Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Cheithre Soisgéil as an Tiomna Nua

Title
Na Cheithre Soisgéil as an Tiomna Nua
Author(s)
Aistrithe ag an Athair Peadar Ua Laoghaire,
Translator
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair
Composition Date
1915
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST
do réir
MHAITIÚ



Maitiú Naomhtha, aon den dáréag asbol ab eadh é. Puiblio-
cánach ab eadh é .i. fear cánach do bhailiú, sar ar ghlaoidh ár
Slánuigtheóir é chun na h-Asbolachta. Leuí ab ainim dó nuair a
bhí sé n-a phuibliocánach. B'é céad duine é, des na Soisgéalaidhthibh,
a sgríbh an Soisgéal, agus sa n-Eabhrais, nú sa t-Suro-Chaildaiach,
a sgríbh sé é, an teanga a bhí d'á labhairt ag na Iúdaígh an uair
sin, i gcrich Phaileistín. Ní'l an sgríbhinn sin ar bith anois, ach
do h-aistirígheadh i nGréigis é i n-aimsir na n-asbol agus,
d'á bhrígh sin, tá an t-aistiriú san chómh maith úghdarás leis an
gcéad sgríbhinn féin. Timpal sé bliana tar éis deasghabhála
ár dTighearna iseadh do sgríbh sé.



CAIBIDIOL I.



Geinealach Chríost: do gabhadh agus do rugadh é ó mhaighdin.



Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic
Ábrahaim.



Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób.
agus do ghein Iácób Iúdas agus a dhritháracha. Agus
do ghein Iúdas Pháres agus Sára ó Thámar. Agus do
ghein Pháres Esron. Agus do ghein Esron Aram.
Agus do ghein Aram Aminadab. Agus do ghein
Aminadab Naasson. Agus do ghein Naasson
Salmon. Agus dho ghein Salmon Boos ó Rachab.
Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein
Obed Iesse. Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí.
Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó'n mnaoi a
bhí ag Urias. Agus do ghein Salomón Robóam. Agus
do ghein Robóam Abia. Agus do ghein Abia Asa.


L. 2


Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat
Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias. Agus do ghein
Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus
do ghein Achas Esecias. Agus do ghein Esecias Man-
asses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do
ghein Amon Iosias. Agus do ghein Iosias Iechonias
agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. Agus
tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias
Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel. Agus
do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud
Eliacim. Agus do ghein Eliacim Asor. Agus do
ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim.
Agus do ghein Achim Eliud. Agus do ghein Eliud
Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do
ghein Matan Iácób. Agus do ghein Iácób Ióseph, céile
Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d'á ngoirtear Críost.



D'á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go
dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid
go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag.
Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre
glúine déag.



Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair
a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph,
agus roim theacht d'á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh
gein 'n-a broinn aici ó'n Spioraid Naomh. Ach ó ba
dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis
masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh
a gan fhios. Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach,
do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling,
agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh
aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat,
mar is ó'n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici.
Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar


L. 3


ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.
Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go
gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal
an fháidh nuair adubhairt sé: Féach, beidh gein 'n-a
broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabhar-
faid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann
an ainim sin, Dia linn. Agus nuair a dh'eirigh Ióseph
as a chodla do dhein sé mar a dh'órduigh aingeal an
Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile;
Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac,
a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.



CAIBIDIOL II.



Ofrálacha na suadh. An teithe chun na h-Éigipte. Marbhadh na
Leanbh.



Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda,
i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó'n ndomhan
toir go Ierúsalem, agus dubhradar: Cá bhfuil an
rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacam-
airne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é
dh'adhradh. Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin
tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh
maith. Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus
sgríbhneóirí an phobuil, agus d'fhiafraigh sé dhíobh cá
mbéarfaí Críost. Agus dubhradar-san leis: I
mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an


L. 4


bhfáidh: Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní
tu is lúgha i n-aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is
asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul
Israél do riaradh. Ansan do ghlaoidh Héród
na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé
amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an
réalt dóibh. Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad,
agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so;
agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus
innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n-adhrad é, leis.
Tar éis na cainte sin ó'n rí d'imthigheadar. Agus
féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais
sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na
h-áite i n-a raibh an leanbh. Nuair a chonacadar an
réalt do tháinig árd-áthas ortha. Agus chuadar isteach
sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire,
agus shléachtadar dó agus d'adhradar é; agus
d'osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-
tanas dó, ór agus túis agus mirr. Agus do tugadh
foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n-ais go dtí
Héród, agus chuadar bóthar eile thar n-ais chun a dtíre
féin.



Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal
an Tighearna é féin do Ióseph, 'n-a chodla, agus
dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a


L. 5


mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go
n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh
chun a mhairbhthe. D'eirigh seisean, agus thóg sé leis
an leanbh agus a mháthair, agus chuaidh sé sa n-Éigipt;
agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás;
Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna
tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt
do ghlaodhas mo mhac.



Ansan, nuair a chonaic Héród gur mheall na draoi-
the é, tháinig fearg ana-mhór air agus chuir sé amach
a lucht airm agus mhairbh sé a raibh de mhacaibh dá bhlian,
nó fé n-a bhun, i mBetlehem agus ins na triúchaibh go
léir a bhain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amach
ó chaint na ndraoithe. Ansan iseadh do cómhlíonadh
an chaint adubhairt Ieremias fáidh nuair adubhairt sé:
Do h-airigheadh guth i Ráma, árd-ghol agus iomad
ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfadh
sí sólás toisg gan iad a bheith ann.



Tar éis bháis Héróid, ámhthach, féach, do thaisbeáin aing-
eal an Tighearna é féin do Ióseph i dtaibhreamh, sa n-
Éigipt. Agus dubhairt: Eirigh, agus tóg leat an leanbh
agus a mháthair, agus imthigh go tír Israéil, óir an mhuíntir
a bhí ar tí an leinbh do chur chun báis táid siad tar éis
bháis. Agus d'eirigh seisean agus thóg sé leis an leanbh
agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israéil. Ach d'airigh
sé Archelaus a bheith 'n-a rí ar Iúdéa i n-inead a athar,
Héród, agus níor leig eagla dhó dul ansan; agus do
tugadh foláramh dó i n-a chodla, agus chuaidh sé i
gcríochaibh Ghaililí. Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa
bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí
an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach
air.



CAIBIDIOL III.



Seanmóineacht Eóin. Críost d'á bhaiste.



Ins na laethanta san, ámhthach, do tháinig Eóin Baiste
ag seanmóin i bhfásach Iúdaéa, Agus deireadh sé:


L. 6


Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.
Óir sin é an t-é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubh-
airt sé: Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamh-
uighidh an tslígh do'n Tighearna; deinidh a bhóithre do
dhíriú dhó. Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach
déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a
chom; agus isé bia a bhí aige 'ná lócuistí agus mil fhiain.
Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an
uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir
tímpal ar an Iórdan. Agus bhí sé 'ghá mbaiste sa
n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpea-
caíbh.



Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des
na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige,
agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe,
cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do
sheachnadh? Má's eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir
na h-aithrighe. Ná h-abraidh i n-bhúr n-aigne: Tá
Ábraham i n-a athair againn; óir deirimse libh gur
féidir do Dhia clann a dhéanamh d'Ábraham des na
clochaibh sin. Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na
gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fógh-
anta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é. Táim-se
ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá
ag teacht am' dhiaidh is cómhachtaíghe é 'ná mise, agus ní
fiú me go ndéanfainn a bhróga d'iompar; baistfidh
sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. Tá
a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a
úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruith-
neachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an
lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


L. 7


Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan,
ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é. Ach
bhí Eóin 'ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh
baiste dh'fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall
orm-sa? Agus d'fhreagair Íosa é agus dubhairt sé
leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach
fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.
Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an
uisge láithreach; agus féach, do h-osgaladh na flathais
dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht
colúir agus ag túirliocan air. Agus féach, guth as
na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a
bhfuil mo ghreann.



CAIBIDIOL IV.



Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá. - Fromhadh á dhéanamh air
- É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach
chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh.



Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach
chun go gcurfaí cath air ó'n ndiabhal. Agus nuair a
bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad
oidhche, ansan do tháinig ocras air.



Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis:
Má's tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na
clochaibh sin. Agus dubhairt seisean 'ghá fhreagradh:
Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine,
ach ar an uile fhocal d'á dtagann ó bhéal Dé. Ansan
do thóg an t-Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha,
agus chuir sé 'n-a sheasamh ar spuaic an teampuill é.
Agus dubhairt sé leis: Má's tu Mac Dé caith thu féin
le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: Mar go dtug sé órdú
d'á aingealaibh ad' thaobh, agus glacfaid siad 'n-a
lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.


L. 8


Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: Ná
dein fromhadh ar do Thighearna Dia. Ansan do rug an
t-Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus
thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a
ngradam; Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san
go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh'adhradh.
Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá
sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh
tú umhal dó san amháin. Ansan d'imthigh an t-Áir-
seóir uaidh, agus féach, tháinig na h-aingil agus dhein-
eadar frithálamh air.



Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith 'n-a phríosúnach
d'imthigh sé go Gaililí; Agus d'fhág sé Nasaret, agus
chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na
faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim. Ionus go
gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh: Talamh
Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall
de Iórdan, Gaililí na ngeinte: Pobul a bhí suidhte i
ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d'eirigh solus
do'n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an
bháis. As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus
ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas
buailte libh.



Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus
chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar,
agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa
bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad), Agus dubhairt sé
leó: Tagaidh am' dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar
dhaoinibh dhíbh. Agus gan mhoill d'fhágadar ansan na líon-
ta, agus do leanadar é. Agus ag imtheacht ó'n áit sin
dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé
agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a
n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé


L. 9


chuige iad. Agus gan mhoill d'fhágadar ansan na líonta
agus a n-athair, agus do leanadar é.



Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag
teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh
soisgéil na rígheachta agus ag leigheas gach galair
agus gach breóiteachta d'á raibh ar dhaoine. Agus do
leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag
triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha
le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh
deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus
daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. Agus do
lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis
agus a Ierúsalem, agus ó'n dtaobh thall de Iórdan.



CAIBIDIOL V.



Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h-ocht mbiatí.



Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar
an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgio-
buil ag triall air. Agus d'osgail sé a bhéal agus do
theagaisg sé iad, agus dubhairt sé:



Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó
san rígheacht na bhflathas.



Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbh-
aidh seilbh na talmhan.



Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh
sólás.



Is aoibhinn do'n mhuintir go bhfuil ocras agus tart
chun fióraontachta ortha, mar 's iad a gheobhaidh a sáith.



Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad
a gheóbhaidh trócaire.



Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a
gheóbhaidh radharc ar Dhia.


L. 10


Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is
ortha tabharfar clann Dé



Is aoibhinn do'n mhuintir a dh'fhuilingeann crádh ar
son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas.



Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh
agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh
mar gheall orm-sa; Bíodh móráil agus gáirdeachas
oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais;
óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.



Is sibh-se salann na talmhan. Ach má théigheann an
salann i leamhas conus a déanfar salann airís de?
Ní'l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go
ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. Is sibh-se solus an
domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh'fholachadh. Ní
lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur
ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d'á bhfuil sa
tigh. Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os
cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomh-
artha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá
ins na flathais.



Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur
ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamh-
nídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh. Óir deirim libh
go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh
ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc
amháin de'n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine
chun cinn. An t-é d'á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des
na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na
daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht
na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do
mhúinfidh (a gcoimeád) tabharfar duine mór air i rígh-
eacht na bhflathas. Óir deirim libh mura mbeidh bhur


L. 11


bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire 'ná fíoraontacht na
Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach
i rígheacht na bhflathas.



Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí
ann fadó: Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh
marbhadh beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. Ach
deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair
beidh sé ciontach do'n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach
a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do'n
chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh
sé ciontach chun teine ifrinn. D'á bhrígh sin, má bhíonn
tabharthas agat d'á thabhairt uait os cómhair na h-altó-
rach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad'
choinnibh agat' bhráthair; Fág ansan do thabharthas os
cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin
led'bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabh-
arthas.



Réidhtigh t'eascaraid go luath, an fhaid ataoí i
n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an


L. 12


t-eascara suas tu do'n bhreitheam, agus go dtabh-
arfadh an breitheamh suas d'á ghiolla thu, agus go
gcurfaí sa chascair thu. Go deimhin adeirim leat, ní
thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheir-
ineach.



Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir
fadó: Ná dein adhaltranas. Ach deirim-se libh, an
t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil
peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a
chroidhe féin.



D'á bhrígh sin, má's trúig pheactha dhuit do shúil dheas,
strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball
de d'bhallaibh do chailleamhaint 'ná do cholann go léir
a chur go h-ifreann. Agus ma's trúig pheactha dhuit do
lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is
fearra dhuit ball ded' bhallaibh do chailleamhaint 'ná
do chorp go léir a dhul go h-ifreann.



Agus dubhradh, an t-é a chuirfidh uaidh a bhean phósta,
tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. Ach deirim-se libh,
aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar
adhaltranas amháin, go gcuireann sé i dtreó í chun
adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar
chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.



Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an
muintir fad ó. Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh
a dhearbhuighis cómhlíon do'n Tighearna é. Ach deirim-se
libh gan dearbhú i n-aon chor; gan dearbhú dar neamh,
mar isé sin cathaoír ríoga Dé; Ná dar talamh, mar
isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair


L. 13


an rí mhóir í. Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar
ní'l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh.
Ach abraidh, Seadh, 'seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An
rud a théigheann thairis sin is ó'n olc é.



Do chualabhair conus mar adubhradh, Súil ar shúil,
agus fiacal ar fhiacail. Ach deirim-se libh-se gan cur i
n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain
ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis. Agus má's
mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith
leis sgaoil leis do bhrat 'n-a teannta. Agus an t-é
chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle 'shlígh do t'aimh-
dheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod' dheóin. An t-é a
dh'iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má's mian le
duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh.



Do chualabhair conus mar a dubhradh: Bíodh grádh
agat do d'charaid agus fuath dod' namhaid. Ach
deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d'bhúr namhdaibh;
deinidh maith do'n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus
deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh
agus tromaidheacht oraibh. Ionus go mbeadh sibh i nbhúr
macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é
chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus
maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir
cheart agus aincheart. Óir má thugann sibh grádh do'n
mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a
bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid
sin? Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d'bhúr


L. 14


ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid
na págánaigh féin an méid sin? Bídhidh-se, d'á bhrígh
sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais
fíor-mhaith.



CAIBIDIOL VI.



An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint.



Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os
cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh
tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá
ins na flathais. D'á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat
'á dhéanamh ná bíodh adharc d'á séideadh rómhat amach
agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagó-
gaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na
daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá
a dtuarasdal fághalta acu. Nuair a dhéanfair-se
déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat' láimh chlé cad a
dheineann do lámh dheas. Ionus go mbeadh do dhéirc
fé cheilt, agus go dtabharfadh t'Athair, a chíonn fé cheilt,
do thuarasdal duit.



Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na
feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh 'n-a seasamh
ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i
dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim
libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach nuair a
dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad' sheómra agus
dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t'Athar fé
cheilt, agus tabharfaidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, do
thuarasdal duit. I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh
mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is
dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. D'á
bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d'bhur
n-Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe
chuige. Seo, d'á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:


L. 15


Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t'ainim. Go
dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an
dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán ró-
shubstainteamhail tabhair dúinn indiu. Agus maith dhúinn
ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann
i n-ár n-aghaidh. Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor
sinn ó olc. Amen.



Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh
bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. Ach mura
maithfidh sibh-se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr
n-Athair daoibh-se bhúr bpeacaí.



Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh
gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a
gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith
ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a
dtuarasdal fághalta acu. Ach tusa, nuair a dhéanfair
trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t'aghaidh,
I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh tros-
gaidh, ach go bhfeicfidh t'Athair thu, atá fé cheilt; agus
tabharfaidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal
duit.



Ná cúmhdaighidh stór daoibh féin ar an dtalamh so,
mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh'ídiú,
agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid.
Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an
áit ná deinid na leómhain é dh'ídiú agus ná deinid
bitheamhnaigh é thóch ná é dh'fhuadach Óir, an áit 'n-a
bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis.



Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan
beidh do chorp go léir go solusmhar. Ach má bhíonn do
shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus
má's ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad
é méid na doircheachta féin?


L. 16


Ní féidir d'aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir:
óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do'n
mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus
beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir
daoibh Dia agus Mammon d'fhrithálamh.



D'á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i
dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d'íosfaidh sibh; ná
i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh.
Nách mó le rádh an t-anam 'ná an biadh, agus an corp
'ná an t-éadach? Féachaidh éanlaithe an aeir; ní
chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid
siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair
neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh
sibh-se 'ná iad san? Cé'cu agaib-se, ag machtnamh dó
air, d'fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a
aoirde? Agus cad chuige go mbíonn buaireamh
i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin,
conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná
sníomh. Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón feín i n-a
ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. Má
chuireann Dia maise de'n tsórd san ar fhéar an tailimh,
atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách
mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chrei-
dimh shuaraigh? Ná bídhidh ag déanamh bhuartha, d'á
bhrígh sin, 'ghá rádh, Cad d'íosfaimíd? ná, Cad d'ól-
faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? Óir, siniad
na neithe go mbíd na geinte 'ghá lorg. Óir tá 'fhios
ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin
go léir. Loirgidh ar dtúis, d'á bhrígh sin, rígheacht Dé
agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na
neithe sin go léir. Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrigh
sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin
i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid
uilc féin.


L. 17


CAIBIDIOL VII.



An trímhadh cuid de'n tseanmóin ar an gcnoc.



Ná beiridh breith, ionus na béarfaí breith oraibh.
Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar
breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is
leis a tómhasfar chúghaibh. Cad chuige dhuit an dúra-
dán d'fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann
tu an tsail atá ad' shúil féin? Nó cad chuige dhuit
a rádh led' bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as
do shúil; agus sin sail ad' shúil féin? A chluanaire,
bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan
chífir conus an dúradán a bhaint a' súil do bhráthar.



Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus
na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go
ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iom-
póchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.



Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus
gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. Óir gach
aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loir-
geann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-
tar dó. Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh
a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó?
Nó má iarrann sé iasg air a' dtabharfaidh sé athair nimhe
dhó? Má's eól, d'á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc,
conus neithe fóghanta thabhairt d'bhúr gclainn, nách
dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhús n-Athair atá ins na
flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d'iarraidh air?



Gach nídh, d'á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh
daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an
dlígh agus na fáidhe.



Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing
an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe,


L. 18


agus tá a lán a leanann é. Is ana-chumhang an dorus
agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha,
agus ní mór a gheibheann eólus air.



Seachanaidh na fáidhe fallsa a thagann chúghaibh i gclúid
na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad.
Ó n-a dtorthaíbh iseadh dh'aithneóchaidh sibh iad. An
mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d'
fheóchadánaibh? Mar sin tugann gach crann fóghanta
toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-
thoradh uaidh. Ní féidir do'n chrann fhóghanta droch-
thoradh thabhairt ná do'n droch-chrann toradh fóghanta
thabhairt. Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearr-
far é agus curfar sa teine é. D'á bhrígh sin, as a
dtorthaíbh iseadh dh' aithneóchaidh sibh iad.



Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a
Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach
an t-é a dhéanfaidh toil m'Athar atá ins na flathais,
siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. Déar-
faid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a
Thighearna, nách ad' ainim-se a dheineamair targair-
eacht, agus nách ad' ainim-se a dheineamair na deamh-
ain do chur amach, agus nách ad' ainim-se dheineamair
mórán mírbhuiltí? Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh:
Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a
lucht an uilc a dhéanamh.



Gach duine, d'á bhrígh sin, a chloiseann an chaint
seo adeirim-se agus do dheineann beart d'á réir, samh-
lófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig.
Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní,
agus d'eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh
an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé 'n-a sheasamh
ar an gcaraig. Agus gach duine a chloiseann na focail
seo uaim-se agus ná deineann beart d'á réir, beidh sé
ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; Agus
do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus
d'eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe
sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim


L. 19


Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag
Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d'á thea-
gasg. Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh
duine go raibh cómhacht aige, murar bh'ionan agus na
Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.



CAIBIDIOL VIII.



An Lobhar d'á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, agus
máthair céile Pheadair, agus a lán eile aige 'á leigheas. An stoirm
ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an
mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, agus cead uaidh dos na deamhnaibh
dul isteach ins na mucaibh.



Ansan nuair a tháinig sé anuas ó'n gcnoc do lean
sluaighte móra é. Agus féach, tháinig lobhar, agus do
shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do
chumas mé ghlanadh má's áil leat. Agus do shín Íosa
a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom
é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a
lobhra. Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis
d'aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do'n
tsagart, agus tabhair an ofráil a dh'órduigh Maoís,
mar fhiadhnaise dhóibh-sin.



Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCaphar-
naum tháinig chuige taoiseach céad, 'ghá ghuidhe, Agus
dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile 'n-a
luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. Agus
dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. Agus
dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise
go dtiocfá fé m' dhíon; ach abair an focal amháin agus
beidh mo bhuachaill slán. Mar is duine mise atá
fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an
bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile,
Tar, agus tagann sé, agus le m' sheirbhíseach, Dein so;
agus deineann sé é. Agus nuair airigh Íosa san do dhein
sé iongna dhé; agus dúbhairt sé leis an muintir a bhí
'ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a
leithéid sin de chreidheamh i n-Israél. Agus deirim


L. 20


libh go dtiocfaidh a lán daoine ó'n ndomhan toir agus
ó'n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair
Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, Agus caithfar clann
na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a
mbeidh gol agus díosgán fiacal. Agus dubhairt Íosa
leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a
chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do'n
bhuachaill an uair sin.



Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair
chonaic sé máthair a chéile 'n-a luighe agus éagcruas
uirthi; Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d'imthigh an
t-éagcruas di, agus d'eirigh sí, agus dhein sí friothálamh
ortha.



Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag
triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus
bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag
leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; Ionus go bhfíor-
faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt
sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus
d'fhuiling sé ár ngalara.



Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra 'n-a
thímpal, d'órduigh sé dul thar uisge. Agus tháinig fear
sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir,
leanfad thú pé áit 'n-a ngeóbhair. Agus deir Íosa
leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha
ag éanlaithibh an aéir, agus ní'l ag Mac an Duine áit
ar a leigfeadh sé a cheann. Dubhairt deisgiobul eile
leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m'athair
d'adhlacadh. Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise,
agus leig dos na mairbh a mairbh d'adhlacadh.



Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do
lean a dheisgiobuil é. Agus féach, d'eirigh suathadh
mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d'á múchadh
leis na tonnaibh. Ach bhí seisean 'n-a chodla. Agus
tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A
Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn.
Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine
gan puinn creidimh? Ansan d'eirigh sé agus dubh-
airt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fan-


L. 21


mhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. De sin do
ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar
dhuine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?



Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i
dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh
deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uagh-
naibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh'fhéidir
d'aoinne gabháil an tslígh sin acu. Agus féach, do
liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a
Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun
pionóis a chur orainn? Bhí tréad mór muc ar fosaidh-
eacht i ngar dóibh. Agus d'iarr na deamhain achainighe
air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na
mucaibh sinn. Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus
d'imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith
an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige,
agus do báthadh iad. Agus do rith na h-aodhairí; agus
thánadar isteach sa chathair, agus d'innseadar gach nídh,
agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta.
Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir
amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é
d'iarradar air imtheacht as a dtír.



CAIBIDIOL IX.



Duine gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú d'á
ghlaodhach chuige. An galar fola dá leigheas. Inghean Iaíruis á
tógaint ón mbás aige. Radharc á thabhairt aige do bheirt dall.
Agus duine balbh, go raibh deamhan ann, dá leigheas aige.



Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig
sé thar uisge isteach 'n-a chathair féin. Agus féach, do
thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan
lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu
dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a
mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. Agus féach, dubh-
airt cuid des na sgríbhneóiríbh, 'n-a n-aigne féin:
Tá diamhasladh ag an bhfear so d'á dhéanamh. Agus ó
chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad


L. 22


chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh
agaibh? Cé 'cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte
dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? Ach ionus
go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómh-
acht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt
sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas
do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. Agus
d'eirigh sé, agus d'imthigh sé chun a thighe féin. Agus
tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh
sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómh-
acht do dhaoinibh.



Agus nuair a dh'imthigh Íosa ó'n áit sin chonaic sé
duine dár bh'ainim Maitiú 'n-a shuidhe i n-áit an chus-
tuim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d'eirigh
sé agus do lean sé é.



Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go
dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus
gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul.
Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le
na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir
bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? Ach
d'airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag
daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite.
Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is
toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon
do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.



Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air,
agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na
Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheis-
giobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó: An
féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá
an Céile 'n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a
dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad
trosgadh. Ní chuireann aoinne preabán d'éadach nua


L. 23


ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin
as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa
mheasa. Ná ní curtar fíon nua i sean'-árthaíbh leathair; nó
má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an
fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar
an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad
araon.



An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig
priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus
dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m'inghean bás
anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó.
Agus d'eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a
dheisgiobulaibh.



Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a
cod' fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lámh
ar fhabhra a bhrait. Mar, dubhairt sí 'n-a h-aigne féin,
Mura ndeinead ach baint le n-a bhrat beidh mé slán.
D'iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubh-
airt sé: Glac misneach, a 'ghnín ó; do shlánuigh do
chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó'n uair
sin amach.



Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus
nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus an tsluagh ag
déanamh fothraim, Dubhairt sé leó: Druididh siar;
ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codladh. Agus bhíodar
ag fonamhaid uime. Agus nuair a cuireadh na daoine
amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh
uirthi. Agus d'eirigh an cailín. Agus do leath an
sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.



Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do
lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís,
Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid. Agus nuair a
tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus
dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom
an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis:
Creidimíd, a Thighearna. Ansan do chuir sé a lámh ar
a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir


L. 24


bhúr gcreidimh. Agus do h-osgaladh a súile, agus
thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná
beidh a fhios san ag aoinne. Ach nuair a chuadar-san
amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.



Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine
a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. Agus nuair a cuireadh
amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí
iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a
leithéid sin riamh i n-Israél. Ach deireadh na Fairi-
sínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach
na deamhain.



Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh
agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh,
agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus
ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. Agus
chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige
dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar
bheadh caoire gan aodhaire. Ansan dubhairt sé le n-a
dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre
suarach. Iarraidh, d'á bhrígh sin, ar an dTighearna gur
leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhógh-
mhair dó.



CAIBIDIOL X.



An dá Asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht
acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh.



Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus
thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur
amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigh-
eas. Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol:
Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air;
agus Aindrias a dhritháir. Séamus mac Sebedé, agus
Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus
Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus
Taddeus. Símón ó Chanaan, agus Iudás Iscariót,
an fear a dhíol é.


L. 25


Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh
mar seo: Ná h-imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh
isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; Ach téighidh
fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe
amú'. Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus
abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht.
Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó'n mbás;
glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i
n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.



Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh
i nbhúr gcrios. Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh,
ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear
oibre é chothú. Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh
isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus
fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. Agus
nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do'n
tigh sin agus abraidh; Síothcháin do'n tigh seo. Agus
má's fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura
fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus pé
duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr
mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcath-
air sin, agus caithidh an ceó d'bhúr gcosaibh ann. Go
deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír
Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais 'ná
ag an gcathair sin.



Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg
faolchon. Bídhidh, d'á bhrígh sin, chómh glic leis na
h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colú-
raibh. Ach seachnaidh sibh féin ar na daoine. Óir,
tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus
sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh; Agus béar-
faid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall
orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.
Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh ámhthach, ná
bídhidh ag machtnamh féachaint cad' déarfaidh sibh, ná
conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labh-


L. 26


arfaidh sibh. Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid
bhur n-Athar a labhrann ionaibh. Agus tabharfaidh an
dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a
mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus
a máthar agus básóchaid siad iad. Agus beidh fuath
ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m'ainim-se; Ach
an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. Ach
nuair a déanfar géar-leanmhaint oraibh sa chathair sin,
imthíghidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní,
bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh
Mac an Duine.



Ní'l an deisgiobul níos fearr 'ná a mháighistir, agus
ní'l an seirbhíseach níos fearr 'ná a thighearna. Is leór
do'n deisgiobul bheith mara mháighistir, agus do'n tseirbh-
íseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub
ar fhear an tighe, nách mó 'ná san a thabharfaid siad ar
mhuintir a thighe é? Ná bíodh eagla agaibh rómpa d'á
bhrígh sin. Óir ní'l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus
ní'l rud i bhfolach na h-aithneófar. An rud adeirim
libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a
dh'airigheann sibh (mar chogar) sa chluais deinidh é
chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. Agus ná
bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an
corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach
bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir
anam agus corp do chur go h-ifreann. Ná díoltar dhá
ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu
tuitim chun tailimh gan bhúr n-Athair. Ní'l ruibe d'bhur
ngruaig ná fuil cómhrighthe. Ná bíodh eagla oraibh, d'á
bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se 'ná mórán des na geal-
bhúnaibh. Gach duine, d'á bhrígh sin, a dh'admhóchaidh
mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair
m'Athar atá ins na flathais. Ach an t-é a shéanfaidh
mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair
m'Athar atá ins na flathais.



Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh
a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun
an chlaidhimh a chur ann. Óir do thánag chun an duine
chur i n-earaid le n-a athair, agus chun na h-inghine chur
i n-aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i


L. 27


n-aghaidh máthar a céile. Agus namhaid duine a lucht
aontíghis féin. An t-é gur measa leis a athair nó a
mháthair 'ná mise, ní'l sé maith a dhóithin dom; agus an
t-é gur measa leis a mhac nó a inghean 'ná mé, ní'l sé
maith a dhóithin dom. Agus an t-é ná glacfaidh a chros
agus mise do leanmhaint, ní'l sé maith a dhóithin dom.
An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an
t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.
An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an
t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me.



An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé
tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i
n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin.
Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de'n
chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i
n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh
sé a luacht saothair.



CAIBIDIOL XI.



A dheisgiobuil ag Eoin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na
Iúdaigh dh'á gcáineadh ag Críost mar gheall ar ná creidfidís,
agus na daoine d'á nglaodhach chuige a mhothuighid ualaí troma
bheith ortha.



Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha
ag Íosa d'á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an
áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a
mbailtibh-sin.



Agus nuair a dh'airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha
Chríost, chuir sé beirt d'á dheisgiobulaibh féin ag triall
air, agus dubhairt sé leis: An tusa an t-é atá le
teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Agus
dubhairt Íosa leó 'ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh
d'Eóin na neithe d'aireabhair agus do chonacabhair;


L. 28


Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar
na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid
na mairbh; Tá an Soisgéal d'á theagasg dos na
bochtaibh. Agus is aoibhinn do'n t-é ná glacfaidh
sganall umam-sa.



Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar
labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le
feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d'á
suathadh le gaoith? Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair
a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i
dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. Ach cad a bhí
uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an
eadh? Ach deirim-sé libh gur duine é is mó 'ná fáidh.
Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur
m'aingil rómhat amach chun na slíghe d'ollamhú rómhat.
Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar ar rugadh ó
mhnáibh, duine ba mhó 'ná Eóin Baiste; ach an t-é is
lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é 'ná eisean. Ach ó
aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean 'á dhéanamh
ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheir-
eann leó é. Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go
léir agus an dlígh, go dtí Eóin. Agus má's áil libh
a ghlacadh, isé Elias é atá le teacht. An t-é ar a
bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.



Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail
iad le h-aos óg 'n-a suidhe ar an macha ag glaodhach
ar a gcomrádaithibh: Agus 'ghá rádh: Dheineamair ceól
daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do
chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. Óir do
tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá
deamhan ann. Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag
ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an


L. 29


fear fíona dh'ól, cara na bpuibliocánach agus na bpea-
cach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn
féin.



Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrach-
aibh ionar h-oibrígheadh an chuid ba mhó d'á chómhachtaibh,
toisg nár dheineadar aithrighe: Mairg duit, a Choro-
sain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre
agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó
a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh.
Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an
bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón 'ná agaibh-se.
Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a
tógfar thú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir
dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh
ionat-sa, b'fhéidir go mbeadh an chathair sin ann go dtí
an lá so. Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal
níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom
'ná agat-sa. Sa n-am san d'fhreagair Íosa agus
dubhairt: Admhuighim ad' láthair-se, a Athair, a
Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe
seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais
iad do naoidheanaibh. Iseadh, a Athair; óir sin mar a
bhí taithneamhach ad' láthair-se. Tá gach uile nídh
tabhartha dhómh-sa ag m'Athair. Agus ní'l aithne ag
aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach
ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a
dh'fhoillsiú dhó. Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach
duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus
tabharfad-sa faoiseamh oraibh. Tógaidh mo chuing-se
oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus
úmhal ó chroidhe; agus gheobhaidh sibh suaimhneas d'bhúr
gcroidhthibh. Óir is suairc mo chuing-se agus is
éadtrom m'ualach.


L. 30


CAIBIDIOL XII.



Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost, agus iad á mbréagnú
aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na
mírbhuiltí.



Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá
na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus
chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d'ithe. Agus
chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid
do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a
dhéanamh lá na sabbóide. Ach dubhairt seisean leó:
An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a
bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht
leis? Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus
d'ith sé na bulóga a bhí curtha i látair Dé, nídh nár chead-
uighthe dhó a dh'ithe, ná do'n mhuintir a bhí le n-a chois, ná
d'aoinne ach dos na sagairt amháin? Nó an amhlaidh
nár léigheabhair sa dlígh conus mar a dheinid na sagairt
sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná deinid
siad peacadh? Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon
is mó 'ná an teampall. Ach dá dtuigeadh sibh cad é
an nídh, Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní
dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. Óir isé
Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine.



Ansan d'fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i
n-a sinagóig chúcha. Agus féach, bhí duine ann agus a
lámh gan tapadh. Agus d'fhiafraigheadar de, An
dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go
bhféadfaidís rud a chur 'n-a leith. Agus dubhairt
seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh
aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll
lá sabbóide, ná béarfadh uirthi agus í tharang amach?
Nách mó le rádh go mór duine 'ná caora? D'á bhrígh
sin is dleaghthach tairbhe dhéanamh sa tsabbóid. Ansan
dubhairt sé leis an nduine: Sín amach do lámh. Agus
do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.


L. 31


D'imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar
i gcómhairle 'n-a choinnibh chun a mhairbhthe. Ach bhí a fhios
san ag Íosa, agus d'imthigh sé as an áit sin; agus
do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad
go léir. Agus d'órduigh sé dhóibh gan é chur i n-iúil.
Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias
fáidh mar a ndeir sé: Féach, mo sheirbhíseach, an
t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a
bhfuil greann ó m'anam. Cuirfead mo spioraid
air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.
Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid;
agus ní cloisfar a ghuth ins na sráidibh. Ní bhrisfidh
sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon
go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach
breitheamhantas chun buaidhte. Agus is as a ainim a
bheidh a mainighin ag na geintibh.



Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan
ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé
é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. Agus
tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís:
An féidir gur b'é seo mac Dáibhid? D'airigh na
Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann
sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub,
rí na ndeamhan. Ach do chonaic Íosa a smuínte,
agus dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte
'n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach
cathair, nó gach teighleach, a bheidh deighilte i gcoinnibh a
chéile, ní sheasóchaidh sé; Agus má 'sé Sátan a chuireann
amach Sátan, siné deighilte 'n-a choinnibh féin é; agus
d'á bhrígh sin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus
má's le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na
deamhain, cad leis go gcuirid bhúr gclann féin amach
iad? Fágaim, d'á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne
féin sibh. Ach má's le Spioraid Dé a chuirim-se na
deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.
Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an
fhir láidir agus a sheóide dh'fhuadach, mura ndeinidh sé
an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgart-
álfaidh sé a thigh. An t-é ná fuil liom, tá sé am'


L. 32


aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann am' theannta,
sgaipeann sé.



Deirim libh, d'á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach
peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n-aghaidh an
Spioraid ní maithfar do dhaoine é. Agus an t-é a
déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó
é; ach an t-é a déarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é,
ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal
atá le teacht.



Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta
air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go
h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann.
A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se
neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is a
líonmhaireacht an chroide do labhrann an béal. Tugann
an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a' stór
fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh
amach a' droch-stór. Agus deirim libh, an uile fhocal
díomhaoin d'á labhraid daoine, go dtabharfaid siad
cúntas ann lá an bhreitheamhantais. Óir is de bhárr
do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do
bhreithre féin a daorfar thu.



Ansan d'fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus
des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is


L. 33


mian linn cómhartha dh'fheisgint uait. Agus d'fhreag-
air sé iad: Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómh-
artha; agus ní tabharfar de chómharta dhóibh ach cómh-
artha Iónais an fáidh. Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá
agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an
Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.
Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh
an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dhein-
eadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus
féach duine is mó 'ná Iónas anso. Eireóchaidh ban-
ríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-agaidh an
tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig
sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna
Shalomóin. Agus féach duine is mó 'ná Salomón anso.



Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach
as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg
suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. Agus deir sé, Raghad
tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus
tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é
sguabtha, glan, órnáideach. Ansan imthigheann sé,
agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa 'ná
é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad
sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine
sin sa deire 'ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a
bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.



An fhaid a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a
mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d'iarraidh
labhairt leis. Agus dubhairt duine leis, Fa ch, tá do
mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d'iarraidh
labhartha leat. Ach d'fhreagair seisean agus dubhairt:
Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? Agus


L. 34


do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé:
Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. Óir pé
duine a dhéanfaidh toil m'Athar-sa atá ins na flathais,
siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.



CAIBIDIOL XIII.
Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhus-
táird, agus rl.



Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé
n-a shuidhe ar bruach na faraige. Agus do chruinnigh
sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na
luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh
an tsluagh go léir ar an dtráigh. Agus do dhein sé a
lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé:
Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. Agus
nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid acu i n-aice
an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d'ithead-
ar iad. Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh
clocha agus ithir shuarach; agus d'fhásadar go luath,
toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. Agus d'eirigh
an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan
an phréamh a bheith acu d'fheóchadar. Agus do thuit cuid
eile acu ameasg na sgeach; agus d'fhás na sgeacha agus
mhúchadar iad. Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh
fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad,
cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. An t-é go
bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.



Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar:
Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? Agus
d'fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se
eólus do chur ar rúindiamhraibh rígheachta na bhflathas; do'n
chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. Óir an t-é go bhfuil
aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an
t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. Labhraim


L. 35


leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad,
agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní
thuigid siad. Agus cómhlíontar ionta targaireacht
Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfidh sibh agus
ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní fheic-
fidh sibh. Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus
le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a
súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeic-
fidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluas-
aibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompó-
chaidís agus go slánóchainn iad. Ach is aoibhinn d'bhúr
súilibh-se, óir chíd; agus d'bhúr gcluasaibh, óir cloisid.
Óir go deimhin adeirim libh gur 'mó fáidh agus fíoraon
gur mhian leó na neithe a dh'fheisgint a chíonn sibh-se,
agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a
chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. Éistidh-
se anois le soluíd an tsíoladóra.



Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná
tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé
an síol a cuireadh 'n-a chroidhe sin. Siné an síol a
cuireadh i n-aice an bhóthair. An t-é a ghlac an síol mar
a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar
agus do ghlacann láithreach é le h-áthas; Ach ní'l an
phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a
thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar
gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. Agus an
t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a
chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an
tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do
mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. Ach an t-é a ghlac an
síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann
an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh
uaidh, agus tugann sé cuid de'n toradh fó chéad, agus
cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó
thríochad.



Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cos-
mhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta
'n-a chuid tailimh; Ach nuair a bhí na daoine n-a gcod-


L. 36


ladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na
cruithneachtan, agus d'imthigh sé. Agus nuair a bhí an
geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonac-
thas an cogal leis. Ansan tháinig na seirbhísigh chun
fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thighearna, nách
síol fóghanta a chuiris ad' chuid tailimh? Cá bhfuair sé
an cogal mar sin? Agus dubhairt sé leó: Namhaid
a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis:
An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint?
i Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an
chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. Leig-
tear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair
a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh:
Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é 'n-a
phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú
isteach am' sgioból.



Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubh-
airt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de
shíol mustáird a thóg duine le cur 'n-a gharaidhe. Ní'l
síol ar bith is lúgha 'ná é; ach nuair fhásann sé ní'l
glasra ar bith is mó 'ná é, agus deineann crann dé, i
dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid
siad 'n-a ghéagaibh.



Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht
na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir
sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an
plúr go léir an giost.



Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine
i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i solu-
ídíbh; Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh
nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh;
nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.



Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig
sé isteach sa tigh, agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus
dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort.
Agus d'fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine
a chuireann an síol fóghanta. Agus isé an domhan an
gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol


L. 37


fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. Agus
an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. Agus
isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na
h-aingil na buanaidhthe. D'á bhrígh sin, mar a bailigh-
tear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh
i ndeire an tsaoghail. Cuirfidh Mac an Duine a aingil
amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal
agus lucht déanta an uilc. Agus cuirfid siad sa lasair
theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.
Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na
gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa
air chun éisteachta, éisteadh sé.



Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh
i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é
coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais
imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir,
agus ceannuigheann sé an pháirc sin.



Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceann-
aidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. Agus nuair a
fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a
raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. Airís,
is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa
bhfaraige, agus do bhaileóch' an uile shaghas éisg; Agus
nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur
shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na
h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach
na droch-iasga. Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail.
Imthéochaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na
droch-dhaoine a' lár na bhfíoraon. Agus cuirfid siad
sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal
sa n-áit sin.



Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do thuigeam-
air, ar siad. Dubhairt sé leó: D'á bhrígh sin, gach
sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas,
is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór
neithe nua agus sean-neithe.



Agus do thárla, nuair a bhí na solúidí sin críoch-
nuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. Agus tháinig sé


L. 38


isteach 'n-a dhúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na
ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh
ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna
í so, agus na cómhachta? Nách é seo mac an cheardaidhe?
Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráith-
ribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás? Agus
ná fuil a shiúracha go léir i n-ár measg? Agus cá
bhfuair sé sin na neithe seo go léir? Agus do ghlaca-
dar sgannal d'á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach:
Ní'l fáidh gan onóir ach 'n-a dhúthaigh féin agus 'n-a
theaghlach féin. Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí
sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine
sin.



CAIBIDIOL XIV.



Eóin baiste d'á chur chun báis ag Héród. Bia d'á thabhairt ag
Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an
bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d'á leigheas aige, gan
ach iad do bhaint le n-a chuid éadaigh.



Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil
Íosa. Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé
Eóin Baiste; d'eírigh sé ósna mairbh, agus is uime
sin atáid na mírbhuiltí d'á ndéanamh tríd.



Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do
cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar
Heródias, bean a dhrithár. Mar dubhairt Eóin leis:
Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. Agus ba mhian
leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir
do thuigeadar gur bh'fháidh Eóin Baiste. Ach lá beirthe
Héróid dhein inghean Heródias rinnce 'n-a láthair,
rinnce a thaithn le Héród. Mar gheall air sin do dhear-


L. 39


bhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d'iarrfadh sí air.
Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í:
Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. Tháinig
buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus
mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d'órduigh
sé é thabhairt di. Agus chuir sé daoine uaidh agus
bhain sé an ceann d'Eóin sa phríosún. Agus do
tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do'n
chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é.
Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a
chorp, agus d'adhlacadar é; agus thánadar agus
d'innseadar é d'Íosa.



Agus nuair airigh Íosa é, d'imthigh sé ó'n áit sin,
i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair
a dh'airigh na daoine san, do leanadar é 'n-a gcuis
as na catharachaibh.



Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór,
agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na
daoine gan sláinte a bhí ortha. Agus nuair a tháinig
an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubh-
radar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir
imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach
ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh
féin. Agus dubhairt Íosa leó: Ní gádh dhóibh imtheacht;
Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus d'fhreagradar é:
Ní'l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. Agus
dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. Agus dubh-
airt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé
na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d'fhéach sé suas
chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad,
agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-
san dos na sluaightibh iad; Agus d'itheadar go léir,
agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach,
dhá chiseán déag lán d'arán bhriste. Agus isé méid
daoine a dh'ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do
mhnáibh agus do mhion-daoine.



Agus láithreach 'n a dhiaidh san do chuir Íosa dh'fhiachaibh
ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus


L. 40


dul roimis féin go dtí an taobh thall de'n uisge, chun
go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. Agus chuir
sé uaidh na daoine, agus d'imthigh sé an cnoc suas i
n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an
tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. Ach bhí an
long bheag i lár na faraige d'á cáible ag na tonnaibh,
mar bhí an ghaoth 'n-a coinnibh. Agus sa cheathramhadh
faire de'n oidhche tháinig sé ag triall ortha agus é
ag siúbhal ar an bhfaraige. Agus nuair a chona-
cadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra
ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgread-
aigh le sgannra. Agus do labhair Íosa leó láithreach:
Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná
bíodh eagla oraibh. Agus d'fhreagair Peadar: A
Thighearna, ar seisean: má's tusa atá ann, órduigh
dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. Agus
dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar
anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bárr uisge,
ag teacht chun Íosa. Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus
tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé
uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé.
Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air,
agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad
chuige dhuit mearbhall a theacht ort? Agus nuair a
thánadar ar an luing do stad an ghaoth. Agus tháinig
na daoine a bhí ar an luing agus d'adhradar é, agus
dubhradar, Is tu Mac Dé go fíor.



Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar
isteach i dtír Genésaret. Agus nuair a dh'aithin muin-
tir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an
ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir
a bhí as a sláinte; Agus d'iarradar air leigint dóibh
baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain,
do slánuigheadh iad.


L. 41


CAIBIDIOL XV.



Na Sgríbhneóirí d'á n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná
ó Chanaan, agus a lán eile d'á leigheas aige agus bia aige 'á
thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.



Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag
triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: Cad chuige go
mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní
níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. Agus
d'fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go
mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir
deir Dia: Tabhair do t' athair agus do d' mháthair
onóir; agus, An t-é dhéanfaidh easgaine ar a athair
nó ar a mháthair curtar chun báis é. Deir sibh-se,
ámhthach, Pé duine adeir le n-a athair nó le n-a mháthair,
Gach tabharthas d'á dtugaim-se uaim, beidh a thairbhe
agat-sa; Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair;
agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur
sean-nós. A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias
i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: Onóraid na daoine
seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe.
Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múin-
eadh teagaisg agus aitheanta daoine.


L. 42


Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt
sé leó: Cloisidh agus tuigidh: Ní h-é an rud a théigheann
isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann
amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine. Ansan
do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis.
An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh
ó airigheadar an focal san? Ach d'fhreagair seisean:
Gach curadóireacht nár chuir m'Athair neamhdha-sa,
stracfar as a phréachaibh é. Sgaoilidh leó san;
giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann
dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg.
Agus d'fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn
an tsoluíd úd. Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil
sibh-se féin gan tuisgint fós? Ná tuigeann sibh, gach
nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos
sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? Ach
na neithe a thagann as an mbéal, is ó'n gcroidhe a
thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. Óir
is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dún-
mharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair
éithigh, diamhasla; Siniad a shailigheann an duine;
Agus ní bia a dh'ithe gan lámha do níghe a shaili-
gheann an duine.


L. 43


Agus d'imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go
críochaibh Tuíre agus Sídóin. Agus féach, tháinig bean
ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí:
A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá
m'inghean d'á ciapadh go cruaidh ag deamhan. Agus
níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheis-
giobuil chuige, agus d'iarradar air í leigint chun siúbhail.
Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhac i n-ár
ndiaidh. Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach
chun na gcaorach a cailleadh ó theaghlach Israéil. Ach do
tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a
Thighearna, ar sisi. Agus d'fhreagair sé: Ní maith an
rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. Ach, a
Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuit-
eann ó bhórd a dtighearnaí. Ansan d'fhreagair Íosa
agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh.
Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh
a h-inghean ó'n uair sin.



Agus d'imthigh Íosa ó'n áit, agus tháinig sé go bruach
mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh
sé ann. Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus
daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus
daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá
chosaibh iad, agus do leighis sé iad; I dtreó go
raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na
daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach
ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do
mholadar Dia Israéil.



Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus
dubhairt sé: Tá truagh agam do'n tsluagh, óir táid siad
tar éis fanmhaint trí lá am' fhochair agus ní'l aon nídh
le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim 'n-a
dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. Agus
dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i
bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de
shluagh? Agus dubhairt Íosa leó: An 'mó bulóg
agaibh? Agus dubhradar-san, Seacht mbulóga, agus
raint d' iasgaibh beaga. Agus d'órduigh sé do'n
tsluagh suidhe ar an dtalamh. Agus thóg sé na seacht


L. 44


mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas,
agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil
iad, agus thugadar-san do'n tsluagh iad. Agus
d'itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia
briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh
lána. Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre
mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh.



Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar
bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh
Magedan.



CAIBIDIOL XVI.



Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na
Fairisínigh. Admháil Pheadar agus a thoradh dhó; a imdheargadh
mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do
chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.



Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Saddu-
cínigh chun triail a bhaint as; agus d'iarradar air cómh-
artha ó neamh do thaisbeáint dóibh. Ach d'fhreagair
seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna,
Beidh soinean ann, mar tá an spéir dearg; Agus ar
maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh
go dorcha. Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do
bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire
dh'aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag
lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach
cómhartha Iónais Fáidh. Agus d'fhág sé ansan iad
agus d'imthigh sé.



Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na far-
aige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. Agus dubhairt
sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach
agus na Sadducíneach. Agus dheineadar-san macht-
namh 'n-a n-aigne, 'ghá rádh, Níor thugamar arán linn.
Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A
dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh
toisg gan arán a bheith agaibh? Ná fuil tuisgint agaibh


L. 45


fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do'n chúig
mhíle duine, agus an 'mó ciseán a thógabhair? Ná na
seacht mbulóga do'n cheithre mhíle duine, agus an 'mó
ciseán a thógabhair? Cad 'n-a thaobh ná tuigeann sibh
nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na
bhFairisíneach agus na Sadducíneach? Ansan do
thuigeadar ná dubhairt sé gur bh'é giost an aráin a bhí
le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sad-
ducíneach.



Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa
Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus
dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine?
Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b'é Eóin Baiste
é; agus deir cuid acu gur b'é Elias é; agus deir cuid
acu gur b'é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. Agus
dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? Agus
d'fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú
Críost Mac Dé Bhí. Agus d'fhreagair Íosa agus
dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna,
óir ní feóil agus fuil a dh'fhoillsigh duit-se sin, ach
m'Athair-se atá ins na flathais. Agus deirim-se leat-
sa gur Peadar tu, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-
sa suas m'eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn
uirthi. Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na


L. 46


bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh
sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir
ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais. Ansan
d'órduigh sé d'á dheisgiobulaibh gan a dh'innsint
d'aoinne gur bh'é féin Íosa Críost.



Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d'á dheis-
giobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus
mórán d'fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-
neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun
báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. Agus do thóg
Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt
sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san
ort-sa. Agus d'iompuigh seisean agus dubhairt sé
le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu
seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia
a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.



Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma's áil
le h-aoinne teacht am' dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus
tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. Mar, an t-é
gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an
t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.


L. 47


Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a
bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint?
nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar
aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do
gach duine do réir a ghníomhartha. Go deimhin adeirim
libh, tá cuid d'á bhfuil 'n-a seasamh anso agus ní bhlais-
fid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht
'n-a rígheacht.



CAIBIDIOL XVII.



An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d'á
leigheas aige. D'innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol
sé an didrachma.



Agus sé lá 'n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar
agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug
sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, Agus tháinig
athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh
'n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d'iompuigh a chuid éad-
aigh chómh geal le sneachta. Agus féach, do chonacadar
Maois agus Elias agus iad ag caint leis. Agus
d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A
Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má's
áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se,
agus pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias. Le linn
na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall
soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus
dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann:
éistidh leis. Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth,
do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.
Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubh-
airt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. Agus
d'fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa
féin, Agus ag teacht anuas ó'n gcnoc dóibh dubhairt
Íosa leo: Ná h-innsidh d'aoinne an radharc go n-eirighidh
Mac an Duine ós na mairbh.



Agus d'fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad
chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do


L. 48


theacht ar dtúis? Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagra:



Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. Ach
deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigh-
eadar é, ach d'imireadar a dtoil air. Agus sin mar
atá le fulang ag Mac an Duine uatha. Ansan do thuig
na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht
leó.



Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig
chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh 'n-a láthair:
A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac;
mar tá sé 'n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus
tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go
minic. Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor
fhéadadar é leigheas. Agus d'fhreagair Íosa agus
dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an
fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead
suas libh? Tugaidh chúgham anso é. Agus do smach-
tuigh Íosa an deamhan, agus d'imthigh sé as, agus bhí an
mac leighiste as san amach. Ansan tháinig na deisgio-
buil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar,
Cad 'n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? Agus
dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh.
Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne
de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis
an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistir-
eóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas
a dhéanamh. Ach ní curtar amach an sórd so ach le
h-úrnuighthe agus le trosgadh.



Agus nuair a bhíodar 'n-a gcómhnuidhe i nGaililí,
dubhairt Íosa leó: Tá Mac an Duine le tabhairt i lámh
aibh daoine; Agus cuirfid siad chun báis é, agus ais-
eireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana
mhór ortha.



Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht


L. 49


na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus
dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an di-
drachma? Dubhairt seisean: Díolann. Agus nuair a
chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus
dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na
talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an
ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? Agus
dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa
leis: D'á bhrígh sin tá an chlann saor. Ach i dtreó ná
tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus
caith dubhán; agus an chéad iasg a thiocfaidh aníos, tóg
é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg
é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.



CAIBIDIOL XVIII.



Críost gha theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal
do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do
ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh
an mhuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. E 'á gheallamhaint
d'á dheisgiobulaibh cumas ar cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt
dóibh, agus go mbeidh sé féin 'na gcómhthíonólaibh. Ná maithfar
do'n t-e ná maithfidh.



An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus
dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na
bhflathas? Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus
chuir sé 'n-a sheasamh 'n-a lár é. Agus dubhairt sé: Go
deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar
nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.
An t-é d'á bhrígh sin, d'ísleóchaidh é féin ar nós an
leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. Agus
an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de'n tsórd san
am' ainim-se, glacann sé mise. Ach an t-é thabharfaidh
sgannal do dhuine de'n mhuintir bheag so a chreideann
ionam-sa, b'fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a


L. 50


mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na
faraige.



Is mairg do'n domhan mar gheall ar na sgannalaibh.
Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna
is mairg an t-égo dtagann an sgannal d'á dhruím. Má
dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas
díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa
bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois 'ná dhá láimh nó
dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.
Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í
agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach 'sa bheatha
ar leath-shúil 'ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá
shúil agat.



Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d'aoinne de'n
mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc
do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis
m'Athar-sa, atá ins na flathais.



Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé
an nídh a bhí caillte. Cad is dóigh libh? Má bhíonn
céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú,
ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid
ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an
chinn a chuaidh amú? Agus má ráinigheann dó í dh'fhághail,
deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar
gheall uirthi sin 'ná mar gheall ar na naoi gcinn déag
agus cheithre fichid nár chuaidh amú. Mar an gcéadna,
ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí
duine de'n mhuíntir bheag san. Ach má dheineann do
bhráthair beart ad' choinnibh, imthigh agus cómhairligh é
idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat,
tá do bhráthair buaidhte agat. Mura n-éistidh sé leat,
tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh
gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. Agus mura


L. 51


n-éistidh sé leó san, innis do'n eaglais é; agus mura
n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé 'n-a phágánach nó 'n-a
phuibliocánach agat. Go deimhin adeirim lib, pé neithe
a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte
ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh,
beid siad sgaoilte ar neamh.



Agus deirim libh 'n-a theannta san, má bhíonn beirt
agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith
a bheidh acu d'á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a
dhéanamh dóibh ó m' Athair-se atá ins na flathais. Óir,
an áit 'n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am'
ainm-se, táim-se ansan 'n-a measg.



Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt.
A Thighearna, an 'mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart
am' choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le
seacht n-uaire, an eadh? Dubhairt Íosa leis: Ní
deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada
le seacht n-uaire fó sheacht ndeich.



D'á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear
a bhí 'n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le
n-a sheirbhíseachaibh. Agus nuair a thosnuigh sé ar an
gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh
deich míle talant aige air. Agus nuair ná raibh aon
rud aige chun na bhfiach a dhíol, d'órduigh an tighearna
é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige,
do dhíol amach agus díolfhiach a dhéanamh. Ansan do
chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe
an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus
díolfad an iomláine leat. Agus do ghlac truagh an
máighistir do'n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé
chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. D'imthigh
an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air


L. 52


cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige
air; agus do rug sé air, agus bhí sé 'ghá thachtadh, agus
'ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort. Agus
do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus
dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an
iomláine. Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d'imthigh sé agus
chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiaca. Ach
nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta,
tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus
d'innseadar do'n tighearna gach nídh fé mar a
thuit amach. Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear
san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe,
do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu 'ghá
iarraidh orm; Nár chóir, d'á bhrígh sin, duit-se truagh
bheith agat dod' chómh-sheirbhíseach, fé mar a bhí truagh
agam-sa dhuit-se? Agus bhí fearg ar an dtighearna,
agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé
na fiacha go léir. Agus sin mar a dhéanfaidh m'Athair-
se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine
agaibh d'á bhráthair, ó chroidhe.



CAIBIDIOL XIX.



Críost ghá dheimhniú go bhfuil an pósadh do-sgaoílte: agus ghá
chómhaírliú dhúinn sgaramhaint le gach nídh ar a shon féin. An
chontabhairt a leanann saidhbhreas á thaisbeáint aige, agus an
tuarastal atá as gach nídh do thréigean ar a shon féin.



Agus do thárla, nuair a bhí na cómhráidhte sin críoch
nuighthe ag Íosa, gur fhág sé Gaililí agus go dtáinig sé
i gcríochaib Iúdaéa lastall de'n Iórdan. Agus do
lean sluagh mhór é; agus do leighis sé iad sa n-áit sin.



Agus tháinig na Fairisínigh chuige 'ghá thriail, agus
dubhradar: An dleaghthach do dhuine a bhean do chur
uaidh ar gach aon tsaghas cúise? Agus do fhreagair
sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é
chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean


L. 53


agus bainean, agus dubhairt sé: Mar gheall air sin,
fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh
sé le n-a mhnaoi, agus beid siad 'n-a mbeirt i n-aon
fheóil. D'á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon
fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná
sgaoileadh duine é. Dubhradar san leis: Cad chuige,
má 'seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabh-
airt di agus í chur chun siubhail? Dubhairt sé leó: Do
cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an croidhe cruaidh a
bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal
mar sin, ámhthach, ó thusach. Ach deirim-se libh, aoinne
chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus
do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas;
agus an t-é a phósfaidh an bhean a díbreadh, go ndeineann
sé adhaltranas.



Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má's mar sin atá an
sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh.
Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an
chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh. Óir
táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar;
agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha;
agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son
rígheachta na bhflathas. An t-é go dtig leis a ghabháil,
gabhadh.



Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a
lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil


L. 54


ghá gcosg. Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an
mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leith-
éidí sin rígheacht na bhflathas. Agus nuair a chuir sé a
lámha ortha, d'fhág sé an áit sin.



Agus féach, tháinig duine chuige agus dubhairt sé:
A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go
mbeadh agam beatha shíoruidhe? Agus dubhairt sé leis:
Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní'l ach Aon is maith,
sé sin Dia. Ach má's maith leat dul isteach sa bheatha,
coimeád na h-aitheanta. Deir seisean leis: Cad iad
na h-aitheanta? Agus dubhairt Íosa: Ná dein
marbhadh; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiadh-
naise bhréige; Tabhair onóir do t'athair agus dod'
mháthair; agus, grádhuigh do chómharsa mar thu féin.
Dubhairt an t-óigfhear leis: Choimeádas iad san go
léis ó m'óige; cad eile is riachtanach dom? Dubhairt
Íosa leis: Má's maith leat bheith beacht, imthigh agus díol
amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus
beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.
Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d'imthigh
sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh
mórán saidhbhris aige.



Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin
adeirim libh, is deacair do'n duine saidhbhir dul isteach
i rígheacht na bhflathas. Agus deirim airís libh é: Is usa
do chamal gabháil tré chró snáthaide 'ná do'n duine
saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. Nuair airigh
na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha,
agus dubhradar: Má 'seadh, cé fhéadfaidh dul saor?
D'fhéach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do
dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.



Ansan d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach,
d'fhágamair-ne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus
cad a bheidh d'á bhárr againn? Agus dubhairt Íosa leó:
Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithghein-
eamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a
ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt
breithe ar dhá threibh déag Israéil. Agus gach duine a
dh'fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó


L. 55


a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a chuid
tailimh, ar son m'ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus
beidh an bheatha shíoruidhe aige.



Ach beidh a lán d'á bhfuil ar tusach ar deire, agus d'á
bhfuil ar deire ar tusach.



CAIBIDIOL XX.



Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne
Sebedé. A radharc á thabhairt ag Criost do bheirt dall.



Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh
amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d'á
fhíonghort. Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar
phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort.
Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair,
agus fuair sé tuille 'n-a seasamh díomhaoin ag áit an
mhargaidh; Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis,
isteach am' fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar
a bheidh ceart. Agus d'imthígheadar san. Agus chuaidh
sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh
h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna. Ach do chuaidh
sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé
tuille 'n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige
dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir?
Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubh-
airt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am' fhíonghort-sa.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhión-
ghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus
tabhair a dtuarasdal dóibh, agus tusnuigh leis an muin-
tir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a
tháinig. Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair
a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dhóibh.
Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go
bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an
duine. Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-
aghaidh an fhir thighe, Agus dubhradar: Níor dheineadar so
a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon


L. 56


dul leó san sinne a dh'fhuiling cruadhtan agus brothall
an lae. Do labhair seisean le duine acu, agus dubh-
airt; A dhuine mhuinteartha, ní'l aon éagcóir agam 'á
dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? Seo,
tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread
a thabhairt do'n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá
agam 'á thabhairt duit-sé. An amhlaidh nách dleaghthach
dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-shúil
atá agat, óir is duine fóghanta mise? Sin mar a
bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir
thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus
níl toghtha ach beagán.



Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh
dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus
dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierú-
salem, agus tabharfar Mac an Duine suas d'uachtarán-
aibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daor-
faid siad chun báis é. Agus tabharfaid siad dos na
geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le
céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh
lá.



Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aon-
fheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg
ruda éigin air. Agus dubhairt sé léi: Cad 'tá uait?
Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so
liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do
chlí ad' rígheacht. Ach d'fhreagair Íosa, agus dubhairt:
Ní h-eól daoibh cad 'tá agaibh 'á iarraidh. An bhfuil sibh
ábalta ar an gcailís a dh'ólfad-sa d'ól? Deirid siad
leis, Táimíd. Dubhairt sé leó: Is fíor go n-ólfaidh
sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní
h-agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do'n mhuintir
go bhfuil sé ceapaithe ag m'Athair dóibh. Agus nuair
airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte
drithár. Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubh-
airt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na
ngeinte iad do smachtú, agus go ndeinid a ndaoine
móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. Ní mar sin a


L. 57


bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór
eadraibh, bíodh sé 'n-a fhear fhriotháilte agaibh; Agus an
t-é gur maith leis bheith i n'fhear thosaigh eadraibh, bíodh
sé 'n-a sheirbhíseach agaibh. Fé mar nár tháinig Mac
an Duine chun seirbhíse dh'fhághail, ach chun seirbhíse
thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar
cheannach ar a lán.



Agus nuair a bhíodar ag dul amach a' Ierichó do lean
sluagh mhór éisean. Agus féach, bhí beirt dall 'n-a
suidhe i n-aice an bhóthair, agus d'airigheadar gur bh'é
Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thigh-
earna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid.
Agus bhí an tsluagh 'ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin
mar a b'aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad;
déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Agus do stad
Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is
maith libh a dhéanfainn daoibh? Go n-osgalófaí ár
súile, a Thighearna, ar siad. Agus tháinig truagh ag
Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig
a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.



CAIBIDIOL XXI.



Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail.
An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an
dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge.
Cuireann sé fhéachaint ar na sagairt agus ar na Sgríbhneóiribh
éisteacht.



Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d'Ierúsalem,
agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic
Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,
Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os
bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir
asail agus í ceangailte, agus searrach 'n-a teannta;
sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. Agus má deir
aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna


L. 58


dhíobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. Agus do
deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí
caint an fháidh mar a ndeir sé: Abraidh le h-inghín
Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat 'n-a
shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail
chneasda. Agus d'imthigh na deisgiobuil, agus dhein-
eadar mar a dh'órduigh Íosa dhóibh. Agus thugadar leó
an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a
mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean 'n-a
shuidhe ortha. Agus do leath mórán de'n tsluagh a
mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na
crainn agus do leathadar iad ar an slígh; Agus an
tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh,
agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do'n
t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go
lán árd. Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem
bhí an chathair go léir ar suathadh, 'ghá rádh: Cé h-é seo?"
Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasa-
ret Ghaililí.



Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin
sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag
ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóin-
seáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. Agus dubh-
airt sé leó: Tá sgríobhtha, Tigh chun úrnuighthe a tabhar-
far ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-
se dhe.



Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa team-
pul, agus do leighis sé iad. Agus nuair a chonaic
uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí
a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh,
Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. Agus
dubhradar leis: An airigheann tú cad 'deir siad san?
Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigh-
eabhair riamh: A' béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh
do bheachtuighis moladh? Agus d'fhág sé iad, agus
d'imthigh sé amach lasmuigh de'n chathair go Betánia; agus
d'fhan sé ansan.



Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bí


L. 59


ocras air; Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an
bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon
nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár
fhásaidh toradh as so amach go bráth ort-sa. Agus
d'fheóch an crann fíge láithreach. Agus chonaic na deis-
giobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís:
Conus a dh'fheóch sé chómh tapaidh? Agus d'fhreagair
Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh,
má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh,
déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge,
ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith
thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. Agus gach
nídh ar bith a dh'iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn
creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.



Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus
bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart
agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an
t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh?
agus cé thug duit an t-úghdarás? D'fhreagair Íosa
agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist
amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neós-
fad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam
chun na neithe seo dhéanamh. Cá dtáinig an baiste a
dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh?
Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus
dubhradar: Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh
sé, Má 'seadh, cad 'n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach
má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine
mar fáidh ab eadh Eóin acu. Agus d'fhreagradar
Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt
seisean leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se
cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.



Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear
áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt
sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am'
fhíonghort. Agus d'fhreagair seisean agus dubhairt:
Ní h-áil liom. I n-a dhiaidh san ámh, tháinig aithreachas
air, agus do chuaidh sé. Ansan tháinig sé chun an mhic


L. 60


eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d'fhreag-
air seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh.
Cia 'cu de'n bheirt a dhein toil a athar? Dubhradar-san:
An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-
se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na stria-
pacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. Óir thaínig Eóin
chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair
é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é;
ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe
'n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.



Éistidh le soluíd eile. Bhí fear tighe ann agus chuir
sé fíonghort, agus chuir sé fál tímpal air, agus dhéin
sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus
chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d'imthigh sé go
dúthaigh iasachta. Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí
ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saoth-
ruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. Ach do rug an
lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar
dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabha-
dar do chlochaibh i nduine acu. Ansan do chuir sé seir-
bhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó 'ná an chéad chuid
agus thugadar an cor céadna ortha. Fé dheire, ámhthach,
do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé:
Beidh uraim acu do m' mhac. Nuair a chonaic an lucht
saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an
t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an
oighreacht againn. Agus do rugadar air, agus chuir-
eadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é.
D'á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt,
cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin?
Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirp-
theachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saoth-
ruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na
dtorthaí.



Dubhairt Iosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn:
An chloch d'ár dhiúltuigh na saoir, isí atá 'n-a cloich cinn
chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongan-
tach é i n-ár súilibh-ne. D'á bhrígh sin adeirim libh go
dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do


L. 61


chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. Agus an t-é a
thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go
dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.



Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fair-
isínigh na soluídí uaidh, thuígeadar gur bh' ortha féin a bhí
sé ag caint. Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla
acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.



CAIBIDIOL XXII.



Parabal na bainse. D'órduigh Críost cáin do dhíol le
Caesar. Do Chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í
an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na
Fairisíneachaibh.



Agus d'fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i
soluídibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht
neimhe le fear a bhí 'n-a rí, agus do dhein bainis d'á
mhac. Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na
daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor
bh'áil leó teacht. Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh
airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair
cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo
mhairt marbh agus m'ealta ramhara, agus gach nídh
ollamh: Tagaidh chun na bainise. Ach dheineadar-san
neamhshuím de, agus d'imthígheadar, duine acu chun a
fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. Agus
do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar
tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. Nuair airigh
an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a
shluaighte armtha uaidh, agus d'ídigh sé na marbthóirí sin,
agus do loisg sé a gcathair. Ansan dubhairt sé le n-a
sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir
a fuair cuireadh, níor bhfhiú iad é. Imthighidh amach, d'á
bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh,
glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. Agus d'imthigh
na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar
isteach gach a bhfuaradar de dhaoine, idir olc agus


L. 62


maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine 'n-a suidhe
chun bídh. Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh
sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh
culaith na bainise uime. Agus dubhairt sé leis:
A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na
bhainise umat? Ach níor labhair seisean focal.
Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh
a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa
doircheacht atá amuigh, áit 'n-a mbeidh gol agus díoscán
fiacal. Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní'l toghtha
ach beagán.



Ansan d'imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómh-
airle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air 'n-a chaint.
Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aon-
fheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir,
is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann
tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar
aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine.
Innis dúinn, d'á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An
ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? Ach bhí
fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluan-
uidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a'm brath? Taisbeán-
aidh dom píosa d'airgead na cána. Agus thugadar
dó pingin. Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an
íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Le Caesar, ar
siad. Ansan dubhairt seisean leo: D'á bhrígh sin
tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh
do Dhia na neithe is le Dia. Nuair airigheadar an
méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d'fhágadar ansan
é, agus d'imthigheadar.



An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir
ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus


L. 63


dubhradar. A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann
duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus
go dtógfadh sé sliocht d'á dhritháir. Bhí i n-ár measg-ne
mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu
bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith
air, d'fhág sé a bhean agá dhritháir; Mar an gcéadna an
tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an
seachtmhadh duine. I n-a ndiaidh go léir fuair an bhean
bás. Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé'cu de'n mhórsheisear
gur leis í? mar, bhí sí acu go léir. D'fhreagair Íosa,
agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú' toisg gan
eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh
Dé. Óir sa n-aiseirighe ní pósfar ná ní tabharfar le
pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar
neamh. Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigh-
eabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: Is
mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib?
Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó.
Agus nuair a dh'airigh na daoine é bhíodar ag déanamh
iongna d'á theagasg.



Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh
ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; Agus
cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach
as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad í an aithne mhór
sa dlígh? Dubhairt Íosa leis: Grádhfaidh tú do
Thighearna Dia ó d'chroidhe go h-iomlán, agus ó d'anam
go h-iomlán, agus ó d'aigne go h-iomlán. Siní an
aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. Agus tá an
tarna h-aithne cosmhail léi: Grádhfaidh tú do chómh-
arsa mar thu féin. Tá an dlígh go léir agus na fáidhe
ag seasamh ar an dá aithne sin.



Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus
do cheisdigh Íosa iad, Agus dubhairt sé: Cad a thuig-
eann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé 'ro mac é? Agus
dubhradar leis: Mac Dáibhid. Dubhairt sé leó:
Ma 'seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid,
a Thighearna air, mar a ndeir sé: Dubhairt an


L. 64


Tighearna le m' Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread
do namhaid mar fuairmín fé d'chosaibh? D'á bhrígh sin,
má thugann Dáibhid a Thighearna air, conus atá sé 'n-a
mhac aige? Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne
le rádh 'ghá fhreagra; agus ó'n lá san amach níor leó-
mhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.



CAIBIDIOL XXIII.



Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus
na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh,
fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a
n-uaillmhian. A lán mairgí aige d'á bhagairt ortha mar gheall
ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille.



Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a
dheisgiobuil,



Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na
Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. D'á bhrígh sin
pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é
agus deinidh é; ach ná deinidh do réir a n-oibreacha;
óir deirid siad, agus ní dheinid siad. Óir cean-
galaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad
ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread
agus méar a chur 'ghá gcoruighe. Deinid siad gach obair
leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leath-
nuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad
fabhraí a mbrat. Is maith leó ceann cláir ag suidhe
chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na
sinagógaibh. Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh,
agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. Ach ná
tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá 'n-a
Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. Agus


L. 65


ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so:
óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na
flathais. Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is
aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd. An t-é
is fearr oraibh, beidh sé 'n-a sheirbhíseach agaibh. Óir
an t-é a dh'árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é
a dh'isleóchaidh é féin, árdófar é.



Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí-
neacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na
bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh
isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul
isteach.



Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a
chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag
déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de
an bhreith a tabharfar oraibh.



Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí-
neacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir
chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus
nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de
níosa dhá mheasa 'ná sibh féin.



Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine
a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach
an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal
air. A dhaoine dalla gan chiall: cé'cu is mó le rádh,
an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-or?
Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamh-
nídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas
atá ar an altóir, tá an ceangal air. A dhaoine dalla:
Cé'cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an
bheannuightheacht ar an dtabharthas? D'á bhrígh sin, an
t-é dhearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé
dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. Agus an t-é a


L. 66


dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar
an teampal agus dar an t-é atá 'n-a chómhnuidhe ann.
Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann
sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá 'n-a
shuidhe inti.



Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisí-
neacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an
miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus
d'fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh,
breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí
sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do
leigint ar lár. A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an
chuil agus sloigeann sibh an camal.



Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha,
a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de'n
chupán agus de'n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de
bhraduíol agus de shailightheacht. A Fhairisínigh dhaill,
glan ar dtúis an taobh istigh de'n chupán agus de'n
mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.



Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha,
a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a
fhéachann go h-áluinn lasmuigh, fé shúilibh daoine, ach
laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus
de'n uile shaghas bréantais. Ar an gcuma gcéadna
féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé
shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de'n fheall agus
de'n mhalluightheacht.



Is mairg daoibh, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha
an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna
fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na
bhfíoraon, Agus deireann sibh: Dá mbeimís-ne beó
le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na
bhfáidh. D'á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh
sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. Líonaidh-se
suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. A aithreacha nimhe,


L. 67


a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se
ó bhreith ifrinn? D'á bhrígh sin, féach, cuirim-se
chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne;
agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar
chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i
nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó chathair go
cathair. Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta
d'ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin Abel
go fuil Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir
an teampal agus an altóir. Go deimhin adeirim
libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht
so.



A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na
fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a
curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob' áil liom do
chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a
h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh'áil leat! Féach,
fágfar bhúr dtigh i n'uaigneas agaibh. Óir adeirim libh,
ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh
leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.



CAIBIDIOL XXIV.
An íde a bhí le teacht ar an dteampul; agus na cómharthaí a
bhí le teacht roimis; agus roime lá an bhreitheamhantais. Ní
foláir dúinn bheith ag faire i gcómhnuíghe.



Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus
bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag
taisbeáint oibreacha an teampail dó. Agus dubhairt
seisean leó 'ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe
sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso
cloch ar muin cloiche gan raobadh.


L. 68


Agus do shuidh sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a
dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis
dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad
a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire
an tsaoghail. Agus dubhairt Íosa leó ghá bhfreagra:
Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú' sibh.



Óir tiocfaid a lán am' ainim-se agus déarfaid siad,
Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. Agus
aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seach-
naidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na
neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é. Óir
eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh
rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh
talmhan, ar fuid áiteana. Tosach na dtrioblóidí,
ámhthach, iad san go léir, Ansan cuirfid siad sibh-se
i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus
beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar
m'ainim-se. Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal,
agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath
acu d'á chéile. Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa,
agus meallfaid siad a lán. Agus toisg an mhalluigh-
theacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a
lán. Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire,
raghaidh sé saor. Agus craobhsgaoilfar an soi-
sgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar
fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tioc-
faidh an críochnú.



D'á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa,
ar ar labhair Daniel fáidh, 'n-a seasamh sa n-áit
naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigeadh: Ansan an mhuintir
atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc; Agus an duine
ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a
bhreith as a thigh leis; Agus an duine sa pháirc ná filleadh
sé a d'iarraidh a bhrait. Is mairg do lucht clainne
dh'iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na
laethibh sin. Ach guídhidh gan bhúr dteithe bheith sa gheimh-
readh ná ar an sabbóid. Óir beidh buaireamh mór an
uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí
so, agus ná beidh. Agus mura gciorruightí na lae-


L. 69


thanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar
na laethanta san ar son na bhfíoraon. An uair sin má
deir aoinne libh: Féach, tá Críost anso, nó ansúd; ná
creididh. Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus
fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra
uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú' na fíor-
aoin féin (dá mb' fhéidir é). Féach, ta innste agam
daoibh roim ré. D'á bhrígh sin má deirid siad libh:
Féach, tá sé sa bhfásach: ná téighidh amach; Féach, tá
sé ins na seómraíbh: ná creididh. Óir, mar an splanc
a thagann as an dtaobh thoir agus a chítear go dtí an
taobh thiar, sin mar a bheidh teacht Mic an Duine. Pé
áit 'n-a mbeidh an corp, is ann a chruinneóchaid na
fiolair.



Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san
doircheófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a
solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid
cómhachta na bhflathas d'á suathadh; Agus ansan chífar
cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid
treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an
Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht
agus le gradam. Agus cuirfidh sé a aingil amach,
le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad
a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas
go dtí a n-íochtar. Foghlumuighidh soluíd ó'n gcrann
fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar
tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmair-
eacht. Mar sin daoibh-se, nuair a chífidh sibh na neithe
seo uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i n-aice libh, ins
na dóirsibh. Go deimhin adeirim libh, ní imtheóchaidh an


L. 70


tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir chun cinn.
Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní
raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.



I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní'l
fios ag aoinne, dá mb'iad aingil na bhflathas féin iad,
ach ag an Athair amháin. Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh
bheidh teacht Mhic an Duine. Mar a bhíodar ins na lae-
thanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh
agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá 'na
ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, Agus ní raibh
fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí
chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an
Duine. Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine
agus fágfar duine. Beidh beirt bhan ag meilt le
muileann: Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh
faire, d'á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a
thiocfaidh bhúr dTighearna. Ach bíodh fhios an méid seo
agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a
bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh
sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach.
D'á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách
eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.



Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar,
a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabh-
airt dóibh do réir aimsire? Is aoibhinn do'n tseir-
bhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann
sé é ag déanamh na h-oibre sin. Go deimhin adeirim
libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. Ach má
deir an droch-sheirbhíseach san 'n-a chroidhe féin: Tá mo
thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; Agus má dhírí-
gheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar
bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair lucht meisge; Tiocfaidh
tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus
an uair nách eól dó; Agus deighilfidh sé é, agus ceap-
faidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol
agus díoscán fiacal.


L. 71


CAIBIDIOL XXV.



Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus
tuairisg ar an mbreitheamhantas déanach.



Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deich-
niúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach
i gcoinnibh an chéile agus na céile. Agus bhí cúigear acu
ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. Agus an
cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna,
níor thugadar oíle leó. Ach do thug an cúigear a bhí
ciallmhar oíle leó i n-a n-ártháibh i dteannta na lóchrann.
Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha
go léir, agus do thuiteadar 'n-a gcodladh. I lár na
h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an
céile ag teacht; téighidh amach 'n-a choinnibh. Ansan
d'eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuir-
eadar a lóchranna i dtreó. Agus dubhairt an chuid
a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh
dúinne cuid de'n oíle atá agaibh-se, mar tá ár loch-
ranna ag dul i n-éag. D'fhreagair an mhuintir chiall-
mhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin
ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh' imtheacht
chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin.
Agus an fhaid a bhíodar ag dul 'ghá ceannach, tháinig an
céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i
n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an
dorus. Ar ball tháinig na maighdeana eile agus
dubhradar: A Thighearna, a Thighearna, osgail dúinne.
Ach d'fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin
adeirim libh, ní'l aon aithne agam oraibh.



Deinidh faire, d'á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an
lá ná an uair.



Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus
do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh,
Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant
do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach
duine do réir a chumais oibre; agus d'imthigh láith-
reach. Agus d'imthigh an t-é a fuair na chúig talanta,
agus d'oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile.
Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein


L. 72


sé dhá cheann eile. Ach an t-é a fuair an t-aon talant
amháin d'imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus
chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. Tar éis mórán
aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san,
agus shocaruigh sé cúntas leó. Agus tháinig an t-é a
fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig
talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais
chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha
leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a
sheirbhísigh fhóghanta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an
bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach
i n-aoibhneas do thighearna. Agus tháinig an fear a
fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais
dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó
agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a
sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an
bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh
isteach i n-aoibhneas do thighearna. Ansan do tháinig an
fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A
Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann
tú sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit
nár sgaipis. Agus le h-eagla rómhat chuireas do
thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin
agat. Agus d'fhreagair a thighearna é, agus dubhairt
leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob' eól duit go
mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa
n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. Bhí sé ceart agat,
d'á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na ban-
cairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo
chuid féin agus an t-úncumas. Tógaidh uaidh mar sin, an
talant agus tugaidh é do'n t-é go bhfuil na deich
dtalanta aige. Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar
dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige,
tógfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. Agus
an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doir-
cheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán
fiacal.



Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine 'n-a ghradam,
agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé


L. 73


gncathaoir a ghradaim; Agus cruinneófar 'n-a láthair
i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad,
mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair;
Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na
gabhair ar a láimh chlé. Ansan déarfaidh an Rí leis an
muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine
beannuighthe le m'Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht
atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: Mar, bhí
ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart
orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus
thugabhair bheith istigh dom; Bhíos nocht, agus chlúda-
bhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am' fhéachaint;
bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. Ansan frea-
garóchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A
Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus
gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thug-
amair deoch duit? Nó cathain a chonacamair ar fán
tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht,
agus gur chlúduigheamair thu? Nó cathain a chonaca-
mair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair
chúghat? Agus déarfaidh an Rí 'ghá bhfreagra:
Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do
dhuine de'n chuid is suaraíghe de m'bráithribh anso, do
dheineabhair dómh-sa é. Ansan déarfaidh sé leis an
muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream
mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-olla-
mhuigheadh do'n diabhal agus d'á aingealaibh; Mar, bhí
ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí
tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. Bhíos ar fán,
agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhíos nocht,
agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa
phríosún, agus níor thánabhair am' fhéachaint. Ansan
déarfaid siad-san leis, 'ghá fhreagra: A Thighearna
cathain a chonacamair-ne thu fé ocras 'ná fé thart, ná
ar fán, ná nocht, 'ná breóite, ná i bpríosún, agus
nár dhéineamair furtacht ort? Ansan déarfaidh sé
'ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár
dheineabhair d'aoinne de'n mhuintir shuarach so é 'níor


L. 74


dheineabhair dómh-sa é. Agus imtheóchaid siad san
isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach
i mbeatha shíoruidhe.



CAIBIDIOL XXVI.



Na h-Iúdaigh ag déanamh ceilge i n-aghaidh Chríost. Máire 'ghá
ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa
gháirdín. Gabháil ár dTighearna. An cor do tugadh air i dtigh
Chaiphas.



Agus do thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra
san go léir, go ndubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Is
eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus
tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.



Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na
sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-
shagairt, dár bh'aimm Caiphas; Agus dheineadar cómh-
airle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg,
agus é chur chun báis. Dubhradar, ámhthach, Ná dein-
tear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg
sa phobul.



Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an
lobhar, Tháinig bean chuige agus árthach alabastair aici
a bhí lán d'ungadh ana-dhaor, agus do dhoirt sí ar a
cheann é, agus é 'n-a luighe. Agus nuair a chonaic na
deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar:
Cad chuige an bhásta so? D'fhéadfaí é sin do dhíol ar
mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. Do thuig Íosa,
ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag
iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta
aici orm-sa. Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh
i nbhúr bhfochair, ach ní'lim-se i gcómhnuighe agaibh. Mar,


L. 75


nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun
m'adhlactha a dhein sí é. Go deimhin adeirim libh, pé
áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an
Soisgéal so ann, 'neósfar, leis, mar chuimhne uirthi
seo, an gníomh so atá déanta aici.



Ansan d'imthigh duine de'n dáréag, dár bh'ainim
Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart,
Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-
sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruighea-
dar-san leis ar thríochad píosa airgid. Agus as san
amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas.



An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an
aráin gan gost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus
dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg
d'ollamhú dhuit le caitheamh? Agus dubhairt Íosa:
Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis:
Deir an Máighistir: Tá m'aimsir i ngoireacht dom;
déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.
Agus dhein na deisgiobuil mar a dh'órduigh Íosa dhóibh,
agus d'ollamhuigheadar an Cháisg.



Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé
i bhfochair a dháréag deisgiobul. Agus nuair a bhíodar
ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil
duine agaibh atá chun mé dhíol. Agus tháinig ana-
bhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An
mise é, a Thighearna? Agus dubhairt seisean 'ghá
bhfreagra: An t-é a chuir a lámh sa mhéis am' chuíbhreann,
díolfaidh sé mé. Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé
mar atá sgríobhtha 'n-a thaobh; ach is mairg do'n fhear
san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba
mhaith an rud do'n fhear san gan é theacht riamh ar an
saoghal. Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol
é, agus dubhairt: An mise é, a Mháighistir? Dubhairt
sé leis: Dubhraís é.



An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus
bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d'á dheisgiobulaibh é;


L. 76


agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.
Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas:
agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.
Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirt-
far ar son a lán chun peacaí do mhaitheamh. Deirim
libh, ámhthach: Ní ólfad airís de'n toradh so na fíneamhna
go dtí an lá san 'n-a n-ólfad é go nua mar aon libh-se
i rígheacht m'Athar.



Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach
go cnoc Olibhet.



Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgan-
nal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad
an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada. Ach
taréis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. Agus
dubhairt Peadar 'ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an
uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal


L. 77


umat choídhche. Dubhairt Íosa leis: Go deimhin
adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coil-
each, séanfair-se mise trí h-uaire. Dubhairt Peadar
leis: Bíodh go mbeadh orm bás d' fhághail i n-aon-
feacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil
go léir an chaint chéadna.



Ansan do tháinig Íosa agus iad féin chun an bhaile ar a
dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheis-
giobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd
anonn chun úrnuighthe dhéanamh. Agus thóg sé leis
Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar
bheith go buartha agus go brónach. Ansan dubhairt
sé leó: Tá brón an bháis ar m'anam: Fanaidh anso agus
deinidh faire am' theannta. Ansan do dhruid sé
tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe,
agus dubhairt sé: A Athair, má's féidir é, gabhadh an
chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear
mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. Agus
tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé 'n-a gcodladh
iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár
fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a' chluig amháin
liom? Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh
sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil
lag. Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubh-
airt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm
gan me 'ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear. Agus
tháinig sé airís agus fuair sé 'n-a gcodladh iad; óir do
bhí mairbhitíghe ar a súilibh. Agus d'fhág sé iad, agus
d'imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair,
ag rádh na cainte céadna. Ansan tháinig sé chun na
ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinidh codladh
anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair
buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh
na bpeacach. Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear
a bhrathfaidh mé ag teacht.



Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás,
duine de'n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir


L. 78


uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis,
í agus claidhmhte acu agus bataí. An fear a bhrath é,
ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An
t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim
air. Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubh-
airt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus
thug sé póg dó. Agus dubhairt Íosa leis: A chara,
cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuir-
eadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air.
Agus féach, duine de'n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do
shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail
sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas
de. Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh
thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thóg-
faidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. An
amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar
m'Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó
'ná dhá legión déag aingeal? Conus, d'á bhrígh
sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a
thuitim amach mar seo. An uair sin dubhairt Íosa leis
an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus
claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun
beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am' shuidhe sa teampall
gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair
orm. Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí
scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d'fhág a dheisgiobuil
go léir é, agus do theitheadar.



Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus
do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar
a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe.
Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach
an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé
ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na
h-oibre.



Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go


L. 79


léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go
ndaorfaidís chun báis é; Agus do theip ortha, bíodh
go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire
tháinig beirt fhínnithe bréige, Agus dubhradar: Deir
sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh,
agus é chur suas airís i gceann trí lá. Ansan d'eirigh
an t-árd-shagart 'n-a sheasamh, agus dubhairt sé leis:
Ná h-abrann tú focal leis na neithibh atá acu so dh'á
dhearbhúghadh ort? Ach níor labhair Íosa. Agus dubh-
airt an t-Árd-shagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé
atá beó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé.
Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. Ach ní lúgha adeirim-
se libh-se, Chífidh sibh 'n-a dhiaidh so Mac an Duine 'n-a
shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh
neimhe. Ansan do strac an t-árdshagart a chuid
éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige;
cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do
chloiseabhair an diamhasla: Cad a chítear daoibh? Agus
dubhradar san 'ghá fhreagra: Tá bás tuillte aige.
Ansan do chaitheadar seilí sa n-aghaidh air, agus
bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le
n-a mbasaibh sa n-aghaidh é, Agus deirdíis: Targair
dúinn, a Chríost, cé h-é a bhuail tu?



Ach bhí Peadar 'n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach;
agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubh-
airt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.
Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus
dubhairt sé: Ní fheadar cad 'tá agat d'á rádh. Agus bhí
sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile
é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé
seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach. Agus do
shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní'l aon
aithne agam ar an nduine. Agus tar éis tamaill bhig
tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le
Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann
do chaint tú. Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar
a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus
le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. Agus do chuímhnigh


L. 80


Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa: Sar a nglaoidh-
fidh an coileach séanfair-se mise trí h-uaire. Agus
d'imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.



CAIBIDIOL XXVII.



Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.



Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin
na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómh-
airle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é.
Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do
Phontius Pílát, an riaghaltóir.



Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé
daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an
tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachta-
ránaibh na sagart agus ar na seanóiribh. Agus dubh-
airt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamh-
chiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin?
Bíodh ort féin. Ansan do chaith sé na píosaí airgid
isteach sa teampul, agus d'fhág sé an áit, agus
d'imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid. Agus do
thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubh-
radar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is
airgead fola iad. Ach dheineadar cómhairle, agus
cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine
iasachta d'adhlacadh ann. Mar gheall air sin do
tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, 'sé sin, Páirc
na fola, go dtí an lá so. Ansan iseadh do cómhlíonadh
an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé:
Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an
t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a' clannaibh Israéil,
Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a
cheap an Tighearna dhom.


L. 81


Agus bhí Íosa 'n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra
agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé:
An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir
tu é. Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na
seanóirí neithe 'n-a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha.
Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h-airigheann tú na
neithe móra a chuirid na fínnithe ad' leith? Agus níor
thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh
árd-iongnadh ar an riaghaltóir.



An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riagh-
altóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine,
pé cime ba mhaith leó. Bhí aige an uair sin árd-chime,
agus Barabbas ab ainim dó. Do chruinnigh Pílát iad,
agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor
chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?
Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabh-
airt chun lámha. Agus bhí sé 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir
bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht
chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhaint agat leis
an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam
indiu mar gheall air, tré aisling. Ach do chuir uachta-
ráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun
Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. Agus
d'fhreagair an riaghaltóir agus dubhairt sé leó: Cé'cu
de'n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubh-
radar san: Barabbas. Dubhairt Pílát leó: Agus cad
a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost?
Dubhradar go léir: Céasdar é. Dubhairt an riagh-
altóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach
do liúghadar níb' aoirde: Céasdar é. Nuair a chonaic
Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí
ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os
cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor
ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. Agus
d'fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne
agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha
Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar
éis a sgiúrsála.



Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó


L. 82


amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean
go léir. Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus
chuireadar clóca dearg uime. Agus d'fhígheadar
coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus
chuireadar cleith 'n-a láimh. Agus do leigidís iad féin
ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus
deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach! Agus chaithidís
seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille
dhi sa cheann air. Agus nuair a bhí a gcuid magaidh
déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar
a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun
é chéasadh.



Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó
Chíréné, dár bh'ainim Símón; agus chuireadar fhéach-
aint ar an nduine sin dul leó agus a chros d'iompur.
Agus thánadar chun áite ar a dtugtar Golgota, 'sé
sin, áit Chalbharí. Agus thugadar le n-ól dó fíon
gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé
é ní ólfadh sé é. Agus nuair a dheineadar é chéasadh,
do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, 'ghá gcur
ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá
ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo
bhaill éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo
chuid éadaigh. Ansan do shuidheadar ag faire air.
Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA,
RÍ NA N-IÚDACH, É SEO. Ansan do céasadh, mar aon
leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus
duine acu ar a láimh chlé. Agus an mhuintir a ghabhadh
thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, Agus
deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá
suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh.
Ma's tu Mac Dé tar anuas ó'n gcrois. Agus ar an
gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh
magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na
seanóiribh, deiridís: Do shábháil sé daoine eile; ní'l
ar a chumas é féin do shábháil. Má'sé Rí Israéil e,
tagadh sé anuas anois ó'n gcrois agus creidfimíd ann.
Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má's áil


L. 83


leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. Agus na bith-
eamhnaigh a bhí céasda i n-aice leis, thugadar an mhasla
chéadna dhó.



Agus ó'n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an
ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. Agus
tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana
árd, agus dubhairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? 'sé
sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus
bhí daoine 'n-a seasamh ann agus d'airigheadar é, agus
dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. Agus
do rith duine acu láithreach, agus d'aimsigh sé spúinse,
agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é,
agus thug sé le n-ól dó. Agus dubhairt an chuid eile:
leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias 'ghá shaoradh.



Agus d'éighimh Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a
anam uaidh.



Agus féach, do stracadh 'n-a dhá chuid ó bhárr go bun
brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do
sgoilt na caraigreacha; Agus do h-osgaladh na
h-uaghna agus d'eirigh a lán de chorpaibh na naomh a
chodail, Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na
h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha,
agus chonaic a lán iad.



An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí 'n-a
theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh
talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-
mhór ortha agus dubhradar: Go fíor dob' é Mac Dé é sin.



Agus bhí a lán ban ann abhfad amach, do lean
Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: Ar a raibh Máire
Mhagdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph,
agus máthair clainne Sebedé.



Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine
saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh' ainim Ióseph, agus duine
de dheisgiobulaibh Íosa dob' eadh é: Chuaidh an duine sin
ag triall ar Phílát, agus d'iarr sé corp Íosa air.
Ansan d'órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. Do
fuair Ióseph an corp, agus d'fhill sé i línéadach glan é,
Agus chuir sé 'n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige


L. 84


i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h-uagha,
agus d'imthigh sé. Bhí ann, ámhthach, Máire Mhagdalén
agus an Máire eile agus iad 'n-a suidhe ar aghaidh na
h-uagha amach.



Agus an lá 'n-a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an
ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na
Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Phílát, Agus
dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an
feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireó-
chad airís. Órduigh-se, d'á bhrígh sin, gárda chur ar an
uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a
dheisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéar-
faidís leis na daoine: D'eirigh sé ós na mairbh: agus
beidh an feall deirineach níos measa 'ná an chéad
fheall. Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Im-
thighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh.
D'imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur
séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.



CAIBIDIOL XXVIII.



Aiseiríghe Chríost. An gnó a thug le déanamh d'á dheisgio-
bulaibh.



Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá
de'n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén
agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. Agus
féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig
aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé
agus d'iompuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthi;
Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éad-
aigh mar an sneachta. Agus le h-eagla roimis tháinig
sgannra ar an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó
daoine a bhéadh marbh. Agus d'fhreagair an t-aingeal
agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla
oraibh-se; mar tá fhios agam gur b'é Íosa, do céasadh,
atá uaibh. Ní'l sé anso: Mar d'aiseirigh sé, fé mar


L. 85


a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit 'n-ar cuir-
eadh an Tighearna. Imthighidh anois go luath, agus
innsidh d'á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach,
tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é;
féach tá innste agam daoibh roim ré. Agus d'imthigh-
eadar amach go tapaidh ó'n uaigh, agus bhí eagla mór
ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil
a dh' innsint dos na deisgiobuil. Agus féach, do
bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus
do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus
d'adhradar é. Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh
eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom' bráithribh,
ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit
sin mé.



Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de'n
lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d'innseadar
d'uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach.
Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na
seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar
cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, Agus dubhradar
leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n-oídhche, agus
ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, Agus má
airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne
leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. Agus do
ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a
dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na
n-Iúdach go dtí an lá indiu.



Agus d'imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go
Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa
dhóibh. Agus nuair a chonacadar é d'adhradar é; ach bhí
cuid acu lag-chreideamhach. Agus tháinig Íosa agus
do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach
cómhacht ar neamh agus ar talamh. Imthighidh, d'á bhrígh


L. 86


sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad
i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid
Naoimh. Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-
sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbúr
bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an
tsaoghail.



daona go léir; chun na bhfírinní go léir a mhúine dhóibh; agus i
dtreó go mbeadh sé féin ag cabhrú leó go h-éifeachtamhail sa
chúram san, gheall se dhóibh go mbeadh sé 'na dteannta, ní h-ar
feadh céad blian ná ar feadh míle blian, ach gach aon lá, go dtí
deire an domhain. Conus is féidir, dá bhrígh sin, do'n Eaglais
Chaitilicidhe dul amú, agus go bhfuil, i bhfocair a cléire aici i
gcómhnuíghe, mar atá geallta anso, Críost féin, "an tslígh, an
fhírinne, agus an bheatha"? (Eóin xiv).


