Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Naoimh Adhamhnain
Title
Beatha Naoimh Adhamhnain
Author(s)
Mac a' Bháird, Seaghan,
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA NAOMH ADHAMHNAIN. Is gnáthach le bunadh gach tíre bród a bheith ortha agus mórtas a dheanadh fá dhuine ar bith cáileamhail nó intleachtach a rugadh 'sa tír sin. Tá so ceart agus nádurtha. Ameasc cinidheach an domhain tá cineadh amháin .i. na h-Éireannaigh nach bhféadann a gcinn a chromadh nó náire ar bith a bheith ortha fá a sinnsearaibh 'san am a chuaidh thart, ar aon dóigh a nglacfar iad. Is cinnte go bhfuilmid bocht acht ní gan fáth. Chaillmid ár saoirse acht ní gan troid agus troid dhána a dheanadh ar a son, agus Cia deir go bhfuil an tsean troid thart, Go bhfuil ár spiorad briste? Cia deir go bhfuil ár n-Í gan neart, Gur éag a taoisighe cliste? Cá bhfuil an fear a cháineas sinn? 'Gus bhéarfad fios ar báll dó Go maireainn fós na mílte linn Nach taitneamhach aon fheall leo. "PÁDRAIC." D'fhág ár sinnsear oighreacht 'na ndiaigh a tá níos dílse againn 'ná saidhbhreas agus a tá níos buaine 'ná saoirse an tsaoghail so. D'fhág siad an fír- chreideamh againn a thug Naomh Pádraic chum na tíre seo, an creideamh céadna a mhúin ar dTighearna Íosa
Críost, nuair a bhí Sé ar talamh, naoi gcéad déag bliadhan ó shoin. Is mór an t-athas agus an bród is cóir dúinn a bheith orrainn fá so. Tá na h-Éireannaigh scaptha go fada fairsing thríd an domhan, agus an uile áit d'a deachaidh siad chuir siad tighthe poible agus scoltacha ar bun, agus 'san am a lathair ní'l aon tír ar fud na ríoghacht nach bfuil Sagairt a rugadh i n-Éirinn le fághail. Ó'n cúigeadh go dtí'n deichmheadh h-aois d'imthigh na slóighte Naomh as Éirinn leis na páganaighibh a bhí thríd an h-Éórpa a thionntughadh chum Críostaidheachta. Budh é Colum Cille a rugadh a nGartan i dTír Chonaill 'san bhliadhain 521, a chuir tús ar an obair naomhtha so. Andiaigh an iomad mainistir agus teach pobail a chur ar bun i n-Éirinn, d'fhág sé féin agus dhá fhear dhéag manach an tír seo 'san bhliadhain 563. Chuir siad fútha ar oilean Í, a tá ar an taobh shiar d'Albain agus níor bh'fada go rabh mainistir agus áit chomhnuidhe deanta aca dhóibh féin ar an oilean uaigneach sin. Budh iad na Cruithnigh, nó Pictí, a chomhnuigh anns an taobh athuaidh d'Albain 'san am so, agus ní rabh aithne nó eolas aca ar Chríost nó ar A Chreideamh, agus chuir Colum Cille roimhe féin a dtabhairt faoi riaghail na h-Eaglaise. Thug an fear naomhtha so a cholann féin faoi smacht le troscadh agus thug Dia cumhachta dhó miorbhailtidhe móra a dheanadh. So an cunntas a bheir sean ughdar air: "Do ciorrbhadh (cráidheadh) a chorp le Colum Cille chomh mór sin le troscadh, le h-urnuighthibh agus le
sleachtanaibh ionnus gur shearg chomh mór sin le cruadhas crábhaidh, gur léas a easnacha thré n-a aibid, an tan do luigheadh 'san ghaineamh 'n-a dhúrbhoith ré séideadh na gaoithe ar a chorp tres an bhfroigh (éideadh), amhail adeir an Amhra 'san rann so: Glé do luigheadh anns an ngaineamh, Ann a lige (leabaidh) fá mór saoth, Sliocht a easnach tré n-a éideadh Fá léir le séideadh na ngaoth." Níor bh'iongantach gur éirigh le Colum Cille na Picti a thabhairt faoi bhrat an tSlánuightheora, agus ní h-iongantach mar an gcéadna gur lean an iomad Éireannach a shómpla, agus go deachaidh siad ameasc na bpáganach i dtíorthaibh na h-Eorpa agus go dearn siad Críostaidhthe de mhóran aca. Criomhthann b'ainm baistidh do Cholum Cille acht siocair go rabh an oiread sin dúil' aige bheith 'sa chill, sé sin i dtigh an phobail, bhaist an t-aos óg, a bhíodh na chuideachta, Colum na Cille air. Fuair sé bás ar an naomhadh lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 'san bhliadhain 597, a n-oilean Í, agus ní h-iongantach linn gur anns an teampoll, an áit a rabh Grádh a Chroidhe, d'éag sé. Bhí árd-fhlaitheas na h-Éireann ag Niall Naoi Ghiallach mac Eochach Muighmheadhoin mic Muireadhaigh Thirigh mic Fhiachach Sraibhthine mic Chairbre Lithfeachair mic Chormaic mic Airt mic Chuinn Chéadchathaigh ar feadh seacht mbliadhain agus fiche (379 go 405). Bhí ochtar mac ag Niall Naoi Ghiallach a d'fhág
sliocht 'na ndiaigh. Chomhnuigh ceathrar aca'san Mhidhe .i. Laoghaire, árd-righ, nuair a tháinic Naomh Pádraic go h-Éirinn, Conall Criomhthainn, Fiacha agus Maine. Shocruigh an ceathrar so 'san taobh shiar-dtuaidh d' Éirinn .i. Cairbre a mbarúntacht Chairbre, a gconndae Shligighe, agus a mbarúntacht Ghranárd a gconndae an Longphuirt; Conall i dTír Chonaill; Enna Fionn anns an Lagan, i dTír Chonaill agus i gCineal Enna anns an Iar-Mhidhe; agus Eoghan i dTír Eoghain. Chuaidh Niall Naoi Ghiallach anonn go h-Albain a chuideadh leis na Dálaibh Riada, Éireannaigh a bhí 'na gcomhnaidhe 'sa tír sin, agus fuair sé buaidh ar na Pictibh. D'imthigh sé ó sin go Laegria, sé sin Sasain, agus chuir sé foslongphort ar bun annsin. Budh iad na Rómhanaighe a bhí i seilbh na tíre sin le ceithre chéad bliadhan, nó mar sin, acht ní rabh Éire 'na seilbh ariamh. Chuir sé cabhlach go h-Armorica 'sa Fhráinnc agus thugadar dhá chéad príosúnach leo as an tír sin go h-Éirinn. Tig maith as olc corr uair, agus budh é a dhálta sin anois é. Chreach na h-Éireannaigh an Bhreatain 'sa Fhrainnc agus d'fhág siad aithreacha agus maithreacha le croidhthibh cráidhte andiaigh na leanbh a tugadh uatha, acht ní rabh aon chúis luathghaire agus athais ariamh ag na h-Éireannaighibh chomh mór leis so. Ameasc na bpríosúnach bhí Naomh Pádraic agus a dhá dheirbhshiur Lúpida agus Darérca - an Naomh Pádraic beannuighthe céadna a thug fíor-eolas Chríost do na h-Éireannaighibh agus a dhaingnigh ann a gcroidh- thibh é ar mhodh nár bh'féidir le deamhanaibh ifrinn é
bhaint asta, moladh do Dia ar a shon sin. Budh é an naomhadh bliadhain de fhlaitheas Néill ar Éirinn, sé sin 'san bhliadhain 388, a tugadh Naomh Pádraic go h-Éirinn, agus bhí sé sé bliadhna déag d'aois 'san am sin. II. Do réir na seanchuidhe budh é Conall Gulban an mac a b'uaisle agus a b'fheárr a bhí ag Niall Naoi Ghiallach. Casadh ar Naomh Pádraic é féin agus a mhac Feargus ag Eas Aoidh Ruaidh agus thug sé beannacht níos feárr do'n mhac 'ná thug sé do'n athair, siocair go rabh an mac glún ní budh ndeise do Cholum Cille. Chuir Naomh Pádraic comhartha na Croiche ar scéith Chonaill nuair a bhaist sé é agus sin mar tháinic Cros Thír Chonaill anuas chugainn. Tá sé tairbheach ag an uile dhuine eolas a bheith aige fá na sinnsearaibh ar de é. Ar an ádhbhar sin is ceart do bhunadh Thír Chonaill fios a beith aca fá Chonall Gulban mar is beag daoine atá 'na gcomh- nuidhe 'sa chonndae seo 'san am a lathair nach bhfuil baint aca le n-a shliocht ar dhóigh éiginteach. Is de shliocht Chonaill Gulban na sloinnigheacha so: Ó Domhnall, Ó Dálaig, Ó Canannain, Ó Maoldoraidh, Ó Dochartaigh, Ó Gallchobhair, Ó Baoghaill, Ó Firghil, Ó Tinne, Mac Uí Niallghuis, Mac Dáighid, Mac Conaill Óig, agus c. Ní feasach damh go bhfuil aonduine de na Maol- doraidhibh le faghail i dTír Chonaill anois, acht tá sloinnte eile againn, agus dá dtigeadh linn lorg a
