Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

Title
Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eachtra Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill.



Caib. I.



Duine muinteardha d'Aodh: teachtaireacht an duine
mhuinteardha: cainnt amaideach Uí Chonchubhair
Shlígigh.



Lá ann bhí Aódh Ruadh Ua Domhnaill ann a
Chaisleán féin i nDún-na-n-Gall agus tugadh
sgéala dhó go rabh fear de Mhuintir Chonchubh-
air Shligigh san Bhaile agus é ag iarraidh seal
cainnte le flaith Thír Chonaill. Thug Aodh Ruadh cead
uadh an fear do thabhairt ann a láthair. Ar dteacht
isteach do mhac Uí Chonchubhair d' umhlaigh sé do'n triath.
Do chlaoin Aodh Ruadh a cheann agus do labhair go
ceannsa leis an fhear eile, agus d'fhiasraigh dó goidé
bhí ag cur buadhartha air, ná goidé fath a asdair ó Chúige
Chonnacht.



Char fhreagair an fear é acht labhair ann a dhóigh féin.



"A Uí Dhomhnaill," ar sé tá mise gaolmhar duitse."



"Goidé an gaol atá eadrainn ?" arsa Aodh Ruadh.



"Tá," ars an fear, "col seachtair eadrainn. Bhí
fear do mo shinnsearaibh pósda ar mhnaoi de chloinn
Dálaigh agus siúd is gur de Mhuintir Chonchubhair mise
tá fuil Cloinne Dálaigh ann mo chuisleannaibh.



Do bhuail Aodh Ruadh mion-bhuille ar chloigín do bhí
ar chlár ós a choinne agus tháinig a ghiolla isteach chuige.


L. 2


"A Thaidhg!" ar sé, "beir isteach chugam sé cuirn
uisge agus corn amháin bainne agus soitheach follamh
le n-a measgadh."



Do imthigh Tadhg agus níor bhfada dhó imthighthe go
dtáinig sé isteach arís agus na neitheanna leis do
theastuigh ó'n Fhlaith. Dhóirt Aodh Ruadh féin an méid
a bhí ins na seacht gcuirnibh isteach san tsoitheach follamh
agus le spán mhór do mheasg sé an t-iomlan thríd a
chéile. D'amharc sé go geur-radharcach san tsoitheach
go bfhaca sé go rabh dath beag de'n bhainne ar an uisge.



"Seadh, a mhic Uí Chonchubhair," ar sé, "is fíor dhuit.
Tá dath d'fhuil an Dálaigh Mhóir ann do chuisleannaibh.
Cuirim fáilte romhat go Dún-na-nGall, rud nach
ndeannfainn roimhe do fhlaith mar tá fhios agam
nach cara damhsa é."



Rinne sé crathamh Lámh leis an Chonchubharach. Bhuail
sé an cloigín arís, agus ar dteacht isteach do'n ghiolla,
thug Aodh órdughadh dhó fíon agus biotáilte thabhairt
isteach: proinn mhaith bidh do ghléasadh dhó, agus seomra
leaptha do chóiriughadh dó fá choinne na hoidhche.



"A fhlaith onóraigh Thírchonaill," arsan duine uasal
ar ball, "b'fhíor duit an méid adubhairt tú anois
nach cara dhuit Ua Chonchubhair Shligigh. Siné an fáth a
bhfuil mise ann seo anocht. Ní tháinig mé ó Chúige
Mheidhbhé ar fad le tuairisg thabhairt duitse fá'n tsean-
ghaol atá eadrainn, acht isé fáth mo theachta le fios
a thabhairt duit fá mar do thug mo thighearna-sa .i. Ua
Conchubhair Shligigh droch-mheas duit."



"Chán sgéal nuadh damhsa," arsa Ua Domhnaill,
"gur eascara damh Ua Conchubhair gidh gur mise
a rí dlisdeanach, agus go bhfuil ceannas ag Tighearnaibh


L. 3


Tír-Chonaill le fada riamh ar Ua Conchubhair
Shligigh agus ar ghach triath agus taoseach i gCorrainn,
i gCairbre agus i dtuaisceart Chonnacht uilig. Acht
tá Donnchadh Ua Conchubhair comh tógtha sin le Gallaibh
Duibhlinne, agus comh tugtha do'n Ghalldachas nach
leor leis gan chíos do dhíol liom-sa mar is dual dó :
acht go bhfuil sé ag mo mhaslughadh gach aon uair is
féidir leís é: agus acht nach leigfeadh an eagla dhó é
thógfadh sé bruidhean orm i gConnacht. Acht goidé
an maslughadh seo thug sé orm ar na moillibh ?"



"Tá," arsa mac Uí Chonchubhair. "Tháinig sé tá
tamall ó shoin ó 'Ath Cliath, áit a rabh sé rith na bliadhna,
cómh fhad is bhí tusa agus do shluagh i gConnachtaibh agus
drong mhór do mhaithibh na nGall ann aoinfheacht leis,
agus sluagh saighdiúr Gallda leobhtha fosda. Thug sé
drong de mhór-uaislibh na nGall leis ar cuairt go
Caislean Uí Chonchubhair, agus do chuir cuid eile aca
ar aoidheacht chuige uaislibh na tíre. Na saighdiúirí i
gcoitchionn cuireadh iad ar coinnmheadh ann a ndream-
annaibh ann seo agus ann siúd ar fud na tíre agus
b'éigin do na daoinibh bochta ar fud na dúithche biadh
agus deoch do choinneailt leo gan íocaidheact gan
bhuidheachas. Rinne sé a dhithcheall fósda comhcháirdeas
do shnaidhmeadh eadar Ghaedhealaibh agus Gallaibh agus
thug cuireadh go minic do thriathaibh na nGaedheal i
dtuaisceart Chonnacht teacht i gcomhdháil na Sacsanach
ag fleadhaibh ag cluichibh máighe ag sealgaracht agus ag
súgradh agus comhluadar do ghach uile chineal. Lá ann
bhí drong mhór d'uaislibh, eadar Gaedhealaibh agus
Gallaibh ar siúbhal ag sealgaracht agus leanadar
fiadh ruadh go barr Beinne Gulbán. Ar dteacht


L. 4


dóbhtha ann sheasadar ag amharc uatha amach ar an tír
áluinn do bhí sínte amach rompa.



