Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogar Mogar

Title
Cogar Mogar
Author(s)
Ua Laoghaire, Diarmuid,
Pen Name
Fíre Feá
Composition Date
1909
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cogar Mogar.



I.



Caitheamh-Aimsire Iasachta.



Is fada dhom ar an saoghal agus is mó saghas
caitheamh aimsIre a chonac le m' rae, ach do bhuaidh
na "Hubby Horses" ortha go léir. Táid siad ag
gluaiseacht ó áit go h-áit anis le tamall. Cuirid
siad fútha anso 's ansúd ar feadh seachtmhaine nú
caidhcís, ins na h-áiteanaibh go mbíon amhras acu go
mbeadh raighse amadán go meallfidís roinnt phinginí
uatha.



Do ráinidh dóibh teacht i m' chomharsanacht féin tráth
éigin le déanaighe go h-árimhthe. Ní raibh aon
tsuaineas aigne orm go bhfeaca iad. Chuadhas fé na
ndéin.



Do leath mó shúile orm nuair a chonac iad. Do
eighrigh mo chroidhe orm nuair a chonac an sluagh bhí ag
féachaint ortha, agus an driuch a bhí ortha. Bhí a
gcóracha curtha i dtreó acu. Bhíodar istigh i lár
láithreáin mhóir, leathan, lathaighe . Bhí na Hubby Horses
ar siúbhal. Chídhfá capail agus asail agus muca agus
gabhair agus gach aon tsaghas animhighe ag gabháil mór
dtíompal ar greada. Chídhfá fir luatha láidire, agus
sean-daoine, agus fiú amháin buachailí sgoile ag
marcuigheacht ortha.



Thugas fé ndeara aon tsean-duine amháin a bhí ann.
Fear mór garbh láidir sgoth-aosta a b' eadh é. Bhí


L. 2


sé ag marcuigheacht ar sheana chráin mhuice a bhí chomh
do-thígheasach leis féin. Dá bhficfá mar fhéachadh sé ar
na daoine féachaint an rabhadar á thabhairt fé ndeara!
"Seadh," arsa mise liom féin. "Tá'n tú ar muin
na muice dhoit féin, a dhuine bhoicht!" Bhí san go maith
go dtí gur stopadh d' a mharcuigheacht é. Dá bhficfá
chomh buartha 's do bhí sé! D'fhéach sé 'n a thíompal.
Chonaic sé na marcaigh eile ag túirleac. Chonaic sé
tuile marcaig ag dul suas. Chonaic sé pocán gabhair
ná raibh aoinne ag dul fé na dhéin. Níor fhéad sé
foidhneamh. Seo fé dhéin an ghabhair é, agus do phreab
sé anáirde air. Do gháir na daoine nuair a
chonaiceadar an fear bocht gan chiall. Do gháir sé
féin chómh maith le cách. Ghluaisigheadar. Dá bhicfá
an stiúir a bhí ar mo shean-duine bhocht, agus an mhórdháil
a bhí air i dtaobh bheith ag marcuigheacht ar ghabhar.
Níor bh' aon nuadhacht bheith ag marcuigheacht ar chapal.
Bhí dhá adhairc ar an ngabhar a bhí chómh fada agus chómh
géar le dhá bheaignit ach ná rabhadar chómh díreach. Bhí
meigeal de fhéasóig fhada, sgáinte, liath air, a bhí ag
teacht anuas go dtí an talamh, i gcás go raibh sé i
gcontabhairt seasaimh air; agus is ró bheag ná go raibh
sé ag meigiolaig. An chéad uair a bhí sé ag gabháil
tharainn do liúigh agus do sgread agus do bhéic na
daoine i dtreó go dtáinidh píoparnach i m' chluasaibh
féin, agus gur mheasas go raibh mo phlaosg briste.
Níor chuir san aon chorabhuais ar an sean-duine ámhthach.
Níor bh'fhearr leis rud a bhí ar siúbhal acu.



Fé cheann tamail mhothuigheas fuacht ag teacht ar mo
chosaibh. Do fhéachas ar an dtalamh fé m' chosaibh agus
i m' thiompal. Cad a bheadh ná lathach go glúinibh orm
féin, agus ar a raibh eile láithreach.


L. 3


"Seadh," arsa mise liom féin, "is é mo mhór-
thuairim go bhfuil breis agus mo dhá dhóithin des na
Hubby Horses fághálta agam-sa; fágaim ansan sibh
agus bhúr dtairbhthe nár fhaghad."



Dia mór linn, a dhaoine mo chroidhe istigh! Nách
sinn na h-amadáin! Nách fhuiriste sinn a mhealladh!
Nách éachtach an sult a gheibhmíd i ndaoine bhíon ag
stealla-mhaga fúinn! Na daoine seo bhíonn ag
gluaiseacht ó áit go h-áit ar an gcuma san ní fios
cad as iad. Níl beann acu ar Dhia ná ar dhuine.
Daoine "gan paidir gan créidh, gan atheanta Dé"
iseadh iad. Cad é an donas atá ag gabháil dúinn ná
cuirimíd an ruagairt ortha? Nách tubaisteach an chriú
sinn agus cuir suas leó in aon chor! Níl leigheas air
ach bheith cráidhte.


L. 4



II.



"Is malluighthe an dram tuinncéirí."



Is ró ghearr ó bhí capal agam le díol, agus do rugas
liom é go dtí sráid éigin i gCúntae Luiminighe go raibh
aonach capal ann. Ní déarfidh mé cad í an tsráid í,
ach amháin go bhfuil sí i ngearracht fiche míle dhe 'n
Chaithir.



Nuair a shroiseas an t-aonach, ní gádh dhom a rádh
go bhfeaca radharc. Bhí capail agus asail agus daoine
ann. Bhí na capail ag rith síos suas, agus anonn 's
anall ar greada. Bhí cuid acu ar cos anáirde, agus
cuid acu ar sodar, cuid acu ag siúbhal agus cuid acu
'n a stop. Bhí capail fiaidh agus capail ráis ann,
capail i gcóir chairéireachta, agus capail, d'réir mar
mheasas, gan aon mhaitheas in aon chor ionta. Bhí
bramaig de gach aon aos ann, cuid achu go sleamhain,
beathuighthe, deagh-chúmtha, go raibh braon foluigheachta
ionta, agus tuile acu go seang, seirigthe, giobalach,
ocarach, na raibh siúbhal na slighe ionta, ó ocras agus
ó dhroch-usáid. I dtaobh na n-asal, ní mór go
bhfeacathas in aon chor iad, bhíodar chómh suarach san
idir na capailibh, ach mar sin féin bhíodar ann, agus
cé ná raibh puinn tuirt ionta, ba mhaith an sás iad féin
a chuir in úil iad mar nuair a liogadh ceann acu
sgread as, do fhreagaruigheadh ceann eile é, agus
ceann eile agus fós ceann eile, agus mar sin dóibh,
go dtí go mbídís go léir ag béicigh i dteannta chéile,
ó cheann ceann na sráide. B'fhéidir ansan má seadh
gur bh' fhada ó uaigneas do mhuíntir an aonaig é. An
fhaid a bhíodh a gcómhrádh ar siúbhal agus na h-aralaibh


L. 5


níor bh' fhéidir do aoinne eile focal a labhairt, nú dá
labharadh ba bheag an chabhair do é mar ná h-
areóch' aoinne é.



Seadh, do bhí capal agam-sa le díol, agus do
dhíolas é leis. Do casadh ceannuightheoir ó Bh' L' áth'
Cliath orm. 'N fhaid a bhí an maraga á dhéanamh bhí
locht dhíolta na gceannrach go bruideamhail ag rith síos
suas, agus ó 's ag trácht ortha é, is ann a bhíodar,
lán an bhaill acu. Ní raibh de éadach um úmpa ach
na giobail, agus ní raibh focal síbhialta le fághail amach
ash béal aoinne acu, ach gach aon fhocal ar a fhaobhar
agus ar a chúinne. Bhí cuid acu, na mná go mór mór, go
bhficfá leanbh ar chuislinn acu, agus bacala cheannrach
ar an gcuislinn eile; agus an driuch a bhíodh ortha! Go
sábhálaidh Dia sinn! Ba mhaith leat ráil iarrainn a
bheith idir tu 'gus iad.



Do bhailigh miothal acu tíompal orm-sa go h-árimhthe,
chun cheannraig a dhíol liom, nuair a bhraitheadar nár
bhfuláir nú go ndíolfainn mo chapal. Ní raibh de sheift
agam-sa ach gan a thairiscint dóibh ach fíor bheagán
airgid air. Nuair a bhí an marga déanta, do thairigeas
pinnin do mhnaoi acu ar cheannrach, agus má dheineas,
dar ndóigh, mo dhá creach! Do liúigh sí agus do léim sí,
agus do spriúch sí agus do bhéic sí. Tháinid crith chos
agus lámh ionam le h-eagala roímpi, agus geallaim
gur bhaineas uaim féin. Thugas súil-fhéachaint tíompal
orm, agus chonac gasra fear tamailín uaim, agus iad
ag briseadh a gcroidhe ag gáirí. Do athnigheas duine
acu. Bhagaruigheas air. Tháinid sé anall chúgham. Do
fhiafruigheas de cad a bhí á gcuir ag gáirí. Dubhairt sé
liom gur umam féin a bhíodar ag gáirí. Níor thuigeas
go dtí san go raibh aon tsult in aon chor i m' ghnóthaibh.


L. 6


Ansan do b'éigin dom féin gáire chómh maith leó, nuair
a thuigeas andeire mo sgéil.



Um an dtaca san bhí fiche éigin duine bailighthe am'
thíompal ag díol cheannrach. Nuair a chonaiceadar
mise ag gáirí, cheapadar gur ag magadh fútha féin a
bhíos. Chuir san fearg ortha. Chromadar ar bheith ag
aragóint eatartha féin ansan, agus ó an aragóint
tháinidh troid, agus ó an dtroid tháinidh bruíghean, agus
"Ba gearr go raibh coga ar an aonach." Sgaras-sa
leo ar an gcuma san agus is sé deirim liom féin ó
shin "gur malluighthe an dram tuinncéirí."


L. 7



III.



Na Bacaig.



An t-seachtmhain seo 'ghaibh tharainn sé rud a dubhart
libh ná gur "malluighthe and dram tuinncéirí." Seo
anis, ta dram eile ná liogfadh leó é ar mhalluightheacht;
agus is é dram é sin ná na bacaig.



An chéad lá riamh a cuireadh bacach ar a bhonnaibh, fear
bacach a b' eadh é. Bhí sé mar leath-sgéal aige ná
féadfadh sé aon obair a dhéanamh toisc é bheith 'n a
mhairtíneach. Chomáin sé leis ar an gcuma san ar feadh
tamail, ag dul ó áit go h-áit ag d' iaruig déarca,
agus a chleith 'n a láimh aige mar chúnghnamh chun siúbhail.
D'fhaghadh sé lóistín na h-oidhche saor annso 's annsúd
nuair a theastuigheadh uaidh. Bhí an sgeul ar a thoil aige
go dtáinidh lá fliuch air a's nár fhéad sé gabháil amach.
Bhí sé mar mhuiríghean ar mhuíntir an tíghe sin ar feadh
lae agus oidhche eile. B' éigin do cuímhneamh ar sheift
eile ansan. Do bheartuidh sé gur mhaith an rud do
mála sholáthar i gcás go bhféadgadh sé oiread a
bhailiúghadh agus a chuir chun taisge, 'n fhaid a bheadh an
lá breágh aife, a's do chothoch' díomhaoin é i gcaitheamh
an droch-lae. Dá bhrí sin d' aimsig sé mála, agus ní
túisge rug an mhaidean air ná thóg sé leis an chleith,
agus chaith seile ar a láimh, agus bhuail an bóthar do
féin agus port feaduíola 'n a bhéal aige. Dar leis
ní raibh fear sa domhan chomh socair aigne leis.



