Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iasgaireacht Shéamuis Bhig
Title
Iasgaireacht Shéamuis Bhig
Author(s)
Ua Creag, Séamus,
Composition Date
1914
Publisher
Craig, D. G. & Co.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IASGAIREACHT SHÉAMUIS BHIG. I. - GEALOGAÍ. Nuair a bhí mise mo ghásúr bhí dúil mhór san iasgaireacht agam, agus nuair a chuirfeadh mo mhathair ann tobair air maidín mé fa choinne canna uisge, budh mhinic nach dtiocainn na bhaile go dtí am dinneara, agus ann sin gheibhinn grios- ail mhaith de'n tslait. Acht ní rabh moran maith a bheith liom, na bhí me co h-olc lathar na mhárach. Fa'n am seo, innean go rabh me naoi mbliadhna de aois, ní rabh méid air bith ionnam, agus feudaim a rádh nach bhfuil mé moran níos mó aniú. Acht is cuma ceocú, beag na mór,
deas no míofuar, bhí náire mhór orm agus gasraí an bhaile ag gáirigh magadh orm mar nach rabh orm go fóil acht na cótaí, agus an ghaoth ag feadalaigh air mo luirgneacha mar bhéadh giorsach ann! Siomaidh uair a chaoin me an dá shúil amach as mo cheann leis na brístí a fhaghail, acht má chaoin fhéin sin a rabh agam air a shon. "Bí do thost agus na bodharuigh sinn!" a deireadh mo mhathair - go ndeánaidh Dia trócair air a h-anam! - "Brístí, go dearbhtha! Ní thiocadh leat siubhal ionntú." Acht ma bhí mise beag fhéin bhí me sean-cheannta go maith. Maidín amháin, agus mé a ndiaidh taom mór caointe a chur tharam, d'imthigh me amach a chruinn- iughadh samharcan, agus cé casadh orm a gcúl cloidhe sgeath, agus iad ag imirt cruipí, acht Donnachadh Dall agus Conaillín na gCos Cam. "Maise, sé do bheatha, a Shéamuis Bhig!" arsa Con- aillín. "Go rabh maith agat," arsa mise; "acht sílim go bhfuil me chomhair a bheith co mór leat-fhéin." "Co mór liomsa, a Shéamuis? - Agus ca bhfuil do bhrístí, a mhic ó?" arsa Conaillín. "Tá an fhiafruighe ort, a ghiolla na gcos cam!" arsa mise. "Seo, seo, a Shéamuis! Na bidheadh fearg ort liom. Ní rabh me acht ag deánadh grinn. Ma tá na cótaí ort fhéin, ní fhuil gasúr air an bhaile co maith miotalach leat. Ca bhfuil tú ag gol aniú?" "Ag gol a chruinniughadh samharcan." arsa mise.
"Arú, leig dúinn, thu-fhéin agus do chuid samharcan! Tá mise agus Donnachadh ann seo ag gol a iasgair- eacht, agus tá se co maith agat a ghol linn?" "Dheamhan a miste liom," arsa mise; "budh mhaith liom breith air chupla gealog le cur sa tobar." "Le cur sa tobar?" arsa Conaillín. "Seadh," arsa mise. "Ní bhéidh muill air bith orainn breith air ghealogaí go leor le nar lámha. Tá neart acú sa tsruthan anois." "Spréaghadh air ghealogaí!" arsa Conaillín. "Ní bhéidhinn ag cur m'am amamha ag breith orthú." "Bhaiste maise, go bhfuil eugla mhór ormsa, a Chon- aillín," arsa Donnachadh, "nach moran eile atá le faghail sa tsruthan go fóil." "Bhfuil fhios agat an poll mór cruinn atá shuas- adaí aig an tsean bhalloig?" arsa Conaillín. "Tá fhios agam go maith," arsa Donnachadh. "Bhal, tá an poll sin lán acú?" "Lán de ghealogaí?" arsa Donnachadh. "Lán de bhric bhréacha!" arsa Conaillín. "Agus go de'n dóigh a mbéirfeamuid orthú?" "Thig linn breith orthú le dulannaí anns na puill mhóra an áit a bhfuil an t-uisge ró-dhomhain le breith orthú le n-ar lámha." "Shílfinnse gur mhaith an rud pilleoc?" arsa Donnachadh. "Is cinnte go mbéadh se taite," arsa Conaillín, "dá mbéadh ceann deánta againn." "Ní fhuil faic a mhuill a dheánadh," arsa Donnachadh;
"agus da mbéadh na fioga agamsa ní bhéidhinn cúig bhumaite da dheánadh." Acht le sgeul fada a dheánadh gairid, fuaras na fioga agus rinneadh an pilleoc. Gheárrmuid ann sin trí slataí fada, agus chuirmuid dul air achan cheann acú. Fuair me-fhéin an canna leis na bric a chur ann, agus ní rabh a bhfad go rabhmuid aig an tsruthan. "Ca'n áit a dtoiseochamuid, a Shéamuis?" arsa Conaillín. "Dheamhan fhios agam," arsa mise, "mur dtéidhmid suas go bárr an tsruthain agus iad a thabhairt linn anuas." "Dheánfaidh sin cúis," arsa Conaillín. "Siubhailigidh libh!" Shiubhailmuid linn ann sin, agus níor stadmuid go rabhmuid aig bárr an tsruthain. Bhí se fa tuairim an h-aon-dheug ó chlog, agus bhí an ghrian ag soillsiughadh go glórmhar - beidh cuimhne go deo agam air an lá- adaí - ionas go dtiocadh leat na bric a fheiceal air thóin an phuill. Bhí luthghair mhór orainn, agus feudann tú a bheith cinnte nar chaillmuid moran ama go rabh- muid ag obair. Thoisigh Donnachadh agus Conaillín leis na dulannaí, agus roimhe leath-uaire an chluig bhí leath dhuisín de ghearr bhric mhaithe aig Donnachadh. Bhí ceann acú agus creidim go rabh unnsa na unnsa go leith air meáchan ann. Bhí seachtar na ochtar air an bhruach aig Conaillín, acht ní rabh siad co mór le cuid Dhonnachaidh, acht mar
sin fhéin, shílfea gur bó a bí aige achan uair a gcaithfeadh sé gealog thar a ghualainn. Rith an ama seo cha rabh mise acht ag breith ar ghealogaí le mo lámha, agus tá me cinnte nach rabh moran níos lúgh na cúig chéad acú, beo beaitheach, sa channa agam. Siomaidh uair ó shoin a smaoitigh me air an lá-adaí, agus ar an bhród a bhí orm achan uair a d'amharcfainn asteach sa channa ar na gealogaí agus iad ag tiunta bolg-bán agus ag caochadh aníos orm. Dar liom-fhéin, "Tá mo sháith acú seo agam," agus shuidh me síos tursach go leor air bhruach puill. Air ball, nuair a thanaic me an sgrios a bhí an bheirt eile ag deánadh air na bric mhóra, dúbhairt me liom-fhéin nar chóir damh suidhe go bhfuighinn ceann no beirt fosta; Bhí me ag smaoitiughadh mar seo, agus mé ag amharc asteach faoi 'n bhruach a rabh me mo shuidhe air, agus co cinnte agus tá me beo bhí pánaí bric na luighe faoi mo dhá shúil nach bhfácas ariamh a leithid a mí na Beáltainne! "Áchrú, áchrú! agus a mhuirnín mhilis!" arsa mise ag amharc síos air, "Da bhfuighinnse greim rubaill ort chuirfinn go cúramach asteach sa channa thú!" "Bhfuair tú moran, a Shéamuis?" arsa Conaillín agus é ag teacht anuas tharam go dtí'n poll a bhí taobh b'shíos damh. "Tá an canna chomhair a bheith líonta agam," arsa mise. "Maise, a Mhaighdean na Glóire!" ar sé ag amharc
asteach. "Go dé dheánfas tú le n-a bhfuil ann sin de ghealogaí gránna?" "Cuirfidh me asteach sa tobar iad," arsa mise. "Bhéadh sé co maith agat iad a chur asteach a bpoll mhónadh," arsa Conaillín ag breith air an channa. "Go dé'n donas a bhfuil tú ag gol a dheánadh, a Chonaillín," arsa mise. "Ag gol da gcathadh amach sa tsruthan ar ais," arsa Conaillín. "Na leag meur orthú!" arsa mise, "na ma leagann caithfidh mise thú-fhéin asteach air do ghaothsan!" "Ní fhuil tú acht ag deánadh grinn, a Shéamuis." "Na nach bhfuil? Coimhead thú-fhéin air sgor air bith air eugla," arsa mise. "Maise tá fhios aig an tsaoghal orm gur mór an náire dhuit, a Shéamuis, a leithid de sgrios a dheánadh," arsa Conaillín. "Nach cuma dhuitse!" arsa mise. "Ní bhéidh breac sa tsruthan an bhliadhain seo chug- ainn." "Sínn leat, anois, agus na buair mé, a Chonaillín!" "B'fheárr a d'fhóirfeadh se dhuit leigeint daobhtha sin, agus breith air rud ínteacht níos mó." "Bog leat, a Chonaillín, agus na bodharuigh mé! Tá me ag gol a thoisiughadh air na bric mhóra anois," arsa mise. Beag as bhí mise, measaim go rabh eugla a chuirp air Chonaillín romham, agus, le sgeul fada a dheánadh gairid, d'imthigh se leis síos go dtí 'n poll mór a bhí taobh
b'shíos damh. Nuair a fuair me-fhéin faill dhearc me asteach ar ais faoi'n bhruach go bhfeicinn an rabh m'oganach ag corrughadh, agus mar bhéadh an t-adh orm, bhí se na luighe go socair suaimhneach mar bhí se. Rug me air mo shlait, agus d'fhosgail me amach an dul go dtí go dtiocadh liom mo dhórn a chur fríd. Ann sin luigh me síos air an bhruach, agus chuir me an tslat go faichileach asteach san uisge, fa tuairim slat go leith, no mar sin, ó na cheann. Giota air giota tharrainn me an dul go h-an-fhadalach níos comhgaraighe agus níos comhgaraighe dó go bhfuair me fa dheireadh asteach air a cheann é agus tharr an dá eiteoig mhóra … ! "Tá tú guite agam anois, a mhuirnín ó!" arsa mise ag teannadh air, agus da tharraint agus da strathailt go mb'éigean damh fa dheireadh a ghol asteach san uisge! Nuair a thanaic an bheirt eile mé - fhéin sa tsruth, agus mé fliuch suas go dtí mo bhásta, shíl siad gur síogaidh, no madadh uisge a thainic orm, agus siud chugam air chos-anáirde iad. Acht, sul a bhfuair siad fhad liom, bhí an breac mór, beo beaitheach, astuigh sa channa agamsa. "Á Mhaighdean mhilis! - Amharc, a Dhonnachaidh!" arsa Conaillín ag amharc asteach air an bhreac bhréagh, agus é co mór sin go rabh sé dúbailte suas anns an channa, agus a cheann chomhair a bheith shiar ag n-a ruball. "Dheamhan greim gur iasgaire sórruigheach atá ionnat, a Shéamuis!" arsa Donnachadh. "Ní fhuil ionntú seo againne acht gealogaí gránna," ar sé, ag cathadh an méid a mharuigh se-fhéin asteach sa channa, agus rinne Conaillín an cleas ceudna le na chuid-san. Is maith
