Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cnó Coille Craobhaighe

Title
Cnó Coille Craobhaighe
Author(s)
In eagar ag Rev. M. Sheehan,
Compiler/Editor
Sheehan, M., Rev.
Composition Date
1907
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GREAS COMHRÁIDH - AN MÉID SEO



I



Fear ó'n Rinn. - Sé do bheatha 'sa dúthaigh seo.



An Scoláire. - Go mairidh tú slán.



F. ó'n R. - Cad as duit-se le do thoil?



S. - Ó Bhaile Átha Cliath dham.



F. ó'n R. - An fada dhuit annso?



S. - Atá mé annso ó indé.



F. ó'n R. - An misde a fhiafraighe dhíot cad thug ann
thú?



S. - Ní misde, mhaiseadh. Is ar lorg na Gaedhilge
atá mé.



F. ó'n R. - Má' 'seadh, do bhuail tú amach an áit
cheart; mara bhfuighbhidh tú annso í ní ar an áit bheidh
an locht.



S. - Ní head is dócha, acht i n-a dhiaidh sin is deacair
í d'fhoghluim.



F. ó'n R. - Ó, in áit a chéile raghaidh tú in a taithighe.



S. - Raghaidh mé le congnamh Dé. Seo rud anois
fuair mé annsin thall. An bhfeadair tú dham caidé
an Ghaedhealg atá air?



F. ó'n R. - Ó, atá a fhios go maith. Sin "Circín na
Trágha." Ar ndóigh atá a fhios ag gach aoinne annso
caidé an ainm atá ar sin. Sin focal an-choitchianta
annso.



S. - Má 'sead ní focal bhí agam-sa é. Agus cad
ghlaodhtar ar seo? (É do thaisbeáint rud éigin eile
dó).



F. ó'n R. - Taisbeáin dam é. (Ag féachaint dó
air). Ó maithte, ní fheadar, nach air leat é? Níor
airigh mé riamh cad thugtar ar sin. Saghas éigin luibhe
is eadh é, agus is iomhdha rud fhásann tríd (tré) an


L. 2


talamh, buidheachas mór leis an Tighearna (é do tabhairt
thar n-ais arís do'n Scoláire). Taisbeáin dam arís
é go bhfiafróchaidh mé de Nóra Ní Chinnéide é; atá
fios na rudaí seo go léir aici.



S. - Ó ná bac léis, ní maith liom tú do chur i
dtrioblóid. Is breágh dhíbh a bhfuil de Ghaedhilg agaibh.



F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, an-iomarca atá againn dhí,
dá mbadh aon mhaitheas dúinn é.



S. - B'fhearr liom go mbeadh a leath nó a thrian
agam-sa.



F. ó'n R. - (Dar an) mbas mhaiseadh, ní mór liom-sa
dhuit cuid dí, má dhéanann sí aon mhaith dhuit.



S. - Atá an-chaitheamh in a diaidh agam dá bhfuighbhtheá
a innsint dam cionnus is fearr cur chum í d'foghluim.



F. ó'n R. - Cionnus foghluimigheann aoinne í acht
bheith ag éisteacht léithe agus bheith ag dul i measc na
ndaoine?



S. - Atá an Ghaedhealg an-chruaidh le foghluim.



F. ó'n R. - Atá is dócha. Acht féach ar an leanbh
sin, ní raibh focal cainte aige atá dá bhliadhain ó shoin
acht atá sí anois aige.



S. - B'uil (an bhfuil) anois?



F. ó'n R. - Atá, mhaiseadh, lán a chinn.



S. - Atá sé i bhfad níos fusa dhó sin í d'fhoghluim ná
dham-sa.



II



An Scoláire - Dia a's Muire dhuit.



Fear ó'n Rinn. - Dia a's Muire a's Pádraig duit.



S. - Nach breágh an lá é?



F. ó'n R. - Is breágh an lá é mhaiseadh buidheachas le
Dia. Nach é bhí go fiadhain indé?



S. - Ba é. Do shíl mé gur fearthainn thiocfadh as.



F. ó'n R. - Ní thagann aon fhearthainn as an ngaoith


L. 3


sin mar do bhí sí a ndeas ar maidin agus aniar um
thráthnóna; mar sin do bhí sí ag leanamhaint na
gréine.



S. - Cionnus do bhí ag leanamhaint na gréine?



F. ó'n R. - Ar ndóigh, éirgheann an ghrian thoir agus
i dteannta an eadarshuth bíonn sé theas; agus annsin
um thráthnóna bíonn sí thiar. Nuair bhíonn an ghaoth
mar sin ag leanamhaint na gréine bíonn an aimsear
ar socaireacht. Agus nuair bhíonn an ghaoth agus an
ghrian ag dul i gcoinne a chéile bíonn an aimsear
briste.



S. - Sin rud nár airigh mé fós. Nach maith atá
comharthaí na haimsire agat?



F. ó'n R. - Caidé an chúis ná beadh? Ní buidheachas
dúinn bheit i dtaighithe na haimsire. Nach ar sin atá
ár maireachtain?



S. - 'Seadh nach is deacair díbh bheith i n-iúl do'n
aimsir, aon rud chomh guagach sin.



F. ó'n R. - Atá sin fíor acht 'na dhiaidh sin baineann
an aimsear sásamh dá chéile.



S. - Agus cad is dóigh leat do an aimsir anois.
Ní fheadar an mbeidh aon fhearthainn ann.



F. ó'n R. - Ní móide ná beidh. Ní'l aon deallradh
dá mhalairt air. Beidh an aimsear briste againn go
dtí an chéad lá de'n mhí seo chughainn.



S. - Cá bhios duit é sin? Nach fada uainn an chéad
lá de'n mhí fós?



F. ó'n R. - Nuair bhriseann an aimsear i ndeireadh
na rae, ní ghealann sí go mbíonn deireadh caithte leis
an rae, agus ní bheidh aon rae nua againn go dtí 'n
chéad lá de'n mhí seo chughainn.



S. - Do bhí [me]{mé} chum dul tamall as baile nach (acht)
do réir sin b' fhearr é do chur ar gcúl.



F. ó'n R. - Ní dhéarfainn go mbeadh sé ag fearthainn
go dtí líonadh na taoide.



S. - Agus an comhartha eile é sin agat?



F. ó'n R. - 'Seadh.


L. 4


S. - Is fada go mbeidh siad go léir agam.



F. ó'n R. - Níor bhfada go mbeidís, dá mbeadh do
phócha ag brath air.



III



An Scoláire. - Caidé sgéal atá agat ó shoin?



Fear ó'n Rinn. - Ó nach tú sin?



S. - Is mé. Bhfuil aon sgéal eile agat dam nó ar
thuit mórán de'n dubh ar do chuid prátaí ó shoin?



F. ó'n R. - Ní dhéarfainn gur thuit mhaiseadh, nach atá
go leor ag gearán air.



S. - Bhí mé ag caint le fear indé agus adubhairt sé
liom go raibh leath a chuid prátaí dóighte aige.



F. ó'n R. - B'fhéidir gur fear é sin nár chuir amach
an chloch ghorm so.



S. - Ní fheadar mé é sin duit, nó an fé (féidir)
gur dhein an tóirneach so aon díoghbháil dóibh bhí againn
an lá fá dheireadh.



F. ó'n R. - I mbasa maiseadh, bíodh a fhios agat nár
dhein sí aon mhaith dhóibh acht tóirneach b'eadh í bhí i bhfad
ó bhaile. Caidé an éifeacht í seach is an tóirneach
bhí againn atá cúpla bliadhain ó shoin nuair do marbhadh
ba annso thuas le n-ár n-ais istig sa tigh ar linn a's
an bhean bheith ag dul dá gcrúdhadh (mbleaghadh). Do
bhladhm an tóirneach agus do thuit an bhean i laige
d'éirig a croidhe uirre agus b'é cúrsaí a báis é.



S. - Atá mo sgéal-sa i dtánaiste do do sgéal-sa.



F. ó'n R. - Agus bhfuil sgéal agat-sa ag tagairt
dó sin?



S. - Atá sé annso i mo phóca agam. Féach air, éist
go léighfidh mé dhuit é:



"D'fhág mé féin agus Maidhc ar maidin chum dul
anonn le dhá chaora. Aonach na Márta ba eadh é. Is
dóca go bhfuil thimcheall trí bliadhna déag ó shin anois.
Do bhí ceann de na caorchaibh an-mhillteach. Nuair do


L. 5


bhaininn an langaide dhé d'iontuigheadh sé ar an ngar-
sún agus do bhí eagla orm go ngoirteóchadh sé é. "Atá
mo dhearbhráthair ag dul go dtí an aonach," arsa mise
"téidh ó dheas agus abair leis bheith ag teacht i mo
choinne an bóthar." D'imthig an garsún chom-mear
's do bhí aige. Bhí an garsún imthighthe uaim agus d'
ionntaigh mé féin an bóthar céadna. Is gairid ó dheas
bhí mé nuair tháinig an chéad tóirneach. Tháinig cioth
mór cloich-shneachta bhí chomh mór gach aon ghráinne dhé
le do dhorn. Tháinig an dara tóirneach annsin agus
an splannc mhór so. D'imthig an teas thar m'aghaidh
míle buidheachas leis an Tighearna, agus chuaidh sí i
dtalamh ar an dtaobh eile de'n chlaidhe agus threabhaidh
sí roimpe as sin go dtí clocha na trágha. Shoilltigh
(shamhluigh. - De H.) sí dham chum bheith chomh dearg le
teine agus sprainnlíní ag imtheacht leis. Do chaith mé
mé féin ar mo ghlúnaibh ar lár an bhóthair agus aon suim
agam innte, do bhí an leithéid sin do sgannradh orm.
Tháinig mo dhearbhráthair annsin agus sé do thóg suas
de'n mbóthar mé agus sé chuir isteach sa drae mé
roimh na caorchaibh. Tháinig sé i m'fhochair go dtí Dún
Garbhán agus sé dhíol na caoirigh dham. Annsin nuair
chuadhmar anonn sé an scéal bhí thall romhainn ag gach
aoinne nach (acht) dhá bhó le fear ó bharr an t-sléibhe bhí
marbh ag an tóirnigh."



F. ó'n R. - Agus cia sgríobh síos an scéal sin duit?



S. - Mé féin sgríobh síos é acht Máighréad ní
Mhuirgheasa thug dam é.



F. ó'n R. - a atáir-se in iul do'n chóir aithris. Ba
dhóigh le duine gurabh í féin bheadh ann.



IV



Fear ó'n Rinn. - An tú Seán?



Seán Scoláire. - Is mé. Cionnus atá tú ó shoin?



F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, sa sean-ráidhtibh i gcomhnuidhe,


L. 6


gan bail ná baoghal orm. Cad do mhairbheóchadh
(mhuirbhfeadh) sean-rud?



S. - Bhfuil an brothall ag cur ort?



F. ó'n R. - Níl mhaiseadh. Ní misde linn an brothall
an t-am so (do) bhliadhain.



S. - Agus an maith an rud an brothall anois?



F. ó'n R. - Dar ndóigh, a dhuine mhuinnteardha, sé
an brothall atá chum seasamh anois dúinn. Sé an
brothall atá ó na prátaibh agus ó na barraíbh go
léir chum iad d'aibiughadh.



S. - Is dócha go bhfuil an ceart agat. Atá coinne
agam go ndéanfaidh sé bliadhain mhaith rathamhail díbh.



F. ó'n R. - Déanfaidh, le congnamh Dé, agus má
leanann an brothall so agus go bhfanfaidh an tóirneach
agus an ceo uainn ní baoghal go ndubhfaidh na prátaí
orainn.



S. - Agus an ndéanfadh an dubh mórán dioghbhála
dhóibh?



F. ó'n R. - Ara dhéanfadh. Dá leathanóchadh an dubh
ar na prátaíbh ní bheadh ceann againn, a dhuine.



S. - Agus an bhfuil aon rud agaibh a choingbheóchadh
uatha é?



F. ó'n R. - Atá sórt éigin stuif tháinig amach le
deidheanaighe. Cloch ghorm thugainn siad air. Do-
gheibheann siad sna siopaibh é; annsin cuireann siad
i ndeabhach é agus cuireann siad uisge air, agus ann-
sin é do choimhéad measgaighthe go gcuirtear sa
machine é. Cuireann an fear ar a dhrom annsin é
díreach mar bheadh mála an phuist agus strapaí
leathracha aniar treasna air. Gheobhaidh sé annsin i
gclais na bprátaí agus béarfaidh sé ar phíopán air
agus beidh sé dá leathadh leis roimhe ar na crannaibh
díreach mar do bheadh fear sa mbaile mór ag leathadh
uisge ar an luaithreán chum é do bhascadh.



S. - Caidé an mhaith a dhéanann sin dóibh?



F. ó'n R. - Coimhéadfaidh sé gan iad go dhubhachaint
(dhubhadh). Adeireadh an tsean-dhream fadó grubh é


L. 7


toil Dé é; acht anois adeir siad gur galar atá ós a
gcionn dáltha gach aon rud eile, an duine agus an
beathaidheach agus na barraí. Níl aon ghalar ná fuil
a leigheas féin dó.



S. - Agus an mbíonn aon cheann dubh orra tar éis
an stuif seo do chur amach orra?



F. ó'n R. - Well, an méid chuir amach anuraidh é, do
chuaidh sé go han-mhaith dhóibh. Ní adeirim ná raibh
fo-cheann dubh aca. Nach mór an nídh an chuid is mó
díobh do theacht slán tar éis a bhfuil dá nduadh faghtha
againn?



S. - Is dócha go bhfuil obair an domhain ag baint
leo mar phrátaí.



F. ó'n R. - Ó mhaiseadh, is amhlaidh atá an sgéal, atá
an bhliadhain caithte agat leo, agus b'fhéidir go minic
saothar na bliadhna i do choinne.



S. - Is aindeis an sgéal é sin, agus is dócha nach é
sin an chuid is measa dhé.



F. ó'n R. - Ní hé, mhaiseadh. An bhfeiceann tú an
pháirc eorna(n) sin agus í ar fad sínte ag gaoith agus
ag fearthainn.



S. - Ní fheadar an éirgheóchaidh sí arís?



F. ó'n R. - Atá a cuid éirghe déanta aici.



S. - Agus ná fuil aon mhaith anois innte?



F. ó'n R. - Ó, déanabham (de aon am - De H.) bhíos.
Dá dtiocfadh puithín gaoithe do chuirfeadh 'n-a seasamh
í, bhí sí ó bhaoghal. Níl baoghal uirre ó'n uair amháin
atá sí eascartha. Dá dtiocfadh an teas agus an
brothall aibeóchadh sé í.



S. - Cairdé an rud é eascartha. Ní thuigim an focal
sin.



F. ó'n R. - Sé rud é sin nach (acht) an gráinne do
bheith le feicsint ann. Féach ar an neanntóig sin.
Atá sin eascartha. Aon arbhar atá tar éis teacht
amach as an dúbail (inteach) atá sé eascartha.



S. - Ó, tuigim anois. Is fearr dham bheith ag cur
chum bóthair. Atá an scoil ar siubhal anois. Do-chím


L. 8


na scoláirí eile ag triall uirre. Lá breágh anois
agat.



F. ó'n R. - Go n-éirghidh an t-ádh leat. Is dócha na
beidh tú i bhfad go ngeobhaidh tú an tslighe arís.



S. - Ó, ní bheidh, le conghamh Dé.



V



An Scoláire. - Anois tháinig tú isteach ó'n
bhfairrge?



An t-Iasgaire. - Seadh, a dhuine mhuinnteardha.



S. - Agus cad ba chor díbh aréir, nó a' bhfuair sibh
aon téagar éisg?



I. - Fuaramar roinn aréir, acht i gcúrsaíbh rioth na
seachtmhaine seo chaitheamar níor bhfiú liom a rádh go
bhfuaramar dada.



S. - Ná faca mé cnádáin agus deargáin agus
leitheóga agus sgadáin agus macraelí leis, agus atá
tú ag cásamh ar an luigheadh mharbh tú.



I. - Dá mhéid fhéachann sin do do shúilibh, nuair atá a
sgair féin ag gach aon fhear, atá sé beag go leor ar
ball. Agus nuair atá a dhínnéar ag gach aon fhear as
a sgair féin, is ar éigean atá dhá phinginn spártha
aige.



S. - Agus an mar sin an cor díbh i gcomhnaidhe?



I. - Ó, ní headh. Is minic do dhíolfadh aon oidhche
amháin costas na seachtmhaine go léir.



S. - Agus bhfuil go leor costaisí ag baint libh?
Badh dhóig le duine go seasóchadh ná báid sin go deo,
ná fuil oraibh acht costas an chéad lae.



I. - Dheireadh díth-céille, a dhuine. Atá ball gach aon
lá ó iasgaire. Rud d'oirfeadh do'n sgadán, ní oir-
feadh sé do'n macrael, agus rud d'oirfeadh do'n
macrael, ní oirfeadh sé do'n colmóir, agus mar sin.
Caithfidh tú gach aon rud do fhriotháileamh leis an rud
oireann dó féin.



S. - Agus ná déanfadh aon bhall amháin an colmóir
agus an sgadán agus an macrael do mharbhadh díbh?


L. 9


I. - Ó, mhaise, ní dhéanfadh. Atá líon ann a dtug,
tar trammels orra, agus sin é mharbhann an colmóir.
Bíonn lúba (mogail) móra ionnta. Lúba beaga bhíonn
i gceann an sgadáin.



S. - Ó, anois atá mé dá thabhairt fá ndeara. D'im-
theóchadh an sgadán tré lúb na trammels, agus do
bheadh lúb líonta na sgadán ró-bheag chum an colmóir
do dhul in achrann ann. Agus an gcosnuigheann na
líonta so go leor airgid?



I. - Do chosnóchadh aon líom amháin suas le ceithre
fichid púnt. Bhí iasgaire bocht annso agus do chaill sé
a chuid líonta agus ní fhuaradh a dtásg ná a dtuairisg
ó shoin. Do chaitheadh míol-mór isteach áit éigin de
Chonntae an Chláir atá a dó nó a trí de bhliadhntaibh ó
shoin. Bhí sé os cionn fiche troigh ar faid. Bhí sé
marbh. Do bhí sé in achrann i líon mór sgadán. Ainm
iasgaire Sasanaigh bhí ar an líon, fear ó bhaile éigin
ar an dtaobh thoir de Shean-Shasana.



S. - Ba iongantach an stracadh rinne sé, dá ion-
fairt agus dá iomlata féin agus ag briseadh na
fairrge ar gach taobh dé. Ag teannadh na snadhma
(snaidhme) bhí sé in áit í do sgaoileadh.



I. - Seadh, agus féach caidé an chreach a leithéid sin
do bhualadh fá fhear bocht agus a chuid líonta. Shin é
cuid na bliadhan ar fad imighthe uaidh, agus b'fhéidir
fiacha in a fhochair dá ndeasga. Mar sin bhíonn
iasgairí a mbíonn an t-ádh leo agus iasgairí eile a
mbíonn an mí-ádh orra. Dá mbeadh an fhairrge lán
d'iasg, do bheadh cuid aca ar bheagán díobh. Iasgairí
eile agus dá mbadh is gan ann acht breac, do thuit-
feadh sé chuca. Acht an té a mbeidh an t-ádh ar maidin
leis, beidh sé um thráthnóna leis.



S. - Mhaise, n'fheadar mé. Le daoinibh féin ritheann
seisean.



I. - Dá dtiocfá im fhochair ar feadh seachtmhaine, sin
é an uair do bheadh a fhios agat cia aca an ceart nó
an t-ain-cheart atá agam.


L. 10


S. - Agus an leigfeá leat mé?



I. - I mbasa leigfead agus fáilte, agus má thagann
aon tinneas fairrge ort, sé an tinneas is lugha chuir
ar duine riamh é.



VI



Siobhán. - Dia agus Muire dhíbh annso.



Máire. - Dia agus Muire dhuit agus Pádraig. Is
mór an radharc do shúilibh tinne tú d'fheicsint, nó ní
fheadar cad dheineamar as an t-slighidh ort. Ní fhaca-
mar leis na ciantaibh thú.



Siobhán. - Masa níor dhein sibh dada. B'fhearr dham
mo lámh do leagaint (leagadh) ar seo. Bail ó Dhia ar
an obair, in ainm an athar, an mhic 's an spioraid
naoimh. Atá an sean-nós agaibh-se i gcomhnuidhe.



Máire. - Maite, nós bhí ag ár n-athair ag ár
máthair agus a ghabh romhainn. Ní bheidhmíd-ne go deo
chomh maith leo.