chur ortha siar fada go leor, gheobhthaidhmis amach gur de shliocht Chonaill Gulban iad. Táim lán-chinnte gur uadh Cheannfaeladh Mac Maolchobha mic Aodha mic Ainmire mic Sedna mic Fheargusa mic Chonaill Gulban; nó Ó Cheannfaeladh mac Ghairbh mic Rónain mic Lughaidh mic Séadna mic Fheargusa mic Chonaill Ghulban, a fuair na Mac Geannfhaelaidhe a sloinneadh. Ní rabh sloinnte go coitcheann ag na daoinibh go dtí fá'n bhliadhain 1000 d'aimsir Chríost, acht fá'n taca sin thug Brian Bórumha órdughadh do gach muirighin ainm a n-athar, nó a n-athar móir, nó ainm sinnsear éigin eile a ghlacadh, agus é bheith ortha mar ghnáthach-ainm nó ainm seasmhach. Má ghlac siad ainm a n-athar chuir siad mac nó inghean roimh an tsloinn- eadh. Má ghlac siad ainm a n-athar mhóir chuir siad ó roimhe, mar is ionann ó a ngaedhilic agus mac mic, nó grandson i mBéarla. Budh é Cathbharr, ó Dhomh- naill Mhóir, an chéad duine de na Domhnaillibh a ghlac Domhnaill mar shloinneadh fá'n bhliadhain 950, agus siocair gur ghlac sé ó n-a athair mhór é, ó chaithfeas a bheith roimh an tsloinneadh sin. Budh é Domhnall, ó Néill Ghlúin Duibh, a d'éag 'san bhliadhain 917, an chéad duine de'n tsliocht sin a ghlac Néill mar shloinneadh. Má ghlac muirighin sloinneadh ó shinnsear níor fuide amach 'ná athair mór, ua is cóir a bheith roimhe. Is minic a bheirtear Dálach ar Ó Domhnaill agus so é an fáth. Bhí Dálach, Tighearna Chineil Chonaill, a fuair bás 'san bhliadhain 869, 'na athair mhór ag
Domhnall Mór mac Éighneachain. Bheirtear Ó Dálaigh ortha ó'n Dálach so agus bheirtear Ó Domhnaill ortha ó Dhomhnall Mór. Bhí Domhnall mór eile de'n tsliocht so a bhí 'na thighearna ar Thír Chonaill, ar Fhear Mhonaigh, ar Chonnachtaibh athuaidh go dtí Corrshliabh, agus ar Oirghialla ó'n Chláir ó thuaidh. Ghlac sé aibid manaigh i ndeireadh a shaoghail. Fuair sé bás anns an bhliadhain 1241, agus h-adhlacadh é a mainistir Easa Aoidh Ruaidh. Ní cóir an dá Dhomhnall Mhór a mheascadh le chéile. Is mór le rádh é, acht is í mo bharamhail gur fíor é, go dtáinic níos mó de Naomhaibh na h-Éireann de shliocht Chonaill Ghulban 'ná tháinic de shliocht aoin fhir eile a mhair a n-aimsir Naoimh Pádraic, agus is mian liom beagan a rádh fá Naomh mór céimeamhail chumh- achtach aca so a tá faoi mheas, onoir agus urraim againn i dTír Chonaill, sé sin Naomh Adhamhnan. Fuair Naomh Colum Cille bás a n-oilean Í 'san bhliadhain 597 d'aimsir Chríost agus seacht mbliadhna agus fiche andiaigh an ama sin, sé sin, anns an bhliadhain 624, a rugadh Adhamhnan. Is cosamhail go rabh sliocht Chonaill Ghulban scaptha go fada fairsing thríd Thír Chonaill 'san am so, mar is a nGartan, comhgarach do Chill Mhic Néanain agus fa thuairim naoi míle athuaidh ó'n áit a bhfuil Leitirceanainn anois, a rugadh Colum Cille, agus a nDruim Thuama, leath-bealaigh eadar Dún na nGall agus Béal Átha Seanaigh, a rugadh Naomh Adhamhnan. Budh é Rónan a athair, sé sin, Rónan mac Tinne mic Aodha mic Cholmain mic Sedna mic Fheargusa mic
Chonaill Ghulban mic Néill na Naoi nGiall (árdrigh Éireann 379 go 405) mic Eochaidh Muighmheadhoin mic Muireadhaigh Tírigh mic Fhiacha Sraibhtine mic Chairbre Lithfeachair mic Chormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic Chuinn Chéad Chathaigh (aimsir Chríost 123), agus mar sin siar thríd sé ngeinealaighibh agus dá fichead go Mílidh Spáine. Is minic iongantas ar dhaoinibh go dtig le cuid de na h-Éireannaighibh lorg a chur ar a sinnsearaibh comh fada siar, acht bhí bród ortha a gcomhnuidhe fá'n dream a dtáinic siad uadh, agus ar ádhbhar sin chongbhuigh siad cuimhne agus cunntas ar a sinnsearaibh, agus tá so fíor go h-áirid fá'n chuid a b'uaisle aca. Deir an Doctúr léigheannta Ó Donabhain, i "Leabhar na gCeart," mar leanas: "Má tá sinnsearacht aoin treibh Éireannach ceart ó tháinic creideamh Chríost chum na tíre, 's í sin sinnsearacht Uí Néill thuaidh .i. Clann Domhmhnall agus Clann Néill." Budh dhá mhac do Niall na Naoi nGiall Conall Gulban agus Eoghan agus deirtear fosta, gur cúpla bhí ionnta. Ghlac siad seilbh ar an taobh shiar dtuaidh d'Éirinn agus chuir Conall faoi i dTír Chonaill. Fuair sé a chuid oidis ag bun Beanna Gulban, a gconndae Shligighe, agus ar an ádhbhar sin tugadh Conall Gulban mar ainm air. Budh é a dhearbhrathair Laoghaire a bhí 'na árdrigh ar Éirinn nuair a tháinic Naomh Pádhraic chum na tíre 'san bhliadhain 432. Fuair Conall bás 'san bhliadhain 464. Bhí Naomh Adhamhnan gaolmhar ag Naomh Cholum
Cille. Do réir an chláir gaoil a tá againn anns na sean leabhraibh, seo é sinnsearacht Adhamhnain: Adhamhnan mac Rónain mic Aodha mic Cholmain mic Sedna mic Fheargusa mic Chonaill Gulban. Colum Cille mac Fhedhlimidh mic Fheargusa mic Chonaill Gulban. Fágann so go rabh Naomh Colum Cille ar an treas glún ó Chonall Gulban agus go rabh Naomh Adhamhnan ar an seachtmhadh glún uadh. Tá clár gaoil anns an Leabhairín seo ag taisbeaint an mhuinnteardhais a tá eadar bhunadh Thíre Chonaill agus an gaol a tá aca le Conall Gulban, agus c. Dálta mar do righne Colum Cille, Maolaise, Dhaimhinse, agus an iomad eile de Naomhaibh na h-aimsire sin, chuaidh Adhamhnan go scoil Chluana hEraird. Chuir Naomh Finnen an scoil seo ar bun 'san bhliadhain 548, ar thaobh na Bóinne a gconndae na Midhe agus innistear dúinn go mbíodh 3,000 mac léighinn innti. Daltaidhe Fhinnein budh ghnáthach a thabhairt ar mhacaibh léighinn na scoile sin. Níor bh'furust biadh agus deoch a sholathairt do'n iomlan aca so, acht réir an scéil a tá le fághail againn anns na sean leabhraibh, is cosamhail gur bh'éigean do na macaibh léighinn iad féin sin a dheanadh. Seo é an scéal. Bhí Finnachta Fleadhach 'na árd- rígh ar Éirinn ar feadhg fiche bliadhan, gur marbhadh é a gcath ag Greallach Dolluidh 'san bhliadhain 693. Tugadh Fleadhach air mar shloinneadh siocair go rabh sé chomh fial sin ag tabhairt fleadh agus féasta uadh.
