Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faire Pháidí Mhóir agus Pósadh Chonaill Bhig
Title
Faire Pháidí Mhóir agus Pósadh Chonaill Bhig
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Pen Name
Ó Chúige Uladh
Composition Date
1922
Publisher
Preas Dhún Dealgan
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Faire Phaidí Mhóir. "Nach bhfuil faire orainne, a mháthair, ag muintir Phaidí Mhóir?" arsa Donnchadh s' againne le mo mháthair, nuair a bhí an t-eallach uilig ceangailte tráthnóna agus an searrach faoi ghlas sa bhóitheach aige. "Maise tá," arsa sise. "Agus tá tórradh agus ofhráil orainn. Tháinig sí fhéin isteach 'un toighe annseo nuair a bhí do mháthair mhór marbh agus dhíol sí sgilling d'ofhráil os a cionn. Thig leat fhéin is leis an ghirrsigh sin bogadh libh suas ar ball beag, eadar seo agus gabháil ó sholus dó." Choinnigh mé fhéin súil ortha; agus nuair a mhothuigh mé ag imtheacht iad, bhí mé 'sna sálaibh acu. "Cá bhfuil tusa ag gabhail?" arsa Donnchadh liom fhéin, nuair thug sé fa deara mé ar a chúl. "Tá mé ag gabháil 'un na faire," arsa mise. "Nach bhfuil sé comh córtha agam-sa ghabháil ann libh-se?" "B'fhearr duit fanacht sa bhaile agus gan an maighistir a bheith a' do bhualadh i mbárach fa gan bheith ábalta ar dadaidh a léigheadh dó," arsa seisean. "Innseochaidh mise do mo mháthair," arsa mé fhéin, ag pilleadh ar mo chois, "go rabh tusa ag caint le nighin Shéarlais 'ig Ruaidhrí ag teach an phobail indiu." "Seo, siubhail leat annseo," ar seisean, "ach ná bhí 'gha rádh go mbéidh tú tinn i mbárach nuair a bhéas an t-aos óg eile ag gabháil 'un na sgoile." Bhogamar linn ar ar suaimhneas agus níor mhothuigh- eamar go rabh an oidhche dhubh dhorcha orainn. Thoisigh
Donnchadh dh'innse sgéalta fa thaidhbhsibh gheall ar mé fhéin a sgannradh. "Marbhadh fear faoi'n bhinn sin thuas fad ó shoin," ar seisean. Baineadh aon léim amháin asam fhéin, agus murab é go rabh an bheirt acu liom, níl a fhios goidé mar bhainfinn teach nó áit amach a choidhche. "A Dhonnchaidh," arsa mo dheirbhshiúr, "nach dtig leat ciall a bheith agat agus gan an gasúr a chur as a chrann cumhachta le do chuid sgéalta amaideach." (Bhéarfainn mo mhionna gur mhó an eagla bhí uirthi fhéin 'ná mar bhí ar an ghasúr san am.) Ach ar dhóigh ar bith bhaineamar teach na faire amach. Chuamar suas 'un na leabtha ag teacht isteach dúinn gur chuir paidir le hanam an chuirp a bhí sínte innti. Shaoil mé fhéin nach rabh aonduine sa teach nach rabh a shúile sáithte ionnam a fhad is bhí mo bhearád díom agus mé ag iarraidh bheith ag guidhe ag taoibh na leabtha. "Gabh annseo," arsa bean mhór reamhar a bhí 'na suidhe sa choirneál, liom fhéin, nuair a chonnaic sí me ag cur mo bhearáid orm. "Suidh ar an stól seo." Sul ar mhothuigh mé bhí greim láimhe aici orm gur fhág 'mo shuidhe annsin ar an stól mé a chois na teineadh. Creidim nach rabh oiread de chotú orm dhá uair ariamh is bhí orm an oidhche sin. Bíodh a fhios agat dá mbéinn-se sa bhaile, i n-áit bheith 'mo shuidhe ag an teinidh i dtoigh Phaidí Mhóir ar an uair sin, go bhfanfainn ann. Níor fhan aon dheor fhola in mo chorp nach dtáinig aníos in m' aghaidh le náire ag deanamh nach rabh aonduine sa teach nach rabh ag amharc orm agus greim láimhe ag an mhnaoi chóir orm. "Agus goidé mar atá do mháthair, a thaisge?"
arsa sise liom fhéin annsin, nuair a fuair sí 'mo shuidhe mé. "Tá sí go maith," arsa mise eadar m'fhiacla. "Maise is maith liom dá fheabhas dá mbéidh sí," arsa'n bhean reamhar. "Cé leis an gasúr?" arsa seanduine beag dubh a bhí ina shuidhe ar chathaoir ag cionn an tábla agus é ag gearradh tobac agus 'gha chur ins na píopaibh. "Le Róise Phádraic Róise Duibhe maise," arsa'n bhean mhór. "Nach n-aithneochá ar na daoinibh é?" "Maise ní aithneochainn a choidhche é," arsa'n fear dubh, ag síneadh amach a láimhe agus ag breith greime orm fhéin gur chroith lámh go carthannach liom. "Agus goidé mar atá do mháthair, a rún?" ar seisean annsin. Sul a rabh faill agam fhéin 'seadh nó ní headh a rádh bhí teanga an fhir dhuibh ar bogadh aige arís. "Bhí mé le ghabháil soir 'ach a'n lá le seachtmhain dh'amharc ar an ghamhain udaidh agaibh, ach bhuail taom thinnis annseo Brighid Dia Luain s' chuaidh thart is cha dtáinig liom an teach a fhágáil go dtí tá leath-uair ó shoin, go dtáinig mé anall annseo le cupla uair a chaitheamh ar an fhaire. Abair le do mháthair go mbéidh mé soir tráthnóna i mbárach má thig liom ar chor ar bith é." "Mo dhearmad, a Shéimí," arsa bean bhreagh shochma shoineannta a bhí ag caitheamh a píopa ar an taoibh eile den teinidh, "is goidé mar atá Brighid indiu?" "Leoga níl sí acht go leath-mheasardha, a Nóra," arsa Séimí. "Ach níl ádhbhar éilimh againn a fhad is thig léithe bheith eadar an teinidh is an leabaidh."
"Dá bhfuigheadh sí bás anois," arsa fear beag cam-chosach féasógach, ag caochadh agus ag tabhairt uilleann don té bhí ag a thaoibh, 'tchífeá Séimí agus é pósta ar chailín deas óg roimhe bhliadhain ó indiu." "Is réidh agat bheith ag magadh ar dhaoinibh, a Thoirdhealbhaigh Uí Dhomhnaill," arsa Séimí agus aoibh an gháire air. "Ní 'ach a'n ógánach a chuirfeas ceathrar acu fríd a lámhaibh mar rinne tusa." Le sin mothuigheadh truisneach éighinteacht fa'n doras. Tig an bhean bhreagh dhóigheamhail bhán isteach agus 'ach a'n sgread chaointe aici. "Och, och, och, óch! gur 'do luighe mar seo a gheobhainn thú anocht, a athair mhuirnigh, is och, och, och, óch! Ar leabaidh luim 'do luighe faoi néal, a athair na páirte, is a athair mo chroidhe, is och, och, och, óch!-" Le sin anuas le mnaoi bhig dhaingin as an tseomra agus buailidh a dhá bois ar a chéile agus cuiridh 'ach a'n sgread chaointe aisti-fhéin. Stad an gleo agus an callán agus ní tháinig focal as béal aonduine dá rabh sa teach. Bhí cách agus aghaidh air comh fada le lá samhraidh. "A nighean ó! is a nighean ó!" arsa 'n bhean bheag, "níl d'athair le fáilte a chur romhat anocht, is och, och, och, óch!" "Árú! Órú! gan mo dhearbhráthair Tomás as Australia annseo anocht le cuidiú liom m'athair a chaoineadh," arsa'n nighean, "is och, och, och, óch! A athair na dílse, is a athair na páirte, is beag a shaoil mé tá seachtmhain is an oidhche anocht gur mar seo a gheobhainn thú, is och, och, óch!" Lean an mháthair agus an nighean leo mar seo ag caoineadh go truaighmhéileach ar feadh tamaill fhada.
Déarfá corr-uair gur seort ceoil a bhí san chaoineadh sin. Ach fa dheireadh thiar stad an mháthair agus thriomuigh a súile le n-a naprún. Bhí cuma ar an mhnaoi bhoicht bheith cráidhte amach is amach, agus ina chuideachta sin bhí cuma uirthi bheith tnaoidhte lag le n-a rabh caointe aici. Chuaidh sí 'un tseomra ar ais agus ní fhaca mise í ní ba mhó gur fhág mé an teach. Ach níor baineadh faoi'n nighin ach ag caoineadh is ag gol gur shaoil cuid againn nach rabh sí ag brath ar stad ar chor ar bith. "A Bhrighid," arsa bean bhán-liath a bhí ina suidhe taobh ba thíos díom fhéin, leis an mhnaoi mhóir reamhair, "nach fearr duit iarraidh ar chéill a chur i Máire? Tá a' sáith caointe aici." D'éirigh Brighid go socair suaimhneach agus bhog anonn i n-aice na mná báine agus thoisigh dh'iarraidh ar thabhairt uirthi stad den chaoineadh. "'Nois, a Mháire, a thaisge, nach bhfuil a fhios agat gur droch-rud barraidheacht caointe a dheanamh is nach bhfuil sé órduighthe. Glac mo chomhairle is cuir thart le sin é." "Árú, a Bhrighid, a Bhrighid! 'sé m'athair a bhí go maith damh-sa is goidé gheanfas mé feasta gan é! Is och, och, óch!" "'Nois, a Mháire, bíodh ciall agat. Tá'n bás romhainn uilig is gan lá léis ag aonduine againn air. Ní thig le duine an dá shaoghal a thabhairt leis. Is iomdha muirighin a fágadh ar níos lugha cuidighthe 'ná fágadh sibh-se. 'Sé d'athair fhéin a fuair an saoghal breagh fada. Ní ceart a bheith ag gabháil i n-aghaidh tola Dé. Glac mo chomhairle anois agus geallaim duit nach mbéidh aithreachas ort."
