Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iasgaireacht Shéamuis Bhig

Title
Iasgaireacht Shéamuis Bhig
Author(s)
Ua Creag, Séamus,
Composition Date
1914
Publisher
Craig, D. G. & Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


IASGAIREACHT SHÉAMUIS BHIG.



I. - GEALOGAÍ.



Nuair a bhí mise mo ghásúr bhí dúil
mhór san iasgaireacht agam,
agus nuair a chuirfeadh mo
mhathair ann tobair air maidín
mé fa choinne canna uisge, budh
mhinic nach dtiocainn na bhaile go dtí
am dinneara, agus ann sin gheibhinn grios-
ail mhaith de'n tslait. Acht ní rabh
moran maith a bheith liom, na bhí me co h-olc
lathar na mhárach.



Fa'n am seo, innean go rabh me naoi
mbliadhna de aois, ní rabh méid air bith
ionnam, agus feudaim a rádh nach bhfuil mé moran
níos mó aniú. Acht is cuma ceocú, beag na mór,


L. 2


deas no míofuar, bhí náire mhór orm agus gasraí an
bhaile ag gáirigh magadh orm mar nach rabh orm go fóil
acht na cótaí, agus an ghaoth ag feadalaigh air mo
luirgneacha mar bhéadh giorsach ann! Siomaidh uair a
chaoin me an dá shúil amach as mo cheann leis na
brístí a fhaghail, acht má chaoin fhéin sin a rabh agam air
a shon. "Bí do thost agus na bodharuigh sinn!" a
deireadh mo mhathair - go ndeánaidh Dia trócair air a
h-anam! - "Brístí, go dearbhtha! Ní thiocadh leat
siubhal ionntú."



Acht ma bhí mise beag fhéin bhí me sean-cheannta go
maith. Maidín amháin, agus mé a ndiaidh taom mór
caointe a chur tharam, d'imthigh me amach a chruinn-
iughadh samharcan, agus cé casadh orm a gcúl cloidhe
sgeath, agus iad ag imirt cruipí, acht Donnachadh Dall
agus Conaillín na gCos Cam.



"Maise, sé do bheatha, a Shéamuis Bhig!" arsa Con-
aillín.



"Go rabh maith agat," arsa mise; "acht sílim go
bhfuil me chomhair a bheith co mór leat-fhéin."



"Co mór liomsa, a Shéamuis? - Agus ca bhfuil do
bhrístí, a mhic ó?" arsa Conaillín.



"Tá an fhiafruighe ort, a ghiolla na gcos cam!"
arsa mise.



"Seo, seo, a Shéamuis! Na bidheadh fearg ort
liom. Ní rabh me acht ag deánadh grinn. Ma tá
na cótaí ort fhéin, ní fhuil gasúr air an bhaile co maith
miotalach leat. Ca bhfuil tú ag gol aniú?"



"Ag gol a chruinniughadh samharcan." arsa mise.


L. 3


"Arú, leig dúinn, thu-fhéin agus do chuid samharcan!
Tá mise agus Donnachadh ann seo ag gol a iasgair-
eacht, agus tá se co maith agat a ghol linn?"



"Dheamhan a miste liom," arsa mise; "budh mhaith
liom breith air chupla gealog le cur sa tobar."



"Le cur sa tobar?" arsa Conaillín.



"Seadh," arsa mise. "Ní bhéidh muill air bith orainn
breith air ghealogaí go leor le nar lámha. Tá neart
acú sa tsruthan anois."



"Spréaghadh air ghealogaí!" arsa Conaillín. "Ní
bhéidhinn ag cur m'am amamha ag breith orthú."



"Bhaiste maise, go bhfuil eugla mhór ormsa, a Chon-
aillín," arsa Donnachadh, "nach moran eile atá le
faghail sa tsruthan go fóil."



"Bhfuil fhios agat an poll mór cruinn atá shuas-
adaí aig an tsean bhalloig?" arsa Conaillín.



"Tá fhios agam go maith," arsa Donnachadh.



"Bhal, tá an poll sin lán acú?"



"Lán de ghealogaí?" arsa Donnachadh.



"Lán de bhric bhréacha!" arsa Conaillín.



"Agus go de'n dóigh a mbéirfeamuid orthú?"



"Thig linn breith orthú le dulannaí anns na puill
mhóra an áit a bhfuil an t-uisge ró-dhomhain le breith
orthú le n-ar lámha."



"Shílfinnse gur mhaith an rud pilleoc?" arsa
Donnachadh.



"Is cinnte go mbéadh se taite," arsa Conaillín,
"dá mbéadh ceann deánta againn."



"Ní fhuil faic a mhuill a dheánadh," arsa Donnachadh;


L. 5


"agus da mbéadh na fioga agamsa ní bhéidhinn cúig
bhumaite da dheánadh."



Acht le sgeul fada a dheánadh gairid, fuaras na
fioga agus rinneadh an pilleoc. Gheárrmuid ann sin
trí slataí fada, agus chuirmuid dul air achan cheann
acú. Fuair me-fhéin an canna leis na bric a chur
ann, agus ní rabh a bhfad go rabhmuid aig an
tsruthan.



"Ca'n áit a dtoiseochamuid, a Shéamuis?" arsa
Conaillín.



"Dheamhan fhios agam," arsa mise, "mur dtéidhmid
suas go bárr an tsruthain agus iad a thabhairt linn
anuas."



"Dheánfaidh sin cúis," arsa Conaillín. "Siubhailigidh
libh!"



Shiubhailmuid linn ann sin, agus níor stadmuid go
rabhmuid aig bárr an tsruthain. Bhí se fa tuairim an
h-aon-dheug ó chlog, agus bhí an ghrian ag soillsiughadh
go glórmhar - beidh cuimhne go deo agam air an lá-
adaí - ionas go dtiocadh leat na bric a fheiceal air
thóin an phuill. Bhí luthghair mhór orainn, agus feudann
tú a bheith cinnte nar chaillmuid moran ama go rabh-
muid ag obair.



Thoisigh Donnachadh agus Conaillín leis na dulannaí,
agus roimhe leath-uaire an chluig bhí leath dhuisín de
ghearr bhric mhaithe aig Donnachadh. Bhí ceann acú agus
creidim go rabh unnsa na unnsa go leith air meáchan
ann. Bhí seachtar na ochtar air an bhruach aig Conaillín,
acht ní rabh siad co mór le cuid Dhonnachaidh, acht mar


L. 6


sin fhéin, shílfea gur bó a bí aige achan uair a gcaithfeadh
sé gealog thar a ghualainn.



Rith an ama seo cha rabh mise acht ag breith ar
ghealogaí le mo lámha, agus tá me cinnte nach rabh
moran níos lúgh na cúig chéad acú, beo beaitheach, sa
channa agam. Siomaidh uair ó shoin a smaoitigh
me air an lá-adaí, agus ar an bhród a bhí orm
achan uair a d'amharcfainn asteach sa channa ar na
gealogaí agus iad ag tiunta bolg-bán agus ag
caochadh aníos orm.



Dar liom-fhéin, "Tá mo sháith acú seo agam," agus
shuidh me síos tursach go leor air bhruach puill. Air
ball, nuair a thanaic me an sgrios a bhí an bheirt eile
ag deánadh air na bric mhóra, dúbhairt me liom-fhéin
nar chóir damh suidhe go bhfuighinn ceann no beirt
fosta; Bhí me ag smaoitiughadh mar seo, agus mé ag
amharc asteach faoi 'n bhruach a rabh me mo shuidhe air,
agus co cinnte agus tá me beo bhí pánaí bric na
luighe faoi mo dhá shúil nach bhfácas ariamh a leithid a
mí na Beáltainne!



"Áchrú, áchrú! agus a mhuirnín mhilis!" arsa mise
ag amharc síos air, "Da bhfuighinnse greim rubaill
ort chuirfinn go cúramach asteach sa channa thú!"



"Bhfuair tú moran, a Shéamuis?" arsa Conaillín
agus é ag teacht anuas tharam go dtí'n poll a bhí taobh
b'shíos damh.



"Tá an canna chomhair a bheith líonta agam," arsa
mise.



"Maise, a Mhaighdean na Glóire!" ar sé ag amharc


L. 7


asteach. "Go dé dheánfas tú le n-a bhfuil ann sin de
ghealogaí gránna?"



"Cuirfidh me asteach sa tobar iad," arsa mise.



"Bhéadh sé co maith agat iad a chur asteach a bpoll
mhónadh," arsa Conaillín ag breith air an channa.



"Go dé'n donas a bhfuil tú ag gol a dheánadh, a
Chonaillín," arsa mise.



"Ag gol da gcathadh amach sa tsruthan ar ais," arsa
Conaillín.



"Na leag meur orthú!" arsa mise, "na ma leagann
caithfidh mise thú-fhéin asteach air do ghaothsan!"



"Ní fhuil tú acht ag deánadh grinn, a Shéamuis."



"Na nach bhfuil? Coimhead thú-fhéin air sgor air bith
air eugla," arsa mise.



"Maise tá fhios aig an tsaoghal orm gur mór an
náire dhuit, a Shéamuis, a leithid de sgrios a dheánadh,"
arsa Conaillín.



"Nach cuma dhuitse!" arsa mise.



"Ní bhéidh breac sa tsruthan an bhliadhain seo chug-
ainn."



"Sínn leat, anois, agus na buair mé, a Chonaillín!"



"B'fheárr a d'fhóirfeadh se dhuit leigeint daobhtha sin,
agus breith air rud ínteacht níos mó."



"Bog leat, a Chonaillín, agus na bodharuigh mé!
Tá me ag gol a thoisiughadh air na bric mhóra anois,"
arsa mise.



Beag as bhí mise, measaim go rabh eugla a chuirp air
Chonaillín romham, agus, le sgeul fada a dheánadh gairid,
d'imthigh se leis síos go dtí 'n poll mór a bhí taobh


L. 8


b'shíos damh. Nuair a fuair me-fhéin faill dhearc me
asteach ar ais faoi'n bhruach go bhfeicinn an rabh
m'oganach ag corrughadh, agus mar bhéadh an t-adh orm, bhí
se na luighe go socair suaimhneach mar bhí se. Rug me
air mo shlait, agus d'fhosgail me amach an dul go dtí
go dtiocadh liom mo dhórn a chur fríd. Ann sin luigh me
síos air an bhruach, agus chuir me an tslat go faichileach
asteach san uisge, fa tuairim slat go leith, no mar sin, ó
na cheann. Giota air giota tharrainn me an dul go
h-an-fhadalach níos comhgaraighe agus níos comhgaraighe
dó go bhfuair me fa dheireadh asteach air a cheann é
agus tharr an dá eiteoig mhóra … ! "Tá tú
guite agam anois, a mhuirnín ó!" arsa mise ag teannadh
air, agus da tharraint agus da strathailt go mb'éigean
damh fa dheireadh a ghol asteach san uisge!



Nuair a thanaic an bheirt eile mé - fhéin sa tsruth, agus
mé fliuch suas go dtí mo bhásta, shíl siad gur síogaidh,
no madadh uisge a thainic orm, agus siud chugam air
chos-anáirde iad. Acht, sul a bhfuair siad fhad liom, bhí
an breac mór, beo beaitheach, astuigh sa channa agamsa.



"Á Mhaighdean mhilis! - Amharc, a Dhonnachaidh!" arsa
Conaillín ag amharc asteach air an bhreac bhréagh, agus
é co mór sin go rabh sé dúbailte suas anns an channa,
agus a cheann chomhair a bheith shiar ag n-a ruball.



"Dheamhan greim gur iasgaire sórruigheach atá ionnat,
a Shéamuis!" arsa Donnachadh. "Ní fhuil ionntú seo
againne acht gealogaí gránna," ar sé, ag cathadh an
méid a mharuigh se-fhéin asteach sa channa, agus rinne
Conaillín an cleas ceudna le na chuid-san. Is maith


L. 9


an breac an breac dubh go mbeirthear air bhreac gheal.