Siobhán. - Masa, a bhean an tighe, is mór an mórtas
cuigeann d'feicsint. Is iongantach d'iontaigh an
saoghal amach ar fad agus ar leathad.



Máire. - Masa, sin é mar atá, inghean ó, gach aon
rud ag dul ar an tsaorgáid (saordháil).



An Scoláire. - Cia aca dhéarfá is fearr dhíolfadh
do thuarastal leat?



Máire. - Cad dó atá tú dá thagairt sin.



An Scoláire. - Atá mé ag tagairt do tigh an uachtair
agus do'n t-sean-lámh.



Máire. - Ó, seadh, anois thuigim tú. Níor
thástáil mé riamh fós teach an uachtair. Dhéarfadh
daoine leat gur fearr dhíolfadh teach an uachtair do
thuarastal leat ná an t-sean-shlighe, iad so bhfuil an
dá shlighe tástálta aca.



Siobhán. - Maite creidim go bhfuil briste ar an
gcuiginn. Bhfuil Nóra annsin? Abair léithe brostu-


L. 11


ghadh uirre go mear agus uisge do thabhairt léithe le
haghaidh an im do nighe.



Máire. - Ní fheadar an dóigh leat an bhfuil sí
bailighthe?



Siobhán. - B'fhéidir go mbadh fearr dhuit leanamhaint
dí tamaillín beag eile.



Máire. - Fagh an tubán dam go sgaoilfidh mé amach
cuid de'n mbláthach dí. Seo, a bhuachaill óig, deoch
de'n mbláthach duit. Bíonn sí folláin.



An Scoláire. - Go raibh maith agat a bhean an tighe,
b'fhéidir go ndéanfadh sí maith dhom' inchinn. Maite
atá sí seo go breágh. Bhí an-thart orm tar éis brothaill
an lae.



Máire. - Ó, a bhuachaill óig, nár airigh tú riamh go
raibh leigheas i mbláthach?



Scoláire. - Caidé an sórt galair bhfuil leigheas
innte dhó? Sin rud nár airigheas fós acht ní haon
iongantas liom é, mar is iomdha rud nua airigh mé ó
tháinig mé annso.



Máire. - D'airighinn ag an t-sean-mhuinntir i gcomh-
naidhe go mbíodh leigheas innte do shlaghdán agus
d'airghinn aca leis go raibh sí go maith do'n chabhail.
Nuair do bhíodh na páistí annso agam tinn leis an
triuch, thugadh an t-sean-bhean, beannacht Dia le n-a
hanam, buidéal bláthaighe chucha [gac]{gach} aon lá ó thigh
comhursan dúinn mar ná raibh aon bhó againn fhéin san
uair chéadna agus, maite, do bhraithinn tar éis beagán
laetheannta go ndéanadh sí maith mhór dóibh sa t-slighidh
go ndéanfainn ó shoin go bhfuil maith sa mbláthach.



Siobhán. - Bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre, atá meas-
gán breágh ime agat indiu. Nach breágh cruidh atá
sé an t-am so de bhliadhain.



An Scoláire. - Is dócha go ndéanann feabhas na
talmhan go leor dé.



Máire. - Is maith é a chonghamh chuige acht atá go
leor rudaí eile in iongnais feabhas na talmhan agus


L. 12


is dócha gur mhaith an rud steall de grásda Dé
isteach le gach aon rud eile.



Siobhán. - An chuid is mó atá ó'n im acht glanachar
(glaine) agus aireachas.



Máire. - Atá go leor talmhaintí agus ní bhíonn aon
sochar aca ar an mbainne an t-am so de bhliadhain.
Is amhlaidh bhíonn an t-im aca 'na ghruth.



An Scoláire. - Is deacair an t-im d'fhaghbháil 'na
cheart. Atá go leor rudaí ag baint leis, agus, má
theipeann (theibeann) aon chuid aca sin ort, beidh thiar
ar an im. Do léigheas as leabhar go gcaithfeadh an
oiread sin teas do bheith sa mbarraille nó sa tigh a
mbeadh an bainne ann, agus na ba do bheith ar foghnamh,
agus gan oiread a's le haon tor amháin de droch-luibh
do bheith ag fás ar fuaid na talmhan.



Siobhán. - Maite is deacair dó bheith go maith,
nuair atá an oiread sin chum díoghbháil do dhéanamh
dhó. Is deacair dó gan ceann éigin aca do theacht
'na choinne.



Máire. - Agus cá bhfágfá lucht piseog?



An Scoláire. - Á, ní chreidfinn go bhfuil a leithéid
sin in aon chor ann. Libh féin ritheann na rudaí sin.
Ná cuireadh an saoghal in a luighe oraibh go bhfuighbheadh
lucht piseog a leithéid sin de ghnó do dhéanamh.



Máire. - Maite, a bhuachaill óig, n'fheadar mé. Do-
chonnaic mé féin cuid de'n ghnó i dtigh a rabhas. An
t-im annsúd agus é 'na ghruth, agus ná féadfá dul
'na ghoire le boladh. Agus féach féin, ná taisbeán-
fadh sin duit go bhfuil diabhlaidheacht éigin ar bun
aca?



An Scoláire. - Nách cuimhin leat cad adubhairt mé
ó chianaibh, go bhfuil an oiread sin uait le haghaidh é
d'fhaghbháil.



Máire. - Ó 'se, leig dúinn féin. Ná fuil a fhios
againn caidé an rud é im? Ná fuilmíd riamh ag
gabháil dó, agus cur a bhaile na haimsire seo ní
airigheamar riamh. Ná bidhidh in ár (dár) mbodhradh
leo.


L. 13


VII



An Scoláire. - Go mbeirimíd slán ar an am so
arís, atá an foghmhar dá bhaint. Dia dhíbh, a mhná. An
ag ceangal atá sibh?



Na Mná. - Dia a's Muire dhuit a's Pádraig.



S. - Is trom an gort arbhair í, bail ó Dhia a's ó
Mhuire uirre.



Na Mná. - a mhaite, seadh, ba ghnáthach léithe. Bhí an
pháirc seo riamh go maith chum barraí, agus i mbasa is
maith an práta bhíodh ann leis.



S. - Ó mhaiseadh, deacair orra mar phrátaí, atá
siad an-thaomnach, atá gach aon rud ar a dtí. Bain-
eann sé le deallradh ná hoireann siad do nádúir
na talmhan. Atá siad díreach ar nós an turcaidhe.
Atá an domhan peataireachta ag baint leo. Ó
áit strainséardha thángadar an chéad lá, an
práta agus an turcaidhe. Do theipeadar (theibeadar)
cheana orainn agus b'fhéidir go dteipfidís arís. Ann-
sin do bheadh gorta againn. Agus nach aindeis
bheith ag brath ar a leithéidibh sin?



Bean Cheangail. - Ó mhaiseadh, níl aon rud ann nach
cainteanna; níl aon rud níos milse ná an práta.
Níor bhfiú liom suidhe chum dínnéir gan iad. Féach ar
an bpunann sin. Beir uirre, meádhaigh an mheádhachtain
(meadhachan) atá innte.



S. - Níl aon tuairim agam innte, nach (acht) féach-
ann sé go breágh buidhe, slachtmhar, agus meádhta leis.



B. Ch. - Maite, sí an mheádhachtain go léir acht an
toradh do bheith innte.



S. - Nár mhaith an rud í an tuighe?



B. Ch. - Ó is maith í an tuighe do'n té d'oirfeadh sí
dhó nach an té ná hoirfeadh b'fhearr dhó toradh an
ghráinne.



S. - Agus ná beadh an oiread tairbhe dhó sin innte
le haoinne? Nach luach airgid í dá mbadh amhlaidh 's
dó í dhíol?


L. 14


B. Ch. - Atá an méid sin ráidhte go maith agat, acht
féach ar an méid sclábhuidheachta agus an méid dod
chuid aimsire atá caithte agat léithe. Caithfidh tú í
bhaint agus í cheangal de'n t-sraith, studaí do dhéanamh
dhí, agus annsin tar éis beagán aimsire stácaí do
dhéanamh dhí. Agus seachtmhain 'na dhiaidh í tharlódh,
annsin í bhualadh agus í cháitheadh, agus, dá mbadh
phráinn dí, an dara leigint (léigean) do thabhairt dí;
í líonadh sna málaibh annsin agus [i]{í} chur i gcóir do'n
gceannaightheoir. Agus gibé luach airgid atá faghtha
agus is maith atá sé ceannaighthe agat.



S. - D'airighinn go mbíodh croidhléis mhór aca fadó
le linn 's iad do bheith ag bualadh an arbhair. Ní
fheadar an mbíonn a leithéid de ghnó anois aca?



B. Ch. - Och mo chiach thú, an mar sin atá thú? Nach
anois atá an chrodhléis ar fad aca ó tháinig na
maisíní seo amach? Bíonn rinnce agus ceol agus
amhráin ó oidhche go maidin aca. Níor dhóigh leat nach
pósadh é.



S. - Agus an mbíonn a leithéid sin de ghnó ar siubhal
aca tar éis an lá oibre agus obair dhian leis, lá
maisíne? Nár dhóigh leat gur bhfearr dhóibh dul a
(do) chodladh dhóibh féin agus codladh sámh a dhéanamh
tar éis tuirse an lae.



B. Ch. - Ó mhaiseadh go bhféachaidh Dia ar do chloigeann,
b'fhearr leo babtha rinnce ná a rinneadar de chodladh
i rioth na bliadhna.



Spealadóir. - Éist, a bhean. Cá mór dóibh caitheamh
aimsire chomh fada is ná déanfaidís aon díoghbháil ná
iomarca de'n ól. Nár mhaith an rud rionn beag
croidhléis tar eis an lá oibre? Bíonn siad ag tnúthán
le n-a leithéid agus cuireann sé meisneach ionnta
chum níos mó oibre do dhéanamh.



B. Ch. - Ní fheadar an mbeadh aon mhaith ionat chum an
leithéid seo d'obair do dhéanamh?



S. - Níor chuaidh mé riamh ag ceangal ar mo pháidh


L. 15


acht is dóigh go bhfuighbhinn é dhéanam dá dtaisbeainfeá
dham é.



Spealadóir. - Ó mhaiseadh a mhic ó is fearr dhuit an
chéird (cheárd) atá agat.



B. Ch. - Beir mar sin uirre agus buail isteach le d'
chosaibh í. Tarraing anois a dó nó ar trí dhe laistíbh
dhé agus déan cuibhreach díobh. Coiméad ceann an
laiste id' láimh chlé. Bain casadh aiste annsin, buail
thimceall na punanna anois í. Snamnaig (snaidhm)
anois í. Maith an buachaill tú. Caith de thiar (ar an
taobh thiar) díot anois é.



Spealadóir. - An té dhéanann an obair is fiú luach-
saothair do tabhairt dó. Caithfimíd cuireadh do thabh-
airt duit lá buailte an arbhair.



Na Mná. -Ó mhaiseadh, caithfimíd. Atá deallradh
ceart rinnceóra air. Atá an chois (chos) go héadtrom
aige ar aon chuma.



Scoláire. - Ní fheadair aoinne caidé an áit de'n
domhan in a mbéinn-sé an lá sin.



VIII



Gearrchaile. - Gabh (an) chraobh, gabh (an) chraobh!



An Mháthair. - Caith uait an choindleoir agus an
sgian anois, atá siad i gcrann. A Cháitín, rioth isteach
agus tabhair chugham amach mo shean-fhalaing atá istigh
ar an ráca, go leathaimíd anuas orra é go dtiucfaidh
an fionn-fhuaras um thráthnóna.



An Scoláire. - Caidé an chúis díbh bheith ag bualadh
na coindleora nuair do bhí na beacha ag imtheacht?



An Mháthair. - Chum an saithe do chur i gcrann. Is
dócha go gcuireann an ceol sámhán orra chum luighe
ar an gcrann.



An Scoláire. - Ná déanfadh aon fhocal eile iad acht
na focail sin, "gabh (an) chraobh, gabh (an) chraobh"?



An Mháthair. - Ní dhéanfadh, mar ná tabharfaidís


L. 16


aon toradh ar aon fhocal eile. Nár airigh tú riamh go
raibh ciall ag na beachaibh agus go mbailigheann siad
leo a gcuid meala ó choilltibh na gcraobh?



An Scoláire. - An luigheann siad comh gairid sin
do'n tigh i gcomhnuidhe?



An Mháthair. - Masa mhuise, ní luighid. Mar bhíonn
cuid de na beachaibh an-chrosta, agus b'fhéidir go
n-imtheóchaidís trí mhíle go minic agus raghaidís san
áit ná fuighbhthí teacht orra choidhche. B'fhéidir go
raghaidís síos i siminé duine eile. Má gheobhadh an
duine sin teach orra badh leis féin iad, acht adeir
siad gur le ádh nó mí-ádh theidheann saithe beach go dtí
ti' (teach) dhuine eile. Ach má seadh féin, is dócha ná
cuirfeadh aoinne uaidh iad. Is minic gur le ádh
thagann siad go dtí duine, agus b'fhéidir nár mhóide
sin ná iad do dhul leis an mí-ádh chuige. Is minic
bhaineadar siubhal maith asainn, nuair do raghaidís i
bhfad ó bhaile. Cuimhnighim go maith tar éis eadarshuth
Domhnaigh, nuair d'éirigh saithe ar bhean bhí ar an
mbaile, agus d'imthigh gasradh againn-ne as a ndiaidh,
óg agus aosta, agus níor stadadar gur chuadar síos
i lár Faill an Staicín. Do chuadar isteach i bpoll
agus ní fhuaradh teacht orra ó shoin, agus meireach
(muna mbeadh) mé féin do bheadh mac na mná marbh
sa bhfaill, mar do chuaidh sé síos go dtí leath na
faille ar a ndiaidh agus ní fhuair sé teacht orra. Ar
a chasadh aníos dó, do bhí garsún eile ar bharr na
faille, agus do shleamhnaigh cloch mhór síos uaidh. Do
bhí sí ag teacht anuas sa cheann ar an té bhí thíos.
Nuair liughas air agus do thóg sé a cheann, do dhruid
sé anonn dhá choiscéim agus d'imthigh an chloch síos ins
an áit chéadna in a raibh sé. Dá mbuailfeadh sí air,
do bhí sé in a phíosaibh miona thíos ag clochaibh na trágha.
Tháinig gach aoinne a bhaile agus thugadar buidheachas
le Dia, gibé an rud dhein na beacha ná raibh an
garsún marbh.



An Scoláire. - Ba mhaith do sgair sé. Nach mór


L. 17


an seó go raibh ann teicheadh ón gcloich leis an
sgannradh?



An Mháthair. - Do bhí, masa. Is dócha gurab é Dia
do dhein dó é, agus gan é bheith le marbhadh.



An Scoláire. - Agus cad dhéanfaidh sibh anois leis
na beachaibh, nó cá gcuirfidh sibh iad?



An Mháthair. - Cuirfimíd 'sa chruiceoig iad.



An Scoláire. - Agus caidé an rud é cruiceog?



An Mháthair. - Ó 'sé, cabhair Dé chughainn, bhfuil tú
chomh dall mar sin? Caidé an saghas duine tú, ná
feadair tú caidé an rud é cruiceog. Rioth isteach, a
Cháitín, agus tabhair amach í go bhfeicidh sé í.



An Scoláire. - Ó 'b í (an í) sin í? Ó is minic do-
[chonnaich]{chonnaic} mé ceann aca sin, acht ní raibh a fhios agam
caidé an gnó do bheadh dé. Agus an raghaidh siad
féin isteach innte uatha féin?



An Mháthair. - Masa raghaid, mar caithfidh siad dul
isteach innte, mar níl aon fhonn reatha anois orra.
Atá an fionn-fhuaras aca. Níl uatha anois acht dul
isteach in a mbotháinín, agus rud d'fhaghbháil le n-ithe
agus dul a (do) chodladh dóibh féin.



An Scoláire. - Agus cad gheobhaidh siad le n-ithe?



An Mháthair. - Gheobhaidh siad a ndóthain de shiúcaire
ruadh na mbeach.



An Scoláire. - Agus an íosaidh siad é?



An Mháthair. - Íosaid, agus is maith an gnó leo é
d'fhaghbháil le n-ithe.



An Scoláire. - Agus cionnas fhanfaidh siad istigh sa
chruiceoig?



An Mháthair. - A Mháirín, glaodh amach ar Sheán go
mbainfidh sé slat dam agus go socróchaidh mé isteach
sa chruiceoig í, agus cídhfidh sé seo cionnas fanfaidh
siad istigh sa chruiceoig.



An Scoláire. - Cionnas chuirfidh tú an t-slat isteach
innte?



An Mháthair. - Déanfaidh mé dhá leath dí agus cuir-
fidh mé treasna innte gach leath aca, agus chuimil-


L. 18


eóchaidh mé an siúcaire dhíobh, agus geallaim duit gur
mear raghaidh na beacha in achrann ionnta nuair
gheobhaidh siad an siúcaire le n-ithe. Corruigh ort, a
Sheáin. Atá sé ag teacht deidheanach. Déan dhá leath
de'n t-slait sin go mear agus sgrios an croiceann
dé go gcuirimíd isteach iad fé (sul) dtiocfaidh an
drúcht orra.



An Scoláire. - Cia leis an leanbh so?



An Mháthair. - Liom-sa í sin.



An Scoláire. - Ní fheadar an bhfuil aon fhios aici-sin
mar gheall ar na beachaibh.



An Mháthair. - Fiafruigh dí é; b'fhéidir go mbeadh{.}



An Scoláire. - Caidé a mhéid sgiathán bhíonn ar
bheac (bheich)?



An Leanbh. - Bíonn ceithre cinn, dhá cheann bheaga
ghairide agus dhá cheann mhóra fhada; bíonn sé cosa
fútha, agus aon chealg amháin aca.



An Mháthair. - Féach sin leat.



An Scoláire. - Agus cad bhíonn na beacha a (do)
dhéanamh sa cruiceoig?



An Leanbh. - Bíonn siad ag obair dóibh féin go
dian ag déanadh meala agus céireach.



An Scoláire. - Cionnas gheibhtear teacht ar an mil?



An Leanbh. - Caithtear na beacha do mhúchadh le
briomstún (ruimh).



An Mháthair. - Sin é an t-sean-shlighe bhí ann fad ó
chum teacht ar an mil. Atá rudaí nua ag teacht
amach gach aon lá. Atá cruiceog adhmaid anois ag
daoinibh agus ní gábhadh dhóibh na beacha do mhúchadh in
aon chor. Gheobhaidh siad teacht ar an mil gan baint
leis na beachaibh. Is dóigh liom go gcaithfidh mé uaim
na sean-chruiceoga so go bhfuighbhidh mé ceann de na
ceannaibh nua so. Mar is mór an bhodaráil na sean-
chinn seo cum bheith ag gabháil dóibh.



An Scoláire. - An bhfuil aon bheach fá leith ann nó
an mar a chéile iad ar fad?


L. 19


An Mháthair. - Atá a fhios aici go maith go bhfuil.
Innis dó é.



An Leanbh. - Atá an mháthair-ál agus an bhainrioghain
agus an bheach-tharraingthe. B'fhearr liom na beacha
fiadhaine ná na beacha bhíonn sna cruiceogaibh mar
bhíonn cuasnóg aca agus gheobhainn teacht ar an mil
uatha gan aon trioblóid nach go minic go gcuireann
siad cealg i mo láimh nó i mo aghaidh mara mbeadh
éadach uirre agam.



An Scoláire. - Cia aca de sna beachaibh is deise?



An Leanbh. - Is deise na beacha fiadhaine mar bhíonn
gach aon dath orra. Bíonn siad buidhe mar bheadh ór,
agus dearg agus dubh agus clúmh an-thiugh orra agus
cosa an-théagartha agus badh dheas leat iad.



An Scoláire. - Agus má atá siad chomh deas sin
agus go dtaithnigheann siad leat chomh maith caidé an
chúis ná fágann tú an mhil aca mar lón i gcóir an
gheimhridh agus gan iad do bheith ag faghbháil bháis leis
an ocras?



An Mháthair. - Ní fhanann siad i sna cuasnógaibh sa
ngeimhreadh in aon chor, imthigheann siad leo féin agus
téidheann siad i bpollaibh i sna cladhthachaibh. Is minic
gheobhthá cuasnóg sa ngeimreadh agus ní bheadh mil ná
beach innte act na cíoracha follamha. - Atá gach aon
rud socair againn anois. Atá na beacha istigh.
Leagaimíd ar an leac (lic) anois iad agus fágaimíd
ann iad in ainm Dé. Atá sé in am dúinn dul isteach
chum na prátaí. Is dócha go bhfuil siad beirbhighthe ag
Sighle.



