Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogadh Dearg agus Scéalta Eile, An

Title
Cogadh Dearg agus Scéalta Eile, An
Author(s)
Mac Fhionnlaoich, Peadar T.,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1918
Publisher
Cú Uladh agus a Chuid

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bhí Diarmuid Ua Broin 'na shuidhe ar aill ar bhruach na
fairrge in aice Cille Mantain lá, agus é ag machtnú.



Bhí sé mí-shásta leis an tsaoghal. Bhí an saoghal ró-
shuaimhneach dhó, agus b'fhearr leis go mór an troid ná
an t-uaigneas. Bhíodh sé i gcraoibh de Chonnradh na Gaedh-
ilge agus bhíod sé ag léigheadh stáire na tíre. B'iomadh
sean-sgéal do léigh sé ar Fhiannaibh Fhinn; ar Oisín agus ar
Dhiarmuid na mBan, agus ar Chonán Maol, ar Gholl Mac
Mórna agus ar Chaoilte Mac Ronáin, agus bhíodh eud aige
do na sean-laochraib úd.



"Nár méannra dobhtha," arsa Diarmuid in a inntinn
féin," agus a leitheid d'eachtraibh do thárluigheadh leo.
Ní thigidís amach cois fairrge nach dtigeadh bád isteach an
cuan agus gruagach éigin air; nó spéir-bhean b'éidir
agus í ag gol 's ag caoineadh, agus thógadaois a seolta
bocaideacha bacaideacha agus rachadaois thar lear go dtí
an domhan thoir, nó an domhan thiar, agus b'iomdha eachtra
agus mór-ghníomh dheanadaois sul a thiocfadaois arais.
Nár méannra dóbhtha do mhair 'san t-sean-aimsir nuair
do bhí saoghal beodha ann i bfarradh is an aimsear gan
bhrígh gan tábhacht atá ann fá láthair," agus leig sé osna as.
Agus chuimhnigh sé ar aimsir Fhiacha Mhic Aodha agus Aodha
Ruaidh agus Aodh Uí Néill, agus an dian-troid chuireadar
suas in aghaidh na nGall.


L. 6


"B'fhiú bheith beo an uair úd féin," arsa Diarmuid in a
aigne féin. Dá mbéinn ar shléibh i bhfocair Aodha Ruaidh
le na thárrthail ó'n tsioc agus ó'n tsneachta, nó dá mbéinn
ar shluaghacht Fhiacha Mhic Aodha nuair bhris sé ar Shasanaibh i
nGleann Maelughra, b'fhiú seal fada de mo bheatha é."
Annsin chuimhnigh sé ar an aimsir do bhíodh ann i nochad a
h-ocht. "Och, gan mé ag iomchar píce faoi Mhicheál Ua
Duibhir féin, nó faoi an Cobhaltach, nó faoi Maelmhuire
Ua Broin." Agus leig sé osna eile as, agus dhruid sé a
shúla agus luigh sé siar ar an chiaplach ag machtnú ar an
tsean-shaoghal agus ar na laochraibh Gaedheal do mhair in
Éirinn ins na h-aimsearaibh úd.



Cha rabh sé a bhfad 'na luighe nuair chuala sé fead géar
ó'n fhairrge. D'éirigh sé in a leath-shuidhe agus d'amharc
uaidh. Leath a shúla air. Bhí long fhada chaol ag snámh
ar an uisge beagnach faoi. Bhí cúpla gunna mór ar chlár
na luinge. Bhí ceathrar fear ar chlár na luinge agus iad
ag faire air. Bhí gunnaí glaice i lámhaibh bheirte aca
agus bhí cian-radharcán i láimh duine eile aca. An ceath-
ramhadh duine, ní rabh dadaidh aige in a láimh agus b'é do
labhair le Diarmuid.



"Hóich tusa," ar sé, "gabh i leith chugainn annseo."



"Ní'l snámh ionnam," arsa Diarmuid, mar b'é sin an
chéad rud do tháinig ina aigne.



"Ní theastuigheann snámh uait," arsa fear na luinge.



"Cuirfimíd bád chugat isteach."



"Tá go maith," arsa Diarmuid, "Tá mé ullamh."



D'ísligheadh bád beag eadtrom ó'n luing ar bhárr an
uisge agus chuaidh beirt mairnéalach ann agus d'iomrámh-
aigh siad go tír. Chuaidh Diarmuid isteach sa bhád agus i
gcionn deich móinéinte bhí sé ar bórd na luinge. Ní


L. 7


túisge roich sé an long ná tugadh síos i gcábán é, druideadh
an haiste nó comhla na luinge agus d'imthigh an long faoi
uisge, óir long fá thuinn do bhí innti. Le linn an ama seo
labhair na mairnéalaigh le chéile i gcanamhain choigcríochach
nar thuig Diarmuid. Bhí mairnéalaigh eile taobh istigh de'n
luing; agus daoine eile gan culaithe mairnéalacha ortha,
ach éadach airm do réir chuma. Tháinig fear aca seo 'un
tosaigh agus labhair le Diarmuid, agus i mBéarla Shasana
labhair sé.



"Cad is ainm agus sloinne duit?" ar sé.



"Diarmuid mo ainm díleas agus Ua Bruin mo
shloinne," arsa Diarmuid. "Is maith an comhainm é,"
arsa an coimhthigheach. "Agus budh cheart go mbéadh duine
de'n tsloinne díleas dá thír."



"Ná bíodh ceist ort fá sin," arsa Diarmuid. "Níor
loc mé ar chúis na hÉireann fós, agus ní locfad."



Chuir an coimhthigheach a shúla thríd, amhail is dá mbéad
sé ag feuchaint isteach in aigne agus in anam Dhiarmada.
Fear caol árd do b'eadh an coimhthigheach; gruaig agus
feasóg dhubh air, ach go rabh ribí léithe measgtha leo. Aghaidh
odhar-bhán uasal air agus súla dubha soilseacha in a cheann
nach rabh a dul uatha ag aonduine do dhírighead sé ortha iad.
Tar éis an ghéar-fheuchaint úd do thabhairt ar Dhiarmuid
labhair sé arís.



"Creidim tú a mhic," ar sé. "Agus anois an dtiubhrthá
teachtaireacht uaim go duine éigin i mBaile Átha Cliath?"



"Do bhéarad," arsa Mac Uí Bhroin.



"Tá go maith," arsa an coimhthigheach. "Gabh go dtí
a leitheid seo do áit agus tá fear darab ainm Pádraig
de hAicead 'na chomhnuidhe annsin. Ná h-innis do aon-
duine fath do thuarais ach dó féin."


L. 8


"Deanfad gach uile ní ar iarrais orm a dhuine uasail ,"
arsa Diarmuid agus bhí bród agus rimeud in a chroidhe fá
gur chuir Iolar an Tuaiscirt an méid sin ionntaoibhe ann.
Óir thuig sé go maith gur obair throm thairbheach do bhí eadar
lámhaibh ag an Iolar.



"Tá an trathnóna ag tuitim," arsa an t-Iolar leis,
"agus is mithid dúinn gabhail ar aghaidh ar ar dturas
féin. Cuirfear ar tír thú gan mhoill: ach ar mhaith leat
amharc timchioll ort ar dtús?"



"Bud mhaith liom dar ndóighe," arsa Diarmuid.



Tugadh timchioll na luinge é agus b'iomdha rud iongan-
tach do chonnaic sé innti. Tugadh go dtí an timchioll-
radharcán é gur amharc sé amach fá'n fhairrge agus chonnaic
sé gach rud timchioll air comh soiléir nach-mór is dá
mbeadh sé ós cionn an uisge. Bhí long mhór gaile ag
gabhail thart tamall uatha agus dubhairt an t-Iolar leis
go mbudh fhuras í do chur go tóin puill dá mbudh mhian leo é,
ach go rabh obair ní budh thabhachtaighe aca ar lámh fá láthair.



Tar éis sin árduigheadh an soitheach go barr fairrge,
cuireadh amach bád agus cuireadh Diarmuid ar tír.
Chuaidh an bád arais go dtí an long, glacadh isteach ar
bórd na luinge é, agus le preabadh súl chuaidh an long
as radharc faoi'n uisge.



"Dar a bhfaca me ariamh," arsa Diarmuid leis féin,
"gurab iongantaighe an t-eachtra sin na ar thuit amach do
Fhianna Éireann féin; níor léigh mé ariamh go dtáinig
long faoi-thuinn chuca agus ní tháinig aonduine thar lear
chuca do chuir ag obair iad ar son a dtíre féin. Is
iongantaighe agus is adhmharaighe an rud do thuit amach
damhsa na dadaidh do thárla do'n Fhéinn riamh." Agus
luigh sé siar ar an chiaplach arís go déarn sé machtnú ar
an cheist.


L. 9


Bhí an traen deireonnach imthighthe ó Chill Mantáin go
Baile-Átha-Cliath. Chaithfead sé gabhail ar a rothar.
Chuaidh sé abhaile, ghléas a rothar, d'ól cupan tae agus
d'imthigh leis. Bhí cúpla uaire caithte nuair roich sé Brí
Cualann agus uair eile ó Bhrí Cualann go Baile-Átha-
Cliath. Bhí meadhon-oidhche ann sul a bhfuair sé amach
Pádraig de hAicead, ach bhí sé 'sa' bhaile. D'innis sé a
sgéala dhó agus do thug fáinne an Iolair dhó. Bhí Pádraig
corruighthe go mór.



"Maith a buachaill," ar sé. "Rinne tú seirbhis luach-
mhar d'Éirinn." Chuaidh sé go dtí guthán do bhí aige i
seomra eile agus do bhain an clog, agus nuair freagradh
é thug sé órdú gluaisteán do chur chuige. Níor bhfada in a
dhéidh nuair a bhí carr mór ag an doras aige. D'iarr sé
ar Dhiarmuid gabhail isteach agus lean sé féin é. "A
leitheid seo d'áit," ar sé leis an tiománaidhe agus sul
a rabh faill ag Diarmuid dadaidh a rádh bhíodar ag gluais-
eacht thríd an chathair; ag gabhail suas sráide agus ag
teacht anuas sráide eile, gur stop an carr 'sa' deireadh
ós comhair tighe bríce do bhí in a sheasamh leis féin ar leath-
taoibh sráide. "Fan ins an charr go dtigidh mise arais,"
ars an hAiceadach, agus suas leis do dtí an doras.
Bhuail se buille nó dhó leis an lámh-chrann, fosgladh fuinneóg
agus chuir duine a cheann amach. Labhair Pádraig de
hAicead beagán focal leis ós ísiol agus tar éis beagáin
aimsire leigeadh isteach é. Tar éis fiche móiméinte, nó
mar sin, tháinig sé amach arís, chuaidh ar an charr, thug
órdú eile uaidh agus thug cuairt ar thoigh eile 'san nós
ceudna. Chuaidh ar an ghluaisteán arís agus phill go dtí
a thoigh féin. D'eirigh sé as an charr sul thainig sé fhaid
leis an toigh, ámh, agus thuirling Diarmuid leis. Shiubhail


L. 10


siad leo gan chainnt agus sul tháinig siad go dtí an teach
thug Diarmuid fa deara fear leathan árd ag siubhal
go réidh in aice an bhalla ar thaoibh na sráide. Shiubhail an
bheirt amach thairis. Ar ngabhail thairis dóibh d'fheuch
Pádraig de hAicead agus an fear árd ar a chéile agus
siúd is nach rabh an solus ró-mhaith ar an tsráid mhothuigh
Diarmuid go rabh aithne aca ar a chéile agus nach rabh
dáimh ró-mhór aca dá chéile. "An bitheamhnach," arsa
Pádraig nuair shiúbhladar ar aghaidh beagán agus bhí siad
ag doras an toighe. "Sin spíodóir do lucht an Chaisleáin
ag mo choimhead-sa."



Lean sé do'n sgéal nuair chuadar isteach 'un toighe.
"Meallfar an Caisleán an iarraidh seo dá ghlice iad.
Má thig an t-Iolar agus a lasd luinge isteach in am tráth
is cuma linn fá'n Chaisleán ó sin amach. An bheirt sin
ar ar ghoir mé anocht rachaidh siad in airicis na luinge
agus beidh cúpla céad fear leo de na hÓglaighibh is
clisde agus is ionntaoibhighe le fágháil. Beidh na huir-
leisí i lámhaib ar muintire trathnóna an óirtheara agus
beidh cumhacht ar námhad ar lár feasda in Éirinn. Na
spíodóirí seo ní feasach damh cad a b'fhearr dhéanamh
leobhtha. Is Éireannaigh agus Gaedhil iad agus teas-
tuigheann gach Gaedheal agus gach duine d'fhearaibh Éireann
uainn; ach is bréan an dream iad. Ní mór ná go
n-iompuigheann mo ghoile orm nuair chidhim duine aca."



"An mbeidh eirghe amach ann?" arsa Diarmuid nuair
stad an hAiceadach de'n chainnt.



"I gcionn trí lá, no b'éidir roimhe sin, beidh an fraoch ar
lasadh agus beidh Éire saor 'sa deireadh."



"Agus an mbeidh cead agam-sa fanacht annseo do


L. 11


chuidiú?" arsa Diarmuid agus a chroidhe ag preabadaigh
in a chliabh le teann corruighthe.



"Gan amhrus thig leat," arsa Pádraig. "An dtig
leat gunna do láimhseáil?"



"Thig liom. Bhíos i mbuidhin de na hÓglaighibh ar feadh
bliadhna gur bhris an Réadhmonnach ortsa agus annsin
stad siad de'n Óglachas ach do bhí gunna agamsa sul a
sgapadar agus chleachtuigh mé go minic leis ó shoin."



"Seadh, an Réadhmonnach," arsa Pádraig, agus droch-
mheas in a ghlór aige. "Dá leigeadh sé dúinn an uair sin,
bheadh ceathramhadh milliún fear againn anois agus iad
armáilte go measardha maith; agus ní bheadh do chumacht
ag ar náimdibh sinn do chur síos. Ach le cuidiú Dé
éireóchaidh linn ar chuma ar bith."



"An rachaidh sibh amach ar fud na tíre nó an dtroidfidh
sibh i mBaile Átha Cliath?"



"Troidfimid i ngach áit a bhfuil na fir againn; 'sa
chathair agus fá'n dtuaith. Is mó atá na hairm againn
fá láthair ins an chathair, ach má éirigheann leis an Iolar
teacht slán ní bheidh easbaidh arm aca fá'n dtuaith. Tá-
maoid láidir i gCuige Mumhan ach go raibh airm ag na fir."



Ar feadh an dá lá do bhí roimhe ní rabh dadaidh ag
Diarmuid le deanamh ach ag siubhal thart. Ní fhaca sé
Pádraig de hAicead ach anois agus arís agus bhí cuma air
go rabh an-chuid gnótha ar láimh aige. Ar maidean an
treas lae ghlaoidh sé Diarmuid chuige agus annsin thug
Diarmuid fá deara an ghruaim do bhí ar Phádraig.



"Mo bhrón agus mo chreach!" ar sé. "Leanann an
sean-mío-adh sinn i dtólaimh. Tá teipithe orrainn arís."



"In ainm Dé goidé thuit amach?"



"Tá, na spíodóirí arís is dóighthe. Tá an t-Iolar agus


L. 12


a chomhlucht gaibhte agus an long agus an lasd luinge ar
thóin puill. Táthar ag breith ar na hÓglaighibh séis a
chéile agus táthar ag bagairt orainne i mBaile-Átha-
Cliath fá láthair."



"Nar bhfearr daoibh troid a dhéanamh dé láithreach bonn
ó tá an cás amhlaidh?" arsa Diarmuid.