an breac an breac dubh go mbeirthear air bhreac gheal. "D'imthighmid ann sin agus ruaigmid an sruthan ó bhun go bárr, agus bhí an lá chomhair a beith caithte nuair a shuidhmuid síos fa dheireadh leis na bric a rannadh eadrainn. Chaithmuid cruinn ann sin go bhfeicfeadh sinn cé thogfadh an chead bhreac. Tharrainn mise an crann ab fhuide, agus thóg me go luthghaireach an breac budh mhó, agus chaith me amach air an leuna é. Budh é sin an sumachan ceudna a tharrainn amach sa tsruth air maidín mé, agus nar fhág tuinnte air mo chrámha nar fhliuch se. Acht bhí me sásta go leor anois nuair a bhí sé ag preabadaigh faoi mo dhá shúil air an fheur ghlas. Bhí méid bhréagh ann, agus bhí se punta go leith air meáchan ma bhí se unnsa. Thainic Conaillín mo dhiaidh-se, agus thóg sesean an darna breac budh mhó, acht cha rabh ann acht gilidín beag sgallta le taoibh mo cheann-sa. Chuir Donnachadh a lám sa channa ann sin agus thóg sé amach gearr bhreac mhaith. Thoisighmid ann sin ar ais aríst, agus char stadmuid go rabh leath dhuisín breac aig achan duine againn. "Dheánfaidh sin graithe," arsa Conaillín. "Ní fhuil anns an chuid eile acht gealogaí; fágfamuid an t-iomlan acú aig Séamus Beag, agus cead aige a gcur sa tobar ma 'sé a thoil é." Chuamuid na bhaile ann sin, agus acht ab é go rabh an breac mór le teiseint agamsa is dóiche go bhfuighinn an tslat go teann teith. Is cinnte gurb é a shábhail mé, agus siomaidh uair ó shoin a smaoitigh me gurb é,
fosta, a chuir na brístí orm, mar nach deachaidh seachtain thar mo cheann go rabh siad orm. A dtaoibh na ngealog, a n-áit a gcur sa tobar d' áirdigh me liom siar an caoran agus suas go bárr an chruic iad, agus gur dhóirt me an t-iomlan acú, eadar bheag agus mhór, asteach a loch bheag uaigneach a dtugann siad Loch na mBreac Buidhe anois air. II. - CUIR SALANN AIR A RUBALL. Is fada an lá anois ó fuair mise na brístí, agus siomaidh árthughadh a thainic air an tsaoghal ó'n lá-adaí ar mharuigh me an breac mór. Cuireadh na sgoile mé, acht ma cuireadh chan moran leighinn a d'fheoghluim mé. Bhí me ró-iomlatach agus ró-ealadhanta a gcomhnuidhe, agus, a n-áit a ghol na sgóile, is é an rud a gnidhinn go minic, luighe a gcúl cloidhe, na a ghol suas a gcrann agus fanacht ann sin go dtí'n trí ó chlog. Tá cuimhne mhaith agam go deachaidh me, uair amháin, air chuairt annsair mo mhathair-mhóir, agus mar nach rabh moran aithne agam air bhuachaillí na h-áite bhí mo chroidhe briste ag bogadaigh thart liom-fhéin. Leis an fhírinne a rádh bhí me ag spaistearacht fa'n bhaile mhór seachtain na níos mó gan sult, gan cuideachta, gan pléisiúr. Cha rabh oiread airgid agam agus chean- nochadh rothar, agus mar sin dé b'éigean damh fanacht fa'n bhaile. Cor uair, nuair a bhéadh an aimsir maith agus an ghrian ag soillsiughadh, shiubhailfinn amach an
bealach-mór agus suas go bárr an chruic. Amannaí eile rachainn síos a chois na h-abhna agus luighfinn faoi sgáil na gcrann ag éisteacht le ceol na n-eun agus ag amharc ar na bric ag léimnigh. Bhí me lá amháin mo luighe faoi chrann mar budh ghrathach nuair a thainic sé ann mo cheann amharc asteach faoi bhruach an phuill mhóir a rabh me mo shuidhe air, agus go dé, do bharamhail, ar leag me mo shúil air acht bradan! Co cinnte as tá me beo, bhí se co fada le lámhchrann súiste agus co ramhar le do láirc! Thuit me a ngrádh air an bhumaite leis, agus thoisigh me ag smaoitiughadh go dé'n dóigh ab fheárr breith air. Dheamhan dúbhan a bhí agam na bealach a bhfaghail mur ndeánfainn ceann as sean bhioran mór cam a bhí ag cuinneilt suas mo bhrístí. Acht go de'n mhaith a bhéadh a ndúbhan de'n tseort sin le breith air an oganach ud? Fá dheireadh shiar thall d'éirigh me mo sheasadh co faichileach as thainic liom, agus air shiubhal liom, mar bhéadh an ghaoth ann, na bhaile-mhóir go bhfuighinn cupla dúbhan agus ruaim. Bhí me air crith le teann athais agus leis an ghéibheann a bhí orm thuit me fiche uair air bheul mo chinn, agus thubair go muirfinn seanbhean bheag ruadh nuair a léim me asteach thar díg an bhealaigh-mhóir. "Maise, spréaghadh air do shála móra!" arsa an tseanbhean, agus í leath astuigh sa díg. "Bí do thost!" arsa mise, "ní rabh neart agam air."
Séamus Beag ag amharc air na bric ag léimnigh.
"Maise, plóid ort! - Sé Dia a shábhail mé nar báitheadh mé!" "Fuist!" arsa mise. "Thanaic me bradan mill- teanach shíos-adaí faoi bhruach na h-abhna, agus bhí oiread deifre orm nach bhfacaidh me thú go rabh me ann do mhullach." "Agus ca bhfuil an diabhall ag gol leat anois?" arsa an tseanbhean agus í ag damhsa le síor-fheirg. "Tá mé ag gol fa choinne mo chuid dúbhan," arsa mise. "Maise, is tú an breallan ceart!" arsa an tsean- bhean bhoct, ag amharc orm-fhéin agus leath-gháire air a h-aghaidh. "Ca tuige?" arsa mise. "Bhfuil fhios agat go dé dheánfas tú?" ar sí. "Go dé sin?" arsa mise. "Tá, fagh grainín maith salainn agus caith air ruball an bhradain é!" agus bhris sí amach ag gáirigh magadh orm-fhéin. Acht níor chuir mise suim na sórrughadh inntí, agus as go brath liom na bhaile go bhfuair me cupla slat de chórda bhréagh láidir, agus dúbhan a tharrneochadh asteach tarbh. Ann sin, thug me m'aghaidh ar ais air an abhainn, agus nuair a thainic me go dtí'n áit a rabh m'oganach na luighe, chuir me cuiteog air an dúbhan. Asteach liom ann sinn go bruach na h-abhna go ciuin socair, agus go h-an-fhaichileach air fad Luigh me síos air mo bheul ag dréim leis an chuiteog a leigeint síos aig n-a shoc, acht nuair a dhearc me
asteach! - Dheamhan greim de'n bhradan a bhí le feiceal! Tá fhios aig an tsaoghal orm nach rabh fhios agam ceocú air mo cheann na air mo chosa a bhí me mo sheasadh; agus chuir sé an oiread sin feirge orm gur chaith me a rabh ann mo lámha - dúbhan, ruaim, agus uile - amach sa tsruth. Budh dheas an pioctúir mé an lá-adaí air bhruach na h-abhna agus cárr orm a chuirfeadh an aicid air na préataí - Is cinnte gur mhór an truaighe nach bhfuaras snap-shot orm. Air sgor air bith, bhí me mo sheasadh ann sin mar bhéadh stacan giuis ann gur chuimhnigh me fa dheireadh air an tseanbhean bheag ruadh. Bhí me cinnte gurb í a chuir an mí-adh orm. Ma chastar bean ort - go speisealta bean ruadh - agus tú ag gol a iasgaireacht, mo chomhairle duit tiunta na bhaile. III. - AN SEAN BHREAC. A ndiaidh mo bhradan bréagh slíoctha sleamhain a chaill- eadh, thainic an-dúil san iasgaireacht agam, agus ní rabh a bhfad go deachaidh me air lorg slat-iasgaireachta. Bhí neart acú seo da ndíol aig Páidín Giortach, agus asteach liom annsair. "Go mbeannuigh Dia dhuit!" arsa Páidín. "Go mbeannuigh Dia agus Muire dhuit!" arsa mise, "Creidim go bhfuil neart slatach agat?"
"Cruacha acú!" arsa Paidín, "agus is dóiche liom nach droch cheann atá a dhith ortsa, a Shéamuis?" "Ní fhuil moran maith a ndroch cheann," arsa mise, ag amharc air na rudaí beaga éadtroma a bhí aige san fhuinneoig. "Ní fhuil a dhath a mhaith ionntú sin," arsa fear na slat. "Brusgar atá ionntú - Acht amharc oirthí seo?" "Is bréagh an tslat í," arsa mise ag smaoitiughadh air an bhradan a d' imthigh orm. "D'fheudfa sin a radh," arsa Páidín. "Rinne me í sin an tseachtain seo thart do Sheaghan Ruadh, acht, eadrainn-fhéin, ní maith liom a tabhairt dó." "Ca tuige sin?" arsa mise. "Tá, mar nach mbidheann an t-airgead aige go minic, a Shéamuis, agus tá fhios agatsa co maith as thig liomsa innse duit nach bhfóirfeadh se damh an tslat sin a thabh- airt dó air cáirde." "Is cinnte nach bhfóirfeadh, a Pháidín," arsa mise. "Go dé 'n fhad atá inntí?" "Tá sí ocht dtroighthe deug, a Shéamuis, agus ma ghlacann tusa í béidh conradh agat inntí." "Ocht dtroighthe deug! - Dar fiadh, bheirfeadh sí sin asteach bolog! Ca mheud atá oirthí?" "Ní fhuil oirthí acht an deich agus sé pighne, agus bhéirfidh sí asteach bradan co réidh le gealog," arsa Páidín. Le sgeul fada a dheánadh gairid, chuir me-fhéin síos an t-airgead, agus sul ar fhág me an siopa cheannuigh me luach an seacht agus sé pighne de dhúbhain. Ann a
measg seo bhí cuileogaí dubha, cuileogaí gorma, cuil- eogaí glasa, cuileogaí dearga, cuileogaí buidhe, cuil- eogaí órdha, agus achan cheanal cuileog da bhfacas ariamh. Bhí cuid acú ceangailte le fionnadh gearfhiadh, fionnadh luchog, agus fionnadh muc; cuid eile acú, agus iad coirighste as eiteogaí dreolan, eiteogaí tradhan, agus eiteogí bárdal fiadhain; cuid eile, agus iad co mór le gearr bheachog; cuid eile, agus adharca orthú mar bhéadh silide samhraidh ann; agus bhí leath-dhuisín na níos mó de chuileogaí speisealta a rabh eiteogaí orthú mar bhéadh míoltog-leathair ann. Aig breacadh an lae lathar na mhárach bhí me-fhéin air mo chois, mo mhála air mo dhruim, agus mo shlat bhréagh úr faoi m'asgail, agus mé ag tarraint na h-abhna co tiuth as thainic liom. Bhí bearradh bréagh gaoithe ag éirigh, agus bhí me ag smaoitiughadh liom-fhéin air an mhála breac a bhéadh agam dratha an trathnóna, nuair cé a casadh orm acht Seaghan Ruadh! Agus b'fhurust fheicealgo rabh fonn magaidh air nuair a shórruigh se an gleus a bhí orm-fhéin. "Maise, a Dhia na ngrásta, a Shéamuis, ca bhfuil tú ag gol leis an tslait mhillteanaigh sin?" arsa Seaghan. "Tá me ag gol a iasgaireacht," arsa mise. "Maise, go sábhailidh Dia sinn!" arsa sesean. "Tá eugla mhór orm nach bhfuil breac san abhainn nach mbéidh ann do mhála roimhe luighe na gréine anocht!" "Feudann tú a bheith cinnte go ndeánfaidh me mo dhitheall," arsa mise. "Maise, gheall air Dhia, a Shéamuis! Fág an sean cheann fhéin," arsa Seaghan.