IX



Do-chonnaic an scoláire na leanbhaí ag súgradh lá,
agus ag déanamh a gcluiche aoibhneasa. Is amhlaidh do-
ghnídís, leanbh díobh do bheith ag rioth anall 's anonn
idir gach aon bheirt agus na focail bhíodh eile - "atá
fáinne ar mo láimh-se agus atá sé bog te agus aoinne


L. 20


a bhfuil grádh agam dó, buailfidh mé air." Agus ann-
sin do bhuaileadh sé buille sa cheann ar duine aca
agus d'éirigheadh seisean agus do leanadh sé isteach
a's amach, sior a's siar é, nó go mbeireadh sé air.
Do shuidheadh an chéad duine annsin agus do théigheadh
an ceann eile thimcheall ag déanamh an chleasa céadna.
Agus mar sin dóibh ó dhuine go chéile go mbadh ar an
duine deidheanach do bheadh an tóir do chur orra agus
badh dhóigh leat go mbrisidís a gcosa ag teicheadh roimhe.
B'ait leis an scoláire an cleas sin agus mar do
b'áil leis duine dá mhíniughadh dhó rug sé ar an gceann
deidheanach díobh agus do chuir d'fhiachaibh air an cheist
do réidhteach dó.



An Scoláire. - Agus an bhfuil aon cluiche eile
agaibh dá iongnais sin.



An Buachaillín. - Atá mhaiseadh, carn. Atá "sgaoil-
eadh an uisge," "geataí árda" agus "girrfhiath
amach" dóbair go gcuidfeadh "girrfeadh amach"
deireadh liom lá de'm shaoghal. Do bhíos im
ghirrfhiadh agus duine eile im dhiaidh mar chú, do bhíos
ag rioth chomh mear le heagla go bhfuighbhthí greim orm
gur thuiteas i ndiaidh mo chinn síos i bpoll agus do
shíleas go rabhas marbh.



S. - Badh dhóigh le duine ort, a gharsúin, go bhfuil tú
an-aosda.



B. - Gibé aos atá agam do bhain sin dam.



S. - Agus 'dé 'n t-aos atá agat?



B. - Atá mé seacht mbliadhna chum na feil' Michíl
seo chughainn.



S. - Nach léir atá tú ar d'aois?



B. - 'Dé chúis ná béinn? Nár airig mé mo mháthair
dá rádh an lá fá dheireadh go raibh dá bliadhain ag
Tomáisín orm. Agus atá seisean naoi mbliadhna.



S. - Agus mo dhearmhad, dóbair ná cuimhneóchainn
ar a fhiafruidhe dhíot mar gheall ar na cluichthibh eile.
Innis dam cionnas dhéanann sibh "sgaoileadh an uisge."



B. - B'féidir go mbeadh fiche duine againn ann agus


L. 21


greim againn ar lámhaibh a chéile. D'imtheóchadh ar
duine deidheanach amach fá osgaillibh an chéad bheirt
agus gach aoinne eile in a dhiaidh agus do leanfaidís
orra mar sin agus b'fhéidir go raghaidís míle slighe fé
(sul) stadfaidís agus go deimhin do bheidís cortha
go maith ag casadh a bhaile dhóibh. Agus maran (muna)
raibh a fhios agat cionnas do dhéanfaidhe "sgaoileadh
an uisge" bíodh a fhios anois agat.



S. - D'airig mé saghas éigin eile cluiche ag na
páistíbh an oidhche fá dheireadh. Is dóigh liom gur
"druingide, draingide" bhíodar a rádh. An bhfeadair
tú dham aon rud mar gheall air?



B. - I mbasa mhaiseadh atá a fhios, mar is minic, do
dheineas féin é. Is minic thug sé guailne teo dham.
Cuir do cheann i mo bheinn agus taisbeáinfead duit é.
Caithfidh mé do ghuailne do bhualadh le mo dhá dhorn ar
linn 's bheadh mé ag rádh na bhfocal.



"Druingide draingide
Ar chnámh do cruite-se,
Taidhse má taidhse,
Laidhre má laidhre,
Bhfuil an gabha dubh annsin,
Atá se amuigh annsin;
Adubhairt sé liom-sa
Dul go dtí an cheárdchan,
Boilg a shéideadh,
Spící a dhéanamh;
Húra, hára hup
'Dé mhéid adharc ar mo phéire poc?"



S. - Cad é an bhrígh atá leis sin, 'Dé mhéid adharc
ar mo phéire poc?"



B. - Sin iad méarna mo lámh agus caithfir-se a
thomhas 'dé mhéid méar bheid in áirde agam-sa agus
mara (muna) mbeidh fhios agat, caithfidh thú luighe síos
arís agus cuirfead-sa "Druingide" eile ort.



S. - O seadh is dóigh liom go bhfuil sé agam anois,


L. 22


acht caithfidh na focail bheith go ceart agam. Fan
go ndéarfaidh mé dhuit iad.



B. - Diabhal seo acht tú. Atá an-mheabhair agat.



S. - Níl leath-bhaoghal orm, mhaiseadh. Lá maith agat
anois. Atá deitheanas go dtí 'n té orm.



B. - B'feidir gur maith leat "Lúrapac lárapoc" a
[bheit]{bheith} agat.



S. - Badh mhaith, mhaiseadh, an chéad lá eile.



X



An Scoláire. - Bhíomar ag tracht an lá deidheanach
ar lúrapac lárapac, agus an inneosfá dam cionnas
dhéantar é?



An Buachaillín - Ó 'sé masa, 'neosad. Suidh annso
síos agus cuir méar de gach láimh ar mo ghlún agus
cuirfead-sa mo mhéarna in a bhfochair. Tagaidh i leith
annso, a bhuachaillí, go ndéanfaimíd lúrapac lárapac
go dtaisbeáinfimíd do an bhfear bocht so cionnas é
do dhéanamh. Is dócha ná faca sé mórán de na
sean-chluichthibh seo riamh. Cuireadh gach aoinne agaibh
a dhá mhéir ar mo ghlún. Bhfuil sibh go léir socair
anois?



An Scoláire agus na Buachaillí. - Atáimíd.



An Buachaillín. - Seadh, má seadh, siúd chuige sinn.
Bead-sa ag imtheacht ó méar go méar agus mé ag
rádh na bhfocal so,



"Lúrapoc lárapoc,
Bótháinín éidín,
Iongan mac is steo,
Corráinteoir buailteoir,
Buille beag ar bharr bata,
Liom-sa agus leat-sa,
Síos go dtí
Tón an tighe,
Plubóg bhuidhe na dtor,
Atá na caoirigh thíos
Ag glaodhach ort."


L. 23


Is ort-sa do thuit an focal deidheanach. Tóg-se
do mhéar anois. Leanfad-sa orm go dtí go mbeidh
an duine deidheanach cóimhrighthe agam agus caithfidh
seisean dul síos go dtí an doras, agus fanaidh go
léir im fhochair-se. Tabharfaidh mise ainm ar gach
aoinne agaibh agus orm féin, agus ar an té atá ag
an doras. Cuimhnighidh anois ar an ainm thabharfaidh
mise oraibh. Tusa an corcán, tusa an cróca, tusa
boiscín an chabailéara, tusa an taobhán, tusa an
portalla, tusa an cúpla, tusa an gabhal-éadan, agus
mise an boimbéal, agus fear an dorais an phiniuir.
Atá sibh ar fad baistighthe anois. Raghad-sa síos go
dtí fear an dorais agus déarfad leis, "A fhir mhuinn-
teardha, atá fearaibh (fir) mhóra mhaithe annso do
bhainfeadh na lámha agus na cosa dhíot."



Fear an Dorais. - Cia hiad sin le do thoil?



An Buachaillín. - Atá annso an corcán, atá ann-
so an cróca, atá annso an chathaoir, atá annso an
oighean, atá annso an mhias, atá annso boiscín an
chabailéara, atá annso an taobhán, atá annso an
portalla, atá annso an cúpla, atá annso an
gabhal-éadan, agus atá annso an boimbéal, agus
atá annso an phinniuir, agus cia aca sin is fearr
leat?



Fear an Dorais. - Sgaoil chugham an phinniuir.



An Buachaillín. - Is maith rinnis agus glaodhach ar
do ainm féin. Tar a bhaile anois agus méar i do
bhéal agat. Téidh thar n-ais arís go dtí an doras
agus fan ann go glaodhfaidh tú ar ainm dhuine
éigin thabharfaidh as tú.



An Scoláire. - Cad dhéanfaidh tú anóis.



An Buachaillín. - Déanfaidh mé na hainmneacha do
shóinseáil agus a mhalairt d'ainm do thabhairt ar gach
duine agus cead ghlaodhach do thabhairt do fhear an
dorais arís.



An Scoláire. - Agus má ghlaodhann sé ar aon ainm
acht ar a ainm féin, cad is cor dó?




L. 24


An Buachaillín. - An té nglaodhfaidh sé air caithfidh
sé dul síos go dtí an doras agus é do thabhairt aníos
annso ar a dhrom leis agus é féin dul síos in a áit.
Ó féach, shid (siúd) í aníos Cailleach na gCnap agus
cleath mhór bhata aici. Teichimís go léir nó tá
deireadh linn.



XI



"BIRÍN A' BHEO AGUS BIRÍN A' MHAIRBH"



Bheadh gach aoinne suidhte thimcheall ar an teinidh
agus chuirfidhe cipín sa teinidh agus do thógfaidhe
amach é, nuair do bheadh sé dearg, agus do dhéarfadh
an chéad fhear do thosnóchadh "Sgaoil mo bhirín ort."
Do dhéarfadh an fear badh ghiorra dhó: "Cad is birín
duit?" Do dhéarfadh an chéad fhear arís: "Birín a'
bhéo, birín a' mhairbh, má gheibheann tú bás idir mo dhá
láimh, bíodh an t-srathar rum (orm)." Do bheadh an
cipín dearg in a láimh nuair do bheadh sé ag rádh an
mhéid sin. Do shéidfeadh sé trí phuth dá anáil ar
an gcipín agus do thabharfadh sé do'n té bheadh taobh
leis annsin é. Do dhéarfadh seisean na focail
chéadna. Thabharfadh sé annsin do fear eile arís é.
Do bheadh an cirín ag dul ó dhuine go chéile go
raghadh sé as. Pé'r (gibé ar) domhan duine raghadh
sé as air, dhúnfaidhe a shúile agus bheadhfaidhe ag
cur gach aon rud os a chionn, féachaint an bhfuighbheadh
sé a thomás cad bheadh os a chionn. Siad na focail
dhéarfaidhe ná "Trom, trom, cad atá os do chionn?"
Dá dtomhaisfeadh sé annsin do an chéad iarracht é, do
bhí sgaoilte leis. Mara (muna) dtomhaisfeadh, bheadh-
faidhe ag cur rudaí go leor os a chionn ar ball.
Mara (muna) bhfuighbheadh sé é do thomhas ar aon chor,
b'fhéidir go dtabharfaidhe párdún sa deireadh dhó.


L. 25


XII



SEÁN DEARG



Uilliam Thadhg. - Mise Seán Dearg. Fear pingne
tusa, a Shéamais, ó's tusa is giorra dham. Fear dhá
pinginn thusa, a Dhoghair. Fear trí pingne thusa, a
Chadhla. Fear tuistiún (teastún) thusa, a Nants.
Fear chúig phingne thusa, a Nóra. Fear réalaighe
(réalach) tusa, a Mháire. Cuimhnighidh go léir ar bhúr
n-ainm anois. Aoinne mbeidh a ainm ráidhte trí
huaire, beidh paiste súgha air. "Mise Seán Dearg
ó Charraig an Aonaigh, atá ag díol mo chuid anairte
le fear trí pingne, fear trí pingne, fear trí pingne."



Cadhla. - Cad atá oraibh ag gáire?



Uilliam Thadhg. - Mar is fear trí pingne thusa, agus
nuair nár thug tú freagra, beidh paiste ort. Tabhair
chugham an sliogán a bhfuil an súgha air, go gcuirfidh
mé paiste ar a éadan so.



Cadhla. - Ní beag dam mo dhonacht gan súgha do chur
orm. Cad é an freagra do thabharfainn?



Uilliam Thadh. - Aireóchaidh tú anois ag daoinibh
eile é. Tosnóchaidh mé arís leis. "Mise Seán
Dearg, ó Charraig an Aonaigh, atá ag díol mo chuid
anairte le fear dhá phinginn, fear dhá phinginn - -."



Doghar. - Mise, ro-mhúirnín?



Uilliam Thadhg. - Tusa, ro-mhúirnín.



Doghair. - Thugais t'eitheach, ró-mhúirnín?



Uilliam Thadhg. - Cad eile, ro-mhúirnín?



Doghair. - Fear pingne, fear pingne, fear pingne -
atá paiste ort, a Shéamais.



Seumas. - Do bhí mo chluas in áirde agus do shíl mé
nach í m'ainm ghlaodhadh.



Uilliam Thadhg. - Tabhair aireachas duit féin feasta.
"Mise Seán Dearg ó Charraig an Aonaigh, atá ag
díol mó chuid anairte le fear tuistiún - -."



Nants. - Mise, ro-mhúirnín?


L. 26


Uilliam Thadhg. - Tusa, ro-mhúirnín.



Nants. - Thugais t'eitheach, ro-mhúirnín.



Uilliam Thadhg. - Cad eile, ro-mhúirnín?



Nants. - Fear chúig phingne, fear chúig phingne - - .



Nóra. - Mise, ró-mhúirnín?



Nants. - Tusa, ró-mhúirnín.



Nóra. - Thugais t'eitheach, ro-mhúirnín.



Nants. - Cad eile, ro-mhúirnín?



Nóra. - Seán Dearg, Seán Dearg, Seán Dearg. -
Tá paiste ort, a Sheáin Dearg. Do bhí tu an thabhail.
Do shíl tú ná glaodhfaidhe ar t'ainm. Tabhair chugham
sliogán an t-súgha.



Uilliam Thadhg. - Féach caidé an rud é bheith neamh-
shuimeamhail. Do bheireadh (rugadh) orm i gan fhios
dam. An dtosnóchaimíd arís leis?



Bean an Tighe. - Caithidh uaibh anois é. Is fearr
dhúinn an paidirín páirteach do rádh. Sé an cleas is
fearr é.



XIII



"BHFOLACH BHFIADHAG"



Cluiche seadh "bhfolach bhfiadhag" bhíonn ag na
leanbhaidh nuair thagann [siadh]{siad} amach ó an sgoil lá
geimhridh agus bhíonn fuacht orra. Do bheadh gasradh
aca ann, agus an té badh mhó aca mar cheann ar an
gcuid eile. Do bheadh "lurapoc, lárapoc" mar rann
aige sin chum iad go léir agus é féin do chóimhreamh.
An té a dtuitfeadh an focal deidheanach air go gheobhadh
sé a chosa leis. Ar an dara cóimhreamh, do raghadh
duine eile, agus ar an tríomhadh cóimhreamh, agus mar
sin go dtí ná beadh ann acht aoinne amháin. Do chaith-
feadh seisean bheith in a fhiagaidh agus iompód isteach
ar an bhfalla agus a bhasa do chur ar a shúilibh, go dtí
go raghadh an chuid eile í bhfolach i bpoill (bpollaibh)
agus i bpóirsíbh. D'fiafróchadh sé, "bhfuil sibh i bhfolach?"


L. 27


"Thá, thá, thá," do dhéarfadh duine aca. Do bheadh áit
aca ar a dtabharfaidís an chúirt. Do bheadh gach aoinne
d'iarraidh teacht go dtí an chúirt fé (sul) mbéarfadh
an fiagaidhe air.



An té a mbéarfadh sé air, do chaithfeadh seisean
bheith in a fhiagaidhe annsin. Do leanfaidís mar sin go
mbeidís cortha.



XIV



COILICHÍN COC



Do raghadh gasradh leanbh i ndiaidh a chéile, agus do
bhearfaidis ar rocaidibh a chéile. Do bheadh an té badh
mhó aca i dtosach. Thabharfaidhe an t-sean-chearc uirri.
Do bheadh duine eile annsin ná beadh ar an slabhradh.
Thabharfaidhe coilichín coc uirre. Do thabharfadh an
t-sean-chearc agus an coillichín dá ainm orra féin i
gan fhios do an chuid eile. Cuir i gcás go dtabharfadh
an t-sean-chearc Muiris uirri féin, agus do dtabar-
fadh an coilichín Eibhlís air féin. Do thiocfadh seisean
agus brodh tuighe aige mara phíopa. Do thabharfadh sé
gal do an t-sean-chearc. Do thabharfadh sísin do an
sicín badh ghiorra dí, mar is iad sin an lín beadh aici.
Do gheobhadh gach aoinne gal as an bpíopa. Nuair
thiocfadh sé go dtí an duine badh shia fiar, do chaith-
feadh seisean uaidh é. Do raghadh an coileach annsin
d'iarraidh a phíopa ar an t-sean-chearc. Do dhéarfadh
sí gur thug sí gal dé dá sicínibh ar fad. D'fiafróchadh
sé annsin de an cheann deiridh, cá raibh a phíopa, do
dhéarfadh sísin gur chaith sí uaithe ar an dtalamh é.
Do chromfadh seisean dá lorg. Mara bhfuigheadh sé
é, do dhéarfadh sé go gcaithfeadh sé sicín d'fhaghbháil in
a áit, agus sásamh éigin do bheith aige mar gheall ar a
phíopa. Do dhéarfadh an t-sean-chearc leis na sicíníbh
aireachas maith do thabhairt dóib féin. Do bheadh sé ag


L. 28


preabarnadh annsin, agus ag rioth thimcheall d'iarraidh
teacht ar cheann de na sicíníbh, agus do dhéarfadh sé,
"gheobhad-sa cearc, mar is mé an coillichín coc." Do
bheadh an lín ar fad as diaidh na circe agus iad ag
rioth anonn 's anall, soir 's siar. Do bheadh an t-sean-
chearc a rádh, "ní bhfuighbhir-se cearc, a choilichín coc, is
aoirde mise ná coilichín coc, liom-sa an lín, a choilichín
coc." Má gheobhadh sé teacht ar cheann aca, do chuir-
fidhe ceist air sa t-slighidh ná haireóchadh an chuid eile
é, "cia aca b'fhearr leat Muiris nó Eibhlís?" Má
dhéarfadh sé Muiris, do bheadh sé ag an chearc i gcomh-
naidhe. Má dhéarfadh sé Eibhlís, leis an gcoilichín do
gheobhad sé. Do leanfaidhe air mar sin, go mbeadh
beirthe orra ar fad ag an choilichín agus a rogha
déanta. Cuir i gcás go dtuitfeadh cuid aca chum an
choilichín do rithfeadh an chearc d'iarraidh iad do bhaint
dé, agus d'éireóchaidís chum a chéile ag smachtughadh
a chéile agus do bheadh deireadh leis an súgradh annsin.



SEAN-CHAINT



1. An sean-thogha bhíonn ar na prátaíbh: -



An chéad togha chum díola,
An dara togha chum bídh,
An tríomhadh togha chum síl,
Cleabhráin mhuc annsin, ginidíos cearc agus
screalla lachan.



2. Fear an-chruaidh ba eadh é. Do bhí cuideachta
ar dínnéar aige. Ní bhfuighbheadh a bhean aon rud do
dhéanamh acht mar dhéarfadh sé léithe. Adubhairt sé
léithe blúire ime do chur ar an mbórd go dtí an
chuideachta. Ní raibh ó an mbean acht an focal
d'faghbháil. Do bhí sí ag tabhairt iomarca de an im
léithe. Níor thaithnig sin le n-a fear. Do bhí an


L. 29


leanbh ar a ghlún aige agus é dá bhréagadh. Do chrom
sé ag crónán dó agus dó bhí sé 'á rádh: "Éadtrom
éadtrom leath-is-tiar thimcheall, is mó rud dhéarfadh
fear an tighe ná cuirfeadh bean an tighe suim ann."
Ní thug an bhean aon chluas dó. Thug sí léithe an t-im
go fairsing.



3. "Neart 'na lámhaibh nach (.i. áit) amháin an mhias,"
.i. congnamh mór fear bhíonn ó an bhfeirmeoir acht ní
leigfeadh a chroidhe cumhang dó iad do chothughadh.



