Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árthach an Óir
Title
Árthach an Óir
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Compiler/Editor
Ó Doghair, Pádraig
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. ÁRTHRACH AN ÓIR. Do bhí feirmeoir i mBaile mhac Airt agus feirm mhaith talmhan aige. Cárthach ó Dubhshláine a ainm. Ní raibh aoinneach aige acht é féin agus a bhean agus aon mhac amháin. Cathal ba ainm don mac so. Do bhí an t-an- chion aca ar an mac nuair ná raibh aca acht é, agus do thógadar le scoil agus le léigheann é. Ní théigheadh lagadh air gach aon lá acht ag deunamh báid bheaga agus ag dul ionnta ag ciosa na taoide. Do bhíodh eagla ar a athair agus ar a mháthair go mbádhfadh na báidíní é, agus do bhídís ag a mbriseadh air, agus do bhíodh buaidhirt agus buile air gach aon tráthnóna nuair tagadh sé ón scoil agus na báid briste air. Adubhairt an t-athair ins an deireadh go gcaithfeadh sé bád do cheannach dó. Do cheannaigh agus do bhídís araon ag iascaireacht innte gach aon tráthnóna samhraidh. Acht aon oidhche amháin i dtosach an t-samhraidh do bhíodar ar an bhfairrge agus do bhí sé an-fhuar. Do bhíodar tamall maith amach. Le tuitim na hoidhche tugadar fa ndeara an mothall dubh ins an bhfairrge gairid dóibh. Ní bheadh aon t-sásamh ar an mac nuair do-chonnaic sé é gan tarraing suas agus dul do iarracht air, acht ba dheacair leis an athair é do dheunamh. Mar sin féin do-chuadar fa n-a dhéin.
Cad do bheadh ann ná fear a raibh gruaig agus feusóg fhada liath air. Fear a raibh tonn mhaith dá aois caithte aige ba eadh é. Do labhradar leis as Gaedhilg, agus ní bhfuighbhidís a thuicsin cadé an freagra tug sé orra. Annsin adubhairt an t-athair leis an mac Beurla do labhairt leis, agus do labhair agus ba é an freagra ceudna é. Ní raibh Beurla ná Gaedhealg aige agus is amhlaidh do bhí sé ag deunamh cainte na mbodhar agus na mbalbhán leó ag crothadh a chinn agus ag oibriughadh a lámh, acht do thógadar isteach ins an mbád é. Agus annsin do bhí sé ag a chur in iúl dóibh go raibh a chuid eudaigh fliuch agus é do chur i dtír. Ba dheacair leis an bhfeirmeoir dul isteach leis mar do bhí an t-iasc in a shlaodaibh le marbhadh aige, agus do bhí eagla air dá raghadh sé isteach go gcaillfeadh sé an t-iasc nuair do chasfadh sé. Do bhí an oidhche an-fhuar agus do bhí sé ag cur cuisne, agus adubh- radar má fhágfaidís an t-eudach fliuch uimig go mbeadh sé tar éis bháis ar maidin. Ní raibh aon rud le deunamh annsin aca acht an t-eudach do bhaint de agus an cábla do bhí ins an mbád do chasadh air agus é do fhighe go tiugh air ó bhonn go baitheas agus é do fhágbháil sínte ins an mbád go maidin. Nuair do gheal an lá annsin, do tharraingeadar suas agus do chuadar i dtír agus bád mór éisc aca. Nuair do bhíodar ag dul abhaile, ní bhfuighbheadh an fear siubhal leis an gcábla timcheall air agus do chaitheadar é do bhaint de agus a chuid féin eudaigh do chur air, an fhaid is do bheidís ag dul go dtí an teach. Nuair do- chuadar isteach ba ait le bean an tighe cadé an saghas náisiúnach fir do bhí in a bhfochair, acht do bheannaigh sí dhó agus do chuir sí fáilte roimhig. Do shín sé a dhá láimh amach agus do umhlaigh sé dhí agus an freagra tug sé uirri, do chuir sé scannradh
croidhe uirri, mar níor airigh sí a leithéid de chaint roimhe sin riamh. Acht do bhagair fear an tighe air chum dul in áirde an staighre go dtabharfadh sé eudach tirim chuige, agus do imthigh. Nuair do bhí an t-eudach air táinig sé anuas agus do shuidh sé síos cois na teineadh, agus do chuir sé a mheur in a bheul agus do bhí sé ag a tarraing ag a chur in iúl do fhear an tighe gal tobac do thabhairt dó, agus tug agus do bhí sé an-shámh. Do bheirigh bean an tighe an ciotal go luath léir agus fuair sé a dhaothain le n-ithe agus le n-ól. Do bhí gach aon rud go han-mhaith annsin acht ná feadair aoinneach aca cad adeireadh an duine eile acht ag tabhairt buille fa thuairim do gach aon rud as bagarthaibh. Do fhan sé in a bhfochair annsin. Do bhíodh sé isteach agus amach agus ag deunamh acraí go leór dóibh timcheall na mba agus mainís bheag ar fud an tighe, agus i gcionn roinn laethe(anta) do thuigeadh sé cuid mhaith dá ndeiridís, agus i gcionn cúig nó sé sheachtmhainíbh do bhí roinn Gaedhilge foghlumtha aige agus ba ghairid go bhfuair sé a chur i dtuicsin dóibh cia ar dhíobh é agus cadé an gnó do bhí aige. Fear ón Spáinn ba eadh é, agus tug sé urmhór a shaoghail ar an bhfairrge in a mhairneulach ó do bhí sé sé bliadhna deug do aois. Sandro Báitia do bhí mar ainm air. Nuair do airigh muintir na háite an ainm do bhí air, is é rud adeiridís ná Sean- draoi Báidhte. Aindrias tugadh muintir an tighe air. Ba mhaith an seanchaidhe é, agus aon oidhche amháin do bhí sé ag seanchus dóibh cois na teineadh agus adubhairt gur chuaidh sé ar árthrach amach go dtí na hIndiacha. Do airigh sé clos-trácht go raibh an-thuarastal ag baint an óir, agus do imthigh sé, é féin agus beirt eile de na mairneulachaibh do bhí ar an árthrach in a fhochair. Do bhain sé dhá lá agus dhá oidhche dhíobh ag
dul go dtí an áit i raibh an t-ór mar do bhí sé an- fhada isteach ins an tír. Acht fuaradar an obair gan mhoill, agus i gcionn dá bhliadhain do bhí cuid mhaith óir aca féin agus do chuireadar a gcomhairle i dteannta a chéile chum dul abhaile go dtí an Spáinn agus go raibh a ndaothain óir anois aca an fhaid is do mhairfidís. Acht do bhailigheadar a raibh de ór aca agus do chuireadar chum bóthair go dtí an baile mór ceudna ar chuadar i dtír ann dhá bhliadhain roimhe sin. Do bhí cuid mhaith airgid aca i bhfochair an óir agus do cheannuigheadar árthrach iad féin agus fuaradar captaoin chum iad do thabhairt abhaile agus do bhíodar féin in iúl ar gach aon rud eile do bhain leis an árthrach do dheunamh. Acht do chuireadar chum fairrge an tráthnóna déidheanach agus le crothnughadh na hoidhche do-chonnacadar árthrach ag teacht do iarracht orra. Ní rabhadar i bhfad amach ó bheul an chuain ar an am sin. Ba ghairid go dtángadar i gcaoi cainte dá chéile agus do labhair an captaoin do bhí uirri leó agus adubhairt sé leó má bhí aon ór aca é do thabhairt uatha nó gur chuimhin leó é. Adubhairt an captaoin ná raibh aon ór aige féin ná ar an luing. Do shíl sé ná raibh mar ní tug na fir fios a n-aigne ná a gcúrsaí dhó, agus dá mbeadh a fhios aige go raibh an t-ór ar an árthrach do chaithfeadh sé chucha é fé raghadh sé i gconntabhairt anama leó. Do bhí an t-an-choinne ag muintir an árthraigh eile go raibh an t-ór aca agus do-chuadar an-dhian orra chum an t-ór do thabhairt uatha mar ba dheacair leis an gcaptaoin an t-árthrach do bhrisead agus na fir do bhádhadh, acht annsin nuair ná stríocfaidís tug sé timcheall an t-árthrach agus do bhuail sé ins an chliathán árthrach Aindrias agus do scoilt ar an áit sin í. Do imthigheadar leó ann-
sin agus do fhágadar an t-árthrach agus na fir dá mbádhadh. Do-righne an mhuintir do bhí dá mbádhadh a ndícheall ar iad féin do shábháil agus fé raibh an t-árthrach sloigthe síos, do bhí cliath deunta aca de adhmad agus de theudaibh agus fuair an ceathrar aca dul amach air. Le n-a linn sin is eadh do-chuaidh an t-árthrach go tóin poill. Do bhíodar annsin ag imtheacht ar bharr na fairrge gan aon rud le deunamh aca acht ag a gcaitheamh féin ó thonn go tonn agus is beag an cúram do bhí an t-ór a dheunamh dóibh acht ag feuchaint soir agus siar ag coinne le cabhair do theacht chucha. Do bhíodar mar sin ar feadh trí lá agus trí oidhche agus iad an-ghairid don talamh agus do bhí gach aon choinne aca go séidfidhe ag triall ar an talamh iad agus go bhfuighbhidís iad féin do shábháil. Do bhaineadar comharthaí ar an tír ón áit in ar sloigeadh an t-árthrach. Do bhí cnoc do bhí istigh ins an tír a raibh barr an-chaol air, do bhí sé ag teacht anuas ar chluigtheach aca ar thaobh, agus teach mór ar oileáinín beag ar an taobh eile. Do-righne sin meur ar eólas dóibh. Do bhí an tart agus an t-ocras ag buadhchain orra. Ba ghairid go dtáinig gaoth ón tír do shéid amach as radharc na talmhan iad. Do thuit a lug ar a lag annsin aca agus ní raibh aon choinne aca le teacht saor. Do bhíodar chomh lag ag an ocras agus ag an tart is gur gairid gur thuit duine aca den chliath agus do bádhadh é. An lá in a dhiaidh sin fuair beirt aca bás den uireasbaidh agus den anró agus níor mhair aoinneach aca acht é féin .i. Sandro Báitia. Do bhí sé annsin gan aon rud le feicsin aige acht spéir agus uisce. Do bhí sé chomh tabhartha sin go raibh sé chum síneadh siar agus bás do fhaghbháil, acht do bhí an lá an-bhreaghdha agus cibé feuchaint tug sé do-chonnaic sé árthrach i bhfad uaidh
agus táinig dá oiread misnigh annsin dó. Do bhí sé ag feuchaint uirri i gcomhnaidhe agus tug sé fa ndeara go raibh sé ag brughadh leis agus nuair do- chonnaic sé é sin do bhain sé bata as an gcliath agus do chuir sé a chasóg ar bharr an bhata agus do-chuadar ag triall air. Nuair tángadar gairid dó, do chuireadar amach bád beag agus triúr fear chum é do thógbháil leó isteach ins an árthrach. Nuair do-chuadar go dtí é, ní raibh sé do bhrígh ann dul isteach ins an mbád mbeag. Ba éigean do bheirt aca dul amach ar an gcliath agus breith air chum é do chur isteach innte. Tugadar leó go dtí an t-árthrach annsin é agus do chuireadar a chodladh é agus fuair sé gach aon aireachas badh chóir dhó do fhaghbháil go raibh an faothamh aige agus i gcionn coigthighis is eadh do bhuail an t-árthrach an cuan a raibh sé ag dul ann. Do bhí sé féin chomh maith is do bhí se riamh annsin agus lá ar n-a bháireach tar éis dóibh dul i dtír do imthigh sé in a mhairneulach ar árthrach eile. Tug sé an chuid eile dá shaoghal ar an bhfairrge annsin no gur bádhadh an t-árthrach a raibh sé uirri agus go bhfuair Cárthach ó Dubhshláine agus Cathal a mhac ag imtheacht ar bharr na fairrge é. Nuair do airigh Cathal an sceul ní raibh sé ag labh- airt aon fhocail acht ag cuimhneamh agus ag marana agus nuair do éirigheadar ar maidin lá ar n-a bháireach adubhairt sé le n-a athair go gcaithfeadh sé a chuid féin do thabhairt dó agus ná stadfadh cos dé go raghadh sé go dtí an áit ar bádhadh an t-árthrach ar an sean-duine Aindrias agus go ndeunfadh sé a dhícheall ar an ór do thabhairt aiste. Do bhí a athair ag cur in a choinne acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Ba éigean dó dul agus a chuid féin do thabhairt dó. Annsin nuair fuair sé an t-airgead do árdaigh
sé leis an sean-duine agus do-chuadar go dtí Sasana Nua. Nuair do bhíodar amuigh do cheannaigh sé árthrach agus do shocraigh sé í chum dul fa dhéin an óir agus do chuir sé croiceann cruadha ar gach aon órdlach dí. Annsin fuair sé chúig mhairneulaigh agus fiche agus Gaedheal ba eadh gach aoinneach riamh aca. Do bhí gach aon rud go maith annsin acht ní raibh aon mháta aige. Do chuir sé fógra amach ag lorg a leithéid agus i gcionn dá lá ní raibh aoinneach ag teacht chuige agus do imthigh sé féin ar fud an bhaile mhóir feuchaint an gcasfaidhe a leithéid leis. Is gairid do bhí sé imthighthe nuair do theangaigh fear leis agus do bheannaigh sé dhó agus do bheannuigheadar féin da chéile. “Ná haithnigheann tú mé?” arsa an fear. “Ní aithnighim,” arsa Cathal. “Acht gan dabht,” arsa an fear, “do bhí tú óg nuair do fhágas an baile, acht dar ndóigh, is dócha, atá aithne agat ar mo mhuintir, na Breachlaingigh atá ar an mbaile is giorra dhuit.” “Ó atá go maith,” arsa Cathal, “an ceann aca sin tusa?” “Is eadh,” arsa sé, “Diarmaid ó Breachlaing is ainm damh-sa, agus is ag dul ag triall ort do bhí mé nuair do airigh mé go raibh tú ag lorg máta agus fuair mé do thuairisc in gach aon (t-)slighidh cad as duit agus cad ba ainm duit.” “Is maith mar thárla(igh). Is é do leithéid do bhí uaim. Is minic do airigh mé mo athair ag a rádh nár cheannaigh aon rud riamh an t-aitheantas agus gur fearr an duine aithnideamhail go deoidh ioná an duine iasachta.” Do thaisbeáin Diarmaid a dhintiuirí dhó agus do bhí Cathal sásta. Do imthigheadar leó annsin síos go dtí an t-árthrach agus do léirigheadar iad
féin chum fairrge. Is gairid chum fairrge do bhíodar nuair do innis Cathal don máta cá raibh sé ag dul agus cadé an ócáid do bhí ag a thabhairt ann agus adubhairt sé leis gan baint le hé do innsint do aoinneach de na mairneulachaibh, mar dá mbeadh a fhios aca go mbeadh an t-ór ag casadh aca go mbeidís i gconntabhairt a chéile do mharbhadh le troid agus le hachrann. Níor innis sé aon am dó gur Spáinneach é an sean-duine do bhí ar an árthrach aca agus do bhí an máta deimhneach gurbh Éireannach é le feabhas na Gaedhilge do bhí aige. Annsin nuair do bhuaileadar an cuan ar bádhadh an t-árthrach, do bhí cúntas cruinn ag an sean-duine Aindrias ar na comharthaibh do bhí ag baint léi agus do thaisbeáin sé dhóibh an áit i raibh sí agus adubhairt sé leó ná raibh aon mhaith dhó í do thaisbeáint dóibh muna bhfuighbhidís fear raghadh fa an bhfairrge chum an t-árthrach do bhlaomadh. Do fhiarfaigh Cathal dé an raibh aon chúntas aige cá bhfuighbheadh sé a leithéid sin de fhear agus adubhairt sé leis go bhfuighbheadh sé a dhaothain díobh acht dul isteach i dtír agus do imthigh- eadar isteach. Agus nuair do-chuadar i dtír ní raibh aon fhear le faghbháil in aon áit aca acht mná ar fad, agus adubhairt na mná leó go raibh cogadh ar rí an náisiuin ag na Spáinneachaibh agus gurab é sin a chúis ná raibh aon fhear le faghbháil ann agus do fhiar- faigh Aindrias de cheann de na mnáibh an raibh aon chúntas aici cadé an áit den náisiún i raibh an cogadh ar siubhal agus tug sí comharthaí sóirt dó in gach aon t-slighidh mar do fheud sí. Do imthigh sé féin agus Aindrias an sean-duine leó agus do- chuadar ar lorg an rígh agus do bhíodar ag cur díobh go raibh an déidheanaighe ag breith orra. Do bhídís ag dul in áirde ar na cnocánaibh feuchaint an bhfeicfidís aon arm in aon áit. Acht ar a theacht
anuas do Chathal de mhúchán mór do bhí ann do shleamhnaigh a chos uaidh agus do leónadh í. Do bhí an t-an-phian annsin air ar feadh tamaill agus ní bhfuighbheadh sé aon choisidheacht do dheunamh. Is amhlaidh do-chuaidh sé féin agus Aindrias isteach i bprap sceach no go n-eudtromóchadh an phian. Agus is gairid do bhíodar ann nuair do airigheadar an fothrom daoine ag teacht ag triall orra agus do choigileadar iad féin is na sceachaibh agus nuair do bhí na daoine ag gabháil thósda do aithin Aindrias cadé an saghas náisiúnach iad agus adubhairt sé le Cathal gurab iad sin oifigighe na Spáinneach agus gur dócha ná raibh rí na háite ná a mhuintir i bhfad uatha anois, agus go mbadh fhearr dhóibh iad so do fhaire feuchaint cá dtabharfaidís a n-aghaidh. Is gairid an bóthar do-chuadar nuair do stadadar agus do adhnadar teine agus do bhí stáin agus giuirléidí an domhain aca ag beiriúchán dóibh féin. Nuair do bhraith Aindrias orra ná raibh do chúram aca acht an chócaireacht, do eulaigh sé leis trés na sceacha go dtáinig díreach ag a gcúl. Agus nuair do bhí gach aon rud ollamh aca agus iad ag caitheamh a suipéir, do luigheadar ag cur síos dá chéile cadé an t-slighe badh fhearr dhóibh chum tabhairt fa n-a namhaid lá ar n-a bháireach. Adubhradar go ndeunfaidís droichead ar a leithéid sin de abhainn agus go ragh- aidís in áirde ar an gcnoc do bhí ar taobh thuas dé, agus an tobar do bhí ag bun an chnuic go gcuirfidís neimh ins an tobar nuair do bheadh a ndaothain tógtha aca féin as. Annsin nuair tiocfadh muintir an rígh go raibh a fhios aca go mbeadh an-thart orra, agus gach aon fhear do ólfadh aon bhraon den uisce ná mair- feadh sé chúig nómaintí, agus an chuid díobh do mhairfeadh má bheidís ag dul in áirde ar an
gcnoc go mbeidís féin rompa agus an bhuntáiste aca orra, agus ná fágfaidís fear díobh in a mbeathaidh. Annsin nuair do bhí an suipeur caithte aca do bhogadar chum bóthair. Nuair do bhraith Aindrias go rabhadar imthighthe do chuir sé dhé ag triall ar Chathal agus áthas a chroidhe air an sceul do bhí aige agus do innis sé dhó ó thosach go deireadh é agus nuair do airigh Cathal é do éirigh sé in a sheasamh agus is beag a bhacaighe do fhan ann agus do chuireadar díobh no gur bhuaileadar campa an rígh, agus nuair do airigh an rí go raibh a leithéid ann, ba éigean dóibh dul chuige go bhfeicfeadh sé iad agus go mbeadh a fhios aige cia ar dhíobh iad. Do-chuadar agus do inniseadar dhó cia ar dhíobh iad agus cadé an gnó do bhí aca agus cad tug iad agus do innis Aindrias dó cad do airigh sé ar siubhal ag oifigighibh na Spáinneach agus cadé an t-slighe do bhí aca chum é féin agus a mhuintir do chur dá gcois an lá sin. Nuair do airigh an rí é adubhairt sé go mbeadh sé roimh ré leó má ba chóir máireach é. Agus adubhairt Aindrias leis nárbh mhór dó deithneas maith do dheunamh mar go mbeadh sé ar eire aige bheith ann rompa. Tug an rí órdughadh dá chuid fear go léir bheith ag a gcur féin(each) i gcóir chum dul go dtí a leithéid sin do chnoc agus do chuir sé mar gheasa orra gan aon deoch do ól as an tobar do bhí ag bun an chnuic sin mar go raibh neimh curtha ann ag an namhaid. Do imthigheadar leó agus do chuireadar aistear mór fada orra féin, agus an áit ar shíl an namha(id) go ngeóbhaidís, ní annsin do ghabhadar in aon chor. Is gairid do bhíodar ar thaobh an chnuic nuair táinig tart ar chuid de na fearaibh, agus ní bhfuighfidhe iad do choimheud gan dul go dtí an tobar so fa dhéin deoch mar do bhí íota in a gcroidhe. Acht do chosc an rí
