Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Árthach an Óir

Title
Árthach an Óir
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Compiler/Editor
Ó Doghair, Pádraig
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I.



ÁRTHRACH AN ÓIR.



Do bhí feirmeoir i mBaile mhac Airt agus feirm mhaith
talmhan aige. Cárthach ó Dubhshláine a ainm. Ní raibh
aoinneach aige acht é féin agus a bhean agus aon mhac
amháin. Cathal ba ainm don mac so. Do bhí an t-an-
chion aca ar an mac nuair ná raibh aca acht é, agus do
thógadar le scoil agus le léigheann é. Ní théigheadh
lagadh air gach aon lá acht ag deunamh báid bheaga
agus ag dul ionnta ag ciosa na taoide. Do bhíodh
eagla ar a athair agus ar a mháthair go mbádhfadh na
báidíní é, agus do bhídís ag a mbriseadh air, agus do
bhíodh buaidhirt agus buile air gach aon tráthnóna nuair
tagadh sé ón scoil agus na báid briste air.
Adubhairt an t-athair ins an deireadh go gcaithfeadh
sé bád do cheannach dó. Do cheannaigh agus do
bhídís araon ag iascaireacht innte gach aon tráthnóna
samhraidh. Acht aon oidhche amháin i dtosach an t-samhraidh
do bhíodar ar an bhfairrge agus do bhí sé an-fhuar.
Do bhíodar tamall maith amach. Le tuitim na hoidhche
tugadar fa ndeara an mothall dubh ins an bhfairrge
gairid dóibh. Ní bheadh aon t-sásamh ar an mac
nuair do-chonnaic sé é gan tarraing suas agus dul
do iarracht air, acht ba dheacair leis an athair é do
dheunamh. Mar sin féin do-chuadar fa n-a dhéin.


L. 2


Cad do bheadh ann ná fear a raibh gruaig agus feusóg
fhada liath air. Fear a raibh tonn mhaith dá aois caithte
aige ba eadh é. Do labhradar leis as Gaedhilg, agus
ní bhfuighbhidís a thuicsin cadé an freagra tug sé
orra. Annsin adubhairt an t-athair leis an mac
Beurla do labhairt leis, agus do labhair agus ba é
an freagra ceudna é. Ní raibh Beurla ná Gaedhealg
aige agus is amhlaidh do bhí sé ag deunamh cainte na
mbodhar agus na mbalbhán leó ag crothadh a chinn agus
ag oibriughadh a lámh, acht do thógadar isteach ins an
mbád é. Agus annsin do bhí sé ag a chur in iúl dóibh
go raibh a chuid eudaigh fliuch agus é do chur i dtír.
Ba dheacair leis an bhfeirmeoir dul isteach leis mar
do bhí an t-iasc in a shlaodaibh le marbhadh aige, agus
do bhí eagla air dá raghadh sé isteach go gcaillfeadh
sé an t-iasc nuair do chasfadh sé. Do bhí an oidhche
an-fhuar agus do bhí sé ag cur cuisne, agus adubh-
radar má fhágfaidís an t-eudach fliuch uimig go
mbeadh sé tar éis bháis ar maidin. Ní raibh aon rud
le deunamh annsin aca acht an t-eudach do bhaint de
agus an cábla do bhí ins an mbád do chasadh air agus
é do fhighe go tiugh air ó bhonn go baitheas agus é do
fhágbháil sínte ins an mbád go maidin. Nuair do
gheal an lá annsin, do tharraingeadar suas agus do
chuadar i dtír agus bád mór éisc aca. Nuair do
bhíodar ag dul abhaile, ní bhfuighbheadh an fear siubhal
leis an gcábla timcheall air agus do chaitheadar é do
bhaint de agus a chuid féin eudaigh do chur air, an fhaid
is do bheidís ag dul go dtí an teach. Nuair do-
chuadar isteach ba ait le bean an tighe cadé an
saghas náisiúnach fir do bhí in a bhfochair, acht do
bheannaigh sí dhó agus do chuir sí fáilte roimhig. Do
shín sé a dhá láimh amach agus do umhlaigh sé dhí agus
an freagra tug sé uirri, do chuir sé scannradh


L. 3


croidhe uirri, mar níor airigh sí a leithéid de chaint
roimhe sin riamh. Acht do bhagair fear an tighe air chum
dul in áirde an staighre go dtabharfadh sé eudach
tirim chuige, agus do imthigh. Nuair do bhí an t-eudach
air táinig sé anuas agus do shuidh sé síos cois na
teineadh, agus do chuir sé a mheur in a bheul agus do
bhí sé ag a tarraing ag a chur in iúl do fhear an tighe
gal tobac do thabhairt dó, agus tug agus do bhí sé
an-shámh. Do bheirigh bean an tighe an ciotal go luath
léir agus fuair sé a dhaothain le n-ithe agus le n-ól.
Do bhí gach aon rud go han-mhaith annsin acht ná feadair
aoinneach aca cad adeireadh an duine eile acht ag
tabhairt buille fa thuairim do gach aon rud as
bagarthaibh. Do fhan sé in a bhfochair annsin. Do
bhíodh sé isteach agus amach agus ag deunamh acraí
go leór dóibh timcheall na mba agus mainís bheag ar
fud an tighe, agus i gcionn roinn laethe(anta) do
thuigeadh sé cuid mhaith dá ndeiridís, agus i gcionn
cúig nó sé sheachtmhainíbh do bhí roinn Gaedhilge
foghlumtha aige agus ba ghairid go bhfuair sé a chur
i dtuicsin dóibh cia ar dhíobh é agus cadé an gnó do
bhí aige. Fear ón Spáinn ba eadh é, agus tug sé
urmhór a shaoghail ar an bhfairrge in a mhairneulach ó
do bhí sé sé bliadhna deug do aois. Sandro Báitia
do bhí mar ainm air. Nuair do airigh muintir na
háite an ainm do bhí air, is é rud adeiridís ná Sean-
draoi Báidhte. Aindrias tugadh muintir an tighe air.



Ba mhaith an seanchaidhe é, agus aon oidhche amháin do
bhí sé ag seanchus dóibh cois na teineadh agus adubhairt
gur chuaidh sé ar árthrach amach go dtí na hIndiacha.
Do airigh sé clos-trácht go raibh an-thuarastal ag
baint an óir, agus do imthigh sé, é féin agus beirt
eile de na mairneulachaibh do bhí ar an árthrach in a
fhochair. Do bhain sé dhá lá agus dhá oidhche dhíobh ag


L. 4


dul go dtí an áit i raibh an t-ór mar do bhí sé an-
fhada isteach ins an tír. Acht fuaradar an obair gan
mhoill, agus i gcionn dá bhliadhain do bhí cuid mhaith óir
aca féin agus do chuireadar a gcomhairle i dteannta
a chéile chum dul abhaile go dtí an Spáinn agus go
raibh a ndaothain óir anois aca an fhaid is do
mhairfidís. Acht do bhailigheadar a raibh de ór aca
agus do chuireadar chum bóthair go dtí an baile mór
ceudna ar chuadar i dtír ann dhá bhliadhain roimhe
sin. Do bhí cuid mhaith airgid aca i bhfochair an óir
agus do cheannuigheadar árthrach iad féin agus
fuaradar captaoin chum iad do thabhairt abhaile agus
do bhíodar féin in iúl ar gach aon rud eile do bhain
leis an árthrach do dheunamh. Acht do chuireadar chum
fairrge an tráthnóna déidheanach agus le crothnughadh
na hoidhche do-chonnacadar árthrach ag teacht do
iarracht orra. Ní rabhadar i bhfad amach ó bheul an
chuain ar an am sin. Ba ghairid go dtángadar i
gcaoi cainte dá chéile agus do labhair an captaoin
do bhí uirri leó agus adubhairt sé leó má bhí aon
ór aca é do thabhairt uatha nó gur chuimhin leó é.
Adubhairt an captaoin ná raibh aon ór aige féin ná
ar an luing. Do shíl sé ná raibh mar ní tug na
fir fios a n-aigne ná a gcúrsaí dhó, agus dá
mbeadh a fhios aige go raibh an t-ór ar an árthrach do
chaithfeadh sé chucha é fé raghadh sé i gconntabhairt
anama leó. Do bhí an t-an-choinne ag muintir an
árthraigh eile go raibh an t-ór aca agus do-chuadar
an-dhian orra chum an t-ór do thabhairt uatha mar ba
dheacair leis an gcaptaoin an t-árthrach do bhrisead
agus na fir do bhádhadh, acht annsin nuair ná
stríocfaidís tug sé timcheall an t-árthrach agus do
bhuail sé ins an chliathán árthrach Aindrias agus do
scoilt ar an áit sin í. Do imthigheadar leó ann-


L. 5


sin agus do fhágadar an t-árthrach agus na fir dá
mbádhadh. Do-righne an mhuintir do bhí dá mbádhadh
a ndícheall ar iad féin do shábháil agus fé raibh an
t-árthrach sloigthe síos, do bhí cliath deunta aca de
adhmad agus de theudaibh agus fuair an ceathrar aca
dul amach air. Le n-a linn sin is eadh do-chuaidh an
t-árthrach go tóin poill. Do bhíodar annsin ag
imtheacht ar bharr na fairrge gan aon rud le deunamh
aca acht ag a gcaitheamh féin ó thonn go tonn agus is
beag an cúram do bhí an t-ór a dheunamh dóibh acht ag
feuchaint soir agus siar ag coinne le cabhair do theacht
chucha. Do bhíodar mar sin ar feadh trí lá agus trí
oidhche agus iad an-ghairid don talamh agus do bhí
gach aon choinne aca go séidfidhe ag triall ar an
talamh iad agus go bhfuighbhidís iad féin do shábháil.



Do bhaineadar comharthaí ar an tír ón áit in ar
sloigeadh an t-árthrach. Do bhí cnoc do bhí istigh ins
an tír a raibh barr an-chaol air, do bhí sé ag teacht
anuas ar chluigtheach aca ar thaobh, agus teach mór ar
oileáinín beag ar an taobh eile. Do-righne sin meur
ar eólas dóibh. Do bhí an tart agus an t-ocras ag
buadhchain orra. Ba ghairid go dtáinig gaoth ón tír
do shéid amach as radharc na talmhan iad. Do thuit a
lug ar a lag annsin aca agus ní raibh aon choinne
aca le teacht saor. Do bhíodar chomh lag ag
an ocras agus ag an tart is gur gairid gur thuit
duine aca den chliath agus do bádhadh é. An lá in
a dhiaidh sin fuair beirt aca bás den uireasbaidh agus
den anró agus níor mhair aoinneach aca acht é féin .i.
Sandro Báitia. Do bhí sé annsin gan aon rud le
feicsin aige acht spéir agus uisce. Do bhí sé chomh
tabhartha sin go raibh sé chum síneadh siar agus bás do
fhaghbháil, acht do bhí an lá an-bhreaghdha agus cibé
feuchaint tug sé do-chonnaic sé árthrach i bhfad uaidh


L. 6


agus táinig dá oiread misnigh annsin dó. Do bhí sé
ag feuchaint uirri i gcomhnaidhe agus tug sé fa
ndeara go raibh sé ag brughadh leis agus nuair do-
chonnaic sé é sin do bhain sé bata as an gcliath agus
do chuir sé a chasóg ar bharr an bhata agus do-chuadar
ag triall air. Nuair tángadar gairid dó, do
chuireadar amach bád beag agus triúr fear chum é do
thógbháil leó isteach ins an árthrach. Nuair do-chuadar
go dtí é, ní raibh sé do bhrígh ann dul isteach ins an
mbád mbeag. Ba éigean do bheirt aca dul amach ar
an gcliath agus breith air chum é do chur isteach
innte. Tugadar leó go dtí an t-árthrach annsin é
agus do chuireadar a chodladh é agus fuair sé gach
aon aireachas badh chóir dhó do fhaghbháil go raibh an
faothamh aige agus i gcionn coigthighis is eadh do bhuail
an t-árthrach an cuan a raibh sé ag dul ann. Do bhí sé
féin chomh maith is do bhí se riamh annsin agus lá ar n-a
bháireach tar éis dóibh dul i dtír do imthigh sé in a
mhairneulach ar árthrach eile. Tug sé an chuid eile dá
shaoghal ar an bhfairrge annsin no gur bádhadh an
t-árthrach a raibh sé uirri agus go bhfuair Cárthach ó
Dubhshláine agus Cathal a mhac ag imtheacht ar bharr na
fairrge é.



Nuair do airigh Cathal an sceul ní raibh sé ag labh-
airt aon fhocail acht ag cuimhneamh agus ag marana
agus nuair do éirigheadar ar maidin lá ar n-a bháireach
adubhairt sé le n-a athair go gcaithfeadh sé a chuid
féin do thabhairt dó agus ná stadfadh cos dé go
raghadh sé go dtí an áit ar bádhadh an t-árthrach ar an
sean-duine Aindrias agus go ndeunfadh sé a
dhícheall ar an ór do thabhairt aiste. Do bhí a athair
ag cur in a choinne acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Ba
éigean dó dul agus a chuid féin do thabhairt dó.
Annsin nuair fuair sé an t-airgead do árdaigh


L. 7


sé leis an sean-duine agus do-chuadar go dtí Sasana
Nua. Nuair do bhíodar amuigh do cheannaigh sé árthrach
agus do shocraigh sé í chum dul fa dhéin an óir agus
do chuir sé croiceann cruadha ar gach aon órdlach dí.
Annsin fuair sé chúig mhairneulaigh agus fiche agus
Gaedheal ba eadh gach aoinneach riamh aca. Do bhí gach
aon rud go maith annsin acht ní raibh aon mháta aige.
Do chuir sé fógra amach ag lorg a leithéid agus i
gcionn dá lá ní raibh aoinneach ag teacht chuige agus
do imthigh sé féin ar fud an bhaile mhóir feuchaint an
gcasfaidhe a leithéid leis. Is gairid do bhí sé
imthighthe nuair do theangaigh fear leis agus do
bheannaigh sé dhó agus do bheannuigheadar féin da
chéile.



“Ná haithnigheann tú mé?” arsa an fear.



“Ní aithnighim,” arsa Cathal.



“Acht gan dabht,” arsa an fear, “do bhí tú óg
nuair do fhágas an baile, acht dar ndóigh, is dócha, atá
aithne agat ar mo mhuintir, na Breachlaingigh atá ar
an mbaile is giorra dhuit.”



“Ó atá go maith,” arsa Cathal, “an ceann aca sin
tusa?”



“Is eadh,” arsa sé, “Diarmaid ó Breachlaing is
ainm damh-sa, agus is ag dul ag triall ort do bhí mé
nuair do airigh mé go raibh tú ag lorg máta agus
fuair mé do thuairisc in gach aon (t-)slighidh cad as
duit agus cad ba ainm duit.”



“Is maith mar thárla(igh). Is é do leithéid do bhí
uaim. Is minic do airigh mé mo athair ag a rádh nár
cheannaigh aon rud riamh an t-aitheantas agus gur
fearr an duine aithnideamhail go deoidh ioná an
duine iasachta.”



Do thaisbeáin Diarmaid a dhintiuirí dhó agus
do bhí Cathal sásta. Do imthigheadar leó annsin
síos go dtí an t-árthrach agus do léirigheadar iad


L. 8


féin chum fairrge. Is gairid chum fairrge do bhíodar
nuair do innis Cathal don máta cá raibh sé ag dul
agus cadé an ócáid do bhí ag a thabhairt ann agus
adubhairt sé leis gan baint le hé do innsint do
aoinneach de na mairneulachaibh, mar dá mbeadh a fhios
aca go mbeadh an t-ór ag casadh aca go mbeidís i
gconntabhairt a chéile do mharbhadh le troid agus le
hachrann. Níor innis sé aon am dó gur Spáinneach é
an sean-duine do bhí ar an árthrach aca agus do bhí an
máta deimhneach gurbh Éireannach é le feabhas na
Gaedhilge do bhí aige.



Annsin nuair do bhuaileadar an cuan ar bádhadh
an t-árthrach, do bhí cúntas cruinn ag an sean-duine
Aindrias ar na comharthaibh do bhí ag baint léi agus do
thaisbeáin sé dhóibh an áit i raibh sí agus adubhairt sé
leó ná raibh aon mhaith dhó í do thaisbeáint dóibh muna
bhfuighbhidís fear raghadh fa an bhfairrge chum an
t-árthrach do bhlaomadh. Do fhiarfaigh Cathal dé an
raibh aon chúntas aige cá bhfuighbheadh sé a leithéid
sin de fhear agus adubhairt sé leis go bhfuighbheadh sé
a dhaothain díobh acht dul isteach i dtír agus do imthigh-
eadar isteach. Agus nuair do-chuadar i dtír ní raibh
aon fhear le faghbháil in aon áit aca acht mná ar fad,
agus adubhairt na mná leó go raibh cogadh ar rí an
náisiuin ag na Spáinneachaibh agus gurab é sin a
chúis ná raibh aon fhear le faghbháil ann agus do fhiar-
faigh Aindrias de cheann de na mnáibh an raibh aon
chúntas aici cadé an áit den náisiún i raibh an
cogadh ar siubhal agus tug sí comharthaí sóirt dó
in gach aon t-slighidh mar do fheud sí. Do imthigh sé
féin agus Aindrias an sean-duine leó agus do-
chuadar ar lorg an rígh agus do bhíodar ag cur díobh
go raibh an déidheanaighe ag breith orra. Do bhídís
ag dul in áirde ar na cnocánaibh feuchaint an
bhfeicfidís aon arm in aon áit. Acht ar a theacht


L. 9


anuas do Chathal de mhúchán mór do bhí ann do
shleamhnaigh a chos uaidh agus do leónadh í. Do bhí an
t-an-phian annsin air ar feadh tamaill agus ní
bhfuighbheadh sé aon choisidheacht do dheunamh. Is
amhlaidh do-chuaidh sé féin agus Aindrias isteach i
bprap sceach no go n-eudtromóchadh an phian. Agus
is gairid do bhíodar ann nuair do airigheadar an
fothrom daoine ag teacht ag triall orra agus do
choigileadar iad féin is na sceachaibh agus nuair do bhí
na daoine ag gabháil thósda do aithin Aindrias
cadé an saghas náisiúnach iad agus adubhairt sé le
Cathal gurab iad sin oifigighe na Spáinneach agus
gur dócha ná raibh rí na háite ná a mhuintir i bhfad
uatha anois, agus go mbadh fhearr dhóibh iad so do
fhaire feuchaint cá dtabharfaidís a n-aghaidh. Is
gairid an bóthar do-chuadar nuair do stadadar agus
do adhnadar teine agus do bhí stáin agus giuirléidí
an domhain aca ag beiriúchán dóibh féin. Nuair do
bhraith Aindrias orra ná raibh do chúram aca acht an
chócaireacht, do eulaigh sé leis trés na sceacha go
dtáinig díreach ag a gcúl. Agus nuair do bhí gach
aon rud ollamh aca agus iad ag caitheamh a suipéir,
do luigheadar ag cur síos dá chéile cadé an
t-slighe badh fhearr dhóibh chum tabhairt fa n-a namhaid
lá ar n-a bháireach. Adubhradar go ndeunfaidís
droichead ar a leithéid sin de abhainn agus go ragh-
aidís in áirde ar an gcnoc do bhí ar taobh thuas dé,
agus an tobar do bhí ag bun an chnuic go gcuirfidís
neimh ins an tobar nuair do bheadh a ndaothain tógtha
aca féin as. Annsin nuair tiocfadh muintir an rígh
go raibh a fhios aca go mbeadh an-thart orra, agus gach
aon fhear do ólfadh aon bhraon den uisce ná mair-
feadh sé chúig nómaintí, agus an chuid díobh do
mhairfeadh má bheidís ag dul in áirde ar an


L. 10


gcnoc go mbeidís féin rompa agus an bhuntáiste
aca orra, agus ná fágfaidís fear díobh in a mbeathaidh.
Annsin nuair do bhí an suipeur caithte aca do
bhogadar chum bóthair. Nuair do bhraith Aindrias go
rabhadar imthighthe do chuir sé dhé ag triall ar
Chathal agus áthas a chroidhe air an sceul do bhí aige
agus do innis sé dhó ó thosach go deireadh é agus
nuair do airigh Cathal é do éirigh sé in a sheasamh agus
is beag a bhacaighe do fhan ann agus do chuireadar
díobh no gur bhuaileadar campa an rígh, agus nuair
do airigh an rí go raibh a leithéid ann, ba éigean dóibh
dul chuige go bhfeicfeadh sé iad agus go mbeadh a fhios
aige cia ar dhíobh iad. Do-chuadar agus do inniseadar
dhó cia ar dhíobh iad agus cadé an gnó do bhí aca agus
cad tug iad agus do innis Aindrias dó cad do airigh
sé ar siubhal ag oifigighibh na Spáinneach agus cadé
an t-slighe do bhí aca chum é féin agus a mhuintir do
chur dá gcois an lá sin. Nuair do airigh an rí é
adubhairt sé go mbeadh sé roimh ré leó má ba chóir
máireach é. Agus adubhairt Aindrias leis nárbh mhór
dó deithneas maith do dheunamh mar go mbeadh sé ar
eire aige bheith ann rompa.