L. 87


SOISGÉAL NAOMHTA ÍOSA CRÍOST
do réir
MHARCUIS



Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus
mínightheóir (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh sé ó Pheadar
féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal
gearr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuigh-
theóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é,
agus d'órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir
Baronius, agus tuille gur sa laidin a deineadh an sgríbhinn, ach
tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é.



CAIBIDIOL I.



Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d'á bhaiste aige. É ag
glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúiltí.



Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé.



Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim
ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d'ollamhú
rómhat. Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamh-
uighidh an tslígh do'n Tighearna; deinidh a chasáin do
dhíriú dhó. Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag
fógairt baiste chun aithrighe agus cun maitheamhnachais
peacaí. Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir
Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus
bhí sé 'ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag
admháil a bpeacaí. Agus ruainneach camail iseadh
bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom,
agus isé bia a bhí aige 'ná lócuistí agus mil fhiain.
Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is
mó cómhacht 'ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú
mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige.


L. 88


Do bhaisteas-sa sibh le h-uisge; baistfidh sé siúd
sibh, ámhthach, leis an Spioraid Naomh.



Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa
ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan.
Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge,
do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid
Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túir-
ling air. Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa
mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.



Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach
é; Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche,
agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na
mbeithigheach allta, agus bhí na h-aingil ag friothálamh
air.



Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig
Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil
rígheachta Dé. Agus dubhairt sé: Tá an aimsir
caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh
aithrighe agus creididh an soisgéal.



Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus
chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cur
líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). Agus
dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasg-
airí ar dhaoine dhíbh. Agus d'fhágadar ansan na
líonta agus do leanadar é láithreach. Agus nuair
a bhí sé imthighthe tamall beag ó'n áit sin chonaic sé
Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad
ag socarú a líonta sa luing; Agus do ghlaoidh sé
ortha láithreach agus d'fhágadar ansan sa luing
Sebedé a n-athair agus a lucht oibre, agus do leana-
dar eisean.



Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill,
sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus
dheineadh sé teagasg. Agus do chuir a theagasg
iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go
raibh comhacht aige, murar bh'ionan a's na Sgríbh-
neóirí.


L. 89


Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid
neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach: Cad
í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa
Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a
tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.
Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bí ciúin
agus imthigh amach as an nduine. Ansan do chuir an ann-
sprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh
as an nduine, agus d'imthigh sé amach as. Agus
tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag
fiafraighe dhá chéile agus deiridís: Cad é seo? cad
é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar
na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid
siad dó? Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré
crích Ghaililí go léir.



Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus
chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht
le Séamus agus le h-Eóin. Agus bhí máthair céile
Shímóin 'n-a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis
láithreach 'n-a taobh. Agus tháinig sé agus do rug sé
ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d'imthigh an
fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.



Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian
fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte
agus gach aoinne go raibh deamhan ann. Agus bhí
muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus;
Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas
galair d'á raibh ortha, agus chuir sé amach na sluaighte
deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d'aith-
nígheadar é.



Agus d'eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d'imthigh
sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé
ag guidhe ann. Agus do lean Símón é, agus an
mhuintir a bhí 'n-a theannta. Agus nuair a fuaradar
é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at' lorg.
Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh
agus ins na bailtibh beaga atá i n-ár gcómhgar go
ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a
thánag.


L. 90


Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar
fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.



Agus tháinig chuige lobhar, 'ghá ghuidhe, agus d'úmh-
luigh sé dhó agus dubhairt sé: Má's toil leat é is
féidir duit mé ghlanadh. Agus tháinig truagh ag Íosa
dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus
dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. Agus nuair
a dubhairt sé an focal d'imthigh an lobhra de'n duine
láithreach, agus bhí sé glan. Agus thug sé foláramh dó
agus chuir sé uaidh amach é láithreach, Agus dubhairt sé
leis: Seachain agus ná h-innis d'aoinne é, ach imthigh
agus taisbeáin tu féin d'uachtarán na sagart, agus
tabhair, ar do ghlanadh, na neithe a dh'órduigh Maois,
mar fhiadhnaise dhóibh-sin. Ach chómh luath agus chuaidh
seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh'innsint agus
do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul
isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé las-
muigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh
na daoine chuige as gach áird.



CAIBIDIOL II.



An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú
dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige 'á chosaint.



Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach
i gCapharnaum. Agus do h-airigheadh go raibh sé
i dtigh ann, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó
ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus
bhí an briathar aige d'á labhairt leó. Agus tháinig
daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d'á
iompar idir cheathrar. Agus nuair ná féadfaidís é
thabhairt 'n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nocht-
adar bara an tighe sa n-áit 'n-a raibh sé, agus dhein-
eadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an
osgailt, 'n-a luighe ar leabaidh, an duine a bhí gan lúth.
Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu,


L. 91


dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí
maithte dhuit. Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann
'n-a suidhe agus iad ag machtnamh 'n-a gcroide: Cad
é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d'á
dhéanamh. Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia
amháin? Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a
spioraid féin, an machtnamh a bheith 'n-a n-aigne acu-
san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an matht-
namh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé 'cu is usa
a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirig,
agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? Ach,
ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuíl ag Mac an
Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh
(dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) Deirim-se
leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus
imthigh chun do thighe féin. Agus d'eirigh an duine
láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d'imthigh sé,
os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha
go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní
fheacamair riamh a leithéid, a deiridís.



Agus d'imthigh sé amach airís chun na faraige, agus
do lean na daoine go léir é, agus bhí sé 'ghá dteagasg.
Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac
Alpheí, 'n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt
sé leis: Lean-sa mise. Agus d'eirigh seisean agus
do lean sé é.



Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh 'n-a thigh
sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán
peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar
bhí a lán acu ann, agus iad-san 'ghá leanmhaint, leis.
Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh
é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus
peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige
d'bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibh-
reann puibliocánach agus peacach? D'airigh Íosa san,
agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh
le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na
bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach
do ghlaodhach.


L. 92


Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag
déanamh trosgaidh, agus thánadar chuige agus dubh-
radar: Cad 'n-a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin
agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do
dheisgiobuil-se trosgadh? Agus dubhairt Íosa leó:
An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag
déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An
fhaid atá an céile acu 'n-a bhfochair ní féidir dóibh
trosgadh dhéanamh; Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar
uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh
ins na laethantaibh sin. Ní chuireann aoinne píosa
d'éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuir-
eann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de'n tseana-
éadach, agus méadófar an stracadh. Agus ní chuir-
eann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má
chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-árthaí agus
doirtfar an fíon agus caillfar na h-árthaí; ach is
i n-árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.



Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheis-
giobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsab-
bóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal,
ar na diasaibh do stathadh. Agus dubhairt na Fairis-
ínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh
ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? Agus
dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh
cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh,
nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir
a bhí i n-aonfheacht leis? Conus mar a chuaidh sé
isteach i dtigh Dé i n-aimsir an árd-shagairt Abiatar,
agus conus mar a dh'ith sé na bulóga fiadhnaise
nár dhleaghthach d'aoinne a dh'ithe ach do sna sagairt,
agus thug sé le n-ithe iad do'n mhuintir a bhí i n-aon-
fheacht leis? Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh
an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an
tsabbóid ar son an duine. I gcás go bhfuil Mac
an Duine 'n-a mháighistir ar an sabbóid féin.


L. 93


CAIBIDIOL III.



An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. An dáréag dá
dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an
diamhasla acu a dhéanamh.



Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí
duine ann agus bhí lámh leis feóchta. Agus bhíodar ag
faire air, féachaint a' ndéanfadh sé an leigheas sa tsab-
bóid, i dtreó go gcuirfidís 'n-a leith é. Agus dubhairt
sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill.
Agus dubhairt sé leó-san: Cé 'cu is dleaghthach, maith
a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine
do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san
focal. Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal ortha go fearg-
ach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith
chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín
do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. Agus
d'imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar
féin agus muintir Héróid i gcómhairle 'n-a choinnibh
féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.



Ach d'imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige
agus do lean pobul mór é a' Gaililí agus a' Iudaéa,
Agus a' Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó'n
dtaobh thall de'n Iórdan, agus muintir na mball
tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a
tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha.
Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a
choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go
mbrúthfaidís é. Óir bhí mórán daoine aige 'á leigh-
eas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag
brúth isteach air a d'iarraidh teangabháil leis; Agus
na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do
shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd: Is tusa
Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é
dh'fhoillsiú. Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus
do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus
thánadar chuige.



Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n-a fhochair,
agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. Agus
thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do leigheas agus ar


L. 94


dheamhnaibh do chur amach. Agus thug sé Peadar mar
ainim ar Shímón. Agus Séamus mac Sebedé agus
Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin
maca tóirthnighe. Agus Aindrias, agus Pilib, agus
Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus
mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Can-
áníteach, Agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.



Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh
airís i dtreó nár bh'fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh.
Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach
chun beirthe air, mar dubhradar: Is as a mheabhair
atá sé. Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierú-
salem, dubhradar gur bh'é Beelsebub a bhí istigh ann,
agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur
na ndeamhan amach. Agus do ghlaoidh sé chuige iad,
agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh
Sátan Sátan do chur amach? Agus má bhíonn rígh-
eacht deighilte 'n-a coinnibh féin ní féidir do'n rígh-
eacht san seasamh; Agus má bhíonn teaghlach ag gabháil
i gcoinnibh a chéile 'n-a chodaibh ní féidir do'n teaghlach
san seasamh; Agus má eirigheann Sátan 'n-a choinnibh
féin, tá se 'n-a chodaibh ranntha, agus ní féidir dó
seasamh, agus tá deire leis. Ní féidir do dhuine
dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d'fhuadach,
mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis,
agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. Go deimhin
adeirim libh, maithfar do'n chine daona gach peacadh
agus gach diamhasla d'á ndéanfaid siad; Ach an
t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid
Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le
fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. Mar
go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.



Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar
'n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht
isteach ag glaodhach air. Agus bhí na daone 'n-a suidhe
'n-a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mhá-
thair agus do bhráithre amuigh agus iad at' lorg. Agus
dubhairt sé leó 'ghá bhfreagra: Cé h-iad mo mháthair-se
agus mo bhráithre? Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal ar


L. 95


an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo
mháthair-se agus mo bhráithre. Óir, an t-é a dhéan-
faidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair
agam-sa.



CAIBIDIOL IV.



Parabal an churadóra. An stoirm d'á ciúnadh ag Críost.



Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n-aice na
faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó
go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur
shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice an uisge,
ar an dtalamh tirim. Agus thug sé mórán teagaisg
dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagaisg:



Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur
síl. Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de'n tsíol
i n-aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus
d'itheadar é. Agus do thuit tuille dhe ar áit i n-a
raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann,
agus d'fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir
doimhinn. Agus nuair a dh'eirigh an ghrian tháinig an
brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige
d'fheóch sé. Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh,
agus d'fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus
níor thug sé toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe
ar thalamh fhóghanta, agus d'fhás sé agus d'éirigh sé,
agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid
de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. Agus dubh-
airt sé: An t-é go bhfuil cluasa air chun cloisint
cloiseadh sé.



Agus nuair a bhí sé i n'aonar d'fhiafruigh an dáréag
a bhí i n'fhochair fios na soluíde dhe. Agus dubhairt sé
leó: Do tugadh daoibh-se eólus d'fhághail ar rún-
diamhraibh rígheachta Dé, ach do'n mhuíntir sin atá las-
muigh, deintear gach nídh i soluídíbh; I dtreó ag féach-
aint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus
ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís,


L. 96


sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a
bpeacaí dhóibh. Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh
ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus
a thuigfidh sibh na soluídí go léir? An t-é a chuireann
an síol isé an briathar a chuireann sé. An mhuintir
i n-aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a cur-
tar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann
an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun siubhail an
í briathar a cuireadh mar shíol 'n-a gcroidhthibh. Agus
mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na
clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh'airighid siad an
briathar, a ghlacann láithreach é le h-áthas, Agus ní'l
an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh
tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an
cath d'á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid
siad sgannal láithreach. Agus tá daoine agus gla-
caid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine
a dh'éisteann leis an mbriathar, Agus tagann
cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris,
agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad
an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. Agus
an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta,
siniad an mhuintir a dh'éisteann leis an mbriathar,
agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine
fó thriochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó
chéad.



Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann
soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé lea-
baidh? Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir
ní'l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor
deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e. Má tá
cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.



Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh'airigheann sibh.
An tómhas 'n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas 'n-a


L. 97


dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. Óir an
t-é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t-é ná
fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.



Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar
a chaithfeadh duine an síol sa talamh, Agus go mbeadh
sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n-oídhche agus
gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás
a gan fhios dó. Óir tugann an talamh a thoradh
i n-aisge, an geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan
an t-arbhar iomlán sa déis. Agus nuair a thugann
sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann
láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.



Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígh-
eacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam
i gcomparáid é? Mar an ngráinne síl mustáird,
nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é 'ná aon tsíol eile
d'á bhfuil sa talamh, Agus nuair a curtar é, agus go
n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó 'ná aon ghlas-
ara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó
go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé
n-a sgáth.



Agus i mórán soluídí de'n tsórd san do labhair sé
leó an briathar fé mar a dh'fhéadadar éisteacht leis.
Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh
sé gach aon rud d'á dheisgiobulaibh i leith taoibh.



Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an
déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. Agus chuir-
eadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí
sé, isteach sa luing, agus bhí loingeas eile i n'fhochair.
Agus d'eirigh stoirm mhór ghaoithe, a bhí ag cur na
dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d'á
líonadh. Agus bhí sé féin i ndeire na luinge, agus
é 'n-a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus
deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d'ár
mbáthadh? Agus d'eírigh sé agus do smachtuigh sé
an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí
ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt
sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil


L. 98


creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha,
agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go
bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?



CAIBIDIOL V.



Legión deamhan ag Críost dá chur amach a duine. An chailleamh-
aint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á thógaint ó'n
mbás.



Agus thánadar treasna na faraige go tír na
nGerasénach. Agus nuair a tháinig sé amach as an
luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na
h-uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, Agus ins na h-uagh-
naibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh'fhéidir feasda é
cheangal le slabhraíbh féin, Óir do ceangaladh é go
minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé
na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile,
agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. Agus
bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d'oidhche, ins na
h-uaghnaibh agus ins na cnocaibh, ag liúirigh agus 'ghá
ghearradh féin le clochaibh. Agus nuair a chonaic sé
Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé
dhó. Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt:
Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé
is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh.
Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a
spioraid shailigh. Ansan do cheisdigh sé é: Cad is
ainim duit? Agus dubhairt seisean: Legión is
ainim dom, óir is líonmhar sinn. Agus bhí sé 'ghá
iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. Bhí
tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an
chnuic. Agus d'iarr na deamhain achainíghe air, agus
dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach
ionta. Agus thug Íosa an achainíghe dhóibh láithreach.
Agus d'imtig na deamhain shalacha amach agus chuadar
isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas


L. 99


le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa
bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. Agus na
daoine a bhí 'ghá n-aodhaireacht do ritheadar agus
d'innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus
tháinig na daoine amach féachaint cad a thárla. Agus
thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear
go mbíodh an deamhan 'ghá mhilleadh, 'n-a shuidhe agus a
chuid éadaigh uime agus é 'n-a lán-mheabhair, agus
tháinig eagal ortha. Agus d'innis an mhuintir a
chonaic é dhóibh cad a thárla do 'n fhear go raibh an
deamhan ann, agus i dtaobh na muc. Agus chroma-
dar ar thathant air go n-imtheóchadh sé as a dtír.



Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do
chrom an fear, go raibh an deamhan 'ghá chrádh, ar a iarr-
aidh go leigfí leis é. Ach níor leig sé leis é, ach
dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do
dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit
agus an trócaire a dhein sé ort. Agus d'imthigh sé
agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na
neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go
léir.



Agus nuair a tháinig Íosa thar uisge airís, sa luing,
do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na far-
aige. Agus tháinig duine d'uachtaránaibh na sina-
góige, dár bh' ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé
é do chaith sé é féin ag á chosaibh, Agus d'iarr sé
achainíghe air, agus dubhairt: Tá m'inghean ag dul chun
báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionus go leighisfí í
agus go mairfeadh sí. Agus d'imthigh sé 'n-a theannta,
agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus
bhíodar ag brúth air.



Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht
uaithi ar feadh dhá bhliain déag, Agus bhí mórán fuil-
ingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal
aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthí, ach
í ag dul i n-olcas; Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig
sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh
ar a éadach; Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú
baint le n-a bhrat beidh mé slán. Agus do thriomuigh


L. 100


sruth a cod' fola an neómat san, agus d'aithin sí ar
a colainn go raibh sí leighiste ó'n ngearán. Agus
láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do
dhul amach uaidh, agus d'iompuigh sé chun na ndaoine,
agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m'chuid éadaigh?
Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine
ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom?
Agus d'fhéach sé 'n-a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean
a dhein é. Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar
bhí 'fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do
shléacht sí dhó, agus d'innis sí dhó iomláine na fírinne.
Agus dubhairt seisean léi: A 'nghean ó, do shlánuigh
do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó'n
ngearán.



Le línn na bhfocal san a rádh dhó, tháiníg cuid de
mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar:
Tá t'inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a
thuille trioblóide ar an Máighistir? Agus d'airigh
Íosa an focal san agus dubhairt sé le h-uachtarán na
sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. Agus
níor leig sé d'aoinne dul leis ach Peadar agus
í Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. Agus thánadar
isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé
an bhuairt agus an t-árd-ghol agus an lógóireacht go
léir. Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé
leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá
an cailín, ach 'n-a codladh. Agus do gháireadar uime.
Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis
athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí
le n-a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an
cailín 'n-a luighe. Agus do rug sé ar láimh ar an
gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, 'sé sin, ar
mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín. Agus d'eirigh
an cailín 'n-a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí
dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha.
Agus d'órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag
aoinne, agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.


L. 101


CAIBIDIOL VI.



Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An
dáréag Asbol dá gcur amach aige. Bia á thabhairt aige do
chúig mhíle duine a' chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an
bhfaraige.



Agus d'imthigh sé ó'n áit sin agus tháinig sé chun a
thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. Agus
tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa
tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iong-
na d'á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo
na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh
dó, agus a leithéid d'oibreachaibh móra agus a déin-
tear tré n-a lámhaibh? Nách é seo an siúinéir, mac
Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis,
agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso
i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime.
Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach
'n-a dhúthaigh féin, agus 'n-a theaghlach féin, agus
ameasg a ghaolta féin. Agus níor fhéad sé aon
chómhacht d'oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh
ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé
iad. Agus dhein sé iongna de'n easba creidimh
a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal,
ag teagasg.



Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar
iad do chur uaidh 'n-a mbeirt a's 'n-a mbeirt, agus thug
sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. Agus
d'órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an
bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán,
gan airgead i gcrios. Gan a bheith ar a gcosaibh ach
sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa.
Agus dubhairt sé leó: Pé áit 'n-a raghaidh sibh isteach
i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. Agus
pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h-éistfidh libh, imthigh-


L. 102


idh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh
d'bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise 'n-a gcoinnibh. Agus
chuadar amach agus d'fhógradar aithrighe dhéanamh.
Agus chuireadar mórán deamhan amach a' daoine, agus
chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leigh-
seadar iad.



Agus d'airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin
puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eir-
ighthe ós na mairbh, agus d'á bhrígh sin táid cómhachta d'á
n-oibriú tríd. Agus deireadh daoine eile: Isé
Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh
iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. Agus nuair
a dh'airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa
an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.



Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin,
agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar
gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí
'n-a mnaoi aige. Agus deireadh Eóin le Héród:
Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith 'n-a mnaoi
agat. Agus bhí Heródias ag déanamh ceilge 'n-a
choinnibh, a d'iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag
eirighe léi. Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar
bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí
sé 'ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a
chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.



Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein
Héród féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do
thaoiseachaibh agus d'uaislibh Ghaililí, Agus tháinig
inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus
do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain,
agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh
is maith leat, agus tabharfad duit é. Agus do dhear-


L. 103


bhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é,
dá mba leath mo rígheachta é. Agus chuaidh sise amach,
agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh'iarrfad?
agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. Agus
do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus
dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láith-
reach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. Agus tháinig
buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na
daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi;
Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d'órduigh sé
an ceann a thabhairt leis ar mhéis. Agus do bhain sé
an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis
ar mhéis; agus thug sé do'n chailín é, agus thug an cailín
d'á máthair é. Agus d'airigh a dheisgiobuil an sgéal,
agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus
chuireadar sa n-uaigh é.



Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d'inn-
seadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh
múinte acu. Agus dubhairt sé leó: Tagaidh i leith-
taoibh go h-áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas
ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag im-
theacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaith-
eamh. Agus chuadar ar bórd luinge agus d'imhthigh-
eadar go h-áit uaigneach, fé leith.



Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d'aithn-
igheadar iad, agus do ritheadar 'n-a gcuis, amach as
na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann
rómpa. Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an
tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar
mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán
neithe theagasg dóibh.



Agus nuair a bhí mórán de'n lá caithte tháinig a dheis-
giobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus
tá an lá imthighthe; Leig chun siubhail iad, i dtreó go
raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is
giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin
le n-ithe. Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: Tugaidh-
se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar leis: An


L. 104


amhlaidh a dh'imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá
chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n-ithe? Agus
dubhairt sé leó: An 'mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh
agus féachaidh. Agus nuair a bhí 'fhios acu dubhradar:
Chúig bhulóga, agus dhá iasg. Agus d'órduigh sé dhóibh
na daoine go léir do chur 'n-a suidhe 'n-a gcuideachta-
naibh ar an bhféar glas. Agus do shuidheadar 'n-a
mbuidhnibh, 'n-a gcéadaibh agus 'n-a gcaogadaibh. Agus
thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d'fhéach
sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus
bhris, agus thug d'á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na
ndaoine agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir.
Agus d'itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu.
Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia
bhriste, agus des na h-iasgaibh. Agus bhí chúig mhíle
fear sa méid daoine do chaith an bia.



Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh
dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go
Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun
siubhail. Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad,
d'imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.



Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár
na faraige, agus bhí sé féin i n'aonar ar an dtalamh
tirim. Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag
rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth 'n-a gcoinnibh; agus
tímpal na ceathramhadh faire de'n oidhche tháinig sé
chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé
gabháil thórsa. Agus nuair a chonacadar-san é ag
siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann
agus do liúghadar. Óir do chonacadar go léir é, agus
bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach
agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná
bíodh eagal oraibh. Agus tháinig sé chúcha ar bórd na
luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar
a n-uathbhás i n-a n-aigne. Óir níor thuigeadar i dtaobh
na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.



Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír
Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. Agus nuair


L. 105


a thánadar as an luing d'aithnigheadar láithreach é, Agus
chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus
ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh,
chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith; Agus pé ball
'n-a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó
i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite na
sráidibh, agus bhídís 'ghá iarraidh air leigint dóibh fiú
baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis
do leighistí iad.



CAIBIDIOL VII.



Na Fairisínigh dá n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná
ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh.



Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbh-
neóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. Agus
nuair a chonacadar cuid d'á dheisgiobuil ag ithe aráin
agus a lámha coitchian, 'sé sin gan nighe, chasadar
leó é. Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan
a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sin-
sear. Agus ar theacht ó'n margadh dhóibh ní ithid bia
gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós
atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe,
agus na crúscaí, agus na h-árthaí práis, agus na lea-
pacha. Agus d'fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbh-
neóirí dhé: Cad 'n-a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-
se do réir nóis na sinsear, agus go n-ithid siad bia
gan a lámha do nighe? Ach d'fhreagair seisean iad
agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias
oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha:
Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada
uaim atá a gcroidhe; Adhradh folamh a thugaid siad dom,
ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine. Óir
tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós
daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do


L. 106


nighe, agus mórán neithe eile de'n tsórd san. Agus
dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar
neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. Óir dubh-
airt Maois: Tabhair dot' athair agus dod' mháthair
onóir; agus: An t-é thabharfaidh droch-chaint d'á
athair nó d'á mháthair curtar chun báis é. Ach dar
libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair:
Gach corban, ('sé sin, gach tabharthas) d'á dtugaim-se
uaim, bíodh a thairbhe agat-sa; Agus ní leigeann sibh
dó aon nídh eile a dhéanamh d'á athair ná d'á mháthair.
Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh
a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de'n tsórd
san agaibh 'á dhéanamh.



Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus
dubhairt sé leó. Ní'l aon rud atá lasmuigh de'n
duine, agus a théigheann isteach ann, d'fhéadfadh é
shailiú, ach na neithe a thagann amach as an nduine siniad
a shailígheann an duine. Má tá cluasa chun éisteachta
ag duine, éisteadh sé.



Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó'n sluagh
d'fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. Agus
dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breith-
eamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigh-
eann isteach sa duine ó'n dtaobh amuigh nách féidir do
an duine shailiú, Mar ní théigheann sé isteach 'n-a
chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann
sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. Agus
dubhairt sé gur b'iad na neithe a thagann amach as an
nduine a shailigheann an duine, Óir is ó'n dtaobh istigh,
amach a' croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus
adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmhar-
bhadh, Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht,
droch-shúil, diamhasla, uabhar, mí-chiall. Ó'n dtaobh
istigh iseadh thagaid na h-olca san go léir, agus isiad
a shailigheann an duine.



Agus d'eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh


L. 107


Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus
ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor
fhéad sé é féin do cheilt. Óir do tháinig chuige agus
do chaith í fein agá chosaibh, chómh luath agus d'airigh sí
trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe 'n-a
h-inghin. Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach
do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh
sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin. Agus dubh-
airt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir
ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt
do sna gadharaibh. Ach d'fhreagair sise agus dubhairt:
Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé'n mbórd
an bia briste a thuiteann ó'n gclainn. Agus dubhairt
seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá
an deamhan imthighthe as t'inghin. Agus nuair a chuaidh
sí abhaile chun a tighe fuair sí a h-inghean 'n-a luighe ar
a leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.



Agus chuaidh sé amach airís a' críchibh Tuíre, agus
tháinig sé tré Shídón go muir Ghaililí, tré lár críche Deca-
polis. Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh,
agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. Agus
thóg sé leis i leith-taoibh é ó'n sluagh, agus chuir sé a
mhéireana isteach 'n-a chluasaibh, agus chuir sé seile
amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine,
Agus d'fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé
osna, agus dubhairt Ephpheta, 'sé sin, Osgail. Agus,
láithreach, do h-osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh
an ceangal d'á theangain, agus do labhair sé go
cruinn, Agus d'órduigh sé dhóibh gan é dh'innsint
d'aoinne. Ach d'á mhéid a dh'órduigh sé dhóibh é iseadh
is mó a dh'innseadar é, Agus iseadh is mó a dheineadar
iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh
go maith: tugann sé éisteacht do'n bhodhar agus caint
do'n bhalbh.



CAIBIDIOL VIII.



Bia ag Críost dá thabhairt do cheithre mhíle duine. Radharc a
thabhairt do dhall. An pháis a bhí ag Críost le fulang.



Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann
agus gan aon nídh acu le n-ithe, do ghlaoidh sé chuige a


L. 108


dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Tá truagh agam
do'n tsluagh, mar, féach, táid siad am' fhochair le trí
lá, agus ní'l aon rud le n-ithe acu; Agus má chuirim
abhaile iad 'n-a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir
do tháinig cuid acu abhfad. Agus d'fhreagair a dheis-
giobuil é: Conus is féidir d'aoinne a ndóithin aráin
a thabhairt dóibh anso sa n-uaigneas? Agus d'fhiaf-
raigh sé dhíobh: An 'mó bulóg aráin agaibh? Agus dubh-
radar-san: Seacht mbulóga. Agus d'órduigh sé do'n
tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na
seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris
sé an t-arán, agus thug sé d'á dheisgiobulaibh é le cur
os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. Agus bhí
iasga beaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus d'órduigh
sé iad do chur os cómhair na ndaoine. Agus d'ith-
eadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an
bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. Agus
tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a
chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.



Agus chuaidh sé láithreach ar bórd na luinge i n-aon-
fheacht le n-a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dal-
manúta. Agus d'imthigh na Fairisínigh amach agus
chromadar ar aighneas leis, 'ghá iarraidh air cómhartha ó
neamh a thabhairt dóibh, ag baint trialach as. Agus dhein
sé osna 'n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil
leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a
deirim libh, ní tabharfar cómhartha do'n tsliocht san.



Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na
luinge airís agus d'imthigh sé thar uisge.



Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní
raibh sa luing acu ach aon bhulóg amháin. Agus thug sé
foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seach-
naidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid. Agus
bhíodar ag pléidh eatartha féin, 'ghá rádh: Ní'l arán
againn. Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt
sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a
bheith agaibh? Ná h-aithnigheann sibh agus ná tuigeann
sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? An bhfuil


L. 109


súile agaibh agus ná feiceann sibh? An bhfuil cluasa
oraibh agus ná h-airigheann sibh? Nó an amhlaidh nách
cuimhin libh? Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do'n
chúig mhíle duine, an 'mó ciseán a thógabhair de'n bhia
bhriste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. Agus
na seacht mbulóga do'n cheithre mhíle, an 'mó ciseán a
thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. Agus
dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós?



Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige
dall, agus d'iarradar air lámh a chur air. Agus do
rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an
mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus
chuir sé a dhá láimh air, agus d'fhiafraigh sé dhe an
bhfeacaidh sé aon nídh. Agus d'fhéach an duine suas
agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus
iad ag siubhal. Ansan do chuir sé a lámh airís ar a
shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus
mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé
gach nídh go soiléir. Agus chuir sé an duine chun a
thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe,
agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h-innis
d'aoinne.



Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin
Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé
a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Dar leis na daoine
cé h-é mise? Agus d'fhreagradar é agus dubhradar:
Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le
tuille, aon de sna fáidhibh. Ansan dubhairt sé leó:
Ach dar libh-se cé h-é me? Agus d'fhreagair Peadar
agus dubhairt: Is tusa Críost. Agus thug sé folá-
ramh dóibh gan a dh'innsint d'aoinne 'n-a thaobh.



Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do
Mhac an Duine mórán d'fhulang, agus na seanóirí 'ghá
shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhne-
óirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá
go n-eíreóchadh sé ó'n mbás. Agus do labhair sé an
chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do
chrom sé ar chur 'n-a choinnibh. Ach d'iompuigh seisean
agus d'fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé


L. 110


go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh las-
tiar díom, a Shátain, óir ní h-iad na neithe a bhaineann
le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine.



Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil
i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: Má's mian le
h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus
glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. Óir, an
t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a
anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus
ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. Mar, cad
é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint
má chailleann sé a anam féin? Nó cad í an mhalairt
a dhéanfaidh duine ar a anam? Óir an t-é go mbeidh
náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre
i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail,
beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thioc-
faidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal
naomhtha. Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim
libh, tá cuid d'á bhfuil 'n-a seasamh anso agus ní bhlais-
fid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag
teacht i gcómhacht.



CAIBIDIOL IX.



An t-Atharú gné ar Chríost. Deamhain bhalbha aige dá gcur
amach as daoíne. Úmhaluígheacht aige dá theagasg, agus sgannal do
sheachnadh.



Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus
Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, 'n-a n-aonar,
suas ar chnoc árd, fé leith, agus d'athruigh a dhealbh os
a gcómhair. Agus bhí a chuid éadaigh ag taithneamh chómh
geal le sneachta, ar chuma ná féadfadh aon úcaire ar
talamh iad do ghealadh. Agus do taisbeánadh dóibh
Elias agus Maois agus iad ag caint le h-Íosa. Agus
d'fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A
Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus
leig dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se,


L. 111


agus pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias. Óir ní
fheidir sé cad a bhí aige dh'á rádh, mar bhíodar sgann-
ruighthe le h-eagla. Agus tháinig sgamal agus chlú-
duigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt:
Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis. Agus, láith-
reach, d'fhéachadar 'n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne
a thuille ach Íosa amháin 'n-a bhfochair. Agus ag teacht
anuas dóibh ó'n gcnoc, thug Íosa foláramh dóibh gan an
radharc a chonacadar a dh'innsint d'aoinne go dtí go
mbeadh Mac an Duine eirighthe ós na mairbh. Agus
choimeádadar an focal san eatartha 'ghá fhiafraighe
dh'á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós
na mairbh.



Agus chuireadar ceist chuige, agus dubhradar:



Cad chuige, má 'seadh, go ndeir na Fairisínigh agus na
Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? Agus
dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: Nuair a thiocfaidh
Elias ar dtúis cuirfidh sé gach nídh 'n-a cheart airís;
agus conus mar atá sgríobhtha i dtaobh Mhic an Duine,
go bhfuilingeóchadh sé mórán agus go dtabharfaí
tarcuisne dhó. Ach deirim-se libh-se go dtáinig
Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar
atá sgríobhtha 'n-a thaobh.



Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus chonaic sé
sluagh mhór 'n-a dtímpal agus na Sgríbhneóirí ag aigh-
neas leó. Agus, láithreach, nuair a chonaic na daoine
go léir Íosa tháinig sgannra ortha agus uathbhás, agus do
ritheadar chuige agus d'fháiltigheadar roimis, Agus
d'fhiafraigh sé dhíobh: Cad é an ceisdiúchán é seo atá
eadraibh? Agus d'fhreagair duine de'n tsluagh agus
dubhairt sé: A Mháighistir, thugas liom anso ag triall
ort mo mhac, mar tá deamhan balbh ann. Agus pé ball
'n-a mbeireann sé é bíonn sé 'ghá chaitheamh, agus cúbhar
leis, agus a fhiacala ag díoscán, agus é d'á shnaoí amach.
Agus d'iarras ar do dheisgiobulaibh é chur amach, agus
níor fhéadadar é. Agus d'fhreagair seisean agus dubh-
airt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh
mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh'fhuilingeóchad libh?
Tugaidh chúgham-sa é. Agus thugadar chuige é. Agus


L. 112


chómh luath agus chonaic sé é d'oibrigh an deamhan ann,
agus thuit sé ar an dtalamh 'ghá iomlosg féin agus
cúbhar leis. Agus d'fhiafraigh sé de'n athair: Cad é
an fhaid aimsire atá ó thárla so dhó? Agus dubhairt
seisean: Ó bhí sé 'n-a leanbh; Agus is minic a chaith sé
sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá
sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn
agus fóir orainn. Agus dubhairt Íosa leis: Má's
féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a
chreideann. Agus, láithreach, do sgread athair an
bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna:
fóir m'easba creidimh. Agus nuair a chonaic Íosa an
tsluagh ag cruinniú do smachtuigh sé an annsprid
truaillighthe, agus dubhairt: A annsprid bhodhar, bhalbh,
órduighim duit imtheacht amach as san, agus gan teacht
isteach ann airís. Agus do sgread sé, agus d'oibrigh
sé é go h-ana-dhian, agus d'imthigh sé amach as; agus
bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán:
Tá sé marbh. Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do
thóg sé suas é; agus d'eirigh sé. Agus nuair a chuaidh
sé isteach sa tigh d'fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan
fhios: Cad 'n-a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach?
í Agus dubhairt sé leó: Ní féidir do'n sórd san dul amach
le h-aon nídh ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.



Agus d'imthigheadar ó'n áit sin, agus chuadar tríd
an nGaililí; agus níor bh'áil leis a fhios a bheith ag
aoinne. Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus
'ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh
daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis
a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá. Ach níor
thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú. Agus
thánadar go Capharnaum. Agus nuair a bhíodar sa
tigh d'fhiafraigh sé dhíobh: Cad a bhí ar siubhal agaibh
fan bhóthair? Agus níor labhradar; óir bhíodar ag
diospóireacht, fan bhóthair, féachaint cé 'cu dhíobh ba
mhó.



Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag,
agus dubhairt sé leó: Má's mian le h-aoinne bheith
i n'fhear thosaigh, isé a bheidh ar deire ar fad, agus 'n-a
sheirbhíseach ag cách. Agus do rug sé ar leanbh, agus


L. 113


chuir sé 'n-a sheasamh é i lár baill eatartha; ansan do
thóg sé an leanbh i n-a ucht agus dubhairt sé leó: An
t-é a ghlacfaidh am' ainim-se leanbh mar an leanbh so,
is mise a ghlacann sé; agus an t-é a ghlacfaidh mise,
ní mise a ghlacann sé, ach an t-é a chuir uaidh mé.



Agus d'fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir,
chonacamair duine ag cur deamhan amach ad' ainim-se,
ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair
é. Agus dubhairt Íosa (leis): Ná coisgidh é; mar
ní'l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am' ainim-se agus a
dh'fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath. Óir, an
t-é ná fuil i nbhúr gconnibh tá sé libh.



Óir, aoinne thabharfaidh le n-ól daoibh, am' ainim-se,
ó's le Críost sibh, fiú cupán uisge, go deimhin a
deirim libh, ní bheidh sé gan a thuarasdal. Agus
aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de'n
mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b'fhearra dhó
dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa
bhfaraige.



Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr
anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha
ar leath-láimh 'ná dul, agus dhá láimh ort, isteach
i n-ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh, An áit ná
h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine.
Agus má thugann do chos sgannal duit, dein í ghearradh
dhíot; is maith an rud dul go beatha shíoruidhe agus tu
bacach, seachas tu chur go h-ifreann na teine gan
múchadh, agus do dhá chois agat, An áit ná h-éagann
an phiast acu, agus ná múchtar an teine. Agus má
thugann do shúil sgannal duit, strac amach í; is maith
an mhaise dhuit dul go flathas Dé ar leath-shúil seachas
tu chur go h-ifreann na teine, agus dá shúil ionat,
An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an
teine. Óir sáilfar gach n-aon le teine, agus sáil-
far gach ídhbirt le salann. Is maith an rud salann;
ach má bhíonn an salann leamh cad leis go ndéanfaidh
sibh deighbhlasta é? Bíodh an salann ionaibh, agus
bíodh an tsíothcháin eadraibh.


L. 114


CAIBIDIOL X.



Nídh dosgaoilte an pósadh. Nídh contabhartach an saidhbhreas.
Árdmhian chlainne Sebedé. Radharc á thabhairt do dhall.



Agus d'fhág sé an áit sin, agus tháinig sé go crío-
chaibh Iúdaéa, lastall de'n Iórdan, agus bhailigh na
daoine chuige airís. Agus mar ba ghnáth leis, do thea-
gaisg sé airís iad. Agus tháinig na Fairisínigh agus
chuireadar an cheist chuige, 'ghá thriail: An dleaghthach do
dhuine a bhean phósta do chur uaidh? Agus 'ghá bhfrea-
gradh dubhairt sé: Cad a dh'órduigh Maois daoibh?
Agus dubhradar: Do cheaduigh Maois Litir imth-
eachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail. Agus d'fhrea-
gair Iosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire
bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se.
I dtusach, ámhthach, do chruthuigh Dia iad firean agus
bainean: Mar gheall air sin fágfaidh duine a athair
agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi,
Agus beid siad 'n-a mbeirt i n-aon fheóil: I gcás
nách dhá fheóil iad feasda ach aon fheóil amháin. Dá
bhrígh sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.



Agus 'n-a dhiaidh san, sa tigh, do cheistigh a dheisgio-
buil é ar an nídh gcéadna; Agus dubhairt sé leó: Aon
duine chuirfidh uaidh a bhean agus do phósfaidh bean eile,
deineann sé adhaltranas 'n-a coinnibh. Agus má
chuireann bean a fear uaithi agus fear eile do phósadh,
deineann sí adhaltranas.



Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh chuige chun go
gcuirfeadh sé a lámh ortha. Agus bhí na deisgiobuil
ag cosg na ndaoine a bhí 'ghá dtabhairt chuige. Agus
chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt
sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá
gcosg, óir is d'á leithéidí sin flathas Dé. Go deimhin
a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós
leinbh, ní raghaidh sé isteach ann. Agus do ghlac sé
chuige in' ucht iad, agus chuir sé a lámha ortha, agus
bheannuigh sé iad.


L. 115


Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith
duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh 'n-a
láthair, agus d'fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad
a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam?
Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige dhuit maith do
thabhairt orm? Ní maith aoinne ach Dia amháin. Is eól
duit na h-aitheanta: Ná dein drúis, Ná dein marbhú,
Ná dein guid, Ná dein fiadhnaise bhréige, Ná dein feall,
Tabhair onóir do t'athair agus do d'mháthair. Agus
d'fhreagair an duine agus dubhairt sé: A Mháighistir,
táid na neithe sin go léir coimeádta agam ó m'óige.
Ansan d'fhéach Íosa air, agus thug sé grádh dhó, agus
dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin i n-easnamh ort:
imthigh agus díol a bhfuil agat agus tabhair dos na
bochtaibh é, agus beidh saidhbhreas ar neamh agat; agus
tar agus lean mise. Agus do chuir an chaint sin
buairt ar an nduine, agus d'imthigh sé fé bhrón; mar
duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige.



Agus d'fhéach Íosa 'n-a thímpal agus dubhairt sé le
n-a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul
isteach i rígheacht Dé! Agus do chuir a chaint uathbhás
ar na deisgiobuil. Ach d'fhreagair Íosa airís, agus
dubhairt sé leó: A chlann ó, nách deacair do dhaoine
go bhfuil a mainighín a' saidhbhreas dul isteach i rígheacht
Dé! Is usa do chamal dul tré chró snáthaide 'ná do
dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. Agus is
amhlaidh a mhéaduigh an iongna ortha, agus dubhradar
eatartha féin: Má seadh cé fhéadfaidh dul saor? Agus
d'fhéach Íosa ortha, agus dubhairt: Ní'l san ar chumas
daoine, ach tá sé ar chumas Dé; óir is féidir le Dia
gach nídh a dhéanamh.



Agus do chrom Peadar ar a rádh: Féach, d'fhágamair-
ne gach aon rud agus do leanamair tusa. Agus
d'fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim-
se libh-se, níl aon duine a dh'fhágfaidh a thigh, ná a dhrith-
áracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a


L. 116


chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son
an tsoisgéil, Ná faighidh a chéad oiread sa n-aimsir
seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha,
agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon
le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le
teacht. Óir beidh mórán d'á bhfuil ar tusach ar
deire, agus d'á bhfuil ar deire ar tusach.



Agus bhíodar ar an slígh ag dul suas go Ierúsalem;
agus bhí Íosa rómpa amach, agus bhí iongna ortha, agus
bhíodar ag teacht 'n-a dhiaidh agus eagal ortha. Agus
do tog ré an dáréag airís, agus chrom sé ar a dh'inn-
sínt dóibh cad a bhí le tuitim amach dó: Féach, táimíd
ag dhul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an
Dúine suas d'uachtaránaibh na sagart, agus do sna
Sgríbhneóiribh, agus dos na seanóiribh, agus daorfaid
siad chun báis é, agus tabharfaid siad suas do sna
geintibh é; Agus déanfaid siad magadh faoi, agus
caithfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é,
agus marbhóchaid siad é; agus eireóchaidh sé airís an
trímhadh lá.



Agus tháinig chuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé,
agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn go ndéan-
fá dhúinn pé nídh a dh'iarrfimíd ort. Agus dubhairt
seisean leó: Cad ba mhaith libh a dhéanfainn daoibh?
Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh
duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar
do láimh chlé, ad' ghlóire. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní
h-eól daoibh cad tá agaibh 'á iarraidh. An féidir libh
an chailís a dh'ól atá agam-sa 'á dh'ól, nó sibh a bhais-
teadh sa bhaisteadh seo i n-a bhfuilim-se am' bhaisteadh?
Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó:
Is fíor go n-ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d'á ól,
agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh 'n-a mbaistear
mise: Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam
atá san a thabhairt daoibh, ach do'n mhuintir go bhfuil
sé ceapaithe dhóibh.



Agus nuair airigh an deichniúbhar é thosnuigh fearg ar
theacht ortha chun Séamuis agus chun Eóin. Ach do


L. 117


ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: Chíonn
sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na
ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht
agá bpriúnsaíbh os a gcionn. Ní mar sin, ámhthach,
daoibh-se, ach an t-é gur mian leis bheith os bhur gcionn,
beidh sé 'n-a sheirbhíseach agaibh; Agus an t-é gur mian
leis bheith ar tusach eadraibh, beidh sé ag friothálamh ar
gach aoinne. Óir níor tháinig Mac an Duine ionus
go ndéanfaí friothálamh air, ach ionus go ndéanfadh sé
friothálamh, agus chun go dtabharfadh sé a anam féin
mar cheannach ar a lán daoine.



Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin
agus a dheisgiobuil ag dul amach a' Ierichó agus mórán
daoine i n-aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus,
mac Timéi, 'n-a shuidhe i n-aice an bhóthair agus é a
d'iarraidh déarca. Agus nuair airigh sé gur bh'é Íosa
Nasareit a bhí ann, chrom sé ar ghlaodhach agus ar a rádh:
A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. Agus bhí
a lán daoine ag bagairt air éisteacht. Ach b'shin mar
ba mhó a ghlaoidh seisean: A Mhic Dáibhid, dein trócaire
orm. Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach
ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus
dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag
glaodhach ort. Agus chaith sé dhe a bhrat agus do phreab
sé 'n-a shuidhe, agus tháinig sé ag triall ar Íosa; Agus
d'fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat
a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc
a thabhairt dom, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa leis:
Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí
radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh.



CAIBIDIOL XI.



Críost do dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail.
An easgaine aige á chur ar an gcrann fíge a bhí seasg, agus na
daoine a bhí ag díol agus ag ceannach dá dtiomáint amach as an
dteampul aige.



Agus nuair a thánadar i n-aice Ierúsaleim agus
Bhetánia ag Cnoc na n-Ola-chrann, chuir sé chun siubhail


L. 118


beirt d'á dheisgiobulaibh, Agus dubhairt sé leó:
Téighidh do'n bhaile úd thall os bhúr gcómhair, agus nuair
a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ann ceangailte,
searrach nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é,
agus tugaidh chúgham é. Agus má deir aoinne libh, Cad
é sin agaibh 'á dhéanamh? abraidh: Teastuigheann sé ó'n
dTighearna; agus leigfidh sé libh é, gan stad, anso.



Agus d'imthigheadar, agus fuaradar an searrach
ceangailte ag dorus, ar an dtaobh amuigh, i gcómhrac
dá slíghe; agus do sgaoileadar é. Agus dubhairt
cuid d'á raibh 'n-a seasamh ann: Cad ab áil libh ag
sgaoileadh an tsiorraigh? Agus dubhradar-san leó
mar a dh'órduigh Íosa dhóibh; agus do leigeadar leó é.
Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus
chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air.
Agus do leath a lán de sna daoine a mbrait ar an
slígh; agus bhain tuille acu géaga de sna crannaibh
agus do leathadar ar an slígh iad. Agus an mhuintir
a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus
deiridís: Hósanna. Is beannuighthe an t-é atá ag
teacht i n-ainim an Tighearna. Is beannuighthe ag
teacht an rígheacht so ár n-athar Dáibhid. Hósanna ins
na flathais is aoirde. Agus do chuaidh Íosa isteach
i n-Ierúsalem agus isteach sa teampul; agus d'fhéach
sé n-a thímpal ar gach nídh, agus nuair a bhí an tráth-
nóna ann chuaidh sé féin agus an dáréag amach go
Betánia.



Agus an lá n-a dhiaidh san, agus iad ag teacht ó
Bhetánia, bhí ocras air. Agus chonaic sé, abhfad uaidh,
crann fíge agus duilleabhar air, agus tháinig sé ag
féachaint an bhfaghadh sé aon nídh air. Agus nuair a
tháinig sé ní bhfuair sé aon nídh air ach na bileóga, mar
ní raibh aimsir na bhfígí tagaithe. Agus d'fhreagair sé
agus dubhairt sé leis an gcrann: As so amach go bráth
airís nár ithidh duine toradh uait-se. Agus d'airigh
a dheisgiobuil é.



Agus thánadar go Ierúsalem. Agus nuair a chuaidh
sé isteach sa teampul do chrom sé ar an muintir a
bhí ag díol agus ag ceannach ann do chomáint amach


L. 119


as, agus ar na bórdaibh a leagadh ar lucht an airgid do
shóinseáil, agus ar na cathaoireacha do leagadh ar lucht
na gcolúr a dhíol. Agus ní lamhálfadh sé d'aoinne
árthach a bhreith leis tríd an dteampul. Agus bhí sé
ag teagasg, agus dubhairt sé leó: Ná fuil sgríobhtha:
Tabharfar tigh chun úrnuighthe do sna geintibh go léir
ar mo thigh-se? Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta
agaibh-se dhe. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na
Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag macht-
namh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí
eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh
iongna d'á theagasg.



Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imthigh sé amach
as an gcathair.



