Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tonn Tóime

Title
Tonn Tóime
Author(s)
Údair éagsúla, curtha in eagar ag Seosamh Laoide,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce (Eag)
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1915
Publisher
Connradh na Gaeilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tonn Tóime



Tiomargadh sean-phisreog, sean-rócán, sean-
sgéal, sean-cheist, sean-naitheann,
sean-fhocal agus sean-rádh
ó chiarraighe luachra.


L. v


Réamhrádh.



Is dócha nár mhisde leis an sluagh ainm an leabhair
seo do mhíniughadh dhóibh. Tonn Tóime, sin ainm áite nár
tuigeadh i gceart go dtí le déidheanaighe. Mé féin is
túisge bhí ag gabháil di i "n-Irisleabhar na Gaedhilge,"
XIII, 366b, mar ar thuigeas as Cath Finntrága (Egerton)
gur bh'ionann í agus Cuan Chaisleáin na Mainge. Do
bhí duine eile, ámhthach, darbh' ainm bréige "Ómega",
ag tabhairt fúithi arís, fá cheann sgathaimh fhada im dhiaidh,
san Irisleabhar chéadna, XVI, 175a, agus ba mhaith an
mhaise aige é. Tuigthear dúinn as soin gur ar dumhaigh
nó beartrach i ngar do Ros Beithe atá an ainm indiu,
acht dob'fhéidir gur ar bhéal an chuain a bhí sí anallód.



Idir dhá thír, .i. Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach, atá
Tonn Tóime da bhárr soin, agus ó thárla gur cuireadh
ins an leabhar so mórán mór cainte as an chéad tír agus
gearr-chuid mhaith as an dara dúthaigh, do mheasas nár
chóra dham ainm a thiubharfainn air ná mar do bhaisteas.
Rud eile, ba mhion minic mé ag smaoineadh ar
"Finneirig", 'na fhear coimeádtha ó Fhionn Mhac Cumhaill


L. vi


i gceart-lár Bhágh an Daingin go labhartar an Ghaedhilg
ar a bhruachaibh go dtí indiu féin. Truagh gan a leithéid
d'fhear faire anois ann ar Rígh an Domhain seo i láthair
chum teanga na Gaedhilge do chur ó bhaoghal agus ar
láimh thárrthála agus theasargtha!



Go deimhin féin, is olc an crann bagair mé féin ar
an Rígh sin, is nach fuil ionnam acht Laighneach bocht gan
cheart gan bhlas! Iomard eile orm, "sgoláire" bocht
cráidhte mé, .i. duine den druing ba mhinic fán lasg
ag Gaedhilgeoir mór Iar-Mhúsgraighe. Cad chuige dhom
leithéid'se canamhaint chruaidh Chiarraighe Luachra do
ghabháil idir lámhaibh agus gur cheart don "Chiarraigheach
malluighthe" féin é dhéanamh? Nach dóigh le cách gur
dhána an mhaise agam é?



Mo fhreagra ar na ceisteannaibh sin .i. sean-bháidh
agus sean-bhaint a bheith agam le Corca Dhuibhne agus
cion mór ag mór-chuid de mhuintir na tíre sin orm.
Tháinig iongnadh orm uair 'na thaobh soin de nuair do
innis cara mhná dham gur mhór maith an teist a chuala sí
orm i dtaobh Gaedhilge i ndúthaigh Fionntrágha an
tseanchais! Is dócha gur spreag an moladh soin go mór
mé. Muna mbeadh é, níor dhóichidhe sgéal de ná ceannfaoi
orm do ghnáth i dtaobh a ndearna de bholg an tsoláthair
innti.



'Seadh, sgaoilim béal an bhuilg sin anois agus
líonaim a bhfuil ann amach, fá mar do bailigheadh sa dá
dhúthaigh roimhráidhte agam é, cuid de go maith, is dócha,
cuid eile de cuibheasach, agus cuid eile fós suarach a
dhóthain. Dá shuaraighe aon alt den cholainn seo, ámhthach,
agus dá sheachránaighe ceann na colna (.i. mé féin),
b'fhéidir go n-oireann gach alt di dá ionad cinnte
féin níos fearr ná mar do shaoilfidhe.


L. vii


Ní'l sa leabhar so agam - uaim féin acht go háirighthe -
acht an chanamhaint féin gan deisiughadh gon sgiomar
uirthi. Pé duine gur maith leis í d'fheicsint fá shnas
agus fá smacht léighinn agus litridheachta, léigheadh sé
leabhair "An tSeabhaic" agus "Sgeilg na Sgeol"
agus déantúsaí na sgríbhneoirí eile ón dá dhúthaigh úd.
Dá leigheadh, badh léir dó deifridheacht mhór idir caint
an leabhair seo agus a gcaint sin: A dheise do sgríobh
an bheirt sin adubhart agus a mhíriaghailtighe gach aon
rud dá bhfuaras-sa! Tá eagla orm go mbeidh cách sa
druim-ruaig orm ina thaobh. Mo chosnamh air sin, má
thagann sé tré aon mhí-ádh orm, nár cheadaightheach dom
leithéid-se baint le fíor-chanamhaint chainteoirí. Má
baintear, loitthear an fhírinne, agus gan amhras 'sí an
fhírinne ghlan gan focal faoi ná thairis atá d'uireasbaidh
orainn go mór i dtaobh na Gaedhilge atá beo indiu i
mbéal daoineadh, agus fairis sin ní féidir agus ní fiú
do dhuine aith-Sheathrún Céitinn do dhéanamh de chain-
teoiríbh iargcúileach na hÉireann ag seanchaidheacht dóibh.
B'fhéidir gur leor don choitchionntacht an leithsgéal
soin uaim i dtaobh eagair an leabhair seo, dá aite agus
dá ghreanmhaire é.



Fá dheoidh agus fá dheireadh, caithfead an-bhuidheachas do
thabhairt dá lán daoineadh mar gheall ar ceisteanna do
réidhteach dam i gcóir mínighthe focal - fuaras míniúghadh
ar gach aon rud ón muintir fein, comh fada is dob'
fhéidir sin. Áirighim iad so acht go háirighthe .i. Seán Ó
Ceallaigh ("Sceilg na Sgeol") do léarsgrúduigh an
chaint sgurtha i n-alt a XLVII; Liam Ó Lúing atá i
mBaile an Fhirtéirigh, Seán Ó Curráin atá i gCeanntrágha,
Pádraig Ó Siochfradha ("An Seabhac") ó Bhaile an
Ghóilín, Domhnall Ó Murchadha Dairbhreach atá i gCathair


L. viii


Saidhbhín, agus Seán Ó Conaill ó Bhaile na Sgealg .i.
cúigear do imir go maith dham ag reidhteach foth-fhocal
agus corr-cheist, do réir mar do iarras an obair sin
ortha.



Seosamh Laoide.
I mBuaile na Gréine dham
An 11adh lá den Abrán, 1915.


L. 1


Tonn Tóime



I. - SNÁMHAIDHE ÉIREANN.



Bhí beirt pháirtidhe fad ó. Fé mar thuillidís an
phiginn ólaidís é. Nuair a bhíodar socair síos 'na
bhfearaibh sásta, dubhradar le n-a chéile lá go raibh sé
am aca rud éigin do dhéanamh go deire a saoghail agus
na bóithre gránna bhí aca do chur bhuatha. Dubhradar
annsan le n-a chéile go raghadh duine aca ar bhórd
árthaigh agus dubhairt an duine eile go raghadh sé i
n-aimsir timcheall na háite agus ná hólfadh sé agus
ná caithfeadh sé sgilling ná piginn go mbeadh costas
Mheirice aige. Mar sin a bhí agus ní' dhein sé aon ní
ól ná chaitheamh go raibh a' costas le chéile aige.



Nuair a bhí sé ar ché Chuain Chorcaighe 'imtheacht go
Meirice, cé chífheadh sé ins an árthach chuige go raibh
sé féin ag imtheacht go Meirice ná an páirtidhe bhí
aige i dtosach. Aithnigheadar fhéin a chéile go hana-
mhaith. Bhí crothadh lámh agus póg aca gan dobhat.
Chuadar isteach i dtigh an óil chun deoch a bheith aca
agus shar a ngaibheadar amach t'réis dhá lá agus dá
oidche bhí an costas ólta ag an bhfear do bhí 'imtheacht
go Meirice!



Seadh, nuair a bhí an dá lá óil suas, tháinig a
mheabhair do t'réis an óil agus dubhairt sé go raibh
an méid sin déanta leis an bpáirtidhe agus cad do
dhéanfadh sé anois ná cífheadh sé Meirice go deó?



"Éist do bhéal!" ars' an páirtidhe leis.
"Tabharfad-sa liom tu, agus cuirfead-sa i dtosach
an árthaig tu fés na seolta i bhfolach, agus ní bheidh
fhios ag éinne tu bheith ann ná as."


L. 2


"Is maith a' cuimhneamh é sin," ars' an fear eile.



Fhágadar a' cé agus, ar a' gcúrsa dóibh, bhí an
páirtidhe ag bailiughadh go dtí an bhfear eile go dtí
go rabhadar i ngiorracht lá seoil do Mheirice.
Dubhradar annsan le n-a chéile go gcaithfidís cuimhneamh
nódh eile a dhéanamh anois, agus go raghadh sé féin
ins a' bhfairrge i ndeabhaidh an árthaig ag snamh agus
go dtiubhradh sé leis an méid cnámh agus chrústaí
aráin do bhí aige ar a dhrom agus ars' eisean leis
a' bpáirtide, "Ná bím-se i bhfad ins a' bhfairrge
nuair a liúghfair ar a' gcaiptéin go raibh dúine éigint
i ndeabhaidh an árthaig ag snámh."



Agus do dhein sé liúghchaint ar a' gcaiptéin go raibh
dúine éigint i ndeabhaidh an árthaig ag snámh agus go
mbeadh sé ceart é thógaint ar bórd, agus tógadh,
agus dubhairt sé annsan leis a' gcaiptéin, nuair a
tógadh é, núair a raghadh sé go Meirice, go gcuirfeadh
sé tógaint air, mar go raibh sé ag snámh i ndeabhaidh
an árthaig ó fhág sé an tír agus, mara mbeadh an
máirnéalach a bhí ar bórd aige, go mbeadh sé báidhte,
mar go raibh an méid bídh a bhí aige ithte aige: "Dhá
chomharthaí sin féin, ní'l agam anois acht cnámha is
crústaí!"



Seadh, nuair a dheineadar Meirice amach annsan,
bhí an caiptéin 'á rádh leis nach éinne an snámhaidhe
mór a bhí aige, gúr shnámh sé ó Éire go Meirice.
Tháinig mórán daoine uaisle ag féachaint air. Bhí sé
'na shnámhaidhe maith gan dobhat. Théigheadh sé fé loch
timcheall an árthaig. Dheineadh sé mórán rudaí ar a'
slighe sin agus do dhein a' caiptéin airgead a' domhain
air.



Cuireadh síos geall annsan, geall idir é fhéin agus
an snámhaidhe is mó bhí i n-Aimeirice, agus 'sé an áit
a shocruigh na cinn dóibh chún snáimh i gcoinne Easaighe


L. 3


Móra Niagara, agus dúbairt a' t-Éireannach gúr
gearra leis fhéinig é sin le snámh, ú, má shnámhfadh sé
i n-ao'-chor, go snámhfadh sé ó Mheirice go Éire aríst.
Bhí gach taobh annsan sásta leis sin.



Núair a tháinig a' lá annsan, bhí báid agus árthaighe
ar a' bpoll gan dobhat. Núair a ghaibheadar anuas
cé New York annsan agus iad déanta suas chun
snáimh, do thárluig anncaire mór iarainn leis an
Éireannach ar a' gcé agus dúbhairt sé leis an bhfear
eile go dtiúbhradh sé leis é seo a-bhaile go dtí n-a
athair, mar ba ghobha é, agus go ndéanfadh sé mórán
oibre dho, dhá bhualadh ar a ghualainn chúige.



Nuair a chonnaic snámhaidhe Mheirice an ghaisge a bhí
aige le déanamh, thuit a' t-anam as, agus do bhuaidh
a' t-Éireannach a' geall.



II. - DÚTHCHAS AN CHAIT.



Bhí fear ann fad ó agus bhí cat aige agus bhí an
cat comh foghlumtha san aige go ndéanfadh sé rud
air pé ní adéarfadh sé leis a dhéanamh a' b'é amháin
a' choinneal a choinneáilt ar a lapaí fhaid a bheadh sé
ag ithe a chúid bídh. Ní'l éinne thagadh isteach chuige
ná go gcúirfeadh sé síos i gcaint ar a' gcat dóibh.



Aon lá amháin ghaibh fear uasal isteach chuige agus
dubhairt sé leis go gcúirfeadh sé geall leis go
ndéanfadh a' cat aon chlis badh mhaith. Dubhairt a'
duine uasal ná déanfadh. Dúbhairt an fear eile, má bhí
aon airgead 'na phóca aige, geall a chur síos, agus
dúbhairt a' duine uasal go ndéanfadh, agus do dhein,
fiche púnt ón dtaobh, agus dh'fhiafhruig fear a' chait
annsan do'n duine uasal:


L. 4


"Cad a theastóghadh uait go ndéanfadh a' cat anois,
pé nídh é, bíodh sé beag nó mór?"



Do thóg fear a' chait a' geall. Bhí san go maith
agus do ghaibh duine uasal eile an tslighe lá eile agus
do tháinig a' sgéal céadna anuas eatorra agus do
buaileadh síos geall ar a' gcuma chéadna, agus má
buaileadh, do thóg fear a' chait aríst é.



Bhí san go maith agus ní raibh go holc. Chuaidh a'
chaint timcheall na háite ar a' bhfear agus ar a chat
agus ar na geallta a bhí tógtha aige.



Dubhairt buachaill aimsire a bhí 'san áit go mbuinfeadh
sé fhéinig tástáil as. Chuaidh sé go dtí stáca arbhair
a bhí aige n-a mhághastair agus do leag sé é agus
fuair sé cúig nó sé a luchaig ann. Chuir sé isteach i
mbosga beag stáin iad agus chuir sé puill ann go
mbeadh slighe gaoithe aca.



Súd leis annsan go dtí fear a' chait agus, nuair a
chuaidh sé isteach chun tighe chuige, 'sé an chéad chaint
adubhairt fear an tighe leis an cat agus na geallta a
bhí buaidhte aige.



"Ní ghéillim duit féin ná dod gheallta-sa," ars'
an fear eile, "go ndéanfadh cat rud ar éinne ar a'
slighe sin."



"Cuirfead-sa i n-umhail duit é," arsa fear a' chait.
"Má tá aon dlús airgid agat, tástáil-se leis é."



"Tástáil mé," ars' a' fear eile, "ar a' méid
airgid atá am póca; cuirfe mé síos leat é," agus
do chuir sé síos é, timcheall le deich púint ón dtaobh.



Do ghlaodhuig fear a' chait isteach ar a' mbuachaill
aimsire chun greim bídh do dh' ithe agus, nuair a tháinigh
sé ar a' mbórd, bhí an cat ar a' mbórd agus coinneal
'deir dhá lapa aige.



"Is múinte an cat atá agat-sa, do réir deá'raimh,"
ars' an buachaill aimsire le fear a' tighe, "agus


L. 5


cuirfead-sa a dhóthain cúraim láithreach air," a' tarrac
an bhosga aníos as a phóca agus a' buint a' chláir
de agus a' leigean na luchaig ar fuid a' bhúird, agus,
comh luath 's chonnaic a' cat na luchaig, do léim sé
san aer agus fhág sé an choinneal 'na dheabhaidh. Níor
fhág sé pláta ná sásar ar a' mbórd gan briseadh a
d'iarraidh teacht suas leis na luchaig.



Leis sin do bhuaidh an buachaill aimsire an geall,
mar "briseann an dúthchas trí shúilibh a' chait."



III. - INGHEAN AN FHILE.



Bhí beirt fhile i gConntae an Chláir fad ó. Ní raibh
aithne aco ar a chéile, acht clos tráchta thar a chéile.
Chomhnuig duine aco i mbaile - Crom (Cromadh?) is
ainm don mbaile. Chomhnuig an duine eile i nInis.



Chuaidh an fear ó Inis ag feiscint an fhile bhí i gCrom
(gCromadh?). Níor mhaith leis a fhios a bheith aige é
bheith ag dul dá fheiscint. Ní fheadair sé cadé an áit
i gCrom (gCromadh?) ar chomhnuigh sé. Nuair a chuaidh
sé go dtí an baile, dubhairt sé ag dorus gach tighe:
"Ní féidir liom crom (cromadh) a thabhairt liom"
(sin é, go raibh sé cromtha, agus Crom (Cromadh?) is
ainm don bhaile.



Nuair a chuaidh sé go dtí dorus an fhile, bhí cailín
'na seasamh ins an dorus. Dubhairt sé, "Ní fheadair
mé crom (cromadh) a thabhairt liom!" Dubhairt an
cailín: "Badh mhaith dhuit dá mb'fhéidir leat a leath a
thabhairt leat!" Dubhairt sé leis féin: "Comhnuigheann
sé annso."



Do chuaidh sé isteach. Bhí an file as baile. Dubhairt
sé go raibh ocras air. Bheirbh sí potátaí agus uibhe.
Nuair a bhí sé dá n-ithe, chonnaic sé madra sínte cois


L. 6


na teine. Thug sé na huibhe don mhadra. D'éirig an
madra 'na shuidhe, nuair a bhí sé ag ithe na n-ubh.
Dubhairt an file: "A chailín, féach mar itheann an
madra na huibhe ('na shuidhe). "Dubhairt sí: "Do
íosfadh nó 'na sheasamh."



Nuair a bhí a sháith-sean ithte aige, chuaidh sé amach
sa dorus. Bhí sé ag fearthainn. Dubhairt sé: "Tá
sé ag fearthainn go daingean (go Daingean)."
Dubhairt an cailín: "Tá agus seacht míle i dtaobh
thiar don Daingean."



"Tá go maith," ars' an file leis féin; "nuair atá
an inghean comh maith, ní fhanfa mé leis an athair."



Tháinig sé thar n-ais gan an t-athair 'fheiscint, mar
do shaoil sé go raibh an t-athair ró-mhaith dho.



Ní'l 'fhios agam ciar bh'é an file. Is dócha gur bh'é
Eoghan Ruadh.



IV. - STÓCACH AG LORG MNÁ I gCONNACHTAIBH.



Stocach a bhí 'dul a' lorg mná chun í phosadh. I
gConntae an Chláir a bhí sé. Chuaidh sé isteach sa tig
go raibh an cailín chun pósadh. Dubhairt a' stócach
nuair a tháinigh sé isteach:



"Paidir ó Dhia sa teach," adubhairt sé.



Dubhairt a' bhean (.i. bean a' tighe) annsan:
"Paidir ó Dhia 's ó Mhuire ribh."



"Ca bhfuil feara' teach so?" adubhairt an stócach.



Dubhairt an bhean:



"Beannacht Dé le n'anam!
D'éag agus do sglac sé;
'Á iarra' san do rach sé;
Agus a' trócaire go bhfac se."


L. 7


"Suig sibh síos," adubhairt sí, "agus bain sibh
dhíbh na lóipéisí."



"Ní shuidhimíd síos agus ní bhain mé dhíom ár
lóipéisí," adubhairt an stócach. "Do thánamar, do
chualamar go raibh toiceachán sa teach so ag imtheacht i
gcóir na Bealltaine."



"Am basa, a laogh, tá," adubhairt an bhean.



"Cad do bhí 'uain ar a' dtoiceachán so dhéanamh?"
adubhairt a' stócach.



Dubhairt an bhean:



"A' seadaráil 's a' meadaráil,
Agus bainne gabhair do mheasdaráil;
Rith ó thóin a' tighe go ceann a' tighe,
Agus slibire chur i mbéal a' bhéiceacháin."



Sin í an chaint atá i gConntae na Gaillimhe, nó
Conntae an Chláir a mheasasa rádh.



V. - SGÉAL NÓDH.



Fear a bhí i gCill Orglain agus do chuaidh sé a'
ceannach bó go dtí an t-aonach agus fear eile i
n-éinfheacht leis chun leath na bó a bheith aige.



Do cheannuigheadar a' bhó agus d'fhágadar a' bhó ag
an bhfear i gCill Orglain agus do chuaidh sé a bhaile
(fear Bhaile an Mhuilinn a chuaidh a bhaile) agus
d'fhiafruigh a bhean de ar cheannuigheadar a' bhó agus
dubhairt sé gur cheannuigheadar.


L. 8


Dubhairt sé leis a' mbuachaill éirighe ar maidin
agus dul a d'iarra' leatha na bó agus dá bhfiafróchadh
a' fear i gCill Orglain de a' raibh aon sgéal nódh
aige, a rádh leis go raibh agus "go raibh tuile mór
ins a' Leamhain agus gur sleamhain iad na leacacha,"
agus dubhairt an fear i gCill Orglain: "Mar a
leagathar a' crann, is ann a bhíonn na slisneacha."



Fuair sé leath na bó, leath a' chinn, leath a' chroidhe,
agus leath na haeghanna, agus ní raibh aon bhuaidhirt
ar bhean Bhaile an Mhuilinn annsan.



VI. - OILEÁN MARA: CEIST.



File a bhí annso, gur bh'ainm do Seán Ó Siochfhradha.
Dubhairt sé an rann so:



Tá an Dairbhre gan ghleann
Agus Beiginis gan chrann;
Oileán mara idir dhá uisge
Agus mná gan tuisgint ann.



Beiginis gan chrann .i. níor fhás aon chrann a riamh
air.



Mná gan tuisgint ann .i. na Mná, cairrgí i dtaobh
thiar den Sgeilg.



Do chuir sé an cheist sin ortha (.i. ar mhuinntir
Dhairbhre) agus ní fhéadfadh éinne a dhéanamh amach cá
raibh an t-oileán.


L. 9


VII. - CEATHRAMHNA DHÓMHNAILL UÍ CHONAILL.



I.



Beidh teinnte cnámh i nUíbh Ráthach rómhat
I mbaile chois trágha mar a ngnáthuigheann spórt,
Ar an nDaire Fhionáin aorach niar a dtriallaid na
slóid,
Ar bhruach an chalaith sin Charraig Uí Chróin,
Mar a dtaistealaid tar sáile na táinte fí cheó
'Cuir luingeasa chun suain i gcuantaíbh mór'.
'S nár bhaisdthear leó oidhche
I dtig an Fhlaithbheartaigh saoi
Mar a bhfaghaid le caitheamh chun dighe puins, fíon agus
beóir.



II.



Fáilte agus fiche agus tuille 'na dheoidh
Óm chroidhe 'seadh chuirim i gcoinnibh a' leoghain:
'Sé Domhnall Ó Conaill an bile bil mhóir,
An t-óigfhear cumasach curanta cóir.
'Sé an bile fé bhláth é is áille snódh,
D'easgair go hárd den árd-fhuil mhóir.
'Siad na dragain iad gan cháim
Thug a' barra leó as gach áit,
Fuair urraim agus cáil i gClár Luirc beó.



III.



'Sa High Committee 'seadh bhíonn an leoghan
Is na breithimh gan mhoill a shuidhfidh fós.
Rachann sé ar bhínse 'na shuidhe ins a' Chróin
Agus buadhann gach puínte dlighe shosóin,
Gach duine bhíonn daortha i ndaorbhruid mhóir


L. 10


'S a gcuid fola 'na slaodaibh le séideadh leó,
Tugann ar laoch mear
Ón gcoisle saor iad
D'fhonn tuille fad saoghail a léigint leó.



IV.



Beidh seinm ghalltrompa sa dúthaig rómhat,
'S a ndromanna i dtiúin go holl dá leoghan;
A bhfuil ó Charraig na Siúire go Siúnta an Chómhair
'S go gCorcaig na long ag músgail' spórt
As san ins an round go Ceann Tighe Mhóir
Cois calaith na dtonn is gleannta ceoig,
Is go nDaingean Uí Chúise
Bhí an eiteall is músgailt
Thaisteal ins a' Mhumhain ár bprionnsa d'fhear óg.



VIII. - EACHTRA NA BAINTRIGHE 'S AN DUINE
UASAIL.



Bhí baintreach bhocht ann fad ó, is minic a bhí, tá fós
agus beidh go deó. 'Sé an áit a bhí a tigín aici ar
mhullach cnuic agus garraidhe beag talmhan. Ní raibh
aon chleachtadh ins a' tsaoghal aici acht aon chailín óg
amháin d'inghin. Do mhaireadar le chéile gan puinn acht
cabáiste is salann.



Lá dos na laetheannta cé gheobhadh chughtha isteach acht
duine breágh uasal, capall agus spuir air, agus
feidhre cuite chun fiadhaig. Do lorg sé lóistín na
hoidhche ar a' mbaintrig agus do fhuarluig an bhaintreach
do, acht ní raibh sé sásta leis, do lean sé a' lorg a
lóistín. Ins a' deire dubhairt a' bhaintreach leis ná
raibh aon slighe aici do n-a leithéid de dhuine uasal
chun lóistín do thabhairt do agus gurb amhlaidh bhí sé
gcoisde.


L. 11


a' magadh fúithi. Dubhairt san léithi nách aon mhagadh
bhí aige ar bun acht dáiríribh glan. 'Seadh, sa deire
thiar thall fuair sé cead bheith istig agus bhí go
hana-shásta annsan.



Maidin lo'r n-a mháireach d'imthigh sé amach uaithi, é
féin, a chapall 's a chuite 'fiadhach. Do bhuail chúighthi
isteach tráthnóna an lae sin le girrfhiadh beag reamhar
aige agus do bhain a' croiceann do agus do bhuail a'
beiriughadh é agus do bhí feoil ag an mbaintrig bhocht
annsan, rud ná raibh aon taithighe aici air. Am
briathar, nuair a bhlais sí an fheoil, go dtáinig cion
aici ar a' duine uasal agus dubhairt leis annsan go
bhféadfadh sé fanacht lá eile, má b'é a mheón é, agus
dubhairt san léithi go' bh'é le fáilte mhuar.



Lá ar n-a mháireach aríst do imthig amach ar a'
gcuma chéadna, do thug leis a ghirrfhiadh tráthnóna arís
agus bhuail a' beiriughadh é ar a' gcuma chéadna. Bhí
mar sin feadh dó nó trí laetheannta annsan.



I ndeire na haimsire annsan do lorg a hinghean ar
a' mbaintrig chun pósta. Do leath a (dh)á súil ar an
mbaintrig le iongantas muar, a rádh go bpósfadh a
leithéid de dhuine uasal a hinghean féin agus dubhairt
leis go' 'nois nó riamh bhí sé a' magadh fúithi.



"'S annlaig (amhlaidh) a thuigtear é sin duit?" ars'
an duine uasal.



"Tuigtear é sin dam," ars' an bhaintreach, "agus
tuigtear go láidir dam é."



"Deirim leat," ars' an duine uasal, "agus
deirim leat óm chroidhe amach é do focla gearra, go
bpósfa mé t'inghean agus go mbeidh sí 'na bean uasail
agam i gcúirt bhreágh."



Sa deire thiar thall do ghéill an bhaintreach do agus


L. 12


do thug cead pósta uaithi. Pósadh iad annsan ádhbhar
laetheannta 'na dheabhaidh sin agus bhí caitheamh aimsire
mór aco ruith aimsir a' phósta.



Coidhcíos i ndeabhaidh a' phósta dubhairt sé le máthair
a chéile go raghadh sé féinig a bhaile agus go dtubhradh
sé a bhean leis ar a chúlaibh, agus annsan go dtiocfadh
sé 'na dheabhaidh sin a' triall uirthi féin agus go
dtubhradh sé leis í, mar nár mhaith leis í fhágaint 'na
haonar anois.



'Seadh, nuair a tháinig a' mhaidin do ghléas sé chuige
a chapall, do ghlaodhuig ar a bhean agus dubhairt léithi
suidhe i n-áirde ar a' gcapall mar chúlóig. Do dh'fhág
slán aige máthair a chéile go dtiocfadh aríst. Imthigh
sé air annsan tríd a' gcnoc agus nuair a chuir sé
an cnoc do annsan do bhuail talamh mín réidh leis.
Dhein sé siubhal a' domhain ar a' dtalamh réidh gan
dobhat go dtí go gcuaidh sé isteach i n-áit anacrach
do bhí lán do ghleannta 's do aindeise. Bhí árdáin is
ísleáin go leór aige as san go dtí mbuin sé amach
iumall coille. Bhí geata mór ionnsoin le cur do,
acht do tháinigh sé (anuas) den gcapall agus osgail
a' geata do féin. Tharraig isteach a chapall. Nuair
a bhí istig, dhún a' geata aríst. Thiomáin leis annsan
a bhaile go dtí n-a thig.



Nuair a ch'nnoc a' bhean an tig: "A Rí na glóire!"
ar sise, "ab' í seo an chúirt?"



"Sin í mo chúirt," ars' an fear, "agus tá sí maith
do dhóithin duit."



"Dia lem anam!" ar sí sin 'na croidhe féin,
"má's mar seo tá an sgéal," acht le n-a linn sin
dubhairt teacht anuas den gcapall agus dul isteach
chuin tig agus má bhí ocras uirthi t'réis a' lae, má


L. 13


fhéadfadh sé aon phráta fuar beirbhthe fhagháilt istig
d'ithe é ithe.



Mar sin a bhí. Chuaidh isteach. Annsan tháinig a'
t-iongantas uirthi, uair ná feaca sí teine ná leabaidh
ná puinn eile bhaineas le tig acht soipín bruis
(caithte) ins a' chúinne mar leaba, cúpla sheana-phaca
mar chlúid.



Nuair a tháinig an oidhche, do chuaidh mo lánamha a
chodladh, agus ní raibh a' bhean ró-mhaith istig léi féin
(.i. le n-a margadh). I lár na hoidhche siar do éirigh
sé amach uaithi. Do dh'imthig amach an dorus, é féin
's a chapall 's a chuite. Do tháinig isteach aríst ar
deire na hoidhche go fliuch fuar. Do shín ins a' leabaidh
(dh)á olcas a bhí sí. Bhí mar seo ar feadh trí nó
ceathair de oidhcheannta i ndeabhaidh a chéile.