Ach bhí maith do Bhrighid bheith ag iarraidh a blandar: chaoin sí léithe gur sháruigh is gur shásuigh sí í fhéin. Thug a comhairle fhéin ciall dí fa dheireadh thiar thall agus stad sí agus thriomuigh a súile agus a haghaidh. Chóirigh Brighid áit dí chois na teineadh. Níor fhan bean sa teach nach dtáinig aníos gur chroith lámh léithe ach triúr nó ceathrar girrseach a bhí ina suidhe thíos i n-aice an dorais. Bhí an teach bog-lán go maith i dtráthaibh an ama seo. Thigeadh duine nó beirt isteach anois agus duine nó beirt eile ar ball beag. Sheasuigheadh na fir thíos ag an doras ag teacht isteach dóibh an chéad uair agus déarfadh paidir. Thigeadh na cailíní aníos agus théigheadh ar a nglúinibh ag taoibh na leabtha. Ach nuair a stad an caoineadh, thoisigh an chaint is an comhrádh arís. Thóg fear pláta píopaí agus chuaidh thart ar an teach leo. Fuair fear eile pláta snaoisín don mhuintir nach rabh ag caitheamh. Nuair a tháinig sé a fhad liom fhéin, sháith sé an pláta anonn romham. Thóg mé pins agus tharraing suas in mo ghaothsán í mar chonnaic mé an mhuintear eile a dhéanamh. Ach a rún! níorbh' fhada gur thoisigh an tsróchfach orm fhéin, agus shaoil mé nach bhfuighinn stad go réabfaidhe an ceann orm. Baineadh 'ach a'n dheor uisge as mo shúilibh a bhí comh mór le do mhéar. Badh chuma liom sin murab é an náire agus an cotú a chuir sé orm. "Is cuma dhuit," arsa Brighid, nuair a chonnaic sí mé fhéin ag lasadh, "ná bíodh náire ná cotú ort. Gheanfaidh an snaoisín maith duit. 'Sé thógfas an ceo den inchinn agus a bhainfeas an t-uisge as do shúilibh." "Deanadh sé maith nó olc damh," arsa mise in m' intinn fhéin, "dá mbéadh sé gan chaitheamh agam anois bhéadh."
"An rabh aithne agat-sa, a Phaidí," arsa Micheál Thoirdhealbhaigh Éamoinn annsin le Paidí Beag Ó Domhnaill, a bhí 'n-a chomhnuidhe i mbéal an dorais againne, "ar mhac Sheáin Uí Ghallchobhair a bhí ag baint faoi thuas ar an Tor?" "Maise badh cheart damh sin aithne bheith agam air. Chaith mé dhá fhoghmhar ina chuideachta i nAlbain," arsa Paidí. "An bhfuil a fhios agat cé'n bhean a bhí aige ?" arsa Micheál annsin. "Nach nighean do Eoin Óg, a Shéimí, a bhí pósta air?" arsa Paidí, ag tabhairt aghaidhe ar an fhear dhubh. "Maise cha dtig liom a rádh anois," arsa Séimí. "Ba eadh," arsa bean bheag ruadh a bhí i n-a suidhe thiar faoi'n fhuinneoig. Bean fa mo thuairim-sa aoise a bhí innti. Is cuimhneach liom gur chuir mo mháthair mé go toigh Eoin dh'iarraidh iasacht cárda agus mé 'mo ghirrsigh bhig. Creidim nach dtiocfadh liom bheith mórán níos mó 'ná an gasúr sin thall san am-" "D'fhéadfá bheith comh mór le Brighid annseo an lá céadna dá mbéadh fás ar bith fút," arsa fear mór meadhon-aosta a bhí ina shuidhe ag cionn an dreisiúir. Casadh orm-sa thú agus tú ag gabháil suas ag an Charraig Dhóighte, agus, leoga, is iomdha cailín sioctha nach rabh comh sean-chríonnta cuma leat an tráthnóna sin." Tháinig aoibh an gháire ar a rabh sa teach ; agus bhris aon racht amháin amach ar sgaifte den aos óg a bhí thíos i n-aice an dorais. "Is ceart an chuimhne atá agat, a Chonaill," arsa'n bhean ruadh agus í ag iarraidh bheith 'gha ghlacadh comh maith is thiocfadh léithi. "Cuimhne!" arsa Micheál. "Níl aon dhath thárla
Ó bhí Conall sa chliabhán nach bhfuil cuimhne aige air." "Bhí lá is bhí cuimhne mhaith go leor agam," arsa Conall, "ach d'imthigh an lá sin, is níl ann anois ach go bhfuil cuimhne agam ar an rud a bhí ann anuraidh." 'Cá fhad ó tháinig tú as Meirice, a Chonaill?" arsa'n fear dubh. "Tá sé cúig bliadhna déag is fiche go Samhain seo chugainn," arsa Conall. "Ba hé an lá céadna tháinig tú a cuireadh mo mháthair," arsa'n fear dubh. "Ní rabh a fhios agam cé acu cúig bliadhna déag is fiche go Samhain seo chuaidh thart nó go Samhain seo ag tarraingt orainn a bhí sé, agus bhí rún agam a fhiafruighe dhíot 'ach aon am le dhá bhliadhain. Gach uair a chastaoi orm thú nínn dearmad de go dtáinig sé in mo chionn go díreach anois." "Siud a fhad is atá sé go dtí an bomaite," arsa Conall. "Trí seachtmhainí déag agus trí lá go leith a bhíomar ó d'fhág sinn thall gur bhuaileamar port ar chladach na hÉireann." Bhí cuma ar Chonall a bheith ag gabháil dh'innse dhúinn rud éighinteacht fa dtaobh den dóigh ar chuir sé thart na trí seachtmhainí déag sin ar bharr na dtonn, ach b'éigean do mhnaoi bhig gheabaigh a bhí 'na suidhe ag doras an tseomra a gob a chur isteach agus a fhiafruighe de cá fhad a chaith sé thall. "Gan bheith goirid leat-sa, a bhean mhodhamhail," arsa Conaill, "chaith mé níos fuide ann 'ná chaith Séamus Brocach ar bhuail an chumhaidh é comh luath is tháinig an soitheach i dtír thall, agus a shaoil nach mbainfeadh sé an baile amach a choidhche nuair nár
fhan sé le hoidhche a chaitheamh ann fhéin." (Duine muinteardha don mhnaoi ruaidh a bhí i Séamus Brocach.) Ach nuair a bhí sin ráite ag Conall, fuaras a bhlandar gur thoisigh agus gur innis sé dhúinn ó thús go deireadh goidé mar d'éirigh leis ag gabháil anonn is anall dó. "Bhí aimsear mhaith go leor ann an chéad chupla lá a bhíomar ar an fhairrge, ag gabháil anonn dúinn. Deich seachtmhainí agus dhá lá gan uair a chur leis na uadh a chaitheamar ar an bhealach. Na soithigh seoltórachta seo uilig a bhí ag gabháil ann san am ; agus dá dtigeadh ciúineas, ní bhéadh a fhios agat cá fhad a bhéitheá ar an fhairrge le cionn acu. Agus ba mheasa 'ná sin é dá mbéadh i ndán is go dtiocfadh doineann ort. "Ag teacht anall dúinn, i ndiaidh a bheith amuigh trí lá, tháinig stoirm mhór agus thoisigh sé a shéideadh. Cuireadh ar gcúl sinn go rabhamar fa sheoltóracht lae de thalamh Mheirice ar ais. Shéid sé leis gan stad ar feadh thrí lá. I dtráthaibh an mheadhon-lae ar an ceathramhadh lá tháinig ciúineas beag ann agus cuma socruighthe air. D'éirigh linn na seolta a bhí stróctha stiallta a chóiriú ar dhóigh éighinteacht agus aghaidh a thabhairt amach 'un na fairrge ar ais. "Nuair a bhí tuairim ar sheoltóracht seachtmhaine deanta againn, thug mé fhéin fa deara, agus mé ag siubhal ar bórd, rud mór dubh éighinteacht 'na luighe ar bharr an uisge fa cheathramha míle dhúinn. Chuamar thart fa ghiota bheag de, agus goidé do bharamhail a bhí ann ach péist mhór agus í 'na codladh. Bhí duine éighinteacht ar bórd linn comh beag de chéill is go dtug sé aníos gunna is gur sgaoil urchar léithe.
