Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cogadh Dearg agus Scéalta Eile, An
Title
Cogadh Dearg agus Scéalta Eile, An
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1918
Publisher
Cú Uladh agus a Chuid
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bhí Diarmuid Ua Broin 'na shuidhe ar aill ar bhruach na fairrge in aice Cille Mantain lá, agus é ag machtnú. Bhí sé mí-shásta leis an tsaoghal. Bhí an saoghal ró- shuaimhneach dhó, agus b'fhearr leis go mór an troid ná an t-uaigneas. Bhíodh sé i gcraoibh de Chonnradh na Gaedh- ilge agus bhíod sé ag léigheadh stáire na tíre. B'iomadh sean-sgéal do léigh sé ar Fhiannaibh Fhinn; ar Oisín agus ar Dhiarmuid na mBan, agus ar Chonán Maol, ar Gholl Mac Mórna agus ar Chaoilte Mac Ronáin, agus bhíodh eud aige do na sean-laochraib úd. "Nár méannra dobhtha," arsa Diarmuid in a inntinn féin," agus a leitheid d'eachtraibh do thárluigheadh leo. Ní thigidís amach cois fairrge nach dtigeadh bád isteach an cuan agus gruagach éigin air; nó spéir-bhean b'éidir agus í ag gol 's ag caoineadh, agus thógadaois a seolta bocaideacha bacaideacha agus rachadaois thar lear go dtí an domhan thoir, nó an domhan thiar, agus b'iomdha eachtra agus mór-ghníomh dheanadaois sul a thiocfadaois arais. Nár méannra dóbhtha do mhair 'san t-sean-aimsir nuair do bhí saoghal beodha ann i bfarradh is an aimsear gan bhrígh gan tábhacht atá ann fá láthair," agus leig sé osna as. Agus chuimhnigh sé ar aimsir Fhiacha Mhic Aodha agus Aodha Ruaidh agus Aodh Uí Néill, agus an dian-troid chuireadar suas in aghaidh na nGall.
"B'fhiú bheith beo an uair úd féin," arsa Diarmuid in a aigne féin. Dá mbéinn ar shléibh i bhfocair Aodha Ruaidh le na thárrthail ó'n tsioc agus ó'n tsneachta, nó dá mbéinn ar shluaghacht Fhiacha Mhic Aodha nuair bhris sé ar Shasanaibh i nGleann Maelughra, b'fhiú seal fada de mo bheatha é." Annsin chuimhnigh sé ar an aimsir do bhíodh ann i nochad a h-ocht. "Och, gan mé ag iomchar píce faoi Mhicheál Ua Duibhir féin, nó faoi an Cobhaltach, nó faoi Maelmhuire Ua Broin." Agus leig sé osna eile as, agus dhruid sé a shúla agus luigh sé siar ar an chiaplach ag machtnú ar an tsean-shaoghal agus ar na laochraibh Gaedheal do mhair in Éirinn ins na h-aimsearaibh úd. Cha rabh sé a bhfad 'na luighe nuair chuala sé fead géar ó'n fhairrge. D'éirigh sé in a leath-shuidhe agus d'amharc uaidh. Leath a shúla air. Bhí long fhada chaol ag snámh ar an uisge beagnach faoi. Bhí cúpla gunna mór ar chlár na luinge. Bhí ceathrar fear ar chlár na luinge agus iad ag faire air. Bhí gunnaí glaice i lámhaibh bheirte aca agus bhí cian-radharcán i láimh duine eile aca. An ceath- ramhadh duine, ní rabh dadaidh aige in a láimh agus b'é do labhair le Diarmuid. "Hóich tusa," ar sé, "gabh i leith chugainn annseo." "Ní'l snámh ionnam," arsa Diarmuid, mar b'é sin an chéad rud do tháinig ina aigne. "Ní theastuigheann snámh uait," arsa fear na luinge. "Cuirfimíd bád chugat isteach." "Tá go maith," arsa Diarmuid, "Tá mé ullamh." D'ísligheadh bád beag eadtrom ó'n luing ar bhárr an uisge agus chuaidh beirt mairnéalach ann agus d'iomrámh- aigh siad go tír. Chuaidh Diarmuid isteach sa bhád agus i gcionn deich móinéinte bhí sé ar bórd na luinge. Ní
túisge roich sé an long ná tugadh síos i gcábán é, druideadh an haiste nó comhla na luinge agus d'imthigh an long faoi uisge, óir long fá thuinn do bhí innti. Le linn an ama seo labhair na mairnéalaigh le chéile i gcanamhain choigcríochach nar thuig Diarmuid. Bhí mairnéalaigh eile taobh istigh de'n luing; agus daoine eile gan culaithe mairnéalacha ortha, ach éadach airm do réir chuma. Tháinig fear aca seo 'un tosaigh agus labhair le Diarmuid, agus i mBéarla Shasana labhair sé. "Cad is ainm agus sloinne duit?" ar sé. "Diarmuid mo ainm díleas agus Ua Bruin mo shloinne," arsa Diarmuid. "Is maith an comhainm é," arsa an coimhthigheach. "Agus budh cheart go mbéadh duine de'n tsloinne díleas dá thír." "Ná bíodh ceist ort fá sin," arsa Diarmuid. "Níor loc mé ar chúis na hÉireann fós, agus ní locfad." Chuir an coimhthigheach a shúla thríd, amhail is dá mbéad sé ag feuchaint isteach in aigne agus in anam Dhiarmada. Fear caol árd do b'eadh an coimhthigheach; gruaig agus feasóg dhubh air, ach go rabh ribí léithe measgtha leo. Aghaidh odhar-bhán uasal air agus súla dubha soilseacha in a cheann nach rabh a dul uatha ag aonduine do dhírighead sé ortha iad. Tar éis an ghéar-fheuchaint úd do thabhairt ar Dhiarmuid labhair sé arís. "Creidim tú a mhic," ar sé. "Agus anois an dtiubhrthá teachtaireacht uaim go duine éigin i mBaile Átha Cliath?" "Do bhéarad," arsa Mac Uí Bhroin. "Tá go maith," arsa an coimhthigheach. "Gabh go dtí a leitheid seo do áit agus tá fear darab ainm Pádraig de hAicead 'na chomhnuidhe annsin. Ná h-innis do aon- duine fath do thuarais ach dó féin."
"Deanfad gach uile ní ar iarrais orm a dhuine uasail ," arsa Diarmuid agus bhí bród agus rimeud in a chroidhe fá gur chuir Iolar an Tuaiscirt an méid sin ionntaoibhe ann. Óir thuig sé go maith gur obair throm thairbheach do bhí eadar lámhaibh ag an Iolar. "Tá an trathnóna ag tuitim," arsa an t-Iolar leis, "agus is mithid dúinn gabhail ar aghaidh ar ar dturas féin. Cuirfear ar tír thú gan mhoill: ach ar mhaith leat amharc timchioll ort ar dtús?" "Bud mhaith liom dar ndóighe," arsa Diarmuid. Tugadh timchioll na luinge é agus b'iomdha rud iongan- tach do chonnaic sé innti. Tugadh go dtí an timchioll- radharcán é gur amharc sé amach fá'n fhairrge agus chonnaic sé gach rud timchioll air comh soiléir nach-mór is dá mbeadh sé ós cionn an uisge. Bhí long mhór gaile ag gabhail thart tamall uatha agus dubhairt an t-Iolar leis go mbudh fhuras í do chur go tóin puill dá mbudh mhian leo é, ach go rabh obair ní budh thabhachtaighe aca ar lámh fá láthair. Tar éis sin árduigheadh an soitheach go barr fairrge, cuireadh amach bád agus cuireadh Diarmuid ar tír. Chuaidh an bád arais go dtí an long, glacadh isteach ar bórd na luinge é, agus le preabadh súl chuaidh an long as radharc faoi'n uisge. "Dar a bhfaca me ariamh," arsa Diarmuid leis féin, "gurab iongantaighe an t-eachtra sin na ar thuit amach do Fhianna Éireann féin; níor léigh mé ariamh go dtáinig long faoi-thuinn chuca agus ní tháinig aonduine thar lear chuca do chuir ag obair iad ar son a dtíre féin. Is iongantaighe agus is adhmharaighe an rud do thuit amach damhsa na dadaidh do thárla do'n Fhéinn riamh." Agus luigh sé siar ar an chiaplach arís go déarn sé machtnú ar an cheist.
Bhí an traen deireonnach imthighthe ó Chill Mantáin go Baile-Átha-Cliath. Chaithfead sé gabhail ar a rothar. Chuaidh sé abhaile, ghléas a rothar, d'ól cupan tae agus d'imthigh leis. Bhí cúpla uaire caithte nuair roich sé Brí Cualann agus uair eile ó Bhrí Cualann go Baile-Átha- Cliath. Bhí meadhon-oidhche ann sul a bhfuair sé amach Pádraig de hAicead, ach bhí sé 'sa' bhaile. D'innis sé a sgéala dhó agus do thug fáinne an Iolair dhó. Bhí Pádraig corruighthe go mór. "Maith a buachaill," ar sé. "Rinne tú seirbhis luach- mhar d'Éirinn." Chuaidh sé go dtí guthán do bhí aige i seomra eile agus do bhain an clog, agus nuair freagradh é thug sé órdú gluaisteán do chur chuige. Níor bhfada in a dhéidh nuair a bhí carr mór ag an doras aige. D'iarr sé ar Dhiarmuid gabhail isteach agus lean sé féin é. "A leitheid seo d'áit," ar sé leis an tiománaidhe agus sul a rabh faill ag Diarmuid dadaidh a rádh bhíodar ag gluais- eacht thríd an chathair; ag gabhail suas sráide agus ag teacht anuas sráide eile, gur stop an carr 'sa' deireadh ós comhair tighe bríce do bhí in a sheasamh leis féin ar leath- taoibh sráide. "Fan ins an charr go dtigidh mise arais," ars an hAiceadach, agus suas leis do dtí an doras. Bhuail se buille nó dhó leis an lámh-chrann, fosgladh fuinneóg agus chuir duine a cheann amach. Labhair Pádraig de hAicead beagán focal leis ós ísiol agus tar éis beagáin aimsire leigeadh isteach é. Tar éis fiche móiméinte, nó mar sin, tháinig sé amach arís, chuaidh ar an charr, thug órdú eile uaidh agus thug cuairt ar thoigh eile 'san nós ceudna. Chuaidh ar an ghluaisteán arís agus phill go dtí a thoigh féin. D'eirigh sé as an charr sul thainig sé fhaid leis an toigh, ámh, agus thuirling Diarmuid leis. Shiubhail
siad leo gan chainnt agus sul tháinig siad go dtí an teach thug Diarmuid fa deara fear leathan árd ag siubhal go réidh in aice an bhalla ar thaoibh na sráide. Shiubhail an bheirt amach thairis. Ar ngabhail thairis dóibh d'fheuch Pádraig de hAicead agus an fear árd ar a chéile agus siúd is nach rabh an solus ró-mhaith ar an tsráid mhothuigh Diarmuid go rabh aithne aca ar a chéile agus nach rabh dáimh ró-mhór aca dá chéile. "An bitheamhnach," arsa Pádraig nuair shiúbhladar ar aghaidh beagán agus bhí siad ag doras an toighe. "Sin spíodóir do lucht an Chaisleáin ag mo choimhead-sa." Lean sé do'n sgéal nuair chuadar isteach 'un toighe. "Meallfar an Caisleán an iarraidh seo dá ghlice iad. Má thig an t-Iolar agus a lasd luinge isteach in am tráth is cuma linn fá'n Chaisleán ó sin amach. An bheirt sin ar ar ghoir mé anocht rachaidh siad in airicis na luinge agus beidh cúpla céad fear leo de na hÓglaighibh is clisde agus is ionntaoibhighe le fágháil. Beidh na huir- leisí i lámhaib ar muintire trathnóna an óirtheara agus beidh cumhacht ar námhad ar lár feasda in Éirinn. Na spíodóirí seo ní feasach damh cad a b'fhearr dhéanamh leobhtha. Is Éireannaigh agus Gaedhil iad agus teas- tuigheann gach Gaedheal agus gach duine d'fhearaibh Éireann uainn; ach is bréan an dream iad. Ní mór ná go n-iompuigheann mo ghoile orm nuair chidhim duine aca." "An mbeidh eirghe amach ann?" arsa Diarmuid nuair stad an hAiceadach de'n chainnt. "I gcionn trí lá, no b'éidir roimhe sin, beidh an fraoch ar lasadh agus beidh Éire saor 'sa deireadh." "Agus an mbeidh cead agam-sa fanacht annseo do
chuidiú?" arsa Diarmuid agus a chroidhe ag preabadaigh in a chliabh le teann corruighthe. "Gan amhrus thig leat," arsa Pádraig. "An dtig leat gunna do láimhseáil?" "Thig liom. Bhíos i mbuidhin de na hÓglaighibh ar feadh bliadhna gur bhris an Réadhmonnach ortsa agus annsin stad siad de'n Óglachas ach do bhí gunna agamsa sul a sgapadar agus chleachtuigh mé go minic leis ó shoin." "Seadh, an Réadhmonnach," arsa Pádraig, agus droch- mheas in a ghlór aige. "Dá leigeadh sé dúinn an uair sin, bheadh ceathramhadh milliún fear againn anois agus iad armáilte go measardha maith; agus ní bheadh do chumacht ag ar náimdibh sinn do chur síos. Ach le cuidiú Dé éireóchaidh linn ar chuma ar bith." "An rachaidh sibh amach ar fud na tíre nó an dtroidfidh sibh i mBaile Átha Cliath?" "Troidfimid i ngach áit a bhfuil na fir againn; 'sa chathair agus fá'n dtuaith. Is mó atá na hairm againn fá láthair ins an chathair, ach má éirigheann leis an Iolar teacht slán ní bheidh easbaidh arm aca fá'n dtuaith. Tá- maoid láidir i gCuige Mumhan ach go raibh airm ag na fir." Ar feadh an dá lá do bhí roimhe ní rabh dadaidh ag Diarmuid le deanamh ach ag siubhal thart. Ní fhaca sé Pádraig de hAicead ach anois agus arís agus bhí cuma air go rabh an-chuid gnótha ar láimh aige. Ar maidean an treas lae ghlaoidh sé Diarmuid chuige agus annsin thug Diarmuid fá deara an ghruaim do bhí ar Phádraig. "Mo bhrón agus mo chreach!" ar sé. "Leanann an sean-mío-adh sinn i dtólaimh. Tá teipithe orrainn arís." "In ainm Dé goidé thuit amach?" "Tá, na spíodóirí arís is dóighthe. Tá an t-Iolar agus
a chomhlucht gaibhte agus an long agus an lasd luinge ar thóin puill. Táthar ag breith ar na hÓglaighibh séis a chéile agus táthar ag bagairt orainne i mBaile-Átha- Cliath fá láthair." "Nar bhfearr daoibh troid a dhéanamh dé láithreach bonn ó tá an cás amhlaidh?" arsa Diarmuid. "Is fearr," arsa Pádraig. "Agus ní'l athrú roghan againn; ach sé an rud is measa dé go bhfuil ár n-uachdarán agus roinnt eile aca in aghaidh bogtha. Deir siad nach bhfuil seans againn agus gan amhrus tá an ceart aca; ach mar sin féin ní fheicim go bhfuil rogha againn. Dean- far sinn go léir do mharbhadh nó do dhíbirt agus rud níos measa na sin deanfar adhbhas gáire dár gcúis agus dár gcineadh. Níor éirigh le Gaedhealaibh buille amháin do bhualadh i gceathrachadh a hocht nó i seasca a seacht agus an mbeidh an cás amhlaidh againn arís?" Agus chrom sé a cheann ar a lámhaibh agus tháinig na deora le na súilibh agus chrioth a chorp ar chuma is dá mbeadh an galar creathach air. Níor chuir Diarmuid isteach air agus i gcionn tamaill tháinig sé chuige féin arís. "Caithfimid troid," ar sé, ag labhairt leis féin ní ba mhó ná le Diarmuid. "Caithfimid buille amháin do bhualadh ar son na hÉireann. Uch! gan na gunnaí agus na piléir do bhí 'san luing úd againn." Annsin chuaidh sé amach agus ní fhaca Diarmuid arís é an lá sin. Lá thar na bhárach tháinig Diarmuid anuas chuig a bhreac- fasta agus bhí Pádraig agus a dhearbhráthair ag ithe a gcoda. "Brosduigh ort a Dhiarmuid," arsa Pádraig. "Agus ith do bhreacfasta." "Tá na hÓglaigh ag teacht amach indiú. Mise a béas in a gceannas agus deanaim tusa