"Nach áluinn an tír í' arsa fear de na Gallaibh.



D' fhreagair Ua Conchubhair é:-



"Is áluinn go deimhin," ar sé "ní'l áit eile san
domhan níos deise 'na Binn Gulban agus an tír
timchioll uirre; agus' ar séisean "acht go bhfuil an
sliabh áluinn seo ag tabhairt a aighthe ar an tuaisceart
dubh gránda leaghfainn ór ar a éadan siocair a
áilneachta agus a bhréaghachta.""



"Do thuigeadar gach uile dhuine de 'n tsluagh gur
ag tabhairt gotha agus droichmheasa ortsa bhí Ua Chon-
chubhair nuair a thrácht sé ar an tuaisceart ghránda;
agus thógadar uilig sgig gháire ós árd, acht amháin
Mac Diarmada, Muighe-Luirg, agus MacUillíaim,
Teabóid, mac Uáitir. Do chromadar siad-san a
gcinn amhail agus nach gcualadar na baoth-fhocla úd."



Stad mac Uí Choncubhair dá chomhrádh.



"Tá tú ceart go leor," arsa Aodh Ruadh, "Is de
mhí-mheas orm-sa labhair Donnchadh Ua Conchubhair na
focla sin. Bainfidh mise cúitiughadh as acht chán eadh
ar na foclaibh díomhaoine úd na mar gheall ar a dhroich-
mheas ormsa: acht mar gheall ar a chomhcháirdeas le
Gallaibh atá ag léirsgriosadh agus ag láin mhilleadh
na tíre; agus mar gheall ar a dtabhairt isteach imeasg
Gaedheal le heolas a thabhairt dóbhtha ar an tír; mar
gheall, fosda, ar eascáirdeas agus imreasán do
thógbháil eadar triatháibh Gaedhealacha; agus mar gheall
ar ór do sgababh ar ghach bhrathadóir agus ar ghach
mhéirleach san tír le fealltachas agus le spíodóireacht
do dheanamh ann ar n-aghaidh-ne.


L. 5


Caib. II.



Sluághacht Fear Thírchonaill.



Chár thuit tráthnóna an lae sin go rabh
teachtairí ar siubhal ag Aodh Ua Domhnaill
go triathaibh agus taoiseachaibh Thírchonaill
le hiad do chomh-ghairm chuige go Dún-
na-Gall. Teachtaire aca go Ua Dochartaigh Seaán
Óg, ceannphort calmha Iniseoghain; teachtaire eile
go Caislean na Finne ann ar chomhnuigh Niall Garbh
Ua Domhnaill; teachtaire eile go Port an Leith-
bhir ann a rabh Mághnus Óg, dearbhrathair d' Aodh Ruadh,
go dream do bhuainaidhibh Thírchonaill: teachtaire
eile go Niall Mór Ua Gallchobhair i nGleann-Fhinne;
teachtaire eile go Mac Suibhne Fhánáda, Domhnall
Mac Thoirdhealbhaigh; teachtaire eile go dtí Mac
Suibhne na dTuath, Eoghan Óg, oide Aodha Ruaidh; teach-
taire eile go dtí Mac Suibne Boghainneach, Donnchadh
Mac Mhaolmuire Mheirgigh: teachtaire eile go hUa
Baoighill, Niall, i mBaoigheallach, agus teachtairí eile
nach n-áirmhighim ann seo.



Ar feadh seachtmhaine ó'n lá sin, bá léir do mhuintir
Thírchonaill go rabh a bhflaith ar tí sluaghacht do dheanamh.
Chonnacthas ar ghach bhealach ata a tarraingt ar Dhún na
nGall - ar an bhealach sin cois fairrge ó'n tSean
Ghleann agais ó na Ceallaibh Beaga, ar an bhealach
sin eile ó Bhóthainneach, Baoighilleach, agus ó na Rosaibh;
ar an bhealach dóshiúbhalta aduigh ghabhas thríd an Bhearnas


L. 6


Mhór ó mhagh Itha agus an Oirthear; agus ar an Bhealach
thigeas ó Bhaile na trágha agus Béal átha Seanaigh -
Connacthas, adeirim, fir troda Thírchonaill ag cruinni-
ughadh ann a ndreamannaibh, ann a mbuidhnibh, agus
ann a sluaightibh eadar troighthibh agus marcachaibh, go
rabh arm agus mór-shluagh cruinnighthe ann aon láthair
ann a sgoraibh agus ann a bhfian-bhothaibh ar na bántaibh,
ar na machairibh agus ar na faithchibh 'ma gcuairt ar
Dún-na-ngall.



In diaidh comhairle do ghlacadh le ceannphortaibh
agus le maithibh an tsluaigh thug Aodh Ruadh órdughadh
do'n tsluagh go léir gluaiseacht as go Cúige Chon-
nacht. Ghluaiseadar as i dtrí chathaibh. Ua Dochartaigh,
Seaán Óg, ba cheannphort ar an chath tosaigh: Niall
Garbh dó bhí i gceannas an chatha mheadhonaigh; agus an
cath deirionnach faoi cheannas Rudhraighe Uí Dhomhnaill,
Ríogh dhamhna Chinéil Chonaill. Aodh Ruadh féin ann
Árd-cheannas an tsluaigh iomlán. Thrialladar go
hÁth Seanaigh, agus as sin thar Shamhaoir, thar Dhrobhaois,
thar Dhubh, lámh dheas le fairrge, lámh chlé le sléibhtibh,
agus char stadadar de ló ná d'oidché ar an imtheacht
sin. Acht ní ró-ghasda na i gainfhios d'fheudfadh an mór-
shluagh sin imtheacht thríd an tír. Is furas a thuigbhéal
gur thóg siad callán agus racán as cuimse le
priumsal agus seitrigh na n-each, le coisidheacht na
bhfear troda, agus le ráflaí agus raipliuthúta na
ngiollanrach. Do theicheadar muintear na tíre rompa
agus tugadh sgéala d'Ua Chonchubhair ann a dhún-árus
go rabh Uá Domhnaill go n-a shluagh chuige. Ba mhór
an sgannradh dó-san an tuairisg sin agus chár fhan
le teacht flatha Thírchonaill ná le n-a athardha do


