Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ciall na Sean-Ráidhte

Title
Ciall na Sean-Ráidhte
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1920
Publisher
Ó Cathail agus a Bhuidhin, Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I. Is Minic Cú Mall Sona.



Bhí fear de mhuintir Mhic Giolla Cearr na innilteoir
ar Oileán na Ríoghna i mBéilfeirsde ach chlis a chuid
oibre air, agus b'éigin dó stad. Chá rabh obair eile le
fághail aige agus dá mbeadh an obair le fághail féin
aige ní maith a d'fhóirfeadh obair eile dhó. Bhí a cheárd
féin aige agus ba leor dó sin, ach nuair cuireadh as a
áit é níor bhfuras áit fhóirstíneach eile d'fhághail. Do
hinnseadh dó go rabh obair de'n tseort fairsing go leor
i Meiricea, ach chan i Meiricea a bhí sé ach i nÉirinn agus
char mhaith leis glanadh as an tír. Dá mbeadh fonn
imtheachta féin air bhí sé gann in airgead agus ba mhór
leis luach an turais d'íoc agus go mb'fhéidir go gcaitheadh
sé teacht arais arís dá gcliseadh air thall. Maidin amháin
Chuaidh sé go dtí an tOileán (ní hé an tOileán Úr, ach
Oileán na Ríoghna) d'fheiceáil an rabh aon tuairim go
mbeadh obair le fághail aige go goirid. Dubhradh leis
go rabh long mhór a snaidhmeadh san áit sin, an Titanach,
ar tí imtheacht go Meiricea i gcionn seachtmhaine;
go rabh fuireann innilteóra ceaptha duíthe cheana féin,


L. 5


ach dá mbadh mhaith leis an turas do dhéanamh gur bhféidir
dó gabhail mar chuidightheoir, agus go bhfuigheadh sé an
pháidhe chéadna do bhíodh ag teacht dó nuair a bhíodh sé ag
obair sa' bhaile. Bhí luthgháir an domhain air agus dubhairt
ar an bpointe go rachadh sé go fonnmhar. Ó bhaile-phuirt
i Sasanaibh bheadh an long ag triall ach i gcionn dhá lá
bheadh long eile ag fágáil Bhéilfeirsde le freastail uirthe
sul a n-imthigheadh sí agus d'fhéadfadh Seaghán (Seaghán do
bhí mar ainm díleas air) gabhail ar an luing sin go dtí
Sutamton mar a rabh an Titanach na luighe agus do ghabhail
ar bórd in súd. Tráthnóna Dia haoine ar a naoi a chlog
a bhí socruighthe do'n luing imtheacht.



Cha rabh barraidheacht ama fágtha ag Seaghan. Bhí a
neitheanna le cur ar bórd na luinge. Bhí air slán fhágáil
ag a cháirdibh. Buachaill lághach aereach do bhí ann agus bhí
móran carad aige ar fud na cathrach agus chaithfeadh sé
gabhail thart le hiad d' fheiceail. Cha rabh dúil aige pilleadh
go luath. B'eidir go mb' fhada an lá sul a bhfeiceadh sé
arís iad. Ach d' eirigh leis go maith agus tráthnóna Dia
hAoine bhí a bhagaiste ar bórd agus uair le spárail aige
sul a n-imthigheadh an long.



Is annsin shmuainigh sé in a inntinn féin go rabh seal
cáirde aige sul a n-imthigheadh an long, agus go mbeadh
faill aige seársa a thabhairt ar an tram go dtí Bóthar
Aontruime mar ar chomhnuidhe Síbéal Ní Ghadhra agus focal
eile do bheith aige léithe. Is fíor gur fhág sé slán aicí trí
huaire roimhe ré ach mar sin féin d'fhágfadh sé slán aicí
arís. Inghean bhaintreabhaighe a rabh siopa beag díolta
tobac aici a bhí i Síbéal agus b'fhuras í fheiceáil 'sa'
tsiopa. Cha bheadh sé dh' fhéidhm air eirghe as an tram ar
chor ar bith, b'fhéidir. Acht stad an tram ós cuinne an
tsiopa amach, d'eirigh sé as agus chuaidh isteach sa tsiopa.
Bhí Síbéal ann agus luthgháir an tsaoghail uirthí Seaghán
d'fheiceáil arís. Bhí beagán cainnte agus comhráidh aca
agus annsin dubhairt Síbéal go rachadh sí 'fhaid leis an
luing ar an iúl leis. Cha deachaidh siad ar an tram an


L. 6


uair seo mar b'fhearr leobhtha siúbhal ar a suaimhneas.
Shiubhail siad ar a suaimhneas agus ar a n-aoibhneas agus an
t-am do roich siad an chéibh bhí an long ag séideadh na
hadhairce ag gabhail amach an loch duíthe. Fágadh Seaghán
agus rugadh a bhagáisde go Sasanaibh. Leig sé a shean-
gháire as fá'n taisme agus an míothapadh d'eirigh dó acht má
leig féin bhí imnidhe agus míoshástacht go leor air.



"Goidé dheanfas tú anois, a Sheagháin?" arsa
Síbéal.



"Bád na hoidhche máraighe go Libherpúl, is dóighthe,
agus gabhail ar an traen go Sutamton. Ach caithfidh mé
mo leithsgéal do dhéanamh san oifig i mbárach, agus
féachaint an leigfidh siad damh gabhail ar chor ar bith."



"Ná gabh," arsa Síbéal.



"Ach ní thig liom fanacht!"



"Cad chuige?" arsa Síbéal.



"Ní thig liom obair fhághail, go háithrid an obair ar a
bhfuil cleachtadh agam, agus chan fhóireann obair ar bith
eile damh"



"Dhéanfá fear siopa?" arsa Síbéal, agus dhearc sí
go soineannta eadar an dá shúil air.



"Go ciotach, tá eagla orm," ar séisean go mío-
stuamdha.



"Chan fhuil againne ach sinn féin," arsa Síbéal go
faitcheach (mar dheadh), "sé sin, mo mháthair agus mé féin.
B'fhearrde dúinn fear 'sa' tsiopa -"



Stad sí go tobann agus dhearc sí air arís. Do thuig
sé í an uair seo.



"An bpósfá mé, a Shíbéal?" ar séisean i nglór ísiol.



"Do phósfainn," ar sise i nglór ní b'ísle.



Seachtmhain 'na dhéidh sin pósadh beirt go luath ar
maidin i dteampoll Naoimh Phóil i mBóthar na bhFál. D'ith
siad a mbricfeasta ag teach ósda i n-aice phuirt an
Bhóthair Iarainn Thuaidh. Bhí toicéada aca cheana féin do


L. 7


bhéarfadh go Baile-Átha-Cliath agus arais iad. Sul ar
imthigh traen a haondéag casadh fear ag an phort ortha
agus tháinig sé comhgarach do Sheaghán gur chogar sé in a
chluais.



"An gcuala tú go bhfuil an Titanach dhá báthadh i lár
na fairge móire eadar seo agus Nua Eabhrach."



"Ag magadh atá tú?" arsa Seaghán.



"B'fhearr liom go rabh mé ag magadh," arsa mo
dhuine. "Tá mo mhac féin uirthí agus go bhfóiridh Dia orm
má chailltear é. Tháinig teachtaireacht tinntrighe go dtí
an oifig tá leath-uair ó shoin agus tá cunntas beacht inntí
gur bhuail an Titanach ar pháirc oidhre, nó ar chnoc oidhre;
gur loiteadh tóin an tsoithigh, go bhfuil an t-uisge ag eirghe
inntí agus go rachaidh sí go grinneal gan ró-mhoill mura
ndeantar tárrtháil uirthi. Deirtear fósda gur tugadh
sgéala tré theachtaireacht ghansrang do thrí nó ceithre
longa eile atá in áit éigin san comhursanacht agus tá
dúil as Dia agam go mb'fhéidir go mbéarfaidh ceann aca
uirthí sul má dtéidh sí síos. Och! mo ghasúr bocht," ar
séisean agus tháinig na deora leis. D'imthigh sé leis.



Bhí Seaghán agus Síbéal in a suidhe i gcarbad ag
triall ar Bhaile-atha-Cliath nuair d' innis Seaghan an sgéal
brónach do Shíbéal.



"Hobair duit, a ghráidh," ar sí. ""Is minic cú mall
sona,' agus is é a dhálta sin agam-sa,"arsa Seaghan.


L. 8


II. - Leigh 'un an Bhodaigh mé ach na
leig an bodach 'mo chomhair.



Fear do bhí 'na chomhursain againn 'sa' bhaile. Fear
sámhtháil suailceach do bhí ann agus do bhíodh luthgháir i
gcomhnuidhe orrainn .i. ar an aos óg nuair thigeadh sé go
toighe s' againne. Ba mhinic dó theacht; óir chomhnuigh sé
cúpla míle taobh ba shiar dínn ar thaoibh sléibhe agus cibe
ar bith áit a mbíodh sé ag gabhail bhí teach s' againne ar a
bhealach nó i ngar dá bhealach agus mura mbíodh, chuireadh
sé corr-bealaigh air féin, nó ghearradh sé aithghiorra
trasna na bpáirceann go mbuaileadh sé isteach. Agus
bhíodh sgéal nuaidh éighinteach leis i dtólaimh; nó mura
mbíodh chumadh sé sgéal, nó dh'innsigheadh sé sean-sgéal do
bhéadh comh maith le sgéal nuadh. Ní fada bhíodh sé istigh
nuair bhíodh an tulán ag guil agus bhíodh bóla maith tae le
fághail aige. Nó dá mb'é an Domhnach do bhíodh ann agus é
ag teacht ó'n Aifrionn thigeadh sé isteach tamall in déid
'na muintire eile nuair bhíodh an dinéar ar clár agus ar
ndóighe gheobhadh sé cuireadh suidhe isteach 'un cláir agus


L. 9


cúpla préataí dh' ithe. Leigeadh sé air go mbudh chuma
leis ach sé an deireadh bhíodh ar an sgéal go ndeanadh sé a
dhínéar de na préataibh, agus do im agus bainne ramhar, nó
cibe ar bith bhíodh ar an chlár againn. Agus thigeadh an tae
'na dhéidh sin agus dheanadh sé ceapaire breagh a d'íosadh sé
leis an tae; agus ar ball nuair d'imthigheadh sé dheamhan
tart nó ocras do bhíodh air. Go dearbhtha cha bhíodh deifre
air imtheacht óir bhí dúil aige sa chuideachta agus san
chainnt. Is annamh d' fhan sé go maidin; óir níor mhisde
leis bheith amuich de shiúbhal oidhche ach oiread leis an lá geal.



Bhí teach Phaidí in áit iargcúlach agus b'annamhmh do aon
duine cuairt do thabhairt air, agus dá dtiubhradh féin bhíodh
Paidí i gcomhmhnuidhe as baile; agus a bhean bhocht, cha rabh
aithne aici ar na daoinibh, óir b' annamh duíthe an baile d'
fhágáil. Bhí cos luthmhar ag Paidí agus chaitheadh duine
éighinteach fanmain fá 'n toigh.



