Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnó Coille Craobhaighe
Title
Cnó Coille Craobhaighe
Author(s)
In eagar ag Rev. M. Sheehan,
Compiler/Editor
Sheehan, M., Rev.
Composition Date
1907
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREAS COMHRÁIDH - AN MÉID SEO I Fear ó'n Rinn. - Sé do bheatha 'sa dúthaigh seo. An Scoláire. - Go mairidh tú slán. F. ó'n R. - Cad as duit-se le do thoil? S. - Ó Bhaile Átha Cliath dham. F. ó'n R. - An fada dhuit annso? S. - Atá mé annso ó indé. F. ó'n R. - An misde a fhiafraighe dhíot cad thug ann thú? S. - Ní misde, mhaiseadh. Is ar lorg na Gaedhilge atá mé. F. ó'n R. - Má' 'seadh, do bhuail tú amach an áit cheart; mara bhfuighbhidh tú annso í ní ar an áit bheidh an locht. S. - Ní head is dócha, acht i n-a dhiaidh sin is deacair í d'fhoghluim. F. ó'n R. - Ó, in áit a chéile raghaidh tú in a taithighe. S. - Raghaidh mé le congnamh Dé. Seo rud anois fuair mé annsin thall. An bhfeadair tú dham caidé an Ghaedhealg atá air? F. ó'n R. - Ó, atá a fhios go maith. Sin "Circín na Trágha." Ar ndóigh atá a fhios ag gach aoinne annso caidé an ainm atá ar sin. Sin focal an-choitchianta annso. S. - Má 'sead ní focal bhí agam-sa é. Agus cad ghlaodhtar ar seo? (É do thaisbeáint rud éigin eile dó). F. ó'n R. - Taisbeáin dam é. (Ag féachaint dó air). Ó maithte, ní fheadar, nach air leat é? Níor airigh mé riamh cad thugtar ar sin. Saghas éigin luibhe is eadh é, agus is iomhdha rud fhásann tríd (tré) an
talamh, buidheachas mór leis an Tighearna (é do tabhairt thar n-ais arís do'n Scoláire). Taisbeáin dam arís é go bhfiafróchaidh mé de Nóra Ní Chinnéide é; atá fios na rudaí seo go léir aici. S. - Ó ná bac léis, ní maith liom tú do chur i dtrioblóid. Is breágh dhíbh a bhfuil de Ghaedhilg agaibh. F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, an-iomarca atá againn dhí, dá mbadh aon mhaitheas dúinn é. S. - B'fhearr liom go mbeadh a leath nó a thrian agam-sa. F. ó'n R. - (Dar an) mbas mhaiseadh, ní mór liom-sa dhuit cuid dí, má dhéanann sí aon mhaith dhuit. S. - Atá an-chaitheamh in a diaidh agam dá bhfuighbhtheá a innsint dam cionnus is fearr cur chum í d'foghluim. F. ó'n R. - Cionnus foghluimigheann aoinne í acht bheith ag éisteacht léithe agus bheith ag dul i measc na ndaoine? S. - Atá an Ghaedhealg an-chruaidh le foghluim. F. ó'n R. - Atá is dócha. Acht féach ar an leanbh sin, ní raibh focal cainte aige atá dá bhliadhain ó shoin acht atá sí anois aige. S. - B'uil (an bhfuil) anois? F. ó'n R. - Atá, mhaiseadh, lán a chinn. S. - Atá sé i bhfad níos fusa dhó sin í d'fhoghluim ná dham-sa. II An Scoláire - Dia a's Muire dhuit. Fear ó'n Rinn. - Dia a's Muire a's Pádraig duit. S. - Nach breágh an lá é? F. ó'n R. - Is breágh an lá é mhaiseadh buidheachas le Dia. Nach é bhí go fiadhain indé? S. - Ba é. Do shíl mé gur fearthainn thiocfadh as. F. ó'n R. - Ní thagann aon fhearthainn as an ngaoith
sin mar do bhí sí a ndeas ar maidin agus aniar um thráthnóna; mar sin do bhí sí ag leanamhaint na gréine. S. - Cionnus do bhí ag leanamhaint na gréine? F. ó'n R. - Ar ndóigh, éirgheann an ghrian thoir agus i dteannta an eadarshuth bíonn sé theas; agus annsin um thráthnóna bíonn sí thiar. Nuair bhíonn an ghaoth mar sin ag leanamhaint na gréine bíonn an aimsear ar socaireacht. Agus nuair bhíonn an ghaoth agus an ghrian ag dul i gcoinne a chéile bíonn an aimsear briste. S. - Sin rud nár airigh mé fós. Nach maith atá comharthaí na haimsire agat? F. ó'n R. - Caidé an chúis ná beadh? Ní buidheachas dúinn bheit i dtaighithe na haimsire. Nach ar sin atá ár maireachtain? S. - 'Seadh nach is deacair díbh bheith i n-iúl do'n aimsir, aon rud chomh guagach sin. F. ó'n R. - Atá sin fíor acht 'na dhiaidh sin baineann an aimsear sásamh dá chéile. S. - Agus cad is dóigh leat do an aimsir anois. Ní fheadar an mbeidh aon fhearthainn ann. F. ó'n R. - Ní móide ná beidh. Ní'l aon deallradh dá mhalairt air. Beidh an aimsear briste againn go dtí an chéad lá de'n mhí seo chughainn. S. - Cá bhios duit é sin? Nach fada uainn an chéad lá de'n mhí fós? F. ó'n R. - Nuair bhriseann an aimsear i ndeireadh na rae, ní ghealann sí go mbíonn deireadh caithte leis an rae, agus ní bheidh aon rae nua againn go dtí 'n chéad lá de'n mhí seo chughainn. S. - Do bhí [me]{mé} chum dul tamall as baile nach (acht) do réir sin b' fhearr é do chur ar gcúl. F. ó'n R. - Ní dhéarfainn go mbeadh sé ag fearthainn go dtí líonadh na taoide. S. - Agus an comhartha eile é sin agat? F. ó'n R. - 'Seadh.
S. - Is fada go mbeidh siad go léir agam. F. ó'n R. - Níor bhfada go mbeidís, dá mbeadh do phócha ag brath air. III An Scoláire. - Caidé sgéal atá agat ó shoin? Fear ó'n Rinn. - Ó nach tú sin? S. - Is mé. Bhfuil aon sgéal eile agat dam nó ar thuit mórán de'n dubh ar do chuid prátaí ó shoin? F. ó'n R. - Ní dhéarfainn gur thuit mhaiseadh, nach atá go leor ag gearán air. S. - Bhí mé ag caint le fear indé agus adubhairt sé liom go raibh leath a chuid prátaí dóighte aige. F. ó'n R. - B'fhéidir gur fear é sin nár chuir amach an chloch ghorm so. S. - Ní fheadar mé é sin duit, nó an fé (féidir) gur dhein an tóirneach so aon díoghbháil dóibh bhí againn an lá fá dheireadh. F. ó'n R. - I mbasa maiseadh, bíodh a fhios agat nár dhein sí aon mhaith dhóibh acht tóirneach b'eadh í bhí i bhfad ó bhaile. Caidé an éifeacht í seach is an tóirneach bhí againn atá cúpla bliadhain ó shoin nuair do marbhadh ba annso thuas le n-ár n-ais istig sa tigh ar linn a's an bhean bheith ag dul dá gcrúdhadh (mbleaghadh). Do bhladhm an tóirneach agus do thuit an bhean i laige d'éirig a croidhe uirre agus b'é cúrsaí a báis é. S. - Atá mo sgéal-sa i dtánaiste do do sgéal-sa. F. ó'n R. - Agus bhfuil sgéal agat-sa ag tagairt dó sin? S. - Atá sé annso i mo phóca agam. Féach air, éist go léighfidh mé dhuit é: "D'fhág mé féin agus Maidhc ar maidin chum dul anonn le dhá chaora. Aonach na Márta ba eadh é. Is dóca go bhfuil thimcheall trí bliadhna déag ó shin anois. Do bhí ceann de na caorchaibh an-mhillteach. Nuair do
bhaininn an langaide dhé d'iontuigheadh sé ar an ngar- sún agus do bhí eagla orm go ngoirteóchadh sé é. "Atá mo dhearbhráthair ag dul go dtí an aonach," arsa mise "téidh ó dheas agus abair leis bheith ag teacht i mo choinne an bóthar." D'imthig an garsún chom-mear 's do bhí aige. Bhí an garsún imthighthe uaim agus d' ionntaigh mé féin an bóthar céadna. Is gairid ó dheas bhí mé nuair tháinig an chéad tóirneach. Tháinig cioth mór cloich-shneachta bhí chomh mór gach aon ghráinne dhé le do dhorn. Tháinig an dara tóirneach annsin agus an splannc mhór so. D'imthig an teas thar m'aghaidh míle buidheachas leis an Tighearna, agus chuaidh sí i dtalamh ar an dtaobh eile de'n chlaidhe agus threabhaidh sí roimpe as sin go dtí clocha na trágha. Shoilltigh (shamhluigh. - De H.) sí dham chum bheith chomh dearg le teine agus sprainnlíní ag imtheacht leis. Do chaith mé mé féin ar mo ghlúnaibh ar lár an bhóthair agus aon suim agam innte, do bhí an leithéid sin do sgannradh orm. Tháinig mo dhearbhráthair annsin agus sé do thóg suas de'n mbóthar mé agus sé chuir isteach sa drae mé roimh na caorchaibh. Tháinig sé i m'fhochair go dtí Dún Garbhán agus sé dhíol na caoirigh dham. Annsin nuair chuadhmar anonn sé an scéal bhí thall romhainn ag gach aoinne nach (acht) dhá bhó le fear ó bharr an t-sléibhe bhí marbh ag an tóirnigh." F. ó'n R. - Agus cia sgríobh síos an scéal sin duit? S. - Mé féin sgríobh síos é acht Máighréad ní Mhuirgheasa thug dam é. F. ó'n R. - a atáir-se in iul do'n chóir aithris. Ba dhóigh le duine gurabh í féin bheadh ann. IV Fear ó'n Rinn. - An tú Seán? Seán Scoláire. - Is mé. Cionnus atá tú ó shoin? F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, sa sean-ráidhtibh i gcomhnuidhe,
gan bail ná baoghal orm. Cad do mhairbheóchadh (mhuirbhfeadh) sean-rud? S. - Bhfuil an brothall ag cur ort? F. ó'n R. - Níl mhaiseadh. Ní misde linn an brothall an t-am so (do) bhliadhain. S. - Agus an maith an rud an brothall anois? F. ó'n R. - Dar ndóigh, a dhuine mhuinnteardha, sé an brothall atá chum seasamh anois dúinn. Sé an brothall atá ó na prátaibh agus ó na barraíbh go léir chum iad d'aibiughadh. S. - Is dócha go bhfuil an ceart agat. Atá coinne agam go ndéanfaidh sé bliadhain mhaith rathamhail díbh. F. ó'n R. - Déanfaidh, le congnamh Dé, agus má leanann an brothall so agus go bhfanfaidh an tóirneach agus an ceo uainn ní baoghal go ndubhfaidh na prátaí orainn. S. - Agus an ndéanfadh an dubh mórán dioghbhála dhóibh? F. ó'n R. - Ara dhéanfadh. Dá leathanóchadh an dubh ar na prátaíbh ní bheadh ceann againn, a dhuine. S. - Agus an bhfuil aon rud agaibh a choingbheóchadh uatha é? F. ó'n R. - Atá sórt éigin stuif tháinig amach le deidheanaighe. Cloch ghorm thugainn siad air. Do- gheibheann siad sna siopaibh é; annsin cuireann siad i ndeabhach é agus cuireann siad uisge air, agus ann- sin é do choimhéad measgaighthe go gcuirtear sa machine é. Cuireann an fear ar a dhrom annsin é díreach mar bheadh mála an phuist agus strapaí leathracha aniar treasna air. Gheobhaidh sé annsin i gclais na bprátaí agus béarfaidh sé ar phíopán air agus beidh sé dá leathadh leis roimhe ar na crannaibh díreach mar do bheadh fear sa mbaile mór ag leathadh uisge ar an luaithreán chum é do bhascadh. S. - Caidé an mhaith a dhéanann sin dóibh? F. ó'n R. - Coimhéadfaidh sé gan iad go dhubhachaint (dhubhadh). Adeireadh an tsean-dhream fadó grubh é
toil Dé é; acht anois adeir siad gur galar atá ós a gcionn dáltha gach aon rud eile, an duine agus an beathaidheach agus na barraí. Níl aon ghalar ná fuil a leigheas féin dó. S. - Agus an mbíonn aon cheann dubh orra tar éis an stuif seo do chur amach orra? F. ó'n R. - Well, an méid chuir amach anuraidh é, do chuaidh sé go han-mhaith dhóibh. Ní adeirim ná raibh fo-cheann dubh aca. Nach mór an nídh an chuid is mó díobh do theacht slán tar éis a bhfuil dá nduadh faghtha againn? S. - Is dócha go bhfuil obair an domhain ag baint leo mar phrátaí. F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, is amhlaidh atá an sgéal, atá an bhliadhain caithte agat leo, agus b'fhéidir go minic saothar na bliadhna i do choinne. S. - Is aindeis an sgéal é sin, agus is dócha nach é sin an chuid is measa dhé. F. ó'n R. - Ní hé, mhaiseadh. An bhfeiceann tú an pháirc eorna(n) sin agus í ar fad sínte ag gaoith agus ag fearthainn. S. - Ní fheadar an éirgheóchaidh sí arís? F. ó'n R. - Atá a cuid éirghe déanta aici. S. - Agus ná fuil aon mhaith anois innte? F. ó'n R. - Ó, déanabham (de aon am - De H.) bhíos. Dá dtiocfadh puithín gaoithe do chuirfeadh 'n-a seasamh í, bhí sí ó bhaoghal. Níl baoghal uirre ó'n uair amháin atá sí eascartha. Dá dtiocfadh an teas agus an brothall aibeóchadh sé í. S. - Cairdé an rud é eascartha. Ní thuigim an focal sin. F. ó'n R. - Sé rud é sin nach (acht) an gráinne do bheith le feicsint ann. Féach ar an neanntóig sin. Atá sin eascartha. Aon arbhar atá tar éis teacht amach as an dúbail (inteach) atá sé eascartha. S. - Ó, tuigim anois. Is fearr dham bheith ag cur chum bóthair. Atá an scoil ar siubhal anois. Do-chím
na scoláirí eile ag triall uirre. Lá breágh anois agat. F. ó'n R. - Go n-éirghidh an t-ádh leat. Is dócha na beidh tú i bhfad go ngeobhaidh tú an tslighe arís. S. - Ó, ní bheidh, le conghamh Dé. V An Scoláire. - Anois tháinig tú isteach ó'n bhfairrge? An t-Iasgaire. - Seadh, a dhuine mhuinnteardha. S. - Agus cad ba chor díbh aréir, nó a' bhfuair sibh aon téagar éisg? I. - Fuaramar roinn aréir, acht i gcúrsaíbh rioth na seachtmhaine seo chaitheamar níor bhfiú liom a rádh go bhfuaramar dada. S. - Ná faca mé cnádáin agus deargáin agus leitheóga agus sgadáin agus macraelí leis, agus atá tú ag cásamh ar an luigheadh mharbh tú. I. - Dá mhéid fhéachann sin do do shúilibh, nuair atá a sgair féin ag gach aon fhear, atá sé beag go leor ar ball. Agus nuair atá a dhínnéar ag gach aon fhear as a sgair féin, is ar éigean atá dhá phinginn spártha aige. S. - Agus an mar sin an cor díbh i gcomhnaidhe? I. - Ó, ní headh. Is minic do dhíolfadh aon oidhche amháin costas na seachtmhaine go léir. S. - Agus bhfuil go leor costaisí ag baint libh? Badh dhóig le duine go seasóchadh ná báid sin go deo, ná fuil oraibh acht costas an chéad lae. I. - Dheireadh díth-céille, a dhuine. Atá ball gach aon lá ó iasgaire. Rud d'oirfeadh do'n sgadán, ní oir- feadh sé do'n macrael, agus rud d'oirfeadh do'n macrael, ní oirfeadh sé do'n colmóir, agus mar sin. Caithfidh tú gach aon rud do fhriotháileamh leis an rud oireann dó féin. S. - Agus ná déanfadh aon bhall amháin an colmóir agus an sgadán agus an macrael do mharbhadh díbh?
I. - Ó, mhaise, ní dhéanfadh. Atá líon ann a dtug, tar trammels orra, agus sin é mharbhann an colmóir. Bíonn lúba (mogail) móra ionnta. Lúba beaga bhíonn i gceann an sgadáin. S. - Ó, anois atá mé dá thabhairt fá ndeara. D'im- theóchadh an sgadán tré lúb na trammels, agus do bheadh lúb líonta na sgadán ró-bheag chum an colmóir do dhul in achrann ann. Agus an gcosnuigheann na líonta so go leor airgid? I. - Do chosnóchadh aon líom amháin suas le ceithre fichid púnt. Bhí iasgaire bocht annso agus do chaill sé a chuid líonta agus ní fhuaradh a dtásg ná a dtuairisg ó shoin. Do chaitheadh míol-mór isteach áit éigin de Chonntae an Chláir atá a dó nó a trí de bhliadhntaibh ó shoin. Bhí sé os cionn fiche troigh ar faid. Bhí sé marbh. Do bhí sé in achrann i líon mór sgadán. Ainm iasgaire Sasanaigh bhí ar an líon, fear ó bhaile éigin ar an dtaobh thoir de Shean-Shasana. S. - Ba iongantach an stracadh rinne sé, dá ion- fairt agus dá iomlata féin agus ag briseadh na fairrge ar gach taobh dé. Ag teannadh na snadhma (snaidhme) bhí sé in áit í do sgaoileadh. I. - Seadh, agus féach caidé an chreach a leithéid sin do bhualadh fá fhear bocht agus a chuid líonta. Shin é cuid na bliadhan ar fad imighthe uaidh, agus b'fhéidir fiacha in a fhochair dá ndeasga. Mar sin bhíonn iasgairí a mbíonn an t-ádh leo agus iasgairí eile a mbíonn an mí-ádh orra. Dá mbeadh an fhairrge lán d'iasg, do bheadh cuid aca ar bheagán díobh. Iasgairí eile agus dá mbadh is gan ann acht breac, do thuit- feadh sé chuca. Acht an té a mbeidh an t-ádh ar maidin leis, beidh sé um thráthnóna leis. S. - Mhaise, n'fheadar mé. Le daoinibh féin ritheann seisean. I. - Dá dtiocfá im fhochair ar feadh seachtmhaine, sin é an uair do bheadh a fhios agat cia aca an ceart nó an t-ain-cheart atá agam.
