Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dochartach Dhuibhlionna agus Sgéaltaí Eile
Title
Dochartach Dhuibhlionna agus Sgéaltaí Eile
Author(s)
Mac Grianna, Seosamh,
Pen Name
Iolann Fionn
Composition Date
1921
Publisher
Cú Uladh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DOCHARTACH DHUIBHLIONNA AGUS SGÉALTAÍ EILE. "Iolann Fionn". Dochartach Dhuibhlionna. Ná tar dhe mo chomhair, a shagairt! Ná leag ball de do bhallaibh orm. Ná leig m'anal dhe do chomhair. Seachain amharc mo shúl. Tá m'anam dubh le fuil. Tá mé damnuighthe - tá cos amuigh is cos astoigh i n-Ifreann agam. 'Tchím na geaftaí scáthmhara foscailte fá mo choinne. 'Tchím na bladhairí cama cíocracha, agus na deomhain dhubha ag fanacht liom. Amárach, rachaidh sealán na croiche ar mo mhuineál; fáisgfidh sé an t-anam as mo shean-cholainn ghránna; agus rachaidh an t-anam sin síos - síos - síos fríd bhladhairí teanna dubh-dhearga, fríd dhiabhail shleamhna chama dhubha. Tá siad ag feitheamh orm, na h-ainspioraid. 'Tchím an lúthgháir agus an teine dhíbhfeirgeach atá ann a súilibh; cluinim ag béicfigh iad. Tá siad ag siosarnaigh ann mo chluasaibh. Tá a gcuid fiacal ag strócadh mo chroidhe… Níl sé ceart agam! Goidé 'fhios agam-sa cad is ceart ann? Maitheamhnas! - aithreachas! Gheobhaidh mise maitheamh- nas nuair a thiocfas Lucifer an t-árd-diabhail aníos agus shuidhfeas sé ar dheis Dé. Maitheamhnas! Agus an ghruag liath agus an fhuil shiocuighthe ar an smaichtín a bhí agam, agus iad ag sgreadaigh ar Dhia ag iarraidh díoghaltais. Níor h-ubhradh oiread urnaighthe ó cruthuigheadh an saoghal agus shaoróchadh mé. Níl oiread grásta ar Neamh agus shlánochadh mé. Níor dórtadh oiread fola ar Chnoc Chealbhairí agus nighfeadh an smál sin de m'anam. Ó, 'shagairt, an dteárn aon duine eile de shíol Éabha an gníomh atá deánta agam-sa?… Ní dheárn. Ní dheárn. Nach iongantach nach dtig teine ó Neamh agus an domhan a
bhfuil mé ag siubhal air a lasgadh. Fan uaim, a shagairt; ná nach bhfuil eagla ort roimhe na deomhain agus na diabhail atá astoigh ann mo cholainn. Ná nach bhfuil eagla ort go gcríonfaidh do lámh go dtí an ghualainn má leagann tú orm í. Faoiside agus aithreachas! Leig damh, a shagairt. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil maitheamhnas i ndán damhsa. Ní'l, da mba ndán is go gcuirfeadh an cineadh daonna breith- eamhnas-aithrigh daobhtha ar a nglúinibh tárnochta ar mo shon go deireadh an tsaoghail. Ó, má tá trócaire ionnat, ná labhair ar mhaitheamhnas, ná ní'l uair dá gcluinim an focal nach dtugann sé an t-éadóchas ann mo cheann… Acht ar ndóighe, innseóchaidh mé an sgéal bocht malluighthe duit, agus má innsigheann, chan ag dúil le asblóid a fhágháil. Ni'l mé ag gabháil ar mo ghlúinibh; ní rachaidh mé a thabhairt masla do Dhia, 'ghá mo chur féin i riocht urnaighthe. 'Seadh, a shagairt, caithfidh mé tús a chur ar an sgéal ghránna. Cuirfidh sé do chuid fola agus feola fríd a chéile. Cuirfidh sé samhnas ar d'anam. Bhéarfaidh tú do mhallacht damh, ná ní thainig ar do chluasaibh isteach ariamh roimhe, a leithéid de sgéal. 'Seadh, leig damh smuaintiughadh… II Chonnaic mise an lá, a shagairt, a rabh croidhe glan agam. Bhí seal agus d'fhéadfainn a bheith 'mo dhuine mhaith, dá mbíodh gan an chinneamhaint dhuibh-néaltach a bheith os mo chionn. Acht faraor! Bhí feasbhaidh ariamh orm, feasbhaidh a d'fhág mé mar tá mé - bhí mé i bhfad ro-ghoilleamhnach, agus i bhfad ro-dhruidthe, agus i bhfad ro-dhubhrúnta. Ní thig liom a innse duit goidé comh goilleamhnach agus bhí mé. Ní'l innse béil air. Ghoillfeadh amharc fiadhta orm mar ghoillfeadh buille ar dhuine eile; rachadh focal searbh go dtí an croidhe ionnam; agus gáiridhe! - Ó, 'Dhia, an eagla a bhí ariamh orm roimhe gháiridhe! Chan gáiridhe grinn ná athais atá mé a mhaoidheadh, acht gáiridhe magaidh. B'iomdha uair a mhalluigh mé ann m'inntinn féin an dóigh a rabh an saoghal 'na shuidhe, agus gléas ag daoinibh créatúir a chur i bpianpháis le gáiridhe
cruadhchroidhtheacha droch-mheasamhla. Nuair a bhí me 'mo ghasúr, chuireadh gáire magaidh isteach i racht caointe agus feirge mé, go dtí go mbéadh dath dubh san aghaidh orm, agus mé a chomhair a bheith tachtuighthe. 'Fhad agus mhair mo mháthair - ó, a mháthair, a mháthair! - ní rabh mé faoi leath-trom i dtaca le h-olc. Ba mhór an sgáth damh í. Nuair a chuaidh mé 'na sgoile, agus b'éigean damh a dhul imeasc gasraí eile, fuarthas amach goidé an leannán a bhí orm, agus leagadh ádhmad orm. Is beag croidhe a bíos anns an tsluagh, nuair a thógas siad ceann-corr de dhuine. Níor thuig mé ariamh i gceart goidé a thug ar na páistí ealadha-mhagaidh a dhéanamh díom. Chan simplidhe ná dobhránta a bhí mé. Acht rinne siad é. Agus dar Dia! cuireann sé ar an daoraidhe go fóill mé, nuair a smuaintighim ar an dream a bhí ag tabhairt bail na madadh orm. Thiginn 'na bhaile ó'n scoil agus mé 'mo thachrán bheag, agus d'éaluighinn síos fá'n chladach. Bhínn ag amharc ar an lán- mhara a bhí ag lupadán ar na carraigeachaibh anns an chladach. Óg is mar bhí mé, thigeadh fiche smuaintiughadh fríom léim a thabairt síos agus mé féin a bháthadh, agus deireadh a chur le cuid magaidh na bpáistí. Acht ba ghoirid gur chuir mé deireadh leis ar dhóigh eile. Lá amháin thoisigh gasúr mór orm os coinne an scaifte uilig - thoisigh sé fá bheárn a bhí ionnam. Caithfidh mé gáire a dheánamh faoi an chiall a bhí agam an t-am sin. "Phóg tú Róise Eoinín, phóg tú Róise Eoinín," arsa seisean liom. Bhí an dubh-olc agam dó, ná bhí sé sáithte asam i dtólamh. Thóg mé cnapán mór cloiche agus bhuail mé é. Thuit sé. Chruinnigh an scaifte thart air agus thóg siad é. Chaith sé amach bolgam fola agus sé fiacla. Tháinig an maighistir orm-sa agus bhuail sé mé go rabh fearbacha anns na bosaibh orm-sa, acht ba nimhnighe liom gáire an ghasúra 'na dá mbriseadh sé coillidh orm. 'Na dhiaidh sin leig na páistí damh, acht bhí mé m'éan chorr ann a measc, agus gan comráduidhe ar bith agam. I n-áit bisiughadh le linn mé a bheith ag dul i méaduigheacht, sér'd a d'éirigh mé ní ba mheasa. Chuaidh mé 'sa dóigh a mb'fhearr liom ar an uaigneas agus gan duine ar bith ann mo chuideachta. Bhí toil mhór de léightheóracht, de cheol, de fhilidheacht agus de sgéalaidheacht agam. Bhí mé cráibhtheach: bhínn ag urnaigh go minic agus ag dul chun faoiside agus chun
comaoineach. Ní rabh mé acht dhá bhliadhain déag nuair a fuair mé leabhar beag a bhí ag innse fá ifreann, agus pioc- túireacha scáthmhara inntí. Choinnigh an leabhar sin ó chodladh na h-oidhche mé ar feadh leath-bhliadhna. Bhí mé cinnte an t-am sin go rabh mé damnuighthe - agus ar ndóighe is romham a bhí. Ba ghairid 'na dhiaidh sin go bhfuair mo mháthair bás. Och, och a mháthair is tú a d'fhág cráidhte mé. Da mbitheá ann m'aice ní bhéinn indiu mar tá mé. Ó 'Mhuire bheannaigh, nach truagh mo chás anocht!… III B'olc a d'fhóir mé féin agus m'athair dá chéile. Faraor! nár fhéad mé fios a bheith agam nach rabh sé i ndán dúinn a theacht le chéile. Nár fhéad mé sgaradh leis nuair a bhí breith ar m'aithreachas agam. Anois, a shagairt, ná deán iongantas damh má thugaim droch chliú de m'athair. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil mé i gcrúbaibh an diabhail, agus nach féidir damh dadadh a dheánamh acht droch-ghníomh, ná focal a rádh acht focal malluighthe. Acht fiachaidh mé le dhul comh deas de'n fhírinne agus thig le deomhan damnuighthe mar mé a dhul. Tógadh m'athair bocht go cruaidh, agus bhí a shéala sin air. Duine sanntach, saoghalta, dubhlaidhe, cadranta a bhí ann. Ba é a fhor is a fhóghnamh ag bailiughadh agus ag deánamh lóin. Bhí fiacha ag lucht na siopaí air, fiacha a thiocfadh leis a dhíol go sásta, agus níor b'fhéidir a mbaint de. Bhí sé féin agus an sagart amuigh ar a chéile siocair gan é a bheith ag díol sgilling na Nodlag. Ní thug sé déirce ariamh do bhochtán Dé. Ní leigfeadh a chroidhe dó a bheith 'na cheann maith dó fhéin, chan é amháin do 'nduine eile. Bhí sé ar a chois go luath ar maidín agus go mall san oidhche, ag obair ar fad, ag uthbhairt agus ag útamáil má b'fhada a shaoghal. A Thighearna, ba é a bhí cadranta, cruaidh-chroidhtheach. Ní'l iongantas ar bith é mac mí-nádurtha a thógáil. Is maith mo chuimhne ar an uair a fuair deárthair dó a rabh Seán air bás. Fuair an duine bocht bás tobann - thuit sé mar chuir- fidhe piléar ann, agus é 'na fhear óg líon lán san am. Bhí
mé féin anns an cheardchain, thuas ar an Chlochar Dhubh an lá seo, agus chualaidh mé ar an bhealach go rabh Seán marbh. Ag tarraingt ar an teach damh fuair mé m'athair ag rómhar go dicheallach i gcuibhreann an doruis. Dar liom féin, chár bh'fhéidir nach gcualaidh tú? Ná an bréag a h-innseadh damh. "'Athair," arsa mise, "an fíor go bhfuil Seán Ó Dochartaigh marbh?" Thionntuigh sé preab. "M'anam, a mhic, go bhfuil Seán Ó Dochartaigh marbh." Bhris sé an phreab go díbhfeirgeach, oiread agus a rádh: "Nach mór an mí-shásamh na daoiní seo atá ag fágháil bháis, agus ag tógáil umhaile daoiní eile de na gcuid oibre, lá Earraigh." Sin an cineál áthara a bhí agam-sa. Bhí cineál de mheas aige orm. Ba mhaith leis céimigheacht a bheith agam, agus choinnigh sé ar scoil mé, ag dúil go saothróchainn airgead le mo chuid léighinn. Ba é an bharamhail a bhí aige go mb'fheárr achan rud 'ná an spád, go rabh dóigh breágh ar an fhear a rabh coileár geal air, agus nach rabh ag cur an alluis. Ba é an leagan amach a bhí aige go rabh na múrthaí 'n tsaoghal ag duine ar bith a rabh culaith mhaith éadaigh air. Ní rabh mise i bhfad uilig ar scoil gur thuig mé go raibh níos mó 'sa léigheann ná ghléas saothruighthe, agus nach 'na ór ná 'na airgead a ba chóir é a mheas. Léigh mise agus mheabhruigh mé, agus chonnaic mé go rabh níos mó anns an tsaoghal 'ná an greim a bhí mé a chur ann mo bhéal. Chonnaic mé go raibh cinneamhaint níos uaisle i ndán do'n duine ná a bheith ag díol a cholna agus a intinne agus a anama, b'fhéidir, ar bheagán airgid. Acht goidé an mhaith damh sin a innse de m'athair. Dhéanfadh sé gáire faoim a ba ghéire ná gaoth shiocáin. Do réir mar bhí mé éighe aníos 'mo stócach bhí mé ag druidim leis an léigheann, acht, má bhí, chan leis an chineál a théidheas an phighinn is airde ar an mhargadh. Filidheacht agus sgéalaidheacht agus feallsamhnacht mo chuid de'n tsaoghal. Bhí mé i dtólamh i gcionn leabharthach, agus bhí a shliocht orm, ba bheag m'fhoighde leis an taos óg a bhí fá dtaobh díom. Chuir mé an laethe thart agus mé i gcineál de aisling. Dhruid mé mo shúile roimh an tsaoghal gharbh, chorrach, chnapánach, eascáirdeach, agus chruthuigh mé tír áluinn bhláthach thorthach fá mo choinne féin. Ba iad sin na laethe breághtha, a shagairt. Faraor géar gur scabadh an aisling agus gur fágadh ar an bhlár mé. An bhfaca tú ariamh uisce glan ciúin, a shagairt? Scáile