Thárla damh féin lá amháin gur bh' éigin damh gabhail go
Leitirceanainn liom féin agus mé 'mo bhuinneán de ghasúr
ar a cheathar déag d'aois nó mar sin. Do réir mo chuimhne
bhíos faoi sgrúdú nó rud éighinteach mar sin. Lá foghmhair
do bhí ann agus cha rabh faill ag mo athair nó ag duine de'n
teaghlach gabhail liom. Bhí obair le deanamh ag na capallaibh
agus b'éigin damh siúbhal ar mo dhá chois. Bhí ocht míle
slighe eadar toigh s' againne agus an baile mór agus siúd
is gur bheag liom sin roimhe ré, (bhí meisneach na hóige
ionnam an uair sin), bhí mé turseach go leor nuair roich mé
an baile mór agus bróg de mo chuid ag luighe le mo
ladharaibh agus ag a ngortú. Chuaidh mé faoi sgrúdú. Ba
shuarach le rádh é mar sgrúdú. D'eirigh mé amach as an áit
go héasgaidh agus chas mé isteach i siopa go bhfuair mé
braon tae. Sgilling ar fad do bhí agam in mo phóca ar
dtús agus thug mé a leath sin ar an tae. Chaith mé an leath
eile ár bhréagánaibh agus ar mhilseán. Is annsin thug me
m'aghaidh ar an bhaile. Síos an tsráid liom agus dhá
luathas dhár thoisigh mé ar an aisdear shonnraigh mé
mo laghra frithre a' bagairt orm arís. Chá rabh neart


L. 10


air, má tá: chaithfinn pilleadh 'na bhaile agus do bhí
an tráthnóna ag druidim liom cheana féin. Ach cé
'tchidhfinn romhaim ar an tsráid san am ceudna ach Paidí a
Cuinn agus beitheadhach is cart leis agus gan lód nó
lasd ar an chart leis ach é féin. Chan fhuil gar a
rádh go rabh lúthgháir orm agus rith mé 'na dhéidh go dtáinig
mé fhaid leis. Chuir mé forán air agus bheannaigh sé damh
go múinte. Bhí sé istigh sa' bhaile mhór le lód mónadh, bhí
sé díolta aige agus é ag pilleadh 'na bhaile arís. An
dtiubhardh sé marcuidheacht damh? Cinnte bhéaradh agus
cad chuige nach dtiubhradh do mhac mo athar agus mo mháthar;
agus ó sin siar. Ach bhí dórnán féir aige le tabhairt do'n
bheitheadhach agus bhí braon tae dhe fhéidhm air féin agus chá
bheadh sé réidh go cionn uaire. D'fheadfainn siúbhal thart
go dtí sin agus gan amhrus d'fhanfadh sé liom ag a leithéid
seo de thoigh go dtiocfainn fhaid leis, bíodh sé sin fada nó
goirid. Cad chuige nach bhfanfadh agus an lúthgháir do bhí
air mac mo athar agus mo mháthar d'fheicáil. Agus
tuilleadh de'n chainnt chéadna.



Bhí fonn go leor orm féin na siopaí d'fheicáil arís
agus shiúbhal mé thart go rabh an chuid is mó de'n uair
caithte, ach chá deárn mé dearmad de'n am agus bhí mé ag
an teach úd sul a rabh an uair istigh. Sé an chéad rud
hinnseadh damh go rabh Paidí a Cuinn ar shiúbhal a bhfad ó
shoin. "Chár fhan sé cúig bhomaite," adubhart bean a'
toighe liom, "ach comh fada is bhí sé ag ól leathghloine é féin
agus ag tabhairt deoch uisge do'n bheitheadhach." D'iarr sé
ar mhnaoi an toighe innse damhsa go rabh áit éigin aige le
gabhail fá choinne lóid aoil le n-a thabhairt 'na bhaile leis
agus go ndéarna sé dearmad ar sin nuair a bhí sé ag
cainnt liomsa.



"Ach d'innis sé damhsa," ars' an bhean, "nach rabh san
mhéid sin ach finnsgéal ach go rabh a shean-chapall tuirseach
agus gur ualach go leor dó é féin dh'iomchuir 'na bhaile.
An seanrógaire," arsa sise, agus fearg uirthi, "ag
órdí damhsa bréag dh'innse duitse ar a shon, rud nach


L. 11


ndeanfainn ar mo shon féin. Sean stoicaire atá ann nach
gcaillfeadh feoirling le máthair Dé agus nach dtuibhradh
marcuidheacht dá shean-mháthair dá mbeadh sí ag siúbhal
cos-tarnocht roimhe."



B'éigin damh siúbhal 'na bhaile ar mo bhonnaibh féin agus
dar a leabhara a bhí mé tuirseach go leor an oidhche sin tráth
roich mé an baile agus é mall san oidhche. Rug mé ar
Phaidí agus a shean-chapall ach char labhair mé leis agus leig
sé air féin nach bhfaca sé mé. D'innis mé an sgéal 'sa'
bhaile.



"Seadh," arsa mo mháthair agus buaile uirthi, "sé an
sean-sgéal é, 'leig 'un an bhodhaigh mé ach na leig an
bodach 'mo chomhair." Is iomadh cinéal agus féirín fuair
sé ins an toigh seo le deich mbliadhna agus cha chaillfeadh
sé an oiread sin le duine againn. Ach bheirims-se mo
bhriathar nach gcuirfidh sé greim bidh nó deoch dighe ina
bhéal 'sa' toighe arís comh fhad is mairfidh mise agus éisean."
Agus chár chuir.


L. 12


III. - Cibé cé théid as nó nach
dtéid as, is annamh théid fear
na hidriscine as.



Chuaidh mé féin agus Toirdhealbhach Mór agus dhá
thurcail linn siar cois-fharrge fá dhéin dhá lasd sgadán.
Chualamar go rabh gabhail sgadán ann fá'n chladach siar
agus ghíodh nós i n-áit s'againne nuair thigeadh na sgadáin
isteach go dtéidheadh na feirmeóirí a rabh beitheadhach is
turcail aca siar fá choinne lasda sgadán. Cuid aca
dheanadaois na sgadáin do shailleadh agus iad bheith mar
annlan leis na préataí rith na bliadhna: cuid eile
aca théidhdís thart thimchioll ameasg na gcomhursan leis
an lasd sgadán agus dhíoladaois doisín leis an té seo
agus leath-dhoisín leis an té eile go mbeadh an t-iomlan
díolta. Corr-uair dhéanadaois tuarastal maith ar a
gcuid shaothair agus ar uairibh cha ndéanadaois mórán.
Nuair d'eirigheadh leobhtha is minic théighdís ar ais fá choinne
lasda eile agus mar sin go n-imthigheadh na sgadáin agus


L. 13


go stadtaoi de'n iasgaireacht. Chá rabh mise ar an turas
úd ariamh aroimhe, ach bhí sean-eolas ag Toirdhealbhach ar an
ghnó. Tháinig sé 'toigh sagainne agus an gháire áthais leis go
rabh na sgadáin ar an chaladh agus na hiasgairí ag breith
ortha go tiugh agus buidh mhaith leis cuideachta bheith aige ag
gabhail siar. Chá rabh mórán le déanamh againne fá'n am
sin agus níor mhisde le mo mháthair dornán sgadán do
bheith aici le haghaidh an gheimhridh, mar bhí an teaghlach mór
agus dúil ag gach duine aca i sgadán mhaith le n-a gcuid
phréataí. Mar sin tugadh cead damhsa capall do
chur faoi thurcail agus imtheacht siar le Toirdhealbhach
fá dhéin na sgadán. Bhí luthgháir mhór ormsa, ar
ndóighe, óir bhínn tuirseach 'sa' bhaile, agus b'fhearr liom
ar siúbhal corr-uair mar is gnáthas do'n óige. Bhí an
bealach fada leath-tromach mar chaithimís siúbhal dé shiúbhal
oidhche. Ba chuma liom; 'tchífinn ruda agus cluinfinn
ruda agus bheadh spórt agam. Ba mhaith an chuideachta
Toirdhealbhach fósda. Bhí croidhe éadtrom óigeánta aige.
Mheas daoine críonna go rabh sé ró-éadtrom agus nach
rabh ciall nó stuaim nó gliocas ann mar ba cheart. B'éidir
go rabh an ceart aca ach b'amhlaidh a b'fhearr a thaitin sé
liomsa. Bhí sé deich mbliadhna ní ba shine ná mise ach bhí an
chiall cheudna aige is bhí agam féin; déarfainn go rabh sé
níos óigeánta agus níos aigeanta na mise.



D'fhágamar an baile go luath ar maidin i mí na
Samhna agus thiomáineamar linn thar na sléibhte atá eadar
barr Ghleannsúiligh agus na Rosaigh. Chuadhmar thar Mín
a-Chapaill-Caoich, thar Mín an Con, thar Mín-an-Fhir-Ruaidh
thar an Ceann-Gharbh agus isteach go Fionntún. Stopamar
ag teach ósda ann sin go bhfuaramar beagán bídh agus
dighe dúinn féin agus do na beitheadhaigh. D'fhágamar an
úghaim orthu agus chá rabhamar abhfad a gcur faoi na turcála
arís agus sheolamar linn go dtí an Dubhchoradh. Fuaramar
rud le hól annsin agus ar shiúbhal linn arís. B'fhada
roighin ar dtriall imeasg na bportach ó sin siar agus bhí an
oidhche orainn anuas. Tá an ród ag snigh anonn agus
anall imeasg na móinteach ar nós go measfá an té cheap


L. 14


é go rabh fonn air ceapadóireacht Cheilteach do dhéanamh
ar. B'annamh casadh teach orainn agus b'annamh casadh
duine orainn. B'uaigneach an turas é, agus gan tuaim
le cluinstín ach na héanacha fiadhaine ag scréachadh ameasg
na bportach. Deirtear gur fada an ród nach mbíonn
casadh ann; ach b'fhada an ród sin agus b'iomdha casadh do
bhí ann. Ach mar sin féin rangamar deireadh ar gcúrsa.
Bhuaileamar isteach san Chlochán Liath sul a rabh mórán de'n
oidhche caithte.



Níorbh é sin deireadh ar gcúrsa i gceart. Thuigeamar
go gcaitheamaois gabhail níos fuide siar go hAlt a'
Chorráin, nó go Ceann Caslach. Ach hinnseadh dúinn
ar an Chlochán Liath nach rabh na sgadáin le fághail.
Bhí níos mó cainnte ortha 'ná bhí de sgadáin ann.
Tháinig beagán ar dtús agus mheas gach uile dhuine
go rabh an t-uathbhás acú ann. D'eirigh na hiasgairí
amach in a mbádaibh agus a gcuid eangach gléasta.
Fuarthas dornán beag maith an chéad uair agus chuaidh
an t-iomrádh amach go rabhthar ghá bhfhághail go tiugh.
Tháinig lucht a gceannachta as gach uile áit. Annsin stad
na sgadáin dhe theacht; nó thigidís go tanaidhe. Bhí na
hiasgairí ag gabhail dóbhtha de oidhche ach thighidís isteach ar
maidin gan na báid do bheith lán agus an méid do bhíodh
aca bhíodh na ceannuidhthe ag troid is a ciapáil fá dtaoibh
daoibhthe agus ghá gcur chun daoirse ar a chéile. Ar an
ádhbhar sin dubhradh linn nach rabh aon mhaith dúinn gabhail
ní b'fhuide an oidhche sin; ach moladh dúinn furacht cúpla lá
mar dubhairt na daoine abfhearr eolas ar dhóigheanaibh na
sgadán go dtiocfadaois isteach go trom roimh abhfad.
Ghlacamar leis an chomhairle sin agus chuireamar fúinn i
dtoigh tábhairne ar an Chlochan Liath le fanacht go maidin.
Go dearbhtha cha rabh fonn orainn gabhail ní b'fhuide. Bhí
tuirse go leor ar ar gcnámhaibh agus ar ar mballaibh, siúd
is nach dearnamar mórán coisidheachta i rith an lae. Chan
sochmaidhe suidhe ar thurcail ar feadh deich n-uair an chluig
lá geimhridh. Ach nuair do chuireamar na beigheadhaigh isteach
agus fuaramar féin cupa tae agus shuidheamar síos cois


L. 15


na teineadh dho seanchus tháinig aoibh níos fearr orainn
araon. D'ól Toirdhealbhach cúpla gloine uisge beatha agus
fuair sé a chroidhe agus a aigneadh dá réir. Chuidigh fear
an toighe leis san ólachán (mar nach rabh mise ag blasadh
biotáilte agus theastuigh comhluadar éiginteach uaidh ná
go mbeadh sé náiriste dá n-óladh sé leis féin), agus bhí
cuma ar an duine mhaith sin nár bhí sin an chéad uair d'ól
sé bolgan am lá sn. Mheas mé féin go dearbhtha go rabh
sé ar meisge agus bhí mé cinnte dé sul a rabh an oidhche
caithte.