Agus nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit ar maidin
chonacadar an crann fíge agus é feóchta go préamha-
chaibh. Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis:
A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air,
féach, tá sé feóchta. Agus d'fhreagair Íosa agus
dubhairt sé leó: Bíodh creideamh Dé agaibh. Go
deimhin a deirim libh, an t-é a déarfaidh leis an gcnoc
so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná
staonfaidh sé 'n-a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéan-
far an rud adeir sé, déanfar é dhó. Deirim libh d'á
bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh 'á iar-
raidh i nbhúr n-úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus
gheobhaidh sibh é. Agus nuair a stadfaidh sibh chun
úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh
aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr
n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. Agus
mura maithfidh sibh-se, ní lúgha 'ná mar a mhaithfidh bhúr
n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.



Agus thánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a
bhí sé ag siubhal istigh sa teampul tháinig chuige uach-
taráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na sean-
óirí, Agus dubhradar leis: Cad é an t-úghdarás atá
agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit
an t-úghdarás chun iad a dhéanamh? Agus d'fhreagair


L. 120


Íosa iad agus dubhairt: Cuirfead-sa, leis, aon cheist
amháin chúghaibh-se, agus tugaidh freagra orm, agus
ansan neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá
agam chun na neithe seo dhéanamh. An baisteadh a dhein
Eóin ar bh' ó neamh é nó ó dhaoine? Tugaidh freagra
orm. Ach do chromadar ar mhachtnamh 'n-a n-aigne,
agus dubhradar: Má deirimíd gur bh' ó neamh é, déar-
faidh sé, Cad 'n-a thaobh, má 'seadh, nár chreideabhair
é? Agus má deirimíd gur bh' ó dhaoine é, is baoghal
dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, faidh dáirí-
ribh ab eadh Eóin. Agus d'fhreagradar agus dubh-
radar le h-Íosa: Ní fheadramair. Agus d'fhreagair
Íosa agus dubhairt leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad-sa
dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe
seo dhéanamh.



CAIBIDIOL XII.



Parabal an fhíonghuirt agus an lucht saothruighthe. Ceart
Chéasair chun na cánach. Na Sadducínigh i bpúnc. An chéad aithne;
cianóg na baintríghe.



Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: Do
chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál 'n-a thímpal,
agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus
chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht
saothruighthe, agus d'imthigh sé i gcéin. Agus nuair a
tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach ag triall ar an lucht
saothruighthe chun toradh an fhíonghuirt d'fhághail ó'n lucht
saothruighthe. Agus do rugadar ar an seirbhíseach,
agus ghabhadar air, agus chuireadar chun siubhail folamh
é. Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do
ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne
dhó. Agus airís chuir sé seirbhíseach eile ag triall
ortha: agus do mharbhuigheadar é féin; agus mórán
eile; do ghabhadar ar chuid acu, agus do mharbhuigheadar
cuid acu. Ach do bhí aige aon mhac amháin, ró-dhílis;
agus chuir sé é sin chúcha sa deire, agus dubhairt sé


L. 121


Tabharfaid siad uraim dom' mhac. Ach dubhairt an
lucht saothruighthe le n-a chéile: Sidé an t-oighre; téa-
nam, cuirimís chun báis é, agus beidh an oighreacht
againn. Agus do rugadar air, agus do chuireadar
chun báis é, agus chaitheadar lasmuigh de'n fhíonghort é.
Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt sin? Tioc-
faidh sé agus déanfaidh sé díbheirg ar an lucht saoth-
ruighthe sin agus tabharfaidh sé an fíonghort d'á malairt.



Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo,
An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá 'n-a cloich chinn
cúinne; Isé an Tighearna do dhein an nídh sin, agus is
iongantach é i n-ár súilibh-ne? Agus bhíodar a d'iar-
raidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul;
óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin.
Agus d'fhágadar é agus d'imthígheadar.



Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus i
de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air 'n-a chaint.
Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháigh-
istir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná
fuil beann agat ar aoinne; mar ní fhéachann tú chun
gnúise aon duine, ach slígh Dé do mhúineadh do réir
fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan
a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é?
Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé
leó: Cad chuige dhaoibh bheith am' brath? Tugaidh
chugham píosa airgid go bhfeicead é. Agus thugadar
chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo
agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar.
Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Tugaidh,
d'á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do
Dhia na neithe is le Dia.



Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéan-
ann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige
agus dubhradar; A Mháighistir, do sgríbh Maois
dúinn: Má gheibheann dritháir dhuine bás agus go
bhfágann sé a bhean, agus ná fágann sé clann 'n-a
dhiaidh, go nglacfaidh a dhritháir an bhean, agus go dtóg-
faidh sé clann d'á dhritháir. Ach bhí mórsheisear drithár
ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair


L. 122


sé bás gan clann fhágáilt. Agus do ghlac an tarna
duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor fhág sé sin
clann ach chómh beag. Agus an trímhadh fear ar an
gcuma gcéadna. Agus do ghlac an mórsheisear í ar
an gcuma san, agus niór fhágadar clann. I n-a
ndiaidh go léir do fuair an bhean bás. D'á bhrígh sin,
nuair thiocfaidh an aiseirighe, agus nuair a dh'eireó-
chaid siad go léir, cé 'cu dhíobh gur leis an bhean? Óir
bhí sí 'n-a mnaoi ag an mórsheisear. Agus d'fhreagair
Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá 'bhúr gcur amú
gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómh-
achtaibh Dé? Óir, nuair a dh'eireóchaid siad ó sna
mairbh ní bheidh pósadh ná tabhairt le pósadh feasta, ach
beid siad ar nós na n-aingeal ins na flathais. I
dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár
léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt
Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus
Dia Isaaic agus Dia Iacóib. Ní do dhaoine marbha is
Dia é ach do dhaoine atá beó. D'á bhrígh sin is mór
atáthaoi-se amú.



Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí
ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair
a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d'fhiafraigh sé
dhe cad í an chéad aithne de sna h-aitheantaibh go léir.
Agus d'fhreagair Íosa é: Isí an chéad aithne dhíobh go
léir: Clois, a Israéil, is aon Dia amháin do Thígh-
earna Dia-se; Agus grádhfaidh tú do Thighearna Dia
ód' chroídhe go h-iomlán, agus ót' anam go h-iomlán,
agus ót' aigne go h-iomlán, agus ód' neart go
h-iomlán. Siní an chéad aithne. Agus is cosmhail léi an
tarna h-aithne Grádhfair do chómharsa mar thu féin.
Ní'l aithne eile is mó ná iad san. Agus dubhairt an
Sgríbhneóir leis: Maith, a Mháighistir. Do labhrais
fírinne, aon gur b'eadh Dia, agus ná fuil ann ach é.
Agus é ghrádhú ó chroidhe go h-iomlán, agus ó thuisgint
go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart
go h-iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine
féin. Is mó san 'ná gach ídhbirt agus 'ná gach ofráil.
Agus nuair a chonaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar,


L. 123


dubhairt sé leis: Ní'lir-se abhfad ó rígheacht Dé. Agus
niór leómhaigh aoinne é cheisdiú as san amach.



Agus bhí Íosa ag teagasg sa teampul agus dubh-
airt sé: Conus adeir na Sgríbhneóirí gur mac do Dháibhid
Críost? Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh,
Dubhairt an Tighearna lem' Thighearna, Suidh ar mo
dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd' chosaibh.
Mar sin, tugann Dáibhid féin a Thighearna air, agus
conus atá sé 'n-a mhac aige? Agus d'éist an pobuil
mór leis agus áthas ortha.



Agus dubhairt sé leó agus é 'ghá dteagasg: Seach-
naidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n-éadaighibh
fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n-áit an mhargaidh;
Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sina-
gógaibh, agus ins na h-ineadaibh tusaigh chun búird;
Ithid siad teaghlacha na mbaintreach ar sgáth úrnuighthe
fada: Gheobhaid siad san an bhreith is truime.



Agus do shuidh Íosa i n-aice áite an chiste, agus thug
sé fé ndeara conus a chuireadh na daoine airgead
isteach ann, agus do chuir a lán daoine saidhbhire mórán
isteach ann. Agus do tháinig baintreach dhealbh agus
chaith sí isteach dhá chianóig, 'sé sin feóirling. Agus
ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó:
Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach
bhocht dhealbh so isteach sa chiste 'ná mar a chuir aoinne
eile d'ár chuir rud ann; Óir do chuir an chuid eile ann
as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d'á dealbhas, a
raibh aici, a cuid an tsaoghal.



CAIBIDIOL XIII.



An íde a bhí le teacht ar an dteampul, agus na cómharthaí atá
le teacht roim lá an bhreitheamhantais.



Agus nuair a bhí sé ag dul amach as an dteampul
dubhairt duine dh'á dheisgiobuil leis: Féach, a Mháigh-
istir, cad iad mar chlocha agus cad é mar dhéanamh!
Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na


L. 124


h-oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar
muin cloiche dhíobh gan leagadh.



Agus bhí sé 'n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar
aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus
agus Eóin agus Aindrias 'ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh:
Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus
cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na
neithe seo go léir ar theacht chun cinn. Agus do chrom
Íosa, 'ghá bhfreagradh, ar a rádh leó: Seachain agus ná
mealladh aoinne sibh.



Óir tiocfaidh a lán daoine am' ainim-se, agus déar-
faid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. Ach
nuair a dh'aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh,
ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann;
ach ní hé an deire fós é. Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh
cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, agus beidh luas-
gacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na
buartha iad san. Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid
siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh
ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe
agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise
dhóibh-sin. Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do
chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir. Agus nuair
a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh,
ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach
an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir
ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh. Óir déan-
faidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an
t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh
a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha.
Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar
m' ainim-se. Ach an t-é a bheidh seasamhach go deire isé
a raghaidh slán.



Ach nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa 'n-a
seasamh sa n-áit nach dual (an t-é a léigheann tuigeadh
sé), ansan an mhuintir atá i n-Iúdaéa teithidís chun na
gcnoc. Agus an t-é bheidh ar bhuaic a thíghe ná tagadh
sé anuas sa tigh agus ná téigheadh sé isteach chun ruda


L. 125


bhreith as an dtigh; Agus an t-é a bheidh sa pháirc ná
filleadh sé a d'iarraidh a bhrait. Agus is mairg do
lucht clainne d'iompar agus do lucht clainne dh'oil-
eamhaint ins na laethibh sin; Agus bídhidh ag guidhe gan
iad a bheith sa gheimhre. Óir beidh ins na laethibh sin
cruadhtan ná raibh a leithéid ann ó thusach an chruithniú
a chruithnigh Dia go dtí anois, agus ná beidh. Agus
mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh
dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha
aige do chioruigh sé na laethanta. Agus anois má deir
aoinne libh, Féach, tá Críost anso; féach, tá sé ansúd:
ná creididh. Óir eireóchaid críosdana fallsa agus
fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí uatha agus
iongnaí, chun na bhfíoraon féin do mhealladh, dá
mb'fhéidir é. Tugaidh-se aire, d'á bhrígh sin; féach, tá
gach nídh innste agam daoibh roim ré.



Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dor-
chóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus,
Agus beidh na réilte ag tuitim as an spéir, agus beidh
na cómhachta atá ins na flathais d'á suathadh. Agus
ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na
sgamalaibh, le mórán cómhacht' agus glóire. Agus
ansan cuirfidh sé a aingil amach agus cruinneóchaidh
sé a fhíoraoin ó sna cheithre gaoithibh, ó fhíor-imeall an
tailimh go fíor-imeall neimhe. Fóghlumuidh ó'n gcrann
fíge soluíd. Nuair a bhíonn a géag bog agus an
duilleabhar tagaithe is eól daoibh an samhradh bheith
i n-achmaireacht. Mar sin daoibh-se nuair a chífidh sibh
na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh fhios agaibh é
bheith ins na dóirsibh buailte libh. Go deimhin a deirim
libh, ní h-imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe
seo go léir chun cinn. Raghaidh spéir agus talamh ar
neamhnídh, ach ní raghaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh.



Ní fios d'aoinne, ámhthach, an lá san ná an uair, d'á
mb'iad na h-aingil ins na flathais iad, nó an Mac,


L. 126


ach do'n Athair. Tugaidh aire, deinidh faire agus
úrnuighthe; óir ní fios daoibh cathain a bheidh an t-am
ann. Ar nós duine a dh'fhág a thigh agus d'imthigh
i gcéin, agus a thug d'á sheirbhíseachaibh déanamh gach
oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire
dhéanamh; Deinidh-se faire, d'á bhrígh sin, (óir ní fios
daoibh cathain a thiocfaidh an tighearna, um thráthnóna,
i lár na h-oidhche, ar ghlaodach an choiligh, nó ar maidin)
Le h-eagla, nuair a thiocfadh sé, gur i nbhúr gcodladh a
gheobhadh sé sibh. Agus an rud a deirim libh-se deirim
le gach aoinne é: Deinidh faire.



CAIBIDIOL XIV.



An chéad chuid de thuairisg páise Chríost.



Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an
aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na
sagairt agus na Sgríbhneóirí 'ghá chuimhneamh conus a
dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis. Ach dubh-
radar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go
n-eireóchadh achrann ameasg an phobuil.



Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, 'n-a
shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabas-
tair aici d'ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris
sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a
cheann. Agus bhí daoine láithreach agus tháinig fearg
ortha, agus dubhradar 'n-a n-aigne féin: Cad chuige
an bhásta san a dhéanamh ar an ola? D'fhéadfaí an
ola san do dhíol ar níos mó 'ná trí chéad píosa airgid
agus é thabhairt do sna bochtaibh. Agus bhíodar ag
casaoid léi. Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad
chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá
déanta aici orm-sa. Óir táid na boicht i nbhúr bhfo-
chair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a


L. 127


dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní'limse i gcómh-
nuighe agaibh. An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé
déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa
i gcóir adhlactha. Go deimhin adeirim libh: pé áit 'n-a
gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain
go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh
atá déanta aici.



Agus d'imthigh Iúdás Iscáriót, duine de'n dáréag,
ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó.
Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealla-
dar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag
faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas.



Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair
a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis:
Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an
Cháisg d'ollamhú dhuit le n-ithe? Agus chuir sé uaidh
beirt d'á dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Téighidh
isteach sa chathair agus casfar oraibh fear agus árthach
uisge ar a mhuin aige; leanaidh é. Agus pé áit 'n-a
raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an
Máighistir, Cá bhfuil an seómra 'n-a n-íosfad an Cháisg
i dteannta mo dheisgiobul? Agus taisbeánfaidh sé
daoibh seómra mór, agus é curtha i dtreó, agus déinidh
ollamhú dhúinn ann.



Agus d'imthigh na deisgiobuil agus thánadar sa
chathair, agus fuaradar mar a dubhairt sé, agus
d'ollamhuigheadar an Cháisg.



Agus nuair a bhí an trathnóna ann tháinig sé i n-aon-
fheacht leis an dáréag. Agus nuair a bhíodar 'n-a
suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim
libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta,
agus díolfaidh sé mé. Agus tháinig buairt ortha,
agus chromadar ar a rádh leis, 'n-a nduine a's 'n-a
nduine: An mise é? Agus dubhairt sé leó: Duine
de'n dáréag, duine a chuireann a lámh sa n-aon mhéis
liom. Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht,
fé mar atá sgríobhtha 'n-a thaobh; ach is ró-mhairg do'n
fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt


L. 128


suas. B'fhearra dho'n fhear san ná tiocfadh sé riamh
ar an saoghal.



Agus an fhaid a bhíodar ag ithe do thóg Íosa arán
agus bheannuigh sé é, agus bhris sé é, agus thug sé
dhóibh é, agus dubhairt sé: Glacaidh, ithidh; is é mo chorp
é seo. Agus thóg sé cailís, agus ghaibh sé buidheachas,
agus thug sé dhóibh í, agus d'óladar go léir aisti. Agus
dubhairt sé leó: Isí mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í
sin, a doirtfar ar son a lán. Go deimhin adeirim libh,
ná h-ólfad feasda de'n toradh so na fíneamhna go
dtí an lá san 'n-a n-ólfad nua é i rígheacht Dé.



Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go
Cnoc na n-Ola-chrann.



Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir
sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, Buail-
fead an t-aodhaire agus sgaipfar na caoire. Ach
i tar éis m'aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí. Agus
dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go
léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa. Agus dubhairt
Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn,
anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an
coileach an tarna h-uair. Ach sin mar ba dhéine do
labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n-aon-
fheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go
léir ar an gcuma gcéadna.



Agus thánadar chun na h-áite ar a dtugtar Get-
sémané, agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh
anso go ndeinead úrnuighthe.



Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus
Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go
dúbhach; Agus dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar
m'anam; fanaidh anso agus deinidh faire.


L. 129


Agus d'imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas
ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair
thairis dá mb'fhéidir é. Agus dubhairt sé: Abba, a
Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo
i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil
liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa. Agus tháinig sé
agus fuair sé 'n-a g-codladh iad. Agus dubhairt sé
le Peadar: A Shímóin, an ad' chodladh ataoí? Nár
fhéadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin?
Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh.
Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag.
Agus d'imthigh sé airís, agus dhein sé an guidhe
céadna ins na focalaibh céadna. Agus tháinig sé
an tarna h-uair agus fuair sé 'n-a gcodladh iad, (óir
do bhí mairbhitíghe ar a súilibh), agus ní fheadradar
cad é an freagra thabharfaidís air. Agus tháinig sé an
trímhadh h-uair agus dubhairt sé leó: Deinidh codladh
anois agus suaimhneas. Ní beag é: tá an uair tag-
aithe; féach, tabharfar Mac an Duine ar lámhaibh na
bpeacach. Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus
dúinn an fear a bhrathfaidh mé.



Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót,
duine de'n dáréag, agus sluagh mhór i n-aonfheacht
leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbh-
neóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus
bataí acu. Agus bhí cómhartha tabhartha aige-sean
dóibh, mar dubhairt sé: An t-é go dtabharfad-sa póg
dó, siné é; beiridh air agus tugaidh libh é go h-aireach.
Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus
dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir,
agus thug sé póg dó. Agus ghreamuigheadar-san a
lámha air, agus choimeádadar é. Agus tharaing duine
d'á raibh láithreach claidheamh, agus bhuail sé seirbhí-
seach an árdshagairt agus bhain sé an chluas de. Agus
d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé: An dtánabhair
amach, agus claidhmhte agus bataí agaibh, chun beirthe
orm mar a thiocfadh sibh cun beirthe ar bhitheamhnach?
Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg
agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra


L. 130


do chómhlíonadh é. Ansan d'fhág a dheisgiobuil é
agus do theitheadar go léir. Agus bhí buachaill 'ghá
leanmhaint n-a raibh ball línéadaigh fan nochta a
choím air, agus do rugadar air. Agus do sgaoil
seisean an ball línéadaigh leó, agus d'imthigh sé uatha
tárnocht.



Agus thugadar Íosa leó i láthair an árdshagairt;
agus do chruinnigh ann na sagairt go léir agus na
Sgríbhneóirí agus na seanóirí. Agus do lean Peadar
é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd-
shagairt, agus bhí sé 'n-a shuidhe i dteannta na seirbh-
íseach, chun na teine, 'ghá théidh féin.



Agus bhí na h-árdshagairt agus an chómhairle go
léir ag lorg fínné i gcoinnibh Iosa, chun é dhaoradh
chun báis; agus bhí ag teip ortha. Agus bhí a lán ag
tabhairt fiadhnaise bréige 'n-a choinnibh, ach níor
réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. Agus d'eirigh
daoine éigin agus thugadar fiadhnaise bhréige 'n-a
choinnibh agus dubhradar: D'airigheamair-ne é agus
dubhairt sé: An teampal so a deineadh le lámhaibh
daoine, leagfad-sa é, agus i gcionn trí lá cuirfead
suas ceann eile, agus ní le lámhaibh daoine é. Agus
níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. Agus d'eirigh
an t-árdshagart, i lár na h-áite, agus chuir sé ceist
chun Íosa, agus dubhairt: Ná fuil aon fhreagra agat le
tabhairt ar a bhfuil acu san 'á chur ad' leith? Ach níor
labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus
do cheistigh an t-árdshagart é, agus dubhairt sé: An
tusa Críost Mac Dé bheannuighthe? Agus ansan
dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an
Duine 'n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag
teacht i sgamallaibh neimhe. Ansan do strac an
t-árdshagart a bhrat, agus dubhairt sé: Cad ab aíl linn
d'á thuille fínnithe? D'airigheabhair an diamhasla: cad
a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás
tuillte aige. Agus do chrom cuid acu ar sheilí chaith-
eamh air, agus ar a aghaidh do chlúdach agus ar é bhua-


L. 131


ladh le dóirnibh, agus deiridís: Targair: agus bhí na
seirbhísigh 'ghá bhualadh le n-a mbasaibh.



Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine
de chailíníbh aimsire an árdshagairt, Agus nuair a
chonaic sí Peadar 'ghá théidh féin, d'fhéach sí air agus
dubhairt sí: Agus do bhís-se leis i bhfochair Íosa Nasa-
reit. Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní'l
fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d'imthigh
sé amach lasmuigh de'n halla; agus do ghlaoidh an
coileach. Agus do chonaic an cailín airís é, agus
dubhairt sí leis an muintir a bhí 'n-a seasamh ann: Is
duine acu súd é seo, Agus do shéan seisean airís.
Agus tar éis tamaill bhig dubhairt an mhuintir a bhí
'n-a seasamh ann airís, le Peadar: Go deimhin is duine
acu súd tu, mar is Gaililiach tu. Agus do chrom
seisean ar easgainidhe agus ar a dhearbhú: Ní'l aon
aithne agam ar an nduine sin adeireann sibh. Agus
ansan do ghlaoidh an coileach an tarna h-uair. Agus
do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa:
Sar a nglaoidhfidh an coileach dhá uair séanfair mé trí
h-uaire. Agus chrom sé ar ghol.



CAIBIDIOL XV.



Tuairisg na páise ar leanmhaint.



Agus ar maidin lár n-a mháireach go luath chuaidh uach-
taráin na sagart i gcómhairle leis na seanóiríbh agus
leis na Sgríbhneóiríbh, agus leis an gcómhairle choitchian,
agus thugadar suas Íosa, gabhtha, do Phílát. Agus
d'fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus
d'fhreagair seisean agus dubhairt: Deirir-se é.
Agus do chuir uachtaráin na sagart a lán neithe 'n-a
leith. Agus cheistigh Pílát airís é, agus dubhairt:
Nách bhfuil aon fhreagra agat le tabhairt? Féach a
bhfuil acu 'á chur ad' leith. Agus níor fhreagair Íosa
focal eile, i dtreó go raibh iongna ar Phílát.


L. 132


I gcaitheamh lae na féile, ámhthach, ba ghnáth leis aon
phríosúnach amháin do leigint saor chúcha, aon phrío-
súnach a iarrfidís. Agus bhí aon phríosúnach amháin
ann gur bh'ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha
ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine
i gceannairc. Agus tháinig an pobul agus chroma-
dar ar iarraidh, mar ba ghnáth leis a dhéanamh dóibh.
Agus d'fhreagair Pílát iad agus dubhairt sé: An toil
libh go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? Mar
bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na
sagart é thabhairt chun lámha. Agus chuir na sagairt
suas an pobul chun a rádh gur bh'é Barabbas a leigfeadh
sé saor chúcha. Agus d'fhreagair Pílát airís iad agus
dubhairt: Agus cad is toil libh a dhéanfad le rí na
n-Iúdach? Agus do liúghadar airís: Céas é.
Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá
déanta aige? Ach sin mar ab' aoirde do liúghadar:
Céas é. Agus chun an phobuil do shásamh do leig Pílát
Barabbas saor chúcha, agus thug sé Íosa le céasadh,
tar éis a sgiúrsála.



Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na
cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir, Agus
chuireadar brat corcra uime agus d'fhígheadar coróinn
dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í; Agus
chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit,
a rí na n-Iúdach. Agus ansan do bhuailidís sa cheann
é le cleith, agus chaithidís seile air, agus do chrom-
aidís a nglúine 'ghá onórú. Agus nuair a bhí an
magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat
corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís
uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.



Agus bhí duine ag gabháil an bhóthair, n-ar bh' ainim
dó Símón Círénéach, ag teacht ó'n dtuath, athair
Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus
chuireadar fhéachaint air an chros a dh'iompar dó. Agus
do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n-a gciall-
uighthear áit an chloiginn. Agus thugadar deoch dó
fíon agus mirr tríd, agus níor ghlac sé é. Agus dó
chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaigh, 'ghá
gcur ar chrannaibh féachaint cé bhéarfadh gach ball díobh.


L. 133


Agus bhí an trímhadh tráth ann, agus chéasadar é. Agus
bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N-IÚDACH.
Agus do chéasadar i n-aonfheacht leis beirt bhitheamh-
nach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí.
Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: Agus do
luadhadh é le cuirptheachaibh. Agus na daoine ghabhadh
thairis thugaidís masla dhó, agus chrothaidís a gceann
agus deiridís: Bháth! do leagfá teampal Dé agus
churfá suas airís é i gceann trí lá: Saor thu féin
anois, agus tar anuas de'n chrois. Mar an gcéadna
uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint
le chéile ag déanamh magaidh: Shábháil sé daoine eile,
adeiridís; ní'l ar a chumas é féin do shábháil. Tagadh
Críost, rí Israéil, anuas de'n chrois anois go bhfeic-
eam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda
i n-a aice thugadar masla dhó.



Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doir-
cheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth.
Agus sa naomhadh tráth do ghlaoidh Íosa do ghuth árd:
Elóí, Elóí, lamá sabactání? nídh a míníghthear mar
seo: A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus
dubhairt cuid d'á raibh láithreach: Féach, tá sé ag
glaodhach ar Elias. Agus do rith duine acu agus do
líon sé spúinse d' fhínéigir agus chuir sé ar bhata é,
agus thug sé dhó é le n-ól, agus dubhairt sé: Fanaidh
go bhfeiceam an dtiocfaidh Elias chun é thógaint anuas.



Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d'éag sé.



Agus do stracadh brat an teampail 'n-a dhá chuid
ó bharr go bun. Agus nuair a chonaic an taoiseach
céad a bhí 'n-a sheasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé
bás agus an guth árd san aige d'á chur as dubhairt sé:



Gan amhras dob' é Mac Dé an duine sin. Agus bhí
mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh
Máire Mhagdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig


L. 134


agus Ióseiph, agus Salómé; Agus siniad a bhíodh 'ghá
leanmhaint agus ag friothálamh air nuair a bhíodh sé
i nGaililí; agus a lán ban eile a tháinig i n-aonfheacht
leis ainíos go Ierúsalem.



Agus nuair a bhí an déanaíghe ann, (óir b' é lá an
ollamhuighthe é, a thagann roimis an sabbóid), Tháinig
Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí
ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh
sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d'iarr sé
corp Íosa air, Agus bhí iongna ar Phílát a rádh go
mbeadh sé tar éis bháis cheana féin. Agus chuir sé
fios ar an dtaoiseach céad agus d'fhiafraigh sé dhe an
raibh sé tar éis bháis. Agus nuair a fuair sé amach
ó'n dtaoiseach céad go raibh, d'órduigh sé an corp
do thabhairt do Ióseph. Agus do cheannuigh Ióseph
línéadach agus thóg sé anuas ó'n gcrois é, agus d'fhill
sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a
bhí gearrtha a' caraig, agus d'iompuigh sé leac chun
doruis an tuama. Agus bhí Máire Mhagdalén agus
Máire (máthair) Ióseiph ag féachaint ar an áit 'n-ar
cuireadh é.



CAIBIDIOL XVI.



Aiseiríghe Chríost agus a dheasgabháil.



Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh
Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus
Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus
go n-ungfaidís Íosa. Agus thánadar go h-ana-mhoch,
ar maidin an chéad lae de'n tseachtmhain, go dtí an
tuama, agus bhí an ghrian 'n-a suidhe; Agus bhíodar
'ghá rádh le n-a chéile: Cé dh'iompóchaidh siar an chloch


L. 135


dúinn ó bhéal an tuama? Agus nuair fhéachadar chon-
acadar an chloch iompuighthe siar. Agus cloch ana-
mhór ab eadh í. Agus chuadar isteach sa tuama agus
chonacadar an fear óg 'n-a shuidhe ar thaobh na lámha
deise agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha.
Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra.
Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D'eirigh sé;
ní'l sé anso; féach an áit 'n-ar chuireadar é. Ach
imthighidh, agus innsidh d'á dheisgiobulaibh agus do
Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh
sibh sa n-áit sin é, mar adubhairt sé libh.



Ach do ritheadar amach as an uaigh, mar do tháinig
sgannra agus critheagla ortha, agus ní dubhradar
focal le h-aoinne, mar bhí an t-eagal ortha.



Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de'n
tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire
Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain.
Agus d'imthigh sí sin agus d'innis sí é do'n mhuintir
a bhíodh i n-a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi.
Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh
sí é, níor chreideadar an sgéal. Agus 'n-a dhiaidh
san do thaisbeáin sé é féin i gcruth eile do bheirt acu
agus iad ag siubhal, ag dul fá'n dtuath. Agus thána-
dar san agus d'innseadar do'n chuid eile é; agus
níor chreideadar iad ach chómh beag.



Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu 'n-a suidhe
i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh;
agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúr-
chroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic
go raibh sé tar éis aiseirighe.



Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan
go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh
do'n uile chréatúir. An té a chreidfhidh agus a baist-
far saorfar é: an té, ámh, ná creidfidh, daorfar é.
Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreid-
fidh: Cuirfid siad deamhain a' seilbh am' ainim-se:
Labharfaid siad i dteangthachaibh nua. Tógfaid
siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbh-


L. 136


uightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha
ar dhaoine breóite agus beid siad go maith. Agus
an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, do
tógadh suas ar neamh é, agus tá sé 'n-a shuidhe ar deas-
láimh Dé. Agus do ghluaiseadar-san agus do
chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an
Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh
'ghá leanmhaint.


L. 137


SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST
do réir
LÚCÁIS



I n-Antíoch príomh-chathair na Síria iseadh do rugadh Lúcás
Naomhtha. Liagh ab eadh é, agus deir cuid de sna seana-sgríbhneóirí
go raibh sé n-a phéintéir oilte. D'iompuigh Pól naomhtha 'n-a
Chríostaidhe é agus bhí sé aige 'n-a dheisgiobul agus 'n-a chom-
rádaidhe ar a chuardaíbh, agus ag obair 'n-a theannta i ngnó an
tSoisgéil. Do sgríbh sé i nGréigis, tímpal cheithre bliana fichid
tar éis deasgabhála ár dTighearna.



CAIBIDIOL I.



Coimbeart Eoin Baiste, agus coimbeart Chríost. Cuairt na
Maighdine Muire, agus a cantic. Teacht Eóin Baiste ar an
saoghal, agus cantic Sacariais.



Ó thárla go bhfuil iarracht déanta agá lán daoine
ar chúntas a thabhairt, i ndiaidh chéile, ar na neithibh seo atá
tagaithe chun cinn i n-ár measg, Fé mar a tugadh dúinn
iad ó sna daoine a chonaic iad le n-a súilibh agus do
dhein friothálamh ar an gcaint, Cheapas féin go bhféach-
fainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go
ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se,
a Théophiluis uasail, I dtreó go mbeadh agat fios
fírinne na bhfocal a múineadh duit.



Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe
dar bh'ainim Sacarias, d'uanuigheacht Abia, agus de
shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.


L. 138


Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i
n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go
h-iomlán, gan cháim. Agus ní raibh clann acu, mar bhí
Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta.



Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige 'á
dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé, Gur
bh'air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus
go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun
na túise do dhóghadh. Agus bhí an pobul mór go léir
amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. Agus do
taisbeánadh dó aingeal an Tighearna 'n-a sheasamh ar
dheis altórach na túise. Agus tháinig buaireamh agus
eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é. Agus dubh-
airt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shaca-
riais, óir tá éistithe le t' ghuidhe, agus béarfaidh do
bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar
ainim air; Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort,
agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an
saoghal. Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh
sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de'n
Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin. Agus iom-
póchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia.
Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus
i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d'iompáil
ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d'iompáil
chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d'ollamhú
do'n Tighearna. Agus dubhairt Sacarias leis an
aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-
se am' sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta. Agus
d'fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise
Gabriél atá am' sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh
mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobh-
sgaoileadh dhuit. Agus féach, beidh tú gan caint, agus
ní fhéadfair labhairt go dtí an lá 'n-a gcómhlíonfar
na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thioc-
faidh chun cinn 'n-a h-aimsir féin. Agus bhí na daoine
ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith
ag déanamh righnis sa teampul. Agus nuair a
tháinig sé amach ní fhéadfadh sé labhairt leó, agus bhí


L. 139


'fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus
bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an
bhailbhe air.



Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt
do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin. Agus tar
éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein,
agus d'fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt
sí: Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh
'n-ar fhéach sé orm agus 'n-ar thóg sé dhíom an aithis a
bhí orm ameasg na ndaoine. Agus sa sémhadh mí do
cuireadh an t-aingeal Gabriél ó Dhia go cathair
i nGaililí dar bh'ainim Nasaret, ag triall ar mhaighdin
a bhí luaidhte le fear dar bh'ainim Ióseph, agus Muire
ab ainim do'n mhaighdin. Agus tháinig an t-aingeal
isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbean-
nuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna
ad' fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh. Agus nuair
airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhacht-
nuigh sí cad é an saghas an beannú san. Agus dubhairt
an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá
grásta fághalta agat i láthair Dé. Féach, geobhair gein
ad' bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa
mar ainim air. Beidh an mac san mór, agus tabharfar
Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia
dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; agus
beidh sé 'n-a rí i dteaghlach Iácóib go deó. Agus
ní beidh deire le n-a rígheacht. Agus dubhairt
Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh
agus gan aithne fir agam-sa? Agus d'fhreagair
an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh
an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé
Aoird thú, agus d'á bhrígh sin tabharfar ar an ngein
naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé. Agus féach, siní
Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus
í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar
aimrid uirthi. Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do
Dhia. Ansan dubhairt Muire: Féach, mise cailín an
Tighearna, deintear liom do réir t'fhocail. Agus
d'imthigh an t-aingeal uaithi.


L. 140


Agus d'eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d'imthigh
gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach.
Agus tháinig sí isteach i dtigh Shacariais, agus bhean-
nuigh sí d'Elisabet. Agus do thárla, nuair a dh'airigh
Elisabet beannachadh Mhuire gur léim an leanbh a bhí
'n-a broinn, agus do líonadh Elisabet de'n Spioraid
Naomh. Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubh-
airt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is bean-
nuighthe toradh do bhroinne. Agus cad a thug so
dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm?
Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta
am' chluasaibh do léim an leanbh le h-áthas am' broinn.
Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíon-
far duit na neithe a gealladh duit ó'n dTighearna.
Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m'anam-sa do'n
Tighearna, Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas
i nDia mo Shlánuightheóir; Óir d'fhéach sé ar ísleacht a
chailín; mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta
go léir gurab aoibhinn dom. Óir do dhein an t-é atá
cómhachtach neithe móra dhom, agus is naomhtha a ainim.
Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir
ar a bhfuil a eagla.



D'oibrigh sé cómhacht le n-a láimh; do sgaip sé
lucht an uabhair 'n-a gcroidhe agus 'n-a n-aigne. Do
leag sé lucht cómhacht ó n-a gcathaoireachaibh ríoga,
agus d'árduigh sé lucht na h-úmhluigheachta. Do
líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir
sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.



Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó
ar a thrócaire; Fé mar a labhair sé le n-ár n-aithreach-
aibh le h-Ábraham agus le n-a shliocht go deó.



Agus d'fhan Muire 'n-a fochair-sin tímpal trí mhí,
agus ansan tháinig sí chun a tighe féin.


L. 141


Agus tháinig aimsir Elisabet chun a clainne chur di,
agus do rug sí mac. Agus d'airigh a cómharsain agus
a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire
dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi. Agus
nuair a tháinig an t-ochtmhadh lá, do tánathas chun tím-
pal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas
chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar.
Agus d'fhreagair a mháthair agus dubhairt sí: Ní h-eadh,
ach Eóin a tabharfar air. Agus dubhradar léi: Ar
ndó, ní'l aoinne ar do ghaoltaibh-se go bhfuil an ainim
sin air. Agus do bhagradar ar a athair cad é an
ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh. Agus
d'iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé:
Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir.
Agus do h-osgladh láithreach a bhéal agus a theanga
dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia.
Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus
do h-innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte
Iúdaéa ar fad. Agus gach aoinne a dh'airigh iad choim-
eád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile:
Cad a bheidh againn ar ball 'n-a leithéid seo de leanbh,
dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.



Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid
Naomh, agus do thargair sé mar seo:



Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d'fhéach
sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú; Agus do chuir
sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach
Dáibhid a sheirbhíseach. Fé mar a labhair sé tré bhéal
na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach. Saoradh
dhúinn ó n-ár namhaid, agus ó láimh gach n-aon a thug
fuath dhúinn, Ag déanamh trócaire ar ár n-aithreach-
aibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bhean-
nuighthe féin. An dearbhú a dhearbhuigh sé d'ár n-athair
Ábraham a thabharfadh sé dhúinn, Go ndéanfaimís,
gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lámhaibh ár


L. 142


namhad, I naomhthacht agus i bhfíoraontacht 'n-a láthair,
gach lá dh'ár saoghal.



Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-
Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag
ollamhú na slighe dhó, Ag tabhairt eóluis slánuighthe
d'á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh; Tré
inníbh trócaire ár nDia, n-ar tháinig 'ghár bhféachaint
an lóchaint a' doimhneas na bhflathas. Chun soluis a
thabhairt do'n mhuintir atá 'n-a suidhe i ndorchadas agus
fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na
síothchána.



Agus d'fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid
agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig
an lá 'n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.



CAIBIDIOL II.



Beirtear Críost. Tugtar do'n Tighearna é. Targaireacht
Simeón. Faghtar Críost, i n-aoís a dhá bhlian déag, ameasg na
ndochtúirí.



Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh
reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar
an ndomhan go léir. Do deineadh an chéad áireamh so
nuair a bhí Curínus i n' uachtarán ar crích Síria. Agus
do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad
d'áireamh, gach aoinne 'n-a chathair féin. Agus chuaidh
Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa,
go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg
go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. Chun go
ndéanfaí é dh'áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-
chéile a bhí ag iompar clainne.



Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a
h-aimsir chun na clainne do bhreith; Agus do rug sí a


L. 143


mac, a céadghein, agus d'fhill sí i n-éadaighibh é, agus
chuir sí 'n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh
dhóibh sa tigh ósda.



Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad
ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad. Agus
féach, tháinig aingeal ó'n dTighearna agus sheasaimh sé
'n-a n-aice, agus do las solus Dé 'n-a dtímpal, agus
tháinig eagla mór ortha. Agus dubhairt an t-aingeal
leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala
dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine
go léir; mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh
indiu, 'sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid.
Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh
fillte i n-éadaighibh 'n-a luighe i mainséar. Agus
láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na
bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís:
Glóire do Dhia ins na flathais go h-árd, agus ar talamh
síothcáin do lucht deagh-mhéinne.



Agus do thárla, nuair a dh'imthigh na h-aingil uatha
suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a
chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an bria-
thar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn.
Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus
Ióseph, agus an leanbh 'n-a luighe sa mhainséar. Agus
nuair a chonacadar do thuigeadar 'n-a n-aigne i dtaobh
an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. Agus gach
ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a
dh'innis na h-aodhairí dhóibh. Agus do choimeád Muire
na labhartha san go léir, ghá mbreithniú 'n-a croidhe.
Agus d'fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus
glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar
ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó.



Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a
deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh


L. 144


mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air
sar ar gabhadh é sa bhroinn.



Agus nuair a bhí laethanta a h-íodhnuighthe caithte
do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh
go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é,
Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: Gach
firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tigh-
earna é. Agus chun go dtabharfaidís an ofráil mar a
h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó
dhá ghearrcach colúir.



Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh'ainim
Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag
súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.
Agus do tugadh foillsiú dhó ó'n Spioraid Naomh ná
feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tigh-
earna. Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa team-
pul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa
isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó, Do thóg
seisean chuige i n'ucht é, agus thug sé moladh do Dhia
agus dubhairt sé:



Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do
sheirbhíseach, do réir t'fhocail i síothcháin, Óir chonaic mo
shúile do shlánú, A dh'ollamhuighis os cómhair na bpobal
go léir; Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus
glóire do d'phobul féin Israél.



Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna
de sna neithe a bhí d'á rádh 'n-a thaobh; Agus do chuir
Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire
a mháthair: Féach, tá so ceapaithe chun díthe agus chun
aiseirighthe d'á lán i n-Israél, agus chun bheith 'n-a chómh-
artha a gheobhaidh diúltadh; Agus raghaidh claidheamh


L. 145


tré t'anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as
mórán croidhthe.



Agus ban-fháidh dob' eadh Anna inghean Phanuéil, de
threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur
di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n-a h-óige do
chaitheamh agá fear, Agus bhí sí sin 'n-a baintrigh go
dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus
ní fhágadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus
úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d'oidhche. Agus
tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d'ad-
mhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí 'n-a thaobh le
gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.



Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir
dlíghe an Tighearna, d'fhilleadar go Gaililí agus go
dtí a mbaile féin Nasaret.



Agus d'fhás an mac agus do neartuigh sé, lán
d'eagna, agus bhí grásta Dé ann.



Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach
bliain uim fhéile na Cásga. Agus nuair a bhí sé dhá
bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir
ghnáis na féile, Agus nuair a bhí na laethanta caithte
agus iad ag filleadh d'fhan an mac, Íosa, i n-Ierú-
salem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. Cheapa-
dar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar
siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar 'ghá lorg
ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, Ach ní bhfuara-
dar é, agus d'fhilleadar go Ierúsalem, 'ghá lorg.
Agus do thárla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa
teampul 'n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht
leó agus 'ghá gceisdiú. Agus bhí iongna ar a raibh
ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na
freagraí a thugadh sé. Agus bhí iongna ortha-san
nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis:
A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach,
bhí t'athair agus mise go buartha ar do lorg. Agus
dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg?
Ná raibh 'fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh
a bhaineann le m'Athair? Agus níor thuigeadar-san
an focal a labhair sé leó. Agus d'fhill sé anuas
leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh.


L. 146


Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir 'n-a
croidhe féin.



Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus
i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.



CAIBIDIOL III.
Missiún Eóin agus a sheanmóiniú. Críost dá bhaisteadh
aige.



Sa chúigmhadh bliain déag d'ímpireacht Thiberias
Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n'uachtarán ar
Iúdaéa, agus Héród 'n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a
dhritháir Pilib 'n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích
Traconítis, agus Lisanias 'n-a thetrarc ar Abilína,
I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do
thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.
Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach
Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun
maitheamhnachais peacaí, Mar atá sgríobhtha i Leabhar na
bhfocal adubhairt Isaias fáidh: Guth duine ag glaodhach
sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d'ollamhú:
Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; Líonfar gach gleann,
agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh
gach cam 'n-a dhíreach agus gach garbh 'n-a shlígh réidh,
Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.



Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun
go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin
daoibh-se conus dul ó'n ndíbhfeirg atá ag teacht?
Tugaidh uaibh, d'á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith
leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá
Ábraham i n'athair againn. Deirim libh go bhféadfadh
Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na cloch-
aibh sin. Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann
cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh
fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é.
Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad


L. 147


'tá le déanamh againn má 'seadh? Agus d'fhreagair
sé agus dubhairt leó: An t-é go bhfuil dhá chasóig
aige tugadh sé do'n t-é ná fuil aige; agus an t-é go
bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna. Agus
tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad,
agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh
againn? Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níos
mó 'ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh. Agus
do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le
déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh
lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar
aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.



Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh
'n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb'fhéidir gur
bh'é Críost é. Agus d'fhreagair Eóin agus dubhairt leó
go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach
tiocfaidh duine is treise 'ná mé, duine nách fiú mé
go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baist-
fidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.
Tá a ghaothrán 'n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár
buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan
isteach 'n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine
nách féidir a mhúchadh.



Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna
daoine 'ghá gcómhairliú. Ach Héród, an tetrarc,
nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a
dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein
Héród, Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir
sé Eóin i bpríosún.



Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh'á
mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag
guidhe, gur h-osgaladh an spéir, Agus gur thúirling
an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh
colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo
Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.



Agus bhí Íosa féin ag dul 'n-a dheichmhadh bliain
fichid nó mar sin, 'n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph,


L. 148


mac Hélí, mic Mathat, mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna,
mic Ióseph, Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm,
mic Heislí, mic Nagge, Mic Mahat, mic Matatias, mic
Semeí, mic Ióseph, mic Iúda. Mic Ioanna, mic Résa,
mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, Mic Melchí,
mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir,
Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic
Lebhí, Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain,
mic Eliacim, Mic Melea, mic Menna, mic Matata,
mic Nátán, mic Dáibhid, Mic Iessé, mic Óbéd, mic
Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, Mic Aminadaibh,
mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda. Mic
Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim mic Tárá, mic
Nachór, Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir,
mic Sale, Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic
Nóe, mic Lamech, Mic Matúsala, mic Enóch, mic
Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, Mic Enós, mic
Sét, mic Adam, mic Dé.



CAIBIDIOL IV.



Trosgadh Chríost agus cath d'á chur air. Géarleanmhaint air
i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum.



Agus bhí Íosa lán de'n Spioraid Naomh, agus tháinig
sé thar n-ais ó'n Iórdan, agus do sheól an Spioraid
isteach sa bhfásach é, Ar feadh dachad lá, agus do
cuireadh cath air ó'n annsprid; agus níor ith sé bia
i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir
caithte tháinig ocras air. Agus dubhairt an diabhal
leis: Má's tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go
ndéanfadh arán di. Agus d'fhreagair Íosa é: Tá


L. 149


sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine
ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. Agus do sheól
an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin
sé dho, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an
domhain go léir, Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-
sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngra-
dam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do
m'rogha duine. D'á bhrígh sin, má dheineann tú mise
dh'adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir.
Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobh-
tha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déan-
fair seirbhís dó san amháin. Agus do rug sé leis é
isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé 'n-a sheasamh é ar
spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má's tu
Mac De caith thu féin le fánaidh; Óir tá sgríobhtha:
Gur thug sé órdú ad' thaobh d'á aingealaibh go ndéan-
faidís tu thabhairt saor, Agus go ndéanfaidís tu
ghabháil 'n-a nglacaibh sar a' mbuailfá do chos i gcoinn-
ibh cloiche. Agus dubhairt Íosa 'ghá fhreagradh: Tá
ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia.
Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d'imthigh an
diabhal uaidh ar feadh aimsire.



Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar
n-ais go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na
tíre sin go léir. Agus bhíodh sé ag teagasg ins na
sinagógaibh agus iad go léir 'ghá mholadh.



Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é,
agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide
isteach sa tsinagóig, agus d'eirigh sé 'n-a sheasamh chun
léightheóireachta dhéanamh. Agus do tugadh dó
leabhar Isáias fáidh. Agus d'osgail sé an leabhar
go dtáinig sé chun na h-áite 'n-a raibh sgríobhtha: Tá
Spioraid an Tighearna orm, agus d'á bhrígh sin d'ong
sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna boch-
taibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte
do leigheas, Chun fuasgailte dh'fhógairt do'n mhuintir
atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus


L. 150


dul as do'n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana
fabhair an Tighearna a dh'fhógairt, agus lae an tuaras-
dail. Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé
thar n-ais é do'n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a
raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.



Agus thusnuigh sé ar a rádh leó: Tá an scriptiúir
sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. Agus
thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob' iongna
leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal,
agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? Agus
dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar
adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na
neithe móra a dh'airigheamair a dheinis i gCapharnaum,
dein anso ad' dhúthaigh féin iad. Agus dubhairt sé
leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne
i n'fháidh 'n-a dhúthaigh féin. Deirim libh le fírinne
go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias,
nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé
mhí, agus an gorta mór sa tír go léir: Agus ní h-ag
triall ar aoinne acu do cuireadh Elias ach ag triall
ar an mnaoi a bhí 'n-a baintrigh i Sarepta Shidónia.
Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Eli-
saéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman
an Síriánach. Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán
d'fheirg nuair airigheadar an chaint sin. Agus d'eir-
igheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é;
agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a
raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. Ach
do ghluais sé tré n-a lár agus d'imthigh sé uatha.



Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá
i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan
gach sabbóid. Agus cuireadh a theagasg eagla ortha,
mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.



Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamh-
ghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, Agus
dubhairt: Leig dúinn; cad í an bhaint atá againne
leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh
do tháinís? Tá 'fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.


L. 151


Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair,
agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an
duine ar lár an úrláir, agus d'imthigh sé amach as gan
aon díobháil a dhéanamh dó. Agus tháinig crith-eagla
ar na daoine go léir, agus bhíodar ag caint eatartha
féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go
smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-ann-
spridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach?
Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de'n tír.



