Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tonn Tóime
Title
Tonn Tóime
Author(s)
Údair éagsúla, curtha in eagar ag Seosamh Laoide,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce (Eag)
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1915
Publisher
Connradh na Gaeilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tonn Tóime Tiomargadh sean-phisreog, sean-rócán, sean- sgéal, sean-cheist, sean-naitheann, sean-fhocal agus sean-rádh ó chiarraighe luachra.
Réamhrádh. Is dócha nár mhisde leis an sluagh ainm an leabhair seo do mhíniughadh dhóibh. Tonn Tóime, sin ainm áite nár tuigeadh i gceart go dtí le déidheanaighe. Mé féin is túisge bhí ag gabháil di i "n-Irisleabhar na Gaedhilge," XIII, 366b, mar ar thuigeas as Cath Finntrága (Egerton) gur bh'ionann í agus Cuan Chaisleáin na Mainge. Do bhí duine eile, ámhthach, darbh' ainm bréige "Ómega", ag tabhairt fúithi arís, fá cheann sgathaimh fhada im dhiaidh, san Irisleabhar chéadna, XVI, 175a, agus ba mhaith an mhaise aige é. Tuigthear dúinn as soin gur ar dumhaigh nó beartrach i ngar do Ros Beithe atá an ainm indiu, acht dob'fhéidir gur ar bhéal an chuain a bhí sí anallód. Idir dhá thír, .i. Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach, atá Tonn Tóime da bhárr soin, agus ó thárla gur cuireadh ins an leabhar so mórán mór cainte as an chéad tír agus gearr-chuid mhaith as an dara dúthaigh, do mheasas nár chóra dham ainm a thiubharfainn air ná mar do bhaisteas. Rud eile, ba mhion minic mé ag smaoineadh ar "Finneirig", 'na fhear coimeádtha ó Fhionn Mhac Cumhaill
i gceart-lár Bhágh an Daingin go labhartar an Ghaedhilg ar a bhruachaibh go dtí indiu féin. Truagh gan a leithéid d'fhear faire anois ann ar Rígh an Domhain seo i láthair chum teanga na Gaedhilge do chur ó bhaoghal agus ar láimh thárrthála agus theasargtha! Go deimhin féin, is olc an crann bagair mé féin ar an Rígh sin, is nach fuil ionnam acht Laighneach bocht gan cheart gan bhlas! Iomard eile orm, "sgoláire" bocht cráidhte mé, .i. duine den druing ba mhinic fán lasg ag Gaedhilgeoir mór Iar-Mhúsgraighe. Cad chuige dhom leithéid'se canamhaint chruaidh Chiarraighe Luachra do ghabháil idir lámhaibh agus gur cheart don "Chiarraigheach malluighthe" féin é dhéanamh? Nach dóigh le cách gur dhána an mhaise agam é? Mo fhreagra ar na ceisteannaibh sin .i. sean-bháidh agus sean-bhaint a bheith agam le Corca Dhuibhne agus cion mór ag mór-chuid de mhuintir na tíre sin orm. Tháinig iongnadh orm uair 'na thaobh soin de nuair do innis cara mhná dham gur mhór maith an teist a chuala sí orm i dtaobh Gaedhilge i ndúthaigh Fionntrágha an tseanchais! Is dócha gur spreag an moladh soin go mór mé. Muna mbeadh é, níor dhóichidhe sgéal de ná ceannfaoi orm do ghnáth i dtaobh a ndearna de bholg an tsoláthair innti. 'Seadh, sgaoilim béal an bhuilg sin anois agus líonaim a bhfuil ann amach, fá mar do bailigheadh sa dá dhúthaigh roimhráidhte agam é, cuid de go maith, is dócha, cuid eile de cuibheasach, agus cuid eile fós suarach a dhóthain. Dá shuaraighe aon alt den cholainn seo, ámhthach, agus dá sheachránaighe ceann na colna (.i. mé féin), b'fhéidir go n-oireann gach alt di dá ionad cinnte féin níos fearr ná mar do shaoilfidhe.
Ní'l sa leabhar so agam - uaim féin acht go háirighthe - acht an chanamhaint féin gan deisiughadh gon sgiomar uirthi. Pé duine gur maith leis í d'fheicsint fá shnas agus fá smacht léighinn agus litridheachta, léigheadh sé leabhair "An tSeabhaic" agus "Sgeilg na Sgeol" agus déantúsaí na sgríbhneoirí eile ón dá dhúthaigh úd. Dá leigheadh, badh léir dó deifridheacht mhór idir caint an leabhair seo agus a gcaint sin: A dheise do sgríobh an bheirt sin adubhart agus a mhíriaghailtighe gach aon rud dá bhfuaras-sa! Tá eagla orm go mbeidh cách sa druim-ruaig orm ina thaobh. Mo chosnamh air sin, má thagann sé tré aon mhí-ádh orm, nár cheadaightheach dom leithéid-se baint le fíor-chanamhaint chainteoirí. Má baintear, loitthear an fhírinne, agus gan amhras 'sí an fhírinne ghlan gan focal faoi ná thairis atá d'uireasbaidh orainn go mór i dtaobh na Gaedhilge atá beo indiu i mbéal daoineadh, agus fairis sin ní féidir agus ní fiú do dhuine aith-Sheathrún Céitinn do dhéanamh de chain- teoiríbh iargcúileach na hÉireann ag seanchaidheacht dóibh. B'fhéidir gur leor don choitchionntacht an leithsgéal soin uaim i dtaobh eagair an leabhair seo, dá aite agus dá ghreanmhaire é. Fá dheoidh agus fá dheireadh, caithfead an-bhuidheachas do thabhairt dá lán daoineadh mar gheall ar ceisteanna do réidhteach dam i gcóir mínighthe focal - fuaras míniúghadh ar gach aon rud ón muintir fein, comh fada is dob' fhéidir sin. Áirighim iad so acht go háirighthe .i. Seán Ó Ceallaigh ("Sceilg na Sgeol") do léarsgrúduigh an chaint sgurtha i n-alt a XLVII; Liam Ó Lúing atá i mBaile an Fhirtéirigh, Seán Ó Curráin atá i gCeanntrágha, Pádraig Ó Siochfradha ("An Seabhac") ó Bhaile an Ghóilín, Domhnall Ó Murchadha Dairbhreach atá i gCathair
Saidhbhín, agus Seán Ó Conaill ó Bhaile na Sgealg .i. cúigear do imir go maith dham ag reidhteach foth-fhocal agus corr-cheist, do réir mar do iarras an obair sin ortha. Seosamh Laoide. I mBuaile na Gréine dham An 11adh lá den Abrán, 1915.
Tonn Tóime I. - SNÁMHAIDHE ÉIREANN. Bhí beirt pháirtidhe fad ó. Fé mar thuillidís an phiginn ólaidís é. Nuair a bhíodar socair síos 'na bhfearaibh sásta, dubhradar le n-a chéile lá go raibh sé am aca rud éigin do dhéanamh go deire a saoghail agus na bóithre gránna bhí aca do chur bhuatha. Dubhradar annsan le n-a chéile go raghadh duine aca ar bhórd árthaigh agus dubhairt an duine eile go raghadh sé i n-aimsir timcheall na háite agus ná hólfadh sé agus ná caithfeadh sé sgilling ná piginn go mbeadh costas Mheirice aige. Mar sin a bhí agus ní' dhein sé aon ní ól ná chaitheamh go raibh a' costas le chéile aige. Nuair a bhí sé ar ché Chuain Chorcaighe 'imtheacht go Meirice, cé chífheadh sé ins an árthach chuige go raibh sé féin ag imtheacht go Meirice ná an páirtidhe bhí aige i dtosach. Aithnigheadar fhéin a chéile go hana- mhaith. Bhí crothadh lámh agus póg aca gan dobhat. Chuadar isteach i dtigh an óil chun deoch a bheith aca agus shar a ngaibheadar amach t'réis dhá lá agus dá oidche bhí an costas ólta ag an bhfear do bhí 'imtheacht go Meirice! Seadh, nuair a bhí an dá lá óil suas, tháinig a mheabhair do t'réis an óil agus dubhairt sé go raibh an méid sin déanta leis an bpáirtidhe agus cad do dhéanfadh sé anois ná cífheadh sé Meirice go deó? "Éist do bhéal!" ars' an páirtidhe leis. "Tabharfad-sa liom tu, agus cuirfead-sa i dtosach an árthaig tu fés na seolta i bhfolach, agus ní bheidh fhios ag éinne tu bheith ann ná as."
"Is maith a' cuimhneamh é sin," ars' an fear eile. Fhágadar a' cé agus, ar a' gcúrsa dóibh, bhí an páirtidhe ag bailiughadh go dtí an bhfear eile go dtí go rabhadar i ngiorracht lá seoil do Mheirice. Dubhradar annsan le n-a chéile go gcaithfidís cuimhneamh nódh eile a dhéanamh anois, agus go raghadh sé féin ins a' bhfairrge i ndeabhaidh an árthaig ag snamh agus go dtiubhradh sé leis an méid cnámh agus chrústaí aráin do bhí aige ar a dhrom agus ars' eisean leis a' bpáirtide, "Ná bím-se i bhfad ins a' bhfairrge nuair a liúghfair ar a' gcaiptéin go raibh dúine éigint i ndeabhaidh an árthaig ag snámh." Agus do dhein sé liúghchaint ar a' gcaiptéin go raibh dúine éigint i ndeabhaidh an árthaig ag snámh agus go mbeadh sé ceart é thógaint ar bórd, agus tógadh, agus dubhairt sé annsan leis a' gcaiptéin, nuair a tógadh é, núair a raghadh sé go Meirice, go gcuirfeadh sé tógaint air, mar go raibh sé ag snámh i ndeabhaidh an árthaig ó fhág sé an tír agus, mara mbeadh an máirnéalach a bhí ar bórd aige, go mbeadh sé báidhte, mar go raibh an méid bídh a bhí aige ithte aige: "Dhá chomharthaí sin féin, ní'l agam anois acht cnámha is crústaí!" Seadh, nuair a dheineadar Meirice amach annsan, bhí an caiptéin 'á rádh leis nach éinne an snámhaidhe mór a bhí aige, gúr shnámh sé ó Éire go Meirice. Tháinig mórán daoine uaisle ag féachaint air. Bhí sé 'na shnámhaidhe maith gan dobhat. Théigheadh sé fé loch timcheall an árthaig. Dheineadh sé mórán rudaí ar a' slighe sin agus do dhein a' caiptéin airgead a' domhain air. Cuireadh síos geall annsan, geall idir é fhéin agus an snámhaidhe is mó bhí i n-Aimeirice, agus 'sé an áit a shocruigh na cinn dóibh chún snáimh i gcoinne Easaighe
Móra Niagara, agus dúbairt a' t-Éireannach gúr gearra leis fhéinig é sin le snámh, ú, má shnámhfadh sé i n-ao'-chor, go snámhfadh sé ó Mheirice go Éire aríst. Bhí gach taobh annsan sásta leis sin. Núair a tháinig a' lá annsan, bhí báid agus árthaighe ar a' bpoll gan dobhat. Núair a ghaibheadar anuas cé New York annsan agus iad déanta suas chun snáimh, do thárluig anncaire mór iarainn leis an Éireannach ar a' gcé agus dúbhairt sé leis an bhfear eile go dtiúbhradh sé leis é seo a-bhaile go dtí n-a athair, mar ba ghobha é, agus go ndéanfadh sé mórán oibre dho, dhá bhualadh ar a ghualainn chúige. Nuair a chonnaic snámhaidhe Mheirice an ghaisge a bhí aige le déanamh, thuit a' t-anam as, agus do bhuaidh a' t-Éireannach a' geall. II. - DÚTHCHAS AN CHAIT. Bhí fear ann fad ó agus bhí cat aige agus bhí an cat comh foghlumtha san aige go ndéanfadh sé rud air pé ní adéarfadh sé leis a dhéanamh a' b'é amháin a' choinneal a choinneáilt ar a lapaí fhaid a bheadh sé ag ithe a chúid bídh. Ní'l éinne thagadh isteach chuige ná go gcúirfeadh sé síos i gcaint ar a' gcat dóibh. Aon lá amháin ghaibh fear uasal isteach chuige agus dubhairt sé leis go gcúirfeadh sé geall leis go ndéanfadh a' cat aon chlis badh mhaith. Dubhairt a' duine uasal ná déanfadh. Dúbhairt an fear eile, má bhí aon airgead 'na phóca aige, geall a chur síos, agus dúbhairt a' duine uasal go ndéanfadh, agus do dhein, fiche púnt ón dtaobh, agus dh'fhiafhruig fear a' chait annsan do'n duine uasal:
"Cad a theastóghadh uait go ndéanfadh a' cat anois, pé nídh é, bíodh sé beag nó mór?" Do thóg fear a' chait a' geall. Bhí san go maith agus do ghaibh duine uasal eile an tslighe lá eile agus do tháinig a' sgéal céadna anuas eatorra agus do buaileadh síos geall ar a' gcuma chéadna, agus má buaileadh, do thóg fear a' chait aríst é. Bhí san go maith agus ní raibh go holc. Chuaidh a' chaint timcheall na háite ar a' bhfear agus ar a chat agus ar na geallta a bhí tógtha aige. Dubhairt buachaill aimsire a bhí 'san áit go mbuinfeadh sé fhéinig tástáil as. Chuaidh sé go dtí stáca arbhair a bhí aige n-a mhághastair agus do leag sé é agus fuair sé cúig nó sé a luchaig ann. Chuir sé isteach i mbosga beag stáin iad agus chuir sé puill ann go mbeadh slighe gaoithe aca. Súd leis annsan go dtí fear a' chait agus, nuair a chuaidh sé isteach chun tighe chuige, 'sé an chéad chaint adubhairt fear an tighe leis an cat agus na geallta a bhí buaidhte aige. "Ní ghéillim duit féin ná dod gheallta-sa," ars' an fear eile, "go ndéanfadh cat rud ar éinne ar a' slighe sin." "Cuirfead-sa i n-umhail duit é," arsa fear a' chait. "Má tá aon dlús airgid agat, tástáil-se leis é." "Tástáil mé," ars' a' fear eile, "ar a' méid airgid atá am póca; cuirfe mé síos leat é," agus do chuir sé síos é, timcheall le deich púint ón dtaobh. Do ghlaodhuig fear a' chait isteach ar a' mbuachaill aimsire chun greim bídh do dh' ithe agus, nuair a tháinigh sé ar a' mbórd, bhí an cat ar a' mbórd agus coinneal 'deir dhá lapa aige. "Is múinte an cat atá agat-sa, do réir deá'raimh," ars' an buachaill aimsire le fear a' tighe, "agus
cuirfead-sa a dhóthain cúraim láithreach air," a' tarrac an bhosga aníos as a phóca agus a' buint a' chláir de agus a' leigean na luchaig ar fuid a' bhúird, agus, comh luath 's chonnaic a' cat na luchaig, do léim sé san aer agus fhág sé an choinneal 'na dheabhaidh. Níor fhág sé pláta ná sásar ar a' mbórd gan briseadh a d'iarraidh teacht suas leis na luchaig. Leis sin do bhuaidh an buachaill aimsire an geall, mar "briseann an dúthchas trí shúilibh a' chait." III. - INGHEAN AN FHILE. Bhí beirt fhile i gConntae an Chláir fad ó. Ní raibh aithne aco ar a chéile, acht clos tráchta thar a chéile. Chomhnuig duine aco i mbaile - Crom (Cromadh?) is ainm don mbaile. Chomhnuig an duine eile i nInis. Chuaidh an fear ó Inis ag feiscint an fhile bhí i gCrom (gCromadh?). Níor mhaith leis a fhios a bheith aige é bheith ag dul dá fheiscint. Ní fheadair sé cadé an áit i gCrom (gCromadh?) ar chomhnuigh sé. Nuair a chuaidh sé go dtí an baile, dubhairt sé ag dorus gach tighe: "Ní féidir liom crom (cromadh) a thabhairt liom" (sin é, go raibh sé cromtha, agus Crom (Cromadh?) is ainm don bhaile. Nuair a chuaidh sé go dtí dorus an fhile, bhí cailín 'na seasamh ins an dorus. Dubhairt sé, "Ní fheadair mé crom (cromadh) a thabhairt liom!" Dubhairt an cailín: "Badh mhaith dhuit dá mb'fhéidir leat a leath a thabhairt leat!" Dubhairt sé leis féin: "Comhnuigheann sé annso." Do chuaidh sé isteach. Bhí an file as baile. Dubhairt sé go raibh ocras air. Bheirbh sí potátaí agus uibhe. Nuair a bhí sé dá n-ithe, chonnaic sé madra sínte cois
na teine. Thug sé na huibhe don mhadra. D'éirig an madra 'na shuidhe, nuair a bhí sé ag ithe na n-ubh. Dubhairt an file: "A chailín, féach mar itheann an madra na huibhe ('na shuidhe). "Dubhairt sí: "Do íosfadh nó 'na sheasamh." Nuair a bhí a sháith-sean ithte aige, chuaidh sé amach sa dorus. Bhí sé ag fearthainn. Dubhairt sé: "Tá sé ag fearthainn go daingean (go Daingean)." Dubhairt an cailín: "Tá agus seacht míle i dtaobh thiar don Daingean." "Tá go maith," ars' an file leis féin; "nuair atá an inghean comh maith, ní fhanfa mé leis an athair." Tháinig sé thar n-ais gan an t-athair 'fheiscint, mar do shaoil sé go raibh an t-athair ró-mhaith dho. Ní'l 'fhios agam ciar bh'é an file. Is dócha gur bh'é Eoghan Ruadh. IV. - STÓCACH AG LORG MNÁ I gCONNACHTAIBH. Stocach a bhí 'dul a' lorg mná chun í phosadh. I gConntae an Chláir a bhí sé. Chuaidh sé isteach sa tig go raibh an cailín chun pósadh. Dubhairt a' stócach nuair a tháinigh sé isteach: "Paidir ó Dhia sa teach," adubhairt sé. Dubhairt a' bhean (.i. bean a' tighe) annsan: "Paidir ó Dhia 's ó Mhuire ribh." "Ca bhfuil feara' teach so?" adubhairt an stócach. Dubhairt an bhean: "Beannacht Dé le n'anam! D'éag agus do sglac sé; 'Á iarra' san do rach sé; Agus a' trócaire go bhfac se."
"Suig sibh síos," adubhairt sí, "agus bain sibh dhíbh na lóipéisí." "Ní shuidhimíd síos agus ní bhain mé dhíom ár lóipéisí," adubhairt an stócach. "Do thánamar, do chualamar go raibh toiceachán sa teach so ag imtheacht i gcóir na Bealltaine." "Am basa, a laogh, tá," adubhairt an bhean. "Cad do bhí 'uain ar a' dtoiceachán so dhéanamh?" adubhairt a' stócach. Dubhairt an bhean: "A' seadaráil 's a' meadaráil, Agus bainne gabhair do mheasdaráil; Rith ó thóin a' tighe go ceann a' tighe, Agus slibire chur i mbéal a' bhéiceacháin." Sin í an chaint atá i gConntae na Gaillimhe, nó Conntae an Chláir a mheasasa rádh. V. - SGÉAL NÓDH. Fear a bhí i gCill Orglain agus do chuaidh sé a' ceannach bó go dtí an t-aonach agus fear eile i n-éinfheacht leis chun leath na bó a bheith aige. Do cheannuigheadar a' bhó agus d'fhágadar a' bhó ag an bhfear i gCill Orglain agus do chuaidh sé a bhaile (fear Bhaile an Mhuilinn a chuaidh a bhaile) agus d'fhiafruigh a bhean de ar cheannuigheadar a' bhó agus dubhairt sé gur cheannuigheadar.
Dubhairt sé leis a' mbuachaill éirighe ar maidin agus dul a d'iarra' leatha na bó agus dá bhfiafróchadh a' fear i gCill Orglain de a' raibh aon sgéal nódh aige, a rádh leis go raibh agus "go raibh tuile mór ins a' Leamhain agus gur sleamhain iad na leacacha," agus dubhairt an fear i gCill Orglain: "Mar a leagathar a' crann, is ann a bhíonn na slisneacha." Fuair sé leath na bó, leath a' chinn, leath a' chroidhe, agus leath na haeghanna, agus ní raibh aon bhuaidhirt ar bhean Bhaile an Mhuilinn annsan. VI. - OILEÁN MARA: CEIST. File a bhí annso, gur bh'ainm do Seán Ó Siochfhradha. Dubhairt sé an rann so: Tá an Dairbhre gan ghleann Agus Beiginis gan chrann; Oileán mara idir dhá uisge Agus mná gan tuisgint ann. Beiginis gan chrann .i. níor fhás aon chrann a riamh air. Mná gan tuisgint ann .i. na Mná, cairrgí i dtaobh thiar den Sgeilg. Do chuir sé an cheist sin ortha (.i. ar mhuinntir Dhairbhre) agus ní fhéadfadh éinne a dhéanamh amach cá raibh an t-oileán.
VII. - CEATHRAMHNA DHÓMHNAILL UÍ CHONAILL. I. Beidh teinnte cnámh i nUíbh Ráthach rómhat I mbaile chois trágha mar a ngnáthuigheann spórt, Ar an nDaire Fhionáin aorach niar a dtriallaid na slóid, Ar bhruach an chalaith sin Charraig Uí Chróin, Mar a dtaistealaid tar sáile na táinte fí cheó 'Cuir luingeasa chun suain i gcuantaíbh mór'. 'S nár bhaisdthear leó oidhche I dtig an Fhlaithbheartaigh saoi Mar a bhfaghaid le caitheamh chun dighe puins, fíon agus beóir. II. Fáilte agus fiche agus tuille 'na dheoidh Óm chroidhe 'seadh chuirim i gcoinnibh a' leoghain: 'Sé Domhnall Ó Conaill an bile bil mhóir, An t-óigfhear cumasach curanta cóir. 'Sé an bile fé bhláth é is áille snódh, D'easgair go hárd den árd-fhuil mhóir. 'Siad na dragain iad gan cháim Thug a' barra leó as gach áit, Fuair urraim agus cáil i gClár Luirc beó. III. 'Sa High Committee 'seadh bhíonn an leoghan Is na breithimh gan mhoill a shuidhfidh fós. Rachann sé ar bhínse 'na shuidhe ins a' Chróin Agus buadhann gach puínte dlighe shosóin, Gach duine bhíonn daortha i ndaorbhruid mhóir
'S a gcuid fola 'na slaodaibh le séideadh leó, Tugann ar laoch mear Ón gcoisle saor iad D'fhonn tuille fad saoghail a léigint leó. IV. Beidh seinm ghalltrompa sa dúthaig rómhat, 'S a ndromanna i dtiúin go holl dá leoghan; A bhfuil ó Charraig na Siúire go Siúnta an Chómhair 'S go gCorcaig na long ag músgail' spórt As san ins an round go Ceann Tighe Mhóir Cois calaith na dtonn is gleannta ceoig, Is go nDaingean Uí Chúise Bhí an eiteall is músgailt Thaisteal ins a' Mhumhain ár bprionnsa d'fhear óg. VIII. - EACHTRA NA BAINTRIGHE 'S AN DUINE UASAIL. Bhí baintreach bhocht ann fad ó, is minic a bhí, tá fós agus beidh go deó. 'Sé an áit a bhí a tigín aici ar mhullach cnuic agus garraidhe beag talmhan. Ní raibh aon chleachtadh ins a' tsaoghal aici acht aon chailín óg amháin d'inghin. Do mhaireadar le chéile gan puinn acht cabáiste is salann. Lá dos na laetheannta cé gheobhadh chughtha isteach acht duine breágh uasal, capall agus spuir air, agus feidhre cuite chun fiadhaig. Do lorg sé lóistín na hoidhche ar a' mbaintrig agus do fhuarluig an bhaintreach do, acht ní raibh sé sásta leis, do lean sé a' lorg a lóistín. Ins a' deire dubhairt a' bhaintreach leis ná raibh aon slighe aici do n-a leithéid de dhuine uasal chun lóistín do thabhairt do agus gurb amhlaidh bhí sé gcoisde.
a' magadh fúithi. Dubhairt san léithi nách aon mhagadh bhí aige ar bun acht dáiríribh glan. 'Seadh, sa deire thiar thall fuair sé cead bheith istig agus bhí go hana-shásta annsan. Maidin lo'r n-a mháireach d'imthigh sé amach uaithi, é féin, a chapall 's a chuite 'fiadhach. Do bhuail chúighthi isteach tráthnóna an lae sin le girrfhiadh beag reamhar aige agus do bhain a' croiceann do agus do bhuail a' beiriughadh é agus do bhí feoil ag an mbaintrig bhocht annsan, rud ná raibh aon taithighe aici air. Am briathar, nuair a bhlais sí an fheoil, go dtáinig cion aici ar a' duine uasal agus dubhairt leis annsan go bhféadfadh sé fanacht lá eile, má b'é a mheón é, agus dubhairt san léithi go' bh'é le fáilte mhuar. Lá ar n-a mháireach aríst do imthig amach ar a' gcuma chéadna, do thug leis a ghirrfhiadh tráthnóna arís agus bhuail a' beiriughadh é ar a' gcuma chéadna. Bhí mar sin feadh dó nó trí laetheannta annsan. I ndeire na haimsire annsan do lorg a hinghean ar a' mbaintrig chun pósta. Do leath a (dh)á súil ar an mbaintrig le iongantas muar, a rádh go bpósfadh a leithéid de dhuine uasal a hinghean féin agus dubhairt leis go' 'nois nó riamh bhí sé a' magadh fúithi. "'S annlaig (amhlaidh) a thuigtear é sin duit?" ars' an duine uasal. "Tuigtear é sin dam," ars' an bhaintreach, "agus tuigtear go láidir dam é." "Deirim leat," ars' an duine uasal, "agus deirim leat óm chroidhe amach é do focla gearra, go bpósfa mé t'inghean agus go mbeidh sí 'na bean uasail agam i gcúirt bhreágh." Sa deire thiar thall do ghéill an bhaintreach do agus
do thug cead pósta uaithi. Pósadh iad annsan ádhbhar laetheannta 'na dheabhaidh sin agus bhí caitheamh aimsire mór aco ruith aimsir a' phósta. Coidhcíos i ndeabhaidh a' phósta dubhairt sé le máthair a chéile go raghadh sé féinig a bhaile agus go dtubhradh sé a bhean leis ar a chúlaibh, agus annsan go dtiocfadh sé 'na dheabhaidh sin a' triall uirthi féin agus go dtubhradh sé leis í, mar nár mhaith leis í fhágaint 'na haonar anois. 'Seadh, nuair a tháinig a' mhaidin do ghléas sé chuige a chapall, do ghlaodhuig ar a bhean agus dubhairt léithi suidhe i n-áirde ar a' gcapall mar chúlóig. Do dh'fhág slán aige máthair a chéile go dtiocfadh aríst. Imthigh sé air annsan tríd a' gcnoc agus nuair a chuir sé an cnoc do annsan do bhuail talamh mín réidh leis. Dhein sé siubhal a' domhain ar a' dtalamh réidh gan dobhat go dtí go gcuaidh sé isteach i n-áit anacrach do bhí lán do ghleannta 's do aindeise. Bhí árdáin is ísleáin go leór aige as san go dtí mbuin sé amach iumall coille. Bhí geata mór ionnsoin le cur do, acht do tháinigh sé (anuas) den gcapall agus osgail a' geata do féin. Tharraig isteach a chapall. Nuair a bhí istig, dhún a' geata aríst. Thiomáin leis annsan a bhaile go dtí n-a thig. Nuair a ch'nnoc a' bhean an tig: "A Rí na glóire!" ar sise, "ab' í seo an chúirt?" "Sin í mo chúirt," ars' an fear, "agus tá sí maith do dhóithin duit." "Dia lem anam!" ar sí sin 'na croidhe féin, "má's mar seo tá an sgéal," acht le n-a linn sin dubhairt teacht anuas den gcapall agus dul isteach chuin tig agus má bhí ocras uirthi t'réis a' lae, má
fhéadfadh sé aon phráta fuar beirbhthe fhagháilt istig d'ithe é ithe. Mar sin a bhí. Chuaidh isteach. Annsan tháinig a' t-iongantas uirthi, uair ná feaca sí teine ná leabaidh ná puinn eile bhaineas le tig acht soipín bruis (caithte) ins a' chúinne mar leaba, cúpla sheana-phaca mar chlúid. Nuair a tháinig an oidhche, do chuaidh mo lánamha a chodladh, agus ní raibh a' bhean ró-mhaith istig léi féin (.i. le n-a margadh). I lár na hoidhche siar do éirigh sé amach uaithi. Do dh'imthig amach an dorus, é féin 's a chapall 's a chuite. Do tháinig isteach aríst ar deire na hoidhche go fliuch fuar. Do shín ins a' leabaidh (dh)á olcas a bhí sí. Bhí mar seo ar feadh trí nó ceathair de oidhcheannta i ndeabhaidh a chéile. Dubhairt a' bhean annsan léithi féin go raghadh sí a' faire air 'féachaint cá dtéidheadh sé agus do chuaidh. Cá dtéidheadh sé acht 'on teampall, é féin agus a chapall agus a chuite, a' tarrac na ndaoine marbha ar barra agus 'á n-ithe - nuair a bhíodh a mbolg lán teacht a bhaile annsan - acht an oidhche seo chonnoc a' bhean cad a bhí ar bun aco agus bhí sí fhéin aige baile rómpa agus 'na codladh thar n-ais. Nuair a chuaidh san a chodladh fuair sé ana-fhuar í ins a' leaba, comh fuar leis féin agus tuigeadh do go' b'amhla' chuaidh sí 'faire air agus fhiafhruig di a' gcuaidh sí 'faire air agus dubhairt sí sin leis le heagla ná chuaidh. Fhan san mar sin go dtí maidin agus fhiafhruig di ar maidin ar mhaith léithi a máthair d'fheiscint. Dubhairt sí sin leis go mbeadh áthas uirthi a máthair d'fheiscint. Do dh'imthigh sé annsan, é fhéin 's a chapall chun bóthair uaithi agus lig air go' dul a'
triall ar a máthair a bhí sé. Ní hé sin a dhein sé, acht fanacht ins a' choill go dtí dubh na hoidhche. Do bhuail air éadach mná, pé an áit go bhfuair sé iad. Do tháinig chúighthi isteach annsan, agus comh luath is chonnoc an inghean an mháthair (mar shaoil sí) imthigh sí 'na coinne 'cuir fáilte agus fiche roimpi. "A chroidhe," ars' an mháthair, "'b'é seo an tig a thá 'gat i n-inead na cúirte? Ó, cad a chothuigheann sibh nó cadé an slighe bheatha a thá agaibh?" "Agam-sa a thá an sgéal nach compórdach," ars' an inghean, ag innsint di gníomhartha a fir, go' b' amhlaidh go dtéidheadh sé 'on teampall gach aon oidhche, é fhéin 's a chapall 's a mhadraí 's a chuite, a' tarrac na ndaoine marbha aníos as na huaigeachaibh is as na tuamachaibh agus 'á n-ithe, agus, nuair a thagadh sé a bhaile annsan, bhíodh pus agus breill air. "'B'é sin a' slighe bheatha, a chroidhe?" ars' an mháthair leis an inghin. "Isé," ars' an inghean, "agus deamhruigheann sé sin go' b'olc mo chúrsa-sa." "Má'sí an fhírinne a thá agat 'á innsint dam," ars' an mháthair. "Isí go deimhin," ars' an inghean, "agus is seacht 's measa an sgéal ná féadhfainn 'nisint duit." Ní' dhein sé aon ní acht iompódh uirthi. Do dhein fear don máthair láithreach boill. Thug sé fogha amháin fúithi agus rug sé uirthi agus dhein sé greamanna seabhaic di. Do dh'ith suas í, é fhéin agus a chapall 's a chuite. Sin é mo sgéal-sa. Má tá bréag ann, bíodh. Ar bhaineas preab asat?
