Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Naoimh Adhamhnain

Title
Beatha Naoimh Adhamhnain
Author(s)
Mac a' Bháird, Seaghan,
Composition Date
1911
Publisher
Gill, M. H. & Son, Ltd.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BEATHA NAOMH ADHAMHNAIN.



Is gnáthach le bunadh gach tíre bród a bheith ortha
agus mórtas a dheanadh fá dhuine ar bith cáileamhail
nó intleachtach a rugadh 'sa tír sin. Tá so ceart
agus nádurtha. Ameasc cinidheach an domhain tá
cineadh amháin .i. na h-Éireannaigh nach bhféadann a
gcinn a chromadh nó náire ar bith a bheith ortha fá a
sinnsearaibh 'san am a chuaidh thart, ar aon dóigh a
nglacfar iad. Is cinnte go bhfuilmid bocht acht ní
gan fáth. Chaillmid ár saoirse acht ní gan troid
agus troid dhána a dheanadh ar a son, agus



Cia deir go bhfuil an tsean troid thart,
Go bhfuil ár spiorad briste?
Cia deir go bhfuil ár n-Í gan neart,
Gur éag a taoisighe cliste?
Cá bhfuil an fear a cháineas sinn?
'Gus bhéarfad fios ar báll dó
Go maireainn fós na mílte linn
Nach taitneamhach aon fheall leo.



"PÁDRAIC."



D'fhág ár sinnsear oighreacht 'na ndiaigh a tá níos
dílse againn 'ná saidhbhreas agus a tá níos buaine
'ná saoirse an tsaoghail so. D'fhág siad an fír-
chreideamh againn a thug Naomh Pádraic chum na tíre
seo, an creideamh céadna a mhúin ar dTighearna Íosa


L. 4


Críost, nuair a bhí Sé ar talamh, naoi gcéad déag
bliadhan ó shoin. Is mór an t-athas agus an bród is
cóir dúinn a bheith orrainn fá so. Tá na h-Éireannaigh
scaptha go fada fairsing thríd an domhan, agus an
uile áit d'a deachaidh siad chuir siad tighthe poible agus
scoltacha ar bun, agus 'san am a lathair ní'l aon
tír ar fud na ríoghacht nach bfuil Sagairt a rugadh i
n-Éirinn le fághail.



Ó'n cúigeadh go dtí'n deichmheadh h-aois d'imthigh na
slóighte Naomh as Éirinn leis na páganaighibh a bhí
thríd an h-Éórpa a thionntughadh chum Críostaidheachta.
Budh é Colum Cille a rugadh a nGartan i dTír
Chonaill 'san bhliadhain 521, a chuir tús ar an obair
naomhtha so. Andiaigh an iomad mainistir agus teach
pobail a chur ar bun i n-Éirinn, d'fhág sé féin agus dhá
fhear dhéag manach an tír seo 'san bhliadhain 563. Chuir
siad fútha ar oilean Í, a tá ar an taobh shiar d'Albain
agus níor bh'fada go rabh mainistir agus áit chomhnuidhe
deanta aca dhóibh féin ar an oilean uaigneach sin.



Budh iad na Cruithnigh, nó Pictí, a chomhnuigh anns
an taobh athuaidh d'Albain 'san am so, agus ní rabh
aithne nó eolas aca ar Chríost nó ar A Chreideamh,
agus chuir Colum Cille roimhe féin a dtabhairt faoi
riaghail na h-Eaglaise. Thug an fear naomhtha so a
cholann féin faoi smacht le troscadh agus thug Dia
cumhachta dhó miorbhailtidhe móra a dheanadh. So an
cunntas a bheir sean ughdar air:



"Do ciorrbhadh (cráidheadh) a chorp le Colum Cille
chomh mór sin le troscadh, le h-urnuighthibh agus le


L. 5


sleachtanaibh ionnus gur shearg chomh mór sin le
cruadhas crábhaidh, gur léas a easnacha thré n-a aibid,
an tan do luigheadh 'san ghaineamh 'n-a dhúrbhoith ré
séideadh na gaoithe ar a chorp tres an bhfroigh (éideadh),
amhail adeir an Amhra 'san rann so:



Glé do luigheadh anns an ngaineamh,
Ann a lige (leabaidh) fá mór saoth,
Sliocht a easnach tré n-a éideadh
Fá léir le séideadh na ngaoth."



Níor bh'iongantach gur éirigh le Colum Cille na
Picti a thabhairt faoi bhrat an tSlánuightheora, agus ní
h-iongantach mar an gcéadna gur lean an iomad
Éireannach a shómpla, agus go deachaidh siad ameasc
na bpáganach i dtíorthaibh na h-Eorpa agus go dearn
siad Críostaidhthe de mhóran aca.



Criomhthann b'ainm baistidh do Cholum Cille acht
siocair go rabh an oiread sin dúil' aige bheith 'sa chill,
sé sin i dtigh an phobail, bhaist an t-aos óg, a bhíodh na
chuideachta, Colum na Cille air.



Fuair sé bás ar an naomhadh lá de mhí mheadhoin an
tsamhraidh 'san bhliadhain 597, a n-oilean Í, agus ní
h-iongantach linn gur anns an teampoll, an áit a
rabh Grádh a Chroidhe, d'éag sé.



Bhí árd-fhlaitheas na h-Éireann ag Niall Naoi
Ghiallach mac Eochach Muighmheadhoin mic Muireadhaigh
Thirigh mic Fhiachach Sraibhthine mic Chairbre Lithfeachair
mic Chormaic mic Airt mic Chuinn Chéadchathaigh ar feadh
seacht mbliadhain agus fiche (379 go 405).



Bhí ochtar mac ag Niall Naoi Ghiallach a d'fhág


L. 6


sliocht 'na ndiaigh. Chomhnuigh ceathrar aca'san Mhidhe .i.
Laoghaire, árd-righ, nuair a tháinic Naomh Pádraic go
h-Éirinn, Conall Criomhthainn, Fiacha agus Maine.



Shocruigh an ceathrar so 'san taobh shiar-dtuaidh
d' Éirinn .i. Cairbre a mbarúntacht Chairbre, a
gconndae Shligighe, agus a mbarúntacht Ghranárd a
gconndae an Longphuirt; Conall i dTír Chonaill;
Enna Fionn anns an Lagan, i dTír Chonaill agus i
gCineal Enna anns an Iar-Mhidhe; agus Eoghan i dTír
Eoghain.



Chuaidh Niall Naoi Ghiallach anonn go h-Albain
a chuideadh leis na Dálaibh Riada, Éireannaigh a bhí
'na gcomhnaidhe 'sa tír sin, agus fuair sé buaidh ar
na Pictibh. D'imthigh sé ó sin go Laegria, sé sin
Sasain, agus chuir sé foslongphort ar bun annsin.
Budh iad na Rómhanaighe a bhí i seilbh na tíre sin le
ceithre chéad bliadhan, nó mar sin, acht ní rabh Éire
'na seilbh ariamh. Chuir sé cabhlach go h-Armorica 'sa
Fhráinnc agus thugadar dhá chéad príosúnach leo as an
tír sin go h-Éirinn. Tig maith as olc corr uair, agus
budh é a dhálta sin anois é. Chreach na h-Éireannaigh
an Bhreatain 'sa Fhrainnc agus d'fhág siad aithreacha
agus maithreacha le croidhthibh cráidhte andiaigh na
leanbh a tugadh uatha, acht ní rabh aon chúis luathghaire
agus athais ariamh ag na h-Éireannaighibh chomh mór
leis so. Ameasc na bpríosúnach bhí Naomh Pádraic agus
a dhá dheirbhshiur Lúpida agus Darérca - an Naomh
Pádraic beannuighthe céadna a thug fíor-eolas Chríost
do na h-Éireannaighibh agus a dhaingnigh ann a gcroidh-
thibh é ar mhodh nár bh'féidir le deamhanaibh ifrinn é


L. 7


bhaint asta, moladh do Dia ar a shon sin. Budh é an
naomhadh bliadhain de fhlaitheas Néill ar Éirinn, sé
sin 'san bhliadhain 388, a tugadh Naomh Pádraic go
h-Éirinn, agus bhí sé sé bliadhna déag d'aois 'san
am sin.



II.



Do réir na seanchuidhe budh é Conall Gulban an
mac a b'uaisle agus a b'fheárr a bhí ag Niall Naoi
Ghiallach. Casadh ar Naomh Pádraic é féin agus a
mhac Feargus ag Eas Aoidh Ruaidh agus thug sé
beannacht níos feárr do'n mhac 'ná thug sé do'n athair,
siocair go rabh an mac glún ní budh ndeise do Cholum
Cille. Chuir Naomh Pádraic comhartha na Croiche ar
scéith Chonaill nuair a bhaist sé é agus sin mar
tháinic Cros Thír Chonaill anuas chugainn.



Tá sé tairbheach ag an uile dhuine eolas a bheith aige
fá na sinnsearaibh ar de é. Ar an ádhbhar sin is
ceart do bhunadh Thír Chonaill fios a beith aca fá
Chonall Gulban mar is beag daoine atá 'na gcomh-
nuidhe 'sa chonndae seo 'san am a lathair nach bhfuil
baint aca le n-a shliocht ar dhóigh éiginteach. Is de
shliocht Chonaill Gulban na sloinnigheacha so: Ó
Domhnall, Ó Dálaig, Ó Canannain, Ó Maoldoraidh,
Ó Dochartaigh, Ó Gallchobhair, Ó Baoghaill, Ó Firghil,
Ó Tinne, Mac Uí Niallghuis, Mac Dáighid, Mac
Conaill Óig, agus c.