Chár fhanamar fó-fhada 'nar suidhe. Bhí ciall ag
Toirdhealbhach gan a dhul ró-fhada leis an ólachán agus mar
dubhairt mé cheana, bhí tuirse ar an bheirt againn. Tugadh
leabaidh dúinn i seomra beag ós cionn 'a cisteannaighe,
agus chuadhmar dho luighe. Char bhfada dúinn 'nar
luighe nuair thuiteamar 'nar gcodladh. Ní'l fhios agam
cá fhad a bhí sinn in ar gcodladh nuair musgladh
sinn go tobann; bhí racán éighinteach ar cois fúinn
ins an chistineach. D'éisteamar. Níor bhfada gur thuig
muid an sgéal. Bhí bruighean ar bun eadar fear an
toighe agus a mhnaoi; bhí séisean ar na stealltrachaibh ar
meisge agus ise b'fhéidir gan a bheith saor. Ar sgór ar
bith bhí sise ag cur thairstí go tiugh agus éisean 'gá
freagairt mar a tháinig leis. Anois agus arís bhriseadh a
fhoighid airsean agus bhéaradh sé iarraigh uirthi le n-a cragadh,
d'imthigheadh sise uaidh, agus b'fhéidir go dtuiteadh sé thar
chathaoir nó stól nó tábla agus mheasfeá go rabh leath dhá
raibh sa toighe briste aca. Ruaig de'n tseort sin do
mhusgail as ar gcodladh sinn. Nuair a mhoithigheamar
goidé bhí ar cois chá rabh ann ach greann agus adhbhar magaidh
dúinn, agus chuaidh an pléidhe ar aghaidh ar an chuma sin ar
feadh tamaill. I gcionn an ama sin thug sí droch íde ar
fad dó leis an teangaidh. Dhírigh séisean uirthi agus
d'eirigh an racán arís. Má tá, is cosmhail go bhfuair sé
gréim uirthi an iarraidh sin mar leig sí sgread agus míle
murdar aisti. Bhí ciarabúca shíos ar feadh tamaill eile
agus leig sí ollghlór aisti arís. Mhoithigheamar an bualadh


L. 16


agus an básgadh agus tuaim an mhaide bhriste i láimh duine
aca. Sgread sise go millteanach annsin agus sgairt ar
thárrtháil i n-ainm Dé ná go rabh sé ghá marbhadh.



D'eirigh Toirdhealbhach de phreib ar an leabaidh.



"Tá sé ghá marbhadh!" ar séisean. Níor mheas mise
go rabh agus dubhairt mé sin. "A chead acú," arsa mise,
"tá an bheirt aca ar meisge." Luigh sé siar ina leabaidh
arís.



Shocruigh an callán síos beagán.



Thoisigh an bhean arís leis an bháirseáil agus an
droch-chainnt. D'fhulaing an fear tamall agus annsin
thoisigh sé ghá freagairt, rud do ba amaideach dó. Annsin
d'eirigh an breilsge arís agus leig an bhean sgread
millteanach aisti.



"A fheara shuas!" adubhairt sí "goidé'n seort daoine
meathta sibh agus a rádh go leigfeadh sibh do dhamantar fir
mé mharbhadh annseo."



Léim Toirdhealbhach amach as an leabaidh arís; tharraing
sé air a chuid éadaigh agus siúd síos na staighre é. In éis
tamaill lean mise é. Chá rabh solus ró-mhaith shíos. Chá
rabh de sholus ann ach an méid a tháinig ó ghríosaigh bhig
teineadh do bhí ar an teallach. Nuair chuaidh Toirdhealbhach
síos fuair sé fear a'toighe ag greadadh ar a mhnaoi agus
mhaide briste in a láimh aige. Rug Toirdhealbhach ar an
mhaide briste ar an chéad iarraidh ach char leigeadh leis
é. Sgaoil an duine a ghréim de'n mhnaoi agus chas ar
Thoirdhealbhach. Ní fada go raibh sé istoigh i gcúinne ag
Toirdhealbhach agus cársán air leis an fháisgeadh do bhí
Toirdhealbhach a thabhairt dó.



"Ná tacht é, a dhuine mhaith!" ars an bhean.



B'éidir nár chuala Toirdhealbhach í, ach, ar sgór ar bith,
chá dtug sé áird uirthi. Thóg sí seanstól do bhí cois na
teineadh agus bhuail i mullach na cloigne leis é. Sgaoil
sé a ghréim de'n fhear agus thionntuigh thart. Bhuail an
fear é leis an mhaide briste. Rug sé ar an mhaide briste


L. 17


arís agus thoisigh siad dá streachailt. Go díreach nuair do
chuir mise mo cheann isteach 'sa' chistinigh chonnaic mé an
bhean ag bualadh Thoirdhealbhaigh arís leis an stól. Rinne
mé féin iarraidh uirthí go mbaininn an stól as a láimh ach
baineadh tuisle asam agus fágadh ar lár mé. Bhuail mé
mo chos i n-aghaidh rud éighinteach de'n toirc toighe do bhí
ar an urlár agus thuit mé ar mhullach mo chinn san ghríosaigh.
Ag eirghe damh bhuail an bhean mé leis an stól agus rinn
giorcalach damh. Bhí Toirdhealbhach buailte fá'n am sin agus
b'éigin dó teicheadh suas na staighre. Lean mise é chomh
tiugh is bhí in mo chnamha. Char lean an bheirt eile sinn agus
chuadhmar a luighe ach dheamhan mórán ar codhluigheamar an
oidhche sin. Bhí an bheirt againn brúighte, briste. Nuair
d'eirigh sinn ar maidin bhí bricfeasta ar an chlár dúinn
agus bean a' toighe go haerach ag freasdáil orainn. Bhí
fear a' toighe 'sa' tsiopa ag freasdáil lucht ceannachta
agus é ag feadalaigh go beodha. Fuaramar sgéala go
rabh stoirm ar an fhairge agus nach dtiocfadh iasgaireacht
ar bith a dheanadh go cionn tamaill. Dhíolamar an sgór,
chuireamar an úghaim ar na gearráin agus thugamar
ar n-aighthe glan díreach ar ar mbaile féin. Bhí sé i
gcomhair an am' luighe an oidhche sin nuair rangamar teach
s'againne. Bhí iongantas ar an teaghlach sinn fheicáil chomh
luath sin. Ceistnigh mo athair sinn agus d'innis Toirdheal-
bhach ar eirigh dúinn.



"Cibé cé théid ar nó nach dtéid as chá deachaidh fear
na hidriscine ar ariamh gan buille an fhir idriscine," ar
séisean.



Char leigeadh mé féin ar shiubhal ar lorg sgadán arís.


L. 18


IV. - Cuir síod ar ghabhar is béidh
sé 'na ghabhar i gcomhnuidhe



Siopadóir mór do bhí i Leitirceannain agus é ag
iarraidh mná. Chá rabh sé 'na shiopadóir mhór i gcomhnuidhe.
Tógadh go bocht é, fa 'n dtuaith. Ní maith an pór do bhí
ann ach oiread. Lucht bruighne agus meisge, gan mhacán-
tacht, gan mhúnadh, a mhuintear, an chuid ba mhó aca.
Cuireach Peadar ar an margadh go luath in aimsir a óige le
fostadh do dheanamh, agus d'fhosduigh sé cúpla uair ach chan
fhanadh sé san áit. Bhí an droch-thabhairt-suas air agus char
mhaith leis leanmhain do chúram ar bith. B'fhearr leis bheith
ag ithe préataí rósta 'sa' bhaile ná ag saothrú bidh is éadaigh
dó féin ag obair. B'fhearr leis an diomhaointeas agus an
t-ocras na an bhuil a b'fhearr a gcuirtí air agus go
gcaithfeadh sé saothar do ghlacadh. Cuireadh chuig táilliúr
é 'na dhéidh sin leis an chéird sin dho fhoghluim ach char fhan sé
ní b'fhuide ag an táilliúr na d'fhan sé ag an fheirmeoir.
D'fhan sé sa' bhaile seal eile agus annsin d'imthigh sé leis
agus char cluineadh mórán fá dtaoibh dé ar feadh a bhfad.
Chas duine air in Albain uair agus paca ar a mhuin agus é
'na mhangaire. Chas duine eile air 'na dhéidh sin i
bhFiladelfia in Amerioca agus é gléasta go galánta ar


L. 19


nós phuncánaigh, ach char thuig an duine goidé an teacht
isteach do bhíodh aige no goidé an chéard do bhí is láimh aige.
Seal bliadhan in éis sin tháinig sé i dtír in Éirinn arís
agus é gléasta go talamh le héadaigh síoda agus ornáidtí
óir. Bhí saidhbhreas óir i bhfáinnibh ar a mhéaraibh amháin agus
ó sin go dtí a bhróga 'tchidhfeá slabhraí óir agus fáinní óir
crochta anuas leis, agus búclaí airgid ag drillsiú 'sa'
ghréin. An Milliúnaidhe tugtaoi air agus bhí iongantas an
domhain ar dhaoinibh nuair cheannuig sé teach i Leitir-
cheanainn. Teach tábhairne fósda do bhí ann agus chuir sé
faoi ann. Chá rabh sé ró-óg fá 'n am seo ach dubhradh go
rabh sé óg go leor le pósadh agus cha rabh sé abhfad ann
gur thoisigh sé dho chuartú mná. Ní'l féidhm a rádh go rabh
sé doshásta go maith agus ba hiad na cailíní ba bhreagha sa
tír amháin a leagadh sé a shúil ortha. Bhí na cailíní fá 'n
bhaile mhór ag sgríobadh a chéile mar gheal air ach dheamhan
a mhaith do bhí aca ann. Dubhairt sé nár áin leis cailín as
an bhaile mhór mar chonnaic sé barraidheacht dá seort agus
é ar a chois ar fud an domhain, agus go mb'fhearr leis
cailín soineannta ó 'n tuaith, dá mbeadh a leithéid le
fágháil, a d'fhóirfeadh dó. Agus do bhí a leithéid ann agus
dheamhan abhfad a bhí sé go bhfuair sé amach í.



Inghean fheirmeóra do bhí innti, .i. Gormfhlaith Nic
a' Bháird. Feirmeoir measardha láidir do bhí in a hathair,
Pádraig Mac a' Bháird. Chá raibh ach a'n inghin amháin aige
agus ní'l gar damh a rádh go rabh sé cúramach go maith fá
dtaoibh duíthe. Cuireadh ar sgoil í ag na mnáibh riaghalta
tamall, leis an oideachas do chríochnú aicí, mar deiridís
an uair sin, agus chá rabh sgolta na maban riaghalta chomh
fairsing an uair sin is tá siad anois, agus ba mhór an
mórtas agus an maoidheamh d'fheirmeoir a inghean do bheith
ar a leithéid sin do sgoil.



Tháinig sí 'na bhaile arís i gcionn cúpla bliadhan agus í
athruighthe go mór in a hiomchur agus in a cainnt. Nuair
d'eirigh sí amach Dia Domhnaigh ní mó ná gur aithin a sean
cháirde í agus ní mó 'na gur aithin sise iad, nó leigh sí


L. 20


uirthi nár aithin. Chuir Paidí Bhrighde forán uirthi, ar
ndóighe, agus d'fhreagair sí go múinte é ach sin a rabh ann.
Chan amhlaidh do labhradh sí leis sul a deachaidh sí ar sgoil.
Bhíodh seandáimh eadar í féin agus Paidí sul ar eirigh sí
ró-ghalánta dó. Níorbh fheirmeoir Paidí nó duine dá
mhuintir. Saor cloiche do bhí in a athair agus lean séisean
do chéird a athar. Ach ba mhacánta múinte an buachaill é,
guailneacha leathana air, agus d'iomchuireadh sé é féin go
fearamhail agus go héasgaidh i gcomhnuidhe. Bhíodh sé ar
sgoil tamall le Gormfhlaith agus bhíodh sé ar chéilidhthibh
léithi agus chasadh sé uirthi ag an teach phobail Dia Domhnaigh
nó ar mharghadh i Leitircheanainn. Bhíodh siad go suailceach
agus go dáimheamhail le chéile. Sin a rabh ann, má tá,
agus chá leigfeadh an eagla do Phaidí gabhail ní b'fhuide
leis an sgéal. Bhí fhios aige go maith nach mbeadh Pádraig
Mór Mac a'Bháird sásta leis mar chliamhain agus bhí eagla
air nach mbeadh Gormfhlaith sásta leis mar fhear. Annsin
cuireadh ar sgoil í 'sa' Chonbhint. Bhí sí na cailín fásta san
am, agus chan fhaca Paidí ní ba mó í go rabh an dá bhliadhain
caithte. Nuair chonnaic, bhaigge, níor bhfeairrde dó é. Ní
deárnadh a dhath agus níor labhradh focal eatortha ach an
focal amháin a labhradh ag doras an toighe phobail, ach
thuig Paidí go rí-mhaith go rabh athrú inntinne ar Ghormfhlaith
agus gur mhéaduigh an bród agus an mórtas uirthí ó d'fhág
sí an baile. Ba bhrónach an tuigsint dó é ach chá rabh neart
air agus chuaidh sé 'na bhaile an lá sin agus a chroidhe i
sálaibh a mbróg aige.