"Is fearr," arsa Pádraig. "Agus ní'l athrú roghan
againn; ach sé an rud is measa dé go bhfuil ár n-uachdarán
agus roinnt eile aca in aghaidh bogtha. Deir siad nach
bhfuil seans againn agus gan amhrus tá an ceart aca;
ach mar sin féin ní fheicim go bhfuil rogha againn. Dean-
far sinn go léir do mharbhadh nó do dhíbirt agus rud níos
measa na sin deanfar adhbhas gáire dár gcúis agus dár
gcineadh. Níor éirigh le Gaedhealaibh buille amháin do
bhualadh i gceathrachadh a hocht nó i seasca a seacht agus an
mbeidh an cás amhlaidh againn arís?" Agus chrom sé a
cheann ar a lámhaibh agus tháinig na deora le na súilibh agus
chrioth a chorp ar chuma is dá mbeadh an galar creathach air.
Níor chuir Diarmuid isteach air agus i gcionn tamaill
tháinig sé chuige féin arís.



"Caithfimid troid," ar sé, ag labhairt leis féin ní
ba mhó ná le Diarmuid. "Caithfimid buille amháin do
bhualadh ar son na hÉireann. Uch! gan na gunnaí agus
na piléir do bhí 'san luing úd againn." Annsin chuaidh
sé amach agus ní fhaca Diarmuid arís é an lá sin.



Lá thar na bhárach tháinig Diarmuid anuas chuig a bhreac-
fasta agus bhí Pádraig agus a dhearbhráthair ag ithe a
gcoda.



"Brosduigh ort a Dhiarmuid," arsa Pádraig. "Agus
ith do bhreacfasta." "Tá na hÓglaigh ag teacht amach
indiú. Mise a béas in a gceannas agus deanaim tusa


L. 13


d'ainmniú mar theachtaire agus giolla catha damh féin.
Fanfaidh tú in aice liom ach amháin nuair bhearfas mé
órdú speisealta dhuit. Ní'l faill agam tuilleadh cainnte
dheanamh leat anois. Ith do bhreacfasta ar dtús. Sin
agat raighfil agus neart piléar agus gunna goirid gasta
agus bí ag Faithche an Cholaisde ar a haondéag." Agus
leis sin d'imthigh Pádraig agus a dhearbhráthair agus
d'fhág Diarmuid i muinghin a smuainte féin. Agus nár
bh'iad na smuainte borba tulcacha do tháinig in a cheann
fá'n am sin. Bhí an troid ar cois arís. An tsean-
throid do bhíodh ann ó tháinig Strangbó. Agus annseo i
mBaile-Atha-Cliath, an áit ar ghabh Strangbó sealbh seacht
gcéad bliadhain go leith ó shoin. An ndeonfadh Dia go
n-éireochadh leo athghabhail do dheanamh ar a dtír féin.
Agus éisean, Diarmuid Ua Broin, bheadh sé i lár na
troda, beó no marbh. Buidheachas mór le Dia, cibé ar
bith a thiocfas as, is mór an lá é."



Ba dheacair dó breith ar a fhoighid go dtáinig an t-am le
gabhail amach. Chuir sé air a chuid arm agus d'imthigh leis
síos an tsráid. Ag Faithche an Cholaisde bhí gach rud
mar ba ghnáthach agus a lán daoine ag siúbhal thart nó ag
imtheacht annseo agus annsiúd mar is nós do lucht cathrach.
Ní rabh dadaidh as an bhealach ar cois. Thug sé fá deara
Óglach annseo agus annsiúd agus a chulaith ghaisge air agus
gunna ar a ghualainn agus do bhí saighdiúirí Gallda ann
mar an gceudna ag spaigdeoracht gan gunnaibh gan saigh-
dibh. Chuala sé sgread na píbe móire ag teacht anuas
an tsráid; d'amharc sé in a threo agus chonnaic sé
radharc do chuir a chroidhe ag preabadaigh agus an fhuil ag
rinnce ann. Siúd anuas an tsráid cipe de na hÓglaighibh
agus Pádraig de hAicead ag siúbhal go huaibhreach ag a


L. 14


gcionn, an bratach uaithne agus bratach trí-dhathach na Pob-
lachta crochta in áirde ar dhá chuaille leo; agus buidhean
píobairí ag séideadh puirt, Dia Saor Éire, ar a gcúlaibh.
Sgein Diarmuid chuca agus thóg áit do féin i measg
buidhne oifigeach do bhí in aice Phádraig de hAicead.
Stad siad fá'n am sin; thug a dtaoiseach órduighthe
dóbhtha; sgoilt siad in a dhá dhream go beodha easguidh
agus lean an dream ba mhó aca Pádraig trasna na
haibhne, agus Diarmuid in éinfheacht leo. Stad siad
arís ag Teach an Phuist agus sgar drong bheag uatha. Do
chuaidh isteach i dToigh an Phuist. Char bhfada dóibh istigh go
dtáinig na cléirigh do bhí ann eadar chailinibh agus buachail-
libh, amach ina sruth, agus sgeón ortha. Ach goidé siúd
suas ag barr an toighe agus é ag foluamhan 'san ghaoith?
Meirge na hÉireann agus meirge na Poblachta. Och!
an gháir do thógadar agus d'umhlaigh a rabh i láthair do'n
dá bhratach. Agus annsin chuaidh Pádraig suas ar leathár-
dan do bhí ag fardoras Toighe an Phuist agus labhair
beagán focal leis na hÓglaighibh ag forfhuagra go rabh
Éire saor anois agus nach rabh aca ach a saoirse do choimhead
agus do chosaint. Annsin thug sé órdú uaidh agus d'imthigh
na hÓglaigh isteach i dToig an Phuist. Ach chá rabh ach a
leath aca isteach nuair chonnaictheas cipe marcshluagh de
shaighdiúirí Gallda chuca anuas an tsráid agus truail-
leacha a gclaidheamh ag léimne le na dtaoibh agus a
gcapaill ar chos-in-áirde. Fear do bhí ag gabhail trasna na
sráide rómpa, leagadh é ar lár agus shiúbhail na capaill
amach thairis agus níor bhfios do éinneach an beó no marbh
d'fhágadar é. Bhí tús na cipe ós comhair Toighe an Phuist
nach mór. Pim, pim, pim. Beagán cnagarnaigh agus
beagán toite agus leagadh cuid de na capallaibh agus


L. 15


cuid de na marcaighibh. Briseadh an cipe marcshluaigh
agus theicheadar an méid do mhair beó aca. Níor cuireadh
isteach ar na hÓglaighibh ní ba mhó an oidhche sin, agus
dhaingnigheadar iad féin ann. Sholaithrigh dream aca biadh
ó na toightibh ósda timchioll ortha; buidhean eile chuar-
tuigheadar na sráide timchioll ortha agus thug isteach cuid
mhór bráighde. Chuaidh daoine eile d'fhághail tuairisge ar
na hÓglaighibh do ghabh seilbh ar Halla na Saoirse, ar an
Chaisleán, ar Mhonarcán Iácob, ar phuirt na mbothar
iarrainn, agus ar cuid mhór áiteann ar fud na cathrach;
agus bhí roinnt aca gnóthach ar feadh an tráthnóna ag stopadh
lucht gluaisteán, ag tógáil claidhe trasna na sráide, ag
daingniú Teach-an-Phuist le málai litreach agus sean-
leabhar ins na fuinneógaibh agus ins na doirsibh. Nuair
do bhí gach ní ar foghnamh aca comh maith is do b'éidir
leo agus an oidhche ann cuireadh lucht faire ar gach taoibh
de'n toigh agus chaith na daoine do bhí istigh uair a chluig ag
gabhail amhrán agus sailm; agus chan siad an Paidrín
Páirteach as Ghaedhilig agus luigh siad síos ar an urlar le
beagán codlata d'fhágháil.



Ar an bhárach ní rabh saighdiúr ná píléir le feicheál in
áit ar bith. Shaoil Diarmuid go rabhadar buailte cheana
féin ach ní rabh aon dearmad ar Phádraig de hAicead, nó
ar na taoiseachaibh eile. Chroitheadar a gcinn nuair
dubhairt sé leo go rabh na saighdiúiri imthighthe. I rith an
lae thug Pádraig órdú dhó dhul le teachtaireacht amach go
Sórd Choluimcille, an áit a rabh buidhean Óglach faoi
cheannas Thomais Artuir, agus Nioclais Uí Chethearnaigh.
B'í an tuairisg thug sé leis go rabh dirim píléir o'n chathair
faoi oifigeach ar siúbhal amach ar leath doisin mótor.
Chuaidh Diarmuid amach ar róthar bealach Dromchonnrach


L. 16


agus Seantraigh ach bhí na píleirí ró-thapaigh dhó. Bhí
siad roimhe ach bhí sé in am i gcomhair na troda ámh. Chuala
sé an lámhach ar a láimh chlí giota maith uaidh agus tharraing
sé air. Sé an rud a bhfaca sé ná barraic píleirí agus
píleirí thart thimchioll uirthi agus iad ag lámhach ar fhál árd
do bhí ós a gcomhair amach. Bhí an fál, nó daoine éigin
ar a chúl, ag lámhach arais. Chidhfead sé puch beag toite
agus chluinfead sé cnag urchair agus b'éidir go dtuit-
feadh fear agus b'éidir nach dtuitfeadh. Tháinig tuilleadh
píleirí ar charrannaibh gluaisteacha. Thuirling siad agus
chrom siad ar lámhach ar an bhfál agus an fál ag lámhach
leo, agus thuit roinn de na píleiribh agus loiteadh na
carranna, agus marbhadh na tiomáinidhthe. Tháinig mian
air gabhail ar chúl an fháil sin agus shleamhnuigh sé isteach
thar an chlaidhe. Lean sé do'n díog go rabh sé in aice leis
an bhfál. Annsin chonnaic sé rud do chuir iongantas air.
Bhí deichneabhar fear ag teacht in a choinne ar an nós
ceudna do bhí sé féin ag gluaiseacht, .i. ag snámh ar a
nglúnaibh agus ar a mbolgaibh ar chúl an chlaide ísil, do
bhí ar leath-taoibh an róid. Thug siad fá deara é agus
dhírigh an chead duine aca a ghunna leis. Chuir Diarmuid
suas a lámh agus níor sgaoileadar leis ach thángadar ar
aghaidh.



"Ce tusa?" arsa duine aca.



"Cara," arsa Diarmuid.



"Goidé an sgéal atá i mBaile Atha Cliath?"



"Ta gach uile rud go socair i mBaile Atha Cliath," ars
Diarmuid.



"Tá go maith," arsa an fear a bhí ag cainnt leis.
"Caidé do ghnó linne?"



"Teachtaireacht o'n hAiceadach," arsa Diarmuid.


L. 17


"Ach beidh sé in am tráth nuair a bhéas an pléidhe seo
thart. An féidir liom gunna fhágháil? Tá urchar maith
agam."



"Is maith mar thárla," arsa an fear. "Tusa a
Eadhmoinn óig tabhair do ghunna do'n fhear seo agus pill
arais agus abair le Tomas go bhfuil fear ionaid againn
duit. Lean mise."



D'imthigh an fear ceannais rómpa agus leanadar go
léir é. Tháinig siad go droichead beag faoi'n bhóthar.
Chuadar amach thríd pholl an droichid agus leanadar
claidhe teorann do bhí ar an taoibh eile agus ní fada go
rabhadar ar chúlaibh na barraice agus do luigheadar síos
i ndíg. Sgaoileadar leis na píleirí. Pim, pim, arís
agus thuit cuid de na píleiribh. Níor mhair an cath a bhfad
tar éis sin. Ghéilleadar na píleirí. Bhí trí sgór duine
aca ann agus bhí a leath de'n uimhir sin ag Tomas Artur
ar chúl an fháil. Bhí leath na píleirí marbh nó gonta.
Bhí beirt de na hÓglaighibh marbh agus leath doisin gonta.
Bhí an bhuaidh ag na hÓglaighibh an bobhta sin.



Rugadh na hairm agus na piléir de na píleiribh agus
tugadh ortha a n-éadach oifigemhail do chaitheadh díobhtha.
Tugadh comhairle a leasa dóbhtha agus sgaoileadh leo.
Lá thar na bhárach phill Diarmuid ar Bhaile-Atha-Cliath.
Níor chuir aon duine isteach air go dtáinig sé isteach i
mBaile-Atha-Cliath. Ach ar an droichead thar an canál
ag Dromchonnrach bhí an bóthar i seilbh na saighdiúiribh
agus ní leigidís thart é. Thug sé fá deara annsin go rabh
cearcall deanta ag na sáighdiúiribh timchioll na cathrach
ar an taoibh sin dí, agus bhí siad féin agus daoine aithrid
eile nach bhfaca sé, ag sgaoileadh urchar ar a chéile ó am go
ham, agus thuitfeadh duine marbh corruair i lár na sráide


L. 18


nó ar leath-taoibh sráide. Ba léir dó go rabh na saigh-
diúirí ag teannadh isteach ar na hÓglaighibh agus go mbeadh
an bhuaidh aca ortha muna ndeantaoí a bhfuasgailt o'n
taoibh amuich. B'fhuras dó, dar leis, dá mbeadh cúpla
céad fear aige ar an taoibh amuich de fháinne na saigh-
diúr briseadh isteach tríotha, an líne do ghearradh agus
an méid aca do bhí ar an taoibh istigh de'n ghearradh do
mheilt eadar an dá dhream de na hÓglaighibh. Chuir sé
seanchus ar dhaoinibh do bhí ag siúbhal an bhóthair agus
dubhradh leis go rabh uimhir éigin de na hÓglaighibh le fágháil
ar an taoibh amuich do fháinne na saighdiúr ach gur theastuigh
taoiseach uatha nó órdú éigin uatha ó na taoiseachaibh do
bhí ag Teach an Phuist agus ní rabh bealach aca iad d'fhághail.
Rinne sé a dhithchioll iad a tharraingt le chéile ach theip air
glan. Bhíodar ag cailleadh misnigh cheana féin.



Nuair a d'airigh sé an méid sin chinn sé comhairle go
rachad sé isteach 'sa chathair arís ar ais nó ar éigin. Ní
rabh aon mhaith dhó na saighdiúiri d'ionnsú; ní leigfidís thríd
é, agus dá ndeanad sé dánaidheacht chuirfidís piléar thríd
nó ghabfadaois é. D'fhan sé socair go dtí an oidhche
agus go dtí go rabh roinnt de'n oidhche caithte. Ag
tuitim na hoidhche, san chlapsholus, an t-am do ba mheasa
leis an lámhach. Chuadar na hÓglaigh amach ar na foir-
leasaibh ar bharr na dtoighthe agus shleamhnuigh siad mar
bheadh cuit ionnta ó chionn toighe go cionn toighe. Nuair
thigidís in áit ar bh'éidir leo gunna do dhíriú ar shaigh-
diúiribh sgaoilidís urchar agus thuitfeadh saighdiúr. Chluin-
feadh na saighdiúirí pim agus mhoithighidís fear ag tuitim;
annsin rachadaois ar buile. Dá mbeadh inneal-ghunna
aca chluintí an gurag, gurag, gurag uaidh, agus muna
mbeadh chluintí amhastrach na raighfeal uatha. Ní fheicidís


L. 19


an fear-chat shuas, ach sgaoilidís le rud éigin, agus ba
hó'n obair sin marbhadh an oiread daoine thríd an chathair
nach rabh aon bhaint aca leis an achrann. 'Sa' deireadh
d'éirigh sé ró-dhorcha le lámhach. Oidhche dhorcha bhog-theith do
bhí ann agus í chomh ciúin leis na flaitheasa ach amháin nuair
bhrisfeadh na gunnai amach. Agus bhrisidís amach anois
agus arís i lár dorchadasa go gcuirfidís uamhan ar do
chroidhe ag éisteacht leo. Agus thall údaigh, cois cuain,
bhí soilse ealadhanta ag sméartháil thart leis an námhaid
do nochdú agus bhíodh na hainnealghunnai agus na gunnaí
móra ag búirfe thríd an oidhche. Tuairim an meadhon-
oidhche chuaidh Diarmuid síos go bruach an chanáil go socair
agus ós ísiol. Mhothuigh sé na saighdiúirí ar an taoibh eile
de'n chanál agus iad ag siúbhal síos agus aníos thairis.
Lucht faire do bhí ann gan amhrus. Bhí droichead thar an
canál ag bóthar Baile Bocht píosa síos uaidh. Shleamh-
nuigh sé síos ar a bholg go rabh sé ar an droichead. Shleamh-
unigh sé isteach faoi an droichead. Bhí sé comh dubh dorcha
ann is dá mbead sé in íochdar ifrinn. Sin díreach an
rud do theastuigh uaidh. Bhí sé ar tí gabhail isteach 'sa
canál agus do ghabhail anonn nuair leagadh lámh ar a ghual-
ainn agus dubhairt guth in a chluais. "Sith! na labhair
gíog na cuirfead piléar thríot. Cé tú féin?"



