Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faire Pháidí Mhóir agus Pósadh Chonaill Bhig

Title
Faire Pháidí Mhóir agus Pósadh Chonaill Bhig
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Pen Name
Ó Chúige Uladh
Composition Date
1922
Publisher
Preas Dhún Dealgan

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Faire Phaidí Mhóir.



"Nach bhfuil faire orainne, a mháthair, ag muintir
Phaidí Mhóir?" arsa Donnchadh s' againne le mo
mháthair, nuair a bhí an t-eallach uilig ceangailte
tráthnóna agus an searrach faoi ghlas sa bhóitheach aige.



"Maise tá," arsa sise. "Agus tá tórradh agus
ofhráil orainn. Tháinig sí fhéin isteach 'un toighe
annseo nuair a bhí do mháthair mhór marbh agus dhíol
sí sgilling d'ofhráil os a cionn. Thig leat fhéin is
leis an ghirrsigh sin bogadh libh suas ar ball beag,
eadar seo agus gabháil ó sholus dó."



Choinnigh mé fhéin súil ortha; agus nuair a mhothuigh
mé ag imtheacht iad, bhí mé 'sna sálaibh acu.



"Cá bhfuil tusa ag gabhail?" arsa Donnchadh liom
fhéin, nuair thug sé fa deara mé ar a chúl.



"Tá mé ag gabháil 'un na faire," arsa mise.
"Nach bhfuil sé comh córtha agam-sa ghabháil ann
libh-se?"



"B'fhearr duit fanacht sa bhaile agus gan an
maighistir a bheith a' do bhualadh i mbárach fa gan bheith
ábalta ar dadaidh a léigheadh dó," arsa seisean.



"Innseochaidh mise do mo mháthair," arsa mé fhéin, ag
pilleadh ar mo chois, "go rabh tusa ag caint le nighin
Shéarlais 'ig Ruaidhrí ag teach an phobail indiu."



"Seo, siubhail leat annseo," ar seisean, "ach
ná bhí 'gha rádh go mbéidh tú tinn i mbárach nuair a
bhéas an t-aos óg eile ag gabháil 'un na sgoile."



Bhogamar linn ar ar suaimhneas agus níor mhothuigh-
eamar go rabh an oidhche dhubh dhorcha orainn. Thoisigh


L. 2


Donnchadh dh'innse sgéalta fa thaidhbhsibh gheall ar mé
fhéin a sgannradh.



"Marbhadh fear faoi'n bhinn sin thuas fad ó shoin,"
ar seisean.



Baineadh aon léim amháin asam fhéin, agus murab
é go rabh an bheirt acu liom, níl a fhios goidé mar
bhainfinn teach nó áit amach a choidhche.



"A Dhonnchaidh," arsa mo dheirbhshiúr, "nach dtig
leat ciall a bheith agat agus gan an gasúr a chur as
a chrann cumhachta le do chuid sgéalta amaideach."
(Bhéarfainn mo mhionna gur mhó an eagla bhí uirthi
fhéin 'ná mar bhí ar an ghasúr san am.)



Ach ar dhóigh ar bith bhaineamar teach na faire amach.
Chuamar suas 'un na leabtha ag teacht isteach dúinn
gur chuir paidir le hanam an chuirp a bhí sínte innti.
Shaoil mé fhéin nach rabh aonduine sa teach nach rabh a
shúile sáithte ionnam a fhad is bhí mo bhearád díom
agus mé ag iarraidh bheith ag guidhe ag taoibh na leabtha.



"Gabh annseo," arsa bean mhór reamhar a bhí 'na
suidhe sa choirneál, liom fhéin, nuair a chonnaic sí me
ag cur mo bhearáid orm. "Suidh ar an stól seo."



Sul ar mhothuigh mé bhí greim láimhe aici orm gur fhág
'mo shuidhe annsin ar an stól mé a chois na teineadh.
Creidim nach rabh oiread de chotú orm dhá uair
ariamh is bhí orm an oidhche sin. Bíodh a fhios agat
dá mbéinn-se sa bhaile, i n-áit bheith 'mo shuidhe ag an
teinidh i dtoigh Phaidí Mhóir ar an uair sin, go
bhfanfainn ann. Níor fhan aon dheor fhola in mo
chorp nach dtáinig aníos in m' aghaidh le náire ag
deanamh nach rabh aonduine sa teach nach rabh ag amharc
orm agus greim láimhe ag an mhnaoi chóir orm.



"Agus goidé mar atá do mháthair, a thaisge?"


L. 3


arsa sise liom fhéin annsin, nuair a fuair sí 'mo
shuidhe mé.



"Tá sí go maith," arsa mise eadar m'fhiacla.



"Maise is maith liom dá fheabhas dá mbéidh sí,"
arsa'n bhean reamhar.



"Cé leis an gasúr?" arsa seanduine beag dubh
a bhí ina shuidhe ar chathaoir ag cionn an tábla agus é
ag gearradh tobac agus 'gha chur ins na píopaibh.



"Le Róise Phádraic Róise Duibhe maise," arsa'n
bhean mhór. "Nach n-aithneochá ar na daoinibh é?"



"Maise ní aithneochainn a choidhche é," arsa'n fear
dubh, ag síneadh amach a láimhe agus ag breith greime
orm fhéin gur chroith lámh go carthannach liom.



"Agus goidé mar atá do mháthair, a rún?" ar
seisean annsin.



Sul a rabh faill agam fhéin 'seadh nó ní headh a rádh
bhí teanga an fhir dhuibh ar bogadh aige arís.



"Bhí mé le ghabháil soir 'ach a'n lá le seachtmhain
dh'amharc ar an ghamhain udaidh agaibh, ach bhuail taom
thinnis annseo Brighid Dia Luain s' chuaidh thart is
cha dtáinig liom an teach a fhágáil go dtí tá leath-uair
ó shoin, go dtáinig mé anall annseo le cupla uair a
chaitheamh ar an fhaire. Abair le do mháthair go mbéidh
mé soir tráthnóna i mbárach má thig liom ar chor ar
bith é."



"Mo dhearmad, a Shéimí," arsa bean bhreagh
shochma shoineannta a bhí ag caitheamh a píopa ar an
taoibh eile den teinidh, "is goidé mar atá Brighid
indiu?"



"Leoga níl sí acht go leath-mheasardha, a Nóra,"
arsa Séimí. "Ach níl ádhbhar éilimh againn a fhad
is thig léithe bheith eadar an teinidh is an leabaidh."


L. 4


"Dá bhfuigheadh sí bás anois," arsa fear beag
cam-chosach féasógach, ag caochadh agus ag tabhairt
uilleann don té bhí ag a thaoibh, 'tchífeá Séimí agus
é pósta ar chailín deas óg roimhe bhliadhain ó indiu."



"Is réidh agat bheith ag magadh ar dhaoinibh, a
Thoirdhealbhaigh Uí Dhomhnaill," arsa Séimí agus aoibh
an gháire air. "Ní 'ach a'n ógánach a chuirfeas ceathrar
acu fríd a lámhaibh mar rinne tusa."



Le sin mothuigheadh truisneach éighinteacht fa'n
doras. Tig an bhean bhreagh dhóigheamhail bhán isteach
agus 'ach a'n sgread chaointe aici.



"Och, och, och, óch! gur 'do luighe mar seo a
gheobhainn thú anocht, a athair mhuirnigh, is och, och, och, óch!
Ar leabaidh luim 'do luighe faoi néal, a athair na
páirte, is a athair mo chroidhe, is och, och, och, óch!-"



Le sin anuas le mnaoi bhig dhaingin as an tseomra
agus buailidh a dhá bois ar a chéile agus cuiridh
'ach a'n sgread chaointe aisti-fhéin.



Stad an gleo agus an callán agus ní tháinig focal
as béal aonduine dá rabh sa teach. Bhí cách agus
aghaidh air comh fada le lá samhraidh.



"A nighean ó! is a nighean ó!" arsa 'n bhean bheag,
"níl d'athair le fáilte a chur romhat anocht, is och,
och, och, óch!"



"Árú! Órú! gan mo dhearbhráthair Tomás as
Australia annseo anocht le cuidiú liom m'athair
a chaoineadh," arsa'n nighean, "is och, och, och, óch!
A athair na dílse, is a athair na páirte, is beag a
shaoil mé tá seachtmhain is an oidhche anocht gur mar
seo a gheobhainn thú, is och, och, óch!"



Lean an mháthair agus an nighean leo mar seo ag
caoineadh go truaighmhéileach ar feadh tamaill fhada.


L. 5


Déarfá corr-uair gur seort ceoil a bhí san chaoineadh
sin.



Ach fa dheireadh thiar stad an mháthair agus thriomuigh
a súile le n-a naprún. Bhí cuma ar an mhnaoi bhoicht
bheith cráidhte amach is amach, agus ina chuideachta sin
bhí cuma uirthi bheith tnaoidhte lag le n-a rabh caointe
aici. Chuaidh sí 'un tseomra ar ais agus ní fhaca mise
í ní ba mhó gur fhág mé an teach.



Ach níor baineadh faoi'n nighin ach ag caoineadh is
ag gol gur shaoil cuid againn nach rabh sí ag brath ar
stad ar chor ar bith.



"A Bhrighid," arsa bean bhán-liath a bhí ina suidhe
taobh ba thíos díom fhéin, leis an mhnaoi mhóir reamhair,
"nach fearr duit iarraidh ar chéill a chur i Máire? Tá
a' sáith caointe aici."



D'éirigh Brighid go socair suaimhneach agus bhog
anonn i n-aice na mná báine agus thoisigh dh'iarraidh
ar thabhairt uirthi stad den chaoineadh.



"'Nois, a Mháire, a thaisge, nach bhfuil a fhios agat
gur droch-rud barraidheacht caointe a dheanamh is nach
bhfuil sé órduighthe. Glac mo chomhairle is cuir
thart le sin é."



"Árú, a Bhrighid, a Bhrighid! 'sé m'athair a bhí go
maith damh-sa is goidé gheanfas mé feasta gan é!
Is och, och, óch!"