na spéire agus na néaltach thíos ann - fiche amharc áluinn na luighe anns an ciúineas. Ar amharc tú ar an uisce sin agus ar smuaintigh tú gurbh é rud a bhí ann casán go Tír na h-Óige? Agus an dtáinig gasúr gan chéill thart agus ar chaith sé cloch isteach 'sa pholl, ag milleadh an iomláin? Sin mar d'éirigh damh-sa. Acht bhí lúthgháir mhór amháin agus a luach de bhuaidhreadh i ndán damh sul a dtáinig sin orm. Ó, 'Nábla a chroidhe, cá bhfuil tú anocht? … IV Ní rabh sí cosamhail le cailíní na h-áite, a shagairt. Bhí sí ní ba mhíne, ní b'uaisle. Bí ceol i nglór a cinn agus áil- neacht ann gach bogadh dá ndéanadh sí. Bhí súile aicí mar bhéadh loch sléibhe ann - domhain, ciúin, dorcha. Ní rabh sí callánach ná béal-scaoilte mar is minice a bíos an óige. Ba í a bhí ciúin, caoin, cineálta, mar bhéadh brat síoda eadar mo chroiceann tanaidhe agus droighean agus dreas an tsaoghail. Agus nach mé a bhí dóirte daoithe, a shagairt. Ní rabh a leithéid de ghrádh i gcroidhe aon duine eile de shíol Éabha ariamh. Ní'l i bhfuath acht taobh an scáile de'n ghrádh, agus tá a fhios agat féin go bhfuil fuath ann mo chroidhe-sa nach bhfuil a leithéid eile i nádúir dhaonna. Bhí an grádh a bhí agam ar Nábla ion-churtha leis an fhuath sin. D'fhulaingeóch- ainn biadh míoltóg a dheánamh de mo cholainn ar a son. Bhéarfainn m'anam ar a son, agus ar ndóighe, rinne mé ní ba mhó ná sin, chaill mé é ag baint a h-éirce amach. Níor ghoill an saoghal orm ariamh go dtí seo. Ní rabh buille dá rabh Nábla 'fhághail nach rabh ag tabhairt níos mó 'phianpháis damh ná mo chuid féin. Bhí dhá chorp agus dhá anam agam ó sin suas, agus dá chroich ar mo ghuailneachaibh. Bliadhain is fiche a bhí mé nuair a casadh orm í. Ní bhfuair mé posta ar bith indiaidh fhad agus chaith mé ar sgoil, agus ní rabh mé ag deánamh dadaidh acht ag spidireacht fá'n bhaile. Ní rabh meas madaidh ag m'athair orm. Acht níor ghoill sin oiread orm nuair a bhí Nábla agam. Trí bliadhna fichead a bhí mé nuair a pósadh sinn. Bhí
cúpla lá againn a rabh "solus as an spéir agus deallramh ó'n ghréin." 'Na dhiaidh a tháinig an doineann agus an dorcha- das. Bhí m'athair ar an daoraidhe liom. "Níor ghnóthuigh mé a dhath ariamh air," a deireadh sé, "agus anois tá sé ar shiubhal uaim 'na ghasúr. Go dtéidh órdóg an bháis ar mo shúil, is ní dhallfaidh sé mo dhorus. Pighinn de mo chuid airgid ní fheicfidh sé, ná fad a choise de mo chuid talaimh. Barraidh- eacht a chaill mé leis." Acht ní rabh beinn ar bith agam air. D'fhág Seán Ó Dochartaigh teach agus talamh agam, agus bhí áit suidhe agam gan a bheith buidheach de m'athair. Acht bhí me sa chrích aige, ar an droch-uair dúinn araon. Ní rabh sé 'na chomharsa mhaith ag aon dhuine, acht bhí sé dubh ar fóghnamh dúinne. Lá suaimhnis ní thug sé dúinn. Bhíthear ag deánamh éagcóra éigin i gcomhnaidhe air, má b'fhíor dó féin. Bhí an t-eallach ag gabháil thar an chrích, ná bhí an madadh ag marbhadh a chuid éanlaithe, ná bhíthear ag goid a chuid mónadh. Ní'l a fhios agam ar shíl sé go rabh sin uilig amhlaidh, ná ar chum sé na sgéaltaí sin le neart droch-chroidhe. Acht thug sé ár sáith féin dúinne. Chaith muid trí bliadhna annsin, ag iarraidh ár mbeatha a bhaint as an ghiota talaimh. Is iomdha fear a bhéadh beo air, acht chaith mise oiread de mo chuid ama i gcionn leabharthach agus gur chaill mé an dóigh le mo bheatha a thabhairt a dtír - an rud a dtugann na daoiní fios gnaithe air. Bhí mé ciotach, bhí mé neamartach, bhí mé scapthach. Nuair a bhí mé dhá bhliadhain anns an áit, b'éigean damh píosa talaimh a dhíol le mo chuid fiach a íoc. Thoisigh an mí-ádh a theacht go tiugh orm. Thainig aicid na scamhán orm agus chuaidh mé go dorus an bháis. Ní thainig mé chugam féin go cionn leith-bhliadhna 'na dhiaidh. Bhí mé a chomhair a bheith amuigh ar an dorus an t-am sin. Ní rabh an dara suidhe sa bhuailidh ann acht mo chuid talaimh a dhíol. Bhí m'athair mór liom an t-am seo, agus cheannuigh sé an talamh uaim. Bhí mé ag iarraidh margadh a dheánamh leis, an teach a fhágáil ag Náblainn go cionn bliadhna, go bhfaghainn áit a dheánamh daoithe. Ní dheánfadh, acht d'ofráil sé sinn a leigean isteach ann a theach féin, siocair é a bhí go h-anásta gan bean toighe ar bith aige. Mo chreach agus mo chrádh nár imthigh muid araon as an tír, sul ar thoiligh mé mo Nábla a chur i n-áit a cartuighthe. D'fhág mé istoigh aige í, agus d'imthigh mé go h-Albain a chuartughadh oibre. Is beag a shíl mé, a Dhia, gurbh é sin
an t-amharc deireannach a 'tchífinn oirthí. Is beag a shíl mé go - och, a Íosa Críost, nuair a smaoitighim air. V 'Seadh, a shagairt, bhí mé ag deánamh dearmuid duit, ag meabhrughadh ar mo mhí-rath. Chuaidh mé go h-Albain - nach sin an áit 'ar stad mé - agus má chuaidh, níor mhó an sógh ná an t-anró. Ní rabh mé i n-Albain ariamh roimhe. B'éigean damh a dhul imeasg daoiní garbha, callánacha, a bhí salach eadar chorp agus anam agus theangaidh. Chuartaigh mé obair agus fuair mé í. Amuigh san tír a bhí mé ag deánamh fóghmhair, mar deir na fir. Ní rabh oiread dhe shuim ag an bhrúid maighisteara ionnam féin ná anns na fearaibh a bhí ann mo chuideachta, acht oiread le madaidh. Acht níor mhór liom a bhfuileónainn ar son Náblanna. Anois agus arís chuireadh sí leitreacha chugam, leitreacha a thógadh an brón de mo chroidhe. Bhí siad lán de chainnt gheanamhail, shásta, agus 'na dhiaidh sin bhí rud éigin fighte 'sa chainnt mar bhéadh snáithe dubh fighte i ngréasán gheal - rud brónach éigin a rabh sí ag coinneáil cluaine air. Lá amháin fuair mé leitir, agus an dá luathas agus chonnaic mé í, bhuail sé isteach ann mo cheann mé go rabh rud éigin cearr. D'fhoscail mé an leitir agus crith ar mo láimh. Níorbh í Nábla a chuir í acht a deirbhshiúr, agus bhainfeadh sí deóra as croidhe na gcloch glas. Bhí an créatúr 'na luighe tinn. Bhí sí ag éileamh le tamall, agus ní rabh sí chuicí féin ar dóigh nuair a thuit sí féin agus an seanduine amach le chéile. Chaith sé amach ar an dorus í ' an t-ainspiorad! - oidhche na seacht sian. Leis an anró a fuair sí an oidhche sin rinneadh í a ath-leagadh, agus bhí sí 'na luighe 'toigh Nóranna. Thaobhuigh Nóra liom deifre a dheánamh má ba mhaith liom breith beo uirthí. Ní bhfuighinn aon traen go dtí maidín an lae ar na bhárach. B'fhuide liom an tráthnóna sin 'ná mí. Bhí mé a chomhair a bheith as mo mheabhair. Níor chodluigh mé aon néall an oidhche sin, acht ag tionntódh ar mo leabaidh agus mo chroidhe dá ithe le h-imnidhe go dtí gur nocht ball bán ar an lá. Bhí mé ar mo chois teacht dheirg an dá néall, ná ní thiocfadh
liom luighe. Bhí mé go díreach réidh le h-imtheacht nuair a tháinig duine le srangsgéal chugam. Shíl mé go dtuitfinn as mo sheasamh nuair a chonnaic mé é. D'fhosgail mé thaire reatha é. Tháinig ceo ar an pháipéar agus ní thiocfadh liom a léigheadh. Fá dheireadh d'éirigh na focla seo amach as an doiléireacht: "Fuair Nábla bás ar an dó a chlog aréir." VI Ní'l cuimhne ar bith agam goidé mar bhain mé an traen amach, ná goidé mar tháinig mé trasna ar bórd na luinge. Bhí mé mar nach mbéadh a fhios agam go rabh mé ann ar chor ar bith. An chéad rud is cuimhin liom indiaidh an sgéala a fhágháil, mé a bheith 'mo sheasamh os coinne toighe táibhirne i nDoire. Chonnaic mé triúr fear astoigh agus iad ar leath- mheisce. Sheasuigh mé agus bhreathnuigh mé an pléisiúr a bhí orthú, agus an neamh-iongantas a bhí siad a dheánamh de'n tsaoghal mhór. Níor ól mé aon deor ariamh roimhe sin, acht smuaintigh mé go m'bhféidir go gcaithfeadh an bhiotáilte an buaidhreadh as mo cheann. Isteach liom. Sgairt mé ar bhiotáilte de'n cheathrair againn. Nuair a bhí mo leath- phionta ólta againn tarraingeadh ceann eile. D'imthigh an brón agus thainig an lúthgháir agus an meadhar. Tá cineál de mhear-chuimhne agam go rabh callán agus troid againn agus gur caithadh amach ar an tsráid sinn. Tháinig mise chugam féin eadar sin agus tráthnóna, agus nuair a tháinig, tháinig an brón agus an chumhaidh arís orm. Chuaidh mé ar an traen. An chéad tamall ní rabh aon dhuine sa charr acht mé féin. Ba ghoirid go dtáinig triúr eile isteach. Ceannóchairí eallaigh a bhí ionnta, agus iad ar meisce ná a dheas do. Bhí aghaidheanna dána dearga orthú, agus an dubh-challán acú, ag strócadh mionna mór agus ag amhthroid. Ní dheárn siad iongantas ar bith damh, i dtús ama, ná mise daobhtha acht comh beag. Bhí go leor ar m'intinn. Shuidh mé annsin agus an traen ar sodar fríd dhuibheagán na h-oidhche; cnuic mhóra go doiléir eadar mé agus léas; scáilí thart fá na fuinneógaibh; uaigneas mór thart orm, uaigneas mór ann mo chroidhe. Bhí an t-uaigneas sin mar
scarfaidhe leath mo chroidhe ó'n leath eile. Ní rabh faoiseamh le fágháil agam. Thoisigh mé a ghlacadh feirge. Thainig fearg orm liom féin, leis an tsaoghal mhór, leis an Chruth- uightheoir a rinne an saoghal agus a d'fhág é mar bhí sé, agus leis an athair a ba chúis le mé a bheith i mbuaidhreadh. Bhí sé de nádúir ariamh ionnam m'fhearg a choinneáil agam féin. Is sáith duine ar bith de locht é, a shagairt. Ná bíodh aon duine 'na dhiaidh ar an té a chuireas tallann feirge thairis, nó is feárr dó sin míle uair ná leigean de'n racht agus de'n rothán an croidhe a ithe as. Tháinig smuantigheacha duibh- néaltacha fríomh, acht thóg mé m'umhail daobhtha agus chuaidh mé a bhreathnughadh na bhfear a bhí os mo choinne. Bhí siad ag diospóireacht fá eallach, agus gan duine ar bith acú ag fanacht leis an duine eile. Ní thiocfadh liom a bheith ag éisteacht leobhtha. Chuir mé mo lámh ann mo phóca agus tharraing mé amach an leitir dheireannach a chuir sí chugam. D'amharc mé ar lorg a láimhe agus chuaidh dioth fríom ó bhathais go bonn. Léigh mé cupla líne, agus le sin fuair mé sólás. Chonnaic mé í. Bhí sí cóirighthe i n-éideadh a bhí mar bhéadh sneachta ann. Bhí aoibh aingil uirthí. D'fhosgail sí a béal mar bheadh sí ag gabháil a labhairt… Fuair mé brúid mhór mhadramhail dhearg ag stánughadh orm, agus amharc na meisce ann a dhá shúil. Le sin sínidh sé a lámh agus sciobaidh sé an leitir uaim. Tachtadh le feirg mé. A rádh 's de go mbeirfeadh an t-ainmhidhe sin ar mo leitir - ar leitir Náblanna, gan mo chead. D'iarr mé air an leitir a thabhairt damh. Mhalluigh sé mé. Chuaidh an mhuinn- tear eile a gháiridhe. Bhain siad mo mhí-apaidh ar ar fad asam. Bhí sé dhá uair comh toirteach liom, acht bhí mé caoch le feirg. Thug mé léim air agus throid mé le lámhaibh agus le cosaibh agus le h-eangaibh agus le cárr. Sin a rabh ar a shon agam. Bhí an fear sin comh láidir le beirt de mo sheort. Bhrúigh sé agus thacht sé mé agus chuach sé siar faoi'n tsuidheachán mé. Bhuail sé annsin mé le na bhrógaibh isteach 'sna h-asnacha go dtí go rabh sé tuirseach. Fá dheireadh chaith sé chugam an leitir agus shuidh sé, agus thoisigh an triúr a mhagadh orm. Dá mbéadh arm agam an t-am sin mhuirbhfinn an triúr fear sin. Dá mbíodh a gcuid fola 'na tuilteachaibh ar an urlár ní mó ná go sásochadh sé m'fhearg. Chuir mé mo sheacht mallacht leobhtha nuair a chuaidh siad amach ag an darna stad.