Mar d'órduigh Dia é, nó b'fhéidir gur tugadh cumhacht
do'n mhac mallachtáin an chúis d'órdú fá'n am sin, ba hí
oidhche an lae sin tháinig an Milliúnaidhe go toigh Phádraig
Mhóir d'iarraidh a ingne air le n-a phósadh. Má tá, chár iarr
sé í le pósadh an oidhche sin ar fad; chá deárn sé ach cuairt
do thabhairt ar Phádraig, mar dh'eadh, ach thuig gach uile
dhuine fáth a thurais. Thuig sé féin é. Thuig Pádraig Mór
é. Thuig Gormfhlaith é. Thuig na comhursanna é. Chaith sé
cúpla oidhche eile ar cuairt ann sul a ndeárnadh an
cleamhnas, ach bhí sé socruidhthe i n-aigne gach duine ó'n


L. 21


chéad oidhche chuir an Milliúnaidhe a chos thar tharsaigh
Phádraig Mhóir. Agus bí sin an chéad uair leag sé féin
agus Gormfhlaith súil ar a chéile. Cleamhnas míonádúrdha
do bhí ann nár thaitin le Gormfhlaith go ró-mhaith, ach chuir
síoda agus ór an Mhilliúnaidhe dallóg dhraoidheachta ar a
súilibh agus ghlac sí leis an chleamhnas.



Gheall Pádraig Mór cúpla céad punta spré le
Gormfhlaith. Mhearfadh duine go mba chuma le milliúnaidhe
fá chúpla céad punta ach ní hamhlaidh do bhí ag mo dhuine.
Mhaoidheamh sé a shaidhbhreas féin agus go mbudh cheart do
Phádraig díol dá réir. Cibé ar bith socruigheadh an
cleamhnas agus chuaidh Peadar 'un an tsagairt le cead
pósadh fhághail. Bhí deifir air adubhairt sé agus budh mhaith
leis cead speisialta fhághail agus mhaoidheamh sé go ndíolfadh
sé go maith as. Cha dtiubhradh an sagart dó é má seadh:
chaithfeadh sgéala fhághail ó'n Oileán Úr, adubhairt sé, nach
rabh sé pósda cheana féin. Ghlac an milliúnaidhe go holc
an rádh sin, ach dubhairt an sagart nach rabh ann ach riaghail
na hEaglaise: ní ghlacfadh sé níos mó ná cúpla seachtmhain
le freagair fhagháil ar ais ó'n sagart pharáisde thall.
Shocruigh mo dhuine síos leis sin. Thug sé seoladh sagairt
i bhFiladelfia dó agus cuireadh an pósadh siar seal.



Bhí an sgéal mar sin nuair tháinig Seumas Mac Suibhne
oidhche go toigh Phádraig Mhóir Mhic a' Bháird. Bhí gaol
éighinteach eadar é féin agus Pádraig agus iad go
muinteardha le chéile.



"Cluinim," arsa Seamus, "go bhfuil cleamhnas ar cois
eadar Gormfhlaith s' agat-sa agus an Milliúnaidhe?"



"Ní maith an mhaise duitse, a Sheamais, leasainm do
thabhairt ar dhuine uasal a bhfuil mise ar tí mo inghean do
thabhairt dó mar mhnaoi, agus is iongantach liom go
ndéanfá a leithéid." Labhair sé seo go searbh le Seumas.



"Duine uasal, mar dheadh!" arsa Seamas go droch-
mhúinteach. "Nach bhfuil aithne mhaith agam air féin agus ar
an bhunadh ar dé é. Droch-phór atá ann, agus dá mbeadh
inghean agamsa cha dtiubhrainn do mhac a athar í."


L. 22


"Dá rabh fiche inghean agat, cha n-iarrfadh sé ceann
aca agus is iomarcach an rud duitse a leithéid a rádh
leis. Cibé ar bith mar bhí a athair tá Peadar 'na dhuine
uasal, rud nach bhfuil tusa, agus do theanga nimhneach."



"Cuir síoda ar ghabhar is béidh sé na ghabhar i
gcomhnuidhe. Tá an droch-phór agus an droch-bhraon
ann, siúd is go bhfuil sé crochta anuas le hór. Béidh
aithreachas ortsa má phósann Gormfhlaith é. Casadh
orm fear ar aonach na Brocaighe an lá fá dheireadh
a rabh aithne aige air i nAlbain agus dubhairt se go rabh
bean phósda aige annsin. B'fhéidir go bhfuil bean phósda
aige i n-áit éighinteach go fóil."



"Is droch-mhúinte an rud duit a leithéid a rádh, go
bpósfadh sé mo ingheansa agus bean eile aige. Chan
éistim níos mó leat agus má 's é sin do ghnó liomsa fág
mo theach anois."



"Fágfaidh agus fáilte má ghlacann tú mar sin é,"
agus gan focal eile d'imthigh Seumas amach ar an doras



"Na diabhlaidhtheoirí!" arsa Pádraig leis féin, agus
é ar buile, "cuireann siad amach ráslaí mar sin ar dhuine
ar bith a d'eirigh sa tsaoghal agus nach luigheann 'sa' chlábar
acú féin," ach nuair tháinig sé chuige féin ar ball chuir an
sgéal imnidhe air. Ach char innis sé focal dé do Ghormfhlaith
ar eagla go gcuirfeadh sí suas do'n chleamhnas.



Bhí boitheach le tógáil ag Seumas Mac Suibhne agus
bhuail sé isteach i dtoigh an tsaoir chloiche. Bhí an oiread
feirge air is bhí ar Phádraig Mhór, agus thoisigh sé dho chur
thairis. Ní fada go rabh an sgéal uilig ag Paidí Bhrighde,
agus chan fhuil féidhm a rádh gur chuir sé suim ann.



"An bhfuil fhios agat?" adeir sé le Seumas, "ca'n
áit a rabh an Milliúnaidhe 'na chomhnuidhe i nAlbain nuair
bhí sé annsin?"



"Chan fhuil fhios agam i gceart ach go mbíodh sé ag
mangaireacht fá Dúndaoi i n-oirthear Alban. An fear a
rabh mise ag cainnt leis chá rabh aithne ró-mhaith aige air
ach chuala sé go rabh sé 'na fhear-phósda. Chan fhaca sé an
bhean agus chá rabh sé in a thoigh ariamh."


L. 23


Chá rachadh Paidí Bhríghde le Seumas dho thógáil an
bhothighe, téidheadh a athair. Bhí sé a smuaineadh ar imtheacht
as baile tamall, rud do chuir iongantas ar a athair.



Cúpla lá na dhéidh sin shiúbhail sé isteach chuig sean-
shagart i nDúndaoi i nAlbain, agus d'innis dó, gan murab
é 'sa' sgéal, fáth a thurais.



"Bhí aithne agam ar a leithéid," arsan sagart, nuair
d'innis Paidí dó ce'n cineál duine an Milliúnaidhe, "agus
má's é an duine ceudna é bhí sé pósda ar chailín nach
deárn mórán maithe dó annso nó éisean duíthe. Ba chailín
í do bhíodh ag obair i muileann cnáibe sul ar pósadh í. Tar
éis a pósda chuir sí spéis 'sa' bhraon, agus ní maith a tháinig
sí féin agus an mangaire le chéile, chuala mé." Cha rabh
aithne ag an sagart uirthi, óir níor thuig sé gur Catoiliceach
í. Fá dheireadh d'imthigh an mangaire leis agus chuala sé
gur fhág sé an bhean in a dhéidh.



Níl fhios aige bhfuil sí beo go fóil ach is dóigh leis go
bhfuil. Níor mhór an aois do bhí uirthi nuair pósadh í. Is
dóighthe go bhfuil sí ag obair i monarchain arís, óir sin an
cheárd a bhí aici. Níorbh fhuras í a fhághail, b'éidir, ach bhí
fear tuigseach a rabh teach lóisdín aige in a leithéid seo d'áit
agus má bhí sí ós cionn talmhan gheobhadh an fear sin eolas
uirthi, agus mar sin.



D'imthigh Paidí agus trí lá na dhéidh sin tugadh é go
dtí an teach in a rabh bean Pheadair agus bhí comhrádh fada
aige léithe. Tháinig sé 'na bhaile i gcionn seachtmhaine agus
char innis a dhath dár eirigh dhó d'aonduine. Mheas daoine
gur ar shiúbhal ag cuartú oibre do bhí sé agus nár eirigh
leis agus char chuir siad suim sa cheist ní ba mhó.



Tháinig litir ó'n tsagart san Oileán Úr. Dubhairt
go rabh duine do leithéid an Mhilliúnaidhe 'n-a chomhnuidhe
in a pharáisde ar feadh tamaill: nach rabh aithne ró-mhaith aige
air: nach ró-mhaith an tuairisg fuair sé air ach oiread; ach
nár chuala sé riamh go rabh bean phósda aige. Bhí an
sagart 'sa' bhaile sásta leis sin agus thug cead pósda do
Pheadar. Socruigheadh an pósadh do bheith ann lá éigin
agus chuaidh Gormfhlaith agus a muintear go teach a


L. 24


phobail agus lean an Milliúnaidhe agus buidhean dá chuid
féin iad. Chuaidh se ar marcuidheacht ar chóisde ceithre
gcapall, siúd is nach rabh ach fá thuairim leathmhíle siúbhail
air 'un an teampuill. Bhí a lán daoine i láthair leis an
pósadh fheiceáil, agus an bhean Albanach chomh maith le duine.
Shuidh sí go socair ar leathtaoibh go dtáinig an sagart
amach ar an altóir le hiad do phósadh. Annsin d'éirigh sí
agus teine ina súilibh. "Gabhaim maitheamhnas," arsa sí i
gcanmhain Bhéarla Alban, "is liomsa an fear seo."
Baineadh preab as a rabh i láthair. Baineadh preab as an
tsagart féin. "Goidé sin adeir tú, a bhean chóir?" ar
séisean agus mheas sé gur bhean í a bhí éadtrom in a ceann.
"Is liomsa an fear seo a bhfuil tú ar tí pósadh. Is é
m'fhear pósda féin é. Tháinig mé fá n-a dhéin agus amharc
an lúthgháir atá air rómhaim," agus shín sí a méar i dtreo
Pheadair. D'amharc an sagart agus d'amharc gach uile
dhuine 'sa' treo ceudna. Cha rabh smeach ann ach é na
sheasamh ar nós deilbhe i lár an urláir agus gan braon fola
ina chorp, shílfeá, bhí se chomh bán sin. Thuig an sagart ó'n
bhomaite sin go rabh an fhírinne ag an mhnaoi, ach cheistnigh
sé arís í. "Is trom, tairbheach an rud atá tú a cur i leith
an duine seo, a bhean! an bhfuil cruthú ar bith agat ar do
sgéal?"



"Tá gach uile chruthú," ar sí, agus tharraing sí páipéar
gorm as a brollach, agus do shín chuig an tsagart é.
D'amharc seisean siar air. "Tá cuma ar seo, go bhfuil sé
i gceart," ar sé: "A Pheadair, an fíor an méid adeir an
bhean seo?"



