Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ciall na Sean-Ráidhte
Title
Ciall na Sean-Ráidhte
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1920
Publisher
Ó Cathail agus a Bhuidhin, Teo.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. Is Minic Cú Mall Sona. Bhí fear de mhuintir Mhic Giolla Cearr na innilteoir ar Oileán na Ríoghna i mBéilfeirsde ach chlis a chuid oibre air, agus b'éigin dó stad. Chá rabh obair eile le fághail aige agus dá mbeadh an obair le fághail féin aige ní maith a d'fhóirfeadh obair eile dhó. Bhí a cheárd féin aige agus ba leor dó sin, ach nuair cuireadh as a áit é níor bhfuras áit fhóirstíneach eile d'fhághail. Do hinnseadh dó go rabh obair de'n tseort fairsing go leor i Meiricea, ach chan i Meiricea a bhí sé ach i nÉirinn agus char mhaith leis glanadh as an tír. Dá mbeadh fonn imtheachta féin air bhí sé gann in airgead agus ba mhór leis luach an turais d'íoc agus go mb'fhéidir go gcaitheadh sé teacht arais arís dá gcliseadh air thall. Maidin amháin Chuaidh sé go dtí an tOileán (ní hé an tOileán Úr, ach Oileán na Ríoghna) d'fheiceáil an rabh aon tuairim go mbeadh obair le fághail aige go goirid. Dubhradh leis go rabh long mhór a snaidhmeadh san áit sin, an Titanach, ar tí imtheacht go Meiricea i gcionn seachtmhaine; go rabh fuireann innilteóra ceaptha duíthe cheana féin,
ach dá mbadh mhaith leis an turas do dhéanamh gur bhféidir dó gabhail mar chuidightheoir, agus go bhfuigheadh sé an pháidhe chéadna do bhíodh ag teacht dó nuair a bhíodh sé ag obair sa' bhaile. Bhí luthgháir an domhain air agus dubhairt ar an bpointe go rachadh sé go fonnmhar. Ó bhaile-phuirt i Sasanaibh bheadh an long ag triall ach i gcionn dhá lá bheadh long eile ag fágáil Bhéilfeirsde le freastail uirthe sul a n-imthigheadh sí agus d'fhéadfadh Seaghán (Seaghán do bhí mar ainm díleas air) gabhail ar an luing sin go dtí Sutamton mar a rabh an Titanach na luighe agus do ghabhail ar bórd in súd. Tráthnóna Dia haoine ar a naoi a chlog a bhí socruighthe do'n luing imtheacht. Cha rabh barraidheacht ama fágtha ag Seaghan. Bhí a neitheanna le cur ar bórd na luinge. Bhí air slán fhágáil ag a cháirdibh. Buachaill lághach aereach do bhí ann agus bhí móran carad aige ar fud na cathrach agus chaithfeadh sé gabhail thart le hiad d' fheiceail. Cha rabh dúil aige pilleadh go luath. B'eidir go mb' fhada an lá sul a bhfeiceadh sé arís iad. Ach d' eirigh leis go maith agus tráthnóna Dia hAoine bhí a bhagaiste ar bórd agus uair le spárail aige sul a n-imthigheadh an long. Is annsin shmuainigh sé in a inntinn féin go rabh seal cáirde aige sul a n-imthigheadh an long, agus go mbeadh faill aige seársa a thabhairt ar an tram go dtí Bóthar Aontruime mar ar chomhnuidhe Síbéal Ní Ghadhra agus focal eile do bheith aige léithe. Is fíor gur fhág sé slán aicí trí huaire roimhe ré ach mar sin féin d'fhágfadh sé slán aicí arís. Inghean bhaintreabhaighe a rabh siopa beag díolta tobac aici a bhí i Síbéal agus b'fhuras í fheiceáil 'sa' tsiopa. Cha bheadh sé dh' fhéidhm air eirghe as an tram ar chor ar bith, b'fhéidir. Acht stad an tram ós cuinne an tsiopa amach, d'eirigh sé as agus chuaidh isteach sa tsiopa. Bhí Síbéal ann agus luthgháir an tsaoghail uirthí Seaghán d'fheiceáil arís. Bhí beagán cainnte agus comhráidh aca agus annsin dubhairt Síbéal go rachadh sí 'fhaid leis an luing ar an iúl leis. Cha deachaidh siad ar an tram an
uair seo mar b'fhearr leobhtha siúbhal ar a suaimhneas. Shiubhail siad ar a suaimhneas agus ar a n-aoibhneas agus an t-am do roich siad an chéibh bhí an long ag séideadh na hadhairce ag gabhail amach an loch duíthe. Fágadh Seaghán agus rugadh a bhagáisde go Sasanaibh. Leig sé a shean- gháire as fá'n taisme agus an míothapadh d'eirigh dó acht má leig féin bhí imnidhe agus míoshástacht go leor air. "Goidé dheanfas tú anois, a Sheagháin?" arsa Síbéal. "Bád na hoidhche máraighe go Libherpúl, is dóighthe, agus gabhail ar an traen go Sutamton. Ach caithfidh mé mo leithsgéal do dhéanamh san oifig i mbárach, agus féachaint an leigfidh siad damh gabhail ar chor ar bith." "Ná gabh," arsa Síbéal. "Ach ní thig liom fanacht!" "Cad chuige?" arsa Síbéal. "Ní thig liom obair fhághail, go háithrid an obair ar a bhfuil cleachtadh agam, agus chan fhóireann obair ar bith eile damh" "Dhéanfá fear siopa?" arsa Síbéal, agus dhearc sí go soineannta eadar an dá shúil air. "Go ciotach, tá eagla orm," ar séisean go mío- stuamdha. "Chan fhuil againne ach sinn féin," arsa Síbéal go faitcheach (mar dheadh), "sé sin, mo mháthair agus mé féin. B'fhearrde dúinn fear 'sa' tsiopa -" Stad sí go tobann agus dhearc sí air arís. Do thuig sé í an uair seo. "An bpósfá mé, a Shíbéal?" ar séisean i nglór ísiol. "Do phósfainn," ar sise i nglór ní b'ísle. Seachtmhain 'na dhéidh sin pósadh beirt go luath ar maidin i dteampoll Naoimh Phóil i mBóthar na bhFál. D'ith siad a mbricfeasta ag teach ósda i n-aice phuirt an Bhóthair Iarainn Thuaidh. Bhí toicéada aca cheana féin do
bhéarfadh go Baile-Átha-Cliath agus arais iad. Sul ar imthigh traen a haondéag casadh fear ag an phort ortha agus tháinig sé comhgarach do Sheaghán gur chogar sé in a chluais. "An gcuala tú go bhfuil an Titanach dhá báthadh i lár na fairge móire eadar seo agus Nua Eabhrach." "Ag magadh atá tú?" arsa Seaghán. "B'fhearr liom go rabh mé ag magadh," arsa mo dhuine. "Tá mo mhac féin uirthí agus go bhfóiridh Dia orm má chailltear é. Tháinig teachtaireacht tinntrighe go dtí an oifig tá leath-uair ó shoin agus tá cunntas beacht inntí gur bhuail an Titanach ar pháirc oidhre, nó ar chnoc oidhre; gur loiteadh tóin an tsoithigh, go bhfuil an t-uisge ag eirghe inntí agus go rachaidh sí go grinneal gan ró-mhoill mura ndeantar tárrtháil uirthi. Deirtear fósda gur tugadh sgéala tré theachtaireacht ghansrang do thrí nó ceithre longa eile atá in áit éigin san comhursanacht agus tá dúil as Dia agam go mb'fhéidir go mbéarfaidh ceann aca uirthí sul má dtéidh sí síos. Och! mo ghasúr bocht," ar séisean agus tháinig na deora leis. D'imthigh sé leis. Bhí Seaghán agus Síbéal in a suidhe i gcarbad ag triall ar Bhaile-atha-Cliath nuair d' innis Seaghan an sgéal brónach do Shíbéal. "Hobair duit, a ghráidh," ar sí. ""Is minic cú mall sona,' agus is é a dhálta sin agam-sa,"arsa Seaghan.
II. - Leigh 'un an Bhodaigh mé ach na leig an bodach 'mo chomhair. Fear do bhí 'na chomhursain againn 'sa' bhaile. Fear sámhtháil suailceach do bhí ann agus do bhíodh luthgháir i gcomhnuidhe orrainn .i. ar an aos óg nuair thigeadh sé go toighe s' againne. Ba mhinic dó theacht; óir chomhnuigh sé cúpla míle taobh ba shiar dínn ar thaoibh sléibhe agus cibe ar bith áit a mbíodh sé ag gabhail bhí teach s' againne ar a bhealach nó i ngar dá bhealach agus mura mbíodh, chuireadh sé corr-bealaigh air féin, nó ghearradh sé aithghiorra trasna na bpáirceann go mbuaileadh sé isteach. Agus bhíodh sgéal nuaidh éighinteach leis i dtólaimh; nó mura mbíodh chumadh sé sgéal, nó dh'innsigheadh sé sean-sgéal do bhéadh comh maith le sgéal nuadh. Ní fada bhíodh sé istigh nuair bhíodh an tulán ag guil agus bhíodh bóla maith tae le fághail aige. Nó dá mb'é an Domhnach do bhíodh ann agus é ag teacht ó'n Aifrionn thigeadh sé isteach tamall in déid 'na muintire eile nuair bhíodh an dinéar ar clár agus ar ndóighe gheobhadh sé cuireadh suidhe isteach 'un cláir agus
cúpla préataí dh' ithe. Leigeadh sé air go mbudh chuma leis ach sé an deireadh bhíodh ar an sgéal go ndeanadh sé a dhínéar de na préataibh, agus do im agus bainne ramhar, nó cibe ar bith bhíodh ar an chlár againn. Agus thigeadh an tae 'na dhéidh sin agus dheanadh sé ceapaire breagh a d'íosadh sé leis an tae; agus ar ball nuair d'imthigheadh sé dheamhan tart nó ocras do bhíodh air. Go dearbhtha cha bhíodh deifre air imtheacht óir bhí dúil aige sa chuideachta agus san chainnt. Is annamh d' fhan sé go maidin; óir níor mhisde leis bheith amuich de shiúbhal oidhche ach oiread leis an lá geal. Bhí teach Phaidí in áit iargcúlach agus b'annamhmh do aon duine cuairt do thabhairt air, agus dá dtiubhradh féin bhíodh Paidí i gcomhmhnuidhe as baile; agus a bhean bhocht, cha rabh aithne aici ar na daoinibh, óir b' annamh duíthe an baile d' fhágáil. Bhí cos luthmhar ag Paidí agus chaitheadh duine éighinteach fanmain fá 'n toigh. Thárla damh féin lá amháin gur bh' éigin damh gabhail go Leitirceanainn liom féin agus mé 'mo bhuinneán de ghasúr ar a cheathar déag d'aois nó mar sin. Do réir mo chuimhne bhíos faoi sgrúdú nó rud éighinteach mar sin. Lá foghmhair do bhí ann agus cha rabh faill ag mo athair nó ag duine de'n teaghlach gabhail liom. Bhí obair le deanamh ag na capallaibh agus b'éigin damh siúbhal ar mo dhá chois. Bhí ocht míle slighe eadar toigh s' againne agus an baile mór agus siúd is gur bheag liom sin roimhe ré, (bhí meisneach na hóige ionnam an uair sin), bhí mé turseach go leor nuair roich mé an baile mór agus bróg de mo chuid ag luighe le mo ladharaibh agus ag a ngortú. Chuaidh mé faoi sgrúdú. Ba shuarach le rádh é mar sgrúdú. D'eirigh mé amach as an áit go héasgaidh agus chas mé isteach i siopa go bhfuair mé braon tae. Sgilling ar fad do bhí agam in mo phóca ar dtús agus thug mé a leath sin ar an tae. Chaith mé an leath eile ár bhréagánaibh agus ar mhilseán. Is annsin thug me m'aghaidh ar an bhaile. Síos an tsráid liom agus dhá luathas dhár thoisigh mé ar an aisdear shonnraigh mé mo laghra frithre a' bagairt orm arís. Chá rabh neart