Ní feasach damh go bhfuil aonduine de na Maol-
doraidhibh le faghail i dTír Chonaill anois, acht tá
sloinnte eile againn, agus dá dtigeadh linn lorg a


L. 8


chur ortha siar fada go leor, gheobhthaidhmis amach gur
de shliocht Chonaill Gulban iad. Táim lán-chinnte
gur uadh Cheannfaeladh Mac Maolchobha mic Aodha
mic Ainmire mic Sedna mic Fheargusa mic Chonaill
Gulban; nó Ó Cheannfaeladh mac Ghairbh mic Rónain
mic Lughaidh mic Séadna mic Fheargusa mic Chonaill
Ghulban, a fuair na Mac Geannfhaelaidhe a sloinneadh.



Ní rabh sloinnte go coitcheann ag na daoinibh go
dtí fá'n bhliadhain 1000 d'aimsir Chríost, acht fá'n
taca sin thug Brian Bórumha órdughadh do gach
muirighin ainm a n-athar, nó a n-athar móir, nó ainm
sinnsear éigin eile a ghlacadh, agus é bheith ortha mar
ghnáthach-ainm nó ainm seasmhach. Má ghlac siad ainm
a n-athar chuir siad mac nó inghean roimh an tsloinn-
eadh. Má ghlac siad ainm a n-athar mhóir chuir siad
ó roimhe, mar is ionann ó a ngaedhilic agus mac mic,
nó grandson i mBéarla. Budh é Cathbharr, ó Dhomh-
naill Mhóir, an chéad duine de na Domhnaillibh a ghlac
Domhnaill mar shloinneadh fá'n bhliadhain 950, agus
siocair gur ghlac sé ó n-a athair mhór é, ó chaithfeas a
bheith roimh an tsloinneadh sin. Budh é Domhnall, ó
Néill Ghlúin Duibh, a d'éag 'san bhliadhain 917, an
chéad duine de'n tsliocht sin a ghlac Néill mar
shloinneadh. Má ghlac muirighin sloinneadh ó shinnsear
níor fuide amach 'ná athair mór, ua is cóir a bheith
roimhe.



Is minic a bheirtear Dálach ar Ó Domhnaill agus
so é an fáth. Bhí Dálach, Tighearna Chineil Chonaill,
a fuair bás 'san bhliadhain 869, 'na athair mhór ag


L. 9


Domhnall Mór mac Éighneachain. Bheirtear Ó Dálaigh
ortha ó'n Dálach so agus bheirtear Ó Domhnaill ortha
ó Dhomhnall Mór. Bhí Domhnall mór eile de'n tsliocht
so a bhí 'na thighearna ar Thír Chonaill, ar Fhear Mhonaigh,
ar Chonnachtaibh athuaidh go dtí Corrshliabh, agus ar
Oirghialla ó'n Chláir ó thuaidh. Ghlac sé aibid manaigh
i ndeireadh a shaoghail. Fuair sé bás anns an bhliadhain
1241, agus h-adhlacadh é a mainistir Easa Aoidh Ruaidh.
Ní cóir an dá Dhomhnall Mhór a mheascadh le chéile.



Is mór le rádh é, acht is í mo bharamhail gur fíor é,
go dtáinic níos mó de Naomhaibh na h-Éireann de
shliocht Chonaill Ghulban 'ná tháinic de shliocht aoin fhir
eile a mhair a n-aimsir Naoimh Pádraic, agus is mian
liom beagan a rádh fá Naomh mór céimeamhail chumh-
achtach aca so a tá faoi mheas, onoir agus urraim
againn i dTír Chonaill, sé sin Naomh Adhamhnan.



Fuair Naomh Colum Cille bás a n-oilean Í 'san
bhliadhain 597 d'aimsir Chríost agus seacht mbliadhna
agus fiche andiaigh an ama sin, sé sin, anns an
bhliadhain 624, a rugadh Adhamhnan. Is cosamhail go
rabh sliocht Chonaill Ghulban scaptha go fada fairsing
thríd Thír Chonaill 'san am so, mar is a nGartan,
comhgarach do Chill Mhic Néanain agus fa thuairim
naoi míle athuaidh ó'n áit a bhfuil Leitirceanainn
anois, a rugadh Colum Cille, agus a nDruim Thuama,
leath-bealaigh eadar Dún na nGall agus Béal Átha
Seanaigh, a rugadh Naomh Adhamhnan.



Budh é Rónan a athair, sé sin, Rónan mac Tinne
mic Aodha mic Cholmain mic Sedna mic Fheargusa mic


L. 10


Chonaill Ghulban mic Néill na Naoi nGiall (árdrigh
Éireann 379 go 405) mic Eochaidh Muighmheadhoin mic
Muireadhaigh Tírigh mic Fhiacha Sraibhtine mic Chairbre
Lithfeachair mic Chormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir
mic Chuinn Chéad Chathaigh (aimsir Chríost 123), agus
mar sin siar thríd sé ngeinealaighibh agus dá fichead
go Mílidh Spáine.



Is minic iongantas ar dhaoinibh go dtig le cuid de
na h-Éireannaighibh lorg a chur ar a sinnsearaibh comh
fada siar, acht bhí bród ortha a gcomhnuidhe fá'n dream
a dtáinic siad uadh, agus ar ádhbhar sin chongbhuigh siad
cuimhne agus cunntas ar a sinnsearaibh, agus tá so
fíor go h-áirid fá'n chuid a b'uaisle aca. Deir an
Doctúr léigheannta Ó Donabhain, i "Leabhar na
gCeart," mar leanas: "Má tá sinnsearacht aoin
treibh Éireannach ceart ó tháinic creideamh Chríost
chum na tíre, 's í sin sinnsearacht Uí Néill thuaidh .i.
Clann Domhmhnall agus Clann Néill."



Budh dhá mhac do Niall na Naoi nGiall Conall
Gulban agus Eoghan agus deirtear fosta, gur cúpla
bhí ionnta. Ghlac siad seilbh ar an taobh shiar dtuaidh
d'Éirinn agus chuir Conall faoi i dTír Chonaill.
Fuair sé a chuid oidis ag bun Beanna Gulban, a
gconndae Shligighe, agus ar an ádhbhar sin tugadh
Conall Gulban mar ainm air. Budh é a dhearbhrathair
Laoghaire a bhí 'na árdrigh ar Éirinn nuair a tháinic
Naomh Pádhraic chum na tíre 'san bhliadhain 432.
Fuair Conall bás 'san bhliadhain 464.



Bhí Naomh Adhamhnan gaolmhar ag Naomh Cholum


L. 11


Cille. Do réir an chláir gaoil a tá againn anns na
sean leabhraibh, seo é sinnsearacht Adhamhnain:



Adhamhnan mac Rónain mic Aodha mic Cholmain mic
Sedna mic Fheargusa mic Chonaill Gulban.



Colum Cille mac Fhedhlimidh mic Fheargusa mic
Chonaill Gulban.



Fágann so go rabh Naomh Colum Cille ar an treas
glún ó Chonall Gulban agus go rabh Naomh Adhamhnan
ar an seachtmhadh glún uadh. Tá clár gaoil anns an
Leabhairín seo ag taisbeaint an mhuinnteardhais a tá
eadar bhunadh Thíre Chonaill agus an gaol a tá aca
le Conall Gulban, agus c.



Dálta mar do righne Colum Cille, Maolaise,
Dhaimhinse, agus an iomad eile de Naomhaibh na
h-aimsire sin, chuaidh Adhamhnan go scoil Chluana
hEraird. Chuir Naomh Finnen an scoil seo ar bun
'san bhliadhain 548, ar thaobh na Bóinne a gconndae
na Midhe agus innistear dúinn go mbíodh 3,000 mac
léighinn innti. Daltaidhe Fhinnein budh ghnáthach a
thabhairt ar mhacaibh léighinn na scoile sin. Níor
bh'furust biadh agus deoch a sholathairt do'n iomlan
aca so, acht réir an scéil a tá le fághail againn anns
na sean leabhraibh, is cosamhail gur bh'éigean do na
macaibh léighinn iad féin sin a dheanadh.



Seo é an scéal. Bhí Finnachta Fleadhach 'na árd-
rígh ar Éirinn ar feadhg fiche bliadhan, gur marbhadh é
a gcath ag Greallach Dolluidh 'san bhliadhain 693.
Tugadh Fleadhach air mar shloinneadh siocair go rabh sé
chomh fial sin ag tabhairt fleadh agus féasta uadh.


L. 12


Am amháin, sul a bhfuair sé bheith 'na árdrigh, tháinic
cuireadh chuige ó n-a dheirbhshiur a dhul ar cuairt chuicí.
Nuair a bhí sé féin agus a mharc-shluagh anaice le
Cluain Eraird, rug siad suas le mac-léighinn beag
agus soitheach bainne aige ar a dhruim. Thug an fear
óg iarraidh an bealach fhágail aca, acht d'éirigh tuis-
leadh dhó. Bhuail sé a chos ar chloich agus thuit sé.
Briseadh an soitheach 'na ghiotaibh agus dóirteadh an
bainne.



Acht níor fhan an fear óg abhfad 'na luighe. Comh
luath géar agus b'fhéidir dó, d'éirigh sé agus ar
shiubhal leis andiaigh na marcach, agus ciogar mhór an
sodar a bhí fútha, chongbhuigh seisean suas leo. Bhí
cláraidhe 'n tsoithigh leis ann a dhórn agus cumadh
chráidhte air.



Nuair a thug Finnachta an fear óg fá dear righne
sé gáire agus dubhairt sé leis: "Ná bíodh brón ort
nó dheanfaidh mise buachaill aoibheamhail athasach díot
arís. Is maith liom-sa cuidiughadh le daoinibh i dtriob-
loid agus ar an ádhbhar sin, a scolair bhig, bhéarfaidh
mé cabhair agus cosnamh dhuit-se."



