Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Title
Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill. Caib. I. Duine muinteardha d'Aodh: teachtaireacht an duine mhuinteardha: cainnt amaideach Uí Chonchubhair Shlígigh. Lá ann bhí Aódh Ruadh Ua Domhnaill ann a Chaisleán féin i nDún-na-n-Gall agus tugadh sgéala dhó go rabh fear de Mhuintir Chonchubh- air Shligigh san Bhaile agus é ag iarraidh seal cainnte le flaith Thír Chonaill. Thug Aodh Ruadh cead uadh an fear do thabhairt ann a láthair. Ar dteacht isteach do mhac Uí Chonchubhair d' umhlaigh sé do'n triath. Do chlaoin Aodh Ruadh a cheann agus do labhair go ceannsa leis an fhear eile, agus d'fhiasraigh dó goidé bhí ag cur buadhartha air, ná goidé fath a asdair ó Chúige Chonnacht. Char fhreagair an fear é acht labhair ann a dhóigh féin. "A Uí Dhomhnaill," ar sé tá mise gaolmhar duitse." "Goidé an gaol atá eadrainn ?" arsa Aodh Ruadh. "Tá," ars an fear, "col seachtair eadrainn. Bhí fear do mo shinnsearaibh pósda ar mhnaoi de chloinn Dálaigh agus siúd is gur de Mhuintir Chonchubhair mise tá fuil Cloinne Dálaigh ann mo chuisleannaibh. Do bhuail Aodh Ruadh mion-bhuille ar chloigín do bhí ar chlár ós a choinne agus tháinig a ghiolla isteach chuige.
"A Thaidhg!" ar sé, "beir isteach chugam sé cuirn uisge agus corn amháin bainne agus soitheach follamh le n-a measgadh." Do imthigh Tadhg agus níor bhfada dhó imthighthe go dtáinig sé isteach arís agus na neitheanna leis do theastuigh ó'n Fhlaith. Dhóirt Aodh Ruadh féin an méid a bhí ins na seacht gcuirnibh isteach san tsoitheach follamh agus le spán mhór do mheasg sé an t-iomlan thríd a chéile. D'amharc sé go geur-radharcach san tsoitheach go bfhaca sé go rabh dath beag de'n bhainne ar an uisge. "Seadh, a mhic Uí Chonchubhair," ar sé, "is fíor dhuit. Tá dath d'fhuil an Dálaigh Mhóir ann do chuisleannaibh. Cuirim fáilte romhat go Dún-na-nGall, rud nach ndeannfainn roimhe do fhlaith mar tá fhios agam nach cara damhsa é." Rinne sé crathamh Lámh leis an Chonchubharach. Bhuail sé an cloigín arís, agus ar dteacht isteach do'n ghiolla, thug Aodh órdughadh dhó fíon agus biotáilte thabhairt isteach: proinn mhaith bidh do ghléasadh dhó, agus seomra leaptha do chóiriughadh dó fá choinne na hoidhche. "A fhlaith onóraigh Thírchonaill," arsan duine uasal ar ball, "b'fhíor duit an méid adubhairt tú anois nach cara dhuit Ua Chonchubhair Shligigh. Siné an fáth a bhfuil mise ann seo anocht. Ní tháinig mé ó Chúige Mheidhbhé ar fad le tuairisg thabhairt duitse fá'n tsean- ghaol atá eadrainn, acht isé fáth mo theachta le fios a thabhairt duit fá mar do thug mo thighearna-sa .i. Ua Conchubhair Shligigh droch-mheas duit." "Chán sgéal nuadh damhsa," arsa Ua Domhnaill, "gur eascara damh Ua Conchubhair gidh gur mise a rí dlisdeanach, agus go bhfuil ceannas ag Tighearnaibh
Tír-Chonaill le fada riamh ar Ua Conchubhair Shligigh agus ar ghach triath agus taoseach i gCorrainn, i gCairbre agus i dtuaisceart Chonnacht uilig. Acht tá Donnchadh Ua Conchubhair comh tógtha sin le Gallaibh Duibhlinne, agus comh tugtha do'n Ghalldachas nach leor leis gan chíos do dhíol liom-sa mar is dual dó : acht go bhfuil sé ag mo mhaslughadh gach aon uair is féidir leís é: agus acht nach leigfeadh an eagla dhó é thógfadh sé bruidhean orm i gConnacht. Acht goidé an maslughadh seo thug sé orm ar na moillibh ?" "Tá," arsa mac Uí Chonchubhair. "Tháinig sé tá tamall ó shoin ó 'Ath Cliath, áit a rabh sé rith na bliadhna, cómh fhad is bhí tusa agus do shluagh i gConnachtaibh agus drong mhór do mhaithibh na nGall ann aoinfheacht leis, agus sluagh saighdiúr Gallda leobhtha fosda. Thug sé drong de mhór-uaislibh na nGall leis ar cuairt go Caislean Uí Chonchubhair, agus do chuir cuid eile aca ar aoidheacht chuige uaislibh na tíre. Na saighdiúirí i gcoitchionn cuireadh iad ar coinnmheadh ann a ndream- annaibh ann seo agus ann siúd ar fud na tíre agus b'éigin do na daoinibh bochta ar fud na dúithche biadh agus deoch do choinneailt leo gan íocaidheact gan bhuidheachas. Rinne sé a dhithcheall fósda comhcháirdeas do shnaidhmeadh eadar Ghaedhealaibh agus Gallaibh agus thug cuireadh go minic do thriathaibh na nGaedheal i dtuaisceart Chonnacht teacht i gcomhdháil na Sacsanach ag fleadhaibh ag cluichibh máighe ag sealgaracht agus ag súgradh agus comhluadar do ghach uile chineal. Lá ann bhí drong mhór d'uaislibh, eadar Gaedhealaibh agus Gallaibh ar siúbhal ag sealgaracht agus leanadar fiadh ruadh go barr Beinne Gulbán. Ar dteacht