Acht níor shíothluigh m' intinn le na linn. Bhí sí mar bhéadh blár uaigneach ann, agus gaoth dhubh agus imir de bhladhairíbh dearga inntí, ag scuabadh thairis - cosamhail leis an ghaoith a bhíos ag séideadh trasna leacacha Ifrinn. Nochtadh aghaidh éigin de bheirt ar an bhlár sin - ceann acú, aghaidh dhearg mhadramhail an cheannaidhe, agus an ceann eile aghaidh mhuirneach Náblanna. VII Tháinig mé amach nuair a stad an traen ag Léim an Fhéidh. Bhí oidhche ghruamdha smúid-ghealaighe ann, agus gaoth fhuar ag éagcaoin fríd an ghleann. D'imthigh mé liom, agus soluis ag damhsa ar gach taobh díom. Ní rabh solus ar bith agam-sa le tarraingt air, ná teine ná dídean. Ní rabh romham acht an roilig fhuar dheileóir, an áit nach rabh solus ná gáire ná croidhe duine ag bualadh. Ag dul siar Ailt Mhín na Gleig damh tháinig an chéad diabhail trasna an chaoráin agus chuir sé cogar ann mo chluais - díoghaltas. Tháinig ceann eile 'sna sálaibh aige, agus na manadh céadna aige - díoghaltas. Tháinig siad 'na ndeich- neabhraibh, 'na gcaogadaibh, na gcéadtaibh. Díoghaltas! Tá an cineadh daonna 'na námhaid agat, tá tú 'd'asair-chosáin faoi shálaibh salacha síol Éabha. Díoghaltas! Tá fiacha fola ar d'athair agat, ó's é a mharbh do chéile leaptha. Díoghal- tas! Le h-olc ar an Dia a chruthuigh thú agus a thug fuath duit an chéad anál a tharraing tú… Bhain mé an roilig amach. Luigh mé ar an uaigh. Goidé an mhaith a bhí damh ann? Ní rabh ann acht créafóg agus tombaí tárnochta. Cad chuige ar chuir siad síos annsin í? Sgairt mé uirthí. Bhí sí comh bodhar le creig. Bhí an chréafóg i n-a cluasaibh. B'fhéidir go rabh péisteógaí ionnta. B'fhéidir go rabh cnumhóg cháidheach ag ithe an chroidhe aistí. Uch!… Thug mé m'aghaidh ar an teach ar chaith muid seal d'ar saoghal ann - seal aoibhinn sásta sul a dtáinig an buaidhreadh. B'uaignighe é 'ná an uaigh. Bhí tom na h-aitinnighe faoi'n teach - an áit 'ar ghnáthach léithe suidhe 'sa tsamhradh - ag longadán anns an ghaoith mar bhéadh sé ag mairgnigh fá'n
bás. Bhí na fuinneogaí mar bhéadh súile daill ann. Bhí lustán ag fás ar an teach. Bhí an dorus ag éirghe liath agus na ballaí ag eirghe glas. Sheasuigh mé agus d'amharc mé air. Fad ó shoin nuair a bhí mé 'mo ghasúr, bhínn ag feiceáil aislingí - aislingí aoibhne grianmhara. Ba bheag a smuaintigh mé gur seo mo shaoghal - sean-chró folamh agus lustan ag fás air. VIII Bhí solus anns an teach a bhí thall faoi bhun an chnuic - an teach a dtáinig mé chun tsaoghail ann, agus a bhí 'na dhídean ag mo námhaid anocht. Bhí sé 'na shuidhe ag an teinidh. Ní rabh mórán dá bharr aige, gan mac nó nighean nó céile mná aige i ndeireadh a shaoghail is a laethe. Ghlac mé truaighe de m'athair. Bhí mé 'sa dóigh a dtarraingeóchadh smuantiughadh ar bith leis mé mar bhéadh cleite a d'imtheóchadh ar bhárr na gaoithe. Acht níor mhair an tallann sin i bhfad. Thigeadh smuain- tigheacha seachránacha fríd mo cheann ariamh; gach ceann ag tarraingt ceann eile, go dtí go mbéadh an ceann deireannach leithead intinn duine o'n chéad cheann - agus sin an leithead is mó ar an domhan. Thug m'athair ann mo cheann lá amháin deich mbliadhna roimhe sin. Bhí mé 'mo shuidhe ar charraig ar bhruach na h-abhna, agus ceol an easa ann mo chluasaibh. Bhí leabhar beag filidheachta agam. Tháinig mé go dtí amhrán a rabh an chainnt seo ann: "Tá caisleáin fhada gheala agam agus iarluigheacht fúm." Chuir na focla tuile aoibhnis fríd mo cholainn. Caisleáin fhada gheala! Bhí cuid de i gceol na canamhainte, creidim. Bhí mórán de anns na cúirteannaibh ceo a rinne mé ann m'intinn féin, mar bhéadh cosamhlacht a thcífeadh duine i néal- taibh geala samhraidh. Ní'l mé ag meas gur bhain mé an chiall as na foclaibh a bhí ag an fhile a chum iad leo. Ciall aistidheach eile, ná díth-céille, a bhain mé asta. Is minic a chualaidh mé na sean-iondairí ag seanchas fá dhaoinibh a thcífeadh daoiní-beaga nó spioraid de chuid an tsaoghail eile. Thigeadh rud éigin orthú i gcómhnaidhe a bhéar-
fadh orthú a súil a thógáil de'n neach, agus nuair a d'amharcadh siad arís bhíodh an neach ar shiubhal. Tógadh mo shúil se de na "Caisleáin Fhada Gheala" go garbh agus go tobann. Thainig m'athair orm. Tharraing sé an leabhar as mo láimh agus stróc sé í, agus theisbeáin sé damh an áit ar ith an mhaol riabhach, a bhí mé a bhuachailleacht, a ghiota geamhair. Ba sin mise is m'athair ariamh - duine againn ag brionglóidigh fá Chaisleáin Fhada Gheala, agus an duine eile faoi imnidhe ag an mhaoil riabhaigh agus ag an gheamhar. Thainig an tuile mhillteanach feirge fríd mo chroidhe. Thoisigh na deomhain arís. Chuir siad a gcuid fiacal ionnam agus d'fhosgail siad gach sean-chneach dá rabh orm. Thoisigh mé a tharraingt pioctúireach ann m'intinn. Chonnaic mé mé féin ag siubhal 'fhad le m'athair, agus gan ag labhairt focail acht ag amharc isteach 'sna súilibh air, isteach 'sa chroidhe dhubh air, go dtí go dtáinig dath bán air agus gur thuit sé ag mo chosaibh. D'agair sé mé maitheamhnas a thabhairt dó. Chuir mé mo chos uaim leis agus d'fhág mé 'na luighe annsin é mar bhéadh uath-phéist ghránna ann. D'imthigh sin agus tháinig amharc eile os mo choinne. Bhí mé ag tarraingt ar theach m'athara anns an oidhche. D'fhosgail sé an dorus agus chuir an ghealach luinnir bháithteach i n-a shean-ghnúis. D'amharc mé isteach san aghaidh air agus dubhairt mé focal amháin leis; Dúnmharbhthóir! Dhruid sé an dorus agus d'imthigh sé i bhfolach… Chonnaic mé teach an phobail, agus na daoiní uilig i láthair, ar maidín Dia Dómhnaigh. Chuadh mé suas ar bhalla theach an phobail agus m'athair liom ar ghreim gualanna. Labhair mé leis an phobal. D'innis mé daobhtha an éagcóir a rinneadh orm, go dtí go rabh siad uilig ag smeacharnaigh agus na deóra ag teacht leo. Theisbeáin mé daobhtha goidé ba chúis le bás mo mhná, an fear a bhain mo chuid de'n tsaoghal díom agus d'fhág mé go deileoir. D'iarr mé ortha a mallacht a chur air, é a sheachaint, gan labhairt 'sa bhealach leis, ná amharc air. D'eirigh callán fríd na daoinibh; bhí siad ar aon gháir amháin, ag eascaine ar an tseanduine ghránna. Thigeadh tamall orm nach mó ná go mbíodh sé de thoil agam lámh ná cos a bogadh, acht ag meabhrughadh agus ag eiteallaigh eadar dhá chomhairle. Amach as a lár sin thigeadh tallann orm nach rabh cluain le cur air. Tallann acú seo a chuir go dorus m'athara roimhe an lá mé. Smuaintighim corr uair,
a shagairt, agus bheir sé faoiseamh beag de mo náire, gurbh eadh r'd a bhí greim ag deomhan éigin orm an oidhche udaidh agus nach rabh neart agam ar mo ghníomharthaibh. Chuaidh mé anonn go dtí an dorus, agus bhuail mé. Mhothuigh mé duine ag bogadaigh agus ag osnaighil astoigh. Bhuail mé arís. "Cé sin?" arsa'n glór. Bhuail mé arís go borb, agus scairt mé leis an dorus a fhoscladh. Seal mór fada, dar liom, a b'éigean damh fanacht sul ar mhothuigh mé trup na mboltaí dá mbaint. Is cumhain leat gur dhubhairt mé go rabh nádúir m'athara agus mo nádúir-sa comh h-éagcosamhail le dhá nidh ar bith ar an domhan chláir - nádúir shaoghalta shanntach agus nádúir fhiliúnta. Nuair a nocht sé chugam an oidhche sin, bhí iomlán a chuid saoghaltachta agus sainnte comh soiléir agus gur chuir siad gráin uathbhásach orm. Bhí coinneal i láimh de na chuid agus smaichtín de bhata throm anns an láimh eile. Thuig mé na smuantigheacha a b'uaignighe ann a chroidhe; bhí eagla air gur gaduidhe a bhí ionnam, ag teacht san oidhche go ngoidinn na pighneacha airgid a bhí anns an spaga aige. Bhí sé oiread i n-aghaidh mo nádúire 'na sheasamh annsin, agus nach rabh foighde agam amharc air. Ba é seo an an- chuma a chuireadh grádh airgid ar anam duine!… Acht ní thig liom na focla a luadh a innseóchas an chuid eile de'n sgéal. Ó, na buillí sin! Orú, an sgreadach! Orú, an fhuil sin! Agus, a Dhia, an ceann liath sin agus na tuil- teacha dearga 'ghá bhreacadh! Ó, mo mhire! mo mhire! mo mhire!… XI Bhí maidín bhreagh ghlan chiúin ann, maidín dheireadh Fóghmhair, agus mé 'mo sheasamh ar an laftán, ag fanacht leis an chéad traen ag Léim an Fhéidh. Bhí mé aníos agus síos go corrach crith-eaglach. Shíl mé gur cheart do'n bhealach a bhí faoi mo chois, agus do na h-éanacha a bhí ag seinm, agus do'n eas a bhí ag búirfidh taobh thall díom, fios a bheith aca ar an rún a bhí mar bhéadh luaidhe throm theith ann mo chliabh. Tháinig fear an staid amach agus d'amharc sé orm. Baineadh stad as,