d'ainmniú mar theachtaire agus giolla catha damh féin. Fanfaidh tú in aice liom ach amháin nuair bhearfas mé órdú speisealta dhuit. Ní'l faill agam tuilleadh cainnte dheanamh leat anois. Ith do bhreacfasta ar dtús. Sin agat raighfil agus neart piléar agus gunna goirid gasta agus bí ag Faithche an Cholaisde ar a haondéag." Agus leis sin d'imthigh Pádraig agus a dhearbhráthair agus d'fhág Diarmuid i muinghin a smuainte féin. Agus nár bh'iad na smuainte borba tulcacha do tháinig in a cheann fá'n am sin. Bhí an troid ar cois arís. An tsean- throid do bhíodh ann ó tháinig Strangbó. Agus annseo i mBaile-Atha-Cliath, an áit ar ghabh Strangbó sealbh seacht gcéad bliadhain go leith ó shoin. An ndeonfadh Dia go n-éireochadh leo athghabhail do dheanamh ar a dtír féin. Agus éisean, Diarmuid Ua Broin, bheadh sé i lár na troda, beó no marbh. Buidheachas mór le Dia, cibé ar bith a thiocfas as, is mór an lá é." Ba dheacair dó breith ar a fhoighid go dtáinig an t-am le gabhail amach. Chuir sé air a chuid arm agus d'imthigh leis síos an tsráid. Ag Faithche an Cholaisde bhí gach rud mar ba ghnáthach agus a lán daoine ag siúbhal thart nó ag imtheacht annseo agus annsiúd mar is nós do lucht cathrach. Ní rabh dadaidh as an bhealach ar cois. Thug sé fá deara Óglach annseo agus annsiúd agus a chulaith ghaisge air agus gunna ar a ghualainn agus do bhí saighdiúirí Gallda ann mar an gceudna ag spaigdeoracht gan gunnaibh gan saigh- dibh. Chuala sé sgread na píbe móire ag teacht anuas an tsráid; d'amharc sé in a threo agus chonnaic sé radharc do chuir a chroidhe ag preabadaigh agus an fhuil ag rinnce ann. Siúd anuas an tsráid cipe de na hÓglaighibh agus Pádraig de hAicead ag siúbhal go huaibhreach ag a
gcionn, an bratach uaithne agus bratach trí-dhathach na Pob- lachta crochta in áirde ar dhá chuaille leo; agus buidhean píobairí ag séideadh puirt, Dia Saor Éire, ar a gcúlaibh. Sgein Diarmuid chuca agus thóg áit do féin i measg buidhne oifigeach do bhí in aice Phádraig de hAicead. Stad siad fá'n am sin; thug a dtaoiseach órduighthe dóbhtha; sgoilt siad in a dhá dhream go beodha easguidh agus lean an dream ba mhó aca Pádraig trasna na haibhne, agus Diarmuid in éinfheacht leo. Stad siad arís ag Teach an Phuist agus sgar drong bheag uatha. Do chuaidh isteach i dToigh an Phuist. Char bhfada dóibh istigh go dtáinig na cléirigh do bhí ann eadar chailinibh agus buachail- libh, amach ina sruth, agus sgeón ortha. Ach goidé siúd suas ag barr an toighe agus é ag foluamhan 'san ghaoith? Meirge na hÉireann agus meirge na Poblachta. Och! an gháir do thógadar agus d'umhlaigh a rabh i láthair do'n dá bhratach. Agus annsin chuaidh Pádraig suas ar leathár- dan do bhí ag fardoras Toighe an Phuist agus labhair beagán focal leis na hÓglaighibh ag forfhuagra go rabh Éire saor anois agus nach rabh aca ach a saoirse do choimhead agus do chosaint. Annsin thug sé órdú uaidh agus d'imthigh na hÓglaigh isteach i dToig an Phuist. Ach chá rabh ach a leath aca isteach nuair chonnaictheas cipe marcshluagh de shaighdiúirí Gallda chuca anuas an tsráid agus truail- leacha a gclaidheamh ag léimne le na dtaoibh agus a gcapaill ar chos-in-áirde. Fear do bhí ag gabhail trasna na sráide rómpa, leagadh é ar lár agus shiúbhail na capaill amach thairis agus níor bhfios do éinneach an beó no marbh d'fhágadar é. Bhí tús na cipe ós comhair Toighe an Phuist nach mór. Pim, pim, pim. Beagán cnagarnaigh agus beagán toite agus leagadh cuid de na capallaibh agus
cuid de na marcaighibh. Briseadh an cipe marcshluaigh agus theicheadar an méid do mhair beó aca. Níor cuireadh isteach ar na hÓglaighibh ní ba mhó an oidhche sin, agus dhaingnigheadar iad féin ann. Sholaithrigh dream aca biadh ó na toightibh ósda timchioll ortha; buidhean eile chuar- tuigheadar na sráide timchioll ortha agus thug isteach cuid mhór bráighde. Chuaidh daoine eile d'fhághail tuairisge ar na hÓglaighibh do ghabh seilbh ar Halla na Saoirse, ar an Chaisleán, ar Mhonarcán Iácob, ar phuirt na mbothar iarrainn, agus ar cuid mhór áiteann ar fud na cathrach; agus bhí roinnt aca gnóthach ar feadh an tráthnóna ag stopadh lucht gluaisteán, ag tógáil claidhe trasna na sráide, ag daingniú Teach-an-Phuist le málai litreach agus sean- leabhar ins na fuinneógaibh agus ins na doirsibh. Nuair do bhí gach ní ar foghnamh aca comh maith is do b'éidir leo agus an oidhche ann cuireadh lucht faire ar gach taoibh de'n toigh agus chaith na daoine do bhí istigh uair a chluig ag gabhail amhrán agus sailm; agus chan siad an Paidrín Páirteach as Ghaedhilig agus luigh siad síos ar an urlar le beagán codlata d'fhágháil. Ar an bhárach ní rabh saighdiúr ná píléir le feicheál in áit ar bith. Shaoil Diarmuid go rabhadar buailte cheana féin ach ní rabh aon dearmad ar Phádraig de hAicead, nó ar na taoiseachaibh eile. Chroitheadar a gcinn nuair dubhairt sé leo go rabh na saighdiúiri imthighthe. I rith an lae thug Pádraig órdú dhó dhul le teachtaireacht amach go Sórd Choluimcille, an áit a rabh buidhean Óglach faoi cheannas Thomais Artuir, agus Nioclais Uí Chethearnaigh. B'í an tuairisg thug sé leis go rabh dirim píléir o'n chathair faoi oifigeach ar siúbhal amach ar leath doisin mótor. Chuaidh Diarmuid amach ar róthar bealach Dromchonnrach
agus Seantraigh ach bhí na píleirí ró-thapaigh dhó. Bhí siad roimhe ach bhí sé in am i gcomhair na troda ámh. Chuala sé an lámhach ar a láimh chlí giota maith uaidh agus tharraing sé air. Sé an rud a bhfaca sé ná barraic píleirí agus píleirí thart thimchioll uirthi agus iad ag lámhach ar fhál árd do bhí ós a gcomhair amach. Bhí an fál, nó daoine éigin ar a chúl, ag lámhach arais. Chidhfead sé puch beag toite agus chluinfead sé cnag urchair agus b'éidir go dtuit- feadh fear agus b'éidir nach dtuitfeadh. Tháinig tuilleadh píleirí ar charrannaibh gluaisteacha. Thuirling siad agus chrom siad ar lámhach ar an bhfál agus an fál ag lámhach leo, agus thuit roinn de na píleiribh agus loiteadh na carranna, agus marbhadh na tiomáinidhthe. Tháinig mian air gabhail ar chúl an fháil sin agus shleamhnuigh sé isteach thar an chlaidhe. Lean sé do'n díog go rabh sé in aice leis an bhfál. Annsin chonnaic sé rud do chuir iongantas air. Bhí deichneabhar fear ag teacht in a choinne ar an nós ceudna do bhí sé féin ag gluaiseacht, .i. ag snámh ar a nglúnaibh agus ar a mbolgaibh ar chúl an chlaide ísil, do bhí ar leath-taoibh an róid. Thug siad fá deara é agus dhírigh an chead duine aca a ghunna leis. Chuir Diarmuid suas a lámh agus níor sgaoileadar leis ach thángadar ar aghaidh. "Ce tusa?" arsa duine aca. "Cara," arsa Diarmuid. "Goidé an sgéal atá i mBaile Atha Cliath?" "Ta gach uile rud go socair i mBaile Atha Cliath," ars Diarmuid. "Tá go maith," arsa an fear a bhí ag cainnt leis. "Caidé do ghnó linne?" "Teachtaireacht o'n hAiceadach," arsa Diarmuid.
"Ach beidh sé in am tráth nuair a bhéas an pléidhe seo thart. An féidir liom gunna fhágháil? Tá urchar maith agam." "Is maith mar thárla," arsa an fear. "Tusa a Eadhmoinn óig tabhair do ghunna do'n fhear seo agus pill arais agus abair le Tomas go bhfuil fear ionaid againn duit. Lean mise." D'imthigh an fear ceannais rómpa agus leanadar go léir é. Tháinig siad go droichead beag faoi'n bhóthar. Chuadar amach thríd pholl an droichid agus leanadar claidhe teorann do bhí ar an taoibh eile agus ní fada go rabhadar ar chúlaibh na barraice agus do luigheadar síos i ndíg. Sgaoileadar leis na píleirí. Pim, pim, arís agus thuit cuid de na píleiribh. Níor mhair an cath a bhfad tar éis sin. Ghéilleadar na píleirí. Bhí trí sgór duine aca ann agus bhí a leath de'n uimhir sin ag Tomas Artur ar chúl an fháil. Bhí leath na píleirí marbh nó gonta. Bhí beirt de na hÓglaighibh marbh agus leath doisin gonta. Bhí an bhuaidh ag na hÓglaighibh an bobhta sin. Rugadh na hairm agus na piléir de na píleiribh agus tugadh ortha a n-éadach oifigemhail do chaitheadh díobhtha. Tugadh comhairle a leasa dóbhtha agus sgaoileadh leo. Lá thar na bhárach phill Diarmuid ar Bhaile-Atha-Cliath. Níor chuir aon duine isteach air go dtáinig sé isteach i mBaile-Atha-Cliath. Ach ar an droichead thar an canál ag Dromchonnrach bhí an bóthar i seilbh na saighdiúiribh agus ní leigidís thart é. Thug sé fá deara annsin go rabh cearcall deanta ag na sáighdiúiribh timchioll na cathrach ar an taoibh sin dí, agus bhí siad féin agus daoine aithrid eile nach bhfaca sé, ag sgaoileadh urchar ar a chéile ó am go ham, agus thuitfeadh duine marbh corruair i lár na sráide
nó ar leath-taoibh sráide. Ba léir dó go rabh na saigh- diúirí ag teannadh isteach ar na hÓglaighibh agus go mbeadh an bhuaidh aca ortha muna ndeantaoí a bhfuasgailt o'n taoibh amuich. B'fhuras dó, dar leis, dá mbeadh cúpla céad fear aige ar an taoibh amuich de fháinne na saigh- diúr briseadh isteach tríotha, an líne do ghearradh agus an méid aca do bhí ar an taoibh istigh de'n ghearradh do mheilt eadar an dá dhream de na hÓglaighibh. Chuir sé seanchus ar dhaoinibh do bhí ag siúbhal an bhóthair agus dubhradh leis go rabh uimhir éigin de na hÓglaighibh le fágháil ar an taoibh amuich do fháinne na saighdiúr ach gur theastuigh taoiseach uatha nó órdú éigin uatha ó na taoiseachaibh do bhí ag Teach an Phuist agus ní rabh bealach aca iad d'fhághail. Rinne sé a dhithchioll iad a tharraingt le chéile ach theip air glan. Bhíodar ag cailleadh misnigh cheana féin. Nuair a d'airigh sé an méid sin chinn sé comhairle go rachad sé isteach 'sa chathair arís ar ais nó ar éigin. Ní rabh aon mhaith dhó na saighdiúiri d'ionnsú; ní leigfidís thríd é, agus dá ndeanad sé dánaidheacht chuirfidís piléar thríd nó ghabfadaois é. D'fhan sé socair go dtí an oidhche agus go dtí go rabh roinnt de'n oidhche caithte. Ag tuitim na hoidhche, san chlapsholus, an t-am do ba mheasa leis an lámhach. Chuadar na hÓglaigh amach ar na foir- leasaibh ar bharr na dtoighthe agus shleamhnuigh siad mar bheadh cuit ionnta ó chionn toighe go cionn toighe. Nuair thigidís in áit ar bh'éidir leo gunna do dhíriú ar shaigh- diúiribh sgaoilidís urchar agus thuitfeadh saighdiúr. Chluin- feadh na saighdiúirí pim agus mhoithighidís fear ag tuitim; annsin rachadaois ar buile. Dá mbeadh inneal-ghunna aca chluintí an gurag, gurag, gurag uaidh, agus muna mbeadh chluintí amhastrach na raighfeal uatha. Ní fheicidís
an fear-chat shuas, ach sgaoilidís le rud éigin, agus ba hó'n obair sin marbhadh an oiread daoine thríd an chathair nach rabh aon bhaint aca leis an achrann. 'Sa' deireadh d'éirigh sé ró-dhorcha le lámhach. Oidhche dhorcha bhog-theith do bhí ann agus í chomh ciúin leis na flaitheasa ach amháin nuair bhrisfeadh na gunnai amach. Agus bhrisidís amach anois agus arís i lár dorchadasa go gcuirfidís uamhan ar do chroidhe ag éisteacht leo. Agus thall údaigh, cois cuain, bhí soilse ealadhanta ag sméartháil thart leis an námhaid do nochdú agus bhíodh na hainnealghunnai agus na gunnaí móra ag búirfe thríd an oidhche. Tuairim an meadhon- oidhche chuaidh Diarmuid síos go bruach an chanáil go socair agus ós ísiol. Mhothuigh sé na saighdiúirí ar an taoibh eile de'n chanál agus iad ag siúbhal síos agus aníos thairis. Lucht faire do bhí ann gan amhrus. Bhí droichead thar an canál ag bóthar Baile Bocht píosa síos uaidh. Shleamh- nuigh sé síos ar a bholg go rabh sé ar an droichead. Shleamh- unigh sé isteach faoi an droichead. Bhí sé comh dubh dorcha ann is dá mbead sé in íochdar ifrinn. Sin díreach an rud do theastuigh uaidh. Bhí sé ar tí gabhail isteach 'sa canál agus do ghabhail anonn nuair leagadh lámh ar a ghual- ainn agus dubhairt guth in a chluais. "Sith! na labhair gíog na cuirfead piléar thríot. Cé tú féin?" Níor labhair Diarmuid agus ní rabh fhios aige goidé budh cheart dó rádh mar ní rabh sé cinnte ciaca saighdiúr nó Óglach a bhí a cainnt leis. Ach bhí tuairim aige nár saigh- diúir do bhí ann agus dubhairt sé "Is buachaill o'n tuaith mé." "An bhfuil Gaedhilg agat?" arsa an guth. "Tá, beagán," arsa Diarmuid. "Tá go maith a mhic," ars an guth. "Is Óglach mise
agus tá mé ag tarraingt ar Thoigh an Phuist. Cá bhfuil túsa ag dul?" "An áit cheudna díreach." "Go maith, a mhic. An bhfuil gunna agat?" "Chan fhuil, ach tá innill-phiostal Ameriocánach agam." "Diabhal níos fearr le fágháil," arsa an fear eile. "Coinnigh in áirde ós do cheann é agus na piléir ar eagla go bhfliuchfaidhe iad. Beidh siad ag teastáil tirm uait gan mhoill. Anois go socair, a mhic." Agus síos leis isteach 'sa canál. Níor bhfada go rabh siad ar an bhruach eile faoi'n droichead. "Anois lean mise," arsan duine le Diarmuid. Siúbhail siad ceithre-chosach suas port an chanáil go rabh siad ar casán na gcapall, áit a rabh na saighdiúirí ag siúbhal síos agus aníos. Rug an duine eile ar láimh Dhiarmada agus tharraing isteach é ar leath-taoibh. "Anois," ar sé, "támaoid saor, ach is ceart dúinn beagán stráfála a dheanamh. Ullmhuigh do phiostal." "Tá se gléasta," arsa Diarmuid. "Bhal, coimhead thusa an taobh sin agus glacfaidh mise an taobh seo. Na hárduigh do cheann. Beidh cioth piléar chugainn gan mhoill, ach ní bhuailfidh siad sinn ins an chúil seo. Nuair is éigin dúinn rith beirfidh mise ar láimh ort agus lean mé, ach na hárduigh do cheann nó do chorp." Mhothuigh siad coiscéimeanna fear agus cogarnaigh. "Seo chugat, a mhic, anois lámhaigh." D'ísligh Diarmuid a cheann agus chonnaic sé beirt eadar é agus an spéir. Dhírigh sé a phiostal agus sgaoil. Leigeadh sgread agus bhí troisle ann ach níor imthigh aon duine. "Síos ar do bholg," arsan guth.