L. 7


chosaint; acht do theich leis gan mhoill gan mhailltriallán,
agus na Gaill ann aoinfheacht leis; ná ba mhaith a bhí
fhios aca nach rabh ionnta seasamh ós coinne airm Aodha
Ruaidh. Mar sin de ar rochtain d' Ua Domhnaill
maille le n-a shluagh go Caisleán Uí Chonchubhair chan
fhuaradar ann triath nó giolla, no fós crodh, nó
caora, éadáil nó airnéis. Bhí an uile rud glanta
amach rompa. Chá dearnadar acht aoibhleog do chur
leis an chaislean agus a dhóghadh go talamh. Chuir
Aodh Ruadh amach, thar éis sin, sgeimhealta agus creach-
adóirí ar feadh na tíre agus chár fhágadar innti bó
nó caora, capall nó gabhar náchar thiomaineadar leo:
ag creachadh agus ag aidhmhilleadh na dúithche sin go
léir, agus ag iomchur leo gach earraidhe agus gach
éadála d'ar casadh orra, go ndearnadh fásach do'n
tír uilig; agus ba thruacánta thruaighmhéileach muintear
Chonchubhair indiaidh na cuarta sin. Thug Aodh Ruadh
órdughadh fósda d'fhearaibh Thírchonaill gach Sacsanach
go casfaidhe orra do mharbhadh mar do bhí troid go
héag eadar é féin agus iad féin. Agus ba hé an
comhartha thug sé dobhtha leis na Sacsanaigh d'aithint,
fear ar bith nach rabh canamhain ghlan réidh Ghaedhilge
aige a chur chum báis. Thárla go rabh cuid de na
saighdiúiribh Sacsanacha sgabtha thríd an tír mar do
bhíodar ar a gcoinnmheadh ann áitibh iargcúltacha agus
chán fhuaradar sgéala ar theacht Aodha Ruaidh. Marbhadh
iad seo go léir agus b'iomdha ruaig agus ruathar do
bhí ann a indiaidh. Mhéaduigh na ruaga úd uamhan
agus imeagla muintire na tíre gidheadh chá dearnadh
orra-san acht a gcuid earraidhe do bhaint daobhtha.


L. 8


Caib. III.



Inghean Uí Conchubháir: aisíoc na Creach-ghabhála.



Nuair do shásaigh Clanna Chonaill a
n-agneadh ag creachadh agus ag milleadh
dúithche Uí Chonchubhair, chruinnigheadar
gach eadáil agus gach ainmhidhe do
bhaineadar amach ar an chreach-ghabháil sin agus
philleadar ar ais go Tír Chonaill. Ba mhór meud
an tsluaigh ag pilleadh dó agus ba sgannradhach an
torman agus an ruailli-buaillí do thógadar; le
búirebéice na mbó, le sitrigh na gcapall, le meidhligh
na gcaorach, le meigidreacht na ngabhar, le tamhaint na
madadh, le béiceadh na laochraidhe agus le gach tuaim agus
ollghlór an mhór-shluaigh sin. Seacht míle slighe do bhí
líonta leo eadar coisidhibh agus marc-shluagh, cródh agus
caorchaibh, fir troda agus giollanraidh, lucth tiománta
agus ainmhinte díchéillidhe. Ar rochtain do thús an
tsluaigh go hÁth Sheanaigh bhí a dheireadh taobh budh dheas
do Dhrobhaois; agus ba hé sin uair agus aimsear
do chuir fear do lucht choimhéada Uí Dhomhnaill ann
úmhail dó go rabh dhá chailín óga gha leanmhaint ar dhá
each fá lán-shiúbhal. D'fhan Ua Domhnaill san áit a rabh
sé go dtáinig siad a' fhad leis. Mná uaisle óga
áilne do bhí ionnta. Bean aca ar stéid-each ghlas agus
an bhean eile ar chapall dhonn. Tógas Aodh Ruadh a
bhairréad ann a láimh dheis agus beannuigheas do na
mnáibh uaisle. Tuirlingidh siad-san ar an bhán agus


L. 9


gabhaid ar a nglúnaibh ós coinne Aodha Ruaidh. Ruitheas
séisean go tapaidh, tugas lámh do ghach mhnaoi aca, agus
thógas ann a seasamh iad.



"A fhlaith chalma Thírchonaill," ar bean an eich ghlais,
"mise Meadhbh, inghean Uí Chonchubhair Sligigh agus is
í seo Fionnghuala Ní Mhic Dhiarmada Mhuighe Luirg.
Bhí mise ar cuairt i gCaisleán Mic Dhiarmada le seal
agus níor tugadh sgéala dhúinn go dtí indé fá'n chreach-
ghabháil rinnis ar dhuthaigh m'athar agus fá'n léirmhilleadh
d'imir tú ar na daoinibh bochta um an dúthaigh. Ní'l
mise ag fiafraighe díot goidé an fáth bhí agat leis an
gabháil seo, nó ag dearbhadh nach rabh siocair agat
deanamh mar rinne tú. Ní thuigim na neitheanna seo.
Acht tuigim an méid seo - go bhfuil na daoine bochta
ar feadh na dúithche fágtha gan bhó gan ghamhain gan
chaora gan ghabhar, agus gan fhios aca goidé mar mhairfidh
siad rith an gheimhridh seo. Do dheonuigh tusa, a Árd-
fhlaith, gan iad do mharbhadh mar a bí sé fá chumas do
shluaigh a dheanamh. B'fheárr dóbhtha a bhfad dá ndean-
adaois a marbhadh go léir 'ná a gcuid bidh agus dighe
do thógbháil uatha, go dtí nach dtig leobhtha gan mior-
bhuilte ó Dhia mairstin thríd an gheimhreadh atá rompa.
A Aoidh Ruaidh," ar sí, agus thuit na deora go fras
anuas léithe "tá cliú ort go bhfuil tú borb, dúr-
chroidhéach neamh-thrócaireach dó do náimhdibh, acht chá
deárn tú riamh cogadh ar mhnáibh nó ar pháisdibh.
Guidhim thú, a thaoisígh cumhachtaigh Thírchonaill, agus
glac truaighe do'n mhuintir seo agus tabhair ar ais
dóbhtha a gcuid earraidhe agus ní misde dhuit a
gcuid urnaighthe agus fós uimaighthe na Maighdine
Beannuighthe maraon leobhtha ins na cruadh-cathaibh


L. 10


atá romhat ann aghaidh Gall agus Gaedheal ann
Eirinn."