chonnaiceas damh. Ní rabh ann acht nár dhubhairt mé: "Chualaidh tú gur mharbh mé é." D'imthigh mé as an áit a rabh siubhal na ndaoiní oirthí. Sul ar fhág mé an bealach mór casadh tachrán beag orm. Ní rabh sí os cionn chúig mbliadhan de aois. Ní'l aon nidh, ná aon chréatúr ar an domhan comh beannuighthe le leanbh. Chuir a folt catach bán, agus a súile glana luinnireacha agus a h-aoibh a ba deise ná éirghe na gréine - chuir siad uathbhás ar mo chroidhe dubh sgólta. A Dhia, nach iongantach Thú, a leigeas dá leithéid de bheirt a bheith beo ar an talamh amháin. Bhain mé an sliabh amach. Ní bhéadh a fhios ag na sean- fhathaigh a bhí 'na luighe i suan ó bhí tús an tsaoghail ann, goidé an seort créatúir mé. Níor bhog siad le linn mé druidim leo. Níor bh'fhiú leo íongantas a chur i gcréatúr comh beag éadtreórach liom. Bhí mé ag siubhal an fhraoich go rabh tráthnóna ann. Corr-uair nochtadh fairgneadh beag toigh- theach i n-ascaill sléibhe. Acht cé go rabh an t-ocras do mo bhualadh, ní rachainn dá gcomhair. Uair amháin, chonnaic mé fear eadar mé agus léas ar bhárr cnuic. Theich mé mílte as a bhealach. Nach mb'fhéidir gur péas a bhí ann, a bhí ag cuartughadh - daoiní a mharbh a muinntir? Thainig an oidhche orm. Leathnuigh an dorchadas é féin ar an tsliabh. Bhéarfainn mionna go rabh na cnuic mhóra ag srannfaigh, ag tarraingt achan anál mhillteanach a shiabfadh cathracha, acht go bé go rabh siad comh ciúin, mall-triallach. Bhog feochán cianach gaoithe fá bhun Shliabh Sneachta. Chuaidh sé a dh'eascaine orm fá mo dhroch-ghníomharthaí. Bhí sé ag cur cruaidh orm. Thoisigh glórthaí a theacht fá na gleanntaibh, agus taiseannaí. Bhí an sliabh ag éirghe beo. Bhí sé ag doicheall romham, eisean nach dteárn doicheall roimhe aon dhuine 'riamh. Cá rachainn, 'm'aon bhocht mhalluighthe ag teicheadh trasna an tsaoghail; láimh Dé ag mo dhruim, cos Dé ag mo shálaibh, fearg Dé ag cruinniughadh os mo chionn? Shuidh mé síos fá dheireadh a dheánamh mo sgíste. Bhí mo dhá chois marbh leis an tuirse. Bhí ocras orm. Bhí eagla agus uaigneas orm. Bhí mo chorp agus m'anam uilig i bpianaigh. Luigh mé ar shlait mo dhroma 'sa fhraoich, agus dh'amharc mé anáirde. Bhí trí cheathramhadh gealaighe ann, ag seoladh go bródamhail ar an spéir. Le linn mé amharc oirthi, fuair mé sólas. Bhí sí ag sileadh sonais agus sogha
ar an domhan mhór. A ghealach gheal dhílis, dar liom féin, nár mhéanáir dá gcromfá anuas orm agus mé a áirdiughadh leat, mar rinne tú fad ó shoin le Dómhnall Mhac na Bain- treabhaighe! Nár dheas a bheith 'mo luighe ar do ghualainn ghléighil ag coimheád ort ag tiomáint na solus agus na scáilí trasna na gcnoc, mar bhéadh sréadaidhe a mbéadh sgaoi caorach dubh agus bán aige. Nár mhéanáir - acht siud néall donn ar shiubhal trasna ar ghnúis na gealaighe. Chuir sí sgáth eadar í féin agus an droch chréatúr. D'éaluigh mé síos gleann dubh domhain. Bhí sé comh domhain agus go rabh sgáile trom uilig air. Thíos ann a lár bhí loch chruinn dhomhain. Ní fhacaidh mé aon loch ariamh a bhí comh domhain, nó comh dorcha nó comh duibheagánach leis an loch sin. Sheasuigh mé ar bhruach fraoich agus d'amharc mé isteach inntí. Bhí sí comh ciúin le leic ghloine; d'fhéadfá, dar liom, ceairtlín dorga a bhéadh comh mór leis an Eargal, a leigean síos inntí agus gan an t-íochtar a bhualadh. Bhí scáilí scáthmhara inntí. Chonnaic mé neach mór millteanach ag teicheadh trasna na locha, agus neach eile 'na dhiaidh agus a lámh sínte ag iarraidh breith air. Bhí aghaidheanna anns an loch sin, aghaidheanna bána taidhbhseacha a bhí comh mór le néall de chuid na spéire. Bhí spioraid agus deamhain ann, mar bhéadh sgáilí ann, agus iad ag éalódh go mall-triallach trasna an locha. D'imthigh na taiseanna, agus d'éirigh an t-uisce comh glan comhthrom, eadar a bheith 'na sholus agus 'na scáile. Bhí suaimhneas mar shuaimhneas a bíos anns an tír ag gabháil ó sholus de - ní h-eadh, acht shíothchaimh síorruidhe a bhí ann a gnúis. A Dhia, nár dheas an áit í le mo leabaidh a chóiriughadh. Dá mbéinn 'mo luighe annsin ar thóin an locha sin, ní bhéadh pian ná imnidhe i n-innimh a mbealach a ghearradh fríd na feadhannaibh fada fionnfhuara a bhéadh síolthuighthe os mo chionn. Thiocfadh brionglóideacha suaimhneacha thart fá dtaobh díom, agus líonfadh an sogh mo cholainn bhocht go smir an chnáimh. Ní thiocfadh liom a innse cá fhad a chaith mé ag amharc isteach sa loch seo, ag meabhrughadh agus ag síormheabhrughadh. Níor mhothuigh mé go dtainig caochlódh air. Anuas an gleann le siothmhadh gaoithe. Dhorchaigh an spéir agus thoisigh na deora a theacht. D'imthigh an dreach áluinn de'n loch. Tháinig gruaim - smúid - rinn uirthi. Thoisigh scaileógaí beaga confadhacha a dh'eirghe daoithe. Ní rabh iarraidh ar bith aíci
orm; chuir sí cuil uirthi féin, ar eagla go mbéinn ag brath a cuid uisce shoineannta a shalughadh le mo chnámhaibh malluighthe. Thug mé cúl mo chinn léithe agus an síon do mo chriathrughadh. Shiubhail mé léab mhór shléibhe go seachránach, go dtí gur fágadh thíos i ngleann mé, an áit a rabh bealach mór. Bhí sé ag cur air i dtólamh, agus bhí gaoth mhór agus fearthainn ann a bhí léanmhar go deo. Bhí splanncacha ag réabadh agus táir- neach ag roiseadh thart orm. Bhíthear 'ghá mo sheilg de dhruim an domhain. Shuibhail mé giota beag leis an ghaoith, agus mé ag imtheacht roimhe achan séideán mar bhéadh sop cocháin ann. Bhí achan bhúirfe agus achan siothmhadh ag an ghaoith agus bhéarfainn mionna duit go rabh sí ag bagar agus ag mal- lachtaigh orm. Bhí an fhearthainn 'ghá mo ghreadadh sa chloiginn mar bhéadh na mílte sgiúirsí ann. Bhíthear ag baint na h-anála díom agus mé ag cleitearnaigh siar an bealach righin uaighneach udaidh. Thart coradh liom agus fágadh ar bhlár fhoscailte mé. Bheir iomghaoth uathbhásach orm. Chraith sí agus d'uthbhairt agus shiabh sí mé mar bhéadh sí ag brath mo chnámha a roinnt ar gach creig anns an sliabh. Chuaidh an fhearthainn fríd mo cheirteach mar bhéadh pileáir ann. Bhléasc splannc isteach anns an dá shúil orm: shíl mé gur dhóigh sí an ghruag ar mo cheann. Mhothuigh mé a boladh ann mo ghaothsán. Agus 'na diaidh tigidh an rois tháirnighe a ba mhillteanaighe a cluineadh ó rinneadh an domhan. Rinne sí tormán mar bhéadh na sléibhte thart timcheall orm ag scoilteadh ann a lár agus ag tutim, 'na gcunamar anuas le fánaidh. Thug mé iarraidh ar fhoscadh, agus mé mar bhéinn dall, bodhar balbh, gan mhothughadh. Ba léir damh go deachaidh mé isteach ar gheafta, agus go gearr 'na dhiaidh, fuair mé sgath os mo cheann. Bhí mé i dteach pobail. Bhí sgaradh oidhche agus lae ó chéile ann, agus bhí an teampall leath-dhorcha. Bhí na ballaí bána scáthmhar. Bhí an solus beannuighthe os coinne na h-altóra agus é go buan, ciúin foighdeach. Theich mé o'n tsolus sin agus o'n chroich chéasta mar dhéanfadh diabhal as ifreann. B'fhearr liom an doineann agus an táirneach 'ná aghaidh a thabhairt ar Mhac Dé céasta ar an Chroich. Cé ariamh a chéas mar chéas mise? Bhí an doineann ag socrughadh. Shuidh mé i gcois claidhe agus rinne mé mo sgíste. Bhí mé ag tuitim as a chéile le
tuirse, le fuacht agus le h-ocras. Shuidh mé annsin fada buan, ag breathnughadh mo dhóigh'. Thoisigh mé a fhágháil mo chéille. Thuig mé go mbéadh lámh Dé 'mo dhiaidh achan áit a rachainn, go rabh an saoghal mór ag doicheall romham, ach nach rabh faoiseamh ná foscadh le fágháil i n-áit ar bith ag an dún- mharbhthóir. Bhí a fhios agam go mbéadh an ghruag liath agus an fhuil dhearg - Och a Mhic Dé! - ann mo shúilibh go lá mo bháis. Bhí a fhios agam go mbéadh an séala ar m'éadan a d'aith- neóchaidhe, ba chuma cá rachainn o'n áit ann a rabh mé go mbéinn anns an Domhan Thoir. Goidé a dheánfainn? Thóg mé mo shúil agus bhí beiric thall 'sa ghleann os mo choinne. D'éirigh mé agus shiubhail mé caol díreach anonn. Sin anois uilig agat é, a shagairt. Bhí sé comh nimhneach an sgéal a aithris agus bhí sé a theacht fríd an phianpháis uilig. Tá mé tuirseach, a shagairt. Tá mé mar bhéadh duine tinn a bhéadh ag socrughadh i ndiaidh taom mhór a chur de. Thug an t-innse sólás damh. B'fhéidir, a shagairt, nach bhfuil mo chinneamhaint comh dona sin. Nach bhfuil sé ráidthe go dtógann Uan Dé peacaidh an tsaoghail, an chuid is truime agus is duibhe acú. Tá teinte tréana i bPurgadóir. B'fhéidir nach bhfuil sé peacach agam a bheith ag smuaintiughadh go nglanfadh siad an smál roimhe Lá an Luain. A Mhuire mhuirneach, as béalaibh Ifrinn agraim thú, mé a chosaint ar do Mhac millteanach. (An Deireadh.)