Ní túisge bhí ar lár nuair tháinig an trábháille ó na gunnaí agus gurag, gurag, gurag ó inneal ghunna. "Mura ndéarna tusa an gnó rinne siad féin é." arsan guth. "Luigh go socair fós" Tháinig cioth eile piléar; annsin stad an lámhach "Anois feuch amach. Beidh chugainn," Níor bhfada go rabh, ámh. "Tá dream láidir aca ann. Anois caithfimid teicheadh ach caith a bhfuil de philéir in do chrios leo ar dtús, agus deanfaidh mise an rud ceudna." Annsin bhris an lámhach amach arís agus mhair sé sgathamh maith. "Anois a mhic," arsan t-Óglach, "is mithid dúinn gluaiseacht, mar adubhairt an sionnach agus an gadhar chuige," agus rug sé gréim láimhe ar Dhiarmuid. Shleamh- nuigh siad leo thríd casán beag isteach i ngarrdhaigh ar chúl toighe; chuaidh siad amach i mbeárnáin ag binn an toighe agus bhí siad ar shráid. Rith an bheirt trasna na sráide agus isteach in geafta ar an taoibh eile agus thart ag binn toighe eile go rabh siad ar an dárna sráid. "Anois a mhic tig leat siúbhal ar do shuaimhneas. Tá- maoid i measg ár gcarad. B'éidir nach misde damh fiafrú cá hainm atá ort?" D'innis Diarmuid dó, "Maith mar thárla. Mise Éadhmonn de Búistéir buachaill as Sgoil Éanna agus cuireadh amach mé ar do lorg. Ní bhfuaras tásg nó tuairisg ort agus bhí mé ag pilleadh arais. Ach ní gan tairbhe do bhí mo thuras, óir leagas go leor de'n námhaid tráthnóna aréir." Stop cúpla Óglach iad agus chuir a dtuairisg agus nuair d'airigh siad a dtuairisg chuir céad fáilte rómpa. Ní
fada go rabh siad ag Toigh an Phuist. Shonnruig Diar- muid go rabh athrú mór ann ó d'imthigh sé. Bhí cuid mhór de na hÓglaighibh gonta agus cailíní de Chumann na mBan ag freastáil ortha. Bhí Óglaigh ann ó áiteachaibh eile. Chonnaic sé Seumas Ó Donnchadha agus an muintear do bhí ag cosaint Halla na Saoirse agus dubhradh leis gur leagadh agus gur dóigheadh an Halla sin, go dtáinig a chosantóirí as slán, nó beagnach slán, ach gur cailleadh cuid mhaith pleasgán agus adhbhair cogaidh. Ghlaoidh Pádraig de hAicead ar leath taoibh air. "A Dhiarmuid," ar sé, "is éigin damh innse dhuit go bhfuil an cath ag gabhail orrainn. Ní'l muintear na tuaithe ag éirighe agus ní'l aon chabhair chugainn. Tháinig na mílte saighdiúr ó Shasanaibh agus ó ghach uile áird in Éirinn agus tá siad ag timchiolladh na cathrach agus ag druidim isteach orrainn ar ghach taoibh. Ní'l dul as againn agus ní theas- tuigheann dul as ó chuid againn. Tá na gunnai móra dhá gléasadh orrainn agus ní fada go mbeidh na sliogáin teineadh anuas orrainn mar bhíodar ar Halla na Saoirse." "Na habair sin," arsa Diarmuid. "Cluinim go bhfuil bratach na hÉireann in áirde go huaibhreach i moran áiteann 'sa' chathair, i Rinn Mhuirbhthean ag De Bhaléra, ag Colaisde na Liaigh ag an Bhean-Tighearna Marcas, ag monarcán rioscaide Iacob, ag na Ceithre Cúirteanna, ag Sráid an Teampoill 7rl., agus do chuir Tomas Artur an ruaig ar na píleiribh." "Tuigim sin go léir," arsa Pádraig go brónach. "Ach goide 'n gar é. Tuitfidh siad go léir in déidh a chéile leis na sliogáin teineadh agus ní'l dul as aca agus níl cabhair in dán dóbhtha. Ach bíodh go bhfuilimid buailte arís; bhuaileamar buille a rachas go smior in ar náimdibh
agus tá mé sásta le toil Dé. Anois sé mholfainn duitse shleamhnú as an áit seo roimh mhaidean agus má éirigheann leat gabhail amach fá'n tuaith agus gabhail abhaile." "Go bráthach, ní rachad," ars' Diarmuid agus mío- shásadh air. "Comh fada is bhéas an troid ar cois beidh mise ann." Chrom Pádraig a cheann agus tháinig na deora leis. "Bíod sé mar sin," ar sé. "Is amhlaidh is fearr é. Tiodhlacadh toilteannach na macaomh is fiú na saoirse é, agus bhéaraidh Dia an tsaoirse in A thráth féin." Níor dhubairt sé ní ba mhó. Luigh Diarmuid síos ar an urlar tar éis sin le beagán codlata d'fhágháil mar bhí tuirse air. Bhí an lá ann nuair mhúsgail sé agus tuaim bhagarthach na ngunnaí ag gonadh aeir folláin na maidne timchioll air. D'eirigh an lámhach ní ba thiuighe ar fud an lae agus bhí a lán daoine de na hÓglaighibh dhá dtabairt isteach agus iad gonta, agus sgéala ag teacht ó dhaoine eile gur gabhadh iad nó gur marbhadh iad, nó gur ruaigeadh iad ó na toighthe in a rabh siad. Bhí an cogadh dearg ar cois ar fud na cathrach fós ach bhitheas ag druidim na nÓglach isteach go lár na cathrach agus gan slighe aca imtheacht dá mbudh mhian leo é. Bhí oidhche chiúin dhorcha theith ann arís agus lagaigh an lámhach. Níor stad sé ar fad, ámh, ach bhrisfead sé amach go feargach agus go bagarthach anois agus arís, agus do bhíodh tuaim na ngunnai mór dhá chluinsin anois go minic. Fá thuairim an dó- dhéag mheudaigh an tuaim úd go rabh sé in aon bhéic amháin, í ag corrú neimhe agus talmhan. Agus i gcionn beagan aimsire mhothuigh Diarmuid an toradh. Bhí Teach an Phuist le teine agus an ceann ag tuitim isteach in a ghioballaí annseo agus annsiúd. B'éigean do na hÓglaighibh teacht
anuas ó bharr agus do ghabhail fá thalamh agus bhí an deatach ghá múchadh. B'éigean dóibh troid agus na sráide do cosaint san am ceudna, óir do bhí a náimhde ag druidim isteach leo. Bhí moran aca gonta. Bhí Séumas O Donnchadha ar lár ach é ag troid agus ag tabhairt órdú mar leomhan gonta fós. Bhí poll deanta faoi thalamh ag na hÓglaighibh isteach i gcoiléiribh na dtoighthe in aice le Toigh an Phuist agus chuadar isteach ionnta - leis an deatach agus leis na lasracha do sheachaint, ach ní fada go dtáinig na pleasgáin teineadh anuas ar na toighthibh sin leis, agus ní rabh bealach as aca feasda. Bhí an mhaidean gheal ann roimhe sin agus ba léir do na hÓglaghibh go rabh a náimhde go tiugh agus go láidir timchioll ortha. Labhair a dtaois- each leo. "Tá Gaedhil go láidir fós ag Sráid an Ríogh agus ag Sráid an Teampoill, agus caithfimid gabhail chuca. Ní bheidh bac orainn má gheibhmidh trasna Sráide Muire ach tá páirc inneal gunnai dírighthe siar agus aniar na sráide seo agus ní mór dúinn gan mhoill do dheanadh ag gabhail trasna. Fiche buachaillí gasda ar dtús, agus leanadh an mhuintear eile comh luath is tá sosadh leis an lámhach." Bhí Diarmuid ar an fhiche dhuine tosaigh sin. Sgein siad an doras amach ach má sgein, bhí na piléir anuas ortha. Is beag duine de'n fhiche duine roich Sráid Ui Mórdha. Mhothuigh Diarmuid amhail is dá gcuirtí bior go smior in a chliathán agus thuit gan mhothú gan mheabhar ar an tsráid. Nuair a tháinig sé chuige féin bhí sé 'na luighe ar leabaidh chumhang i spideal éigin i mBaile-Atha-Cliath agus banal- tra ag freastail air. Níor cuiread ceist air agus níor tugadh aon eolas dó ar ruda thuit amach dó. Tar éis sgathaimh, nuair bhí biseach ag teacht air bhíodh an bhanal- tra agus an doctúir ag magadh air.
"Piléar atá in do chliathán chlí," arsan Bhanaltra, "in aice le do chroidhe agus ní fiosach d'aoinneach cá has a dtáinig sé ach má gheibh Ser Seon Mascot amach é cuirfidh sé i bpríosún thú mar gheall air a bheith ag iomchar thart piléar gan cead uadhsan." "Tá na saighdiúirí ar do lorg," arsan doctúir lá leis. "Agus dubhairt siad liom-sa gan do leigint amach nuair a bhéas biseach ort go bfuighbhe siadsan gréim ort." "Ach," ar sé, agus bhain sé geaitse as a ghuailinnibh, "ní sioth-mhaoir mise agus ní mó gur fear eochrach mé." Agus d'imthigh sé leis. An trathnóna sin chuir Diarmuid air a chuid éadaig féin, chuaidh sé síos an staidhear agus amach ar an doras, agus shiúbhail sé leis gan bacadh gan barradh go rabh sé ag a ghnáthach-bhaile féin agus nuair ceistnigheadh é cá rabh sé dubhairt sé go rabh sé ag colceathar dá chuid i gConntae Laoighse. Ní mheasann sé an oiread do eachtraibh na bhFiann ó shoin is do mheasfadh tráth; deir sé gur mó na heachtraí do thuiteann amach in ar n-aimsearaibh féin.