Chár dhubhairt Aodh Ruadh seadh nó chan eadh an fhad
agus bhí an óigbhean ag labhairt, acht bí cinnte go rabh
sé ag machtnadh agus ag staidéir ar an méid a dubhairt
sí agus uirre féin. Ba chuimhneach leis girseach dár
bh' ainm Méadhbh inghean d' Ua Chonchubhair Shligigh, acht
ba dhóigh leis nár bhféidir gur bh'í an óigbhean stáideamhail
bhéasach do bhí anois ag cainnt leis. Seacht mbliadhna
roimh an am sin bhí sé ar cuairt, ann aoinfheacht le n-a
mháthair .i. an Inghean Dhubh, i dúnarus Uí Chonchubhair,
ar feadh seachtmhaine agus ba hí an Mheadhbh sin ba
chompánach dhó ar feadh an ama sin. Ba chomh-aois
dóbhtha araon; agus siúd is gur bh' shaitcheach cúlanta
an cailín beag í char bhfada dóbhtha ar aon chomhluadar
gur éirigh cáirdeas agus dáimh eatorra dá chéile, agus
chár theastuigh comhluadar eile uatha astuigh ná amuich
acht iad féin, ag coisidhéacht nó ag marcuidheacht, ag
rith nó ag siúbhal, agus ba bhrónach iad an bheirt aca
ar sgaramhaint le n-a chéile i gcionn na seachtmhaine.
Ó d' aithin Aodh Ruadh gurbh í an Mheadhbh chéadna sin
do bhí ag cainnt leis anois, agus ag iarraidh athchuinge
uaidh, is amhlaidh do líon a chroidhe leis an sean-ghrádh
dhí, agus bhí sé ar tí an chreach ghabhail go léir do sgaoi-
leadh léithe nuair do smaoinigh sé nach bhfórfeadh sin
le n-a shluagh. Chár ghnáthach leobhtha-san teacht 'na
bhaile follamh ó shluaghacht ar bith; agus b' fhios dó go
ró-mhaith go rabh náimhde dhó san sluagh sin, imeasg
a ghaoil féin, go dearbhtha; agus chuirfeadh siad mío-
chuma ar a ghníomh dá sgaoilfeadh sé an chreach-ghabhail
le hinghin Uí Chonchubhair. Chá rabh a chumhacht nó a cheannas


L. 11


daingean go leor i dTírchonaill fós go ndeanfadh sé
do réir a thola féin.



Ar an ádhbhar sin d' fhreagair sé an ainnir amhail agus
dá mbeadh sé gan aon aithne do bheith aige uirri.



"Go deimhin, a inghean Uí Chonchubhair," arsé. "Is
méannra do Chloinn Chonchubhair do léithéid-se d'
eadarghuidhtheoir a bhéith aca. Chán fhuil sé ionnamsa
do eiteach. Acht cheana, chá dtig le fearaibh Thírchonaill
gabhail arais go Tírchonaill gan a luach saothair bheith
leo. Chán gan costas atá an sluagh seo beathuighthe
amuich "na" sa' bhaile. Caithfear a dtuarastal a thabhairt
do bhuanaidhibh agus d'amhsannaibh; agus fosda ní
ceart ar ngnáth-mhuintear féin do chur na bhaile ar
easbhaidh éadala thar éis a sluaghachta. Acht bíodh do
rogha agat, a inghean Uí Chonchubhair. Sin iad romhat
eallach agus earradh Cloinne Chonchubhair agus sin é
romhat fosda an talamh ar a bhfuil siad. Má's roghan
leat an t-eallach agus an t-earradh bíodh siad agat
acht coinneochaidh flaith Thírchonaill an talamh. Má's
roghan leatsa an talamh coimneochad-sa an spré."



"Mar gheall ar na daoinibh bochta," arsa. Méadhbh,
"toghaim an crodh agus an airnéis. Deanadh Ua
Conchubhair Shligigh réidhteach leatsa fá dtaoibh de'n
tír." Agus d' árduigh sí a ceann go huaibhreach, ag
deanamh dí féin go bhfeudfadh a hathair an talamh do
bhaint amach arís.



D'fhág na cailiní slán ag Ua Domhnaill agus a
chuideachta, d'éirigh ar a n-eachaibh agus philleadar dá
nduthaigh féin. Do cheap muintear Aodha Ruaidh arais ar
a gcúlai gach capall, gach bó, gach caora, agus gach uile
bheathadhach do chuid Chloinne Chonchubhair: agus thugadar


L. 12


suas gach airnéis agus gach éadail do mhuintir Chonchubhair
sul má deachaidh siad troigh níos fuide. Thóg Aodh Ruadh
claidhe teorann seacht mile budh dheas ó Áth Seanaigh,
agus coimhcheangladh an talamh sin le Tírchonaill ó'n am
sin go dtí gur briseadh ar Ghaedhealaibh ag Ceann
tSáile, agus gur árduigheadh cumhacht agus ceannas
na nGall ós cionn Thírchonaill, ós cionn chúige Mhéidhbhe
agus ós cionn gach uile dhúthaigh i dtalamh glas na
hEireann.


L. 13


Caib. IV.
Eachtra Aodha Ruaidh go Cúige Mhéidhbhe.



Níor bha shlán d' Aodh Ruadh ann a mheanmain
tharéis na sluaghachta sin. Ba dhóigh leis
nach bhfacaidh sé riamh roimhe go dtí 'n
t-am sin ainnir ba dheise chuma, nó b'áilne
snódh, nó ba mhúinte méinn, ná an Mheadhbh
sin, inghean Uí Chonchubhair Shligigh. Acht
cheana, ba inghean a námhad í, agus dá bhárr ar sin,
mheas sé ó'n dóigh ann ar labhair sí leis go rabh fuath
agus gráin aici air.