go cruaidh orra gan dul go dtí an tobar acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Annsin nuair do bhíodar ag imtheacht dá aimhdheóin do-chonnaic sé scata colbhar ag eitealladh tré an spéir ag teacht do iarracht ar an tobar agus fuaim aca mar do bheadh ag an sidhe gaoithe. Annsin adubhairt an rí leis na fearaibh fuireach chúig nómaintí agus go mbeadh a fhios aca cadé an chríoch do bheadh ar na colbharaibh, agus do stadadar agus do bhí na colbhair ag eitealladh tim- cheall an tobair ar feadh tamaill bhig fé ar thuirling- eadar ar an talamh. Annsin do-chuadar agus do óladar deoch agus do-righneadar iad féin do nighe agus do ionnladh agus do éirgheadar ins an spéir agus níor chuadar chúig rámhainne ón tobar nuair do thuiteadar anuas in a gcioth, maol marbh, idir ghob, crúb, clúmh agus sciatháin. “Ní beag sin,” arsa na fir, “deunfaimíd do chomhairle.” Do chuir sin breis sainnte ar na saighdiúraibh chum an namhad do thrasc- airt. Do bhíodar annsin ar chliathán an chnuic agus fear ag faire ar a bharr ionnus, nuair tiocfadh an namha(id) trasna ar an taobh eile, go gcuirfeadh sé in iúl dóibh é, agus go mbeadh gach aon fhear i gcóir nuair do shroisfidís bun an chnuic chum luighe chucha tiugh te agus gan duine aca do fhágbháil beó má do fheudfaidís é. Ba ghairid go dtángadar, agus do- righne an fear thuas comharthaí leis an gcuid eile, agus do bhíodar i gcóir chum cogaidh nuair do shrois an namha(id) bun an chnuic. Do bhí an t-an- ghreann ag an namhaid ag teacht agus an t-an-áthas orra mar do shíleadar gur i bhfad in a dhiaidh sin tiocfadh muintir an rígh agus go mbeidís féin i gcóir in a gceart, agus gan amhras go mbuaidhfidís an lá sin. Acht ní mar shíltear, seinntear. Ba ghairid go raibh a mhalairt de chúram orra mar do bhí muintir
an rígh ós a gcionn gan fhios dóibh agus do lámhadar gach aon fhear riamh díobh acht an méid aca do-chuaidh ar éigean agus an méid do cailleadh le scannradh. Do bhí gach aon rud buaidhte annsin ag muintir an rígh agus do chuireadar chum bóthair abhaile. Tug an rí leis Cathal agus Aindrias go dtí a phálás féin agus do fhanadar in a fhochair ar feadh dhá lá. Ann- sin nuair do bhíodar ag imtheacht adubhairt sé leó aon athchuinghe do iarrfaidís air go dtabharfadh sé dhóibh é, má fheudfaidhe in aon chor é. Adubhradar leis ná raibh aon rud uatha acht an t-aon rud amháin .i. fear do fhaghbháil dóibh raghadh fa an bhfairrge agus thabharfadh chucha an t-ór do bhí ins an árthrach do bhí báidhte ins an chuan leis an fhaid sin bliadhanta. Adubhairt sé go dtabharfadh agus nach fear thabharfadh sé in aon chor dhóibh acht dá fhichid mar go raibh a leithéid sin fairsinge ar an áit seo, “mar,” arsa sé, “sin í an cheárd atá aca bheith ag dul fa an bhfairrge ag soláthar oisridhe agus ag lorg peurlaí ionnta.” Do imthigheadar léo annsin iad féin(each) agus an dá fhichid fear agus trí árthraighe in a ndiaidh aniar chum iad do fhaire ar bhitheamhnachaibh an fhaid do bheidís ag tógbháil an óir. Nuair do bhíodar ag dul chum na fairrge do-chuaidh Aindrias ar an stiuir agus do choingigh sé an cnoc do bhí ann agus an cluigtheach ar a chéile riamh agus choidhche go dtáinig an teach mór do bhí ann agus an t-oileáinín beag do bhí ins an bhfairrge díreach ar a chéile. Nuair fuair sé an dá chomhartha díreach do liuigh sé orra na seólta do bhaint anuas agus na hancairí do scaoileadh síos. Adubhairt sé annsin le triúr aca dul síos fa an bhfairrge agus do-chuadar. Agus an cheud fhear do- chuaidh síos, is é áit in ar sheas sé ná ar chliathán an árthraigh fa an bhfairrge agus táinig sé aníos le
sceula go raibh sí aca. Adubhairt Aindrias leó annsin na clocha sin ar fad do bhí in a leithéid sin do áit ins an árthrach do chur aníos agus adubhairt sé leis na mairneulachaibh agus leis an máta aireachas maith do thabhairt do na fearaibh agus go raghadh sé féin agus an captaoin síos i gcabhail an árthraigh. Siúd na fir ag oibriughadh fa an bhfairrge agus do bhíodar ag dul fa uisce agus do bhíodar ag éirghe mar do bheadh scata cánóg lá beidhte, cuid aca ag dul síos agus cuid aca ag teacht aníos agus cuid aca ag deunamh a reaist ar bharr an uisce agus iad ag crónán don chuid eile. Do bhíodar mar sin ag oib- riughadh leó go raibh a dheireadh aníos aca. Annsin tángadar go léir isteach ar an árthrach agus táinig Cathal agus Aindrias aníos nuair do bhí gach aon rud socair i gceart thíos aca agus do bhí an t-an-bhuidh- eachas aige ar na fearaibh, feabhas na hoibre do bhí deunta aca agus an ghiorracht do bhíodar leis. Adubhairt Cathal annsin leó go raghadh sé féin isteach i dtír leó mar go gcaithfeadh sé dul ag feuchaint an rígh fé bhfágfadh sé an náisiún. An fhaid is do bhí Cathal i bhfochair an rígh, fuair an máta amas ar scríobhadh go dtí na Spáinnigh agus adubhairt sé go mbeidís féin ag fágbháil a leithéid sin de am, agus gurab é an rud do bhí aca ná ór ag dul go dtí Sasana fa dhéin congnaimh fear do rígh an náisiuin, agus gur Sasanaigh a raibh ar an árthrach acht é féin agus gurab é an rud é féin ná Spáinneach agus gurab é sin a chúis go raibh sé ag a chur in iúl dóibh iad féin do fhaire agus adubhairt sé leó, nuair do bhuailfidís leó ar an bhfairrge, go mbadh fhurus dóibh iad do aithint, mar go mbeadh an brat uaithne in áirde aca, mar dhúmas gur daoine de mhuintir na hÉireann iad; agus gur dócha go mbeadh
cogadh aca, agus má bheadh féin gur gairid do sheasóchadh an t-árthrach beag; agus nuair do bheadh buaidhte aca, go n-aithneóchaidís é féin, mar go labharfadh sé a dteanga féin leó, agus annsin go bhfuighbhidís príosúnaigh do dheunamh don chuid eile agus cead a chos do thabhairt dó féin, agus ná beadh dada uaidh annsin acht roinn beag den ór dó bhí ins an árthrach do thabhairt dó, agus an t-árthrach agus a mbeadh innte do bheith aca féin. Nuair do chas an captaoin ón rígh do chuireadar chum na fairrge agus do-chuaidh árthraighe an rígh amach go beul an chuain leó ag a dtionnlacain agus annsin do fhágadar slán ag muintir an rígh agus do thógadar a gcuid seólta go léir. Do bhíodar ag cur díobh le gaoith aniar andeas agus seólta teanna aca agus iad ag imtheacht fairsing no go dtángadar an-ghairid do thalamh na Spáinneach. Agus ba ghairid go bhfacadar dhá árthrach ag teacht do iarracht orra, agus do aithin- eadar nach aon rud ar foghnamh do bhí uatha, agus do iompuigheadar féin a gcúrsa in áit eile. Agus do bhí an máta ag a rádh i gcomhnuidhe leis an gcaptaoin casadh agus iad do throid agus adeireadh an sean- duine leis gan a dheunamh agus go raibh sé ag breith uatha anois agus go mbuailfeadh sé cuan éigin fé bhfeudfaidís bheith suas leis agus adubhairt an máta arís leis gurab ait an fear é agus bheith ag teicheadh agus cuid mhaith fear aige agus a dhaothain armála aige. Annsin do bhí fonn ar Chathal casadh agus nuair do mheas an sean-duine é, do chuir sé a dhá láimh timcheall air agus do iarr sé air ar son Dé agus Mhuire gan casadh, agus an rud do bhí uaidh go raibh sé aige, an t-ór; agus má chasfadh sé agus é do chailleamhaint tar éis a bhfuair sé dá dhuadh, “ní hé sin amháin do bheadh caillte agat acht t'anam féin agus a bhfuil ar an árthrach.” Nuair do airigh an máta
cad adubhairt an sean-duine do éirigh sé do léim agus do labhair sé le Cathal, “A fhir ó Bhaile mhac Airt an fonn atá ort súghadh siar ar chomhairle aon sean- rabhrach sean-duine? Má theicheann tú uatha sin, ná feiceadh aoinneach ag séipeul Bhaile mhac Airt thú an dá lá is an fhaid mhairfe tú beó.” Nuair do airigh Cathal é do bhain sé casadh as an roth agus tug sé timcheall an t-árthrach don iarracht sin is do dhearbhaigh sé is na leaca dearga ná súghfadh sé siar ó n-a raibh de fhearaibh agus de árthraighibh ag bualadh na fairrge no go mbeadh a fhios aige cadé a chúis. Do-righne sé ar an dá árthrach ceann ar aghaidh agus gach aon rud curtha i gcóir aige chum cogaidh. Nuair tángadar gairid don dá árthrach mhóra agus nuair do-chonnaic sé cionnus do bhí na fir socair orra adubhairt sé le n-a mhuintir féin gan lámhach leó go bhfuighbhidís a órdughad féin, mar is amhlaidh do bhí na fir go léir ná ar chliathán na n-árthrach, agus do cheap sé má raghadh sé cliathánach leó go mbeadh an-iomarcaidh caoi aca ar a chuid féin fear do lámhach, acht do bhí an t-árthrach beag aige agus í an-bhríoghmhar agus nuair do shílfeadh na hárthraighe móra teacht cliathánach léi, do bhíodh sí timcheall mar do bheadh eascú agus í ag deireadh na n-árthrach mór agus lámhaighte trasna aca ar na fearaibh agus urmhór sínte. Do bhíodar ag deunamh an t-an-loitiméireacht ar an dá árthrach mhóra, agus ba mhar sin dóibh i rioth an lae no go raibh muintir Chathail láimh le bheith traochta i mbár an tráthnóna thall, mar do bhí cuid aca lottha ag na pileuraibh, agus an chuid eile aca nuair ná raibh an congnamh fear aca do bhíodar cortha ó bheith ag oibriughadh seólta anonn is anall. Acht nuair do bhí láimh le bheith buaidhte aca ar an dá árthrach mhóra ráinig gur bhuail pileur ó cheann de na hárthraighibh an
stiuir agus do bhris sé é. Ní raibh aon rud le deunamh annsin aca acht do bhí sí annsúd aca in a capall gan srian. Do chuireadar in áirde brat síothchána annsin agus do chiúnaigh gach aon rud agus do-chuaidh captaoin ceann de na hárthraighibh ar bórd chucha, agus do fhiar- faigh sé díobh cadé a chúis brat na hÉireann do bheith in áirde aca agus gur shíleadar féin gur Sasanaigh iad. Do labhair an máta, Diarmaid ó Breachlaing leis in a theangaidh féin agus adubhairt sé leis gur Sasanaigh iad acht chum iad do dhalladh do cuireadh in áirde an brat sin. Nuair do airigh Aindrias é, do chuir sé ol'athainn air féin agus do shiubhlaigh sé anonn do iarracht ar an gcaptaoin Spáinneach agus adubhairt sé leis gan aon fhocal dheurfadh an fear sin do chreideamhain agus gur Éireannaigh iad ar fad acht é féin, agus ná raibh aon bhrat eile aca do chuirfidís in áirde agus má is maith leis é go dtaisbeáinfeadh sé a raibh de bhrataibh ar bórd aca agus do innis sé annsin cia ar dhíobh iad agus cadé an gnó do bhí aca agus cad as do bhíodar ag teacht acht níor innis sé dhó cionnus fuaradar congnamh ó rígh na nIndiacha. Nuair do airigh Diarmaid an sean-duine ag labhairt na Spáinise, táinig iongantas a chroidhe air, mar do shíl sé riamh gur sean-iascaire ó bhaile mhac Airt é, agus níor fhan aon fhocal aige. Sin é an uair do innis an captaoin Spáinneach dóibh cad do chuir iad féin(each) ar a dtí, gurab é an fear sin annsin do chuir sceula chucha mar gheall orra agus adubhairt sé go raibh an t-an-chathughadh air, an méid do bhí eatorra i rioth an lae acht amháin dá mbeadh fios aca go mbeadh leigheas aca. Do fhág sé slán annsin aca agus nuair do bhí sé istigh ar a árthrach féin do chuir sé amach chucha poinsún fíona do bhí trí fichid bliadhain do aois agus adubhairt sé leó má raghadh aon fhear ó Bhaile mhac Airt go dtí an Spáinn go bráth nár
ghábhadh dhóibh náire ná aithis scáth ná eagla do bheith orra tar éis an thaiscidh do bhí deunta aca an lá sin agus a raibh in a gcoinne. Adubhairt sé leó gan leanmhaint i bhfad den bhfear so ná aon mhuinighin do bheith aca as tar éis an díoghaltas agus an eugcóir do-righne sé orra. Do labhair Aindrias leis agus adubhairt sé ná raibh aon ghnó aca féin dé agus do iarr sé air, má ba é a thoil é, é do thógbháil uatha isteach go dtí an tír agus a rogha rud do dheunamh leis nuair do bheadh sé istigh aca. Do imthigh na Spáinnigh chum siubhail annsin agus do-chuaidh Cathal agus a mhuinntir ag obair agus do-righneadar stiuir ar an áit sin agus i gcionn dá uair an chluig do bhíodar in iúl chum fairrge. Is gairid do bhíodar ag imtheacht nuair do éirigh an gála agus is in a gcoinne do bhi sé ag séideadh agus do bháin sé an-chuid aimsire díobh teacht go dtí cuan Dún Garbhán. Acht is gairid do bhí na hárthraighe Spáinneacha ag dul i dtír mar do bhí an ghaoth in a gcúl. Nuair do bhíodar istigh annsin, do bhíodar ag cur tré n-a chéile cad do badh fhearr dhóibh a dheunaimh le Diarmaid ó Breachlaing, acht adubhairt captaoin aca, nuair ná dearna a mhuintir dá raibh sé do iarraidh díoghbháil do dheunamh aon rud leis, go raibh sé chomh maith dhóibh féin cead a chos do thabhairt dó. Do scaoileadh leis annsin agus is é cheud rud do-righne mo bhuachaill ná cur dé abhaile go hÉirinn, mar do bhí a fhios aige go mbeadh sé ann roimh Cathal agus roimh a mhuintir agus do bhí a fhios aige go mbeadh píolótaidhe uatha chum an t-árthrach do thabhairt suas an cuan, agus is é cheud rud do-righne sé ná dul agus píolótaidhthe do cheannach agus ní raibh a fhios ag aoinneach cad adubhairt sé leó. Nuair táinig an t-árthrach i mbeul an chuain do bhí comharthaí in áirde aici ag lorg píolótaidhe agus do-chuaidh an dá phíolótaidhe chuichi. Do bhí an-áthas
annsin ar Chathal nuair do bhí an dá phíolótaidhe ar bórd aige agus é in a chuan féin agus do shíl sé go raibh an t-ór agus an t-árthrach sábhálta aige agus do innis sé do na píolótaidhthibh cadé an triail tug sé féin agus a chuid fear uatha i gcoinne dá árthrach Spáinneach agus anois, ó do bhí sé in a chuan féin agus gan aon eagla air, go dtabharfadh sé deoch do na fearaibh go léir agus ná fuighbhidís a rádh nach deoch ar foghnamh í mar gurab é an duine tug do é ná an captaoin Spáinneach agus gan aon mhearbhal go raibh an fíon go maith ins an Spáinn. Do leag sé chucha an soitheach dé agus adubhairt sé leó a sainnt do agairt air anois. Do bhí an lá an-the agus do bhí na fir tar éis feoil guirt do ithe agus ráinig go raibh uireasbaidh uisce orra agus le neart tarta do- righneadar craos ar an bhfíon. Níor ól na píolót- aidhthe aon teugar dé agus i gcionn tamaill do bhí an t-ól ag éirghe i gceann na bhfear agus iad ag tuitim agus ag tuirling no gur thuit gach aon fhear riamh aca dá gcodladh idir chaptaoin agus mhair- neulach. Nuair do bhí gach aoinneach in a gcodladh annsin, do bhí gach aon rud fa na píolótaidhthibh agus ar a ndul suas an chanáile dhóibh, do scaoileadar fairsing í agus do stiuirigheadar le fuinneamh in áirde ar Bhanc an Tighe Ghil í, agus ar an nómaint ar bhuail sí, do chnag sí. Do bhí bád beag ag na píolótaidhthibh féin agus do-chuadar isteach innte agus as go bráth leó go dtí an tír. I gcionn tamaill is eadh do dhúisigh an captaoin agus do fheuch sé timcheall air féin agus ní fhaca sé aon phíolótaidhe acht a chuid féin fear caithte annso agus annsúd muirc-mairc ar a chéile in aon easair amháin agus iad ag sranntarnadh go breaghdha binn. Do éirigh sé in a sheasamh agus do fheuch sé ar an árthrach agus
nuair do-chonnaic sé cá raibh sí agus í scolta as a chéile, dó liuigh sé ar na fearaibh agus níor fhreagair aoinneach dhó. Do-bheir sé ar bun bata rámha do bhí ann, “do-bheirim-se don riabhach an fíon Spáinneach,” arsa sé, ag rioth agus ag baint cnagóige as gach aoinneach aca leis an mbata agus adubhairt sé leó éirghe go mear agus feuchaint ar an gconntabhairt i rabhadar ann agus an bád beag do chur amach go mear agus dhá roinn do dheunamh dhíobh féin(each) isteach go dtí an tír innte agus gan bheith i bhfad ar a thí mar go raibh an t-árthrach láimh le bheith snoighte as a chéile. Agus do-chuadar go léir i dtír. Do bhí Cathal agus Aindrias an-bhuaidheartha mar gheall ar an árthrach agus do fhanadar istigh i gcuais ag bun na faille ag feuchaint amach uirri. Do imthigh na mairneulaigh go léir ag triall ar an mbaile mór, agus ní raibh Cathal agus Aindrias i bhfad ins an chuais nuair do-chonnacadar an triúr fear agus an bád beag ag gabháil aníos an chanáile do iarracht ar an árthrach. Do bhí an t-árthrach in a dhá leath ar an am sin agus do bhí (h)ocht dtroighthe uisce ar an mbanc, ins an t-slighidh ná raibh mórán de chabhail an árthraigh os cionn na fairrge. Do-chuaidh beirt isteach ins an árthrach agus siúd ag caitheamh cloch amach aiste iad agus isteach ins an mbád mbeag agus le crothnughadh na hoidhche táinig naoi mbáid eile agus do líonadh iad chomh maith. Do bhí gunaí agus claidhmhte aca go léir. Do-chuadar i dtír ag bun bóthair do bhí ann agus do fholamhaigheadar na báid agus do-chuadar tar n-ais go dtí an t-árthrach agus siúd ag líonadh arís ar a ndícheall iad agus ní mórán fhuaradar leó an iarracht sin mar do bhí an-iomarcaidh uisce ar an mbanc agus, nuair do bhí an t-árthrach briste, do bhí an t-uisce istigh innte agus ní bhfuighbhidís teacht ar
a thuilleadh de na clochaibh. Do bhí Cathal agus Aindrias ag faire i gcomhnuidhe agus do bhí a fhios aca go raibh an taoide ró-árd agus ná fuighbhídís a thuilleadh leó as an árthrach. Nuair do bhí na báid folamh an dara huair aca, do tharraingeadar isteach ar an scarbhach iad, agus, nuair do-chonnaic Cathal go rabhadar ag imtheacht, do euluigh sé le n-a n-ais agus do bhí sé dá dtabhairt fa ndeara agus níor aithin sé aoinneach aca acht an dá phíolótaidhe agus Diarmaid ó Breachlaing do shíl sé a bheith ins an Spáinn in a dhiaidh. Do chas sé go dtí Aindrias agus adubh- airt sé leis nár aithin sé aoinneach aca acht an dá phíolótaidhe agus Diarmaid ó Breachlaing. Nuair do airigh Aindrias é ag a rádh go raibh Diarmaid ó Breachlaing ann, d'fhóbair go raghadh sé i laige agus adubhairt sé ar an nómaint gurab é an máta do bhí roimh ré leó agus gurab é do cheannaigh na píolótaidhthe chum an t-árthrach do chur ar an mbanc. Acht mar sin féin ní bhfuighbhidís gan gáire nuair do chuimh- nighidís é do bheith chomh mór sin ar mearbhal. Do imthigheadar leó annsin go dtí an baile mór, agus do-chuaidh Diarmaid ó Breachlaing agus do sholáthraigh sé dhá chapall deug agus do árdaigh sé leis dhá ualach deug de na clochaibh do bhí ins an árthrach agus do-chuaidh go dtí Luimneach ins an áit i raibh fear ag bualadh airgid. Nuair do-chuaidh sé go dtí dorus an fhir seo, do bhí an dá chapall deug i ndiaidh a chéile aige agus iad suaidhte, sáraighthe ag na hualaighibh do bhí orra agus iad tar éis dul a fhaid sin sligheadh. Táinig fear buailte an airgid amach agus do fhiarfaigh sé cad do bhí aige agus adubhairt Diarmaid ó Breachlaing go raibh dhá ualach deug de mhianach an óir aige. Do fheuch an fear air agus do fheuch sé ar an mianach agus tug sé leis cloch dé agus do mheil sé é agus do fheuch sé go geur air feuch-
