Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dochartach Dhuibhlionna agus Sgéaltaí Eile

Title
Dochartach Dhuibhlionna agus Sgéaltaí Eile
Author(s)
Mac Grianna, Seosamh,
Pen Name
Iolann Fionn
Composition Date
1921
Publisher
Cú Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DOCHARTACH DHUIBHLIONNA AGUS SGÉALTAÍ EILE. "Iolann Fionn".



Dochartach Dhuibhlionna.



Ná tar dhe mo chomhair, a shagairt! Ná leag ball de do
bhallaibh orm. Ná leig m'anal dhe do chomhair. Seachain
amharc mo shúl. Tá m'anam dubh le fuil. Tá mé damnuighthe
- tá cos amuigh is cos astoigh i n-Ifreann agam. 'Tchím
na geaftaí scáthmhara foscailte fá mo choinne. 'Tchím na
bladhairí cama cíocracha, agus na deomhain dhubha ag fanacht
liom. Amárach, rachaidh sealán na croiche ar mo mhuineál;
fáisgfidh sé an t-anam as mo shean-cholainn ghránna; agus
rachaidh an t-anam sin síos - síos - síos fríd bhladhairí teanna
dubh-dhearga, fríd dhiabhail shleamhna chama dhubha. Tá siad ag
feitheamh orm, na h-ainspioraid. 'Tchím an lúthgháir agus an
teine dhíbhfeirgeach atá ann a súilibh; cluinim ag béicfigh
iad. Tá siad ag siosarnaigh ann mo chluasaibh. Tá a gcuid
fiacal ag strócadh mo chroidhe…



Níl sé ceart agam! Goidé 'fhios agam-sa cad is ceart
ann? Maitheamhnas! - aithreachas! Gheobhaidh mise maitheamh-
nas nuair a thiocfas Lucifer an t-árd-diabhail aníos agus
shuidhfeas sé ar dheis Dé. Maitheamhnas! Agus an ghruag liath
agus an fhuil shiocuighthe ar an smaichtín a bhí agam, agus iad
ag sgreadaigh ar Dhia ag iarraidh díoghaltais. Níor h-ubhradh
oiread urnaighthe ó cruthuigheadh an saoghal agus shaoróchadh mé.
Níl oiread grásta ar Neamh agus shlánochadh mé. Níor
dórtadh oiread fola ar Chnoc Chealbhairí agus nighfeadh an
smál sin de m'anam.



Ó, 'shagairt, an dteárn aon duine eile de shíol Éabha an
gníomh atá deánta agam-sa?… Ní dheárn. Ní dheárn.
Nach iongantach nach dtig teine ó Neamh agus an domhan a


L. 4


bhfuil mé ag siubhal air a lasgadh. Fan uaim, a shagairt;
ná nach bhfuil eagla ort roimhe na deomhain agus na diabhail
atá astoigh ann mo cholainn. Ná nach bhfuil eagla ort go
gcríonfaidh do lámh go dtí an ghualainn má leagann tú orm í.



Faoiside agus aithreachas! Leig damh, a shagairt. Nach
bhfuil a fhios agat nach bhfuil maitheamhnas i ndán damhsa.
Ní'l, da mba ndán is go gcuirfeadh an cineadh daonna breith-
eamhnas-aithrigh daobhtha ar a nglúinibh tárnochta ar mo shon
go deireadh an tsaoghail. Ó, má tá trócaire ionnat, ná
labhair ar mhaitheamhnas, ná ní'l uair dá gcluinim an focal
nach dtugann sé an t-éadóchas ann mo cheann…



Acht ar ndóighe, innseóchaidh mé an sgéal bocht malluighthe
duit, agus má innsigheann, chan ag dúil le asblóid a fhágháil.
Ni'l mé ag gabháil ar mo ghlúinibh; ní rachaidh mé a thabhairt
masla do Dhia, 'ghá mo chur féin i riocht urnaighthe.



'Seadh, a shagairt, caithfidh mé tús a chur ar an sgéal
ghránna. Cuirfidh sé do chuid fola agus feola fríd a chéile.
Cuirfidh sé samhnas ar d'anam. Bhéarfaidh tú do mhallacht
damh, ná ní thainig ar do chluasaibh isteach ariamh roimhe, a
leithéid de sgéal.