Agus nuair eirigh Íosa ó'n tsinagóig chuaidh sé isteach
i dtigh Shímóin, agus bhí éagcruas ana-throm ar
mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe
chuige ar a son. Agus do sheasaimh sé os a cionn
agus d'órduigh sé do'n éagcruas imtheacht, agus
d'imthigh an t-éagcruas di. Agus d'eirigh sí láith-
reach agus dhein sí friothálamh ortha.



Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh
daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine
breóite acu bhíodar 'ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh
sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad. Agus
nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán
daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac
Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh
sé dhóibh labhairt, óir d'aithnighdís gur bh'é Críost é.



Agus nuair tháinig an lá d'imthigh sé amach agus chuaidh
sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte 'ghá lorg,
agus thánadar chun na h-áite 'n-a raibh sé, agus bhío-
dar 'ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.



Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé
do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige
sin a cuireadh amach mé.



Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.


L. 152


CAIBIDIOL V.



An tógáilt mhírbhúilteach éisg. Leigheas an Lobhair, agus Leigheas
an duine a bhí gan lúth. Maitiú d'á ghlaodhach.



Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air
go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin 'n-a
sheasamh ar bruach locha Genésareit. Agus do chonaic sé
dhá luing 'n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na
h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta.
Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin,
agus d'iarr sé air druidim tamaillín amach ó'n dtír-
Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó 'n
luing. Nuair a stad sé de'n chaint dubhairt sé le
Símón: Gluais amach fé'n bpoll agus cuiridh amach
bhúr líonta chun éisg a thógaint. Agus d'fhreagair
Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte
againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó
deirir-se é sgaoilfad amach an líon. Dheineadar
san, agus do ghabhdar cruinniú mór iasg, i dtreó go
raibh an líon d'á bhriseadh ortha. Agus do bhagradar ar
a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a
thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar
an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé
uisge. Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin
do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt:
Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail
mé. Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n'
fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;
Agus mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eóin, clann
Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt
Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil
daoine a bheidh tú feasda. Agus chuireadar a loing-
eas ar tír, agus d'fhágadar gach nídh 'n-a ndiaidh, agus
do leanadar eisean.



Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach,
tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic
sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a's ar a aghaidh,
agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má's
toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. Agus do shín


L. 153


sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil;
glantar thú. Agus d'imthigh an lobhra dhe láithreach.
Agus dubhairt sé leis gan é dh'innsint d'aoinne; ach,
Imthigh agus taisbeáin thú féin do'n tsagart, agus
tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a dh'órduigh
Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.



Ach sin mar ba mhó do leath an chaint 'n-a thaobh, agus
do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis,
agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus
d'imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.



Agus do thárla, lá, go raibh sé 'n-a shuidhe ag teagasg.
Agus bhí na Fairisínigh 'n-a suidhe ann, agus doch-
túirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí
agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó'n
dTighearna ag dul chun a slánuighthe. Agus féach, daoine
agus fear acu d'á iompar ar thocht, agus é gan lúth,
agus bhíodar a d'iarraidh é bhreith isteach agus é chur
'n-a láthair; Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun
é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus
chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos
tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa.
Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt
sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit. Agus do
chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh,
agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann dia-
mhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia
amháin? Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d'fhreagair
sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so
i nbhúr gcroidhe agaibh? Cé'cu is usa a rádh, Maith-
tear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad' sheasamh agus
siubhluigh? Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil
ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí
do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth),
Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus
imthigh chun do thighe féin. Agus d'eirigh an duine láith-
reach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé 'n-a luighe,
agus d'imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh
Dé. Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus
bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán


L. 154


d'eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongan-
tacha indiu.



Agus tar éis an méid sin d'imthigh sé amach, agus
chonaic sé puibliocánach dár bh' ainim Lebhí 'n-a shuidhe
ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa
mise. Agus d'fhág seisean gach nídh 'n-a dhiaidh, agus
d'eirigh sé agus do lean sé é.



Agus do dhein Lebhí féasta múr dó 'n-a thigh, agus bhí
cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine
eile a bhí 'n-a suidhe chun bídh 'n-a bhfochair. Agus bhí
na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus
deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh
bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach
agus peacach? Agus d'fhreagair Íosa agus dubhairt
leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag
daoine breóite. Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aith-
righe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.



Ach dubhradar-san: Cad 'n-a thaobh go mbíd deisgio-
buil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go
minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an
gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus
ag ól? Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh
teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an
céile 'n-a bhfochair? Ach tiocfaidh na laethanta nuair
a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad tros-
gadh ins na laethantaibh sin. Agus dubhairt sé leó
i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de
bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall
éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an
preabán a baineadh de'n éadach nua ní oirfeadh sé
do'n tsean-éadach. Agus ní chuireann aoinne fíon nua
i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an
seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar
an t-árthach leathair. Ach ní foláir an fíon nua do
chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon.
Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh
an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an
sean-fhíon.


L. 155


CAIBIDIOL VI.



Críost ag gabháil leathsgéil a dheisgiobol. Leigheas d'á dhéanamh
aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoghadh aige agus seanmóin
aige á thabhairt dóibh.



Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh
arbhair an tarna céadshabbóid, agus go raibh na deis-
giobuil ag stathadh na ndias agus 'ghá gcimilt idir a
mbasaibh agus 'ghá n-ithe. Agus dubhairt cuid de sna
Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach
a dhéanamh sa tsabbóid? Agus d'fhreagair Íosa
agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh
a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar
an muintir a bhí i n'fhochair? Conus mar a chuaidh
sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise
agus d'ith, agus thug sé do'n mhuintir a bhí i n'fhochair,
agus ní dleaghthach d'aoinne iad a dh'ithe ach do sna
sagairt? Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac
an Duine os cionn na sabbóide féin.



Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé
isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg;
agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe.
Agus bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire
air féachaint a' ndéanfadh sé an leigheas lá na sab-
bóide, agus go mbeadh nídh acu le cur 'n-a leith. Ach
bhí fios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an
nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus
seasaimh i lár baill. Agus d'eirigh agus do sheasaimh.
Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo
chúghaibh, cé 'cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a
dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhil-
leadh? Agus d'fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubh-
airt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín;
agus bhí sí slán aige. Agus bhíodar-san lán de mhí-


L. 156


chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint
cad a dhéanfaidís le h-Íosa.



Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh
sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus
go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé. Agus
nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil,
agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar
ainim ortha san; Símón, ar ar thug sé Peadar, agus
a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus
Bartoleméus, Maitiú agus Tomás, Séamus mac
Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, Agus Iúdás
dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.



Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus
sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheis-
giobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus
ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin
cois na faraige, Daoine a tháinig chun go n-éist-
fidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh.
Agus an mhuintir a bhí d'á gciapadh ag spioraidíbh
neamhghlana do leighiseadh iad. Agus bhí an tsluagh
go léir a d'iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht
ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.



Agus thóg sé suas a shúile agus d'fhéach sé ar a
dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a
dhaoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.



Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois,
óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá
anois ag gol, óir gáirfidh sibh.



Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine
fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid
siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr
n-ainim amach 'n-a droch-ainim, mar gheall ar Mac an
Duine. Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mór-
tais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh:
óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.



Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá
bhúr sólás agaibh.


L. 157


Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach.
Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag
gol agus ag caoi.



Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag bean-
nachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na
fáidhibh fallsa.



Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: Tugaidh
grádh d'bhúr namhaid, deinidh maith do'n mhuintir a
thabharfaidh fuath daoibh. Tugaidh beannacht do'n
mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh
guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.



Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iom-
puigh chuige an leaca eile agus má bheireann duine
do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith. Gach
aoinne a dh'iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má
bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais
air é.



Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh
deinidh-se leó. Má thugann sibh grádh do'n mhuintir
a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir
a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do'n mhuin-
tir a thugann grádh dhóibh. Agus má dheineann sibh
maith do'n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é
an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid
na peacacha an nídh sin. Agus má thugann sibh
iasacht do'n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh ias-
acht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a
bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha
do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh'fhághail thar
n-ais. Ach deinidh-se grádh thabhairt d'bhúr namh-
aid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le
nídh dh'á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar,
agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire;
óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a
bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine. Bídhidh, d'á
bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach.



Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná
daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar


L. 158


daoibh. Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómh-
as maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid
siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh
sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.



Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir
do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon
sa díg? Ní'l an deisgiobul os cionn a mháighistir;
tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.



Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán
i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an
tsail atá ad' shúil féin? Nó conus is féidir duit
a rádh le t'bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán
a bhaint as do shúil, agus ná feiceann tú an tsail ad'
shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as
do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán
a bhaint a' súil do bhráthar.



Óir ní'l crann fóghanta a thugann droch-thoradh
uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh.
Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní
bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de
dhriseach. Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh
amach a' deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann
an droch-dhuine an droch-nídh amach a' droch-stór a
chroidhe; óir a' flúirse an chroidhe is eadh do labhrann
an béal.



Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, A Thigh-
earna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud
adeirim? Gach duine a thagann chúgham-sa agus
d'éisteann le m' chaint agus a dheineann d'á réir
taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é: Is cos-
mhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar
sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an
gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an
tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé dain-
gean ar an gcaraig. Ach an t-é a chloiseann agus
ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a
thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an
tuile 'n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba
thiubaisteach é tuitim an tighe sin.


L. 159


CAIBIDIOL VII.



Seirbhíseach an taoisigh céad dá leigheas ag Críost Mac na
baintirighe da thógaint ó'n mbás aige. Freagra uaidh do sna
teachtairí a tháinig ó Eóin, agus maitheamhnachas 'á thabhairt aige
do'n pheacach aithrígheach.



Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha
aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, tháinig sé isteach
go Capharnaum. Agus bhí taoiseach céad n-a raibh
seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seir-
bhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis. Agus d'airigh sé
i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí
Iúdacha 'ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do
leigheas. Agus nuair a thánadar-san ag triall ar
Íosa d'iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar:



Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó, Óir tá grádh
aige d'ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg
dúinn. Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhío-
dar tagaithe i n-achmaireacht do'n tigh do chuir an
taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh:
A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní
fiú mise go dtiocfá fá m'dhíon isteach: Is uime sin
nár thuigeas gur bh'fhiú mé mé féin do dhul ag triall
ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhíseach
slán. Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus
tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh,
agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus
tagann sé; agus le m'sheirbhíseach, Dein so, agus
deineann sé é. Agus nuair a dh'airigh Íosa an méid
sin dhein sé iongna dhe, agus d'iompuigh sé chun na
ndaoine a bhí 'ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó:
Go deimhin a deirim libh, ní'l a leithéid sin de chreid-
eamh fághalta agam i n-Israél féin. Agus na daoine
a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach
a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.



Agus do thárla 'n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul
go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheis-
giobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór. Agus
nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach,
bhí corp d'á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair,


L. 160


agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid
mhór de mhuintir na catharach léi. Agus nuair a chonaic
an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt
sé léi: Ná bí ag gol. Agus tháinig sé agus chuir sé a
lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir
a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A
óigfhir, deirim leat, eirigh. Agus d'eirigh an duine
marbh 'n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug
sé d'á mháthair é. Agus tháinig eagal ar na daoine
go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubh-
radar: Tá fáidh mór eirighthe 'n-ár measg, agus
tháinig Dia ag féachaint a dhaoine. Agus do leath an
focal san amach 'n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus
tríd an ndúthaigh mór-thímpal;



Agus d'innseadar a dheisgiobuil d'Eóin na neithe
sin go léir. Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d'á
dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad 'ghá rádh:
An tusa an t-é a bhí le teacht nó a' bhfuil orainn feith-
eamh le duine eile? Agus nuair a thánadar na fir
chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa
sinn 'ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an
bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Agus an uair
chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngal-
araibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus
thug sé radharc do mhórán dall. Ansan d'fhreagair sé
iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus
innsidh d' Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chona-
cabhair; radharc 'á thabhairt do dhallaibh, siubhal do
bhacachaibh, na lobhair d'á nglanadh, éisteacht 'á thabh-
airt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soi-
sgéal d'á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh. Agus
is aoibhinn do'n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa.



Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé
ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad 'á
dh'fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille
d'á shuathadh le gaoith an eadh? Ach cad 'á dh'fheisgint
go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne
an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an
éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh. Ach cad a bhí


L. 161


uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an
eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó 'ná
fáidh. Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: Féach,
tá m'aingeal agam d'á chur rómhat amach agus oll-
mhóchaidh sé do shlígh rómhat. Deirim libh é: Ar ar rugadh
ó mhnáibh de dhaoinibh ní'l fáidh is mó 'na Eóin Baiste;
agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é 'ná eisean.
Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puiblio-
cánaigh an chaint sin d'admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar
tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin. Ach na Fairisínigh
agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht
do chómhairle Dé 'n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a
bhaisteadh-sin.



Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d'á bhrígh
sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus
cé leis gur cosmhail iad? Is cosmhail iad le leanbhaí
'n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a
chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh
ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair
caoine, agus níor ghoileabhair. Óir do tháinig Eóin
Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin 'ná ag ól fíona;
agus deirthí-se, Tá deamhan ann. Tháinig Mac an
Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se,
Féach an fear craosach, fear an fhíona dh'ól, cara na
bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus tá an eagna
ceartuighthe ó n-a clainn féin go léir.



Agus d'iarr duine de sna Fairísinigh air dul agus
bia chaitheamh i n' fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh
an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird. Agus
féach bhí bean a bhí 'n-a peacach sa chathair, agus fuair sí
amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh
agus thug sí léi alabastsom ola, Agus sheasaimh sí lastiar
i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe
le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig,
agus bhí sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola
dhíobh. Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh


L. 162


dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n'aigne féin: Dá
mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í
an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an
saghas í, gur bean pheacamhail í. Agus d'fhreagair
Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le
rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a
Mháighistir. Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt;
bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus
caogad píosa ar an nduine eile. Ní raibh ar chumas
aoinne acu díoluigheacht a dhéanamh, agus do mhaith
sé na fiacha dhóibh araon. Cé 'cu de'n bheirt is mó
grádh dhó? Agus d'fhreagair Símón agus dubhirt:
Measaim gur b'é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus
dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart. Agus d'iom-
puigh sé chun na mná, agus dubhairt sé le Símón: An
bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad' thigh-
se, níor thugais-se dhom uisge dom' chosaibh; ach do
nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí
iad le n-a gruaig. Níor thugais-se póg dom; ach ó
tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.
Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d'ong s seo
mo chosa le h-ola. D'á bhrígh sin adeirim leat: íTáid
a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é,
ámhthach, d'á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.
Agus dubhairt sé léi-se: Táid na peacaí maithte
dhuit. Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd
ar a rádh 'n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann
chómh fada le peacaí mhaitheamh? Agus dubhairt seis-
ean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu;
imthigh i síothcáin.


L. 163


CAIBIDIOL VIII.



Parabal an tsíl. An stoirm d'á ciúnú ag Críost. An
legion deamhan d'á gcur amach aige. An ghluaiseacht fola d'á
leigheas, agus inghean Iaíruis d'á tógaint ón mbás aige.



Agus do thárla, 'n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag
gabháil tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin
agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag
i n-aonfheacht leis. Agus raint ban a saoradh ó ann-
spridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ar a dtugtar Mag-
dalén, n-ar imthigh na seacht ndeamhain aisti, Agus
Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna,
agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a
ngustal féin.



Agus tráth d'á raibh sluagh ana-mhór cruinnighthe,
agus iad ag ruith amach as na catharachaibh ag triall
air, dubhairt sé, i bhfuirm soluíde:



Chuaidh curadóir amach ag cur a chod' síl; agus nuair
a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid de i n-aice an
bhóthair; agus do gabhadh do chosaibh ann, agus d'ithead-
ar éanlaithe an aeir é. Agus do thuit tuille dhe ar an
gcaraig; agus d'fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úr-
mhaireacht aige. Agus do thuit tuille dhe ameasg na
sgeach; agus d'fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus
mhúchadar é. Agus do thuit tuille dhe sa talamh
fóghanta agus d'fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad.
Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd:
An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.



Agus d'fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid
í sin. Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se
rúndiamhar rígheachta Dé a dh'aithint; do'n chuid eile,
ámhthach, i bhfuirm soluídí. I dtreó go bhfeicfidís
agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná
tuigfidís. Sidí an tsoluíd. Isé briathar Dé an
síol. An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad
na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal 'n-a


L. 164


dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe,
i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. Agus
an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir
a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é;
ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh
tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.
An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an
mhuintir a dh'airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh
cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múch-
tar iad agus ní thugaid siad toradh. Ach an chuid a
thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir
a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr
nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é,
agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.



Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur
fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinn-
leóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann
isteach an solus. Óir ní'l rud i bhfolach ná nocht-
far, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh
amach go h-osgailte. Féachaidh, d'á bhrígh sin, conus
a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabhar-
far dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a
measann sé atá aige.



Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus
níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an
sluagh. Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus
do bhráithre 'n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó
thu dh'fheisgint. Agus d'fhreagair sé agus dubhairt
leó: An mhuintir a dh'éisteann le briathar Dé agus a
dheineann beart d'á réir, siniad mo mháthair agus mo
bhráithre.



Agus do thárla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh
sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus
dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus
chuadar ar aghaidh. Agus an fhaid a bhíodar-san ag
cur na slíghe dhíobh do chuaidh seisean a chodla. Agus
tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhíodar d'á
líonadh agus bhíodar i gcontabhairt. Agus thánadar


L. 165


chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A
Mháighistir, tá an bás againn. Agus d'eirigh sé agus
do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh
uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas. Agus
dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar
bhí eagal ortha agus iongna, agus iad 'ghá rádh le
n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigh-
eann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad
rud air?



Agus do sheóladar an long go tír na nGeras-
énach atá ar aghaidh Ghaililí anonn. Agus chómh luath
agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh dea-
mhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach
uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh. Agus
nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dta-
lamh 'n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd:
Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an
Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh. Óir bhí
sé 'ghá órdú do'n annsprid teacht amach as an nduine.
Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí
é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé
na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé'n
bhfásach é. Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt:
Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean:
Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach
ann. Agus bhíodar 'ghá iarraidh air gan a dh'órdú
dhóibh dul síos sa n-aibhéis. Agus bhí tréad mór muc
sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d'iar-
radar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do
leig. Ansan d'imthigh na deamhain as an nduine agus
chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an
tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch
agus do báthadh iad. Agus nuair chonaic an lucht
fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d'inns-
eadar sa chathair é agus ins na bailtibh. Agus tháinig
na daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach,
agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar,
'n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, 'n-a ghlan-mheabhair agus
éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus
bhí eagal ortha. Agus an mhuintir a chonaic é d'inns-


L. 166


eadar dóibh conus a slánuigheadh é ó'n Leigión; Agus
d'iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha,
mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé ar bórd
na luinge agus tháinig sé thar n-ais. Agus an fear
gur imthigh na deamhain as d'iarr sé air leigint dó dul
leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis:
Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá
déanta ag Dia dhuit. Agus d'imthigh sé agus d'fhógair
sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa
dhó.



Agus do thárla, ar a theacht thar n-ais d'Íosa,
gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feith-
eamh leis. Agus féach, tháinig chuige fear dár b'
ainim Iaírus, agus dob' é uachtarán na sinagóige é;
agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa 'ghá iarraidh
air dul chun a thighe, Mar go raibh aon inghean amháin
aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí
ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do thárla go
raibh an tsluagh ag brúth air.



Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod'
fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh
a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é
teipithe ortha í leigheas; Agus tháinig sí chuige, lastiar
dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad
an fhuil láithreach bonn aici. Agus dubhairt Íosa: Cé
h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne,
agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n'fhoch-
air: A Mháighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus
at' chiapadh, agus a' ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom?
Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom;
óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim.
Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint,
tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith,
agus d'innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é
an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a
leighiseadh í láithreach. Agus dubhairt seisean léi:
Do leighis do chreideamh thú, a 'nghean ó; imthigh leat
i síothcháin.



Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uach-
taráin na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá


L. 167


t'inghean thar éis bháis, ná bí 'ghá chur chun trioblóide.
Agus d'airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair
an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus
beidh sí slán. Agus nuair a shrois sé an tigh níor
leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leis ach Peadar agus
Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an
chailín. Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag
caoi 'n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag
gol; ní marbh atá an cailín, ach 'n-a codla. Agus
bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh.
Ach do rug sé féin ar láimh uirthi, agus do labhair sé
do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. Agus
tháinig a h-anam thar n-ais, agus d'eirigh sí láithreach.
Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. Agus
bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt
sé leó gan a dh'innsint d'aoinne cad a bhí tuitithe
amach.



CAIBIDIOL IX.



Na h Asboil dá gcur amach ag Críost. Bia dá thabhairt aige
do chúig mhíle duine a' chúig bhulógaibh. an t-Atharú gné do theacht
air. Deamhan a' duine dá chur amach aige.



Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug
sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan,
agus leigheas ar ghalaraibh. Agus chuir sé uaidh iad
ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas
daoine breóite. Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh
aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná
airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh;
Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann,
agus ná h-imthighidh amach as. Agus pé daoine ná
glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus
deinidh an ceó do chrothadh d'bhúr gcosaibh mar fhiadh-
nuise 'n-a gcoinnibh.



Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna
bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigh-
eas ins gach aon bhall.


L. 168


Agus d'airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige
'á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh
daoine, Gur bh'é Eóin a dh'eirigh ós na mairbh; agus
deireadh daoine eile gur bh'é Elias a thaisbeáin é
féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de
sna sean-fháidhibh a dh'eirigh. Agus dubhairt Héród:
Bhaineas-sa an ceann d'Eóin; ach cé h-é seo go
n-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé
a d'iarraidh é dh'fheisgint.



Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d'innseadar
dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad
i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh'ainim Betsaida.
Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin
do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag
caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a
bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.



Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus
tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig
na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad
ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus
go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach
atáimíd anso. Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se
rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní'l
againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a
raighmís agus bia cheannach do'n tsluagh mhór so go
léir. Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. Agus
dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh 'n-a suidhe iad
'n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain.
Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine
go léir 'n-a suidhe. Ansan do thóg sé na chúig bulóga
agus an dá iasg, agus d'fhéach sé suas chun neimhe
agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d'á
dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. Agus
d'ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh
dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh.



Agus do thárla, nuair a bhí sé i n'aonar ag guidhe, go
raibh a dheisgiobuil i n'fhochair, agus cheistigh sé iad
agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? Agus


L. 169


d'fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste;
agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu
gurab amhlaidh a dh'eirigh duine de sna sean-fháidhibh.
Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is
mé? Agus d'fhreagair Símón Peadar agus dubhairt:
Críost Dé. Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt
leó gan an nídh sin a dh'innsint d'aoinne, 'Ghá rádh:
Ní foláir do Mhac an Duine mórán d'fhulang,
agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na
sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun
báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.



Agus dubhairt sé leó uile: Má's áil le h-aoinne teacht
am' dhiaidh séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros
gach lá, agus leanadh sé mé. Óir an t-é gur maith
leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an
t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a
anam. Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann
sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do
mhilleadh agus do chailleamhaint? Óir an t-é do
ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo
bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar
an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé 'n-a ghradam agus
i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha,
Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine 'n-a sea-
samh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígh-
eacht Dé.



Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte
sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin,
agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe
dhéanamh. Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d'athruigh
a ghnúis, agus d'iompuigh a chuid éadaigh geal, taith-
neamhach. Agus féach, bhí beirt ag cómhrádh leis, agus
Maois agus Elias iad san. Do chonacthas iad
i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhás, an bás a bhí
aige le críochnú i nIerúsalem. Agus tháinig mairbh-
itíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí
i n'fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chona-
cadar a ghradam, agus an bheirt a bhí 'n-a seasamh 'n-a


L. 170


theannta. Agus do thárla, nuair a bhíodar ag im-
theacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A
Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus
deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus
pubal do Mhaois, agus pubal d'Elias; agus gan
a fhios aige cad a bhí aige dh'á rádh. Agus an fhaid
a bhí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do
chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a
bhíodar ag dul isteach sa sgamall. Agus do labh-
air guth as an sgamall agus dubhairt: Isé seo mo
Mhac dílis-se; deinidh éisteacht leis. Agus le linn
an ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n'aonar. Agus
bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d'aoinne ins na
laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar.



Agus do thárla, an lá 'n-a dhiaidh san, ag teacht
anuas ó'n gcnoc dóibh, gur bhuail sluagh mhór uime.
Agus féach, do labhair duine de'n tsluagh amach agus
dubhairt sé: A Mháighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac,
mar ní'l agam ach é; Agus féach, beireann an deamhan
air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus
bíonn sé 'ghá leagadh agus 'ghá stracadh as a chéile,
agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis
ach 'ghá stracadh. Agus d'iarras ar do dheisgiobuil
é chur amach, agus do theip sé ortha. Agus d'fhreag-
air Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creid-
eamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh?
Tabhair anso do mhac. Agus nuair a bhí sé ag teacht
do leag an deamhan é, agus bhí sé 'ghá stracadh. Agus
do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do
leighis sé an buachaill, agus thug sé d'á athair é. Agus
bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé.
Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna
de sna gníomhartha a bhí aige 'á dhéanamh, dubhairt sé le
n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an
gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le
tabhairt i lámhaibh daoine.



Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí
an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus
níor leig eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin.


L. 171


Agus d'eirigh tnúth eatartha féachaint cé 'cu dhíobh
ba mhó. Agus chonaic Íosa na smuínte a bhí 'n-a
gcroidhe, agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé 'n-a
sheasamh i n'aice é. Agus dubhairt sé leó-san: An
t-é a ghlacfaidh an leanbh san am' ainim-se glacann
sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an
t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir
isé is mó.



Agus d'fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir,
chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad'
ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé
linne. Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar,
an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé libh.



Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabh-
ála d'á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin
ar dhul go Ierúsalem. Agus chuir sé teachtairí roimis
amach, agus chuadar isteach i gcathair de chatharachaibh na
Samaritánach chun neithe chur i dtreó dhó. Agus níor
leigeadar isteach é toisg a ghnúis a bheith daingean ar
dhul go Ierúsalem. Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil,
Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: A Thigh-
earna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó
neamh chun iad do losgadh? Agus d'iompuigh sé
ortha agus thug sé milleán dóibh, agus dubhairt sé:
Ní fios daoibh an spioraid atá ionaibh. Ní chun anam-
nacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad
do shábháil. Agus d'imthigheadar go baile eile.



Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubh-
airt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna,
pé ball 'n-a ngeobhair. Agus dubhairt Íosa leis:
Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a
neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac an Duine
ní'l áit 'n-a leigfeadh sé a cheann. Dubhairt sé,
ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt
seisean: A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus
m'athair do chur. Agus dubhairt Íosa leis: Leig do
sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein


L. 172


rígheacht Dé d'fhógairt. Agus dubhairt duine eile:
Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é
dh'innsint do'n mhuintir atá sa bhaile. Dubhairt Íosa
leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus
ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní'l sé oireamh-
nach do rígheacht Dé.



CAIBIDIOL X.



Teagasg ag Críost á thabhairt do'n dáréag as trí fichid
deisgiobul. Iad dá gcur amach chun oibre. An Samaritánach
fóghanta.



Tar éis na neith sin do cheap an Tighearna dháréag
agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad,
'n-a mbeirt a's 'n-a mbeirt, chun gach baile agus áit
n-a raibh sé féin le teacht ann.



Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol
suarach. Iarraidh, d'á bhrígh sin, ar an t-é gur leis
an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.



Imthighidh: Féach, táim 'bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh
ameasg machtírí. Ná bíodh agaibh mála ná sparán
ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d'aoinne ar
an slígh. Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh
ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. Agus má's mac
síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air;
murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus
fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá
acu, óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil.
Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.



Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus
go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr
gcómhair; Agus leighisidh na daoine breóite sa chath-
air sin, agus abraidh leó, Ta rígheacht Dé buailte libh.
Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná
glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san
agus abraidh: Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcos-
aibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach bíodh


L. 173


fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé
i n-achmaireacht. Deirim libh gur saoire a raghaidh
muintir Shodom as an lá san 'ná mar a raghaidh muintir
na catharach san.



Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg duit-se, a Bhet-
sáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbh-
úiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe
déanta acu 'n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaith-
righ. Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón
as lá an bhreitheamhntais 'ná mar a raghaidh sibh-se as.
Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh,
curfar síos tu go h-ifreann.



An t-é a dh'éisteann libh-se, is liom-sa a dh'éis-
teann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se,
is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a
thugann tarcuisne dhómh-sa is do'n t-é a chuir uaidh
mé a thugann sé tarcuisne.



Agus tháinig an dáréag a's trí fichid thar n-ais agus
gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid
na deamhain féin fé n-ár smacht tré t'ainim-se. Agus
dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Shátan nuair
a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. Féach,
tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh
nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de
chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. Sa n-am
gcéadna ná bíodh gáirdeachas oraibh toisg spioraidí
bheith fé nbhúr smacht, ach bíodh gáirdeachas oraibh toisg
bhúr n-ainimneacha bheith sgríobhtha ins na flathais.



Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirde-
achas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admh-
uighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan,
mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus
eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh.
Dheinis san, a Athair, óir b'é sin do thoil. Do thug
m'Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d'aoinne
cé h-é an Mac ach do'n Athair, ná cé h-é an t-Athair


L. 174


ach do'n Mhac agus do'n t-é d'ár toil leis an Mac é
dh'fhoillsiú. Agus d'iompuigh sé chun a dheisgiobul,
agus dubhairt sé: Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn
na neithe a chíonn sibh-se. Óir deirim libh gur mhian
le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh'fheisgint a chíonn
sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos
a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.



Agus féach, d'eirigh fear dlighe chun triail a bhaint
as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh
agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú? Agus
dubhairt seisean leis: Cad 'tá sgríobhtha sa dlígh?
Conus a léigheann tú? Agus d'fhreagair sé agus
dubhairt: Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d'chroidhe
go h-iomlán, agus ó t'anam go h-iomlán, agus ó
d'neart go h-iomlán, agus ó t'aigne go h-iomlán;
agus do chómharsa mar thú féin. Agus dubhairt sei-
sean leis: Thugais freagra cruinn. Dein an méid
sin agus mairfir. Ach dubhairt sé le h-Íosa, a
d'iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa?
Agus dubhairt Íosa 'ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul
síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg
bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabha-
dar air, agus d'imthigheadar agus d'fhágadar 'n-a
ndiaidh é leathmharbh. Agus do thárla go raibh sagart
ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an
duine, agus bhuail sé thairis. Mar an gcéadna do
thárla go raibh Lebhíteach i n-aice na h-áite, agus
chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. Ach bhí
Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé
i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh
aige dhó; Agus chuaidh sé anonn chuige agus do chean-
gail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do
chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus
thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó.
Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn
agus thug sé do 'n fhear ósda iad, agus dubhairt sé:
Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte
leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. Cé


L. 175


'cu de'n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do'n
duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach? Agus
dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air.
Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar
an gcéadna.



Do thárla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé
isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh' ainim
Marta isteach 'n-a tigh féin é. Agus bhí ag an mnaoi
sin drifiúr dár bh'ainim Máire, agus do shuidh sí ag
cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar. Agus
bhí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha,
agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an
amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir
fágtha orm-sa agam' dhrifiúr? Abair léi anois con-
gnamh a thabhairt dom. Agus d'fhreagair an Tighearna
agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán
neithe a'd chur thré chéile agus ag cur buartha ort,
Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh
Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.



CAIBIDIOL XI.



Críost ghá mhúineadh d'á dheisgiobolaibh conas guidhe chun Dé.
Deamhan bailbhe dá chur amach a' duine aige. Na Fairisínigh dá
gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá bhfógairt ortha, tré na
bhfeall.



Agus do thárla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh
úrnuighthe, go ndubhairt duine dh'á dheisgiobuil leis
nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus
úrnuighthe dhéanamh fé mar a theagaisg Eóin d'á dheis-
giobuil. Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun
úrnuighthe dhéanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh,
go naomhthar t'ainim, go dtagaidh do rígheacht, go
ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear
ar neamh. Ár n-arán laethamhail tabhair dúinn indiu.
Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do


L. 176


chách a dheineann cionta i n-ár n-aghaidh; agus ná leig
sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc.



Agus dubhairt sé leó: Cé'cu agaibh-se go mbeadh
duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall
air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A
dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar ias-
acht dom, Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as
a shlígh agus ní'l aon nídh agam le cur os a chómhair,
Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a'm chrádh;
tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh
am' theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabh-
airt duit; Agus má leanann seisean ag bualadh,
deirim libh, bíodh ná h-eireóchadh sé agus rud a thabh-
airt dó toisg gur b'é a dhuine muinteartha é, go
n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe
atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamh-
nach. Agus deirim-se libh-se: Iarraidh, agus tabh-
arfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh,
agus osgalófar daoibh. Óir gach n-aon a dh'iarrann
tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé;
agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. Agus cé'cu
agaibh-se a dh'iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch
a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a
thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? Nó má iarrann sé
ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó? Ar an adhbhar
san, má's eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta
thabhairt d'bhúr gclainn, nách mó 'ná san go mór a
thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do'n
mhuintir a dh'iarrfaidh air é?



Agus bhí deamhan aige d'á dhíbirt as duine, agus
deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an
deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh;
agus bhí iongna ar an sluagh. Dubhairt cuid acu,
ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a
chuireann sé na deamhain amach. Agus d'iarr tuille
acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh
a thaisbeáint dóibh. Agus, ó chonaic sé na smuínte a
bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh
deighilte na coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de.


L. 177


Tuitfidh tigh ar thigh. Agus má tá Sátan deighilte 'n-a
choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus
go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se
na deamhain amach. Má's le cómhacht Bheelsebub a
chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a
gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D'á bhrígh sin
tabharfaid siad-san breith oraibh-se. Agus má's le
cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné
rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. Nuair a bhíonn
fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síoth-
cháin ar gach nídh 'n-a sheilbh. Ach má thagann fear is
treise 'ná é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis
an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainn-
fidh sé a chuid. An t-é ná fuil liom tá sé am'
choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon
liom deineann sé sgaipeadh.



Nuair a bhíonn an spioraid truaillighthe imthighthe as
an nduine gluaiseann sé tré áiteanaibh gan uisge a
d'iarraidh suaimhnis, agus nuair a theipeann air, deir
sé: Fillfead chun mo thighe as a dtánag amach. Agus
nuair a thagann sé gheibheann sé an tigh sguabtha glan
órnáideach. Ansan imthigheann sé agus tugann sé
leis seacht spioraidí eile is measa 'ná é féin, agus
téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin.
Agus is measa staid deirineach an duine sin 'ná a
chéad staid.



Agus do thárla, nuair a dubhairt sé an méid sin,
gur labhair bean sa tsluagh do ghuth árd agus go ndubh-
airt sí: Is beannuighthe an bhroinn a dh'iompar thu agus
na cíocha a dheólais. Ach dubhairt seisean: Abair,
ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann bria-
thar Dé agus do choimeádann é.



Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé
ar a rádh leó: Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht
so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha
dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. Óir, fé mar a
bhí Iónas 'n-a chómhartha do mhuintir Ninebhe, beidh Mac
an Duine 'n-a chómhartha do'n tsliocht so. Eir-


L. 178


eóchaidh Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas
i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh
sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an
domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus
féach duine anso is mó 'ná Salomón. Eireóchaid
muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an
tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha;
mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh
é; agus féach duine anso is mó 'ná Iónas.



Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan
í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinn-
leóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann
isteach an solus. Is í do shúil solus do chuirp. Má
bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach,
ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndor-
chadas. Tabhair aire, d'á bhrígh sin, gan an solus atá
ionat a bheith 'n-a dhoircheacht agat. Dá bhrígh sin, má
bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige
de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus
soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.



Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d'iarr duine de
sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n'fhochair.
Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh. Agus
do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus
ar a rádh leis féin: Cad n'a thaob ná nígheann se é
féin roim bhia chaitheamh? Agus dubhairt an Tighearna
leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh
amuigh de'n chupán agus de'n mhéis; agus bíonn an
taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhal-
luightheacht. A dhaoine gan chiall, nách é an t-é a dhein
an taobh amuigh do dhein an taobh istigh? Ach cheana, d'á
bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach
nídh glan daoibh.



Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann
sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus
ar gach uile luibh, agus ní'l suim agaibh i mbreitheamh-
antas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do
dhéanamh agus gan súd do leigint ar lár.



Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidh-


L. 179


cháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus
daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh. Is
mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feic-
tear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.



Agus d'fhreagair duine de'n lucht dlíghe é, agus
dubhairt: A Mháighistir, ag rádh na cainte sin duit
tá masla agat 'á thabhairt dúinne, leis. Agus dubhairt
sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar
an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách
féidir dóibh a dh'iompar, agus ní chuireann sibh féin
bara méire chun na n-ualaí.



Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do
sna fáidhibh, agus gur b'iad bhúr n-aithreacha do mharbh-
uigheadh na fáidhe. Go deimhin taisbeánann sibh go
bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh 'n-a
ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha 'ghá marbhadh agus sibh-
se ag cur na leacht suas dóibh. Uime sin iseadh adubh-
airt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil
agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do
chrádh; I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na
bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain. Ó
fhuil Ábeil go fuil Shacariais a marbhuigheadh idir an
altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh,
éileófar é ar an sliocht so.



Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do
thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin
isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisg-
eabhair iad.



Agus nuair a bhí na neithe sin aige 'á rádh leó, do
chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas
leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán
neithe, Ag déanamh fill air, a d'iarraidh go dtógfaidís
suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís 'n-a leith é.


L. 180


CAIBIDIOL XII.



Foláramh ag Críost á thabhairt dúinn gan cealgaireacht do
dhéanamh; gan eagla bheith orainn roimis an saoghal; agus bheith i
gcómhnuighe ag faire orainn féin.



Agus nuair a bhí sluaighte móra 'n-a thímpal,
i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thus-
nuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil: Seachnaidh sibh
féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.



Óir ní'l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach
ná tiocfaidh chun eóluis. Óir na neithe a dubhrabhair
sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud
a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é
ó bharaíbh na dtighthe.



Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla
agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp,
agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh. Ach
taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh:
Bíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine
mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann.
Bíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin. Ná díol-
tar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní'l aon
ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá
ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe. Ná bíodh eagla
oraibh, d'á bhrigh sin. Is mó le rádh sibh-se 'ná a lán
gealbhún.



Agus deirim libh: An uile dhuine d'admhóchaidh
mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine
eisean os cómhair aingeal Dé. Agus an t-é a shéan-
faidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómh-
air aingeal Dé.



Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an
Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéanfaidh dia-
mhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é.



Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sina-
gógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach-
tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagró-


L. 181


chaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh. Óir múin-
fidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin,
cad is ceart daoibh a rádh.



Agus dubhairt duine de'n tsluagh leis: A Mháigh-
istir, abair lem'dhritháir an oighreacht do raint liom.
Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise
am' breitheamh ná am' rainneadóir os bhúr gcionn?
Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint;
óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is
leis, atá a bheatha.



Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé:



Thug a chuid tailimh ana-thoradh d'fhear shaidhbhir áirithe.
Agus do mhachtnaimh sé i n' aigne agus dubhairt sé:
Cad a dhéanfad? óir ní'l áit agam n-a gcruinne-
óchad mo chuid torthaí. Agus dubhairt sé: Déanfad
so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgio-
bóil a bheidh níos mó 'ná iad, agus cruinneóchad mo
thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; Agus déar-
faidh mé le m'anam, A anam, tá mórán coda agat
i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe
agus ól agus súgachas. Ach dubhairt Dia leis: A
amadáin, éileófar t-anam ort anocht féin, agus cé
aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? Sin mar
atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn
saidhbhir chun Dé.



Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh,
d'á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr
n-anama, cad a dh'íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp,
cad a chlúdóchaidh sibh. Is mó le rádh an t-anam 'ná
an bia, agus is mó le rádh an corp 'ná an t-éadach.
Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní
bhainid siad fóghmhar; ní bhíonn cúil stórais acu ná
sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go
mór le rádh sibh-se 'ná iad san? Cé'cu agaibh-se
d'fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin
do chur le n'aoirde féin? Agus mura féidir daoibh
an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith
ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile. Féachaidh ar na


L. 182


lilíbh, conus mar a dh'fhásaid siad; ní dheinid siad
saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh
Salomón 'n-a ghradam éidighthe mar cheann acu san.
Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar
atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine am-
áireach, nách mó 'ná san (éideóchaidh sé) sibh-se, a lucht
an chreidimh shuaraigh? Ná bídhidh-se ag lorg na neithe
a dh'íosfaidh sibh ná a dh'ólfaidh sibh, agus ná bíodh
eirighe anáirde oraibh. Óir siniad go léir na neithe
a bhíonn ag geinte an domhain d'á lorg. Ach is eól
d'bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh
sin. Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a
fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe
sin go léir.



Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr
n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh. Díolaidh a
bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh
féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná
caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná
millfidh leómhan oraibh. Óir an áit 'n-a bhfuil bhúr
stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe.



Bíodh bhúr gcriosa fáisgithe agaibh, agus lóchrana
ar lasadh i nbhúr lámhaibh. Agus sibh mar bheadh
daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfill-
feadh sé ó'n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus
bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó. Is
aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna
ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin
adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh
sé 'n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa
tímpal. Agus má thagann sé sa tarna faire, agus sa
trímhadh faire má thagann sé, agus go bhfaghaidh sé mar sin
iad, is aoibhinn do sna seirbhísigh sin. Ach bíodh fios an
méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin
a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní
leigfeadh sé a thigh do bhriseadh. Agus bídhidh-se ollamh,
óir ní'l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.



Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne
atá an chaint sin agat 'á rádh, nó leis na daoine go


L. 183


léir? Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar
leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar a chuir an Tigh-
earna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruith-
neachtan a thabhairt dóibh i dtráth? Is aoibhinn do'n
tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag
déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé. Deirim
libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é.
Ach má deir an seirbhíseach san, 'n-a chroidhe féin, Tá
mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann
sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus
ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht: Tioc-
faidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne
aige leis, agus an uair nách eól dó, agus deighilfidh
sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díth-
chreidimh.



Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thigh-
earna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir
a thoile, geobhfar air go mór. Ach an t-é ná raibh
fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar
air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileó-
far mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó
le coimeád iarrfaid siad breis air.



Chun teine chur ar an dtalamh so iseadh thánag, agus
cad 'tá uaim ach go lasfadh sí? Agus tá agam bais-
teadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim
i gcúmhangracht go dtí go gcómhlíonfar é!



An dóigh libh gur chun síothchána chúr ar an dtalamh
so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun
deighilte. Óir beidh, feasda, cúigear sa n-aon tigh
deighilte, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt
i n-aghaidh trír. Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an
mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair
i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na
máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus
bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile.



Agus dubhairt sé leis an sluagh: Nuair a chíonn
sibh sgamal ag eirighe lastiar, abrann sibh láithreach:
Tá cith ag teacht; agus bíonn amhlaidh; Agus (nuair
a chíonn sibh) an ghaoth andeas abrann sibh: Beidh brothal


L. 184


ann; agus bíonn. A chealgairí, féadann sibh an
spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná
breithnigheann sibh an aimsir atá ann?



Agus cad 'n-a thaobh ná breithnigheann sibh uaibh féin
an nídh is ceart? Agus nuair a bheidh tú ag dul,
i n-aonfheacht led'namhaid, i láthair an phriúnsa, dein
do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go
mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabh-
arfadh an breitheamh suas tu do'n fheidhmeadóir, agus
go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu.
Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair
an chianóg dheirineach.



CAIBIDIOL XIII.



An riachthanas atá le h-aithríghe dhéanamh. An crann fíge a bhí
seasg. Leigheas na mná a bhi Leice, agus rl.



Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a
dh'innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát
a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.



Agus dubhairt sé leó 'ghá bhfreagradh: An dóigh
libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh
eile, treás go dtáinig an íde sin ortha? Deirim
libh nár bh' eadh; ach mura ndeinidh síbh-se aithrighe
tiocfaidh íde de'n tsaghas chéadna oraibh go léir.
Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr
ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go
rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsa-
lem? Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh
sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de'n tsaghas chéadna
oraibh go léir.



Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann
fíge curtha ag duine 'n-a fhíonghort, agus tháinig sé
ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair. Agus
dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí
bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann
fíge seo agus ní bhfaghann é; gearr é: cad chuige


L. 185


go mbeadh an talamh aige? Agus dubhairt seisean
'ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain
seo go ndeinead rómhar 'n-a thímpal agus go gcuir-
ead leasú leis, Ansan má thugann sé toradh uaidh;
ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda.



Agus bhíodh sé ag teagasg 'n-a sinagóig ins na sab-
bóidibh. Agus féach, bean i n-a raibh spioraid laga-
chair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha,
agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor; Agus
nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus
dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led' ghearán.
Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas
í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia. Agus
d'fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air
toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide,
agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann 'n-ar
cheart obair a dhéanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus
leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide. Agus
d'fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A cheal-
gairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a
asal ó'n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge
iad, lá na sabbóide? Ach an inghean so Ábrahaim
á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag,
níor cheart í fhuasgailt ó'n gceangal san lá na sab-
bóide? Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do
las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáir-
deachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a
dheineadh sé chómh glórmhar.



Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht
Dé, agus cad leis go samhlóchad é? Is cosmhail é
le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é
chur 'n-a gháirdín, agus d'fhás sé, 'gus dhein crann mór
de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir 'n-a ghéagaibh.



Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad
rígheacht Dé? Is cosmhail é leis an ngiost a thóg
bean, agus d'fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí
gur ghlac an mhin go léir an giost.



Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré


L. 186


sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhéin Ierú-
salem. Agus dubhairt duine leis: A Thighearna,
an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt
seisean leó: Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus
cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d'iarraidh
dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é. Agus nuair a
bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus
dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus
ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thigh-
earna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a' bhúr
bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se. Ansan
tusnóchaidh sibh ar a rádh: D'itheamair agus d'ólamair
os do chómhais, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh.
Agus déarfaidh sé libh: Ní fheadar cad as
daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a
dhéanamh. Ansan a bheidh an gol agus an díosgán
fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus
Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus
sibh féin díbeartha amach. Agus tiocfaid siad ó'n
ndomhan toir agus ó'n ndomhan tiar, ó'n gceann
tuaidh agus ó'n gceann teas, agus suidhfid siad síos i
rígheacht Dé. Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh
ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire.



An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh
chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit
seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha. Agus dubhairt
sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san:
Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh
leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom
an trímhadh lá. Ach cheana, ní foláir dom bheith ag
siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní
dual fáidh d'fhághail bháis lasmuigh d'Ierúsalem.



A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na
fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a
curtar chúghat, cad é a mhinice dob' áil liom do chlann
a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé


L. 187


n-a sgiathánaibh, agus níor bh'áil leat! Féach, fág-
far agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná
feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth 'n-a ndéarfaidh
sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an
Tighearna.



CAIBIDIOL XIV.



An duine go raibh an líonadh ann dá leigheas ag Críost.
Parabal an tsuipéir. An riachtanas atá le gach nídh do thréigean
chun go leanfí Críost.



Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh
uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a
chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. Agus
féach bhí 'n-a áthair duine go raibh líonadh ann. Agus
d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe
agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh
sa tsabbóid? Agus níor labhradar. Ach thóg sé
an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun
siúbhail é. Agus dubhairt sé 'ghá bhfreagairt sin: Cé'cu
agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll,
ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? Agus níor
fhéadadar freagra thabhairt air sin.



Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair
cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidh-
chánaibh uachtaracha. Nuair a gheobhair cuireadh chun
bainise ná suidh sa tsuidhchán uachtarach, le h-eagla
go mbeadh duine is onóráighe 'ná thu tar éis cuireadh
dh'fhághail uaidh, Agus nuair a thiocfadh sé sin go
ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san
leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaith-
fá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire
ort. Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit
is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuir-
eadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: A chara, eirigh níos
sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó'n gcuid-
eachtain. Óir gach aoinne a dh'árdóchaidh é féin,


L. 188


Ísleófar é; agus an t-é a dh'ísleóchaidh é féin, árd-
ófar é.



Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó
féin: Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná
glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do
ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go
dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus
go dtabharfaí do chuid thar n-ais duit. Ach nuair
a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na
daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill, Agus beidh
áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh
leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe
na bhfíoraon.