An t-Óglach Gonta Muintear Raghallaigh do bhí in a gcomhnuidhe i mBóthar Rátha Cinn i mBaile-Átha-Cliath; an t-áthair agus buachaill agus cailín, b'in iad an líon toighe. Cailleadh an mháthair tamall roimh an am ar a bhfuilim ag trácht. Maighréad a b'ainm do'n inghin agus Hannraoi do'n mhac. Bhí Hannraoi 'na Óglach agus chuaidh sé amach ar mháirseáil bóthar roimh Domhnach Cásga agus ní tháinig arais. Bhris an t-Éirighe-Amach amach ar an Luan in a dhéidh sin agus ba chosamhail go rabh sé 'sa troid. Ní bhfuarthas sgéala uaidh ámh; agus do bhí imshníomh ar a áthair agus ar a dheirbh- shiúr fá dtaoib dé i rith na seachtmhaine sin. Ba bheag an méid do chodluigh Maighréad aon oidhche ach ag éisteact le tuaim na ngunnaí agus ag guidhe go dtiocfadh Hannraoi slán, as an ár. Ba hamhlaidh ba mheasa agus ba throime d'éirigh an troid, agus Diardaoin agus Dia hAoine thosuigh na gunnai móra ag pléasgadh agus ag búirfe go tiugh. Oidhche Dia hAoine chár chodluigh Maighréad neul ach ag éisteacht leo gur bhreacaigh an lá thar na bhárach, is dóighthe gur thuit neul uirthe fá'n am sin b'éidir, agus b'éidir nár thuit; ach ar aon chuma mheas sí gur chuala sí guth a máthar ag labhairt léi, nó tháinig an smuaineadh isteach in a h-aigne gur dhubhairt a máthair léi go rabh Hannraoi 'na luighe gonta in a leitheid seo d'áit ar leath taoibh Sráide an Riogh. Mhusgail sí le preib, sé sin, má
bhí sí 'na codladh ar chor ar bith. Bhí an ghrian ag soillsiú isteach 'san fhuinneóig. Mheas sí nach rabh ann ach brion- glóid agus mar bhí tuirse uirthi luigh sí siar arís. Ní fada gur chuala sí an guth ceudna, nó tháinig an smuaineadh ceudna chuicí, agus shuidh sí suas arís. Annsin mheas sí nach rabh ann ach an imshníomh do bhí uirthi fá Hannraoi agus luigh sí síos arís. Thárla an rud ceudna dhí an triomh- adh uair. Ní fheudfad sí a fhulaingt ní ba mhó, agus léim sí amach ar an urlar. Chrom sí ar mhachtnamh goidé budh cheart dí dheanamh. An ndúiseochad sí a h-áthair agus a innse dhó. Cheap sí nach gcreidfead sé í, nach rachad sé amach agus nach leigfead sé dí-se gabhail amach ach oiread; agus dar léi gurabh fís do bhí ann, agus go mbudh cheart dí dul amach agus feuchaint goidé mar bhí an sgéal. Chuir sí uirthi a cuid éadaigh go tapaidh agus amach léi. Bhí an ghrian tuairim is uaire in áirde agus maidean gheal shamhraidh ann. Ach taobh ba shíos dí eadar í féin agus an Life agus timchioll lár na cathrach bhí na gunnaí ag síor- sgaoileadh piléar agus sliogán. Ní chluinfeá tuaim ach sin agus bhí neulta dubha dorcha deataigh ag éirighe i bhfus agus thall ó thoighthibh do bhí le teinidh. Ba léir go rabh obair mharbhthach ar cois. Bhí an dá shean-chomh-námha i sgórnaigh a chéile agus gach uirléis catha ag duine aca, agus an fear eile in a léine amháin. Ba thruaighmhéileach an obair í, dar le Maighréad agus ní mór an t-iongnadh gur bhris an gol uirthi. Ach thirmigh sí na deora arís agus shiúbhail léi. Ní fhaca sí aon duine, saighdiúr nó Óglach, ins na sráideannaibh, ach do bhí cnagarnach na ngumnaí tim- chioll uirthi agus ní dheachaidh sí i bhfad go bhfaca sí daoine marbha 'na luigh ar an talamh annseo agus ann siud. Ghoill seo go mór uirthi ach chár stop sí go rabh sí i Sráid
an Riogh. Fuair sí í féin i lár na troda. Ní fhaca sí lucht an chomhraic, ámh; ach corr-uair thigeadh duine amach as cúilbhealach nó as toigh, sgaoilfeadh urchar agus rachadh arais go tapaidh. Bhí feadghail na bpiléar in a cluasaibh comh maith le tuaim a sgaoilte agus bhí fir marbha sínte go tiugh ar an tsráid. Bhí súil aici ar an chaol-shráid a bhfaca sí i mbrionglóid agus rinne sí uirthi gan bheann aici ar an piléir agus roich sí í gan tubaiste. Bhí fear sínte marbh i lár na sráide. Ní thug sí moran áirde ar sin, mar bhí taithighe ag teacht uirthi le na leitheid. Bhí sí ag sleamhnú thart nuair labhair an fear do bhí 'na luighe (ba chosamhail nach rabh sé marbh): "Uisge," ar sé, "ar son Dé agus A Mháthar naomhtha. Tabhair damh deoch uisge." Stad sí ar an bpoinnte agus d'fheuch air. Bhí a shúile dúnta, siúd is gur labhair sé. Bhí salachar agus fuil ar a aghaidh agus thug sí fá deara go rabh linn fola in aice leis. Chrom sí síos agus d'infhiuchaigh go géar é. Mheas sí go rabh an fhuil ag teacht uaidh fós agus tharraing sí amach siosúir bheag do bhí in a póca aici agus do ghearr muinchile a láimhe deise a bhí na luighe san fhuil. Fuair sí amach go rabh sé gonta 'san uilinn, agus go rabh an fhuil ag teacht go trom uaidh. Bíod sí ag deanadh staidéir tráth ar aicidibh simplí agus thuig sí go rabh an cuisleán mór in a láimh reubtha le piléar agus go rabh contabhairt ann go gcaill- fead sé a rabh d'fhuil in a chorp muna gcuirtí cosg leis. Gearr sí píosa dá cuid éadaigh féin agus rinne cliú nó ceirtlín dé agus chuir ar an chuisle é taobh ba shuas de'n áit in a rabh sé gonta. Tharraing sí amach a ceirsiúir phóca, rinne ceanglachan dé agus cheangail a lámh. Sul a rabh sé sin deanta aici tháinig bean chuici ó thoigh ins an tsráid.
"An féidir liom cabhrú?" ar sí. "Braon uisge, má 'sé do thoil é," arsa Maighréad. Níor labhair an fear gonta focal, ach an méid a dubhairt sé ar dtús, chaill sé a mheabhair tar éis sin. "Is fearr dúinn," ars' an bhean, "a thógbháil isteach i dtoigh 's' againne agus a chur ar an leabaidh. Chuaidh mé amach ar dtús nuair do goineadh é a d'iarraidh a tharrthála ach bhí an troid ar cois agus dubhradh liom imtheacht isteach arís, agus dar liom go rabh sé marbh ar chuma ar bith, luigh sé comh ciúin sin. An bhfuil aithne agat air?" "Chan fhuil," arsa Maighréad. Thóg siad eatortha é agus do streachail siad isteach 'un toighe é. Chuir siad 'na luighe ar an leabaidh é, chuir braon uisge beatha in a bhéal agus leig sé osna as. Dhóirt siad uisge ar a cheann agus tháinig sé chuige féin. "Uisge," ar sé, "in ainm Dé agus a Mháthar Naomhtha tabhair deoch uisge damh." Tugadh deoch dhó agus d'ól sé go craosach í. Dhruid sé a shúile arís agus luigh siar ar a shuaimhneas. Annsin fuair bean-a-toighe uisge bog-theith agus spuins agus nigh a aghaidh. Nuair a bhí sé nighte aici d'amharc Maighréad ar an fhear ghonta agus leig sí sgread aisti agus thuit ar an urlár. B'é a dearbhráthair Hannraoi do bhí ar an leabaidh, gonta. Tháinig sí chuici féin, amh, tar éis tamaill. Tugadh Hannraoi go dtí an spidéal agus gléasadh agus ceangladh a lámh ath-uair, ach dubhairt an dochtúir munab eadh an céad ceangladh do rinneadh ag Maighréad go bhfuighbheadh sé bás gan aon amhrus. Is cosamhail go rabh Hannraoi ag troid i Sráid an Ríogh agus gur bha dhéine an troid do bhí ann an oidhche agus an
mhaidin sin na riamh roimhe. Bhí sraith saighdiúr na luighe marbh i Sráid an Ríogh. Bhí gunna ag gach saighdiúr agus shanntuigh na h-Óglaigh na gunnaí, rud do bhí gann go leor aca féin. Chuaidh Hannraoi amach ó'n chaol-tsráid agus chruinnigh sé sé cinn aca agus thug isteach iad. Chuaidh sé amach arís agus chruinnigh sé sé cinn eile ach ar a theacht arais gonadh é 'san uilinn. Ní dheachaidh sé a bhfad gur thuit sé agus níor éirigh sé arís go bhfuarthas é 'sa tsráid. Cé thug an cogar i gcluais, nó in anam Mhaighréada agus thug cumhacht dí beatha Hannraoi d'fhuasgailt. A máthair creidim; nó aingeal éigin ó Dhia ar impidh a mháthar. Is iomdha miorbhuilte ó Dhia do thuit amach i mBaile Átha Cliath le linn seachtmhaine na Cásga 1916.
Ar Lorg Thomaisín Luan na Cásga, chuaidh Brighid Ní Luain agus beirt cailín eile go dtí Dúnlaeghaire leis an lá do chaitheadh agus pléisiúr do dheanamh dhóibh féin, agus chaith siad an chuid ba mhó de'n am le sult agus le greann. D'fhosduigheadar bád agus chuaidh amach ar an chuan ag iomhrámhadh. Nuair thánagadar arais tráthnóna chualadar rí-rá go rabh achrann éigin ar cois i mBaile Átha Cliath agus chuir seo imshníomh ortha. D'óladar braon tae agus tharraing siad ar an rian-charr le deithfir a dheanamh a bhaile, ach, faraor, chá rabh a leitheid ann. Bhí cosg curtha ar fad leis na rian- charrannaib an lá sin. Bhí an sgéal ceudna le hinnse ag muintir an bhóthar-iarrainn; chá rabh traen ag gluaiseact ach oiread. Tabhairt fá na bonnaibh, sin a rabh le deanamh aca feasda, agus go tiugh. Níor thárla aon ní as an bhealach ortha go dtáinig siad go dtí lár na cathrach, .i. go dtí Droichead Uí Chonaill i mBaile Atha Cliath. Annsin thug siad fá deara gluaiseacht éigin rómpa agus daoine ar an tsráid ag amharc ar thoigh an phuist. Is annsin thug siad fá deara go rabh athrú-chuma ar an toigh sin. Bhí bratach uaithne in áirde ann agus bratach trí dhath, agus chonncadar Óglaigh isteach is amach ann. Bhí cúpla beith- eadhach capall 'na luighe marbh ar an tsráid ós a chomhair amach agus thug siad fá deara, leis, nach rabh síoth-mhaor nó saighdiúr gallda le feiceál. Thuig Brighid go maith
goidé mar a bhí an sgéal agus níor chuir sí ceist ar aon- duine agus ní dhearna sí moill ach do bhrosduig léithe 'na bhaile. D'innis an sgéal dá h-athair agus dá mathair. Gan amhrus bhí iongantas ortha. "Agus cá bhfuil Tomaisín?" arsa Brighid. "Nach rabh sé in éinfheacht leatsa?" arsa a h-athair. "D'fhág sé an baile tamall in do dhéidh-se ar a róthar agus dubhairt go rachadh sé go Dúnlaeghaire agus gur dhóigh leis go bhfeicfeadh sé thusa annsin agus go dtiocfadh sé abhaile in éinfheacht leat." Bhí imshniomh ortha go léir fa Thomaisín ach ba mhó an t-imshníomh do bhí ar Bhrighid ná ar cheachdar aca. Dearbh- ráthair dí Tomaisín. Ní rabh ann ach gasúr tuairim is ceithre bliadna déag d'aois. Do bhíodh sé ins na Fiannaibh tamall agus cleachtadh aige le gunnaibh do láimhseáil; agus do bhí tuairim láidir aici má mhothuigh sé an obair do bhí ar siúbhal 'sa' chathair go mbeadh sé i lár báire ann. Níor leig sí dadaidh uirthi má seadh ach dubhairt go rachadh sí ar a chuartú. Chuaidh a h-athair léithe agus shiúbhail siad leo go dtáinig siad go dtí Sráid Ui Chonaill. Bhí gach uile rud suaimhneach go leor annsin ach ní rabh Tomaisín le feiceál. Is annsin d'iarr Brighidín ar a h-athair leigint dí gabhail isteach i dtoigh an Phuist go bhfeicfeadh sí an rabh sé ann. Ní rabh a h-athair sásta leigint dí gabhail isteach, ach chuir sí 'na luighe air nach rabh aon chontabhairt dí. "Tá fhios agat a athair, gur banaltra mé agus nach mbainfidh na saighdiúirí liom má gheibh siad gréim orm féin, agus b'éidir go mbéinn féidhmeamhail má bhíonn daoine gonta ann. Agus mar gheall ar Dhia, a athair, gabh thusa abhaile agus fan le mo mháthair, óir beidh imshníomh
an domhain uirthi; agus fág agam-sa Tomaisín do chuartú." Socruigheadh mar sin é agus d'imthigh sí isteach i dToigh an Phuist. Fuair sí í féin imeasg carad. Ní h-eadh amháin go rabh aithne aici ar chuid mhór de na hÓglaighibh ach bhí uimhir éigin de Chumann na mBan ann, agus aithne mhaith aici ortha. Chuireadar fíor-chaoin fáilte roimpí. Chuir sí tuairisg Thomaisín ar go leor aca, ach ní fhaca duine aca é. Ach nuair a tháinigh sí ós comhair Sh. Ó Donchadha, taoiseach arm na n-Óglach i mBaile Átha Cliath, dubhairt sé léithe gur dócha go rabh Tomaisín ag Faithche Steapháin mar a rabh an bhaintighearna Marcs agus dream de na Fianna léithe. Mhol sé duithe fanacht mar a rabh sí an oidhche sin, óir gur contabhairteach an rud dí siúbhal thríd na sráideannaibh léithe féin, ach dubhairt sí leis nach rabh aon eagla uirthi agus d'imthigh léithe. Ag gabhail thart dí ag Colaisde na Trionóide chonnaic sí go rabh saighdiúirí gallda i bhfolach ann agus iad ag spíodóireacht timchioll na háite, ach níor chuireadar forán uirthi nó ise ortha. Tháinig sí go dtí Faithche Steapháin agus fuair sí an Bhain- tighearna Marcs i gceannas na nÓglach annsin agus trinnsi tochailte acu i lár na faithche. Bhí an Bhaintighearna gléasta go deas i gculaith Óglaigh agus raighfil éadtrom gairid in a glaic aici, ach ní rabh sí ag lámhach fá láthair, mar nach rabh aon námha le feicéal, nó aonduine ag cur isteach ortha. Bhí na fir ag deanamh claise ins an fhaithche. D'innis Brighid fath a turais do'n Bhaintighearna. " 'Seadh," arsa sise. "Tá aithne mhaith agam ar Thomaisín. Bhí sé annseo ar ball beag agus cuireadh ar theachtaireacht é go dtí Muileann Uí Bheoláin ach is fearr duit furacht annseo anocht óir tá sé ag éirghe mall san
oidhche, agus ní ró-fhuras dul go Rinn Muirbhthín san dorchadas. D'fheuch Brighid ar na trinnsibh go gruamach. Leig an Bhaintighearna gáire aistí. "Ní'l feidhm duit luighe ins na trinnsibh. Tá Colaisde na dTáithliaigh fúinn agus tá sé comportach go leor." D'fhan Brighid 'sa' Cholaisde an oidhche sin. Bhí sé comportach go leor ach ní rabh gléas codlata ann agus ní rabh fonn codlata ar Bhrighid. Bhíodh na hÓglaigh amach is isteach ann rith na hoidhche agus iad ag daingniú na bhfuin- neog agus na ndoras, agus ag gléasadh arm le haghaidh an lae do bhí rómpa. I dtráthaibh an mheadhon-oidhche do chan siad an Paidrín Páirteach go duthrachtach agus go cráibh- theach agus ghabadar amhráin. Annsin chuaidh roinn aca ag faire agus luigh roinn eile aca síos ar an urlar le neul codlata d'fhágháil. Is amhlaidh sin do chaitheadar an oidhche agus bhíodar amach go moch ar maidin, ach ní rabh corrú o'n námhaid fós. Chuaidh Brighid go Rinn Muirbhthín agus fuair sí Tomaisín annsin agus é in áirde ar cheann an toighe agus raighfil 'na láimh aige comh mór leis féin nach mór. D'iarr sí air teacht abhaile. "Ní rachad," arsa Tomaisín. "Nach bhfuil mé ag troid ar son saoirse na hÉireann?" Ní rabh gar a bheith leis. Ní thiocfadh sé léithe. Chuaidh sí go dtí an taoiseach arm, Éadhmonn de Bhaléra agus d'iarr sí air Tomaisín do chur abhaile. "Ní maith liom sin do dheanamh," arsa de Bhaléra. "Tá fonn troda air agus teastuigheann gach duine uainn 'sa' troid seo, bíodh siad sean nó óg; ach deanfaidh mé an méid seo dhuit; teastuigheann teachtaire uaim do dtí an Árd-thaoiseach ag Teach an Phuist agus cuirfidh mé Tomaisín ann mar theachtaire. Tig leat-sa gabhail
leis agus iarraidh ar an Árd-Thaoiseach é sgaoileadh abhaile." "Tá me sásta leis sin," arsa Brighid. "Fan go sgríobhfaidh mé litir mar sin," arsa de Bhaléra. I gcionn uaire bhíodar ar an ród agus an litir i bpóca Thomaisín. Ní rabh aonduine le cur isteach ortha ar an bhealach. Ní fhacadar píleir nó saighdiúr in áit ar bith, agus ní bhainfidhe leobhtha dá mbeadh ciall ag Tomaisín; ach ní rabh. D'innis Brighid dó an méid do chonnaic sí ag Colaisde na Trionóide agus nuair thangadar comh fada leis an bhalla dhreapuigh sé suas ar an bhalla agus chuir goic ar féin leis an ráile feuchaint goidé 'tchidhfead sé. Bhí an áit lán de shaighdiúiribh agus iad ag gléasadh na háite le haghaidh troda agus carnán arm agus pléasgán annseo agus annsiud. Bhí Tomaisín ag cur a súl thríotha nuair tháinig gárda saighdiúr ar a chúl air agus rug ar féin agus ar Bhrighid agus do sheol isteach 'sa' Cholaisde iad. Ní rabh airm ag ceachdar aca agus ní dóighthe gur chuir na saighdiúirí moran suime ionnta ach gur ghabhadar iad ar eagla go rabh Tomaisín ag spíoracht agus chuireadar isteach i seomra beag iad go mbeadh faill ag oifigeach iad do cheistniú. Budh chuma leo ach go rabh litre de Bhaléra ag Tomaisín agus ní rabh teine nó lasóg aca le hiad do dhógadh. Seomra le haghaidh mic léighinn do bhí ann agus do bhí seoimrín nó clóistín leapthan amach as. D'fheuchadar isteach 'sa' chlóistín agus do bhí cúpla culaithe saighdiúra crochta ar chrúcaibh do bhí ins an bhalla agus bhí airm crochta ar chrúcaibh eile. "Tá agam," arsa Tomaisín agus corrú air. "Goidé ta agat?" arsa Brighid.