Níor labhair Diarmuid agus ní rabh fhios aige goidé
budh cheart dó rádh mar ní rabh sé cinnte ciaca saighdiúr nó
Óglach a bhí a cainnt leis. Ach bhí tuairim aige nár saigh-
diúir do bhí ann agus dubhairt sé "Is buachaill o'n tuaith
mé."



"An bhfuil Gaedhilg agat?" arsa an guth.



"Tá, beagán," arsa Diarmuid.



"Tá go maith a mhic," ars an guth. "Is Óglach mise


L. 20


agus tá mé ag tarraingt ar Thoigh an Phuist. Cá bhfuil
túsa ag dul?"



"An áit cheudna díreach."



"Go maith, a mhic. An bhfuil gunna agat?"



"Chan fhuil, ach tá innill-phiostal Ameriocánach agam."



"Diabhal níos fearr le fágháil," arsa an fear eile.



"Coinnigh in áirde ós do cheann é agus na piléir ar eagla
go bhfliuchfaidhe iad. Beidh siad ag teastáil tirm uait
gan mhoill. Anois go socair, a mhic." Agus síos leis
isteach 'sa canál. Níor bhfada go rabh siad ar an bhruach
eile faoi'n droichead.



"Anois lean mise," arsan duine le Diarmuid.



Siúbhail siad ceithre-chosach suas port an chanáil go rabh
siad ar casán na gcapall, áit a rabh na saighdiúirí ag
siúbhal síos agus aníos. Rug an duine eile ar láimh
Dhiarmada agus tharraing isteach é ar leath-taoibh.



"Anois," ar sé, "támaoid saor, ach is ceart dúinn
beagán stráfála a dheanamh. Ullmhuigh do phiostal."



"Tá se gléasta," arsa Diarmuid.



"Bhal, coimhead thusa an taobh sin agus glacfaidh mise
an taobh seo. Na hárduigh do cheann. Beidh cioth piléar
chugainn gan mhoill, ach ní bhuailfidh siad sinn ins an chúil
seo. Nuair is éigin dúinn rith beirfidh mise ar láimh ort
agus lean mé, ach na hárduigh do cheann nó do chorp."



Mhothuigh siad coiscéimeanna fear agus cogarnaigh.



"Seo chugat, a mhic, anois lámhaigh."



D'ísligh Diarmuid a cheann agus chonnaic sé beirt
eadar é agus an spéir. Dhírigh sé a phiostal agus sgaoil.
Leigeadh sgread agus bhí troisle ann ach níor imthigh aon
duine.



"Síos ar do bholg," arsan guth.


L. 21


Ní túisge bhí ar lár nuair tháinig an trábháille ó na
gunnaí agus gurag, gurag, gurag ó inneal ghunna.



"Mura ndéarna tusa an gnó rinne siad féin é."
arsan guth. "Luigh go socair fós"



Tháinig cioth eile piléar; annsin stad an lámhach



"Anois feuch amach. Beidh chugainn,"



Níor bhfada go rabh, ámh.



"Tá dream láidir aca ann. Anois caithfimid teicheadh
ach caith a bhfuil de philéir in do chrios leo ar dtús, agus
deanfaidh mise an rud ceudna."



Annsin bhris an lámhach amach arís agus mhair sé sgathamh
maith.



"Anois a mhic," arsan t-Óglach, "is mithid dúinn
gluaiseacht, mar adubhairt an sionnach agus an gadhar
chuige," agus rug sé gréim láimhe ar Dhiarmuid. Shleamh-
nuigh siad leo thríd casán beag isteach i ngarrdhaigh ar
chúl toighe; chuaidh siad amach i mbeárnáin ag binn an
toighe agus bhí siad ar shráid. Rith an bheirt trasna na
sráide agus isteach in geafta ar an taoibh eile agus
thart ag binn toighe eile go rabh siad ar an dárna sráid.



"Anois a mhic tig leat siúbhal ar do shuaimhneas. Tá-
maoid i measg ár gcarad. B'éidir nach misde damh
fiafrú cá hainm atá ort?"



D'innis Diarmuid dó, "Maith mar thárla. Mise
Éadhmonn de Búistéir buachaill as Sgoil Éanna agus
cuireadh amach mé ar do lorg. Ní bhfuaras tásg nó
tuairisg ort agus bhí mé ag pilleadh arais. Ach ní gan
tairbhe do bhí mo thuras, óir leagas go leor de'n námhaid
tráthnóna aréir."



Stop cúpla Óglach iad agus chuir a dtuairisg agus nuair
d'airigh siad a dtuairisg chuir céad fáilte rómpa. Ní


L. 22


fada go rabh siad ag Toigh an Phuist. Shonnruig Diar-
muid go rabh athrú mór ann ó d'imthigh sé. Bhí cuid mhór
de na hÓglaighibh gonta agus cailíní de Chumann na mBan
ag freastáil ortha. Bhí Óglaigh ann ó áiteachaibh eile.
Chonnaic sé Seumas Ó Donnchadha agus an muintear do bhí
ag cosaint Halla na Saoirse agus dubhradh leis gur leagadh
agus gur dóigheadh an Halla sin, go dtáinig a chosantóirí
as slán, nó beagnach slán, ach gur cailleadh cuid mhaith
pleasgán agus adhbhair cogaidh. Ghlaoidh Pádraig de
hAicead ar leath taoibh air.



"A Dhiarmuid," ar sé, "is éigin damh innse dhuit go
bhfuil an cath ag gabhail orrainn. Ní'l muintear na tuaithe
ag éirighe agus ní'l aon chabhair chugainn. Tháinig na mílte
saighdiúr ó Shasanaibh agus ó ghach uile áird in Éirinn agus
tá siad ag timchiolladh na cathrach agus ag druidim isteach
orrainn ar ghach taoibh. Ní'l dul as againn agus ní theas-
tuigheann dul as ó chuid againn. Tá na gunnai móra
dhá gléasadh orrainn agus ní fada go mbeidh na sliogáin
teineadh anuas orrainn mar bhíodar ar Halla na Saoirse."



"Na habair sin," arsa Diarmuid. "Cluinim go
bhfuil bratach na hÉireann in áirde go huaibhreach i moran
áiteann 'sa' chathair, i Rinn Mhuirbhthean ag De Bhaléra, ag
Colaisde na Liaigh ag an Bhean-Tighearna Marcas, ag
monarcán rioscaide Iacob, ag na Ceithre Cúirteanna, ag
Sráid an Teampoill 7rl., agus do chuir Tomas Artur
an ruaig ar na píleiribh."



"Tuigim sin go léir," arsa Pádraig go brónach.



"Ach goide 'n gar é. Tuitfidh siad go léir in déidh a
chéile leis na sliogáin teineadh agus ní'l dul as aca agus
níl cabhair in dán dóbhtha. Ach bíodh go bhfuilimid buailte
arís; bhuaileamar buille a rachas go smior in ar náimdibh


L. 23


agus tá mé sásta le toil Dé. Anois sé mholfainn duitse
shleamhnú as an áit seo roimh mhaidean agus má éirigheann
leat gabhail amach fá'n tuaith agus gabhail abhaile."



"Go bráthach, ní rachad," ars' Diarmuid agus mío-
shásadh air. "Comh fada is bhéas an troid ar cois beidh
mise ann."



Chrom Pádraig a cheann agus tháinig na deora leis.



"Bíod sé mar sin," ar sé. "Is amhlaidh is fearr é.



Tiodhlacadh toilteannach na macaomh is fiú na saoirse
é, agus bhéaraidh Dia an tsaoirse in A thráth féin."



Níor dhubairt sé ní ba mhó. Luigh Diarmuid síos ar an
urlar tar éis sin le beagán codlata d'fhágháil mar bhí
tuirse air. Bhí an lá ann nuair mhúsgail sé agus tuaim
bhagarthach na ngunnaí ag gonadh aeir folláin na maidne
timchioll air. D'eirigh an lámhach ní ba thiuighe ar fud an
lae agus bhí a lán daoine de na hÓglaighibh dhá dtabairt
isteach agus iad gonta, agus sgéala ag teacht ó dhaoine
eile gur gabhadh iad nó gur marbhadh iad, nó gur ruaigeadh
iad ó na toighthe in a rabh siad. Bhí an cogadh dearg ar
cois ar fud na cathrach fós ach bhitheas ag druidim na
nÓglach isteach go lár na cathrach agus gan slighe aca
imtheacht dá mbudh mhian leo é. Bhí oidhche chiúin dhorcha
theith ann arís agus lagaigh an lámhach. Níor stad sé ar
fad, ámh, ach bhrisfead sé amach go feargach agus go
bagarthach anois agus arís, agus do bhíodh tuaim na ngunnai
mór dhá chluinsin anois go minic. Fá thuairim an dó-
dhéag mheudaigh an tuaim úd go rabh sé in aon bhéic amháin,
í ag corrú neimhe agus talmhan. Agus i gcionn beagan
aimsire mhothuigh Diarmuid an toradh. Bhí Teach an Phuist
le teine agus an ceann ag tuitim isteach in a ghioballaí
annseo agus annsiúd. B'éigean do na hÓglaighibh teacht


L. 24


anuas ó bharr agus do ghabhail fá thalamh agus bhí an deatach
ghá múchadh. B'éigean dóibh troid agus na sráide do
cosaint san am ceudna, óir do bhí a náimhde ag druidim
isteach leo. Bhí moran aca gonta. Bhí Séumas O
Donnchadha ar lár ach é ag troid agus ag tabhairt órdú
mar leomhan gonta fós. Bhí poll deanta faoi thalamh ag
na hÓglaighibh isteach i gcoiléiribh na dtoighthe in aice le
Toigh an Phuist agus chuadar isteach ionnta - leis an deatach
agus leis na lasracha do sheachaint, ach ní fada go dtáinig
na pleasgáin teineadh anuas ar na toighthibh sin leis, agus
ní rabh bealach as aca feasda. Bhí an mhaidean gheal ann
roimhe sin agus ba léir do na hÓglaghibh go rabh a náimhde
go tiugh agus go láidir timchioll ortha. Labhair a dtaois-
each leo.



"Tá Gaedhil go láidir fós ag Sráid an Ríogh agus ag
Sráid an Teampoill, agus caithfimid gabhail chuca. Ní
bheidh bac orainn má gheibhmidh trasna Sráide Muire ach tá
páirc inneal gunnai dírighthe siar agus aniar na sráide
seo agus ní mór dúinn gan mhoill do dheanadh ag gabhail
trasna. Fiche buachaillí gasda ar dtús, agus leanadh an
mhuintear eile comh luath is tá sosadh leis an lámhach." Bhí
Diarmuid ar an fhiche dhuine tosaigh sin. Sgein siad an
doras amach ach má sgein, bhí na piléir anuas ortha. Is
beag duine de'n fhiche duine roich Sráid Ui Mórdha.
Mhothuigh Diarmuid amhail is dá gcuirtí bior go smior in a
chliathán agus thuit gan mhothú gan mheabhar ar an tsráid.
Nuair a tháinig sé chuige féin bhí sé 'na luighe ar leabaidh
chumhang i spideal éigin i mBaile-Atha-Cliath agus banal-
tra ag freastail air. Níor cuiread ceist air agus
níor tugadh aon eolas dó ar ruda thuit amach dó. Tar
éis sgathaimh, nuair bhí biseach ag teacht air bhíodh an bhanal-
tra agus an doctúir ag magadh air.


L. 25


"Piléar atá in do chliathán chlí," arsan Bhanaltra, "in
aice le do chroidhe agus ní fiosach d'aoinneach cá has a
dtáinig sé ach má gheibh Ser Seon Mascot amach é cuirfidh
sé i bpríosún thú mar gheall air a bheith ag iomchar thart
piléar gan cead uadhsan."



"Tá na saighdiúirí ar do lorg," arsan doctúir lá leis.
"Agus dubhairt siad liom-sa gan do leigint amach nuair
a bhéas biseach ort go bfuighbhe siadsan gréim ort."
"Ach," ar sé, agus bhain sé geaitse as a ghuailinnibh,
"ní sioth-mhaoir mise agus ní mó gur fear eochrach mé."
Agus d'imthigh sé leis.



An trathnóna sin chuir Diarmuid air a chuid éadaig
féin, chuaidh sé síos an staidhear agus amach ar an doras,
agus shiúbhail sé leis gan bacadh gan barradh go rabh sé ag a
ghnáthach-bhaile féin agus nuair ceistnigheadh é cá rabh sé
dubhairt sé go rabh sé ag colceathar dá chuid i gConntae
Laoighse. Ní mheasann sé an oiread do eachtraibh na
bhFiann ó shoin is do mheasfadh tráth; deir sé gur mó na
heachtraí do thuiteann amach in ar n-aimsearaibh féin.