Ba ró-ghearr do ag gabháil d'á chéird nuair a tháinidh
formad ar dhaoinibh. Fé cheann tamail d'iompaidh
duine eile amach 'n a bhacach, agus duine eile 'n a
dhiaidh sin arís, agus mar sin dóibh go dtí go rabhadar


L. 8


flúrseach go leór. Daoine macánta diadhasamhala
b'eadh iad; agus nuair iarraidís déirc an son Dé
agus ar son an tSlánuightheóra ní eiteigheadh aoinne
iad. Ansan do thosanuighidís ar phaidireoóireacht chun
Dé agus bhídís ag d'iaruig gach aon athchuiní níos
cruadha ná a chéile dho 'n t-é thugadh an déirc dóibh, i
gcás gur dhóigh leat nár bh' fhéidir do Dhia gan éisteacht
leó. Bhídís chomh tógtha suas san leis na paidireacha
gur ar éigin a mhothóidís an tig trí theine, 'bhfad uainn
an t-olc. Bhíodh na cimeádaighthe tíghe chómh ceanamhail
sin ortha gur bh'é b' fhada leó go bhficfidís chúcha iad.



Chun sgéil gheairid a dhéanamh de, níor bh' fada go
raibh gach aon mhairtíneach 'n a bhacach. Ach tá bacaig
agus bacaig ann. Nuair a chonacathas an saoghal
breágh a bhí ages na bacaig is mó áit 'n a raibh fuairthé
leisgeamhail díomhaoin gur thrioblóideach leó bheith ag
obair. Dá bhrí sin d'árduigheadar leó na málaí agus
chuadar ag d'iaruig déarca. Bhí dhá saghas bacaig
ansan againn, bacaig dleaghthacha agus bacaig an-
dleaghthacha. Nuair a gheibheadh na bacaig an-dleaghthacha
déirc ní paidireacha a bhíodh 'na chúram ortha, ach pé
beag mór a gheibhidís ní bhídís sásta nuair ná faghaidís
tuile. Ansan chromaidís ar eascuinighe agus ar
thromuigheacht agus ar bheith ag casadh asachán leis an
t-é thugadh an déirc dóibh, go dtí go dteighidís chomh
fada 's gur le steall uisge bheiribhthe a cuirtí ó'n
doras iad.



Níl aon ealaighe ná go mbíon ag dul i ngéarchúisighe
ó am go h-am, agus is amhlaigh do ealaighe na mbacach
chómh maith leó. Nuair a thuigeadar iad féin is é
mheasadar gur mór an díth céille dhóigh bheith "ag
iompar an mhála" in aon chor, agus go mór mór nuair
a bhíodh saosúr bréag ann agus na prátaí go maith bhíodh


L. 9


a ndrom briste ar fad ó 'n mála. Chaitheadar uatha na
málaí ar fad ansan 's a' donas dóibh. Thairigeadar
chúca a lán seifteana ansan chun arigead a mhealladh
ós na daoinibh. Fuair cuid acu málaí láimh agus
ghabhadar tíompal ag bailiúghadh ubh agus 'á ndíol.
Fuair tuile acu leabhair agus chuirfidís síos t'ainm ar
raol; an dóigh leat ná go mbeadhfá fé chomaoine mhór
ansan acu! Bhí tuile acu ná raibh sé de chríoth ionta
mála ná leabhar a sholáthar, ach bheith ag gluaiseacht ó
thig go tig, agus ó áit go h-áit, agus ó shráid go
sráid ag stolladh, 's ag stracadh, 's ag snapadh, 's ag
guid, 's ag fuadach, agus ag tabhairt droch-chainnte
uatha, rud atá ar bharr a dteangan acu.



Níl sé ceaduighthe do bhacach a bhailiughadh ach an méid
a chothóghadh é ó bhéile go béile nú ó lá go lá, ná níl
sé ceaduighthe dho an oiread agus aon déirc amháin a
thógaint gan guidhe chun Dé ar son an t-é thug an déirc
sin do, ag gabháil bhuidhchais le Dia i dtaobh é bheith aige
le tabhairt do, agus á iaruig ar Dhia a shláinte fhágaint
ag an duine sin toisg é bheith 'n a thígheasach chómh maith
san, agus fé dheire shiar thall, ní deintar dearmhad
ar na h-anamnachaibh i bProgadóireacht. Toisg iad
bheith chómh maith san chun paidireóireacht, ní bhíodh aon
bhean-tighe ná fear-tighe go mbeadh aon Chríostamhalacht
in aon chor ag baint leó, ná gur mhór acu beannacht na
mbocht. Bhíodh sé mar 'nath ag daoinibh roimis seo,
nuair a cailltí bean-tighe nú fear-tighe maith, "go
mothóghadh bocht Dé amuich" a leithéid seo nú a leithéid
siúd de dhuine. Ach tá an aimsir sin imighthe; agus ní
h-iad na cimeáduighthe tíghe fé ndeár é. Táid na
cimeáduighthe tíghe chómh fial, chómh fáilteach, chómh
farseag, a's do bhíodar riamh, dá gcastí naíghe déarca
ortha. Siad na bacaig féin fé ndeár é.


L. 10


Tá stráilí díomhaoine, leisgeamhala, droch-bhéalacha,
ag gluaiseacht ag bacachas anis, agus go deimhn féin,
is mór an peaca cabhair ná cúngnamh a thabhairt dóibh.
Cídhfá fir luatha láidire ag gabháil an bhóthair, go
ndéarfá leat féin gur chóra dhóibh bheith ag obair in áit
éigin, ag tuilleamh a gcuda, ná bheith mar mhuirighean
ar dhaoinibh bochta go bhfuil a ndóithin, agus breis agus
a ndóithin, le déanamh acu cheana féín. Agus mar bharr
ar gach tubairt, is anamh a chídhfá duine acu gan bean
aige, agus is minic a chídhfá beirt bhan le cois dhuine
acu. Sin é aghar an sgéil. Tá sé olc go leór bheith
a gcothughadh féin, ach nuair a chaithtear a locht leanamhana
chothughadh leis, is seacht measa na san é. Agus rud
eile; is cuma cioca gheóbhfar mórán d' á nduadh nú
beagán. Ní bhíon tuínte buidhchais acu ar aoinne pé
beag nú mór a déanfí dhóibh. Dá bhrí sin, níor bhfearra
dhos na daoine rud a dhéanfidís ná iad a ghlacadh fé
bhun a gcúraim. Dá dtisbeánfí dochal dóibh ins gach
aon bhall d'á ngeóbhdís, do chaithfidís "mágh éigin eile
umpáil," nú bás d' fhágháil leis an ocras taobh éigin
acu. Ansan ní bheadh a leithéidí ann in aon chor, agus
an t-é go mbeadh port aige, thabharfadh sé aire dho,
nuair ná bheadh aon dul amach eile aige dá gcailleadh
sé é. Do chrádhfadh sé an croidhe i nduine bheith ag
feuchaint ortha, oidhche aonaig, nú ag éisteacht leó,
nuair a castar miothal acu ar a chéile, sé an chéad
chríth a dheinid siad na págh an lae ól i bhfochair a chéile.
Ansan tigean a gcaint chúcha, agus leanan bruíghean
an chainnt, "agus as san tiocas."


L. 11



IV.



An Nodlaig.



Tá An Nodlaig buailte linn, a cháirde mo chléibh.
Ní thigean sé ach uair sa mbliain, agus b'fhéidir nár
bheag a mhinicí, mar cuirean sí na daoine trí chéile.
Ní dócha go bhfuil páiste in Éirinn ná go mbíon ag
cuir 's ag cúiteamh, rátha roim rae, feuchaint ca h-uain
a bheadh An Nodlaig ann. Ansan nuair a thigean sí
bíon bréagáin "go h-abhainn a's anall arís" acu;
agus ní fuláir dom admháil nách in Éirinn a deintar
puinn des na bréagáin a bhíon acu. Chídhfá na páisdí
gach aon tráth dhe 'n lá, agus de 'n oidhche leis, agus
iad ag bruighean 's ag acharan le na chéile, feuchaint
cia 'cu is breághtha bréagáin. Bíon éad ortha le na
chéile. Nách óg go léir a bhíd siad nuair a bhrisean an
droch-mhiteal amach ionta!



Tugan An Nodlaig sonas agus suairceas chun a lán.
Tugan sí brón chun a lán eile. Is mó tighlach a bhí go
cúmpórdamhail bliain an taca so, agus cunas tá an
sgeul anis acu! Fóiríor geur, táid siad ar a mhalairt
de chuma anis! Is mó líntighe a bhí go sulthmhar
pléisiúrtha i bhfochair a chéile um Nodlaig anuirig, ná
fuil a dtásg ná a dtuairisc anis ann. B'fhéidir duine
nú beirt acu bheith ag tabhairt an fhéir. B'fhéidir duine
nú beirt acu bheith thar na faraigí fiaine, ag tuilleamh
a mbeatha imeasc daoine ná fuil fhios acu cad a
bhainean le Críostamhalacht ná le daondacht, ach díreach
ar nós na mbeithigheach allta. B'fhéidir duine nú beirt
acu bheith sa bhaile, dá mbeadh an baile acu, ach ní
móide a bheith. Ach ar aon chuma táid siad sgaipidhthe,


L. 12


agus sgaipidhthe i dtreó nár bh'fhéidir do aon rud fé
bhun chómhachta Ríogh na bhflaitheas iad a chur le chéile
arís. Is mó líntighe atá go brónach toisc athair nú
máthair nú dritháir nú drifiúr a bheith in easnamh ortha.
Ba mhairig a labharfadh ró-thréan. Ní fiú dhúinn 'n fhaid
a bheidheam ar fuaid na mball so, bheith ró-thoghail ar
fad. Caithfimís uainn é mar bhrón. Ní beag dhúinn a
luatha chaithfam aghaidh a thabhairt air. Tá taobh eile ar
an sgeul, dáltha an t-é' dubhairt go raibh dhá thaobh leis
an gclaidhe - taobh na futhana agus taobh na síona. Is
mó tig go bhfuil sean-daoine ionta agus a gclann
amuich uatha ag tuilleamh. Ní bhíon caoi ages na
daoinibh seo ar a chéíle fheiscint ó cheann ceann na
bliana ach um Nodlaig. Níor bh'iongna dá leithéidíbh
seo bheith ag cuimhneamh ar An Nodlaig. Nuair a
théighid na daoine seo a-bhaile i gcóir Na Nodlag ní
h-iongna go mbíon fáilte 'gus fiche rómpa. Tréis dul
a-bhaile dhóibh is mó saghas caitheamh aimsire 'bhíon acu.
Ní follamh a bhíon an buidéal roim chuid acu, ach is é
áit go mbíon donas an sgéil go leanaid siad air go
bhfollamhaighid siad é, agus dá chómhartha san féin bíd
siad, lá ar na mháireach, gan chiall, gan mheabhair, gan
chuímhne. Go dtugaidh Dia ciall dúinn! Ach ní mar
sinn dóibh go léir. Nuair théighean tuile acu a-bhaile,
bíon teine bhreágh bhrothalach móna rómpa, go ndéanfadh
sé tairbhthe do dhuine suighe le n-a h-ais. Suidhean
muíntir an tighe le chéile in aice na teine agus bíd
siad ag innsint sgeulta dhá chéile, nú b'fhéidir go
mbeahd fo-abhrán acu chun go mbíon sé in am dul a
chodla. Ansan deiridh siad Coróinn Mhuire go mbíon
chúig ndeichneamhar déag inti agus ní h-í an Choróinn
Mhuire an chuid is siadha dhes na paidireacha in aon chor
ach na percasaí a leanan í. Téid siad a chodla ansan.