'Seadh, leig damh smuaintiughadh…



II



Chonnaic mise an lá, a shagairt, a rabh croidhe glan agam.
Bhí seal agus d'fhéadfainn a bheith 'mo dhuine mhaith, dá mbíodh
gan an chinneamhaint dhuibh-néaltach a bheith os mo chionn.
Acht faraor! Bhí feasbhaidh ariamh orm, feasbhaidh a d'fhág
mé mar tá mé - bhí mé i bhfad ro-ghoilleamhnach, agus i bhfad
ro-dhruidthe, agus i bhfad ro-dhubhrúnta. Ní thig liom a innse
duit goidé comh goilleamhnach agus bhí mé. Ní'l innse béil
air. Ghoillfeadh amharc fiadhta orm mar ghoillfeadh buille ar
dhuine eile; rachadh focal searbh go dtí an croidhe ionnam;
agus gáiridhe! - Ó, 'Dhia, an eagla a bhí ariamh orm roimhe
gháiridhe! Chan gáiridhe grinn ná athais atá mé a mhaoidheadh,
acht gáiridhe magaidh. B'iomdha uair a mhalluigh mé ann
m'inntinn féin an dóigh a rabh an saoghal 'na shuidhe, agus
gléas ag daoinibh créatúir a chur i bpianpháis le gáiridhe


L. 5


cruadhchroidhtheacha droch-mheasamhla. Nuair a bhí me 'mo
ghasúr, chuireadh gáire magaidh isteach i racht caointe agus
feirge mé, go dtí go mbéadh dath dubh san aghaidh orm, agus
mé a chomhair a bheith tachtuighthe. 'Fhad agus mhair mo mháthair
- ó, a mháthair, a mháthair! - ní rabh mé faoi leath-trom i
dtaca le h-olc. Ba mhór an sgáth damh í. Nuair a chuaidh mé
'na sgoile, agus b'éigean damh a dhul imeasc gasraí eile,
fuarthas amach goidé an leannán a bhí orm, agus leagadh
ádhmad orm. Is beag croidhe a bíos anns an tsluagh, nuair
a thógas siad ceann-corr de dhuine. Níor thuig mé ariamh i
gceart goidé a thug ar na páistí ealadha-mhagaidh a dhéanamh
díom. Chan simplidhe ná dobhránta a bhí mé. Acht rinne
siad é. Agus dar Dia! cuireann sé ar an daoraidhe go
fóill mé, nuair a smuaintighim ar an dream a bhí ag tabhairt
bail na madadh orm.



Thiginn 'na bhaile ó'n scoil agus mé 'mo thachrán bheag, agus
d'éaluighinn síos fá'n chladach. Bhínn ag amharc ar an lán-
mhara a bhí ag lupadán ar na carraigeachaibh anns an chladach.
Óg is mar bhí mé, thigeadh fiche smuaintiughadh fríom léim a
thabairt síos agus mé féin a bháthadh, agus deireadh a chur le
cuid magaidh na bpáistí. Acht ba ghoirid gur chuir mé
deireadh leis ar dhóigh eile.



Lá amháin thoisigh gasúr mór orm os coinne an scaifte
uilig - thoisigh sé fá bheárn a bhí ionnam. Caithfidh mé gáire a
dheánamh faoi an chiall a bhí agam an t-am sin. "Phóg tú
Róise Eoinín, phóg tú Róise Eoinín," arsa seisean liom.
Bhí an dubh-olc agam dó, ná bhí sé sáithte asam i dtólamh.
Thóg mé cnapán mór cloiche agus bhuail mé é. Thuit sé.
Chruinnigh an scaifte thart air agus thóg siad é. Chaith sé
amach bolgam fola agus sé fiacla. Tháinig an maighistir
orm-sa agus bhuail sé mé go rabh fearbacha anns na bosaibh
orm-sa, acht ba nimhnighe liom gáire an ghasúra 'na dá mbriseadh
sé coillidh orm. 'Na dhiaidh sin leig na páistí damh, acht bhí
mé m'éan chorr ann a measc, agus gan comráduidhe ar bith
agam.



I n-áit bisiughadh le linn mé a bheith ag dul i méaduigheacht,
sér'd a d'éirigh mé ní ba mheasa. Chuaidh mé 'sa dóigh a
mb'fhearr liom ar an uaigneas agus gan duine ar bith ann
mo chuideachta. Bhí toil mhór de léightheóracht, de cheol, de
fhilidheacht agus de sgéalaidheacht agam. Bhí mé cráibhtheach:
bhínn ag urnaigh go minic agus ag dul chun faoiside agus chun


L. 6


comaoineach. Ní rabh mé acht dhá bhliadhain déag nuair a
fuair mé leabhar beag a bhí ag innse fá ifreann, agus pioc-
túireacha scáthmhara inntí. Choinnigh an leabhar sin ó chodladh
na h-oidhche mé ar feadh leath-bhliadhna. Bhí mé cinnte an
t-am sin go rabh mé damnuighthe - agus ar ndóighe is romham
a bhí.