dóbhtha ann sheasadar ag amharc uatha amach ar an tír áluinn do bhí sínte amach rompa. "Nach áluinn an tír í' arsa fear de na Gallaibh. D' fhreagair Ua Conchubhair é:- "Is áluinn go deimhin," ar sé "ní'l áit eile san domhan níos deise 'na Binn Gulban agus an tír timchioll uirre; agus' ar séisean "acht go bhfuil an sliabh áluinn seo ag tabhairt a aighthe ar an tuaisceart dubh gránda leaghfainn ór ar a éadan siocair a áilneachta agus a bhréaghachta."" "Do thuigeadar gach uile dhuine de 'n tsluagh gur ag tabhairt gotha agus droichmheasa ortsa bhí Ua Chon- chubhair nuair a thrácht sé ar an tuaisceart ghránda; agus thógadar uilig sgig gháire ós árd, acht amháin Mac Diarmada, Muighe-Luirg, agus MacUillíaim, Teabóid, mac Uáitir. Do chromadar siad-san a gcinn amhail agus nach gcualadar na baoth-fhocla úd." Stad mac Uí Choncubhair dá chomhrádh. "Tá tú ceart go leor," arsa Aodh Ruadh, "Is de mhí-mheas orm-sa labhair Donnchadh Ua Conchubhair na focla sin. Bainfidh mise cúitiughadh as acht chán eadh ar na foclaibh díomhaoine úd na mar gheall ar a dhroich- mheas ormsa: acht mar gheall ar a chomhcháirdeas le Gallaibh atá ag léirsgriosadh agus ag láin mhilleadh na tíre; agus mar gheall ar a dtabhairt isteach imeasg Gaedheal le heolas a thabhairt dóbhtha ar an tír; mar gheall, fosda, ar eascáirdeas agus imreasán do thógbháil eadar triatháibh Gaedhealacha; agus mar gheall ar ór do sgababh ar ghach bhrathadóir agus ar ghach mhéirleach san tír le fealltachas agus le spíodóireacht do dheanamh ann ar n-aghaidh-ne.
Caib. II. Sluághacht Fear Thírchonaill. Chár thuit tráthnóna an lae sin go rabh teachtairí ar siubhal ag Aodh Ua Domhnaill go triathaibh agus taoiseachaibh Thírchonaill le hiad do chomh-ghairm chuige go Dún- na-Gall. Teachtaire aca go Ua Dochartaigh Seaán Óg, ceannphort calmha Iniseoghain; teachtaire eile go Caislean na Finne ann ar chomhnuigh Niall Garbh Ua Domhnaill; teachtaire eile go Port an Leith- bhir ann a rabh Mághnus Óg, dearbhrathair d' Aodh Ruadh, go dream do bhuainaidhibh Thírchonaill: teachtaire eile go Niall Mór Ua Gallchobhair i nGleann-Fhinne; teachtaire eile go Mac Suibhne Fhánáda, Domhnall Mac Thoirdhealbhaigh; teachtaire eile go dtí Mac Suibhne na dTuath, Eoghan Óg, oide Aodha Ruaidh; teach- taire eile go dtí Mac Suibne Boghainneach, Donnchadh Mac Mhaolmuire Mheirgigh: teachtaire eile go hUa Baoighill, Niall, i mBaoigheallach, agus teachtairí eile nach n-áirmhighim ann seo. Ar feadh seachtmhaine ó'n lá sin, bá léir do mhuintir Thírchonaill go rabh a bhflaith ar tí sluaghacht do dheanamh. Chonnacthas ar ghach bhealach ata a tarraingt ar Dhún na nGall - ar an bhealach sin cois fairrge ó'n tSean Ghleann agais ó na Ceallaibh Beaga, ar an bhealach sin eile ó Bhóthainneach, Baoighilleach, agus ó na Rosaibh; ar an bhealach dóshiúbhalta aduigh ghabhas thríd an Bhearnas
Mhór ó mhagh Itha agus an Oirthear; agus ar an Bhealach thigeas ó Bhaile na trágha agus Béal átha Seanaigh - Connacthas, adeirim, fir troda Thírchonaill ag cruinni- ughadh ann a ndreamannaibh, ann a mbuidhnibh, agus ann a sluaightibh eadar troighthibh agus marcachaibh, go rabh arm agus mór-shluagh cruinnighthe ann aon láthair ann a sgoraibh agus ann a bhfian-bhothaibh ar na bántaibh, ar na machairibh agus ar na faithchibh 'ma gcuairt ar Dún-na-ngall. In diaidh comhairle do ghlacadh le ceannphortaibh agus le maithibh an tsluaigh thug Aodh Ruadh órdughadh do'n tsluagh go léir gluaiseacht as go Cúige Chon- nacht. Ghluaiseadar as i dtrí chathaibh. Ua Dochartaigh, Seaán Óg, ba cheannphort ar an chath tosaigh: Niall Garbh dó bhí i gceannas an chatha mheadhonaigh; agus an cath deirionnach faoi cheannas Rudhraighe Uí Dhomhnaill, Ríogh dhamhna Chinéil Chonaill. Aodh Ruadh féin ann Árd-cheannas an tsluaigh iomlán. Thrialladar go hÁth Seanaigh, agus as sin thar Shamhaoir, thar Dhrobhaois, thar Dhubh, lámh dheas le fairrge, lámh chlé le sléibhtibh, agus char stadadar de ló ná d'oidché ar an imtheacht sin. Acht ní ró-ghasda na i gainfhios d'fheudfadh an mór- shluagh sin imtheacht thríd an tír. Is furas a thuigbhéal gur thóg siad callán agus racán as cuimse le priumsal agus seitrigh na n-each, le coisidheacht na bhfear troda, agus le ráflaí agus raipliuthúta na ngiollanrach. Do theicheadar muintear na tíre rompa agus tugadh sgéala d'Ua Chonchubhair ann a dhún-árus go rabh Uá Domhnaill go n-a shluagh chuige. Ba mhór an sgannradh dó-san an tuairisg sin agus chár fhan le teacht flatha Thírchonaill ná le n-a athardha do