"Nuair a mhothuigh sí boladh an ghráin, d'éirigh sí de léim amháin agus thóg cith uisge 'sna spéarthaibh a tháinig anuas ar a rabh ar bórd gur fhliuch go craiceann iad. Bhí mé fhéin mar tharraingeochá as an abhainn mé. "Nuair a bhíomar tuairim ar leath bhealaigh anall, chuaidh fear suas sa chrann dh'amharc uadh. D'fhiafruigh mé fhéin de, agus é 'n-a shuidhe thuas, an bhfaca sé dadamh. Dubhairt sé nach bhfaca, ach go mbéadh réablacha gaoithe móire ann roimhe uair a' chluig. "An bhfeiceann sibh an néal sin thuas?" ar seisean. "Sin gaoth mhór uilig agus ní bac dúinn bheith réidh fa n-a coinne." "Ní rabh an uair fhéin caithte go dtáinig aon séideán amháin a chuir an soitheach ar bogadh mar bhéadh cliabhán ann. D'éirigh agus mhéaduigh an ghaoth agus bhíthear ag caitheamh an tsoithigh anonn is anall mar 'tchífeá fód mónadh sa chuan sin thíos lá fairrge móire. Ceangladh fear don rotha agus tugadh orainne fanacht thíos. Agus, leoga, aonduine againn a bhí ábalta ar aghaidh a thabhairt aníos ní rabh féidhm iarraidh air fanacht thíos. "Fuair mé fhéin greim maith daingean ar rópa a bhí ann agus chuir aníos mo cheann cupla uair. Bhí fairrge ann a chreathnóchadh thú. Déarfá gurab é an tEaragal a bhí in gach tuinn a bhí ag teacht ort. Tháinig aon tonn mhillteanach amháin agus ghlan sí léithi amach an fear a bhí ar an stiúir agus ní fhacas ón lá sin go dtí an lá atá indiu ann é. "Ag gabháil ó sholus dó thuit an ghaoth agus tháinig ciúineas breagh ann, ach go rabh an fhairrge reamhar go maith go cionn fada go leor i ndiaidh na doininne. "Bhí na seolta 'na mbratógaibh ag teacht isteach
'un an chuain dhúinn, agus cuid againn ag fagháil bháis beagnach leis an ocras. Bhí mé ar feadh thrí lá agus níor bhlais mé acht an t-aon bhriosga beag amháin a d'éirigh le máirneálach a thabhairt chugam as an chábán. Bíodh a fhios agat gur orainn a bhí an lúthgháir ag teacht amach ar chéidh Dhoire dhúinn." "Aithnighim go bhfuair sibh bhur sáith de," arsa'n fear dubh. "Ach, a fheara, ní cóir dearmad a dheanamh den tobac. Beir ar seo, a Chonaill." Rug Conall ar an phíopa uadh. Fuair sé an maide briste agus thóg aibhleog as an teinidh gheall ar an phíopa a dheargadh. Ach cibé driopás a bhí air, leig sé den aibhleoig tuitim agus rinneadh míle cuid dí ar an urlár. Tháinig drithleog sa chois ar ghirrsigh bhig a bhí eadar é agus an teinidh agus shaoil an créatúr bocht go rabh deireadh léithe nuair a mhothuigh sí an aibhleog dá dóghadh, ná d'éirigh sí fríd an teach agus 'ach a'n sgread chaointe aici mar duine a bhéadh ag gabháil as a chéill. "Sópa annseo i mbomaite!" arsa Brighid. Fuaras giota galluanaighe dí agus chumail Brighid do chois na girrsighe é comh gasta is thiocfadh léithi é. Ach i ndiaidh a dícheall a dheanamh níor mharbh sí an ghreadfach. D'éirigh spuaic ar chois an pháiste bhoicht a bhí comh mór le huibh chirce. "Nár chóir," arsa bean de na mnáibh le Niall Óg, nuair bhí Brighid réidh leis an chois dhóighte, "go n-innseochá sgéal bréagh, a Néill, a chuirfeadh thart an oidhche." "Maise ní a' do dhiúltú bhéinn, a Mhéadhbha, dá mbéadh aon sgéal agam," arsa Niall. "Rinne mé dearmad ar a rabh de sgéaltaibh agam. Chonnaic tú
an capall sin, a Dhonnchaidh, a cheannuigh Séamus Mór lá an aonaigh s' chuaidh thart?" ar seisean annsin le Donnchadh s' againne gheall ar an sgéal a leigean tharais. "Ní fhaca," arsa Donnchadh, "ach chuala mé Domhnall ag caint uirthi." "Seo anois, a Néill, toisigh ar an sgéal, le do thoil," arsa'n bhean chéadna arís leis. Ní rabh ag Niall bocht ach a lámh a chur suas agus a cheann a thochas: ní rabh teacht as aige. Chaithfeadh sé an sgéal a innse. Smaointigh sé air fhéin ar feadh bomaite. "Goidé an sgéal is fearr libh?" ar seisean annsin, nuair a thug sé fa deara sinn uilig ag fanacht leis labhairt. "Ó, sgéal ar bith. Is cuma linn," arsa leath a rabh istoigh. "Goidé fa mhac Ríogh na Gréige?" ar seisean. "Fág annsin é," arsa Paidí Óg. "Plóid air! tá sé ró-fhada." "Innis dúinn fa'n chogadh," arsa Eoghan Róise Ruaidhe. "Tuilleadh bisigh air mar chogadh!" arsa Niall, "mura bhfuil sibh tuirseach ag éisteacht leis!" "Ó níl ar chor ar bith," arsa sgaifte againn a bhí fa'n teinidh (d'éirigh liom fhéin mo bhéal a fhosgladh agus rud éighinteacht a rádh i gcuideachta na codach eile). "Hach! hach!" arsa Niall agus é ag iarraidh bheith ag réidhteach a sgeadamáin. "Níl a'n am ó bhí airde an ghasúir sin ionnam," ar seisean, ag amharc anall orm fhéin, "nach bhfuil mé ag éisteacht leis an chogadh a bheith ag teacht. Ach dálta go leor eile
nach dtáinig is nach dtig ní móide go dtiocfaidh an cogadh seo go bráth. "Maise nár thige!" arsa guth thíos i n-aice an dorais. "Tá a fhios agaibh go rabh sé sa tarngaireacht (agus chonnaic mé fhéin Niall Róise Bhrighde 'gha bhaint as an leabhar), go rabh an cogadh le theacht roimh dheireadh an tsaoghail. Tiocfaidh lá ar Shasain a mbéidh sí ar bheagán long. Caillfear a cabhlach ar chóstaibh na hIodáile go dtí nach mbéidh fágtha aici ach an dá shoitheach beag amháin gan mhaith. "'Sa Domhan Thoir is ceart don chogadh seo toiseach. Oibreochaidh sé leis anoir. Bánóchar tíortha go leor, creidim, sul a dtige sé a fhad linne. "Tiocfaidh ceo a mhairfeas trí lá, agus béidh sé comh dorcha sin nach mbéidh dul ag an tsúil is géire a dheanamh amach an lá nó oidhche bhéas ann. "'Tchífear éanlaithe an aeir ag teacht anuas agus ag luighe ar mhullaighibh na dtoighthe. Ní fhuigfear a'n mhadadh sa tír nach muirbhfear ar eagla go dtabhairfeadh siad sgéala an t-arm a bheith ag teacht. "Béidh an bháighe seo amuigh líonta de shoithigh. Béidh cabhlach ann nach bhfacas a leithéid ó bhí Briseadh na Traoi ann. Agus-" "Cá bhfuil an Traoi nó cá huair a bhí an cogadh mór sin ann, a Dhomhnaill?" arsa Niall Róise Ruaidhe. "Maise níl a fhios agam, a Néill," arsa Domhnall, "ach chluininn na sean-daoine ag caint air. Caithfidh sé gur i n-áit éighinteacht sa Domhan Thoir atá sé. Ní thig liom níos mó a innse dhuit fa dtaobh de." "Cá háit siudh a rabh mé? Ó, 'seadh: agus nach mór an mhéid acu bhéas ann agus nach dlúth a bhéas
siad i gcionn a chéile nuair a bhéas fear ábalta ar siubhal eadar Árainn agus Toraigh ar bordaibh long. "Tiocfar ar mhuintir na n-oileán san oidhche agus iad 'na gcodladh, agus an mhéid acu nach gcuirfear faoi ghoin claidhimh plúchfar i n-a gcuid leabthach iad. "Mo thrí thruaighe naoi n-uaire Toraigh, Uaigh, agus Árainn; Plainceáid shuaighte dhearga fútha I n-áit na bplainceád bán." "Agus tá sé i dtarngaireacht Cholumcille go dtiocfaidh Ball Dearg Ó Domhnaill i dtír ón Spáin agus go bpógfaidh sé gaineamh na trágha ag teacht isteach dó, agus go dtabhairfidh sé buidheachas don Rígh as an amharc sin a fhagháil ar a thalamh dhúthchais. Ní mhuirbhfear a'n fhear bán i nDoire an lá sin. "Siubhailfidh sé leis le n-a arm agus níl a'n duine dá gcasfar air nach bhfuigfidh sé dearg ina chuid fola. Ní imtheochaidh fear, bean, ná páiste air, ag deanamh gur Sasanaigh uilig iad agus gur námhaid dó gach duine dá bhfuil dá chastáil air. "Le tuitim na hoidhche tiocfaidh sé go mullach árdáin agus 'tchífidh sé uadh síos sagart agus pobal thart air, ag léigheadh Aifrinn. Rachaidh an sagart ina araicis, agus, ag árdú a lámh dó, fiafróchaidh sé de goidé atá aige dá dheanamh, nó an ag marbhadh a mhuintire fhéin atá sé? Tuitfidh Ball Dearg ar a ghlúinibh i láthair an tsagairt agus iarrfaidh maitheamhnas as an choir atá deanta aige, agus déarfaidh sé gur shaoil sé gur Sasanaigh a bhí aige dá slad. "Comh lia is tá méar orm chuala mé na sean-
daoine 'gha rádh go rabh sé i dtarngaireacht Cholumcille go rabh dhá mhíle chlaigeann le sábháil thuas annsin i bPoll Chró Bheithe. Rachaidh na Gaedhil ar thaoibh amháin den chnoc agus rachaidh an námhaid ar an taoibh eile. Ní fheicfidh ceachtar acu an dream eile agus imtheochaidh na Gaedhil bhochta ar an arm ar an dóigh sin." "A Shéimí, creidim go bhfuil mise agus tusa ró-aosta feasta, má thig an cogadh le n-ar linn, le himtheacht air," arsa Brighid Mhór le Séimí. "B'fhearr liom," arsa Séimí agus é ag iarraidh bheith ag baint toite as an phíopa, "nach mbéadh fiachadh orainn imtheacht air. Ach má's rud go bhfuil sé a chóir baile, níl eagla ar bith orm-sa nach gcoinneochaidh mé cos le cuid de na stócaigh seo go fóill." "Maise chuala mé an maighistir 'gha bhaint as an pháipeár lá fa dheireadh annseo go rabh a leithéid sin d'fhear thall sa Spáin anois," arsa stócach a bhí thíos i gcionn an toighe. "Saoilim gur Ball Dearg Ó Domhnaill a thug sé air." "A Dhia 'ar sábháil!" arsa Brighid, "agus go gcumhdaighe sé sinn ar gach olc, má's mar sin atá. Shaoil mé go mb'fhéidir nach le n-ar linn-ne a thiocfadh an cogadh seo, agus nach bhfeicfeadh aonduine dá bhfuil ann anois na cnuic dearg le fuil." "Bí ag deanamh cnaipí," arsa Séimí. "Bainfear an ceann díot fhéin is d'Eoghainín le haon bhuille amháin den chlaidheamh a bhéas leis na hógánaigh udaidh. Ach nach seo dearmad deanta agam de na píopaibh leis an chogadh bhradach sin! Seo dhuit, a Dhomhnaill, dearg seo. Níl ach amaidighe dúinn bás a fhagháil. Seo, a mhná ná spáráilidh an tobac. Beir ar seo, a Bhrighid."