TEAMPALL CHONCHUBHAIR Is iomdha fearthainn agus fuacht Is struirm chuain do chuiris díot, Ó tiodhlacadh thú ar dtús Do Righ na nDúl mar thigheas. - Seán Ua Coileáin. 'Tchítear damh féin go bhfuil cuma ar chuid cladach Thír Chonaill, go bhfuil siad níos sine 'ná áit ar bith eile dá bhfaca mé ariamh. Thig dreach na h-oige ar chuid fearann féarmhar na tíre nuair a thig an t-Earrach, acht ní thógann Earrach ná Samhradh an ghruaim de na creagachaibh breaca, de na cladaigh dhubha, ná de na méiltibh loma gainimh atá i dTír Chonaill Thiar. Tá a shliocht ortha, tá stair agus seanchas fá na sean- chreagachaibh céadna. Sean-seanchas ársaidh uasal atá ann mar bhéadh Fiannuidheacht ann, atá ag cur le gnúis chaithte na tíre. An chéad Samhradh a bhí mé anns na Rosaibh d'innis sean- duine sgéal damh a thaitin go mór liom. Tráthnóna amháin bhí mé thíos fá Thobar an Chonnaigh ag amharc ar an tsean teampall. Sin féin an áit ar fiú amharc oirthi. Tá léana beag glas ar bhruach an chladaigh, agus an tseanbhallóg 'na seasamh air; an fhairrge mhór amach uadh go fíorghlinnte an aeir. Uaigneas, aois, agus farsaingeach! Bhí gléas tarraingt pioctúireach liom, agus nuair a chaith mé tamall ag amharc ar an teampall, tharraing mé a phioctúir. Bhí an lúthgháir orm, go rabh a leithéid agam le teisbeáint do mo cháirde nuair a rachainn 'na bhaile go Béal Feirsde. Bhailigh mé liom mo chuid gléasraí annsin agus d'imthigh mé siar an cladach. Chonnaic mé seanduine ag tarraingt orm agus a cholann
dubh eadar mé agus léas. Thainig sé go dtí mé, bheannuigh muid dá chéile, agus chuaidh muid chun cómhráidh. Ní rabh móran aithne aige orm, ná mar dubhairt mé cheana féin, ba é an chéad samhradh damh a bheith thíos é. Ní rabh fhios ag na daoinibh c'ainm a bhí orm an t-am sin. Acht tá a fhios ag an tsaoghal anois é. Mac Seamsaigh Bhéal Feirsde a bheir siad orm, agus i n-amannaibh Mac Seamsaigh Néill Mhóir - siocair mé a bheith ar ceathramhain 'toigh Néill Mhóir. "Nach deas an teampall é?" arsa mé féin. "Maise ní'l fhios agam goidé deas atchí tú ann," arsa Roibín Chonaill Óig. "An gcualaidh tú ariamh goidé mar rinneadh é?" arsa Roibín. "Ní chualaidh, maise," arsa mé féin. Shuidh Roibín ar chlaidhe fód os mo choinne. Bhí an solus ag cur dath ann a shean-leiceann. Taobh thiar de, bhí mé ag coimheád ar an lán-mhara ghlas ar crith, agus an ghrian ag gabhail síos i n-aice na tuinne. "Bhí fear 'na chómhnaidhe anns an áit seo," arsa Róibín, "fad ó shoin. Fear tábhachtach bláthmhar a bhí ann, a bhí comh h-ionraice agus go dtug na comhrsannaí Conchubhar Cneasta air. Ní rabh aige acht é féin agus a mhac, agus bhí siad go seascair: taobh tíre de thalamh aca agus teach maith fiúntach. "Thainig droch-bhliadhain agus bhí cuid mhór daoiní ar an anás. Má bhí féin, is iomdha déirce a rinne Conchubhar Cneasta agus a mhac ortha. Acht is doiligh a dhul de na daoinibh, agus indiaidh comh fial agus bhí siad, bhíthear ag goid uatha. Oidhche amháin, arsa Conchubhar le na mhac: "Tá mo chuid préataí ag imtheacht as an sciobál; tá mé ag dul amach anocht a choimheád go bhfeicidh mé an rachaidh agam greim a fhághail ar an ghadaidhe." "Chuaidh. Eadar sin agus maidín, nuair a b'fhada leis an mhac a bhí sé gan sgéala a fhághail as an sciobál, d'éirigh sé agus chuaidh sé amach. Fuair sé an seanduine gránna 'na luighe ag saothrughadh an bháis. Thainig an gadaidhe, agus nuair a chonnaic sé gur h-aithnigheadh é bheir sé ar fhorc agus sháith sé i gConchubhar go bun na mbionglán í. "Thoisigh Conchubhar Óg a chaoineadh agus a fhiafruighe de'n athair cé a chuir 'sa chluiche sin é. Ní innseóchadh sé dó an
chead uair é. Acht fá dheireadh, d'innis sé ainm an ghadaidhe dó, ar shéala gan é trácht air le duine ar bith go bhfuaradh an bás a bhéal. "Tugadh an sagart chuig Conchubhar Cneasta agus ní mó ná gur bheir sé beo air. Nuair a fuair sé bás rinneadh a fhaire go fiúntach, agus cuireadh anns an roilig é ag cnámhaibh a mhuinntir. "Chuaidh seacht mbliadhna thart. Níor thrácht Conchubhar Óg le'n duine ariamh ar an ghadaidhe. Níor bh'fhada gur imthigh 'acha'n seort mí-rath ar an ghadaidhe. Fuair sé féin bás, agus d'fhág sé bean agus dílleachta 'na dhiaidh. Chuaidh an bhean rud beag ar seachrán san inchinn, eadar buaidhreadh an tsaoghal agus an bhoichtíneacht, agus 'acha'n chineál leis an chinéal eile. Ba é an deireadh a bhí oirthí go mb'éigean daoithe an dorus a tharraingt amach 'na diaidh agus a dhul a chruinniughadh a codach. "Lá amháin Earraigh bhí Conchubhar ag 'na shuidhe anns an sciobál ag scoilteadh póir, agus cé thainig isteach acht bean an ghadaidhe. Chaith sé gráinín préataí chuicí, agus d'imthigh sí. Acht goidé a rinne an tachrán acht cromadh a dh'amhallaigh ar na preátaí a bhí ar an urlár, agus ní rabh oiread de stuaim ag an mháthair agus gur chrothnuigh sí é. Bhí Conchubhar tamall fada ag coimheádh air, agus is cosamhail sa deireadh gur spreag an diabhal é. Bheir sé ar spáid agus rinne sé leircín de'n tachrán ar bhun an urláir. "Nuair a bhí an gníomh déanta, bhuail an t-aithreachas Conchubhar agus bhuail an eagla é. Thug sé leis corp an leinbh agus chuir sé é eadar an tuighe agus na scrathaibh os cionn fhuinneóg na cistinighe. Chuaidh cuartughadh ar an leanbh, acht ní rabh sé le fágháil thall ná i bhfos. "Chuaidh seacht mbliadhna eile thart, agus lá tuairisge ní fhuarthas fá'n leanbh, go dtí lá amháin a bhí an sagart ag léigheadh Aifrinn, toigh Chonchubhair Óig. Bhí an altóir ag an fhuinneóig aige, agus go díreach nuair a bhí sé i lár an Aifrinn, thuit deor theith fhola anuas ar an éadach gheal." Thost Roibín, mar bhéadh sé a gheall ar faill a thabhairt damh smuantiughadh ar an amharc sin. Chonnaictheas damh go rabh sé os coinne mo dhá shúl - an teach lán, an altóir bheag gheal faoi'n fhuinneóig, agus an sagart ag rádh: "Hic est enim calix sanguinis mei." Le sin tuitidh deor fhola, mar bhéadh an Slánuightheoir ag dórtadh A chuid
fola go so-fheicseanach arís. Chonnaic mé an stad a baineadh as an tsagart. "An dá luathas agus thuit an deór," arsa Roibín, "d'aithin an sagart go raibh rud éigin cearr. Thug sé ar na fir an tuighe a bhaint de'n teach, agus fuarthas corp an leinbh, agus gan lobhadh ná críonadh air acht oiread leis an lá a marbhadh é. Nuair a chonnaic Conchubhar Óg seo, chaith sé é féin ar a dhá ghlún faoi an tsagart agus rinne sé a fhaoiside. "''Shagairt," arsa seisean, "creidim nach bhfuil maitheamh- nas i ndán damh?" "'Ní dhéarnadh aon pheacadh ariamh nach dtig le Dia a mhaitheadh,' arsa'n sagart. "Caithfidh tú an breitheamhnas aithrighe seo a chur díot sul a bhfágh' tú maitheamhnas": "'An chéad rud,' arsa seisean, 'droichead a chur ar abhainn an Choinléim.' "'An darna rud,' arsa seisean, 'teampall a dhéanamh i dTobar an Chonnaigh.' "'Agus an treas rud,' arsa seisean, 'suidhe i bhfuin- neóig an teampaill go dtaraidh éan de chuid an aéir agus go mbeiridh sé uibh ar do bhois.' "D'imthigh Conchubhair Óg agus dhíol sé a theach agus a chuid talaimh. Chuir sé an droichead ar an abhainn, agus rinne sé an teampall sin thall. Acht ba bheag an chuid de n-a phionas an méid sin. Chuaidh sé fhad leis an tsagart agus d'innis sé dó goidé a bhí déanta aige. "'Imthigh anois,' arsa'n sagart, 'agus cuir díot an chuid eile de do bhreitheamhnas aithrighe.' "D'imthigh sé agus shuidh sé san fhuinneóig. Chuaidh na laethe thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh bliadhain thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh seacht mbliadhna thart. "Lá amháin bhí Conchubhar 'na shuidhe agus gan ann acht na feirste de, nach rabh caithte ag an fhuacht agus ag an ánró. Thainig éan geal bán anuas agus shuidh sé ar a bhois agus bheir sé uibh oirthí. "Thug sé míle altughadh do Dhia agus thuit sé marbh annsin." Tá pioctúir an teampaill agam fá choinne duine ar bith ar mhaith leis a fheiceáil. I dtaca leis an sgéal, má shíleann duine ar bith nach bhfuil sé ion-chreidthe na bíodh sé ag éileamh ar Sheosamh Mhac Seamsaigh as Béal Feirsde acht labhaireadh sé le Roibín Chonaill Óig as Tobar a' Chonnaigh.
TEACHT CHEALLAIGH MHÓIR I "Agus tá lánamhain thall annsin i mBaile an Teampaill agaibh," arsa sean Séarlas a Gleadair le Donnchadh Óg Dhonnchaidh Bhriain. Bhí Donnchadh Óg tógtha le Síle, an bhean a ba óige de chuid nigheanach Shéarlais, agus ba mhinic fá'n teach é. Bhí sé 'na shuidhe ar an stól ag taobh na leabtha an tráthnóna seo, ag iarraidh cómhrádh a choinneáil leis an tseanduine, agus ag breathnughadh Shíle a bhí anns an am cheadna ag timthir- eacht fríd an teach. "Tá," arsa Donnchadh, "béidh oidhche mhór 'toigh Eoghain Uí Cheallaigh anocht." "Béidh," arsa Séarlas, "tá an rathamhnas ag Eoghan." Thost sé bomaite. "Fiche bliadhain 'gus an oidhche anocht, go díreach, a d'imthigh Ceallaigh Mór. Bhí teach buadhartha ag Eoghan an oidhche sin." Thóg Donnchadh a shúile de'n mhuineál gheal fhada a bhí ar Shíle agus d'amharc sé isteach 'sna súilibh ar an tsean-duine. "Sin dearbhráthair Eoghain. Chualaidh mé iomrádh go minic ar an fhear sin. Nach é chuaidh dhe léim trasna Pholl na Péiste?" "Rachadh sé 'léim thaire rud mheasardha ar bith, lá dá rabh sé," arsa Séarlas. "M'anam do Dhia ba é sin an fear, dá mbíodh ciall aige. Chonnaic mise - " "Goidé a chuir Ceallaigh Mór ar shiubhal as an tír, 'athair?" arsa Síle. Bhí Séarlas ag gabhail a thoiseacht ar scéal eighinteacht eile, acht thainig Síle aníos agus chuaidh sí ar a leath-ghlún ag na thaoibh, agus leag sí a lámh láidir gheal ar a ghlún. Thug sé isteach daoithe. Chuir sé a bhata 'na sheasamh díreach agus a dhá láimh ar a cheann, agus d'amharc sé isteach sa teinidh agus na bliadhanta meara misneamhla a bhí caithte ag deallramh ann a shúilibh.
"Sul a dtainig tú ar an tsaoghal, a nighean, bliadhain is fiche ó shoin, a bhí Ceallaigh Mór i dtreis. Ba bhreágh amach an giota dh'fhear é. Bhí sé sé troighthe ar aoirde, trom dá réir, agus aghaidh fir air cómh dóigheamhail agus thiocfadh leat a fheiceáil. Shílfeá Eoghan a bheith 'na fhear bhreágh fheiceálach i gcruinniughadh, acht ní rabh ann acht cleitire beag suarach le taoibh an fhir seo. A Chúirt Aingeal, an muineál a bhí air agus an dá shlinneán a bhí air! Agus an coiscéim a bhí leis! Ní bhrisfeadh sifín cocháin faoi na bhonn. Ní rabh a'n fhear bata i n-íochtar na conndae a bhí ion-churtha leis. Bhí sé 'na reathaidhe, 'na snámhaidhe, 'na charaidhe, 'na iomróir. Ní fhaca mé a'n fhear ariamh ar urlár ag damhsa ba deise ná é. Tá fhios agat an chloch mhór ghlas atá a chois na h-abhainn, faoi theach Dhoiminic Ruaidh. Thóg sé an chloch sin. Sé mo dhá shúil féin a chonnaic é. Agus i dtaca le léimneach dó, bhí sé mar bhéadh an eilit mhaol ann. Léim sé Poll na Péiste, agus léim sé Abhainn na Madadh, agus ar ndóighe tá léim Cheallaigh le feiceáil ag an tsaoghal mhór thiar ar a' Phollán Raithnighe. Theiseáin Éamonn Mhac Ailín damh-sa í an uair dheireannach a bhí mé thiar. Tá dhá chloich ar an léana ag marcáil na h-áite ar éirigh sé agus na h-áite a dtainig sé anuas. Breitheamhnas Dé ar m'anam má tá mé ag déanamh focal bréige - tá cúig troighthe fichead eadar an dá chloich! "Ní rabh Conchubhar Ó Ceallaigh os cionn bliadhain is fiche nuair a bhí a gháir achan áit fríd an chonndae. Ní rabh aonach ná margadh nach mbíodh sé air, ná damhsaí, ná cuideachta ó seo go Gaoth Beara nach mbíodh sé aige, agus dá mbíodh féin ní rabh fear ar bith ann a leigfeadh an eagla dó dhul 'un spáirne leis. Ní rabh a'n ainm air acht Ceallaigh Mór agus ní rabh a'n Chríostaidhe, ó dhuine liath go leanbh, i dtrí phobal Eabhra nach rabh an t-ainm sin ann a bhéal. "Bhí na mná ag briseadh na gcos na dhiaidh, nídh nach íongnadh ná chuirfeadh sé pléisiúr ar mhnaoi ar bith, bhí sé comh dóigheamh- ail sin. Ní rabh a leithéid dhe thoil ag Ceallaigh daobhtha-san, na dhiaidh sin. Chuireadh sé thart an t-am go subhailceach ann a gcuideachta, acht bhí sé fada buan agus níor thóg sé é féin le cailín ar bith áirithe. Fá dheireadh thug sé thoil mhór do Nóra Pheadair Uí Bhraonáin i n-Ailt Eoin. Daoine toiceamhla mór-luachacha a bhí 'sna Braonain sin ariamh. Bhí muileann ag Peadar - tá sé beo go fóill, mar Pheadar - agus léab mhór thalaimh, agus péire beáthach. Bíodh a fhios
agat go rabh sé 'na shuidhe go teith, agus go bhfuil a chlann annsin 'na dhiaidh. Chonnaictheas dó ar scor ar bith, nach rabh Ceallaigh Mór maith go leor ag na nighin. Ní rabh ar bhunadh Cheallaigh acht beo bhocht san am sin, siud is go dtainig siad 'un tosaigh go maith ó shoin. Ba mhaith le Peadar a' Mhuilinn cleamhnas a dhéanamh eadar Nóra agus mac de Éamonn Ó Chanann a dtugadh siad Séamus Catach air. Bhí Mac Uí Chanann na thoicidhe agus 'na fhear chruaidh ghasta le na chois sin, agus 'na fhear chríonna thábhachtach nach mbéadh ar shiubhal na phléaráca cosamhail le Ceallaigh bocht. "B'fhéarr leis an mhnaoi óig méar beag Cheallaigh Mhóir ná Séamus Catach ó bhun go bárr, acht ní chluinfeadh a muinntir iomradh ar í bheith ag chómhrádh ar chor ar bith leis. Na dhiaidh sin bhíodh sí ag coinneáil cuideachta leis eadar amannaíbh go for-mhorthuighthe, agus ní thugadh sí uchtach ar bith do'n fhear chatach. Bliadhain amháin ar scor ar bith, d'imthigh Ceallaigh suas toighe Pheadair na gColpach i Sráth-na-Bratóige ar cuairt. Bhí Peadar gaolmhar daobhtha, tá fhios agaibh, ó thairbhe Phádruig Duibh. Chaith Ceallaigh seachtmhain thuas, agus ag teacht 'na bhaile dó, goidé bhí acht Séamus Catach ag Nóra Ní Bhraonáin an oidhche sin. "'S dóigh liom go ndiúltóchadh sí féin é, acht ní dhéan- fadh a dhath maith de na muinntir acht í a chur leis. Ghlac sí sa deireadh é fríd chaoineadh. Chuireadh sgéala chuig sgaifte beag de'n chomhursain, agus shuidh siad thart go súgach a chaitheamh oidhche na dála. "Níor bh'fhada is níor gheárr go dtainig Ceallaigh Mór isteach. Dubhairt sé leobhtha go rabh dúil aige nach mbéadh siad ag doicheall roimhe, siud is gur stucaire a bhí ann. Hubhradh ar ndóigh go rabh fáilte aige, cé nach rabh mórán dúile ag Peadar a' Mhuilinn ná ag Muinntir Chanann ann. Chuaidh an bhiotáilte thart agus thoisig an t-ól. Sa deireadh d'éirigh Peadar Ó Braonáin agus d'iarr sé orthú sláinte na lánamhaine óige a ól, mar bhí Nóra agus Séamus Catach Ó Canann. Chuaidh an gloine thart. D'ól acha'n dhuine é go fonnmhar, go dtí go dtainigtheas fhad le Ceallaigh. "'Sin sláinte nach n-ólann an mac seo go bráthach,' arsa seisean. D'éirigh sé le'n rúchladh amháin agus chuir sé a lámh thart ar Nórainn. Amach ar an dorus leis an bheirt acú, agus tharraing Ceallaigh an dorus 'na dhiaidh a gheall ar moill a bhaint as an mhuinntir eile.