VIII. - AN tIONGANTAS DO CHONNAIC AN CAPTAON. Timcheall le daichead éigint bliadhain ó shoin bhíodh mórán earraí trádála 'teacht 'on Daingean, an uair sin do Mhuinntir Fhlaithearta' ón Rínn Bhig (amuigh ar an bpoinnte - Poinnte Fhlaithearta' a thugtar air anois le fada riamh - tá sé ar Phoinnte Chuan a' Daingin, ar a' dtaobh theas thoir de Bhaile Ghóilín). An píolóit do dhein sé píolóiteacht ar árthach mór trí gcrann go dtí Poll a' Daimh i mbéal Chuan a' Daingin (agus fé bhun na Rinne Beige atá Poll a' Daimh). T'réis a bheith ar anncaire aco do chuaidh a' píolóit agus a' captaon 'on Daingean 'déanamh a' ghnótha. Nuair a bhí an gnó déanta aco chuadar isteach i dtigh táibhirne 'uin deoch a bheith aco, rud is gnáthach le fearaibh fairrge dhéanamh. Shuidheadar síos annsan ag cur síos ar fairrge agus ar árthaighibh, ar droch-aimsir is ar iongantaisí. Do fhiafhruig an píolóit den gcaptaon cadé an t-iongantas is mó do chonnaic sé ó bhuail sé leis go déidheanach. Dubhairt a' captaon go raibh iongantas aige agus iongantas mór aige le 'nisint do. "Ana-mhaith," ars' an píolóit, "do mhaith liom é chloistint." Do thosnuig annsan a' captaon ag ínnsint do go raibh sé lá dos na laetheannta na céadtaibh míle ó thalamh agus go bhfeaca sé chuige na marcaig, na madraí fiadhaig, agus girrfhiadh rómpa amach i gcorp-lár na fairrge. Do dhein an girrfhiadh fén árthach agus ní' stad riamh go dtí 'léim sé ar bórd, agus comh luath is léim sé ar bórd chuaidh sé i bhfolach san árthach. Tháinig na madraí 'na dheabhaidh ar bórd ar a bh'lath
agus am briathar, má tháinig, ná féadfaidís an girrfhiadh do chur amach thar n-ais. Le n-a linn sin do tháinig na capaill agus na marcaig suas. Dubhairt duine dos na marcaig leis an gcaptaon an girrfhiadh do chuir amach as an árthach. Dubhairt an captaon leis go gcuirfeadh agus fáilte, má gheobhadh sé amach ins an árthach é. Dubhairt a' marcach leis annsan imtheacht agus é chuardach agus é chuardach go géar. Do ghlaodhuig a' captaon annsan ar a mháirnéalaig go léir agus dubhairt sé leótha gan poll ná póirse do fhágaint gan cuardach. Do imthigh na máirnéalaig annsan agus do chuarduigheadar a' t-árthach go léir fé mar sheasaimh sí agus ní' bhuail an girrfhiadh leótha, acht i gcúinne don árthach do bhuail bean leótha nár cheart a bheith ann agus 'niseadar don gcaptaon é sin. 'Nis an captaon annsan don marcach do labhair go raibh an t-árthach cuarduighthe ó sháil rínn agus nár bhuail a' girrfhiadh leótha, acht a leithéid sin a bhí san árthach leis a' bhean a bhí san árthach. Dubhairt annsain a' marcach leis dul agus a' bhean do thiomáint (amach) as an árthach. Do imthig a' captaon fhéin annsan go dtí an bhean agus dubhairt léithi go gcaithfeadh sí an t-árthach do fhágaint, agus do chuir an bhean suas don árthach d'fhágaint. Tháinigh sé thar n-ais annsan go dtí an marcach aríst agus 'nis sé an sgéal do. Dubhairt a' marcach leis thar n-ais imtheacht agus a' bhean do chuir amach, ú, mara gcuireadh sé amach í, go gcuirfeadh sé tonn uisge lasanáirde don árthach agus go mbáidhfeadh sé trí n-a chéile iad. Do ghlaodhuig a' captaon ar na máirnéalaig aríst
agus dubhairt leótha dol go dtí an mbean agus a rádh léithi teacht leótha don rádh, breith uirthi agus ligint dóibh í tharrac leótha agus í chaitheamh thar bórd - mara ndeanaidís sin, go mbeidís báidhte. D'imthig na máirnéalaig chúighthi agus dubhairt léithi teacht leótha. Ní' theastuig uaithi teacht. Do chaitheadar breith uirthi agus í tharrac 'na ndeabhaidh agus í chaitheamh amach an fhairrge thar bórd aríst. Cómh luath is caitheadh thar bórd í, do dhein girrfhiadh di. Siúd leis a' tiomáint aríst ar bun aco agus bhíodar mar sin go dtí 'gcuadar as a radharc. Sin é an t-iongantas is mó do chonnaic an captaon ó bhuail sé leis an bpaoileoit go déidheanach ná riamh. Sin é eachtraí an chaptaein leis a' bpíolóit ar an iongantas san. IX. - CAISLEÁN AN FHIRTÉARAIGH. Bhí beirt dearbhráthar ann fad ó, gach aon aca 'na phíobaire. Bhí iomshuidhe dá chur ar Chaisleán an Fhirtéaraigh san am san. Le n-a linn sin do bhí duine den mbeirt istig sa chaisleán agus bhí an fear eile amuigh. Thárla an chaint seo eatorra: An píobaire bhí amuigh: "Cionnus tá sé istig agaibh?" An píobaire bhí istig: "Tá sé go dona againn: Tá liocórais mar teine againn Agus fíon mar uisge againn!" Do cuireadh an t-iomshuidhe ní ba dhlúithe ar an gcaisleán annsan agus do baineadh amach é.
X. - AN LORGÁN. Feairín beag iseadh é. I seana-liosannaibh a chomhnuigheann sé agus i seana-oibreachaibh eile. Is minic a ch'nocamair prátaí lorgáin, dhá mbeimíst a' rómhar díg cois seana-chloidhe mhuair láidir. Ní móide go' rómhradh le deich mbliadhna is daichid roimhe sin an áit sin. Bhuaileadh prátaí beaga linn ins a' chré agus thugaimíst prátaí lorgáin ortha - cré mhótamhail láidir a bhíodh i n-a leithéid d'áit ná cífeadh gaoth ná grian feadh áirithe muar bliadhanta. Seadh, do bhí fear san áit; do chloiseadh sé an rádh agus an port go mbíodh dhá sparán aige an lorgán go dtugtaoi sparán na piginne agus sparán na sgillinne ortha. Deiridís le chéile, má b'fhéadair teacht suas leis agus na sparáin a bhain do, go ndéanfadh sé duine saidhbhir go deó, mar ná fuil aon lá a chuirfeá do lámh in sparán na sgillinne ná beadh sgillinn rómhat ann, agus an slighe chéadna ar sparán na piginne. 'Seadh, do chuaidh an fear a' faire ar an lorgán, agus nuair a bhuail sé leis do rug greim air agus d'iarr sparán na sgillinne air. Do bhí ana-ghreim ag an lorgán ar a sparán. Ní' mhaith leis é thabhairt uaidh i n-éa'-chor, mar, nuair a raghadh sé a bhaile, do mhar'óghadh a mháighistir féin é, agus dubhairt sé annsan leis a' bhfear: "Ní fhéadfainn é thabhairt uaim, agus an marbhughadh a gheobhadh óm mháighistir!" Dubhairt an fear leis: "Pé an marbhughadh a gheobhair nó ná geobhair, caithfead-sa an sparán do dh'fhagháilt nó tachtfa mé tu!" Do ghlac eagla an lorgán annsan agus dubhairt sé leis go dtubhradh sé sparán na piginne dho. "Cuir bhuait do chuid tallaireacht'," ars' an fear; "beidh so súd
agum!" Is mó ná san an t-eagla tháinig ar an lorgán go maireobhfaidhe é. Do chuir sé a lámh 'na phócaí agus thug sé uaidh an sparán (bhí ceann aco in gach póca, is dócha). Tháinig ana-mheas aige air féin nuair a bhí an t-airgead annsan aige i gcomhnuidhe. Do chuaidh sé ar aontaighibh is cheannuigh sé stoc is capaill - nach aon ní do dh'oir do. Ól sé braon is tháinig a' lorgán tímcheall air is ghoid sé an sparán air. Cailleadh an stoc is thuit a bhean amach leis, imthigh leaghadh bhuan Mhóire air. Bhí an fear bocht comh bocht is bhí sé riamh annsan. XI. - AN RÓN. Ins an Oileán Tiar do mhar'uighidís mórán rón ann fad ó. Bhíodh na róinte ins na cluaiseacha agus 'sé an chuma go mar'uighidís iad iad do shárughadh le bád. Bhíodh maidí agus cleathacha aco chuin iad do bhualadh agus do mharbhughadh. Ins an oidhche do mharuighidís iad. Oidhche dos na hoidhcheannta do bhíodar 'á marbhughadh. Do labhair ceann dos na róin, agus c'onnus é, do bhí an maide tógtha aige fear aco chuin é bhualadh. "Fóil ar do láimh!" ars' an rón. Nuair a chuala sé an focal, do thuit an maide agus a ghéaga siar síos leis. Do tháinig a' bád agus a' chriú a bhaile annsan. Ón lá san go dtí an lá atá indiu ann ní' mar'uigheadh aon rón ins an Oileán.
XII. - RUDAÍ SÍDHE. An bhean sídhe: Bean a bhíonn ag gol istoidhche lasmuich. Cailleadh beirt dearbhráthar liom is do cualathas a gol timcheall a' bhaile. Is 'mó dream a chloiseann í nuair a bhíonn duine ag fagháil bháis ins an tír seo. An bád sídhe: Tagann sí go minic imeasg na mbád iasgaig istoidhche ins an áit seo. Chuala cuid dos na hiasgairíbh dá rádh go ndeaghadh sí chughtha oidhcheanta, na maidí rámha ag obair agus gan éinne le feiscint aco. T'rus eile chídís bád seoil ar a' gcuma chéadna 'imtheacht - n'fheadar a' mbíodh daoine innti seo nó ná bíodh (.i. sa bhád seoil). An ceol sídhe: Bhí fear annso fad ó - timcheall le cheithre fichid bliadhain ó shoin - do dheineadh ceol sídhe. A' sean- duine seo, chuala sé fhéin i dtosach é i lios ú i sean- obair éigin san áit, acht nuair a tháinigh sé a bhaile thug sé féin fén cheol chéadna do sheimint agus do sheinn. Fuair sé poc ó na daoinibh maithe. Chaill sé a shúil as a' bpoc. Píopaire an Chárta an ainm a bhíodh air. Bhí ana-cheol go léir ag Muinntir Chinnéide, acht ní raibh aon dul aco air seo ar a' slighe le aoibhneas a'cheoil a bhí aige. Budh de Mhuinntir Shúilliobháin é. XIII. - AN PÚCA. I dtaobh 'stig de chéad bliadhain ó shoin i gCaisleán Ráth' an Fháin bhí fear ann go dtugaidís Micheál Ó Ciabháin air (.i. m'athair críonna .i. mo sheanathair). Fuaidh sé 'fiosrughadh daoine muinteardha leis i mbaile go dtugaidís Cill a' Ruth air ar a' dtaobh eile
'pharóiste. Ar an uair sin ní bhíodh bóithre ann fé mar atá anois. Chun na trágha do ghaibheadh sé chun dul ann, mar ná raibh aon bhóthar trí chorp a' ph'róiste an uair sin, agus rud eile bhí sa cheist, do bhíodh droch- mhadraí i mbailtiach' áirithe chuin rudaí do chosaint sol a mbeifidhe ag goid. 'Á gheobhadh duine an cómhnggar, b'é go dtárlóghadh na madraí seo leis. Nuair a bhí sé 'teacht a bhaile annsoin do tháinig beirt do n-a dhaoinibh muinteardha tamallt don slighe leis. 'Sé an áit a bhí an bóthar an uair sin síos trí Fionn Trágha chuin a' teampall. Nuair a chuadar go dtí bun a' bhóthair ar a' dtráig dubhairt sé leis a' mbeirt eile iompódh a bhaile anois, go raibh sé ar a' dtráig agus go raibh an taoide amuich is ná raibh aon bhaoghal anois air. Do chas a' bheirt eile timcheall agus le linn casadh dhóibh do chnocodar capaillín óg tamalltín uatha aige bun a' teampaill. Dubhradar leis annsan gur bh'fhearra dhóibh breith ar a' gcapaillín agus go bhféadfadh sé dul a' marcaigheacht air, agus go dtubhradh sé trasna na trágha é agus annsan go bhféadfadh sé a leigint uaidh aríst nuair a thiocfadh sé go Ceann Trágha. Mar sin a bhí. Do rugadar ar a' gcapall agus do chuaidh sé a' marcaigheacht air. Comh luath is leath sé a dhá chois air, súd leis a' gcapaillín an tráig soir agus amach i n-iomall na taoide, na' haon léim agus na' haon raid (.i. caitheamh i ndeire siar) aige agus a' caitheamh a cheann sa spéir, mar ná raibh aon adhastar leis. Mara mbeadh an greim aige ar a mhuing le n-a láimh, bheadh sé leacatha ins a' taoide aige. Sin é an uair a tuigeadh do gur bh'é an Púca a bhí fé, mar go mbíodh sé ráidhte i gcomhnuidhe go mbíodh a leithéid ann agus cíotaoi go minic leis é. Do Nó mara mbeadh an greim na lámha bhí aige ar a mhuing.
imthigh sí suas annsan ar barra taoide imeasg na boínnc mhór' árda. Chaill sé a mhaide agus a hata annsan agus imthig a' Púca leis suas go dtí an t-Imealach (.i. baile an Imealaig ar a' dtaobh so ón Saipéal). Bhí sé 'imtheacht trí ghort ithreach agus bhí an gort bog agus bhí sé 'dul ar lár. Cad do dhein an marcach annsan acht é fhéin do chaitheamh anuas i blach a chinn ar a' dtalamh (.i. ar a' ngort). Imthig a' Púca is d'fhág sé slán aige. Bhí an bheirt eile 'na dheabhaidh annsan agus iad a' briseadh a gcroidhe a' gáiridhe, mar bhí 'fhios aco go maith gur'b é an Púca bhí ann. Bhí a hata agus a mhaide aco. Bhí greann mór aco annsan a' cur síos ar an méid a thuit amach air. Fhágadar a chéile annsan, mar bhí an oidhche déidheanach ana-dhéidheanach. Ar a shlighe a bhaile annsan 'der Cheann Trágha agus Caisleán Ráth' an Fháin (.i. a bhaile) do bhí beithidheach muar dubh in lár a' bhóthair roimis agus cheap sé gur bh'é an Púca bhí ann aríst. Thug sé ana-thamall annsan a' briathrughadh (nó a' brianthughadh) ar a' mbeithidheach dhubh le eagla gur'b é an Púca bheadh roimis aríst, acht tuigeadh do ná(r) bh'é bhí ann acht a leithéid sin leis an mbeithidheach. Chuaidh sé a bhaile annsan gan gortughadh gan máchaill. XIV. - FEAR NA DROINNE. Bhí fear bocht go raibh droinn uair air ag gabháilt thar béal leasa. Do chuala sé an chaint istig nós port: "Dé Luain is Dé Máirt, Dé Luain is Dé Máirt, Dé Luain is Dé Máirt."
Bhí sé dhá rádh mar sin leis. Stad sé ag éisteacht leis an bport agus dubhairt sé féinig annsan: "Dé Luain is Dé Máirt Is Dé Céadaoin," dó ú trí huairibh ar a' slighe sin: "Dé Luain is Dé Máirt Is Dé Céadaoin." "Cé hé sin amuich," arsa fear a' phuirt leis an seirbhíseach, "do leigheas mo phort?" Chuaidh a' seirbhíseach amach agus tháinig chuige isteach thar n-ais agus dubhairt leis gur seanduine bhí amuich le droinn mhuar air. "Teír' amach anois," arsa fear a' phuirt, "agus buin an droinn do." Do chuaidh an seirbhíseach amach agus do bhuin sé an droinn don bhfear bocht. D'imthig a' fear bocht a bhaile annsan go lán-áthastamhail. Do leath sé amach annsan i mbéal nach éinne cad do thuit amach ar an bhfear bocht go mbaineadh a' droinn do i mbéal na leasa. Bhí fear eile ins an áit annsan go raibh droinn air agus do chuaidh sé fé bhrághaid na leasa agus ag gabháilt thar béal na leasa fé mar ghaibh an fear eile do chuala sé an port istigh. B'é an port é "Dé Luain is Dé Máirt Is Dé Céadaoin," dhá rádh aige coitchíonnta: "Dé Luain is Dé Máirt Is Dé Céadaoin." "'Seadh, agus Déardaoin," ars' an fear amuich. "Teír' amach," arsa fear a' phuirt istig, "agus féach cé hé siúd amuich do lat mo phort." Do chuaidh an seirbhíseach amach agus do tháinig chuige isteach agus dubhairt leis go raibh fear go raibh droinn air.
"Teír' amach," ar seisean, "agus buail an droinn do bhuinis don bhfear eile air, mar do lat sé mo phort." Cuireadh droinn an fhir eile air agus bhí a cheann 's a chosa ná(ch) muar ar a chéile annsan. Imthigh sé sin gan piuc áthais air agus na' héinne ag gáiridhe agus ag magadh fé. XV. - AN DEARBHRÁTHAIR BOCHT AGUS AN DEARBHRÁTHAIR SAIDHBHIR. Bhí feirmeoir annso fad ó agus do bhí beirt mhac aige. Do cailleadh é agus do dhein sé dhá leath don dtalamh idir an bheirt mhac. Do phós a' bheirt mhac agus do thuit muirear ar dhuine aco agus d'imthigh sé as a substaint annsan. B'éigint do iad a dhíol go dtí go raibh sé go dtí aon bhó amháin, agus b'éigint do í sin a thabhairt leis go dtí an aonach, mar ná raibh aon ní le n-ithe ag na páistí 'na dhiaidh. Do dhíol sé an bhó ar chúig phúnt agus n'air a iompuigh sé a bhaile do thárluig corp leis ar a' mbóthar tógtha le decree. D'fhiafhruigh sé dhóibh cad a bhí ortha agus do inniseadar do. "An muar iad na cuirp fiacha?" Dubhradar leis gur chúig phúint. Chuir sé a lámh 'na phóca agus thug sé dhóibh na chúig phúint a fuair sé ar a' mbó agus do tháinigh sé a bhaile gan leathphinne. D'fhiafhruig a bhean do ar dhíol sé an bhó agus dubhairt sé gur dhein. "Ar thugais aon ní a bhaile chughainn?" adubhairt sí. "Níor thugas," adubhairt sé, "mar do thárluig liom corp ar a' mbóthar le decree agus do thugas dóibh fiacha na bó.
"Léan ort, a amadáin!" adubhairt sí,. "Cad a dhéanfaidh do pháistí 's gan greim le n-ithe acu?" "Ní'l aon leigheas air," adubhairt sé. Ní fada bhí sé istig nuair a tháinig stracaire go dtí an dorus agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt a' bhean leis go bhfaghadh, acht gurb olc an áit 'ár thug a chosa é, mar ná raibh aon ní le n-ithe acu. "Ná bac san," adubhairt sé; "ná dún a' dorus go dtiocfad-sa isteach aríst." D'imthigh sé agus do chuaidh sé i ngort a' dearbhráthar a bhí i n-aice leis, agus thug sé isteach leis caora bhreágh reamhar agus ba ghearraid a' mhoill air í mharbhughadh agus a' croiceann a bhaint di. 'Sé dubhairt sé: "Tá ár ndóithin anocht againn. Cuir a' beirbhiughadh í seo." Dhein sé an rud céadna istoidhche i mbárach leis agus 'mano'thar, agus do dhein sé an cleas céadna léithi. Do tháinig a' dearbhráthair annsan isteach go dtí an dearbhráthair bocht agus dubhairt sé leis ná raibh aon chaora aige ná raibh goitithe agus go rabhthars a' tosnughadh leis na beithidhig. D'fhiafhruig an dearbh- ráthair bocht de a' raibh aon chúntas aige ortha agus dubhairt sé ná raibh: "B'fhéidir gurb é an stracaire sin istig agat atá 'á dtabhairt leis." "Ní hé," adubhairt sé, "mar tá sé siúd ag codladh go sáimh gach aon oidhche." Chuimhnigh sé fhéinig annsan gurb iad a bhí 'á dtabhairt leótha agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a chuimhneoghadh ar aon phlean go bhfairfeadh sé iad. Do bhí a mháthair críonna agus do chuimhnigh sé ar í chuir isteach i gcófhra mór agus do chuir arán agus feoil sa chófhra chúighthi agus dubhairt sé go gcuirfeadh síos go
tig a dhearbhráthar í agus go mbeadh fhios aige cad a bhí ar siubhal thíos acu (nó ag an muintir thíos). Do chaith sé amhras ar a dhearbhráthair. D'fhiafhruigh sé dho a' mbeadh slighe aige don gcófhra go ceann seachtmhaine, go raibh sé sa tslighe air féin. Dubhairt a' dearbhráthair leis go raibh slighe a dhóthain aige dho, an fhaid badh mhaith leis é dh'fhágaint. Chuir sé chuige an cófhra agus d'imthig a' stracaire agus thug sé leis beithidheach agus do mhairbh agus do bhain sé an croiceann di. "B'fhéidir," adubhairt sé, "gur cheart dúinn féachaint sa chófhra so." "Féach cad tá ann." D'osgail sé an cofhra. Is amhla' bhí an tseana-bhean annsan istig agus a lón le n-a hais, 'rán is feoil. Do rug sé ar bhlúire don bhfeoil agus ar chnáimh agus sháig sé siar (iad) 'na béal, is dócha, agus do thacht sé í. Dubhairt sé ná beadh sí ábalta ar aon sgéal nódh innsint nuair raghadh sí thar n-ais. Chuaidh an dearbhráthair annsan agus thug sé a bhaile an cófhra go mbeadh fhios aige cad é an sgéal a bhí le hinnsint aici. Nuair osgail sé an cófhra is amhla' bhí sí marbh. Bhí cnámh 'na béal. "Mhuise," ar seisean, "tá aithreachas orm tu chur ann. Ní'l so ná súd agam," 'sé sin, go raibh sé gan a mháthair agus go raibh sé gan fios. Cuireadh annsan í agus an oidhche chéadna d'imthig a' stracaire seo agus do thug sé leis í as an uaig agus do cheangail sé aige dorus a mic í, agus, nuair éirig a' cailín ar maidin agus d'osgail sí an dorus, nuair a chonnaic sí an tseana-bhean a cuireadh indé roimis sin, gur thuit sí as a seasamh. Tháinig a' buachaill
annsan agus do ghlaodhuig sé ar fhear a' tighe agus dubhairt sé go raibh a mháthair sa dorus. Nuair éirigh sé agus do chonnaic sé í, n'fheadair sé cad a dhéanfadh sé agus cad do thug thar n-ais chuige í. Do ghaibh sé an dorus iadhta amach agus chuaidh sé síos go dtí n-a dhearbhráthair agus dubhairt sé leis go raibh a mháthair thuas agus cad do dhéanfadh sé léithi, agus dubhairt a' stracaire leis go gcuirfeadh sé féin do í acht dhá phúnt do thabhairt do. "Cuir doimhin go maith í," adubhairt sé, "ar eagla go dtiocfadh sí aríst." D'árduig sé (.i. an stracaire) leis í. Níor chuaidh sé ró-fhada ó bhaile léithi nuair a chuir sé i n-áit éigin i bhfolach í nó gur tháinig an oidhche agus thug sé leis thar n-ais í agus do cheangail sé i ndorus thig na mbath í. Nuair a chuaidh a' cailín ar maidin ag crúdh na mbath do chuir sí ins a' rith isteach go dtí n-a máighistir agus dubhairt sí leis go raibh a' tseana-bhean amuich aríst. "Ó, imthig ort síos," adubhairt sé, "go dtí an stracaire úd aríst, agus abair leis í chur níosa dhoi'nne ná chuir sé aréir nó mara gcuirfidh cuirfidh sí amach as a' dtig mé." D'árduig an stracaire leis í agus fé mar dhein sé roime sin níor chuaidh sé ró-fhada ó bhaile léithi. D'fhág sé annsan í nó go dtáinig an oidhche agus cheangail sé i n-áirde ar dhrom capaill óig í agus d'imthig a' capall ar fuaid na ngort fiadhain agus do rith sí tríd a' mbaile agus nuair a fuair sí an dorus osgailte do rith sí isteach ins a' tig, agus nuair a chonnaic bean a' tighe í do sgréach sí agus dubhairt sí go mbeadh sí 'á leanamhaint go deó, mar ná raibh aon cheart acu í
chur in chófhra ná í chuir a' faire ar a' bhfear bocht, mar ná raibh aon chúis air: "'Sé mo chomhairle dhuit," adubhairt sí le n-a fear, "an áit go léir a dh'fhágaint aige agus leigint do bheith 'á cur, mar is chughainne atá an t-olc aici. Tá ár ndóithin 'on tsaoghal againne agus raghmaoid i n-áit iasachta agus ní leanfaidh sí níos mó sinn." Bhí a dhóithin 'on tsaoghal ag an bhfear bocht (.i. an dearbhráthair bocht) 'na ndiaidh, i bhfarradh a shíbhialtacht'. B'é an stracaire an fear a dhíol sé na chúig phúint as. Níor chaill fear a' mhisnig riamh é. XVI. - AN CNOICÍN GARBH FRAOICH. Séamus Ó Conchubhair Dhúin Chuinn cct. I. Lá breagh aoibhinn grianmhar Ag trácht an bhealaigh siar dam 'Seadh casadh me sa Tiarthacht I bhfad amach ón tír, An áit a bhí ceol aiges na héanaibh 'S iad ag fiasgar ar a' bhféar ghlas; Iasgarnaidhe 'na gcéadta 'S iad ag preabarnaig sa líon. II. Bíonn a' crann go bleacht fí bhláth ann, An creabhar, a' lon 's a' bárdal, A' brannda 'teacht thar sáile I n-a cheasgaibh ann is fíon;
Bíonn na muilt gan saill le háireamh Ó Shamhain go Féilt' Shin Seáin ann, 'S ná samhluig feasda an áit sin Le cnoicín garbh fraoich. III. Ní fhásann ribí geamhair ann; Ní'l stáca tuighe ná a hadhbhar ann; Ní gnáthach muca reamhra Ar a'margadh ann dá ndíol, Acht árus gol is amhgar Gach lá den tseachtmhain allta ('S an áit anois ná samhluig Le cnoicín garbh fraoich.) IV. Nach náireach an bheart don té deir Ná fásann pluma ar ghéig ann, Ubhla buidhe ná sméara Ná tortha i ngáirdín, Acht gleannta mára is maol-chnuic Go reamhruigheann siuc le daor-ghoin 'S le fuacht gur theich an naosgach Ód chnoicín garbh fraoich. V. Ní bhíonn lachain ann ná bárdail Ná banbh ag an gcráin ann; Ní'l siorrach ag an láir ann Ná leanbh ag an mnaoi; D'fhonn deire chuir lem dhánta Caithimíst uainn go lá é - Fé thuairim saoghail is sláinte Do chuilleachtain an tighe.