Rug Brighid ar an phíopa ó Shéimí, agus níorbh' fhada go rabh 'ach a'n toit aici dá bhaint as. "An bhfuil a fhios agat goidé tá mé ag gabháil a innse dhuit, a Shéimí," arsa sise. "Ní bhéinn beo murab é an tobac. Murab é gur thoisigh mé air ar an tsamhradh udaidh a d'imthigh Eoin Óg uaim go Meirice, b'fhada sínte sa reilig sin amuigh mé." D'éirigh gal mhór tobac fríd an teach, agus tháinig aoibh bhreagh, déarfá, ar 'ach aonduine. Thoisigh an seanchas agus an comhrádh agus d'éirigh an ghib-gheab ar fud an toighe. "An sgannradh is mó a fuair mé ariamh," arsa Donnchadh s' againne, nuair a bhí a sháith den phíopa caithte aige, "is ag teacht aníos as teach Shéarlais Ruaidh a fuair mé é." Stad an gleo mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile agus chuir 'ach aonduine cluas air fhéin ar eagla go gcaillfeadh sé focal de sgéal Dhonnchaidh. "Is breagh an cailín an bhean bhán udaidh ag Séarlas Ruadh," arsa stócach deas fionn-bhán a bhí thall faoi'n fhuinneoig, agus mion-gháire air. "Bhíomar ag imirt chárdaí," arsa Donnchadh, agus é ag leigean air nach gcuala sé goidé dubhairt an fear fionn-bhán, "agus níor mhothuigheamar go rabh an meadhon-oidhche ann. Cuireadh deireadh leis an chluiche sin agus leig mé fhéin cith a bhí ag teacht tharm. Rinne Séarlas agus Nóra a gcruaidh-dhícheall orm ag iarraidh tabhairt orm fanacht go maidin. Ach ba chuma goidé gheanfadh siad bhéadh mo dhóigh fhéin agam-sa. Dá mbristí Coillidh Ghaoth Beara orm, ní fhanfainn acu an oidhche chéadna udaidh. Ba chuma liom ach
bhí leisg orm aonduine m'fheiceáil ag teacht aníos ar maidin. "Nuair a bhí an cith thart, bhog mé liom ar mo shuaimhneas. Ag deanamh gur smaointigh mé ar uaigneas! Cha rabh a dhath de uaigneas orm ach oiread is tá orm 'mo shuidhe annseo anois. "Ag teacht aníos damh ag Crann Mhághnuis Uí Ghallchobhair tchím an bhean ag gabháil amach romham ar an bhealach mhór. Char chuir mé suim ar bith innti ag deanamh gur duine éighinteacht de mhuintir Éamoinn nó Phaidí bhí ann. Bhí cóta dearg fa n-a cionn aici, agus siud trasna an bhealaigh mhóir léithe romham fhéin agus isteach sa dosán aitinne udaidh atá ag clampa mónadh s' agaibhse, a Shéimí. Ag deanamh gur smaointigh mé nach duine saoghalta a bhí ann! Níor chorruigh sí aon ribe gruaige ar mo chionn ach oiread is dá mbadh asal Sheáin Bhacaigh a bhéadh ann. "Anonn liom go bhfeicfinn cé bhí ann. Chuartuigh mé síos is suas an áit a bhfaca mé í ag gabháil isteach, ach ní rabh bean ná rud ar bith eile le feiceáil agam ann ach oiread is atá ar an leic sin annsin anois. Nuair nach rabh dul agam ar a feiceáil, smaointigh iné orm fhéin agus bhuail an t-uaigneas ar an bhomaite mé. Bhí a fhios agam annsin nach dtiocfadh leis gur deagh-rud ar bith a bhí ann. Thug mé do na bonnaibh é; agus bíodh a fhios agat nár leig mé don fhéar fás faoi mo chosaibh go rabh mé ag doras toighe s' againn fhéin. Chuir mé mo ghuala leis an chomhlaidh; agus murab é gur fhág an tsean-bhean an doras gan sparradh ag súil liom, bhéadh comhla is uile isteach fríd an teach liom." "Fuair tú sgannradh," arsa Domhnall, "ach fan go gcluin sibh goidé d'éirigh damh-sa:
"Bhí sgaifte againn thuas san Ailt agus sinne ag imirt chárdaí. Saoilim anois gur leith-phighinn a cúig fichead an cluiche a bhí againn. Cé acu sé nó nach é bhí íogán ag gabháil ann; agus bhíthear 'gha chur ar an mhac seo annseo gurbh' é ba mheasa den sgaifte ag an íogán an oidhche sin. Níor chaill mé mórán ar dhóigh ar bith: bhí cúig is tuistiún in mo phóca bainte liom ag teacht 'un a' bhaile damh. "I dtráthaibh am luighe tháinig Domhnall Néillín isteach agus buideál chúig naigín leis. Hóladh is ceoladh gur fágadh tóin an bhuideáil comh tirim leis an mhaide bhriste sin. "Níl a fhios agam goidé an tuairim ama a rabh sé nuair a thug mé fhéin m'aghaidh ar an bhaile, ach tá a fhios agam gur mhothuigh mé an bhiotáilte go maith in mo chionn. Thoisigh mé a ghabháil cheoil. Ag teacht amach ar an Bhearnaidh Dhuibh damh chonnaiceas damh gur mhothuigh mé mar bhéadh truisneach éighinteacht 'mo dhiaidh. D'amharc mé thart, ach ní rabh a dhath le feiceáil. Bhog mé liom, ach cha dteachaidh mé i bhfad go gcuala mé mar bhéadh duine ag caoineadh fa'n pholl udaidh atá taobh ba thall den Loch Bheag. D'amharc mé ar 'ach a'n taoibh díom, ach ní rabh dadamh le feiceáil agam. Shiubhail mé liom arís, ach ní thiocfadh leis go rabh níos mó 'ná cupla slat curtha tharm agam nuair a mhothuighim an tormán iongantach ar mo chúl agus mar bhéadh slabhradh dá tharraingt 'mo dhiaidh ar an bhealach mhór. D'amharc mé thart agus, slán gach samhail! 'tchím an rud mór dubh tuairim ar fhichid slat 'mo dhiaidh. "Thug mé do na bonnaibh é comh maith is thiocfadh liom. Is minic a bhí mé ag smaointiú ó shoin gur mhaith an cú a choinneochadh cos liom an oidhche udaidh.
"Ba hé an geimhreadh i ndiaidh mo phósta é. Bhí Anna í fhéin 'na suidhe ag fanacht liom. Mhothuigh sí an trup a bhí liom ag teacht anuas taobh an toighe agus shaoil sí gurbh' é an capall a bhí sa bhóitheach a sgaoil. Thug sí iarraidh amach, ach casadh mise sa doras uirthi. D'iarr mé deoch uisge, ach sul a rabh faill aici ar a thabhairt damh bhí mé 'mo chnap i laige ar an urlár. "Bhí an sagart agus an doctúir agam. Chuaidh an ola orm. Agus níor fhág mé an leaba go cionn shé seachtmhainí. 'Nois nach bhfuair mé sgannradh?" "Fuair," arsa Conall go righin eadar a fhiacla. "Bhí tú a chóir comh holc le Domhnall s' againne agus Paidí Bán Mháire Móire d'imthigh síos annseo oidhche gheimhridh gheall ar ruaig a thabhairt fa na cladaigh. "Bhí aithne agat-sa, a Bhrighid, ar Nóra Bheag a bhíodh ag gabháil thart fa'n bhaile seo ag cruinniú a codach." "Maise bhí na deich n-aithne agam ar an chréatúr, a Chonaill," arsa'n bhean mhór. "Cibé bhain dí fuaras í báithte thíos annseo i mbéal na tuinne agus fágadh faoi bhéal curaigh í go bhfuighthidhe a tabhairt fa theach. Ach siud ar siubhal an dá ógánach: agus nuair a bhí siad thíos annseo ag Carraig na nDeor, thug siad fa deara duibheagán mór agus cith ag cruinniú thiar udaidh. Chonnaiceas don bheirt acu gurbh' fhearr dóbhtha an cith a leigean tharsta, agus siud síos ag tarraingt ar an churach iad. Isteach le Domhnall faoi. Ach, a mhic m'anama, níl ann ach go rabh sé istoigh i gceart nuair a leig sé an sgread udaidh agus ar siubhal ins na feathaibh fásaigh leis agus an fear bán ins na sálaibh aige!