aint an raibh aon phioc óir ann agus ní raibh. Annsin adubhairt sé leis, “Téighir abhaile. Nach bog atá an croiceann ort, teacht annso le hualaighibh cloch chum iad do bhrúdhadh agus airgead do dheunamh asta, acht árdaigh leat anois ón dorus iad agus tabhair leat abhaile iad agus má tá aon teach agat féin, déin páil timcheall air agus beidh sé le rádh agat annsin go mbeadh páil óir timcheall do thighe.” Do imthigh sé leis agus ní tug sé bail ó Dhia ar an margadh. Annsin nuair fuair Aindrias agus Cathal an áit fútha féin, do-chuadar amach ins an mbád mbeag feuch- aint ar an árthrach agus do aithnigheadar go maith ná raibh aon phioc den ór imighthe ag an máta ná ag a mhuintir, acht do bhí an-iomarcaidh uisce ins an árthrach agus ní bhfuighbhidís féin teacht air acht oiread. Annsin do imthigheadar leó go Dún Garbhán agus adubhradar go dtiocfaidís lá ar n-a bháireach fa dhéin an óir acht an oidhche sin do éirigh gála agus do bris- eadh an t-árthrach agus do séideadh píosa dhí in gach aon áit siar ar an gCois, isteach go Poll an Phúca, anonn go Sceach an Chrainn, síos go Baile uí Bhaoighill, soir go dtí na Corráin, anonn go Baile an Chlampair agus an chuid is mó dí i gCuan na mBan. Nuair táinig Cathal agus Aindrias ar maidin do bhí sí briste rompa, píosa dhí annso agus píosa dhí annsúd. Do fhiarfaigh Aindrias de Chathal an raibh aon airgead aige, agus adubhairt sé go raibh ceud púnt. Adubhairt Aindrias leis annsin deich bpúnt agus dá fhichid dé sin do roinnt agus fógra do chur amach, gach aoinneach do-gheobhadh aon phíosa dhen árthrach é do thabhairt uatha, agus go bhfuighbhidís luach a saothair go maith as, agus do-righne sé a chomhairle gan mhoill. Do bhí gach aoinneach ag teacht annsin agus a phíosa féin aige no go raibh sé go léir bailighthe i dteannta a chéile arís aige agus adubhairt Cathal gur mór an sásamh leis í do fheicsin
briste nó slán i bhfochair a chéile arís. Gach aoinneach annsin tug píosa chuige, fuair sé coróin nó leath- choróin in a áit. Annsin nuair do bhí gach aoinneach imighthe agus nuair do bhí an trágh fé(ig) féin agus fa Aindrias fuair sé ola agus smearadh agus tug sé teine dá raibh bailighthe aige ós cionn a chéile. Is é an brígh do bhí aca leis an obair sin do dheunamh, ná nuair do bhíodar ag cur an óir ins an árthrach amuigh do bhí pócaí deunta innte an cheud lá gan fhios le haghaidh an ghnó. Agus an cheud árthrach do bhí ag teacht leis an ór so ag Aindrias, balast cloch do bhí ins an árthrach aca, agus do bhí barraí deunta aca de gach aon chnapán óir agus do pholladar cuid de na clochaibh agus do chuireadar barra den ór in gach aon pholl agus do dhúnadar an poll leath (is) amuigh le muirteul chum na daoine do dhalladh agus nuair do tógadh na clocha aiste sin agus do bhíodh ag a gcur isteach in árthrach Chathail, is é Aindrias do bhí thíos ag socrughadh na gcloch, é féin agus Cathal. Gach aon chloch a raibh an t-ór ann, do aithin sé go maith é, agus do bhris sé féin agus Cathal na clocha, agus do bhaineadar an t-ór amach asta agus do chuireadar isteach is na pócaíbh do bhí deunta i gcliathán an árthraigh aca é, agus shin é an chúis ann- sin ar loisceadar an t-árthrach mar ní bhfuighbhidís na pócaí do fheicsin, do bhí an t-árthrach chomh brúidhte, chomh coscartha sin. Annsin nuair do bhí gach aon rud dóighte in a smól fuair sé féin agus Aindrias dá shluasaid agus do luigheadar ag scaoil- eadh na luaithe le gaoith go bhfuaradar gach aon phíosa riamh den ór. Annsin do bhíodar an-shásta, agus adubhradar go raghaidís go Cluain Meala agus go gcuirfidís an t-ór dá bhualadh. Fuaradar coréiste dhá chapall agus do chuireadar díobh chum bóthair go
Cluain Meala agus do bualadh dóibh é. Nuair do bhíodar chum bheith ag teacht abhaile, do chuimhnigh Cathal air féin agus adubhairt gur minic do crochadh duine gan seift agus go mbadh fhéidir gurab í sin an oidhche cheudna do bheadh an máta agus a mhuintir ag casadh ó Luimneach agus gur dócha go mbeidís ar caorthainn tar éis a raibh de siubhal in aisce aca, agus dá mbeadh an t-ór aige féin agus ag Aindrias ag teacht abhaile go ndeunfaidís lámh láidir orra agus é do bhaint díobh. Mar sin, adubhairt sé le fear buailte an airgid roinnt airgid bréige do thabhairt dó agus an t-airgead ceart do choimheud go dtioc- fadh sé fa n-a dhéin lá éigin eile. Fuair sé an t-airgead bréige ón bhfear agus do chuireadar chum bóthair abhaile. Is gairid do bhíodar ar an taobh so de Bhaile mhac Cairbre nuair do airigheadar na trucailí ag teacht adtuaidh bóthar eile do bhí ann. Do thiománadar an-mhear do iarraidh an crosaire do bhaint díobh acht ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do bhí na trucailí rómpa agus iad in a stad ag an chrosaire, agus na daoine ar mearbhal cadé an bóthar do gheobhaidís, nuair táinig Aindrias agus Cathal ag triall orra. Táinig ceann de na fearaibh anuas den trucail agus do fhiarfaigh sé dhíobh cia aca bóthar thabharfadh go Dún Garbhán iad, agus cia do bheadh ann acht Diarmaid ó Breachlaing, agus ar an nómaint ar labhair Cathal leis do aithin sé é agus do fhógair sé cogadh air ar an áit sin. Do bhí an t-an-eagla ar Chathal rompa, mar do bhí sceana móra agus gunaí aca agus fir mhóra mhillteacha ba eadh iad féin. Adubhairt Cathal leis ná raibh aon chogadh uaidh ná aon fhonn achrainn air acht a raibh de airgead aige go dtabharfadh sé dhóibh é. Do phreab Diarmaid isteach ins an choréiste agus do thóg sé leis an
mála airgid do bhí aca agus do imthigheadar leó chum bóthair. Is é rud do-righne Diarmaid annsin, ná casadh tar n-ais go Luimneach leis an airgead. Do fhág sé na fir bhochta eile ar lár an bhóthair ag bruigh- ean agus ag achrann le n-a chéile agus gan dada de bharr na seachtmhaine aca tar éis dul go Luimneach agus teacht. Nuair fuair Diarmaid é féin tar n-ais i Luim- neach is é cheud rud do-righne sé ná teach mór do chur ag a dheunamh mar do bhí na tighthe ba mhó do bhí ann ró-bheag dó agus dar leis go mbeadh teach ceart duine uasail aige. Nuair táinigh istoidhche Dia Sathairn, do bhí ceud go leith púnt le díol i dtuaras- tal aige, agus nuair tug sé an t-airgead do na fearaibh do imthigheadar leó abhaile. Nuair do-chuaidh ceann aca abhaile, tug sé an t-airgead dá bhean chum dul go dtí an banc fa dhéin airgid mhin air. Nuair tug sí an t-airgead do fhear an bhainc, do aithin sé nach airgead ceart é agus do fhiarfaigh sé dhí cá bhfuair sí é agus adubhairt sí gur anois beag- nach fuair a fear ón a leithéid seo do dhuine é, agus adubhairt sé ná fuighbheadh sé féin an mhalairt do thabhairt dí, mar nach airgead ceart do bhí aici. Do imthigh sí abhaile agus í go dubhach brónach agus do innis sí dá fear cad do bhain dí. Do imthigh sé sin go dtí ceárdaidhe eile agus do chuireadar an dá airgead le n-a chéile agus ba mhar a chéile iad. Do bhíodar ag imtheacht timcheall annsin ó dhuine go duine go dtí an mhuintir do bhí ag obair do Dhiarmaid, agus airgead bréige ar fad do bhí aca. Do-chuadar go dtí an chúirt agus do gabhadh mo bhuachaill agus do cuireadh fiche bliadhain i ngabhann pionóis é agus do caitheadh an mála airgid do bhí aige leis an abhainn. Nuair do airigh Cathal agus Aindrias cad do bhain do Dhiarmaid ní raibh cathughadh ar domhan orra, agus
adubhradar nár ghábhadh dhóibh aon eagla do bheith orra anois dul fa dhéin a gcuid airgid agus do imthigh- eadar agus do thógadar leó an t-airgead, chúig ceud míle púnt, agus do-righneadar caisleán agus do- chuadar chum comhnuidhthe ann. Do bhí Aindrias bocht an-aosta, agus ní haon saoghal ró-fhada do bhí ins an chaisleán aige, agus nuair do cuireadh é, do phós Cathal agus tug sé leis a athair agus a mháthair agus do dhíol sé an fheirm do bhí aca agus do mhaireadar go sámh ins an chaisleán.
II. CEUSADH MUINTIRE TIGHE AGUS A DTÓGBHÁIL I NDEIREADH Dá fhichid bliadhain go hInid seo chaithte againn is eadh do pósadh Art ó Maoláin agus Máire ní Dhubhagáin, agus is maith chuimhnighim air, mar ba euchtach an oidhche do bhí ann oidhche an phósta. Do bhí dhá dhuine dheug píobairí agus bheidhlideoirí ag seinneamhaint cheoil ann agus na daoine óga ba eudtruime cos ag rinnce dhóibh. Do bhí an scioból agus teach na muin- tire ag cur tar a súile ag neart daoine. Do bhí trí dhuine dheug ban ag friotháladh agus a ndaothain mór le deunamh aca. Do bhí gach aon saghas feoil ann, fuar agus te, agus cácaí milse agus ubhla agus gach aon rud do iarrfá amach as do bheul. Ní raibh aon bhean oráistí ná bean steótar do dhíol i ngior- racht chúig mhíle dheug don áit ná táinig le deithneas ann. Do bhí oiread lucht siubhail ann ag lorg airgid 's gurbh éigean do mhuintir an tighe naonbhar agus naoi bpíce aca do chur ar an dorus dá gcoimheud amach. Níor dhada é sin go dtí ceann na hoidhche no gur bhailigh na treampanna cóirighthe. Do bhí oiread aca ann 's go raghaidís tar comhaireamh ort. Ba é an t-uathbhás feuchaint orra le n-a gcuid culaidhe bréige agus a gcuid bataí. Acht do bhí muintir an tighe roimh ré leó, mar do bhí teach socair aca le n-a n-aghaidh agus do bhí gach rud ba mhaith leó le n-ithe agus le n-ól aca chomh maith leis an muintir do bhí istigh. Do bhí mór-chuid daoine uaisle ag an phósadh.
Do bhí sagart an pharóiste ann agus an dochtúir agus an sean-dhochtúir agus an dá ghiuistís agus go leór de dhaoinibh mhóra an bhaile mhóir, agus is ann do bhí an oidhche do ba fhearr do bhí ar an taobh so dhúthaigh riamh. Do bhí rogha gach bídh agus dighe ann. Do bhí soithighe óir agus soithighe airgid ann, agus ba fhearrde na soithighe an deoch agus an biadh do bhí ionnta, agus ba fhearrde an deoch agus an biadh na soithighe. Do bhí sceana ag gearradh agus forcanna ag greamughadh ann agus spiuin ag rinnce ar mhiasaibh ann. Blas na meala ar gach aon ghreim agus gan an dara greim ar aon bhlas agus gan aon ghreim tur. Do bhí daoine ag gáire ann agus daoine ag rinnce, agus do bhí lán a gcroidhe de ghreann an domhain aca ó oidhche go maidin. Níl aon teach timcheall an bhaile ná raibh soillse ar lasadh ann go lá. Do bhí adharca dá séideadh agus cluig dá mbualadh agus leath an t-sléibhe tré theinidh ag teintibh cnámh. An lá tar éis an phósta do bhí Máire agus Art chomh gnóthach ag obair agus dá mbeidís pósta le chúig bhliadhna. Agus is é adubhairt na daoine go ndeun- faidís rud maith mar go rabhadar ag cur a n-iong- naí ins an talamh luath go leór chum an tsaoghail. Mar sin féin ba iongnadh leó a sainnt chum oibre, aon lánamha a raibh bun maireachtana chomh maith fútha. Do bhí ceud go leith acra de thalamh maith aca agus tim- cheall trí fichid acra sléibhe dheunfadh easair agus aoileach dóibh. Do bhí chúig acra deug de sin in a chorrach móna thabharfadh móin sleagháin agus móin fhoinnte dhóibh ó bhliadhain go bliadhain. An réiltheán teineadh do bheadh ins an teinteán aca den móin sin, nuair raghthá isteach tar dhorus, tiocfadh sclimpíní ar do shúile leis an teas do bheadh uaithe. Do bhí chúig bhó ar fhichid ar an mbainne aca. Do bhí chúig cinn ar fhichid de ghamhnaibh bliadhna ann agus ocht gcinn ar
fhichid de laoigh óga. Do bhí trí capaill oibre ann agus chúig cinn de bhramaigh. Do bhí naoi gcinn de chaoire agus a gcuid uan, agus do leathfadh sé do radharc ort a raibh de eallaigh ann, agus de gach rud do oirfeadh timcheall tighe. Agus do bhí fuireann a ngnótha aca chum treabhadh agus foir- seadh agus gach obair do bhí le deunamh. Do bhí cúigear fear ag obair ann agus do bhí dhá chailín aimsire ann. Do bhí áitreabh feirmeóra ann chomh breaghdha agus do-gheobhá i do shiubhal lae, le seam- ratha fada fairsing árda fa n-a gcuid cathaoireacha, agus bóird agus soithighe práis agus airgid, agus cistin breaghdha aolmhar iarmhaiseach agus péire drosúr breaghdha ann lán den t-sean-fhuireann, miasa gorma agus plátaí agus na crúiscíní buidhe ar dhath an óir do bhíodh ag gach aoinneach an uair sin, agus gáirdín deas crann agus torthaí, cruiceóga beach ar gach taobh dé agus tobar fíor-uisce in a lár. Do éirigh an saoghal go maith leó ar feadh chúig nó sé bliadhna agus do bhí chúigear páistí aca. Do bhí leanbh breaghdha mic aca. Do bhí sé trí bliadhna do aois, agus do bhí sé ag a shnoighe amach gach aon lá agus ní raibh a fhios ag a mháthair cad dheunfadh sí dhó. Adubhradh léi dul go dtí an dochtúir. Do-chuaidh, acht ní raibh aon mhaith dá dheunamh dhó. Do-chuaidh sí in gach aon áit feuchaint an bhfuighbheadh sí leigheas dó. I gcionn leath-bhliadhna do bhuail bean siubhail isteach chuichi agus adubhairt sí gur aos teannta do bhí ar an leanbh agus gur dhóigh léi go raibh sé ró-fhada ag gabháil dó agus ná raibh aon fhaghbháil ar é do leigheas. Ba fhíor dí. Ní raibh. Fuair sé bás i gcionn seacht- mhaine in a dhiaidh sin, agus ba mhór an t-ochlán dheun- faidhe de leanbh do-gheobhadh bás an uair sin. Nuair
do airigheadh timcheall an pharóiste go raibh sé tar éis bháis, do scuir gach aoinneach dá gcuid oibre agus ní dhearnadh aon rud go raibh sé curtha. Adubhairt sean- bhean éigin do bhí ag an torramh, dá mhéid saidhbhris do bhí ag a athair agus ag a mháthair ná fuaradar é do chosaint ón mbás. “Is cruaidh an croidhe atá agat a bhean,” arsa bean eile, “ná fuil a fhios agat gur mór an greim ar chroidhe na máthar boichte bheith ag scaramhaint le n-a leanbh. Badh fhearr léi é ioná saidhbhreas an domhain.” Do bhí an mháthair ag gol go dubhach agus adubhairt na mná léi éisteacht, go raibh an sagart ag teacht isteach. Do airigh sé iad agus adubhairt sé léi, “ná bac leó, a bhean bhocht. Leis an mbáidh bhaineann an deór, caoin leat do leanbh.” Agus ní dubhairt sé a thuilleadh annsin. Tar éis an leinbh do chur, do imthigh an rath amach an dorus uatha. Do bhí a gcuid beathaidheach ag a gcail- leamhaint agus gach aon mhí-ádh ag teacht anuas orra. Do bhí ocht gceud púnt ins an mbanc aca, agus do dúnadh an banc agus do cuireadh as a gcuid airgid iad. Do bhí buaidhirt agus trioblóid ar Art annsin, agus do luigh sé ag ól. Ní raibh maith ná maoin ann chum a ghnó do dheunamh agus níor fhan líth-léithe le n-a chéile aige, agus as sin amach ní raibh sos ná suaimh- neas aca. Acht dá olcas do bhí an saoghal ag Art, do dhíoladh sé an cíos i gcomhnuidhe gan bheith lá fé ná thairis. Aon lá amháin um fhéile Michíl, do bhí iongan- tas a chroidhe air nuair do bhuail litir chuige isteach ón maor do bhí ag an tighearna talmhan ag éileamh cíos sé bliadhna go leith air. An Maor Dubh tugtaoi ar an maor so. Do dhuibh agus do theann ar Art nuair do léigh sé an litir, agus maiseadh féin adubhairt sé in a aigne gur dócha gur amadán é an maor so agus ná raibh aon bheann aige air nuair do bhí taisbeántas aige go raibh an cíos díolta. Níor
bhac sé le dul ag triall ar an maor. Do shíl sé ná raibh aon phráidhinn aige leis. Acht do chuir an maor an dlighe i bhfeidhm air, agus do- chuadar i láthair an bhreithimh. Do thaisbeáin Art gach aon taisbeántas do bhí aige don mbreitheamh, agus adubhairt an breitheamh leis go raibh an cíos díolta aige do réir an mheamraim seo. Do iarr an Maor Dubh ar an mbreitheamh iad do thaisbeáint do féin. Do fheuch sé orra agus do chaith sé uaidh iad, agus adubhairt gur taisbeántas bréige gach aon cheann aca sin, agus do chuir sé i dtuicsin don mbreitheamh narbh fuláir a leithéid sin do chomhartha do bheith orra chum iad do bheith fíor. Tug an breitheamh a bhreath annsin, Art ó Maoláin agus a mhuintir do bheith as seilbh an deicheamhadh lá de mhí na Nodlag. Nuair táinig Art abhaile agus do innis sé dá mhnaoi cad do bhí le teacht orra, do bhuail sí a dhá bais, agus adubhairt sí gur mór an briseadh croidhe uirri bheith ag fágbháil na háite in ar tógadh í féin agus a seacht sinnsear roimpe, agus í féin anois ag tógbháil a líne beag féin, agus gur shíl ná fág- fadh sí choidhche é go mbeidís i gcrích aici, agus cad dheunfadh sí anois nó cá raghadh sí leó nuair chuir- fidhe amach ar thaobh an bhóthair í, gur dócha gurab í an déirc do bheadh go deoidh aici. Adubhairt Art ann- sin léi, “Níl aon mhaith bheith ag gol i ndiaidh na soch- raide, agus caithfimíd croth do chur orainn féin agus dul go dtí ár ndaoinne muinteardha feuchaint an úireóchadh Dia a gcroidhe chum cabhair do thabhairt dúinn.” An Domhnach do bhí in a gceann do ghabhadar an capall agus do-chuadar go dtí duine mór muint- eardha, an dara glún amach ón mnaoi, agus do chásaigheadar iad féin leis, acht má do-righneadar
féin, ba bheag an mhaith dhóibh é. Tug sé gach aon cham- leath-sceul dóibh agus adubhairt sé an rud beag airgid do bhí aige féin go raibh fonn air teach muintire do thógbháil leis mar go raibh an teach do bhí aige an-aosta, agus níor mhuinighin leis fuireach ann níos sia “agus nuair do bhí airgead agat-sa,” arsa sé le hArt, “is ró-bheag an greim do bhí agat air, agus ní fheadar cia do-gheobha tú thabharfadh anois duit é.” “Is díreach é,” arsa Art, “ná cuimhnigheann aoinneach ar an maith bhionn imighthe agus is minic do fhóireas ort-sa.” Tángadar abhaile mar do imthigheadar agus do bhí an bhean go cráidhte, buaidheartha agus adubhairt sí cibé rud badh chor dó gan dul go dtí aoinneach eile ó fuair sé an t-eiteach ón duine ba mhuinteardha do bhí aige. Ach do chaithfeadh sé a thoil féin do bheith i gcomhnuidhe aige. Ní raibh aon mhaith don mnaoi caint leis. Do imthigh sé leis an Domhnach in a dhiaidh sin go dtí duine muinteardha dhó féin(each). Ní raibh aon mhaith dul go dtí é sin féin. “A mhic ó,” ar sé sin leis, “is olc an áit i dtug do chosa thú, mar atáimse chomh dona leat féin. Atá an t-ordughadh ceudna faighte agam-sa le seachtmhain agus atá cathughadh mór orm ná fuighbhinn aon mhaith do dheunamh duit, mar is dócha gurab é an bóthar ceudna do-gheobha mé féin muna bhfuil Dia i bhfabhair dam, acht níl aon mhaith ins an chathughadh acht é do mharbhadh le foighne.” “Má is mar sin atá an sceul agat-sa, atá sé chomh maith agam dul abhaile agus deunamh mar is fearr do fheudfainn. Ní chorróchadh mo chos chum dul go dtí aoinneach eile.” Do-chuaidh sé abhaile annsin agus do innis dá mhnaoi é. Adubhairt sí leis go raibh sé chomh maith aige a comhairle féin do dheunamh, agus go raibh daoine muinteardha go leór aige nuair do bhí sé neamh- spleádhach, acht anois nuair do bhí an phráidhinn air