Aguisín. Tá innsint eile ar chomhad na céad cheathramhan, mar atá: Mar a mbíonn mórán dos na héanlaithe A'claoidhsgairt ar a' bhféar glas Agus éisgíní 'na gcéadta Ag preabarnaig sa líon. XVII. - AG OBAIR SA TIARACHT. Fear a bhí ag obair sa Tiaracht t'réis a sé, má oibreoghadh sé gheobhadh sé breis pháidh an lá san. Ceann dos na tráthnóntaí oibrigh sé t'réis a sé. Do chonnaic sé an caisleán breágh dá thógaint ar a' dtaobh eile 'chluas do (.i. bhí an taoide eatorra). Do shuidh sé síos ag féachaint air. Bhí fearaibh go leor a' tógaint a' chaisleáin le caipíní dearg' ortha. Bhí dréimirí acu agus stáitsí go leor agus iad ag caint agus ag glisiam (.i. caint ná tuigfeá, ar shlighe) leótha, agus ní' thuig sé aon fhocal dá bhárr ar cad do bhí ar bun acu. Bhí an caisleán timcheall céad troig ar aoirde acu. Ligeadh gal beirbhthe deataig trí n-a lár i n-áirde agus imthigh sé (.i. an gal) air i n-áirde ins a' spéir. Nuair a bhí san déanta tháinig gáiridhe móra geala ortha. Thuit a' caisleán annsan i ngabhal a chéile. Sin é an uair a bhí an glisiam go léir acu. Imthig a' fear air annsan a bhaile agus ní' oibrig aon lá eile t'réis a sé a chlog tráthnóna i bhfad a bhí sé ag obair ins a' Tiaracht. XVIII. - AN GUTH. Bhí m'athair oidhche a' teacht ón nDaingean. Ní raibh aon duine le n-a chois acht é fhéin. Timcheall dhá bhliadhain déag ó shoin a thuit sé seo (nó an sgéal so)
amach. Annsan aige barra an Chlocháin 'deir seo agus a' Daingean do iompuigh sé isteach ar thaobh a' chloidhe chuin a phíopa do dheargadh agus do dhearg sé í chuin gal tobac a bheith aige. Nuair a iompuigh sé amach ó thaobh a' chloidhe annsan agus a' phíop 'na bhéal agus í dearg aige, ní' mhoithig sé sé seoid go dtí 'mbuineadh as a bhéal an phíop agus buaileadh ar lár a' bhóthair ar a aghaidh amach í. Tháinig faitchíos muar annsan air agus sheasaimh sé suas díreach agus d'fhéach sé ar a' bpíop. Ní leigeadh eagla dho ísliughadh chun í thógaint. Do labhair an guth annsan leis agus dubhairt leis an phíop do thógaint. Do íslig sé annsan agus thóg sé an phíop. Chuir sé do annsan do tiugh te. I mí na Samhna ab' eadh é agus bhí mórán sneachta ar thaobhanna an bhóthair agus timcheall le sé a chlog tráthnóna 'seadh thuit sé seo amach air. Tógadh leis ins a' sneachta agus cuireadh ar a dhá ghlúin é. Do chuala sé annsan na gáiridhe go léir ar a' maolchnoc (.i. cnoc ana-íseal go léir, erball cnuic). Do éirigh sé 'na sheasamh annsan agus chuir sé dho thar n-ais agus taidhbhsigheadh do go raibh daoine an domhain leastuas do ar a' maolchnoc agus eagla a dhóthain air. Nuair a tháinig sé go Ceann Trágha annso anuas (ar a shlighe a bhaile, atá 'fhios agat) do imthig a' t-eagla dho annsan toisg é bheith luath san oidhche. 'Deir Ceann Trágha agus a bhaile féin tháinig a' t-eagla aríst air agus lean sé dho go dtí chuaidh sé isteach i ndeiméind an Chaisleáin (.i. Caisleán Ráth' an Fháin). Le linn an cloidhe chur do isteach ón mbóthar do labhair a' guth aríst agus dubhairt leis dul a bhaile anois agus ná(ch) baoghal do. Aithin sé fuaim na cainte agus ní 'niseadh sé cér bh'é féin i n-éa'-chor - fhág sé na' héinne dall air sin.
XIX. - SAIGHDIUIRÍN SINGIL. I. Saighdiuirín singil mé briseadh as gárda an ríogh; Ní fiú dhá phinginn me thiubharfainn ar cháirtín dighe; Go mbuailfinn a' droma 's go seímfinn a' chláirscach bhinn; 'S gur thíos i gCill Dara do sgaras le grádh mo chroidhe. II. Gur thíos i gCill Choinne tá an innir-bhean áluinn óg Go bhfuil a cuacha léi ar sileadh ag tuitim go sál a bróg, Go bhfuil beirt agus fiche ag tuitim le grádh dhá póig, 'S mise an tríomhadh duine fichead 's cér mhisde mo shláinte dh'ól? III. Is mísle póg Bhidí ná uisge Loch' Léin ar fad Ná an chéad rith chun gcuirneacht 's í bheith fuinte le céir-mhil bheach; Gur gile í a borlach ná an ala 'na luighe ar a nead; A rós-béilín meala gur mheall sí na céadta fear. IV. Ó, raghad-sa go Sasana, ceannógha mé trúinncín óir; Mo long ar a' bhfairrge i dtaiseal 's ag déanamh stóir: Má ráinigheann liom casadh 's go bhfeicfead arís mo stór, Go suidhfead 'na haice 's go dtiubharfad dá béal deas póg. XX. - AN SGAILP CHEOIG. Nuair a bhíos im gharsún beag bhí ana-éileamh agam ar chluiche cártaí d'imirt. Do bhain m'athair na huain do dheol. Chuir sé síos fé bhun a' bhaile iad ar thalamh íseal. Lá Domhnaig a b'eadh é. Dubhairt sé liom
fhéin pé ní dhéanfainn nó ná déanfainn na caoire thabhairt liom ón gcnuc an oidhche sin sar a raghaidís go dtí-s na huain. Ch'nnoc fhéin na cártaí dá n-imirt aige daoine eile ar a' mbaile. Do ghlac dúil mé fhéin ins na cártaí agus do chuas dhá n-imirt comh maith leo. Tráthnóna déidheanach n'fheacaidh m'athair na caoire ag teacht ón gcnoc agus do ghlaodhuig sé orm fhéinig féachaint cá rabhas. Do fhreagaruigheas féin é, mar do chuala an glaodhach aige agus thánagh chuige agus leisge mhuar a bhí orm na cártaí d'fhágaint. Dubhairt sé liom annsan imtheacht agus na caoire thabhairt liom ón gcnoc. D'imthigheas fhéin le leisge mhuar chun a' chnuic. Bhí na caoire bailighthe agam le chéile ar bhlach a' chnuic. Bhí sé 'deir lá agus oidhche an uair sin (.i. an chonntráth), agus le n-a linn sin do thuit sgailp cheoig, agus ní fhéadfainn soir s'ochus siar d'fhisgint ná a dhéanamh amach. Ní raibh éinní annsan agam le déanamh acht suidhe síos ar phort agus bheith a' smaoineamh liom. Dubhairt annsan liom fhéin go raibh na caoire imthighthe as mo shlighe agus go mar'óghadh m'athair mé nuair a raghainn a bhaile agus thar n-ais aríst do thuigeas gur bh'é mo dhóithin cúraim féin an baile bhaint amach, mar do bhíos beag óg an uair sin gan puinn céille. Do éirigheas im sheasamh annsan chun dul a bhaile agus i n-ionad t'itim ar thaobh a' bhaile don gcnoc (.i. ar mo thaobh féin don gcnoc) cá 'imtheoghainn acht ar a' dtaobh eile don gcnuc toisg an ceo a bheith ann. Taidhbhsigheadh dam go rabhas ag déanamh go maith, agus ní mar sin a bhí agum acht do chuas as m'eolus. Nuair a chuas as m'eolus bhí deire liom go léir. Ní raibh éinní le déanamh agum acht t'itim (nó imtheacht) le fánaidh an chnuic. Taidhbhsigheadh dam go bhfeaca solus tamall uaim. Do imthigheas fé bhrághaid a'
tsoluis. Dar liom go'b é mo bhaile féin a bhí agam, agus ní' bh'é, acht tig beag aduighthe (nó tógtha) i gcliathán an chnuic. Do chuas isteach in tig annsan. Ní raibh éinne istig romham acht seana-bhean a bhí ins a' chúinne. Do dh'fhiafhruigh sí dam cad a thug annso mé. Do 'niseas mo sgéal di ó thúis deire. "Mo ghraidhin tú, a gharsúin bhoicht," ar sí sin liom; "gur'b olc an áit a thug do chosa thu!" Do chromas fhéin annsan ar ghol agus dubhart léithi mé fhágaint istig, má b'fhéidir léithi i n-éan-chor é. Do ghlac sí truagh dham agus dubhairt sí liom go bhfágfadh. "Ná fic a gcífhir agus ná clois a gcloisfhe tú," ar sise. Dubhairt sí liom annsan suidhe ins a' chúinne tamaillitín agus mé fhéin do théidheamh le teine bheag a bhí ann. Nuair a bhíos téidhte annsan, dubhairt sí liom dul i n-áirde ar lochta beag bhí i n-íochtar a' tighe agus do chuas i n-áirde tríd a' (nó ón) dréimire ar a' lochta. Do shíneas siar annsan i leabaidh mhóir bruis a bhí ar a' lochta. Ní fada bhíos sínte nuair a tháinig fear muar isteach a' dorus. Do fhéach sé timcheall a' tighe agus fhiafhruigh sé do n-a mháthair (.i. an bhean a bhí istig) a' dtáinig éinne isteach ó imthigh sé féin amach. Dubhairt a mháthair nár tháinig. Do chuala féin a' chaint go maith mar ná(ch) codladh ná suan do bhí 'á thaidhbhreamh dam. An fear do tháinig isteach do imthigh sé amach annsan agus do ghlaodhuig sé ar a thuille fearaibh agus dubhairt leótha an beithidheach do thiomáint aníos anois. Nuair a tháinig an beithidheach go dtí an dorus aiges na fearaibh do tháinig an chéad fhear isteach aríst agus rug ar a' dtuagh bhí sa chúinne agus dubhairt leótha an
beithidheach do thiomáint isteach anois agus, le linn í bheith ag cur an doruis isteach di, bhuail sé i gclár an éadain le buille 'on tuaig í agus do mhairbh. Tarraigigheadh isteach annsan i lár a' tighe í, agus annsan a chonnac go raibh triúr fear mhuar láidir ann. Do chromadar (ar) an croiceann a bhaint de. Nuair a bhí an croiceann de do theastuig rud éigin uatha bhí ar a' lochta, an áit go rabhas fhéinig im luighe. Nuair a chonnoc an dréimire i n-áirde chugham, do tháinig eagla mhuar orm. Do éirigheas im shuidhe agus súd amach trí fuinneog na binne (nó tríd an fhuinneoig) me bhí i gcoinne an chnuic. Nuair a chonnaic an fear ag cur díom mé do chuir sé aon ghlam amháin as agus dubhairt sé go rabhadar crochta anois ú riamh. Sin é an méid do chuala féin acu dá rádh. Súd liom le fánaidh a' chnuic agus ní chífhinn cá chuirinn mo chos le ceo agus le hainneise agus is gearr go gcuala an triúr im dheabhaidh agus iad dá rádh: "Ní bhéarfaimíd air; tá an oidhche mós drucha." Bhí mo chroidhe go dtí an béal agam féin; dar liom go mbeadh beirthe orom nach haon nóimit. Do ráinig liom dul ar phort an áit a bhí cruach mhóna. Do tháinigh sé im cheann, agus is dócha gu'bé Dia chuir im cheann é, ísliughadh síos agus síneadh siar cois thaobh na cruaiche agus trí ú ceathair de fhódaibh móna do tharrac amach ó n-a bonn. Do thuit a' chruach mhóna annsan anuas orm agus do chlúduig me go léir. Nuair a bhí na triúr bitheamhnaig cortha traochta ó bheith 'om lorg, do thán'adar ar a' bport agus do shuidheadar ar a' móin a bhí leacatha agus mise thíos fútha agus dubhradar le chéile go raghaidís a bhaile agus go gcuirfhidís an beithidheach as a lámha, mar dubhradar gur'b amhlaidh a chuas-sa i bpoll portaig agus go bhfanfainn ins a'
pholl go maidin, annsan go mbeidís 'om lorg aríst le breacadh an lae. D'imthigheadar annsan. Ní fada bhíodar imthighthe nuair a éirigheas féin amach ón móin. Do chuireas díom thar n-ais agus ní' aithnigheas cá rabhas go dtí 'dtánagh anuas go dtí baile go dtugann siad Baile Mhuithín air (.i. i ngar do Bhaile an Éanthaig). Sin é an uair aithnigheas cá rabhas, mar do raibh an lá ag breacadh. Chuireas an abhainn díom annsan agus Bóthar na Mine aníos agus a bhaile liom annsan. Do thug muintir mo thighe an oidhche go léir 'om lorg uair ná rabhas aige baile ins an am cheart. Bhí eagla orm fhéin go mar'óghfaidhe mé. Ní' cuireadh aon chuir isteach orm, acht áthas muar do bhí ortha me theacht a bhaile slán folláin gan gortughadh gan maisleadh. Sin é mo sgéal-sa. XXI. - CÁIT NÍ DHUIBHIR. I. Tá lios ar a' bhfáinín maolchnuic go haorach annso i gceann mo thighe; Is moch gach maidin gréine do bhíonn an spéirbhean ann agus í 'na suidhe; Bíonn leabhair aici den mBéarla agus beagáinín den Ghaodhlainn tríd, Agus é i bhfront 's i dtúis gach bhéarsa go mbeidh Éire fí Cháit Ní Dhuibhir. II. Go raibh míle dath 'na clóicín 's a cóitín ar dhath an fhraoigh; Go raibh gúna den bhfaision nódh uirthi, an sórt úd do bhí ar inghin a' ríogh:
'Sé dubhairt sí, "Suidh síos, 'óigfhir, nóimitín, is ní dhéanfam moill;" Agus go raghainn-se aríst i n-óige, dá mbeinn pósta aige Cáit Ní Dhuibhir. III. Aréir 'seadh do hinnseadh sgéal dam do léar-ghoin is do chrádhuig mo chroidhe, Go raibh crann don chuileann chraobhaig fí shéapail ag teacht fí'n ríoghacht, Go n-éireoghaidh Clanna Gaedheal suas is go léimfid siúd go hárd a' cloidhe, Ó líon an gleann so de bhéaraibh go mbeidh Éire fí Cháit Ní Dhuibhir. IV. Tráthnóinín beag déidheanach 's mo thréadta agam dá bhailiughadh liom ón dtuinn, Cois leathtaoibh cnuic im aonar 's is gléasta mar bhíodh mo rí, An chuach, a' druid 's a' naosgach fé phléisiúr ag teacht fém dhín, 'S nach binn mar sheímfinn bhéarsa dá mbeadh Éire fí Cháit Ní Dhuibhir. V. Is bean ró-mhór i bpéin me agus mo chéile gur chuaidh i bhfad tar tuinn; Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid 's gan baoghal dam go bhfuil aon phreab 'na gcroidhe: Ní'l aon óigfhear a shuidhfeadh taobh liom 's do dhéanfadh dam fhéinig díon Ná go dtubharfainn talamh saor do agus an tréan-mhuir go léir gan chíos.
XXII. - FEAR A FUAIR BÁS AGUS ÉIRIGH SÉ. I bparóiste Lios Póil ar a' dtao' thoir de Dhaingean do bhí fear ann do fuair bás. Bhí an tórramh air agus nach héinní (nó gach ní) do leanann bás ar a' slighe sin. Is amhlaidh a sgiobadh é aiges na daoine maithe. Do réir mar thuigimíd fuair sé bás go háirithe agus tórruigheadh é. 'Seadh, nuair a sgiobadh é tógadh isteach i lios é. Nuair a bhí sé acu annsan ar shlighe ná féadfadh sé imtheacht ón lios uatha do fhág dream na leasa an lios an oidhche sin 'dul i n-áit éigint eile acht éinne amháin fhágadar i mbun na leasa. Bhí sé seo istig annsan agus é 'na bheathaidh comh maith agus ná raibh sé riamh 'na shaoghal nó 'na shláinte agus fear pósta b'eadh é agus dubhairt sé leis fhéinig gu' bh'ait an rud má ch'neoghach (= choingeobhadh) éinne amháin é gan a bhean agus a lean'aí bhaint amach thar n-ais. Do thaidhbhsig an lios do bheith 'na thig muar istig ann. Bhí dóirse agus fuinneoga air. Do chuir sé 'un dul amach an dorus agus stop an fear a bhí istig é agus dubhairt sé leis ná caithfheadh sé an tig d'fhágaint agus do dhún a' dorus air. Tháinig smaoineamh eile ins a' bhfear annsan nuair a chonnoc sé an dorus dúnta go raghadh sé amach trí cheann dos na fuinneoga agus do chuir chuige. Má 'seadh do stopadh é - do stop an fear so é agus labhair sé annsan leis a' bhfear so cadé an chiall ná leigfheadh sé a bhaile é nó cadé an choir a bhí déanta aige a rádh go gcoinneoghfidhe ó n-a bhean agus ó n-a chlann é. Dubhairt fear na leasa leis ó tugadh 'in lios é ná raibh aon dul aige air an lios fhágaint. Do shmaoinigh sé annsan ar feadh tamaill agus dubhairt sé annsan le fear na leasa, "dar liagh, mara raibh aon duine chuin é choinneáilt ins an lios acht é sin ná beadh
sé ábalta ar é ch'inneáilt " - le n-a linn sin do bhuail fear na leasa sgamall ar na fuinneoga agus ar na dóirse ar a' slighe sin ná feadair sé cá raibh dorus ná fuinneog thar n-a chéile. Cad do dhein sé annsan nuair a chonnaic sé go raibh sé greamuighthe comh muar acht fear na leasa do bhualadh le dornaí cruadha. Súd beirt acu annsan le chéile - ó íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain n'fheacaidh éinne acht an tiomáint a bhí acu. Do ghortuigheadar fhéin a chéile agus i ndeire na feide agus iad traochta amach i n-íochtar a' tighe do bhí saitheach (= soightheach) ann do bhuinis le muinntir a' leasa agus é lán do stuif éicint má cuirfidhe fét shúil é do thubharfhadh radharc thar radharca dhuit. Do bhuail mo bheirt i gcoinne an tsuithig (= tsoighthigh) agus suathadh (.i. corruigheadh) a' saitheach. Éirig stramhach agus chuaidh sé fé shúil in fhir go dteastuig uaidh imtheacht agus nuair a chuaidh sé fé n-a shúil do chítheadh sé an saoghal go léir. Chonnuc sé an dorus agus na fuinneoga annsan comh maith is go bhfeaca sé sar a' cuireadh an sgamall ortha. Osgail sé an dorus agus n'fhéadfadh fear na leasa é ch'neáilt ná aon dul aige air. Súd leis a bhaile annsan a' déanamh ar a' dtig. Le iongantas muar chonnuc sé an tsochraid a' fágaint a' bhaile. Dar leis féin cé bhí marbh ó tógadh a' bóthar é. Do bhuail fear leis. Do fhiafhruigh sé don bhfear cé' bh'é an corp do bhí 'á chur indiumh. Dubhairt a' fear leis gu' bh'é a leithéid sin d'fhear a' tabhairt a ainm agus a shloinne uaidh. "Má'sé sin an corp," ars' an fear eile, "mise é sin, agus ní'lim marbh fós." Chuir sé iongantas muar ar a' bhfear eile an chaint adubhairt sé, mar, 'roshon (= ar a shon) é theacht 'on tsochraid, ní raibh aon aithne muar aige air.
"'Seadh," is (= ars') é sin leis fhéin, "fanfha mé ins an iothla go dtí 'mbeidh an corp curtha." Sin é an uair a thuig sé gu(r) tógadh é féinig chun siubhail agus go gcuireadh duine eile dá ionad aige lucht (nó muinntir) na leasa. Nuair a bhí nach héinne imthighthe ón mbaile agus a' corp curtha san uaig, chuaidh sé isteach 'na thig féin, agus an té bhí i mbun a' tighe thuit sé i bhfanntais nuair a chonnaic sé é, mar tuigeadh do gu(r) cheart do bheith curtha ins an uaig an uair sin. Súd leis a' lorg uisge agus éinní eile tuigeadh do a dhéanfhadh maitheas don té bhí ins a' bhfanntais. Do tháinigh sé chuige féin i náimhín bheag aimsire. Dubhairt an fear eile leis annsan a' cuir misneach air ná raibh sé féinig marbh i n-éa'-chor agus gan aon eagla do bheith air. Labhradar féin le chéile annsan agus do 'nis an fear a tháinig cad do thuit amach air fhéinig do. Adubhairt a' fear eile leis go raibh sé caointe tórruighthe annso le (dh)á lá agus (dh)á oidhche. Do chuaidh sé imeasg na háite annsan cad do bhí t'itithe amach agus iongantas muar ar nach héinne mar gheall air. Chuin sgéal geárr a dhéanamh do, ní raibh aon áit go raghadh an fear ná cítheadh sé na daoine maithe ar aonach nó ar mhargadh leis a' radharc a bhí ins a' tsúil aige t'réis na leasa. Lá dos na laetheanta ar pháirc an aonaig do chonnoc sé na daoine maithe chuige, agus bhí úncal do ar dhuine aco bhí curtha le bliadhanta roime sin. Labhair a' t-úncal leis agus fhiafhruig do a' gcíonn sé na daoine maithe fós comh maith leis an uair do bhfág sé an lios. Dubhairt leis go gcíonn sé iad ó son (nó soin) anuas. Thóg a' t-úncal a' dorn, bhuail sa tsúil é agus chuir ar a bhais chuige í.
"'Seadh," is (= ars') é sin, "ní chífhe tú éinne acu go deó aríst!" Fuair sé a shaoghal comh fada le aon fhear eile timcheall air, thug sé baodhachas le Dia an tsúil do bheith as sa chuma ná cítheadh sé éinne aco go deó aríst. Sin é mo sgéal-sa; i dtao' de chéad bliadhain a thuit sé amach. XXIII. - SPRID I bhFEIRM CHÚ (.i. bhfuirm chon). 'Deir Cheann Trágha agus an Daingean tá áit (.i. páirt) don mbóthar a dtugann siad Claiseacha na Gainmhe. Cítí mórán sprideacha agus púcaí ann. Bhí ana-droch-ainm air agus go deimhin ní'l an ainm ró-mhaith fós air. Do chuala go raibh fear a' teacht ón nDaingean tráthnóna samhraidh sar a raibh an ghrian i bhfairrge. Do bhuail an sprid leis i bhfeirm chú (= i bhfuirm chon). Bhí sé ag marcaigheacht ar chapall iallaite. Do dhein an chú air chuin é stracadh anuas don iallait. Dhein sé a dhícheall a d'iarraidh a ghreim do choinneáilt sar a stracfaidhe anuas é. Do chuaidh sí ana-dhian air. Do chrom sé ar liúirig annsan agus eagla mhór air go mar'óghadh sí é. Do bhí capall iallaite eile ceathramha mhíle roimis amach. Do chuala sé an liúirig a bhí 'na dheabhaidh agus dubhairt sé le n-a bhean do bhí ar a chúlaibh go gcasfadh sé an capall siar agus go mbeath fhios aige fáth an liúirig (= na liúirighe?). Dubhairt a bhean leis gan bacamhaint leis, mar gur dócha gur bruighean a bhí ann agus gur bh'fhearra dhóibh dul a bhaile. Bhí an liúirig a' neartughadh agus a' neartughadh agus a' dul i n-ana-bháthacht. "Dar liagh," ars' an fear le n-a bhean, "tá'n lá fós againn agus casfa mé an capall siar," agus do chas.
Nuair a tháinigh sé i radharc an duine seo do bhí 'na dheabhaidh chonnoc sé an chú a' tabhairt nach haon léim' i n-áirde ón dtalamh chuige a d'iarraidh é tharrac anuas, agus nach haon liúgh úrnaidhe aige. Do chomáin sé (.i. an fear do chas siar air) an capall annsan a' sodar chun cúngnamh do thabhairt don bhfear do bhí ins a' ghreim. Ní' imthig a' cú ón bhfear go raibh sí a' gabháilt do go dtí 'dtáinig a' tara fear suas. Do léim sí isteach thar cloidhe annsan. Do bhí éadach an fhir go léir stracaithe aici agus é féinig i ndeire na feide. Dubhairt nach héinne do chualaidh é, mara mbeadh an tarna (nó tara) fear do chuaidh 'uin cabhrughadh dho, go mar'óghadh sí é. XXIV. - AN GEARALTACH MUAR. I. Nuair a ghaibh an Gearaltach muar ó Bhaile an tSléibhe 'nuas go ceannasach, Ní fhágfadh sé Mainíneach thuaidh ná buineadh sé fuaim le n-a mhaide as. II. Nuair a ghaibh an Gearaltach muar ó Bhaile an tSléibhe 'nuas go ceannasach; Chuir sé crothadh 'na láimh go gcritheann a' tráig le heagla.
III. Nuair a ghluaisigheann saor Mháiréad agus caora bhreágh réidh ar a bhacalainn, Go gcuirfeadh sé blúire an sg'léid de agus d'óladh sé féin a' t-anairthe. IV. Ghluaisigheadh gabhar ón gCam agus thagadh sé ar bharra na páirce; Ghluaisigheadh fear sgilling 'na dheabhaidh 's is geárr gur gabhar chuin fáin é. XXV. FIDEOGA AGUS DROMA SÍDHE. Fear ó Chathair Builg do bhí 'á rádh liom. Dubhairt sé go raibh ceathrar nó cúigear nó b'fhéidir seisear ag imirt chártaí go dtí a dó-dhéag a chlog istoidhche. Nuair a stadadar annsan éirigheadar go léir amach i dteannta a chéile. Bhí an oidhche ana-bhreágh, agus bhuaileadar a ndrom le binn ar feadh cúpla nóimint a' féachaint timcheall ortha, ó bhí an oidhche cómh breágh. Taidhbhsigheadh do fear (nó dhuine) aco go raibh glór istig ins a' tig go rabhadar ag imirt na gcártaí. Do chuaidh fear a' tighe isteach féachaint cad do dhein a' glór. N'fheaca sé aon ní. Ní raibh aon ní leacaithe istig ná amuich. Do chuaidh sé amach go dtí an dream eile annsan agus dubhairt sé leótha go raibh nach haon-ní sa chuma chéadna fé mar bhí nuair a fhágadar é, pé rud do dhein a' glór ná feadair sé fhéin sin. Le n-a linn sin do chualadar a' ceol lastuas don mbaile fé mar a bheadh fifes agus drum. Do tháinig iongantas ortha an t-am san (nó an dtacaid sin) don oidhche cad do thiubhradh aon cheol ann. Dubhairt duine
aco leis a' gcuid eile go raghaidís fé n-a bhrághaid. Dubhairt fear eile é ghlacadh bog, mar nár bhain sé leótha. Dubhairt fear eile ná' bh'aon cheol saoghaltach é, 'roshon (.i. ar a shon) cúigear nó seisear acu bheith i dteannta a chéile. Do tháinig eagla a ndóthain ortha, mar do ghaibh sé anuas i lár a' bhaile cómhngarach go leor dóibh. Do dh'imthigheadar isteach 'in tig agus ní' fhág éinne acu é go dtí maidin geal a' lae. XXVI. - LIATHRÓID SÍDHE. Bhí triúr fear ag dul go tig cuirp tráthnóna luath ins a' ló. Bhíodar a' gabháilt cómhngar guirt chuin tighe an chuirp. Buaileadh an liathróid rómpa. Do chualadar 'á bualadh í, acht n'fheacadar cé bhuail í agus bhí éinne amháin den triúr ná feacaidh i n-éa'-chor í. Cuireadh ar a' slighe rómpa féin í agus ní leigeadh eagla dóibh teangamhaint léithi, mar tuigeadh dóibh gur rud ana-ait é, a leithéid sin. XXVII. - AN LEATHAN-CHUILT. I. 'Sí an leathan-chuilt atá Le fada 'nois ar láimh Agus í tarraigthe i bhfráma bítse, Gan cnaiste, gan cháim, Gan mhairg ó n-a lár Agus í oibrighthe le snáithín síoda. II. Bhí diamonds 'na lár 'S í tuilte d'órnáimh, Agus í oibrighthe le snáithín síoda;
Molaim-se go bráth 'Té casfaidhe i n-a lár Ar thearmainn Sheaáin agus Shíle. III. Ní'l aon inntleacht ná stairs Ins an tír seo le teacht Ná fuil bainte uirthi go greanta córach: Caoire 'gus bath Agus laoigh le n-a n-ais, Flít agus airm Sheoirse. XXVIII. - CAILÍN ÓG A' TIGHE AGUS NA BUACHAILLÍ BÁNA. Bhí fear bocht ann fad ó, is minic a bhí, tá fós agus beidh go deó. Bhí sé pósta. T'réis pósta dho ní raibh aon slighe bheatha aige acht garrdhaidhe beag i n-iumall cam (= com .i. lag) cnuic, asailín agus cairt. Do thosnuigh sé annsan a bheith a' briseadh an chnuic. Bhí a chlann ag eiriughadh. Tuigeadh do go raibh dul i neart ins a' tsaoghal. Do dhíol sé an t-asailín agus cheannuigh sé miúil, agus bhí sé ag oibriughadh leis go 'ana-mhaith go léir, a' libhéaladh a chnuic leis agus é 'déanamh mórán cuireadóireacht'. Bhí an mhiúil aige an uair seo. I gcaitheamh na haimsire aríst bhí breis mheasa aige a' teacht air fhéin. Dhíol sé an mhiúil agus cheannuigh sé capall. Annsan do fuair sé buachaill aimsire aríst. Bhí sé 'déanamh obair an domhain annsan. Do cheannuigh sé an tara capall ar a' slighe sin go raibh feirm aige chothuigheadh do daichead bó bhainne agus áirithe beithidhig seasg agus caoire leis agus mórán gabhar ar a' gcnoc.