L. 13



V.



Lá 'Le Stafán.



Maidean Lae 'le Stafán, bhíos i m' shuidhe go
seasgair le h-ais na teine istig sa bhaile, agus gan
aoinne ag cuir chúgham ná uaim. Ní chuimhin liom anis
cad air go rabhas ag machtnamh, ach gur dheallrach nách
díomhaoin a bhí m'aigne ó b' ana' liom bheith i m'aonar.
Pé 'r domhan é, do baineadh as mo mhachtnamh me. Do
arigheas an fothram ag teacht fé m'dhéin. Do baineadh
preab asam. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an dorus
d' athnigheas gur choisígheacht gur bh' eadh é, agus go
raibh triúr nú ceathrar ann ar a luighead.



"A Mhuire na cruinne," arsa mise liom féin, "cad
é an tóir é seo anis chúgham. Ní fuláir nú is iad na
bacaig atá ar mo thí de bharr an aoide béil a thugas
ortha an choigthíos so ghaib tharrainn. Ba mhairg dom
nár sgaoil tharam iad; feuch anis an cruadh-chás 'n-a
bhfuilim! Go dtugaidh Dia cabhair dom!"



Geallaim-se dhoit go rabhas ag cuir uaim. Cé na
raibh puinn aimsire agam chun machtnaimh ó 'n gcéad
uair arigheas an fothram go dtí go bhfeacadh cad ba
bhun leis, is mó rud a rith trí m'aigne. Seo fé dhéin
an dorais me chun é dhúnadh agus é dhainginiughadh ortha
dar liom féin. Bhaineadar tosach díom, agus níor rith
liom aon chor a chuir de 'n doras. Cad a bheadh ann
ach sgata garsún, agus dreoilín acu.



"An fiabharas mheasas a radh orraibh," arsa mise
nuair a chonac iad.



Ní túisge chonaiceadar san mise ná liúghadar amach
ash beul a chéile - "The wren, the wren, the king of
all birds," &c.


L. 14


"Duig an d---------l ionnaibh," arsa mise.



Níor chuir san cosg leó. Do raideadar leó,



Do b'eigin dom mo shuaineas a cheapadh agus éisteacht
leó, d'a mhéid é mo fhearg.



'N fhaid a bhíodar ag abhrán bhíos-sa ag feuchaint ortha,
ó dhuine go duine acu, agus á dtabhairt fé ndeara.
Bhí suas le fiche éigin duine acu ann. Buachailí deasa,
síbhialtha, deagh-éadaig a b' eadh cuid acu, ar a shon
a's na raibh i dtuille acu ach giubalacháin. Thugas fé
ndeara aoinne amháin acu sa mbreis ar an gcuid eile.
Bulthach maith mór garbh láidir a b' eadh é. Bhí
máínléad cinn air a bhí chómh mór le broc, agus chómh
buidhe le prás. Bhí dhá phluic mhóra chraidhreaca air.
Bhí dhá chnap-shúil air gur dhóigh leat ortha nár bh'fhios
cad é an neómat a sgeinnfidís amach as a cheann. Bhí
dhá chluais air chómh mór le dhá shluasaid. Bhí beul ó
chluais go chluais air, agus is ar éigin a bhí aon tsrón
air mar bhí sí suidhte isteach idir na plucaibh. Bhí caipín
dubh air na raibh leath mór a dhóthain. Dheallruigheas
gur le dritháir a b'óige ná é féin é. Bhí bannda
dearg tíompal ar an gcaipín, agus na focail seo, i
leitireachaibh buidhe ar an mbannda, H.M.S. Nelson,
pé brí ata leó. Bhí casóg liath air, ná raibh ag dúnadh
in aon chor mar is dócha gur fhás sé go h-éachtach ó
deineadh an chasóg do. Bhí bríste geairid glún air
agus priobán ar ghlúin leis, agus ní raibh aon bhróg
air, ach é lomarachta ós na glúinibh síos. Cé go raibh
an lá fuar in féin, ní raibh fuacht ná fliuchara ag
goilleamhaint air. Dá mbeadh sneachta go glúinibh air
ní h-é mo thuairim go ngéilfeadh na colapaí ramhara
méithe dearga bhí air do aon fhuacht.


L. 15


Seadh ar aon chuma, nuair a bhí an t-abhrán acu á
chríochnughadh, sé an líne dheireanach a chuireadar leis ná



Dar liom-sa do b'ionon san agus ag rádh: "Amach
le d' chuid arigid, a bhoidichín shalach." Nuair a chonac
chómh toghail iad dubhart liom féin go mbeidhinn-se
toghail a ndóthain dóibh. Bhí cuímhne na mbacach imighthe
as mo cheann um an dtaca san, ach ba ró-ghearr an
mhaill ortha san é thabhairt thar n-ais chúgham arís. Sé
seift a fuaras chúcha ansan na gan an oiread agus aon
fhocal amháín Béarla a labhairt leó, agus ní raibh aon
fhocal Ghaedhaluinn acu san a labharfidís liom.
Bhíomair ag tabhairt gach re seadh dh'á chéile ansan ar
feadh tamail gur imthigheadar uaim fé dheire ag stealladh
dhiarmíní liom, agus iad go bréan díobh féin.



Nuair imthig buachail na bpluc agus a chualacht do
bhuaileas suas chun na teine arís, agus do shuigheas.
Ba ghearr go dtáinidh Nóra isteach, tréis bheith ag
feuchaint i ndiaidh na gcearc, nú rud éigin.
"Cia 's bh' iad san? ar sise.
"Locht dreoilín," arsa mise.
"Nách éachtach an fothram a bhí agaibh," ar sise.
"'S dóigh," arsa mise, "níor thuigeamair féin a
chéile. Bhíodar ag stealladh Bhéarla liom ar a
ndíochall, agus ní gheóchainn-se le n-air uatha é. Ansan
ba sheacht ngéire na san iad mar lom oilc orm; ach
geallaim-se dhoit gur thugamair go teith dh'á chéile ar
an láithir sin é. Cheapadar go raibh an sgeul ar a
dtoil acu go dtí gur theastbhuidh uatha síntiús éigin
airgid fhagháil uaim-se. Sin é an uair a thuigeadar an
tuaiplis a bhí déanta acu."



"Aliliú," arsa Nóra, "nách éachtach mar ná féadan
tú leogaint do sna daoinibh!"


L. 16


"Greadadh chúghat, a bhreallóigín gan ciall," arsa
mise, "an amhlaig a leogfainn dóibh bheith ag magadh
fúm ar mo thínteán féin? Cá bh'fios dómh-sa cad as
iad féin ná a gcuid Bhéarla. B'fhada buidhe go leog-
fainn-se dh'á leithéidí de ropairí iasachta gabháil de
chosaibh ionam. B' ait liom san! Acíd chruaidh ortha,
a's nár fhillid siad orm go h-árimhthe!"



"Ní gádh dhoit bheith chómh borb san ar fad," arsa
Nóra. "Ta sé olc do dhóthain iad eiteach agus gan
bheith ag mallachtuighe ortha."



"A dtairbhthe nár fhaghad," arsa mise. "Ní chun aon
chumaoine chuir orm a thánadar, ná a léithéidí riamh.
Nach iad na buanaig iad go samhaluighid siad gur ceart
dom bheith agu crith i n' chroicean le h-eagla rompa.
Bhíodh an méid sin anis acu ag imtheacht dóibh."



"Bog réidh," arsa Nóra. "Má tá tuathal déanta
agat ní h-aon chabhair bheith ag leanamhaint siar anis
air."



"Tuathal déanta agan-sa? arsa mise. "Ariú,"
arsa mise, "cá bhfuil an tuathal?"



"Seo, seo," ar sise, "ní fearr bheith ag caint anis
air. Caithfimís uainn é."
"Cé tá ag cainnt air ach tusa?" arsa mise.
"Ní mé ach tusa," ar sise.
"'S dóigh deirim-se nách me ach tusa," arsa mise,
"agus ní bheadh focal in aon chor mar gheall air ach
mar a mbeadh tu, pé deamhan a bhíon ar mhnáibh go
gcaithfid siad a gceann a shághadh isteach ins gach aon
sgeul, agus mar bharr ar gach tubairt, ní bhainfadh an
mac mallachtain féin deire an fhocail díobh. 'Focal
nú dhó a gcoinnibh mná,' arsa an sean-fhocal, 'agus
mar a dthiocfaidh sé lear tair léi.' "


L. 17


"Is fada go sáiseóch focal nú dhó thusa," ar sise,
"ná fiche focal."
"Cad í an chainnt sin ort mar sin?" arsa mise léi
go feargach.
"Tá," ar sise, "go bhfuilean tú ag tagairt do an
tsean-fhocal agus fíor-bheagán suime agat á chuir ann.
'Focal nú dhó a gcoinnibh mná,' arsa tusa, 'agus mar a
dtiocfaidh sí leat tair léi.'"



Ansan a thuigeas go raibh botún déanta agam; bhí
an sean-fhocal sáruighthe agam t'réir mé féin á luaghadh
le Nóra. Ní raibh fhios agam cad ba cheart dom a
dhéanamh. Do thuigeas go soiléir go rabhas gabhtha i
s na sopaibh aice, agus gur bh'é mé féin fé ndéar é.
Bhuaileas smól ar mo phíopa, agus shádhar i m'beul é,
agus chuireas an dorus amach díom, agus d'fhágas an
gleann 's a raibh ann aice.



Ba gheairid dom lasmuich nuair a chasadh cómharsa
orm. Diarmuid an Éithig a b' ainm do, agis dáltha
an sgéil, níor arigheas sgeul fóghanta ag an bhfear
gcéadna riamh. Bheannuig sé dhom, agus bheannuigheas
dó, agus bheannuigheamair féin d'á chéile. Níor bh'fhada
dhúinn ag seanachuigheacht le n-a chéile nuair a thugas
fé ndeara am' niúchadh agus ag mion-gháirí é.



"Seadh," arsa mise i m' aigne féin, "ní fuláir nú
tá leath-bhreall éigin orm. Ní fheadar an domhan
ámhthaig, an amhl' airidh sé mé féin agus Nóra ag
gabháil d'á chéile ó chiainibh? Is cuma dhom; neósfidh sé
dhom láithreach baill é; ní fhéadfadh sé é chimeád istig
pé rud é."



B' fhíor dom. Do bhris ar an bhfoidhneamh aige fé
cheann tamail.
"Cogar a leith chúgham," ar seisean, "cad é sin a
dheinis le garsúin an dreoilín ó chiainibh?"


L. 18


"Maise, greadadh 's léiread ar gharsúin an dreoilín
ar aon chuma," arsa mise, "mara b' iad a thairidh an
tóir orm! Agus a Dhiarmuid," arsa mise, "cá bh'
fhios doit-se cad a dheineas leo, nú ar dheineas aonní
leó?"



"Ariú, a dhuine," ar seisean. "Is tú ata 'n a
mbeul ins gach aon áit 'n ar ghabhadar ó fhágadar tú."



"Agus cad tá acu 'á rádh mar gheall orm?" arsa
mise.



Tháinig sé in imeall an sgéil, agus do innis sé dhom
tríd síos é, an uile fhocal de, díreach ar an gcuma gur
thit sé amach.



"O mhaise, fágaim le h-uacht," arsa mise, "má 's
rud é go gcasfar fear na bpluc orm-sa choidhche arís,
ná sgarfad-sa leis go mbrisfead a phlaosg do, agus
gur b' é an teacht déanach aige é."