go raibh dorn dúnta aca leis. “Ó is fíor dhuit sin, a inghean ó,” arsa sé, “nach minic riamh do airigh tu, an té bhíonn suas, go n-óltar deoch air, agus an té bhíonn síos go mbuailtear cos air, agus atá cos buailte orainn anois go ceart.” Do fhanadar mar sin no go dtáinig an deicheamhadh lá, agus ba é sin an lá greannmhar. Ní raibh fear, bean, ná páiste idir dhá cheann an pharóiste ná táinig ann ag feuchaint ar an obair do bhíodh a dheunamh ar Art. Nuair táinig na saighdiuirí agus an sirriam, tug an sirriam ordughadh gach a raibh ins an tigh do chur amach. Do chrom Máire agus na páistí ag béiceadh, agus do bhí na comharsain go léir ag gol chomh maith leó mar ba mhór an briseadh croidhe bheith ag feuchaint ar an athair agus ar an máthair agus ar a gcannláinín dá gcaitheamh amach ar an mbóthar. Do- chuaidh ceathrar báillí isteach agus do chromadar ag briseadh agus ag reubadh a raibh ins an tigh. Nuair do airigh Máire iad, adubhairt sí leó gan troscán a máthar do bhriseadh, “má tá sibh ag a gcur amach,” arsa sí, “cuiridh amach sleamhain slán iad. Má adubhradh libh iad do chur amach, ní dubhradh libh iad do bhriseadh.” Nuair do bhí gach aon rud curtha amach as an tigh, do cuireadh glas ar an dorus. Do imthigh an sirriam agus a chuid fear. Ní rabhadar amach tar an ngeata nuair tug Art léim agus do rioth sé isteach go dtí an dorus. Do bhuail sé iarracht do chasúr ar an nglas, agus do-righne sé blodhna de, agus isteach leis ins an tigh arís. Do sheas sé ar an taobh istigh den dorus agus do ghlaodhaigh sé ar an sirriam. “Feuch, a fhir mhaith,” ar sé sin, “níl do ghnó deunta go ceart agat. Níl an t-sealbh díom-sa fós mar atá duine liom istigh gan fhios duit.” Táinig an sirriam tar n-ais arís, agus tug Art leis suas ins an seamra é, agus do thaisbeáin sé dó cá raibh an buachaill
beag i bhfolach istigh fa staighre, “agus,” arsa sé, “atá leath-bhliadhain eile ins an t-seilbh agam, agus nárbh maith agat.” “Atá, gan dabht,” arsa an sirriam, “agus is fearr liom istigh thú ioná amuigh mar ní fios cadé an sceul é ar feadh leath-bhliadhna agus badh fhéidir go bhfuightheá fuireach istigh ar fad.” Nuair do airigh na daoine cionnus do bhí an cúrsa, do liúghadar le háthas agus tugadar go léir congnamh do Art agus do Máire chum an troscán do chur isteach in a ionad féin arís. Do bhí leath-bhliadhain eile istigh annsin aca, agus do bhíodar ag cuimheamh agus ag marana gach aon lá cad do badh fhearr dhóibh a dheunamh chum an cíos do fhaghbháil don Maor Dubh. Ní raibh dada le deunamh aca mar ní raibh fiú an bheathaidhigh aca ná aon tairbhe do bhaint as an talamh. Do bhí fear de na comharsanaibh ins an mbaile mór lá agus do airigh sé an-thrácht ag daoinibh ar an oighreacht do bhí ag teacht do dtí Art ó Maoláin. Do bhí áthas a chroidhe air nuair do airigh sé é, agus ba fhada leis a chosa chum teacht abhaile chum sceula do thabhairt do Art air. Nuair do innis sé do Art é agus do innis sé cia adubhairt leis é do imthigh Art den stáir sin, agus níor stad cos de gur roich sé an baile mór, agus fuair sé amach an fear adubhairt é. Do thais- beáin sé sin dó a dó nó a trí pháipeuraibh a raibh na tuairisce orra. Do bhí Art níos deimhnighe annsin ioná mar do bhí sé roimhe sin. Do-chuaidh sé abhaile, agus i gcionn cúpla lá táinig litir chuige ó thúrnae do bhí i bPortláirge dá iarraidh air teacht chuige, go raibh gnó aige dhe. Do imthigh Art leis lá ar n-a bháireach agus do-chuaidh sé go dtí an turnae agus adubhairt an túrnae leis go bhfuair sé litir ó dhaoinibh éigin i Sasana Nua go bhfuair a leithéid sin de fhear bás, agus gur udhachtaigh
sé trí mhíle púnt don ngaol ba ghiorra dho, agus gurab é a thuairim gurab é Art an gaol ba ghiorra dho. Do fhiarfaigh Art de cathoin ba dhóigh leis go mbeadh an t-airgead ag teacht. “Ní fheadar,” arsa sé, “cadé an lá do bheadh sé isteach chughat ón tseacht mhain seo amach.” Táinig Art abhaile annsin agus áthas mór air, agus do innis sé an sceul dá mhnaoi; acht do bhí braon ólta ag Art, agus adubhairt a bhean leis, cadé an tairbhe dhó airgead do fhaghbháil muna n-éireóchadh sé den ól. Adubhairt Art léi na bíonn ar aon rud acht tamall agus ná beadh sé ag ól i gcomhnuidhe. Do bhí sin go maith go cionn cúpla lá go dtáinig an dara litir ón túrnae ag a rádh leis go raibh dlighe éigin deunta i Sasana Nua, aoinneach a n-udhachtófaidhe airgead dó agus ná bheadh i Sasana Nua, go gcaithfeadh sé dul ann chum é do fhaghbháil agus a chuid fídhneidhthe ar fad do thabhairt leis. Adubhairt Art gurbh olc an sceul é sin nuair ná raibh aon rud aige do chuirfeadh ann é, acht go raghadh sé go dtí an banc agus go n-inneósadh sé an sceul go léir dóibh agus go mbadh fhéidir go dtabharfaidís an t-airgead dó. Do-chuaidh agus do innis sé a sceul do lucht an bhainc, agus adubhradar go bhfuighbheadh sé an t-airgead, má raghadh an túrnae in urraidheacht air. Do-chuaidh sé abhaile annsin agus do bhí sé chum dul go dtí an túrnae lá ar n-a bháireach, acht do bhí litir ins an mbaile roimhe ón túrnae go bhfuair sé sceula ó thúrnae eile go raibh duine in a limistéir- eacht féin adubhairt gur ghiorra i ngaol é féin don bhfear so fuair bás ioná Art ó Maoláin. Acht adubhairt túrnae Airt gur dhóigh leis ná raibh an fhírinne ag an bhfear so agus go gcaithfidís uain do cheapadh agus an gnó do bhreathnughadh go tuairimeach agus moill dhá bhliadhain do dheunamh. “Má is mar sin atá an sceul,” arsa Art, “atá sé chomh maith agam
mo shúil do chur dé.” Adubhairt an bhean an té ná bíonn an rath ar maidin air ná bíonn sé um thráth- nóna air, agus, ó bhíodar chum é do choimheud a fhaid sin, é do bheith ar fad aca agus gurab é an bhraich gan leann bheith ag brath air.” Nuair do bhí an leath-bhliadhain caithte annsin, agus do bhí sé ag coinne le hiad do bheith ag teacht chum an t-ath-shealbh do bhaint díobh, do channlaigh Art meitheal buachaillí agus do tharraingeadar clocha agus do dhaingeanadar an dorus agus gach aon fhuinneóg do bhí ar an tigh agus do-righneadar pileur mór cloch ar leath istigh den dorus chum ná beadh aon fhaghbháil ar é do chur isteach ar aon chor. Tug Art píce leis annsin agus gatha agus dréimire, agus is gairid do bhíodar nuair táinig an sirriam agus na báillí agus na saighdiuirí. Ní raibh aon áit aca i raghaidís isteach ann nuair tángadar, agus adubhart an sirriam le hArt é do scaoileadh isteach agus an t-sealbh do thabhairt do. Adubhairt Art leis má scaoil- feadh, gur de n-a ndícheall raghadh. Nuair ná raibh aon rud le deunamh annsin ag na saighdiuiríbh fuar- adar dréimire agus do leagadar suas i gcoinne an t-simné ar cheann an tighe é, acht do bhí an dréimire istigh ag Art agus ag a mhuintir, agus do-chuaidh ceann de na fearaibh in áirde leis an ngatha, agus ní túisce do bheadh an dréimire in a sheasamh ag na saigh- diuiríbh ioná mar do bhíodh sé ar lár leis an ngatha ag fear an t-simné. Adubhairt captaoin na saighdiuirí leis, muna n-imtheóchadh sé as an simné, go lámhfaidís é, acht níor chuir sin pioc eagla air. Níor mhaith leis an gcaptaoin annsin aoinneach do lámhach ná aon mhilleadh do dheunamh, agus adubhairt sé leis na saighdiuirí éirghe den t-simné agus go leagfaidís crann amuigh annso agus go bhfuighbheadh naonbhar nó deichneabhar breith air agus go leanfaidís ag gabháil ar an bhfalla
go ndeunfaidís poll tríd, agus go mé go bhfuighbhidís dul isteach annsin. Nuair do bhí an falla ar crioth annsin agus tosach tuitim ag na clochaibh as, do bhí na saighdiuirí ag liúghraigh ar a chéile, iad go léir do theacht go dtí an taobh so, go raibh an poll láimh le bheith deunta. Nuair do airigh Art iad annsin, na saighdiuirí go léir do theacht ar aon taobh amháin, adubhairt sé leis na buachaillí do bhí in a fhochair go mbadh fhearr teicheadh maith ioná droch-sheasamh, agus ceann de na fuinneógaibh do bhí ar chúl an tighe do oscailt agus go bhfanfadh sé féin ar an bpoll leis an bpíce agus go ndeunfadh sé a dhícheall ar na saighdiuiríbh do choimheud amach go mbeidís sin teichte, cibé rud badh chríoch dó féin annsin. Nuair do-chonnaic na daoine do bhí ann na buachaillí ag teacht amach ins an bhfuinneoig, do bhailigheadar i dteannta na fuinneoige chum go raghadh na buachaillí i measc an choimthionóil agus ná haithneóchadh na saighdiuirí iad. Nuair do bhíodar go léir amuigh annsin, do chrom gach aoinneach ag liúgh- raigh agus ba ait leis na saighdiuirí cad do bhí ag cur na ndaoine ag liúghraigh. Do imthigheadar timcheall agus do-chonnacadar an fhuinneóg oscailte agus na buachaillí tar éis teichte agus ná fuigh- bhidís iad do aithint i measc an choimhthionóil. An fhaid is do bhíodar ag oscailt na fuinneoige agus ag teicheadh, do bhí Art ar an bpoll ar an taobh eile, agus gach aon saighdiuir do bhíodh do iarraidh teacht isteach, do sháithfeadh Art in a chosaibh agus in a lámhaibh iad ins an tslighidh go raibh cuid mhór díobh in a mair- tíneachaibh aige, acht i ndeireadh nuair a bhí sé traochta agus na buachaillí teichte, táinig na saighdiuirí ó gach taobh air, isteach tré an bhfuinneoig agus tré an bpoll, agus do-righneadar bráighe dhé agus do chean-
gaileadar le teud é chum ná beadh aon fhaghbháil aige ar imtheacht agus do baineadh sealbh de ar an áit sin. Tugadar leó annsin go dtí teach na cúirte é, agus is é breitheamhntas tugadh air ná é do sciúrsáil ar faid na sráide. Nuair táinig lá na sciúrsála annsin, do bhailigh na daoine isteach go dtí an t-sráid as gach aon áit. Níorbh fada go dtugadh amach as an bpríosún é, agus do ceangaileadh a dhá láimh de gheatín trucaile, agus dhá shaighdiuir in a dhiaidh aniar. Nuair fuaradar an t-ordughadh chum luighe chuige, do bhíodar ag gabháil air gan truagh, gan taise. Do bhí ceann de na saighd- iuiríbh ceannaighthe ag an Maor Dubh chum Airt do bhualadh ins an t-slighidh ná tiocfadh sé uaidh. Do bhíodar díreach tar éis imtheachta leath na sráide, cad go gheobhadh anall trasna droichid do bhí ann ná captaoin airm agus cuid mhór de mharcachaibh in a fhochair, agus nuair do-chonnaic sé an obair do bhí an saighdiuir a dheunamh le hArt, adubhairt sé leó stad, agus do thóg sé páipeur as a phóca agus do thaisbeáin sé don t-saighdiuir é agus adubhairt sé leis go raibh sé ag bualadh an fhir bun ós cionn agus adubhairt sé go gcuirfeadh sé an sealán fa n-a mhuineul féin(each) anois agus an mhuintir do bhí ag gabháil leis má do fheudfadh sé é, agus adubhairt sé leó an fear sin do scaoileadh agus cead a chos do thabhairt dó, agus go ndíolfaidís go daor as an obair do-righneadar leis. Do bhí deóra le súile a raibh de dhaoinibh ann, ach ní raibh aon deór le Máire ní Dhubhagáin aon am acht í ag a rádh le hArt i gcomhnuidhe misneach do bheith aige agus ná bainfeadh dada dhó, agus do bhí go leór daoine do bhí ann ag a rádh gur iongantach an aigne do bhí ag an mnaoi sin agus dá mbur aon bhean eile do bheadh ann acht í féin do-chífeadh a fear ag a sciúrsáil mar sin go gcaillfeadh sí a ciall. Nuair do
scuireadh Art ó n-a ceangalaibh, “mo ghraidhin croidhe thu, a Airt,” arsa sí leis, “do bhí a fhios agam-sa dá deun- fadh a ndícheall dada leat,” agus do imthigheadar leó gur chuadar go dtí duine bocht muinteardha dóibh, agus do fhanadar in a fhochair gur chuaidh Art i bhfeabhas agus go raibh na loit cneasuighthe. Do bhíodar ag cuimhneamh agus ag marana annsin cionnus do badh fhearr dhóibh cur chum maireachtana, agus ins an deireadh thiar fuaradar asal ó dhuine den áit, agus trucail ó dhuine eile agus culaith dhroma ó dhuine eile agus do imthigheadar rompa ar fud na dúithche. Do oibrigheadh Art thall agus i bhfus i bhfochair na bhfeirmeoirí agus an lá ná bíodh sé ag obair, do bhíodh sé ag deunamh muileann gaoithe agus ag a ndíol le páistí. Fear an-chruinn ba eadh é, agus adeireadh sé le n-a chlainn gach aon ghas olainne do-gheobhaidís ar chraobhachaibh agus ar na bóithribh, é do bhailiughadh chucha, agus do bhídís mar sin go mbíodh lán mála aca dí. Agus annsin teigh- idís go dtí an muileann agus do dhíolaidís é, agus sin é mar do bhídís ag deunamh maireachtana. Ní raibh aon teach aca agus do chaitheadar codladh ar an mbóthar urmhór na haimsire. Táinig droch- oidhche orra a raibh sioc agus sneachta ann, agus do shiubhladar cuid mhór fé bhfuaradar bheith istigh, acht do casadh ins an deireadh go dtí teach feirmeóra iad, agus fuaradar osdas na hoidhche ann. Do bhíodar in a suidhe istigh timcheall ar an teinidh, agus do bhí bean an fheirmeóra ag ceann an bhóird agus í ag gearradh cabhail gúna, agus do bhí Máire ag feuch- aint uirri agus tug sí fa ndeara ná raibh sí ag gabháil chuige in a cheart.” “Gabhaim pardún agat a bhean an tighe,” arsa sí, “is oitir uaim cur isteach
ort ar do ghnó, acht is é mo thuairim ná fuil tu ag gabháil chuige sin in a cheart chum é do ghearradh.” Is é an t-slighe a raibh bean an tighe chum é do ghearradh acht do bhí an t-eudach in aon phíosa amháin aici. “Feuch, a bhean an tighe,” arsa Máire, “gabh chuige mar seo. Cuir an dá chiumhais le n-a chéile agus tiocfaidh sé níos saordhálaighe chughat, mar tiocfaidh an dá chliathán amach in aoinfheacht, agus déin an cleas ceudna leis an bpíosa eile agus beidh an drom agat annsin.” Adubhairt bean an tighe, “badh mhaith liom duine do thaisbeánfadh an ceart dom, nuair do bhéinn ag deunamh an an-chirt.” Nuair do-chonnaic bean an tighe cionnus do ghabh Máire chum an ghnó do dheunamh, “Masa, a inghean ó,” arsa sí, “ní coig- ealach i láimh óinsighe sosúr do thabhairt duit-se i do láimh. Ní móide nach bean an-chruinn thu, agus badh mhaith liom go bhfanfá tamall i mo fhochair chum go dtabharfá eolais mo ghnó dham níos fearr ioná mar atá agam.” Tug sí ráithe annsin in fochair agus ba mhaith an sás í chum gach aon rud do dheunamh, mar ní raibh aon rud dall ar a láimh, agus ba ghairid go raibh gach aoinneach ar an mbaile ag teacht fa n-a déin feuchaint cia aca (aca) a dtiocfadh sí leis, agus níor dhóigh leat nach ag dul go dtí muileann nó ceardcha do bhídís do iarraidh uair do bheith aca ar a chéile. Do-chuaidh sí leó ó dhuine go duine do réir mar táng- adar ag glaodhach uirri, ins an t-slighidh go raibh an paróiste go léir siubhalta aici ó thigh go tigh, agus do dhíolaidís a tuarastal go maith léi, agus ba fhiú dhóibh uirri é mar do bhí sí tar éis mná cruinne do dheunamh díobh go léir timcheall na háite. Do mhúin sí dhóibh cionnus im do dheunamh in a cheart agus cionnus a gcuid eallaigh do aireachas agus do choth- ughadh agus cionnus a gcuid féin(each) eudaigh do dheunamh, agus gach aon ghnó mar sin do bhainfeadh le
mnaoi tighe, ins an t-slighidh dá mbeitheá ins an mbaile mór lá margaidh do-chífeá na ceannaigh- theoirí ag imtheacht amach an bóthar ag tosach an bhaile mhóir ag faire ar mnáibh na háite sin chum bheith ag stracadh a gcuid im agus uibhe ó n-a chéile, agus tugaidís an luach do ba fhearr orra leis, nó dá mbeitheá ag aifreann Dia Domhnaigh ins an pharóiste sin, do- chífeá na mná agus na cailíní go léir agus iad go slachtmhar breaghdha deallramhail, agus gúnaí agus eudaighe triopallacha córacha orra de dheuntús Mháire ní Dhubhagáin. An fhaid is do bhí Máire ag imtheacht timcheall mar sin, do bhíodh Art ag imtheacht ag obair feirm- eóra, agus nuair do-chonnaic sé an obair do bhí a bhean a dheunamh, adubhairt sé go raibh sé chomh maith dó féin(each) an obair cheudna do tharraing(t) air. Agus Dia Domhnaigh do bhí in a cheann, do bhí fógra ag geata an t-séipéil aige, na daoine go léir do fhuireach ann tar éis an aifrinn, go raibh rud beag cainte aige le deunamh leó. Do bhí iongantas ar na daoinibh cad do bhí le rádh aige, agus do fhanadar go léir ag an ngeata tar éis an aifrinn. Ba ghairid gur bhuail Art amach agus do sheas sé in áirde ar phileur an gheata. “A dhaoine mhuinteardha,” arsa sé, “badh mhaith liom rud beag do rádh libh i dtaobh feirmeoireachta. Atá mé tamall maith ar an áit seo anois, agus, ná tógaidh orm a rádh libh, do-chím ná fuil sibh in iúl ar bhur ngnó do dheunamh in a cheart. Agus aoinneach agaibh a dteastuigheann fios a ghnó go ceart uaidh, cuireadh sé fios orm-sa agus ragha mé go dtí é seachtmhain nó coigthigheas de gach aon tsaosún. Do-chonnaic mé feirmeoir ar an áit seo an lá (h)eile ag saothrughadh le haghaidh turnaip. Do chuir sé aoileach fuar fliuch amach as an macha orra,
agus do dhún sé agus do chuir sé an lá ceudna iad. Goidé an saghas saothrughadh ar turnaip é sin? In áit an t-aoileach sin do fhágbháil leathte go mbeadh an tuar as, agus annsin é do chlúdach, acht an t-aoileach do chlúdaigheadh fliuch ní dhreódhfaidh aon phioc dé i mbliadhna, mar liathfaidh sé agus fanfaidh sé mar sin. Agus atá cuid agaibh annsin, agus is amhlaidh atá an- iomarcaidh feasa agaibh. Atá a fhios agam fear ar an áit seo a bhfuil páirc mhór torthaí aige. Ní dheunfadh sé na hiomairí in aon tslighidh innte acht ó dheas agus andeas. Níorbh é sin an tslighe in ar cheart iad do dheunamh, mar do bhí fánaidh soir leis an bpáirc agus dá ndeunfadh sé na hiomairí síos agus suas leis an bhfánaidh, do bheadh cead reatha ag an uisce ionnta, agus ó atáid ó dheas agus andeas ar chliathán an chnuic aige, fanfaidh an t-uisce in a chodhladh ionnta, agus ní raghaidh na torthaí chum suime dhó. Shin iad na gnótha do chrosfainn oraibh, aoinneach agaibh ar mhaith libh glaodhach orm.” “Nuair do bhí an fheirm agat féin, cadé a chúis ná dearnais na gnótha sin?” arsa ceann de na fearaibh. “Ó,” arsa fear eile, “níl aon fhear is fearr a bhfuil a fhios aige (é) ioná ag feirmeoir briste.” Do chrom an coimhthionól go léir ag gáire. Adubhairt fear eile annsin, má bhí sin féin briste, nárbh é a chionta féin é, mar sin go ndearnadh clampar air, agus gur éiligheadh cíosna air tar an gceart. “An t-slighe cheudhna,” arsa Art, “ar bhriseadh mise, do bhrisfidhe gach aoinneach agaibh-se ar maidin, dá ndeunfaidhe an obair cheudna libh, ocht má atá fonn oraibh dul chum cinn in bhur gcuid oibre, tuigi toradh orm-sa, agus beidh an sceul go maith agaibh, agus ní bheidh sibh in a chathughadh.” Annsin do imthigh- eadar go léir abhaile.