Dubhairt a' bhean annsan léithi féin go raghadh sí a'
faire air 'féachaint cá dtéidheadh sé agus do chuaidh.
Cá dtéidheadh sé acht 'on teampall, é féin agus a
chapall agus a chuite, a' tarrac na ndaoine marbha ar
barra agus 'á n-ithe - nuair a bhíodh a mbolg lán teacht
a bhaile annsan - acht an oidhche seo chonnoc a' bhean
cad a bhí ar bun aco agus bhí sí fhéin aige baile rómpa
agus 'na codladh thar n-ais.



Nuair a chuaidh san a chodladh fuair sé ana-fhuar í
ins a' leaba, comh fuar leis féin agus tuigeadh do
go' b'amhla' chuaidh sí 'faire air agus fhiafhruig di a'
gcuaidh sí 'faire air agus dubhairt sí sin leis le
heagla ná chuaidh. Fhan san mar sin go dtí maidin
agus fhiafhruig di ar maidin ar mhaith léithi a máthair
d'fheiscint. Dubhairt sí sin leis go mbeadh áthas uirthi
a máthair d'fheiscint. Do dh'imthigh sé annsan, é fhéin
's a chapall chun bóthair uaithi agus lig air go' dul a'


L. 14


triall ar a máthair a bhí sé. Ní hé sin a dhein sé,
acht fanacht ins a' choill go dtí dubh na hoidhche. Do
bhuail air éadach mná, pé an áit go bhfuair sé iad.
Do tháinig chúighthi isteach annsan, agus comh luath is
chonnoc an inghean an mháthair (mar shaoil sí) imthigh
sí 'na coinne 'cuir fáilte agus fiche roimpi.



"A chroidhe," ars' an mháthair, "'b'é seo an tig
a thá 'gat i n-inead na cúirte? Ó, cad a chothuigheann
sibh nó cadé an slighe bheatha a thá agaibh?"



"Agam-sa a thá an sgéal nach compórdach," ars'
an inghean, ag innsint di gníomhartha a fir, go'
b' amhlaidh go dtéidheadh sé 'on teampall gach aon
oidhche, é fhéin 's a chapall 's a mhadraí 's a chuite, a'
tarrac na ndaoine marbha aníos as na huaigeachaibh
is as na tuamachaibh agus 'á n-ithe, agus, nuair a
thagadh sé a bhaile annsan, bhíodh pus agus breill air.



"'B'é sin a' slighe bheatha, a chroidhe?" ars' an
mháthair leis an inghin.



"Isé," ars' an inghean, "agus deamhruigheann sé
sin go' b'olc mo chúrsa-sa."



"Má'sí an fhírinne a thá agat 'á innsint dam," ars'
an mháthair.



"Isí go deimhin," ars' an inghean, "agus is seacht
's measa an sgéal ná féadhfainn 'nisint duit."



Ní' dhein sé aon ní acht iompódh uirthi. Do dhein
fear don máthair láithreach boill. Thug sé fogha
amháin fúithi agus rug sé uirthi agus dhein sé greamanna
seabhaic di. Do dh'ith suas í, é fhéin agus a chapall 's
a chuite.



Sin é mo sgéal-sa. Má tá bréag ann, bíodh. Ar
bhaineas preab asat?


L. 15


VIII. - AN tIONGANTAS DO CHONNAIC AN
CAPTAON.



Timcheall le daichead éigint bliadhain ó shoin bhíodh
mórán earraí trádála 'teacht 'on Daingean, an uair
sin do Mhuinntir Fhlaithearta' ón Rínn Bhig (amuigh ar
an bpoinnte - Poinnte Fhlaithearta' a thugtar air anois
le fada riamh - tá sé ar Phoinnte Chuan a' Daingin, ar
a' dtaobh theas thoir de Bhaile Ghóilín). An píolóit do
dhein sé píolóiteacht ar árthach mór trí gcrann go dtí
Poll a' Daimh i mbéal Chuan a' Daingin (agus fé bhun
na Rinne Beige atá Poll a' Daimh). T'réis a bheith
ar anncaire aco do chuaidh a' píolóit agus a' captaon
'on Daingean 'déanamh a' ghnótha. Nuair a bhí an
gnó déanta aco chuadar isteach i dtigh táibhirne 'uin
deoch a bheith aco, rud is gnáthach le fearaibh fairrge
dhéanamh. Shuidheadar síos annsan ag cur síos ar
fairrge agus ar árthaighibh, ar droch-aimsir is ar
iongantaisí. Do fhiafhruig an píolóit den gcaptaon
cadé an t-iongantas is mó do chonnaic sé ó bhuail
sé leis go déidheanach. Dubhairt a' captaon go raibh
iongantas aige agus iongantas mór aige le 'nisint do.



"Ana-mhaith," ars' an píolóit, "do mhaith liom é
chloistint."



Do thosnuig annsan a' captaon ag ínnsint do go
raibh sé lá dos na laetheannta na céadtaibh míle ó
thalamh agus go bhfeaca sé chuige na marcaig, na
madraí fiadhaig, agus girrfhiadh rómpa amach i gcorp-lár
na fairrge. Do dhein an girrfhiadh fén árthach agus ní'
stad riamh go dtí 'léim sé ar bórd, agus comh luath
is léim sé ar bórd chuaidh sé i bhfolach san árthach.
Tháinig na madraí 'na dheabhaidh ar bórd ar a bh'lath


L. 16


agus am briathar, má tháinig, ná féadfaidís an girrfhiadh
do chur amach thar n-ais. Le n-a linn sin do tháinig na
capaill agus na marcaig suas.



Dubhairt duine dos na marcaig leis an gcaptaon
an girrfhiadh do chuir amach as an árthach. Dubhairt an
captaon leis go gcuirfeadh agus fáilte, má gheobhadh
sé amach ins an árthach é. Dubhairt a' marcach leis
annsan imtheacht agus é chuardach agus é chuardach go
géar.



Do ghlaodhuig a' captaon annsan ar a mháirnéalaig
go léir agus dubhairt sé leótha gan poll ná póirse
do fhágaint gan cuardach. Do imthigh na máirnéalaig
annsan agus do chuarduigheadar a' t-árthach go léir
fé mar sheasaimh sí agus ní' bhuail an girrfhiadh leótha,
acht i gcúinne don árthach do bhuail bean leótha nár
cheart a bheith ann agus 'niseadar don gcaptaon é
sin. 'Nis an captaon annsan don marcach do labhair
go raibh an t-árthach cuarduighthe ó sháil rínn agus nár
bhuail a' girrfhiadh leótha, acht a leithéid sin a bhí san
árthach leis a' bhean a bhí san árthach.



Dubhairt annsain a' marcach leis dul agus a' bhean
do thiomáint (amach) as an árthach. Do imthig a'
captaon fhéin annsan go dtí an bhean agus dubhairt
léithi go gcaithfeadh sí an t-árthach do fhágaint, agus do
chuir an bhean suas don árthach d'fhágaint. Tháinigh sé
thar n-ais annsan go dtí an marcach aríst agus 'nis
sé an sgéal do.



Dubhairt a' marcach leis thar n-ais imtheacht agus
a' bhean do chuir amach, ú, mara gcuireadh sé amach í,
go gcuirfeadh sé tonn uisge lasanáirde don árthach
agus go mbáidhfeadh sé trí n-a chéile iad.



Do ghlaodhuig a' captaon ar na máirnéalaig aríst


L. 17


agus dubhairt leótha dol go dtí an mbean agus a
rádh léithi teacht leótha don rádh, breith uirthi agus
ligint dóibh í tharrac leótha agus í chaitheamh thar bórd -
mara ndeanaidís sin, go mbeidís báidhte.



D'imthig na máirnéalaig chúighthi agus dubhairt léithi
teacht leótha. Ní' theastuig uaithi teacht. Do
chaitheadar breith uirthi agus í tharrac 'na ndeabhaidh
agus í chaitheamh amach an fhairrge thar bórd aríst.
Cómh luath is caitheadh thar bórd í, do dhein girrfhiadh di.
Siúd leis a' tiomáint aríst ar bun aco agus bhíodar
mar sin go dtí 'gcuadar as a radharc.



Sin é an t-iongantas is mó do chonnaic an captaon
ó bhuail sé leis an bpaoileoit go déidheanach ná riamh.
Sin é eachtraí an chaptaein leis a' bpíolóit ar an
iongantas san.



IX. - CAISLEÁN AN FHIRTÉARAIGH.



Bhí beirt dearbhráthar ann fad ó, gach aon aca 'na
phíobaire. Bhí iomshuidhe dá chur ar Chaisleán an
Fhirtéaraigh san am san. Le n-a linn sin do bhí duine
den mbeirt istig sa chaisleán agus bhí an fear eile
amuigh. Thárla an chaint seo eatorra:



An píobaire bhí amuigh:
"Cionnus tá sé istig agaibh?"



An píobaire bhí istig:
"Tá sé go dona againn:
Tá liocórais mar teine againn
Agus fíon mar uisge againn!"



Do cuireadh an t-iomshuidhe ní ba dhlúithe ar an
gcaisleán annsan agus do baineadh amach é.


L. 18


X. - AN LORGÁN.



Feairín beag iseadh é. I seana-liosannaibh a
chomhnuigheann sé agus i seana-oibreachaibh eile.



Is minic a ch'nocamair prátaí lorgáin, dhá mbeimíst
a' rómhar díg cois seana-chloidhe mhuair láidir. Ní
móide go' rómhradh le deich mbliadhna is daichid roimhe
sin an áit sin. Bhuaileadh prátaí beaga linn ins a'
chré agus thugaimíst prátaí lorgáin ortha - cré
mhótamhail láidir a bhíodh i n-a leithéid d'áit ná cífeadh
gaoth ná grian feadh áirithe muar bliadhanta.



Seadh, do bhí fear san áit; do chloiseadh sé an rádh
agus an port go mbíodh dhá sparán aige an lorgán
go dtugtaoi sparán na piginne agus sparán na
sgillinne ortha. Deiridís le chéile, má b'fhéadair
teacht suas leis agus na sparáin a bhain do, go
ndéanfadh sé duine saidhbhir go deó, mar ná fuil aon
lá a chuirfeá do lámh in sparán na sgillinne ná beadh
sgillinn rómhat ann, agus an slighe chéadna ar sparán
na piginne.



'Seadh, do chuaidh an fear a' faire ar an lorgán, agus
nuair a bhuail sé leis do rug greim air agus d'iarr
sparán na sgillinne air.



Do bhí ana-ghreim ag an lorgán ar a sparán. Ní'
mhaith leis é thabhairt uaidh i n-éa'-chor, mar, nuair a
raghadh sé a bhaile, do mhar'óghadh a mháighistir féin é,
agus dubhairt sé annsan leis a' bhfear: "Ní fhéadfainn
é thabhairt uaim, agus an marbhughadh a gheobhadh
óm mháighistir!" Dubhairt an fear leis: "Pé an
marbhughadh a gheobhair nó ná geobhair, caithfead-sa an
sparán do dh'fhagháilt nó tachtfa mé tu!" Do ghlac
eagla an lorgán annsan agus dubhairt sé leis go
dtubhradh sé sparán na piginne dho. "Cuir bhuait
do chuid tallaireacht'," ars' an fear; "beidh so súd


L. 19


agum!" Is mó ná san an t-eagla tháinig ar an lorgán
go maireobhfaidhe é. Do chuir sé a lámh 'na phócaí
agus thug sé uaidh an sparán (bhí ceann aco in gach
póca, is dócha).



Tháinig ana-mheas aige air féin nuair a bhí an
t-airgead annsan aige i gcomhnuidhe. Do chuaidh sé ar
aontaighibh is cheannuigh sé stoc is capaill - nach aon
ní do dh'oir do. Ól sé braon is tháinig a' lorgán
tímcheall air is ghoid sé an sparán air. Cailleadh
an stoc is thuit a bhean amach leis, imthigh leaghadh bhuan
Mhóire air. Bhí an fear bocht comh bocht is bhí sé riamh
annsan.



XI. - AN RÓN.



Ins an Oileán Tiar do mhar'uighidís mórán rón ann
fad ó. Bhíodh na róinte ins na cluaiseacha agus 'sé
an chuma go mar'uighidís iad iad do shárughadh le bád.
Bhíodh maidí agus cleathacha aco chuin iad do bhualadh
agus do mharbhughadh. Ins an oidhche do mharuighidís
iad.



Oidhche dos na hoidhcheannta do bhíodar 'á marbhughadh.
Do labhair ceann dos na róin, agus c'onnus é, do bhí
an maide tógtha aige fear aco chuin é bhualadh.



"Fóil ar do láimh!" ars' an rón.



Nuair a chuala sé an focal, do thuit an maide agus
a ghéaga siar síos leis. Do tháinig a' bád agus a' chriú
a bhaile annsan. Ón lá san go dtí an lá atá indiu
ann ní' mar'uigheadh aon rón ins an Oileán.


L. 20


XII. - RUDAÍ SÍDHE.



An bhean sídhe:



Bean a bhíonn ag gol istoidhche lasmuich. Cailleadh
beirt dearbhráthar liom is do cualathas a gol timcheall
a' bhaile. Is 'mó dream a chloiseann í nuair a bhíonn
duine ag fagháil bháis ins an tír seo.



An bád sídhe:



Tagann sí go minic imeasg na mbád iasgaig istoidhche
ins an áit seo. Chuala cuid dos na hiasgairíbh dá rádh
go ndeaghadh sí chughtha oidhcheanta, na maidí rámha ag
obair agus gan éinne le feiscint aco. T'rus eile
chídís bád seoil ar a' gcuma chéadna 'imtheacht -
n'fheadar a' mbíodh daoine innti seo nó ná bíodh (.i. sa
bhád seoil).



An ceol sídhe:



Bhí fear annso fad ó - timcheall le cheithre fichid
bliadhain ó shoin - do dheineadh ceol sídhe. A' sean-
duine seo, chuala sé fhéin i dtosach é i lios ú i sean-
obair éigin san áit, acht nuair a tháinigh sé a bhaile
thug sé féin fén cheol chéadna do sheimint agus do
sheinn. Fuair sé poc ó na daoinibh maithe. Chaill sé
a shúil as a' bpoc. Píopaire an Chárta an ainm a bhíodh
air. Bhí ana-cheol go léir ag Muinntir Chinnéide, acht
ní raibh aon dul aco air seo ar a' slighe le aoibhneas
a'cheoil a bhí aige. Budh de Mhuinntir Shúilliobháin é.



XIII. - AN PÚCA.



I dtaobh 'stig de chéad bliadhain ó shoin i gCaisleán
Ráth' an Fháin bhí fear ann go dtugaidís Micheál
Ó Ciabháin air (.i. m'athair críonna .i. mo sheanathair).
Fuaidh sé 'fiosrughadh daoine muinteardha leis i mbaile
go dtugaidís Cill a' Ruth air ar a' dtaobh eile


L. 21


'pharóiste. Ar an uair sin ní bhíodh bóithre ann fé mar
atá anois. Chun na trágha do ghaibheadh sé chun dul
ann, mar ná raibh aon bhóthar trí chorp a' ph'róiste an
uair sin, agus rud eile bhí sa cheist, do bhíodh droch-
mhadraí i mbailtiach' áirithe chuin rudaí do chosaint
sol a mbeifidhe ag goid. 'Á gheobhadh duine an
cómhnggar, b'é go dtárlóghadh na madraí seo leis.



Nuair a bhí sé 'teacht a bhaile annsoin do tháinig
beirt do n-a dhaoinibh muinteardha tamallt don slighe
leis. 'Sé an áit a bhí an bóthar an uair sin síos trí
Fionn Trágha chuin a' teampall. Nuair a chuadar go
dtí bun a' bhóthair ar a' dtráig dubhairt sé leis a'
mbeirt eile iompódh a bhaile anois, go raibh sé ar a'
dtráig agus go raibh an taoide amuich is ná raibh aon
bhaoghal anois air. Do chas a' bheirt eile timcheall
agus le linn casadh dhóibh do chnocodar capaillín óg
tamalltín uatha aige bun a' teampaill. Dubhradar
leis annsan gur bh'fhearra dhóibh breith ar a' gcapaillín
agus go bhféadfadh sé dul a' marcaigheacht air, agus
go dtubhradh sé trasna na trágha é agus annsan go
bhféadfadh sé a leigint uaidh aríst nuair a thiocfadh sé
go Ceann Trágha.



Mar sin a bhí. Do rugadar ar a' gcapall agus
do chuaidh sé a' marcaigheacht air. Comh luath is leath
sé a dhá chois air, súd leis a' gcapaillín an tráig
soir agus amach i n-iomall na taoide, na' haon léim
agus na' haon raid (.i. caitheamh i ndeire siar) aige
agus a' caitheamh a cheann sa spéir, mar ná raibh aon
adhastar leis. Mara mbeadh an greim aige ar a mhuing
le n-a láimh, bheadh sé leacatha ins a' taoide aige.



Sin é an uair a tuigeadh do gur bh'é an Púca a bhí
fé, mar go mbíodh sé ráidhte i gcomhnuidhe go mbíodh
a leithéid ann agus cíotaoi go minic leis é. Do



Nó mara mbeadh an greim na lámha bhí aige ar a mhuing.


L. 22


imthigh sí suas annsan ar barra taoide imeasg na
boínnc mhór' árda. Chaill sé a mhaide agus a hata
annsan agus imthig a' Púca leis suas go dtí an
t-Imealach (.i. baile an Imealaig ar a' dtaobh so ón
Saipéal). Bhí sé 'imtheacht trí ghort ithreach agus bhí
an gort bog agus bhí sé 'dul ar lár. Cad do dhein
an marcach annsan acht é fhéin do chaitheamh anuas i
blach a chinn ar a' dtalamh (.i. ar a' ngort). Imthig
a' Púca is d'fhág sé slán aige.



Bhí an bheirt eile 'na dheabhaidh annsan agus iad a'
briseadh a gcroidhe a' gáiridhe, mar bhí 'fhios aco go
maith gur'b é an Púca bhí ann. Bhí a hata agus a
mhaide aco. Bhí greann mór aco annsan a' cur síos
ar an méid a thuit amach air. Fhágadar a chéile annsan,
mar bhí an oidhche déidheanach ana-dhéidheanach. Ar a
shlighe a bhaile annsan 'der Cheann Trágha agus Caisleán
Ráth' an Fháin (.i. a bhaile) do bhí beithidheach muar dubh
in lár a' bhóthair roimis agus cheap sé gur bh'é an
Púca bhí ann aríst. Thug sé ana-thamall annsan a'
briathrughadh (nó a' brianthughadh) ar a' mbeithidheach
dhubh le eagla gur'b é an Púca bheadh roimis aríst,
acht tuigeadh do ná(r) bh'é bhí ann acht a leithéid sin
leis an mbeithidheach. Chuaidh sé a bhaile annsan gan
gortughadh gan máchaill.



XIV. - FEAR NA DROINNE.



Bhí fear bocht go raibh droinn uair air ag gabháilt
thar béal leasa. Do chuala sé an chaint istig nós
port:



"Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt,
Dé Luain is Dé Máirt."


L. 23


Bhí sé dhá rádh mar sin leis. Stad sé ag éisteacht
leis an bport agus dubhairt sé féinig annsan:



"Dé Luain is Dé Máirt
Is Dé Céadaoin,"



dó ú trí huairibh ar a' slighe sin:



"Dé Luain is Dé Máirt
Is Dé Céadaoin."



"Cé hé sin amuich," arsa fear a' phuirt leis an
seirbhíseach, "do leigheas mo phort?"



Chuaidh a' seirbhíseach amach agus tháinig chuige isteach
thar n-ais agus dubhairt leis gur seanduine bhí amuich
le droinn mhuar air.



"Teír' amach anois," arsa fear a' phuirt, "agus
buin an droinn do."



Do chuaidh an seirbhíseach amach agus do bhuin sé an
droinn don bhfear bocht. D'imthig a' fear bocht a bhaile
annsan go lán-áthastamhail.



Do leath sé amach annsan i mbéal nach éinne cad
do thuit amach ar an bhfear bocht go mbaineadh a'
droinn do i mbéal na leasa. Bhí fear eile ins an áit
annsan go raibh droinn air agus do chuaidh sé fé
bhrághaid na leasa agus ag gabháilt thar béal na leasa
fé mar ghaibh an fear eile do chuala sé an port istigh.
B'é an port é



"Dé Luain is Dé Máirt
Is Dé Céadaoin,"



dhá rádh aige coitchíonnta:



"Dé Luain is Dé Máirt
Is Dé Céadaoin."



"'Seadh, agus Déardaoin," ars' an fear amuich.



"Teír' amach," arsa fear a' phuirt istig, "agus
féach cé hé siúd amuich do lat mo phort."



Do chuaidh an seirbhíseach amach agus do tháinig chuige
isteach agus dubhairt leis go raibh fear go raibh droinn
air.


L. 24


"Teír' amach," ar seisean, "agus buail an droinn
do bhuinis don bhfear eile air, mar do lat sé mo
phort."



Cuireadh droinn an fhir eile air agus bhí a cheann 's
a chosa ná(ch) muar ar a chéile annsan. Imthigh sé sin
gan piuc áthais air agus na' héinne ag gáiridhe agus ag
magadh fé.



XV. - AN DEARBHRÁTHAIR BOCHT AGUS AN
DEARBHRÁTHAIR SAIDHBHIR.



Bhí feirmeoir annso fad ó agus do bhí beirt mhac
aige. Do cailleadh é agus do dhein sé dhá leath don
dtalamh idir an bheirt mhac. Do phós a' bheirt mhac
agus do thuit muirear ar dhuine aco agus d'imthigh sé
as a substaint annsan. B'éigint do iad a dhíol go
dtí go raibh sé go dtí aon bhó amháin, agus b'éigint do
í sin a thabhairt leis go dtí an aonach, mar ná raibh
aon ní le n-ithe ag na páistí 'na dhiaidh. Do dhíol sé
an bhó ar chúig phúnt agus n'air a iompuigh sé a bhaile
do thárluig corp leis ar a' mbóthar tógtha le decree.
D'fhiafhruigh sé dhóibh cad a bhí ortha agus do inniseadar
do.



"An muar iad na cuirp fiacha?"
Dubhradar leis gur chúig phúint.



Chuir sé a lámh 'na phóca agus thug sé dhóibh na chúig
phúint a fuair sé ar a' mbó agus do tháinigh sé a bhaile
gan leathphinne.



D'fhiafhruig a bhean do ar dhíol sé an bhó agus dubhairt
sé gur dhein.



"Ar thugais aon ní a bhaile chughainn?" adubhairt sí.



"Níor thugas," adubhairt sé, "mar do thárluig liom
corp ar a' mbóthar le decree agus do thugas dóibh fiacha
na bó.


L. 25


"Léan ort, a amadáin!" adubhairt sí,. "Cad a
dhéanfaidh do pháistí 's gan greim le n-ithe acu?"



"Ní'l aon leigheas air," adubhairt sé.



Ní fada bhí sé istig nuair a tháinig stracaire go dtí
an dorus agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt a' bhean
leis go bhfaghadh, acht gurb olc an áit 'ár thug a chosa é,
mar ná raibh aon ní le n-ithe acu.



"Ná bac san," adubhairt sé; "ná dún a' dorus
go dtiocfad-sa isteach aríst."



D'imthigh sé agus do chuaidh sé i ngort a' dearbhráthar
a bhí i n-aice leis, agus thug sé isteach leis caora
bhreágh reamhar agus ba ghearraid a' mhoill air í
mharbhughadh agus a' croiceann a bhaint di.



'Sé dubhairt sé: "Tá ár ndóithin anocht againn.
Cuir a' beirbhiughadh í seo."



Dhein sé an rud céadna istoidhche i mbárach leis
agus 'mano'thar, agus do dhein sé an cleas céadna
léithi. Do tháinig a' dearbhráthair annsan isteach go
dtí an dearbhráthair bocht agus dubhairt sé leis ná raibh
aon chaora aige ná raibh goitithe agus go rabhthars a'
tosnughadh leis na beithidhig. D'fhiafhruig an dearbh-
ráthair bocht de a' raibh aon chúntas aige ortha agus
dubhairt sé ná raibh:



"B'fhéidir gurb é an stracaire sin istig agat atá
'á dtabhairt leis."



"Ní hé," adubhairt sé, "mar tá sé siúd ag
codladh go sáimh gach aon oidhche."



Chuimhnigh sé fhéinig annsan gurb iad a bhí 'á dtabhairt
leótha agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a
chuimhneoghadh ar aon phlean go bhfairfeadh sé iad. Do
bhí a mháthair críonna agus do chuimhnigh sé ar í chuir
isteach i gcófhra mór agus do chuir arán agus feoil sa
chófhra chúighthi agus dubhairt sé go gcuirfeadh síos go


L. 26


tig a dhearbhráthar í agus go mbeadh fhios aige cad a
bhí ar siubhal thíos acu (nó ag an muintir thíos).



Do chaith sé amhras ar a dhearbhráthair. D'fhiafhruigh
sé dho a' mbeadh slighe aige don gcófhra go ceann
seachtmhaine, go raibh sé sa tslighe air féin. Dubhairt
a' dearbhráthair leis go raibh slighe a dhóthain aige dho,
an fhaid badh mhaith leis é dh'fhágaint. Chuir sé chuige an
cófhra agus d'imthig a' stracaire agus thug sé leis
beithidheach agus do mhairbh agus do bhain sé an
croiceann di.



"B'fhéidir," adubhairt sé, "gur cheart dúinn
féachaint sa chófhra so."



"Féach cad tá ann."



D'osgail sé an cofhra. Is amhla' bhí an tseana-bhean
annsan istig agus a lón le n-a hais, 'rán is feoil.
Do rug sé ar bhlúire don bhfeoil agus ar chnáimh agus
sháig sé siar (iad) 'na béal, is dócha, agus do thacht
sé í. Dubhairt sé ná beadh sí ábalta ar aon sgéal
nódh innsint nuair raghadh sí thar n-ais.



Chuaidh an dearbhráthair annsan agus thug sé a bhaile
an cófhra go mbeadh fhios aige cad é an sgéal a bhí
le hinnsint aici. Nuair osgail sé an cófhra is amhla'
bhí sí marbh. Bhí cnámh 'na béal.



"Mhuise," ar seisean, "tá aithreachas orm tu chur
ann. Ní'l so ná súd agam," 'sé sin, go raibh sé gan
a mháthair agus go raibh sé gan fios.



Cuireadh annsan í agus an oidhche chéadna d'imthig a'
stracaire seo agus do thug sé leis í as an uaig agus
do cheangail sé aige dorus a mic í, agus, nuair éirig
a' cailín ar maidin agus d'osgail sí an dorus, nuair
a chonnaic sí an tseana-bhean a cuireadh indé roimis
sin, gur thuit sí as a seasamh. Tháinig a' buachaill


L. 27


annsan agus do ghlaodhuig sé ar fhear a' tighe agus
dubhairt sé go raibh a mháthair sa dorus.



Nuair éirigh sé agus do chonnaic sé í, n'fheadair sé
cad a dhéanfadh sé agus cad do thug thar n-ais chuige í.
Do ghaibh sé an dorus iadhta amach agus chuaidh sé síos
go dtí n-a dhearbhráthair agus dubhairt sé leis go raibh
a mháthair thuas agus cad do dhéanfadh sé léithi, agus
dubhairt a' stracaire leis go gcuirfeadh sé féin do í
acht dhá phúnt do thabhairt do.



"Cuir doimhin go maith í," adubhairt sé, "ar eagla
go dtiocfadh sí aríst."



D'árduig sé (.i. an stracaire) leis í. Níor chuaidh
sé ró-fhada ó bhaile léithi nuair a chuir sé i n-áit éigin
i bhfolach í nó gur tháinig an oidhche agus thug sé leis
thar n-ais í agus do cheangail sé i ndorus thig na
mbath í.



Nuair a chuaidh a' cailín ar maidin ag crúdh na
mbath do chuir sí ins a' rith isteach go dtí n-a máighistir
agus dubhairt sí leis go raibh a' tseana-bhean amuich
aríst.



"Ó, imthig ort síos," adubhairt sé, "go dtí an
stracaire úd aríst, agus abair leis í chur níosa
dhoi'nne ná chuir sé aréir nó mara gcuirfidh cuirfidh sí
amach as a' dtig mé."



D'árduig an stracaire leis í agus fé mar dhein sé
roime sin níor chuaidh sé ró-fhada ó bhaile léithi. D'fhág
sé annsan í nó go dtáinig an oidhche agus cheangail sé
i n-áirde ar dhrom capaill óig í agus d'imthig a'
capall ar fuaid na ngort fiadhain agus do rith sí tríd
a' mbaile agus nuair a fuair sí an dorus osgailte do
rith sí isteach ins a' tig, agus nuair a chonnaic bean
a' tighe í do sgréach sí agus dubhairt sí go mbeadh sí
'á leanamhaint go deó, mar ná raibh aon cheart acu í


L. 28


chur in chófhra ná í chuir a' faire ar a' bhfear bocht, mar
ná raibh aon chúis air:



"'Sé mo chomhairle dhuit," adubhairt sí le n-a fear,
"an áit go léir a dh'fhágaint aige agus leigint do
bheith 'á cur, mar is chughainne atá an t-olc aici. Tá
ár ndóithin 'on tsaoghal againne agus raghmaoid i
n-áit iasachta agus ní leanfaidh sí níos mó sinn."



Bhí a dhóithin 'on tsaoghal ag an bhfear bocht (.i. an
dearbhráthair bocht) 'na ndiaidh, i bhfarradh a shíbhialtacht'.
B'é an stracaire an fear a dhíol sé na chúig phúint as.
Níor chaill fear a' mhisnig riamh é.



XVI. - AN CNOICÍN GARBH FRAOICH.



Séamus Ó Conchubhair Dhúin Chuinn cct.



I.



Lá breagh aoibhinn grianmhar
Ag trácht an bhealaigh siar dam
'Seadh casadh me sa Tiarthacht
I bhfad amach ón tír,
An áit a bhí ceol aiges na héanaibh
'S iad ag fiasgar ar a' bhféar ghlas;
Iasgarnaidhe 'na gcéadta
'S iad ag preabarnaig sa líon.



II.