"A dhuine chóir," ars an t-óganach, "tá ádhbhar
bróin agam. Tá trí eaglaisigh maithe a n-aoin-tigh
agus tá triúr eile againn ag freastail ortha, agus
so mar is gnáthach linn a dheanadh. Téidheann duine
againn amach gach lá le biadh sholathair. Budh é mo
sheal-sa a dhul amach andiu agus anois tá'n bainne
bhí cruinnighthe agam dóirte agus níos measa 'na sin,
soitheach iasachta bhí liom. Nuair a thuit mé briseadh


L. 13


é, agus faraor ní'l sé ann mo chumas cúiteamh a
dheanadh ar a shon."



"Bhéarfaidh mise cúiteamh ar son an tsoithigh," arsa
Finnachta, "agus ionnus nach mbéadh sibh gan biadh,
tabhair leat chum an tighe a bhfuilimid sinne ag triall
air, na trí eaglaisigh agus an dá fhreastalach eile
agus gheobhaidh sibh biadh agus deoch."



Níor dhiultuigh na micléighinn an cuireadh agus ní
rabh tart nó ocras ortha an oidhche sin.



Budh é Adhamhnan an scolair óg a casadh ar Fhinn-
achta, agus nuair a chualaidh a oide an scéal so righne
sé an tairngireacht a leanas: "Béidh an té a
dearnadh an fleadh fá n-a choinne 'na árdrigh ar Éirinn
agus béidh Adhamhnan ós ceann cráibhtheachta agus
eagna na h-Éireann; béidh sé 'na anam-chara ag
Finnachta agus béidh uachtaranacht ag Finnachta go
gcuiridh sé iargnaoidh ar Adhamhnan."



Is dóighche gur bh'é Seghine a righne an tairngireacht
so mar budh é bhí ós ceann mhainistre Eraird ó'n
bhliadhain 623 go dti'n bhliadhain 652. Fágann so go
rabh Adhamhnan ocht mbliadhna agus fiche dh'aois nuair
a fuair Seghine bás.



Ní raibh Scoil Chluana Eraird (Ioraird) a bhfad ar
bun nuair a chuaidh Colum Cille annsin agus budh é
Naomh Finnen a bhí ós a ceann an t-am sin. D'fhiaf-
ruigh Colum Cille dhe cá h-áit a ndeanfadh sé a árus.
"Ag doras an teampoill," arsa Finnen. Chuaidh
Colum Cille giota fada amach ó'n doras agus thoisigh
sé ag deanadh tighe bhig ann. "Níor lean tú mo


L. 14


chomhairle," arsa Finnen leis, "ní'l an áit seo ag
doras an teampoill." "Cinnte go leor, ní'l," arsa
Colum Cille, "acht béidh doras an teampoill ag an
áit seo ar báll." Agus b'fhíor dó.



Bhí a scoil ag Finnen 'san am so, i dtigh an phobail,
agus ní rabh aige acht sealbhan beag de mhacaibh léighinn
acht 'na dhiaigh sin tamall, nuair a chruinnigh siad
asteach chuige go rabh trí mhíle aca ann, b'éigean dó
doras tighe an phobail a áthrughadh amach comh fada
leis an áit a rabh a theach deanta ag Colum Cille.



Bheir an dá scéal so lideadh beag dúinn ar nósaibh
na sean aimsire.' Tcidhmid uatha, ní h-é amháin go rabh
biadh le solathairt ag na macaibh léighinn, acht gur
bh'éigean dóibh na tighthe a chur suas dóibh féin mar an
gcéadna. Is mór an sochar agus an sástacht d'aos
óg na h-aimsire seo a tá ag colaiste anois, go bhfuil
tighthe bréaghtha, díonmhara, téagaracha, seascaireacha
aca, le bheith ag fóghluim ionnta, deanta de chlochaibh
agus d'aol, a n-áit na dteach ádhmaid a bhí ag n-a
sinnsearaibh suas go dtí fá thuairim ocht gcéad
bliadhan ó shoin.



Budh chóir do th-aos óg an ama lathair a bheith dicheal-
lach ag fóghluim agus aithris a dheanadh ar na macaibh
léighinn a bhí ann a n-aimsir Naoimh Fhinnein, ionnus
go mbéidh Éire arís 'na h-oilean Naomh agus Ollamh
niar bhí sí fad ó shoin. Ar aon chaoi is cóir dóibh
buidheachas mór a bheith aca ar na daoinibh a chuir
suas na colaistidhe bréaghtha dhóibh agus a fuair
buntaistidhe agus meadhoin agus gléis léighinn dóibh
nach rabh ag ár sinnsearaibh.


L. 15


III.



Fuair Finnachta bheith 'na árdrígh 'san bhliadhain
673, agus bhí Adhamhnan aige mar anam-charaid agus
mar chomhairlightheoir. Budh é an t-árdrigh seo a mhaith
cáin na Bóraimhe do na Láighnibh thríd eadarguidhe
Naomh Mholaing. Fuair an naomh cáirde go luan
dóibh ó Fhinnachta agus budh é an chiall a bhí ag
Molaing leis go Luan an Bhrátha, sé sin go lá an
bhreitheamhnais.



Bhí cáin na Bóraimhe d'a tógbhail le linn riaghla
dhá-fhichead árdrigh agus so é fáth na cána sin. Bhí
dhá inghin ag Tuathal Teachtmhar árdrigh Éireann.
Dáirine a b'ainm do'n bhean budh seine aca agus
Fithir a bhí ar an bhean eile. Phós Eochaidh Aincheann,
righ Láighean, an bhean budh seine agus thug leis go
Láighin í. Tamall 'na dhiaigh sin, chuaidh sé go Teamhraigh
agus d'innis do'n árdrigh go bhfuair Dáirine bás agus
d'iarr sé Fithir le pósadh. Fuair sé í agus thug leis
go Láighnibh í. Budh ghoirrid gur casadh a deirbhshiur
dí agus comh luath agus chonnaic sí í fuair sí bás tré
náire. Tháinic Dáirine d'á caoineadh agus fuair sí
bás le cúmhaidh andiaigh a deirbhshiura.



De shiocair na míoghníomha so chruinnigh mór-uaisle
na h-Éireann agus a slóightidhe chuig Tuathal agus
chuaidh sé féin agus iad féin a chur cogadh ar na
Láighnibh agus ar a righ, Eochaidh Aincheann. Budh léar
do na Láighnibh nach rabhadar iontroda le Tuathal agus
a shlóightibh agus go muirbhfidhe iad féin agus go


L. 16


gcreachfaidhe a dtír dá dtéidheadh an cogadh ar aghaidh.
Chomhairligh siad ar an ádhbhar sin, cáin a chur ortha
féin agus ar a sliocht 'na ndiaigh agus a díol le
Tuathal agus le gach árdrigh a bhéadh i n-Éirinn, mar
aisíoc ar son báis na mban óg.



Socruigheadh méid na cána annsin agus b'iongantach
agus b'éagsamhail an cháin í, .i. trí fichid céad bó; trí
fichid céad unnsa d'airgead; trí fichid céad brat;
trí fichid céad torc; trí fichid céad molt; agus trí
fichid céad coire d'umha.



Thógfaidh an cháin sin gach datharna bliadhan agus
bhí sí d'á tógbháil le linn réime dhá fhichead árdrigh
i dTeamhraigh, 'sé sin, ó aimsir Thuathail Theachtmhair
go h-aimsir Fhinnachta agus is uirri a bheirtear an
Bhóramha Láighean.



Budh í seo an cháin a mhaith Finnachta fleadhach do na
Láighnibh agus táthar d'a chur i leith Adhamhmhnain nach
rab sé sásta fá dtaoibh de, agus go dtug sé
achmhusan dó mar gheall ar so. Is dóighche nach rabh
an ceart ag na filidhibh ar aon chaoi, nuair a chuir
siad air go dtug sé "an righ críon gan déadaibh" ar
Fhinnachta.



Budh é budh dóighche chuir iargnaoidh ar Náomh Adhamh-
nan, mar thug Finnachta fuagairt uadh nach mbéadh an
phríbhleid nó'n ceart céadna ag taltaibh Choluim Cille
agus a bhí ag taltaibh Naoimh Phádraic, Naoimh Fhinnnein,
agus Naoimh Chiarain. Nuair a chualaidh Adhamhnan so
dubhairt sé: "Nach mbéadh saoghal fada ag an righ
a thug an fhuagairt sin uadh; go dtuitfeadh sé thríd


L. 17


fhionghail; agus nach mbéadh aon rígh d'a shliocht a
choidhche arís." Go geárr 'na dhiaigh sin marbhadh Finn-
achta ag Greallach Dolluidh 'san bhliadhain 693, le
h-Aodh Mac Dlúithigh agus le Conghalach mac Chonaing.



Dálta mhórain de na naomhaibh budh mhó a rugadh
riamh, ní'l acht fíor-bheagan eolais againn fá óige
Naoimh Adhamhnain. A dtaobh ár Slánuightheoira É
Féin, ní'l fhios againn dadaidh ó bhí Sé dhá bhladhain
déag go rabh Sé deich mbliadhna agus fiche, acht go
deachaidh Sé síos go Násareth agus go rabh Sé umhal
do Iosep agus do Mhuire. Ní thugann an Bíobla
aon fhocal eile de thuairisc dúinn fá dtaobh de ar
feadhg na h-ocht mbliadhan déag sin. Ar an ádhbhar
sin, na bíodh iongantas ar aonduine, siocair nach bhfuil
eolas iomlain againn fá Naomh Adhamhnan.