Am amháin, sul a bhfuair sé bheith 'na árdrigh, tháinic cuireadh chuige ó n-a dheirbhshiur a dhul ar cuairt chuicí. Nuair a bhí sé féin agus a mharc-shluagh anaice le Cluain Eraird, rug siad suas le mac-léighinn beag agus soitheach bainne aige ar a dhruim. Thug an fear óg iarraidh an bealach fhágail aca, acht d'éirigh tuis- leadh dhó. Bhuail sé a chos ar chloich agus thuit sé. Briseadh an soitheach 'na ghiotaibh agus dóirteadh an bainne. Acht níor fhan an fear óg abhfad 'na luighe. Comh luath géar agus b'fhéidir dó, d'éirigh sé agus ar shiubhal leis andiaigh na marcach, agus ciogar mhór an sodar a bhí fútha, chongbhuigh seisean suas leo. Bhí cláraidhe 'n tsoithigh leis ann a dhórn agus cumadh chráidhte air. Nuair a thug Finnachta an fear óg fá dear righne sé gáire agus dubhairt sé leis: "Ná bíodh brón ort nó dheanfaidh mise buachaill aoibheamhail athasach díot arís. Is maith liom-sa cuidiughadh le daoinibh i dtriob- loid agus ar an ádhbhar sin, a scolair bhig, bhéarfaidh mé cabhair agus cosnamh dhuit-se." "A dhuine chóir," ars an t-óganach, "tá ádhbhar bróin agam. Tá trí eaglaisigh maithe a n-aoin-tigh agus tá triúr eile againn ag freastail ortha, agus so mar is gnáthach linn a dheanadh. Téidheann duine againn amach gach lá le biadh sholathair. Budh é mo sheal-sa a dhul amach andiu agus anois tá'n bainne bhí cruinnighthe agam dóirte agus níos measa 'na sin, soitheach iasachta bhí liom. Nuair a thuit mé briseadh
é, agus faraor ní'l sé ann mo chumas cúiteamh a dheanadh ar a shon." "Bhéarfaidh mise cúiteamh ar son an tsoithigh," arsa Finnachta, "agus ionnus nach mbéadh sibh gan biadh, tabhair leat chum an tighe a bhfuilimid sinne ag triall air, na trí eaglaisigh agus an dá fhreastalach eile agus gheobhaidh sibh biadh agus deoch." Níor dhiultuigh na micléighinn an cuireadh agus ní rabh tart nó ocras ortha an oidhche sin. Budh é Adhamhnan an scolair óg a casadh ar Fhinn- achta, agus nuair a chualaidh a oide an scéal so righne sé an tairngireacht a leanas: "Béidh an té a dearnadh an fleadh fá n-a choinne 'na árdrigh ar Éirinn agus béidh Adhamhnan ós ceann cráibhtheachta agus eagna na h-Éireann; béidh sé 'na anam-chara ag Finnachta agus béidh uachtaranacht ag Finnachta go gcuiridh sé iargnaoidh ar Adhamhnan." Is dóighche gur bh'é Seghine a righne an tairngireacht so mar budh é bhí ós ceann mhainistre Eraird ó'n bhliadhain 623 go dti'n bhliadhain 652. Fágann so go rabh Adhamhnan ocht mbliadhna agus fiche dh'aois nuair a fuair Seghine bás. Ní raibh Scoil Chluana Eraird (Ioraird) a bhfad ar bun nuair a chuaidh Colum Cille annsin agus budh é Naomh Finnen a bhí ós a ceann an t-am sin. D'fhiaf- ruigh Colum Cille dhe cá h-áit a ndeanfadh sé a árus. "Ag doras an teampoill," arsa Finnen. Chuaidh Colum Cille giota fada amach ó'n doras agus thoisigh sé ag deanadh tighe bhig ann. "Níor lean tú mo
chomhairle," arsa Finnen leis, "ní'l an áit seo ag doras an teampoill." "Cinnte go leor, ní'l," arsa Colum Cille, "acht béidh doras an teampoill ag an áit seo ar báll." Agus b'fhíor dó. Bhí a scoil ag Finnen 'san am so, i dtigh an phobail, agus ní rabh aige acht sealbhan beag de mhacaibh léighinn acht 'na dhiaigh sin tamall, nuair a chruinnigh siad asteach chuige go rabh trí mhíle aca ann, b'éigean dó doras tighe an phobail a áthrughadh amach comh fada leis an áit a rabh a theach deanta ag Colum Cille. Bheir an dá scéal so lideadh beag dúinn ar nósaibh na sean aimsire.' Tcidhmid uatha, ní h-é amháin go rabh biadh le solathairt ag na macaibh léighinn, acht gur bh'éigean dóibh na tighthe a chur suas dóibh féin mar an gcéadna. Is mór an sochar agus an sástacht d'aos óg na h-aimsire seo a tá ag colaiste anois, go bhfuil tighthe bréaghtha, díonmhara, téagaracha, seascaireacha aca, le bheith ag fóghluim ionnta, deanta de chlochaibh agus d'aol, a n-áit na dteach ádhmaid a bhí ag n-a sinnsearaibh suas go dtí fá thuairim ocht gcéad bliadhan ó shoin. Budh chóir do th-aos óg an ama lathair a bheith dicheal- lach ag fóghluim agus aithris a dheanadh ar na macaibh léighinn a bhí ann a n-aimsir Naoimh Fhinnein, ionnus go mbéidh Éire arís 'na h-oilean Naomh agus Ollamh niar bhí sí fad ó shoin. Ar aon chaoi is cóir dóibh buidheachas mór a bheith aca ar na daoinibh a chuir suas na colaistidhe bréaghtha dhóibh agus a fuair buntaistidhe agus meadhoin agus gléis léighinn dóibh nach rabh ag ár sinnsearaibh.
III. Fuair Finnachta bheith 'na árdrígh 'san bhliadhain 673, agus bhí Adhamhnan aige mar anam-charaid agus mar chomhairlightheoir. Budh é an t-árdrigh seo a mhaith cáin na Bóraimhe do na Láighnibh thríd eadarguidhe Naomh Mholaing. Fuair an naomh cáirde go luan dóibh ó Fhinnachta agus budh é an chiall a bhí ag Molaing leis go Luan an Bhrátha, sé sin go lá an bhreitheamhnais. Bhí cáin na Bóraimhe d'a tógbhail le linn riaghla dhá-fhichead árdrigh agus so é fáth na cána sin. Bhí dhá inghin ag Tuathal Teachtmhar árdrigh Éireann. Dáirine a b'ainm do'n bhean budh seine aca agus Fithir a bhí ar an bhean eile. Phós Eochaidh Aincheann, righ Láighean, an bhean budh seine agus thug leis go Láighin í. Tamall 'na dhiaigh sin, chuaidh sé go Teamhraigh agus d'innis do'n árdrigh go bhfuair Dáirine bás agus d'iarr sé Fithir le pósadh. Fuair sé í agus thug leis go Láighnibh í. Budh ghoirrid gur casadh a deirbhshiur dí agus comh luath agus chonnaic sí í fuair sí bás tré náire. Tháinic Dáirine d'á caoineadh agus fuair sí bás le cúmhaidh andiaigh a deirbhshiura. De shiocair na míoghníomha so chruinnigh mór-uaisle na h-Éireann agus a slóightidhe chuig Tuathal agus chuaidh sé féin agus iad féin a chur cogadh ar na Láighnibh agus ar a righ, Eochaidh Aincheann. Budh léar do na Láighnibh nach rabhadar iontroda le Tuathal agus a shlóightibh agus go muirbhfidhe iad féin agus go
gcreachfaidhe a dtír dá dtéidheadh an cogadh ar aghaidh. Chomhairligh siad ar an ádhbhar sin, cáin a chur ortha féin agus ar a sliocht 'na ndiaigh agus a díol le Tuathal agus le gach árdrigh a bhéadh i n-Éirinn, mar aisíoc ar son báis na mban óg. Socruigheadh méid na cána annsin agus b'iongantach agus b'éagsamhail an cháin í, .i. trí fichid céad bó; trí fichid céad unnsa d'airgead; trí fichid céad brat; trí fichid céad torc; trí fichid céad molt; agus trí fichid céad coire d'umha. Thógfaidh an cháin sin gach datharna bliadhan agus bhí sí d'á tógbháil le linn réime dhá fhichead árdrigh i dTeamhraigh, 'sé sin, ó aimsir Thuathail Theachtmhair go h-aimsir Fhinnachta agus is uirri a bheirtear an Bhóramha Láighean. Budh í seo an cháin a mhaith Finnachta fleadhach do na Láighnibh agus táthar d'a chur i leith Adhamhmhnain nach rab sé sásta fá dtaoibh de, agus go dtug sé achmhusan dó mar gheall ar so. Is dóighche nach rabh an ceart ag na filidhibh ar aon chaoi, nuair a chuir siad air go dtug sé "an righ críon gan déadaibh" ar Fhinnachta. Budh é budh dóighche chuir iargnaoidh ar Náomh Adhamh- nan, mar thug Finnachta fuagairt uadh nach mbéadh an phríbhleid nó'n ceart céadna ag taltaibh Choluim Cille agus a bhí ag taltaibh Naoimh Phádraic, Naoimh Fhinnnein, agus Naoimh Chiarain. Nuair a chualaidh Adhamhnan so dubhairt sé: "Nach mbéadh saoghal fada ag an righ a thug an fhuagairt sin uadh; go dtuitfeadh sé thríd