"Agus" ar seiseann ann a inntinn féin. "Cad
chuige nach mbéadh gráin aici orm; nár sgriosas
a dúthaigh, nár dhíbreas a hathair, nár ghabhas
chugam seacht míle tíre d' athardha Uí Chonchubhair. Char
bha sláine dó ann a mheanmain thré an mhachtnughadh
adaigh. Agus iar sgabadh do'n tsluagh, agus ar
mbeith socair suaimhneach do ghach uile rud ann a
thimchioll, ba mhó d'éirigh mearughadh croidhe agus
buaidhirt aigeanta air. Chár fheud sé fanacht mar
a bhí sé ní b'fhuide agus sé an rún do chinn sé leis féin,
cuairt do thabhairt, acht an-chuma nó bréag-riocht do
chur air féin, an dóigh nach n-aithneochaidhé é, go Cais-
léan Mhic Dhiarmada, Muighe Luirg, ar an gCarraig
i Loch Cé i ndúil go bhfeicfeadh sé Méadhbh Ní Chonchu-
bhair, gan fhios dí féin agus do chách. Chuir sé ann
úmhail d'a chomhdhálta .i. do Mhaolmuire Mac Suibhne


L. 14


Mac Eoghain Oig goidé bhí ann a inntinn aige agus
thug leis é ar an turus. Ba stuamdha géarchúiseach
an duine an Suibhneach, acht chár mhaith an companách do
Aodh Ruadh é, na dhiaidh sin. Fear doimhin tosdach
caiminntineach a bhí ann agus cáil air go nglacfadh sé
anshaothar ann a ghnoithe féin acth fíor-bheagan sao-
thair i ngnoithe dhuine eile. Acht ba chomhdhálta d'Aodh
Ruadh é, agus chuir Aodh muinighin ann.



Ba hé an chuma ann a deachaidh Aodh Ruadh ar an
eachtra sin i ndeilbh cruitire fánaigh agus cheangail sé
bréigfheasóg fhada ar féin, agus dháthuigh a ghruag agus
chuir an-chuma ar féin i riocht nach n-aithneochadh duine
beo é: gléasadh an Suibhneach i gcosamhlacht giolla
iomchura na cruite. Nuair a bhí siad gléasta i gceart
d'imthigheadar leo i gConnachtaibh. D' fhanadar an chéad
oidhche i dtigh Biadhtaigh i dTír Chorainn, agus ó bhí a
lán daoine ar aoidheacht ann ba mhian leo ar ndóighe
ceol na cruite do chluinsint ó'n chruitire. B'éigin
d' Aodh Ruadh seinm ar an chláirsigh agus abhrain do
ghabhail fosda, rud nár dhoiligh dhó, ná bhí guth binn aige
agus é oilte go maith i ndántaibh agus i bhfilidheacht na
mbárd. Bhí móran cainnte ar cois aca fá shluaghacht
fear Thírchonaill. Chuala Aodh Ruadh iad ag trácht
ar a anfhlaitheas féin, agus dubhradh gur thríd uamhan
agus imeagla roimh Ua Conchubhair ghéill sé an chreach
ghabháil do thabhairt ar ais do inghin Uí Chonchubhair.
D' aithris duine ann, do ghuth árd, an iomad uirsgéal
ar anfhlaitheas agus tíorantas Aodha Ruaidh ann a
thír féin; mar go gcrochfadh sé fear gan fiú acht cnaipe
ná biorán do ghoid. D' aithin Aodh an duine seo. Ba
mhéirleach é, do dhruing mhéirleach, do chleachtuigheadh


L. 15


a méirleachas ar lucht siúbhail fá'n Bhearnas Mhór.
Nuair ghabh Aodh Ruadh flaitheas Tírchonaill ruaig sé as
an tír iad, ag crochadh an méid aca ar a bhfuair sé
greim. B'éigin dó éisteacht leis an bhradaidhe comh
maith le duine agus is cinnte dearbhtha dá n-aithneochaidhe
é féin go mbadh deacair dó imtheacht slán as an duthaigh
sin.



Oidhche eile d' Aodh Ruadh agus dá chompanach i dtigh
bhiadhtaigh i gCairbre. Bhíodar ag gabhail cheoil agus
ag rinnce agus ag sgéalaidheacht go ham luighe. Ar
na bhárach ghluaiseadar leo go tuitim na hoidhche; ba
gheárr uatha anois Loch Cé agus Caisleán Mhic Dhiarmada.



Ag imtheacht dóbhtha ar bhealach chumhang dó-leanta i
lár coilleadh chonnacthas dóbhtha gur chualádar glór
daoine gan a bheith ró-fhada uatha, agus droch theacht
le chéile aca réir chosamhlachta. Stadadar ar a gcéim
d'éistacht, acht ní mó na gur stad siad nuair tógadh
sgread ó mhnaoi éigin, mar do bhéadh sí dá sárughadh.
Chá deárn an bheirt moill go rabh siad san áit a rabh
an sgreadach. Goidé chonnaic siad ann sin acht trí
bitheamhnaigh ag baint a cuid seod de chailín óig uasail.
Bhí maidí breagha ramhra daraigh ag Aodh Ruadh agus
ag a bhráthair, agus siúd is go rabh miodóga ag na
gaduidhibh, chár bhféidir iad do tharraing gur leagadh
ar lár iad le buillibh troma treanmhara flatha Thír-
chonaill agus an tSuibhnigh, Maolmuire. An t-am do
loiteadh agus do bualadh na foghlaidhthe go leor, do
gheárr Aodh Ruadh na téada as an chruit, agus do chean-
gail na foghlaighthe le chéile agus d'fhág 'na luighe iad
san áit a rabh siad gur tugadh sgéala do Mhac
Diarmada a bhí 'na cheannphort ar an dúthaigh sin. Thug


L. 16


Aodh Ruadh aghaidh ar an ógmhnaoi ann sin agus d
fhiafraigh dí fáth an ghéibhinn ann a rabh sí.