"Maise droch mhúnadh air do chroiceann beag grána!"
"An sean cheann?" arsa mise. "Seadh, a Shéamuis. Tá fhios agat nach ceart buint leis an tsean-bhreac air eugla nach mbéadh an cheann eile san abhainn le póradh." Agus, leis sin, thoisigh sé ag sit-gháirigh, agus as go brath liom-fhéin. Níor stad me go rabh me air bhruach na h-abhna, agus bí cinnte nar chaill me moran ama gur chuir me mo shlat bhréagh ocht dtroighthe deug le cheile. Ann sin tharrainn me amach an ruaim agus na cuileogaí, agus ní rabh a bhfad go rabh me ag greadadh an uisge mar bhéadh rud air bith ann. Bhí na bric ag éirigh co tiuth leis an fheur, agus ní breug a rádh go rabh me da gcathadh thar mo ghualainn go galanta, acht leis an fhírinne a ádmhail ní rabh ionntú acht gealogaí gránna nar bhfiú a dtógail. Fa dheireadh, thainich sumachan beag bréagh aníos, agus da bhfeicfea thusa an cúrsa damhsa a rinne se fríd an uisge! Thanaic me go rabh an dúbhan a bhfasta go maith ann a shoc, agus thug me an tslat go teann teith dó. Acht, air a shon sin, bhí se níos righinne na shíl me. Thoisigh se ag preabadaigh, agus ag lúbarnaigh, ag léimnigh agus ag boc-léimnigh, ag sluparnaigh-slap- arnaigh agus ag tabhairt oiread rubaill ua le bradan! "Maise, droch mhúnadh ar do chraiceann beag gránna! Mur gcuirfidh mise an gus agus an giodal asat!" arsa mise da chathadh thar mo ghualainn. Acht ca'n áit, do bharamhail, ar thuit se acht shuas a mbárr cruinn fuinnseoige! Agus leis an urchar a chuir me leis, bhris mo shlat bhréagh úr na dhá chuid! Agus shuas air bhárr an chruinn bhí an damantoir beag ag crochadh, agus mo chuid dúbhan, ruaim, ruaim-ceastala agus uile leis!
IV. - IASG EITEOGACH. Ag teacht na bhaile damh fhéin an trathnóna sin, cé bhí na suidhe ar dhá chaithir aig an doras acht Seaghan Ruadh agus mo mhathair-mhór. "Cuirfidh me geall," arsa Seaghan, "gur mharuigh Séamus Beag an sean bhreach an iarraidh seo?" "Maise" tá an pota réidh agamsa fa na choinne," arsa mo mhathair-mhór. "Árú, leigididh damh!" arsa mise. "Nach mór an náire duíbh a bheith ag magadh orm agus mo shlat bhréagh na dhá chuid!" "Do shlat úr briste a henifín?" arsa Seaghan, agus achan súil ann a cheann co mór le h-uibh cheirce. Iasg- aire sórruigheach a bhí ann Sheaghan, agus cha rabh rud air bíth air domhan a chuirfeadh oiread pléisiura air na tráchtail air bhradan. "Tá íontas ort, a Sheaghain," arsa mise, "acht da bhfeicfea an bradan a rabh me a bhfasta ann?" "Bradan!" arsa Seaghan. "Arú, bí do thost, a Shéamuis?" arsa mo mhathair- mhór. "Dheamhan smid bhréige ann!" arsa mise. "Rabh moran méid ann?" arsa Seaghan. "Co cinnte as tá me beo, a Sheaghain, bhí se co ramhar le do chorp, agus ruball air co leathan le sguab!" arsa mise.
"Agus go dé 'n donas a thainic ort?" arsa Seaghan. "Ách, a dhuine, a chléibh," arsa mise, "nuair a rug se air an dúbhan fhíl me nach rabh ann acht gorman, agus co luath as thug me iarraidh a chathadh thar mo ghualainn thug se boc-léim amháin, agus bhris mo shlat mar bhrisfea sifín cochain!" "Go dé'n áit a rabh tu ag iasgaireacht?" arsa Seaghan go h-an soineanta. "Aig Poll na Carraice Móire," arsa mise, acht a n-áit sin is aig Poll na Fuinnseoige a bhí me. B'fhur- ust aithne air Sheaghan go rabh se-fhéin ag brath air an bhradan, agus chuir mise ann mo cheann cleas beag grinn a imirt air. "An cuiteog na cuileog a bhí agat?" arsa Seaghan. "Cuileog, ar ndóighe," arsa mise. "Cha mbeidhinn guite le cuiteogaí." "Go de'n ceanal?" arsa an fear ruadh. "Fionnadh luchog," arsa mise ag tarraint amach mo leabhar dúbhan, agus ag teiseint dó an ceann budh mhó. "Dar fiadh!" arsa Seaghan. Char labhair se focal eile, agus bhí se na sheasadh ann sin mar bhéadh sean stacan ann air feag chúig bhumaite na níos mó. Fa dheireadh shiar thall, mhusgail se agus ar shiubhal na bhaile leis, ag rádh go rabh taom de'n déideadh air. Nuair a bhí se as amharc, bhris me-fhéin amach ag gáirigh co tiugh as thiocadh liom, ionas gur shíl mo mhathair- mhór nach rabh splannc agam. "Go dé na geasracha atá ag teacht ort?" arsa mo mhathair-mhór.
"As go bráth leis an phréachan!"
"Fuist, a ghranaí," arsa mise. "Ní rabh me acht ag imirt cleasa air Sheaghan." "Ca tuige sin, a bhitheamhnaigh?" arsa sise, agus í ag leigint oirthí go rabh fearg íontach oirthí, acht a n-áit sin bhí sí chomhair a bheith ag sgoilteadh leis na gáirigh. "Tá," arsa mise, "síleann Seaghan nach dtig le duine ar bith iasgaireacht a dheánadh acht é-fhéin, agus ní thabhairfinn oiread de shásadh dó go mbéadh fhíos aige an mí-ádh a thainic orm aniú." "Agus go dé'n mí-ádh a thainic ort, a Shéamuis?" arsa sise. Bhris me-fhéin amach ag gáirigh ar ais, agus nuair a d'innis me duithe mar tharla damh thubair go dtuit- feadh sí a luige leis na gáirigh. An trathnóna ceudna bhí me-fhéin ag siubhal liom-fhéin air bhruach na h-abhna, agus, mar go rabh me an-tursach luigh me síos faoi thom coilinn agus thoisigh me ag léaghadh mo pheápear nuaidheachta. Acht, air a shon sin, chan fhuair me moran suaimhnis, na ní rabh me a bhfad ag léithearacht gur chualaidh me guldar fir fa tuairim céad slat na mar sin uam! D'éirigh me mo sheasadh go tapaidh agus dhearc me thart air achan taobh, acht ní rabh duine air bith le feiceal. Bhí moran de chruinn mhóra thart fa dtaobh díom, agus síos liom go ciuin socair fríobhtha go rabh me air bhruach na h-abhna. Ní rabh Poll na Carraice Móire a bhfad air shiubhal uam ann sin. Nuair a fuair me glan as an choill, cé tífinn romham
acht m'oganach, Seaghan Ruadh! agus é na shuidhe air fhíor-mhullach na carraice, slat bhréagh iasgaireachta ann a dhá láimh, agus é ag tarraint agus ag tarraint, an méid a bhí ann a chorp, a n-aghaidh rud ínteacht a bhí guite aige. Dar liom-fhéin, "Tá an sean bhreac aig Seaghan cinnte," agus bhí me an bhuartha air fad nach agam-fhéin a bhí sé. "An bradan na gub-dubh atá guite agat, a Sheaghain?" arsa mise, ag teacht ann tosaigh damh. Acht cha dtug an t-iasgaire áird orm. Bhí an duine bocht chomhair a bheith sáruighthe air bhárr gheur na carr- aice nuair - Dia ar sábhail! - d'éirigh an toirt mór dubh amach as an uisge! Bhí Seaghan ag teannadh co maith as thainic leis, acht ní rabh gar ann; bhí an t-iasg ag brath é-fhéin agus an tslat a tharraint de'n charraic! "A Dhia na ngrasta! a Sheaghain," arsa mise fa dheireadh, "go dé'n ceanal beithigh a bhfuil tú a bhfasta ann? - Leig leis! leig leis, a dhuine!" Acht bhí se ró-mhall; bhris an tslat na dhá chuid a láimh Sheaghain, agus as go bráth leis an-phréachan! Sean phréachan mor dubh a bhí ann, cibé dóigh a deachaidh Seaghan a bhfasta ann. Acht da bhfeicfea thusa an cárr a bhí air Sheaghan an uair-adaí, agus é na shuidhe air imeall na carraice, a hata amuigh a lár na h-abhna, an tslat briste ann a láimh, agus an préachan bradach air shiubhal le na chuid dúbhan, ruaim, agus bárr na slaite!
V. - CRANN SHÉAMUIS MHÓIR. Béidh cuimhne go deo agam air na laethe pléisiura a bhidheadh agam-fhéin agus m' unncal ag iasgaireacht air an Abhainn Mhóir. Bhidheadh farsainneacht breac agus bradan a gcomhnuidhe air an abhainn sin, agus budh ghrathach do m'unncal cead iasgaireachta a bheith aige achan bhliadhain o'n Bhársoir. Siomaidh uair a thigeadh sgeula annsorm-fhéin go rabh Fear na mBradan - sin leas-ainm a bhí acú air m'unncal - ag gol amach go luath air maidín a iasgaireacht, agus feudann tú a bheith cinnte nach gcaillinnse moran ama ag tarraint air. Giota beag taobh b'shíos do 'n teach bhí crann mór caorthainn a dtugadh siad Crann Shéamuis Mhóir air, agus is é an chead rud a dheánfadh m' unncal ag éirigh dó air maidín, amharc amach go bhfeicfeadh se an rabh an crann sin ag bogadh; da mbéadh, d'fheudfa a bheith cinnte go rabh neart gaoithe ann, acht mur mbéadh, cha rachadh cos m' unncail amach an mhaidín sin. Trathnóna amháin a ndiaidh moran gaoithe agus fear- thanna, fuair me-fhéin cuireadh, mar budh ghrathach, agus bidheadh fhios agat go rabh luthghair mhór orm é a fhághail; na, anns na h-amannaí pléisiura seo, ní rabh agam le ghol na sgoile, agus budh é sin an rud ar mhaith liomsa agus achan sgafaire eile de mo sheort. "Maise, se do bheatha, a Shéamuis Bhig!" arsa m' unncal liom-fhéin agus é air theann a chuirp ag cur deise air shlait mhóir iasgaireachta a bhí aige.