"D'imthighmid ann sin agus ruaigmid an sruthan ó
bhun go bárr, agus bhí an lá chomhair a beith caithte nuair
a shuidhmuid síos fa dheireadh leis na bric a rannadh
eadrainn. Chaithmuid cruinn ann sin go bhfeicfeadh sinn
cé thogfadh an chead bhreac. Tharrainn mise an crann ab
fhuide, agus thóg me go luthghaireach an breac budh mhó,
agus chaith me amach air an leuna é. Budh é sin an
sumachan ceudna a tharrainn amach sa tsruth air maidín
mé, agus nar fhág tuinnte air mo chrámha nar fhliuch
se. Acht bhí me sásta go leor anois nuair a bhí sé ag
preabadaigh faoi mo dhá shúil air an fheur ghlas. Bhí
méid bhréagh ann, agus bhí se punta go leith air meáchan
ma bhí se unnsa.



Thainic Conaillín mo dhiaidh-se, agus thóg sesean an
darna breac budh mhó, acht cha rabh ann acht gilidín beag
sgallta le taoibh mo cheann-sa. Chuir Donnachadh a
lám sa channa ann sin agus thóg sé amach gearr bhreac
mhaith. Thoisighmid ann sin ar ais aríst, agus char
stadmuid go rabh leath dhuisín breac aig achan duine
againn.



"Dheánfaidh sin graithe," arsa Conaillín. "Ní fhuil
anns an chuid eile acht gealogaí; fágfamuid an
t-iomlan acú aig Séamus Beag, agus cead aige a
gcur sa tobar ma 'sé a thoil é."



Chuamuid na bhaile ann sin, agus acht ab é go rabh an
breac mór le teiseint agamsa is dóiche go bhfuighinn
an tslat go teann teith. Is cinnte gurb é a shábhail
mé, agus siomaidh uair ó shoin a smaoitigh me gurb é,


L. 10


fosta, a chuir na brístí orm, mar nach deachaidh
seachtain thar mo cheann go rabh siad orm.



A dtaoibh na ngealog, a n-áit a gcur sa tobar d'
áirdigh me liom siar an caoran agus suas go bárr an
chruic iad, agus gur dhóirt me an t-iomlan acú, eadar
bheag agus mhór, asteach a loch bheag uaigneach a dtugann
siad Loch na mBreac Buidhe anois air.



II. - CUIR SALANN AIR A RUBALL.



Is fada an lá anois ó fuair mise na brístí, agus
siomaidh árthughadh a thainic air an tsaoghal ó'n lá-adaí
ar mharuigh me an breac mór. Cuireadh na sgoile mé,
acht ma cuireadh chan moran leighinn a d'fheoghluim mé.
Bhí me ró-iomlatach agus ró-ealadhanta a gcomhnuidhe,
agus, a n-áit a ghol na sgóile, is é an rud a gnidhinn
go minic, luighe a gcúl cloidhe, na a ghol suas a gcrann
agus fanacht ann sin go dtí'n trí ó chlog.



Tá cuimhne mhaith agam go deachaidh me, uair amháin,
air chuairt annsair mo mhathair-mhóir, agus mar nach
rabh moran aithne agam air bhuachaillí na h-áite bhí mo
chroidhe briste ag bogadaigh thart liom-fhéin. Leis an
fhírinne a rádh bhí me ag spaistearacht fa'n bhaile mhór
seachtain na níos mó gan sult, gan cuideachta, gan
pléisiúr. Cha rabh oiread airgid agam agus chean-
nochadh rothar, agus mar sin dé b'éigean damh fanacht
fa'n bhaile. Cor uair, nuair a bhéadh an aimsir maith
agus an ghrian ag soillsiughadh, shiubhailfinn amach an


L. 11


bealach-mór agus suas go bárr an chruic. Amannaí
eile rachainn síos a chois na h-abhna agus luighfinn faoi
sgáil na gcrann ag éisteacht le ceol na n-eun agus
ag amharc ar na bric ag léimnigh.



Bhí me lá amháin mo luighe faoi chrann mar budh
ghrathach nuair a thainic sé ann mo cheann amharc asteach
faoi bhruach an phuill mhóir a rabh me mo shuidhe air, agus
go dé, do bharamhail, ar leag me mo shúil air acht
bradan! Co cinnte as tá me beo, bhí se co fada le
lámhchrann súiste agus co ramhar le do láirc! Thuit
me a ngrádh air an bhumaite leis, agus thoisigh me ag
smaoitiughadh go dé'n dóigh ab fheárr breith air.
Dheamhan dúbhan a bhí agam na bealach a bhfaghail mur
ndeánfainn ceann as sean bhioran mór cam a bhí ag
cuinneilt suas mo bhrístí. Acht go de'n mhaith a bhéadh
a ndúbhan de'n tseort sin le breith air an oganach ud?



Fá dheireadh shiar thall d'éirigh me mo sheasadh co
faichileach as thainic liom, agus air shiubhal liom, mar
bhéadh an ghaoth ann, na bhaile-mhóir go bhfuighinn cupla
dúbhan agus ruaim. Bhí me air crith le teann athais
agus leis an ghéibheann a bhí orm thuit me fiche uair air
bheul mo chinn, agus thubair go muirfinn seanbhean
bheag ruadh nuair a léim me asteach thar díg an
bhealaigh-mhóir.



"Maise, spréaghadh air do shála móra!" arsa an
tseanbhean, agus í leath astuigh sa díg.



"Bí do thost!" arsa mise, "ní rabh neart agam
air."


L. 12


Séamus Beag ag amharc air na bric ag léimnigh.


L. 13


"Maise, plóid ort! - Sé Dia a shábhail mé nar
báitheadh mé!"



"Fuist!" arsa mise. "Thanaic me bradan mill-
teanach shíos-adaí faoi bhruach na h-abhna, agus bhí
oiread deifre orm nach bhfacaidh me thú go rabh me ann
do mhullach."



"Agus ca bhfuil an diabhall ag gol leat anois?"
arsa an tseanbhean agus í ag damhsa le síor-fheirg.



"Tá mé ag gol fa choinne mo chuid dúbhan," arsa
mise.



"Maise, is tú an breallan ceart!" arsa an tsean-
bhean bhoct, ag amharc orm-fhéin agus leath-gháire air a
h-aghaidh.



"Ca tuige?" arsa mise.



"Bhfuil fhios agat go dé dheánfas tú?" ar sí.



"Go dé sin?" arsa mise.



"Tá, fagh grainín maith salainn agus caith air ruball
an bhradain é!" agus bhris sí amach ag gáirigh magadh
orm-fhéin.



Acht níor chuir mise suim na sórrughadh inntí, agus as
go brath liom na bhaile go bhfuair me cupla slat de
chórda bhréagh láidir, agus dúbhan a tharrneochadh asteach
tarbh. Ann sin, thug me m'aghaidh ar ais air an
abhainn, agus nuair a thainic me go dtí'n áit a rabh
m'oganach na luighe, chuir me cuiteog air an dúbhan.
Asteach liom ann sinn go bruach na h-abhna go
ciuin socair, agus go h-an-fhaichileach air fad
Luigh me síos air mo bheul ag dréim leis an chuiteog a
leigeint síos aig n-a shoc, acht nuair a dhearc me


L. 14


asteach! - Dheamhan greim de'n bhradan a bhí le feiceal!
Tá fhios aig an tsaoghal orm nach rabh fhios agam ceocú
air mo cheann na air mo chosa a bhí me mo sheasadh;
agus chuir sé an oiread sin feirge orm gur chaith me a
rabh ann mo lámha - dúbhan, ruaim, agus uile - amach
sa tsruth.



Budh dheas an pioctúir mé an lá-adaí air bhruach na
h-abhna agus cárr orm a chuirfeadh an aicid air na
préataí - Is cinnte gur mhór an truaighe nach bhfuaras
snap-shot orm. Air sgor air bith, bhí me mo sheasadh
ann sin mar bhéadh stacan giuis ann gur chuimhnigh me
fa dheireadh air an tseanbhean bheag ruadh. Bhí me
cinnte gurb í a chuir an mí-adh orm.



Ma chastar bean ort - go speisealta bean ruadh -
agus tú ag gol a iasgaireacht, mo chomhairle duit
tiunta na bhaile.



III. - AN SEAN BHREAC.



A ndiaidh mo bhradan bréagh slíoctha sleamhain a chaill-
eadh, thainic an-dúil san iasgaireacht agam, agus ní rabh
a bhfad go deachaidh me air lorg slat-iasgaireachta.
Bhí neart acú seo da ndíol aig Páidín Giortach, agus
asteach liom annsair.



"Go mbeannuigh Dia dhuit!" arsa Páidín.



"Go mbeannuigh Dia agus Muire dhuit!" arsa mise,
"Creidim go bhfuil neart slatach agat?"


L. 15


"Cruacha acú!" arsa Paidín, "agus is dóiche liom
nach droch cheann atá a dhith ortsa, a Shéamuis?"



"Ní fhuil moran maith a ndroch cheann," arsa mise,
ag amharc air na rudaí beaga éadtroma a bhí aige san
fhuinneoig.



"Ní fhuil a dhath a mhaith ionntú sin," arsa fear na
slat. "Brusgar atá ionntú - Acht amharc oirthí seo?"



"Is bréagh an tslat í," arsa mise ag smaoitiughadh
air an bhradan a d' imthigh orm.



"D'fheudfa sin a radh," arsa Páidín. "Rinne me í
sin an tseachtain seo thart do Sheaghan Ruadh, acht,
eadrainn-fhéin, ní maith liom a tabhairt dó."



"Ca tuige sin?" arsa mise.



"Tá, mar nach mbidheann an t-airgead aige go minic,
a Shéamuis, agus tá fhios agatsa co maith as thig liomsa
innse duit nach bhfóirfeadh se damh an tslat sin a thabh-
airt dó air cáirde."



"Is cinnte nach bhfóirfeadh, a Pháidín," arsa mise.
"Go dé 'n fhad atá inntí?"



"Tá sí ocht dtroighthe deug, a Shéamuis, agus ma
ghlacann tusa í béidh conradh agat inntí."



"Ocht dtroighthe deug! - Dar fiadh, bheirfeadh sí sin
asteach bolog! Ca mheud atá oirthí?"



"Ní fhuil oirthí acht an deich agus sé pighne, agus
bhéirfidh sí asteach bradan co réidh le gealog," arsa
Páidín.



Le sgeul fada a dheánadh gairid, chuir me-fhéin síos
an t-airgead, agus sul ar fhág me an siopa cheannuigh
me luach an seacht agus sé pighne de dhúbhain. Ann a


L. 16


measg seo bhí cuileogaí dubha, cuileogaí gorma, cuil-
eogaí glasa, cuileogaí dearga, cuileogaí buidhe, cuil-
eogaí órdha, agus achan cheanal cuileog da bhfacas ariamh.
Bhí cuid acú ceangailte le fionnadh gearfhiadh, fionnadh
luchog, agus fionnadh muc; cuid eile acú, agus iad
coirighste as eiteogaí dreolan, eiteogaí tradhan, agus
eiteogí bárdal fiadhain; cuid eile, agus iad co mór
le gearr bheachog; cuid eile, agus adharca orthú mar
bhéadh silide samhraidh ann; agus bhí leath-dhuisín na níos
mó de chuileogaí speisealta a rabh eiteogaí orthú mar
bhéadh míoltog-leathair ann.



Aig breacadh an lae lathar na mhárach bhí me-fhéin air
mo chois, mo mhála air mo dhruim, agus mo shlat bhréagh
úr faoi m'asgail, agus mé ag tarraint na h-abhna co
tiuth as thainic liom. Bhí bearradh bréagh gaoithe ag
éirigh, agus bhí me ag smaoitiughadh liom-fhéin air an
mhála breac a bhéadh agam dratha an trathnóna, nuair cé
a casadh orm acht Seaghan Ruadh! Agus b'fhurust
fheicealgo rabh fonn magaidh air nuair a shórruigh se an
gleus a bhí orm-fhéin.



"Maise, a Dhia na ngrásta, a Shéamuis, ca bhfuil tú
ag gol leis an tslait mhillteanaigh sin?" arsa Seaghan.



"Tá me ag gol a iasgaireacht," arsa mise.