Nuair a dh'airigh duine d'á raibh láithreach an focal
san dubhairt sé: Is aoibhinn do'n t-é a dh'íosfaidh
arán i rígheacht Dé. Agus dubhairt seisean leis:



Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh
d'á lán daoine. Agus chuir sé a sheirbhíseach amach,
nuair a tháinig am an fhéasda, chun a rádh leis an muin-
tir a fuair cuireadh gur mhithid dóibh teacht mar go raibh
gach nídh ollamh. Agus chromadar go léir i n-aon-
fheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad
duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom
dul amach 'ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a
ghabháil. Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas
chúig seisreacha damh, agus táim ag dul 'ghá dtriail:
iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. Agus dubhairt
duine eile, Phósas bean, agus d'á bhrígh sin ní féidir
dom teacht. Agus d'fhill an seirbhíseach agus d'innis
sé na neithe sin d'á mháighistir. Ansan tháinig fearg
ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach,
Imthigh amach d'urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na
catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine
bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus
na bacaigh. Agus dubhairt an seirbhíseach, A thigh-
earna, do deineadh mar a dh'órduighis, agus tá slígh
fós. Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach,
Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus
comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh. Deirim


L. 189


libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlais-
fidh aon fhear acu mo bhia.



Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht
leis, agus d'iompuigh sé agus dubhairt sé leó: Má
thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d'á
athair agus d'á mháthair, agus d'á mhnaoi agus d'á
chlainn, agus d'á dhritháracha agus d'á dhriféaracha, agus
fós d'á anam féin, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgio-
bul agam. Agus an t-é ná deineann a chros féin
d'iompar agus teacht am' dhiaidh, ní féidir dó bheith 'n-a
dheisgiobul agam. Óir cé'cu agaibh-se gur mhaith
leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun
an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féach-
aint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? Le h-eagla,
tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú,
go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, Agus
go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur
suas, agus ní'l ar a chumas críochnú. Nó cé h-é an
rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dhéanamh le rí eile,
ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh,
féachaint ar bh' fhéidir dó, le deich míle, seasamh
i n-aghaidh an t-é atá ag teacht 'n-a choinnibh agus fiche
míle aige? Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an
fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht
chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. Ar an gcuma
gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha
le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith 'n-a dheisgiobul
agam-sa.



Is maith an rud salann, ach má chailleann an salann
a bhlas, cad leis go ndéanfar deigh-bhlasta é? Ní'l
tairbhe ann do'n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach
é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh
sé.


L. 190


CAIBIDIOL XV.



Parabal na caorach a cailleadh, agus parabal an mhic a bhí ró-
chaithteach.



Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht
chuige ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus
na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó,
glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia
'n-a bhfochair.



Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo:



Cé'cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige,
agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na
naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus
ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go
bhfaghadh sé í? Agus nuair a gheibheann sé í tógann
sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, Agus nuair a
thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus
a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas
liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh.
Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh
mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe
seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh
córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.



Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich ndrachma aici
agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh
coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus
an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí
é? Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi
a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh
gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chail-
leas. Deirim-se libh-se gur b' shin mar a bheidh
gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon
pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe.


L. 191


Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac
aige; Agus dubhairt an mac ab óige acu le n'athair,
A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de
d'chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. Agus
tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige
chuige a chuid go léir, agus d'imthigh sé go dúthaigh ias-
achta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le
baois agus le rabairne. Agus nuair a bhí gach aon
rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin,
agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. Agus
d'imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir
na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a
chod' tailimh ag cothú mhuc. Agus ba mhaith leis a bholg
a líonadh de sna féithleógaibh a dh'itheadh na muca, agus
ní thabharfadh aoinne dhó iad. Agus do mhachtnaimh
sé i n'aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht
tuarasdail a thuilleamh i dtigh m'athar agus a ndói-
thin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do'n
ghorta! Eireóchad agus raghad ag triall ar
m'athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh
déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad' láthair-se;
Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé.
Leig dom bheith mar dhuine ded' lucht tuarasdail a
thuilleamh.



Agus d'eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar.
Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an
t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith
sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do
phóg sé é. Agus dubhairt an mac leis: A athair,
tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad'
láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac
duit mé. Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhí-
seachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith
éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh
fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, Agus
tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus
ithimís agus bímís sóghach; Óir bhí an mac so liom
marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus
do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.



Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus


L. 192


bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d'airigh sé an ceól
agus an rinnce, Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna
seirbhísigh, agus d'fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar
siubhal. Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir,
agus do mhairbh t'athair an gamhain ramhar toisg é
theacht slán chuige. Agus tháinig fearg air, agus ní
raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach
agus chrom sé ar thathant air. Agus dubhairt seisean
le n'athair 'ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair
duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas
riamh do rud a dhéanamh ort, agus níor thugais riamh
dom oiread agus mionán chun súbhachais a dhéanamh le
m'cháirdibh; Ach an mac so dhuit, chómh luath agus
tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh,
mharbhuighis an gamhain ramhar dó. Dubhairt seisean
leis ámhthach: A mhic, taoi-se am' fhochair i gcómhnuighe,
agus is leat a bhfuil agam; Ach ba chóir súbhachas agus
gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh,
agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.



CAIBIDIOL XVI.



Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir
shaidhbhir agus Lasaruis.



Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: bhí duine
saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh
do, 'n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. Agus
do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é
seo a chloisim ad' thaobh-sa? Tabhair cúntas ad'
stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad' stíbhard
feasda. Ansan dubhairt an stíbhard i n'aigne féin,
Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbh-
ardaidheachta dhíom? Ní'lim ábalta ar rómhar a
dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. Tá fhios agam
cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbh-
ardaidheacht mé, go nglacfaid siad 'n-a dtighthibh mé.
Agus do ghlaoidh sé chuige, 'n-a nduine a's 'n-a
nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha


L. 193


agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá
agam' mháighistir ort? Agus dubhairt seisean:
Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do
bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad
bairille. Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus
tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean:
Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis:
Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh.
Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar
gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail
seo níos gasta 'ná clann an tsoluis do réir a gcinéil
féin. Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muin-
teartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so,
i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaid-
ís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.



An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis
i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag,
bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. D'á bhrígh
sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé
chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? Agus
murar dhílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh
daoibh bhúr gcuid féin? Ní féidir d'aon tseirbhí-
seach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath
aige do dhuine acu, agus grádh do'n duine eile; nó
claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamh-
shuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d'fhrio-
thalamh agus mammon.



Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin
go léir, agus daoine sanntacha b'eadh iad, agus bhío-
dar ag déanamh magaidh faoi. Agus dubhairt sé leó:
Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh


L. 194


daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud
atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.



An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach
tá rígheacht Dé d'á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne
ag cur 'n-a choinnibh go dian.



Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh 'ná
aon phúnc amháin de'n dlígh do dhul ar neamhnídh.



Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do
phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus
an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, dein-
eann sé adhaltranas.



Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus
i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach
lá. Agus bhí lasmuigh d'á dhorus sínte, bochtán dár
bh'ainim Lasarus, agus é lán d'othrasaibh; Agus ba
mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrús-
car bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus
ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do
lighdís a chréachta. Agus thárla go bhfuair an duine
bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht
Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus
do cuireadh i n-ifreann é. Agus nuair a bhí sé ag
fulang na bpian d'fhéach sé suas agus chonaic sé,
abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; Agus
do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim,
glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh
sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo
theanga, óir táim a'm losgadh sa lasair seo. Agus
dubhairt Ábraham leis: Cuimhnigh, a mhic, conus mar
a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha
agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé
seo i sólás agus tusa i bpéin. Agus d'á éaghmuis
sin a's uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir
sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul
as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht
as san ag triall orainne. Agus dubhairt sé: Iar-


L. 195


raim ort, d'á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m'athar
Mar tá cúigear drithár agam: go dtabharfadh sé
foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na
piantaibh seo. Agus dubhairt Ábraham leis: Ta
Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. Agus
dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach
má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha
déanfaid siad aithrighe. Agus dubhairt sé leis:
Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe,
ní chreidfidís duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh
sé ag triall ortha.



CAIBIDIOL XVII.



Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht
creidimh, agus rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh
Críost.



Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan
sgannail do theacht, ach is léanmhar do'n t-é tré n-a
dtagaid siad. B' fhearra dhó gur bró mhuilinn a
curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige 'ná
go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de'n mhuintir
bheag so.



Tugaidh aire dhaoibh féin. Má dheineann do
dhritháir beart ad' choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn
cathú air, maith dhó é. Agus má dheineann sé beart
ad' choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann
sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé,
Tá cathú orm: maith dhó.



Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna:
Méaduigh creideamh dúinn. Agus dubhairt an Tigh-
earna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de
chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín
seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa
bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.



Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhí-
seach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déar-
faidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó'n bpáirc,


L. 196


Imthigh láithreach agus suidh chun bídh? Agus ná déar-
faidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu
féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte
agus ólta agam, agus 'n-a dhiaidh san déanfair-
se ithe agus ól. An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidh-
eachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an
rud a dh'órduigh sé dhó a dhéanamh? Ní h-eadh, dar liom.
Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh
mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith
iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé
a dheineamair.



Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go
raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí; Agus
ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deich-
niúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad
amach uaidh, Agus d'árduigheadar a nglór agus dubh-
radar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.
Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh
agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do
thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad. Ach bhí duine
acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d'fhill
sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, Agus
chaith sé é féin ar a bhéal a's ar a aghaidh ag cosaibh Íosa
ag gabháil a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob'
eadh é. Agus d'fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár
glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá
bhfuil siad? Nár fuaradh aoinne chun teacht agus
glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so? Agus
dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh
do chreideamh thú.



Agus d'fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thioc-
faidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé 'ghá bhfreag-
radh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar
bheith ag faire air. Ná ní déarfar, Féach anso é, ná
Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr
measg.



Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh
na laethanta 'n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de


L. 197


laethibh Mhic an Duine a dh'fheisgint, agus ní fheicfidh
sibh é. Agus déarfaid siad libh, Féach anso é, agus,
Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.



Óir, mar an splannc a lasann fé'n spéir, ar na
neithe atá fé'n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine 'n-a
lá féin. Ní foláir dó ar dtúis, ámhthach, mórán
d'fhulang, agus an tsliocht só 'ghá shéanadh. Agus
mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic
an Duine. Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban
agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá 'n-ar
chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus
do bháidh sí iad go léir. Díreach mar a thárla i laethibh
Loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus
ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe; Agus an
lá a dh'imthigh Lot amach a' Sodomaibh do thuit an cith
teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do
loisgeadh iad go léir. Mar sin iseadh bheidh, an lá
a taisbeánfar Mac an Duine.



An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a
chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d'iarraidh a choda;
agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna,
ná téigheadh sé thar n-ais. Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit.
Pé duine bheidh a d'iarraidh a anama shábháil, caillfidh
sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.



Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon lea-
baidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile.
Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean
acu agus fágfar an bhean eile; Beirt fhear sa pháirc:
tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Dubh-
radar leis 'ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna? Agus
dubhairt sé leó: An áit 'n-a mbeidh an corp, is ann
a cruinneofar na fiolair.


L. 198


CAIBIDIOL XVIII.



Ní foláir dúinn bheith ag guídhe chun Dé i gcómhnuíghe. Na
Fairisínigh agus na puibliocánaigh. An chontabhairt ata i
saidhbreas. A radharc a thabhairt do'n dall.



Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is
ceart bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan
bheith cortha dhe. Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh
i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann
ar dhaoine aige. Agus bhí baintreach sa chathair chéadna,
agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas
dom ar mo namhaid. Agus ní dhéanfadh ar feadh
abhfad. Ach 'n-a dhiaidh san dubhairt sé i n'aigne féin,
Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine
agam, sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a'm
buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí
ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. Agus dubh-
airt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt
an breitheamh aincheart; Agus an amhlaidh a dhéanfaidh
Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d'á
fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air do ló
agus d'oidhche? Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i
bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair
a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an
bhfaghaidh sé creideamh ar talamh?



Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine
a bhí mainghíneach asta féin, mar dh'eadh go rabhadar
fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile:
Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh.
Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab
eadh an duine eile. Sheasaimh an Fairisíneach agus
dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia,
bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid
eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht
adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin.
Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugann


L. 199


deachmhadh as a bhfuil agam. Agus do sheasaimh an
puibliocánach abhfad amach, agus níor bh'áil leis a shúile
amháin d'iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh
a uchta agus a' rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir
is peacach mé. Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile
ar staid na ngrást, murab ionan a's an fear eile.
Óir gach duine dh'árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus
gach duine a dh'úmhlóchaidh é féin, árdófar é.



Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall
air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic
na deisgiobuil an nídh sin bhíodar 'ghá gcosg. Agus
ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do
sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh 'ghá gcosg;
óir is d'á leithéidí sin rígheacht Dé. Go deimhin
adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a
dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.



Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubh-
airt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam
i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? Agus
dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith
mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. Táid na
h-aitheanta agat: Ná dein marbhadh; Ná dein drúis;
Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair
do t'athair agus dod'mháthair onóir. Agus dubhairt
seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m'
óige. Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá
aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach
a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh
stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. Nuair
airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar
fear ana-shaidhbhir ab eadh é. Agus nuair a chonaic
Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do
lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! Is usa do
chamal dul tré chró snáthaide 'ná do dhuine shaidhbhir
dul isteach i rígheacht Dé. Agus dubhairt an mhuintir
a bhí ag éisteacht leis: Má 'seadh cé fhéadfaidh dul
saor? Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir
i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad.


L. 200


Agus dubhairt Peadar: Féach, d'fhágamairne gach aon
rud agus do leanamair tusa. Agus dubhairt sé leó:
Deirim libh go fíor, ní'l aon duine a dh'fhág tigh ná
muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígh-
eachta Dé, ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal
so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.



Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé
leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus
cómhlíonfar gach nídh d'á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh
i dtaobh Mhic an Duine. Óir tabharfar suas do sna
geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar
é, agus caithfar seilí air; Agus tar éis é sgiúrsáil
cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an
trímhadh lá. Agus níor thuigeadar-san aon nídh de
sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha
agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh.



Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do
Ierichó do thárla go raibh dall i n-aice an bhóthair ag
lorg déarca. Agus nuair airigh sé an tsluagh ag
gabháil thairis d'fhiafraigh sé cad ab é sin. Agus dubh-
radar leis gur bh'é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an
treó. Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa,
a Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. Agus na daoine
a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht,
ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin
trócaire orm. Agus do stad Íosa agus dubhairt
sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht
'n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé:
Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? Agus dubh-
airt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. Agus dubhairt
Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu.
Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé
eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne
go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.


L. 201


CAIBIDIOL XIX.



Críost dá ghlacadh ag Sacaeus 'n-a thigh. Parabal na bpúnt.
Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.



Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bhí sé ag
siubhal tríd an gcathair. Agus féach, bhí fear ann agus
Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n'uachtarán ar na
puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. Agus
bhí sé a d'iarraidh Íosa dh'fheisgint, eadhon, Cé'r bh'é, agus
do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal
ab eadh é. Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh
sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é,
mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. Agus nuair a
tháinig Íosa chun na h-áite d'fhéach sé suas agus chonaic
sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh
agus tar anuas, mar is ad' thigh-se a chaithfead-sa
stad indiu. Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus
do ghlac sé é go h-áthasach. Agus nuair a chonaic na
daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus
deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé
ar aoidheacht. Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubh-
airt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá
leath mo choda agam 'á thabhairt do sna daoine bochta;
agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh
agam 'á dhéanamh leis fó cheathair. Agus dubhairt Íosa
leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh
gur de chlainn Ábrahaim é, leis. Óir is chun a raibh
caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an
Duine.



Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir
sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht
i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtais-
beánfaí rígheacht Dé láithreach.



Dubhairt sé, d'á bhrígh sin: D'imthigh duine uasal
áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó
féin agus teacht thar n-ais. Agus ghlaoidh se chuige
deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich
bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh cean-


L. 202


naidheachta go dtagad. Ach bhí fuath agá dhaoine dhó,
agus do chuireadar teachtaireacht 'n-a dhiaidh 'ghá rádh:
Ní h-áil linn é seo bheith 'n-a rí orainn. Ach do thárla
go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais,
agus d'órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-air-
gead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh 'fhios aige an
mór a dhein gach aoinne acu leis an gceannaidheacht.
Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do
phúnt deich bpúint. Agus dubhairt sé leis, Is maith
é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh
cómhacht agat ar deich mbailtibh. Agus thainig an tarna
duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint.
Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn
chúig mbailte, Agus tháinig fear eile agus dubhairt
sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach
agam. Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine
cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus
baineann tú an fóghmhar nár chuiris. Agus dubhairt
sé leis, As do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch-
sheirbhísigh. Bhí 'fhios agat gur duine cruaidh mé, go
dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim
an fóghmhar nár chuireas; Agus cad 'n-a thaobh nár
chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thioc-
fainn go n-éileóchainn é féin agus an t-úncamus? Agus
dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh
uaidh an púnt agus tugaidh é do'n fhear go bhfuil na
deich bpúint aige. Agus dubhradar, A rí, táid deich
bpúint aige. Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go
bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige;
agus an t-é ná fuil aige, tógfar uaidh an rud atá
aige. Ach na h-eascáirde seo nár bh'áil leó mise
bheith am' rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun
báis os mo chómhair iad.



Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé
ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.



Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do


L. 203


Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar
Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d'á dheisgiobuil, Agus
go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur
n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann
gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh
aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham
é. Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige
dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teas-
duigheann sé ó'n dTighearna. Agus d'imthigh na teach-
tairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach
'n-a sheasamh. Agus nuair a bhíodar 'ghá sgaoileadh
dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh
bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? Agus dubhradar-
san: Mar teasduigheann sé ó'n dTighearna. Agus
thugadar ag triall ar Íosa é, agus do leathadar a
mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin.
Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat
amach ar an slígh. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar
d'fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir
ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar
gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar.
Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht 'n-a rí
i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire
ins na flathais. Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa
tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir
smacht ar do dheisgiobuil. Agus dubhairt sé leó:
Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha
amach.



Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé
an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: Agus
dá mbeadh 'fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na
neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i
bhfolach ó d'shúilibh. Óir tiocfaid na laethanta ionat
agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus
dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumh-
angarach ort ó'n uile thaobh. Agus déanfaid siad thu
threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá
ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat,
toisg nár aithnighis an t-am 'n-a dtáinig Dia chúghat.



Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé
ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do


L. 204


dhíbirt amach as. 'Ghá rádh leó: Tá sgríobhtha: Tigh
cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bith-
eamhnach déanta agaibh-se dhe.



Agus bhí sé ag teagasg sa teampul gach lá. Agus
bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na
í h-uaisle a d'iarraidh é chur chun báis, Agus níor
bh' fhéidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí
na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.



CAIBIDIOL XX.



Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le
Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh.



Agus do thárla, lá de sna laethantaibh sin, agus é
ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobh-
sgaoileadh an tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na
sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, Agus
go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás
atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug
duit an t-úghdarás san? Agus dubhairt Íosa leó
'ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal
amáin. Tugaidh freagra orm: An baisteadh a dhein
Eóin, ar bh' ó neamh é nó ó dhaoine? Agus bhíodar ag
machtnamh 'n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má
deirimíd gur bh'ó neamh é déarfaidh sé: Cad 'n-a
thaobh nár chreideabhair é, má seadh? Agus má deir-
imíd gur bh' ó dhaoine é geobhaid na daoine go léir do
chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.
Agus d'fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh' as é.
Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha 'ná mar a neósfad-
sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na
neithe seo dhéanamh.



Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na
daoine: Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é
chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh ias-


L. 205


achta ar feadh abhfad. Agus nuair tháinig an t-am chuir
sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe
a d'iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar
air, agus chuireadar uatha folamh é. Agus chuir sé
seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus
thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh
é. Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine Do chréacht-
nuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. Ansan
dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad?
Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b'fhéidir nuair a
chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. Ach nuair
a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh,
agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é
i dtreó go mbeidh an oighreacht againn. Agus chaith-
eadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar
é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san?
Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saoth-
ruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do
dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal
dubhradar: Nár leigidh Dia san! Agus d'fhéach sé
ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá
sgríobhtha: An chloch a chaith na saoir uatha tá sí 'n-a
cloich chinn chúinne. An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin,
bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.



Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí
a d'iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla
na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an
tsoluíd a labhair sé.



Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht
fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun
buntáiste bhreith air 'n-a chaint, i dtreó go ndéan-
faidís é thabhairt suas do chómhacht agus d'úghdarás an
ghoibhearnóra. Agus chuireadar ceist chuige agus dubh-
radar: A Mháighistir, is eól dúinn go labhrann tú
agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná
fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do
mhúineadh go fíor; An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol
le Caesar, nó gan a dhíol? Agus mar chonaic sé an
feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh


L. 206


bheith a'm brath? Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis
an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D'fhreag-
radar agus dubhradar: Le Caesar. Agus dubhairt
sé leó: Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le
Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. Agus
níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na
ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an
bhfreagra, d'éisteadar.



Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine
a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd
chuige Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois
dúinn, Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean
phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a
dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d'á
dhritháir. Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós
an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan
sliocht. Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus
fuair sé sin bás, leis, gan sliocht. Do thóg an trímhadh
duine í. Agus mar sin do'n mhórsheisear go léir,
agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás. 'N-a
ndiaidh go léir fuair an bhean bás. Sa n-aiseirighe,
ámhthach, cé'cu dhíobh go mbeidh sí 'n-a mnaoi aige? óir
bhí sí 'n-a mnaoi, ag an mórsheisear. Agus dubhairt
Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an
tsaoghail seo. Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú
iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s
na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná.
Óir ní fhéadfaid siad bás d'fhághail a thuille; óir beid
siad ar aon dul leis na h-aingil agus 'n-a gclainn ag
Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.



Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go
n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTigh-
earna Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia
Iácóib. Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach
do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. Agus
d'fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubh-
radar: A Mháighistir, is maith adubhraís é. Agus as
san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do
chur chuige.


L. 207


Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost
a bheith 'n-a mhac ag Dáibhid, Agus go ndeir Dáibhid
féin, i leabhar na Salm, Dubhairt an Tighearna le
m' Thighearna: Suidh ar mo dheis, Go gcuiread do
namhaid mar thaca fé d'chosaibh. Tugann Dáibhid a
Thighearna air; agus conus atá sé 'n-a mhac aige?



Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na
daoine go léir ag éisteacht leis: Seachnaidh na Sgríbh-
neóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus
daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na
suidhcháin uachtaracha dh'fhagháil ins na sinagógaibh, agus
na h-ineada uachtaracha ag na féastaíbh. Sloigid
siad tighthe na mbaintreach, 'ghá leigint ortha úrnuighthe
fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is
troime.



CAIBIDIOL XXI.



Cianóg na baintríghe. Na cómharthaí a thiocfadh roim íde
Ierúsalem, agus roim dheire an tsaoghail.



Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir
agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. Agus
chonaic sé baintreach bhocht ag teacht, agus chuir sí dhá
chianóig isteach ann. Agus dubhairt sé: Go deimhin
adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó
isteach 'ná mar a chuir an chuid eile go léir. Óir is
d'á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach
i dtabharthas Dé, ach is d'á h-uireasba a chuir sí seo
isteach rud, a raibh an tsaoghal aici.



Agus bhí daoine éigin 'á rádh, i dtaobh an teampail,
gur bh' áluinn na clocha a bhí ann agus na tíodhlaicí, agus
dubhairt sé: Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na
laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh
gan raobadh. Agus cheistigheadar é agus dubhradar:
A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é
an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht?


L. 208


Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh;
óir tiocfaidh a lán am' ainim-se agus déarfaid siad:
Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh
iad.



Agus nuair a dh'aireóchaidh sibh cathana agus cais-
meartha ná bíodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na
neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é
fós. Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i
n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta,



Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áit-
eana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgann-
ramhla ó'n spéir, agus cómharthaí móra.



Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid
siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr
mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh;
ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uacht-
arán, mar gheall ar m'ainim-se. Beidh san i n'fhiadh-
nuise dhaoibh-se, ámhthach. Ceapaidh i nbhúr n-aigne,
d'á bhrígh sin, gan machtnamh a dhéanamh roim ré ar conus
a fhreagróchaidh sibh, Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus
eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur 'n-a gcoinn-
ibh 'ná labhairt 'n-a gcoinnibh. Agus tabharfaid bhúr
n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d'bhúr namhaid
sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus búr ngaolta, agus
cuirfid siad cuid agaibh chun báis. Agus beidh fuath
ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m'ainim-se. Ach
ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú. I nbhúr
bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.



Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d'á tímpaladh le
sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte
libh. Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun
na gcnoc, agus na daoine atá 'n-a lár imthighdís amach,
agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti;
Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómh-
líonfar gach a bhfuil sgríobhtha. Is léanmhar, ámhthach,
do lucht clainne dh'iompar agus do lucht banaltranais
ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an
ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo. Agus
tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar


L. 209


i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus
beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go
dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.



Agus beidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus
ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíor-
thaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn.
Daoine d'á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar
cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid
cómhachta na bhflathas d'á suathadh. Agus an uair sin
chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal le mór-
chómhacht agus le gradam. Nuair a bheidh na neithe seo
ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr
gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte
libh. Agus do labhair sé soluíd leó: Chíonn sibh an
crann fíge agus na crainn go léir; Nuair a bhionn a
dtoradh acu d'á chur amach is eól daoibh an samhra bheith
buailte libh. Mar sin daoibh-se; nuair a chífidh sibh na
neithe seo ag teacht bíodh 'fhios agaibh rígheacht Dé bheith
buailte libh. Abraim libh go deimhin ná beidh an
tsliocht so imthighthe go gcómhlíonfar na neithe seo go
léir. Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní
raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.



Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe
i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram
an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go
h-obann oraibh. Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar
na daoine go léir atá suidhte ar uachtar an domhain
uile. Déinidh faire, d'á bhrígh sin, ag déanamh úr-
nuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna
neithe sin go léir atá le teacht, agus seasamh i láthair
Mhic an Duine.



Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá;
agus d'imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche
ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet. Agus thagadh na
daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul
chun bheith ag éisteacht leis.


L. 210


CAIBIDIOL XXII.



Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de
thuairisg na Páise.



Agus bhí féile an aráin gan giost i n-achmaireacht,
ar a dtugtar an Cháisg. Agus bhí uachtaráin na sagart
agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thioc-
faidís ar Íosa chur chun báis; ach bhí eagla na ndaoine
ortha. Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a
dtugtí Iscariót, duine de'n dáréag. Agus d'imthigh
sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus
leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt
suas dóibh. Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar
margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. Agus
dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go
bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na
daoine ann.



Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart
an t-uan cásga do mharbhú. Agus chuir sé uaidh
Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh
agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. Agus
dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóch-
aimís é? Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a
raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh
agus árthach uisge aige d'á iompar; leanaidh é go dtí
an tigh go raghaidh sé isteach ann; Agus abraidh le fear
an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an
seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo
dheisgiobul? Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra
mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú
ansan. Agus d'imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar
a dubhairt sé leó agus d' ollamhuigheadar an cháisg.



Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an
dáréag Aspol i n-a fhochair; Agus dubhairt sé leó:
Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh'ithe 'nbhur bhfochair
roimh fhulang dom; Óir deirim libh ná h-íosfad é
feasda go dtí go gcómhlíonfar é i rígheacht Dé. Agus
thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus


L. 211


dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; Óir deirim
libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh
righeacht Dé. Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidh-
chas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus
dubhairt sé: 'Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son;
déinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm. Agus mar
an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt
sé: An chailís í seo an tiomna nua am' chuid fola, a
doirtfar ar bhúr son.



Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd
am' theannta. Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag
imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do'n
t-é sin tré n-a mbrathfar é. Agus chromadar-san ar
a fhiafraighe eatartha féin cé'cu dhíob a bhí chun san do
dhéanamh.



Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé'cu dhíobh
ba chuibhe bheith i n-uachtar. Agus dubhairt sé leó:
Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar
daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu.
Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh
bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain
i n'fhear friothálmha. Óir cé'cu is mó, an t-é atá 'n-a
shuidhe nó an t-é atá ag friothálamh? Nách é an t-é
atá 'n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós
an t-é a dheineann friothálamh. Agus is sibh-se do
lean am' fhochair-se am' chathaíbh. Agus tugaim-se
dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m'Athair dómh-sa;
Sibh a bheith ag ithe agus ag ól ar mo bhórd, am' rígheacht,
agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt
breithe ar dhá threibh déag Israéil.


L. 212


Agus dubhairt an Tighearna: A Shímóin, a Shímóin,
féach, tá Sátan ar bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a
déanfaí cruithneacht do chriathradh; Ach do dheineas-
sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreid-
eamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do
bhráithre. Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna,
táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun
báis. Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair,
ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí
h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé
leó:



Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála
gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? Agus
dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois,
an t-é 'go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus
mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh
sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. Óir
deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha
do chómhlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le
cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá
deire leó. Agus dubhradar-san leis: Féach, a
Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé
leó: Ní beag san.



Agus chuaidh sé amach, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth,
go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil
é. Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé
leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh.
Agus d'imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair
cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, Agus
dubhairt sé: A Athair, má's toil leat é, beir uaim an
chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach dein-
tear do thoil-se. Agus do taisbeánadh dó aingeal
ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian
agus ag guidhe go cruaidh. Agus bhí allus air a bhí 'n-a
bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. Agus nuair
a dh'eirigh sé ó'n nguidhe agus tháinig sé chun a dheis-
giobul fuair sé iad 'n-a gcodla tré bhrón. Agus
dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla?


L. 213


Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcath-
aíbh.



An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus
an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de'n dáréag, rómpa
amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó.
Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a dhein-
eann tú Mac an Duine do bhrath? Agus nuair a
chonaic an mhuintir a bhí i n'aice cad a bhí ag teacht
dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna?
Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt
agus bhain sé an chluas dheas de. Agus d'fhreagair
Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a
lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. Agus
dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtar-
áin na sagart agus giúistísí an teampail agus na sean-
óirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach
le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? Bhíos agaibh gach
aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham;
ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.



Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go
tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad
siar, Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus
bhíodar 'n-a suidhe 'n-a tímpal, bhí Peadar 'n-a measg.
Agus chonaic cailín aimsire é 'n-a shuidhe sa tsolus,
agus d'fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé
seo leis, i n'fhochair siúd. Agus do shéan seisean é,
agus dubhairt sé: A bhean, ní'l aon aithne agam air.
Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus
dubhairt sé: Is díobh súd tusa leis. Agus dubhairt
Peadar: A dhuine, ní díobh. Agus i gcionn tímpal


L. 214


uair a' chluig 'n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go
deimhin bhí sé seo 'n-a theannta súd, mar is Gaililí-
ach é. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól
dom cad 'tá agat d'á rádh. Agus láithreach, le linn
an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. Agus
d'iompuigh an Tighearna agus d'fhéach sé ar Pheadar.
Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an
Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se
mise trí h-uaire. Agus d'imthigh Peadar amach agus
do ghoil sé go dubhach.



Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déa-
namh magaidh faoi agus 'ghá bhualadh. Agus dheineadar
a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís:
Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? Agus
deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó.



Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na
sagart agus seanóirí an phobuil agus na Sgríbhneóirí
i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa chómh-
airle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost.
Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreid-
fidh sibh mé; Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh
sibh mé, 'ná ní leigfidh sibh uaibh mé. Ach ó'n dtráth
so amach beidh Mac an Duine 'n-a shuidhe ar deasláimh
cómhachta Dé. Ansan dubhradar go léir: D'á bhrígh
sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-
se gur mé. Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a
thuille fiadhnuise? Óir d'airigheamair as a bhéal féin é.



CAIBIDIOL XXIII.



Tuairisg na Páise ar leanmhaint.



Agus d'eirigheadar go léir agus do rugadar ag
triall ar Phílát é. Agus chromadar ar neithe do chur
'n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na


L. 215


ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do
thabhairt do Chaesar, agus 'ghá rádh gur b'é Críost an
rí é. Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt
sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean
'ghá fhreagradh: Deirir é.



Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus
leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo.
Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag
buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa
go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. Nuair
a dh'airigh Pílát Gaililí d'fhiafraigh sé ar Ghaililíach an
duine. Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid
a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí
Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.



Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór
air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é dh'fheisgint, mar bhí
sé tar éis a lán d'aireachtaint 'n-a thaobh, agus bhí súil
aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige 'á
dhéanamh. Agus dhein sé a lán cainte 'ghá cheistiú.
Ach níor thug seisean aon fhreagra air. Agus sheasaimh
uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad
coitchianta ag cur 'n-a leith. Agus thug Héród agus
a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán
air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar
Phílát é. Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát
agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d'á chéile roimis
sin.



Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus
maithe an phobuil agus na daoine. Agus dubhairt sé
leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag
cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas
os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon
nídh é de sna neithibh atá agaibh 'á chur 'n-a leith. Agus
ní lúgha 'ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag
triall air sibh, agus féach, níor deineadh aon nídh leis
ba chómhionan le bás. Smachtóchad é agus leigfead
chun siubhail é.



Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar
gheall ar lá na féile. Ach do liúigh an pobul go léir


L. 216


agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúgh-
ainn Barabbas, Fear a bhí istigh le marbhú duine
agus mar gheall ar cheannairc a deineadh sa chathair.
Ach do labhair Pílát leó airís a d'iarraidh Íosa do
leigint saor. Agus is amhlaidh a liúghadar níos
aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. Agus
dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad
é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir
bháis ann; smachtóchad é, d'á bhrígh sin, agus leigfead
chun siubhail é. Ach do leanadar-san ag liúirigh do
ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a
nguthana. Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí
uatha do dhéanamh. Agus do leig sé saor chúcha an
fear a dh'iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú
duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh
chun a dtoile dh'imirt air.



Agus nuair a bhíodar 'ghá bhreith leó do rugadar
ar dhuine ó Chíréné dár bh'ainim Símón, agus é ag
teacht isteach ó'n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a
mhuin chun í dh'iompar i ndiaidh Íosa.



Agus bhí mórán daoine 'ghá leanmhaint, agus mná,
agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. Agus
d'iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná
Ierúsaleim, ná bídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach
bídhidh ag gol ar bhúr son féin agus ar son bhúr
gclainne. Óir tiocfaid na laethanta 'n-a ndéarfar,
Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh
nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne.
An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na
sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh,
Clúdaighidh sinn. Óir má dheinid siad na neithe seo
sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?



Agus bhí beirt eile, beirt mhéirleach, d'á mbreith
i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun báis.



Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a
dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an
bheirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis agus an duine


L. 217


eile ar a láimh chlé. Agus dubhairt Íosa: A Athair,
maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad 'tá acu 'á dhéanamh.
Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, 'ghá gcur ar
chrannaibh.



Agus bhí na daoine 'n-a seasamh ag féachaint air,
agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus
deiridís: D'fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air
féin, má 'sé an Críost é a toghadh ó Dhia. Agus bhí
na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus
ag tabhairt fínéigre dhó, Agus deiridís: Má's tú rí
na n-Iúdach saor thú féin. Agus bhí sgríbhinn sgríobh-
tha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne
agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACH É SEO.



Agus thug duine de'n bheirt bhitheamhnach a bhí ar
crochadh masla dhó, agus deireadh sé: Má's tú Críost
dein tu féin agus sinne do shaoradh. Ach do fhrea-
gair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé:
An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé'n ndaor-
bhreith chéadna? Sinne ámhthach, le ceart, mar do
tugadh dúinn an rud a bhí tuillte againn; ach níor dhein
an duine seo aon droch-nídh. Ansan dubhairt sé le
h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht
cuimhnigh orm-sa. Agus dubhairt Íosa leis: Deirim
leat go fíor go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am'
fhochair-se.



Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig
doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh
h-uair. Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do
stracadh brat an teampail tré n-a lár. Agus
dubhairt Íosa, do ghuth árd: A Athair, cuirim mo
spioraid isteach ad' lámhaibh. Agus ag rádh na bhfocal
san dó, d'éag sé.



Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla


L. 218


thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab
eadh an duine seo gan amhras. Agus an tsluagh go
léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san,
agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar
n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. Agus a lucht
aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do
sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe
sin.



Agus féach, fear dár bh'ainim Ióseph, agus de'n
chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; Níor
thoiligh sé leis an gcómhairle 'ná le n-a ngníomhartha;
ó Arimatéa b'eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé
ag súil le rígheacht Dé: Tháinig sé sin ag triall ar
Phílát, agus d'iarr sé corp Íosa air. Agus thóg sé
anuas é, agus d'fhill sé i línéadach é, agus chuir sé
i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh
aoinne ann go dtí san, Agus bhí lá an ollamhuighthe
ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht.



Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chona-
cadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha
ann. Agus d'fhilleadar agus d'ollamhuigheadar
spíosra agus oíle, agus ansan do ghlacadar a
suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na
h-aithne.


L. 219


CAIBIDIOL XXIV.



Aiseiríghe Chríost, agus conus mar a thug sé é féin le
feisgint d'á dheisgiobulaibh.



Ach an chéad lá de'n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar
maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó
an spíosra a bhí ollamh acu. Agus fuaradar an chloch
iompuighthe siar ó'n dtuama. Agus chuadar isteach
agus ní bhfuaradar corp an Tighearna Íosa. Agus
do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air
sin, go raibh, féach, beirt fhear 'n-a seasamh 'n-a n-aice
agus éadach lonnrach ortha. Agus tháinig eagal ortha,
agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubh-
radar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó
ameasg na marbh? Ní'l sé anso, ach tá sé tar éis
eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós
i nGaililí, Nuair adubhairt sé: Ní foláir Mac an
Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh,
agus é dh'eirighe an trímhadh lá. Agus do chuimhnighea-
dar ar an gcaint a dubhairt sé. Agus d'fhilleadar
ó'n dtuama, agus d'innseadar na neithe sin go léir
don aoinne déag féin agus do'n chuid eile go léir,
Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire
Iacóib, agus na mná eile a bhí 'n-a bhfochair, a dh'innis
na neithe sin do sna h-Aspolaibh. Agus do samhlúigheadh
dóibh ná raibh sa chaint sin ach caint gan chiall agus
níor thugadar aon chreideamhaint di. Ach d'eirigh
Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a
chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus
d'imthigh sé agus é ag déanamh iongna d'á raibh tuit-
ithe amach.



Agus féach, bhí beirt acu-san ag imtheacht an lá
céadna ag dul go dtí baile a bhí trí fichid stad ó
Ierúsalem, agus Emmaus ainim an bhaile. Agus
bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir
a bhí tuitithe amach. Agus do thárla, agus iad ag
cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig
Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; Agus


L. 220


do coimeádadh a súile gan é dh'aithint. Agus dubh-
airt sé leó: Cad í an chaint seo ar siúbhal agaibh ead-
raibh, ar an slígh, agus sibh buartha? Agus d'fhreagair
duine acu é dár bh' ainim Cleophas, agus dubhairt sé:
An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Íerúsalem
nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh
seo? Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe?
Agus dubhradar: I dtaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a
fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair
Dé agus daoine, Agus conus mar a dhein na h-árd-
shagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun
báis, agus é chéasadh. Ach bhí súil againne go raibh sé
chun Israéil a dh'fhuasgailt, agus n-a theannta san a's
uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach.
Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae,
agus chuireadar sgannradh orainn, Agus ní bhfuaradar
an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar
aingil adeir go bhfuil sé beó. Agus d'imthigh daoine
uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar
adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. Agus
dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídh-
eacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamh-
aint. Ná raibh ar Chríost na neithe sin d'fhulang agus
teacht ar an gcuma san isteach 'n-a ghlóire? Agus
thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na
bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha 'n-a thaobh féin.



Agus bhíodar tagaithe chun an bhaile go rabhadar ag
dul ann, agus do leig seisean air go raibh sé ag dul
níos sia. Agus dheineadar tathant air, agus dubh-
radar: Fan againne, mar tá sé n-a thráthnóna agus
tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé leó
isteach. Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh
bídh 'n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheann-
uigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é.
Ansan do h-osgaladh a súile agus d'aithnigheadar
é, agus d'imthigh sé as a radharc. Agus dubhradar le
chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a
bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scrip-
tiúra dhúinn? Agus d'eirigheadar láithreach agus
thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar


L. 221


an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh
i n-aonfheacht leó, Agus: Tá an Tighearna eirighthe go
deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad.
Agus d'innseadar féin cad a bhí d'éis tuitim amach
ar an slígh, agus conus mar a dh'aithnigheadar é
i mbriseadh an aráin.



Agus an fhaid a bhíodar ag caint mar sin, do sheas-
aimh Íosa 'n-a measg agus dubhairt sé leó: Síothcháin
daoibh. Is mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. Ach
bhí buaireamh ortha, agus sgannradh, mar do mheasadar
gur spioraid a chonacadar. Agus dubhairt sé leó:
Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte
bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? Féachaidh mo lámha
agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha
orm agus feicidh; ní'l feóil agus cnámha ag spioraid
mar a chíonn sibh atá agam-sa. Agus nuair a dubhairt
sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa.
Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh
iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil
anso agaibh aon nídh a dh'íosfí? Agus thugadar
chuige blúire d'iasg rósta agus criathar meala. Agus
nuair a bhí ithte aige os a gcómhair thóg sé an fuighleach
agus thug sé dhóibh é.



Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras
libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh
do chómhlíonadh d'á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh
Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.
Ansan d'osgail sé a n-aigne dhóibh i dtreó go dtuig-
fidís an scriptiúir. Agus dubhairt leó: Sin mar
atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost
fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,
Agus go bhfógrófaí i n' ainim, tré sna geinte go léir, ag
tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.
Agus is fínnithe sibh-se ar na neithe sin. Agus táim-
se ag cur geallamhna m' Athar chúghaibh; ach fanaidh-se
sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.


L. 222


Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus
thóg sé a dhá lámh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht
ortha. Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó,
do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flath-
ais é. Agus dheineadar-san Dia d'adhradh agus thána-
dar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha. Agus
bhídís coitchianta sa teampul ag moladh Dé agus 'ghá
adhradh. Amen.


L. 223


SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST
do réir
EÓIN



Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus dearbhráthair do
Shéamus Mór, ab eadh N. Eóin, Asbol agus Soisgéalaidhe. Do
tugtí air, deisgiobol ionmhuin Chríost, agus bhí sé n-a sheasamh i
láthair an chéasta. Do sgríbh sé an Soisgéal tar éis na Soisgéal-
aidhthe eile 'ghá sgrí .i. tímpal trí bliana agus trí fichid tar éis
deasgabhála ár Slánuightheóra. Chuir sé síos n-a sgríbhinn a lán
neithe nár chuireadar-san síos. Do sgríbh sé an Soisgéal i
nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teidiol "diadha" dhó.
Innseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soisgéal
do sgrí agus go ndubhairt sé go sgríobhfadh dá ndeinidís go
léir trosgadh i n-aonfheacht agus a nguídhe do chur suas chun Dé
'n uile chómhacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoilsiú
ó neamh, do sgaoíl sé amach an tusnú so, "I dtusach do bhí an
Briathar," agus rl.



CAIBIDIOL I.



Diadhacht Chríost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag
Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach.



I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar
i bhfochair Dé, agus Dia ab eadh an Briathar. Do bhí
so i dtusach i bhfochair Dé. Is tríd a deineadh an
uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d'ár
deineadh. Is ann a bhí beatha, agus b'é solus na
ndaoine an bheatha. Agus taithneann an solus sa
dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.



Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó.
Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé
fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh
gach aoinne tríd. Níor bh'é an solus é, ach chun fiadh-
naise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. Dob' é sin an


L. 224


solus fíor a shoillsigheann gach duine d'á dtagann ar
an saoghal so. Bhí sé ar an saoghal, agus is tríd
a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é.
Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuin-
tir féin é. Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go
ndéanfaí clann Dé dhíobh, an mhuintir a chreideann
i n-a ainim. Nách a' folaibh, ná a' toil na colna, ná
ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.



Agus do dhein feóil de'n Bhriathar, agus do
chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar
ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d'fhír-
inne. Tugann Eóin fiadhnaise 'n-a thaobh, agus labh-
rann sé os árd agus deir sé: B'é seo an t-é ar
a ndubhart: An t-é atá le teacht am' dhiaidh do cuireadh
rómham é, óir bhí sé rómham. Agus as a líon-
mhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar
ghrásta. Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus
do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost.
Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá
i n-ucht an Athar isé dh'aithris.



Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh
ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha
chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? Agus d'adhmhuigh
sé, agus níor shéan sé; agus d'admhuigh sé: Ní mise
Críost. Agus d'fhiafraigheadar de: Cad eile má
'seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé; Ní mé.
An tu an fáidh? Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubh-
radar leis, d'á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéar-
faimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso
sinn? Cad deirir ad' thaobh féin? Dubhairt sé:



Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh
slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias
fáidh. Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí.
Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad
chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost
ná Elias, ná an fáidh? D'fhreagair Eóin iad agus


L. 225


dubhairt sé leó: Deinim-se baisteadh i n-uisge,
ach tá 'n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin
daoibh-se. Siné an t-é atá ag teacht am' dhiaidh-se
agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go
ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Do thárla
na neithe sin i mBetánia lastall de'n Iórdan, mar a
raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.



An lá 'n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht
fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an
t-é a thógann peacadh an domhain. Sidé an t-é ar a
ndubhart: Tá fear ag teacht am' dhiaidh, agus do
luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; Agus níor
aithnigheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d'Israél é,
uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i
n-uisge.



Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt:
Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas
ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. Agus
níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh
baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir
an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air,
siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh.
Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b'é Mac
Dé é seo.



An lá 'n-a dhiaidh san airís bhí Eóin 'n-a stad, agus
beirt d'á dheisgiobuil, Agus bhí sé ag féachaint ar
Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé.
Agus d'airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte,
agus do leanadar Íosa. Agus d'iompuigh Íosa,
agus chonaic sé iad 'ghá leanmhaint, agus dubhairt sé
leó: Cad 'tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí
(sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú?
Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus
thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus
d'fhanadar i n'fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal
an deichmhadh h-uair.



Agus duine de'n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin


L. 226


agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir
Shímóin ar ar tugadh Peadar. Do fuair sé sin ar
dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis;
do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost).
Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d'fhéach
Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna.
Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).



Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus
do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; Lean
mise. Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus
Pheadair, ab eadh Pilib. Agus do fuair Pilib
Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar
sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair
é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. Agus dubhairt
Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó
Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. Agus
chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israél-
íteach fírinneach ná fuil feall ann. Agus dubhairt
Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa
leis 'ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a
bhís fé'n gcrann fíge, do chonac tu. D'fhreagair
Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac
Dé, is tusa rí Israéil. D'fhreagair Íosa agus
dubhairt: Toisg mé 'ghá rádh leat: Bhíos ag féachaint
ort agus tú fé'n gcrann fíge, creideann tú. Chífir
neithe is mó 'ná san. Agus dubhairt sé leis: Go
deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar
osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht
anuas ar Mhac an Duine.



CAIBIDIOL II.



Uisge á atharú i n'fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint
aige amach as an dteampul.



Agus an trímhadh lá bhí pósadh d'á dhéanamh i gCána,
sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. Agus bhí cuir-
eadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun


L. 227


na baineise. Agus do chuaidh d'á gcuid fíona agus
dubhairt máthair Íosa leis: Ní'l aon fhíon acu. Agus
dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se
sin, a bhean? Níor tháinig m'aimsir-se fós. Agus
dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déar-
faidh sé libh a dhéanamh, deinidh é. Agus bhí sa n-áit
sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe,
do réir nóis na n-Iúdach: agus do raghadh dó nó trí
mheadraibh ins gach dabhach díobh. Dubhairt Íosa leó:
Líonaidh na dabhacha d'uisge. Agus do líonadar iad
go bara. Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois
é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do
rugadar. Agus nuair a bhlais an fear tighis an
t-uisge agus é i n'fhíon, agus gan a fhios aige cá
dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharr-
aing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-
phósta, Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne
an fíon fóghanta ar bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a
bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn
chómh maith. Ach do choimeádais-se an fíon fóghanta
go dtí so. Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh
i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht,
agus do chreid a dheisgiobuil ann. Ansan do chuaidh
sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a
bhráithre agus a dheisgiobuil, agus d'fhanadar ann
beagán laethanta.



Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus


L. 228


chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. Agus fuair sé sa
teampul daoine agus ba acu 'á dhíol, agus caoire,
agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil 'n-a
suidhe ann. Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de
théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an
dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do
sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus
do leag sé na búird ortha. Agus dubhairt sé leis an
muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin
as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh
m'Athar. Ansan do chuimhnigh a dheisgiobuil ar an
nídh atá sgríobhtha: Tá díogras do thíghe a'm ithe.



Agus d'fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad
é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndein-
eann tú na neithe seo? D'fhreagair Íosa agus
dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus
cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin. Agus dubhairt
na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur
an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i
n-aon trí lá amháin? Ach is ar theampul a chuirp
féin a dubhairt seisean an chaint. Agus nuair a
dh'eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar
conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus chreideadar
an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.



Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na
féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chona-
cadar na mírbhúiltí a bhí aige 'á dhéanamh. Ach níor
thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith
aige ar an uile dhuine, Agus toisg gan aon ghádh bheith
aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir
dob' eól dó féin cad a bhí sa duine.