Bíonn a' crann go bleacht fí bhláth ann,
An creabhar, a' lon 's a' bárdal,
A' brannda 'teacht thar sáile
I n-a cheasgaibh ann is fíon;


L. 29


Bíonn na muilt gan saill le háireamh
Ó Shamhain go Féilt' Shin Seáin ann,
'S ná samhluig feasda an áit sin
Le cnoicín garbh fraoich.



III.



Ní fhásann ribí geamhair ann;
Ní'l stáca tuighe ná a hadhbhar ann;
Ní gnáthach muca reamhra
Ar a'margadh ann dá ndíol,
Acht árus gol is amhgar
Gach lá den tseachtmhain allta
('S an áit anois ná samhluig
Le cnoicín garbh fraoich.)



IV.



Nach náireach an bheart don té deir
Ná fásann pluma ar ghéig ann,
Ubhla buidhe ná sméara
Ná tortha i ngáirdín,
Acht gleannta mára is maol-chnuic
Go reamhruigheann siuc le daor-ghoin
'S le fuacht gur theich an naosgach
Ód chnoicín garbh fraoich.



V.



Ní bhíonn lachain ann ná bárdail
Ná banbh ag an gcráin ann;
Ní'l siorrach ag an láir ann
Ná leanbh ag an mnaoi;
D'fhonn deire chuir lem dhánta
Caithimíst uainn go lá é -
Fé thuairim saoghail is sláinte
Do chuilleachtain an tighe.


L. 30


Aguisín.



Tá innsint eile ar chomhad na céad cheathramhan, mar
atá:



Mar a mbíonn mórán dos na héanlaithe
A'claoidhsgairt ar a' bhféar glas
Agus éisgíní 'na gcéadta
Ag preabarnaig sa líon.



XVII. - AG OBAIR SA TIARACHT.



Fear a bhí ag obair sa Tiaracht t'réis a sé, má
oibreoghadh sé gheobhadh sé breis pháidh an lá san.
Ceann dos na tráthnóntaí oibrigh sé t'réis a sé. Do
chonnaic sé an caisleán breágh dá thógaint ar a'
dtaobh eile 'chluas do (.i. bhí an taoide eatorra). Do
shuidh sé síos ag féachaint air. Bhí fearaibh go leor a'
tógaint a' chaisleáin le caipíní dearg' ortha. Bhí
dréimirí acu agus stáitsí go leor agus iad ag caint
agus ag glisiam (.i. caint ná tuigfeá, ar shlighe) leótha,
agus ní' thuig sé aon fhocal dá bhárr ar cad do bhí ar
bun acu. Bhí an caisleán timcheall céad troig ar
aoirde acu. Ligeadh gal beirbhthe deataig trí n-a lár
i n-áirde agus imthigh sé (.i. an gal) air i n-áirde ins
a' spéir. Nuair a bhí san déanta tháinig gáiridhe móra
geala ortha. Thuit a' caisleán annsan i ngabhal a chéile.
Sin é an uair a bhí an glisiam go léir acu. Imthig a'
fear air annsan a bhaile agus ní' oibrig aon lá eile
t'réis a sé a chlog tráthnóna i bhfad a bhí sé ag obair
ins a' Tiaracht.



XVIII. - AN GUTH.



Bhí m'athair oidhche a' teacht ón nDaingean. Ní raibh
aon duine le n-a chois acht é fhéin. Timcheall dhá
bhliadhain déag ó shoin a thuit sé seo (nó an sgéal so)


L. 31


amach. Annsan aige barra an Chlocháin 'deir seo agus
a' Daingean do iompuigh sé isteach ar thaobh a' chloidhe
chuin a phíopa do dheargadh agus do dhearg sé í chuin
gal tobac a bheith aige. Nuair a iompuigh sé amach ó
thaobh a' chloidhe annsan agus a' phíop 'na bhéal agus í
dearg aige, ní' mhoithig sé sé seoid go dtí 'mbuineadh
as a bhéal an phíop agus buaileadh ar lár a' bhóthair ar
a aghaidh amach í. Tháinig faitchíos muar annsan air
agus sheasaimh sé suas díreach agus d'fhéach sé ar a'
bpíop. Ní leigeadh eagla dho ísliughadh chun í thógaint.
Do labhair an guth annsan leis agus dubhairt leis an
phíop do thógaint. Do íslig sé annsan agus thóg sé
an phíop. Chuir sé do annsan do tiugh te. I mí na
Samhna ab' eadh é agus bhí mórán sneachta ar thaobhanna
an bhóthair agus timcheall le sé a chlog tráthnóna 'seadh
thuit sé seo amach air. Tógadh leis ins a' sneachta
agus cuireadh ar a dhá ghlúin é. Do chuala sé annsan
na gáiridhe go léir ar a' maolchnoc (.i. cnoc ana-íseal
go léir, erball cnuic). Do éirigh sé 'na sheasamh
annsan agus chuir sé dho thar n-ais agus taidhbhsigheadh
do go raibh daoine an domhain leastuas do ar a'
maolchnoc agus eagla a dhóthain air. Nuair a tháinig
sé go Ceann Trágha annso anuas (ar a shlighe a bhaile,
atá 'fhios agat) do imthig a' t-eagla dho annsan toisg
é bheith luath san oidhche. 'Deir Ceann Trágha agus a
bhaile féin tháinig a' t-eagla aríst air agus lean sé
dho go dtí chuaidh sé isteach i ndeiméind an Chaisleáin
(.i. Caisleán Ráth' an Fháin). Le linn an cloidhe chur
do isteach ón mbóthar do labhair a' guth aríst agus
dubhairt leis dul a bhaile anois agus ná(ch) baoghal do.
Aithin sé fuaim na cainte agus ní 'niseadh sé cér
bh'é féin i n-éa'-chor - fhág sé na' héinne dall air sin.


L. 32


XIX. - SAIGHDIUIRÍN SINGIL.



I.



Saighdiuirín singil mé briseadh as gárda an ríogh;
Ní fiú dhá phinginn me thiubharfainn ar cháirtín dighe;
Go mbuailfinn a' droma 's go seímfinn a' chláirscach
bhinn;
'S gur thíos i gCill Dara do sgaras le grádh mo chroidhe.



II.



Gur thíos i gCill Choinne tá an innir-bhean áluinn óg
Go bhfuil a cuacha léi ar sileadh ag tuitim go sál a bróg,
Go bhfuil beirt agus fiche ag tuitim le grádh dhá póig,
'S mise an tríomhadh duine fichead 's cér mhisde mo
shláinte dh'ól?



III.



Is mísle póg Bhidí ná uisge Loch' Léin ar fad
Ná an chéad rith chun gcuirneacht 's í bheith fuinte le
céir-mhil bheach;
Gur gile í a borlach ná an ala 'na luighe ar a nead;
A rós-béilín meala gur mheall sí na céadta fear.



IV.



Ó, raghad-sa go Sasana, ceannógha mé trúinncín óir;
Mo long ar a' bhfairrge i dtaiseal 's ag déanamh stóir:
Má ráinigheann liom casadh 's go bhfeicfead arís mo
stór,
Go suidhfead 'na haice 's go dtiubharfad dá béal deas
póg.



XX. - AN SGAILP CHEOIG.



Nuair a bhíos im gharsún beag bhí ana-éileamh agam
ar chluiche cártaí d'imirt. Do bhain m'athair na huain
do dheol. Chuir sé síos fé bhun a' bhaile iad ar thalamh
íseal. Lá Domhnaig a b'eadh é. Dubhairt sé liom


L. 33


fhéin pé ní dhéanfainn nó ná déanfainn na caoire
thabhairt liom ón gcnuc an oidhche sin sar a raghaidís go
dtí-s na huain.



Ch'nnoc fhéin na cártaí dá n-imirt aige daoine eile
ar a' mbaile. Do ghlac dúil mé fhéin ins na cártaí
agus do chuas dhá n-imirt comh maith leo. Tráthnóna
déidheanach n'fheacaidh m'athair na caoire ag teacht ón
gcnoc agus do ghlaodhuig sé orm fhéinig féachaint cá
rabhas. Do fhreagaruigheas féin é, mar do chuala an
glaodhach aige agus thánagh chuige agus leisge mhuar a
bhí orm na cártaí d'fhágaint. Dubhairt sé liom annsan
imtheacht agus na caoire thabhairt liom ón gcnoc.
D'imthigheas fhéin le leisge mhuar chun a' chnuic. Bhí na
caoire bailighthe agam le chéile ar bhlach a' chnuic. Bhí
sé 'deir lá agus oidhche an uair sin (.i. an chonntráth),
agus le n-a linn sin do thuit sgailp cheoig, agus ní
fhéadfainn soir s'ochus siar d'fhisgint ná a dhéanamh
amach. Ní raibh éinní annsan agam le déanamh acht
suidhe síos ar phort agus bheith a' smaoineamh liom.



Dubhairt annsan liom fhéin go raibh na caoire imthighthe
as mo shlighe agus go mar'óghadh m'athair mé nuair a
raghainn a bhaile agus thar n-ais aríst do thuigeas gur
bh'é mo dhóithin cúraim féin an baile bhaint amach, mar
do bhíos beag óg an uair sin gan puinn céille. Do
éirigheas im sheasamh annsan chun dul a bhaile agus i
n-ionad t'itim ar thaobh a' bhaile don gcnoc (.i. ar mo
thaobh féin don gcnoc) cá 'imtheoghainn acht ar a' dtaobh
eile don gcnuc toisg an ceo a bheith ann.



Taidhbhsigheadh dam go rabhas ag déanamh go maith,
agus ní mar sin a bhí agum acht do chuas as m'eolus.
Nuair a chuas as m'eolus bhí deire liom go léir. Ní
raibh éinní le déanamh agum acht t'itim (nó imtheacht)
le fánaidh an chnuic. Taidhbhsigheadh dam go bhfeaca
solus tamall uaim. Do imthigheas fé bhrághaid a'


L. 34


tsoluis. Dar liom go'b é mo bhaile féin a bhí agam,
agus ní' bh'é, acht tig beag aduighthe (nó tógtha) i
gcliathán an chnuic. Do chuas isteach in tig annsan.
Ní raibh éinne istig romham acht seana-bhean a bhí ins a'
chúinne. Do dh'fhiafhruigh sí dam cad a thug annso mé.
Do 'niseas mo sgéal di ó thúis deire.



"Mo ghraidhin tú, a gharsúin bhoicht," ar sí sin liom;
"gur'b olc an áit a thug do chosa thu!"



Do chromas fhéin annsan ar ghol agus dubhart léithi
mé fhágaint istig, má b'fhéidir léithi i n-éan-chor é. Do
ghlac sí truagh dham agus dubhairt sí liom go bhfágfadh.



"Ná fic a gcífhir agus ná clois a gcloisfhe tú," ar
sise.



Dubhairt sí liom annsan suidhe ins a' chúinne
tamaillitín agus mé fhéin do théidheamh le teine bheag
a bhí ann. Nuair a bhíos téidhte annsan, dubhairt sí liom
dul i n-áirde ar lochta beag bhí i n-íochtar a' tighe agus
do chuas i n-áirde tríd a' (nó ón) dréimire ar a'
lochta.



Do shíneas siar annsan i leabaidh mhóir bruis a bhí
ar a' lochta. Ní fada bhíos sínte nuair a tháinig fear
muar isteach a' dorus. Do fhéach sé timcheall a' tighe
agus fhiafhruigh sé do n-a mháthair (.i. an bhean a bhí istig)
a' dtáinig éinne isteach ó imthigh sé féin amach.
Dubhairt a mháthair nár tháinig. Do chuala féin a' chaint
go maith mar ná(ch) codladh ná suan do bhí 'á thaidhbhreamh
dam.



An fear do tháinig isteach do imthigh sé amach annsan
agus do ghlaodhuig sé ar a thuille fearaibh agus dubhairt
leótha an beithidheach do thiomáint aníos anois. Nuair
a tháinig an beithidheach go dtí an dorus aiges na
fearaibh do tháinig an chéad fhear isteach aríst agus
rug ar a' dtuagh bhí sa chúinne agus dubhairt leótha an


L. 35


beithidheach do thiomáint isteach anois agus, le linn í
bheith ag cur an doruis isteach di, bhuail sé i gclár an
éadain le buille 'on tuaig í agus do mhairbh.
Tarraigigheadh isteach annsan i lár a' tighe í, agus
annsan a chonnac go raibh triúr fear mhuar láidir ann.
Do chromadar (ar) an croiceann a bhaint de. Nuair
a bhí an croiceann de do theastuig rud éigin uatha bhí
ar a' lochta, an áit go rabhas fhéinig im luighe. Nuair
a chonnoc an dréimire i n-áirde chugham, do tháinig
eagla mhuar orm. Do éirigheas im shuidhe agus súd
amach trí fuinneog na binne (nó tríd an fhuinneoig)
me bhí i gcoinne an chnuic. Nuair a chonnaic an fear
ag cur díom mé do chuir sé aon ghlam amháin as agus
dubhairt sé go rabhadar crochta anois ú riamh.



Sin é an méid do chuala féin acu dá rádh. Súd
liom le fánaidh a' chnuic agus ní chífhinn cá chuirinn mo
chos le ceo agus le hainneise agus is gearr go
gcuala an triúr im dheabhaidh agus iad dá rádh: "Ní
bhéarfaimíd air; tá an oidhche mós drucha." Bhí mo
chroidhe go dtí an béal agam féin; dar liom go
mbeadh beirthe orom nach haon nóimit. Do ráinig liom
dul ar phort an áit a bhí cruach mhóna. Do tháinigh sé
im cheann, agus is dócha gu'bé Dia chuir im cheann é,
ísliughadh síos agus síneadh siar cois thaobh na cruaiche
agus trí ú ceathair de fhódaibh móna do tharrac amach
ó n-a bonn. Do thuit a' chruach mhóna annsan anuas
orm agus do chlúduig me go léir. Nuair a bhí na
triúr bitheamhnaig cortha traochta ó bheith 'om lorg, do
thán'adar ar a' bport agus do shuidheadar ar a' móin
a bhí leacatha agus mise thíos fútha agus dubhradar le
chéile go raghaidís a bhaile agus go gcuirfhidís an
beithidheach as a lámha, mar dubhradar gur'b amhlaidh a
chuas-sa i bpoll portaig agus go bhfanfainn ins a'


L. 36


pholl go maidin, annsan go mbeidís 'om lorg aríst
le breacadh an lae.



D'imthigheadar annsan. Ní fada bhíodar imthighthe
nuair a éirigheas féin amach ón móin. Do chuireas díom
thar n-ais agus ní' aithnigheas cá rabhas go dtí 'dtánagh
anuas go dtí baile go dtugann siad Baile Mhuithín
air (.i. i ngar do Bhaile an Éanthaig). Sin é an uair
aithnigheas cá rabhas, mar do raibh an lá ag breacadh.
Chuireas an abhainn díom annsan agus Bóthar na Mine
aníos agus a bhaile liom annsan. Do thug muintir
mo thighe an oidhche go léir 'om lorg uair ná rabhas aige
baile ins an am cheart. Bhí eagla orm fhéin go
mar'óghfaidhe mé. Ní' cuireadh aon chuir isteach orm, acht
áthas muar do bhí ortha me theacht a bhaile slán folláin
gan gortughadh gan maisleadh. Sin é mo sgéal-sa.



XXI. - CÁIT NÍ DHUIBHIR.



I.



Tá lios ar a' bhfáinín maolchnuic go haorach annso i
gceann mo thighe;
Is moch gach maidin gréine do bhíonn an spéirbhean ann
agus í 'na suidhe;
Bíonn leabhair aici den mBéarla agus beagáinín den
Ghaodhlainn tríd,
Agus é i bhfront 's i dtúis gach bhéarsa go mbeidh Éire
fí Cháit Ní Dhuibhir.



II.



Go raibh míle dath 'na clóicín 's a cóitín ar dhath an
fhraoigh;
Go raibh gúna den bhfaision nódh uirthi, an sórt úd do
bhí ar inghin a' ríogh:


L. 37


'Sé dubhairt sí, "Suidh síos, 'óigfhir, nóimitín, is ní
dhéanfam moill;"
Agus go raghainn-se aríst i n-óige, dá mbeinn pósta
aige Cáit Ní Dhuibhir.



III.



Aréir 'seadh do hinnseadh sgéal dam do léar-ghoin is
do chrádhuig mo chroidhe,
Go raibh crann don chuileann chraobhaig fí shéapail ag
teacht fí'n ríoghacht,
Go n-éireoghaidh Clanna Gaedheal suas is go léimfid
siúd go hárd a' cloidhe,
Ó líon an gleann so de bhéaraibh go mbeidh Éire fí
Cháit Ní Dhuibhir.



IV.



Tráthnóinín beag déidheanach 's mo thréadta agam dá
bhailiughadh liom ón dtuinn,
Cois leathtaoibh cnuic im aonar 's is gléasta mar bhíodh
mo rí,
An chuach, a' druid 's a' naosgach fé phléisiúr ag teacht
fém dhín,
'S nach binn mar sheímfinn bhéarsa dá mbeadh Éire fí
Cháit Ní Dhuibhir.



V.



Is bean ró-mhór i bpéin me agus mo chéile gur chuaidh
i bhfad tar tuinn;
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid 's gan baoghal dam
go bhfuil aon phreab 'na gcroidhe:
Ní'l aon óigfhear a shuidhfeadh taobh liom 's do dhéanfadh
dam fhéinig díon
Ná go dtubharfainn talamh saor do agus an tréan-mhuir
go léir gan chíos.


L. 38


XXII. - FEAR A FUAIR BÁS AGUS ÉIRIGH SÉ.



I bparóiste Lios Póil ar a' dtao' thoir de Dhaingean
do bhí fear ann do fuair bás. Bhí an tórramh air agus
nach héinní (nó gach ní) do leanann bás ar a' slighe
sin. Is amhlaidh a sgiobadh é aiges na daoine maithe.
Do réir mar thuigimíd fuair sé bás go háirithe agus
tórruigheadh é.



'Seadh, nuair a sgiobadh é tógadh isteach i lios é.
Nuair a bhí sé acu annsan ar shlighe ná féadfadh sé
imtheacht ón lios uatha do fhág dream na leasa an
lios an oidhche sin 'dul i n-áit éigint eile acht éinne
amháin fhágadar i mbun na leasa. Bhí sé seo istig
annsan agus é 'na bheathaidh comh maith agus ná raibh
sé riamh 'na shaoghal nó 'na shláinte agus fear pósta
b'eadh é agus dubhairt sé leis fhéinig gu' bh'ait an
rud má ch'neoghach (= choingeobhadh) éinne amháin é gan
a bhean agus a lean'aí bhaint amach thar n-ais. Do
thaidhbhsig an lios do bheith 'na thig muar istig ann.
Bhí dóirse agus fuinneoga air. Do chuir sé 'un dul
amach an dorus agus stop an fear a bhí istig é agus
dubhairt sé leis ná caithfheadh sé an tig d'fhágaint agus
do dhún a' dorus air.



Tháinig smaoineamh eile ins a' bhfear annsan nuair a
chonnoc sé an dorus dúnta go raghadh sé amach trí
cheann dos na fuinneoga agus do chuir chuige. Má
'seadh do stopadh é - do stop an fear so é agus
labhair sé annsan leis a' bhfear so cadé an chiall ná
leigfheadh sé a bhaile é nó cadé an choir a bhí déanta
aige a rádh go gcoinneoghfidhe ó n-a bhean agus ó n-a
chlann é. Dubhairt fear na leasa leis ó tugadh 'in
lios é ná raibh aon dul aige air an lios fhágaint. Do
shmaoinigh sé annsan ar feadh tamaill agus dubhairt sé
annsan le fear na leasa, "dar liagh, mara raibh aon
duine chuin é choinneáilt ins an lios acht é sin ná beadh


L. 39


sé ábalta ar é ch'inneáilt " - le n-a linn sin do bhuail
fear na leasa sgamall ar na fuinneoga agus ar na
dóirse ar a' slighe sin ná feadair sé cá raibh dorus
ná fuinneog thar n-a chéile. Cad do dhein sé annsan
nuair a chonnaic sé go raibh sé greamuighthe comh muar
acht fear na leasa do bhualadh le dornaí cruadha.



Súd beirt acu annsan le chéile - ó íochtar a' domhain
go dtí uachtar a' domhain n'fheacaidh éinne acht an
tiomáint a bhí acu. Do ghortuigheadar fhéin a chéile
agus i ndeire na feide agus iad traochta amach i
n-íochtar a' tighe do bhí saitheach (= soightheach) ann do
bhuinis le muinntir a' leasa agus é lán do stuif
éicint má cuirfidhe fét shúil é do thubharfhadh radharc
thar radharca dhuit. Do bhuail mo bheirt i gcoinne an
tsuithig (= tsoighthigh) agus suathadh (.i. corruigheadh) a'
saitheach. Éirig stramhach agus chuaidh sé fé shúil in fhir
go dteastuig uaidh imtheacht agus nuair a chuaidh sé
fé n-a shúil do chítheadh sé an saoghal go léir. Chonnuc
sé an dorus agus na fuinneoga annsan comh maith is
go bhfeaca sé sar a' cuireadh an sgamall ortha.
Osgail sé an dorus agus n'fhéadfadh fear na leasa é
ch'neáilt ná aon dul aige air.



Súd leis a bhaile annsan a' déanamh ar a' dtig.
Le iongantas muar chonnuc sé an tsochraid a' fágaint
a' bhaile. Dar leis féin cé bhí marbh ó tógadh a'
bóthar é. Do bhuail fear leis. Do fhiafhruigh sé don
bhfear cé' bh'é an corp do bhí 'á chur indiumh. Dubhairt
a' fear leis gu' bh'é a leithéid sin d'fhear a' tabhairt
a ainm agus a shloinne uaidh.



"Má'sé sin an corp," ars' an fear eile, "mise é
sin, agus ní'lim marbh fós."



Chuir sé iongantas muar ar a' bhfear eile an chaint
adubhairt sé, mar, 'roshon (= ar a shon) é theacht 'on
tsochraid, ní raibh aon aithne muar aige air.


L. 40


"'Seadh," is (= ars') é sin leis fhéin, "fanfha mé
ins an iothla go dtí 'mbeidh an corp curtha."



Sin é an uair a thuig sé gu(r) tógadh é féinig chun
siubhail agus go gcuireadh duine eile dá ionad aige
lucht (nó muinntir) na leasa. Nuair a bhí nach héinne
imthighthe ón mbaile agus a' corp curtha san uaig,
chuaidh sé isteach 'na thig féin, agus an té bhí i mbun
a' tighe thuit sé i bhfanntais nuair a chonnaic sé é,
mar tuigeadh do gu(r) cheart do bheith curtha ins an
uaig an uair sin. Súd leis a' lorg uisge agus éinní
eile tuigeadh do a dhéanfhadh maitheas don té bhí ins a'
bhfanntais. Do tháinigh sé chuige féin i náimhín bheag
aimsire. Dubhairt an fear eile leis annsan a' cuir
misneach air ná raibh sé féinig marbh i n-éa'-chor agus
gan aon eagla do bheith air. Labhradar féin le chéile
annsan agus do 'nis an fear a tháinig cad do thuit
amach air fhéinig do.



Adubhairt a' fear eile leis go raibh sé caointe
tórruighthe annso le (dh)á lá agus (dh)á oidhche. Do
chuaidh sé imeasg na háite annsan cad do bhí t'itithe
amach agus iongantas muar ar nach héinne mar gheall
air.



Chuin sgéal geárr a dhéanamh do, ní raibh aon áit go
raghadh an fear ná cítheadh sé na daoine maithe ar
aonach nó ar mhargadh leis a' radharc a bhí ins a' tsúil
aige t'réis na leasa. Lá dos na laetheanta ar pháirc
an aonaig do chonnoc sé na daoine maithe chuige, agus
bhí úncal do ar dhuine aco bhí curtha le bliadhanta roime
sin. Labhair a' t-úncal leis agus fhiafhruig do a'
gcíonn sé na daoine maithe fós comh maith leis an uair
do bhfág sé an lios. Dubhairt leis go gcíonn sé iad
ó son (nó soin) anuas. Thóg a' t-úncal a' dorn, bhuail
sa tsúil é agus chuir ar a bhais chuige í.


L. 41


"'Seadh," is (= ars') é sin, "ní chífhe tú éinne acu
go deó aríst!"



Fuair sé a shaoghal comh fada le aon fhear eile
timcheall air, thug sé baodhachas le Dia an tsúil do
bheith as sa chuma ná cítheadh sé éinne aco go deó aríst.
Sin é mo sgéal-sa; i dtao' de chéad bliadhain a thuit sé
amach.



XXIII. - SPRID I bhFEIRM CHÚ (.i. bhfuirm chon).



'Deir Cheann Trágha agus an Daingean tá áit (.i.
páirt) don mbóthar a dtugann siad Claiseacha na
Gainmhe. Cítí mórán sprideacha agus púcaí ann. Bhí
ana-droch-ainm air agus go deimhin ní'l an ainm
ró-mhaith fós air. Do chuala go raibh fear a' teacht
ón nDaingean tráthnóna samhraidh sar a raibh an ghrian
i bhfairrge. Do bhuail an sprid leis i bhfeirm chú (= i
bhfuirm chon). Bhí sé ag marcaigheacht ar chapall
iallaite. Do dhein an chú air chuin é stracadh anuas
don iallait. Dhein sé a dhícheall a d'iarraidh a ghreim
do choinneáilt sar a stracfaidhe anuas é. Do chuaidh
sí ana-dhian air. Do chrom sé ar liúirig annsan agus
eagla mhór air go mar'óghadh sí é.



Do bhí capall iallaite eile ceathramha mhíle roimis
amach. Do chuala sé an liúirig a bhí 'na dheabhaidh agus
dubhairt sé le n-a bhean do bhí ar a chúlaibh go gcasfadh
sé an capall siar agus go mbeath fhios aige fáth an
liúirig (= na liúirighe?). Dubhairt a bhean leis gan
bacamhaint leis, mar gur dócha gur bruighean a bhí ann
agus gur bh'fhearra dhóibh dul a bhaile. Bhí an liúirig
a' neartughadh agus a' neartughadh agus a' dul i
n-ana-bháthacht.



"Dar liagh," ars' an fear le n-a bhean, "tá'n lá
fós againn agus casfa mé an capall siar," agus do
chas.


L. 42


Nuair a tháinigh sé i radharc an duine seo do bhí 'na
dheabhaidh chonnoc sé an chú a' tabhairt nach haon léim' i
n-áirde ón dtalamh chuige a d'iarraidh é tharrac anuas,
agus nach haon liúgh úrnaidhe aige.



Do chomáin sé (.i. an fear do chas siar air) an
capall annsan a' sodar chun cúngnamh do thabhairt don
bhfear do bhí ins a' ghreim. Ní' imthig a' cú ón bhfear
go raibh sí a' gabháilt do go dtí 'dtáinig a' tara
fear suas. Do léim sí isteach thar cloidhe annsan.
Do bhí éadach an fhir go léir stracaithe aici agus é
féinig i ndeire na feide. Dubhairt nach héinne do
chualaidh é, mara mbeadh an tarna (nó tara) fear do
chuaidh 'uin cabhrughadh dho, go mar'óghadh sí é.



XXIV. - AN GEARALTACH MUAR.



I.



Nuair a ghaibh an Gearaltach muar ó Bhaile an tSléibhe
'nuas go ceannasach,
Ní fhágfadh sé Mainíneach thuaidh ná buineadh sé fuaim
le n-a mhaide as.



II.



Nuair a ghaibh an Gearaltach muar ó Bhaile an tSléibhe
'nuas go ceannasach;
Chuir sé crothadh 'na láimh go gcritheann a' tráig le
heagla.


L. 43


III.



Nuair a ghluaisigheann saor Mháiréad agus caora bhreágh
réidh ar a bhacalainn,
Go gcuirfeadh sé blúire an sg'léid de agus d'óladh sé
féin a' t-anairthe.



IV.



Ghluaisigheadh gabhar ón gCam agus thagadh sé ar bharra
na páirce;
Ghluaisigheadh fear sgilling 'na dheabhaidh 's is geárr gur
gabhar chuin fáin é.



XXV.



FIDEOGA AGUS DROMA SÍDHE.



Fear ó Chathair Builg do bhí 'á rádh liom. Dubhairt
sé go raibh ceathrar nó cúigear nó b'fhéidir seisear ag
imirt chártaí go dtí a dó-dhéag a chlog istoidhche.
Nuair a stadadar annsan éirigheadar go léir amach
i dteannta a chéile. Bhí an oidhche ana-bhreágh, agus
bhuaileadar a ndrom le binn ar feadh cúpla nóimint
a' féachaint timcheall ortha, ó bhí an oidhche cómh breágh.
Taidhbhsigheadh do fear (nó dhuine) aco go raibh glór
istig ins a' tig go rabhadar ag imirt na gcártaí.
Do chuaidh fear a' tighe isteach féachaint cad do dhein
a' glór. N'fheaca sé aon ní. Ní raibh aon ní leacaithe
istig ná amuich. Do chuaidh sé amach go dtí an dream
eile annsan agus dubhairt sé leótha go raibh nach
haon-ní sa chuma chéadna fé mar bhí nuair a fhágadar
é, pé rud do dhein a' glór ná feadair sé fhéin sin.
Le n-a linn sin do chualadar a' ceol lastuas don
mbaile fé mar a bheadh fifes agus drum. Do tháinig
iongantas ortha an t-am san (nó an dtacaid sin) don
oidhche cad do thiubhradh aon cheol ann. Dubhairt duine


L. 44


aco leis a' gcuid eile go raghaidís fé n-a bhrághaid.
Dubhairt fear eile é ghlacadh bog, mar nár bhain sé
leótha. Dubhairt fear eile ná' bh'aon cheol saoghaltach
é, 'roshon (.i. ar a shon) cúigear nó seisear acu bheith
i dteannta a chéile. Do tháinig eagla a ndóthain
ortha, mar do ghaibh sé anuas i lár a' bhaile cómhngarach
go leor dóibh. Do dh'imthigheadar isteach 'in tig agus
ní' fhág éinne acu é go dtí maidin geal a' lae.