chosaint; acht do theich leis gan mhoill gan mhailltriallán, agus na Gaill ann aoinfheacht leis; ná ba mhaith a bhí fhios aca nach rabh ionnta seasamh ós coinne airm Aodha Ruaidh. Mar sin de ar rochtain d' Ua Domhnaill maille le n-a shluagh go Caisleán Uí Chonchubhair chan fhuaradar ann triath nó giolla, no fós crodh, nó caora, éadáil nó airnéis. Bhí an uile rud glanta amach rompa. Chá dearnadar acht aoibhleog do chur leis an chaislean agus a dhóghadh go talamh. Chuir Aodh Ruadh amach, thar éis sin, sgeimhealta agus creach- adóirí ar feadh na tíre agus chár fhágadar innti bó nó caora, capall nó gabhar náchar thiomaineadar leo: ag creachadh agus ag aidhmhilleadh na dúithche sin go léir, agus ag iomchur leo gach earraidhe agus gach éadála d'ar casadh orra, go ndearnadh fásach do'n tír uilig; agus ba thruacánta thruaighmhéileach muintear Chonchubhair indiaidh na cuarta sin. Thug Aodh Ruadh órdughadh fósda d'fhearaibh Thírchonaill gach Sacsanach go casfaidhe orra do mharbhadh mar do bhí troid go héag eadar é féin agus iad féin. Agus ba hé an comhartha thug sé dobhtha leis na Sacsanaigh d'aithint, fear ar bith nach rabh canamhain ghlan réidh Ghaedhilge aige a chur chum báis. Thárla go rabh cuid de na saighdiúiribh Sacsanacha sgabtha thríd an tír mar do bhíodar ar a gcoinnmheadh ann áitibh iargcúltacha agus chán fhuaradar sgéala ar theacht Aodha Ruaidh. Marbhadh iad seo go léir agus b'iomdha ruaig agus ruathar do bhí ann a indiaidh. Mhéaduigh na ruaga úd uamhan agus imeagla muintire na tíre gidheadh chá dearnadh orra-san acht a gcuid earraidhe do bhaint daobhtha.
Caib. III. Inghean Uí Conchubháir: aisíoc na Creach-ghabhála. Nuair do shásaigh Clanna Chonaill a n-agneadh ag creachadh agus ag milleadh dúithche Uí Chonchubhair, chruinnigheadar gach eadáil agus gach ainmhidhe do bhaineadar amach ar an chreach-ghabháil sin agus philleadar ar ais go Tír Chonaill. Ba mhór meud an tsluaigh ag pilleadh dó agus ba sgannradhach an torman agus an ruailli-buaillí do thógadar; le búirebéice na mbó, le sitrigh na gcapall, le meidhligh na gcaorach, le meigidreacht na ngabhar, le tamhaint na madadh, le béiceadh na laochraidhe agus le gach tuaim agus ollghlór an mhór-shluaigh sin. Seacht míle slighe do bhí líonta leo eadar coisidhibh agus marc-shluagh, cródh agus caorchaibh, fir troda agus giollanraidh, lucth tiománta agus ainmhinte díchéillidhe. Ar rochtain do thús an tsluaigh go hÁth Sheanaigh bhí a dheireadh taobh budh dheas do Dhrobhaois; agus ba hé sin uair agus aimsear do chuir fear do lucht choimhéada Uí Dhomhnaill ann úmhail dó go rabh dhá chailín óga gha leanmhaint ar dhá each fá lán-shiúbhal. D'fhan Ua Domhnaill san áit a rabh sé go dtáinig siad a' fhad leis. Mná uaisle óga áilne do bhí ionnta. Bean aca ar stéid-each ghlas agus an bhean eile ar chapall dhonn. Tógas Aodh Ruadh a bhairréad ann a láimh dheis agus beannuigheas do na mnáibh uaisle. Tuirlingidh siad-san ar an bhán agus
gabhaid ar a nglúnaibh ós coinne Aodha Ruaidh. Ruitheas séisean go tapaidh, tugas lámh do ghach mhnaoi aca, agus thógas ann a seasamh iad. "A fhlaith chalma Thírchonaill," ar bean an eich ghlais, "mise Meadhbh, inghean Uí Chonchubhair Sligigh agus is í seo Fionnghuala Ní Mhic Dhiarmada Mhuighe Luirg. Bhí mise ar cuairt i gCaisleán Mic Dhiarmada le seal agus níor tugadh sgéala dhúinn go dtí indé fá'n chreach- ghabháil rinnis ar dhuthaigh m'athar agus fá'n léirmhilleadh d'imir tú ar na daoinibh bochta um an dúthaigh. Ní'l mise ag fiafraighe díot goidé an fáth bhí agat leis an gabháil seo, nó ag dearbhadh nach rabh siocair agat deanamh mar rinne tú. Ní thuigim na neitheanna seo. Acht tuigim an méid seo - go bhfuil na daoine bochta ar feadh na dúithche fágtha gan bhó gan ghamhain gan chaora gan ghabhar, agus gan fhios aca goidé mar mhairfidh siad rith an gheimhridh seo. Do dheonuigh tusa, a Árd- fhlaith, gan iad do mharbhadh mar a bí sé fá chumas do shluaigh a dheanamh. B'fheárr dóbhtha a bhfad dá ndean- adaois a marbhadh go léir 'ná a gcuid bidh agus dighe do thógbháil uatha, go dtí nach dtig leobhtha gan mior- bhuilte ó Dhia mairstin thríd an gheimhreadh atá rompa. A Aoidh Ruaidh," ar sí, agus thuit na deora go fras anuas léithe "tá cliú ort go bhfuil tú borb, dúr- chroidhéach neamh-thrócaireach dó do náimhdibh, acht chá deárn tú riamh cogadh ar mhnáibh nó ar pháisdibh. Guidhim thú, a thaoisígh cumhachtaigh Thírchonaill, agus glac truaighe do'n mhuintir seo agus tabhair ar ais dóbhtha a gcuid earraidhe agus ní misde dhuit a gcuid urnaighthe agus fós uimaighthe na Maighdine Beannuighthe maraon leobhtha ins na cruadh-cathaibh