Ronnat a b'ainm do mháthair Adhamhnain agus budh
de shliocht Enna, mac Fheargusa, mic Chonaill Gulban
í. Is dóighche go rabh a bunadh 'na gcomhnuidhe i dTír
Enna. Magh Íotha bhí ar an áit sin fad ó shoin agus an
Lagan atá ag bunadh an lae 'ndiu ar an chuid is mó
de'n áit chéadna. Is ann so a bhí sean chill Rath-
bhotha. Budh é Colum Cille a chuir an chill seo ar bun
agus tá dígheoise Rath-bhotha faoi choimirce Naomh
Choluim Cille agus Naoimh Adhamhnain.



Tá sé anns na sean leabhraibh go dearn Colum
Cille tairngireacht fá Adhamhnan mar leanas:




L. 18


D'fhan Adhamhnan ag scoil Chluana Eraird gur
fhóghluim sé Laidean, Eabhrais agus Gréigis agus
féadamuid a bheith cinnte go rabh sé cliste ag léigheadh,
ag scríobhadh agus ag labhairt a theangan dhúthchasaighe
féin, an Ghaedhilic, nó níor bhudh ghnáthach le scoltachaibh
na sean aimsire dearmad a dheanadh de theangaidh
a dtíre, mar righneadh anns na h-aoisibh deireannacha
seo i n-Éirinn. Bhí cliú aige go rabh sé an-léigheannta
'sa Scríbhinn Dhiadha agus go rabh sé cráibhtheach,
naomhtha, críonna, céillidhe, agus ar an ádhbhar sin,
ní rabh Finnachta meallta nuair a righne sé anam-
charaid de.



IV.
A n-aimsir Adhamhnain bhí righ a Sasain ar bh'ainm
do Ailfrith. Sul a bhfuair sé bheith 'na righ díbreadh
as a thír féin é agus tháinic sé go h-Éirinn. Budh
ghnáthach le macaibh léighinn a theacht, as an uile thír
a rah aithne uirthi, faoi'n spéir 'san am sin, chum na


L. 19


tíre seo, agus go h-áirid as an Bhreatain Mhóir, le
h-oideas a fhághail. Gheibheadh siad oideas, leabra
agus cothughadh anascaidh, agus is ró-olc an cúiteamh
a thug cuid d'a sliocht ar a son ó shoin. Flann Fionn
a bheirti ar an righ Ailfrith i n-Éirinn, agus dalta
Adhamhnain a bheir cuid d'ár staruidhibh air, ag cur i
n-iúil dúinn go rabh sé faoi oideachas ag Naomh
Adhamhnan.



An bhliadhain sul a bhfuair Flann Fionn a bheith 'na
righ, sé sin 'san bhliadhain 685, tháinic sluagh mór de
na Sasanaighibh anall go h-Éirinn faoi thaoiseach ar
bh'ainm dó Bertus, nó Berctus, agus scrios siad an
roinn de'n tír a tá eadar Droichead Átha agus Baile
Átha Cliath. Breagha is ainm do'n áit sin go minic
anns na sean leabhraibh. Muirtheimhne, dúithche Chon-
chulainn, a bheirti ar chonndae Lughmhaighe athuaidh ó'n
Bhóinn.



Tá seo i sean leabhar: "Chuaidh na Sasanaigh thuaidh
go h-Éirinn agus chreach siad Magh Breagha go
deachaidh siad comh fada le Bealach Dúin; agus thug
siad leo cuid mhór fear agus ban." D'agruigh fir
na h-Éireann ar Adhamhnan a dhul go Sasain d'a
n-éileamh. Bhí Adhamhnan 'na abb ar I, 'san am so,
agus bliadhanta roimhe, acht is cosamhail gur shíl na
h-Éireannaigh go ngéillfeadh Ailfrith dó-san níos
luaithche 'ná ghéillfeadh sé d'aon fhear eile bhí aca le
cur chuige.



Chuaidh Adhamhnan ar lorg na bpríosúnach agus chuir
sé asteach ag Trácht Romhra. Ní rabh na Sasanaigh
sásta léigean dó theacht fá thír ar an tráigh anns an


L. 20


áit sin, agus thug siad iarraidh eagla chur ar féin
agus ar a pháirtidhe. "Cuiridh bhur gcurraidh asteach
ar an tráigh," arsa Adhamhnan le n-a bhunadh féin, "nó
tá a dtalamh (talamh na Sasanach) agus a bhfairrge
umhal do Dhia agus ní féidir le dadaidh bheith deanta
gan A thoil-san."



Righne na cléirchigh mar h-iarradh ortha. Tharraing
Adhamhnan fáinne le n-a bhachall thart fá na curraighibh
agus ar an bhoimeinte chum Dia talamh tirm cruaidh
fútha, agus d'fhág Sé balla mór d'uisce na fairrge
thart timcheall ortha, ar mhódh gur oileán a bhí anns
an áit ann a rabh na curraigh agus go rabh an fhairrge
ag dul thart leo gan dochar a dheanadh dhóibh.



Nuair a chonnaic na Sasanaigh so tháinic crith-eagla
ortha roimhe Adhamhan, agus gheall siad ciobar b'é
a bhí sé iarraidh a thabhairt dó. Budh é d'iarr Adhamh-
nan na príosunaighe uilíg a fhághail agus geallamhain ó
na Sasanaighibh nach rachfadh siad go h-Éirinn a choidhche
arís leis an tír a chreachadh, "agus thug Adhamhnan na
príosunaighe arais abhaile" go h-Éirinn.



Is léar dúinn ó'n chunntas geárr a d'fhág Naomh
Adhamhan é féin againn go rabh castail charthannach
aige féin agus ag n-a dhalta, Ailfrith, ar a chéile,
agus deir na h-Annalacha go dtug sé trí fichid
príosúnach leis go h-Éirinn. Anns an bhliadhain 686
a thárlaidh seo. Cuireadh Adhamhnan chuig Ailfrith mar
theachtaire uair eile, nó b'fhéidir dhá uair. Tais-
beanann so an meas a bhí ag bunadh na h-aimsire sin
ar an naomh mór so.



Deirtear gur bh'é Colum Cille chuir suas an chéad


L. 21


teach pobail a Rath Bhoth acht tá'n dígheoise faoi n-a
choimirce-san agus faoi choimirce Naoimh Adhamhnain.
Budh de shliocht Enna, mac Néill Naoi nGiallaigh,
Ronnat máthair Adhamhnain. Is ionann Tír Enna an
ama sin agus barúntacht Ratha-Bhotha an lae andiu,
féadaim a rádh. 'Sí baramhail na sean ughdar gur
chaith Adhamhnan bunadhas a óige ag bunadh a mháthara,
acht cia h-aca tá so fíor nó nach bhfuil, is cinnte go
rabh an-dúil aige ann a mháthair agus tá scéal le
fághail againn anns na sean leabhraibh a cuireas a
n-iúil dúinn an chúram a bhí aige uirthi agus an aire
thug sé di-the, agus ní ceart dearmad a dheanadh dhe.



Seo é an scéal: -



Bhí Adhamhnan agus a mháthair ag siubhal thríd an
Bhreagha, comhgarach do'n áit a bhfuil baile Dhroichid
Átha anois. Nuair a tháinic siad comh fada le h-Abhainn
na Bóinne labhair Adhamhnan le na mháthair agus
dubhairt: -



"A mháthair mhuirneach, téidh ar mo dhruim go n-iom-
pruigh mé thar an abhainn thú."



"Ní rachfad," ars an mháthair.



"Cad chuige? Cadé is ciall duit sin a rádh?" arsa
Adhamhnan.



"Ní rachad," ar sise, "de bhrígh nach mac thú a tá
cúramach fá n-a mháthair.



"Cia ar féidir dó a bheith níos cúramaighe 'ná mé?"
ar seisean. "Nach gcuirim ar mo dhruim thú agus nach
n-iompruighim an uile bhealach thú? Nach dtógaim thar
na srothaibh agus na slodanaibh thú dó do chongbhail
suas ó'n uisce agus ó'n fhliuchlach? Ní'l fhios agam


L. 22


seirbhís ar bith d'a dearn mac ariamh d'a mháthair nach
ndeanaim duit, acht amháin an certan a ghnidheas mná
le bioraibh feola na bhfear cócaireachta. Agus nuair
nach dtig liom an certan a dheanadh, gléasfaidh mé
cruit bhinn duit, a mháthair dhílis, a bhéarfas sólas
agus sásamh dhuit agus cuirfidh nié cuing findruine
uirri."



Is léar dúinn ó'n scéal so go rabh Adhamhnan an-
chinealta d'á mháthair. Cá bhfuil an mac beo ar
dhruim na talmhan andiu a dtig leis an mhéid a
dubhairt Naomh Adhamhnan a rádh le n-a mháthair féin?
'San am chéadna is léir dúinn go rabh locht éigin
aici le fághail air, ciogar mhór a ghean uirri. Is
dóighche gur bh'é seo an modh a ghlac sí le geallstan
a thug sé dhí, lá amháin, a chur a gcuimhne dhó. Suas
go h-aimsir Adhamhnain bhí sé 'na chleachtadh ag mnáibh
a bheith ag troid a gcathaibh, go díreach mar ghníodh
na fir.



Lá amháin bhí Adhamhnan agus a mháthair amuigh ag
siubhal a chois na Bóinne, comhgarach d'áit ann a rabh
troid ag dul ar aghaidh. Chonnaic siad beirt bhan
agus corran sáithte ag duine aca a mbrollach na
mná eile agus í d'á streachailt 'na diaigh. Nuair a
chonnaic Ronnat an t-amharc gránna mío-nádurtha
sin thug sí ar Adhamhnan gealladh dhí go gcuirfeadh sé
cúl ar mhnáibh a bheith ag dul chum troda, dá mbéadh
sé choidhche 'na chumas.