"Shín an rása. Ní bhéadh Ceallaigh i bhfad ag cur folach cnoc ar lucht na dála acht go bé go mb'éigin dó fanacht i mbun Nórann. Thug siad a n-aghaidh ar an chladach, an áit a rabh bád agus cupla comráduidhe inntí fá choinne Nóra a thabhairt ar shiubhal. Bhain siad an chreag amach. Chuaidh Ceallaigh de léim isteach sa bhád. Bheir sé greim láimhe ar Nórainn 'ghá tabhairt isteach. Le sin taraidh Séamus Catach 'un tosaigh agus beiridh sé greim thaire 'na corp oirthí. Thug Ceallaigh iarraidh í a sgathadh as a chuid greamannaí acht ní rabh dul aige é a dhéanamh. Bhí an sluagh ag tarraingt orthu, agus iad sa taoibh laig. Bheir Ceallaigh ar chrann na stiúrthach agus bhuail sé Séamus Catach trasna na cloigne agus rinne sé ceirthlín de. Tharraing sé Nóra isteach sa bhád, bheir ar 'a rámha agus as go bráthach leo. Nuair a thainig bunadh Shéamuis Chataigh chun tosaigh fuair siad 'na luighe annsin é gan smeach ann. Thóg siad é agus thug siad 'un toighe é. Chaith siad an oidhche ag iarraidh é a thabhairt fríd. Ní rabh gar ann. Bhí blaosc na cloigne briste aige agus fuair sé bás roimhe an mheadhon-oidhche. Lá ar na bhárach d'éirigh an gháir go rabh Ceallaigh Mór i ndiaidh Séamus Catach a mharbhadh agus a bhean a bhaint de. Chuaidh muinntir Chanann síos chuig an Chaiptín Ua Hannluain agus d'innis a sgéal dó. Thug sé cead daobhtha fir a chruin- niughadh agus breith ar Cheallaigh Mhór. Rinne siad sin. Ní rabh an áit a rabh duine de na muinntir fríd na bailte nár chruinnigh siad iad, agus thainig fear agus fiche go Baile an Teampaill a bhreith ar an fhear mhór. Ní rabh fhios ag Ceallaigh a dhath fá bhás Shéamuis, agus bhí iongantas air nuair a chonnaic sé an sluagh ag déanamh air, agus spádaí, foirc, corráin, sgiana agus acha'n arm a dtiocfadh leobhtha a lámha a fhágháil air, ar iomchar leobhtha. "Bhí sé istoigh 'toigh a uncail, 'toigh Sheáin Ruaidh, é féin agus Nóra. Chonnaic sé an sluagh ag tarraingt ar theach a áthara. Chonnaic sé arais ag pilleadh iad i n-diaidh an teach a chuartughadh. Rinne sé amach gur 'na dhiaidh a bhí siad. Amach leis go dtí cárnán cloch agus sheasuigh sé annsin go dtainig siad fá fhad urchair de. Thoisigh sé a chaitheamh orthú annsin comh tiugh géar agus 'thiocfadh leis. Níor chaith sé a'n urchar cam ariamh, agus bhí a shliocht air, bhí cloigne dearga ag Muinntir Chanann sul a rabh sé i bhfad ar obair. Bhí sé ag teicheadh ar fad agus é ag caitheamh go dtí go dtáinig
sé go mullach Árd-na-gaoithe, agus thoisigh sé agus chaith sé a rabh de chlochaibh sa leachta orthú. Bhuail cloch mhór throm Proinnsíos Anna Eoin sa chloiginn agus loit sí go millteanach é. Buaileadh agus geárradh cuid mhór eile acú fosta, agus b'éigean daobhtha sa deireadh an bealach a thabhairt do Cheallaigh Mhór. "D'éaluigh Ceallaigh agus Nóra as an tír an oidhche sin agus ní fhacthas ceachtar aca ó shoin. Nuair a chualaidh an pobal gur mharbh sé Séamus Catach agus gur chaith sé an leacht a bhí os cionn na marbh ar an mhuintir a thainig ar a thóir, tháinig siad i gcionn a chéile agus rinne siad amach gan Ceallaigh a leigin isteach 'na h-áite a choidhche arais. Acht ní dóiche go gcuirfidh Ceallaigh coisgreadh ar bith faobhtha, nó níor chualthas iomrádh ó shoin air." Stad Séarlus. Níor labhair aon dhuine ar feadh leath bomaite. "Agus 'athair," arsa Síle, "dá dtigeadh sé anois nach shílfeá go leigfidhe dó? Is fada sin thart anois." "Tá eagla orm nach leigfidhe, a shiúr," arsa sean Seárlus. "Ní dheárn Muintir Chanann dearmad ar bith de bhás Shéamuis Chataigh go fóill, agus ní bheadh siad i bhfad ag spreagadh suas na ndaoine." "Ba truaghcánta an scéal é," arsa Donnchadh Óg go leath- íseal ag amharc isteach sa teinidh. Bhí sé 'ghá fheiceáil féin i n-áit Cheallaigh Mhóir agus é ag goid Shíle ó na námhaid oidhche na dála. Ba é a Shéamus Catach-san Niall Sheáin Mhóir - stócach beag gnaoidheamhail a rabh toil aige do Shíle, agus, shílfeá amannaí toil aicí dó fosta. Nuair a bhí an bhrionglóideach críochnuighthe aige d'éirigh sé 'na sheasamh. "Nach bhfuil tú i n-am go leor?" arsa Séarlus. "Caithfear deánamh réidh fá choinne na bainse," arsa Donnchadh, ag tabhairt amharc ar Shíle, ionann 's a rádh, "deán deifre, a chailín." II Nuair a tháinig Donnchadh Óg isteach i dteach na bainse bhí scaifte mór daoine cruinn. Bhí an bhiotáilte ag gabháil thart agus an biadh ghá dheánamh réidh. Bhí Seán Mór Píobaire
'na shuidhe sa choirneál agus é ag seinim corr-phort anois is arís do'n chruinniughadh, agus Feidhlimidh Fidileóir 'na shuidhe sa choirneál eile ag tarraingt an bhógha go h-aigeantach ar an fhidil. Bhí cisteanach agus seomra mór fada fairrsing 'toigh Eoghain Uí Cheallaigh, agus bhí siad pluduighthe. Bhí an t-aos óg ag damhsa agus ag ól agus ag suirighe. Bhí an dream aosta ag comhrádh agus ag sgéaluidheacht agus ag deánamh carthannais. Chuaidh an oidhche thart go súgach greannmhar gleoráiseach go rabh sé a dheas de'n mheadhon-oidhche. Bhí Donnchadh 'na shuidhe ag an bhalla bheag an t-am seo, agus Síle ar a ghlún i ndiaidh iad cúrsa damhsa a dheánamh. D'amharc Donnchadh trasna an toighe agus chonnaic sé fear- bocht 'na shuidhe thall os a choinne i n-aice an dorais. Ní rabh aithne ar bith aige air. Chroich de sheanduine mhór thoir- teach a bhí ann, féasóg fhada gharbh liath air agus sean-hata mór bán anuas i n-a shúilibh. Bhí a chuid éadaigh iongantach garbh giobach scifleógach. Bhí dhá chroisín 'na luighe ann a ucht. Ní rabh aon bhacach ins an tír nach rabh aithne ag Donnchadh air, shíl sé féin. Acht níor léar leis go bhfaca sé an fear seo ariamh. Stán sé go géar air. D'amharc an fear-bocht air. Chonnaictheas do Dhonnchadh go rabh dhá shúil óga a bhí comh géar loinnireach le súilibh iolair, ag amharc amach as faoi dhuilleóg an t-sean-hata bháin sin. Bhruid sé Síle agus chuir sé ceist uirthi an rabh sí ag aithne an fhir bhoicht. Dubhairt sí nach bhfacaidh sí ariamh é. Ba léar daobhtha go rabh go leor sa teach ar a n-aicid, nó b'iomdha súil a tugadh ar an bhacach mhór chreapalta a rabh na croisíní leis. Ní thiocfadh le Donnchadh a dhá shúil a thógáil de. Choimheád sé é nuair a bhí an bhiotailte ag gabháil thart. Chonnaic sé é ag tógáil a láimhe ag caitheamh siar gloine. Agus, mar bhí an muinchille scifleógach gearr-ruballach stróctha, nocht an sgiathán leath-bealaigh go dtí an uillinn nuair a thóg sé a lámh. Ní fhacaidh Donnchadh a leithéid de sgiathán ariamh. Bhí sé chomhair a bheith comh ramhar le muineál fir, feitheógach cruinn, agus achan chuisle ghorm ann comh ramhar le rópa cnáibe. Thainig truaigh ag Donnchadh dó nuair a chonnaic sé a leithéid de fhear bhreágh agus gan lúth na gcos leis. Stad an damhsa agus sgairteadh ar Anna Nic Éidigh amhrán a rádh. Dubhairt sí an "Draighneán donn" go caoin binn brónach. Sgairteadh ar Art Óg agus ar Sheán Néill agus
ar chupla duine eile; agus bhí callán agus greadadh bos ann a thógfadh an ceann de'n teach, dar leat. Sa deireadh nuair a bhí na h-amhráin ráidhte agus gan an dara ceoltóir le fágháil, d'éirigh Donnchadh ag 'na sheasamh. "Déarfaidh an strainseir a' bhfuil an hata bán air amhrán má's é a thoil é," ar seisean. Ní thiocfadh leis a innse, dá muirbhfidhe é, goidé a thug air éirghe agus sin a rádh. Tháinig sé fríd a cheann, agus acht oireadh 's dá mbéad tapógaí ann, d'éirigh sé agus dubhairt sé é. D'amharc achan duine ar an fhear-bhocht. Thost siad ó thús. Annsin thoisigh corr-dhuine thall is i bhfos 'ghá bhroslughadh. D'éirigh sé agus leig sé a thaca ar na croisínibh. Cheol sé an t-amhrán a rinne Cearbhallán Dall de Nábla Ní Cheallaigh. Nábla Ní Cheallaigh an t-ainm a bhí ar an chailín óg a bhí dá pósadh, agus d'fhóir an t-amhrán go h-iongantach maith. Bhí glór breágh domhain binn ag an fhear-bhocht. Chuir sé aoibh ar bhean Eoghain Uí Cheallaigh nuair a cheól sé amach go breágh glan árd: "'Sí cúl tiugh na mbachall í, fáinneach geal slim. 'Sí cum na h-eala í 's gile 'shnámh ar an linn. 'Sí grádh 'gus spéis na ngasúr Nábla shéimh Ní Cheallaigh, A' déad is deise 'leagadh i bhfárus a cinn." Chuir sé pléisiúr ar a rabh sa teach a rabh sé réidh, agus buaileadh bosa go teann agus sgairteadh "arís! arís!" go dtí go rabh lucht na bainse ar aon gháir amháin uilig. Thoisigh sé annsin ar "An Chrúisgín Lán," agus bhain sé mac-alla as na creataighibh. Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte, sgairt Eoghan Ua Ceallaigh an crúisgín a líonadh arais, agus chuaidh cur eile biotailte thart. Chaith an bacach siar a ghloine go croidheamhail. Bhí a rabh thart fá taobh de 'ghá mholadh, agus an bhiotáilte ag gabháil i n-a cheann dó. D'éirigh sé de léim 'na sheasamh, caith uadh na croisíní agus leig a shean sgairt as: "Bacach mise ar aon-chois, Siubhailim go státamhail." "Bhuail suas, 'Fheidhlimidh, go ndeánaidh mé aon chúrsa amháin."