An oidhche sin táinig fear beag earráideach do bhí ar an áit ar lorg Airt, feuchaint an raghadh sé leis ar feadh a dhó nó a thrí de sheachtmhainibh. Adubhairt Art leis go raghadh, agus do fhiarfaigh sé dhé, cadé an tuarastal do bheadh sé toiltheanach ar é do thabhairt do. Adubhairt an firín leis, dar ndóigh gur feirm- eoir briste é agus gur mór an ní dó dhá phinginn ins an ló, acht ná fuighbheadh sé an méid sin féin do thabhairt dó go dtí tar éis an fhoghmhair, go mbeadh a fhios aige cadé an tairbhe do bheadh in a chuid arbhair aige i bhfeis ar aon bhliadhain eile. “Masa,” arsa Art, “dá dtabharthá ceud púnt ins an ló dham, ní raghainn ar an gcúinse sin, muna mbeadh fonn ort mo thuarastal do dhíol liom go dtí sin, agus má is feirmeoir briste mé, is beag an tairbhe dheunfadh do chúpla pinginn dam chum mé do shlánughadh arís.” Do imthigh an firín beag leis abhaile agus do fhág sé Art ar caorthainn buile i n-a dhiaidh. Lá ar n-a bháireach, adubhairt sé go gcaithfeadh sé ceárd éigin eile do tharraing(t) chuige do iongnais bheith ag múineadh na feirmeoireachta. Do ghabh sé chuige a asal ar maidin agus a thrucail agus do imthigh sé leis timcheall na dúithche agus do bhailigh sé ualach breaghdha slat agus do chrom sé ag deunamh ciseán díobh agus do dhíoladh sé go daor leis iad thall agus i bhfus i measc na bhfeirmeoirí. Do bhí sé mar sin go raibh roinnt airgid tuillte aige féin agus ag Máire. Nuair do chloiseadar go raibh féirim dá cur i ndúthaigh eile do bhí tamall ón áit sin, do chuireadar a gcomhairle i dteannta a chéile agus adubhradar go raibh sé chomh maith dhóibh dul á d'iarraidh ó bhí na pinginní airgid aca. Do imthigheadar leó ar maidin lá ar n-a bháireach agus níor stad cos díobh
gur chuadar go dtí an fheirm seo. Do shiubhladar gach aon fhód dí idir ghort agus gardha, agus do thaithnigh sí leó go maith. “Masa,” arsa Art, “feirm bhreaghdha í, a Mháire, acht níl aon bhreith aici ar an bhfeirm do bhí againn roimpe.” “Níl,” arsa Máire, “agus níl an sochar ins an talamh ná fiú an gháirdín ann, agus is fada go mbeidh an troscán againn chomh breaghdha agus do bhí.” Do imthigheadar leó annsin agus do- chuadar go dtí maor an tighearna talmhan do bhí ós cionn na feirmeach. An Maor Buidhe tugtaoi air seo. Do-chuadar go dtí a theacht agus do bhuaileadar ag an doras. Nuair do bhíodar ag fuireach ag an dorus adubhairt Máire leis go raibh coinne aici gur fearr do fhear an Maor Buidhe seo ioná an Maor Dubh do bhí cheana orra. Táinig teachtaire amach chuca feuchaint cad do bhí uatha. Do fhiarfaigh Art dé an raibh an maor istigh. Adubhairt an teachtaire leis go raibh, agus go bhfeicfeadh sé i gcionn ceathramha uaire é. Nuair táinig an maor do innis Art a chúr- saí dó agus cad tug é. Adubhairt sé sin leis ná fuighbheadh sé dada do dheunamh indiu dó, mar go raibh sé ag dul as baile, acht teacht i gcionn seacht- mhaine ón lá sin agus go socrochaidís gach aon rud in a cheart agus an t-airgead do thabhairt leis agus go dtabharfadh sé sealbh agus gach aon rud an lá ceudna dhó. Do imthigh Art agus Máire leó go dtí an áit i raibh an trucail agus na páistí. Do bhíodar ag cur tré n-a chéiile i rioth na seachtmhaine, dá mhéid den bhfearthainn agus den droch-aimsir fuaradar le roinnt bliadhanta, gur gairid go mbeadh teach dá gcuid féin aca. Do bhíodar mar sin no go dtáinig an lá chum dul go dtí an Maor Buidhe arís, agus do imthigh Art agus tug sé leis a chuid airgid go cruinn baileach, mar do bhí sé deimhnighthe go bhfuighbheadh sé an fheirm an lá sin. Nuair do-chuaidh sé go dtí teach an
Mhaoir Bhuidhe, adubhradh leis ná raibh an maor istigh, agus go gcaithfeadh sé fuireach go dtí a hocht a chlog an oidhche sin. Nuair táinig an maor do-chuaidh sé chum cainte leis agus adubhairt an maor leis ná raibh aon mhaith dhó bheith ag brath ar an bhfeirm seo mar go raibh baint ag fear eile léi agus ná fuighbheadh sé í do thabhairt dó agus imtheacht leis abhaile agus a chuid airgid do choimheud. Do imthigh sé leis agus é go dóighte scóltha, agus é ag caint leis féin ag siubhal an bhóthair. Do bhí Máire ag fuireach leis i gcomhnuidhe agus ag coinne ag mbeadh sé chuichi ó am go ham, acht nuair do bhuaidh uirri i ndeireadh na hoidhche agus ná raibh sé ag teacht, do ghlaodhaigh sí ar dhuine de na comhar- sanaibh, agus do imthigheadar ar a lorg. Ach nuair do gheal an lá do-chonnacadar coimhthionól mór daoine ar an mbóthar, agus do-righneadar do iarracht orra, agus cad do bheadh ná Art sínte i ndíg an bhóthair, agus ní bhfuighbheadh aoinneach a bhrathnughadh cia aca beó nó marbh do bhí sé. Acht do cuireadh fios ar lucht an dligheadh, agus tángadar. Do chuireadar sin fios ar an ndochtúir. Táinig an dochtúir, agus do bhí sé i bhfad ag gabháil dó fé raibh aon deimh- neacht aige go raibh sé beó, agus nuair do bhí a fhios aige go raibh, adubhairt sé é do thógbháil chum siubhail go mear go dtí óspuideul. Do-righneadh, agus do- chuaidh Máire leis, agus cuid mhaith de na daoinibh do bhí ann. Tug sé coigthigheas fada mín díreach ins an óspuideul, fad nár tháinig aon fhocal cainte dhó, agus shin é an uair do innis sé cad do bhain dó. Adubhairt sé nuair do bhí sé ag dul abhaile an oidhche sin tar éis bheith i bhfochair an Mhaoir Bhuidhe, gur phreab ceathrar ropairí tar chlaidhe chuige in áit i raibh coill ar gach taobh den mbóthar. Do lámhaigh ceann aca é
agus adubhairt sé leis, a raibh de airgead aige a thabhairt uaidh. Adubhairt sé sin leó ná raibh aon airgead aige. Adubhradar sin go raibh, agus muna dtabharfadh sé uaidh é go ndíolfadh ann go dóighte. Le n-a linn sin do bhuail ceann aca le grideóg de bhata fean leath-chinn é, agus do síneadh ar an mbóthar é, agus ná feadair sé cad do bhain dó as sin amach, acht gur deallraightheach gur ghabhadar air gan truagh gan taise agus gur thógadar an t-airgead uaidh. Tug sé comharthaí sóirt do lucht an dligheadh, agus do bhíodar sin ag deunamh faisnéise ar feadh seachtmhaine, agus do gabhadh beirt agus tugadh ós coinne Airt iad, acht níor aithin sé iad, agus do caitheadh scaoileadh leó arís. I gcoinn dhá mhí do bhi Art go maith arís agus a shláinte tar éis casta air, acht do bhí sé chomh beó bocht is do bhí sé riamh, gan aon tuairisc aige cár ghabh a chuid airgid, agus adubhairt sé le Máire gurbh iongan- tach na ciotarainn agus na trioblóidí do bhí tar éis teacht trasna orra, gur cuireadh amach as a bhfeirm agus as a gcuid iad, agus gur sciúrsáladh ar faid na sráide é féin, agus anois nuair do bhí rud beag airgid bailighthe aige gur baineadh dé arís é. Adubhairt sé go raibh sé ins an mbanc an cheud uair aige agus gur dhún an banc air, agus nuair do choingigh sé in a phóca é, agus bhain na bitheamhnaigh dé é, agus ná feadair sé cá gcuirfeadh sé é dá mbeadh aon phioc eile dé aige le n-a shaoghal arís. “Dá mhéid iad na crosa agus na trioblóidí go léir,” arsa Máire, “ba mheasa liom an leanbh úd do chuireamar ioná iad ar fad, agus níl aon rud is fearr dhúinn ioná foighne do bheith againn, agus muinighin do bheith againn as Dhia. Atá ar gclann láimh le bheith tóigthe anois againn, agus is gairid go mbeidh siad in aois maireachtana dhóibh féin. Atá a fhios againn anois
cionnus mhairfimíd agus atá sé chomh maith dhúinn imtheacht linn ar maidin go dtí dúthaigh éigin eile ar an taobh thall de na cnocaibh.” Do éirgheadar ar maidin agus do bhailigheadar leó, agus i gcaitheamh an lae dhóibh, agus iad ag imtheacht an bhóthair táinig marcach trasna orra agus do labhair sé le hArt agus do labhair Art leis. Adubhairt sé le hArt go ndeallraigheann sé gur fear bríoghmhar láidir é, agus go mbadh fhearr dó dul i ndiaidh an fhiadhaigh ag faire ar eagla go dtuitfeadh aoinneach, go ndeunfadh sé a thuarastal ní badh fhearr ioná bheith ag imtheacht mar sin. Do imthigheadar leó no gur theangaigheadar le lucht an fhiadhaigh, agus Art bocht an lá ag rioth in a ndiaidh no go raibh sé cortha traochta. Do bhí aon fhear amháin ann, fear breaghdha óg. Ba é an duine é ná an tighearna tal- mhan do bhí ar Art nuair do bhí an fheirm aca, acht ní raibh a fhios ag Art gurbh é do bhí ann an lá sin. Agus is é an áit is measa an iompuigheadh sé a chapall i gcomhnuidhe chuige go dtí an tráthnóna thall agus é ag dul de lém tar chlaidhe mór, do leagadh an capall, agus táinig sé féin thíos fé(ig). Do bhí sé annsin sínte agus an capall anuas air agus Art do iarraidh é do réidhteach, acht do chas cuid de na mar- cachaibh eile, agus do tógadh é, agus do bhí sé millte mairtrighthe. Do chuardaigheadar annsin an áit ar leagadh é, agus fuaradar sreang ar bharr an chlaidhe ann. Táinig buile ar a raibh ann annsin, agus adubhradar gurab é Art do chuir an t-sreang ann chum go leagfaidhe duine éigin agus go bhfuighfeadh sé féin airgead as é do thógbháil. Do gabhadh ar an áit sin é, agus tugadh go dtí an príosún é. I gcionn trí lá do bhí cúirt air, agus cuid mhór de na marcachaibh ag dearbhadh air. Do bhí an Maor Dubh in a measc, agus adubhairt sé gurab é cúis a raibh
an fear sin do iarraidh díoghbháil do dheunamh don tighearna talmhan ná gur ruaigeadh as a fheirm fad ó é, agus go raibh sé do iarraidh sásamh do bhaint dé mar gheall air. Tar éis an dearbhadh do dheunamh adubhairt an breitheamh le hArt go raibh gach aon deallradh gurab é do-righne an obair. Adubhairt sé sin leis an mbreitheamh nach é, agus do fhiarfaigh sé dhé an dtabharfadh sé cead cúpla focal cainte dhó. Adubhairt an breitheamh leis go dtabharfadh agus fáilte. “Badh ait an cúrsa damhsa bheith do iarraidh sásamh do bhaint den tighearna talmhan tar éis cúig bhliadhna, an fear ná faca mé riamh agus ná feadair mé dada mar gheall air, agus dá mbéinn do iarraidh sásamh ar aoinneach, badh chóir gur den Maor Dubh do bhainfinn é do-righne éirghe shligheadh orm agus do chuir amach as mo fheirm mé.” Do fhiar- faigh sé de na fídhneidhthibh ó dhuine go duine an bhfacadar é féin roimhe sin riamh. Adubhradar sin ná facadar. “Feuch anois,” arsa sé leis an mbreitheamh, “ca bhfios damhsa cadé an áit i raibh na fiaguidhthe sin chum gabháil agus gan mé ar an áit roimhe seo riamh? Agus an áit ar thuit an fear sin do bhí beárna íseal le n-a ais, agus is ann badh dhóchaighede an t-sreang do chur dá mbeidhfidhe ag a cur in aon áit.” Do fhiarfaigh an breitheamh dé annsin cia do chuir i ndiaidh na bhfiaguidhthe é. Adubhairt sé sin leis gur marcach do casadh air maidin an lae sin adubhairt leis dul in a ndiaidh agus go ndeunfadh sé a thuarastal go maith. “An raibh aoinneach i t'fhochair an mhaidin sin nuair do casadh ort an fear?” “Do bhí. Mo bhean agus mo cheathrar cloinne.” “Cá bhfuil do bhean agus do chlann?”
“Atá siad in a leithéid seo do thigh ins an mbaile mór.” “Caithfimíd fios do chur orra sin,” arsa an breitheamh le oifigeach do bhí ann, “agus iad do bheith annso i gcionn leath-uaire an chluig.” Nuair táinig an bhean agus an chlann do cuireadh isteach in seomra ar leith-leith gach aoinneach aca, agus do-chuaidh an breitheamh ag caint leó ó dhuine go duine, agus tángadar féin agus Art ar aon fhocal amháin. Táinig an breitheamh tar n-ais agus adubhairt sé le hArt go raibh an fhírinne aige ins an méid sin den sceul. Do fhiarfaigh sé de na fídhneidhthibh an gnáthach le lucht an fhiadhaigh bheith ag bagháil ins an mbeárna ar leagadh an fear so. Adubhradar leis ná bíodh aoin- neach ag dul thóirste acht aoinneach amháin, agus gurab é sin an fear do gortuigheadh. “Cuiridh fios ar an bhfear so go mear,” arsa an breitheamh, “mar is é mo thuairim-se go bhfuil droch-thátall éigin le baint as an ngnó so.” Tugadar leó an fear. Do bhí sé an-thinn agus do chaitheadar é do thabhairt i gcath- aoir go dtí an chúirt. Do fhiarfaigh an breitheamh de: “An bhfuil aon namhaid agat,” arsa sé, “nó an bhfeadair tu an bhfuil aon mhioscais ag aoinneach dhuit?” “Ní dóigh liom go bhfuil,” arsa sé, “ní raibh aon rud idir mé féin agus aoinneach riamh acht an méid seo inneósa mé dhuit. Tighearna talmhan is eadh mé, agus is le gairid (ó) táinig mé in oighreacht, agus adubhairt mé leis an maor atá agam, an fear a dtugtar an Maor Dubh air, gur theastuigh uaim na leabhra do scrúdughadh agus do shocrughadh in a gceart, mar gur mhaith liom lámh do bheith agam ins an obair chum go dtuigfinn gach aon rud mar gheall air, agus do bhraith mé air nár thaithnigh sin
leis mar dhionntráil sé agus táinig sé chum buile dhó.” “Téighidh agus gabhaidh an fear sin go hobann,” arsa an breitheamh, “agus cuiridh isteach ins an phríosún é, mar is é mo thuairim gurab é sin an fear do-righne an obair, agus tuigi libh na leabhra ar fad atá ag baint le ríoghacht an fhir seo. Agus téighidh abhaile go cionn seachtmhaine, mar bainfidh sé roinnt laetheanta dhíom na leabhra so do scrúdughadh agus do fheicsin in a gceart.” Lá ar n-a bháireach do-chonnaic mac le hArt istigh i siopa ins an mbaile mór an fear ceudna do chuir Art i ndiaidh an fhiadhaigh, agus do imthigh sé ceann ar aghaidh go dtí lucht an dligheadh, agus do gabhadh an fear sin, agus ba é an duine é ná mac an Mhaoir Dhuibh. Cúpla lá roimh lá na cúirte do-chuaidh bean Airt ag feuchaint an tighearna talmha, agus do innis sí dhó ó thosach go deireadh cad do bhí an maor tar éis a dheunamh leó, agus adubhairt sé ná raibh a fhios aige cad do bhíodh an maor so a dheunamh, mar do bhíodh sé is na ráigiuinibh amach, agus má ba fhíor an rud adubhairt sí leis go dtabharfadh sé féin a cuid tal- mhan arís dí, agus go socróchadh sé mar do bhíodar riamh iad. Lá na cúirte tugadh mac an Mhaoir Dhuibh go dtí an chúirt agus do fhiarfaigh an breitheamh dé an raibh a fhios aige dada mar gheall ar a athair ná ar an bhfear so. “Níl a fhios,” arsa sé, “acht adubhairt mo athair liom lá an fhiadhaigh capall agus diallaid do fhaghbháil agus imtheacht liom siar an bóthar, agus cibé áit i bhfuigh- bhinn fear bocht darbh ainm dó Art ó Maoláin, é do chur i ndiaidh an fhiadhaigh, agus ní fheadair mé dada eile mar gheall air.”
Do ghlaodhaigh an breitheamh ar chléireach do bhí an oifig an Mhaoir Dhuibh, agus do fhiarfaigh sé dhé: “An bhfuil a fhios agat,” arsa sé, “cadé an chúis do bhí ag an maor chum Airt?” “Ní fheadar,” arsa mé, “acht ruaig sé Art as a fheirm agus do-righne sé éirghe shligheadh air, mar is agam-sa atá a fhios do bhí ins an oifig, agus is é mac an Mhaoir Dhuibh atá ins an bhfeirm anois, agus ní fheadair mise aon rud eile mar gheall air.” Do léigh an breitheamh annsin dóibh an cúntas do scríobh sé féin i dtaobh na leabhra agus tug sé le tuicsin don t-saoghal go raibh na mílte púnt goidighthe ag an Maor Dubh ó n-a mhaighistir. Do éirigh sé le binib annsin. “Tabharfa mé ciontach i gcúis do mhaighistir thu, go raibh tu do† iarraidh éirghe shligheadh do dheunamh air. Ba é rud do bhí uait, ná an tighearna talmhan do chur dá chois nó é do ghoirtiughadh ins an t-slighidh go mbeadh caoi éigin agat féin na leabhra do shocrughadh in a gceart nó nach dreaca cead teichte do bheith agat. Agus tabharfa mé ciontach thu go rabhais do iarraidh fear eile do chur ins an phrannc. Is é do mhac féin do chuir as diaidh an fhiadhaigh an lá sin é chum go mbeadh fear éigin in a ndiaidh a ndearfaidhe go mbeadh mioscais aige don tighearna talmhan. Do shíl tu bheith ró-ghasta agus do chaill sin duit. In áit Art ó Maoláin do bheith ins an ineall is é do cheann féin atá sáidhte ann agat. Cuirfe mé siar ar feadh seachtmhaine thu agus tabharfa mé cead t'anam do dheunamh dhuit.” Do fhiarfaigh sé de Art annsin cadé an chúis do bhí ag an bhfear so chuige agus do innis Art dó gach aon rud mar do bhí agus an méid do bhí ag éisteacht leis ag a innsint, do bhí deóra leó le truagh dhó. Do éirigh
an breitheamh le feirg buile nuair do airigh sé trácht ar an sciúrsáil agus adubhairt sé gurbh fada leis an t-seachtmhain chum breitheamhntas cruaidh do chur ar an bhfear ba ciontach leis an obair ar fad. Adubhairt Art annsin gur chuir sé níos mó ioná sin dé. Do fhiarfaigh an breitheamh dé cad eile do bhain do agus leanmhaint air agus a chúrsaí go léir do chur síos dó. Nuair do innis sé don mbreitheamh cionnus do bhí an sceul idir é féin agus an Maor Buidhe agus cad do bhain dó nuair do fhág sé an oidhche sin é. “An raibh a fhios ag aoinneach,” arsa an breitheamh, leis, “go raibh an t-airgead agat an oidhche sin?” “Ní raibh a fhios,” arsa Art, “acht agam féin agus ag an Maor Buidhe agus ag mo mhnaoi.” “An raibh aon eudach maith ort an oidhche sin,” arsa an breitheamh, “ná aon deallradh go raibh aon airgead ar iomchur agat?” “Ní raibh,” arsa Art, “aon deárthumhaileacht ag baint liom acht mar do bheadh aon fhear oibre ar mhór leis a gcaithfeadh sé ar bhiadh ná ar eudach do choimh- eud le n-a cholann agus ná beadh pinginn tar an déirc aige.” “An bhfuil a fhios ag aoinneach agaibh,” arsa an breitheamh leis na daoine do bhí ins an chúirt,” an bhfuil a fhios ag aoinneach agaibh cadé an ainm atá ar an Maor Buidhe seo?” “Atá a leithéid seo do ainm,” arsa siad. Do bhí túrnae ins an chúirt, agus, nuair do airigh sé trácht ar ainm an fhir seo, do éirigh sé in a sheasamh don mbionnúig sin agus arsa sé, “Atá tuairim mhór agam-sa ar an obair seo. Do bhí oighreacht le faghbháil atá tamall de bhliadhntaibh ó shin do Art ó Maoláin agus mise do bhí ag a pléidhe dhó, agus do bhí sé pléidhte agam no gur chuir an
Maor Buidhe seo isteach uirri agus shin é do árdaigh na costaisí ins an t-slighidh nárbh acfuinn do Art iad do dhíol, agus an té ná raibh gaol ná comhgus aige don duine do fhág an t-airgead in a dhiaidh is é fuair é, agus sin é an fear so, an Maor Buidhe seo, agus ní raibh an méid sin feasa agam go dtí maidin indiu agus atá na páipéir annso socair agam má bhíonn siad ag teastáil. Ní raibh sé ag rioth liom go bhfuighbhinn dada dá bharr acht do airigh mé go raibh Art an-bhocht agus do bhí mé do iarraidh oibriughadh dhó.” Do léigh an breitheamh na páipéir tug an túrnae dhó agus adubhairt sé go raibh an ceart aige. “Do bhí a fhios agam-sa,” arsa sé, “go raibh rud éigin ins an sceul ná fuighbhinn a thuicsin agus is é a chúis ná tug sé an fheirm do Art agus gur chuir sé abhaile go déidheanach ins an oidhche é, ná chum go mbeadh caoi aige ar é do mharbhadh ar eagla go n-aireóchadh sé gurab é fuair an oighreacht agus go mbadh acfhuinn do dul chum dligheadh leis mar gheall uirri. Agus is chum na daoine do dhalladh do baineadh an t-airgead dé, dúmas gur bítheamhnaigh chearta do bhuail fé.” Tug sé ordughadh do lucht an dligheadh an Maor Buidhe seo do thabhairt chum na cúirte gan mhoill agus gan aon chúntas do thabhairt dó cad do bhí uaidh féin air. Táinig sé, agus do shíl sé go raibh sé chum fídhnéidheacht do thabhairt uaidh i dtaobh tionóntaidhte nó rud éigin dá shaghas, agus táinig sé isteach ins an chúirt go dána strolúsach. “Atá mé annso anois, a bhreithimh,” arsa sé, “chum aon cheist atá uaidh orm do réidhteach.” Le n-a linn sin do chuir an breitheamh uallfairt as. “Gabhaidh an fear so,” arsa sé, “agus déinidh bráighe dhé. Nach tusa fuair oighreacht an fhir bhoicht
seo? Nach tu do gheall an fheirm dó agus do chuir i mugha é, agus ná tug do í an lá do bhí geallta agat? Nach tu do chuir na bitheamhnaigh in a dhiaidh chum é do bhualadh agus é do mharbhadh agus an t-air- gead do bhaint dé?” Nuair a chuir an breitheamh na ceisteanna do urchar air, do thuit sé i bhfantais agus níor fhan miam ann. Nuair do éirigh sé annsin, do bhí a leithéid sin do eagla air is gur admháil sé go raibh sé ciontach. Adubhairt an breitheamh leó é do chur isteach mar a raibh an maor eile. “Do bhí maor dubh againn ó chianaibh,” arsa sé, “agus atá maor buidhe againn anois, acht ní buidhe atá sé acht chomh dubh leis an bhfear eile.” Do bhí cúirt orra i gcionn seachtmhain arís chum breitheamhntas do thabhairt orra. “Do chuir mé siar sibh ar feadh seachtmhaine,” arsa an breitheamh, “mar do bhí fearg orm an lá úd agus níor mhaith liom breitheamhntas le feirg do thabhairt ar aoinneach, acht in áit an bhuile do bheith ag imtheacht díom is ag meudughadh chugham atá sí, agus tuitim i mo aigne nach buile ins an eugcóir í acht buile ins an cheart, agus fágaim fúthaibh anois, a dhaoine, cadé an pionós is ceart a chur ar an mbeirt seo.” Do eirigh na daoine go léir, agus adubhairt cuid aca iad do chrochadh. Adubhairt a thuilleadh aca na cinn do bhaint díobh. Do éirigh Máire annsin agus adubhairt sí gur dí féin(each) agus dá fear is mó do- righneadar díoghbháil agus gur dóibh ba chóra a rádh cadé an breitheamhntas thabharfaidhe orra, agus nár mhaith léi ná le n-a fear iad do chur chum báis ná aon ainíde do thabhairt orra, acht iad do chur in áit éigin ná feicfeadh sí le n-a saoghal arís iad. Do chrom sí ag gol annsin, rud ná dearna sí nuair do-chonnaic sí a fear ag a sciúrsáil.