"Go rabh maith agat!" arsa mise. "Creidim go mbéidh lá mór amárach againn, a unncail." "Dheamhan fhios agam, a Shéamuis," arsa m'unncal. "Tá an ghaoth ag ísliughadh go mór, agus ma chuinnigheann se leis, ní bhéidh smid air maidín againn. "Na tabhair áird air," arsa mo mhathar-mhór," sin a thiuin a gcomhnuidhe, ag cur a gcéill nach bhfuil fhios aige go dé'n ceanal lae a bhéidheas ann!" "Tá fhios aige go maith, a ghranaí," arsa mise, "na ní dóiche go mbéadh se ag cur fa mo choinne-se." "Nuair a tidhim an ghaoth ag gol síos," arsa Fear na mBradan, "ní bhidheann uchdach cuit agam; acht, na dhiaidh sin, tá tuile bhréagh ag éirigh, agus is dóiche go mbéidh bearradh beag gaoithe againn aig breacadh an lae." Rinneadh áirneal mór an oidhche sin; m' unncal ag cóiriughadh suas urnais na h-iasgaireachta, mo mhathair- mhór ag sníomh go h-uasal aerach air leic na teineadh, agus me-fhéin ag cuinneilt neart sean-chainnte leis an bheirt acú. Bhí cailín aimsire sa teach darb ainm Máire Mhór, agus bhí sise ag deánadh réidh an tsuipeara fa choinne Aoidh Ruaidh agus na buachaillí aimsire eile a bhí fa'n teach. Fa dheireadh bhí an suipear réidh, agus chuir Máire sgála bréagh brachain air an tábla agus bamhal bainne os coinne achan fhear. Duine beag múinte macanta, cóir croidheamhail, a bhí ann Aodh Ruadh. Acht ma tá, air a shon sin, bh'fhurust fearg a chur air, agus ann sin mhuirfeadh se an
saoghal mhór. Siomaidh cúrsa beag grinn a bhidheadh eadar Máire Mhór agus Aodh, agus bhidheadh cuid de na stócaigh eile da chathadh suas leis go rabh se ag brath air Mháire, agus chuireadh seo air an daoraidh air fad é. Air sgor air bith, bhí ceann de na bamhail agus bhí ceanal de ghearb, no ball buidhe, air a thaoibh air an taobh astuigh. Bhí fhios aig Máire go ró-mhaith nach rabh moran áird aig Aodh air an bhamhal sin, acht bí cinnte gurb é sin an bamhal a chuirfeadh sí a gcomhnuidhe roimhe. Le sgeul fada a dheánadh gairid, shuidh na fir asteach annsair an bhrachan, agus bhí an uile dhuine go h-aoibh- neach agus achan rud ag gol ann tosaigh go maith gur chuir Aodh sórrughadh sa bhall bhuidhe, agus gur thoisigh na buachaillí ag sit-gháirigh, agus gur thoisigh an chuid eile againn ag pléasgadh leis na gáirigh, agus gur thubair gur sgoilt an tseanbhean sa choirneal - agus í ag leigeint oirthí a bheith ag bagairt air Mháire rith an ama. "Maise caor theintean air do spága móra!" arsa Aodh, ag tiunta air Mháire. "Nar iarr me ort gan an bamhal salach sin a chur romham níos mó?" "Maise, chiacais ó! nach tú tá beadaigh!" arsa Máire. "Ól leat do chuid brachain ann sin! Tá an saitheach co glan leat-fhéin." "Tóg leat as m' amharc é, na brisfidh me air do cheann mhaol é!" arsa Aodh. "Arú, go dé tá air, a bhreallain?" arsa Máire. "Tóg leat é! Chuirfeadh se samhnas air an diabh- all!" arsa Aodh, agus acht ab é go rabh an tseanbhean
ag cur a gcéill go rabh sí ag bagairt air Mháire a leithid a dheánadh, ní fhuil fhios go dé dheánfadh an fear millteanach. Acht a ndiaidh moran blandair shocruigh sí fa dheireadh é. Nuair a bhí am codlata ann dúbhairt mo mhathair-mhór an Paidirín águs chuamuid uilig a luighe. VI. - BRADAN SÓRRUIGHEACH. Teach bréagh sglátaí a bhí a dteach mo mhathar-móire, agus chuaidh me-fhéin agus m' unncal suas an stadhaire a luighe. Budh é sin an áit ab fheárr leis codladh, de bhrigh go dtiocadh leis an fhearthainn a chluinstin air na sglátaí. "Béidh lá mór amárach againn?" arsa mise. "Budh chomhair go mbéadh," arsa m'unncal, "tá tuile bhréagh san abhainn agus tá se ag cur leis. Éist leis an fhearthainn sin!" Sul a deachamuid a luighe d'fhágmuid achan rud réidh fa choinne na maidne. "Seo mo shlat iasgaireachta - agus mo chuid dúbhan - agus mo chuid cuileogaí móra - agus mo chuid tobaca - agus mo phíopa," arsa m'unncal leis-fhéin go beag. "Ní fhuil moran eugla go ndeánfaidh tú dearmad de rud air bith?" arsa mise, ag tabhairt faidear mar chuimhnigh se air an phíopa. "Ní thig bríste a dheánadh gan snathad, a Shéamuis,
agus ní thig iasgaireacht a dheánadh gan toit de'n phíopa. Ca bhfuil do chruman?" arsa sesean. "Tá se ag crochadh air bhacan os cionn leapa Aoidh Ruaidh," arsa mise. "Agus do mhála?" "Tá se shíos-adaí a gcúl an dorais." "Caithfeamuid codladh go h-éadtrom, a Shéamuis, na caithfeamuid a bheith air ar gcois go luath?" arsa m'unncal. "Ní baoghal dúinn," arsa mise, "agus le cuideadh 'n Righ dheánfamuid sgrios dearg air na bradain. Bhfuil cuimhne agat air an cheann mhór a d'imthigh orainn anuiridh aig Poll na Péiste?" "Tá mo sháith, agus tá dúil as Dia agam, a Shéamuis go gcuinneochaidh tu súil níos géire ann do cheann amárach." "Maise, ní fhuil fhios agam faoi 'n spéir," arsa mise, "go dé thainic orm an lá-adaí, na chuir me an cruman a bhfasta go maith ann, agus fuair an bitheamh- nach air shiubhal sul a rabh fhios agam ca 'n áit a rabh me mo sheasadh." "Bhí barraidheacht sputair ort, a Shéamuis," arsa m' unncal. "Budh bhréagh an t-iasg é, agus budh mhór an truaighe nach bhfuairmid greim air!" arsa mise. "Bidheadh aige! - bidheadh aigé, a Shéamuis! - Cod- luigh, a Shéamuis, codluigh!" arsa m'unncal ag tuitim na chodladh. "Béidh me mo chrap codlata air an bhumaite," arsa
mise ag druid mo shula. Acht air a shon sin, cha rabh me a bhfad mo chodladh gur thoisigh me ag briongloidigh air na bradain, agus go h-áirigh air an bhradan mhór a d'imthigh orm an bhliadhain roimhe. Thanaiceas damh go rabh me-fhéin agus m'unncal air bhruach na h-abhna aig Poll na Péiste, agus gur éirig bradan sórruigheach, acht nar ghreamuigh se. "Fuair tú preab bradain?" arsa mise, agus mé ag briongloidigh liom. "Cuinnigh go maith air gcúl!" arsa m' unncal. "Is cinnte go bhfuair me preab, agus preab righeamhail, acht tá eugla mo chuirp orm go bhfacaidh se sinn - Air gcúl leat!" "Caith tharais aríst!" arsa mise. "Ní fhuil faic a mhaith cathadh tharais go ceann tamaill bhig," arsa m'unncal. "Ca tuighe sin?" arsa mise. "Tá," arsa m'unncal, "mar nach maith le bradan éirigh dhá uair a ndiaidh a chéile. Da gcaithfainn os a chionn, d'fheudfadh se éirigh agus d'fheudfadh nach n-éireochadh; agus da n-éireochadh fhéin, ní dóiche go mbeirfeadh se air an dúbhan. Air an adhbhar sin, a Shéamuis, caithfeamuid sgríste bheag mhaith a thabhairt dó." "Rabh moran méid ann, a unncail?" "Méid? - Ní fhacaidh me a leithid ariamh! Tá ruball air co leathan le beul bairille, agus achan eiteog air a dhruim a dtiocadh leat do hata a chrochadh air!" Tugadh anal mhaith do'n bhradan, agus ann sin thoisigh
m'unncal ag cathadh tharais ar ais aríst; agus, co cinnte as tá me beo d'éirigh mo bhradan bréagh aníos, rug air an chuileoig, agus síos leis, an méid a bhí ann a chorp, go tóin an phuill. Cha rabh se a bhfad air thóin an phuill gur mhothuigh se go rabh rud ínteacht contrailte le na shoch, agus as go brath leis síos an abhainn. Nuair a shiubhail se bórdaigh air cheathradh míle thiuntuigh se agus aníos leis an bealach ceudna ar ais! Ag teacht go beul an phuill dó, d'éirigh se go bárr an uisge, agus a ndiaidh socrughadh ann sin tamall beag thug se ruaig eile síos, agus aníos, agus síos ar ais aríst, ionas go sílfea go rabh an sean bhuachaill é-féin astuigh ann. Fa dheireadh shiar thall thug se boc-léim amháin amach as an uisge, agus shíl me-fhéin go rabh se air shiubhal, acht ní rabh baoghal air. Is cosamhail go rabh an dúbhan a bhfasta ann a chrumog, sin mar déirfea, ann a charbad iachtarach, agus nuair a shórruigh m'unncal sin, thug se uchdach mór dó. Thoisigh se air an bhumaite ag tochairt agus ag teannadh air an toirt mhillteanach a bhí faoi na shúla. "Tá eugla mhór orm," arsa mise, "go gcuirfidh an t-oganach sin cruaidh go leor ort." "Bheirim a dúbhlan anois," arsa m'unncal, da thiunta bolg bán air bhárr an uisge mar thiuntocha stacan. Ann sin leig se síos giota beag eile an abhainn é, acht, an darna bumaite thiuntuigh se bolg bán ar ais é; agus creidim go rabh se air an dóigh sin air feag uaire na níos mó.
"Go dé bheir ort a bheith ag cuinneilt a chinn os cionn an uisge air an dóigh sin?" arsa mise. "Le na thachdadh," arsa m'unncal. "Maise, ní fheicim go de'n dóigh a dtiocadh a dheánadh," arsa mise. "Tachdann an t-uisge iad," arsa m'unncal, ag tionta an bhradain aríst agus da tharraint asteach comhgarach do'n bhruach. "Anois, a Shéamuis! Ca bhfuil do chruman? - Deán deifre! - Go socair leat! - Sin an dóigh! - Glac d'am - glac - Maith thú! - maith thú! - maith -" "A Mhaighdean Mhuire!" arsa Aodh Ruadh ag mus- gladh go tobann, agus ag leigeint míle murdar as a chraith na sglátaí air an teach. "Teann! teann! a unncail," arsa mise, agus an cruman a bhfasta a leis an Fir Ruaidh agam, agus mé cinnte gurb é an bradan mór a bhí agam! "D'anam 's do chorp, a bhitheamhnaigh bhig! Tá me pollta agat!" arsa Aodh Ruadh ag breith greim muineil orm-fhéin, agus do mo chrathadh co mór sin gur mhusgail me fa dheireadh. "A Mhathair Bheannuighthe!" arsa mise nuair a thanaic me an millteanas a bhí deánta agam. "Go dé na geasracha atá ag teacht ort, a Shéamuis?" arsa m'unncal ag preabadh amach as an leabaidh agus anuas an stadhaire mar bhéadh gearfhiadh franncach ann. "Á, na bí cainnt!" arsa mise. "Na bí cainnt, a unncail! Bhí me ag briongloidigh, agus ag rábhailligh, agus ag iasgaireacht, agus shíl me gurb é an bradan mór-adaí a bhí agam."