"Is fíor faraor!" arsa Peadar, go briste.



"Maiseadh! imthigh léithe agus fág an teach seo, a
dhuine mhío-fhórtúnaigh. Hobair duit coir uathbhásach do
chríochnú agus coir do chuirfeadh thú féin faoi ghlas chomh
maith."



"Chan imthigheann sé as an áit seo," arsa Pádraig
Mór, ag teacht 'un tosaigh agus cruth thairbh fhiadháin air,
"go mbainfidh mise sásamh as ar son m'ingne do mhaslú,
agus sgannail agus dí-mheas dho thabhairt anuas uirthí."


L. 25


Léim an sagart amach roimh Pádraig. "Cosgaim ort,
i n-ainm Dé agus Muire, bruighin dho thógáil san áit
bheannuighthe seo. Cosgaim ort fósda méar do leagan ar
an duine dona sin i n-áit ar bith. Tá an t-ádh ort féin
agus ar do inghin nach deachaidh an gnó níos fuide. Agus
cogar in do chluais, a Phádraig! Chan fhuil tú féin saor ó
locht ins an chás. Gabh 'na bhaile agus sgrúdaigh do
chogubhas agus bíodh ciall níos fearr agat uair eile. Agus
tusa, a chailín óig!" ar sé le Gormfhlaith, "tá brón orm
ar do shon-sa. Tá tú óg soineannda agus ní fheudfá
cleasaidheacht an tsaoghail do thuigbheáil. Tuilleann an
fear do mheall thú smachtú éigin agus is dóigh liom go
bhfuighbhe sé sin. Fágamaois faoi Dhia é - agus faoi na
mhnaoi. Ní dhéarfainn," ar seisean, agus bhris meanga
gáire air, "ná go mbainfear cúitiú as ar an tsaoghal seo
féin."



Sgab an sluagh. D'imthigh an Milliúnaidhe agus a bhean
ar thraen an tráthnóna sin agus chan fhacthas iad i Leitir-
ceanainn ó shoin. Thiomáin Pádraig Mór leis na bhaile
agus Gormfhlaith leis ar an charr. Chá rabh méid circe
inntí, an créatúir bocht! Bhí se bliadhanta in dhéidh sin sul
ar thóg sí a ceann. Ach fuair Paidí Bhríghde aiméar ar
labhairt léithe anois agus arís agus pósadh iad 'sa' deireadh.
Chá rabh Pádraig Mór sásta leis an chleamhnas agus chá
dtug sé pighinn ruadh mar spré dá inghin. Ba chuma le
Paidí: buachaill miotalach aigeantach do bhí ann, lean se
dá chéird, d'eirigh leis go maith agus tá se ag teacht i dtír
fá láthair níos láidre ná Pádraig Mór féin.


L. 26


V. - Pós ar an chárn-aoiligh ach
díol do bhó abhfad ó'n bhaile.



Bhí cliú mór ar m'athair mar fhear déanta cleamhnas.
Ní feasach damh an rabh an cliú tuillte aige nó nach rabh,
ach ghlacadh sé leis go rí-mhaith nuair bhíodh daoine 'gá
mhaoidheamh air.



"Phós mé cuid mhaith buachaillí le mo linn," ar seisean
oidhche amháin linn, "ach chár casadh orm riamh fear ba dhoilighe
pósadh 'na mo dhuine muinteardha féin, Pádraig Mac
Fhionnlaoich. Chá rabh sé ró-óg nuair a shmuainigh sé ar
phósadh. Ní chuirfeadh sé mórán geimhreadh thairis leis an
deich is daichead do chríochnú. Agus bhí triúr dearbhrathar
ní ba shine na é féin 'sa' toigh. Muintear na háirce
bhéaradh a gcomhursanna ortha bhíodar comh sean-nósach sin.
Ar an adhbhar sin chá rabh mórán misnigh agam nuair tháinig
Pádraig fhaid liom oidhche amháin cúpla lá roimh an Chargas
agus d'iarr orm gabhail leis dho chuartú mná.



"'An bhfuil braon maith uisge beatha le fághail agat,
a Phádraig?"" arsa mise.



""Bhí dúbláil agam aréir, agus thug mé leath-ghalúin
dé liom.""



""Maith a' fear! Bíodh geall go mbéidh bean bhreagh
agam duit sul a rabh an leath-ghalúin caithte."


L. 27


""Ca'n áit a rachas muid?" arsa Pádraig."



""Tá dhá inghin ag Eoghan a' Gallchobhair thall annsiúd
agus bhéaramaoid an cheud ruaig chucasan.""



"'Tá mé sásta go leor," arsa Pádraig, "ach char
casadh orm iad ariamh" (tá fhios agaibh nár chomhnuigh
Pádraig ins an pharáisde seo agus nach rabh aithne ró-mhaith
aige ar bhunadh na háite seo) "ach chuala mé go bhfuil siad
beadaidhe go maith.""



"'Na bac le n-a mbeadaidheacht, a Phádraig! Tá
aithne mhaith ag Eoghan ormsa agus ní chuirfidh sé amach sinn,
ar sgór ar bith.""



"Anonn linn 'toigh Eoghain. Chuir sé fáilte romhainn
agus bhí an bheirt chailín agus a máthair 'na suidhe cois na
teineadh.



"Bhí eagla orm féin nach nglacfadh na cailíní nó
ceachdar aca le Pádraig agus go mbeadh níos fuide le
siúbhal againn agus mar sin char chaith mé barraidheacht
aimsire ag bualadh timchioll an duis ach rinne mé go
díreach ar an tomóig in a rabh an gearrfhiadh."



"'Seo buachaill óg," arsa mise, ag sméideadh mo chinn
le Pádraig, "a thug leis mé dh'iarraidh do inghne, a Eoghain,"
arsa mise."



"Bhí Eoghan beagán mall 'sa' chainnt agus ó tháinig
mé ró-thobann air char fhreagair sé ar dtús; ach thoisigh a
aghaidh dh'oibriú. Mheasfá air gur bhuail taom de'n ghalar
chreathach leis. Nuair fuair sé a anál leis ins an deireadh
b'iad na focla "Dia is Muire linn!" do tháinig leis agus
sin go sgioptha. Ach chuir sean-Róise .i. bean an toighe,
a súla thríd an bheirt againn agus í chomh socair suaimhneach
le breitheamh 'na shuidhe sa chúirt."



""Cár fhág tú an buachaill óg, a Mhichil?" ar sise, agus
thuig mé ó n-a glór go maith gur ag sgige do bhí sí."



"'Ní gnáthach duitse bheith caoch, a Róise," arsa mise,
'nach bhfeiceann tú an duine uasal seo atá le mo thaoibh?
Duine muinteardha damh é as a leithéid seo d'áit. Is minic


L. 28


a chuala sé trácht ar d'ingheanaibh agus tháinig sé anocht
d'iarraidh na hingne is sine le n-a pósadh," arsa mise, ag
amharc go dána ar shean-Róise."



""Is iongantach liom," ar sí, "nach í an cailín is óige
atá sé iarraidh!" Labhair sí an méid seo go geur agus go
tiugh ach stop sí annsin agus labhair ní ba réidhe. "Gabhaim
maitheamhnas," ar sí, "a fheara, ach tá cailíní s'againne
ró-óg le pósadh go fóil. Chár shmuainigh siad ar a leithéid.""



"Budh cheart damh rádh gur imthigh an bheirt chailín as
an chistinigh dá luathas d'fhosgail mé mo bhéal ar an cheist
agus chan fhacamar ní ba mhó iad."



"'Ní misde dóbhtha smuaineadh ar a leithéid," arsa
mise. "Tá feirm mhaith talmhan ag mo charaid agus stoc
láidir uirthi. Tá triúr dearbhráthar aige níos sine na é
féin atá na n-oibridhthe maithe -"



""Caithfidh sé go bhfuil gearr-chuid aoise aca eatortha',
arsa bean-a-toighe go searbh, "agus go bhfuil ciall aca
mura bhfuil obair ionnta.""



"Chuir an rádh seo fearg orm féin agus bhí mé a
smuaineadh ar fhreagair nuair labhair Eoghan go séimh
macánta, ag tabhairt súile ar a mhnaoi san am cheudna."



""Chan fhuil gar duit, a Mhichil, gabhail níos fuide leis
an sgéal. Cha rachadh mo chailíní go dtí an duthaigh sin ar
chor ar bith. Ach támaoid buidheach duit agus iad d'iarraidh.
Ná tuitimís amach fa dtaoibh dé.""



"Bhí seo réasúnta go leor agus thuig mé ó'n dóigh ar
labhair Eoghan nach raibh gar a bheith ag cainnt.



"'Támaoid sásta leis an fhreagair sin," arsa mise,
"agus ní bhacfaidh muid leis an chleamhnas níos mó, ach tá
braon beag biotáilte linn annseo agus ma tá cead
againn budh mhaith liom féin mo bhéal a fhliuchadh.' Tugadh
an cead dúinn agus d'ólamar gloine araon ach amháin an
tseanbhean, ach d'eirigh sise féin níos modhamhla linn sul
ar imthigheamar agus tháirg tae dúinn ach ghabhamar ar
leithsgéal mar bhí ar n-obair le déanamh againn fós."


L. 29


Nuair bhíomar ar an bhealach mhór arís, arsa mise le
Pádraig, ní'l ach inghean amháin ag Domhnall na mBan
agus ní'l sí comh hóg leobhtha seo. Siúd thall a theach a
bhfuil an solus ann. Tá grabhar maith airgid ag Domhnall
agus is dóigh liom go bhfuighbhe Eilis an chuid is mó de mar
tá an fheirm ag gabhail chuig an mhac agus chan fhuil oighre
eile ag Domhnall nuair a stiúcfaidh sé féin.""



Tá go maith, arsa Pádraig, agus rinneamar díreach
ar thoigh Dhomhnaill."



"Bhí Domhnall istigh agus Eilis ag déanamh an bhrocháin
fá choinne an tsuipéir. Bhí Eilis fá thuairim daichead
bliadhan d'aois. Cailín breagh láidir do bhí innti ach chá
rabh sí ró-ghnaoidheamhail riamh. In a toigh féin is measa an
chuma do bhí uirthi. Bhí sí dubh agus beagán garbh fá na
inalaibh agus fá na leicnibh. Ní mó ná go rabhamar 'nár
suidhe agus na píopaí dearg againn nuair shín Pádraig
spág dá spágaibh anall chugam agus thug bruideadh ins an
lurgain damh. D'amharc mé air agus dhruid sé a leath-shúil
liom, chroith a cheann go bagarach agus chuir carr air féin.
Thuig mé go maith goidé bhí cearr agus ar ball beag nuair
fuair sé aiméar orm chogar sé in mo chluais, 'ná bac le
hEilis'. Leigeamar orainn annsin nar theastuigh uainn ach
toit de'n phíopa agus sinn ar ar dturas go háit éigin
eile agus nuair do bhí píopa tobac caithte againn d'fhágamar
an teach agus ar shiúbhal linn."



"'Goidé tháinig ort, a Phádraig" arsa mise."



"'An donas ort!" ar se, "goidé thug ort mé thabhairt
annsin? Chá phósfainn an cailín sin dá rabh trí chéad
púnta aici. Tá sí chomh sean le spadóig agus chomh
míofuair le gráinneóig. An bhfaca tú an fhéasóg atá
uirthi?



Dheamhan ribe féasóige do bhí ar an chailín mhacánta
agus bhí sí seal bliadhan ní b'óige ná é féin, ach cha rabh aon
mhaith a bheith ag cainnt leis, agus thuig mé anois go mbeadh
m obair gearrtha amach agam agus bean fhagháil dó an oidhche
sin má bhí sé comh doshásta agus comh beadaidhe sin."


L. 30


"Tá aithne agam ar chailín a d'fhóirfeadh i gceart
duit, inghean Sheumais an tSléibhe, ach tá teach Sheumais
giota maith as seo, tuairim is míle go leith, agus tá droch
bhealach le gabhail ann. Tá casán thríd an phortach ach ní mó
ná go bhfeudfamaois an casán do leanmhain ar shiúbhal
oidhche, agus chan fhuil eolas ró-mhaith ag ceachdar againn
air.""