D'éirigh munamar fríd an teach. An mhuintir a bhí ar chúl daoine eile, shín siad a gcuid muineál a dh'amharc ar an fear a rabh na croisíní leis agus gan gnoithe aige leobhtha. Thoisigh Feidhlimidh Fidileóir a bhualadh, agus thoisigh an bacach a dhamhsa. Agus a leithéid eile de dhaimhseóir ní rabh i n-Íochtar- tíre an oidhche sin. Bhí péire de shean-bhrógaibh móra troma air, acht, má bhí féin, bhí sé comh h-éadtrom ar a chois le gealbhán. Chor sé agus cham sé agus lúb sé a chuid cos; chuir sé thaire na chéile iad; níor luaithe na sála 'ná na ladhara ar an talamh aige; agus d'aithneóchthá an purt dá mbeitheá gan an fhideal a chluinstin ar chor ar bith, ar thormán a chuid cos ar an urlár. Sa deireadh nuair a bhí sé tuirseach, d'úmhluigh sé don chuideachta agus shuidh sé i dtaobh an toighe. "Ní fhaca mé a leithéid de dhaimhseóir," arsa fear meádhon- aosta ar ghualainn Dhonnchaidh, "ó d'imthigh Ceallaigh Mór." Thoisigh an t-aos óg a dhamhsa arais. Bhí achan bheirt ag caint le chéile ar fud an toighe go ceann tamaill fá'n fhear- bhocht aistidheach seo. Acht sa deireadh chuaidh siad a dheánamh neamh-iongantais de agus a stad a thrácht air. Amach le Donnchadh agus le Síle a fhágháil fuaradh i ndiaidh iad féin a théigheadh ag damhsa. Ar an léana os coinne an toighe bhí scaifte maith cruinn. Bhí oidhche réab ghealaighe ann, agus bhí na buachaillí óga ag geárradh léimneach. Sheasuigh siad-san a dh'amharc orthu i gcuideachta na cuideachta. Bhí scaifte mór 'ghá bhfiacháil féin ó thús, acht do réir mar d'éirigh an léim fada thoisigh siad a thuitim amach go dtí nach rabh fágtha acht triúr. Ba iad an triúr Feargal Mór Ó Canann, Éamonn Airt Óig, agus Conall Manntach Ó Breisleáin, agus ní rabh aon triúr fear a ba ghaiste ná iad anns an dá phobal. "Seacht mh'anamh sibh, a fheara!" arsa Toirdhealbhach Óg, "seo an rud a innseóchas cá bhfuil searrach na deaghlárach." Ba é Éamonn Airt Óig a dtainig sé ar a sheal geárradh an chéad uair. Ghlan sé ocht dtroighthe déag. Chuaidh an fear manntach ar a chúl annsin agus thainig sé ar aghaidh mar bhéadh fiadh ann, agus rinne sé naoi dtroighthe déag. Gheárr Feargal Mór fiche troigh gan mhasla gan bhraghdar. Thug an bheirt eile cupla iarraidh a theacht aníos leis, acht ní rabh dul acú a dhul thaire na sean-mharcannaibh. Bhí a ndicheall agus a sean-dicheall deánta, agus thug siad suas é. Thoisigh Muinntir Chanann a dhéanamh mórtais as Feargal.
"Maise, ní hé sin a dhicheall," arsa fear acú. "Tá slat eile go fóill ann a chnámha." "Deán do dhicheall. Fág marc ag fir óga na paróisde," arsa cupla fear acú. Chuaidh Feargal Mór giota maith ar a chúl agus thainig sé chun tosaigh le rúideóig mhillteanaigh. D'éirigh sé ó'n talamh mar bhéadh sé ag gabháil ar eiteógaibh agus gheárr sé léim a bhain a n-anál de na fir a bhí ag amharc air. Tomhaiseadh í. Bhí dhá throigh agus fiche geárrtha aige. Thoisigh an moladh ar Fheargal. Hubhradh nach rabh a leithéid eadar an dá fhearsaid, go rabh fir óga 'na h-áite 'na mbráigh aige. Cé a bhí caithte ar a shleasluighe ar an léana, agus gan aon dhuine ag cur chuige ná uadh, acht an bacach a rinne an cúrsa mór i dtús na h-oidhche. "Uch," ar seisean, "chonnaic mé fear a gheárrfadh do léim agus gan a lámha a bhaint as a phócaíbh." D'amharc Feargal Mór síos air. Ní rabh sé astoigh nuair a rinne an fear-bocht an cúrsa, agus shíl sé nuair a chonnaic sé na croisíní go rabh sé creapalta. "'Sé do leithéid is dóighche a bheith ag cainnt," arsa seisean. "Ar ndóighe ní gheárrfá thusa a dhath ar scor ar bith." "Ná bac le sin," arsa'n bacach. "Bhí mise ag geárradh léimneach le fir a b'fhearr ná thú." "Má bhí is nuair a bhí tú óg agus luth na gcnámh leat. Acht chuaidh an lá sin thart, a bhacaigh." "Ní dheachaidh an lá sin thart, a bhodaigh," arsa'n fear bocht, ag éirghe 'na sheasamh. Chaith sé uadh na croisíní. Scaoil sé na h-iallacha ann a chuid sean-bhróg, agus chaith sé de na cosa iad. Gheárr sé léim. Shílfeá gur chuir sé ród talaimh de. Thoisigh Eoghan Dubh, uncal Fheargail Mhóir, a thomhas na léime. Chunntais sé chúig - sé - seacht - ocht slata - agus bhí fad a bhróige fágtha. Cúig troighthe fichead! D'éirigh súile na bhfear mór, agus d'amharc siad ar a chéile. "Cúig troighthe fichead!" arsa Eoghan Dubh. "Níor gheárr aon fhear ariamh an léim sin acht Ceallaigh Mór Bhaile- an-Teampaill." Thug sé rúchladh anonn agus chuir sé a lámh i bhféasóig an strainseóra agus an láimh eile ann a hata. Thainig an dá chuid leis, agus chonnaic an scaifte aghaidh óg dhóigheamhail
fir nach rabh os cionn dá fhichead bliadhain agus ceann fada catach gruaige. D'aithin an chuid a ba sine dá rabh i láthair é 'sa bhomaite. Ba é Ceallaigh Mór a thainig arais é. D'éirigh an ghibrisg. "An dúnmharbhthóir! an dúnmharbhthoir! beirigidh air," arsa Muinntir Chanann. Chuaidh cuid de'n t-aos óg a chur cúil orthú. D'éirigh an hullach hallach. Thoisigh lucht na bainse a theacht amach go bhfeiceadh siad goidé an gleo a bhí ag gabháil. Sheasuigh Ceallaigh Mór cupla bomaite. Annsin nuair a chonnaic sé an sluagh ag déanamh air, theich sé, 'gus ba ghaiste é 'ná an ghaoth Mhárta. Lean Muinntir Chanann é, agus eadar an t-ólachán agus achan chineál, d'imthigh bunudhas na bhfear a bhí i láthair a chuidiughadh leobhtha. D'imthigh an tseilg síos an mhalaidh agus trasna na gconnlach a bhí i gcois na h-abhna. Nuair a chonnaic na daoine an abhainn roimhe Cheallaigh leig siad uaill astú féin, ná shíl siad go rabh sé ceapaighthe. Bhí an abhainn cinnte ocht slata ar leithead, agus shílfeadh duine le h-amharc oirthí go rabh sí uair go leith comh leathan sin. Acht níor bhain sí bomaite moille as Ceallaigh Mór. D'éirigh sé san aér. Shíl an mhuinntir a bhí ar a thóir gur cheart dó cinnte a teacht anuas i lár na h-abhna. Dá dtigeadh, bhí deireadh leis, ná bhí an abhainn seacht dtroighthe ar doimhne, agus sruth ann a chartóchadh péist mhór. Acht ní thainig. Thainig sé anuas ar an bhruach thall, agus shasuigh sé agus d'amharc sé 'na dhiaidh. Nuair a thainig na fir eile go bruach na h-abhann ní rabh fear ar bith ábalta í a ghlanadh de léim, 'gus b'éigean daobhth seasamh annsin. Chuaidh Ceallaigh Mór a gháiridhe faobhtha. "Gabhaigidh anall, a fheara breághtha," arsa seisean, "ná caillfidh sibh an tseilg. Tá Clochán an Áir leath-mhíle suas agus béidh mise ar an Phollán Raithnighe nuair a bhéas sibh thart." Goidé a rinne Feargal Mór acht mór a bhí 'toigh Eoghain Uí Cheallaigh a thabhairt leis nuair a thoisigh an rása. Chonnaic sé amuigh sa sgiobál é, agus dar leis go mbéadh sé úsáideach. "Cuirfidh mise mo ghiolla anonn romham, a Cheallaigh Mhóir," arsa seisean. Sgaoil sé, agus chuir sé lán béal an ghunna fríd an fhear thall.
"Sin urchár an daill fa'n abhaill," arsa Feargal Mór Ó Canann. Níor baineadh biongadh as Ceallaigh. Chuir sé a lámh isteach ann a ochras agus tharraing sé amach piostal. Bhí cubhar fola le na bhéal. 'Na dhiaidh sin ní rabh de chrith ar a láimh acht oiread le carraig. Sgaoil sé agus shiab sé blaosc na cloigne de Fheargal Mhór. "Níor leig mise mo chuid fola le'n fhear ariamh," arsa Ceallaigh Mór Bhaile an Teampaill, agus thuit sé. BÍONN SÚIL LE MUIR ACHT NÍ BHÍONN SÚIL LE H-UAIGH Sean-bhean dheileóir a bhí i sean-Bhrighid Níc Shuibhne. Chuir sí a céile fir agus a cúigear mac agus a triúr nigheanach. Bhí sí beo fada buan i ndiaidh an iomláin agus gan aicí acht tachrán giorrsaighe - dílleachta beag le nighin daoithe. Bhéadh an sean-chréatúr liath go h-uaigneach i n-a cró thíos ag cladach Rinn-na-ruacán, acht go bé Síle bheag. Bhí ceann ruadh ar Shíle a bhí mar bhéadh grian an Fhóghmhair ann. Bhí sí lán de chroidhe agus de aigneadh. Rugadh i mbrón í agus tógadh i dteach bhrónach í; agus 'na dhiaidh sin ba lúth- gháirighe í 'ná an fhuiseóg ins an Earrach. Ba ghnáthach le sean- Bhrighid a rádh go dtéidheadh an ghrian as nuair a d'fhágadh sí an teach. Lá Lughnasa bhí Síle seacht mbliad[h]na agus í ar thachrán comh maith agus tháinig 'un 'tsaoghail i Rinn-na-ruacán ariamh. Lá Fhéil' Mhuire bhí sí 'na luighe go h-íseal agus deireadh dúil' bainte de na biseach. An lá thar na bhárach i ndiaidh Lá Fhéil Muire, bhí Bríghid 'na seasamh ag colbha na leabtha, tráthnóna, agus a croidhe gearr- lán.