XXVI. - LIATHRÓID SÍDHE.



Bhí triúr fear ag dul go tig cuirp tráthnóna luath
ins a' ló. Bhíodar a' gabháilt cómhngar guirt chuin
tighe an chuirp. Buaileadh an liathróid rómpa. Do
chualadar 'á bualadh í, acht n'fheacadar cé bhuail í agus
bhí éinne amháin den triúr ná feacaidh i n-éa'-chor í.
Cuireadh ar a' slighe rómpa féin í agus ní leigeadh
eagla dóibh teangamhaint léithi, mar tuigeadh dóibh gur
rud ana-ait é, a leithéid sin.



XXVII. - AN LEATHAN-CHUILT.



I.



'Sí an leathan-chuilt atá
Le fada 'nois ar láimh
Agus í tarraigthe i bhfráma bítse,
Gan cnaiste, gan cháim,
Gan mhairg ó n-a lár
Agus í oibrighthe le snáithín síoda.



II.



Bhí diamonds 'na lár
'S í tuilte d'órnáimh,
Agus í oibrighthe le snáithín síoda;


L. 45


Molaim-se go bráth
'Té casfaidhe i n-a lár
Ar thearmainn Sheaáin agus Shíle.



III.



Ní'l aon inntleacht ná stairs
Ins an tír seo le teacht
Ná fuil bainte uirthi go greanta córach:
Caoire 'gus bath
Agus laoigh le n-a n-ais,
Flít agus airm Sheoirse.



XXVIII. - CAILÍN ÓG A' TIGHE AGUS NA
BUACHAILLÍ BÁNA.



Bhí fear bocht ann fad ó, is minic a bhí, tá fós agus
beidh go deó. Bhí sé pósta. T'réis pósta dho ní raibh
aon slighe bheatha aige acht garrdhaidhe beag i n-iumall
cam (= com .i. lag) cnuic, asailín agus cairt. Do
thosnuigh sé annsan a bheith a' briseadh an chnuic. Bhí a
chlann ag eiriughadh. Tuigeadh do go raibh dul i neart
ins a' tsaoghal. Do dhíol sé an t-asailín agus
cheannuigh sé miúil, agus bhí sé ag oibriughadh leis go
'ana-mhaith go léir, a' libhéaladh a chnuic leis agus é
'déanamh mórán cuireadóireacht'. Bhí an mhiúil aige
an uair seo.



I gcaitheamh na haimsire aríst bhí breis mheasa aige
a' teacht air fhéin. Dhíol sé an mhiúil agus cheannuigh
sé capall. Annsan do fuair sé buachaill aimsire
aríst. Bhí sé 'déanamh obair an domhain annsan. Do
cheannuigh sé an tara capall ar a' slighe sin go raibh
feirm aige chothuigheadh do daichead bó bhainne agus
áirithe beithidhig seasg agus caoire leis agus mórán
gabhar ar a' gcnoc.


L. 46


Ní raibh aontaighe comh flúirseach (nó iomadamhail)
an uair sin is tá siad anois. An t-aonach is
cómhngaraighe do bhí dho, bhí sé ó n-a daichead go dtí
deich míle is daichead uaidh. Do dh'imthigh sé lá chun
an aonaig agus (nó le) fiche éicint beithidhig aige chun
díol, a mhac agus a bhuachaill aimsire le n-a chois. Do
chaith sé fágaint lá nó dhó roimis lá an aonaig, toisg
an t-aonach a bheith comh fada bhuaidh.



Is a' tsamhradh b'eadh é. Bhí a inghean agus bean
chrúidhteacháin agus an cailín aimsire a' crúdh na mbath
ins a' mhacha nuair a ghaibh chughtha bean agus dar leótha
go raibh a ceann agus a cosa nách muar buailte ar a
chéile agus í 'snáimhseáil agus a' fuar-chásamh, agus do
lorg sí lóistín na hoidhche ar chailín óg a' tighe.
Dubhairt a' cailín óg léithi ná tubhradh sí aon lóistín
do éinne anocht ná i mbárach, mar go raibh a hathair
agus a dearbhráthair agus a' buachaill aimsire imthighthe
ar an aonach le stoc agus nár mhaith léithi aon
stróinséir do fhágaint istig, acht dubhairt sí léithi
suidhe síos annsan agus go dtubhradh sí a dóithin aráin
is bainne le n'ól agus le n'ithe di, agus do shuidh sí
síos agus do ól sí agus ith sí a dóithin. Nuair a bhí
san déanta aici, do lorg sí aríst ar chailín óg a'
tighe í fhágaint istig. Dubhairt a' cailín óg aríst 'á
teiteach ná fágfhadh, mar go ndubhairt a hathair léithi,
nuair a bhí sé 'fágaint, gan aon duine fhágaint istig
go dtiocfadh sé fhéin thar n-ais.



"Táim cortha traochta," ars' an bhean, "agus
iarraim ort i gcúnntas Dé me fhágaint istig i gcóir
na hoidhche, agus ná déanfha mé aon díoghbháil 'á bhárr
duit."



Do bhog a' cailín óg annsan agus dubhairt léithi go
bhfágfadh sí istig í. Chuaidh sí isteach 'in tig annsan.
Shín sí siar sa chúinne ar bheart bruis a cuireadh chúighthi


L. 47


chun leabaidh agus do bhí nach haon "Dia lem anam"
aici.



Nuair a chuaidh cailín óg a' tighe a chodladh annsan,
do dhaingean (.i. do dhún) sí na dóirse go maith. Bhí
an cailín aimsire imthighthe a chodladh roimpi. Bhí sí
féinig (.i. cailín óg a' tighe) ar a glúinibh a' rádh
paidreacha i ndeabhaidh a' cailín aimsire do bheith 'na
codladh (nó do bheith imthighthe a chodladh). Nuair a bhí
a paidreacha ráidhte aici annsan do fhéach sí (.i. cailín
óg a' tighe) trí pholl a' ghluis féachaint cad é an sgéal
do bhí aige bean bhocht a' chúinne. Do leath a (dh)á
súil uirthi nuair a chonnuc sí an bhean agus í iompuighthe
'na fear!



Sin é an uair a tháinig an t-ana-bháthadh uirthi, mar
tuigeadh di go mbeadh sí marbh agus aon ní bhí sa tig
gu'b fhiú aon ní é tógaithe chun bóthair. Is amhlaidh bhí
sé thuas ar cheann a' bhúird agus coinneal 'na sheasamh
aige i láimh duine mhairbh, púdar agus grán agus
gunna ar a' mbórd aige. Do ládáil sé an gunna
agus í sin (.i. cailín óg a' tighe) a' féachaint air i
gcomhnuidhe. Nuair a bhí nach haon ní déanta ar a
thoil aige do dh'imthigh sé síos chun a' duiris agus
osgail sé é. Imthigh sé amach annsan ar phort bhí
tamall ón dtig. Do shéid sé sgréachóg (.i. sórd
éicint fliúit nó fuisil a bhí aco fad ó) a bhí aige agus
tháinigh sé thar n-ais annsan.



Ba mhaith a' mhaise don gcailín óg é, bhí an dorus
dúnta roimis. Tháinig iongantas muar air. Bhuail
sé an dorus agus dubhairt leis a' gcailín óg é
osgailt. Ní thug (nó thiubhradh) a' cailín óg aon toradh
air (dh)á mbeadh sé a' caint ó shoin. Dubhairt sé sin
annsoin gur bh'fhearra dhi an dorus a osgailt, ú go


L. 48


ndéanfadh sé é bhriseadh agus go mar'óghadh sé í fhéin
cómh maith. Do lig sí dho bheith ag cur as.



Níor bh'fhada go gcuala sí an siubhal agus an
tormáil go léir timcheall a' tighe lasmuich. Do
chuireadar chun a' dorus do bhriseadh. Bhí maidí builg
leis a' ndorus agus na fuinneoga cómh maith, mar an
uair sin a bhíodh buachaillí bána 'imtheacht agus a'
déanamh mórán díoghbhála, agus buachaillí bána b'eadh
iad so leis.



Do chuaidh dóibh an dorus agus na fuinneoga do chur
isteach ná do bhriseadh, do bhíodar cómh feistighthe sin.
Ní raibh éinní annsan aco le déanamh acht dul i n-iothla
féachaint a' mbuailfheadh aon téadán leótha, acht ní'
bhuail acht cleach (.i. súgán curtha ar choca féir agus
cloch os a chionn i n-áirde) do bhí ar choca féir. Do
thugadar leótha é. Greamuigheadh duine aco air agus
ligeadh an tsiminé anuas é, uair ná raibh aon slighe
eile aco chun teacht isteach sa tig.



Do bhí cailín óg a' tighe ana-ghlisde go léir agus
tuigeadh di go rabhadar suas 'un rud éigint nós é do
dhéanamh. Bhí gunna balbh is a' tig aige n-a hathair.
Do ládáil sí an gunna. An chéad duine tháinig anuas
a' tsiminé, do lig sí an ghaoth agus a' ghrian tríd.
Tharraig sí chúighthi anuas annsan é le n-a láimh agus
do sgaoil sí an téadán do agus lig i n-áirde aríst é.
Bhí sí mar sin ó cheann go ceann leótha go dtí 'mhairbh
sí éinne déag. Bhíodar i n-aon chlais amháin i lár a'
tighe aici agus an méid acu bhí ann marbh acht éinne
amháin. Dar leis a' t-éinne amháin a bhí amuich go
mbeadh an dorus dá osgailt nach haon nóimint do.
Do bhuail sé an dorus sa deire agus fhiafhruig dóibh an
marbh ú beó bhíodar. Ní thug éinne aon toradh air.
Tuigeadh do annsan gurb í cailín óg a' tighe a chuir
deire leótha ar shlighe éicint. Imthigh sé an bóthar agus
fhág sé annsan trí n-a chéile iad.


L. 49


Maidin la'r n-a bhárach cuireadh sgéala go dtí na
póilíní (nó pílears) cad do bhí t'itithe amach t'réis na
hoidhche. Do thán'adar san gan dobhat agus áthas muar
ortha oiread dos na buachaillí bána bheith marbh.



Nuair a tháinig an t-athair a bhaile ón aonach bhí
ana-iongantas air an obair a bhí déanta aige n-a inghin,
mar tuigeadh do ná raibh aon saighdiuir mná do fhéadfadh
cuid is mó dhéanamh. Cuireadh na buachaillí bána go
háirithe.



Bhí an feirmeoir agus a mhac 's a inghean agus a
chuid seirbhísig a' dul i mbéal na' héinne an obair a
bhí acu 'á dhéanamh agus an neamhspleádhthacht a bhí 'teacht
ann. I gcaitheamh trí ú ceathair do bhliadhnaibh do bhuail
chughtha fear uasal ar chapall iallaite agus sligirníní
óir ar na capaill ar crochadh leótha. Do lorg sé
lóistín na hoidhche ar a' bhfeirmeoir. Dubhairt a'
feirmeoir go ngeobhadh le fáilte mhuar, mar do (= ba)
chruaidh an croidhe do bheadh ag éinne do fágfadh amuich
a leithéid do dhuine uasal fé spéir na hoidhche. Cuireadh
an capall ar stábla. Tháinig sé isteach in tig annsan
go dtí an bhfeirmeoir. Bhíodar a' caint is a' ciorrughadh
na hoidhche leótha. Dubhairt a' duine uasal, ins a'
chaint dóibh, go bhfanfadh sé trí ú ceathair de
sheachtmhainí timcheall, mar gur bh'fhear é bhí huin (= chuin
.i. chum) gach aon áit do fhisgint agus go raibh a dhóthain
airgid aige agus ná' bh'fheárr leis cuma a chaithfeadh sé
cuid do ná mar seo.



Imthigheadh sé amach annsan nach haon lá ar a chapall
iallaite a' fisgint na háiteacha (= na n-áiteanna) go
léir timcheall. A' té ghlanadh a bhróga, gheobhadh sé
saibhrean uaidh. An buachaill aimsire ú an fear oibre
tharraiceoghadh a chapall isteach ná amach (ch)uin stábla,
thiubhradh deoch di agus dhéanfadh í chimilt 's do ghlanadh,
ní' bh'aon ath(a) leis cúpla saibhrean a thabhairt do.


L. 50


Bhí soin go maith annsan feadh mí. Dubhairt sé leis
a' bhfeirmeoir annsan go raibh sé ana-bhaodhach go léir
do, go raibh mórán seoidh agus spórt agus caitheamh
aimsire go léir acu. Dubhairt a' duine uasal
annsan leis a' bhfeirmeoir sa deire go raibh aon
athchuinghe amháin aige le lorg anois air.



"Cad é an athchuinghe é sin?" ars' an feirmeoir.



"Tá cailín óg breágh do inghin agat agus do
(= ba) mhaith liom í bheith agam mar chéile."



"Ó!" a(r)s' an feirmeoir, "tánn tusa ró-shaidhbhir
di sin."



"Sin é mar is feárr a' sgéal é," ars' an duine
uasal, "má thánn tusa sásta le í thabhairt dam. Ó
thánagh annso," ars' é sin, "cím go bhfuil sí ábalta
ar nach haon ní a dhéanamh, agus cailín breágh is eadh í
'na theannta san, agus leis sin do thuiteas i ngrádh
léithi."



'Seadh, sa deire thiar thall, as a gcaint go léir
agus a cheistiughadh, pósadh mo lánamha. Bhí pósadh
maith ortha, pósadh seacht lá agus seacht oidhche na
seachtmhaine.



XXIX. - AN COINÍN DÁ DHÍOL.



Bean ón Oileán (.i. an t-Oileán Tiar) do chuaidh 'on
Daingean ag díol coinín. I gceann dos na tighthibh
muara do connac sí bean uasal a' féachaint amach an
fhuinneog. 'Spáin sí an coinín di agus sidé mar
thosnuig sí:-



An bhean ón oileán:



Madam i n-áirde, would you buy coinin?



An bhean uasal:


L. 51


An bhean ón oileán:



Ní'l ná caoch!
Is maith an dá chnap-shúil atá 'na phlaosg!



An bhean uasal:



An bhean ón oileán:



Ní headh ná cat,
Acht coinín muar maith
Ón Oileán Tiar amach!



An bhean uasal:



An bhean ón oileán:



Ní dhíolfainn gan réal é!



XXX. - BÁTHADH NA bhFEAR I nDUIBHNEACH.



Seaán Ó Duinnshléibhe (.i. file bhí istig san Oileán .i.
an t-Oileán Tiar) cct.



I.



An sgéal so agam is mithid dúinn 'ínnsint
Ar cháil na bhfearaibh do leagadh i nDuibhneach
Go bhfuil tuath a' Daingin go hathtuirseach dá gcaoineadh
Agus ndaoine déarca go léir ag guidhe dhóibh.



II.



A thriúr Lúsaís, mo mhíle léir sibh!
Mo phudhair ró-mhuar sibh i n-uachtar Éireann!
Go raibh acfuinne bhúr nguaille ag déanamh saothair
Agus carthannacht bhúr gcroidhe 'stig ag díol na
déarca.


L. 52


III.



A William mhuair, ó, mo bhuadhairt id luighe thu,
M' fhear breágh calma acfuinneach mín-tais!
Gur bh'fhear ar tráig tu, ar clár nó ar bínnse,
Nó (dh)á badh dhán duit lá na bruighne!



IV.



Mo ghraidhin bhúr n-athair, ba ghreadaithe a chroidhe 'stig,
A' féachaint ón dtalamh ar an anaithe do bhí 'gaibh,
A' traochadh leanbh agus ní mar sin do bhíodar,
Acht 'na laochaibh gaisgidhig nó gur laguig a' sgríob iad!



V.



An t-athair adubhairt, is dócha:



Mo chreach agus mo mhairg nach i Sasana bhíobhair
Nó amach sa talamh comh fada le Graoinleaind,
Anúnn sa Ghaillimh cé gur'b aisdear gabháil timcheall;
Bheadh súil a bhaile aige bhúr n-athair aríst libh.



VI.



Mo ghraidhin go daingean an bhanarthla thál díbh
A bheith beó 'na beathaidh nuair a theang'uig bhúr gcás di,
Agus chun labhairt do réir carthannacht, is easnamh do
bhúr mnáibh sibh
A' filleadh a bhaile go dealbh chuin a máthar.



VII.



A Mháire Ní Bhrosnacháin, gur dubhach a' sgéal é,
Gur'b olc a' seans a bhuail i dtosach do shaoghail leat:
Dá badh leat tarrac ar airgead Dhéamair,
A phearsain siúd d'fhear ní casfar let shaoghal leat.


L. 53


VIII.
An file cct.



'S gur'b é dubhairt liúm-sa Tomás Ó Ceárna'
Ná raibh aon mhaith ins a' tsagart atá 'cu
Nár thug uaidh sgríbhte an t-Ábhe Máire
Do bhuailfeadh isteach ar lag na trágha iad.



IX.



Cé fhéachfadh amharc ar anaithe an lae sin?
Caortha is lasracha, fearthainn is gaoth ann!
Bhí an spéir ar lasadh 's an fhairrge gléigeal
Ins an am gur cailleadh na fearaibh le chéile.



XXXI. - INGHEAN RÍOGH ÉIREANN.



Bhí rí i Sasana agus rí i nÉirinn. Bhíodar ar aon
sgoil amháin i dteannta a chéile. Tharraigigheadar
coingheall eatorra féin, má's mac a bheadh aige duine
acu agus inghean aige'n duine eile, iad a phósadh. Bhí
inghean aige rígh Éireann agus mac aige rígh Sasana.
Bhíodar le pósadh i gceann bliadhain agus fiche. Do
cailleadh bainríoghain Éireann i gceann fiche bliadhain.



Ceann dosna laothanta dubhairt a hathair leis an
inghean éadach a chur amach agus é riar ar na boicht. Bhí
coingheall tarraigthe ag an athair agus ag an máthair
gan aon bhean a phósadh acht an bhean go 'reamhnóghadh
an fáinne a bhí thuas ins a' chófhra í. Nuair a fuair an
inghean é, chuir sí ar a méar é. Nuair a tháinig a
hathair a bhaile, chonnaic sé ar a méar é:-



Mar sin do i mBaile an Fhirtéirigh, acht "bádhadh" ("bách)"
atá aca i gCeann Trágha.


L. 54


"Dia linn, mo ghrádh ghil! Is dócha gur mar chros
orainn a bhí sé; caithfir mise phósadh anois!"



"Ní dhéanfad anois ná choidhche," ar sise.



"Caithfir é dhéanamh," ars' an t-athair.



"Déanfad," ar sise, "ach' a dtiubhra tú chugham
c'luith do ghiotairí glasa."



D'imthigh sé agus do thug, agus dubhairt sí ná
pósfadh sí anois leis é "nó go dtiubhra tú chugham
c'luith do raolacha mine."



D'imthig agus do thug. Dubhairt sí ná pósfadh sí
anois leis é nó go dtiubhradh sé chúighthi c'luith dos gach
aon dath cleite ins an aer.



D'imthig agus do thug. Dubhairt sí ná pósfadh sí
anois leis é nó go dtiubhradh sé chúighthi capall óir
agus dorus a bheith air agus neart a bheith aige duine
dul isteach ann. D'imthigh sé agus do chuir sé dhá
dhéanamh é, agus d'fhiafhruigh sí dho cé an duine gur chuir
sé dhá dhéanamh chuige. Dubhairt sé léithi gur go dtí
an gabha ba ghiorra dho chuir sé dhá dhéanamh do.



D'imthigh sí féin agus chuaidh sí go dtí an ngabha agus
dubhairt sí leis gur mhór an t-ór a thiocfadh amach as
bholg an chapaill agus go dtiubhradh sí féin oiread eile
dho agus neart a bheith [aici] glas a chuir ar an dtaobh
istig air. Tháinigh sí a bhaile agus chuaidh a hathair ag
triall ar a' gcapall agus do thug sé chúighthi é.



Bhíodar le pósadh i mbárach. Thug sí an oidhche sin
ag bácáil aráin. Bhailigh sí an t-arán agus gach aon
ní bhí aici isteach ins an chapall agus chuaidh sí féin leis
isteach ann. Chuir sí an glas ón dtaobh istig air.



Do bhí cuireadh tabhartha ag a hathair do mhórán daoine
i mbáireach le dul ar a' bpósadh. Nuair éirig an
t-athair ar maidin ní raibh an inghean le fagháil aige.
Bhí sé ag sgreadaig agus ag béicig gur beag [nár]
ídigh sé é féin.


L. 55


Tháinig teachtaire isteach chuige go raibh árthach ag
teacht isteach [chun] a' chuain agus siúrálta gurb é
rí óg Shasana é. Do chuir sé cóisde síos 'na choinne
chun teacht aníos go dtí an tig. Tháinig, agus d'innis
[rí Éireann] sgéal do ar an slighe a dh'imthig air, agus
dubhairt sé leis gurb é an bronntanas déidheanach a
d'iarr sí air an capall agus gur bh'in é thiar aige an
capall.



Do bheir sé (.i. rí óg Shasana) leis é go Sasana agus
do chuir sé chuige [é] thiar sa gháirdín agus ní raibh fhios
aige aon ní bheith istig ann.



Agus nuair a bhí sí ag dul gearraid sa bhiadh do
chaith sí teacht amach as, agus do chuaidh sí i n-aimsir go
dtí máthair an ríogh óig agus i mbun chearc do bhí sí
agus tig beag aici féin. Do dhein sí suas an tig
comh maith agus d'fhéad sí é, agus ceann dosna
laothanta do ghaibh an rí óg amach agus do bhí sé ag
máirseáil timcheall ar an dtig beag, mar chuala sé
ceol istig ann, agus do bhí sé 'féachaint sa bhfuinneoig
ann agus do chonnaic sé istig í déanta suas fé ch'luith
do ghiotairí glasa agus do bhí iongantas air cér bh' í
féin agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a raghadh
sé isteach. D'iarr sé uirthi é leigint isteach, agus
d'fhiafhruigh sí dho cér bh'é féin, agus dubhairt sé gur
bh'é an rí óg é agus é leigint isteach, agus dubhairt
sí leis nár bh'é, mar go raibh fios a bhéasa aige cuid
is mó ná an méid sin.



D'imthigh sé agus chuaidh sé a bhaile, agus do tháinigh
sé isteach i mbárach, agus do bhí roimis déanta suas
fé ch'luith do raolacha mine, agus do iarr sé uirthi é
leigint isteach. Dubhairt sí ná leigfeadh agus do bhí
sí féin istig agus méisín ceoil aici agus í ag rinnce
agus n'fheadair sé 'on domhan c'onnus a raghadh sé
isteach.


L. 56


B'éigint do dul a bhaile agus tháinigh sé isteach i
mbárach. Bhí sí déanta suas roimis fé ch'luith dos gach
aon dath cleite ins an aer agus n'fheadair sé c'onnus
a raghadh sé isteach.



B'éigint do dul a bhaile, 'gus do bhuail sé breoite
la'r n-a bhárach, agus do bhí nach éinne 'teacht ar a
thuairisg, acht ní thiocfadh sí seo i n-ao' chor, agus
dubhairt sé le n-a mháthair, dá bhfaghadh sé deoch uaithi,
go mbeadh sé go maith. Cuireadh fios uirthi agus
tháinigh sí agus chuaidh sí chuige le deoch agus ní bhfaghadh
sé ó n-a mhisneach í choimeád istig.



D'imthigh sí agus chuaidh sí a bhaile agus do chuir sé
fios uirthi la'r n-a bháireach. Tháinigh sí chuige le deoch
agus d'iadhuigh sé an dorus agus chimeád sé istig í
agus do pósadh iad la'r n-a bháireach.



D'innis sí dho ó thúis go deire ar nach aon chola lae
gur ghaibh sí fríd.



XXXII. - ARÉIR IS MÉ GO hUAIGNEACH.



Séamus Ó Muirchearta' (.i. "An Spailpín Fánach") i
nÁrd na Caithne (.i. Oileán Dúin Óir) cct.



I.



Aréir is mé go huaigneach
'S mé am luighe ar leabaidh suain dam,
'S mé aig smaoineamh ar gach buaidhreamh
'S gach cruatan bhí am chóir,
Lém thaoibh gur shín sí suas liom,
'Sí an rígh-bhean aoibhinn uasal,
'S gur binne liom a duantaireacht
Ná ar chuala riamh do cheól.


L. 57


II.



Bhí a coisín deas i mbróigín
'S a cúimín cumhartha córthach;
Bhí a píop chómh geal, is dóigh liom,
Lé eala ar linn aig snámh.
Bhí a guth chómh binn le smólach
'S a leacain mar an rósaí
'S a cúilín crathach ómrach
Aig titim léi go sáil.



III.



D'fhiosruigheas den rígh-bhean
Goidé an tír nú áit gur díobh í,
Cé an baile cuain dá mbíonn sí
Nú an bean í thuit i mbrón,
Go dtáinig sí 'nár líonta
Chómh déidheanach soin san oidhche
'S gan éinne beó dá chaoineadh
Ach' í aig síor-shileadh deór.



IV.



An tú Pallas? An tú Bhénus
Bhí pósta aig Bulcán béal-dubh?
An tú Úna nú an tú Diana
Nú an deigh-bhean úd Ióan?
Nú an fíor gur tusa Hélen
Thug Pairis sgéal ón nGréig leis?
Fios t'ainm' 'nois is méin liom
Nó cé bhfuil do ghnó?


L. 58


V.



Is m'ainm-se, má's méin liom,
I dteangai' bhlasda Ghaedhilge,
Gur bean ró-mhór i bpéin me
'S gan éinne liom beó,
'S go bhfuil mo chlann i ndaor-bhruid
Ag gClannaibh Gall dá thraochadh,
Ceistibh cruadha dá réiteach
'S gan éinne chum cóir.



VI.



Bead-sa adsúd ar thaobh cnuic,
A' drom agam dá phléasgadh,
A' cur na bhfear le chéile
'S an úir as mo chomhair.
Beidh Tomás Wallace féin ann
'S gan súm ná beann aig éinne air,
Bodaig an fhill 's a n-éitheach
Dá léire 'á chur fén bhfód.



VII.



'S tá fórsaí móra ó Lúndain
Aig teacht aig déanamh cúntais,
Ach' d'réir mar deir na hughdair
Ní éireoghaidh soin leó,
'S go bhfuil faobhar na gclaidheamh le lonnradh
Aig soillse aig lasadh fútha,
'S gach n-aon gur mhaith leis cughtha iad
Aig súgairt 'sa spórt.


L. 59


XXXIII. - AN SÁSAMH DO BHAIN AN BUACHAILL
BÁN AS CAILÍN ÓG A' TIGHE.



(leanamhaint ar Sgéal a XXVIII.)



An duine uasal do tháinig go dtí tig an fheirmeora
le n-a chapall iallaite agus feidhre spuir, do lorg sé
lóistín na hoidhche agus fuair sé é le fáilte mhuar.
Do fhan sé insa tigh annsoin feadh lá nú dhó, agus an
té ghlanadh a bhróga do gheobhadh sé saibhrean breágh
buidhe ná aon trioblóid eile do thabhradh sé do mhuinntir
a' tighe do dhíolfadh sé go maith iad.



Nuair a bhí sé chun fágaint, dar leotha, do lorg sé
a inghean ar fhear a' tige. Do fhéach an feirmeoir air
go hiongantastamhail agus dubhairt leis gan a bheith
a' magadh fé.



"Ní a' magadh atáim acht dáríribh glan," ars' an
duine uasal.



"Seadh, chun caint ghearra a dhéanamh do," ars' an
feirmeoir, "táim-se sásta leis, má tá an cailín óg
sásta."



Glaodhadh ar a' gcailín óg annsan agus cuireadh fé
n-a brághaid an pósadh agus fiarfhuigheadh di (.i.
d'fhiarfhuig a' t-athair di) a' raibh sí sásta leis an
duine uasal so phósadh is fhreagair sí go raibh. Annsan
pósadh iad agus bhí pósadh seacht lá agus seacht oidhche
ortha.



Do dhíol a' duine uasal na costaisí go leir.
Annsan, nuair a bhí coidhcíos caithte aige insa' tig
dubhairt sé le athair a chéile agus lé n-a bhean go
raghadh sé 'fiosrughadh a mháthar bhí fácaithe 'na dheabhaidh
aige agus ná feadair sí cá raibh sé féinig imighthe,
agus go dtubhradh sé leis a bhean ar (nó mar) chúlóg


L. 60


'dtao' thiar do ar a' gcapall, agus annsan go
dtiocfadh sé thar n-ais agus go dtubhradh sé leis é
féinig ('sé sin, athair a chéile) agus a líon tighe go
léir, mar go raibh a dhóithin airgid agus óir aige féinig
agus go mairidís go sáimh.



La'r n-a bháireach go luath ar maidin do fhág sé an
tig agus a bhean le n-a chois. Dubhairt sé le n-a
bhean go raibh bóthar muar fada rómpa agus go
gcaithfidís ana-dheabhadh dhéanamh chuin a bheith aige baile
roimis an oidhche. Nuair a bhí leath a' lae curtha acu
dhóibh do tharraig sé beilt muar maith as a phóca. Do
chuir sé an bheilt timcheall a mhná agus a thimcheall
féin, agus cheangail sé leis go maith í. Nuair a bhí
sí ceangailte annsan go maith aige do fhiafhruigh sé
di a' gcuimhnigheann sí ar an oidhche gur mhairbh sí
éinne dhéag (nó deichneabhar) dearbhráthar. Do chuimhnigh
sí uirthi féinig agus do thuit a' log ar a' lag aici.
Ní raibh sí ábalta ar aon toradh thabhairt air. Thiomáin
sé an capall annsan comh cruaidh is dob' fhéidir leis
é agus dubhairt sé léithi go mbeadh sásamh cruaidh anois
aige aisti.



Ar t'itim na hoidhche annsan tháinig sé go dtí
iumall coille. Bhí geata muar leis an mbóthar bhí
a' dul insa' choill. Do léim sé an geata leis a'
gcapall agus ní raibh aon truagh aige don bhean.
Thiomáin sé leis annsan go dtí lár na coille. Sin é
an áit go raibh pruais fé thalamh aige. Annsan do
thúirlig sé don gcapall agus tharraig sé an bhean
anuas gan truagh, ba chuma leis í bheith marbh ná beó.