"É seo," arsa Tomaisín. "Cuirimís orainn araon culaith saighdiura. Tig linn dul amach ar an fhuinneoig bhig seo, agus tá na saighdiúirí comh suaite thríd a chéile fá láthair nach sonnróchaidh siad sinn agus tig linn imtheacht uatha." Rinneadar amhlaidh agus níor bhfada go rabh an bheirt aca na saighdiúirí beaga neata ar nós mór coda de na saighdiúiri gallda. "Tá gach saighdiúr faoi airm indiú," arsa Tomaisín. "Tóg anuas gunna aca seo, agus tógfaidh mise ceann eile." Rinneadh, agus thóg Tomaisín an fhuinneog chúl agus ghluaiseadar amach aisti. Tháinig siad timchioll an toighe agus frith iad féin imeasg drong mhór saighdiúr, ach níor bha de chipe amháin iad agus na hoifigigh do bhí ortha ba léir nár thuig siad i gceart goidé bhí le deanamh aca. Shiúbhail Brighid agus Tomaisín leo go socair suaimhneach do réir chuma, ach bhí a gcroidhthe ag preabadaidhe ionnta ar a shon sin, go dtí an doras mór atá ós coinne Toighe na Feise ar Fhaithche an Cholaisde. Bhí saighdiúirí agus oifigigh ag teacht isteach annsin agus faitchios an domhain ortha go mbeadh na hÓglaigh chuca an oidhche sin. Bhí rang mótor agus gluaisteán ar ghach taoibh de'n doras. Shiúbhail siad ar leath-taoibh ar chúl na mótor. Tháinig siad go dtí mótor nach rabh aon tiomanaidhe leis. "Isteach leat," arsa Tomaisín i gcogar praidhinneach i gcluais Brighde. Chuaidh sí isteach 'sa' charr. Léim Tomaisín isteach 'san áit a mbíonn an tiomanaidhe. Shleamhnuigh an mótor leis síos an tsráid. Bhíodar ag feitheamh le piléar gach slat de'n bhealach ach ní tháinig ceann. Bhíodar taobh thall de Dhroichead Uí Chonaill sul thosaigh na saighdiúirí do sgaoileadh leo agus annsin níor bhuaileadar iad.
Go dearbhtha badh eadh an rud gur shábháil an lamhach iad nó b'éidir go lámhfadh na hÓglaigh do bhí i dToigh an Phuist iad ag gabhail suas Sráid Uí Chonaill dóibh ach go dtugadar fá deara go rabh na saighdiúirí ag lámhach leo. Ag Teach an Phuist stad siad agus thimchiollaigh na hÓglaigh iad agus d'órduigh dóibh géilleadh. Do ghéilleadar dar ndóighe agus labhair Tomaisín leo i nglan-Ghaedhilg agus do mhínigh an cás dóibh. Tugadh ós comhair an Taoisigh Airm iad agus d'aithin séisean iad ar an bpointe. Ghlac sé sgríbheann de Bhaléra uatha agus d'innis Brighid dó fath a turais féin, gur theastuig Tomaisín uatha 'sa' bhaile agus go dtáinig sí ar a lorg. "Tá Tomaisín saor uainne má's mian leis imtheacht," arsa an tÁrd-Thaoiseach. "Ach 'sé deirim leat go mbeidh aithreachas ortsa agus airsean má théid sibh abhaile anois. Taisbeanann an bheart do rinne sé an tráthnóna seo go bhfuil adhbhar saighdiúrachta i dTomas. Tá géar- ghadh le n-a leitheid-sa annseo. Beidh trácht go deo in Éirinn ar na h-éachtaibh do rinneadh i mBaile Atha Cliath an tseachtmhain seo, agus b'éidir go mbeidh ainm Thomaisín luaidhte ós árd i stair na hÉireann fós." "Ach dá mairbhtí Tomaisín bhrisfeadh sé croidhe mo mháthar." "Ní bhrisfeadh," ar san Árd-Thaoiseach, agus tháinig radharc uasal in a shúilibh. "Is iomdha máthair bhéas gan mhac, agus bean gan chéile, agus páisde gan athair tar éis na seachtmhaine seo i mBaile Atha Cliath ach duine amháin aca ní dheanfaidh gearán. Tá fhios aca go dteastuigh- eann a gcailleamhaint ó Éirinn le hanam do chur innt- arís. Agus siúd is nach n-eireochaidh linn an iarraidh seo glanfamaoid an tslíghe do'n tsaoirse. Agus na
hÓglaigh seo, beidh a n-anmanna luaidhte ós árd in Éirinn ar a n-uaisleacht agus ar a ngaisge." "Fanfaidh mise annseo," arsa Tomaisín. "Fanfad-sa leat," arsa Brighid. "Mó stór sibh," arsan Taoiseach. Ar feadh an dá lá 'na dhéidh sin bhí Tomaisín gnóthach ag troid agus bhí Brighid ag freastáil ar na fearaibh do gonadh. Theidheadh Tomaisín amach ins na caol-sráideannaibh nó ar chúl cláidhe trasna na sráide, nó suas ar bharr toighe, agus an tráth chidhfeadh saighdiúr sgaoilfead sé piléar leis agus leag sé go leor aca ar feadh an dá lá sin. Uaireannta eile d'fhágfad sé a ghunna 'na dhéidh agus rachadh amach tríd na sráideannaibh móra ghá fheuchaint ca rabh an námha agus ní mheasfadh aon duine do chidhfeadh é nach gasúr soineanta do mhalraibh na cathrach do bhí ann. Ach tháinig an t-am agus an tráth 'sa' deireadh gur bh'éigin dóibh teicheadh as Toigh an Phuist. Bhí an teach ar dhearg lasadh ós a gcionn. Bhí sé ag tuitim anuas ortha. Ní headh amháín go rabh Teach an Phuist le teinidh ac bhí gach teach 'sa' tsráid beagnach le teinidh. Bhí an deatach ag sír-éirghe in áirde in aon neul donn-ruadh amháin. Bhí na lasracha ag briseadh amach anois agus arís annseo agus annsiúd. Bhí na ballaí ag pleasgadh agus ag tuitim as a chéile agus tuaim agus tormán na ngunnaí ag sír-bhéiceadh in a gcluasaibh. Monuar iad na hÓglaigh! Tá na saighdiúirí timchioll ortha agus na toighthe ag tuitim ortha. Losgadh Iarúsalem le Títus Romhanach, an rud do chuirfead sé i gcuimhne dhuit. Cá rachaidh na Gaedhil no cad deanfaidh siad? D'ionnsuidheadar a náimhde ins na sráideannaibh le gunnaibh le pícibh agus le pléasgáin ach níor bhféidir leo
slighe amach fhágháil agus do bhí fáinne na saighdiúr ag druidim isteach ortha i dtólaimh. D'éirigh le cuid aca imtheacht go Sráid Uí Mhórdha agus go sráideannaibh eile ach ba bheag an tairbhe dhóibh é. B'éigin dóibh géilleadh roimh oidhche an lae sin. Bhrís cuid eile aca isteach i dtoighthe in aice Toighe an Phuist agus chuaidh i bhfolach ins na soiléaraibh faoi'n talamh. Bhí Tomaisín agus Brighid ar an dream sin agus ó bhí na toighthe ag tuitim timchioll ortha agus an teine ag dul i méad bhriseadar ó shoiléar go soiléar comh fada agus d'fheudadar. Bhíodar leo féin 'sa' deireadh agus níor bhféidir pilleadh arais mar bhí na toighthe ag tuitim ann agus níor bh'éidir imtheacht tríotha. Ní rabh fhios aca an rabh daoine 'na gcomhnuidhe san toigh nó nach rabh, ach bé an cheud rud do chuireadar rómpa an t-eolas seo d'fhágháil amach. Bhuail Tomaisín suas an staighear go ciúin agus go faicealach. Ní fhaca sé duine. Chuartuigh sé na seomraí do bhí ar a gcomh- árd leis an talamh agus ní fhuair sé duine nó deoraidhe ionnta. Bhuail sé suas staighear eile agus ba h-é an cás ceudna é, agus staighear eile, agus staighear eile agus bhí an sgeul amhlaidh. Bhí na daoine imthighthe as an toigh, ní nar bh'iongnadh agus an obair do bhí ar cois le seachtmhain. Agus bhí an trusgán agus gach ní eile fágthá mar ba ghnáthach. Sgairt sé ar Bhrighid agus tháinig sí aníos chuige. Bhí na comhladha ar na fuinneogaidh ach d'amharc siad amach áit a rabh sgoilt no poll i gcomhla agus chonnaic siad na saighdiúirí i ngach áit; cuid aca i bhfolach ar chúl ballaí agus claidhthe, agus gunnaí in a nglaicibh aca agus iad ag faire go faicealach; cuid eile aca ag máirséail nó ag rith. Ní rabh Óglach le feiceál in áit ar bith agus cheap siad go rabh an troid
thart. Bhí a ghunna ag Tomaisín fós agus dhírigh sé ar shaighdiúir é le n-a lámhach ach ní leigfeadh Brighid dó. "Goidé an mhaith dúinn?" ar sise. "Iad do lámhach? Tá na hÓglaigh buailte an iarraidh seo, ar chuma ar bith." "Goidé an mhaith dúinn gan iad a lámhach?" arsa Tomaisín." "Támaoid annseo mar do bheadh luch mhór in inneall no sás agus is fearr dúinn cúitiú do bhaint as cuid aca sul gabhfaidhe sinn." "Tá tú ag cainnt go h-amaideach, a Thomaisín," arsa Brighid. "Is fearr dúinn gabhail abhaile. Tá ar n-athair agus ar máthair ag feitheamh linn." "Ach ce'n dóigh?" "Ní deacair. Is tú Tomaisín Ó Luain fá láthair agus is mise Brighid Ní Luain, agus tá cuma fiadhain orainn ó'n tsalachar, agus o'n tsúithche, agus o'n fhuil atá orainn; agus dá bhfeiceadh na saighdiúirí sinn fá láthair deiridís gan amhrus gur Sinn Feinidhthe sinn (agus dár ndóighe bheadh corp na fírinne aca) agus cuirfidhe i bpríosúin sinn. Ach gabh thusa agus nigh thú féin o bháthas go bonn; agus cuartóchaidh mise culaith dheas éadaigh dhuit agus gléasfaidh tú thú féin inntí, agus beidh tú ar nós duine uasail. Deanfaidh mise cailín uasal díom féin ar an nós ceudna. Annsin leigfidh siad amach sinn, agus beidh cúram aca orrainn, óir leigfimid orrainn féin gur dá muintir féin sinn." "M'anam gur glic an cailín thú," arsa Tomaisín. Ach badh eadh an cheud rud do rinneadar béile maith bidh do ghléasadh dhóibh féin, óir biadh níor bhlasadar le linn deich n-uaire fichead, agus b'obair dóibh gan dul i laige
leis an ocras. Annsin nigheadar iad féin agus ghléasadar iad féin go cúramach agus go galanta. "An dtig leat caoineadh?" arsa Brighid. "Ba ghnáthach leat tamall bliadhan ó shoin caoineadh ar fheabhas a dheanamh? "Cé'n fath dheanfhainn caomeadh? Agus cé'n fath bhfuil tú ag magadh orm?" "Ní'l mé ag magadh ort. Ach seo dhuit tuaille bán. Ceangail é ar chois sguaibe, cuir amach ar an fhuinneoig é, agus leig gáir caointe asat. Nuair chidhfidh na saigh- diúirí thú abair leo go bhfuil do dheirbshiúr annseo agus í leath-mharbh leis an sgannradh agus go bhfuil eagla ort féin óir go rabh na Sinn Feinidhthe istoigh annseo agus nach bhfuil fhios agat an bhfuil siad ann fós." Rinneadh mar seo é. Bhí fonn ar na saighdiúirí ar dtús sgaoileadh le Tomaisín, ach chuir oifigeach cosg leo. Annsin chuaidh sé síos an staighear agus d'fhosgail sé an doras tosaigh dóibh agus tháinig siad isteach. Chuartuigh siad an teach agus eagla an dómhain ortha le linn a dheanta. Fuair siad amach an poll 'sa' soiléar agus chuaidh cuid aca isteach ann. Leig Brighid uirthi ar dtús go rabh critheagla uirthi ach in éis tamaill d'innis sí a sgéal do'n oifigeach. MacCoin- nigh do bhí mar shloinne ar a h-áthair dubhairt sí. As Béilfeirsde dóbhtha ar dtús ach go rabh siad 'na gcomh- nuidhe i mBaile Atha Cliath le sé bliadhna. Bhí a n-athair agus a máthair i Sasanaibh le tamall ar ghnó éigin agus an cailín aimsire do bhíodh aca d'imthigh sí uatha le neart faitchiosa le linn na ceannairce. Bhí oncal dá gcuid 'na chomhnuidhe i mBéilfeirsde, dubhairt sí, agus dá bhfeud- fadaois gabhail an fhaid sin bheidís slán.