fhionghail; agus nach mbéadh aon rígh d'a shliocht a choidhche arís." Go geárr 'na dhiaigh sin marbhadh Finn- achta ag Greallach Dolluidh 'san bhliadhain 693, le h-Aodh Mac Dlúithigh agus le Conghalach mac Chonaing. Dálta mhórain de na naomhaibh budh mhó a rugadh riamh, ní'l acht fíor-bheagan eolais againn fá óige Naoimh Adhamhnain. A dtaobh ár Slánuightheoira É Féin, ní'l fhios againn dadaidh ó bhí Sé dhá bhladhain déag go rabh Sé deich mbliadhna agus fiche, acht go deachaidh Sé síos go Násareth agus go rabh Sé umhal do Iosep agus do Mhuire. Ní thugann an Bíobla aon fhocal eile de thuairisc dúinn fá dtaobh de ar feadhg na h-ocht mbliadhan déag sin. Ar an ádhbhar sin, na bíodh iongantas ar aonduine, siocair nach bhfuil eolas iomlain againn fá Naomh Adhamhnan. Ronnat a b'ainm do mháthair Adhamhnain agus budh de shliocht Enna, mac Fheargusa, mic Chonaill Gulban í. Is dóighche go rabh a bunadh 'na gcomhnuidhe i dTír Enna. Magh Íotha bhí ar an áit sin fad ó shoin agus an Lagan atá ag bunadh an lae 'ndiu ar an chuid is mó de'n áit chéadna. Is ann so a bhí sean chill Rath- bhotha. Budh é Colum Cille a chuir an chill seo ar bun agus tá dígheoise Rath-bhotha faoi choimirce Naomh Choluim Cille agus Naoimh Adhamhnain. Tá sé anns na sean leabhraibh go dearn Colum Cille tairngireacht fá Adhamhnan mar leanas:
D'fhan Adhamhnan ag scoil Chluana Eraird gur fhóghluim sé Laidean, Eabhrais agus Gréigis agus féadamuid a bheith cinnte go rabh sé cliste ag léigheadh, ag scríobhadh agus ag labhairt a theangan dhúthchasaighe féin, an Ghaedhilic, nó níor bhudh ghnáthach le scoltachaibh na sean aimsire dearmad a dheanadh de theangaidh a dtíre, mar righneadh anns na h-aoisibh deireannacha seo i n-Éirinn. Bhí cliú aige go rabh sé an-léigheannta 'sa Scríbhinn Dhiadha agus go rabh sé cráibhtheach, naomhtha, críonna, céillidhe, agus ar an ádhbhar sin, ní rabh Finnachta meallta nuair a righne sé anam- charaid de. IV. A n-aimsir Adhamhnain bhí righ a Sasain ar bh'ainm do Ailfrith. Sul a bhfuair sé bheith 'na righ díbreadh as a thír féin é agus tháinic sé go h-Éirinn. Budh ghnáthach le macaibh léighinn a theacht, as an uile thír a rah aithne uirthi, faoi'n spéir 'san am sin, chum na
tíre seo, agus go h-áirid as an Bhreatain Mhóir, le h-oideas a fhághail. Gheibheadh siad oideas, leabra agus cothughadh anascaidh, agus is ró-olc an cúiteamh a thug cuid d'a sliocht ar a son ó shoin. Flann Fionn a bheirti ar an righ Ailfrith i n-Éirinn, agus dalta Adhamhnain a bheir cuid d'ár staruidhibh air, ag cur i n-iúil dúinn go rabh sé faoi oideachas ag Naomh Adhamhnan. An bhliadhain sul a bhfuair Flann Fionn a bheith 'na righ, sé sin 'san bhliadhain 685, tháinic sluagh mór de na Sasanaighibh anall go h-Éirinn faoi thaoiseach ar bh'ainm dó Bertus, nó Berctus, agus scrios siad an roinn de'n tír a tá eadar Droichead Átha agus Baile Átha Cliath. Breagha is ainm do'n áit sin go minic anns na sean leabhraibh. Muirtheimhne, dúithche Chon- chulainn, a bheirti ar chonndae Lughmhaighe athuaidh ó'n Bhóinn. Tá seo i sean leabhar: "Chuaidh na Sasanaigh thuaidh go h-Éirinn agus chreach siad Magh Breagha go deachaidh siad comh fada le Bealach Dúin; agus thug siad leo cuid mhór fear agus ban." D'agruigh fir na h-Éireann ar Adhamhnan a dhul go Sasain d'a n-éileamh. Bhí Adhamhnan 'na abb ar I, 'san am so, agus bliadhanta roimhe, acht is cosamhail gur shíl na h-Éireannaigh go ngéillfeadh Ailfrith dó-san níos luaithche 'ná ghéillfeadh sé d'aon fhear eile bhí aca le cur chuige. Chuaidh Adhamhnan ar lorg na bpríosúnach agus chuir sé asteach ag Trácht Romhra. Ní rabh na Sasanaigh sásta léigean dó theacht fá thír ar an tráigh anns an
áit sin, agus thug siad iarraidh eagla chur ar féin agus ar a pháirtidhe. "Cuiridh bhur gcurraidh asteach ar an tráigh," arsa Adhamhnan le n-a bhunadh féin, "nó tá a dtalamh (talamh na Sasanach) agus a bhfairrge umhal do Dhia agus ní féidir le dadaidh bheith deanta gan A thoil-san." Righne na cléirchigh mar h-iarradh ortha. Tharraing Adhamhnan fáinne le n-a bhachall thart fá na curraighibh agus ar an bhoimeinte chum Dia talamh tirm cruaidh fútha, agus d'fhág Sé balla mór d'uisce na fairrge thart timcheall ortha, ar mhódh gur oileán a bhí anns an áit ann a rabh na curraigh agus go rabh an fhairrge ag dul thart leo gan dochar a dheanadh dhóibh. Nuair a chonnaic na Sasanaigh so tháinic crith-eagla ortha roimhe Adhamhan, agus gheall siad ciobar b'é a bhí sé iarraidh a thabhairt dó. Budh é d'iarr Adhamh- nan na príosunaighe uilíg a fhághail agus geallamhain ó na Sasanaighibh nach rachfadh siad go h-Éirinn a choidhche arís leis an tír a chreachadh, "agus thug Adhamhnan na príosunaighe arais abhaile" go h-Éirinn. Is léar dúinn ó'n chunntas geárr a d'fhág Naomh Adhamhan é féin againn go rabh castail charthannach aige féin agus ag n-a dhalta, Ailfrith, ar a chéile, agus deir na h-Annalacha go dtug sé trí fichid príosúnach leis go h-Éirinn. Anns an bhliadhain 686 a thárlaidh seo. Cuireadh Adhamhnan chuig Ailfrith mar theachtaire uair eile, nó b'fhéidir dhá uair. Tais- beanann so an meas a bhí ag bunadh na h-aimsire sin ar an naomh mór so. Deirtear gur bh'é Colum Cille chuir suas an chéad
teach pobail a Rath Bhoth acht tá'n dígheoise faoi n-a choimirce-san agus faoi choimirce Naoimh Adhamhnain. Budh de shliocht Enna, mac Néill Naoi nGiallaigh, Ronnat máthair Adhamhnain. Is ionann Tír Enna an ama sin agus barúntacht Ratha-Bhotha an lae andiu, féadaim a rádh. 'Sí baramhail na sean ughdar gur chaith Adhamhnan bunadhas a óige ag bunadh a mháthara, acht cia h-aca tá so fíor nó nach bhfuil, is cinnte go rabh an-dúil aige ann a mháthair agus tá scéal le fághail againn anns na sean leabhraibh a cuireas a n-iúil dúinn an chúram a bhí aige uirthi agus an aire thug sé di-the, agus ní ceart dearmad a dheanadh dhe. Seo é an scéal: - Bhí Adhamhnan agus a mháthair ag siubhal thríd an Bhreagha, comhgarach do'n áit a bhfuil baile Dhroichid Átha anois. Nuair a tháinic siad comh fada le h-Abhainn na Bóinne labhair Adhamhnan le na mháthair agus dubhairt: - "A mháthair mhuirneach, téidh ar mo dhruim go n-iom- pruigh mé thar an abhainn thú." "Ní rachfad," ars an mháthair. "Cad chuige? Cadé is ciall duit sin a rádh?" arsa Adhamhnan. "Ní rachad," ar sise, "de bhrígh nach mac thú a tá cúramach fá n-a mháthair. "Cia ar féidir dó a bheith níos cúramaighe 'ná mé?" ar seisean. "Nach gcuirim ar mo dhruim thú agus nach n-iompruighim an uile bhealach thú? Nach dtógaim thar na srothaibh agus na slodanaibh thú dó do chongbhail suas ó'n uisce agus ó'n fhliuchlach? Ní'l fhios agam