"'Nois, a Mháire, bíodh ciall agat. Tá'n bás
romhainn uilig is gan lá léis ag aonduine againn air.
Ní thig le duine an dá shaoghal a thabhairt leis. Is
iomdha muirighin a fágadh ar níos lugha cuidighthe 'ná
fágadh sibh-se. 'Sé d'athair fhéin a fuair an saoghal
breagh fada. Ní ceart a bheith ag gabháil i n-aghaidh
tola Dé. Glac mo chomhairle anois agus geallaim
duit nach mbéidh aithreachas ort."


L. 6


Ach bhí maith do Bhrighid bheith ag iarraidh a blandar:
chaoin sí léithe gur sháruigh is gur shásuigh sí í fhéin.
Thug a comhairle fhéin ciall dí fa dheireadh thiar thall
agus stad sí agus thriomuigh a súile agus a haghaidh.



Chóirigh Brighid áit dí chois na teineadh. Níor fhan
bean sa teach nach dtáinig aníos gur chroith lámh léithe
ach triúr nó ceathrar girrseach a bhí ina suidhe thíos i
n-aice an dorais.



Bhí an teach bog-lán go maith i dtráthaibh an ama
seo. Thigeadh duine nó beirt isteach anois agus
duine nó beirt eile ar ball beag. Sheasuigheadh na
fir thíos ag an doras ag teacht isteach dóibh an chéad
uair agus déarfadh paidir. Thigeadh na cailíní aníos
agus théigheadh ar a nglúinibh ag taoibh na leabtha.



Ach nuair a stad an caoineadh, thoisigh an chaint is
an comhrádh arís. Thóg fear pláta píopaí agus chuaidh
thart ar an teach leo. Fuair fear eile pláta snaoisín
don mhuintir nach rabh ag caitheamh. Nuair a tháinig
sé a fhad liom fhéin, sháith sé an pláta anonn romham.
Thóg mé pins agus tharraing suas in mo ghaothsán í
mar chonnaic mé an mhuintear eile a dhéanamh. Ach
a rún! níorbh' fhada gur thoisigh an tsróchfach orm
fhéin, agus shaoil mé nach bhfuighinn stad go réabfaidhe
an ceann orm. Baineadh 'ach a'n dheor uisge as mo
shúilibh a bhí comh mór le do mhéar. Badh chuma
liom sin murab é an náire agus an cotú a chuir sé orm.



"Is cuma dhuit," arsa Brighid, nuair a chonnaic sí
mé fhéin ag lasadh, "ná bíodh náire ná cotú ort.
Gheanfaidh an snaoisín maith duit. 'Sé thógfas an ceo
den inchinn agus a bhainfeas an t-uisge as do shúilibh."



"Deanadh sé maith nó olc damh," arsa mise in m'
intinn fhéin, "dá mbéadh sé gan chaitheamh agam anois
bhéadh."


L. 7


"An rabh aithne agat-sa, a Phaidí," arsa Micheál
Thoirdhealbhaigh Éamoinn annsin le Paidí Beag
Ó Domhnaill, a bhí 'n-a chomhnuidhe i mbéal an dorais
againne, "ar mhac Sheáin Uí Ghallchobhair a bhí ag baint
faoi thuas ar an Tor?"



"Maise badh cheart damh sin aithne bheith agam air.
Chaith mé dhá fhoghmhar ina chuideachta i nAlbain,"
arsa Paidí.



"An bhfuil a fhios agat cé'n bhean a bhí aige ?"
arsa Micheál annsin.



"Nach nighean do Eoin Óg, a Shéimí, a bhí pósta
air?" arsa Paidí, ag tabhairt aghaidhe ar an fhear dhubh.



"Maise cha dtig liom a rádh anois," arsa Séimí.



"Ba eadh," arsa bean bheag ruadh a bhí i n-a suidhe
thiar faoi'n fhuinneoig. Bean fa mo thuairim-sa aoise
a bhí innti. Is cuimhneach liom gur chuir mo mháthair mé
go toigh Eoin dh'iarraidh iasacht cárda agus mé 'mo
ghirrsigh bhig. Creidim nach dtiocfadh liom bheith
mórán níos mó 'ná an gasúr sin thall san am-"



"D'fhéadfá bheith comh mór le Brighid annseo an
lá céadna dá mbéadh fás ar bith fút," arsa fear
mór meadhon-aosta a bhí ina shuidhe ag cionn an
dreisiúir. Casadh orm-sa thú agus tú ag gabháil
suas ag an Charraig Dhóighte, agus, leoga, is iomdha
cailín sioctha nach rabh comh sean-chríonnta cuma
leat an tráthnóna sin."



Tháinig aoibh an gháire ar a rabh sa teach ; agus bhris
aon racht amháin amach ar sgaifte den aos óg a bhí
thíos i n-aice an dorais.



"Is ceart an chuimhne atá agat, a Chonaill," arsa'n
bhean ruadh agus í ag iarraidh bheith 'gha ghlacadh comh
maith is thiocfadh léithi.



"Cuimhne!" arsa Micheál. "Níl aon dhath thárla


L. 8


Ó bhí Conall sa chliabhán nach bhfuil cuimhne aige air."



"Bhí lá is bhí cuimhne mhaith go leor agam," arsa
Conall, "ach d'imthigh an lá sin, is níl ann anois
ach go bhfuil cuimhne agam ar an rud a bhí ann
anuraidh."



'Cá fhad ó tháinig tú as Meirice, a Chonaill?"
arsa'n fear dubh.



"Tá sé cúig bliadhna déag is fiche go Samhain seo
chugainn," arsa Conall.



"Ba hé an lá céadna tháinig tú a cuireadh mo
mháthair," arsa'n fear dubh. "Ní rabh a fhios agam cé
acu cúig bliadhna déag is fiche go Samhain seo chuaidh
thart nó go Samhain seo ag tarraingt orainn a bhí sé,
agus bhí rún agam a fhiafruighe dhíot 'ach aon am le
dhá bhliadhain. Gach uair a chastaoi orm thú nínn
dearmad de go dtáinig sé in mo chionn go díreach
anois."



"Siud a fhad is atá sé go dtí an bomaite," arsa
Conall. "Trí seachtmhainí déag agus trí lá go
leith a bhíomar ó d'fhág sinn thall gur bhuaileamar
port ar chladach na hÉireann."



Bhí cuma ar Chonall a bheith ag gabháil dh'innse dhúinn
rud éighinteacht fa dtaobh den dóigh ar chuir sé thart
na trí seachtmhainí déag sin ar bharr na dtonn, ach
b'éigean do mhnaoi bhig gheabaigh a bhí 'na suidhe ag
doras an tseomra a gob a chur isteach agus a fhiafruighe
de cá fhad a chaith sé thall.



"Gan bheith goirid leat-sa, a bhean mhodhamhail,"
arsa Conaill, "chaith mé níos fuide ann 'ná chaith
Séamus Brocach ar bhuail an chumhaidh é comh luath
is tháinig an soitheach i dtír thall, agus a shaoil nach
mbainfeadh sé an baile amach a choidhche nuair nár


L. 9


fhan sé le hoidhche a chaitheamh ann fhéin." (Duine
muinteardha don mhnaoi ruaidh a bhí i Séamus Brocach.)



Ach nuair a bhí sin ráite ag Conall, fuaras a
bhlandar gur thoisigh agus gur innis sé dhúinn ó thús
go deireadh goidé mar d'éirigh leis ag gabháil anonn
is anall dó.



"Bhí aimsear mhaith go leor ann an chéad chupla lá
a bhíomar ar an fhairrge, ag gabháil anonn dúinn.
Deich seachtmhainí agus dhá lá gan uair a chur leis
na uadh a chaitheamar ar an bhealach. Na soithigh
seoltórachta seo uilig a bhí ag gabháil ann san am ;
agus dá dtigeadh ciúineas, ní bhéadh a fhios agat cá
fhad a bhéitheá ar an fhairrge le cionn acu. Agus ba
mheasa 'ná sin é dá mbéadh i ndán is go dtiocfadh
doineann ort.



"Ag teacht anall dúinn, i ndiaidh a bheith amuigh
trí lá, tháinig stoirm mhór agus thoisigh sé a shéideadh.
Cuireadh ar gcúl sinn go rabhamar fa sheoltóracht lae
de thalamh Mheirice ar ais. Shéid sé leis gan stad
ar feadh thrí lá. I dtráthaibh an mheadhon-lae ar an
ceathramhadh lá tháinig ciúineas beag ann agus cuma
socruighthe air. D'éirigh linn na seolta a bhí stróctha
stiallta a chóiriú ar dhóigh éighinteacht agus aghaidh
a thabhairt amach 'un na fairrge ar ais.



"Nuair a bhí tuairim ar sheoltóracht seachtmhaine
deanta againn, thug mé fhéin fa deara, agus mé ag
siubhal ar bórd, rud mór dubh éighinteacht 'na luighe ar
bharr an uisge fa cheathramha míle dhúinn. Chuamar thart
fa ghiota bheag de, agus goidé do bharamhail a bhí ann
ach péist mhór agus í 'na codladh. Bhí duine
éighinteacht ar bórd linn comh beag de chéill is go
dtug sé aníos gunna is gur sgaoil urchar léithe.


L. 10


"Nuair a mhothuigh sí boladh an ghráin, d'éirigh sí de
léim amháin agus thóg cith uisge 'sna spéarthaibh a
tháinig anuas ar a rabh ar bórd gur fhliuch go craiceann
iad. Bhí mé fhéin mar tharraingeochá as an abhainn mé.



"Nuair a bhíomar tuairim ar leath bhealaigh anall,
chuaidh fear suas sa chrann dh'amharc uadh. D'fhiafruigh
mé fhéin de, agus é 'n-a shuidhe thuas, an bhfaca sé
dadamh. Dubhairt sé nach bhfaca, ach go mbéadh
réablacha gaoithe móire ann roimhe uair a' chluig.



"An bhfeiceann sibh an néal sin thuas?" ar seisean.
"Sin gaoth mhór uilig agus ní bac dúinn bheith réidh fa
n-a coinne."