"A dhaoine uaisle, thréanmhara!" ar sise, "mise
Fionnghuala, inghean Mhic Dhiarmada, Muighe Luirg.
Bhí mé ar cuairt ag duine mhuinteardha dhamh. Ag
teacht ar ais dúinn (bhí giolla liom agus sinn ar
marcuidheacht) d'éirigh na trí bitheamhnaigh seo amach
as an choill, stop siad m' each-sa, agus thógadar mise
ó'n diallaid ar an bhán agus chuir siad an tóir ar an
each eile gur tiomáineadh ar siubhal é féin agus a
mharcach. H'órduigheadh damhsa mó fhleasg óir agus
m' fháinní óir do bhaint díom agus a dtabhairt dóbhtha.
dhiúltuigh mé sin do dheanadh, agus rug duine aca orm
do ghréim bhrollaigh, agus do bhí ar tí mo chuid sheod
do bhaint díom. Thóg mé sgread agus gáir agus chan
fhuil cuimhne agam goidé thárlaigh ó sin amach go bhfaca
mé sibhse ag troid leis na gadudhthibh agus a ngreadadh
agus a gceangailt."



Chár innis inghean bhláith Mich Diarmada dóbhtha acht
roinnt do'n sgéal. Chán ar cuairt ag duine
muinteardha do bhí sí ar chor ar bith, acht ag tabhairt
cuarta ar mhnaoi draoidheachta nó mnaoi feasa a
chomhnuigh 'san choill. Agus is é theastuigh uaithe
luibheanna piseogacha do bhéarfadh fuasgladh dí ó
chruadhdáil ann ó rabh sí ó thug sí searc agus grádh do
dhuine éigin; agus an duine sin níór bha athrughadh
duine é acht Aodh Ruadh féin.



Anois ba mháthair mhéirleach agus righ-bhréagaidhe an
chailleach sin a rabh cáil dhraoidheachta uirri, agus chá
rabh sí acht ag bréagadh daoine isteach chum na coilleadh,
agus dá mbéadh cuma orra airgead do bheith aca ná


L. 17


seoid do bheith orra bhéarfadh sí sgéala dá macaibh
agus dá gcuideachta go mbainfidís a gcuid maoine
daobhthe san choill.



Mar sin de, chá rabh fios fátha an sgéil ag Fionn-
ghuala í féin agus ba lugha go mór an fios a bí ag Aodh
Ruadh agus ag n-a ghiolla.



"Gabh mo mhíle bhuidheachas, a dhaoine uaisle,"
adubhairt Fionnghuala ar gcríochnughadh a sgéil dí.
"Sin thall caisleán m' athar ins an Loch agus tigidh
anonn go gtugaidh sé fáilte romhaibh, agus go dtiubh-
raidh sé buidheachas daoibh, ar son a inghine do chósaint
in aghaidh na méirleach."


L. 18


Caib. V.



Caisleán Mhic Diarmada: inghean Uí Chonchubhair:
fealltachas Mhaolmhuire Mhic Suibhne: bréagchomh-
airle Inghine Ní Mhic Dhiarmada.



Thrialladar an triúr aca anonn go
Caisleán Mhic Diarmada, agus ba mhór
an corrughadh a bhí annsin agus ba mhór an
luthghair do bhí ar athair agus ar mháthair
Fhionnghuala ar a feiceáil slán arís. Óir tháinig an
giolla 'na bhaile agus an gháir bháidhte leis fá'n bhfuadach a
rinneadh ar an ógmhnaoi; agus mheuduigh sé an chontabh-
airt go mór ag deánamh leithsgéil do féin ar an
teicheadh cladhaireach a rinne sé. Ar an bpointe
cuireadh drong de mhuintear Mhic Diarmada go dtí
an choill go bhfuaradar na bitheamhnaigh ceangailte san
áit ar fhág Aodh Ruadh iad, agus ba mhór an t-iongnadh
do bhí ar Mhac Diarmada nuair tháinig an drong
arais agus na trí méirligh leobhtha, óir ba léir
dóbhtha anois go rug an cruitire agus a ghiolla
buaidh ar na trí foghluidhibh, agus bhí aithne ag
muintir Diarmada orra agus bhí fhios aca gurbh iad
an triúr ba threise agus ba dána do mhéirlighibh na
duithche iad. Bhí Meadhbh Ní Chonchubhair ins an Chaisleán
agus budh í bhí athasach fá n-a caraid Fionnghuala do
theacht ar ais slán. Rinne sí crathadh lámh leis an
chruitire agus d'fheuch ann a ghnúis le luthgháir, agus
labhair go ceannsa carthannach leis. Do mheudaigh seo
searc Aodha dhí agus mhearaigh sé a cheann agus a chainnt,


L. 19


agus tháinig na focla amach bun ós-cionn thríd a chéile
gur shaoil Meadhbh gur le duine éadtrom seachránach
do bhí sí ag cainnt.



Lá ar na bhárach fearadh féasda ag Mac Diarmada
fá choinne na gcuairteoir dtréan. Coimhthionoladh
uaisle na tíre le honóir agus ómós do theisbéaint
do'n chruitire agus dá ghiolla. Tráth fiafruigheadh
d' Ua Domhnaill cé é féin no carbh' as dó adubhairt
sé gur de mhuintir Chatháin é, as Arachtaigh Uí Chátháin
agus gur bha ghiolla agus deisciobal dó an t-óglach.
Chaitheadar an oidhche sin go súgach sásta; ag gabháil
cheoil, ag cruitireacht, ag rinnce, ag ól uisge-beatha,
agus fíona agus leanna, ag sgéalaidheacht agus ag
mion-chainnt, ag imirt carta agus fithchille. D'fhanadar
an bheirt úd ar feadh seachtmhaine i gCaisleán Mhic
Diarmada i Loch Cé. Bhí na hóg-mhná ann a gcuideach-
táin ó am go ham, agus ba mhór an spéis chuireadar
i gcruitireacht i sgéaluidheacht agus i mion-chainnt Aodha
Ruaidh. Uair amháin thárla dó bheith ann aoinfheacht le
Méadhbh Ní Chonchubhair leo féin agus thrácht sí ar Fhlaith
Thírconaill. D'fhiafruigh sí dhé ar thárla dhó bheith i
dThírchonaill riamh.



"Sé an áit is deireannaighe d'fhág mé," ar seisean,
agus b'fhíor dó an méid sin ar sgor ar bith.