"M'anam, nach bhfacaidh me a leithid sin de iasg- aireacht ariamh! - Bhfuil caill ort, a Aoidh?" arsa m'unncal nuair a shórruigh se an Fear Ruadh ag cumailt na fola da láirc. "Ní fhuil moran," arsa Aodh, "acht sé Dia a shábhail mé nar strócadh an meanach asam." A ndiaidh an fear leonta a chur a luighe chuaidh me- fhéin agus m'unncal suas an stadhaire ar ais, agus na gáirigh ag briseadh air an bheirt againn. Shínnmuid sinn-fhéin air ar leabaidh agus char mhusgail duine againn go rabh spéirthí 'n lae ann. BRAON TAE. "Bhfuil tú musgailte, a Shéamuis?" arsa m'unncal liom-fhéin aig amharc lae air maidín. "Tá," arsa mise, ag cumailt mo shúla. "Ruith na fuinneoige go bhfeicidh tú an bhfuil Crann Shéamuis Mhóir ag bogadh," arsa m'unncal. Phreab me-fhéin amach as an leabaidh mar bhéadh meannan gabhair ann, agus bhí luthghair mhór air m' unncal nuair a d'innis me dó go rabh an crann ag bogadh. "Tá," arsa mise, "agus ní fhacaidh tú a leithid de ghriosail ariamh as tá se ag faghail." "Maith go leor," arsa sesean, ag tabhairt boc-léim amháin amach air an urlar, agus ag gol na fuinneoige é-fhéin, air eugla nach rabh me ag innse na fírinne.
"M'anam, a Shéamuis, go bhfuil an fhírinne agat!" ar sé. "Tá se ag bogadh go baganta! - Cuir ort do chirteach co tiuth as thig leat, agus ruith síos na cistean- aighe agus cuir síos teine." "Rachaidh," arsa mise, ag cur orm go tapaidh, agus ag tabhairt m'aghaidhe air an chisteanaigh. "Fan, a Shéamuis! - Dtig leat tae a dheánadh?" "Thig liom go maith," arsa mise. "Tá se co maith againn rud ínteacht a fhaghail le h-ithe sul a dtéidhmid amach," arsa m'unncal. "Is cinnte go bhfuil an ceart agat ann sin, na ní bhéadh moran pléisiuir againn mur bhfaghaidh," arsa mise, agus bhí fhíos agam go maith, fosta, nar lúgh air m'unncal an sioc na a ghol a iasgaireacht na throsgadh. "Agus tá tú cinnte go dtig leat tae a dheánadh?" "Tá me fíor-chinnte go dtig," arsa mise. "Bhí me mo chócaire cliste ariamh, agus cuirfidh me sgilinn go ndeánfaidh me bricfosta dhuit a chuirfeas aoibhneas air do chroidhe." "Cuirfidh me cúig sgilne a n-aghaidh do sgilinn nach dtig leat tae a dheánadh mar is cóir?" "Maith go leor," arsa mise. "Ma shásuighim thú anns an bhraon atá me ag gol a dheánadh duit, creidim go mbéidh tú sásta?" "Béidh cinnte, agus gheobhaidh tú do chúig sgilne," arsa m'unncal. Chuaidh me-fhéin síos an stadhaire ann sin, agus chuir me síos toirt bhréagh teineadh air dtús. Ann sin chuir me síos an cetel, agus fhad as bhí an t-uisge da
téaghadh chuir me an t-eudach air an tábla, nigh me na cupaí agus na capain, agus sgiur me na sgeana. Nuair a bhí seo deánta agam, fuair me aran, im, agus uachtar, siucra, salann, agus pibear. Chuir me síos leat-dhuisín uibheach ann sin, agus fhad as bhí siad da mbruith, fhliuch me na tae. Nuair a thainic m'unnchal asteach na cisteanaighe bhí aoibhneas mór air fad air nuair a thanaic se an obair a bhí deánta agam - Achan rud sgiobtha sguabtha mar béadh bioran úr ann. "M'anam, a Shéamuis, go bhfuil tú do chócaire amach!" ar se, "agus tá eugla mhór orm go gcaillfidh me mo chúig sgilne." Shuidhmuid araon síos ann sin agus rinnmuid bric- fosta sórruigheach. Anois agus aríst thiocadh leat a fheiceal air an dóigh a rabh m'unncal ag luighe asteach leis na neathantaí a bhí roimhe, gur thaitean mo chócair- eacht go maith leis. "Ith leat, ith leat," a deirfeadh se, "bricfosta maith leath na h-iasgaireachta." Agus b'fhíor dó, na cha deachaidh me-fhéin a iasgaireacht ariamh air bholg seang nach dtainic me na bhaile agus cárr searbh orm. "Go dé mar thaitneas an tae leat, a unncail?" arsa mise, a ndiaidh mo thrímheadh uibh a chur as amharc. "Níor ól me ariamh tae ní b'fheárr!" arsa sesean, ag glanadh a bhéil agus ag tarraint amach a sparain. "Seo dhuit!" ar se, ag cur na cúig sgilne asteach ann mo láimh. "Maise, go rabh míle maith agat!" arsa mise.
"Níor shaothruigh me airgead ariamh co furust as shaoth- ruigh me an t-airgead sin, agus ma théidhim ann tosaigh mar atá me da dheánadh ní fada go mbhéidh airgead an phósta agam." "Caithfeamuid a bheith ag gol anois, a Shéamuis?" arsa m'unncal, "agus caithfidh tú innse damh, air an bhealach, go dé'n dóigh a deárn tú an tae." "Ní fhuil rud air bith air domhan níos fusa," arsa mise, ag cur orm mo mhála. "Go dé an chead rud a gnidheas tú?" arsa m'unncal, ag cathadh a shlat-iasgaireachta thar a ghualainn. "'Sé an cheadh rud a gnidhim," arsa mise, "a ghol ann tobair fa choinne canna uisge. Ann sin bheirim liom an cetel agus nighim é, taobh amuigh agus taobh astuigh. Líonaim ann sin é le fíor-uisge, agus cuirim air an teiní é." "Agus an darna rud, a Shéamuis?" "Gheibhim pota an tae ann sin, agus nighim go maith le h-uisgé galach é." "Nach ndeánfadh uisge fuar graithe?" "Cha ndeánfadh air chor air bith," arsa mise. "Ma gnidhthear tae mar is cóir, caithfear pota an tae a nighe a gcomhnuidhe le h-uisge galach." "Maith go leor, a Shéamuis, ann tosaigh leat!" "A ndiaidh pota an tae a nighe go maith cuirim an tae tirim asteach, agus dóirtim an t-uisge galach anuas air. Acht sul a ndeánaim seo bheirim aire mhaith go bhfuil an cetel ag guil. Cuirim an clár air mo phota tae ann sin agus fágaim a chois na teineadh é cúig bhumaite nó mar sin."
"Agus nach gcuirfea air an teiní air chor air bhith é?" arsa m'unncal, agus achan súil ann a cheann co mór le h-uibh cheirce. "Chuirfinn, da ndeánfainn mar gnidheas moran de dhaoiní eile, acht ní tae a bhéadh agam," arsa mise, "acht nimh." "Nimh?" arsa m'unncal. "Seadh," arsa mise, "nimh. Acht da mbudh mhaith liom cupa maith tae a dheánadh cha gcuirfinn ró-chomhgarach do'n teiní é air eugla go rachadh se a ghuil." "Agus go de'n dochar a dheánfadh an ghuil dó, a Shéamuis?" "Tá," arsa mise, "tá ceanal de nimh sa tae a dtugann siad tannin a mBeurla air, agus ma tharrain- tear an tae an dóigh chontrailte tiocaidh an nimh sin amach." "Agus a mbeithea da tharraint an dóigh chontrailte da gcuirfea pota an tae air bhárr na teineadh le na chur a ghuil." "Is cinnte go mbéidhinn. Ma bhidheann an t-uisge ag guil air dtús ní fhuil an darna guil a dhith air agus, mar nach bhfuil fhios acú an puinnte riachtanach seo, ní fhuil aig moran de mhuintir na tíre da ól achan lá acht nimh." "Arú, bí do thost, a Shéamuis! Go de'n dóigh a dtiocadh le nimh a bheith a dtae?" "Agus go dé'n fath nach dtiocadh? Ar chualaidh tú iomra ariamh air an fhear a chuir a shean bhríste asteach a bpota agus gur bhain se uisge-beatha as?" "Maise, char chualaidh," arsa m'unncal.
"Níor chualaidh! - Tá eugla orm, a unncail, gur chuir tú moran de do chuid ama amamha air an sgoil. Air sgor air bith tá fhios agat go dtig uisge-beatha a bhuint as eorna, agus nach bhfuil sin go díreach co h-íontach le nimh a bhuint as an tae?" "Tá se íontach go leor, a Shéamuis, agus cluinnim go dtig uisge-beatha a bhuint as siucra agus neathan- taí milse eile?" "Thig," arsa mise, "agus thig liomsa innse duit le na chois sin, go dtig uisge-beatha a bhuint as achan rud da bhfásann air dhruim an domhain!" "Go moltar an Righ! Tá sin sórruigheach air fad, a Shéamuis, agus na dhiaidh sin, creidim go bhfuil se fíor." "Feudann tú a bheith cinnte go bhfuil, a unncail; agus ma thig uisge-beatha a bhuint as sean bhríste, ca tuige nach dtiocadh nimh a bhuint as an tae?" "Dara leora, tá an fhírinne agat, a Shéamhuis!" "Agus rud eile, a unncail, go dé tá a n-uisge- beatha acht nimh?" "Dheamhan greim go bhfuil an ceart agat ann sin, a Shéamuis. Tá an bhiotáilte ag marbha níos mó na an nimh." "Tá an bhiotáilte ag cur an domhain mhóir as a gcéill; agus an tae nach ndeántar mar is cóir tá se co h-olc." "Agus an mian leat a radh, a Shéamuis, gur chóir dúinn stad de'n tae air fad, ó tharla go bhfuil se co dainnsearach sin?"
"Ní mian liom rud air bith de'n tseort. Sílim nach bhfuil rud air bith air domhan co maith le braon tae deánta air an dóigh cheart." "Agus go dé do bharamhail do na daoiní a ólas a gcuid tae gan bainne?" "Tá, go bhfuil se an-dainnsearach, a unncail." "Da mbéadh se deánta mar budh chóir, a Shéamuis?" "Deánta go maith no go n-olc, is cuma ceocú, tá tae gan bainne dainsearach: cupa tae gan bainne, ní fhuil faic a mhaith ann; cupa tae agus bainne air, tá sin maith, agus an-mhaith; acht cupa tae agus uachtar air, tá sin seacht n-uaire níos feárr." "Go rabh míle maith agat, a Shéamuis! Is cinnte gur fiu ór thú! Acht caithfeamuid a bheith ag imtheacht anois. Tidhim go bhfuil Crann Shéamuis Mhóir da ghreadadh, agus tá me cinnte go bhfuighmuid bradan na beirt." VIII. - AMEASG NA mBRADAN. "Ca'n áit a rachamuid ar dtús?" arsa mise. "Rachamuid síos go Poll na Carraice a' chead uair, agus as sin go Poll na Fuinnseoige; agus as sin siar go Poll na Péiste. Nuair a bhéidheas iasgaireacht na dtrí bpoll sin deánta againn tá me ag smaoitiughadh go mbéidh am dinneara ann," arsa m'unncal. Shiubhailmuid linn síos an cabhsa agus siar an bealach- mór, acht cha deachamuid a bhfad go bhfacamuid bean ag teacht chugainn.