atá romhat ann aghaidh Gall agus Gaedheal ann Eirinn." Chár dhubhairt Aodh Ruadh seadh nó chan eadh an fhad agus bhí an óigbhean ag labhairt, acht bí cinnte go rabh sé ag machtnadh agus ag staidéir ar an méid a dubhairt sí agus uirre féin. Ba chuimhneach leis girseach dár bh' ainm Méadhbh inghean d' Ua Chonchubhair Shligigh, acht ba dhóigh leis nár bhféidir gur bh'í an óigbhean stáideamhail bhéasach do bhí anois ag cainnt leis. Seacht mbliadhna roimh an am sin bhí sé ar cuairt, ann aoinfheacht le n-a mháthair .i. an Inghean Dhubh, i dúnarus Uí Chonchubhair, ar feadh seachtmhaine agus ba hí an Mheadhbh sin ba chompánach dhó ar feadh an ama sin. Ba chomh-aois dóbhtha araon; agus siúd is gur bh' shaitcheach cúlanta an cailín beag í char bhfada dóbhtha ar aon chomhluadar gur éirigh cáirdeas agus dáimh eatorra dá chéile, agus chár theastuigh comhluadar eile uatha astuigh ná amuich acht iad féin, ag coisidhéacht nó ag marcuidheacht, ag rith nó ag siúbhal, agus ba bhrónach iad an bheirt aca ar sgaramhaint le n-a chéile i gcionn na seachtmhaine. Ó d' aithin Aodh Ruadh gurbh í an Mheadhbh chéadna sin do bhí ag cainnt leis anois, agus ag iarraidh athchuinge uaidh, is amhlaidh do líon a chroidhe leis an sean-ghrádh dhí, agus bhí sé ar tí an chreach ghabhail go léir do sgaoi- leadh léithe nuair do smaoinigh sé nach bhfórfeadh sin le n-a shluagh. Chár ghnáthach leobhtha-san teacht 'na bhaile follamh ó shluaghacht ar bith; agus b' fhios dó go ró-mhaith go rabh náimhde dhó san sluagh sin, imeasg a ghaoil féin, go dearbhtha; agus chuirfeadh siad mío- chuma ar a ghníomh dá sgaoilfeadh sé an chreach-ghabhail le hinghin Uí Chonchubhair. Chá rabh a chumhacht nó a cheannas
daingean go leor i dTírchonaill fós go ndeanfadh sé do réir a thola féin. Ar an ádhbhar sin d' fhreagair sé an ainnir amhail agus dá mbeadh sé gan aon aithne do bheith aige uirri. "Go deimhin, a inghean Uí Chonchubhair," arsé. "Is méannra do Chloinn Chonchubhair do léithéid-se d' eadarghuidhtheoir a bhéith aca. Chán fhuil sé ionnamsa do eiteach. Acht cheana, chá dtig le fearaibh Thírchonaill gabhail arais go Tírchonaill gan a luach saothair bheith leo. Chán gan costas atá an sluagh seo beathuighthe amuich "na" sa' bhaile. Caithfear a dtuarastal a thabhairt do bhuanaidhibh agus d'amhsannaibh; agus fosda ní ceart ar ngnáth-mhuintear féin do chur na bhaile ar easbhaidh éadala thar éis a sluaghachta. Acht bíodh do rogha agat, a inghean Uí Chonchubhair. Sin iad romhat eallach agus earradh Cloinne Chonchubhair agus sin é romhat fosda an talamh ar a bhfuil siad. Má's roghan leat an t-eallach agus an t-earradh bíodh siad agat acht coinneochaidh flaith Thírchonaill an talamh. Má's roghan leatsa an talamh coimneochad-sa an spré." "Mar gheall ar na daoinibh bochta," arsa. Méadhbh, "toghaim an crodh agus an airnéis. Deanadh Ua Conchubhair Shligigh réidhteach leatsa fá dtaoibh de'n tír." Agus d' árduigh sí a ceann go huaibhreach, ag deanamh dí féin go bhfeudfadh a hathair an talamh do bhaint amach arís. D'fhág na cailiní slán ag Ua Domhnaill agus a chuideachta, d'éirigh ar a n-eachaibh agus philleadar dá nduthaigh féin. Do cheap muintear Aodha Ruaidh arais ar a gcúlai gach capall, gach bó, gach caora, agus gach uile bheathadhach do chuid Chloinne Chonchubhair: agus thugadar
suas gach airnéis agus gach éadail do mhuintir Chonchubhair sul má deachaidh siad troigh níos fuide. Thóg Aodh Ruadh claidhe teorann seacht mile budh dheas ó Áth Seanaigh, agus coimhcheangladh an talamh sin le Tírchonaill ó'n am sin go dtí gur briseadh ar Ghaedhealaibh ag Ceann tSáile, agus gur árduigheadh cumhacht agus ceannas na nGall ós cionn Thírchonaill, ós cionn chúige Mhéidhbhe agus ós cionn gach uile dhúthaigh i dtalamh glas na hEireann.
