Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Cheithre Soisgéil as an Tiomna Nua
Title
Na Cheithre Soisgéil as an Tiomna Nua
Author(s)
Aistrithe ag an Athair Peadar Ua Laoghaire,
Translator
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1915
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST do réir MHAITIÚ Maitiú Naomhtha, aon den dáréag asbol ab eadh é. Puiblio- cánach ab eadh é .i. fear cánach do bhailiú, sar ar ghlaoidh ár Slánuigtheóir é chun na h-Asbolachta. Leuí ab ainim dó nuair a bhí sé n-a phuibliocánach. B'é céad duine é, des na Soisgéalaidhthibh, a sgríbh an Soisgéal, agus sa n-Eabhrais, nú sa t-Suro-Chaildaiach, a sgríbh sé é, an teanga a bhí d'á labhairt ag na Iúdaígh an uair sin, i gcrich Phaileistín. Ní'l an sgríbhinn sin ar bith anois, ach do h-aistirígheadh i nGréigis é i n-aimsir na n-asbol agus, d'á bhrígh sin, tá an t-aistiriú san chómh maith úghdarás leis an gcéad sgríbhinn féin. Timpal sé bliana tar éis deasghabhála ár dTighearna iseadh do sgríbh sé. CAIBIDIOL I. Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin. Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim. Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób. agus do ghein Iácób Iúdas agus a dhritháracha. Agus do ghein Iúdas Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram. Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson Salmon. Agus dho ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí. Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó'n mnaoi a bhí ag Urias. Agus do ghein Salomón Robóam. Agus do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa.
Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias. Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias. Agus do ghein Esecias Man- asses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias. Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel. Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliacim. Agus do ghein Eliacim Asor. Agus do ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim. Agus do ghein Achim Eliud. Agus do ghein Eliud Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do ghein Matan Iácób. Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d'á ngoirtear Críost. D'á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag. Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d'á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein 'n-a broinn aici ó'n Spioraid Naomh. Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios. Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó'n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici. Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar
ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh. Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé: Féach, beidh gein 'n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabhar- faid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn. Agus nuair a dh'eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh'órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile; Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air. CAIBIDIOL II. Ofrálacha na suadh. An teithe chun na h-Éigipte. Marbhadh na Leanbh. Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó'n ndomhan toir go Ierúsalem, agus dubhradar: Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacam- airne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh'adhradh. Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d'fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost. Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an
bhfáidh: Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n-aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh. Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an réalt dóibh. Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n-adhrad é, leis. Tar éis na cainte sin ó'n rí d'imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raibh an leanbh. Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d'adhradar é; agus d'osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn- tanas dó, ór agus túis agus mirr. Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre féin. Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, 'n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a
mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe. D'eirigh seisean, agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n-Éigipt; agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac. Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoi- the é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian, nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach ó chaint na ndraoithe. Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh nuair adubhairt sé: Do h-airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh sí sólás toisg gan iad a bheith ann. Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aing- eal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n- Éigipt. Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir a bhí ar tí an leinbh do chur chun báis táid siad tar éis bháis. Agus d'eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. Ach d'airigh sé Archelaus a bheith 'n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar, Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i gcríochaibh Ghaililí. Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air. CAIBIDIOL III. Seanmóineacht Eóin. Críost d'á bhaiste. Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste ag seanmóin i bhfásach Iúdaéa, Agus deireadh sé:
Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh. Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubh- airt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamh- uighidh an tslígh do'n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó. Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige 'ná lócuistí agus mil fhiain. Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan. Agus bhí sé 'ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpea- caíbh. Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh? Má's eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe. Ná h-abraidh i n-bhúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a athair againn; óir deirimse libh gur féidir do Dhia clann a dhéanamh d'Ábraham des na clochaibh sin. Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fógh- anta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é. Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am' dhiaidh is cómhachtaíghe é 'ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d'iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruith- neachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.
Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é. Ach bhí Eóin 'ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh'fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa? Agus d'fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó. Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h-osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air. Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann. CAIBIDIOL IV. Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá. - Fromhadh á dhéanamh air - É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh. Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó'n ndiabhal. Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air. Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má's tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin. Agus dubhairt seisean 'ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d'á dtagann ó bhéal Dé. Ansan do thóg an t-Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé 'n-a sheasamh ar spuaic an teampuill é. Agus dubhairt sé leis: Má's tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: Mar go dtug sé órdú d'á aingealaibh ad' thaobh, agus glacfaid siad 'n-a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.
Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia. Ansan do rug an t-Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a ngradam; Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh'adhradh. Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin. Ansan d'imthigh an t-Áir- seóir uaidh, agus féach, tháinig na h-aingil agus dhein- eadar frithálamh air. Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith 'n-a phríosúnach d'imthigh sé go Gaililí; Agus d'fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh: Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte: Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d'eirigh solus do'n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis. As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh. Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad), Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am' dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh. Agus gan mhoill d'fhágadar ansan na líon- ta, agus do leanadar é. Agus ag imtheacht ó'n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé
chuige iad. Agus gan mhoill d'fhágadar ansan na líonta agus a n-athair, agus do leanadar é. Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d'á raibh ar dhaoine. Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó'n dtaobh thall de Iórdan. CAIBIDIOL V. Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h-ocht mbiatí. Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgio- buil ag triall air. Agus d'osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé: Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas. Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbh- aidh seilbh na talmhan. Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh sólás. Is aoibhinn do'n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar 's iad a gheobhaidh a sáith. Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire. Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia.
Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is ortha tabharfar clann Dé Is aoibhinn do'n mhuintir a dh'fhuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas. Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh mar gheall orm-sa; Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh. Is sibh-se salann na talmhan. Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní'l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh'fholachadh. Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d'á bhfuil sa tigh. Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomh- artha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais. Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamh- nídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh. Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de'n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn. An t-é d'á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh (a gcoimeád) tabharfar duine mór air i rígh- eacht na bhflathas. Óir deirim libh mura mbeidh bhur
bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire 'ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do'n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach chun teine ifrinn. D'á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d'á thabhairt uait os cómhair na h-altó- rach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad' choinnibh agat' bhráthair; Fág ansan do thabharthas os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led'bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabh- arthas. Réidhtigh t'eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an
t-eascara suas tu do'n bhreitheam, agus go dtabh- arfadh an breitheamh suas d'á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa chascair thu. Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheir- ineach. Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir fadó: Ná dein adhaltranas. Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin. D'á bhrígh sin, má's trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d'bhallaibh do chailleamhaint 'ná do cholann go léir a chur go h-ifreann. Agus ma's trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded' bhallaibh do chailleamhaint 'ná do chorp go léir a dhul go h-ifreann. Agus dubhradh, an t-é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. Ach deirim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann sé i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas. Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do'n Tighearna é. Ach deirim-se libh gan dearbhú i n-aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoír ríoga Dé; Ná dar talamh, mar isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair
an rí mhóir í. Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní'l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh. Ach abraidh, Seadh, 'seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó'n olc é. Do chualabhair conus mar adubhradh, Súil ar shúil, agus fiacal ar fhiacail. Ach deirim-se libh-se gan cur i n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis. Agus má's mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith leis sgaoil leis do bhrat 'n-a teannta. Agus an t-é chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle 'shlígh do t'aimh- dheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod' dheóin. An t-é a dh'iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má's mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh. Do chualabhair conus mar a dubhradh: Bíodh grádh agat do d'charaid agus fuath dod' namhaid. Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d'bhúr namhdaibh; deinidh maith do'n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. Óir má thugann sibh grádh do'n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin? Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d'bhúr
ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? Bídhidh-se, d'á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith. CAIBIDIOL VI. An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint. Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais. D'á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat 'á dhéanamh ná bíodh adharc d'á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagó- gaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat' láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t'Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh 'n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad' sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t'Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. D'á bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d'bhur n-Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe chuige. Seo, d'á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:
Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t'ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán ró- shubstainteamhail tabhair dúinn indiu. Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh. Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc. Amen. Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. Ach mura maithfidh sibh-se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n-Athair daoibh-se bhúr bpeacaí. Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t'aghaidh, I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh tros- gaidh, ach go bhfeicfidh t'Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. Ná cúmhdaighidh stór daoibh féin ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh'ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid. Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh'ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh'fhuadach Óir, an áit 'n-a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis. Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. Ach má bhíonn do shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má's ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?
Ní féidir d'aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do'n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d'fhrithálamh. D'á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d'íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam 'ná an biadh, agus an corp 'ná an t-éadach? Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se 'ná iad san? Cé'cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d'fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde? Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh. Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón feín i n-a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. Má chuireann Dia maise de'n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chrei- dimh shuaraigh? Ná bídhidh ag déanamh bhuartha, d'á bhrígh sin, 'ghá rádh, Cad d'íosfaimíd? ná, Cad d'ól- faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte 'ghá lorg. Óir tá 'fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir. Loirgidh ar dtúis, d'á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir. Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrigh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.
CAIBIDIOL VII. An trímhadh cuid de'n tseanmóin ar an gcnoc. Ná beiridh breith, ionus na béarfaí breith oraibh. Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. Cad chuige dhuit an dúra- dán d'fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad' shúil féin? Nó cad chuige dhuit a rádh led' bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad' shúil féin? A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a' súil do bhráthar. Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iom- póchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh. Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loir- geann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal- tar dó. Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? Nó má iarrann sé iasg air a' dtabharfaidh sé athair nimhe dhó? Má's eól, d'á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d'bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhús n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d'iarraidh air? Gach nídh, d'á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe. Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe,
agus tá a lán a leanann é. Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air. Seachanaidh na fáidhe fallsa a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad. Ó n-a dtorthaíbh iseadh dh'aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d' fheóchadánaibh? Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch- thoradh uaidh. Ní féidir do'n chrann fhóghanta droch- thoradh thabhairt ná do'n droch-chrann toradh fóghanta thabhairt. Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearr- far é agus curfar sa teine é. D'á bhrígh sin, as a dtorthaíbh iseadh dh' aithneóchaidh sibh iad. Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m'Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. Déar- faid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad' ainim-se a dheineamair targair- eacht, agus nách ad' ainim-se a dheineamair na deamh- ain do chur amach, agus nách ad' ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. Gach duine, d'á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d'á réir, samh- lófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d'eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé 'n-a sheasamh ar an gcaraig. Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d'á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d'eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim
Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d'á thea- gasg. Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh'ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh. CAIBIDIOL VIII. An Lobhar d'á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, agus máthair céile Pheadair, agus a lán eile aige 'á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, agus cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh. Ansan nuair a tháinig sé anuas ó'n gcnoc do lean sluaighte móra é. Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má's áil leat. Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra. Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d'aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do'n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh'órduigh Maoís, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCaphar- naum tháinig chuige taoiseach céad, 'ghá ghuidhe, Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile 'n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m' dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m' sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt sé leis an muintir a bhí 'ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél. Agus deirim
libh go dtiocfaidh a lán daoine ó'n ndomhan toir agus ó'n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do'n bhuachaill an uair sin. Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile 'n-a luighe agus éagcruas uirthi; Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d'imthigh an t-éagcruas di, agus d'eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha. Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; Ionus go bhfíor- faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d'fhuiling sé ár ngalara. Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra 'n-a thímpal, d'órduigh sé dul thar uisge. Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit 'n-a ngeóbhair. Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní'l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m'athair d'adhlacadh. Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d'adhlacadh. Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. Agus féach, d'eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d'á múchadh leis na tonnaibh. Ach bhí seisean 'n-a chodla. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn. Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d'eirigh sé agus dubh- airt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fan-
mhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar dhuine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó? Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uagh- naibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne gabháil an tslígh sin acu. Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn? Bhí tréad mór muc ar fosaidh- eacht i ngar dóibh. Agus d'iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d'imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d'innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d'iarradar air imtheacht as a dtír. CAIBIDIOL IX. Duine gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú d'á ghlaodhach chuige. An galar fola dá leigheas. Inghean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Radharc á thabhairt aige do bheirt dall. Agus duine balbh, go raibh deamhan ann, dá leigheas aige. Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge isteach 'n-a chathair féin. Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus féach, dubh- airt cuid des na sgríbhneóiríbh, 'n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d'á dhéanamh. Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad
chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? Cé 'cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómh- acht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d'eirigh sé, agus d'imthigh sé chun a thighe féin. Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómh- acht do dhaoinibh. Agus nuair a dh'imthigh Íosa ó'n áit sin chonaic sé duine dár bh'ainim Maitiú 'n-a shuidhe i n-áit an chus- tuim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d'eirigh sé agus do lean sé é. Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? Ach d'airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite. Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach. Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheis- giobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile 'n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh. Ní chuireann aoinne preabán d'éadach nua
ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. Ná ní curtar fíon nua i sean'-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon. An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m'inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó. Agus d'eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a dheisgiobulaibh. Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod' fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait. Mar, dubhairt sí 'n-a h-aigne féin, Mura ndeinead ach baint le n-a bhrat beidh mé slán. D'iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubh- airt sé: Glac misneach, a 'ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó'n uair sin amach. Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus an tsluagh ag déanamh fothraim, Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime. Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d'eirigh an cailín. Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir. Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid. Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir
bhúr gcreidimh. Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne. Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir. Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél. Ach deireadh na Fairi- sínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain. Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. Iarraidh, d'á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhógh- mhair dó. CAIBIDIOL X. An dá Asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh. Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigh- eas. Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir. Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus. Símón ó Chanaan, agus Iudás Iscariót, an fear a dhíol é.
Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h-imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; Ach téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú'. Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht. Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó'n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge. Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh, ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear oibre é chothú. Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do'n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do'n tigh seo. Agus má's fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcath- air sin, agus caithidh an ceó d'bhúr gcosaibh ann. Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais 'ná ag an gcathair sin. Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d'á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colú- raibh. Ach seachnaidh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh; Agus béar- faid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh. Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad' déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labh-
arfaidh sibh. Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh. Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad. Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m'ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. Ach nuair a déanfar géar-leanmhaint oraibh sa chathair sin, imthíghidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní, bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine. Ní'l an deisgiobul níos fearr 'ná a mháighistir, agus ní'l an seirbhíseach níos fearr 'ná a thighearna. Is leór do'n deisgiobul bheith mara mháighistir, agus do'n tseirbh- íseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó 'ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? Ná bíodh eagla agaibh rómpa d'á bhrígh sin. Óir ní'l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní'l rud i bhfolach na h-aithneófar. An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh'airigheann sibh (mar chogar) sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann. Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n-Athair. Ní'l ruibe d'bhur ngruaig ná fuil cómhrighthe. Ná bíodh eagla oraibh, d'á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se 'ná mórán des na geal- bhúnaibh. Gach duine, d'á bhrígh sin, a dh'admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m'Athar atá ins na flathais. Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m'Athar atá ins na flathais. Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. Óir do thánag chun an duine chur i n-earaid le n-a athair, agus chun na h-inghine chur i n-aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i
n-aghaidh máthar a céile. Agus namhaid duine a lucht aontíghis féin. An t-é gur measa leis a athair nó a mháthair 'ná mise, ní'l sé maith a dhóithin dom; agus an t-é gur measa leis a mhac nó a inghean 'ná mé, ní'l sé maith a dhóithin dom. Agus an t-é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní'l sé maith a dhóithin dom. An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me. An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin. Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de'n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair. CAIBIDIOL XI. A dheisgiobuil ag Eoin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh'á gcáineadh ag Críost mar gheall ar ná creidfidís, agus na daoine d'á nglaodhach chuige a mhothuighid ualaí troma bheith ortha. Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d'á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin. Agus nuair a dh'airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d'á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Agus dubhairt Íosa leó 'ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d'Eóin na neithe d'aireabhair agus do chonacabhair;
Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d'á theagasg dos na bochtaibh. Agus is aoibhinn do'n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa. Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d'á suathadh le gaoith? Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-sé libh gur duine é is mó 'ná fáidh. Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m'aingil rómhat amach chun na slíghe d'ollamhú rómhat. Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar ar rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó 'ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é 'ná eisean. Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean 'á dhéanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheir- eann leó é. Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. Agus má's áil libh a ghlacadh, isé Elias é atá le teacht. An t-é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé. Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg 'n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus 'ghá rádh: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an
fear fíona dh'ól, cara na bpuibliocánach agus na bpea- cach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin. Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrach- aibh ionar h-oibrígheadh an chuid ba mhó d'á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: Mairg duit, a Choro- sain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón 'ná agaibh-se. Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar thú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b'fhéidir go mbeadh an chathair sin ann go dtí an lá so. Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom 'ná agat-sa. Sa n-am san d'fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad' láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhí taithneamhach ad' láthair-se. Tá gach uile nídh tabhartha dhómh-sa ag m'Athair. Agus ní'l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh'fhoillsiú dhó. Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh. Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; agus gheobhaidh sibh suaimhneas d'bhúr gcroidhthibh. Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m'ualach.
CAIBIDIOL XII. Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost, agus iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na mírbhuiltí. Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d'ithe. Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d'ith sé na bulóga a bhí curtha i látair Dé, nídh nár chead- uighthe dhó a dh'ithe, ná do'n mhuintir a bhí le n-a chois, ná d'aoinne ach dos na sagairt amháin? Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná deinid siad peacadh? Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó 'ná an teampall. Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine. Ansan d'fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i n-a sinagóig chúcha. Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d'fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur 'n-a leith. Agus dubhairt seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, ná béarfadh uirthi agus í tharang amach? Nách mó le rádh go mór duine 'ná caora? D'á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe dhéanamh sa tsabbóid. Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sín amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.
D'imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle 'n-a choinnibh chun a mhairbhthe. Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d'imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir. Agus d'órduigh sé dhóibh gan é chur i n-iúil. Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m'anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh. Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a ghuth ins na sráidibh. Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breitheamhantas chun buaidhte. Agus is as a ainim a bheidh a mainighin ag na geintibh. Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b'é seo mac Dáibhid? D'airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan. Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte 'n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deighilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé; Agus má 'sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deighilte 'n-a choinnibh féin é; agus d'á bhrígh sin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus má's le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d'á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh. Ach má's le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh'fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgart- álfaidh sé a thigh. An t-é ná fuil liom, tá sé am'
aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann am' theannta, sgaipeann sé. Deirim libh, d'á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n-aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é. Agus an t-é a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a déarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht. Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann. A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is a líonmhaireacht an chroide do labhrann an béal. Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a' stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a' droch-stór. Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d'á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais. Óir is de bhárr do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhreithre féin a daorfar thu. Ansan d'fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is
mian linn cómhartha dh'fheisgint uait. Agus d'fhreag- air sé iad: Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómh- artha; agus ní tabharfar de chómharta dhóibh ach cómh- artha Iónais an fáidh. Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan. Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dhein- eadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó 'ná Iónas anso. Eireóchaidh ban- ríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-agaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó 'ná Salomón anso. Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach. Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa 'ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire 'ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc. An fhaid a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d'iarraidh labhairt leis. Agus dubhairt duine leis, Fa ch, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d'iarraidh labhartha leat. Ach d'fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? Agus
do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir pé duine a dhéanfaidh toil m'Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa. CAIBIDIOL XIII. Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhus- táird, agus rl. Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige. Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh. Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid acu i n-aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d'ithead- ar iad. Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d'fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. Agus d'eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d'fheóchadar. Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d'fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé. Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? Agus d'fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rúindiamhraibh rígheachta na bhflathas; do'n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. Labhraim
leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfidh sibh agus ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní fheic- fidh sibh. Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeic- fidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluas- aibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompó- chaidís agus go slánóchainn iad. Ach is aoibhinn d'bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d'bhúr gcluasaibh, óir cloisid. Óir go deimhin adeirim libh gur 'mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a dh'fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. Éistidh- se anois le soluíd an tsíoladóra. Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh 'n-a chroidhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair. An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas; Ach ní'l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de'n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad. Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cos- mhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta 'n-a chuid tailimh; Ach nuair a bhí na daoine n-a gcod-
ladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d'imthigh sé. Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonac- thas an cogal leis. Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thighearna, nách síol fóghanta a chuiris ad' chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogal mar sin? Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? i Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. Leig- tear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é 'n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am' sgioból. Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubh- airt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur 'n-a gharaidhe. Ní'l síol ar bith is lúgha 'ná é; ach nuair fhásann sé ní'l glasra ar bith is mó 'ná é, agus deineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad 'n-a ghéagaibh. Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost. Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i solu- ídíbh; Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain. Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort. Agus d'fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta. Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol
fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h-aingil na buanaidhthe. D'á bhrígh sin, mar a bailigh- tear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc. Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal. Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé. Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin. Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceann- aidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch' an uile shaghas éisg; Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga. Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a' lár na bhfíoraon. Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin. Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do thuigeam- air, ar siad. Dubhairt sé leó: D'á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe. Agus do thárla, nuair a bhí na solúidí sin críoch- nuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. Agus tháinig sé
isteach 'n-a dhúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna í so, agus na cómhachta? Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráith- ribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás? Agus ná fuil a shiúracha go léir i n-ár measg? Agus cá bhfuair sé sin na neithe seo go léir? Agus do ghlaca- dar sgannal d'á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní'l fáidh gan onóir ach 'n-a dhúthaigh féin agus 'n-a theaghlach féin. Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin. CAIBIDIOL XIV. Eóin baiste d'á chur chun báis ag Héród. Bia d'á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d'á leigheas aige, gan ach iad do bhaint le n-a chuid éadaigh. Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa. Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d'eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d'á ndéanamh tríd. Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár. Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh'fháidh Eóin Baiste. Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce 'n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród. Mar gheall air sin do dhear-
bhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d'iarrfadh sí air. Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d'órduigh sé é thabhairt di. Agus chuir sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d'Eóin sa phríosún. Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do'n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é. Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d'adhlacadar é; agus thánadar agus d'innseadar é d'Íosa. Agus nuair airigh Íosa é, d'imthigh sé ó'n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh'airigh na daoine san, do leanadar é 'n-a gcuis as na catharachaibh. Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubh- radar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. Agus dubhairt Íosa leó: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus d'fhreagradar é: Ní'l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. Agus dubh- airt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d'fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar- san dos na sluaightibh iad; Agus d'itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d'arán bhriste. Agus isé méid daoine a dh'ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine. Agus láithreach 'n a dhiaidh san do chuir Íosa dh'fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus
dul roimis féin go dtí an taobh thall de'n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d'imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. Ach bhí an long bheag i lár na faraige d'á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth 'n-a coinnibh. Agus sa cheathramhadh faire de'n oidhche tháinig sé ag triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. Agus nuair a chona- cadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgread- aigh le sgannra. Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. Agus d'fhreagair Peadar: A Thighearna, ar seisean: má's tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bárr uisge, ag teacht chun Íosa. Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d'adhradar é, agus dubhradar, Is tu Mac Dé go fíor. Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. Agus nuair a dh'aithin muin- tir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; Agus d'iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.
CAIBIDIOL XV. Na Sgríbhneóirí d'á n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d'á leigheas aige agus bia aige 'á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh. Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. Agus d'fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: Tabhair do t' athair agus do d' mháthair onóir; agus, An t-é dhéanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n-a athair nó le n-a mháthair, Gach tabharthas d'á dtugaim-se uaim, beidh a thairbhe agat-sa; Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múin- eadh teagaisg agus aitheanta daoine.
Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine. Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? Ach d'fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m'Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréachaibh é. Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg. Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? Ach na neithe a thagann as an mbéal, is ó'n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dún- mharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh'ithe gan lámha do níghe a shaili- gheann an duine.