"An bhfaca tú Aodh Ruadh," ar sise.



"Chonnaic go dearbhtha. Tá fir Thírchonaill uilig
gá lochtughadh nár thóg sé leis go Tírchonaill an
chreach do bhain siad ó mhuintir Uí Chonchubhair Sligigh.
Tá sé ráidhte go mbéadh gach uile rud leis, acht amáin
gur bhréag inghean Uí Chonchubhair é le sgéimheacht a
pearsann agus le binneas a hurlabhra."


L. 20


D'amharc an cruitire uirri ar a rádh seo dhó acht bhí
a ceann cromtha agus thug sé fá deara a leaca agus
a héadan ar dhearg-lasadh.



"Bhí mé ag cainnt fosda," ars an cruitire, ag
leanmhain dá sgéal, "le hAodh Ruadh féin, agus thrácht
sé ortsa. Ba dhóigh leis nach rabh agatsa acht gráin agus
fuath air, mar námhaid do d' athair agus do do mhuintir,
agus loisgeadóir agus creachadóir do dhúithche."



Stad an cruitire dá chómhradh go tobann, amhail is
da mbeadh sé ag feitheamh le freagar.



"Níl gráin nó fuath agam dó, maiseadh," arsa Meadhbh,
agus í ag cainnt léithe féin deirfeá. "Is calma,
cródha an taoiseach é. Is dóiche go deárn m' athair
beart éigin ann a aghaidh do chuir fearg air; agus is
cinnte é nach maith le hUa Domhnaill m' athair do bheith
i gcomh-cháirdeas leis na Gallaibh. Ní thuigim féin goidé
'n fáth nach ndeanann Ua Domhnaill cáirdeas le
Sasanaibh mar ghní m' athair agus taoiseacha eile.
Chuala mé féin Ser Coinneas Clifford a ráidht nár
bhfeárr leis an darna fear ann Éirinn teacht ann
a chomhcháirdeas agus géilleadh do 'n bhainríoghain ná
Flaith Thírchonaill."



D' éirigh an cruitire ar buile "na madrái Gall!"
ar sé, "mise teacht ann a gcomhair agus géilleadh dá
mbainríoghain! an drong míothrrócaireach a tá ag
milleadh ar dtíre agus ag daoradh ar gcinidh. Nach
rabh mé ann a gcarcair bréan go rabh mé chomhair a
bhéith marbh aca! nach -."



Mhothuigh sé ann seo go rabh Meadhbh ag amharc air
aimhail is dá mbudh fhear mire a bhí ann. Chas sé an
sgéal go cliste.


L. 21


"Bhí Aodh Ruadh i gcarcair ag na Sasanaibh fosda
agus rinneadh éagcóra móra dó leis na Gallaibh, agus
níor mhaith leis géilleadh dóbhtha nidh nach iongnadh.
Acht dá sgaoilfeadh d' athair a choimhcheangailt le Gallaibh
agus troid do dheanamh ann a n-aghaidh mar budh dhual
do thriath de Chloinn Chonchubhair bhéadh Aodh Ruadh ann
a shán-charaid aige. Bhéarfadh sé arais an leadhb
talmhan aduigh dó agus do bhéarfadh sé cúitiughadh dó
i ngach dochar agus díoghbháil do rinneadh air."



Chár dhubairt an óigbhean seadh ná chan eadh mar nach
rabh fhios aicí goidé 'n rún do bhí ag a hathair agus
mheas sí nach rabh fios ag an chruitire goidé 'n rún do
bhí ag Aodh Ruadh, acht oiread.



Cibé ar bith mar chuaidh an sgéal eadar Aodh Ruadh
agus Méadhbh Ní Chonchubhair, is cinnte sin go rabh
beirt 'san Chaisleán nar thaitin a gcomhluadar-san
leobhtha .i. Maolmhuire Mac Suibhne agus Fionnghuala
Ní Mhic Diarmada. B' fhios do'n tSuibhneach fáth
theachta Aodha Ruaidh ar an eachtra sin, agus ba chuma
leis é go dtí go bhfaca sé Méadhbh. Ó'n uair sin
d'eirigh éad agus formad ann a chliabh ann aghaidh a
chómhdhálta mar d'eirigh grádh ann a chroidhe do Mhéadhbh.
B' fhear fealltach cam é ó nádúir agus ann a chroidhé
istigh rinne sé Meadhbh dhó féin, agus rinne sé rún Aodh
do thiomaint ó'n Chaisleán. Bhí barramhail aige go
rabh fuath ag Meadhbh d' Ua Domhnaill ó do sgrios sé
dúthaigh a hathar, agus sé an chead rud do rinne sé
innsint duithe gurab é Aodh Ruadh an cruitire. Chá
rabh fhios aici anois goidé dheanfadh sí acht chuaidh sí
ionnsaigh air Fhionnghuala Ní Mhic Dhiarmada agus d'
innis an sgéal dí ó thús go deireadh.


L. 22


Anois chár lugha an t-iongantas do bhí ar Fhionnghuala
'na bhí uirri-se ar gcluinstin an sgéil aisteach sin. Tá
fhios ag an léightheoir cheana féin go dtug sise grádh
d' Aodh Ruadh, ó'n cheud amharc a fuair sí air, agus
go bhfuair sí luibheanna draoidheachta ó chailligh na
coilleadh le n-a bhréagadh chuici. Ba dhóig léithe gurbh'
é an draoidheacht sin do sheol Aodh Ruadh chuici anois
isteach ann a toigh féin. Acht anois ba shóiléir
dí gur do Mheadhbh Ní Chonchubhair a bhí sé ag
tabhairt áird' nó bfhéidir grádha. Bhí sí deanamh
duithe fém dá mbéadh Meadhbh as an bhealach gur
bh' fhuras dul do chur ar chroidhe Aodha Ruaidh agus
thug sí comhairle do Mheadhbh go mbudh cheart duithe
cuairt do thabhairt ar a hathair .i. ar Ua Conchubhair
Sligigh i mBaile átha-cliath. Ghlac Meadhbh an chomhairle,
siúd is nár mhaith léithe é. Go haithrid chár mhaith léithe
go saoilfeadh Aodh Ruadh gur thré ghráin dó féin a
d' imthigh sí, agus sgríobh sí litir chuige ag míniughadh
dó gur thuig sí gurbhé bhí ann, nach rabh fuath ar bith aici
féin dó, acht nár thaitin léithe an cruth ann a dtáinig
sé anois agus dá mbudh mhian leis comhchainnt do bheith
aige léithe-se go gcaithfeadh sé a theacht ann a chruth féin
agus i bhfiadhnuise a hathar agus a cáirde gaoil.
D' fág sí an sgríbhinn ag Fionnghuala le n-a thabhairt
d' Aodh Ruadh agus d' imhthigh léithe í féin agus a giolla.
Chá dtug Fionnghuala an litir d' Aodh Ruadh riamh, acht
d' innis dó go bhfuair Méadhbh amach gurbh é bhí ann agus
gur imthigh sí as an toigh. Sgaoil sí leathfhocal leis
san am céadna nach n-imtheochadh sí féin as an toigh
ann a mbéadh sé.