seirbhís ar bith d'a dearn mac ariamh d'a mháthair nach ndeanaim duit, acht amháin an certan a ghnidheas mná le bioraibh feola na bhfear cócaireachta. Agus nuair nach dtig liom an certan a dheanadh, gléasfaidh mé cruit bhinn duit, a mháthair dhílis, a bhéarfas sólas agus sásamh dhuit agus cuirfidh nié cuing findruine uirri." Is léar dúinn ó'n scéal so go rabh Adhamhnan an- chinealta d'á mháthair. Cá bhfuil an mac beo ar dhruim na talmhan andiu a dtig leis an mhéid a dubhairt Naomh Adhamhnan a rádh le n-a mháthair féin? 'San am chéadna is léir dúinn go rabh locht éigin aici le fághail air, ciogar mhór a ghean uirri. Is dóighche gur bh'é seo an modh a ghlac sí le geallstan a thug sé dhí, lá amháin, a chur a gcuimhne dhó. Suas go h-aimsir Adhamhnain bhí sé 'na chleachtadh ag mnáibh a bheith ag troid a gcathaibh, go díreach mar ghníodh na fir. Lá amháin bhí Adhamhnan agus a mháthair amuigh ag siubhal a chois na Bóinne, comhgarach d'áit ann a rabh troid ag dul ar aghaidh. Chonnaic siad beirt bhan agus corran sáithte ag duine aca a mbrollach na mná eile agus í d'á streachailt 'na diaigh. Nuair a chonnaic Ronnat an t-amharc gránna mío-nádurtha sin thug sí ar Adhamhnan gealladh dhí go gcuirfeadh sé cúl ar mhnáibh a bheith ag dul chum troda, dá mbéadh sé choidhche 'na chumas. Ní furus sean-ghnás nó sean-chleachtadh a chur ar gcúl a n-áit ar bith agus go h-áirid i n-Éirinn, acht bhí an oiread sin de mheas ar Naomh Adhamhnan agus
an oiread sin d'urraim ag na h-Éireannaighibh dho gur ghlac siad a chomhairle agus go dearn siad dligheadh anaghaidh ban a dhul chum troda nó cogaidh. Cáin Adhamhnain is ainm do'n dligheadh so agus cuireadh i bhfeidhm í fá'n bhliadhain 700. Is dóighche gur i dTeamhair na Ríogh a bhí an mhór- dháil ag a dearnadh an dligheadh so agus na dlighthe eile a dtugthar Cáin Adhamhnain ortha, agus gur san bhliadhain 697 a righneadh iad. Rath na Seanadh a bhí mar ainm ar an áit ann a rabh an cruinniughadh aca. Bhí Pobal Adamhnain, Suidhe Adhamhnain, Cros Adhamhnain agus Dumha Adhamhnain ar chuid de na h-áiteachaibh astigh a Rath na Seanadh i dTeamhair. V. Anns an bliadhain 679 righneadh taégheadh ar Adhamhnan a bheith mar abb ós ceann na mainistreach a n-oilean Í. Budh é Naomh Colum Cille a chuir an mainistir seo ar bun 'san bhliadhain 563, agus budh é righne Críostaidhthe de bhunadh na h-Alban athuaidh, agus ar an ádhbhar sin, bhíodh uachtaranacht ag Abbaidhibh Í ar chléirchibh na tíre sin, agus ar na h-Easpoicibh chomh maith leis na Sagairtibh. Bheir Beda Urramach dearbh- ughadh dhúinn ar so anns an leabhar mheasamhail sin a scríobh sé, .i. Stair na Sacsan. So mar deir sé: "Budh ghnáthach le abb a bhíodh 'na shagart a bheith ar an oilean so (oilean Í) a mbíodh síor-uachtaranacht aige ós ceann cléir na críche uilíg, agus bhí siad ule faoi na smacht agus faoi n-a dhligheadh, agus fós budh dhlightheach do na h-easpoicibh féin, gidh gur neamh- ghnáthach é, bheith umhal dó, do réir shompla an cheid
doctúra a bhí ar an oilean a bhí 'na shagart agus 'na mhanach acht nach rabh 'na easpoc." Siocair nach rabh abb an oileain 'na easpoc, b'éigean dó easpoc a chongbhail ar an oilean le Órd Bean- nuighthe a thabhairt uadh, nuair a bhí sé riachtanach sin a dheanadh. Deir Beda anns an leabhar chéadna: "Budh é Colum an chéad doctúr a thug an creideamh Catoilice chuig na Pictibh anns an taobh athuaidh de na sléibhtibh agus budh é an chéad duine a chuir suas mainistir a n-oilean a bhí faoi urraim leis na cian- taibh ag an iomad de phoibleachaibh na Scot agus na bPict." Bhí na Scot mar ainm ar bhunadh na h-Éireann a gcomhnuidhe suas go dtí'n dómhadh h-aois déag. Deir na Ceithre Máighistridhe anns na h-Annalaibh, gur 'sa bhliadhain 574 bhí mórdháil Droma Cheata, acht deir cuid eile de na h-ughdaraibh go rabh sé níos moille 'ná sin. Tháinic Colum Cille chum na mór- dhála so agus budh é a líon: "Fiche easpoc, dhá fhichead sagart, caoga deocan, agus tríochad mac-cléireach (ádhbhar sagart)." Is léar dúinn ó so gur éirigh le Colum Cille an phágantacht a díbirt as an mhór-chuid d'Albain. Budh mhór an onoir a tugadh do Naomh Adhamhnan nuair a cuireadh ós ceann mainistreach oileain Í é 'san bhliadhain 679. Bhí sé cúig bliadhna déag agus dá fhichead d'aois fá'n am so agus budh é an naomhadh abb é a bhí ar an oilean. So iad ainmneacha na
n-abb, ó cuireadh an mhainistir ar bun go h-aimsir Adhamhnain: - 1. Colum Cille d'éag an 9adh. lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 597. 2. Baoithin d'éag an 9adh. lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 600. 3. Laisren d'éag an 16ag. lá de mhí mheadhoin Fhóghmhair 605. 4. Fergna Brit d'éag 2adh. lá de mhí na Márta 623. 5. Seighine d'éag 12ag. lá de mhí Lughnasa 652. 6. Suibhne d'éag 11ag. lá de mhí Ghionbhair 657. 7. Cuimine Fionn d'éag 24ad. lá de mhí na bhFaoillidh 669. 8. Failbhe d'éag 22ad. lá de mhí na Márta 679. 9. Adhamhnan d'éag 23ad. lá de mhí mheadhoin an Fhóghmhair 704. Bhí Naomh Colum Cille ag scriobhadh na Sailm nuair a mhóthuigh sé an bás ag teacht air. Tháinig sé chomh fada leis an áit sin anns an tríomhadh Sailm ar fhichead a deir: "Acht ní bhéidh easbhaidh aon mhaitheasa ortha-san a lorgas an Tighearna," nuair a stad sé agus dubhairt sé: "Scríobhadh Baoithin an chuid eile." Ghlac na manaigh seo mar chomhartha gur bh'é Baoithin budh mhaith le Colum Cille a chur ós a gceann, agus bhí an oiread sin de mheas aca ar an Naomh gur lean siad do'n mhódh taégheadh so go ceann fada andiaigh an ama sin. Budh chlann an dá dhearbhrathair Colum Cille agus Baoithin. Budh é Féidhlim mac Fheargusa Ceannfada mic Chonaill Ghulban, athair Naoimh Choluim Cille agus budh é Brenan mac Fhergusa Cennfada mic Chonaill Ghulban a b'athair do Bhaoithin agus is sónraidheach an nidh é go bhfuair sé féin agus Colum Cille bás ar an lá céadna de'n bhliadhain, sé sin, an naomhadh lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh. Is ó Naomh Baoithin a tá'n parráiste is fuide soir i ndigheoise Rabh-Bhoth', anaice Chonndae Dhoire,
ainmnighthe. Teach Baoithin is ainm dó anns an Ghaedhilic. So scéal a tá le fághail anns na sean leabhraibh fá Naomh Bhaoithin: Chuir Coluin Cille Baoithin faoi chúram Naoimh Chol- main, Ela, le oideas fhághail uadh. Thuigeadh Baoithin an t-oideas réidh go leor acht bhí droch chuimhne aige agus ní thainic leis greim a chongbhail ar an teagasc a gheibheadh sé ó Naomh Cholman agus ní rabh sé ag dul ar aghaidh mar budh mhaith leis. Lá amháin tháinic an oiread sin iargnaoidh ar an naoimh leis gur bhuail sé é. Ní rabh Baoithin sásta acht oiread, agus d'fhág sé an áit agus d'imthigh leis béal a chinn. Shiubhail sé leis go dtáinic sé go coill mhór. Casadh fear annsin dó agus é ag deanadh tighe. Bhí creataidhe sáithte 'sa talamh aige agus bhí sé ag fighe slat asteach agus amach eatorra, go díreach mar ghnidhthear na cléibh anois. Shíl Baoithin gur bh'fhadalach an obair a bhí ar an fhear acht d'fhan sé chomh fada sin ag amharc air gur shónruigh sé an teach ag fás beagan níos áirde agus dubhairt sé: "Dá n-oibrigheann-se chomh dícheal- lach ag mo chuid léighinn agus tá an fear so ag deanadh ag cur suas tighe, is dóighche go bhféad- fainn a bheith 'mo scolair go fóill." Tháinic cíoth trom fearthanna air annsin agus chuaidh sé a bhfoscadh faoi chrann darach. Annso chonnaic sé braon uisce ag tuitim ó dhuilleog ar an bhall amháin a gcomh- nuidhe. Bhrúigh sé le n-a shál ar an áit so go dearn sé log beag agus níor bhfada go rabh an log so líonta ag an t-aon bhraon. "Dá bhfóghluimnigh- eann-sa go dícheallach, ciogar maol mé, gan amhrus