"Tá go maith a chailín uasail," ars an t-oifigeach go béasach múinte "cuirfear ar thraen thú go Béilfeirsde." Agus do cuireadh. Ag Droichead Átha d'éirigheadar as an traen. D'fhosduigh Brigid mótor agus tháinig siad arais go Baile Atha Cliath agus geallaim daoibh go rabh áthas as cuimse ar athair agus ar mháthair Bhrighde agus Thomaisín iad do fheiceál arais slán.
An Fiadhach Maidean Domhnaigh i lár an gheimhridh fhuair. Ní ró- luath d'éirigheadh muid i dtoigh s'againne i lár an gheimhridh, ach bhíodh an t-Aifreann ann ag a dó-dheag agus bhí píosa maith le siúbhal le dul ann agus bhíodh féar le tabhairt do na heallaigh roimhe ré. Ar an mhaidin aithride seo nuair d'éirigheamar bhí iongantas agus alltacht orainn. Bhí an saoghal geal le sneachta aon-oidhche, bíodh nach rabh aon tuar sneachta ann aréir ag dul a luighe dhúinn. Sinne, an t-aos óg, chuir an sneachta geal glórach aoibhneas agus meidhir in ar gcroidhthibh, go h-aithrid nuair a thoisigh an ghrian ísiol ag drillse ar an tsneachta fionngheal. Chaithea- mar gréim bhreicfeasta gan ró-mhoill agus amach linn. Moch is bhí sé, bhí a lán lorg 'sa tsneachta cheana, lorga cearc agus coileach, agus madadh, agus cat agus éan. Ac bhí rian-lorg amháin ann nach ceachdar aca siúd agus in ar chuir muid níos mó spéise na i gceachdar aca .i. rian-lorg ghearrfhiaidh agus é go húr-nuadh ag dul thart ag binn an toighe. Scairt muid ar an mhadadh agus ar shiúbhal linn, mo dheár'thair agus me féin ar thóir an ghearrfhiaidh sin. Bhí fhios againn nach rabh sé abhfad uainn. Bhí an sneachta tuairim is troigh i ndoimhne agus é úr bog. Ní mór an siúbhal a d'fheudfadh gearrfhiadh a dheanamh ann, agus bhí súil againn go bhfeicfimís an gearrfhiadh sul abhfad. Chonnaic. Leath-mhíle o'n toigh fuair muid seal- ladh ar a chluasaibh fhada agus é ar lán-rith romhainn amach,
gach boc-léim dhá dheanamh aige as an tsneachta agus é ag dul síos ann arís go nach bhfeictí ach bairr na gcluas. An tom-bán, bhí sé ar aon dhath leis an tsneachta agus dó-fheicsinte dúinne. An cheud radharc fuair muid ar an ghearrfiadh dar linn go rabh sé ionnann is gaibhte againn agus leig muid gáir maoidhte asainn, ach bhí mearbhaill orainn. Bhí sé tamall maith uainn ar réidh sléibhe, é a tarraingt ar an chnoc agus fánaigh dian in ar n-aghaidh. An madadh, bhí áthas agus cuthach air; agus ag fágáil an toighe dhúinn bheirfead sé ar éan, shaoilfeá, bhí sé comh haerach aigeannta sin; ach ní fada a dheachaidh sé go rabh a anal ag clis air agus a theanga crochta as a bhéal le teann saothair thríd an tsneachta. Bhí sé abhfad ní ba throime na an gearrfhiadh agus theidhead sé ní ba dhoimhne 'sa tsneachta gach léim agus bhí an rith ag goilleamhaint air cheana. Le nar sáile a bhí sé ag rith fá láthair. Bhí sinne óg agus láidir agus rith an char-fhiaidh ionnainn agus lean muid an gearrfhiadh suas an cnoc. Chuaidh sé thar maol an chnuic suas agus chaill muid radharc air. Ach bhí an lorg go sóiléir ins an tsneachta úir agus lean muid an rian. Ag dul thar maol dúinn cha rabh an rian comh soiléir. Bhí tomóga fraoich ann agus turtóga briste, agus bhí lorga eile le feiceál; agus b'éigin dúinn bheith aireach agus siubhal go mall le cinnteacht a dheanamh dé gur lorg ar ngearrfhiaidh féin a rabh muid air. Bhí an talamh an-deachair dúinn fósda; sliodáin agus puill agus claiseacha ann agus iad líonta leis an tsneachta i modh is go rachamaois isteach thar ar n-iascaidibh go minic. Bhí an t-allus ag teacht linn go tiugh, an bheirt againn, agus an madadh comh mall ina choiscéim le ceach- dar againn; ach lean muid an lorg go foighideach agus go
righin thríd an phortach anonn agus anall. D'éirigh áilín cearc fraoich eadar ar gcosaibh nach-mór, agus chaith muid na maidí leo ach ní baoghal gur roich muid iad. Lean an madadh iad ach dar ndóighe d'éalaigh siad uaidh. Chá rabh le deanamh aige ach seasamh agus tamhuinn in a ndéidh. "Glaim con in déidh a sáruighthe." Ach d'éirigh linn 'sa' deireadh ar ngearrfhiadh do chur ar rith romhainn arís. Bhí aithne againn air anois. Ní chaillfimís é dá mbeadh lán páirce gearrfhiadh timchioll air. Gearrfhiadh mór láidir firionn do réir chuma; é ciar- riabhach ar a dhruim agus ar chúl a mhuinéil, agus ar bhairr a chluas; ach é ag eirghe liath ó sin síos, agus an tom-bán air comh geal leis an tsneachta do bhí faoi n-a chosaibh. Agus ba linne é dar ndóighe. Nár lean muid é agus é ar aithne againn trí no ceithre míle? Bhí sé ar ar seilbh beagnach. Ná cuireadh aoinneach isteach ná amach orainn go mbeadh gréim againn air. Ar ngearrfhiadh féin! Chonnaic muid an gearrfhiadh ag fágáil an phortaigh. Chonnaic an madadh é agus leig sé glaim as. Bhí an portach agus barr an chnuic ró-chumhang dó agus rinne sé ar an talamh ísiol arís. Lean sinne é ar ár ndicheall, thar bhruach an chnuic síos agus chonnaic muid romhainn é a bhfad síos agus é ar a shean-rith romhainn. Bhí an fánaigh leis anois agus a scithiste deanta aige 'sa' phortach agus rith sé, ná léim sé, ní ba ghuiste na riamh. Ach bhí sinne ar a thóir agus buntaiste na fánaighe linn comh maith is bhí aige-san agus in aimhdeoin a dhichill bhí muid ag druidim isteach leis. Siúd isteach i bpáirc é - páirc na gcaorach. Bhí scata caorach ann 'na luighe cois claidhe ná ag iarraidh bheith ag ingilt ar an fhéar ghairbh do bhí ag gubadh aníos ó'n tsneachta ar bhruach díoga an chlaidhe. Chá dtug siad a dhath
dhe áird ar an ghearrfhiadh nuair shleamhnuigh sé isteach ortha, ach nuair tháinig sinne isteach 'sa' pháirc agus an madadh ar ár sáilibh linn d'imthigh siad ar a shean-rith thríd an pháirc. Chá rabh an gearrfhiadh le feiceál agus bhí sé doiligh an rian a fhágháil ó'n méid lorg caorach do bhí ann. B'éigin dúinn gluaiseacht go mall arís agus na lorga d'infhiúchadh timchioll na páirce go bhfuair muid lorg ar ngearrfhiaidh féin, ag imtheacht thar claidhe. Amach linn. Lean muid an lorg ar feadh na páirce go deachaidh sé amach thar claidhe arís isteach i bpáirc aiteann agus annsin bhí muid i dteannta. Ba dheacair an lorg a leanmhain, go mórmór ó bhí an áit lán do choinínibh agus dá lorgaibh. Ach bhí seort aithne againn anois ar lorg ár ngearrfhiaidh féin agus streachail muid linn thríd na haitinne agus fuair muid an comhartha a bhí uainn annseo agus annsiúd. Is iomdha stiall do reubadh as ár gcuid éadaigh, agus as craiceann ár gcorp, dá ndeirfinn é, le dealgaibh na haitinne agus na driseoga a bhí ag fás ann. Ní thug muid áird ar na coiníní, ámh. Léimidís amach ó dos agus isteach arís i ndos eile. Chuir siad corruighe mór ar an mhadadh. Leigead sé glaim as nuair atchidhfead sé ceann aca agus bhéaradh iarraidh sceimhle thabhairt dó ach ní fada leanad sé iad ó bhí sé comh tuir- seach sin, agus gortuigheadh na haitinne é. Chaith muid cuid mhaith ama ins an pháirc sin agus sinne tuirseach go leor dé, tráth léim ar sean-chara amach as turtóig romhainn arís agus as go brathach leis. 'Tarraingt ar an abhainn a bhí sé anois agus íochtar an ghleanna agus sinne go teann in a dhéidh. Roich sé bruach na habhainne agus shuidhe annsin ar a chorragob, ar bharr an phuirt, agus a dhá chluais in áirde ar nós seilmhide ag teacht as a shliogán. Chár
fhan sé abhfad ann ámh. Mhothuigh sé an tóir in a dhéidh agus síos an port leis go dtáinig sé go dtí sruthán do bhí ag teagmháil leis an abhainn. Stad sé arís agus d'amharc uaidh. Annsin thug sé aghaidh ar an abhainn agus isteach leis. Ní rabh an t-uisge ró-árd intí óir níor thoisigh an sneachta do leaghadh fós. Anonn leis an ghearrfhiadh agus anonn linne thríd an uisge, agus anonn leis an madadh. Bhí an gearrfhiadh bocht ag tabhairt suas. Chá rabh do uchtach aige an sneachta thabhairt air féin arís. Síos leis ins an abhainn féin, corruair san uisge tanaidh agus corruair ar an ghainimh agus ar an láib, ar chiumhas an uisge. Bhí droichead ar an abhainn agus cabhsa ó'n abhainn suas go dtí an bealach mór i neis do'n droichead. Suas leis an ghearrfhiadh do mhall-léimeannaibh ar an chabhsa agus anall ar an droichead arís. Sinne in a dhéidh. Bhí an míol bocht ag deireadh na péice, an madadh níos measa, agus sinne i riocht tuitim dár gcosaibh. Chá rabh fonn ar cheachdar againn an bealach mór do fhágáil feasta. Bhí casán beag buailte i lár an bhóthair ag na daoine ag dul 'un Aifrinn dóbhtha ar maidin agus lean an ceathrar againn an casán sin .i. an gearrfhiadh 'un tosaigh, mo dheár'thair go dlúth in a dhéidh, mise giota síar ina dhéidh sin, agus an madadh ag bogadaidh leis, abhfad síar in mo dhéidh-se. Sin é an t-órdú bhí orainn an t-am casadh orainn lucht an Aifrinn, iad ag teacht abhaile arís. Bhí Tadhg Mór 'ac Pháidin ar an chead druing aca. Tháinig bior ar a shúilibh nuair d'airigh sé goidé bhí chuige. Sheas sé. Chár sheas sinne. Chár stad an gearrfhiadh; creidim gur chuma leis fá'n am seo goidé thárlóchadh dhó. Ar scor ar bith lean sé dá bhaoth-léimeannaibh go rabh sé eadar a dhá chois ag Tadhg Mór. Rug sé sin gréim air, chas in
áirde é, agus bhuail a cheann ar an ród go nár fágadh splannc ann. Comh luath is fuair mo dhéar'thair a anal leis, "Is linne an gearrfhiadh sin," ar sé. Scairt Tadhg leis an gháiridhe. "An libh, an eadh? Cá bhfuil an teud a bhí agaibh air?" "Ach bhí sé chomhair a bheith gaibhte againn, agus támaoid ar a thóir ó mhaidin." "An fíor é sin? Caithfidh mé innse do'n tsagart gur mar sin a chaitheann sibh an Domhnach - ar lorg gearr- fhiadh in áit a theacht 'un Aifrinn. Bhéaraidh sé greadadh daoibh tá mé cinnte." "Dálta Feidhlimidh na nDartán, tá siad ag bogadh síos 'un Aifrinn tráthnóna," arsa Aodh Gréasaigh, a bhí 'sa' láthair; "ach dá mbéinn-se mar thú, a Thaidhg, bhéarainn an gearrfhiadh do na páisdibh. Is leo é maith go leor," "Ní leat-sa é, má seadh, a Aoidh, agus dá mbéinnse mar thú bhéarainn aire do mo ghnoithe féin." Chár labhradh focal eile, dá labhartaoi bheadh troid ann agus bheadh an bhuaidh ag Tadhg Mór. Bá hé an fear ba láidre do bhí 'sa' pharaisde. D'árduigh sé an ghearrfhiadh leis 'n a bhaile; gearrfhiadh inne. Uair na dhéidh sin roicheamar ar mbaile féin go fuair friochar flichtte agus ní mór an comhbháid bhí annsin romhainn; ach dubhairt gach duine gur shuarach an rud do Thadhg Mór an gearrfhiadh do bhreith leis.