air, má tá: chaithfinn pilleadh 'na bhaile agus do bhí an tráthnóna ag druidim liom cheana féin. Ach cé 'tchidhfinn romhaim ar an tsráid san am ceudna ach Paidí a Cuinn agus beitheadhach is cart leis agus gan lód nó lasd ar an chart leis ach é féin. Chan fhuil gar a rádh go rabh lúthgháir orm agus rith mé 'na dhéidh go dtáinig mé fhaid leis. Chuir mé forán air agus bheannaigh sé damh go múinte. Bhí sé istigh sa' bhaile mhór le lód mónadh, bhí sé díolta aige agus é ag pilleadh 'na bhaile arís. An dtiubhardh sé marcuidheacht damh? Cinnte bhéaradh agus cad chuige nach dtiubhradh do mhac mo athar agus mo mháthar; agus ó sin siar. Ach bhí dórnán féir aige le tabhairt do'n bheitheadhach agus bhí braon tae dhe fhéidhm air féin agus chá bheadh sé réidh go cionn uaire. D'fheadfainn siúbhal thart go dtí sin agus gan amhrus d'fhanfadh sé liom ag a leithéid seo de thoigh go dtiocfainn fhaid leis, bíodh sé sin fada nó goirid. Cad chuige nach bhfanfadh agus an lúthgháir do bhí air mac mo athar agus mo mháthar d'fheicáil. Agus tuilleadh de'n chainnt chéadna. Bhí fonn go leor orm féin na siopaí d'fheicáil arís agus shiúbhal mé thart go rabh an chuid is mó de'n uair caithte, ach chá deárn mé dearmad de'n am agus bhí mé ag an teach úd sul a rabh an uair istigh. Sé an chéad rud hinnseadh damh go rabh Paidí a Cuinn ar shiúbhal a bhfad ó shoin. "Chár fhan sé cúig bhomaite," adubhart bean a' toighe liom, "ach comh fada is bhí sé ag ól leathghloine é féin agus ag tabhairt deoch uisge do'n bheitheadhach." D'iarr sé ar mhnaoi an toighe innse damhsa go rabh áit éigin aige le gabhail fá choinne lóid aoil le n-a thabhairt 'na bhaile leis agus go ndéarna sé dearmad ar sin nuair a bhí sé ag cainnt liomsa. "Ach d'innis sé damhsa," ars' an bhean, "nach rabh san mhéid sin ach finnsgéal ach go rabh a shean-chapall tuirseach agus gur ualach go leor dó é féin dh'iomchuir 'na bhaile. An seanrógaire," arsa sise, agus fearg uirthi, "ag órdí damhsa bréag dh'innse duitse ar a shon, rud nach
ndeanfainn ar mo shon féin. Sean stoicaire atá ann nach gcaillfeadh feoirling le máthair Dé agus nach dtuibhradh marcuidheacht dá shean-mháthair dá mbeadh sí ag siúbhal cos-tarnocht roimhe." B'éigin damh siúbhal 'na bhaile ar mo bhonnaibh féin agus dar a leabhara a bhí mé tuirseach go leor an oidhche sin tráth roich mé an baile agus é mall san oidhche. Rug mé ar Phaidí agus a shean-chapall ach char labhair mé leis agus leig sé air féin nach bhfaca sé mé. D'innis mé an sgéal 'sa' bhaile. "Seadh," arsa mo mháthair agus buaile uirthi, "sé an sean-sgéal é, 'leig 'un an bhodhaigh mé ach na leig an bodach 'mo chomhair." Is iomadh cinéal agus féirín fuair sé ins an toigh seo le deich mbliadhna agus cha chaillfeadh sé an oiread sin le duine againn. Ach bheirims-se mo bhriathar nach gcuirfidh sé greim bidh nó deoch dighe ina bhéal 'sa' toighe arís comh fhad is mairfidh mise agus éisean." Agus chár chuir.
III. - Cibé cé théid as nó nach dtéid as, is annamh théid fear na hidriscine as. Chuaidh mé féin agus Toirdhealbhach Mór agus dhá thurcail linn siar cois-fharrge fá dhéin dhá lasd sgadán. Chualamar go rabh gabhail sgadán ann fá'n chladach siar agus ghíodh nós i n-áit s'againne nuair thigeadh na sgadáin isteach go dtéidheadh na feirmeóirí a rabh beitheadhach is turcail aca siar fá choinne lasda sgadán. Cuid aca dheanadaois na sgadáin do shailleadh agus iad bheith mar annlan leis na préataí rith na bliadhna: cuid eile aca théidhdís thart thimchioll ameasg na gcomhursan leis an lasd sgadán agus dhíoladaois doisín leis an té seo agus leath-dhoisín leis an té eile go mbeadh an t-iomlan díolta. Corr-uair dhéanadaois tuarastal maith ar a gcuid shaothair agus ar uairibh cha ndéanadaois mórán. Nuair d'eirigheadh leobhtha is minic théighdís ar ais fá choinne lasda eile agus mar sin go n-imthigheadh na sgadáin agus
go stadtaoi de'n iasgaireacht. Chá rabh mise ar an turas úd ariamh aroimhe, ach bhí sean-eolas ag Toirdhealbhach ar an ghnó. Tháinig sé 'toigh sagainne agus an gháire áthais leis go rabh na sgadáin ar an chaladh agus na hiasgairí ag breith ortha go tiugh agus buidh mhaith leis cuideachta bheith aige ag gabhail siar. Chá rabh mórán le déanamh againne fá'n am sin agus níor mhisde le mo mháthair dornán sgadán do bheith aici le haghaidh an gheimhridh, mar bhí an teaghlach mór agus dúil ag gach duine aca i sgadán mhaith le n-a gcuid phréataí. Mar sin tugadh cead damhsa capall do chur faoi thurcail agus imtheacht siar le Toirdhealbhach fá dhéin na sgadán. Bhí luthgháir mhór ormsa, ar ndóighe, óir bhínn tuirseach 'sa' bhaile, agus b'fhearr liom ar siúbhal corr-uair mar is gnáthas do'n óige. Bhí an bealach fada leath-tromach mar chaithimís siúbhal dé shiúbhal oidhche. Ba chuma liom; 'tchífinn ruda agus cluinfinn ruda agus bheadh spórt agam. Ba mhaith an chuideachta Toirdhealbhach fósda. Bhí croidhe éadtrom óigeánta aige. Mheas daoine críonna go rabh sé ró-éadtrom agus nach rabh ciall nó stuaim nó gliocas ann mar ba cheart. B'éidir go rabh an ceart aca ach b'amhlaidh a b'fhearr a thaitin sé liomsa. Bhí sé deich mbliadhna ní ba shine ná mise ach bhí an chiall cheudna aige is bhí agam féin; déarfainn go rabh sé níos óigeánta agus níos aigeanta na mise. D'fhágamar an baile go luath ar maidin i mí na Samhna agus thiomáineamar linn thar na sléibhte atá eadar barr Ghleannsúiligh agus na Rosaigh. Chuadhmar thar Mín a-Chapaill-Caoich, thar Mín an Con, thar Mín-an-Fhir-Ruaidh thar an Ceann-Gharbh agus isteach go Fionntún. Stopamar ag teach ósda ann sin go bhfuaramar beagán bídh agus dighe dúinn féin agus do na beitheadhaigh. D'fhágamar an úghaim orthu agus chá rabhamar abhfad a gcur faoi na turcála arís agus sheolamar linn go dtí an Dubhchoradh. Fuaramar rud le hól annsin agus ar shiúbhal linn arís. B'fhada roighin ar dtriall imeasg na bportach ó sin siar agus bhí an oidhche orainn anuas. Tá an ród ag snigh anonn agus anall imeasg na móinteach ar nós go measfá an té cheap
é go rabh fonn air ceapadóireacht Cheilteach do dhéanamh ar. B'annamh casadh teach orainn agus b'annamh casadh duine orainn. B'uaigneach an turas é, agus gan tuaim le cluinstín ach na héanacha fiadhaine ag scréachadh ameasg na bportach. Deirtear gur fada an ród nach mbíonn casadh ann; ach b'fhada an ród sin agus b'iomdha casadh do bhí ann. Ach mar sin féin rangamar deireadh ar gcúrsa. Bhuaileamar isteach san Chlochán Liath sul a rabh mórán de'n oidhche caithte. Níorbh é sin deireadh ar gcúrsa i gceart. Thuigeamar go gcaitheamaois gabhail níos fuide siar go hAlt a' Chorráin, nó go Ceann Caslach. Ach hinnseadh dúinn ar an Chlochán Liath nach rabh na sgadáin le fághail. Bhí níos mó cainnte ortha 'ná bhí de sgadáin ann. Tháinig beagán ar dtús agus mheas gach uile dhuine go rabh an t-uathbhás acú ann. D'eirigh na hiasgairí amach in a mbádaibh agus a gcuid eangach gléasta. Fuarthas dornán beag maith an chéad uair agus chuaidh an t-iomrádh amach go rabhthar ghá bhfhághail go tiugh. Tháinig lucht a gceannachta as gach uile áit. Annsin stad na sgadáin dhe theacht; nó thigidís go tanaidhe. Bhí na hiasgairí ag gabhail dóbhtha de oidhche ach thighidís isteach ar maidin gan na báid do bheith lán agus an méid do bhíodh aca bhíodh na ceannuidhthe ag troid is a ciapáil fá dtaoibh daoibhthe agus ghá gcur chun daoirse ar a chéile. Ar an ádhbhar sin dubhradh linn nach rabh aon mhaith dúinn gabhail ní b'fhuide an oidhche sin; ach moladh dúinn furacht cúpla lá mar dubhairt na daoine abfhearr eolas ar dhóigheanaibh na sgadán go dtiocfadaois isteach go trom roimh abhfad. Ghlacamar leis an chomhairle sin agus chuireamar fúinn i dtoigh tábhairne ar an Chlochan Liath le fanacht go maidin. Go dearbhtha cha rabh fonn orainn gabhail ní b'fhuide. Bhí tuirse go leor ar ar gcnámhaibh agus ar ar mballaibh, siúd is nach dearnamar mórán coisidheachta i rith an lae. Chan sochmaidhe suidhe ar thurcail ar feadh deich n-uair an chluig lá geimhridh. Ach nuair do chuireamar na beigheadhaigh isteach agus fuaramar féin cupa tae agus shuidheamar síos cois