Agus d'imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m'inghean d'á ciapadh go cruaidh ag deamhan. Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheis- giobuil chuige, agus d'iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhac i n-ár ndiaidh. Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó theaghlach Israéil. Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. Agus d'fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuit- eann ó bhórd a dtighearnaí. Ansan d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó'n uair sin. Agus d'imthigh Íosa ó'n áit, agus tháinig sé go bruach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, agus do leighis sé iad; I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil. Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do'n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am' fhochair agus ní'l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim 'n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? Agus dubhairt Íosa leó: An 'mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seacht mbulóga, agus raint d' iasgaibh beaga. Agus d'órduigh sé do'n tsluagh suidhe ar an dtalamh. Agus thóg sé na seacht
mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do'n tsluagh iad. Agus d'itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh. Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan. CAIBIDIOL XVI. Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadar agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh. Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Saddu- cínigh chun triail a bhaint as; agus d'iarradar air cómh- artha ó neamh do thaisbeáint dóibh. Ach d'fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna, Beidh soinean ann, mar tá an spéir dearg; Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha. Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh'aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d'fhág sé ansan iad agus d'imthigh sé. Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na far- aige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. Agus dheineadar-san macht- namh 'n-a n-aigne, 'ghá rádh, Níor thugamar arán linn. Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná fuil tuisgint agaibh
fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do'n chúig mhíle duine, agus an 'mó ciseán a thógabhair? Ná na seacht mbulóga do'n cheithre mhíle duine, agus an 'mó ciseán a thógabhair? Cad 'n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh'é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sad- ducíneach. Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b'é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b'é Elias é; agus deir cuid acu gur b'é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus d'fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh'fhoillsigh duit-se sin, ach m'Athair-se atá ins na flathais. Agus deirim-se leat- sa gur Peadar tu, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead- sa suas m'eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na
bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais. Ansan d'órduigh sé d'á dheisgiobulaibh gan a dh'innsint d'aoinne gur bh'é féin Íosa Críost. Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d'á dheis- giobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d'fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh- neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa. Agus d'iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine. Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma's áil le h-aoinne teacht am' dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. Go deimhin adeirim libh, tá cuid d'á bhfuil 'n-a seasamh anso agus ní bhlais- fid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht 'n-a rígheacht. CAIBIDIOL XVII. An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d'á leigheas aige. D'innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma. Agus sé lá 'n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh 'n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d'iompuigh a chuid éad- aigh chómh geal le sneachta. Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis. Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má's áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias. Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha. Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubh- airt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. Agus d'fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin, Agus ag teacht anuas ó'n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d'aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh. Agus d'fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do
theacht ar dtúis? Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagra: Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigh- eadar é, ach d'imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó. Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh 'n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé 'n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic. Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? Tugaidh chúgham anso é. Agus do smach- tuigh Íosa an deamhan, agus d'imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. Ansan tháinig na deisgio- buil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad 'n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistir- eóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh. Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh. Agus nuair a bhíodar 'n-a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: Tá Mac an Duine le tabhairt i lámh aibh daoine; Agus cuirfid siad chun báis é, agus ais- eireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha. Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht
na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an di- drachma? Dubhairt seisean: Díolann. Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D'á bhrígh sin tá an chlann saor. Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an chéad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin. CAIBIDIOL XVIII. Críost gha theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. E 'á gheallamhaint d'á dheisgiobulaibh cumas ar cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin 'na gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do'n t-e ná maithfidh. An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé 'n-a sheasamh 'n-a lár é. Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. An t-é d'á bhrígh sin, d'ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de'n tsórd san am' ainim-se, glacann sé mise. Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de'n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b'fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a
mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige. Is mairg do'n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-égo dtagann an sgannal d'á dhruím. Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois 'ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe. Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach 'sa bheatha ar leath-shúil 'ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá shúil agat. Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d'aoinne de'n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m'Athar-sa, atá ins na flathais. Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú? Agus má ráinigheann dó í dh'fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin 'ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de'n mhuíntir bheag san. Ach má dheineann do bhráthair beart ad' choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. Agus mura
n-éistidh sé leó san, innis do'n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé 'n-a phágánach nó 'n-a phuibliocánach agat. Go deimhin adeirim lib, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh. Agus deirim libh 'n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d'á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m' Athair-se atá ins na flathais. Óir, an áit 'n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am' ainm-se, táim-se ansan 'n-a measg. Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt. A Thighearna, an 'mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am' choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n-uaire, an eadh? Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada le seacht n-uaire fó sheacht ndeich. D'á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí 'n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n-a sheirbhíseachaibh. Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air. Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d'órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfhiach a dhéanamh. Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. Agus do ghlac truagh an máighistir do'n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. D'imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air
cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé 'ghá thachtadh, agus 'ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort. Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d'imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiaca. Ach nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d'innseadar do'n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu 'ghá iarraidh orm; Nár chóir, d'á bhrígh sin, duit-se truagh bheith agat dod' chómh-sheirbhíseach, fé mar a bhí truagh agam-sa dhuit-se? Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. Agus sin mar a dhéanfaidh m'Athair- se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d'á bhráthair, ó chroidhe. CAIBIDIOL XIX. Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoílte: agus ghá chómhaírliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An chontabhairt a leanann saidhbhreas á thaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin. Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críoch nuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríochaib Iúdaéa lastall de'n Iórdan. Agus do lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n-áit sin. Agus tháinig na Fairisínigh chuige 'ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise? Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean
agus bainean, agus dubhairt sé: Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus beid siad 'n-a mbeirt i n-aon fheóil. D'á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. Dubhradar san leis: Cad chuige, má 'seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabh- airt di agus í chur chun siubhail? Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an croidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach. Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósfaidh an bhean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas. Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má's mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh. Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta na bhflathas. An t-é go dtig leis a ghabháil, gabhadh. Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil
ghá gcosg. Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leith- éidí sin rígheacht na bhflathas. Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d'fhág sé an áit sin. Agus féach, tháinig duine chuige agus dubhairt sé: A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe? Agus dubhairt sé leis: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní'l ach Aon is maith, sé sin Dia. Ach má's maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na h-aitheanta. Deir seisean leis: Cad iad na h-aitheanta? Agus dubhairt Íosa: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiadh- naise bhréige; Tabhair onóir do t'athair agus dod' mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin. Dubhairt an t-óigfhear leis: Choimeádas iad san go léis ó m'óige; cad eile is riachtanach dom? Dubhairt Íosa leis: Má's maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d'imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhris aige. Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do'n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide 'ná do'n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má 'seadh, cé fhéadfaidh dul saor? D'fhéach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh. Ansan d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d'fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d'á bhárr againn? Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithghein- eamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. Agus gach duine a dh'fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó
a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a chuid tailimh, ar son m'ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige. Ach beidh a lán d'á bhfuil ar tusach ar deire, agus d'á bhfuil ar deire ar tusach. CAIBIDIOL XX. Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Criost do bheirt dall. Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d'á fhíonghort. Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort. Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair, agus fuair sé tuille 'n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh; Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am' fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart. Agus d'imthígheadar san. Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna. Ach do chuaidh sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé tuille 'n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir? Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubh- airt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am' fhíonghort-sa. Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhión- ghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus tusnuigh leis an muin- tir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig. Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dhóibh. Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an duine. Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n- aghaidh an fhir thighe, Agus dubhradar: Níor dheineadar so a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon
dul leó san sinne a dh'fhuiling cruadhtan agus brothall an lae. Do labhair seisean le duine acu, agus dubh- airt; A dhuine mhuinteartha, ní'l aon éagcóir agam 'á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do'n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam 'á thabhairt duit-sé. An amhlaidh nách dleaghthach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-shúil atá agat, óir is duine fóghanta mise? Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán. Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierú- salem, agus tabharfar Mac an Duine suas d'uachtarán- aibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daor- faid siad chun báis é. Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aon- fheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air. Agus dubhairt sé léi: Cad 'tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad' rígheacht. Ach d'fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad 'tá agaibh 'á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh'ólfad-sa d'ól? Deirid siad leis, Táimíd. Dubhairt sé leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do'n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m'Athair dóibh. Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár. Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubh- airt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, agus go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. Ní mar sin a
bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé 'n-a fhear fhriotháilte agaibh; Agus an t-é gur maith leis bheith i n'fhear thosaigh eadraibh, bíodh sé 'n-a sheirbhíseach agaibh. Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh'fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán. Agus nuair a bhíodar ag dul amach a' Ierichó do lean sluagh mhór éisean. Agus féach, bhí beirt dall 'n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d'airigheadar gur bh'é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thigh- earna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Agus bhí an tsluagh 'ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin mar a b'aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh? Go n-osgalófaí ár súile, a Thighearna, ar siad. Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é. CAIBIDIOL XXI. Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail. An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge. Cuireann sé fhéachaint ar na sagairt agus ar na Sgríbhneóiribh éisteacht. Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d'Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach 'n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna
dhíobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat 'n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda. Agus d'imthigh na deisgiobuil, agus dhein- eadar mar a dh'órduigh Íosa dhóibh. Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean 'n-a shuidhe ortha. Agus do leath mórán de'n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh; Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do'n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, 'ghá rádh: Cé h-é seo?" Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasa- ret Ghaililí. Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóin- seáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. Agus dubh- airt sé leó: Tá sgríobhtha, Tigh chun úrnuighthe a tabhar- far ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh- se dhe. Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa team- pul, agus do leighis sé iad. Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad 'deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigh- eabhair riamh: A' béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh? Agus d'fhág sé iad, agus d'imthigh sé amach lasmuigh de'n chathair go Betánia; agus d'fhan sé ansan. Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bí
ocras air; Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh as so amach go bráth ort-sa. Agus d'fheóch an crann fíge láithreach. Agus chonaic na deis- giobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a dh'fheóch sé chómh tapaidh? Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. Agus gach nídh ar bith a dh'iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é. Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neós- fad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar: Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má 'seadh, cad 'n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine mar fáidh ab eadh Eóin acu. Agus d'fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am' fhíonghort. Agus d'fhreagair seisean agus dubhairt: Ní h-áil liom. I n-a dhiaidh san ámh, tháinig aithreachas air, agus do chuaidh sé. Ansan tháinig sé chun an mhic
eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d'fhreag- air seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh. Cia 'cu de'n bheirt a dhein toil a athar? Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim- se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na stria- pacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. Óir thaínig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe 'n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é. Éistidh le soluíd eile. Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir sé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d'imthigh sé go dúthaigh iasachta. Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saoth- ruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. Ach do rug an lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabha- dar do chlochaibh i nduine acu. Ansan do chuir sé seir- bhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó 'ná an chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m' mhac. Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. Agus do rugadar air, agus chuir- eadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. D'á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirp- theachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saoth- ruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí. Dubhairt Iosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d'ár dhiúltuigh na saoir, isí atá 'n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongan- tach é i n-ár súilibh-ne. D'á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do
chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é. Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fair- isínigh na soluídí uaidh, thuígeadar gur bh' ortha féin a bhí sé ag caint. Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu. CAIBIDIOL XXII. Parabal na bainse. D'órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do Chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh. Agus d'fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí 'n-a rí, agus do dhein bainis d'á mhac. Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh'áil leó teacht. Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m'ealta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d'imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d'ídigh sé na marbthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfhiú iad é. Imthighidh amach, d'á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. Agus d'imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de dhaoine, idir olc agus
maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine 'n-a suidhe chun bídh. Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bhainise umat? Ach níor labhair seisean focal. Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit 'n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal. Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní'l toghtha ach beagán. Ansan d'imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómh- airle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air 'n-a chaint. Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aon- fheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine. Innis dúinn, d'á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluan- uidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a'm brath? Taisbeán- aidh dom píosa d'airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D'á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d'fhágadar ansan é, agus d'imthigheadar. An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus
dubhradar. A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d'á dhritháir. Bhí i n-ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d'fhág sé a bhean agá dhritháir; Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. I n-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé'cu de'n mhórsheisear gur leis í? mar, bhí sí acu go léir. D'fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú' toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. Óir sa n-aiseirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar neamh. Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigh- eabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. Agus nuair a dh'airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d'á theagasg. Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? Dubhairt Íosa leis: Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d'chroidhe go h-iomlán, agus ó d'anam go h-iomlán, agus ó d'aigne go h-iomlán. Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. Agus tá an tarna h-aithne cosmhail léi: Grádhfaidh tú do chómh- arsa mar thu féin. Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin. Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad, Agus dubhairt sé: Cad a thuig- eann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé 'ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. Dubhairt sé leó: Ma 'seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: Dubhairt an
Tighearna le m' Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d'chosaibh? D'á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thighearna air, conus atá sé 'n-a mhac aige? Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh 'ghá fhreagra; agus ó'n lá san amach níor leó- mhaidh aoinne é cheisdiú a thuille. CAIBIDIOL XXIII. Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh, fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n-uaillmhian. A lán mairgí aige d'á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille. Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a dheisgiobuil, Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. D'á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach ná deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. Óir cean- galaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur 'ghá gcoruighe. Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leath- nuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat. Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá 'n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. Agus
ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais. Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd. An t-é is fearr oraibh, beidh sé 'n-a sheirbhíseach agaibh. Óir an t-é a dh'árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh'isleóchaidh é féin, árdófar é. Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí- neacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach. Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh. Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí- neacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa 'ná sibh féin. Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air. A dhaoine dalla gan chiall: cé'cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-or? Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamh- nídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. A dhaoine dalla: Cé'cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas? D'á bhrígh sin, an t-é dhearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. Agus an t-é a
dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t-é atá 'n-a chómhnuidhe ann. Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá 'n-a shuidhe inti. Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí- neacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d'fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal. Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de'n chupán agus de'n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de'n chupán agus de'n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan. Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, fé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de'n uile shaghas bréantais. Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de'n fheall agus de'n mhalluightheacht. Is mairg daoibh, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh: Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. D'á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. A aithreacha nimhe,
a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn? D'á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó chathair go cathair. Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d'ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin Abel go fuil Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir. Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so. A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob' áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh'áil leat! Féach, fágfar bhúr dtigh i n'uaigneas agaibh. Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. CAIBIDIOL XXIV. An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuíghe. Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. Agus dubhairt seisean leó 'ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.
Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail. Agus dubhairt Íosa leó ghá bhfreagra: Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú' sibh. Óir tiocfaid a lán am' ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seach- naidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é. Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir, Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m'ainim-se. Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d'á chéile. Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán. Agus toisg an mhalluigh- theacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor. Agus craobhsgaoilfar an soi- sgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tioc- faidh an críochnú. D'á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigeadh: Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc; Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis; Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d'iarraidh a bhrait. Is mairg do lucht clainne dh'iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin. Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimh- readh ná ar an sabbóid. Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. Agus mura gciorruightí na lae-
thanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon. An uair sin má deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná creididh. Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú' na fíor- aoin féin (dá mb' fhéidir é). Féach, ta innste agam daoibh roim ré. D'á bhrígh sin má deirid siad libh: Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá sé ins na seómraíbh: ná creididh. Óir, mar an splanc a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mic an Duine. Pé áit 'n-a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na fiolair. Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d'á suathadh; Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam. Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n-íochtar. Foghlumuighidh soluíd ó'n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmair- eacht. Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n-aice libh, ins na dóirsibh. Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an
tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir chun cinn. Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh. I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní'l fios ag aoinne, dá mb'iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. Mar a bhíodar ins na lae- thanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá 'na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh faire, d'á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna. Ach bíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. D'á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht. Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabh- airt dóibh do réir aimsire? Is aoibhinn do'n tseir- bhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin. Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. Ach má deir an droch-sheirbhíseach san 'n-a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; Agus má dhírí- gheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair lucht meisge; Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nách eól dó; Agus deighilfidh sé é, agus ceap- faidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.
CAIBIDIOL XXV. Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus tuairisg ar an mbreitheamhantas déanach. Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deich- niúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níor thugadar oíle leó. Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-ártháibh i dteannta na lóchrann. Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar 'n-a gcodladh. I lár na h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach 'n-a choinnibh. Ansan d'eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuir- eadar a lóchranna i dtreó. Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de'n oíle atá agaibh-se, mar tá ár loch- ranna ag dul i n-éag. D'fhreagair an mhuintir chiall- mhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh' imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. Agus an fhaid a bhíodar ag dul 'ghá ceannach, tháinig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Thighearna, a Thighearna, osgail dúinne. Ach d'fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní'l aon aithne agam oraibh. Deinidh faire, d'á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair. Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d'imthigh láith- reach. Agus d'imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d'oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein
sé dhá cheann eile. Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d'imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. Agus tháinig an t-é a fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann tú sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. Agus d'fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob' eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. Bhí sé ceart agat, d'á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na ban- cairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t-úncumas. Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do'n t-é go bhfuil na deich dtalanta aige. Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige, tógfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doir- cheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine 'n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé
gncathaoir a ghradaim; Agus cruinneófar 'n-a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair; Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m'Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: Mar, bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom; Bhíos nocht, agus chlúda- bhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am' fhéachaint; bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. Ansan frea- garóchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thug- amair deoch duit? Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? Nó cathain a chonaca- mair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? Agus déarfaidh an Rí 'ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de'n chuid is suaraíghe de m'bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-olla- mhuigheadh do'n diabhal agus d'á aingealaibh; Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhíos nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am' fhéachaint. Ansan déarfaid siad-san leis, 'ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras 'ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, 'ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? Ansan déarfaidh sé 'ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d'aoinne de'n mhuintir shuarach so é 'níor
dheineabhair dómh-sa é. Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe. CAIBIDIOL XXVI. Na h-Iúdaigh ag déanamh ceilge i n-aghaidh Chríost. Máire 'ghá ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa gháirdín. Gabháil ár dTighearna. An cor do tugadh air i dtigh Chaiphas. Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda. Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd- shagairt, dár bh'aimm Caiphas; Agus dheineadar cómh- airle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun báis. Dubhradar, ámhthach, Ná dein- tear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul. Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar, Tháinig bean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d'ungadh ana-dhaor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é 'n-a luighe. Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so? D'fhéadfaí é sin do dhíol ar mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní'lim-se i gcómhnuighe agaibh. Mar,
nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m'adhlactha a dhein sí é. Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, 'neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici. Ansan d'imthigh duine de'n dáréag, dár bh'ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh- sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruighea- dar-san leis ar thríochad píosa airgid. Agus as san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas. An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan gost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d'ollamhú dhuit le caitheamh? Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m'aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa. Agus dhein na deisgiobuil mar a dh'órduigh Íosa dhóibh, agus d'ollamhuigheadar an Cháisg. Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol. Agus tháinig ana- bhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? Agus dubhairt seisean 'ghá bhfreagra: An t-é a chuir a lámh sa mhéis am' chuíbhreann, díolfaidh sé mé. Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha 'n-a thaobh; ach is mairg do'n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do'n fhear san gan é theacht riamh ar an saoghal. Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Mháighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é. An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d'á dheisgiobulaibh é;
agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo. Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so. Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirt- far ar son a lán chun peacaí do mhaitheamh. Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de'n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san 'n-a n-ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m'Athar. Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet. Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgan- nal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada. Ach taréis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. Agus dubhairt Peadar 'ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal
umat choídhche. Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coil- each, séanfair-se mise trí h-uaire. Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbeadh orm bás d' fhághail i n-aon- feacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna. Ansan do tháinig Íosa agus iad féin chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheis- giobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh. Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach. Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m'anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am' theannta. Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má's féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé 'n-a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a' chluig amháin liom? Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag. Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubh- airt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me 'ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear. Agus tháinig sé airís agus fuair sé 'n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. Agus d'fhág sé iad, agus d'imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna. Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinidh codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach. Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht. Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de'n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir
uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, í agus claidhmhte acu agus bataí. An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubh- airt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuir- eadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. Agus féach, duine de'n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thóg- faidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m'Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó 'ná dhá legión déag aingeal? Conus, d'á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am' shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm. Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d'fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar. Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre. Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go
léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun báis é; Agus do theip ortha, bíodh go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire tháinig beirt fhínnithe bréige, Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. Ansan d'eirigh an t-árd-shagart 'n-a sheasamh, agus dubhairt sé leis: Ná h-abrann tú focal leis na neithibh atá acu so dh'á dhearbhúghadh ort? Ach níor labhair Íosa. Agus dubh- airt an t-Árd-shagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá beó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. Ach ní lúgha adeirim- se libh-se, Chífidh sibh 'n-a dhiaidh so Mac an Duine 'n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe. Ansan do strac an t-árdshagart a chuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla: Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san 'ghá fhreagra: Tá bás tuillte aige. Ansan do chaitheadar seilí sa n-aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbasaibh sa n-aghaidh é, Agus deirdíis: Targair dúinn, a Chríost, cé h-é a bhuail tu? Ach bhí Peadar 'n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubh- airt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad 'tá agat d'á rádh. Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach. Agus do shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní'l aon aithne agam ar an nduine. Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tú. Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. Agus do chuímhnigh
Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa: Sar a nglaoidh- fidh an coileach séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d'imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach. CAIBIDIOL XXVII. Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh. Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómh- airle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir. Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachta- ránaibh na sagart agus ar na seanóiribh. Agus dubh- airt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamh- chiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d'fhág sé an áit, agus d'imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid. Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubh- radar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad. Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d'adhlacadh ann. Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, 'sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a' clannaibh Israéil, Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dhom.
Agus bhí Íosa 'n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tu é. Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe 'n-a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha. Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h-airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad' leith? Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir. An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riagh- altóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabh- airt chun lámha. Agus bhí sé 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling. Ach do chuir uachta- ráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. Agus d'fhreagair an riaghaltóir agus dubhairt sé leó: Cé'cu de'n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubh- radar san: Barabbas. Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Dubhradar go léir: Céasdar é. Dubhairt an riagh- altóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb' aoirde: Céasdar é. Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. Agus d'fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála. Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó
amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. Agus d'fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith 'n-a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach! Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh. Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh'ainim Símón; agus chuireadar fhéach- aint ar an nduine sin dul leó agus a chros d'iompur. Agus thánadar chun áite ar a dtugtar Golgota, 'sé sin, áit Chalbharí. Agus thugadar le n-ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, 'ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chuid éadaigh. Ansan do shuidheadar ag faire air. Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACH, É SEO. Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma's tu Mac Dé tar anuas ó'n gcrois. Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís: Do shábháil sé daoine eile; ní'l ar a chumas é féin do shábháil. Má'sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó'n gcrois agus creidfimíd ann. Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má's áil
leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. Agus na bith- eamhnaigh a bhí céasda i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó. Agus ó'n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. Agus tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? 'sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus bhí daoine 'n-a seasamh ann agus d'airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. Agus do rith duine acu láithreach, agus d'aimsigh sé spúinse, agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é, agus thug sé le n-ól dó. Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias 'ghá shaoradh. Agus d'éighimh Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh. Agus féach, do stracadh 'n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; Agus do h-osgaladh na h-uaghna agus d'eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad. An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí 'n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana- mhór ortha agus dubhradar: Go fíor dob' é Mac Dé é sin. Agus bhí a lán ban ann abhfad amach, do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: Ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé. Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh' ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob' eadh é: Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d'iarr sé corp Íosa air. Ansan d'órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. Do fuair Ióseph an corp, agus d'fhill sé i línéadach glan é, Agus chuir sé 'n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige
i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h-uagha, agus d'imthigh sé. Bhí ann, ámhthach, Máire Mhagdalén agus an Máire eile agus iad 'n-a suidhe ar aghaidh na h-uagha amach. Agus an lá 'n-a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Phílát, Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireó- chad airís. Órduigh-se, d'á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a dheisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéar- faidís leis na daoine: D'eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa 'ná an chéad fheall. Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Im- thighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh. D'imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire. CAIBIDIOL XXVIII. Aiseiríghe Chríost. An gnó a thug le déanamh d'á dheisgio- bulaibh. Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de'n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d'iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi; Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éad- aigh mar an sneachta. Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. Agus d'fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur b'é Íosa, do céasadh, atá uaibh. Ní'l sé anso: Mar d'aiseirigh sé, fé mar
a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit 'n-ar cuir- eadh an Tighearna. Imthighidh anois go luath, agus innsidh d'á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. Agus d'imthigh- eadar amach go tapaidh ó'n uaigh, agus bhí eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh' innsint dos na deisgiobuil. Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d'adhradar é. Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom' bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé. Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de'n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d'innseadar d'uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, Agus dubhradar leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n-oídhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu. Agus d'imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. Agus nuair a chonacadar é d'adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhach. Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh. Imthighidh, d'á bhrígh
sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas- sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail. daona go léir; chun na bhfírinní go léir a mhúine dhóibh; agus i dtreó go mbeadh sé féin ag cabhrú leó go h-éifeachtamhail sa chúram san, gheall se dhóibh go mbeadh sé 'na dteannta, ní h-ar feadh céad blian ná ar feadh míle blian, ach gach aon lá, go dtí deire an domhain. Conus is féidir, dá bhrígh sin, do'n Eaglais Chaitilicidhe dul amú, agus go bhfuil, i bhfocair a cléire aici i gcómhnuíghe, mar atá geallta anso, Críost féin, "an tslígh, an fhírinne, agus an bheatha"? (Eóin xiv).