“Is iomdha bitheamhnach do-chonnaic mé,” arsa an breitheamh, “acht do bhuadhadar so ar a bhfaca mé riamh. Agus is mór an t-iongna liom tusa mar bhean bheith do iarraidh aon fhaoisimh dóibh tar éis a ndearnadar ort, ach cuirfe mise ins an áit, ná bíodh eagla ort, ná feicfe tu le do shaoghal arís iad. Cuirim-se mar bhreitheamhntas oraibh,” arsa sé leó, “sibh do chur amach go dtí Oileán na Stollaidhe, agus sibh do fhágbháil ann go dtí lá bhur mbáis, ins an áit ná beidh teach ná teaghlach chum foithint do dheunamh díbh ón aimsir acht foithint na gcloch, agus an fhairrge ag séideadh ó gach áird oraibh, agus gan de bhiadh agaibh le n-ithe acht uibhe preuchán na faille, domblas searbh agus gráinneóga dearga, agus gan teinidh ná teas agaibh chum iad sin do ullamhughadh acht iad do bheith fuar glan.” Rugadh orra ar an áit sin agus tugadh go dtí an t-oileán so iad. Fuair Art agus Máire a bhfeirm arís, agus cuid an dá mhaor. Nuair do bhíodar socair i dtigheas do bhí cóisir aca ar feadh trí lá agus oidhche, agus do bhí an breitheamh agus an tighearna talmhan ann.
III PORT AN FHIR BHÁIDHTE Párthnáinín mac Giollacóid .i. fear do bhíodh ag tráighteoireacht. Do bhí sé oidhche dá shaoghal ag an tráigh ag bailiughadh reaca agus do-chuaidh sé síos i bhFaill an Róin agus is gairid ó dheas do bhí sé nuair do bhí na tonna ag briseadh agus iad ag dul in áirde leath na faille. Ní bhfuighbheadh sé dul chum cinn ná ní bhfuighbheadh sé casadh tar n-ais ag neart bualadh fairrge, acht do ba éigean dó tabhairt fa an bhfaill agus a shlighe do dheunamh innte chomh maith is do fheud sé é nó go dtáinig sé go dtí port do bhí roinnt leathan fa n-a chosaibh. Do luigh sé síos annsin agus is gairid do bhí sé ann nuair do thuit a chodladh air. Ní raibh a fhios aige cadé an fhaid do bhí sé in a chodladh nuair do ghlaodhaigh an duine air agus do phreab sé in a shuidhe agus do fheuch sé anonn agus anall agus ní fhaca sé aoinneach in aon áit. Acht cibé feuchaint tug sé amach ar an bhfairrge do- chonnaic sé mar do bheadh splannc agus do thuig sé in a aigne gur tóirneach do bhí ann do dhúisigh é agus do shín sé siar arís. Ní raibh sé acht in a luighe siar nuair do glaodhadh arís air agus adubhart an duine, “Atá an trágh fa chabhair agus tusa i do chodladh.” Do éirigh sé in a sheasamh agus do-righne sé a mharana cia aca badh fhear dó, dul síos nó fuireach mar a raibh aige, acht do bhí a leithéid dó eagla air ná feudfadh sé fuireach níos sia. Síos leis ar chlochaibh na trágha
agus do iompuigh sé soir. Is gairid soir do-chuaidh sé nuair tug sé fa ndeara spreóta breaghdha daraighe agus é dá chaitheamh isteach agus amach ag na tonnaibh. Amach leis fa n-a dhéin agus do bheir ar cheann air. Le linn is é ag breith air, táinig tonn agus do leagadh é féin agus an spreóta is na clochaibh, “Go bhfeucha Dia ar mo anam,” arsa sé, “atá mé báidhte de dheascadh na reaca ins an deireadh.” Do liuigh sé agus do screuch sé agus do fhiarfaigh an raibh aoinneach ins an tráigh tiocfadh i gcabhair air. Ba bheag an mhaith dhó é, mar ná raibh aoinneach in aon áit gairid dó. Acht táinig tonn agus do chuir sé in áirde ar leac mhóir chloiche é, agus fuair sé greim ar na fear(ann)aibh do bhí ag fás ar an gcloich agus do choingigh a ghreim orra gur imthigh an tonn amach. Nuair do thráigh an tonn, fuair sé amas ar theacht isteach trés na clochaibh. Ar a ghabháil isteach dó, cad do bheadh sínte ar an tráigh roimhe ná an spreóta do bhí tar éis é do leath-bhádhadh agus é do leath-mharbhadh. Do árdaigh sé leis isteach é agus do chuir sé in áirde ins an bhfaill é agus adubhairt sé leis féin annsin go raibh sé gairid don lá, agus go raibh sé cortha tnáidhte, agus má raghadh sé abhaile go mbadh fhéidir go ngoidfidhe an spreóta uaidh tar éis a bhfuair sé dá thrioblóid. Do bhí an spreóta an-throm agus do aithin sé ar a throime go raibh adhmad ar foghnamh ann. Adubhairt sé gurbh ait an sceul dó, dul abhaile agus an t-adhmad do bheith imthighthe ag duine éigin ar maidin ná fuair aon phioc dá thrioblóid seach is é féin do bhí báidhthe, basctha aige. Adubhairt sé annsin go raghadh sé tar n-ais go dtí an áit cheudna i raibh sé in a chodladh roimhe sin ann. Siar leis agus fuair sé eolas na sligheadh ar ghothadh éigin, agus in áirde leis agus do shín sé siar ar an bpaiste ceudna i raibh sé roimhe sin. Níorbh fada dhó annsin nuair do bhí sé ag
tuitim dá chodladh, agus do bhí sé idir bheith in a chodladh agus in a dhúiseach nuair do airigh sé an duine ag a rádh, “Atá an chabhair díomhaoin agus práidhinn ins an mbaile léi.” Do éirigh sé in a sheasamh agus adubhairt sé go raibh an chaint ó chianaibh go maith agus gur dócha go mbeadh sí seo chomh maith léi. Do bhí tosach breacaidh ag an lá thoir. Do éirigh sé agus do imthigh sé leis agus tug sé leis an spreóta agus suas leis go dtí an bóthar. Díreach agus é ag dul amach tar chlaidhe an bhóthair, cad do gheóbhadh chuige ná bean. Do bheannaigh sí dhó agus do bheannaigh sé dhí. “Tusa an fear do bhí uaim,” arsa sí. “Cad atá ort?” arsa Párthnáinín. “Atá,” arsa sí, “an ursa do bhí dreoidhte ins an dorus agus do thuit sí amach aréir agus atá mé féin agus an páiste caillthe ag an bhfuacht ar feadh na hoidhche, agus cadé an díoghbháil acht an bhruithtíneach ar an bpáiste, agus badh mhór an grádh Dia dhuit oiread don spreóta sin do thabhairt dom is dheunfadh leath-ursa.” “Dhe mhaiseadh,” arsa Párthnáinín, “is é an grádh Dia deas é, mé fliuch báidhte caillthe leis an bhfuacht agus leis an ocras ar feadh na hoidhche agus i gconn- tabhairt mo bháidhte leis an spreóta so chum dul dá thabhairt duit-se do bhí i do chodladh ar do leabaidh ar feadh na hoidhche.” “Ní féidir leat a dheunamh,” arsa sí, “acht é do choimeud, acht atá Dia láidir agus badh fhéidir go bhfuighbhinn píosa in áit éigin.” Do imthigh sí léi agus do imthigh Párthnáinín abhaile, agus ag teacht ag triall ar a thigh féin is eadh do casadh an fear air. “Is maith mar thárla,” arsa sé. “Cad atá ort anois?” arsa Párthnáinín.
“Atá,” arsa sé, “an leath-laidhe do bhris orm ins an chairt aréir, agus níl aon rud agam thabharfainn ar leath-laidhe dí, agus is agat-sa atá an bata ceart anois, má thabharfá do dhuine bocht é a bhfuil a mhaireachtain as an trucail sin.” “Mhaiseadh, go bhfeucha Dia ort. Ní chomh bog sin fuair mé féin é. Cadé a chúis nár chuaidh tú síos go dtí an trágh agus é do fhaire mar do-righne mé féin?” “Dar ndóigh,” arsa an fear eile, “dá mbeadh fios agam, do bheadh leigheas agam, agus, a Phárthnáinín,” arsa sé, “dá mbadh agam-sa do bheadh an bata agus tusa do bheith in a phráidhinn, ní choimheudfainn uait é.” “Mhaiseadh,” arsa Párthnáinín, “ní choimheudfá i mbáireach. Dar an bhfalaing gur fada do bheadh breall orm.” “O mhaiseadh, go deimhin ní fada, agus ní fheadar cad dheunfa mé anois agus an cíos ag glaodhach orm agus atá sé bailighthe suas agam go dtí tuilleach- tain an lae indiu agus muna bhfuighbhe mé an trucail do dheisiughadh, beidh mé díomhaoin agus ní bhfuighbhe mé an cíos do chur le n-a chéile agus beidh mé amuigh as an tigh i gcionn dá lá.” “Dar an mbaiste,” arsa Párthnáinín, “níor chás orm dá mbeitheá amuigh i gcionn leath-uaire an chluig mar atá an dúthaigh scriosta ag do leithéidibh ag lorg rudaí mar seo agus atá mise cráidhte, ceusta ag daoinibh ag lorg gach aon rud orm nó cá ar dhóigh leó go bhfuighbhinn gach aon rud do oirfeadh dóibh?” “Ó mhaiseadh,” arsa sé, “ní mórán tug tú riamh uait, agus dá mbeidhfidhe ag lorg mórán ort, badh dheacair seasamh leat.” Do imthigh Párthnáinín leis agus do fhág sé annsin
é. Nuair táinig sé go dtí geata an mhacha, do theangaigh sé le fear eile. “Bíonn cabhair Dé ar bhóthar,” arsa sé, “agus agat atá an bata ceart oireann damh-sa anois, má thug- ann tú dham píosa dhé.” “Ara, cad atá uait, a dhuine,” arsa Párthnáinín, “nó cadé an phráidhinn atá agat leis?” “Atá,” arsa sé, “an cúpla do bhris ar an tigh aréir agus atá leath den tigh tar éis tuitim isteach, agus atá mo bhean tinn agus an ghaoth agus an aimsir ag séideadh isteach uirri nuair ná fuil aon seamra ar an tigh agus díreach ós cionn na leabtha(n) is eadh atá an cúpla briste.” “Dar an mbaiste, a dhuine,” arsa Párthnáinín, “níor chás orm go mbeadh aon chúpla ar an tigh agat a chuigint. Cadé a chúis nár chuaidh tú féin agus é do sholáthar mar do-righne mé féin?” “Mhaiseadh, cadé an mhaith sin, a mhic ó, nuair ná dearnas agus atá a shliocht orm anois, agus is dócha gur gairid go mbeidh mé gan teach, gan teaghlach mar is gairid go dtuitfid na sean-fhallaí feidín atá fa an sean-thigh úd.” “Tuitidís leó,” arsa Párthnáinín, “níl aon leigheas agam-sa orra. Ní gan trioblóid fuaras an bata so chum bheith ag a thabhairt duit-se.” “Dá bhfeicfeá an deallradh atá ar an tigh agus ar an aingceiseoir mná agus an aimsir ag séideadh isteach uirri, ní eiteóchthá mise ar an mbata agus thabharfá ar son Dia é.” “Má chíonn Dia na cruipídí i bhfuil tusa ann,” arsa Párthnáinín, “dáltha go bhfeiceann, nár chóir go dtabharfadh sé bataí in a gcarn duit ó atá a oiread sin muinghine agat as. Mar 'dheadh go dtabharfainn-se duit ar son Dia é.”
“Muna dtabharfá,” arsa sé, “ní bhfuighbhe tú a dheunamh acht é do choimheud, agus caithfe mise deunamh mar fheudfa mé.” “Déin do rogha rud,” arsa Párthnáinín ag imtheacht leis. Oidhche an lae ceudna do bhí Párthnáinín agus Sibeul, ba í sin a bhean, do bhíodar ag caint mar gheall ar an spreóta cois na teineadh, agus adubhairt sí go raibh feirmeoir annso thíos do cheannóchadh go maith uaidh é. “Dheunfadh,” arsa sé, “acht má dheunfadh féin, atá gnó agam fhéin de. Níorbh mhór dúinn geata do dheunamh chum é do chur thíos i mbun an bhóithrín chum ná beadh beathaidhigh na dúithche ag teacht aníos ins an macha 'n-ár gcráchant.” “Níorbh mhór,” ar sí sin, “agus doruisín beag do chur le tigh na mba sin amuigh, agus níorbh mhór duit carr do dheunamh do bharaille na cuiginne.” “Is eadh, agus rud is mó i bhfuil mé in a phráidhinn,” arsa Párthnáinín, “ná carr sleamhnáin chum roinnt aitinn do tharraing anuas de na cnocaibh nuair ná fuighbheadh aon trucail dul suas ann.” “Atá go breaghdha,” arsa Sibeul, “caint cois luaithe atá agat. Acht do-chífimíd cathoin dheunfa tu é. Agus dheunfá-sa an obair sin chomh maith le haon siuinéir, dá leigfeadh an díomhaointeas duit é.” “Atá a fhios agam féin go ndeunfainn,” arsa Párthnáinín, “acht amháin níl aon úirlis agam.” “Nuair do bhí úirlisí agat-sa,” arsa sí, “is beag aire(achas) tug tu dhóibh, agus do leig tu don meirg iad do ithe. Ná fuil a fhios agat gur imthigh gach aon rud riamh do bhí ag fear reaca, agus ag teacht leis an bhfairrge is eadh fuarais na húirlisí
sin, agus is deallrach go mbíodh na mairneulaigh ag a n-oibriughadh gach aon oidhche agus is dócha gurab iad na mairneulaigh do chaith iad.” “Cibé duine do chaith iad nó nár chaith, atá sé in a am dul a chodladh.” Nuair do éirigh sé ar maidin ní raibh aon spreóta aige ná fios cá bhfuighbheadh sé é. Do bhí sé ag imtheacht ar dearg buile ar fud an mhacha. Le n-a linn sin cia labharfadh taobh thiar dé ná an bhean úd do bhí ag lorg an bhata air an mhaidin roimhe sin. “O mhaiseadh, go bhfága Dia an t-sláinte agat,” arsa sí, “agus do bhí a fhios agam ná rabhais leath chomh olc le do chaint.” “Cadé a chúis adeir tu é sin.” arsa sé. “Nach tu do-chuaidh agus do chuir isteach an ursa aréir dom?” “Cadé an ursa a bhfuil tu ag trácht uirri?” arsa Párthnáinín, “nó an as do mheabhair atá tú?” “Ara éist, a dhuine,” arsa sí, “is tu fhéin atá go hait agus dá chomhartha gur tu do bhí ann, nár chuaidh tu anonn go dtí an leaba ag feuchaint ar an bpáiste, agus go deimhin is gairid do bhí tu imthighte nuair do chrom sí ag teacht chuichi féin. “Feuch,” arsa mise i mo aigne fhéin, “go dtáinig cabhair Dé i ngach aon t-slighidh chughainn, nuair táinig an fear so do chuir isteach an ursa dhúinn.” Do imthigh sí léi annsin, agus is gairid do bhí sí imthighthe nuair táinig an fear a raibh an leath-laidhe briste ins an chairt air. “Dar an mbaiste mhaiseadh,” arsa sé, “is tusa an fear ceart do cheilfeadh t'aigne agus dheunfadh an maith in a dhiaidh sin.” “Cadé an maith a bhfuil tu ag trácht air?” “Nach tu do-chuaidh agus do chuir an leath-laidhe ins an chairt aréir dam?”
“Go deimhin ní me.” “Go deimhin is tu, agus nach maith do theith tu nuair do éirigh mé agus do chuir tu díot suas an bóthar.” “Dar an mbaiste, atá mé dall agaibh indiu.” “Cibé slighe atá tu, is fearr do chroidhe ioná do chaint,” arsa sé, agus síos leis an bóithrín. Ní raibh sé i bhfad imthighthe nuair táinig an fear a raibh an cúpla briste ar an tigh air. “Ó mhaiseadh,” arsa sé, “ní dheunfainn aon dabht díot, agus dá mhéid argúinteacht do bhí againn ar an mbata indé, feuch gur chuaidh tu agus gur chuir tu isteach an cúpla aréir dam agus,” arsa sé, “is tu do bhí go cliste agus go hinnealta chum é do chur isteach, agus ón uair do-chuaidh tu anonn go dtí an leaba go dtí an bhean, atá sí ag dul i bhfeabhas ó shin riamh, agus do éirigh sí ó chianaibh, rud ná dearna sí le fada, agus do shuidh sí ag an teinidh ar feadh tamaill agus do fheuch sí timcheall an tighe agus adubhairt sí ná raibh sé chomh láidir ná chomh fóir- líonta ag feuchaint riamh, agus badh fhuras a aithint gur mar mhagadh do bhí tu liom indé. Ní mar shíltear, seinntear, agus is iomdha rud ait adeirmíd,” arsa sé agus do imthigh sé leis. Do éirigh Párthnáinín annsin le buile feirge, agus adubhairt sé ná codlóchadh sé aon oidhche ar aon leabaidh, agus ná híosadh sé an dara méile bídh ar aon bhórd agus ná hólfadh sé an dara deoch as aon soitheach go bhfuighbheadh sé fios, rún, nó dóigh cadé a chúis an obair seo. TAIDHBHREAMH PÁRTHNÁINÍN Do imthigh sé leis annsin agus níor stad sé gur chuaidh sé go dtí barr na faille. Do bhí sé in a sheasamh annsin ag feuchaint amach ar an bhfairrge agus do bhí an lá an-bhreaghdha agus an ghrian
an-láidir agus an fhairrge mar do bheadh bioráin agus snathada le neart teas na gréine. Do bhí sé suaidhte sáruighthe tar éis obair an lae roimhe sin, agus do ghoill an ghrian air. Níor fhág sí aon radharc in a shúilibh agus do shín sé siar cois claidhe do bhí ann agus do thuit a chodladh air. Má thuit ní trom-shuan dó, mar do shíl sé gur theangaigh sé le fear draoidh- eachta do bhí in a chomhnuidhe ar bharr na faille. Fear mór fada dubh do ba eadh é, seacht slata de earball cait mar fheusóig air, agus deich slat de fhraoch garbh mar ghruaig ar a cheann, agus nuair do raghthá ag triall air, an ghreath do chuirfeadh sé as, do thógfadh sé den talamh thu, do bhí sé chomh hallta chomh gránda sin. Ach mar sin féin do-chuaidh sé go dtí é agus do innis sé dhó cad tug é, agus do fhiarfaigh sé dhé an raibh aon chúntas aige. Adubhairt sé leis ná raibh acht go raibh tuairisg aige ar an tráigh seo le trí ceud bliadhain do ló agus do oidhche, agus ná raibh aon bhád ná long do bádhadh ar feadh na haimsire sin ná faca sé agus gach aoinneach do bhí orra, agus “má atá aon chúntas le faghbháil do-gheobha tu ó fear lár na faille é mar is sine do cheudtaibh é sin ioná mise.” Do imthigh sé leis ag triall ar an dara fear do bhí in a chomhnuidhe in lár na faille agus ba dheacair dó a shlighe do dheunamh ann ag neart draighnigh agus aitinn. Acht do-chuaidh sé síos agus ba iomadamhla agus ba mhilltighe agus ba mhicheudfhaighe an chealltair do bhí ar an dara fear ioná ar an cheud fhear. Do bhí a naoi nó a deich dhe throighthibh de bharrach mar ghruaig ar a cheann, agus sé troighthe sailighe mar fheusóig air. Do innis Párthnáinín dó cad tug é agus cad adubh- airt an cheud fhear leis. Adubhairt sé annsin go raibh aithne aige ar na tráightibh leo le sé ceud bliadhain agus go bhfaca sé gach aon chor do thuit amach ann ar feadh na haimsire sin acht ná raibh aon chúntas aige
dhó, agus “má atá aon chuntas le faghbháil agat is ó fear an scarbhaigh do-gheobha tu é.” Do imthigh Párthnáinín leis, agus ba dheacair dó é, síos tré an bhfaill, do bhí sí chomh cuirreacach, chomh mhillteach sin, acht fuair sé amach é ar ghothadh éigin, agus dá dhonacht iad an bheirt eile, ba sheacht measa an tríomhadh fear. Do bhí beul air siar go cluasa. Do bhí seacht slata báirleóg mar ghruaig air agus naoi dtroighthe feam(anna) mar fheusóig air. Do bhí eunlaith na fairrge ar fad bailighthe timcheall air ón ngoinían go dtí an chircín trágha. Do bheannaigh Párthnáinín do, agus an uallfairt do chuir sé ag beannughadh in a choinne do árdaigh sé an hata dá cheann agus do eataill na héin go léir in áirde ins an spéir, do bhain sé a leithéid sin de gheit asta. Do fhiarfaigh sé de Párthnáinín go dána, droch-mhúinte cad tug annso é nó cadé a chúis dó a chuid eunlaith do chur chum stabhail air. Do innis Párthnáinín a chúrsa dhó ó thosach go deireadh agus an fhaid is do bhí sé ag a innisin(t) dó, do bhí sé ag cur a dhá shúil isteach tríd, acht níorbh féidir leis aon chúntas do thabhairt dó go cionn tamaill mhóir. Acht i ndeireadh an ráidh thiar, do chuir sé trí chnead as agus an t-alp tug sé air, do thóg sé in áirde den talamh é, agus adubhairt sé go raibh cúntas aige dhó, acht má bhí, gurbh fada siar é, go raibh sé a fhaid siar le dhá shaoghal iomaire criadh, agus is mór an fhaid é sin, mar trí shaoghal duine is eadh saoghal fiolair agus trí shaoghal fiolair saoghal iomaire criadh, agus trí shaoghal iomaire criadh deireadh an domhain. Adubhairt sé go raibh feirmeóir ann fad ó a raibh triúr mac aige, agus aon lá amháin adubhairt an mac ba shine aca go raghadh sé ag triail a fhortúin dó fhéin agus do imthigh sé leis. I gcionn lá agus bliadhain ní raibh sé tar éis casta agus adubhairt an dara mac go
raghadh sé ar a thuairisc cibé áit den domhan i bhfuighbheadh sé é. Do imthigh sé leis agus i gcionn lá agus bliadhain ní raibh sé sin tar éis casta, agus adubhairt an tríomhadh mac go raghadh sé ar lorg a bheirt dearbhráthar. I gcionn lá agus bliadhain eile ní raibh aoinneach den triúr tar éis casta. Do bhí buachaill ag an bhfeirmeoir agus do bhí an t-an-bháidh aige leis an mac ba óige mar is ar an aon lacht amháin do tógadh iad. Do bhí an buachaill seo an- shaidhbhir gan fhios don t-saoghal, agus inneósa mé dhuit cionnus fuair sé an t-airgead. BUACHAILL AN FHEIRMEÓRA Do bhí fear ar an mbaile agus do taidhbhrigheadh dó trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighbheadh sé airgead in a leithéid sin do áit. Do bhí eagla air dul ann in a aonar agus do-chuaidh sé ag glaodhach ar an mbuachaill seo chum dul leis, agus nuair do-chuadar go dtí an áit do bhí sé an t-am mharbh do oidhche agus do bhí dubhadh na gcnoc agus na mbánta do dhaoinibh ann, agus do chuimhnigheadar gurab é an sluagh do bhí ann. Do thuit an t-anam as an bhfear so le heagla rompa, agus do bhí an buachaill seo ag teicheadh nuair do labhair an bhean leis. Adubhairt sí leis gan aon eagla do bheith air nár baoghal dó, agus do thaisbeáin sí toirín luachra dhó. Adubhairt sí leis polladh fé sin agus go bhfuighbheadh sé an rud do bhí uaidh. Do bheir sé ar an rámhainn agus do bhain sé an tor agus do bhain sé fód na rámhainne fa an áit i raibh an tor agus do mhothaigh sé an leac cruaidh fa bheul na rámhainne. Do nocht sé timcheall ar an leac annsin go bhfuair sé an rámhan do chur fúithi agus bogadh do bhaint aiste ins an t-slighidh go bhfuair sé a mheura do chur fúithi agus í do árdach in áirde.