"Ní rabh an uair fhéin caithte go dtáinig aon séideán
amháin a chuir an soitheach ar bogadh mar bhéadh cliabhán
ann. D'éirigh agus mhéaduigh an ghaoth agus bhíthear
ag caitheamh an tsoithigh anonn is anall mar 'tchífeá
fód mónadh sa chuan sin thíos lá fairrge móire.
Ceangladh fear don rotha agus tugadh orainne
fanacht thíos. Agus, leoga, aonduine againn a bhí
ábalta ar aghaidh a thabhairt aníos ní rabh féidhm iarraidh
air fanacht thíos.



"Fuair mé fhéin greim maith daingean ar rópa a
bhí ann agus chuir aníos mo cheann cupla uair. Bhí
fairrge ann a chreathnóchadh thú. Déarfá gurab é an
tEaragal a bhí in gach tuinn a bhí ag teacht ort.
Tháinig aon tonn mhillteanach amháin agus ghlan sí
léithi amach an fear a bhí ar an stiúir agus ní fhacas
ón lá sin go dtí an lá atá indiu ann é.



"Ag gabháil ó sholus dó thuit an ghaoth agus tháinig
ciúineas breagh ann, ach go rabh an fhairrge reamhar go
maith go cionn fada go leor i ndiaidh na doininne.



"Bhí na seolta 'na mbratógaibh ag teacht isteach


L. 11


'un an chuain dhúinn, agus cuid againn ag fagháil bháis
beagnach leis an ocras. Bhí mé ar feadh thrí lá agus
níor bhlais mé acht an t-aon bhriosga beag amháin a
d'éirigh le máirneálach a thabhairt chugam as an chábán.
Bíodh a fhios agat gur orainn a bhí an lúthgháir ag teacht
amach ar chéidh Dhoire dhúinn."



"Aithnighim go bhfuair sibh bhur sáith de," arsa'n
fear dubh. "Ach, a fheara, ní cóir dearmad a
dheanamh den tobac. Beir ar seo, a Chonaill."



Rug Conall ar an phíopa uadh. Fuair sé an maide
briste agus thóg aibhleog as an teinidh gheall ar an
phíopa a dheargadh. Ach cibé driopás a bhí air, leig
sé den aibhleoig tuitim agus rinneadh míle cuid dí
ar an urlár. Tháinig drithleog sa chois ar ghirrsigh bhig
a bhí eadar é agus an teinidh agus shaoil an créatúr
bocht go rabh deireadh léithe nuair a mhothuigh sí an
aibhleog dá dóghadh, ná d'éirigh sí fríd an teach agus
'ach a'n sgread chaointe aici mar duine a bhéadh ag
gabháil as a chéill.



"Sópa annseo i mbomaite!" arsa Brighid. Fuaras
giota galluanaighe dí agus chumail Brighid do chois na
girrsighe é comh gasta is thiocfadh léithi é. Ach i
ndiaidh a dícheall a dheanamh níor mharbh sí an ghreadfach.
D'éirigh spuaic ar chois an pháiste bhoicht a bhí comh mór
le huibh chirce.



"Nár chóir," arsa bean de na mnáibh le Niall Óg,
nuair bhí Brighid réidh leis an chois dhóighte, "go
n-innseochá sgéal bréagh, a Néill, a chuirfeadh thart an
oidhche."



"Maise ní a' do dhiúltú bhéinn, a Mhéadhbha, dá
mbéadh aon sgéal agam," arsa Niall. "Rinne mé
dearmad ar a rabh de sgéaltaibh agam. Chonnaic tú


L. 12


an capall sin, a Dhonnchaidh, a cheannuigh Séamus Mór
lá an aonaigh s' chuaidh thart?" ar seisean annsin le
Donnchadh s' againne gheall ar an sgéal a leigean
tharais. "Ní fhaca," arsa Donnchadh, "ach chuala
mé Domhnall ag caint uirthi."



"Seo anois, a Néill, toisigh ar an sgéal, le do
thoil," arsa'n bhean chéadna arís leis.



Ní rabh ag Niall bocht ach a lámh a chur suas agus
a cheann a thochas: ní rabh teacht as aige. Chaithfeadh sé
an sgéal a innse. Smaointigh sé air fhéin ar feadh
bomaite.



"Goidé an sgéal is fearr libh?" ar seisean annsin,
nuair a thug sé fa deara sinn uilig ag fanacht leis
labhairt.



"Ó, sgéal ar bith. Is cuma linn," arsa leath a
rabh istoigh.



"Goidé fa mhac Ríogh na Gréige?" ar seisean.



"Fág annsin é," arsa Paidí Óg. "Plóid air!
tá sé ró-fhada."



"Innis dúinn fa'n chogadh," arsa Eoghan Róise
Ruaidhe.



"Tuilleadh bisigh air mar chogadh!" arsa Niall,
"mura bhfuil sibh tuirseach ag éisteacht leis!"



"Ó níl ar chor ar bith," arsa sgaifte againn a bhí
fa'n teinidh (d'éirigh liom fhéin mo bhéal a fhosgladh
agus rud éighinteacht a rádh i gcuideachta na codach
eile). "Hach! hach!" arsa Niall agus é ag iarraidh
bheith ag réidhteach a sgeadamáin. "Níl a'n am ó
bhí airde an ghasúir sin ionnam," ar seisean, ag amharc
anall orm fhéin, "nach bhfuil mé ag éisteacht leis an
chogadh a bheith ag teacht. Ach dálta go leor eile


L. 13


nach dtáinig is nach dtig ní móide go dtiocfaidh an
cogadh seo go bráth.



"Maise nár thige!" arsa guth thíos i n-aice an
dorais.



"Tá a fhios agaibh go rabh sé sa tarngaireacht (agus
chonnaic mé fhéin Niall Róise Bhrighde 'gha bhaint as an
leabhar), go rabh an cogadh le theacht roimh dheireadh an
tsaoghail. Tiocfaidh lá ar Shasain a mbéidh sí ar
bheagán long. Caillfear a cabhlach ar chóstaibh na
hIodáile go dtí nach mbéidh fágtha aici ach an dá shoitheach
beag amháin gan mhaith.



"'Sa Domhan Thoir is ceart don chogadh seo toiseach.
Oibreochaidh sé leis anoir. Bánóchar tíortha go leor,
creidim, sul a dtige sé a fhad linne.



"Tiocfaidh ceo a mhairfeas trí lá, agus béidh sé comh
dorcha sin nach mbéidh dul ag an tsúil is géire a
dheanamh amach an lá nó oidhche bhéas ann.



"'Tchífear éanlaithe an aeir ag teacht anuas agus
ag luighe ar mhullaighibh na dtoighthe. Ní fhuigfear a'n
mhadadh sa tír nach muirbhfear ar eagla go dtabhairfeadh
siad sgéala an t-arm a bheith ag teacht.



"Béidh an bháighe seo amuigh líonta de shoithigh.
Béidh cabhlach ann nach bhfacas a leithéid ó bhí Briseadh
na Traoi ann. Agus-"



"Cá bhfuil an Traoi nó cá huair a bhí an cogadh mór
sin ann, a Dhomhnaill?" arsa Niall Róise Ruaidhe.



"Maise níl a fhios agam, a Néill," arsa Domhnall,
"ach chluininn na sean-daoine ag caint air. Caithfidh
sé gur i n-áit éighinteacht sa Domhan Thoir atá sé. Ní
thig liom níos mó a innse dhuit fa dtaobh de."



"Cá háit siudh a rabh mé? Ó, 'seadh: agus nach
mór an mhéid acu bhéas ann agus nach dlúth a bhéas


L. 14


siad i gcionn a chéile nuair a bhéas fear ábalta ar
siubhal eadar Árainn agus Toraigh ar bordaibh long.



"Tiocfar ar mhuintir na n-oileán san oidhche agus
iad 'na gcodladh, agus an mhéid acu nach gcuirfear
faoi ghoin claidhimh plúchfar i n-a gcuid leabthach iad.



"Mo thrí thruaighe naoi n-uaire
Toraigh, Uaigh, agus Árainn;
Plainceáid shuaighte dhearga fútha
I n-áit na bplainceád bán."



"Agus tá sé i dtarngaireacht Cholumcille go
dtiocfaidh Ball Dearg Ó Domhnaill i dtír ón Spáin
agus go bpógfaidh sé gaineamh na trágha ag teacht
isteach dó, agus go dtabhairfidh sé buidheachas don
Rígh as an amharc sin a fhagháil ar a thalamh dhúthchais.
Ní mhuirbhfear a'n fhear bán i nDoire an lá sin.



"Siubhailfidh sé leis le n-a arm agus níl a'n duine
dá gcasfar air nach bhfuigfidh sé dearg ina chuid fola.
Ní imtheochaidh fear, bean, ná páiste air, ag deanamh
gur Sasanaigh uilig iad agus gur námhaid dó gach
duine dá bhfuil dá chastáil air.



"Le tuitim na hoidhche tiocfaidh sé go mullach
árdáin agus 'tchífidh sé uadh síos sagart agus pobal
thart air, ag léigheadh Aifrinn. Rachaidh an sagart ina
araicis, agus, ag árdú a lámh dó, fiafróchaidh sé de
goidé atá aige dá dheanamh, nó an ag marbhadh a
mhuintire fhéin atá sé? Tuitfidh Ball Dearg ar a
ghlúinibh i láthair an tsagairt agus iarrfaidh maitheamhnas
as an choir atá deanta aige, agus déarfaidh sé gur
shaoil sé gur Sasanaigh a bhí aige dá slad.



"Comh lia is tá méar orm chuala mé na sean-


L. 15


daoine 'gha rádh go rabh sé i dtarngaireacht Cholumcille
go rabh dhá mhíle chlaigeann le sábháil thuas annsin i
bPoll Chró Bheithe. Rachaidh na Gaedhil ar thaoibh amháin
den chnoc agus rachaidh an námhaid ar an taoibh eile. Ní
fheicfidh ceachtar acu an dream eile agus imtheochaidh
na Gaedhil bhochta ar an arm ar an dóigh sin."