4. Bád do bhí ag baint trioscair í seo amach go
dtí na clocha dubha. Do chuaidh bean leo ag baint
báirneach. Do chuireadar amach ar an gcarraig í
agus do chuadar féin fá dhéin an trioscair. Ar a
gcasadh dóibh níor chuimhnigheadar ar an mbean do
thabhairt leo agus do bhí sí ar an gcarraig. Do bhí an
taoide ag líonadh. Do bhí an bhean bhocht ag liúghairig
agus ag sgréachadh. Ba thoil le Dia go raibh bád
eile ag gabháil tóisde (.i. tairse) agus do thógadar í.
Do bhí fear sa mbád agus do dhein sé an reamhán so
(.i. an rann so): -



A Dhéagláin Uí Dhálaigh céad smál ort 's deacair
D'fág tú do mháthair ag baint bháirneach ar an
gcarraig,
Bheadh sí siúd báidhte agus snátha fá n-a teangain



M'reach (.i. muna mbeadh) rángaigh (.i. ráinig) sa
mbéad Seán rábach a Meachair.



Mac do an mbean ba eadh Déaglán a Dálaigh. Do
bhí sé sa mbád d'fág a mháthair ar an gcarraig.



5. Séamus a Dálaigh agus mála mine aige,
Dhá chéad phráta sáidhte sa teinidh aige,
Práta in a láimh agus práta dá ithe aige,
Thabharfadh sé leabhar go n-íosadh a thuilleadh aca.



6. A phuisín mí-amha, a phuisín mí-amha,
Dá mbéad an cíor agam, chíorfainn do cheann.


L. 30


7. Oidhche na Nodlag ní hobair le mo mhuinntir dul
a (.i. do) chodladh gan bogadh beag rinnce.



8. Lá 'le (.i. Lá Féile) Brighde báine bíonn áilne
ar gach síon, bíonn an teas ag dul sa ghréin agus na
héin ag déanamh nead, na caoirigh (caora) ag breith
na n-uan, agus an t-síon fhuar ag dul i bhfaid.



9. "Má bhíonn náire ort, atá tú ró-dhealbh."
"Abair é."



10. Oidhche fhoghmhair, crúb capaill, dranna madra.
Gáire Sasanaigh, ní ceart ionntaoibh do bheith asta sin.



11. Sean-bhean bheag ba eadh Síghle. "Cionnas
atá tú, a Shíghle?" - "Ó 'sé, dearc is stiall, is
amhlaidh mar athá an sgéal, an té thagann ar an saoghal
fá phlainéid an teastúin, níl aon fhaghbháil aige ar dul
i sna cúig phingnibh do deo."



12. Is fearr fuigheall ná uireasbaidh. Is fearr
fairsing ná fóghanta.



13. "Cionnas atá tu?" "D'iarraidh maireachtain
le leisge bás d'fhaghbháil."



14. Dá mbéadh teine sa tigh, chaithfinn mé féin do
shíneadh.



15. Is mairg ná déanann uisge te le cois na (an?)
loin'íthe (loingide), .i. is mairg ná déanann rud i
dtosach. Loinithe seadh an bata bhíonn síos suas sa
chuiginn ag déanamh ime.



16. "Bhfuil deireadh agaibh leis fós?" - "Níl ná
cuimhneamh air."



17. Fear fada fionn,
In a seasamh sa ngleann,
Gan dada in a cheann,
Acht diabhail agus deamhain.
- An Feochadán.



18. An té bheidh i dtosach, beidh an ghealach in a
shúilibh,


L. 31


An té bheidh sa lár, beidh gioradán in a sháil,
An té bheidh ar deireadh, béarfaidh an púca air.



19. A bhean an tighe shéimh, cuir do dhéirc amach chum
an daill,
Olann nó líon nó píosa de an mhuc (.i. muic) as
an Saill (or oigheann)." (Amhrán, "Bean
an daill Bháin." - O'K.)



20. Amhráinín siodaraimín-sig-seadraimín-seó
Is dóigh leis na prátaíbh ná fuilim-se beo
Acht brúghfad-sa cúl ag cuid aca fós.



21. "A fhir úd amuigh ghabhann go minic an ród,
Bí ag cuimhneamh ar Dhia agus ag sileadh na
ndeor,
Bhíos-sa mar atá tusa nuair do bhí mé óg,
Beidh tusa mar atá mise fá leacaibh go deo."



22. Nuair bheidh an té ólta ag mnáibh an bhaile,
raghaidh suaimhneas ar an lá. - Coffee chum suain agus
té chum faireacháin.



23. Galar rúin agus cúram gan cion.



24. Tú féin agus do chaipín clogaide. Fuirse
fadhbach agus taidhbhse bocht.



25. B'fhéidir nár dóichighe-de dhóibh teacht leis an ádh
ná leis an mí-ádh chuige.



26. Tiocfaidh lá eile fós gur trom le bó a
hearball.
Atáim cortha agus ní mholtar mo shaothar,
Tar éis mo dhíchíll ní bhíotar buidheach díom,
Is mór leo a n-ithim, is beag leo a ndéanaim,
Agus ní leigtear a chodladh go solas an lae mé.



27. Seachtnuigheann (.i. seachnann) súil nídh ná
feiceann.



28. Bíonn na daoine ag imtheacht do réir amhrais
agus tuairme, acht tagann an sgéal bun-os-cionn i
gcomhnuidhe.



29. "An té bhíonn tinn ní binn leis aon rud."
"Go deimhin, is binn leis faothamh."



30. Mair, a chapaill, agus gheobhair féar. Gheobhadh
an capall bás an feadh do bheadh an féar ag fás.


L. 32


31. Buail an ceann agus seachain an muinéal.



32. Atá spéir breágh amach ó an bhfuinneoig seo.



33. Sé an tslíghe raibh Dochtúir de Hindeberg ag
múnadh na Gaedhilge acht mar do rinne Dáibhidh Rí
chuireadh seacht bhfeadha i dtalamh, agus i dtaobh (.i. do
réir) mar do rinne sé sailm d'éirigh sé feadh go
dtáinig ar bharr na talmhan. Mar sin do tháinig sé
fá an nGaedhilg. Do bhí sé ag bogadh an fhocail
roimhe go dtug sé glan le tuigsint don t-saoghal sa
deireadh é.



34. Tháinig tú in gan-fhios orainn mar tháinig na
prátaí dubha ar Eochaill.



MAC RÍOGH NA hEASPÁINE



Do bhí Fionn Mac Cumhaill lá dá laetheantaibh agus
uair dá thráthantaibh agus do rinneadh aisling san
oidhche dhó go raibh óglách le teacht isteach ar an náisiún
thógfadh í fá árd-chíos a chlaidhimh agus a sgéithe. Do
chuir sé Fianna Éireann ar chuantaibh na hÉireann go
léireach (léir) agus do chuaidh sé féin ar chuan ar a
nglaodhaidís Cuan Bhinn Éadair. Thug sé seacht lá
agus seacht n-oidhche ag faire an chuain. Sa t-ochtmhadh
lá dhó, do-chonnaic sé chuige an corrachán i mbárr na
gcrann comh-fhada comh-dhíreach, mar an raibh róinte,
míolta móra, éisg na fairrge lupadán lapadán ag
teacht isteach ar bhuis agus an bhais agus ar bhárr bataí
rámha, cubhar na habhann ag dul in íochtar, gainimh na
habhann ag teacht in uachtar, iomaradh chéad sa
chorrachán gan istig uirre acht aon ghaisgidheach amháin
ar a nglaodhaidís Illionn Iolchrothach, mar Ríogh na
hEaspáine. Ní raibh i n-a cheann acht aon t-súil amháin
agus í chomh mór le mias trucaile agus caora teineadh
ag rioth amach aiste. Do rinne sé ar Fionn Mac
Cumhaill, díreach gacha lom agus lom gacha ndíreach,
agus do bheannaigh sé dhó leis na briathraibh breágha
fáidheamhla bhí ann le linn na haimsire sin, agus


L. 33


d'fhiafraigh sé dhé, arbh é Fionn Mac Cumhaill é.
Do labhair Fionn Mac Cumhaill leis, agus adubhairt sé
leis, nach é féin Fionn Mac Cumhaill ach gurab é an áit
(in) a bhfuighbheadh sé Fionn Mac Cumhaill acht thíos in
íochtar an náisiúin, dá chur go dtí fear uaidh féin ar a
nglaodhaidís Rí Cormac. Thug sé ceangal lá agus
lán bliadhna ar a churrachán dá mb' amhlaidh 's ná
beadh sé uaithe acht uair an chloig. Thugadh sé cnoc
de léim agus gleann de thrioslóg agus sin é mar
chomhairigheadh sé coisidheacht an lae sin, gur chuaidh sé
an-ghairid do chúirt Ríogh Cormaic.



Do bhí piast cosmhail le cat thíos in íochtar gleanna.
Do chuir sí cruit ar a drom, agus nuair do shíl sé
dul de léim thar an ngleann, do stop an phiast é. Do
luigh sé féin agus an phiast chum a chéile ar an áit
sin, agus thugadar sé lá agus sé oidhche ag fionna-
choscairt (fian-ch.) a chéile. I gceann an t-seachtmhadh lae
dóibh do leag sé fé thíos í agus do bhain sé an ceann
dí. Do chuir an phiast a dá lapa in achrann in ubhall a
sgórnaighe. Ní bhfuighbheadh sé é féin do réidhteach, acht
do ghearr sé an dá chois de an dá ghlún agus d'fhan-
adar ar liobarnaigh leis mar bheadh luidíní fá ghabhar.
D'imthigh sé leis agus do chuaidh sé go dtí cúirt Ríogh
Cormaic. Do bhuail sé buille ar an gcuaille comh-
raic Ríogh Cormaic. Do chuir sé ar chrioth an chúirt
agus a raibh istigh innte. "Fios amach," arsa Rí
Cormac, "cia bhuail a leithéid do bhuille ar an
gcuaille comhraic." Do chuaidh teachtaire amach,
agus nuair do-chonnaic sé an fionna-chruth bhí ar an
ngaisgidheach do thuit sé i laige. D'fhan sé annsin.
Do bhuail Illionn Iolchrothach an dara buille ar an
gcuaille comhraic arís. Adubhairt Rí Cormac leis
an dara teachtaire dul amach, agus nuair do-chonnaic
sé an gaisgidheach do thuit sé anuas ar an gcéad
teachtaire. Adubhairt Rí Cormac gur gibé duine bhí
amuigh gurab é bhí ag marbhadh na dteachtairí,
"atá sé chomh maith dham féin dul amach." Do chuaidh


L. 34


sé amach annsin, agus nuair do-chonnaic sé an fionna-
chruth bhí an Illionn Iolchrothach do chrioth sé ó n-a bhonn
go dtí a bhárr. D'fhiafruigh sé dhé cad do bhí uaidh.
"Atá," arsa sé, "an náisiún do thógaint (thógbháil)
uait le toradh claidhimh." "Tabharfaidh mise mo chuid
féin duit gan bruidhean ná achrann, acht dá raghthá go
dtí Fionn Mac Cumhaill, sé an fear é sheacóchaidh cath
agus cruaidh-chomhrac leat." "Agus nach tusa Fionn
Mac Cumhaill?" "Ní mé cheana," arsa Rí Cormac,
"acht fear bocht atá fá árd-chíos ag Fionn Mac
Cumhaill a dtugtar Rí Cormac air." "Gabhaim-se
bog agus briathar orm féin gan greim bídh d'ithe ná
deoch d'ól as aon chorn go raghaidh mé fá dhéin Fhinn
Mhic Cumhaill. Is dócha gurab é theagmhaidh liom ag
cuan Bhinn Éadair." D'imthigh sé leis thar n-ais.
Thugadh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóg,
agus sin é mar chomhairigheadh sé coisidheacht an lae sin
agus chuaidh sé thar an-ais ag triall ar Fhionn Mac
Cumhaill.



Nuair do-chonnaic Fionn Mac Chumaill ag teacht é,
do chrioth sé ó n-a bhonn go dtí a bhárr, agus d'imthigh
sé ó chuan Bhinn Éadair a bhaile go dtí a chuairt
féineach, agus adubhairt sé le n-a bhean tighe go raibh
gaisgidheach uathbhásach ag teacht ag triall ar an
gcuairt, agus "ná cuir aon phioc suime ann nuair
thiocfaidh sé isteach chughat. Sé an chéad rud iarrfaidh
sé ná a dhínnéar, agus bácáil an ghreideall atá
annsin agus a mbácáltar uirre dótháin seacht gcath
na gnáth-fhéinne. Bácáil an t-arán ar gach taobh de
an ngreideall, agus tabhair dó le n-ithe é idir arán
agus greideall. Raghaidh mise isteach sa chliabhán atá
annso. Nuair fhiafróchaidh sé dhíot cad é an sórt
leinbh atá sa chliabhán, abair gur páistín seacht míos
é. Nuair íosaidh sé an ghreideall fiafróchaidh sé dhíot
caidé an ghaisge dhéanann Fianna Éireann tar éis a
ndínnéir, abair leis gurab é an bhró mhuilinn atá
amuigh annsin do chaitheamh naoi n-uaire thar an


L. 35


gcuairt agus gan í do leigint (léigean) chum talmhan
aon iarracht aca. Déanfaidh sé é sin. Fiafróchaidh
sé dhíot caidé an dara gaisge dhéanaid, agus abair-se
leis gurabh í a dhá láimh do chur thimcheall ar an gcuairt
agus í d'iompodh i gcoinne na síne in gach aon taobh
is maith leo."



Do chuaidh Fionn Mac Cumhaill sa chliabhán, agus ní
riabh sé acht sa chliabhán nuair tháinig Illionn Iol-
chrothach isteach, an gaisgidheach.



"Dia dhuit, a bhean-thige Fhinn Mhic Cumhaill."



"Dia 's Muire dhuit," arsa bean-tighe Fhinn Mhic
Cumhaill.



"A bhean-tighe Fhinn Mhic Cumhaill, an mbeadh aon
rud agat thabharthá le n-ithe dham?"



"Atá sé dá bhácáil agam," adubhairt an bhean.



"Ó tabhair dam go mear é mar atá mé caillte ag
an ocras." Adubhairt an bhean an dara uair ná raibh sé
thar leath-bhácálta.



"Atá sé go maith," adubhairt seisean, "tabhair
dam é."



Do leig sí chuige an ghreideall agus an t-arán
bácálta ar gach taobh dé. Do chuir sé órdóg a láimhe
deise fá chúinne de an ngreideall, agus do bhuail sé
fá n-a fhiacail é, agus do chogann sé leis é. Do bhí sé
ag gabháil do an ngreideall riamh go dtí gur ith sé í
go dtí cúinne beag.



Nuair do bhí an gaisgidheach sásta d'fhiafraigh sé de
an mbean-tighe, caidé an ghaisge dhéanann Fianna
Éireann tar éis a ndínnéir. Adubhairt sí sin leis
gurab é an bhró mhuilinn a bhí amuigh annsin do
chaitheamh tar an gcuairt naoi n-uaire agus gan í do
leigint (léigean) chum talmhan aon uair aca. D'imthigh
sé fá dhéin na brón agus an chéad iarracht bhain sé
aiste ní fhuair sé í do bhogadh. An dara iarracht
ní fhuair sé í do bhogadh, agus an tríomhadh hiarracht
do thóg sé í agus do chaith sé thar an gcuairt í le n-a
láimh dheis agus do ghabh sé i n-a láimh chlé ar ar dtaobh


L. 36


eile de an chuairt í, agus do rinne sé an obair sin
léithe naoi n-uaire. Do leag sé an bhró ar an áit
chéadna (in) a bhfuair sé í.



Tháinig sé go dtí bean-tighe Fhinn Mhac Cumhaill
arís agus d'fhiafruigh sé dhí, caidé an dara gaisge
dhéanann Fianna Éireann. Adubhairt sí sin leis
gurab é an chuairt d'iompódh i gcoinne na síne in
gach aon taobh is maith leo. D'imthigh sé fá dhéin na
cuairte. An chéad iarracht ní fhuair sé í do thógaint
(thógbháil) agus an dara iarracht ní fhuair sé í do
thógaint (thógbháil), an tríomhadh hiarracht d'iompuigh sé
i gcoinne na síne í in gach aon taobh badh mhaith leis.
Tháinig sé go dtí bean-tighe Fhinn Mhic Cumhaill, arís,
agus d'fiafraigh sé dhí caidé an sórt aráin é siúd thug
sí dhó le n-ithe.



"Caidé an chúis a bhfuil tú dá fhiafraighe dhíom?"
adubhairt an bhean leis.



"Mar atá a bhfuil d'fhiaclaibh i mo cheann briste i
n-a mblúireachaibh ag do chuid aráin."



"Is mór an t-iongnadh liom," arsa an bhean, "fear
chomh garbh, chomh láidir leat go mbeitheá ag gearán ar
an arán ná raibh leath-bhácáltha agam."



"A bhean," arsa sé, "atá tú ag cur iongantais
mhóir orm. Agus an itheann Fianna Éireann arán
chomh cruaidh leis?"



"Ithid agus níos cruadha, mar adubhairt mé cheana
leat ná raibh sé bácáltha agam."



"Is uathbhásach na fiacla atá aca," arsa sé, "agus
caidé an saghas é an leanbh atá sa chliabhán agat?"



"Ó atá leinbhín seacht míos ann, agus an t-arán
céadna itheann sé."



"An leigfeá dham," arsa sé, "mo mhéara do chur
i n-a bhéal go mbeadh a fhios agam caidé an sórt
fiacla atá aige?"



"Ná bac leis," arsa sí, "agus ná dúisigh mo leanbh."



"Go deimhin," arsa sé, "a bhean-tighe Fhinn Mhic


L. 37


Cumhaill, níl mé sásta go mbeadh a fhios agam caidé
an sórt fiacla atá aige."



Do chuir sé a órdóg isteach i mbéal an leinbh agus
do luigh an leanbh ar an órdóig nuair fuair sé istigh í
agus do bhain sé amach ó an alt dé í. Do sgréach sé,
agus an sgréach do chuir sé as, tugadh síos gur
airigheadh sa domhan thoir í.



"Dar mo láimh-se dhuit-se, a bhean-tighe Fhinn Mhic
Chumaill, go marbhóchaidh (muirbhfidh) mé an leanbh."



"Ná adubhairt mise leat," arsa an bhean-tighe,
"gan bacaint (bacadh) le mo leanbh, agus meireach
tú do bheith in do dhuine gan mheas ort féin, ní hin
iomaidh le bean agus le páiste raghthá."



"Atá an ceart agat gan dabht," adubhairt sé, "agus
ó atá an sgéal mar atá sé agus Fianna Éireann
cómh maith de ghaisgidheachaidh teichfidh mé uatha arís
agus raghaidh mé a bhaile dham féineach, acht fé (sul)
n-imtheóchaidh mé is maith liom go bhfeicfinn stoc
(eallach) Fhinn Mhic Cumhaill."



D'fhiafraigh sé dhí, cá ngeobhadh sé chum an stoc
d'fheicsint. D'innis sí dhó é agus do chuir sí chúig
mhíle agus fiche d'aisdear air agus do raghthá go dtí
an stoc i gcúig mhíle. Ar an nóimeint ar imthigh sé,
d'éirigh Fionn Mac Cumhaill amach as an gcliabhán.
Do chuir sé cóta mór air agus súgán féir aniar
thairis. D'imthigh sé leis na cúig mhíle. Do bhí an
gaisgidheach, Illionn Iolchrothach, tar éis na cúig mhíle
agus fiche do thabhairt isteach agus iad araon ag dul
go dtí an stoc ion aoinfeacht.



"Dia dhuit, a aoghaire na mbó," arsa an gaisgidheach
le Fionn Mac Cumhaill.



"Ó Dia 's Muire duit," arsa Fionn Mac Cumhaill.



"An iad so stoc Fhinn Mhic Cumhaill?" arsa an
gaisgidheach. "Is breágh an stoc beathaidheach," arsa
sé, "agus is ró-bhreágh an stoc iad," arsa sé arís. Do
chrom sé ag seanchas do an aoghaire cad bhain dó ag
cuairt Fhinn Mhic Cumhaill, "agus árd-gaisgidhig seadh


L. 38


iad," arsa Illionn Iolchrothach, "agus ó atáid siad
chomh maith 's atáid siad atá mé ag teicheadh liom féin
a bhaile uatha. Ó atá mé ag imteacht tabharfaidh mé
liom tarbh ó Fionn Mac Chumhaill."



"Masa féineach," arsa an aoghaire, "ní tabharfaidh,
nó má thugann tú leat an tarbh, tabharfaidh tú mise
leat."



"Is beag an trioblóid liom tusa do thabhair liom
i bhfochair an tairbh, pér sa domhan dé."



D'imthigh an gaisgidheach agus rug sé ar leath-adharc
ar an tarbh agus thug sé tearsna seacht n-acra
talmhan de an iarracht sin é. Do léim an t-aoghaire
i n-a dhiaidh agus rug sé ar an adharc eile an dá adhairc
ó n-a chéile go rinneadar dhá leath dhá cheann agus riar
tré n-a dhrom gur sgoileadar siar go dtí an earball
é. Do labhair an gaisgidheach dhá radh gurab é an
t-aoghaire an fear ba láidre do-chonnaic sé riamh,
"agus nuair ná fuair mé liom an tarbh," arsa sé,
"raghaidh mé thar n-ais go bhfeicfidh mé Fianna
Éireann."