Do tharraig sé isteach insa' phluais annsan í agus
dubhairt sé le n-a mháthair gu'b í seo an bhean do
mharaibh éinne déag chloinne uirthi. Do rug a mháthair


L. 61


ar bhlach cinn uirthi agus do stol agus do strac sí a
cuid gruaige agus do sgrabhuig sí a haghaidh agus do
bhuail a fear annsan í agus do leath-mharuigheadar í
eatortha. Annsan nuair a bhíodar sásta tharraigigh-
eadar isteach i seómra beag í go dtí la'r n-a bháireach
agus dubhairt sé annsan le n-a mháthair "má bhíonn
an t-anam i mbáireach ínnti" go dtubhradh sé amach
chun coíll í agus go gcruachfadh sé le crann í agus
go ngeobhadh sé fuip agus go mbeadh sé 'á slaiseáil
go dtubhradh sé fuil amach trí na' haon órlach do n-a
croiceann agus 'sí an mháthair a bhí go sásta leis.



La'r n-a bháireach go luath ar maid'n do chuaidh (chuaig)
sé go dtí an seómra go raibh sí agus bhí an t-anam
ínnti roimis. Tharraig sé leis amach annsan í. Fuair
sé téadán agus cheangail sé don gcrann í le n-a
cosaibh troig ón dtalamh. Annsan fuair sé fuip agus
do chrom sé bheith 'á bualadh agus 'á slaiseáil gur chuir
sé fuil amach trí na' haon órlach do n-a corp. Leig
sé anuas don gcrann annsan í agus ní raibh ínnti
ach' a' dé.



Ní' shásaimh sé sin féin é. Dubhairt sé go raghadh
timcheall na coille agus an méid adhmaid briste
gheobhadh sé go dtubhradh sé leis é agus go ndéanfadh
sé teine mhuar agus go ndóghfhadh sé 'na beathaidh í sar
a mbeadh an dé ú an t-anam imighthe. Do dhein is thug
sé leis beart úr adhmaid.



Imthigh sé agus ní raibh aon deabhadh muar air.
Annsan do bhí an t-anam a' teacht ínnti thar n-ais
agus bhí sí a' neartughadh ádhbhar. Dubhairt sí léithi féin
annsan go gcuirfeadh sí dhi féachaint a' bhféadfadh sí
éalughadh uaidh. Bhí sí 'imtheacht léithi go dtí tháinigh sí
go dtí falla muar bhí ar 'dtao' muich don gcoill agus
n'fhéadfadh sí dul a thuilleadh.


L. 62


Do ráinig go raibh bóthar a' ríogh 'imtheacht le
cliathán an fhalla. Do chualaidh sí fear [a'] gabháilt
a' bhóthair agus é a' duanaireacht do féin. Do
ghlaodhuig sí annsan féachaint cé bhí ann ú a' bhféadfadh
sé aon chabhair a thabhairt uirthi. Dubhairt a' fear léithi
gur fear bocht é féin a bhí a' bailiughadh dhéirce agus
gur dócha ná féadfadh aon chabhair a thabhairt uirthi.
Stad sí annsan ar feadh tamaill agus labhair sí
aríst thar n-ais agus dubhairt sí leis 'á mbeadh téadán
aige agus é chaitheamh ar falla go gcabhradh sé léithi
chuin (nó le) an áit a bhí aici fhágaint. Dubhairt sé
léithi ná raibh, acht go raibh a chuid éadaig leaptha ar
a dhrom aige agus go ndéanfadh sé a ghearradh 'na
phíosaí agus annsan go ndéanfadh sé é shnaidhmeadh
do n-a chéile agus go b'fhéidir go ndéanfadh sé an
bheart, agus dubhairt sí leis gu' bh' ana-mhaith an rud
é sin.



Do dhein mar bhí ráidhte agus do chaith sé thar falla
annsan é agus do rug sí ar cheann air agus le
cabhair Dé do chuir sí an falla di. Nuair a ch'nnoc
an fear bocht í ní muar ná thuit a' t-anam as, mar bhí
sí go léir laitithe geárrtha, lán do fhuil agus í
dearg-nochtaithe.



"Ná bíodh aon eagla ort," adubhairt sí leis; "má
thagaim-se saor ní bheidh aon lá bocht go deó agat."



Dubhairt sí leis annsan c'onnus bhí tríd agus tríd
agus le eagla go leanóghadh sé í an t-éadach eile
leaptha bhí aige a chasadh tímcheall uirthi agus í chur
thiar ar a dhrom chuige agus í thabhairt go dtí a leithéid
sin do áit, an áit a bhí aintín di 'na comhnuidhe.



Mar sin a bhí is dhein sé fé mar dubhairt sí leis.
Bhí sé 'cur a' bhóthair do annsan agus é ag amhrán 's


L. 63


a' duanaireacht do féin. Ní fada go gcuala sé an
chosanáirde go léir 'na dheabhaidh is cé bhí ann acht a
fear. Nuair a tháinig sé suas leis do fhiafhruig sé cad
do bhí ar a dhrom aige. Dubhairt sé gu'b í a mháthair í
do fuair bás i gcúnntae éicint síos amach agus go
bhfág sí le hudhacht í chuir 'na teampall dúthchais féin.



"Leig dom í fhisgint," adubhairt sé.



Do dhruid an fear bocht leis a' gcloidhe go mall
agus le snaidhm a bhí sé 'buint anuas bhí sé 'cuir 'á
shnaidhm suas ar shlighe eile. Nuair 'a mhall le fear
a' chapaill a bhí sé 'sgaoileadh bhuail sé buille ón
gcrap air féin agus uirthi féin agus dubhairt sé
leótha imtheacht annsan i n-ainm a' diabhail. Thiomáin
sé leis thar n-ais aríst agus (é) a' buint teine ghreas
as a' mbóthar le reacht deabhaidh.



Acht go háirithe do bhuin an duine bocht an tig amach
go ndubhairt sí leis í thabhairt agus bhí sé traochta
marbh a dhóithin.



Ní' aithin a' t-aintín i n-éa'-chor i dtosach í go dtí
thug sí a hainm agus a sloinneadh di. Annsan do fuair
sí uisge bog agus gallúnach agus éadach chuin í nighe
agus do ghlanadh agus chuir éadach friseáilte uirthi.
Bhí sí a' dul i bhfeabhas is a' neartughadh léithi annsan
feadh dó ú trí sheachtmhainí. Annsan chuir sí fios ar a
hathair agus dubhairt sí leis cad a thuit amach uirthi ó
ch'nuc sí é go déidheanach.



"Dia linn!" ars' an t-athair, "is olc a' sgéal é
sin!"



Bhíodh an t-athair a' dol ar na haontaighe a' díol 's
a' c[ea]nnach fé mar bhíodh i gcomhnuidhe agus bhuaileadh
sé seo (.i. an cliamhain) leis agus bhíodh sé a d'iarraidh
é mhealladh leis go dtí an dtig agus deireadh sé


L. 64


leis go raghadh nuair a thiocfadh sé fhéin agus a bhean a'
triall air, mar is é an rud a bhí i n-a cheann deire
chur leis an athair leis.

Sa deire thiar thall do thug athair na céile cuireadh
dínnéir do agus ins an am chéadna chuir sé gairm
sgoile amach go dtí 'sna' haon duine uasal bhí timcheall
air teacht comh maith agus do thán'adar. Ins an am
chéadna bhí an inghean aige baile aige i seómra léithi
féin.



Nuair a bhí an dínnéar i leathtaoibh annsan agus a'
phuins 'á dh'ól acu 'seadh do ghaibh inghean fhir a' tighe
anuas ón seómra agus chuir fáilte roimis nach haon
duine bhí ar an ndínnéar acht a fear féin. Annsan
do fhiafhruig a' t-athair do a' n-aithneoghadh sé a bhean.
Sin é an uair do thuit a ghéaga siar síos leis agus ní
muar ná' thuit a' t-anam as.



Annsan an dream a bhí ar an ndínnéar chuireadar a
gcomhairle i dteannta a chéile cad do dhéanfaidhe
leis, agus 'sé rud a deineadh leis é cheangal ar dhá
chapall óga bhí aige fear a' tighe agus cúig ú sé
madraí thiomáint 'na ndeabhaidh agus é stracadh ó n-a
chéile.



Deineadh é sin leis agus ní raibh buaidhreadh truaig
ag éinne dho, mar bhí sé tuillte go maith aige.
Annsan deineadh teine mhuar. Cuireadh isteach sa
teine é agus dóghadh idir chnámh is eile é trí n-a chéile.



Chuaidh na daoine uaisle a bhaile agus c'innigheadh
a' duine bocht sa tig i bhfad a mhair sé. Bhí saoghal
breágh mín réidh annsan aige.



An tseachtmhain a bhí chughainn annsan imthig a'
feirmeoir, a chapall is a chairt agus a inghean agus a
sheirbhísig agus ní' stadadar go mbuineadar amach an
phruais a bhí aige seo. Annsan a fuaireadar a
mháthair agus cuma mhíoshásta a dóithin uirthi.


L. 65


"Tusa máthair na ndiabhal," adubhairt a' fear
(.i. athair na mná) léithi, "do thug an trioblóid go léir
dómh-sa," 'á bualadh le buille 'mhaide insa' cheann
agus do mharaibh í ná' muar leis a' mbuille.



Annsan do léim sé ar a corp agus bhí nach haon
léim aige uirthi go gcuir sé tríd a' dtalamh síos í.
Bhí sé sásta annsan.



Bhí tonna óir ann t'réis a' méid a bhí bailighthe
déanta riamh acu. Thug sé leis é sin a bhaile agus
bhí sé nós rí beag san áit annsan.



Má bhí saoghal aige éinne riamh bhí sé aig an bhfear
bocht do shábháil a inghean do ón lá san go dtí lá a
bháis.



Sin é mo sgéal-sa, is má thá bréag ann bíodh.



XXXIV. - IS FADA MÉ IM STAD.



Fonn - Cailín Deas Crúidhte na mBó.



Tomás Ó Críomhthain cct. san Oileán Tiar .i. san
oileán is mó de na Blosgaodaíbh.



I.



Is fada me im stad is im staonadh gan labhairt óm
béal ar aon ní
Is me marbh ag lucht labhartha Béarla, dhá spreagadh ar
nós éanla' ar a' gcraoibh.
Is eaglach dóibh fearg an Aon-Mhic, 'tabhairt masla dár
nGaedhluinn mar bhíd,
Agus feasta mór-mhagadh dóibh fhéinidh, i dtaisteal na
hÉireann gan í.


L. 66


II.



Nach meata, nach marbh, nach tréithlag an aicme bheag
bhréan so d'áirighim
'Na seasamh ar mhachairí Éireann, gan dadamh acht
Béarla do shíor?
Ní labharaim feasta ar dhaoine aosta, mar is deacair
í chur i gcéill dóibh aríst,
Cé go bhfuilim trí fichid mé fhéinidh, dhá labhairt, dhá
léigheamh is dhá sgríobhadh.



III.



Ó táim bainte chuin siosma do dhéanamh, is dóil liom
go ndéanfad gan mhoill,
Is má labharaim feargach-bhéalach beidh an aicme seo
léirighthe síos,
Ó's duine bocht aindeis sa tsaoghal me, clipithe céasta
ó 'seadh bhím,
Badh mhaith liom an teanga bhinn Ghaedhlach a bheith i
gceannas shar a dtéidhinn síos don chill.



IV.



Gan dearmad, is maith an teanga san Béarla, an té
tá ó n-a thír féinidh chuin fáin,
Teanga fhairsaing bhinn bhlasta agus léigheannta, 's is
maith dhóibh í 'gcéin le húsáid,
Acht an stagún atá 'fanamhaint i n-Éirinn, go bhfuil
aige réidh-Ghaedhluinn mar chách
Is ná labharann aon fhocal as a bhéal di, beidh mallacht
na naomh air do ghnáth.



V.



Na taoisig do thigheann chughainn thar sáile, go críoch an
Oileáin seo do shíor,
Is cruinn do ghabhaid timcheall amáireach chuin me bheith
ar cheann cláir leó im shuidhe


L. 67


Chuin Gaedhilge do léigheamh dóibh go sásta is a míniughadh
dóibh go breágh blasta binn,
Is cruinn ceart a dhíolaid as láimh me, beannacht Dé
leó gach lá uaim sa tslighe.



VI.



Ní hé an ní dubhart-sa tá im chomhachta-sa dhéanamh
daoibh, a Chonnradh na Gaedhilge, 's táim fíor,
Acht dúbailt do dhúbh-rannaibh Ghaedhlach', do thabharfadh
cóngnamh dár nGaedhluinn chuin cinn,
Breac-mhúsgailt do thabhairt ar lucht Béarla tá
'súgaradh, iad fhéinidh gan í,
A chur i n-umhail dóibh a ndúthchas do shéanadh, tá san
úir le mór-Ghaedhluinn sa chill.



VII.



An t-Árd-Ollamh 's a' t-ógánach uasal, do tháinig ar
cuaird go dtí an t-Oileán,
Ó Lochlainn a thuigim-se ghluais sé, chuir na farraigí
'dtuaidh dos gach áit:
Ní bréag ná gur Gaedhluinn a bhí uaidh súd, is do thugas
do uaim í gan cháim,
'S má's dán di fagháil bháis i n-aon uair di do gheobhad
aríst uaidh í gan spás.



VIII.



Tá an faraire le tamall i n-Éirinn, is fiosach don
tsaoghal é ar a chuaird,
A' bogadh na bhfocal Seann-Ghaedhlach, 's a' músgailt
gach léighinn atá cruaidh:
Marstrander is ainm don Tréan-Fhear, go raibh
beannacht gheal Dé chuige uaim;
Guidhim feasta saoghal fada óm béal do, gan easba
gan déislin na buadhairt.


L. 68


IX.



A chuallacht bhreagh uasal na Gaedhilge, do mhúsgail
dúinn féin í an t-ath-uair,
Is iongantach mara mbeidh comhachta Mhic Dé libh, agus
slighe 'bhflaitheas féin daoibh gach uair,
Ó 'sé súd a cheap í, é fhéinidh, ní maith leis í éagadh go
luath,
Ní maith leis fear labhartha Béarla, is é 'caitheamh na
Gaedhluinne uaidh.



X.



Ó's fear me tá mar seo me fhéinidh, i n-Oileán an
Bhloscaeid seo im shuidhe
A' comhrac go daingean gan staonadh le daoine gan
Gaedhluinn nuair chím;
Táim mar seo le mórán mór bléannta, ní tobac im
béal é ná im píp,
Agus bruadairí 'gluaiseacht thrí Éire uaibh, agus
dualgas mór tréan dóibh do shíor.



XI.



Tá an Ghaedhluinn bhlasta so cruinn gasta agus is
iongantas, i gceart-lár chathair Lonndain úd thall,
Mar thug faraire mear tapaidh anonn í, agus tiocfaidh
aríst chugham-sa gan dobhat:
Beidh mórán in' fhochair sa chúrsa, mar tá na tighthe nua
suas a gcomhair;
Sa Bhlascaod so tá an Ghaedhluinn dhá mhúsgailt, is mi
fhéin fear a thabhartha san dóibh.


L. 69


XII.



Mar duais bheag nú mhór dam uaibh féinidh táim a'
tabhairt an méid seo chuin críoch;
Is fiosach don phobal le chéile go mbeidh a thuille nach é
agam díobh:
Táim ollamh chúin branair do dhéanamh, táim ollamh chuin
saothair do shíor;
Ní stadfad faid a mhairfidh mo laethe, nú go gcuirfheam
ar nGaedhluinn chuin cinn.



O's fear fíor-Ghaedhlach insan Oileán so me, agus
me 'comhrac leó le fada, acht baodhchas mór le Dia, tá
an Spirid Ghaedhlach ionnta ar fad anois, ó chíd siad
na hUaisle seo ar fad a' teacht agus dhá bhreith leó
uaim-se thar lear.



Seo ceapadóireacht uaim chughaibh-se, a Uaisle na
Tíre, a chur i n-umhail dóibh go bhfuil mo leithéid
laistiar.



XXXV. - BRIAN AGUS A BHEAN.



"Cá bhfuairis é?
"Fuaireas ó Dhia é mar a fuair Brian bean."
Seanfhocal.



Do bhí nós acu fad ó Oidhch' Inide, aige cailíní agus
aige buachaillí, do raghadh duine acu amach i ngarrdhaidhe
an chabáisde, agus dá mbuailfeadh crann cabáisde
geal léithi (.i. le cailín) déarfadh sí go mbeadh fear
breágh fionn aici.



"Iseadh," arsa Brian le n-a mháthair, "tá cailíní
agus buachaillí anocht a' féachaint amach cá bhfaighdís
fear nó bean dóibh féinig. Airiú, raghad-sa anocht, a
mháthair, i n-áit éigint."


L. 70


Bhí sé ag imtheacht air a' bóthar níosa shia ná míle
ón dtig agus do chonnaic sé chuige ceathrar fear
agus comhra ar a ngualainn acu agus do chuireadar
a' chomhra anuas ar a' mbóthar as a choinne amach.
D'imthigheadar ortha - d'imthigheadar láthaireach agus
fhágadar a' chomhra annson aige.



"Beidh a fhios agum-sa cad tá sa chomhra," arsa
Brian.



Is amhlaidh a bhí bean bhreágh óg drusálta suas 'gus
c'luith ghléigeal uirthi 'gus fuair sé beagáinín teith í.
Do thóg sé suas chuige í agus do bhí sé a d'iarraidh í
chur ar a dhrom. Do chuir sé ar a dhrom í agus do
rug sé leis go dtí n-a mháthair í. Nuair a chonnaic a
mháthair chúighthi isteach é agus a' bhean ar a dhrom aige,



"Ailliliú!" ars' a' mháthair, "cá bhfuairis a' bhean
son?"



"Fuaireas ó Dhia í, a mháthair. Ní'l sí marbh i
n-ao'-chor, a mháthair," adubhairt sé; "tá an t-anam
fós innti. Nigh a cosa [i n-uisge teith] agus cuir a
chodladh í."



Bhí sí go maith annson i mbáireach, cailín breágh óg,
agus ní raibh aon fhocal cainte aici.



Bhí sí aige annson ar feadh bliadhna agus ní raibh
aon chaint aici ar a' méid sin aimsire.



"Iseadh," ars' eisean, "bliadhain 's an oidhche
anocht do fuaireas bean gan chaint, agus imeógha mé
anocht féachaint a' mbuailfeadh éinne liom do thubhradh
a caint di."



Seadh, bhí sé ag imtheacht go dtí an crosbóthar mar a
bhfuair sé í agus tá lios le hais leis an áit chéadna
ag an gcrosaire. Seadh, fuair sé an lios lán de
dhaoine uaisle 'gus iad ag ól agus a' rínnce agus a'
bórd leicithe amach acu agus ga' haon sadhas biadh acu.
Do sheasaimh Brian a' féachaint ortha agus bhí bean go


L. 71


raibh aprún bán uirthi, timbléir 'na dorn aici go raibh
deoch éigin ann.



"Bliadhain agus an oidhche anocht," ars' an bhean,
"do fuair Brian bean, agus 'á mbeadh sé seo ólta
aici thubhradh sé caint di."



Chuaidh sé go dtí í suas agus do thóg sé an
timbléir.



Dubhairt a' bhean, "Tabhair é sin le n-ól di 'gus
gheobha sí a caint [acht tabhair aire mhaith don
dtimbléir sa tsiubhal duit gan braon do leigint thar
bruach nó ní bhfaighe sí a caint], agus tabhair a'
timbléir annso aríst."



Imthigh sé air a bhaile 'gus áthas air, agus thug sé
aire mhaith don dtimbléir. Nuair a dh'ól sí an deoch
a bhí sa dtimbléir do fuair sí a caint. D'imthigh sé
air aríst agus do chuir sé an timbléir mar a bhfuair
sé é.



Do 'nis sí dho annson cad ab' as í - ó íochtar na
hÉireann ab' eadh í. 'Nis sí a hainm do agus do 'nis
sí dho ainm a muinntire agus an áit do dh'fhág sí agus
a' baile gu'b as í.



"Ragha mé dhá bhféachaint," adubhairt Brian, "agus
'neósfa mé dhóibh gach aon ní mar gheall ort go
bhfuileann tú ad bheathaidh."



"Ní haon mhaith dhuit," adubhairt sí, "dul mar sin,
agus tubharfa mé leitir sgríbhte óm láimh féin duit."



Do sgríobh sí leitir agus thug sí dho é, agus do
bhuail sé chuige beagán bídh i gcóir a' bhóthair. Níor
stad sé i n-aon áit acht ag imtheacht i gcomhnuidhe, ag
imtheacht, ag imtheacht, ag cur tuairisge na háite.
Fuair sé amach a tig is a muinntir, is tháinigh sé isteach
i dtigh breágh feirmeóra. Ní raibh éinne roimis acht
bean, a máthair, agus í go brónach. Do shuidh Brian


L. 72


síos do féinig. Bhí bean a' tighe ar fuaid a' tighe 's
í go brónach ag obair.



"Tánn tú ana-dhólásach, a bhean a' tighe," adubhairt
sé.



"Táim," adubhairt sí, "agus a' 'neósfá dham cadé
fáth do chuairte?"



"Godé an mhaith dham bheith dhá ínnsint duit-se?"



"Ó," ars' ise, "ná bac son. Bhí cailín breágh
agam," ars' ise, "atá curtha agam le bliadhain agus
an oidhche anocht."



"Tá sí sin 'na beathaidh fós," arsa Brian.



Thug sí féachaint mí-chéadfach air. Mheas sí gur ag
magadh fúithi bhí sé. Do thóg sé an leitir amach as a
phóca agus do shín sé chúighthi é:



"Má tánn tú ábalta ar í sin a léigheadh, caithfe tú
mise creideamhaint."



Tháinig isteach annson a fear agus a clann a bhí ag
obair amuich agus do chonucadar a' stróinséir 'na
shuidhe agus bhíodar a' féachaint air.



"Deir a' fear so liom," ar sise, "go maireann
mo leanbh, acht léig í sin.



Thug sí [an] leitir le léigheadh do n-a clann agus
do n-a fear.



Bhí Brian bocht ag caint agus ag ínnsint gach aon
ní dhóibh i dteannta leitir a dh'fhagháilt, gach aon ní mar
gheall uirthi. Chaitheadar géilleadh thabhairt don leitir
agus do Bhrian. Do tháinig annson a hathair agus
dhearbhráthair léithi i n-aonfheacht le Brian go dtí Cnoc
a' Bhróigín. Bhí sí annson 'na cailín breágh. Nuair
a chonnuc sí a hathair agus a dearbhráthair chúighthi isteach
bhí sí 'á bpógadh, agus thugadar leótha Brian agus ise
agus a mháthair féin agus do phós sí Brian. Dubhairt
sí dá bhfaghadh sí fear agus céadta púnt ná pósfadh
sí aon fhear acht Brian.


L. 73


XXXVI. - AN BÓRD SÍDHE SA BHRUIDHIN.



B'ainm do Heindric sa Daingean fad ó, agus bhí
trí beithidhig ar féarach ar Chnuc a' Chairn aige agus
do chuaidh sé 'á lorg. Ní bhfuair sé iad feadh na
hoidhche 'gus é 'á lorg agus cuireadh ar strae é agus
bhí sé ag imtheacht ar strae feadh na hoidhche nó gur
bhuail fear leis i lár na hoidhche agus adhastar (nó
téadán) capaill 'na dhorn aige.



"Nach tú tá deireannach amuich?" ars' eisean.



"Táim," ars' eisean, "agus ní'l aon leigheas air.
Táim a' lorg beithidhig agus ní féidir liom iad do
dh'fhagháil."



"A' bhfuil fhios agat cá'leann tú anois?" ars'
eisean.



"Ní'l fhios," ars' eisean.



"A' dtiocfá liom-sa go lá?" ars' eisean.



"Tiocfa mé," ars' é.



Níor thúisge sin ná bhí an chúirt bhreágh as a choinne
amach, soísle [.i. soillse] ar lasadh agus bruidhean
bhreágh. 'Seadh sin, stiúruig sé isteach é insa' halla.



Bhí cistean bhreágh annson, cistean bhreágh lán do
mhiasaibh agus gach aon chóir. Shuidh sé i gcathaoir
uilleann chum na teine agus do théidh sé é féin go
maith.



Tháinig a' bórd uaidh féinig agus n'fheaca sé éinne
a' tabhairt a' bhúird leis. Tháinig a' t-ógánach annson
breágh aníos agus aprún bán air agus do leath sé
anuas an t-éadach cláir. D'imthig air annson agus
thug sé leis trae lán suas do gach aon sadhas biadh agus
deoch.



Bhí an duine bocht a' féachaint ar a' mbórd -
timbléir lán do fíon! Bhí tart air agus do bhí


L. 74


ana-dhúil aige ins an ndeoch. Ní fada bhí sé annson
go dtáinig seana-bhean chríonna bheag mhothalach (.i.
ceann mothalach uirthi).



"Ná blais! ná blais!" adubhairt sí.



"Tánn tú ar mhaithe liom," ars' eisean in' aigne
féin.



Acht, nuair nár dh'ith sé aon ní tháinig a' buitléir
(.i. a' t-ógánach) agus thug sé leis a thrae agus a'
méid a bhí ar a' mbórd leis thar n-ais, agus annson
d'imthig a' bórd arís uaidh féin (.i. d'imthig a' bórd
gan éinne dhá thabhairt leis).



Tháinig annson duine uasal chuige meadhon-aosta
críonna agus a ghruaig plaiteálta thiar ar a chúl 's é
pabhdaráltha aige. Sheasuigh sé agus bhí sé 'féachaint i
leith a leath-chúil. Níor chuir sé chuige ná uaidh is níor
chuir sé isteach air is ní dubhairt aon fhocal leis.
Nuair a bh' am leis imtheacht d'imthigh sé síos bhuaidh
aríst.



Tháinig annson a' bhean uasal chríonna agus síoda
agus sataon uirthi agus a hata síos a' chuma chéadna
agus í ag féachaint a' chuma chéadna i leith a leath-chúil.
Nuair a bh' am léithe d'imthigh sí aríst.



Deineadh sgeart gáiridhe go breágh. Mheas sé go
raibh míle duine ag gáiridhe i n-aonfheacht. Seidhmeadh
a' ceól agus do chaith sé rínnce. Bhí sé a' rínnce go
raibh sé cortha agus annson bhí sé annson ar maidin
anuas ar a' bpáirc ghlas agus gan aon ní timcheall
air. Bhí sé anuas ar a' bhféar agus na beithidhig ag
ithe leathais (.i. le hais) leis, agus a mhaide agus a
hata anuas ar a' dtalamh agus a bheithidhig ag ithe,
agus is dócha go raibh an áit sin deich míle ó n-a thig
fhéin trí chnuic agus gleannta 's a bhean 's a chlann
go buadhartha feadh na hoidhche agus iad ag gol ar eagla
gur briseadh a chos.


L. 75


XXXVII. - FUADACH MNÁ GHLAIS MHIC CONAILL:
AN CHÉAD SGÉAL ADUBHARTHAS I n-ÉIRINN
RIAMH.



Do chuir Cormac mac Cuinn Chéadchathaigh chun Fionn
mac Cumhaill gan éileamh fir a bheith aige air féin mara
raghadh sé féin agus a shluaighte ag imirt bháire 'na
choinne féin agus a shluaighte. Chuaidh a mnáibh ag
tionnlacan na bhFiann 's ar an slighe dhóibh do
chonnacadar dream eile ban ag fotharaic. Dubhairt
furmhór na mban go n-umlaisgeóidís féin iad féin sa
loich comh maith leó, acht dubhairt an tseana-bhean ab'
aosda dhíobh go mb'fhearra dhóibh filleadh a bhaile.
Dubhairt inghean di dhá freagairt: "nár chuireadar
aon ní rómpa riamh a dhéanamh ná go gcaithfeadh sí é
shárughadh."



"Chím sgamall dubh ag teacht tríd an spéir," ars'
an tseana-bhean leó nuair a bhíodar san uisge, "'s is
baoghlach gur'b olc an tuar é."



Do phreabadar amach as an loich, is cómh luath is bhí
sain déanta aca do chromadar ar a gcuid éadaigh a
chur iompa go headarluasach. Nuair a ghléasadar iad
féin, do théighidís thar ghleann de thruslóig, páirc bháin
de chosa-bacóid, is cnoc de léim reatha le méid na
heagla tháinig ortha.



Budh ghearr gur tháinig an Fairceallach Talmhaidhe suas
leó, teampall ar a ghualainn is coileáinín gadhair ag
amhastraigh istigh ann.



"Is mór é bhar siubhal, a mhná," ars' eisean.



"Dá mhéid é ár siubhal," arsa na mnáibh, "is mó
é do shiubhal-sa."



"Níor bhuail mo sháisidhe mná riamh liom go dtí
indiu," ars' eisean, ag breith ar inghin na mná aosda
's dhá cur isteach sa teampall chuige féin.


L. 76


Do chuadar na mnáibh eile a bhaile go dubhach brónach,
is nuair fhilleadar na fearaibh a bhaile budh mhór é a
n-iongantas nuair ná feacadar teine ná teas ná aon
chomhartha go raibh duine beó sa dún.



"Cad tá oraibh, a mhná?" arsa Diarmaid 'ach Fínn,
i n-árd a chinn 's a ghotha.



"Tá," arsa na mnáibh, "bean Ghlais mhic Conaill a
sgiob an Fairceallach Talmhaidhe chun siubhail uainn."



"Ó!" arsa Glas mhic Conaill, "níor dhóichighe ná
gurab orm-sa raghadh an lá. Cuirim mar cheist agus
mar bhreith agus mar gheasaibh droma draoidheachta oraibh
gan trí béile bídh a dh'ithe ar aon bhórd ná trí oidhche
chodailt ar aon leabaidh go bhfaghad arís í."



"Gach aon bhean sa Réidh-theaghlach ar a dícheall ag
ollmhughadh bídh dúinn," arsa Diarmaid 'ach Fínn, "nú
go s'láthruighimíd-ne a bhaile go tapaidh í."