na teineadh dho seanchus tháinig aoibh níos fearr orainn araon. D'ól Toirdhealbhach cúpla gloine uisge beatha agus fuair sé a chroidhe agus a aigneadh dá réir. Chuidigh fear an toighe leis san ólachán (mar nach rabh mise ag blasadh biotáilte agus theastuigh comhluadar éiginteach uaidh ná go mbeadh sé náiriste dá n-óladh sé leis féin), agus bhí cuma ar an duine mhaith sin nár bhí sin an chéad uair d'ól sé bolgan am lá sn. Mheas mé féin go dearbhtha go rabh sé ar meisge agus bhí mé cinnte dé sul a rabh an oidhche caithte. Chár fhanamar fó-fhada 'nar suidhe. Bhí ciall ag Toirdhealbhach gan a dhul ró-fhada leis an ólachán agus mar dubhairt mé cheana, bhí tuirse ar an bheirt againn. Tugadh leabaidh dúinn i seomra beag ós cionn 'a cisteannaighe, agus chuadhmar dho luighe. Char bhfada dúinn 'nar luighe nuair thuiteamar 'nar gcodladh. Ní'l fhios agam cá fhad a bhí sinn in ar gcodladh nuair musgladh sinn go tobann; bhí racán éighinteach ar cois fúinn ins an chistineach. D'éisteamar. Níor bhfada gur thuig muid an sgéal. Bhí bruighean ar bun eadar fear an toighe agus a mhnaoi; bhí séisean ar na stealltrachaibh ar meisge agus ise b'fhéidir gan a bheith saor. Ar sgór ar bith bhí sise ag cur thairstí go tiugh agus éisean 'gá freagairt mar a tháinig leis. Anois agus arís bhriseadh a fhoighid airsean agus bhéaradh sé iarraigh uirthi le n-a cragadh, d'imthigheadh sise uaidh, agus b'fhéidir go dtuiteadh sé thar chathaoir nó stól nó tábla agus mheasfeá go rabh leath dhá raibh sa toighe briste aca. Ruaig de'n tseort sin do mhusgail as ar gcodladh sinn. Nuair a mhoithigheamar goidé bhí ar cois chá rabh ann ach greann agus adhbhar magaidh dúinn, agus chuaidh an pléidhe ar aghaidh ar an chuma sin ar feadh tamaill. I gcionn an ama sin thug sí droch íde ar fad dó leis an teangaidh. Dhírigh séisean uirthi agus d'eirigh an racán arís. Má tá, is cosmhail go bhfuair sé gréim uirthi an iarraidh sin mar leig sí sgread agus míle murdar aisti. Bhí ciarabúca shíos ar feadh tamaill eile agus leig sí ollghlór aisti arís. Mhoithigheamar an bualadh
agus an básgadh agus tuaim an mhaide bhriste i láimh duine aca. Sgread sise go millteanach annsin agus sgairt ar thárrtháil i n-ainm Dé ná go rabh sé ghá marbhadh. D'eirigh Toirdhealbhach de phreib ar an leabaidh. "Tá sé ghá marbhadh!" ar séisean. Níor mheas mise go rabh agus dubhairt mé sin. "A chead acú," arsa mise, "tá an bheirt aca ar meisge." Luigh sé siar ina leabaidh arís. Shocruigh an callán síos beagán. Thoisigh an bhean arís leis an bháirseáil agus an droch-chainnt. D'fhulaing an fear tamall agus annsin thoisigh sé ghá freagairt, rud do ba amaideach dó. Annsin d'eirigh an breilsge arís agus leig an bhean sgread millteanach aisti. "A fheara shuas!" adubhairt sí "goidé'n seort daoine meathta sibh agus a rádh go leigfeadh sibh do dhamantar fir mé mharbhadh annseo." Léim Toirdhealbhach amach as an leabaidh arís; tharraing sé air a chuid éadaigh agus siúd síos na staighre é. In éis tamaill lean mise é. Chá rabh solus ró-mhaith shíos. Chá rabh de sholus ann ach an méid a tháinig ó ghríosaigh bhig teineadh do bhí ar an teallach. Nuair chuaidh Toirdhealbhach síos fuair sé fear a'toighe ag greadadh ar a mhnaoi agus mhaide briste in a láimh aige. Rug Toirdhealbhach ar an mhaide briste ar an chéad iarraidh ach char leigeadh leis é. Sgaoil an duine a ghréim de'n mhnaoi agus chas ar Thoirdhealbhach. Ní fada go raibh sé istoigh i gcúinne ag Toirdhealbhach agus cársán air leis an fháisgeadh do bhí Toirdhealbhach a thabhairt dó. "Ná tacht é, a dhuine mhaith!" ars an bhean. B'éidir nár chuala Toirdhealbhach í, ach, ar sgór ar bith, chá dtug sé áird uirthi. Thóg sí seanstól do bhí cois na teineadh agus bhuail i mullach na cloigne leis é. Sgaoil sé a ghréim de'n fhear agus thionntuigh thart. Bhuail an fear é leis an mhaide briste. Rug sé ar an mhaide briste
arís agus thoisigh siad dá streachailt. Go díreach nuair do chuir mise mo cheann isteach 'sa' chistinigh chonnaic mé an bhean ag bualadh Thoirdhealbhaigh arís leis an stól. Rinne mé féin iarraidh uirthí go mbaininn an stól as a láimh ach baineadh tuisle asam agus fágadh ar lár mé. Bhuail mé mo chos i n-aghaidh rud éighinteach de'n toirc toighe do bhí ar an urlár agus thuit mé ar mhullach mo chinn san ghríosaigh. Ag eirghe damh bhuail an bhean mé leis an stól agus rinn giorcalach damh. Bhí Toirdhealbhach buailte fá'n am sin agus b'éigin dó teicheadh suas na staighre. Lean mise é chomh tiugh is bhí in mo chnamha. Char lean an bheirt eile sinn agus chuadhmar a luighe ach dheamhan mórán ar codhluigheamar an oidhche sin. Bhí an bheirt againn brúighte, briste. Nuair d'eirigh sinn ar maidin bhí bricfeasta ar an chlár dúinn agus bean a' toighe go haerach ag freasdáil orainn. Bhí fear a' toighe 'sa' tsiopa ag freasdáil lucht ceannachta agus é ag feadalaigh go beodha. Fuaramar sgéala go rabh stoirm ar an fhairge agus nach dtiocfadh iasgaireacht ar bith a dheanadh go cionn tamaill. Dhíolamar an sgór, chuireamar an úghaim ar na gearráin agus thugamar ar n-aighthe glan díreach ar ar mbaile féin. Bhí sé i gcomhair an am' luighe an oidhche sin nuair rangamar teach s'againne. Bhí iongantas ar an teaghlach sinn fheicáil chomh luath sin. Ceistnigh mo athair sinn agus d'innis Toirdheal- bhach ar eirigh dúinn. "Cibé cé théid ar nó nach dtéid as chá deachaidh fear na hidriscine ar ariamh gan buille an fhir idriscine," ar séisean. Char leigeadh mé féin ar shiubhal ar lorg sgadán arís.
IV. - Cuir síod ar ghabhar is béidh sé 'na ghabhar i gcomhnuidhe Siopadóir mór do bhí i Leitirceannain agus é ag iarraidh mná. Chá rabh sé 'na shiopadóir mhór i gcomhnuidhe. Tógadh go bocht é, fa 'n dtuaith. Ní maith an pór do bhí ann ach oiread. Lucht bruighne agus meisge, gan mhacán- tacht, gan mhúnadh, a mhuintear, an chuid ba mhó aca. Cuireach Peadar ar an margadh go luath in aimsir a óige le fostadh do dheanamh, agus d'fhosduigh sé cúpla uair ach chan fhanadh sé san áit. Bhí an droch-thabhairt-suas air agus char mhaith leis leanmhain do chúram ar bith. B'fhearr leis bheith ag ithe préataí rósta 'sa' bhaile ná ag saothrú bidh is éadaigh dó féin ag obair. B'fhearr leis an diomhaointeas agus an t-ocras na an bhuil a b'fhearr a gcuirtí air agus go gcaithfeadh sé saothar do ghlacadh. Cuireadh chuig táilliúr é 'na dhéidh sin leis an chéird sin dho fhoghluim ach char fhan sé ní b'fhuide ag an táilliúr na d'fhan sé ag an fheirmeoir. D'fhan sé sa' bhaile seal eile agus annsin d'imthigh sé leis agus char cluineadh mórán fá dtaoibh dé ar feadh a bhfad. Chas duine air in Albain uair agus paca ar a mhuin agus é 'na mhangaire. Chas duine eile air 'na dhéidh sin i bhFiladelfia in Amerioca agus é gléasta go galánta ar
nós phuncánaigh, ach char thuig an duine goidé an teacht isteach do bhíodh aige no goidé an chéard do bhí is láimh aige. Seal bliadhan in éis sin tháinig sé i dtír in Éirinn arís agus é gléasta go talamh le héadaigh síoda agus ornáidtí óir. Bhí saidhbhreas óir i bhfáinnibh ar a mhéaraibh amháin agus ó sin go dtí a bhróga 'tchidhfeá slabhraí óir agus fáinní óir crochta anuas leis, agus búclaí airgid ag drillsiú 'sa' ghréin. An Milliúnaidhe tugtaoi air agus bhí iongantas an domhain ar dhaoinibh nuair cheannuig sé teach i Leitir- cheanainn. Teach tábhairne fósda do bhí ann agus chuir sé faoi ann. Chá rabh sé ró-óg fá 'n am seo ach dubhradh go rabh sé óg go leor le pósadh agus cha rabh sé abhfad ann gur thoisigh sé dho chuartú mná. Ní'l féidhm a rádh go rabh sé doshásta go maith agus ba hiad na cailíní ba bhreagha sa tír amháin a leagadh sé a shúil ortha. Bhí na cailíní fá 'n bhaile mhór ag sgríobadh a chéile mar gheal air ach dheamhan a mhaith do bhí aca ann. Dubhairt sé nár áin leis cailín as an bhaile mhór mar chonnaic sé barraidheacht dá seort agus é ar a chois ar fud an domhain, agus go mb'fhearr leis cailín soineannta ó 'n tuaith, dá mbeadh a leithéid le fágháil, a d'fhóirfeadh dó. Agus do bhí a leithéid ann agus dheamhan abhfad a bhí sé go bhfuair sé amach í. Inghean fheirmeóra do bhí innti, .i. Gormfhlaith Nic a' Bháird. Feirmeoir measardha láidir do bhí in a hathair, Pádraig Mac a' Bháird. Chá raibh ach a'n inghin amháin aige agus ní'l gar damh a rádh go rabh sé cúramach go maith fá dtaoibh duíthe. Cuireadh ar sgoil í ag na mnáibh riaghalta tamall, leis an oideachas do chríochnú aicí, mar deiridís an uair sin, agus chá rabh sgolta na maban riaghalta chomh fairsing an uair sin is tá siad anois, agus ba mhór an mórtas agus an maoidheamh d'fheirmeoir a inghean do bheith ar a leithéid sin do sgoil. Tháinig sí 'na bhaile arís i gcionn cúpla bliadhan agus í athruighthe go mór in a hiomchur agus in a cainnt. Nuair d'eirigh sí amach Dia Domhnaigh ní mó ná gur aithin a sean cháirde í agus ní mó 'na gur aithin sise iad, nó leigh sí