Tug an rí órdughadh dá chuid fear go léir bheith ag
a gcur féin(each) i gcóir chum dul go dtí a leithéid
sin do chnoc agus do chuir sé mar gheasa orra gan
aon deoch do ól as an tobar do bhí ag bun an chnuic
sin mar go raibh neimh curtha ann ag an namhaid. Do
imthigheadar leó agus do chuireadar aistear mór fada
orra féin, agus an áit ar shíl an namha(id) go
ngeóbhaidís, ní annsin do ghabhadar in aon chor. Is
gairid do bhíodar ar thaobh an chnuic nuair táinig tart
ar chuid de na fearaibh, agus ní bhfuighfidhe iad do
choimheud gan dul go dtí an tobar so fa dhéin deoch
mar do bhí íota in a gcroidhe. Acht do chosc an rí


L. 11


go cruaidh orra gan dul go dtí an tobar acht ní raibh
aon mhaith dhó ann. Annsin nuair do bhíodar ag
imtheacht dá aimhdheóin do-chonnaic sé scata colbhar
ag eitealladh tré an spéir ag teacht do iarracht ar
an tobar agus fuaim aca mar do bheadh ag an sidhe
gaoithe. Annsin adubhairt an rí leis na fearaibh
fuireach chúig nómaintí agus go mbeadh a fhios aca
cadé an chríoch do bheadh ar na colbharaibh, agus do
stadadar agus do bhí na colbhair ag eitealladh tim-
cheall an tobair ar feadh tamaill bhig fé ar thuirling-
eadar ar an talamh. Annsin do-chuadar agus do
óladar deoch agus do-righneadar iad féin do nighe
agus do ionnladh agus do éirgheadar ins an spéir
agus níor chuadar chúig rámhainne ón tobar nuair do
thuiteadar anuas in a gcioth, maol marbh, idir ghob,
crúb, clúmh agus sciatháin. “Ní beag sin,” arsa na
fir, “deunfaimíd do chomhairle.” Do chuir sin breis
sainnte ar na saighdiúraibh chum an namhad do thrasc-
airt. Do bhíodar annsin ar chliathán an chnuic agus
fear ag faire ar a bharr ionnus, nuair tiocfadh an
namha(id) trasna ar an taobh eile, go gcuirfeadh sé
in iúl dóibh é, agus go mbeadh gach aon fhear i gcóir
nuair do shroisfidís bun an chnuic chum luighe chucha
tiugh te agus gan duine aca do fhágbháil beó má do
fheudfaidís é. Ba ghairid go dtángadar, agus do-
righne an fear thuas comharthaí leis an gcuid eile,
agus do bhíodar i gcóir chum cogaidh nuair do
shrois an namha(id) bun an chnuic. Do bhí an t-an-
ghreann ag an namhaid ag teacht agus an t-an-áthas
orra mar do shíleadar gur i bhfad in a dhiaidh sin
tiocfadh muintir an rígh agus go mbeidís féin i gcóir
in a gceart, agus gan amhras go mbuaidhfidís an lá
sin. Acht ní mar shíltear, seinntear. Ba ghairid go
raibh a mhalairt de chúram orra mar do bhí muintir


L. 12


an rígh ós a gcionn gan fhios dóibh agus do lámhadar
gach aon fhear riamh díobh acht an méid aca do-chuaidh
ar éigean agus an méid do cailleadh le scannradh.
Do bhí gach aon rud buaidhte annsin ag muintir an
rígh agus do chuireadar chum bóthair abhaile. Tug
an rí leis Cathal agus Aindrias go dtí a phálás féin
agus do fhanadar in a fhochair ar feadh dhá lá. Ann-
sin nuair do bhíodar ag imtheacht adubhairt sé leó
aon athchuinghe do iarrfaidís air go dtabharfadh sé
dhóibh é, má fheudfaidhe in aon chor é. Adubhradar
leis ná raibh aon rud uatha acht an t-aon rud
amháin .i. fear do fhaghbháil dóibh raghadh fa an
bhfairrge agus thabharfadh chucha an t-ór do bhí ins an
árthrach do bhí báidhte ins an chuan leis an fhaid sin
bliadhanta. Adubhairt sé go dtabharfadh agus nach
fear thabharfadh sé in aon chor dhóibh acht dá fhichid
mar go raibh a leithéid sin fairsinge ar an áit seo,
“mar,” arsa sé, “sin í an cheárd atá aca bheith ag
dul fa an bhfairrge ag soláthar oisridhe agus ag lorg
peurlaí ionnta.” Do imthigheadar léo annsin iad
féin(each) agus an dá fhichid fear agus trí árthraighe
in a ndiaidh aniar chum iad do fhaire ar bhitheamhnachaibh
an fhaid do bheidís ag tógbháil an óir. Nuair do
bhíodar ag dul chum na fairrge do-chuaidh Aindrias ar
an stiuir agus do choingigh sé an cnoc do bhí ann agus
an cluigtheach ar a chéile riamh agus choidhche go dtáinig
an teach mór do bhí ann agus an t-oileáinín beag do
bhí ins an bhfairrge díreach ar a chéile. Nuair fuair sé
an dá chomhartha díreach do liuigh sé orra na seólta do
bhaint anuas agus na hancairí do scaoileadh síos.
Adubhairt sé annsin le triúr aca dul síos fa an
bhfairrge agus do-chuadar. Agus an cheud fhear do-
chuaidh síos, is é áit in ar sheas sé ná ar chliathán
an árthraigh fa an bhfairrge agus táinig sé aníos le


L. 13


sceula go raibh sí aca. Adubhairt Aindrias leó
annsin na clocha sin ar fad do bhí in a leithéid sin do
áit ins an árthrach do chur aníos agus adubhairt sé
leis na mairneulachaibh agus leis an máta aireachas
maith do thabhairt do na fearaibh agus go raghadh sé féin
agus an captaoin síos i gcabhail an árthraigh. Siúd
na fir ag oibriughadh fa an bhfairrge agus do bhíodar
ag dul fa uisce agus do bhíodar ag éirghe mar do
bheadh scata cánóg lá beidhte, cuid aca ag dul síos
agus cuid aca ag teacht aníos agus cuid aca ag
deunamh a reaist ar bharr an uisce agus iad ag
crónán don chuid eile. Do bhíodar mar sin ag oib-
riughadh leó go raibh a dheireadh aníos aca. Annsin
tángadar go léir isteach ar an árthrach agus táinig
Cathal agus Aindrias aníos nuair do bhí gach aon rud
socair i gceart thíos aca agus do bhí an t-an-bhuidh-
eachas aige ar na fearaibh, feabhas na hoibre do bhí
deunta aca agus an ghiorracht do bhíodar leis.
Adubhairt Cathal annsin leó go raghadh sé féin isteach
i dtír leó mar go gcaithfeadh sé dul ag feuchaint an
rígh fé bhfágfadh sé an náisiún.



An fhaid is do bhí Cathal i bhfochair an rígh, fuair an
máta amas ar scríobhadh go dtí na Spáinnigh agus
adubhairt sé go mbeidís féin ag fágbháil a leithéid
sin de am, agus gurab é an rud do bhí aca ná ór
ag dul go dtí Sasana fa dhéin congnaimh fear do rígh
an náisiuin, agus gur Sasanaigh a raibh ar an
árthrach acht é féin agus gurab é an rud é féin ná
Spáinneach agus gurab é sin a chúis go raibh sé ag a
chur in iúl dóibh iad féin do fhaire agus adubhairt sé
leó, nuair do bhuailfidís leó ar an bhfairrge, go mbadh
fhurus dóibh iad do aithint, mar go mbeadh an brat
uaithne in áirde aca, mar dhúmas gur daoine de
mhuintir na hÉireann iad; agus gur dócha go mbeadh


L. 14


cogadh aca, agus má bheadh féin gur gairid do
sheasóchadh an t-árthrach beag; agus nuair do bheadh
buaidhte aca, go n-aithneóchaidís é féin, mar go
labharfadh sé a dteanga féin leó, agus annsin go
bhfuighbhidís príosúnaigh do dheunamh don chuid eile
agus cead a chos do thabhairt dó féin, agus ná beadh
dada uaidh annsin acht roinn beag den ór dó bhí ins
an árthrach do thabhairt dó, agus an t-árthrach agus a
mbeadh innte do bheith aca féin.



Nuair do chas an captaoin ón rígh do chuireadar chum
na fairrge agus do-chuaidh árthraighe an rígh amach go
beul an chuain leó ag a dtionnlacain agus annsin do
fhágadar slán ag muintir an rígh agus do thógadar a
gcuid seólta go léir. Do bhíodar ag cur díobh le gaoith
aniar andeas agus seólta teanna aca agus iad ag
imtheacht fairsing no go dtángadar an-ghairid do
thalamh na Spáinneach. Agus ba ghairid go bhfacadar dhá
árthrach ag teacht do iarracht orra, agus do aithin-
eadar nach aon rud ar foghnamh do bhí uatha, agus do
iompuigheadar féin a gcúrsa in áit eile. Agus do bhí
an máta ag a rádh i gcomhnuidhe leis an gcaptaoin
casadh agus iad do throid agus adeireadh an sean-
duine leis gan a dheunamh agus go raibh sé ag breith
uatha anois agus go mbuailfeadh sé cuan éigin fé
bhfeudfaidís bheith suas leis agus adubhairt an máta
arís leis gurab ait an fear é agus bheith ag teicheadh
agus cuid mhaith fear aige agus a dhaothain armála
aige. Annsin do bhí fonn ar Chathal casadh agus nuair
do mheas an sean-duine é, do chuir sé a dhá láimh
timcheall air agus do iarr sé air ar son Dé agus
Mhuire gan casadh, agus an rud do bhí uaidh go raibh sé
aige, an t-ór; agus má chasfadh sé agus é do
chailleamhaint tar éis a bhfuair sé dá dhuadh, “ní hé
sin amháin do bheadh caillte agat acht t'anam féin
agus a bhfuil ar an árthrach.” Nuair do airigh an máta


L. 15


cad adubhairt an sean-duine do éirigh sé do léim
agus do labhair sé le Cathal, “A fhir ó Bhaile mhac Airt
an fonn atá ort súghadh siar ar chomhairle aon sean-
rabhrach sean-duine? Má theicheann tú uatha sin, ná
feiceadh aoinneach ag séipeul Bhaile mhac Airt thú an
dá lá is an fhaid mhairfe tú beó.” Nuair do airigh
Cathal é do bhain sé casadh as an roth agus tug sé
timcheall an t-árthrach don iarracht sin is do dhearbhaigh
sé is na leaca dearga ná súghfadh sé siar ó n-a raibh
de fhearaibh agus de árthraighibh ag bualadh na fairrge
no go mbeadh a fhios aige cadé a chúis.



Do-righne sé ar an dá árthrach ceann ar aghaidh agus
gach aon rud curtha i gcóir aige chum cogaidh. Nuair
tángadar gairid don dá árthrach mhóra agus nuair
do-chonnaic sé cionnus do bhí na fir socair orra
adubhairt sé le n-a mhuintir féin gan lámhach leó go
bhfuighbhidís a órdughad féin, mar is amhlaidh do bhí na
fir go léir ná ar chliathán na n-árthrach, agus do
cheap sé má raghadh sé cliathánach leó go mbeadh
an-iomarcaidh caoi aca ar a chuid féin fear do lámhach,
acht do bhí an t-árthrach beag aige agus í an-bhríoghmhar
agus nuair do shílfeadh na hárthraighe móra teacht
cliathánach léi, do bhíodh sí timcheall mar do bheadh
eascú agus í ag deireadh na n-árthrach mór agus
lámhaighte trasna aca ar na fearaibh agus urmhór
sínte. Do bhíodar ag deunamh an t-an-loitiméireacht
ar an dá árthrach mhóra, agus ba mhar sin dóibh i rioth an
lae no go raibh muintir Chathail láimh le bheith traochta
i mbár an tráthnóna thall, mar do bhí cuid aca
lottha ag na pileuraibh, agus an chuid eile aca nuair ná
raibh an congnamh fear aca do bhíodar cortha ó bheith
ag oibriughadh seólta anonn is anall. Acht nuair do
bhí láimh le bheith buaidhte aca ar an dá árthrach mhóra
ráinig gur bhuail pileur ó cheann de na hárthraighibh an


L. 16


stiuir agus do bhris sé é. Ní raibh aon rud le deunamh
annsin aca acht do bhí sí annsúd aca in a capall gan
srian. Do chuireadar in áirde brat síothchána annsin
agus do chiúnaigh gach aon rud agus do-chuaidh captaoin
ceann de na hárthraighibh ar bórd chucha, agus do fhiar-
faigh sé díobh cadé a chúis brat na hÉireann do bheith in
áirde aca agus gur shíleadar féin gur Sasanaigh iad.
Do labhair an máta, Diarmaid ó Breachlaing leis in a
theangaidh féin agus adubhairt sé leis gur Sasanaigh
iad acht chum iad do dhalladh do cuireadh in áirde an
brat sin. Nuair do airigh Aindrias é, do chuir sé
ol'athainn air féin agus do shiubhlaigh sé anonn do
iarracht ar an gcaptaoin Spáinneach agus adubhairt
sé leis gan aon fhocal dheurfadh an fear sin do
chreideamhain agus gur Éireannaigh iad ar fad acht é
féin, agus ná raibh aon bhrat eile aca do chuirfidís in
áirde agus má is maith leis é go dtaisbeáinfeadh sé
a raibh de bhrataibh ar bórd aca agus do innis sé
annsin cia ar dhíobh iad agus cadé an gnó do bhí aca
agus cad as do bhíodar ag teacht acht níor innis sé
dhó cionnus fuaradar congnamh ó rígh na nIndiacha.
Nuair do airigh Diarmaid an sean-duine ag labhairt na
Spáinise, táinig iongantas a chroidhe air, mar do
shíl sé riamh gur sean-iascaire ó bhaile mhac Airt é,
agus níor fhan aon fhocal aige. Sin é an uair do
innis an captaoin Spáinneach dóibh cad do chuir iad
féin(each) ar a dtí, gurab é an fear sin annsin do chuir
sceula chucha mar gheall orra agus adubhairt sé go
raibh an t-an-chathughadh air, an méid do bhí eatorra i
rioth an lae acht amháin dá mbeadh fios aca go mbeadh
leigheas aca. Do fhág sé slán annsin aca
agus nuair do bhí sé istigh ar a árthrach féin
do chuir sé amach chucha poinsún fíona do bhí trí fichid
bliadhain do aois agus adubhairt sé leó má raghadh aon
fhear ó Bhaile mhac Airt go dtí an Spáinn go bráth nár


L. 17


ghábhadh dhóibh náire ná aithis scáth ná eagla do bheith orra
tar éis an thaiscidh do bhí deunta aca an lá sin
agus a raibh in a gcoinne. Adubhairt sé leó
gan leanmhaint i bhfad den bhfear so ná aon mhuinighin
do bheith aca as tar éis an díoghaltas agus an eugcóir
do-righne sé orra. Do labhair Aindrias leis agus
adubhairt sé ná raibh aon ghnó aca féin dé agus do iarr
sé air, má ba é a thoil é, é do thógbháil uatha isteach
go dtí an tír agus a rogha rud do dheunamh leis nuair
do bheadh sé istigh aca. Do imthigh na Spáinnigh chum
siubhail annsin agus do-chuaidh Cathal agus a mhuinntir
ag obair agus do-righneadar stiuir ar an áit sin agus
i gcionn dá uair an chluig do bhíodar in iúl chum
fairrge. Is gairid do bhíodar ag imtheacht nuair do
éirigh an gála agus is in a gcoinne do bhi sé ag séideadh
agus do bháin sé an-chuid aimsire díobh teacht go dtí
cuan Dún Garbhán. Acht is gairid do bhí na hárthraighe
Spáinneacha ag dul i dtír mar do bhí an ghaoth in a
gcúl. Nuair do bhíodar istigh annsin, do bhíodar ag
cur tré n-a chéile cad do badh fhearr dhóibh a
dheunaimh le Diarmaid ó Breachlaing, acht adubhairt
captaoin aca, nuair ná dearna a mhuintir dá raibh sé
do iarraidh díoghbháil do dheunamh aon rud leis, go raibh
sé chomh maith dhóibh féin cead a chos do thabhairt dó.
Do scaoileadh leis annsin agus is é cheud rud
do-righne mo bhuachaill ná cur dé abhaile go hÉirinn,
mar do bhí a fhios aige go mbeadh sé ann roimh Cathal
agus roimh a mhuintir agus do bhí a fhios aige go mbeadh
píolótaidhe uatha chum an t-árthrach do thabhairt suas
an cuan, agus is é cheud rud do-righne sé ná dul
agus píolótaidhthe do cheannach agus ní raibh a fhios ag
aoinneach cad adubhairt sé leó.



Nuair táinig an t-árthrach i mbeul an chuain do bhí
comharthaí in áirde aici ag lorg píolótaidhe agus
do-chuaidh an dá phíolótaidhe chuichi. Do bhí an-áthas


L. 18


annsin ar Chathal nuair do bhí an dá phíolótaidhe ar
bórd aige agus é in a chuan féin agus do shíl sé go
raibh an t-ór agus an t-árthrach sábhálta aige agus do
innis sé do na píolótaidhthibh cadé an triail tug sé féin
agus a chuid fear uatha i gcoinne dá árthrach Spáinneach
agus anois, ó do bhí sé in a chuan féin agus gan aon
eagla air, go dtabharfadh sé deoch do na fearaibh
go léir agus ná fuighbhidís a rádh nach deoch ar
foghnamh í mar gurab é an duine tug do é ná an
captaoin Spáinneach agus gan aon mhearbhal go raibh
an fíon go maith ins an Spáinn. Do leag sé chucha
an soitheach dé agus adubhairt sé leó a sainnt do
agairt air anois. Do bhí an lá an-the agus do bhí na
fir tar éis feoil guirt do ithe agus ráinig go raibh
uireasbaidh uisce orra agus le neart tarta do-
righneadar craos ar an bhfíon. Níor ól na píolót-
aidhthe aon teugar dé agus i gcionn tamaill do bhí
an t-ól ag éirghe i gceann na bhfear agus iad ag
tuitim agus ag tuirling no gur thuit gach aon fhear
riamh aca dá gcodladh idir chaptaoin agus mhair-
neulach. Nuair do bhí gach aoinneach in a gcodladh
annsin, do bhí gach aon rud fa na píolótaidhthibh agus
ar a ndul suas an chanáile dhóibh, do scaoileadar
fairsing í agus do stiuirigheadar le fuinneamh in
áirde ar Bhanc an Tighe Ghil í, agus ar an nómaint
ar bhuail sí, do chnag sí. Do bhí bád beag ag na
píolótaidhthibh féin agus do-chuadar isteach innte agus
as go bráth leó go dtí an tír. I gcionn tamaill is
eadh do dhúisigh an captaoin agus do fheuch sé
timcheall air féin agus ní fhaca sé aon phíolótaidhe
acht a chuid féin fear caithte annso agus annsúd
muirc-mairc ar a chéile in aon easair amháin agus iad
ag sranntarnadh go breaghdha binn. Do éirigh sé
in a sheasamh agus do fheuch sé ar an árthrach agus


L. 19


nuair do-chonnaic sé cá raibh sí agus í scolta as a
chéile, dó liuigh sé ar na fearaibh agus níor fhreagair
aoinneach dhó. Do-bheir sé ar bun bata rámha do bhí
ann, “do-bheirim-se don riabhach an fíon Spáinneach,”
arsa sé, ag rioth agus ag baint cnagóige as gach
aoinneach aca leis an mbata agus adubhairt sé leó
éirghe go mear agus feuchaint ar an gconntabhairt i
rabhadar ann agus an bád beag do chur amach go
mear agus dhá roinn do dheunamh dhíobh féin(each)
isteach go dtí an tír innte agus gan bheith i bhfad ar a
thí mar go raibh an t-árthrach láimh le bheith snoighte as
a chéile. Agus do-chuadar go léir i dtír.



Do bhí Cathal agus Aindrias an-bhuaidheartha mar
gheall ar an árthrach agus do fhanadar istigh i gcuais
ag bun na faille ag feuchaint amach uirri. Do imthigh
na mairneulaigh go léir ag triall ar an mbaile mór,
agus ní raibh Cathal agus Aindrias i bhfad ins an
chuais nuair do-chonnacadar an triúr fear agus an
bád beag ag gabháil aníos an chanáile do iarracht ar
an árthrach. Do bhí an t-árthrach in a dhá leath ar an
am sin agus do bhí (h)ocht dtroighthe uisce ar an mbanc,
ins an t-slighidh ná raibh mórán de chabhail an árthraigh
os cionn na fairrge. Do-chuaidh beirt isteach ins an
árthrach agus siúd ag caitheamh cloch amach aiste iad
agus isteach ins an mbád mbeag agus le crothnughadh
na hoidhche táinig naoi mbáid eile agus do líonadh iad
chomh maith. Do bhí gunaí agus claidhmhte aca go
léir. Do-chuadar i dtír ag bun bóthair do bhí ann
agus do fholamhaigheadar na báid agus do-chuadar tar
n-ais go dtí an t-árthrach agus siúd ag líonadh arís
ar a ndícheall iad agus ní mórán fhuaradar leó an
iarracht sin mar do bhí an-iomarcaidh uisce ar an
mbanc agus, nuair do bhí an t-árthrach briste, do bhí
an t-uisce istigh innte agus ní bhfuighbhidís teacht ar


L. 20


a thuilleadh de na clochaibh. Do bhí Cathal agus
Aindrias ag faire i gcomhnuidhe agus do bhí a fhios aca
go raibh an taoide ró-árd agus ná fuighbhídís a
thuilleadh leó as an árthrach. Nuair do bhí na báid
folamh an dara huair aca, do tharraingeadar isteach
ar an scarbhach iad, agus, nuair do-chonnaic Cathal
go rabhadar ag imtheacht, do euluigh sé le n-a n-ais agus
do bhí sé dá dtabhairt fa ndeara agus níor aithin
sé aoinneach aca acht an dá phíolótaidhe agus Diarmaid
ó Breachlaing do shíl sé a bheith ins an Spáinn
in a dhiaidh. Do chas sé go dtí Aindrias agus adubh-
airt sé leis nár aithin sé aoinneach aca acht an dá
phíolótaidhe agus Diarmaid ó Breachlaing. Nuair
do airigh Aindrias é ag a rádh go raibh Diarmaid ó
Breachlaing ann, d'fhóbair go raghadh sé i laige agus
adubhairt sé ar an nómaint gurab é an máta do bhí
roimh ré leó agus gurab é do cheannaigh na píolótaidhthe
chum an t-árthrach do chur ar an mbanc. Acht mar
sin féin ní bhfuighbhidís gan gáire nuair do chuimh-
nighidís é do bheith chomh mór sin ar mearbhal.



Do imthigheadar leó annsin go dtí an baile mór,
agus do-chuaidh Diarmaid ó Breachlaing agus do
sholáthraigh sé dhá chapall deug agus do árdaigh sé
leis dhá ualach deug de na clochaibh do bhí ins an
árthrach agus do-chuaidh go dtí Luimneach ins an áit i
raibh fear ag bualadh airgid. Nuair do-chuaidh sé go
dtí dorus an fhir seo, do bhí an dá chapall deug i
ndiaidh a chéile aige agus iad suaidhte, sáraighthe ag
na hualaighibh do bhí orra agus iad tar éis dul a fhaid
sin sligheadh. Táinig fear buailte an airgid amach
agus do fhiarfaigh sé cad do bhí aige agus adubhairt
Diarmaid ó Breachlaing go raibh dhá ualach deug de
mhianach an óir aige. Do fheuch an fear air agus do
fheuch sé ar an mianach agus tug sé leis cloch dé agus
do mheil sé é agus do fheuch sé go geur air feuch-


L. 21


aint an raibh aon phioc óir ann agus ní raibh. Annsin
adubhairt sé leis, “Téighir abhaile. Nach bog atá an
croiceann ort, teacht annso le hualaighibh cloch chum
iad do bhrúdhadh agus airgead do dheunamh asta, acht
árdaigh leat anois ón dorus iad agus tabhair leat
abhaile iad agus má tá aon teach agat féin, déin
páil timcheall air agus beidh sé le rádh agat annsin
go mbeadh páil óir timcheall do thighe.” Do imthigh sé
leis agus ní tug sé bail ó Dhia ar an margadh.



Annsin nuair fuair Aindrias agus Cathal an áit
fútha féin, do-chuadar amach ins an mbád mbeag feuch-
aint ar an árthrach agus do aithnigheadar go maith
ná raibh aon phioc den ór imighthe ag an máta ná ag a
mhuintir, acht do bhí an-iomarcaidh uisce ins an árthrach
agus ní bhfuighbhidís féin teacht air acht oiread.
Annsin do imthigheadar leó go Dún Garbhán agus
adubhradar go dtiocfaidís lá ar n-a bháireach fa dhéin
an óir acht an oidhche sin do éirigh gála agus do bris-
eadh an t-árthrach agus do séideadh píosa dhí in gach
aon áit siar ar an gCois, isteach go Poll an Phúca,
anonn go Sceach an Chrainn, síos go Baile uí Bhaoighill,
soir go dtí na Corráin, anonn go Baile an Chlampair
agus an chuid is mó dí i gCuan na mBan. Nuair
táinig Cathal agus Aindrias ar maidin do bhí sí briste
rompa, píosa dhí annso agus píosa dhí annsúd.