D'imthigh sé thar n-ais, agus thug sé na cúig mhíle
agus fiche isteach, agus ní raibh déanta ag Fionn Mac
Cumhaill acht amháin an cóta mór do bheith bainte dhé
nuair do bhí Illionn Iolchrothach isteach i n-a dhiaidh.



Do bheannuigh sé do Fionn Mac Cumhaill agus
adubhairt sé leis: "is dócha gur tusa Fionn Mac
Cumhaill."



"Is mé cheana," arsa Fionn Mac Cumhaill.



"Atá uaim ort, a Fhinn Mhic Cumhaill, mo dhinnéar
agus osdas na hoidhche."



"Gheobhair agus fáilte," arsa Fionn Mac Chumhaill,
"agus níor leig Fianna Éireann fear ar bith riamh
uatha fá ocras."



Do chuaidh Fionn Mac Cumhaill annsin amach agus
do chuir an barr buabhaill i n-a bhéal. Do shéid sé é,
agus d'aireóchthaidhe an barr buabhaill i gceithre rann-


L. 39


aibh an domhain. Do chuir sé san mbarr buabhaill
go raibh gaisgidheach uathbhásach ag an chúirt, agus do
réir mar do bheadh Fianna Éireann ag teacht gan aon
phioc a chuigint (ar bith) suime do chur sa ghaisgidheach
so. Do thosnuigheadar ag teacht annsin Fianna
Éireann go léireach. Do b'ait le hIllionn Iolchrothach
a laighead suim bhí Fianna Éireann a chur ann, agus
a thréanacht do bhreis orra. Do shuidheadar go léir
chum dínnéir. Do bhí fear ar Fiannaibh [Eireann]{Éireann}, a
nglaodhaidís Conán air. Sé gheibheadh na cnámha go
léir ar piocadh. Do chaitheadh ubhall mairt treasna an
bhúird go dtí Conáin, agus nuair do-chonnaic Illionn
Iolchrothach ag dul treasna an cnámh do thug sé snab
air agus do thug Conán snab ó an taobh eile air. Do
bhíodar araon dá tharraing ó n-a chéile go rinneadar
dhá leath de an ubhall mairt eatorra. Do choimhéad
gach aoinne a raibh i n-a dhorn dé.



"Is mór an seo liom," arsa Coná, "tú, gibé áit
tháinig tú as go mbeidhtheá chomh droch-mhúinte agus go
dtógfá amach as mo dhorn rud do bhéinn chum a úsáid,
agus níl ionat," arsa sé, "acht plundairéir bacaigh,"
dá bhualadh leis an méidh do bhí ina dhorn de an chnámh.
D'éirigh sé dá cheann mar éireochadh liathróid de
falla. Sé an méid suime do chuir Illonn Iolchrothach
sa bhuille fuair sé acht a lámh do chuir in áirde agus a
cheann do thocas dá rádh gurbh mhaith an buille é, acht
ná raibh aon phioc suime aige féin ann. Mar sin do
bhí. Nuair do bhí an dínnéar ithte, d'imthigh Illionn
Iolchrothach amach, agus do bhuail sé buille ar an
gcuaille comhraic. Adubhart sé seacht gcéad do
chur chuige ar thaobh a láimhe deise, agus seacht gcéad
ar thaobh a láimhe clé, seacht gcéad in a dhiaidh aniar,
agus seacht gcéad roime amach, agus seacht gcéad in
aghaidh gach chúinne bhí ar a sgéith. Do ghadh sé tríotha
mar do gheobhadh seabhac tré scata éanlacht (éanlaith)
lá gaoithe nó dreoilín tré scata éanlacha lá Márta.



Do rinne sé carnán dá gceannaibh agus dá gcos-


L. 40


aibh, agus carnán mór dá gcorpaibh agus dá gcuid
éadaigh. Do mharbh sé iad go léireach, agus do bhuail
sé an dara buille ar an gcuaille comhraic, agus
adubhairt sé an cleas céadna do chur amach chuige.
Do labhair Fionn Mac Cumhaill le hOscar, agus
adubhairt sé leis é féin do dhul amach i gcoinne
Illinn Iolchrothaigh an chuid eile de an tráthnóna.
Adubhairt Oscar leis ná raghadh, acht é féineach do
dhul ann. "Agus is fada, a Fhinn Mhic Cumhaill," arsa
sé, "atá tú ag cur ughdartháis orainn, agus anois,"
arsa sé, "tástáil féin tú féineach an tráthnóna so."



"Go deimhin, atá an gaisgidheach mór ró-mhaith dhamh-
sa," arsa Fionn Mac Cumhaill, "agus atá mé ró-
aosta, agus a Oscair," arsa sé[.] "Is mairg duit
atá 'am chur fá n-a dhéin chum troid leis, agus nuair
mharbhóchaidh (muirbhfidh) Illionn Iolchrothach mise," arsa
Fionn Mac Cumhaill, "beidh sibh go léireach marbh
as mo dhiaidh. Mise do bhí ag coimhéad bhúr gceann
oraibh agus bhúr gcion-bheathadh agaibh, acht mar sin
féin," arsa sé, "raghadh mé fá dhéin an fhir mhóir."
Do chuir sé air a chulaidh chatha agus cruidh-chomhraic
agus d'imtigh sé fá dhéin Illinn Iolchrothaigh, agus ba
dheas an buachaill é, Fionn Mac Cumhaill, fá n-a
chulaidh catha agus cruaidh-chomhraic. Do bhí sé cúig
throighthe agus fiche ar aoirde, ach má seadh ní raibh aon
éifeacht a chuigint (ar bith) ann taobh le Illionn
Iolchrothach. Do bhí sé deich dtroighthe agus dá fhichid
ar aoirde, agus cúig throighthe déag idir a dhá shlinneán.
Do rinneadar ar a chéile mar do dhéanfadh dá leomhan
buile nó dá mhadra carnaoile. Do dhéanfaidís ball
bog de an mball cruaidh agus ball cruaidh de an
mball bog. Do tharraingeóchaidís tobracha (tobair)
fíor-uisge, tré croidhe na gcloch nglas le foiréigean
uilc agus urchóide chum a chéile. Do leanadar dá chéile
go dtí bárr an tráthnóna go dtí go raibh Fionn Mac
Cumhaill ag teacht cortha, agus do leag Illionn
Iolchrothach fé thíos é. Do bhí sgiath ag Fionn Mac


L. 41


Cumhaill, agus nuair do bheadh baoghal marbhtha air, do
sgréachfadh an sgiath. Le n-a lin sin do sgréach an
sgiath. Nuair d'airigh Oscar é, do bhí geata agus trí
fichid geata idir é féin agus an cuaille comhraic agus
do léim sé an geata agus trí fichid. Le linn 's an
buille do bheith ag teacht ar mhuinnéal Fhinn Mhic
Cumhaill do chuir Oscar a chlaidheamh roimh an mbuille.
"Tabhair ceart dó," arsa Oscar le Illionn Iolchrothach,
"leig uait anois é," arsa sé, "agus seasóchaidh mise
in a áit an chuid eile de an tráthnóna."



"Mhuise," arsa sé, "is beag an trioblóid liom
tusa i n-a fhochair seo." Fuair sé córda cruaidh
cnáibe agus do cheangail sé Fionn Mac Cumhaill in
áirde idir a dhá shlinneán ar a dhrom, agus do chuaidh
sé ag troid Oscair annsin. An té do raghadh ó
íochtar an domhain go dtí uachtar an domhain chum
féachaint ar chath agus ar chruaidh-chomhrac is orra féin
ba chóir dul ag féachaint. Do leanadar dá chéile go
raibh an ghrian ag dul fé. D'iarr Illionn Iolchrothach
sos chomhraic ar Oscar. "Atá laochas agus obair mhór
déanta agus t'réis an lae agus atá uaim reasta
d'fhagháil."



"Gheobhaidh tú sin," arsa Oscar.



"Atá mé tnáidhte agat," arsa sé le Oscar.



"Ná adubhairt mise leat," arsa Oscar, "nár bheag
duit mé féin an chuid eile de an tráthnóna, agus gan
é sin do bheith ar do dhrom agat."



"Is díreach é," arsa Illionn Iolchrothach, "gurab é
an chuid is luige de Fiannaibh Éireann ar bhuail mé
fútha, agus is dócha gurab iad na fir is fearr atá
romham fós."



Do chuadar chum reasta agus do chaitheadar a
suipéar i dteannta a chéile agus do chuaidh Illionn
Iolchrothach chum codalta. Do chuir Fionn Mac
Cumhaill a órdóg in a bhéal agus do chogain sé í go
dtí an smior agus ó an smior go dtí an smúsach,
agus do bhain sé mar fhios as an órdóig mara (muna)


L. 42


gcoimhéadfadh sé Illionn Iolchrothach in a dhúiseacht
an oidhche sin go mbeadh Fianna Éireann go léir marbh
aige ar an dá bhuille (uair) dhéag dar (lá ar) n-a bhárach.
Do labhair Fionn, agus adubhairt sé le Fearghus Bhéil
Bhinn dul fá dhéin Illinn Iolchrothaigh agus caint agus
seanchas do choimhéad leis ar feadh na hoidhche. "Ní
raghaidh mé go deimhin," arsa Fearghus Bhéil Bhínn, "acht
téidhir féin ann mar is tú is fearr atá in a thaithighe
thar éis an lae." Fuair Fionn Mac Cumhaill i gcóir
é féin annsin agus thug sé leis corn leanna agus
d'fhiafraigh sé dhé an raibh sé in a chodladh. Do labhair
Illionn Iolchrothach agus adubhairt: "atá mé i mo
luighe agus níl mé i mo chodladh." "Atá laochas mór
déanta agat," arsa Fionn Mac Cumhaill, "agus is
dócha go bhfuil tart ort. Éirigh agus tóg an deoch
so."



"Sé do bheatha-sa, a Fhinn Mhac Cumhaill," arsa sé,
"agus ní raibh mé riamh in a phráinn níos mó." D'ól
sé siar an corn dighe do aon deoch amháin. Adubhairt
Fionn Mac Cumhaill leis, má sí Éire bhí uaidh fá
árd-chíos a chlaidhimh agus a sgéithe go dtabharfadh sé
dó í ar maidin i mbárach gan pléidhe gan aighneas,
"acht go ngeallfaidh tú dúinn go bhfanfaidh tú in ár
bhfochair."



"Maith an fear, a Fhinn Mhic Cumhaill. Sin a bhfuil
uaim. Níl aon rud is fearr ná an réidhteach."



"Atá má ag cur ceiste ort," arsa Fionn Mac
Cumhaill. "Cad as duit, nó cia ar díobh tú? Is
dócha go bhfuil laochas mór déanta agus sé (sul) ar
bhuail té féin-sa."



"A Fhinn Mhic Cumhaill," arsa sé, "ó chuir tú an
cheist orm, sé an áit an ab as damh-sa nó ó ríoghacht
na bhfear mór. Acht in Éirinn do marbhadh mo athair
agus ar bhain liom riamh. Do bhí duine agus fiche
dearbhráthair agam agus mé féin an duine ba lugha
díobh. Do bhídís ag imtheacht gach aon lá agus ní
fheadar mé cá mbídís ag dul. Ní raibh aon mheas aca


L. 43


orm le mo laighead. Acht do lean mé iad aon lá
amháin. Do bhíodar ag imtheacht riamh agus choidhche
gur chuadar go dtí caisleán bhí ar bhruach na fairrge.
Do bhí dubhadh na gcnoc agus na mbánta do dhaoinibh
ar an áit sin agus sé rud bhíodar a (do) dhéanamh ná
ag caitheamh brón mhuilinn i gcoinne an chaisleáin, agus
an té is aoirde chuirfeadh í, do bhí an Rí chum a inghean
do thabhairt dó le pósadh. A Fhinn Mhic Cumhaill,"
arsa sé, "do bhí na fir comh mór comh garbh sin agus
ná fuighbhinn teacht ar an mbróin. Do bhí mé i bhfad ag
fuireach (fanamhain), acht sa deireadh thiar thall thug
mé léim as mo chorp agus do lámhaigh mé an bhró ar
theacht chum talamh dí. Do chaith mé as mo láimh dheis
í i gcoinne an chaisleáin agus do chuir mé glan ar an
taobh eile í. Fé (sul) ráinig dí dul ar talamh,
do ghabhas i mo chiotóig í, agus, a Fhinn Mhic Cumhaill,
do rinne mé an obair sin léithe naoi n-uaire. Do
chuir an óig-bhean a ceann amach i mbárr an chaisleáin
nuair do-chonnaic sí an ghaisge dá dhéanamh, agus, a
Fhinn Mhic Chumhaill, nuair do-chonnaic mé breághacht
na mná do léim mé as mo chabhail i gcoinne an
chaisleáin, do chuir mé mo lámh in a crios agus do
thógas liom ar mo dhrom í ar éigean tré an dúthaigh.
Do chuadhas go dtí bruach na fairrge. Do rinneas
currachán, agus do chuadhas isteach innte, agus
d'imthigheamar linn chum fairrge. Nuair do chuadhmar
in imigcéan (in imchéin) ó bhaile do-chonnacamar an
spéir ag dorchughadh ós ár gceann. Do thúirlinn
anuas chughainn sa churrachán sean-duine beag liath
agus rug sé orm agus ar mo mhnaoi breagh deas
ar ghlaodhaidís mar ainm uirre Réaltha na Maoin.
Do cheangail sé ár lámha agus ár gcosa dhá chéile,
agus d'árduigh sé leis sinn in áirde san aer. Do
sgaoil sé an currachán le taoide agus le mór-
fhairrge, agus do thug sé leis isteach sinn chum tíreach.
Do chaith sé mé in áirde i gcúl sean-chéardchan, agus
thug sé leis mo bhean agus do bhain sé an fhuil aiste,


L. 44


agus do rinne claidheamh bhí aige d'fhaghairt le fuil
mo mhná. Do chuir sé gairm-scoile amach annsin,
agus adubhairt sé leo go raibh aige anois an plun-
dairéir mharbh a athair agus a shean-athair, agus ar
bhain leis riamh, gurab é mharbh iad, é féin agus a
mhuinntear. Iad go léir do thabhairt leo fagóidí
go ndóghfaidís agus go losgfaidís é ar maidin i
mbárach. Nuair fuaras amuigh é d'iarras ar an
mbuachaill bhí ag an sean-duine mé do sgaoileadh.



"Adubhairt an buachaill liom dá sgaoilfeadh sé
féineach mé an té cheangail cheana mé go gcean-
gaileóchadh (gceangailfeadh) sé arís mé. Dar mo
láimh-sa duit-se, a bhuachaill gabha(nn)," arsa mise,
"má sgaoileann tusa mise as an ndoinsiún a bhfuil
mé ann, gach ar bhain leis riamh ní cheangaileóchadh
(ceangailfeadh) arís mé chum mé do chur san áit
céadna a bhfuil mé." "Sé an feall tú d'fhágaint
(d'fhágbháil) ann gan dabht," arsa sé, "acht má
sgaoilim-se tú," arsa sé, "agus go bhfuighbhidh an sean-
duine an bhuntáiste ort, beidh mise marbh chomh maith
leat féin." "Geallaim duit," arsa mise, "má sgaoil-
eann tú mé go mbeidh do cheann agus do chion-bheathadh
agat, agus beidh an náisiún ar fad agat atá tógtha
suas ag an máighistir." "Raghaidh mé an seans leat,"
arsa an buachaill gabhann. Do thug sé leis claidheamh
chum na téada do ghearradh bhí do mo cheangal, agus
nuair do shíl sé na téada do ghearradh is amhlaidh do
raghadh na téada i láidreacht. "Anois," arsa mise,
"téidhir agus faigh an claidheamh do rinneadh a fhaghairt
le fuil mo mhná féin." Do chuaidh, agus nuair tháinig
an claidheamh i gciorracht trí troighthe do an cheangal,
d'imthigh na téada in a mblúireachaibh. "Fanfaidh mise
annso ins an áit a bhfuil mé," arsa mise, "agus téidhir-
se i mbun do ghnótha féin, agus beidh a fhios againn
cad adéarfaidh an sean-duine nuair thiocfaidh sé
isteach." Nuair tháinig sé isteach adubhairt sé leis an
mbuachaill gabhann: "seo anois," arsa sé, "atá mé


L. 45


chum dóghadh agus losgadh bitheamhnaigh mhairbh ar bhain
liom riamh, é féin agus a mhuinntear." Nuair do shil
sé bheith ag dul fá mo dhéin i n-áirde go dtí an sean-
chúil, do bhí mé i mo sheasamh ar lár na fear cheárdchan
ós a choinne amach. Do rinneamar ar a chéile mar do
dhéanfadh dá leomhan buile, nó dá mhadra carnaoile.
Do dhéanfaimís ball bog de an mball cruaidh, agus ball
cruaidh de an mball bog. Do tharraingeóchaimís tobair
fíor-uisge tré chroidhe na gcloch nglas le foiréigean
uilc agus urchóide chum a chéile go dtí ar theacht an
tráthnóna agus an sean-ghabha ag dul tríom. Annsin
do labhair an buachaill gabhann, agus adubhairt sé
liom: "Is mór an seó liom," arsa sé, "gaisgidheach
chomh deallradhthach leat gurab é an sean-duine mí-
ádhmharach sin atá ag tabhairt do dhóthain le déanamh
duit. Croth suas tú féin," arsa sé, "agus is fada
liom atá tú ag gabháil dó." Le linn agus an buachaill
gabhann ag labhairt do bhí an sean-ghabha ar cnámh a
chúil agam, agus do bhaineas an ceann dé ar an áit
sin. D'imthigheas amach annsin agus an dream a raibh
na fagóidí aca chum bheith do mo dhóghadh agus do mo
losgadh do mharbh mé gach aoinne riamh aca. Tháinig
mé thar n-ais isteach go dtí an buachaill gabhann agus
d'fhiafruigheas dé an raibh aon ghreim aige d'íosainn.
"Atá do dhóthain," arsa an buachaill gabhann. Do
shuidheamar i bhfochair a chéile agus do chaitheamar ár
ndínnéar, mé féin agus an buachaill gabhann.



"Ní raibh díreach acht ár ndínnéar caithte againn
nuair do bhí an áit lán isteach de dhaoinibh. D'im-
thigheas fá n-a ndéin agus ní fheadar caidé a chúis
iad, acht do dhruideas chúcha agus do mharbh mé gach
aoinne riamh aca go dtí aon fhear amháin. Adubhairt
an fear sin liom gan é féin do mharbhadh, agus go
n-inneosadh sé dham cad thug sa tslighidh é.



"Cad thug sa tslighidh sibh?" arsa mise.



"A Illinn Iolchrothaigh," arsa se, "do fuadadh
inghean an Ríogh, agus do chuir sé sinn-ne, tré an
náisiún ag féachaint a mb'fhéidir í d'fhaghbháil."


L. 46


"Dar mo láim-se dhuit-se, a fhir mhaith," arsa mise,
"dá mbeadh a fhios sin agam, ní mharbhóchainn (mhuirbh-
finn) aoinne agaibh. Teidhir-se a bhaile agus abair leis
an Rígh go bhfaca tú Illionn Iolchrothach agus go bhfuil
a inghean in a codladh agus ná faghbhfaidhe (fuighbhtí) í
d'fheicsint."



"D'imthig an fear leis a bhaile, agus do chuadas
thar n-ais go dtí an buachaill gabhann. D'fhiafruigheas
de an mbuachaill gabhann cia aca b'fearr leis teacht
liom féineach, nó fuireach (fanamhaint) sa náisiún i n-a
raibh sé bhí buailte amach agam féin dó.



"Is fearr liom dul leath," arsa an buachaill
gabhann.



"Do chuadhas agus fuaireas mo bhean, Réaltha na
Maoin, bhí marbh ag an sean-ghabha. Do cheangaileas
in áirde idir mo dhá shlinneán í, agus d'imthigheamar,
mé féin agus an bhuachaill gabhann linn-ne tré an
dúthaigh. Nuair do chuadhmar in imigcéin (in imchéin)
ó bhaile, adubhairt go rabhas ag teacht cortha de an
mnaoi. Adubhairt an buachaill gabhann liom gur chóra
dham í do chuir sa talamh mar do dhéantaoi (do-ghníthí)
le n-a leithéid riamh.