"'Goidé'n seort cailín í?" arsa Pádraig ag hamh-
rusach.""



"'Tá cúigear cailín ag Seumas agus sin a bhfuil de
theaghlach aige agus tá fhios agam go maith nach mbeadh aon
doicheall ar bith aige roimh an té d'iarrfadh bean acu. Is
breagh na cailíní iad ach tá barraidheacht aca i n-aon toigh
amháin agus mar tá an teach cuid mhaith ar leath-taoibh is
beag buachaill théid an fhaid sin agus is annamh eirigheann
siad amach. Tugaim fá deara fósda go mbíonn faitchíos
ar bhuachaillibh briseadh ar sgata cailín mar sin, siúd is gur
fearr sicín as áilín nó sicín aonránach. Má théidhmíd ann
sí an cailín is sine a chaithfeas muid iarraidh gan gramascar
do dhéanamh do'n sguaine.""



"'Goidé'n seort cailín í, agus goidé 'n aois atá
uirthi?'"



"'Tá sí amach is isteach fá'n deich is fiche agus dá
mbéinn ag piocadh mná as an chúigear is í bheadh liom.
Cailín macánta, modhamhail, gnaoidheamhail atá innti.'"



"'Siubhlamaois!' arsa Pádraig, agus thionntuigh sé
ar a sháil."



"'Go socair, a dhuine,' arsa mise, "caithfimid na
cnuic do ghlacadh orrainn féin, agus char mhaith liomsa
gabhail i gcionn an tsiúbhail suas gan deoch do bheith
againn.'"



"'Is túisge deoch nó sgéal,' arsa Pádraig agus
tharraing sé amach buidéal agus bhí deoch againn. Bhuail-
eamar trasna na bpáirceann annsin go dtáinig muid ar an
chasán agus leanamar an casán comh maith is d'fheudamar.
Ach is iomdha poll agus díog do bhí ann. Bhí an salachar ar


L. 31


ar gcuid éadaigh agus glugar an uisge i n-ár mbrógaibh
an t-am a bhaineamar amach teach Sheumais. Bhí an teaghlach
uilig istigh, mar b'annamh dóbhtha bogadh amach de shiúbhal
oidhche bhí an casán comh fada agus comh hanasta sin. Bhí
teine bhreagh mhónadh ar an teallach agus cuma sómasach
ar ghach uile dhuine. Cha rabhmar abhfad 'nár suidhe gur chuir
mé i n-úmhal do Sheumas fáth ar dturais, bhí mé ag iarraidh
a inghine do'n bhuachaill mhacánta seo do bhí liom. Chuir
Seumas roinnt cheisteann fá dtaoibh dé agus bhí sé sásta
do'n chleamhnas. Daichead púnta do bhí ceaptha aige
thabhairt do ghach duine dá ingeanacha, dubhairt sé, agus
mheas mé féin gur leor dó sin ná chá rabh aige ach móinteán
mar fheirm. Thug Pádraig an buidéal amach agus d'ólamar
bolgam maith, se sin, na fir, mar ní bhlasfadh na cailíní
deor. Rinne siadsan an tae agus bhí gach uile rud ag
gabhail ar aghaidh go maith nuair chogar Pádraig in mo
chluais nuair fuair sé faill orm, "an cailín bán atá in mo
cheann, bíodh fhios agat." "An diabhal," arsa mise ar ais
leis. B'í an cailín a b'óige an cailín bán: tuairim is fiche
bliadhain d'aois do bhí aicí. B'í an cailín a ba ghnaoidheamhla
díobhtha í gan amhrus, ach chá rabh innti ach páisde agus peata
nach bpósfadh fear ciallmhar."



"Bhí Pádraig ar bhog-mheisge fa'n am seo agus é
go meidhreach. Bhog sé a chathaoir i n-aice leis an chailín
bhán agus chuir spraic uirthi. Dhruid sise amach uaidh agus
las a gruaidh. Bhog séisean a chathaoir arís agus thug gach
uile dhuine fa deara é. Labhair Seumas: "Is í Brighid an
ghorsach is sine," ar sé ag sméideadh a chinn le Brighid
agus í ag nigheadh soitheach an tae. D'amharc Pádraig
uirthi go mall agus rinn' leamhthóg gáire.



"'Is cuma liom-sa ciaca is sine nó is óige ach sí
an cailín bán mo thaisge.'"



"Chroith Seumash a ghuailne go mí-shásta."



"'Ag deanamh grinn atá tú a dhuine mhacánta. Tá
ceachdar aca óg go leor agatsa.'"



"Bhí fhios agam anois go rabh an t-im thríd an bhrochán
ach thug mé iarraidh ar fhearg Sheumais do mhaolú."


L. 32


"'Chan fhuil ann ach greann, a Sheumais. Sí Brighid
a tháinig muid dh'iarraidh, ar ndóighe.'"



"Chuir Pádraig cluas ar féin. Annsin thionntuigh sé
thart orainn go dána. "Má seadh," ar seisean, "chan
fhaca mé an cailín bán go dtí anocht. Is í mo ghrádh í
agus cha phósaim ach í.""



"'Agus dar bhrigh m'fhocail chá phósann tú ise, a dhuine
dhí-mhúinte. Má sé sin an cineál duine thug tú leat, a
Mhichil, dho iarraidh leathcheal dho dheunamh ar mo ingheanachaibh
ní mór mo bhuidheachas duit, agus na déanaidh moill in mo
theach-sa.'"



"Rinne mé mo dhithchioll síothcháin agus idriscin do
dheunamh eadar an bheirt aca ach cha rabh gar damh ann.
Bhí siad mí-réasúnta ar ghach taoibh agus bhí beagán ólta
aca agus chá rabh gar a bheith leobhtha. D'fhágamar an teach
gan mhairg gan bheannacht."



""Goidé an diabhal a tháinig ort, a Phádraig? Nach
rabh Brighid óg go leor duit gan a bheith a' brath ar
bhabóig na gruaige báine?""



"A Mhichil," ar sé, "tá Brighid comh buidhe le cois
lachan agus an bhfaca tú na súla atá ag an mhnaoi eile.'"



"'Chan fhaca mé a súla," arsa mise, go tur, agus chár
labhramar focal eile go rabhamar ar an bhealach mhór
arís."



"'Bhí am go leor agam-sa meabhrú ar an chasán agus
dubhairt mé in mo aigne féin nach rachainn le Pádraig
arís i n-aon teach a rabh sgaifte cailín. Go dearbhtha bhí
mé ag cailleadh uchtaigh fán am seo go n-eireochadh liom
ar chor ar bith ach tháinig beagán diabhlaidheachta in mo
cheann agus shmuainigh mé ar inghin an Mháirnéalaigh."



"Chá rabh san Mháirnéalach ach leasainm ar Thadhg Mac
Pháidín de bhrigh go rabh sé ar bórd luinge seal i n-aimsir
a óige. Bhí sé na fheirmeóir bheag ó shoin. Bhí sé 'na
bhaintreabhach, agus chá rabh aige de chloinn ach Sighle, a
inghean. Bhí an bheirt aca rud beag crosta, agus chár
mhaith liom go bpósfadh Pádraig an cailín ach bhí fhios agam


L. 33


dá ndéanamaois cleamhnas féin go mb'fhuras a bhriseadh ach
clampar éighinteach do thógbháil fá dtaoibh de spré nó
fá dtaoibh de rud éighinteach eile. Níor bha dheacair
bruighean do thógbháil le Tadhg nó le Sighle."



"Labhair mé le Pádraig."



"'Goidé'n aois atá uirthi," arsa seisean go hamhrusach.'"



"'A dó dhéag is fiche.'"



"'Bhfuil sí buidhe?'"



"'Chan fhuil.'"



"'Bhfuil féasóg uirthí?'"



"'Chan fhuil.'"



"Ní rabh mé cinnte an rabh sé ag magadh nó ar íribh, ach
chá rabh rún agam barraidheacht eolais do thabhairt dó ar
eagla go locfadh se."



"'Seo linn i n-ainm Dé,' ar se."



"Chár dhubhairt mé Amén leis seo, óir, dar liom nárbh'
é an Fear shuas a bhí 'gár stiúradh fá láthair, ach chá rabh
mórán aimsire caithte nó mórán cainnte ach oiread go
rabhamar ag toigh an Mháirnéalaigh. Bhí se ag eirghe mall
san oidhche ach bhí solus breagh ó'n fhuinneóig agus rinneamar
díreach ar an doras. Chá deárnamar stop nó truisle
fá'n doras ach tharraing an sreang agus siúbhail isteach.
Chá rabh aon duine ins an chistinigh ach an Máirnéalach féin:
b'éidir go rabh Sighle i na leabaidh. Bhí an Máirnéalach
i na shuidhe ar stól cois an teallaigh, a spéachlairí ar a shróin,
péire sean-bhrístí ar a ghlúin agus snáthad in a láimh dheis,
agus é go dímheirceach ag cur paiste ar na brístí. Léim
sé 'n-a sheasamh nuair chuir mise mo cheann isteach. Bhí
cuma fhiadhain air agus bhain sé preab asam féin, agus
shleamhnugh mé ar gcúl beagán go rabh mé i gcúl an dorais.
Chár stad Pádraig go rabh sé i lár an úrláir agus chá
dtug sé fá deara mise ag sleamhnú ar gcúl."



""Cé tú féin?" ars' an Máirnéalach, go fíochmhar,
"nó goidé thug annseo thú?" Ní thug Pádraig freagair
air; is dóigh liom go rabh se barraidheacht thríd a chéile le
n-a thuigbheáil go maith."


L. 34


"Chá deárn an Máirnéalach ach cromadh ar an stól
ar a rabh sé n-a shuidhe sul ar eirigh sé, rug sé ar an
stól, chas thar a cheann é agus thug palltóg do Phádraig i
mullach a chinn. Thuitfeadh sé ar an úrlár ach gur rug mé
air. Bhí an stól ins an aer arís ach bhris mé an bhuille le
mo láimh. Bhí caragal againn, an triúr againn, i gcúl
an dorais ach 'sa' deireadh fuaramar gabhail amach ar an
doras agus as go bráthach linn síos an ród ar ar sean-
ruith."



"'Goidé'n diabhal do bhí ar an fhear sin?" arsa
Pádraig, "nó an dtug tú mé chuig fear mire le n-a inghin
dh'iarraidh!"



"'Ní thug: chan fhuil mire ar bith ag baint leis ach bhí
sé ar buile leat teacht isteach air agus é a fuagháil a
bhríste. Creidim go rabh Sighle i n-a leabaidh; is iongan-
tach liom nárbh' ise do bhí ag fuagháil.'"



"Chár labhair Pádraig arís agus shiúbhlamar linn giota
maith. Bhí sé mall san oidhche anois agus an chuid is mó
de na daoinibh, bhí siad ina luighe. Ach thug mé fá deara
go rabh solus breagh i dtoigh Bhriain Néill. Bhí cailín
breagh aige sin, Gormfhlaith Bhriain, agus labhair mé le
Pádraig i na taoibh."



"'Áit ar bith is mian leat,' ar séisean: 'is cuma
liom cé gheobhas mé anois ach gan dul ar ais folamh in éis
na hoidhche seo.'"



"Siúd ar aghaidh linn go toigh Bhriain."



"Nuair a chuadhmar isteach bhí an teaghlach uilig ag
suidhe thart, teine bhreagh ar an teallach, lampa ar lasadh
ar an chlár, agus buidéal uisge beatha agus dornán gloine
in aice leis. Bhí beirt diúlach ó'n chomharsanacht n-a
suidhe cois na teineadh. Bhí Gormfhlaith 'n-a suidhe i n-aice
duine aca agus í cóiriste go measardha maith agus ní
fhaca mé cuma níos fearr uirthí le fada: go dearbhtha ba
chailín dóigheamhail í ar sgór ar bith.



"Bhí aoibh bhreagh ar Bhrian agus budh dhóigh leat air gur
bhlas sé braon de'n bhuidéal."