uirthi nár aithin. Chuir Paidí Bhrighde forán uirthi, ar ndóighe, agus d'fhreagair sí go múinte é ach sin a rabh ann. Chan amhlaidh do labhradh sí leis sul a deachaidh sí ar sgoil. Bhíodh seandáimh eadar í féin agus Paidí sul ar eirigh sí ró-ghalánta dó. Níorbh fheirmeoir Paidí nó duine dá mhuintir. Saor cloiche do bhí in a athair agus lean séisean do chéird a athar. Ach ba mhacánta múinte an buachaill é, guailneacha leathana air, agus d'iomchuireadh sé é féin go fearamhail agus go héasgaidh i gcomhnuidhe. Bhíodh sé ar sgoil tamall le Gormfhlaith agus bhíodh sé ar chéilidhthibh léithi agus chasadh sé uirthi ag an teach phobail Dia Domhnaigh nó ar mharghadh i Leitircheanainn. Bhíodh siad go suailceach agus go dáimheamhail le chéile. Sin a rabh ann, má tá, agus chá leigfeadh an eagla do Phaidí gabhail ní b'fhuide leis an sgéal. Bhí fhios aige go maith nach mbeadh Pádraig Mór Mac a'Bháird sásta leis mar chliamhain agus bhí eagla air nach mbeadh Gormfhlaith sásta leis mar fhear. Annsin cuireadh ar sgoil í 'sa' Chonbhint. Bhí sí na cailín fásta san am, agus chan fhaca Paidí ní ba mó í go rabh an dá bhliadhain caithte. Nuair chonnaic, bhaigge, níor bhfeairrde dó é. Ní deárnadh a dhath agus níor labhradh focal eatortha ach an focal amháin a labhradh ag doras an toighe phobail, ach thuig Paidí go rí-mhaith go rabh athrú inntinne ar Ghormfhlaith agus gur mhéaduigh an bród agus an mórtas uirthí ó d'fhág sí an baile. Ba bhrónach an tuigsint dó é ach chá rabh neart air agus chuaidh sé 'na bhaile an lá sin agus a chroidhe i sálaibh a mbróg aige. Mar d'órduigh Dia é, nó b'fhéidir gur tugadh cumhacht do'n mhac mallachtáin an chúis d'órdú fá'n am sin, ba hí oidhche an lae sin tháinig an Milliúnaidhe go toigh Phádraig Mhóir d'iarraidh a ingne air le n-a phósadh. Má tá, chár iarr sé í le pósadh an oidhche sin ar fad; chá deárn sé ach cuairt do thabhairt ar Phádraig, mar dh'eadh, ach thuig gach uile dhuine fáth a thurais. Thuig sé féin é. Thuig Pádraig Mór é. Thuig Gormfhlaith é. Thuig na comhursanna é. Chaith sé cúpla oidhche eile ar cuairt ann sul a ndeárnadh an cleamhnas, ach bhí sé socruidhthe i n-aigne gach duine ó'n
chéad oidhche chuir an Milliúnaidhe a chos thar tharsaigh Phádraig Mhóir. Agus bí sin an chéad uair leag sé féin agus Gormfhlaith súil ar a chéile. Cleamhnas míonádúrdha do bhí ann nár thaitin le Gormfhlaith go ró-mhaith, ach chuir síoda agus ór an Mhilliúnaidhe dallóg dhraoidheachta ar a súilibh agus ghlac sí leis an chleamhnas. Gheall Pádraig Mór cúpla céad punta spré le Gormfhlaith. Mhearfadh duine go mba chuma le milliúnaidhe fá chúpla céad punta ach ní hamhlaidh do bhí ag mo dhuine. Mhaoidheamh sé a shaidhbhreas féin agus go mbudh cheart do Phádraig díol dá réir. Cibé ar bith socruigheadh an cleamhnas agus chuaidh Peadar 'un an tsagairt le cead pósadh fhághail. Bhí deifir air adubhairt sé agus budh mhaith leis cead speisialta fhághail agus mhaoidheamh sé go ndíolfadh sé go maith as. Cha dtiubhradh an sagart dó é má seadh: chaithfeadh sgéala fhághail ó'n Oileán Úr, adubhairt sé, nach rabh sé pósda cheana féin. Ghlac an milliúnaidhe go holc an rádh sin, ach dubhairt an sagart nach rabh ann ach riaghail na hEaglaise: ní ghlacfadh sé níos mó ná cúpla seachtmhain le freagair fhagháil ar ais ó'n sagart pharáisde thall. Shocruigh mo dhuine síos leis sin. Thug sé seoladh sagairt i bhFiladelfia dó agus cuireadh an pósadh siar seal. Bhí an sgéal mar sin nuair tháinig Seumas Mac Suibhne oidhche go toigh Phádraig Mhóir Mhic a' Bháird. Bhí gaol éighinteach eadar é féin agus Pádraig agus iad go muinteardha le chéile. "Cluinim," arsa Seamus, "go bhfuil cleamhnas ar cois eadar Gormfhlaith s' agat-sa agus an Milliúnaidhe?" "Ní maith an mhaise duitse, a Sheamais, leasainm do thabhairt ar dhuine uasal a bhfuil mise ar tí mo inghean do thabhairt dó mar mhnaoi, agus is iongantach liom go ndéanfá a leithéid." Labhair sé seo go searbh le Seumas. "Duine uasal, mar dheadh!" arsa Seamas go droch- mhúinteach. "Nach bhfuil aithne mhaith agam air féin agus ar an bhunadh ar dé é. Droch-phór atá ann, agus dá mbeadh inghean agamsa cha dtiubhrainn do mhac a athar í."
"Dá rabh fiche inghean agat, cha n-iarrfadh sé ceann aca agus is iomarcach an rud duitse a leithéid a rádh leis. Cibé ar bith mar bhí a athair tá Peadar 'na dhuine uasal, rud nach bhfuil tusa, agus do theanga nimhneach." "Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na ghabhar i gcomhnuidhe. Tá an droch-phór agus an droch-bhraon ann, siúd is go bhfuil sé crochta anuas le hór. Béidh aithreachas ortsa má phósann Gormfhlaith é. Casadh orm fear ar aonach na Brocaighe an lá fá dheireadh a rabh aithne aige air i nAlbain agus dubhairt se go rabh bean phósda aige annsin. B'fhéidir go bhfuil bean phósda aige i n-áit éighinteach go fóil." "Is droch-mhúinte an rud duit a leithéid a rádh, go bpósfadh sé mo ingheansa agus bean eile aige. Chan éistim níos mó leat agus má 's é sin do ghnó liomsa fág mo theach anois." "Fágfaidh agus fáilte má ghlacann tú mar sin é," agus gan focal eile d'imthigh Seumas amach ar an doras "Na diabhlaidhtheoirí!" arsa Pádraig leis féin, agus é ar buile, "cuireann siad amach ráslaí mar sin ar dhuine ar bith a d'eirigh sa tsaoghal agus nach luigheann 'sa' chlábar acú féin," ach nuair tháinig sé chuige féin ar ball chuir an sgéal imnidhe air. Ach char innis sé focal dé do Ghormfhlaith ar eagla go gcuirfeadh sí suas do'n chleamhnas. Bhí boitheach le tógáil ag Seumas Mac Suibhne agus bhuail sé isteach i dtoigh an tsaoir chloiche. Bhí an oiread feirge air is bhí ar Phádraig Mhór, agus thoisigh sé dho chur thairis. Ní fada go rabh an sgéal uilig ag Paidí Bhrighde, agus chan fhuil féidhm a rádh gur chuir sé suim ann. "An bhfuil fhios agat?" adeir sé le Seumas, "ca'n áit a rabh an Milliúnaidhe 'na chomhnuidhe i nAlbain nuair bhí sé annsin?" "Chan fhuil fhios agam i gceart ach go mbíodh sé ag mangaireacht fá Dúndaoi i n-oirthear Alban. An fear a rabh mise ag cainnt leis chá rabh aithne ró-mhaith aige air ach chuala sé go rabh sé 'na fhear-phósda. Chan fhaca sé an bhean agus chá rabh sé in a thoigh ariamh."
Chá rachadh Paidí Bhríghde le Seumas dho thógáil an bhothighe, téidheadh a athair. Bhí sé a smuaineadh ar imtheacht as baile tamall, rud do chuir iongantas ar a athair. Cúpla lá na dhéidh sin shiúbhail sé isteach chuig sean- shagart i nDúndaoi i nAlbain, agus d'innis dó, gan murab é 'sa' sgéal, fáth a thurais. "Bhí aithne agam ar a leithéid," arsan sagart, nuair d'innis Paidí dó ce'n cineál duine an Milliúnaidhe, "agus má's é an duine ceudna é bhí sé pósda ar chailín nach deárn mórán maithe dó annso nó éisean duíthe. Ba chailín í do bhíodh ag obair i muileann cnáibe sul ar pósadh í. Tar éis a pósda chuir sí spéis 'sa' bhraon, agus ní maith a tháinig sí féin agus an mangaire le chéile, chuala mé." Cha rabh aithne ag an sagart uirthi, óir níor thuig sé gur Catoiliceach í. Fá dheireadh d'imthigh an mangaire leis agus chuala sé gur fhág sé an bhean in a dhéidh. Níl fhios aige bhfuil sí beo go fóil ach is dóigh leis go bhfuil. Níor mhór an aois do bhí uirthi nuair pósadh í. Is dóighthe go bhfuil sí ag obair i monarchain arís, óir sin an cheárd a bhí aici. Níorbh fhuras í a fhághail, b'éidir, ach bhí fear tuigseach a rabh teach lóisdín aige in a leithéid seo d'áit agus má bhí sí ós cionn talmhan gheobhadh an fear sin eolas uirthi, agus mar sin. D'imthigh Paidí agus trí lá na dhéidh sin tugadh é go dtí an teach in a rabh bean Pheadair agus bhí comhrádh fada aige léithe. Tháinig sé 'na bhaile i gcionn seachtmhaine agus char innis a dhath dár eirigh dhó d'aonduine. Mheas daoine gur ar shiúbhal ag cuartú oibre do bhí sé agus nár eirigh leis agus char chuir siad suim sa cheist ní ba mhó. Tháinig litir ó'n tsagart san Oileán Úr. Dubhairt go rabh duine do leithéid an Mhilliúnaidhe 'n-a chomhnuidhe in a pharáisde ar feadh tamaill: nach rabh aithne ró-mhaith aige air: nach ró-mhaith an tuairisg fuair sé air ach oiread; ach nár chuala sé riamh go rabh bean phósda aige. Bhí an sagart 'sa' bhaile sásta leis sin agus thug cead pósda do Pheadar. Socruigheadh an pósadh do bheith ann lá éigin agus chuaidh Gormfhlaith agus a muintear go teach a
phobail agus lean an Milliúnaidhe agus buidhean dá chuid féin iad. Chuaidh se ar marcuidheacht ar chóisde ceithre gcapall, siúd is nach rabh ach fá thuairim leathmhíle siúbhail air 'un an teampuill. Bhí a lán daoine i láthair leis an pósadh fheiceáil, agus an bhean Albanach chomh maith le duine. Shuidh sí go socair ar leathtaoibh go dtáinig an sagart amach ar an altóir le hiad do phósadh. Annsin d'éirigh sí agus teine ina súilibh. "Gabhaim maitheamhnas," arsa sí i gcanmhain Bhéarla Alban, "is liomsa an fear seo." Baineadh preab as a rabh i láthair. Baineadh preab as an tsagart féin. "Goidé sin adeir tú, a bhean chóir?" ar séisean agus mheas sé gur bhean í a bhí éadtrom in a ceann. "Is liomsa an fear seo a bhfuil tú ar tí pósadh. Is é m'fhear pósda féin é. Tháinig mé fá n-a dhéin agus amharc an lúthgháir atá air rómhaim," agus shín sí a méar i dtreo Pheadair. D'amharc an sagart agus d'amharc gach uile dhuine 'sa' treo ceudna. Cha rabh smeach ann ach é na sheasamh ar nós deilbhe i lár an urláir agus gan braon fola ina chorp, shílfeá, bhí se chomh bán sin. Thuig an sagart ó'n bhomaite sin go rabh an fhírinne ag an mhnaoi, ach cheistnigh sé arís í. "Is trom, tairbheach an rud atá tú a cur i leith an duine seo, a bhean! an bhfuil cruthú ar bith agat ar do sgéal?" "Tá gach uile chruthú," ar sí, agus tharraing sí páipéar gorm as a brollach, agus do shín chuig an tsagart é. D'amharc seisean siar air. "Tá cuma ar seo, go bhfuil sé i gceart," ar sé: "A Pheadair, an fíor an méid adeir an bhean seo?" "Is fíor faraor!" arsa Peadar, go briste. "Maiseadh! imthigh léithe agus fág an teach seo, a dhuine mhío-fhórtúnaigh. Hobair duit coir uathbhásach do chríochnú agus coir do chuirfeadh thú féin faoi ghlas chomh maith." "Chan imthigheann sé as an áit seo," arsa Pádraig Mór, ag teacht 'un tosaigh agus cruth thairbh fhiadháin air, "go mbainfidh mise sásamh as ar son m'ingne do mhaslú, agus sgannail agus dí-mheas dho thabhairt anuas uirthí."