Do bhí sé annsin thíos fa an leac, an cróicin criadh agus é lán de ór. Do-bheir sé air agus do thóg sé aníos é agus do leag sé ar an mála le n-a ais é. Do chuir sé síos an leac tar n-ais, agus do chlúdaigh sé í mar do bhí sí roimhe. Agus annsin do labhair an bhean leis, agus adubhairt sí leis go raibh a dhaothain anois aige a fhaid is do mhairfeadh sé agus “dar a bhfaca tu riamh, ná fág taobh (is) amuigh den doras é, acht tabhair leat isteach fa mhúrthaibh an tighe é, mar is amhlaidh bhíonn sé in a shliogánaibh ins an lá, agus níor bhfuláir duit mise anocht mar do bhíodar in a míltibh ar do thí.” Tug sé leis an t-airgead abhaile agus do chuir sé i bhfolach cois na leabtha(n) é, agus do fhág sé annsin é. Nuair do bhí tríomhadh mac an fheirmeóra imighthe agus gan aon tuairisc le faghbháil uaidh, do-chuaidh sé seo go dtí an feirmeoir agus adubhairt sé leis go raghadh sé féin ag lorg a mhac, cibé áit i bhfuighbheadh sé iad beó nó marbh, agus go raibh oiread airgid aige is go mbadh acfhuinn dó an domhan do chuardach síos agus suas ar fhead deich mbliadhan agus dá fhichid, agus do imthigh sé leis. Do-chuaidh an buachaill aimsire ar bórd luinge, agus tugadar trí mhí ar an bhfairrge fé bhfacadar aon talamh, acht ag deunamh isteach ar an bhfaill dóibh, do- chonnacadar coimh-thionól mór ar bharr na faille, agus croch in áirde i lár na ndaoine. Do chaitheadar síos an t-anncaire agus do chuireadar amach bád fada agus do-chuadar i dtír. Nuair do-chuadar in áirde go dtí an coimh-thionól, do bhí fear ar an gcroich, direach chum é do chrochadh. Do fhiarfaigh an buachaill aimsire cadé an chúis do bhí aca chum an fhir seo, nó an raibh aon fhaghbháil ar é do thabhairt saor. Adubh- radar leis go raibh fógra curtha amach ag rígh an
náisiuin le trí lá má dhíolfaidhe an oiread sin airgid as go dtabharfaidhe a anam dó. Do fhiarfaigh sé dhíobh cadé an chúis do bhí ag an rígh chuige go raibh sé chum é do chrochadh. Adubhadar leis go raibh abhall-ghort ag an rígh agus go raibh aon chrann amháin ann a raibh na torthaí ba bhreaghdha ins an domhan ag fás air. Níl aoinneach do leagadh a shúil orra ná tagadh canncas agus dúil aca chucha. Do cheap an rí dlighe annsin, aoinneach do thógfadh nó do íosadh aon ubhall aca, é do chur chum báis, agus nuair táinig sé seo ar an áit ní raibh fios na dligheadh aige. Do bhí sé ag gabháil tar brághaid lá agus do bhuail an-thart é. Ní raibh aon fhaghbháil aige ar aon deoch do fhaghbháil. Do-chonnaic sé an crann so agus táinig beart na sainnte air chum na dtorthaí. Adubhairt sé go mbainfidís an tart dé, agus do bhain sé a dó nó a trí de cheannaibh aca. Fé raibh ceann aca ithte aige, táinig na saighdiuirí agus do ghabhadar é. Do bhí an-bháidh ag muintir na háite leis, agus do-chuadar go léir go dtí an rí dá iarraidh air gan an buachaill bocht do chrochadh mar ná raibh fios dligheadh na háite aige. Adubhairt an rí leó, má bhí an oiread sin báidhe aca leis agus an meas sin aca air, iad do thabhairt meádhchan na n-ubhall fa cheud de ór buidhe dó féin agus do leigfeadh sé saor é. Do bhí an t-airgead ró-mhór, agus ní raibh sé ar acfhuinn aoinneach aca é do dhíol, agus “anois,” arsa siad, “atáthar chum é do chrochadh.” Do dhruid an buachaill aimsire suas le n-a ais agus cia do bheadh ann ná an cheud mhac leis an bhfeirmeoir do imthigh. Nuair do- chonnaic sé seo é do liuigh sé as aoirde a chinn agus adubhairt sé go ndíolfadh sé féin an t-airgead as. Adubhairt an rí go bhfuighbheadh sé agus fáilte acht an t-airgead do chomhaireamh amach. Do-righne, agus ní raibh oiread le haon-phinginn amháin aige. Tug sé
leis mac an fheirmeóra annsin ar bórd an árthraigh. Ní raibh aon airgead ag aoinneach aca, agus ba éigean dóibh margadh do dheunamh le capatoin an árthraigh ar a oiread sin ins an mí, agus do imthigheadar leó chum fairrge. Nuair tángadar go dtí an cuan i raibh an t-árthrach ag dul ann, do-chonnacadar cóimh-thionól mór daoine ar bharr faille, agus ba ait leó cadé an gnó do bhí aca. Do-chuadar ar anncaire ins an chuan, agus do leigeadar síos bád beag agus do-chuaidh sé seo agus beirt eile isteach innte agus do iomradar isteach go dtí an fhaill í. Do cheangladar annsin í, agus do-chuadar in áirde go barr na faille. Do bhí an- chuid daoine i dteannta a chéile ann, agus do- chonnacadar fear istigh in a lár, agus é ceangailte le teudaibh agus fear ós a choinne amach a raibh scian mhór leabhair aige agus é chum é do sháidh ins an chroidhe. Nuair do-chonnaic an buachaill é, do liuigh sé agus do screuch sé agus adubhairt sé leis gan é do dheunamh. Do stad fear na scine agus do fheuch sé timcheall air, feuchaint cia do bhí ag liúghraigh air. Le n-a linn sin táinig sé seo suas agus do fhiarfaigh sé dé an raibh aon fhaghbháil saortha ar an bhfear so. Adubhradh leis ná raibh mar go raibh rí an náisiuin tinn, agus ná raibh aon rud chum é do leigheas acht fuil chroidhe an fhir seo, “acht,” arsa sé, “má thugann tusa do lámh deas agus do shúil dheas dúinn-ne, scaoilfear an fear so.” “Agus cadé a chúis a gcaithfeadh aoinneach a lámh agus a shúil do thabhairt uaidh tar a cheann so chum go scaoilfidhe é?” “Atá,” ar siad sin, “strannséir fir é seo táinig ar an áit le déidheanaighe agus do thuit isteach in a chléireach siopa, agus do bhí sé ag deunamh go maith ann. An t-árd-cléireach do bhí ar an siopa so, do bhí sé ag deunamh bitheamhaintigheachta ar an siopa agus ar an maighistir. Do bhí na leabhra agus gach aon rud bun
ós cionn aige. Do bhí an buachaill seo chomh macánta sin is nár thaithnigh an obair sin leis, agus do-righne sé gearán leis an maighistir ar cionnus do bhí a chuid ag imtheacht, agus do gabhadh an t-árd-cléireach, agus tugadh ós comhair an rígh é chum cibé breathamhn(t)as badh mhaith leis a thabhairt air. Acht do dhaor an rí é chum a chrochta. Is é an buachaill seo do bhí ag dearbhadh air, agus nuair do-chonnaic an rí é, táinig an t-an-mheas aige air agus fuair sé an t-árd- teistiméireacht air ó n-a mhaighistir. Annsin do iarr an rí ar an mbuachaill teacht chuige féin in a mhaor ós cionn a chuid leabhra agus oibre. Ba dheacair leis, an rí do eiteach, agus do bhí dúinn air an fear a raibh sé in a fhochair do fhágbháil. Acht táinig sé go dtí an rí agus do bhí sé ag éirghe an-árd i bhfochair an rígh, agus do bhí an t-árd-mheas ag an righ air a fheabhas agus a mhachántacht do bhí sé. Do bhíodh an rí ag a rádh leis féin ná raibh aon rud do badh fhearr dhó a dheunamh ná a inghean do thabhairt dó le pósadh, mar do shíl sé go raibh an t-an-mheas ag a inghín ar an mbuachaill. Acht do bhí sean-draoi beag ar an áit agus do bhí sé do iarraidh inghean an rígh do fhaghbháil le pósadh acht do bhí a fhios aige ná raibh aon fhaghbháil aige uirri mar do bhí sí tar éis é do eiteach go minic. Acht annsin nuair do airigh sé cad do bhí an rí chum a dheunamh, do éirigh an t-eud air, agus do bhí sé geall le bheith as a chiall ar eagla go bpósfadh inghean an rígh an bua- chaill seo. Do-righne sé deoch don rígh chum é do dheunamh tinn agus fuair sé amas ar é do thabhairt dó le n-ól. I gcionn cúpla lá táinig an rí an-thinn agus do cuireadh fios ar na dochtúiribh agus ní bhfuigh- bheadh aoinneach aca a thuicsin(t) cad do bhí ag caith- eamh air. Do-chuaidh an sean-draoi annsin go dtí an rí agus adubhairt sé leis ná raibh aon rud chum é do
leigheas acht trí braoin do fhuil Éireannach, mar do bhí a fhios aige ná raibh aon Éireannach ar an mbaile acht an fear so. Adubhairt an rí gur dona an sceul é, mar ná raibh aon Éireannach ins an náisiún acht an maor do bhí aige féin, agus nár cheadaighthe leis ar an méid ba fhiú é aon eugcóir do dheunamh ar an bhfear sin. ‘Cadé an mhaith sin,’ arsa an sean- draoi, ‘nuair ná fuil aon leigheas eile le faghbháil,’ acht má tiocfadh aoinneach thabharfadh a lámh dheas agus a shúil dheas go mbeadh an leigheas ceudna ann; mar do shíl an sean-draoi go dtabharfadh inghean an rígh a lámh agus a súil ar son an fhir seo agus go mbeadh sí mí-mhaiseamhail annsin, agus nuair ná fuigh- bheadh sé féin í ná beadh sí ag aoinneach eile agus go mbeadh ainimh uirri go lá a báis. Do chuir an rí ainnsin an fógra amach, agus nuair do airigh an inghean é, do bhí sé ag deunamh an-chúram dí, acht i gcionn tamall adubhairt sí, cadé dhí féin(each) é sin? Fear strannseurdha ná feadair sí cia ar dhíobh é, ‘agus,’ arsa sí, ‘ní dheunfainn an obair sin dom athair, ní áirmhim go ndeunfainn do strannséir é.’ Agus nuair ná fuaradh aoinneach chum é sin do dheunamh ar a shon, atáthar anois chum é do sháidh ins an chroidhe.” “Cibé rud dheunfa mise,” arsa buach- aill an fheirmeóra, “ní dheunfar é sin do sháidh ins an chroidhe mar tabharfa mé mo lámh agus mo shúil ar é do scaoileadh saor.” Do scaoileadh é agus do ceangladh an buachaill bocht in a áit. Do gearradh an lámh dheas dé agus do baineadh an t-súil dheas amach as a cheann. Táinig bean eolgaiseach annsin do bhí ar an mbaile agus do ghol sí go fuidheach nuair do-chonnaic sí é, agus do-chuaidh sí agus do chuir sí luibh mhín tais cneasaighthe le n-a shúil agus le caol a láimhe agus do chuireadar díobh chum fairrge arís, é
féin agus an fear do bhíodh chum é do sháidh agus an bheirt eile táinig i dtír in a fhochair, agus nuair do- chuadar amach go dtí an t-árchrach agus do-chuadar ar bórd uirri is eadh do aithneadar an fear do bhíodar chum é do sháidh agus cia do bheadh ann ná dara mac an fheirmeóra. Ní raibh dada le deunamh ag an bhfear ar baineadh an lámh dé agus an t-súil as, acht do choingigh an captaoin ar an árthrach in a fhochair é, agus do luigh beirt mhac an fheirmeóra ag obair ar an árthrach fa réir an chaptaoin. Do-chuadar isteach annsin go baile mór agus do fholamhadar an t-ualach do bhí aca agus do thógadar isteach last eile agus do chuireadar dhíobh chum fairrge arís. Ba fhada ar an bhfairrge dhóibh fé bhfacadar aon talamh. Do éirigh stoirm annsin agus do séideadh isteach ag triall ar an talamh iad. Tárla gur isteach i gcuan sábhála do riothadar agus do chuireadar uatha a raibh do anncairibh aca. I ndeireadh na hoidhche ba eadh é. Nuair do gheal an lá do-chonnacadar i ngiorracht mhíle dhóibh árthach mór agus í caithte isteach ar na clochaibh. Do bhíodar ag feuchaint uirri, agus ní bhfuighbhidís dul in a goire mar do bhí garbhthonn mór ar an bhfairrge. Timcheall meadhón-lae is eadh do- chuaidh an lá i gciuineacht, agus tugadar fa ndeara fear ar an árthrach agus é ag bagairt a lámh orra chum dul i gcabhair air. Do chuireadar amach bád beag agus do-chuadar ag triall air, beirt mhac an fheirmeóra agus an buachaill aimsir. Nuair do- chuadar gairid dó, do aithneadar é. Cia bheadh ann ná tríomhadh mac an fheirmeóra. Do bhí sé in achrann is na teudaibh agus ní bhfuighbheadh sé é fhéin do scaoileadh do bhí sé chomh traochta sin ag gála agus ag fairrge. Adubhairt an buachaill aimsir go gcaithfeadh sé féin é do thabhairt saor leis, dá mbadh
amhlaidh so dó a anam féin do chailleamhain(t) leis. Do bhí an bheirt eile do iarraidh é do choimheud ins an mbád, acht do chaith sé é féin ins an bhfairrge, an fear bocht do bhí ar leath-láimh agus ar leath-shúil, agus do- chuaidh sé ar snámh ar a dhrom ag triall ar an árthrach. Do chuaidh sé in áirde uirri agus do luigh sé ag réidhteach an fhir agus ag a scaoileadh. Nuair do bhí réidhte ann- sin aige, do bhí sé chomh fiadhain is ná fuighbheadh an bád teacht gairid don árthrach agus ba éigean do na fearaibh do bhí ins an mbád ceann de na bataibh rámha do chaitheamh chucha agus teud do chur as. Do cheangail sé an bata rámha annsin fa dhá oscaill an fhir, agus do leig sé síos ins an bhfairrge é. Do tharraing na fir do bhí ins an mbád chuca leis an teud é, agus do thógadar isteach ins an mbád é. Nuair do bhí sin deunta aca, adubhadar leis an mbuachaill aimsir go gcaithfidís an bata rámha ar an t-slighidh cheudna chuige. Adubhairt sé leó é do dheunamh. Acht fé raibh sé do uain aca é sin do dheunamh, táinig tonn mór do sciob an t-árthrach anuas den charraig agus do-righneadh dá leath dí fa n-a chosaibh agus do-chuaidh sé síos ar an áit sin. Ní fhacadar aon phioc dé as sin amach no go bhfuaradar báidhte é. Do chuireadar díobh amach go dtí an t-árthrach arís go dubh, dubhrónach agus adubhradar leis an gcaptaoin stiúradh go dtí a leithéid sin do chuan, go rabhadar ag dul abhaile go dtí a n-athair. Do-righne an captaoin mar adubhradar leis agus i gcionn dá lá is eadh do bhuail- eadar cuan. Do fhágadar slán ag an chaptaoin agus ag muintir an árthraigh agus do-chuadar i dtír i mbaile do bhí ann ná raibh i bhfad ón áit ba as iad féin. Do chuireadar díobh abhaile annsin go dtí a n-athair, agus nuair do shroiseadar é, níor aithin an t-athair aoinneach aca. Nuair do inniseadar dó ciarbh
iad iad, do fhiarfaigh sé dhíobh an raibh aon tuairisc aca ar an mbuachaill do bhí aige, do imthigh ag a lorg ar fud an domhain. Adubhradar leis go raibh, go raibh sé báidhte in a leithéid sin do áit, agus do innis- eadar dó gach aon chur mar do bhí agus cionnus tug sé saor iad féin(each) ó dhuine go duine agus gur chaill sé a anam leis an tríomhadh duine aca. Do fhiarfaigh an t-athair annsin den mac ba óige cad tug ar an árthrach é agus cad do choingigh uirri é i bhreis ar aoinneach eile. Adubhairt sé go mba éigean dó fuireach uirri mar gurbh é an captaoin é. Do fhiarfaigh an t-athair de annsin cad do-righne cap- taoin dé nó cia tug árthrach dó. EACHTRA AN TRÍOMHADH MIC “Nuair do imthigheas-sa uaith-se,” arsa sé, “ag dul ag triail mo fhortúin dam féin, do thriall mé siar ag iascaireacht. Agus aon lá amháin do bhíomar i bhfadh chum na fairrge, mar do bhí stoirm tar éis bheith ann agus do chuir sé na líonta chum fáin uainn ins an slighidh go rabhamar ag imtheacht ag a lorg ar fud na fairrge. Do-chonnacamar an t-árthrach mór ag teacht ag triall orainn agus comharthaí píolót- aidhe in áirde aici. Do-righneamar uirri, mar do shíleamar gur píolótaidhe do bhí uatha, agus nuair do-chuamar taobh léi, do labhair an captaoin linn, agus do fhiarfaigh sé dhínn ar raghadh beirt nó triúr againn leis, go raibh uireasbaidh fear air mar gur scuabadh tar bórd ceathrar dá chuid fear ins an ngála an lá roimhe sin. Do phreab mise ar an nómaint agus adubhairt mé go raghainn féin leis mar do bhí mé sásta den iascaireacht. Do labhair beirt eile de na fearaibh agus adubhradar go ragh- aidís féin i mo fhochair. Do-chuamar ar bórd an árthraigh, agus do fhágamar slán ag ár gcomráididhthibh,
agus tugamar ár n-aghaidh chum fairrge nó gur bhuail- eamar cuan in Africa. Do fholamhamar an t-árthrach annsin, agus do líonamar le mianach an airgid, le piobar, le cánaibh siúcaire agus a leithéidí sin í. Tugamar ár n-aghaidh ar an domhan thoir. Ní rabh- amar ach cheithre lá chum fairrge, nuair do-chonnac- amar seól ins an radharc uainn. Do bhí na mair- neulaigh ag a thabhairt fa ndeara, agus ba ghairid gur aithin an captaoin gur árthrach ropairí í, agus adubhairt sé linn go rabhamar réidh anois nó riamh. Adubhairt mise leis ná rabhamar agus má thabharfadh sé mo shlighe féin dam ar an árthrach gur chruaidh an croidhe do bhí aca nó go mbeimís ró-mhaith dhóibh. Adubhairt an captaoin liom ná raibh aon mhaith dhó mo shlighe féin do thabhairt dam, mar go raibh mé ró-dhall. Adubhairt mé leis mé do cheistiughadh agus do-righne. An cheud cheist do chuir sé orm: “Iascaire is eadh tusa; má is eadh, cadé an breac is gasta ann?” “An breac atá san abhainn,” arsa mise, “nár gabhadh fós.” An dara ceist, “Cadé an captaoin is measa ar árthrach beag?” “Captaoin an árthraigh mhóir,” arsa mise. An tríomhadh ceist, “cadé an last is conntabh- airtighe in árthrach?” Adubhras-sa leis, last guail nó arbhair nuair théidh(eann) an t-uisce ionnta. “Cionnus dhearfá é sin?” arsa an captaoin. “Mar sin, nuair théidh(eann) an t-uisce ins an arbhar, atann sé agus scoilteann sé an t-árthrach, agus nuair fhliuchtar an gual téidheann sé agus lasann sé.” “Atá na trí ceisteanna réidhte agat,” arsa sé, “acht geallaim-se dhuit go gcuirfead-sa ceist ná réidhteóchadh do dhicheall.”
