gearr-fhiadh an cleas céadna orm, agus d'a bhrí sin, thugas buille dhe m' chleith i gcúl an chinn do agus do mharbhuigheas i gceart é. Chuadar anonn chun na cun arís agus chromas ar bheith ag friothálamh airthi. Cad deirir léi ná go dtáinidh anam inti tréis tamail mhaith. Bhíos sásta ionam féin ansan. An deamhan blúire dhíom ar chuímhnig ar feadh na h-aimsire go rabhas chómh cómhgarach do thig an tíoránaig. Bhí a mhalairt de bhuairt orm geallaim dhoit é. Do cuireadh i n-úil dom é ámhthach. Nuair a bhí mo chú taguidhthe chúiche féin nách mór, agus í 'n a seasamh agam ar mh' aghaidh amach, agus me ar mo chromadh 'gh á cimilt sa drom, do thánathas laistiar díom, agus do rugadh ar chába na casóige orm, agus do baineadh casadh asam, agus do síneadh ar fleasg mo dhroma anuas ar an tsneachta me! Ach má seadh ní túisge bhíos treasgartha ná bhíos ar mo chosaibh arís. Níor gortuigheadh in aon cor me mar bhí an sneachta go breágh bog fúm. Ba chuma nú peilín é! Do fheuchas ar an namhaid. Cé bheadh ann ach stíobhard an tíoránaig! Ni rabhas i bhfad ag cuímhneamh ar cad a dhéanfainn leis. Ní ar fán a bhí mo chleith uaim. Do thairigeas mo chleith fan asnaígheachaibh air, agus do shíneas ar an sneachta é, chómh tréith chómh marbh leis an ngearrfhiadh.
"Bíodh an méid sin anis agat!" arsa mise. Do rugas ar dha chois deirig ar an ngearrfhiadh agus do árduígheas liom é agus do chuireas díom. Níor bh'fhada chuadas nuair a chuímhnígheas go mb' fhéidir go raibh an fear marbh agus gur me féin a bheadh síos leis! Do stadas agus do mhactnuígheas ar an sgeul. Bhí fhios agam an droch-anim a bheith orm, agus bhí eagal orm go dtógfí láithreach me, agus go ndaorfí chun mo chrochta me. Geallaim go rabhas ag cuir uaim! Fé dheire chuímhnígheas orm féin go raibh seisean chómh cionntach liom-sa, nú dá n-abarainn níos cionntaighe. Sé dubhairt liom féin nár dheineas aon tuínte leis ach rud a dhéanfadh sé liom dá bhféadadh sé é, ach níor fhéad. Ba thúisge thug sé sin fúm-sa ná mar a thugas- sa fé. Do rug sé ar chába na casóige orm, gan dabht gan dearmhad, agus do bhain sé casadh asam, agus do shín sé ar fleasg mo dhroma anuas ar an sneachta me. Níor bh' fhéidir do an méid sin a shéanadh. Ansan cá locht ar dhuine é féin a chosaint! Ní fheadar-sa cá bhfuil an t-é liogfadh do mhaidirín lathaighe a chómharsan greim a bhaint ash colapa a choise dheire gan cic a thabhairt do dá bhféadadh sé é! Bhíos i gcráiste mhaith ansan chuige. Bead-sa maith do dhóithin, a phreabaire, má mharbhuigheas féin tú. "Mo chathughadh é," an dubhairt Mathúin leis an sprid. Do chasas ar mo sháil agus do chuadas thar n-air arís chuige. Cheapas go mbeadh sé ag crothadh na gcos rómham. Ní raibh. Ach mara raibh bhí sé ag dranntaghadh rómham agus ní túisge chonaic sé me ná thosanuigh sé ar bheith ag easgainí orm, agus ar bheith ag tabhairt droch-chainnte dhom. Níor bh' fearr liom-sa port a bhí 'n a bheul aige amhthach. Siar síos díom a ghaibh a chuid droch-chainnte. Do eirig sé 'n a sheasamh