Ba ghairid 'na dhiaidh sin go bhfuair mo mháthair bás. Och,
och a mháthair is tú a d'fhág cráidhte mé. Da mbitheá ann
m'aice ní bhéinn indiu mar tá mé. Ó 'Mhuire bheannaigh, nach
truagh mo chás anocht!…



III



B'olc a d'fhóir mé féin agus m'athair dá chéile. Faraor!
nár fhéad mé fios a bheith agam nach rabh sé i ndán dúinn a
theacht le chéile. Nár fhéad mé sgaradh leis nuair a bhí breith ar
m'aithreachas agam. Anois, a shagairt, ná deán iongantas
damh má thugaim droch chliú de m'athair. Nach bhfuil a fhios
agat go bhfuil mé i gcrúbaibh an diabhail, agus nach féidir
damh dadadh a dheánamh acht droch-ghníomh, ná focal a rádh acht
focal malluighthe. Acht fiachaidh mé le dhul comh deas de'n
fhírinne agus thig le deomhan damnuighthe mar mé a dhul.
Tógadh m'athair bocht go cruaidh, agus bhí a shéala sin air.
Duine sanntach, saoghalta, dubhlaidhe, cadranta a bhí ann.
Ba é a fhor is a fhóghnamh ag bailiughadh agus ag deánamh lóin.
Bhí fiacha ag lucht na siopaí air, fiacha a thiocfadh leis a dhíol
go sásta, agus níor b'fhéidir a mbaint de. Bhí sé féin
agus an sagart amuigh ar a chéile siocair gan é a bheith ag díol
sgilling na Nodlag. Ní thug sé déirce ariamh do bhochtán
Dé. Ní leigfeadh a chroidhe dó a bheith 'na cheann maith dó
fhéin, chan é amháin do 'nduine eile. Bhí sé ar a chois go luath
ar maidín agus go mall san oidhche, ag obair ar fad, ag
uthbhairt agus ag útamáil má b'fhada a shaoghal.



A Thighearna, ba é a bhí cadranta, cruaidh-chroidhtheach. Ní'l
iongantas ar bith é mac mí-nádurtha a thógáil. Is maith
mo chuimhne ar an uair a fuair deárthair dó a rabh Seán air
bás. Fuair an duine bocht bás tobann - thuit sé mar chuir-
fidhe piléar ann, agus é 'na fhear óg líon lán san am. Bhí


L. 7


mé féin anns an cheardchain, thuas ar an Chlochar Dhubh an lá seo,
agus chualaidh mé ar an bhealach go rabh Seán marbh. Ag
tarraingt ar an teach damh fuair mé m'athair ag rómhar go
dicheallach i gcuibhreann an doruis. Dar liom féin, chár
bh'fhéidir nach gcualaidh tú? Ná an bréag a h-innseadh damh.
"'Athair," arsa mise, "an fíor go bhfuil Seán Ó Dochartaigh
marbh?" Thionntuigh sé preab. "M'anam, a mhic, go
bhfuil Seán Ó Dochartaigh marbh." Bhris sé an phreab go
díbhfeirgeach, oiread agus a rádh: "Nach mór an mí-shásamh
na daoiní seo atá ag fágháil bháis, agus ag tógáil umhaile
daoiní eile de na gcuid oibre, lá Earraigh."



Sin an cineál áthara a bhí agam-sa. Bhí cineál de mheas
aige orm. Ba mhaith leis céimigheacht a bheith agam, agus
choinnigh sé ar scoil mé, ag dúil go saothróchainn airgead le
mo chuid léighinn. Ba é an bharamhail a bhí aige go mb'fheárr
achan rud 'ná an spád, go rabh dóigh breágh ar an fhear a rabh
coileár geal air, agus nach rabh ag cur an alluis. Ba é an
leagan amach a bhí aige go rabh na múrthaí 'n tsaoghal ag duine
ar bith a rabh culaith mhaith éadaigh air. Ní rabh mise i bhfad
uilig ar scoil gur thuig mé go raibh níos mó 'sa léigheann ná
ghléas saothruighthe, agus nach 'na ór ná 'na airgead a ba chóir
é a mheas. Léigh mise agus mheabhruigh mé, agus chonnaic mé
go rabh níos mó anns an tsaoghal 'ná an greim a bhí mé a chur
ann mo bhéal. Chonnaic mé go raibh cinneamhaint níos uaisle
i ndán do'n duine ná a bheith ag díol a cholna agus a intinne
agus a anama, b'fhéidir, ar bheagán airgid. Acht goidé an
mhaith damh sin a innse de m'athair. Dhéanfadh sé gáire
faoim a ba ghéire ná gaoth shiocáin.