SOISGÉAL NAOMHTA ÍOSA CRÍOST do réir MHARCUIS Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus mínightheóir (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh sé ó Pheadar féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal gearr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuigh- theóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é, agus d'órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir Baronius, agus tuille gur sa laidin a deineadh an sgríbhinn, ach tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é. CAIBIDIOL I. Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d'á bhaiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúiltí. Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé. Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d'ollamhú rómhat. Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamh- uighidh an tslígh do'n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus cun maitheamhnachais peacaí. Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé 'ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom, agus isé bia a bhí aige 'ná lócuistí agus mil fhiain. Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht 'ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige.
Do bhaisteas-sa sibh le h-uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioraid Naomh. Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan. Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túir- ling air. Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann. Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h-aingil ag friothálamh air. Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal. Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cur líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasg- airí ar dhaoine dhíbh. Agus d'fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó'n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d'fhágadar ansan sa luing Sebedé a n-athair agus a lucht oibre, agus do leana- dar eisean. Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh'ionan a's na Sgríbh- neóirí.
Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach: Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé. Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bí ciúin agus imthigh amach as an nduine. Ansan do chuir an ann- sprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d'imthigh sé amach as. Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir. Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin. Agus bhí máthair céile Shímóin 'n-a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach 'n-a taobh. Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d'imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha. Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d'á raibh ortha, agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d'aith- nígheadar é. Agus d'eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d'imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí 'n-a theannta. Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at' lorg. Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n-ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.
Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach. Agus tháinig chuige lobhar, 'ghá ghuidhe, agus d'úmh- luigh sé dhó agus dubhairt sé: Má's toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. Agus nuair a dubhairt sé an focal d'imthigh an lobhra de'n duine láithreach, agus bhí sé glan. Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach, Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h-innis d'aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d'uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, na neithe a dh'órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh'innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé las- muigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird. CAIBIDIOL II. An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige 'á chosaint. Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach i gCapharnaum. Agus do h-airigheadh go raibh sé i dtigh ann, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d'á labhairt leó. Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d'á iompar idir cheathrar. Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt 'n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nocht- adar bara an tighe sa n-áit 'n-a raibh sé, agus dhein- eadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, 'n-a luighe ar leabaidh, an duine a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu,
dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann 'n-a suidhe agus iad ag machtnamh 'n-a gcroide: Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d'á dhéanamh. Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a spioraid féin, an machtnamh a bheith 'n-a n-aigne acu- san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an matht- namh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé 'cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirig, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuíl ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d'eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d'imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riamh a leithéid, a deiridís. Agus d'imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé 'ghá dteagasg. Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, 'n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d'eirigh seisean agus do lean sé é. Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh 'n-a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san 'ghá leanmhaint, leis. Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige d'bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibh- reann puibliocánach agus peacach? D'airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach do ghlaodhach.
Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trosgaidh, agus thánadar chuige agus dubh- radar: Cad 'n-a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an céile acu 'n-a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. Ní chuireann aoinne píosa d'éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuir- eann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de'n tseana- éadach, agus méadófar an stracadh. Agus ní chuir- eann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-árthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h-árthaí; ach is i n-árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur. Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheis- giobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsab- bóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. Agus dubhairt na Fairis- ínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n-aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a dh'ith sé na bulóga fiadhnaise nár dhleaghthach d'aoinne a dh'ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n-ithe iad do'n mhuintir a bhí i n-aon- fheacht leis? Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. I gcás go bhfuil Mac an Duine 'n-a mháighistir ar an sabbóid féin.
CAIBIDIOL III. An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. An dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamhasla acu a dhéanamh. Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. Agus bhíodar ag faire air, féachaint a' ndéanfadh sé an leigheas sa tsab- bóid, i dtreó go gcuirfidís 'n-a leith é. Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill. Agus dubhairt sé leó-san: Cé 'cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal. Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal ortha go fearg- ach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. Agus d'imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle 'n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh. Ach d'imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige agus do lean pobul mór é a' Gaililí agus a' Iudaéa, Agus a' Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó'n dtaobh thall de'n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go mbrúthfaidís é. Óir bhí mórán daoine aige 'á leigh- eas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d'iarraidh teangabháil leis; Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd: Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é dh'fhoillsiú. Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige. Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n-a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do leigheas agus ar
dheamhnaibh do chur amach. Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca tóirthnighe. Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Can- áníteach, Agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é. Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh'fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air, mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierú- salem, dubhradar gur bh'é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? Agus má bhíonn rígh- eacht deighilte 'n-a coinnibh féin ní féidir do'n rígh- eacht san seasamh; Agus má bhíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile 'n-a chodaibh ní féidir do'n teaghlach san seasamh; Agus má eirigheann Sátan 'n-a choinnibh féin, tá se 'n-a chodaibh ranntha, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d'fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. Go deimhin adeirim libh, maithfar do'n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d'á ndéanfaid siad; Ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige. Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar 'n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. Agus bhí na daone 'n-a suidhe 'n-a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mhá- thair agus do bhráithre amuigh agus iad at' lorg. Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagra: Cé h-iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal ar
an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir, an t-é a dhéan- faidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa. CAIBIDIOL IV. Parabal an churadóra. An stoirm d'á ciúnadh ag Críost. Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice an uisge, ar an dtalamh tirim. Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagaisg: Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de'n tsíol i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d'itheadar é. Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d'fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. Agus nuair a dh'eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d'fheóch sé. Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d'fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d'fhás sé agus d'éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. Agus dubh- airt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé. Agus nuair a bhí sé i n'aonar d'fhiafruigh an dáréag a bhí i n'fhochair fios na soluíde dhe. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d'fhághail ar rún- diamhraibh rígheachta Dé, ach do'n mhuíntir sin atá las- muigh, deintear gach nídh i soluídíbh; I dtreó ag féach- aint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís,
sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dhóibh. Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? An t-é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. An mhuintir i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a cur- tar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an í briathar a cuireadh mar shíol 'n-a gcroidhthibh. Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh'airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, Agus ní'l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d'á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. Agus tá daoine agus gla- caid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh'éisteann leis an mbriathar, Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh'éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thriochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad. Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé lea- baidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní'l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e. Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé. Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh'airigheann sibh. An tómhas 'n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas 'n-a
dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh, Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. Óir tugann an talamh a thoradh i n-aisge, an geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arbhar iomlán sa déis. Agus nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis. Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígh- eacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é? Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é 'ná aon tsíol eile d'á bhfuil sa talamh, Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó 'ná aon ghlas- ara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth. Agus i mórán soluídí de'n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh'fhéadadar éisteacht leis. Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d'á dheisgiobulaibh i leith taoibh. Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. Agus chuir- eadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n'fhochair. Agus d'eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d'á líonadh. Agus bhí sé féin i ndeire na luinge, agus é 'n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d'ár mbáthadh? Agus d'eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil
creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó? CAIBIDIOL V. Legión deamhan ag Críost dá chur amach a duine. An chailleamh- aint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á thógaint ó'n mbás. Agus thánadar treasna na faraige go tír na nGerasénach. Agus nuair a tháinig sé amach as an luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na h-uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, Agus ins na h-uagh- naibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh'fhéidir feasda é cheangal le slabhraíbh féin, Óir do ceangaladh é go minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile, agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. Agus bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d'oidhche, ins na h-uaghnaibh agus ins na cnocaibh, ag liúirigh agus 'ghá ghearradh féin le clochaibh. Agus nuair a chonaic sé Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó. Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh. Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a spioraid shailigh. Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn. Agus bhí sé 'ghá iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. Bhí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an chnuic. Agus d'iarr na deamhain achainíghe air, agus dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach ionta. Agus thug Íosa an achainíghe dhóibh láithreach. Agus d'imtig na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas
le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. Agus na daoine a bhí 'ghá n-aodhaireacht do ritheadar agus d'innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus tháinig na daoine amach féachaint cad a thárla. Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan 'ghá mhilleadh, 'n-a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é 'n-a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha. Agus d'innis an mhuintir a chonaic é dhóibh cad a thárla do 'n fhear go raibh an deamhan ann, agus i dtaobh na muc. Agus chroma- dar ar thathant air go n-imtheóchadh sé as a dtír. Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan 'ghá chrádh, ar a iarr- aidh go leigfí leis é. Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort. Agus d'imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir. Agus nuair a tháinig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na far- aige. Agus tháinig duine d'uachtaránaibh na sina- góige, dár bh' ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh, Agus d'iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m'inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionus go leighisfí í agus go mairfeadh sí. Agus d'imthigh sé 'n-a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air. Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht uaithi ar feadh dhá bhliain déag, Agus bhí mórán fuil- ingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthí, ach í ag dul i n-olcas; Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar a éadach; Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú baint le n-a bhrat beidh mé slán. Agus do thriomuigh
sruth a cod' fola an neómat san, agus d'aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó'n ngearán. Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d'iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m'chuid éadaigh? Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom? Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean a dhein é. Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí 'fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d'innis sí dhó iomláine na fírinne. Agus dubhairt seisean léi: A 'nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó'n ngearán. Le línn na bhfocal san a rádh dhó, tháiníg cuid de mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar: Tá t'inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a thuille trioblóide ar an Máighistir? Agus d'airigh Íosa an focal san agus dubhairt sé le h-uachtarán na sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. Agus níor leig sé d'aoinne dul leis ach Peadar agus í Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. Agus thánadar isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé an bhuairt agus an t-árd-ghol agus an lógóireacht go léir. Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codladh. Agus do gháireadar uime. Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí le n-a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín 'n-a luighe. Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, 'sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín. Agus d'eirigh an cailín 'n-a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha. Agus d'órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.
CAIBIDIOL VI. Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Asbol dá gcur amach aige. Bia á thabhairt aige do chúig mhíle duine a' chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige. Agus d'imthigh sé ó'n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iong- na d'á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d'oibreachaibh móra agus a déin- tear tré n-a lámhaibh? Nách é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach 'n-a dhúthaigh féin, agus 'n-a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. Agus níor fhéad sé aon chómhacht d'oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad. Agus dhein sé iongna de'n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg. Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh 'n-a mbeirt a's 'n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. Agus d'órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. Gan a bheith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa. Agus dubhairt sé leó: Pé áit 'n-a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h-éistfidh libh, imthigh-
idh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d'bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise 'n-a gcoinnibh. Agus chuadar amach agus d'fhógradar aithrighe dhéanamh. Agus chuireadar mórán deamhan amach a' daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leigh- seadar iad. Agus d'airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eir- ighthe ós na mairbh, agus d'á bhrígh sin táid cómhachta d'á n-oibriú tríd. Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. Agus nuair a dh'airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh. Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí 'n-a mnaoi aige. Agus deireadh Eóin le Héród: Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith 'n-a mnaoi agat. Agus bhí Heródias ag déanamh ceilge 'n-a choinnibh, a d'iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé 'ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach. Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d'uaislibh Ghaililí, Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. Agus do dhear-
bhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. Agus chuaidh sise amach, agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh'iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láith- reach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d'órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. Agus do bhain sé an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do'n chailín é, agus thug an cailín d'á máthair é. Agus d'airigh a dheisgiobuil an sgéal, agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n-uaigh é. Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d'inn- seadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. Agus dubhairt sé leó: Tagaidh i leith- taoibh go h-áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag im- theacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaith- eamh. Agus chuadar ar bórd luinge agus d'imhthigh- eadar go h-áit uaigneach, fé leith. Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d'aithn- igheadar iad, agus do ritheadar 'n-a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann rómpa. Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh. Agus nuair a bhí mórán de'n lá caithte tháinig a dheis- giobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n-ithe. Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: Tugaidh- se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar leis: An
amhlaidh a dh'imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n-ithe? Agus dubhairt sé leó: An 'mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí 'fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. Agus d'órduigh sé dhóibh na daoine go léir do chur 'n-a suidhe 'n-a gcuideachta- naibh ar an bhféar glas. Agus do shuidheadar 'n-a mbuidhnibh, 'n-a gcéadaibh agus 'n-a gcaogadaibh. Agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d'fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d'á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. Agus d'itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h-iasgaibh. Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia. Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail. Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d'imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh. Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n'aonar ar an dtalamh tirim. Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth 'n-a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de'n oidhche tháinig sé chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúghadar. Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n-uathbhás i n-a n-aigne. Óir níor thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr. Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. Agus nuair
a thánadar as an luing d'aithnigheadar láithreach é, Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith; Agus pé ball 'n-a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite na sráidibh, agus bhídís 'ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad. CAIBIDIOL VII. Na Fairisínigh dá n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh. Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbh- neóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. Agus nuair a chonacadar cuid d'á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, 'sé sin gan nighe, chasadar leó é. Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sin- sear. Agus ar theacht ó'n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h-árthaí práis, agus na lea- pacha. Agus d'fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbh- neóirí dhé: Cad 'n-a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil- se do réir nóis na sinsear, agus go n-ithid siad bia gan a lámha do nighe? Ach d'fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe; Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine. Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do
nighe, agus mórán neithe eile de'n tsórd san. Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. Óir dubh- airt Maois: Tabhair dot' athair agus dod' mháthair onóir; agus: An t-é thabharfaidh droch-chaint d'á athair nó d'á mháthair curtar chun báis é. Ach dar libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair: Gach corban, ('sé sin, gach tabharthas) d'á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbhe agat-sa; Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d'á athair ná d'á mháthair. Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de'n tsórd san agaibh 'á dhéanamh. Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. Ní'l aon rud atá lasmuigh de'n duine, agus a théigheann isteach ann, d'fhéadfadh é shailiú, ach na neithe a thagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé. Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó'n sluagh d'fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breith- eamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigh- eann isteach sa duine ó'n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, Mar ní théigheann sé isteach 'n-a chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. Agus dubhairt sé gur b'iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, Óir is ó'n dtaobh istigh, amach a' croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmhar- bhadh, Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhasla, uabhar, mí-chiall. Ó'n dtaobh istigh iseadh thagaid na h-olca san go léir, agus isiad a shailigheann an duine. Agus d'eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh
Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. Óir do tháinig chuige agus do chaith í fein agá chosaibh, chómh luath agus d'airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe 'n-a h-inghin. Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin. Agus dubh- airt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. Ach d'fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé'n mbórd an bia briste a thuiteann ó'n gclainn. Agus dubhairt seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t'inghin. Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h-inghean 'n-a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti. Agus chuaidh sé amach airís a' críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Ghaililí, tré lár críche Deca- polis. Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. Agus thóg sé leis i leith-taoibh é ó'n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach 'n-a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, Agus d'fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, 'sé sin, Osgail. Agus, láithreach, do h-osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d'á theangain, agus do labhair sé go cruinn, Agus d'órduigh sé dhóibh gan é dh'innsint d'aoinne. Ach d'á mhéid a dh'órduigh sé dhóibh é iseadh is mó a dh'innseadar é, Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do'n bhodhar agus caint do'n bhalbh. CAIBIDIOL VIII. Bia ag Críost dá thabhairt do cheithre mhíle duine. Radharc a thabhairt do dhall. An pháis a bhí ag Críost le fulang. Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann agus gan aon nídh acu le n-ithe, do ghlaoidh sé chuige a
dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Tá truagh agam do'n tsluagh, mar, féach, táid siad am' fhochair le trí lá, agus ní'l aon rud le n-ithe acu; Agus má chuirim abhaile iad 'n-a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir do tháinig cuid acu abhfad. Agus d'fhreagair a dheis- giobuil é: Conus is féidir d'aoinne a ndóithin aráin a thabhairt dóibh anso sa n-uaigneas? Agus d'fhiaf- raigh sé dhíobh: An 'mó bulóg aráin agaibh? Agus dubh- radar-san: Seacht mbulóga. Agus d'órduigh sé do'n tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris sé an t-arán, agus thug sé d'á dheisgiobulaibh é le cur os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. Agus bhí iasga beaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus d'órduigh sé iad do chur os cómhair na ndaoine. Agus d'ith- eadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad. Agus chuaidh sé láithreach ar bórd na luinge i n-aon- fheacht le n-a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dal- manúta. Agus d'imthigh na Fairisínigh amach agus chromadar ar aighneas leis, 'ghá iarraidh air cómhartha ó neamh a thabhairt dóibh, ag baint trialach as. Agus dhein sé osna 'n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do'n tsliocht san. Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d'imthigh sé thar uisge. Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní raibh sa luing acu ach aon bhulóg amháin. Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seach- naidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid. Agus bhíodar ag pléidh eatartha féin, 'ghá rádh: Ní'l arán againn. Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná h-aithnigheann sibh agus ná tuigeann sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? An bhfuil
súile agaibh agus ná feiceann sibh? An bhfuil cluasa oraibh agus ná h-airigheann sibh? Nó an amhlaidh nách cuimhin libh? Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do'n chúig mhíle duine, an 'mó ciseán a thógabhair de'n bhia bhriste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. Agus na seacht mbulóga do'n cheithre mhíle, an 'mó ciseán a thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. Agus dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós? Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d'iarradar air lámh a chur air. Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d'fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh. Agus d'fhéach an duine suas agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus iad ag siubhal. Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir. Agus chuir sé an duine chun a thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe, agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h-innis d'aoinne. Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Dar leis na daoine cé h-é mise? Agus d'fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh. Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h-é me? Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost. Agus thug sé folá- ramh dóibh gan a dh'innsint d'aoinne 'n-a thaobh. Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d'fhulang, agus na seanóirí 'ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhne- óirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó'n mbás. Agus do labhair sé an chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do chrom sé ar chur 'n-a choinnibh. Ach d'iompuigh seisean agus d'fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé
go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh las- tiar díom, a Shátain, óir ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine. Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: Má's mian le h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin? Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thioc- faidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha. Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, tá cuid d'á bhfuil 'n-a seasamh anso agus ní bhlais- fid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag teacht i gcómhacht. CAIBIDIOL IX. An t-Atharú gné ar Chríost. Deamhain bhalbha aige dá gcur amach as daoíne. Úmhaluígheacht aige dá theagasg, agus sgannal do sheachnadh. Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, 'n-a n-aonar, suas ar chnoc árd, fé leith, agus d'athruigh a dhealbh os a gcómhair. Agus bhí a chuid éadaigh ag taithneamh chómh geal le sneachta, ar chuma ná féadfadh aon úcaire ar talamh iad do ghealadh. Agus do taisbeánadh dóibh Elias agus Maois agus iad ag caint le h-Íosa. Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus leig dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se,
agus pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias. Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh'á rádh, mar bhíodar sgann- ruighthe le h-eagla. Agus tháinig sgamal agus chlú- duigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt: Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis. Agus, láith- reach, d'fhéachadar 'n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin 'n-a bhfochair. Agus ag teacht anuas dóibh ó'n gcnoc, thug Íosa foláramh dóibh gan an radharc a chonacadar a dh'innsint d'aoinne go dtí go mbeadh Mac an Duine eirighthe ós na mairbh. Agus choimeádadar an focal san eatartha 'ghá fhiafraighe dh'á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós na mairbh. Agus chuireadar ceist chuige, agus dubhradar: Cad chuige, má 'seadh, go ndeir na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: Nuair a thiocfaidh Elias ar dtúis cuirfidh sé gach nídh 'n-a cheart airís; agus conus mar atá sgríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go bhfuilingeóchadh sé mórán agus go dtabharfaí tarcuisne dhó. Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha 'n-a thaobh. Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus chonaic sé sluagh mhór 'n-a dtímpal agus na Sgríbhneóirí ag aigh- neas leó. Agus, láithreach, nuair a chonaic na daoine go léir Íosa tháinig sgannra ortha agus uathbhás, agus do ritheadar chuige agus d'fháiltigheadar roimis, Agus d'fhiafraigh sé dhíobh: Cad é an ceisdiúchán é seo atá eadraibh? Agus d'fhreagair duine de'n tsluagh agus dubhairt sé: A Mháighistir, thugas liom anso ag triall ort mo mhac, mar tá deamhan balbh ann. Agus pé ball 'n-a mbeireann sé é bíonn sé 'ghá chaitheamh, agus cúbhar leis, agus a fhiacala ag díoscán, agus é d'á shnaoí amach. Agus d'iarras ar do dheisgiobulaibh é chur amach, agus níor fhéadadar é. Agus d'fhreagair seisean agus dubh- airt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh'fhuilingeóchad libh? Tugaidh chúgham-sa é. Agus thugadar chuige é. Agus
chómh luath agus chonaic sé é d'oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh 'ghá iomlosg féin agus cúbhar leis. Agus d'fhiafraigh sé de'n athair: Cad é an fhaid aimsire atá ó thárla so dhó? Agus dubhairt seisean: Ó bhí sé 'n-a leanbh; Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. Agus dubhairt Íosa leis: Má's féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a chreideann. Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m'easba creidimh. Agus nuair a chonaic Íosa an tsluagh ag cruinniú do smachtuigh sé an annsprid truaillighthe, agus dubhairt: A annsprid bhodhar, bhalbh, órduighim duit imtheacht amach as san, agus gan teacht isteach ann airís. Agus do sgread sé, agus d'oibrigh sé é go h-ana-dhian, agus d'imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh. Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d'eirigh sé. Agus nuair a chuaidh sé isteach sa tigh d'fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan fhios: Cad 'n-a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach? í Agus dubhairt sé leó: Ní féidir do'n sórd san dul amach le h-aon nídh ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh. Agus d'imthigheadar ó'n áit sin, agus chuadar tríd an nGaililí; agus níor bh'áil leis a fhios a bheith ag aoinne. Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus 'ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá. Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú. Agus thánadar go Capharnaum. Agus nuair a bhíodar sa tigh d'fhiafraigh sé dhíobh: Cad a bhí ar siubhal agaibh fan bhóthair? Agus níor labhradar; óir bhíodar ag diospóireacht, fan bhóthair, féachaint cé 'cu dhíobh ba mhó. Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus dubhairt sé leó: Má's mian le h-aoinne bheith i n'fhear thosaigh, isé a bheidh ar deire ar fad, agus 'n-a sheirbhíseach ag cách. Agus do rug sé ar leanbh, agus
chuir sé 'n-a sheasamh é i lár baill eatartha; ansan do thóg sé an leanbh i n-a ucht agus dubhairt sé leó: An t-é a ghlacfaidh am' ainim-se leanbh mar an leanbh so, is mise a ghlacann sé; agus an t-é a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an t-é a chuir uaidh mé. Agus d'fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad' ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é. Agus dubhairt Íosa (leis): Ná coisgidh é; mar ní'l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am' ainim-se agus a dh'fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath. Óir, an t-é ná fuil i nbhúr gconnibh tá sé libh. Óir, aoinne thabharfaidh le n-ól daoibh, am' ainim-se, ó's le Críost sibh, fiú cupán uisge, go deimhin a deirim libh, ní bheidh sé gan a thuarasdal. Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de'n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b'fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige. Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh 'ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n-ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh, An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. Agus má thugann do chos sgannal duit, dein í ghearradh dhíot; is maith an rud dul go beatha shíoruidhe agus tu bacach, seachas tu chur go h-ifreann na teine gan múchadh, agus do dhá chois agat, An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. Agus má thugann do shúil sgannal duit, strac amach í; is maith an mhaise dhuit dul go flathas Dé ar leath-shúil seachas tu chur go h-ifreann na teine, agus dá shúil ionat, An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. Óir sáilfar gach n-aon le teine, agus sáil- far gach ídhbirt le salann. Is maith an rud salann; ach má bhíonn an salann leamh cad leis go ndéanfaidh sibh deighbhlasta é? Bíodh an salann ionaibh, agus bíodh an tsíothcháin eadraibh.