'N fhaid a bhíos féin agus Diarmuid an Éithig ag
cainnt, do chonac miothal eile garsún ag teacht fé
dhéin an tighe chúghamh. Do sgiúrdas uaidh láithreach,
agus do ritheas agus bhaineas amach an tig rómpa.



Do aimsigheas bata draighin a bhí i gcimeád agam,
anáirde as dhá lata, as cionn an doruis. Bhí fadharcán
ar gach aon órlach de, agus gach fadharcán acu san
órlach ar faid, agus chómh geur le snáthaid ramhar, i
dtreó go ndéarfá leat féin, an t-é gheóbhadh buile nú
dhó dhe ná tiocfadh aon tochus air go ceann tamail.



Shocaruigheas mé féin ar dtaobh istigh de dhorus,
agus mo bhata ar tarac agam feuchaint an mbeadh sé
de chrosaibh ar fhear na bpluc teacht fé m' dhéin arís.
Níor bhfada dhom ann gur aridheas ag teacht iad, agus
fothram acu.



"Seadh," arsa mise liom féin, " tá'n sibh ag teacht
ar bhúr gcuire gan iaruidh, agus ní bheidh bhúr gcúrsa


L. 19


in aisdear in aon chor, mar tabharfad-sa sgeul nuadh
dhíbh le breith libh, agus sgeul nuadh ná dearmhódfig sibh
go ceann tamail."



Bhí iongna ar Nóra nuair a chonaic sí an droch-
fhuadar a bhí fúm. Bhí fhios aici go raibh droch-stiúir
éigin orm, agus ní leogfadh eagla dhí fhiafruighe dhíom
cad ba bhun leis. Ní raibh de sheift ansan aici ach
cromadh ar bheith a m' chuir chun suainis chómh maith agus
d' fheud sí é. Ní raibh puinn aimsire againn chun
machtnaimh amhthach, mar bhíodar againn de phreib. Chómh
luath agus d' arigheas ag gabháil anuas thar chúinne an
tighe iad do chromas ar bheith ag cnósach droch-aigne
chúcha, agus a m' olamhúghadh féin chun an chéad duine
a chídhfinn a bhualadh.



Sar a dtánadar i m' radharc in aon chor
thosanuigheadar ar a n-abhrán, agus ariú, a dhuine
mo chroidhe 'stig, is iad a chuir an t-iongna agus
an t-áthas orm i dteannta 'chéile! Ní abhrán Béarla a
bhí acu, ach abhrán breágh Gaedhaluinn. Seo mar
thosanuigheadar an chéad bhéarsa dhe-



Dreoilín a fuaras-sa shíos ar an ínse,
Fé bhrághaid carraige, agus carabhat síod' air;
Thugas-sa chúghaibh é, a lánamha an tíghe seo;
'S go mba seacht fearr am' an dtaca so 'rís sibh.



Chomáineadar leó ar an gcuma san chun go raibh tuairim
le seacht bhéarsa dhéag ráidhte acu; agus ó's ag tagairt
do 'n abhrán é, dá mbeadh aoinne de m' léightheóirí go
mbeadh aon dúil aige ann, ní bheadh bac air é fhagháil le
chéile i "gCeol Sídhe Nórma Bhórtuic." 'N fhaid a
bhíodar ag gabháil de 'n abhrán thugadar fé ndeara
droch-stiúir éachtach orm-sa. Chonaiceadar an bata
draighin i m' láimh agam, agus me i m' sheasamh ag an


L. 20


dorus rómpa olamh ar iad a bhualadh chómh luath agus
do chídhfinn an chéad duine acu. I m' thaobh féin de 'n
sgeul ní túisge arigheas an Ghaedhaluinn uatha, ná d'
imthig cúrsaí an sgéil eile as mo cheann ar fad, agus
níor chuimhnigeas a thuile air.



Nuair a bhí an t-abhrán críochnuighthe acu, do chonac
go soiléír go raibh sgeón éigin ionta, agus bhí iongna
orm cad 'n a thaobh. D'iarras ortha teacht isteach, ach
ní thiocfaidís. Do phreabas amach thar dorus agus do
rugas ar láimh ar dhuine acu chun é tharac isteach; ach in
inead teacht liom, is amhlaig a thairidh sé siar uaim,
agus do chrom sé ar ghol. Do bhogas mo ghreidhm ansan
agus d'fhiafruigheas de cad a bhí air. Theip air aon
fhreagra thabhairt orm. Le n-a linn sin d'fhiafruidh
buachail eile acu dhíom cad é an gnó a bhí agam de 'n
bhata 'bhí i m' láimh agam, nú cé air go raibh an chúis
agam. Ansan a thuigeas mé féin, agus d' innseas
dóibh cunas a ghaibh liom féin agus le buachail na pbluc;
agus do ghabhas a bpárdún, agus dubhairt leó nár ghábh
dhóibh aon eagla bheith acu rómham, agus cé go raibh
droch-fhuadar fúm, nách ortha bhí aon chúis agam, ach ar
a mhalairt de libhiré.



Ansan nuair a thuigeadar me, agus nuair a thuigeas
iad, agus nuair a thuigeamair féin a chéile, do thánadar
isteach, agus do shuigheadar síos chun na teine chun iad
féin a théigheadh, agus is sinn a bhí go faid-sgéalach le
n-a chéile ansan ar feadh thamail. Do ollamhaidh Nóra
a ndinnéar dóbh ansan gan maill, agus do itheadar é,
agus is acu bhí an gádh leis, mar bhí ocras, agus tuirse,
agus fuacht ortha, i dteannta chéile. Sar ar sgaras
leó, ar aon chuma, do chuireas comaoine eile ortha,
agus do imthigheadar uaim go buidheach beannachtach,
agus ní fhaca ó shin iad.


L. 21



VI.



Imirce.



Dé Domhnaig seo ghaibh tharainn, chuadhas go dtí an
t-Aifreann go deagh-mhóideach. Do léighidh an sagart
an leitir úd a fuair sagairt na hÉirean ós na
h-easpuig bliain an taca so, mar gheall ar na daoinibh
a théighean "ag marcuigheacht ar an sgadán," a
ndubhairt Mícheál ua Murchadha, Beannacht Dé le n'
anam! Do éisteas leis go h-aerach 'n fhaid a bhí sé á
léigheadh. Nuair a bhí sí léighte aige do thosanuidh sé
féín ar chaint ansan, agus geallaim-se dhoit gur aige
a bhí an chóir air i dteannta an eólais. Chuir sé a lán
nidhthe in úil dómh-sa go h-áirimhthe ná raibh fhios agam
roimis sin, agus is dócha gur bh' é an sgeul céadna é
ag a lán eile d' á raibh láithreach leis, ar a shon a's
gur dócha go raibh cuid mhaith dhes na daoinibh gur imthig
cainnt an t-sagairt díobh fé mar imtheóchadh an braon
de 'n ghé. Pé 's domhan é do chuir cainnt an t-sagairt
mi-se ag machtnamh, agus as an machtnamh, do chromas
ar sgríobhadh, agus seo dhíbh anis tora mo smaointe.



Sar a raibh aon trácht ar dhroch-shaoghal ná ar ghorta,
bhí tíompal le naoi miliún daoine 'n a gcómhnuighe i
n-Éirinn, agus fé mar airighim ós na sean-daoinibh, bhí
a ndóithin le n-ithe agus le n-ól acu. Ó an dtalamh
iseadh sholátharuighidís iomaláine a mbeatha ins an am
san. Bhí an sgeul ar a dtoil acu chun gur mheath na
prátaí, agus chun gur tháinidh an dubh ortha. Bhí a
mhalairt de sgeul ansan acu ámhthach. B'iad na daoine
bochta an chéad dram gur ghoill an gorta ortha. Níor
sheasaimh na daoine bochta a bhfad. Fuaradar bás leis


L. 21


an ocras. Ní raibh an sgeul chómh dona san ar fad
ageas na daoinibh neamh-spleácha. Bhí biadhtha eile acu
in éagmais na bprátaí. Bhí coirce agus cruinneacht
agus rudaí dhe 'n tsaghas san acu a chuinnibh an t-anam
ionta. Ach nuair a bhí na daoine bochta ag fagháil bháis
'n a sluaghthibh do deineadh failíghe de iad a chur in aon
chor. Do fágadh ar bharra tailimh iad. Do cuireadh mórán
acu a ngáirdíníbh agus i ndígrachaibh gan fiú na córan. Ní
raibh aon tracht ar iad a bhreith go dtí an roilig. Níor bh'
fhéidir é. Ni raibh sé de neart ins na daoinibh iad a
bhreith ann. Is minic a bhíodh na daoine bhíodh a gcur
ag titim ar a sálaibh le gorta agus le h-ocras. Fé
dheire nuair nár féadadh iad a chur chómh tiubh agus do
gheibhidís bás is amhlaidh a fágadh ansan iad gan tean-
gabháil in aon chor leó. Is minic nuair a gheibheadh
líntíghe bás istigh sa bhaile, gur b' amhlaig a leagtí an
tig ortha chun iad a chlúdach ar chuma éigin. Chuirfeadh
sé sgárd i d' chroidhe bheith ag éisteacht leis na sean-
daoinibh ag ínsint mar gheall ortha. Déarfidís leat
gur minic a chonaiceadar bean ag fágháil bháís agus
leanbh ar a bacalainn aici, nú leanbh ag fagháil bháis
ar ucht a mháthar, nú athair agus máthair aagus ál clainne
ag fagháil bháis ar aon láthair, 'bhfad uainn an t-olc!



I ndeire na dála ní raibh le feiscint shoir shiar thall
ná abhus ach coirp. Ba ghearr an mhaill ar na coirp sin
an t-aer a bhréanadh mór dtíompal. Bhí aicíd eile ar
na daoinibh ansan i dteannta an ocrais, cé nár bheag
dhóibh a raibh de'n donas ortha roim raé. Tháinidh
éagcruas ortha; slán beo mar a n-ínstar é, agus gach
aoinne a chloisean é! Bhí an donas ar fad ansan
ortha.



Do lean an sgeul ar an gcuma san leó ar feadh dhá
bhliadhain. Ba dheacair muíntir na h-Éirean a chur ar a


L. 23


mbonnaibh ansan arís. Ba ghearr 'n a dhiagh san gur
thosanuidh an méid a mhair acu ar bheith ag gluaiseacht
thar na faraigí fiadhaine, chun slighe mhaireachtaint a
bhaint amach i náisiúnaibh iasachta. Ansan arís; ba
ghearr gur b' amhlaig a cheap na daoine gur mhór an
truagh fear luath láidir fheiscint sa bhaile in aon chor,
ach é ruagairt an loch amach chómh luath a's do bheadh sé
fiche bliadhan de aois. Nuair a fuair na daoine
tathaíghe ar bheith ag gluaiseacht ar an gcuma san, ní
bhíodh aon mheas ar aoinne fhanfadh sa bhaile. Do
bhodharfadh seana-mhná tu ag ínsint doit mar gheall ar
na leitireachaibh a bhíodh acu á fhagháil ó n-a gclainn.
Ní mheasfá ortha go mbeadh gnó ná obair 'n-a chúram
thall ortha. Ní fheadar-sa an mbíon an ceart acu i
gcómhnuighe amhthaig. Admhuighim go mbíon an ceart
acu uaireanta; ach san am gcéadna, ní féidir dóibh
radharc mo shúl a bhaint díom-sa. Chín-se fir tréana
lúthmhara ag fágaint an bhaile agus ag dul anonn chúcha.
Arighim na sgéalta breághtha go léir uatha 'n fhaid a
bhíd siad thall. Arighim ag teacht a-bhaile iad. Tigid
siad. Ach má seadh, cad é an driuch a bhíon ortha?
Ní bhíon ionta ach i bhfuirim sgáile! Is beag ná go
bhficsá an solus tríotha. Bhíd siad mar mhuirighean ar
a muíntir ansan an chuid eile dh' á saoghal, pé faid
geairid é, agus dar ndóigh ní fada é, mar bíd siad ar
bhruach na h-uaighe ag teacht a-bhaile dhóibh.