Do réir mar bhí mé éighe aníos 'mo stócach bhí mé ag
druidim leis an léigheann, acht, má bhí, chan leis an chineál
a théidheas an phighinn is airde ar an mhargadh. Filidheacht
agus sgéalaidheacht agus feallsamhnacht mo chuid de'n
tsaoghal. Bhí mé i dtólamh i gcionn leabharthach, agus bhí a
shliocht orm, ba bheag m'fhoighde leis an taos óg a bhí fá
dtaobh díom. Chuir mé an laethe thart agus mé i gcineál
de aisling. Dhruid mé mo shúile roimh an tsaoghal gharbh,
chorrach, chnapánach, eascáirdeach, agus chruthuigh mé tír
áluinn bhláthach thorthach fá mo choinne féin. Ba iad sin na
laethe breághtha, a shagairt. Faraor géar gur scabadh an
aisling agus gur fágadh ar an bhlár mé.



An bhfaca tú ariamh uisce glan ciúin, a shagairt? Scáile


L. 8


na spéire agus na néaltach thíos ann - fiche amharc áluinn
na luighe anns an ciúineas. Ar amharc tú ar an uisce sin
agus ar smuaintigh tú gurbh é rud a bhí ann casán go Tír na
h-Óige? Agus an dtáinig gasúr gan chéill thart agus ar
chaith sé cloch isteach 'sa pholl, ag milleadh an iomláin? Sin
mar d'éirigh damh-sa. Acht bhí lúthgháir mhór amháin agus a
luach de bhuaidhreadh i ndán damh sul a dtáinig sin orm.



Ó, 'Nábla a chroidhe, cá bhfuil tú anocht? …



IV



Ní rabh sí cosamhail le cailíní na h-áite, a shagairt. Bhí sí
ní ba mhíne, ní b'uaisle. Bí ceol i nglór a cinn agus áil-
neacht ann gach bogadh dá ndéanadh sí. Bhí súile aicí mar
bhéadh loch sléibhe ann - domhain, ciúin, dorcha. Ní rabh sí
callánach ná béal-scaoilte mar is minice a bíos an óige.
Ba í a bhí ciúin, caoin, cineálta, mar bhéadh brat síoda eadar
mo chroiceann tanaidhe agus droighean agus dreas an
tsaoghail.



Agus nach mé a bhí dóirte daoithe, a shagairt. Ní rabh a
leithéid de ghrádh i gcroidhe aon duine eile de shíol Éabha
ariamh. Ní'l i bhfuath acht taobh an scáile de'n ghrádh, agus
tá a fhios agat féin go bhfuil fuath ann mo chroidhe-sa nach
bhfuil a leithéid eile i nádúir dhaonna. Bhí an grádh a bhí
agam ar Nábla ion-churtha leis an fhuath sin. D'fhulaingeóch-
ainn biadh míoltóg a dheánamh de mo cholainn ar a son.
Bhéarfainn m'anam ar a son, agus ar ndóighe, rinne mé ní
ba mhó ná sin, chaill mé é ag baint a h-éirce amach.



Níor ghoill an saoghal orm ariamh go dtí seo. Ní rabh
buille dá rabh Nábla 'fhághail nach rabh ag tabhairt níos mó
'phianpháis damh ná mo chuid féin. Bhí dhá chorp agus dhá anam
agam ó sin suas, agus dá chroich ar mo ghuailneachaibh.



Bliadhain is fiche a bhí mé nuair a casadh orm í. Ní bhfuair
mé posta ar bith indiaidh fhad agus chaith mé ar sgoil, agus
ní rabh mé ag deánamh dadaidh acht ag spidireacht fá'n bhaile.
Ní rabh meas madaidh ag m'athair orm. Acht níor ghoill
sin oiread orm nuair a bhí Nábla agam.



Trí bliadhna fichead a bhí mé nuair a pósadh sinn. Bhí


L. 9


cúpla lá againn a rabh "solus as an spéir agus deallramh
ó'n ghréin." 'Na dhiaidh a tháinig an doineann agus an dorcha-
das. Bhí m'athair ar an daoraidhe liom. "Níor ghnóthuigh
mé a dhath ariamh air," a deireadh sé, "agus anois tá sé ar
shiubhal uaim 'na ghasúr. Go dtéidh órdóg an bháis ar mo shúil,
is ní dhallfaidh sé mo dhorus. Pighinn de mo chuid airgid
ní fheicfidh sé, ná fad a choise de mo chuid talaimh. Barraidh-
eacht a chaill mé leis." Acht ní rabh beinn ar bith agam air.
D'fhág Seán Ó Dochartaigh teach agus talamh agam, agus bhí
áit suidhe agam gan a bheith buidheach de m'athair.