"Maise, go sábhailidh Dia sinn!" arsa sesean. "Tá
eugla mhór orm nach bhfuil breac san abhainn nach mbéidh
ann do mhála roimhe luighe na gréine anocht!"



"Feudann tú a bheith cinnte go ndeánfaidh me mo
dhitheall," arsa mise.



"Maise, gheall air Dhia, a Shéamuis! Fág an sean
cheann fhéin," arsa Seaghan.


L. 17


"Maise droch mhúnadh air do chroiceann beag grána!"


L. 18


"An sean cheann?" arsa mise.



"Seadh, a Shéamuis. Tá fhios agat nach ceart buint
leis an tsean-bhreac air eugla nach mbéadh an cheann
eile san abhainn le póradh." Agus, leis sin, thoisigh sé ag
sit-gháirigh, agus as go brath liom-fhéin.



Níor stad me go rabh me air bhruach na h-abhna, agus
bí cinnte nar chaill me moran ama gur chuir me mo
shlat bhréagh ocht dtroighthe deug le cheile. Ann sin
tharrainn me amach an ruaim agus na cuileogaí, agus
ní rabh a bhfad go rabh me ag greadadh an uisge mar
bhéadh rud air bith ann.



Bhí na bric ag éirigh co tiuth leis an fheur, agus ní
breug a rádh go rabh me da gcathadh thar mo ghualainn
go galanta, acht leis an fhírinne a ádmhail ní rabh ionntú
acht gealogaí gránna nar bhfiú a dtógail.



Fa dheireadh, thainich sumachan beag bréagh aníos,
agus da bhfeicfea thusa an cúrsa damhsa a rinne se
fríd an uisge! Thanaic me go rabh an dúbhan a bhfasta
go maith ann a shoc, agus thug me an tslat go teann
teith dó. Acht, air a shon sin, bhí se níos righinne na shíl
me. Thoisigh se ag preabadaigh, agus ag lúbarnaigh,
ag léimnigh agus ag boc-léimnigh, ag sluparnaigh-slap-
arnaigh agus ag tabhairt oiread rubaill ua le bradan!
"Maise, droch mhúnadh ar do chraiceann beag gránna!
Mur gcuirfidh mise an gus agus an giodal asat!"
arsa mise da chathadh thar mo ghualainn. Acht ca'n áit,
do bharamhail, ar thuit se acht shuas a mbárr cruinn
fuinnseoige! Agus leis an urchar a chuir me leis, bhris
mo shlat bhréagh úr na dhá chuid! Agus shuas air bhárr
an chruinn bhí an damantoir beag ag crochadh, agus
mo chuid dúbhan, ruaim, ruaim-ceastala agus uile leis!


L. 19


IV. - IASG EITEOGACH.



Ag teacht na bhaile damh fhéin an trathnóna sin, cé bhí
na suidhe ar dhá chaithir aig an doras acht Seaghan Ruadh
agus mo mhathair-mhór.



"Cuirfidh me geall," arsa Seaghan, "gur mharuigh
Séamus Beag an sean bhreach an iarraidh seo?"



"Maise" tá an pota réidh agamsa fa na choinne,"
arsa mo mhathair-mhór.



"Árú, leigididh damh!" arsa mise. "Nach mór an
náire duíbh a bheith ag magadh orm agus mo shlat bhréagh
na dhá chuid!"



"Do shlat úr briste a henifín?" arsa Seaghan, agus
achan súil ann a cheann co mór le h-uibh cheirce. Iasg-
aire sórruigheach a bhí ann Sheaghan, agus cha rabh rud
air bíth air domhan a chuirfeadh oiread pléisiura air na
tráchtail air bhradan.



"Tá íontas ort, a Sheaghain," arsa mise, "acht da
bhfeicfea an bradan a rabh me a bhfasta ann?"



"Bradan!" arsa Seaghan.



"Arú, bí do thost, a Shéamuis?" arsa mo mhathair-
mhór.



"Dheamhan smid bhréige ann!" arsa mise.



"Rabh moran méid ann?" arsa Seaghan.



"Co cinnte as tá me beo, a Sheaghain, bhí se co
ramhar le do chorp, agus ruball air co leathan le
sguab!" arsa mise.


L. 20


"Agus go dé 'n donas a thainic ort?" arsa Seaghan.



"Ách, a dhuine, a chléibh," arsa mise, "nuair a rug se
air an dúbhan fhíl me nach rabh ann acht gorman, agus
co luath as thug me iarraidh a chathadh thar mo ghualainn
thug se boc-léim amháin, agus bhris mo shlat mar bhrisfea
sifín cochain!"



"Go dé'n áit a rabh tu ag iasgaireacht?" arsa
Seaghan go h-an soineanta.



"Aig Poll na Carraice Móire," arsa mise, acht a
n-áit sin is aig Poll na Fuinnseoige a bhí me. B'fhur-
ust aithne air Sheaghan go rabh se-fhéin ag brath air an
bhradan, agus chuir mise ann mo cheann cleas beag
grinn a imirt air.



"An cuiteog na cuileog a bhí agat?" arsa Seaghan.



"Cuileog, ar ndóighe," arsa mise. "Cha mbeidhinn
guite le cuiteogaí."



"Go de'n ceanal?" arsa an fear ruadh.



"Fionnadh luchog," arsa mise ag tarraint amach mo
leabhar dúbhan, agus ag teiseint dó an ceann budh mhó.



"Dar fiadh!" arsa Seaghan. Char labhair se focal
eile, agus bhí se na sheasadh ann sin mar bhéadh sean
stacan ann air feag chúig bhumaite na níos mó. Fa
dheireadh shiar thall, mhusgail se agus ar shiubhal na
bhaile leis, ag rádh go rabh taom de'n déideadh air.
Nuair a bhí se as amharc, bhris me-fhéin amach ag gáirigh
co tiugh as thiocadh liom, ionas gur shíl mo mhathair-
mhór nach rabh splannc agam.



"Go dé na geasracha atá ag teacht ort?" arsa mo
mhathair-mhór.


L. 21


"As go bráth leis an phréachan!"


L. 22


"Fuist, a ghranaí," arsa mise. "Ní rabh me acht ag
imirt cleasa air Sheaghan."



"Ca tuige sin, a bhitheamhnaigh?" arsa sise, agus í
ag leigint oirthí go rabh fearg íontach oirthí, acht a
n-áit sin bhí sí chomhair a bheith ag sgoilteadh leis na
gáirigh.



"Tá," arsa mise, "síleann Seaghan nach dtig le
duine ar bith iasgaireacht a dheánadh acht é-fhéin, agus
ní thabhairfinn oiread de shásadh dó go mbéadh fhíos
aige an mí-ádh a thainic orm aniú."



"Agus go dé'n mí-ádh a thainic ort, a Shéamuis?"
arsa sise.



Bhris me-fhéin amach ag gáirigh ar ais, agus nuair a
d'innis me duithe mar tharla damh thubair go dtuit-
feadh sí a luige leis na gáirigh.



An trathnóna ceudna bhí me-fhéin ag siubhal liom-fhéin
air bhruach na h-abhna, agus, mar go rabh me an-tursach
luigh me síos faoi thom coilinn agus thoisigh me ag
léaghadh mo pheápear nuaidheachta. Acht, air a shon sin,
chan fhuair me moran suaimhnis, na ní rabh me a bhfad
ag léithearacht gur chualaidh me guldar fir fa tuairim
céad slat na mar sin uam! D'éirigh me mo sheasadh
go tapaidh agus dhearc me thart air achan taobh, acht ní
rabh duine air bith le feiceal. Bhí moran de chruinn
mhóra thart fa dtaobh díom, agus síos liom go ciuin
socair fríobhtha go rabh me air bhruach na h-abhna. Ní
rabh Poll na Carraice Móire a bhfad air shiubhal uam
ann sin.



Nuair a fuair me glan as an choill, cé tífinn romham


L. 23


acht m'oganach, Seaghan Ruadh! agus é na shuidhe air
fhíor-mhullach na carraice, slat bhréagh iasgaireachta
ann a dhá láimh, agus é ag tarraint agus ag tarraint,
an méid a bhí ann a chorp, a n-aghaidh rud ínteacht a bhí
guite aige. Dar liom-fhéin, "Tá an sean bhreac aig
Seaghan cinnte," agus bhí me an bhuartha air fad nach
agam-fhéin a bhí sé.



"An bradan na gub-dubh atá guite agat, a
Sheaghain?" arsa mise, ag teacht ann tosaigh damh.
Acht cha dtug an t-iasgaire áird orm. Bhí an duine
bocht chomhair a bheith sáruighthe air bhárr gheur na carr-
aice nuair - Dia ar sábhail! - d'éirigh an toirt mór dubh
amach as an uisge! Bhí Seaghan ag teannadh co maith
as thainic leis, acht ní rabh gar ann; bhí an t-iasg ag
brath é-fhéin agus an tslat a tharraint de'n charraic!



"A Dhia na ngrasta! a Sheaghain," arsa mise fa
dheireadh, "go dé'n ceanal beithigh a bhfuil tú a bhfasta
ann? - Leig leis! leig leis, a dhuine!" Acht bhí se
ró-mhall; bhris an tslat na dhá chuid a láimh Sheaghain,
agus as go bráth leis an-phréachan! Sean phréachan
mor dubh a bhí ann, cibé dóigh a deachaidh Seaghan a
bhfasta ann.



Acht da bhfeicfea thusa an cárr a bhí air Sheaghan an
uair-adaí, agus é na shuidhe air imeall na carraice, a
hata amuigh a lár na h-abhna, an tslat briste ann a
láimh, agus an préachan bradach air shiubhal le na chuid
dúbhan, ruaim, agus bárr na slaite!


L. 24


V. - CRANN SHÉAMUIS MHÓIR.



Béidh cuimhne go deo agam air na laethe pléisiura a
bhidheadh agam-fhéin agus m' unncal ag iasgaireacht air
an Abhainn Mhóir. Bhidheadh farsainneacht breac agus
bradan a gcomhnuidhe air an abhainn sin, agus budh
ghrathach do m'unncal cead iasgaireachta a bheith aige
achan bhliadhain o'n Bhársoir. Siomaidh uair a thigeadh
sgeula annsorm-fhéin go rabh Fear na mBradan - sin
leas-ainm a bhí acú air m'unncal - ag gol amach go
luath air maidín a iasgaireacht, agus feudann tú a
bheith cinnte nach gcaillinnse moran ama ag tarraint air.



Giota beag taobh b'shíos do 'n teach bhí crann mór
caorthainn a dtugadh siad Crann Shéamuis Mhóir air,
agus is é an chead rud a dheánfadh m' unncal ag éirigh
dó air maidín, amharc amach go bhfeicfeadh se an rabh
an crann sin ag bogadh; da mbéadh, d'fheudfa a bheith
cinnte go rabh neart gaoithe ann, acht mur mbéadh, cha
rachadh cos m' unncail amach an mhaidín sin.



Trathnóna amháin a ndiaidh moran gaoithe agus fear-
thanna, fuair me-fhéin cuireadh, mar budh ghrathach, agus
bidheadh fhios agat go rabh luthghair mhór orm é a fhághail;
na, anns na h-amannaí pléisiura seo, ní rabh agam le
ghol na sgoile, agus budh é sin an rud ar mhaith liomsa
agus achan sgafaire eile de mo sheort.



"Maise, se do bheatha, a Shéamuis Bhig!" arsa m'
unncal liom-fhéin agus é air theann a chuirp ag cur
deise air shlait mhóir iasgaireachta a bhí aige.


L. 25


"Go rabh maith agat!" arsa mise. "Creidim go
mbéidh lá mór amárach againn, a unncail."



"Dheamhan fhios agam, a Shéamuis," arsa m'unncal.
"Tá an ghaoth ag ísliughadh go mór, agus ma chuinnigheann
se leis, ní bhéidh smid air maidín againn.



"Na tabhair áird air," arsa mo mhathar-mhór," sin a
thiuin a gcomhnuidhe, ag cur a gcéill nach bhfuil fhios
aige go dé'n ceanal lae a bhéidheas ann!"



"Tá fhios aige go maith, a ghranaí," arsa mise, "na ní
dóiche go mbéadh se ag cur fa mo choinne-se."