"Dar mo láimh-se dhuit-se, a bhuachaill gabhann,"
arsa mise, "meireach mar is tú adubhairt an chaint
liom, do bhainfinn an ceann díot ar an áit a bhfuil
tú i do sheasamh. Mo bhean bhreágh dheas," arsa mise,
"Réaltha na Maoin agus a fuair mé dá duadh, ní
chuirfidh mé sa talamh choidhce í."



"Do rinneamar ár reasta. Do shocruigheas níos
fearr ar mo dhrom í. D'imthigheamhar linn annsin,
agus do chuadhmar go dtí bruach na fairrge. Do
rinneas corrachán ar an áit sin. Do chuadh-sa féin
agus an buachaill gabhann agus Réaltha na Maoin
isteach innte. Adubhart leis an mbuachaill gabhann
agus sinn istigh sa chorrachán chum imtheachta chum
fairrge.



"A bhuachaill gabhann," arsa mise, "is dóigh liom


L. 47


go bhfuil sé ceart dam rud éigin do dhéanamh léithe
agus gan í do bhreith níos sia."



"Ná adubhairt mise leat," arsa an buachaill gabhann,
"nach comaráduidhe do dhuine beo duine marbh."



"Do rinneas caisleán ar an áit sin ar scarbhach
na trágha. Thugas mar bhuaidh do an chaisleán bheith ag
casadh thimcheall agus gan aon fhaghbháil é do stad
go bráth go stadfainn féin é, agus dó chuireas isteach
Réaltha na Maoin ann. D'imthigheas féin agus an buach-
aill gabhann chum fairrge linn annsin istigh sa chorrachán,
agus nuair do bhíos scathamh de an t-slighidh adubhart
leis an mbuachaill gabhann go raibh uaigneas ag teacht
arís orm as diaidh na mná agus go gcasfainn arís
uirre. Do chuadhas thar n-ais arís fá n-a déin agus
thugas liom amach as an gcaisleán í, agus d'imthigh-
eamar annsin chum fairrge. Do chuadhmar isteach i
náisiún eile. Do bhíomar ag imtheacht linn tré an
náisiún sin, gur theagmhuigh sean-cheárdcha orainn.
Do chuadhmar isteach ins an sean-cheárdchain, d'fhiaf-
ruigheamar de an ngabha an raibh aon ghreim bídh
aige do thabharadh sé le n-ithe dhúinn. "Atá
agus fáilte," arsa an sean-ghabha, "caidé an rud
é sin atá in áirde ar do dhrom agat," arsa sé.
"Atá mo bhean," arsa mise, "agus í marbh. An
bhfeadair tú an bhfuighbhtheá aoinne dham," arsa mise,
"do chuirfeadh an t-anam innte thar n-ais arís." "Má
thabharthá greim bliadhna dham ort féin, agus ar do
bhuachaill tabharaidh mé mo fhocal duit go gcuirfidh
mé féin an t-anam innte i gceann lá agus bliadhain."
"Atáim sásta leis sin," arsa mise, "le margadh do
dhéanamh leat greim do thabhairt duit orm féin agus
ar mo bhuachaill. Acht bí siúrálta," arsa mise bheith in
iúl le n-a hanam do chur i mo mhnaoi-sa i gceann lá
agus bliadhain, nó tabharaidh tú mac do athar agus
do mháthar damh-sa." "Níl aon bhaoghal in aon chor ná
cuirfidh mé an t-anam innte," arsa an gabha, acht
caithfidh tú coimhéad an rud chuirfidh mise amach as


L. 48


poll atá annso chughat, agus mara (muna) gcoimhéad-
faidh tusa é sin damh-sa, beidh lá agus bliadhain eile
agam-sa ort-sa agus ar do bhuachaill." "Atá go
maith," arsa mise, "dá mbeadh na deamhain aeracha féin
ann do choimhéadfadh mise iad."



Do chaitheamar linn an aimsear go raibh an
bhliadhain caithte, agus do bhí an lá dá chaitheamh annsin.



"Seadh, a shean-ghabha," arsa mise, "bhí seasmhach do
do mhargadh."



"Bead ar an nóimeint," arsa an sean-ghabha. Thug
an sean-ghabha leis rud bhí aige cosmhail le feiréad.
Thug sé mise leis, agus do chuir sé an feiréad isteach
i bpoll agus mise ar bhéal an phoill agus adubhairt sé
liom an rud chuirfeadh an feiréad amach as an bpoll,
mara (muna) gcoimhéadfainn é go mbeadh greim
bliadhna eile aige orm. "Atá go maith," arsa mise.
Is gairid do bhíos nuair do léim rud amach chugham
cosmhail le fiadh. Thugas iarracht ar bhreith air. Do
shleamhnuigh uaim sa tslighidh ná fuaireas coimhéad i mo
láimh dé acht dá ordóig a choise. Do bhíos-sa féin agus
é féin ag gabháilt dá chéile, agus níor bhféidir liom
ath-ghreim do bhreith air go ceann i bhfad, go dtí go
bhfuaireas sa deireadh thiar thall mo dhá láimh do chur
thimcheall ar a chabhail, agus do bhuaileas fúm thíos é
de an iarracht sin. Tháinig an sean-ghabha agus do
bhain sé braon fola as bhárr a chluaise. Thug sé leis
Réaltha an Maoin agus do chuir isteach in a bhéal trí
braon dí, agus do chuir sé in a súil í, agus do chuimil
sé dá cluasaibh trí braon eile dí. D'éirigh sé aniar
chomh sleamhain chomh slán agus do bhí sí riamh."



Le n-a linn sin do bhí sé in a lá, agus adubhairt
Illionn Iolchrothach le Fionn Mac Cumhaill gur
le n-a chuid bladaireacht do bhí díoghbháil mór
déanta aige dhó, codladh na hoidhche do chur i mugha air
agus laochas mór do bhí le déanamh indiu aige. "Ná
adubhairt tusa liom-sa," arsa Fionn Mac Cumhaill,
"gurabh in Éirinn do marbhadh do athair agus do


L. 49


sinnsear go léir agus beidh tú féin marbh ar a dá
bhuille (uair) déag ar bhall ag Oscar.



Ní raibh an focal ráidhte ag Fionn Mac Cumhaill
nuair do bhí an buille buailte ag Oscar ar a gcuaille
comhraic. Do rinneadar araon annsin ar a chéile
mar do dhéanfadh dá leomhan buile, nó dá mhadra
carnaoile. Do dhéanfaidís ball bog de an mball
cruaidh, agus ball cruaidh de an mball bog. Do tharr-
aingeóchaidís tobair fíor-uisge tré chroidhe na gcloch
nglas, le foiréigean uilc agus urchóide chum a chéile
go dtí i dteannta an dá bhuille dhéag. D'éirig Illionn
Iolchrothach in áirde agus mar bhí sé níos aoirde ná
Oscar d'éirig Oscar in a dhiaidh, agus do bhuail sé le
n-a chlaidheamh é i dteora an chinn agus na colna.
Do bhain sé an ceann dé an iarracht sin. D'éirig
an ceann in áirde sa spéir, agus thug sé iarracht ar
teacht ar an gcolann arís, agus dá dtiocfadh an ceann
ar an gcolann, do mharbhóchadh (mhuirbhfeadh) sé Fianna
Éireann go léir. D'éirig Oscar de léim amach as a
chabhail, agus do bhuail se le buille coise an ceann.
Do chuir sé mar reilthíni in áirde ar an aer é, agus
siad atá ag tabhairt solas na hoidhche dhúinn go léir
ó shoin. Do raghadh fear sé troighthe idir gach aon
easna le hOscar as sin go dtí go bhfuair sé bás,
agus an síneadh bhain sé as féin ag baint a chinn de
Illionn Iolchrothach.



AN T-SEAN-CHAILLEACH SA CHÓFRA



Do bhí beirt dearbhráthair ann fadó agus do bhíodar
araon pósda. Do bhí muirear mór ar cheann aca acht
ní raibh aoinne clainne ag an duine eile. Do bhí fear
an mhuirir an-dhealbh. Níor mhar sin do an bhfear eile;
do bhí sé an-shaidhbhir. Do bhí feirm mhór thalmhan aige,
agus strus agus geall air. Tháinig an saoghal chomh


L. 50


cruaidh sin ar an bhfear bocht agus gan aige acht an
t-aon bhó-ín amháin b'éigean dó í do thabhairt leis go
dtí an aonach chum biadh agus éadach d'fhaghbháil dá
leanbhaibh. Níor fhiafruig aoinne dhé ar an aonach cad
bhí aige. Do dhuibh agus do theann air nuair do chaith
sé í do thabhairt a (do) bhaile arís agus fios aige
gurab é an dealbhas bhí sa mbaile roimhe.



Do casadh stracaire air ar an mbóthar. "Dia
dhuit, a fhir an tighe," ar seisean. "Dia 's Mhire
dhuit a's Pádraig," arsa an fear bocht cráidhte leis.
"An ag díol nó ag ceannacht bhís," arsa an stracaire.
"Go bhfóiridh Dia orainn, is ag díol do bhíos agus má
seadh níor dhíolas agus ní fheadar mé cad dhéanfad le
mo sguaine agus gan aon rud le n-ithe aca sa mbaile
agus gan aon fhaghbháil air nuair nár dhíolas í seo."
"Agus," arsa an stracaire, "bhfuil aon duine
muinnteardha agat d'fhuasgaileóchadh ort go bhfuighbhtheá
an bhó-ín do dhíol." "Atá, a mhic ó, dearbhráthair dam
i mbéal an dorais a bhfuil saidhbhreas go leor aige
agus is beag an mhaith dhamh-sa é sin mar ní fhéachfadh
sé orm." "Bhfuil aoinne clainne ag an dearbhráthair
sin." "Ó níl, a mhic ó, agus atá a shliocht air, ní
thuigeann sé dhamh-sa ná do mo chúram." "An leigfeá
leat mise go lá," arsa an stracaire. "Go bhféachaidh
Dia orainn ní beag dam mé féin agus a bhfuil agam
do bheith ar an-áird agus gan tusa do bheith chomh dona
linn." "Is cuma sin, raghad leat," arsa an stracaire.



Nuair do bhíodar ag déanamh ar an ngeata do bhí
na páistí ar fad ar an mbóthar ag faire go bhfeic-
fidís a n-athair ag teacht. Nuair do-chonnacadh an
bhó aige arís ag teacht thar n-ais, do liúghadar agus
do sgreadadar agus do ritheadar, isteach go dtí a
máthair agus adubhairt léithe go rabhadar réidh anois,
go raibh an bhó ag teacht ag a n-athair arís.



"Éistighidh, a pháistí," arsa an stracaire, "bíonn
cabhair Dé ar bóthar." Agus chomh luath agus tháinig


L. 51


dorchughadh na hoidhche, "éirigh," arsa an stracaire le
n-a n-athair, "agus fagh mála maith mór dam." "a
cá bhfuil tú chum mé do thabhairt?" "Is cuma dhuit sa
tubaiste acht siubhal leat."



D'imthigheadar leo agus do chuadar go dtí tigh
(teach) an dearbhráthar agus do chuaidh an stracaire
isteach i dtigh na bprátaí agus do líon sé an mála go
maith. Do chuaidh sé isteach i dtigh an bhainne agus
d'árdaigh leis meascán breagh ime. Do chuadar a (do)
bhaile go dtí an bhean bhocht bhí ag baile agus
adubhradar léithe corcán díobh sin do chur síos do na
leanbhaibh. Do chuir agus ní baoghal go raibh aon ocras
orra ag dul a (do) chodladh annsin. Nuair tháinig
an dara hoidhche adubhairt an stracaire le fear an
tighe éirghe agus teacht leis arís. "Ó Dia le mo
anam, a Sheáin," arsa an bhean, "nó crochfar thú."
"Dar fiadh féin," arsa an fear eile, "ní chrochfar an
fhaid 's bhead-sa in a fhochair." Do chaith sé imtheacht
leis agus do chuadar go dtí an pháirc mar a raibh
beathaidhigh, agus do chas an stracaire leis an
t-seafaid do b'fhearr fuair sé, agus ba ghairid an
mhoill bhí air dá marbhadh agus dá cur i gcóir agus
adubhairt le bean an tighe a ndóthain do chur síos do
na páistíbh dí sin. Do chuir, agus, má chuir, ní gan
eagla é.



Do bhí iongantas ar bhean an fhir shaidhbhir, mar do
bhí a fhios aici iad do bheith an-dhealbh, agus adubhairt
sí le n-a mháthair ná feadar sí cad do bhí aca nó
cá rabhadar ag faghbháil greim le n-ithe nuair nár
dhíoladar an bhó. "Ní fheadar," ar sísin, "cionnas
do gheobhaimís amach é." "Ní fheadar i mbasa," arsa
an maháthair. "Raghad-sa suas go dtí Brighid (.i. bean
an fhir bhoicht) agus fiafróchcaidh mé dí an leigfeadh sí
dham an cófra do chur isteach sa cístin, mar go bhfuil-
míd chum bheith ag bualadh an arbhair agus go mbeadh
sé sa t-slighidh dhúinn. Gheobhair-se dul isteach ann,
a mháthair, agus cuirfead-sa an glas air. Cuirfidh


L. 52


mé poll ann sa t-slighidh go bhfuighbhidh tú bheith ag
féachaint amach tríd orra agus do-chidhfidh tú cad
bheidh aca." "Era a inghin ó," arsa an mháthair, "do
caillfidhe de an ocras mé fá cheann dhá lá." "Ní
chaillfear," arsa an inghean, "mar cuirfeadh-sa an
oiread bídh chughat agus déanfaidh tú." Do chuaidh sí
go dtí an bhean bhocht agus d'fiafruigh sí dhí an
bhfuighbheadh sí an cófra do chur isteach sa chistin go
ceann cupla lá mar go rabhadar chum bheith ag bualadh
an arbhair, agus go ndéanfadh sé an-mhaith dóibh é do
bheith as an t-slighidh dhóibh. Adubhairt sísin léithe go
bhfuighbheadh agus fáilte. Do cuireadh mo shean-chailleach
isteach sa chófra agus tugadh suas go dtí an teach
eile é. Ní raibh a fhios ag aoinne go raibh aon rud
istigh ann. I gceann na hoidhche nuair do bhíodar ag
ithe a gcoda agus corcán breágh de sheafaid beirbhthe
aca, d'fhéach ceann de na páistíbh síos mar a raibh an
cófra agus do-chonnaic sí mar do bheadh réilthín ag
lasadh tré an bpoll i gcliathán an chófra. "Ó a
mham, a mham," ar sísin, "féach an réilthín atá sa
mbosca úd shíos." "Éist, a sciuirse," arsa an
mháthair, "cad do thabharfadh réilthín annsin?" "Ó
atá sé ann go deimhin," arsa an páiste. "Dar fiadh,
mhuise," arsa an stracaire, "beidh a fhios agam-sa
cad atá ann," ag dul síos agus ag tarraing an bhéil-
aspa agus do thóg sé suas an clár. Cad do gheobhadh
sé istigh ann acht mo shean-chailleach agus gan cniug
innte. "Atáir annsin, a shean-thubaisteoir," ar seisean
"acht ní thabharfair-se an sgéal a (do) bhaile leat mar
do shíl tú é do thabhairt." Fuair sé cnámh mór de
cheathramha na seafaide agus do sháith sé siar in a
béal í agus do thacht sé í. Do dhún sé anuas an clár
arís agus do shocruig sé mar do bhí sé roimhe agus
d'fhág sé ann mo shean-léid.



I gceann dhá lá annsin tháinig an inghean agus thug
sí léithe an cófra a (do) bhaile agus nuair d'oscail sí é,
fuair sí a máthair tar éis bháis istigh ann. Do thuit


L. 53


an-lug-ar-an-lag aici agus ní fheadair sí cad do
dhéanfadh sí mar ná raibh a fhios ag a fear aon rud
mar gheall air. Sé an rud do cheap sí ná a máthair
do tharraing amach as agus í do shíneadh ar an leab-
thain agus leigint (léigean) uirre gur bás obann
fuair sí. Do chuaidh sí amach agus do ghlaoidh sí ar
a fear agus adubhairt leis go raibh a máthair tar éis
bháis agus ná feadair sí cad dhéanfadh sí. "a a
chladhaire," ar seisean, "caidé an chúis nár ghlaodh
tú orm fadó go raghainn fá dhéin an t-sagairt?"
"Do bhí sí imthighthe," ar sísin, "fé (sul) bhfaca mé í."
Do ghlaodhadar isteach annsin ar na comhursanaibh agus
d'shocruigheadar í mar ba cheart chum í do thórramh.



Do bhí bean uasal ar an mbaile agus gach aon
bhaintreabhach do-gheobhadh bás chaithfeadh sí féin cóir
tórraimh do chur orra, mar ba é nós bhí aici é. Do
chuir sí uirre seo chomh maith é, mar do bhí an-mheas
aici uirre. Agus an oidhche tar éis í do chur adubhairt
an stracaire leis an bhfear bocht gur mór an feall
na héadaighe breágha bhí uirre do bheith ag dreoghadh sa
chré agus an phráinn (gábhadh) bhí ag a pháistíbh sin leo,
agus "b'fhearr dhúinn dul agus í do thógbhaíl agus iad
do bhaint dí." "Ó a mhic ó," arsa an fear bocht, "ní
dhéanfainn ar mo cheanna." "Riabhal mise mhaiseadh,"
ar seisean, "go gcaithfidh tú teacht gan buidheachas
duit." D'imthigheadar leo agus do thógadar í.
"Seo," arsa an stracaire, "tóg leat na héadaighe
seo agus tógfad-sa liom í féin." "Ó, caidé an
gnó atá agat dí féin, gibé mar dhéanann na héad-
aighe?" "Is cuma dhuit," ar seisean, "acht déan mo
chomhairle." Thug sé leis í go dtí a teach féin agus
do chuaidh sé go dtí teach na muc agus do mharbh a
raibh de mhucaibh ann. Do chuir sé an sgian i láimh na
sean-chaillighe agus isteach i sgórnaigh ceann de na
mucaibh agus d'fhág sé annsin iad.



Nuair d'éirigh an cailín ar maidin agus chuaidh ag
friotháileamh na muc tháinig scannradh uirre agus do


L. 54


rioth sí isteach ag glaodhach ar fhear an tighe dá rádh go
raibh an t-sean-bhean amuigh agus go raibh na muca go
léir marbh aici. "I mbasa má's fíor sin," ar seisean,
"marbhóchaidh (muirbhfidh) sí sinn féin sa deireadh."
Do chuaidh sé amach, agus 'ar ndóigh do bhí sí ann. Do
cuirfeadh arís an dara huair í, agus má chuireadh do thóg
an stracaire arís í. Thug sé leis í, agus do cheangail
sé in áirde i ndrom capaill bhí sa stábla í. Nuair
d'éirigh an buachaill ar maidin agus nuair oscail sé
dorus an stábla siúd amach an capall. D'imthig sé
leis tré chladhacha agus réidhte nó gur chuaidh sé dá
bhascadh i gcorrach agus sin mar fuaradh (frith) teacht
suas leis agus an t-sean-chailleach ar a mhuin aige. Do
cuireadh annsin arís í agus ar ndóigh thóg mo strac-
aire í agus do chuir sé isteach i bhfuinneoig an
tseomra chuca í in a bata-corrach.



Nuair do-chonnacadar annsin í adubhradar gur
fonn bhí uirre iad féin do mharbhadh anois, agus do bhí
sgeimhle croidhe ar an inghean, mar shíl sí gur i dtaobh
í do chur isteach fa chófra bhí sí ag teacht chuca. Do
cuireadh annsin an ceathramhadh babhta (uair) í agus
adubhairt an stracaire ná déanfadh sé a thuilleadh, go
raibh cuid mhaith déanta anois aige orra, acht go dtioc-
fadh sé i slighidh eile orra. Do chuaidh sé go dtí fear an
tighe agus do fhiafruigh sé dé cad do thabharfadh sé
do an té chuirfeadh an t-sean-bhean sin gan bheith ag
teacht chuige. "Ó, a mhic ó," ar seisean, "aon rud ar
aon chor d'iarrfadh sé orm." "Má seadh," ar seisean,
"an dtabharfá dhomh-sa leath an mhéid atá agat go dtí
lá do bháis agus do chuid ar fad ó lá do bháis amach?"
"Tabharfad," ar seisean, "mar atá eagla orm go
marbhóchaidh (muirbhfidh) sí sinn féin." "Caithfir-se é
sin do thabhairt dam-sa fá do láimh agus geallaim-se
dhuit go gcuirfead-sa a mhalairt de chúram uirri sin
in áit bheith ag teacht chughat-sa." Thug sé fá láimh dó
mar iarr sé. "Seadh anois," ar seisean, "bí-se ar
an taobh (is) amuigh de gheata na reilige ag (ar) an dá


L. 55


bhuille dhéag anocht agus aireóchaidh tusa bualadh uirri
sin." "Atá go maith," arsa fear an tighe. Fuair
an stracaire annsin dhá chat agus do chuir sé isteach i
mála iad agus do chuaidh sé isteach sa reilig. Nuair
d'airigh sé na daoine ag teacht leath (is) amuigh do
bhuail sé snaidhm de bhata ar na cataibh agus do chuir-
eadar sgréach asta. Nuair d'airigh an mhuinntear
amuigh an sgréach "och dar fiadh," ar siad sin, "mar-
an (muna) raibh sí marbh cheana, atá sí marbh go
ceart anois." Do theicheadar leo féin a (do) bhaile
agus adubhradar gur dócha ná féadfadh sí teacht anois
níos mó, agus i mbasa níor tháinig. Do rinne an
stracaire suas ar an bhfear bocht an méid fuair sé
féin agus do bhí a aigne sásta annsin. Adubhairt sé
gur mhór an truagh duine agus an-iomarca aige agus
duine eile agus gan aon rud do bheith aige. "Atháir-
se agus do pháistí go maith anois agus beadh-sa ag
cur díom." "Ó ná himthigh," ars an fear bocht, "fan
i n-ár bhfochair go deo." "Ní bhfuighbhinn fuireach" ar
seisean, "slán agus beannacht libh," agus d'imthigh sé
leis.