Ní raibh aontaighe comh flúirseach (nó iomadamhail) an uair sin is tá siad anois. An t-aonach is cómhngaraighe do bhí dho, bhí sé ó n-a daichead go dtí deich míle is daichead uaidh. Do dh'imthigh sé lá chun an aonaig agus (nó le) fiche éicint beithidhig aige chun díol, a mhac agus a bhuachaill aimsire le n-a chois. Do chaith sé fágaint lá nó dhó roimis lá an aonaig, toisg an t-aonach a bheith comh fada bhuaidh. Is a' tsamhradh b'eadh é. Bhí a inghean agus bean chrúidhteacháin agus an cailín aimsire a' crúdh na mbath ins a' mhacha nuair a ghaibh chughtha bean agus dar leótha go raibh a ceann agus a cosa nách muar buailte ar a chéile agus í 'snáimhseáil agus a' fuar-chásamh, agus do lorg sí lóistín na hoidhche ar chailín óg a' tighe. Dubhairt a' cailín óg léithi ná tubhradh sí aon lóistín do éinne anocht ná i mbárach, mar go raibh a hathair agus a dearbhráthair agus a' buachaill aimsire imthighthe ar an aonach le stoc agus nár mhaith léithi aon stróinséir do fhágaint istig, acht dubhairt sí léithi suidhe síos annsan agus go dtubhradh sí a dóithin aráin is bainne le n'ól agus le n'ithe di, agus do shuidh sí síos agus do ól sí agus ith sí a dóithin. Nuair a bhí san déanta aici, do lorg sí aríst ar chailín óg a' tighe í fhágaint istig. Dubhairt a' cailín óg aríst 'á teiteach ná fágfhadh, mar go ndubhairt a hathair léithi, nuair a bhí sé 'fágaint, gan aon duine fhágaint istig go dtiocfadh sé fhéin thar n-ais. "Táim cortha traochta," ars' an bhean, "agus iarraim ort i gcúnntas Dé me fhágaint istig i gcóir na hoidhche, agus ná déanfha mé aon díoghbháil 'á bhárr duit." Do bhog a' cailín óg annsan agus dubhairt léithi go bhfágfadh sí istig í. Chuaidh sí isteach 'in tig annsan. Shín sí siar sa chúinne ar bheart bruis a cuireadh chúighthi
chun leabaidh agus do bhí nach haon "Dia lem anam" aici. Nuair a chuaidh cailín óg a' tighe a chodladh annsan, do dhaingean (.i. do dhún) sí na dóirse go maith. Bhí an cailín aimsire imthighthe a chodladh roimpi. Bhí sí féinig (.i. cailín óg a' tighe) ar a glúinibh a' rádh paidreacha i ndeabhaidh a' cailín aimsire do bheith 'na codladh (nó do bheith imthighthe a chodladh). Nuair a bhí a paidreacha ráidhte aici annsan do fhéach sí (.i. cailín óg a' tighe) trí pholl a' ghluis féachaint cad é an sgéal do bhí aige bean bhocht a' chúinne. Do leath a (dh)á súil uirthi nuair a chonnuc sí an bhean agus í iompuighthe 'na fear! Sin é an uair a tháinig an t-ana-bháthadh uirthi, mar tuigeadh di go mbeadh sí marbh agus aon ní bhí sa tig gu'b fhiú aon ní é tógaithe chun bóthair. Is amhlaidh bhí sé thuas ar cheann a' bhúird agus coinneal 'na sheasamh aige i láimh duine mhairbh, púdar agus grán agus gunna ar a' mbórd aige. Do ládáil sé an gunna agus í sin (.i. cailín óg a' tighe) a' féachaint air i gcomhnuidhe. Nuair a bhí nach haon ní déanta ar a thoil aige do dh'imthigh sé síos chun a' duiris agus osgail sé é. Imthigh sé amach annsan ar phort bhí tamall ón dtig. Do shéid sé sgréachóg (.i. sórd éicint fliúit nó fuisil a bhí aco fad ó) a bhí aige agus tháinigh sé thar n-ais annsan. Ba mhaith a' mhaise don gcailín óg é, bhí an dorus dúnta roimis. Tháinig iongantas muar air. Bhuail sé an dorus agus dubhairt leis a' gcailín óg é osgailt. Ní thug (nó thiubhradh) a' cailín óg aon toradh air (dh)á mbeadh sé a' caint ó shoin. Dubhairt sé sin annsoin gur bh'fhearra dhi an dorus a osgailt, ú go
ndéanfadh sé é bhriseadh agus go mar'óghadh sé í fhéin cómh maith. Do lig sí dho bheith ag cur as. Níor bh'fhada go gcuala sí an siubhal agus an tormáil go léir timcheall a' tighe lasmuich. Do chuireadar chun a' dorus do bhriseadh. Bhí maidí builg leis a' ndorus agus na fuinneoga cómh maith, mar an uair sin a bhíodh buachaillí bána 'imtheacht agus a' déanamh mórán díoghbhála, agus buachaillí bána b'eadh iad so leis. Do chuaidh dóibh an dorus agus na fuinneoga do chur isteach ná do bhriseadh, do bhíodar cómh feistighthe sin. Ní raibh éinní annsan aco le déanamh acht dul i n-iothla féachaint a' mbuailfheadh aon téadán leótha, acht ní' bhuail acht cleach (.i. súgán curtha ar choca féir agus cloch os a chionn i n-áirde) do bhí ar choca féir. Do thugadar leótha é. Greamuigheadh duine aco air agus ligeadh an tsiminé anuas é, uair ná raibh aon slighe eile aco chun teacht isteach sa tig. Do bhí cailín óg a' tighe ana-ghlisde go léir agus tuigeadh di go rabhadar suas 'un rud éigint nós é do dhéanamh. Bhí gunna balbh is a' tig aige n-a hathair. Do ládáil sí an gunna. An chéad duine tháinig anuas a' tsiminé, do lig sí an ghaoth agus a' ghrian tríd. Tharraig sí chúighthi anuas annsan é le n-a láimh agus do sgaoil sí an téadán do agus lig i n-áirde aríst é. Bhí sí mar sin ó cheann go ceann leótha go dtí 'mhairbh sí éinne déag. Bhíodar i n-aon chlais amháin i lár a' tighe aici agus an méid acu bhí ann marbh acht éinne amháin. Dar leis a' t-éinne amháin a bhí amuich go mbeadh an dorus dá osgailt nach haon nóimint do. Do bhuail sé an dorus sa deire agus fhiafhruig dóibh an marbh ú beó bhíodar. Ní thug éinne aon toradh air. Tuigeadh do annsan gurb í cailín óg a' tighe a chuir deire leótha ar shlighe éicint. Imthigh sé an bóthar agus fhág sé annsan trí n-a chéile iad.
Maidin la'r n-a bhárach cuireadh sgéala go dtí na póilíní (nó pílears) cad do bhí t'itithe amach t'réis na hoidhche. Do thán'adar san gan dobhat agus áthas muar ortha oiread dos na buachaillí bána bheith marbh. Nuair a tháinig an t-athair a bhaile ón aonach bhí ana-iongantas air an obair a bhí déanta aige n-a inghin, mar tuigeadh do ná raibh aon saighdiuir mná do fhéadfadh cuid is mó dhéanamh. Cuireadh na buachaillí bána go háirithe. Bhí an feirmeoir agus a mhac 's a inghean agus a chuid seirbhísig a' dul i mbéal na' héinne an obair a bhí acu 'á dhéanamh agus an neamhspleádhthacht a bhí 'teacht ann. I gcaitheamh trí ú ceathair do bhliadhnaibh do bhuail chughtha fear uasal ar chapall iallaite agus sligirníní óir ar na capaill ar crochadh leótha. Do lorg sé lóistín na hoidhche ar a' bhfeirmeoir. Dubhairt a' feirmeoir go ngeobhadh le fáilte mhuar, mar do (= ba) chruaidh an croidhe do bheadh ag éinne do fágfadh amuich a leithéid do dhuine uasal fé spéir na hoidhche. Cuireadh an capall ar stábla. Tháinig sé isteach in tig annsan go dtí an bhfeirmeoir. Bhíodar a' caint is a' ciorrughadh na hoidhche leótha. Dubhairt a' duine uasal, ins a' chaint dóibh, go bhfanfadh sé trí ú ceathair de sheachtmhainí timcheall, mar gur bh'fhear é bhí huin (= chuin .i. chum) gach aon áit do fhisgint agus go raibh a dhóthain airgid aige agus ná' bh'fheárr leis cuma a chaithfeadh sé cuid do ná mar seo. Imthigheadh sé amach annsan nach haon lá ar a chapall iallaite a' fisgint na háiteacha (= na n-áiteanna) go léir timcheall. A' té ghlanadh a bhróga, gheobhadh sé saibhrean uaidh. An buachaill aimsire ú an fear oibre tharraiceoghadh a chapall isteach ná amach (ch)uin stábla, thiubhradh deoch di agus dhéanfadh í chimilt 's do ghlanadh, ní' bh'aon ath(a) leis cúpla saibhrean a thabhairt do.
Bhí soin go maith annsan feadh mí. Dubhairt sé leis a' bhfeirmeoir annsan go raibh sé ana-bhaodhach go léir do, go raibh mórán seoidh agus spórt agus caitheamh aimsire go léir acu. Dubhairt a' duine uasal annsan leis a' bhfeirmeoir sa deire go raibh aon athchuinghe amháin aige le lorg anois air. "Cad é an athchuinghe é sin?" ars' an feirmeoir. "Tá cailín óg breágh do inghin agat agus do (= ba) mhaith liom í bheith agam mar chéile." "Ó!" a(r)s' an feirmeoir, "tánn tusa ró-shaidhbhir di sin." "Sin é mar is feárr a' sgéal é," ars' an duine uasal, "má thánn tusa sásta le í thabhairt dam. Ó thánagh annso," ars' é sin, "cím go bhfuil sí ábalta ar nach haon ní a dhéanamh, agus cailín breágh is eadh í 'na theannta san, agus leis sin do thuiteas i ngrádh léithi." 'Seadh, sa deire thiar thall, as a gcaint go léir agus a cheistiughadh, pósadh mo lánamha. Bhí pósadh maith ortha, pósadh seacht lá agus seacht oidhche na seachtmhaine. XXIX. - AN COINÍN DÁ DHÍOL. Bean ón Oileán (.i. an t-Oileán Tiar) do chuaidh 'on Daingean ag díol coinín. I gceann dos na tighthibh muara do connac sí bean uasal a' féachaint amach an fhuinneog. 'Spáin sí an coinín di agus sidé mar thosnuig sí:- An bhean ón oileán: Madam i n-áirde, would you buy coinin? An bhean uasal:
An bhean ón oileán: Ní'l ná caoch! Is maith an dá chnap-shúil atá 'na phlaosg! An bhean uasal: An bhean ón oileán: Ní headh ná cat, Acht coinín muar maith Ón Oileán Tiar amach! An bhean uasal: An bhean ón oileán: Ní dhíolfainn gan réal é! XXX. - BÁTHADH NA bhFEAR I nDUIBHNEACH. Seaán Ó Duinnshléibhe (.i. file bhí istig san Oileán .i. an t-Oileán Tiar) cct. I. An sgéal so agam is mithid dúinn 'ínnsint Ar cháil na bhfearaibh do leagadh i nDuibhneach Go bhfuil tuath a' Daingin go hathtuirseach dá gcaoineadh Agus ndaoine déarca go léir ag guidhe dhóibh. II. A thriúr Lúsaís, mo mhíle léir sibh! Mo phudhair ró-mhuar sibh i n-uachtar Éireann! Go raibh acfuinne bhúr nguaille ag déanamh saothair Agus carthannacht bhúr gcroidhe 'stig ag díol na déarca.
III. A William mhuair, ó, mo bhuadhairt id luighe thu, M' fhear breágh calma acfuinneach mín-tais! Gur bh'fhear ar tráig tu, ar clár nó ar bínnse, Nó (dh)á badh dhán duit lá na bruighne! IV. Mo ghraidhin bhúr n-athair, ba ghreadaithe a chroidhe 'stig, A' féachaint ón dtalamh ar an anaithe do bhí 'gaibh, A' traochadh leanbh agus ní mar sin do bhíodar, Acht 'na laochaibh gaisgidhig nó gur laguig a' sgríob iad! V. An t-athair adubhairt, is dócha: Mo chreach agus mo mhairg nach i Sasana bhíobhair Nó amach sa talamh comh fada le Graoinleaind, Anúnn sa Ghaillimh cé gur'b aisdear gabháil timcheall; Bheadh súil a bhaile aige bhúr n-athair aríst libh. VI. Mo ghraidhin go daingean an bhanarthla thál díbh A bheith beó 'na beathaidh nuair a theang'uig bhúr gcás di, Agus chun labhairt do réir carthannacht, is easnamh do bhúr mnáibh sibh A' filleadh a bhaile go dealbh chuin a máthar. VII. A Mháire Ní Bhrosnacháin, gur dubhach a' sgéal é, Gur'b olc a' seans a bhuail i dtosach do shaoghail leat: Dá badh leat tarrac ar airgead Dhéamair, A phearsain siúd d'fhear ní casfar let shaoghal leat.
VIII. An file cct. 'S gur'b é dubhairt liúm-sa Tomás Ó Ceárna' Ná raibh aon mhaith ins a' tsagart atá 'cu Nár thug uaidh sgríbhte an t-Ábhe Máire Do bhuailfeadh isteach ar lag na trágha iad. IX. Cé fhéachfadh amharc ar anaithe an lae sin? Caortha is lasracha, fearthainn is gaoth ann! Bhí an spéir ar lasadh 's an fhairrge gléigeal Ins an am gur cailleadh na fearaibh le chéile. XXXI. - INGHEAN RÍOGH ÉIREANN. Bhí rí i Sasana agus rí i nÉirinn. Bhíodar ar aon sgoil amháin i dteannta a chéile. Tharraigigheadar coingheall eatorra féin, má's mac a bheadh aige duine acu agus inghean aige'n duine eile, iad a phósadh. Bhí inghean aige rígh Éireann agus mac aige rígh Sasana. Bhíodar le pósadh i gceann bliadhain agus fiche. Do cailleadh bainríoghain Éireann i gceann fiche bliadhain. Ceann dosna laothanta dubhairt a hathair leis an inghean éadach a chur amach agus é riar ar na boicht. Bhí coingheall tarraigthe ag an athair agus ag an máthair gan aon bhean a phósadh acht an bhean go 'reamhnóghadh an fáinne a bhí thuas ins a' chófhra í. Nuair a fuair an inghean é, chuir sí ar a méar é. Nuair a tháinig a hathair a bhaile, chonnaic sé ar a méar é:- Mar sin do i mBaile an Fhirtéirigh, acht "bádhadh" ("bách)" atá aca i gCeann Trágha.
"Dia linn, mo ghrádh ghil! Is dócha gur mar chros orainn a bhí sé; caithfir mise phósadh anois!" "Ní dhéanfad anois ná choidhche," ar sise. "Caithfir é dhéanamh," ars' an t-athair. "Déanfad," ar sise, "ach' a dtiubhra tú chugham c'luith do ghiotairí glasa." D'imthigh sé agus do thug, agus dubhairt sí ná pósfadh sí anois leis é "nó go dtiubhra tú chugham c'luith do raolacha mine." D'imthig agus do thug. Dubhairt sí ná pósfadh sí anois leis é nó go dtiubhradh sé chúighthi c'luith dos gach aon dath cleite ins an aer. D'imthig agus do thug. Dubhairt sí ná pósfadh sí anois leis é nó go dtiubhradh sé chúighthi capall óir agus dorus a bheith air agus neart a bheith aige duine dul isteach ann. D'imthigh sé agus do chuir sé dhá dhéanamh é, agus d'fhiafhruigh sí dho cé an duine gur chuir sé dhá dhéanamh chuige. Dubhairt sé léithi gur go dtí an gabha ba ghiorra dho chuir sé dhá dhéanamh do. D'imthigh sí féin agus chuaidh sí go dtí an ngabha agus dubhairt sí leis gur mhór an t-ór a thiocfadh amach as bholg an chapaill agus go dtiubhradh sí féin oiread eile dho agus neart a bheith [aici] glas a chuir ar an dtaobh istig air. Tháinigh sí a bhaile agus chuaidh a hathair ag triall ar a' gcapall agus do thug sé chúighthi é. Bhíodar le pósadh i mbárach. Thug sí an oidhche sin ag bácáil aráin. Bhailigh sí an t-arán agus gach aon ní bhí aici isteach ins an chapall agus chuaidh sí féin leis isteach ann. Chuir sí an glas ón dtaobh istig air. Do bhí cuireadh tabhartha ag a hathair do mhórán daoine i mbáireach le dul ar a' bpósadh. Nuair éirig an t-athair ar maidin ní raibh an inghean le fagháil aige. Bhí sé ag sgreadaig agus ag béicig gur beag [nár] ídigh sé é féin.
Tháinig teachtaire isteach chuige go raibh árthach ag teacht isteach [chun] a' chuain agus siúrálta gurb é rí óg Shasana é. Do chuir sé cóisde síos 'na choinne chun teacht aníos go dtí an tig. Tháinig, agus d'innis [rí Éireann] sgéal do ar an slighe a dh'imthig air, agus dubhairt sé leis gurb é an bronntanas déidheanach a d'iarr sí air an capall agus gur bh'in é thiar aige an capall. Do bheir sé (.i. rí óg Shasana) leis é go Sasana agus do chuir sé chuige [é] thiar sa gháirdín agus ní raibh fhios aige aon ní bheith istig ann. Agus nuair a bhí sí ag dul gearraid sa bhiadh do chaith sí teacht amach as, agus do chuaidh sí i n-aimsir go dtí máthair an ríogh óig agus i mbun chearc do bhí sí agus tig beag aici féin. Do dhein sí suas an tig comh maith agus d'fhéad sí é, agus ceann dosna laothanta do ghaibh an rí óg amach agus do bhí sé ag máirseáil timcheall ar an dtig beag, mar chuala sé ceol istig ann, agus do bhí sé 'féachaint sa bhfuinneoig ann agus do chonnaic sé istig í déanta suas fé ch'luith do ghiotairí glasa agus do bhí iongantas air cér bh' í féin agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a raghadh sé isteach. D'iarr sé uirthi é leigint isteach, agus d'fhiafhruigh sí dho cér bh'é féin, agus dubhairt sé gur bh'é an rí óg é agus é leigint isteach, agus dubhairt sí leis nár bh'é, mar go raibh fios a bhéasa aige cuid is mó ná an méid sin. D'imthigh sé agus chuaidh sé a bhaile, agus do tháinigh sé isteach i mbárach, agus do bhí roimis déanta suas fé ch'luith do raolacha mine, agus do iarr sé uirthi é leigint isteach. Dubhairt sí ná leigfeadh agus do bhí sí féin istig agus méisín ceoil aici agus í ag rinnce agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a raghadh sé isteach.
B'éigint do dul a bhaile agus tháinigh sé isteach i mbárach. Bhí sí déanta suas roimis fé ch'luith dos gach aon dath cleite ins an aer agus n'fheadair sé c'onnus a raghadh sé isteach. B'éigint do dul a bhaile, 'gus do bhuail sé breoite la'r n-a bhárach, agus do bhí nach éinne 'teacht ar a thuairisg, acht ní thiocfadh sí seo i n-ao' chor, agus dubhairt sé le n-a mháthair, dá bhfaghadh sé deoch uaithi, go mbeadh sé go maith. Cuireadh fios uirthi agus tháinigh sí agus chuaidh sí chuige le deoch agus ní bhfaghadh sé ó n-a mhisneach í choimeád istig. D'imthigh sí agus chuaidh sí a bhaile agus do chuir sé fios uirthi la'r n-a bháireach. Tháinigh sí chuige le deoch agus d'iadhuigh sé an dorus agus chimeád sé istig í agus do pósadh iad la'r n-a bháireach. D'innis sí dho ó thúis go deire ar nach aon chola lae gur ghaibh sí fríd. XXXII. - ARÉIR IS MÉ GO hUAIGNEACH. Séamus Ó Muirchearta' (.i. "An Spailpín Fánach") i nÁrd na Caithne (.i. Oileán Dúin Óir) cct. I. Aréir is mé go huaigneach 'S mé am luighe ar leabaidh suain dam, 'S mé aig smaoineamh ar gach buaidhreamh 'S gach cruatan bhí am chóir, Lém thaoibh gur shín sí suas liom, 'Sí an rígh-bhean aoibhinn uasal, 'S gur binne liom a duantaireacht Ná ar chuala riamh do cheól.
II. Bhí a coisín deas i mbróigín 'S a cúimín cumhartha córthach; Bhí a píop chómh geal, is dóigh liom, Lé eala ar linn aig snámh. Bhí a guth chómh binn le smólach 'S a leacain mar an rósaí 'S a cúilín crathach ómrach Aig titim léi go sáil. III. D'fhiosruigheas den rígh-bhean Goidé an tír nú áit gur díobh í, Cé an baile cuain dá mbíonn sí Nú an bean í thuit i mbrón, Go dtáinig sí 'nár líonta Chómh déidheanach soin san oidhche 'S gan éinne beó dá chaoineadh Ach' í aig síor-shileadh deór. IV. An tú Pallas? An tú Bhénus Bhí pósta aig Bulcán béal-dubh? An tú Úna nú an tú Diana Nú an deigh-bhean úd Ióan? Nú an fíor gur tusa Hélen Thug Pairis sgéal ón nGréig leis? Fios t'ainm' 'nois is méin liom Nó cé bhfuil do ghnó?
V. Is m'ainm-se, má's méin liom, I dteangai' bhlasda Ghaedhilge, Gur bean ró-mhór i bpéin me 'S gan éinne liom beó, 'S go bhfuil mo chlann i ndaor-bhruid Ag gClannaibh Gall dá thraochadh, Ceistibh cruadha dá réiteach 'S gan éinne chum cóir. VI. Bead-sa adsúd ar thaobh cnuic, A' drom agam dá phléasgadh, A' cur na bhfear le chéile 'S an úir as mo chomhair. Beidh Tomás Wallace féin ann 'S gan súm ná beann aig éinne air, Bodaig an fhill 's a n-éitheach Dá léire 'á chur fén bhfód. VII. 'S tá fórsaí móra ó Lúndain Aig teacht aig déanamh cúntais, Ach' d'réir mar deir na hughdair Ní éireoghaidh soin leó, 'S go bhfuil faobhar na gclaidheamh le lonnradh Aig soillse aig lasadh fútha, 'S gach n-aon gur mhaith leis cughtha iad Aig súgairt 'sa spórt.
XXXIII. - AN SÁSAMH DO BHAIN AN BUACHAILL BÁN AS CAILÍN ÓG A' TIGHE. (leanamhaint ar Sgéal a XXVIII.) An duine uasal do tháinig go dtí tig an fheirmeora le n-a chapall iallaite agus feidhre spuir, do lorg sé lóistín na hoidhche agus fuair sé é le fáilte mhuar. Do fhan sé insa tigh annsoin feadh lá nú dhó, agus an té ghlanadh a bhróga do gheobhadh sé saibhrean breágh buidhe ná aon trioblóid eile do thabhradh sé do mhuinntir a' tighe do dhíolfadh sé go maith iad. Nuair a bhí sé chun fágaint, dar leotha, do lorg sé a inghean ar fhear a' tige. Do fhéach an feirmeoir air go hiongantastamhail agus dubhairt leis gan a bheith a' magadh fé. "Ní a' magadh atáim acht dáríribh glan," ars' an duine uasal. "Seadh, chun caint ghearra a dhéanamh do," ars' an feirmeoir, "táim-se sásta leis, má tá an cailín óg sásta." Glaodhadh ar a' gcailín óg annsan agus cuireadh fé n-a brághaid an pósadh agus fiarfhuigheadh di (.i. d'fhiarfhuig a' t-athair di) a' raibh sí sásta leis an duine uasal so phósadh is fhreagair sí go raibh. Annsan pósadh iad agus bhí pósadh seacht lá agus seacht oidhche ortha. Do dhíol a' duine uasal na costaisí go leir. Annsan, nuair a bhí coidhcíos caithte aige insa' tig dubhairt sé le athair a chéile agus lé n-a bhean go raghadh sé 'fiosrughadh a mháthar bhí fácaithe 'na dheabhaidh aige agus ná feadair sí cá raibh sé féinig imighthe, agus go dtubhradh sé leis a bhean ar (nó mar) chúlóg
'dtao' thiar do ar a' gcapall, agus annsan go dtiocfadh sé thar n-ais agus go dtubhradh sé leis é féinig ('sé sin, athair a chéile) agus a líon tighe go léir, mar go raibh a dhóithin airgid agus óir aige féinig agus go mairidís go sáimh. La'r n-a bháireach go luath ar maidin do fhág sé an tig agus a bhean le n-a chois. Dubhairt sé le n-a bhean go raibh bóthar muar fada rómpa agus go gcaithfidís ana-dheabhadh dhéanamh chuin a bheith aige baile roimis an oidhche. Nuair a bhí leath a' lae curtha acu dhóibh do tharraig sé beilt muar maith as a phóca. Do chuir sé an bheilt timcheall a mhná agus a thimcheall féin, agus cheangail sé leis go maith í. Nuair a bhí sí ceangailte annsan go maith aige do fhiafhruigh sé di a' gcuimhnigheann sí ar an oidhche gur mhairbh sí éinne dhéag (nó deichneabhar) dearbhráthar. Do chuimhnigh sí uirthi féinig agus do thuit a' log ar a' lag aici. Ní raibh sí ábalta ar aon toradh thabhairt air. Thiomáin sé an capall annsan comh cruaidh is dob' fhéidir leis é agus dubhairt sé léithi go mbeadh sásamh cruaidh anois aige aisti. Ar t'itim na hoidhche annsan tháinig sé go dtí iumall coille. Bhí geata muar leis an mbóthar bhí a' dul insa' choill. Do léim sé an geata leis a' gcapall agus ní raibh aon truagh aige don bhean. Thiomáin sé leis annsan go dtí lár na coille. Sin é an áit go raibh pruais fé thalamh aige. Annsan do thúirlig sé don gcapall agus tharraig sé an bhean anuas gan truagh, ba chuma leis í bheith marbh ná beó. Do tharraig sé isteach insa' phluais annsan í agus dubhairt sé le n-a mháthair gu'b í seo an bhean do mharaibh éinne déag chloinne uirthi. Do rug a mháthair
ar bhlach cinn uirthi agus do stol agus do strac sí a cuid gruaige agus do sgrabhuig sí a haghaidh agus do bhuail a fear annsan í agus do leath-mharuigheadar í eatortha. Annsan nuair a bhíodar sásta tharraigigh- eadar isteach i seómra beag í go dtí la'r n-a bháireach agus dubhairt sé annsan le n-a mháthair "má bhíonn an t-anam i mbáireach ínnti" go dtubhradh sé amach chun coíll í agus go gcruachfadh sé le crann í agus go ngeobhadh sé fuip agus go mbeadh sé 'á slaiseáil go dtubhradh sé fuil amach trí na' haon órlach do n-a croiceann agus 'sí an mháthair a bhí go sásta leis. La'r n-a bháireach go luath ar maid'n do chuaidh (chuaig) sé go dtí an seómra go raibh sí agus bhí an t-anam ínnti roimis. Tharraig sé leis amach annsan í. Fuair sé téadán agus cheangail sé don gcrann í le n-a cosaibh troig ón dtalamh. Annsan fuair sé fuip agus do chrom sé bheith 'á bualadh agus 'á slaiseáil gur chuir sé fuil amach trí na' haon órlach do n-a corp. Leig sé anuas don gcrann annsan í agus ní raibh ínnti ach' a' dé. Ní' shásaimh sé sin féin é. Dubhairt sé go raghadh timcheall na coille agus an méid adhmaid briste gheobhadh sé go dtubhradh sé leis é agus go ndéanfadh sé teine mhuar agus go ndóghfhadh sé 'na beathaidh í sar a mbeadh an dé ú an t-anam imighthe. Do dhein is thug sé leis beart úr adhmaid. Imthigh sé agus ní raibh aon deabhadh muar air. Annsan do bhí an t-anam a' teacht ínnti thar n-ais agus bhí sí a' neartughadh ádhbhar. Dubhairt sí léithi féin annsan go gcuirfeadh sí dhi féachaint a' bhféadfadh sí éalughadh uaidh. Bhí sí 'imtheacht léithi go dtí tháinigh sí go dtí falla muar bhí ar 'dtao' muich don gcoill agus n'fhéadfadh sí dul a thuilleadh.