"Bhí mé fhéin i ndiaidh mo chosa a bhaint as mo bhrógaibh agus mé ag glanadh pota brúightín a chois na teineadh, nuair siud isteach mo bheirt dhiúlach chugam agus a n-anál ar bharr a nguib agus a gcroidhe ag gabháil amach ar a mbéal acu. Níl ann ach é gur choinnigh mé an bheirt acu ó thuitim isteach ar chúl na teineadh, bhí siad comh tógtha sin leis an sgannradh a fuair siad. Níl a'n am ó shoin a gcluinim Domhnaill ag maoidheamh nó ag deanamh mórtais nach n-abraim gur beag mórtas nó caint a bhí ag cur as dó an oidhche udaidh, agus ní fhaca tú a'n fhear ariamh a dtéid sé comh holc dó leis." Bhí mé fhéin sa choirneál agus mé ag éisteacht leo ag caint fa na taidhbhsibh. Chuala mé sgéal an chogaidh, agus chuir sin eagla orm. Chuala mé sgéal Dhonnchaidh i dtaoibh na mná a chonnaic sé ag gabháil trasna an bhealaigh mhóir roimhe, agus chuir sin a dhá oiread eagla orm; ach nuair a chuala mé goidé bhain do Chonall bhocht, thoisigh an t-oibriú orm go rabh mé ar bhárr amháin creatha le heagla. Badh chuma liom dá bhfuighinn an baile a bhaint amach: bhí mé ag ithe na méar díom fhéin nár fhan ann nuair bhí mé sa bhaile, Smaointigh mé annsin go rabh Donnchadh agus cupla duine eile de lucht na comharsanachta le bheith liom agus nach dtiocfadh a dhath orm-sa nach dtiocfadh orthasan. Bhí an chaint ar siubhal fríd an toigh, ach bhí mo bhuaidhreadh fhéin orm-sa. Badh chuma liom goidé mar rachadh rud ar bith ach an baile a bhaint amach slán sábháilte. Bhí mé mar seo agus gan mórán áirde agam ar chaint nó ar chomhrádh, nuair cé thig anuas as an tseomra ach nighean an fhir a bhí sa leabaidh agus d'fhiafruig nach rabh sé i n-am an Paidrín a rádh.
D'amharc Séimí suas ar an tsean-chlog a bhí ar crochadh ar an bhalla, agus dubhairt go rabhthar i n-am go leor leis, nach rabh sé ach cúig bhomaite i ndiaidh a deich go fóill. Thug nighean an fhir a bhí marbh thart a súil agus chonnaic go rabh an clog ag gabháil. "Cad chuige nár stapadh an clog seo?" arsa sise. "Is deas na daoine atá fa'n teach seo nach bhfuil oiread de choimheád ionnta is go dtiocfadh leo an clog fhéin a stapadh. Gabh annseo, a Dhonnchaidh, is amharc an bhfuightheá í seo a chur de obair". "Arú, goidé an duibhthear í bheith ag gabháil annsin," arsa Brighid. "Maise creidim nach eadh," arsa'n bhean bhán, "ach nach é an gnás a bhí ann ariamh gan clog bheith ar obair i dtoigh faire?" Ach stapadh an clog agus cuireadh thart le sin é. "Déarfaidh tusa an Paidrín, a Chonaill?" arsa sise annsin. "Ó, déarfaidh Séimí annseo é," arsa Conall. "Chan abraim, maise," arsa Séimí," ach déarfaidh tú fhéin nó Micheál Thoirdhealbhaigh Éamoinn é." "Níl mise ag gabháil a rádh cibe gheanfas Micheál," arsa Conall. "Maise thiocfadh duine níos fearr 'ná mise a fhagháil le cionn a chur ar an Phaidrín annseo anocht," arsa Micheál. "'Sí Nóra is minice a chuireas ceann air sa bhaile: is fearr leis an aos óg an mháthair a rádh i gcomhnuidhe mar bhím-se ró-fhadálach leis nuair a théighim ina chionn. Ach i n-ainm Dé tá sé comh maith againn toiseacht air: "I n-ainm an Athar," agus rl.
"Toisighmid agus tionnsgnamuid ar na cúig deich- neabhair dhéag-" "Dar siud agus dar seo," arsa Donnchadh s' againne ag tógáil a chinn agus ag tabhairt aghaidhe ar Mhicheál, "an ag brath ar nglúine a bhriseadh ar an urlár chruaidh seo atá tú fhéin agus do chúig deichneabhair dhéag! Déarfá gur Domhnach Aifrinn atá agat ann. Nár chóir go dtiocfá le cúig deich- neabhair is gan sinn a choinneáil ar ar nglúinibh annseo go maidin?" Níl ann ach é go dtáinig liom fhéin na gáiridhe a choinneáil istoigh nuair a chonnaic mé an choil a bhí ar Dhonnchadh le Micheál. Murab é an eagla bhí orm roimh an mhnaoi mhóir a bhí ar an taobh thall den teinidh, ní choinneochadh a rabh sa toigh mé ó mo sháith gáiridhe a dheanamh. "Maith go leor," arsa Micheál. "Tiocfaidh mise le Paidrín chúig ndeichneabhar má's é is fearr libh." "Toisighmid agus tionnsgnamuid ar na cúig deich- neabhair ghlórmhara agus ofráilimid an Paidrín seo suas i láthair Dé ar son d'anama anocht, a Phaidí Mhóir, má 'tchí Dia aon smál pheacaidh ort, go maithe Sé duit é agus go bhfagha d'anam a chuid den Ghlóir Shíorruidhe." "Amén," arsa sinne. Dubhairt Micheál é fhéin an chéad deichneabhar. Dubhairt Brighid an dara ceann, agus níl a fhios agam anois cé dubhairt na trí cinn eile. Thoisigh Micheál annsin ar chionn a chur ar an Phaidrín. Dubhairt sé paidir nó dhó, agus annsin dubhairt sé an Chré. Bhí sé ag guidhe agus ag cur paidreach 'le deagh-aimsir a thabhairt do na daoinibh,' 'le sinne a stiúradh ar bhealach ar leasa, agus rl.,' gur shaoil cudi
againn go gcoinneochadh sé ar ar nglúinibh annsin go maidin sinn. "Paidir agus Abhe Maria le hanam na mbocht atá i bpiantaibh Purgadóra, le n-a bpiantaibh a laghdú, a nglóir a mhéadú, agus a n-anam ar shluagh na Glóire Síorruidhe. Ar n-Athair, agus rl. "Paidir is Abhe Maria le hanam m'athara is mo mháthara, má 'tchí Dia a gcuid dá n-aithrighe a dhíth ortha, go maithe Sé dóbhtha é anocht, a Thighearna. Ar n-Athair. agus rl. "Paidir is Abhe Maria le hanamnaibh ar gcáirde gaoil uile-go-léir, is le 'ach a'n duine dá bhfuil fhiachaibh orainn a bheith ag guidhe ar a shon mar i ndúil go ndeanfadh Dia trócaire ortha anocht is go leigfidhe isteach 'un a gcuid den Ghlóir Shíorruidhe iad. An n-Athair, agus rl." Ach fa dheireadh thiar thall chualamar "Abhe Maria amháin i n-onóir gheanmnaidheachta na Maighdine Muire," agus bhí a fhios againn go rabh fuasgladh dar gcóir. "Shaoil mé, a Mhicheáil," arsa Donnchadh s' againne ag éirghe 'na sheasamh nuair a bhí deireadh thart, "go mbéamuis uilig ins na Flaithis sul a mbéadh deireadh agat leis an Phaidrín sin. Níor mhaith liom fiachadh bheith orm cuidiú leat a rádh 'ach a'n oidhche." "Ceist agam seo ort, a Dhonnchaidh:" arsa Séimí, "Cá mhéad uair a chaith tusa a thrí oiread ama ar do ghlúinibh i dtoiseach curaigh agus tú ag gabháil a dh' iasgaireacht? Cuirfidh mé geall nach gcuala a'n dhuine thú 'gha rádh go rabh do ghlúine briste ag teacht i dtír dhuit. Tá duine marbh má chaitheann sé cupla
bomaite ar a ghlúinibh ag tabhairt onóra agus glóire do Dhia!" "Ach, ach,-" arsa Donnchadh. "Ná bí ró-chruaidh ar an duine bhocht, a Shéimí. Níl na glúine ach bog go fóill aige," arsa Micheál agus é ag leamh-gháiridhe. Ach cibé caint is comhrádh a bhí eadar Donnchadh is na seandaoine tháinig na taidhbhsí isteach in mo chionn-sa ar ais. Chonnaiceas damh go mbéadh siad ina gcéadtaibh ar an bhealach romham ag gabháil 'un a' bhaile damh. Bhéadh taidhbhse faoi an Bheinn Ruaidh. Bhéadh ceann eile ag an Phortach. Bhéadh fear ina shuidhe ar chúl na Cloiche Móire. Bhéadh an áit uile-go-léir líonta le taidhbhsibh is le púcaibh is ní bhéadh imtheacht agam fhéin ortha. "Ach b'fhéidir, ina dhiaidh sin is uilig," adeirinn liom fhéin, "nach bhfuil taidhbhse ar bith ann, gur caint daoine bhíos ins na taidhbhsibh is ins na púcaibh seo uilig." Go gearr i ndiaidh an Phaidrín d'éirigh sgaifte, chroith duine acu an t-uisge coisreagtha, a bhí ar crochadh ag cionn an dreisiúir, ar an chuid eile, agus d'imthigh siad 'un a' bhaile. Toisigheadh a dheanamh tae, agus creid mise gur sin an tae ar baineadh an ghoil as. Bhí sé a chois na teineadh dá tharraingt gur baineadh as a rabh de shubh ann. Dóirteadh amach ar mhéis é sa deireadh agus cuireadh bainne agus siuchra air. Tugadh suas 'un tseomra annsin é agus hiarradh orainne theacht aníos go n-ólfamuis bolgam a bhainfeadh an codladh dínn. "Suas leat, a Mhicheáil," arsa bean an toighe. "Ó, goidé an tae atá de dhíth orm-sa," arsa Mícheál. "Suas leat anois, adeirim."