Acht bhí me sa chrích aige, ar an droch-uair dúinn araon.
Ní rabh sé 'na chomharsa mhaith ag aon dhuine, acht bhí sé dubh ar
fóghnamh dúinne. Lá suaimhnis ní thug sé dúinn. Bhíthear ag
deánamh éagcóra éigin i gcomhnaidhe air, má b'fhíor dó féin.
Bhí an t-eallach ag gabháil thar an chrích, ná bhí an madadh ag
marbhadh a chuid éanlaithe, ná bhíthear ag goid a chuid mónadh.
Ní'l a fhios agam ar shíl sé go rabh sin uilig amhlaidh, ná
ar chum sé na sgéaltaí sin le neart droch-chroidhe. Acht
thug sé ár sáith féin dúinne.



Chaith muid trí bliadhna annsin, ag iarraidh ár mbeatha a
bhaint as an ghiota talaimh. Is iomdha fear a bhéadh beo air,
acht chaith mise oiread de mo chuid ama i gcionn leabharthach agus
gur chaill mé an dóigh le mo bheatha a thabhairt a dtír - an rud
a dtugann na daoiní fios gnaithe air. Bhí mé ciotach, bhí mé
neamartach, bhí mé scapthach. Nuair a bhí mé dhá bhliadhain
anns an áit, b'éigean damh píosa talaimh a dhíol le mo chuid
fiach a íoc. Thoisigh an mí-ádh a theacht go tiugh orm. Thainig
aicid na scamhán orm agus chuaidh mé go dorus an bháis.
Ní thainig mé chugam féin go cionn leith-bhliadhna 'na dhiaidh.
Bhí mé a chomhair a bheith amuigh ar an dorus an t-am sin.
Ní rabh an dara suidhe sa bhuailidh ann acht mo chuid talaimh
a dhíol. Bhí m'athair mór liom an t-am seo, agus cheannuigh
sé an talamh uaim. Bhí mé ag iarraidh margadh a dheánamh
leis, an teach a fhágáil ag Náblainn go cionn bliadhna, go
bhfaghainn áit a dheánamh daoithe. Ní dheánfadh, acht d'ofráil
sé sinn a leigean isteach ann a theach féin, siocair é a bhí go
h-anásta gan bean toighe ar bith aige. Mo chreach agus mo
chrádh nár imthigh muid araon as an tír, sul ar thoiligh mé mo
Nábla a chur i n-áit a cartuighthe.



D'fhág mé istoigh aige í, agus d'imthigh mé go h-Albain a
chuartughadh oibre. Is beag a shíl mé, a Dhia, gurbh é sin


L. 10


an t-amharc deireannach a 'tchífinn oirthí. Is beag a shíl mé
go - och, a Íosa Críost, nuair a smaoitighim air.



V



'Seadh, a shagairt, bhí mé ag deánamh dearmuid duit, ag
meabhrughadh ar mo mhí-rath. Chuaidh mé go h-Albain - nach
sin an áit 'ar stad mé - agus má chuaidh, níor mhó an sógh ná
an t-anró. Ní rabh mé i n-Albain ariamh roimhe. B'éigean
damh a dhul imeasg daoiní garbha, callánacha, a bhí salach
eadar chorp agus anam agus theangaidh. Chuartaigh mé
obair agus fuair mé í. Amuigh san tír a bhí mé ag deánamh
fóghmhair, mar deir na fir. Ní rabh oiread dhe shuim ag an
bhrúid maighisteara ionnam féin ná anns na fearaibh a bhí
ann mo chuideachta, acht oiread le madaidh. Acht níor mhór
liom a bhfuileónainn ar son Náblanna.



Anois agus arís chuireadh sí leitreacha chugam, leitreacha
a thógadh an brón de mo chroidhe. Bhí siad lán de chainnt
gheanamhail, shásta, agus 'na dhiaidh sin bhí rud éigin fighte 'sa
chainnt mar bhéadh snáithe dubh fighte i ngréasán gheal - rud
brónach éigin a rabh sí ag coinneáil cluaine air. Lá amháin
fuair mé leitir, agus an dá luathas agus chonnaic mé í,
bhuail sé isteach ann mo cheann mé go rabh rud éigin cearr.
D'fhoscail mé an leitir agus crith ar mo láimh. Níorbh í
Nábla a chuir í acht a deirbhshiúr, agus bhainfeadh sí deóra as
croidhe na gcloch glas. Bhí an créatúr 'na luighe tinn. Bhí sí
ag éileamh le tamall, agus ní rabh sí chuicí féin ar dóigh nuair
a thuit sí féin agus an seanduine amach le chéile. Chaith sé
amach ar an dorus í ' an t-ainspiorad! - oidhche na seacht sian.
Leis an anró a fuair sí an oidhche sin rinneadh í a ath-leagadh,
agus bhí sí 'na luighe 'toigh Nóranna. Thaobhuigh Nóra liom
deifre a dheánamh má ba mhaith liom breith beo uirthí.