Caib. IV. Eachtra Aodha Ruaidh go Cúige Mhéidhbhe. Níor bha shlán d' Aodh Ruadh ann a mheanmain tharéis na sluaghachta sin. Ba dhóigh leis nach bhfacaidh sé riamh roimhe go dtí 'n t-am sin ainnir ba dheise chuma, nó b'áilne snódh, nó ba mhúinte méinn, ná an Mheadhbh sin, inghean Uí Chonchubhair Shligigh. Acht cheana, ba inghean a námhad í, agus dá bhárr ar sin, mheas sé ó'n dóigh ann ar labhair sí leis go rabh fuath agus gráin aici air. "Agus" ar seiseann ann a inntinn féin. "Cad chuige nach mbéadh gráin aici orm; nár sgriosas a dúthaigh, nár dhíbreas a hathair, nár ghabhas chugam seacht míle tíre d' athardha Uí Chonchubhair. Char bha sláine dó ann a mheanmain thré an mhachtnughadh adaigh. Agus iar sgabadh do'n tsluagh, agus ar mbeith socair suaimhneach do ghach uile rud ann a thimchioll, ba mhó d'éirigh mearughadh croidhe agus buaidhirt aigeanta air. Chár fheud sé fanacht mar a bhí sé ní b'fhuide agus sé an rún do chinn sé leis féin, cuairt do thabhairt, acht an-chuma nó bréag-riocht do chur air féin, an dóigh nach n-aithneochaidhé é, go Cais- léan Mhic Dhiarmada, Muighe Luirg, ar an gCarraig i Loch Cé i ndúil go bhfeicfeadh sé Méadhbh Ní Chonchu- bhair, gan fhios dí féin agus do chách. Chuir sé ann úmhail d'a chomhdhálta .i. do Mhaolmuire Mac Suibhne
Mac Eoghain Oig goidé bhí ann a inntinn aige agus thug leis é ar an turus. Ba stuamdha géarchúiseach an duine an Suibhneach, acht chár mhaith an companách do Aodh Ruadh é, na dhiaidh sin. Fear doimhin tosdach caiminntineach a bhí ann agus cáil air go nglacfadh sé anshaothar ann a ghnoithe féin acth fíor-bheagan sao- thair i ngnoithe dhuine eile. Acht ba chomhdhálta d'Aodh Ruadh é, agus chuir Aodh muinighin ann. Ba hé an chuma ann a deachaidh Aodh Ruadh ar an eachtra sin i ndeilbh cruitire fánaigh agus cheangail sé bréigfheasóg fhada ar féin, agus dháthuigh a ghruag agus chuir an-chuma ar féin i riocht nach n-aithneochadh duine beo é: gléasadh an Suibhneach i gcosamhlacht giolla iomchura na cruite. Nuair a bhí siad gléasta i gceart d'imthigheadar leo i gConnachtaibh. D' fhanadar an chéad oidhche i dtigh Biadhtaigh i dTír Chorainn, agus ó bhí a lán daoine ar aoidheacht ann ba mhian leo ar ndóighe ceol na cruite do chluinsint ó'n chruitire. B'éigin d' Aodh Ruadh seinm ar an chláirsigh agus abhrain do ghabhail fosda, rud nár dhoiligh dhó, ná bhí guth binn aige agus é oilte go maith i ndántaibh agus i bhfilidheacht na mbárd. Bhí móran cainnte ar cois aca fá shluaghacht fear Thírchonaill. Chuala Aodh Ruadh iad ag trácht ar a anfhlaitheas féin, agus dubhradh gur thríd uamhan agus imeagla roimh Ua Conchubhair ghéill sé an chreach ghabháil do thabhairt ar ais do inghin Uí Chonchubhair. D' aithris duine ann, do ghuth árd, an iomad uirsgéal ar anfhlaitheas agus tíorantas Aodha Ruaidh ann a thír féin; mar go gcrochfadh sé fear gan fiú acht cnaipe ná biorán do ghoid. D' aithin Aodh an duine seo. Ba mhéirleach é, do dhruing mhéirleach, do chleachtuigheadh
a méirleachas ar lucht siúbhail fá'n Bhearnas Mhór. Nuair ghabh Aodh Ruadh flaitheas Tírchonaill ruaig sé as an tír iad, ag crochadh an méid aca ar a bhfuair sé greim. B'éigin dó éisteacht leis an bhradaidhe comh maith le duine agus is cinnte dearbhtha dá n-aithneochaidhe é féin go mbadh deacair dó imtheacht slán as an duthaigh sin. Oidhche eile d' Aodh Ruadh agus dá chompanach i dtigh bhiadhtaigh i gCairbre. Bhíodar ag gabhail cheoil agus ag rinnce agus ag sgéalaidheacht go ham luighe. Ar na bhárach ghluaiseadar leo go tuitim na hoidhche; ba gheárr uatha anois Loch Cé agus Caisleán Mhic Dhiarmada. Ag imtheacht dóbhtha ar bhealach chumhang dó-leanta i lár coilleadh chonnacthas dóbhtha gur chualádar glór daoine gan a bheith ró-fhada uatha, agus droch theacht le chéile aca réir chosamhlachta. Stadadar ar a gcéim d'éistacht, acht ní mó na gur stad siad nuair tógadh sgread ó mhnaoi éigin, mar do bhéadh sí dá sárughadh. Chá deárn an bheirt moill go rabh siad san áit a rabh an sgreadach. Goidé chonnaic siad ann sin acht trí bitheamhnaigh ag baint a cuid seod de chailín óig uasail. Bhí maidí breagha ramhra daraigh ag Aodh Ruadh agus ag a bhráthair, agus siúd is go rabh miodóga ag na gaduidhibh, chár bhféidir iad do tharraing gur leagadh ar lár iad le buillibh troma treanmhara flatha Thír- chonaill agus an tSuibhnigh, Maolmuire. An t-am do loiteadh agus do bualadh na foghlaidhthe go leor, do gheárr Aodh Ruadh na téada as an chruit, agus do chean- gail na foghlaighthe le chéile agus d'fhág 'na luighe iad san áit a rabh siad gur tugadh sgéala do Mhac Diarmada a bhí 'na cheannphort ar an dúthaigh sin. Thug