"Nuair a tidhim an ghaoth ag gol síos," arsa Fear
na mBradan, "ní bhidheann uchdach cuit agam; acht, na
dhiaidh sin, tá tuile bhréagh ag éirigh, agus is dóiche go
mbéidh bearradh beag gaoithe againn aig breacadh an
lae."



Rinneadh áirneal mór an oidhche sin; m' unncal ag
cóiriughadh suas urnais na h-iasgaireachta, mo mhathair-
mhór ag sníomh go h-uasal aerach air leic na teineadh,
agus me-fhéin ag cuinneilt neart sean-chainnte leis
an bheirt acú.



Bhí cailín aimsire sa teach darb ainm Máire Mhór,
agus bhí sise ag deánadh réidh an tsuipeara fa choinne
Aoidh Ruaidh agus na buachaillí aimsire eile a bhí fa'n
teach. Fa dheireadh bhí an suipear réidh, agus chuir
Máire sgála bréagh brachain air an tábla agus bamhal
bainne os coinne achan fhear.



Duine beag múinte macanta, cóir croidheamhail, a
bhí ann Aodh Ruadh. Acht ma tá, air a shon sin, bh'fhurust
fearg a chur air, agus ann sin mhuirfeadh se an


L. 26


saoghal mhór. Siomaidh cúrsa beag grinn a bhidheadh
eadar Máire Mhór agus Aodh, agus bhidheadh cuid de
na stócaigh eile da chathadh suas leis go rabh se ag
brath air Mháire, agus chuireadh seo air an daoraidh air
fad é.



Air sgor air bith, bhí ceann de na bamhail agus bhí
ceanal de ghearb, no ball buidhe, air a thaoibh air an
taobh astuigh. Bhí fhios aig Máire go ró-mhaith nach rabh
moran áird aig Aodh air an bhamhal sin, acht bí cinnte
gurb é sin an bamhal a chuirfeadh sí a gcomhnuidhe roimhe.
Le sgeul fada a dheánadh gairid, shuidh na fir asteach
annsair an bhrachan, agus bhí an uile dhuine go h-aoibh-
neach agus achan rud ag gol ann tosaigh go maith gur
chuir Aodh sórrughadh sa bhall bhuidhe, agus gur thoisigh na
buachaillí ag sit-gháirigh, agus gur thoisigh an chuid eile
againn ag pléasgadh leis na gáirigh, agus gur thubair gur
sgoilt an tseanbhean sa choirneal - agus í ag leigeint
oirthí a bheith ag bagairt air Mháire rith an ama.



"Maise caor theintean air do spága móra!" arsa
Aodh, ag tiunta air Mháire. "Nar iarr me ort gan an
bamhal salach sin a chur romham níos mó?"



"Maise, chiacais ó! nach tú tá beadaigh!" arsa
Máire. "Ól leat do chuid brachain ann sin! Tá an
saitheach co glan leat-fhéin."



"Tóg leat as m' amharc é, na brisfidh me air do
cheann mhaol é!" arsa Aodh.



"Arú, go dé tá air, a bhreallain?" arsa Máire.



"Tóg leat é! Chuirfeadh se samhnas air an diabh-
all!" arsa Aodh, agus acht ab é go rabh an tseanbhean


L. 27


ag cur a gcéill go rabh sí ag bagairt air Mháire a
leithid a dheánadh, ní fhuil fhios go dé dheánfadh an fear
millteanach. Acht a ndiaidh moran blandair shocruigh
sí fa dheireadh é.



Nuair a bhí am codlata ann dúbhairt mo mhathair-mhór
an Paidirín águs chuamuid uilig a luighe.



VI. - BRADAN SÓRRUIGHEACH.



Teach bréagh sglátaí a bhí a dteach mo mhathar-móire,
agus chuaidh me-fhéin agus m' unncal suas an stadhaire
a luighe. Budh é sin an áit ab fheárr leis codladh, de
bhrigh go dtiocadh leis an fhearthainn a chluinstin air na
sglátaí.



"Béidh lá mór amárach againn?" arsa mise.



"Budh chomhair go mbéadh," arsa m'unncal, "tá
tuile bhréagh san abhainn agus tá se ag cur leis. Éist
leis an fhearthainn sin!"



Sul a deachamuid a luighe d'fhágmuid achan rud réidh
fa choinne na maidne.



"Seo mo shlat iasgaireachta - agus mo chuid dúbhan
- agus mo chuid cuileogaí móra - agus mo chuid
tobaca - agus mo phíopa," arsa m'unncal leis-fhéin
go beag.



"Ní fhuil moran eugla go ndeánfaidh tú dearmad
de rud air bith?" arsa mise, ag tabhairt faidear mar
chuimhnigh se air an phíopa.



"Ní thig bríste a dheánadh gan snathad, a Shéamuis,


L. 29


agus ní thig iasgaireacht a dheánadh gan toit de'n phíopa.
Ca bhfuil do chruman?" arsa sesean.



"Tá se ag crochadh air bhacan os cionn leapa Aoidh
Ruaidh," arsa mise.



"Agus do mhála?"



"Tá se shíos-adaí a gcúl an dorais."



"Caithfeamuid codladh go h-éadtrom, a Shéamuis,
na caithfeamuid a bheith air ar gcois go luath?" arsa
m'unncal.



"Ní baoghal dúinn," arsa mise, "agus le cuideadh 'n
Righ dheánfamuid sgrios dearg air na bradain. Bhfuil
cuimhne agat air an cheann mhór a d'imthigh orainn
anuiridh aig Poll na Péiste?"



"Tá mo sháith, agus tá dúil as Dia agam, a Shéamuis
go gcuinneochaidh tu súil níos géire ann do cheann
amárach."



"Maise, ní fhuil fhios agam faoi 'n spéir," arsa
mise, "go dé thainic orm an lá-adaí, na chuir me an
cruman a bhfasta go maith ann, agus fuair an bitheamh-
nach air shiubhal sul a rabh fhios agam ca 'n áit a rabh me
mo sheasadh."



"Bhí barraidheacht sputair ort, a Shéamuis," arsa m'
unncal.



"Budh bhréagh an t-iasg é, agus budh mhór an truaighe
nach bhfuairmid greim air!" arsa mise.



"Bidheadh aige! - bidheadh aigé, a Shéamuis! - Cod-
luigh, a Shéamuis, codluigh!" arsa m'unncal ag tuitim
na chodladh.



"Béidh me mo chrap codlata air an bhumaite," arsa


L. 30


mise ag druid mo shula. Acht air a shon sin, cha rabh
me a bhfad mo chodladh gur thoisigh me ag briongloidigh
air na bradain, agus go h-áirigh air an bhradan mhór a
d'imthigh orm an bhliadhain roimhe.



Thanaiceas damh go rabh me-fhéin agus m'unncal air
bhruach na h-abhna aig Poll na Péiste, agus gur éirig
bradan sórruigheach, acht nar ghreamuigh se.



"Fuair tú preab bradain?" arsa mise, agus mé ag
briongloidigh liom.



"Cuinnigh go maith air gcúl!" arsa m' unncal. "Is
cinnte go bhfuair me preab, agus preab righeamhail,
acht tá eugla mo chuirp orm go bhfacaidh se sinn - Air
gcúl leat!"



"Caith tharais aríst!" arsa mise.



"Ní fhuil faic a mhaith cathadh tharais go ceann tamaill
bhig," arsa m'unncal.



"Ca tuighe sin?" arsa mise.



"Tá," arsa m'unncal, "mar nach maith le bradan
éirigh dhá uair a ndiaidh a chéile. Da gcaithfainn os a
chionn, d'fheudfadh se éirigh agus d'fheudfadh nach
n-éireochadh; agus da n-éireochadh fhéin, ní dóiche go
mbeirfeadh se air an dúbhan. Air an adhbhar sin, a
Shéamuis, caithfeamuid sgríste bheag mhaith a thabhairt
dó."



"Rabh moran méid ann, a unncail?"



"Méid? - Ní fhacaidh me a leithid ariamh! Tá ruball
air co leathan le beul bairille, agus achan eiteog air
a dhruim a dtiocadh leat do hata a chrochadh air!"



Tugadh anal mhaith do'n bhradan, agus ann sin thoisigh


L. 31


m'unncal ag cathadh tharais ar ais aríst; agus, co
cinnte as tá me beo d'éirigh mo bhradan bréagh aníos,
rug air an chuileoig, agus síos leis, an méid a bhí ann
a chorp, go tóin an phuill. Cha rabh se a bhfad air thóin
an phuill gur mhothuigh se go rabh rud ínteacht contrailte
le na shoch, agus as go brath leis síos an abhainn. Nuair
a shiubhail se bórdaigh air cheathradh míle thiuntuigh se
agus aníos leis an bealach ceudna ar ais! Ag teacht
go beul an phuill dó, d'éirigh se go bárr an uisge,
agus a ndiaidh socrughadh ann sin tamall beag thug
se ruaig eile síos, agus aníos, agus síos ar ais aríst,
ionas go sílfea go rabh an sean bhuachaill é-féin astuigh
ann.



Fa dheireadh shiar thall thug se boc-léim amháin amach
as an uisge, agus shíl me-fhéin go rabh se air shiubhal,
acht ní rabh baoghal air. Is cosamhail go rabh an dúbhan
a bhfasta ann a chrumog, sin mar déirfea, ann a
charbad iachtarach, agus nuair a shórruigh m'unncal sin,
thug se uchdach mór dó. Thoisigh se air an bhumaite ag
tochairt agus ag teannadh air an toirt mhillteanach a bhí
faoi na shúla.



"Tá eugla mhór orm," arsa mise, "go gcuirfidh an
t-oganach sin cruaidh go leor ort."



"Bheirim a dúbhlan anois," arsa m'unncal, da thiunta
bolg bán air bhárr an uisge mar thiuntocha stacan.
Ann sin leig se síos giota beag eile an abhainn é, acht,
an darna bumaite thiuntuigh se bolg bán ar ais é;
agus creidim go rabh se air an dóigh sin air feag uaire
na níos mó.


L. 32


"Go dé bheir ort a bheith ag cuinneilt a chinn os
cionn an uisge air an dóigh sin?" arsa mise.



"Le na thachdadh," arsa m'unncal.



"Maise, ní fheicim go de'n dóigh a dtiocadh a
dheánadh," arsa mise.



"Tachdann an t-uisge iad," arsa m'unncal, ag
tionta an bhradain aríst agus da tharraint asteach
comhgarach do'n bhruach. "Anois, a Shéamuis! Ca
bhfuil do chruman? - Deán deifre! - Go socair leat! -
Sin an dóigh! - Glac d'am - glac - Maith thú! - maith
thú! - maith -"



"A Mhaighdean Mhuire!" arsa Aodh Ruadh ag mus-
gladh go tobann, agus ag leigeint míle murdar as a
chraith na sglátaí air an teach.



"Teann! teann! a unncail," arsa mise, agus an
cruman a bhfasta a leis an Fir Ruaidh agam, agus mé
cinnte gurb é an bradan mór a bhí agam!



"D'anam 's do chorp, a bhitheamhnaigh bhig! Tá me
pollta agat!" arsa Aodh Ruadh ag breith greim muineil
orm-fhéin, agus do mo chrathadh co mór sin gur mhusgail
me fa dheireadh.



"A Mhathair Bheannuighthe!" arsa mise nuair a thanaic
me an millteanas a bhí deánta agam.



"Go dé na geasracha atá ag teacht ort, a Shéamuis?"
arsa m'unncal ag preabadh amach as an leabaidh agus
anuas an stadhaire mar bhéadh gearfhiadh franncach ann.
"Á, na bí cainnt!" arsa mise. "Na bí cainnt, a
unncail! Bhí me ag briongloidigh, agus ag rábhailligh,
agus ag iasgaireacht, agus shíl me gurb é an bradan
mór-adaí a bhí agam."


L. 33


"M'anam, nach bhfacaidh me a leithid sin de iasg-
aireacht ariamh! - Bhfuil caill ort, a Aoidh?" arsa
m'unncal nuair a shórruigh se an Fear Ruadh ag cumailt
na fola da láirc.