Do fhiarfaigh Aindrias de Chathal an raibh aon airgead
aige, agus adubhairt sé go raibh ceud púnt. Adubhairt
Aindrias leis annsin deich bpúnt agus dá fhichid dé
sin do roinnt agus fógra do chur amach, gach aoinneach
do-gheobhadh aon phíosa dhen árthrach é do thabhairt uatha,
agus go bhfuighbhidís luach a saothair go maith as, agus
do-righne sé a chomhairle gan mhoill. Do bhí gach aoinneach
ag teacht annsin agus a phíosa féin aige no go raibh sé
go léir bailighthe i dteannta a chéile arís aige agus
adubhairt Cathal gur mór an sásamh leis í do fheicsin


L. 22


briste nó slán i bhfochair a chéile arís. Gach aoinneach
annsin tug píosa chuige, fuair sé coróin nó leath-
choróin in a áit. Annsin nuair do bhí gach aoinneach
imighthe agus nuair do bhí an trágh fé(ig) féin agus
fa Aindrias fuair sé ola agus smearadh agus tug sé
teine dá raibh bailighthe aige ós cionn a chéile.
Is é an brígh do bhí aca leis an obair sin do dheunamh,
ná nuair do bhíodar ag cur an óir ins an árthrach
amuigh do bhí pócaí deunta innte an cheud lá gan
fhios le haghaidh an ghnó. Agus an cheud árthrach do bhí
ag teacht leis an ór so ag Aindrias, balast cloch
do bhí ins an árthrach aca, agus do bhí barraí deunta
aca de gach aon chnapán óir agus do pholladar cuid
de na clochaibh agus do chuireadar barra den ór in
gach aon pholl agus do dhúnadar an poll leath (is)
amuigh le muirteul chum na daoine do dhalladh
agus nuair do tógadh na clocha aiste sin agus do
bhíodh ag a gcur isteach in árthrach Chathail, is é
Aindrias do bhí thíos ag socrughadh na gcloch, é féin
agus Cathal. Gach aon chloch a raibh an t-ór ann, do
aithin sé go maith é, agus do bhris sé féin agus Cathal
na clocha, agus do bhaineadar an t-ór amach asta agus
do chuireadar isteach is na pócaíbh do bhí deunta i
gcliathán an árthraigh aca é, agus shin é an chúis ann-
sin ar loisceadar an t-árthrach mar ní bhfuighbhidís
na pócaí do fheicsin, do bhí an t-árthrach chomh
brúidhte, chomh coscartha sin. Annsin nuair do bhí gach
aon rud dóighte in a smól fuair sé féin agus
Aindrias dá shluasaid agus do luigheadar ag scaoil-
eadh na luaithe le gaoith go bhfuaradar gach aon phíosa
riamh den ór. Annsin do bhíodar an-shásta, agus
adubhradar go raghaidís go Cluain Meala agus go
gcuirfidís an t-ór dá bhualadh. Fuaradar coréiste
dhá chapall agus do chuireadar díobh chum bóthair go


L. 23


Cluain Meala agus do bualadh dóibh é. Nuair do
bhíodar chum bheith ag teacht abhaile, do chuimhnigh Cathal
air féin agus adubhairt gur minic do crochadh duine
gan seift agus go mbadh fhéidir gurab í sin an
oidhche cheudna do bheadh an máta agus a mhuintir ag
casadh ó Luimneach agus gur dócha go mbeidís ar
caorthainn tar éis a raibh de siubhal in aisce aca,
agus dá mbeadh an t-ór aige féin agus ag Aindrias
ag teacht abhaile go ndeunfaidís lámh láidir orra
agus é do bhaint díobh. Mar sin, adubhairt sé le fear
buailte an airgid roinnt airgid bréige do thabhairt
dó agus an t-airgead ceart do choimheud go dtioc-
fadh sé fa n-a dhéin lá éigin eile. Fuair sé an
t-airgead bréige ón bhfear agus do chuireadar chum
bóthair abhaile. Is gairid do bhíodar ar an taobh so de
Bhaile mhac Cairbre nuair do airigheadar na trucailí
ag teacht adtuaidh bóthar eile do bhí ann. Do
thiománadar an-mhear do iarraidh an crosaire do
bhaint díobh acht ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do bhí na
trucailí rómpa agus iad in a stad ag an chrosaire,
agus na daoine ar mearbhal cadé an bóthar do
gheobhaidís, nuair táinig Aindrias agus Cathal ag
triall orra. Táinig ceann de na fearaibh anuas den
trucail agus do fhiarfaigh sé dhíobh cia aca bóthar
thabharfadh go Dún Garbhán iad, agus cia do bheadh
ann acht Diarmaid ó Breachlaing, agus ar an
nómaint ar labhair Cathal leis do aithin sé é agus
do fhógair sé cogadh air ar an áit sin. Do bhí an
t-an-eagla ar Chathal rompa, mar do bhí sceana móra
agus gunaí aca agus fir mhóra mhillteacha ba eadh
iad féin. Adubhairt Cathal leis ná raibh aon chogadh
uaidh ná aon fhonn achrainn air acht a raibh de airgead
aige go dtabharfadh sé dhóibh é. Do phreab Diarmaid
isteach ins an choréiste agus do thóg sé leis an


L. 24


mála airgid do bhí aca agus do imthigheadar leó
chum bóthair. Is é rud do-righne Diarmaid annsin, ná
casadh tar n-ais go Luimneach leis an airgead. Do
fhág sé na fir bhochta eile ar lár an bhóthair ag bruigh-
ean agus ag achrann le n-a chéile agus gan dada de
bharr na seachtmhaine aca tar éis dul go Luimneach
agus teacht.



Nuair fuair Diarmaid é féin tar n-ais i Luim-
neach is é cheud rud do-righne sé ná teach mór do
chur ag a dheunamh mar do bhí na tighthe ba mhó do bhí
ann ró-bheag dó agus dar leis go mbeadh teach ceart
duine uasail aige. Nuair táinigh istoidhche Dia
Sathairn, do bhí ceud go leith púnt le díol i dtuaras-
tal aige, agus nuair tug sé an t-airgead do na
fearaibh do imthigheadar leó abhaile. Nuair do-chuaidh
ceann aca abhaile, tug sé an t-airgead dá bhean
chum dul go dtí an banc fa dhéin airgid mhin air.
Nuair tug sí an t-airgead do fhear an bhainc, do
aithin sé nach airgead ceart é agus do fhiarfaigh sé
dhí cá bhfuair sí é agus adubhairt sí gur anois beag-
nach fuair a fear ón a leithéid seo do dhuine é, agus
adubhairt sé ná fuighbheadh sé féin an mhalairt do
thabhairt dí, mar nach airgead ceart do bhí aici. Do
imthigh sí abhaile agus í go dubhach brónach agus do
innis sí dá fear cad do bhain dí. Do imthigh sé sin go
dtí ceárdaidhe eile agus do chuireadar an dá airgead
le n-a chéile agus ba mhar a chéile iad. Do bhíodar ag
imtheacht timcheall annsin ó dhuine go duine go dtí an
mhuintir do bhí ag obair do Dhiarmaid, agus airgead
bréige ar fad do bhí aca. Do-chuadar go dtí an
chúirt agus do gabhadh mo bhuachaill agus do cuireadh
fiche bliadhain i ngabhann pionóis é agus do caitheadh
an mála airgid do bhí aige leis an abhainn.



Nuair do airigh Cathal agus Aindrias cad do bhain
do Dhiarmaid ní raibh cathughadh ar domhan orra, agus


L. 25


adubhradar nár ghábhadh dhóibh aon eagla do bheith orra
anois dul fa dhéin a gcuid airgid agus do imthigh-
eadar agus do thógadar leó an t-airgead, chúig ceud
míle púnt, agus do-righneadar caisleán agus do-
chuadar chum comhnuidhthe ann. Do bhí Aindrias bocht
an-aosta, agus ní haon saoghal ró-fhada do bhí ins an
chaisleán aige, agus nuair do cuireadh é, do phós
Cathal agus tug sé leis a athair agus a mháthair agus
do dhíol sé an fheirm do bhí aca agus do mhaireadar
go sámh ins an chaisleán.


L. 26


II.
CEUSADH MUINTIRE TIGHE



AGUS A DTÓGBHÁIL I NDEIREADH



Dá fhichid bliadhain go hInid seo chaithte againn is
eadh do pósadh Art ó Maoláin agus Máire ní Dhubhagáin,
agus is maith chuimhnighim air, mar ba euchtach an
oidhche do bhí ann oidhche an phósta. Do bhí dhá dhuine
dheug píobairí agus bheidhlideoirí ag seinneamhaint
cheoil ann agus na daoine óga ba eudtruime cos ag
rinnce dhóibh. Do bhí an scioból agus teach na muin-
tire ag cur tar a súile ag neart daoine. Do bhí
trí dhuine dheug ban ag friotháladh agus a ndaothain
mór le deunamh aca. Do bhí gach aon saghas feoil
ann, fuar agus te, agus cácaí milse agus ubhla agus
gach aon rud do iarrfá amach as do bheul. Ní raibh
aon bhean oráistí ná bean steótar do dhíol i ngior-
racht chúig mhíle dheug don áit ná táinig le deithneas
ann. Do bhí oiread lucht siubhail ann ag lorg airgid
's gurbh éigean do mhuintir an tighe naonbhar agus
naoi bpíce aca do chur ar an dorus dá gcoimheud
amach. Níor dhada é sin go dtí ceann na hoidhche
no gur bhailigh na treampanna cóirighthe. Do bhí
oiread aca ann 's go raghaidís tar comhaireamh ort.
Ba é an t-uathbhás feuchaint orra le n-a gcuid culaidhe
bréige agus a gcuid bataí. Acht do bhí muintir an
tighe roimh ré leó, mar do bhí teach socair aca le n-a
n-aghaidh agus do bhí gach rud ba mhaith leó le n-ithe
agus le n-ól aca chomh maith leis an muintir do bhí
istigh. Do bhí mór-chuid daoine uaisle ag an phósadh.


L. 27


Do bhí sagart an pharóiste ann agus an dochtúir agus
an sean-dhochtúir agus an dá ghiuistís agus go leór
de dhaoinibh mhóra an bhaile mhóir, agus is ann do bhí an
oidhche do ba fhearr do bhí ar an taobh so dhúthaigh riamh.
Do bhí rogha gach bídh agus dighe ann. Do bhí soithighe
óir agus soithighe airgid ann, agus ba fhearrde na
soithighe an deoch agus an biadh do bhí ionnta, agus ba
fhearrde an deoch agus an biadh na soithighe. Do bhí
sceana ag gearradh agus forcanna ag greamughadh
ann agus spiuin ag rinnce ar mhiasaibh ann. Blas na
meala ar gach aon ghreim agus gan an dara greim
ar aon bhlas agus gan aon ghreim tur. Do bhí daoine
ag gáire ann agus daoine ag rinnce, agus do bhí
lán a gcroidhe de ghreann an domhain aca ó oidhche go
maidin. Níl aon teach timcheall an bhaile ná raibh
soillse ar lasadh ann go lá. Do bhí adharca dá
séideadh agus cluig dá mbualadh agus leath an
t-sléibhe tré theinidh ag teintibh cnámh.



An lá tar éis an phósta do bhí Máire agus Art chomh
gnóthach ag obair agus dá mbeidís pósta le chúig
bhliadhna. Agus is é adubhairt na daoine go ndeun-
faidís rud maith mar go rabhadar ag cur a n-iong-
naí ins an talamh luath go leór chum an tsaoghail.
Mar sin féin ba iongnadh leó a sainnt chum oibre, aon
lánamha a raibh bun maireachtana chomh maith fútha. Do
bhí ceud go leith acra de thalamh maith aca agus tim-
cheall trí fichid acra sléibhe dheunfadh easair agus
aoileach dóibh. Do bhí chúig acra deug de sin in a
chorrach móna thabharfadh móin sleagháin agus móin
fhoinnte dhóibh ó bhliadhain go bliadhain. An réiltheán
teineadh do bheadh ins an teinteán aca den móin sin,
nuair raghthá isteach tar dhorus, tiocfadh sclimpíní ar
do shúile leis an teas do bheadh uaithe. Do bhí chúig bhó
ar fhichid ar an mbainne aca. Do bhí chúig cinn ar
fhichid de ghamhnaibh bliadhna ann agus ocht gcinn ar


L. 28


fhichid de laoigh óga. Do bhí trí capaill oibre ann
agus chúig cinn de bhramaigh. Do bhí naoi gcinn
de chaoire agus a gcuid uan, agus do leathfadh
sé do radharc ort a raibh de eallaigh ann, agus de
gach rud do oirfeadh timcheall tighe. Agus do bhí
fuireann a ngnótha aca chum treabhadh agus foir-
seadh agus gach obair do bhí le deunamh. Do bhí
cúigear fear ag obair ann agus do bhí dhá chailín
aimsire ann. Do bhí áitreabh feirmeóra ann chomh
breaghdha agus do-gheobhá i do shiubhal lae, le seam-
ratha fada fairsing árda fa n-a gcuid cathaoireacha,
agus bóird agus soithighe práis agus airgid, agus
cistin breaghdha aolmhar iarmhaiseach agus péire
drosúr breaghdha ann lán den t-sean-fhuireann, miasa
gorma agus plátaí agus na crúiscíní buidhe ar dhath
an óir do bhíodh ag gach aoinneach an uair sin, agus
gáirdín deas crann agus torthaí, cruiceóga beach ar
gach taobh dé agus tobar fíor-uisce in a lár.



Do éirigh an saoghal go maith leó ar feadh chúig nó
sé bliadhna agus do bhí chúigear páistí aca. Do
bhí leanbh breaghdha mic aca. Do bhí sé trí bliadhna do
aois, agus do bhí sé ag a shnoighe amach gach aon lá agus
ní raibh a fhios ag a mháthair cad dheunfadh sí dhó.
Adubhradh léi dul go dtí an dochtúir. Do-chuaidh,
acht ní raibh aon mhaith dá dheunamh dhó. Do-chuaidh sí
in gach aon áit feuchaint an bhfuighbheadh sí leigheas dó.
I gcionn leath-bhliadhna do bhuail bean siubhail isteach
chuichi agus adubhairt sí gur aos teannta do bhí ar an
leanbh agus gur dhóigh léi go raibh sé ró-fhada ag
gabháil dó agus ná raibh aon fhaghbháil ar é do leigheas.
Ba fhíor dí. Ní raibh. Fuair sé bás i gcionn seacht-
mhaine in a dhiaidh sin, agus ba mhór an t-ochlán dheun-
faidhe de leanbh do-gheobhadh bás an uair sin. Nuair


L. 29


do airigheadh timcheall an pharóiste go raibh sé tar éis
bháis, do scuir gach aoinneach dá gcuid oibre agus ní
dhearnadh aon rud go raibh sé curtha. Adubhairt sean-
bhean éigin do bhí ag an torramh, dá mhéid saidhbhris
do bhí ag a athair agus ag a mháthair ná fuaradar é
do chosaint ón mbás. “Is cruaidh an croidhe atá agat
a bhean,” arsa bean eile, “ná fuil a fhios agat gur
mór an greim ar chroidhe na máthar boichte bheith ag
scaramhaint le n-a leanbh. Badh fhearr léi é ioná
saidhbhreas an domhain.” Do bhí an mháthair ag gol go
dubhach agus adubhairt na mná léi éisteacht, go raibh an
sagart ag teacht isteach. Do airigh sé iad agus
adubhairt sé léi, “ná bac leó, a bhean bhocht. Leis an
mbáidh bhaineann an deór, caoin leat do leanbh.”
Agus ní dubhairt sé a thuilleadh annsin.



Tar éis an leinbh do chur, do imthigh an rath amach an
dorus uatha. Do bhí a gcuid beathaidheach ag a gcail-
leamhaint agus gach aon mhí-ádh ag teacht anuas orra.
Do bhí ocht gceud púnt ins an mbanc aca, agus do
dúnadh an banc agus do cuireadh as a gcuid airgid
iad. Do bhí buaidhirt agus trioblóid ar Art annsin,
agus do luigh sé ag ól. Ní raibh maith ná maoin ann
chum a ghnó do dheunamh agus níor fhan líth-léithe le n-a
chéile aige, agus as sin amach ní raibh sos ná suaimh-
neas aca. Acht dá olcas do bhí an saoghal ag Art, do
dhíoladh sé an cíos i gcomhnuidhe gan bheith lá fé ná
thairis. Aon lá amháin um fhéile Michíl, do bhí iongan-
tas a chroidhe air nuair do bhuail litir chuige isteach
ón maor do bhí ag an tighearna talmhan ag éileamh
cíos sé bliadhna go leith air. An Maor Dubh tugtaoi
ar an maor so. Do dhuibh agus do theann ar Art
nuair do léigh sé an litir, agus maiseadh féin
adubhairt sé in a aigne gur dócha gur amadán é an
maor so agus ná raibh aon bheann aige air nuair do
bhí taisbeántas aige go raibh an cíos díolta. Níor


L. 30


bhac sé le dul ag triall ar an maor. Do
shíl sé ná raibh aon phráidhinn aige leis. Acht do
chuir an maor an dlighe i bhfeidhm air, agus do-
chuadar i láthair an bhreithimh. Do thaisbeáin Art
gach aon taisbeántas do bhí aige don mbreitheamh,
agus adubhairt an breitheamh leis go raibh an cíos
díolta aige do réir an mheamraim seo. Do iarr an
Maor Dubh ar an mbreitheamh iad do thaisbeáint do
féin. Do fheuch sé orra agus do chaith sé uaidh iad,
agus adubhairt gur taisbeántas bréige gach aon cheann
aca sin, agus do chuir sé i dtuicsin don mbreitheamh
narbh fuláir a leithéid sin do chomhartha do bheith orra
chum iad do bheith fíor. Tug an breitheamh a bhreath
annsin, Art ó Maoláin agus a mhuintir do bheith as
seilbh an deicheamhadh lá de mhí na Nodlag.



Nuair táinig Art abhaile agus do innis sé dá
mhnaoi cad do bhí le teacht orra, do bhuail sí a dhá
bais, agus adubhairt sí gur mór an briseadh croidhe
uirri bheith ag fágbháil na háite in ar tógadh í féin
agus a seacht sinnsear roimpe, agus í féin anois ag
tógbháil a líne beag féin, agus gur shíl ná fág-
fadh sí choidhche é go mbeidís i gcrích aici, agus cad
dheunfadh sí anois nó cá raghadh sí leó nuair chuir-
fidhe amach ar thaobh an bhóthair í, gur dócha gurab í an
déirc do bheadh go deoidh aici. Adubhairt Art ann-
sin léi, “Níl aon mhaith bheith ag gol i ndiaidh na soch-
raide, agus caithfimíd croth do chur orainn féin
agus dul go dtí ár ndaoinne muinteardha feuchaint an
úireóchadh Dia a gcroidhe chum cabhair do thabhairt
dúinn.”



An Domhnach do bhí in a gceann do ghabhadar an
capall agus do-chuadar go dtí duine mór muint-
eardha, an dara glún amach ón mnaoi, agus do
chásaigheadar iad féin leis, acht má do-righneadar


L. 31


féin, ba bheag an mhaith dhóibh é. Tug sé gach aon cham-
leath-sceul dóibh agus adubhairt sé an rud beag
airgid do bhí aige féin go raibh fonn air teach
muintire do thógbháil leis mar go raibh an teach do bhí
aige an-aosta, agus níor mhuinighin leis fuireach
ann níos sia “agus nuair do bhí airgead agat-sa,”
arsa sé le hArt, “is ró-bheag an greim do bhí agat
air, agus ní fheadar cia do-gheobha tú thabharfadh
anois duit é.” “Is díreach é,” arsa Art, “ná
cuimhnigheann aoinneach ar an maith bhionn imighthe
agus is minic do fhóireas ort-sa.”



Tángadar abhaile mar do imthigheadar agus do bhí
an bhean go cráidhte, buaidheartha agus adubhairt sí
cibé rud badh chor dó gan dul go dtí aoinneach eile
ó fuair sé an t-eiteach ón duine ba mhuinteardha do
bhí aige. Ach do chaithfeadh sé a thoil féin do bheith i
gcomhnuidhe aige. Ní raibh aon mhaith don mnaoi caint
leis. Do imthigh sé leis an Domhnach in a dhiaidh sin go dtí
duine muinteardha dhó féin(each). Ní raibh aon mhaith
dul go dtí é sin féin. “A mhic ó,” ar sé sin leis,
“is olc an áit i dtug do chosa thú, mar atáimse chomh
dona leat féin. Atá an t-ordughadh ceudna faighte
agam-sa le seachtmhain agus atá cathughadh mór orm ná
fuighbhinn aon mhaith do dheunamh duit, mar is dócha
gurab é an bóthar ceudna do-gheobha mé féin muna
bhfuil Dia i bhfabhair dam, acht níl aon mhaith ins an
chathughadh acht é do mharbhadh le foighne.” “Má is
mar sin atá an sceul agat-sa, atá sé chomh maith agam
dul abhaile agus deunamh mar is fearr do fheudfainn.
Ní chorróchadh mo chos chum dul go dtí aoinneach eile.”



Do-chuaidh sé abhaile annsin agus do innis dá
mhnaoi é. Adubhairt sí leis go raibh sé chomh maith aige
a comhairle féin do dheunamh, agus go raibh daoine
muinteardha go leór aige nuair do bhí sé neamh-
spleádhach, acht anois nuair do bhí an phráidhinn air


L. 32


go raibh dorn dúnta aca leis. “Ó is fíor dhuit sin,
a inghean ó,” arsa sé, “nach minic riamh do airigh tu,
an té bhíonn suas, go n-óltar deoch air, agus an té
bhíonn síos go mbuailtear cos air, agus atá cos
buailte orainn anois go ceart.”



Do fhanadar mar sin no go dtáinig an deicheamhadh
lá, agus ba é sin an lá greannmhar. Ní raibh fear,
bean, ná páiste idir dhá cheann an pharóiste ná táinig
ann ag feuchaint ar an obair do bhíodh a dheunamh
ar Art. Nuair táinig na saighdiuirí agus an
sirriam, tug an sirriam ordughadh gach a raibh ins an
tigh do chur amach. Do chrom Máire agus na páistí
ag béiceadh, agus do bhí na comharsain go léir ag gol
chomh maith leó mar ba mhór an briseadh croidhe bheith ag
feuchaint ar an athair agus ar an máthair agus ar a
gcannláinín dá gcaitheamh amach ar an mbóthar. Do-
chuaidh ceathrar báillí isteach agus do chromadar ag
briseadh agus ag reubadh a raibh ins an tigh. Nuair do
airigh Máire iad, adubhairt sí leó gan troscán a
máthar do bhriseadh, “má tá sibh ag a gcur amach,”
arsa sí, “cuiridh amach sleamhain slán iad. Má
adubhradh libh iad do chur amach, ní dubhradh libh iad do
bhriseadh.” Nuair do bhí gach aon rud curtha amach as
an tigh, do cuireadh glas ar an dorus. Do imthigh an
sirriam agus a chuid fear. Ní rabhadar amach tar an
ngeata nuair tug Art léim agus do rioth sé isteach
go dtí an dorus. Do bhuail sé iarracht do chasúr ar
an nglas, agus do-righne sé blodhna de, agus isteach
leis ins an tigh arís. Do sheas sé ar an taobh istigh
den dorus agus do ghlaodhaigh sé ar an sirriam.
“Feuch, a fhir mhaith,” ar sé sin, “níl do ghnó deunta
go ceart agat. Níl an t-sealbh díom-sa fós mar atá
duine liom istigh gan fhios duit.” Táinig an sirriam
tar n-ais arís, agus tug Art leis suas ins an
seamra é, agus do thaisbeáin sé dó cá raibh an buachaill


L. 33


beag i bhfolach istigh fa staighre, “agus,” arsa sé, “atá
leath-bhliadhain eile ins an t-seilbh agam, agus nárbh
maith agat.” “Atá, gan dabht,” arsa an sirriam,
“agus is fearr liom istigh thú ioná amuigh mar ní fios
cadé an sceul é ar feadh leath-bhliadhna agus badh
fhéidir go bhfuightheá fuireach istigh ar fad.” Nuair do
airigh na daoine cionnus do bhí an cúrsa, do liúghadar
le háthas agus tugadar go léir congnamh do Art
agus do Máire chum an troscán do chur isteach in a
ionad féin arís.