Goid ó Ghaduidhe Ag iasgaireacht bradán a bhí muid, triúr gasúr againn, agus sin i nganfhios do'n dlíghe, maidean Domhnaigh 'sa' leath-fhoghmhair. Cochall agus gabhlán againn. Bhí an aimsear maith agus an t-uisge ísiol 'san abhainn agus chuartuigh muid na puill mhóra. Ag Poll na Sceithe chonnaic muid bradán mór ach bhí an t-uisge ró-dhoimhin le dul isteach leis an chochall. Rinne muid iarraidh air leis an phíce ach bhí sé ró-ghasta dúinn, ní nár bh'iongnadh. Ach bí cinnte nár stad muid do'n tóir. Bhí an triúr againn sáidhte isteach 'sa' pholl nuair chuala muid guldar ar an bhruach agus ní ró-fhada uainn. An báirseach do bhí ann, sean-Chonchubhar Ó Ceallaigh. Chonnaic sé ó'n a thoigh féin muid agus rith sé an méid a bhí ina chorp le stop do chur linn. Bí cinnte nár fhan muid leis ach as go brathach linn, síos an abhainn. Ní dóigh liom go rabh fonn air sinn do gabhail na dul níos fuide leis an scéal: ach cibé ar bith d'eulaigh muid uaidh gan duadh ach go rabh scannradh mór orainn. D'fhág muid an cochall agus an gabhal in ar ndéid agus d'árduigh Conchubhar leis abhaile iad. Nuair tháinig muid abhaile d'innis muid an t-eachtra agus ar thárluigh dúinn. Ba thruagh le mo athair an phíce do cailleadh agus ba thruagh linne easbaidh an chochaill. Bhí Toirdhealbhach "Beag" Ó Gallchobhair ar fosdadh againn san am. Fathach mór láidir do bhí ann. Tugadh "Beag" air ó bhí "Toirdhealbhach Mór" ar a athair. Ghlac Toirdhealbhac go mór an scéal agus chogar sé liomsa
dá dteidhinn leis an oidhche sin go dtiúbhrad sé arais na h-uirleisí ar áis no ar éigin. Rachainn leis 'ar ndóighe in áit ar bith. Ag am luighe an oidhche sin, shleamhnuigh muid amach i ngainfhios do'n chuid eile do'n teaghlach. Chuaidh Toirdhealbhach amach 'un an sciobóil agus chuir teud láidir faoi n-a eascaill agus ar shiúbhal linn 'toigh sean- Chonchubair. Cró beag cluthmhar dá sheomra do bhí ag Conchubhar, agus boitheach bó i dteannta binn an toighe. Chá rabh madadh na cat aige agus chá rabh comhladh ar aon doras aige ach ar an toigh-comhnuidhe amháin. Chuartuigh muid na toighthe beaga ach chan fhuair muid na ruda bhí uainn. Annsin shleamhnuigh Toirdhealbhach go fuinneóigín na cistinigh agus thug sealladh isteach. Bhí an áit suaimhneach gan faic le feiceál. Chuaidh sé go fuinneoig an tseomra agus b'é an scéal ceudna é. Chuaidh muid go binn an toighe agus suas linn do dhreapaireacht go barr an toighe. Cheangail Toirdhealbhach barr an teuda timchioll mo chuirp agus d'ísligh síos mé san pholl-deataigh. Chá rabh ró- fhada agam le tuirlingt óir chá rabh an teach ró-árd agus cha rabh seimléir ar bith air. Dubhairt sé liom an teach a chuartú agus nuair gheobhainn na neithe bhí uaim iad do chur suas chuige agus go leigfead sé anuas an rópa arís agus mise do tharraingt aníos, ach dá mothuighinn aon chontabhairt fá leith lúb an rópa bheith timchioll orm agus a tharraingt go tapaidh dá uair agus go dtarraingeochad séisean aníos mé go gasta. Dá luathas roich mé urlar na cistinigh mhothuigh mé srannfartaigh trom i neas damh. Nuair ba léir do mo shúilibh an áit timchioll orm thug me fa deara leabaidh ar chúl na cistinigh agus an lanamha na luighe innti. Sean- Conchubhar ba neasa damh agus b'é bhí srannfarataigh. Tháinig diabhlaidheacht in mo cheann i gceadóir. Chuar-
tuigh mé an toigh agus fuair me an cochall crochta in áirde agus an phíce ar chúl an dorais. D'infhiúch mé an doras féin agus fuair mé gur sparr do bhí ar an taoibh istigh agus bhain mé an sparr dó. D'fhág mé an cochall agus an phíce ar an taoibh amuich agus phill mé arais 'un toighe. Ghlac me lúb an téid, rinne mé dul dé agus chuir mé an dul timchioll ar dhá chois Chonchubhair, agus thug dá tharraingt gasda dó. Thuig Toirdhealbhach gur bh'é an comhartha bhí socruighthe eadrainn é, agus tharraing sé an teud chuige. Streachail sé cosa Chonchubhair thar cholbha na leaptha leis an cheud tarraingt agus bhí sé ar an urlar leis an dara tharraingt. 'Ar 'ndoighe leig sé béic as, léim Sean- Bhrighid as an leabaidh agus sceon uirthi. Dá luathas chonnaic sí an bhail a bhí ar a fear-chéile agus an ceangal do bhí air, agus an tarraingt, rug sí féin barróg ar a chorp, agus liúrach aisti. Tharraing Toirdhealbhach aníos le h-iomlán a nirt óir shaoil sé go rabh mise gaibhte aca, agus iad, beirt, in a choinne. Anonn is anall leo thrid an luaithreadh a bhí ar an teallach go rabh na haibhleóga coigilte nochtuighthe aca. Ach ar ball bhí mé ag binn an toighe agus scairt mé le Toirdhealbhach. Scaoil sé leis an teud agus léim anuas. Ar shiúbhal linn. Chár thuig sé go dtí abhfad 'na dhéidh sin an cleas a d'imir mé air, dá dtuigead sé ní slán a thiocfainn abhaile. Nuair bhí muid giota maith o'n toigh stad Toirdhealbhach ar a choiscéim agus dubhairt. "Chan éireochaidh Conchubhar as an toigh anocht agus is fearr dúinn dul ar lorg an bhradáin mhóir." "Chár loc mise 'riamh ort," arsa mise. Bhí an bradán mór ar an áth agus bradán mór eile i gcomhluadar leis. Rug muid ar an bheirt aca agus bhí siad linn abhaile maraon leis an chochall 's an phíce.
Cnoc Maolruanaidhe Tá Gleann Domhain i dTírchonaill, tuairim is deich míle siar ó Leitirceannain agus dá mhíle ó Ghartan, áit ar rugadh Columcille. Tá Loch Beatha, na Loch Beithe i lár an ghleanna agus an abhainn Leannáin ag rith as bun an locha sin. Ar an taoibh abhfus do'n loch, tá cnoc beag maol ar a dtugtar Cnoc Mhaolruanaidhe. Cé'n fath ar tugadh an t-ainm sin air? Ní annsa. I ndinnseanchus na háite bhí scéal ag gabhail leis agus seo é an scéal mar a chualas é suas le leith-cheud bliadhan ó shoin. 'Sa tsean-aimsir abhfad siar 'chá rabh Cnoc Maol- ruanaidhe comh maol tárnocht is tá sé fá láthair, óir bhí fás coilleadh ar an chuid is mó do'n tír mar atá ar malaidhe Leithfrinn thall annsin í dtólaimh. Bhí fear cráibhtheach ina chomhnuidhe leis féin i gcró beag i lár na coilleadh ar thaoibh an chnuic sin. Maolruanaidhe b'ainm dó. Bhí an oiread sin fuatha aige ar dhíomaointeas agus ar bhaoise an tsaoghail gur thréig sé an saoghal, a cháirde agus a mhuintear agus d'imthigh go dtí an áit iargcúlach sin lena anam a dheanamh. Bhí a cháil leathta thríd an duthaigh ar a throsgadh agus ar a urnaidhe agus ar a chréid- eamh agus a chráibhtheacht. Is mar gheall ar seo tháinig éad agus formad as cumise ar an aidhbheirseoir, agus go mór-mór ar an meud anam do bhí sé ag tarraingt do chum Dé, lena dheagh-
shompla agus lena dheaghbheatha; agus chuir sé an iomad ainspiorad ó ifrionn shíos le cathú do chur ar an duine chráibhtheach agus é tharraingt ó Dhia. Chlis ortha uilig, má seadh, in déidh a chéile ó mhéad urnaighthe agus trosgtha Mhaolruanaidhe agus phill siad go h-ifrionn uilig go léir agus an gháir leo fá dhílse agus daingne an fhir naomhtha do Dhia. Do ghabh fearg mhór Sátan le linn an ama sin gur chuir sé deamhna eile ní ba threise agus ní ba ghlice ná a chéile ionns' air le cathú do chur air. Chá rabh a dhath dho mhaith aca ann. Ní fheudfad siad fiú druidim isteach san chró agus nuair thigead séisean amach bhíod sé go síor ag gabhail dá phaidreacha, ná ag midhmhidhinn agus ag machtnamh ar neithib díadha. Théidheadh gach ainspiorad aca arais go hifrionn agus d'innseadh do'n tsean-diabhal nach rabh gar bheith ag dréim le Maolruanaidhe do shárú óir go rabh Dia féin agus a chuid aingeal aga choimhead agus ag cabhrú leis. Do chuir na tuairisge sin buile ar fad ar Sátan go dtí 'sa' deireadh gur chinn sé comhairle gabhail é féin ag braith go n-eireochadh leis Maolruanaidhe do mhilleadh agus a tharraingt as an chasan chóir. Do thairbhe an rúin sin tháinig sé tráthnóna amháin lé tuitim na hoidhche agus é i ndeilbh mná óige agus d'iarr lóisdín ar an deagh dhuine. D'eitigh Maolruanaidhe í, agus dhíbir sé ón doras í le foclaibh borba doicheallacha. Bhí an oidhche fliuch doin- eanta dorcha agus ní luaithe phill Maolruanaidhe isteach ina chró féin ná tháinig seort aithreachais air an cailín do chur ó'n toigh a leitheid do oidhche, óir d'innis sí dó (rud ba bhréag dí) go rabh sí ar seachran 'sa' choill agus go rabh eagla uirthi go gcaillfidhe í. Ach ó díbreadh í chá deárn sí ach gabhail thart go cúl an toighe agus ceol do ghabhail;
an ceol ba bhinne agus ba truacanta dár chuala cluas ariamh. Ó bhí truaigh ag Maolruanaidhe do'n chailín bhocht, mar shíl sé, an ceud uair, d'éist sé anois lena ceol agus chuir spéis agus andúil ann; ach bhí do rath Dé air nar leig sé isteach í. Ar uair an mheadhon-oidhche d'imthigh an diabhal leis ar ais go h-ifrionn. Bhí barramhail ghéar aige, ámh, go rabh an báire bainte aige agus go rabh an fear cráibhtheach ina dhul. Fuair Maolruanaidhe suaimhneas an chuid eile do'n oidhche sin; ach, mo bhron! in áit a bheith ag gabhail a urnaighthe mar ba ghnáthach, chaith sé an chuid eile do'n oidhche go rabh breacadh an lae ann ag cuimhniú ar scéimhe an chailín agus ar bhinne an cheoil. Chá rabh dubh na hoidhche ann ar n-abhárach go dtáinig an sean-diabhal arais agus an chuma cheudna air, agus d'iarr lóisdín ar Mhaolruanaidhe. Dhiúltuigh Maolruanaidhe é, bíodh gur leisg leis a dheanamh, ach chuimhnigh sé ar a mhóid agus ar a chráibhtheacht agus nár leigeadh bean ná cailín isteach 'sa' chró sin ariamh. Chuaidh an bréig-bhean thart go cúl an toighe agus do ghabh ceol ní ba bhinne na riamh. Lean sí do'n cheol sin go dtí an mheadhon-oidhche agus annsin b'éigin dí imtheacht léithe arais go hifrionn. Bhí an fear istoigh ag éisteact, agus cluas air, leis an cheol agus chuir sé spéis agus andúil ann. Nuair stad an ceol tháinig cumha agus buadhairt-aigne air. Bhí sé corruighthe go mór agus chár chodluigh sé neul an oidhche sin. Ní mó ná sin dubhairt sé focal urnaighthe ach ag síor- mhachtnú ar an ógmhnaoi, ar scéimh a crutha agus ar bhinneas a glóir. Ar maidin lá tharna bhárach d'éirigh Maolruanaidhe as a leabaidh agus b'éidir gur chogair aingeal ina chluais an
contabhairt anma do bhí air, óir chuimhnigh sé nár chóir dó oiread áirde do thabhairt ar chailin agus a chuid urnaighthe do dhearmadadh. Lúb sé a ghlúna agus thoisigh sé ar urnaighe go dian duthrachtach agus rinne sé rún daingean nach smuanfad se níos mó ar an chailin ná ar an cheol. Ac 'na dhéid sin is uilig chár eirigh leis buaidh iomlán do bhreith ar a shmuaintibh fá dtaoibh do'n ógmnaoi, agus d'fhan sé eadar dá chomhairle go dtáinig an tráthnóna. I dtráthaibh clapsholuis, tháinig an t-aidhbheirseoir arís i gcruth an chailín, agus í ní ba dheise agus ní ba scéimhighe na bhí sí cheana féin, agus d'iarr sí lóisdín oidhche ar Mhaolruanaidhe. Chuimhnigh sé sin ar a mhóid agus ar an rún do chinn sé ar maidin an lae sin agus d'eitigh sé í. Bhagair sé uirthí imtheacht agus gan teacht arís dá bhuaidh- readh. Thiomáin sé ó'n doras í le garbh-fhoclaibh borba agus le gnúis dhorrdha dhoicheallaigh. Bhí fearg mhór air léithe ar an sárú chuir sí isteach ag iarraidh brughadh isteach ina chró ar neimhchead dó. D'imthigh sí go mall agus go righin go binn an toighe, í ag gol 's ag caoineadh (mar dheadh) agus phill séisean isteach ina chró féin. Nuair a mhoithigh sé í ag gol 's ag caoineadh, agus an oidhche dhoineanta is a bhí ann ghlac truaigh mhór dí é, agus tháinig grádh ina chroidhe dí agus chuir sé dúil innti; agus chár ghlac sé saothar na hainmhianta sin do chosg, ó nach ndéarna sé a phaidreoracht ar na mallaibh le croidhe ghlan mar ba bhéas dó roimhe sin. Thoisigh sí ar an cheol arís ní ba sith-bhinne na riamh. Stad croidhe Maolruanaidhe do éisteacht leis. Níorbh fhada ina dhéidh sin go deachaidh sé amach, in aimhdheoin a mhóide agus a dheagh-rúin, agus thug isteach ina chró í. Deirimse libhse nach déarn sí lá moille go rabh sí istoigh cois na teineadh aige.