La'r n-a bháireach d'imthigh an seisear fear ab' fheárr
a bhí san dún fé dhéin a gcuracháin is d'árduigheadar a
seolta bacóideacha bána i mbun is i mbárr na gcrann
gcomhfhada gcomhdhíreach, ná fágfadh téad tíre gan
tarrac ná maide rámha gan ró-bhriseadh, ag treabhadh
na fairrge finne fuaire go tulcanta talcanta
falcanta fionna-ruadh. Bhíodh grean na fairrge i
n-uachtar agus cubhar na fairrge i n-íochtar. Bhíodh
lupadáin, lapadáin, éinte, róinte, míolta móra,
péistíní aingciallta na fairrge ag dol ar bois agus
ar bais, ar slataibh agus ar sleasaibh na maidí rámha
chughtha ag déanamh ceoil, spóirt agus aoibhneasa dhóibh.



Nuair a théigheadh as a gcuid soininne gaoithe 'gus
seoltóireachta do tharraigighidís chughtha réidh-mhaidí míne
bínne buana bána bas-leathana de bhun na fuinnseoige
nó de bhárr an chaorthainn 'gus do chromaidís ar iomradh
go teann tirim tósdalach, ciabhfuirm ciabhraonach, ar bun
lacaí 'gus ar bharra-gheal bhfiar. Ní raibh aon bhuille


L. 77


de mhaide ruadh rámha dá dtugaidís dá gcurachán ná
go gcuiridís seacht céad léig i bhfairrge í.



Do bhuaileadar cuan is calaith ar thráigh gheal
ghainmhidhe. Do tharraigigheadar suas ar an dtráigh í is
do chuireadar feiste lae 'gus lán-bhliadhna uirthi, siúd
is ná beidís uaithi acht uair a' chluig, le heagla gaoth
dá luasgadh, tonn dá bualadh, gainimh dá súghadh, fear
slighe mhóir ná casáin a dhéanamh spóirt ná magaidh
fúithi. D'éirigheadar is chuadar as lúth a gcorp, as
snaidhmeanna a gcnámh is chuadar ar bárr puirt.



Budh mhall le Glas mhic Conaill mar a bhí Diarmaid
ag feistiughadh na luinge is dubhairt leis "dá mb' í
a bhean féin a bheadh ar seachrán uaidh gur thapaidh
fheisteochadh sé í." Do ghoin an focal Diarmaid; thug
léim mheanmnach as a chorp, is do chuaidh sé den
sgiúird sin de dhruím páile go raibh aoirde an tige
ann. Le línn imtheachta dho dubhairt sé go raghadh sé
féin ag lorg ósdaidheachta na hoidhche dhóibh. Ag trácht
na slighe dho, cé casfaidhe 'na bhealach acht Tréan
Uallach, mac ríogh na háite.



"Is fada d'Fhionn is dá shluaightibh a' teacht a'
congcas ar m'athair," ars' eisean, is le línn an
fhocail a rádh do láimhsigheadar a chéile. D'imthigheadar
na fearaibh eile ar lorg na hósdaidheachta is níor
stadadh leó gur shroicheadar pálás an ríogh, ná raibh
bun cleite isteach air ná bárr cleite amach, acht aon
chleite amháin druimfhionn buidhe ag déanamh fothna agus
fasgair agus dídin dóibh. D'aithin seisean láithreach
bonn gur chuid d'fhearaibh eile na Féinne iad. Thug
sé lóistín go toiltheanach dóibh is d'fhiafruigh go
cúirtéiseach díobh "A' raibh aon' eile 'na bhfochair?"



Dubhradar leis go raibh Diarmaid 'ach Fínn, acht nár
bh'fhios dóibh cad a mhoilligh é.


L. 78


"B'fhéidir," ars' an rí, "gurab é Tréan Uallach a
casadh air, is má's é," ars' eisean, "tá droch-obair
eatortha."



D'imthigheadar ar a lorg araon, 's is amhlaidh
fuaireadar thíos i gcuas iad, Diarmaid i n-íochtar, is
greim béil ag duine aca ar an nduine eile, is greim
aige-sean ar shróin air-sean. Dob' éigean dóibh lán
tlúidh den teine a bhreith leó chun iad a sgur as a
chéile. Do mhealladar leó a bhaile iad, is cuireadh i
ndá sheómra ar deighilt iad. Ar maidin i mbáireach
ní raibh beirt sa tigh budh cheanamhla ar a chéile ná iad.



D'árduigheadar a seoltha thar n-ais, is ar thrácht na
slighe dhóibh do casadh 'na dtreó árrachtaidhe gaisgidhig
'na churachán. D'fhiosruigh sé dhiobh "Ar b'iad so
dreoillíní na hÉireann?"



"Bheirim-se liagh," arsa Diarmaid, "gur geárr go
mbeidh cúntas agat air," is ar rádh an fhocail do thug
sé léim de bhórd a luinge féin ar bhórd luinge an
árrachtaidhe, acht níor thúisge bhí sé ag túrlacan ná
bhuail an t-árrachtaidhe lámh i n-aghaidh a smeigíne, is
leis a' radadh thug sé dho chuir naoi mílte dubha ó bhaile
é. Do thug an Tréan Uallach imthigh 'na bhfochair léim
de bhárr a órdóg agus de bhárr déise a chlaidhimh is do
thug Diarmaid thar n-ais ar bórd. Thug sé an tarna
léim is do rug ar an árrachtaidhe is leis an bhfásgadh
dá dtug sé dho do dhin dhá leath dá dhrom, 'á rádh ar
an am gcéadna "gur bh'in cúntas aige ar dhreoillíní
na hÉireann."



T'réis an méid sin a bheith déanta d'imthigh na
"Dreoillíní" 'gus Tréan Uallach i bhfochair a chéile,
is cá gcasfaidhe iad acht go cuan a bhí i mbun ríoghachta
an Fhairceallaigh Thalmhaidhe.



Do bhí a chúirt sin lán de mhnáibh áille 'gus 'na
measg do bhí bean Chonaill. D'imthigh Tréan Uallach is


L. 79


thug leis lán a ghabháile dhíobh fé dhéin na luinge, is
níor thúisge sin ná Caol an Iarainn 'na dhiaidh is iad
sguabtha thar n-ais aige.



Do leanadar Caol an Iarainn is do mharbhuigheadar
é, is do phriocadar gach bean bhreágh dá bhfuaireadar
is chuireadar an chúirt trí theine 'na dhiaidh sin. Ní
gádh a rádh go raibh áthas mór ar Ghlas mhic Conaill a
bhean féin a bheith 'na measg; is nuair a bhí gach ní i
dtreó 'ca do sheoladar a bhaile go hÉirinn.



Do bhí an Fairceallach Talmhaidhe sa Domhan Toir ag
bailiughadh árd-chíosa; is nuair a tháinigh sé a bhaile is
nuair a chonnaic sé an loisgreán a bhí déanta d'fhiafruigh
sé "'Raibh éinne fá bhun Dé ar an dtalamh a 'neosfhadh
do cé dhin é?" D'fhreagair gruagach a bhí fé sgairt
é is dubhairt "gur'b iad Fianna Éireann do tháinig a'
lorg na mná do sgiobad uatha do chuir a chúirt fé
theine."



"N'fheadar," ars' an Fairceallach, "ar bh'fhéidir
leat maireachtaint go dtéidhinn ar a dtóir is go
dtugainn gach aon mheidhil duine 'ca ceangailte de
dheire na luinge ag triall ort?"



"Dá mb'éigean dam maireachtaint ar bhileogaibh na
gcrann go dtigtheá," ars' an Gruagach, "badh mhór an
sásamh liom é."



D'imthigh an Fairceallach fé dhéin a churacháin agus
thóg sé a sheolta bogóideacha báindearga i mbun is i
mbárr na gcrann gcomhfhada gcomhdhíreach, ag treabhadh
na fairrge finne fuaire go fulcanta falcanta agus
é ag imtheacht os cionn na dtonnta tulcanta talcanta
falcanta fionna-ruadh. Do chuireadh sé grean na
fairrge i n-uachtar agus cubhar na fairrge i n-íochtar.
Bhíodh lupadáin, iasga, róinte, míolta móra ag teacht
ar bhois agus bhais agus slait na maidí rámha chuige ag
déanamh ceoil, spóirt agus imreasa dho.


L. 80


Nuair a théigheadh as a chuid soininne gaoithe 'gus
seoltóireachta do tharraigigheadh sé chuige réidh-maidí
míne bínne buana bána bas-leathana 'gus do chromadh
sé ar iomradh go teann tirim tósdalach, ciabhfuirm
ciabhraonach, ar bun lacaí 'gus ar bharra-gheal bhfiar.
Ní raibh aon bhuille de mhaide ruadh rámha dá dtugadh
dá churachán ná go gcuireadh seacht céad léig i
bhfairrge í.



Níor stad sé go ndeaghaidh go hÉirinn. Nuair a
shroich sé an tír sin tharraig sé a churachán suas san
áit ná beadh gaoth dá luasgadh, tonn dá bualadh ná
grian dá sgoilteadh. Thug sé feiste lae agus lán-
bhliadhna uirthi, i gcás ná beadh sé uaithi acht uair an
chluig. D'éirigh sé as lúth a chuirp, as snaidhmeanna a
chnámh is chuaidh sé ar bárr puirt.



Do bhí na Fianna go saothrach roimis ag iomáint ar
thaobh leacan cnuic. Do chaith sé dorn de ghadraí nimhe
'na measg is do cheangail gach mac máthair díobh den
talamh acht Fionn.



"Caithfir me chómhrac, a Fhínn," ars' eisean.



"Cómhraiceóchad is ní hé amháin," arsa Fionn, "acht
go bhfaghair an fhéile is dual d'eachtránach sa tír seo."



Chogain sé an órdóg ón gcroiceann go dtí an fheoil,
ón bhfeoil go dtí an cnámh, ón gcnámh go dtí an
smior, 's ón smior go dtí an smúsaig. Do feasadh do
ná raibh éinne ar an saoghal chun cirt a bhaint den
bhFairceallach acht leanbh seacht mbliadhan leis féin a
bhí sa Domhan Toir. Do chuir sé teachtaire láithreach
bonn le sgéala chun a' mhic teacht fé dheabhadh a' triall
air. D'imthigh an teachtaire is d'innis don mhac gur
chuir a athair ar a leithéid seo de phrádhainn fé n-a
dhéin é. D'oll'uigh an mac é féin, i dtreó go raibh
sé féin 's a' teachtaire sa bhaile roim am codlata.
Do chuir Fionn an mac go leabaidh chluth'air is do chaith


L. 81


sé féin 's an Fairceallach an oidhche go maidean i
ndálaibh óil.



D'éirigh an mac ar maidin is bhuail an cuaille
comhraic, sgread sgiath is d'iarr comhrac, is thug
Fiadha ná deaghaidh riamh i ndiaidh a chúil. Dubhairt gur
bh'é féin an leomhan corógach nár leónadh i gcath ná i
gcomhrac, fear cóir is ceart a thagairt is gan cóir ná
ceart a thabhairt uaidh.



Do bhí fabhraí súl an Fhairceallaigh ceangailte dá
chéile le meisge 'gus easba chodladh na hoidhche, acht
d'imthigh sé go fonnmhar fé dhéin an gharsúin. Do
thosnuigheadar ag gabháil stórta ar a chéile, 's i
mbórdaibh an tráthnóna bhí an lá ag dol ar mhac Fhínn.
D'iarr Fionn sos comhraic ar a' bhFairceallach.



"Gheobhair is ní hé amháin," ars' an Fairceallach.



Do chaith Fionn go daghadh nimhe 's as san go daghadh
shlánuighthe an mac gur leigheasadh a créachta is do
sgaoil leis an bhFairceallach a' cur bileoga na gcrann
leis féin.



Do chaith Fionn 's an Fairceallach an tarna hoidhche
ar nós na hoidhche roime sin, is do chaith an mac 's an
Fairceallach an tarna lá ag gabháil stealla ar a chéile,
gur iarr Fionn sos comhraic ar an bhFairceallach le
haghaidh an tráthnóna. Thug an Fairceallach do é is do
chaitheadar an oidhche sin ar nós na hoidhche roimpi .i.
gan leigheas ná oideas ná codladh na hoidhche 'g-an
bhFairceallach; leigheas, suan agus sámh-chodladh 'g-an
mac.



Do thosnuigheadar an triomhadh lá ar a chéile.
Rugadar ar a chéile mar bheadh dhá leomhan cuthaigh nó
dhá tharbh buile nó dhá sheabhac na faille fuaire.
Dheinidís talamh bog den talamh cruaidh agus talamh
cruaidh den talamh bog. Tharraigighidís tobairíní
fíoruisge trí chroidhe na gcloch glas, bhainidís laogh


L. 82


druimfhionn buidhe as an mboin druimfhinn duinn, ar
thaobh an chnuic úd thall, ná feacaidh bó ná tarbh riamh;
agus na foidíní gabhaidh a imthigheadh ó na cosaibh 'siad
atá mar chnuic i nÉirinn indiu.



Ar theacht an tráthnóna d'iarr an Fairceallach sos
comhraic ar Fhionn.



"Tá'n comhrac fada go leór," arsa Fionn.



"An mair-sin é, a Fhínn?" ars' an Fairceallach.



"Is mair-seo é," arsa Fionn, is budh gheárr 'na
dhiaidh sin gur bhain an mac an ceann den Fhairceallach.



Chogain Fionn an órdóg an tarna huair féachaint a'
bhfaghadh sé 'mach cad a sgaoilfeadh cuibhreacha na
muintire eile. Do feasadh do ná raibh aon ní chun a
dhéanta acht fuil an Fhairceallaigh a chuimilt ortha. Do
chrom sé féin 's an mac ar bheith 'á bailiughadh i
mbuidéalaibh, is nuair a bhí sain déanta 'ca, do
chuimleadar braon 's a' timcheall de gach n-aon acht
de Chonán. Cómh luath is do bhíodh an fear fuasgalta
do ruitheadh sé fé dhéin a' tighe le hocras i dtreó ná
raibh duine fágtha acht Conán. D'iarr Conán is gach
aon chúntas ar Fionn gan é fhéin 'fhágaint 'na leithéid
de chás. Do ghlaodhuigh Fionn ar Dhúbán mhic Mara
'gus ar Osgar is do rugadar-san ar dhá ghualainn air
is do stracadar den talamh é. Do sholáthruigheadar
moltachán is do bhaineadar an croiceann de is do
bhuaileadar bog te leis é is d'fhásadh adhbhar stocaí don
Fhéinn air as sain amach.



Sin é mo sgéal-sa is má thá bréag ann bíodh. Ní
fhuaireas-sa dá mbárr go léir, pé sgéal é, acht
stocaí fionnáin, bróga páipéir agus gártaeirí bainne
reimhir agus is fada ó chaitheas iad ag gabháil bóthar
na mbréag aníos. Do ghabhas-sa an t-áth, do ghabhadar-
san an clochán, do báitheadh iad-san, agus thánag-sa
slán a bhaile, moladh le Dia.


L. 83


XXXVIII. - TRÁTHNÓINÍN DÉIDHEANACH.
I.



Tráthnóinín déidheanach 's mé 'g éigheamh cois amharc
(abhann?),
'S gan aon am aice acht na héin ag ceól,
'Seadh do dhearcas an spéirbhean mhaordha mhaiseamhail
Aoibhinn chaithiseach álainn óg.
Do phreabas is do léimeas gach taobh díom le hanaithe;
Do shaoiligheas nár bh'aon bhean taobh dí theangmhuigh liom;
Le hanaithe i bpéin do phléisg gur leagadh me
Gur dhubhuigh sí mo dhearca lag-bhrígheach gan treoir.



II.



Do dhearcasa an ríghbhean tríos gach atuirse
Agus í 'na seasamh ar bhárr an fheóir;

Tigeann sí 'rís do bhrígh na carraige
'S do thairg sí buidhean síos cois calaith léi;
Ar tharrac a cloidhe ó chroidhe thugas taithneamh dí,
Don ríghbhean chaithiseach álainn óg.



III.



A ainnir-bhean óg na mbrógan caithiseach
Do dhubhuigh Fionn Ratha i dtúis mo shaoghail,
Cé gur thuiteas i mbrón faoi dhó dod dheasgaibh-se
Ag ól 's ag ragairne a' tnúth led spré,
'Nois innis dómh-sa cadé an brón so ar t'aigne.
'Bhfuileann tú pósta nó an dómh-sa gealladh tu?
Go siubhlóchainn na cómhgair romhat go dtí Sasana,
Mar táim le sealad a' tnúth led ghaol.



IV.



Tráthnóinín déidheanach 's mé ag taobh cois leasa
Ar bhruach na faille ba bhreághtha gné,
Bhagair sí an dlighe ar an straoille chealgaigh,
Líonruith farraige i dtuargain sléibhe.


L. 84


Faoi cheann tamaill don oidhche nuair a bhíosa ar
mearathal
'Gus m'aigne claoite chum luighe le seanchas
'Seadh do dhearbhuig sí go raibh saoir léi i nAlbain
Trí uaisle Banban cáirdibh Gaedheal.



XXXIX. - Manglam Searbh.



MANGLAM SEARBH.



Do bhí fear ann fadó gur bh'ainm do Pádraig
Ó Suilleabháin. Fear mór óil dob' eadh é. Mar sin
féin duine stuamdha macánta dob' eadh é 'na bhun. Níor
chuir sé aon achrann ar aoinne riamh ná níor chuir aoinne
aon achrann air.



Nuair do castaoi an chómharsa ba mheasa leis air,
seo mar fháiltigheadh sé roimis:



Dob' fheárr liom manglam searbh agus suidhe id theannta
Ná seascaireacht bailg is na barraillí d'fhíon Franncach.



XL. - SLIBIRE CHNUIC MHUISIRE.



Bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a thugadh na
daoine air ná Slibire Chnuic Mhuisire. Do bhuail sé
breoidhte agus ní raibh éinne 'na theannta do thabharfadh
aire dho. Do bhuail duine den mbaile isteach chuige lá
féachaint cionnus mar a bhí sé. Is é seo an freagra
thug an duine breoidhte air:



Is tubaisteach an duine tusa, a Eoghain 'ach Taidhg,
Is Slibire Chnuic Mhuisire go breoidhte teinn,
'S gan duine 'gam ded' chine-se do gheobadh dam
meadhg
Acht uisge dubh na Dribse do mhairbheóchadh na gadhair.
Dribse is eadh baile atá i n-aice Chnuic Mhuisire.


L. 85


XLI. - CORCAIGH NA gCUAN: A TÓGAINT AGUS
A HAINMNIUGHADH.



Seán Ó Conaill do sgríobh



Do chómhnuigh Diarmuid Ó Cuirc agus a bhean agus
a inghean i n-Imleach Draoighneach fadó riamh ó shoin.
Bhíodar ana-bhocht mar ná raibh de shlighe mhaireachtain
aca acht feirm bheag - lán dhá bhó. Ní lé díomhaointeas
Dhiarmada bhoicht a bhí an líntighe chómh suarach san ar
fad má 'seadh - mar ní misde a rádh ná gurb é oibrigh
go dian dúthrachtach ó mhaidean go hoidhche agus ó
Luan go Satharn ar a phaiste beag talmhan. Ní raibh
rí 'ná rath dá bhárr air, ámhthach; dá fheabhas mar
oibrigheadh sé, is ag dul i mboichte bhíodh sé, agus sa
deire ní raibh snódh bídh 'ná éadaigh air. Níor mhar sin
dos na cómharsanaibh a bhí tímcheall air - ba chuma dhóibh
mar oibrighidís, bhíodh an rath i gcómhnuidhe ortha, agus
níor dhalla-phúicín ar mo Dhiarmuid an méid sin.



Aon oidhche amháin roim ghlaodh na gcoileach do
dhúisigh Diarmuid as a chodladh - taidhbhreamh a deineadh
do, agus a chuir áthas air. Dubhradh leis ins an
taidhbhreamh dá dtéigheadh sé go Droichead Maol
Luimnighe go bhfaghadh sé a dhóthain i gcóir an tsaoghail



ón ghomhfhuaim gan amhras, agus go bhfuil "do dhéanfadh," ró-
fhada; truailliughadh is eadh é, agus seo mar do loiteadh an
líne ar fad dhom thuairim: Tháinig "nach faghainn duine" innti
ar dtúis (féach nóta a 2), agus ó thála go mbaineann "do
gheobhadh" don bhréithir chéadna dob' éigean "do dhéanfadh" do
dhéanamh de. Rud eile, oireann "do gheobhadh" don cheathramhadh
líne sa chéill agus ní oireann "do dhéanfadh" .i. do gheibhdís
uisge na Druipsighe dhó agus ní bhfuighdís an mheadhg. Druipsighe,
g. le "Druipseach," Dripsey as Béarla; abhainn í go bhfuil a
barr nó a tobar i gCnoc Mhuisire. Druipseach, ainmnidh;
Ciarraigheachas "Dribse," is dócha, oireas do gach aon tuiseal.
Pé fuirm é, ní hionráidhte sa cheathramhain acht é, mar is léir
as an déánamh atá uirthi. Do bheadh "Druipsighe" ró-fhada gan
aon agó.


L. 86


ann. Do hínnseadh do leis an bóthar go ngeóbhadh sé
chún dul ann; mar ní raibh traen 'ná "jingle" 'ná
fiú amháin coráiste lé fághail an uair sin 'ná aon
tuairisc ortha acht chómh beag.



Bhí go maith. Nuair éirigh sé ar maidin níor dhearmad
leis an sgeul innsint d'á mhnaoi. 'Sé freagra fuair
sé, ámhthach, acht gur ghnóthaí fuara iad taidhbhruighthí,
mar ná bíonn ionnta acht dearg-éitheach agus nár cheart
d'aoinne géilleadh dhóibh, "agus," ar sise, "bíonn a
dhá dtrian ag an áidhbheirseóir." Seadh, sgaoil sé
thairis an sgeul agus do dhírigh sé ar bheith ag obair
agus ag gnóthughadh arís, mar bhí sé roimis sin, acht
dá dtugadh sé an taobh síos suas d'Imleach Draoighneach
ar fad, sin a mbeadh d'á bhárr aige.



Tamall 'na dhiaidh sin taidhbhruigheadh do an taidhbhreamh
ceudna arís gan focal fé 'ná thairis; acht amháin gur
cuireadh i n-úil do gur bh'é an tarna seans é. Lá 'r
na mhárach d'innis sé d'á mhnaoi an méid sin arís, acht
má 'seadh! do chuir sí bun ós cionn leis é an tarna
huair.



Lean sé air annsan ag cur de mar ba dhual do: chún
gur taidhbhruigheadh an tríomhadh huair do an sgeul
ceudna acht amháin go ndubhradh leis an iarracht so gur
bh'é seo a sheans deireannach.



Bhí go maith; nuair éirigh sé an mhaidean san, níor
innis sé a sgeul d'aoinne, acht cur sa tsiubhal fé dhéin
na háite a dubhradh leis. Lean sé air riamh is coidhche
go dtánaigh sé go Droichead Maol Luimnighe, i gceann
an tríomhadh lae dho. Do shiubhail sé anonn 's anall
ann, agus do thug sé an lá ar fad ag spaisdeóireacht
ann acht sgeul ná duain 'ná cómhair saidhbhris ní bhfuair
sé ó aoinne. Bhí gach aoinne ag feuchaint air agus 'ghá
thabhairt fé ndeara, mar d'aithnigheadar gur stróinséar
é, toisg malairt éadaigh leó féin a bheith air. I gceann


L. 87


an tríomhadh lae dho ag fabhlaorduigheacht tímcheall an
Droichid agus náire a dhóthain air roimh na daoine, do
bhuail fear fé n-a dhéin agus d'fhiafhruigh dhe cad í an
pháirt de'n dúthaigh gur bh'as do? Annsan d'innis sé
dho focal ar fhocal cár bh'as do, agus cad a thug é,
agus an sgeul ar fad tríd síos.



"Mo thruagh mhór tu, a dhuine bhoicht," ar seisean,
"chún teacht chómh fada ó bhaile ar chúrsaidhibh de'n
tsórt san. Táthar dhá thaidhbhreamh san dómh-sa le
seacht mbliadhna, dá dtéighinn siar go hÍbh Ráthach go
bhfaghainn mo dhóthain do'n tsaoghal ann - ar chnocán
atá tamall suas o'n bhfairrge. Tá gáirdín ar an
gcnocán go bhfuil crann fuinnseóige ag fás istigh 'na
lár agus síos lé taobh an chrainn sin do gheóbhainn mo
chuid saidhbhris "mar 'dheadh" dá dtéighinn 'ghá iarraidh."



Do thóg an fear eile chuige féin an t-aighneas, mar
d'réir na cómharthaí a tugadh do d'aithin sé gur bh'é a
gháirdín féin do bhí ar siubhal aige.



D'fhág sé slán agus beannacht ag an bhfear annsan,
agus do ghluais sé air a-bhaile do'n fhásgadh san. Do
shrois sé an baile i ndeireadh an tríomhadh laé dho, agus
níor thug sé aon chúnntas d'á mhnaoi 'ná dá inghin cá
raibh sé an fhaid 's bhí sé amuigh.



Seachtmhain 'na dhiaidh sin annsan, bhí oidhche bhreágh
spéirghealaighe ann, agus nuair a bhí an chuid eile i n-a
dtrom-shuan fuair Diarmuid a ringer, a ránn agus a
shluasaid agus do bhuail sé amach fé dhéin an gháirdín.
Dhein sé poll síos lé cliathán an chrainn. Níor bh'fhada
dho ag polladh gur bhuail leac leis, acht dob' air ba
ghiorra an mhoill, í chaitheamh as an slighe, lé n-a ringer.
Thíos fé'n lic do fuair sé sgilléad maith mór, agus é
lán suas go bailc d'airgead bhán. Do tharraig sé leis
aníos é, agus do dhún an poll go cáidhréiseach 'na
dhiaidh arís. Thug sé leis an sgilléad annsan agus do


L. 88


chuir sé i bhfolach é, i ngan fhios d'aoinne eile, agus do
chuaidh sé a chodladh arís.



Ar maidin nuair éirigh sé níor leig sé aon nídh air
lé hao nne lasmuigh d'á mhnaoi agus d'á inghin. Do
bhíodh airgead a dhóthain aige dos gach nídh a theastuigheadh
uaidh as san amach. Do dhein sé tigh breágh nuadh dho
féin agus a lán nidhthe eile nách é. B'ait leis na
cómharsanaibh go léir cá raibh sé a' fagháilt an airgid
ar fad agus bhí an-iongnadh ortha 'na thaobh.



Ins an am san do bhíodh dream daoine a' gabháil
tímcheall go dtugthaí "sgoláirí bochta" ortha. Do
ghabhadh duine áirighthe aca chún Diarmuda i gcomhnuidhe
agus ba ghnáthach leis fanamhaint in' fhochair ar feadh
cúpla lae. Do bhuail sé chuige an iarracht so pé'n Éirinn
é agus is roimis do fearadh an fáiltiughadh breágh
Gaodhalach i nós na haimsire sin. Mar seo taréis
tuitim na hoidhche dhóibh agus iad suidhte tímcheall na
teine ar a gcraoibín tseabhrach - smután giúise sáidhte
sa teine chún solais a thabhairt dhóibh (mar ná raibh a
mhalairt ann an uair sin). Bhí sgilléad an airgid ar
an dteine ag beirbhiughadh ladhairín phrátaí dhóibh féin.
Feuchaint dá dtug an sgolaire bocht ar an dteine, do
thug sé fé ndeara an lasaire ag nochtadh sgríbhneoireacht
ar an sgilléad. Do léigh sé í leis féin agus do chuir
sé gáire as. D'fiafhruigh fear a' tighe dhe cé'r b'é fáth
a gháire:



"Tá," ar seisean, "an sgilléad so ar a' dteine
agat; cá bhfuairis é?"



"Árthach a thánaig isteach sa chuan san thíos tráth,"
arsa fear an tighe, "agus thug duine des na
máirnéalachaibh dham an sgilléad san as ucht rud éigin
a dheineas dho."



"Tá an sgilléad so 'gá rádh," ars' an sgoláire,
"pé áit go bhfuarthas é, go raibh sgilléad eile níosa
mhó 'ná é féin ar an dtaobh thíos de agus é lán d'ór."


L. 89


Ní raibh a thuille ann go dtí go ndeaghadar a chodladh.
Bhí fhios ag fear an tighe go maith cá bhfuair sé an
sgilléad agus bhí a rian air; nuair a bhraith sé go raibh
an chuid eile go léir 'na gcodladh, siúd amach é agus
a chuid airmeacha aige. Níor stad sé go ndeaghaidh
sé go dtí an crann san ngáirdín. Do pholl sé síos
lé n-a thaobh agus i gceann tamaill do bhuail gearr-
chorcán leis a bhí lán d'ór bhreágh bhuidhe. Thóg sé leis
aníos é agus do dhún an poll go cúramach arís. Thug
sé a bhaile a chorcáinín óir agus chuir sé i bhfolach é
agus do chuaidh a chodladh dho féin go maidean.



Lá 'r na mhárach, aimsir eadshruth, do bhí an sgoláire
bocht ag cur chún bóthair arís.



Nuair a chonnaic fear an tighe é, dubhairt sé leis
go raibh fáilte roimis agus fanamhaint go ceann
seachtmhaine. Chómh maith d'fhan.



Is amhlaidh a bhí fear an tighe ag machtnamh agus ag
cuimhneamh mar gheall ar an gcúrsa. Sa deire dubhairt
sé leis féin nár cheart do an sgoláire bocht a leigint
uaidh gan a chion de'n airgead a thabhairt dho, mar ná
beadh sé aige i n-ao' chor mara mbeadh é.



D'innis sé dá mhnaoi go bhfuair sé an t-ór, agus
gur bh'é an sgoláire bocht fé ndeara dho é fhagháilt,
agus go raibh sé dhá cheapadh nár bh'fholáir dho díol fiach
éigin a thabhairt do 'na thaobh. "Is dóigh liom gurb é
nídh is fearra dhúinn a dheunamh dhe 'ná cliamhain agus
an talamh a thabhairt dho. Beimíd 'ghá thabhairt do
dhuine éigin sara' fada mar tá ár ndóthain againn-ne
in' eughmais an fhaid mhairfhimíd."



"Táim sásta," ars' an mnaoi.