Ní bhfuighinn aon traen go dtí maidín an lae ar na bhárach.
B'fhuide liom an tráthnóna sin 'ná mí. Bhí mé a chomhair a
bheith as mo mheabhair. Níor chodluigh mé aon néall an oidhche
sin, acht ag tionntódh ar mo leabaidh agus mo chroidhe dá
ithe le h-imnidhe go dtí gur nocht ball bán ar an lá.



Bhí mé ar mo chois teacht dheirg an dá néall, ná ní thiocfadh


L. 11


liom luighe. Bhí mé go díreach réidh le h-imtheacht nuair a
tháinig duine le srangsgéal chugam. Shíl mé go dtuitfinn
as mo sheasamh nuair a chonnaic mé é. D'fhosgail mé thaire
reatha é. Tháinig ceo ar an pháipéar agus ní thiocfadh liom a
léigheadh. Fá dheireadh d'éirigh na focla seo amach as an
doiléireacht: "Fuair Nábla bás ar an dó a chlog aréir."



VI



Ní'l cuimhne ar bith agam goidé mar bhain mé an traen
amach, ná goidé mar tháinig mé trasna ar bórd na luinge.
Bhí mé mar nach mbéadh a fhios agam go rabh mé ann ar chor
ar bith. An chéad rud is cuimhin liom indiaidh an sgéala
a fhágháil, mé a bheith 'mo sheasamh os coinne toighe táibhirne i
nDoire. Chonnaic mé triúr fear astoigh agus iad ar leath-
mheisce. Sheasuigh mé agus bhreathnuigh mé an pléisiúr a bhí
orthú, agus an neamh-iongantas a bhí siad a dheánamh de'n
tsaoghal mhór. Níor ól mé aon deor ariamh roimhe sin, acht
smuaintigh mé go m'bhféidir go gcaithfeadh an bhiotáilte an
buaidhreadh as mo cheann. Isteach liom. Sgairt mé ar
bhiotáilte de'n cheathrair againn. Nuair a bhí mo leath-
phionta ólta againn tarraingeadh ceann eile. D'imthigh
an brón agus thainig an lúthgháir agus an meadhar. Tá cineál
de mhear-chuimhne agam go rabh callán agus troid againn
agus gur caithadh amach ar an tsráid sinn. Tháinig mise
chugam féin eadar sin agus tráthnóna, agus nuair a tháinig,
tháinig an brón agus an chumhaidh arís orm.



Chuaidh mé ar an traen. An chéad tamall ní rabh aon dhuine
sa charr acht mé féin. Ba ghoirid go dtáinig triúr eile
isteach. Ceannóchairí eallaigh a bhí ionnta, agus iad ar
meisce ná a dheas do. Bhí aghaidheanna dána dearga orthú,
agus an dubh-challán acú, ag strócadh mionna mór agus ag
amhthroid. Ní dheárn siad iongantas ar bith damh, i dtús
ama, ná mise daobhtha acht comh beag. Bhí go leor ar m'intinn.
Shuidh mé annsin agus an traen ar sodar fríd dhuibheagán na
h-oidhche; cnuic mhóra go doiléir eadar mé agus léas;
scáilí thart fá na fuinneógaibh; uaigneas mór thart orm,
uaigneas mór ann mo chroidhe. Bhí an t-uaigneas sin mar