Léim an sagart amach roimh Pádraig. "Cosgaim ort, i n-ainm Dé agus Muire, bruighin dho thógáil san áit bheannuighthe seo. Cosgaim ort fósda méar do leagan ar an duine dona sin i n-áit ar bith. Tá an t-ádh ort féin agus ar do inghin nach deachaidh an gnó níos fuide. Agus cogar in do chluais, a Phádraig! Chan fhuil tú féin saor ó locht ins an chás. Gabh 'na bhaile agus sgrúdaigh do chogubhas agus bíodh ciall níos fearr agat uair eile. Agus tusa, a chailín óig!" ar sé le Gormfhlaith, "tá brón orm ar do shon-sa. Tá tú óg soineannda agus ní fheudfá cleasaidheacht an tsaoghail do thuigbheáil. Tuilleann an fear do mheall thú smachtú éigin agus is dóigh liom go bhfuighbhe sé sin. Fágamaois faoi Dhia é - agus faoi na mhnaoi. Ní dhéarfainn," ar seisean, agus bhris meanga gáire air, "ná go mbainfear cúitiú as ar an tsaoghal seo féin." Sgab an sluagh. D'imthigh an Milliúnaidhe agus a bhean ar thraen an tráthnóna sin agus chan fhacthas iad i Leitir- ceanainn ó shoin. Thiomáin Pádraig Mór leis na bhaile agus Gormfhlaith leis ar an charr. Chá rabh méid circe inntí, an créatúir bocht! Bhí se bliadhanta in dhéidh sin sul ar thóg sí a ceann. Ach fuair Paidí Bhríghde aiméar ar labhairt léithe anois agus arís agus pósadh iad 'sa' deireadh. Chá rabh Pádraig Mór sásta leis an chleamhnas agus chá dtug sé pighinn ruadh mar spré dá inghin. Ba chuma le Paidí: buachaill miotalach aigeantach do bhí ann, lean se dá chéird, d'eirigh leis go maith agus tá se ag teacht i dtír fá láthair níos láidre ná Pádraig Mór féin.
V. - Pós ar an chárn-aoiligh ach díol do bhó abhfad ó'n bhaile. Bhí cliú mór ar m'athair mar fhear déanta cleamhnas. Ní feasach damh an rabh an cliú tuillte aige nó nach rabh, ach ghlacadh sé leis go rí-mhaith nuair bhíodh daoine 'gá mhaoidheamh air. "Phós mé cuid mhaith buachaillí le mo linn," ar seisean oidhche amháin linn, "ach chár casadh orm riamh fear ba dhoilighe pósadh 'na mo dhuine muinteardha féin, Pádraig Mac Fhionnlaoich. Chá rabh sé ró-óg nuair a shmuainigh sé ar phósadh. Ní chuirfeadh sé mórán geimhreadh thairis leis an deich is daichead do chríochnú. Agus bhí triúr dearbhrathar ní ba shine na é féin 'sa' toigh. Muintear na háirce bhéaradh a gcomhursanna ortha bhíodar comh sean-nósach sin. Ar an adhbhar sin chá rabh mórán misnigh agam nuair tháinig Pádraig fhaid liom oidhche amháin cúpla lá roimh an Chargas agus d'iarr orm gabhail leis dho chuartú mná. "'An bhfuil braon maith uisge beatha le fághail agat, a Phádraig?"" arsa mise. ""Bhí dúbláil agam aréir, agus thug mé leath-ghalúin dé liom."" ""Maith a' fear! Bíodh geall go mbéidh bean bhreagh agam duit sul a rabh an leath-ghalúin caithte."
""Ca'n áit a rachas muid?" arsa Pádraig." ""Tá dhá inghin ag Eoghan a' Gallchobhair thall annsiúd agus bhéaramaoid an cheud ruaig chucasan."" "'Tá mé sásta go leor," arsa Pádraig, "ach char casadh orm iad ariamh" (tá fhios agaibh nár chomhnuigh Pádraig ins an pharáisde seo agus nach rabh aithne ró-mhaith aige ar bhunadh na háite seo) "ach chuala mé go bhfuil siad beadaidhe go maith."" "'Na bac le n-a mbeadaidheacht, a Phádraig! Tá aithne mhaith ag Eoghan ormsa agus ní chuirfidh sé amach sinn, ar sgór ar bith."" "Anonn linn 'toigh Eoghain. Chuir sé fáilte romhainn agus bhí an bheirt chailín agus a máthair 'na suidhe cois na teineadh. "Bhí eagla orm féin nach nglacfadh na cailíní nó ceachdar aca le Pádraig agus go mbeadh níos fuide le siúbhal againn agus mar sin char chaith mé barraidheacht aimsire ag bualadh timchioll an duis ach rinne mé go díreach ar an tomóig in a rabh an gearrfhiadh." "'Seo buachaill óg," arsa mise, ag sméideadh mo chinn le Pádraig, "a thug leis mé dh'iarraidh do inghne, a Eoghain," arsa mise." "Bhí Eoghan beagán mall 'sa' chainnt agus ó tháinig mé ró-thobann air char fhreagair sé ar dtús; ach thoisigh a aghaidh dh'oibriú. Mheasfá air gur bhuail taom de'n ghalar chreathach leis. Nuair fuair sé a anál leis ins an deireadh b'iad na focla "Dia is Muire linn!" do tháinig leis agus sin go sgioptha. Ach chuir sean-Róise .i. bean an toighe, a súla thríd an bheirt againn agus í chomh socair suaimhneach le breitheamh 'na shuidhe sa chúirt." ""Cár fhág tú an buachaill óg, a Mhichil?" ar sise, agus thuig mé ó n-a glór go maith gur ag sgige do bhí sí." "'Ní gnáthach duitse bheith caoch, a Róise," arsa mise, 'nach bhfeiceann tú an duine uasal seo atá le mo thaoibh? Duine muinteardha damh é as a leithéid seo d'áit. Is minic
a chuala sé trácht ar d'ingheanaibh agus tháinig sé anocht d'iarraidh na hingne is sine le n-a pósadh," arsa mise, ag amharc go dána ar shean-Róise." ""Is iongantach liom," ar sí, "nach í an cailín is óige atá sé iarraidh!" Labhair sí an méid seo go geur agus go tiugh ach stop sí annsin agus labhair ní ba réidhe. "Gabhaim maitheamhnas," ar sí, "a fheara, ach tá cailíní s'againne ró-óg le pósadh go fóil. Chár shmuainigh siad ar a leithéid."" "Budh cheart damh rádh gur imthigh an bheirt chailín as an chistinigh dá luathas d'fhosgail mé mo bhéal ar an cheist agus chan fhacamar ní ba mhó iad." "'Ní misde dóbhtha smuaineadh ar a leithéid," arsa mise. "Tá feirm mhaith talmhan ag mo charaid agus stoc láidir uirthi. Tá triúr dearbhráthar aige níos sine na é féin atá na n-oibridhthe maithe -" ""Caithfidh sé go bhfuil gearr-chuid aoise aca eatortha', arsa bean-a-toighe go searbh, "agus go bhfuil ciall aca mura bhfuil obair ionnta."" "Chuir an rádh seo fearg orm féin agus bhí mé a smuaineadh ar fhreagair nuair labhair Eoghan go séimh macánta, ag tabhairt súile ar a mhnaoi san am cheudna." ""Chan fhuil gar duit, a Mhichil, gabhail níos fuide leis an sgéal. Cha rachadh mo chailíní go dtí an duthaigh sin ar chor ar bith. Ach támaoid buidheach duit agus iad d'iarraidh. Ná tuitimís amach fa dtaoibh dé."" "Bhí seo réasúnta go leor agus thuig mé ó'n dóigh ar labhair Eoghan nach raibh gar a bheith ag cainnt. "'Támaoid sásta leis an fhreagair sin," arsa mise, "agus ní bhacfaidh muid leis an chleamhnas níos mó, ach tá braon beag biotáilte linn annseo agus ma tá cead againn budh mhaith liom féin mo bhéal a fhliuchadh.' Tugadh an cead dúinn agus d'ólamar gloine araon ach amháin an tseanbhean, ach d'eirigh sise féin níos modhamhla linn sul ar imthigheamar agus tháirg tae dúinn ach ghabhamar ar leithsgéal mar bhí ar n-obair le déanamh againn fós."
Nuair bhíomar ar an bhealach mhór arís, arsa mise le Pádraig, ní'l ach inghean amháin ag Domhnall na mBan agus ní'l sí comh hóg leobhtha seo. Siúd thall a theach a bhfuil an solus ann. Tá grabhar maith airgid ag Domhnall agus is dóigh liom go bhfuighbhe Eilis an chuid is mó de mar tá an fheirm ag gabhail chuig an mhac agus chan fhuil oighre eile ag Domhnall nuair a stiúcfaidh sé féin."" Tá go maith, arsa Pádraig, agus rinneamar díreach ar thoigh Dhomhnaill." "Bhí Domhnall istigh agus Eilis ag déanamh an bhrocháin fá choinne an tsuipéir. Bhí Eilis fá thuairim daichead bliadhan d'aois. Cailín breagh láidir do bhí innti ach chá rabh sí ró-ghnaoidheamhail riamh. In a toigh féin is measa an chuma do bhí uirthi. Bhí sí dubh agus beagán garbh fá na inalaibh agus fá na leicnibh. Ní mó ná go rabhamar 'nár suidhe agus na píopaí dearg againn nuair shín Pádraig spág dá spágaibh anall chugam agus thug bruideadh ins an lurgain damh. D'amharc mé air agus dhruid sé a leath-shúil liom, chroith a cheann go bagarach agus chuir carr air féin. Thuig mé go maith goidé bhí cearr agus ar ball beag nuair fuair sé aiméar orm chogar sé in mo chluais, 'ná bac le hEilis'. Leigeamar orainn annsin nar theastuigh uainn ach toit de'n phíopa agus sinn ar ar dturas go háit éigin eile agus nuair do bhí píopa tobac caithte againn d'fhágamar an teach agus ar shiúbhal linn." "'Goidé tháinig ort, a Phádraig" arsa mise." "'An donas ort!" ar se, "goidé thug ort mé thabhairt annsin? Chá phósfainn an cailín sin dá rabh trí chéad púnta aici. Tá sí chomh sean le spadóig agus chomh míofuair le gráinneóig. An bhfaca tú an fhéasóg atá uirthi? Dheamhan ribe féasóige do bhí ar an chailín mhacánta agus bhí sí seal bliadhan ní b'óige ná é féin, ach cha rabh aon mhaith a bheith ag cainnt leis, agus thuig mé anois go mbeadh m obair gearrtha amach agam agus bean fhagháil dó an oidhche sin má bhí sé comh doshásta agus comh beadaidhe sin."