bhéidhinn 'mo scolair go fóill," ar seisean leis féin. Thionntuigh sé ar ais agus thoisigh sé ag fóghluim ar a dhícheall agus tá sé 'na naomh go h-árd a bhflaitheas Dé anois. Budh chóir do mhacaibh léighinn na haimsire seo aithris a dheanadh ar Naomh Bhaoithin, ionnus go mbéidh Éire arís mar bhí sí anns an tsean aimsir, 'na h-oilean naomh agus ollamh. Bhí Naomh Adhamhnan 'na ughdar agus 'na fhile. Scríobh sé Beatha Naoimh Pádraic, Stair na h-Éireann, Dlighthe na hÉireann, Dánta, Beatha Naoimh Choluim Cille, agus leabhar fá na h-Áiteachaibh Naomhtha. Fáraor, ní'l le fághail anois againn díobhtha so acht an dá leabhar deireannach agus beagan de na dán- taibh. Is a Laideann atá an dá leabhar so scríobhtha agus is í baramhail na n-ughdar is léigheannta go bhfuil siad ar fheabhas agus nach bhfuil sárughadh ortha. VI. Deir Adhamhnan é féin nach rabh an Laidean go líomhtha aige agus glacann sé a leithsceal fá so anns an chéad duilleog de Bheatha Choluim Cille. Budh ghnáthach le móran de na naomhaibh, fad ó soin, so a dheanadh, ag taispeaint a n-umhlachta agus a gceann- sachta. Má fuair Adhamhnan agus na naomh so droch- mheas ortha féin tá meas mór ag Críostaidhaibh an domhain go léir ortha anois, agus is mó 'na sin an meas a tá ortha a bhflaithis Dé. 'Sí baramhail Innes, ughdar nach bhfuil ró-thuctha do mholadh na n-Éireannach, "gur b'é Beatha Choluim Cille an bhithscríbhneoireacht
is feárr agus is iomlaine le fághail 'san Eorpa go h-uile, ní h-é amháin anns na céad aoisibh, acht fós anns na h-aoisibh meadhonacha go léir." Dubhras cheana go rabh Adhamhnan cúig bliadhna déag agus dá fhichead d'aois, nuair a cuireadh ós ceann Mainistreach Í é, anns an bhliadhain 679, agus ní h-é amháin ós ceann na mainistreach sin, acht bhí uachtar- anacht ag Abb Í a gcomhnuidhe ar na mainistiribh eile a chuir Naomh Colum Cille ar bun i n-Éirinn agus a n-Albain. 'Na chuideachta so bhí cúram na h-Eaglaise anns an áird thuaidh d'Albain go léir air, agus níor bheag an rud so nuair atá 's againn go rabh fiche easpoc le Colum Cille go mór-dháil Dhroma Cheata 'san bhliadhain 574. Ní rabh sé acht aon bhliadhain déag a n-Albain 'san am so agus féadamuid a bheith cinnte go rabh a bhfad níos mó 'na so d'easpocaibh faoi sul a bhfuair sé bás 'san bhliadhain 597. Thuig na manaigh nuair adubhairt Colum Cille "Scríobhadh Baoithin an chuid eile," gur fhág sé an cúram so go léir ag Baoithin. Bhí na h-Éireannaigh tuctha ariamh, agus tá andiu, do shean-ghnás nó sean chleachtadh a leanamhaint, agus trí bliadhna andiaigh bháis Choluim Cille, nuair a d'éag Baoithin, d'fhag sé Laisren ós ceann na mainistreach agus d'fhág Laisren Fergna Brit agus mar sin síos go dtí'n t-am ar bh'éigean d'Abb Í athrughadh o'n oilean sin go Ceannus, anns an áird shiar dtuaidh de chonndae na Midhe i n-Éirinn, siocair go dtáinic na Lochlannaigh dhá uair ar an oilean agus gur chreach siad é agus gur mharbh siad na manaigh. A n-aimsir Cheallaigh, an naomhadh
abb déag, fá'n bhliadhain 804, a thárlaidhseo. Chongbhuigh cuid de na manaighibh greim ar an áit suas go dtí tús na tríomhadh h-aoise déag. Budh é Amhalghaidh Ó Firghil, a bhí 'na abb ar mhainistir Dhoire tamall, an t-abb deireannach a bhí ar Í, agus b'anns an bhliadhain 1203 a righneadh é thaégheadh. Is cosamhail go rabh dithfir bheag eadar an t-am a gcongbhuigheadh na h-Éireannaigh an Cháisc agus an t-am a gcongbhuigheadh na Catoilicidhe 'san Róimh agus a n-áiteachaibh eile í. Lean na h-Eireannaigh go dílis agus go cneasta do'n am a fuair siad ó Naoimh Pádraic, acht h-athruigheadh an t-am anns an Róimh réir mar bhí riachtanas leis. Bhí dithfir mar an gcéadna anns an dóigh ann a rabh an ghruag beártha ag cléirchibh na h-Éireann agus ag na cléirchibh a n-áiteachaibh eile. Is beag suim a chuirfeamuis anns an cheist seo anois. Is cuma linn caidé'n cineal beártha tá ar ghruaig cléire nó tuata, acht níor bh'amhlaidh dhóibh fad ó shoin. Tháinic na Sacsanaigh go h-Éirinn fá'n bhliadhain 696 agus d'éirigh leo creach mhór a thabhairt ar shiubhal. Chuaidh Adhamhnan chuca ag éiliughadh na creiche. Chruinnigh cuid mhór easpoc agus cléir le tabhairt air a bheith ar aon ghnás leo féin a dtaoibh na Cásca agus modha beártha na gruaige agus bhí diospoireacht fhada eatorra. Chaith siad suas le Adhamhnan go rabh a ghruag-san beártha ar an dóigh chéadna a rabh sí beártha ag an draoi Simon Mágus, sé sin ó chluais go cluais ós ceann chláir a éadain. Do fhreagair seisean nár bh'amhlaidh bhí acht go rabh sé ag
leanmhaint an dóighe ann a rabh sí beártha ag Eoin Bruinne. "Ghrádhuigh Naomh Peadar ár Slánuightheoir agus tá a mhodh beártha-san againne," ar siad-san. "Ghrádhuigh ár Slánuightheoir Naomh Eoin Bruinne agus tá a bhearradh-san orm-sa," arsa Adhamhnan. Fá dheireadh ghéill Naomh Adhamhnan dóibh agus dubhairt sé go gcongbhóchadh sé an Cháisc 'san am chéadna a gcongbhuigeadh siad-san í, agus go bhfuigheadh sé a ghruag beártha ar an chaoi chéadna ann a rabh sí beártha aca-san, nuair a shroichfeadh sé a mhainistir féin. Dubhradh leis nach ndeanfadh sin cúis agus go gcaithfeadh sé an bhearradh céadna fhághail ar a chuid gruaige anois agus bhí ortha-san. Bearradh é annsin agus tugadh an chreach dó, agus chuaidh sé abhaile go h-Í agus Beda urramach ann a chuideachta. Dhiúltuigh a chuid manach athrughadh ó'n tsean ghnás a dtaoibh an bheártha agus a dtaoibh na Cásca. Fiche bliadhan andiaigh an ama sin .i. 'san bhliadhain 716 thug na manaigh asteach agus chongbhuigh siad an Cháisc ar aon lá leis na Catoilicibh ar fud an domhain. Tháinic Adhamhnan go h-Éirinn agus b'fheárr an chomhairle bhí aige ar bhunadh na tíre seo 'ná bhí aige ar na manaighibh thall i n-Í. Thug siad urraim agus meas dó agus chongbhuigh siad an Cháisc ariamh ó shoin ar an lá céadna bhí leagtha amach ag na Críostaidhibh eile. Stad na mná ó dhul chum troda, agus thug na h-Éíreannaigh asteach do na dlighthibh eile a dtugthar "Cáin Adhamhnain" ortha.
Chaith Adhamhnan seacht mbliadhna anns an tír seo ag chomhairliughadh na ndaoine agus ag cur "Cána Adhamhnain" i bhféidhm. Ní'l cinnteacht cheart againn go rabh sé ariamh na easpoc, acht is í baramhail choitcheann na ndaoine go rabh. Ní innistear dúinn anns na leabharaibh a tá le fághail againn anois cár chaith sé na sé nó seacht de bhliadhantaibh deireannacha d'a shaoghal, acht is dóighche gur chaith se cuid mhaith de'n am so ag na ghaoltaibh ar thaobh a mháthara a Rath-Bhoth, agus is dóighche mar an gcéadna go dearnadh easpoc de fá'n am so mar chúitiughadh ar son an mhéad maith- easa a righne sé do'n Eaglais agus do'n tír go h-iomlan agus le taispeaint do na manaighaibh thall i n-Í nach rabh sé ceart aca bheith easúmhal nó neamh- urramach dó. Budh é Colum Cille a chuir mainistir ar bun a Rath-Bhoth ar dtús agus ar an ádhbhar sin bhí sí féin agus na mainistreacha eile a chuir sé suas i nÉirinn faoi riaghal Adhamhnain. Righneadh dígheoise de Rath- Both níos luaithe 'ná righneadh d'aon mhainistreach eile aca agus áirighthear gur bh'é Naomh Adhamhnan an chéad easpoc a bhí ós a ceann. Atá'n dígheoise faoi choimirce Naoimh Choluim Cille agus Naoimh Adhamhnain agus goirthear Comharba Adhamhnain, agus Comhárba Choluim Cille ar easpoc na dígheoise seo anns na sean- leabhraibh. Anns an bhliadhain 1901, ar impídhe an Easpoic Ró- Urramach Uí Dhomhnaill, d'fhuagair an Pápa Ró- Naomhtha Leo XIII go bhfuil Dígheoise Rath-Bhoth faoi chomhchoimirce Naoimh Choluim Cille agus Naoimh Adhamhnain.