"A Shéimí, creidim go bhfuil mise agus tusa
ró-aosta feasta, má thig an cogadh le n-ar linn, le
himtheacht air," arsa Brighid Mhór le Séimí.



"B'fhearr liom," arsa Séimí agus é ag iarraidh
bheith ag baint toite as an phíopa, "nach mbéadh fiachadh
orainn imtheacht air. Ach má's rud go bhfuil sé a
chóir baile, níl eagla ar bith orm-sa nach gcoinneochaidh
mé cos le cuid de na stócaigh seo go fóill."



"Maise chuala mé an maighistir 'gha bhaint as an
pháipeár lá fa dheireadh annseo go rabh a leithéid sin
d'fhear thall sa Spáin anois," arsa stócach a bhí thíos
i gcionn an toighe. "Saoilim gur Ball Dearg
Ó Domhnaill a thug sé air."



"A Dhia 'ar sábháil!" arsa Brighid, "agus go
gcumhdaighe sé sinn ar gach olc, má's mar sin atá.
Shaoil mé go mb'fhéidir nach le n-ar linn-ne a thiocfadh
an cogadh seo, agus nach bhfeicfeadh aonduine dá
bhfuil ann anois na cnuic dearg le fuil."



"Bí ag deanamh cnaipí," arsa Séimí. "Bainfear
an ceann díot fhéin is d'Eoghainín le haon bhuille
amháin den chlaidheamh a bhéas leis na hógánaigh udaidh.
Ach nach seo dearmad deanta agam de na píopaibh
leis an chogadh bhradach sin! Seo dhuit, a Dhomhnaill,
dearg seo. Níl ach amaidighe dúinn bás a fhagháil.
Seo, a mhná ná spáráilidh an tobac. Beir ar seo, a
Bhrighid."


L. 16


Rug Brighid ar an phíopa ó Shéimí, agus níorbh'
fhada go rabh 'ach a'n toit aici dá bhaint as.



"An bhfuil a fhios agat goidé tá mé ag gabháil a
innse dhuit, a Shéimí," arsa sise. "Ní bhéinn beo
murab é an tobac. Murab é gur thoisigh mé air ar an
tsamhradh udaidh a d'imthigh Eoin Óg uaim go Meirice,
b'fhada sínte sa reilig sin amuigh mé."



D'éirigh gal mhór tobac fríd an teach, agus tháinig
aoibh bhreagh, déarfá, ar 'ach aonduine. Thoisigh an
seanchas agus an comhrádh agus d'éirigh an ghib-gheab
ar fud an toighe.



"An sgannradh is mó a fuair mé ariamh," arsa
Donnchadh s' againne, nuair a bhí a sháith den phíopa
caithte aige, "is ag teacht aníos as teach Shéarlais
Ruaidh a fuair mé é."



Stad an gleo mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile
agus chuir 'ach aonduine cluas air fhéin ar eagla go
gcaillfeadh sé focal de sgéal Dhonnchaidh.



"Is breagh an cailín an bhean bhán udaidh ag Séarlas
Ruadh," arsa stócach deas fionn-bhán a bhí thall faoi'n
fhuinneoig, agus mion-gháire air.



"Bhíomar ag imirt chárdaí," arsa Donnchadh, agus
é ag leigean air nach gcuala sé goidé dubhairt an
fear fionn-bhán, "agus níor mhothuigheamar go rabh an
meadhon-oidhche ann. Cuireadh deireadh leis an chluiche
sin agus leig mé fhéin cith a bhí ag teacht tharm.
Rinne Séarlas agus Nóra a gcruaidh-dhícheall orm ag
iarraidh tabhairt orm fanacht go maidin. Ach ba
chuma goidé gheanfadh siad bhéadh mo dhóigh fhéin agam-sa.
Dá mbristí Coillidh Ghaoth Beara orm, ní fhanfainn
acu an oidhche chéadna udaidh. Ba chuma liom ach


L. 17


bhí leisg orm aonduine m'fheiceáil ag teacht aníos ar
maidin.



"Nuair a bhí an cith thart, bhog mé liom ar mo
shuaimhneas. Ag deanamh gur smaointigh mé ar
uaigneas! Cha rabh a dhath de uaigneas orm ach oiread
is tá orm 'mo shuidhe annseo anois.



"Ag teacht aníos damh ag Crann Mhághnuis
Uí Ghallchobhair tchím an bhean ag gabháil amach romham
ar an bhealach mhór. Char chuir mé suim ar bith innti ag
deanamh gur duine éighinteacht de mhuintir Éamoinn
nó Phaidí bhí ann. Bhí cóta dearg fa n-a cionn aici,
agus siud trasna an bhealaigh mhóir léithe romham fhéin
agus isteach sa dosán aitinne udaidh atá ag clampa
mónadh s' agaibhse, a Shéimí. Ag deanamh gur
smaointigh mé nach duine saoghalta a bhí ann! Níor
chorruigh sí aon ribe gruaige ar mo chionn ach oiread
is dá mbadh asal Sheáin Bhacaigh a bhéadh ann.



"Anonn liom go bhfeicfinn cé bhí ann. Chuartuigh
mé síos is suas an áit a bhfaca mé í ag gabháil isteach,
ach ní rabh bean ná rud ar bith eile le feiceáil agam
ann ach oiread is atá ar an leic sin annsin anois.
Nuair nach rabh dul agam ar a feiceáil, smaointigh iné
orm fhéin agus bhuail an t-uaigneas ar an bhomaite
mé. Bhí a fhios agam annsin nach dtiocfadh leis gur
deagh-rud ar bith a bhí ann. Thug mé do na bonnaibh é;
agus bíodh a fhios agat nár leig mé don fhéar fás
faoi mo chosaibh go rabh mé ag doras toighe s' againn
fhéin. Chuir mé mo ghuala leis an chomhlaidh; agus murab
é gur fhág an tsean-bhean an doras gan sparradh ag
súil liom, bhéadh comhla is uile isteach fríd an teach
liom."



"Fuair tú sgannradh," arsa Domhnall, "ach
fan go gcluin sibh goidé d'éirigh damh-sa:


L. 18


"Bhí sgaifte againn thuas san Ailt agus sinne ag
imirt chárdaí. Saoilim anois gur leith-phighinn a cúig
fichead an cluiche a bhí againn. Cé acu sé nó nach é
bhí íogán ag gabháil ann; agus bhíthear 'gha chur ar an
mhac seo annseo gurbh' é ba mheasa den sgaifte ag
an íogán an oidhche sin. Níor chaill mé mórán ar
dhóigh ar bith: bhí cúig is tuistiún in mo phóca bainte
liom ag teacht 'un a' bhaile damh.



"I dtráthaibh am luighe tháinig Domhnall Néillín
isteach agus buideál chúig naigín leis. Hóladh is
ceoladh gur fágadh tóin an bhuideáil comh tirim leis
an mhaide bhriste sin.



"Níl a fhios agam goidé an tuairim ama a rabh sé
nuair a thug mé fhéin m'aghaidh ar an bhaile, ach tá a
fhios agam gur mhothuigh mé an bhiotáilte go maith in
mo chionn. Thoisigh mé a ghabháil cheoil. Ag teacht
amach ar an Bhearnaidh Dhuibh damh chonnaiceas damh gur
mhothuigh mé mar bhéadh truisneach éighinteacht 'mo
dhiaidh. D'amharc mé thart, ach ní rabh a dhath le feiceáil.
Bhog mé liom, ach cha dteachaidh mé i bhfad go gcuala
mé mar bhéadh duine ag caoineadh fa'n pholl udaidh atá
taobh ba thall den Loch Bheag. D'amharc mé ar 'ach a'n
taoibh díom, ach ní rabh dadamh le feiceáil agam.
Shiubhail mé liom arís, ach ní thiocfadh leis go rabh níos
mó 'ná cupla slat curtha tharm agam nuair a mhothuighim
an tormán iongantach ar mo chúl agus mar bhéadh
slabhradh dá tharraingt 'mo dhiaidh ar an bhealach mhór.
D'amharc mé thart agus, slán gach samhail! 'tchím an
rud mór dubh tuairim ar fhichid slat 'mo dhiaidh.



"Thug mé do na bonnaibh é comh maith is thiocfadh
liom. Is minic a bhí mé ag smaointiú ó shoin
gur mhaith an cú a choinneochadh cos liom an oidhche
udaidh.


L. 19


"Ba hé an geimhreadh i ndiaidh mo phósta é. Bhí
Anna í fhéin 'na suidhe ag fanacht liom. Mhothuigh sí
an trup a bhí liom ag teacht anuas taobh an toighe
agus shaoil sí gurbh' é an capall a bhí sa bhóitheach a
sgaoil. Thug sí iarraidh amach, ach casadh mise sa
doras uirthi. D'iarr mé deoch uisge, ach sul a rabh
faill aici ar a thabhairt damh bhí mé 'mo chnap i laige
ar an urlár.



"Bhí an sagart agus an doctúir agam. Chuaidh
an ola orm. Agus níor fhág mé an leaba go cionn shé
seachtmhainí. 'Nois nach bhfuair mé sgannradh?"



"Fuair," arsa Conall go righin eadar a fhiacla.
"Bhí tú a chóir comh holc le Domhnall s' againne agus
Paidí Bán Mháire Móire d'imthigh síos annseo oidhche
gheimhridh gheall ar ruaig a thabhairt fa na cladaigh.



"Bhí aithne agat-sa, a Bhrighid, ar Nóra Bheag a
bhíodh ag gabháil thart fa'n bhaile seo ag cruinniú
a codach."



"Maise bhí na deich n-aithne agam ar an chréatúr, a
Chonaill," arsa'n bhean mhór.