S. - Agus an leigfeá leat mé? I. - I mbasa leigfead agus fáilte, agus má thagann aon tinneas fairrge ort, sé an tinneas is lugha chuir ar duine riamh é. VI Siobhán. - Dia agus Muire dhíbh annso. Máire. - Dia agus Muire dhuit agus Pádraig. Is mór an radharc do shúilibh tinne tú d'fheicsint, nó ní fheadar cad dheineamar as an t-slighidh ort. Ní fhaca- mar leis na ciantaibh thú. Siobhán. - Masa níor dhein sibh dada. B'fhearr dham mo lámh do leagaint (leagadh) ar seo. Bail ó Dhia ar an obair, in ainm an athar, an mhic 's an spioraid naoimh. Atá an sean-nós agaibh-se i gcomhnuidhe. Máire. - Maite, nós bhí ag ár n-athair ag ár máthair agus a ghabh romhainn. Ní bheidhmíd-ne go deo chomh maith leo. Siobhán. - Masa, a bhean an tighe, is mór an mórtas cuigeann d'feicsint. Is iongantach d'iontaigh an saoghal amach ar fad agus ar leathad. Máire. - Masa, sin é mar atá, inghean ó, gach aon rud ag dul ar an tsaorgáid (saordháil). An Scoláire. - Cia aca dhéarfá is fearr dhíolfadh do thuarastal leat? Máire. - Cad dó atá tú dá thagairt sin. An Scoláire. - Atá mé ag tagairt do tigh an uachtair agus do'n t-sean-lámh. Máire. - Ó, seadh, anois thuigim tú. Níor thástáil mé riamh fós teach an uachtair. Dhéarfadh daoine leat gur fearr dhíolfadh teach an uachtair do thuarastal leat ná an t-sean-shlighe, iad so bhfuil an dá shlighe tástálta aca. Siobhán. - Maite creidim go bhfuil briste ar an gcuiginn. Bhfuil Nóra annsin? Abair léithe brostu-
ghadh uirre go mear agus uisge do thabhairt léithe le haghaidh an im do nighe. Máire. - Ní fheadar an dóigh leat an bhfuil sí bailighthe? Siobhán. - B'fhéidir go mbadh fearr dhuit leanamhaint dí tamaillín beag eile. Máire. - Fagh an tubán dam go sgaoilfidh mé amach cuid de'n mbláthach dí. Seo, a bhuachaill óig, deoch de'n mbláthach duit. Bíonn sí folláin. An Scoláire. - Go raibh maith agat a bhean an tighe, b'fhéidir go ndéanfadh sí maith dhom' inchinn. Maite atá sí seo go breágh. Bhí an-thart orm tar éis brothaill an lae. Máire. - Ó, a bhuachaill óig, nár airigh tú riamh go raibh leigheas i mbláthach? Scoláire. - Caidé an sórt galair bhfuil leigheas innte dhó? Sin rud nár airigheas fós acht ní haon iongantas liom é, mar is iomdha rud nua airigh mé ó tháinig mé annso. Máire. - D'airighinn ag an t-sean-mhuinntir i gcomh- naidhe go mbíodh leigheas innte do shlaghdán agus d'airghinn aca leis go raibh sí go maith do'n chabhail. Nuair do bhíodh na páistí annso agam tinn leis an triuch, thugadh an t-sean-bhean, beannacht Dia le n-a hanam, buidéal bláthaighe chucha [gac]{gach} aon lá ó thigh comhursan dúinn mar ná raibh aon bhó againn fhéin san uair chéadna agus, maite, do bhraithinn tar éis beagán laetheannta go ndéanadh sí maith mhór dóibh sa t-slighidh go ndéanfainn ó shoin go bhfuil maith sa mbláthach. Siobhán. - Bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre, atá meas- gán breágh ime agat indiu. Nach breágh cruidh atá sé an t-am so de bhliadhain. An Scoláire. - Is dócha go ndéanann feabhas na talmhan go leor dé. Máire. - Is maith é a chonghamh chuige acht atá go leor rudaí eile in iongnais feabhas na talmhan agus
is dócha gur mhaith an rud steall de grásda Dé isteach le gach aon rud eile. Siobhán. - An chuid is mó atá ó'n im acht glanachar (glaine) agus aireachas. Máire. - Atá go leor talmhaintí agus ní bhíonn aon sochar aca ar an mbainne an t-am so de bhliadhain. Is amhlaidh bhíonn an t-im aca 'na ghruth. An Scoláire. - Is deacair an t-im d'fhaghbháil 'na cheart. Atá go leor rudaí ag baint leis, agus, má theipeann (theibeann) aon chuid aca sin ort, beidh thiar ar an im. Do léigheas as leabhar go gcaithfeadh an oiread sin teas do bheith sa mbarraille nó sa tigh a mbeadh an bainne ann, agus na ba do bheith ar foghnamh, agus gan oiread a's le haon tor amháin de droch-luibh do bheith ag fás ar fuaid na talmhan. Siobhán. - Maite is deacair dó bheith go maith, nuair atá an oiread sin chum díoghbháil do dhéanamh dhó. Is deacair dó gan ceann éigin aca do theacht 'na choinne. Máire. - Agus cá bhfágfá lucht piseog? An Scoláire. - Á, ní chreidfinn go bhfuil a leithéid sin in aon chor ann. Libh féin ritheann na rudaí sin. Ná cuireadh an saoghal in a luighe oraibh go bhfuighbheadh lucht piseog a leithéid sin de ghnó do dhéanamh. Máire. - Maite, a bhuachaill óig, n'fheadar mé. Do- chonnaic mé féin cuid de'n ghnó i dtigh a rabhas. An t-im annsúd agus é 'na ghruth, agus ná féadfá dul 'na ghoire le boladh. Agus féach féin, ná taisbeán- fadh sin duit go bhfuil diabhlaidheacht éigin ar bun aca? An Scoláire. - Nách cuimhin leat cad adubhairt mé ó chianaibh, go bhfuil an oiread sin uait le haghaidh é d'fhaghbháil. Máire. - Ó 'se, leig dúinn féin. Ná fuil a fhios againn caidé an rud é im? Ná fuilmíd riamh ag gabháil dó, agus cur a bhaile na haimsire seo ní airigheamar riamh. Ná bidhidh in ár (dár) mbodhradh leo.
VII An Scoláire. - Go mbeirimíd slán ar an am so arís, atá an foghmhar dá bhaint. Dia dhíbh, a mhná. An ag ceangal atá sibh? Na Mná. - Dia a's Muire dhuit a's Pádraig. S. - Is trom an gort arbhair í, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre. Na Mná. - a mhaite, seadh, ba ghnáthach léithe. Bhí an pháirc seo riamh go maith chum barraí, agus i mbasa is maith an práta bhíodh ann leis. S. - Ó mhaiseadh, deacair orra mar phrátaí, atá siad an-thaomnach, atá gach aon rud ar a dtí. Bain- eann sé le deallradh ná hoireann siad do nádúir na talmhan. Atá siad díreach ar nós an turcaidhe. Atá an domhan peataireachta ag baint leo. Ó áit strainséardha thángadar an chéad lá, an práta agus an turcaidhe. Do theipeadar (theibeadar) cheana orainn agus b'fhéidir go dteipfidís arís. Ann- sin do bheadh gorta againn. Agus nach aindeis bheith ag brath ar a leithéidibh sin? Bean Cheangail. - Ó mhaiseadh, níl aon rud ann nach cainteanna; níl aon rud níos milse ná an práta. Níor bhfiú liom suidhe chum dínnéir gan iad. Féach ar an bpunann sin. Beir uirre, meádhaigh an mheádhachtain (meadhachan) atá innte. S. - Níl aon tuairim agam innte, nach (acht) féach- ann sé go breágh buidhe, slachtmhar, agus meádhta leis. B. Ch. - Maite, sí an mheádhachtain go léir acht an toradh do bheith innte. S. - Nár mhaith an rud í an tuighe? B. Ch. - Ó is maith í an tuighe do'n té d'oirfeadh sí dhó nach an té ná hoirfeadh b'fhearr dhó toradh an ghráinne. S. - Agus ná beadh an oiread tairbhe dhó sin innte le haoinne? Nach luach airgid í dá mbadh amhlaidh 's dó í dhíol?
B. Ch. - Atá an méid sin ráidhte go maith agat, acht féach ar an méid sclábhuidheachta agus an méid dod chuid aimsire atá caithte agat léithe. Caithfidh tú í bhaint agus í cheangal de'n t-sraith, studaí do dhéanamh dhí, agus annsin tar éis beagán aimsire stácaí do dhéanamh dhí. Agus seachtmhain 'na dhiaidh í tharlódh, annsin í bhualadh agus í cháitheadh, agus, dá mbadh phráinn dí, an dara leigint (léigean) do thabhairt dí; í líonadh sna málaibh annsin agus [i]{í} chur i gcóir do'n gceannaightheoir. Agus gibé luach airgid atá faghtha agus is maith atá sé ceannaighthe agat. S. - D'airighinn go mbíodh croidhléis mhór aca fadó le linn 's iad do bheith ag bualadh an arbhair. Ní fheadar an mbíonn a leithéid de ghnó anois aca? B. Ch. - Och mo chiach thú, an mar sin atá thú? Nach anois atá an chrodhléis ar fad aca ó tháinig na maisíní seo amach? Bíonn rinnce agus ceol agus amhráin ó oidhche go maidin aca. Níor dhóigh leat nach pósadh é. S. - Agus an mbíonn a leithéid sin de ghnó ar siubhal aca tar éis an lá oibre agus obair dhian leis, lá maisíne? Nár dhóigh leat gur bhfearr dhóibh dul a (do) chodladh dhóibh féin agus codladh sámh a dhéanamh tar éis tuirse an lae. B. Ch. - Ó mhaiseadh go bhféachaidh Dia ar do chloigeann, b'fhearr leo babtha rinnce ná a rinneadar de chodladh i rioth na bliadhna. Spealadóir. - Éist, a bhean. Cá mór dóibh caitheamh aimsire chomh fada is ná déanfaidís aon díoghbháil ná iomarca de'n ól. Nár mhaith an rud rionn beag croidhléis tar eis an lá oibre? Bíonn siad ag tnúthán le n-a leithéid agus cuireann sé meisneach ionnta chum níos mó oibre do dhéanamh. B. Ch. - Ní fheadar an mbeadh aon mhaith ionat chum an leithéid seo d'obair do dhéanamh? S. - Níor chuaidh mé riamh ag ceangal ar mo pháidh
acht is dóigh go bhfuighbhinn é dhéanam dá dtaisbeainfeá dham é. Spealadóir. - Ó mhaiseadh a mhic ó is fearr dhuit an chéird (cheárd) atá agat. B. Ch. - Beir mar sin uirre agus buail isteach le d' chosaibh í. Tarraing anois a dó nó ar trí dhe laistíbh dhé agus déan cuibhreach díobh. Coiméad ceann an laiste id' láimh chlé. Bain casadh aiste annsin, buail thimceall na punanna anois í. Snamnaig (snaidhm) anois í. Maith an buachaill tú. Caith de thiar (ar an taobh thiar) díot anois é. Spealadóir. - An té dhéanann an obair is fiú luach- saothair do tabhairt dó. Caithfimíd cuireadh do thabh- airt duit lá buailte an arbhair. Na Mná. -Ó mhaiseadh, caithfimíd. Atá deallradh ceart rinnceóra air. Atá an chois (chos) go héadtrom aige ar aon chuma. Scoláire. - Ní fheadair aoinne caidé an áit de'n domhan in a mbéinn-sé an lá sin. VIII Gearrchaile. - Gabh (an) chraobh, gabh (an) chraobh! An Mháthair. - Caith uait an choindleoir agus an sgian anois, atá siad i gcrann. A Cháitín, rioth isteach agus tabhair chugham amach mo shean-fhalaing atá istigh ar an ráca, go leathaimíd anuas orra é go dtiucfaidh an fionn-fhuaras um thráthnóna. An Scoláire. - Caidé an chúis díbh bheith ag bualadh na coindleora nuair do bhí na beacha ag imtheacht? An Mháthair. - Chum an saithe do chur i gcrann. Is dócha go gcuireann an ceol sámhán orra chum luighe ar an gcrann. An Scoláire. - Ná déanfadh aon fhocal eile iad acht na focail sin, "gabh (an) chraobh, gabh (an) chraobh"? An Mháthair. - Ní dhéanfadh, mar ná tabharfaidís
aon toradh ar aon fhocal eile. Nár airigh tú riamh go raibh ciall ag na beachaibh agus go mbailigheann siad leo a gcuid meala ó choilltibh na gcraobh? An Scoláire. - An luigheann siad comh gairid sin do'n tigh i gcomhnuidhe? An Mháthair. - Masa mhuise, ní luighid. Mar bhíonn cuid de na beachaibh an-chrosta, agus b'fhéidir go n-imtheóchaidís trí mhíle go minic agus raghaidís san áit ná fuighbhthí teacht orra choidhche. B'fhéidir go raghaidís síos i siminé duine eile. Má gheobhadh an duine sin teach orra badh leis féin iad, acht adeir siad gur le ádh nó mí-ádh theidheann saithe beach go dtí ti' (teach) dhuine eile. Ach má seadh féin, is dócha ná cuirfeadh aoinne uaidh iad. Is minic gur le ádh thagann siad go dtí duine, agus b'fhéidir nár mhóide sin ná iad do dhul leis an mí-ádh chuige. Is minic bhaineadar siubhal maith asainn, nuair do raghaidís i bhfad ó bhaile. Cuimhnighim go maith tar éis eadarshuth Domhnaigh, nuair d'éirigh saithe ar bhean bhí ar an mbaile, agus d'imthigh gasradh againn-ne as a ndiaidh, óg agus aosta, agus níor stadadar gur chuadar síos i lár Faill an Staicín. Do chuadar isteach i bpoll agus ní fhuaradh teacht orra ó shoin, agus meireach (muna mbeadh) mé féin do bheadh mac na mná marbh sa bhfaill, mar do chuaidh sé síos go dtí leath na faille ar a ndiaidh agus ní fhuair sé teacht orra. Ar a chasadh aníos dó, do bhí garsún eile ar bharr na faille, agus do shleamhnaigh cloch mhór síos uaidh. Do bhí sí ag teacht anuas sa cheann ar an té bhí thíos. Nuair liughas air agus do thóg sé a cheann, do dhruid sé anonn dhá choiscéim agus d'imthigh an chloch síos ins an áit chéadna in a raibh sé. Dá mbuailfeadh sí air, do bhí sé in a phíosaibh miona thíos ag clochaibh na trágha. Tháinig gach aoinne a bhaile agus thugadar buidheachas le Dia, gibé an rud dhein na beacha ná raibh an garsún marbh. An Scoláire. - Ba mhaith do sgair sé. Nach mór
an seó go raibh ann teicheadh ón gcloich leis an sgannradh? An Mháthair. - Do bhí, masa. Is dócha gurab é Dia do dhein dó é, agus gan é bheith le marbhadh. An Scoláire. - Agus cad dhéanfaidh sibh anois leis na beachaibh, nó cá gcuirfidh sibh iad? An Mháthair. - Cuirfimíd 'sa chruiceoig iad. An Scoláire. - Agus caidé an rud é cruiceog? An Mháthair. - Ó 'sé, cabhair Dé chughainn, bhfuil tú chomh dall mar sin? Caidé an saghas duine tú, ná feadair tú caidé an rud é cruiceog. Rioth isteach, a Cháitín, agus tabhair amach í go bhfeicidh sé í. An Scoláire. - Ó 'b í (an í) sin í? Ó is minic do- [chonnaich]{chonnaic} mé ceann aca sin, acht ní raibh a fhios agam caidé an gnó do bheadh dé. Agus an raghaidh siad féin isteach innte uatha féin? An Mháthair. - Masa raghaid, mar caithfidh siad dul isteach innte, mar níl aon fhonn reatha anois orra. Atá an fionn-fhuaras aca. Níl uatha anois acht dul isteach in a mbotháinín, agus rud d'fhaghbháil le n-ithe agus dul a (do) chodladh dóibh féin. An Scoláire. - Agus cad gheobhaidh siad le n-ithe? An Mháthair. - Gheobhaidh siad a ndóthain de shiúcaire ruadh na mbeach. An Scoláire. - Agus an íosaidh siad é? An Mháthair. - Íosaid, agus is maith an gnó leo é d'fhaghbháil le n-ithe. An Scoláire. - Agus cionnas fhanfaidh siad istigh sa chruiceoig? An Mháthair. - A Mháirín, glaodh amach ar Sheán go mbainfidh sé slat dam agus go socróchaidh mé isteach sa chruiceoig í, agus cídhfidh sé seo cionnas fanfaidh siad istigh sa chruiceoig. An Scoláire. - Cionnas chuirfidh tú an t-slat isteach innte? An Mháthair. - Déanfaidh mé dhá leath dí agus cuir- fidh mé treasna innte gach leath aca, agus chuimil-
eóchaidh mé an siúcaire dhíobh, agus geallaim duit gur mear raghaidh na beacha in achrann ionnta nuair gheobhaidh siad an siúcaire le n-ithe. Corruigh ort, a Sheáin. Atá sé ag teacht deidheanach. Déan dhá leath de'n t-slait sin go mear agus sgrios an croiceann dé go gcuirimíd isteach iad fé (sul) dtiocfaidh an drúcht orra. An Scoláire. - Cia leis an leanbh so? An Mháthair. - Liom-sa í sin. An Scoláire. - Ní fheadar an bhfuil aon fhios aici-sin mar gheall ar na beachaibh. An Mháthair. - Fiafruigh dí é; b'fhéidir go mbeadh{.} An Scoláire. - Caidé a mhéid sgiathán bhíonn ar bheac (bheich)? An Leanbh. - Bíonn ceithre cinn, dhá cheann bheaga ghairide agus dhá cheann mhóra fhada; bíonn sé cosa fútha, agus aon chealg amháin aca. An Mháthair. - Féach sin leat. An Scoláire. - Agus cad bhíonn na beacha a (do) dhéanamh sa cruiceoig? An Leanbh. - Bíonn siad ag obair dóibh féin go dian ag déanadh meala agus céireach. An Scoláire. - Cionnas gheibhtear teacht ar an mil? An Leanbh. - Caithtear na beacha do mhúchadh le briomstún (ruimh). An Mháthair. - Sin é an t-sean-shlighe bhí ann fad ó chum teacht ar an mil. Atá rudaí nua ag teacht amach gach aon lá. Atá cruiceog adhmaid anois ag daoinibh agus ní gábhadh dhóibh na beacha do mhúchadh in aon chor. Gheobhaidh siad teacht ar an mil gan baint leis na beachaibh. Is dóigh liom go gcaithfidh mé uaim na sean-chruiceoga so go bhfuighbhidh mé ceann de na ceannaibh nua so. Mar is mór an bhodaráil na sean- chinn seo cum bheith ag gabháil dóibh. An Scoláire. - An bhfuil aon bheach fá leith ann nó an mar a chéile iad ar fad?