go h-ann leisgeamhail. Choinnibh sé a lámh le n-a cliathán san áit go dtugas an buille dho. Ba mhaith an bhail air ná raibh sé i gcráiste chúgham. Bhí fhios aige go maith nár bh' aon chabhair do bheith suas a's anuas liom. "Cad 'n a thaobh doit an méid sin dhéanamh, a bhitheamhanaig?" ar seisean. "É bheith tuillte go maith agat," arsa mise. "Cunas a bhí sé tuillte agam?" ar seisean. "Nár thánaighis laistiar díom," arsa mise, "agus nár rugais ar chába na casóige orm, agus nár bhainis treascairt asam, a bhodaichín spriúnlaighthe gan mheas ort féín! An bhféadfir an méid sin a cheilt?" "Do dheineas mar sin leat é, adamhuighim," ar seisean. "Cad é sin ort mar sin?" arsa mise, "nú an amhlaig a mheasfá go mbeidhinn-se chomh leanabhaighe a's go leogfainn in aisge leat é, nú an amhlaig a mheasfá gur cheart dom go phárdún a ghabháil tréis tu ghabháil de chosaibh sa lathaig orm, nú b'fhéídir go bhfuil sé de dhíth céille ort a mheas ár bh' fhuláir dómh-sa agus do m' leithéidí úmhlughadh dhoit, ó tá'n tú i d' mhaidirín lathaighe ag saghas duin' uasail." "Go réidh anis, a phreabaire," ar seisean. "Ní tú atá ag cimeád an aeir 's an talaimh ó n-a chéile in aon chor. Má tá sé de dhíth céille ort gur dóigh leat gur tú, bíodh san de dhearmhad ort a mhic mo chroidhe. Thugais buille dhe d' chleith dhómh-sa gan chúis gan adhbhar. Do thiteas anuas ar an dtalamh agus d' fhanas ansan, gan aithne gan úrlabhra ar feadh tamail. An dóigh leat an raibh san ceart? Cuirfead-sa i n-úil doit ná raibh. Seiribheálfidh mé tú agus tabharfidh mé
os comhair na cúirte thú agus ansan beidh fhios againn ce 'cu againn a bhí as an slighe." "Mhaise go gcuiridh Dia ar do leas tú agus dein," arsa mise, "agus gheóbhaidh tú ciall cheannaig muna b' inonn a's riamh; agus an bhfuil fhios agat-sa go mbíon beirt ag imirt gach aon chluiche imiríghtar sa chúirt. Deirean tu liom gur thugas buille dhe m' chleith dhoit gan chúis gan adhbhar. Dar liom féin bhí chúis agus adhbhar agam leis an mbuille sin a thugas doit, agus mara ndúnfir do chlab tabharfidh mé buille eile dhoit, a thabharfidh cúis ghreáin doit, i gcás ná beidh bac ort bheith ag cnáibhseáil." Focal eile ní dubhairt sé, amach as a bheul, ach do bhailigh sé leis chómh caothamhail agus d' fhéad sé é. Thugas-sa féin mh' aghaidh ar an mbaile ansan. Ní raibh aon fhonn orm a thuille dhéanamh an lá san go h- áirighthe. Cáit. - Agus an thugair suas an fiach ansan, a Dhiar- muid? Diarmuid. - Thugas suas fiach an lae sin, a Cháit. Ach níor thugas suas fiach an lae 'n-a dhiadh san, ná fiach aon lae eile a tháinidh ó shin gur chuir an t-aos iachaibh orm é thabhairt suas. Éamonn. - Agus ar sheirbheáladh tú? Diarmuid. - Geallaim-se dhoit nár sheisbeáladh. Is dócha go ndéanfí dá mbeidhinn ag cimilt bhaise dhe 'n stíobhard, agus ag gabháil a phárdún, agus ag plámás leis, ach nuair a chonaic sé go rabhas-sa neamh-maitheach a dhóithin do, dubhairt sé leis féin nár bh' aon chabhair do bheith ag d' iarraidh aon cheart a bhaint díom, agus nár bh'fearra dho rud a dhéanfadh sé ná cúbadh chuige.