CAIBIDIOL III.



Caint Chríost le Nicodémus. Fiadhnaise Eóin.



Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh'ainim
Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é.
Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche,


L. 229


agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur
ó Dhia a tháinís ad' oide, mar ní fhéadfadh aon duine
na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia
bheith leis. Dubhairt Íosa leis 'ghá fhreagradh: Go
deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine
an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a dh'fheisgint.
Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab fhéidir go mbéar-
faí duine agus é 'n-a sheanduine? An amhlaidh fhéad-
fadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus
teacht ar an saoghal an tarna h-uair? Dubhairt Íosa
'ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura
n-aithgheintear duine ó uisge agus ó'n Spioraid Naomh,
ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé. An nídh a gein-
tear ó'n bhfeóil is feóil é, agus an nídh a geintear ó'n
Spioraid is spioraid é. Ná dein iongna dhe go
ndubhart leat: Ní foláir sibh a bhreith an tarna h-uair.
Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis. Clois-
eann tú a ghuth, ach ní h-eól duit cá dtagann sé ná
cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a
geintear o'n Spioraid. D'fhreagair Nicodémus agus
dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith
amhlaidh? Dubhairt Íosa leis 'ghá fhreagradh: Is oide
i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?



Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar
eólus againn gur b'é adeirimíd, agus an nídh a
chonacamair gur b'air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní
ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. Má innseas neithe saogh-
alta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreid-
fidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh? Agus
níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig
anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. Agus
fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde
sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur
anáirde; I dtreó, gach duine a chreidfidh ann, ná
caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.


L. 230


Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur
thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a
chreidfeadh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha
shíoruidhe aige. Mar ní chun go dtabharfadh sé breith
ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal,
ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd.
An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an
t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin,
toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein.
Agus sidí an bhreith, go dtáinig an solus ar an
saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar
rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go
h-olc. Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc
bíonn fuath aige do'n tsolus, agus ní thagann sé chun
an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghníomhartha. Ach an
t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an
tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghníomhartha, óir is
i nDia a deineadh iad.



Ansan do tháinig Íosa agus a dheisgiobuil isteach
i dtalamh Iúdaéa agus bí sé 'n-a chómhnuighe ann mar
aon leó agus ag déanamh baiste. Agus bhí Eóin
ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim,
mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann
agus do baistí iad. Óir bhí Eóin fós gan cur isteach
sa phríosún.



Agus d'eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin
agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin. Agus thánadar
ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an
t-é úd a bhí ad' fhochair-se lastall de'n Iórdan agus
gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh
baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall


L. 231


air. D'fhreagair Eóin agus dubhairt sé: Ní féidir
do dhuine aon nídh do ghlacadh mura dtugtar dó é ó
neamh. Is fínnithe dhómh-sa sibh-se féin go ndubhart:
Ní mise an Críost, ach is amhlaidh a cuireadh roimis
amach mé. An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an
céile; ach cara an chéile, atá 'n-a sheasamh ag éisteacht
leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An
t-áthas so d'á bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.
Méadú is dual dó-san, luigheadú is dual dómh-sa.



An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é
atá ó'n dtalamh, is ó'n dtalamh atá sé, agus
is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig
ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne. Agus an
nídh a chonaic sé agus d'airigh sé, déineann sé
fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadh-
naise. An t-é a ghlac a fhiadhnaise tá urúdhas
déanta aige ar Dhia bheith fíor. Óir an t-é a chuir Dia
uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais
a thugann Dia an Spioraid uaidh. Tá grádh ag an
Athair do'n Mhac agus tá gach nídh tabhartha 'n-a láimh
dó aige. An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha
shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do
chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá
fearg Dé socair air.



CAIBIDIOL IV.



Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an
riaghaltóra á leigheas aige.



Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go
raibh níos mó deisgiobul ag Íosa 'á dhéanamh agus 'á
bhaisteadh 'ná mar a bhí ag Eóin (bíodh nár bh' é Íosa a
bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), D'fhág sé Iúdaéa
agus d'imthigh sé airís go Gaililí. Agus niór bhfoláir
dó gabháil tré Shamaria.



Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh'
ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann a thug Iácób
d'á mhac Ióseph. Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí


L. 232


Íosa tuirseach ó'n mbóthar agus do shuidh sé mar sin
os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab
eadh é. Agus tháinig bean ó Shamaria a d'iarraidh
uisge. Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir
bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag cean-
nach bídh. Agus dubhairt an bhean leis: Conus is
féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a dh'iar-
raidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní
dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht
eatartha féin. D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi:
Dá mb'eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir
leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh'iarr-
fadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge
beó. Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní'l nídh agat
chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar
doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat?
An amhlaidh is mó thu 'ná ár n-athair Iácób a thug dúinn
an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann,
agus a áirnéis? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé
léi: An t-é a dh'ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís
air; ach an t-é a dh'ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa
dhó, ní bheidh tart go deó airís air; Ach an t-uisge a
thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann,
ag fiaradh chun beatha síoruidhe. Dubhairt an bhean
leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin,
i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht
anso a d'iarraidh uisge. Dubhairt Íosa léi: Imthigh
agus glaoidh ar t'fhear, agus fill anso. D'fhreagair
an bhean agus dubhairt sí: Ní'l aon fhear agam.
Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní'l aon fhear
agam; Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá
anois agat ní h-é t'fhear-sa é. D'innsis an fhírinne
sa méid sin. Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím
gur fáidh tu. Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne
Dia d'adhradh, agus dar libh-se is i n-Ierúsalem atá
an áit 'n-ar ceart Dia d'adhradh. Dubhairt Íosa léi:
A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht


L. 233


nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéan-
faidh sibh an t-Athair a dh'adhradh. Adhrann sibh-se
an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól
dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. Ach tig
an uair, agus is anois é, 'n-a ndéanfaid na h-adhar-
thóirí fírinneacha an t-Athair a dh'adhradh i spioraid
agus i bhfírinne. Spioraid iseadh Dia, agus an
mhuintir a dh'adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne
is ceart dóibh é dh'adhradh. Dubhairt an bhean leis: Tá
fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a
dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neós-
faidh sé gach aon rud dúinn. Dubhairt Íosa léi: Is
mise é, atá ag caint leat.



Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí
iongna ortha é bheith ag caint leis an mnaoi. Ní
dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná. Cad 'n-a
thaobh duit bheith ag caint léi?



Agus d'fhág an bhean an t-árthach 'n-a diaidh, agus
d'imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt sí leis na
daoine: Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh'innis dómh-sa
gach nídh d'ár dheineas; an féidir gur b'é an Críost
é? Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus
thánadar ag triall air. Ach sa n-am gcéadna d'iarr-
adar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Mháighistir,
ith rud. Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le
n-ithe bia nách eól daoíbh-se. Agus dubhairt na deis-
giobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud
le n-ithe chuige? Dubhairt Íosa leó: Isé is bia
dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé,
agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. Ná fuil, dar
libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach
mé 'ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar
na críochaibh, conus mar atáid siad geal cheana féin
chun an fhóghmhair. Agus an t-é a bhaineann an fógh-
mhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé
toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir
churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. Óir is
fíor sa nídh seo an rádh, go gcuireann duine an síol
agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. Chuireas-sa


L. 234


sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a
shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadh-
abhair-se isteach 'n-a saothar.



Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach
san ann, mar gheall ar chaint na mná ag tabhairt na
fiadhnaise: D'innis sé dhom gach nídh d'ár dheineas.
Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus
d'iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d'fhan sé
ann dhá lá. Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann
mar gheall ar a chaint féin. Agus deiridís leis an
mnaoi: Ní mar gheall ar do chaint-se a chreidimid
anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá
fhios againn gur b'é seo go fíor Slánuightheóir an
domhain.



Ach tar éis dá lá d'fhág sé an áit agus d'imthigh sé
go Gaililí. Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná
faghann fáidh onóir 'n-a dhúthaigh féin. Agus nuair a
tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é,
mar bhíodar tar éis gach nídh a dh'fheisgint d'ár dhein
Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis
teacht chun na féile.



Tháinig sé, d'á bhrígh sin, go Cána na Gaililí mar
ar dhein sé fíon de'n uisge. Agus bhí taoiseach
áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum.
Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa
isteach i nGaililí d'imthigh sé ag triall air, agus bhí sé
'ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir
bhí sé i bpúnc an bháis. Agus dubhairt Íosa leis: Gan
fearta agus mírbhúiltí a dh'fheisgint ní chreideann
sibh. Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar
anuas sar a bhfaghaidh mo mhac bás. Dubhairt Íosa leis:
Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an
focal adubhairt Íosa leis agus d'imthigh sé. Agus
nuair a bhí sé ar an slígh ag gabháil síos do bhuail a
sheirbhísigh uime agus d'innseadar dó go raibh a mhac
beó. Agus d'fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a
tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar
an seachtmhadh h-uair iseadh dh'imthigh an t-éagcruas de.
Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin


L. 235


adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid
sé féin agus a theaghlach go léir.



B'é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dhein
Íosa tar éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.



CAIBIDIOL V.



Críost ag leigheas, lá na Sabbóide, an duine a bhí gan
sláinte ar feadh tríochad a h-ocht de bhlianaibh. An chaint a dhein
sé an uair sin.



Tar éis na neithe sin do thárla lá féile ag na
Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. Tá
ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus
Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig
cinn de sgáthanaibh i n'aice. Agus bhíodh ionta san
cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacach-
aibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le
coruighe an uisge. Óir do thagadh aingeal an Tigh-
earna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-
uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh
sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé
gearán a bhíodh air. Ach bhí aon duine amháin ann agus
bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus
a ghearán air. Nuair a chonaic Íosa an duine sin 'n-a
luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte
aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó-
faí thu? Agus dubhairt an duine breóite: A Thigh-
earna, ní'l duine agam chun mé chur sa loch nuair a
coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht
bíonn duine eile istigh rómham. Dubhairt Íosa leis:
Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. Agus


L. 236


do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a
leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid
ann an lá san.



Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighis-
eadh: Tá an tsabbóid ann; ní ceaduighthe dhuit
bheith ag iompar do leabtha. D'fhreagair sé iad: An
t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh
agus siubhluigh. Agus d'fhiafraigheadar de: Cé h-é
an duine sin adubhairt leat: Tóg suas do leabaidh agus
siubhluigh? Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh
cé 'r bh'é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna
daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit. Do fuair Íosa 'n-a
dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach,
táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbain-
feadh rud éigin níosa mheasa dhuit. D'imthigh an duine
agus d'innis sé do sna Iúdaigh gur bh'é Íosa do leighis
é. D'á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall
ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid.



Agus d'fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m'Athair go
dtí anois, agus oibrighim-se. Mar gheall air sin ba
ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh'é
amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach 'n-a
theannta san go raibh sé 'ghá rádh gur bh'é Dia a athair,
'ghá chur féin ar aon dul le Dia.



Ach d'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go
deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do'n Mhac aon
nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair 'á
dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann
an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. Óir is ion-
mhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach
nídh d'á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó
oibreacha is mó 'ná iad so, i dtreó go mbeidh iong-
na oraibh-se. Óir, fé mar a thógann an t-Athair na
mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma
gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.
Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá
gach breith tabhartha aige do'n Mhac. I dtreó go dtabh-
arfadh gach aoinne onóir do'n Mhac, fé mar a thugaid


L. 237


siad onóir do'n Athair; an t-é ná tugann onóir do'n
Mhac ní thugann sé onóir do'n Athair a chuir uaidh an
Mac. Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a
dh'éisteann le m'briathar-sa agus a chreideann an t-é
a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní
thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go
beatha. Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an
uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth
Mhic Dé, agus an mhuintir a dh'aireóchaidh beid siad beó.
Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an
gcuma gcéadna do thug sé do'n Mhac beatha bheith aige
ann féin. Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do
dhéanamh, mar isé Mac an Duine é. Ná déinidh iong-
na dhe seo, mar tá an uair ag teacht 'n-a n-aireóchaid
a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé. Agus tioc-
faid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha
agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe. Ní
fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a
chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith
ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an
t-é a chuir uaidh mé.



Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní'l m'fhiadh-
naise fíor. Tá neach eile a thugann fiadhnaise
am' thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a
thugann sé am' thaobh. Chuireabhair-se ag triall ar
Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfírinne. Ach ní
ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe
seo i dtreó go saorfaí sibh-se. Lóchran ar lasadh
agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde
libh-se ar feadh tamaill áthas a dh'fhághail 'n-a sholus.
Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó 'ná Eóin, óir, na h-oib-
reacha gur thug m'Athair dom iad le déanamh, na
h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadh-
naise am' thaobh gur b'é an t-Athair a chuir uaidh mé.
Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé
fiadhnaise am' thaobh. Agus níor chloiseabhair-se


L. 238


riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh. Agus ní'l a
bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir
seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó.
Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta
atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a
thugann fiadhnaise am' thaobh-sa. Agus ní h-áil libh
teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh. Ní
ghabhaim glóire ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh-se,
ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh. Do thánag-sa
i n-ainim m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann
duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é. Conus
ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile
a ghlacann sibh glóire, agus gan aon lorg agaibh ar
an nglóire a thagann ó Dhia amháin? Ná measaidh go
bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine
a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil
bhúr mainighín as. Óir dá gcreideadh sibh Maois
b'fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir is orm-sa do
sgríbh sé sin. Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn
sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se?



CAIBIDIOL VI.



Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a' chúig bulógaibh.
É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha.



Tar éis na neithe sin d'imthigh Íosa treasna mara
Ghaililí, 'sé sin Tiberias, Agus do lean sluagh mhór
daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige
'á dhéanamh ar easlánaibh. Agus d'imthigh Íosa an cnoc
suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. Agus


L. 239


bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. Nuair
a dh'árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go
raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le
Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid
siad so rud? 'Ghá bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé
an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe
aige a dhéanamh. D'fhreagair Pilib é: Ní bheadh
i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus
thabharfadh blúire beag do'n duine acu. Dubhairt
duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir
Shímóin Peadar: Tá buachaill anso agus tá chúig bul-
óga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le
dul an méid sin ar oiread daoine? Ansan dubhairt
Íosa: Cuiridh na daoine 'n-a suidhe. Bhí mórán féir
sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle
duine. Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé
buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad
'n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go
rabhadar go léir sásta. Nuair a bhíodar lán-tsásta
dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-
arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. Do bhailígh-
eadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de'n mhion
arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na
ndaoine do chaith an bia. Ansan, nuair a chonaic na
daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar:
Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa
domhan. Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar
chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de,
d'imthigh sé uatha airís fé'n gcnoc i n' aonar.



Agus nuair a bhí sé 'n-a thráthnóna do chuaidh a dheis-
giobuil síos chun na faraige. Agus chuadar ar bórd
na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Caph-
arnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus
ní raibh Íosa tagaithe chúcha. Agus d'eirigh gaoth mhór,
agus bhí an fharaige ag eirighe árd. Agus nuair a bhí
chúig stada fichid nó deich stada fichid d'iomramh
déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar
an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh
ortha. Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná


L. 240


bíodh eagal oraibh. Ansan dob' áil leó é theacht chúcha
isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír
go rabhadar ag dul ann.



Amáireach a bhí chúghainn do chonaic an tsluagh daoine
a bhí 'n-a seasamh ar an dtaobh eile de'n fharaige ná
raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus
ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa
luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil
amháin; Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias
i n-aice na h-áite 'n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a
ghaibh an Tíghearna buidheachas; Agus nuair a chonaic
an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit,
chuadar ar bórd na long agus thánadar go Caphar-
naum ag lorg Íosa. Agus nuair a fuaradar é las-
tall de'n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir,
conus a tháinís chun na h-áite seo? D'fhreagair Íosa
iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh,
táthaoí a'm lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mír-
bhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh
a dh'itheabhair agus do shásaimh sibh.



Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach
saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíor-
uidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir
is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. Ansan
dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go
ndéanfaimís obair Dé? D'fhreagair Íosa agus
dubhairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh
san t-é a chuir Dia uaidh. Agus dubhradar leis: Má
'seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh'á dhéanamh,
ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat?
Cad 'tá agat d'á oibriú? D'ith ár n-aithreacha manna
sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: Thug sé arán ó neamh
dóibh le n-ithe. Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin
deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh
daoibh, ach isé m' Athair-se a thugann daoibh an t-arán
fírinneach ó neamh. Óir isé arán Dé an t-arán a
thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do'n
domhan.


L. 241


Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn
an t-arán san i gcómhnuighe. Ansan dubhairt Íosa leó:
Mise arán na beatha; an t-é a thiocfaidh chúgham-sa
ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa
ní bheidh tart air choidhche. Ach dubhart libh go bhfeac-
abhair mé agus ná creideann sibh. Gach nídh d'á bhfuil
tabhartha dhómh-sa ag m' Athair tiocfaidh sé chúgham,
agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é.
Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó
neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh
mé. Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná
leigfinn aon nídh dh'ár thug sé dhom a chailleamhaint,
ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. Agus
sidé toil m' Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chíonn
an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe
bheith aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá
déanach.



Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán 'n-a choinnibh toisg
go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas
ó neamh, Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac
Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a
mháthair? Conus, d'á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do
thánag anuas ó neamh? Ansan d'fhreagair Íosa iad agus
dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin:
Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair
a chuir uaidh mé 'ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa
é thógáil suas an lá déanach. Tá sgríobhtha ins na
fáidhibh: Agus beid siad go léir d'á dteagasg ag
Dia. Gach duine a chlois ó'n Athair agus d' fhogh-
luim, tagann sé chúgham-sa. Ní h-é go bhfeacaidh
aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé
sin an t-Athair. Go deimhin deimhin adeirim libh, An
t-é a chreideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. Is
mise arán na beatha. D'ith bhúr n-aithreacha an
manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. Sidé an
t-arán a tháinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann


L. 242


aoinne é ná faghaidh sé bás. Is mise an t-arán beó
a tháinig anuas ó neamh. Má itheann aon duine an
t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus
an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla
féin é chun beatha an domhain.



Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus
deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a
thabhairt le n-ithe dhúinn?



Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin
adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine
agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha
agaibh ionaibh. An t-é a dh'itheann mo chuid feóla-sa
agus a dh'ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige,
agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. Óir
is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo
chuid fola. An t-é a dh'itheann mo chuid feóla agus a
dh'ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa
agus comhnuighim-se ann. Fé mar a chuir an t-Athair
atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó'n
Athair, mar an gcéadna an t-é a dh'itheann mise, beidh
sé beó de m'bárr-sa.



Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan
agus mar a dh'ith bhur n-aithreacha manna, agus go
bhfuilid siad marbh. An t-é a dh'itheann an t-arán so
mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.



Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag
teagasg sa tsinagóig. Agus a lán d'á dheisgiobuil,
nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an
chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? Agus do


L. 243


thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán
mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An
dtugann an méid sin sgannal daoibh? Ach má fheic-
eann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé
ar dtúis? Isé an spioraid a dheineann beódhadh.
Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá
ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad. Ach
tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa
ó thusach cé'r bh'iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é
dhíol.



Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na
féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha
ag m'Athair dó teacht. Ansan do tharraing a lán d'á
dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille.
Dubhairt Íosa d'á bhrígh sin leis an dáréag: An maith
libh-se, leis, imtheacht? Agus d'fhreagair Símón
Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is
agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. Agus
creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost
Mac Dé. D'fhreagair Íosa iad: Nár dheineas-sa an


L. 244


dáréag agaibh do thoghadh? Agus tá duine agaibh 'n-a
dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót,
a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus
gur dhuine de'n dáréag é.



CAIBIDIOL VII.



Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé
teagasg uaidh sa teampul.



I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí,
óir níor bh'áil leis siubhal i nIúdaéa toisg na Iúdaigh
a bheith a d'iarraidh é chur chun báis. Agus bhí féile
na n-Iúdach, féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht.
Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo
agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do
dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. Óir
ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d'iar-
raidh é féin a bheith puibilidhe; má dheineann tú na
neithe seo taisbeáin tu féin do'n domhan. Mar níor
chreid a bhráithre féin ann. Agus dubhairt Íosa leó:
Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa
ollamh i gcómhnuighe. Ní féidir do'n tsaoghal fuath a
thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá
fiadhnaise agam 'á dhéanamh 'na thaobh go bhfuil a
ghníomhartha go h-olc. Téighidh-se suas chun na féile
seo, ach ní'lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar
ní'l m'aimsir tagaithe fós. Nuair adubhairt sé an
méid sin d'fhan sé féin i nGaililí. Ach nuair a bhí a
bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas
chun na féile, ach níor bh'ós árd é, ach amháin fé cheilt
ar shlígh.



Agus bhí na Iúdaigh 'ghá lorg, lá na féile, agus deiri-
dís: Cá bhfuil sé siúd? Agus bhí gluaireán mór
ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu 'ghá
rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu 'ghá rádh,
Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé.
Níor labhair aoinne amach 'n-a thaobh ámh, toisg eagla
na n-Iúdach a bheith ortha.


L. 245


Ach tímpal meadhon lae na féile chuaidh Íosa suas
isteach sa teampul agus bhí sé ag teagasg.



Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus
deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige,
agus nár fhoghluim sé é? D'fhreagair Íosa iad agus
dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é,
ach leis an t-é a chuir uaidh mé. Má's mian le duine a
thoil sin do dhéanamh aithneóchaidh sé i dtaobh an teagaisg,
an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint. An t-é
a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé;
ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá
sé sin fírinneach agus ní'l éagcóir ann. Nár thug
Maois an dlígh dhaoibh-se, agus ní chómhlíonann aoinne
agaibh an dlígh? Cad chuige dhaoibh bheith a d'iarraidh
mé chur chun báis? D'fhreagair an tsluagh agus dubh-
radar: Deamhan atá ionat; cia 'tá a d'iarraidh thú chur
chun báis? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó:
Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go
léir. Uime sin thug Maois an tímpal-ghearradh
daoibh (ní gur ó Mhaois é, ach ó sna h-aithreachaibh),
agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsab-
bóid. Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsab-
bóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an
bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dhein-
eas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid? Ná
tugaidh breith do réir mar a chítear, ach tugaidh breith
cheart.



Agus dubhairt cuid de mhuintir Ierúsaleim: Nách é
seo an t-é go bhfuilid siad a d'iarraidh é chur chun báis?
Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid
siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na
h-uachtaráin gur b'é seo Críost? Ach tá aithne
againn air seo, cá dtáinig sé; ach Críost, nuair a
thiocfaidh sé, ní h-eól d'aoinne cá h-áit gurab as é.
Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus é ag teagasg
sa teampul, agus dubhairt sé: Tá aithne agaibh orm-sa
agus is eol daoibh cár ab as mé; agus ní uaim féin
a thánag; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor, agus ní'l


L. 246


aithne agaibh-se air. Tá aithne agam-sa air, mar is
uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé. Ansan bhíodar
a d'iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann
mar ní raibh a thráth tagaithe fós.



Do chreid a lán de'n tsluagh ann, ámh, agus
deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé
níos mó mírbhúiltí 'ná mar a dheineann an duine seo?



D'airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur 's ag cúit-
eamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachta-
ráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.
Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag
aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é
a chuir uaidh mé. Beidh sibh a'm lorg, agus ní bhfaghaidh
sibh mé; agus an áit 'n-a bhfuilim-se, ní féidir daoibh-se
teacht ann. Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin:
Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag
triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte
atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg? Cad í an
chaint seo adubhairt sé: Loirgeóchaidh sibh mé agus ní
bhfaghaidh sibh mé, agus an áit 'n-a bhfuilim-se ní féidir
daoibh-se teacht ann?



Agus an lá deirineach, an lá mór d'aimsir na
féile, bhí Íosa 'n-a sheasamh agus é ag labhairt go h-árd,
agus deireadh sé: Má tá tart ar aoinne, tagadh sé
chugham-sa agus óladh sé. An t-é a chreideann ionam-
sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn
sruthana uisge beó. Agus do labhair sé an chaint sin
ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreid-
feadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar
bhí Íosa gan dul isteach 'n-a ghlóire fós. Dubhairt
daoine de'n tsluagh, ámh, nuair a dh'airigheadar an
chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras. Dubh-
airt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt
raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht? Ná
deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus ó bhaile
Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht?
Agus d'eirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air.
Agus ba mhian le cuid acu breith air; ach níor chuir
aoinne lámh air.


L. 247


Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árd-
shagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san
leó: Cad 'n-a thaobh nár thugabhair libh é? Agus dubh-
airt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh
mar a labhrann an duine seo. Agus d'fhreagair na
Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis?
An dóigh go gcreideann aoinne de sna h-uachtará-
naibh nó de sna Fairisínigh ann? Ach an tsluagh so ná
fuil eólus ar an ndlígh acu, tá mallacht ortha. Dubh-
airt Nicodémus leó, an fear úd a tháinig chuige sa
n-oidhche, mar duine acu ab eadh é: An dtugann ár
ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh'aireachtaint ar
dtúis uaidh féin, agus a dh'aithint cad a dheineann sé?
D'fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is
Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus
chífir ná h-eirigheann fáidh a' Gaililí.



Ansan chuaidh gach aoinne acu abhaile chun a thighe féin.



CAIBIDIOL VIII.



An bhean a fuaradh ag déanamh adhaltranais. Críost á
dheimhniú gur ceart a theagasg.



Ansan do chuaidh Íosa amach go cnoc Olibhet.
Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar
maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air
agus do shuidh sé agus bhí sé 'ghá dteagasg.



Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó
bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar
'n-a seasamh i láthair í, Agus dubhradar leis: A Mháigh-
istir, do rugadh ar an mnaoi seo anois agus í ag
déanamh adhaltranais. Agus tá órduighthe ag Maois
dúinn sa dlígh a leithéid seo do chur chun báis le
gabháil do chlochaibh inti. Cad deirir-se? Ach 'ghá
thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go
bhféadfaidís rud éigin a chur 'n-a leith. Agus do
chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an
dtalamh. Agus do leanadar ag cur na ceiste


L. 248


chuige. Ansan d'eirigh sé suas agus dubhairt sé leó:
An duine agaibh atá gan pheaca caitheadh sé an chéad
chloch léi. Agus do chrom sé síos airís agus bhí sé ag
sgrí ar an dtalamh. Nuair a dh'airigheadar an focal
d'imthigheadar 'n-a nduine 's 'n-a nduine, na seanóirí
ar dtúis; agus do fágadh Íosa i n' aonar agus an bhean
'n-a seasamh i láthair. Ansan d'eirigh Íosa suas, agus
dubhairt sé leis an mnaoi: A bhean, cá bhfuil na daoine
a bhí ag cur ad' leith? An amhlaidh nár dhaor aoinne
thu? Agus dubhairt sí: Níor dhaor, a Thighearna.
Agus dubhairt Íosa: Ní dhaorfad-sa thu ach chómh beag.
Imthigh, agus as so amach ná dein an peaca airís.



Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé:
Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní
shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na
beatha. Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Taoí-se ag
déanamh fiadhnaise ort féin; Ní'l t'fhiadhnaise fírinn-
each. D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh
go bhfuilim-se ag déanamh fiadhnaise orm féin tá
m'fhiadhnaise fírinneach, óir is eól dom cá dtánag agus
cá bhfuilim ag dul; ach ní h-eól daoibh-se cá dtánag ná
cá bhfuilim ag dul. Tugann sibh-se breith do réir na
feóla; ní thugaim-se breith ar aoinne. Agus má
bheirimh-se breith, tá mo bhreith fíor, óir ní h-am' aonar
atáim, ach mé féin agus an t-é a chuir uaidh mé, an
t-Athair. Agus tá sgríobhtha i nbhúr ndlígh-se go
bhfuil fiadhnaise ó bheirt fíor. Is mise a thugann fiadh-
naise orm féin, agus tá an t-Athair, a chuir uaidh mé,
ag tabhairt fiadhnaise orm. Agus dubhradar leis:
Cá bhfuil t'Athair? Agus d'fhreagair Íosa: Ní'l
aithne agaibh orm-sa agus ní lúgha 'ná mar atá aithne
agaibh ar m'Athair; dá mbeadh aithne agaibh orm-sa
b'fhéidir go mbeadh aithne agaibh ar m'Athair, leis.
Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an
chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor
rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.



Agus dubhairt Íosa leó: Táim-se ag imtheacht, agus
beidh sibh-se a'm lorg, agus gheobhaidh sibh bás i nbhúr


L. 249


bpeaca; an áit 'n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh
sibh-se teacht ann. Agus dubhairt na Iúdaigh: An
amhlaidh a mharbhóchaidh sé é féin, go ndubhairt sé, An áit
'n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann?
Agus dubhairt sé leó: Ó'n áit thíos sibh-se, ó'n áit
thuas mise; de'n tsaoghal so sibh-se, ní de'n tsaoghal
so mise. Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás
i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é
gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca. Agus dubhradar leis:
Cé h-é thu? Dubhairt Íosa leó: An Tusach, atá anois
féin ag caint libh-se. Tá a lán agam le rádh agus le
breithniú i nbhúr dtaobh; ach tá an t-é a chuir uaidh
mé fíor; agus na neithe a dh'airigheas-sa uaidh siniad
na neithe a labhraim sa tsaoghal. Agus níor thuigea-
dar go raibh sé 'ghá rádh gur bh'é Dia a Athair. Agus
dubhairt Íosa leó: Nuair a dh'árdóchaidh sibh suas Mac
an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é,
agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar
a theagaisg m'Athair dom a labhraim na neithe seo.
Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am' fhochair, agus níor
fhág sé am' aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe
a thaithneann leis. Nuair a labhair sé na neithe sin
do chreid a lán daoine ann.



Agus dubhairt Íosa leis na Iúdaigh a chreid ann:



Má fhanann sibh ar mo bhriathar is fíordheisgiobuil agam
sibh feasda; Agus cuirfidh sibh eólus ar an bhfírinne,
agus saorfaidh an fhírinne sibh. D'fhreagradar é: Is
de shíol Ábrahaim sinn, agus ní rabhamair riamh i n-ár
ndaoraibh ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar
sibh? D'fhreagair Íosa iad: Go deimhin deimhin
adeirim libh, gach aoinne a dheineann an peaca tá
sé 'n-a dhaor ag an bpeaca. Ní fhanann an daor sa
teaghlach do shíor, ámhthach; ach fanann an mac sa
teaghlach do shíor. D'á bhrígh sin, má shaorann an mac
sibh beidh sibh saor dáiríribh. Tá fhios agam gur de
shíol Ábrahaim sibh. Ach ní foláir libh mise chur chun
báis, mar ní bhfaghann mo bhriathar slígh ionaibh. Labh-
raim-se an nídh a chonac i bhfochair m'Athar; agus
deineann sibh-se neithe a chonacabhair i bhfochair bhúr


L. 250


n-athar féin. D'fhreagradar agus dubhradar leis:
Isé Ábraham ár n-athair-ne. Dubhairt Íosa leó:
Má's clann d'Ábraham sibh deinidh oibreacha Ábra-
haim. Ach anois ní foláir libh mise mharbú, duine
a labhrann libh an fhírinne a dh'airigheas ó Dhia; níor
dhein Ábraham san. Deineann sibh-se obair bhúr
n-athar féin. Agus dubhradar leis: Ní h-a' drúis
a geineadh sinne; tá aon athair amháin againn, Dia.
Ansan dubhairt Íosa leó: Dá mb' é Dia bhúr n-athair
bheadh grádh agaibh dómh-sa; óir do ghluaiseas-sa ó
Dhia agus do thánag uaidh; óir ní h-uaim féin a thánag,
ach do chuir seisean uaidh mé. Cad 'n-a thaobh ná h-aith-
nigheann sibh mo chaint? Mar ní fhéadann sibh m'
urlabhra d'aireachtaint. Is ó'n ndiabhal, bhúr n-athair,
sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr
n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin
ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfírinne, óir ní'l
fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann
sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus
isé athair an éithigh é. Ach nuair a dh'innsim-se an
fhírinne ní chreideann sibh mé. Cé'cu agaibh a chuirfidh
peaca am'leith? Má innsim an fhírinne dhaoibh cad
'n-a thaobh ná creideann sibh mé? An t-é is ó Dhia
éisteann sé le bréithribh Dé. Isé cúis ná h-éisteann
sibh-se leó mar ní h-ó Dhia sibh.



Agus d'fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar:
Nách maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus
go bhfuil deamhan ionat? D'fhreagair Íosa: Ní'l
deamhan ionam-sa, ach tugaim onóir do m'Athair, agus
tá easonóir tabhartha agaibh-se dhómh-sa. Ach nílim-se
ag lorg mo ghlóire féin; tá aon a loirgeann agus
a thugann breith. Go deimhin deimhin adeirim libh,
má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé
bás go deó. Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios
againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham
marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann
duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó. An
amhlaidh is mó de dhuine thusa 'ná ár n-athair Ábraham,
atá tar éis bháis? Agus táid na fáidhe tar éis bháis.


L. 251


Cé h-é thusa, dar leat? D'fhreagair Íosa: Má thug-
aim-se glóire dhom féin is neamhnídh mo ghlóire. Isé
m'Athair a thugann glóire dhom, an t-é a deir sibh-se
gur b'é bhúr nDia é; Agus ní'l aithne agaibh air; ach
tá aithne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil
aithne agam air beidh mé mar sibh-se, ag rádh an éithigh.
Ach tá aithne agam air, agus táim ag cómhlíonadh a
bhriathair. Ba mhór ag bhúr n-athair Ábraham go
bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Do chonaic, agus bhí áthas air.
Ansan dubhairt na Iúdaigh: Ní'l caogad blian d'aoís
fós agat, agus chonaicís Ábraham? Agus dubhairt Íosa
leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó
roimh Ábraham a bheith ann.



Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh
leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d'imthigh sé
amach as an dteampul.



CAIBIDIOL IX.



Radharc ag Críost 'á thabhairt do'n duine do rugadh 'n-a
dhall.



Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine
a bhí 'n-a dhall, agus gur dall a rugadh é. Agus
d'fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé'cu a
dhein peaca, é seo nó a athair 's a mháthair, treás gur
rugadh 'n-a dhall é? D'fhreagair Íosa: Níor pheacaigh
sé seo ná a athair ná a mháthair; ach chun go dtaisbeán-
faí oibreacha Dé ann. Tá orm-sa oibreacha an t-é a
chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an
oidhche ag teacht nuair nách féidir d'aoinne obair a
dhéanamh. An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus
an tsaoghail. Nuair adubhairt sé an chaint sin do
chuir sé seile ar an dtalamh, agus dhéin sé lathach leis
an seile, agus chimil sé an lathach de shúilibh an daill,
Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé,
(a míníghthear: Teachtaire). D'imthigh sé agus do
nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.



Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic
roimis sin é agus é a d'iarraidh déarca: Nách é seo


L. 252


an fear a bhíodh 'n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus
dubhairt daoine: Isé é. Dubhairt daoine eile, ámhthach:
Ní h-é é, ach is cosmhail leis é. Ach dubhairt an duine
féin: Is mé é. Agus dubhradar leis: Conus a
h-osgladh do shúile dhuit? D'fhreagair sé: An fear
san ar a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé
de m' shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán
Silóé agus nigh. Agus d'imthigheas, agus do nígheas,
agus chím. Agus dubhradar leis: Cá bhfuil an fear
san? Dubhairt seisean: Ní fheadar.



Thugadar chun na bhFairisíneach an fear a bhí roimhe
sin 'n-a dhall. Agus sa tsabbóid ab eadh é nuair a
dhein Íosa an lathach agus d'osgail sé súile an duine.
Agus airís d'fhiafraigh na Fairisínigh dé conus a fuair
sé a radharc. Agus dubhairt seisean leó: Chuir sé
lathach ar mo shúilibh, agus do nígheas iad, agus chím.
Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh: Ní h-ó Dhia an
fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubh-
airt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail
na mírbhúiltí seo dhéanamh? Agus bhí siosma eatartha.
Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se
leis an t-é sin a dh'osgail do shúile? Dubhairt seis-
ean: Fáidh iseadh é.



Agus níor chreid na Iúdaigh go raibh sé 'n-a dhall agus
go bhfuair sé a radharc, go dtí gur ghlaodhadar ar
athair agus ar mháthair an t-é sin go raibh a radharc
fághalta aige. Agus cheistigheadar iad, agus dubhra-
dar: An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh 'n-a dhall?
Conus a thárla go bhfuil radharc anois aige?
D'fhreagair athair agus máthair an fhir iad, agus dubh-
radar: Tá fhios againn gur mac dúinn é seo, agus
gur dall a rugadh é; Ach chonus do thárla radharc a
bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé
dh'osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige;
labhradh sé féin air féin. Dubhairt an t-athair agus
an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach
ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne
a déarfadh gur bh' é Críost é, é chur amach as an sina-
góig. Mar gheall air sin iseadh adubhairt an t-athair
agus an mháthair, Tá aos aige, deinidh é féin do
cheistiú.


L. 253


Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí 'n-a
dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia.
Is eól dúinne gur peacach an duine sin. Dubhairt
seisean leó: Má's peacach é ní fheadar-sa san. Tá
fhios agam aon nídh amháin, go rabhas am' dhall agus go
bhfuil radharc anois agam. Agus dubhradar-san
leis: Cad a dhein sé leat? Conus a dh'osgail sé do
shuíle dhuit? D'fhreagair sé iad: D'innseas cheana
dhaoibh é agus d'aireabhair mé. Cad ab áil libh 'ghá
aireachtaint airís? An amhlaidh ba mhaith libh-se, leis,
bheith i nbhúr ndeisgiobuil aige? Ansan do thugadar
droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad' dheisgiobul
aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne. Is eól
dúinne gur labhair Dia le Maois, ach an fear so, ní
h-eól dúinn cá dtáinig sé. D'fhreagair an fear
agus dubhairt sé leó: Go deimhin is iongantach an
sgéal é sin, gan a fhios a bheith agaibh-se cá dtáinig sé,
agus d'osgail sé mo shúile dhómh-sa: Tá fhios againn,
ámhthach, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh;
ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann
sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin. Níor
h-airigheadh riamh ó thusach an domhain gur osgail aoinne
a shúile do dhuine a rugadh 'n-a dhall. Mura mbeadh gur ó
Dhia an duine seo ní fhéadfadh sé aon nídh a dhéanamh.
D'fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a gein-
eadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do
theagasg? Agus do chomáineadar amach é.



D'airigh Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair
a fuair sé é dubhairt sé leis: An gcreideann tusa
i Mac Dé? D'fhreagair seisean agus dubhairt: Cé
h-é sin, a Thighearna, go gcreidead ann? Agus dubh-
airt Íosa leis: Chonaicís é, agus an t-é atá ag caint
leat isé é. Ansan dubhairt seisean: Creidim, a
Thighearna. Agus do shléacht sé dhó, 'ghá adhradh.
Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a
thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh
an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir
a chíonn. Agus d'airigh cuid de sna Fairisínigh a bhí


L. 254


i n'fhochair é, agus dubhradar leis: An amhlaidh
atáimíd-ne dall, leis? Dubhairt Íosa leó: Dá mbeadh
sibh dall ní bheadh peaca oraibh. Ach anois abrann sibh,
Tá radharc againn: Leanann bhúr bpeaca oraibh.



CAIBIDIOL X.



Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aodhaire fóghanta.
Is aon é agus a Athair.



Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann
an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann
isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach
iseadh é sin agus robálaidhe. Ach an t-é a thagann
isteach an dorus, siné aodhaire na gcaorach. Osgalann
an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus
glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seó-
lann sé amach iad. Agus nuair a sheólann sé amach
a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na
caoire é, mar aithnighid siad a ghuth. Ach ní leanaid siad
duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid
siad guth na ndaoine iasachta.



Do labhair Íosa an tsoluíd sin leó. Ach ní fhead-
radar cad a bhí aige d'á rádh leó. Ansan dubhairt
Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur
mise dorus na gcaorach. Gach ar tháinig, bitheamhnaigh
agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire
leó.



Is mise an dorus. Má's tríom-sa a raghaidh duine
isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus
amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht. Ní thagann an
bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus
ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu,
agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla. Mise an
t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta



Leis an ndroch úsáid a dheineadar d'á theacht agus leis an
ndiúltú a thugadar dó.


L. 255


A anam ar son a chaorach. An fear tuarasdail
ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin
na caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann
sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an
machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.
Agus teitheann an fear tuarasdail mar is fear tuar-
asdail é, agus ní'l speóis aige ins na caoire. Mise an
t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus
aithnighid siad-san mé. Fé mar a dh'aithnigheann an
t-Athair mise is eadh dh' aithnighim-se an t-Athair leis;
agus tá m'anam agam 'á thabhairt ar son mo chaorach.
Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an
gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom,
agus éistfid siad le m' ghlór; agus beidh aon chró
amháin ann agus aon aodhaire amháin. Mar gheall air
seo atá grádh ag an Athair dom, mar go bhfuilim ag
tabhairt m'anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é
ghlacadh chúgham airís. Ní'l aoinne 'ghá thógaint uaim,
ach is uaim féin atáim 'ghá thabhairt uaim; agus tá ar
mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é
thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó
m'Athar.



D'eirigh siosma airís idir na Iúdaigh mar gheall ar
an gcaint sin. Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaidh atá
deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl
libh ag éisteacht leis? Dubhairt tuille acu: Ní caint
fir go mbeadh deamhan ann an chaint sin; an bhféad-
fadh deamhan súile na ndall a dh'osgailt?



Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus
sa gheimhreadh ab eadh é. Agus bhí Íosa ag siubhal sa
teampul, i bpóirse Shalomóin. Agus tháinig na
Iúdaigh 'n-a thímpal, agus bhíodar 'ghá rádh leis: An fada
a leanfair ag baint an anama asainn? Má's tú
Críost, innis dúinn é go soiléir. D'fhreagair Íosa
iad: Táim 'ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é.
Na h-oibreacha atá agam 'á dhéanamh i n-ainim mh'Athar,
tá fiadhnaise acu 'á dhéanamh dom. Ach ní chreideann
sibh-se, mar ní de'm' chaoire-se sibh. Éistid mo


L. 256


chaoíre-se le m' ghlór, agus aithnighim-se iad, agus
leanaid siad mé. Agus tá an bheatha shíoruidhe
agam-sa 'á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó
iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh'fhuadach as
mo láimh-se. Tá an nídh a thug m'Athair dom níos
mó 'ná gach uile nídh; agus ní féidir d'aoinne fuadach
as láimh m'Athar. Is aon mise agus an t-Athair.



Ansan do thóg na Iúdaigh na clocha chun gabháil do
chlochaibh ann. D'fhreagair Íosa iad: Tá a lán oib-
reacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m'Athair;
cé'cu obair acu go bhfuil sibh ag gabháil do chlochaibh
ionam mar gheall air? D'fhreagair na Iúdaigh é: Ní
mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do
chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go
ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu.
D'fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh
féin, Dubhart-sa, is déithe sibh? Má dubhairt sé
gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus
nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh, An t-é a
bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an
saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat
'á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé?
Mura ndeinim oibreacha m'Athar ná creididh mé.
Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint,
creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh
an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair.
Ansan bhíodar a d'iarraidh beirthe air; agus d'imthigh
sé as a lámhaibh. Agus d'imthigh sé airís thar Iórdan,
chun na h-áite 'n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis;
agus d'fhan sé ansan. Agus tháinig a lán daoine ag
triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh
mírbhúilteach; Ach na neithe go léir adubhairt Eóin
'n-a thaobh so dob' fhíor iad. Agus do chreid a lán ann.


L. 257


CAIBIDIOL XI.



Lasarus á thabhairt ag Críost o'n mbás. Comhairle na
riaghaltóirí chun É chur chun bais.



Agus bhí duine dár bh'ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó
bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé
breóite. B'í sin Máire do dhoirt an ola ar an
dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig
agus isé a dritháir Lasarus a bhí breóite. Agus do
chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige 'ghá rádh:
A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé
breóite. Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé:
Ní chun báis an bhreóiteacht so, ach chun glóire Dé,
ionus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé tríthe.



Agus dob' ionmhuin le h-Íosa Marta agus a dri-
fiúr Máire agus Lasarus. Ach nuair a dh'airigh sé é
bheith breóite d'fhan sé sa n-áit chéadna ar feadh dá
lá. Ansan, tar a éis sin, dubhairt sé le n-a dheis-
giobuil: Téighmís go Iúdaéa airís. Dubhairt a
dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d'iarraidh
gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul
chun na h-áite sin airís? D'fhreagair Íosa: Ná fuil
dhá uair dhéag sa lá? Má shiubhlann duine sa lá ní
gheibheann sé barathuisle, mar chíonn sé solus an tsao-
ghail seo. Ach má shiubhlann sé sa n-oidhche gheibheann
sé barathuisle, óir ní'l an solus sa duine sin. Dubh-
airt sé an méid sin; agus ansan dubhairt sé leó: Tá
ár gcara Lasarus 'n-a chodla, ach táim ag dul chun é
dhúiseacht. Dubhairt a dheisgiobuil leis, ámh: A Thigh-
earna, má tá sé 'n-a chodla beidh sé go maith. Ach is ar
a bhás a labhair Íosa; agus mheasadar-san gur ar shuan
codlata do labhair sé. D'á bhrígh sin dubhairt Íosa
leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis bháis; Agus mar
gheall oraibh-se, ionus go gcreidfeadh sibh, is maith
liom ná rabhas ann; ach téighmís ag triall air. Ansan
dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-


L. 258


dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go
bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.



Ansan do tháinig Íosa, agus fuair sé é agus é
cheithre lá sa tuama. Agus bhí Betánia i ngioracht tím-
pal chúig stad déag do Ierúsalem. Agus bhí cuid
mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar
Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár.
Agus d'airigh Marta Íosa bheith ag teacht, agus d'imthigh
sí amach 'n-a choinnibh, agus bhí Máire 'n-a suidhe sa
tígh. Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thigh-
earna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh;
Ach anois féin tá fhios agam pé rud a iarrfair ar Dhia
go dtabharfaidh Dia dhuit é. Dubhairt Íosa léi:
Eireóchaidh do dhritháir airís. Dubhairt Marta leis:
Tá fhios agam go n-eireóchaidh sé sa n-aiseirighe an
lá déanach. Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe
agus an bheatha; an t-é a chreideann ionam-sa, má
gheibheann sé bás féin, beidh sé beó; Agus gach duine
atá beó agus do chreideann ionam-sa ní bhfaghaidh sé
bás choidhche. An gcreideann tú san? Dubhairt sí
leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa
Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal
so. Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d'imthigh sí
agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus
dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag
glaodhach ort-sa. Nuair airigh sisi an méid sin d'eirigh
sí láithreach agus chuaidh sí ag triall air. Óir ní raibh
Íosa tagaithe fós isteach sa bhaile, ach bhí sé 'n-a stad
sa n-áit 'n-a dtáinig Marta chuige. Agus na Iúdaigh a
bhí sa tigh i bhfochair Mháire, ag cur sóláis uirthi, nuair
a chonacadar ag eirighe í agus ag imtheacht amach chómh
h-obann, do leanadar í agus dubhradar: Ag dul chun
an tuama atá sí, chun guil a dhéanamh ann.



Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite 'n-a raibh
Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá
chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá
mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh. Agus nuair a
chonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaigh a tháinig i n-aon-
fheacht léi ag gol, do leig sé osna theacht ó n-a spioraid


L. 259


agus buaireamh a theacht air, Agus dubhairt sé: Cár
chuireabhair é? Agus dubhradar leis: Tar, a Thigh-
earna, agus feic.



Agus bhí Íosa ag sileadh.



Agus dubhairt na Iúdaigh: Féach, cad é an cion a bhí
aige air. Dubhairt cuid acu, ámhthach: An fear so
a dh'osgail súile an t-é a rugadh 'n-a dhall, an amhlaidh
nar fhéad sé an duine seo choimeád gan bás d'fhagháil?



Agus dhein Íosa osna airís, agus tháinig sé chun an
tuama; agus pluais charaige ab eadh an tuama, agus
cloch anuas uirthi. Dubhairt Íosa: Tógaidh an chloch.
Dubhairt Marta leis, drifiúr an duine mhairb: A
Thighearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé
cheithre lá marbh. Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart
leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé? Ansan
do tógadh an chloch. Agus d'fhéach Íosa suas agus
dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur
éistis liom. Bhí fhios agam féin, ámhthach, go n-éisteann
tú liom i gcómhnuighe, ach dubhart é sin ar son na
ndaoine atá anso am' thímpal, i dtreó go gcreid-
fidís gur chuiris-se uait mé. Tar éis na cainte sin
do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis,
tar amach. Agus tháinig amach láithreach an t-é a bhí
marbh, agus na ceangail bháis ar a lámhaibh agus ar a
chosaibh, agus an t-éadach ar a cheannachaibh. Dubhairt
Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear chun siubhail é.