"Go sábhailidh Dia sinn!" arsa m'unncal, ag tabhairt léim thar chloidhe an bhealaigh-mhóir agus amach air an chaoran. "Go dé na geasracha atá ag teacht ort?" arsa mise, ag rathaidh na dhiaidh co maith as thainic liom. "Siubhail leat, siubhail leat!" arsa sesean. "Nach bhfeiceann tú an bhean ag teacht aniar-adaí?" "Tidhim - An bean mhire atá inntí?" arsa mise, "na go de'n eugla atá ag teacht ort?" "Nach bhfuil fhios agat, a Shéamuis, nach mbéadh faic a mhaith dúinn a ghol a iasgaireacht a ndiaidh bean a chasdail orainn?" "Arú, bí do thost, a unncail! Go de'n dochar a thiocadh leis an chréatúr a dheánadh?" arsa mise, acht ní rabh gar a bheith leis, agus air shiubhal liom fhéin air lorg a shála go rabhmuid araon giota maith ó'n bhealach-mhór. Ann sin shuidhmuid síos air thúrtoig go deachaidh an bhean thart. Air shiubhal linn ann sin agus níor stadmuid go rabhmuid aig Poll na Carraice. "Go dé do bharamhail anois?" arsa mise le m'unncal, agus é ag tarraint amach a phíopa agus bucsa lasog. "Tá," arsa sesean, "go mbéidh la mór againn, a Shéainuis. Tá an ghaoth agus an t-uisge fóirsteanach go maith, agus mur bhfághmuid iasg aniú béidh íontas mór orm." Bhímuid nar suidhe fa tuairim ceathradh uaire, agus rith an ama ní rabh focal aig ceachtar againn - m'unncal ag cathadh a phíopa agus a dhá shúil san uisge; mise ag
sgiuradh mo chruman agus ag briseadh amach ag gáirigh achan uair a smaoiteochainn air an chleas a d'imirmuid air an mhnaoi bhoicht. "Go de'n gháirigh atá ort?" arsa m'unncal. "Tá me ag smaoituighadh air an rása a thug an bhean- adaí dúinn," arsa mise, ag briseadh amach aríst. "Sé Dia a bhí linn nar casadh orainn í!" arsa m'unncal, ag buint an phíopa as a bheul agus da shínneadh annsorm-fhéin. "Seo dhuit, a Shéamuis! Glac toit sul a dtoisigh- mid." "Go rabh maith agat, a unncail," arsa mise, "ní chaithim." "Uch, bí do thost. Caith toit bheag, tá an lá fuar. Ní fhuil fhios agat nach é an t-ádh a chuirfeadh se ort?" arsa sesean, agus le na shásughadh rug me air an phíopa agus chaith me liom go rabh me chomhair a bheith tinn. Fa dheireadh shiar thall d'éirigh m'unncal na sheasadh agus thoisigh se ag iasgaireacht, acht ma thoisigh, dheamhan preab na preab a bhí se ag fághail, agus bhí mise ag smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go mb'fhéidir gurb í an bhean-adaí a chuir a seacht mallacht orainn. Acht, air a shon sin, ní rabh a bhfad gur musgladh as mo smaoitighthe mé, na bhí m'unncal fa dheireadh a bhfasta a mbradan, agus char chaill mise moran ama gur chuir me mo chruman ann, agus gur fhág me sínnte air an fheur ghlas é. Thoisigh se ar ais, agus ní rabh a bhfad go rabh se a bhfasta a mbradan eile, acht ma bhí, ní fhuairmid asteach
co bog leis an chead cheann é. Thug se boc-léim amáin amach as an uisge agus suas anns an aer deich dtroighthe na níos mó! Co luath as thuit se san uisge ar ais, as go brath leis síos an abhainn, acht cha deachaidh se a bhfad gur chuir se ann a cheann tiunta. Aníos ar ais aríst leis ann sin agus nuair a thainic se go beul an phuill thug se boc-léim eile agus air shiubhal síos ar ais leis. Le sgeul fada a dheánadh gairid, bhí an bradan sin aníos agus síos, anonn agus anall, ag léimnigh agus ag boc-léimnigh air feag uaire an chluig sul ar thiuntuigh se bolg bán agus gur sháith mise an cruman ann. "Budh mhaith an poll beag é shin?" arsa m'unncal, ag amharc síos go bródamhail air an dá bhradan. Bhí ceann acú bórdaigh air dheich bpunta air meáchan, agus bhí fiche punta anns an cheann eile ma bhí unnsa ann. "M'anam gur mhaith," arsa mise, "agus mur bhfagh- muid acht an cúpla seo budh chóir dúinn a beith sásta go maith." "Tá obair lae mhaith deánta againn, a Shéamuis, agus tá se co maith againn an píopa a líonadh anois." "Tá," arsa mise, "agus béidh toit bheag eile agamsa." "Mhaige, ní fhuil moran dochair duit, na chuir an toit deireannach ádh mór ort. Is cinnte gur chuir tú an cruman go cliste calma anns an dá bhradan sin. Acht sé Dia a shábhail thú, a Shéamuis! Thubair duit tuitim asteach san abhainn uair amháin." Shuidhmuid síos ann sin air bhruach na h-abhna, líonadh
an píopa, agus a ndiaidh a dheargadh chaithmuid ar sáith. D'éirigh m'unncal na sheasadh a gceann tamaill bhig agus ag breith air an tslait, "Bhéirfidh me iarraidh eile air an pholl seo," ar se. "Ní fhuil fhios nach bhfuighinn iasg eile." Acht a ndiaidh iasgaireacht an phuill a dheánadh síos agus aníos go h-ealadhanta eolach agus go stuama stuidearach air feag leath-uaire na níos mó, dheamhan a rabh aige air a shon acht na cuileogaí tárnochta. "Ní fhuil maith ann, a Shéamuis, ní fhuil maith ann. Tá me cinnte go bhfuairmid a rabh sa pholl sin, agus tá sé co maith againn a bheith ag bogadh linn go Poll na Fuinnseoige." "Ní fhuil mise co cinnte de sin, a unncail," arsa mise, "agus ma bheir tú an tslat damhsa cuirfidh me geall go mbéidh me a bhfasta a mbradan roimhe chúig bhumaite." "Arú, leig dúinn, a Shéamuis!" arsa m'unncal, ag briseadh a chroidhe ag gáirigh. "Tabhair damh an tslat air sgór air bith," arsa mise, "agus béidh fhios agat. Thig leatsa do sgríste a dheánadh agus do phíopa a chathadh fhad as bheidheas mise ag corruigheacht leis an bhradan." "Leig dúinn, a deirim, le do chuid amuidigh! Ní fhuil cloch na coirneal de'n pholl sin nach bhfuil fhios agamsa, agus is cinnte nach mbeithea thusa acht ag cur an lae amamha." "Cha n-iarraim acht cúig bhumaite, agus mur mbéid me a bhfasta a mbradan fa'n am sin thig leat sgairtigh orm, agus béidh me co h-umhal le h-uan caorach."
"Maith go leor, a Shéamuis, maith go leor! Stróc leat, a chailleach, stróc leat!" arsa m'unncal, ag tarraint amach a phíopa agus da chathadh-fhéin síos air an fheur ghlas. Rug me go luthghaireach air an tslait ann mo dhórn, ag dearcadh go geur air achan ált duithe, air an ruaim, air na cuileogaí, agus air an rotha. "M'anam, a Shéamuis, go bhfuil tú ag buint na gáirigh asam," arsa m'unncal. "An ag faghail loichd air na cuileogaí atá tú? Tá siad sin taite." "Ní fhuil iontú acht míoltogaí gránna, a unncail," arsa mise. "Tabhair damh do leabhar cuileog." "Maise, tá fhios ag an tsaoghal orm, a Shéamuis, go bhfuil tú ag cailleadh do chéill air fad!" arsa sesean, ag cuartughadh ann a phóca. "Seo dhuit! - agus mur ndeánfaidh tú deifre béidh do chúig bhumaite caithte." D'fhosgail me-fhéin leabhar na gcuileog agus a ndiaidh é a chuartughadh ó bhun go bárr thóg me an dá chuileoig budh mhó agus chuir me air an ruaim iad. Tharrainn me amach as póca mo bheiste ann sin buideal beag meala a fuair me uair amháin ó sheanduine bheag lom liath a casadh orm air bhruach na h-abhna, agus chuir me deor de'n mhil air achan chuileoig. Dúbhairt an seanduine beag liom da mbéadh gan bheith san abhainn acht aon bhradan amháin agus é a bheith leath-mhíle air shiubhal uam go dtarrneochadh se air an mhil sin co luath as chuirfidhe san uisge é. Le sgeul fada a dheánadh gairid, thoisigh me gan moran muille ag iasgaireacht, agus co cinnte as tá
ruball air chat, cha rabh an ruaim san uisge agam gur sgiobadh air shiubhal na cuileogaí go tóin an phuill. Cibé ceanal éisg a bhí ann chaithfeadh se go rabh méid agus meáchan íontach ann, na innean go deárn me mo dhitheall le na mhealladh as an áit a rabh se na luighe, dheamhan cor na bogadh dheánfadh se. "Maise, plóid ort, a bhitheamhnaigh bhig gan mhaith!" arsa m'unncal, ag tarraint orm-fhéin. "Nach bhfeic- eann tú gur sean stacan atá tú a bhfasta ann?" Acht ní mór go rabh an focal deireannach as a bheul aige gur chorruigh an "sean stacan" agus as go bráth leis síos an abhainn, agur char tharrainn se anal go deachaidh se asteach go Poll na Faoloige, agus as sin go dtí'n tSrath Cham, agus as sin go Srath Mhichil Mhóir, agus as sin amach soir go dtí'n Guban. Rith an ama bhí mise ag cuinneilt suas leis co maith as thainic liom, mo theangaidh amuigh agam le teann tursa, mo luirg- neacha bochta chomhair a bheith briste ag preabadaigh agus ag boc-léimnigh thar chloitheacha agus fríd choíllte dreasog, agus achan léab de mo bhrístí ag crochadh air na tuim mo dhiaidh! Feudaim a rádh nach rabh tuinnte air mo dhruim. Nuair a thainic an t-iasg millteanach fhad leis an Ghuban ghlac se an stad, agus shocruigh se é-fhéin a gceart-lár an phuill mhóir sin. Dar liom-fhéin, "A óganaigh, dheánfaidh an rása sin maith duit," agus mar shíl me go rabh se sáruighthe amach agam, thoisigh me ag tochairt, agus ag teannadh air, agus da mhealladh, acht dheamhan cor na cor a thiocadh liom a bhuint as. Bhí se
sean-cheannta go leor, agus d'athain me go maith nach rabh fonn troda air go fóil beag, agus nach rabh se acht ag tarraint a anala fa choinne an darna rása. Nuair a shórruigh muintir an bhaile me-fhéin ag rathaidh air chos-anáirde a ndiaidh an bhradain agus an cruth a rabh me ann, ceann-tárnocht agus feudaim a rádh cos- tárnocht, agus mo chirteach stróctha stiallta na ruibíní ag séideadh leis an ghaoith, chruinnigh siad anuas go bruach na h-abhna, ionas go bhfeicfea baicle acú air achan árdan agus cloidhe air an dá thaoibh de'n uisge. Acht sgoiltfea leis na gáirigh da bhfeicfea an sputar a bhí air m'unncal agus é ag léimnigh thar chloitheacha agus ag forsughadh fríd chraobhacha mar bhéadh splannc soillse as beul dubh an táirnigh, agus an duine bocht chomhair a bheith báithte le h-allus. "Dheamhan greim gur ceart thú, a Shéamuis! Tidhim nach bhfuair se air shiubhal uait na dhiaidh sin?" arsa m' unncal nuair a thainic se ann tosaigh. "Mhaige, go bhfuil se ann seo go fóil," arsa mise, "acht tá eugla mo chuirp orm go dtabhairfidh se buair- eadh dúinn roimhe a bhfad. Tá se co maith agatsa breith air an tslait agus an cruman a thabhairt damh- sa?" "Is cinnte nach mbeirim, a Shéamuis. Tá me ró- thursach agus tá fhios agam go maith nach dtiocadh liom coisigheacht a chuinneilt leis an iasg fhiadhain sin. Is tú-fhéin a bhéirfeas air, a Shéamuis, na réir mar tidhim tá tú do iasgaire amach. Deán deifre, agus feuch a dtiocadh leat é a mhealladh go bárr an uisge?"