An Mháthair. - Atá a fhios aici go maith go bhfuil. Innis dó é. An Leanbh. - Atá an mháthair-ál agus an bhainrioghain agus an bheach-tharraingthe. B'fhearr liom na beacha fiadhaine ná na beacha bhíonn sna cruiceogaibh mar bhíonn cuasnóg aca agus gheobhainn teacht ar an mil uatha gan aon trioblóid nach go minic go gcuireann siad cealg i mo láimh nó i mo aghaidh mara mbeadh éadach uirre agam. An Scoláire. - Cia aca de sna beachaibh is deise? An Leanbh. - Is deise na beacha fiadhaine mar bhíonn gach aon dath orra. Bíonn siad buidhe mar bheadh ór, agus dearg agus dubh agus clúmh an-thiugh orra agus cosa an-théagartha agus badh dheas leat iad. An Scoláire. - Agus má atá siad chomh deas sin agus go dtaithnigheann siad leat chomh maith caidé an chúis ná fágann tú an mhil aca mar lón i gcóir an gheimhridh agus gan iad do bheith ag faghbháil bháis leis an ocras? An Mháthair. - Ní fhanann siad i sna cuasnógaibh sa ngeimhreadh in aon chor, imthigheann siad leo féin agus téidheann siad i bpollaibh i sna cladhthachaibh. Is minic gheobhthá cuasnóg sa ngeimreadh agus ní bheadh mil ná beach innte act na cíoracha follamha. - Atá gach aon rud socair againn anois. Atá na beacha istigh. Leagaimíd ar an leac (lic) anois iad agus fágaimíd ann iad in ainm Dé. Atá sé in am dúinn dul isteach chum na prátaí. Is dócha go bhfuil siad beirbhighthe ag Sighle. IX Do-chonnaic an scoláire na leanbhaí ag súgradh lá, agus ag déanamh a gcluiche aoibhneasa. Is amhlaidh do- ghnídís, leanbh díobh do bheith ag rioth anall 's anonn idir gach aon bheirt agus na focail bhíodh eile - "atá fáinne ar mo láimh-se agus atá sé bog te agus aoinne
a bhfuil grádh agam dó, buailfidh mé air." Agus ann- sin do bhuaileadh sé buille sa cheann ar duine aca agus d'éirigheadh seisean agus do leanadh sé isteach a's amach, sior a's siar é, nó go mbeireadh sé air. Do shuidheadh an chéad duine annsin agus do théigheadh an ceann eile thimcheall ag déanamh an chleasa céadna. Agus mar sin dóibh ó dhuine go chéile go mbadh ar an duine deidheanach do bheadh an tóir do chur orra agus badh dhóigh leat go mbrisidís a gcosa ag teicheadh roimhe. B'ait leis an scoláire an cleas sin agus mar do b'áil leis duine dá mhíniughadh dhó rug sé ar an gceann deidheanach díobh agus do chuir d'fhiachaibh air an cheist do réidhteach dó. An Scoláire. - Agus an bhfuil aon cluiche eile agaibh dá iongnais sin. An Buachaillín. - Atá mhaiseadh, carn. Atá "sgaoil- eadh an uisge," "geataí árda" agus "girrfhiath amach" dóbair go gcuidfeadh "girrfeadh amach" deireadh liom lá de'm shaoghal. Do bhíos im ghirrfhiadh agus duine eile im dhiaidh mar chú, do bhíos ag rioth chomh mear le heagla go bhfuighbhthí greim orm gur thuiteas i ndiaidh mo chinn síos i bpoll agus do shíleas go rabhas marbh. S. - Badh dhóigh le duine ort, a gharsúin, go bhfuil tú an-aosda. B. - Gibé aos atá agam do bhain sin dam. S. - Agus 'dé 'n t-aos atá agat? B. - Atá mé seacht mbliadhna chum na feil' Michíl seo chughainn. S. - Nach léir atá tú ar d'aois? B. - 'Dé chúis ná béinn? Nár airig mé mo mháthair dá rádh an lá fá dheireadh go raibh dá bliadhain ag Tomáisín orm. Agus atá seisean naoi mbliadhna. S. - Agus mo dhearmhad, dóbair ná cuimhneóchainn ar a fhiafruidhe dhíot mar gheall ar na cluichthibh eile. Innis dam cionnas dhéanann sibh "sgaoileadh an uisge." B. - B'féidir go mbeadh fiche duine againn ann agus
greim againn ar lámhaibh a chéile. D'imtheóchadh ar duine deidheanach amach fá osgaillibh an chéad bheirt agus gach aoinne eile in a dhiaidh agus do leanfaidís orra mar sin agus b'fhéidir go raghaidís míle slighe fé (sul) stadfaidís agus go deimhin do bheidís cortha go maith ag casadh a bhaile dhóibh. Agus maran (muna) raibh a fhios agat cionnas do dhéanfaidhe "sgaoileadh an uisge" bíodh a fhios anois agat. S. - D'airig mé saghas éigin eile cluiche ag na páistíbh an oidhche fá dheireadh. Is dóigh liom gur "druingide, draingide" bhíodar a rádh. An bhfeadair tú dham aon rud mar gheall air? B. - I mbasa mhaiseadh atá a fhios, mar is minic, do dheineas féin é. Is minic thug sé guailne teo dham. Cuir do cheann i mo bheinn agus taisbeáinfead duit é. Caithfidh mé do ghuailne do bhualadh le mo dhá dhorn ar linn 's bheadh mé ag rádh na bhfocal. "Druingide draingide Ar chnámh do cruite-se, Taidhse má taidhse, Laidhre má laidhre, Bhfuil an gabha dubh annsin, Atá se amuigh annsin; Adubhairt sé liom-sa Dul go dtí an cheárdchan, Boilg a shéideadh, Spící a dhéanamh; Húra, hára hup 'Dé mhéid adharc ar mo phéire poc?" S. - Cad é an bhrígh atá leis sin, 'Dé mhéid adharc ar mo phéire poc?" B. - Sin iad méarna mo lámh agus caithfir-se a thomhas 'dé mhéid méar bheid in áirde agam-sa agus mara (muna) mbeidh fhios agat, caithfidh thú luighe síos arís agus cuirfead-sa "Druingide" eile ort. S. - O seadh is dóigh liom go bhfuil sé agam anois,
acht caithfidh na focail bheith go ceart agam. Fan go ndéarfaidh mé dhuit iad. B. - Diabhal seo acht tú. Atá an-mheabhair agat. S. - Níl leath-bhaoghal orm, mhaiseadh. Lá maith agat anois. Atá deitheanas go dtí 'n té orm. B. - B'feidir gur maith leat "Lúrapac lárapoc" a [bheit]{bheith} agat. S. - Badh mhaith, mhaiseadh, an chéad lá eile. X An Scoláire. - Bhíomar ag tracht an lá deidheanach ar lúrapac lárapac, agus an inneosfá dam cionnas dhéantar é? An Buachaillín - Ó 'sé masa, 'neosad. Suidh annso síos agus cuir méar de gach láimh ar mo ghlún agus cuirfead-sa mo mhéarna in a bhfochair. Tagaidh i leith annso, a bhuachaillí, go ndéanfaimíd lúrapac lárapac go dtaisbeáinfimíd do an bhfear bocht so cionnas é do dhéanamh. Is dócha ná faca sé mórán de na sean-chluichthibh seo riamh. Cuireadh gach aoinne agaibh a dhá mhéir ar mo ghlún. Bhfuil sibh go léir socair anois? An Scoláire agus na Buachaillí. - Atáimíd. An Buachaillín. - Seadh, má seadh, siúd chuige sinn. Bead-sa ag imtheacht ó méar go méar agus mé ag rádh na bhfocal so, "Lúrapoc lárapoc, Bótháinín éidín, Iongan mac is steo, Corráinteoir buailteoir, Buille beag ar bharr bata, Liom-sa agus leat-sa, Síos go dtí Tón an tighe, Plubóg bhuidhe na dtor, Atá na caoirigh thíos Ag glaodhach ort."
Is ort-sa do thuit an focal deidheanach. Tóg-se do mhéar anois. Leanfad-sa orm go dtí go mbeidh an duine deidheanach cóimhrighthe agam agus caithfidh seisean dul síos go dtí an doras, agus fanaidh go léir im fhochair-se. Tabharfaidh mise ainm ar gach aoinne agaibh agus orm féin, agus ar an té atá ag an doras. Cuimhnighidh anois ar an ainm thabharfaidh mise oraibh. Tusa an corcán, tusa an cróca, tusa boiscín an chabailéara, tusa an taobhán, tusa an portalla, tusa an cúpla, tusa an gabhal-éadan, agus mise an boimbéal, agus fear an dorais an phiniuir. Atá sibh ar fad baistighthe anois. Raghad-sa síos go dtí fear an dorais agus déarfad leis, "A fhir mhuinn- teardha, atá fearaibh (fir) mhóra mhaithe annso do bhainfeadh na lámha agus na cosa dhíot." Fear an Dorais. - Cia hiad sin le do thoil? An Buachaillín. - Atá annso an corcán, atá ann- so an cróca, atá annso an chathaoir, atá annso an oighean, atá annso an mhias, atá annso boiscín an chabailéara, atá annso an taobhán, atá annso an portalla, atá annso an cúpla, atá annso an gabhal-éadan, agus atá annso an boimbéal, agus atá annso an phinniuir, agus cia aca sin is fearr leat? Fear an Dorais. - Sgaoil chugham an phinniuir. An Buachaillín. - Is maith rinnis agus glaodhach ar do ainm féin. Tar a bhaile anois agus méar i do bhéal agat. Téidh thar n-ais arís go dtí an doras agus fan ann go glaodhfaidh tú ar ainm dhuine éigin thabharfaidh as tú. An Scoláire. - Cad dhéanfaidh tú anóis. An Buachaillín. - Déanfaidh mé na hainmneacha do shóinseáil agus a mhalairt d'ainm do thabhairt ar gach duine agus cead ghlaodhach do thabhairt do fhear an dorais arís. An Scoláire. - Agus má ghlaodhann sé ar aon ainm acht ar a ainm féin, cad is cor dó?
An Buachaillín. - An té nglaodhfaidh sé air caithfidh sé dul síos go dtí an doras agus é do thabhairt aníos annso ar a dhrom leis agus é féin dul síos in a áit. Ó féach, shid (siúd) í aníos Cailleach na gCnap agus cleath mhór bhata aici. Teichimís go léir nó tá deireadh linn. XI "BIRÍN A' BHEO AGUS BIRÍN A' MHAIRBH" Bheadh gach aoinne suidhte thimcheall ar an teinidh agus chuirfidhe cipín sa teinidh agus do thógfaidhe amach é, nuair do bheadh sé dearg, agus do dhéarfadh an chéad fhear do thosnóchadh "Sgaoil mo bhirín ort." Do dhéarfadh an fear badh ghiorra dhó: "Cad is birín duit?" Do dhéarfadh an chéad fhear arís: "Birín a' bhéo, birín a' mhairbh, má gheibheann tú bás idir mo dhá láimh, bíodh an t-srathar rum (orm)." Do bheadh an cipín dearg in a láimh nuair do bheadh sé ag rádh an mhéid sin. Do shéidfeadh sé trí phuth dá anáil ar an gcipín agus do thabharfadh sé do'n té bheadh taobh leis annsin é. Do dhéarfadh seisean na focail chéadna. Thabharfadh sé annsin do fear eile arís é. Do bheadh an cirín ag dul ó dhuine go chéile go raghadh sé as. Pé'r (gibé ar) domhan duine raghadh sé as air, dhúnfaidhe a shúile agus bheadhfaidhe ag cur gach aon rud os a chionn, féachaint an bhfuighbheadh sé a thomás cad bheadh os a chionn. Siad na focail dhéarfaidhe ná "Trom, trom, cad atá os do chionn?" Dá dtomhaisfeadh sé annsin do an chéad iarracht é, do bhí sgaoilte leis. Mara (muna) dtomhaisfeadh, bheadh- faidhe ag cur rudaí go leor os a chionn ar ball. Mara (muna) bhfuighbheadh sé é do thomhas ar aon chor, b'fhéidir go dtabharfaidhe párdún sa deireadh dhó.
XII SEÁN DEARG Uilliam Thadhg. - Mise Seán Dearg. Fear pingne tusa, a Shéamais, ó's tusa is giorra dham. Fear dhá pinginn thusa, a Dhoghair. Fear trí pingne thusa, a Chadhla. Fear tuistiún (teastún) thusa, a Nants. Fear chúig phingne thusa, a Nóra. Fear réalaighe (réalach) tusa, a Mháire. Cuimhnighidh go léir ar bhúr n-ainm anois. Aoinne mbeidh a ainm ráidhte trí huaire, beidh paiste súgha air. "Mise Seán Dearg ó Charraig an Aonaigh, atá ag díol mo chuid anairte le fear trí pingne, fear trí pingne, fear trí pingne." Cadhla. - Cad atá oraibh ag gáire? Uilliam Thadhg. - Mar is fear trí pingne thusa, agus nuair nár thug tú freagra, beidh paiste ort. Tabhair chugham an sliogán a bhfuil an súgha air, go gcuirfidh mé paiste ar a éadan so. Cadhla. - Ní beag dam mo dhonacht gan súgha do chur orm. Cad é an freagra do thabharfainn? Uilliam Thadh. - Aireóchaidh tú anois ag daoinibh eile é. Tosnóchaidh mé arís leis. "Mise Seán Dearg, ó Charraig an Aonaigh, atá ag díol mo chuid anairte le fear dhá phinginn, fear dhá phinginn - -." Doghar. - Mise, ro-mhúirnín? Uilliam Thadhg. - Tusa, ro-mhúirnín. Doghair. - Thugais t'eitheach, ró-mhúirnín? Uilliam Thadhg. - Cad eile, ro-mhúirnín? Doghair. - Fear pingne, fear pingne, fear pingne - atá paiste ort, a Shéamais. Seumas. - Do bhí mo chluas in áirde agus do shíl mé nach í m'ainm ghlaodhadh. Uilliam Thadhg. - Tabhair aireachas duit féin feasta. "Mise Seán Dearg ó Charraig an Aonaigh, atá ag díol mó chuid anairte le fear tuistiún - -." Nants. - Mise, ro-mhúirnín?
Uilliam Thadhg. - Tusa, ro-mhúirnín. Nants. - Thugais t'eitheach, ro-mhúirnín. Uilliam Thadhg. - Cad eile, ro-mhúirnín? Nants. - Fear chúig phingne, fear chúig phingne - - . Nóra. - Mise, ró-mhúirnín? Nants. - Tusa, ró-mhúirnín. Nóra. - Thugais t'eitheach, ro-mhúirnín. Nants. - Cad eile, ro-mhúirnín? Nóra. - Seán Dearg, Seán Dearg, Seán Dearg. - Tá paiste ort, a Sheáin Dearg. Do bhí tu an thabhail. Do shíl tú ná glaodhfaidhe ar t'ainm. Tabhair chugham sliogán an t-súgha. Uilliam Thadhg. - Féach caidé an rud é bheith neamh- shuimeamhail. Do bheireadh (rugadh) orm i gan fhios dam. An dtosnóchaimíd arís leis? Bean an Tighe. - Caithidh uaibh anois é. Is fearr dhúinn an paidirín páirteach do rádh. Sé an cleas is fearr é. XIII "BHFOLACH BHFIADHAG" Cluiche seadh "bhfolach bhfiadhag" bhíonn ag na leanbhaidh nuair thagann [siadh]{siad} amach ó an sgoil lá geimhridh agus bhíonn fuacht orra. Do bheadh gasradh aca ann, agus an té badh mhó aca mar cheann ar an gcuid eile. Do bheadh "lurapoc, lárapoc" mar rann aige sin chum iad go léir agus é féin do chóimhreamh. An té a dtuitfeadh an focal deidheanach air go gheobhadh sé a chosa leis. Ar an dara cóimhreamh, do raghadh duine eile, agus ar an tríomhadh cóimhreamh, agus mar sin go dtí ná beadh ann acht aoinne amháin. Do chaith- feadh seisean bheith in a fhiagaidh agus iompód isteach ar an bhfalla agus a bhasa do chur ar a shúilibh, go dtí go raghadh an chuid eile í bhfolach i bpoill (bpollaibh) agus i bpóirsíbh. D'fiafróchadh sé, "bhfuil sibh i bhfolach?"
"Thá, thá, thá," do dhéarfadh duine aca. Do bheadh áit aca ar a dtabharfaidís an chúirt. Do bheadh gach aoinne d'iarraidh teacht go dtí an chúirt fé (sul) mbéarfadh an fiagaidhe air. An té a mbéarfadh sé air, do chaithfeadh seisean bheith in a fhiagaidhe annsin. Do leanfaidís mar sin go mbeidís cortha. XIV COILICHÍN COC Do raghadh gasradh leanbh i ndiaidh a chéile, agus do bhearfaidis ar rocaidibh a chéile. Do bheadh an té badh mhó aca i dtosach. Thabharfaidhe an t-sean-chearc uirri. Do bheadh duine eile annsin ná beadh ar an slabhradh. Thabharfaidhe coilichín coc uirre. Do thabharfadh an t-sean-chearc agus an coillichín dá ainm orra féin i gan fhios do an chuid eile. Cuir i gcás go dtabharfadh an t-sean-chearc Muiris uirri féin, agus do dtabar- fadh an coilichín Eibhlís air féin. Do thiocfadh seisean agus brodh tuighe aige mara phíopa. Do thabharfadh sé gal do an t-sean-chearc. Do thabharfadh sísin do an sicín badh ghiorra dí, mar is iad sin an lín beadh aici. Do gheobhadh gach aoinne gal as an bpíopa. Nuair thiocfadh sé go dtí an duine badh shia fiar, do chaith- feadh seisean uaidh é. Do raghadh an coileach annsin d'iarraidh a phíopa ar an t-sean-chearc. Do dhéarfadh sí gur thug sí gal dé dá sicínibh ar fad. D'fiafróchadh sé annsin de an cheann deiridh, cá raibh a phíopa, do dhéarfadh sísin gur chaith sí uaithe ar an dtalamh é. Do chromfadh seisean dá lorg. Mara bhfuigheadh sé é, do dhéarfadh sé go gcaithfeadh sé sicín d'fhaghbháil in a áit, agus sásamh éigin do bheith aige mar gheall ar a phíopa. Do dhéarfadh an t-sean-chearc leis na sicíníbh aireachas maith do thabhairt dóib féin. Do bheadh sé ag
preabarnadh annsin, agus ag rioth thimcheall d'iarraidh teacht ar cheann de na sicíníbh, agus do dhéarfadh sé, "gheobhad-sa cearc, mar is mé an coillichín coc." Do bheadh an lín ar fad as diaidh na circe agus iad ag rioth anonn 's anall, soir 's siar. Do bheadh an t-sean- chearc a rádh, "ní bhfuighbhir-se cearc, a choilichín coc, is aoirde mise ná coilichín coc, liom-sa an lín, a choilichín coc." Má gheobhadh sé teacht ar cheann aca, do chuir- fidhe ceist air sa t-slighidh ná haireóchadh an chuid eile é, "cia aca b'fhearr leat Muiris nó Eibhlís?" Má dhéarfadh sé Muiris, do bheadh sé ag an chearc i gcomh- naidhe. Má dhéarfadh sé Eibhlís, leis an gcoilichín do gheobhad sé. Do leanfaidhe air mar sin, go mbeadh beirthe orra ar fad ag an choilichín agus a rogha déanta. Cuir i gcás go dtuitfeadh cuid aca chum an choilichín do rithfeadh an chearc d'iarraidh iad do bhaint dé, agus d'éireóchaidís chum a chéile ag smachtughadh a chéile agus do bheadh deireadh leis an súgradh annsin. SEAN-CHAINT 1. An sean-thogha bhíonn ar na prátaíbh: - An chéad togha chum díola, An dara togha chum bídh, An tríomhadh togha chum síl, Cleabhráin mhuc annsin, ginidíos cearc agus screalla lachan. 2. Fear an-chruaidh ba eadh é. Do bhí cuideachta ar dínnéar aige. Ní bhfuighbheadh a bhean aon rud do dhéanamh acht mar dhéarfadh sé léithe. Adubhairt sé léithe blúire ime do chur ar an mbórd go dtí an chuideachta. Ní raibh ó an mbean acht an focal d'faghbháil. Do bhí sí ag tabhairt iomarca de an im léithe. Níor thaithnig sin le n-a fear. Do bhí an
leanbh ar a ghlún aige agus é dá bhréagadh. Do chrom sé ag crónán dó agus dó bhí sé 'á rádh: "Éadtrom éadtrom leath-is-tiar thimcheall, is mó rud dhéarfadh fear an tighe ná cuirfeadh bean an tighe suim ann." Ní thug an bhean aon chluas dó. Thug sí léithe an t-im go fairsing. 3. "Neart 'na lámhaibh nach (.i. áit) amháin an mhias," .i. congnamh mór fear bhíonn ó an bhfeirmeoir acht ní leigfeadh a chroidhe cumhang dó iad do chothughadh. 4. Bád do bhí ag baint trioscair í seo amach go dtí na clocha dubha. Do chuaidh bean leo ag baint báirneach. Do chuireadar amach ar an gcarraig í agus do chuadar féin fá dhéin an trioscair. Ar a gcasadh dóibh níor chuimhnigheadar ar an mbean do thabhairt leo agus do bhí sí ar an gcarraig. Do bhí an taoide ag líonadh. Do bhí an bhean bhocht ag liúghairig agus ag sgréachadh. Ba thoil le Dia go raibh bád eile ag gabháil tóisde (.i. tairse) agus do thógadar í. Do bhí fear sa mbád agus do dhein sé an reamhán so (.i. an rann so): - A Dhéagláin Uí Dhálaigh céad smál ort 's deacair D'fág tú do mháthair ag baint bháirneach ar an gcarraig, Bheadh sí siúd báidhte agus snátha fá n-a teangain M'reach (.i. muna mbeadh) rángaigh (.i. ráinig) sa mbéad Seán rábach a Meachair. Mac do an mbean ba eadh Déaglán a Dálaigh. Do bhí sé sa mbád d'fág a mháthair ar an gcarraig. 5. Séamus a Dálaigh agus mála mine aige, Dhá chéad phráta sáidhte sa teinidh aige, Práta in a láimh agus práta dá ithe aige, Thabharfadh sé leabhar go n-íosadh a thuilleadh aca. 6. A phuisín mí-amha, a phuisín mí-amha, Dá mbéad an cíor agam, chíorfainn do cheann.