Do bhí leath-bhliadhain eile istigh annsin aca, agus do
bhíodar ag cuimheamh agus ag marana gach aon lá
cad do badh fhearr dhóibh a dheunamh chum an cíos
do fhaghbháil don Maor Dubh. Ní raibh dada le
deunamh aca mar ní raibh fiú an bheathaidhigh aca ná
aon tairbhe do bhaint as an talamh. Do bhí fear de
na comharsanaibh ins an mbaile mór lá agus do airigh
sé an-thrácht ag daoinibh ar an oighreacht do bhí ag
teacht do dtí Art ó Maoláin. Do bhí áthas a chroidhe
air nuair do airigh sé é, agus ba fhada leis a chosa
chum teacht abhaile chum sceula do thabhairt do Art
air. Nuair do innis sé do Art é agus do innis sé
cia adubhairt leis é do imthigh Art den stáir sin,
agus níor stad cos de gur roich sé an baile mór,
agus fuair sé amach an fear adubhairt é. Do thais-
beáin sé sin dó a dó nó a trí pháipeuraibh a raibh
na tuairisce orra. Do bhí Art níos deimhnighe annsin
ioná mar do bhí sé roimhe sin. Do-chuaidh sé abhaile,
agus i gcionn cúpla lá táinig litir chuige ó thúrnae
do bhí i bPortláirge dá iarraidh air teacht chuige, go
raibh gnó aige dhe. Do imthigh Art leis lá ar n-a
bháireach agus do-chuaidh sé go dtí an turnae
agus adubhairt an túrnae leis go bhfuair sé
litir ó dhaoinibh éigin i Sasana Nua go bhfuair
a leithéid sin de fhear bás, agus gur udhachtaigh


L. 34


sé trí mhíle púnt don ngaol ba ghiorra dho, agus
gurab é a thuairim gurab é Art an gaol ba ghiorra
dho. Do fhiarfaigh Art de cathoin ba dhóigh leis go
mbeadh an t-airgead ag teacht. “Ní fheadar,” arsa
sé, “cadé an lá do bheadh sé isteach chughat ón tseacht
mhain seo amach.” Táinig Art abhaile annsin agus
áthas mór air, agus do innis sé an sceul dá mhnaoi;
acht do bhí braon ólta ag Art, agus adubhairt a bhean
leis, cadé an tairbhe dhó airgead do fhaghbháil muna
n-éireóchadh sé den ól. Adubhairt Art léi na bíonn
ar aon rud acht tamall agus ná beadh sé ag ól i
gcomhnuidhe. Do bhí sin go maith go cionn cúpla lá
go dtáinig an dara litir ón túrnae ag a rádh leis go
raibh dlighe éigin deunta i Sasana Nua, aoinneach a
n-udhachtófaidhe airgead dó agus ná bheadh i Sasana
Nua, go gcaithfeadh sé dul ann chum é do fhaghbháil
agus a chuid fídhneidhthe ar fad do thabhairt leis.
Adubhairt Art gurbh olc an sceul é sin nuair ná raibh
aon rud aige do chuirfeadh ann é, acht go raghadh sé go
dtí an banc agus go n-inneósadh sé an sceul go léir
dóibh agus go mbadh fhéidir go dtabharfaidís an
t-airgead dó. Do-chuaidh agus do innis sé a sceul
do lucht an bhainc, agus adubhradar go bhfuighbheadh sé
an t-airgead, má raghadh an túrnae in urraidheacht
air. Do-chuaidh sé abhaile annsin agus do bhí sé chum
dul go dtí an túrnae lá ar n-a bháireach, acht do bhí
litir ins an mbaile roimhe ón túrnae go bhfuair sé
sceula ó thúrnae eile go raibh duine in a limistéir-
eacht féin adubhairt gur ghiorra i ngaol é féin don
bhfear so fuair bás ioná Art ó Maoláin. Acht
adubhairt túrnae Airt gur dhóigh leis ná raibh an
fhírinne ag an bhfear so agus go gcaithfidís uain do
cheapadh agus an gnó do bhreathnughadh go tuairimeach
agus moill dhá bhliadhain do dheunamh. “Má is mar
sin atá an sceul,” arsa Art, “atá sé chomh maith agam


L. 35


mo shúil do chur dé.” Adubhairt an bhean an té
ná bíonn an rath ar maidin air ná bíonn sé um thráth-
nóna air, agus, ó bhíodar chum é do choimheud a fhaid
sin, é do bheith ar fad aca agus gurab é an bhraich gan
leann bheith ag brath air.”



Nuair do bhí an leath-bhliadhain caithte annsin, agus
do bhí sé ag coinne le hiad do bheith ag teacht chum
an t-ath-shealbh do bhaint díobh, do channlaigh Art
meitheal buachaillí agus do tharraingeadar clocha
agus do dhaingeanadar an dorus agus gach aon
fhuinneóg do bhí ar an tigh agus do-righneadar pileur
mór cloch ar leath istigh den dorus chum ná beadh
aon fhaghbháil ar é do chur isteach ar aon chor. Tug
Art píce leis annsin agus gatha agus dréimire, agus
is gairid do bhíodar nuair táinig an sirriam agus na
báillí agus na saighdiuirí. Ní raibh aon áit aca i
raghaidís isteach ann nuair tángadar, agus adubhart
an sirriam le hArt é do scaoileadh isteach agus an
t-sealbh do thabhairt do. Adubhairt Art leis má scaoil-
feadh, gur de n-a ndícheall raghadh. Nuair ná raibh
aon rud le deunamh annsin ag na saighdiuiríbh fuar-
adar dréimire agus do leagadar suas i gcoinne an
t-simné ar cheann an tighe é, acht do bhí an dréimire
istigh ag Art agus ag a mhuintir, agus do-chuaidh
ceann de na fearaibh in áirde leis an ngatha, agus ní
túisce do bheadh an dréimire in a sheasamh ag na saigh-
diuiríbh ioná mar do bhíodh sé ar lár leis an ngatha ag
fear an t-simné. Adubhairt captaoin na saighdiuirí
leis, muna n-imtheóchadh sé as an simné, go lámhfaidís é,
acht níor chuir sin pioc eagla air. Níor mhaith leis an
gcaptaoin annsin aoinneach do lámhach ná aon mhilleadh
do dheunamh, agus adubhairt sé leis na saighdiuirí
éirghe den t-simné agus go leagfaidís crann amuigh
annso agus go bhfuighbheadh naonbhar nó deichneabhar
breith air agus go leanfaidís ag gabháil ar an bhfalla


L. 36


go ndeunfaidís poll tríd, agus go mé go
bhfuighbhidís dul isteach annsin. Nuair do bhí an
falla ar crioth annsin agus tosach tuitim ag na
clochaibh as, do bhí na saighdiuirí ag liúghraigh ar a
chéile, iad go léir do theacht go dtí an taobh so, go raibh
an poll láimh le bheith deunta. Nuair do airigh Art
iad annsin, na saighdiuirí go léir do theacht ar
aon taobh amháin, adubhairt sé leis na buachaillí do
bhí in a fhochair go mbadh fhearr teicheadh maith ioná
droch-sheasamh, agus ceann de na fuinneógaibh do bhí
ar chúl an tighe do oscailt agus go bhfanfadh sé féin ar
an bpoll leis an bpíce agus go ndeunfadh sé a
dhícheall ar na saighdiuiríbh do choimheud amach go
mbeidís sin teichte, cibé rud badh chríoch dó féin
annsin. Nuair do-chonnaic na daoine do bhí ann na
buachaillí ag teacht amach ins an bhfuinneoig, do
bhailigheadar i dteannta na fuinneoige chum go
raghadh na buachaillí i measc an choimthionóil agus
ná haithneóchadh na saighdiuirí iad. Nuair do bhíodar
go léir amuigh annsin, do chrom gach aoinneach ag liúgh-
raigh agus ba ait leis na saighdiuirí cad do bhí ag
cur na ndaoine ag liúghraigh. Do imthigheadar timcheall
agus do-chonnacadar an fhuinneóg oscailte agus
na buachaillí tar éis teichte agus ná fuigh-
bhidís iad do aithint i measc an choimhthionóil. An
fhaid is do bhíodar ag oscailt na fuinneoige agus
ag teicheadh, do bhí Art ar an bpoll ar an taobh eile,
agus gach aon saighdiuir do bhíodh do iarraidh teacht
isteach, do sháithfeadh Art in a chosaibh agus in a lámhaibh
iad ins an tslighidh go raibh cuid mhór díobh in a mair-
tíneachaibh aige, acht i ndeireadh nuair a bhí sé traochta
agus na buachaillí teichte, táinig na saighdiuirí ó
gach taobh air, isteach tré an bhfuinneoig agus tré an
bpoll, agus do-righneadar bráighe dhé agus do chean-


L. 37


gaileadar le teud é chum ná beadh aon fhaghbháil aige
ar imtheacht agus do baineadh sealbh de ar an áit sin.
Tugadar leó annsin go dtí teach na cúirte é, agus is
é breitheamhntas tugadh air ná é do sciúrsáil ar
faid na sráide.



Nuair táinig lá na sciúrsála annsin, do bhailigh na
daoine isteach go dtí an t-sráid as gach aon áit.
Níorbh fada go dtugadh amach as an bpríosún é, agus
do ceangaileadh a dhá láimh de gheatín trucaile, agus
dhá shaighdiuir in a dhiaidh aniar. Nuair fuaradar an
t-ordughadh chum luighe chuige, do bhíodar ag gabháil air
gan truagh, gan taise. Do bhí ceann de na saighd-
iuiríbh ceannaighthe ag an Maor Dubh chum Airt do
bhualadh ins an t-slighidh ná tiocfadh sé uaidh. Do
bhíodar díreach tar éis imtheachta leath na sráide, cad
go gheobhadh anall trasna droichid do bhí ann ná
captaoin airm agus cuid mhór de mharcachaibh in a
fhochair, agus nuair do-chonnaic sé an obair do bhí an
saighdiuir a dheunamh le hArt, adubhairt sé leó stad,
agus do thóg sé páipeur as a phóca agus do thaisbeáin
sé don t-saighdiuir é agus adubhairt sé leis go raibh
sé ag bualadh an fhir bun ós cionn agus adubhairt sé
go gcuirfeadh sé an sealán fa n-a mhuineul féin(each)
anois agus an mhuintir do bhí ag gabháil leis má do
fheudfadh sé é, agus adubhairt sé leó an fear sin do
scaoileadh agus cead a chos do thabhairt dó, agus go
ndíolfaidís go daor as an obair do-righneadar leis.
Do bhí deóra le súile a raibh de dhaoinibh ann, ach ní
raibh aon deór le Máire ní Dhubhagáin aon am acht í ag
a rádh le hArt i gcomhnuidhe misneach do bheith aige
agus ná bainfeadh dada dhó, agus do bhí go leór
daoine do bhí ann ag a rádh gur iongantach an aigne
do bhí ag an mnaoi sin agus dá mbur aon bhean
eile do bheadh ann acht í féin do-chífeadh a fear ag a
sciúrsáil mar sin go gcaillfeadh sí a ciall. Nuair do


L. 38


scuireadh Art ó n-a ceangalaibh, “mo ghraidhin croidhe
thu, a Airt,” arsa sí leis, “do bhí a fhios agam-sa dá deun-
fadh a ndícheall dada leat,” agus do imthigheadar
leó gur chuadar go dtí duine bocht muinteardha
dóibh, agus do fhanadar in a fhochair gur chuaidh Art
i bhfeabhas agus go raibh na loit cneasuighthe. Do
bhíodar ag cuimhneamh agus ag marana annsin
cionnus do badh fhearr dhóibh cur chum maireachtana,
agus ins an deireadh thiar fuaradar asal ó dhuine den
áit, agus trucail ó dhuine eile agus culaith
dhroma ó dhuine eile agus do imthigheadar rompa
ar fud na dúithche. Do oibrigheadh Art thall
agus i bhfus i bhfochair na bhfeirmeoirí agus an lá ná
bíodh sé ag obair, do bhíodh sé ag deunamh muileann
gaoithe agus ag a ndíol le páistí. Fear an-chruinn
ba eadh é, agus adeireadh sé le n-a chlainn gach aon
ghas olainne do-gheobhaidís ar chraobhachaibh agus ar
na bóithribh, é do bhailiughadh chucha, agus do bhídís mar
sin go mbíodh lán mála aca dí. Agus annsin teigh-
idís go dtí an muileann agus do dhíolaidís é, agus
sin é mar do bhídís ag deunamh maireachtana.



Ní raibh aon teach aca agus do chaitheadar codladh
ar an mbóthar urmhór na haimsire. Táinig droch-
oidhche orra a raibh sioc agus sneachta ann, agus do
shiubhladar cuid mhór fé bhfuaradar bheith istigh, acht
do casadh ins an deireadh go dtí teach feirmeóra
iad, agus fuaradar osdas na hoidhche ann. Do
bhíodar in a suidhe istigh timcheall ar an teinidh, agus
do bhí bean an fheirmeóra ag ceann an bhóird agus í
ag gearradh cabhail gúna, agus do bhí Máire ag feuch-
aint uirri agus tug sí fa ndeara ná raibh sí ag
gabháil chuige in a cheart.” “Gabhaim pardún agat
a bhean an tighe,” arsa sí, “is oitir uaim cur isteach


L. 39


ort ar do ghnó, acht is é mo thuairim ná fuil tu ag
gabháil chuige sin in a cheart chum é do ghearradh.” Is
é an t-slighe a raibh bean an tighe chum é do ghearradh
acht do bhí an t-eudach in aon phíosa amháin aici.
“Feuch, a bhean an tighe,” arsa Máire, “gabh chuige
mar seo. Cuir an dá chiumhais le n-a chéile agus
tiocfaidh sé níos saordhálaighe chughat, mar tiocfaidh
an dá chliathán amach in aoinfheacht, agus déin an
cleas ceudna leis an bpíosa eile agus beidh an drom
agat annsin.” Adubhairt bean an tighe, “badh mhaith
liom duine do thaisbeánfadh an ceart dom, nuair do
bhéinn ag deunamh an an-chirt.” Nuair do-chonnaic
bean an tighe cionnus do ghabh Máire chum an ghnó
do dheunamh, “Masa, a inghean ó,” arsa sí, “ní coig-
ealach i láimh óinsighe sosúr do thabhairt duit-se i do
láimh. Ní móide nach bean an-chruinn thu, agus badh
mhaith liom go bhfanfá tamall i mo fhochair chum go
dtabharfá eolais mo ghnó dham níos fearr ioná mar
atá agam.” Tug sí ráithe annsin in fochair agus
ba mhaith an sás í chum gach aon rud do dheunamh, mar
ní raibh aon rud dall ar a láimh, agus ba ghairid go
raibh gach aoinneach ar an mbaile ag teacht fa n-a déin
feuchaint cia aca (aca) a dtiocfadh sí leis, agus níor
dhóigh leat nach ag dul go dtí muileann nó ceardcha
do bhídís do iarraidh uair do bheith aca ar a chéile.
Do-chuaidh sí leó ó dhuine go duine do réir mar táng-
adar ag glaodhach uirri, ins an t-slighidh go raibh an
paróiste go léir siubhalta aici ó thigh go tigh, agus
do dhíolaidís a tuarastal go maith léi, agus ba fhiú
dhóibh uirri é mar do bhí sí tar éis mná cruinne do
dheunamh díobh go léir timcheall na háite. Do mhúin
sí dhóibh cionnus im do dheunamh in a cheart agus
cionnus a gcuid eallaigh do aireachas agus do choth-
ughadh agus cionnus a gcuid féin(each) eudaigh do
dheunamh, agus gach aon ghnó mar sin do bhainfeadh le


L. 40


mnaoi tighe, ins an t-slighidh dá mbeitheá ins an
mbaile mór lá margaidh do-chífeá na ceannaigh-
theoirí ag imtheacht amach an bóthar ag tosach an
bhaile mhóir ag faire ar mnáibh na háite sin chum bheith
ag stracadh a gcuid im agus uibhe ó n-a chéile, agus
tugaidís an luach do ba fhearr orra leis, nó dá mbeitheá
ag aifreann Dia Domhnaigh ins an pharóiste sin, do-
chífeá na mná agus na cailíní go léir agus iad
go slachtmhar breaghdha deallramhail, agus gúnaí
agus eudaighe triopallacha córacha orra de dheuntús
Mháire ní Dhubhagáin.



An fhaid is do bhí Máire ag imtheacht timcheall
mar sin, do bhíodh Art ag imtheacht ag obair feirm-
eóra, agus nuair do-chonnaic sé an obair do bhí a
bhean a dheunamh, adubhairt sé go raibh sé chomh maith
dó féin(each) an obair cheudna do tharraing(t) air.
Agus Dia Domhnaigh do bhí in a cheann, do bhí fógra
ag geata an t-séipéil aige, na daoine go léir do
fhuireach ann tar éis an aifrinn, go raibh rud beag
cainte aige le deunamh leó. Do bhí iongantas ar na
daoinibh cad do bhí le rádh aige, agus do fhanadar go
léir ag an ngeata tar éis an aifrinn. Ba ghairid
gur bhuail Art amach agus do sheas sé in áirde
ar phileur an gheata. “A dhaoine mhuinteardha,” arsa
sé, “badh mhaith liom rud beag do rádh libh i dtaobh
feirmeoireachta. Atá mé tamall maith ar an áit seo
anois, agus, ná tógaidh orm a rádh libh, do-chím ná
fuil sibh in iúl ar bhur ngnó do dheunamh in a cheart.
Agus aoinneach agaibh a dteastuigheann fios a ghnó go
ceart uaidh, cuireadh sé fios orm-sa agus ragha mé
go dtí é seachtmhain nó coigthigheas de gach aon
tsaosún. Do-chonnaic mé feirmeoir ar an áit seo an
lá (h)eile ag saothrughadh le haghaidh turnaip. Do
chuir sé aoileach fuar fliuch amach as an macha orra,


L. 41


agus do dhún sé agus do chuir sé an lá ceudna iad.
Goidé an saghas saothrughadh ar turnaip é sin? In
áit an t-aoileach sin do fhágbháil leathte go mbeadh an
tuar as, agus annsin é do chlúdach, acht an t-aoileach
do chlúdaigheadh fliuch ní dhreódhfaidh aon phioc dé i
mbliadhna, mar liathfaidh sé agus fanfaidh sé mar sin.
Agus atá cuid agaibh annsin, agus is amhlaidh atá an-
iomarcaidh feasa agaibh. Atá a fhios agam fear ar an
áit seo a bhfuil páirc mhór torthaí aige. Ní dheunfadh
sé na hiomairí in aon tslighidh innte acht ó dheas agus
andeas. Níorbh é sin an tslighe in ar cheart iad do
dheunamh, mar do bhí fánaidh soir leis an bpáirc agus
dá ndeunfadh sé na hiomairí síos agus suas leis
an bhfánaidh, do bheadh cead reatha ag an uisce ionnta,
agus ó atáid ó dheas agus andeas ar chliathán an chnuic
aige, fanfaidh an t-uisce in a chodhladh ionnta, agus ní
raghaidh na torthaí chum suime dhó. Shin iad na gnótha
do chrosfainn oraibh, aoinneach agaibh ar mhaith libh
glaodhach orm.”



“Nuair do bhí an fheirm agat féin, cadé a chúis ná
dearnais na gnótha sin?” arsa ceann de na fearaibh.



“Ó,” arsa fear eile, “níl aon fhear is fearr a
bhfuil a fhios aige (é) ioná ag feirmeoir briste.” Do
chrom an coimhthionól go léir ag gáire. Adubhairt
fear eile annsin, má bhí sin féin briste, nárbh é a
chionta féin é, mar sin go ndearnadh clampar air,
agus gur éiligheadh cíosna air tar an gceart.



“An t-slighe cheudhna,” arsa Art, “ar bhriseadh
mise, do bhrisfidhe gach aoinneach agaibh-se ar maidin,
dá ndeunfaidhe an obair cheudna libh, ocht má atá
fonn oraibh dul chum cinn in bhur gcuid oibre, tuigi
toradh orm-sa, agus beidh an sceul go maith agaibh,
agus ní bheidh sibh in a chathughadh.” Annsin do imthigh-
eadar go léir abhaile.


L. 42


An oidhche sin táinig fear beag earráideach do bhí
ar an áit ar lorg Airt, feuchaint an raghadh sé leis ar
feadh a dhó nó a thrí de sheachtmhainibh. Adubhairt Art
leis go raghadh, agus do fhiarfaigh sé dhé, cadé an
tuarastal do bheadh sé toiltheanach ar é do thabhairt
do. Adubhairt an firín leis, dar ndóigh gur feirm-
eoir briste é agus gur mór an ní dó dhá phinginn ins
an ló, acht ná fuighbheadh sé an méid sin féin do
thabhairt dó go dtí tar éis an fhoghmhair, go mbeadh a
fhios aige cadé an tairbhe do bheadh in a chuid arbhair
aige i bhfeis ar aon bhliadhain eile. “Masa,” arsa
Art, “dá dtabharthá ceud púnt ins an ló dham, ní
raghainn ar an gcúinse sin, muna mbeadh fonn ort
mo thuarastal do dhíol liom go dtí sin, agus má is
feirmeoir briste mé, is beag an tairbhe dheunfadh
do chúpla pinginn dam chum mé do shlánughadh
arís.”