"Tá me tursach da mhealladh, a unncal. Da gcaith- fea asteach cloch b'fheidir go gcuirfeadh se bogadh ann?" Thóg se gearr charraic mhaith cloiche agus co luath as chaith se asteach í chorruigh an bradan, agus seo aníos é go ciuin socair go bárr an uisge! Agus, a Thighearna bhuidhe óir, a leithid de bhradan! "Go dé do bharamhail dó, a unncail!" "Dar fiadh! ní fhacaidh me a leithid ariamh, a Shéamuis!" "Go de'n meáchan atá ann, do bharamhail?" "Dheamhan fhios agam, acht tá me cinnte go bhfuil an ruball atá air co mór leis an dá bhradan a fuair- mid air maidín. Coimhead thú-fhéin, a Shéamuis! Na teann air go fóil - leig leis!" A ndiaidh an chomhraidh sin, thug an bradan rása anonn go dti'n bruac thall agus anall ar ais go dtí'n bruach abhus. Ann sin thainic se aníos go bárr an uisge, agus bhí se ag gol a thiunta beul a chinn síos an abhainn nuair a thanaiceas damhsa nar chóir é a leigeint níos fuide an bealach sin; go h-áirigh, mar bhí droich- ead maide giota beag taobh b'shíos dúinn. Air an adhbhar sin thoisigh me ag teannadh air go dtug me air tiunta, agus an darna bumaite thug se boc-léim amháin amach as an uisge agus ag teacht anuas dó shílfea gur sac mine a thuit san uisge. Agus char stad se go deárn se an cleas ceudna seacht n-uaire, agus as go brath leis suas an abhainn! Bhí se sáruighthe go maith fa'n am seo, agus le na
chois sin bhí an tuile na aghaidh, agus mar sin dé, ní rabh sé acht ag siubhal go fadalach, acht mar sin fhéin bhí se ag teannadh ann tosaigh go sórruigheach. Bhí poll mór cruinn aig Srath Shéamuis Mhóir a dtugthaí Cró na mBradan air, agus is é mo bharamhail gurb iomaidh uair a chuaidh m'óganach, an príosúnach, agus na bradain eile fríd an Rinnce Fada ann, na b'fhurust aithne air go rabh eolas maith aige air an pholl sin. Ní rabh órlach dé nar chuartuigh se, ag deánadh cuairt bheag a n-achan choirneal, air nós duine ag fágail slán aig an tsaoghal roimhe n-a bhás. "Cogar, a unncail!" arsa mise, fa dheireadh shiar thall, ag smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go rabh a sháith cuartuigheachta deánta aig an righ-bhradan seo, agus gur mithid dúinn leabaidh thirim a thabhairt dó. "Go dé sin, a Shéamuis?" arsa m'unncal. "An síleann tú go bhfuil an ruaim seo láidir go leor?" "Na bidheadh eugla air bith ort roimhe'n ruaim, a Shéamuis. Ní baoghal dó briseadh; agus réir mar thanaic me tá bumaite ó shoin, tá an dúbhan a bhfasta go maith san iasg. Is adhmhail go bhfuair tú fhad leis an pholl seo é, mar go bhfuil se an-fhóirstineach air fad: ní fhuil crann, na tom, na driseog ann ar gcomh- air, agus tá an bruach comhthrom leis an uisge. Deán deifre, a Shéamuis! Tá se sáruighthe amach anois, agus ma fhanann tú moran níos fuide caillfidh tú é!" Le sgeul fada a dheánadh gairid thoisigh me ag toch- airt agus ag teannadh gur áirigh an bradan go rabh
rud ínteacht contrailte, agus nuair budh mhian leis imtheacht leis síos an abhainn chuir mise an bac go teann teith air, ionas go mb'éigean dó tiuntá. Acht ma thiuntuigh, thoisigh se ag léimnigh go millteanach suas agus anuas, anonn agus anall, go deárn se cúrsa damhsa nach bhfacas a leithid ariamh. Acht bhí an méid agus an meáchan a bhí ann da mharbha le h-achan ruaig agus le h-achan léim. Fa dheireadh, d'éirigh se co spadanta sin nach rabh se ábulta bogadh. Nuair a shórruigh mise sin ní rabh me a bhfad gur thiuntuigh me bolg bán é, agus go dtug me air siubhal liom anonn agus anall mar budh mhian liom go rabh se co umhal le h-uan caorach. "Ca bhfuil do chruman anois, a unncail?" arsa mise ag stiuradh an bhradain budh mhó ar leag me mo shúil ariamh air asteach comhgarach do'n bhruach. "Tá me ann seo, a Shéamuis, acht tá eugla mhór orm go bhfuil se ró-throm agam. Tá an cruman ró-bheag, agus ma chuirim ann a thaoibh é d'fheudfadh an greim briseadh. Go dé do bharamhail-fhéin, a Shéamuis?" "Bí air do choimhead, a unncail! Tá mise ag gol da thiunta bolg bán anois, agus nuair a tífeas tú a cheann ag éirigh cuir an cruman ann a charbad." Rinne m'unncal mar ar h-iarradh air agus leath- bhumaite na dhiaidh bhí an bradan mór sínnte air an leuna. Chuamuid na bhaile ann sin, agus ní rabh ann acht go rabhmuid ábulta na trí bradain a iompar. An chead
bhradan a mharuighmuid bhí naoi bpunta go leith air meáchan ann; bhí an darna ceann cúig phunta dheug air meáchan; agus an trímheadh ceann - an bradan mór - na bidheadh eugla air bith ort, a leightheoir, go bhfuil me ag innse breug nuair a deirim leat go rabh an bradan mór cúig phunta dheug agus fiche air meáchan! IX. - AN PHÉIST MHÓR. Chuamuid a luighe go luath an oidhche sin, agus char mhusgail ceachtar againn go dtí'n meadhon lae lathar na mhárach. "Preab amach, a Shéamuis, go bhfeicidh tú go de'n t-am a bhfuil se," arsa m'unncal, ag fosgladh a shúla. "Tá se cúig bhumaite go dtí'n dó-dheug," arsa mise, nuair a dhearc me air an chlog. "M'anam gur maith an neul a chodluighmuid, a Shéamuis." "Mhaige maise, cha rabh mise mo chodladh leath an ama, a unncail." "Go dé thainic ort? Bhí mise mo chrap ó dhruid me mo shula aréir." "Bhí me ag briongloidigh agus ag rábhailligh rith na h-oidhche air an bhradan mhór." "Mhaige maise, ní fada go mbéidh féasda beag againn araon air stiall dé. An mothuigheann tú an boladh bréagh blasta atá ag teacht aníos an stadh- aire?"
"Corruigh thú-fhéin maise, agus bí do shuidhe!" "Go de'n ceanal lae atá ann, a Shéamuis?" "Lá bréagh tirim, a unncail." "Feuch an bhfuil crann Shéamuis Mhóir ag bogadh." "Tá se ag bogadh go baganta, a unncail." "Maith thú, a Shéamuis! Caith chugam mo bhrístí, le do thoil, agus béidh me síos leat air an bhumaite." "Thilóigh! thilóigh oraibh! Thilóigh oraibh shuas ann sin! Bhfuil sibh ag teacht anuas?" "Cluinnim an tseanbhean ag sgairtigh orainn, a Shéamuis. Deán deifre! Bhfuil d'aghaidh nighte agat?" "Thilóigh, a deirim! Tá mur mbricfosta réidh! Bhfuil sibh ag teacht anuas? Maise, droch-mhúnadh oraibh, mur sibh na fallsoirí cearta!" arsa mo mhathair- mhór, ag sgairtigh go han-chunafach aníos an stadhaire. "Támuid ag gol síos anois, a ghranaí," arsa mise. Chuamuid síos fa dheireadh agus a ndiaidh bricfosta sórruigheach a dheánadh, thoisighmid ag deánadh réidh ar ais fa choinne na h-iasgaireachta. Acht mar bhéadh an mí-ádh orainn d'árthuigh an ghaoth agus thoisigh se ag cur fearthanna. "M'anam go bhfuil se ag baisteadh!" arsa m'unncal, ag tógailt a chinn. "Mhaige maise, go bhfuil, agus ag stealladh," arsa mise. "Ní fhuil moran gar dúinn a ghol amach anns an fhearthainn sin, a Shéamuis." "Ca tuige sin, a unncail?"