7. Oidhche na Nodlag ní hobair le mo mhuinntir dul a (.i. do) chodladh gan bogadh beag rinnce. 8. Lá 'le (.i. Lá Féile) Brighde báine bíonn áilne ar gach síon, bíonn an teas ag dul sa ghréin agus na héin ag déanamh nead, na caoirigh (caora) ag breith na n-uan, agus an t-síon fhuar ag dul i bhfaid. 9. "Má bhíonn náire ort, atá tú ró-dhealbh." "Abair é." 10. Oidhche fhoghmhair, crúb capaill, dranna madra. Gáire Sasanaigh, ní ceart ionntaoibh do bheith asta sin. 11. Sean-bhean bheag ba eadh Síghle. "Cionnas atá tú, a Shíghle?" - "Ó 'sé, dearc is stiall, is amhlaidh mar athá an sgéal, an té thagann ar an saoghal fá phlainéid an teastúin, níl aon fhaghbháil aige ar dul i sna cúig phingnibh do deo." 12. Is fearr fuigheall ná uireasbaidh. Is fearr fairsing ná fóghanta. 13. "Cionnas atá tu?" "D'iarraidh maireachtain le leisge bás d'fhaghbháil." 14. Dá mbéadh teine sa tigh, chaithfinn mé féin do shíneadh. 15. Is mairg ná déanann uisge te le cois na (an?) loin'íthe (loingide), .i. is mairg ná déanann rud i dtosach. Loinithe seadh an bata bhíonn síos suas sa chuiginn ag déanamh ime. 16. "Bhfuil deireadh agaibh leis fós?" - "Níl ná cuimhneamh air." 17. Fear fada fionn, In a seasamh sa ngleann, Gan dada in a cheann, Acht diabhail agus deamhain. - An Feochadán. 18. An té bheidh i dtosach, beidh an ghealach in a shúilibh,
An té bheidh sa lár, beidh gioradán in a sháil, An té bheidh ar deireadh, béarfaidh an púca air. 19. A bhean an tighe shéimh, cuir do dhéirc amach chum an daill, Olann nó líon nó píosa de an mhuc (.i. muic) as an Saill (or oigheann)." (Amhrán, "Bean an daill Bháin." - O'K.) 20. Amhráinín siodaraimín-sig-seadraimín-seó Is dóigh leis na prátaíbh ná fuilim-se beo Acht brúghfad-sa cúl ag cuid aca fós. 21. "A fhir úd amuigh ghabhann go minic an ród, Bí ag cuimhneamh ar Dhia agus ag sileadh na ndeor, Bhíos-sa mar atá tusa nuair do bhí mé óg, Beidh tusa mar atá mise fá leacaibh go deo." 22. Nuair bheidh an té ólta ag mnáibh an bhaile, raghaidh suaimhneas ar an lá. - Coffee chum suain agus té chum faireacháin. 23. Galar rúin agus cúram gan cion. 24. Tú féin agus do chaipín clogaide. Fuirse fadhbach agus taidhbhse bocht. 25. B'fhéidir nár dóichighe-de dhóibh teacht leis an ádh ná leis an mí-ádh chuige. 26. Tiocfaidh lá eile fós gur trom le bó a hearball. Atáim cortha agus ní mholtar mo shaothar, Tar éis mo dhíchíll ní bhíotar buidheach díom, Is mór leo a n-ithim, is beag leo a ndéanaim, Agus ní leigtear a chodladh go solas an lae mé. 27. Seachtnuigheann (.i. seachnann) súil nídh ná feiceann. 28. Bíonn na daoine ag imtheacht do réir amhrais agus tuairme, acht tagann an sgéal bun-os-cionn i gcomhnuidhe. 29. "An té bhíonn tinn ní binn leis aon rud." "Go deimhin, is binn leis faothamh." 30. Mair, a chapaill, agus gheobhair féar. Gheobhadh an capall bás an feadh do bheadh an féar ag fás.
31. Buail an ceann agus seachain an muinéal. 32. Atá spéir breágh amach ó an bhfuinneoig seo. 33. Sé an tslíghe raibh Dochtúir de Hindeberg ag múnadh na Gaedhilge acht mar do rinne Dáibhidh Rí chuireadh seacht bhfeadha i dtalamh, agus i dtaobh (.i. do réir) mar do rinne sé sailm d'éirigh sé feadh go dtáinig ar bharr na talmhan. Mar sin do tháinig sé fá an nGaedhilg. Do bhí sé ag bogadh an fhocail roimhe go dtug sé glan le tuigsint don t-saoghal sa deireadh é. 34. Tháinig tú in gan-fhios orainn mar tháinig na prátaí dubha ar Eochaill. MAC RÍOGH NA hEASPÁINE Do bhí Fionn Mac Cumhaill lá dá laetheantaibh agus uair dá thráthantaibh agus do rinneadh aisling san oidhche dhó go raibh óglách le teacht isteach ar an náisiún thógfadh í fá árd-chíos a chlaidhimh agus a sgéithe. Do chuir sé Fianna Éireann ar chuantaibh na hÉireann go léireach (léir) agus do chuaidh sé féin ar chuan ar a nglaodhaidís Cuan Bhinn Éadair. Thug sé seacht lá agus seacht n-oidhche ag faire an chuain. Sa t-ochtmhadh lá dhó, do-chonnaic sé chuige an corrachán i mbárr na gcrann comh-fhada comh-dhíreach, mar an raibh róinte, míolta móra, éisg na fairrge lupadán lapadán ag teacht isteach ar bhuis agus an bhais agus ar bhárr bataí rámha, cubhar na habhann ag dul in íochtar, gainimh na habhann ag teacht in uachtar, iomaradh chéad sa chorrachán gan istig uirre acht aon ghaisgidheach amháin ar a nglaodhaidís Illionn Iolchrothach, mar Ríogh na hEaspáine. Ní raibh i n-a cheann acht aon t-súil amháin agus í chomh mór le mias trucaile agus caora teineadh ag rioth amach aiste. Do rinne sé ar Fionn Mac Cumhaill, díreach gacha lom agus lom gacha ndíreach, agus do bheannaigh sé dhó leis na briathraibh breágha fáidheamhla bhí ann le linn na haimsire sin, agus
d'fhiafraigh sé dhé, arbh é Fionn Mac Cumhaill é. Do labhair Fionn Mac Cumhaill leis, agus adubhairt sé leis, nach é féin Fionn Mac Cumhaill ach gurab é an áit (in) a bhfuighbheadh sé Fionn Mac Cumhaill acht thíos in íochtar an náisiúin, dá chur go dtí fear uaidh féin ar a nglaodhaidís Rí Cormac. Thug sé ceangal lá agus lán bliadhna ar a churrachán dá mb' amhlaidh 's ná beadh sé uaithe acht uair an chloig. Thugadh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóg agus sin é mar chomhairigheadh sé coisidheacht an lae sin, gur chuaidh sé an-ghairid do chúirt Ríogh Cormaic. Do bhí piast cosmhail le cat thíos in íochtar gleanna. Do chuir sí cruit ar a drom, agus nuair do shíl sé dul de léim thar an ngleann, do stop an phiast é. Do luigh sé féin agus an phiast chum a chéile ar an áit sin, agus thugadar sé lá agus sé oidhche ag fionna- choscairt (fian-ch.) a chéile. I gceann an t-seachtmhadh lae dóibh do leag sé fé thíos í agus do bhain sé an ceann dí. Do chuir an phiast a dá lapa in achrann in ubhall a sgórnaighe. Ní bhfuighbheadh sé é féin do réidhteach, acht do ghearr sé an dá chois de an dá ghlún agus d'fhan- adar ar liobarnaigh leis mar bheadh luidíní fá ghabhar. D'imthigh sé leis agus do chuaidh sé go dtí cúirt Ríogh Cormaic. Do bhuail sé buille ar an gcuaille comh- raic Ríogh Cormaic. Do chuir sé ar chrioth an chúirt agus a raibh istigh innte. "Fios amach," arsa Rí Cormac, "cia bhuail a leithéid do bhuille ar an gcuaille comhraic." Do chuaidh teachtaire amach, agus nuair do-chonnaic sé an fionna-chruth bhí ar an ngaisgidheach do thuit sé i laige. D'fhan sé annsin. Do bhuail Illionn Iolchrothach an dara buille ar an gcuaille comhraic arís. Adubhairt Rí Cormac leis an dara teachtaire dul amach, agus nuair do-chonnaic sé an gaisgidheach do thuit sé anuas ar an gcéad teachtaire. Adubhairt Rí Cormac gur gibé duine bhí amuigh gurab é bhí ag marbhadh na dteachtairí, "atá sé chomh maith dham féin dul amach." Do chuaidh
sé amach annsin, agus nuair do-chonnaic sé an fionna- chruth bhí an Illionn Iolchrothach do chrioth sé ó n-a bhonn go dtí a bhárr. D'fhiafruigh sé dhé cad do bhí uaidh. "Atá," arsa sé, "an náisiún do thógaint (thógbháil) uait le toradh claidhimh." "Tabharfaidh mise mo chuid féin duit gan bruidhean ná achrann, acht dá raghthá go dtí Fionn Mac Cumhaill, sé an fear é sheacóchaidh cath agus cruaidh-chomhrac leat." "Agus nach tusa Fionn Mac Cumhaill?" "Ní mé cheana," arsa Rí Cormac, "acht fear bocht atá fá árd-chíos ag Fionn Mac Cumhaill a dtugtar Rí Cormac air." "Gabhaim-se bog agus briathar orm féin gan greim bídh d'ithe ná deoch d'ól as aon chorn go raghaidh mé fá dhéin Fhinn Mhic Cumhaill. Is dócha gurab é theagmhaidh liom ag cuan Bhinn Éadair." D'imthigh sé leis thar n-ais. Thugadh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóg, agus sin é mar chomhairigheadh sé coisidheacht an lae sin agus chuaidh sé thar an-ais ag triall ar Fhionn Mac Cumhaill. Nuair do-chonnaic Fionn Mac Chumaill ag teacht é, do chrioth sé ó n-a bhonn go dtí a bhárr, agus d'imthigh sé ó chuan Bhinn Éadair a bhaile go dtí a chuairt féineach, agus adubhairt sé le n-a bhean tighe go raibh gaisgidheach uathbhásach ag teacht ag triall ar an gcuairt, agus "ná cuir aon phioc suime ann nuair thiocfaidh sé isteach chughat. Sé an chéad rud iarrfaidh sé ná a dhínnéar, agus bácáil an ghreideall atá annsin agus a mbácáltar uirre dótháin seacht gcath na gnáth-fhéinne. Bácáil an t-arán ar gach taobh de an ngreideall, agus tabhair dó le n-ithe é idir arán agus greideall. Raghaidh mise isteach sa chliabhán atá annso. Nuair fhiafróchaidh sé dhíot cad é an sórt leinbh atá sa chliabhán, abair gur páistín seacht míos é. Nuair íosaidh sé an ghreideall fiafróchaidh sé dhíot caidé an ghaisge dhéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir, abair leis gurab é an bhró mhuilinn atá amuigh annsin do chaitheamh naoi n-uaire thar an
gcuairt agus gan í do leigint (léigean) chum talmhan aon iarracht aca. Déanfaidh sé é sin. Fiafróchaidh sé dhíot caidé an dara gaisge dhéanaid, agus abair-se leis gurabh í a dhá láimh do chur thimcheall ar an gcuairt agus í d'iompodh i gcoinne na síne in gach aon taobh is maith leo." Do chuaidh Fionn Mac Cumhaill sa chliabhán, agus ní riabh sé acht sa chliabhán nuair tháinig Illionn Iol- chrothach isteach, an gaisgidheach. "Dia dhuit, a bhean-thige Fhinn Mhic Cumhaill." "Dia 's Muire dhuit," arsa bean-tighe Fhinn Mhic Cumhaill. "A bhean-tighe Fhinn Mhic Cumhaill, an mbeadh aon rud agat thabharthá le n-ithe dham?" "Atá sé dá bhácáil agam," adubhairt an bhean. "Ó tabhair dam go mear é mar atá mé caillte ag an ocras." Adubhairt an bhean an dara uair ná raibh sé thar leath-bhácálta. "Atá sé go maith," adubhairt seisean, "tabhair dam é." Do leig sí chuige an ghreideall agus an t-arán bácálta ar gach taobh dé. Do chuir sé órdóg a láimhe deise fá chúinne de an ngreideall, agus do bhuail sé fá n-a fhiacail é, agus do chogann sé leis é. Do bhí sé ag gabháil do an ngreideall riamh go dtí gur ith sé í go dtí cúinne beag. Nuair do bhí an gaisgidheach sásta d'fhiafraigh sé de an mbean-tighe, caidé an ghaisge dhéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir. Adubhairt sí sin leis gurab é an bhró mhuilinn a bhí amuigh annsin do chaitheamh tar an gcuairt naoi n-uaire agus gan í do leigint (léigean) chum talmhan aon uair aca. D'imthigh sé fá dhéin na brón agus an chéad iarracht bhain sé aiste ní fhuair sé í do bhogadh. An dara iarracht ní fhuair sé í do bhogadh, agus an tríomhadh hiarracht do thóg sé í agus do chaith sé thar an gcuairt í le n-a láimh dheis agus do ghabh sé i n-a láimh chlé ar ar dtaobh
eile de an chuairt í, agus do rinne sé an obair sin léithe naoi n-uaire. Do leag sé an bhró ar an áit chéadna (in) a bhfuair sé í. Tháinig sé go dtí bean-tighe Fhinn Mhac Cumhaill arís agus d'fhiafruigh sé dhí, caidé an dara gaisge dhéanann Fianna Éireann. Adubhairt sí sin leis gurab é an chuairt d'iompódh i gcoinne na síne in gach aon taobh is maith leo. D'imthigh sé fá dhéin na cuairte. An chéad iarracht ní fhuair sé í do thógaint (thógbháil) agus an dara iarracht ní fhuair sé í do thógaint (thógbháil), an tríomhadh hiarracht d'iompuigh sé i gcoinne na síne í in gach aon taobh badh mhaith leis. Tháinig sé go dtí bean-tighe Fhinn Mhic Cumhaill, arís, agus d'fiafraigh sé dhí caidé an sórt aráin é siúd thug sí dhó le n-ithe. "Caidé an chúis a bhfuil tú dá fhiafraighe dhíom?" adubhairt an bhean leis. "Mar atá a bhfuil d'fhiaclaibh i mo cheann briste i n-a mblúireachaibh ag do chuid aráin." "Is mór an t-iongnadh liom," arsa an bhean, "fear chomh garbh, chomh láidir leat go mbeitheá ag gearán ar an arán ná raibh leath-bhácáltha agam." "A bhean," arsa sé, "atá tú ag cur iongantais mhóir orm. Agus an itheann Fianna Éireann arán chomh cruaidh leis?" "Ithid agus níos cruadha, mar adubhairt mé cheana leat ná raibh sé bácáltha agam." "Is uathbhásach na fiacla atá aca," arsa sé, "agus caidé an saghas é an leanbh atá sa chliabhán agat?" "Ó atá leinbhín seacht míos ann, agus an t-arán céadna itheann sé." "An leigfeá dham," arsa sé, "mo mhéara do chur i n-a bhéal go mbeadh a fhios agam caidé an sórt fiacla atá aige?" "Ná bac leis," arsa sí, "agus ná dúisigh mo leanbh." "Go deimhin," arsa sé, "a bhean-tighe Fhinn Mhic
Cumhaill, níl mé sásta go mbeadh a fhios agam caidé an sórt fiacla atá aige." Do chuir sé a órdóg isteach i mbéal an leinbh agus do luigh an leanbh ar an órdóig nuair fuair sé istigh í agus do bhain sé amach ó an alt dé í. Do sgréach sé, agus an sgréach do chuir sé as, tugadh síos gur airigheadh sa domhan thoir í. "Dar mo láimh-se dhuit-se, a bhean-tighe Fhinn Mhic Chumaill, go marbhóchaidh (muirbhfidh) mé an leanbh." "Ná adubhairt mise leat," arsa an bhean-tighe, "gan bacaint (bacadh) le mo leanbh, agus meireach tú do bheith in do dhuine gan mheas ort féin, ní hin iomaidh le bean agus le páiste raghthá." "Atá an ceart agat gan dabht," adubhairt sé, "agus ó atá an sgéal mar atá sé agus Fianna Éireann cómh maith de ghaisgidheachaidh teichfidh mé uatha arís agus raghaidh mé a bhaile dham féineach, acht fé (sul) n-imtheóchaidh mé is maith liom go bhfeicfinn stoc (eallach) Fhinn Mhic Cumhaill." D'fhiafraigh sé dhí, cá ngeobhadh sé chum an stoc d'fheicsint. D'innis sí dhó é agus do chuir sí chúig mhíle agus fiche d'aisdear air agus do raghthá go dtí an stoc i gcúig mhíle. Ar an nóimeint ar imthigh sé, d'éirigh Fionn Mac Cumhaill amach as an gcliabhán. Do chuir sé cóta mór air agus súgán féir aniar thairis. D'imthigh sé leis na cúig mhíle. Do bhí an gaisgidheach, Illionn Iolchrothach, tar éis na cúig mhíle agus fiche do thabhairt isteach agus iad araon ag dul go dtí an stoc ion aoinfeacht. "Dia dhuit, a aoghaire na mbó," arsa an gaisgidheach le Fionn Mac Cumhaill. "Ó Dia 's Muire duit," arsa Fionn Mac Cumhaill. "An iad so stoc Fhinn Mhic Cumhaill?" arsa an gaisgidheach. "Is breágh an stoc beathaidheach," arsa sé, "agus is ró-bhreágh an stoc iad," arsa sé arís. Do chrom sé ag seanchas do an aoghaire cad bhain dó ag cuairt Fhinn Mhic Cumhaill, "agus árd-gaisgidhig seadh