Is annsin ghlac Rí na nGrás truaigh do Mhaolruanaidhe. Chár mhaith leis a dhaoradh gan faill aithrighe do thabhairt dó, ó bhí sé ariamh go dtí sin fíor-chráibhtheach, duthrachtach, carthanach, soineanta, sóbhéasach, deagh-oibreach agus fíor- dhíleas do Dhia go dtáinig an cathú mór sin a bhealach. Ar an adhbhar sin chuir Dia aingeal chuige mar theachtaire dhó iarraidh air aithrighe do dheanamh. Tháinig an t-aingeal chuig Maolruanaidhe. Bhí an cailín diabhlaidhe ina chomh- luadar fós. Do phreab sí ina seasamh le scread gonta agus d'athruigh a dath, a dealbh agus a cruth. An sean- diabhal féin do bhí ann ós comhair a shúl, ina chruth diabh- laidhe féin agus gnuis dheamhnach air. Thionntuigh sé an ghnúis sin o'n aingeal agus scriord leis as an doras. 'Hobair go scarfadh a chiall le Maolruanaidhe leis an scannrad tháinig air. Nuair shocruigh sé síos beagan chuir an t-aingeal in umhal dó méad an pheacaidh dár ghéill sé, agus a theachtaireacht féin ó Dhia dó; d'órdú dó aithrighe do dheanamh. Chár chreid Maolruanaidhe é, ámh. Bhí fhios aige anois gurbh é an diabhal do bhí ina chuideachta i gcrúth mná óige. Chuimhnigh sé ar an pheacadh ina rabh sé cionntach, agus mar do bhris sé a mhóid agus thréig Dia ina urnaighe. Chuaidh sé in éadochas agus shíl sé nach dtiubhradh Dia maitheamhnas dó go bráthach. Shíl sé fósda gur ag a mhealladh do bhí an t-aingeal nuair thrácht sé ar aithrighe agus ar mhaitheamhnas. Chár chreid sé gur aingeal do bhí ann ach ainspiorad eile. Bhí foighid ag an aingeal leis. Labhair sé go séimh agus go macanta leis. D'innis sé dhó fá ghrádh agus fá charth- anacht Dé, agus fá nar dhiúltuigheadh riamh maitheamhnas do'n fhíor-aithrigheach dá throime a chuid pheacadh. Chár éist Maolruanaidhe leis ach an gáirbháidhte as a bhéal i
dtólaimh go rabh sé caillte; agus ag eascaine ar Dhia, ar an diabhal, agus air féin. Chár stad an t-aingeal ach ag impidh agus ag athcuinge air tionntú ar Dhia agus aithrighe a dheanamh. Ba bheag an gar dó é. Chár stad Maolruanaidhe ar chor ar bith do'n chasoideacht agus é ag stealladh na mionn mór agus an Dia mhaslaidh as i dtólaimh. Comh fada is bhí an t-aingeal ag cainnt bhí coinneal lasda aige ina láimh. Fá dheireadh thiar bhí an choinneal uilig dóighte ach tuairim is órdlach do'n bhun. Tháinig gruaim agus fearg ar ghnúis an aingil. Sheas sé siar ós coinne Maolruanaidhe agus bhagair sé go rabh a seal cáirde nach mór caithte. "Agus," ar séisean, "mura ndeanaidh tú aithrighe sul a bhéas an t-órdlach seo do'n choinneil dóighte ní thiubhraidh Dia níos mó cáirde dhuit, agus daorfar go h-ifrionn thú ar feadh na síoruidheachta." Tháinig tosd ar Mhaolruanaidhe agus ar feadh mói- méinte chuimhnigh sé ar chomhairle an aingil do dheanamh. Ach i ndroch uair dó féin tháinig an t-éadochas arais air, agus sé an fhreagair a thug sé ar an aingeal. "Mar dhoigh mé an choinneal dóighfidh mé an t-órdlach." D'athruigh an t-aingeal i ndeilbh agus i gcruth, agus labhair sé feasda i nglór mór millteannach. "A dhuine dhona," ar sé. "Tá tú caillte anois dairíribh, óir chaith tú uait grása Dé. Agus is é seo breith Dé ort .i. gheobhaidh tú bás i mbárach, do thart; agus mura ndeanaidh tú aithrighe roimhe ré rachaidh tú díreach go h-ifrionn ó'n áit seo." Leig Maolruanaidhe scairt gáire as. "A aingil bhréagaigh (má's aingeal tú, agus ní h-eadh)! Tá fhios agam anois gur ag mo mhealladh bhí tú. Ní
féidir go bhfuighinn bás do thart 'san áit seo, agus an oiread uisge is tá timchioll orm. Tá tobar fíor-uisge ós coinne an dorais amach nár thiormaigh riamh, tá abhann tamall siar ó bhinn an toighe do thionntochadh róth muillinn an lá samhraidh is teodha dá dtáinig riamh; agus siúd síos Loch Beithe ar a snámhfadh cabhlach long. Is mór an amaide dhuit, a aingil bhréagaigh, a shamhladh go bhfeud- fadh duine ar bit bás fhágháil do thart san áit seo." Ach d'imthigh an t-aingeal uaidh gan fhreaghair. Chuaidh Maolruanaidhe dó luighe ina dhéidh sin; ach má chuaidh féin chán do chodladh chuaidh sé. Bhí sé ró-chorruighthe agus ró-bhuadhartha ina aigne le codladh. Thuit néal beag air sa deireadh ach mhusgail sé as agus mhoithigh sé an tinneas agus an tart air. D'éirigh sé as an leabaidh agus chuaidh go dtí stópa an uisge ach chá rabh deor ann. Amach leis go dtí an tobar; dheamhain deor do bhí ann; ach tóin an tobair nochtuighthe, agus an ghrian ag soillsiú air. Rith sé go dtí an abhann. Bhí sí dísgthe, agus an ghainimh bhán ag magadh faoi; an grinneal agus na mion- chlocha comh geal tirm is dá mbeadh gan deor fhearthana d'fheiceál le bliadhain anuas. Chuimhnigh Maolruanaide ar tharraingreacht an aingil agus leig sé ollghlór as do chluinfeá ag Mín a Lábáin. Tháinig crith ina bhallaigh agus mhéadaigh an tart agus an t-uathbhás air. D'imthigh sé ar a shean-rith do chum Locha Beithe; ach ar theacht dó go bruach an locha leig sé a shean-bhéic as agus thuit ina mhalcán marbh ar an talamh. Bhí Loch Beithe tirm roimhe! Annsiúd agus marsiúd do fuair buachaill bó é ar maidin ar n-a bhárach; é 'na luighe ar bhruach an locha, a shúla ag imtheacht as a cheann, a theanga sínte amach as a craos, agus cnap chubhair ghil timchioll a bhéil. Do b'é
an chuma uathbhais do bhí air nach leigfeadh an eagla do na daoinibh dul ina chomhair le n-a adhnacadh; agus fágadh a chorp ina luighe annsin ós cionn talaimh go rug na brain- éin agus na madaidh allta leo é. Siúd mar tharluigh do Mhaolruanaidhe do bharr a pheacadh, agus a éadochais; agus ariamh ó shoin chár mhaith le daoine na h-áite seo an seanrádh sin, "mar dhóigh mé an choinneal dóighfidh mé an t-órdlach" bíodh is go bhfuil sé soineanta go leor ar bhealach eile. Bíodh fiadhnuise mo scéil ar Chnoc Mhaolruanaidhe. Tá sé annsiúd go fóil, ach tá sé maol go leor anois, go haithrid ar lá gheal shneachta i lár an gheimhridh.
"Pádraig" "Ar mhoithigh tú sgéala ar bith ar Phádraig le fada ariamh, a Pheadair. Is fada imthighthe anois é agus gan litir uaidh ná gan tuairisg an bith air. Budh ghnáthach leis scríobhadh ar dtús; ach le fada an lá chan fhuil focal uaidh. An féidir go bhfuil sé beo in áit ar bith agus gan scéala 'chur chugainn. An síleann tú an mbeadh aon mhaith ann damhsa dul ar a lorg? Dubhradh liom gur dhubhairt mac Sheumais Bhig iar dteacht ó Astráil dó go bhfacthas Pádraig - Pádraig s'againne, i Sidnigh seacht mbliadna ó shoin agus má bhí sé annsin an uair sin d'fheud- fad sé bheith ann go fóil agus dá dtéidhinn ann díreach b'éidir go bhfuighinn tuairisg éigin air ann sin." Mo dhuine muinteardha Seághan Mac Dáibhid do bhí ag cainnt liom agus ba mhinic dó bheith ar an phort sin. Ó d'fhág a dheár'thair Pádraig an baile fiche bliadhain roimhe sin bhíodh an port ceudna nach mór as a bhéal i dtóláimh "ar mhoithigh tú aon scéala ó Phádraig - Padraig s'againne." Gasúir do bhí ionnta araon an t-am sin - gasúir bhoga; Pádraig 'na bhuinneán mhór scaoilte gan chríonacht, gan chruadhas gan urchóid: Seágan 'na shruailleamán chaol árd, dhá bhliadhain ní ba óige 'na Pádraig agus an chiall cheudna aige. Is cuimhin liom go maith an mhaidin shamhraidh a d'fhág Pádraig an gleann ag dul go 'Meirioca. Bhí "faire Meiriocánach" againn i rith na hoidhche agus
b'éigin do Phádraig an tslighe do bhualadh go luath ar maidin dho tharraingt ar Dhoire, áit a bhfuighead sé long go 'Meirioca. An duine bocht! Bhí sé ag tuitim as a sheasamh le cumha is le brón; na deora ag tuitim uaidh amhail fras fearthainne, agus sa' deireadh agus é ag scarthain ón a cháirde, é ag caoineadh ar nós leanáin sidhe. B'éigin dá cháirde sa' deireadh a streachailt isteach i sean-thruacail ar a rabh a bhagáisde agus an gearrán do chur ar sodar i modh is go rabh sé as amharc agus as éisteacht comh luath is a b'éidir é. Agus Seághan bocht a fágadh sa bhaile bhí sé lán comh dona leis an fhear a d'imtigh. Ag gol 's ag caoineadh bhíodh sé ó ló go ló agus ainm Phádraig - Pádraig 's againne, in a bhéal ó mhaidin go faoi. Bhí athair agus máthair na beirte fágtha fós agus deirbhshiúr ach níor ghoill imirce Phádraig ar cheachtar aca mar ghoill sé ar Sheaghán Bhocht. Scríobh Pádraig ó Nua Eabhrac agus thug sin faoiseamh beag do Sheághan, bíodh go rabh an litir féin brónach go leor. Scríobh sé arís ó bhaile mhór éigin na mílte míle ó Nua Eabhrac; agus scríobh sé anois agus arís ó áit éigin ins na Státaibh ar feadh roinnt bhliadhan; annsin stad na litre. Ach chualathas tuairisg air anois agus arís; chonnaic an té seo é nó chuala an té úd go bhfaca duine éigin eile é. Ag obair ar na bóithribh iarainn a bhíod sé : ag tógbháil na mbóithre iarainn, obair throm chruaidh mharbhthach ag ar chaith na mílte Gaedheal a mbeathaí goiride suaracha. Ní deágh-thuairisgí, ná tuairisgí molta, ná tuairisgí thigeadh anall ar Phádraig. Bhíod sé ag ól agus ag bruighin agus ag caitheamh a chuid airgid a shaothruigh sé go cruaidh go hamaideach. Ach char innseadh na scéalta seo do Sheaghan. Bhí fhios ag gach aon duine go mbrisfeadh sé a
chroidhe ina lár. Hinnseadh dó go bhfacthas Pádraig, go rabh sé ag obair, go rabh sláinte mhaith aige agus mar sin. Ach in éis treimhse bliadhan stad na tuairisgí féin agus cailleadh Pádraig .i. d'éuluigh sé as amharc aon duine do chuirfeadh scéala abhaile faoi. Is annsin mheuduigh ar bhrón Seághain agus thosuigh sé ag cainnt ar ghabháil go 'Meiriocá ar lorg tuaraisge nó do chuartú Phádraig. Ach chá deachaidh sé : bhí an turas fada agus costasach agus bhí an tír úd mór agus aimhréidhteach agus diamhrach. In éis roinnt bhliadhain eile tháinig an scéala úd ó Austráil - gur facthas Pádraig i Sidnigh, agus do bhí ughdar measardha mhaith ar an scéal. Is annsin thosuigh Seághan ag trácht thar turas go hAustráil ar lorg Phádraig ach cha deachaidh sé ar an turas. Bhí an tslighe ní b'fhuide na riamh agus ní ba dhiamhraighe. Ach bhíodh Seághan bocht ag caoineadh Phádraig ní ba mhó ná riamh, gan sólás ná sos ar nós Rachel ins an Scrioptúr. Gach uair do chasfainn-se air chuirfeadh sé an cheist thruaigh-mhéileach cheudna orm .i. "Ar mhoithigh tú scéala ó Phádraig - Pádraig s' againne, le fada?" Bhíomar ins an bhaile mhór an lá ceudna agus ag port an bhóthar iarainn - casadh ar a chéile sinn annsúd : mise ar lorg earraí de chineál éigin agus Seághan gan aon ghnó ach gur mhaith leis port an bhóthair iarainn do thathú. Sílím gurbh é an smuaineadh do bhíodh ar chúl a chinn aige gurbh é sin an bealach thiocfadh Pádraig abhaile agus go rabh seans ann i gcomhnuidhe go dtiocfad sé uair éigin ar thraen na maidne ná ar thraen an tráthnóna. Bhí traen an tráth- nóna ag teacht isteach díreach agus sinn ag cainnt agus d'eirigh drong mhór dhaoine as, eadar fhear agus bean, eadar bocht agus nocht agus saidhbhir. B'iad na daoine
ba mhó chuirtí spéis ionnta i dtoláimh na "Poncánaigh iar bhfilleadh," mar tugtaoi ortha agus bhí roinnt aca ar an traen seo do réir chuma, óir bhí cruach mhór bocsaí agus bagáisde ar an leath-árdán gan mórán moille; agus mhoitheochá an Béarla srónach in do chluasaibh ar teacht isteach dh'amharc ortha. Bhí fear árd liath ortha a tháinig anall go muinteardha chugainn agus labhair go macanta le Seághan. "Scrios Dé ar m'anam," ar sé "mura measaim gur tú mo dheár'thair Seághan," ag leigint scairt gháirí as. Sheas Seághan mar bheadh dealbh chloiche ann, agus annsin leig scread gonta as eadar gáire agus caoine agus dubhairt: "Sé Pádraig atá ann - Pádraig s' againne," agus rug sé barróg air gur dhearc sé ina shúilibh agus thug póg dó ar a bhéal agus chuimil a chuid éadaighe lena lámhaibh mar a dhéanfadh máthair mhúirneach lena leanbh dhá bhliadhan. Thángamár anuas an tsráid agus an cheud seársa dúinn isteach i dtoigh tábhairne. Ceannuigheadh cuid mhaith óil agus bhí cuid againn ar meisge ar ghabháil abhaile dhúinn. Ach bhí Pádraig ar na stealltrachaibh agus gach mionna mór agus focal garsamhail as a bhéal nár cluineadh a leithéid sa ghleann ó d'áitreabh clann Mhílidh é. Lá thar na bhárach bhí an meisge imthighthe ach bhí sé searbh agus droch- mhúinte - drochmheas aige ar ghac uile rud dá bhfaca sé. Bhí Seághan leis féin le cúig bliadna anuas mar d'eug a athair agus a mháthair agus pósadh a dheirbhshiúr agus bhí sé leathtromach go leor 'sa toigh. Rinne Pádraig ádhbhar magaidh de gac rud: sin ná ádhbhar tromaidheachta dhá dhéanamh aige ar Sheághan bhocht. Ar dtús rinne sé iar- racht ar léigheas do chur ar an scéal é féin. Dhéanfadh sé seo agus siúd leis an fheirm agus leis an teach : agus
chaith sé cúpla lá ag obair go láidir ag leagadh claidhe eadar dhá gháirdíní beaga le garrdha mór a dhéanamh díobh. Ach char bhfada gur éirigh sé tuirseach. Agus bhíodh tart ar i dtóláimh agus an meisge in éis an tart. Nuair labharfadh Seághan leis ag moladh dó an t-uisge beatha do sheachnadh steallfadh sé na heasgainí leis agus bhagrochadh air gur leis féin gach a rabh fán toigh óir gurb é an mac ba shine é féin. Níor mhair Seághan an íde seo ró-fhada. Bhris a chroidhe, agus thug sé suas a anam. Chonnaic mé é ar leabaidh a bháis, seachrán meara an bháis air, agus b'iad na focla amháin adubhairt sé liom gur thuigeas : "ar mhoithigh tú scéala ar bith ó Phádraig - Pádraig s' againne, le fada, a Pheadair? Is fada ar shiubhal é agus gan litir uaidh - gan tuairisg air. Ba ghnáthach leis scríobhadh ar dtús." Pádraig féin - "Pádraig s'againne," Leanann trí pictiúirí dé in mo chuimhne (1) an sliomach bog soineannta deórmhar caointeach a d'fhág an gleann an mhaidin shamhraidh úd fadó (2) an fear láidir liath magamhail scigeamhail a rabh dúbháilcí dhá mhór-roinne de'n domhan in a iomchur agus in a chroidhe; agus (3) an radharc deirionnach a fuair mé air; fear cromtha cráidhte briste gan chabhair gan cháirde gan mhaoin shaoghalta ag tarraingt ar thoigh na mbocht agus ar an uaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services