Aodh Ruadh aghaidh ar an ógmhnaoi ann sin agus d fhiafraigh dí fáth an ghéibhinn ann a rabh sí. "A dhaoine uaisle, thréanmhara!" ar sise, "mise Fionnghuala, inghean Mhic Dhiarmada, Muighe Luirg. Bhí mé ar cuairt ag duine mhuinteardha dhamh. Ag teacht ar ais dúinn (bhí giolla liom agus sinn ar marcuidheacht) d'éirigh na trí bitheamhnaigh seo amach as an choill, stop siad m' each-sa, agus thógadar mise ó'n diallaid ar an bhán agus chuir siad an tóir ar an each eile gur tiomáineadh ar siubhal é féin agus a mharcach. H'órduigheadh damhsa mó fhleasg óir agus m' fháinní óir do bhaint díom agus a dtabhairt dóbhtha. dhiúltuigh mé sin do dheanadh, agus rug duine aca orm do ghréim bhrollaigh, agus do bhí ar tí mo chuid sheod do bhaint díom. Thóg mé sgread agus gáir agus chan fhuil cuimhne agam goidé thárlaigh ó sin amach go bhfaca mé sibhse ag troid leis na gadudhthibh agus a ngreadadh agus a gceangailt." Chár innis inghean bhláith Mich Diarmada dóbhtha acht roinnt do'n sgéal. Chán ar cuairt ag duine muinteardha do bhí sí ar chor ar bith, acht ag tabhairt cuarta ar mhnaoi draoidheachta nó mnaoi feasa a chomhnuigh 'san choill. Agus is é theastuigh uaithe luibheanna piseogacha do bhéarfadh fuasgladh dí ó chruadhdáil ann ó rabh sí ó thug sí searc agus grádh do dhuine éigin; agus an duine sin níór bha athrughadh duine é acht Aodh Ruadh féin. Anois ba mháthair mhéirleach agus righ-bhréagaidhe an chailleach sin a rabh cáil dhraoidheachta uirri, agus chá rabh sí acht ag bréagadh daoine isteach chum na coilleadh, agus dá mbéadh cuma orra airgead do bheith aca ná
seoid do bheith orra bhéarfadh sí sgéala dá macaibh agus dá gcuideachta go mbainfidís a gcuid maoine daobhthe san choill. Mar sin de, chá rabh fios fátha an sgéil ag Fionn- ghuala í féin agus ba lugha go mór an fios a bí ag Aodh Ruadh agus ag n-a ghiolla. "Gabh mo mhíle bhuidheachas, a dhaoine uaisle," adubhairt Fionnghuala ar gcríochnughadh a sgéil dí. "Sin thall caisleán m' athar ins an Loch agus tigidh anonn go gtugaidh sé fáilte romhaibh, agus go dtiubh- raidh sé buidheachas daoibh, ar son a inghine do chósaint in aghaidh na méirleach."
Caib. V. Caisleán Mhic Diarmada: inghean Uí Chonchubhair: fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne: bréagchomh- airle Inghine Ní Mhic Dhiarmada. Thrialladar an triúr aca anonn go Caisleán Mhic Diarmada, agus ba mhór an corrughadh a bhí annsin agus ba mhór an luthghair do bhí ar athair agus ar mháthair Fhionnghuala ar a feiceáil slán arís. Óir tháinig an giolla 'na bhaile agus an gháir bháidhte leis fá'n bhfuadach a rinneadh ar an ógmhnaoi; agus mheuduigh sé an chontabh- airt go mór ag deánamh leithsgéil do féin ar an teicheadh cladhaireach a rinne sé. Ar an bpointe cuireadh drong de mhuintear Mhic Diarmada go dtí an choill go bhfuaradar na bitheamhnaigh ceangailte san áit ar fhág Aodh Ruadh iad, agus ba mhór an t-iongnadh do bhí ar Mhac Diarmada nuair tháinig an drong arais agus na trí méirligh leobhtha, óir ba léir dóbhtha anois go rug an cruitire agus a ghiolla buaidh ar na trí foghluidhibh, agus bhí aithne ag muintir Diarmada orra agus bhí fhios aca gurbh iad an triúr ba threise agus ba dána do mhéirlighibh na duithche iad. Bhí Meadhbh Ní Chonchubhair ins an Chaisleán agus budh í bhí athasach fá n-a caraid Fionnghuala do theacht ar ais slán. Rinne sí crathadh lámh leis an chruitire agus d'fheuch ann a ghnúis le luthgháir, agus labhair go ceannsa carthannach leis. Do mheudaigh seo searc Aodha dhí agus mhearaigh sé a cheann agus a chainnt,
agus tháinig na focla amach bun ós-cionn thríd a chéile gur shaoil Meadhbh gur le duine éadtrom seachránach do bhí sí ag cainnt. Lá ar na bhárach fearadh féasda ag Mac Diarmada fá choinne na gcuairteoir dtréan. Coimhthionoladh uaisle na tíre le honóir agus ómós do theisbéaint do'n chruitire agus dá ghiolla. Tráth fiafruigheadh d' Ua Domhnaill cé é féin no carbh' as dó adubhairt sé gur de mhuintir Chatháin é, as Arachtaigh Uí Chátháin agus gur bha ghiolla agus deisciobal dó an t-óglach. Chaitheadar an oidhche sin go súgach sásta; ag gabháil cheoil, ag cruitireacht, ag rinnce, ag ól uisge-beatha, agus fíona agus leanna, ag sgéalaidheacht agus ag mion-chainnt, ag imirt carta agus fithchille. D'fhanadar an bheirt úd ar feadh seachtmhaine i gCaisleán Mhic Diarmada i Loch Cé. Bhí na hóg-mhná ann a gcuideach- táin ó am go ham, agus ba mhór an spéis chuireadar i gcruitireacht i sgéaluidheacht agus i mion-chainnt Aodha Ruaidh. Uair amháin thárla dó bheith ann aoinfheacht le Méadhbh Ní Chonchubhair leo féin agus thrácht sí ar Fhlaith Thírconaill. D'fhiafruigh sí dhé ar thárla dhó bheith i dThírchonaill riamh. "Sé an áit is deireannaighe d'fhág mé," ar seisean, agus b'fhíor dó an méid sin ar sgor ar bith. "An bhfaca tú Aodh Ruadh," ar sise. "Chonnaic go dearbhtha. Tá fir Thírchonaill uilig gá lochtughadh nár thóg sé leis go Tírchonaill an chreach do bhain siad ó mhuintir Uí Chonchubhair Sligigh. Tá sé ráidhte go mbéadh gach uile rud leis, acht amáin gur bhréag inghean Uí Chonchubhair é le sgéimheacht a pearsann agus le binneas a hurlabhra."