VIII. Liam an Tubaist agus Seaghán na Díth- céille. Tá duine beag 'n a chómhnuighe ag bun Chnoic Mhuisire i gConntae Chorcaighe go dtugtar Liam an Tubairt mar leas-anim air, mar níl aon tubairt d' á mbíon ag gluaiseacht ná go bhfaghan sé a chion de, agus a dhá chion, nú dá n-abarainn breis agus a dhá chion. Tá amadán sa chómharsanacht gur bh'ainm do Seaghán na Díth-Chéille, agus sé cúis gó dtugtar an anim sin air, ná toisg gan é bheith leath chómh mór de amadán agus do samhalóchfí. Níl athair ná máthair ná dritháir ná drifiúr aige, ná tig ná treabh, ach oídhche anso agus eadarshruth ansúd. Ní bhíon doicheall in aon áit roimis; ach mar a mbíon, bhíon fáilte 'gus fiche ins gach aon áit roimis. Is gnáth leis cuir fé go minic i dtig Liam an Tubairt. Oidhche áirimhthe gur ráinidh do a anncair a leagadh i dtig Liam, do teastbhuidh ó Liam agus ó n-a mhnaoi dul ag sgoruigheacht go tig cómharsan. Nuair a bhíodar ag gabháil amach dubharadar le Seaghán na Díth-Chéille fóidín móna a chimeád sa teine i gcás ná raghadh sí in éag go bhfillfidís. Dubhairt Seaghán go ndéanfadh. D'imthigheadar. Bhí ciseán móna caithte isteach fé shuidhchán a bhí sa chúinne i n-aice na teine. Ní túisge a bhí an bheirt ar dtaobh amuich de dhorus ná bhuail Seaghán síos a raibh de mhóin ann de an gcéad iaracht. Níor bh'fhada go raibh teine aige. Amach leis ansan ag soláthar tuile móna. Bhí cruach mhór móna ar aghaidh an doruis amach.
Do aimsidh sé ciseán agus seo fé dhéin na curaiche é, agus ba ghearr an mhaill air a chiseán a líonadh, a gus a thabhairt leis isteach. Ach má seadh, cad é an saghas móna bhí aige! An mhóin fhluich a caithtí i leith-thaoibh ó am go h-am. Cuir sé srath eile dhí sin anuas ar an dteine i dtreó gur ró bheag ná gur mhúch sé í. Do fhan sé mar sin ansan ar feadh tamail ag féachaint ar a theine agus gan aon choillte inti. Fé dheire do thuig sé é féin-gur bh' é fliche na móna fé ndeár é, agus dubhairt sé leis féin go raibh seift air sin leis. Fuair sé smailín giúiSe agus do las sé é agus thóg sé leis 'n-a láimh é. Ba ghearr a chuaidh sé nuair a shéid an ghaoth an smailín i dtreó gur rith an teine tríd ó cheann ceann agus gur bh'éigean do é chaitheamh uaidh ar eagla go loisgfí 'n a bheathaidh é. Isteach leis arís agus fuair sé an t-urSul agus rug sé ar an smailín leis, agus thóg sé leis é, agus cá mbuailfadh sé é ach anáirde ar chúinne na cruaiche, agus rug sé leis isteach trí ciseáin móna 'ndiaidh chéile. Do aduigh sé teine arís agus nuair a bhí sí ag tosanúghadh ar lasadh ní bhíodh aon áit a chíodh sé coillte soluis ag briseadh amach idir dhá fhód ná chuireadh sé fód eile anuas ar an bpoll i dtreó gur ghearr go raibh Gearra-chruiceóg ar an dtíntean aige. D'réir mar bhi an cárnán ag méadughadh bhí an datach ag méadughadh. D' réir mar bhí an datach ag méadughadh bhí sé ag teip ar an siminé é bhreith leis. Do líon an tig de dhatach, agus do b'éigean do Sheaghán gabháil an dorus amach, le h-eagala go múchfí é. Ach nuair oscail sé an dorus agus do fheuch sé amach do leath a shúile air. Bhí cruach na móna trí theine! Bhí spréacha dearga ag imtheacht leis an ngaoith fé mar bheadh cith chloich-shneachta! Bhí an spéir