"Tá aithne agam ar chailín a d'fhóirfeadh i gceart duit, inghean Sheumais an tSléibhe, ach tá teach Sheumais giota maith as seo, tuairim is míle go leith, agus tá droch bhealach le gabhail ann. Tá casán thríd an phortach ach ní mó ná go bhfeudfamaois an casán do leanmhain ar shiúbhal oidhche, agus chan fhuil eolas ró-mhaith ag ceachdar againn air."" "'Goidé'n seort cailín í?" arsa Pádraig ag hamh- rusach."" "'Tá cúigear cailín ag Seumas agus sin a bhfuil de theaghlach aige agus tá fhios agam go maith nach mbeadh aon doicheall ar bith aige roimh an té d'iarrfadh bean acu. Is breagh na cailíní iad ach tá barraidheacht aca i n-aon toigh amháin agus mar tá an teach cuid mhaith ar leath-taoibh is beag buachaill théid an fhaid sin agus is annamh eirigheann siad amach. Tugaim fá deara fósda go mbíonn faitchíos ar bhuachaillibh briseadh ar sgata cailín mar sin, siúd is gur fearr sicín as áilín nó sicín aonránach. Má théidhmíd ann sí an cailín is sine a chaithfeas muid iarraidh gan gramascar do dhéanamh do'n sguaine."" "'Goidé'n seort cailín í, agus goidé 'n aois atá uirthi?'" "'Tá sí amach is isteach fá'n deich is fiche agus dá mbéinn ag piocadh mná as an chúigear is í bheadh liom. Cailín macánta, modhamhail, gnaoidheamhail atá innti.'" "'Siubhlamaois!' arsa Pádraig, agus thionntuigh sé ar a sháil." "'Go socair, a dhuine,' arsa mise, "caithfimid na cnuic do ghlacadh orrainn féin, agus char mhaith liomsa gabhail i gcionn an tsiúbhail suas gan deoch do bheith againn.'" "'Is túisge deoch nó sgéal,' arsa Pádraig agus tharraing sé amach buidéal agus bhí deoch againn. Bhuail- eamar trasna na bpáirceann annsin go dtáinig muid ar an chasán agus leanamar an casán comh maith is d'fheudamar. Ach is iomdha poll agus díog do bhí ann. Bhí an salachar ar
ar gcuid éadaigh agus glugar an uisge i n-ár mbrógaibh an t-am a bhaineamar amach teach Sheumais. Bhí an teaghlach uilig istigh, mar b'annamh dóbhtha bogadh amach de shiúbhal oidhche bhí an casán comh fada agus comh hanasta sin. Bhí teine bhreagh mhónadh ar an teallach agus cuma sómasach ar ghach uile dhuine. Cha rabhmar abhfad 'nár suidhe gur chuir mé i n-úmhal do Sheumas fáth ar dturais, bhí mé ag iarraidh a inghine do'n bhuachaill mhacánta seo do bhí liom. Chuir Seumas roinnt cheisteann fá dtaoibh dé agus bhí sé sásta do'n chleamhnas. Daichead púnta do bhí ceaptha aige thabhairt do ghach duine dá ingeanacha, dubhairt sé, agus mheas mé féin gur leor dó sin ná chá rabh aige ach móinteán mar fheirm. Thug Pádraig an buidéal amach agus d'ólamar bolgam maith, se sin, na fir, mar ní bhlasfadh na cailíní deor. Rinne siadsan an tae agus bhí gach uile rud ag gabhail ar aghaidh go maith nuair chogar Pádraig in mo chluais nuair fuair sé faill orm, "an cailín bán atá in mo cheann, bíodh fhios agat." "An diabhal," arsa mise ar ais leis. B'í an cailín a b'óige an cailín bán: tuairim is fiche bliadhain d'aois do bhí aicí. B'í an cailín a ba ghnaoidheamhla díobhtha í gan amhrus, ach chá rabh innti ach páisde agus peata nach bpósfadh fear ciallmhar." "Bhí Pádraig ar bhog-mheisge fa'n am seo agus é go meidhreach. Bhog sé a chathaoir i n-aice leis an chailín bhán agus chuir spraic uirthi. Dhruid sise amach uaidh agus las a gruaidh. Bhog séisean a chathaoir arís agus thug gach uile dhuine fa deara é. Labhair Seumas: "Is í Brighid an ghorsach is sine," ar sé ag sméideadh a chinn le Brighid agus í ag nigheadh soitheach an tae. D'amharc Pádraig uirthi go mall agus rinn' leamhthóg gáire. "'Is cuma liom-sa ciaca is sine nó is óige ach sí an cailín bán mo thaisge.'" "Chroith Seumash a ghuailne go mí-shásta." "'Ag deanamh grinn atá tú a dhuine mhacánta. Tá ceachdar aca óg go leor agatsa.'" "Bhí fhios agam anois go rabh an t-im thríd an bhrochán ach thug mé iarraidh ar fhearg Sheumais do mhaolú."
"'Chan fhuil ann ach greann, a Sheumais. Sí Brighid a tháinig muid dh'iarraidh, ar ndóighe.'" "Chuir Pádraig cluas ar féin. Annsin thionntuigh sé thart orainn go dána. "Má seadh," ar seisean, "chan fhaca mé an cailín bán go dtí anocht. Is í mo ghrádh í agus cha phósaim ach í."" "'Agus dar bhrigh m'fhocail chá phósann tú ise, a dhuine dhí-mhúinte. Má sé sin an cineál duine thug tú leat, a Mhichil, dho iarraidh leathcheal dho dheunamh ar mo ingheanachaibh ní mór mo bhuidheachas duit, agus na déanaidh moill in mo theach-sa.'" "Rinne mé mo dhithchioll síothcháin agus idriscin do dheunamh eadar an bheirt aca ach cha rabh gar damh ann. Bhí siad mí-réasúnta ar ghach taoibh agus bhí beagán ólta aca agus chá rabh gar a bheith leobhtha. D'fhágamar an teach gan mhairg gan bheannacht." ""Goidé an diabhal a tháinig ort, a Phádraig? Nach rabh Brighid óg go leor duit gan a bheith a' brath ar bhabóig na gruaige báine?"" "A Mhichil," ar sé, "tá Brighid comh buidhe le cois lachan agus an bhfaca tú na súla atá ag an mhnaoi eile.'" "'Chan fhaca mé a súla," arsa mise, go tur, agus chár labhramar focal eile go rabhamar ar an bhealach mhór arís." "'Bhí am go leor agam-sa meabhrú ar an chasán agus dubhairt mé in mo aigne féin nach rachainn le Pádraig arís i n-aon teach a rabh sgaifte cailín. Go dearbhtha bhí mé ag cailleadh uchtaigh fán am seo go n-eireochadh liom ar chor ar bith ach tháinig beagán diabhlaidheachta in mo cheann agus shmuainigh mé ar inghin an Mháirnéalaigh." "Chá rabh san Mháirnéalach ach leasainm ar Thadhg Mac Pháidín de bhrigh go rabh sé ar bórd luinge seal i n-aimsir a óige. Bhí sé na fheirmeóir bheag ó shoin. Bhí sé 'na bhaintreabhach, agus chá rabh aige de chloinn ach Sighle, a inghean. Bhí an bheirt aca rud beag crosta, agus chár mhaith liom go bpósfadh Pádraig an cailín ach bhí fhios agam
dá ndéanamaois cleamhnas féin go mb'fhuras a bhriseadh ach clampar éighinteach do thógbháil fá dtaoibh de spré nó fá dtaoibh de rud éighinteach eile. Níor bha dheacair bruighean do thógbháil le Tadhg nó le Sighle." "Labhair mé le Pádraig." "'Goidé'n aois atá uirthi," arsa seisean go hamhrusach.'" "'A dó dhéag is fiche.'" "'Bhfuil sí buidhe?'" "'Chan fhuil.'" "'Bhfuil féasóg uirthí?'" "'Chan fhuil.'" "Ní rabh mé cinnte an rabh sé ag magadh nó ar íribh, ach chá rabh rún agam barraidheacht eolais do thabhairt dó ar eagla go locfadh se." "'Seo linn i n-ainm Dé,' ar se." "Chár dhubhairt mé Amén leis seo, óir, dar liom nárbh' é an Fear shuas a bhí 'gár stiúradh fá láthair, ach chá rabh mórán aimsire caithte nó mórán cainnte ach oiread go rabhamar ag toigh an Mháirnéalaigh. Bhí se ag eirghe mall san oidhche ach bhí solus breagh ó'n fhuinneóig agus rinneamar díreach ar an doras. Chá deárnamar stop nó truisle fá'n doras ach tharraing an sreang agus siúbhail isteach. Chá rabh aon duine ins an chistinigh ach an Máirnéalach féin: b'éidir go rabh Sighle i na leabaidh. Bhí an Máirnéalach i na shuidhe ar stól cois an teallaigh, a spéachlairí ar a shróin, péire sean-bhrístí ar a ghlúin agus snáthad in a láimh dheis, agus é go dímheirceach ag cur paiste ar na brístí. Léim sé 'n-a sheasamh nuair chuir mise mo cheann isteach. Bhí cuma fhiadhain air agus bhain sé preab asam féin, agus shleamhnugh mé ar gcúl beagán go rabh mé i gcúl an dorais. Chár stad Pádraig go rabh sé i lár an úrláir agus chá dtug sé fá deara mise ag sleamhnú ar gcúl." ""Cé tú féin?" ars' an Máirnéalach, go fíochmhar, "nó goidé thug annseo thú?" Ní thug Pádraig freagair air; is dóigh liom go rabh se barraidheacht thríd a chéile le n-a thuigbheáil go maith."
"Chá deárn an Máirnéalach ach cromadh ar an stól ar a rabh sé n-a shuidhe sul ar eirigh sé, rug sé ar an stól, chas thar a cheann é agus thug palltóg do Phádraig i mullach a chinn. Thuitfeadh sé ar an úrlár ach gur rug mé air. Bhí an stól ins an aer arís ach bhris mé an bhuille le mo láimh. Bhí caragal againn, an triúr againn, i gcúl an dorais ach 'sa' deireadh fuaramar gabhail amach ar an doras agus as go bráthach linn síos an ród ar ar sean- ruith." "'Goidé'n diabhal do bhí ar an fhear sin?" arsa Pádraig, "nó an dtug tú mé chuig fear mire le n-a inghin dh'iarraidh!" "'Ní thug: chan fhuil mire ar bith ag baint leis ach bhí sé ar buile leat teacht isteach air agus é a fuagháil a bhríste. Creidim go rabh Sighle i n-a leabaidh; is iongan- tach liom nárbh' ise do bhí ag fuagháil.'" "Chár labhair Pádraig arís agus shiúbhlamar linn giota maith. Bhí sé mall san oidhche anois agus an chuid is mó de na daoinibh, bhí siad ina luighe. Ach thug mé fá deara go rabh solus breagh i dtoigh Bhriain Néill. Bhí cailín breagh aige sin, Gormfhlaith Bhriain, agus labhair mé le Pádraig i na taoibh." "'Áit ar bith is mian leat,' ar séisean: 'is cuma liom cé gheobhas mé anois ach gan dul ar ais folamh in éis na hoidhche seo.'" "Siúd ar aghaidh linn go toigh Bhriain." "Nuair a chuadhmar isteach bhí an teaghlach uilig ag suidhe thart, teine bhreagh ar an teallach, lampa ar lasadh ar an chlár, agus buidéal uisge beatha agus dornán gloine in aice leis. Bhí beirt diúlach ó'n chomharsanacht n-a suidhe cois na teineadh. Bhí Gormfhlaith 'n-a suidhe i n-aice duine aca agus í cóiriste go measardha maith agus ní fhaca mé cuma níos fearr uirthí le fada: go dearbhtha ba chailín dóigheamhail í ar sgór ar bith. "Bhí aoibh bhreagh ar Bhrian agus budh dhóigh leat air gur bhlas sé braon de'n bhuidéal."