L. 26


An t-Óglach Gonta



Muintear Raghallaigh do bhí in a gcomhnuidhe i mBóthar
Rátha Cinn i mBaile-Átha-Cliath; an t-áthair agus buachaill
agus cailín, b'in iad an líon toighe. Cailleadh an mháthair
tamall roimh an am ar a bhfuilim ag trácht. Maighréad
a b'ainm do'n inghin agus Hannraoi do'n mhac. Bhí
Hannraoi 'na Óglach agus chuaidh sé amach ar mháirseáil
bóthar roimh Domhnach Cásga agus ní tháinig arais. Bhris
an t-Éirighe-Amach amach ar an Luan in a dhéidh sin agus ba
chosamhail go rabh sé 'sa troid. Ní bhfuarthas sgéala
uaidh ámh; agus do bhí imshníomh ar a áthair agus ar a dheirbh-
shiúr fá dtaoib dé i rith na seachtmhaine sin. Ba bheag an
méid do chodluigh Maighréad aon oidhche ach ag éisteact le
tuaim na ngunnaí agus ag guidhe go dtiocfadh Hannraoi
slán, as an ár. Ba hamhlaidh ba mheasa agus ba throime
d'éirigh an troid, agus Diardaoin agus Dia hAoine
thosuigh na gunnai móra ag pléasgadh agus ag búirfe go
tiugh. Oidhche Dia hAoine chár chodluigh Maighréad neul
ach ag éisteacht leo gur bhreacaigh an lá thar na bhárach, is
dóighthe gur thuit neul uirthe fá'n am sin b'éidir, agus
b'éidir nár thuit; ach ar aon chuma mheas sí gur chuala sí
guth a máthar ag labhairt léi, nó tháinig an smuaineadh
isteach in a h-aigne gur dhubhairt a máthair léi go rabh
Hannraoi 'na luighe gonta in a leitheid seo d'áit ar leath
taoibh Sráide an Riogh. Mhusgail sí le preib, sé sin, má


L. 27


bhí sí 'na codladh ar chor ar bith. Bhí an ghrian ag soillsiú
isteach 'san fhuinneóig. Mheas sí nach rabh ann ach brion-
glóid agus mar bhí tuirse uirthi luigh sí siar arís. Ní
fada gur chuala sí an guth ceudna, nó tháinig an smuaineadh
ceudna chuicí, agus shuidh sí suas arís. Annsin mheas sí
nach rabh ann ach an imshníomh do bhí uirthi fá Hannraoi
agus luigh sí síos arís. Thárla an rud ceudna dhí an triomh-
adh uair. Ní fheudfad sí a fhulaingt ní ba mhó, agus léim
sí amach ar an urlar. Chrom sí ar mhachtnamh goidé budh
cheart dí dheanamh. An ndúiseochad sí a h-áthair agus
a innse dhó. Cheap sí nach gcreidfead sé í, nach rachad sé
amach agus nach leigfead sé dí-se gabhail amach ach oiread;
agus dar léi gurabh fís do bhí ann, agus go mbudh cheart dí
dul amach agus feuchaint goidé mar bhí an sgéal. Chuir
sí uirthi a cuid éadaigh go tapaidh agus amach léi. Bhí an
ghrian tuairim is uaire in áirde agus maidean gheal
shamhraidh ann. Ach taobh ba shíos dí eadar í féin agus an
Life agus timchioll lár na cathrach bhí na gunnaí ag síor-
sgaoileadh piléar agus sliogán. Ní chluinfeá tuaim ach
sin agus bhí neulta dubha dorcha deataigh ag éirighe i bhfus
agus thall ó thoighthibh do bhí le teinidh. Ba léir go rabh
obair mharbhthach ar cois. Bhí an dá shean-chomh-námha i
sgórnaigh a chéile agus gach uirléis catha ag duine aca, agus
an fear eile in a léine amháin. Ba thruaighmhéileach an
obair í, dar le Maighréad agus ní mór an t-iongnadh gur
bhris an gol uirthi. Ach thirmigh sí na deora arís agus
shiúbhail léi. Ní fhaca sí aon duine, saighdiúr nó Óglach, ins
na sráideannaibh, ach do bhí cnagarnach na ngumnaí tim-
chioll uirthi agus ní dheachaidh sí i bhfad go bhfaca sí daoine
marbha 'na luigh ar an talamh annseo agus ann siud.
Ghoill seo go mór uirthi ach chár stop sí go rabh sí i Sráid


L. 28


an Riogh. Fuair sí í féin i lár na troda. Ní fhaca
sí lucht an chomhraic, ámh; ach corr-uair thigeadh duine amach
as cúilbhealach nó as toigh, sgaoilfeadh urchar agus rachadh
arais go tapaidh. Bhí feadghail na bpiléar in a cluasaibh
comh maith le tuaim a sgaoilte agus bhí fir marbha sínte
go tiugh ar an tsráid. Bhí súil aici ar an chaol-shráid
a bhfaca sí i mbrionglóid agus rinne sí uirthi gan bheann
aici ar an piléir agus roich sí í gan tubaiste. Bhí fear
sínte marbh i lár na sráide. Ní thug sí moran áirde ar
sin, mar bhí taithighe ag teacht uirthi le na leitheid. Bhí sí
ag sleamhnú thart nuair labhair an fear do bhí 'na luighe
(ba chosamhail nach rabh sé marbh):



"Uisge," ar sé, "ar son Dé agus A Mháthar naomhtha.
Tabhair damh deoch uisge."



Stad sí ar an bpoinnte agus d'fheuch air. Bhí a shúile
dúnta, siúd is gur labhair sé. Bhí salachar agus fuil ar a
aghaidh agus thug sí fá deara go rabh linn fola in aice leis.
Chrom sí síos agus d'infhiuchaigh go géar é. Mheas sí go
rabh an fhuil ag teacht uaidh fós agus tharraing sí amach
siosúir bheag do bhí in a póca aici agus do ghearr muinchile
a láimhe deise a bhí na luighe san fhuil. Fuair sí amach go
rabh sé gonta 'san uilinn, agus go rabh an fhuil ag teacht go
trom uaidh. Bíod sí ag deanadh staidéir tráth ar aicidibh
simplí agus thuig sí go rabh an cuisleán mór in a láimh
reubtha le piléar agus go rabh contabhairt ann go gcaill-
fead sé a rabh d'fhuil in a chorp muna gcuirtí cosg leis.
Gearr sí píosa dá cuid éadaigh féin agus rinne cliú nó
ceirtlín dé agus chuir ar an chuisle é taobh ba shuas de'n áit
in a rabh sé gonta. Tharraing sí amach a ceirsiúir phóca,
rinne ceanglachan dé agus cheangail a lámh. Sul a rabh
sé sin deanta aici tháinig bean chuici ó thoigh ins an tsráid.


L. 29


"An féidir liom cabhrú?" ar sí. "Braon uisge, má
'sé do thoil é," arsa Maighréad. Níor labhair an fear
gonta focal, ach an méid a dubhairt sé ar dtús, chaill sé a
mheabhair tar éis sin.



"Is fearr dúinn," ars' an bhean, "a thógbháil isteach i
dtoigh 's' againne agus a chur ar an leabaidh. Chuaidh mé
amach ar dtús nuair do goineadh é a d'iarraidh a tharrthála
ach bhí an troid ar cois agus dubhradh liom imtheacht isteach
arís, agus dar liom go rabh sé marbh ar chuma ar bith,
luigh sé comh ciúin sin. An bhfuil aithne agat air?"



"Chan fhuil," arsa Maighréad.



Thóg siad eatortha é agus do streachail siad isteach 'un
toighe é. Chuir siad 'na luighe ar an leabaidh é, chuir
braon uisge beatha in a bhéal agus leig sé osna as. Dhóirt
siad uisge ar a cheann agus tháinig sé chuige féin. "Uisge,"
ar sé, "in ainm Dé agus a Mháthar Naomhtha tabhair deoch
uisge damh."



Tugadh deoch dhó agus d'ól sé go craosach í. Dhruid sé a
shúile arís agus luigh siar ar a shuaimhneas. Annsin
fuair bean-a-toighe uisge bog-theith agus spuins agus nigh
a aghaidh. Nuair a bhí sé nighte aici d'amharc Maighréad
ar an fhear ghonta agus leig sí sgread aisti agus thuit
ar an urlár. B'é a dearbhráthair Hannraoi do bhí ar an
leabaidh, gonta.



Tháinig sí chuici féin, amh, tar éis tamaill. Tugadh
Hannraoi go dtí an spidéal agus gléasadh agus ceangladh
a lámh ath-uair, ach dubhairt an dochtúir munab eadh an
céad ceangladh do rinneadh ag Maighréad go bhfuighbheadh
sé bás gan aon amhrus.



Is cosamhail go rabh Hannraoi ag troid i Sráid an Ríogh
agus gur bha dhéine an troid do bhí ann an oidhche agus an


L. 30


mhaidin sin na riamh roimhe. Bhí sraith saighdiúr na luighe
marbh i Sráid an Ríogh. Bhí gunna ag gach saighdiúr agus
shanntuigh na h-Óglaigh na gunnaí, rud do bhí gann go leor
aca féin. Chuaidh Hannraoi amach ó'n chaol-tsráid agus
chruinnigh sé sé cinn aca agus thug isteach iad. Chuaidh sé
amach arís agus chruinnigh sé sé cinn eile ach ar a theacht
arais gonadh é 'san uilinn. Ní dheachaidh sé a bhfad gur
thuit sé agus níor éirigh sé arís go bhfuarthas é 'sa tsráid.
Cé thug an cogar i gcluais, nó in anam Mhaighréada agus
thug cumhacht dí beatha Hannraoi d'fhuasgailt. A máthair
creidim; nó aingeal éigin ó Dhia ar impidh a mháthar. Is
iomdha miorbhuilte ó Dhia do thuit amach i mBaile Átha
Cliath le linn seachtmhaine na Cásga 1916.


L. 31


Ar Lorg Thomaisín



Luan na Cásga, chuaidh Brighid Ní Luain agus beirt
cailín eile go dtí Dúnlaeghaire leis an lá do chaitheadh agus
pléisiúr do dheanamh dhóibh féin, agus chaith siad an chuid
ba mhó de'n am le sult agus le greann. D'fhosduigheadar
bád agus chuaidh amach ar an chuan ag iomhrámhadh. Nuair
thánagadar arais tráthnóna chualadar rí-rá go rabh achrann
éigin ar cois i mBaile Átha Cliath agus chuir seo imshníomh
ortha. D'óladar braon tae agus tharraing siad ar an
rian-charr le deithfir a dheanamh a bhaile, ach, faraor,
chá rabh a leitheid ann. Bhí cosg curtha ar fad leis na rian-
charrannaib an lá sin. Bhí an sgéal ceudna le hinnse ag
muintir an bhóthar-iarrainn; chá rabh traen ag gluaiseact
ach oiread. Tabhairt fá na bonnaibh, sin a rabh le deanamh
aca feasda, agus go tiugh. Níor thárla aon ní as an
bhealach ortha go dtáinig siad go dtí lár na cathrach, .i.
go dtí Droichead Uí Chonaill i mBaile Atha Cliath. Annsin
thug siad fá deara gluaiseacht éigin rómpa agus daoine
ar an tsráid ag amharc ar thoigh an phuist. Is annsin thug
siad fá deara go rabh athrú-chuma ar an toigh sin. Bhí
bratach uaithne in áirde ann agus bratach trí dhath, agus
chonncadar Óglaigh isteach is amach ann. Bhí cúpla beith-
eadhach capall 'na luighe marbh ar an tsráid ós a chomhair
amach agus thug siad fá deara, leis, nach rabh síoth-mhaor nó
saighdiúr gallda le feiceál. Thuig Brighid go maith


L. 32


goidé mar a bhí an sgéal agus níor chuir sí ceist ar aon-
duine agus ní dhearna sí moill ach do bhrosduig léithe 'na
bhaile. D'innis an sgéal dá h-athair agus dá mathair.
Gan amhrus bhí iongantas ortha.



"Agus cá bhfuil Tomaisín?" arsa Brighid.



"Nach rabh sé in éinfheacht leatsa?" arsa a h-athair.



"D'fhág sé an baile tamall in do dhéidh-se ar a róthar
agus dubhairt go rachadh sé go Dúnlaeghaire agus gur
dhóigh leis go bhfeicfeadh sé thusa annsin agus go dtiocfadh
sé abhaile in éinfheacht leat."



Bhí imshniomh ortha go léir fa Thomaisín ach ba mhó an
t-imshníomh do bhí ar Bhrighid ná ar cheachdar aca. Dearbh-
ráthair dí Tomaisín. Ní rabh ann ach gasúr tuairim is
ceithre bliadna déag d'aois. Do bhíodh sé ins na Fiannaibh
tamall agus cleachtadh aige le gunnaibh do láimhseáil;
agus do bhí tuairim láidir aici má mhothuigh sé an obair do
bhí ar siúbhal 'sa' chathair go mbeadh sé i lár báire ann.
Níor leig sí dadaidh uirthi má seadh ach dubhairt go
rachadh sí ar a chuartú. Chuaidh a h-athair léithe agus
shiúbhail siad leo go dtáinig siad go dtí Sráid Ui Chonaill.
Bhí gach uile rud suaimhneach go leor annsin ach ní rabh
Tomaisín le feiceál. Is annsin d'iarr Brighidín ar a
h-athair leigint dí gabhail isteach i dtoigh an Phuist go
bhfeicfeadh sí an rabh sé ann. Ní rabh a h-athair sásta
leigint dí gabhail isteach, ach chuir sí 'na luighe air nach
rabh aon chontabhairt dí.



"Tá fhios agat a athair, gur banaltra mé agus nach
mbainfidh na saighdiúirí liom má gheibh siad gréim orm
féin, agus b'éidir go mbéinn féidhmeamhail má bhíonn
daoine gonta ann. Agus mar gheall ar Dhia, a athair,
gabh thusa abhaile agus fan le mo mháthair, óir beidh imshníomh


L. 33


an domhain uirthi; agus fág agam-sa Tomaisín do
chuartú."



Socruigheadh mar sin é agus d'imthigh sí isteach i dToigh
an Phuist. Fuair sí í féin imeasg carad. Ní h-eadh
amháin go rabh aithne aici ar chuid mhór de na hÓglaighibh ach
bhí uimhir éigin de Chumann na mBan ann, agus aithne mhaith
aici ortha. Chuireadar fíor-chaoin fáilte roimpí. Chuir
sí tuairisg Thomaisín ar go leor aca, ach ní fhaca duine
aca é. Ach nuair a tháinigh sí ós comhair Sh. Ó Donchadha,
taoiseach arm na n-Óglach i mBaile Átha Cliath, dubhairt
sé léithe gur dócha go rabh Tomaisín ag Faithche Steapháin
mar a rabh an bhaintighearna Marcs agus dream de na
Fianna léithe. Mhol sé duithe fanacht mar a rabh sí an
oidhche sin, óir gur contabhairteach an rud dí siúbhal thríd na
sráideannaibh léithe féin, ach dubhairt sí leis nach rabh aon
eagla uirthi agus d'imthigh léithe. Ag gabhail thart dí ag
Colaisde na Trionóide chonnaic sí go rabh saighdiúirí
gallda i bhfolach ann agus iad ag spíodóireacht timchioll
na háite, ach níor chuireadar forán uirthi nó ise ortha.
Tháinig sí go dtí Faithche Steapháin agus fuair sí an Bhain-
tighearna Marcs i gceannas na nÓglach annsin agus
trinnsi tochailte acu i lár na faithche. Bhí an Bhaintighearna
gléasta go deas i gculaith Óglaigh agus raighfil éadtrom
gairid in a glaic aici, ach ní rabh sí ag lámhach fá láthair,
mar nach rabh aon námha le feicéal, nó aonduine ag cur
isteach ortha. Bhí na fir ag deanamh claise ins an fhaithche.
D'innis Brighid fath a turais do'n Bhaintighearna.



" 'Seadh," arsa sise. "Tá aithne mhaith agam ar
Thomaisín. Bhí sé annseo ar ball beag agus cuireadh ar
theachtaireacht é go dtí Muileann Uí Bheoláin ach is fearr
duit furacht annseo anocht óir tá sé ag éirghe mall san


L. 34


oidhche, agus ní ró-fhuras dul go Rinn Muirbhthín san
dorchadas. D'fheuch Brighid ar na trinnsibh go gruamach.
Leig an Bhaintighearna gáire aistí.



"Ní'l feidhm duit luighe ins na trinnsibh. Tá Colaisde
na dTáithliaigh fúinn agus tá sé comportach go leor."



D'fhan Brighid 'sa' Cholaisde an oidhche sin. Bhí sé
comportach go leor ach ní rabh gléas codlata ann agus ní
rabh fonn codlata ar Bhrighid. Bhíodh na hÓglaigh amach is
isteach ann rith na hoidhche agus iad ag daingniú na bhfuin-
neog agus na ndoras, agus ag gléasadh arm le haghaidh an
lae do bhí rómpa. I dtráthaibh an mheadhon-oidhche do chan
siad an Paidrín Páirteach go duthrachtach agus go cráibh-
theach agus ghabadar amhráin. Annsin chuaidh roinn aca ag
faire agus luigh roinn eile aca síos ar an urlar le neul
codlata d'fhágháil. Is amhlaidh sin do chaitheadar an
oidhche agus bhíodar amach go moch ar maidin, ach ní rabh
corrú o'n námhaid fós. Chuaidh Brighid go Rinn Muirbhthín
agus fuair sí Tomaisín annsin agus é in áirde ar cheann
an toighe agus raighfil 'na láimh aige comh mór leis féin
nach mór. D'iarr sí air teacht abhaile. "Ní rachad,"
arsa Tomaisín. "Nach bhfuil mé ag troid ar son saoirse na
hÉireann?"



Ní rabh gar a bheith leis. Ní thiocfadh sé léithe. Chuaidh
sí go dtí an taoiseach arm, Éadhmonn de Bhaléra agus
d'iarr sí air Tomaisín do chur abhaile.