Do imthigh an firín beag leis abhaile agus do fhág sé
Art ar caorthainn buile i n-a dhiaidh. Lá ar n-a
bháireach, adubhairt sé go gcaithfeadh sé ceárd éigin
eile do tharraing(t) chuige do iongnais bheith ag
múineadh na feirmeoireachta. Do ghabh sé chuige a
asal ar maidin agus a thrucail agus do imthigh sé
leis timcheall na dúithche agus do bhailigh sé ualach
breaghdha slat agus do chrom sé ag deunamh ciseán
díobh agus do dhíoladh sé go daor leis iad thall
agus i bhfus i measc na bhfeirmeoirí. Do bhí sé
mar sin go raibh roinnt airgid tuillte aige féin agus
ag Máire. Nuair do chloiseadar go raibh féirim dá cur
i ndúthaigh eile do bhí tamall ón áit sin, do chuireadar
a gcomhairle i dteannta a chéile agus adubhradar
go raibh sé chomh maith dhóibh dul á d'iarraidh ó bhí
na pinginní airgid aca. Do imthigheadar leó ar
maidin lá ar n-a bháireach agus níor stad cos díobh


L. 43


gur chuadar go dtí an fheirm seo. Do shiubhladar gach
aon fhód dí idir ghort agus gardha, agus do thaithnigh
sí leó go maith. “Masa,” arsa Art, “feirm bhreaghdha
í, a Mháire, acht níl aon bhreith aici ar an bhfeirm do
bhí againn roimpe.” “Níl,” arsa Máire, “agus níl
an sochar ins an talamh ná fiú an gháirdín ann, agus
is fada go mbeidh an troscán againn chomh breaghdha
agus do bhí.” Do imthigheadar leó annsin agus do-
chuadar go dtí maor an tighearna talmhan do bhí ós
cionn na feirmeach. An Maor Buidhe tugtaoi air
seo. Do-chuadar go dtí a theacht agus do bhuaileadar
ag an doras. Nuair do bhíodar ag fuireach ag an
dorus adubhairt Máire leis go raibh coinne aici gur
fearr do fhear an Maor Buidhe seo ioná an Maor
Dubh do bhí cheana orra. Táinig teachtaire amach
chuca feuchaint cad do bhí uatha. Do fhiarfaigh Art dé
an raibh an maor istigh. Adubhairt an teachtaire leis
go raibh, agus go bhfeicfeadh sé i gcionn ceathramha
uaire é. Nuair táinig an maor do innis Art a chúr-
saí dó agus cad tug é. Adubhairt sé sin leis ná
fuighbheadh sé dada do dheunamh indiu dó, mar go
raibh sé ag dul as baile, acht teacht i gcionn seacht-
mhaine ón lá sin agus go socrochaidís gach aon rud in
a cheart agus an t-airgead do thabhairt leis agus go
dtabharfadh sé sealbh agus gach aon rud an lá
ceudna dhó. Do imthigh Art agus Máire leó go dtí
an áit i raibh an trucail agus na páistí. Do bhíodar
ag cur tré n-a chéiile i rioth na seachtmhaine, dá mhéid
den bhfearthainn agus den droch-aimsir fuaradar le
roinnt bliadhanta, gur gairid go mbeadh teach dá
gcuid féin aca. Do bhíodar mar sin no go dtáinig
an lá chum dul go dtí an Maor Buidhe arís, agus do
imthigh Art agus tug sé leis a chuid airgid go cruinn
baileach, mar do bhí sé deimhnighthe go bhfuighbheadh sé an
fheirm an lá sin. Nuair do-chuaidh sé go dtí teach an


L. 44


Mhaoir Bhuidhe, adubhradh leis ná raibh an maor istigh,
agus go gcaithfeadh sé fuireach go dtí a hocht a
chlog an oidhche sin. Nuair táinig an maor do-chuaidh
sé chum cainte leis agus adubhairt an maor leis ná
raibh aon mhaith dhó bheith ag brath ar an bhfeirm seo mar
go raibh baint ag fear eile léi agus ná fuighbheadh
sé í do thabhairt dó agus imtheacht leis abhaile agus a
chuid airgid do choimheud. Do imthigh sé leis agus é
go dóighte scóltha, agus é ag caint leis féin ag
siubhal an bhóthair.



Do bhí Máire ag fuireach leis i gcomhnuidhe agus ag
coinne ag mbeadh sé chuichi ó am go ham, acht nuair
do bhuaidh uirri i ndeireadh na hoidhche agus ná raibh
sé ag teacht, do ghlaodhaigh sí ar dhuine de na comhar-
sanaibh, agus do imthigheadar ar a lorg. Ach nuair
do gheal an lá do-chonnacadar coimhthionól mór
daoine ar an mbóthar, agus do-righneadar do iarracht
orra, agus cad do bheadh ná Art sínte i ndíg an
bhóthair, agus ní bhfuighbheadh aoinneach a bhrathnughadh
cia aca beó nó marbh do bhí sé. Acht do cuireadh fios
ar lucht an dligheadh, agus tángadar. Do chuireadar
sin fios ar an ndochtúir. Táinig an dochtúir, agus
do bhí sé i bhfad ag gabháil dó fé raibh aon deimh-
neacht aige go raibh sé beó, agus nuair do bhí a fhios
aige go raibh, adubhairt sé é do thógbháil chum siubhail
go mear go dtí óspuideul. Do-righneadh, agus do-
chuaidh Máire leis, agus cuid mhaith de na daoinibh do
bhí ann. Tug sé coigthigheas fada mín díreach ins an
óspuideul, fad nár tháinig aon fhocal cainte dhó,
agus shin é an uair do innis sé cad do bhain dó.
Adubhairt sé nuair do bhí sé ag dul abhaile an oidhche
sin tar éis bheith i bhfochair an Mhaoir Bhuidhe, gur phreab
ceathrar ropairí tar chlaidhe chuige in áit i raibh coill
ar gach taobh den mbóthar. Do lámhaigh ceann aca é


L. 45


agus adubhairt sé leis, a raibh de airgead aige a
thabhairt uaidh. Adubhairt sé sin leó ná raibh aon
airgead aige. Adubhradar sin go raibh, agus muna
dtabharfadh sé uaidh é go ndíolfadh ann go dóighte.
Le n-a linn sin do bhuail ceann aca le grideóg de
bhata fean leath-chinn é, agus do síneadh ar an
mbóthar é, agus ná feadair sé cad do bhain dó as sin
amach, acht gur deallraightheach gur ghabhadar air gan
truagh gan taise agus gur thógadar an t-airgead uaidh.
Tug sé comharthaí sóirt do lucht an dligheadh, agus do
bhíodar sin ag deunamh faisnéise ar feadh seachtmhaine,
agus do gabhadh beirt agus tugadh ós coinne Airt
iad, acht níor aithin sé iad, agus do caitheadh
scaoileadh leó arís.



I gcoinn dhá mhí do bhi Art go maith arís agus a
shláinte tar éis casta air, acht do bhí sé chomh beó bocht
is do bhí sé riamh, gan aon tuairisc aige cár ghabh a
chuid airgid, agus adubhairt sé le Máire gurbh iongan-
tach na ciotarainn agus na trioblóidí do bhí tar éis
teacht trasna orra, gur cuireadh amach as a bhfeirm
agus as a gcuid iad, agus gur sciúrsáladh ar faid
na sráide é féin, agus anois nuair do bhí rud beag
airgid bailighthe aige gur baineadh dé arís é.
Adubhairt sé go raibh sé ins an mbanc an cheud uair
aige agus gur dhún an banc air, agus nuair do
choingigh sé in a phóca é, agus bhain na bitheamhnaigh dé
é, agus ná feadair sé cá gcuirfeadh sé é dá mbeadh
aon phioc eile dé aige le n-a shaoghal arís. “Dá mhéid
iad na crosa agus na trioblóidí go léir,” arsa
Máire, “ba mheasa liom an leanbh úd do chuireamar
ioná iad ar fad, agus níl aon rud is fearr dhúinn
ioná foighne do bheith againn, agus muinighin do bheith
againn as Dhia. Atá ar gclann láimh le bheith tóigthe
anois againn, agus is gairid go mbeidh siad in aois
maireachtana dhóibh féin. Atá a fhios againn anois


L. 46


cionnus mhairfimíd agus atá sé chomh maith dhúinn
imtheacht linn ar maidin go dtí dúthaigh éigin eile ar
an taobh thall de na cnocaibh.”



Do éirgheadar ar maidin agus do bhailigheadar
leó, agus i gcaitheamh an lae dhóibh, agus iad ag
imtheacht an bhóthair táinig marcach trasna orra agus
do labhair sé le hArt agus do labhair Art leis.
Adubhairt sé le hArt go ndeallraigheann sé gur fear
bríoghmhar láidir é, agus go mbadh fhearr dó dul i
ndiaidh an fhiadhaigh ag faire ar eagla go dtuitfeadh
aoinneach, go ndeunfadh sé a thuarastal ní badh
fhearr ioná bheith ag imtheacht mar sin. Do imthigheadar
leó no gur theangaigheadar le lucht an fhiadhaigh,
agus Art bocht an lá ag rioth in a ndiaidh no go raibh
sé cortha traochta. Do bhí aon fhear amháin ann, fear
breaghdha óg. Ba é an duine é ná an tighearna tal-
mhan do bhí ar Art nuair do bhí an fheirm aca, acht ní
raibh a fhios ag Art gurbh é do bhí ann an lá sin. Agus
is é an áit is measa an iompuigheadh sé a chapall i
gcomhnuidhe chuige go dtí an tráthnóna thall agus é ag
dul de lém tar chlaidhe mór, do leagadh an capall,
agus táinig sé féin thíos fé(ig). Do bhí sé annsin
sínte agus an capall anuas air agus Art do
iarraidh é do réidhteach, acht do chas cuid de na mar-
cachaibh eile, agus do tógadh é, agus do bhí sé millte
mairtrighthe. Do chuardaigheadar annsin an áit ar
leagadh é, agus fuaradar sreang ar bharr an chlaidhe
ann. Táinig buile ar a raibh ann annsin, agus
adubhradar gurab é Art do chuir an t-sreang ann
chum go leagfaidhe duine éigin agus go bhfuighfeadh sé
féin airgead as é do thógbháil. Do gabhadh ar an áit
sin é, agus tugadh go dtí an príosún é.



I gcionn trí lá do bhí cúirt air, agus cuid mhór de
na marcachaibh ag dearbhadh air. Do bhí an Maor Dubh
in a measc, agus adubhairt sé gurab é cúis a raibh


L. 47


an fear sin do iarraidh díoghbháil do dheunamh don
tighearna talmhan ná gur ruaigeadh as a fheirm fad ó
é, agus go raibh sé do iarraidh sásamh do bhaint dé
mar gheall air. Tar éis an dearbhadh do dheunamh
adubhairt an breitheamh le hArt go raibh gach aon
deallradh gurab é do-righne an obair. Adubhairt sé
sin leis an mbreitheamh nach é, agus do fhiarfaigh sé dhé
an dtabharfadh sé cead cúpla focal cainte dhó.
Adubhairt an breitheamh leis go dtabharfadh agus
fáilte. “Badh ait an cúrsa damhsa bheith do
iarraidh sásamh do bhaint den tighearna talmhan tar
éis cúig bhliadhna, an fear ná faca mé riamh agus
ná feadair mé dada mar gheall air, agus dá mbéinn
do iarraidh sásamh ar aoinneach, badh chóir gur
den Maor Dubh do bhainfinn é do-righne éirghe shligheadh
orm agus do chuir amach as mo fheirm mé.” Do fhiar-
faigh sé de na fídhneidhthibh ó dhuine go duine an
bhfacadar é féin roimhe sin riamh. Adubhradar sin ná
facadar. “Feuch anois,” arsa sé leis an mbreitheamh,
“ca bhfios damhsa cadé an áit i raibh na fiaguidhthe
sin chum gabháil agus gan mé ar an áit roimhe seo
riamh? Agus an áit ar thuit an fear sin do bhí
beárna íseal le n-a ais, agus is ann badh dhóchaighede
an t-sreang do chur dá mbeidhfidhe ag a cur in aon
áit.”



Do fhiarfaigh an breitheamh dé annsin cia do chuir
i ndiaidh na bhfiaguidhthe é. Adubhairt sé sin leis gur
marcach do casadh air maidin an lae sin adubhairt
leis dul in a ndiaidh agus go ndeunfadh sé a
thuarastal go maith.



“An raibh aoinneach i t'fhochair an mhaidin sin nuair
do casadh ort an fear?”



“Do bhí. Mo bhean agus mo cheathrar cloinne.”



“Cá bhfuil do bhean agus do chlann?”


L. 48


“Atá siad in a leithéid seo do thigh ins an mbaile
mór.”



“Caithfimíd fios do chur orra sin,” arsa an
breitheamh le oifigeach do bhí ann, “agus iad do bheith
annso i gcionn leath-uaire an chluig.”



Nuair táinig an bhean agus an chlann do cuireadh
isteach in seomra ar leith-leith gach aoinneach aca, agus
do-chuaidh an breitheamh ag caint leó ó dhuine go duine,
agus tángadar féin agus Art ar aon fhocal amháin.
Táinig an breitheamh tar n-ais agus adubhairt sé le
hArt go raibh an fhírinne aige ins an méid sin den
sceul. Do fhiarfaigh sé de na fídhneidhthibh an gnáthach
le lucht an fhiadhaigh bheith ag bagháil ins an mbeárna ar
leagadh an fear so. Adubhradar leis ná bíodh aoin-
neach ag dul thóirste acht aoinneach amháin, agus
gurab é sin an fear do gortuigheadh. “Cuiridh fios
ar an bhfear so go mear,” arsa an breitheamh, “mar
is é mo thuairim-se go bhfuil droch-thátall éigin le
baint as an ngnó so.” Tugadar leó an fear. Do bhí
sé an-thinn agus do chaitheadar é do thabhairt i gcath-
aoir go dtí an chúirt. Do fhiarfaigh an breitheamh
de:



“An bhfuil aon namhaid agat,” arsa sé, “nó an
bhfeadair tu an bhfuil aon mhioscais ag aoinneach
dhuit?”



“Ní dóigh liom go bhfuil,” arsa sé, “ní raibh aon
rud idir mé féin agus aoinneach riamh acht an méid
seo inneósa mé dhuit. Tighearna talmhan is eadh mé,
agus is le gairid (ó) táinig mé in oighreacht, agus
adubhairt mé leis an maor atá agam, an fear a
dtugtar an Maor Dubh air, gur theastuigh uaim na
leabhra do scrúdughadh agus do shocrughadh in a
gceart, mar gur mhaith liom lámh do bheith agam ins
an obair chum go dtuigfinn gach aon rud mar
gheall air, agus do bhraith mé air nár thaithnigh sin


L. 49


leis mar dhionntráil sé agus táinig sé chum buile
dhó.”



“Téighidh agus gabhaidh an fear sin go hobann,”
arsa an breitheamh, “agus cuiridh isteach ins an
phríosún é, mar is é mo thuairim gurab é sin an fear
do-righne an obair, agus tuigi libh na leabhra ar
fad atá ag baint le ríoghacht an fhir seo. Agus téighidh
abhaile go cionn seachtmhaine, mar bainfidh sé roinnt
laetheanta dhíom na leabhra so do scrúdughadh agus
do fheicsin in a gceart.”



Lá ar n-a bháireach do-chonnaic mac le hArt istigh i
siopa ins an mbaile mór an fear ceudna do chuir Art
i ndiaidh an fhiadhaigh, agus do imthigh sé ceann ar aghaidh
go dtí lucht an dligheadh, agus do gabhadh an fear
sin, agus ba é an duine é ná mac an Mhaoir Dhuibh.



Cúpla lá roimh lá na cúirte do-chuaidh bean Airt
ag feuchaint an tighearna talmha, agus do innis sí
dhó ó thosach go deireadh cad do bhí an maor tar éis a
dheunamh leó, agus adubhairt sé ná raibh a fhios aige
cad do bhíodh an maor so a dheunamh, mar do bhíodh
sé is na ráigiuinibh amach, agus má ba fhíor an rud
adubhairt sí leis go dtabharfadh sé féin a cuid tal-
mhan arís dí, agus go socróchadh sé mar do bhíodar
riamh iad.



Lá na cúirte tugadh mac an Mhaoir Dhuibh go dtí an
chúirt agus do fhiarfaigh an breitheamh dé an raibh a
fhios aige dada mar gheall ar a athair ná ar an
bhfear so.



“Níl a fhios,” arsa sé, “acht adubhairt mo athair liom
lá an fhiadhaigh capall agus diallaid do fhaghbháil agus
imtheacht liom siar an bóthar, agus cibé áit i bhfuigh-
bhinn fear bocht darbh ainm dó Art ó Maoláin, é do
chur i ndiaidh an fhiadhaigh, agus ní fheadair mé dada
eile mar gheall air.”


L. 50


Do ghlaodhaigh an breitheamh ar chléireach do bhí an
oifig an Mhaoir Dhuibh, agus do fhiarfaigh sé dhé:



“An bhfuil a fhios agat,” arsa sé, “cadé an chúis
do bhí ag an maor chum Airt?”



“Ní fheadar,” arsa mé, “acht ruaig sé Art as a
fheirm agus do-righne sé éirghe shligheadh air, mar is
agam-sa atá a fhios do bhí ins an oifig, agus is é mac
an Mhaoir Dhuibh atá ins an bhfeirm anois, agus ní
fheadair mise aon rud eile mar gheall air.”



Do léigh an breitheamh annsin dóibh an cúntas do
scríobh sé féin i dtaobh na leabhra agus tug sé le
tuicsin don t-saoghal go raibh na mílte púnt goidighthe
ag an Maor Dubh ó n-a mhaighistir. Do éirigh sé le
binib annsin.



“Tabharfa mé ciontach i gcúis do mhaighistir
thu, go raibh tu do† iarraidh éirghe shligheadh do
dheunamh air. Ba é rud do bhí uait, ná an tighearna
talmhan do chur dá chois nó é do ghoirtiughadh ins an
t-slighidh go mbeadh caoi éigin agat féin na leabhra do
shocrughadh in a gceart nó nach dreaca cead
teichte do bheith agat. Agus tabharfa mé ciontach
thu go rabhais do iarraidh fear eile do chur ins an
phrannc. Is é do mhac féin do chuir as diaidh an
fhiadhaigh an lá sin é chum go mbeadh fear éigin in a
ndiaidh a ndearfaidhe go mbeadh mioscais aige don
tighearna talmhan. Do shíl tu bheith ró-ghasta agus
do chaill sin duit. In áit Art ó Maoláin do bheith
ins an ineall is é do cheann féin atá sáidhte ann agat.
Cuirfe mé siar ar feadh seachtmhaine thu agus
tabharfa mé cead t'anam do dheunamh dhuit.”



Do fhiarfaigh sé de Art annsin cadé an chúis do bhí
ag an bhfear so chuige agus do innis Art dó gach aon
rud mar do bhí agus an méid do bhí ag éisteacht leis
ag a innsint, do bhí deóra leó le truagh dhó. Do éirigh


L. 51


an breitheamh le feirg buile nuair do airigh sé trácht
ar an sciúrsáil agus adubhairt sé gurbh fada leis an
t-seachtmhain chum breitheamhntas cruaidh do chur ar an
bhfear ba ciontach leis an obair ar fad. Adubhairt
Art annsin gur chuir sé níos mó ioná sin dé. Do
fhiarfaigh an breitheamh dé cad eile do bhain do
agus leanmhaint air agus a chúrsaí go léir do chur
síos dó.



Nuair do innis sé don mbreitheamh cionnus do bhí an
sceul idir é féin agus an Maor Buidhe agus cad do
bhain dó nuair do fhág sé an oidhche sin é.



“An raibh a fhios ag aoinneach,” arsa an breitheamh,
leis, “go raibh an t-airgead agat an oidhche sin?”



“Ní raibh a fhios,” arsa Art, “acht agam féin agus
ag an Maor Buidhe agus ag mo mhnaoi.”



“An raibh aon eudach maith ort an oidhche sin,” arsa
an breitheamh, “ná aon deallradh go raibh aon
airgead ar iomchur agat?”



“Ní raibh,” arsa Art, “aon deárthumhaileacht ag
baint liom acht mar do bheadh aon fhear oibre ar mhór
leis a gcaithfeadh sé ar bhiadh ná ar eudach do choimh-
eud le n-a cholann agus ná beadh pinginn tar an
déirc aige.”



“An bhfuil a fhios ag aoinneach agaibh,” arsa an
breitheamh leis na daoine do bhí ins an chúirt,” an
bhfuil a fhios ag aoinneach agaibh cadé an ainm atá
ar an Maor Buidhe seo?”



“Atá a leithéid seo do ainm,” arsa siad.



Do bhí túrnae ins an chúirt, agus, nuair do airigh sé
trácht ar ainm an fhir seo, do éirigh sé in a sheasamh
don mbionnúig sin agus arsa sé,



“Atá tuairim mhór agam-sa ar an obair seo. Do
bhí oighreacht le faghbháil atá tamall de bhliadhntaibh ó
shin do Art ó Maoláin agus mise do bhí ag a pléidhe
dhó, agus do bhí sé pléidhte agam no gur chuir an


L. 52


Maor Buidhe seo isteach uirri agus shin é do árdaigh
na costaisí ins an t-slighidh nárbh acfuinn do Art
iad do dhíol, agus an té ná raibh gaol ná comhgus
aige don duine do fhág an t-airgead in a dhiaidh is é
fuair é, agus sin é an fear so, an Maor Buidhe seo,
agus ní raibh an méid sin feasa agam go dtí maidin
indiu agus atá na páipéir annso socair agam
má bhíonn siad ag teastáil. Ní raibh sé ag rioth liom
go bhfuighbhinn dada dá bharr acht do airigh mé go raibh
Art an-bhocht agus do bhí mé do iarraidh oibriughadh
dhó.”



Do léigh an breitheamh na páipéir tug an túrnae dhó
agus adubhairt sé go raibh an ceart aige.



“Do bhí a fhios agam-sa,” arsa sé, “go raibh rud
éigin ins an sceul ná fuighbhinn a thuicsin agus is
é a chúis ná tug sé an fheirm do Art agus gur chuir
sé abhaile go déidheanach ins an oidhche é, ná chum go
mbeadh caoi aige ar é do mharbhadh ar eagla go
n-aireóchadh sé gurab é fuair an oighreacht agus go
mbadh acfhuinn do dul chum dligheadh leis mar gheall
uirri. Agus is chum na daoine do dhalladh do baineadh
an t-airgead dé, dúmas gur bítheamhnaigh chearta do
bhuail fé.”



Tug sé ordughadh do lucht an dligheadh an Maor
Buidhe seo do thabhairt chum na cúirte gan mhoill agus
gan aon chúntas do thabhairt dó cad do bhí uaidh féin
air. Táinig sé, agus do shíl sé go raibh sé chum
fídhnéidheacht do thabhairt uaidh i dtaobh tionóntaidhte
nó rud éigin dá shaghas, agus táinig sé isteach ins an
chúirt go dána strolúsach.



“Atá mé annso anois, a bhreithimh,” arsa sé, “chum
aon cheist atá uaidh orm do réidhteach.”



Le n-a linn sin do chuir an breitheamh uallfairt as.



“Gabhaidh an fear so,” arsa sé, “agus déinidh
bráighe dhé. Nach tusa fuair oighreacht an fhir bhoicht


L. 53


seo? Nach tu do gheall an fheirm dó agus do chuir
i mugha é, agus ná tug do í an lá do bhí geallta
agat? Nach tu do chuir na bitheamhnaigh in a dhiaidh
chum é do bhualadh agus é do mharbhadh agus an t-air-
gead do bhaint dé?”



Nuair a chuir an breitheamh na ceisteanna do
urchar air, do thuit sé i bhfantais agus níor fhan
miam ann. Nuair do éirigh sé annsin, do bhí a
leithéid sin do eagla air is gur admháil sé go raibh sé
ciontach. Adubhairt an breitheamh leó é do chur isteach
mar a raibh an maor eile.



“Do bhí maor dubh againn ó chianaibh,” arsa sé,
“agus atá maor buidhe againn anois, acht ní buidhe
atá sé acht chomh dubh leis an bhfear eile.”



Do bhí cúirt orra i gcionn seachtmhain arís chum
breitheamhntas do thabhairt orra.



“Do chuir mé siar sibh ar feadh seachtmhaine,” arsa
an breitheamh, “mar do bhí fearg orm an lá úd agus
níor mhaith liom breitheamhntas le feirg do thabhairt
ar aoinneach, acht in áit an bhuile do bheith ag imtheacht
díom is ag meudughadh chugham atá sí, agus tuitim i
mo aigne nach buile ins an eugcóir í acht buile ins an
cheart, agus fágaim fúthaibh anois, a dhaoine, cadé an
pionós is ceart a chur ar an mbeirt seo.”