AN t-AMADÁN GASTA



Do bhí bean ann fad ó (san aimsir anallód)
a raibh amadán de mhac aici. Ní raibh aon rud
lé déanamh aige agus do chuaidh sé go dtí feirmeoir
agus do rinne sé aimsir leis. Nuair do bhí seacht
mbliadhna caithte aige adubhairt sé leis féin go
raibh sé in am aige (dó) dul a bhaile go dtí
a [mhátair]{mháthair} agus d'iarr sé a thuarastal ar an
bhfeirmeoir. Do bhí an chúirt agus go léor talmhainte
agus go leor airgid aige acht mar sin féin ní raibh sé
ag tabhairt do Seán acht trí leath-píghne de bhárr a


L. 56


shaothair (Seán bhí mar ainm ar an amadán). Adubhairt
Seán leis ná díolfadh sin é, acht go gcaitfeadh sé an
méid airigid do-gheobhadh sé leis ar a dhrom i mála
do thabhairt dó nuair chasfadh sé.



D'imthigh sé a bhaile agus nuair do-chonnaic a
mháthair é do bhí áthas an domhain uirre. D'fhiafruig
sí dhé an raibh aon rud aige tar éis a sheacht mbliadhna.
Adubhairt sé ná raibh aige acht pinginn, "acht is gairid
bheidh mar sin" ar seisean.



Ar maidin dar (lá ar) n-a bhárach do bhog sé
chum bóthair arís agus iar n-imtheacht dó do-chonnaic
sé fear istigh i gcoill ag stracadh crainn. "Cad atá
tú a (do) dhéanamh mar sin," arsa Seán leis. "Atáim,"
ar seisean, "ag bailiughadh rud lasfaidh an teine do
mo mháthair." "Siubhal liom-sa," arsa Seán, "agus
beir go maith." "Raghad," ar seisean.



D'imthigheadar leo agus ní rabhadar i bhfad ag
imtheacht nuair do-chonnacadar fear in a sheasamh ar
chrosaire. "An cortha atá tú?" arsa Seán leis. "Ní
h-eadh," ar seisean, "acht an bhfeiceann tú an hata sin?
Nuair atá seisean ar mhullach mo chinn, ní bhfuighbheadh
aoinne teacht i mo ghoire le teas agus, nuair atá sé
ar mo leath-cheann, ní bhfuighbheadh aoinne teacht i mo
ghoire le fuacht." "Dá dtiocfá linn-ne, do dhéan-
faimís go maith," arsa Seán. "Atá go maith," ar
seisean.



D'imthigheadar leo agus ní rabhadar i bhfad ó bhaile
nuair do theagmhaigh siad le fear eile agus beirthe
aige ar a chois dheis le n-a láimh dheis. "An crampa
atá i do chois," arsa Seán leis. "Ní headh," ar
seisean leis, "acht dá gcuirfinn mo dhá chois ar an
talamh, ní bhéarfadh gaoth an Mhárta orm." "Tusa
atá uainne-ne," arsa Seán, "dá dtiocfá linn."
"Raghad," ar seisean.



D'imthig an triúr leo agus cad do-chídhfeadh siad
acht fear a raibh méar in a bhéal aige agus do bhí


L. 57


ionghantas orra nuair do bhí an ceo ag imtheacht amach
roimhe in áirde sa spéir. "Ní fheadar," arsa Seán
leis an mbeirt eile, "an anuas asan spéir atá an
ceo ag teacht." "A ní headh," arsa an fear, "acht
dá mbainfinn-se mo mhéar as mo bhéal, ní hé amháin
an ceo do shéidfinn acht an bóthar chomh maith." "Beir
go maith as," arsa Seán, "má thagann tú linn."
"Masa raghad," ar seisean.



D'imthigheadar leo agus cad do-chidhfidís acht fear a
raibh guna aige agus fear eile a raibh gloine aige
agus é ag taisbeáint (taisbeánadh) girrfhiaidh do an
bhfear eile chum é do lámhach agus an girrfhiadh seacht
míle uatha.



Do chuaidh siad sin araon in a bhfochair arís agus
d'fhanadar ag imtheacht gur chuadar isteach go dtí an
feirmeoir agus do chuir an feirmeoir fáilte rompa.
"Fagh mála dúinn," ar siad leis an bhfeirmeoir.
Fuair an feirmeoir an mála ba mhó dá raibh aige, mar
do chuimhnigh sé air féin agus adubhairt sé leis féin
gur mar sin ná fuighbheadh siad leo é. "Atá sé ró-
beag," ar siad.



Ní rinneadar stad ná reasta annsin acht trí
chapaill do bhreith leo agus dul go dtí an baile mór
ba ghiorra dhóibh. Is ar éigean fuair na trí capaill
leo an méid leathair agus iarainn bhí aca chum an
mála do dhéanamh. Do chaith siad é do thabhairt go
dtí an gabha chum é do shocrughadh. Nuair fuaradar
socair é do chuaidh siad go dtí an feirmeoir agus
fuair an feirmeoir an t-airgead dóibh agus do líon-
adar an mála go breágh dé. Nuair fuair siad líonta
é, do bhuail fear na gcrann do stracadh ar dhrom é
mar do dhéanfadh sé le mála tuighe. "Fan," arsa
an feirmeoir le Seán, "go dtabharfad do dhinnéar
duit féin agus do do chuid fear. B'fhéidir go bhfuil
ocras oraibh."



D'imthigheadar agus do chuadar ag ithe, agus nuair


L. 58


do bhíodar ag ithe do bhraitheadar teas éigin agus do
bhí sé chomh trom go rabhadar dá ndóghadh aige. Do bhí
an glas ar an doras agus ní bhfuighbheadh siad teacht
amach.



"Cá bhfuil an fear a raibh an hata draoidheachta
aige?" arsa Seán. "Atá annso," ar seisean ag
freagairt. Ní rinne sé acht a hata do chur ar a
leath cheann agus do rinne sé an seomra chomh fuar
le sioc. Tháinig an feirmeoir ar ball nuair do shíl sé
iad do bheith dóighte, acht i bhfad uaidh do bhíodar.
Adubhairt an feirmeoir leo annsin ná tabharfadh
sé an t-airgead dóibh maran (muna) raibh aoinne aca
do raghadh fá dhein báisín de uisge tobair deireadh
an domhain chomh mear le n-a inghean.



Ní rinne fear na leath coise acht seasamh amach
agus adubhairt go raghadh sé féin. D'imthigh an bheirt
agus leath slighe bhíodar araon, ceann aca ag teacht
thar n-ais agus an ceann eile ag dul chum cinn. Sé
an fear bhí ag teacht agus do shín sé siar ar chloich ag
déanamh a reasta. Ní rinne an bhean de an iarracht
sin acht an t-uisge do dhortadh agus imtheacht léithe.
Níor fhan aon mhisneach ag Seán annsin, acht ní rinne
fear an ghuna bhí ag féachaint air acht caitheamh leis
agus an chloch ar a raibh sé in a luighe do bhualadh.
D'éirigh se annsin agus do chuir sé chum bóthair arís
agus do bhí sé sa mbaile roimpe.



Do chuir an feirmeoir arm amach annsin chum iad
do lámhach. Ní rinne an fear a raibh a mhéar in a bhéal
aige acht í do thógaint (tógbháil) as, agus do phléasg
sé a raibh de shaighdiúraibh ann i gcoinne na dtighthe
agus do marbhadh iad. Do bhí a raigh d'airgead ann
annsinn aca. Sin é mo sgéal, agus má tá bréag ann,
bíodh.


L. 59


ROIBEÁRD NA LUATHA



Do bhí bean ann fadó agus do bhí leas-mhac aici.
Do bhí sí go holc a cheann dó. D'éirigh sé as an
gcúinne maidin agus do bhain sé searradh as féin
agus adubhairt sé ná fanfadh sé féin níos sia i
bhfochair a leas-mháthar, acht go raghadh sé ag triail a
fhortúin dó féin.



Ar a ghabháil amach an doras dó, sé an chéad rud
do casadh air acht an cat. "Cá bhfuil tú ag dul, a
Roibeáird?" arsa an cat leis. "Atá mé ag dul ag
triail mo fhortúin dam féin," arsa Roibeárd.
"Raghadh-sa leat," arsa an cat. "Déan cheana,"
arsa Roibeárd. Do casadh an madra leis agus
adubhairt sé an rud céadna. Annsin do casadh an
gandal leis, annsin an coileach, an reithe agus an
tarbh, agus ba é an scéal céadna aca é.



Do bhíodar ag cur an bóthair díobh nó go raibh an
déidheanaighe ag teacht agus ní raibh aon teach le
feicsint aca. Adubhairt Roibeárd leis an coileach
dul in áirde in crann agus féachaint an bhfeic-
feadh sé teach ná solas in aon áit. Do chuaidh an
coileach i n-áirde agus ní fhaca sé aon solas ar aon
taobh dé. "Doras duais ort, a choilichín ghránda,"
arsa an cat, "sgaoil in áirde mé féin agus b'fhéidir
go bhfeicfinn rud éigin." Do chuaidh an cat in áirde
go dtí bárra an chrainn agus shainntlidh sé solas i
gcúinne coille agus do rinneadar air.



Do bhí teach beag ann agus gan aon deallradh air
go raibh aoinne in a chomhnuidhe ann mar ná raibh aon
troscán ann acht a dó nó a trí de shean-bhoscaíbh. Do
shocruigheadar iad féin mar do b'fhearr chum an oidhche
do chaitheamh dóibh féin ann, agus do shíleadar ná raibh
aon rud chum aon spiach do chur orra. Do shochruig
an cat é féin ar bhoiscín an t-solais. Do chuaidh an
madra sa chúinne agus an gandal ar chúl an dorais.
Do chuaidh an coileach in áirde ar mullach an tighe leath


L. 60


(is) amuigh. Do sheasaigh an reithe i lár an teinteáin
agus an tarbh i lár an mhacha. Do shuidh Roibeárd i
gcúinne an tighe ar shean-bhosca.



Níor bhfada go dtáinig stracaire isteach chucha agus
tromán maith fá an oscaill aige. Do chaith sé uaidh
é agus do chuaidh sé go dtí bosca an tsolais chum an
solas do lasadh. Do chuir an cat crúca ann. "Diog
ort, a shean-chailligh, maran (munab) innealta atá do
chárdaí agat. Atá mo lámh millte agat." Do chuaidh
sé annsin go dtí an teine agus do bhuail an madra
treasna an bhéil le hiarracht dá earball é. Do bhuail
an reithe le hiarracht dá cheann é agus dóbair go
mbrisfidhe a cheann i gcoinne an hiarta. Tháinig
eagla air agus do bhí sé ag teicheadh leis féin agus
ag gabháil amach dó, do bhain an gandal pluic na coise
dhé. Nuair do chuaidh sé amach do bhuail an tarbh
adharc fé agus do chaith sé in áirde ar an tigh é. Do
luig an coileach chuige agus níor fhág sé pioc dé gan
scríobadh le n-a sgiathánaibh agus le n-a chrúbaibh. Do
thuit sé anuas agus do theich sé leis agus scannradh
air go dtí ar chuaidh sé go dtí beirt chomrádaidhe bhí
ag fuireach leis i gcúinne na coille. Adubhairt sé
go raibh sé marbh mar gheall orra. D'fhiafruigheadar
dé cad bhain dó. Adubhairt sé leo nuair chuaidh sé
chum an solas do lasadh go raibh sean-bhean ag cárdáil
ann agus gur scríobh sí a raibh de fhuil agus de fheóil
ar a lámhaibh. "Do chuaidh mé annsin go dtí an teine,"
ar seisean. "Do bhí sean-bhean eile ag déanamh leitean
ann agus do bhuail sí le bata na leitean (ar) feadh
an bhéil mé agus níor fhág sí fiacail i mo cheann nár
bhris sí. Do bhí crochaire gabhann i lár an teinteáin.
Do bhuail sé le hiarracht d'órd mé sa drom agus
dóbair go marbhóchthaidhe (muirbhfidhe) i gcoinne an
hiarta mé. Do bhíos ag rith ar éigean amach an doras.
Do bhí sean-chaibléir dé (ar an taobh) thiar de an
doras agus do bhain sé lán a pheansúir as phluc mo
choise. Nuair tháinig mé amach do bhí fear in a sheasamh


L. 61


sa macha ag fritheáileamh ar dhíonadóir. Do thóg sé
leis ar an sproinn mé agus do chaith sé in áirde ar
mhullach an tighe mé agus ba mheasa dham an
díonadóir bhí in áirde ná a bhfuaireas. Mhardaidh (do
mhartraidh) seisean ar fad leis an ráca mé." "Dar
fiadh," ar siad san, "is fearr dhúinn fuireach uatha
má's mar sin atá an scéal."



Nuair fuair Roibeárd imthiththe é, "ní fheadar," ar
seisean, "cad atá san ualach so chaith sé uaidh."
"I mbasa, a Roibeáird," arsa an cat, "atá airgead,
mar is teach ropairí é seo." Do thóg Roibeárd an
t-ualach agus b'fhíor do an chat é. Is airgead bhí ann.
Chomh luath agus tháinig an lá adubhairt Roibeárd go
raibh sé chomh maith aca (dóibh) bheith ag triall a
bhaile agus go raibh airgead go leor anois aige gan
bhuidheachas dá leas-mháthair. Do chuadar a bhaile agus
sé an obair bhíodh ag Roibeárd gach aon lá ná dul
amach cois an chlaidhe féachaint ar an airgead. Do-
chonnaic an leas-dearbhráthair lá é agus do rith sé
isteach go dtí a mháthair. Adubhairt sé léithe go
raibh carn cnapaí deasa buidhe ag Roibeárd. Do
chuaidh an leas-mháthair amach i gan fhios agus do-
chonnaic sí cad bhí aige. Tháinig sí isteach agus do
bhuail sí a dhá bhais ar a chéile agus adubhairt sí go
raibh carn airgid ag Roibeárd gibé áit in a bhfuair sé
é, agus geallaim-se dhuit go raibh sí go maith do
Roibeárd as sin suas.



Sin é mo scéal-sa, agus má tá bréag ann bíodh.
Sé an méid fuaras-sa dá bhárr acht stocaí bainne
reamhair agus bróga páipéir, agus fé'r (sul) chuadhas-
sa go dtí an doras do bhíodar imthighthe de mo chosaibh.


L. 62


LITIR AN SGOLÁIRE



I gCnocán an Phaoraig dam,



I nDéisíbh Mumhan,



An naomhadh lá do mhí Iuil againn indiu,



agus bliadhain an Tighearna a 1906.



Dom Mháthair.



Tháinig mé slán is fá mhaise innso indé. Nuair a
ráinig mé Dúngarbhán ní raibh aoinneach ann in mo
choinne. Do bhuail an t-uaigneas innsin mé do chionn
ná raibh aoinneach ar an áit raibh aithne aige orm ná
aithne agam air ná eolas na háite agam acht an
oiread.



Is deas an áit í Dúngarbhán. Atá Square breaghdha
i lár an bhaile istigh bhfuil tighthe canta thart thimchioll
air. Atá an tír go hálainn ann agus an talamh ar
fheabhus aca. Atá bóthar breaghdha réidh dul amach go
dtí an Rinn agus do bheadh radharc álainn ar an
bhfarraige agat an do dhul amach duit ann. Badh
dheas leat na báid agus iad ag imtheacht rompa, agus
a gcuid seolta mbreaghdha aca anáirde ag gabháilt
na gaoithe.



Is ann atá Dúngarbhán i mbun na habhann Chuilleag-
án, agus ag ceann an chuain bhreaghdha bhfuil dhá rinn
leis theas agus thuaidh. Atá radharc breaghdha le feic-
sint eadar farraige agus talamh cruaidh ar do dhul
duit ó Dhúngarbhán go dtí 'n Rinn. 'Sé rud a thugtar
ar an Rinn leath is tuaidh acht an Rinn bhán, agus tug-
tar Rinn ó gCuanach ar an Rinn leath is teas.



Tír na h-Éireann agus í do chuardach le chéile ní
bhfuighbhtheá dream daoine ba ghleóidhte féile ná
muinntear na Rinne; thar a bhfuil do dhaoinibh eile in
Éirinn go léir is aca ann is buige, binne, blasda
labhartar an Ghaedhealg.


L. 63


Níl baoghal ar an talamh atá aca ann, atá sé leath-
chuibheasach. Mar sin féin is an-thalamh é chum barradha
do thabhairt. Níl fraoch ná aiteann san áit, acht do
chidhfá an talamh fad do radharc uait ar gach taobh
díot ag tabhairt na mbarradha. Is í an eorna an
barra is fearr a thagann ann, acht do-chidhfá roinnt
mhaith prátadha ann leis. Badh bhreaghdha leat na
daoine ag scéith nimhe ar na prátadhaibh mar dhíon
dóibh ar an ngaoith ruaidh.



Atá coláiste na Rinne sé míle ó Dhúngarbhán agus
bhí sé orainn bheith ann ó ló. Athá teach breaghdha, cailce
spéireamhail do choláiste aca ann. Adhmad is adhbhar
do'n tigh sin. Atá ionad an tighe seo ar leath-thaoibh
an bhóthair ar thaoibh do láimhe deise ar do dhul soir
duit láimh le Baile na nGall.



Bíotar ag teagosc san choláiste gach lá agus oidí
léigheanda ann agus gach cineul Gaedhilge aca dá
theagosc.



Atá an t-aer an shláinteamhail sa Rinne, agus ní
taise don bhiadh. Do leagfuidhe ar bórd duit sa
Rinn dinneur chomh blasda agus do gheobhtha in aon tigh
ósda in Éirinn. Is minic shéideas an ghaoth aniar ann
nó ba chóra dham a rádh is aniar shéideas an ghaoth go
minic.



Atá mé an-ghleithearánach mar caithfe mé bheith ag
foghluim go dian, agus níl sé d'uain agam a thuilleadh
do sgríobhadh do'n dul so.



Mise,



TADHG Ó SEAGHDHA


L. 64


SGÉAL AN CHUITÍN AGUS AN LUICHÍN



Do bhí cuitín agus luichín lá ag súgradh. Do sgiob
an cuitín an t-earball de an luichín. "Ó, a chuitín, a
chroidhe, tabhair dam mo earball." "Masa, féin, ní
thabharfad go dtí go raghaidh tú go dtí an bhó agus go
dtabharfaidh tú braon chugham." Do chuaidh an luichín
go dtí an bhó. "A bhó," ar sí sin, "tabhair dam braon
go dtabharfaidh mé braon do an chuitín agus go
dtabharfaidh an chuitín mo earball dam." "Go
deimhin féin, ní thabharfad," arsa an bhó, "go dtí go
raghaidh tú go dtí an sgiobál agus go dtabharfaidh tú
sop chugham." Do chuaidh sí go dtí an sgioból. "A
sgiobóil, tabhair dam sop, go dtabharfaidh mé sop do
an mbó, go dtabharfaidh an bhó braon dam, go
dtabharfaidh mé braon do an chuitín, agus go dtabhar-
faidh an cuitín mo earbaillín dam." "Masa, ní
thabharfad," arsa an sgioból, "go raghaidh tú go dtí
an cheárdcha agus do dtabharfaidh tú glas chugham."
Do chuaidh sí go dtí an cheárdcha agus d'iarr sí glas
air chum é do thabhairt do an sgioból, go dtabharfadh
an sgioból sop dí, go dtabharfadh sí an sop do an
mbó, go dtabharfadh an bhó braon dí, go dtabharfadh
sí an braon do an chuitín, agus go dtabharfadh
seisean a hearbaillín dí. "Masa, ní thabharfad,"
arsa an cheárdcha, "go dtí go raghaidh tú go dtí an
baile mór agus go dtabharfaidh tú gual chugham." Do
chuaidh sí go dtí an baile mór. "A bhaile mhóir," arsa
sí, "tabhair dam gual, go dtabharfaidh mé gual go
dtí an cheárdcha, go dtabhárfaidh an cheárdcha glas
dam, go dtabharfaidh mé an glas do an sgioból, go
dtabharfaidh an sgioból sop dam, go dtabharfaidh mé
sop do an mbó, go dtabharfaidh an bhó braon dam, go
dtabharfaidh mé an braon do an chuitín, go dtabhar-
faidh an cuitín mo earbaillín dam." "Go deimhin, ní
thabharfad," arsa an baile mór, "go raghaidh tú go
dtí an abha agus go dtabharfaidh tú uisge chugham."