CAIBIDIOL X. Nídh dosgaoilte an pósadh. Nídh contabhartach an saidhbhreas. Árdmhian chlainne Sebedé. Radharc á thabhairt do dhall. Agus d'fhág sé an áit sin, agus tháinig sé go crío- chaibh Iúdaéa, lastall de'n Iórdan, agus bhailigh na daoine chuige airís. Agus mar ba ghnáth leis, do thea- gaisg sé airís iad. Agus tháinig na Fairisínigh agus chuireadar an cheist chuige, 'ghá thriail: An dleaghthach do dhuine a bhean phósta do chur uaidh? Agus 'ghá bhfrea- gradh dubhairt sé: Cad a dh'órduigh Maois daoibh? Agus dubhradar: Do cheaduigh Maois Litir imth- eachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail. Agus d'fhrea- gair Iosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se. I dtusach, ámhthach, do chruthuigh Dia iad firean agus bainean: Mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, Agus beid siad 'n-a mbeirt i n-aon fheóil: I gcás nách dhá fheóil iad feasda ach aon fheóil amháin. Dá bhrígh sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. Agus 'n-a dhiaidh san, sa tigh, do cheistigh a dheisgio- buil é ar an nídh gcéadna; Agus dubhairt sé leó: Aon duine chuirfidh uaidh a bhean agus do phósfaidh bean eile, deineann sé adhaltranas 'n-a coinnibh. Agus má chuireann bean a fear uaithi agus fear eile do phósadh, deineann sí adhaltranas. Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh chuige chun go gcuirfeadh sé a lámh ortha. Agus bhí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a bhí 'ghá dtabhairt chuige. Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d'á leithéidí sin flathas Dé. Go deimhin a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann. Agus do ghlac sé chuige in' ucht iad, agus chuir sé a lámha ortha, agus bheannuigh sé iad.
Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh 'n-a láthair, agus d'fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam? Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm? Ní maith aoinne ach Dia amháin. Is eól duit na h-aitheanta: Ná dein drúis, Ná dein marbhú, Ná dein guid, Ná dein fiadhnaise bhréige, Ná dein feall, Tabhair onóir do t'athair agus do d'mháthair. Agus d'fhreagair an duine agus dubhairt sé: A Mháighistir, táid na neithe sin go léir coimeádta agam ó m'óige. Ansan d'fhéach Íosa air, agus thug sé grádh dhó, agus dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin i n-easnamh ort: imthigh agus díol a bhfuil agat agus tabhair dos na bochtaibh é, agus beidh saidhbhreas ar neamh agat; agus tar agus lean mise. Agus do chuir an chaint sin buairt ar an nduine, agus d'imthigh sé fé bhrón; mar duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige. Agus d'fhéach Íosa 'n-a thímpal agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! Agus do chuir a chaint uathbhás ar na deisgiobuil. Ach d'fhreagair Íosa airís, agus dubhairt sé leó: A chlann ó, nách deacair do dhaoine go bhfuil a mainighín a' saidhbhreas dul isteach i rígheacht Dé! Is usa do chamal dul tré chró snáthaide 'ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. Agus is amhlaidh a mhéaduigh an iongna ortha, agus dubhradar eatartha féin: Má seadh cé fhéadfaidh dul saor? Agus d'fhéach Íosa ortha, agus dubhairt: Ní'l san ar chumas daoine, ach tá sé ar chumas Dé; óir is féidir le Dia gach nídh a dhéanamh. Agus do chrom Peadar ar a rádh: Féach, d'fhágamair- ne gach aon rud agus do leanamair tusa. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim- se libh-se, níl aon duine a dh'fhágfaidh a thigh, ná a dhrith- áracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a
chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, Ná faighidh a chéad oiread sa n-aimsir seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. Óir beidh mórán d'á bhfuil ar tusach ar deire, agus d'á bhfuil ar deire ar tusach. Agus bhíodar ar an slígh ag dul suas go Ierúsalem; agus bhí Íosa rómpa amach, agus bhí iongna ortha, agus bhíodar ag teacht 'n-a dhiaidh agus eagal ortha. Agus do tog ré an dáréag airís, agus chrom sé ar a dh'inn- sínt dóibh cad a bhí le tuitim amach dó: Féach, táimíd ag dhul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Dúine suas d'uachtaránaibh na sagart, agus do sna Sgríbhneóiribh, agus dos na seanóiribh, agus daorfaid siad chun báis é, agus tabharfaid siad suas do sna geintibh é; Agus déanfaid siad magadh faoi, agus caithfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marbhóchaid siad é; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. Agus tháinig chuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn go ndéan- fá dhúinn pé nídh a dh'iarrfimíd ort. Agus dubhairt seisean leó: Cad ba mhaith libh a dhéanfainn daoibh? Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar do láimh chlé, ad' ghlóire. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní h-eól daoibh cad tá agaibh 'á iarraidh. An féidir libh an chailís a dh'ól atá agam-sa 'á dh'ól, nó sibh a bhais- teadh sa bhaisteadh seo i n-a bhfuilim-se am' bhaisteadh? Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d'á ól, agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh 'n-a mbaistear mise: Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam atá san a thabhairt daoibh, ach do'n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe dhóibh. Agus nuair airigh an deichniúbhar é thosnuigh fearg ar theacht ortha chun Séamuis agus chun Eóin. Ach do
ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: Chíonn sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht agá bpriúnsaíbh os a gcionn. Ní mar sin, ámhthach, daoibh-se, ach an t-é gur mian leis bheith os bhur gcionn, beidh sé 'n-a sheirbhíseach agaibh; Agus an t-é gur mian leis bheith ar tusach eadraibh, beidh sé ag friothálamh ar gach aoinne. Óir níor tháinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí friothálamh air, ach ionus go ndéanfadh sé friothálamh, agus chun go dtabharfadh sé a anam féin mar cheannach ar a lán daoine. Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a' Ierichó agus mórán daoine i n-aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, 'n-a shuidhe i n-aice an bhóthair agus é a d'iarraidh déarca. Agus nuair airigh sé gur bh'é Íosa Nasareit a bhí ann, chrom sé ar ghlaodhach agus ar a rádh: A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. Agus bhí a lán daoine ag bagairt air éisteacht. Ach b'shin mar ba mhó a ghlaoidh seisean: A Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag glaodhach ort. Agus chaith sé dhe a bhrat agus do phreab sé 'n-a shuidhe, agus tháinig sé ag triall ar Íosa; Agus d'fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh. CAIBIDIOL XI. Críost do dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An easgaine aige á chur ar an gcrann fíge a bhí seasg, agus na daoine a bhí ag díol agus ag ceannach dá dtiomáint amach as an dteampul aige. Agus nuair a thánadar i n-aice Ierúsaleim agus Bhetánia ag Cnoc na n-Ola-chrann, chuir sé chun siubhail
beirt d'á dheisgiobulaibh, Agus dubhairt sé leó: Téighidh do'n bhaile úd thall os bhúr gcómhair, agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ann ceangailte, searrach nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é, agus tugaidh chúgham é. Agus má deir aoinne libh, Cad é sin agaibh 'á dhéanamh? abraidh: Teastuigheann sé ó'n dTighearna; agus leigfidh sé libh é, gan stad, anso. Agus d'imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag dorus, ar an dtaobh amuigh, i gcómhrac dá slíghe; agus do sgaoileadar é. Agus dubhairt cuid d'á raibh 'n-a seasamh ann: Cad ab áil libh ag sgaoileadh an tsiorraigh? Agus dubhradar-san leó mar a dh'órduigh Íosa dhóibh; agus do leigeadar leó é. Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air. Agus do leath a lán de sna daoine a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga de sna crannaibh agus do leathadar ar an slígh iad. Agus an mhuintir a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna. Is beannuighthe an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde. Agus do chuaidh Íosa isteach i n-Ierúsalem agus isteach sa teampul; agus d'fhéach sé n-a thímpal ar gach nídh, agus nuair a bhí an tráth- nóna ann chuaidh sé féin agus an dáréag amach go Betánia. Agus an lá n-a dhiaidh san, agus iad ag teacht ó Bhetánia, bhí ocras air. Agus chonaic sé, abhfad uaidh, crann fíge agus duilleabhar air, agus tháinig sé ag féachaint an bhfaghadh sé aon nídh air. Agus nuair a tháinig sé ní bhfuair sé aon nídh air ach na bileóga, mar ní raibh aimsir na bhfígí tagaithe. Agus d'fhreagair sé agus dubhairt sé leis an gcrann: As so amach go bráth airís nár ithidh duine toradh uait-se. Agus d'airigh a dheisgiobuil é. Agus thánadar go Ierúsalem. Agus nuair a chuaidh sé isteach sa teampul do chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do chomáint amach
as, agus ar na bórdaibh a leagadh ar lucht an airgid do shóinseáil, agus ar na cathaoireacha do leagadh ar lucht na gcolúr a dhíol. Agus ní lamhálfadh sé d'aoinne árthach a bhreith leis tríd an dteampul. Agus bhí sé ag teagasg, agus dubhairt sé leó: Ná fuil sgríobhtha: Tabharfar tigh chun úrnuighthe do sna geintibh go léir ar mo thigh-se? Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag macht- namh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d'á theagasg. Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imthigh sé amach as an gcathair. Agus nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit ar maidin chonacadar an crann fíge agus é feóchta go préamha- chaibh. Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh creideamh Dé agaibh. Go deimhin a deirim libh, an t-é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé 'n-a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéan- far an rud adeir sé, déanfar é dhó. Deirim libh d'á bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh 'á iar- raidh i nbhúr n-úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus gheobhaidh sibh é. Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha 'ná mar a mhaithfidh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. Agus thánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a bhí sé ag siubhal istigh sa teampul tháinig chuige uach- taráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na sean- óirí, Agus dubhradar leis: Cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás chun iad a dhéanamh? Agus d'fhreagair
Íosa iad agus dubhairt: Cuirfead-sa, leis, aon cheist amháin chúghaibh-se, agus tugaidh freagra orm, agus ansan neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. An baisteadh a dhein Eóin ar bh' ó neamh é nó ó dhaoine? Tugaidh freagra orm. Ach do chromadar ar mhachtnamh 'n-a n-aigne, agus dubhradar: Má deirimíd gur bh' ó neamh é, déar- faidh sé, Cad 'n-a thaobh, má 'seadh, nár chreideabhair é? Agus má deirimíd gur bh' ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, faidh dáirí- ribh ab eadh Eóin. Agus d'fhreagradar agus dubh- radar le h-Íosa: Ní fheadramair. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. CAIBIDIOL XII. Parabal an fhíonghuirt agus an lucht saothruighthe. Ceart Chéasair chun na cánach. Na Sadducínigh i bpúnc. An chéad aithne; cianóg na baintríghe. Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: Do chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál 'n-a thímpal, agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus d'imthigh sé i gcéin. Agus nuair a tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach ag triall ar an lucht saothruighthe chun toradh an fhíonghuirt d'fhághail ó'n lucht saothruighthe. Agus do rugadar ar an seirbhíseach, agus ghabhadar air, agus chuireadar chun siubhail folamh é. Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó. Agus airís chuir sé seirbhíseach eile ag triall ortha: agus do mharbhuigheadar é féin; agus mórán eile; do ghabhadar ar chuid acu, agus do mharbhuigheadar cuid acu. Ach do bhí aige aon mhac amháin, ró-dhílis; agus chuir sé é sin chúcha sa deire, agus dubhairt sé
Tabharfaid siad uraim dom' mhac. Ach dubhairt an lucht saothruighthe le n-a chéile: Sidé an t-oighre; téa- nam, cuirimís chun báis é, agus beidh an oighreacht againn. Agus do rugadar air, agus do chuireadar chun báis é, agus chaitheadar lasmuigh de'n fhíonghort é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt sin? Tioc- faidh sé agus déanfaidh sé díbheirg ar an lucht saoth- ruighthe sin agus tabharfaidh sé an fíonghort d'á malairt. Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá 'n-a cloich chinn cúinne; Isé an Tighearna do dhein an nídh sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne? Agus bhíodar a d'iar- raidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d'fhágadar é agus d'imthígheadar. Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus i de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air 'n-a chaint. Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháigh- istir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní fhéachann tú chun gnúise aon duine, ach slígh Dé do mhúineadh do réir fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é? Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am' brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é. Agus thugadar chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Tugaidh, d'á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéan- ann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar; A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn: Má gheibheann dritháir dhuine bás agus go bhfágann sé a bhean, agus ná fágann sé clann 'n-a dhiaidh, go nglacfaidh a dhritháir an bhean, agus go dtóg- faidh sé clann d'á dhritháir. Ach bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair
sé bás gan clann fhágáilt. Agus do ghlac an tarna duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor fhág sé sin clann ach chómh beag. Agus an trímhadh fear ar an gcuma gcéadna. Agus do ghlac an mórsheisear í ar an gcuma san, agus niór fhágadar clann. I n-a ndiaidh go léir do fuair an bhean bás. D'á bhrígh sin, nuair thiocfaidh an aiseirighe, agus nuair a dh'eireó- chaid siad go léir, cé 'cu dhíobh gur leis an bhean? Óir bhí sí 'n-a mnaoi ag an mórsheisear. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá 'bhúr gcur amú gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómh- achtaibh Dé? Óir, nuair a dh'eireóchaid siad ó sna mairbh ní bheidh pósadh ná tabhairt le pósadh feasta, ach beid siad ar nós na n-aingeal ins na flathais. I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib. Ní do dhaoine marbha is Dia é ach do dhaoine atá beó. D'á bhrígh sin is mór atáthaoi-se amú. Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d'fhiafraigh sé dhe cad í an chéad aithne de sna h-aitheantaibh go léir. Agus d'fhreagair Íosa é: Isí an chéad aithne dhíobh go léir: Clois, a Israéil, is aon Dia amháin do Thígh- earna Dia-se; Agus grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód' chroídhe go h-iomlán, agus ót' anam go h-iomlán, agus ót' aigne go h-iomlán, agus ód' neart go h-iomlán. Siní an chéad aithne. Agus is cosmhail léi an tarna h-aithne Grádhfair do chómharsa mar thu féin. Ní'l aithne eile is mó ná iad san. Agus dubhairt an Sgríbhneóir leis: Maith, a Mháighistir. Do labhrais fírinne, aon gur b'eadh Dia, agus ná fuil ann ach é. Agus é ghrádhú ó chroidhe go h-iomlán, agus ó thuisgint go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart go h-iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san 'ná gach ídhbirt agus 'ná gach ofráil. Agus nuair a chonaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar,
dubhairt sé leis: Ní'lir-se abhfad ó rígheacht Dé. Agus niór leómhaigh aoinne é cheisdiú as san amach. Agus bhí Íosa ag teagasg sa teampul agus dubh- airt sé: Conus adeir na Sgríbhneóirí gur mac do Dháibhid Críost? Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh, Dubhairt an Tighearna lem' Thighearna, Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd' chosaibh. Mar sin, tugann Dáibhid féin a Thighearna air, agus conus atá sé 'n-a mhac aige? Agus d'éist an pobuil mór leis agus áthas ortha. Agus dubhairt sé leó agus é 'ghá dteagasg: Seach- naidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n-éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n-áit an mhargaidh; Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sina- gógaibh, agus ins na h-ineadaibh tusaigh chun búird; Ithid siad teaghlacha na mbaintreach ar sgáth úrnuighthe fada: Gheobhaid siad san an bhreith is truime. Agus do shuidh Íosa i n-aice áite an chiste, agus thug sé fé ndeara conus a chuireadh na daoine airgead isteach ann, agus do chuir a lán daoine saidhbhire mórán isteach ann. Agus do tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóig, 'sé sin feóirling. Agus ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach bhocht dhealbh so isteach sa chiste 'ná mar a chuir aoinne eile d'ár chuir rud ann; Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d'á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal. CAIBIDIOL XIII. An íde a bhí le teacht ar an dteampul, agus na cómharthaí atá le teacht roim lá an bhreitheamhantais. Agus nuair a bhí sé ag dul amach as an dteampul dubhairt duine dh'á dheisgiobuil leis: Féach, a Mháigh- istir, cad iad mar chlocha agus cad é mar dhéanamh! Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na
h-oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan leagadh. Agus bhí sé 'n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias 'ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh: Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na neithe seo go léir ar theacht chun cinn. Agus do chrom Íosa, 'ghá bhfreagradh, ar a rádh leó: Seachain agus ná mealladh aoinne sibh. Óir tiocfaidh a lán daoine am' ainim-se, agus déar- faid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. Ach nuair a dh'aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé an deire fós é. Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, agus beidh luas- gacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san. Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir. Agus nuair a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh. Óir déan- faidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha. Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m' ainim-se. Ach an t-é a bheidh seasamhach go deire isé a raghaidh slán. Ach nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa 'n-a seasamh sa n-áit nach dual (an t-é a léigheann tuigeadh sé), ansan an mhuintir atá i n-Iúdaéa teithidís chun na gcnoc. Agus an t-é bheidh ar bhuaic a thíghe ná tagadh sé anuas sa tigh agus ná téigheadh sé isteach chun ruda
bhreith as an dtigh; Agus an t-é a bheidh sa pháirc ná filleadh sé a d'iarraidh a bhrait. Agus is mairg do lucht clainne d'iompar agus do lucht clainne dh'oil- eamhaint ins na laethibh sin; Agus bídhidh ag guidhe gan iad a bheith sa gheimhre. Óir beidh ins na laethibh sin cruadhtan ná raibh a leithéid ann ó thusach an chruithniú a chruithnigh Dia go dtí anois, agus ná beidh. Agus mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha aige do chioruigh sé na laethanta. Agus anois má deir aoinne libh, Féach, tá Críost anso; féach, tá sé ansúd: ná creididh. Óir eireóchaid críosdana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí uatha agus iongnaí, chun na bhfíoraon féin do mhealladh, dá mb'fhéidir é. Tugaidh-se aire, d'á bhrígh sin; féach, tá gach nídh innste agam daoibh roim ré. Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dor- chóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, Agus beidh na réilte ag tuitim as an spéir, agus beidh na cómhachta atá ins na flathais d'á suathadh. Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht' agus glóire. Agus ansan cuirfidh sé a aingil amach agus cruinneóchaidh sé a fhíoraoin ó sna cheithre gaoithibh, ó fhíor-imeall an tailimh go fíor-imeall neimhe. Fóghlumuidh ó'n gcrann fíge soluíd. Nuair a bhíonn a géag bog agus an duilleabhar tagaithe is eól daoibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. Mar sin daoibh-se nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh fhios agaibh é bheith ins na dóirsibh buailte libh. Go deimhin a deirim libh, ní h-imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe seo go léir chun cinn. Raghaidh spéir agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh. Ní fios d'aoinne, ámhthach, an lá san ná an uair, d'á mb'iad na h-aingil ins na flathais iad, nó an Mac,
ach do'n Athair. Tugaidh aire, deinidh faire agus úrnuighthe; óir ní fios daoibh cathain a bheidh an t-am ann. Ar nós duine a dh'fhág a thigh agus d'imthigh i gcéin, agus a thug d'á sheirbhíseachaibh déanamh gach oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire dhéanamh; Deinidh-se faire, d'á bhrígh sin, (óir ní fios daoibh cathain a thiocfaidh an tighearna, um thráthnóna, i lár na h-oidhche, ar ghlaodach an choiligh, nó ar maidin) Le h-eagla, nuair a thiocfadh sé, gur i nbhúr gcodladh a gheobhadh sé sibh. Agus an rud a deirim libh-se deirim le gach aoinne é: Deinidh faire. CAIBIDIOL XIV. An chéad chuid de thuairisg páise Chríost. Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagairt agus na Sgríbhneóirí 'ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis. Ach dubh- radar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go n-eireóchadh achrann ameasg an phobuil. Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, 'n-a shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabas- tair aici d'ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a cheann. Agus bhí daoine láithreach agus tháinig fearg ortha, agus dubhradar 'n-a n-aigne féin: Cad chuige an bhásta san a dhéanamh ar an ola? D'fhéadfaí an ola san do dhíol ar níos mó 'ná trí chéad píosa airgid agus é thabhairt do sna bochtaibh. Agus bhíodar ag casaoid léi. Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. Óir táid na boicht i nbhúr bhfo- chair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a
dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní'limse i gcómh- nuighe agaibh. An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlactha. Go deimhin adeirim libh: pé áit 'n-a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici. Agus d'imthigh Iúdás Iscáriót, duine de'n dáréag, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó. Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealla- dar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas. Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis: Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an Cháisg d'ollamhú dhuit le n-ithe? Agus chuir sé uaidh beirt d'á dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa chathair agus casfar oraibh fear agus árthach uisge ar a mhuin aige; leanaidh é. Agus pé áit 'n-a raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an Máighistir, Cá bhfuil an seómra 'n-a n-íosfad an Cháisg i dteannta mo dheisgiobul? Agus taisbeánfaidh sé daoibh seómra mór, agus é curtha i dtreó, agus déinidh ollamhú dhúinn ann. Agus d'imthigh na deisgiobuil agus thánadar sa chathair, agus fuaradar mar a dubhairt sé, agus d'ollamhuigheadar an Cháisg. Agus nuair a bhí an trathnóna ann tháinig sé i n-aon- fheacht leis an dáréag. Agus nuair a bhíodar 'n-a suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta, agus díolfaidh sé mé. Agus tháinig buairt ortha, agus chromadar ar a rádh leis, 'n-a nduine a's 'n-a nduine: An mise é? Agus dubhairt sé leó: Duine de'n dáréag, duine a chuireann a lámh sa n-aon mhéis liom. Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha 'n-a thaobh; ach is ró-mhairg do'n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt
suas. B'fhearra dho'n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal. Agus an fhaid a bhíodar ag ithe do thóg Íosa arán agus bheannuigh sé é, agus bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus dubhairt sé: Glacaidh, ithidh; is é mo chorp é seo. Agus thóg sé cailís, agus ghaibh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh í, agus d'óladar go léir aisti. Agus dubhairt sé leó: Isí mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán. Go deimhin adeirim libh, ná h-ólfad feasda de'n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san 'n-a n-ólfad nua é i rígheacht Dé. Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, Buail- fead an t-aodhaire agus sgaipfar na caoire. Ach i tar éis m'aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí. Agus dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa. Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair. Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n-aon- fheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna. Agus thánadar chun na h-áite ar a dtugtar Get- sémané, agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh anso go ndeinead úrnuighthe. Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go dúbhach; Agus dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m'anam; fanaidh anso agus deinidh faire.