Do eirigh na daoine go léir, agus adubhairt cuid
aca iad do chrochadh. Adubhairt a thuilleadh aca
na cinn do bhaint díobh. Do éirigh Máire annsin agus
adubhairt sí gur dí féin(each) agus dá fear is mó do-
righneadar díoghbháil agus gur dóibh ba chóra a rádh
cadé an breitheamhntas thabharfaidhe orra, agus nár
mhaith léi ná le n-a fear iad do chur chum báis ná aon
ainíde do thabhairt orra, acht iad do chur in áit éigin
ná feicfeadh sí le n-a saoghal arís iad. Do chrom sí
ag gol annsin, rud ná dearna sí nuair do-chonnaic
sí a fear ag a sciúrsáil.


L. 54


“Is iomdha bitheamhnach do-chonnaic mé,” arsa an
breitheamh, “acht do bhuadhadar so ar a bhfaca mé riamh.
Agus is mór an t-iongna liom tusa mar bhean bheith
do iarraidh aon fhaoisimh dóibh tar éis a ndearnadar
ort, ach cuirfe mise ins an áit, ná bíodh eagla ort,
ná feicfe tu le do shaoghal arís iad. Cuirim-se mar
bhreitheamhntas oraibh,” arsa sé leó, “sibh do chur amach
go dtí Oileán na Stollaidhe, agus sibh do fhágbháil ann
go dtí lá bhur mbáis, ins an áit ná beidh teach ná
teaghlach chum foithint do dheunamh díbh ón aimsir acht
foithint na gcloch, agus an fhairrge ag séideadh ó gach
áird oraibh, agus gan de bhiadh agaibh le n-ithe acht uibhe
preuchán na faille, domblas searbh agus gráinneóga
dearga, agus gan teinidh ná teas agaibh chum iad sin
do ullamhughadh acht iad do bheith fuar glan.”



Rugadh orra ar an áit sin agus tugadh go dtí an
t-oileán so iad.



Fuair Art agus Máire a bhfeirm arís, agus cuid
an dá mhaor. Nuair do bhíodar socair i dtigheas do
bhí cóisir aca ar feadh trí lá agus oidhche, agus do bhí
an breitheamh agus an tighearna talmhan ann.


L. 55


III



PORT AN FHIR BHÁIDHTE



Párthnáinín mac Giollacóid .i. fear do bhíodh ag
tráighteoireacht. Do bhí sé oidhche dá shaoghal ag an
tráigh ag bailiughadh reaca agus do-chuaidh sé síos i
bhFaill an Róin agus is gairid ó dheas do bhí sé nuair
do bhí na tonna ag briseadh agus iad ag dul in áirde
leath na faille. Ní bhfuighbheadh sé dul chum cinn ná
ní bhfuighbheadh sé casadh tar n-ais ag neart bualadh
fairrge, acht do ba éigean dó tabhairt fa an bhfaill
agus a shlighe do dheunamh innte chomh maith is do fheud
sé é nó go dtáinig sé go dtí port do bhí roinnt
leathan fa n-a chosaibh. Do luigh sé síos annsin agus
is gairid do bhí sé ann nuair do thuit a chodladh air.
Ní raibh a fhios aige cadé an fhaid do bhí sé in a
chodladh nuair do ghlaodhaigh an duine air agus do
phreab sé in a shuidhe agus do fheuch sé anonn agus
anall agus ní fhaca sé aoinneach in aon áit. Acht
cibé feuchaint tug sé amach ar an bhfairrge do-
chonnaic sé mar do bheadh splannc agus do thuig sé in
a aigne gur tóirneach do bhí ann do dhúisigh é agus do
shín sé siar arís. Ní raibh sé acht in a luighe siar nuair
do glaodhadh arís air agus adubhart an duine, “Atá
an trágh fa chabhair agus tusa i do chodladh.” Do
éirigh sé in a sheasamh agus do-righne sé a mharana cia
aca badh fhear dó, dul síos nó fuireach mar a raibh
aige, acht do bhí a leithéid dó eagla air ná feudfadh
sé fuireach níos sia. Síos leis ar chlochaibh na trágha


L. 56


agus do iompuigh sé soir. Is gairid soir do-chuaidh sé
nuair tug sé fa ndeara spreóta breaghdha daraighe
agus é dá chaitheamh isteach agus amach ag na tonnaibh.
Amach leis fa n-a dhéin agus do bheir ar cheann air.
Le linn is é ag breith air, táinig tonn agus do leagadh
é féin agus an spreóta is na clochaibh, “Go bhfeucha
Dia ar mo anam,” arsa sé, “atá mé báidhte de
dheascadh na reaca ins an deireadh.” Do liuigh sé
agus do screuch sé agus do fhiarfaigh an raibh aoinneach
ins an tráigh tiocfadh i gcabhair air. Ba bheag an
mhaith dhó é, mar ná raibh aoinneach in aon áit gairid
dó. Acht táinig tonn agus do chuir sé in áirde ar
leac mhóir chloiche é, agus fuair sé greim ar na
fear(ann)aibh do bhí ag fás ar an gcloich agus do
choingigh a ghreim orra gur imthigh an tonn amach.
Nuair do thráigh an tonn, fuair sé amas ar theacht
isteach trés na clochaibh. Ar a ghabháil isteach dó, cad
do bheadh sínte ar an tráigh roimhe ná an spreóta do
bhí tar éis é do leath-bhádhadh agus é do leath-mharbhadh.
Do árdaigh sé leis isteach é agus do chuir sé in áirde
ins an bhfaill é agus adubhairt sé leis féin annsin go
raibh sé gairid don lá, agus go raibh sé cortha
tnáidhte, agus má raghadh sé abhaile go mbadh fhéidir
go ngoidfidhe an spreóta uaidh tar éis a bhfuair sé
dá thrioblóid. Do bhí an spreóta an-throm agus do
aithin sé ar a throime go raibh adhmad ar foghnamh
ann. Adubhairt sé gurbh ait an sceul dó, dul abhaile
agus an t-adhmad do bheith imthighthe ag duine éigin ar
maidin ná fuair aon phioc dá thrioblóid seach is é féin
do bhí báidhthe, basctha aige. Adubhairt sé annsin go
raghadh sé tar n-ais go dtí an áit cheudna i raibh sé
in a chodladh roimhe sin ann. Siar leis agus fuair sé
eolas na sligheadh ar ghothadh éigin, agus in áirde leis
agus do shín sé siar ar an bpaiste ceudna i raibh sé
roimhe sin. Níorbh fada dhó annsin nuair do bhí sé ag


L. 57


tuitim dá chodladh, agus do bhí sé idir bheith in a
chodladh agus in a dhúiseach nuair do airigh sé an
duine ag a rádh, “Atá an chabhair díomhaoin agus
práidhinn ins an mbaile léi.” Do éirigh sé in a
sheasamh agus adubhairt sé go raibh an chaint ó chianaibh
go maith agus gur dócha go mbeadh sí seo chomh maith
léi. Do bhí tosach breacaidh ag an lá thoir. Do
éirigh sé agus do imthigh sé leis agus tug sé leis an
spreóta agus suas leis go dtí an bóthar. Díreach
agus é ag dul amach tar chlaidhe an bhóthair, cad do
gheóbhadh chuige ná bean. Do bheannaigh sí dhó agus do
bheannaigh sé dhí.



“Tusa an fear do bhí uaim,” arsa sí.



“Cad atá ort?” arsa Párthnáinín.



“Atá,” arsa sí, “an ursa do bhí dreoidhte ins an
dorus agus do thuit sí amach aréir agus atá mé féin
agus an páiste caillthe ag an bhfuacht ar feadh na
hoidhche, agus cadé an díoghbháil acht an bhruithtíneach
ar an bpáiste, agus badh mhór an grádh Dia dhuit
oiread don spreóta sin do thabhairt dom is
dheunfadh leath-ursa.”



“Dhe mhaiseadh,” arsa Párthnáinín, “is é an grádh
Dia deas é, mé fliuch báidhte caillthe leis an bhfuacht
agus leis an ocras ar feadh na hoidhche agus i gconn-
tabhairt mo bháidhte leis an spreóta so chum dul dá
thabhairt duit-se do bhí i do chodladh ar do leabaidh ar
feadh na hoidhche.”



“Ní féidir leat a dheunamh,” arsa sí, “acht é do
choimeud, acht atá Dia láidir agus badh fhéidir go
bhfuighbhinn píosa in áit éigin.”



Do imthigh sí léi agus do imthigh Párthnáinín abhaile,
agus ag teacht ag triall ar a thigh féin is eadh do
casadh an fear air.



“Is maith mar thárla,” arsa sé.



“Cad atá ort anois?” arsa Párthnáinín.


L. 58


“Atá,” arsa sé, “an leath-laidhe do bhris orm ins an
chairt aréir, agus níl aon rud agam thabharfainn ar
leath-laidhe dí, agus is agat-sa atá an bata ceart
anois, má thabharfá do dhuine bocht é a bhfuil a
mhaireachtain as an trucail sin.”



“Mhaiseadh, go bhfeucha Dia ort. Ní chomh bog sin
fuair mé féin é. Cadé a chúis nár chuaidh tú síos
go dtí an trágh agus é do fhaire mar do-righne mé
féin?”



“Dar ndóigh,” arsa an fear eile, “dá mbeadh fios
agam, do bheadh leigheas agam, agus, a Phárthnáinín,”
arsa sé, “dá mbadh agam-sa do bheadh an bata agus
tusa do bheith in a phráidhinn, ní choimheudfainn uait é.”



“Mhaiseadh,” arsa Párthnáinín, “ní choimheudfá i
mbáireach. Dar an bhfalaing gur fada do bheadh
breall orm.”



“O mhaiseadh, go deimhin ní fada, agus ní fheadar
cad dheunfa mé anois agus an cíos ag glaodhach orm
agus atá sé bailighthe suas agam go dtí tuilleach-
tain an lae indiu agus muna bhfuighbhe mé an trucail
do dheisiughadh, beidh mé díomhaoin agus ní bhfuighbhe
mé an cíos do chur le n-a chéile agus beidh mé amuigh
as an tigh i gcionn dá lá.”



“Dar an mbaiste,” arsa Párthnáinín, “níor chás
orm dá mbeitheá amuigh i gcionn leath-uaire an
chluig mar atá an dúthaigh scriosta ag do leithéidibh ag
lorg rudaí mar seo agus atá mise cráidhte,
ceusta ag daoinibh ag lorg gach aon rud orm nó
cá ar dhóigh leó go bhfuighbhinn gach aon rud do
oirfeadh dóibh?”



“Ó mhaiseadh,” arsa sé, “ní mórán tug tú riamh
uait, agus dá mbeidhfidhe ag lorg mórán ort, badh
dheacair seasamh leat.”



Do imthigh Párthnáinín leis agus do fhág sé annsin


L. 59


é. Nuair táinig sé go dtí geata an mhacha, do
theangaigh sé le fear eile.



“Bíonn cabhair Dé ar bhóthar,” arsa sé, “agus agat
atá an bata ceart oireann damh-sa anois, má thug-
ann tú dham píosa dhé.”



“Ara, cad atá uait, a dhuine,” arsa Párthnáinín,
“nó cadé an phráidhinn atá agat leis?”



“Atá,” arsa sé, “an cúpla do bhris ar an tigh
aréir agus atá leath den tigh tar éis tuitim isteach,
agus atá mo bhean tinn agus an ghaoth agus an aimsir
ag séideadh isteach uirri nuair ná fuil aon seamra ar
an tigh agus díreach ós cionn na leabtha(n) is eadh
atá an cúpla briste.”



“Dar an mbaiste, a dhuine,” arsa Párthnáinín,
“níor chás orm go mbeadh aon chúpla ar an tigh agat
a chuigint. Cadé a chúis nár chuaidh tú féin agus
é do sholáthar mar do-righne mé féin?”



“Mhaiseadh, cadé an mhaith sin, a mhic ó, nuair ná
dearnas agus atá a shliocht orm anois, agus is
dócha gur gairid go mbeidh mé gan teach, gan teaghlach
mar is gairid go dtuitfid na sean-fhallaí feidín
atá fa an sean-thigh úd.”



“Tuitidís leó,” arsa Párthnáinín, “níl aon leigheas
agam-sa orra. Ní gan trioblóid fuaras an bata so
chum bheith ag a thabhairt duit-se.”



“Dá bhfeicfeá an deallradh atá ar an tigh agus ar
an aingceiseoir mná agus an aimsir ag séideadh
isteach uirri, ní eiteóchthá mise ar an mbata agus
thabharfá ar son Dia é.”



“Má chíonn Dia na cruipídí i bhfuil tusa ann,”
arsa Párthnáinín, “dáltha go bhfeiceann, nár chóir go
dtabharfadh sé bataí in a gcarn duit ó atá a oiread
sin muinghine agat as. Mar 'dheadh go dtabharfainn-se
duit ar son Dia é.”


L. 60


“Muna dtabharfá,” arsa sé, “ní bhfuighbhe tú a
dheunamh acht é do choimheud, agus caithfe mise
deunamh mar fheudfa mé.”



“Déin do rogha rud,” arsa Párthnáinín ag
imtheacht leis.



Oidhche an lae ceudna do bhí Párthnáinín agus
Sibeul, ba í sin a bhean, do bhíodar ag caint mar
gheall ar an spreóta cois na teineadh, agus adubhairt
sí go raibh feirmeoir annso thíos do cheannóchadh go
maith uaidh é.



“Dheunfadh,” arsa sé, “acht má dheunfadh féin,
atá gnó agam fhéin de. Níorbh mhór dúinn geata do
dheunamh chum é do chur thíos i mbun an bhóithrín chum ná
beadh beathaidhigh na dúithche ag teacht aníos ins an
macha 'n-ár gcráchant.”



“Níorbh mhór,” ar sí sin, “agus doruisín beag do
chur le tigh na mba sin amuigh, agus níorbh mhór duit
carr do dheunamh do bharaille na cuiginne.”



“Is eadh, agus rud is mó i bhfuil mé in a phráidhinn,”
arsa Párthnáinín, “ná carr sleamhnáin chum roinnt
aitinn do tharraing anuas de na cnocaibh nuair ná
fuighbheadh aon trucail dul suas ann.”



“Atá go breaghdha,” arsa Sibeul, “caint cois
luaithe atá agat. Acht do-chífimíd cathoin dheunfa
tu é. Agus dheunfá-sa an obair sin chomh maith le
haon siuinéir, dá leigfeadh an díomhaointeas
duit é.”



“Atá a fhios agam féin go ndeunfainn,” arsa
Párthnáinín, “acht amháin níl aon úirlis agam.”



“Nuair do bhí úirlisí agat-sa,” arsa sí, “is
beag aire(achas) tug tu dhóibh, agus do leig tu don
meirg iad do ithe. Ná fuil a fhios agat gur imthigh
gach aon rud riamh do bhí ag fear reaca, agus ag
teacht leis an bhfairrge is eadh fuarais na húirlisí


L. 61


sin, agus is deallrach go mbíodh na mairneulaigh ag
a n-oibriughadh gach aon oidhche agus is dócha gurab iad
na mairneulaigh do chaith iad.”



“Cibé duine do chaith iad nó nár chaith, atá sé in a
am dul a chodladh.”



Nuair do éirigh sé ar maidin ní raibh aon spreóta
aige ná fios cá bhfuighbheadh sé é. Do bhí sé ag
imtheacht ar dearg buile ar fud an mhacha. Le n-a
linn sin cia labharfadh taobh thiar dé ná an bhean úd
do bhí ag lorg an bhata air an mhaidin roimhe sin.



“O mhaiseadh, go bhfága Dia an t-sláinte agat,”
arsa sí, “agus do bhí a fhios agam ná rabhais leath
chomh olc le do chaint.”



“Cadé a chúis adeir tu é sin.” arsa sé.



“Nach tu do-chuaidh agus do chuir isteach an ursa
aréir dom?”



“Cadé an ursa a bhfuil tu ag trácht uirri?” arsa
Párthnáinín, “nó an as do mheabhair atá tú?”



“Ara éist, a dhuine,” arsa sí, “is tu fhéin atá go
hait agus dá chomhartha gur tu do bhí ann, nár chuaidh
tu anonn go dtí an leaba ag feuchaint ar an bpáiste,
agus go deimhin is gairid do bhí tu imthighte nuair do
chrom sí ag teacht chuichi féin. “Feuch,” arsa mise i mo
aigne fhéin, “go dtáinig cabhair Dé i ngach aon
t-slighidh chughainn, nuair táinig an fear so do chuir
isteach an ursa dhúinn.”



Do imthigh sí léi annsin, agus is gairid do bhí sí
imthighthe nuair táinig an fear a raibh an leath-laidhe
briste ins an chairt air.



“Dar an mbaiste mhaiseadh,” arsa sé, “is tusa an
fear ceart do cheilfeadh t'aigne agus dheunfadh an
maith in a dhiaidh sin.”



“Cadé an maith a bhfuil tu ag trácht air?”



“Nach tu do-chuaidh agus do chuir an leath-laidhe ins
an chairt aréir dam?”


L. 62


“Go deimhin ní me.”



“Go deimhin is tu, agus nach maith do theith tu nuair
do éirigh mé agus do chuir tu díot suas an bóthar.”



“Dar an mbaiste, atá mé dall agaibh indiu.”



“Cibé slighe atá tu, is fearr do chroidhe ioná do
chaint,” arsa sé, agus síos leis an bóithrín.



Ní raibh sé i bhfad imthighthe nuair táinig an fear a
raibh an cúpla briste ar an tigh air.



“Ó mhaiseadh,” arsa sé, “ní dheunfainn aon dabht
díot, agus dá mhéid argúinteacht do bhí againn ar
an mbata indé, feuch gur chuaidh tu agus gur chuir
tu isteach an cúpla aréir dam agus,” arsa sé, “is
tu do bhí go cliste agus go hinnealta chum é do chur
isteach, agus ón uair do-chuaidh tu anonn go dtí an
leaba go dtí an bhean, atá sí ag dul i bhfeabhas ó shin
riamh, agus do éirigh sí ó chianaibh, rud ná dearna sí
le fada, agus do shuidh sí ag an teinidh ar feadh
tamaill agus do fheuch sí timcheall an tighe agus
adubhairt sí ná raibh sé chomh láidir ná chomh fóir-
líonta ag feuchaint riamh, agus badh fhuras a aithint gur
mar mhagadh do bhí tu liom indé. Ní mar shíltear,
seinntear, agus is iomdha rud ait adeirmíd,” arsa
sé agus do imthigh sé leis.



Do éirigh Párthnáinín annsin le buile feirge, agus
adubhairt sé ná codlóchadh sé aon oidhche ar aon leabaidh,
agus ná híosadh sé an dara méile bídh ar aon bhórd
agus ná hólfadh sé an dara deoch as aon soitheach go
bhfuighbheadh sé fios, rún, nó dóigh cadé a chúis an
obair seo.



TAIDHBHREAMH PÁRTHNÁINÍN



Do imthigh sé leis annsin agus níor stad sé gur
chuaidh sé go dtí barr na faille. Do bhí sé in a
sheasamh annsin ag feuchaint amach ar an bhfairrge
agus do bhí an lá an-bhreaghdha agus an ghrian


L. 63


an-láidir agus an fhairrge mar do bheadh bioráin agus
snathada le neart teas na gréine. Do bhí sé suaidhte
sáruighthe tar éis obair an lae roimhe sin, agus do
ghoill an ghrian air. Níor fhág sí aon radharc in a
shúilibh agus do shín sé siar cois claidhe do bhí ann agus
do thuit a chodladh air. Má thuit ní trom-shuan dó,
mar do shíl sé gur theangaigh sé le fear draoidh-
eachta do bhí in a chomhnuidhe ar bharr na faille. Fear
mór fada dubh do ba eadh é, seacht slata de earball
cait mar fheusóig air, agus deich slat de fhraoch garbh
mar ghruaig ar a cheann, agus nuair do raghthá ag
triall air, an ghreath do chuirfeadh sé as, do thógfadh
sé den talamh thu, do bhí sé chomh hallta chomh gránda
sin. Ach mar sin féin do-chuaidh sé go dtí é agus do
innis sé dhó cad tug é, agus do fhiarfaigh sé dhé an
raibh aon chúntas aige. Adubhairt sé leis ná raibh acht
go raibh tuairisg aige ar an tráigh seo le trí ceud
bliadhain do ló agus do oidhche, agus ná raibh aon
bhád ná long do bádhadh ar feadh na haimsire sin ná
faca sé agus gach aoinneach do bhí orra, agus “má
atá aon chúntas le faghbháil do-gheobha tu ó fear lár na
faille é mar is sine do cheudtaibh é sin ioná mise.”



Do imthigh sé leis ag triall ar an dara fear do bhí
in a chomhnuidhe in lár na faille agus ba dheacair dó
a shlighe do dheunamh ann ag neart draighnigh agus
aitinn. Acht do-chuaidh sé síos agus ba iomadamhla
agus ba mhilltighe agus ba mhicheudfhaighe an chealltair
do bhí ar an dara fear ioná ar an cheud fhear. Do bhí
a naoi nó a deich dhe throighthibh de bharrach mar ghruaig
ar a cheann, agus sé troighthe sailighe mar fheusóig air.
Do innis Párthnáinín dó cad tug é agus cad adubh-
airt an cheud fhear leis. Adubhairt sé annsin go raibh
aithne aige ar na tráightibh leo le sé ceud bliadhain
agus go bhfaca sé gach aon chor do thuit amach ann ar
feadh na haimsire sin acht ná raibh aon chúntas aige


L. 64


dhó, agus “má atá aon chuntas le faghbháil agat is ó
fear an scarbhaigh do-gheobha tu é.”



Do imthigh Párthnáinín leis, agus ba dheacair dó é,
síos tré an bhfaill, do bhí sí chomh cuirreacach, chomh
mhillteach sin, acht fuair sé amach é ar ghothadh éigin,
agus dá dhonacht iad an bheirt eile, ba sheacht measa
an tríomhadh fear. Do bhí beul air siar go cluasa.
Do bhí seacht slata báirleóg mar ghruaig air agus
naoi dtroighthe feam(anna) mar fheusóig air. Do bhí
eunlaith na fairrge ar fad bailighthe timcheall air ón
ngoinían go dtí an chircín trágha. Do bheannaigh
Párthnáinín do, agus an uallfairt do chuir sé ag
beannughadh in a choinne do árdaigh sé an hata dá
cheann agus do eataill na héin go léir in áirde ins
an spéir, do bhain sé a leithéid sin de gheit asta. Do
fhiarfaigh sé de Párthnáinín go dána, droch-mhúinte cad
tug annso é nó cadé a chúis dó a chuid eunlaith do
chur chum stabhail air. Do innis Párthnáinín a chúrsa
dhó ó thosach go deireadh agus an fhaid is do bhí sé
ag a innisin(t) dó, do bhí sé ag cur a dhá shúil isteach
tríd, acht níorbh féidir leis aon chúntas do thabhairt dó
go cionn tamaill mhóir. Acht i ndeireadh an ráidh
thiar, do chuir sé trí chnead as agus an t-alp tug sé
air, do thóg sé in áirde den talamh é, agus adubhairt
sé go raibh cúntas aige dhó, acht má bhí, gurbh fada
siar é, go raibh sé a fhaid siar le dhá shaoghal iomaire
criadh, agus is mór an fhaid é sin, mar trí shaoghal
duine is eadh saoghal fiolair agus trí shaoghal fiolair
saoghal iomaire criadh, agus trí shaoghal iomaire criadh
deireadh an domhain.