Ní furus sean-ghnás nó sean-chleachtadh a chur ar
gcúl a n-áit ar bith agus go h-áirid i n-Éirinn, acht
bhí an oiread sin de mheas ar Naomh Adhamhnan agus


L. 23


an oiread sin d'urraim ag na h-Éireannaighibh dho gur
ghlac siad a chomhairle agus go dearn siad dligheadh
anaghaidh ban a dhul chum troda nó cogaidh.



Cáin Adhamhnain is ainm do'n dligheadh so agus
cuireadh i bhfeidhm í fá'n bhliadhain 700.



Is dóighche gur i dTeamhair na Ríogh a bhí an mhór-
dháil ag a dearnadh an dligheadh so agus na dlighthe
eile a dtugthar Cáin Adhamhnain ortha, agus gur san
bhliadhain 697 a righneadh iad. Rath na Seanadh a bhí
mar ainm ar an áit ann a rabh an cruinniughadh
aca. Bhí Pobal Adamhnain, Suidhe Adhamhnain, Cros
Adhamhnain agus Dumha Adhamhnain ar chuid de na
h-áiteachaibh astigh a Rath na Seanadh i dTeamhair.



V.
Anns an bliadhain 679 righneadh taégheadh ar Adhamhnan
a bheith mar abb ós ceann na mainistreach a n-oilean
Í. Budh é Naomh Colum Cille a chuir an mainistir
seo ar bun 'san bhliadhain 563, agus budh é righne
Críostaidhthe de bhunadh na h-Alban athuaidh, agus ar
an ádhbhar sin, bhíodh uachtaranacht ag Abbaidhibh Í ar
chléirchibh na tíre sin, agus ar na h-Easpoicibh chomh
maith leis na Sagairtibh. Bheir Beda Urramach dearbh-
ughadh dhúinn ar so anns an leabhar mheasamhail sin
a scríobh sé, .i. Stair na Sacsan. So mar deir sé:



"Budh ghnáthach le abb a bhíodh 'na shagart a bheith ar
an oilean so (oilean Í) a mbíodh síor-uachtaranacht
aige ós ceann cléir na críche uilíg, agus bhí siad ule
faoi na smacht agus faoi n-a dhligheadh, agus fós budh
dhlightheach do na h-easpoicibh féin, gidh gur neamh-
ghnáthach é, bheith umhal dó, do réir shompla an cheid


L. 24


doctúra a bhí ar an oilean a bhí 'na shagart agus 'na
mhanach acht nach rabh 'na easpoc."



Siocair nach rabh abb an oileain 'na easpoc, b'éigean
dó easpoc a chongbhail ar an oilean le Órd Bean-
nuighthe a thabhairt uadh, nuair a bhí sé riachtanach sin
a dheanadh.



Deir Beda anns an leabhar chéadna:



"Budh é Colum an chéad doctúr a thug an creideamh
Catoilice chuig na Pictibh anns an taobh athuaidh de
na sléibhtibh agus budh é an chéad duine a chuir suas
mainistir a n-oilean a bhí faoi urraim leis na cian-
taibh ag an iomad de phoibleachaibh na Scot agus na
bPict."



Bhí na Scot mar ainm ar bhunadh na h-Éireann a
gcomhnuidhe suas go dtí'n dómhadh h-aois déag.



Deir na Ceithre Máighistridhe anns na h-Annalaibh,
gur 'sa bhliadhain 574 bhí mórdháil Droma Cheata, acht
deir cuid eile de na h-ughdaraibh go rabh sé níos
moille 'ná sin. Tháinic Colum Cille chum na mór-
dhála so agus budh é a líon: "Fiche easpoc, dhá fhichead
sagart, caoga deocan, agus tríochad mac-cléireach
(ádhbhar sagart)." Is léar dúinn ó so gur éirigh le
Colum Cille an phágantacht a díbirt as an mhór-chuid
d'Albain.



Budh mhór an onoir a tugadh do Naomh Adhamhnan
nuair a cuireadh ós ceann mainistreach oileain Í é
'san bhliadhain 679. Bhí sé cúig bliadhna déag agus dá
fhichead d'aois fá'n am so agus budh é an naomhadh
abb é a bhí ar an oilean. So iad ainmneacha na


L. 25


n-abb, ó cuireadh an mhainistir ar bun go h-aimsir
Adhamhnain: -



1. Colum Cille d'éag an 9adh. lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 597.
2. Baoithin d'éag an 9adh. lá de mhí mheadhoin an tsamhraidh 600.
3. Laisren d'éag an 16ag. lá de mhí mheadhoin Fhóghmhair 605.
4. Fergna Brit d'éag 2adh. lá de mhí na Márta 623.
5. Seighine d'éag 12ag. lá de mhí Lughnasa 652.
6. Suibhne d'éag 11ag. lá de mhí Ghionbhair 657.
7. Cuimine Fionn d'éag 24ad. lá de mhí na bhFaoillidh 669.
8. Failbhe d'éag 22ad. lá de mhí na Márta 679.
9. Adhamhnan d'éag 23ad. lá de mhí mheadhoin an Fhóghmhair 704.



Bhí Naomh Colum Cille ag scriobhadh na Sailm
nuair a mhóthuigh sé an bás ag teacht air. Tháinig sé
chomh fada leis an áit sin anns an tríomhadh Sailm ar
fhichead a deir:



"Acht ní bhéidh easbhaidh aon mhaitheasa ortha-san a
lorgas an Tighearna," nuair a stad sé agus dubhairt
sé: "Scríobhadh Baoithin an chuid eile." Ghlac na
manaigh seo mar chomhartha gur bh'é Baoithin budh mhaith
le Colum Cille a chur ós a gceann, agus bhí an oiread
sin de mheas aca ar an Naomh gur lean siad do'n mhódh
taégheadh so go ceann fada andiaigh an ama sin.



Budh chlann an dá dhearbhrathair Colum Cille agus
Baoithin. Budh é Féidhlim mac Fheargusa Ceannfada
mic Chonaill Ghulban, athair Naoimh Choluim Cille agus
budh é Brenan mac Fhergusa Cennfada mic Chonaill
Ghulban a b'athair do Bhaoithin agus is sónraidheach an
nidh é go bhfuair sé féin agus Colum Cille bás ar
an lá céadna de'n bhliadhain, sé sin, an naomhadh lá
de mhí mheadhoin an tsamhraidh.



Is ó Naomh Baoithin a tá'n parráiste is fuide soir
i ndigheoise Rabh-Bhoth', anaice Chonndae Dhoire,


L. 26


ainmnighthe. Teach Baoithin is ainm dó anns an Ghaedhilic.



So scéal a tá le fághail anns na sean leabhraibh
fá Naomh Bhaoithin:



Chuir Coluin Cille Baoithin faoi chúram Naoimh Chol-
main, Ela, le oideas fhághail uadh. Thuigeadh Baoithin
an t-oideas réidh go leor acht bhí droch chuimhne aige
agus ní thainic leis greim a chongbhail ar an teagasc
a gheibheadh sé ó Naomh Cholman agus ní rabh sé ag dul
ar aghaidh mar budh mhaith leis. Lá amháin tháinic an
oiread sin iargnaoidh ar an naoimh leis gur bhuail sé é.
Ní rabh Baoithin sásta acht oiread, agus d'fhág sé an
áit agus d'imthigh leis béal a chinn. Shiubhail sé leis go
dtáinic sé go coill mhór. Casadh fear annsin dó agus
é ag deanadh tighe. Bhí creataidhe sáithte 'sa talamh
aige agus bhí sé ag fighe slat asteach agus amach
eatorra, go díreach mar ghnidhthear na cléibh anois.
Shíl Baoithin gur bh'fhadalach an obair a bhí ar an
fhear acht d'fhan sé chomh fada sin ag amharc air gur
shónruigh sé an teach ag fás beagan níos áirde
agus dubhairt sé: "Dá n-oibrigheann-se chomh dícheal-
lach ag mo chuid léighinn agus tá an fear so
ag deanadh ag cur suas tighe, is dóighche go bhféad-
fainn a bheith 'mo scolair go fóill." Tháinic cíoth
trom fearthanna air annsin agus chuaidh sé a bhfoscadh
faoi chrann darach. Annso chonnaic sé braon uisce
ag tuitim ó dhuilleog ar an bhall amháin a gcomh-
nuidhe. Bhrúigh sé le n-a shál ar an áit so go
dearn sé log beag agus níor bhfada go rabh an log
so líonta ag an t-aon bhraon. "Dá bhfóghluimnigh-
eann-sa go dícheallach, ciogar maol mé, gan amhrus


L. 27


bhéidhinn 'mo scolair go fóill," ar seisean leis féin.
Thionntuigh sé ar ais agus thoisigh sé ag fóghluim ar a
dhícheall agus tá sé 'na naomh go h-árd a bhflaitheas
Dé anois.



Budh chóir do mhacaibh léighinn na haimsire seo
aithris a dheanadh ar Naomh Bhaoithin, ionnus go mbéidh
Éire arís mar bhí sí anns an tsean aimsir, 'na
h-oilean naomh agus ollamh.



Bhí Naomh Adhamhnan 'na ughdar agus 'na fhile.
Scríobh sé Beatha Naoimh Pádraic, Stair na h-Éireann,
Dlighthe na hÉireann, Dánta, Beatha Naoimh Choluim
Cille, agus leabhar fá na h-Áiteachaibh Naomhtha.
Fáraor, ní'l le fághail anois againn díobhtha so acht
an dá leabhar deireannach agus beagan de na dán-
taibh. Is a Laideann atá an dá leabhar so scríobhtha
agus is í baramhail na n-ughdar is léigheannta go
bhfuil siad ar fheabhas agus nach bhfuil sárughadh ortha.