"'Sé bhur mbeatha, a fheara,' ar séisean, 'Cé seo tá leat, a Mhíchil?' "'Duine muinteardha damh, as a leithéid seo d'áit. Pádraig Mac Fhionnlaoich a ainm agus a shloinne.'" "'Sé bheatha, agus is maith liom go dtáinig sibh isteach. Támaoid ag déanamh cleamhnais annseo, nó tá sé déanta is ceart damh a rádh, eadar Diarmaid Mac Crosáin agus m'inghean-sa agus ó thárla sibh ann tá fáilte romhaibh agus ólfaidh sibh sláinte na beirté.'" "D'ólamar agus chár dhubhairt a dhath ach chá rabh Pádraig ar a shuamhneas gur fhág muid an teach arís." "'Chan fhuil bean i ndán damh anocht, a Mhichíl, agus is fearr damh pilleadh.'" "'Tá seans amháin eile againn,' arsa mise." "'Cé'n seans é sin,' ar séisean." "'Tá aithne agat ar Éamonn Ó Griana,' arsa mise." "'Tá,' ar séisean. "'Tchím go minic é ar na haon taighibh. Tá áit bhreagh aige, cluinim. Ach is dóigh liom go mbeadh sé ag iarraidh áit mhaith dá inghin fósda. Cá mheud inghean aige?"" "'Tá beirt; ach tá ceann aca ró-óg duit agus mar gheall ar an Righ leig duíthe-se an iarraidh seo.'" "'Goidé an aois atá ar an cheann eile?" "'Tá sí deich mbliadhna agus corrú níos óige na tú féin agus nach leor sin duit?'" "'Is leor creidim,' arsa Pádraig go roighin." "Shiúbhlamar linn go toigh Éamoinn. Bhí áit bhreagh ag Éamonn agus bhíodh sé ag ceannach 's ag díol éallaigh go minic ar na haontaighibh mar dubhradh. Má 'seadh féin bhí sé lom go leor ar an tsaoghal; bhí fhios agam féin go rabh fiacha troma air, ná ní thiubhradh sé aire dá ghnoithe ach ar shiúbhal as baile achan lá i n-áit éighinteach. Bhíodh gunna aige agus sgata madadh, eadar conaibh agus gadhraibh, agus madaibh lathaighe, an rud is míofhortúnaighe bhí ag aon duine riamh; agus chaitheadh sé lá foghmhair ag fiadhach gearrfhiadh nó ag lamhach cearc-fraoich. Bhí sé mórtusach go leor, má
tá, mar is minic luigheann an bród agus an bochtanas i n-aon leabaidh. Bhí mé ag déanamh nach dtiubhradh sé a inghean do Phádraig agus sin go díreach an fáth ar mhol mé do Phádraig feucháil do chur air, ná níor bha dhóigh liom go bhfóirfeadh inghean Éamoinn dó; chaithfeadh sí a fheirm taoibh istigh do chúig bliadhna." "B'éigin dúinn Éamonn do chur as a leabaidh agus hobair go mbeadhmaois ithte ag na madaidhibh sul a dtáinig sé go dtí an doras. Leig sé isteach sinn, ní gan doicheall, mheas mé, ach nuair tharraing Pádraig amach buidéal cárta tháinig aoibh ní b'fhearr air. D'ólamar bolgam maith ar dtús sul ar nochduigheamar ar ngnoithe dó. Chár chuir an t-eolas aon fhearg air. Chuir sé an inghean na suidhe agus a bhean agus chuadhmar i mbun an chleamhnais. "Ar ball beag fuair Pádraig faill ar chogar do thabhairt damhsa." "'Chá phósfainnse í sin ar a bhfaca mé riamh,' ar séisean." "'Goidé an breall atá agat uirthi?' arsa mise." "'Tá a srón ró-fhada agus a pusa ró-thanaidhe. Bheadh sí go síor ag cabaracht agus chá bheadh lá suaimhnis agam léithe.'" "'Tá an donas ort! arsa mise, "ach ar d'anam na leig ort. Má gheibh Éamonn amach go bhfuil tú ag lochtú a inghne sgaoilfeadh sé an gunna leat comh héasgaidh is shmuaineochadh sé air. Fág agam-sa é agus déanfaidh mé an cleamhnas do mhilleadh fá'n spré.'" "'Béidhmid ag dúil le cruth maith léithe, a Éamoinn,' arsa mise go dána." "'Nach leor daoibh m'inghean fhághail?' ar séisean go doicheallach." "'Ní leor,' arsa mise." "'Cá mhéad bheadh sibh a dh'iarraidh?" ar séisean." "'Céad go leith,' arsa mise." "'An bhfuil tú as do chéill?'"
"'Chan fhuil,' arsa mise. "Budh cheart go mbeadh grabhar maith airgid agat-sa anois. Tá feirm mhaith ag mo charaid ach tá triúr dearbhráthar aige agus caithfidh siad a gcuid féin d'fhághail.'" "'An fiú mórán an fheirm?' arsa Éamonn." "'Cúig céad púnta,' arsa mise." "'Ní fiú cúig céad púnta a bhfuil de thalamh ar an taoibh thall de chnoc Mhín an Fhir Ruaidh,' ar séisean go dímhúinte." "Maiseadh is iongantach go gcuirfeá d'inghean ann mar sin," arsa Pádraig go cunasach." "'Char chuir go fóil,' arsa Éamonn, 'agus ní'l mé cinnte go gcuirfidh.'" "'Déan do rogha rud,' arsa Pádraig. 'Chan fhuil mise i-na muinighin.'" "'Más mar sin atá tóg ort as mo thoigh-se agus ná feicim arís tú.'" "'Bíodh geall nach bhfeiceann go bráthach,' arsa Pádraig." "Bhíomar i n-ar seasamh cheana féin agus ag tarraingt ar an doras." "'Slán leat,' arsa mise le hÉamonn agus an doras eadrainn." "'Imtheacht gan philleadh daoibh, a bhacaigh!' arsa séisean." "Bhí na madaidh ag tamhthann ar an tsráid ar ghabháil amach dúinn." "Ag binn an toighe bhí beart uirleisí na seasamh ann. Rug mé gréim ar phíce agus thug mé sean-spád do Phádraig. Dar liom go dteastóchadh siad uainn agus theastuigh. Dhreasuigh Éamonn na madaidh ionnainn agus chár mhór an dreasú theastuigh uatha. Bhí siad timchioll orainn agus gach aon guldar asta mheasfá go mbeadhmaois slugtha aca ar an phointe. Fuair mise aiméar ar cheann aca agus sháith mé an phíce ann agus bhuail Pádraig ceann eile aca leis an spád. Theich siad agus an míle murdar asta."
"'Rith anois an méid atá in do chorp,' arsa mise, 'no sgaoilfidh sé an gunna linn.' As go bráthach linn. Go díreach ar rochtain an bhealaigh mhóir dúinn sgaoileadh dhá urchar linn. Bhíomar ró-fhada ar shiúbhal le dochar ar bith do dhéanamh dúinn, ach lá thar na bhárach fuaramar gránacha luaidhe i n-ar gcuid éadaigh." "'Hobair dúinn an iarraidh sin,' arsa Pádraig nuair bhíomar leath-mhíle ó'n teach. 'Ní rachaidh mé i n-áit ar bith eile leat anocht.'" "'Is mithid stad,' arsa mise. 'Tá an mhaidin ann. Ach cogar, a Phádraig,' arsa mise leis ar ball, 'nach bhfuil inghean ag Toirdhealbhach Ó Fearadhaigh béal dorais agat féin.'" "'Tá,' arsa Pádraig." "'Nach bhfóirfeadh sí sin duit agus nach bpósfadh sí thú?'" "'Is dóigh liom go bhfóirfeadh; ní'l fhios agam an bpósfadh sí mé: chár chuir mé an cheist uirthi riamh.'" "'Maiseadh is mithid duit an cheist do chur uirthi agus ar a hathair. Rachaidh mise leat anocht agus iarrfamaoid a inghean ar Thoirdhealbhach. Cá ainm sin atá uirthe?'" "'Nellí,' arsa Pádraig go faitcheach." "Déanfadh mé sgéal goirid dé anois. Fuaramar Nellí agus pósadh iad roimh an Chargais. Tá mé cinnte dearbhtha gurbh í an bhean amháin de'n tseachtar a d'fhóir do Phádraig. Thuig sí é agus thuig séisean ise. Bhí aithne aicí ar an áit agus ar an teaghlach agus chá rabh sí ag dúil go mbeadh an saoghal i n-aisge aicí, rud nach rabh. Chá dtug Toirdhealbhach duithe mar spré ach colpach dhá bhliadhan; an duine bocht ba bheag an saidhbhreas do bhí aige féin ach bhí beirt dearbhráthar óg ag Nellí agus chuidigh siad go mór leobhtha ag saothru na feirme nuair d'éirigh dearbhráithreacha Phádraig féin ró-shean nó ró-fhallsa le hobair do dhéanamh. Is maith an chomhairle é, "pós ar an charn-aoiligh," sé sin, pós cailín a bhfuil sean-aithne agat uirthi."
"'Ach an chuid eile de'n chomhairle,' arsa mise. "Díol do bhó abhfad as baile,' goidé is ciall dí?" "Ní'l sí chomh bríoghmhar leis an chéad chuid, mar ní ionnann bó agus bean agus ní ionnann margadh eile agus margadh an phósda; ach is í an chiall atá leis sin gur fearr an bhó do dhíol le strainséir ná le comhursain. Má bhíonn locht ar an bhoin nó má théid rud ar bith cearr léithe is furas socrú dhéanamh le strainséir; ach má thuiteann tú amach le comhursain, agus is fusa tuitim amach ná tuitim isteach arís, rachaidh an pléidhe níos fuide. Chá bheadh fhios agat a choidhche an méid díoghbhála thigeadh as ins an deireadh."