"Ní maith liom sin do dheanamh," arsa de Bhaléra.



"Tá fonn troda air agus teastuigheann gach duine uainn
'sa' troid seo, bíodh siad sean nó óg; ach deanfaidh
mé an méid seo dhuit; teastuigheann teachtaire uaim
do dtí an Árd-thaoiseach ag Teach an Phuist agus cuirfidh
mé Tomaisín ann mar theachtaire. Tig leat-sa gabhail


L. 35


leis agus iarraidh ar an Árd-Thaoiseach é sgaoileadh
abhaile."



"Tá me sásta leis sin," arsa Brighid.



"Fan go sgríobhfaidh mé litir mar sin," arsa de
Bhaléra.



I gcionn uaire bhíodar ar an ród agus an litir i bpóca
Thomaisín. Ní rabh aonduine le cur isteach ortha ar an
bhealach. Ní fhacadar píleir nó saighdiúr in áit ar bith,
agus ní bhainfidhe leobhtha dá mbeadh ciall ag Tomaisín;
ach ní rabh. D'innis Brighid dó an méid do chonnaic sí ag
Colaisde na Trionóide agus nuair thangadar comh fada
leis an bhalla dhreapuigh sé suas ar an bhalla agus chuir
goic ar féin leis an ráile feuchaint goidé 'tchidhfead sé.
Bhí an áit lán de shaighdiúiribh agus iad ag gléasadh na
háite le haghaidh troda agus carnán arm agus pléasgán
annseo agus annsiud. Bhí Tomaisín ag cur a súl thríotha
nuair tháinig gárda saighdiúr ar a chúl air agus rug ar
féin agus ar Bhrighid agus do sheol isteach 'sa' Cholaisde
iad. Ní rabh airm ag ceachdar aca agus ní dóighthe gur
chuir na saighdiúirí moran suime ionnta ach gur ghabhadar
iad ar eagla go rabh Tomaisín ag spíoracht agus chuireadar
isteach i seomra beag iad go mbeadh faill ag oifigeach
iad do cheistniú. Budh chuma leo ach go rabh litre de
Bhaléra ag Tomaisín agus ní rabh teine nó lasóg aca le
hiad do dhógadh. Seomra le haghaidh mic léighinn do bhí
ann agus do bhí seoimrín nó clóistín leapthan amach as.
D'fheuchadar isteach 'sa' chlóistín agus do bhí cúpla culaithe
saighdiúra crochta ar chrúcaibh do bhí ins an bhalla agus bhí
airm crochta ar chrúcaibh eile.



"Tá agam," arsa Tomaisín agus corrú air.



"Goidé ta agat?" arsa Brighid.


L. 36


"É seo," arsa Tomaisín. "Cuirimís orainn araon
culaith saighdiura. Tig linn dul amach ar an fhuinneoig
bhig seo, agus tá na saighdiúirí comh suaite thríd a chéile
fá láthair nach sonnróchaidh siad sinn agus tig linn imtheacht
uatha."



Rinneadar amhlaidh agus níor bhfada go rabh an bheirt
aca na saighdiúirí beaga neata ar nós mór coda de na
saighdiúiri gallda.



"Tá gach saighdiúr faoi airm indiú," arsa Tomaisín.



"Tóg anuas gunna aca seo, agus tógfaidh mise ceann
eile." Rinneadh, agus thóg Tomaisín an fhuinneog chúl
agus ghluaiseadar amach aisti. Tháinig siad timchioll
an toighe agus frith iad féin imeasg drong mhór saighdiúr,
ach níor bha de chipe amháin iad agus na hoifigigh do bhí ortha
ba léir nár thuig siad i gceart goidé bhí le deanamh aca.
Shiúbhail Brighid agus Tomaisín leo go socair suaimhneach do
réir chuma, ach bhí a gcroidhthe ag preabadaidhe ionnta ar a
shon sin, go dtí an doras mór atá ós coinne Toighe na
Feise ar Fhaithche an Cholaisde. Bhí saighdiúirí agus oifigigh
ag teacht isteach annsin agus faitchios an domhain ortha
go mbeadh na hÓglaigh chuca an oidhche sin. Bhí rang mótor
agus gluaisteán ar ghach taoibh de'n doras. Shiúbhail
siad ar leath-taoibh ar chúl na mótor. Tháinig siad go
dtí mótor nach rabh aon tiomanaidhe leis.



"Isteach leat," arsa Tomaisín i gcogar praidhinneach i
gcluais Brighde. Chuaidh sí isteach 'sa' charr. Léim
Tomaisín isteach 'san áit a mbíonn an tiomanaidhe.
Shleamhnuigh an mótor leis síos an tsráid. Bhíodar ag
feitheamh le piléar gach slat de'n bhealach ach ní tháinig
ceann. Bhíodar taobh thall de Dhroichead Uí Chonaill sul
thosaigh na saighdiúirí do sgaoileadh leo agus annsin níor
bhuaileadar iad.


L. 37


Go dearbhtha badh eadh an rud gur shábháil an lamhach iad
nó b'éidir go lámhfadh na hÓglaigh do bhí i dToigh an Phuist
iad ag gabhail suas Sráid Uí Chonaill dóibh ach go dtugadar
fá deara go rabh na saighdiúirí ag lámhach leo. Ag Teach
an Phuist stad siad agus thimchiollaigh na hÓglaigh iad agus
d'órduigh dóibh géilleadh. Do ghéilleadar dar ndóighe
agus labhair Tomaisín leo i nglan-Ghaedhilg agus do mhínigh
an cás dóibh. Tugadh ós comhair an Taoisigh Airm iad agus
d'aithin séisean iad ar an bpointe. Ghlac sé sgríbheann
de Bhaléra uatha agus d'innis Brighid dó fath a turais
féin, gur theastuig Tomaisín uatha 'sa' bhaile agus go
dtáinig sí ar a lorg.



"Tá Tomaisín saor uainne má's mian leis imtheacht,"
arsa an tÁrd-Thaoiseach. "Ach 'sé deirim leat go
mbeidh aithreachas ortsa agus airsean má théid sibh abhaile
anois. Taisbeanann an bheart do rinne sé an tráthnóna
seo go bhfuil adhbhar saighdiúrachta i dTomas. Tá géar-
ghadh le n-a leitheid-sa annseo. Beidh trácht go deo in
Éirinn ar na h-éachtaibh do rinneadh i mBaile Atha Cliath
an tseachtmhain seo, agus b'éidir go mbeidh ainm Thomaisín
luaidhte ós árd i stair na hÉireann fós."



"Ach dá mairbhtí Tomaisín bhrisfeadh sé croidhe mo
mháthar."



"Ní bhrisfeadh," ar san Árd-Thaoiseach, agus tháinig
radharc uasal in a shúilibh. "Is iomdha máthair bhéas gan
mhac, agus bean gan chéile, agus páisde gan athair tar éis
na seachtmhaine seo i mBaile Atha Cliath ach duine amháin
aca ní dheanfaidh gearán. Tá fhios aca go dteastuigh-
eann a gcailleamhaint ó Éirinn le hanam do chur innt-
arís. Agus siúd is nach n-eireochaidh linn an iarraidh
seo glanfamaoid an tslíghe do'n tsaoirse. Agus na


L. 38


hÓglaigh seo, beidh a n-anmanna luaidhte ós árd in Éirinn
ar a n-uaisleacht agus ar a ngaisge."



"Fanfaidh mise annseo," arsa Tomaisín.



"Fanfad-sa leat," arsa Brighid.



"Mó stór sibh," arsan Taoiseach.



Ar feadh an dá lá 'na dhéidh sin bhí Tomaisín gnóthach ag
troid agus bhí Brighid ag freastáil ar na fearaibh do gonadh.
Theidheadh Tomaisín amach ins na caol-sráideannaibh nó
ar chúl cláidhe trasna na sráide, nó suas ar bharr toighe,
agus an tráth chidhfeadh saighdiúr sgaoilfead sé piléar
leis agus leag sé go leor aca ar feadh an dá lá sin.
Uaireannta eile d'fhágfad sé a ghunna 'na dhéidh agus
rachadh amach tríd na sráideannaibh móra ghá fheuchaint ca
rabh an námha agus ní mheasfadh aon duine do chidhfeadh é
nach gasúr soineanta do mhalraibh na cathrach do bhí ann.
Ach tháinig an t-am agus an tráth 'sa' deireadh gur bh'éigin
dóibh teicheadh as Toigh an Phuist. Bhí an teach ar dhearg
lasadh ós a gcionn. Bhí sé ag tuitim anuas ortha. Ní
headh amháín go rabh Teach an Phuist le teinidh ac bhí gach
teach 'sa' tsráid beagnach le teinidh. Bhí an deatach ag
sír-éirghe in áirde in aon neul donn-ruadh amháin. Bhí
na lasracha ag briseadh amach anois agus arís annseo
agus annsiúd. Bhí na ballaí ag pleasgadh agus ag tuitim
as a chéile agus tuaim agus tormán na ngunnaí ag
sír-bhéiceadh in a gcluasaibh. Monuar iad na hÓglaigh!
Tá na saighdiúirí timchioll ortha agus na toighthe ag
tuitim ortha. Losgadh Iarúsalem le Títus Romhanach, an
rud do chuirfead sé i gcuimhne dhuit. Cá rachaidh na
Gaedhil no cad deanfaidh siad?



D'ionnsuidheadar a náimhde ins na sráideannaibh le
gunnaibh le pícibh agus le pléasgáin ach níor bhféidir leo


L. 39


slighe amach fhágháil agus do bhí fáinne na saighdiúr ag
druidim isteach ortha i dtólaimh. D'éirigh le cuid aca
imtheacht go Sráid Uí Mhórdha agus go sráideannaibh eile
ach ba bheag an tairbhe dhóibh é. B'éigin dóibh géilleadh
roimh oidhche an lae sin. Bhrís cuid eile aca isteach i
dtoighthe in aice Toighe an Phuist agus chuaidh i bhfolach ins
na soiléaraibh faoi'n talamh. Bhí Tomaisín agus Brighid
ar an dream sin agus ó bhí na toighthe ag tuitim timchioll
ortha agus an teine ag dul i méad bhriseadar ó shoiléar
go soiléar comh fada agus d'fheudadar. Bhíodar leo
féin 'sa' deireadh agus níor bhféidir pilleadh arais mar
bhí na toighthe ag tuitim ann agus níor bh'éidir imtheacht
tríotha. Ní rabh fhios aca an rabh daoine 'na gcomhnuidhe
san toigh nó nach rabh, ach bé an cheud rud do chuireadar
rómpa an t-eolas seo d'fhágháil amach. Bhuail Tomaisín
suas an staighear go ciúin agus go faicealach. Ní fhaca
sé duine. Chuartuigh sé na seomraí do bhí ar a gcomh-
árd leis an talamh agus ní fhuair sé duine nó deoraidhe
ionnta. Bhuail sé suas staighear eile agus ba h-é an
cás ceudna é, agus staighear eile, agus staighear eile
agus bhí an sgeul amhlaidh. Bhí na daoine imthighthe as an
toigh, ní nar bh'iongnadh agus an obair do bhí ar cois le
seachtmhain. Agus bhí an trusgán agus gach ní eile fágthá
mar ba ghnáthach. Sgairt sé ar Bhrighid agus tháinig sí
aníos chuige. Bhí na comhladha ar na fuinneogaidh ach
d'amharc siad amach áit a rabh sgoilt no poll i gcomhla
agus chonnaic siad na saighdiúirí i ngach áit; cuid aca i
bhfolach ar chúl ballaí agus claidhthe, agus gunnaí in a
nglaicibh aca agus iad ag faire go faicealach; cuid eile
aca ag máirséail nó ag rith. Ní rabh Óglach le feiceál
in áit ar bith agus cheap siad go rabh an troid


L. 40


thart. Bhí a ghunna ag Tomaisín fós agus dhírigh sé ar
shaighdiúir é le n-a lámhach ach ní leigfeadh Brighid dó.



"Goidé an mhaith dúinn?" ar sise. "Iad do
lámhach? Tá na hÓglaigh buailte an iarraidh seo, ar
chuma ar bith."



"Goidé an mhaith dúinn gan iad a lámhach?" arsa
Tomaisín." "Támaoid annseo mar do bheadh luch mhór
in inneall no sás agus is fearr dúinn cúitiú do bhaint
as cuid aca sul gabhfaidhe sinn."



"Tá tú ag cainnt go h-amaideach, a Thomaisín," arsa
Brighid. "Is fearr dúinn gabhail abhaile. Tá ar n-athair
agus ar máthair ag feitheamh linn."



"Ach ce'n dóigh?"



"Ní deacair. Is tú Tomaisín Ó Luain fá láthair agus
is mise Brighid Ní Luain, agus tá cuma fiadhain orainn ó'n
tsalachar, agus o'n tsúithche, agus o'n fhuil atá orainn;
agus dá bhfeiceadh na saighdiúirí sinn fá láthair deiridís
gan amhrus gur Sinn Feinidhthe sinn (agus dár ndóighe
bheadh corp na fírinne aca) agus cuirfidhe i bpríosúin
sinn. Ach gabh thusa agus nigh thú féin o bháthas go bonn;
agus cuartóchaidh mise culaith dheas éadaigh dhuit agus
gléasfaidh tú thú féin inntí, agus beidh tú ar nós duine
uasail. Deanfaidh mise cailín uasal díom féin ar an
nós ceudna. Annsin leigfidh siad amach sinn, agus beidh
cúram aca orrainn, óir leigfimid orrainn féin gur dá
muintir féin sinn."



"M'anam gur glic an cailín thú," arsa Tomaisín.



Ach badh eadh an cheud rud do rinneadar béile maith bidh
do ghléasadh dhóibh féin, óir biadh níor bhlasadar le linn
deich n-uaire fichead, agus b'obair dóibh gan dul i laige


L. 41


leis an ocras. Annsin nigheadar iad féin agus ghléasadar
iad féin go cúramach agus go galanta.



"An dtig leat caoineadh?" arsa Brighid. "Ba
ghnáthach leat tamall bliadhan ó shoin caoineadh ar fheabhas
a dheanamh?



"Cé'n fath dheanfhainn caomeadh? Agus cé'n fath
bhfuil tú ag magadh orm?"



"Ní'l mé ag magadh ort. Ach seo dhuit tuaille bán.
Ceangail é ar chois sguaibe, cuir amach ar an fhuinneoig é,
agus leig gáir caointe asat. Nuair chidhfidh na saigh-
diúirí thú abair leo go bhfuil do dheirbshiúr annseo agus í
leath-mharbh leis an sgannradh agus go bhfuil eagla ort
féin óir go rabh na Sinn Feinidhthe istoigh annseo agus nach
bhfuil fhios agat an bhfuil siad ann fós."



Rinneadh mar seo é. Bhí fonn ar na saighdiúirí ar dtús
sgaoileadh le Tomaisín, ach chuir oifigeach cosg leo. Annsin
chuaidh sé síos an staighear agus d'fhosgail sé an doras
tosaigh dóibh agus tháinig siad isteach. Chuartuigh siad an
teach agus eagla an dómhain ortha le linn a dheanta.
Fuair siad amach an poll 'sa' soiléar agus chuaidh cuid
aca isteach ann.



Leig Brighid uirthi ar dtús go rabh critheagla uirthi ach in
éis tamaill d'innis sí a sgéal do'n oifigeach. MacCoin-
nigh do bhí mar shloinne ar a h-áthair dubhairt sí. As
Béilfeirsde dóbhtha ar dtús ach go rabh siad 'na gcomh-
nuidhe i mBaile Atha Cliath le sé bliadhna. Bhí a n-athair
agus a máthair i Sasanaibh le tamall ar ghnó éigin agus an
cailín aimsire do bhíodh aca d'imthigh sí uatha le neart
faitchiosa le linn na ceannairce. Bhí oncal dá gcuid 'na
chomhnuidhe i mBéilfeirsde, dubhairt sí, agus dá bhfeud-
fadaois gabhail an fhaid sin bheidís slán.