VI.
Deir Adhamhnan é féin nach rabh an Laidean go
líomhtha aige agus glacann sé a leithsceal fá so anns
an chéad duilleog de Bheatha Choluim Cille. Budh
ghnáthach le móran de na naomhaibh, fad ó soin, so a
dheanadh, ag taispeaint a n-umhlachta agus a gceann-
sachta. Má fuair Adhamhnan agus na naomh so droch-
mheas ortha féin tá meas mór ag Críostaidhaibh an
domhain go léir ortha anois, agus is mó 'na sin an
meas a tá ortha a bhflaithis Dé. 'Sí baramhail Innes,
ughdar nach bhfuil ró-thuctha do mholadh na n-Éireannach,
"gur b'é Beatha Choluim Cille an bhithscríbhneoireacht


L. 28


is feárr agus is iomlaine le fághail 'san Eorpa go
h-uile, ní h-é amháin anns na céad aoisibh, acht fós
anns na h-aoisibh meadhonacha go léir."



Dubhras cheana go rabh Adhamhnan cúig bliadhna déag
agus dá fhichead d'aois, nuair a cuireadh ós ceann
Mainistreach Í é, anns an bhliadhain 679, agus ní h-é
amháin ós ceann na mainistreach sin, acht bhí uachtar-
anacht ag Abb Í a gcomhnuidhe ar na mainistiribh eile
a chuir Naomh Colum Cille ar bun i n-Éirinn agus a
n-Albain. 'Na chuideachta so bhí cúram na h-Eaglaise
anns an áird thuaidh d'Albain go léir air, agus níor
bheag an rud so nuair atá 's againn go rabh fiche
easpoc le Colum Cille go mór-dháil Dhroma Cheata
'san bhliadhain 574. Ní rabh sé acht aon bhliadhain déag
a n-Albain 'san am so agus féadamuid a bheith cinnte
go rabh a bhfad níos mó 'na so d'easpocaibh faoi sul
a bhfuair sé bás 'san bhliadhain 597.



Thuig na manaigh nuair adubhairt Colum Cille
"Scríobhadh Baoithin an chuid eile," gur fhág sé an
cúram so go léir ag Baoithin. Bhí na h-Éireannaigh
tuctha ariamh, agus tá andiu, do shean-ghnás nó sean
chleachtadh a leanamhaint, agus trí bliadhna andiaigh
bháis Choluim Cille, nuair a d'éag Baoithin, d'fhag sé
Laisren ós ceann na mainistreach agus d'fhág Laisren
Fergna Brit agus mar sin síos go dtí'n t-am ar
bh'éigean d'Abb Í athrughadh o'n oilean sin go Ceannus,
anns an áird shiar dtuaidh de chonndae na Midhe i
n-Éirinn, siocair go dtáinic na Lochlannaigh dhá uair
ar an oilean agus gur chreach siad é agus gur mharbh
siad na manaigh. A n-aimsir Cheallaigh, an naomhadh


L. 29


abb déag, fá'n bhliadhain 804, a thárlaidhseo. Chongbhuigh
cuid de na manaighibh greim ar an áit suas go dtí
tús na tríomhadh h-aoise déag. Budh é Amhalghaidh Ó
Firghil, a bhí 'na abb ar mhainistir Dhoire tamall, an
t-abb deireannach a bhí ar Í, agus b'anns an bhliadhain
1203 a righneadh é thaégheadh.



Is cosamhail go rabh dithfir bheag eadar an t-am a
gcongbhuigheadh na h-Éireannaigh an Cháisc agus an
t-am a gcongbhuigheadh na Catoilicidhe 'san Róimh agus
a n-áiteachaibh eile í. Lean na h-Eireannaigh go dílis
agus go cneasta do'n am a fuair siad ó Naoimh
Pádraic, acht h-athruigheadh an t-am anns an Róimh
réir mar bhí riachtanas leis.



Bhí dithfir mar an gcéadna anns an dóigh ann a
rabh an ghruag beártha ag cléirchibh na h-Éireann agus
ag na cléirchibh a n-áiteachaibh eile. Is beag suim a
chuirfeamuis anns an cheist seo anois. Is cuma linn
caidé'n cineal beártha tá ar ghruaig cléire nó tuata,
acht níor bh'amhlaidh dhóibh fad ó shoin.



Tháinic na Sacsanaigh go h-Éirinn fá'n bhliadhain
696 agus d'éirigh leo creach mhór a thabhairt ar shiubhal.
Chuaidh Adhamhnan chuca ag éiliughadh na creiche. Chruinnigh
cuid mhór easpoc agus cléir le tabhairt air a bheith ar
aon ghnás leo féin a dtaoibh na Cásca agus modha
beártha na gruaige agus bhí diospoireacht fhada
eatorra. Chaith siad suas le Adhamhnan go rabh a
ghruag-san beártha ar an dóigh chéadna a rabh sí
beártha ag an draoi Simon Mágus, sé sin ó chluais
go cluais ós ceann chláir a éadain. Do fhreagair
seisean nár bh'amhlaidh bhí acht go rabh sé ag


L. 30


leanmhaint an dóighe ann a rabh sí beártha ag Eoin
Bruinne.



"Ghrádhuigh Naomh Peadar ár Slánuightheoir agus tá
a mhodh beártha-san againne," ar siad-san.



"Ghrádhuigh ár Slánuightheoir Naomh Eoin Bruinne
agus tá a bhearradh-san orm-sa," arsa Adhamhnan.



Fá dheireadh ghéill Naomh Adhamhnan dóibh agus
dubhairt sé go gcongbhóchadh sé an Cháisc 'san am
chéadna a gcongbhuigeadh siad-san í, agus go bhfuigheadh
sé a ghruag beártha ar an chaoi chéadna ann a rabh sí
beártha aca-san, nuair a shroichfeadh sé a mhainistir
féin. Dubhradh leis nach ndeanfadh sin cúis agus go
gcaithfeadh sé an bhearradh céadna fhághail ar a chuid
gruaige anois agus bhí ortha-san.



Bearradh é annsin agus tugadh an chreach dó, agus
chuaidh sé abhaile go h-Í agus Beda urramach ann a
chuideachta. Dhiúltuigh a chuid manach athrughadh ó'n
tsean ghnás a dtaoibh an bheártha agus a dtaoibh na
Cásca. Fiche bliadhan andiaigh an ama sin .i. 'san
bhliadhain 716 thug na manaigh asteach agus chongbhuigh
siad an Cháisc ar aon lá leis na Catoilicibh ar fud
an domhain.



Tháinic Adhamhnan go h-Éirinn agus b'fheárr an
chomhairle bhí aige ar bhunadh na tíre seo 'ná bhí aige
ar na manaighibh thall i n-Í. Thug siad urraim agus
meas dó agus chongbhuigh siad an Cháisc ariamh ó
shoin ar an lá céadna bhí leagtha amach ag na
Críostaidhibh eile. Stad na mná ó dhul chum troda,
agus thug na h-Éíreannaigh asteach do na dlighthibh
eile a dtugthar "Cáin Adhamhnain" ortha.


L. 31


Chaith Adhamhnan seacht mbliadhna anns an tír seo
ag chomhairliughadh na ndaoine agus ag cur "Cána
Adhamhnain" i bhféidhm. Ní'l cinnteacht cheart againn
go rabh sé ariamh na easpoc, acht is í baramhail
choitcheann na ndaoine go rabh. Ní innistear dúinn
anns na leabharaibh a tá le fághail againn anois cár
chaith sé na sé nó seacht de bhliadhantaibh deireannacha
d'a shaoghal, acht is dóighche gur chaith se cuid mhaith de'n
am so ag na ghaoltaibh ar thaobh a mháthara a Rath-Bhoth,
agus is dóighche mar an gcéadna go dearnadh easpoc
de fá'n am so mar chúitiughadh ar son an mhéad maith-
easa a righne sé do'n Eaglais agus do'n tír go
h-iomlan agus le taispeaint do na manaighaibh thall
i n-Í nach rabh sé ceart aca bheith easúmhal nó neamh-
urramach dó.



Budh é Colum Cille a chuir mainistir ar bun a
Rath-Bhoth ar dtús agus ar an ádhbhar sin bhí sí féin
agus na mainistreacha eile a chuir sé suas i nÉirinn
faoi riaghal Adhamhnain. Righneadh dígheoise de Rath-
Both níos luaithe 'ná righneadh d'aon mhainistreach eile
aca agus áirighthear gur bh'é Naomh Adhamhnan an chéad
easpoc a bhí ós a ceann. Atá'n dígheoise faoi choimirce
Naoimh Choluim Cille agus Naoimh Adhamhnain agus
goirthear Comharba Adhamhnain, agus Comhárba Choluim
Cille ar easpoc na dígheoise seo anns na sean-
leabhraibh.



Anns an bhliadhain 1901, ar impídhe an Easpoic Ró-
Urramach Uí Dhomhnaill, d'fhuagair an Pápa Ró-
Naomhtha Leo XIII go bhfuil Dígheoise Rath-Bhoth
faoi chomhchoimirce Naoimh Choluim Cille agus Naoimh
Adhamhnain.


L. 32


VII.