L. 65


Do chuaidh sí go dtí an abha agus criathar aici.
Adubhairt an abha léithe an criathar do thomadh síos
agus a dhóthain do thabhairt léithe dhé. Do thom sí síos
an criathar agus leig an criathar tríd an t-uisge.
Tháinig siobháinín an bhóthair. "Cuir cré dhubh leis
agus coimhéadfaidh sé an t-uisge dhuit." Do chuir
sí leis é agus chomh luath agus do chuir sí san uisge é
d'imthigh an t-uisge agus a raibh ann. Tháinig an
spideoigín. "Cuir cré bhuidhe leis," ar sísin, "ó's sí
is righne." Do chuir agus do choimhéad sí an t-uisge.
Thug sí an t-uisge go dtí an baile mór. Thug an
baile mór gual dí. Thug sí gual go dtí an cheárdcha.
Thug an cheárdcha glas dí. Thug sí glas do'n sgioból.
Thug an sgioból sop dí. Thug sí sop do an mbó.
Thug an bhó braon dí. Thug sí braon do an chuitín,
agus thug an cuitín a hearbaillín dí. Do chuaidh sí a
bhaile agus geallaim duit gur bhfada arís gur chuaidh
sí ag súgradh leis an gcuitín.



CRAOBH NÍ DHUIBHNE AGUS GRÁINNE MHAOL



Do bhí rí ann fad ó, atá fós, agus beidh go deo.
Ó Duibhne ba shloinne dó. Do bhí sé pósta agus fuair
a bhean bás. Ní raibh aige acht aoinne amháin cloinne.
Inghean ba eadh í, agus dá lasfadh gaoth nó grian ar
aoinne is uirre do lasfadh sí, do bhí sí chomh breágh sin.
Sé an ainm do thugtaoi uirre acht Craobh Ní Dhuibhne.
Do bhí sí ró-óg nuair fuair a máthair bás, agus do
chaith a hathair pósadh arís. Baintreabhach mná seadh
do phós sé a raibh inghean eile aici, agus ní raibh cailín
sa domhan ba ghránda ná í. Sé an ainm do bhí uirre
ná Gráinne Mhaol.



Níor eitigh Craobh aoinne riamh an aon rud d'iarr-
faidhe a dhéanamh, acht i gcúrsaíbh Ghráinne, ní raibh aon
mhaith bheith ag iarraidh aon rud uirre. Nuair éirigh-
eadar suas annsin do bhí fear ag teacht ó gach aon


L. 66


thaobh fá dhéin Chraoibhe, chum í d'faghbháilt le pósadh. Ní
fhéachfadh aoinne ar Ghráinne, agus nuair do-chonnaic
an mháthair é sin, níor thaithnigh sé léithe. B'fhearr
léithe go mbeadh Craobh díbeartha as an tigh aici, mar
bíonn cuid de na leas-mháithreachaibh go holc i
gcomhnuidhe. Do chuir sí Craobh lá ag teachtaireacht
go dtí áit éigin nár tháinig aoinne riamh as gan amal
éigin do bhaint dó. D'ullmhuigh sí cearc agus bocaire
chum iad do bheith aici mar lón ar an mbóthar.
D'fhiafruigh sí dhí cia aca b'fhearr léithe an bairghean
beag agus a beannacht nó an bairghean mór agus
a mallacht. "Is mór an nídh an bheannacht," arsa
Craobh, "is fearr liom an bairghean beag agus do
bheannacht." Thug an leas-mháthair dí iad agus
adubhairt sí léithi bheith ag bogadh chum bóthair. D'im-
thigh sí léithe agus do chaith sí gabháilt tré pháirc. Do
bhí bó annsin roimpe. "Dé bheatha id' shláinte, a
Chraobh Ní Dhuibhne," arsa an bhó, "inghean na mná nár
cháin aoinne riamh agus nár bh'fhéidir a cáineadh;
crúdh (bleagh) deoch agus ól deoch agus caith dhá dheoch
ar an talamh." Do rinne sí mar adubhairt an bhó
léithe. Do shiubhail an bhó léithe treasna na páirce
annsin. Do bhí abhall-ghort ar an taobh eile de an
pháirc. Chomh luath agus do chuaidh sí isteach innte do
labhair an t-abhall-ghort léithe agus chuir sí an fáilte
céadna roimpe do rinne an bhó. "Bain ubhall, ith
ubhall," ar sí sin léithe, "agus caith dhá ubhall ar an
talamh."



Do bhí sí ag siubhal léithe nó gur tháinig sí ar thaobh
bóthair mar an raibh tobar. Do shuidh sí síos annsin ag
ithe dhí féin agus do chrom sí ag ól deoch. D'éirigh
gruagach ar bharr an uisce. "Cíor a's ionladh a's glan
mé," ar seisean. "Déanfad cheana," arsa Craobh,
agus do rinne. D'éirigh an dara ceann agus an
tríomhadh ceann agus do rinne sí an cleas céadna
leo. Nuair bhí sí ag imtheacht annsin uatha d'fhiafruigh
an chéad cheann dí an ag imtheacht do bhí sí gan buaidh


L. 67


agus beannacht uaidh féin. Adubhairt sí sin nár eadh
má gheobhadh sí é. "Gheobhair," ar seisean, "agus is
fiú tú é d'fhaghbháil. Sé an buaidh thabharfad-sa dhuit dá
bhreághthacht do bhí tú ag teacht go mbadh seacht mbrea-
ghdha bheidh tú ag imtheacht." D'fhiafruigh an dara ceann
dí an rud céadna agus sé an buaidh thug seiseann dí
acht ceolta bheith thimcheall uirre nár airigh aoinne a
leithéidí riamh gach aon lá faid a's a mhairfeadh sí.
Thug an tríomhadh gruagach buaidh dí cioth óir agus
airgid do thuitim anuas uirre nuair do bheadh sí ag
triall isteach ar dorus a háthar. Do ghabh sí buidh-
eachas leo agus d'imthigh sí léithe fá dhéin gibé
teachtaireacht do bhí uaithe.



Nuair tháinig sí a bhaile agus do-chonnaic a leas-
mháthair í thuit an lug-ar-an-lag aici nuair do-chonnaic
sí nár bhain dí mar do shíl sí. Adubhairt sí annsin go
gcaithfeadh a hinghean féin dul ann arís mar do shíl sí
do dtiocfadh sí ar mar tháinig Craobh.



D'ullmhuig sí cearc agus bocaire dhí agus d'fhiaf-
ruigh sí dhí cia aca b'fhearr léithe an bairghean beag
agus a beannacht nó an bairghean mór agus a mall-
acht. Adubhairt sí sin gur mhór an nidh reimhrse go
dtógfadh sí an ceann mór agus an mhallacht. Fuair
sí iad agus do chuir sí dhí. Nuair tháinig sí mar an
raibh an bhó, adubhairt an bhó léithe mar adubhairt sí
le Craobh. Adubhairt sí sin ná déanfadh ná aon rud
dá shórt. Níor stad an bhó acht dhá hadharcadh agus
dhá stolladh nó gur chuir sí amach san abhall-ghort í.
Adubhairt an bhall-ghort léithe mar adubhairt sí le
Craobh agus adubhairt sí ná déanfadh. Do líon an
casán suas de seachaibh agus calltarnaghail (cantar-
naoil) sa t-slighidh go raibh sí stoltha, stracaighte fé
(sul) raibh sí amach as. Tháinig sí annsin go dtí
tobar na ngruagach agus do shuidh sí ag ithe. D'éirigh
an chéad ghruagach chúiche. D'iarr sé uirre é do nighe,
d'ionladh agus do ghlanadh. Adubhairt sí leis ná déan-
fadh. D'éirigh an dara ceann agus an tríomhadh ceann


L. 68


agus ba mhar a chéile é, ní shalachfad sí a lámha leotha.
Nuair do bhí ag imtheacht d'fhiafruig an chéad ceann
dí an ag imtheacht do bhí sí gan buaidh uaidh féin.
Adubhairt sí sin nach eadh. "Mhaiseadh," ar seisean
"sé an buaidh atá mé a (do) thabhairt duit acht dá
ghrándacht do bhí tú ag teacht go mbadh mhíle measa
bheith tú ag imtheacht." "Sé an buaidh thabharfad-sa
dhuit," arsa an dara ceann, "acht ciaróga agus
dearga-daoil (darbh-daoil) do bheith ag teacht amach
as do bhéal an fhaid a's do mhairfir." "Tabharfad-sa
buaidh dhuit," arsa an tríomhadh gruagach, "acht cioth
cloich-shneachta do thuitim ort nuair bheith tú ag
déanamh isteach ar dhorus d'athar nár thuit a leithéid
as an spéir riamh agus ná tuitfidh go deo arís."



Nuair do chas sí agus do-chonnaic a máthair í "do
dhuibh agus do theann" uirre agus chaithfeadh sí
Gráinne do chuir fá bhéal baraille ó shúilibh na ndaoine.
Ní raibh sosadh uirre annsin go mbeadh Craobh díbeartha
aici i slighidh éigin. Do leig sí uirre bheith tinn agus
adubhairt sí ná raibh aon rud chum í leigheas go dtí
go bhfuighbheadh sí croidhe agus ae Craoibhe le n-ithe.
Do bhí amadáinín beag san áit a dtugaidís Seáinín
air agus do chuir sí fios air. Adubhairt sí leis go
dtabharfadh sí chúig phúint agus culaidh éadaigh dó dá
dtabharfadh sé Craobh leis amach sa choill agus í do
mharbhadh, a croidhe agus a hae do tabhairt a bhaile
chuiche, ná raibh aon rud eile chum í do leigheas.
Adubhairt Seáinín go ndéanfadh mar tháinig sainnt
chum an airgid air. Do chuir an leas-mháthair fá dhéin
luibheanna go dtí an choill í dar (lá ar) n-a bhárach agus
Seáinín in a fochair. Do bhí maidrín ag Craoibh agus
leanadh sé in gach aon áit í. Nuair bhí sí féin agus
Seáinín ag imtheacht tré an gcoill agus nuair fhéachadh
sé uirre, do chromadh sé ag gol. Nuair chuimhnigheadh
sé ar an airgead, do chromadh sé ag gáire. D'fhiafruig
sí dhé cad bhí air mar sin. D'innis sé dí cad adubhairt
an leas-mháthair. "Nuair chuimhnighim ar aon bhean


L. 69


chomh breágh leat do mharbhadh, tagann cathughadh orm
agus, nuair chuimhighin ar bheith ag faghbháil an airgid,
tagann áthas orm." "Inneosadh-sa dhuit cad dhéanfai-
míd," ar sí sin. "Marbhóchaimíd (muirbhfimíd) an maid-
sín agus tabhair a chroidhe agus a ae chuiche agus abair
léithe gurab amhlaidh mharbh tú mise agus imtheóchaidh
mise ar mo adhbhar féin agus ná innis do aoinne go
deo mar gheall orm." Do rinneadar mar adubhairt
sí agus d'imthig Seáinín a bhaile agus áthas air. Nuair
fuair an leas-mháthair an leigheas, do bhí sí go maith
annsin.



D'imthigh Craobh léithe. Do bhí an déidheanaighe ag
teacht agus do thuit sí cortha. Do-chonnaic sí tigh
(teach) uaithe ar thaobh abhann agus do rinne sí air.
Do bhí an doras osgailte agus do chuaidh sí isteach,
ach ní fhaca sí aoinne thimcheall. Do chuaidh sí sa
seomra agus do chaith sí í féin i leaba bhí ann. Triúr
dearbhráthar do bhí in a gcomhnuidhe sa tighe seo. Do
bhíodar an-mhaith sa saoghal. Daoine móra ba eadh
iad. Ní dhéanaidís aon rud aon lá acht ag fiadhach
agus ag sealgaireacht. Nuair do bhíodar ag teacht chum
an tighe an tráthnóna so tháinig slimpíní ar a gcroidhe
nuair d'airigheadar an ceol breágh thimcheall na cúirte.
Adubhairt an dearbhráthair ba shine gurab í seo
Craobh Ní Duibhne má mhair sí beo. Do chuadar isteach
agus rángaig (ránaig) gur in a sheomra féin do bhí sí.
Do chuir sé an glas ar an doras agus adubhairt sé
le n-a bheirt dearbhráthair gan cur isteach ná amach
uirre go ndúiseóchadh sí gur dhócha go raibh sí cortha.



Nuair do dhúisigh sí annsin níor leigeadar orra
gur aithnogheadar í. D'fhiafruigheadar dí cia aca
maighistreás do bhí ag lorg seirbhísigh nó seirbhíseach
do bhí ag lorg maighistreása í. Adubhairt sí sin gur
seirbhíseach bhí ag lorg maighistreása í. "Is maith
mar thárla," ar siad sin, "atáimíd gan aon seir-
bhíseach le seachtmhain." Do shocruig sí leotha annsin
go ceann bliadhna. Agus fé (sul) raibh an bhliadhain
caithte aici do phós an mac ba shine í.


L. 70


Ba ghairid do bhí sí pósta nuair do bhuail an
t-amadáinín thimceall .i. Seáinín. Do-chonnaic Craobh
é agus tháinig sí amach fá n-a dhéin agus thug sí léithe
isteach é. Thug sí a dhóthain le n-ithe agus le n-ól dó
agus píosa airgid. Adubhairt sí leis nuair do raghadh
sé a bhaile gan innsint do n-a leas-mháthair go bhfaca
sí í féin.



Nuair do chuaidh Seáinín a bhaile ní fhuair sé foighne
gan innsint do n-a leas-mháthair go bhfaca sé Craobh.
"Do shíl mé, a Sheáinín," ar sí sin "gur mharbh tú í."
D'innis sé dhí annsin gurabh é an maidrín do mharbh
sé. "A Sheáinín," ar sí sin, "do bhí mo leanbh an-mhaith
chum sníomha agus caithfidh mé tú do chur le ruainne
olna chuiche dhéanfaidh stocaí geimhridh dhí." Do rinne
sí suas an olann. Chuir sí biorán suain innte.
D'imthigh Seán leis lá ar n-a bhárach agus thug sé an
olann do Chraobh. Nuair do bhí sí dá cárdáil, do chuaidh
an biorán fá n-a hiongann. Do thuit sí siar agus níor
fhan méam innte. D'imthig na ceolta. Nuair do bhí
a fear agus a dhearbhráithreacha ag teacht a bhaile an
oidhche sin b'ait leotha nuair nár airigheadar na ceolta
mar ba ghnáthach. Nuair do chuadar isteach fuaradar
Craobh sínte agus gan cuach innte. Do bhíodar go
buaidheartha mar do shíleadar gur tar éis bháis do bhí
sí. Do bhí sí dá tórramh annsin. Nuair do bhíodh chum
í do chur sa chófra ní leaigfeadh a fear aoinne sa
seomra acht é féin. Fuair sé stampa bata agus do
chuir sé sa chófra é agus d'fhág sé Craobh mar a raibh
sí. Do thóg sé féin leis amach an cófra annsin agus
do cuireadh í. Ní raibh cead ag aoinne dul sa
seomra acht é féin as sin amach.



Nuair do thaithigheadar an bhean tighe annsin adubhairt
na dearbhráithreacha leis ná raibh aon déanamh aca gan
a lethéid i gcomhnuidhe agus go gcaithfeadh sé pósadh
arís. Ba dheacair leis é do dhéanamh acht do bhí an-
urraim aige dhá dhearbhráithreachaibh agus níor mhaith
leis diúltughadh dhóibh. Do phós sé cailín eile do bhí


L. 71


ar an áit. Níl aon mhaidin ná raghadh sé isteach sa
seomra sin agus b' ait leis an mbean cad bhí ann
nuair ná raibh aon fhaghbháil ag aoinne eile dul ann.
Adubhair sí leis an seirbhíseach nuair do bheadh sé ag
osgailt an dorais ar maidin i mbárach a rádh leis go
raibh fiadh tar éis imtheacht thar doras an halla agus
go mb'féidir go bhfágadh sé an eochair in a dhiaidh.
Do rinne an seirbhíseach mar adubhradh léithe agus le
neart sainnte chum an fhaidh d'fhág sé an eochair
sáidhte sa nglas. Do chuadar isteach sa seomra
annsin agus fuaradar Craobh sínte ann. Adubhairt
bean an tighe ná raibh aon deallradh uirre go raibh sí
tar éis bháis. Do chrom sí dhá cuimilt agus dhá
corruighe. Bheir (rug) sí ar láimh uirre. Do-chonnaic
sí an biorán fá n-a hiongain agus do tharraing sí amach
é. D'éirig Craobh chomh beo glórmhar agus do bhí sí
riamh agus do chrom na ceolta ar siubhal arís. Nuair
do bhí fear an tighe ag casadh a bhaile annsin d'airigh
sé na ceolta. Dá mhéid deithnis do bhí ag imtheacht
as diaidh an fhiaidh is mó ná sin do bhí air ag casadh
nuair d'airig sé an ceol.



"Cia fuair ann féin dul im' sheomra?" ar seisean.
"Má atá aon díoghbháil déanta," arsa an bhean, "is
mise atá cionntach. Is mé adubhairt leis an gcailín
a rádh leat-sa go raibh fiadh ag gabháil thar brághaid
mar b'ait liom cad do bhíodh id (dod) thabhairt sa
seomra sin gach aon lá. Nuair chuadhas-sa isteach
ann agus do-chonaic mé an bhean bhreágh sínte agus
gan on deallradh báis uirre do bheirfeas (rugas) ar
láimh uirre agus fuaras biorán fá n-a hiongain. Do
tharraingeas amach é agus d'éirigh sí suas mar do bhí
sí riamh." "Má's mar sin é," ar san fear, "is
dócha go gcaithfidh tusa bheith ag imtheacht as so agus
tabharfad do chuid airgid féin duit thar n-ais arís."
"Ná déan," arsa Craobh, "fág im fhochair-se í an fhaid
a's mhairfidh sí." "Atá go maith," ar seisean. "Fanadh
sí id' fhochair."


L. 72


Níor bhfada gur ghabh Seáinín an t-slighe arís agus
an babhta so thárla go raibh oighre óg ann roimhe agus
ba throm le Seáinín a chosa go raibh sé sa mbaile
arís chum é d'innsint do an leas-mháthair. Adubhairt
sí go gcaithfeadh sí féin dul dhá bhféachaint agus
culaidh éadaigh do thabairt go dtí an leanbh. Nuair do
chuaidh sí ann, do chuir sí deoch i gcóir do Chraoibh agus
do bhí sí dá thabhairt dí. Adubhairt an dara bean ná
hólfadh [si]{sí} sin é sin. "Caithfidh tú féin é bhlasadh
roimpe," ar sí sin.



Adubhairt an leas-mháthair "caidé an cur isteach
atá agat-sa orainn, nach í mo leanbh féin í?" Do
bheir (rug) sí ar an árthrach uaithe agus do chuir sí ar
a béal é dá haimhdheoin agus do chaith sí é do shlogadh.
Ba ghairid gur léim sí agus gur phramsuigh sí agus
do sclog sí ar an áit sin. Do chuireadar an chulaidh
do thug sí go dtí an leanbh ar an madra agus do
cailleadh é. Do cuireadh gairm-scoile amach annsin.
Do bhí gach aoinne ag teacht agus a bheart agus
a scáthán féin aige ar feadh dhá lá. Do rinneadh
teine thimcioll uirre agus do dóghadh agus do loscadh
í go rinneadh luaith dhá cnámhaibh agus as an luaith sin
seadh rinneadh an chéad snísín riamh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services