L. 35


"'Sé bhur mbeatha, a fheara,' ar séisean, 'Cé seo tá
leat, a Mhíchil?'



"'Duine muinteardha damh, as a leithéid seo d'áit.
Pádraig Mac Fhionnlaoich a ainm agus a shloinne.'"



"'Sé bheatha, agus is maith liom go dtáinig sibh isteach.
Támaoid ag déanamh cleamhnais annseo, nó tá sé déanta
is ceart damh a rádh, eadar Diarmaid Mac Crosáin agus
m'inghean-sa agus ó thárla sibh ann tá fáilte romhaibh agus
ólfaidh sibh sláinte na beirté.'"



"D'ólamar agus chár dhubhairt a dhath ach chá rabh
Pádraig ar a shuamhneas gur fhág muid an teach arís."



"'Chan fhuil bean i ndán damh anocht, a Mhichíl, agus is
fearr damh pilleadh.'"



"'Tá seans amháin eile againn,' arsa mise."



"'Cé'n seans é sin,' ar séisean."



"'Tá aithne agat ar Éamonn Ó Griana,' arsa mise."



"'Tá,' ar séisean. "'Tchím go minic é ar na haon
taighibh. Tá áit bhreagh aige, cluinim. Ach is dóigh liom go
mbeadh sé ag iarraidh áit mhaith dá inghin fósda. Cá mheud
inghean aige?""



"'Tá beirt; ach tá ceann aca ró-óg duit agus mar
gheall ar an Righ leig duíthe-se an iarraidh seo.'"



"'Goidé an aois atá ar an cheann eile?"



"'Tá sí deich mbliadhna agus corrú níos óige na tú
féin agus nach leor sin duit?'"



"'Is leor creidim,' arsa Pádraig go roighin."



"Shiúbhlamar linn go toigh Éamoinn. Bhí áit bhreagh ag
Éamonn agus bhíodh sé ag ceannach 's ag díol éallaigh go
minic ar na haontaighibh mar dubhradh. Má 'seadh féin bhí
sé lom go leor ar an tsaoghal; bhí fhios agam féin go rabh
fiacha troma air, ná ní thiubhradh sé aire dá ghnoithe ach ar
shiúbhal as baile achan lá i n-áit éighinteach. Bhíodh gunna
aige agus sgata madadh, eadar conaibh agus gadhraibh, agus
madaibh lathaighe, an rud is míofhortúnaighe bhí ag aon duine
riamh; agus chaitheadh sé lá foghmhair ag fiadhach gearrfhiadh
nó ag lamhach cearc-fraoich. Bhí sé mórtusach go leor, má


L. 36


tá, mar is minic luigheann an bród agus an bochtanas i
n-aon leabaidh. Bhí mé ag déanamh nach dtiubhradh sé a
inghean do Phádraig agus sin go díreach an fáth ar mhol mé
do Phádraig feucháil do chur air, ná níor bha dhóigh liom go
bhfóirfeadh inghean Éamoinn dó; chaithfeadh sí a fheirm taoibh
istigh do chúig bliadhna."



"B'éigin dúinn Éamonn do chur as a leabaidh agus
hobair go mbeadhmaois ithte ag na madaidhibh sul a dtáinig
sé go dtí an doras. Leig sé isteach sinn, ní gan doicheall,
mheas mé, ach nuair tharraing Pádraig amach buidéal
cárta tháinig aoibh ní b'fhearr air. D'ólamar bolgam maith
ar dtús sul ar nochduigheamar ar ngnoithe dó. Chár chuir an
t-eolas aon fhearg air. Chuir sé an inghean na suidhe agus
a bhean agus chuadhmar i mbun an chleamhnais.



"Ar ball beag fuair Pádraig faill ar chogar do
thabhairt damhsa."



"'Chá phósfainnse í sin ar a bhfaca mé riamh,' ar séisean."



"'Goidé an breall atá agat uirthi?' arsa mise."



"'Tá a srón ró-fhada agus a pusa ró-thanaidhe. Bheadh
sí go síor ag cabaracht agus chá bheadh lá suaimhnis agam
léithe.'"



"'Tá an donas ort! arsa mise, "ach ar d'anam na
leig ort. Má gheibh Éamonn amach go bhfuil tú ag lochtú a
inghne sgaoilfeadh sé an gunna leat comh héasgaidh is
shmuaineochadh sé air. Fág agam-sa é agus déanfaidh mé
an cleamhnas do mhilleadh fá'n spré.'"



"'Béidhmid ag dúil le cruth maith léithe, a Éamoinn,'
arsa mise go dána."



"'Nach leor daoibh m'inghean fhághail?' ar séisean go
doicheallach."



"'Ní leor,' arsa mise."



"'Cá mhéad bheadh sibh a dh'iarraidh?" ar séisean."



"'Céad go leith,' arsa mise."



"'An bhfuil tú as do chéill?'"


L. 37


"'Chan fhuil,' arsa mise. "Budh cheart go mbeadh
grabhar maith airgid agat-sa anois. Tá feirm mhaith ag mo
charaid ach tá triúr dearbhráthar aige agus caithfidh siad
a gcuid féin d'fhághail.'"



"'An fiú mórán an fheirm?' arsa Éamonn."



"'Cúig céad púnta,' arsa mise."



"'Ní fiú cúig céad púnta a bhfuil de thalamh ar an
taoibh thall de chnoc Mhín an Fhir Ruaidh,' ar séisean go
dímhúinte."



"Maiseadh is iongantach go gcuirfeá d'inghean ann
mar sin," arsa Pádraig go cunasach."



"'Char chuir go fóil,' arsa Éamonn, 'agus ní'l mé
cinnte go gcuirfidh.'"



"'Déan do rogha rud,' arsa Pádraig. 'Chan fhuil
mise i-na muinighin.'"



"'Más mar sin atá tóg ort as mo thoigh-se agus
ná feicim arís tú.'"



"'Bíodh geall nach bhfeiceann go bráthach,' arsa
Pádraig."



"Bhíomar i n-ar seasamh cheana féin agus ag tarraingt
ar an doras."



"'Slán leat,' arsa mise le hÉamonn agus an doras
eadrainn."



"'Imtheacht gan philleadh daoibh, a bhacaigh!' arsa
séisean."



"Bhí na madaidh ag tamhthann ar an tsráid ar ghabháil
amach dúinn."



"Ag binn an toighe bhí beart uirleisí na seasamh ann.
Rug mé gréim ar phíce agus thug mé sean-spád do
Phádraig. Dar liom go dteastóchadh siad uainn agus
theastuigh. Dhreasuigh Éamonn na madaidh ionnainn agus
chár mhór an dreasú theastuigh uatha. Bhí siad timchioll
orainn agus gach aon guldar asta mheasfá go mbeadhmaois
slugtha aca ar an phointe. Fuair mise aiméar ar cheann
aca agus sháith mé an phíce ann agus bhuail Pádraig ceann
eile aca leis an spád. Theich siad agus an míle murdar
asta."


L. 38


"'Rith anois an méid atá in do chorp,' arsa mise,
'no sgaoilfidh sé an gunna linn.' As go bráthach linn. Go
díreach ar rochtain an bhealaigh mhóir dúinn sgaoileadh dhá
urchar linn. Bhíomar ró-fhada ar shiúbhal le dochar ar bith
do dhéanamh dúinn, ach lá thar na bhárach fuaramar gránacha
luaidhe i n-ar gcuid éadaigh."



"'Hobair dúinn an iarraidh sin,' arsa Pádraig nuair
bhíomar leath-mhíle ó'n teach. 'Ní rachaidh mé i n-áit ar bith
eile leat anocht.'"



"'Is mithid stad,' arsa mise. 'Tá an mhaidin ann.
Ach cogar, a Phádraig,' arsa mise leis ar ball, 'nach bhfuil
inghean ag Toirdhealbhach Ó Fearadhaigh béal dorais agat
féin.'"



"'Tá,' arsa Pádraig."



"'Nach bhfóirfeadh sí sin duit agus nach bpósfadh
sí thú?'"



"'Is dóigh liom go bhfóirfeadh; ní'l fhios agam an
bpósfadh sí mé: chár chuir mé an cheist uirthi riamh.'"



"'Maiseadh is mithid duit an cheist do chur uirthi agus
ar a hathair. Rachaidh mise leat anocht agus iarrfamaoid
a inghean ar Thoirdhealbhach. Cá ainm sin atá uirthe?'"



"'Nellí,' arsa Pádraig go faitcheach."



"Déanfadh mé sgéal goirid dé anois. Fuaramar
Nellí agus pósadh iad roimh an Chargais. Tá mé cinnte
dearbhtha gurbh í an bhean amháin de'n tseachtar a d'fhóir do
Phádraig. Thuig sí é agus thuig séisean ise. Bhí aithne
aicí ar an áit agus ar an teaghlach agus chá rabh sí ag dúil
go mbeadh an saoghal i n-aisge aicí, rud nach rabh. Chá
dtug Toirdhealbhach duithe mar spré ach colpach dhá bhliadhan;
an duine bocht ba bheag an saidhbhreas do bhí aige féin ach
bhí beirt dearbhráthar óg ag Nellí agus chuidigh siad
go mór leobhtha ag saothru na feirme nuair d'éirigh
dearbhráithreacha Phádraig féin ró-shean nó ró-fhallsa le
hobair do dhéanamh. Is maith an chomhairle é, "pós ar an
charn-aoiligh," sé sin, pós cailín a bhfuil sean-aithne agat
uirthi."


L. 39


"'Ach an chuid eile de'n chomhairle,' arsa mise. "Díol
do bhó abhfad as baile,' goidé is ciall dí?"



"Ní'l sí chomh bríoghmhar leis an chéad chuid, mar ní
ionnann bó agus bean agus ní ionnann margadh eile agus
margadh an phósda; ach is í an chiall atá leis sin gur fearr
an bhó do dhíol le strainséir ná le comhursain. Má bhíonn
locht ar an bhoin nó má théid rud ar bith cearr léithe is
furas socrú dhéanamh le strainséir; ach má thuiteann tú
amach le comhursain, agus is fusa tuitim amach ná tuitim
isteach arís, rachaidh an pléidhe níos fuide. Chá bheadh fhios
agat a choidhche an méid díoghbhála thigeadh as ins an
deireadh."


L. 40


VI. - An rud is measa leat na
do Bhás b'éidir gurab é lár
do leasa é.



Bhí mé amuich ar an tsléibh lá foghmhair agus bhí sé mall
'sa' tráthnóna nuair phill mé 'na bhaile. Bhí cúpla míle
slighe le siúbhal agam trasna caoráin agus portaigh ach
is beag an buaidhreadh chuir sin orm, óir bhí eolas maith
agam ar gach bhruach agus sruthán san tsléibh sin. Shiubhal
mé liom, nó rith mé liom, cuid de'n bhealach, ná b'éigin
damh léimne ó thurtóig go turtóig. Bhí an oidhche breagh
geal agus cha rabh eagla orm roimh taibhse nó duine. Ach
ag teacht isteach damh ag Árd na Cruaiche Mónadh chuala
mé glór aisdeach do chuir stad le mo aisdear agus do chuir
mo chroidhe ag preabadaidhe in mo lár. Glór caointe agus
béicridh a bhí ann agus char thuig mé ciaca glór duine, nó
glór madaidh, nó glór taidhbhse bhí ann. Bhí barraidheacht
sgannartha orm ar dtús le héisteacht go cúramach ach
nuair shocruigh mó chroidhe beagán dar liom gur glór duine
do bhí ann agus mheas mé gur thuit an duine i bpoll nó


L. 41


gur eirigh taisme no míothapadh dhó agus go rabh sé ag
iarraidh chuidighthe. Sa deireadh tharraing mé air, ní gan
fhaitchios go leor. Duine do bhí ann. Bhí sé 'na luighe i
mbéal cruaiche mónadh agus shíl mé ar dtús go rabh sé
gortuighthe nó gonta i ndóigh nar bhféidir dó eirghe, ach
d'amharc mé go geár air agus thug mé fá deara go
rabh ceangal na gcúig gcaol air. Labhair mé leis agus
nuair d' fhreagair sé mé d' aithin mé go maith é. Hannraoi
Óg Ó Ceallaigh do bhí ann, buachaill macanta ó'n chomhur-
sanacht.