Agus d'imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair thairis dá mb'fhéidir é. Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa. Agus tháinig sé agus fuair sé 'n-a g-codladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad' chodladh ataoí? Nár fhéadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin? Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag. Agus d'imthigh sé airís, agus dhein sé an guidhe céadna ins na focalaibh céadna. Agus tháinig sé an tarna h-uair agus fuair sé 'n-a gcodladh iad, (óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh), agus ní fheadradar cad é an freagra thabharfaidís air. Agus tháinig sé an trímhadh h-uair agus dubhairt sé leó: Deinidh codladh anois agus suaimhneas. Ní beag é: tá an uair tag- aithe; féach, tabharfar Mac an Duine ar lámhaibh na bpeacach. Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus dúinn an fear a bhrathfaidh mé. Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de'n dáréag, agus sluagh mhór i n-aonfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbh- neóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus bataí acu. Agus bhí cómhartha tabhartha aige-sean dóibh, mar dubhairt sé: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; beiridh air agus tugaidh libh é go h-aireach. Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó. Agus ghreamuigheadar-san a lámha air, agus choimeádadar é. Agus tharaing duine d'á raibh láithreach claidheamh, agus bhuail sé seirbhí- seach an árdshagairt agus bhain sé an chluas de. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé: An dtánabhair amach, agus claidhmhte agus bataí agaibh, chun beirthe orm mar a thiocfadh sibh cun beirthe ar bhitheamhnach? Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra
do chómhlíonadh é. Ansan d'fhág a dheisgiobuil é agus do theitheadar go léir. Agus bhí buachaill 'ghá leanmhaint n-a raibh ball línéadaigh fan nochta a choím air, agus do rugadar air. Agus do sgaoil seisean an ball línéadaigh leó, agus d'imthigh sé uatha tárnocht. Agus thugadar Íosa leó i láthair an árdshagairt; agus do chruinnigh ann na sagairt go léir agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí. Agus do lean Peadar é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd- shagairt, agus bhí sé 'n-a shuidhe i dteannta na seirbh- íseach, chun na teine, 'ghá théidh féin. Agus bhí na h-árdshagairt agus an chómhairle go léir ag lorg fínné i gcoinnibh Iosa, chun é dhaoradh chun báis; agus bhí ag teip ortha. Agus bhí a lán ag tabhairt fiadhnaise bréige 'n-a choinnibh, ach níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. Agus d'eirigh daoine éigin agus thugadar fiadhnaise bhréige 'n-a choinnibh agus dubhradar: D'airigheamair-ne é agus dubhairt sé: An teampal so a deineadh le lámhaibh daoine, leagfad-sa é, agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le lámhaibh daoine é. Agus níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. Agus d'eirigh an t-árdshagart, i lár na h-áite, agus chuir sé ceist chun Íosa, agus dubhairt: Ná fuil aon fhreagra agat le tabhairt ar a bhfuil acu san 'á chur ad' leith? Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t-árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe? Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine 'n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe. Ansan do strac an t-árdshagart a bhrat, agus dubhairt sé: Cad ab aíl linn d'á thuille fínnithe? D'airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige. Agus do chrom cuid acu ar sheilí chaith- eamh air, agus ar a aghaidh do chlúdach agus ar é bhua-
ladh le dóirnibh, agus deiridís: Targair: agus bhí na seirbhísigh 'ghá bhualadh le n-a mbasaibh. Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine de chailíníbh aimsire an árdshagairt, Agus nuair a chonaic sí Peadar 'ghá théidh féin, d'fhéach sí air agus dubhairt sí: Agus do bhís-se leis i bhfochair Íosa Nasa- reit. Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní'l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d'imthigh sé amach lasmuigh de'n halla; agus do ghlaoidh an coileach. Agus do chonaic an cailín airís é, agus dubhairt sí leis an muintir a bhí 'n-a seasamh ann: Is duine acu súd é seo, Agus do shéan seisean airís. Agus tar éis tamaill bhig dubhairt an mhuintir a bhí 'n-a seasamh ann airís, le Peadar: Go deimhin is duine acu súd tu, mar is Gaililiach tu. Agus do chrom seisean ar easgainidhe agus ar a dhearbhú: Ní'l aon aithne agam ar an nduine sin adeireann sibh. Agus ansan do ghlaoidh an coileach an tarna h-uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach dhá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus chrom sé ar ghol. CAIBIDIOL XV. Tuairisg na páise ar leanmhaint. Agus ar maidin lár n-a mháireach go luath chuaidh uach- taráin na sagart i gcómhairle leis na seanóiríbh agus leis na Sgríbhneóiríbh, agus leis an gcómhairle choitchian, agus thugadar suas Íosa, gabhtha, do Phílát. Agus d'fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d'fhreagair seisean agus dubhairt: Deirir-se é. Agus do chuir uachtaráin na sagart a lán neithe 'n-a leith. Agus cheistigh Pílát airís é, agus dubhairt: Nách bhfuil aon fhreagra agat le tabhairt? Féach a bhfuil acu 'á chur ad' leith. Agus níor fhreagair Íosa focal eile, i dtreó go raibh iongna ar Phílát.
I gcaitheamh lae na féile, ámhthach, ba ghnáth leis aon phríosúnach amháin do leigint saor chúcha, aon phrío- súnach a iarrfidís. Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh'ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc. Agus tháinig an pobul agus chroma- dar ar iarraidh, mar ba ghnáth leis a dhéanamh dóibh. Agus d'fhreagair Pílát iad agus dubhairt sé: An toil libh go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha. Agus chuir na sagairt suas an pobul chun a rádh gur bh'é Barabbas a leigfeadh sé saor chúcha. Agus d'fhreagair Pílát airís iad agus dubhairt: Agus cad is toil libh a dhéanfad le rí na n-Iúdach? Agus do liúghadar airís: Céas é. Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Ach sin mar ab' aoirde do liúghadar: Céas é. Agus chun an phobuil do shásamh do leig Pílát Barabbas saor chúcha, agus thug sé Íosa le céasadh, tar éis a sgiúrsála. Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir, Agus chuireadar brat corcra uime agus d'fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í; Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach. Agus ansan do bhuailidís sa cheann é le cleith, agus chaithidís seile air, agus do chrom- aidís a nglúine 'ghá onórú. Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh. Agus bhí duine ag gabháil an bhóthair, n-ar bh' ainim dó Símón Círénéach, ag teacht ó'n dtuath, athair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus chuireadar fhéachaint air an chros a dh'iompar dó. Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n-a gciall- uighthear áit an chloiginn. Agus thugadar deoch dó fíon agus mirr tríd, agus níor ghlac sé é. Agus dó chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaigh, 'ghá gcur ar chrannaibh féachaint cé bhéarfadh gach ball díobh.
Agus bhí an trímhadh tráth ann, agus chéasadar é. Agus bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N-IÚDACH. Agus do chéasadar i n-aonfheacht leis beirt bhitheamh- nach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí. Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh. Agus na daoine ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, agus chrothaidís a gceann agus deiridís: Bháth! do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá: Saor thu féin anois, agus tar anuas de'n chrois. Mar an gcéadna uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint le chéile ag déanamh magaidh: Shábháil sé daoine eile, adeiridís; ní'l ar a chumas é féin do shábháil. Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de'n chrois anois go bhfeic- eam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n-a aice thugadar masla dhó. Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doir- cheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth. Agus sa naomhadh tráth do ghlaoidh Íosa do ghuth árd: Elóí, Elóí, lamá sabactání? nídh a míníghthear mar seo: A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus dubhairt cuid d'á raibh láithreach: Féach, tá sé ag glaodhach ar Elias. Agus do rith duine acu agus do líon sé spúinse d' fhínéigir agus chuir sé ar bhata é, agus thug sé dhó é le n-ól, agus dubhairt sé: Fanaidh go bhfeiceam an dtiocfaidh Elias chun é thógaint anuas. Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d'éag sé. Agus do stracadh brat an teampail 'n-a dhá chuid ó bharr go bun. Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí 'n-a sheasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bás agus an guth árd san aige d'á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob' é Mac Dé an duine sin. Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig
agus Ióseiph, agus Salómé; Agus siniad a bhíodh 'ghá leanmhaint agus ag friothálamh air nuair a bhíodh sé i nGaililí; agus a lán ban eile a tháinig i n-aonfheacht leis ainíos go Ierúsalem. Agus nuair a bhí an déanaíghe ann, (óir b' é lá an ollamhuighthe é, a thagann roimis an sabbóid), Tháinig Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d'iarr sé corp Íosa air, Agus bhí iongna ar Phílát a rádh go mbeadh sé tar éis bháis cheana féin. Agus chuir sé fios ar an dtaoiseach céad agus d'fhiafraigh sé dhe an raibh sé tar éis bháis. Agus nuair a fuair sé amach ó'n dtaoiseach céad go raibh, d'órduigh sé an corp do thabhairt do Ióseph. Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó'n gcrois é, agus d'fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a' caraig, agus d'iompuigh sé leac chun doruis an tuama. Agus bhí Máire Mhagdalén agus Máire (máthair) Ióseiph ag féachaint ar an áit 'n-ar cuireadh é. CAIBIDIOL XVI. Aiseiríghe Chríost agus a dheasgabháil. Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa. Agus thánadar go h-ana-mhoch, ar maidin an chéad lae de'n tseachtmhain, go dtí an tuama, agus bhí an ghrian 'n-a suidhe; Agus bhíodar 'ghá rádh le n-a chéile: Cé dh'iompóchaidh siar an chloch
dúinn ó bhéal an tuama? Agus nuair fhéachadar chon- acadar an chloch iompuighthe siar. Agus cloch ana- mhór ab eadh í. Agus chuadar isteach sa tuama agus chonacadar an fear óg 'n-a shuidhe ar thaobh na lámha deise agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha. Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D'eirigh sé; ní'l sé anso; féach an áit 'n-ar chuireadar é. Ach imthighidh, agus innsidh d'á dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n-áit sin é, mar adubhairt sé libh. Ach do ritheadar amach as an uaigh, mar do tháinig sgannra agus critheagla ortha, agus ní dubhradar focal le h-aoinne, mar bhí an t-eagal ortha. Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de'n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain. Agus d'imthigh sí sin agus d'innis sí é do'n mhuintir a bhíodh i n-a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi. Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal. Agus 'n-a dhiaidh san do thaisbeáin sé é féin i gcruth eile do bheirt acu agus iad ag siubhal, ag dul fá'n dtuath. Agus thána- dar san agus d'innseadar do'n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag. Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu 'n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúr- chroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe. Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do'n uile chréatúir. An té a chreidfhidh agus a baist- far saorfar é: an té, ámh, ná creidfidh, daorfar é. Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreid- fidh: Cuirfid siad deamhain a' seilbh am' ainim-se: Labharfaid siad i dteangthachaibh nua. Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbh-
uightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar dhaoine breóite agus beid siad go maith. Agus an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, do tógadh suas ar neamh é, agus tá sé 'n-a shuidhe ar deas- láimh Dé. Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh 'ghá leanmhaint.
SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST do réir LÚCÁIS I n-Antíoch príomh-chathair na Síria iseadh do rugadh Lúcás Naomhtha. Liagh ab eadh é, agus deir cuid de sna seana-sgríbhneóirí go raibh sé n-a phéintéir oilte. D'iompuigh Pól naomhtha 'n-a Chríostaidhe é agus bhí sé aige 'n-a dheisgiobul agus 'n-a chom- rádaidhe ar a chuardaíbh, agus ag obair 'n-a theannta i ngnó an tSoisgéil. Do sgríbh sé i nGréigis, tímpal cheithre bliana fichid tar éis deasgabhála ár dTighearna. CAIBIDIOL I. Coimbeart Eoin Baiste, agus coimbeart Chríost. Cuairt na Maighdine Muire, agus a cantic. Teacht Eóin Baiste ar an saoghal, agus cantic Sacariais. Ó thárla go bhfuil iarracht déanta agá lán daoine ar chúntas a thabhairt, i ndiaidh chéile, ar na neithibh seo atá tagaithe chun cinn i n-ár measg, Fé mar a tugadh dúinn iad ó sna daoine a chonaic iad le n-a súilibh agus do dhein friothálamh ar an gcaint, Cheapas féin go bhféach- fainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se, a Théophiluis uasail, I dtreó go mbeadh agat fios fírinne na bhfocal a múineadh duit. Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh'ainim Sacarias, d'uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.
Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim. Agus ní raibh clann acu, mar bhí Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta. Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige 'á dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé, Gur bh'air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun na túise do dhóghadh. Agus bhí an pobul mór go léir amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. Agus do taisbeánadh dó aingeal an Tighearna 'n-a sheasamh ar dheis altórach na túise. Agus tháinig buaireamh agus eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é. Agus dubh- airt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shaca- riais, óir tá éistithe le t' ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air; Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal. Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de'n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin. Agus iom- póchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia. Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d'iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d'iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d'ollamhú do'n Tighearna. Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim- se am' sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta. Agus d'fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am' sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobh- sgaoileadh dhuit. Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá 'n-a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thioc- faidh chun cinn 'n-a h-aimsir féin. Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul. Agus nuair a tháinig sé amach ní fhéadfadh sé labhairt leó, agus bhí
'fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air. Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin. Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d'fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí: Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh 'n-ar fhéach sé orm agus 'n-ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine. Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t-aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh'ainim Nasaret, ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh'ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do'n mhaighdin. Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbean- nuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad' fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh. Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhacht- nuigh sí cad é an saghas an beannú san. Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé. Féach, geobhair gein ad' bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa mar ainim air. Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; agus beidh sé 'n-a rí i dteaghlach Iácóib go deó. Agus ní beidh deire le n-a rígheacht. Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa? Agus d'fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d'á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé. Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi. Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia. Ansan dubhairt Muire: Féach, mise cailín an Tighearna, deintear liom do réir t'fhocail. Agus d'imthigh an t-aingeal uaithi.
Agus d'eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d'imthigh gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach. Agus tháinig sí isteach i dtigh Shacariais, agus bhean- nuigh sí d'Elisabet. Agus do thárla, nuair a dh'airigh Elisabet beannachadh Mhuire gur léim an leanbh a bhí 'n-a broinn, agus do líonadh Elisabet de'n Spioraid Naomh. Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubh- airt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is bean- nuighthe toradh do bhroinne. Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm? Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta am' chluasaibh do léim an leanbh le h-áthas am' broinn. Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíon- far duit na neithe a gealladh duit ó'n dTighearna. Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m'anam-sa do'n Tighearna, Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheóir; Óir d'fhéach sé ar ísleacht a chailín; mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom. Óir do dhein an t-é atá cómhachtach neithe móra dhom, agus is naomhtha a ainim. Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla. D'oibrigh sé cómhacht le n-a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair 'n-a gcroidhe agus 'n-a n-aigne. Do leag sé lucht cómhacht ó n-a gcathaoireachaibh ríoga, agus d'árduigh sé lucht na h-úmhluigheachta. Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris. Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó ar a thrócaire; Fé mar a labhair sé le n-ár n-aithreach- aibh le h-Ábraham agus le n-a shliocht go deó. Agus d'fhan Muire 'n-a fochair-sin tímpal trí mhí, agus ansan tháinig sí chun a tighe féin.
Agus tháinig aimsir Elisabet chun a clainne chur di, agus do rug sí mac. Agus d'airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi. Agus nuair a tháinig an t-ochtmhadh lá, do tánathas chun tím- pal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar. Agus d'fhreagair a mháthair agus dubhairt sí: Ní h-eadh, ach Eóin a tabharfar air. Agus dubhradar léi: Ar ndó, ní'l aoinne ar do ghaoltaibh-se go bhfuil an ainim sin air. Agus do bhagradar ar a athair cad é an ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh. Agus d'iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir. Agus do h-osgladh láithreach a bhéal agus a theanga dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia. Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h-innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad. Agus gach aoinne a dh'airigh iad choim- eád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball 'n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis. Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo: Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d'fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú; Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a sheirbhíseach. Fé mar a labhair sé tré bhéal na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach. Saoradh dhúinn ó n-ár namhaid, agus ó láimh gach n-aon a thug fuath dhúinn, Ag déanamh trócaire ar ár n-aithreach- aibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bhean- nuighthe féin. An dearbhú a dhearbhuigh sé d'ár n-athair Ábraham a thabharfadh sé dhúinn, Go ndéanfaimís, gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lámhaibh ár
namhad, I naomhthacht agus i bhfíoraontacht 'n-a láthair, gach lá dh'ár saoghal. Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd- Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó, Ag tabhairt eóluis slánuighthe d'á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh; Tré inníbh trócaire ár nDia, n-ar tháinig 'ghár bhféachaint an lóchaint a' doimhneas na bhflathas. Chun soluis a thabhairt do'n mhuintir atá 'n-a suidhe i ndorchadas agus fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na síothchána. Agus d'fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá 'n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil. CAIBIDIOL II. Beirtear Críost. Tugtar do'n Tighearna é. Targaireacht Simeón. Faghtar Críost, i n-aoís a dhá bhlian déag, ameasg na ndochtúirí. Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir. Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n' uachtarán ar crích Síria. Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d'áireamh, gach aoinne 'n-a chathair féin. Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. Chun go ndéanfaí é dh'áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan- chéile a bhí ag iompar clainne. Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir chun na clainne do bhreith; Agus do rug sí a
mac, a céadghein, agus d'fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí 'n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda. Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad. Agus féach, tháinig aingeal ó'n dTighearna agus sheasaimh sé 'n-a n-aice, agus do las solus Dé 'n-a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha. Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, 'sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n-éadaighibh 'n-a luighe i mainséar. Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: Glóire do Dhia ins na flathais go h-árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne. Agus do thárla, nuair a dh'imthigh na h-aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an bria- thar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn. Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh 'n-a luighe sa mhainséar. Agus nuair a chonacadar do thuigeadar 'n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh'innis na h-aodhairí dhóibh. Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú 'n-a croidhe. Agus d'fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó. Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh
mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa bhroinn. Agus nuair a bhí laethanta a h-íodhnuighthe caithte do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é, Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tigh- earna é. Agus chun go dtabharfaidís an ofráil mar a h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir. Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh'ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann. Agus do tugadh foillsiú dhó ó'n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tigh- earna. Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa team- pul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó, Do thóg seisean chuige i n'ucht é, agus thug sé moladh do Dhia agus dubhairt sé: Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do sheirbhíseach, do réir t'fhocail i síothcháin, Óir chonaic mo shúile do shlánú, A dh'ollamhuighis os cómhair na bpobal go léir; Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d'phobul féin Israél. Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d'á rádh 'n-a thaobh; Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe d'á lán i n-Israél, agus chun bheith 'n-a chómh- artha a gheobhaidh diúltadh; Agus raghaidh claidheamh
tré t'anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe. Agus ban-fháidh dob' eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n-a h-óige do chaitheamh agá fear, Agus bhí sí sin 'n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhágadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d'oidhche. Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d'ad- mhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí 'n-a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil. Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d'fhilleadar go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret. Agus d'fhás an mac agus do neartuigh sé, lán d'eagna, agus bhí grásta Dé ann. Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile, Agus nuair a bhí na laethanta caithte agus iad ag filleadh d'fhan an mac, Íosa, i n-Ierú- salem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. Cheapa- dar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar 'ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, Ach ní bhfuara- dar é, agus d'fhilleadar go Ierúsalem, 'ghá lorg. Agus do thárla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampul 'n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus 'ghá gceisdiú. Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t'athair agus mise go buartha ar do lorg. Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh 'fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m'Athair? Agus níor thuigeadar-san an focal a labhair sé leó. Agus d'fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh.
Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir 'n-a croidhe féin. Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. CAIBIDIOL III. Missiún Eóin agus a sheanmóiniú. Críost dá bhaisteadh aige. Sa chúigmhadh bliain déag d'ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n'uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród 'n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib 'n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias 'n-a thetrarc ar Abilína, I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach. Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí, Mar atá sgríobhtha i Leabhar na bhfocal adubhairt Isaias fáidh: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d'ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam 'n-a dhíreach agus gach garbh 'n-a shlígh réidh, Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia. Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó'n ndíbhfeirg atá ag teacht? Tugaidh uaibh, d'á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n'athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na cloch- aibh sin. Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é. Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad
'tá le déanamh againn má 'seadh? Agus d'fhreagair sé agus dubhairt leó: An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do'n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna. Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn? Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níos mó 'ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh. Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal. Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh 'n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb'fhéidir gur bh'é Críost é. Agus d'fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise 'ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baist- fidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. Tá a ghaothrán 'n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach 'n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh. Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine 'ghá gcómhairliú. Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród, Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún. Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh'á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir, Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann. Agus bhí Íosa féin ag dul 'n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, 'n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph,
mac Hélí, mic Mathat, mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna, mic Ióseph, Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge, Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseph, mic Iúda. Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, Mic Melchí, mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir, Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic Lebhí, Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain, mic Eliacim, Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid, Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, Mic Aminadaibh, mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda. Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim mic Tárá, mic Nachór, Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir, mic Sale, Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lamech, Mic Matúsala, mic Enóch, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé. CAIBIDIOL IV. Trosgadh Chríost agus cath d'á chur air. Géarleanmhaint air i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum. Agus bhí Íosa lán de'n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó'n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é, Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó'n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air. Agus dubhairt an diabhal leis: Má's tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. Agus d'fhreagair Íosa é: Tá
sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé dho, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir, Agus dubhairt sé leis: Tabharfad- sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngra- dam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m'rogha duine. D'á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh'adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobh- tha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déan- fair seirbhís dó san amháin. Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé 'n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má's tu Mac De caith thu féin le fánaidh; Óir tá sgríobhtha: Gur thug sé órdú ad' thaobh d'á aingealaibh go ndéan- faidís tu thabhairt saor, Agus go ndéanfaidís tu ghabháil 'n-a nglacaibh sar a' mbuailfá do chos i gcoinn- ibh cloiche. Agus dubhairt Íosa 'ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia. Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d'imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire. Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-ais go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir. Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir 'ghá mholadh. Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide isteach sa tsinagóig, agus d'eirigh sé 'n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh. Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d'osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite 'n-a raibh sgríobhtha: Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d'á bhrígh sin d'ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna boch- taibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas, Chun fuasgailte dh'fhógairt do'n mhuintir atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus
dul as do'n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana fabhair an Tighearna a dh'fhógairt, agus lae an tuaras- dail. Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do'n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air. Agus thusnuigh sé ar a rádh leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob' iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh'airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad' dhúthaigh féin iad. Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n'fháidh 'n-a dhúthaigh féin. Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir: Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias ach ag triall ar an mnaoi a bhí 'n-a baintrigh i Sarepta Shidónia. Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Eli- saéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman an Síriánach. Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d'fheirg nuair airigheadar an chaint sin. Agus d'eir- igheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. Ach do ghluais sé tré n-a lár agus d'imthigh sé uatha. Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid. Agus cuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige. Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamh- ghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, Agus dubhairt: Leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá 'fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.
Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d'imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó. Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhíodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-ann- spridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach? Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de'n tír. Agus nuair eirigh Íosa ó'n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son. Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d'órduigh sé do'n éagcruas imtheacht, agus d'imthigh an t-éagcruas di. Agus d'eirigh sí láith- reach agus dhein sí friothálamh ortha. Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar 'ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad. Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d'aithnighdís gur bh'é Críost é. Agus nuair tháinig an lá d'imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte 'ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite 'n-a raibh sé, agus bhío- dar 'ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha. Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé. Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.