Do arighinn sean-duine a rádh roimis seo, go raibh
se sa t-seana-tharagaireacht go mbeadh muíntir na
h-Éirean ag imtheacht thar faraige riamh a's choidhche go
dtí ná beadh sa bhaile ach an mhiúrach, ach go ndéanfadh
an mhiúrach an gnó. Is dócha nár misde do dhuine a
rádh, aon tráth feasta, go bhfuil muíntir na h-Éirean
imthighthe, ach an mhiúrach. Is sinn-na an mhiúrach anis, a


L. 24


cháirde mo chléibh, agus ó is rud é go ndeir an
taragaireacht go ndéanfimíd an bheart, ní miste
dhúinn tosanúghadh. Tá mórán againn tréis tosanúghadh
fadó riamh, agus saothar maith dénata againn. Ach ní
dhéanfadh san do 'n mhuíntir atá 'n-a gcodladh fós é.
Tá a lán acu á leogaint ortha nár arigheadar focal
uainn fós. Ní fuláir nú tá bodhaire nú rud éigin ag
imirt ortha. Dá bhrí sin, nuair a casfar aoinne acu
orrainn cuirimís búirt uathbhásach ariann, a raghaidh
tríotha ó chluais go cluas i dtreó go mbeidh píoparnach
'n a gcluasaibh go ceann tamail. Ansan 'n fhaid a bheidh
an meisge-chodlata ortha b'fhéidir go bhféadfimís an
dubh a bhualadh 'n a gheal ortha.



Tugaimís fútha go h-arighthe. Buailimís buille anso
's ansúd. B'fhéidir go ndéanfí iaracht ar chosg a chur
linn. Ach má deintar féin, sin mar is fearr é. Ní
bheadh aon bhrí linn mara gcuirimís sinn féin i n-úil
anso 's ansúd. Nuair a cuirfar i n-úil dúinn go
bhfuilimíd ag goileamhaint ar na daoinibh, sin é an
cómhartha go bhfuilimíd ann, agus nách díomhaoin atáimíd.
Ach tá rud eile sa chás. Cá dtosanóchaimíd? Sid í
an cheist. Sean-fhocal é nár bh'fhearra do dhuine bheith
ag obair ná fios a bheith aige cad a bheadh ar siúbhal aige.
Níor bh'fhearra dhúinn-na rud a dhéanfimís ná tosanúghadh
leis na feirimeoiríbh.
"Agus cad 'n a thaobh san?" arsa tusa.



Neósfad-sa dhoit, a mhic mo chléibh. Mar tá
díomhaointeas agus leisgeamhacht ag imirt ortha i
dteannta chéile. Táid siad eighrighthe ash cuiread-
óireacht nách mór. Beithíg sheasga atá ar an dtalamh
acu. Níl san d' réir dlighe Dé. Nuair a chruthaig
Dia an domhan, do chruthaig Sé an talamh tirim chun
go bhásfadh barraígheacha agus torthaí ann chun an chine


L. 25


daonda do chothughadh agus do bheathughadh; agus do
chruthaig Sé na h-animhighthe i gcóir an chine daonda leis.
B'é A thoil smacht a bheith ag an gcine daonda ar na
h-animhighthe go léir, fiú amháin na beithíg allta. Táthar
ag sárughadh thoil Dé i n-Éirinn i láthair na h-uaire.
Na daoine gur bh' é a gceart socarúghadh síos dóibh
féin i dtalamh na h-Éireann, is fada fánach a ghabhaid
siad. Táid siad sgaipighthe ar fuaid an domhain go
léir nách mór; go ro maith an mhaise dhóibh é! Cé ná
fuilim-se i m' shean-duine fós, is mór an t-atharughadh
atá taguighthe ar an saoghal le m' chuímhne. Is maith is
cuímhin liom nuair a bhíos i m' gharsún ag dul ar sgoil,
bothán nú dhó bheith i ngach aon dá chéad slat de 'n
bhóthar, agus lánamha agus a gclann a bheith 'n a
gcómhnuighe i ngach bothán acu. Sglábhuighthe a b' eadh
iad go léir; agus cé ná riabh saidhbhreas ná gustal acu,
ní raibh buairt ná brón ortha. Bhídís ag obair dos na
feirimeoiribh mór dtíompal. Bhíodh a ndóithin le
déanamh acu agus díol fiach d' á réir acu.



Nuair a ghabhaim an bóthar céadna anis tigean deóra
le m' shúilibh nuair ná feicim tig ná treabh ná bothán
faid mo radhairc! Tá na tighthe leaguithe agus na
gáirdíní beaga a bhí ag gabháil leó lioguithe leis na
páirceanaibh, agus i n ineadh garuighthe prátaí fé bhláth
bhán, nú goirt chruinneachtan nú eórnan nú coirce, go
mbeadh mithiolaí fear agus ban ag obair ionta, ag
baint agus a buaint, gur bhreágh an radharc dho 'n
t-é bheadh ag gabháil an bhóthair iad, níl le feisgint
ionta ach ba agus capail agus caoire agus fiú amháin
gabhair agus asail ag ínníor ortha.



Tá sé ag teacht de chor sa tsaoghal, d' a brí sin,
go bhfuil smacht ag an mbeithígheach allta ar an
gCríostaighe, agus an Críostaíghe á ghabháil le n-ais go


L. 26


mín macánta. Go dtugaidh Dia ciall dúinn! Is
baoghalach liom nách misde an mhiúrach a thabhairt mar
ainm orainn.



Nuair a bheidh an méid sin cogaidh curtha dhínn againn
is dócha go mbeidh saothar orainn, nídh nách iongna; ach
sin mar is fearr é; mar tá cath eile chómh dian leis
nú b'fhéidir níos déine ag feitheamh linn, agus b'fhéidir
nár bh' fhearra dhúinn rud a dhéanfimís ná aghaidh a
thabhairt air láithreach baill, sar a bhfuarfimís, ar eagla
go dtiocfadh leisge orainn dá dtógaimís sos, agus
go dtitfadh an lug ar a lag againn sar a mbeadh ár
n-obair i leith taoibh.



"Cé chuige go bhfuilean tú ag cnósach droch-aigne
anis?" arsa tusa.



Ní chun duine ná beirt ná chun triúr atáim ag cnósach
droch-aigne, má 's droch-aigne a thugan tú air, ach chun
a lán. Má thugas aoide béil ar na feirmeóiríbh ó
ciainibh is é is lúgha is gann dom an córúghadh céadna
a thabhairt dos na sglábhuighthibh anis ar eagla ná
tuigfidís i gceart me. Bhí an dealbhas ag imirt ar
gach aon aicme sa t-seana-shaoghal, agus bíodh fhios
agat-sa gur maith an sás smacht a chuir ar dhuine an
dealbhas. Níl aon dabht ná dearmad na go raibh cuid
acu ana leath-lámhach fad ó. Bhíodar 'n a gcómhnuíghe
i mbothánaibh súig ná raibh futhain ná sgáth ó an mbraon
anuas ionta ná dá n-abarainn ó an mbraon aníos.
Is fhuiriste dhóibh é shéanadh anis, cnách ortha é! Chuir an
dlíghe iachaibh ar an mBórd tighthe breághtha glana
dhéanamh dóibh.



Tá mórán des na tighthibh déanta le fada riamh,
tuile acu ná fuil déanta chómh fada san, tuile acu ná
fuil ach díreach críochnuighthe agus fo cheann acu ná fuil
tosanuighthe in aon chor fós. Na daoine a fuair a


L. 27


dtighthe fad ó riamh, is deacara iad san a úndrabháil
ná na daoine na fuair aon tig fós. Nuair a bhí tathaíghe
acu ar na bothánaibh súig, níor aithnígheadar iad féin
nuair a fuaradar tighthe breághtha glana. Da bhrí sin
tháínidh teasbach ortha, agus níl ag déanamh buartha dhóibh
ó shin ach mór-chúis, agus ag tromaigheacht ar fheirmeóiríbh.
Ba dhóigh liom féin ná fuil aon chúis acu anís chun bheith
ag cnáibhseáil. Bhí trí púint cíosa acu á dhíol ash bothán
fuar dealbh agus inead garaighe sar ar deineadh na
tighthe seo; ach anis nuair atá tighthe acu nách féidir
locht fhagháil ortha is mór leó leath an méid sin cíosa
dhíol asta. Is mór an náire agus an athis i dteannta
chéile an sgeul a bheith ar an gcuma san againn. Ach
ní thuigimíd é, cé gur minic a cuirtar ar ár mbais
chúghainn é. Tuigfimíd é nuair a bheidh sé ró dhéanach
againn. Ba chóir go mbeadh fhios againn go bhfuil an
namhaid ag faire orainn coitchianta, agus go bhfuil sé
ag feitheam go bhfaghaidh sé uair na faille orrainn chun
teacht aniar adtuaidh orainn agus dul sa bhroicil
againn.



"Is greannamhar san de," arsa tusa, "ag magadh
fé na ndaoine mar gheall ar bheith ag acharan agus gan
agat féin le maoidheamh ach t'fheabhas chun acharainn."



Ná bíodh ceist ort, a fhir mhaith; má thugan tú fé
ndeara go bhfuilim-se ag magadh fút tá gach aon tseans
go dtabharfir fé ndeara gach aoinne ag magadh fút,
agus go ndéanfir iaracht ar chosg a chur leó.


L. 28



VII.



Diarmuid ag insint sgéil d' a chlainn.



Diarmuid. - Bailighídh tíompal orm anis, a chlann ó,
go neósfidh mé sgeul díbh. Is fada dhom ag
cuímhneamh ar é ínsint díbh ach níor fhéadar é go
dtí so.



Cáit. - Cad 'n a thaobh, a Dhiarmuid?



Máire. - Cad 'n thaobh, a Dhiarmuid? Mhaise feuch air
sin! Ba chóir go dtuigfá féin cad 'n a thaobh agus
gan bheith 'g ár mbodharadh.



Cáit. - An dtuigean tusa cad 'n a thaobh, a Mháire?



Máire. - Tuigim go h-áluinn andaigh. Cad 'n a thaobh
ná tuigfinn? Agus do thuigfá-sa leis dá mbeadh
aon tuisgint ionat, ach níl.



Cáit. - Ó 's agat-sa 'tá an tuisgint go léir má seadh,
freagair no cheist-se.



Máire. - Cad í 'n cheist?



Cáit. - Cad 'n a thaobh nár inis Diarmuid an sgeul
dúinn fad ó riamh?



Máire. - Mar níl sé ceapuighthe ar aon fhocal de 'n
fhírinne ínsint dúinn, agus ní raibh an bhreug curtha
le chéile 'ge go dtí so.



Éamonn. - Is sibh an bheirt chailíní is droch-mhúinte dá
bhfeaca fós riamh i m' shúilibh cinn.



Cáit. - Cunas san, a Éamoinn?



Éamonn. - Cunas san, a Éamoinn? Mhaise, ar airidh
aoinne riamh a leithéid de cheist! Is beag d' á


L. 29


mhearathal ort! Dá mbeadh aon uraim agaibh do'n
t-é 'tá chun an sgéil ínsint dúinn, do sgaoilfadh
sibh leis agus do liogfadh sibh do é ínsint.



Cáit. - Agus cé tá ag mailliughadh an sgéil?



Éamonn. - Cé tá ag mailliughadh an sgéil? Andaigh
mar a bhfuil fhios agat-sa é ní fheadar-sa cé 'ge
go bhfuil fhios é.