"Cibé bhain dí fuaras í báithte thíos annseo i mbéal
na tuinne agus fágadh faoi bhéal curaigh í go bhfuighthidhe
a tabhairt fa theach. Ach siud ar siubhal an dá ógánach:
agus nuair a bhí siad thíos annseo ag Carraig na
nDeor, thug siad fa deara duibheagán mór agus cith
ag cruinniú thiar udaidh. Chonnaiceas don bheirt acu
gurbh' fhearr dóbhtha an cith a leigean tharsta, agus
siud síos ag tarraingt ar an churach iad. Isteach le
Domhnall faoi. Ach, a mhic m'anama, níl ann ach go
rabh sé istoigh i gceart nuair a leig sé an sgread
udaidh agus ar siubhal ins na feathaibh fásaigh leis
agus an fear bán ins na sálaibh aige!


L. 20


"Bhí mé fhéin i ndiaidh mo chosa a bhaint as mo
bhrógaibh agus mé ag glanadh pota brúightín a chois
na teineadh, nuair siud isteach mo bheirt dhiúlach chugam
agus a n-anál ar bharr a nguib agus a gcroidhe ag
gabháil amach ar a mbéal acu. Níl ann ach é gur
choinnigh mé an bheirt acu ó thuitim isteach ar chúl na
teineadh, bhí siad comh tógtha sin leis an sgannradh a
fuair siad. Níl a'n am ó shoin a gcluinim Domhnaill
ag maoidheamh nó ag deanamh mórtais nach n-abraim
gur beag mórtas nó caint a bhí ag cur as dó an oidhche
udaidh, agus ní fhaca tú a'n fhear ariamh a dtéid sé
comh holc dó leis."



Bhí mé fhéin sa choirneál agus mé ag éisteacht leo
ag caint fa na taidhbhsibh. Chuala mé sgéal an
chogaidh, agus chuir sin eagla orm. Chuala mé sgéal
Dhonnchaidh i dtaoibh na mná a chonnaic sé ag gabháil
trasna an bhealaigh mhóir roimhe, agus chuir sin a dhá
oiread eagla orm; ach nuair a chuala mé goidé bhain
do Chonall bhocht, thoisigh an t-oibriú orm go rabh
mé ar bhárr amháin creatha le heagla. Badh chuma liom
dá bhfuighinn an baile a bhaint amach: bhí mé ag ithe na
méar díom fhéin nár fhan ann nuair bhí mé sa bhaile,
Smaointigh mé annsin go rabh Donnchadh agus cupla
duine eile de lucht na comharsanachta le bheith liom
agus nach dtiocfadh a dhath orm-sa nach dtiocfadh
orthasan. Bhí an chaint ar siubhal fríd an toigh, ach bhí
mo bhuaidhreadh fhéin orm-sa. Badh chuma liom goidé
mar rachadh rud ar bith ach an baile a bhaint amach
slán sábháilte.



Bhí mé mar seo agus gan mórán áirde agam ar
chaint nó ar chomhrádh, nuair cé thig anuas as an tseomra
ach nighean an fhir a bhí sa leabaidh agus d'fhiafruig
nach rabh sé i n-am an Paidrín a rádh.


L. 21


D'amharc Séimí suas ar an tsean-chlog a bhí ar
crochadh ar an bhalla, agus dubhairt go rabhthar i n-am
go leor leis, nach rabh sé ach cúig bhomaite i ndiaidh a
deich go fóill.



Thug nighean an fhir a bhí marbh thart a súil agus
chonnaic go rabh an clog ag gabháil.



"Cad chuige nár stapadh an clog seo?" arsa sise.



"Is deas na daoine atá fa'n teach seo nach bhfuil
oiread de choimheád ionnta is go dtiocfadh leo an
clog fhéin a stapadh. Gabh annseo, a Dhonnchaidh, is
amharc an bhfuightheá í seo a chur de obair".



"Arú, goidé an duibhthear í bheith ag gabháil annsin,"
arsa Brighid.



"Maise creidim nach eadh," arsa'n bhean bhán,
"ach nach é an gnás a bhí ann ariamh gan clog bheith
ar obair i dtoigh faire?"



Ach stapadh an clog agus cuireadh thart le sin é.



"Déarfaidh tusa an Paidrín, a Chonaill?" arsa
sise annsin.



"Ó, déarfaidh Séimí annseo é," arsa Conall.



"Chan abraim, maise," arsa Séimí," ach déarfaidh
tú fhéin nó Micheál Thoirdhealbhaigh Éamoinn é."



"Níl mise ag gabháil a rádh cibe gheanfas Micheál,"
arsa Conall.



"Maise thiocfadh duine níos fearr 'ná mise a fhagháil
le cionn a chur ar an Phaidrín annseo anocht," arsa
Micheál. "'Sí Nóra is minice a chuireas ceann air sa
bhaile: is fearr leis an aos óg an mháthair a rádh i
gcomhnuidhe mar bhím-se ró-fhadálach leis nuair a
théighim ina chionn. Ach i n-ainm Dé tá sé comh
maith againn toiseacht air:



"I n-ainm an Athar," agus rl.


L. 22


"Toisighmid agus tionnsgnamuid ar na cúig deich-
neabhair dhéag-"



"Dar siud agus dar seo," arsa Donnchadh s'
againne ag tógáil a chinn agus ag tabhairt aghaidhe ar
Mhicheál, "an ag brath ar nglúine a bhriseadh ar an
urlár chruaidh seo atá tú fhéin agus do chúig
deichneabhair dhéag! Déarfá gur Domhnach Aifrinn
atá agat ann. Nár chóir go dtiocfá le cúig deich-
neabhair is gan sinn a choinneáil ar ar nglúinibh
annseo go maidin?"



Níl ann ach é go dtáinig liom fhéin na gáiridhe a
choinneáil istoigh nuair a chonnaic mé an choil a bhí ar
Dhonnchadh le Micheál. Murab é an eagla bhí orm
roimh an mhnaoi mhóir a bhí ar an taobh thall den teinidh,
ní choinneochadh a rabh sa toigh mé ó mo sháith gáiridhe a
dheanamh.



"Maith go leor," arsa Micheál. "Tiocfaidh mise
le Paidrín chúig ndeichneabhar má's é is fearr libh."



"Toisighmid agus tionnsgnamuid ar na cúig deich-
neabhair ghlórmhara agus ofráilimid an Paidrín seo
suas i láthair Dé ar son d'anama anocht, a Phaidí Mhóir,
má 'tchí Dia aon smál pheacaidh ort, go maithe Sé
duit é agus go bhfagha d'anam a chuid den Ghlóir
Shíorruidhe."



"Amén," arsa sinne.



Dubhairt Micheál é fhéin an chéad deichneabhar.
Dubhairt Brighid an dara ceann, agus níl a fhios agam
anois cé dubhairt na trí cinn eile.



Thoisigh Micheál annsin ar chionn a chur ar an Phaidrín.
Dubhairt sé paidir nó dhó, agus annsin dubhairt sé an
Chré. Bhí sé ag guidhe agus ag cur paidreach 'le
deagh-aimsir a thabhairt do na daoinibh,' 'le sinne a
stiúradh ar bhealach ar leasa, agus rl.,' gur shaoil cudi


L. 23


againn go gcoinneochadh sé ar ar nglúinibh annsin go
maidin sinn.



"Paidir agus Abhe Maria le hanam na mbocht atá
i bpiantaibh Purgadóra, le n-a bpiantaibh a laghdú,
a nglóir a mhéadú, agus a n-anam ar shluagh na
Glóire Síorruidhe. Ar n-Athair, agus rl.



"Paidir is Abhe Maria le hanam m'athara is mo
mháthara, má 'tchí Dia a gcuid dá n-aithrighe a dhíth ortha,
go maithe Sé dóbhtha é anocht, a Thighearna. Ar
n-Athair. agus rl.



"Paidir is Abhe Maria le hanamnaibh ar gcáirde
gaoil uile-go-léir, is le 'ach a'n duine dá bhfuil fhiachaibh
orainn a bheith ag guidhe ar a shon mar i ndúil go
ndeanfadh Dia trócaire ortha anocht is go leigfidhe
isteach 'un a gcuid den Ghlóir Shíorruidhe iad. An
n-Athair, agus rl."



Ach fa dheireadh thiar thall chualamar "Abhe Maria
amháin i n-onóir gheanmnaidheachta na Maighdine
Muire," agus bhí a fhios againn go rabh fuasgladh dar
gcóir.



"Shaoil mé, a Mhicheáil," arsa Donnchadh s' againne
ag éirghe 'na sheasamh nuair a bhí deireadh thart, "go
mbéamuis uilig ins na Flaithis sul a mbéadh deireadh
agat leis an Phaidrín sin. Níor mhaith liom fiachadh
bheith orm cuidiú leat a rádh 'ach a'n oidhche."



"Ceist agam seo ort, a Dhonnchaidh:" arsa Séimí,



"Cá mhéad uair a chaith tusa a thrí oiread ama ar do
ghlúinibh i dtoiseach curaigh agus tú ag gabháil a dh'
iasgaireacht? Cuirfidh mé geall nach gcuala a'n
dhuine thú 'gha rádh go rabh do ghlúine briste ag teacht i
dtír dhuit. Tá duine marbh má chaitheann sé cupla


L. 24


bomaite ar a ghlúinibh ag tabhairt onóra agus glóire
do Dhia!"



"Ach, ach,-" arsa Donnchadh.



"Ná bí ró-chruaidh ar an duine bhocht, a Shéimí.
Níl na glúine ach bog go fóill aige," arsa Micheál
agus é ag leamh-gháiridhe.



Ach cibé caint is comhrádh a bhí eadar Donnchadh is
na seandaoine tháinig na taidhbhsí isteach in mo
chionn-sa ar ais. Chonnaiceas damh go mbéadh siad ina
gcéadtaibh ar an bhealach romham ag gabháil 'un a' bhaile
damh. Bhéadh taidhbhse faoi an Bheinn Ruaidh. Bhéadh
ceann eile ag an Phortach. Bhéadh fear ina shuidhe ar
chúl na Cloiche Móire. Bhéadh an áit uile-go-léir
líonta le taidhbhsibh is le púcaibh is ní bhéadh imtheacht
agam fhéin ortha. "Ach b'fhéidir, ina dhiaidh sin is
uilig," adeirinn liom fhéin, "nach bhfuil taidhbhse ar
bith ann, gur caint daoine bhíos ins na taidhbhsibh is ins
na púcaibh seo uilig."