VII. Dubhras cheana nach bhfuil cinnteacht nó cruthughadh ceart againn go rabh Naomh Adhamhnan 'na easpoc, acht faraor, tá móran eile de stair ár dtíre a thárlaidh fá'n am so nach bhfuil le fághail againn anois. Scrios agus dhóghaidh na Lochlannaigh na mainistreacha agus na láimhscríbhínidhe bhí ionnta agus is mór an t-ion- gantas go bhfuil aon cheann aca fágtha. Agus a n-aimsiribh níos ndeise dhúinn, dá bhfághfaidh sean scríbhín nó sean leabhar Gaédhilge i dteach ar bith, budh leor sin le droch bharamhail na riaghaltoir, agus b'fhéidir a ndíoghaltas, a tharraingt anuas ar an té ar bhudh leis é. Ní'l fhios againn cá h-uair a scríobh Naomh Adhamhnan an leabhar luachmhar sin Beatha Choluim Cille, acht is dóighche gur fá'n am so a scríobh sé é. Tuigtear as an leabhar é féin gur i n-Í a scríobhadh é agus gur ar impidhibh na manach a righneadh an obair. Andiaigh beatha naomhtha a chathadh agus obair thairbh- each a dheanadh ar son Dé, ar son na h-Eaglaise agus ar son a thíre, fuair an Naomh mór cáileamhail seo bás ar an tríomhadh lá fichead de Mhí Mheadhoin an Fhóghmhair, 704 anns an h-ochtmhadh bliadhain déag agus trí fichid d'aois. Ciobar b'é dóigh a n-amharcamuid ar Naomh Adhamh- nan is léar dúinn go rabh sé 'na naomh mhór agus 'na fhear chéimeamhail. Molann na sean ughdair go mór é agus bheir siad eagnaidhe an domhain shiar air: "Adhamhnan Ua Tinde árd-ecnaidh iarthair domhain."
Is mar so a scríobhas na Ceithre Máighistridhe fá dtaobh de: "Bhí Adhamhnan 'na fhear mhaith, réir fiadhnaise Bheda Urramaigh, nó bhí sé tuctha do dheoraibh agus d'aithrighe; bhí sé dícheallach; bhí sé 'na throisctheoir agus staonach; tuctha d'urnuighthe agus do'n mheas- ardhacht; níor ith sé aon ghreim bidh acht Dia Domhnaigh agus Diardaoin; righne sé sclábhuidhe dhe féin mar gheall ar na subhailcidhibh so; agus 'na chuideachta so bhí se críonna agus tuigsint iomlan aige ar Scriop- tuiribh Naomhtha Dé." "Acht d'aimhdheoin seo budh mhinic a thug an diabhal iarraidh cathughadh a chur air. Thigeadh sé chuige a gcumadh daonda agus chuireadh sé ceisteanna cruaidhe achrannacha air. Uair amháin tháinic sé go h-Í mar chorp dhuine mhairbh agus nuair a bhíthear d'á chur d'éirigh sé aniar agus thoisigh sé ag cur ceist ar an phobal acht d'fhuascail Naomh Adhamhnan iad go léir." B'iomdha turus fada dócamhlach a b'éigean d'Adhamh- nan a dheanadh ann a shaoghal; b'iomdha cruinniughadh a b'éigean do a bheith aige; agus b'iomdha réidhteach a b'éigean dó a dheanadh leis an chléir sul ar éirigh leis tabhairt ortha géilleamhaint do cháin Adhamhnain, d'athrughadh na Cásca agus do'n mhodh beártha a tá ag an chléir ar a ngruaig ó'n lá sin go dtí'n lá 'ndiu. Budh mhór an chommaoin a chuir sé na mná faoi agus is ró-mhór an buidheachas is cóir dóibh a bheith aca air' siocair gur shaoruigh sé iad ó dhul chum troda. 'San am chéadna agus go cean fada 'na dhiaigh bhí sé d'fhiachaibh ar chléirchibh a dhul chum troda mar an gcéadna agus
b'as Tír Chonaill an fear naomhtha a chuir an gnás sin ar gcúl. Fothadh na Canoine a b'ainm do'n fhear a righne an deagh-obair seo. Bhí sé 'na abb i bhFathan Mhura i n-Inis Eoghain agus bhí sé 'na oide ag Aedh Oirnidhe, Árd Righ Éireann ó 793 go 817. So mar bhí. Bhí Aedh Oirdnidhe ag dul chum troda leis na Laighnighibh 'sa bhliadain 799, agus thug sé ar Chonmac, Árd Easpoc Ardmacha, agus a chuid cléir a dhul leis. D'éagcaoin Conmac agus na cléirchigh leis an árd rígh fá'n chruadhas agus an doilgheas a bhithear ag cur ortha d'a dtabhairt chum catha, nuair a b'feárr leo síothchain agus carthannas a bheith eadar na daoinibh. Dubhairt an t-árd righ go bhfuigfeadh seisean an cheist ag Fothadh le socrughadh. Budh é an breitheamhnas a thug an fear sin, nár cheart do chléirchighibh a dhul chum catha. Canoin a bheirthear ar an bhreitheamhnas so agus tá Fothadh na Canoine mar ainm ariamh ó shoin ar an té a thug é. 'Sé chialluigheas Adhamhnan Adhamh beag, 'se sin little Adam. Deirtear agus litrighthear an t-ainm seo ar níos mó de dhóigeannaib 'na aon ainm eile, agus ar an ádhbhar sin, ní furus lorg a chur ar na cealltrachaibh, agus ar na mainistreachaibh a chuir sé ar bun agus a fuair a n-ainm uadh. Tá na h-áiteacha so a leanas faoi choimirce Naomh Adamhnain, nó táithighe le n-a ainm: Druim Thuama (Drumhome); an áit ann ar rugadh é. Chuir Colum Cille mainistir ar bun annso. Rath-Bhoth; bhí "leabaidh Adhamhnain" ann an áit seo.
Budh é Colum Cille a chuir an chéad mainistir ar bun annso. Droichead Adhamhnain, eadar Rath-Bhoth' agus Leith- bhior; Ballindrait (Baile an Droichidh) atá ar an áit anois. Greallach, a bparraiste Chluana Catha i n-Inis Eoghain. Templemoyle is ainm do'n áit i mBéarla. Aireacal (Errigal), parraiste i nDígheoise Dhoire. Aireacal Adhamhnain a b'ainm do'n áit roimhe seo. Sé'n chiall a tá leis an ainm seo, árus nó teach nó seomra. Dúnbó agus Boithfheabha i nDígheoise Doire. Scrín; Tobar Adhamhnain, agus Droichead Adhamhnain i nDígheoise Uí Fhiachra Muaidhe (Killala). Pobal Adhamhnain, Cros Adhamhnain, Suidhe Adamhmhnain agus Dumha Adhamhnain, i dTeamhair a gcondae na Midhe. Tá mórán eile d'áiteachaibh i n-Éirinn agus a n-Albain a bhfuil baint aca le Naomh Adhamhnan. Bí an oiread sin de dhúil ag bunadh na h-Alban anns an naomh so gur ghnáthach leo Giolla-Adhamhnain a thabhairt ar dhuine d'a gcloinn. Anns an ghéar-leanmhain a deachaidh na h-Eireann- aigh tríd ní bhéadh iongantas dá ndeanfaidhe dearmad ar na laethibh saoire agus ar na féilibh bhíodh aca a gcuimhne na Naomh, acht anois nuair atá'n ghéar- leanmhain sin thart, táthar ag cur suas teach pobal ar ais agus ag congbhail Féile a n-onoir na Naomh mór beannuighthe bhí aca i n-Éirinn fad ó shoin, agus
féadamuid bród agus luathgháir a bheith orrainn i dTír Chonaill fá'n árd-teampoll mór áluinn a chuir an t-Easpoc, Ró-Urramach Ó Domhnaill suas i nDígheoise Rath-Both' faoi comairce Naoimh Choluim Cille agus Naoim Adhamhnain, agus féadaim a rádh nach bhfuil sárughadh Árd Teampoll Naoimh Adhamhnain le fághail anns an domhan arís ar son a Ghaedhealtachta agus a fheabhsa ar an uile dhóigh, agus is iomchubhaidh agus is ceart an rud é gur Easpoc de shliocht uasail Chonaill Gulban a righne an obair mhór so. Mar an gceadna cuir sé suas Colaiste Naoimh Adhamhnain agus ní'l a leithid le fághail d'a mhéid i n-Éirinn nó b'fhéidir a n-aon tír eile. Agus ní'lthear ag deanadh dearmaid de Naomh Cholum Cille acht oiread. Anns an Árd Teampoll i Leitir- ceanainn, ar thaobh na láimhe deise, mar rachfa suas chum na h-altoire móire, tá colamhan a bhfuil móran de thréarthaibh Choluim Cille greannta air, agus anns an taobh chéadna de'n teampoll tá Altoir Naomh Choluim Cille, agus shuas ós ceann na h-altora chidhfidh tú a phioctuir a gcuideachta mhórain Naomh eile a rugadh i dTír Chonaill agus a bhfuil parraistidhe Rath-Bhoth, faoi n-a gcoimirce. Shíos a nDoire tá árd teampoll bréag mór áluinn coisreactha do Naomh Cholum Cille agus budh é an tEaspoc Ró-Urramach Ó Dochartaigh, easpoc eile de shlioct Chonaill Gulban, a chuir suas é, tá tamall geárr ó shoin, agus tá Colaiste Choluim Cille aca a nDoire mar an gcéadna, Ar an ádhbhar sin, ní