"In ainm Dé," arsa mise, "goidé an chuma seo atá
ort?"



"Sgaoil amach mé ar dtús, a Pheadair, agus inn-
seochaidh mé sin duit."



Bhí an ceart aige. Ní socharach an dóigh do bhí air le
sgéal dho innse. Sgaoil mé amach é. Bhí sé ceangailte
agus craptha suas i modh nár bhféidir do bogadh. D'eirigh
sé 'na sheasamh, chraith é féin agus bhuail a chosa ar an
talamh leis an fhuil do thabhairt arais ionnta.



"Chan iad na sidheoga cheangail mar sin thú?" arsa
mise leis.



"Chan iad," ar seisean, "ach an bheirt diabhlaidhthóra
sin Seaghan Dubh agus Seárlus Beag."



"Is damanta cruaidh a cheangail siad thú," arsa
mise. "Más ag deanamh grinn a bhí siad chuaidh siad
ró-fhada leis an sgéal."



"Chan eadh greann ar bith do bhí ann ach lom aríribh," ar
séisean agus d'innis sé iomlán an sgéil damh.



D'eirigh sé amach tráthnóna ag tarraingt ar Fhaithche-
chaoin agus chaithfeadh sé gearradh trasna an tsléibhe nó
corr-bhealaigh mór do chur air féin. Rinne sé ar an
tsléibh. Cha deachaidh sé abhfad nuair rug an bheirt eile air.
Cheistnigh siad é ca rabh sé ag gabhail agus d'innis sé
dóbhtha go rabh sé ag gabhail go toighe Phaidí Mhaghnuis.
Anois bhí inghean ag Paidí, Siúbhán; nó Siúbhsaigh a ba


L. 42


ghnáthach thabhairt uirthi, agus ba dheacair í shárú ar dhóigheamh-
lacht. Bhí a leath de bhuachaillibh na háite éadtrom in a
gcinn fá dtaoibh duíthe.



"Dh' amharc ar Shiúbhsaigh atá tú ag gabhail, go
mairim," arsa Seaghán Dubh leis.



"Cad chuighe nach rachainn dho amharc uirthi," arsa
Hannraoi.



"Mholfainn duit gan a ghabhail anocht," arsa Seaghán
Dubh.



"Char iarr mé do chomhairle," arsa Hannraoi.



"Char iarr," arsa Seaghán, "ach tá mé aga tabhairt
duit in aisge."



"Comhairle in aisge comhairle gan tairbhe," arsa
Hannraoi; "ach goidé an bhaint atá agatsa liomsa nó
le Paidí Mhaghnuis no le Siúbhsaigh Phaidí go dtiubhrthá
comhairle ar bith damh 'sa' chás."



"Tá mearbhall ort," arsa Seaghan, "fá sin. Bíodh
fhios agat mar sin go bhfuil cleamhnas deanta agam le
Siúbhsaigh agus go bhfuil sí le heulodh liom anocht agus
ní theastuigheann cuideachta ar bith uainn ach an méid
atá socruighthe againn cheana féin. Ar an adhbhar sin," arsa
Seaghán go carthanach, mar dheadh, "is fearr duit tionntú
'na bhaile anocht."



"Hobair damh," arsa Hannraoi ag innse an sgéil
damhsa "go dtuitfinn ar mhullach mo chinn leis an phreib
ar bhain tuairisg Sheagháin asam; ná bhí mé ag deanamh
Siubhsaigh damh féin agus is ag brath go bhfuighbhinn faill
labhairt léithe chuir mé an turas orm anocht. Ar an tséala
sin dhiúltaigh mé philleadh, bhagair Seaghán orm agus sé an
deireadh bhí leis gur rug an bheirt aca orm, leag siad
mé agus cheangail go docht mé mar chonnaic tú le na
gciarsúiribh agus píosaí sreang do bhí leobhtha in a bpócaibh.
Go dearbhtha chuartuigh siad mo phócaí féin agus fuair an
giota rópa sin a bhí ar mo chosaibh orm féin. Shaoil mé go
stiúcfainn nuair d' fhág siad ann seo mé. Ní hé amháin
go rabh na ceangla ag mo ghortú agus go rabh eagla orm


L. 43


go gcaithfinn fanacht go maidin, ach ba mheasa ná sin orm
go mbeadh Siúbhsaigh ar shiúbhal le Seaghán Dubh sul a
d'fheudfainn dadaidh dheanamh. Dar liomsa dá bhfuighbhinn
faill labhairt léithe agus le n-a hathair agus a máthair go
bhfeudfainn cleamhnas dheanamh léithe mé féin. Bhí sí i
gcomhnuidhe go dáimheamhail liom, í féin agus a muintear,
agus dá bhfuighbhinn - ach tá sí ar shiúbhal le Seaghán Dubh
anois," agus chuir sé bollsgóid caointe as.



Nuair shocruigh sé beagán, "goidé tá dúil agat a
dheanamh?" arsa mise.



"Pilleadh 'na bhaile is dóighthe," ar sé. "Tá an dochar
deanta anois agus chan fhuil léaghas air."



"Na habair sin," arsa mise, "Ca fhad a bhfuil sé ó
d'imthigh siad uait?"



"Tamall beag sul a dtáinig tusa. Níl siad mórán
thar leath-uair ar shiúbhal go fóil."



"Siúbhal leat, má seadh," arsa mise, "Beidhmíd in
am go fóil."



"Ach goidé thig linn a dheanamh? Nár dhubhairt sé go
bhfuil Siúbhsaigh ar tí eulodh leis dá deoin féin agus goidé
d'fheudfainn-se dheanamh 'sa' chás?"



"Goidé fhios agat nach ag stealladh na mbréag chugat
a bhí Seaghán Dubh; agus ar sgór ar bith má bhí muid in am
le leath-fhocal a thabhairt do Phaidí Mhaghnuis goidé tá ar
cois millfimid an cleamhnas anocht agus béidh faill agat
do rámha a chur isteach go fóil."



"Agus an rachaidh tú liom?"



"Rachaidh gan amhrus: budh mhaith liom an greann dho
fheiceáil."



Tháinig beagan uchtaigh in a chroidhe arís agus ar aghaidh
linn thríd an phortach go toigh Phaidí Mhaghnuis.



An t-am a tháinig sinn ós coinne an toighe amach ar an
phortach chonncamar baicle beag daoine ag imtheacht giota
ó'n toigh ag tarraingt ar an chaorán mhór. Leanamar
iad ós ísiol go bhfacamar gur ceathrar daoine do bhí ann,


L. 44


beirt fhear agus beirt bhan agus cha rabh amhrus orainn gur
bh'iad Seaghán agus Seárlus do bhí ann agus Siúbhsaigh agus
cailín eile leóbhtha - an t-eulodh.



"Ca mbeadh siad ag gabhail an bealach sin?" arsa
mise.



"Chan fhuil fhios agam," arsa Hannraoi, "ach tá oncal
ag Seaghan Dubh 'na chomhnuidhe i Mín-thiubraid agus
deirfinn gur ag deanamh ar an toigh sin atá siad."



"Más amhlaidh atá caithfidh siad casadh arais thar an
tSruthán Ruadh. Rachaidh sinne an aithghiorra, cois na
haibhne, agus beidhmid rómpa."



"Ach goidé thig linn a dheanamh?" "An rud a bhí tú
ag deanamh nuair a tháinig mise fhad leat anocht. Má
leigeann tú goldar caointe asat mar leig tú an uair
sin dheamhan duine aca rachas trasna na haibhne anocht."



Ar aghaidh linn arís. Luigheamar síos ar bhruach na
haibhne go bhfacamar iad ag teacht anuas an mholaidh
chugainn. Annsin leig Hannraoi an míle-murdar as, agus
nuair a stad séisean leig mise béic asam. Tar éis
tamaill d'eirigheamar in ar seasamh agus shiúbhlamar síos
agus aníos an tsruthán agus sinn ag caoineadh linn.



Ní'l féidhm a rádh go rabh sgannradh ar an dream thall.
Mheas siad gur bean sidhe a bhí ann agus gur droch-thuar
do'n chleamhnas é agus cha rachadh Siúbhsaigh ní b'fhuide leis.
Dubhairt Seaghan Dubh go dtiocfadh sé arais oidhche eile ach
dubhairt Siúbhsaigh leis gan a theacht, nach rachadh sí ní
b'fhuide leis mar nach mbeadh an t-adh ar an obair.



Phill siad arais ar sgór ar bith.



"Anois, a Hannraoi, caithfimid bheith rómpa ag toigh
Phaidí arís go bhfeicfimid goidé dheanfas siad."



Arais linn an bealach ceudna a thángamar go rabhamar
ag binn toighe Phaidí.



Sgar na buachaillí agus na cailíní ó n-a chéile giota
siar ó'n toigh.


L. 45


"Anois, a Hannraoi, seo an t-am agus an aimsear
duit. Béidh faitchíos ar Shiúbhsaigh pilleadh un toighe agus
go bhfuighbhe an ráflaigh seo amach uirthe. Dean thusa eulodh
léithe anocht agus críochnuigh an cleamhnas do thúsaigh
Seaghán."



D'eirigh linn go geal. D'eirigheamar amach roimh na
cailíníbh agus chuir spraic orra. Leig siad amach an turas
a rabh siad air agus an míothapadh d'eirigh dóbhtha.



"Na bac leis, a Shiúbhsaigh," arsa mise. "Cha rabh sé
in dán duit Seaghán Dubh do phósadh. Seo Hannraoi Óg
annseo a tháinig amach anocht dho iarraidh cleamhnais ort.
Is dóigh liom go mbeadh do athair sásta go léor leis mar
chliamhain ach ó thárla go bhfuil sibh ar an bhealach mar tá
sibh anocht sé mholfainn daoibh imtheacht arís in ainm Dé
agus eulodh do dheanamh dé."



"B' fhearr liom Hannraoi féin do chluinstin," arsa
Siúbhsaigh.



"Maiseadh a Shiúbhsaigh an méid adeir Peadar leat
deirfinn féin agus abhfad níos mó ach go rabh faitchíos orm
labhairt leat."



"Más amhlaidh atá rachaidh mé libh, in ainm Dé," arsa
sise.



Chasamar ar ar gcosaibh agus shiúbhlamar linn, ach stad
Hannraoi go tobann arís agus arsa sé liomsa.



"Ach can áit a rachas muid. Cha rabh -."



"Na bac leis sin, a Hannraoi," arsa mise. "Tá
teach measardha mór ag mo athair agus char dhruid sé an
doras ar bhur leithéid ariamh."



Go dearbhtha b' aoibhinn le mo athair iad do theacht un
toighe. Cuireadh fá dhéin fidiléir. Cuireadh fá dhéin na
gcomhursan agus tháinig an t-aos óg isteach. Bhí oidhche
mheidhreach againn go maidin, bíodh geall. Cuireadh sgéala
chuig Paidí Mhaghnuis agus tháinig sé trathnóna lá thar na
bhárach agus thug an bheirt óg na bhaile leis. Bhí oidhche mhór
spóirt aca an oidhche sin arís toigh Phaidí agus socruigheadh
gach uile rud. Bhí bainéis ann an Domhnach na dhéidh.


L. 46


Bhí Hannraoi sásta go maith leis an chleamhnas agus
rug sé mé féin ar leathtaoibh oidhche na bainse 'tabhairt
bhuidheachais damh.



"An rud is measa leat na do bhás b'éidir gurab
é lár do leasa é." Sé an t-adh do bhí orm gur ceangladh
mé an oidhche sin. Ach mar a d'eirigh damh, b'éidir nach
mbeadh an meisneach agam labhairt le Siúbhsaigh go mbéinn
ró-mhall."



Ach is doiligh gach aon duine do shásamh. Fuair Seaghán
Dubh amach gur mise ba chionntach leis an bhean sidhe do
theacht orra oidhche an euloidh, agus ní dóigh liom gur mhaith
sé damh é, ariamh ó shoin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services