Cáit. - Ní mise 'tá á mhailliughadh pé 'n Éirinn é.



Éamonn. - Agus cé tá á mhailliughadh mar sin?



Cáit. - Tusa 'gus Máire.



Máire. - Bhíodh geall anis go bhfuil Máire leis cionntach.
Nuair atá botún déanta agat féin ní fuláir leat
mise tharach isteach ann leis.



Cáit. - Cad é an botún atá déanta agam, a Mháire?
Ní thuigim féin go bhfuil aon bhotún déanta agam.



Máire.- Tá fhios agam-sa ná tuigean tú. Dar ndóigh
dá dtuigfá ní dheánfá é. Nách cuímhin leat go
ndubhart leat ná raibh aon tuisgint ionat! An
cuímhin?



Cáit. - Ni cuímhin.



Máire. - An cuímhin leat-sa é, a Éamoinn?



Éamoinn. - Is cuímhin.



Cáit. - Feuch anis tú, a Mháire; cad tá le rádh agat?



Máire. - Tá a lán le rádh agam dá liogfá-sa dhom é,
ach ní liogfá. Dubhart-sa leat------------



Cáit. - Tá a lán le rádh agat dá liogainn-se dhoit é!
Nílim-se i d' stop ar do rogha rud a rádh, pé
duine 'tá i d' stop air.


L. 30


Máire. - Cé stop anis díreach me?



Éamonn. - Cáit gan amhras. 'S é agam á rádh ó
chiainibh---------



Cáit. - Éist liom go fóil, a Éamoinn, ní ag teacht
rómhat ar do sgeul é----------



Éamonn. - Cad eile ach ag teacht rómham ar mo sgeul.
Dá mb' áil leat gan teacht rómham ar mo sgeul
ní bheadh aoinní agam le tabhairt i d' choinnibh; ach
nuair a thánaighis rómham ar mo sgeul tá dhá nídh
agam le tabhairt i d' choinnibh, teacht rómham ar mo
sgeul ar dtúir, agus ansan a rádh liom nách ag
teacht rómham ar mo sgeul a bhís.



Cáit. - Seo, seo! Ní fearra dhúinn rud a dhéanfimís
ná eirighe as an gclampar. Tosanuig ar do sgeul,
a Dhiarmuid.



Máire. - Seadh go díreach! Sgeul thairis anis, nuair ná
fuil aon tseift eile agat.



Cáit. - Cad tá déanta as an slighe agam go mbeadh
náire na athis 'n a thaobh orm?



Máire. - Tá an donas déanta agat.



Cáit. - Cad é an donas é fiafruighim díot?



Máire. - Tá easonóir tabhartha do Dhiarmuid agat, rud
go bhfuil togha an eólais agat air.



Cáit. - Níl aon easonóir tabhartha do Dhiarmuid agam-
sa. Tá a mhalairt de uraim agam do.



Maire. - Má tá uraim agat do, sin é an uraim a chodail
amuich.



Éamonn. - 'Sé an locht is mó a gheibhim ar an mbeirt
agaibh, 'ná an iomad de mhianach na mban a bheith


L. 31


ionaibh. Ní cuímhin liom go bhfeaca fós riamh, i
m' shúilibh cinn, bean ag éisteacht le sgeul, ná go
gcaithfadh sí féín a leath ínsint amach roimis an
t-é bheadh ag casadh le h-é ínsint.



Máire. - Bíodh an méid sin anis agat, a Cháit.



Cáit. - Bíodh, agus do chion de agat-sa leis, a Mháire,
agus dáltha 'n sgéil, a Éamoinn, níos ghádh dhoit-se
aon asachán a thabhairt do aoinne-------------



Éamonn. Tá an méid seo de dhefaraigheacht eadarainn:
Nuair a bhí Diarmuid ar tí an sgéil a thosanughadh,
do bhriseabhair-se isteach, agus do chromabhair ar
bheith ag sgeannadh a chéile. Bhí fhios agam-sa ná
raibh san ceart; ach cad fhéadfinn a dhéanamh!
Tuínte na ngrást, ach mo bheul éisteacht. Bhíos
ag brath ó am go h-am go n-éistfadh sibh. Fé
dheire shiar thall, nuair a bhíos cráidhte ciapuighte i
gceart agaibh, b' éiGean dom labhairt. Ní fhéad-
finn brúthadh orm féin níos siadha.



Cáit. - Ní fhéadfá, mar bhí dúil mharaibhtheach agat féin
i d'chion de 'n chogar mogar.



Éamonn. - Níor chás dom mo chion de 'n chogar mogar
a bheith agam 'n fhaid a bheadhfá-sa sa n-imirt.



Cáit. - Mar sin féin mhaise, ba mhaith an sás do chúig a
bhualadh thu, nuair a gheibhtá caoi air.



Máire. - Seo, "ní déanaighe an mhaith aon uair."
Éistig anis féin go n-aireócham an sgeul.



Cáit. - Is fada anonn é, a Mháire! Agus nuair iarras-
sa oraibh ó chiainibh éisteacht ní baoghal go bhfuaras
aon tora, mar ní sháiseóchadh an saoghal tusa, a
Mháire, gan an focal deireanach a bheith agat féin.


L. 32


Máire. - "Sé an t-asachán ag an gciteal á thabhairt do
'n chorcán é." Fágaim fé Éamonn anis an sgeul
Cioca 'gainn is cionntach, a Éamoinn?



Éamonn. - Tá'n sibh araon cionntach, a Mháire; agus ba
mhairig doit nár fhiafruidh díom cioca 'gaibh is
cionntaighe.



Cáit. - Táimíd go léir cionntach, má 's ar sin é, a
Éamoinn, agus ba mhairig doit-se nár fhiafruidh
cioca againn is cionntaighe.



Éamonn. - Greada chughaibh, a shloigisc dhroch-mhúinte!
Ní bhainfadh an deamhan féin an bheárna ná lár an
chlaighe de aoinne dhe 'n bheirt agaibh! Ní fhéadfadh
aoinne go mbeadh aon mheas in aon chor aige air
féin tig a réidhteach libh, a thoicí gan tuisgint gan
tabhairt amach!



Máire. - Tosanuig an sgeul dúinn, a Dhiarmuid. Do
chrádhfidís sin aingeal 'n fhaid a leanfí ag tabhairt
gach re seadh dhóibh ar an gcuma san.



Diarmuid. - Is fadó bheadh sé tosanuighthe agam, a
Mháire a chuid, dá n-éistfí liom, ach ní éistfí.



Éamonn. - Éistfar anis leat, a Dhiarmuid.



Diarmuid. - An éistir-se liom, a Cháit?



Cáit. - Éistfad, a Dhiarmuid.



Diarmuid. - An éistfir-se liom, a Mháire?



Máire. - Éistfad go h-areach, a Dhiarmuid.



Diarmuid. - Tá gealltha agaibh go léir anis go n-éistfidh
sibh liom. Tá súil agam go n-déanfidh sibh agus
tá eagal' orm na déanfidh sibh. Bíodh fhios agaibh-
se gur b' fhusa go mór geallamhaint a thabhairt ná
beart a dhéanamh d' á réir.


L. 33


Cáit. - Déanfam-na beart d' á réir, a Dhiarmuid.



Máire. - Tá a lán d' á chuímhnamh agat.



Diarmuid. - Seadh arís sibh! Nách maith a bhí fhios agam
ná h-éistfadh sibh liom! Na h-arighím focal eile
uaibh, nú brisfidh mé plaosg an chéad duine eile
agaibh a labharfidh!



Nuair a bhíos-sa óg aerach "fuinneamhail sgléipeach,"
andubhairt an file, tá leath-chéad éigin bliadhan ó shin
ann, ba mhór é mo dhúil i bh-fiadhach agus i sealagaireacht.
Go bhfóiridh Dia orainn, is fhuiriste dhom é shéanadh indiu!
B' é b' fhada liom go mbínn sa bhaile ó an gcéad
Aifrean gach aon Domhnach chun mh' aghaidh a thabhairt ar
na sléibhtibh, ag tóruigheacht ar ghearr-fhiadhthibh, agus mo
thruagh-sa an gearr-fhiadh go mbeadh sé de phláinéid air
gabháil i m'threó.



Bhí cú bhreac-bhán agam, a bhí chómh lúthmhar le Bran
úd a bhí ag Fionn Mac Cúmhail aon lá riamh, mara raibh
sí níos lúthmhaire. Agus i m' thaobh féin, ní dóigh liom,
agus ní i dtaobh me féin 'á rádh é, go raibh an fear san
beirtha beó in Éirinn go dtabharfinn mo chúl leis i
dtaobh ratha nú léimth nú i dtaobh aon ghaisge eile d'
á 'r mhaith leis a tharac air. Ach fé mar adubhart ó
chianibh is fhuiriste dhom é cheilt anis. Sean-fhocal é
"gur breágh an rud an óige an t-é chuirfeadh ar fóghnamh
í." Ach pé duine chuir ar fóghnamh í ná nár aoinne amháin.
Is minic a bhíos amuich, moch déanach, fuar agus fliuch;
agus ní dócha go mbíon aoinne ghabhan trí annróth dhe
'n t-saghas san ná go mbíon cathughadh air nuair a bhíon
sé ró dhéanach aige. Is amhlaidh dómh-sa go h-árimhthe
mar ní rabhas gan mo chion de 'n díth-chéille, dálta a
lán nách me. Tá sé déanach agam bheith ag caitheamh in


L. 34


diaidh na h-óige anis ámhthach. Ní fearra dhom rud a
dhéanfinn ná abhrán an bhéil dúnta a dhéanamh de.



Ba ghnáth liom cleith mhór fhada fuínseóige bheith agam,
go mbíodh oiread mo dhá dhorainn de chnapóig ar a
barra, agus an ceann caol di i m' láimh agam. Nuair
a bhuailinn buile dhe 'n chleith sin ar thor aitinn, dá
ráineóchadh gearr-fhiadh ann ba ghearr an mhaill air gabháil
amach, agus is beag an baoghal go mbeadh meisge
chodlata ná dathach na lagachar radhairc air tréis gabháil
amach do ach chómh beag. Ní baoghal go bhfanadh sé
feuchaint cad é an tóir a bhíodh chuige ach an cnoc amach
a chuir de láithreach baill.



Go ghabhas amach le m' chuin maidean airimhthe, agus
do dheineas ceann ar aghaidh ar Chnoc Fiarna. Lá fuar
trim sneachtaigh idir dhá Nodlaig a b' eadh é. Bhí
boidire tíoránaig de Mhuíntir Shaunders 'n a chómhnuighe
ar an dtaobh abhus de Chnoc Fiarna an uair sin, agus
mo thruagh-sa an t-é go mbéarfadh sé sin ná a stíobhard
air ag fiadhadh ar a chuid tailimh. Nuair a bhíos i
ngearracht leath-mhíle nú mar sin de thig an tíoránaig
cad a phreabfadh amach ash tor aitinn chúgham ach gearr-
fhiadh. Níor stad sé feuchaint ar bhaoghal do mise ná
aoinní dh' á shaghas ach an talamh a chuir de chómh mear
agus bhí sé 'n a choisíníbh agus mear go maith a bhí sé
ionta.