baoghal dúinn na naoimh móra so a léigean as ár gcuimhne, agus a n-áit sin tá súil as Dia agam gur mó a mhéadóchas a ngrádh agus a ndílseacht ann ár gcroidhthibh le h-imtheacht na mbliadhan. Agus ní cóir damh dearmad a dheanadh de'n lá mór a bhí againn a nGartan, an áit ann ar rugadh Naomh Colum Cille, ar an naomhadh lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 'san bhliadhain 1897, 'sé sin 1300 bliadhan andiaigh a bháis. Lá mór do'n Ghaedhealtacht agus do'n Gaedhilic a bhí ann. Féadaim a rádh gur cruinniughadh Gaedhealach a bhí ann ó bhun go bhárr. Bí níos mó 'ná deich míle duine cruinnighthe as an uile chearn anns an pháirc an lá sin, agus budh chuma cia h-aca soir nó siar, anonn nó anall a rachfa, Gaedhilic a bhí le cluin- stean agat. Ní raibh Connradh na Gaedhilge ró-láidir 'san am sin agus is í mo bharamhail gur chuidigh cruinniughadh an lae sin níos mo leis 'ná aon nidh eile d'ar thárlaidh ó cuireadh ar bun é. Bhí díleagra a nGaedhilic do'n Cháirdineal Ó Mhaolmhudhoig; bhí seanmoir a nGaedhilic ó'n Athair Aindrias Mhac Niallghuis; bhí óraideacha Gaedhilge ó'n Cháirdineal, ó'n Easpoc Ó Domhnaill, ó Mhons. Mhac Fhloinn, ó Pheadar Mhac Geannfhaele, ó Ántoine Ó Dochartaigh agus ó'n Athair Eadhmonn Ó Caiside. Fuair an t-Athair Mac Niallghuis agus an t-Athair Ó Caiside bás ó shoin, síothchain Dé go rabh aca. Bhí litreacha Gaedhilge ó'n Chanoin Mhac Pháidín, a bhí amuigh a gCathair Naoimh Proinnseais a gCaileafóirnia an t-am sin; ó'n Doctúr Ó Dochartaigh, Ollamh a gColaiste na n-Éireannach a bPáiris; ó E. T. Mac Criostamhail, Piaras de Cent, 'Liam ó Bailbh agus ó
Pádraic Ó Broin, ar son Chumainn na Gaedhilge a Nuaidh Eabhraigh; ó'n Doctúr Mícheal P. Ó h-Iceadha, Ollamh a gColaiste Mhagh Nuadhat, ó'n Doctúr Séamus Mhac Geannfhaele, Ollamh a gColaiste Mhagh Nuadhat, agus ó dhaoinibh eile. Budh í Gaedhilic an lae sin an chéad Ghaedhilic a cuireadh asteach anns an Freeman ariamh. VIII. So dán a chum an t-Athair Séanius S. O Domhnaill, a bhí an uair sin ós ceann Scoile Naoimh Choluim anns na Ceallaibh Beaga, agus a tá 'na shagart parraiste i gCill Charthaigh anois. Léigheadh é ag cruinniughadh Ghartan agus bheirim mo bhuidheachas go mór dó ar son go dtug sé cead damh é chur anns an leabhairín seo. LAOIDH A n-ONOIR CHOLUIM CILLE. Tá guth bródamhail Thír' Chonaill go h-álúinn andiu, A' muscladh 'n mhac-alla go h-árd 's go tiugh; Tá cléirigh 'na gcoistibh go Gartan a' triall O bhailtibh na conndae go fras 's go fial. Tá'n pobal go cráibhtheach ag urnuigh 'sa ghleann, 'S gan fascadh na scathlainn' féin cumhdach a gceann, Tá na sagairt maith' cóirigh' 's an t-Aifreann d'a rádh Ar altoir an-scéímheamhail le ró-bheagan scáth. Tá Clann Chonaill go céimeamhail 's go tréanmhar annso Le prionnsa ár dteampoill, Tighearn' Easpoc Rath- Bhoth;
Tabhairt buidheachais 'gus altughadh do Dhia Mhór gan mhoill, Ar son na ngrása a phronn sé ar Naomh Cholum Cill' Naomh Colum gan amhrus ár gcoluman féin, Rugadh ar an leic seo tá ceithre chéad déag bliadhan; Mac Fhéidhlimidh 'gus Eithne ó'n fhuil uasal úd thall, Sliocht Chathair Mhóir agus Néill na Naoi nGeall. Sean Cruithneachan dílis chuir uisce ar a cheann, 'S a n-ainm na Trionoid' ghlan peacadh na seann, 'Gus bhaist an naomh dúinn is mó, baisteadh 'n Éirinn ariamh I miorbhuiltibh, a ngrása 's i n-éifeacht a ghníomh. Tá'n t-iomradh go coitcheann gur ar scoil ag Mágh Bhil', A baisteadh do chéad uair an Columan Cill': Nó gur Criomhthan a b'ainm dó 'sa tír s-aige féin Fá Ghartan an Dubhghlaise 's fá Chillibh mhic Néin. Nach iomdha sin áit a bhfuil lorg a láimh', 'Mhullach sléibhte fuar síontach 'gus gleanntain gan dáimh; Ar oilean lom uaigneach faoi éag-fhuaim na dtonn, Féach a chlog-theach trom-loitighth' 's a theampoll gan bonn. Budh é mhian a bheith gcomhnuidhe ag urnuigh nó scríobh', Nó teagasc na bráithre a bhfóghluim na Naomh; A' seinm na Sailm le luath-cheol na n-éan, Nó 'g órnughadh na Soisceal le n-a mháighistir-láimh féin.
Pátrún lucht' fóghluim', caraid dílis na mbárd, Le láighce neamh-lochtach, le guth milis árd; Phléadail sé 's bhuaidh sé a bpárdún ó'n righ, Gidh gur throm doimhin a gcortha a n-éadan a' dlighe. Ar shiocair dó dhíbhirt' thar an tsáile anonn, Ann do churrach bheag shuarach ar ucht bhán na dtonn; 'N áit do chomhnuidhe gur éag tú ar oilean fhann mhaol 'Bhfad ó Éirinn do shearc-ghrádh 's do cháirdibh síor- ghaoil, Ní labhraim; nó ar scéalta' go laetheamhail i mbéil Staruidhe 's lucht úghdar, ag tuataibh 's ag cléir,' Nó ar chaonach Chúil Dhréimhne báidhte le fuil Thrí mhíle fear gaisceamhail d'fhág díleachtuidhth' gol. Fad 's bhéas tuilte na n-áird-chnoc 'na rioth 'sa "tSean Ghleann," Nó tonnaidhe thréan' Thoraighe ag greadadh na mbeann; Nó aingle geal' Dhoire ag eiteall' ar Neamh, Nó éisc luthmhar' Loch' Ghartan go meidhreach 'sa tsruth; Béidh cuimhne ar an lá so 'sna bliadhantaibh le theacht, Ag uachtran' na n-am sin a's a mbéidh faoi na smacht, 'S ní chríonfaidh 's ní smolfaidh, 's ní rachfaidh ar moill, Bród beannuigh' Chloinn' Chonaill as Naomh Cholum Cill'. A Naoimh neartmhair ar talamh, 's níos cumhachtaighe ar neamh; Dearc anuas ar an chruinniugadh so a nGartan andiu, 'Gus fágh dhúinne tá díbeartha i ngleann so na ndeor Bheith leat-sa go síorruidhe a' moladh Dé annsan ghlóir.
Bhí abhrainn Gaedhilge ó'n Athair Pádraic Ó Mhaolmhudhoig, Sagart Parraiste Chill Charthaigh, agus ó'n Athair Mhac A' tSaoir, Ard a' Ratha, a tá anois ar shluagh na marbh, go rabh Dia fabharach d'a n-anam- aighibh. Thug Maolmuire Mac Suibhne, as an Chlochan Liath, Beannacht Choluim Chille ar na Rosaibh, uadh agus so í. "Coimirce na h-Óigh beannuighthe agus Cúirt na bhFlaithis go léir go rabh orraibh, a Rosa. Beannachta ó'n Athair, beannachta ó'n Mhac, agus beannachta ó'n Spiorad Naomh go dtuirlingidh orraibh. Beannuighthe go rabh bhur Mic, toramhail go rabh siad i ndéagh-ghníomhaibh, agus daingean i gcreideamh. Beannuighthe go rabh bhur dtaoiseacha agus bhur laoch- raidhe, go rabh buaidh a gcomhnuidhe ar a lannaibh ag troid ar son an chirt. Beannuighte go rabh bhur lucht oibre - lucht saothruighthe na talmhan, tiomanuidhthe creacht agus iascairidhe na mara chubhar-bháin. Beann- uighthe go rabh bhur dtáinte géimneacha agus bhur dtréada lomracha, go méaduighthear iad ar mhodh go mbéidh sibh gan díogbhail, gan easbhaidh. Go dtugaidh an driucht agus an fhearthainn agus an ghaoth torthamhlacht ar bhur machairibh, ar bhur dtulaighib agus ar bhur ngleanntaidhibh. Líonta le h-iasc go rabh bhur bhfairr- gidhe, bhur lochanna, bhur n-aibhneacha agus bhur srothanna. Gurab iad so iad do bheannachta, a Rosa an ghairbh- fhraoich agus na n-iomad ngeal-tráigh, go saoghal na saoghal. Amén." CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services