"Níl áird ar bith agam-sa ar tae comh mall seo, agus ná hiarr orm a chaitheamh, a Nóra," arsa Micheál. Rug sí greim gualanna air agus streacháil go dtí an doras é gurbh' éigean don duine bhocht ghabháil suas agus braon a ól dá aindeoin. Chuir sí cupla duine eile 'un bídh i n-aghaidh a dtola ar an dóigh chéadna. Chuaidh mé fhéin suas gan mórán brosluighthe gur ól mé braon beag, ná, tá dúil mhór sa tae agam. Agus, leoga, ghlacfá dúil mhór a bheith agat ann nuair a d'ólfá an seort tae a bhí annsiud acu. Ní thig liom samhail ar bith a thabhairt dó ach mar uisge a gheobhthá i bpoll mhónadh. Arán geal uilig a bhí ann, agus ba hé an nuaidheacht againn é. D'ith mé fhéin suas é go milis gan im gan annlann. Bhí cupla measgán beag ime istoigh romhainn ar an tábla cinnte go leor, ach b'fhearr liom mo chuid aráin a ithe tur fiche uair 'ná an t-im sin a bhlasadh, leis an chuma a bhí air. Thug mé fa deara cupla ribe ar thaoibh measgáin acu agus bhí mo sháith annsin. Níorbh' fhearr liom mil bheach 'ná giota ime bheith agam i gcomhnuidhe le cur ar mo chuid aráin, ach feicim ach aon ribe amháin ann agus tá mé réidh leis. Cuireadh cupla uair eile thart ag caint is ag comhrádh sa chistinigh. I ndiaidh an tae hinnseadh sgéalta, cáineadh taoisigh, moladh ríghte, is níor fágadh aon ríoghan ó aimsir Helen go teacht Dhéirdre nár hinnseadh a dtréathra dhúinn. Is breagh an comhrái- tidhe Micheál Thoirdhealbhaigh Éamoinn, ach b'fhearr liom éisteacht le Niall Óg leath-uair amháin 'ná dá mbéinn ag éisteacht le Micheál ar feadh seachtmhaine.
Mhothuigh mé fhéin codladh ag teacht orm, agus i ndiaidh mo dhícheall a dheanamh ní thiocfadh liom mo chionn a choinneáil ó bheith ag tuitim isteach sa teinidh. Bhí mé eadar bheith 'mo chodladh is 'mo dhúiseacht nuair a mhusgail truisneach éighinteacht a bhí fríd an toigh mé. Ag tabhairt mo shúile síos bealach an dreisiúir damh 'tchím cúl chinn Dhonnchaidh ag imtheacht amach ar an doras. Bhí mé de léim 'mo sheasamh agus siud amach ina dhiaidh mé. Bhí an solas agus an codladh in mo shúilibh. Níorbh' fhada a bhí an t-aer ag baint an chodalta díom; ach, i dtaca leis an tsolas de, chonnaiceas damh an oidhche a bheith comh dorcha sin nár léar duit an té bhéadh coiscéim romhat. Ní rabh Donnchadh le feiceáil agam thall ná i bhfos, agus siud mé ag tabhairt aghaidhe ar an bhaile, ag deanamh go rabh sé ar siubhal romham. Bhog mé liom faoi shodar mhaith, ach ní rabh dul agam ar theacht aníos leis. Thoisigh mé a smaointiú annsin go mb'fhéidir gur fhág mé 'mo dhiaidh é. Bhí mé a chóir a bheith ag caoineadh nuair a d'éirigh rud éighinteacht agus leig sgread ag mo chluais a chuaidh fríom gur thóg airde fir den talamh mé. Ach ndiaidh amharc soir agus siar thug mé fa deara nach rabh ann ach crotach mara a bhí ag fágáil an bhealaigh agam. Rith mé liom ac ní rabh Donnchadh le feiceáil romham. Bhuail an t-uaigneas fa dheireadh mé. Smaointigh mé ar an mhnaoi a chonnaiceas ag gabháil trasna an bhealaigh mhóir. Smaointigh mé ar an sgannradh a fuair Micheál bocht. Tháinig céad agus fiche rud isteach in mo chionn. Ní rabh aon taidhbhse dá bhfaca fear nó bean ariamh nach bhfacas damh-sa
bheith ar an bhealach romham an oidhche udaidh. Bhí rud mór dubh ar chúl carraige thíos agus rud mór dubh eile ar chúl carraige thuas. Bhí cnádán ag fás faoi bhinn a bhí ann, agus nuair a chonnaic mé an toirt romham, níor fhan aon ribe gruaige ar mo chionn nár éirigh 'na sheasamh. Thoisigh an t-allus a theacht liom. Thug mé do na bonnaibh é comh tiugh géar is thiocfadh liom. Nuair a bhí mé sáruighthe amach ag rith, chuimhnigh mé ar mo Choróin Mhuire. Chuir mé mo lámh in mo phóca ag féacháil an bhfuighinn í. Agus go hádhmhail bhí sí ann. Tharraing mé amach í agus thoisigh orm a dh'urnaighthe gheall ar na taidhbhsibh a chur as mo chionn. Chuir mé leath-mhíle de chorr bealaigh orm fhéin leisg ghabháil thart leis an áit ar ubhairt Donnchadh a bhfuaras an fear marbh tá fad ó shoin. Ach leis an eagla bhí orm níor mhothuigh mé riamh go rabhas faoi bhinn mhóir dhuibh. Bhí mé ag éisteacht ariamh go gcluinfidhe ceol píob fa'n bhinn sin i dtráthaibh an mheadhon-oidhche. Chuir mé mo lámha ar mo chluasaibh agus d'imthigh liom comh socair ciúin is thiocfadh liom ar eagla go ndeanfainn trup nó tormán go bhfuaras thairstí. Thug mé do na bonnaibh arís é. Bhí mé ag rith liom an méid a bhí in mo chorp nuair goidé nocht chugam, giota beag taobh thoir díom, ach rud mór geal bán éighinteacht agus é ag deanamh orm fa dheifre mhóir. Bíodh a fhios agat gur bhain sé léim asam. Smaointigh mé ar mhnaoi mhóir bháin a bhí le feiceáil fa na sléibhtibh rith an gheimhridh, "agus seo chugam thú anois, a chailín maith," arsa mise i m'intinn fhéin, "cibé cearn den domhan a rabh tú ann le tamall." Bhí mé fríd a chéile mór go leor, ach bhí oiread de chéill agam is go bhfuair mé mo sgian phóca a chur in
mo láimh chlí agus an Choróin Mhuire a chur in mo láimh dheis. Dá mbadh é an sean-ógánach é fhéin a bhéadh ann, bhí a fhios agam nach mbéadh baoghal ná contabhairt orm a fhad is bhí mé gléasta ar an chuma sin roimhe. Bhí a fhios agam nach dtiocfadh leis méar a leagan orm a fhad is bhí an t-iarann coisreagtha agus an Choróin Mhuire eadar mo mhéara agam. Bhog mé liom go faitcheach crith-eaglach go rabhas fa chúig slata den rud. Sheasuigheas agus d' amharcas air. Agus goidé a bhí ann ach Cloch Mhór Léim' an tSionnaigh! Tháinig uchtach chugam. Ach mar sin fhéin, bhí a fhios agam nach rabh mé slán thar gach con- tabhairt go fóill. Choinnigh mé an sgian agus an Choróin Mhuire mar bhí siad. Bhain mé an baile amach le sgairt an choiligh, agus go dtí an lá atá indiu ann ní stadaim ach ag deanamh mórtais as an ghníomh a rinne mé an oidhche udaidh .i. theacht as toigh Phaidí Mhóir oidhche fhaire is gan críostaidhe liom ach mé fhéin.