Go gearr i ndiaidh an Phaidrín d'éirigh sgaifte,
chroith duine acu an t-uisge coisreagtha, a bhí ar crochadh
ag cionn an dreisiúir, ar an chuid eile, agus d'imthigh
siad 'un a' bhaile.



Toisigheadh a dheanamh tae, agus creid mise gur sin
an tae ar baineadh an ghoil as. Bhí sé a chois na
teineadh dá tharraingt gur baineadh as a rabh de shubh
ann. Dóirteadh amach ar mhéis é sa deireadh agus
cuireadh bainne agus siuchra air. Tugadh suas 'un
tseomra annsin é agus hiarradh orainne theacht
aníos go n-ólfamuis bolgam a bhainfeadh an codladh
dínn.



"Suas leat, a Mhicheáil," arsa bean an toighe.



"Ó, goidé an tae atá de dhíth orm-sa," arsa Mícheál.



"Suas leat anois, adeirim."


L. 25


"Níl áird ar bith agam-sa ar tae comh mall seo,
agus ná hiarr orm a chaitheamh, a Nóra," arsa Micheál.



Rug sí greim gualanna air agus streacháil go dtí
an doras é gurbh' éigean don duine bhocht ghabháil
suas agus braon a ól dá aindeoin. Chuir sí cupla
duine eile 'un bídh i n-aghaidh a dtola ar an dóigh
chéadna.



Chuaidh mé fhéin suas gan mórán brosluighthe gur ól
mé braon beag, ná, tá dúil mhór sa tae agam. Agus,
leoga, ghlacfá dúil mhór a bheith agat ann nuair a
d'ólfá an seort tae a bhí annsiud acu. Ní thig liom
samhail ar bith a thabhairt dó ach mar uisge a gheobhthá i
bpoll mhónadh.



Arán geal uilig a bhí ann, agus ba hé an nuaidheacht
againn é. D'ith mé fhéin suas é go milis gan im gan
annlann. Bhí cupla measgán beag ime istoigh romhainn
ar an tábla cinnte go leor, ach b'fhearr liom mo
chuid aráin a ithe tur fiche uair 'ná an t-im sin a
bhlasadh, leis an chuma a bhí air. Thug mé fa deara
cupla ribe ar thaoibh measgáin acu agus bhí mo sháith
annsin. Níorbh' fhearr liom mil bheach 'ná giota ime
bheith agam i gcomhnuidhe le cur ar mo chuid aráin, ach
feicim ach aon ribe amháin ann agus tá mé réidh leis.



Cuireadh cupla uair eile thart ag caint is ag comhrádh
sa chistinigh. I ndiaidh an tae hinnseadh sgéalta,
cáineadh taoisigh, moladh ríghte, is níor fágadh aon
ríoghan ó aimsir Helen go teacht Dhéirdre nár
hinnseadh a dtréathra dhúinn. Is breagh an comhrái-
tidhe Micheál Thoirdhealbhaigh Éamoinn, ach b'fhearr
liom éisteacht le Niall Óg leath-uair amháin 'ná dá
mbéinn ag éisteacht le Micheál ar feadh seachtmhaine.


L. 26


Mhothuigh mé fhéin codladh ag teacht orm, agus i
ndiaidh mo dhícheall a dheanamh ní thiocfadh liom mo
chionn a choinneáil ó bheith ag tuitim isteach sa teinidh.
Bhí mé eadar bheith 'mo chodladh is 'mo dhúiseacht nuair
a mhusgail truisneach éighinteacht a bhí fríd an toigh
mé. Ag tabhairt mo shúile síos bealach an dreisiúir
damh 'tchím cúl chinn Dhonnchaidh ag imtheacht amach
ar an doras. Bhí mé de léim 'mo sheasamh agus siud
amach ina dhiaidh mé.



Bhí an solas agus an codladh in mo shúilibh. Níorbh'
fhada a bhí an t-aer ag baint an chodalta díom; ach,
i dtaca leis an tsolas de, chonnaiceas damh an oidhche
a bheith comh dorcha sin nár léar duit an té bhéadh
coiscéim romhat. Ní rabh Donnchadh le feiceáil agam
thall ná i bhfos, agus siud mé ag tabhairt aghaidhe ar an
bhaile, ag deanamh go rabh sé ar siubhal romham.



Bhog mé liom faoi shodar mhaith, ach ní rabh dul agam
ar theacht aníos leis. Thoisigh mé a smaointiú
annsin go mb'fhéidir gur fhág mé 'mo dhiaidh é.
Bhí mé a chóir a bheith ag caoineadh nuair a d'éirigh rud
éighinteacht agus leig sgread ag mo chluais a chuaidh
fríom gur thóg airde fir den talamh mé. Ach
ndiaidh amharc soir agus siar thug mé fa deara nach
rabh ann ach crotach mara a bhí ag fágáil an bhealaigh
agam.



Rith mé liom ac ní rabh Donnchadh le feiceáil
romham. Bhuail an t-uaigneas fa dheireadh mé.
Smaointigh mé ar an mhnaoi a chonnaiceas ag gabháil
trasna an bhealaigh mhóir. Smaointigh mé ar an
sgannradh a fuair Micheál bocht. Tháinig céad agus
fiche rud isteach in mo chionn. Ní rabh aon taidhbhse
dá bhfaca fear nó bean ariamh nach bhfacas damh-sa


L. 27


bheith ar an bhealach romham an oidhche udaidh. Bhí rud
mór dubh ar chúl carraige thíos agus rud mór dubh
eile ar chúl carraige thuas. Bhí cnádán ag fás faoi
bhinn a bhí ann, agus nuair a chonnaic mé an toirt
romham, níor fhan aon ribe gruaige ar mo chionn nár
éirigh 'na sheasamh. Thoisigh an t-allus a theacht liom.
Thug mé do na bonnaibh é comh tiugh géar is thiocfadh
liom. Nuair a bhí mé sáruighthe amach ag rith, chuimhnigh
mé ar mo Choróin Mhuire. Chuir mé mo lámh in mo
phóca ag féacháil an bhfuighinn í. Agus go hádhmhail bhí
sí ann. Tharraing mé amach í agus thoisigh orm a
dh'urnaighthe gheall ar na taidhbhsibh a chur as mo chionn.



Chuir mé leath-mhíle de chorr bealaigh orm fhéin leisg
ghabháil thart leis an áit ar ubhairt Donnchadh a
bhfuaras an fear marbh tá fad ó shoin. Ach leis an
eagla bhí orm níor mhothuigh mé riamh go rabhas faoi
bhinn mhóir dhuibh. Bhí mé ag éisteacht ariamh go
gcluinfidhe ceol píob fa'n bhinn sin i dtráthaibh an
mheadhon-oidhche. Chuir mé mo lámha ar mo chluasaibh
agus d'imthigh liom comh socair ciúin is thiocfadh liom
ar eagla go ndeanfainn trup nó tormán go bhfuaras
thairstí. Thug mé do na bonnaibh arís é.



Bhí mé ag rith liom an méid a bhí in mo chorp nuair
goidé nocht chugam, giota beag taobh thoir díom, ach
rud mór geal bán éighinteacht agus é ag deanamh orm
fa dheifre mhóir. Bíodh a fhios agat gur bhain sé léim
asam. Smaointigh mé ar mhnaoi mhóir bháin a bhí le
feiceáil fa na sléibhtibh rith an gheimhridh, "agus seo
chugam thú anois, a chailín maith," arsa mise i m'intinn
fhéin, "cibé cearn den domhan a rabh tú ann le
tamall."



Bhí mé fríd a chéile mór go leor, ach bhí oiread de
chéill agam is go bhfuair mé mo sgian phóca a chur in


L. 28


mo láimh chlí agus an Choróin Mhuire a chur in mo láimh
dheis. Dá mbadh é an sean-ógánach é fhéin a bhéadh
ann, bhí a fhios agam nach mbéadh baoghal ná contabhairt
orm a fhad is bhí mé gléasta ar an chuma sin roimhe.
Bhí a fhios agam nach dtiocfadh leis méar a leagan
orm a fhad is bhí an t-iarann coisreagtha agus an
Choróin Mhuire eadar mo mhéara agam.



Bhog mé liom go faitcheach crith-eaglach go rabhas fa
chúig slata den rud. Sheasuigheas agus d' amharcas
air. Agus goidé a bhí ann ach Cloch Mhór Léim' an
tSionnaigh! Tháinig uchtach chugam. Ach mar sin
fhéin, bhí a fhios agam nach rabh mé slán thar gach con-
tabhairt go fóill. Choinnigh mé an sgian agus an
Choróin Mhuire mar bhí siad.



Bhain mé an baile amach le sgairt an choiligh, agus go
dtí an lá atá indiu ann ní stadaim ach ag deanamh
mórtais as an ghníomh a rinne mé an oidhche udaidh .i.
theacht as toigh Phaidí Mhóir oidhche fhaire is gan
críostaidhe liom ach mé fhéin.


L. 29


Pósadh Chonaill Bhig
Uí Raithbheartaigh.