L. 12


scarfaidhe leath mo chroidhe ó'n leath eile. Ní rabh faoiseamh
le fágháil agam. Thoisigh mé a ghlacadh feirge. Thainig
fearg orm liom féin, leis an tsaoghal mhór, leis an Chruth-
uightheoir a rinne an saoghal agus a d'fhág é mar bhí sé, agus
leis an athair a ba chúis le mé a bheith i mbuaidhreadh. Bhí
sé de nádúir ariamh ionnam m'fhearg a choinneáil agam féin.
Is sáith duine ar bith de locht é, a shagairt. Ná bíodh aon
duine 'na dhiaidh ar an té a chuireas tallann feirge thairis, nó
is feárr dó sin míle uair ná leigean de'n racht agus de'n
rothán an croidhe a ithe as. Tháinig smuantigheacha duibh-
néaltacha fríomh, acht thóg mé m'umhail daobhtha agus chuaidh mé
a bhreathnughadh na bhfear a bhí os mo choinne. Bhí siad ag
diospóireacht fá eallach, agus gan duine ar bith acú ag
fanacht leis an duine eile. Ní thiocfadh liom a bheith ag
éisteacht leobhtha. Chuir mé mo lámh ann mo phóca agus
tharraing mé amach an leitir dheireannach a chuir sí chugam.
D'amharc mé ar lorg a láimhe agus chuaidh dioth fríom ó
bhathais go bonn. Léigh mé cupla líne, agus le sin fuair mé
sólás. Chonnaic mé í. Bhí sí cóirighthe i n-éideadh a bhí mar
bhéadh sneachta ann. Bhí aoibh aingil uirthí. D'fhosgail sí a
béal mar bheadh sí ag gabháil a labhairt…



Fuair mé brúid mhór mhadramhail dhearg ag stánughadh orm,
agus amharc na meisce ann a dhá shúil. Le sin sínidh sé a lámh
agus sciobaidh sé an leitir uaim. Tachtadh le feirg mé.
A rádh 's de go mbeirfeadh an t-ainmhidhe sin ar mo leitir -
ar leitir Náblanna, gan mo chead. D'iarr mé air an
leitir a thabhairt damh. Mhalluigh sé mé. Chuaidh an mhuinn-
tear eile a gháiridhe. Bhain siad mo mhí-apaidh ar ar fad asam.
Bhí sé dhá uair comh toirteach liom, acht bhí mé caoch le feirg.
Thug mé léim air agus throid mé le lámhaibh agus le cosaibh
agus le h-eangaibh agus le cárr. Sin a rabh ar a shon agam.
Bhí an fear sin comh láidir le beirt de mo sheort. Bhrúigh
sé agus thacht sé mé agus chuach sé siar faoi'n tsuidheachán mé.
Bhuail sé annsin mé le na bhrógaibh isteach 'sna h-asnacha go
dtí go rabh sé tuirseach. Fá dheireadh chaith sé chugam an
leitir agus shuidh sé, agus thoisigh an triúr a mhagadh orm.



Dá mbéadh arm agam an t-am sin mhuirbhfinn an triúr
fear sin. Dá mbíodh a gcuid fola 'na tuilteachaibh ar an
urlár ní mó ná go sásochadh sé m'fhearg. Chuir mé mo
sheacht mallacht leobhtha nuair a chuaidh siad amach ag an darna
stad.


L. 13


Acht níor shíothluigh m' intinn le na linn. Bhí sí mar bhéadh
blár uaigneach ann, agus gaoth dhubh agus imir de bhladhairíbh
dearga inntí, ag scuabadh thairis - cosamhail leis an ghaoith
a bhíos ag séideadh trasna leacacha Ifrinn.



Nochtadh aghaidh éigin de bheirt ar an bhlár sin - ceann acú,
aghaidh dhearg mhadramhail an cheannaidhe, agus an ceann
eile aghaidh mhuirneach Náblanna.



VII



Tháinig mé amach nuair a stad an traen ag Léim an Fhéidh.
Bhí oidhche ghruamdha smúid-ghealaighe ann, agus gaoth fhuar ag
éagcaoin fríd an ghleann. D'imthigh mé liom, agus soluis
ag damhsa ar gach taobh díom. Ní rabh solus ar bith agam-sa
le tarraingt air, ná teine ná dídean. Ní rabh romham acht
an roilig fhuar dheileóir, an áit nach rabh solus ná gáire ná
croidhe duine ag bualadh.



Ag dul siar Ailt Mhín na Gleig damh tháinig an chéad
diabhail trasna an chaoráin agus chuir sé cogar ann mo chluais
- díoghaltas. Tháinig ceann eile 'sna sálaibh aige, agus na
manadh céadna aige - díoghaltas. Tháinig siad 'na ndeich-
neabhraibh, 'na gcaogadaibh, na gcéadtaibh. Díoghaltas! Tá
an cineadh daonna 'na námhaid agat, tá tú 'd'asair-chosáin
faoi shálaibh salacha síol Éabha. Díoghaltas! Tá fiacha fola
ar d'athair agat, ó's é a mharbh do chéile leaptha. Díoghal-
tas! Le h-olc ar an Dia a chruthuigh thú agus a thug fuath
duit an chéad anál a tharraing tú…