"A leinbh dhílis, goidé mar tá tú anois?" "A mháthair-mhór, tá mé 'g imtheacht uait." "Óch, óch, a Shíle bheag mhuirneach, ná fág liom féin mé. Ná fág mé agus gan agam acht thú … Ó, a Dhia, nach domh atá an buaidhreadh i ndán. Chuir mé m'fhear agus m'ochtar clainne. Agus a Dhia, an bhfuil Tú ag brath an leanbh a thabhairt uaim agus gan Críostaidhe in m'aice acht í. Óch, óch, nach mairg a tháinig 'un 'tsaoghail ariamh." "A mhathair-mhór, béidh mise ins na flaithis anocht." "A leinbh dhílis, nach dtiocfaidh tú chugam arais le cian a thógáil díom?" "Tiocfaidh, a mháthair-mhór. Tiocfaidh mé anuas arais Dia Luain." "Agus cá h-áit a bhfeicidh mé thú, a chroidhe?" "Beidh mé thíos ar an tráigh ag Carraic an Róin, go bhfeicidh mé an bhfuil an teach beag a rinne mé sa ghainimh 'na sheasamh. Agus bí thusa ansin, a mháthair-mhór, agus béidh mé ag innse duit fá na rudaí deasa atá ins na flaithis." Bhí loinnir ag teacht i n-a gnúis mar bhéadh sí ag coimheád ar Ríoghachta Dé. Níor éaluigh mórán bomaití gur shíothluigh sí go socair, mar thuitfeadh sí 'na codhladh. Ba truagh an t-sean-bhean ag amharc uirthi, agus grian an tráthnóna ag cur loinnire ins na fáinníbh óir a bhí fá na píb agus fá na brághaid. II Tráthnóna Dia h-Aoine a fuair Síle Bheag bás. Oidhche Aoine agus oidhche Shathairn rinneadh an cholann bheag a fhaire ins an leabaidh chéadna ar síneadh Micheál Mór agus a chlann inntí, duine i ndiaidh an duine eile. Níor chaoin Bríghid aon deor amháin. Bhí sé creidthe aicí go dtiocfadh an tachrán chuicí mar gheall sí, comh cinnte agus thóg an Slánuightheoir an liag maidín Dhómhnach Cásg'. Chuir na daoiní iongantas inntí. Chroith cuid acu a gceann, agus dubhairt siad go rabh a croidhe ró-bhrúighte le í na deora a fhágháil léithe. Lá an tórraimh nuair a tógadh an chómhnáir ó'n doras níor dhubhairt sí acht an chainnt seo: "Mo sheacht mbeannacht leat, a leinbh; is goirid go gcastar ar a chéile sinn arís."
Níor chuir duine ar bith sónrughadh annsin. Nach rabh cos amuigh agus cos istoigh san uaigh aicí, agus nár ghoirid go mbéadh sí i gcuideachta a muintire uilig i n-áit na fírinne! III Árd-tráthnóna, Dia Luain, bhí Bríghid thíos ag Carraic an Róin. Shiubhail sí thart an cladach ag breathnughadh achan choirneáil, ag amharc ar lorgnachaibh chosa an tachráin, agus ar na toighthe-beaga a bhí sí a dheánamh sa ghainimh. Tháinig na deora léithe nuair a chonnaic sí lorg a láimhe. Nárbh é an cladach a bhí uaigneach gan í. D'amharc sí thall agus i bhfos; d'amharc sí i cúl achan charraige, acht ní rabh dadadh le feiceáil aicí. D'amharc sí amach ar an fhairrge mhóir. Bhí dath liath ar na tonnaibh fada fuara, agus iad ag éagcaoin mar nach mbéadh siad ag fágháil a n-iarraidh nó a n-athchuinge. Ba nimhneach scréachach na bhfaoileann fionn ag dul go fíor-ghlinnte an aéir. Chuaidh dhá uair fhada righne thart. Bhéadh an teinidh as oirthi ag pilleadh 'un 'toighe díthe. Acht nar chuma … An dtiocfadh sí? Chuaidh Bríghid ar a dhá glún 'sa ghainimh, agus ghuidh sí go dúthrachtach ar feadh leath-uaire. D'éirigh sí annsin agus d'amharc sí ins na ceithre h-áirde-fichead. Acht duine nó samhail duine níor léar daoithe. D'fhan sí annsin go rabh an ghrian 'na seasamh ar dhruim an láin-mhara. Bhí an oidhche ag teacht oirthi, agus bhí sí ag cailleadh an dóchais. Sheasuigh sí annsin ar an tráigh, eadar dhá intinn. Bhí an ga-gréine ag deallramh ar a h-aghaidh, agus gaoth na mara móire ag siabadh dlaoidh liath gruaige trasna ar a h-éadan. Ag Dia féin atá fhios cad chuige a dheárn Sé an chros comh trom - cad chuige ar órduigh Sé daoithe a bheith 'na seasamh go deileóir ins an bheárn eadar an dá shaoghal, ag feitheamh leis an mharbhánach a theacht arais! IV Tháinig feochán beag fionn-fhuar isteach ó luighe na gréine - feochán éadtrom cumhra; b'fhéidir gur fosgailte a bhí
geaftaí na bhflaitheas agus gur bh'iad cuid eiteóg na n-aingeal a sheol anuas é. D'éirigh croidhe na sean-mhná. Thug sí a súil thart agus baineadh cliseadh aistí. An lias- páin a bhí ag imtheacht de na súilibh? Bhí sí 'na suidhe annsin ar an charraig agus an ceann óir sin uirthí, mar bhí ariamh, agus aoibh an gháire oirthí. Sin an áit a rabh an luthgháir. Nuair a shocair Brighid shuidh sí ag taobh an leinbh, agus thoisigh sí a chur ceisteannaí uirthí. A Shíle bheag! A leinbh b'fhearr a bhí ag aon duine ariamh, an bhfacaidh tú d'athair-mhór ó shoin - Micheál Mór Mhac Suibhne, tá 'fhios agat." "Ní fhacaidh, níl sé san áit a bhfuil mise." "Ná do chuid uncal - Séamus agus Dómhnall agus Eoghan agus Peadar? Agus mo Niall beag a d'imthigh gan sagart? Tá fhios agam-sa go dtug Dia maitheamhnas dó, nó ní dheárn sé olc nó urchóid do'n duine ariamh. "Ní fhacaidh mé aon duine aca acht Niall." "Agus goidé mar tá mo leanbh?" "Tá fárus aige is deirge 'ná an ghrian, agus níl cead ag gaoith nó ag síon a theacht á chomhair." "Míle altughadh duit, a Dhia! Agus a thaiscidh an bhfacaidh tú do mháthair?" "Ní fhacaidh." "Nó Brighid nó Gráinne?" "Ní fhacaidh." Chuir sin imnidhe ar Bhríghid. Acht smaoithigh sí ar chainnt an t-Slánuightheóra. "Is iomdha cúirt 'dtoigh m'Athara." Ba dóighche go rabh cuid mhór áiteach ins na Flaithis, nach mbéadh faill ag tachrán a shiubhal i ngeárr-aimsir, nó bh'féidir nach bhfuigheadh sí cead a siubhal. "An bhfuil páistí agus daoiní móra 'san áit a bhfuil tú, a leanbh?" "Tá siad achan aois ann, ó dhuine liath go leanbh." "Agus cogar mé seo, an bhfacaidh tú - ". Le sin chuir an ghiorsach a lámha fá na muineál agus phóg sí í. "Caithfidh mise bheith ar shiubhal, a mháthair-mhór." "Cá h-uair a thiocfas tú arais, a chroidhe?" "Tráthnóna amárach." "D'imthigh sí mar d'imtheóchadh toit ins an aer. Bhí
Brighid ag gabháil a fhiafruidhe daoithe an bhfacaidh sí Dia nuair a d'fhág sí slán aicí. V Níor bh'fhada go gcualaidh na comursanaí go rabh an ghiorsach ag teacht chuig sean-Bhríghid. Sin an áit a rabh an chainnt agus an cárnadh - achan duine agus a scéal féin aige. Bhí siad uilig go h-olc leis an uaigneas. Ó rachadh sé ó sholus ní rachadh duine aca amach thar an doras ar a mheádhchán féin óir. Thoisigh cuid aca a chrathadh a gcuid ceann críonna agus a rádh nach déagh-spiorad ar bith a bhí ag tarraingt ar an t-sean-mhnaoi. Bhí seanduine cneasta diadhánta san áit a dtugadh siad Cill-dé air. Bhí gallán ar a smigead, siúd 's nach bhfuil mórán baint' ag sin leis an sgéal, acht an méid seo - gur baisteadh as é agus gur ghreamuigh an t-ainm dó. Acht tá an chuid sin den sgéal i n-am go leór. Ní chuirfeadh a dhath as ceann Chill-dé nach droch-spiorad a bhí i riocht an pháiste. Agus ó thárla go rabh fonn air a bheith ag tabhairt aire de anam a chomhursan comh maith le n-a cheann féin, chuaidh sé síos 'na trágha agus Coróin Mhuire leis. Bhí Bhríghid agus an ghiorsach 'na suidhe ag taobh a chéile agus iad ag comhrádh. Lé sin chuaidh an tachrán ar aon bhárr amháin creatha. "An bhfuil tú fuar, a leanbh?" "Ní'l acht caithfidh mé bheith ar shiubhal." "Maise ar ndóighe ní'l sé fá leath-uair de bheith comh mall agus bhí sé nuair a d'imthigh tú aréir." "Cluinim mo cháirde ag scairtigh orm. Slán agat, a mháthair-mhór. Béidh mé agat tráthnóna imbárach." Casadh Brighid ar Chill-dé ag an chladach agus í ag pilleadh 'un toighe. Chuaidh siad 'un comhráidh. "Nach bhfuil tú ag deánamh," arsa Cill-dé, "go bhféadfadh
an Droch-Rud - Dia eadar muid féin agus é féin - go bhféadfadh sé a theacht chugat i gcosamhlacht do thachráin?" "Orú, droch-chríoch ort - nár aifrighe Dia orm é - an ag cur síos do mo thachrán - ?" "Ó, ní h-eadh, ní h-eadh ar chor ar bith, a Bhrighid. Acht tá mé ag maoidheamh go dtiocfadh leis an an-spiorad - Dia ar sábháil - go dtiocfadh leis a theacht chugat. Deir siad - diúltaimid do - go dtiocfadh leis cosamhlacht ar bith ar mhian leis a chur air féin. B'fhéidir, a rún, go bhfuil sé a gheall ar d'aimhleas a dheánamh." "Orú, fuist, a Chill-dé, a rún." "Cogar mé seo, a Bhrighid," arsa Cill-dé. "Ar luaidh tú an t-Ainm Beannuighthe ariamh os a choinne?" Baineadh stad as Bríghid. A dhó ná'r trí 'chuarta bhí ainm an Chruithightheóra ar bhárr a teangtha nuair a d'imthigh an ghiorsach agus d'fhág sí í. Níor chodail sí aon néall an oidhche sin acht ag meabhrughadh ar an chainnt a dubhairt Cill-dé. Ar maidin an lá thar na bhárach ghléas uirthí agus níor stad go rabh sí ag an t-Sagart Mhór a Dhómhnaill. VI Bhí an Sagart Mór ag siubhal anuas is suas ar an t-sráid ag léigheadh a fhortuis nuair a tháinig Brighid i n-a láthair. Nuair a bhí sé réidh dhruid sé an leabhar agus d'éist sé leis an sgéal. "'Tchím," arsa an Sagart Mór. "Anois imthigh agus deán mar iarrfaidh mise ort. Tabhair leat do Choróin Mhuire agus do bhata agus gabh síos 'na trágha go dtí an áit a dtig an ghiorsach chugat. Deán fáinne leis an bhata ins an ghainimh, i nAinm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Gabh ar do ghlúinibh astoigh i n-a lár nuair a tchífeas tú an ghiorsach ag teacht, agus toisigh ar an phaidrín. Iarr oirthi a theacht isteach chugat, agus má ghní sí sin, féadann tú bheith cinnte go bhfuil sí ceart go leór. Acht mara dtigidh, diabhal as Ifreann atá inntí. Cuir ceist oirthí cé í féin agus caithfidh sí a innse duit. Má's é an diabhal atá ann órduigh síos é go dtí an áit a d'fhág sé."
VII Chruinnigh bunadh na h-áite uilig an tráthnóna sin go bhfeiceadh siad goidé mar rachadh sé eadar Brighid agus an neach a bhí ag teacht as an t-saoghal eile. Ní dheachaidh aon dhuine aca níos fuide 'ná bárr na mbeann. Choimheád siad an t-sean-bhean ag geárradh an fháinne ins an ghainimh. Chualaidh siad na focla: i n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. D'fhan Brighid tamall beag - shíl sí féin gur fhan sí uair go leith. Chonnaic sí annsin ag tarraingt oirthi anall í. Chuaidh sí isteach san fháinne agus thoisigh an urnaighe, acht ba í an urnaighe a bhí i n-a croidhe: "A Dhia na trócaire, cuir chugam mo ghiorsach i n-áit an An-Spioraid." An scaifte a bhí ar an chladach ní fhacaidh siad dadadh. Bhí achan duine aca ag amharc ar an t-sean-mhnaoi agus a súile ag gabháil amach ar a gcloiginn. Bhí siad ag éisteacht leis an urnaigh. "'Sé do bheata, 'Mhuire - " "Bhí Cill-dé 'na sheasamh scaithte amach ó'n scaifte, hata cruaidh dubh air agus bata dubh droighin le na scorróig. Bhí sé ag breathnughadh go géar. "Glóir do'n Athair, don Mhac agus don Spiorad Naomh. Gabh isteach chugam, a leanbh." "Tá mé ag gabháil isteach chugat." Chuir sí a cos isteach go fíor-imeal an fháinne. D'éirigh croidhe Bhrighde. Ba í a leanbh féin a bhí ann i ndiaidh an iomláin. Acht dá gcuireadh an tachrán fiche cor daoithe féin, isteach san fháinne ní thiocfadh sí. "I n-ainm an Tighearna Íosa Críost, cé thú féin?" "Is mé an DIABHAL." "Imthigh síos go fíor-íochtar Ifrinn." "A Chill-dé 'n ghalláin, béidh daor ort," arsa an t-an- spiorad, agus d'imthigh sé. Bhí Cill-dé ag maoidheamh go bhfacaidh sé caor theineadh ag éirghe ó'n tráigh agus ag gabháil i bhfairrge i mbéal an Toir Ghlais. (An deireadh.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services