Adubhairt sé go raibh feirmeóir ann fad ó a raibh
triúr mac aige, agus aon lá amháin adubhairt an mac
ba shine aca go raghadh sé ag triail a fhortúin dó fhéin
agus do imthigh sé leis. I gcionn lá agus bliadhain
ní raibh sé tar éis casta agus adubhairt an dara mac go


L. 65


raghadh sé ar a thuairisc cibé áit den domhan i
bhfuighbheadh sé é. Do imthigh sé leis agus i gcionn lá
agus bliadhain ní raibh sé sin tar éis casta, agus
adubhairt an tríomhadh mac go raghadh sé ar lorg a
bheirt dearbhráthar. I gcionn lá agus bliadhain eile ní
raibh aoinneach den triúr tar éis casta. Do bhí
buachaill ag an bhfeirmeoir agus do bhí an t-an-bháidh
aige leis an mac ba óige mar is ar an aon lacht
amháin do tógadh iad. Do bhí an buachaill seo an-
shaidhbhir gan fhios don t-saoghal, agus inneósa mé dhuit
cionnus fuair sé an t-airgead.



BUACHAILL AN FHEIRMEÓRA



Do bhí fear ar an mbaile agus do taidhbhrigheadh dó
trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighbheadh sé airgead
in a leithéid sin do áit. Do bhí eagla air dul ann in
a aonar agus do-chuaidh sé ag glaodhach ar an
mbuachaill seo chum dul leis, agus nuair do-chuadar
go dtí an áit do bhí sé an t-am mharbh do oidhche agus
do bhí dubhadh na gcnoc agus na mbánta do dhaoinibh
ann, agus do chuimhnigheadar gurab é an sluagh do bhí
ann. Do thuit an t-anam as an bhfear so le heagla
rompa, agus do bhí an buachaill seo ag teicheadh nuair
do labhair an bhean leis. Adubhairt sí leis gan
aon eagla do bheith air nár baoghal dó, agus do
thaisbeáin sí toirín luachra dhó. Adubhairt sí leis
polladh fé sin agus go bhfuighbheadh sé an rud do bhí
uaidh. Do bheir sé ar an rámhainn agus do bhain sé
an tor agus do bhain sé fód na rámhainne fa an áit
i raibh an tor agus do mhothaigh sé an leac cruaidh fa
bheul na rámhainne. Do nocht sé timcheall ar an
leac annsin go bhfuair sé an rámhan do chur fúithi
agus bogadh do bhaint aiste ins an t-slighidh go bhfuair
sé a mheura do chur fúithi agus í do árdach in áirde.


L. 66


Do bhí sé annsin thíos fa an leac, an cróicin criadh
agus é lán de ór. Do-bheir sé air agus do thóg sé
aníos é agus do leag sé ar an mála le n-a ais é.
Do chuir sé síos an leac tar n-ais, agus do chlúdaigh sé
í mar do bhí sí roimhe. Agus annsin do labhair an
bhean leis, agus adubhairt sí leis go raibh a dhaothain
anois aige a fhaid is do mhairfeadh sé agus “dar a
bhfaca tu riamh, ná fág taobh (is) amuigh den doras
é, acht tabhair leat isteach fa mhúrthaibh an tighe é, mar
is amhlaidh bhíonn sé in a shliogánaibh ins an lá, agus
níor bhfuláir duit mise anocht mar do bhíodar in a
míltibh ar do thí.” Tug sé leis an t-airgead abhaile
agus do chuir sé i bhfolach cois na leabtha(n) é, agus
do fhág sé annsin é.



Nuair do bhí tríomhadh mac an fheirmeóra imighthe
agus gan aon tuairisc le faghbháil uaidh, do-chuaidh sé
seo go dtí an feirmeoir agus adubhairt sé leis go
raghadh sé féin ag lorg a mhac, cibé áit i bhfuighbheadh
sé iad beó nó marbh, agus go raibh oiread airgid aige
is go mbadh acfhuinn dó an domhan do chuardach síos
agus suas ar fhead deich mbliadhan agus dá fhichid,
agus do imthigh sé leis.



Do-chuaidh an buachaill aimsire ar bórd luinge, agus
tugadar trí mhí ar an bhfairrge fé bhfacadar aon
talamh, acht ag deunamh isteach ar an bhfaill dóibh, do-
chonnacadar coimh-thionól mór ar bharr na faille, agus
croch in áirde i lár na ndaoine. Do chaitheadar síos
an t-anncaire agus do chuireadar amach bád fada
agus do-chuadar i dtír. Nuair do-chuadar in áirde
go dtí an coimh-thionól, do bhí fear ar an gcroich,
direach chum é do chrochadh. Do fhiarfaigh an buachaill
aimsire cadé an chúis do bhí aca chum an fhir seo, nó
an raibh aon fhaghbháil ar é do thabhairt saor. Adubh-
radar leis go raibh fógra curtha amach ag rígh an


L. 67


náisiuin le trí lá má dhíolfaidhe an oiread sin airgid
as go dtabharfaidhe a anam dó. Do fhiarfaigh sé dhíobh
cadé an chúis do bhí ag an rígh chuige go raibh sé chum é
do chrochadh. Adubhadar leis go raibh abhall-ghort ag
an rígh agus go raibh aon chrann amháin ann a raibh na
torthaí ba bhreaghdha ins an domhan ag fás air. Níl
aoinneach do leagadh a shúil orra ná tagadh canncas
agus dúil aca chucha. Do cheap an rí dlighe annsin,
aoinneach do thógfadh nó do íosadh aon ubhall aca, é do
chur chum báis, agus nuair táinig sé seo ar an áit ní
raibh fios na dligheadh aige. Do bhí sé ag gabháil tar
brághaid lá agus do bhuail an-thart é. Ní raibh aon
fhaghbháil aige ar aon deoch do fhaghbháil. Do-chonnaic sé
an crann so agus táinig beart na sainnte air chum
na dtorthaí. Adubhairt sé go mbainfidís an tart
dé, agus do bhain sé a dó nó a trí de cheannaibh aca.
Fé raibh ceann aca ithte aige, táinig na saighdiuirí
agus do ghabhadar é. Do bhí an-bháidh ag muintir na
háite leis, agus do-chuadar go léir go dtí an rí dá
iarraidh air gan an buachaill bocht do chrochadh mar ná
raibh fios dligheadh na háite aige. Adubhairt an rí leó,
má bhí an oiread sin báidhe aca leis agus an meas sin
aca air, iad do thabhairt meádhchan na n-ubhall fa
cheud de ór buidhe dó féin agus do leigfeadh sé saor é.
Do bhí an t-airgead ró-mhór, agus ní raibh sé ar acfhuinn
aoinneach aca é do dhíol, agus “anois,” arsa siad,
“atáthar chum é do chrochadh.” Do dhruid an buachaill
aimsire suas le n-a ais agus cia do bheadh ann ná an
cheud mhac leis an bhfeirmeoir do imthigh. Nuair do-
chonnaic sé seo é do liuigh sé as aoirde a chinn agus
adubhairt sé go ndíolfadh sé féin an t-airgead as.
Adubhairt an rí go bhfuighbheadh sé agus fáilte acht an
t-airgead do chomhaireamh amach. Do-righne, agus ní
raibh oiread le haon-phinginn amháin aige. Tug sé


L. 68


leis mac an fheirmeóra annsin ar bórd an árthraigh.
Ní raibh aon airgead ag aoinneach aca, agus ba éigean
dóibh margadh do dheunamh le capatoin an árthraigh
ar a oiread sin ins an mí, agus do imthigheadar leó
chum fairrge. Nuair tángadar go dtí an cuan i raibh
an t-árthrach ag dul ann, do-chonnacadar cóimh-thionól
mór daoine ar bharr faille, agus ba ait leó cadé an
gnó do bhí aca. Do-chuadar ar anncaire ins an chuan,
agus do leigeadar síos bád beag agus do-chuaidh sé seo
agus beirt eile isteach innte agus do iomradar isteach
go dtí an fhaill í. Do cheangladar annsin í, agus
do-chuadar in áirde go barr na faille. Do bhí an-
chuid daoine i dteannta a chéile ann, agus do-
chonnacadar fear istigh in a lár, agus é ceangailte le
teudaibh agus fear ós a choinne amach a raibh scian
mhór leabhair aige agus é chum é do sháidh ins an
chroidhe. Nuair do-chonnaic an buachaill é, do liuigh
sé agus do screuch sé agus adubhairt sé leis gan é
do dheunamh. Do stad fear na scine agus do fheuch
sé timcheall air, feuchaint cia do bhí ag liúghraigh air.
Le n-a linn sin táinig sé seo suas agus do fhiarfaigh sé
dé an raibh aon fhaghbháil saortha ar an bhfear so.
Adubhradh leis ná raibh mar go raibh rí an náisiuin
tinn, agus ná raibh aon rud chum é do leigheas acht
fuil chroidhe an fhir seo, “acht,” arsa sé, “má thugann
tusa do lámh deas agus do shúil dheas dúinn-ne,
scaoilfear an fear so.” “Agus cadé a chúis a
gcaithfeadh aoinneach a lámh agus a shúil do thabhairt
uaidh tar a cheann so chum go scaoilfidhe é?” “Atá,”
ar siad sin, “strannséir fir é seo táinig ar an áit
le déidheanaighe agus do thuit isteach in a chléireach
siopa, agus do bhí sé ag deunamh go maith ann. An
t-árd-cléireach do bhí ar an siopa so, do bhí sé ag
deunamh bitheamhaintigheachta ar an siopa agus ar an
maighistir. Do bhí na leabhra agus gach aon rud bun


L. 69


ós cionn aige. Do bhí an buachaill seo chomh macánta
sin is nár thaithnigh an obair sin leis, agus do-righne
sé gearán leis an maighistir ar cionnus do bhí a chuid
ag imtheacht, agus do gabhadh an t-árd-cléireach, agus
tugadh ós comhair an rígh é chum cibé breathamhn(t)as
badh mhaith leis a thabhairt air. Acht do dhaor an rí é
chum a chrochta. Is é an buachaill seo do bhí ag
dearbhadh air, agus nuair do-chonnaic an rí é, táinig
an t-an-mheas aige air agus fuair sé an t-árd-
teistiméireacht air ó n-a mhaighistir. Annsin do iarr
an rí ar an mbuachaill teacht chuige féin in a mhaor ós
cionn a chuid leabhra agus oibre. Ba dheacair leis,
an rí do eiteach, agus do bhí dúinn air an fear a raibh
sé in a fhochair do fhágbháil. Acht táinig sé go dtí an
rí agus do bhí sé ag éirghe an-árd i bhfochair an rígh,
agus do bhí an t-árd-mheas ag an righ air a fheabhas
agus a mhachántacht do bhí sé. Do bhíodh an rí ag a rádh
leis féin ná raibh aon rud do badh fhearr dhó a dheunamh
ná a inghean do thabhairt dó le pósadh, mar do shíl sé
go raibh an t-an-mheas ag a inghín ar an mbuachaill.
Acht do bhí sean-draoi beag ar an áit agus do bhí sé
do iarraidh inghean an rígh do fhaghbháil le pósadh acht
do bhí a fhios aige ná raibh aon fhaghbháil aige uirri mar
do bhí sí tar éis é do eiteach go minic. Acht annsin
nuair do airigh sé cad do bhí an rí chum a dheunamh, do
éirigh an t-eud air, agus do bhí sé geall le bheith as a
chiall ar eagla go bpósfadh inghean an rígh an bua-
chaill seo. Do-righne sé deoch don rígh chum é do
dheunamh tinn agus fuair sé amas ar é do thabhairt
dó le n-ól. I gcionn cúpla lá táinig an rí an-thinn
agus do cuireadh fios ar na dochtúiribh agus ní bhfuigh-
bheadh aoinneach aca a thuicsin(t) cad do bhí ag caith-
eamh air. Do-chuaidh an sean-draoi annsin go dtí an
rí agus adubhairt sé leis ná raibh aon rud chum é do


L. 70


leigheas acht trí braoin do fhuil Éireannach, mar do
bhí a fhios aige ná raibh aon Éireannach ar an mbaile
acht an fear so. Adubhairt an rí gur dona an sceul
é, mar ná raibh aon Éireannach ins an náisiún acht an
maor do bhí aige féin, agus nár cheadaighthe leis ar
an méid ba fhiú é aon eugcóir do dheunamh ar an
bhfear sin. ‘Cadé an mhaith sin,’ arsa an sean-
draoi, ‘nuair ná fuil aon leigheas eile le faghbháil,’
acht má tiocfadh aoinneach thabharfadh a lámh dheas
agus a shúil dheas go mbeadh an leigheas ceudna ann;
mar do shíl an sean-draoi go dtabharfadh inghean
an rígh a lámh agus a súil ar son an fhir seo agus go
mbeadh sí mí-mhaiseamhail annsin, agus nuair ná fuigh-
bheadh sé féin í ná beadh sí ag aoinneach eile agus go
mbeadh ainimh uirri go lá a báis. Do chuir an rí
ainnsin an fógra amach, agus nuair do airigh an
inghean é, do bhí sé ag deunamh an-chúram dí, acht i
gcionn tamall adubhairt sí, cadé dhí féin(each) é
sin? Fear strannseurdha ná feadair sí cia ar
dhíobh é, ‘agus,’ arsa sí, ‘ní dheunfainn an obair sin
dom athair, ní áirmhim go ndeunfainn do strannséir
é.’ Agus nuair ná fuaradh aoinneach chum é sin do
dheunamh ar a shon, atáthar anois chum é do sháidh ins
an chroidhe.” “Cibé rud dheunfa mise,” arsa buach-
aill an fheirmeóra, “ní dheunfar é sin do sháidh ins
an chroidhe mar tabharfa mé mo lámh agus mo shúil
ar é do scaoileadh saor.” Do scaoileadh é agus do
ceangladh an buachaill bocht in a áit. Do gearradh
an lámh dheas dé agus do baineadh an t-súil dheas
amach as a cheann. Táinig bean eolgaiseach annsin
do bhí ar an mbaile agus do ghol sí go fuidheach nuair
do-chonnaic sí é, agus do-chuaidh sí agus do chuir sí
luibh mhín tais cneasaighthe le n-a shúil agus le caol a
láimhe agus do chuireadar díobh chum fairrge arís, é


L. 71


féin agus an fear do bhíodh chum é do sháidh agus an
bheirt eile táinig i dtír in a fhochair, agus nuair do-
chuadar amach go dtí an t-árchrach agus do-chuadar ar
bórd uirri is eadh do aithneadar an fear do bhíodar
chum é do sháidh agus cia do bheadh ann ná dara mac
an fheirmeóra. Ní raibh dada le deunamh ag an bhfear
ar baineadh an lámh dé agus an t-súil as, acht do
choingigh an captaoin ar an árthrach in a fhochair é,
agus do luigh beirt mhac an fheirmeóra ag obair ar
an árthrach fa réir an chaptaoin. Do-chuadar isteach
annsin go baile mór agus do fholamhadar an t-ualach
do bhí aca agus do thógadar isteach last eile agus
do chuireadar dhíobh chum fairrge arís. Ba fhada ar
an bhfairrge dhóibh fé bhfacadar aon talamh. Do éirigh
stoirm annsin agus do séideadh isteach ag triall ar
an talamh iad. Tárla gur isteach i gcuan sábhála
do riothadar agus do chuireadar uatha a raibh do
anncairibh aca. I ndeireadh na hoidhche ba eadh é.
Nuair do gheal an lá do-chonnacadar i ngiorracht
mhíle dhóibh árthach mór agus í caithte isteach ar na
clochaibh. Do bhíodar ag feuchaint uirri, agus ní
bhfuighbhidís dul in a goire mar do bhí garbhthonn mór
ar an bhfairrge. Timcheall meadhón-lae is eadh do-
chuaidh an lá i gciuineacht, agus tugadar fa
ndeara fear ar an árthrach agus é ag bagairt a lámh
orra chum dul i gcabhair air. Do chuireadar amach
bád beag agus do-chuadar ag triall air, beirt mhac
an fheirmeóra agus an buachaill aimsir. Nuair do-
chuadar gairid dó, do aithneadar é. Cia bheadh
ann ná tríomhadh mac an fheirmeóra. Do bhí sé in
achrann is na teudaibh agus ní bhfuighbheadh sé é fhéin
do scaoileadh do bhí sé chomh traochta sin ag gála
agus ag fairrge. Adubhairt an buachaill aimsir go
gcaithfeadh sé féin é do thabhairt saor leis, dá mbadh


L. 72


amhlaidh so dó a anam féin do chailleamhain(t) leis.
Do bhí an bheirt eile do iarraidh é do choimheud ins an
mbád, acht do chaith sé é féin ins an bhfairrge, an fear
bocht do bhí ar leath-láimh agus ar leath-shúil, agus do-
chuaidh sé ar snámh ar a dhrom ag triall ar an árthrach.
Do chuaidh sé in áirde uirri agus do luigh sé ag réidhteach
an fhir agus ag a scaoileadh. Nuair do bhí réidhte ann-
sin aige, do bhí sé chomh fiadhain is ná fuighbheadh an
bád teacht gairid don árthrach agus ba éigean do na
fearaibh do bhí ins an mbád ceann de na bataibh rámha
do chaitheamh chucha agus teud do chur as. Do cheangail
sé an bata rámha annsin fa dhá oscaill an fhir, agus
do leig sé síos ins an bhfairrge é. Do tharraing na
fir do bhí ins an mbád chuca leis an teud é, agus do
thógadar isteach ins an mbád é. Nuair do bhí sin
deunta aca, adubhadar leis an mbuachaill aimsir
go gcaithfidís an bata rámha ar an t-slighidh cheudna
chuige. Adubhairt sé leó é do dheunamh. Acht fé
raibh sé do uain aca é sin do dheunamh, táinig tonn
mór do sciob an t-árthrach anuas den charraig agus
do-righneadh dá leath dí fa n-a chosaibh agus do-chuaidh
sé síos ar an áit sin. Ní fhacadar aon phioc dé as
sin amach no go bhfuaradar báidhte é. Do chuireadar
díobh amach go dtí an t-árthrach arís go dubh, dubhrónach
agus adubhradar leis an gcaptaoin stiúradh go
dtí a leithéid sin do chuan, go rabhadar ag dul
abhaile go dtí a n-athair. Do-righne an captaoin mar
adubhradar leis agus i gcionn dá lá is eadh do bhuail-
eadar cuan. Do fhágadar slán ag an chaptaoin
agus ag muintir an árthraigh agus do-chuadar i dtír i
mbaile do bhí ann ná raibh i bhfad ón áit ba as iad
féin. Do chuireadar díobh abhaile annsin go dtí a
n-athair, agus nuair do shroiseadar é, níor aithin an
t-athair aoinneach aca. Nuair do inniseadar dó ciarbh


L. 73


iad iad, do fhiarfaigh sé dhíobh an raibh aon tuairisc
aca ar an mbuachaill do bhí aige, do imthigh ag a lorg
ar fud an domhain. Adubhradar leis go raibh, go raibh
sé báidhte in a leithéid sin do áit, agus do innis-
eadar dó gach aon chur mar do bhí agus cionnus tug
sé saor iad féin(each) ó dhuine go duine agus gur
chaill sé a anam leis an tríomhadh duine aca. Do
fhiarfaigh an t-athair annsin den mac ba óige cad
tug ar an árthrach é agus cad do choingigh uirri é
i bhreis ar aoinneach eile. Adubhairt sé go mba
éigean dó fuireach uirri mar gurbh é an captaoin é.
Do fhiarfaigh an t-athair de annsin cad do-righne cap-
taoin dé nó cia tug árthrach dó.



EACHTRA AN TRÍOMHADH MIC



“Nuair do imthigheas-sa uaith-se,” arsa sé, “ag
dul ag triail mo fhortúin dam féin, do thriall mé
siar ag iascaireacht. Agus aon lá amháin do bhíomar
i bhfadh chum na fairrge, mar do bhí stoirm tar éis
bheith ann agus do chuir sé na líonta chum fáin uainn
ins an slighidh go rabhamar ag imtheacht ag a lorg ar
fud na fairrge. Do-chonnacamar an t-árthrach mór
ag teacht ag triall orainn agus comharthaí píolót-
aidhe in áirde aici. Do-righneamar uirri, mar do
shíleamar gur píolótaidhe do bhí uatha, agus nuair
do-chuamar taobh léi, do labhair an captaoin linn,
agus do fhiarfaigh sé dhínn ar raghadh beirt nó triúr
againn leis, go raibh uireasbaidh fear air mar gur
scuabadh tar bórd ceathrar dá chuid fear ins an
ngála an lá roimhe sin. Do phreab mise ar an
nómaint agus adubhairt mé go raghainn féin leis mar
do bhí mé sásta den iascaireacht. Do labhair
beirt eile de na fearaibh agus adubhradar go ragh-
aidís féin i mo fhochair. Do-chuamar ar bórd an
árthraigh, agus do fhágamar slán ag ár gcomráididhthibh,


L. 74


agus tugamar ár n-aghaidh chum fairrge nó gur bhuail-
eamar cuan in Africa. Do fholamhamar an t-árthrach
annsin, agus do líonamar le mianach an airgid, le
piobar, le cánaibh siúcaire agus a leithéidí sin í.
Tugamar ár n-aghaidh ar an domhan thoir. Ní rabh-
amar ach cheithre lá chum fairrge, nuair do-chonnac-
amar seól ins an radharc uainn. Do bhí na mair-
neulaigh ag a thabhairt fa ndeara, agus ba ghairid
gur aithin an captaoin gur árthrach ropairí í, agus
adubhairt sé linn go rabhamar réidh anois nó riamh.
Adubhairt mise leis ná rabhamar agus má thabharfadh
sé mo shlighe féin dam ar an árthrach gur chruaidh an
croidhe do bhí aca nó go mbeimís ró-mhaith dhóibh.
Adubhairt an captaoin liom ná raibh aon mhaith dhó mo
shlighe féin do thabhairt dam, mar go raibh mé ró-dhall.
Adubhairt mé leis mé do cheistiughadh agus do-righne.
An cheud cheist do chuir sé orm:



“Iascaire is eadh tusa; má is eadh, cadé an
breac is gasta ann?”



“An breac atá san abhainn,” arsa mise, “nár
gabhadh fós.”



An dara ceist, “Cadé an captaoin is measa ar
árthrach beag?”



“Captaoin an árthraigh mhóir,” arsa mise.



An tríomhadh ceist, “cadé an last is conntabh-
airtighe in árthrach?” Adubhras-sa leis, last guail
nó arbhair nuair théidh(eann) an t-uisce ionnta.



“Cionnus dhearfá é sin?” arsa an captaoin.



“Mar sin, nuair théidh(eann) an t-uisce ins an
arbhar, atann sé agus scoilteann sé an t-árthrach,
agus nuair fhliuchtar an gual téidheann sé agus
lasann sé.”



“Atá na trí ceisteanna réidhte agat,” arsa sé,
“acht geallaim-se dhuit go gcuirfead-sa ceist ná
réidhteóchadh do dhicheall.”


L. 75


“Má is eadh, cuir leat í,” arsa mise.



“Cia hé an duine,” arsa sé, “bhíonn ag síor-
thabhairt uaidh agus ag síor-choimheud?”



“Fear foghlumtha,” arsa mise, “mar an fios thug-
ann sé uaidh, fanann sé aige féin i gcomhnuidhe.”