Dubhras cheana nach bhfuil cinnteacht nó cruthughadh
ceart againn go rabh Naomh Adhamhnan 'na easpoc, acht
faraor, tá móran eile de stair ár dtíre a thárlaidh
fá'n am so nach bhfuil le fághail againn anois. Scrios
agus dhóghaidh na Lochlannaigh na mainistreacha agus
na láimhscríbhínidhe bhí ionnta agus is mór an t-ion-
gantas go bhfuil aon cheann aca fágtha. Agus a
n-aimsiribh níos ndeise dhúinn, dá bhfághfaidh sean
scríbhín nó sean leabhar Gaédhilge i dteach ar bith, budh
leor sin le droch bharamhail na riaghaltoir, agus
b'fhéidir a ndíoghaltas, a tharraingt anuas ar an té
ar bhudh leis é.



Ní'l fhios againn cá h-uair a scríobh Naomh Adhamhnan
an leabhar luachmhar sin Beatha Choluim Cille, acht is
dóighche gur fá'n am so a scríobh sé é. Tuigtear as
an leabhar é féin gur i n-Í a scríobhadh é agus gur ar
impidhibh na manach a righneadh an obair.



Andiaigh beatha naomhtha a chathadh agus obair thairbh-
each a dheanadh ar son Dé, ar son na h-Eaglaise
agus ar son a thíre, fuair an Naomh mór cáileamhail
seo bás ar an tríomhadh lá fichead de Mhí Mheadhoin an
Fhóghmhair, 704 anns an h-ochtmhadh bliadhain déag agus
trí fichid d'aois.



Ciobar b'é dóigh a n-amharcamuid ar Naomh Adhamh-
nan is léar dúinn go rabh sé 'na naomh mhór agus
'na fhear chéimeamhail. Molann na sean ughdair go
mór é agus bheir siad eagnaidhe an domhain shiar air:
"Adhamhnan Ua Tinde árd-ecnaidh iarthair domhain."


L. 33


Is mar so a scríobhas na Ceithre Máighistridhe fá
dtaobh de: "Bhí Adhamhnan 'na fhear mhaith, réir
fiadhnaise Bheda Urramaigh, nó bhí sé tuctha do dheoraibh
agus d'aithrighe; bhí sé dícheallach; bhí sé 'na throisctheoir
agus staonach; tuctha d'urnuighthe agus do'n mheas-
ardhacht; níor ith sé aon ghreim bidh acht Dia Domhnaigh
agus Diardaoin; righne sé sclábhuidhe dhe féin mar
gheall ar na subhailcidhibh so; agus 'na chuideachta so
bhí se críonna agus tuigsint iomlan aige ar Scriop-
tuiribh Naomhtha Dé."



"Acht d'aimhdheoin seo budh mhinic a thug an diabhal
iarraidh cathughadh a chur air. Thigeadh sé chuige a
gcumadh daonda agus chuireadh sé ceisteanna cruaidhe
achrannacha air. Uair amháin tháinic sé go h-Í mar chorp
dhuine mhairbh agus nuair a bhíthear d'á chur d'éirigh sé
aniar agus thoisigh sé ag cur ceist ar an phobal acht
d'fhuascail Naomh Adhamhnan iad go léir."



B'iomdha turus fada dócamhlach a b'éigean d'Adhamh-
nan a dheanadh ann a shaoghal; b'iomdha cruinniughadh a
b'éigean do a bheith aige; agus b'iomdha réidhteach a
b'éigean dó a dheanadh leis an chléir sul ar éirigh
leis tabhairt ortha géilleamhaint do cháin Adhamhnain,
d'athrughadh na Cásca agus do'n mhodh beártha a tá ag
an chléir ar a ngruaig ó'n lá sin go dtí'n lá 'ndiu.



Budh mhór an chommaoin a chuir sé na mná faoi agus
is ró-mhór an buidheachas is cóir dóibh a bheith aca air'
siocair gur shaoruigh sé iad ó dhul chum troda. 'San am
chéadna agus go cean fada 'na dhiaigh bhí sé d'fhiachaibh
ar chléirchibh a dhul chum troda mar an gcéadna agus


L. 34


b'as Tír Chonaill an fear naomhtha a chuir an gnás sin
ar gcúl. Fothadh na Canoine a b'ainm do'n fhear a
righne an deagh-obair seo. Bhí sé 'na abb i bhFathan
Mhura i n-Inis Eoghain agus bhí sé 'na oide ag Aedh
Oirnidhe, Árd Righ Éireann ó 793 go 817.



So mar bhí. Bhí Aedh Oirdnidhe ag dul chum troda
leis na Laighnighibh 'sa bhliadain 799, agus thug sé ar
Chonmac, Árd Easpoc Ardmacha, agus a chuid cléir a
dhul leis. D'éagcaoin Conmac agus na cléirchigh leis
an árd rígh fá'n chruadhas agus an doilgheas a bhithear
ag cur ortha d'a dtabhairt chum catha, nuair a b'feárr
leo síothchain agus carthannas a bheith eadar na daoinibh.



Dubhairt an t-árd righ go bhfuigfeadh seisean an
cheist ag Fothadh le socrughadh. Budh é an breitheamhnas
a thug an fear sin, nár cheart do chléirchighibh a dhul
chum catha. Canoin a bheirthear ar an bhreitheamhnas so
agus tá Fothadh na Canoine mar ainm ariamh ó shoin
ar an té a thug é.



'Sé chialluigheas Adhamhnan Adhamh beag, 'se sin little
Adam. Deirtear agus litrighthear an t-ainm seo ar
níos mó de dhóigeannaib 'na aon ainm eile, agus ar
an ádhbhar sin, ní furus lorg a chur ar na cealltrachaibh,
agus ar na mainistreachaibh a chuir sé ar bun agus a
fuair a n-ainm uadh.



Tá na h-áiteacha so a leanas faoi choimirce Naomh
Adamhnain, nó táithighe le n-a ainm:



Druim Thuama (Drumhome); an áit ann ar rugadh
é. Chuir Colum Cille mainistir ar bun annso.



Rath-Bhoth; bhí "leabaidh Adhamhnain" ann an áit seo.


L. 35


Budh é Colum Cille a chuir an chéad mainistir ar bun
annso.



Droichead Adhamhnain, eadar Rath-Bhoth' agus Leith-
bhior; Ballindrait (Baile an Droichidh) atá ar an áit
anois.



Greallach, a bparraiste Chluana Catha i n-Inis
Eoghain. Templemoyle is ainm do'n áit i mBéarla.



Aireacal (Errigal), parraiste i nDígheoise Dhoire.
Aireacal Adhamhnain a b'ainm do'n áit roimhe seo.
Sé'n chiall a tá leis an ainm seo, árus nó teach nó
seomra.



Dúnbó agus Boithfheabha i nDígheoise Doire.



Scrín; Tobar Adhamhnain, agus Droichead Adhamhnain
i nDígheoise Uí Fhiachra Muaidhe (Killala).



Pobal Adhamhnain, Cros Adhamhnain, Suidhe Adamhmhnain
agus Dumha Adhamhnain, i dTeamhair a gcondae na
Midhe.



Tá mórán eile d'áiteachaibh i n-Éirinn agus a
n-Albain a bhfuil baint aca le Naomh Adhamhnan.
Bí an oiread sin de dhúil ag bunadh na h-Alban anns
an naomh so gur ghnáthach leo Giolla-Adhamhnain a
thabhairt ar dhuine d'a gcloinn.



Anns an ghéar-leanmhain a deachaidh na h-Eireann-
aigh tríd ní bhéadh iongantas dá ndeanfaidhe dearmad
ar na laethibh saoire agus ar na féilibh bhíodh aca a
gcuimhne na Naomh, acht anois nuair atá'n ghéar-
leanmhain sin thart, táthar ag cur suas teach pobal
ar ais agus ag congbhail Féile a n-onoir na Naomh
mór beannuighthe bhí aca i n-Éirinn fad ó shoin, agus


L. 36


féadamuid bród agus luathgháir a bheith orrainn i dTír
Chonaill fá'n árd-teampoll mór áluinn a chuir an
t-Easpoc, Ró-Urramach Ó Domhnaill suas i nDígheoise
Rath-Both' faoi comairce Naoimh Choluim Cille agus
Naoim Adhamhnain, agus féadaim a rádh nach bhfuil
sárughadh Árd Teampoll Naoimh Adhamhnain le fághail
anns an domhan arís ar son a Ghaedhealtachta agus
a fheabhsa ar an uile dhóigh, agus is iomchubhaidh agus
is ceart an rud é gur Easpoc de shliocht uasail
Chonaill Gulban a righne an obair mhór so. Mar an
gceadna cuir sé suas Colaiste Naoimh Adhamhnain
agus ní'l a leithid le fághail d'a mhéid i n-Éirinn nó
b'fhéidir a n-aon tír eile.



Agus ní'lthear ag deanadh dearmaid de Naomh Cholum
Cille acht oiread. Anns an Árd Teampoll i Leitir-
ceanainn, ar thaobh na láimhe deise, mar rachfa suas chum
na h-altoire móire, tá colamhan a bhfuil móran de
thréarthaibh Choluim Cille greannta air, agus anns an
taobh chéadna de'n teampoll tá Altoir Naomh Choluim
Cille, agus shuas ós ceann na h-altora chidhfidh tú a
phioctuir a gcuideachta mhórain Naomh eile a rugadh
i dTír Chonaill agus a bhfuil parraistidhe Rath-Bhoth,
faoi n-a gcoimirce.



Shíos a nDoire tá árd teampoll bréag mór áluinn
coisreactha do Naomh Cholum Cille agus budh é an
tEaspoc Ró-Urramach Ó Dochartaigh, easpoc eile de
shlioct Chonaill Gulban, a chuir suas é, tá tamall
geárr ó shoin, agus tá Colaiste Choluim Cille aca a
nDoire mar an gcéadna, Ar an ádhbhar sin, ní


L. 37


baoghal dúinn na naoimh móra so a léigean as ár
gcuimhne, agus a n-áit sin tá súil as Dia agam gur
mó a mhéadóchas a ngrádh agus a ndílseacht ann ár
gcroidhthibh le h-imtheacht na mbliadhan.