Ní lúgha ná thógas-sa aon fhailíghe i m' ghnó féin ach
liúghadh ar an gcuin, agus seo i ndiaidh an ghearr-fhiadh
í ar greadadh. Thug an gearr-fhiadh aghaidh siar ó dheas,
agus níor bh' fhada chuaidh sé nuair a bhain an chú casadh
as. Soir ó dheas leis ansan, agus fé dhéin tíghe an
tíoránaig. Chuadhas féin ar mhullach claighe mhóir a bhí
ann i gcás go mbeadh radharc agam ortha. Bhí radharc
bhreágh agam ó 'n gclaighe ortha. Chídhinn an chú, agus


L. 35


a pus i ngearracht leath-troig de eireabal an ghearr-
fhiadh, dá mbeadh eireabal air, ach níor mhó ná san é,
agus a beul ar leathadh aici, agus í ag abhastaraig le
feirig, agus nár bh' fhios, dar liom, cad é an neómat
a shloigfeadh sí isteach 'n a clab é. Ar an dtaobh eile
dhe 'n gheul, cé ná raibh sa ghearr-fhiadh ach créatúirín
beag lag suarach, níor bh' fhéidir buachtaint air i n-a-
cilígheacht ná i n-oiltheacht. Nuair a bhíodh sé sa
chúntabhairt éachtach go léir, chasadh sé go h-oban, agus
ar neómat na baise , cá mbíodh sé, in ineadh bheith ar
aghaidh na cun amach, nú mar mheasainn-se gur cheart do
bheith, istig 'n a beul, ach laistiar di! Théidheadh an chú
fiche éigin slat ceann ar aghaidh ansan sar a bhféadadh
sí baint uaithi féin chun casadh. Bhíodh an gearr-fhiadh
ag rith 'n a mhalairt de threó ar an bhfeadh san, i
gcás go mbídís i bhfad ó chéile um an dtaca go
mbíodh an chú réidh chun é leanamhaint arís. Thugadar
tuairim le h-uair gho leith dhe chloig ag gabháil d'a chéile
ar an gcuma san, agus mise anáirde ar an gclaighe
agus mo shúile ar mhullach mo chinn agam, agus is dócha
sgeón orm ag feuchaint ortha, go dtí fé dheire shiar
thall muair a bhíodar araon tuirseach tnáthte buailte
amach, agus gan ionta a thuille ratha dhéanamh, do thit
an gearr-fhiadh ar bhior a chinn, mín marbh ar lár na
páirce! Ní raibh an chú i bhfad siar uaidh agus nuair
a thir sé n-a chnaipe mharbh ar a h-aghaidh amach chómh
h-oban, do theangaidh a cosa tosaig leis, i dtreó go
bhfuair sí barra-thuisle, agus gur chaitheadh, tón tar
ceann, d'á dhroim amch í agus gur fhan sí ansan, sínte
ó lúb ladhair, i ngearracht cúpla truig de 'n ghearr-
fhiadh!



Nuair a chonac-sa iad araon treasgartha chuireas féin
ins na cosaibh agus chuadar fé na ndéin. Ba ghearr an


L. 36


mhaill orm dul go dtí iad. Bhí an da ablach ansan
rómham gan cor ionta, gan anam gan anál ionta, "gan
aithne gan úrlabhara acu." 'Sé déarfadh aoinne nár
mhisde do Choisde an Chrobhanaora suighe ortha! Do
rugas ar chluais ar an gcuin agus do thugas crotha dhi.
Marbh! Bhí sí chómh marbh le h-Art! B'fhéidir ansan
má seadh go raibh buairt orm! Níor bhuairt go dtí é!
Mo chú marbh! Spórt na bliana loitidhthe orm! An
bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid de sgrios!



"Níl leigheas air," arsa mise liom féin, " ach bheith
cráidhthe."



Feuchaint éigin d' á dtugas ar an ngearr-fhiadh,
thugas fé ndeara féitheacha a chos ag coruighe. Fé
cheann tamail do chroth sé cos leis, agus fé cheann
tamail eile do chroth sé a cheann.



Chuir san i gcuímhne dhom an cleas imir an mada ruadh
ar Mháire 'n Doichil, nuair a mhairbh sé na géana airthi.
Bhí dhá cheann déag de ghéanaibh istig i bhfalaig i
gcúinne an chlóis aici agus an dorus dúnta go
daingean ortha. Tháinidh an mada ruadh istoidhche.
Theip air an dorus fhosgailt. Do léim sé anáirde ar
bhuaic an tíghe bhig agus do déin sé poll ann, agus seo
síos isteach é. Mhairbh sé an dá cheann déag de
ghéanaibh ar an láthair sin, agus is deallrach go raibh
féasta maith aige ortha. Bhí san go maith go dtí gur
oir do teacht amach! Níor bh' fhéidir do é! Cad abhí
le déanamh ansan aige? Fan leat go fóil is dóigh!
Is beag an boaghal gur theastabhuidh aon chomhairle uaidh
'n a chruadh-chás! Níor cheaduigh sé a sgeul le h-aoinne,
ach do cheap sé a shuaineas do féin!



Ar maidin la 'r n-amháireach nuair a chuaidh Máire fé
dhéin na ngéan chun iad a liogaint amach, d' aridh an
mada ruadh ag teacht í. An deamhan blúire dhein sé


L. 37


ach luighe síos do féin agus leogaint air bheith chómh marbh
le h-aon ghé acu. D' fhosgail Máire an dorus agus d'
fheuch sí isteach! Ariú, a dhuine na n-áran, do baineadh
preab aiste! Chonaic sí na géana go léir marbh!
Chonaic sí an mada ruadh chómh marbh leó! Bhí 'fhios aici
gur bh' é an mada ruadh a mhairbh na géana! Cheap sí
gur bh' iad na géana mhairbh an mada ruadh! Cheap sí
gur bh'amhlaigh a chuir sé marmur air féin leó, nú gur
bh' amhlaig a sgoilth sé air féin leó, nú rud éigin dhe 'n
tsaghas san! Chuir san breis shuainis airthe. Ach bhí san
de dhearmhad airthi. Bhí breall airthi, mar neósfidh mé
dhoit. Bhí an mada ruadh sínte sa chúinne ba shiadha
uaithe dhe 'n tigín. Do dhein sí air anonn agus d'
fheuch sí air go géar. Dá mhéid é a fhearg níor fhéad
sí gan gáire uime.



"Dar fiadh," ar sise, "is tú an mada ruadh i mbun
na gcearc, i dáiríribh."



Bhí saghas sásaimh aigne airthi nuair a chonaic sí go raibh
an bitheamhanach féin marbh chómh maith leó.



Do rug sí ar eireabal air agus thug sí crotha dho. Bhí
sé marbh!



"Seadh," ar sise, "do mharbhaís iad agus do
mharbhaigheadar tú. Marbhughadh a's tmáthadh ort a
bhitheamhanaigh, má táim i n-easpa mo ghéana féin táim
sásta ó 's rud é ná deighidh do chúrsa i n-aisge leat-sa
a chlaidhre!"



Do thóg sí 'n a bacalainn é agus thug sí a h-aghaidh
ar an ndorus leis.



"Is agam atá an bréan-ualach ionat," ar sise, "ach
mar sin féin ba bhréine de ualach agam tú dá mbéadhfá
i d' bheathaidh, agus gan aon fhagháil agam ar tú
mharbhughadh."



Chaith sí amach ar an gcarn aoilidh é.


L. 38


"Bíodh an méid sin anis agat," ar sise.



Ní túisge theangbhaidh an mada ruadh leis an dtalamh
amuich 'ná chroth sé é féin agus phreab sé 'n a sheasamh
agus as go brách leis! B'fhéidir ansan má seadh go
raibh fearg ar Mháire! Agus má bhí féin cad abhí le
déanamh aici ach a beul éisteacht!



Bhí eagal orm-sa go n-imireóchadh an gearr-fhiadh an
cleas céadna orm, agus d'a bhrí sin, thugas buille dhe
m' chleith i gcúl an chinn do agus do mharbhuigheas i
gceart é.



Chuadar anonn chun na cun arís agus chromas ar bheith
ag friothálamh airthi. Cad deirir léi ná go dtáinidh
anam inti tréis tamail mhaith. Bhíos sásta ionam féin
ansan.



An deamhan blúire dhíom ar chuímhnig ar feadh na
h-aimsire go rabhas chómh cómhgarach do thig an tíoránaig.
Bhí a mhalairt de bhuairt orm geallaim dhoit é. Do
cuireadh i n-úil dom é ámhthach. Nuair a bhí mo chú
taguidhthe chúiche féin nách mór, agus í 'n a seasamh
agam ar mh' aghaidh amach, agus me ar mo chromadh 'gh á
cimilt sa drom, do thánathas laistiar díom, agus do
rugadh ar chába na casóige orm, agus do baineadh
casadh asam, agus do síneadh ar fleasg mo dhroma
anuas ar an tsneachta me! Ach má seadh ní túisge
bhíos treasgartha ná bhíos ar mo chosaibh arís. Níor
gortuigheadh in aon cor me mar bhí an sneachta go
breágh bog fúm. Ba chuma nú peilín é! Do fheuchas
ar an namhaid. Cé bheadh ann ach stíobhard an
tíoránaig! Ni rabhas i bhfad ag cuímhneamh ar cad a
dhéanfainn leis. Ní ar fán a bhí mo chleith uaim. Do
thairigeas mo chleith fan asnaígheachaibh air, agus do
shíneas ar an sneachta é, chómh tréith chómh marbh leis an
ngearrfhiadh.


L. 39


"Bíodh an méid sin anis agat!" arsa mise.



Do rugas ar dha chois deirig ar an ngearrfhiadh agus
do árduígheas liom é agus do chuireas díom. Níor
bh'fhada chuadas nuair a chuímhnígheas go mb' fhéidir go
raibh an fear marbh agus gur me féin a bheadh síos leis!
Do stadas agus do mhactnuígheas ar an sgeul. Bhí
fhios agam an droch-anim a bheith orm, agus bhí eagal
orm go dtógfí láithreach me, agus go ndaorfí chun mo
chrochta me. Geallaim go rabhas ag cuir uaim! Fé
dheire chuímhnígheas orm féin go raibh seisean chómh
cionntach liom-sa, nú dá n-abarainn níos cionntaighe.
Sé dubhairt liom féin nár dheineas aon tuínte leis ach
rud a dhéanfadh sé liom dá bhféadadh sé é, ach níor
fhéad. Ba thúisge thug sé sin fúm-sa ná mar a thugas-
sa fé. Do rug sé ar chába na casóige orm, gan dabht
gan dearmhad, agus do bhain sé casadh asam, agus do
shín sé ar fleasg mo dhroma anuas ar an sneachta me.
Níor bh' fhéidir do an méid sin a shéanadh. Ansan cá
locht ar dhuine é féin a chosaint! Ní fheadar-sa cá
bhfuil an t-é liogfadh do mhaidirín lathaighe a chómharsan
greim a bhaint ash colapa a choise dheire gan cic a
thabhairt do dá bhféadadh sé é! Bhíos i gcráiste mhaith
ansan chuige. Bead-sa maith do dhóithin, a phreabaire,
má mharbhuigheas féin tú.



"Mo chathughadh é," an dubhairt Mathúin leis an
sprid. Do chasas ar mo sháil agus do chuadas thar
n-air arís chuige. Cheapas go mbeadh sé ag crothadh na
gcos rómham. Ní raibh. Ach mara raibh bhí sé ag
dranntaghadh rómham agus ní túisge chonaic sé me ná
thosanuigh sé ar bheith ag easgainí orm, agus ar bheith
ag tabhairt droch-chainnte dhom. Níor bh' fearr liom-sa
port a bhí 'n a bheul aige amhthach. Siar síos díom a
ghaibh a chuid droch-chainnte. Do eirig sé 'n a sheasamh


L. 40


go h-ann leisgeamhail. Choinnibh sé a lámh le n-a
cliathán san áit go dtugas an buille dho. Ba mhaith an
bhail air ná raibh sé i gcráiste chúgham. Bhí fhios aige
go maith nár bh' aon chabhair do bheith suas a's anuas
liom.