Do ráinig go raibh bóthar a' ríogh 'imtheacht le cliathán an fhalla. Do chualaidh sí fear [a'] gabháilt a' bhóthair agus é a' duanaireacht do féin. Do ghlaodhuig sí annsan féachaint cé bhí ann ú a' bhféadfadh sé aon chabhair a thabhairt uirthi. Dubhairt a' fear léithi gur fear bocht é féin a bhí a' bailiughadh dhéirce agus gur dócha ná féadfadh aon chabhair a thabhairt uirthi. Stad sí annsan ar feadh tamaill agus labhair sí aríst thar n-ais agus dubhairt sí leis 'á mbeadh téadán aige agus é chaitheamh ar falla go gcabhradh sé léithi chuin (nó le) an áit a bhí aici fhágaint. Dubhairt sé léithi ná raibh, acht go raibh a chuid éadaig leaptha ar a dhrom aige agus go ndéanfadh sé a ghearradh 'na phíosaí agus annsan go ndéanfadh sé é shnaidhmeadh do n-a chéile agus go b'fhéidir go ndéanfadh sé an bheart, agus dubhairt sí leis gu' bh' ana-mhaith an rud é sin. Do dhein mar bhí ráidhte agus do chaith sé thar falla annsan é agus do rug sí ar cheann air agus le cabhair Dé do chuir sí an falla di. Nuair a ch'nnoc an fear bocht í ní muar ná thuit a' t-anam as, mar bhí sí go léir laitithe geárrtha, lán do fhuil agus í dearg-nochtaithe. "Ná bíodh aon eagla ort," adubhairt sí leis; "má thagaim-se saor ní bheidh aon lá bocht go deó agat." Dubhairt sí leis annsan c'onnus bhí tríd agus tríd agus le eagla go leanóghadh sé í an t-éadach eile leaptha bhí aige a chasadh tímcheall uirthi agus í chur thiar ar a dhrom chuige agus í thabhairt go dtí a leithéid sin do áit, an áit a bhí aintín di 'na comhnuidhe. Mar sin a bhí is dhein sé fé mar dubhairt sí leis. Bhí sé 'cur a' bhóthair do annsan agus é ag amhrán 's
a' duanaireacht do féin. Ní fada go gcuala sé an chosanáirde go léir 'na dheabhaidh is cé bhí ann acht a fear. Nuair a tháinig sé suas leis do fhiafhruig sé cad do bhí ar a dhrom aige. Dubhairt sé gu'b í a mháthair í do fuair bás i gcúnntae éicint síos amach agus go bhfág sí le hudhacht í chuir 'na teampall dúthchais féin. "Leig dom í fhisgint," adubhairt sé. Do dhruid an fear bocht leis a' gcloidhe go mall agus le snaidhm a bhí sé 'buint anuas bhí sé 'cuir 'á shnaidhm suas ar shlighe eile. Nuair 'a mhall le fear a' chapaill a bhí sé 'sgaoileadh bhuail sé buille ón gcrap air féin agus uirthi féin agus dubhairt sé leótha imtheacht annsan i n-ainm a' diabhail. Thiomáin sé leis thar n-ais aríst agus (é) a' buint teine ghreas as a' mbóthar le reacht deabhaidh. Acht go háirithe do bhuin an duine bocht an tig amach go ndubhairt sí leis í thabhairt agus bhí sé traochta marbh a dhóithin. Ní' aithin a' t-aintín i n-éa'-chor i dtosach í go dtí thug sí a hainm agus a sloinneadh di. Annsan do fuair sí uisge bog agus gallúnach agus éadach chuin í nighe agus do ghlanadh agus chuir éadach friseáilte uirthi. Bhí sí a' dul i bhfeabhas is a' neartughadh léithi annsan feadh dó ú trí sheachtmhainí. Annsan chuir sí fios ar a hathair agus dubhairt sí leis cad a thuit amach uirthi ó ch'nuc sí é go déidheanach. "Dia linn!" ars' an t-athair, "is olc a' sgéal é sin!" Bhíodh an t-athair a' dol ar na haontaighe a' díol 's a' c[ea]nnach fé mar bhíodh i gcomhnuidhe agus bhuaileadh sé seo (.i. an cliamhain) leis agus bhíodh sé a d'iarraidh é mhealladh leis go dtí an dtig agus deireadh sé
leis go raghadh nuair a thiocfadh sé fhéin agus a bhean a' triall air, mar is é an rud a bhí i n-a cheann deire chur leis an athair leis. Sa deire thiar thall do thug athair na céile cuireadh dínnéir do agus ins an am chéadna chuir sé gairm sgoile amach go dtí 'sna' haon duine uasal bhí timcheall air teacht comh maith agus do thán'adar. Ins an am chéadna bhí an inghean aige baile aige i seómra léithi féin. Nuair a bhí an dínnéar i leathtaoibh annsan agus a' phuins 'á dh'ól acu 'seadh do ghaibh inghean fhir a' tighe anuas ón seómra agus chuir fáilte roimis nach haon duine bhí ar an ndínnéar acht a fear féin. Annsan do fhiafhruig a' t-athair do a' n-aithneoghadh sé a bhean. Sin é an uair do thuit a ghéaga siar síos leis agus ní muar ná' thuit a' t-anam as. Annsan an dream a bhí ar an ndínnéar chuireadar a gcomhairle i dteannta a chéile cad do dhéanfaidhe leis, agus 'sé rud a deineadh leis é cheangal ar dhá chapall óga bhí aige fear a' tighe agus cúig ú sé madraí thiomáint 'na ndeabhaidh agus é stracadh ó n-a chéile. Deineadh é sin leis agus ní raibh buaidhreadh truaig ag éinne dho, mar bhí sé tuillte go maith aige. Annsan deineadh teine mhuar. Cuireadh isteach sa teine é agus dóghadh idir chnámh is eile é trí n-a chéile. Chuaidh na daoine uaisle a bhaile agus c'innigheadh a' duine bocht sa tig i bhfad a mhair sé. Bhí saoghal breágh mín réidh annsan aige. An tseachtmhain a bhí chughainn annsan imthig a' feirmeoir, a chapall is a chairt agus a inghean agus a sheirbhísig agus ní' stadadar go mbuineadar amach an phruais a bhí aige seo. Annsan a fuaireadar a mháthair agus cuma mhíoshásta a dóithin uirthi.
"Tusa máthair na ndiabhal," adubhairt a' fear (.i. athair na mná) léithi, "do thug an trioblóid go léir dómh-sa," 'á bualadh le buille 'mhaide insa' cheann agus do mharaibh í ná' muar leis a' mbuille. Annsan do léim sé ar a corp agus bhí nach haon léim aige uirthi go gcuir sé tríd a' dtalamh síos í. Bhí sé sásta annsan. Bhí tonna óir ann t'réis a' méid a bhí bailighthe déanta riamh acu. Thug sé leis é sin a bhaile agus bhí sé nós rí beag san áit annsan. Má bhí saoghal aige éinne riamh bhí sé aig an bhfear bocht do shábháil a inghean do ón lá san go dtí lá a bháis. Sin é mo sgéal-sa, is má thá bréag ann bíodh. XXXIV. - IS FADA MÉ IM STAD. Fonn - Cailín Deas Crúidhte na mBó. Tomás Ó Críomhthain cct. san Oileán Tiar .i. san oileán is mó de na Blosgaodaíbh. I. Is fada me im stad is im staonadh gan labhairt óm béal ar aon ní Is me marbh ag lucht labhartha Béarla, dhá spreagadh ar nós éanla' ar a' gcraoibh. Is eaglach dóibh fearg an Aon-Mhic, 'tabhairt masla dár nGaedhluinn mar bhíd, Agus feasta mór-mhagadh dóibh fhéinidh, i dtaisteal na hÉireann gan í.
II. Nach meata, nach marbh, nach tréithlag an aicme bheag bhréan so d'áirighim 'Na seasamh ar mhachairí Éireann, gan dadamh acht Béarla do shíor? Ní labharaim feasta ar dhaoine aosta, mar is deacair í chur i gcéill dóibh aríst, Cé go bhfuilim trí fichid mé fhéinidh, dhá labhairt, dhá léigheamh is dhá sgríobhadh. III. Ó táim bainte chuin siosma do dhéanamh, is dóil liom go ndéanfad gan mhoill, Is má labharaim feargach-bhéalach beidh an aicme seo léirighthe síos, Ó's duine bocht aindeis sa tsaoghal me, clipithe céasta ó 'seadh bhím, Badh mhaith liom an teanga bhinn Ghaedhlach a bheith i gceannas shar a dtéidhinn síos don chill. IV. Gan dearmad, is maith an teanga san Béarla, an té tá ó n-a thír féinidh chuin fáin, Teanga fhairsaing bhinn bhlasta agus léigheannta, 's is maith dhóibh í 'gcéin le húsáid, Acht an stagún atá 'fanamhaint i n-Éirinn, go bhfuil aige réidh-Ghaedhluinn mar chách Is ná labharann aon fhocal as a bhéal di, beidh mallacht na naomh air do ghnáth. V. Na taoisig do thigheann chughainn thar sáile, go críoch an Oileáin seo do shíor, Is cruinn do ghabhaid timcheall amáireach chuin me bheith ar cheann cláir leó im shuidhe
Chuin Gaedhilge do léigheamh dóibh go sásta is a míniughadh dóibh go breágh blasta binn, Is cruinn ceart a dhíolaid as láimh me, beannacht Dé leó gach lá uaim sa tslighe. VI. Ní hé an ní dubhart-sa tá im chomhachta-sa dhéanamh daoibh, a Chonnradh na Gaedhilge, 's táim fíor, Acht dúbailt do dhúbh-rannaibh Ghaedhlach', do thabharfadh cóngnamh dár nGaedhluinn chuin cinn, Breac-mhúsgailt do thabhairt ar lucht Béarla tá 'súgaradh, iad fhéinidh gan í, A chur i n-umhail dóibh a ndúthchas do shéanadh, tá san úir le mór-Ghaedhluinn sa chill. VII. An t-Árd-Ollamh 's a' t-ógánach uasal, do tháinig ar cuaird go dtí an t-Oileán, Ó Lochlainn a thuigim-se ghluais sé, chuir na farraigí 'dtuaidh dos gach áit: Ní bréag ná gur Gaedhluinn a bhí uaidh súd, is do thugas do uaim í gan cháim, 'S má's dán di fagháil bháis i n-aon uair di do gheobhad aríst uaidh í gan spás. VIII. Tá an faraire le tamall i n-Éirinn, is fiosach don tsaoghal é ar a chuaird, A' bogadh na bhfocal Seann-Ghaedhlach, 's a' músgailt gach léighinn atá cruaidh: Marstrander is ainm don Tréan-Fhear, go raibh beannacht gheal Dé chuige uaim; Guidhim feasta saoghal fada óm béal do, gan easba gan déislin na buadhairt.
IX. A chuallacht bhreagh uasal na Gaedhilge, do mhúsgail dúinn féin í an t-ath-uair, Is iongantach mara mbeidh comhachta Mhic Dé libh, agus slighe 'bhflaitheas féin daoibh gach uair, Ó 'sé súd a cheap í, é fhéinidh, ní maith leis í éagadh go luath, Ní maith leis fear labhartha Béarla, is é 'caitheamh na Gaedhluinne uaidh. X. Ó's fear me tá mar seo me fhéinidh, i n-Oileán an Bhloscaeid seo im shuidhe A' comhrac go daingean gan staonadh le daoine gan Gaedhluinn nuair chím; Táim mar seo le mórán mór bléannta, ní tobac im béal é ná im píp, Agus bruadairí 'gluaiseacht thrí Éire uaibh, agus dualgas mór tréan dóibh do shíor. XI. Tá an Ghaedhluinn bhlasta so cruinn gasta agus is iongantas, i gceart-lár chathair Lonndain úd thall, Mar thug faraire mear tapaidh anonn í, agus tiocfaidh aríst chugham-sa gan dobhat: Beidh mórán in' fhochair sa chúrsa, mar tá na tighthe nua suas a gcomhair; Sa Bhlascaod so tá an Ghaedhluinn dhá mhúsgailt, is mi fhéin fear a thabhartha san dóibh.
XII. Mar duais bheag nú mhór dam uaibh féinidh táim a' tabhairt an méid seo chuin críoch; Is fiosach don phobal le chéile go mbeidh a thuille nach é agam díobh: Táim ollamh chúin branair do dhéanamh, táim ollamh chuin saothair do shíor; Ní stadfad faid a mhairfidh mo laethe, nú go gcuirfheam ar nGaedhluinn chuin cinn. O's fear fíor-Ghaedhlach insan Oileán so me, agus me 'comhrac leó le fada, acht baodhchas mór le Dia, tá an Spirid Ghaedhlach ionnta ar fad anois, ó chíd siad na hUaisle seo ar fad a' teacht agus dhá bhreith leó uaim-se thar lear. Seo ceapadóireacht uaim chughaibh-se, a Uaisle na Tíre, a chur i n-umhail dóibh go bhfuil mo leithéid laistiar. XXXV. - BRIAN AGUS A BHEAN. "Cá bhfuairis é? "Fuaireas ó Dhia é mar a fuair Brian bean." Seanfhocal. Do bhí nós acu fad ó Oidhch' Inide, aige cailíní agus aige buachaillí, do raghadh duine acu amach i ngarrdhaidhe an chabáisde, agus dá mbuailfeadh crann cabáisde geal léithi (.i. le cailín) déarfadh sí go mbeadh fear breágh fionn aici. "Iseadh," arsa Brian le n-a mháthair, "tá cailíní agus buachaillí anocht a' féachaint amach cá bhfaighdís fear nó bean dóibh féinig. Airiú, raghad-sa anocht, a mháthair, i n-áit éigint."
Bhí sé ag imtheacht air a' bóthar níosa shia ná míle ón dtig agus do chonnaic sé chuige ceathrar fear agus comhra ar a ngualainn acu agus do chuireadar a' chomhra anuas ar a' mbóthar as a choinne amach. D'imthigheadar ortha - d'imthigheadar láthaireach agus fhágadar a' chomhra annson aige. "Beidh a fhios agum-sa cad tá sa chomhra," arsa Brian. Is amhlaidh a bhí bean bhreágh óg drusálta suas 'gus c'luith ghléigeal uirthi 'gus fuair sé beagáinín teith í. Do thóg sé suas chuige í agus do bhí sé a d'iarraidh í chur ar a dhrom. Do chuir sé ar a dhrom í agus do rug sé leis go dtí n-a mháthair í. Nuair a chonnaic a mháthair chúighthi isteach é agus a' bhean ar a dhrom aige, "Ailliliú!" ars' a' mháthair, "cá bhfuairis a' bhean son?" "Fuaireas ó Dhia í, a mháthair. Ní'l sí marbh i n-ao'-chor, a mháthair," adubhairt sé; "tá an t-anam fós innti. Nigh a cosa [i n-uisge teith] agus cuir a chodladh í." Bhí sí go maith annson i mbáireach, cailín breágh óg, agus ní raibh aon fhocal cainte aici. Bhí sí aige annson ar feadh bliadhna agus ní raibh aon chaint aici ar a' méid sin aimsire. "Iseadh," ars' eisean, "bliadhain 's an oidhche anocht do fuaireas bean gan chaint, agus imeógha mé anocht féachaint a' mbuailfeadh éinne liom do thubhradh a caint di." Seadh, bhí sé ag imtheacht go dtí an crosbóthar mar a bhfuair sé í agus tá lios le hais leis an áit chéadna ag an gcrosaire. Seadh, fuair sé an lios lán de dhaoine uaisle 'gus iad ag ól agus a' rínnce agus a' bórd leicithe amach acu agus ga' haon sadhas biadh acu. Do sheasaimh Brian a' féachaint ortha agus bhí bean go
raibh aprún bán uirthi, timbléir 'na dorn aici go raibh deoch éigin ann. "Bliadhain agus an oidhche anocht," ars' an bhean, "do fuair Brian bean, agus 'á mbeadh sé seo ólta aici thubhradh sé caint di." Chuaidh sé go dtí í suas agus do thóg sé an timbléir. Dubhairt a' bhean, "Tabhair é sin le n-ól di 'gus gheobha sí a caint [acht tabhair aire mhaith don dtimbléir sa tsiubhal duit gan braon do leigint thar bruach nó ní bhfaighe sí a caint], agus tabhair a' timbléir annso aríst." Imthigh sé air a bhaile 'gus áthas air, agus thug sé aire mhaith don dtimbléir. Nuair a dh'ól sí an deoch a bhí sa dtimbléir do fuair sí a caint. D'imthigh sé air aríst agus do chuir sé an timbléir mar a bhfuair sé é. Do 'nis sí dho annson cad ab' as í - ó íochtar na hÉireann ab' eadh í. 'Nis sí a hainm do agus do 'nis sí dho ainm a muinntire agus an áit do dh'fhág sí agus a' baile gu'b as í. "Ragha mé dhá bhféachaint," adubhairt Brian, "agus 'neósfa mé dhóibh gach aon ní mar gheall ort go bhfuileann tú ad bheathaidh." "Ní haon mhaith dhuit," adubhairt sí, "dul mar sin, agus tubharfa mé leitir sgríbhte óm láimh féin duit." Do sgríobh sí leitir agus thug sí dho é, agus do bhuail sé chuige beagán bídh i gcóir a' bhóthair. Níor stad sé i n-aon áit acht ag imtheacht i gcomhnuidhe, ag imtheacht, ag imtheacht, ag cur tuairisge na háite. Fuair sé amach a tig is a muinntir, is tháinigh sé isteach i dtigh breágh feirmeóra. Ní raibh éinne roimis acht bean, a máthair, agus í go brónach. Do shuidh Brian
síos do féinig. Bhí bean a' tighe ar fuaid a' tighe 's í go brónach ag obair. "Tánn tú ana-dhólásach, a bhean a' tighe," adubhairt sé. "Táim," adubhairt sí, "agus a' 'neósfá dham cadé fáth do chuairte?" "Godé an mhaith dham bheith dhá ínnsint duit-se?" "Ó," ars' ise, "ná bac son. Bhí cailín breágh agam," ars' ise, "atá curtha agam le bliadhain agus an oidhche anocht." "Tá sí sin 'na beathaidh fós," arsa Brian. Thug sí féachaint mí-chéadfach air. Mheas sí gur ag magadh fúithi bhí sé. Do thóg sé an leitir amach as a phóca agus do shín sé chúighthi é: "Má tánn tú ábalta ar í sin a léigheadh, caithfe tú mise creideamhaint." Tháinig isteach annson a fear agus a clann a bhí ag obair amuich agus do chonucadar a' stróinséir 'na shuidhe agus bhíodar a' féachaint air. "Deir a' fear so liom," ar sise, "go maireann mo leanbh, acht léig í sin. Thug sí [an] leitir le léigheadh do n-a clann agus do n-a fear. Bhí Brian bocht ag caint agus ag ínnsint gach aon ní dhóibh i dteannta leitir a dh'fhagháilt, gach aon ní mar gheall uirthi. Chaitheadar géilleadh thabhairt don leitir agus do Bhrian. Do tháinig annson a hathair agus dhearbhráthair léithi i n-aonfheacht le Brian go dtí Cnoc a' Bhróigín. Bhí sí annson 'na cailín breágh. Nuair a chonnuc sí a hathair agus a dearbhráthair chúighthi isteach bhí sí 'á bpógadh, agus thugadar leótha Brian agus ise agus a mháthair féin agus do phós sí Brian. Dubhairt sí dá bhfaghadh sí fear agus céadta púnt ná pósfadh sí aon fhear acht Brian.
XXXVI. - AN BÓRD SÍDHE SA BHRUIDHIN. B'ainm do Heindric sa Daingean fad ó, agus bhí trí beithidhig ar féarach ar Chnuc a' Chairn aige agus do chuaidh sé 'á lorg. Ní bhfuair sé iad feadh na hoidhche 'gus é 'á lorg agus cuireadh ar strae é agus bhí sé ag imtheacht ar strae feadh na hoidhche nó gur bhuail fear leis i lár na hoidhche agus adhastar (nó téadán) capaill 'na dhorn aige. "Nach tú tá deireannach amuich?" ars' eisean. "Táim," ars' eisean, "agus ní'l aon leigheas air. Táim a' lorg beithidhig agus ní féidir liom iad do dh'fhagháil." "A' bhfuil fhios agat cá'leann tú anois?" ars' eisean. "Ní'l fhios," ars' eisean. "A' dtiocfá liom-sa go lá?" ars' eisean. "Tiocfa mé," ars' é. Níor thúisge sin ná bhí an chúirt bhreágh as a choinne amach, soísle [.i. soillse] ar lasadh agus bruidhean bhreágh. 'Seadh sin, stiúruig sé isteach é insa' halla. Bhí cistean bhreágh annson, cistean bhreágh lán do mhiasaibh agus gach aon chóir. Shuidh sé i gcathaoir uilleann chum na teine agus do théidh sé é féin go maith. Tháinig a' bórd uaidh féinig agus n'fheaca sé éinne a' tabhairt a' bhúird leis. Tháinig a' t-ógánach annson breágh aníos agus aprún bán air agus do leath sé anuas an t-éadach cláir. D'imthig air annson agus thug sé leis trae lán suas do gach aon sadhas biadh agus deoch. Bhí an duine bocht a' féachaint ar a' mbórd - timbléir lán do fíon! Bhí tart air agus do bhí
ana-dhúil aige ins an ndeoch. Ní fada bhí sé annson go dtáinig seana-bhean chríonna bheag mhothalach (.i. ceann mothalach uirthi). "Ná blais! ná blais!" adubhairt sí. "Tánn tú ar mhaithe liom," ars' eisean in' aigne féin. Acht, nuair nár dh'ith sé aon ní tháinig a' buitléir (.i. a' t-ógánach) agus thug sé leis a thrae agus a' méid a bhí ar a' mbórd leis thar n-ais, agus annson d'imthig a' bórd arís uaidh féin (.i. d'imthig a' bórd gan éinne dhá thabhairt leis). Tháinig annson duine uasal chuige meadhon-aosta críonna agus a ghruaig plaiteálta thiar ar a chúl 's é pabhdaráltha aige. Sheasuigh sé agus bhí sé 'féachaint i leith a leath-chúil. Níor chuir sé chuige ná uaidh is níor chuir sé isteach air is ní dubhairt aon fhocal leis. Nuair a bh' am leis imtheacht d'imthigh sé síos bhuaidh aríst. Tháinig annson a' bhean uasal chríonna agus síoda agus sataon uirthi agus a hata síos a' chuma chéadna agus í ag féachaint a' chuma chéadna i leith a leath-chúil. Nuair a bh' am léithe d'imthigh sí aríst. Deineadh sgeart gáiridhe go breágh. Mheas sé go raibh míle duine ag gáiridhe i n-aonfheacht. Seidhmeadh a' ceól agus do chaith sé rínnce. Bhí sé a' rínnce go raibh sé cortha agus annson bhí sé annson ar maidin anuas ar a' bpáirc ghlas agus gan aon ní timcheall air. Bhí sé anuas ar a' bhféar agus na beithidhig ag ithe leathais (.i. le hais) leis, agus a mhaide agus a hata anuas ar a' dtalamh agus a bheithidhig ag ithe, agus is dócha go raibh an áit sin deich míle ó n-a thig fhéin trí chnuic agus gleannta 's a bhean 's a chlann go buadhartha feadh na hoidhche agus iad ag gol ar eagla gur briseadh a chos.
XXXVII. - FUADACH MNÁ GHLAIS MHIC CONAILL: AN CHÉAD SGÉAL ADUBHARTHAS I n-ÉIRINN RIAMH. Do chuir Cormac mac Cuinn Chéadchathaigh chun Fionn mac Cumhaill gan éileamh fir a bheith aige air féin mara raghadh sé féin agus a shluaighte ag imirt bháire 'na choinne féin agus a shluaighte. Chuaidh a mnáibh ag tionnlacan na bhFiann 's ar an slighe dhóibh do chonnacadar dream eile ban ag fotharaic. Dubhairt furmhór na mban go n-umlaisgeóidís féin iad féin sa loich comh maith leó, acht dubhairt an tseana-bhean ab' aosda dhíobh go mb'fhearra dhóibh filleadh a bhaile. Dubhairt inghean di dhá freagairt: "nár chuireadar aon ní rómpa riamh a dhéanamh ná go gcaithfeadh sí é shárughadh." "Chím sgamall dubh ag teacht tríd an spéir," ars' an tseana-bhean leó nuair a bhíodar san uisge, "'s is baoghlach gur'b olc an tuar é." Do phreabadar amach as an loich, is cómh luath is bhí sain déanta aca do chromadar ar a gcuid éadaigh a chur iompa go headarluasach. Nuair a ghléasadar iad féin, do théighidís thar ghleann de thruslóig, páirc bháin de chosa-bacóid, is cnoc de léim reatha le méid na heagla tháinig ortha. Budh ghearr gur tháinig an Fairceallach Talmhaidhe suas leó, teampall ar a ghualainn is coileáinín gadhair ag amhastraigh istigh ann. "Is mór é bhar siubhal, a mhná," ars' eisean. "Dá mhéid é ár siubhal," arsa na mnáibh, "is mó é do shiubhal-sa." "Níor bhuail mo sháisidhe mná riamh liom go dtí indiu," ars' eisean, ag breith ar inghin na mná aosda 's dhá cur isteach sa teampall chuige féin.