iad," arsa Illionn Iolchrothach, "agus ó atáid siad chomh maith 's atáid siad atá mé ag teicheadh liom féin a bhaile uatha. Ó atá mé ag imteacht tabharfaidh mé liom tarbh ó Fionn Mac Chumhaill." "Masa féineach," arsa an aoghaire, "ní tabharfaidh, nó má thugann tú leat an tarbh, tabharfaidh tú mise leat." "Is beag an trioblóid liom tusa do thabhair liom i bhfochair an tairbh, pér sa domhan dé." D'imthigh an gaisgidheach agus rug sé ar leath-adharc ar an tarbh agus thug sé tearsna seacht n-acra talmhan de an iarracht sin é. Do léim an t-aoghaire i n-a dhiaidh agus rug sé ar an adharc eile an dá adhairc ó n-a chéile go rinneadar dhá leath dhá cheann agus riar tré n-a dhrom gur sgoileadar siar go dtí an earball é. Do labhair an gaisgidheach dhá radh gurab é an t-aoghaire an fear ba láidre do-chonnaic sé riamh, "agus nuair ná fuair mé liom an tarbh," arsa sé, "raghaidh mé thar n-ais go bhfeicfidh mé Fianna Éireann." D'imthigh sé thar n-ais, agus thug sé na cúig mhíle agus fiche isteach, agus ní raibh déanta ag Fionn Mac Cumhaill acht amháin an cóta mór do bheith bainte dhé nuair do bhí Illionn Iolchrothach isteach i n-a dhiaidh. Do bheannuigh sé do Fionn Mac Cumhaill agus adubhairt sé leis: "is dócha gur tusa Fionn Mac Cumhaill." "Is mé cheana," arsa Fionn Mac Cumhaill. "Atá uaim ort, a Fhinn Mhic Cumhaill, mo dhinnéar agus osdas na hoidhche." "Gheobhair agus fáilte," arsa Fionn Mac Chumhaill, "agus níor leig Fianna Éireann fear ar bith riamh uatha fá ocras." Do chuaidh Fionn Mac Cumhaill annsin amach agus do chuir an barr buabhaill i n-a bhéal. Do shéid sé é, agus d'aireóchthaidhe an barr buabhaill i gceithre rann-
aibh an domhain. Do chuir sé san mbarr buabhaill go raibh gaisgidheach uathbhásach ag an chúirt, agus do réir mar do bheadh Fianna Éireann ag teacht gan aon phioc a chuigint (ar bith) suime do chur sa ghaisgidheach so. Do thosnuigheadar ag teacht annsin Fianna Éireann go léireach. Do b'ait le hIllionn Iolchrothach a laighead suim bhí Fianna Éireann a chur ann, agus a thréanacht do bhreis orra. Do shuidheadar go léir chum dínnéir. Do bhí fear ar Fiannaibh [Eireann]{Éireann}, a nglaodhaidís Conán air. Sé gheibheadh na cnámha go léir ar piocadh. Do chaitheadh ubhall mairt treasna an bhúird go dtí Conáin, agus nuair do-chonnaic Illionn Iolchrothach ag dul treasna an cnámh do thug sé snab air agus do thug Conán snab ó an taobh eile air. Do bhíodar araon dá tharraing ó n-a chéile go rinneadar dhá leath de an ubhall mairt eatorra. Do choimhéad gach aoinne a raibh i n-a dhorn dé. "Is mór an seo liom," arsa Coná, "tú, gibé áit tháinig tú as go mbeidhtheá chomh droch-mhúinte agus go dtógfá amach as mo dhorn rud do bhéinn chum a úsáid, agus níl ionat," arsa sé, "acht plundairéir bacaigh," dá bhualadh leis an méidh do bhí ina dhorn de an chnámh. D'éirigh sé dá cheann mar éireochadh liathróid de falla. Sé an méid suime do chuir Illonn Iolchrothach sa bhuille fuair sé acht a lámh do chuir in áirde agus a cheann do thocas dá rádh gurbh mhaith an buille é, acht ná raibh aon phioc suime aige féin ann. Mar sin do bhí. Nuair do bhí an dínnéar ithte, d'imthigh Illionn Iolchrothach amach, agus do bhuail sé buille ar an gcuaille comhraic. Adubhart sé seacht gcéad do chur chuige ar thaobh a láimhe deise, agus seacht gcéad ar thaobh a láimhe clé, seacht gcéad in a dhiaidh aniar, agus seacht gcéad roime amach, agus seacht gcéad in aghaidh gach chúinne bhí ar a sgéith. Do ghadh sé tríotha mar do gheobhadh seabhac tré scata éanlacht (éanlaith) lá gaoithe nó dreoilín tré scata éanlacha lá Márta. Do rinne sé carnán dá gceannaibh agus dá gcos-
aibh, agus carnán mór dá gcorpaibh agus dá gcuid éadaigh. Do mharbh sé iad go léireach, agus do bhuail sé an dara buille ar an gcuaille comhraic, agus adubhairt sé an cleas céadna do chur amach chuige. Do labhair Fionn Mac Cumhaill le hOscar, agus adubhairt sé leis é féin do dhul amach i gcoinne Illinn Iolchrothaigh an chuid eile de an tráthnóna. Adubhairt Oscar leis ná raghadh, acht é féineach do dhul ann. "Agus is fada, a Fhinn Mhic Cumhaill," arsa sé, "atá tú ag cur ughdartháis orainn, agus anois," arsa sé, "tástáil féin tú féineach an tráthnóna so." "Go deimhin, atá an gaisgidheach mór ró-mhaith dhamh- sa," arsa Fionn Mac Cumhaill, "agus atá mé ró- aosta, agus a Oscair," arsa sé[.] "Is mairg duit atá 'am chur fá n-a dhéin chum troid leis, agus nuair mharbhóchaidh (muirbhfidh) Illionn Iolchrothach mise," arsa Fionn Mac Cumhaill, "beidh sibh go léireach marbh as mo dhiaidh. Mise do bhí ag coimhéad bhúr gceann oraibh agus bhúr gcion-bheathadh agaibh, acht mar sin féin," arsa sé, "raghadh mé fá dhéin an fhir mhóir." Do chuir sé air a chulaidh chatha agus cruidh-chomhraic agus d'imtigh sé fá dhéin Illinn Iolchrothaigh, agus ba dheas an buachaill é, Fionn Mac Cumhaill, fá n-a chulaidh catha agus cruaidh-chomhraic. Do bhí sé cúig throighthe agus fiche ar aoirde, ach má seadh ní raibh aon éifeacht a chuigint (ar bith) ann taobh le Illionn Iolchrothach. Do bhí sé deich dtroighthe agus dá fhichid ar aoirde, agus cúig throighthe déag idir a dhá shlinneán. Do rinneadar ar a chéile mar do dhéanfadh dá leomhan buile nó dá mhadra carnaoile. Do dhéanfaidís ball bog de an mball cruaidh agus ball cruaidh de an mball bog. Do tharraingeóchaidís tobracha (tobair) fíor-uisge, tré croidhe na gcloch nglas le foiréigean uilc agus urchóide chum a chéile. Do leanadar dá chéile go dtí bárr an tráthnóna go dtí go raibh Fionn Mac Cumhaill ag teacht cortha, agus do leag Illionn Iolchrothach fé thíos é. Do bhí sgiath ag Fionn Mac
Cumhaill, agus nuair do bheadh baoghal marbhtha air, do sgréachfadh an sgiath. Le n-a lin sin do sgréach an sgiath. Nuair d'airigh Oscar é, do bhí geata agus trí fichid geata idir é féin agus an cuaille comhraic agus do léim sé an geata agus trí fichid. Le linn 's an buille do bheith ag teacht ar mhuinnéal Fhinn Mhic Cumhaill do chuir Oscar a chlaidheamh roimh an mbuille. "Tabhair ceart dó," arsa Oscar le Illionn Iolchrothach, "leig uait anois é," arsa sé, "agus seasóchaidh mise in a áit an chuid eile de an tráthnóna." "Mhuise," arsa sé, "is beag an trioblóid liom tusa i n-a fhochair seo." Fuair sé córda cruaidh cnáibe agus do cheangail sé Fionn Mac Cumhaill in áirde idir a dhá shlinneán ar a dhrom, agus do chuaidh sé ag troid Oscair annsin. An té do raghadh ó íochtar an domhain go dtí uachtar an domhain chum féachaint ar chath agus ar chruaidh-chomhrac is orra féin ba chóir dul ag féachaint. Do leanadar dá chéile go raibh an ghrian ag dul fé. D'iarr Illionn Iolchrothach sos chomhraic ar Oscar. "Atá laochas agus obair mhór déanta agus t'réis an lae agus atá uaim reasta d'fhagháil." "Gheobhaidh tú sin," arsa Oscar. "Atá mé tnáidhte agat," arsa sé le Oscar. "Ná adubhairt mise leat," arsa Oscar, "nár bheag duit mé féin an chuid eile de an tráthnóna, agus gan é sin do bheith ar do dhrom agat." "Is díreach é," arsa Illionn Iolchrothach, "gurab é an chuid is luige de Fiannaibh Éireann ar bhuail mé fútha, agus is dócha gurab iad na fir is fearr atá romham fós." Do chuadar chum reasta agus do chaitheadar a suipéar i dteannta a chéile agus do chuaidh Illionn Iolchrothach chum codalta. Do chuir Fionn Mac Cumhaill a órdóg in a bhéal agus do chogain sé í go dtí an smior agus ó an smior go dtí an smúsach, agus do bhain sé mar fhios as an órdóig mara (muna)
gcoimhéadfadh sé Illionn Iolchrothach in a dhúiseacht an oidhche sin go mbeadh Fianna Éireann go léir marbh aige ar an dá bhuille (uair) dhéag dar (lá ar) n-a bhárach. Do labhair Fionn, agus adubhairt sé le Fearghus Bhéil Bhinn dul fá dhéin Illinn Iolchrothaigh agus caint agus seanchas do choimhéad leis ar feadh na hoidhche. "Ní raghaidh mé go deimhin," arsa Fearghus Bhéil Bhínn, "acht téidhir féin ann mar is tú is fearr atá in a thaithighe thar éis an lae." Fuair Fionn Mac Cumhaill i gcóir é féin annsin agus thug sé leis corn leanna agus d'fhiafraigh sé dhé an raibh sé in a chodladh. Do labhair Illionn Iolchrothach agus adubhairt: "atá mé i mo luighe agus níl mé i mo chodladh." "Atá laochas mór déanta agat," arsa Fionn Mac Cumhaill, "agus is dócha go bhfuil tart ort. Éirigh agus tóg an deoch so." "Sé do bheatha-sa, a Fhinn Mhac Cumhaill," arsa sé, "agus ní raibh mé riamh in a phráinn níos mó." D'ól sé siar an corn dighe do aon deoch amháin. Adubhairt Fionn Mac Cumhaill leis, má sí Éire bhí uaidh fá árd-chíos a chlaidhimh agus a sgéithe go dtabharfadh sé dó í ar maidin i mbárach gan pléidhe gan aighneas, "acht go ngeallfaidh tú dúinn go bhfanfaidh tú in ár bhfochair." "Maith an fear, a Fhinn Mhic Cumhaill. Sin a bhfuil uaim. Níl aon rud is fearr ná an réidhteach." "Atá má ag cur ceiste ort," arsa Fionn Mac Cumhaill. "Cad as duit, nó cia ar díobh tú? Is dócha go bhfuil laochas mór déanta agus sé (sul) ar bhuail té féin-sa." "A Fhinn Mhic Cumhaill," arsa sé, "ó chuir tú an cheist orm, sé an áit an ab as damh-sa nó ó ríoghacht na bhfear mór. Acht in Éirinn do marbhadh mo athair agus ar bhain liom riamh. Do bhí duine agus fiche dearbhráthair agam agus mé féin an duine ba lugha díobh. Do bhídís ag imtheacht gach aon lá agus ní fheadar mé cá mbídís ag dul. Ní raibh aon mheas aca
orm le mo laighead. Acht do lean mé iad aon lá amháin. Do bhíodar ag imtheacht riamh agus choidhche gur chuadar go dtí caisleán bhí ar bhruach na fairrge. Do bhí dubhadh na gcnoc agus na mbánta do dhaoinibh ar an áit sin agus sé rud bhíodar a (do) dhéanamh ná ag caitheamh brón mhuilinn i gcoinne an chaisleáin, agus an té is aoirde chuirfeadh í, do bhí an Rí chum a inghean do thabhairt dó le pósadh. A Fhinn Mhic Cumhaill," arsa sé, "do bhí na fir comh mór comh garbh sin agus ná fuighbhinn teacht ar an mbróin. Do bhí mé i bhfad ag fuireach (fanamhain), acht sa deireadh thiar thall thug mé léim as mo chorp agus do lámhaigh mé an bhró ar theacht chum talamh dí. Do chaith mé as mo láimh dheis í i gcoinne an chaisleáin agus do chuir mé glan ar an taobh eile í. Fé (sul) ráinig dí dul ar talamh, do ghabhas i mo chiotóig í, agus, a Fhinn Mhic Cumhaill, do rinne mé an obair sin léithe naoi n-uaire. Do chuir an óig-bhean a ceann amach i mbárr an chaisleáin nuair do-chonnaic sí an ghaisge dá dhéanamh, agus, a Fhinn Mhic Chumhaill, nuair do-chonnaic mé breághacht na mná do léim mé as mo chabhail i gcoinne an chaisleáin, do chuir mé mo lámh in a crios agus do thógas liom ar mo dhrom í ar éigean tré an dúthaigh. Do chuadhas go dtí bruach na fairrge. Do rinneas currachán, agus do chuadhas isteach innte, agus d'imthigheamar linn chum fairrge. Nuair do chuadhmar in imigcéan (in imchéin) ó bhaile do-chonnacamar an spéir ag dorchughadh ós ár gceann. Do thúirlinn anuas chughainn sa churrachán sean-duine beag liath agus rug sé orm agus ar mo mhnaoi breagh deas ar ghlaodhaidís mar ainm uirre Réaltha na Maoin. Do cheangail sé ár lámha agus ár gcosa dhá chéile, agus d'árduigh sé leis sinn in áirde san aer. Do sgaoil sé an currachán le taoide agus le mór- fhairrge, agus do thug sé leis isteach sinn chum tíreach. Do chaith sé mé in áirde i gcúl sean-chéardchan, agus thug sé leis mo bhean agus do bhain sé an fhuil aiste,
agus do rinne claidheamh bhí aige d'fhaghairt le fuil mo mhná. Do chuir sé gairm-scoile amach annsin, agus adubhairt sé leo go raibh aige anois an plun- dairéir mharbh a athair agus a shean-athair, agus ar bhain leis riamh, gurab é mharbh iad, é féin agus a mhuinntear. Iad go léir do thabhairt leo fagóidí go ndóghfaidís agus go losgfaidís é ar maidin i mbárach. Nuair fuaras amuigh é d'iarras ar an mbuachaill bhí ag an sean-duine mé do sgaoileadh. "Adubhairt an buachaill liom dá sgaoilfeadh sé féineach mé an té cheangail cheana mé go gcean- gaileóchadh (gceangailfeadh) sé arís mé. Dar mo láimh-sa duit-se, a bhuachaill gabha(nn)," arsa mise, "má sgaoileann tusa mise as an ndoinsiún a bhfuil mé ann, gach ar bhain leis riamh ní cheangaileóchadh (ceangailfeadh) arís mé chum mé do chur san áit céadna a bhfuil mé." "Sé an feall tú d'fhágaint (d'fhágbháil) ann gan dabht," arsa sé, "acht má sgaoilim-se tú," arsa sé, "agus go bhfuighbhidh an sean- duine an bhuntáiste ort, beidh mise marbh chomh maith leat féin." "Geallaim duit," arsa mise, "má sgaoil- eann tú mé go mbeidh do cheann agus do chion-bheathadh agat, agus beidh an náisiún ar fad agat atá tógtha suas ag an máighistir." "Raghaidh mé an seans leat," arsa an buachaill gabhann. Do thug sé leis claidheamh chum na téada do ghearradh bhí do mo cheangal, agus nuair do shíl sé na téada do ghearradh is amhlaidh do raghadh na téada i láidreacht. "Anois," arsa mise, "téidhir agus faigh an claidheamh do rinneadh a fhaghairt le fuil mo mhná féin." Do chuaidh, agus nuair tháinig an claidheamh i gciorracht trí troighthe do an cheangal, d'imthigh na téada in a mblúireachaibh. "Fanfaidh mise annso ins an áit a bhfuil mé," arsa mise, "agus téidhir- se i mbun do ghnótha féin, agus beidh a fhios againn cad adéarfaidh an sean-duine nuair thiocfaidh sé isteach." Nuair tháinig sé isteach adubhairt sé leis an mbuachaill gabhann: "seo anois," arsa sé, "atá mé
chum dóghadh agus losgadh bitheamhnaigh mhairbh ar bhain liom riamh, é féin agus a mhuinntear." Nuair do shil sé bheith ag dul fá mo dhéin i n-áirde go dtí an sean- chúil, do bhí mé i mo sheasamh ar lár na fear cheárdchan ós a choinne amach. Do rinneamar ar a chéile mar do dhéanfadh dá leomhan buile, nó dá mhadra carnaoile. Do dhéanfaimís ball bog de an mball cruaidh, agus ball cruaidh de an mball bog. Do tharraingeóchaimís tobair fíor-uisge tré chroidhe na gcloch nglas le foiréigean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí ar theacht an tráthnóna agus an sean-ghabha ag dul tríom. Annsin do labhair an buachaill gabhann, agus adubhairt sé liom: "Is mór an seó liom," arsa sé, "gaisgidheach chomh deallradhthach leat gurab é an sean-duine mí- ádhmharach sin atá ag tabhairt do dhóthain le déanamh duit. Croth suas tú féin," arsa sé, "agus is fada liom atá tú ag gabháil dó." Le linn agus an buachaill gabhann ag labhairt do bhí an sean-ghabha ar cnámh a chúil agam, agus do bhaineas an ceann dé ar an áit sin. D'imthigheas amach annsin agus an dream a raibh na fagóidí aca chum bheith do mo dhóghadh agus do mo losgadh do mharbh mé gach aoinne riamh aca. Tháinig mé thar n-ais isteach go dtí an buachaill gabhann agus d'fhiafruigheas dé an raibh aon ghreim aige d'íosainn. "Atá do dhóthain," arsa an buachaill gabhann. Do shuidheamar i bhfochair a chéile agus do chaitheamar ár ndínnéar, mé féin agus an buachaill gabhann. "Ní raibh díreach acht ár ndínnéar caithte againn nuair do bhí an áit lán isteach de dhaoinibh. D'im- thigheas fá n-a ndéin agus ní fheadar caidé a chúis iad, acht do dhruideas chúcha agus do mharbh mé gach aoinne riamh aca go dtí aon fhear amháin. Adubhairt an fear sin liom gan é féin do mharbhadh, agus go n-inneosadh sé dham cad thug sa tslighidh é. "Cad thug sa tslighidh sibh?" arsa mise. "A Illinn Iolchrothaigh," arsa se, "do fuadadh inghean an Ríogh, agus do chuir sé sinn-ne, tré an náisiún ag féachaint a mb'fhéidir í d'fhaghbháil."