"Ní fhuil moran," arsa Aodh, "acht sé Dia a shábhail
mé nar strócadh an meanach asam."



A ndiaidh an fear leonta a chur a luighe chuaidh me-
fhéin agus m'unncal suas an stadhaire ar ais, agus na
gáirigh ag briseadh air an bheirt againn. Shínnmuid
sinn-fhéin air ar leabaidh agus char mhusgail duine
againn go rabh spéirthí 'n lae ann.



BRAON TAE.



"Bhfuil tú musgailte, a Shéamuis?" arsa m'unncal
liom-fhéin aig amharc lae air maidín.



"Tá," arsa mise, ag cumailt mo shúla.



"Ruith na fuinneoige go bhfeicidh tú an bhfuil Crann
Shéamuis Mhóir ag bogadh," arsa m'unncal.



Phreab me-fhéin amach as an leabaidh mar bhéadh
meannan gabhair ann, agus bhí luthghair mhór air m'
unncal nuair a d'innis me dó go rabh an crann ag
bogadh.



"Tá," arsa mise, "agus ní fhacaidh tú a leithid de
ghriosail ariamh as tá se ag faghail."



"Maith go leor," arsa sesean, ag tabhairt boc-léim
amháin amach air an urlar, agus ag gol na fuinneoige
é-fhéin, air eugla nach rabh me ag innse na fírinne.


L. 34


"M'anam, a Shéamuis, go bhfuil an fhírinne agat!"
ar sé. "Tá se ag bogadh go baganta! - Cuir ort do
chirteach co tiuth as thig leat, agus ruith síos na cistean-
aighe agus cuir síos teine."



"Rachaidh," arsa mise, ag cur orm go tapaidh, agus
ag tabhairt m'aghaidhe air an chisteanaigh.



"Fan, a Shéamuis! - Dtig leat tae a dheánadh?"



"Thig liom go maith," arsa mise.



"Tá se co maith againn rud ínteacht a fhaghail le
h-ithe sul a dtéidhmid amach," arsa m'unncal.



"Is cinnte go bhfuil an ceart agat ann sin, na ní
bhéadh moran pléisiuir againn mur bhfaghaidh," arsa
mise, agus bhí fhíos agam go maith, fosta, nar lúgh air
m'unncal an sioc na a ghol a iasgaireacht na throsgadh.



"Agus tá tú cinnte go dtig leat tae a dheánadh?"



"Tá me fíor-chinnte go dtig," arsa mise. "Bhí me
mo chócaire cliste ariamh, agus cuirfidh me sgilinn go
ndeánfaidh me bricfosta dhuit a chuirfeas aoibhneas air
do chroidhe."



"Cuirfidh me cúig sgilne a n-aghaidh do sgilinn nach
dtig leat tae a dheánadh mar is cóir?"



"Maith go leor," arsa mise. "Ma shásuighim thú
anns an bhraon atá me ag gol a dheánadh duit, creidim
go mbéidh tú sásta?"



"Béidh cinnte, agus gheobhaidh tú do chúig sgilne,"
arsa m'unncal.



Chuaidh me-fhéin síos an stadhaire ann sin, agus chuir
me síos toirt bhréagh teineadh air dtús. Ann sin chuir
me síos an cetel, agus fhad as bhí an t-uisge da


L. 35


téaghadh chuir me an t-eudach air an tábla, nigh me na
cupaí agus na capain, agus sgiur me na sgeana.
Nuair a bhí seo deánta agam, fuair me aran, im, agus
uachtar, siucra, salann, agus pibear. Chuir me síos
leat-dhuisín uibheach ann sin, agus fhad as bhí siad da
mbruith, fhliuch me na tae.



Nuair a thainic m'unnchal asteach na cisteanaighe bhí
aoibhneas mór air fad air nuair a thanaic se an obair a
bhí deánta agam - Achan rud sgiobtha sguabtha mar
béadh bioran úr ann.



"M'anam, a Shéamuis, go bhfuil tú do chócaire
amach!" ar se, "agus tá eugla mhór orm go gcaillfidh
me mo chúig sgilne."



Shuidhmuid araon síos ann sin agus rinnmuid bric-
fosta sórruigheach. Anois agus aríst thiocadh leat a
fheiceal air an dóigh a rabh m'unncal ag luighe asteach
leis na neathantaí a bhí roimhe, gur thaitean mo chócair-
eacht go maith leis. "Ith leat, ith leat," a deirfeadh
se, "bricfosta maith leath na h-iasgaireachta." Agus
b'fhíor dó, na cha deachaidh me-fhéin a iasgaireacht ariamh
air bholg seang nach dtainic me na bhaile agus cárr
searbh orm.



"Go dé mar thaitneas an tae leat, a unncail?"
arsa mise, a ndiaidh mo thrímheadh uibh a chur as amharc.



"Níor ól me ariamh tae ní b'fheárr!" arsa sesean,
ag glanadh a bhéil agus ag tarraint amach a sparain.



"Seo dhuit!" ar se, ag cur na cúig sgilne asteach
ann mo láimh.



"Maise, go rabh míle maith agat!" arsa mise.


L. 36


"Níor shaothruigh me airgead ariamh co furust as shaoth-
ruigh me an t-airgead sin, agus ma théidhim ann tosaigh
mar atá me da dheánadh ní fada go mbhéidh airgead an
phósta agam."



"Caithfeamuid a bheith ag gol anois, a Shéamuis?"
arsa m'unncal, "agus caithfidh tú innse damh, air an
bhealach, go dé'n dóigh a deárn tú an tae."



"Ní fhuil rud air bith air domhan níos fusa," arsa
mise, ag cur orm mo mhála.



"Go dé an chead rud a gnidheas tú?" arsa m'unncal,
ag cathadh a shlat-iasgaireachta thar a ghualainn.



"'Sé an cheadh rud a gnidhim," arsa mise, "a ghol ann
tobair fa choinne canna uisge. Ann sin bheirim liom
an cetel agus nighim é, taobh amuigh agus taobh astuigh.
Líonaim ann sin é le fíor-uisge, agus cuirim air an
teiní é."



"Agus an darna rud, a Shéamuis?"



"Gheibhim pota an tae ann sin, agus nighim go maith
le h-uisgé galach é."



"Nach ndeánfadh uisge fuar graithe?"



"Cha ndeánfadh air chor air bith," arsa mise. "Ma
gnidhthear tae mar is cóir, caithfear pota an tae a
nighe a gcomhnuidhe le h-uisge galach."



"Maith go leor, a Shéamuis, ann tosaigh leat!"



"A ndiaidh pota an tae a nighe go maith cuirim an
tae tirim asteach, agus dóirtim an t-uisge galach
anuas air. Acht sul a ndeánaim seo bheirim aire mhaith
go bhfuil an cetel ag guil. Cuirim an clár air mo
phota tae ann sin agus fágaim a chois na teineadh é
cúig bhumaite nó mar sin."


L. 37


"Agus nach gcuirfea air an teiní air chor air bhith
é?" arsa m'unncal, agus achan súil ann a cheann co
mór le h-uibh cheirce.



"Chuirfinn, da ndeánfainn mar gnidheas moran de
dhaoiní eile, acht ní tae a bhéadh agam," arsa mise, "acht
nimh."



"Nimh?" arsa m'unncal.



"Seadh," arsa mise, "nimh. Acht da mbudh mhaith liom
cupa maith tae a dheánadh cha gcuirfinn ró-chomhgarach
do'n teiní é air eugla go rachadh se a ghuil."



"Agus go de'n dochar a dheánfadh an ghuil dó, a
Shéamuis?"



"Tá," arsa mise, "tá ceanal de nimh sa tae a
dtugann siad tannin a mBeurla air, agus ma tharrain-
tear an tae an dóigh chontrailte tiocaidh an nimh sin
amach."



"Agus a mbeithea da tharraint an dóigh chontrailte
da gcuirfea pota an tae air bhárr na teineadh le na
chur a ghuil."



"Is cinnte go mbéidhinn. Ma bhidheann an t-uisge
ag guil air dtús ní fhuil an darna guil a dhith air agus,
mar nach bhfuil fhios acú an puinnte riachtanach seo,
ní fhuil aig moran de mhuintir na tíre da ól achan lá acht
nimh."



"Arú, bí do thost, a Shéamuis! Go de'n dóigh a
dtiocadh le nimh a bheith a dtae?"



"Agus go dé'n fath nach dtiocadh? Ar chualaidh tú
iomra ariamh air an fhear a chuir a shean bhríste asteach
a bpota agus gur bhain se uisge-beatha as?"



"Maise, char chualaidh," arsa m'unncal.


L. 38


"Níor chualaidh! - Tá eugla orm, a unncail, gur chuir
tú moran de do chuid ama amamha air an sgoil. Air
sgor air bith tá fhios agat go dtig uisge-beatha a bhuint
as eorna, agus nach bhfuil sin go díreach co h-íontach
le nimh a bhuint as an tae?"



"Tá se íontach go leor, a Shéamuis, agus cluinnim
go dtig uisge-beatha a bhuint as siucra agus neathan-
taí milse eile?"



"Thig," arsa mise, "agus thig liomsa innse duit le
na chois sin, go dtig uisge-beatha a bhuint as achan rud
da bhfásann air dhruim an domhain!"



"Go moltar an Righ! Tá sin sórruigheach air fad, a
Shéamuis, agus na dhiaidh sin, creidim go bhfuil se
fíor."



"Feudann tú a bheith cinnte go bhfuil, a unncail;
agus ma thig uisge-beatha a bhuint as sean bhríste, ca
tuige nach dtiocadh nimh a bhuint as an tae?"



"Dara leora, tá an fhírinne agat, a Shéamhuis!"



"Agus rud eile, a unncail, go dé tá a n-uisge-
beatha acht nimh?"



"Dheamhan greim go bhfuil an ceart agat ann sin, a
Shéamuis. Tá an bhiotáilte ag marbha níos mó na an
nimh."



"Tá an bhiotáilte ag cur an domhain mhóir as a
gcéill; agus an tae nach ndeántar mar is cóir tá se
co h-olc."



"Agus an mian leat a radh, a Shéamuis, gur chóir
dúinn stad de'n tae air fad, ó tharla go bhfuil se co
dainnsearach sin?"


L. 39


"Ní mian liom rud air bith de'n tseort. Sílim nach
bhfuil rud air bith air domhan co maith le braon tae
deánta air an dóigh cheart."



"Agus go dé do bharamhail do na daoiní a ólas a
gcuid tae gan bainne?"



"Tá, go bhfuil se an-dainnsearach, a unncail."



"Da mbéadh se deánta mar budh chóir, a Shéamuis?"



"Deánta go maith no go n-olc, is cuma ceocú, tá
tae gan bainne dainsearach: cupa tae gan bainne,
ní fhuil faic a mhaith ann; cupa tae agus bainne air,
tá sin maith, agus an-mhaith; acht cupa tae agus uachtar
air, tá sin seacht n-uaire níos feárr."



"Go rabh míle maith agat, a Shéamuis! Is cinnte
gur fiu ór thú! Acht caithfeamuid a bheith ag imtheacht
anois. Tidhim go bhfuil Crann Shéamuis Mhóir da
ghreadadh, agus tá me cinnte go bhfuighmuid bradan
na beirt."



VIII. - AMEASG NA mBRADAN.



"Ca'n áit a rachamuid ar dtús?" arsa mise.



"Rachamuid síos go Poll na Carraice a' chead uair,
agus as sin go Poll na Fuinnseoige; agus as sin siar
go Poll na Péiste. Nuair a bhéidheas iasgaireacht na
dtrí bpoll sin deánta againn tá me ag smaoitiughadh
go mbéidh am dinneara ann," arsa m'unncal.



Shiubhailmuid linn síos an cabhsa agus siar an bealach-
mór, acht cha deachamuid a bhfad go bhfacamuid bean
ag teacht chugainn.


L. 40


"Go sábhailidh Dia sinn!" arsa m'unncal, ag tabhairt
léim thar chloidhe an bhealaigh-mhóir agus amach air an
chaoran.



"Go dé na geasracha atá ag teacht ort?" arsa
mise, ag rathaidh na dhiaidh co maith as thainic liom.