CAIBIDIOL V. An tógáilt mhírbhúilteach éisg. Leigheas an Lobhair, agus Leigheas an duine a bhí gan lúth. Maitiú d'á ghlaodhach. Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin 'n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit. Agus do chonaic sé dhá luing 'n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta. Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d'iarr sé air druidim tamaillín amach ó'n dtír- Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó 'n luing. Nuair a stad sé de'n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé'n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a thógaint. Agus d'fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon. Dheineadar san, agus do ghabhdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raibh an líon d'á bhriseadh ortha. Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge. Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n' fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu; Agus mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda. Agus chuireadar a loing- eas ar tír, agus d'fhágadar gach nídh 'n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean. Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach, tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a's ar a aghaidh, agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má's toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. Agus do shín
sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d'imthigh an lobhra dhe láithreach. Agus dubhairt sé leis gan é dh'innsint d'aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do'n tsagart, agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a dh'órduigh Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin. Ach sin mar ba mhó do leath an chaint 'n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus d'imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe. Agus do thárla, lá, go raibh sé 'n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh 'n-a suidhe ann, agus doch- túirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó'n dTighearna ag dul chun a slánuighthe. Agus féach, daoine agus fear acu d'á iompar ar thocht, agus é gan lúth, agus bhíodar a d'iarraidh é bhreith isteach agus é chur 'n-a láthair; Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa. Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit. Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann dia- mhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin? Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d'fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé'cu is usa a rádh, Maith- tear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad' sheasamh agus siubhluigh? Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth), Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus imthigh chun do thighe féin. Agus d'eirigh an duine láith- reach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé 'n-a luighe, agus d'imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé. Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán
d'eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongan- tacha indiu. Agus tar éis an méid sin d'imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh' ainim Lebhí 'n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d'fhág seisean gach nídh 'n-a dhiaidh, agus d'eirigh sé agus do lean sé é. Agus do dhein Lebhí féasta múr dó 'n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí 'n-a suidhe chun bídh 'n-a bhfochair. Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach? Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite. Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aith- righe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe. Ach dubhradar-san: Cad 'n-a thaobh go mbíd deisgio- buil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól? Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an céile 'n-a bhfochair? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad tros- gadh ins na laethantaibh sin. Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de'n éadach nua ní oirfeadh sé do'n tsean-éadach. Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair. Ach ní foláir an fíon nua do chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an sean-fhíon.
CAIBIDIOL VI. Críost ag gabháil leathsgéil a dheisgiobol. Leigheas d'á dhéanamh aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoghadh aige agus seanmóin aige á thabhairt dóibh. Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh arbhair an tarna céadshabbóid, agus go raibh na deis- giobuil ag stathadh na ndias agus 'ghá gcimilt idir a mbasaibh agus 'ghá n-ithe. Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n'fhochair? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise agus d'ith, agus thug sé do'n mhuintir a bhí i n'fhochair, agus ní dleaghthach d'aoinne iad a dh'ithe ach do sna sagairt? Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin. Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg; agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe. Agus bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a' ndéanfadh sé an leigheas lá na sab- bóide, agus go mbeadh nídh acu le cur 'n-a leith. Ach bhí fios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d'eirigh agus do sheasaimh. Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé 'cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhil- leadh? Agus d'fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubh- airt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige. Agus bhíodar-san lán de mhí-
chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa. Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé. Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san; Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, Agus Iúdás dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é. Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheis- giobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige, Daoine a tháinig chun go n-éist- fidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an mhuintir a bhí d'á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad. Agus bhí an tsluagh go léir a d'iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne. Agus thóg sé suas a shúile agus d'fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a dhaoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé. Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh. Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach 'n-a droch-ainim, mar gheall ar Mac an Duine. Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mór- tais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh. Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.
Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi. Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag bean- nachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa. Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: Tugaidh grádh d'bhúr namhaid, deinidh maith do'n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh. Tugaidh beannacht do'n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh. Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iom- puigh chuige an leaca eile agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith. Gach aoinne a dh'iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é. Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó. Má thugann sibh grádh do'n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do'n mhuin- tir a thugann grádh dhóibh. Agus má dheineann sibh maith do'n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid na peacacha an nídh sin. Agus má thugann sibh iasacht do'n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh ias- acht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh'fhághail thar n-ais. Ach deinidh-se grádh thabhairt d'bhúr namh- aid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh'á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine. Bídhidh, d'á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach. Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar
daoibh. Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómh- as maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais. Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg? Ní'l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir. Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad' shúil féin? Nó conus is féidir duit a rádh le t'bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do shúil, agus ná feiceann tú an tsail ad' shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a' súil do bhráthar. Óir ní'l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh. Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach. Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a' deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a' droch-stór a chroidhe; óir a' flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal. Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, A Thigh- earna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim? Gach duine a thagann chúgham-sa agus d'éisteann le m' chaint agus a dheineann d'á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é: Is cos- mhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé dain- gean ar an gcaraig. Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile 'n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.
CAIBIDIOL VII. Seirbhíseach an taoisigh céad dá leigheas ag Críost Mac na baintirighe da thógaint ó'n mbás aige. Freagra uaidh do sna teachtairí a tháinig ó Eóin, agus maitheamhnachas 'á thabhairt aige do'n pheacach aithrígheach. Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, tháinig sé isteach go Capharnaum. Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seir- bhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis. Agus d'airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha 'ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d'iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar: Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó, Óir tá grádh aige d'ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg dúinn. Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhío- dar tagaithe i n-achmaireacht do'n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m'dhíon isteach: Is uime sin nár thuigeas gur bh'fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhíseach slán. Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m'sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é. Agus nuair a dh'airigh Íosa an méid sin dhein sé iongna dhe, agus d'iompuigh sé chun na ndaoine a bhí 'ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní'l a leithéid sin de chreid- eamh fághalta agam i n-Israél féin. Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é. Agus do thárla 'n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheis- giobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór. Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d'á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair,
agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi. Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bí ag gol. Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh. Agus d'eirigh an duine marbh 'n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d'á mháthair é. Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubh- radar: Tá fáidh mór eirighthe 'n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine. Agus do leath an focal san amach 'n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal; Agus d'innseadar a dheisgiobuil d'Eóin na neithe sin go léir. Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d'á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad 'ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a' bhfuil orainn feith- eamh le duine eile? Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn 'ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngal- araibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall. Ansan d'fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d' Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chona- cabhair; radharc 'á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d'á nglanadh, éisteacht 'á thabh- airt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soi- sgéal d'á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh. Agus is aoibhinn do'n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa. Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad 'á dh'fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d'á shuathadh le gaoith an eadh? Ach cad 'á dh'fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh. Ach cad a bhí
uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó 'ná fáidh. Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: Féach, tá m'aingeal agam d'á chur rómhat amach agus oll- mhóchaidh sé do shlígh rómhat. Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní'l fáidh is mó 'na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é 'ná eisean. Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puiblio- cánaigh an chaint sin d'admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin. Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé 'n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin. Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d'á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad? Is cosmhail iad le leanbhaí 'n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair. Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin 'ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann. Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh'ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus tá an eagna ceartuighthe ó n-a clainn féin go léir. Agus d'iarr duine de sna Fairísinigh air dul agus bia chaitheamh i n' fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird. Agus féach bhí bean a bhí 'n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastsom ola, Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh. Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh
dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n'aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir. Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt; bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile. Ní raibh ar chumas aoinne acu díoluigheacht a dhéanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé 'cu de'n bheirt is mó grádh dhó? Agus d'fhreagair Símón agus dubhirt: Measaim gur b'é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart. Agus d'iom- puigh sé chun na mná, agus dubhairt sé le Símón: An bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad' thigh- se, níor thugais-se dhom uisge dom' chosaibh; ach do nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí iad le n-a gruaig. Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d'ong s seo mo chosa le h-ola. D'á bhrígh sin adeirim leat: íTáid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d'á maithtear an beagán is beagán a ghrádh. Agus dubhairt sé léi-se: Táid na peacaí maithte dhuit. Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd ar a rádh 'n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann chómh fada le peacaí mhaitheamh? Agus dubhairt seis- ean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.
CAIBIDIOL VIII. Parabal an tsíl. An stoirm d'á ciúnú ag Críost. An legion deamhan d'á gcur amach aige. An ghluaiseacht fola d'á leigheas, agus inghean Iaíruis d'á tógaint ón mbás aige. Agus do thárla, 'n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabháil tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis. Agus raint ban a saoradh ó ann- spridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ar a dtugtar Mag- dalén, n-ar imthigh na seacht ndeamhain aisti, Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin. Agus tráth d'á raibh sluagh ana-mhór cruinnighthe, agus iad ag ruith amach as na catharachaibh ag triall air, dubhairt sé, i bhfuirm soluíde: Chuaidh curadóir amach ag cur a chod' síl; agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid de i n-aice an bhóthair; agus do gabhadh do chosaibh ann, agus d'ithead- ar éanlaithe an aeir é. Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d'fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úr- mhaireacht aige. Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d'fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é. Agus do thuit tuille dhe sa talamh fóghanta agus d'fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé. Agus d'fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh'aithint; do'n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí. I dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís. Sidí an tsoluíd. Isé briathar Dé an síol. An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal 'n-a
dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl. An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a dh'airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múch- tar iad agus ní thugaid siad toradh. Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang. Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinn- leóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. Óir ní'l rud i bhfolach ná nocht- far, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte. Féachaidh, d'á bhrígh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabhar- far dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige. Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an sluagh. Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre 'n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu dh'fheisgint. Agus d'fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh'éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d'á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre. Agus do thárla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh. Agus an fhaid a bhíodar-san ag cur na slíghe dhíobh do chuaidh seisean a chodla. Agus tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhíodar d'á líonadh agus bhíodar i gcontabhairt. Agus thánadar
chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an bás againn. Agus d'eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas. Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad 'ghá rádh le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigh- eann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air? Agus do sheóladar an long go tír na nGeras- énach atá ar aghaidh Ghaililí anonn. Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh dea- mhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh. Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dta- lamh 'n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh. Óir bhí sé 'ghá órdú do'n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé'n bhfásach é. Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann. Agus bhíodar 'ghá iarraidh air gan a dh'órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis. Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d'iar- radar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig. Ansan d'imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad. Agus nuair chonaic an lucht fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d'inns- eadar sa chathair é agus ins na bailtibh. Agus tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach, agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, 'n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, 'n-a ghlan-mheabhair agus éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus bhí eagal ortha. Agus an mhuintir a chonaic é d'inns-
eadar dóibh conus a slánuigheadh é ó'n Leigión; Agus d'iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé ar bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais. Agus an fear gur imthigh na deamhain as d'iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d'imthigh sé agus d'fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó. Agus do thárla, ar a theacht thar n-ais d'Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feith- eamh leis. Agus féach, tháinig chuige fear dár b' ainim Iaírus, agus dob' é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa 'ghá iarraidh air dul chun a thighe, Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do thárla go raibh an tsluagh ag brúth air. Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod' fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas; Agus tháinig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici. Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n'fhoch- air: A Mháighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at' chiapadh, agus a' ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim. Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d'innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a 'nghean ó; imthigh leat i síothcháin. Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uach- taráin na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá
t'inghean thar éis bháis, ná bí 'ghá chur chun trioblóide. Agus d'airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán. Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín. Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi 'n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codla. Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh. Ach do rug sé féin ar láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d'eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. Agus bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh'innsint d'aoinne cad a bhí tuitithe amach. CAIBIDIOL IX. Na h Asboil dá gcur amach ag Críost. Bia dá thabhairt aige do chúig mhíle duine a' chúig bhulógaibh. an t-Atharú gné do theacht air. Deamhan a' duine dá chur amach aige. Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh. Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite. Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh; Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann, agus ná h-imthighidh amach as. Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d'bhúr gcosaibh mar fhiadh- nuise 'n-a gcoinnibh. Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigh- eas ins gach aon bhall.
Agus d'airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige 'á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine, Gur bh'é Eóin a dh'eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh'é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh'eirigh. Agus dubhairt Héród: Bhaineas-sa an ceann d'Eóin; ach cé h-é seo go n-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé a d'iarraidh é dh'fheisgint. Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d'innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh'ainim Betsaida. Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad. Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso. Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní'l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do'n tsluagh mhór so go léir. Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh 'n-a suidhe iad 'n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain. Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine go léir 'n-a suidhe. Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d'fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d'á dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. Agus d'ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh. Agus do thárla, nuair a bhí sé i n'aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n'fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? Agus
d'fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh'eirigh duine de sna sean-fháidhibh. Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is mé? Agus d'fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Críost Dé. Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt leó gan an nídh sin a dh'innsint d'aoinne, 'Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d'fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá. Agus dubhairt sé leó uile: Má's áil le h-aoinne teacht am' dhiaidh séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé. Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam. Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? Óir an t-é do ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé 'n-a ghradam agus i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha, Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine 'n-a sea- samh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígh- eacht Dé. Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh. Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d'athruigh a ghnúis, agus d'iompuigh a chuid éadaigh geal, taith- neamhach. Agus féach, bhí beirt ag cómhrádh leis, agus Maois agus Elias iad san. Do chonacthas iad i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhás, an bás a bhí aige le críochnú i nIerúsalem. Agus tháinig mairbh- itíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n'fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chona- cadar a ghradam, agus an bheirt a bhí 'n-a seasamh 'n-a
theannta. Agus do thárla, nuair a bhíodar ag im- theacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh'á rádh. Agus an fhaid a bhí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a bhíodar ag dul isteach sa sgamall. Agus do labh- air guth as an sgamall agus dubhairt: Isé seo mo Mhac dílis-se; deinidh éisteacht leis. Agus le linn an ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n'aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d'aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar. Agus do thárla, an lá 'n-a dhiaidh san, ag teacht anuas ó'n gcnoc dóibh, gur bhuail sluagh mhór uime. Agus féach, do labhair duine de'n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Mháighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní'l agam ach é; Agus féach, beireann an deamhan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé 'ghá leagadh agus 'ghá stracadh as a chéile, agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis ach 'ghá stracadh. Agus d'iarras ar do dheisgiobuil é chur amach, agus do theip sé ortha. Agus d'fhreag- air Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creid- eamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh? Tabhair anso do mhac. Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé 'ghá stracadh. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d'á athair é. Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige 'á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine. Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus níor leig eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin.
Agus d'eirigh tnúth eatartha féachaint cé 'cu dhíobh ba mhó. Agus chonaic Íosa na smuínte a bhí 'n-a gcroidhe, agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé 'n-a sheasamh i n'aice é. Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am' ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó. Agus d'fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad' ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé linne. Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar, an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé libh. Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabh- ála d'á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem. Agus chuir sé teachtairí roimis amach, agus chuadar isteach i gcathair de chatharachaibh na Samaritánach chun neithe chur i dtreó dhó. Agus níor leigeadar isteach é toisg a ghnúis a bheith daingean ar dhul go Ierúsalem. Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: A Thigh- earna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh? Agus d'iompuigh sé ortha agus thug sé milleán dóibh, agus dubhairt sé: Ní fios daoibh an spioraid atá ionaibh. Ní chun anam- nacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d'imthigheadar go baile eile. Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubh- airt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna, pé ball 'n-a ngeobhair. Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac an Duine ní'l áit 'n-a leigfeadh sé a cheann. Dubhairt sé, ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt seisean: A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m'athair do chur. Agus dubhairt Íosa leis: Leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein
rígheacht Dé d'fhógairt. Agus dubhairt duine eile: Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é dh'innsint do'n mhuintir atá sa bhaile. Dubhairt Íosa leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní'l sé oireamh- nach do rígheacht Dé. CAIBIDIOL X. Teagasg ag Críost á thabhairt do'n dáréag as trí fichid deisgiobul. Iad dá gcur amach chun oibre. An Samaritánach fóghanta. Tar éis na neith sin do cheap an Tighearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, 'n-a mbeirt a's 'n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann. Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d'á bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair. Imthighidh: Féach, táim 'bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh ameasg machtírí. Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d'aoinne ar an slígh. Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. Agus má's mac síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air; murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh. Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair; Agus leighisidh na daoine breóite sa chath- air sin, agus abraidh leó, Ta rígheacht Dé buailte libh. Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh: Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcos- aibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach bíodh
fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht. Deirim libh gur saoire a raghaidh muintir Shodom as an lá san 'ná mar a raghaidh muintir na catharach san. Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg duit-se, a Bhet- sáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbh- úiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu 'n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaith- righ. Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón as lá an bhreitheamhntais 'ná mar a raghaidh sibh-se as. Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh, curfar síos tu go h-ifreann. An t-é a dh'éisteann libh-se, is liom-sa a dh'éis- teann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do'n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne. Agus tháinig an dáréag a's trí fichid thar n-ais agus gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid na deamhain féin fé n-ár smacht tré t'ainim-se. Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Shátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. Sa n-am gcéadna ná bíodh gáirdeachas oraibh toisg spioraidí bheith fé nbhúr smacht, ach bíodh gáirdeachas oraibh toisg bhúr n-ainimneacha bheith sgríobhtha ins na flathais. Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirde- achas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admh- uighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b'é sin do thoil. Do thug m'Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d'aoinne cé h-é an Mac ach do'n Athair, ná cé h-é an t-Athair
ach do'n Mhac agus do'n t-é d'ár toil leis an Mac é dh'fhoillsiú. Agus d'iompuigh sé chun a dheisgiobul, agus dubhairt sé: Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn na neithe a chíonn sibh-se. Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh'fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad. Agus féach, d'eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú? Agus dubhairt seisean leis: Cad 'tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú? Agus d'fhreagair sé agus dubhairt: Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d'chroidhe go h-iomlán, agus ó t'anam go h-iomlán, agus ó d'neart go h-iomlán, agus ó t'aigne go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. Agus dubhairt sei- sean leis: Thugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d'iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa? Agus dubhairt Íosa 'ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabha- dar air, agus d'imthigheadar agus d'fhágadar 'n-a ndiaidh é leathmharbh. Agus do thárla go raibh sagart ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. Mar an gcéadna do thárla go raibh Lebhíteach i n-aice na h-áite, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó; Agus chuaidh sé anonn chuige agus do chean- gail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó. Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do 'n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. Cé
'cu de'n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do'n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach? Agus dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar an gcéadna. Do thárla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh' ainim Marta isteach 'n-a tigh féin é. Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh'ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar. Agus bhí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam' dhrifiúr? Abair léi anois con- gnamh a thabhairt dom. Agus d'fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a'd chur thré chéile agus ag cur buartha ort, Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é. CAIBIDIOL XI. Críost ghá mhúineadh d'á dheisgiobolaibh conas guidhe chun Dé. Deamhan bailbhe dá chur amach a' duine aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá bhfógairt ortha, tré na bhfeall. Agus do thárla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh'á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe dhéanamh fé mar a theagaisg Eóin d'á dheis- giobuil. Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t'ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laethamhail tabhair dúinn indiu. Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do
chách a dheineann cionta i n-ár n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc. Agus dubhairt sé leó: Cé'cu agaibh-se go mbeadh duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar ias- acht dom, Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as a shlígh agus ní'l aon nídh agam le cur os a chómhair, Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a'm chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am' theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabh- airt duit; Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná h-eireóchadh sé agus rud a thabh- airt dó toisg gur b'é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamh- nach. Agus deirim-se libh-se: Iarraidh, agus tabh- arfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. Óir gach n-aon a dh'iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. Agus cé'cu agaibh-se a dh'iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó? Ar an adhbhar san, má's eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d'bhúr gclainn, nách mó 'ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do'n mhuintir a dh'iarrfaidh air é? Agus bhí deamhan aige d'á dhíbirt as duine, agus deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar an sluagh. Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach. Agus d'iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh. Agus, ó chonaic sé na smuínte a bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte na coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de.
Tuitfidh tigh ar thigh. Agus má tá Sátan deighilte 'n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. Má's le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D'á bhrígh sin tabharfaid siad-san breith oraibh-se. Agus má's le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. Nuair a bhíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síoth- cháin ar gach nídh 'n-a sheilbh. Ach má thagann fear is treise 'ná é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainn- fidh sé a chuid. An t-é ná fuil liom tá sé am' choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon liom deineann sé sgaipeadh. Nuair a bhíonn an spioraid truaillighthe imthighthe as an nduine gluaiseann sé tré áiteanaibh gan uisge a d'iarraidh suaimhnis, agus nuair a theipeann air, deir sé: Fillfead chun mo thighe as a dtánag amach. Agus nuair a thagann sé gheibheann sé an tigh sguabtha glan órnáideach. Ansan imthigheann sé agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa 'ná é féin, agus téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa staid deirineach an duine sin 'ná a chéad staid. Agus do thárla, nuair a dubhairt sé an méid sin, gur labhair bean sa tsluagh do ghuth árd agus go ndubh- airt sí: Is beannuighthe an bhroinn a dh'iompar thu agus na cíocha a dheólais. Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann bria- thar Dé agus do choimeádann é. Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. Óir, fé mar a bhí Iónas 'n-a chómhartha do mhuintir Ninebhe, beidh Mac an Duine 'n-a chómhartha do'n tsliocht so. Eir-
eóchaidh Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó 'ná Salomón. Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó 'ná Iónas. Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinn- leóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndor- chadas. Tabhair aire, d'á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith 'n-a dhoircheacht agat. Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis. Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d'iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n'fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh. Agus do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus ar a rádh leis féin: Cad n'a thaob ná nígheann se é féin roim bhia chaitheamh? Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de'n chupán agus de'n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhal- luightheacht. A dhaoine gan chiall, nách é an t-é a dhein an taobh amuigh do dhein an taobh istigh? Ach cheana, d'á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh. Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní'l suim agaibh i mbreitheamh- antas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan súd do leigint ar lár. Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidh-
cháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh. Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feic- tear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha. Agus d'fhreagair duine de'n lucht dlíghe é, agus dubhairt: A Mháighistir, ag rádh na cainte sin duit tá masla agat 'á thabhairt dúinne, leis. Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh'iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí. Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b'iad bhúr n-aithreacha do mharbh- uigheadh na fáidhe. Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh 'n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha 'ghá marbhadh agus sibh- se ag cur na leacht suas dóibh. Uime sin iseadh adubh- airt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh; I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain. Ó fhuil Ábeil go fuil Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so. Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisg- eabhair iad. Agus nuair a bhí na neithe sin aige 'á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe, Ag déanamh fill air, a d'iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís 'n-a leith é.