"Dar mo láim-se dhuit-se, a fhir mhaith," arsa mise, "dá mbeadh a fhios sin agam, ní mharbhóchainn (mhuirbh- finn) aoinne agaibh. Teidhir-se a bhaile agus abair leis an Rígh go bhfaca tú Illionn Iolchrothach agus go bhfuil a inghean in a codladh agus ná faghbhfaidhe (fuighbhtí) í d'fheicsint." "D'imthig an fear leis a bhaile, agus do chuadas thar n-ais go dtí an buachaill gabhann. D'fhiafruigheas de an mbuachaill gabhann cia aca b'fearr leis teacht liom féineach, nó fuireach (fanamhaint) sa náisiún i n-a raibh sé bhí buailte amach agam féin dó. "Is fearr liom dul leath," arsa an buachaill gabhann. "Do chuadhas agus fuaireas mo bhean, Réaltha na Maoin, bhí marbh ag an sean-ghabha. Do cheangaileas in áirde idir mo dhá shlinneán í, agus d'imthigheamar, mé féin agus an bhuachaill gabhann linn-ne tré an dúthaigh. Nuair do chuadhmar in imigcéin (in imchéin) ó bhaile, adubhairt go rabhas ag teacht cortha de an mnaoi. Adubhairt an buachaill gabhann liom gur chóra dham í do chuir sa talamh mar do dhéantaoi (do-ghníthí) le n-a leithéid riamh. "Dar mo láimh-se dhuit-se, a bhuachaill gabhann," arsa mise, "meireach mar is tú adubhairt an chaint liom, do bhainfinn an ceann díot ar an áit a bhfuil tú i do sheasamh. Mo bhean bhreágh dheas," arsa mise, "Réaltha na Maoin agus a fuair mé dá duadh, ní chuirfidh mé sa talamh choidhce í." "Do rinneamar ár reasta. Do shocruigheas níos fearr ar mo dhrom í. D'imthigheamhar linn annsin, agus do chuadhmar go dtí bruach na fairrge. Do rinneas corrachán ar an áit sin. Do chuadh-sa féin agus an buachaill gabhann agus Réaltha na Maoin isteach innte. Adubhart leis an mbuachaill gabhann agus sinn istigh sa chorrachán chum imtheachta chum fairrge. "A bhuachaill gabhann," arsa mise, "is dóigh liom
go bhfuil sé ceart dam rud éigin do dhéanamh léithe agus gan í do bhreith níos sia." "Ná adubhairt mise leat," arsa an buachaill gabhann, "nach comaráduidhe do dhuine beo duine marbh." "Do rinneas caisleán ar an áit sin ar scarbhach na trágha. Thugas mar bhuaidh do an chaisleán bheith ag casadh thimcheall agus gan aon fhaghbháil é do stad go bráth go stadfainn féin é, agus dó chuireas isteach Réaltha na Maoin ann. D'imthigheas féin agus an buach- aill gabhann chum fairrge linn annsin istigh sa chorrachán, agus nuair do bhíos scathamh de an t-slighidh adubhart leis an mbuachaill gabhann go raibh uaigneas ag teacht arís orm as diaidh na mná agus go gcasfainn arís uirre. Do chuadhas thar n-ais arís fá n-a déin agus thugas liom amach as an gcaisleán í, agus d'imthigh- eamar annsin chum fairrge. Do chuadhmar isteach i náisiún eile. Do bhíomar ag imtheacht linn tré an náisiún sin, gur theagmhuigh sean-cheárdcha orainn. Do chuadhmar isteach ins an sean-cheárdchain, d'fhiaf- ruigheamar de an ngabha an raibh aon ghreim bídh aige do thabharadh sé le n-ithe dhúinn. "Atá agus fáilte," arsa an sean-ghabha, "caidé an rud é sin atá in áirde ar do dhrom agat," arsa sé. "Atá mo bhean," arsa mise, "agus í marbh. An bhfeadair tú an bhfuighbhtheá aoinne dham," arsa mise, "do chuirfeadh an t-anam innte thar n-ais arís." "Má thabharthá greim bliadhna dham ort féin, agus ar do bhuachaill tabharaidh mé mo fhocal duit go gcuirfidh mé féin an t-anam innte i gceann lá agus bliadhain." "Atáim sásta leis sin," arsa mise, "le margadh do dhéanamh leat greim do thabhairt duit orm féin agus ar mo bhuachaill. Acht bí siúrálta," arsa mise bheith in iúl le n-a hanam do chur i mo mhnaoi-sa i gceann lá agus bliadhain, nó tabharaidh tú mac do athar agus do mháthar damh-sa." "Níl aon bhaoghal in aon chor ná cuirfidh mé an t-anam innte," arsa an gabha, acht caithfidh tú coimhéad an rud chuirfidh mise amach as
poll atá annso chughat, agus mara (muna) gcoimhéad- faidh tusa é sin damh-sa, beidh lá agus bliadhain eile agam-sa ort-sa agus ar do bhuachaill." "Atá go maith," arsa mise, "dá mbeadh na deamhain aeracha féin ann do choimhéadfadh mise iad." Do chaitheamar linn an aimsear go raibh an bhliadhain caithte, agus do bhí an lá dá chaitheamh annsin. "Seadh, a shean-ghabha," arsa mise, "bhí seasmhach do do mhargadh." "Bead ar an nóimeint," arsa an sean-ghabha. Thug an sean-ghabha leis rud bhí aige cosmhail le feiréad. Thug sé mise leis, agus do chuir sé an feiréad isteach i bpoll agus mise ar bhéal an phoill agus adubhairt sé liom an rud chuirfeadh an feiréad amach as an bpoll, mara (muna) gcoimhéadfainn é go mbeadh greim bliadhna eile aige orm. "Atá go maith," arsa mise. Is gairid do bhíos nuair do léim rud amach chugham cosmhail le fiadh. Thugas iarracht ar bhreith air. Do shleamhnuigh uaim sa tslighidh ná fuaireas coimhéad i mo láimh dé acht dá ordóig a choise. Do bhíos-sa féin agus é féin ag gabháilt dá chéile, agus níor bhféidir liom ath-ghreim do bhreith air go ceann i bhfad, go dtí go bhfuaireas sa deireadh thiar thall mo dhá láimh do chur thimcheall ar a chabhail, agus do bhuaileas fúm thíos é de an iarracht sin. Tháinig an sean-ghabha agus do bhain sé braon fola as bhárr a chluaise. Thug sé leis Réaltha an Maoin agus do chuir isteach in a bhéal trí braon dí, agus do chuir sé in a súil í, agus do chuimil sé dá cluasaibh trí braon eile dí. D'éirigh sé aniar chomh sleamhain chomh slán agus do bhí sí riamh." Le n-a linn sin do bhí sé in a lá, agus adubhairt Illionn Iolchrothach le Fionn Mac Cumhaill gur le n-a chuid bladaireacht do bhí díoghbháil mór déanta aige dhó, codladh na hoidhche do chur i mugha air agus laochas mór do bhí le déanamh indiu aige. "Ná adubhairt tusa liom-sa," arsa Fionn Mac Cumhaill, "gurabh in Éirinn do marbhadh do athair agus do
sinnsear go léir agus beidh tú féin marbh ar a dá bhuille (uair) déag ar bhall ag Oscar. Ní raibh an focal ráidhte ag Fionn Mac Cumhaill nuair do bhí an buille buailte ag Oscar ar a gcuaille comhraic. Do rinneadar araon annsin ar a chéile mar do dhéanfadh dá leomhan buile, nó dá mhadra carnaoile. Do dhéanfaidís ball bog de an mball cruaidh, agus ball cruaidh de an mball bog. Do tharr- aingeóchaidís tobair fíor-uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le foiréigean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí i dteannta an dá bhuille dhéag. D'éirig Illionn Iolchrothach in áirde agus mar bhí sé níos aoirde ná Oscar d'éirig Oscar in a dhiaidh, agus do bhuail sé le n-a chlaidheamh é i dteora an chinn agus na colna. Do bhain sé an ceann dé an iarracht sin. D'éirig an ceann in áirde sa spéir, agus thug sé iarracht ar teacht ar an gcolann arís, agus dá dtiocfadh an ceann ar an gcolann, do mharbhóchadh (mhuirbhfeadh) sé Fianna Éireann go léir. D'éirig Oscar de léim amach as a chabhail, agus do bhuail se le buille coise an ceann. Do chuir sé mar reilthíni in áirde ar an aer é, agus siad atá ag tabhairt solas na hoidhche dhúinn go léir ó shoin. Do raghadh fear sé troighthe idir gach aon easna le hOscar as sin go dtí go bhfuair sé bás, agus an síneadh bhain sé as féin ag baint a chinn de Illionn Iolchrothach. AN T-SEAN-CHAILLEACH SA CHÓFRA Do bhí beirt dearbhráthair ann fadó agus do bhíodar araon pósda. Do bhí muirear mór ar cheann aca acht ní raibh aoinne clainne ag an duine eile. Do bhí fear an mhuirir an-dhealbh. Níor mhar sin do an bhfear eile; do bhí sé an-shaidhbhir. Do bhí feirm mhór thalmhan aige, agus strus agus geall air. Tháinig an saoghal chomh
cruaidh sin ar an bhfear bocht agus gan aige acht an t-aon bhó-ín amháin b'éigean dó í do thabhairt leis go dtí an aonach chum biadh agus éadach d'fhaghbháil dá leanbhaibh. Níor fhiafruig aoinne dhé ar an aonach cad bhí aige. Do dhuibh agus do theann air nuair do chaith sé í do thabhairt a (do) bhaile arís agus fios aige gurab é an dealbhas bhí sa mbaile roimhe. Do casadh stracaire air ar an mbóthar. "Dia dhuit, a fhir an tighe," ar seisean. "Dia 's Mhire dhuit a's Pádraig," arsa an fear bocht cráidhte leis. "An ag díol nó ag ceannacht bhís," arsa an stracaire. "Go bhfóiridh Dia orainn, is ag díol do bhíos agus má seadh níor dhíolas agus ní fheadar mé cad dhéanfad le mo sguaine agus gan aon rud le n-ithe aca sa mbaile agus gan aon fhaghbháil air nuair nár dhíolas í seo." "Agus," arsa an stracaire, "bhfuil aon duine muinnteardha agat d'fhuasgaileóchadh ort go bhfuighbhtheá an bhó-ín do dhíol." "Atá, a mhic ó, dearbhráthair dam i mbéal an dorais a bhfuil saidhbhreas go leor aige agus is beag an mhaith dhamh-sa é sin mar ní fhéachfadh sé orm." "Bhfuil aoinne clainne ag an dearbhráthair sin." "Ó níl, a mhic ó, agus atá a shliocht air, ní thuigeann sé dhamh-sa ná do mo chúram." "An leigfeá leat mise go lá," arsa an stracaire. "Go bhféachaidh Dia orainn ní beag dam mé féin agus a bhfuil agam do bheith ar an-áird agus gan tusa do bheith chomh dona linn." "Is cuma sin, raghad leat," arsa an stracaire. Nuair do bhíodar ag déanamh ar an ngeata do bhí na páistí ar fad ar an mbóthar ag faire go bhfeic- fidís a n-athair ag teacht. Nuair do-chonnacadh an bhó aige arís ag teacht thar n-ais, do liúghadar agus do sgreadadar agus do ritheadar, isteach go dtí a máthair agus adubhairt léithe go rabhadar réidh anois, go raibh an bhó ag teacht ag a n-athair arís. "Éistighidh, a pháistí," arsa an stracaire, "bíonn cabhair Dé ar bóthar." Agus chomh luath agus tháinig
dorchughadh na hoidhche, "éirigh," arsa an stracaire le n-a n-athair, "agus fagh mála maith mór dam." "a cá bhfuil tú chum mé do thabhairt?" "Is cuma dhuit sa tubaiste acht siubhal leat." D'imthigheadar leo agus do chuadar go dtí tigh (teach) an dearbhráthar agus do chuaidh an stracaire isteach i dtigh na bprátaí agus do líon sé an mála go maith. Do chuaidh sé isteach i dtigh an bhainne agus d'árdaigh leis meascán breagh ime. Do chuadar a (do) bhaile go dtí an bhean bhocht bhí ag baile agus adubhradar léithe corcán díobh sin do chur síos do na leanbhaibh. Do chuir agus ní baoghal go raibh aon ocras orra ag dul a (do) chodladh annsin. Nuair tháinig an dara hoidhche adubhairt an stracaire le fear an tighe éirghe agus teacht leis arís. "Ó Dia le mo anam, a Sheáin," arsa an bhean, "nó crochfar thú." "Dar fiadh féin," arsa an fear eile, "ní chrochfar an fhaid 's bhead-sa in a fhochair." Do chaith sé imtheacht leis agus do chuadar go dtí an pháirc mar a raibh beathaidhigh, agus do chas an stracaire leis an t-seafaid do b'fhearr fuair sé, agus ba ghairid an mhoill bhí air dá marbhadh agus dá cur i gcóir agus adubhairt le bean an tighe a ndóthain do chur síos do na páistíbh dí sin. Do chuir, agus, má chuir, ní gan eagla é. Do bhí iongantas ar bhean an fhir shaidhbhir, mar do bhí a fhios aici iad do bheith an-dhealbh, agus adubhairt sí le n-a mháthair ná feadar sí cad do bhí aca nó cá rabhadar ag faghbháil greim le n-ithe nuair nár dhíoladar an bhó. "Ní fheadar," ar sísin, "cionnas do gheobhaimís amach é." "Ní fheadar i mbasa," arsa an maháthair. "Raghad-sa suas go dtí Brighid (.i. bean an fhir bhoicht) agus fiafróchcaidh mé dí an leigfeadh sí dham an cófra do chur isteach sa cístin, mar go bhfuil- míd chum bheith ag bualadh an arbhair agus go mbeadh sé sa t-slighidh dhúinn. Gheobhair-se dul isteach ann, a mháthair, agus cuirfead-sa an glas air. Cuirfidh
mé poll ann sa t-slighidh go bhfuighbhidh tú bheith ag féachaint amach tríd orra agus do-chidhfidh tú cad bheidh aca." "Era a inghin ó," arsa an mháthair, "do caillfidhe de an ocras mé fá cheann dhá lá." "Ní chaillfear," arsa an inghean, "mar cuirfeadh-sa an oiread bídh chughat agus déanfaidh tú." Do chuaidh sí go dtí an bhean bhocht agus d'fiafruigh sí dhí an bhfuighbheadh sí an cófra do chur isteach sa chistin go ceann cupla lá mar go rabhadar chum bheith ag bualadh an arbhair, agus go ndéanfadh sé an-mhaith dóibh é do bheith as an t-slighidh dhóibh. Adubhairt sísin léithe go bhfuighbheadh agus fáilte. Do cuireadh mo shean-chailleach isteach sa chófra agus tugadh suas go dtí an teach eile é. Ní raibh a fhios ag aoinne go raibh aon rud istigh ann. I gceann na hoidhche nuair do bhíodar ag ithe a gcoda agus corcán breágh de sheafaid beirbhthe aca, d'fhéach ceann de na páistíbh síos mar a raibh an cófra agus do-chonnaic sí mar do bheadh réilthín ag lasadh tré an bpoll i gcliathán an chófra. "Ó a mham, a mham," ar sísin, "féach an réilthín atá sa mbosca úd shíos." "Éist, a sciuirse," arsa an mháthair, "cad do thabharfadh réilthín annsin?" "Ó atá sé ann go deimhin," arsa an páiste. "Dar fiadh, mhuise," arsa an stracaire, "beidh a fhios agam-sa cad atá ann," ag dul síos agus ag tarraing an bhéil- aspa agus do thóg sé suas an clár. Cad do gheobhadh sé istigh ann acht mo shean-chailleach agus gan cniug innte. "Atáir annsin, a shean-thubaisteoir," ar seisean "acht ní thabharfair-se an sgéal a (do) bhaile leat mar do shíl tú é do thabhairt." Fuair sé cnámh mór de cheathramha na seafaide agus do sháith sé siar in a béal í agus do thacht sé í. Do dhún sé anuas an clár arís agus do shocruig sé mar do bhí sé roimhe agus d'fhág sé ann mo shean-léid. I gceann dhá lá annsin tháinig an inghean agus thug sí léithe an cófra a (do) bhaile agus nuair d'oscail sí é, fuair sí a máthair tar éis bháis istigh ann. Do thuit
an-lug-ar-an-lag aici agus ní fheadair sí cad do dhéanfadh sí mar ná raibh a fhios ag a fear aon rud mar gheall air. Sé an rud do cheap sí ná a máthair do tharraing amach as agus í do shíneadh ar an leab- thain agus leigint (léigean) uirre gur bás obann fuair sí. Do chuaidh sí amach agus do ghlaoidh sí ar a fear agus adubhairt leis go raibh a máthair tar éis bháis agus ná feadair sí cad dhéanfadh sí. "a a chladhaire," ar seisean, "caidé an chúis nár ghlaodh tú orm fadó go raghainn fá dhéin an t-sagairt?" "Do bhí sí imthighthe," ar sísin, "fé (sul) bhfaca mé í." Do ghlaodhadar isteach annsin ar na comhursanaibh agus d'shocruigheadar í mar ba cheart chum í do thórramh. Do bhí bean uasal ar an mbaile agus gach aon bhaintreabhach do-gheobhadh bás chaithfeadh sí féin cóir tórraimh do chur orra, mar ba é nós bhí aici é. Do chuir sí uirre seo chomh maith é, mar do bhí an-mheas aici uirre. Agus an oidhche tar éis í do chur adubhairt an stracaire leis an bhfear bocht gur mór an feall na héadaighe breágha bhí uirre do bheith ag dreoghadh sa chré agus an phráinn (gábhadh) bhí ag a pháistíbh sin leo, agus "b'fhearr dhúinn dul agus í do thógbhaíl agus iad do bhaint dí." "Ó a mhic ó," arsa an fear bocht, "ní dhéanfainn ar mo cheanna." "Riabhal mise mhaiseadh," ar seisean, "go gcaithfidh tú teacht gan buidheachas duit." D'imthigheadar leo agus do thógadar í. "Seo," arsa an stracaire, "tóg leat na héadaighe seo agus tógfad-sa liom í féin." "Ó, caidé an gnó atá agat dí féin, gibé mar dhéanann na héad- aighe?" "Is cuma dhuit," ar seisean, "acht déan mo chomhairle." Thug sé leis í go dtí a teach féin agus do chuaidh sé go dtí teach na muc agus do mharbh a raibh de mhucaibh ann. Do chuir sé an sgian i láimh na sean-chaillighe agus isteach i sgórnaigh ceann de na mucaibh agus d'fhág sé annsin iad. Nuair d'éirigh an cailín ar maidin agus chuaidh ag friotháileamh na muc tháinig scannradh uirre agus do
rioth sí isteach ag glaodhach ar fhear an tighe dá rádh go raibh an t-sean-bhean amuigh agus go raibh na muca go léir marbh aici. "I mbasa má's fíor sin," ar seisean, "marbhóchaidh (muirbhfidh) sí sinn féin sa deireadh." Do chuaidh sé amach, agus 'ar ndóigh do bhí sí ann. Do cuirfeadh arís an dara huair í, agus má chuireadh do thóg an stracaire arís í. Thug sé leis í, agus do cheangail sé in áirde i ndrom capaill bhí sa stábla í. Nuair d'éirigh an buachaill ar maidin agus nuair oscail sé dorus an stábla siúd amach an capall. D'imthig sé leis tré chladhacha agus réidhte nó gur chuaidh sé dá bhascadh i gcorrach agus sin mar fuaradh (frith) teacht suas leis agus an t-sean-chailleach ar a mhuin aige. Do cuireadh annsin arís í agus ar ndóigh thóg mo strac- aire í agus do chuir sé isteach i bhfuinneoig an tseomra chuca í in a bata-corrach. Nuair do-chonnacadar annsin í adubhradar gur fonn bhí uirre iad féin do mharbhadh anois, agus do bhí sgeimhle croidhe ar an inghean, mar shíl sí gur i dtaobh í do chur isteach fa chófra bhí sí ag teacht chuca. Do cuireadh annsin an ceathramhadh babhta (uair) í agus adubhairt an stracaire ná déanfadh sé a thuilleadh, go raibh cuid mhaith déanta anois aige orra, acht go dtioc- fadh sé i slighidh eile orra. Do chuaidh sé go dtí fear an tighe agus do fhiafruigh sé dé cad do thabharfadh sé do an té chuirfeadh an t-sean-bhean sin gan bheith ag teacht chuige. "Ó, a mhic ó," ar seisean, "aon rud ar aon chor d'iarrfadh sé orm." "Má seadh," ar seisean, "an dtabharfá dhomh-sa leath an mhéid atá agat go dtí lá do bháis agus do chuid ar fad ó lá do bháis amach?" "Tabharfad," ar seisean, "mar atá eagla orm go marbhóchaidh (muirbhfidh) sí sinn féin." "Caithfir-se é sin do thabhairt dam-sa fá do láimh agus geallaim-se dhuit go gcuirfead-sa a mhalairt de chúram uirri sin in áit bheith ag teacht chughat-sa." Thug sé fá láimh dó mar iarr sé. "Seadh anois," ar seisean, "bí-se ar an taobh (is) amuigh de gheata na reilige ag (ar) an dá