"Siubhail leat, siubhail leat!" arsa sesean. "Nach
bhfeiceann tú an bhean ag teacht aniar-adaí?"



"Tidhim - An bean mhire atá inntí?" arsa mise, "na
go de'n eugla atá ag teacht ort?"



"Nach bhfuil fhios agat, a Shéamuis, nach mbéadh faic
a mhaith dúinn a ghol a iasgaireacht a ndiaidh bean a
chasdail orainn?"



"Arú, bí do thost, a unncail! Go de'n dochar a
thiocadh leis an chréatúr a dheánadh?" arsa mise, acht ní
rabh gar a bheith leis, agus air shiubhal liom fhéin air lorg
a shála go rabhmuid araon giota maith ó'n bhealach-mhór.
Ann sin shuidhmuid síos air thúrtoig go deachaidh an bhean
thart. Air shiubhal linn ann sin agus níor stadmuid go
rabhmuid aig Poll na Carraice.



"Go dé do bharamhail anois?" arsa mise le m'unncal,
agus é ag tarraint amach a phíopa agus bucsa lasog.



"Tá," arsa sesean, "go mbéidh la mór againn, a
Shéainuis. Tá an ghaoth agus an t-uisge fóirsteanach
go maith, agus mur bhfághmuid iasg aniú béidh íontas
mór orm."



Bhímuid nar suidhe fa tuairim ceathradh uaire, agus
rith an ama ní rabh focal aig ceachtar againn - m'unncal
ag cathadh a phíopa agus a dhá shúil san uisge; mise ag


L. 41


sgiuradh mo chruman agus ag briseadh amach ag gáirigh
achan uair a smaoiteochainn air an chleas a d'imirmuid
air an mhnaoi bhoicht.



"Go de'n gháirigh atá ort?" arsa m'unncal.



"Tá me ag smaoituighadh air an rása a thug an bhean-
adaí dúinn," arsa mise, ag briseadh amach aríst.



"Sé Dia a bhí linn nar casadh orainn í!" arsa
m'unncal, ag buint an phíopa as a bheul agus da shínneadh
annsorm-fhéin.



"Seo dhuit, a Shéamuis! Glac toit sul a dtoisigh-
mid."



"Go rabh maith agat, a unncail," arsa mise, "ní
chaithim."



"Uch, bí do thost. Caith toit bheag, tá an lá fuar.
Ní fhuil fhios agat nach é an t-ádh a chuirfeadh se ort?"
arsa sesean, agus le na shásughadh rug me air an phíopa
agus chaith me liom go rabh me chomhair a bheith tinn.



Fa dheireadh shiar thall d'éirigh m'unncal na sheasadh
agus thoisigh se ag iasgaireacht, acht ma thoisigh, dheamhan
preab na preab a bhí se ag fághail, agus bhí mise ag
smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go mb'fhéidir gurb í
an bhean-adaí a chuir a seacht mallacht orainn. Acht,
air a shon sin, ní rabh a bhfad gur musgladh as mo
smaoitighthe mé, na bhí m'unncal fa dheireadh a bhfasta
a mbradan, agus char chaill mise moran ama gur chuir
me mo chruman ann, agus gur fhág me sínnte air an
fheur ghlas é.



Thoisigh se ar ais, agus ní rabh a bhfad go rabh se a
bhfasta a mbradan eile, acht ma bhí, ní fhuairmid asteach


L. 42


co bog leis an chead cheann é. Thug se boc-léim
amáin amach as an uisge agus suas anns an aer deich
dtroighthe na níos mó! Co luath as thuit se san uisge
ar ais, as go brath leis síos an abhainn, acht cha deachaidh
se a bhfad gur chuir se ann a cheann tiunta. Aníos ar
ais aríst leis ann sin agus nuair a thainic se go beul
an phuill thug se boc-léim eile agus air shiubhal síos ar
ais leis. Le sgeul fada a dheánadh gairid, bhí an
bradan sin aníos agus síos, anonn agus anall, ag
léimnigh agus ag boc-léimnigh air feag uaire an chluig
sul ar thiuntuigh se bolg bán agus gur sháith mise an
cruman ann.



"Budh mhaith an poll beag é shin?" arsa m'unncal,
ag amharc síos go bródamhail air an dá bhradan. Bhí
ceann acú bórdaigh air dheich bpunta air meáchan, agus
bhí fiche punta anns an cheann eile ma bhí unnsa ann.



"M'anam gur mhaith," arsa mise, "agus mur bhfagh-
muid acht an cúpla seo budh chóir dúinn a beith sásta
go maith."



"Tá obair lae mhaith deánta againn, a Shéamuis,
agus tá se co maith againn an píopa a líonadh anois."



"Tá," arsa mise, "agus béidh toit bheag eile
agamsa."



"Mhaige, ní fhuil moran dochair duit, na chuir an toit
deireannach ádh mór ort. Is cinnte gur chuir tú an
cruman go cliste calma anns an dá bhradan sin. Acht
sé Dia a shábhail thú, a Shéamuis! Thubair duit tuitim
asteach san abhainn uair amháin."



Shuidhmuid síos ann sin air bhruach na h-abhna, líonadh


L. 43


an píopa, agus a ndiaidh a dheargadh chaithmuid ar sáith.
D'éirigh m'unncal na sheasadh a gceann tamaill bhig
agus ag breith air an tslait, "Bhéirfidh me iarraidh eile
air an pholl seo," ar se. "Ní fhuil fhios nach bhfuighinn
iasg eile."



Acht a ndiaidh iasgaireacht an phuill a dheánadh síos
agus aníos go h-ealadhanta eolach agus go stuama
stuidearach air feag leath-uaire na níos mó, dheamhan a
rabh aige air a shon acht na cuileogaí tárnochta.



"Ní fhuil maith ann, a Shéamuis, ní fhuil maith ann.
Tá me cinnte go bhfuairmid a rabh sa pholl sin, agus
tá sé co maith againn a bheith ag bogadh linn go Poll na
Fuinnseoige."



"Ní fhuil mise co cinnte de sin, a unncail," arsa
mise, "agus ma bheir tú an tslat damhsa cuirfidh me
geall go mbéidh me a bhfasta a mbradan roimhe chúig
bhumaite."



"Arú, leig dúinn, a Shéamuis!" arsa m'unncal, ag
briseadh a chroidhe ag gáirigh.



"Tabhair damh an tslat air sgór air bith," arsa mise,
"agus béidh fhios agat. Thig leatsa do sgríste a
dheánadh agus do phíopa a chathadh fhad as bheidheas mise
ag corruigheacht leis an bhradan."



"Leig dúinn, a deirim, le do chuid amuidigh! Ní
fhuil cloch na coirneal de'n pholl sin nach bhfuil fhios
agamsa, agus is cinnte nach mbeithea thusa acht ag cur
an lae amamha."



"Cha n-iarraim acht cúig bhumaite, agus mur mbéid
me a bhfasta a mbradan fa'n am sin thig leat sgairtigh
orm, agus béidh me co h-umhal le h-uan caorach."


L. 44


"Maith go leor, a Shéamuis, maith go leor! Stróc
leat, a chailleach, stróc leat!" arsa m'unncal, ag
tarraint amach a phíopa agus da chathadh-fhéin síos air
an fheur ghlas.



Rug me go luthghaireach air an tslait ann mo dhórn,
ag dearcadh go geur air achan ált duithe, air an ruaim,
air na cuileogaí, agus air an rotha.



"M'anam, a Shéamuis, go bhfuil tú ag buint na
gáirigh asam," arsa m'unncal. "An ag faghail loichd
air na cuileogaí atá tú? Tá siad sin taite."



"Ní fhuil iontú acht míoltogaí gránna, a unncail,"
arsa mise. "Tabhair damh do leabhar cuileog."



"Maise, tá fhios ag an tsaoghal orm, a Shéamuis, go
bhfuil tú ag cailleadh do chéill air fad!" arsa sesean,
ag cuartughadh ann a phóca. "Seo dhuit! - agus mur
ndeánfaidh tú deifre béidh do chúig bhumaite caithte."



D'fhosgail me-fhéin leabhar na gcuileog agus a ndiaidh
é a chuartughadh ó bhun go bárr thóg me an dá chuileoig
budh mhó agus chuir me air an ruaim iad. Tharrainn me
amach as póca mo bheiste ann sin buideal beag meala
a fuair me uair amháin ó sheanduine bheag lom liath a
casadh orm air bhruach na h-abhna, agus chuir me deor
de'n mhil air achan chuileoig. Dúbhairt an seanduine
beag liom da mbéadh gan bheith san abhainn acht aon
bhradan amháin agus é a bheith leath-mhíle air shiubhal uam
go dtarrneochadh se air an mhil sin co luath as chuirfidhe
san uisge é.



Le sgeul fada a dheánadh gairid, thoisigh me gan
moran muille ag iasgaireacht, agus co cinnte as tá


L. 46


ruball air chat, cha rabh an ruaim san uisge agam gur
sgiobadh air shiubhal na cuileogaí go tóin an phuill.
Cibé ceanal éisg a bhí ann chaithfeadh se go rabh méid
agus meáchan íontach ann, na innean go deárn me mo
dhitheall le na mhealladh as an áit a rabh se na luighe,
dheamhan cor na bogadh dheánfadh se.



"Maise, plóid ort, a bhitheamhnaigh bhig gan mhaith!"
arsa m'unncal, ag tarraint orm-fhéin. "Nach bhfeic-
eann tú gur sean stacan atá tú a bhfasta ann?"



Acht ní mór go rabh an focal deireannach as a bheul
aige gur chorruigh an "sean stacan" agus as go bráth
leis síos an abhainn, agur char tharrainn se anal go
deachaidh se asteach go Poll na Faoloige, agus as sin
go dtí'n tSrath Cham, agus as sin go Srath Mhichil Mhóir,
agus as sin amach soir go dtí'n Guban. Rith an ama
bhí mise ag cuinneilt suas leis co maith as thainic liom,
mo theangaidh amuigh agam le teann tursa, mo luirg-
neacha bochta chomhair a bheith briste ag preabadaigh
agus ag boc-léimnigh thar chloitheacha agus fríd choíllte
dreasog, agus achan léab de mo bhrístí ag crochadh air
na tuim mo dhiaidh! Feudaim a rádh nach rabh tuinnte
air mo dhruim.



Nuair a thainic an t-iasg millteanach fhad leis an
Ghuban ghlac se an stad, agus shocruigh se é-fhéin a
gceart-lár an phuill mhóir sin. Dar liom-fhéin, "A
óganaigh, dheánfaidh an rása sin maith duit," agus mar
shíl me go rabh se sáruighthe amach agam, thoisigh me ag
tochairt, agus ag teannadh air, agus da mhealladh, acht
dheamhan cor na cor a thiocadh liom a bhuint as. Bhí se


L. 47


sean-cheannta go leor, agus d'athain me go maith nach
rabh fonn troda air go fóil beag, agus nach rabh se
acht ag tarraint a anala fa choinne an darna rása.



Nuair a shórruigh muintir an bhaile me-fhéin ag rathaidh
air chos-anáirde a ndiaidh an bhradain agus an cruth a
rabh me ann, ceann-tárnocht agus feudaim a rádh cos-
tárnocht, agus mo chirteach stróctha stiallta na ruibíní
ag séideadh leis an ghaoith, chruinnigh siad anuas go
bruach na h-abhna, ionas go bhfeicfea baicle acú air
achan árdan agus cloidhe air an dá thaoibh de'n uisge.
Acht sgoiltfea leis na gáirigh da bhfeicfea an sputar a
bhí air m'unncal agus é ag léimnigh thar chloitheacha agus
ag forsughadh fríd chraobhacha mar bhéadh splannc soillse
as beul dubh an táirnigh, agus an duine bocht chomhair a
bheith báithte le h-allus.



"Dheamhan greim gur ceart thú, a Shéamuis! Tidhim
nach bhfuair se air shiubhal uait na dhiaidh sin?" arsa m'
unncal nuair a thainic se ann tosaigh.