Do chuadar na mnáibh eile a bhaile go dubhach brónach, is nuair fhilleadar na fearaibh a bhaile budh mhór é a n-iongantas nuair ná feacadar teine ná teas ná aon chomhartha go raibh duine beó sa dún. "Cad tá oraibh, a mhná?" arsa Diarmaid 'ach Fínn, i n-árd a chinn 's a ghotha. "Tá," arsa na mnáibh, "bean Ghlais mhic Conaill a sgiob an Fairceallach Talmhaidhe chun siubhail uainn." "Ó!" arsa Glas mhic Conaill, "níor dhóichighe ná gurab orm-sa raghadh an lá. Cuirim mar cheist agus mar bhreith agus mar gheasaibh droma draoidheachta oraibh gan trí béile bídh a dh'ithe ar aon bhórd ná trí oidhche chodailt ar aon leabaidh go bhfaghad arís í." "Gach aon bhean sa Réidh-theaghlach ar a dícheall ag ollmhughadh bídh dúinn," arsa Diarmaid 'ach Fínn, "nú go s'láthruighimíd-ne a bhaile go tapaidh í." La'r n-a bháireach d'imthigh an seisear fear ab' fheárr a bhí san dún fé dhéin a gcuracháin is d'árduigheadar a seolta bacóideacha bána i mbun is i mbárr na gcrann gcomhfhada gcomhdhíreach, ná fágfadh téad tíre gan tarrac ná maide rámha gan ró-bhriseadh, ag treabhadh na fairrge finne fuaire go tulcanta talcanta falcanta fionna-ruadh. Bhíodh grean na fairrge i n-uachtar agus cubhar na fairrge i n-íochtar. Bhíodh lupadáin, lapadáin, éinte, róinte, míolta móra, péistíní aingciallta na fairrge ag dol ar bois agus ar bais, ar slataibh agus ar sleasaibh na maidí rámha chughtha ag déanamh ceoil, spóirt agus aoibhneasa dhóibh. Nuair a théigheadh as a gcuid soininne gaoithe 'gus seoltóireachta do tharraigighidís chughtha réidh-mhaidí míne bínne buana bána bas-leathana de bhun na fuinnseoige nó de bhárr an chaorthainn 'gus do chromaidís ar iomradh go teann tirim tósdalach, ciabhfuirm ciabhraonach, ar bun lacaí 'gus ar bharra-gheal bhfiar. Ní raibh aon bhuille
de mhaide ruadh rámha dá dtugaidís dá gcurachán ná go gcuiridís seacht céad léig i bhfairrge í. Do bhuaileadar cuan is calaith ar thráigh gheal ghainmhidhe. Do tharraigigheadar suas ar an dtráigh í is do chuireadar feiste lae 'gus lán-bhliadhna uirthi, siúd is ná beidís uaithi acht uair a' chluig, le heagla gaoth dá luasgadh, tonn dá bualadh, gainimh dá súghadh, fear slighe mhóir ná casáin a dhéanamh spóirt ná magaidh fúithi. D'éirigheadar is chuadar as lúth a gcorp, as snaidhmeanna a gcnámh is chuadar ar bárr puirt. Budh mhall le Glas mhic Conaill mar a bhí Diarmaid ag feistiughadh na luinge is dubhairt leis "dá mb' í a bhean féin a bheadh ar seachrán uaidh gur thapaidh fheisteochadh sé í." Do ghoin an focal Diarmaid; thug léim mheanmnach as a chorp, is do chuaidh sé den sgiúird sin de dhruím páile go raibh aoirde an tige ann. Le línn imtheachta dho dubhairt sé go raghadh sé féin ag lorg ósdaidheachta na hoidhche dhóibh. Ag trácht na slighe dho, cé casfaidhe 'na bhealach acht Tréan Uallach, mac ríogh na háite. "Is fada d'Fhionn is dá shluaightibh a' teacht a' congcas ar m'athair," ars' eisean, is le línn an fhocail a rádh do láimhsigheadar a chéile. D'imthigheadar na fearaibh eile ar lorg na hósdaidheachta is níor stadadh leó gur shroicheadar pálás an ríogh, ná raibh bun cleite isteach air ná bárr cleite amach, acht aon chleite amháin druimfhionn buidhe ag déanamh fothna agus fasgair agus dídin dóibh. D'aithin seisean láithreach bonn gur chuid d'fhearaibh eile na Féinne iad. Thug sé lóistín go toiltheanach dóibh is d'fhiafruigh go cúirtéiseach díobh "A' raibh aon' eile 'na bhfochair?" Dubhradar leis go raibh Diarmaid 'ach Fínn, acht nár bh'fhios dóibh cad a mhoilligh é.
"B'fhéidir," ars' an rí, "gurab é Tréan Uallach a casadh air, is má's é," ars' eisean, "tá droch-obair eatortha." D'imthigheadar ar a lorg araon, 's is amhlaidh fuaireadar thíos i gcuas iad, Diarmaid i n-íochtar, is greim béil ag duine aca ar an nduine eile, is greim aige-sean ar shróin air-sean. Dob' éigean dóibh lán tlúidh den teine a bhreith leó chun iad a sgur as a chéile. Do mhealladar leó a bhaile iad, is cuireadh i ndá sheómra ar deighilt iad. Ar maidin i mbáireach ní raibh beirt sa tigh budh cheanamhla ar a chéile ná iad. D'árduigheadar a seoltha thar n-ais, is ar thrácht na slighe dhóibh do casadh 'na dtreó árrachtaidhe gaisgidhig 'na churachán. D'fhiosruigh sé dhiobh "Ar b'iad so dreoillíní na hÉireann?" "Bheirim-se liagh," arsa Diarmaid, "gur geárr go mbeidh cúntas agat air," is ar rádh an fhocail do thug sé léim de bhórd a luinge féin ar bhórd luinge an árrachtaidhe, acht níor thúisge bhí sé ag túrlacan ná bhuail an t-árrachtaidhe lámh i n-aghaidh a smeigíne, is leis a' radadh thug sé dho chuir naoi mílte dubha ó bhaile é. Do thug an Tréan Uallach imthigh 'na bhfochair léim de bhárr a órdóg agus de bhárr déise a chlaidhimh is do thug Diarmaid thar n-ais ar bórd. Thug sé an tarna léim is do rug ar an árrachtaidhe is leis an bhfásgadh dá dtug sé dho do dhin dhá leath dá dhrom, 'á rádh ar an am gcéadna "gur bh'in cúntas aige ar dhreoillíní na hÉireann." T'réis an méid sin a bheith déanta d'imthigh na "Dreoillíní" 'gus Tréan Uallach i bhfochair a chéile, is cá gcasfaidhe iad acht go cuan a bhí i mbun ríoghachta an Fhairceallaigh Thalmhaidhe. Do bhí a chúirt sin lán de mhnáibh áille 'gus 'na measg do bhí bean Chonaill. D'imthigh Tréan Uallach is
thug leis lán a ghabháile dhíobh fé dhéin na luinge, is níor thúisge sin ná Caol an Iarainn 'na dhiaidh is iad sguabtha thar n-ais aige. Do leanadar Caol an Iarainn is do mharbhuigheadar é, is do phriocadar gach bean bhreágh dá bhfuaireadar is chuireadar an chúirt trí theine 'na dhiaidh sin. Ní gádh a rádh go raibh áthas mór ar Ghlas mhic Conaill a bhean féin a bheith 'na measg; is nuair a bhí gach ní i dtreó 'ca do sheoladar a bhaile go hÉirinn. Do bhí an Fairceallach Talmhaidhe sa Domhan Toir ag bailiughadh árd-chíosa; is nuair a tháinigh sé a bhaile is nuair a chonnaic sé an loisgreán a bhí déanta d'fhiafruigh sé "'Raibh éinne fá bhun Dé ar an dtalamh a 'neosfhadh do cé dhin é?" D'fhreagair gruagach a bhí fé sgairt é is dubhairt "gur'b iad Fianna Éireann do tháinig a' lorg na mná do sgiobad uatha do chuir a chúirt fé theine." "N'fheadar," ars' an Fairceallach, "ar bh'fhéidir leat maireachtaint go dtéidhinn ar a dtóir is go dtugainn gach aon mheidhil duine 'ca ceangailte de dheire na luinge ag triall ort?" "Dá mb'éigean dam maireachtaint ar bhileogaibh na gcrann go dtigtheá," ars' an Gruagach, "badh mhór an sásamh liom é." D'imthigh an Fairceallach fé dhéin a churacháin agus thóg sé a sheolta bogóideacha báindearga i mbun is i mbárr na gcrann gcomhfhada gcomhdhíreach, ag treabhadh na fairrge finne fuaire go fulcanta falcanta agus é ag imtheacht os cionn na dtonnta tulcanta talcanta falcanta fionna-ruadh. Do chuireadh sé grean na fairrge i n-uachtar agus cubhar na fairrge i n-íochtar. Bhíodh lupadáin, iasga, róinte, míolta móra ag teacht ar bhois agus bhais agus slait na maidí rámha chuige ag déanamh ceoil, spóirt agus imreasa dho.
Nuair a théigheadh as a chuid soininne gaoithe 'gus seoltóireachta do tharraigigheadh sé chuige réidh-maidí míne bínne buana bána bas-leathana 'gus do chromadh sé ar iomradh go teann tirim tósdalach, ciabhfuirm ciabhraonach, ar bun lacaí 'gus ar bharra-gheal bhfiar. Ní raibh aon bhuille de mhaide ruadh rámha dá dtugadh dá churachán ná go gcuireadh seacht céad léig i bhfairrge í. Níor stad sé go ndeaghaidh go hÉirinn. Nuair a shroich sé an tír sin tharraig sé a churachán suas san áit ná beadh gaoth dá luasgadh, tonn dá bualadh ná grian dá sgoilteadh. Thug sé feiste lae agus lán- bhliadhna uirthi, i gcás ná beadh sé uaithi acht uair an chluig. D'éirigh sé as lúth a chuirp, as snaidhmeanna a chnámh is chuaidh sé ar bárr puirt. Do bhí na Fianna go saothrach roimis ag iomáint ar thaobh leacan cnuic. Do chaith sé dorn de ghadraí nimhe 'na measg is do cheangail gach mac máthair díobh den talamh acht Fionn. "Caithfir me chómhrac, a Fhínn," ars' eisean. "Cómhraiceóchad is ní hé amháin," arsa Fionn, "acht go bhfaghair an fhéile is dual d'eachtránach sa tír seo." Chogain sé an órdóg ón gcroiceann go dtí an fheoil, ón bhfeoil go dtí an cnámh, ón gcnámh go dtí an smior, 's ón smior go dtí an smúsaig. Do feasadh do ná raibh éinne ar an saoghal chun cirt a bhaint den bhFairceallach acht leanbh seacht mbliadhan leis féin a bhí sa Domhan Toir. Do chuir sé teachtaire láithreach bonn le sgéala chun a' mhic teacht fé dheabhadh a' triall air. D'imthigh an teachtaire is d'innis don mhac gur chuir a athair ar a leithéid seo de phrádhainn fé n-a dhéin é. D'oll'uigh an mac é féin, i dtreó go raibh sé féin 's a' teachtaire sa bhaile roim am codlata. Do chuir Fionn an mac go leabaidh chluth'air is do chaith
sé féin 's an Fairceallach an oidhche go maidean i ndálaibh óil. D'éirigh an mac ar maidin is bhuail an cuaille comhraic, sgread sgiath is d'iarr comhrac, is thug Fiadha ná deaghaidh riamh i ndiaidh a chúil. Dubhairt gur bh'é féin an leomhan corógach nár leónadh i gcath ná i gcomhrac, fear cóir is ceart a thagairt is gan cóir ná ceart a thabhairt uaidh. Do bhí fabhraí súl an Fhairceallaigh ceangailte dá chéile le meisge 'gus easba chodladh na hoidhche, acht d'imthigh sé go fonnmhar fé dhéin an gharsúin. Do thosnuigheadar ag gabháil stórta ar a chéile, 's i mbórdaibh an tráthnóna bhí an lá ag dol ar mhac Fhínn. D'iarr Fionn sos comhraic ar a' bhFairceallach. "Gheobhair is ní hé amháin," ars' an Fairceallach. Do chaith Fionn go daghadh nimhe 's as san go daghadh shlánuighthe an mac gur leigheasadh a créachta is do sgaoil leis an bhFairceallach a' cur bileoga na gcrann leis féin. Do chaith Fionn 's an Fairceallach an tarna hoidhche ar nós na hoidhche roime sin, is do chaith an mac 's an Fairceallach an tarna lá ag gabháil stealla ar a chéile, gur iarr Fionn sos comhraic ar an bhFairceallach le haghaidh an tráthnóna. Thug an Fairceallach do é is do chaitheadar an oidhche sin ar nós na hoidhche roimpi .i. gan leigheas ná oideas ná codladh na hoidhche 'g-an bhFairceallach; leigheas, suan agus sámh-chodladh 'g-an mac. Do thosnuigheadar an triomhadh lá ar a chéile. Rugadar ar a chéile mar bheadh dhá leomhan cuthaigh nó dhá tharbh buile nó dhá sheabhac na faille fuaire. Dheinidís talamh bog den talamh cruaidh agus talamh cruaidh den talamh bog. Tharraigighidís tobairíní fíoruisge trí chroidhe na gcloch glas, bhainidís laogh
druimfhionn buidhe as an mboin druimfhinn duinn, ar thaobh an chnuic úd thall, ná feacaidh bó ná tarbh riamh; agus na foidíní gabhaidh a imthigheadh ó na cosaibh 'siad atá mar chnuic i nÉirinn indiu. Ar theacht an tráthnóna d'iarr an Fairceallach sos comhraic ar Fhionn. "Tá'n comhrac fada go leór," arsa Fionn. "An mair-sin é, a Fhínn?" ars' an Fairceallach. "Is mair-seo é," arsa Fionn, is budh gheárr 'na dhiaidh sin gur bhain an mac an ceann den Fhairceallach. Chogain Fionn an órdóg an tarna huair féachaint a' bhfaghadh sé 'mach cad a sgaoilfeadh cuibhreacha na muintire eile. Do feasadh do ná raibh aon ní chun a dhéanta acht fuil an Fhairceallaigh a chuimilt ortha. Do chrom sé féin 's an mac ar bheith 'á bailiughadh i mbuidéalaibh, is nuair a bhí sain déanta 'ca, do chuimleadar braon 's a' timcheall de gach n-aon acht de Chonán. Cómh luath is do bhíodh an fear fuasgalta do ruitheadh sé fé dhéin a' tighe le hocras i dtreó ná raibh duine fágtha acht Conán. D'iarr Conán is gach aon chúntas ar Fionn gan é fhéin 'fhágaint 'na leithéid de chás. Do ghlaodhuigh Fionn ar Dhúbán mhic Mara 'gus ar Osgar is do rugadar-san ar dhá ghualainn air is do stracadar den talamh é. Do sholáthruigheadar moltachán is do bhaineadar an croiceann de is do bhuaileadar bog te leis é is d'fhásadh adhbhar stocaí don Fhéinn air as sain amach. Sin é mo sgéal-sa is má thá bréag ann bíodh. Ní fhuaireas-sa dá mbárr go léir, pé sgéal é, acht stocaí fionnáin, bróga páipéir agus gártaeirí bainne reimhir agus is fada ó chaitheas iad ag gabháil bóthar na mbréag aníos. Do ghabhas-sa an t-áth, do ghabhadar- san an clochán, do báitheadh iad-san, agus thánag-sa slán a bhaile, moladh le Dia.
XXXVIII. - TRÁTHNÓINÍN DÉIDHEANACH. I. Tráthnóinín déidheanach 's mé 'g éigheamh cois amharc (abhann?), 'S gan aon am aice acht na héin ag ceól, 'Seadh do dhearcas an spéirbhean mhaordha mhaiseamhail Aoibhinn chaithiseach álainn óg. Do phreabas is do léimeas gach taobh díom le hanaithe; Do shaoiligheas nár bh'aon bhean taobh dí theangmhuigh liom; Le hanaithe i bpéin do phléisg gur leagadh me Gur dhubhuigh sí mo dhearca lag-bhrígheach gan treoir. II. Do dhearcasa an ríghbhean tríos gach atuirse Agus í 'na seasamh ar bhárr an fheóir; … Tigeann sí 'rís do bhrígh na carraige 'S do thairg sí buidhean síos cois calaith léi; Ar tharrac a cloidhe ó chroidhe thugas taithneamh dí, Don ríghbhean chaithiseach álainn óg. III. A ainnir-bhean óg na mbrógan caithiseach Do dhubhuigh Fionn Ratha i dtúis mo shaoghail, Cé gur thuiteas i mbrón faoi dhó dod dheasgaibh-se Ag ól 's ag ragairne a' tnúth led spré, 'Nois innis dómh-sa cadé an brón so ar t'aigne. 'Bhfuileann tú pósta nó an dómh-sa gealladh tu? Go siubhlóchainn na cómhgair romhat go dtí Sasana, Mar táim le sealad a' tnúth led ghaol. IV. Tráthnóinín déidheanach 's mé ag taobh cois leasa Ar bhruach na faille ba bhreághtha gné, Bhagair sí an dlighe ar an straoille chealgaigh, Líonruith farraige i dtuargain sléibhe.
Faoi cheann tamaill don oidhche nuair a bhíosa ar mearathal 'Gus m'aigne claoite chum luighe le seanchas 'Seadh do dhearbhuig sí go raibh saoir léi i nAlbain Trí uaisle Banban cáirdibh Gaedheal. XXXIX. - Manglam Searbh. MANGLAM SEARBH. Do bhí fear ann fadó gur bh'ainm do Pádraig Ó Suilleabháin. Fear mór óil dob' eadh é. Mar sin féin duine stuamdha macánta dob' eadh é 'na bhun. Níor chuir sé aon achrann ar aoinne riamh ná níor chuir aoinne aon achrann air. Nuair do castaoi an chómharsa ba mheasa leis air, seo mar fháiltigheadh sé roimis: Dob' fheárr liom manglam searbh agus suidhe id theannta Ná seascaireacht bailg is na barraillí d'fhíon Franncach. XL. - SLIBIRE CHNUIC MHUISIRE. Bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a thugadh na daoine air ná Slibire Chnuic Mhuisire. Do bhuail sé breoidhte agus ní raibh éinne 'na theannta do thabharfadh aire dho. Do bhuail duine den mbaile isteach chuige lá féachaint cionnus mar a bhí sé. Is é seo an freagra thug an duine breoidhte air: Is tubaisteach an duine tusa, a Eoghain 'ach Taidhg, Is Slibire Chnuic Mhuisire go breoidhte teinn, 'S gan duine 'gam ded' chine-se do gheobadh dam meadhg Acht uisge dubh na Dribse do mhairbheóchadh na gadhair. Dribse is eadh baile atá i n-aice Chnuic Mhuisire.
XLI. - CORCAIGH NA gCUAN: A TÓGAINT AGUS A HAINMNIUGHADH. Seán Ó Conaill do sgríobh Do chómhnuigh Diarmuid Ó Cuirc agus a bhean agus a inghean i n-Imleach Draoighneach fadó riamh ó shoin. Bhíodar ana-bhocht mar ná raibh de shlighe mhaireachtain aca acht feirm bheag - lán dhá bhó. Ní lé díomhaointeas Dhiarmada bhoicht a bhí an líntighe chómh suarach san ar fad má 'seadh - mar ní misde a rádh ná gurb é oibrigh go dian dúthrachtach ó mhaidean go hoidhche agus ó Luan go Satharn ar a phaiste beag talmhan. Ní raibh rí 'ná rath dá bhárr air, ámhthach; dá fheabhas mar oibrigheadh sé, is ag dul i mboichte bhíodh sé, agus sa deire ní raibh snódh bídh 'ná éadaigh air. Níor mhar sin dos na cómharsanaibh a bhí tímcheall air - ba chuma dhóibh mar oibrighidís, bhíodh an rath i gcómhnuidhe ortha, agus níor dhalla-phúicín ar mo Dhiarmuid an méid sin. Aon oidhche amháin roim ghlaodh na gcoileach do dhúisigh Diarmuid as a chodladh - taidhbhreamh a deineadh do, agus a chuir áthas air. Dubhradh leis ins an taidhbhreamh dá dtéigheadh sé go Droichead Maol Luimnighe go bhfaghadh sé a dhóthain i gcóir an tsaoghail ón ghomhfhuaim gan amhras, agus go bhfuil "do dhéanfadh," ró- fhada; truailliughadh is eadh é, agus seo mar do loiteadh an líne ar fad dhom thuairim: Tháinig "nach faghainn duine" innti ar dtúis (féach nóta a 2), agus ó thála go mbaineann "do gheobhadh" don bhréithir chéadna dob' éigean "do dhéanfadh" do dhéanamh de. Rud eile, oireann "do gheobhadh" don cheathramhadh líne sa chéill agus ní oireann "do dhéanfadh" .i. do gheibhdís uisge na Druipsighe dhó agus ní bhfuighdís an mheadhg. Druipsighe, g. le "Druipseach," Dripsey as Béarla; abhainn í go bhfuil a barr nó a tobar i gCnoc Mhuisire. Druipseach, ainmnidh; Ciarraigheachas "Dribse," is dócha, oireas do gach aon tuiseal. Pé fuirm é, ní hionráidhte sa cheathramhain acht é, mar is léir as an déánamh atá uirthi. Do bheadh "Druipsighe" ró-fhada gan aon agó.
ann. Do hínnseadh do leis an bóthar go ngeóbhadh sé chún dul ann; mar ní raibh traen 'ná "jingle" 'ná fiú amháin coráiste lé fághail an uair sin 'ná aon tuairisc ortha acht chómh beag. Bhí go maith. Nuair éirigh sé ar maidin níor dhearmad leis an sgeul innsint d'á mhnaoi. 'Sé freagra fuair sé, ámhthach, acht gur ghnóthaí fuara iad taidhbhruighthí, mar ná bíonn ionnta acht dearg-éitheach agus nár cheart d'aoinne géilleadh dhóibh, "agus," ar sise, "bíonn a dhá dtrian ag an áidhbheirseóir." Seadh, sgaoil sé thairis an sgeul agus do dhírigh sé ar bheith ag obair agus ag gnóthughadh arís, mar bhí sé roimis sin, acht dá dtugadh sé an taobh síos suas d'Imleach Draoighneach ar fad, sin a mbeadh d'á bhárr aige. Tamall 'na dhiaidh sin taidhbhruigheadh do an taidhbhreamh ceudna arís gan focal fé 'ná thairis; acht amháin gur cuireadh i n-úil do gur bh'é an tarna seans é. Lá 'r na mhárach d'innis sé d'á mhnaoi an méid sin arís, acht má 'seadh! do chuir sí bun ós cionn leis é an tarna huair. Lean sé air annsan ag cur de mar ba dhual do: chún gur taidhbhruigheadh an tríomhadh huair do an sgeul ceudna acht amháin go ndubhradh leis an iarracht so gur bh'é seo a sheans deireannach. Bhí go maith; nuair éirigh sé an mhaidean san, níor innis sé a sgeul d'aoinne, acht cur sa tsiubhal fé dhéin na háite a dubhradh leis. Lean sé air riamh is coidhche go dtánaigh sé go Droichead Maol Luimnighe, i gceann an tríomhadh lae dho. Do shiubhail sé anonn 's anall ann, agus do thug sé an lá ar fad ag spaisdeóireacht ann acht sgeul ná duain 'ná cómhair saidhbhris ní bhfuair sé ó aoinne. Bhí gach aoinne ag feuchaint air agus 'ghá thabhairt fé ndeara, mar d'aithnigheadar gur stróinséar é, toisg malairt éadaigh leó féin a bheith air. I gceann
an tríomhadh lae dho ag fabhlaorduigheacht tímcheall an Droichid agus náire a dhóthain air roimh na daoine, do bhuail fear fé n-a dhéin agus d'fhiafhruigh dhe cad í an pháirt de'n dúthaigh gur bh'as do? Annsan d'innis sé dho focal ar fhocal cár bh'as do, agus cad a thug é, agus an sgeul ar fad tríd síos. "Mo thruagh mhór tu, a dhuine bhoicht," ar seisean, "chún teacht chómh fada ó bhaile ar chúrsaidhibh de'n tsórt san. Táthar dhá thaidhbhreamh san dómh-sa le seacht mbliadhna, dá dtéighinn siar go hÍbh Ráthach go bhfaghainn mo dhóthain do'n tsaoghal ann - ar chnocán atá tamall suas o'n bhfairrge. Tá gáirdín ar an gcnocán go bhfuil crann fuinnseóige ag fás istigh 'na lár agus síos lé taobh an chrainn sin do gheóbhainn mo chuid saidhbhris "mar 'dheadh" dá dtéighinn 'ghá iarraidh." Do thóg an fear eile chuige féin an t-aighneas, mar d'réir na cómharthaí a tugadh do d'aithin sé gur bh'é a gháirdín féin do bhí ar siubhal aige. D'fhág sé slán agus beannacht ag an bhfear annsan, agus do ghluais sé air a-bhaile do'n fhásgadh san. Do shrois sé an baile i ndeireadh an tríomhadh laé dho, agus níor thug sé aon chúnntas d'á mhnaoi 'ná dá inghin cá raibh sé an fhaid 's bhí sé amuigh. Seachtmhain 'na dhiaidh sin annsan, bhí oidhche bhreágh spéirghealaighe ann, agus nuair a bhí an chuid eile i n-a dtrom-shuan fuair Diarmuid a ringer, a ránn agus a shluasaid agus do bhuail sé amach fé dhéin an gháirdín. Dhein sé poll síos lé cliathán an chrainn. Níor bh'fhada dho ag polladh gur bhuail leac leis, acht dob' air ba ghiorra an mhoill, í chaitheamh as an slighe, lé n-a ringer. Thíos fé'n lic do fuair sé sgilléad maith mór, agus é lán suas go bailc d'airgead bhán. Do tharraig sé leis aníos é, agus do dhún an poll go cáidhréiseach 'na dhiaidh arís. Thug sé leis an sgilléad annsan agus do
chuir sé i bhfolach é, i ngan fhios d'aoinne eile, agus do chuaidh sé a chodladh arís. Ar maidin nuair éirigh sé níor leig sé aon nídh air lé hao nne lasmuigh d'á mhnaoi agus d'á inghin. Do bhíodh airgead a dhóthain aige dos gach nídh a theastuigheadh uaidh as san amach. Do dhein sé tigh breágh nuadh dho féin agus a lán nidhthe eile nách é. B'ait leis na cómharsanaibh go léir cá raibh sé a' fagháilt an airgid ar fad agus bhí an-iongnadh ortha 'na thaobh. Ins an am san do bhíodh dream daoine a' gabháil tímcheall go dtugthaí "sgoláirí bochta" ortha. Do ghabhadh duine áirighthe aca chún Diarmuda i gcomhnuidhe agus ba ghnáthach leis fanamhaint in' fhochair ar feadh cúpla lae. Do bhuail sé chuige an iarracht so pé'n Éirinn é agus is roimis do fearadh an fáiltiughadh breágh Gaodhalach i nós na haimsire sin. Mar seo taréis tuitim na hoidhche dhóibh agus iad suidhte tímcheall na teine ar a gcraoibín tseabhrach - smután giúise sáidhte sa teine chún solais a thabhairt dhóibh (mar ná raibh a mhalairt ann an uair sin). Bhí sgilléad an airgid ar an dteine ag beirbhiughadh ladhairín phrátaí dhóibh féin. Feuchaint dá dtug an sgolaire bocht ar an dteine, do thug sé fé ndeara an lasaire ag nochtadh sgríbhneoireacht ar an sgilléad. Do léigh sé í leis féin agus do chuir sé gáire as. D'fiafhruigh fear a' tighe dhe cé'r b'é fáth a gháire: "Tá," ar seisean, "an sgilléad so ar a' dteine agat; cá bhfuairis é?" "Árthach a thánaig isteach sa chuan san thíos tráth," arsa fear an tighe, "agus thug duine des na máirnéalachaibh dham an sgilléad san as ucht rud éigin a dheineas dho." "Tá an sgilléad so 'gá rádh," ars' an sgoláire, "pé áit go bhfuarthas é, go raibh sgilléad eile níosa mhó 'ná é féin ar an dtaobh thíos de agus é lán d'ór."