bhuille dhéag anocht agus aireóchaidh tusa bualadh uirri sin." "Atá go maith," arsa fear an tighe. Fuair an stracaire annsin dhá chat agus do chuir sé isteach i mála iad agus do chuaidh sé isteach sa reilig. Nuair d'airigh sé na daoine ag teacht leath (is) amuigh do bhuail sé snaidhm de bhata ar na cataibh agus do chuir- eadar sgréach asta. Nuair d'airigh an mhuinntear amuigh an sgréach "och dar fiadh," ar siad sin, "mar- an (muna) raibh sí marbh cheana, atá sí marbh go ceart anois." Do theicheadar leo féin a (do) bhaile agus adubhradar gur dócha ná féadfadh sí teacht anois níos mó, agus i mbasa níor tháinig. Do rinne an stracaire suas ar an bhfear bocht an méid fuair sé féin agus do bhí a aigne sásta annsin. Adubhairt sé gur mhór an truagh duine agus an-iomarca aige agus duine eile agus gan aon rud do bheith aige. "Atháir- se agus do pháistí go maith anois agus beadh-sa ag cur díom." "Ó ná himthigh," ars an fear bocht, "fan i n-ár bhfochair go deo." "Ní bhfuighbhinn fuireach" ar seisean, "slán agus beannacht libh," agus d'imthigh sé leis. AN t-AMADÁN GASTA Do bhí bean ann fad ó (san aimsir anallód) a raibh amadán de mhac aici. Ní raibh aon rud lé déanamh aige agus do chuaidh sé go dtí feirmeoir agus do rinne sé aimsir leis. Nuair do bhí seacht mbliadhna caithte aige adubhairt sé leis féin go raibh sé in am aige (dó) dul a bhaile go dtí a [mhátair]{mháthair} agus d'iarr sé a thuarastal ar an bhfeirmeoir. Do bhí an chúirt agus go léor talmhainte agus go leor airgid aige acht mar sin féin ní raibh sé ag tabhairt do Seán acht trí leath-píghne de bhárr a
shaothair (Seán bhí mar ainm ar an amadán). Adubhairt Seán leis ná díolfadh sin é, acht go gcaitfeadh sé an méid airigid do-gheobhadh sé leis ar a dhrom i mála do thabhairt dó nuair chasfadh sé. D'imthigh sé a bhaile agus nuair do-chonnaic a mháthair é do bhí áthas an domhain uirre. D'fhiafruig sí dhé an raibh aon rud aige tar éis a sheacht mbliadhna. Adubhairt sé ná raibh aige acht pinginn, "acht is gairid bheidh mar sin" ar seisean. Ar maidin dar (lá ar) n-a bhárach do bhog sé chum bóthair arís agus iar n-imtheacht dó do-chonnaic sé fear istigh i gcoill ag stracadh crainn. "Cad atá tú a (do) dhéanamh mar sin," arsa Seán leis. "Atáim," ar seisean, "ag bailiughadh rud lasfaidh an teine do mo mháthair." "Siubhal liom-sa," arsa Seán, "agus beir go maith." "Raghad," ar seisean. D'imthigheadar leo agus ní rabhadar i bhfad ag imtheacht nuair do-chonnacadar fear in a sheasamh ar chrosaire. "An cortha atá tú?" arsa Seán leis. "Ní h-eadh," ar seisean, "acht an bhfeiceann tú an hata sin? Nuair atá seisean ar mhullach mo chinn, ní bhfuighbheadh aoinne teacht i mo ghoire le teas agus, nuair atá sé ar mo leath-cheann, ní bhfuighbheadh aoinne teacht i mo ghoire le fuacht." "Dá dtiocfá linn-ne, do dhéan- faimís go maith," arsa Seán. "Atá go maith," ar seisean. D'imthigheadar leo agus ní rabhadar i bhfad ó bhaile nuair do theagmhaigh siad le fear eile agus beirthe aige ar a chois dheis le n-a láimh dheis. "An crampa atá i do chois," arsa Seán leis. "Ní headh," ar seisean leis, "acht dá gcuirfinn mo dhá chois ar an talamh, ní bhéarfadh gaoth an Mhárta orm." "Tusa atá uainne-ne," arsa Seán, "dá dtiocfá linn." "Raghad," ar seisean. D'imthig an triúr leo agus cad do-chídhfeadh siad acht fear a raibh méar in a bhéal aige agus do bhí
ionghantas orra nuair do bhí an ceo ag imtheacht amach roimhe in áirde sa spéir. "Ní fheadar," arsa Seán leis an mbeirt eile, "an anuas asan spéir atá an ceo ag teacht." "A ní headh," arsa an fear, "acht dá mbainfinn-se mo mhéar as mo bhéal, ní hé amháin an ceo do shéidfinn acht an bóthar chomh maith." "Beir go maith as," arsa Seán, "má thagann tú linn." "Masa raghad," ar seisean. D'imthigheadar leo agus cad do-chidhfidís acht fear a raibh guna aige agus fear eile a raibh gloine aige agus é ag taisbeáint (taisbeánadh) girrfhiaidh do an bhfear eile chum é do lámhach agus an girrfhiadh seacht míle uatha. Do chuaidh siad sin araon in a bhfochair arís agus d'fhanadar ag imtheacht gur chuadar isteach go dtí an feirmeoir agus do chuir an feirmeoir fáilte rompa. "Fagh mála dúinn," ar siad leis an bhfeirmeoir. Fuair an feirmeoir an mála ba mhó dá raibh aige, mar do chuimhnigh sé air féin agus adubhairt sé leis féin gur mar sin ná fuighbheadh siad leo é. "Atá sé ró- beag," ar siad. Ní rinneadar stad ná reasta annsin acht trí chapaill do bhreith leo agus dul go dtí an baile mór ba ghiorra dhóibh. Is ar éigean fuair na trí capaill leo an méid leathair agus iarainn bhí aca chum an mála do dhéanamh. Do chaith siad é do thabhairt go dtí an gabha chum é do shocrughadh. Nuair fuaradar socair é do chuaidh siad go dtí an feirmeoir agus fuair an feirmeoir an t-airgead dóibh agus do líon- adar an mála go breágh dé. Nuair fuair siad líonta é, do bhuail fear na gcrann do stracadh ar dhrom é mar do dhéanfadh sé le mála tuighe. "Fan," arsa an feirmeoir le Seán, "go dtabharfad do dhinnéar duit féin agus do do chuid fear. B'fhéidir go bhfuil ocras oraibh." D'imthigheadar agus do chuadar ag ithe, agus nuair
do bhíodar ag ithe do bhraitheadar teas éigin agus do bhí sé chomh trom go rabhadar dá ndóghadh aige. Do bhí an glas ar an doras agus ní bhfuighbheadh siad teacht amach. "Cá bhfuil an fear a raibh an hata draoidheachta aige?" arsa Seán. "Atá annso," ar seisean ag freagairt. Ní rinne sé acht a hata do chur ar a leath cheann agus do rinne sé an seomra chomh fuar le sioc. Tháinig an feirmeoir ar ball nuair do shíl sé iad do bheith dóighte, acht i bhfad uaidh do bhíodar. Adubhairt an feirmeoir leo annsin ná tabharfadh sé an t-airgead dóibh maran (muna) raibh aoinne aca do raghadh fá dhein báisín de uisge tobair deireadh an domhain chomh mear le n-a inghean. Ní rinne fear na leath coise acht seasamh amach agus adubhairt go raghadh sé féin. D'imthigh an bheirt agus leath slighe bhíodar araon, ceann aca ag teacht thar n-ais agus an ceann eile ag dul chum cinn. Sé an fear bhí ag teacht agus do shín sé siar ar chloich ag déanamh a reasta. Ní rinne an bhean de an iarracht sin acht an t-uisge do dhortadh agus imtheacht léithe. Níor fhan aon mhisneach ag Seán annsin, acht ní rinne fear an ghuna bhí ag féachaint air acht caitheamh leis agus an chloch ar a raibh sé in a luighe do bhualadh. D'éirigh se annsin agus do chuir sé chum bóthair arís agus do bhí sé sa mbaile roimpe. Do chuir an feirmeoir arm amach annsin chum iad do lámhach. Ní rinne an fear a raibh a mhéar in a bhéal aige acht í do thógaint (tógbháil) as, agus do phléasg sé a raibh de shaighdiúraibh ann i gcoinne na dtighthe agus do marbhadh iad. Do bhí a raigh d'airgead ann annsinn aca. Sin é mo sgéal, agus má tá bréag ann, bíodh.
ROIBEÁRD NA LUATHA Do bhí bean ann fadó agus do bhí leas-mhac aici. Do bhí sí go holc a cheann dó. D'éirigh sé as an gcúinne maidin agus do bhain sé searradh as féin agus adubhairt sé ná fanfadh sé féin níos sia i bhfochair a leas-mháthar, acht go raghadh sé ag triail a fhortúin dó féin. Ar a ghabháil amach an doras dó, sé an chéad rud do casadh air acht an cat. "Cá bhfuil tú ag dul, a Roibeáird?" arsa an cat leis. "Atá mé ag dul ag triail mo fhortúin dam féin," arsa Roibeárd. "Raghadh-sa leat," arsa an cat. "Déan cheana," arsa Roibeárd. Do casadh an madra leis agus adubhairt sé an rud céadna. Annsin do casadh an gandal leis, annsin an coileach, an reithe agus an tarbh, agus ba é an scéal céadna aca é. Do bhíodar ag cur an bóthair díobh nó go raibh an déidheanaighe ag teacht agus ní raibh aon teach le feicsint aca. Adubhairt Roibeárd leis an coileach dul in áirde in crann agus féachaint an bhfeic- feadh sé teach ná solas in aon áit. Do chuaidh an coileach i n-áirde agus ní fhaca sé aon solas ar aon taobh dé. "Doras duais ort, a choilichín ghránda," arsa an cat, "sgaoil in áirde mé féin agus b'fhéidir go bhfeicfinn rud éigin." Do chuaidh an cat in áirde go dtí bárra an chrainn agus shainntlidh sé solas i gcúinne coille agus do rinneadar air. Do bhí teach beag ann agus gan aon deallradh air go raibh aoinne in a chomhnuidhe ann mar ná raibh aon troscán ann acht a dó nó a trí de shean-bhoscaíbh. Do shocruigheadar iad féin mar do b'fhearr chum an oidhche do chaitheamh dóibh féin ann, agus do shíleadar ná raibh aon rud chum aon spiach do chur orra. Do shochruig an cat é féin ar bhoiscín an t-solais. Do chuaidh an madra sa chúinne agus an gandal ar chúl an dorais. Do chuaidh an coileach in áirde ar mullach an tighe leath
(is) amuigh. Do sheasaigh an reithe i lár an teinteáin agus an tarbh i lár an mhacha. Do shuidh Roibeárd i gcúinne an tighe ar shean-bhosca. Níor bhfada go dtáinig stracaire isteach chucha agus tromán maith fá an oscaill aige. Do chaith sé uaidh é agus do chuaidh sé go dtí bosca an tsolais chum an solas do lasadh. Do chuir an cat crúca ann. "Diog ort, a shean-chailligh, maran (munab) innealta atá do chárdaí agat. Atá mo lámh millte agat." Do chuaidh sé annsin go dtí an teine agus do bhuail an madra treasna an bhéil le hiarracht dá earball é. Do bhuail an reithe le hiarracht dá cheann é agus dóbair go mbrisfidhe a cheann i gcoinne an hiarta. Tháinig eagla air agus do bhí sé ag teicheadh leis féin agus ag gabháil amach dó, do bhain an gandal pluic na coise dhé. Nuair do chuaidh sé amach do bhuail an tarbh adharc fé agus do chaith sé in áirde ar an tigh é. Do luig an coileach chuige agus níor fhág sé pioc dé gan scríobadh le n-a sgiathánaibh agus le n-a chrúbaibh. Do thuit sé anuas agus do theich sé leis agus scannradh air go dtí ar chuaidh sé go dtí beirt chomrádaidhe bhí ag fuireach leis i gcúinne na coille. Adubhairt sé go raibh sé marbh mar gheall orra. D'fhiafruigheadar dé cad bhain dó. Adubhairt sé leo nuair chuaidh sé chum an solas do lasadh go raibh sean-bhean ag cárdáil ann agus gur scríobh sí a raibh de fhuil agus de fheóil ar a lámhaibh. "Do chuaidh mé annsin go dtí an teine," ar seisean. "Do bhí sean-bhean eile ag déanamh leitean ann agus do bhuail sí le bata na leitean (ar) feadh an bhéil mé agus níor fhág sí fiacail i mo cheann nár bhris sí. Do bhí crochaire gabhann i lár an teinteáin. Do bhuail sé le hiarracht d'órd mé sa drom agus dóbair go marbhóchthaidhe (muirbhfidhe) i gcoinne an hiarta mé. Do bhíos ag rith ar éigean amach an doras. Do bhí sean-chaibléir dé (ar an taobh) thiar de an doras agus do bhain sé lán a pheansúir as phluc mo choise. Nuair tháinig mé amach do bhí fear in a sheasamh
sa macha ag fritheáileamh ar dhíonadóir. Do thóg sé leis ar an sproinn mé agus do chaith sé in áirde ar mhullach an tighe mé agus ba mheasa dham an díonadóir bhí in áirde ná a bhfuaireas. Mhardaidh (do mhartraidh) seisean ar fad leis an ráca mé." "Dar fiadh," ar siad san, "is fearr dhúinn fuireach uatha má's mar sin atá an scéal." Nuair fuair Roibeárd imthiththe é, "ní fheadar," ar seisean, "cad atá san ualach so chaith sé uaidh." "I mbasa, a Roibeáird," arsa an cat, "atá airgead, mar is teach ropairí é seo." Do thóg Roibeárd an t-ualach agus b'fhíor do an chat é. Is airgead bhí ann. Chomh luath agus tháinig an lá adubhairt Roibeárd go raibh sé chomh maith aca (dóibh) bheith ag triall a bhaile agus go raibh airgead go leor anois aige gan bhuidheachas dá leas-mháthair. Do chuadar a bhaile agus sé an obair bhíodh ag Roibeárd gach aon lá ná dul amach cois an chlaidhe féachaint ar an airgead. Do- chonnaic an leas-dearbhráthair lá é agus do rith sé isteach go dtí a mháthair. Adubhairt sé léithe go raibh carn cnapaí deasa buidhe ag Roibeárd. Do chuaidh an leas-mháthair amach i gan fhios agus do- chonnaic sí cad bhí aige. Tháinig sí isteach agus do bhuail sí a dhá bhais ar a chéile agus adubhairt sí go raibh carn airgid ag Roibeárd gibé áit in a bhfuair sé é, agus geallaim-se dhuit go raibh sí go maith do Roibeárd as sin suas. Sin é mo scéal-sa, agus má tá bréag ann bíodh. Sé an méid fuaras-sa dá bhárr acht stocaí bainne reamhair agus bróga páipéir, agus fé'r (sul) chuadhas- sa go dtí an doras do bhíodar imthighthe de mo chosaibh.
LITIR AN SGOLÁIRE I gCnocán an Phaoraig dam, I nDéisíbh Mumhan, An naomhadh lá do mhí Iuil againn indiu, agus bliadhain an Tighearna a 1906. Dom Mháthair. Tháinig mé slán is fá mhaise innso indé. Nuair a ráinig mé Dúngarbhán ní raibh aoinneach ann in mo choinne. Do bhuail an t-uaigneas innsin mé do chionn ná raibh aoinneach ar an áit raibh aithne aige orm ná aithne agam air ná eolas na háite agam acht an oiread. Is deas an áit í Dúngarbhán. Atá Square breaghdha i lár an bhaile istigh bhfuil tighthe canta thart thimchioll air. Atá an tír go hálainn ann agus an talamh ar fheabhus aca. Atá bóthar breaghdha réidh dul amach go dtí an Rinn agus do bheadh radharc álainn ar an bhfarraige agat an do dhul amach duit ann. Badh dheas leat na báid agus iad ag imtheacht rompa, agus a gcuid seolta mbreaghdha aca anáirde ag gabháilt na gaoithe. Is ann atá Dúngarbhán i mbun na habhann Chuilleag- án, agus ag ceann an chuain bhreaghdha bhfuil dhá rinn leis theas agus thuaidh. Atá radharc breaghdha le feic- sint eadar farraige agus talamh cruaidh ar do dhul duit ó Dhúngarbhán go dtí 'n Rinn. 'Sé rud a thugtar ar an Rinn leath is tuaidh acht an Rinn bhán, agus tug- tar Rinn ó gCuanach ar an Rinn leath is teas. Tír na h-Éireann agus í do chuardach le chéile ní bhfuighbhtheá dream daoine ba ghleóidhte féile ná muinntear na Rinne; thar a bhfuil do dhaoinibh eile in Éirinn go léir is aca ann is buige, binne, blasda labhartar an Ghaedhealg.
Níl baoghal ar an talamh atá aca ann, atá sé leath- chuibheasach. Mar sin féin is an-thalamh é chum barradha do thabhairt. Níl fraoch ná aiteann san áit, acht do chidhfá an talamh fad do radharc uait ar gach taobh díot ag tabhairt na mbarradha. Is í an eorna an barra is fearr a thagann ann, acht do-chidhfá roinnt mhaith prátadha ann leis. Badh bhreaghdha leat na daoine ag scéith nimhe ar na prátadhaibh mar dhíon dóibh ar an ngaoith ruaidh. Atá coláiste na Rinne sé míle ó Dhúngarbhán agus bhí sé orainn bheith ann ó ló. Athá teach breaghdha, cailce spéireamhail do choláiste aca ann. Adhmad is adhbhar do'n tigh sin. Atá ionad an tighe seo ar leath-thaoibh an bhóthair ar thaoibh do láimhe deise ar do dhul soir duit láimh le Baile na nGall. Bíotar ag teagosc san choláiste gach lá agus oidí léigheanda ann agus gach cineul Gaedhilge aca dá theagosc. Atá an t-aer an shláinteamhail sa Rinne, agus ní taise don bhiadh. Do leagfuidhe ar bórd duit sa Rinn dinneur chomh blasda agus do gheobhtha in aon tigh ósda in Éirinn. Is minic shéideas an ghaoth aniar ann nó ba chóra dham a rádh is aniar shéideas an ghaoth go minic. Atá mé an-ghleithearánach mar caithfe mé bheith ag foghluim go dian, agus níl sé d'uain agam a thuilleadh do sgríobhadh do'n dul so. Mise, TADHG Ó SEAGHDHA
SGÉAL AN CHUITÍN AGUS AN LUICHÍN Do bhí cuitín agus luichín lá ag súgradh. Do sgiob an cuitín an t-earball de an luichín. "Ó, a chuitín, a chroidhe, tabhair dam mo earball." "Masa, féin, ní thabharfad go dtí go raghaidh tú go dtí an bhó agus go dtabharfaidh tú braon chugham." Do chuaidh an luichín go dtí an bhó. "A bhó," ar sí sin, "tabhair dam braon go dtabharfaidh mé braon do an chuitín agus go dtabharfaidh an chuitín mo earball dam." "Go deimhin féin, ní thabharfad," arsa an bhó, "go dtí go raghaidh tú go dtí an sgiobál agus go dtabharfaidh tú sop chugham." Do chuaidh sí go dtí an sgioból. "A sgiobóil, tabhair dam sop, go dtabharfaidh mé sop do an mbó, go dtabharfaidh an bhó braon dam, go dtabharfaidh mé braon do an chuitín, agus go dtabhar- faidh an cuitín mo earbaillín dam." "Masa, ní thabharfad," arsa an sgioból, "go raghaidh tú go dtí an cheárdcha agus do dtabharfaidh tú glas chugham." Do chuaidh sí go dtí an cheárdcha agus d'iarr sí glas air chum é do thabhairt do an sgioból, go dtabharfadh an sgioból sop dí, go dtabharfadh sí an sop do an mbó, go dtabharfadh an bhó braon dí, go dtabharfadh sí an braon do an chuitín, agus go dtabharfadh seisean a hearbaillín dí. "Masa, ní thabharfad," arsa an cheárdcha, "go dtí go raghaidh tú go dtí an baile mór agus go dtabharfaidh tú gual chugham." Do chuaidh sí go dtí an baile mór. "A bhaile mhóir," arsa sí, "tabhair dam gual, go dtabharfaidh mé gual go dtí an cheárdcha, go dtabhárfaidh an cheárdcha glas dam, go dtabharfaidh mé an glas do an sgioból, go dtabharfaidh an sgioból sop dam, go dtabharfaidh mé sop do an mbó, go dtabharfaidh an bhó braon dam, go dtabharfaidh mé an braon do an chuitín, go dtabhar- faidh an cuitín mo earbaillín dam." "Go deimhin, ní thabharfad," arsa an baile mór, "go raghaidh tú go dtí an abha agus go dtabharfaidh tú uisge chugham."