"Mhaige, go bhfuil se ann seo go fóil," arsa mise,
"acht tá eugla mo chuirp orm go dtabhairfidh se buair-
eadh dúinn roimhe a bhfad. Tá se co maith agatsa
breith air an tslait agus an cruman a thabhairt damh-
sa?"



"Is cinnte nach mbeirim, a Shéamuis. Tá me ró-
thursach agus tá fhios agam go maith nach dtiocadh liom
coisigheacht a chuinneilt leis an iasg fhiadhain sin. Is
tú-fhéin a bhéirfeas air, a Shéamuis, na réir mar tidhim
tá tú do iasgaire amach. Deán deifre, agus feuch a
dtiocadh leat é a mhealladh go bárr an uisge?"


L. 48


"Tá me tursach da mhealladh, a unncal. Da gcaith-
fea asteach cloch b'fheidir go gcuirfeadh se bogadh
ann?"



Thóg se gearr charraic mhaith cloiche agus co luath as
chaith se asteach í chorruigh an bradan, agus seo aníos é
go ciuin socair go bárr an uisge! Agus, a Thighearna
bhuidhe óir, a leithid de bhradan!



"Go dé do bharamhail dó, a unncail!"



"Dar fiadh! ní fhacaidh me a leithid ariamh, a
Shéamuis!"



"Go de'n meáchan atá ann, do bharamhail?"



"Dheamhan fhios agam, acht tá me cinnte go bhfuil
an ruball atá air co mór leis an dá bhradan a fuair-
mid air maidín. Coimhead thú-fhéin, a Shéamuis! Na
teann air go fóil - leig leis!"



A ndiaidh an chomhraidh sin, thug an bradan rása
anonn go dti'n bruac thall agus anall ar ais go dtí'n
bruach abhus. Ann sin thainic se aníos go bárr an
uisge, agus bhí se ag gol a thiunta beul a chinn síos an
abhainn nuair a thanaiceas damhsa nar chóir é a leigeint
níos fuide an bealach sin; go h-áirigh, mar bhí droich-
ead maide giota beag taobh b'shíos dúinn. Air an
adhbhar sin thoisigh me ag teannadh air go dtug me air
tiunta, agus an darna bumaite thug se boc-léim amháin
amach as an uisge agus ag teacht anuas dó shílfea gur
sac mine a thuit san uisge. Agus char stad se go deárn
se an cleas ceudna seacht n-uaire, agus as go brath
leis suas an abhainn!



Bhí se sáruighthe go maith fa'n am seo, agus le na


L. 49


chois sin bhí an tuile na aghaidh, agus mar sin dé, ní rabh
sé acht ag siubhal go fadalach, acht mar sin fhéin bhí se
ag teannadh ann tosaigh go sórruigheach. Bhí poll mór
cruinn aig Srath Shéamuis Mhóir a dtugthaí Cró na
mBradan air, agus is é mo bharamhail gurb iomaidh
uair a chuaidh m'óganach, an príosúnach, agus na bradain
eile fríd an Rinnce Fada ann, na b'fhurust aithne
air go rabh eolas maith aige air an pholl sin. Ní rabh
órlach dé nar chuartuigh se, ag deánadh cuairt bheag
a n-achan choirneal, air nós duine ag fágail slán aig
an tsaoghal roimhe n-a bhás.



"Cogar, a unncail!" arsa mise, fa dheireadh shiar
thall, ag smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go rabh a
sháith cuartuigheachta deánta aig an righ-bhradan seo,
agus gur mithid dúinn leabaidh thirim a thabhairt dó.



"Go dé sin, a Shéamuis?" arsa m'unncal.



"An síleann tú go bhfuil an ruaim seo láidir go
leor?"



"Na bidheadh eugla air bith ort roimhe'n ruaim, a
Shéamuis. Ní baoghal dó briseadh; agus réir mar
thanaic me tá bumaite ó shoin, tá an dúbhan a bhfasta
go maith san iasg. Is adhmhail go bhfuair tú fhad leis
an pholl seo é, mar go bhfuil se an-fhóirstineach air
fad: ní fhuil crann, na tom, na driseog ann ar gcomh-
air, agus tá an bruach comhthrom leis an uisge. Deán
deifre, a Shéamuis! Tá se sáruighthe amach anois,
agus ma fhanann tú moran níos fuide caillfidh tú é!"



Le sgeul fada a dheánadh gairid thoisigh me ag toch-
airt agus ag teannadh gur áirigh an bradan go rabh


L. 51


rud ínteacht contrailte, agus nuair budh mhian leis
imtheacht leis síos an abhainn chuir mise an bac go
teann teith air, ionas go mb'éigean dó tiuntá. Acht
ma thiuntuigh, thoisigh se ag léimnigh go millteanach suas
agus anuas, anonn agus anall, go deárn se cúrsa
damhsa nach bhfacas a leithid ariamh. Acht bhí an méid
agus an meáchan a bhí ann da mharbha le h-achan ruaig
agus le h-achan léim. Fa dheireadh, d'éirigh se co
spadanta sin nach rabh se ábulta bogadh. Nuair a
shórruigh mise sin ní rabh me a bhfad gur thiuntuigh me
bolg bán é, agus go dtug me air siubhal liom anonn
agus anall mar budh mhian liom go rabh se co umhal le
h-uan caorach.



"Ca bhfuil do chruman anois, a unncail?" arsa mise
ag stiuradh an bhradain budh mhó ar leag me mo shúil
ariamh air asteach comhgarach do'n bhruach.



"Tá me ann seo, a Shéamuis, acht tá eugla mhór orm
go bhfuil se ró-throm agam. Tá an cruman ró-bheag,
agus ma chuirim ann a thaoibh é d'fheudfadh an greim
briseadh. Go dé do bharamhail-fhéin, a Shéamuis?"



"Bí air do choimhead, a unncail! Tá mise ag gol
da thiunta bolg bán anois, agus nuair a tífeas tú a
cheann ag éirigh cuir an cruman ann a charbad."



Rinne m'unncal mar ar h-iarradh air agus leath-
bhumaite na dhiaidh bhí an bradan mór sínnte air an
leuna.



Chuamuid na bhaile ann sin, agus ní rabh ann acht go
rabhmuid ábulta na trí bradain a iompar. An chead


L. 52


bhradan a mharuighmuid bhí naoi bpunta go leith air
meáchan ann; bhí an darna ceann cúig phunta dheug air
meáchan; agus an trímheadh ceann - an bradan mór -
na bidheadh eugla air bith ort, a leightheoir, go bhfuil me
ag innse breug nuair a deirim leat go rabh an bradan
mór cúig phunta dheug agus fiche air meáchan!



IX. - AN PHÉIST MHÓR.



Chuamuid a luighe go luath an oidhche sin, agus char
mhusgail ceachtar againn go dtí'n meadhon lae lathar
na mhárach.



"Preab amach, a Shéamuis, go bhfeicidh tú go de'n
t-am a bhfuil se," arsa m'unncal, ag fosgladh a shúla.



"Tá se cúig bhumaite go dtí'n dó-dheug," arsa
mise, nuair a dhearc me air an chlog.



"M'anam gur maith an neul a chodluighmuid, a
Shéamuis."



"Mhaige maise, cha rabh mise mo chodladh leath an
ama, a unncail."



"Go dé thainic ort? Bhí mise mo chrap ó dhruid me
mo shula aréir."



"Bhí me ag briongloidigh agus ag rábhailligh rith na
h-oidhche air an bhradan mhór."



"Mhaige maise, ní fada go mbéidh féasda beag
againn araon air stiall dé. An mothuigheann tú an
boladh bréagh blasta atá ag teacht aníos an stadh-
aire?"


L. 53


"Corruigh thú-fhéin maise, agus bí do shuidhe!"



"Go de'n ceanal lae atá ann, a Shéamuis?"



"Lá bréagh tirim, a unncail."



"Feuch an bhfuil crann Shéamuis Mhóir ag bogadh."



"Tá se ag bogadh go baganta, a unncail."



"Maith thú, a Shéamuis! Caith chugam mo bhrístí, le
do thoil, agus béidh me síos leat air an bhumaite."



"Thilóigh! thilóigh oraibh! Thilóigh oraibh shuas ann sin!
Bhfuil sibh ag teacht anuas?"



"Cluinnim an tseanbhean ag sgairtigh orainn, a
Shéamuis. Deán deifre! Bhfuil d'aghaidh nighte agat?"



"Thilóigh, a deirim! Tá mur mbricfosta réidh!
Bhfuil sibh ag teacht anuas? Maise, droch-mhúnadh
oraibh, mur sibh na fallsoirí cearta!" arsa mo mhathair-
mhór, ag sgairtigh go han-chunafach aníos an stadhaire.



"Támuid ag gol síos anois, a ghranaí," arsa mise.



Chuamuid síos fa dheireadh agus a ndiaidh bricfosta
sórruigheach a dheánadh, thoisighmid ag deánadh réidh ar
ais fa choinne na h-iasgaireachta. Acht mar bhéadh an
mí-ádh orainn d'árthuigh an ghaoth agus thoisigh se ag cur
fearthanna.



"M'anam go bhfuil se ag baisteadh!" arsa m'unncal,
ag tógailt a chinn.



"Mhaige maise, go bhfuil, agus ag stealladh," arsa
mise.



"Ní fhuil moran gar dúinn a ghol amach anns an
fhearthainn sin, a Shéamuis."



"Ca tuige sin, a unncail?"


L. 54


"Nach bhfeiceann tú go mbéidh an tuile ag éirigh air
ball beag?"



"Tidhim. Tá fhios agam go fíor-mhaith nach mbéadh
faic a mhaith dúinn a ghol a iasgaireacht leis na cuil-
eogaí, acht shílfinn go mbéadh se taite aig na cuit-
eogaí?"



"Cha salochainn mo lámha ag iasgaireacht le cuit-
eogaí, a Shéamuis."



"Maise, ní fhuil moran áird agam-fhéin ortú, a
churad, acht na dhiaidh sin 's uilig ní chuinneochar sa teach
an trathnóna seo mé."



Rinne me-fhéin réidh ann sin: Fuair me leath-
dhuisín de dhúbhain cuiteog, agus chuir me ceann acú air
mo ruaim, agus sháith me an chuid eile acú ann mo phóca.
Ann sin fuair me bucsa agus amach liom a gcúl an
tuigh go bhfuair me spád, agus gur rómhar me giota maith
de'n gháraidh. Nuair a fuair me an méid cuiteogaí a
bhí a dhéim orm, chuir me mo mhála air mo dhruim, chaith me
mo shlat-iasgaireachta thar mo ghualainn, agus os cionn
mo chinn d'fhosgail me sean numbrel mo mhathar-
móire.



"Maise, go moltar an Righ!" arsa m'unncal, "ca
bhfuil tú ag gol leis an ghleus sin?"



"Tá me ag gol a iasgaireacht," arsa mise.



"Ca'n áit, a Shéamuis?"



"Síos go Poll na Péiste."



"Tabhair aire mhaith duit-fhéin air eugla go dtiocadh
an Phéist Mhór ort, na co cinnte as tá tú beo slug-


L. 55


faidh sí siar ann a craos cáidheach thú ma tidh sí thú agus
an t-airteagal sgárruigheach sin os do chionn."



"Ní thabharaim áird air bith air phisleogaí de'n tseort
sin, a unncail," arsa mise, ag bogadh liom, agus an
fhearthainn ag dórtadh anuas mar bhéadh rud air bith
ann. Níor stad me go rabh me aig Poll na Péiste,
agus gur phlanntail me me-fhéin air bhárr na carraice.
Bhí luthghair orm go rabh a leithid de thuile ann, agus bhí
me cinnte nach rachainn na bhaile folamh.



Ag smaoitiughadh mar seo damh chuir me mo shlat-
iasgaireachta le cheile, agus a ndiaidh an ruaim a réi-
tiughadh, chuir me cuiteog air an dúbhan, agus chaith me
amach sa tsruth é. Shuidh me síos ann sin go baganta
air an charraic, agus mar go rabh se ag stealladh
fearthanna, chuinnigh me an numbrel glan díreach os
mo chionn. Numbrel an-mhór a bhí ann, agus budh mhór
an gar sin damhsa, na chuinnigh se co tirim mé as da
mbéidhinn a chois na teineadh.