Pósadh Chonaill Bhig Uí Raithbheartaigh. Bhí an Inid ag teacht agus ní rabh iomrádh ar bith ag Conall Beag ar phósadh. Ní hé nach mbéadh gnaithe aige le mnaoi ar a theinteán, oir bhí a mháthair anonn go maith i mbliadhantaibh agus b'fhada ó bhí tapadh innti le mórán a dheanamh, ach bhí cnag-aois ag an duine agus ní phósfadh sé choidhche go dtabhairfeadh an riachtanas air bean a iarraidh. Dá dtigtheá bealach an toighe tráthnóna earraigh, 'tchífeá an mháthair sa chlúdaigh, a paidrín eadar a méara aici, agus í ag urnuighthe. Agus nuair d'iarrfadh sí ort suidhe síos, tharraingeochadh sí uirthi an píopa go ndeargfadh é go sínfeadh chugat é ag deanamh cin- eáltais an tobaca ort. Ní bhíodh fonn mór cainte uirthi; ach nuair thigeadh duine isteach a dtugadh sí taitneamh dó, ní bhéadh léigheadh ná innse sgéil uirthi mar chomhráitidhe. Deireadh cuid de na comharsanaigh go rabh sí san aois leanbuidhe, ach chuala mé fhéin an Sagart Mór Ó Dubhthaigh 'gha rádh nach rabh sin sa pharóiste aon bhean eile b'fhearr ciall agus céadfaidh 'ná Brighid Bhán Ní Raithbheartaigh. Badh cheart go mbéadh a fhios aige-san goidé an cineál mná í, ná is iomdha abhrán agus sgéal Gaedhilge d'fhoghluim sé uaithe. Ní fhosgladh sí a croidhe do dhuine ar bith mar d'fhosgladh sí don tSagart Mhór é; agus isé an port is minice bhíodh ag cur bhuadhartha uirthi nuair a bhíodh an bheirt acu i sians comhráidh, Conall
Beag a fheiceáil pósta ar chailín chiallmhar sul a bhfuighe sí fhéin bás. An stócach thugadh sí ar Chonall, ach bhí a fhios ag gach duine dá rabh i n-aois an phinsin gur fada ó bhí Conall Beag Ó Raithbheartaigh ina stócach. Cupla bliadhain roimh an am ar a bhfuil mé ag caint thug Brighid Mhiseoige iarraidh ar chleamhnas a dheanamh eadar é fhéin agus cailín ar an bhaile s' againne. Leig cailín an bhaile s' againne an rún le cailín a bhíodh mar chomráduidhe aici, agus d'imthigh an bheirt acu ar bhéal maidne go hAonach an Chlocháin Léith a bhreathnú ar an duine. Mhol Brighid go mór é. 'Níl an fear aosta, agus níl aige ach é fhéin, mar béidh obair ag an mháthair an geimhreadh a chur thairsti. Tá giota de thalamh aige comh maith is atá ó seo 'un na nGleanntach. Deirim leat go bhfuil sé ina shuidhe go te, agus go mbéidh seasgaireacht ag an chailín gheobhas é. Ní bhéidh sí gan bainne sa chroc ná measgán an ime ar a tábla. Ní bhéidh sí gan olann na caorach ná cuid na gcearc. Béidh éadach an Domhnaigh, agus éadach na seachtmhaine aici. Isé ar ubhairt cailín an bhaile s' againne go rabh sí buidheach dí, ach nach gceannóchadh sí choidhche muc i mála; agus socruigheadh eatortha go mbéadh Conall Beag ar Aonach na bhFaoilleach ar an Chlochán Liath. Agus cinnte go leor bhí sé ar an aonach. Chonaic an bheirt chailín uatha é thuas ag cionn na sráide, agus fhobair go dteachaidh siad i laige nuair thug siad fa deara an toirt bheag a bhí ann. Ach nuair tháinig sé ní ba chomhgaraighe dóbhtha agus chonaic siad an fhéasóg bheag ruadh ar a smigead, ba hé luas na mbonn thug as an aonach iad. Bhí cuma na haoise cinnte go leor ar an fhear,
agus ní rabh sé mór; ach oibridhe maith a bhí ariamh ann: Bhíodh an baraille preataí agus an chruach choirce agus an coca féir le díol aige nuair a bhíodh na comharsanaigh gan pór le cur sa talamh ná greim le tabhairt don eallach a bhí ar tógáil de dhíoghbháil bídh acu. Ní rabh sé olc fa'n iasacht; agus a fhad is bhíodh cuid na ranna aige, ní bhéadh páiste na comharsan gan bainne ar a chuid tae ná ceapaire ina láimh. Deirtí gurab é croidhe maith na máthara nach leigfeadh dí rud a bheith aici fhéin agus duine eile ina fheidhm ba bhun le seo. B'fhéidir gurbh' é; ach ní chuala duine ar bith ariamh Conall ag crosadh uirthi dadaidh dá rabh fairsing aici a thabhairt uaithe. Bhí an focal maith ag gach duine dó ach amháin ag na cailínibh óga a rabh eagla ortha go mbéithidhe 'gha luadh leo fhéin. Ní rabh locht de lochtaibh corpordha nach rabh acu-san air: Bhí sé beag. Bhí sé aosta. Bhí sé ciothromach creapallaiste. Agus mar bharr ar sin uile, bhí smig féasóige air. "Och! och!" adeireadh Tomaisín Eoin nuair chluineadh sé iad ag fagháil lochta air, "is cosamhail nach mbíonn meas ach ar an óige. Ach bhí lá agus bhí meas ar Chonall Bheag Ó Raithbheartaigh. Ní rabh iománuidhe b'fhearr 'ná é ar Thráigh an Tuir an lá rug an pharóiste i bhfos an bhuaidh ar an pharóiste thuas. I gcionn curaigh nó báid ní rabh a shárú ó Chionn Ghlinne go Málainn. Ar mhuin capaill lá na rásaí bhíodh sé i gcomhnuidhe ar toiseach a fhad is mhair an gearrán bán aige. Ach ní mhaireann cuimhne an roda atá thart, agus ní bhíonn meas i láthair na huaire ach ar an óige." B'fhíor dó mar atchífimid ar ball beag. Domhnach na Cogarnaighe a bhí ann, agus i ndiaidh an Aifrinn chonaiceas Conall Beag ag gabháil 'un
cainte le hEoghainín Ruadh. "Bíodh Éamonn Bhrighde leat" an focal deireannach cluineadh uadh agus an bheirt ag sgaradh ó chéile ag geafta theach an phobail. "Cuirfidh mé mo rogha geall," arsa Donnchadh Mór le n-a mhnaoi agus iad ar a ndinneár an tráthnóna céadna sin, "go gcluinfidh tú i mbárach go rabh Conall Beag ó Raithbheartaigh amuigh ag iarraidh mná." Maise, duine beag fiúntach a rabh meas mór ariamh agam air Conall Beag," arsa'n bhean, nuair a bhí an greim a bhí ina béal slugtha aici, "ach tá eagla orm má théid sé amach anois gur a dh'iarraidh ban agus nach a dh'iarraidh mná a rachas sé." Ní thiocfadh leat gaoth an fhocail a leigean uait a ghan a fhios do Dhonnchadh Mhór, agus bhain sé a mheadaracht fhéin as an fhocal a chuala sé ag geafta theach an phobail. Tamall beag i ndiaidh ghabhail ó sholas dó cluineadh madadh Uí Raithbheartaigh ag amhastraigh, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur bhuail Eoghainín Ruadh agus Éamonn Bhrighde isteach chuig Conall Beag. Bhí Conall gléasta go galánta ag feitheamh leo, agus dhá bhuideál chúig naigín ina phóca. "Choimrighe an Ríogh libh agus ádh mór oraibh!" arsa'n tsean-bhean sa chlúdaigh agus í ag caitheamh an mhaide bhriste ina ndiaidh agus iad ag gabháil amach ar an doras. Leig an madadh glaim as, mar bhéadh sé ag réidhteach a sgeadamáin, agus d'imthigh agus a ruball eadar a chosa deiridh aige gur luigh ar chladach na teineadh. Oidhche spéir-ghealaighe a bhí ann agus fuacht siocáin san aer. Bhí tuaim na doinnine ag an bharra thoir, ach ní har a leithéid a bhí intinn Chonaill Bhig i láthair na huaire sin. Bhí sé ag gabháil i gcionn gnaithe
anois a bhí ag cur cheathraighe air. Níor shamhail sé ariamh go mbéadh air imtheacht a choidhche a dh' iarraidh mná, agus tháinig cineál de thocht air gur ar éigin a bhí sé ábalta ar labhairt nuair a smaointigh sé agus nach rabh a fhios aige goidé a bhí i ndán dó. Is iomdha contabhairt ar muir agus ar tír a dtáinig an fear céadna fríthe, ach ní rabh oiread de bheag-uchtaigh ariamh air is bhí ar an bhomaite sin - ní rabh oiread de cheathraighe fhéin air an lá tionntuigheadh an curach i mbéal an chuain air is bhí an oidhche sin. "Go teach Shéimí Bháin rachamuid an chéad uair," arsa Eoghainín Ruadh, "murar iniste leat-sa, a Chonaill Bhig." "Tá mise sásta go leor ar ghabháil áit ar bith ar maith libh-sé, a fheara,' arsa Conall Beag. Bhí Séimí a chois na teineadh, spéaclóir air, agus é ag léigheadh Targaireacht Cholumcille do Nóra a bhí ina suidhe sa chlúid. "Dia sa teach seo!" arsa Eoghainín agus é ag tarraingt na ruaime agus ag fosgladh an dorais. "Dia agus Muire dhaoibh, a strainséirí!" arsa Nóra ag éirghe agus ag cur cathaoireach i n-aice na teineadh. "Bígidh 'mar suidhe, a fheara.' Deargadh na píopaí, agus chuaidh Éamonn agus Nóra a chaint fa chruas an gheimhridh agus annsin ar luach an eallaigh ar aonach dheireannach an Chlocháin Léith go bhfuair Eoghainín faill ar chogar a thabhairt do Shéimí fa'n ghnaithe ar a rabh siad. Tháinig stad sa chomhrádh eadar Nóra agus Éamonn, agus le n-a linn sin cluineadh Séimí ag rádh: "Fuigfidh mise acu fhéin é. Níl mo chuid cailín-sa ach óg go fóill, agus leis an fhírinne a rádh chan fhuil deifre ar bith orainn 'gha gcur 'un siubhail." Deir an sean-fhocal gur leor nod don eolach,