L. 23


Caib. VI.



Bainfheis agus tórradh; turus agus bás Aodha Ruadh.



Chár thuig Aodh an sgéal uilig acht amháin go
rabh Méadhbh imthighthe, thríd ghráin dósan do
réir chosamhlachta agus chá dearn sé ní ba mhó
moille i gCaisleán Mhic Dhiarmada acht d'imthigh leis
go Tírchonaill. Chán amhlaidh do Mhaolmuire Mac
Suibhne, "Maolmuire an Bhata Bhuidhe." Do ghluais
sé go Baile-átha-cliath Dhuibhlinne agus do thairg
a chlaidheamh agus a ghaisgidheacht d' Ua Chonchubhair
Sligigh agus do na Gallaibh. Ba Lánáthasach iad-
san fá theacht an churaidh sin óir ba ghaisgidheach
tréan dásachtach é, agus ó'n lá sin amach chá rabh fear
ann arm na bainríogna do throid ann aghaidh Gaedheal
Éireann comh fíóchmhar nimhneach eascáirdeamhail agus
rinne an Maolmuire sin. Dálta Dhiarmada na nGall
agus Néill Gairbh Uí Dhomhnaill agus daoine eile
diombainte dobhtha ó rinne sé feall ar a thír bhí sé
díleas do'n námhaid agus thug seirbhís luachmhar dóbhtha
agus tugadh luach saothair dó dá réir. Rinneadh
taoiseach agus duine uasal dé agus d' athruigheadh a
chomhainm. Tugad Sir John Mac Swyne air ar nós
gallda. Comh luath is tháinig Meadhbh Ní Chonchubhair
go Baile-atha-cliath, d'iarr "Sir John," ar a hathair
í le n-a pósadh agus tugadh dó í. Pósadh iad i mBaila-
átha-cliath imeasg gallantais agus bréaghachta agus


L. 24


fearadh bainfheis agus féasda do mhór chruinniughadh do
mhaithibh Gall Átha Cliath.



Thárla do Aodh Ruadh bheith i gCaisleán Mhic Diarmada
arís nuair a tháinig sgéala an phósda fhad leis.
Hobair go dtuitfeadh an t-anam as nuair chuala sé an
sgéal aisdeach sin. Bhí Fionnghuala Ní Mhic Dhiarmada
'na luighe breoidhte an tráth sin. D'iarr sí comhrádh
ar Ua Domhnaill agus chuaidh sé fhad léithe. "A Aoidh
Ruaidh" ar sí "Chá rabh fhios agat ariamh go dtug
Fionnghuala Ní Mhic Diarmada searc a hóige duit
agus chá bhéadh an fios sin agat anois acht go bhfuil mo
bhás orm. Acht is fíor an sgéal é."



Do thoisigh sí ann sin agus do nochduigh an sgéal dó
ó thús go deireadh agus chár cheil air fealltacht an
tSuibhnigh nó fós a cluanaireacht féin. Cár mhair sí i
bhfad i ndiaidh an ama sin, agus lean Ua Domhnaill a
comhnair chum na roilge.



"A ainnir bhócht!" arsa Aodh Ruadh ann a aigneadh
féin "agus rinne tusa an cleas adaigh orm thré ghrádh
dhamh. Ní ionann 'sa' chás do'n fhealltóir Maolmhuire
Mac Suibhne, an brathadóir! an bradaige! d'fheall
sé ar a thír agus ar a bhrathair - Ó má geibhim gréim
air! Agus is mar sin do bréagadh uaim mo Mhéadhbha
bhocht."



Thuit na deora go fras anuas leis. Acht ba ghoirid
gur thóg sé a cheann arís agus d' amharc uaidh ar an
tír. "A Éire!" ar sé "chan fhuil grádh agam anois
acht thú agus tá tusa chomhair a bheith caillte orm fosda.
Ó dá gcuirfeadh Rí Pilib an t-airgead agus an t-arm
chugainn do gheall sé dhúinn bhéadh lá maith againn in
Éirinn fós! faraor géar! Is fadalach é 'ga gcur


L. 25


agus is mairg dúinn ag fuireacht leo! Acht ní'l gar
a bheith ag cainnt: má tá sé i ndán dúinn tuitim agus
réim na nGall do bheith árduighthe ós ar gcionn agus
ós ar gcorp, bíodh sé do réir tola Dé; acht is iomdha
foghluidhe Gall thuitfeas linn roimhe ré."



B'fhíor dó an méid sin acht má tá féin cuireadh an
cath ar féin agus ar shliocht Gaedheal ag Ceann tSáile,
D'imthigh sé thar sáile d'iarraidh cabhra ar Rí Pilib.
Tá an sgéal anois leathta ar fud an domhain mar do
leanadar cleasa na nGall é, agus mar tugadh nimh
dó i Simancas san Spáinn, agus nár phill sé choidhche
dá thír dhílis dhúthchais féin. Tá a dhíl-chuimhne úr i
gcroidhthibh Gaedheal go dtí an lá 'ndiú agus béidh go
broinn an bhrátha. Glóir na bhFlaitheas go rabh aige.
Ba hé an laoch ba thréine de phór "Mhilidh Easpáine."



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services