"Nach bhfeiceann tú go mbéidh an tuile ag éirigh air ball beag?" "Tidhim. Tá fhios agam go fíor-mhaith nach mbéadh faic a mhaith dúinn a ghol a iasgaireacht leis na cuil- eogaí, acht shílfinn go mbéadh se taite aig na cuit- eogaí?" "Cha salochainn mo lámha ag iasgaireacht le cuit- eogaí, a Shéamuis." "Maise, ní fhuil moran áird agam-fhéin ortú, a churad, acht na dhiaidh sin 's uilig ní chuinneochar sa teach an trathnóna seo mé." Rinne me-fhéin réidh ann sin: Fuair me leath- dhuisín de dhúbhain cuiteog, agus chuir me ceann acú air mo ruaim, agus sháith me an chuid eile acú ann mo phóca. Ann sin fuair me bucsa agus amach liom a gcúl an tuigh go bhfuair me spád, agus gur rómhar me giota maith de'n gháraidh. Nuair a fuair me an méid cuiteogaí a bhí a dhéim orm, chuir me mo mhála air mo dhruim, chaith me mo shlat-iasgaireachta thar mo ghualainn, agus os cionn mo chinn d'fhosgail me sean numbrel mo mhathar- móire. "Maise, go moltar an Righ!" arsa m'unncal, "ca bhfuil tú ag gol leis an ghleus sin?" "Tá me ag gol a iasgaireacht," arsa mise. "Ca'n áit, a Shéamuis?" "Síos go Poll na Péiste." "Tabhair aire mhaith duit-fhéin air eugla go dtiocadh an Phéist Mhór ort, na co cinnte as tá tú beo slug-
faidh sí siar ann a craos cáidheach thú ma tidh sí thú agus an t-airteagal sgárruigheach sin os do chionn." "Ní thabharaim áird air bith air phisleogaí de'n tseort sin, a unncail," arsa mise, ag bogadh liom, agus an fhearthainn ag dórtadh anuas mar bhéadh rud air bith ann. Níor stad me go rabh me aig Poll na Péiste, agus gur phlanntail me me-fhéin air bhárr na carraice. Bhí luthghair orm go rabh a leithid de thuile ann, agus bhí me cinnte nach rachainn na bhaile folamh. Ag smaoitiughadh mar seo damh chuir me mo shlat- iasgaireachta le cheile, agus a ndiaidh an ruaim a réi- tiughadh, chuir me cuiteog air an dúbhan, agus chaith me amach sa tsruth é. Shuidh me síos ann sin go baganta air an charraic, agus mar go rabh se ag stealladh fearthanna, chuinnigh me an numbrel glan díreach os mo chionn. Numbrel an-mhór a bhí ann, agus budh mhór an gar sin damhsa, na chuinnigh se co tirim mé as da mbéidhinn a chois na teineadh. Ní lúgh orm-fhéin an sioc na iasgaireacht de'n tseort sin; acht nuair nach dtig uasaid a dheánadh de na cuileogaí, caithfear a bheith sásta leis. Mar sin dé, tharrainn me amach an píopa, agus a ndiaidh a dheargadh chaith me liom air mo shuaimhneas gur shórruigh me bárr na slaite ag lúbadh. Dar liom-fhéin, ag breith air an tslait, "Sin ceann maith," acht nuair a tharrainn me go bárr an uisge é, go dé, do bharamhail, a bhí ann acht easconn salach! "Ní fhuil gar damh an dúbhan sin a chur amach ar ais," arsa mise liom-fhéin, na siomaidh uair a chualaidh me an sean-radh, "An
dúbhan a bhlasas easconn ní bhéirfear air bhreac go deo leis." Air an adhbhar sin, char bhuin me an dúbhan as, acht gheárr me de'n ruaim é, agus chaith me amach sa sruth easconn, dúbhan agus uile. "Amach leat!" arsa mise, "agus go rabh pian an do bholg go ceann míosa!" Chuir me suas dúbhan eile ann sin; ghreamuigh me cuiteog air, agus ag brath go mbéadh ádh níos feárr orm an iarraidh seo chuir me sileog air. Chaith me amach é, acht ní rabh se air thóin an phuill go bhfuair me greim fearamhail. Rug me air an tslait go luthghaireach, acht nuair a tharrainn me asteach é, dheamhan a rabh agam acht oganach sleamhain eile! "Droch chreach oraibh mar eascoinn!" arsa mise, da gheárradh de'n ruaim agus da chathadh amach mar a rinne me leis an chead cheann. Chuir me suas an trímheadh dúbhan ann sin, acht cha rabh an chuiteog faoi'n uisge go rabh sí slugtha aig damantoir mór dubh eile! "Plóid síorthaidh air do phór!" arsa mise, da chathadh an bealach a deachaidh an chuid eile. Chuir me suas an ceathradh, agus an cúigeadh dúbhan, acht ní rabh agam air a shon acht oganach de'n dream cam ceudna achan iarraidh! Ní rabh agam anois acht dúbhan amháin, agus tharrainn me amach é, ag smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go mb'fhéidir go bhfuighinn breac leis an cheann deirean- nach. Cheangail me air an ruaim é, agus ann sin chuartuigh me go bhfuair me cuiteog íontach mór a rabh
ceann geur dubh-ghorm oirthí. Chóirigh me an chuiteog seo go blathmhar air an dúbhan agus chaith me amach é. Shuidh me síos ann sin air an charraic; líon me mo phíopa; dhearg me é, agus thoisigh me ag cathadh. Chaith me liom air mo shuaimhneas air feag leath-uaire na níos mó, agus rith an ama níor chuir an tslat oiread agus cor aistí. Shuidh me liom, agus chaith me liom go rabh mo chuid tobaca raite, agus nuair a thóg me mo cheann fa dheireadh, shórruigh me go rabh balc ceatha ag cruinniughadh, agus go rabh an ghaoth ag éirigh, agus splanncacha soillse ag briseadh amach anois agus arírt. Thainic eugla mhór orm, mo shuidhe ann sin liom-fhéin air an charraic dainnsearaigh, agus nach rabh fhios agam go de'n bhumaite a siabfaidhe amach sa tsruth mé. Air an dóigh seo bhí me ag smaoitiughadh liom-fhéin nuair a shórruigh me an tslat ag corrughadh, agus an darna bumaite lúb se suas go dtí 'n bun! Rug me go luthghaireach oirthí, acht ma rug thubair go dtarr- neochaídhe me-fhéin agus í-fhéín asteach san abhainn! "Dia ar sábhail!" arsa mise liom-fhein, "go de'n ceanal éisg a bhfuil me a bhfasta ann?" Agus ní rabh an focal as mo bheul agam gur éirigh an toirt mhór mhíofuar os cionne mo dhá shúil. Shíl me a chead uair gur bradan a bhí guite agam, acht ní rabh cosamhlacht air bith bradain ann, agus anois bhí me cinnte gurb í an Phéist Mhór a bhí agam! Bhí sí na luighe ann sin air an uisge, fiche troigh air fad, agus co ramhar le gearr bholog! Sé an chead rud ar chuir me sórrughadh ann,
an dá shúil teiní-dhearga a bhí ann a ceann, agus bhí oiread eugla orm roimhpí gur shíl me achan bhumaite go dtabharfadh sí iarraidh orm le mo shlugadh siar ann a craos cíocrach. Agus, go moltar an Righ! da bhfeicfea an méid fionnaidh a bhí air a ceann agus air a muineal! Agus an dá chluais, co fada le cluasa asail, a bhí ag crochadh anuas léithe! Agus an dá liubar leathair a bhí oirthí! Agus an dá charbad mhillteanacha a bhí taobh astuigh do'n dá liubar sin nuair a d'fhosglochadh sí a craos cosgarach! Ní rabh ball ann mo chorp nach rabh air crith, agus mé mo sheasadh ann sin, an tslat ann mo láimh ag amharc air an phéist, agus ise ag amharc ormsa; na bhí eugla orm da dtógfainn mo shúla aistí go dtabharfadh sí iarraidh orm, agus i ach bhfeicfinn solas an lae go bráth na siorthaidh. Air an dóigh seo, bhí me ag smaoitiughadh ann m'inn- tinn-fhéin go dé ar chóir damh a dheánadh nuair a thainic splannc sórruigheach soillse, agus thoisigh an tárneach agus an ghaoth agus an fhearthainn, ionas gur shíl me-fhéin go gcaithfeadh deireadh an tsaoghail a bheith ann. Bhí me fíor-chinnte go rabh me caillte agus nach bhfeicfeadh mo mhathair dílis a choidhche aríst mé. Agus mar bhéadh an mí-adh orm, d'fhág me numbrel mo mhathar-móire fosgailte air mo chúl, agus mar nach rabh moran faill agam breith air nuair a rug me air an tslait, siabadh de'n charraic é, agus bhí se anois na shuidhe bun os cionn air an uisge agus ag seoladh as m'amharc!
Ní rabh fhios agam faoi'n Righ go dé dheánfainn, agus bhí me ag smaoitiughadh, da dtabharfainn iarraidh an tslat a chathadh uam agus teitheadh, go mbéadh an phéist mo dhiaidh. Air an taoibh eile, bhí fhios agam go maith, da bhfanfainn mo sheasadh air an dóigh a rabh me, go bhfuighinn bás leis an ocras. "Go ndeánaidh Dia trócair air m'anam!" arsa me, ag amharc thart, agus cé, do bharamhail, a bhí na sheasadh air an bhruach acht Seaghan Ruadh! "Maise, go moltar an Righ, a Shéamuis, go dé'n ceanal éisg é sin?" arsa Seaghan. "Gheall air Dhia, a Sheaghain, cuidigh liom! - Cuidigh liom na tá me caillte!" arsa mise agus mé ag gol a chathadh na slaite uam. "Cuinnigh greim mhaith air an tslait, a chailleach!" arsa Seaghan. "Tá eugla orm, a Sheaghain." "Na bidheadh eugla air bith ort," arsa Seaghan go beag," ní bhuinfidh sí duit, acht bhéirfidh sí triubloid mhór dúinn sul a bhfuighmuid air an talamh tirim í." "Amuidigh, a Sheaghain! Nach bhfeiceann tú gurb í an Phéist Mhór atá ann?" "Cha n-eadh, a Shéamuis, acht easconn bréagh mára, agus da dtiocadh linn breith oirthí bhéadh ar sáith éisg againn go ceann bliadna." "Briost thú, a Shéaghain! Da mbéidhinn ag faghail bháish leis an ocras cha mblasfainn greim dé."
"Bí do thost, a Shéamuis! Ní fhuil ciall ar bith agat," arsa Seaghan go beag leis-fein, agus d'fhan se na sheasadh ann sin, cúig bhumaite na níos mó, ag smaoitiughadh go dé dheánfadh se. Fa dheireadh labhair se: "Fan thusa mar tá tú go bhfuigh mise an gunna, na measaim nach mbéadh faic a mhaith dúinn a bheith ag dréim breith air easconn de'n tseort sin gan urchar a chur inntí a chead uair." "Go sábhalaidh Dia mise!" arsa me-fhéin. "Deán deifre, a Sheaghain, agus na bí a bhfad amuigh, na ma bhidheann tá eugla mhór orm go mbéidh me ithte suas beo beaitheach sul a mbéidh tú ar ais." D'imthigh Seaghan an méid a bhí ann a chorp, acht ní rabh se a bhfad air shiubhal gur sórruigh me-fhéin an phéist ag bogadh! Thóg sí a ceann míofuar fa tuairim cúig troighthe amach as an uisge, agus dhearc thart! Nuair a thanaic mise sin thubair go rachainn síos fríd an talamh leis an eugla. Bhí an t-allus ag rathaidh síos liom, agus toirt mo chuirp ag léaghadh agus ag éirigh co beag sin, go rabh me cinnte nach mbéadh méid préata rósta ionnam a gceann chúig bhumaite eile. Leig an phéist síos a ceann ar ais, acht an darna bumaite shórruigh me a druim ag éirigh anáirde. Dar liom-fhéin, "Sin droch chomhartha," agus bhí me cinnte go rabh sí ag gol a thabhairt iarraidh orm, go speisealta nuair a thanaic me a ceann ag éirigh ar ais, agus a
beul ag fosgladh, agus ag teiseint dhá rógh de fhiacla a strócfadh an domhan. "A Mhaighdean Mhuire!" arsa mise, ag mothughadh mo chosa ag lúbadh fúm, agus thuit me a luige air an charraic. Ní fhacaidh me dadaidh níos mó gur mhusgail urchar as gunna Sheaghain mé." "Maise, droch mhunadh air do luirgneacha caola!" arsa Seaghan, "mur tú an sean chailleach gan mhaith! Éirigh amach as sin agus cuidigh liom!" "Bhfuil sí marbh, a Sheaghain?" arsa mise, ag éirigh mo sheasadh. "Is dóiche liom go bhfuil," arsa Seaghan. "Fuair sí an t-urchar sin asteach sa chárr, air sgór air bith, agus, mar tidh tú-fhéin, ní fhuil bogadh inntí anois." "Go dtugaidh Dia saoghal fada dhuit, a Sheaghain, air son mo shábhail mar a rinne tú! Acht ab é thusa -" "Seo, seo! fág mo bhealach! Tá tú air crith ó bhun go bárr, agus is furust aithne ort nach bhfuil brigh cuit ionnat. Gabh 'mach as sin leat!" B'fhíor do Sheaghan; ní rabh uchdach air bith agam, agus le sgeul fada a dheánadh gairid, tharrainn Seaghan an t-iasg sórruigheach sin síos an tsruth leis go rabh se aig beul-áth a bhí taobh b'shíos do'n charraic, agus a ndiaidh moran saothair fuairmid asteach air an talamh tirim é. Chuaidh me-fhéin na bhaile ann sin agus d'fhág me Seaghan agus an Phéist Mhór, agus ó'n lá sin go dtí'n
lá amú cha deachaidh mise a iasgaireacht le dúbhan cuiteog. An chead uair eile ar casadh Seaghan orm, dúbhairt se liom gur gheárr se suas an Pheist Mhór, agus a ndiaidh í a shailleadh, gur líon sí dhá bhairille, agus nar bhlas se ariamh iasg co milis leis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services