agus ba hé a dhálta sin ag beirt nigheanach Shéimí Bháin é. Thug siad baramhail, nuair a chonaic siad an triúr fear nach rabh i n-aoinfheacht an bealach ariamh aroimhe, nach a dh'airneál a bhí siad ag teacht: agus ar an adhbhar sin níor luaithe an focal as béal a n-athara 'ná siud 'un an tseomra iad mar bhéadh madaidh an bhaile ina ndiaidh. Agus nuair a chuaidh an mháthair le n-a mblandar ar ais 'un na cistinighe, ní rabh as béal an chailín ba sine ach: "Cuir ar shiubhal iad! Cuir ar shiubhal iad!" B'éigean do na créatúir imtheacht. Chuaidh Séimí go tóin an toighe leo; agus nuair a chuir sé ádh mór ortha, isé an freagra a thug Eoghainín air: "Go Paite Gabha leat fhéin agus le do chuid nigheanach!" Nuair a bhí an charthannacht sin curtha de ag Eoghainín, labhair sé le n-a chuid fear: "Rachamuid go toigh Mhicí Uí Ghallchobhair, a fheara, ná dar mo chubhaise ní rachaidh Eoghainín Ruadh ó Baoighill ar ais go Tor Eoin go bhfagha sé bean duit-se, a Chonaill Bhig Uí Raithbheartaigh." Thoisigh madadh Mhicí a thafann. "Glan suas an teach sin," arsa bean Mhicí le n-a nighin. Sin duine éighinteacht ag an mhadadh." Bhí an diúltú céadna roimhe Chonall bhocht i dtoigh Mhicí a bhí roimhe i dtoigh Shéimí Bháin. "Tóg seo orm," arsa Eoghainín ag gabháil amach ar an doras dó, ag cur i gcéill go rabh ceig trom biotáilte leis agus gan leo ach dhá bhuideál chúig naigín a bhí le Conall ina phóca agus nár tugadh 'un cinn go fóill agus nach dtabhairfidhe go mbéithidhe ar bhéalaibh an chleamhnais a dheanamh. Bhí an cadhrán bog; agus cé go rabh sé ag sioc, níor fhág sin na fir gan láb go múrnám ortha. Síos
gleann agus suas cnoc leo go dteachaidh siad go teach na Baintreabhaighe, go dteachaidh siad go teach an Tailliúra, go dteachaidh siad go teach an Fhigheadóra, go dteachaidh siad go teach Shimisín Thoirdhealbhaigh Dhuibh, gur diúltuigheadh in gach teach acu iad. "Níl an cluiche thart go fóill," arsa Eoghainín. 'Mura bhfuil amhras mór orm-sa, tá an cíonádh in mo dhorn a bhainfeas an duais. Mura n-éirghe liom, rachaidh mé 'un a' bhaile agus béad sásta le toil Dé. Siubhailigidh libh, a fheara, go dtéighmid go toigh Néill Bhig." "Go toigh Néill Bhig!" arsa Conall. "B'fhearr liom sé lá na seachtmhaine a chaitheamh i bpoll mhonadh 'ná ghabháil coiscéim eile." Bhí an duine bocht tuirseach cinnte go leor, ach níorbh' í an tuirse thug air sin a rádh. Níor shamhail sé Máire Néill Bhig ariamh dó fhéin, mar mheas sé go rabh sí i bhfad ró-ghalánta dá leithéid-san. Bean í a chaith cupla bliadhain i Meirice; agus nuair a tháinig sí 'un a' bhaile ar cuairt ionns'ar a hathair, isé an port a bhíodh i gcomhnuidhe aici nuair a bhíodh stócaigh an bhaile istoigh ar a n-airneál go rabh sí ag imtheacht anonn ar ais fa Shamhain. Tháinig an tSamhain, ach char imthigh sí. Chuaidh an Nodlaig thart agus cha rabh iomrádh ar bith aici ar bheith ag deanamh réidh le himtheacht. Bhíthear anonn go maith 'sna Faoilligh anois agus bhí Máire Néill Bhig fa chladach na teineadh go fóill ag a hathair. "Tchífeá í gach tráthnóna Domhnaigh agus í gléasta i gculaidh den tsíoda ba daoire agus péire de na brógaibh ba deise chonaic tú ariamh uirthi. Bhíodh slabhradh óir fa n-a muineál agus fáinne a rabh lonnradh na gréine ann ar a méar. Bhíodh an pobal cruinn agus an
sagart ag bun na haltóra nuair thigeadh sí isteach chuig Aifreann an Domhnaigh; agus ní thiocfadh leis na sean-daoinibh cráibhtheacha paidir ná cré a rádh go mbéadh bean an hata ar a glúinibh, agus í comh díreach le feadh, gan súil thall ná súil i bhfos aici ach a hintinn ar a leabhar mar bhéadh intinn an tsagairt ar a phortús. Dubhairt Mairneálach Inis Mhic an Doirn gur shiubhail sé gach páirt d' Éirinn agus nach bhfaca sé samhail an hata bhíodh ar Mháire Néill Bhig ar mhnáibh uaisle Bhaile Átha Cliath fhéin. Bhéadh eagla ar Chonall lámh a chrathadh le n-a leithéid de mhnaoi ghalánta chan é amháin a hiarraidh mar chéile. Ach níor chuir a galántas sgannradh ar bith mar sin ar Eoghainín ón lá chonaic sé í agus sean-shac mar naprún uirthi agus í costarnocht sa chistinigh. Bhí sé ar lorg caorach a d'imthigh ón tsliabh uadh agus tharla bealach toighe Néill é. Cuiridh sé a cheann isteach ar an doras agus 'tchí sé an bhean ag glanadh an toighe, naprún saic uirthi, agus í ag spágáil anonn is anall gan bróg gan stoca uirthi. Níor chreid sé a shúile an chéad uair, ach smaointigh sé uirthi anois nuair a sháruigh air bean a fhagháil do Chonall Bheag ó Raithbheartaigh. Dar leis, má bhí éadach galánta fhéin aici, nár chailín Domhnaigh í. Badh mhaith leis bean mhaith chéillidhe ag a charaid, ag Conall Beag, agus mheas sé go rabh sin aige i Máire Néill Bhig. "Go gcuire Dia ar mo leas mé,' ar sé ina intinn fhéin agus é ag deanamh caol díreach ar dhoras thoighe Néill. Bhí bodhránacht an lae ann agus bhí Máire ina suidhe a chois na teineadh, muga tae ina láimh agus stiall aráin sa láimh eile, a ceann gan chíoradh, agus
í 'gha téidheadh fhéin ag an teinidh bhreagh mhónadh a bhí sí i ndiaidh chur síos. Níor luaithe chuala sí an truisgneach fa'n doras amuigh, 'ná siud 'un tseomra léithe. D'éirigh Niall agus tharraing air a bhríste gur leig isteach na strainséirí. Chóirigh sé cathaoireacha timcheall na teineadh dóbhtha agus thoisigh a chur tuairisg na sean- daoine. Shín a reatha bhí an méid sin deanta aige nuair a bhí Máire i láthair na bhfear, í gléasta mar bhéadh bainríoghan ann, aoibh an gháire uirthi, agus fearadh na fáilte aici roimhe na fir. Níor dheacair an cleamhnas a réidhteach. Níor ubhairt Máire ach gurbh' fhearr léithe bheith beo bocht i nÉirinn 'ná bheith ag imtheacht ar na rothaibh thall. Nuair a chuaidh Eoghainín ag brath ar labhairt fa chruth, thug Conall uille dó 'gha iarraidh air gan an sgéal a chur ní b'fhuide. Bhí Conall bocht buidheach beannachtach bean a fhagháil gan pighinn gan bonn. Bhí a sháith sulamaire aige mar bhí sé, agus dubhairt sé leis fhéin anois gurbh' fhearr bean 'ná spré. Pósadh an lánamhain Máirt Inide, agus fhobair go dtáinig fear gortach ar Chonall ag gabháil 'un a' bhaile dóibh. Bhí an fear bocht ina throsgadh ó bhí an meadhon-oidhche ann. Go moch ar maidin nuair a bhí an sagart ag teacht go teach an phobail leis an Aifreann a rádh agus an lánamhain a phósadh, tháinig airtiogal air agus b'éigean dó imtheacht an méid a bhí ina chorp go dtí an ceann eile den pharóiste, ar dhóigh go rabh sé anonn go maith sa lá nuair a bhí sé ar ais. Bhí sé sáruighthe go maith i ndiaidh an tsiubhail agus an t-ocras ag cur air, ná maidin bheag chruaidh earraigh a bhí ann. Níl amhras ar bith nach rabh sé
fríd a chéile go mór, oir shíl sé gurbh' é an seanshaoghal a bhí aige ann, agus d'orduigh sé don chléireach imtheacht agus eochair an dorais a thabhairt chuige go bpósfadh sé an lánamhain. Níorbh 'é faill na faillighe ag Máire é: tharraing sí chuici as a póca an fáinne óir gur fhobair dí amharc na súl a bhaint den tsagart bhocht. Ní fhuair mise cuireadh 'un na bainse, oir bhí an gaol a bhí eadar mo mháthair agus Conall Beag i bhfad amach, ach chuala mé gur ubhairt Conall, nuair a bhí braon beag ólta aige, go mbéadh sé gan phósadh go bráth dá mbéadh air theacht fríd an rud chéadna an dara huair. Déir cuid den mhuintir a bhí i bPobal na gCeall Domhnach na Smut liom nach bhfaca tú ariamh péire ba sona sásta cuma 'ná Conall Beag ó Raithbheartaigh agus Máire Néill Bhig.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services