L. 42


"Tá go maith a chailín uasail," ars an t-oifigeach go
béasach múinte "cuirfear ar thraen thú go Béilfeirsde."
Agus do cuireadh. Ag Droichead Átha d'éirigheadar as
an traen. D'fhosduigh Brigid mótor agus tháinig siad
arais go Baile Atha Cliath agus geallaim daoibh go rabh
áthas as cuimse ar athair agus ar mháthair Bhrighde agus
Thomaisín iad do fheiceál arais slán.


L. 43


An Fiadhach



Maidean Domhnaigh i lár an gheimhridh fhuair. Ní ró-
luath d'éirigheadh muid i dtoigh s'againne i lár an gheimhridh,
ach bhíodh an t-Aifreann ann ag a dó-dheag agus bhí píosa
maith le siúbhal le dul ann agus bhíodh féar le tabhairt do
na heallaigh roimhe ré. Ar an mhaidin aithride seo nuair
d'éirigheamar bhí iongantas agus alltacht orainn. Bhí
an saoghal geal le sneachta aon-oidhche, bíodh nach rabh aon
tuar sneachta ann aréir ag dul a luighe dhúinn. Sinne,
an t-aos óg, chuir an sneachta geal glórach aoibhneas agus
meidhir in ar gcroidhthibh, go h-aithrid nuair a thoisigh an
ghrian ísiol ag drillse ar an tsneachta fionngheal. Chaithea-
mar gréim bhreicfeasta gan ró-mhoill agus amach linn.
Moch is bhí sé, bhí a lán lorg 'sa tsneachta cheana, lorga
cearc agus coileach, agus madadh, agus cat agus éan.
Ac bhí rian-lorg amháin ann nach ceachdar aca siúd agus
in ar chuir muid níos mó spéise na i gceachdar aca .i.
rian-lorg ghearrfhiaidh agus é go húr-nuadh ag dul thart
ag binn an toighe. Scairt muid ar an mhadadh agus ar
shiúbhal linn, mo dheár'thair agus me féin ar thóir an
ghearrfhiaidh sin. Bhí fhios againn nach rabh sé abhfad uainn.
Bhí an sneachta tuairim is troigh i ndoimhne agus é úr bog.
Ní mór an siúbhal a d'fheudfadh gearrfhiadh a dheanamh ann,
agus bhí súil againn go bhfeicfimís an gearrfhiadh sul
abhfad. Chonnaic. Leath-mhíle o'n toigh fuair muid seal-
ladh ar a chluasaibh fhada agus é ar lán-rith romhainn amach,


L. 44


gach boc-léim dhá dheanamh aige as an tsneachta agus é ag
dul síos ann arís go nach bhfeictí ach bairr na gcluas.



An tom-bán, bhí sé ar aon dhath leis an tsneachta agus
dó-fheicsinte dúinne. An cheud radharc fuair muid ar an
ghearrfiadh dar linn go rabh sé ionnann is gaibhte againn
agus leig muid gáir maoidhte asainn, ach bhí mearbhaill
orainn. Bhí sé tamall maith uainn ar réidh sléibhe, é a
tarraingt ar an chnoc agus fánaigh dian in ar n-aghaidh.
An madadh, bhí áthas agus cuthach air; agus ag fágáil an
toighe dhúinn bheirfead sé ar éan, shaoilfeá, bhí sé comh
haerach aigeannta sin; ach ní fada a dheachaidh sé go rabh
a anal ag clis air agus a theanga crochta as a bhéal le
teann saothair thríd an tsneachta. Bhí sé abhfad ní ba
throime na an gearrfhiadh agus theidhead sé ní ba dhoimhne
'sa tsneachta gach léim agus bhí an rith ag goilleamhaint
air cheana. Le nar sáile a bhí sé ag rith fá láthair. Bhí
sinne óg agus láidir agus rith an char-fhiaidh ionnainn agus
lean muid an gearrfhiadh suas an cnoc. Chuaidh sé thar
maol an chnuic suas agus chaill muid radharc air. Ach bhí
an lorg go sóiléir ins an tsneachta úir agus lean muid an
rian. Ag dul thar maol dúinn cha rabh an rian comh
soiléir. Bhí tomóga fraoich ann agus turtóga briste,
agus bhí lorga eile le feiceál; agus b'éigin dúinn bheith
aireach agus siubhal go mall le cinnteacht a dheanamh dé
gur lorg ar ngearrfhiaidh féin a rabh muid air. Bhí an
talamh an-deachair dúinn fósda; sliodáin agus puill
agus claiseacha ann agus iad líonta leis an tsneachta
i modh is go rachamaois isteach thar ar n-iascaidibh go minic.
Bhí an t-allus ag teacht linn go tiugh, an bheirt
againn, agus an madadh comh mall ina choiscéim le ceach-
dar againn; ach lean muid an lorg go foighideach agus go


L. 45


righin thríd an phortach anonn agus anall. D'éirigh áilín
cearc fraoich eadar ar gcosaibh nach-mór, agus chaith muid
na maidí leo ach ní baoghal gur roich muid iad. Lean
an madadh iad ach dar ndóighe d'éalaigh siad uaidh. Chá
rabh le deanamh aige ach seasamh agus tamhuinn in a ndéidh.



"Glaim con in déidh a sáruighthe."



Ach d'éirigh linn 'sa' deireadh ar ngearrfhiadh do chur ar
rith romhainn arís. Bhí aithne againn air anois. Ní
chaillfimís é dá mbeadh lán páirce gearrfhiadh timchioll air.
Gearrfhiadh mór láidir firionn do réir chuma; é ciar-
riabhach ar a dhruim agus ar chúl a mhuinéil, agus ar bhairr
a chluas; ach é ag eirghe liath ó sin síos, agus an tom-bán
air comh geal leis an tsneachta do bhí faoi n-a chosaibh.
Agus ba linne é dar ndóighe. Nár lean muid é agus é
ar aithne againn trí no ceithre míle? Bhí sé ar ar seilbh
beagnach. Ná cuireadh aoinneach isteach ná amach orainn
go mbeadh gréim againn air. Ar ngearrfhiadh féin!



Chonnaic muid an gearrfhiadh ag fágáil an phortaigh.
Chonnaic an madadh é agus leig sé glaim as. Bhí an
portach agus barr an chnuic ró-chumhang dó agus rinne sé
ar an talamh ísiol arís. Lean sinne é ar ár ndicheall,
thar bhruach an chnuic síos agus chonnaic muid romhainn é a
bhfad síos agus é ar a shean-rith romhainn. Bhí an fánaigh
leis anois agus a scithiste deanta aige 'sa' phortach agus
rith sé, ná léim sé, ní ba ghuiste na riamh. Ach bhí sinne ar
a thóir agus buntaiste na fánaighe linn comh maith is bhí
aige-san agus in aimhdeoin a dhichill bhí muid ag druidim
isteach leis. Siúd isteach i bpáirc é - páirc na gcaorach.
Bhí scata caorach ann 'na luighe cois claidhe ná ag iarraidh
bheith ag ingilt ar an fhéar ghairbh do bhí ag gubadh aníos ó'n
tsneachta ar bhruach díoga an chlaidhe. Chá dtug siad a dhath


L. 46


dhe áird ar an ghearrfhiadh nuair shleamhnuigh sé isteach ortha,
ach nuair tháinig sinne isteach 'sa' pháirc agus an madadh
ar ár sáilibh linn d'imthigh siad ar a shean-rith thríd an
pháirc. Chá rabh an gearrfhiadh le feiceál agus bhí sé
doiligh an rian a fhágháil ó'n méid lorg caorach do bhí ann.
B'éigin dúinn gluaiseacht go mall arís agus na lorga
d'infhiúchadh timchioll na páirce go bhfuair muid lorg ar
ngearrfhiaidh féin, ag imtheacht thar claidhe. Amach linn.
Lean muid an lorg ar feadh na páirce go
deachaidh sé amach thar claidhe arís isteach i bpáirc aiteann
agus annsin bhí muid i dteannta. Ba dheacair an lorg
a leanmhain, go mórmór ó bhí an áit lán do choinínibh agus
dá lorgaibh. Ach bhí seort aithne againn anois ar lorg
ár ngearrfhiaidh féin agus streachail muid linn thríd
na haitinne agus fuair muid an comhartha a bhí uainn
annseo agus annsiúd. Is iomdha stiall do reubadh as ár
gcuid éadaigh, agus as craiceann ár gcorp, dá ndeirfinn
é, le dealgaibh na haitinne agus na driseoga a bhí ag
fás ann. Ní thug muid áird ar na coiníní, ámh. Léimidís
amach ó dos agus isteach arís i ndos eile. Chuir siad
corruighe mór ar an mhadadh. Leigead sé glaim as nuair
atchidhfead sé ceann aca agus bhéaradh iarraidh sceimhle
thabhairt dó ach ní fada leanad sé iad ó bhí sé comh tuir-
seach sin, agus gortuigheadh na haitinne é. Chaith muid
cuid mhaith ama ins an pháirc sin agus sinne tuirseach go
leor dé, tráth léim ar sean-chara amach as turtóig
romhainn arís agus as go brathach leis. 'Tarraingt ar an
abhainn a bhí sé anois agus íochtar an ghleanna agus sinne go
teann in a dhéidh. Roich sé bruach na habhainne agus shuidhe
annsin ar a chorragob, ar bharr an phuirt, agus a dhá chluais
in áirde ar nós seilmhide ag teacht as a shliogán. Chár


L. 47


fhan sé abhfad ann ámh. Mhothuigh sé an tóir in a dhéidh
agus síos an port leis go dtáinig sé go dtí sruthán do bhí
ag teagmháil leis an abhainn. Stad sé arís agus d'amharc
uaidh. Annsin thug sé aghaidh ar an abhainn agus isteach
leis. Ní rabh an t-uisge ró-árd intí óir níor thoisigh an
sneachta do leaghadh fós. Anonn leis an ghearrfhiadh agus
anonn linne thríd an uisge, agus anonn leis an madadh.
Bhí an gearrfhiadh bocht ag tabhairt suas. Chá rabh do
uchtach aige an sneachta thabhairt air féin arís.



Síos leis ins an abhainn féin, corruair san uisge tanaidh
agus corruair ar an ghainimh agus ar an láib, ar chiumhas
an uisge. Bhí droichead ar an abhainn agus cabhsa ó'n
abhainn suas go dtí an bealach mór i neis do'n droichead.
Suas leis an ghearrfhiadh do mhall-léimeannaibh ar an
chabhsa agus anall ar an droichead arís. Sinne in a dhéidh.
Bhí an míol bocht ag deireadh na péice, an madadh níos
measa, agus sinne i riocht tuitim dár gcosaibh. Chá rabh
fonn ar cheachdar againn an bealach mór do fhágáil feasta.
Bhí casán beag buailte i lár an bhóthair ag na daoine ag
dul 'un Aifrinn dóbhtha ar maidin agus lean an ceathrar
againn an casán sin .i. an gearrfhiadh 'un tosaigh, mo
dheár'thair go dlúth in a dhéidh, mise giota síar ina dhéidh
sin, agus an madadh ag bogadaidh leis, abhfad síar in mo
dhéidh-se. Sin é an t-órdú bhí orainn an t-am casadh
orainn lucht an Aifrinn, iad ag teacht abhaile arís. Bhí
Tadhg Mór 'ac Pháidin ar an chead druing aca. Tháinig
bior ar a shúilibh nuair d'airigh sé goidé bhí chuige. Sheas sé.
Chár sheas sinne. Chár stad an gearrfhiadh; creidim
gur chuma leis fá'n am seo goidé thárlóchadh dhó. Ar
scor ar bith lean sé dá bhaoth-léimeannaibh go rabh sé eadar
a dhá chois ag Tadhg Mór. Rug sé sin gréim air, chas in


L. 48


áirde é, agus bhuail a cheann ar an ród go nár fágadh
splannc ann.



Comh luath is fuair mo dhéar'thair a anal leis,



"Is linne an gearrfhiadh sin," ar sé.



Scairt Tadhg leis an gháiridhe.



"An libh, an eadh? Cá bhfuil an teud a bhí agaibh air?"



"Ach bhí sé chomhair a bheith gaibhte againn, agus támaoid
ar a thóir ó mhaidin."



"An fíor é sin? Caithfidh mé innse do'n tsagart
gur mar sin a chaitheann sibh an Domhnach - ar lorg gearr-
fhiadh in áit a theacht 'un Aifrinn. Bhéaraidh sé greadadh
daoibh tá mé cinnte."



"Dálta Feidhlimidh na nDartán, tá siad ag bogadh síos
'un Aifrinn tráthnóna," arsa Aodh Gréasaigh, a bhí 'sa'
láthair; "ach dá mbéinn-se mar thú, a Thaidhg, bhéarainn
an gearrfhiadh do na páisdibh. Is leo é maith go leor,"



"Ní leat-sa é, má seadh, a Aoidh, agus dá mbéinnse
mar thú bhéarainn aire do mo ghnoithe féin."



Chár labhradh focal eile, dá labhartaoi bheadh troid ann
agus bheadh an bhuaidh ag Tadhg Mór. Bá hé an fear ba
láidre do bhí 'sa' pharaisde. D'árduigh sé an ghearrfhiadh
leis 'n a bhaile; gearrfhiadh inne. Uair na dhéidh sin
roicheamar ar mbaile féin go fuair friochar flichtte
agus ní mór an comhbháid bhí annsin romhainn; ach dubhairt
gach duine gur shuarach an rud do Thadhg Mór an gearrfhiadh
do bhreith leis.


L. 49


Goid ó Ghaduidhe



Ag iasgaireacht bradán a bhí muid, triúr gasúr againn,
agus sin i nganfhios do'n dlíghe, maidean Domhnaigh 'sa'
leath-fhoghmhair. Cochall agus gabhlán againn. Bhí an
aimsear maith agus an t-uisge ísiol 'san abhainn agus
chuartuigh muid na puill mhóra. Ag Poll na Sceithe
chonnaic muid bradán mór ach bhí an t-uisge ró-dhoimhin le
dul isteach leis an chochall. Rinne muid iarraidh air leis
an phíce ach bhí sé ró-ghasta dúinn, ní nár bh'iongnadh. Ach
bí cinnte nár stad muid do'n tóir. Bhí an triúr againn
sáidhte isteach 'sa' pholl nuair chuala muid guldar ar an
bhruach agus ní ró-fhada uainn. An báirseach do bhí ann,
sean-Chonchubhar Ó Ceallaigh. Chonnaic sé ó'n a thoigh féin
muid agus rith sé an méid a bhí ina chorp le stop do chur
linn. Bí cinnte nár fhan muid leis ach as go brathach
linn, síos an abhainn. Ní dóigh liom go rabh fonn air sinn
do gabhail na dul níos fuide leis an scéal: ach cibé ar
bith d'eulaigh muid uaidh gan duadh ach go rabh scannradh mór
orainn. D'fhág muid an cochall agus an gabhal in ar
ndéid agus d'árduigh Conchubhar leis abhaile iad.



Nuair tháinig muid abhaile d'innis muid an t-eachtra
agus ar thárluigh dúinn. Ba thruagh le mo athair an phíce
do cailleadh agus ba thruagh linne easbaidh an chochaill.