“Maith an buachaill thu,” arsa sé, “is aibig iad do
mheabhair agus do bhriathra. Ní chuirfead ort acht
an cheist seo; Cadé an lá is sia uainn?” Do bhí an
freagra go pras agam: “Lá aghaidh an t-srotha ar
an sliabh, lá caint ag an mbreac, lá ciall ag na
mnáibh.”



“Tar slán, a bhuachaill ón Rinn,” arsa sé, “bíodh
an t-árthrach agat, agus oibrigh i do rogha slighe í.”



Adubhairt sé leis na fearaibh go gcaithfidís bheith
toiltheanach le gach aon rud dhearfainn-se leó do
dheunamh agus adubhradar go mbeidís. Do shocraigh
mé gach aon fhear annsin in a áit féin. Do-chuaidh mé
féin(each) agus triúr fear eile agus tugamar cheithre
plainnc linn in áirde is na slataibh agus do-righne-
amar urlár díobh in áirde i slataibh an chrainn
mheadhóin. Do bhí sean-sheól díomhaoin againn agus
do-righneamar cábán in áirde dhe chum ná beadh aon
radharc orainn ná ar cad do bheimís a dheunamh.
Fuaramar roinnt luaidhe annsin agus do chuireamar
isteach i gcorcán mór é agus do bhí chóir teineadh
againn agus do leaghamar ar an teinidh é. Fuar-
amar dhá bharaille piobair ón gcaptaoin agus do-
righneamar urlár eile cláracha thiar ar an gcrann
deiridh agus urlár eile ar an gcrann tosaigh, agus
do chuireamar baraille in áirde i ngach crann aca. A
raibh de fhearaibh thíos, tug mé órdughadh dhóibh ciar-
súirí do chur ar a n-aghaidh, agus gach aon fhear do
bheith ar a leath-ghlúin, agus leigint orra an-eagla do
bheith orra agus gan na claidhte do thabhairt le feic-
sin don namhaid, agus aire(achas) maith do dheunamh


L. 76


agus, nuair do chuirfeadh na ropairí an ráil trasna,
bheith preabtha isteach ar an árthrach chucha agus adubh-
airt mé leis an gcaptaoin a dhicheall do dheunamh
agus an t-árthrach do choimheud ar thaobh na gaoithe
díobh. Le n-a linn sin táinig sí cliathánach. Do bhí
na ropairí ar fad i gcóir chum catha agus deallradh
mhillteach mí-ghnéitheach orra agus iad ag faobhrughadh
a gcuid claidhte mar do bheadh daoine fiadhaine. Do
bhí a thuilleadh aca in achrann ins an ráil agus í in a
seasamh ar a ceann aca agus iad chum í do scaoileadh
trasna ar ár n-árthrach-na. Le n-a linn sin, do
leigeas-sa leis an luaidhe leaghta anuas is na
plaoisc orra, agus an méid ar fhan ionnta teicheadh
do riothadar go dtí tosach agus go dtí deireadh an
árthraigh, agus do bhí an comhartha ag fearaibh an phiob-
air agus do leigeadar an dá bharaille piobair
anuas orra, agus do chaoch sé agus do mhúch sé iad
agus do bhain sé as a meabhair iad, agus do chuir
sé ag preabarnadh agus ag sraothartghail ar fud
an árthraigh iad. Le n-a linn do phreab ár
gcuid-ne fear isteach agus do bhuaileadar buille
thall agus i bhfus orra agus do scothadar na cinn
díobh. Agus a raibh dóighte díobh ag an luaidhe,
do chuireadar ins an ghaise iad, agus ar mharbhadar
díobh tugadar an chríoch cheudna orra. Do chuard-
aigheamar cábán an árthraigh annsin agus do bhí sí
lán de ór agus de airgead agus de gach aon
saghas iol-mhaitheas agus cad do bheadh i ngabhann
thíos ins an chábán aca ná beirt fhear, agus prionnsa
ba eadh duine aca agus buachaill do bhí aige an duine
eile. Adubhairt sé go raibh sé gabhtha le trí bliadhna
agus gurab iad na ropairí ba mhilltighe do bhí ar an
bhfairrge iad agus gur measa iad ioná an stoirm is
mó tagann ins an ngeimhreadh agus é do sheasamh ar
feadh ráithe, agus ná raibh ucht ná anam ionnta, truagh


L. 77


ná taise, agus “fad ó,” arsa sé, “do bhí mise marbh
aca acht do bhíodar ag fuireach go bhfuighbheadh mo
athair bás, mar do bhí a fhios aca go bhfuighbhidís cuid
mhór airgid as mise do scaoileadh mar ní raibh aon
oighre ar an ríoghacht acht mise agus do bhí a fhios ag
muintir an náisiuin gur aca do bhí mé gabhtha.” Do
scaoileamar annsin é agus adubhramar go dtabhar-
faimís abhaile go dtí a náisiún féin é, mar an áit i
rabhamar féin ag dul ní raibh sé i bhfad uaidh agus ní
dheunfadh sé mórán mí-chomhgair dúinn. Do thógamar
ár seólta geala binn-ghlóracha tríd an fhairrge chaoith-
each leathan mar a raibh eala ar bharr na dtonn, ear-
ball na n-eascún ar an ngainimh, an míol mór ag
fiadhach na dtuinníní, agus an preuchán bán ós
a gcionn ag screadadh agus níor bhain sé i bhfad
dínn dul go dtí náisiún an phrionnsa. Nuair do-
chuamar ann agus do airigh rí an náisiuin é, táinig sé
ar ár n-éileamh agus ar éileamh a mhic. Nuair táinig
sé chughainn, do bhí luthgháir agus áthas an domhain air,
agus nuair do inniseadh an cúrsa dhó agus cionnus
do bhí, ní bheadh sé sásta gan mise do thabhairt leis
abhaile. Do-chuaidh mé leis ar feadh cúpla lá. Do
chuir sé cuireadh cóisir amach go dtí uaisle an
náisiuin idir phrionnsaí agus ridirí agus mar do
bhíodar agus tánagadar lá ar n-a bháireach. Nuair do
bhí an cóisir ag a chaitheamh annsin, do chuir sé mise i
mo shuidhe ar thaobh a láimhe deise. Do éirigh sé in a
sheasamh agus do labhair sé leis an gcuideachtain
agus adubhairt sé leó go raibh a fhios aca cionnus do
bhí sé indé agus arabh indé agus gach aon lá le trí
bliadhna, mar go raibh sé in a fhear aosta agus gur
beag dá shaoghal do bhí le caitheamh anois aige no go
sínfidhe ins an chré é ag tabhairt an fhéir fa an iom-
aire caol agus leac ag a cheann, agus dá dtiocfadh


L. 78


an bás air, agus gan a mhac do bheith le faghbháil, ná
beadh aoinneach ann chum an náisiún do riaghladh ná
comhairle a leasa do thabhairt do na daoinibh i
gcoinne namhad. “Agus,” arsa sé, “ó is é seo do
fhuascail mo mhac ní fheadar cionnus is maith dham an
chomhar do dhíol leis, acht ó bhí sé chomh maith dh'fhear is
dóigh liom ná fuighbhinn é do dhíol níos fearr ioná
mo inghean do thabhairt le pósadh dhó, agus lán an dá
bharaille i raibh an piobar ionnta do ór do thabhairt
do in a fochair. Adubhairt mé leis, “A dhuine uasail,
agus a rí onóraigh, is é nós atá ins an mbaile
againn-ne gan aoinneach do phósadh ná beadh toil
athair agus máthair leis, agus buidheachas le Dia atá
mo athair agus mo mháthair-se beó in Éirinn fós agus
caithfe mé dul agus a mbeannacht do fhaghbháil.”
“Déin do rogha rud,” arsa an rí, “agus tabharfa
mise an t-árthrach is fearr dá bhfuil agam duit agus
do dhaothain fear agus bí féin mar chaptaoin orra
agus tabhair leat cibé iol-mhaitheas is maith leat mar
chomhartha dod athair gurab í an fhírinne ghlan atá
agat agus fág aige gach ar mhaith leat dé.”



Do imthigheamar chum fairrge ar maidin agus táinig
an gála orainn nuair do bhíomar an-ghairid don mbaile,
agus do cuireadh ar an bhfaill sinn. Agus do imthigh na
fir go léir ó dhuine go duine ag triall ar an bhfaill agus
choingigh mé féin greim ar an árthrach go dtáinig
cabhair orm. Ba é an doghadh liom an t-árthrach agus
a cuid iol-mhaitheasa do bheith caillte. Acht cadé an
dóighteacht iad sin do bheith caillte seach is an fear
bocht do chall a anam chum mise do thabhairt saor.



Nuair do airigh an t-athair an sceul sin, is beag
nár chaill sé a chiall agus do fhiarfaigh sé dhíobh an
bhfuaradar a cholann. Adubhradar leis ná fuaradar.
Do chuir sin ar buaidhreamh go mór é, agus adubhairt
sé leó go gcaithfidís dul agus a cholann do fhaghbháil


L. 79


cibé áit i bhfuighbhidís í agus í do chur, agus adubhairt
sé go raghadh sé féin in a bhfochair. Do imthigheadar
leó annsin lá ar n-a bháireach agus tángadar go dtí
ar áit ar bádhadh é, agus do chuardaigheadar árd
agus íseal dó, agus do-chuadar go dtí a muiníl ins
an bhfairrge ag a lorg. Tugadar seacht lá agus
seacht n-oidhche ar an gcuma sin agus nuair do theip
orra é do fhaghbháil do bhíodar ag casadh abhaile agus ar a
ndul suas ins an bhfaill is eadh fuaradar sínte ar
phoirtín glas é. Do bhí sé comh leagtha amach is dá
mbeadh seisear timcheall air, gan ainimh ná smáchail
ná aon phioc de rian na fairrge air. Adubhairt an
t-athair gur dócha gur annsin do réir deallraidh badh
cheart é do chur. Do-righneadar uaigh dó annsin,
agus do bhíodar ag 'a chur nuair táinig sean-duine
beag aosta do bhí ar an mbaile, agus do innis an
t-athair dó gach a ndearna sé chum a thriúr mac féin
do thabhairt saor, go dtug sé a raibh ins an t-saoghal
aige chum a mhac ba shine do thabhairt saor, agus go
dtug sé an dá bhall ba mheasa dá cholann chum an
dara mac do thabhairt saor, agus ar son an tríomhadh
mac do chaill sé an t-anam, rud ba mheasa ioná an
saoghal. Adubhairt an sean-duine, do réir mar do-
righne sé an mhaith saoghalta go mbeadh buaidh aige
chum an mhaith do dheunamh marbh, agus aoinneach do
chodlóchadh ar an áit seo go mbeadh an maith le
deunamh aige.



Agus do choidlighis ar an áit sin, ar phort an fhir
bháidhte, arsa fear an scarbhaigh le Párthnáinín, agus
atá a shliocht air, do-righne tu trí mhaith an oidhche sin,
agus má do-righnis féin, is gan fhios duit é, agus ní
cóir a bhuidheachas do bheith ort, agus ó fuair tu an
ainm nár thuillis, téighir abhaile agus tuill í”



Sin é an taidhbhreamh do-righneadh do Phárthnáinín. Ní


L. 80


chuirfeadh an saoghal in a luighe air gur ag taidhbhreamh
do bhí sé in aon chor. Nuair do dhúisigh sé agus do
oscail sé a shúile, do-chonnaic sé an ghrian ag éirghe
thoir go soillseach aníos as an bhfairrge. Do phreab sé
in a sheasamh agus do ghluais chum siubhal abhaile go
dubhach, brónach.



Táinig Párthnáinín abhaile stolltha, stractha, scraoil-
the agus nuair do-chonnaic an bhean ag teacht isteach
é, do bhuail sí a dhá bais agus do fhiarfaigh sí dhé:
“Ó'se, cabhair Dé chughainn, a Phárthnáinín, cad do
bhain duit, nó cá rabhais ar feadh na hoidhche, nó cad
do chuir an íde sin ort féin, agus ar do chuid
eudaigh, nó cad dheunfa mé in aon chor? Cionnus
bheidh siad le n-a chéile agam i gcomhair Domhnaigh na
féile agus gan an dara culaidh agat?”



“Ara, éist do bheul, a bhean, agus leig dom
féin(each). Ní beag liom mo dhonacht féin, tar éis na
hoidhche agus gan tusa do bheith ag tabhairt aghaidh do
bhéil anois orm, agus badh cheart duit dul ar mhol do
dhá ghlúin agus buidheachas do thabhairt le Dia nach fuar,
marbh atá mé ag teacht isteach chughat ar maidin.”



“Ara, cadé a chúis, nó cad do bhí ar do thí nó cá
rabhais ar feadh na hoidhche?”



“Ara, mise do-chonnaic an radharc agus do ghabh
tré an anró aréir. Seo, brostaigh ort agus cuir
síos cupán té dham go mear. Atá sé dian, má
mhairim go mbeidh sé i gcóir agat, agus beidh mé ag
seanchus duit nuair bheidh mo dhaothain ithte agam.”



“Dar an mbaiste, caithfe tu fuireach leat féin ar
feadh tamaill, mar níl aon bhraon bainne agam agus
caithfe mé dul dá iarraidh.”



“Is cuma liom cad dheunfaidh an bainne ar feadh
na hiarrachta so. Ólfa mé dubh é.”



“Má ólfair, atá mo aistear ar gcúl, agus ní
fearr liom bheith ag dul fa n-a dhéin.”


L. 81


Do bheirbhigh sí an té go luath, euscaidh. Ba fhada
léi go n-aireóchadh sí cadé an conntabhairt a raibh sé
ann. Nuair do bhí an té ólta aige, do innis sé dhí
gach aon rud mar do bhí i rioth na hoidhche agus cad do
ghabh sé tríd, agus do chaith sí í féin(each) ar mhol a dhá
glúin ag tabhairt buidheachas le Dia go dtáinig sé
saor chuichi, agus adubhairt sí leis go raibh maith éigin
deunta aige i rioth a shaoghail, mar meireach do bhí, ní
bhfuighbheadh sé teacht as na conntabhartaibh sin. Adubh-
airt sé sin ná raibh, ná dearna sé luach leath-phingne
mhaith dhó aoinneach riamh acht ná beadh sé mar sin
feasta, ní raibh aon rud do iarrfaidhe air a dheunamh
ná deunfadh sé é, agus gur cuma leis cia do iarrfadh
air é ná tabharfadh sé an t-eiteach do aoinneach le
n-a shaoghal arís.



“Dar an mbaiste,” ar sí sin, “is minic tugas-sa
comhairle dhuit acht ní raibh aon mheas agat orm féin
ná ar mo chomhairle. Ó, is díreach é gur fíor é an sean-
fhocal ná bíonn aon mheas ar chomhairle óinsighe, agus
badh fhéidir gur minic gur fearr comhairle ó óinseach
ioná comhairle ó ughdar.”



“Ná bíodh eagla ort, a Shibeul, ná go bhfuair mise
an chomhairle aréir agus go ndeunfa mé an chomhairle
sin an fhaid is mhairfeadh.”



Do-chuaidh Párthnáinín a chodladh an oidhche sin, agus
geallaim duit gur aige do bhí an phráidhinn leis agus
is dócha nár oscail sé súil agus nár chorraigh sé cos
go maidin.



I gcionn cúpla lá do-chuaidh sé síos go dtí barr na
faille agus do-chonnaic sé buachaillín thíos ar an
tráigh. Do-chuaidh sé síos go dtí é. Do bhí an
buachaillín fliuch, báidhte. Do fhiarfaigh sé dhé cad do
bhí air. Adubhairt an buachaillín go n-óbair go mbádh-
faidhe ins an ngaibhlín sin amuigh é, mar gur chuaidh


L. 82


sé amach ag piocadh grómhán ar an oitir sin amuigh,
“agus, a Phárthnáinín,” arsa sé, “badh fhearr dhuit
cabhas do dheunamh dhúinn ins an slighidh go bhfuigh-
bhimís siubhal amach ann agus ná fliuchfaidhe aon lá
eile sinn.” “Nach gairid duit fuair tu leigheas do
ghnó?” arsa Párthnáinín. Ba ghairid go dtáinig
buachaillín eile, agus adubhairt sé leis gur maith an
rud an cabhas do chur ann mar go bhfuighbhidís bheith ag
dul amach ag baint gibíneach agus gach aon rud do
bheadh uatha. “Dar an mbaiste,” arsa Párthnáinín,
“is mise do-gheobhadh duadh na hoibre chum a shult do
bheith agaibh-se.” Táinig gearrchailí annsin agus
do-chuadar in athchuinghe na naomh ar Phárthnáinín
chum an cabhas do chur ann. Adubhradar gur breaghdha
dhóibh bheith ag rioth isteach agus amach ann lá breaghdha
samhraidh nuair do bheadh an ghainimh tirim te ag an
ngrian.” “Is é an bhraich gan leann díbh bheith ag braith
ar an gcabhas sin. Níorbh bheag dom cuid agaibh gan
sibh ar fad do theacht dam chrádh(chant).” Do imthigh
sé leis abhaile, agus i gcionn na hoidhche táinig sé
agus do-righne mar adubhairt na páistí leis, mar is
gan fhios badh mhaith leis an maith do dheunamh.



I gcionn a dó nó a trí de laetheantaibh táinig na
buachaillí ag glaodhach air. Adubhradar leis go raibh
dhá bhád bheaga aca agus go rabhadar chum iad do chur
ag rioth ráis ar an bhfairrge, ag feuchaint cio'ca aca
badh mhire agus go raibh carraig mhór amuigh ag tráigh
mhara agus nuair tiocfadh na báid timcheall uirri
go mbeadh an áit ró-dhoimhin agus ná fuighbhidís féin
dul amach, “agus badh fhearr dhuit teacht linn-ne, a
Phárthnáinín,” arsa siad sin, “agus do chleath iascaire
do thabhairt leat agus dul do shnámh amach go dtí an
charraig agus nuair raghaidh na báid amach go dtí an
charraig, do-gheobha tusa casadh do bhaint asta, agus


L. 83


tiocfaid siad isteach chughainn-ne arís agus beidh an
ghaoth cliathánach aca in gach slighidh. “Dar an mbaiste,
a pháistí,” arsa Párthnáinín, “atá mé liath agaibh.
Mar sin féin, deunfad díbh é.” Do-righne,
agus do bhí na chomarsain ar fad ag stealladh magaidh
fé(ig), agus do bhí iongantas mór orra go ndearna
sé é féin chomh acrach sin, mar ná raibh mórán den
acra riamh ann.



Do bhí scata páistí lá cois claidhe agus iad ag
sugradh dhíobh féin ag deunamh botháiníní. Do bhí gach
aon saghas cleite aca, mar dhúmas gur cearc agus
siníní iad. Táinig lóithne mhór gaoithe, agus do
shéid sí a raibh do chleitibh aca amach ins an
bhfairrge. Adubhradar ná feadradar cad dheun-
faidís muna raghadh Párthnáinín amach fa n-a ndéin
dóibh. Do-chuadar go dtí é, agus níor chuir sé cnag
in a mhala ach do imthigh sé leó go humhal.



Nuair do-chonnaic na comharsain ag imtheacht é, do
chromadar ag liúghraigh agus ag magadh fé agus do-
chuadar in a dhiaidh go dtí barrna faille.



“Aghaidh dhe dhe!” ar siad sin, “feuchaidh amach,
an t-amadán ag dul i gconntabhairt a bháidhte mar
ghéilleadh do scata páistí. Atá sé dian nó im-
theóchaidh sé amach in a throiplín troisc.” “Ní dheun-
faidh,” arsa ceann aca, “mar is gairid go dtabhar-
faidh a chuid amadántamhlacht cosa fuara dhó.”



Do bhí beagán suim ag Párthnáinín in a gcuid
cainte, acht é do iarraidh breith ar na cleitibh ó
cheann go ceann. Do bhíodar go léir aige go dtí
aon cheann amháin agus do bhí an ceann sin tamall
uaidh agus é ag éirghe síos agus suas ar bharr na
dtonn. Nuair tugadh sé iarracht ar bhreith air, do
shéideadh an ghaoth uaidh é. Do lean an cleite ag im-
theacht uaidh, go dtug sé amach tamall mór ins an


L. 84


bhfairrge é. Do bhí sé díreach chum breith air nuair
do éirigh tonn mór agus do chuir den iarracht sin go
tóin poill é, agus tug sé fa ndeara mar do bheadh
súil iarainn aníos as an ngainimh. Adubhairt sé leis
féin(each) go raibh slabhradh nó rud éigin annsin agus
go dtiocfadh sé fa n-a dhéin ins an oidhche. Nuair do
éirigh sé ar bharr an uisce annsin, do shnámhaigh sé
isteach agus tug sé na cleití do na páistibh agus do
imthigh sé leis abhaile, agus do theirmigh sé a chuid
eudaigh.



I gcionn na hoidhche do-chuaidh sé síos arís go dtí
an trágh, agus do aithin sé an áit a bhfaca sé an
t-súil iarainn. Nuair do bhóg sé aníos í, cad do
éireóchadh aníos léi acht píosa mór mar do bheadh
píosa óir. Do bhí corr-iasc mór deunta ar thaobh
dé, agus ar an taobh eile do bhí scileud agus é ar
crochadh as croich. “Mo ghraidhin mo thuairim,” arsa
sé, “ba fhíor í do aisling, a Phárthnáinín.” Adubhairt
sé leis féin gan chuid den iol-mhaitheas é seo do bhí
ins an árthrach a raibh tríomhadh mac an fheirmeóra
uirri, mar gan bhain taobh dé leis an domhan thoir,
agus an taobh eile le hÉirinn, agus gur le mórtas
fuair an mac é chum é do thabhairt abhaile, mar is é
an domhain thoir do fhág sé nuair do bhí sé ag teacht
go dtí Éire, “agus is dócha,” arsa sé, “nach i dtaobh
leis an méid seo atá an áit seo, acht ní bhacfa mé le
n-a thuilleadh anocht go dtí istoidhche i mbáireach.”



Tug sé sé oidhche na seachtmhaine ag tarraing(t) iol-
mhaitheasa ins an slighidh go raibh a thógbháil aige, agus
ná feadair aoinneach cad do ba fhiú é. Ba ghairid gur
thóg sé teach breaghdha ná raibh a leithéid ins an dúthaigh.
Do cheannaigh sé feirm thalmhan. Do bhí sé annsin mar
ba mhaith leis. Do bhí ba ar chnoic aige, bainne ar
thubán aige, uachtar i mbaraille aige, im in a fheircínibh
aige, agus airgead in a charnaibh fa an bhfraigh aige.


L. 85


RANN AN SCEULAIDHE.



Do-chuas isteach i gcoill agus do-chonnaic mé slat
féithleoige. Do bhaineas agus do fhigheas ar a chéile
í. Do-chuas isteach i gcoill do bhí le n-a hais. Do-
chonnaic mé slat féithleoige. Do bhaineas agus do-
fhigheas ar a chéile í. Do-chuas isteach ins an tríomhadh
coill. Do-chonnaic mé slat féithleoige. Do bhaineas
agus do fhigheas ar a chéile í. Tug mé liom abhaile
iad, agus oidhche Shamhna agus an adharc dá séideadh
agus an rann dá rádh, do fhigheas mo thrí slata ar a
chéile. Do-righneas aon t-slat amháin díobh, agus sin
é is dáltha mo scéil-se.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services