Thánaig deire na seachtmhaine agus do bhí an sgoláire
bocht ag imtheacht acht do bhí Diarmuid 'á choimeád ó
lá go lá ar shlighe 's go raibh náire ag teacht ar an
sgoláire é bheith ag fanamhaint chómh fada. Do tharraing


L. 90


Diarmuid anuas chuige annsan cleamhnais agus dubhairt
sé ná tabharfaidh sé a chuid talmhan d'aoinne eile acht
do. Ghlac fearg an sgoláire bocht agus dubhairt sé
leis gur chirte dho éisteacht ná bheith ag magadh fé, go
raibh fhios aige féin go maith gur bh'fhuraiste dho duine
fhagháilt dho, nuair ba mhaith leis é thabhairt uaidh.



Níor bh'aon mhaitheas do bheith leis an sgolaire, go
dtí gur innis sé dho go bhfuair sé an t-airgead agus ná
faghadh sé é i n-ao'chor mara mbeadh é féin. "Agus
mara bhfanfhaidh tú agam," ar seisean, "roinnfead
leat do chuid de."



Leis sin do shuidh an sgoláire, agus d'fhan sé 'na
theannta. Do phós sé a inghean leis. Ba mhór an
iongnadh leis na cómharsanaibh Diarmuid a thabhairt a
inghine do'n sgoláire bocht.



D'fhan Diarmuid agus a chliamhain san áit sin ag
obair timcheall lé bliadhain no dhó. Lá des na
laetheanntaibh do theasbáin Diarmuid an t-airgead do'n
sgoláire bocht; agus ó ba dhuine glic seana-chríonna
an sgoláire - seo mar adubhairt sé:



"Is mór an truagh," ar seisean, "an méid sin
airgid bheith ag imtheacht gan chrích annso agus gur
bh'fheárr úsáid éigin a dheunamh dhe."



Dubhairt Diarmuid leis, nár ghádh dho aon chor a chur
de, go raibh a dhóthain aige an fhaid mhairfheadh sé.



"Tá fhios agam féin go bhfuil," ars' an sgoláire,
"acht ba mhaith liom nídh éigin a dheunamh dhe agus níl
aon nídh is feárr a dheunfhaimís 'ná an áit seo a
chaitheamh uainn agus dul chún cómhnuighthe i n-áit éigin
eile." Do thoiligh Diarmuid leis. Do thugadar an
áit uatha agus do ghluaiseadar ortha go dtángadar go
háit áluinn láimh leis an bhfairrge. Do thaithn an áit
sin go mór leó agus ba ghreannamhar leó gan aon
tigh a bheith ann rómpa. Do cheannuigheadar paiste


L. 91


talmhan ann agus do dheineadar tigh breágh ann chún
cómhnuighthe dóibh féin. Chuireadar siopa ar bun leis
ann agus do dheineadar a lán airgid leis. Thógadar
tuilleadh tighthe agus do thugaidís ar cíos iad. Níor
bh'fhada go raibh suas lé fiche tigh deunta aca agus mar
sin ní raibh gádh na amhgar ortha an fhaid mhaireadar.
'Sí Cathair Chorcaighe an áit sin anois agus sin mar a
cuireadh ar bun í. Sin é, leis, fé ndeara "Corcaigh
Mhór bhoicht Dhiarmuda" a tabhairt uirri, mar dob' é
Diarmuid Ó Cuirc a fuair an t-airgead a dhein í.



XLII. - DÁ MBEINN-SE IM IASGAIRE.



I.



Dá mbeinn-se im iasgaire thiar i mBinn Éadair
Is Máire na ngeal-mbrághad 'na bradán ar Loch Éirne,
Is aoibhinn 's is meadhrach do raghainn-se dá héileamh
Is do-gheobhainn in mo líontán grianán ban Éireann.



II.



Dá mbeinn-se im lacha agus fairsinge sléibhe agam
Is radharc ar na flaithis d'fhonn m'anam do dhéanamh,
Do thiubhrainn-se a bhaile an ainnir dá bhféadfainn
Is do léigfinn dá hathair na sealad dá héileamh.



III.



Dá mbeinn-se i Lúndain im cheann ar an ngárda
Is cead agam ón bhFranncach mo long do chur thar sáile,
Chúig mhíle púnt dar bh'fhiú súd gach lá me
'S gurbh' i Máire mo rogha-sa 's go mbronnfainn mo
stáit di.


L. 92


IV.



Éirigh id shuidhe, a bhuachaill, agus gléas mo ghearrán dam
Is gach bealach ann dá mbuailfir bí ar thuairisg mo
dhian-ghrádh' ann;
Tá sí dhá luadh liom ó bhíos im leanbán,
'S gur binne liom naoi n-uaire í ná cuach is ná orgáin.



XLIII. - Ceisteanna: leath-chéad a líon.



1. Fear ag siubhal na trágha agus a bhothán ar a dhrom
aige.



Mingeán.



2. Saighdiuir sa gháirdín agus cáibín gorm air.



Ribilín.



3. Oileáinín lán de chosaibh mionánaidhe.



Cárdaidhe.



4. Láir bhán sa gháirdín,
Siorrach innti, siorrach aisti,
Siorrach dá hól,
Agus í faoi eachmairt.



Cruiceog bheach.



5. Ceithre muca firionna bána
Ag féachaint siar ar hallaíbh Uí Dhála';
D'íosfaidís a dtiocfaidh 's a dtáinig
Is ní theilgfidís oiread a' cháingthe.



Ceithre theampall.



6. Céist do bhí ar an easbog
Seachtmhain is trí lá:
Naonbhar fear i gceart
Aige aon mhnaoi 'mháin.



Naonbhar ab' ainm dá fear.


L. 93


7. Dháréag ar aon leabaidh 's gan aon' aca ar colbha.



Roth tuirinn.



8. Trí cosa i n-áirde;
Dhá chois i dtalamh;
Ceann an duine bheó
I mbéal an duine mhairbh.



Corcán ar cheann cailín.



9. Cím chugham anoir
Fear na sruth,
Fear na coise caoile cruaidhe,
Is mo dhá thruagh mo laogh gan ruth.
Bó do bhí t'réis breithe agus do
chonnaic sí madra alla ag teacht.



10. Cím chugham trís an ngleann
Inghean an ríogh agus í go teann;
Rud beag óir ar bhárr a baise
Agus cúl a coise trí n-a ceann.



Tuagh.



11. Bíonn sí thiar;
Bíonn sí i ngáirdín Bhaile Átha Cliath;
Is mó é a greim ná greim capaill
Agus ní itheann sí an féar.



Speal.



12. Cím-se agus ní chíonn tusa é agus is giorra
dhuit-se é ná dhómh-sa.



Cúl do chinn.



13. Dhá chois ar talamh;
Ceithre cosa ar talamh;
Ceann le tóin agus tón ar talamh.



Duine a bheadh ag crúdh caorach.


L. 94


14. Ceithre slata míne réidhe 'siubhal an tsléibhe 's a
mbéal fútha.
Ceithre sheine (seiní) na bó.



15. Ceathrar ar ruth;
Ceathrar ar crith;
Beirt ag tabhairt an eoluis
Do Mhac Uí Ghioblacháin ag ruth 'na ndiaidh.
Bó bheadh ag rith, an t-earball Mac
Uí Ghioblacháin, an dá shúil, na ceithre
sheine (ar crith), na ceithre cosa (ar
ruth).



16. Lán páirce do bha bána agus bó dhearg eatorra
istig.



Sin é do bhéal agus t'fhiacla agus do
theanga.



17. Sin é sa chúinne agus pus air.



An chroch.



18. Chúig sgata glaisínig
Ag baint adhmaid an chaoil:
An méid a bhainidís do fhágaidís;
An méid ná bainidís thugaidís leó.
Géanna a bheadh ag priucadh clúmhach
díobh féin.



19. Cím chugham aniar
Trí capaill, trí sriain,
Trí pillíní óir,
Agus trí pócadáin fiaidh.



Trí sgamaill.



20. Fear fada dubh
'Na sheasamh 'sa tsruth
Gan focal 'na phus
Acht Dodaidhe Ó Duid.



Deatach ag imtheacht as sheiminé.


L. 95


21. Nead fuiseoige ar sliabh
I bpoillín dian daingean docht
Faoi bhun an chúilín chasda chraobhaigh,
'S a' bhfuil aon mhac ríogh i nÉirinn a réidh-
teoghadh mo cheist?
Circín striceach do dhein nead i súil
an duine do fuair bás ar an sliabh.



22. Abhlín buidhe beárrtha
I lár na tuinne báine.
An t-im 'sa bhláthaigh (nó Im is
bláthach).



23. Saitheach gan tóin gan cheann, 's é lan do fheoil
duine.



Méaracán táilliúra.



24. Tá tig agam-sa
'S ní gheobhainn féin slighe go deó ann,
Is ní'l fear ins an domhan
Chóimhreóghadh a chuid fuinneóg air.



Méaracán.



25. Tá botháinín 'sa gháirdín
Go raghadh na céadta ann;
Ní bhfaghainn-se slighe ann
Ná leath mo chuid éadaig.



Cruiceóg bheach.



26. Deatach 'sa ghleann
'S gan aon teine ann.



Bualtrach Bó.



27. Sin é suas m'athair mór 's a chaipín air.



Deatach.


L. 96


28. Chuas amach 'dir dhá chrann,
Agus thána' 'steach 'dir dhá abhainn.
Duine bheadh ag dul amach le dhá mhuga
go dtí an tobar agus ag teacht thar
n-ais le uisge.



29. Méisín chúmtha chámtha,
A béal fúithi 's a ton i n-áirde.



Sliogán báirnig.



30. Bean fhada ghléigeal
Agus crios dá taobh fhéinig.



Punann coirce.



31. Sin é sa chúinne
Agus dhá chéad súil air.



Corcáinín anbhruithe.



32. Caora dubh agus lomradh bán uirthi.



Greidiol.



33. Ainmhidhe beag dubh (nó seanduine beag) agus a
thig ar a ghualainn aige.



Seilmide.



34. Chím chugham tríd an lios
An chráin is mó ar bith;
Ní rug sí éinne,
'S ní raibh sí torrach
Acht bhí naoi naonbhair innti istig.



Long.



35. Duibhín Ó Duibh
Thar fairrge anoir
Ag innsint sgéil
Gan féith gan fuil.



Leitir.


L. 97


36. Teachtaire beag ó thig go tig, agus bíonn sé
amuigh san oidhche.



Casán.



37. Caipín óir agus cos as;
D'ólfadh mac an ríogh deoch as.
Ní bun c'róinne is ní bárr c'róinne,
Is ní gabha ná ceárdaidhe dhein é.



Cíoch.



38. Léine do deineadh is ní de líon
Do mhac an ríogh do rugadh le buadh;
Sgáil na gréine trí n-a taoibh
Is í gan nighe, gan fighe, gan fuagh.



Sgannán saille.



39. Is cruinne é ná do cheann;
Is sia é ná mílte crann.



Ceirtlín snáithe.



40. Tháinig sé isteach ar ghuailnibh daoine,
Is chuaidh sé amach mar shnáithín síoda.



Móin.



41. Bréidín buidhe
Ar thaobh an tighe
Is ní féidir liom a shníomh
Ná a réidhteach.



An ghrian.



42. Glas ar an abhainn thall 's i bhfus.



Leac oighre.



43. Do ghaibheas suas an bóithrín,
Do ghaibheas anuas an bóithrín,
Is thugas an bóithrín ar mo dhrom liom.



Dréimire.


L. 98


44. Chomh hárd le falla,
Chomh geal le bainne,
Chomh dubh le daol,
Chomh dearg le fuil.



Sgeach drise.



45. Firín beag íseal íseal;
Firín níos ísle ná san;
Firín a chuirfeadh ruchall fé chaora;
Agus firín níos ísle ná san.



Trompallán.



46. Caipín mo sheanathar
'Na shuidhe ar a thóin,
'S ní stadann sé den tsodar san
Go dtéidheann sé 'on Róimh.



Cubhrán bán.



47. Fás bliadhna níos sia ná an caisleán.



Ceirthlín snáith.



48. Ghaibh girrfhiadh beag lomartha
Tré choill dromada dromada;
Ní raibh aon tslat i gcoill dromada dromada
Ná raibh ag gabháil ar mo ghirrfhiadh bheag lomartha
lomartha.



Spóla figheadóra.



49. Chím 'na suidhe, 'na seasamh,
Chím ar bhláth an aitinn í;
Ceó ná drúcht ní leagann í,
Is ní stadann sí de shiubhal.



An ghealach.



50. D'éirigh an bhean 'na seasamh
Ar bhárr an chnuic is d'fhéach sí siar,
Bhuail sí snaidhm ar cheann dá cosaibh
Is mairfidh sí na mílte bliadhan.



An ghrian.


L. 99


XLIV. - DROICHEAD A' tSUANRUIS.



I.



'S me 'gabháil síos go Droichead a' tSuanruis mar a
gcomhnuidheann mo stuaire cailín
Do casadh orm cnap tighe de dheais-díon i n-uaignios
gan teacht braoin anuas air ná aníos;
Bhí Neilí gan ceasnaidhe gan gruaim uirthi ar leabaidh
i mbun a suai'nis 'na luighe;
Fém starthaíbh gur bheartuigheas í fhuadach is go
gcóimhreoghainn a cuacha léi síos.



II.



A Neilí, ná bí[odh] ceasnaidhe ná gruaim ort ó ráinighis
ar a' guardal mar ataoi;
Ní dailthín mi do beathuigheadh ar a' gcuairiomh acht
stáire de bhuachaill-fhear groidhe;
Do thugas searc-ghnaoi dod gheal-phíp i n-uaignios, ní
áirighim tu fhuadach thar druim,
Agus marcaigheacht ar mo stail ghroidhe do fuairis ar
fad síos go Cluain Meala an ghrinn.



III.



Do shiubhlas cúig cúigeadh na hÉireann agus Oileán
an Éisg ar dtúis
Nó gur casadh mi go Sasana an Bhéarla 's gach áichiún
'á mb'fhéadar do shiubhal
Nó gur casadh go cogadh na bp'léar mé 's mi
strupáltha im léine go cumhang,
Is 'nois ó táim gabhtha níor bh'fhéidir go leogfá me
dhaoradh gan chúis.


L. 100


XLV. - LÚIBÍN NA gCOCÁN.



Bhí bainis i n-áit éigin i gCúige Mumhan. Ní tuisge
do pósadh an lánamha ná do cualathas an fothram
amuigh. Tháinig na saighdiuirí isteach agus do rugadar
ar an bhfear óg nuaphósta. Do cuireadh an loch amach
é. Do chuaidh an bhean óg i n-aimsir chum slighe bheatha
a bhaint amach di féin. Do leigeadh amach an fear óg
i gceann sgathaimh 'na dhiaidh soin agus tháinig sé a
bhaile. Do bhuail an bhean leis cois leasa 'na mbíodh
a triall go minic air. Do chuala sé roim ré go raibh
sí ag gabháil le fear eile agus nuair a chonnaic sé ná
raibh aithne aici air, do leig air bheith ag suirghe léithi.
Nuair a chuir sí suas dá chuid magaidh do thuig sé
fírinne a sgéil agus do nocht di gurab é féin a bhí
ann. Sa chaint dóibh do ceapadh an t-amhrán so
eatorra:



I.



Tráthnóinín déidheanach cois taobh leasa bhíos,
Mo chluais deas ag éisdeacht le claon-bheart an
tsaoighil;
Bhí caise bhog bhraonach le n-a caol-leacain síos,
A dhá bais aici dhá bpléasgadh 's í ag géar-ghol 's ag
caoi.



II.



A lúibín na gcocán 's a chúil chrothánaigh bhuidhe,
Cad é cúrsaidhe do ghearáin go bhfuil a' t-ochlán id
chroidhe?
An é t'athair nó do mháthair nó do leannán fir céile
Do cailleadh ar an árd go bhfuil a' t-ochlán 'na
ndiaidh ort?


L. 101


III.



Do fhreagair me i nóimiot, 'sí óigbhean na gcliar,
Ní gaolthaigheacht ná comhguis do león mo chroidhe im
chliabh,
Ba, caorcha, capaill, bólthacht ná an mór-stoc 'na
shliabh,
Acht 'sé grádh mo chroidhe do sheoladh ar an mór-luingis
siar.



IV.



A bhrighdeach na mbán-nglac taoi lán-lag id luighe;
Ná suidhfeá-sa taobh liom ar chomhgar na dighe?
Do thógfainn-se an ceó 'gus a' bron suas dod chroidhe
Fé mar éireóghadh a' lochán de choirce le gaoith.



V.



A bhuachaillín magaidh, leig-se feasda dhod spóirt;
Téire-se a bhaile is tabhair aire dhot ghnó!
Ní thriomóghaidh mo leaca-sa do chaise bhog deór
Nó go n-iompuighidh a' dubh dearg is go gcasaidh mo
stór.



XLVI. - AN GLIOMACH.



I.



Slán beó chun bliadhain a' taice seo, ba mhaith í mo
ch'luith éadaig;
Gur lúthmhar láidir acfuinneach do dhéanfainn bean do
bhréagadh;
Do casadh ar a' ngliomach mé go raibh cúpla bó mar
spré aici;
D'fhág sí im intinn greadaithe me is mo chroiceann
geal gan léine.


L. 102


II.



Nuair a ghabhaim-se amach ar maidin 's ní theagaim go
tráthnóna
Bíonn luaith a' lae sa tiollach 'gém chailín maiseamhail
rómham-sa.
Luigheaduigheann sé ar mo mhisneach is méaduigheann sé
ar mo bhróna,
Mo bhábán óg ag gol orm 's mo ghliomach i dtig a
cómharsan.



III.



A bhuachaillí óga an bhaile seo, má ghlacann sibh mo
chomhairle,
Ní thréigfidh sibh a' cailín deas mar gheall ar í bheith gan
bólacht,
Beidh a' tinnteán go t'rim treasgartha aici ó mhaidin
go tráthnóna,
Ní mar sin a bhíonn mo ghliomach-sa acht í sáithte i dtig
na comharsan.



XLVII. - SEÁN MAC SÉAMUIS.



Bhí lánamha ann uair, feirmeoir agus a bhean,
agus bhí ógánach breágh fearamhail de mhac aca gur
bh'ainm do Seán mac Séamuis. Bhí lios ar thalamh na
feirme agus bhí an mac ag gabháil thar an lios oidhche
áirithe agus na beithidhigh aige dá dtiomáint, agus pé
slighe gur bhuail an bhean ruadh leis ní fhéadfadh sé
imtheacht uaithi - bhí sí 'na seasamh i ndorus an leasa
agus í ag glaodhach air. Do chuaidh sé fé n-a déin
agus do rug sí léi isteach sa lios é, agus chomh luath
is bhí sé istigh ní fhéadfadh sé gabhail amach arís.


L. 103


Do mhothuigh an t-athair 's an mháthair uatha é agus
do chuadar dá lorg go dtángadar chum an leasa. Bhí
an bhean ruadh 'na seasamh i ndorus an leasa arís, agus
d'fhiafruigheadar di an í do rug a mac uatha. Dubhairt
sí gur bh'í agus go raibh sé istigh aici an uair sin féin
acht nár bh'aon tairbhe dhóibh a bheith léithi, mar ná
leigfeadh sí amach é go bhfaighdís duine éigin do
bhuadhfadh uirthi féin i rannaigheacht .i. i gceapadh rann.



Tháinig an t-athair 's an mháthair a bhaile fé bhrón
agus fé dhoilghíos agus bhíodar chum dul a chodladh.



Thárla le n-a linn sin go dtáinig inghean ríogh chum
an doruis. Bean óg do b' eadh í do chuaidh le
craobhachaibh, agus do bhí sí ar feadh seacht mbliadhan ar
fán sa bhfásach sar ar tharraing sí ar na tighthibh.
Thosnuigh sí ar tarrac ar na tighthibh nuair a bhí a ciall
agus a meabhair ag filleadh uirthi, agus annsain tháinig
sí chum an tighe seo an oidhche seo agus bhí an t-athair
agus an mháthair ag gol i ndiaidh an ógánaigh agus
d'fhiafruigh sí dhíobh cad do bhí ortha. Ní 'neósfaidís
di i dtosach bára, acht d'innseadar di fé dheireadh sar a
ndeaghadar a chodladh.



Chuaidh sise fé n-a dhéin lá ar n-a bháireach. Chonnaic
sí é, acht dubhairt an bhean sídhe ná tabharfadh sí suas
é go mbuadhfadh sí sin uirthi féin i rannaigheacht.
Annsain do dhírigheadar ar a chéile agus gach re seadh
aca ag ceapadh rann gur chúmadar eatortha an laoidh
seo i n-ár ndiaidh:



Inghean an Ríogh



Mór is Muire dhuit, a Sheáin mhich Séamuis;
Is fada ó bhaile a thánghas 'ot éiliomh,
Ó Dhrom Duithig mar a mbaintear na caorthaibh
Nó ó lúibín na coille mar a bhíonn na mná taobh leis.


L. 104


An Bhean Ruadh:



An tú Neilí nó Ceaití Major
Nó an tú Fítheal na Carraige Léithe
Nó an tú an dia-chailleach ó diar na hÉireann
Do thugann a' bás do dhaoine an tsaoghail seo?



Inghean an Ríogh:



Dar go deimhin, a bhean, ní haon' aca féin me,
Acht inghean ríogh me ón Duimhich Hélen.
'Sé mo dhaidí flaith na féile;
'Sí mo mhaimí lámh a' daonnacht;
'Sé mo dhearbhráthair-se an lionnán sídhe gléigeal;
'Sé mo dhian-ghrádh-sa Seán mac Séamuis!



An Bhean Ruadh:



Dhá mb'inghean ríogh thu ón Duimhich Hélen
Ní bheadh do ghruaig a' sguabadh an fhéir leat
Ná do leaca gheal dhearg ar dhath an fhéir ghlais.



Inghean an Ríogh:



Dhá mbeifeá-sa feadh seacht mbliadhna fé Helen a'
réilthionn
'Siubhal a curraighthe bogaighthe 'sléibhtibh
Is gan do chóir bídh agat i bhfochair gach aon rud
Acht a' samhadh 'gus a' biolar 's a' t-uisge mar bhéile!
Tabhair dham trí céad tseana-bhuidheach do tharbhuigheadh
bléinfhionn,
Trí chéad each ar dhath a chéile,
Trí chéad caora do lomraí' tréana,
Trí chéad púnt d'airgead réalach,
Trí chéad gabhar reamhar gan aon locht,
'S mara dtabharfair sin dam t'r'om é féinig!


L. 105


Do bhuaidh inghean an ríogh ar an mnaoi ruaidh agus
do leigeadh an fear óg amach as an lios. D'fhill an
bheirt annsain ar an dtigh.



D'innis an óigbhean dóibh cár bh'as di agus an áit
go raibh comhnuidhe ar a muintir. Lá ar n-a bháireach
d'imthigh an t-ógánach agus do shiubhail sé Éire gur
aimsigh sé i n-a n-ionad comhnuidhthe féin iad. Tháinig
an-áthas ortha nuair a chualadar go raibh an inghean 'na
beathaidh fós agus thángadar ag cur a thuairisge, agus
toisg nár bh'fhios dóibh cad eile cad do dhéanfaidís léithi
do shaoileadar nár bh'fhearr di saoghal a bheadh aici ná
í phósadh le Seán mac Séamuis. Do pósadh an lánamha
óg annsain agus do mhaireadar go cúmpórdach, iad
féin agus a gclann i n-a ndiaidh.



XLVIII. - SEANFHOCAIL: DHÁ CHÉAD A LÍON.



Liam Ó Lúing agus cách do bhailigh.



1. An rud is annamh is iongantach.



2. An té nach truagh leis do chás, ná déin do ghearán
leis.



3. An bhó is aoirde géim 'sí is caoile iarball.



4. An rud do sgríobhann an púca léigheann sé
féin é.



5. An rud a théidheann i bhfaid téidhean sé i
bhfuaire.



6. Briseann an dúthchas trí shúilibh an chait.



7. Buadhann an t-imshníomh ar an gcinneamhaint.



8. Bíonn adharca muara ar na buaibh thar lear.



9. Beatha dhuine a thoil.



10. Bíodh sé mar tá sé is Tráiglí mar a bhfuil sé.



11. Bíonn an fhírinne searbh.



12. Bíonn an rath ar an gceisneamh.


L. 106


13. "Chonnac cheana tu!" mar dubhairt an cat
leis an mbainne the.



14. Dlighe na hiasachta an t-iarrach do bhriseadh.



15. Dá mbeadh báisteach go Samhain ann ní bheadh ann
acht cioth.



16. Deireadh an tsaoisgéil an t-airgead.



17. D'íosfadh cat sleamhain féin fadóg.



18. Deineann caoi (cae, caoth) slaidire (sladaire).



19. Gach file agus fáidh ag trácht ar a ealadha féin.



20. Is túisge deoch ná sgéal.



21. Is feárr an troid ná an t-uaigneas.



22. Imthigheann rith focail ar shagart na p'róisde.



23. Is minic cú mhall sona.



24. Is deacair an girrfhiadh do chur as an dtor ná
beidh sé.



25. Is annamh iasg aige liadhairníbh díomhaoine.



26. Is feárr sioc ná síor-bháisteach.



27. Is maith an t-anncaire an t-iarta.



28. Is feárr an t-éan atá san láimh ná an t-éan atá
ar an gcraoibh.



29. Is milis dá ól é, is searbh dá dhíol é.



30. Is báidheamhail iad lucht aon chine nó chéirde.



31. Is geal leis an bhfiach dub a ghearrcach.



32. Is giorra cabhair Dé ná an dorus.



33. Lomann broid cineál.



34. Lomann lom coingheall.



35. Ní sia gob an ghanndail ná gob an ghéidh.



36. Ní théidheann rogha ón réidhteach.



37. Nuair a théidheann an gabhar dhon teampall ní
stadann go haltóir.



38. Ní creidthear an fhírinne ón duine bréagach.



39. Ní baoghal duit an madra sgeamhuigh ort.



40. Nuair is mó an anfhochain (nó anaithe) 'seadh is
giorra an chabhair.


L. 107


41. Ní'l maith i seanchas nuair atá an anfhochain
déanta.



42. Ní ualach do dhuine a bhrat.



43. Ní bhíonn saoi gan locht.



44. Ní bheathuigheann na briathra na bráithre.



45. Ní bhíonn tréan buan.



46. Ní bhriseann focal maith fiacail.



47. Seachain an droch-dhuine is ní baoghal duit an
duine macánta.



48. Tuigeann fear léighinn leathfhocal.



49. Múineann gádh seift.



50. An té go mbíonn an rath air féin bíonn sé ar a
chuid gabáiste.



51. Sia théidheann an t-éitheach ná an fhírinne.



52. Aithnigheann an donas a dhuine féin.



53. Bád gan stiuir nó cú gan earball.



54. A anam féin ar ghualainn gach duine, beireadh
leis nó fágadh.



55. Bíonn blas milis ar phorsach na comhursan.



56. Comhgar chum an bhídh agus mór-thimcheall chum na
hoibre.



57. Faghtar laoch i n-aisge.



58. Má's maith molfar.



59. Má táim-se buidhe tá croidhe geal agam.



60. Má tá bean an tighe teinn níor chaill sí a goile.



61. Mian amadáin díomhaointeas.



62. Ní fhaghann sagart balbh beatha.



63. Ní bhíonn ón bhfear sona acht é bhreith.



64. Nuair a bhíonn an cat amuich bíonn an luch ag
rinnce.



65. Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.



66. Nuair is dóigh le duine é bheith go deas 'seadh
bhíonn sé 'na chleas margaidh.



67. Ní coinghibhthear tigh gan teanga.


L. 108


68. Ní cheileann meisge rún.



69. Ní fhéadann an gobachán an dá thráigh do thabhairt
leis.



70. Ní i gcomhnuidhe bhíonn Domhnall Buidhe dhá phósadh
[ná cóir aige air].



71. Ní'l leigheas ar an gcathughadh acht é mharbhughadh
le foidhne.



72. Is feárr rith maith ná droch-sheasamh.



73. Is feárr cóir ná dul chum dlighe.



74. Tart deire an óil agus brón deire an ghrádha.



75. Teachtaire an fhiaich (fhéich) ón Áirc.



76. Sgata ban nó sgata géanna.



77. Is maith an tiománaidhe an té bhíonn ar an
gcloidhe.



78. Is feárr míne ná borbracht.



79. Aithnigheann na haingil a chéile.



80. Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na
céille.



81. Seachain tigh an táibhirne nó is báirnigh is beatha
dhuit.



82. Ní déidheanach í an mhaith aon uair.



83. Is olc an ghoile ná téitheann a cuid.



84. Bíonn an óige ar buile.



85. Do fhear gan náire is fusa a ghnó dhéanamh.



86. Ní bíonn na slisneacha acht mar a leagtar an
crann.



87. As an obair thagann an fhoghluim.



88. Nuair is gainne an biadh 'seadh is cirte é roinnt.



89. Stocaidhe bána ar shálaibh dóighte.



90. An rud is measa do dhuine ar domhan n'fheadair
sé nách chun láir a leasa é.



91. Buachaill aige Móra is Móra ag iarraidh déirce.



92. Síoda ar Shiubhán 's an plubán (nó preabán) ar
a hathair.


L. 109


93. Ní cuimhnightear ar an arán atá ithte.



94. Is é dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain é.



95. Nuair a bhíonn an cupán lán (nó líonta) 'seadh is
giorra dho é dhortadh.



96. Is minic a chailleann duine caoirigh mar gheall
ar luach leathphingne 'theárra.



97. Ní lugha sméar sa bhfoghmhar ná é.



98. Is é an duine an t-éadach.



99. Bíonn leacacha sleamhna i dtighthibh daoine uaisle.



100. Bríste slán ar Sheán is gan faic na ngrás ar a
athair.



101. 'Sé an dul ag iarraidh olna ar ghabhar duit é.



102. Má's peacadh bheith buidhe tá daoine damanta.



103. Is minic deamhraitheach cailleamhnach.



104. Ní measa cách na Conchubhar.



105. Dá ghiorra do dhuine a chasóg (nó chóta) is
giorra ná sin do a léine.



106. Bíonn blas ar an beagán.



107. Blais an biadh agus tiocfaidh dúil agat ann.



108. Tá sé (nó sí) cómh haerach le múil go mbeadh
mairc uirthi.



109. As a blaiseadh is feárr é.



110. Tigh ar thaoibh bóthair ní haistear gabháilt ann.



111. Tabhair póg do chosaibh an ghirrfhiaidh.



112. Is minic a thagann gráinne ón sgilige.



113. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn agus má's
glas ní féarmhar.