"Cad 'n a thaobh doit an méid sin dhéanamh, a
bhitheamhanaig?" ar seisean.



"É bheith tuillte go maith agat," arsa mise.
"Cunas a bhí sé tuillte agam?" ar seisean.
"Nár thánaighis laistiar díom," arsa mise, "agus
nár rugais ar chába na casóige orm, agus nár bhainis
treascairt asam, a bhodaichín spriúnlaighthe gan mheas
ort féín! An bhféadfir an méid sin a cheilt?"



"Do dheineas mar sin leat é, adamhuighim," ar
seisean.



"Cad é sin ort mar sin?" arsa mise, "nú an
amhlaig a mheasfá go mbeidhinn-se chomh leanabhaighe a's
go leogfainn in aisge leat é, nú an amhlaig a mheasfá
gur cheart dom go phárdún a ghabháil tréis tu ghabháil de
chosaibh sa lathaig orm, nú b'fhéídir go bhfuil sé de dhíth
céille ort a mheas ár bh' fhuláir dómh-sa agus do m'
leithéidí úmhlughadh dhoit, ó tá'n tú i d' mhaidirín lathaighe
ag saghas duin' uasail."



"Go réidh anis, a phreabaire," ar seisean. "Ní
tú atá ag cimeád an aeir 's an talaimh ó n-a chéile
in aon chor. Má tá sé de dhíth céille ort gur dóigh
leat gur tú, bíodh san de dhearmhad ort a mhic mo
chroidhe. Thugais buille dhe d' chleith dhómh-sa gan chúis
gan adhbhar. Do thiteas anuas ar an dtalamh agus d'
fhanas ansan, gan aithne gan úrlabhra ar feadh tamail.
An dóigh leat an raibh san ceart? Cuirfead-sa i n-úil
doit ná raibh. Seiribheálfidh mé tú agus tabharfidh mé


L. 41


os comhair na cúirte thú agus ansan beidh fhios againn
ce 'cu againn a bhí as an slighe."



"Mhaise go gcuiridh Dia ar do leas tú agus dein,"
arsa mise, "agus gheóbhaidh tú ciall cheannaig muna
b' inonn a's riamh; agus an bhfuil fhios agat-sa go
mbíon beirt ag imirt gach aon chluiche imiríghtar sa
chúirt. Deirean tu liom gur thugas buille dhe m' chleith
dhoit gan chúis gan adhbhar. Dar liom féin bhí chúis
agus adhbhar agam leis an mbuille sin a thugas doit,
agus mara ndúnfir do chlab tabharfidh mé buille eile
dhoit, a thabharfidh cúis ghreáin doit, i gcás ná beidh
bac ort bheith ag cnáibhseáil."



Focal eile ní dubhairt sé, amach as a bheul, ach do
bhailigh sé leis chómh caothamhail agus d' fhéad sé é.
Thugas-sa féin mh' aghaidh ar an mbaile ansan. Ní raibh
aon fhonn orm a thuille dhéanamh an lá san go h-
áirighthe.



Cáit. - Agus an thugair suas an fiach ansan, a Dhiar-
muid?



Diarmuid. - Thugas suas fiach an lae sin, a Cháit. Ach
níor thugas suas fiach an lae 'n-a dhiadh san, ná
fiach aon lae eile a tháinidh ó shin gur chuir an t-aos
iachaibh orm é thabhairt suas.



Éamonn. - Agus ar sheirbheáladh tú?



Diarmuid. - Geallaim-se dhoit nár sheisbeáladh. Is
dócha go ndéanfí dá mbeidhinn ag cimilt bhaise dhe
'n stíobhard, agus ag gabháil a phárdún, agus ag
plámás leis, ach nuair a chonaic sé go rabhas-sa
neamh-maitheach a dhóithin do, dubhairt sé leis féin
nár bh' aon chabhair do bheith ag d' iarraidh aon cheart
a bhaint díom, agus nár bh'fearra dho rud a dhéanfadh
sé ná cúbadh chuige.


L. 42



VIII.



Liam an Tubaist agus Seaghán na Díth-
céille.



Tá duine beag 'n a chómhnuighe ag bun Chnoic Mhuisire
i gConntae Chorcaighe go dtugtar Liam an Tubairt
mar leas-anim air, mar níl aon tubairt d' á mbíon
ag gluaiseacht ná go bhfaghan sé a chion de, agus a dhá
chion, nú dá n-abarainn breis agus a dhá chion.



Tá amadán sa chómharsanacht gur bh'ainm do Seaghán
na Díth-Chéille, agus sé cúis gó dtugtar an anim sin
air, ná toisg gan é bheith leath chómh mór de amadán
agus do samhalóchfí. Níl athair ná máthair ná dritháir
ná drifiúr aige, ná tig ná treabh, ach oídhche anso agus
eadarshruth ansúd. Ní bhíon doicheall in aon áit roimis;
ach mar a mbíon, bhíon fáilte 'gus fiche ins gach aon áit
roimis. Is gnáth leis cuir fé go minic i dtig Liam an
Tubairt. Oidhche áirimhthe gur ráinidh do a anncair a
leagadh i dtig Liam, do teastbhuidh ó Liam agus ó
n-a mhnaoi dul ag sgoruigheacht go tig cómharsan.
Nuair a bhíodar ag gabháil amach dubharadar le Seaghán
na Díth-Chéille fóidín móna a chimeád sa teine i gcás ná
raghadh sí in éag go bhfillfidís. Dubhairt Seaghán go
ndéanfadh.



D'imthigheadar.



Bhí ciseán móna caithte isteach fé shuidhchán a bhí sa
chúinne i n-aice na teine. Ní túisge a bhí an bheirt ar
dtaobh amuich de dhorus ná bhuail Seaghán síos a raibh
de mhóin ann de an gcéad iaracht. Níor bh'fhada go
raibh teine aige. Amach leis ansan ag soláthar tuile
móna. Bhí cruach mhór móna ar aghaidh an doruis amach.


L. 43


Do aimsidh sé ciseán agus seo fé dhéin na curaiche é,
agus ba ghearr an mhaill air a chiseán a líonadh, a gus
a thabhairt leis isteach. Ach má seadh, cad é an saghas
móna bhí aige! An mhóin fhluich a caithtí i leith-thaoibh ó
am go h-am. Cuir sé srath eile dhí sin anuas ar an
dteine i dtreó gur ró bheag ná gur mhúch sé í.



Do fhan sé mar sin ansan ar feadh tamail ag féachaint
ar a theine agus gan aon choillte inti. Fé dheire do
thuig sé é féin-gur bh' é fliche na móna fé ndeár é,
agus dubhairt sé leis féin go raibh seift air sin leis.
Fuair sé smailín giúiSe agus do las sé é agus thóg
sé leis 'n-a láimh é. Ba ghearr a chuaidh sé nuair a
shéid an ghaoth an smailín i dtreó gur rith an teine tríd
ó cheann ceann agus gur bh'éigean do é chaitheamh uaidh
ar eagla go loisgfí 'n a bheathaidh é.



Isteach leis arís agus fuair sé an t-urSul agus rug
sé ar an smailín leis, agus thóg sé leis é, agus cá
mbuailfadh sé é ach anáirde ar chúinne na cruaiche, agus
rug sé leis isteach trí ciseáin móna 'ndiaidh chéile.
Do aduigh sé teine arís agus nuair a bhí sí ag
tosanúghadh ar lasadh ní bhíodh aon áit a chíodh sé coillte
soluis ag briseadh amach idir dhá fhód ná chuireadh sé
fód eile anuas ar an bpoll i dtreó gur ghearr go
raibh Gearra-chruiceóg ar an dtíntean aige. D'réir
mar bhi an cárnán ag méadughadh bhí an datach ag
méadughadh. D' réir mar bhí an datach ag méadughadh
bhí sé ag teip ar an siminé é bhreith leis.



Do líon an tig de dhatach, agus do b'éigean do
Sheaghán gabháil an dorus amach, le h-eagala go múchfí
é. Ach nuair oscail sé an dorus agus do fheuch sé
amach do leath a shúile air. Bhí cruach na móna trí
theine! Bhí spréacha dearga ag imtheacht leis an ngaoith
fé mar bheadh cith chloich-shneachta! Bhí an spéir


L. 44


uachtarach dubh le datach! A leithéid de bhéiltheach ní
fheacathas ó dóigheadh San Francisco!



Do dhrid sé amach ó 'n dorus agus do fheuch sé thar
n-ais ar an dtig. Ní raibh an tig le feisgint aige!
Ní raibh le feisgint san áit gur cheart do 'n tig a
bheith ach cnoc mór árd cíardhubh dataighe! Agus ní
raibh le feisgint san áit gur cheart do chruach na móna
bheith ach caorthíol croidhreac teine!



Tháínidh sgárd air. Ní fheidir sé de chúig áirdibh na
naoi bhFionn cad ba mhaith dho dhéanamh. Do liog sé
fead as, agus do liog sé sgread as, chun na gcómhar-
san a tharac, agus da mbeadh fhios aige níor ghádh dho
é mar bhíodar ag déanamh air 'n a bhfichidíbh cheana féin.
Tháinidh Liam an Tubaist féin. Do fheuch sé ar an dá
chnoc-cnoc na teine agus cnoc an dataigh. Do dhéin
sé anonn ar dhorus chnoic an dataig agus do fhosgail
sé é, agus thug sé fé dhul isteach; ach má thug is gearr
a chuaidh sé nuair a b' éigean do theacht amach arís i
ndiaidh a chúil ar eagala go múchfí é. Dhrid sé i leith
taoibh ó 'n mbuthaire agus is air a bhí an droch-stiúir
má bhí sé ar aoinne riamh. Fear garbh láidir fionn-ruadh
a b' eadh é. Bhí meigeal de fhéasóig fhada sgáinte
mhuthalach air a bhí ag teacht anuas go dtí a ghlúinibh, i
dtreó go samhalóchfá nuair a chídhfá uait é agus a
aghaidh leat gur tor atinn a bheadh ag meath agus ag
feóchadh a bheadh ann. Ba ghnáth leis, nuair a bhíodh aon
nídh ag déanamh buartha do, bheith ag gabháil de 'n
bhféasóig á chrúcáil agus á chíoradh, agus ní dócha gur
thug sé aon tsos do an uair sin mara b' inion a's
riamh. Do foscaladh finneógacha an tighe agus gach aon
pholl a b' fhéidir fhoscailt chun an dataig a liogaint
amach. Fé cheann tamail eile chuaidh Liam isteach arís
agus chrom sé ar bheith ag sgurtáil na teine le n-a


L. 45


chrúcaíbh mar raibh tásc ná tuairisc ar an ursail ná
ar aon áire eile. Bhí sé ag stealladh dhiarmíní uaidh
ar buile. Do rug an teine ar an bhféasóig aige,
agus níor mhothuigh sé é go raibh sé geall leis dóighte
go smior. Bh'fhéidir ansan má seadh go raibh ceól ar
fuaid an bhaill. Ariú, a dhuine mo chroidhe 'stig, do
liúigh sé agus do bhéic sé, agus do rith sé agus do
léim sé! Seo amach an dorus é agus gach aon bhúirt
aige fé mar bheadh ag tarbh trí mblian! Tháínidh sgárd
ar na daoinibh nuair a chonaiceadar an fear buile agus
ní fheadaradar cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh. Cé casfí
air i lár an clóis ach Seaghán na Díth-Chéille. Tháinidh
Seaghán laistiar de agus do rug sé ar dhá shlinneán
air, agus do rop sé, ar bhior a chinn, síos isteach i
bpoll draoibe 'bhí ag bun an chlóis é, agus do mhúch sé
é! Thugas-sa mo chúl leó ansan agus ní fheadar cunas
a ghaibh leó ó shin.



Críoch.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services