Bhí an Inid ag teacht agus ní rabh iomrádh ar bith
ag Conall Beag ar phósadh. Ní hé nach mbéadh gnaithe
aige le mnaoi ar a theinteán, oir bhí a mháthair anonn
go maith i mbliadhantaibh agus b'fhada ó bhí tapadh
innti le mórán a dheanamh, ach bhí cnag-aois ag an
duine agus ní phósfadh sé choidhche go dtabhairfeadh
an riachtanas air bean a iarraidh. Dá dtigtheá
bealach an toighe tráthnóna earraigh, 'tchífeá an
mháthair sa chlúdaigh, a paidrín eadar a méara aici,
agus í ag urnuighthe. Agus nuair d'iarrfadh sí ort
suidhe síos, tharraingeochadh sí uirthi an píopa go
ndeargfadh é go sínfeadh chugat é ag deanamh cin-
eáltais an tobaca ort. Ní bhíodh fonn mór cainte
uirthi; ach nuair thigeadh duine isteach a dtugadh sí
taitneamh dó, ní bhéadh léigheadh ná innse sgéil uirthi
mar chomhráitidhe. Deireadh cuid de na comharsanaigh
go rabh sí san aois leanbuidhe, ach chuala mé fhéin an
Sagart Mór Ó Dubhthaigh 'gha rádh nach rabh sin sa
pharóiste aon bhean eile b'fhearr ciall agus céadfaidh
'ná Brighid Bhán Ní Raithbheartaigh. Badh cheart go
mbéadh a fhios aige-san goidé an cineál mná í, ná
is iomdha abhrán agus sgéal Gaedhilge d'fhoghluim
sé uaithe. Ní fhosgladh sí a croidhe do dhuine ar
bith mar d'fhosgladh sí don tSagart Mhór é; agus
isé an port is minice bhíodh ag cur bhuadhartha uirthi
nuair a bhíodh an bheirt acu i sians comhráidh, Conall


L. 30


Beag a fheiceáil pósta ar chailín chiallmhar sul a
bhfuighe sí fhéin bás. An stócach thugadh sí ar Chonall,
ach bhí a fhios ag gach duine dá rabh i n-aois an phinsin
gur fada ó bhí Conall Beag Ó Raithbheartaigh ina
stócach. Cupla bliadhain roimh an am ar a bhfuil
mé ag caint thug Brighid Mhiseoige iarraidh ar
chleamhnas a dheanamh eadar é fhéin agus cailín ar
an bhaile s' againne. Leig cailín an bhaile s' againne
an rún le cailín a bhíodh mar chomráduidhe aici, agus
d'imthigh an bheirt acu ar bhéal maidne go hAonach
an Chlocháin Léith a bhreathnú ar an duine. Mhol
Brighid go mór é. 'Níl an fear aosta, agus níl
aige ach é fhéin, mar béidh obair ag an mháthair an
geimhreadh a chur thairsti. Tá giota de thalamh aige
comh maith is atá ó seo 'un na nGleanntach. Deirim
leat go bhfuil sé ina shuidhe go te, agus go mbéidh
seasgaireacht ag an chailín gheobhas é. Ní bhéidh sí
gan bainne sa chroc ná measgán an ime ar a tábla.
Ní bhéidh sí gan olann na caorach ná cuid na gcearc.
Béidh éadach an Domhnaigh, agus éadach na seachtmhaine
aici. Isé ar ubhairt cailín an bhaile s' againne go
rabh sí buidheach dí, ach nach gceannóchadh sí choidhche
muc i mála; agus socruigheadh eatortha go mbéadh
Conall Beag ar Aonach na bhFaoilleach ar an Chlochán
Liath.



Agus cinnte go leor bhí sé ar an aonach. Chonaic
an bheirt chailín uatha é thuas ag cionn na sráide,
agus fhobair go dteachaidh siad i laige nuair thug
siad fa deara an toirt bheag a bhí ann. Ach nuair
tháinig sé ní ba chomhgaraighe dóbhtha agus chonaic
siad an fhéasóg bheag ruadh ar a smigead, ba hé
luas na mbonn thug as an aonach iad.



Bhí cuma na haoise cinnte go leor ar an fhear,


L. 31


agus ní rabh sé mór; ach oibridhe maith a bhí ariamh ann:
Bhíodh an baraille preataí agus an chruach choirce
agus an coca féir le díol aige nuair a bhíodh na
comharsanaigh gan pór le cur sa talamh ná greim le
tabhairt don eallach a bhí ar tógáil de dhíoghbháil bídh
acu. Ní rabh sé olc fa'n iasacht; agus a fhad is
bhíodh cuid na ranna aige, ní bhéadh páiste na comharsan
gan bainne ar a chuid tae ná ceapaire ina láimh.
Deirtí gurab é croidhe maith na máthara nach leigfeadh
dí rud a bheith aici fhéin agus duine eile ina fheidhm
ba bhun le seo. B'fhéidir gurbh' é; ach ní chuala duine
ar bith ariamh Conall ag crosadh uirthi dadaidh dá
rabh fairsing aici a thabhairt uaithe. Bhí an focal
maith ag gach duine dó ach amháin ag na cailínibh óga
a rabh eagla ortha go mbéithidhe 'gha luadh leo fhéin.
Ní rabh locht de lochtaibh corpordha nach rabh acu-san
air: Bhí sé beag. Bhí sé aosta. Bhí sé ciothromach
creapallaiste. Agus mar bharr ar sin uile, bhí
smig féasóige air. "Och! och!" adeireadh Tomaisín
Eoin nuair chluineadh sé iad ag fagháil lochta air,
"is cosamhail nach mbíonn meas ach ar an óige. Ach
bhí lá agus bhí meas ar Chonall Bheag Ó Raithbheartaigh.
Ní rabh iománuidhe b'fhearr 'ná é ar Thráigh an Tuir
an lá rug an pharóiste i bhfos an bhuaidh ar an pharóiste
thuas. I gcionn curaigh nó báid ní rabh a shárú ó
Chionn Ghlinne go Málainn. Ar mhuin capaill lá
na rásaí bhíodh sé i gcomhnuidhe ar toiseach a fhad is
mhair an gearrán bán aige. Ach ní mhaireann cuimhne
an roda atá thart, agus ní bhíonn meas i láthair na
huaire ach ar an óige."



B'fhíor dó mar atchífimid ar ball beag.



Domhnach na Cogarnaighe a bhí ann, agus i ndiaidh
an Aifrinn chonaiceas Conall Beag ag gabháil 'un


L. 32


cainte le hEoghainín Ruadh. "Bíodh Éamonn Bhrighde
leat" an focal deireannach cluineadh uadh agus an
bheirt ag sgaradh ó chéile ag geafta theach an phobail.



"Cuirfidh mé mo rogha geall," arsa Donnchadh
Mór le n-a mhnaoi agus iad ar a ndinneár an
tráthnóna céadna sin, "go gcluinfidh tú i mbárach
go rabh Conall Beag ó Raithbheartaigh amuigh ag iarraidh
mná." Maise, duine beag fiúntach a rabh meas mór
ariamh agam air Conall Beag," arsa'n bhean, nuair
a bhí an greim a bhí ina béal slugtha aici, "ach tá eagla
orm má théid sé amach anois gur a dh'iarraidh ban
agus nach a dh'iarraidh mná a rachas sé."



Ní thiocfadh leat gaoth an fhocail a leigean uait
a ghan a fhios do Dhonnchadh Mhór, agus bhain sé a
mheadaracht fhéin as an fhocal a chuala sé ag geafta
theach an phobail.



Tamall beag i ndiaidh ghabhail ó sholas dó cluineadh
madadh Uí Raithbheartaigh ag amhastraigh, agus ba
ghearr ina dhiaidh sin gur bhuail Eoghainín Ruadh agus
Éamonn Bhrighde isteach chuig Conall Beag. Bhí
Conall gléasta go galánta ag feitheamh leo, agus
dhá bhuideál chúig naigín ina phóca.



"Choimrighe an Ríogh libh agus ádh mór oraibh!"
arsa'n tsean-bhean sa chlúdaigh agus í ag caitheamh
an mhaide bhriste ina ndiaidh agus iad ag gabháil
amach ar an doras. Leig an madadh glaim as, mar
bhéadh sé ag réidhteach a sgeadamáin, agus d'imthigh
agus a ruball eadar a chosa deiridh aige gur luigh
ar chladach na teineadh.



Oidhche spéir-ghealaighe a bhí ann agus fuacht siocáin
san aer. Bhí tuaim na doinnine ag an bharra thoir,
ach ní har a leithéid a bhí intinn Chonaill Bhig i láthair
na huaire sin. Bhí sé ag gabháil i gcionn gnaithe


L. 33


anois a bhí ag cur cheathraighe air. Níor shamhail sé
ariamh go mbéadh air imtheacht a choidhche a dh' iarraidh
mná, agus tháinig cineál de thocht air gur ar éigin
a bhí sé ábalta ar labhairt nuair a smaointigh sé agus
nach rabh a fhios aige goidé a bhí i ndán dó. Is iomdha
contabhairt ar muir agus ar tír a dtáinig an fear
céadna fríthe, ach ní rabh oiread de bheag-uchtaigh ariamh
air is bhí ar an bhomaite sin - ní rabh oiread de
cheathraighe fhéin air an lá tionntuigheadh an curach
i mbéal an chuain air is bhí an oidhche sin.



"Go teach Shéimí Bháin rachamuid an chéad uair,"
arsa Eoghainín Ruadh, "murar iniste leat-sa, a Chonaill
Bhig." "Tá mise sásta go leor ar ghabháil áit ar
bith ar maith libh-sé, a fheara,' arsa Conall Beag.



Bhí Séimí a chois na teineadh, spéaclóir air, agus
é ag léigheadh Targaireacht Cholumcille do Nóra a
bhí ina suidhe sa chlúid.



"Dia sa teach seo!" arsa Eoghainín agus é ag
tarraingt na ruaime agus ag fosgladh an dorais.



"Dia agus Muire dhaoibh, a strainséirí!" arsa Nóra
ag éirghe agus ag cur cathaoireach i n-aice na teineadh.
"Bígidh 'mar suidhe, a fheara.'



Deargadh na píopaí, agus chuaidh Éamonn agus
Nóra a chaint fa chruas an gheimhridh agus annsin ar
luach an eallaigh ar aonach dheireannach an Chlocháin
Léith go bhfuair Eoghainín faill ar chogar a thabhairt
do Shéimí fa'n ghnaithe ar a rabh siad. Tháinig stad
sa chomhrádh eadar Nóra agus Éamonn, agus le
n-a linn sin cluineadh Séimí ag rádh: "Fuigfidh
mise acu fhéin é. Níl mo chuid cailín-sa ach óg go
fóill, agus leis an fhírinne a rádh chan fhuil deifre
ar bith orainn 'gha gcur 'un siubhail."