uachtarach dubh le datach! A leithéid de bhéiltheach ní fheacathas ó dóigheadh San Francisco! Do dhrid sé amach ó 'n dorus agus do fheuch sé thar n-ais ar an dtig. Ní raibh an tig le feisgint aige! Ní raibh le feisgint san áit gur cheart do 'n tig a bheith ach cnoc mór árd cíardhubh dataighe! Agus ní raibh le feisgint san áit gur cheart do chruach na móna bheith ach caorthíol croidhreac teine! Tháínidh sgárd air. Ní fheidir sé de chúig áirdibh na naoi bhFionn cad ba mhaith dho dhéanamh. Do liog sé fead as, agus do liog sé sgread as, chun na gcómhar- san a tharac, agus da mbeadh fhios aige níor ghádh dho é mar bhíodar ag déanamh air 'n a bhfichidíbh cheana féin. Tháinidh Liam an Tubaist féin. Do fheuch sé ar an dá chnoc-cnoc na teine agus cnoc an dataigh. Do dhéin sé anonn ar dhorus chnoic an dataig agus do fhosgail sé é, agus thug sé fé dhul isteach; ach má thug is gearr a chuaidh sé nuair a b' éigean do theacht amach arís i ndiaidh a chúil ar eagala go múchfí é. Dhrid sé i leith taoibh ó 'n mbuthaire agus is air a bhí an droch-stiúir má bhí sé ar aoinne riamh. Fear garbh láidir fionn-ruadh a b' eadh é. Bhí meigeal de fhéasóig fhada sgáinte mhuthalach air a bhí ag teacht anuas go dtí a ghlúinibh, i dtreó go samhalóchfá nuair a chídhfá uait é agus a aghaidh leat gur tor atinn a bheadh ag meath agus ag feóchadh a bheadh ann. Ba ghnáth leis, nuair a bhíodh aon nídh ag déanamh buartha do, bheith ag gabháil de 'n bhféasóig á chrúcáil agus á chíoradh, agus ní dócha gur thug sé aon tsos do an uair sin mara b' inion a's riamh. Do foscaladh finneógacha an tighe agus gach aon pholl a b' fhéidir fhoscailt chun an dataig a liogaint amach. Fé cheann tamail eile chuaidh Liam isteach arís agus chrom sé ar bheith ag sgurtáil na teine le n-a
chrúcaíbh mar raibh tásc ná tuairisc ar an ursail ná ar aon áire eile. Bhí sé ag stealladh dhiarmíní uaidh ar buile. Do rug an teine ar an bhféasóig aige, agus níor mhothuigh sé é go raibh sé geall leis dóighte go smior. Bh'fhéidir ansan má seadh go raibh ceól ar fuaid an bhaill. Ariú, a dhuine mo chroidhe 'stig, do liúigh sé agus do bhéic sé, agus do rith sé agus do léim sé! Seo amach an dorus é agus gach aon bhúirt aige fé mar bheadh ag tarbh trí mblian! Tháínidh sgárd ar na daoinibh nuair a chonaiceadar an fear buile agus ní fheadaradar cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh. Cé casfí air i lár an clóis ach Seaghán na Díth-Chéille. Tháinidh Seaghán laistiar de agus do rug sé ar dhá shlinneán air, agus do rop sé, ar bhior a chinn, síos isteach i bpoll draoibe 'bhí ag bun an chlóis é, agus do mhúch sé é! Thugas-sa mo chúl leó ansan agus ní fheadar cunas a ghaibh leó ó shin. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services