Ní raibh a thuille ann go dtí go ndeaghadar a chodladh. Bhí fhios ag fear an tighe go maith cá bhfuair sé an sgilléad agus bhí a rian air; nuair a bhraith sé go raibh an chuid eile go léir 'na gcodladh, siúd amach é agus a chuid airmeacha aige. Níor stad sé go ndeaghaidh sé go dtí an crann san ngáirdín. Do pholl sé síos lé n-a thaobh agus i gceann tamaill do bhuail gearr- chorcán leis a bhí lán d'ór bhreágh bhuidhe. Thóg sé leis aníos é agus do dhún an poll go cúramach arís. Thug sé a bhaile a chorcáinín óir agus chuir sé i bhfolach é agus do chuaidh a chodladh dho féin go maidean. Lá 'r na mhárach, aimsir eadshruth, do bhí an sgoláire bocht ag cur chún bóthair arís. Nuair a chonnaic fear an tighe é, dubhairt sé leis go raibh fáilte roimis agus fanamhaint go ceann seachtmhaine. Chómh maith d'fhan. Is amhlaidh a bhí fear an tighe ag machtnamh agus ag cuimhneamh mar gheall ar an gcúrsa. Sa deire dubhairt sé leis féin nár cheart do an sgoláire bocht a leigint uaidh gan a chion de'n airgead a thabhairt dho, mar ná beadh sé aige i n-ao' chor mara mbeadh é. D'innis sé dá mhnaoi go bhfuair sé an t-ór, agus gur bh'é an sgoláire bocht fé ndeara dho é fhagháilt, agus go raibh sé dhá cheapadh nár bh'fholáir dho díol fiach éigin a thabhairt do 'na thaobh. "Is dóigh liom gurb é nídh is fearra dhúinn a dheunamh dhe 'ná cliamhain agus an talamh a thabhairt dho. Beimíd 'ghá thabhairt do dhuine éigin sara' fada mar tá ár ndóthain againn-ne in' eughmais an fhaid mhairfhimíd." "Táim sásta," ars' an mnaoi. Thánaig deire na seachtmhaine agus do bhí an sgoláire bocht ag imtheacht acht do bhí Diarmuid 'á choimeád ó lá go lá ar shlighe 's go raibh náire ag teacht ar an sgoláire é bheith ag fanamhaint chómh fada. Do tharraing
Diarmuid anuas chuige annsan cleamhnais agus dubhairt sé ná tabharfaidh sé a chuid talmhan d'aoinne eile acht do. Ghlac fearg an sgoláire bocht agus dubhairt sé leis gur chirte dho éisteacht ná bheith ag magadh fé, go raibh fhios aige féin go maith gur bh'fhuraiste dho duine fhagháilt dho, nuair ba mhaith leis é thabhairt uaidh. Níor bh'aon mhaitheas do bheith leis an sgolaire, go dtí gur innis sé dho go bhfuair sé an t-airgead agus ná faghadh sé é i n-ao'chor mara mbeadh é féin. "Agus mara bhfanfhaidh tú agam," ar seisean, "roinnfead leat do chuid de." Leis sin do shuidh an sgoláire, agus d'fhan sé 'na theannta. Do phós sé a inghean leis. Ba mhór an iongnadh leis na cómharsanaibh Diarmuid a thabhairt a inghine do'n sgoláire bocht. D'fhan Diarmuid agus a chliamhain san áit sin ag obair timcheall lé bliadhain no dhó. Lá des na laetheanntaibh do theasbáin Diarmuid an t-airgead do'n sgoláire bocht; agus ó ba dhuine glic seana-chríonna an sgoláire - seo mar adubhairt sé: "Is mór an truagh," ar seisean, "an méid sin airgid bheith ag imtheacht gan chrích annso agus gur bh'fheárr úsáid éigin a dheunamh dhe." Dubhairt Diarmuid leis, nár ghádh dho aon chor a chur de, go raibh a dhóthain aige an fhaid mhairfheadh sé. "Tá fhios agam féin go bhfuil," ars' an sgoláire, "acht ba mhaith liom nídh éigin a dheunamh dhe agus níl aon nídh is feárr a dheunfhaimís 'ná an áit seo a chaitheamh uainn agus dul chún cómhnuighthe i n-áit éigin eile." Do thoiligh Diarmuid leis. Do thugadar an áit uatha agus do ghluaiseadar ortha go dtángadar go háit áluinn láimh leis an bhfairrge. Do thaithn an áit sin go mór leó agus ba ghreannamhar leó gan aon tigh a bheith ann rómpa. Do cheannuigheadar paiste
talmhan ann agus do dheineadar tigh breágh ann chún cómhnuighthe dóibh féin. Chuireadar siopa ar bun leis ann agus do dheineadar a lán airgid leis. Thógadar tuilleadh tighthe agus do thugaidís ar cíos iad. Níor bh'fhada go raibh suas lé fiche tigh deunta aca agus mar sin ní raibh gádh na amhgar ortha an fhaid mhaireadar. 'Sí Cathair Chorcaighe an áit sin anois agus sin mar a cuireadh ar bun í. Sin é, leis, fé ndeara "Corcaigh Mhór bhoicht Dhiarmuda" a tabhairt uirri, mar dob' é Diarmuid Ó Cuirc a fuair an t-airgead a dhein í. XLII. - DÁ MBEINN-SE IM IASGAIRE. I. Dá mbeinn-se im iasgaire thiar i mBinn Éadair Is Máire na ngeal-mbrághad 'na bradán ar Loch Éirne, Is aoibhinn 's is meadhrach do raghainn-se dá héileamh Is do-gheobhainn in mo líontán grianán ban Éireann. II. Dá mbeinn-se im lacha agus fairsinge sléibhe agam Is radharc ar na flaithis d'fhonn m'anam do dhéanamh, Do thiubhrainn-se a bhaile an ainnir dá bhféadfainn Is do léigfinn dá hathair na sealad dá héileamh. III. Dá mbeinn-se i Lúndain im cheann ar an ngárda Is cead agam ón bhFranncach mo long do chur thar sáile, Chúig mhíle púnt dar bh'fhiú súd gach lá me 'S gurbh' i Máire mo rogha-sa 's go mbronnfainn mo stáit di.
IV. Éirigh id shuidhe, a bhuachaill, agus gléas mo ghearrán dam Is gach bealach ann dá mbuailfir bí ar thuairisg mo dhian-ghrádh' ann; Tá sí dhá luadh liom ó bhíos im leanbán, 'S gur binne liom naoi n-uaire í ná cuach is ná orgáin. XLIII. - Ceisteanna: leath-chéad a líon. 1. Fear ag siubhal na trágha agus a bhothán ar a dhrom aige. Mingeán. 2. Saighdiuir sa gháirdín agus cáibín gorm air. Ribilín. 3. Oileáinín lán de chosaibh mionánaidhe. Cárdaidhe. 4. Láir bhán sa gháirdín, Siorrach innti, siorrach aisti, Siorrach dá hól, Agus í faoi eachmairt. Cruiceog bheach. 5. Ceithre muca firionna bána Ag féachaint siar ar hallaíbh Uí Dhála'; D'íosfaidís a dtiocfaidh 's a dtáinig Is ní theilgfidís oiread a' cháingthe. Ceithre theampall. 6. Céist do bhí ar an easbog Seachtmhain is trí lá: Naonbhar fear i gceart Aige aon mhnaoi 'mháin. Naonbhar ab' ainm dá fear.
7. Dháréag ar aon leabaidh 's gan aon' aca ar colbha. Roth tuirinn. 8. Trí cosa i n-áirde; Dhá chois i dtalamh; Ceann an duine bheó I mbéal an duine mhairbh. Corcán ar cheann cailín. 9. Cím chugham anoir Fear na sruth, Fear na coise caoile cruaidhe, Is mo dhá thruagh mo laogh gan ruth. Bó do bhí t'réis breithe agus do chonnaic sí madra alla ag teacht. 10. Cím chugham trís an ngleann Inghean an ríogh agus í go teann; Rud beag óir ar bhárr a baise Agus cúl a coise trí n-a ceann. Tuagh. 11. Bíonn sí thiar; Bíonn sí i ngáirdín Bhaile Átha Cliath; Is mó é a greim ná greim capaill Agus ní itheann sí an féar. Speal. 12. Cím-se agus ní chíonn tusa é agus is giorra dhuit-se é ná dhómh-sa. Cúl do chinn. 13. Dhá chois ar talamh; Ceithre cosa ar talamh; Ceann le tóin agus tón ar talamh. Duine a bheadh ag crúdh caorach.
14. Ceithre slata míne réidhe 'siubhal an tsléibhe 's a mbéal fútha. Ceithre sheine (seiní) na bó. 15. Ceathrar ar ruth; Ceathrar ar crith; Beirt ag tabhairt an eoluis Do Mhac Uí Ghioblacháin ag ruth 'na ndiaidh. Bó bheadh ag rith, an t-earball Mac Uí Ghioblacháin, an dá shúil, na ceithre sheine (ar crith), na ceithre cosa (ar ruth). 16. Lán páirce do bha bána agus bó dhearg eatorra istig. Sin é do bhéal agus t'fhiacla agus do theanga. 17. Sin é sa chúinne agus pus air. An chroch. 18. Chúig sgata glaisínig Ag baint adhmaid an chaoil: An méid a bhainidís do fhágaidís; An méid ná bainidís thugaidís leó. Géanna a bheadh ag priucadh clúmhach díobh féin. 19. Cím chugham aniar Trí capaill, trí sriain, Trí pillíní óir, Agus trí pócadáin fiaidh. Trí sgamaill. 20. Fear fada dubh 'Na sheasamh 'sa tsruth Gan focal 'na phus Acht Dodaidhe Ó Duid. Deatach ag imtheacht as sheiminé.
21. Nead fuiseoige ar sliabh I bpoillín dian daingean docht Faoi bhun an chúilín chasda chraobhaigh, 'S a' bhfuil aon mhac ríogh i nÉirinn a réidh- teoghadh mo cheist? Circín striceach do dhein nead i súil an duine do fuair bás ar an sliabh. 22. Abhlín buidhe beárrtha I lár na tuinne báine. An t-im 'sa bhláthaigh (nó Im is bláthach). 23. Saitheach gan tóin gan cheann, 's é lan do fheoil duine. Méaracán táilliúra. 24. Tá tig agam-sa 'S ní gheobhainn féin slighe go deó ann, Is ní'l fear ins an domhan Chóimhreóghadh a chuid fuinneóg air. Méaracán. 25. Tá botháinín 'sa gháirdín Go raghadh na céadta ann; Ní bhfaghainn-se slighe ann Ná leath mo chuid éadaig. Cruiceóg bheach. 26. Deatach 'sa ghleann 'S gan aon teine ann. Bualtrach Bó. 27. Sin é suas m'athair mór 's a chaipín air. Deatach.
28. Chuas amach 'dir dhá chrann, Agus thána' 'steach 'dir dhá abhainn. Duine bheadh ag dul amach le dhá mhuga go dtí an tobar agus ag teacht thar n-ais le uisge. 29. Méisín chúmtha chámtha, A béal fúithi 's a ton i n-áirde. Sliogán báirnig. 30. Bean fhada ghléigeal Agus crios dá taobh fhéinig. Punann coirce. 31. Sin é sa chúinne Agus dhá chéad súil air. Corcáinín anbhruithe. 32. Caora dubh agus lomradh bán uirthi. Greidiol. 33. Ainmhidhe beag dubh (nó seanduine beag) agus a thig ar a ghualainn aige. Seilmide. 34. Chím chugham tríd an lios An chráin is mó ar bith; Ní rug sí éinne, 'S ní raibh sí torrach Acht bhí naoi naonbhair innti istig. Long. 35. Duibhín Ó Duibh Thar fairrge anoir Ag innsint sgéil Gan féith gan fuil. Leitir.
36. Teachtaire beag ó thig go tig, agus bíonn sé amuigh san oidhche. Casán. 37. Caipín óir agus cos as; D'ólfadh mac an ríogh deoch as. Ní bun c'róinne is ní bárr c'róinne, Is ní gabha ná ceárdaidhe dhein é. Cíoch. 38. Léine do deineadh is ní de líon Do mhac an ríogh do rugadh le buadh; Sgáil na gréine trí n-a taoibh Is í gan nighe, gan fighe, gan fuagh. Sgannán saille. 39. Is cruinne é ná do cheann; Is sia é ná mílte crann. Ceirtlín snáithe. 40. Tháinig sé isteach ar ghuailnibh daoine, Is chuaidh sé amach mar shnáithín síoda. Móin. 41. Bréidín buidhe Ar thaobh an tighe Is ní féidir liom a shníomh Ná a réidhteach. An ghrian. 42. Glas ar an abhainn thall 's i bhfus. Leac oighre. 43. Do ghaibheas suas an bóithrín, Do ghaibheas anuas an bóithrín, Is thugas an bóithrín ar mo dhrom liom. Dréimire.
44. Chomh hárd le falla, Chomh geal le bainne, Chomh dubh le daol, Chomh dearg le fuil. Sgeach drise. 45. Firín beag íseal íseal; Firín níos ísle ná san; Firín a chuirfeadh ruchall fé chaora; Agus firín níos ísle ná san. Trompallán. 46. Caipín mo sheanathar 'Na shuidhe ar a thóin, 'S ní stadann sé den tsodar san Go dtéidheann sé 'on Róimh. Cubhrán bán. 47. Fás bliadhna níos sia ná an caisleán. Ceirthlín snáith. 48. Ghaibh girrfhiadh beag lomartha Tré choill dromada dromada; Ní raibh aon tslat i gcoill dromada dromada Ná raibh ag gabháil ar mo ghirrfhiadh bheag lomartha lomartha. Spóla figheadóra. 49. Chím 'na suidhe, 'na seasamh, Chím ar bhláth an aitinn í; Ceó ná drúcht ní leagann í, Is ní stadann sí de shiubhal. An ghealach. 50. D'éirigh an bhean 'na seasamh Ar bhárr an chnuic is d'fhéach sí siar, Bhuail sí snaidhm ar cheann dá cosaibh Is mairfidh sí na mílte bliadhan. An ghrian.
XLIV. - DROICHEAD A' tSUANRUIS. I. 'S me 'gabháil síos go Droichead a' tSuanruis mar a gcomhnuidheann mo stuaire cailín Do casadh orm cnap tighe de dheais-díon i n-uaignios gan teacht braoin anuas air ná aníos; Bhí Neilí gan ceasnaidhe gan gruaim uirthi ar leabaidh i mbun a suai'nis 'na luighe; Fém starthaíbh gur bheartuigheas í fhuadach is go gcóimhreoghainn a cuacha léi síos. II. A Neilí, ná bí[odh] ceasnaidhe ná gruaim ort ó ráinighis ar a' guardal mar ataoi; Ní dailthín mi do beathuigheadh ar a' gcuairiomh acht stáire de bhuachaill-fhear groidhe; Do thugas searc-ghnaoi dod gheal-phíp i n-uaignios, ní áirighim tu fhuadach thar druim, Agus marcaigheacht ar mo stail ghroidhe do fuairis ar fad síos go Cluain Meala an ghrinn. III. Do shiubhlas cúig cúigeadh na hÉireann agus Oileán an Éisg ar dtúis Nó gur casadh mi go Sasana an Bhéarla 's gach áichiún 'á mb'fhéadar do shiubhal Nó gur casadh go cogadh na bp'léar mé 's mi strupáltha im léine go cumhang, Is 'nois ó táim gabhtha níor bh'fhéidir go leogfá me dhaoradh gan chúis.
XLV. - LÚIBÍN NA gCOCÁN. Bhí bainis i n-áit éigin i gCúige Mumhan. Ní tuisge do pósadh an lánamha ná do cualathas an fothram amuigh. Tháinig na saighdiuirí isteach agus do rugadar ar an bhfear óg nuaphósta. Do cuireadh an loch amach é. Do chuaidh an bhean óg i n-aimsir chum slighe bheatha a bhaint amach di féin. Do leigeadh amach an fear óg i gceann sgathaimh 'na dhiaidh soin agus tháinig sé a bhaile. Do bhuail an bhean leis cois leasa 'na mbíodh a triall go minic air. Do chuala sé roim ré go raibh sí ag gabháil le fear eile agus nuair a chonnaic sé ná raibh aithne aici air, do leig air bheith ag suirghe léithi. Nuair a chuir sí suas dá chuid magaidh do thuig sé fírinne a sgéil agus do nocht di gurab é féin a bhí ann. Sa chaint dóibh do ceapadh an t-amhrán so eatorra: I. Tráthnóinín déidheanach cois taobh leasa bhíos, Mo chluais deas ag éisdeacht le claon-bheart an tsaoighil; Bhí caise bhog bhraonach le n-a caol-leacain síos, A dhá bais aici dhá bpléasgadh 's í ag géar-ghol 's ag caoi. II. A lúibín na gcocán 's a chúil chrothánaigh bhuidhe, Cad é cúrsaidhe do ghearáin go bhfuil a' t-ochlán id chroidhe? An é t'athair nó do mháthair nó do leannán fir céile Do cailleadh ar an árd go bhfuil a' t-ochlán 'na ndiaidh ort?
III. Do fhreagair me i nóimiot, 'sí óigbhean na gcliar, Ní gaolthaigheacht ná comhguis do león mo chroidhe im chliabh, Ba, caorcha, capaill, bólthacht ná an mór-stoc 'na shliabh, Acht 'sé grádh mo chroidhe do sheoladh ar an mór-luingis siar. IV. A bhrighdeach na mbán-nglac taoi lán-lag id luighe; Ná suidhfeá-sa taobh liom ar chomhgar na dighe? Do thógfainn-se an ceó 'gus a' bron suas dod chroidhe Fé mar éireóghadh a' lochán de choirce le gaoith. V. A bhuachaillín magaidh, leig-se feasda dhod spóirt; Téire-se a bhaile is tabhair aire dhot ghnó! Ní thriomóghaidh mo leaca-sa do chaise bhog deór Nó go n-iompuighidh a' dubh dearg is go gcasaidh mo stór. XLVI. - AN GLIOMACH. I. Slán beó chun bliadhain a' taice seo, ba mhaith í mo ch'luith éadaig; Gur lúthmhar láidir acfuinneach do dhéanfainn bean do bhréagadh; Do casadh ar a' ngliomach mé go raibh cúpla bó mar spré aici; D'fhág sí im intinn greadaithe me is mo chroiceann geal gan léine.
II. Nuair a ghabhaim-se amach ar maidin 's ní theagaim go tráthnóna Bíonn luaith a' lae sa tiollach 'gém chailín maiseamhail rómham-sa. Luigheaduigheann sé ar mo mhisneach is méaduigheann sé ar mo bhróna, Mo bhábán óg ag gol orm 's mo ghliomach i dtig a cómharsan. III. A bhuachaillí óga an bhaile seo, má ghlacann sibh mo chomhairle, Ní thréigfidh sibh a' cailín deas mar gheall ar í bheith gan bólacht, Beidh a' tinnteán go t'rim treasgartha aici ó mhaidin go tráthnóna, Ní mar sin a bhíonn mo ghliomach-sa acht í sáithte i dtig na comharsan. XLVII. - SEÁN MAC SÉAMUIS. Bhí lánamha ann uair, feirmeoir agus a bhean, agus bhí ógánach breágh fearamhail de mhac aca gur bh'ainm do Seán mac Séamuis. Bhí lios ar thalamh na feirme agus bhí an mac ag gabháil thar an lios oidhche áirithe agus na beithidhigh aige dá dtiomáint, agus pé slighe gur bhuail an bhean ruadh leis ní fhéadfadh sé imtheacht uaithi - bhí sí 'na seasamh i ndorus an leasa agus í ag glaodhach air. Do chuaidh sé fé n-a déin agus do rug sí léi isteach sa lios é, agus chomh luath is bhí sé istigh ní fhéadfadh sé gabhail amach arís.
Do mhothuigh an t-athair 's an mháthair uatha é agus do chuadar dá lorg go dtángadar chum an leasa. Bhí an bhean ruadh 'na seasamh i ndorus an leasa arís, agus d'fhiafruigheadar di an í do rug a mac uatha. Dubhairt sí gur bh'í agus go raibh sé istigh aici an uair sin féin acht nár bh'aon tairbhe dhóibh a bheith léithi, mar ná leigfeadh sí amach é go bhfaighdís duine éigin do bhuadhfadh uirthi féin i rannaigheacht .i. i gceapadh rann. Tháinig an t-athair 's an mháthair a bhaile fé bhrón agus fé dhoilghíos agus bhíodar chum dul a chodladh. Thárla le n-a linn sin go dtáinig inghean ríogh chum an doruis. Bean óg do b' eadh í do chuaidh le craobhachaibh, agus do bhí sí ar feadh seacht mbliadhan ar fán sa bhfásach sar ar tharraing sí ar na tighthibh. Thosnuigh sí ar tarrac ar na tighthibh nuair a bhí a ciall agus a meabhair ag filleadh uirthi, agus annsain tháinig sí chum an tighe seo an oidhche seo agus bhí an t-athair agus an mháthair ag gol i ndiaidh an ógánaigh agus d'fhiafruigh sí dhíobh cad do bhí ortha. Ní 'neósfaidís di i dtosach bára, acht d'innseadar di fé dheireadh sar a ndeaghadar a chodladh. Chuaidh sise fé n-a dhéin lá ar n-a bháireach. Chonnaic sí é, acht dubhairt an bhean sídhe ná tabharfadh sí suas é go mbuadhfadh sí sin uirthi féin i rannaigheacht. Annsain do dhírigheadar ar a chéile agus gach re seadh aca ag ceapadh rann gur chúmadar eatortha an laoidh seo i n-ár ndiaidh: Inghean an Ríogh Mór is Muire dhuit, a Sheáin mhich Séamuis; Is fada ó bhaile a thánghas 'ot éiliomh, Ó Dhrom Duithig mar a mbaintear na caorthaibh Nó ó lúibín na coille mar a bhíonn na mná taobh leis.
An Bhean Ruadh: An tú Neilí nó Ceaití Major Nó an tú Fítheal na Carraige Léithe Nó an tú an dia-chailleach ó diar na hÉireann Do thugann a' bás do dhaoine an tsaoghail seo? Inghean an Ríogh: Dar go deimhin, a bhean, ní haon' aca féin me, Acht inghean ríogh me ón Duimhich Hélen. 'Sé mo dhaidí flaith na féile; 'Sí mo mhaimí lámh a' daonnacht; 'Sé mo dhearbhráthair-se an lionnán sídhe gléigeal; 'Sé mo dhian-ghrádh-sa Seán mac Séamuis! An Bhean Ruadh: Dhá mb'inghean ríogh thu ón Duimhich Hélen Ní bheadh do ghruaig a' sguabadh an fhéir leat Ná do leaca gheal dhearg ar dhath an fhéir ghlais. Inghean an Ríogh: Dhá mbeifeá-sa feadh seacht mbliadhna fé Helen a' réilthionn 'Siubhal a curraighthe bogaighthe 'sléibhtibh Is gan do chóir bídh agat i bhfochair gach aon rud Acht a' samhadh 'gus a' biolar 's a' t-uisge mar bhéile! Tabhair dham trí céad tseana-bhuidheach do tharbhuigheadh bléinfhionn, Trí chéad each ar dhath a chéile, Trí chéad caora do lomraí' tréana, Trí chéad púnt d'airgead réalach, Trí chéad gabhar reamhar gan aon locht, 'S mara dtabharfair sin dam t'r'om é féinig!
Do bhuaidh inghean an ríogh ar an mnaoi ruaidh agus do leigeadh an fear óg amach as an lios. D'fhill an bheirt annsain ar an dtigh. D'innis an óigbhean dóibh cár bh'as di agus an áit go raibh comhnuidhe ar a muintir. Lá ar n-a bháireach d'imthigh an t-ógánach agus do shiubhail sé Éire gur aimsigh sé i n-a n-ionad comhnuidhthe féin iad. Tháinig an-áthas ortha nuair a chualadar go raibh an inghean 'na beathaidh fós agus thángadar ag cur a thuairisge, agus toisg nár bh'fhios dóibh cad eile cad do dhéanfaidís léithi do shaoileadar nár bh'fhearr di saoghal a bheadh aici ná í phósadh le Seán mac Séamuis. Do pósadh an lánamha óg annsain agus do mhaireadar go cúmpórdach, iad féin agus a gclann i n-a ndiaidh. XLVIII. - SEANFHOCAIL: DHÁ CHÉAD A LÍON. Liam Ó Lúing agus cách do bhailigh. 1. An rud is annamh is iongantach. 2. An té nach truagh leis do chás, ná déin do ghearán leis. 3. An bhó is aoirde géim 'sí is caoile iarball. 4. An rud do sgríobhann an púca léigheann sé féin é. 5. An rud a théidheann i bhfaid téidhean sé i bhfuaire. 6. Briseann an dúthchas trí shúilibh an chait. 7. Buadhann an t-imshníomh ar an gcinneamhaint. 8. Bíonn adharca muara ar na buaibh thar lear. 9. Beatha dhuine a thoil. 10. Bíodh sé mar tá sé is Tráiglí mar a bhfuil sé. 11. Bíonn an fhírinne searbh. 12. Bíonn an rath ar an gceisneamh.
13. "Chonnac cheana tu!" mar dubhairt an cat leis an mbainne the. 14. Dlighe na hiasachta an t-iarrach do bhriseadh. 15. Dá mbeadh báisteach go Samhain ann ní bheadh ann acht cioth. 16. Deireadh an tsaoisgéil an t-airgead. 17. D'íosfadh cat sleamhain féin fadóg. 18. Deineann caoi (cae, caoth) slaidire (sladaire). 19. Gach file agus fáidh ag trácht ar a ealadha féin. 20. Is túisge deoch ná sgéal. 21. Is feárr an troid ná an t-uaigneas. 22. Imthigheann rith focail ar shagart na p'róisde. 23. Is minic cú mhall sona. 24. Is deacair an girrfhiadh do chur as an dtor ná beidh sé. 25. Is annamh iasg aige liadhairníbh díomhaoine. 26. Is feárr sioc ná síor-bháisteach. 27. Is maith an t-anncaire an t-iarta. 28. Is feárr an t-éan atá san láimh ná an t-éan atá ar an gcraoibh. 29. Is milis dá ól é, is searbh dá dhíol é. 30. Is báidheamhail iad lucht aon chine nó chéirde. 31. Is geal leis an bhfiach dub a ghearrcach. 32. Is giorra cabhair Dé ná an dorus. 33. Lomann broid cineál. 34. Lomann lom coingheall. 35. Ní sia gob an ghanndail ná gob an ghéidh. 36. Ní théidheann rogha ón réidhteach. 37. Nuair a théidheann an gabhar dhon teampall ní stadann go haltóir. 38. Ní creidthear an fhírinne ón duine bréagach. 39. Ní baoghal duit an madra sgeamhuigh ort. 40. Nuair is mó an anfhochain (nó anaithe) 'seadh is giorra an chabhair.
41. Ní'l maith i seanchas nuair atá an anfhochain déanta. 42. Ní ualach do dhuine a bhrat. 43. Ní bhíonn saoi gan locht. 44. Ní bheathuigheann na briathra na bráithre. 45. Ní bhíonn tréan buan. 46. Ní bhriseann focal maith fiacail. 47. Seachain an droch-dhuine is ní baoghal duit an duine macánta. 48. Tuigeann fear léighinn leathfhocal. 49. Múineann gádh seift. 50. An té go mbíonn an rath air féin bíonn sé ar a chuid gabáiste. 51. Sia théidheann an t-éitheach ná an fhírinne. 52. Aithnigheann an donas a dhuine féin. 53. Bád gan stiuir nó cú gan earball. 54. A anam féin ar ghualainn gach duine, beireadh leis nó fágadh. 55. Bíonn blas milis ar phorsach na comhursan. 56. Comhgar chum an bhídh agus mór-thimcheall chum na hoibre. 57. Faghtar laoch i n-aisge. 58. Má's maith molfar. 59. Má táim-se buidhe tá croidhe geal agam. 60. Má tá bean an tighe teinn níor chaill sí a goile. 61. Mian amadáin díomhaointeas. 62. Ní fhaghann sagart balbh beatha. 63. Ní bhíonn ón bhfear sona acht é bhreith. 64. Nuair a bhíonn an cat amuich bíonn an luch ag rinnce. 65. Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith. 66. Nuair is dóigh le duine é bheith go deas 'seadh bhíonn sé 'na chleas margaidh. 67. Ní coinghibhthear tigh gan teanga.
68. Ní cheileann meisge rún. 69. Ní fhéadann an gobachán an dá thráigh do thabhairt leis. 70. Ní i gcomhnuidhe bhíonn Domhnall Buidhe dhá phósadh [ná cóir aige air]. 71. Ní'l leigheas ar an gcathughadh acht é mharbhughadh le foidhne. 72. Is feárr rith maith ná droch-sheasamh. 73. Is feárr cóir ná dul chum dlighe. 74. Tart deire an óil agus brón deire an ghrádha. 75. Teachtaire an fhiaich (fhéich) ón Áirc. 76. Sgata ban nó sgata géanna. 77. Is maith an tiománaidhe an té bhíonn ar an gcloidhe. 78. Is feárr míne ná borbracht. 79. Aithnigheann na haingil a chéile. 80. Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille. 81. Seachain tigh an táibhirne nó is báirnigh is beatha dhuit. 82. Ní déidheanach í an mhaith aon uair. 83. Is olc an ghoile ná téitheann a cuid. 84. Bíonn an óige ar buile. 85. Do fhear gan náire is fusa a ghnó dhéanamh. 86. Ní bíonn na slisneacha acht mar a leagtar an crann. 87. As an obair thagann an fhoghluim. 88. Nuair is gainne an biadh 'seadh is cirte é roinnt. 89. Stocaidhe bána ar shálaibh dóighte. 90. An rud is measa do dhuine ar domhan n'fheadair sé nách chun láir a leasa é. 91. Buachaill aige Móra is Móra ag iarraidh déirce. 92. Síoda ar Shiubhán 's an plubán (nó preabán) ar a hathair.
93. Ní cuimhnightear ar an arán atá ithte. 94. Is é dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain é. 95. Nuair a bhíonn an cupán lán (nó líonta) 'seadh is giorra dho é dhortadh. 96. Is minic a chailleann duine caoirigh mar gheall ar luach leathphingne 'theárra. 97. Ní lugha sméar sa bhfoghmhar ná é. 98. Is é an duine an t-éadach. 99. Bíonn leacacha sleamhna i dtighthibh daoine uaisle. 100. Bríste slán ar Sheán is gan faic na ngrás ar a athair. 101. 'Sé an dul ag iarraidh olna ar ghabhar duit é. 102. Má's peacadh bheith buidhe tá daoine damanta. 103. Is minic deamhraitheach cailleamhnach. 104. Ní measa cách na Conchubhar. 105. Dá ghiorra do dhuine a chasóg (nó chóta) is giorra ná sin do a léine. 106. Bíonn blas ar an beagán. 107. Blais an biadh agus tiocfaidh dúil agat ann. 108. Tá sé (nó sí) cómh haerach le múil go mbeadh mairc uirthi. 109. As a blaiseadh is feárr é. 110. Tigh ar thaoibh bóthair ní haistear gabháilt ann. 111. Tabhair póg do chosaibh an ghirrfhiaidh. 112. Is minic a thagann gráinne ón sgilige. 113. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn agus má's glas ní féarmhar. 114. Stad stagúin i mbéal beárnan. 115. Ná téir' i gcoinne an diabhail leath slighe. 116. Pósadh indiumh is piocal i mbáireach. 117. Tagann fear slán as lán árthaigh. 118. Slighe Thaidhg Chaoich chuin an Oileáin. 119 (a). Tabhairt ruacain [go] dtí ínse. 119 (b). Cnuasach trágha ag dul go dtí ínse.