Ní lúgh orm-fhéin an sioc na iasgaireacht de'n
tseort sin; acht nuair nach dtig uasaid a dheánadh de
na cuileogaí, caithfear a bheith sásta leis. Mar sin
dé, tharrainn me amach an píopa, agus a ndiaidh a
dheargadh chaith me liom air mo shuaimhneas gur shórruigh
me bárr na slaite ag lúbadh. Dar liom-fhéin, ag
breith air an tslait, "Sin ceann maith," acht nuair a
tharrainn me go bárr an uisge é, go dé, do bharamhail,
a bhí ann acht easconn salach! "Ní fhuil gar damh an
dúbhan sin a chur amach ar ais," arsa mise liom-fhéin,
na siomaidh uair a chualaidh me an sean-radh, "An


L. 56


dúbhan a bhlasas easconn ní bhéirfear air bhreac go deo
leis." Air an adhbhar sin, char bhuin me an dúbhan as,
acht gheárr me de'n ruaim é, agus chaith me amach sa
sruth easconn, dúbhan agus uile. "Amach leat!"
arsa mise, "agus go rabh pian an do bholg go ceann
míosa!"



Chuir me suas dúbhan eile ann sin; ghreamuigh me
cuiteog air, agus ag brath go mbéadh ádh níos feárr
orm an iarraidh seo chuir me sileog air. Chaith me amach
é, acht ní rabh se air thóin an phuill go bhfuair me greim
fearamhail. Rug me air an tslait go luthghaireach, acht
nuair a tharrainn me asteach é, dheamhan a rabh agam
acht oganach sleamhain eile! "Droch chreach oraibh mar
eascoinn!" arsa mise, da gheárradh de'n ruaim agus
da chathadh amach mar a rinne me leis an chead cheann.



Chuir me suas an trímheadh dúbhan ann sin, acht cha
rabh an chuiteog faoi'n uisge go rabh sí slugtha aig
damantoir mór dubh eile! "Plóid síorthaidh air do
phór!" arsa mise, da chathadh an bealach a deachaidh an
chuid eile.



Chuir me suas an ceathradh, agus an cúigeadh dúbhan,
acht ní rabh agam air a shon acht oganach de'n dream cam
ceudna achan iarraidh!



Ní rabh agam anois acht dúbhan amháin, agus tharrainn
me amach é, ag smaoitiughadh ann m'inntinn-fhéin go
mb'fhéidir go bhfuighinn breac leis an cheann deirean-
nach. Cheangail me air an ruaim é, agus ann sin
chuartuigh me go bhfuair me cuiteog íontach mór a rabh


L. 57


ceann geur dubh-ghorm oirthí. Chóirigh me an chuiteog
seo go blathmhar air an dúbhan agus chaith me amach é.



Shuidh me síos ann sin air an charraic; líon me mo
phíopa; dhearg me é, agus thoisigh me ag cathadh. Chaith
me liom air mo shuaimhneas air feag leath-uaire na
níos mó, agus rith an ama níor chuir an tslat oiread
agus cor aistí. Shuidh me liom, agus chaith me liom
go rabh mo chuid tobaca raite, agus nuair a thóg me
mo cheann fa dheireadh, shórruigh me go rabh balc ceatha
ag cruinniughadh, agus go rabh an ghaoth ag éirigh, agus
splanncacha soillse ag briseadh amach anois agus
arírt. Thainic eugla mhór orm, mo shuidhe ann sin
liom-fhéin air an charraic dainnsearaigh, agus nach rabh
fhios agam go de'n bhumaite a siabfaidhe amach sa
tsruth mé.



Air an dóigh seo bhí me ag smaoitiughadh liom-fhéin
nuair a shórruigh me an tslat ag corrughadh, agus an
darna bumaite lúb se suas go dtí 'n bun! Rug me
go luthghaireach oirthí, acht ma rug thubair go dtarr-
neochaídhe me-fhéin agus í-fhéín asteach san abhainn!



"Dia ar sábhail!" arsa mise liom-fhein, "go de'n
ceanal éisg a bhfuil me a bhfasta ann?" Agus ní rabh
an focal as mo bheul agam gur éirigh an toirt mhór
mhíofuar os cionne mo dhá shúil. Shíl me a chead uair
gur bradan a bhí guite agam, acht ní rabh cosamhlacht
air bith bradain ann, agus anois bhí me cinnte gurb í
an Phéist Mhór a bhí agam! Bhí sí na luighe ann sin air
an uisge, fiche troigh air fad, agus co ramhar le gearr
bholog! Sé an chead rud ar chuir me sórrughadh ann,


L. 59


an dá shúil teiní-dhearga a bhí ann a ceann, agus bhí
oiread eugla orm roimhpí gur shíl me achan bhumaite
go dtabharfadh sí iarraidh orm le mo shlugadh siar ann
a craos cíocrach. Agus, go moltar an Righ! da
bhfeicfea an méid fionnaidh a bhí air a ceann agus air
a muineal! Agus an dá chluais, co fada le cluasa
asail, a bhí ag crochadh anuas léithe! Agus an dá
liubar leathair a bhí oirthí! Agus an dá charbad
mhillteanacha a bhí taobh astuigh do'n dá liubar sin
nuair a d'fhosglochadh sí a craos cosgarach!



Ní rabh ball ann mo chorp nach rabh air crith, agus mé
mo sheasadh ann sin, an tslat ann mo láimh ag amharc
air an phéist, agus ise ag amharc ormsa; na bhí eugla
orm da dtógfainn mo shúla aistí go dtabharfadh sí
iarraidh orm, agus i ach bhfeicfinn solas an lae go
bráth na siorthaidh.



Air an dóigh seo, bhí me ag smaoitiughadh ann m'inn-
tinn-fhéin go dé ar chóir damh a dheánadh nuair a
thainic splannc sórruigheach soillse, agus thoisigh an
tárneach agus an ghaoth agus an fhearthainn, ionas gur
shíl me-fhéin go gcaithfeadh deireadh an tsaoghail a bheith
ann. Bhí me fíor-chinnte go rabh me caillte agus nach
bhfeicfeadh mo mhathair dílis a choidhche aríst mé.



Agus mar bhéadh an mí-adh orm, d'fhág me numbrel
mo mhathar-móire fosgailte air mo chúl, agus mar nach
rabh moran faill agam breith air nuair a rug me air
an tslait, siabadh de'n charraic é, agus bhí se anois na
shuidhe bun os cionn air an uisge agus ag seoladh as
m'amharc!


L. 60


Ní rabh fhios agam faoi'n Righ go dé dheánfainn, agus
bhí me ag smaoitiughadh, da dtabharfainn iarraidh an
tslat a chathadh uam agus teitheadh, go mbéadh an
phéist mo dhiaidh. Air an taoibh eile, bhí fhios agam go
maith, da bhfanfainn mo sheasadh air an dóigh a rabh me,
go bhfuighinn bás leis an ocras. "Go ndeánaidh Dia
trócair air m'anam!" arsa me, ag amharc thart, agus
cé, do bharamhail, a bhí na sheasadh air an bhruach acht
Seaghan Ruadh!



"Maise, go moltar an Righ, a Shéamuis, go dé'n
ceanal éisg é sin?" arsa Seaghan.



"Gheall air Dhia, a Sheaghain, cuidigh liom! - Cuidigh
liom na tá me caillte!" arsa mise agus mé ag gol
a chathadh na slaite uam.



"Cuinnigh greim mhaith air an tslait, a chailleach!"
arsa Seaghan.



"Tá eugla orm, a Sheaghain."



"Na bidheadh eugla air bith ort," arsa Seaghan go
beag," ní bhuinfidh sí duit, acht bhéirfidh sí triubloid
mhór dúinn sul a bhfuighmuid air an talamh tirim í."



"Amuidigh, a Sheaghain! Nach bhfeiceann tú gurb í
an Phéist Mhór atá ann?"



"Cha n-eadh, a Shéamuis, acht easconn bréagh mára,
agus da dtiocadh linn breith oirthí bhéadh ar sáith éisg
againn go ceann bliadna."



"Briost thú, a Shéaghain! Da mbéidhinn ag faghail
bháish leis an ocras cha mblasfainn greim dé."


L. 61


"Bí do thost, a Shéamuis! Ní fhuil ciall ar bith
agat," arsa Seaghan go beag leis-fein, agus d'fhan se
na sheasadh ann sin, cúig bhumaite na níos mó, ag
smaoitiughadh go dé dheánfadh se. Fa dheireadh labhair
se:



"Fan thusa mar tá tú go bhfuigh mise an gunna, na
measaim nach mbéadh faic a mhaith dúinn a bheith ag
dréim breith air easconn de'n tseort sin gan urchar
a chur inntí a chead uair."



"Go sábhalaidh Dia mise!" arsa me-fhéin. "Deán
deifre, a Sheaghain, agus na bí a bhfad amuigh, na ma
bhidheann tá eugla mhór orm go mbéidh me ithte suas
beo beaitheach sul a mbéidh tú ar ais."



D'imthigh Seaghan an méid a bhí ann a chorp, acht ní
rabh se a bhfad air shiubhal gur sórruigh me-fhéin an
phéist ag bogadh! Thóg sí a ceann míofuar fa tuairim
cúig troighthe amach as an uisge, agus dhearc thart!
Nuair a thanaic mise sin thubair go rachainn síos fríd
an talamh leis an eugla. Bhí an t-allus ag rathaidh
síos liom, agus toirt mo chuirp ag léaghadh agus ag
éirigh co beag sin, go rabh me cinnte nach mbéadh méid
préata rósta ionnam a gceann chúig bhumaite eile.



Leig an phéist síos a ceann ar ais, acht an darna
bumaite shórruigh me a druim ag éirigh anáirde. Dar
liom-fhéin, "Sin droch chomhartha," agus bhí me cinnte
go rabh sí ag gol a thabhairt iarraidh orm, go speisealta
nuair a thanaic me a ceann ag éirigh ar ais, agus a


L. 62


beul ag fosgladh, agus ag teiseint dhá rógh de fhiacla a
strócfadh an domhan.



"A Mhaighdean Mhuire!" arsa mise, ag mothughadh
mo chosa ag lúbadh fúm, agus thuit me a luige air an
charraic. Ní fhacaidh me dadaidh níos mó gur mhusgail
urchar as gunna Sheaghain mé."



"Maise, droch mhunadh air do luirgneacha caola!"
arsa Seaghan, "mur tú an sean chailleach gan mhaith!
Éirigh amach as sin agus cuidigh liom!"



"Bhfuil sí marbh, a Sheaghain?" arsa mise, ag éirigh
mo sheasadh.



"Is dóiche liom go bhfuil," arsa Seaghan. "Fuair
sí an t-urchar sin asteach sa chárr, air sgór air bith,
agus, mar tidh tú-fhéin, ní fhuil bogadh inntí anois."



"Go dtugaidh Dia saoghal fada dhuit, a Sheaghain,
air son mo shábhail mar a rinne tú! Acht ab é thusa -"



"Seo, seo! fág mo bhealach! Tá tú air crith ó bhun
go bárr, agus is furust aithne ort nach bhfuil brigh cuit
ionnat. Gabh 'mach as sin leat!"



B'fhíor do Sheaghan; ní rabh uchdach air bith agam,
agus le sgeul fada a dheánadh gairid, tharrainn Seaghan
an t-iasg sórruigheach sin síos an tsruth leis go rabh
se aig beul-áth a bhí taobh b'shíos do'n charraic, agus a
ndiaidh moran saothair fuairmid asteach air an talamh
tirim é.



Chuaidh me-fhéin na bhaile ann sin agus d'fhág me
Seaghan agus an Phéist Mhór, agus ó'n lá sin go dtí'n


L. 63


lá amú cha deachaidh mise a iasgaireacht le dúbhan
cuiteog.



An chead uair eile ar casadh Seaghan orm, dúbhairt
se liom gur gheárr se suas an Pheist Mhór, agus a
ndiaidh í a shailleadh, gur líon sí dhá bhairille, agus nar
bhlas se ariamh iasg co milis leis.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services