Agus ní cóir damh dearmad a dheanadh de'n lá mór
a bhí againn a nGartan, an áit ann ar rugadh Naomh
Colum Cille, ar an naomhadh lá de mhí mheadhoin an
tsamhraidh 'san bhliadhain 1897, 'sé sin 1300 bliadhan
andiaigh a bháis. Lá mór do'n Ghaedhealtacht agus do'n
Gaedhilic a bhí ann. Féadaim a rádh gur cruinniughadh
Gaedhealach a bhí ann ó bhun go bhárr. Bí níos mó 'ná
deich míle duine cruinnighthe as an uile chearn anns
an pháirc an lá sin, agus budh chuma cia h-aca soir nó
siar, anonn nó anall a rachfa, Gaedhilic a bhí le cluin-
stean agat. Ní raibh Connradh na Gaedhilge ró-láidir
'san am sin agus is í mo bharamhail gur chuidigh
cruinniughadh an lae sin níos mo leis 'ná aon nidh eile
d'ar thárlaidh ó cuireadh ar bun é.



Bhí díleagra a nGaedhilic do'n Cháirdineal Ó
Mhaolmhudhoig; bhí seanmoir a nGaedhilic ó'n Athair
Aindrias Mhac Niallghuis; bhí óraideacha Gaedhilge ó'n
Cháirdineal, ó'n Easpoc Ó Domhnaill, ó Mhons. Mhac
Fhloinn, ó Pheadar Mhac Geannfhaele, ó Ántoine Ó
Dochartaigh agus ó'n Athair Eadhmonn Ó Caiside.
Fuair an t-Athair Mac Niallghuis agus an t-Athair Ó
Caiside bás ó shoin, síothchain Dé go rabh aca.



Bhí litreacha Gaedhilge ó'n Chanoin Mhac Pháidín, a bhí
amuigh a gCathair Naoimh Proinnseais a gCaileafóirnia
an t-am sin; ó'n Doctúr Ó Dochartaigh, Ollamh a
gColaiste na n-Éireannach a bPáiris; ó E. T. Mac
Criostamhail, Piaras de Cent, 'Liam ó Bailbh agus ó


L. 38


Pádraic Ó Broin, ar son Chumainn na Gaedhilge a
Nuaidh Eabhraigh; ó'n Doctúr Mícheal P. Ó h-Iceadha,
Ollamh a gColaiste Mhagh Nuadhat, ó'n Doctúr Séamus
Mhac Geannfhaele, Ollamh a gColaiste Mhagh Nuadhat,
agus ó dhaoinibh eile.



Budh í Gaedhilic an lae sin an chéad Ghaedhilic a
cuireadh asteach anns an Freeman ariamh.



VIII.
So dán a chum an t-Athair Séanius S. O Domhnaill,
a bhí an uair sin ós ceann Scoile Naoimh Choluim anns
na Ceallaibh Beaga, agus a tá 'na shagart parraiste
i gCill Charthaigh anois. Léigheadh é ag cruinniughadh
Ghartan agus bheirim mo bhuidheachas go mór dó ar son
go dtug sé cead damh é chur anns an leabhairín seo.



LAOIDH A n-ONOIR CHOLUIM CILLE.



Tá guth bródamhail Thír' Chonaill go h-álúinn andiu,
A' muscladh 'n mhac-alla go h-árd 's go tiugh;
Tá cléirigh 'na gcoistibh go Gartan a' triall
O bhailtibh na conndae go fras 's go fial.



Tá'n pobal go cráibhtheach ag urnuigh 'sa ghleann,
'S gan fascadh na scathlainn' féin cumhdach a gceann,
Tá na sagairt maith' cóirigh' 's an t-Aifreann d'a rádh
Ar altoir an-scéímheamhail le ró-bheagan scáth.



Tá Clann Chonaill go céimeamhail 's go tréanmhar
annso
Le prionnsa ár dteampoill, Tighearn' Easpoc Rath-
Bhoth;


L. 39


Tabhairt buidheachais 'gus altughadh do Dhia Mhór gan
mhoill,
Ar son na ngrása a phronn sé ar Naomh Cholum Cill'



Naomh Colum gan amhrus ár gcoluman féin,
Rugadh ar an leic seo tá ceithre chéad déag bliadhan;
Mac Fhéidhlimidh 'gus Eithne ó'n fhuil uasal úd thall,
Sliocht Chathair Mhóir agus Néill na Naoi nGeall.



Sean Cruithneachan dílis chuir uisce ar a cheann,
'S a n-ainm na Trionoid' ghlan peacadh na seann,
'Gus bhaist an naomh dúinn is mó, baisteadh 'n Éirinn
ariamh
I miorbhuiltibh, a ngrása 's i n-éifeacht a ghníomh.



Tá'n t-iomradh go coitcheann gur ar scoil ag Mágh
Bhil',
A baisteadh do chéad uair an Columan Cill':
Nó gur Criomhthan a b'ainm dó 'sa tír s-aige féin
Fá Ghartan an Dubhghlaise 's fá Chillibh mhic Néin.



Nach iomdha sin áit a bhfuil lorg a láimh',
'Mhullach sléibhte fuar síontach 'gus gleanntain gan
dáimh;
Ar oilean lom uaigneach faoi éag-fhuaim na dtonn,
Féach a chlog-theach trom-loitighth' 's a theampoll gan
bonn.



Budh é mhian a bheith gcomhnuidhe ag urnuigh nó scríobh',
Nó teagasc na bráithre a bhfóghluim na Naomh;
A' seinm na Sailm le luath-cheol na n-éan,
Nó 'g órnughadh na Soisceal le n-a mháighistir-láimh
féin.


L. 40


Pátrún lucht' fóghluim', caraid dílis na mbárd,
Le láighce neamh-lochtach, le guth milis árd;
Phléadail sé 's bhuaidh sé a bpárdún ó'n righ,
Gidh gur throm doimhin a gcortha a n-éadan a' dlighe.



Ar shiocair dó dhíbhirt' thar an tsáile anonn,
Ann do churrach bheag shuarach ar ucht bhán na dtonn;
'N áit do chomhnuidhe gur éag tú ar oilean fhann mhaol
'Bhfad ó Éirinn do shearc-ghrádh 's do cháirdibh síor-
ghaoil,



Ní labhraim; nó ar scéalta' go laetheamhail i mbéil
Staruidhe 's lucht úghdar, ag tuataibh 's ag cléir,'
Nó ar chaonach Chúil Dhréimhne báidhte le fuil
Thrí mhíle fear gaisceamhail d'fhág díleachtuidhth' gol.



Fad 's bhéas tuilte na n-áird-chnoc 'na rioth 'sa "tSean
Ghleann,"
Nó tonnaidhe thréan' Thoraighe ag greadadh na mbeann;
Nó aingle geal' Dhoire ag eiteall' ar Neamh,
Nó éisc luthmhar' Loch' Ghartan go meidhreach 'sa tsruth;



Béidh cuimhne ar an lá so 'sna bliadhantaibh le theacht,
Ag uachtran' na n-am sin a's a mbéidh faoi na smacht,
'S ní chríonfaidh 's ní smolfaidh, 's ní rachfaidh ar moill,
Bród beannuigh' Chloinn' Chonaill as Naomh Cholum
Cill'.



A Naoimh neartmhair ar talamh, 's níos cumhachtaighe ar
neamh;
Dearc anuas ar an chruinniugadh so a nGartan andiu,
'Gus fágh dhúinne tá díbeartha i ngleann so na ndeor
Bheith leat-sa go síorruidhe a' moladh Dé annsan ghlóir.


L. 41


Bhí abhrainn Gaedhilge ó'n Athair Pádraic Ó
Mhaolmhudhoig, Sagart Parraiste Chill Charthaigh, agus
ó'n Athair Mhac A' tSaoir, Ard a' Ratha, a tá anois
ar shluagh na marbh, go rabh Dia fabharach d'a n-anam-
aighibh.



Thug Maolmuire Mac Suibhne, as an Chlochan Liath,
Beannacht Choluim Chille ar na Rosaibh, uadh agus so í.



"Coimirce na h-Óigh beannuighthe agus Cúirt na
bhFlaithis go léir go rabh orraibh, a Rosa. Beannachta
ó'n Athair, beannachta ó'n Mhac, agus beannachta ó'n
Spiorad Naomh go dtuirlingidh orraibh.



Beannuighthe go rabh bhur Mic, toramhail go rabh
siad i ndéagh-ghníomhaibh, agus daingean i gcreideamh.
Beannuighthe go rabh bhur dtaoiseacha agus bhur laoch-
raidhe, go rabh buaidh a gcomhnuidhe ar a lannaibh ag
troid ar son an chirt. Beannuighte go rabh bhur lucht
oibre - lucht saothruighthe na talmhan, tiomanuidhthe
creacht agus iascairidhe na mara chubhar-bháin. Beann-
uighthe go rabh bhur dtáinte géimneacha agus bhur
dtréada lomracha, go méaduighthear iad ar mhodh go
mbéidh sibh gan díogbhail, gan easbhaidh. Go dtugaidh an
driucht agus an fhearthainn agus an ghaoth torthamhlacht
ar bhur machairibh, ar bhur dtulaighib agus ar bhur
ngleanntaidhibh. Líonta le h-iasc go rabh bhur bhfairr-
gidhe, bhur lochanna, bhur n-aibhneacha agus bhur
srothanna.



Gurab iad so iad do bheannachta, a Rosa an ghairbh-
fhraoich agus na n-iomad ngeal-tráigh, go saoghal na
saoghal. Amén."



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services