“Má is eadh, cuir leat í,” arsa mise. “Cia hé an duine,” arsa sé, “bhíonn ag síor- thabhairt uaidh agus ag síor-choimheud?” “Fear foghlumtha,” arsa mise, “mar an fios thug- ann sé uaidh, fanann sé aige féin i gcomhnuidhe.” “Maith an buachaill thu,” arsa sé, “is aibig iad do mheabhair agus do bhriathra. Ní chuirfead ort acht an cheist seo; Cadé an lá is sia uainn?” Do bhí an freagra go pras agam: “Lá aghaidh an t-srotha ar an sliabh, lá caint ag an mbreac, lá ciall ag na mnáibh.” “Tar slán, a bhuachaill ón Rinn,” arsa sé, “bíodh an t-árthrach agat, agus oibrigh i do rogha slighe í.” Adubhairt sé leis na fearaibh go gcaithfidís bheith toiltheanach le gach aon rud dhearfainn-se leó do dheunamh agus adubhradar go mbeidís. Do shocraigh mé gach aon fhear annsin in a áit féin. Do-chuaidh mé féin(each) agus triúr fear eile agus tugamar cheithre plainnc linn in áirde is na slataibh agus do-righne- amar urlár díobh in áirde i slataibh an chrainn mheadhóin. Do bhí sean-sheól díomhaoin againn agus do-righneamar cábán in áirde dhe chum ná beadh aon radharc orainn ná ar cad do bheimís a dheunamh. Fuaramar roinnt luaidhe annsin agus do chuireamar isteach i gcorcán mór é agus do bhí chóir teineadh againn agus do leaghamar ar an teinidh é. Fuar- amar dhá bharaille piobair ón gcaptaoin agus do- righneamar urlár eile cláracha thiar ar an gcrann deiridh agus urlár eile ar an gcrann tosaigh, agus do chuireamar baraille in áirde i ngach crann aca. A raibh de fhearaibh thíos, tug mé órdughadh dhóibh ciar- súirí do chur ar a n-aghaidh, agus gach aon fhear do bheith ar a leath-ghlúin, agus leigint orra an-eagla do bheith orra agus gan na claidhte do thabhairt le feic- sin don namhaid, agus aire(achas) maith do dheunamh
agus, nuair do chuirfeadh na ropairí an ráil trasna, bheith preabtha isteach ar an árthrach chucha agus adubh- airt mé leis an gcaptaoin a dhicheall do dheunamh agus an t-árthrach do choimheud ar thaobh na gaoithe díobh. Le n-a linn sin táinig sí cliathánach. Do bhí na ropairí ar fad i gcóir chum catha agus deallradh mhillteach mí-ghnéitheach orra agus iad ag faobhrughadh a gcuid claidhte mar do bheadh daoine fiadhaine. Do bhí a thuilleadh aca in achrann ins an ráil agus í in a seasamh ar a ceann aca agus iad chum í do scaoileadh trasna ar ár n-árthrach-na. Le n-a linn sin, do leigeas-sa leis an luaidhe leaghta anuas is na plaoisc orra, agus an méid ar fhan ionnta teicheadh do riothadar go dtí tosach agus go dtí deireadh an árthraigh, agus do bhí an comhartha ag fearaibh an phiob- air agus do leigeadar an dá bharaille piobair anuas orra, agus do chaoch sé agus do mhúch sé iad agus do bhain sé as a meabhair iad, agus do chuir sé ag preabarnadh agus ag sraothartghail ar fud an árthraigh iad. Le n-a linn do phreab ár gcuid-ne fear isteach agus do bhuaileadar buille thall agus i bhfus orra agus do scothadar na cinn díobh. Agus a raibh dóighte díobh ag an luaidhe, do chuireadar ins an ghaise iad, agus ar mharbhadar díobh tugadar an chríoch cheudna orra. Do chuard- aigheamar cábán an árthraigh annsin agus do bhí sí lán de ór agus de airgead agus de gach aon saghas iol-mhaitheas agus cad do bheadh i ngabhann thíos ins an chábán aca ná beirt fhear, agus prionnsa ba eadh duine aca agus buachaill do bhí aige an duine eile. Adubhairt sé go raibh sé gabhtha le trí bliadhna agus gurab iad na ropairí ba mhilltighe do bhí ar an bhfairrge iad agus gur measa iad ioná an stoirm is mó tagann ins an ngeimhreadh agus é do sheasamh ar feadh ráithe, agus ná raibh ucht ná anam ionnta, truagh
ná taise, agus “fad ó,” arsa sé, “do bhí mise marbh aca acht do bhíodar ag fuireach go bhfuighbheadh mo athair bás, mar do bhí a fhios aca go bhfuighbhidís cuid mhór airgid as mise do scaoileadh mar ní raibh aon oighre ar an ríoghacht acht mise agus do bhí a fhios ag muintir an náisiuin gur aca do bhí mé gabhtha.” Do scaoileamar annsin é agus adubhramar go dtabhar- faimís abhaile go dtí a náisiún féin é, mar an áit i rabhamar féin ag dul ní raibh sé i bhfad uaidh agus ní dheunfadh sé mórán mí-chomhgair dúinn. Do thógamar ár seólta geala binn-ghlóracha tríd an fhairrge chaoith- each leathan mar a raibh eala ar bharr na dtonn, ear- ball na n-eascún ar an ngainimh, an míol mór ag fiadhach na dtuinníní, agus an preuchán bán ós a gcionn ag screadadh agus níor bhain sé i bhfad dínn dul go dtí náisiún an phrionnsa. Nuair do- chuamar ann agus do airigh rí an náisiuin é, táinig sé ar ár n-éileamh agus ar éileamh a mhic. Nuair táinig sé chughainn, do bhí luthgháir agus áthas an domhain air, agus nuair do inniseadh an cúrsa dhó agus cionnus do bhí, ní bheadh sé sásta gan mise do thabhairt leis abhaile. Do-chuaidh mé leis ar feadh cúpla lá. Do chuir sé cuireadh cóisir amach go dtí uaisle an náisiuin idir phrionnsaí agus ridirí agus mar do bhíodar agus tánagadar lá ar n-a bháireach. Nuair do bhí an cóisir ag a chaitheamh annsin, do chuir sé mise i mo shuidhe ar thaobh a láimhe deise. Do éirigh sé in a sheasamh agus do labhair sé leis an gcuideachtain agus adubhairt sé leó go raibh a fhios aca cionnus do bhí sé indé agus arabh indé agus gach aon lá le trí bliadhna, mar go raibh sé in a fhear aosta agus gur beag dá shaoghal do bhí le caitheamh anois aige no go sínfidhe ins an chré é ag tabhairt an fhéir fa an iom- aire caol agus leac ag a cheann, agus dá dtiocfadh
an bás air, agus gan a mhac do bheith le faghbháil, ná beadh aoinneach ann chum an náisiún do riaghladh ná comhairle a leasa do thabhairt do na daoinibh i gcoinne namhad. “Agus,” arsa sé, “ó is é seo do fhuascail mo mhac ní fheadar cionnus is maith dham an chomhar do dhíol leis, acht ó bhí sé chomh maith dh'fhear is dóigh liom ná fuighbhinn é do dhíol níos fearr ioná mo inghean do thabhairt le pósadh dhó, agus lán an dá bharaille i raibh an piobar ionnta do ór do thabhairt do in a fochair. Adubhairt mé leis, “A dhuine uasail, agus a rí onóraigh, is é nós atá ins an mbaile againn-ne gan aoinneach do phósadh ná beadh toil athair agus máthair leis, agus buidheachas le Dia atá mo athair agus mo mháthair-se beó in Éirinn fós agus caithfe mé dul agus a mbeannacht do fhaghbháil.” “Déin do rogha rud,” arsa an rí, “agus tabharfa mise an t-árthrach is fearr dá bhfuil agam duit agus do dhaothain fear agus bí féin mar chaptaoin orra agus tabhair leat cibé iol-mhaitheas is maith leat mar chomhartha dod athair gurab í an fhírinne ghlan atá agat agus fág aige gach ar mhaith leat dé.” Do imthigheamar chum fairrge ar maidin agus táinig an gála orainn nuair do bhíomar an-ghairid don mbaile, agus do cuireadh ar an bhfaill sinn. Agus do imthigh na fir go léir ó dhuine go duine ag triall ar an bhfaill agus choingigh mé féin greim ar an árthrach go dtáinig cabhair orm. Ba é an doghadh liom an t-árthrach agus a cuid iol-mhaitheasa do bheith caillte. Acht cadé an dóighteacht iad sin do bheith caillte seach is an fear bocht do chall a anam chum mise do thabhairt saor. Nuair do airigh an t-athair an sceul sin, is beag nár chaill sé a chiall agus do fhiarfaigh sé dhíobh an bhfuaradar a cholann. Adubhradar leis ná fuaradar. Do chuir sin ar buaidhreamh go mór é, agus adubhairt sé leó go gcaithfidís dul agus a cholann do fhaghbháil
cibé áit i bhfuighbhidís í agus í do chur, agus adubhairt sé go raghadh sé féin in a bhfochair. Do imthigheadar leó annsin lá ar n-a bháireach agus tángadar go dtí ar áit ar bádhadh é, agus do chuardaigheadar árd agus íseal dó, agus do-chuadar go dtí a muiníl ins an bhfairrge ag a lorg. Tugadar seacht lá agus seacht n-oidhche ar an gcuma sin agus nuair do theip orra é do fhaghbháil do bhíodar ag casadh abhaile agus ar a ndul suas ins an bhfaill is eadh fuaradar sínte ar phoirtín glas é. Do bhí sé comh leagtha amach is dá mbeadh seisear timcheall air, gan ainimh ná smáchail ná aon phioc de rian na fairrge air. Adubhairt an t-athair gur dócha gur annsin do réir deallraidh badh cheart é do chur. Do-righneadar uaigh dó annsin, agus do bhíodar ag 'a chur nuair táinig sean-duine beag aosta do bhí ar an mbaile, agus do innis an t-athair dó gach a ndearna sé chum a thriúr mac féin do thabhairt saor, go dtug sé a raibh ins an t-saoghal aige chum a mhac ba shine do thabhairt saor, agus go dtug sé an dá bhall ba mheasa dá cholann chum an dara mac do thabhairt saor, agus ar son an tríomhadh mac do chaill sé an t-anam, rud ba mheasa ioná an saoghal. Adubhairt an sean-duine, do réir mar do- righne sé an mhaith saoghalta go mbeadh buaidh aige chum an mhaith do dheunamh marbh, agus aoinneach do chodlóchadh ar an áit seo go mbeadh an maith le deunamh aige. Agus do choidlighis ar an áit sin, ar phort an fhir bháidhte, arsa fear an scarbhaigh le Párthnáinín, agus atá a shliocht air, do-righne tu trí mhaith an oidhche sin, agus má do-righnis féin, is gan fhios duit é, agus ní cóir a bhuidheachas do bheith ort, agus ó fuair tu an ainm nár thuillis, téighir abhaile agus tuill í” Sin é an taidhbhreamh do-righneadh do Phárthnáinín. Ní
chuirfeadh an saoghal in a luighe air gur ag taidhbhreamh do bhí sé in aon chor. Nuair do dhúisigh sé agus do oscail sé a shúile, do-chonnaic sé an ghrian ag éirghe thoir go soillseach aníos as an bhfairrge. Do phreab sé in a sheasamh agus do ghluais chum siubhal abhaile go dubhach, brónach. Táinig Párthnáinín abhaile stolltha, stractha, scraoil- the agus nuair do-chonnaic an bhean ag teacht isteach é, do bhuail sí a dhá bais agus do fhiarfaigh sí dhé: “Ó'se, cabhair Dé chughainn, a Phárthnáinín, cad do bhain duit, nó cá rabhais ar feadh na hoidhche, nó cad do chuir an íde sin ort féin, agus ar do chuid eudaigh, nó cad dheunfa mé in aon chor? Cionnus bheidh siad le n-a chéile agam i gcomhair Domhnaigh na féile agus gan an dara culaidh agat?” “Ara, éist do bheul, a bhean, agus leig dom féin(each). Ní beag liom mo dhonacht féin, tar éis na hoidhche agus gan tusa do bheith ag tabhairt aghaidh do bhéil anois orm, agus badh cheart duit dul ar mhol do dhá ghlúin agus buidheachas do thabhairt le Dia nach fuar, marbh atá mé ag teacht isteach chughat ar maidin.” “Ara, cadé a chúis, nó cad do bhí ar do thí nó cá rabhais ar feadh na hoidhche?” “Ara, mise do-chonnaic an radharc agus do ghabh tré an anró aréir. Seo, brostaigh ort agus cuir síos cupán té dham go mear. Atá sé dian, má mhairim go mbeidh sé i gcóir agat, agus beidh mé ag seanchus duit nuair bheidh mo dhaothain ithte agam.” “Dar an mbaiste, caithfe tu fuireach leat féin ar feadh tamaill, mar níl aon bhraon bainne agam agus caithfe mé dul dá iarraidh.” “Is cuma liom cad dheunfaidh an bainne ar feadh na hiarrachta so. Ólfa mé dubh é.” “Má ólfair, atá mo aistear ar gcúl, agus ní fearr liom bheith ag dul fa n-a dhéin.”
Do bheirbhigh sí an té go luath, euscaidh. Ba fhada léi go n-aireóchadh sí cadé an conntabhairt a raibh sé ann. Nuair do bhí an té ólta aige, do innis sé dhí gach aon rud mar do bhí i rioth na hoidhche agus cad do ghabh sé tríd, agus do chaith sí í féin(each) ar mhol a dhá glúin ag tabhairt buidheachas le Dia go dtáinig sé saor chuichi, agus adubhairt sí leis go raibh maith éigin deunta aige i rioth a shaoghail, mar meireach do bhí, ní bhfuighbheadh sé teacht as na conntabhartaibh sin. Adubh- airt sé sin ná raibh, ná dearna sé luach leath-phingne mhaith dhó aoinneach riamh acht ná beadh sé mar sin feasta, ní raibh aon rud do iarrfaidhe air a dheunamh ná deunfadh sé é, agus gur cuma leis cia do iarrfadh air é ná tabharfadh sé an t-eiteach do aoinneach le n-a shaoghal arís. “Dar an mbaiste,” ar sí sin, “is minic tugas-sa comhairle dhuit acht ní raibh aon mheas agat orm féin ná ar mo chomhairle. Ó, is díreach é gur fíor é an sean- fhocal ná bíonn aon mheas ar chomhairle óinsighe, agus badh fhéidir gur minic gur fearr comhairle ó óinseach ioná comhairle ó ughdar.” “Ná bíodh eagla ort, a Shibeul, ná go bhfuair mise an chomhairle aréir agus go ndeunfa mé an chomhairle sin an fhaid is mhairfeadh.” Do-chuaidh Párthnáinín a chodladh an oidhche sin, agus geallaim duit gur aige do bhí an phráidhinn leis agus is dócha nár oscail sé súil agus nár chorraigh sé cos go maidin. I gcionn cúpla lá do-chuaidh sé síos go dtí barr na faille agus do-chonnaic sé buachaillín thíos ar an tráigh. Do-chuaidh sé síos go dtí é. Do bhí an buachaillín fliuch, báidhte. Do fhiarfaigh sé dhé cad do bhí air. Adubhairt an buachaillín go n-óbair go mbádh- faidhe ins an ngaibhlín sin amuigh é, mar gur chuaidh
sé amach ag piocadh grómhán ar an oitir sin amuigh, “agus, a Phárthnáinín,” arsa sé, “badh fhearr dhuit cabhas do dheunamh dhúinn ins an slighidh go bhfuigh- bhimís siubhal amach ann agus ná fliuchfaidhe aon lá eile sinn.” “Nach gairid duit fuair tu leigheas do ghnó?” arsa Párthnáinín. Ba ghairid go dtáinig buachaillín eile, agus adubhairt sé leis gur maith an rud an cabhas do chur ann mar go bhfuighbhidís bheith ag dul amach ag baint gibíneach agus gach aon rud do bheadh uatha. “Dar an mbaiste,” arsa Párthnáinín, “is mise do-gheobhadh duadh na hoibre chum a shult do bheith agaibh-se.” Táinig gearrchailí annsin agus do-chuadar in athchuinghe na naomh ar Phárthnáinín chum an cabhas do chur ann. Adubhradar gur breaghdha dhóibh bheith ag rioth isteach agus amach ann lá breaghdha samhraidh nuair do bheadh an ghainimh tirim te ag an ngrian.” “Is é an bhraich gan leann díbh bheith ag braith ar an gcabhas sin. Níorbh bheag dom cuid agaibh gan sibh ar fad do theacht dam chrádh(chant).” Do imthigh sé leis abhaile, agus i gcionn na hoidhche táinig sé agus do-righne mar adubhairt na páistí leis, mar is gan fhios badh mhaith leis an maith do dheunamh. I gcionn a dó nó a trí de laetheantaibh táinig na buachaillí ag glaodhach air. Adubhradar leis go raibh dhá bhád bheaga aca agus go rabhadar chum iad do chur ag rioth ráis ar an bhfairrge, ag feuchaint cio'ca aca badh mhire agus go raibh carraig mhór amuigh ag tráigh mhara agus nuair tiocfadh na báid timcheall uirri go mbeadh an áit ró-dhoimhin agus ná fuighbhidís féin dul amach, “agus badh fhearr dhuit teacht linn-ne, a Phárthnáinín,” arsa siad sin, “agus do chleath iascaire do thabhairt leat agus dul do shnámh amach go dtí an charraig agus nuair raghaidh na báid amach go dtí an charraig, do-gheobha tusa casadh do bhaint asta, agus
tiocfaid siad isteach chughainn-ne arís agus beidh an ghaoth cliathánach aca in gach slighidh. “Dar an mbaiste, a pháistí,” arsa Párthnáinín, “atá mé liath agaibh. Mar sin féin, deunfad díbh é.” Do-righne, agus do bhí na chomarsain ar fad ag stealladh magaidh fé(ig), agus do bhí iongantas mór orra go ndearna sé é féin chomh acrach sin, mar ná raibh mórán den acra riamh ann. Do bhí scata páistí lá cois claidhe agus iad ag sugradh dhíobh féin ag deunamh botháiníní. Do bhí gach aon saghas cleite aca, mar dhúmas gur cearc agus siníní iad. Táinig lóithne mhór gaoithe, agus do shéid sí a raibh do chleitibh aca amach ins an bhfairrge. Adubhradar ná feadradar cad dheun- faidís muna raghadh Párthnáinín amach fa n-a ndéin dóibh. Do-chuadar go dtí é, agus níor chuir sé cnag in a mhala ach do imthigh sé leó go humhal. Nuair do-chonnaic na comharsain ag imtheacht é, do chromadar ag liúghraigh agus ag magadh fé agus do- chuadar in a dhiaidh go dtí barrna faille. “Aghaidh dhe dhe!” ar siad sin, “feuchaidh amach, an t-amadán ag dul i gconntabhairt a bháidhte mar ghéilleadh do scata páistí. Atá sé dian nó im- theóchaidh sé amach in a throiplín troisc.” “Ní dheun- faidh,” arsa ceann aca, “mar is gairid go dtabhar- faidh a chuid amadántamhlacht cosa fuara dhó.” Do bhí beagán suim ag Párthnáinín in a gcuid cainte, acht é do iarraidh breith ar na cleitibh ó cheann go ceann. Do bhíodar go léir aige go dtí aon cheann amháin agus do bhí an ceann sin tamall uaidh agus é ag éirghe síos agus suas ar bharr na dtonn. Nuair tugadh sé iarracht ar bhreith air, do shéideadh an ghaoth uaidh é. Do lean an cleite ag im- theacht uaidh, go dtug sé amach tamall mór ins an
bhfairrge é. Do bhí sé díreach chum breith air nuair do éirigh tonn mór agus do chuir den iarracht sin go tóin poill é, agus tug sé fa ndeara mar do bheadh súil iarainn aníos as an ngainimh. Adubhairt sé leis féin(each) go raibh slabhradh nó rud éigin annsin agus go dtiocfadh sé fa n-a dhéin ins an oidhche. Nuair do éirigh sé ar bharr an uisce annsin, do shnámhaigh sé isteach agus tug sé na cleití do na páistibh agus do imthigh sé leis abhaile, agus do theirmigh sé a chuid eudaigh. I gcionn na hoidhche do-chuaidh sé síos arís go dtí an trágh, agus do aithin sé an áit a bhfaca sé an t-súil iarainn. Nuair do bhóg sé aníos í, cad do éireóchadh aníos léi acht píosa mór mar do bheadh píosa óir. Do bhí corr-iasc mór deunta ar thaobh dé, agus ar an taobh eile do bhí scileud agus é ar crochadh as croich. “Mo ghraidhin mo thuairim,” arsa sé, “ba fhíor í do aisling, a Phárthnáinín.” Adubhairt sé leis féin gan chuid den iol-mhaitheas é seo do bhí ins an árthrach a raibh tríomhadh mac an fheirmeóra uirri, mar gan bhain taobh dé leis an domhan thoir, agus an taobh eile le hÉirinn, agus gur le mórtas fuair an mac é chum é do thabhairt abhaile, mar is é an domhain thoir do fhág sé nuair do bhí sé ag teacht go dtí Éire, “agus is dócha,” arsa sé, “nach i dtaobh leis an méid seo atá an áit seo, acht ní bhacfa mé le n-a thuilleadh anocht go dtí istoidhche i mbáireach.” Tug sé sé oidhche na seachtmhaine ag tarraing(t) iol- mhaitheasa ins an slighidh go raibh a thógbháil aige, agus ná feadair aoinneach cad do ba fhiú é. Ba ghairid gur thóg sé teach breaghdha ná raibh a leithéid ins an dúthaigh. Do cheannaigh sé feirm thalmhan. Do bhí sé annsin mar ba mhaith leis. Do bhí ba ar chnoic aige, bainne ar thubán aige, uachtar i mbaraille aige, im in a fheircínibh aige, agus airgead in a charnaibh fa an bhfraigh aige.
RANN AN SCEULAIDHE. Do-chuas isteach i gcoill agus do-chonnaic mé slat féithleoige. Do bhaineas agus do fhigheas ar a chéile í. Do-chuas isteach i gcoill do bhí le n-a hais. Do- chonnaic mé slat féithleoige. Do bhaineas agus do- fhigheas ar a chéile í. Do-chuas isteach ins an tríomhadh coill. Do-chonnaic mé slat féithleoige. Do bhaineas agus do fhigheas ar a chéile í. Tug mé liom abhaile iad, agus oidhche Shamhna agus an adharc dá séideadh agus an rann dá rádh, do fhigheas mo thrí slata ar a chéile. Do-righneas aon t-slat amháin díobh, agus sin é is dáltha mo scéil-se.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services