Bhí Toirdhealbhach "Beag" Ó Gallchobhair ar fosdadh
againn san am. Fathach mór láidir do bhí ann. Tugadh
"Beag" air ó bhí "Toirdhealbhach Mór" ar a athair.
Ghlac Toirdhealbhac go mór an scéal agus chogar sé liomsa


L. 50


dá dteidhinn leis an oidhche sin go dtiúbhrad sé arais na
h-uirleisí ar áis no ar éigin. Rachainn leis 'ar ndóighe
in áit ar bith. Ag am luighe an oidhche sin, shleamhnuigh
muid amach i ngainfhios do'n chuid eile do'n teaghlach.
Chuaidh Toirdhealbhach amach 'un an sciobóil agus chuir teud
láidir faoi n-a eascaill agus ar shiúbhal linn 'toigh sean-
Chonchubair. Cró beag cluthmhar dá sheomra do bhí ag
Conchubhar, agus boitheach bó i dteannta binn an toighe.
Chá rabh madadh na cat aige agus chá rabh comhladh ar aon
doras aige ach ar an toigh-comhnuidhe amháin. Chuartuigh
muid na toighthe beaga ach chan fhuair muid na ruda bhí uainn.
Annsin shleamhnuigh Toirdhealbhach go fuinneóigín na
cistinigh agus thug sealladh isteach. Bhí an áit suaimhneach
gan faic le feiceál. Chuaidh sé go fuinneoig an tseomra
agus b'é an scéal ceudna é. Chuaidh muid go binn an
toighe agus suas linn do dhreapaireacht go barr an toighe.
Cheangail Toirdhealbhach barr an teuda timchioll mo chuirp
agus d'ísligh síos mé san pholl-deataigh. Chá rabh ró-
fhada agam le tuirlingt óir chá rabh an teach ró-árd agus
cha rabh seimléir ar bith air. Dubhairt sé liom an teach
a chuartú agus nuair gheobhainn na neithe bhí uaim iad do
chur suas chuige agus go leigfead sé anuas an rópa
arís agus mise do tharraingt aníos, ach dá mothuighinn aon
chontabhairt fá leith lúb an rópa bheith timchioll orm agus
a tharraingt go tapaidh dá uair agus go dtarraingeochad
séisean aníos mé go gasta.



Dá luathas roich mé urlar na cistinigh mhothuigh mé
srannfartaigh trom i neas damh. Nuair ba léir do mo
shúilibh an áit timchioll orm thug me fa deara leabaidh ar
chúl na cistinigh agus an lanamha na luighe innti. Sean-
Conchubhar ba neasa damh agus b'é bhí srannfarataigh.
Tháinig diabhlaidheacht in mo cheann i gceadóir. Chuar-


L. 51


tuigh mé an toigh agus fuair me an cochall crochta in áirde
agus an phíce ar chúl an dorais. D'infhiúch mé an doras
féin agus fuair mé gur sparr do bhí ar an taoibh istigh
agus bhain mé an sparr dó. D'fhág mé an cochall agus an
phíce ar an taoibh amuich agus phill mé arais 'un toighe.
Ghlac me lúb an téid, rinne mé dul dé agus chuir mé an
dul timchioll ar dhá chois Chonchubhair, agus thug dá tharraingt
gasda dó. Thuig Toirdhealbhach gur bh'é an comhartha bhí
socruighthe eadrainn é, agus tharraing sé an teud chuige.
Streachail sé cosa Chonchubhair thar cholbha na leaptha leis
an cheud tarraingt agus bhí sé ar an urlar leis an dara
tharraingt. 'Ar 'ndoighe leig sé béic as, léim Sean-
Bhrighid as an leabaidh agus sceon uirthi. Dá luathas
chonnaic sí an bhail a bhí ar a fear-chéile agus an ceangal
do bhí air, agus an tarraingt, rug sí féin barróg ar a
chorp, agus liúrach aisti. Tharraing Toirdhealbhach aníos
le h-iomlán a nirt óir shaoil sé go rabh mise gaibhte aca,
agus iad, beirt, in a choinne. Anonn is anall leo thrid
an luaithreadh a bhí ar an teallach go rabh na haibhleóga
coigilte nochtuighthe aca. Ach ar ball bhí mé ag binn an
toighe agus scairt mé le Toirdhealbhach. Scaoil sé leis
an teud agus léim anuas. Ar shiúbhal linn. Chár thuig sé
go dtí abhfad 'na dhéidh sin an cleas a d'imir mé air, dá
dtuigead sé ní slán a thiocfainn abhaile. Nuair bhí muid
giota maith o'n toigh stad Toirdhealbhach ar a choiscéim
agus dubhairt.



"Chan éireochaidh Conchubhar as an toigh anocht agus is
fearr dúinn dul ar lorg an bhradáin mhóir."



"Chár loc mise 'riamh ort," arsa mise.



Bhí an bradán mór ar an áth agus bradán mór eile i
gcomhluadar leis. Rug muid ar an bheirt aca agus bhí
siad linn abhaile maraon leis an chochall 's an phíce.


L. 52


Cnoc Maolruanaidhe



Tá Gleann Domhain i dTírchonaill, tuairim is deich
míle siar ó Leitirceannain agus dá mhíle ó Ghartan, áit
ar rugadh Columcille. Tá Loch Beatha, na Loch Beithe
i lár an ghleanna agus an abhainn Leannáin ag rith as bun
an locha sin. Ar an taoibh abhfus do'n loch, tá cnoc beag
maol ar a dtugtar Cnoc Mhaolruanaidhe. Cé'n fath ar
tugadh an t-ainm sin air? Ní annsa. I ndinnseanchus
na háite bhí scéal ag gabhail leis agus seo é an scéal mar
a chualas é suas le leith-cheud bliadhan ó shoin.



'Sa tsean-aimsir abhfad siar 'chá rabh Cnoc Maol-
ruanaidhe comh maol tárnocht is tá sé fá láthair, óir bhí
fás coilleadh ar an chuid is mó do'n tír mar atá ar
malaidhe Leithfrinn thall annsin í dtólaimh. Bhí fear
cráibhtheach ina chomhnuidhe leis féin i gcró beag i lár na
coilleadh ar thaoibh an chnuic sin. Maolruanaidhe b'ainm
dó. Bhí an oiread sin fuatha aige ar dhíomaointeas agus
ar bhaoise an tsaoghail gur thréig sé an saoghal, a cháirde
agus a mhuintear agus d'imthigh go dtí an áit iargcúlach
sin lena anam a dheanamh. Bhí a cháil leathta thríd an
duthaigh ar a throsgadh agus ar a urnaidhe agus ar a chréid-
eamh agus a chráibhtheacht.



Is mar gheall ar seo tháinig éad agus formad as
cumise ar an aidhbheirseoir, agus go mór-mór ar an meud
anam do bhí sé ag tarraingt do chum Dé, lena dheagh-


L. 53


shompla agus lena dheaghbheatha; agus chuir sé an iomad
ainspiorad ó ifrionn shíos le cathú do chur ar an duine
chráibhtheach agus é tharraingt ó Dhia. Chlis ortha uilig, má
seadh, in déidh a chéile ó mhéad urnaighthe agus trosgtha
Mhaolruanaidhe agus phill siad go h-ifrionn uilig go léir
agus an gháir leo fá dhílse agus daingne an fhir naomhtha
do Dhia.



Do ghabh fearg mhór Sátan le linn an ama sin gur chuir
sé deamhna eile ní ba threise agus ní ba ghlice ná a chéile
ionns' air le cathú do chur air. Chá rabh a dhath dho mhaith
aca ann. Ní fheudfad siad fiú druidim isteach san chró
agus nuair thigead séisean amach bhíod sé go síor ag gabhail
dá phaidreacha, ná ag midhmhidhinn agus ag machtnamh ar
neithib díadha. Théidheadh gach ainspiorad aca arais go
hifrionn agus d'innseadh do'n tsean-diabhal nach rabh gar
bheith ag dréim le Maolruanaidhe do shárú óir go rabh Dia
féin agus a chuid aingeal aga choimhead agus ag cabhrú
leis. Do chuir na tuairisge sin buile ar fad ar Sátan
go dtí 'sa' deireadh gur chinn sé comhairle gabhail é féin
ag braith go n-eireochadh leis Maolruanaidhe do mhilleadh
agus a tharraingt as an chasan chóir. Do thairbhe an rúin
sin tháinig sé tráthnóna amháin lé tuitim na hoidhche agus é
i ndeilbh mná óige agus d'iarr lóisdín ar an deagh dhuine.
D'eitigh Maolruanaidhe í, agus dhíbir sé ón doras í le
foclaibh borba doicheallacha. Bhí an oidhche fliuch doin-
eanta dorcha agus ní luaithe phill Maolruanaidhe isteach
ina chró féin ná tháinig seort aithreachais air an cailín do
chur ó'n toigh a leitheid do oidhche, óir d'innis sí dó (rud ba
bhréag dí) go rabh sí ar seachran 'sa' choill agus go rabh
eagla uirthi go gcaillfidhe í. Ach ó díbreadh í chá deárn
sí ach gabhail thart go cúl an toighe agus ceol do ghabhail;


L. 54


an ceol ba bhinne agus ba truacanta dár chuala cluas
ariamh.



Ó bhí truaigh ag Maolruanaidhe do'n chailín bhocht, mar
shíl sé, an ceud uair, d'éist sé anois lena ceol agus chuir
spéis agus andúil ann; ach bhí do rath Dé air nar leig sé
isteach í. Ar uair an mheadhon-oidhche d'imthigh an diabhal
leis ar ais go h-ifrionn. Bhí barramhail ghéar aige,
ámh, go rabh an báire bainte aige agus go rabh an fear
cráibhtheach ina dhul. Fuair Maolruanaidhe suaimhneas an
chuid eile do'n oidhche sin; ach, mo bhron! in áit a bheith
ag gabhail a urnaighthe mar ba ghnáthach, chaith sé an chuid eile
do'n oidhche go rabh breacadh an lae ann ag cuimhniú ar
scéimhe an chailín agus ar bhinne an cheoil.



Chá rabh dubh na hoidhche ann ar n-abhárach go dtáinig an
sean-diabhal arais agus an chuma cheudna air, agus d'iarr
lóisdín ar Mhaolruanaidhe. Dhiúltuigh Maolruanaidhe é,
bíodh gur leisg leis a dheanamh, ach chuimhnigh sé ar a mhóid
agus ar a chráibhtheacht agus nár leigeadh bean ná cailín
isteach 'sa' chró sin ariamh. Chuaidh an bréig-bhean thart go
cúl an toighe agus do ghabh ceol ní ba bhinne na riamh.
Lean sí do'n cheol sin go dtí an mheadhon-oidhche agus
annsin b'éigin dí imtheacht léithe arais go hifrionn. Bhí an
fear istoigh ag éisteact, agus cluas air, leis an cheol
agus chuir sé spéis agus andúil ann. Nuair stad an
ceol tháinig cumha agus buadhairt-aigne air. Bhí sé
corruighthe go mór agus chár chodluigh sé neul an oidhche sin.
Ní mó ná sin dubhairt sé focal urnaighthe ach ag síor-
mhachtnú ar an ógmhnaoi, ar scéimh a crutha agus ar bhinneas
a glóir.



Ar maidin lá tharna bhárach d'éirigh Maolruanaidhe as a
leabaidh agus b'éidir gur chogair aingeal ina chluais an


L. 55


contabhairt anma do bhí air, óir chuimhnigh sé nár chóir dó
oiread áirde do thabhairt ar chailin agus a chuid urnaighthe
do dhearmadadh. Lúb sé a ghlúna agus thoisigh sé ar
urnaighe go dian duthrachtach agus rinne sé rún daingean
nach smuanfad se níos mó ar an chailin ná ar an cheol.
Ac 'na dhéid sin is uilig chár eirigh leis buaidh iomlán do
bhreith ar a shmuaintibh fá dtaoibh do'n ógmnaoi, agus d'fhan
sé eadar dá chomhairle go dtáinig an tráthnóna.



I dtráthaibh clapsholuis, tháinig an t-aidhbheirseoir arís
i gcruth an chailín, agus í ní ba dheise agus ní ba scéimhighe
na bhí sí cheana féin, agus d'iarr sí lóisdín oidhche ar
Mhaolruanaidhe. Chuimhnigh sé sin ar a mhóid agus ar an
rún do chinn sé ar maidin an lae sin agus d'eitigh sé í.
Bhagair sé uirthí imtheacht agus gan teacht arís dá bhuaidh-
readh. Thiomáin sé ó'n doras í le garbh-fhoclaibh borba
agus le gnúis dhorrdha dhoicheallaigh. Bhí fearg mhór air
léithe ar an sárú chuir sí isteach ag iarraidh brughadh isteach
ina chró ar neimhchead dó. D'imthigh sí go mall agus go
righin go binn an toighe, í ag gol 's ag caoineadh (mar
dheadh) agus phill séisean isteach ina chró féin.



Nuair a mhoithigh sé í ag gol 's ag caoineadh, agus an
oidhche dhoineanta is a bhí ann ghlac truaigh mhór dí é, agus
tháinig grádh ina chroidhe dí agus chuir sé dúil innti; agus
chár ghlac sé saothar na hainmhianta sin do chosg, ó nach
ndéarna sé a phaidreoracht ar na mallaibh le croidhe ghlan
mar ba bhéas dó roimhe sin. Thoisigh sí ar an cheol arís
ní ba sith-bhinne na riamh. Stad croidhe Maolruanaidhe
do éisteacht leis. Níorbh fhada ina dhéidh sin go deachaidh
sé amach, in aimhdheoin a mhóide agus a dheagh-rúin, agus
thug isteach ina chró í. Deirimse libhse nach déarn sí lá
moille go rabh sí istoigh cois na teineadh aige.


L. 56


Is annsin ghlac Rí na nGrás truaigh do Mhaolruanaidhe.
Chár mhaith leis a dhaoradh gan faill aithrighe do thabhairt dó,
ó bhí sé ariamh go dtí sin fíor-chráibhtheach, duthrachtach,
carthanach, soineanta, sóbhéasach, deagh-oibreach agus fíor-
dhíleas do Dhia go dtáinig an cathú mór sin a bhealach. Ar
an adhbhar sin chuir Dia aingeal chuige mar theachtaire dhó
iarraidh air aithrighe do dheanamh. Tháinig an t-aingeal
chuig Maolruanaidhe. Bhí an cailín diabhlaidhe ina chomh-
luadar fós. Do phreab sí ina seasamh le scread gonta
agus d'athruigh a dath, a dealbh agus a cruth. An sean-
diabhal féin do bhí ann ós comhair a shúl, ina chruth diabh-
laidhe féin agus gnuis dheamhnach air. Thionntuigh sé an
ghnúis sin o'n aingeal agus scriord leis as an doras.
'Hobair go scarfadh a chiall le Maolruanaidhe leis an
scannrad tháinig air. Nuair shocruigh sé síos beagan
chuir an t-aingeal in umhal dó méad an pheacaidh dár
ghéill sé, agus a theachtaireacht féin ó Dhia dó; d'órdú dó
aithrighe do dheanamh. Chár chreid Maolruanaidhe é, ámh.
Bhí fhios aige anois gurbh é an diabhal do bhí ina chuideachta
i gcrúth mná óige. Chuimhnigh sé ar an pheacadh ina rabh sé
cionntach, agus mar do bhris sé a mhóid agus thréig Dia ina
urnaighe. Chuaidh sé in éadochas agus shíl sé nach dtiubhradh
Dia maitheamhnas dó go bráthach. Shíl sé fósda gur ag a
mhealladh do bhí an t-aingeal nuair thrácht sé ar aithrighe
agus ar mhaitheamhnas. Chár chreid sé gur aingeal do bhí
ann ach ainspiorad eile.