Deir an sean-fhocal gur leor nod don eolach,


L. 34


agus ba hé a dhálta sin ag beirt nigheanach Shéimí
Bháin é. Thug siad baramhail, nuair a chonaic siad an
triúr fear nach rabh i n-aoinfheacht an bealach ariamh
aroimhe, nach a dh'airneál a bhí siad ag teacht: agus
ar an adhbhar sin níor luaithe an focal as béal a
n-athara 'ná siud 'un an tseomra iad mar bhéadh
madaidh an bhaile ina ndiaidh. Agus nuair a chuaidh
an mháthair le n-a mblandar ar ais 'un na cistinighe,
ní rabh as béal an chailín ba sine ach: "Cuir ar shiubhal
iad! Cuir ar shiubhal iad!"



B'éigean do na créatúir imtheacht. Chuaidh Séimí
go tóin an toighe leo; agus nuair a chuir sé ádh mór
ortha, isé an freagra a thug Eoghainín air: "Go
Paite Gabha leat fhéin agus le do chuid nigheanach!"



Nuair a bhí an charthannacht sin curtha de ag Eoghainín,
labhair sé le n-a chuid fear: "Rachamuid go toigh
Mhicí Uí Ghallchobhair, a fheara, ná dar mo chubhaise
ní rachaidh Eoghainín Ruadh ó Baoighill ar ais go Tor
Eoin go bhfagha sé bean duit-se, a Chonaill Bhig Uí
Raithbheartaigh."



Thoisigh madadh Mhicí a thafann. "Glan suas an
teach sin," arsa bean Mhicí le n-a nighin. Sin duine
éighinteacht ag an mhadadh."



Bhí an diúltú céadna roimhe Chonall bhocht i dtoigh
Mhicí a bhí roimhe i dtoigh Shéimí Bháin.



"Tóg seo orm," arsa Eoghainín ag gabháil amach
ar an doras dó, ag cur i gcéill go rabh ceig trom
biotáilte leis agus gan leo ach dhá bhuideál chúig
naigín a bhí le Conall ina phóca agus nár tugadh 'un
cinn go fóill agus nach dtabhairfidhe go mbéithidhe ar
bhéalaibh an chleamhnais a dheanamh.



Bhí an cadhrán bog; agus cé go rabh sé ag sioc,
níor fhág sin na fir gan láb go múrnám ortha. Síos


L. 35


gleann agus suas cnoc leo go dteachaidh siad go
teach na Baintreabhaighe, go dteachaidh siad go teach
an Tailliúra, go dteachaidh siad go teach an Fhigheadóra,
go dteachaidh siad go teach Shimisín Thoirdhealbhaigh
Dhuibh, gur diúltuigheadh in gach teach acu iad.



"Níl an cluiche thart go fóill," arsa Eoghainín.
'Mura bhfuil amhras mór orm-sa, tá an cíonádh in
mo dhorn a bhainfeas an duais. Mura n-éirghe liom,
rachaidh mé 'un a' bhaile agus béad sásta le toil Dé.
Siubhailigidh libh, a fheara, go dtéighmid go toigh Néill
Bhig."



"Go toigh Néill Bhig!" arsa Conall. "B'fhearr
liom sé lá na seachtmhaine a chaitheamh i bpoll mhonadh
'ná ghabháil coiscéim eile."



Bhí an duine bocht tuirseach cinnte go leor, ach
níorbh' í an tuirse thug air sin a rádh. Níor shamhail
sé Máire Néill Bhig ariamh dó fhéin, mar mheas sé
go rabh sí i bhfad ró-ghalánta dá leithéid-san. Bean
í a chaith cupla bliadhain i Meirice; agus nuair a
tháinig sí 'un a' bhaile ar cuairt ionns'ar a hathair,
isé an port a bhíodh i gcomhnuidhe aici nuair a bhíodh
stócaigh an bhaile istoigh ar a n-airneál go rabh sí
ag imtheacht anonn ar ais fa Shamhain. Tháinig an
tSamhain, ach char imthigh sí. Chuaidh an Nodlaig thart
agus cha rabh iomrádh ar bith aici ar bheith ag deanamh
réidh le himtheacht. Bhíthear anonn go maith 'sna
Faoilligh anois agus bhí Máire Néill Bhig fa chladach
na teineadh go fóill ag a hathair. "Tchífeá í gach
tráthnóna Domhnaigh agus í gléasta i gculaidh den
tsíoda ba daoire agus péire de na brógaibh ba
deise chonaic tú ariamh uirthi. Bhíodh slabhradh óir
fa n-a muineál agus fáinne a rabh lonnradh na gréine
ann ar a méar. Bhíodh an pobal cruinn agus an


L. 36


sagart ag bun na haltóra nuair thigeadh sí isteach
chuig Aifreann an Domhnaigh; agus ní thiocfadh leis
na sean-daoinibh cráibhtheacha paidir ná cré a rádh go
mbéadh bean an hata ar a glúinibh, agus í comh díreach
le feadh, gan súil thall ná súil i bhfos aici ach a
hintinn ar a leabhar mar bhéadh intinn an tsagairt ar
a phortús. Dubhairt Mairneálach Inis Mhic an Doirn
gur shiubhail sé gach páirt d' Éirinn agus nach bhfaca
sé samhail an hata bhíodh ar Mháire Néill Bhig ar
mhnáibh uaisle Bhaile Átha Cliath fhéin. Bhéadh eagla
ar Chonall lámh a chrathadh le n-a leithéid de mhnaoi
ghalánta chan é amháin a hiarraidh mar chéile.



Ach níor chuir a galántas sgannradh ar bith mar
sin ar Eoghainín ón lá chonaic sé í agus sean-shac
mar naprún uirthi agus í costarnocht sa chistinigh.
Bhí sé ar lorg caorach a d'imthigh ón tsliabh uadh agus
tharla bealach toighe Néill é. Cuiridh sé a cheann
isteach ar an doras agus 'tchí sé an bhean ag glanadh
an toighe, naprún saic uirthi, agus í ag spágáil anonn
is anall gan bróg gan stoca uirthi. Níor chreid sé
a shúile an chéad uair, ach smaointigh sé uirthi anois
nuair a sháruigh air bean a fhagháil do Chonall Bheag
ó Raithbheartaigh. Dar leis, má bhí éadach galánta
fhéin aici, nár chailín Domhnaigh í. Badh mhaith leis
bean mhaith chéillidhe ag a charaid, ag Conall Beag,
agus mheas sé go rabh sin aige i Máire Néill Bhig.
"Go gcuire Dia ar mo leas mé,' ar sé ina intinn
fhéin agus é ag deanamh caol díreach ar dhoras thoighe
Néill.



Bhí bodhránacht an lae ann agus bhí Máire ina
suidhe a chois na teineadh, muga tae ina láimh agus
stiall aráin sa láimh eile, a ceann gan chíoradh, agus


L. 37


í 'gha téidheadh fhéin ag an teinidh bhreagh mhónadh a bhí
sí i ndiaidh chur síos.



Níor luaithe chuala sí an truisgneach fa'n doras
amuigh, 'ná siud 'un tseomra léithe. D'éirigh Niall
agus tharraing air a bhríste gur leig isteach na
strainséirí. Chóirigh sé cathaoireacha timcheall na
teineadh dóbhtha agus thoisigh a chur tuairisg na sean-
daoine. Shín a reatha bhí an méid sin deanta aige
nuair a bhí Máire i láthair na bhfear, í gléasta mar
bhéadh bainríoghan ann, aoibh an gháire uirthi, agus
fearadh na fáilte aici roimhe na fir.



Níor dheacair an cleamhnas a réidhteach. Níor
ubhairt Máire ach gurbh' fhearr léithe bheith beo bocht
i nÉirinn 'ná bheith ag imtheacht ar na rothaibh thall.
Nuair a chuaidh Eoghainín ag brath ar labhairt fa chruth,
thug Conall uille dó 'gha iarraidh air gan an sgéal
a chur ní b'fhuide. Bhí Conall bocht buidheach
beannachtach bean a fhagháil gan pighinn gan bonn.
Bhí a sháith sulamaire aige mar bhí sé, agus dubhairt
sé leis fhéin anois gurbh' fhearr bean 'ná spré.



Pósadh an lánamhain Máirt Inide, agus fhobair
go dtáinig fear gortach ar Chonall ag gabháil 'un
a' bhaile dóibh. Bhí an fear bocht ina throsgadh ó bhí
an meadhon-oidhche ann. Go moch ar maidin nuair a
bhí an sagart ag teacht go teach an phobail leis an
Aifreann a rádh agus an lánamhain a phósadh, tháinig
airtiogal air agus b'éigean dó imtheacht an méid a
bhí ina chorp go dtí an ceann eile den pharóiste, ar
dhóigh go rabh sé anonn go maith sa lá nuair a bhí sé
ar ais. Bhí sé sáruighthe go maith i ndiaidh an tsiubhail
agus an t-ocras ag cur air, ná maidin bheag chruaidh
earraigh a bhí ann. Níl amhras ar bith nach rabh sé


L. 38


fríd a chéile go mór, oir shíl sé gurbh' é an
seanshaoghal a bhí aige ann, agus d'orduigh sé don chléireach
imtheacht agus eochair an dorais a thabhairt chuige go
bpósfadh sé an lánamhain. Níorbh 'é faill na faillighe
ag Máire é: tharraing sí chuici as a póca an fáinne
óir gur fhobair dí amharc na súl a bhaint den tsagart
bhocht.



Ní fhuair mise cuireadh 'un na bainse, oir bhí an
gaol a bhí eadar mo mháthair agus Conall Beag i
bhfad amach, ach chuala mé gur ubhairt Conall, nuair a
bhí braon beag ólta aige, go mbéadh sé gan phósadh
go bráth dá mbéadh air theacht fríd an rud chéadna
an dara huair.



Déir cuid den mhuintir a bhí i bPobal na
gCeall Domhnach na Smut liom nach bhfaca tú
ariamh péire ba sona sásta cuma 'ná Conall Beag ó
Raithbheartaigh agus Máire Néill Bhig.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services