Do chuaidh sí go dtí an abha agus criathar aici. Adubhairt an abha léithe an criathar do thomadh síos agus a dhóthain do thabhairt léithe dhé. Do thom sí síos an criathar agus leig an criathar tríd an t-uisge. Tháinig siobháinín an bhóthair. "Cuir cré dhubh leis agus coimhéadfaidh sé an t-uisge dhuit." Do chuir sí leis é agus chomh luath agus do chuir sí san uisge é d'imthigh an t-uisge agus a raibh ann. Tháinig an spideoigín. "Cuir cré bhuidhe leis," ar sísin, "ó's sí is righne." Do chuir agus do choimhéad sí an t-uisge. Thug sí an t-uisge go dtí an baile mór. Thug an baile mór gual dí. Thug sí gual go dtí an cheárdcha. Thug an cheárdcha glas dí. Thug sí glas do'n sgioból. Thug an sgioból sop dí. Thug sí sop do an mbó. Thug an bhó braon dí. Thug sí braon do an chuitín, agus thug an cuitín a hearbaillín dí. Do chuaidh sí a bhaile agus geallaim duit gur bhfada arís gur chuaidh sí ag súgradh leis an gcuitín. CRAOBH NÍ DHUIBHNE AGUS GRÁINNE MHAOL Do bhí rí ann fad ó, atá fós, agus beidh go deo. Ó Duibhne ba shloinne dó. Do bhí sé pósta agus fuair a bhean bás. Ní raibh aige acht aoinne amháin cloinne. Inghean ba eadh í, agus dá lasfadh gaoth nó grian ar aoinne is uirre do lasfadh sí, do bhí sí chomh breágh sin. Sé an ainm do thugtaoi uirre acht Craobh Ní Dhuibhne. Do bhí sí ró-óg nuair fuair a máthair bás, agus do chaith a hathair pósadh arís. Baintreabhach mná seadh do phós sé a raibh inghean eile aici, agus ní raibh cailín sa domhan ba ghránda ná í. Sé an ainm do bhí uirre ná Gráinne Mhaol. Níor eitigh Craobh aoinne riamh an aon rud d'iarr- faidhe a dhéanamh, acht i gcúrsaíbh Ghráinne, ní raibh aon mhaith bheith ag iarraidh aon rud uirre. Nuair éirigh- eadar suas annsin do bhí fear ag teacht ó gach aon
thaobh fá dhéin Chraoibhe, chum í d'faghbháilt le pósadh. Ní fhéachfadh aoinne ar Ghráinne, agus nuair do-chonnaic an mháthair é sin, níor thaithnigh sé léithe. B'fhearr léithe go mbeadh Craobh díbeartha as an tigh aici, mar bíonn cuid de na leas-mháithreachaibh go holc i gcomhnuidhe. Do chuir sí Craobh lá ag teachtaireacht go dtí áit éigin nár tháinig aoinne riamh as gan amal éigin do bhaint dó. D'ullmhuigh sí cearc agus bocaire chum iad do bheith aici mar lón ar an mbóthar. D'fhiafruigh sí dhí cia aca b'fhearr léithe an bairghean beag agus a beannacht nó an bairghean mór agus a mallacht. "Is mór an nídh an bheannacht," arsa Craobh, "is fearr liom an bairghean beag agus do bheannacht." Thug an leas-mháthair dí iad agus adubhairt sí léithi bheith ag bogadh chum bóthair. D'im- thigh sí léithe agus do chaith sí gabháilt tré pháirc. Do bhí bó annsin roimpe. "Dé bheatha id' shláinte, a Chraobh Ní Dhuibhne," arsa an bhó, "inghean na mná nár cháin aoinne riamh agus nár bh'fhéidir a cáineadh; crúdh (bleagh) deoch agus ól deoch agus caith dhá dheoch ar an talamh." Do rinne sí mar adubhairt an bhó léithe. Do shiubhail an bhó léithe treasna na páirce annsin. Do bhí abhall-ghort ar an taobh eile de an pháirc. Chomh luath agus do chuaidh sí isteach innte do labhair an t-abhall-ghort léithe agus chuir sí an fáilte céadna roimpe do rinne an bhó. "Bain ubhall, ith ubhall," ar sí sin léithe, "agus caith dhá ubhall ar an talamh." Do bhí sí ag siubhal léithe nó gur tháinig sí ar thaobh bóthair mar an raibh tobar. Do shuidh sí síos annsin ag ithe dhí féin agus do chrom sí ag ól deoch. D'éirigh gruagach ar bharr an uisce. "Cíor a's ionladh a's glan mé," ar seisean. "Déanfad cheana," arsa Craobh, agus do rinne. D'éirigh an dara ceann agus an tríomhadh ceann agus do rinne sí an cleas céadna leo. Nuair bhí sí ag imtheacht annsin uatha d'fhiafruigh an chéad cheann dí an ag imtheacht do bhí sí gan buaidh
agus beannacht uaidh féin. Adubhairt sí sin nár eadh má gheobhadh sí é. "Gheobhair," ar seisean, "agus is fiú tú é d'fhaghbháil. Sé an buaidh thabharfad-sa dhuit dá bhreághthacht do bhí tú ag teacht go mbadh seacht mbrea- ghdha bheidh tú ag imtheacht." D'fhiafruigh an dara ceann dí an rud céadna agus sé an buaidh thug seiseann dí acht ceolta bheith thimcheall uirre nár airigh aoinne a leithéidí riamh gach aon lá faid a's a mhairfeadh sí. Thug an tríomhadh gruagach buaidh dí cioth óir agus airgid do thuitim anuas uirre nuair do bheadh sí ag triall isteach ar dorus a háthar. Do ghabh sí buidh- eachas leo agus d'imthigh sí léithe fá dhéin gibé teachtaireacht do bhí uaithe. Nuair tháinig sí a bhaile agus do-chonnaic a leas- mháthair í thuit an lug-ar-an-lag aici nuair do-chonnaic sí nár bhain dí mar do shíl sí. Adubhairt sí annsin go gcaithfeadh a hinghean féin dul ann arís mar do shíl sí do dtiocfadh sí ar mar tháinig Craobh. D'ullmhuig sí cearc agus bocaire dhí agus d'fhiaf- ruigh sí dhí cia aca b'fhearr léithe an bairghean beag agus a beannacht nó an bairghean mór agus a mall- acht. Adubhairt sí sin gur mhór an nidh reimhrse go dtógfadh sí an ceann mór agus an mhallacht. Fuair sí iad agus do chuir sí dhí. Nuair tháinig sí mar an raibh an bhó, adubhairt an bhó léithe mar adubhairt sí le Craobh. Adubhairt sí sin ná déanfadh ná aon rud dá shórt. Níor stad an bhó acht dhá hadharcadh agus dhá stolladh nó gur chuir sí amach san abhall-ghort í. Adubhairt an bhall-ghort léithe mar adubhairt sí le Craobh agus adubhairt sí ná déanfadh. Do líon an casán suas de seachaibh agus calltarnaghail (cantar- naoil) sa t-slighidh go raibh sí stoltha, stracaighte fé (sul) raibh sí amach as. Tháinig sí annsin go dtí tobar na ngruagach agus do shuidh sí ag ithe. D'éirigh an chéad ghruagach chúiche. D'iarr sé uirre é do nighe, d'ionladh agus do ghlanadh. Adubhairt sí leis ná déan- fadh. D'éirigh an dara ceann agus an tríomhadh ceann
agus ba mhar a chéile é, ní shalachfad sí a lámha leotha. Nuair do bhí ag imtheacht d'fhiafruig an chéad ceann dí an ag imtheacht do bhí sí gan buaidh uaidh féin. Adubhairt sí sin nach eadh. "Mhaiseadh," ar seisean "sé an buaidh atá mé a (do) thabhairt duit acht dá ghrándacht do bhí tú ag teacht go mbadh mhíle measa bheith tú ag imtheacht." "Sé an buaidh thabharfad-sa dhuit," arsa an dara ceann, "acht ciaróga agus dearga-daoil (darbh-daoil) do bheith ag teacht amach as do bhéal an fhaid a's do mhairfir." "Tabharfad-sa buaidh dhuit," arsa an tríomhadh gruagach, "acht cioth cloich-shneachta do thuitim ort nuair bheith tú ag déanamh isteach ar dhorus d'athar nár thuit a leithéid as an spéir riamh agus ná tuitfidh go deo arís." Nuair do chas sí agus do-chonnaic a máthair í "do dhuibh agus do theann" uirre agus chaithfeadh sí Gráinne do chuir fá bhéal baraille ó shúilibh na ndaoine. Ní raibh sosadh uirre annsin go mbeadh Craobh díbeartha aici i slighidh éigin. Do leig sí uirre bheith tinn agus adubhairt sí ná raibh aon rud chum í leigheas go dtí go bhfuighbheadh sí croidhe agus ae Craoibhe le n-ithe. Do bhí amadáinín beag san áit a dtugaidís Seáinín air agus do chuir sí fios air. Adubhairt sí leis go dtabharfadh sí chúig phúint agus culaidh éadaigh dó dá dtabharfadh sé Craobh leis amach sa choill agus í do mharbhadh, a croidhe agus a hae do tabhairt a bhaile chuiche, ná raibh aon rud eile chum í do leigheas. Adubhairt Seáinín go ndéanfadh mar tháinig sainnt chum an airgid air. Do chuir an leas-mháthair fá dhéin luibheanna go dtí an choill í dar (lá ar) n-a bhárach agus Seáinín in a fochair. Do bhí maidrín ag Craoibh agus leanadh sé in gach aon áit í. Nuair bhí sí féin agus Seáinín ag imtheacht tré an gcoill agus nuair fhéachadh sé uirre, do chromadh sé ag gol. Nuair chuimhnigheadh sé ar an airgead, do chromadh sé ag gáire. D'fhiafruig sí dhé cad bhí air mar sin. D'innis sé dí cad adubhairt an leas-mháthair. "Nuair chuimhnighim ar aon bhean
chomh breágh leat do mharbhadh, tagann cathughadh orm agus, nuair chuimhighin ar bheith ag faghbháil an airgid, tagann áthas orm." "Inneosadh-sa dhuit cad dhéanfai- míd," ar sí sin. "Marbhóchaimíd (muirbhfimíd) an maid- sín agus tabhair a chroidhe agus a ae chuiche agus abair léithe gurab amhlaidh mharbh tú mise agus imtheóchaidh mise ar mo adhbhar féin agus ná innis do aoinne go deo mar gheall orm." Do rinneadar mar adubhairt sí agus d'imthig Seáinín a bhaile agus áthas air. Nuair fuair an leas-mháthair an leigheas, do bhí sí go maith annsin. D'imthigh Craobh léithe. Do bhí an déidheanaighe ag teacht agus do thuit sí cortha. Do-chonnaic sí tigh (teach) uaithe ar thaobh abhann agus do rinne sí air. Do bhí an doras osgailte agus do chuaidh sí isteach, ach ní fhaca sí aoinne thimcheall. Do chuaidh sí sa seomra agus do chaith sí í féin i leaba bhí ann. Triúr dearbhráthar do bhí in a gcomhnuidhe sa tighe seo. Do bhíodar an-mhaith sa saoghal. Daoine móra ba eadh iad. Ní dhéanaidís aon rud aon lá acht ag fiadhach agus ag sealgaireacht. Nuair do bhíodar ag teacht chum an tighe an tráthnóna so tháinig slimpíní ar a gcroidhe nuair d'airigheadar an ceol breágh thimcheall na cúirte. Adubhairt an dearbhráthair ba shine gurab í seo Craobh Ní Duibhne má mhair sí beo. Do chuadar isteach agus rángaig (ránaig) gur in a sheomra féin do bhí sí. Do chuir sé an glas ar an doras agus adubhairt sé le n-a bheirt dearbhráthair gan cur isteach ná amach uirre go ndúiseóchadh sí gur dhócha go raibh sí cortha. Nuair do dhúisigh sí annsin níor leigeadar orra gur aithnogheadar í. D'fhiafruigheadar dí cia aca maighistreás do bhí ag lorg seirbhísigh nó seirbhíseach do bhí ag lorg maighistreása í. Adubhairt sí sin gur seirbhíseach bhí ag lorg maighistreása í. "Is maith mar thárla," ar siad sin, "atáimíd gan aon seir- bhíseach le seachtmhain." Do shocruig sí leotha annsin go ceann bliadhna. Agus fé (sul) raibh an bhliadhain caithte aici do phós an mac ba shine í.
Ba ghairid do bhí sí pósta nuair do bhuail an t-amadáinín thimceall .i. Seáinín. Do-chonnaic Craobh é agus tháinig sí amach fá n-a dhéin agus thug sí léithe isteach é. Thug sí a dhóthain le n-ithe agus le n-ól dó agus píosa airgid. Adubhairt sí leis nuair do raghadh sé a bhaile gan innsint do n-a leas-mháthair go bhfaca sí í féin. Nuair do chuaidh Seáinín a bhaile ní fhuair sé foighne gan innsint do n-a leas-mháthair go bhfaca sé Craobh. "Do shíl mé, a Sheáinín," ar sí sin "gur mharbh tú í." D'innis sé dhí annsin gurabh é an maidrín do mharbh sé. "A Sheáinín," ar sí sin, "do bhí mo leanbh an-mhaith chum sníomha agus caithfidh mé tú do chur le ruainne olna chuiche dhéanfaidh stocaí geimhridh dhí." Do rinne sí suas an olann. Chuir sí biorán suain innte. D'imthigh Seán leis lá ar n-a bhárach agus thug sé an olann do Chraobh. Nuair do bhí sí dá cárdáil, do chuaidh an biorán fá n-a hiongann. Do thuit sí siar agus níor fhan méam innte. D'imthig na ceolta. Nuair do bhí a fear agus a dhearbhráithreacha ag teacht a bhaile an oidhche sin b'ait leotha nuair nár airigheadar na ceolta mar ba ghnáthach. Nuair do chuadar isteach fuaradar Craobh sínte agus gan cuach innte. Do bhíodar go buaidheartha mar do shíleadar gur tar éis bháis do bhí sí. Do bhí sí dá tórramh annsin. Nuair do bhíodh chum í do chur sa chófra ní leaigfeadh a fear aoinne sa seomra acht é féin. Fuair sé stampa bata agus do chuir sé sa chófra é agus d'fhág sé Craobh mar a raibh sí. Do thóg sé féin leis amach an cófra annsin agus do cuireadh í. Ní raibh cead ag aoinne dul sa seomra acht é féin as sin amach. Nuair do thaithigheadar an bhean tighe annsin adubhairt na dearbhráithreacha leis ná raibh aon déanamh aca gan a lethéid i gcomhnuidhe agus go gcaithfeadh sé pósadh arís. Ba dheacair leis é do dhéanamh acht do bhí an- urraim aige dhá dhearbhráithreachaibh agus níor mhaith leis diúltughadh dhóibh. Do phós sé cailín eile do bhí
ar an áit. Níl aon mhaidin ná raghadh sé isteach sa seomra sin agus b' ait leis an mbean cad bhí ann nuair ná raibh aon fhaghbháil ag aoinne eile dul ann. Adubhair sí leis an seirbhíseach nuair do bheadh sé ag osgailt an dorais ar maidin i mbárach a rádh leis go raibh fiadh tar éis imtheacht thar doras an halla agus go mb'féidir go bhfágadh sé an eochair in a dhiaidh. Do rinne an seirbhíseach mar adubhradh léithe agus le neart sainnte chum an fhaidh d'fhág sé an eochair sáidhte sa nglas. Do chuadar isteach sa seomra annsin agus fuaradar Craobh sínte ann. Adubhairt bean an tighe ná raibh aon deallradh uirre go raibh sí tar éis bháis. Do chrom sí dhá cuimilt agus dhá corruighe. Bheir (rug) sí ar láimh uirre. Do-chonnaic sí an biorán fá n-a hiongain agus do tharraing sí amach é. D'éirig Craobh chomh beo glórmhar agus do bhí sí riamh agus do chrom na ceolta ar siubhal arís. Nuair do bhí fear an tighe ag casadh a bhaile annsin d'airigh sé na ceolta. Dá mhéid deithnis do bhí ag imtheacht as diaidh an fhiaidh is mó ná sin do bhí air ag casadh nuair d'airig sé an ceol. "Cia fuair ann féin dul im' sheomra?" ar seisean. "Má atá aon díoghbháil déanta," arsa an bhean, "is mise atá cionntach. Is mé adubhairt leis an gcailín a rádh leat-sa go raibh fiadh ag gabháil thar brághaid mar b'ait liom cad do bhíodh id (dod) thabhairt sa seomra sin gach aon lá. Nuair chuadhas-sa isteach ann agus do-chonaic mé an bhean bhreágh sínte agus gan on deallradh báis uirre do bheirfeas (rugas) ar láimh uirre agus fuaras biorán fá n-a hiongain. Do tharraingeas amach é agus d'éirigh sí suas mar do bhí sí riamh." "Má's mar sin é," ar san fear, "is dócha go gcaithfidh tusa bheith ag imtheacht as so agus tabharfad do chuid airgid féin duit thar n-ais arís." "Ná déan," arsa Craobh, "fág im fhochair-se í an fhaid a's mhairfidh sí." "Atá go maith," ar seisean. "Fanadh sí id' fhochair."
Níor bhfada gur ghabh Seáinín an t-slighe arís agus an babhta so thárla go raibh oighre óg ann roimhe agus ba throm le Seáinín a chosa go raibh sé sa mbaile arís chum é d'innsint do an leas-mháthair. Adubhairt sí go gcaithfeadh sí féin dul dhá bhféachaint agus culaidh éadaigh do thabairt go dtí an leanbh. Nuair do chuaidh sí ann, do chuir sí deoch i gcóir do Chraoibh agus do bhí sí dá thabhairt dí. Adubhairt an dara bean ná hólfadh [si]{sí} sin é sin. "Caithfidh tú féin é bhlasadh roimpe," ar sí sin. Adubhairt an leas-mháthair "caidé an cur isteach atá agat-sa orainn, nach í mo leanbh féin í?" Do bheir (rug) sí ar an árthrach uaithe agus do chuir sí ar a béal é dá haimhdheoin agus do chaith sí é do shlogadh. Ba ghairid gur léim sí agus gur phramsuigh sí agus do sclog sí ar an áit sin. Do chuireadar an chulaidh do thug sí go dtí an leanbh ar an madra agus do cailleadh é. Do cuireadh gairm-scoile amach annsin. Do bhí gach aoinne ag teacht agus a bheart agus a scáthán féin aige ar feadh dhá lá. Do rinneadh teine thimcioll uirre agus do dóghadh agus do loscadh í go rinneadh luaith dhá cnámhaibh agus as an luaith sin seadh rinneadh an chéad snísín riamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services