Bhí foighid ag an aingeal leis. Labhair sé go séimh agus
go macanta leis. D'innis sé dhó fá ghrádh agus fá charth-
anacht Dé, agus fá nar dhiúltuigheadh riamh maitheamhnas
do'n fhíor-aithrigheach dá throime a chuid pheacadh. Chár
éist Maolruanaidhe leis ach an gáirbháidhte as a bhéal i


L. 57


dtólaimh go rabh sé caillte; agus ag eascaine ar Dhia,
ar an diabhal, agus air féin. Chár stad an t-aingeal
ach ag impidh agus ag athcuinge air tionntú ar Dhia agus
aithrighe a dheanamh. Ba bheag an gar dó é. Chár stad
Maolruanaidhe ar chor ar bith do'n chasoideacht agus é
ag stealladh na mionn mór agus an Dia mhaslaidh as i
dtólaimh.



Comh fada is bhí an t-aingeal ag cainnt bhí coinneal
lasda aige ina láimh. Fá dheireadh thiar bhí an choinneal
uilig dóighte ach tuairim is órdlach do'n bhun. Tháinig
gruaim agus fearg ar ghnúis an aingil. Sheas sé siar
ós coinne Maolruanaidhe agus bhagair sé go rabh a seal
cáirde nach mór caithte. "Agus," ar séisean, "mura
ndeanaidh tú aithrighe sul a bhéas an t-órdlach seo do'n
choinneil dóighte ní thiubhraidh Dia níos mó cáirde dhuit,
agus daorfar go h-ifrionn thú ar feadh na síoruidheachta."



Tháinig tosd ar Mhaolruanaidhe agus ar feadh mói-
méinte chuimhnigh sé ar chomhairle an aingil do dheanamh.
Ach i ndroch uair dó féin tháinig an t-éadochas arais air,
agus sé an fhreagair a thug sé ar an aingeal.



"Mar dhoigh mé an choinneal dóighfidh mé an t-órdlach."



D'athruigh an t-aingeal i ndeilbh agus i gcruth, agus
labhair sé feasda i nglór mór millteannach.



"A dhuine dhona," ar sé. "Tá tú caillte anois
dairíribh, óir chaith tú uait grása Dé. Agus is é seo
breith Dé ort .i. gheobhaidh tú bás i mbárach, do thart;
agus mura ndeanaidh tú aithrighe roimhe ré rachaidh tú
díreach go h-ifrionn ó'n áit seo."



Leig Maolruanaidhe scairt gáire as.



"A aingil bhréagaigh (má's aingeal tú, agus ní h-eadh)!
Tá fhios agam anois gur ag mo mhealladh bhí tú. Ní


L. 58


féidir go bhfuighinn bás do thart 'san áit seo, agus an
oiread uisge is tá timchioll orm. Tá tobar fíor-uisge
ós coinne an dorais amach nár thiormaigh riamh, tá abhann
tamall siar ó bhinn an toighe do thionntochadh róth muillinn
an lá samhraidh is teodha dá dtáinig riamh; agus siúd
síos Loch Beithe ar a snámhfadh cabhlach long. Is mór
an amaide dhuit, a aingil bhréagaigh, a shamhladh go bhfeud-
fadh duine ar bit bás fhágháil do thart san áit seo."



Ach d'imthigh an t-aingeal uaidh gan fhreaghair.



Chuaidh Maolruanaidhe dó luighe ina dhéidh sin; ach má
chuaidh féin chán do chodladh chuaidh sé. Bhí sé ró-chorruighthe
agus ró-bhuadhartha ina aigne le codladh. Thuit néal beag
air sa deireadh ach mhusgail sé as agus mhoithigh sé an
tinneas agus an tart air. D'éirigh sé as an leabaidh
agus chuaidh go dtí stópa an uisge ach chá rabh deor ann.
Amach leis go dtí an tobar; dheamhain deor do bhí ann;
ach tóin an tobair nochtuighthe, agus an ghrian ag soillsiú
air. Rith sé go dtí an abhann. Bhí sí dísgthe, agus an
ghainimh bhán ag magadh faoi; an grinneal agus na mion-
chlocha comh geal tirm is dá mbeadh gan deor fhearthana
d'fheiceál le bliadhain anuas. Chuimhnigh Maolruanaide
ar tharraingreacht an aingil agus leig sé ollghlór as do
chluinfeá ag Mín a Lábáin. Tháinig crith ina bhallaigh agus
mhéadaigh an tart agus an t-uathbhás air. D'imthigh sé
ar a shean-rith do chum Locha Beithe; ach ar theacht dó go
bruach an locha leig sé a shean-bhéic as agus thuit ina mhalcán
marbh ar an talamh. Bhí Loch Beithe tirm roimhe!



Annsiúd agus marsiúd do fuair buachaill bó é ar
maidin ar n-a bhárach; é 'na luighe ar bhruach an locha, a
shúla ag imtheacht as a cheann, a theanga sínte amach as a
craos, agus cnap chubhair ghil timchioll a bhéil. Do b'é


L. 59


an chuma uathbhais do bhí air nach leigfeadh an eagla do na
daoinibh dul ina chomhair le n-a adhnacadh; agus fágadh a
chorp ina luighe annsin ós cionn talaimh go rug na brain-
éin agus na madaidh allta leo é.



Siúd mar tharluigh do Mhaolruanaidhe do bharr a pheacadh,
agus a éadochais; agus ariamh ó shoin chár mhaith le daoine
na h-áite seo an seanrádh sin, "mar dhóigh mé an choinneal
dóighfidh mé an t-órdlach" bíodh is go bhfuil sé soineanta
go leor ar bhealach eile. Bíodh fiadhnuise mo scéil
ar Chnoc Mhaolruanaidhe. Tá sé annsiúd go fóil, ach tá
sé maol go leor anois, go haithrid ar lá gheal shneachta i
lár an gheimhridh.


L. 60


"Pádraig"



"Ar mhoithigh tú sgéala ar bith ar Phádraig le fada
ariamh, a Pheadair. Is fada imthighthe anois é agus gan
litir uaidh ná gan tuairisg an bith air. Budh ghnáthach
leis scríobhadh ar dtús; ach le fada an lá chan fhuil focal
uaidh. An féidir go bhfuil sé beo in áit ar bith agus gan
scéala 'chur chugainn. An síleann tú an mbeadh aon
mhaith ann damhsa dul ar a lorg? Dubhradh liom gur
dhubhairt mac Sheumais Bhig iar dteacht ó Astráil dó go
bhfacthas Pádraig - Pádraig s'againne, i Sidnigh seacht
mbliadna ó shoin agus má bhí sé annsin an uair sin d'fheud-
fad sé bheith ann go fóil agus dá dtéidhinn ann díreach
b'éidir go bhfuighinn tuairisg éigin air ann sin."



Mo dhuine muinteardha Seághan Mac Dáibhid do bhí ag
cainnt liom agus ba mhinic dó bheith ar an phort sin. Ó
d'fhág a dheár'thair Pádraig an baile fiche bliadhain roimhe
sin bhíodh an port ceudna nach mór as a bhéal i dtóláimh "ar
mhoithigh tú aon scéala ó Phádraig - Padraig s'againne."
Gasúir do bhí ionnta araon an t-am sin - gasúir
bhoga; Pádraig 'na bhuinneán mhór scaoilte gan chríonacht,
gan chruadhas gan urchóid: Seágan 'na shruailleamán
chaol árd, dhá bhliadhain ní ba óige 'na Pádraig agus an
chiall cheudna aige. Is cuimhin liom go maith an mhaidin
shamhraidh a d'fhág Pádraig an gleann ag dul go 'Meirioca.



Bhí "faire Meiriocánach" againn i rith na hoidhche agus


L. 61


b'éigin do Phádraig an tslighe do bhualadh go luath ar
maidin dho tharraingt ar Dhoire, áit a bhfuighead sé long
go 'Meirioca. An duine bocht! Bhí sé ag tuitim as a
sheasamh le cumha is le brón; na deora ag tuitim uaidh
amhail fras fearthainne, agus sa' deireadh agus é ag
scarthain ón a cháirde, é ag caoineadh ar nós leanáin sidhe.
B'éigin dá cháirde sa' deireadh a streachailt isteach i
sean-thruacail ar a rabh a bhagáisde agus an gearrán
do chur ar sodar i modh is go rabh sé as amharc agus as
éisteacht comh luath is a b'éidir é. Agus Seághan bocht a
fágadh sa bhaile bhí sé lán comh dona leis an fhear a d'imtigh.
Ag gol 's ag caoineadh bhíodh sé ó ló go ló agus ainm
Phádraig - Pádraig 's againne, in a bhéal ó mhaidin go
faoi. Bhí athair agus máthair na beirte fágtha fós agus
deirbhshiúr ach níor ghoill imirce Phádraig ar cheachtar aca
mar ghoill sé ar Sheaghán Bhocht. Scríobh Pádraig ó Nua
Eabhrac agus thug sin faoiseamh beag do Sheághan, bíodh
go rabh an litir féin brónach go leor. Scríobh sé arís
ó bhaile mhór éigin na mílte míle ó Nua Eabhrac; agus
scríobh sé anois agus arís ó áit éigin ins na Státaibh ar
feadh roinnt bhliadhan; annsin stad na litre. Ach
chualathas tuairisg air anois agus arís; chonnaic an té
seo é nó chuala an té úd go bhfaca duine éigin eile é.
Ag obair ar na bóithribh iarainn a bhíod sé : ag tógbháil
na mbóithre iarainn, obair throm chruaidh mharbhthach ag ar
chaith na mílte Gaedheal a mbeathaí goiride suaracha.



Ní deágh-thuairisgí, ná tuairisgí molta, ná tuairisgí
thigeadh anall ar Phádraig. Bhíod sé ag ól agus ag
bruighin agus ag caitheamh a chuid airgid a shaothruigh sé go
cruaidh go hamaideach. Ach char innseadh na scéalta seo
do Sheaghan. Bhí fhios ag gach aon duine go mbrisfeadh sé a


L. 62


chroidhe ina lár. Hinnseadh dó go bhfacthas Pádraig, go
rabh sé ag obair, go rabh sláinte mhaith aige agus mar sin.
Ach in éis treimhse bliadhan stad na tuairisgí féin agus
cailleadh Pádraig .i. d'éuluigh sé as amharc aon duine do
chuirfeadh scéala abhaile faoi. Is annsin mheuduigh ar
bhrón Seághain agus thosuigh sé ag cainnt ar ghabháil go
'Meiriocá ar lorg tuaraisge nó do chuartú Phádraig.
Ach chá deachaidh sé : bhí an turas fada agus costasach agus
bhí an tír úd mór agus aimhréidhteach agus diamhrach. In
éis roinnt bhliadhain eile tháinig an scéala úd ó Austráil
- gur facthas Pádraig i Sidnigh, agus do bhí ughdar
measardha mhaith ar an scéal. Is annsin thosuigh Seághan
ag trácht thar turas go hAustráil ar lorg Phádraig ach cha
deachaidh sé ar an turas. Bhí an tslighe ní b'fhuide na
riamh agus ní ba dhiamhraighe. Ach bhíodh Seághan bocht ag
caoineadh Phádraig ní ba mhó ná riamh, gan sólás ná sos
ar nós Rachel ins an Scrioptúr.



Gach uair do chasfainn-se air chuirfeadh sé an cheist
thruaigh-mhéileach cheudna orm .i. "Ar mhoithigh tú scéala ó
Phádraig - Pádraig s' againne, le fada?" Bhíomar ins
an bhaile mhór an lá ceudna agus ag port an bhóthar
iarainn - casadh ar a chéile sinn annsúd : mise ar lorg
earraí de chineál éigin agus Seághan gan aon ghnó ach gur
mhaith leis port an bhóthair iarainn do thathú. Sílím
gurbh é an smuaineadh do bhíodh ar chúl a chinn aige gurbh é
sin an bealach thiocfadh Pádraig abhaile agus go rabh seans
ann i gcomhnuidhe go dtiocfad sé uair éigin ar thraen na
maidne ná ar thraen an tráthnóna. Bhí traen an tráth-
nóna ag teacht isteach díreach agus sinn ag cainnt agus
d'eirigh drong mhór dhaoine as, eadar fhear agus bean,
eadar bocht agus nocht agus saidhbhir. B'iad na daoine


L. 63


ba mhó chuirtí spéis ionnta i dtoláimh na "Poncánaigh iar
bhfilleadh," mar tugtaoi ortha agus bhí roinnt aca ar an
traen seo do réir chuma, óir bhí cruach mhór bocsaí agus
bagáisde ar an leath-árdán gan mórán moille; agus
mhoitheochá an Béarla srónach in do chluasaibh ar teacht
isteach dh'amharc ortha.



Bhí fear árd liath ortha a tháinig anall go muinteardha
chugainn agus labhair go macanta le Seághan. "Scrios
Dé ar m'anam," ar sé "mura measaim gur tú mo
dheár'thair Seághan," ag leigint scairt gháirí as. Sheas
Seághan mar bheadh dealbh chloiche ann, agus annsin leig
scread gonta as eadar gáire agus caoine agus dubhairt:
"Sé Pádraig atá ann - Pádraig s' againne," agus
rug sé barróg air gur dhearc sé ina shúilibh agus thug póg
dó ar a bhéal agus chuimil a chuid éadaighe lena lámhaibh
mar a dhéanfadh máthair mhúirneach lena leanbh dhá bhliadhan.



Thángamár anuas an tsráid agus an cheud seársa
dúinn isteach i dtoigh tábhairne. Ceannuigheadh cuid
mhaith óil agus bhí cuid againn ar meisge ar ghabháil abhaile
dhúinn. Ach bhí Pádraig ar na stealltrachaibh agus gach
mionna mór agus focal garsamhail as a bhéal nár cluineadh
a leithéid sa ghleann ó d'áitreabh clann Mhílidh é. Lá thar
na bhárach bhí an meisge imthighthe ach bhí sé searbh agus droch-
mhúinte - drochmheas aige ar ghac uile rud dá bhfaca sé.
Bhí Seághan leis féin le cúig bliadna anuas mar d'eug a
athair agus a mháthair agus pósadh a dheirbhshiúr agus bhí sé
leathtromach go leor 'sa toigh. Rinne Pádraig ádhbhar
magaidh de gac rud: sin ná ádhbhar tromaidheachta dhá
dhéanamh aige ar Sheághan bhocht. Ar dtús rinne sé iar-
racht ar léigheas do chur ar an scéal é féin. Dhéanfadh
sé seo agus siúd leis an fheirm agus leis an teach : agus


L. 64


chaith sé cúpla lá ag obair go láidir ag leagadh claidhe
eadar dhá gháirdíní beaga le garrdha mór a dhéanamh díobh.
Ach char bhfada gur éirigh sé tuirseach. Agus bhíodh tart
ar i dtóláimh agus an meisge in éis an tart.



Nuair labharfadh Seághan leis ag moladh dó an t-uisge
beatha do sheachnadh steallfadh sé na heasgainí leis agus
bhagrochadh air gur leis féin gach a rabh fán toigh óir gurb é
an mac ba shine é féin. Níor mhair Seághan an íde seo
ró-fhada. Bhris a chroidhe, agus thug sé suas a anam.
Chonnaic mé é ar leabaidh a bháis, seachrán meara an bháis
air, agus b'iad na focla amháin adubhairt sé liom gur
thuigeas : "ar mhoithigh tú scéala ar bith ó Phádraig -
Pádraig s' againne, le fada, a Pheadair? Is fada ar
shiubhal é agus gan litir uaidh - gan tuairisg air. Ba
ghnáthach leis scríobhadh ar dtús."



Pádraig féin - "Pádraig s'againne," Leanann trí
pictiúirí dé in mo chuimhne (1) an sliomach bog soineannta
deórmhar caointeach a d'fhág an gleann an mhaidin shamhraidh
úd fadó (2) an fear láidir liath magamhail scigeamhail
a rabh dúbháilcí dhá mhór-roinne de'n domhan in a iomchur
agus in a chroidhe; agus (3) an radharc deirionnach a fuair
mé air; fear cromtha cráidhte briste gan chabhair gan
cháirde gan mhaoin shaoghalta ag tarraingt ar thoigh na
mbocht agus ar an uaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services