Ansan do chreid a lán de sna Iúdaigh ann, de'n
mhuintir a tháinig ag triall ar Mháire agus ar Mharta,
agus a chonaic na neithe a dhein sé. Ach d'imthigh cuid
acu ag triall ar na Fairisínigh agus d'innseadar dóibh
cad a dhein Íosa. Ansan do chruinnigh na h-árd-
shagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís:
Cad 'tá againn 'á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a
lán mírbhúiltí? Má sgaoilimíd leis ar an gcuma
so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na
Rómhánaigh agus sgriosfid siad ár dtír agus ár
gcinéal. Agus bhí aoinne amháin ortha agus Caiphas
ab ainim dó, agus b'é árdshagart na bliana san é,
agus dubhairt sé leó: Ní thuigeann sibh-se aon nídh.
Ní mhachtnuigheann sibh conus mar isé bhúr leas aon


L. 260


duine amháin d'fhághail bháis thar cheann an phobuil, agus
gan an cinéal go léir do dhul ar ceal. Ní uaidh féin,
ámhthach, adubhairt sé an chaint sin, ach ó b'é an t-árd-
shagart é do'n bhliain, do labhair sé targaireacht, go
raibh Íosa chun báis d'fhagháil ar son an chinéil; Agus
ní h-ar son an chinéil amháin, ach chun clainne Dé a bhí
sgaipithe do chruinniú i n-aon bhuidhin. Ó'n lá san
amach, d'á bhrígh sin, bhíodar ag beartú ar é chur chun
báis. Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puib-
ilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d'imthigh sé isteach
i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtug-
tar Ephrem, agus d'fhan sé ansan i bhfochair a dheis-
giobul.



Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán
daoine ag teacht go Ierúsalem ó'n dtuath roimis
an gcáisg chun iad féin do naomhú. Agus bhíodar ag
lorg Íosa, agus iad ag caint eatartha féin 'n-a
seasamh sa teampul: Cad is dóigh libh fé ndeara dhó
gan teacht chun lae na féile? Agus thug na h-árd-
shagairt agus na Fairisínigh órdú, dá mbeadh fhios
ag aoinne cá raibh sé, é dh'innsint, i dtreó go
mbéarfaidís air.



CAIBIDIOL XII.



Cosa Chríost d'á n-ungadh. A dhul isteach i gcathair Ierúsalem
ar muin asail. An guth ó neamh.



Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go
Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg
Íosa ó'n mbás é. Agus dheineadar féasta dhó ann,
agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de'n chuid-
eachtain a shuidh chun bídh i n'fhochair ab eadh Lasarus.
Agus thóg Máire púnt meaghchaint d'ola ana-uasal,
de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é,
agus ansan do chimil sí a chosa le n-a gruaig; agus
do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.
Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás
Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol: Cad 'n-a thaobh nár


L. 261


díoladh an ola so ar trí chéad pingin agus é thabhairt
do sna bochtaibh? Ní tré aon speóis a bheith aige ins
na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é
bheith 'n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán,
agus isé a dh'iomparadh an méid a curtí ann. Ansan
dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é
sin i gcóir lae m'adhlactha. Bíd na boicht i gcómh-
nuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh
i gcómhnuighe.



Agus bhí fhios ag sluagh mhór de sna Iúdaígh é bheith sa
n-áit, agus thánadar, ní h-amháin mar gheall ar Íosa, ach
chun go bhfeicfidís Lasarus, an duine a thóg sé ó sna
mairbh. Agus bhí uachtaráin na sagart 'ghá bheartú go
marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna, Mar bhí
mórán de sna Iúdaigh ag imtheacht agus ag creideamh-
aint i n-Íosa mar gheall air.



Ach amáireach a bhí chúghainn do ghluais amach sluagh
mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar
d'airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem
Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar
fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh
do'n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí
Israéil. Agus do fuair Íosa asal óg, agus do shuidh
sé ar a mhuin, do réir mar atá sgríobhtha: Ná bíodh
eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus
é 'n-a shuidhe ar shearrach asail. Níor thuig a dheisgio-
buil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire
d'Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith
sgríobhtha 'n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin
leis. An tsluagh a bhí i n-a fhochair nuair a ghlaoidh sé
Lasarus as an dtuama agus thóg sé ó sna mairbh é,
thugadar fiadhnaise uatha. Agus uime sin do tháinig
an tsluagh amach 'n-a choinnibh, mar d'airigheadar gur
dhein sé an mhírbhúilt sin. Dubhairt na Fairisínigh,
d'á bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil
ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir
imthighthe 'n-a dhiaidh.


L. 262


Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig
go Ierúsalem chun Dia d'adhradh lá na féile. Thána-
dar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida
Gaililí, agus d'iarradar nídh air agus dubhradar:
A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh'fheisgint. Tháinig
Pilib agus d'innis sé d'Aindrias é, agus ansan
d'innis Pilib agus Aindrias d'Íosa é. Ach d'fhrea-
gair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun
glóire thabhairt do Mhac an Duine. Go deimhin,
deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne ar-
bhair a thuiteann sa talamh bás, Ní bhíonn ann ach é féin;
ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. An
t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an
t-é a dh'fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so,
coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe. Má
fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit
i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh.
Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh
m'Athair onóir dó. Tá m'anam ar buaireamh anois.
Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó'n
uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire
seo. A Athair, dein t'ainim do shoillsiú. Ansan
do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus
soillseóchad airís é.



Agus na sluaighte a bhí láithreach d'airigheadar an
guth agus dubhradar gur thóirthneach a deineadh. Ach
dubhairt tuille acu: Do labhair aingeal leis. D'fhrea-
gair Íosa agus dubhairt sé: Ní mar gheall orm-sa a
tháinig ag guth so, ach mar gheall oraibh-se. Anois atá
breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar
amach priúnsa an tsaoghail seo. Agus má árduígh-
thear mise ó'n dtalamh taraiceóchad gach nídh chúgham
féin. Agus dubhairt sé an méid sin 'ghá chur i gcéill
cad é an bás a gheobhadh sé. D'fhreagair na daoine é:
D'airigheamair-ne as an ndlígh Críost a bheith ann
do shíor: agus conus a deirir-se nách foláir Mac an
Duine d'árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?
Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall


L. 263


beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus
agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh;
agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fhea-
dair sé cá mbíonn sé ag dul. An fhaid atá an solus
agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh
i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe
sin agus d'imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.



Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os
a gcómhair níor chreideadar ann; Ionus go gcómh-
líonfaí an chaint adubhairt Isáias Fáidh: A Thighearna,
cé chreid a gcloistear uainn? Agus cé dhó gur foill-
sigheadh cuisle an Tighearna? Uime sin níor fhéadadar
creideamhaint, óir dubhairt Isáias airís: Do dhall sé
a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís
le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís 'n-a gcroidhe.
agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad.
Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a
ghlóire, agus nuair a labhair sé air. Ach sa n-am
gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin
ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na
Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad. Óir
bá mhó acu glóire daoine 'ná glóire Dé.



Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé:
An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreid-
eann sé ach san t-é a chuir uaidh mé. Agus an t-é a
chíonn mise, chíonn sé an t-é a chuir uaidh mé. Is am'
sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreid-
eann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht. Agus má
airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh
sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamh-
antais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an
domhain do shaoradh. An t-é ná tugann toradh orm-
sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann
breith air; an briathar atá ráidhte agam-sa,
tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach.
Óir ní h-uaim féin do labhras-sa, ach an t-Athair a


L. 264


chuir uaidh mé, thug sé sin órdú dhom, cad déarfad agus
cad a labharfad. Agus tá fhios agam gur beatha
shíoruidhe a órdú. Na neithe a labhraim, d'á bhrígh sin,
is mar adubhairt an t-Athair liom do labhrann iad.



CAIBIDIOL XIII.



Cosa a dheisgiobol á nighe ag Críost. Feall Iúdáis. An aithne
nua, .i. aithne an ghrádha.



Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh
a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall
ar an Athair: ó thug sé grádh d'á mhuíntir féin, do
ghrádhuigh sé iad go deire.



Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an
diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic
Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol, Ó bhí fhios ag Íosa
gach uile nídh a bheith tabhartha isteach 'n-a láimh dó ag
an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh
sé ag dul ag triall ar Dhia, D'eirigh sé ó'n suipéar,
agus bhain sé dhe a chuid éadaigh agus cheangail sé
línéadach fan choím air féin. Ansan chuir sé uisge
i mbáisín agus chrom sé ar chosaibh a dheisgiobul do
nighe, agus ar iad do thriomú leis an línéadach a bhí fan
choím air. Ansan do tháinig sé go dtí Símón Peadar.
Dubhairt Peadar leis: Tusa ag nighe mo chos-sa, a
Thighearna? D'fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis:
An rud atá agam-sa 'á dhéanamh ní fios duit-se anois
é; beidh a fhios agat ar ball, ámhthach. Dubhairt
Peadar leis: Ní níghfir mo chosa-sa dhómh-sa go bráth.
D'fhreagair Íosa é: Mura níghead tu ní bheidh páirt agat
liom. Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna,
ní h-amháin mo chosa, ach fós mo lámha agus mo cheann.
Dubhairt Íosa leis: An t-é a nightear ní gádh a níghe


L. 265


ach a chosa agus tá sé glan ar fad. Táthaoi-se glan,
ach ní'l sibh go léir glan. Óir bhí fhios aige cé r' bh'é
an t-é a dhíolfadh é; mar gheall air sin iseadh a dubh-
airt sé: Ní'l sibh go léir glan.



Ansan, nuair a bhí a gcosa nighte aige agus a éad-
aighe curtha uime aige, agus é 'na shuidhe airís dubhairt
sé leó: An bhfuil fhios agaibh cad 'tá déanta agam
daoibh? Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus
Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is me san.
D'á bhrígh sin, má nígheas-sa bhúr gcosa dhaoibh-se agus
gur mé an Tighearna agus an Máighistir, is ceart
daoibh-se, mar an gcéadna, cosa a chéile do níghe.
Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar
atá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfadh sibh-se
mar an gcéadna. Go deimhin, deimhin, adeirim libh.
Ní'l an seirbhíseach níos mó 'ná a mháighistir, 'ná ní'l
an t-aspol níos mó 'ná an t-é chuir uaidh é. Má tá
fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann
sibh iad. Ní'lim ag labhairt oraibh go léir; aithním
na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an
Sgríbhinn: An t-é a dh'itheann arán am' fhochair
árdóchaidh sé a shál am' choinnibh. Táim 'ghá innsint sin
daoibh anois roim ré, i dtreó, nuair a thuitfidh sé
amach, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. Go
deimhin, deimhin, adeirim libh: An t-é a ghlacann
aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an
t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.



Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag Íosa tháinig buair-
eamh spioraide air agus do dheimhnigh sé, agus dubhairt
sé: Go deimhin, deimhin, adeirim libh, déanfaidh duine
agaibh-se mise thabhairt i láimh. D'fhéach na deisgio-
buil ar a chéile agus mearbhall ortha i dtaobh cé air
gur labhair sé. Thárla go raibh 'n-a luighe i n-ucht Íosa
duine dh'á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa.
Agus do bhagair Símón Peadar chuige sin agus dubhairt
sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé? D'á bhrígh sin,
dubhairt seisean, agus é 'n-a luighe ar ucht Íosa: A
Thighearna, cé h-é féin? D'fhreagair Íosa: An fear


L. 266


go dtabharfad-sa blúire d'arán túmtha dó, siné é.
Ansan do thúm sé blúire aráin agus thug sé d'Iúdás
Iscariót mac Shímóin é. Agus i ndiaidh an bhlúire
aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa
leis: An nídh atá agat 'á dhéanamh, dein gan mhoill é.
Agus ní raibh fhios ag aoinne sa chuideachtain cad chuige
go ndubhairt sé leis é. Mar do cheap cuid acu, ó bhí
an sparán ag Iúdás, gur bh'amhlaidh adubhairt Íosa
leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir
na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine
bochta. Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin
d'imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.



Agus nuair a bhí sé imthighthe amach dubhairt Íosa:
Tá glóire fághalta anois ag Mac an Duine, agus tá
glóire fághalta ann ag Dia. Má tá glóire fághalta
ag Dia ann tabharfaidh Dia, leis, glóire dhó-san ann
féin, agus tabharfaidh sé glóire dhó gan mhoill. A
chlann ó, táim i nbhúr bhfochair tamall beag fós. Beidh
sibh a'm lorg agus mar adubhart leis na Iúdaigh, An
áit 'n-a bhfuilim ag dul ní féidir daoibh-se teacht
ann; deirim libh-se anois é. Tá aithne nua agam
'á thabhairt daoibh: go mbeadh grádh agaibh d'á chéile;
fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se go dtabharfadh sibh-se
grádh d'á chéile. As san iseadh a dh' aithneóchaid na
daoine go léir gur sibh mo dheisgiobuil-se, má bhíonn
grádh agaibh d'á chéile.



Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna cá
bhfuilir ag imtheacht? D'fhreagair Íosa. An áit 'n-a
bhfuilim ag imtheacht ní féidir duit-se mé a leanmh-
aint ann anois; leanfir me ámhthach 'n-a dhiaidh so.
Dubhairt Peadar leis: Cad 'n-a thaobh nách féidir dom
thú a leanmhaint anois? Tabharfad m'anam ar do
shon. D'fhreagair Íosa é: Tabharfair t'anam ar mo


L. 267


shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodh-
faidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.



CAIBIDIOL XIV.



Caint Chríost tar éis a shuipéir dhéidheanaigh.



Ná tagadh buaireamh ar bhúr gcroidhe. Creideann
sibh i nDia; creididh ionam-sa leis. Is mó árus
i dtigh m'Athar; dá mba ná beadh, do neósfainn daoibh
é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar dhaoibh.
Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh,
táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh,
i dtreó, an áit 'na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann,
leis. Agus is eól daoibh cá bhfuilim ag imtheacht,
agus tá eólas na slighe agaibh. Dubhairt Tomás leis:
A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht,
agus conus is féidir dúinn an tslígh d'aithint?



Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhír-
inne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar
ach tríom-sa. Dá n-aithnigheadh sibh mise d'aithneóch'
sibh m'Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é
feasda, agus do chonacabhair é. Dubhairt Pilib leis:
A Thighearna, taisbeáin dúinn an t-Athair, agus is
leór dúinn san. Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an
fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm?
A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair,
leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an
t-Athair? Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa
n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a
labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach
an t-Athair atá 'n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann
na mírbhúiltí. Ná creideann sibh mise bheith sa
n-Athair agus an t-Athair a bheith ionam-sa? Nó murab
é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha
féin.



Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann
ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin


L. 268


iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó 'ná iad;
mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair. Agus
pé rud a dh'iarrfaidh sibh ar an Athair am' ainim-se
déanfad-sa an rud san, i dtreó go bhfaghaidh an
t-Athair glóire sa Mhac. Má iarrann sibh aon rud
orm am' ainim-se déanfad an rud san.



Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m'aitheanta.
Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúgh-
aibh Sólásaidhe eile chun fanmhaint agaibh go deó;
Spioraid na fírinne, nách féidir do'n tsaoghal a
ghlacadh, óir ní fheiceann sé é ná ní aithnigheann sé é;
ach aithnéochaidh sibh-se é, mar fanfaidh sé agaibh, agus
beidh sé ionaibh. Ní fhágfad sibh i nbhúr ndíleach-
taithibh; tiocfad chúghaibh. Tamall beag eile agus ní
fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé:
óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis. An lá
san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am' Athair, agus
go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.



An t-é go bhfuil m'aitheanta-sa aige agus do
choimeádann iad, siné an t-é go bhfuil grádh aige dhom;
agus an t-é go bhfuil grádh aige dhom, beidh grádh
agam' Athair dó; agus beidh grádh agam-sa dhó agus
taisbeánfad mé féin dó. Dubhairt Iúdás leis, níor
bh'é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go
ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná tais-
beánfair thu féin do'n tsaoghal? D'fhreagair Íosa,
agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa
coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag
m' Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd
cómhnuighe i n-a fhochair. An t-é ná fuil grádh aige
dhom ní choimeádann sé mo bhréithre agus an briathar
d'aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an
Athar a chuir uaidh mé.



Do labhras an méid seo libh agus mé i nbhúr


L. 269


bhfochair. Ach an Sólásaidhe, an Spioraid Naomh, an
t-é a chuirfidh an t-Athair uaidh am' ainim-se, múinfidh
sé sin daoibh gach nídh, agus cuirfidh sé i nbhúr gcuimhne
gach nídh d'á ndéarfad libh. Fágaim síothcháin agaibh;
tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal
a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr
gcroidhe, ná eagla. D'aireabhair conus mar adubhart
libh: Táim ag imtheacht, agus ag teacht chúghaibh. Dá
mbeadh grádh agaibh dom, bheadh áthas oraibh toisg mé
bheith ag dul ag triall ar an Athair; óir is mó an
t-Athair 'ná mise. Agus anois tá sé innste agam
daoibh roim ré, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreid-
fidh sibh. Ní déarfad puinn i nbhúr bhfochair anois.
Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní'l nídh
ar bith aige ionam-sa. Ach ionus go n-aithneóchadh an
domhan go bhfuil grádh agam do'n Athair; agus do
réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a
dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.



CAIBIDIOL XV.



Caint Chríost le n-a dheisgiobulaibh ar leanmhaint.



Is mise an fhíneamhuin fhírinneach, agus isé m'Athair
an saothruightheóir. Gach géag atá orm agus ná
tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a


L. 270


thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh
sí breis toradh. Táthaoí-se anois glan de bhárr
na cainte do labhras libh. Fanaidh ionam-sa, agus
mise ionaibh. Fé mar nách féidir do'n ghéig toradh
thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfínea-
mhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh
ionam-sa. Mise an fhíneamhuin, sibh-se na géaga;
an t-é fhanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin
toradh mór uaidh; óir am' éaghmuis-se ní féidir daoibh
aon nídh a dhéanamh. An t-é ná fanfaidh ionam-sa,
caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus
tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.
Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo
bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus
déanfar daoibh é. As so a tugtar glóire do m'Athair,
sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith
i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa.



Mar a thug an t-Athair grádh dhómh-sa, sin mar a
thugas-sa grádh dhaoibh-se. Fanaidh am' ghrádh. Má
choiméádann sibh m'aitheanta fanfaidh sibh am' ghrádh;
fé mar a choimeádaim-se aitheanta m'Athar agus go
bhfanaim 'n-a ghrádh. Do labhras na neithe sin libh ionus
go mbeadh m'áthas-sa ionaibh, agus go mbeadh bhúr
n-áthas-sa iomlán.



Sidí m'aithne-se, go dtabharfadh sibh-se grádh
d'á chéile, fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. Ní'l
ag aon duine grádh is mó 'ná so, go dtabharfadh duine
a anam ar son a charad. Is sibh-se mo cháirde-se ach
go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh. Ní seirbh-
ísigh a thabharfad oraibh feasda, óir ní fios do'n tseir-
bhíseach an nídh a dheineann a mháighistir. Ach is cáirde
atá tabhartha agam oraibh; óir gach nídh d'ár airigheas
féin ó m'Athair do chuireas i n-iúil daoibh-se é. Ní
sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se
do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh
agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh
bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh'iarrfadh sibh ar an
Athair am' ainim-se, go dtabharfadh sé dhaoibh é.


L. 271


Tugaim na h-aitheanta so dhaoibh i dtreó go mbeadh
grádh agaibh d'á chéile.



Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh
gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh. Dá mba leis an
saoghal a bhainfeadh sibh bheadh grádh ag an saoghal d'á
chuid féin; ach óir ná baineann sibh leis an saoghal,
ach gur dheineas-sa sibh a thoghadh as an saoghal, uime
sin tá fuath ag an saoghal daoibh. Cuimhnighidh ar an
bhfocal adubhart libh: Ní'l an seirbhíseach níos mó
'ná a mháighistir. Má dheineadar géarleanmhaint
orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis;
má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad
bhúr mbréithre-se, leis. Ach déanfaid siad na neithe
sin go léir libh mar gheall ar m' ainim-se, toisg gan
aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé. Dá mba ná
tiocfainn agus labhairt leó, ní bheadh an peaca ortha;
ach anois ní'l aon leathsgéal acu i dtaobh a bpeaca.
An t-é go bhfuil fuath aige dhómh-sa, tá fuath aige do
m'Athair, leis. Dá mba na déanfainn na h-oibreacha
'n-a measg, oibreacha nár dhein aoinne eile, ní bheadh
an peaca ortha; ach anois do chonacadar agus thugadar
fuath i n-aonfheacht, dómh-sa agus do m'Athair
i n-aonfheacht. Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal
atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: Do thugadar fuath
dhom gan chúis.



Ach nuair a thiocfaidh an Sólásaidhe, an t-é a chuir-
fead-sa chúghaibh-se ó'n Athair, Spioraid na fírinne, a
ghluaiseann ó'n Athair, déanfaidh sé sin fiadhnaise
orm-sa. Agus déanfaidh sibh-se fiadhnaise, óir
táthaoí am' fhochair ó thusach.


L. 272


CAIBIDIOL XVI.



Críochnú cainte Chríost le n-a dheisgiobulaibh.



D'innseas na neithe seo dhaoibh ionus ná glacfadh
sibh sgannal. Cuirfid siad amach as na sinagógaibh
sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh
an t-é a chuirfidh chun báis sibh go mbeidh onóir aige 'á
thabhairt do Dhia. Agus déanfaid siad na neithe sin
libh-se toisg gan aithne bheith acu ar an Athair, ná orm-sa.
Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair
a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé
'ghá n-innsint daoibh. Ach níor innseas na neithe seo
dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois
táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé,
agus ní'l aoinne agaibh 'ghá fhiafraighe dhíom: Cá
bhfuilir ag imtheacht?



Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr
gcroidhe de dhólás. Ach táim-se ag innsint na fír-
inne dhaoibh: Isé bhúr leas mé dh'imtheacht; óir mura
n-imthighead ní thiocfaidh an Sólásaidhe chúghaibh; ach má
imthighim, cuirfead chúghaibh é. Agus nuair a thiocfaidh
sé sin déanfaidh sé an domhan do dhaoradh i dtaobh an
pheactha, agus i dtaobh cirt, agus i dtaobh breitheamhan-
tais: I dtaobh peactha, toisg ná creidid siad ionam-
sa; I dtaobh cirt, óir táim ag dul chun an Athar,
agus ní fheicfidh sibh mé feasda. Agus i dtaobh breith-
eamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin
ar phriúnsa an domhain seo.



Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir
daoibh iad a bhreith libh anois. Ach nuair a thiocfaidh an
Spioraid úd na fírinne, múinfidh sé dhaoibh an uile
fhírinne. Óir ní h-uaidh féin a labharfaidh sé, ach labhar-
faidh sé gach a gcloisfidh sé; agus neósfidh sé dhaoibh-se


L. 273


na neithe atá le teacht. Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-
sa, óir is de m' chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh
sé dhaoibh-se. Gach uile nídh atá ag an Athair is liom-
sa é. Uime sin iseadh adubhart: Is de m' chuid-se
a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.



Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus ansan
tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; mar táim ag
dul ag triall ar an Athair.



Ansan dubhairt cuid d'á dheisgiobulaibh le n-a
chéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus
ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag airís, agus
chífidh sibh mé; agus, Mar táim ag dul ag triall ar an
Athair? Agus dubhradar: Cad é seo adeir sé,
Tamall beag? Ní fheadramair cad 'deir sé.



Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú;
agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán ead-
raibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall
beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus, tamall beag
airís, agus chífidh sibh mé. Go deimhin, deimhin,
adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus
go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se
buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais. Nuair
a bhíonn an bhean i mbreóiteacht clainne, bíonn buair-
eamh uirthi, toisg a h-am a bheith tagaithe ach nuair a
bheireann sí an mac, ní bhíonn cuimhne aici ar an dtein-
neas, mar gheall ar an áthas, toisg duine bheith tagaithe
ar an saoghal. Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois,
ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe;
agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh. Agus ní
fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. Go
deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud
ar an Athair am' ainim tabharfaidh sé dhaoibh é. Go
dtí so níor iarrabhair aon nídh am' ainim: Iarraidh,
agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.



Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá
an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i sol-


L. 274


uídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar.
Sa lá san iarrfaidh sibh am' ainim-se agus ní deirim
libh go nguidhfead an t-Athair ar bhúr son; Óir tá
grádh ag an Athair féin daoibh, toisg grádh bheith
agaibh dómh-sa agus gur chreideabhair gur ó Dhia do
ghluaiseas. Do ghluaiseas amach ó'n Athair, agus
do thánag ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaogh-
ail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.



Dubhairt a dheisgiobuil leis: Féach, anois taoí ag
labhairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat
d'á labhairt. Tá fhios againn anois go bhfuil fios
gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith
'ghad' cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís.
D'fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois?
Féach, tá an tráth ag teacht, agus tá sé tagaithe
cheana féin, 'n-a sgaipfar sibh, gach duine chun a choda
féin, agus 'n-a bhfágfaidh sibh mise am' aonar; ach
ní'lim am' aonar, mar tá an t-Athair am' fhochair.
Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothcháin
agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh;
ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an
saoghal.



CAIBIDIOL XVII.



Guidhe Chríost ar son a dheisgiobul.



Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé
a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A
Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d'Mhac
ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit: Fé mar
a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach
ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe.
Agus isí seo an bheatha shíoruidhe, go gcuirfidís aithne
ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa
Críost a chuiris uait. Do shoillsigheas-sa thú ar an
dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom
le déanamh. Agus soillsigh-se mise anois, a Athair,
ad' fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad'
fhochair sar a raibh an domhan ar bith.


L. 275


Do nochtas t'ainim do sna daoine a thugais dom
as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais dómh-sa
iad; agus tá do bhriathar coimeádta acu. Tá fhios
acu anois gurab uait-se gach nídh d'á dtugais dómh-sa.
Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad;
agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur
uait-se a thánag, agus do chreideadar gur tú a chuir
uait mé.



Guidhim ortha; ní h-ar an saoghal a ghuidhim, ach ortha
so a thugais-se dhom; mar is leat-sa iad. Agus is
liom-sa gach nídh is leat-sa, agus is leat-sa gach nídh
is liom-sa; agus táim soillsighthe ionta. Agus
nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an
saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A
Athair naomhtha, coimeád, at' ainim féin, an mhuintir
a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is
aon sinne. An fhaid a bhíos 'n-a bhfochair ar an
saoghal do choimeádas iad at' ainim-se. An
mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor
imthigh íde ar aoinne acu ach ar mhac na h-íde,
ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir. Ach anois
táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint
seo agam 'á rádh ar an saoghal, ionus go mbeadh acu,
iomlán ionta féin, an t-áthas is liom-sa. Thugas-sa
dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath
dhóibh, óir ní de'n tsaoghal iad, fé mar nách de'n
tsaoghal mise. Ní'lim 'ghá iarraidh go dtógfá as an
saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó'n olc iad. Ní
de'n tsaoghal iad, fé mar nách de'n tsaoghal mise.
Dein iad do naomhú sa bhfírinne. Is fírinne do
bhriathar. Fé mar a chuiris-se uait mise isteach sa
tsaoghal, do chuireas-sa uaim iad so isteach sa tsaoghal.
Agus naomhuighim-se mé féin ar a son, ionus go
mbeidís sin, leis, naomhtha sa bhfírinne.



Ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach,
mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh
ionam tré n-a mbriathar; Ionus go mb' aon iad go
léir, fé mar ataoí-se, a Athair, ionam-sa agus mise
ionat-sa; go mbeidís seo 'n-a n-aon ionainn; i dtreó
go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris-se uait mé.


L. 276


Agus an soillsiú a thugais-se orm-sa, do thugas-sa
ortha so é, ionus go mb' aon iad, fé mar is aon sinne.
Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go
mbeidís beachtuighthe i n-aon; agus go n-aithneóchadh
an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais
grádh dhóibh seo fé mar a thugais grádh dhómh-sa. A
Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an
áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon
liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an ghlóire a
thugais-se dhom, mar gur thugais grádh dhom roimh
cruithniú an domhain. A Athair atá ró-cheart, ní
raibh aithne ag an saoghal ort; ach bhí aithne agam-sa
ort; agus bhí fhios acu so gur chuiris-se uait mise.
Agus do thugas-sa dhóibh, agus tabharfad, eólus ar
t'ainim; ionus, an grádh a thugais-se dhómh-sa, go
mbeadh sé ionta so, agus mise ionta.



CAIBIDIOL XVIII.



Tuairisg Pháis Chríost.



Nuair a bhí an chaint sin ráidhte ag Íosa chuaidh sé
amach, mar aon le n-a dheisgiobuil thar sruth
Chedrón, mar a raibh gáirdín, agus chuaidh sé féin agus
a dheisgiobuil isteach sa gháirdín: Agus bhí fios na
h-áite ag Iúdás, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh
Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobul-
aibh. Agus nuair a fuair Iúdás buidhean saighdíúirí
agus oificeacha ó sna h-árd-shagairt agus ó sna
Fairisínigh, tháinig sé chun na h-áite agus lóchranna aige,
agus tóirsí, agus airm. Agus ó bhí fhios ag Íosa gach
nídh d'á raibh le teacht air, chuaidh sé amach agus
dubhairt sé leó: Cé 'tá uaibh? D'fhreagradar é:
Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é.
Agus bhí Iúdás, an fear a dhíol é, 'n-a sheasamh 'n-a
dteannta. Agus chomh luath agus adubhairt sé leó,
Is mise é, chuadar i ndiaidh a gcúl agus thuiteadar
ar an dtalamh. Ansan d'fhiafraigh sé dhíobh airís:
Cé 'tá uaibh? Agus dubhradar-san: Íosa an Nasa-


L. 277


rénach. D'fhreagair Íosa iad: Dubhart libh gur mise
é; agus má's mise atá uaibh leigidh dóibh seo imtheacht.
Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt sé: An
mhuintir a thugais dom níor chailleas aon duine acu.
Agus bhí claidheamh ag Símón Peadar, agus tharaing
sé an claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árd-
shagairt, agus bhain sé an chluas dheas de. Agus
Malcus ab ainim do'n tseirbhíseach. Agus dubhairt
Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill
taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh
ná h-ólfad í?



Ansan do rug an bhuidhean agus an captaén agus
seirbhísigh na n-Iúdach ar Íosa, agus do ghabhadar é;
Agus do rugadar i láthair Annas ar dtúis é, óir
b'é sin athair céile Cháipais, árdshagairt na bliana
san. Agus b'é Cáiphas an t-é thug an chómhairle
úd do sna Iúdaigh, gur bh' é a leas aon duine amháin
d'fhághail bháis ar son an phobuil.



Do lean Símón Peadar, ámhthach, agus deisgiobul
eile, Íosa. Agus bhí aithne ar an ndeisgiobul eile
sin ag an árdshagart, agus chuaidh sé isteach i bhfochair
Íosa i halla an árdshagairt. Agus bhí Peadar 'n-a
sheasamh i n-aice an doruis lasmuigh. Ansan, an
deisgiobul eile sin go raibh aithne ag an árdshagart air,
d'imthigh sé amach agus do labhair sé le cailín an
doruis agus thug sé Peadar isteach. Agus dubhairt
cailín an doruis le Peadar: Nách duine de dheisgiobul-
aibh an fhir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eadh.
Agus bhí na seirbhísigh agus na h-oificeacha 'n-a sea-
samh i n-aice na teine, 'ghá dtéidh féin, mar bhí sé fuar;
agus bhí Peadar 'n-a dteannta, leis, agus é 'n-a
sheasamh, 'ghá théidh féin.



Agus do cheistigh an t-árdshagart Íosa i dtaobh
a dheisgiobul agus i dtaobh a theagaisg. D'fhreagair
Íosa é: Do labhras go h-osgailte leis an ndomhan;
dheineas teagasg i gcómhnuighe sa tsinagóig, agus sa
teampul, mar a gcruinníghid na Iúdaigh go léir; agus
níor labhras aon nídh fé cheilt. Cad 'n-a thaobh duit
mise cheistiú? Ceistigh na daoine a bhí ag éisteacht le
u-ar labhras leó; féach, is eól dóibh seo cad 'dubhart.


L. 278


Nuair adubhairt sé an méid sin do bhuail seirbhíseach
a bhí láithreach buille bhais ar Íosa agus dubhairt sé;
An mar sin a thugann tú freagra ar an árdshagart?
D'fhreagair Íosa é: Má's olc mo chaint, tabhair fiadh-
naise ar an olc; má's maith í, cad chuige dhuit mé bhua-
ladh? Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag
triall ar Cháiphas an t-árdshagart.



Ach bhí Símón Peadar 'n-a sheasamh 'ghá théidh féin
Agus dubhradar leis: Nách duine d'á dheisgiobuil
siúd thusa leis? Do shéan seisean agus dubhairt sé:
Ní h-eadh. Ansan dubhairt duine de sheirbhísigh an
árdshagairt, gaol do'n fhear gur bhain Peadar an
chluas de: Ná feaca-sa thu sa gháirdín i n'fhochair? Do
shéan Peadar airís: agus do ghlaoidh an coileach láith-
reach.



Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an
Praetórium. Bhí sé 'n-a mhaidin an uair sin, agus
níor chuadar féin isteach sa halla, i dtreó ná
truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg.
Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus
dubhairt sé: Cad 'tá agaibh 'á chur i leith an duine seo?
D'fhreagradar agus dubhradar leis: Mura mbeadh
é seo bheith 'n-a chuirptheach ní thabharfaimís ag triall
ort-sa é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é agus
tugaidh breith air do réir bhúr ndlighe féin. Agus
dubhairt na Iúdaigh leis: Ní'l ceaduighthe dhúinne
aoinne chur chun báis. Ionus go gcómhlíonfaí focal
Íosa, an focal adubhairt sé 'ghá chur i n-iúil cad é an
bás a gheobhadh sé.



Ansan do chuaidh Pílát isteach sa chúirt airís,
agus ghlaoidh sé chuige Íosa agus dubhairt sé leis:
An tusa rí na n-Iúdach? D'fhreagair Íosa: An, uait
féin a deirir-se an nídh sin, nó an daoine eile d'innis
duit é am' thaobh-sa? D'fhreagair Pílát: An Iúdach
mise? Do dhaoine féin agus na h-árdshagairt isiad


L. 279


a thug suas dómh-sa thú. Cad 'tá déanta agat?
D'fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis
an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an
saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir
ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois
ní h-as so atá mo rígheacht-sa. Ansan dubhairt
Pílát: An rí thu, mar sin? D'fhreagair Íosa: Mar
adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus
is chuige do thánag ar an saoghal, chun go ndéanfainn
fiadhnaise do'n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis
an bhfírinne, éisteann sé le m' ghlór-sa. Deir Pílát
leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé
an focal san d'imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach,
agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bith ann.
Ach is nós agaibh-se go leigfinn duine saor chúghaibh
uim Cháisg; an mian libh, mar sin, go leigfinn saor
chúghaibh rí na n-Iúdach? Ansan do liúghadar go léir
airís agus dubhradar: Ná leig saor é seo, ach Bar-
abbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.



CAIBIDIOL XIX.



Tuairisg ar Pháis Chríost ar leanmhaint.



Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus do sgiúr-
sáil sé é. Agus d'fhígheadar na saighdiúirí coróinn
dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuir-
eadar éadach corcra uime. Agus thagaidís chuige
agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na
n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air. Ansan do
chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach,
táim 'ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná
faghaim aon choir ann. Agus tháinig Íosa amach agus
an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime.
Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine! Agus
nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é
do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubh-
airt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir


L. 280


ní bhfaghaim-se aon choir ann. D'fhreagair na Iúdaigh: Tá
dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó
bás d'fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin.
Nuair airigh Pílát an focal san tháinig tuille eagla
air. Agus chuaidh sé isteach sa chúirt airís agus
dubhairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Ach níor
thug Íosa freagra air. Dubhairt Pílát leis, d'á bhrígh
sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios
agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go
bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? D'fhreagair
Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am' aghaidh mura
mbeadh gur tugadh duit é ó'n áit thuas. Uime sin an
t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.



Agus as san amach bhí Pílát a d'iarraidh é leigint
saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má
leigeann tú saor é seo ní cara do Chaesar tu; Óir,
gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh
Chaesair. Nuair a dh'airigh Pílát na focail sin do
thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir
bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar Litostrótos;
sa teangain Eabhra, ámhthach, Gabbata. Agus b'é
lá ollamhuighthe na Cásga é, tímpal an sémhadh h-uair,
agus dubhairt sé leis na Iúdaigh: Féach bhúr rí: Ach
do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubh-
airt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh?
D'fhreagair na h-árd-shagairt: Ní'l aon rí againn ach
Caesar. Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh.
Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é.



Agus ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na
h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa
teangain Eabhra, Mar ar chéasadar é, agus beirt eile
'n-a theannta, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár
baill. Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé
ar an gcrois é. Agus b' é seo an sgríbhinn: ÍOSA
NASARÉNACH. RÍ NA N-IÚDAcH. Agus do léigh


L. 281


mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit
'n-ar céasadh Íosa achmair do'n chathair. Agus bhí sé
sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin.
Dubhairt árd-shagairt na n-Iúdach, ámh, le Pílát:
Ná sgríbh: Rí na n-Iúdach; ach go ndubhairt sé: Is mé
rí na n-Iúdach. D'fhreagair Pílát: An nídh do
sgríobhas, do sgríobhas é.



Agus na saighdiúirí, nuair a chéasadar é, do thóga-
dar a chuid éadaigh agus dheineadar cheithre coda dhíobh,
cuid do gach saighdiúir, agus a chasóg. Bhí an chasóg,
ámh, gan fuagháil inti, ach í fighte ar fad ó n-a bárr.
Agus dubhradar le n-a chéile: Ná stracaimís í, ach
cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómh-
líonfaí an scriptiúir adeir: Do rainneadar
eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrann-
aibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na
neithe sin.



Agus bhí 'n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair,
agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus
Máire Mhaghdalén. Agus nuair a chonaic Íosa a
mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis 'n-a
sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné
do mhac! Ansan deir sé leis an ndeisgiobul:
Féach do mháthair. Agus ó'n uair sin amach do ghlac an
deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.



I 'n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh
críochnuighthe, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir,
dubhairt sé: Tá tart orm. Agus bhí árthach ann agus
é lán d'fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins
agus é lán d'fhínéigir agus iosóip tímpal air. Agus
nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críoch-
nuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a
anam uaidh.



Ach na Iúdaigh, óir b'é lá an ollamhuighthe é, i dtreó
ná fanfadh na cuirp ar an gcrois i gcaitheamh na sab-
bóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d'iarradar
ar Phílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad.
Ansan do tháinig na saighdiúirí, agus bhriseadar cosa
an chéad duine, agus cosa an duine eile a bhí céasda
i n-aonfheacht leis. Ach nuair a thánadar chun Íosa,


L. 282


chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor
bhriseadar a chosa; Ach d'osgail duine de sna saigh-
diúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinig amach as, láith-
í reach, fuil agus usge. Agus an t-é a chonaic é thug
sé fiadhnaise ann, agus is fíor a fhiadhnaise. Agus is
eól dó san go bhfuil an fhirínne aige 'á rádh, ionus go
gcreidfeadh sibh-se. Óir do deineadh na neithe sin
ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: Ní bhrisfidh
sibh aon chnámh ann. Agus airís deir scriptiúir eile:
Chífid siad an t-é a shádadar.



'N-a dhiaidh san d'iarr Ióseph ó Arimataea ar Phílát
(mar deisgiobul le h-Íosa dob eadh é, ach fé chéilt, le
h-eagla na n-Iúdach) leigint dó corp Íosa do bhreith
leis. Agus do thoiligh Pílát. Agus tháinig sé agus
do rug sé leis corp Íosa. Agus do tháinig Nico-
démus, leis, an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa
sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal
céad púnt meághchaint. Agus do thógadar corp
Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis
na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh
dhéanamh. Agus bhí sa n-áit 'n-ar céasadh é gáirdín,
agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne
fós ann. Chuireadar Íosa sa tuama san, mar bhí
sé 'n-a gcómhgar, agus b'é lá ollamhuighthe na n-Iúdach é.



CAIBIDIOL XX.



Aiséirighe Chríost agus é 'ghá thaisbeáint féin d'á dheisgiobulaibh.



Agus an chéad lá de'n tseachtmhain tháinig Máire
Mhaghdalén ar maidin, agus an doircheacht fós ann,
chun na h-uagha, agus chonaic sí an leac tógtha ó'n uaigh.
Ansan do rith sí agus tháinig sí ag triall ar Shímón
Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin
le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an
Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuir-
eadar é. Agus d'imthigh Peadar agus an deisgiobul


L. 283


eile amach, agus thánadar chun an tuama. Agus bhí
an bheirt ag ruith i n-aonfheacht, agus do rith an deis-
giobul eile níba luatha 'ná Peadar, agus isé ba
thúisge tháinig chun an tuama. Agus nuair do chrom
sé do chonaic sé an línéadach leagaithe ann; ach níor
chuaidh sé isteach. Ansan do tháinig Símón Peadar
'n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic
sé an línéadach leagaithe ann, Agus an ciarsúir a bhí
ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a
bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit
amháin. Ansan do chuaidh isteach an deisgiobul eile,
a tháinig ar dtúis chun an tuama; agus do chonaic sé
agus do chreid sé. Óir níor bh'fhios fós dóibh an
scriptiúir, nár bh'fholáir é dh'eirighe ó sna mairbh.
Ansan d'imthigh na deisgiobuil abhaile airís.



Ach d'fhan Máire 'n-a seasamh i n-aice an tuama
agus í ag gol. Sa ghol di, ámhthach, do chrom sí, agus
d'fhéach sí isteach sa thuama; Agus chonaic sí an dá
aingeal, i n-éadach gheal, agus iad 'n-a suidhe, aingeal
acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaibh na
h-áite 'n-ar cuireadh corp Íosa. Dubhradar léi: A
bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí
leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar
cár chuireadar é. Nuair a bhí na focail sin ráidhte aici
d'iompuigh sí siar, agus chonaic sí Íosa 'n-a sheasamh,
agus ní raibh fhios aici gur bh' é Íosa é. Dubhairt Íosa
léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé
atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt
sí leis: A dhuine mhacánta, má's tusa a thóg é, innis
dam cár chuiris é, agus béarfad liom é. Dubhairt
Íosa léi: A Mháire. D'iompuigh sisi agus dubhairt sí
leis: Rabbóní; ('sé sin le rádh, A Mháighistir). Dubh-
airt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas
chun m' Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre
agus abair leó, Táim ag dul suas chun m' Athar agus
chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr
nDia. Tháinig Máire Mhaghdalén agus d'innis sí do
sna deisgiobuil: Do chonac an Tighearna agus dubhairt
sé na neithe seo liom.



Agus um thráthnóna an lae chéadna an chéad lá de'n


L. 284


tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na
deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach,
thainig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus
dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh. Agus nuair
adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a
lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deis-
giobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna. Ansan
dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól
an t-Athair mise seólaim-se sibh-se. Tar éis an méid
sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó:
Glacaidh an Spioraid Naomh. Na daoine go maithfidh
sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na
daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh
dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.



Ach Tomás, duine de'n dáréag, go dtugtí Didimus
air, ní raibh sé 'n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa. Agus
d'á bhrígh sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonaca-
mair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura
bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus
mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtar-
aingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach 'n-a thaobh,
ní chreidfead é.



Agus tar éis ocht lá bhí na deisgiobuil istigh airís,
agus Tomás 'n-a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na
doirse dúnta, agus sheasaimh sé i lár baill, agus
dubhairt sé: Síothcháin daoibh. Ansan deir sé le
Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo
dhearnacha, agus sín anso do lámh, agus cuir isteach
am' thaobh í; agus ná bí díchreideamhach, ach bí creid-
eamhach. D'fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis:
Is tú mo Thighearna agus mo Dhia. Dubhairt Íosa leis:


L. 285


Do chreidis, A Thomáis, mar do chonaicís mé. Is
aoibhinn do'n mhuintir ná feacaidh, agus do chreid.



Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile
mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so. Ach do
sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur
b' é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, 'ghá chreideamh-
aint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.



CAIBIDIOL XXI.



Críost 'á thaisbeáint féin d'á dheisgiobulaibh ar bruach na
faraige agus cúram a thréad 'á chur aige ar Pheadar.



I n-a dhiaidh san do thaisbeáin Íosa é féin airís do
sna deisgiobulaibh ag muir Thiberias, agus seo mar a
thaisbeáin. Bhí Símón Peadar, agus Tomás ar a
dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána
na Gaililí, agus clann Sebedé, agus beirt eile deis-
giobul, agus iad i bhfochair a chéile. Agus dubhairt
Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht.
Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d'imthigh-
eadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh
na h-oidhche sin níor rugadar ar aon iasg. Ach nuair
a tháinig an mhaidean, bhí Íosa 'n-a sheasamh ar an
dtráigh; ach ní raibh fhios ag na deisgiobuil gur bh' é
Íosa é. Agus dubhairt Íosa leó: An bhfuil aon bhia
agaibh, a bhuachaillí? D'fhreagradar: Ní'l. Dubhairt
sé leó: Cuiridh an líon amach ar dheis na luinge agus
geóbhaidh sibh. Chuireadar; agus láithreach bhí ag teip
ortha an líon do tharang isteach, bhí oiread san iasg ann.
Ansan, an deisgiobul san dob' ionmhuin le h-Íosa,
dubhairt sé le Peadar: Isé an Tighearna é. Nuair
airigh Símón Peadar gur bh' é an Tighearna é, do chuir
sé a bhrat uime (oir bhí sé nocht) agus chaith sé é féin sa
bhfaraige. Ach tháinig na deisgiobuil eile ar an luing,
mar ní rabhadar-abhfad ó'n dtír, ach tímpal dhá chéad
cúbat, agus tharaingeadar 'n-a ndiaidh an líon lán
d'iasgaibh. Agus nuair a thánadar i dtír chonacadar
gríosach ann, agus iasg anuas air, agus arán. Dubh-


L. 286


airt Íosa leó: Tugaidh anso cuid de sna h-éisg a
thógabhair anois. Chuaidh Símón Peadar suas, agus
tharraing sé an líon i dtír agus é lán d'iasgaibh móra,
céad agus caogad agus a trí. Agus bíodh go raibh
oiread san ann dióbh, níor briseadh an líon. Dubhairt
Íosa leó: Tagaidh agus ithidh rud. Agus níor
leómhaigh aoinne d'á raibh ag caitheamh an bhídh a fhiafraighe
dhe: Cé h-é thusa? Mar bhí fhios acu gur bh'é an
Tighearna é. Agus tháinig Íosa, agus thóg sé an
t-arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t-iasg mar an
gcéadna. B'shiné an trímhadh h-uair ag Íosa 'ghá
thaisbeáint féin d'á dheisgiobulaibh agus é eirighthe ó
sna mairbh.



Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le
Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-
sa dhom 'ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis:
Iseadh, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam
duit. Dubhairt sé leis: Dein m'uain do chothú.
Dubhairt sé airís leis: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil
grádh agat dom? Dubhairt sé leis: Tá, a Thighearna,
is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé
leis: Dein m' uain do chothú. Dubhairt sé leis an
trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh
agat dom? Tháinig buairt ar Pheadar, toisg é 'ghá
rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat
dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios
gach uile nídh agat-sa; tá 'fhios agat go bhfuil grádh
agam duit. Dubhairt sé leis: Dein mo chaoire do
chothú.



Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb'
óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa
n-áit ba thoil leat; ach nuair a chríonóchair, sínfir
amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios
umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat.
Dubhairt sé an méid sin 'ghá chur i n-iúil cad é an


L. 287


saghas báis go dtabharfa sédh glóire do Dhia leis.
Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige dubhairt sé
leis: Lean mise.



D'iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul
eile, an t-é dob' ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint,
an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubh-
airt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú?
Nuair a chonaic Peadar é sin dubhairt sé le h-Íosa:
Agus, a Thighearna, cad mar gheall air seo? Dubh-
airt Íosa leis: Má's toil liom-sa é dh'fhanmhaint go
dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise.
Ansan do chuaidh an focal amach ameasg na mbráithre
ná faghadh an deisgiobul san bás. Agus ní dubhairt
Íosa leis, Ní bhfaghaidh sé bás; ach, Má's toil liom-sa
é dh'fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin?



Sidé an deisgiobul a thugann fiadhnaise ins na
neithibh seo, agus do sgríbh na neithe seo: agus is eól
dúinn gur fíor an fhiadhnaise a thugann sé.



Ach tá a lán neithe eile do dhein Íosa, agus dá
sgríbhtí síos i leabhraibh iad i ndiaidh chéile, measaim
ná beadh slígh sa domhan féin do sna leabhraibh nár bh'
fhuláir a sgrí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services