114. Stad stagúin i mbéal beárnan.



115. Ná téir' i gcoinne an diabhail leath slighe.



116. Pósadh indiumh is piocal i mbáireach.



117. Tagann fear slán as lán árthaigh.



118. Slighe Thaidhg Chaoich chuin an Oileáin.



119 (a). Tabhairt ruacain [go] dtí ínse.



119 (b). Cnuasach trágha ag dul go dtí ínse.


L. 110


120. Tagann gach maith le cáirde.



121. Ní hobair gan duadh an domhan.



122. Badh mhaith leis na mná dealbha an bhláthach.



123. Mná dorcha duibheagánta 'seadh mná Muintir'
Mainín.



124. Tionnlacadh na n-óinseach.



125. Fear na mbróg bí amuich.



126. Níor chuaidh an tuathal amugha ar éinne riamh.



127. Ní théidheann stoirm thar Domhnach ná robharta
thar Dia Céadaoin.



128. Is feárr súil le glas ná súil le huaigh.



129. 'Sé an chóir a dheineann é.



130. Is mairg a bhíonn síos an chéad lá.



131. Caithfidh duine géilleadh dá bhacaigheacht.



132. Do smachtfadh gach éinne an bhean mhíonáireach
acht an té go mbíonn sí aige.



133. Le heagla bheith bocht bí comhnaidheach.



134. An té ná bíonn a leas ar maidin roimhe, ní
bhíonn sé tráthnóna.



135. Ar m'éirghe amach ar maidin, do bhuail an bhean
ruadh liom, ch'nnoc an girrfhiadh dubh ar an ndrúcht,
agus chuala an chuach im chúl, agus annsin d'aithnigheas
féin ná héireóchadh an bhliadhain sin liom.



136. Imthigheann gach maith le mion-chaitheamh.



137. Bailigheann brobh beart.



138. An té bhíonn amuich, fuarann a chuid.



139. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.



140. Is reimhre fuil ná uisge.



141. An té ná tabharfaidh aire don sgilling, ní bheidh
an sgilling aige.



142. Ní raibh cuibheasach 'na thigheasach maith riamh.



143. Is fiú an suaimhneas é cheannach.



144. An té bhíonn 'na dhroich-sheirbhíseach do féin,
bíonn sé 'na sheirbhíseach maith don duine eile.


L. 111


145. Ní fhaghann an síor-iarraidhe acht an síor-eiteach.



146. Is feárr greim ná buille.



147. Múinfidh a ghnó duine.



148. Nuair a bhíonn an rath ort féin, bíonn sé ar do
chuid.



149. Is leór ó Mhór a dícheall.



150. An madra ruadh i mbun na gcearc.



151. Is minic tháinig bromach giobalach chum bheith 'na
ghearrán chumasach.



152. Tuigeann gach aon'ne a bhalbhán féin.



153. Fiadhnaise an ghiolla bhréagaigh a bhean.



154. Is buan nó folláin é fear 'na dhúthaigh féin.



155. Is fearr lán duirn d'fhear ná lán gaid de
mhnaoi.



156. Is feáirrde an teachtaire mall druidim 'na
choinne.



157. Ní féidir an rud 'fhagháil acht mar a mbíonn sé.



158. Is mairg thugas droich-mheas don óige.



159. I dtosach na haicíde is féidir a leigheas.



160. Má phósann tú i n-aon chor, pós anuraidh.



161. Dranna madra nó gáire Sasanaigh.



162. Bíonn caora dhubh i dtosach uair éigin.



163. 'Sé teacht an tseagail é, teacht fada mall (nó
righin).



164. Maol guala gan bráthair.



165. Mairg a bhíonn i dtír gan duine aige féin.



166. Cad é an iongnadh bean ar meisge acht
spadallach fir!



167. Is fearr focal sa chúirt ná bonn (nó púnt) sa
sparán.



168. Is mairg a bhíonn go holc agus go bocht 'na
dhiaidh.



169. Ná dein nós is ná bris nós.



170. Gach aon'ne mar a dhúthchas.



171. Is feáirrde bean leanbh, acht is misde dhi beirt.


L. 112


172. Dá luathacht, is fheárrde.



173. Ní déarfaidh sé sgéal ná duan.



174. Is 'mó lá thabharfair ar thaobh an teampaill 's
ní iarrfaidh do dhranndal biadh.



175. Ní fiú deoch d'uisge na n-ubh (nó gcos) é.



176. Is olc an rud a shaluigheann stocaí bána.



177. Is minic do bhain duine slat chum a ghortuighthe
féin.



178. An té ná faghann an fheoil, is mór an sógh leis
an t-anbhruith.



179. Suidh síos go raghair i dtaithighe an tighe.



180. I ndiaidh a chéile tógthar (nó dhéantar) na
caisleáin.



181. Mol an óige agus tiocfaidh sí.



182. Is fearr an mhaith a déantar 's a maoidhtear ná
an mhaith ná déantar agus ná maoidhtear.



183. Níor mhothuigh an sáthach sámh an t-ocrach riamh.



184. Ní'l sprid ná púca gan fhios a chúise féin.



185. Croch indiu agus cúirt i mbárach.



186. Ní hiad na mná deasa chuireann pota ar fiuchadh.



187. Ní don abhras an chéad tsnáth.



188. Is teann gach madra geárr ar urlár a thighe féin.



189. Is úr stiall do leathar dhuine eile.



190. Solus fé bhéal daibhche.



191. Is feárr déidheanaighe ná ró-dhéidheanaighe.



192. Tá dhá cheann ar an magadh.



193. 'Sé dícheall an sgéil meath.



194. Is maith an sgéalaidhe an aimsir.



195. Is fearr preabán ná poll, is fearr lom ná
léan.



196. Is beag é toradh bó aonair.



197. Is binn béal bhíos iadhta.



198. An rud ná himthigheann, fachtar é.



199. An té ná bíonn láidir, ní fuláir do bheith glic,



200. Fear na bó féin fé n-a hearball.


L. 113


XLIX. - SEANRÁIDHTE 'NA LEATHBHEANNAIBH:
LEATHCHÉAD A LÍON.



An fear céadna is cách do bhailigh.



1. Bean mhic is máthair chéile
Mar bheadh cat is luch le chéile.



2. Faghann an capall bás
Faid is bhíonn an féar ag fás.



3. Gach dalta mar oiltear
'S an lacha ar an uisge.



4. Is feárr an chú bhíonn san tsiubhal
Ná an chú bhíonn i luibh.



5. Ní bhíonn an rath
Acht mar a mbíonn an smacht.



6. Ní lugha frigh
Ná máthair an uilc.



7. Aifrionn na Gine
Aifrionn is fiche.



8. Ní feárr biadh
Ná ciall.



9. Ní liachta ísleán sona ann
Ná árdán dona ann
(mar dubhairt an fear le píopán an ghanndail.)



10. An té go mbíonn an bhróg ag luighe air
Is do is cirte í sgaoileadh.



11. Ní gnáthach
Fear náireach
Éadálach.



12. An té go dtéidheann teist na mochóirighe amach air
Ní cás do codladh go headshruth.



13. Céadlacan fada agus easbadh na mbróg
Deinid siad seanduine den té bhíonn óg.



14. Mara mbír i dtigh an bhídh
Bí ins an tigh le n-a thaoibh.


L. 114


15. Nuair a raghair dhon Róimh
Bí id Rómhánach leó.



16. Is furus féasóg an leomhain a stathadh
Nuair a bhíonn sé 'na chodladh.



17. Tárlann na daoine ar a chéile,
Acht ní thárlann na cnuic ná na sléibhte.



18. An té bhíonn suas óltar deoch air;
An té bhíonn síos luightear cos air.



19. Tabhair don ghárlach
Agus tiocfaidh sé i mbárach.



20. Má tá céad gnó againn
Tá céad ló againn.



21. Ní ceart an t-uisge salach a chur amach,
Nó go dtabhairfear an t-uisge glan isteach.



22. An inghean is an mháthair,
Beirt a bhíonn páirteach.



23. Tabhair-se dhómh-sa
Is beir féin it óinsigh.



24. Cuir sa chófhra é
Is gheobha tú gnó dhe.



25. Má's maith i n-éan-chor iad,
Is maith i n-éinfheacht iad.



26. Is furusda fuine
I n-aice na mine.



27. An rud a bailightear go bocht
Imthigheann go holc.



28. Chuirfinn-se geall
Go gcuirfinn-se breall
It aindeoin ort.



29. An ceann caol don mbeatha
'S an ceann reamhar don mbata.



30. Ní bheathuigheann na briathra na bráithre,
'S ní choinghibheann na soillse na caoire ón stáca.


L. 115


31. An té thugann a chuid go léir uaidh,
Ní thugann sé éinní uaidh.



32. Is minic bromaichín giobalach
'Na bhromaichín mustarach.



33. Is fuar an tigh
Ná gnáthuighid na fir.



34. Is fearr an té chuireann aiteann ar cloidhe
Ná an té chuireann caisleán sa gcoill.



35. Duine gan dínnéir,
Beirt gan suipéir.



36. A bhuachaill, beir buadhartha go bpósair,
'S ón uair sin beir buadhartha do dhóthain.



37. Comhrádh ban ar chléith,
Comhrádh ná bíonn réidh.



38. Taithighe mhéaduigheas toil,
Taithighe mhéaduigheas locht.



39. Feitheamh fada
Ar chosaibh laga.



40. Teasbach gan dúthchas,
Is deacair a iomchar (iúmpar).



41. Bíonn múineadh ar fhear ó aois go bás,
Acht ní mhúintear bean choidhche nó go brách.



42. An té atá tuirseach, suidheadh;
'S an té atá bacach, bíodh.



43. Fuacht sa tsioc ort,
Má tá fuacht indiumh ort.



44. An té ná gabhann comhairle,
Gabhann sé comhrac.



45. An t-Abrán bog braonach
Chuirfeadh brígh i gcluais sean-chaorach.



46. Is fearr sgoil ná máighistir,
Acht i dteannta 'chéile is feárr iad.



47. Tigh fuinneogach fionn
Gan arán gan lionn.


L. 116


48. Is mairg a báidhtear i dtráth an anaithe,
'S go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.



49. Trosgadh an chait cheannfhinn,
Itheann feoil is ní ólann bainne.



50. Is luachmhar an ní an óige
Don té chuireann í ar fóghnamh.



L. - CEATHRAMHNA NATHÁN NÓ GNÁTHFHOCAL.



An fear céadna agus cách do bhailigh.



1 (a) Tosach.
Tosach luinge clár;
Tosach áithe clocha;
Tosach flatha fáilte;
Tosach sláinte codladh.



1 (b) Deireadh.
Deireadh luinge í bháthadh;
Deireadh áithe í losgadh;
Deireadh flatha cáineadh;
Deireadh sláinte osnadh.



2. Duine gan stór.
Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill;
Duine gan stór ar cóisir ní bacthar é;
Duine gan stór ní'l gnó aige ag caitheamh ná ag
glaodhach,
Is duine gan tsór bíonn sé 'na spórt aige aindeisí an
tsaoghail.



3. Ní truime.
Ní truime ar loch an lacha;
Ní truime ar each a shrian;
Ní truime ar caora a holann
Ní truime ar colainn ciall.


L. 117


4. An Duine Saidhbhir.
An duine saidhbhir ag déanamh grinn,
Deirid uile gur binn a ghlór,
Acht is seirbhe ná an searbhán goirt
An duine bocht ag déanamh ceoil.



5 (a). Imtheoghaidh.
Imtheoghaidh a dtiocfaidh 's a dtáinig riamh;
Imtheoghaidh an seanóirín beárrtha liath;
Imtheoghaidh an fhuiseóg dob' áille ar sliabh;
Imtheoghaidh an fear óg is mó cáil 'na ndiaidh.



5 (b). Ní imtheoghaidh.
Ní imtheoghaidh na bánta ná an sliabh;
Ní imtheoghaidh an rae ná an ghrian;
Ní imtheoghaidh an sáile ón iasg;
Ní imtheoghaidh na grásta ó Dhia.



6. Rudaí nách féidir a dhéanamh.
Lán gaid de ghainimh a thráigh,
Nó lán mála de ghaoith a dtuaidh,
Nó sgéal dhá innsint do mhnáibh,
Nó dán do dhaoine duairc'.



7. Díol stuic is ceannach lóin.
Nuair labhairfidh an chuach
Ar chrann gan duille
Is thuitfidh Domhnach Cásga
Ar Lá 'le Muire
Díol do stoc is ceannaigh lón.



8. Aoide Chloinne Móire.
Aoide Chloinne Móire ortha
Gur sheól an cat fí dhraoidheacht leó;
Ar bhórd luinge seóladh iad
Gan treoire go brách.


L. 118


9. Cheithre Radhaire Aoibhne Chille hÁirne.
Is aoibhinn Leamhain maidin cheódhach;
Is aoibhinn feóráin Locha Léin;
Is aoibhinn faithche Dúna Lóich;
Is aoibhinn Achadh Dá Eó le gréin.



10. Moladh Mháire Ní Dhuibh ar Ghleann Charrthaigh le
fear do bhí dá cheannach nó dá thógáil ar chíos uaithi:
Tá cois abhann síos ann
Agus cois abhann suas ann;
Tá foithine an lae fhuair ann
Agus fionnfhuaradh an lae the.



11. Seo tuarasgbháil an fhir ar an ngleann céadna,
tar éis a fheicsint do:
Tá basgadh 'na lár
Agus bádhadh 'na bhun,
A chúl san ngréin
Agus a aghaidh san tsioc.



12. Aifreann Dé.
Aifreann Dé ná tréig le faillighe
Agus déirc le deagh-chroidhe deárnuigh,
Mar mhaithfidh Mac Dé go léir do pheacaidhe,
Tar éis na haithrighe tháinig.



13. Rann na gCeithre nGaoth.
Gaoth a ndeas, bíonn sí tais, is cuireann sí rath ar
shíoltaibh;
Gaoth a dtuaidh, bíonn sí fuar, is cuireann sí fuacht ar
dhaoinibh;
Gaoth aniar, bíonn sí dian, is cuireann sí iasg i
líontaibh;
Gaoth anoir, bíonn sí dubh, is cuireann sí sioc ist-oidhche.


L. 119


14. Ní ualach (cuma eile ar Rann a 3).
Ní ualach don fhear a bhrat;
Ní ualach don each a shrian;
Ní ualach don chaora a lomra;
Ní ualach don cholainn a ciall.



15. Gach dream.
Gach dream dá dtiocfaidh
Ag dul i mine 's i mbréagaighe,
'S gach am dá dtiocfaidh
Ag dul i bhfliche 's i ndéidheanaighe.



16. An Saoghal so.
Ní'l ins an tsaoghal so
Acht tréimhse mhí-ádhmhar,
'S ní'l cúntas ag éinne air
Ó 'ndé go dtí 'mbárach.



17. An Gleacaidhe.
Seachain an gleacaidhe milis sleamhain
Is an teanga liom leat;
Feallfaid ort má gheibhid an chaoi,
Mar is dual gur claon a mbeart.



18. Subháilcí is dubháilcí an Uisge Beatha.
Sult, greann,
Agus carthannacht;
Diabhail, deamhain,
Agus achrann.



19. Cúngrach.
Cúngrach tighe;
Cúngrach croidhe;
Cúngrach bídh;
Trí anacra móra.


L. 120


20. Féasta is Céasadh.
Ní féasta
Gan róstadh;
Ní céastar
Go bpóstar.



21. Biadh is deoch.
Ní biadh bainne;
Ní bainne bláthach;
Ní feoil putóg;
Acht déanaid sásamh.



22. An Míogach.
Bí seachnach ar an té ná labhrann breis;
Is samhail do bheith 'na mhíogach,
Mar an áit is réidhe go ngabhann an t-eisg
Is ann is doimhne díogach.



23. Spalpadh na gréine.
Domhnach na Failme,
Satharn Cásga,
An ghrian ag spalpadh
'S ag damhas le háthas.



24. Céimcanna na sige (.i. rinnce).
3. Coileach na bpluc;
4. Cearc na bplaosg.



LI. - SGÉILÍNÍ LEANBH.



I. An Iasacht.



Chuir bean a' tighe seo thíos go dtí bean a' tighe seo
thuas mé a d'iarra' iasacht ling laingidín, cipín a'


L. 121


chabaire, caibidhe ó cóib, agus cuirfead iad go léir a
bhaile ar a' mball.



II. Chuas amach.



Chuas amach ar an móintín
Agus bhaineas fóidín;
Bhí neidín san bhfóidín;
Bhí uibhín san neidín;
Agus éinín san uibhín;
Agus earball ar an éinín
Chomh fada lem mhéirín;
'S nach ró-dheas an sgéilín
É sin?



III. An Pósadh Bréige.



Ins an tsean-aimsir do dhéantaoi pósadh bréige idir
páistíbh mar so: Do chuireadh duine a lámh ar cheann an
gharsúin bhig agus annsin ar cheann an ghearrchaile, ag
rádh:-



Píosadh, pósadh;
Práitín rósta;
Sgilléidín uisge;
Tá sibh pósta.


L. 130


LIII. - AGUISÍN.



Nuair a chuireas "An Gliomach" (XLVI.) agus
"Seán mhac Séamuis" (XLVII.) sa leabhar níor
bh'fhios dam iad a bheith cheana agam is iad i n-iomlán
ón Oireachtas. Tugaim annso iad fé mar a thángadar
isteach.



I. - AN GLIOMACH.



"Óigbhean" do sholáthruigh.



I.



Mo shlán chum bliadhain an taca so, budh mhaith é mo
chulaith éadaigh;
Is lúthmhar láidir meanamnach do dhéanfainn bean do
bhréagadh;
Do casadh orm gliomach go raibh cúpla bó mar spré
aici,
D'fhúig mh'intinn greadaighthe is mo chroiceann geal gan
léine.



II.



Cómhairle bheirim díbh anois, a bhuachaillí seo gan pósadh,
Gan cailín deas fhágáil bhur ndiaidh mar gheall air í bheith
gan bólacht;
Beidh do lóistín tirim aici gach maidin is tráthnóna;
Ní amhlaidh a bhíonn mo chaile-se acht caithte i dtigh na
comharsan.


L. 131


III.



Tá mo mhuintir i n-earaid liom is déanfaid siad me
dhíbirt,
Nuair nár phósas ainnir go raibh leabaidh clúimh chum
luighe aici;
Ní raibh na ba ag ise agus níor thaithinn sé siúd mar ní
liom;
D'fhúig sé m'intinn marbh lag fé thuile na ré caoile.



IV.



Nuair ghabhaim amach ar maidin is chím chugham mo
stóirín,
Sílim í bheith acfuinneach nó ana-mhaith chum gnótha;
Is amhlaidh a bhíonn mo ghliomach-sa is í tugtha suas chum
cómhraic,
Is do chodlóchadh sí go headarsuth da dtéigheadh na ba
sa bpóna.



V.



Tá sgéal agam le aithris ná fuil ró-mhaith le n-innsint,
Lá bhí cúigear fear agam ag folacha dorn aoilig;
Do bhuail sí amach ar maidin mar a dhein go minic
roimhe sin,
'S an deamhmas ar fhill den ghliomaig go raibh dubh is
dall na hoidhche ann!



VI.



Nuair ghabhaim amach ar maidin is ná tagaim go
tráthnóna
Bíonn luaith an lae sa teaghlach ag an gcailín maith so
rómham-sa;
Luigheaduigheann sé ar mo mhisneach agus méaduigheann
sé air mo bhrón me,
Mo bhábán óg ag gol orm is mo chaile i dtigh na
gcómharsan,


L. 132


VII.



Táim-se gan aon stáca anois le tuilleadh mór is
ráithche,
Acht stocaidhe gránnda briste is do mhilleadar mo
shála;
Bhí dhá pholl déag is fiche ionnta air aghaidh da chnámh mo
luirgeann
'S do bhíodh na cearca 'ghá bpriocadh orm gur thuiteas-sa
le náire.



VIII.



Comhairle bheirim díbh anois, a chailíní óga an bhoill seo,
Má théidheann sib go dtí an margadh ná fanaidh leis an
oidhche;
Seachnuighidh na cladhacha is fanaidh ós na díogracha
Nó go deimhin imtheochaidh oraibh mar imthigheann air mo
mhnaoi-se.



II. - SEÁN 'ACH SÉAMUIS.



"Dall Ban an Churraigh" do sholáthruigh.



Fear é seo gur thuit a chodladh air le hais leasa.
Do árduigh an bhean sídhe isteach léi é agus do tháinig
a mhúirnín dhá éileamh:



An Cailín Óg:



Go mbeannuighidh Dia dhuit agus Muire Naomhtha,
Go mbeannuighidh sin agus beannuighim féin duit;
Ag gearán mo cháis a thánga ad éileamh,
Agus ag iarraidh mo dhian-ghrádh, Seán 'ach Séamuis.



An Bhean Sídhe:



Ciach is deacair ort, a thoice gan éifeacht,
Is cosamhail le bean bhuile thu go marbhóchadh an t-éad í!
An amhlaidh a mheastar leat a fhagháil le pósadh óigfhear
na gcraobh ngeal?


L. 133


Dá mb'é do dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis,
Ní mar sin a thiocfá gan tuinnte den éadach!



An Cailín Óg:



Is mithid dómh-sa bheith gan éadach,
Atá le seacht mbliadhna ag siubhal na sléibhte
Ag teacht trí Ribhéar na Sionna ag siubhal curraighthe is
caoltha
Gur strac na sgartacha mo chuid éadaigh,
Is gur chaith an ghrian dhá dtrian mo sgéimhe,
Agus gan do bheatha agam acht an biolar tuinne agus
an t-uisge mar bhéile,
Agus gan do áit chodaltha agam acht i bhfochair na
n-éanlaithe,
Agus 'sé mo dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis,
Agus 'sé mo dhian-chás bheith 'á éileamh,
Nú an bhfuil óg na n-óg fós réidh leis?



An Bhean Sídhe:



Is tu inghean na fiadh-chaile aniar ó Bhéarra.



An Cailín Óg:



Ambasa féin ní mé i n-aon chor,
Acht is dom is féidir innsint duit cia hiad mo ghaoltha:
Is mé inghean chríonna Ríogh na Gréige,
Agus bainríoghain na gile ón mBóith Hélen;
I gContae an Chláir 'seadh a chómhnuighid mo ghaoltha,
Agus fén gcoill gcluithmhir mar a dt'itid na caortha.
'Sé mo dhian-ghrádh Seán 'ach Séamuis,
Agus 'sé mo dhian-chás bheith 'á éileamh.



An Bhean Sídhe:



Tabharfaidh mé dhuit trí chéad bairille d'airgiod raolach,
Trí chéad bairille d'ór bhuidhe dhéanta,
Trí chéad gamhnach geanncach gléigeal,


L. 134


Trí chéad seana-phuidheach ceannfhionn-bhuidhe bhléinfhionn,
Trí chéad gabhar maol donn ar aon chnoc,
Trí chéad each is a dteacht le chéile,
Trí chéad acra do thalamh mhín réidh duit,
Agus is dóigh liom go bhfuil do dhíol agat as Seán 'ach
Séamuis.



An Cailín Óg:



Ní dhéanfaidh sé an gnó mara bhfaighead trí chéad
ganndal is a n-annlann géitheach,
Agus mara bhfaighead iad san faigheam Seán 'ach
Séamuis.



An Bhean Sídhe:



Tóg-se leat-sa Seán 'ach Séamuis,
Agus bíodh a chróchar ó ló agat deanta!



An Cailín Óg:



Orú, a Chlíodhna, lomadh an Luain ort!
Lomadh na hAoine is gach lae adubhart ort!
Codladh amuigh do chuir é ar buaidhreamh,
Codladh ag lios agus é go huaigneach,
Nuair a thánghais go dtí é mar a bheadh rí-bhean uasal,
Gur shia gach méar leat ná géag le n-a ghualainn,
Agus gur shaoil a chroidhe 'stigh gur corp ón uaigh thu.
Ó orú, a Chlíodhna na Carraige Léithe,
Dá mbeitheá agam-sa ar Ché Phortláirge,
Agus gan do long agam acht sgála,
Agus gan do stiúir agam acht snáthad,
Is ró-bhreágh sgaoilfinn mo choileach le fánaidh.


L. 135


Lucht Inniste na Sgéal, &rl.



Tadhg Ó Ciabháin i gCeann Trágha - i ngar do Chaisleán Ráith an
Fháin 'seadh rugadh é:



Séamus Ó Súilliobháin ó cheanntar Neidíneach (.i. Chinn Mhara):
III. Bhí sé 'na shíothmhaor i mBaile Átha Cliath agus b'fhéidir go
bhfuil fós.



Seán Ó Cruimín sa Chaol i nDairbhre:



Brighid Ní Chiabháin i gCeann Trágha:



Bean Mhic Uí Shéaghdha, maighistreás sgoile i gCeann Trágha:
IX (an rann) - d'innis sí an sgéilín as Béarla agus mé féin
a chuir Gaedhilg air sin.



Brighid Ní Chiabháin ó Bhaile an Liaig? .i. gearrchaile óg do bhíodh
ar sgoil i gCeann Trágha:



Bean Thaidhg Uí Chiabháin (beannacht Dé le n-a hanam!) i gCeann
Trágha:



Buachaill aimsire i mBaile an Fheirtéirigh:



"Máirtín" (?), buachaill óg i mBaile an Fheirtéirigh:



Óigfhear éigin ó Chruach an Mhárthain:. D'imthigh
dearmhad orm i dtaobh an amhráin seo .i. é bheith cheana sa
"Lóchrann."



An tOireachtas:



Bean Mhic Uí Ghríobtha (an mháthair) i gCeann Trágha:



Domhnall Ó Murchudha ó Dhairbhre agus comhnuidhe air i
leathtaoibh Bóthair na Rinne hAoirde nUíbh Ráthach : XXXVII.
Do sgríobh sé ó sgéalaidhe i gcóir an Oireachtais é. Bhí mórán
den chórughadh catha ar iarraidh agus do chuireas-sa é sin isteach
fá mar a fuaras ó Bhaile an Fhirtéaraigh agus ó Uíbh Ráthach é.
Badh mhór an díth, do dheismireacht, gan caithréim (.i. córughadh
catha) an mhuirthaistil a bheith i n-iomlán ann, & rl.



Óigfhear éigin i mBaile an Fheirtéirigh:



Seán Ó Conaill, buachaill óg ó Bhaile na Sgealg i nUíbh Ráthach:
'Sé féin a sgríobh agus a thug damh-sa iad.
'Sa Chlaidheamh Soluis 'seadh chuireas ar dtúis iad.



Seán Ó Mainín ("Seáinín"):



Tadhg Ó Donnchudha ("Tórna an Ghleanna"), ollamh Gaedhilge
nDún Cuanach .i. i nDruim Chonnrach:



Pádraig Ó Laoghaire (beannacht Dé le n-a anam!) ó
Bhéarra:



An tAthair Peadar Ó Laoghaire: XLIII, 38. Ní cuimhin liom,
ámhthach, réidhteach na ceiste fá mar a bhí sé ag an sáirfhear soin.


L. 136


Níor thaithin liom cuma na gCiarraigheach uirthi comh maith leis
an gcuma bhí ag an Athair Peadar uirthi.



An Lóchrann:



Bean Mhic Uí Shúilliobháin (Enright, agus gan Gaedhilg aici
air, a sloinneadh féin), darab ionad comhnuidhthe tigh dá bhfuil
ar bhruach Abhann Iasgaighe i nDún na nGall, acht ó Dhrom
Duithig i n-aice Chille hÁirne dhi: XLIV - XLVII (an
fhilidheacht amháin). Do sgríobhas na sgéalta bhaineas le XLV
agus XLVII fá mar do innis sise as Béarla iad agus do chuireas
Gaedhilg ortha. Do léigh "Sgeilg" an sgéal atá le XLVII
agus do mhol athrughadh beag ann thall 's i bhfus, rud gur ghabhas
leis, toisg gur bh'fhearr liom é bheith ar Chiarraigheachas glan.
Ní mar is gnáthach liom sgríobhadh do sgríobhas ar dtúis é, acht
mé ag iarraidh focal ar fhocal do chur ar chaint na banamhránaidhe,
agus gur thuigeas go raibh a cuid Béarla ag aithris ar an
nGaedhilg. Dar liom gur mhór an truagh an sgéilín deas so
do chailleadh de dheasgaibh bean a inniste bheith le hocht mbliadhna
fichead i bhfad ó n-a baile dúthchais ar chuma gur chaill sí cumas
ar sgéal d'innsint as Gaedhilg. An sgéal atá i XLVII agus
an fhilidheacht atá i LIII, II, is ró-mhaith fhreagraid siad dá chéile
chum an iomláin do chur os ar gcomhair.



Liam Ó Lúing i mBaile an Fhirtéaraigh: Urmhór XLVIII - L,
acht tháinig cuid díobh so as Irisleabhar na Gaedhilge. Fíonán
Ó Loingsigh (beannacht Dé le n-a anam!) a fuair L, 9 - 14,
agus 'sé Séamus Ó Dubhghaill do sholáthruigh L, 17, 22, 23. Fuaras
féin cuid mhaith aca leis i gCeann Trágha. Mé féin leis a fuair
na Focail Uaigneacha i mBaile an Fheirtéaraigh agus i gCeann
Trágha agus beagán díobh i nDairbhre. An méid do thugas
d'Fhoclóir Chumainn na Sgríbheann nGaedhilge dhíobh, ní'lid
annso arís agam acht ceann nó dhó go raibh speisialtacht ag baint
leo.



Mac Uí Lúing, cúipéir i gCeann Trágha?: LI, l.



Duine éigin i mBaile an Fheirtéaraigh do bhí 'na Chomhairleach
Chonntae an dtacaid sin: LI, 11.



Is iontuigthe as an méid sin gur mé féin do chuir furmhór
mór adhbhair an leabhair i sgríbhinn, acht amháin congnamh beag,
.i. cheithre sgéalta agus seanfhocail, d'fhagháil ó Sheán Ó Conaill,
ó Dhomhnall Ó Murchudha ó Dhairbhre, agus ó Liam Ó Lúing.



S. L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services