120. Tagann gach maith le cáirde. 121. Ní hobair gan duadh an domhan. 122. Badh mhaith leis na mná dealbha an bhláthach. 123. Mná dorcha duibheagánta 'seadh mná Muintir' Mainín. 124. Tionnlacadh na n-óinseach. 125. Fear na mbróg bí amuich. 126. Níor chuaidh an tuathal amugha ar éinne riamh. 127. Ní théidheann stoirm thar Domhnach ná robharta thar Dia Céadaoin. 128. Is feárr súil le glas ná súil le huaigh. 129. 'Sé an chóir a dheineann é. 130. Is mairg a bhíonn síos an chéad lá. 131. Caithfidh duine géilleadh dá bhacaigheacht. 132. Do smachtfadh gach éinne an bhean mhíonáireach acht an té go mbíonn sí aige. 133. Le heagla bheith bocht bí comhnaidheach. 134. An té ná bíonn a leas ar maidin roimhe, ní bhíonn sé tráthnóna. 135. Ar m'éirghe amach ar maidin, do bhuail an bhean ruadh liom, ch'nnoc an girrfhiadh dubh ar an ndrúcht, agus chuala an chuach im chúl, agus annsin d'aithnigheas féin ná héireóchadh an bhliadhain sin liom. 136. Imthigheann gach maith le mion-chaitheamh. 137. Bailigheann brobh beart. 138. An té bhíonn amuich, fuarann a chuid. 139. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb. 140. Is reimhre fuil ná uisge. 141. An té ná tabharfaidh aire don sgilling, ní bheidh an sgilling aige. 142. Ní raibh cuibheasach 'na thigheasach maith riamh. 143. Is fiú an suaimhneas é cheannach. 144. An té bhíonn 'na dhroich-sheirbhíseach do féin, bíonn sé 'na sheirbhíseach maith don duine eile.
145. Ní fhaghann an síor-iarraidhe acht an síor-eiteach. 146. Is feárr greim ná buille. 147. Múinfidh a ghnó duine. 148. Nuair a bhíonn an rath ort féin, bíonn sé ar do chuid. 149. Is leór ó Mhór a dícheall. 150. An madra ruadh i mbun na gcearc. 151. Is minic tháinig bromach giobalach chum bheith 'na ghearrán chumasach. 152. Tuigeann gach aon'ne a bhalbhán féin. 153. Fiadhnaise an ghiolla bhréagaigh a bhean. 154. Is buan nó folláin é fear 'na dhúthaigh féin. 155. Is fearr lán duirn d'fhear ná lán gaid de mhnaoi. 156. Is feáirrde an teachtaire mall druidim 'na choinne. 157. Ní féidir an rud 'fhagháil acht mar a mbíonn sé. 158. Is mairg thugas droich-mheas don óige. 159. I dtosach na haicíde is féidir a leigheas. 160. Má phósann tú i n-aon chor, pós anuraidh. 161. Dranna madra nó gáire Sasanaigh. 162. Bíonn caora dhubh i dtosach uair éigin. 163. 'Sé teacht an tseagail é, teacht fada mall (nó righin). 164. Maol guala gan bráthair. 165. Mairg a bhíonn i dtír gan duine aige féin. 166. Cad é an iongnadh bean ar meisge acht spadallach fir! 167. Is fearr focal sa chúirt ná bonn (nó púnt) sa sparán. 168. Is mairg a bhíonn go holc agus go bocht 'na dhiaidh. 169. Ná dein nós is ná bris nós. 170. Gach aon'ne mar a dhúthchas. 171. Is feáirrde bean leanbh, acht is misde dhi beirt.
172. Dá luathacht, is fheárrde. 173. Ní déarfaidh sé sgéal ná duan. 174. Is 'mó lá thabharfair ar thaobh an teampaill 's ní iarrfaidh do dhranndal biadh. 175. Ní fiú deoch d'uisge na n-ubh (nó gcos) é. 176. Is olc an rud a shaluigheann stocaí bána. 177. Is minic do bhain duine slat chum a ghortuighthe féin. 178. An té ná faghann an fheoil, is mór an sógh leis an t-anbhruith. 179. Suidh síos go raghair i dtaithighe an tighe. 180. I ndiaidh a chéile tógthar (nó dhéantar) na caisleáin. 181. Mol an óige agus tiocfaidh sí. 182. Is fearr an mhaith a déantar 's a maoidhtear ná an mhaith ná déantar agus ná maoidhtear. 183. Níor mhothuigh an sáthach sámh an t-ocrach riamh. 184. Ní'l sprid ná púca gan fhios a chúise féin. 185. Croch indiu agus cúirt i mbárach. 186. Ní hiad na mná deasa chuireann pota ar fiuchadh. 187. Ní don abhras an chéad tsnáth. 188. Is teann gach madra geárr ar urlár a thighe féin. 189. Is úr stiall do leathar dhuine eile. 190. Solus fé bhéal daibhche. 191. Is feárr déidheanaighe ná ró-dhéidheanaighe. 192. Tá dhá cheann ar an magadh. 193. 'Sé dícheall an sgéil meath. 194. Is maith an sgéalaidhe an aimsir. 195. Is fearr preabán ná poll, is fearr lom ná léan. 196. Is beag é toradh bó aonair. 197. Is binn béal bhíos iadhta. 198. An rud ná himthigheann, fachtar é. 199. An té ná bíonn láidir, ní fuláir do bheith glic, 200. Fear na bó féin fé n-a hearball.
XLIX. - SEANRÁIDHTE 'NA LEATHBHEANNAIBH: LEATHCHÉAD A LÍON. An fear céadna is cách do bhailigh. 1. Bean mhic is máthair chéile Mar bheadh cat is luch le chéile. 2. Faghann an capall bás Faid is bhíonn an féar ag fás. 3. Gach dalta mar oiltear 'S an lacha ar an uisge. 4. Is feárr an chú bhíonn san tsiubhal Ná an chú bhíonn i luibh. 5. Ní bhíonn an rath Acht mar a mbíonn an smacht. 6. Ní lugha frigh Ná máthair an uilc. 7. Aifrionn na Gine Aifrionn is fiche. 8. Ní feárr biadh Ná ciall. 9. Ní liachta ísleán sona ann Ná árdán dona ann (mar dubhairt an fear le píopán an ghanndail.) 10. An té go mbíonn an bhróg ag luighe air Is do is cirte í sgaoileadh. 11. Ní gnáthach Fear náireach Éadálach. 12. An té go dtéidheann teist na mochóirighe amach air Ní cás do codladh go headshruth. 13. Céadlacan fada agus easbadh na mbróg Deinid siad seanduine den té bhíonn óg. 14. Mara mbír i dtigh an bhídh Bí ins an tigh le n-a thaoibh.
15. Nuair a raghair dhon Róimh Bí id Rómhánach leó. 16. Is furus féasóg an leomhain a stathadh Nuair a bhíonn sé 'na chodladh. 17. Tárlann na daoine ar a chéile, Acht ní thárlann na cnuic ná na sléibhte. 18. An té bhíonn suas óltar deoch air; An té bhíonn síos luightear cos air. 19. Tabhair don ghárlach Agus tiocfaidh sé i mbárach. 20. Má tá céad gnó againn Tá céad ló againn. 21. Ní ceart an t-uisge salach a chur amach, Nó go dtabhairfear an t-uisge glan isteach. 22. An inghean is an mháthair, Beirt a bhíonn páirteach. 23. Tabhair-se dhómh-sa Is beir féin it óinsigh. 24. Cuir sa chófhra é Is gheobha tú gnó dhe. 25. Má's maith i n-éan-chor iad, Is maith i n-éinfheacht iad. 26. Is furusda fuine I n-aice na mine. 27. An rud a bailightear go bocht Imthigheann go holc. 28. Chuirfinn-se geall Go gcuirfinn-se breall It aindeoin ort. 29. An ceann caol don mbeatha 'S an ceann reamhar don mbata. 30. Ní bheathuigheann na briathra na bráithre, 'S ní choinghibheann na soillse na caoire ón stáca.
31. An té thugann a chuid go léir uaidh, Ní thugann sé éinní uaidh. 32. Is minic bromaichín giobalach 'Na bhromaichín mustarach. 33. Is fuar an tigh Ná gnáthuighid na fir. 34. Is fearr an té chuireann aiteann ar cloidhe Ná an té chuireann caisleán sa gcoill. 35. Duine gan dínnéir, Beirt gan suipéir. 36. A bhuachaill, beir buadhartha go bpósair, 'S ón uair sin beir buadhartha do dhóthain. 37. Comhrádh ban ar chléith, Comhrádh ná bíonn réidh. 38. Taithighe mhéaduigheas toil, Taithighe mhéaduigheas locht. 39. Feitheamh fada Ar chosaibh laga. 40. Teasbach gan dúthchas, Is deacair a iomchar (iúmpar). 41. Bíonn múineadh ar fhear ó aois go bás, Acht ní mhúintear bean choidhche nó go brách. 42. An té atá tuirseach, suidheadh; 'S an té atá bacach, bíodh. 43. Fuacht sa tsioc ort, Má tá fuacht indiumh ort. 44. An té ná gabhann comhairle, Gabhann sé comhrac. 45. An t-Abrán bog braonach Chuirfeadh brígh i gcluais sean-chaorach. 46. Is fearr sgoil ná máighistir, Acht i dteannta 'chéile is feárr iad. 47. Tigh fuinneogach fionn Gan arán gan lionn.
48. Is mairg a báidhtear i dtráth an anaithe, 'S go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. 49. Trosgadh an chait cheannfhinn, Itheann feoil is ní ólann bainne. 50. Is luachmhar an ní an óige Don té chuireann í ar fóghnamh. L. - CEATHRAMHNA NATHÁN NÓ GNÁTHFHOCAL. An fear céadna agus cách do bhailigh. 1 (a) Tosach. Tosach luinge clár; Tosach áithe clocha; Tosach flatha fáilte; Tosach sláinte codladh. 1 (b) Deireadh. Deireadh luinge í bháthadh; Deireadh áithe í losgadh; Deireadh flatha cáineadh; Deireadh sláinte osnadh. 2. Duine gan stór. Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill; Duine gan stór ar cóisir ní bacthar é; Duine gan stór ní'l gnó aige ag caitheamh ná ag glaodhach, Is duine gan tsór bíonn sé 'na spórt aige aindeisí an tsaoghail. 3. Ní truime. Ní truime ar loch an lacha; Ní truime ar each a shrian; Ní truime ar caora a holann Ní truime ar colainn ciall.
4. An Duine Saidhbhir. An duine saidhbhir ag déanamh grinn, Deirid uile gur binn a ghlór, Acht is seirbhe ná an searbhán goirt An duine bocht ag déanamh ceoil. 5 (a). Imtheoghaidh. Imtheoghaidh a dtiocfaidh 's a dtáinig riamh; Imtheoghaidh an seanóirín beárrtha liath; Imtheoghaidh an fhuiseóg dob' áille ar sliabh; Imtheoghaidh an fear óg is mó cáil 'na ndiaidh. 5 (b). Ní imtheoghaidh. Ní imtheoghaidh na bánta ná an sliabh; Ní imtheoghaidh an rae ná an ghrian; Ní imtheoghaidh an sáile ón iasg; Ní imtheoghaidh na grásta ó Dhia. 6. Rudaí nách féidir a dhéanamh. Lán gaid de ghainimh a thráigh, Nó lán mála de ghaoith a dtuaidh, Nó sgéal dhá innsint do mhnáibh, Nó dán do dhaoine duairc'. 7. Díol stuic is ceannach lóin. Nuair labhairfidh an chuach Ar chrann gan duille Is thuitfidh Domhnach Cásga Ar Lá 'le Muire Díol do stoc is ceannaigh lón. 8. Aoide Chloinne Móire. Aoide Chloinne Móire ortha Gur sheól an cat fí dhraoidheacht leó; Ar bhórd luinge seóladh iad Gan treoire go brách.
9. Cheithre Radhaire Aoibhne Chille hÁirne. Is aoibhinn Leamhain maidin cheódhach; Is aoibhinn feóráin Locha Léin; Is aoibhinn faithche Dúna Lóich; Is aoibhinn Achadh Dá Eó le gréin. 10. Moladh Mháire Ní Dhuibh ar Ghleann Charrthaigh le fear do bhí dá cheannach nó dá thógáil ar chíos uaithi: Tá cois abhann síos ann Agus cois abhann suas ann; Tá foithine an lae fhuair ann Agus fionnfhuaradh an lae the. 11. Seo tuarasgbháil an fhir ar an ngleann céadna, tar éis a fheicsint do: Tá basgadh 'na lár Agus bádhadh 'na bhun, A chúl san ngréin Agus a aghaidh san tsioc. 12. Aifreann Dé. Aifreann Dé ná tréig le faillighe Agus déirc le deagh-chroidhe deárnuigh, Mar mhaithfidh Mac Dé go léir do pheacaidhe, Tar éis na haithrighe tháinig. 13. Rann na gCeithre nGaoth. Gaoth a ndeas, bíonn sí tais, is cuireann sí rath ar shíoltaibh; Gaoth a dtuaidh, bíonn sí fuar, is cuireann sí fuacht ar dhaoinibh; Gaoth aniar, bíonn sí dian, is cuireann sí iasg i líontaibh; Gaoth anoir, bíonn sí dubh, is cuireann sí sioc ist-oidhche.
14. Ní ualach (cuma eile ar Rann a 3). Ní ualach don fhear a bhrat; Ní ualach don each a shrian; Ní ualach don chaora a lomra; Ní ualach don cholainn a ciall. 15. Gach dream. Gach dream dá dtiocfaidh Ag dul i mine 's i mbréagaighe, 'S gach am dá dtiocfaidh Ag dul i bhfliche 's i ndéidheanaighe. 16. An Saoghal so. Ní'l ins an tsaoghal so Acht tréimhse mhí-ádhmhar, 'S ní'l cúntas ag éinne air Ó 'ndé go dtí 'mbárach. 17. An Gleacaidhe. Seachain an gleacaidhe milis sleamhain Is an teanga liom leat; Feallfaid ort má gheibhid an chaoi, Mar is dual gur claon a mbeart. 18. Subháilcí is dubháilcí an Uisge Beatha. Sult, greann, Agus carthannacht; Diabhail, deamhain, Agus achrann. 19. Cúngrach. Cúngrach tighe; Cúngrach croidhe; Cúngrach bídh; Trí anacra móra.
20. Féasta is Céasadh. Ní féasta Gan róstadh; Ní céastar Go bpóstar. 21. Biadh is deoch. Ní biadh bainne; Ní bainne bláthach; Ní feoil putóg; Acht déanaid sásamh. 22. An Míogach. Bí seachnach ar an té ná labhrann breis; Is samhail do bheith 'na mhíogach, Mar an áit is réidhe go ngabhann an t-eisg Is ann is doimhne díogach. 23. Spalpadh na gréine. Domhnach na Failme, Satharn Cásga, An ghrian ag spalpadh 'S ag damhas le háthas. 24. Céimcanna na sige (.i. rinnce). 3. Coileach na bpluc; 4. Cearc na bplaosg. LI. - SGÉILÍNÍ LEANBH. I. An Iasacht. Chuir bean a' tighe seo thíos go dtí bean a' tighe seo thuas mé a d'iarra' iasacht ling laingidín, cipín a'
chabaire, caibidhe ó cóib, agus cuirfead iad go léir a bhaile ar a' mball. II. Chuas amach. Chuas amach ar an móintín Agus bhaineas fóidín; Bhí neidín san bhfóidín; Bhí uibhín san neidín; Agus éinín san uibhín; Agus earball ar an éinín Chomh fada lem mhéirín; 'S nach ró-dheas an sgéilín É sin? III. An Pósadh Bréige. Ins an tsean-aimsir do dhéantaoi pósadh bréige idir páistíbh mar so: Do chuireadh duine a lámh ar cheann an gharsúin bhig agus annsin ar cheann an ghearrchaile, ag rádh:- Píosadh, pósadh; Práitín rósta; Sgilléidín uisge; Tá sibh pósta.
LIII. - AGUISÍN. Nuair a chuireas "An Gliomach" (XLVI.) agus "Seán mhac Séamuis" (XLVII.) sa leabhar níor bh'fhios dam iad a bheith cheana agam is iad i n-iomlán ón Oireachtas. Tugaim annso iad fé mar a thángadar isteach. I. - AN GLIOMACH. "Óigbhean" do sholáthruigh. I. Mo shlán chum bliadhain an taca so, budh mhaith é mo chulaith éadaigh; Is lúthmhar láidir meanamnach do dhéanfainn bean do bhréagadh; Do casadh orm gliomach go raibh cúpla bó mar spré aici, D'fhúig mh'intinn greadaighthe is mo chroiceann geal gan léine. II. Cómhairle bheirim díbh anois, a bhuachaillí seo gan pósadh, Gan cailín deas fhágáil bhur ndiaidh mar gheall air í bheith gan bólacht; Beidh do lóistín tirim aici gach maidin is tráthnóna; Ní amhlaidh a bhíonn mo chaile-se acht caithte i dtigh na comharsan.
III. Tá mo mhuintir i n-earaid liom is déanfaid siad me dhíbirt, Nuair nár phósas ainnir go raibh leabaidh clúimh chum luighe aici; Ní raibh na ba ag ise agus níor thaithinn sé siúd mar ní liom; D'fhúig sé m'intinn marbh lag fé thuile na ré caoile. IV. Nuair ghabhaim amach ar maidin is chím chugham mo stóirín, Sílim í bheith acfuinneach nó ana-mhaith chum gnótha; Is amhlaidh a bhíonn mo ghliomach-sa is í tugtha suas chum cómhraic, Is do chodlóchadh sí go headarsuth da dtéigheadh na ba sa bpóna. V. Tá sgéal agam le aithris ná fuil ró-mhaith le n-innsint, Lá bhí cúigear fear agam ag folacha dorn aoilig; Do bhuail sí amach ar maidin mar a dhein go minic roimhe sin, 'S an deamhmas ar fhill den ghliomaig go raibh dubh is dall na hoidhche ann! VI. Nuair ghabhaim amach ar maidin is ná tagaim go tráthnóna Bíonn luaith an lae sa teaghlach ag an gcailín maith so rómham-sa; Luigheaduigheann sé ar mo mhisneach agus méaduigheann sé air mo bhrón me, Mo bhábán óg ag gol orm is mo chaile i dtigh na gcómharsan,
VII. Táim-se gan aon stáca anois le tuilleadh mór is ráithche, Acht stocaidhe gránnda briste is do mhilleadar mo shála; Bhí dhá pholl déag is fiche ionnta air aghaidh da chnámh mo luirgeann 'S do bhíodh na cearca 'ghá bpriocadh orm gur thuiteas-sa le náire. VIII. Comhairle bheirim díbh anois, a chailíní óga an bhoill seo, Má théidheann sib go dtí an margadh ná fanaidh leis an oidhche; Seachnuighidh na cladhacha is fanaidh ós na díogracha Nó go deimhin imtheochaidh oraibh mar imthigheann air mo mhnaoi-se. II. - SEÁN 'ACH SÉAMUIS. "Dall Ban an Churraigh" do sholáthruigh. Fear é seo gur thuit a chodladh air le hais leasa. Do árduigh an bhean sídhe isteach léi é agus do tháinig a mhúirnín dhá éileamh: An Cailín Óg: Go mbeannuighidh Dia dhuit agus Muire Naomhtha, Go mbeannuighidh sin agus beannuighim féin duit; Ag gearán mo cháis a thánga ad éileamh, Agus ag iarraidh mo dhian-ghrádh, Seán 'ach Séamuis. An Bhean Sídhe: Ciach is deacair ort, a thoice gan éifeacht, Is cosamhail le bean bhuile thu go marbhóchadh an t-éad í! An amhlaidh a mheastar leat a fhagháil le pósadh óigfhear na gcraobh ngeal?
Dá mb'é do dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis, Ní mar sin a thiocfá gan tuinnte den éadach! An Cailín Óg: Is mithid dómh-sa bheith gan éadach, Atá le seacht mbliadhna ag siubhal na sléibhte Ag teacht trí Ribhéar na Sionna ag siubhal curraighthe is caoltha Gur strac na sgartacha mo chuid éadaigh, Is gur chaith an ghrian dhá dtrian mo sgéimhe, Agus gan do bheatha agam acht an biolar tuinne agus an t-uisge mar bhéile, Agus gan do áit chodaltha agam acht i bhfochair na n-éanlaithe, Agus 'sé mo dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis, Agus 'sé mo dhian-chás bheith 'á éileamh, Nú an bhfuil óg na n-óg fós réidh leis? An Bhean Sídhe: Is tu inghean na fiadh-chaile aniar ó Bhéarra. An Cailín Óg: Ambasa féin ní mé i n-aon chor, Acht is dom is féidir innsint duit cia hiad mo ghaoltha: Is mé inghean chríonna Ríogh na Gréige, Agus bainríoghain na gile ón mBóith Hélen; I gContae an Chláir 'seadh a chómhnuighid mo ghaoltha, Agus fén gcoill gcluithmhir mar a dt'itid na caortha. 'Sé mo dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis, Agus 'sé mo dhian-chás bheith 'á éileamh. An Bhean Sídhe: Tabharfaidh mé dhuit trí chéad bairille d'airgiod raolach, Trí chéad bairille d'ór bhuidhe dhéanta, Trí chéad gamhnach geanncach gléigeal,
Trí chéad seana-phuidheach ceannfhionn-bhuidhe bhléinfhionn, Trí chéad gabhar maol donn ar aon chnoc, Trí chéad each is a dteacht le chéile, Trí chéad acra do thalamh mhín réidh duit, Agus is dóigh liom go bhfuil do dhíol agat as Seán 'ach Séamuis. An Cailín Óg: Ní dhéanfaidh sé an gnó mara bhfaighead trí chéad ganndal is a n-annlann géitheach, Agus mara bhfaighead iad san faigheam Seán 'ach Séamuis. An Bhean Sídhe: Tóg-se leat-sa Seán 'ach Séamuis, Agus bíodh a chróchar ó ló agat deanta! An Cailín Óg: Orú, a Chlíodhna, lomadh an Luain ort! Lomadh na hAoine is gach lae adubhart ort! Codladh amuigh do chuir é ar buaidhreamh, Codladh ag lios agus é go huaigneach, Nuair a thánghais go dtí é mar a bheadh rí-bhean uasal, Gur shia gach méar leat ná géag le n-a ghualainn, Agus gur shaoil a chroidhe 'stigh gur corp ón uaigh thu. Ó orú, a Chlíodhna na Carraige Léithe, Dá mbeitheá agam-sa ar Ché Phortláirge, Agus gan do long agam acht sgála, Agus gan do stiúir agam acht snáthad, Is ró-bhreágh sgaoilfinn mo choileach le fánaidh.
Lucht Inniste na Sgéal, &rl. Tadhg Ó Ciabháin i gCeann Trágha - i ngar do Chaisleán Ráith an Fháin 'seadh rugadh é: Séamus Ó Súilliobháin ó cheanntar Neidíneach (.i. Chinn Mhara): III. Bhí sé 'na shíothmhaor i mBaile Átha Cliath agus b'fhéidir go bhfuil fós. Seán Ó Cruimín sa Chaol i nDairbhre: Brighid Ní Chiabháin i gCeann Trágha: Bean Mhic Uí Shéaghdha, maighistreás sgoile i gCeann Trágha: IX (an rann) - d'innis sí an sgéilín as Béarla agus mé féin a chuir Gaedhilg air sin. Brighid Ní Chiabháin ó Bhaile an Liaig? .i. gearrchaile óg do bhíodh ar sgoil i gCeann Trágha: Bean Thaidhg Uí Chiabháin (beannacht Dé le n-a hanam!) i gCeann Trágha: Buachaill aimsire i mBaile an Fheirtéirigh: "Máirtín" (?), buachaill óg i mBaile an Fheirtéirigh: Óigfhear éigin ó Chruach an Mhárthain:. D'imthigh dearmhad orm i dtaobh an amhráin seo .i. é bheith cheana sa "Lóchrann." An tOireachtas: Bean Mhic Uí Ghríobtha (an mháthair) i gCeann Trágha: Domhnall Ó Murchudha ó Dhairbhre agus comhnuidhe air i leathtaoibh Bóthair na Rinne hAoirde nUíbh Ráthach : XXXVII. Do sgríobh sé ó sgéalaidhe i gcóir an Oireachtais é. Bhí mórán den chórughadh catha ar iarraidh agus do chuireas-sa é sin isteach fá mar a fuaras ó Bhaile an Fhirtéaraigh agus ó Uíbh Ráthach é. Badh mhór an díth, do dheismireacht, gan caithréim (.i. córughadh catha) an mhuirthaistil a bheith i n-iomlán ann, & rl. Óigfhear éigin i mBaile an Fheirtéirigh: Seán Ó Conaill, buachaill óg ó Bhaile na Sgealg i nUíbh Ráthach: 'Sé féin a sgríobh agus a thug damh-sa iad. 'Sa Chlaidheamh Soluis 'seadh chuireas ar dtúis iad. Seán Ó Mainín ("Seáinín"): Tadhg Ó Donnchudha ("Tórna an Ghleanna"), ollamh Gaedhilge nDún Cuanach .i. i nDruim Chonnrach: Pádraig Ó Laoghaire (beannacht Dé le n-a anam!) ó Bhéarra: An tAthair Peadar Ó Laoghaire: XLIII, 38. Ní cuimhin liom, ámhthach, réidhteach na ceiste fá mar a bhí sé ag an sáirfhear soin.
Níor thaithin liom cuma na gCiarraigheach uirthi comh maith leis an gcuma bhí ag an Athair Peadar uirthi. An Lóchrann: Bean Mhic Uí Shúilliobháin (Enright, agus gan Gaedhilg aici air, a sloinneadh féin), darab ionad comhnuidhthe tigh dá bhfuil ar bhruach Abhann Iasgaighe i nDún na nGall, acht ó Dhrom Duithig i n-aice Chille hÁirne dhi: XLIV - XLVII (an fhilidheacht amháin). Do sgríobhas na sgéalta bhaineas le XLV agus XLVII fá mar do innis sise as Béarla iad agus do chuireas Gaedhilg ortha. Do léigh "Sgeilg" an sgéal atá le XLVII agus do mhol athrughadh beag ann thall 's i bhfus, rud gur ghabhas leis, toisg gur bh'fhearr liom é bheith ar Chiarraigheachas glan. Ní mar is gnáthach liom sgríobhadh do sgríobhas ar dtúis é, acht mé ag iarraidh focal ar fhocal do chur ar chaint na banamhránaidhe, agus gur thuigeas go raibh a cuid Béarla ag aithris ar an nGaedhilg. Dar liom gur mhór an truagh an sgéilín deas so do chailleadh de dheasgaibh bean a inniste bheith le hocht mbliadhna fichead i bhfad ó n-a baile dúthchais ar chuma gur chaill sí cumas ar sgéal d'innsint as Gaedhilg. An sgéal atá i XLVII agus an fhilidheacht atá i LIII, II, is ró-mhaith fhreagraid siad dá chéile chum an iomláin do chur os ar gcomhair. Liam Ó Lúing i mBaile an Fhirtéaraigh: Urmhór XLVIII - L, acht tháinig cuid díobh so as Irisleabhar na Gaedhilge. Fíonán Ó Loingsigh (beannacht Dé le n-a anam!) a fuair L, 9 - 14, agus 'sé Séamus Ó Dubhghaill do sholáthruigh L, 17, 22, 23. Fuaras féin cuid mhaith aca leis i gCeann Trágha. Mé féin leis a fuair na Focail Uaigneacha i mBaile an Fheirtéaraigh agus i gCeann Trágha agus beagán díobh i nDairbhre. An méid do thugas d'Fhoclóir Chumainn na Sgríbheann nGaedhilge dhíobh, ní'lid annso arís agam acht ceann nó dhó go raibh speisialtacht ag baint leo. Mac Uí Lúing, cúipéir i gCeann Trágha?: LI, l. Duine éigin i mBaile an Fheirtéaraigh do bhí 'na Chomhairleach Chonntae an dtacaid sin: LI, 11. Is iontuigthe as an méid sin gur mé féin do chuir furmhór mór adhbhair an leabhair i sgríbhinn, acht amháin congnamh beag, .i. cheithre sgéalta agus seanfhocail, d'fhagháil ó Sheán Ó Conaill, ó Dhomhnall Ó Murchudha ó Dhairbhre, agus ó Liam Ó Lúing. S. L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services