CAIBIDIOL XII. Foláramh ag Críost á thabhairt dúinn gan cealgaireacht do dhéanamh; gan eagla bheith orainn roimis an saoghal; agus bheith i gcómhnuighe ag faire orainn féin. Agus nuair a bhí sluaighte móra 'n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thus- nuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil: Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht. Óir ní'l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis. Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe. Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh. Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin. Ná díol- tar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní'l aon ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe. Ná bíodh eagla oraibh, d'á bhrigh sin. Is mó le rádh sibh-se 'ná a lán gealbhún. Agus deirim libh: An uile dhuine d'admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé. Agus an t-é a shéan- faidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómh- air aingeal Dé. Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéanfaidh dia- mhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é. Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sina- gógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach- tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagró-
chaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh. Óir múin- fidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh. Agus dubhairt duine de'n tsluagh leis: A Mháigh- istir, abair lem'dhritháir an oighreacht do raint liom. Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am' breitheamh ná am' rainneadóir os bhúr gcionn? Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha. Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: Thug a chuid tailimh ana-thoradh d'fhear shaidhbhir áirithe. Agus do mhachtnaimh sé i n' aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní'l áit agam n-a gcruinne- óchad mo chuid torthaí. Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgio- bóil a bheidh níos mó 'ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; Agus déar- faidh mé le m'anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas. Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t-anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? Sin mar atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn saidhbhir chun Dé. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d'á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh'íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh. Is mó le rádh an t-anam 'ná an bia, agus is mó le rádh an corp 'ná an t-éadach. Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bhíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se 'ná iad san? Cé'cu agaibh-se d'fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n'aoirde féin? Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile. Féachaidh ar na
lilíbh, conus mar a dh'fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh Salomón 'n-a ghradam éidighthe mar cheann acu san. Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine am- áireach, nách mó 'ná san (éideóchaidh sé) sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh'íosfaidh sibh ná a dh'ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh. Óir siniad go léir na neithe a bhíonn ag geinte an domhain d'á lorg. Ach is eól d'bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin. Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir. Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh. Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh. Óir an áit 'n-a bhfuil bhúr stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe. Bíodh bhúr gcriosa fáisgithe agaibh, agus lóchrana ar lasadh i nbhúr lámhaibh. Agus sibh mar bheadh daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfill- feadh sé ó'n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó. Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé 'n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal. Agus má thagann sé sa tarna faire, agus sa trímhadh faire má thagann sé, agus go bhfaghaidh sé mar sin iad, is aoibhinn do sna seirbhísigh sin. Ach bíodh fios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh. Agus bídhidh-se ollamh, óir ní'l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine. Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat 'á rádh, nó leis na daoine go
léir? Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar a chuir an Tigh- earna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruith- neachtan a thabhairt dóibh i dtráth? Is aoibhinn do'n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé. Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é. Ach má deir an seirbhíseach san, 'n-a chroidhe féin, Tá mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht: Tioc- faidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne aige leis, agus an uair nách eól dó, agus deighilfidh sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díth- chreidimh. Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thigh- earna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór. Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileó- far mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air. Chun teine chur ar an dtalamh so iseadh thánag, agus cad 'tá uaim ach go lasfadh sí? Agus tá agam bais- teadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlíonfar é! An dóigh libh gur chun síothchána chúr ar an dtalamh so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun deighilte. Óir beidh, feasda, cúigear sa n-aon tigh deighilte, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh trír. Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile. Agus dubhairt sé leis an sluagh: Nuair a chíonn sibh sgamal ag eirighe lastiar, abrann sibh láithreach: Tá cith ag teacht; agus bíonn amhlaidh; Agus (nuair a chíonn sibh) an ghaoth andeas abrann sibh: Beidh brothal
ann; agus bíonn. A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann? Agus cad 'n-a thaobh ná breithnigheann sibh uaibh féin an nídh is ceart? Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led'namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabh- arfadh an breitheamh suas tu do'n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu. Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach. CAIBIDIOL XIII. An riachthanas atá le h-aithríghe dhéanamh. An crann fíge a bhí seasg. Leigheas na mná a bhi Leice, agus rl. Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh'innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh. Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: An dóigh libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh eile, treás go dtáinig an íde sin ortha? Deirim libh nár bh' eadh; ach mura ndeinidh síbh-se aithrighe tiocfaidh íde de'n tsaghas chéadna oraibh go léir. Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsa- lem? Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de'n tsaghas chéadna oraibh go léir. Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine 'n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair. Agus dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann fíge seo agus ní bhfaghann é; gearr é: cad chuige
go mbeadh an talamh aige? Agus dubhairt seisean 'ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar 'n-a thímpal agus go gcuir- ead leasú leis, Ansan má thugann sé toradh uaidh; ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda. Agus bhíodh sé ag teagasg 'n-a sinagóig ins na sab- bóidibh. Agus féach, bean i n-a raibh spioraid laga- chair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor; Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led' ghearán. Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia. Agus d'fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann 'n-ar cheart obair a dhéanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide. Agus d'fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A cheal- gairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó'n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide? Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó'n gceangal san lá na sab- bóide? Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáir- deachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a dheineadh sé chómh glórmhar. Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é? Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur 'n-a gháirdín, agus d'fhás sé, 'gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir 'n-a ghéagaibh. Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé? Is cosmhail é leis an ngiost a thóg bean, agus d'fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí gur ghlac an mhin go léir an giost. Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré
sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhéin Ierú- salem. Agus dubhairt duine leis: A Thighearna, an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt seisean leó: Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d'iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é. Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thigh- earna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a' bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se. Ansan tusnóchaidh sibh ar a rádh: D'itheamair agus d'ólamair os do chómhais, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh. Agus déarfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach. Agus tiocfaid siad ó'n ndomhan toir agus ó'n ndomhan tiar, ó'n gceann tuaidh agus ó'n gceann teas, agus suidhfid siad síos i rígheacht Dé. Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire. An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha. Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá. Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d'fhághail bháis lasmuigh d'Ierúsalem. A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob' áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé
n-a sgiathánaibh, agus níor bh'áil leat! Féach, fág- far agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth 'n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. CAIBIDIOL XIV. An duine go raibh an líonadh ann dá leigheas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riachtanas atá le gach nídh do thréigean chun go leanfí Críost. Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. Agus féach bhí 'n-a áthair duine go raibh líonadh ann. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é. Agus dubhairt sé 'ghá bhfreagairt sin: Cé'cu agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? Agus níor fhéadadar freagra thabhairt air sin. Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidh- chánaibh uachtaracha. Nuair a gheobhair cuireadh chun bainise ná suidh sa tsuidhchán uachtarach, le h-eagla go mbeadh duine is onóráighe 'ná thu tar éis cuireadh dh'fhághail uaidh, Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaith- fá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort. Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuir- eadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: A chara, eirigh níos sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó'n gcuid- eachtain. Óir gach aoinne a dh'árdóchaidh é féin,
Ísleófar é; agus an t-é a dh'ísleóchaidh é féin, árd- ófar é. Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-ais duit. Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill, Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon. Nuair a dh'airigh duine d'á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do'n t-é a dh'íosfaidh arán i rígheacht Dé. Agus dubhairt seisean leis: Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d'á lán daoine. Agus chuir sé a sheirbhíseach amach, nuair a tháinig am an fhéasda, chun a rádh leis an muin- tir a fuair cuireadh gur mhithid dóibh teacht mar go raibh gach nídh ollamh. Agus chromadar go léir i n-aon- fheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom dul amach 'ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas chúig seisreacha damh, agus táim ag dul 'ghá dtriail: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. Agus dubhairt duine eile, Phósas bean, agus d'á bhrígh sin ní féidir dom teacht. Agus d'fhill an seirbhíseach agus d'innis sé na neithe sin d'á mháighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d'urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh. Agus dubhairt an seirbhíseach, A thigh- earna, do deineadh mar a dh'órduighis, agus tá slígh fós. Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh. Deirim
libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlais- fidh aon fhear acu mo bhia. Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis, agus d'iompuigh sé agus dubhairt sé leó: Má thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d'á athair agus d'á mháthair, agus d'á mhnaoi agus d'á chlainn, agus d'á dhritháracha agus d'á dhriféaracha, agus fós d'á anam féin, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgio- bul agam. Agus an t-é ná deineann a chros féin d'iompar agus teacht am' dhiaidh, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgiobul agam. Óir cé'cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féach- aint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, Agus go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur suas, agus ní'l ar a chumas críochnú. Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dhéanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh' fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht 'n-a choinnibh agus fiche míle aige? Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgiobul agam-sa. Is maith an rud salann, ach má chailleann an salann a bhlas, cad leis go ndéanfar deigh-bhlasta é? Ní'l tairbhe ann do'n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé.
CAIBIDIOL XV. Parabal na caorach a cailleadh, agus parabal an mhic a bhí ró- chaithteach. Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia 'n-a bhfochair. Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo: Cé'cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh. Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu. Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é? Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chail- leas. Deirim-se libh-se gur b' shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe.
Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige; Agus dubhairt an mac ab óige acu le n'athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d'chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d'imthigh sé go dúthaigh ias- achta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne. Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. Agus d'imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod' tailimh ag cothú mhuc. Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh'itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. Agus do mhachtnaimh sé i n'aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m'athar agus a ndói- thin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do'n ghorta! Eireóchad agus raghad ag triall ar m'athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad' láthair-se; Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded' lucht tuarasdail a thuilleamh. Agus d'eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é. Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad' láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhí- seachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach. Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus
bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d'airigh sé an ceól agus an rinnce, Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna seirbhísigh, agus d'fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar siubhal. Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t'athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige. Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air. Agus dubhairt seisean le n'athair 'ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a dhéanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dhéanamh le m'cháirdibh; Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó. Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am' fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam; Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é. CAIBIDIOL XVI. Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir shaidhbhir agus Lasaruis. Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, 'n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad' thaobh-sa? Tabhair cúntas ad' stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad' stíbhard feasda. Ansan dubhairt an stíbhard i n'aigne féin, Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbh- ardaidheachta dhíom? Ní'lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbh- ardaidheacht mé, go nglacfaid siad 'n-a dtighthibh mé. Agus do ghlaoidh sé chuige, 'n-a nduine a's 'n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha
agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam' mháighistir ort? Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta 'ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muin- teartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaid- ís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe. An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. D'á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? Agus murar dhílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? Ní féidir d'aon tseirbhí- seach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do'n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamh- shuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d'fhrio- thalamh agus mammon. Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b'eadh iad, agus bhío- dar ag déanamh magaidh faoi. Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh
daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air. An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d'á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur 'n-a choinnibh go dian. Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh 'ná aon phúnc amháin de'n dlígh do dhul ar neamhnídh. Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, dein- eann sé adhaltranas. Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá. Agus bhí lasmuigh d'á dhorus sínte, bochtán dár bh'ainim Lasarus, agus é lán d'othrasaibh; Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrús- car bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é. Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d'fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a'm losgadh sa lasair seo. Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnigh, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. Agus d'á éaghmuis sin a's uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as san ag triall orainne. Agus dubhairt sé: Iar-
raim ort, d'á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m'athar Mar tá cúigear drithár agam: go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo. Agus dubhairt Ábraham leis: Ta Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. Agus dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha déanfaid siad aithrighe. Agus dubhairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe, ní chreidfidís duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh sé ag triall ortha. CAIBIDIOL XVII. Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht creidimh, agus rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh Críost. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do'n t-é tré n-a dtagaid siad. B' fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige 'ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de'n mhuintir bheag so. Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do dhritháir beart ad' choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é. Agus má dheineann sé beart ad' choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó. Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn. Agus dubhairt an Tigh- earna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh. Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhí- seach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déar- faidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó'n bpáirc,
Imthigh láithreach agus suidh chun bídh? Agus ná déar- faidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus 'n-a dhiaidh san déanfair- se ithe agus ól. An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidh- eachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh'órduigh sé dhó a dhéanamh? Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair. Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí; Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deich- niúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh, Agus d'árduigheadar a nglór agus dubh- radar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad. Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d'fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, Agus chaith sé é féin ar a bhéal a's ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabháil a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob' eadh é. Agus d'fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad? Nár fuaradh aoinne chun teacht agus glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so? Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú. Agus d'fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thioc- faidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé 'ghá bhfreag- radh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air. Ná ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta 'n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de
laethibh Mhic an Duine a dh'fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é. Agus déarfaid siad libh, Féach anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad. Óir, mar an splannc a lasann fé'n spéir, ar na neithe atá fé'n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine 'n-a lá féin. Ní foláir dó ar dtúis, ámhthach, mórán d'fhulang, agus an tsliocht só 'ghá shéanadh. Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine. Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá 'n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir. Díreach mar a thárla i laethibh Loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe; Agus an lá a dh'imthigh Lot amach a' Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir. Mar sin iseadh bheidh, an lá a taisbeánfar Mac an Duine. An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d'iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais. Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit. Pé duine bheidh a d'iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é. Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon lea- baidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile; Beirt fhear sa pháirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Dubh- radar leis 'ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna? Agus dubhairt sé leó: An áit 'n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.
CAIBIDIOL XVIII. Ní foláir dúinn bheith ag guídhe chun Dé i gcómhnuíghe. Na Fairisínigh agus na puibliocánaigh. An chontabhairt ata i saidhbreas. A radharc a thabhairt do'n dall. Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe. Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid. Agus ní dhéanfadh ar feadh abhfad. Ach 'n-a dhiaidh san dubhairt sé i n'aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam, sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a'm buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. Agus dubh- airt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart; Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d'á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air do ló agus d'oidhche? Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh? Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh'eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile. Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin. Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugann
deachmhadh as a bhfuil agam. Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh'áil leis a shúile amháin d'iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a' rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé. Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a's an fear eile. Óir gach duine dh'árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh'úmhlóchaidh é féin, árdófar é. Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic na deisgiobuil an nídh sin bhíodar 'ghá gcosg. Agus ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh 'ghá gcosg; óir is d'á leithéidí sin rígheacht Dé. Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann. Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubh- airt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. Táid na h-aitheanta agat: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair do t'athair agus dod'mháthair onóir. Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m' óige. Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é. Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! Is usa do chamal dul tré chró snáthaide 'ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. Agus dubhairt an mhuintir a bhí ag éisteacht leis: Má 'seadh cé fhéadfaidh dul saor? Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad.
Agus dubhairt Peadar: Féach, d'fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní'l aon duine a dh'fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígh- eachta Dé, ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d'á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air; Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh. Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do Ierichó do thárla go raibh dall i n-aice an bhóthair ag lorg déarca. Agus nuair airigh sé an tsluagh ag gabháil thairis d'fhiafraigh sé cad ab é sin. Agus dubh- radar leis gur bh'é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó. Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, a Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. Agus do stad Íosa agus dubhairt sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht 'n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? Agus dubh- airt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.
CAIBIDIOL XIX. Críost dá ghlacadh ag Sacaeus 'n-a thigh. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem. Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bhí sé ag siubhal tríd an gcathair. Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n'uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. Agus bhí sé a d'iarraidh Íosa dh'fheisgint, eadhon, Cé'r bh'é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é. Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d'fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad' thigh-se a chaithfead-sa stad indiu. Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach. Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht. Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubh- airt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam 'á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam 'á dhéanamh leis fó cheathair. Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis. Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine. Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtais- beánfaí rígheacht Dé láithreach. Dubhairt sé, d'á bhrígh sin: D'imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh cean-
naidheachta go dtagad. Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht 'n-a dhiaidh 'ghá rádh: Ní h-áil linn é seo bheith 'n-a rí orainn. Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d'órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-air- gead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh 'fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leis an gceannaidheacht. Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt deich bpúint. Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh. Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint. Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn chúig mbailte, Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam. Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus baineann tú an fóghmhar nár chuiris. Agus dubhairt sé leis, As do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch- sheirbhísigh. Bhí 'fhios agat gur duine cruaidh mé, go dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim an fóghmhar nár chuireas; Agus cad 'n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thioc- fainn go n-éileóchainn é féin agus an t-úncamus? Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do'n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. Ach na h-eascáirde seo nár bh'áil leó mise bheith am' rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem. Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do
Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d'á dheisgiobuil, Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teas- duigheann sé ó'n dTighearna. Agus d'imthigh na teach- tairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach 'n-a sheasamh. Agus nuair a bhíodar 'ghá sgaoileadh dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? Agus dubhradar- san: Mar teasduigheann sé ó'n dTighearna. Agus thugadar ag triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar d'fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar. Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht 'n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais. Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach. Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: Agus dá mbeadh 'fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d'shúilibh. Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumh- angarach ort ó'n uile thaobh. Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am 'n-a dtáinig Dia chúghat. Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do
dhíbirt amach as. 'Ghá rádh leó: Tá sgríobhtha: Tigh cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bith- eamhnach déanta agaibh-se dhe. Agus bhí sé ag teagasg sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na í h-uaisle a d'iarraidh é chur chun báis, Agus níor bh' fhéidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis. CAIBIDIOL XX. Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh. Agus do thárla, lá de sna laethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobh- sgaoileadh an tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san? Agus dubhairt Íosa leó 'ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin. Tugaidh freagra orm: An baisteadh a dhein Eóin, ar bh' ó neamh é nó ó dhaoine? Agus bhíodar ag machtnamh 'n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh'ó neamh é déarfaidh sé: Cad 'n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? Agus má deir- imíd gur bh' ó dhaoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin. Agus d'fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh' as é. Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad- sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh ias-
achta ar feadh abhfad. Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d'iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é. Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine Do chréacht- nuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b'fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn. Agus chaith- eadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san? Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saoth- ruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san! Agus d'fhéach sé ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá sgríobhtha: An chloch a chaith na saoir uatha tá sí 'n-a cloich chinn chúinne. An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d'iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé. Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air 'n-a chaint, i dtreó go ndéan- faidís é thabhairt suas do chómhacht agus d'úghdarás an ghoibhearnóra. Agus chuireadar ceist chuige agus dubh- radar: A Mháighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíor; An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol? Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh
bheith a'm brath? Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D'fhreag- radar agus dubhradar: Le Caesar. Agus dubhairt sé leó: Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d'éisteadar. Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d'á dhritháir. Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht. Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus fuair sé sin bás, leis, gan sliocht. Do thóg an trímhadh duine í. Agus mar sin do'n mhórsheisear go léir, agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás. 'N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé'cu dhíobh go mbeidh sí 'n-a mnaoi aige? óir bhí sí 'n-a mnaoi, ag an mórsheisear. Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo. Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná. Óir ní fhéadfaid siad bás d'fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus 'n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad. Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTigh- earna Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib. Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. Agus d'fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubh- radar: A Mháighistir, is maith adubhraís é. Agus as san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do chur chuige.
Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith 'n-a mhac ag Dáibhid, Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, Dubhairt an Tighearna le m' Thighearna: Suidh ar mo dheis, Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d'chosaibh. Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé 'n-a mhac aige? Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na daoine go léir ag éisteacht leis: Seachnaidh na Sgríbh- neóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh'fhagháil ins na sinagógaibh, agus na h-ineada uachtaracha ag na féastaíbh. Sloigid siad tighthe na mbaintreach, 'ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime. CAIBIDIOL XXI. Cianóg na baintríghe. Na cómharthaí a thiocfadh roim íde Ierúsalem, agus roim dheire an tsaoghail. Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. Agus chonaic sé baintreach bhocht ag teacht, agus chuir sí dhá chianóig isteach ann. Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach 'ná mar a chuir an chuid eile go léir. Óir is d'á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach i dtabharthas Dé, ach is d'á h-uireasba a chuir sí seo isteach rud, a raibh an tsaoghal aici. Agus bhí daoine éigin 'á rádh, i dtaobh an teampail, gur bh' áluinn na clocha a bhí ann agus na tíodhlaicí, agus dubhairt sé: Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan raobadh. Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht?
Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am' ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad. Agus nuair a dh'aireóchaidh sibh cathana agus cais- meartha ná bíodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áit- eana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgann- ramhla ó'n spéir, agus cómharthaí móra. Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uacht- arán, mar gheall ar m'ainim-se. Beidh san i n'fhiadh- nuise dhaoibh-se, ámhthach. Ceapaidh i nbhúr n-aigne, d'á bhrígh sin, gan machtnamh a dhéanamh roim ré ar conus a fhreagróchaidh sibh, Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur 'n-a gcoinn- ibh 'ná labhairt 'n-a gcoinnibh. Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d'bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus búr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun báis. Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m'ainim-se. Ach ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú. I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha. Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d'á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh. Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun na gcnoc, agus na daoine atá 'n-a lár imthighdís amach, agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti; Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómh- líonfar gach a bhfuil sgríobhtha. Is léanmhar, ámhthach, do lucht clainne dh'iompar agus do lucht banaltranais ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo. Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar
i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte. Agus beidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíor- thaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn. Daoine d'á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d'á suathadh. Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal le mór- chómhacht agus le gradam. Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh. Agus do labhair sé soluíd leó: Chíonn sibh an crann fíge agus na crainn go léir; Nuair a bhionn a dtoradh acu d'á chur amach is eól daoibh an samhra bheith buailte libh. Mar sin daoibh-se; nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht bíodh 'fhios agaibh rígheacht Dé bheith buailte libh. Abraim libh go deimhin ná beidh an tsliocht so imthighthe go gcómhlíonfar na neithe seo go léir. Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh. Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh. Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suidhte ar uachtar an domhain uile. Déinidh faire, d'á bhrígh sin, ag déanamh úr- nuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine. Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d'imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet. Agus thagadh na daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul chun bheith ag éisteacht leis.
CAIBIDIOL XXII. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de thuairisg na Páise. Agus bhí féile an aráin gan giost i n-achmaireacht, ar a dtugtar an Cháisg. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thioc- faidís ar Íosa chur chun báis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de'n dáréag. Agus d'imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann. Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú. Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóch- aimís é? Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d'á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann; Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan. Agus d'imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d' ollamhuigheadar an cháisg. Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair; Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh'ithe 'nbhur bhfochair roimh fhulang dom; Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlíonfar é i rígheacht Dé. Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus
dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé. Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidh- chas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: 'Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; déinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm. Agus mar an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt sé: An chailís í seo an tiomna nua am' chuid fola, a doirtfar ar bhúr son. Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd am' theannta. Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do'n t-é sin tré n-a mbrathfar é. Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé'cu dhíob a bhí chun san do dhéanamh. Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé'cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar. Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n'fhear friothálmha. Óir cé'cu is mó, an t-é atá 'n-a shuidhe nó an t-é atá ag friothálamh? Nách é an t-é atá 'n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothálamh. Agus is sibh-se do lean am' fhochair-se am' chathaíbh. Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m'Athair dómh-sa; Sibh a bheith ag ithe agus ag ól ar mo bhórd, am' rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.
Agus dubhairt an Tighearna: A Shímóin, a Shímóin, féach, tá Sátan ar bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh; Ach do dheineas- sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreid- eamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre. Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis. Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó: Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é 'go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómhlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó. Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní beag san. Agus chuaidh sé amach, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh. Agus d'imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, Agus dubhairt sé: A Athair, má's toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach dein- tear do thoil-se. Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh. Agus bhí allus air a bhí 'n-a bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. Agus nuair a dh'eirigh sé ó'n nguidhe agus tháinig sé chun a dheis- giobul fuair sé iad 'n-a gcodla tré bhrón. Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla?
Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcath- aíbh. An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de'n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó. Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a dhein- eann tú Mac an Duine do bhrath? Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n'aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna? Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt agus bhain sé an chluas dheas de. Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtar- áin na sagart agus giúistísí an teampail agus na sean- óirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais. Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar, Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar 'n-a suidhe 'n-a tímpal, bhí Peadar 'n-a measg. Agus chonaic cailín aimsire é 'n-a shuidhe sa tsolus, agus d'fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis, i n'fhochair siúd. Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní'l aon aithne agam air. Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus dubhairt sé: Is díobh súd tusa leis. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní díobh. Agus i gcionn tímpal
uair a' chluig 'n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo 'n-a theannta súd, mar is Gaililí- ach é. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad 'tá agat d'á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. Agus d'iompuigh an Tighearna agus d'fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire. Agus d'imthigh Peadar amach agus do ghoil sé go dubhach. Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déa- namh magaidh faoi agus 'ghá bhualadh. Agus dheineadar a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? Agus deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó. Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Sgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa chómh- airle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost. Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreid- fidh sibh mé; Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, 'ná ní leigfidh sibh uaibh mé. Ach ó'n dtráth so amach beidh Mac an Duine 'n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé. Ansan dubhradar go léir: D'á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí- se gur mé. Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d'airigheamair as a bhéal féin é. CAIBIDIOL XXIII. Tuairisg na Páise ar leanmhaint. Agus d'eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é. Agus chromadar ar neithe do chur 'n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na
ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus 'ghá rádh gur b'é Críost an rí é. Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean 'ghá fhreagradh: Deirir é. Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. Nuair a dh'airigh Pílát Gaililí d'fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine. Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san. Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é dh'fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d'aireachtaint 'n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige 'á dhéanamh. Agus dhein sé a lán cainte 'ghá cheistiú. Ach níor thug seisean aon fhreagra air. Agus sheasaimh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur 'n-a leith. Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d'á chéile roimis sin. Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh 'á chur 'n-a leith. Agus ní lúgha 'ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach, níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás. Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é. Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar gheall ar lá na féile. Ach do liúigh an pobul go léir
agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúgh- ainn Barabbas, Fear a bhí istigh le marbhú duine agus mar gheall ar cheannairc a deineadh sa chathair. Ach do labhair Pílát leó airís a d'iarraidh Íosa do leigint saor. Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d'á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh. Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh'iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh'imirt air. Agus nuair a bhíodar 'ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh'ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó'n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh'iompar i ndiaidh Íosa. Agus bhí mórán daoine 'ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. Agus d'iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bídhidh ag gol ar bhúr son féin agus ar son bhúr gclainne. Óir tiocfaid na laethanta 'n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne. An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn. Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon? Agus bhí beirt eile, beirt mhéirleach, d'á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun báis. Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis agus an duine
eile ar a láimh chlé. Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad 'tá acu 'á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, 'ghá gcur ar chrannaibh. Agus bhí na daoine 'n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D'fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má 'sé an Críost é a toghadh ó Dhia. Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó, Agus deiridís: Má's tú rí na n-Iúdach saor thú féin. Agus bhí sgríbhinn sgríobh- tha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACH É SEO. Agus thug duine de'n bheirt bhitheamhnach a bhí ar crochadh masla dhó, agus deireadh sé: Má's tú Críost dein tu féin agus sinne do shaoradh. Ach do fhrea- gair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé'n ndaor- bhreith chéadna? Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhí tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa. Agus dubhairt Íosa leis: Deirim leat go fíor go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am' fhochair-se. Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár. Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad' lámhaibh. Agus ag rádh na bhfocal san dó, d'éag sé. Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla
thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras. Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin. Agus féach, fear dár bh'ainim Ióseph, agus de'n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; Níor thoiligh sé leis an gcómhairle 'ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b'eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé: Tháinig sé sin ag triall ar Phílát, agus d'iarr sé corp Íosa air. Agus thóg sé anuas é, agus d'fhill sé i línéadach é, agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht. Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chona- cadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann. Agus d'fhilleadar agus d'ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.
CAIBIDIOL XXIV. Aiseiríghe Chríost, agus conus mar a thug sé é féin le feisgint d'á dheisgiobulaibh. Ach an chéad lá de'n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. Agus fuaradar an chloch iompuighthe siar ó'n dtuama. Agus chuadar isteach agus ní bhfuaradar corp an Tighearna Íosa. Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear 'n-a seasamh 'n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha. Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubh- radar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh? Ní'l sé anso, ach tá sé tar éis eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós i nGaililí, Nuair adubhairt sé: Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh'eirighe an trímhadh lá. Agus do chuimhnighea- dar ar an gcaint a dubhairt sé. Agus d'fhilleadar ó'n dtuama, agus d'innseadar na neithe sin go léir don aoinne déag féin agus do'n chuid eile go léir, Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí 'n-a bhfochair, a dh'innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh. Agus do samhlúigheadh dóibh ná raibh sa chaint sin ach caint gan chiall agus níor thugadar aon chreideamhaint di. Ach d'eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d'imthigh sé agus é ag déanamh iongna d'á raibh tuit- ithe amach. Agus féach, bhí beirt acu-san ag imtheacht an lá céadna ag dul go dtí baile a bhí trí fichid stad ó Ierúsalem, agus Emmaus ainim an bhaile. Agus bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir a bhí tuitithe amach. Agus do thárla, agus iad ag cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; Agus
do coimeádadh a súile gan é dh'aithint. Agus dubh- airt sé leó: Cad í an chaint seo ar siúbhal agaibh ead- raibh, ar an slígh, agus sibh buartha? Agus d'fhreagair duine acu é dár bh' ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Íerúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo? Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dtaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine, Agus conus mar a dhein na h-árd- shagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun báis, agus é chéasadh. Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a dh'fhuasgailt, agus n-a theannta san a's uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach. Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn, Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó. Agus d'imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. Agus dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídh- eacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamh- aint. Ná raibh ar Chríost na neithe sin d'fhulang agus teacht ar an gcuma san isteach 'n-a ghlóire? Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha 'n-a thaobh féin. Agus bhíodar tagaithe chun an bhaile go rabhadar ag dul ann, agus do leig seisean air go raibh sé ag dul níos sia. Agus dheineadar tathant air, agus dubh- radar: Fan againne, mar tá sé n-a thráthnóna agus tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé leó isteach. Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh 'n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheann- uigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é. Ansan do h-osgaladh a súile agus d'aithnigheadar é, agus d'imthigh sé as a radharc. Agus dubhradar le chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scrip- tiúra dhúinn? Agus d'eirigheadar láithreach agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar
an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh i n-aonfheacht leó, Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad. Agus d'innseadar féin cad a bhí d'éis tuitim amach ar an slígh, agus conus mar a dh'aithnigheadar é i mbriseadh an aráin. Agus an fhaid a bhíodar ag caint mar sin, do sheas- aimh Íosa 'n-a measg agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh. Is mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. Ach bhí buaireamh ortha, agus sgannradh, mar do mheasadar gur spioraid a chonacadar. Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha orm agus feicidh; ní'l feóil agus cnámha ag spioraid mar a chíonn sibh atá agam-sa. Agus nuair a dubhairt sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa. Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh'íosfí? Agus thugadar chuige blúire d'iasg rósta agus criathar meala. Agus nuair a bhí ithte aige os a gcómhair thóg sé an fuighleach agus thug sé dhóibh é. Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d'á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh. Ansan d'osgail sé a n-aigne dhóibh i dtreó go dtuig- fidís an scriptiúir. Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá, Agus go bhfógrófaí i n' ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí. Agus is fínnithe sibh-se ar na neithe sin. Agus táim- se ag cur geallamhna m' Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.
Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus thóg sé a dhá lámh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht ortha. Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flath- ais é. Agus dheineadar-san Dia d'adhradh agus thána- dar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha. Agus bhídís coitchianta sa teampul ag moladh Dé agus 'ghá adhradh. Amen.
SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST do réir EÓIN Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus dearbhráthair do Shéamus Mór, ab eadh N. Eóin, Asbol agus Soisgéalaidhe. Do tugtí air, deisgiobol ionmhuin Chríost, agus bhí sé n-a sheasamh i láthair an chéasta. Do sgríbh sé an Soisgéal tar éis na Soisgéal- aidhthe eile 'ghá sgrí .i. tímpal trí bliana agus trí fichid tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Chuir sé síos n-a sgríbhinn a lán neithe nár chuireadar-san síos. Do sgríbh sé an Soisgéal i nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teidiol "diadha" dhó. Innseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soisgéal do sgrí agus go ndubhairt sé go sgríobhfadh dá ndeinidís go léir trosgadh i n-aonfheacht agus a nguídhe do chur suas chun Dé 'n uile chómhacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoilsiú ó neamh, do sgaoíl sé amach an tusnú so, "I dtusach do bhí an Briathar," agus rl. CAIBIDIOL I. Diadhacht Chríost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach. I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab eadh an Briathar. Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d'ár deineadh. Is ann a bhí beatha, agus b'é solus na ndaoine an bheatha. Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é. Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. Níor bh'é an solus é, ach chun fiadh- naise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. Dob' é sin an
solus fíor a shoillsigheann gach duine d'á dtagann ar an saoghal so. Bhí sé ar an saoghal, agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuin- tir féin é. Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhíobh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. Nách a' folaibh, ná a' toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia. Agus do dhein feóil de'n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d'fhír- inne. Tugann Eóin fiadhnaise 'n-a thaobh, agus labh- rann sé os árd agus deir sé: B'é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am' dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. Agus as a líon- mhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh'aithris. Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? Agus d'adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d'admhuigh sé: Ní mise Críost. Agus d'fhiafraigheadar de: Cad eile má 'seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé; Ní mé. An tu an fáidh? Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubh- radar leis, d'á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéar- faimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? Cad deirir ad' thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? D'fhreagair Eóin iad agus
dubhairt sé leó: Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá 'n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. Siné an t-é atá ag teacht am' dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de'n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine. An lá 'n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am' dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; Agus níor aithnigheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d'Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge. Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b'é Mac Dé é seo. An lá 'n-a dhiaidh san airís bhí Eóin 'n-a stad, agus beirt d'á dheisgiobuil, Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. Agus d'airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do leanadar Íosa. Agus d'iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad 'ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad 'tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d'fhanadar i n'fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair. Agus duine de'n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin
agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d'fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar). Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; Lean mise. Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israél- íteach fírinneach ná fuil feall ann. Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis 'ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé'n gcrann fíge, do chonac tu. D'fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. D'fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé 'ghá rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé'n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó 'ná san. Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine. CAIBIDIOL II. Uisge á atharú i n'fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amach as an dteampul. Agus an trímhadh lá bhí pósadh d'á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. Agus bhí cuir- eadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun
na baineise. Agus do chuaidh d'á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní'l aon fhíon acu. Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, a bhean? Níor tháinig m'aimsir-se fós. Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déar- faidh sé libh a dhéanamh, deinidh é. Agus bhí sa n-áit sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe, do réir nóis na n-Iúdach: agus do raghadh dó nó trí mheadraibh ins gach dabhach díobh. Dubhairt Íosa leó: Líonaidh na dabhacha d'uisge. Agus do líonadar iad go bara. Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do rugadar. Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n'fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharr- aing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua- phósta, Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne an fíon fóghanta ar bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn chómh maith. Ach do choimeádais-se an fíon fóghanta go dtí so. Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann. Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisgiobuil, agus d'fhanadar ann beagán laethanta. Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus
chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu 'á dhíol, agus caoire, agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil 'n-a suidhe ann. Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha. Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m'Athar. Ansan do chuimhnigh a dheisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: Tá díogras do thíghe a'm ithe. Agus d'fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndein- eann tú na neithe seo? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin. Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin? Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint. Agus nuair a dh'eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa. Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chona- cadar na mírbhúiltí a bhí aige 'á dhéanamh. Ach níor thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith aige ar an uile dhuine, Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob' eól dó féin cad a bhí sa duine. CAIBIDIOL III. Caint Chríost le Nicodémus. Fiadhnaise Eóin. Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh'ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é. Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche,
agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad' oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis. Dubhairt Íosa leis 'ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a dh'fheisgint. Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab fhéidir go mbéar- faí duine agus é 'n-a sheanduine? An amhlaidh fhéad- fadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saoghal an tarna h-uair? Dubhairt Íosa 'ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó'n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé. An nídh a gein- tear ó'n bhfeóil is feóil é, agus an nídh a geintear ó'n Spioraid is spioraid é. Ná dein iongna dhe go ndubhart leat: Ní foláir sibh a bhreith an tarna h-uair. Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis. Clois- eann tú a ghuth, ach ní h-eól duit cá dtagann sé ná cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a geintear o'n Spioraid. D'fhreagair Nicodémus agus dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith amhlaidh? Dubhairt Íosa leis 'ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin? Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b'é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b'air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. Má innseas neithe saogh- alta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreid- fidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh? Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde; I dtreó, gach duine a chreidfidh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.
Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige. Mar ní chun go dtabharfadh sé breith ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal, ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd. An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin, toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein. Agus sidí an bhreith, go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc. Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do'n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghníomhartha. Ach an t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghníomhartha, óir is i nDia a deineadh iad. Ansan do tháinig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé 'n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus ag déanamh baiste. Agus bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim, mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann agus do baistí iad. Óir bhí Eóin fós gan cur isteach sa phríosún. Agus d'eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin. Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad' fhochair-se lastall de'n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall
air. D'fhreagair Eóin agus dubhairt sé: Ní féidir do dhuine aon nídh do ghlacadh mura dtugtar dó é ó neamh. Is fínnithe dhómh-sa sibh-se féin go ndubhart: Ní mise an Críost, ach is amhlaidh a cuireadh roimis amach mé. An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá 'n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d'á bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán. Méadú is dual dó-san, luigheadú is dual dómh-sa. An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó'n dtalamh, is ó'n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne. Agus an nídh a chonaic sé agus d'airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadh- naise. An t-é a ghlac a fhiadhnaise tá urúdhas déanta aige ar Dhia bheith fíor. Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh. Tá grádh ag an Athair do'n Mhac agus tá gach nídh tabhartha 'n-a láimh dó aige. An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air. CAIBIDIOL IV. Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an riaghaltóra á leigheas aige. Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa 'á dhéanamh agus 'á bhaisteadh 'ná mar a bhí ag Eóin (bíodh nár bh' é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), D'fhág sé Iúdaéa agus d'imthigh sé airís go Gaililí. Agus niór bhfoláir dó gabháil tré Shamaria. Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh' ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann a thug Iácób d'á mhac Ióseph. Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí
Íosa tuirseach ó'n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é. Agus tháinig bean ó Shamaria a d'iarraidh uisge. Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag cean- nach bídh. Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a dh'iar- raidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin. D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb'eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh'iarr- fadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó. Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní'l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat? An amhlaidh is mó thu 'ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: An t-é a dh'ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís air; ach an t-é a dh'ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa dhó, ní bheidh tart go deó airís air; Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe. Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d'iarraidh uisge. Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t'fhear, agus fill anso. D'fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní'l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní'l aon fhear agam; Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t'fhear-sa é. D'innsis an fhírinne sa méid sin. Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu. Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d'adhradh, agus dar libh-se is i n-Ierúsalem atá an áit 'n-ar ceart Dia d'adhradh. Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht
nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéan- faidh sibh an t-Athair a dh'adhradh. Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. Ach tig an uair, agus is anois é, 'n-a ndéanfaid na h-adhar- thóirí fírinneacha an t-Athair a dh'adhradh i spioraid agus i bhfírinne. Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh'adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh'adhradh. Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neós- faidh sé gach aon rud dúinn. Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat. Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí iongna ortha é bheith ag caint leis an mnaoi. Ní dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná. Cad 'n-a thaobh duit bheith ag caint léi? Agus d'fhág an bhean an t-árthach 'n-a diaidh, agus d'imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt sí leis na daoine: Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh'innis dómh-sa gach nídh d'ár dheineas; an féidir gur b'é an Críost é? Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus thánadar ag triall air. Ach sa n-am gcéadna d'iarr- adar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Mháighistir, ith rud. Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le n-ithe bia nách eól daoíbh-se. Agus dubhairt na deis- giobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige? Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé 'ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar na críochaibh, conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair. Agus an t-é a bhaineann an fógh- mhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. Óir is fíor sa nídh seo an rádh, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. Chuireas-sa
sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadh- abhair-se isteach 'n-a saothar. Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach san ann, mar gheall ar chaint na mná ag tabhairt na fiadhnaise: D'innis sé dhom gach nídh d'ár dheineas. Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus d'iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d'fhan sé ann dhá lá. Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann mar gheall ar a chaint féin. Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall ar do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b'é seo go fíor Slánuightheóir an domhain. Ach tar éis dá lá d'fhág sé an áit agus d'imthigh sé go Gaililí. Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná faghann fáidh onóir 'n-a dhúthaigh féin. Agus nuair a tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é, mar bhíodar tar éis gach nídh a dh'fheisgint d'ár dhein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis teacht chun na féile. Tháinig sé, d'á bhrígh sin, go Cána na Gaililí mar ar dhein sé fíon de'n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum. Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d'imthigh sé ag triall air, agus bhí sé 'ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bháis. Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a dh'fheisgint ní chreideann sibh. Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas sar a bhfaghaidh mo mhac bás. Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d'imthigh sé. Agus nuair a bhí sé ar an slígh ag gabháil síos do bhuail a sheirbhísigh uime agus d'innseadar dó go raibh a mhac beó. Agus d'fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar an seachtmhadh h-uair iseadh dh'imthigh an t-éagcruas de. Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin
adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féin agus a theaghlach go léir. B'é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dhein Íosa tar éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí. CAIBIDIOL V. Críost ag leigheas, lá na Sabbóide, an duine a bhí gan sláinte ar feadh tríochad a h-ocht de bhlianaibh. An chaint a dhein sé an uair sin. Tar éis na neithe sin do thárla lá féile ag na Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n'aice. Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacach- aibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge. Óir do thagadh aingeal an Tigh- earna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor- uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air. Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air. Nuair a chonaic Íosa an duine sin 'n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó- faí thu? Agus dubhairt an duine breóite: A Thigh- earna, ní'l duine agam chun mé chur sa loch nuair a coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht bíonn duine eile istigh rómham. Dubhairt Íosa leis: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. Agus
do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san. Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighis- eadh: Tá an tsabbóid ann; ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha. D'fhreagair sé iad: An t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. Agus d'fhiafraigheadar de: Cé h-é an duine sin adubhairt leat: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé 'r bh'é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit. Do fuair Íosa 'n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbain- feadh rud éigin níosa mheasa dhuit. D'imthigh an duine agus d'innis sé do sna Iúdaigh gur bh'é Íosa do leighis é. D'á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid. Agus d'fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m'Athair go dtí anois, agus oibrighim-se. Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh'é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach 'n-a theannta san go raibh sé 'ghá rádh gur bh'é Dia a athair, 'ghá chur féin ar aon dul le Dia. Ach d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do'n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair 'á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. Óir is ion- mhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach nídh d'á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó 'ná iad so, i dtreó go mbeidh iong- na oraibh-se. Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis. Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá gach breith tabhartha aige do'n Mhac. I dtreó go dtabh- arfadh gach aoinne onóir do'n Mhac, fé mar a thugaid
siad onóir do'n Athair; an t-é ná tugann onóir do'n Mhac ní thugann sé onóir do'n Athair a chuir uaidh an Mac. Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh'éisteann le m'briathar-sa agus a chreideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha. Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh'aireóchaidh beid siad beó. Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do'n Mhac beatha bheith aige ann féin. Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do dhéanamh, mar isé Mac an Duine é. Ná déinidh iong- na dhe seo, mar tá an uair ag teacht 'n-a n-aireóchaid a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé. Agus tioc- faid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe. Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé. Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní'l m'fhiadh- naise fíor. Tá neach eile a thugann fiadhnaise am' thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a thugann sé am' thaobh. Chuireabhair-se ag triall ar Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfírinne. Ach ní ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe seo i dtreó go saorfaí sibh-se. Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh'fhághail 'n-a sholus. Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó 'ná Eóin, óir, na h-oib- reacha gur thug m'Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadh- naise am' thaobh gur b'é an t-Athair a chuir uaidh mé. Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé fiadhnaise am' thaobh. Agus níor chloiseabhair-se
riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh. Agus ní'l a bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó. Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am' thaobh-sa. Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh. Ní ghabhaim glóire ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh-se, ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh. Do thánag-sa i n-ainim m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é. Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin? Ná measaidh go bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil bhúr mainighín as. Óir dá gcreideadh sibh Maois b'fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir is orm-sa do sgríbh sé sin. Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se? CAIBIDIOL VI. Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a' chúig bulógaibh. É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha. Tar éis na neithe sin d'imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, 'sé sin Tiberias, Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige 'á dhéanamh ar easlánaibh. Agus d'imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. Agus
bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. Nuair a dh'árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 'Ghá bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe aige a dhéanamh. D'fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do'n duine acu. Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar: Tá buachaill anso agus tá chúig bul- óga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le dul an méid sin ar oiread daoine? Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine 'n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine. Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad 'n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta. Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion- arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. Do bhailígh- eadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de'n mhion arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na ndaoine do chaith an bia. Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan. Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, d'imthigh sé uatha airís fé'n gcnoc i n' aonar. Agus nuair a bhí sé 'n-a thráthnóna do chuaidh a dheis- giobuil síos chun na faraige. Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Caph- arnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha. Agus d'eirigh gaoth mhór, agus bhí an fharaige ag eirighe árd. Agus nuair a bhí chúig stada fichid nó deich stada fichid d'iomramh déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh ortha. Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná
bíodh eagal oraibh. Ansan dob' áil leó é theacht chúcha isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír go rabhadar ag dul ann. Amáireach a bhí chúghainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí 'n-a seasamh ar an dtaobh eile de'n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin; Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite 'n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tíghearna buidheachas; Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Caphar- naum ag lorg Íosa. Agus nuair a fuaradar é las- tall de'n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo? D'fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a'm lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mír- bhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh'itheabhair agus do shásaimh sibh. Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíor- uidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. Ansan dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh. Agus dubhradar leis: Má 'seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh'á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad 'tá agat d'á oibriú? D'ith ár n-aithreacha manna sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: Thug sé arán ó neamh dóibh le n-ithe. Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m' Athair-se a thugann daoibh an t-arán fírinneach ó neamh. Óir isé arán Dé an t-arán a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do'n domhan.
Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán san i gcómhnuighe. Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche. Ach dubhart libh go bhfeac- abhair mé agus ná creideann sibh. Gach nídh d'á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m' Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é. Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé. Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh'ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. Agus sidé toil m' Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chíonn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán 'n-a choinnibh toisg go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh, Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d'á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh? Ansan d'fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin: Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé 'ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: Agus beid siad go léir d'á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó'n Athair agus d' fhogh- luim, tagann sé chúgham-sa. Ní h-é go bhfeacaidh aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé sin an t-Athair. Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a chreideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. Is mise arán na beatha. D'ith bhúr n-aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann
aoinne é ná faghaidh sé bás. Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh. Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain. Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn? Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha agaibh ionaibh. An t-é a dh'itheann mo chuid feóla-sa agus a dh'ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola. An t-é a dh'itheann mo chuid feóla agus a dh'ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus comhnuighim-se ann. Fé mar a chuir an t-Athair atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó'n Athair, mar an gcéadna an t-é a dh'itheann mise, beidh sé beó de m'bárr-sa. Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh'ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh'itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta. Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. Agus a lán d'á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? Agus do
thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh? Ach má fheic- eann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtúis? Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad. Ach tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa ó thusach cé'r bh'iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é dhíol. Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m'Athair dó teacht. Ansan do tharraing a lán d'á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille. Dubhairt Íosa d'á bhrígh sin leis an dáréag: An maith libh-se, leis, imtheacht? Agus d'fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé. D'fhreagair Íosa iad: Nár dheineas-sa an
dáréag agaibh do thoghadh? Agus tá duine agaibh 'n-a dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót, a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus gur dhuine de'n dáréag é. CAIBIDIOL VII. Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaidh sa teampul. I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh'áil leis siubhal i nIúdaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d'iarraidh é chur chun báis. Agus bhí féile na n-Iúdach, féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht. Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d'iar- raidh é féin a bheith puibilidhe; má dheineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do'n domhan. Mar níor chreid a bhráithre féin ann. Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe. Ní féidir do'n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam 'á dhéanamh 'na thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc. Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní'lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní'l m'aimsir tagaithe fós. Nuair adubhairt sé an méid sin d'fhan sé féin i nGaililí. Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh'ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh. Agus bhí na Iúdaigh 'ghá lorg, lá na féile, agus deiri- dís: Cá bhfuil sé siúd? Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu 'ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu 'ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé. Níor labhair aoinne amach 'n-a thaobh ámh, toisg eagla na n-Iúdach a bheith ortha.