D'amharc an cruitire uirri ar a rádh seo dhó acht bhí a ceann cromtha agus thug sé fá deara a leaca agus a héadan ar dhearg-lasadh. "Bhí mé ag cainnt fosda," ars an cruitire, ag leanmhain dá sgéal, "le hAodh Ruadh féin, agus thrácht sé ortsa. Ba dhóigh leis nach rabh agatsa acht gráin agus fuath air, mar námhaid do d' athair agus do do mhuintir, agus loisgeadóir agus creachadóir do dhúithche." Stad an cruitire dá chómhradh go tobann, amhail is da mbeadh sé ag feitheamh le freagar. "Níl gráin nó fuath agam dó, maiseadh," arsa Meadhbh, agus í ag cainnt léithe féin deirfeá. "Is calma, cródha an taoiseach é. Is dóiche go deárn m' athair beart éigin ann a aghaidh do chuir fearg air; agus is cinnte é nach maith le hUa Domhnaill m' athair do bheith i gcomh-cháirdeas leis na Gallaibh. Ní thuigim féin goidé 'n fáth nach ndeanann Ua Domhnaill cáirdeas le Sasanaibh mar ghní m' athair agus taoiseacha eile. Chuala mé féin Ser Coinneas Clifford a ráidht nár bhfeárr leis an darna fear ann Éirinn teacht ann a chomhcháirdeas agus géilleadh do 'n bhainríoghain ná Flaith Thírchonaill." D' éirigh an cruitire ar buile "na madrái Gall!" ar sé, "mise teacht ann a gcomhair agus géilleadh dá mbainríoghain! an drong míothrrócaireach a tá ag milleadh ar dtíre agus ag daoradh ar gcinidh. Nach rabh mé ann a gcarcair bréan go rabh mé chomhair a bhéith marbh aca! nach -." Mhothuigh sé ann seo go rabh Meadhbh ag amharc air aimhail is dá mbudh fhear mire a bhí ann. Chas sé an sgéal go cliste.
"Bhí Aodh Ruadh i gcarcair ag na Sasanaibh fosda agus rinneadh éagcóra móra dó leis na Gallaibh, agus níor mhaith leis géilleadh dóbhtha nidh nach iongnadh. Acht dá sgaoilfeadh d' athair a choimhcheangailt le Gallaibh agus troid do dheanamh ann a n-aghaidh mar budh dhual do thriath de Chloinn Chonchubhair bhéadh Aodh Ruadh ann a shán-charaid aige. Bhéarfadh sé arais an leadhb talmhan aduigh dó agus do bhéarfadh sé cúitiughadh dó i ngach dochar agus díoghbháil do rinneadh air." Chár dhubairt an óigbhean seadh ná chan eadh mar nach rabh fhios aicí goidé 'n rún do bhí ag a hathair agus mheas sí nach rabh fios ag an chruitire goidé 'n rún do bhí ag Aodh Ruadh, acht oiread. Cibé ar bith mar chuaidh an sgéal eadar Aodh Ruadh agus Méadhbh Ní Chonchubhair, is cinnte sin go rabh beirt 'san Chaisleán nar thaitin a gcomhluadar-san leobhtha .i. Maolmhuire Mac Suibhne agus Fionnghuala Ní Mhic Diarmada. B' fhios do'n tSuibhneach fáth theachta Aodha Ruaidh ar an eachtra sin, agus ba chuma leis é go dtí go bhfaca sé Méadhbh. Ó'n uair sin d'eirigh éad agus formad ann a chliabh ann aghaidh a chómhdhálta mar d'eirigh grádh ann a chroidhe do Mhéadhbh. B' fhear fealltach cam é ó nádúir agus ann a chroidhé istigh rinne sé Meadhbh dhó féin, agus rinne sé rún Aodh do thiomaint ó'n Chaisleán. Bhí barramhail aige go rabh fuath ag Meadhbh d' Ua Domhnaill ó do sgrios sé dúthaigh a hathar, agus sé an chead rud do rinne sé innsint duithe gurab é Aodh Ruadh an cruitire. Chá rabh fhios aici anois goidé dheanfadh sí acht chuaidh sí ionnsaigh air Fhionnghuala Ní Mhic Dhiarmada agus d' innis an sgéal dí ó thús go deireadh.
Anois chár lugha an t-iongantas do bhí ar Fhionnghuala 'na bhí uirri-se ar gcluinstin an sgéil aisteach sin. Tá fhios ag an léightheoir cheana féin go dtug sise grádh d' Aodh Ruadh, ó'n cheud amharc a fuair sí air, agus go bhfuair sí luibheanna draoidheachta ó chailligh na coilleadh le n-a bhréagadh chuici. Ba dhóig léithe gurbh' é an draoidheacht sin do sheol Aodh Ruadh chuici anois isteach ann a toigh féin. Acht anois ba shóiléir dí gur do Mheadhbh Ní Chonchubhair a bhí sé ag tabhairt áird' nó bfhéidir grádha. Bhí sí deanamh duithe fém dá mbéadh Meadhbh as an bhealach gur bh' fhuras dul do chur ar chroidhe Aodha Ruaidh agus thug sí comhairle do Mheadhbh go mbudh cheart duithe cuairt do thabhairt ar a hathair .i. ar Ua Conchubhair Sligigh i mBaile átha-cliath. Ghlac Meadhbh an chomhairle, siúd is nár mhaith léithe é. Go haithrid chár mhaith léithe go saoilfeadh Aodh Ruadh gur thré ghráin dó féin a d' imthigh sí, agus sgríobh sí litir chuige ag míniughadh dó gur thuig sí gurbhé bhí ann, nach rabh fuath ar bith aici féin dó, acht nár thaitin léithe an cruth ann a dtáinig sé anois agus dá mbudh mhian leis comhchainnt do bheith aige léithe-se go gcaithfeadh sé a theacht ann a chruth féin agus i bhfiadhnuise a hathar agus a cáirde gaoil. D' fág sí an sgríbhinn ag Fionnghuala le n-a thabhairt d' Aodh Ruadh agus d' imhthigh léithe í féin agus a giolla. Chá dtug Fionnghuala an litir d' Aodh Ruadh riamh, acht d' innis dó go bhfuair Méadhbh amach gurbh é bhí ann agus gur imthigh sí as an toigh. Sgaoil sí leathfhocal leis san am céadna nach n-imtheochadh sí féin as an toigh ann a mbéadh sé.