VI. - An rud is measa leat na do Bhás b'éidir gurab é lár do leasa é. Bhí mé amuich ar an tsléibh lá foghmhair agus bhí sé mall 'sa' tráthnóna nuair phill mé 'na bhaile. Bhí cúpla míle slighe le siúbhal agam trasna caoráin agus portaigh ach is beag an buaidhreadh chuir sin orm, óir bhí eolas maith agam ar gach bhruach agus sruthán san tsléibh sin. Shiubhal mé liom, nó rith mé liom, cuid de'n bhealach, ná b'éigin damh léimne ó thurtóig go turtóig. Bhí an oidhche breagh geal agus cha rabh eagla orm roimh taibhse nó duine. Ach ag teacht isteach damh ag Árd na Cruaiche Mónadh chuala mé glór aisdeach do chuir stad le mo aisdear agus do chuir mo chroidhe ag preabadaidhe in mo lár. Glór caointe agus béicridh a bhí ann agus char thuig mé ciaca glór duine, nó glór madaidh, nó glór taidhbhse bhí ann. Bhí barraidheacht sgannartha orm ar dtús le héisteacht go cúramach ach nuair shocruigh mó chroidhe beagán dar liom gur glór duine do bhí ann agus mheas mé gur thuit an duine i bpoll nó
gur eirigh taisme no míothapadh dhó agus go rabh sé ag iarraidh chuidighthe. Sa deireadh tharraing mé air, ní gan fhaitchios go leor. Duine do bhí ann. Bhí sé 'na luighe i mbéal cruaiche mónadh agus shíl mé ar dtús go rabh sé gortuighthe nó gonta i ndóigh nar bhféidir dó eirghe, ach d'amharc mé go geár air agus thug mé fá deara go rabh ceangal na gcúig gcaol air. Labhair mé leis agus nuair d' fhreagair sé mé d' aithin mé go maith é. Hannraoi Óg Ó Ceallaigh do bhí ann, buachaill macanta ó'n chomhur- sanacht. "In ainm Dé," arsa mise, "goidé an chuma seo atá ort?" "Sgaoil amach mé ar dtús, a Pheadair, agus inn- seochaidh mé sin duit." Bhí an ceart aige. Ní socharach an dóigh do bhí air le sgéal dho innse. Sgaoil mé amach é. Bhí sé ceangailte agus craptha suas i modh nár bhféidir do bogadh. D'eirigh sé 'na sheasamh, chraith é féin agus bhuail a chosa ar an talamh leis an fhuil do thabhairt arais ionnta. "Chan iad na sidheoga cheangail mar sin thú?" arsa mise leis. "Chan iad," ar seisean, "ach an bheirt diabhlaidhthóra sin Seaghan Dubh agus Seárlus Beag." "Is damanta cruaidh a cheangail siad thú," arsa mise. "Más ag deanamh grinn a bhí siad chuaidh siad ró-fhada leis an sgéal." "Chan eadh greann ar bith do bhí ann ach lom aríribh," ar séisean agus d'innis sé iomlán an sgéil damh. D'eirigh sé amach tráthnóna ag tarraingt ar Fhaithche- chaoin agus chaithfeadh sé gearradh trasna an tsléibhe nó corr-bhealaigh mór do chur air féin. Rinne sé ar an tsléibh. Cha deachaidh sé abhfad nuair rug an bheirt eile air. Cheistnigh siad é ca rabh sé ag gabhail agus d'innis sé dóbhtha go rabh sé ag gabhail go toighe Phaidí Mhaghnuis. Anois bhí inghean ag Paidí, Siúbhán; nó Siúbhsaigh a ba
ghnáthach thabhairt uirthi, agus ba dheacair í shárú ar dhóigheamh- lacht. Bhí a leath de bhuachaillibh na háite éadtrom in a gcinn fá dtaoibh duíthe. "Dh' amharc ar Shiúbhsaigh atá tú ag gabhail, go mairim," arsa Seaghán Dubh leis. "Cad chuighe nach rachainn dho amharc uirthi," arsa Hannraoi. "Mholfainn duit gan a ghabhail anocht," arsa Seaghán Dubh. "Char iarr mé do chomhairle," arsa Hannraoi. "Char iarr," arsa Seaghán, "ach tá mé aga tabhairt duit in aisge." "Comhairle in aisge comhairle gan tairbhe," arsa Hannraoi; "ach goidé an bhaint atá agatsa liomsa nó le Paidí Mhaghnuis no le Siúbhsaigh Phaidí go dtiubhrthá comhairle ar bith damh 'sa' chás." "Tá mearbhall ort," arsa Seaghan, "fá sin. Bíodh fhios agat mar sin go bhfuil cleamhnas deanta agam le Siúbhsaigh agus go bhfuil sí le heulodh liom anocht agus ní theastuigheann cuideachta ar bith uainn ach an méid atá socruighthe againn cheana féin. Ar an adhbhar sin," arsa Seaghán go carthanach, mar dheadh, "is fearr duit tionntú 'na bhaile anocht." "Hobair damh," arsa Hannraoi ag innse an sgéil damhsa "go dtuitfinn ar mhullach mo chinn leis an phreib ar bhain tuairisg Sheagháin asam; ná bhí mé ag deanamh Siubhsaigh damh féin agus is ag brath go bhfuighbhinn faill labhairt léithe chuir mé an turas orm anocht. Ar an tséala sin dhiúltaigh mé philleadh, bhagair Seaghán orm agus sé an deireadh bhí leis gur rug an bheirt aca orm, leag siad mé agus cheangail go docht mé mar chonnaic tú le na gciarsúiribh agus píosaí sreang do bhí leobhtha in a bpócaibh. Go dearbhtha chuartuigh siad mo phócaí féin agus fuair an giota rópa sin a bhí ar mo chosaibh orm féin. Shaoil mé go stiúcfainn nuair d' fhág siad ann seo mé. Ní hé amháin go rabh na ceangla ag mo ghortú agus go rabh eagla orm
go gcaithfinn fanacht go maidin, ach ba mheasa ná sin orm go mbeadh Siúbhsaigh ar shiúbhal le Seaghán Dubh sul a d'fheudfainn dadaidh dheanamh. Dar liomsa dá bhfuighbhinn faill labhairt léithe agus le n-a hathair agus a máthair go bhfeudfainn cleamhnas dheanamh léithe mé féin. Bhí sí i gcomhnuidhe go dáimheamhail liom, í féin agus a muintear, agus dá bhfuighbhinn - ach tá sí ar shiúbhal le Seaghán Dubh anois," agus chuir sé bollsgóid caointe as. Nuair shocruigh sé beagán, "goidé tá dúil agat a dheanamh?" arsa mise. "Pilleadh 'na bhaile is dóighthe," ar sé. "Tá an dochar deanta anois agus chan fhuil léaghas air." "Na habair sin," arsa mise, "Ca fhad a bhfuil sé ó d'imthigh siad uait?" "Tamall beag sul a dtáinig tusa. Níl siad mórán thar leath-uair ar shiúbhal go fóil." "Siúbhal leat, má seadh," arsa mise, "Beidhmíd in am go fóil." "Ach goidé thig linn a dheanamh? Nár dhubhairt sé go bhfuil Siúbhsaigh ar tí eulodh leis dá deoin féin agus goidé d'fheudfainn-se dheanamh 'sa' chás?" "Goidé fhios agat nach ag stealladh na mbréag chugat a bhí Seaghán Dubh; agus ar sgór ar bith má bhí muid in am le leath-fhocal a thabhairt do Phaidí Mhaghnuis goidé tá ar cois millfimid an cleamhnas anocht agus béidh faill agat do rámha a chur isteach go fóil." "Agus an rachaidh tú liom?" "Rachaidh gan amhrus: budh mhaith liom an greann dho fheiceáil." Tháinig beagan uchtaigh in a chroidhe arís agus ar aghaidh linn thríd an phortach go toigh Phaidí Mhaghnuis. An t-am a tháinig sinn ós coinne an toighe amach ar an phortach chonncamar baicle beag daoine ag imtheacht giota ó'n toigh ag tarraingt ar an chaorán mhór. Leanamar iad ós ísiol go bhfacamar gur ceathrar daoine do bhí ann,
beirt fhear agus beirt bhan agus cha rabh amhrus orainn gur bh'iad Seaghán agus Seárlus do bhí ann agus Siúbhsaigh agus cailín eile leóbhtha - an t-eulodh. "Ca mbeadh siad ag gabhail an bealach sin?" arsa mise. "Chan fhuil fhios agam," arsa Hannraoi, "ach tá oncal ag Seaghan Dubh 'na chomhnuidhe i Mín-thiubraid agus deirfinn gur ag deanamh ar an toigh sin atá siad." "Más amhlaidh atá caithfidh siad casadh arais thar an tSruthán Ruadh. Rachaidh sinne an aithghiorra, cois na haibhne, agus beidhmid rómpa." "Ach goidé thig linn a dheanamh?" "An rud a bhí tú ag deanamh nuair a tháinig mise fhad leat anocht. Má leigeann tú goldar caointe asat mar leig tú an uair sin dheamhan duine aca rachas trasna na haibhne anocht." Ar aghaidh linn arís. Luigheamar síos ar bhruach na haibhne go bhfacamar iad ag teacht anuas an mholaidh chugainn. Annsin leig Hannraoi an míle-murdar as, agus nuair a stad séisean leig mise béic asam. Tar éis tamaill d'eirigheamar in ar seasamh agus shiúbhlamar síos agus aníos an tsruthán agus sinn ag caoineadh linn. Ní'l féidhm a rádh go rabh sgannradh ar an dream thall. Mheas siad gur bean sidhe a bhí ann agus gur droch-thuar do'n chleamhnas é agus cha rachadh Siúbhsaigh ní b'fhuide leis. Dubhairt Seaghan Dubh go dtiocfadh sé arais oidhche eile ach dubhairt Siúbhsaigh leis gan a theacht, nach rachadh sí ní b'fhuide leis mar nach mbeadh an t-adh ar an obair. Phill siad arais ar sgór ar bith. "Anois, a Hannraoi, caithfimid bheith rómpa ag toigh Phaidí arís go bhfeicfimid goidé dheanfas siad." Arais linn an bealach ceudna a thángamar go rabhamar ag binn toighe Phaidí. Sgar na buachaillí agus na cailíní ó n-a chéile giota siar ó'n toigh.
"Anois, a Hannraoi, seo an t-am agus an aimsear duit. Béidh faitchíos ar Shiúbhsaigh pilleadh un toighe agus go bhfuighbhe an ráflaigh seo amach uirthe. Dean thusa eulodh léithe anocht agus críochnuigh an cleamhnas do thúsaigh Seaghán." D'eirigh linn go geal. D'eirigheamar amach roimh na cailíníbh agus chuir spraic orra. Leig siad amach an turas a rabh siad air agus an míothapadh d'eirigh dóbhtha. "Na bac leis, a Shiúbhsaigh," arsa mise. "Cha rabh sé in dán duit Seaghán Dubh do phósadh. Seo Hannraoi Óg annseo a tháinig amach anocht dho iarraidh cleamhnais ort. Is dóigh liom go mbeadh do athair sásta go léor leis mar chliamhain ach ó thárla go bhfuil sibh ar an bhealach mar tá sibh anocht sé mholfainn daoibh imtheacht arís in ainm Dé agus eulodh do dheanamh dé." "B' fhearr liom Hannraoi féin do chluinstin," arsa Siúbhsaigh. "Maiseadh a Shiúbhsaigh an méid adeir Peadar leat deirfinn féin agus abhfad níos mó ach go rabh faitchíos orm labhairt leat." "Más amhlaidh atá rachaidh mé libh, in ainm Dé," arsa sise. Chasamar ar ar gcosaibh agus shiúbhlamar linn, ach stad Hannraoi go tobann arís agus arsa sé liomsa. "Ach can áit a rachas muid. Cha rabh -." "Na bac leis sin, a Hannraoi," arsa mise. "Tá teach measardha mór ag mo athair agus char dhruid sé an doras ar bhur leithéid ariamh." Go dearbhtha b' aoibhinn le mo athair iad do theacht un toighe. Cuireadh fá dhéin fidiléir. Cuireadh fá dhéin na gcomhursan agus tháinig an t-aos óg isteach. Bhí oidhche mheidhreach againn go maidin, bíodh geall. Cuireadh sgéala chuig Paidí Mhaghnuis agus tháinig sé trathnóna lá thar na bhárach agus thug an bheirt óg na bhaile leis. Bhí oidhche mhór spóirt aca an oidhche sin arís toigh Phaidí agus socruigheadh gach uile rud. Bhí bainéis ann an Domhnach na dhéidh.
Bhí Hannraoi sásta go maith leis an chleamhnas agus rug sé mé féin ar leathtaoibh oidhche na bainse 'tabhairt bhuidheachais damh. "An rud is measa leat na do bhás b'éidir gurab é lár do leasa é." Sé an t-adh do bhí orm gur ceangladh mé an oidhche sin. Ach mar a d'eirigh damh, b'éidir nach mbeadh an meisneach agam labhairt le Siúbhsaigh go mbéinn ró-mhall." Ach is doiligh gach aon duine do shásamh. Fuair Seaghán Dubh amach gur mise ba chionntach leis an bhean sidhe do theacht orra oidhche an euloidh, agus ní dóigh liom gur mhaith sé damh é, ariamh ó shoin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services