Caib. VI. Bainfheis agus tórradh; turus agus bás Aodha Ruadh. Chár thuig Aodh an sgéal uilig acht amháin go rabh Méadhbh imthighthe, thríd ghráin dósan do réir chosamhlachta agus chá dearn sé ní ba mhó moille i gCaisleán Mhic Dhiarmada acht d'imthigh leis go Tírchonaill. Chán amhlaidh do Mhaolmuire Mac Suibhne, "Maolmuire an Bhata Bhuidhe." Do ghluais sé go Baile-átha-cliath Dhuibhlinne agus do thairg a chlaidheamh agus a ghaisgidheacht d' Ua Chonchubhair Sligigh agus do na Gallaibh. Ba Lánáthasach iad- san fá theacht an churaidh sin óir ba ghaisgidheach tréan dásachtach é, agus ó'n lá sin amach chá rabh fear ann arm na bainríogna do throid ann aghaidh Gaedheal Éireann comh fíóchmhar nimhneach eascáirdeamhail agus rinne an Maolmuire sin. Dálta Dhiarmada na nGall agus Néill Gairbh Uí Dhomhnaill agus daoine eile diombainte dobhtha ó rinne sé feall ar a thír bhí sé díleas do'n námhaid agus thug seirbhís luachmhar dóbhtha agus tugadh luach saothair dó dá réir. Rinneadh taoiseach agus duine uasal dé agus d' athruigheadh a chomhainm. Tugad Sir John Mac Swyne air ar nós gallda. Comh luath is tháinig Meadhbh Ní Chonchubhair go Baile-atha-cliath, d'iarr "Sir John," ar a hathair í le n-a pósadh agus tugadh dó í. Pósadh iad i mBaila- átha-cliath imeasg gallantais agus bréaghachta agus
fearadh bainfheis agus féasda do mhór chruinniughadh do mhaithibh Gall Átha Cliath. Thárla do Aodh Ruadh bheith i gCaisleán Mhic Diarmada arís nuair a tháinig sgéala an phósda fhad leis. Hobair go dtuitfeadh an t-anam as nuair chuala sé an sgéal aisdeach sin. Bhí Fionnghuala Ní Mhic Dhiarmada 'na luighe breoidhte an tráth sin. D'iarr sí comhrádh ar Ua Domhnaill agus chuaidh sé fhad léithe. "A Aoidh Ruaidh" ar sí "Chá rabh fhios agat ariamh go dtug Fionnghuala Ní Mhic Diarmada searc a hóige duit agus chá bhéadh an fios sin agat anois acht go bhfuil mo bhás orm. Acht is fíor an sgéal é." Do thoisigh sí ann sin agus do nochduigh an sgéal dó ó thús go deireadh agus chár cheil air fealltacht an tSuibhnigh nó fós a cluanaireacht féin. Cár mhair sí i bhfad i ndiaidh an ama sin, agus lean Ua Domhnaill a comhnair chum na roilge. "A ainnir bhócht!" arsa Aodh Ruadh ann a aigneadh féin "agus rinne tusa an cleas adaigh orm thré ghrádh dhamh. Ní ionann 'sa' chás do'n fhealltóir Maolmhuire Mac Suibhne, an brathadóir! an bradaige! d'fheall sé ar a thír agus ar a bhrathair - Ó má geibhim gréim air! Agus is mar sin do bréagadh uaim mo Mhéadhbha bhocht." Thuit na deora go fras anuas leis. Acht ba ghoirid gur thóg sé a cheann arís agus d' amharc uaidh ar an tír. "A Éire!" ar sé "chan fhuil grádh agam anois acht thú agus tá tusa chomhair a bheith caillte orm fosda. Ó dá gcuirfeadh Rí Pilib an t-airgead agus an t-arm chugainn do gheall sé dhúinn bhéadh lá maith againn in Éirinn fós! faraor géar! Is fadalach é 'ga gcur
agus is mairg dúinn ag fuireacht leo! Acht ní'l gar a bheith ag cainnt: má tá sé i ndán dúinn tuitim agus réim na nGall do bheith árduighthe ós ar gcionn agus ós ar gcorp, bíodh sé do réir tola Dé; acht is iomdha foghluidhe Gall thuitfeas linn roimhe ré." B'fhíor dó an méid sin acht má tá féin cuireadh an cath ar féin agus ar shliocht Gaedheal ag Ceann tSáile, D'imthigh sé thar sáile d'iarraidh cabhra ar Rí Pilib. Tá an sgéal anois leathta ar fud an domhain mar do leanadar cleasa na nGall é, agus mar tugadh nimh dó i Simancas san Spáinn, agus nár phill sé choidhche dá thír dhílis dhúthchais féin. Tá a dhíl-chuimhne úr i gcroidhthibh Gaedheal go dtí an lá 'ndiú agus béidh go broinn an bhrátha. Glóir na bhFlaitheas go rabh aige. Ba hé an laoch ba thréine de phór "Mhilidh Easpáine." Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services