Bhain mé an roilig amach. Luigh mé ar an uaigh. Goidé an
mhaith a bhí damh ann? Ní rabh ann acht créafóg agus tombaí
tárnochta. Cad chuige ar chuir siad síos annsin í? Sgairt
mé uirthí. Bhí sí comh bodhar le creig. Bhí an chréafóg i n-a
cluasaibh. B'fhéidir go rabh péisteógaí ionnta. B'fhéidir
go rabh cnumhóg cháidheach ag ithe an chroidhe aistí. Uch!…



Thug mé m'aghaidh ar an teach ar chaith muid seal d'ar
saoghal ann - seal aoibhinn sásta sul a dtáinig an buaidhreadh.
B'uaignighe é 'ná an uaigh. Bhí tom na h-aitinnighe faoi'n
teach - an áit 'ar ghnáthach léithe suidhe 'sa tsamhradh - ag
longadán anns an ghaoith mar bhéadh sé ag mairgnigh fá'n


L. 14


bás. Bhí na fuinneogaí mar bhéadh súile daill ann. Bhí
lustán ag fás ar an teach. Bhí an dorus ag éirghe liath agus
na ballaí ag eirghe glas. Sheasuigh mé agus d'amharc mé
air. Fad ó shoin nuair a bhí mé 'mo ghasúr, bhínn ag feiceáil
aislingí - aislingí aoibhne grianmhara. Ba bheag a smuaintigh
mé gur seo mo shaoghal - sean-chró folamh agus lustan ag
fás air.



VIII



Bhí solus anns an teach a bhí thall faoi bhun an chnuic - an
teach a dtáinig mé chun tsaoghail ann, agus a bhí 'na dhídean ag
mo námhaid anocht. Bhí sé 'na shuidhe ag an teinidh. Ní rabh
mórán dá bharr aige, gan mac nó nighean nó céile mná aige
i ndeireadh a shaoghail is a laethe. Ghlac mé truaighe de
m'athair. Bhí mé 'sa dóigh a dtarraingeóchadh smuantiughadh
ar bith leis mé mar bhéadh cleite a d'imtheóchadh ar bhárr na
gaoithe.



Acht níor mhair an tallann sin i bhfad. Thigeadh smuain-
tigheacha seachránacha fríd mo cheann ariamh; gach ceann ag
tarraingt ceann eile, go dtí go mbéadh an ceann deireannach
leithead intinn duine o'n chéad cheann - agus sin an leithead
is mó ar an domhan. Thug m'athair ann mo cheann lá amháin
deich mbliadhna roimhe sin. Bhí mé 'mo shuidhe ar charraig
ar bhruach na h-abhna, agus ceol an easa ann mo chluasaibh.
Bhí leabhar beag filidheachta agam. Tháinig mé go dtí amhrán
a rabh an chainnt seo ann:



"Tá caisleáin fhada gheala agam agus iarluigheacht fúm."



Chuir na focla tuile aoibhnis fríd mo cholainn. Caisleáin
fhada gheala! Bhí cuid de i gceol na canamhainte, creidim.
Bhí mórán de anns na cúirteannaibh ceo a rinne mé ann
m'intinn féin, mar bhéadh cosamhlacht a thcífeadh duine i néal-
taibh geala samhraidh. Ní'l mé ag meas gur bhain mé an
chiall as na foclaibh a bhí ag an fhile a chum iad leo. Ciall
aistidheach eile, ná díth-céille, a bhain mé asta.



Is minic a chualaidh mé na sean-iondairí ag seanchas fá
dhaoinibh a thcífeadh daoiní-beaga nó spioraid de chuid an
tsaoghail eile. Thigeadh rud éigin orthú i gcómhnaidhe a bhéar-


L. 15


fadh orthú a súil a thógáil de'n neach, agus nuair a d'amharcadh
siad arís bhíodh an neach ar shiubhal. Tógadh mo shúil se de na
"Caisleáin Fhada Gheala" go garbh agus go tobann. Thainig
m'athair orm. Tharraing sé an leabhar as mo láimh agus
stróc sé í, agus theisbeáin sé damh an áit ar ith an mhaol
riabhach, a bhí mé a bhuachailleacht, a ghiota geamhair. Ba sin
mise is m'athair ariamh - duine againn ag brionglóidigh fá
Chaisleáin Fhada Gheala, agus an duine eile faoi imnidhe ag
an mhaoil riabhaigh agus ag an gheamhar.



Thainig an tuile mhillteanach feirge fríd mo chroidhe.
Thoisigh na deomhain arís. Chuir siad a gcuid fiacal ionnam
agus d'fhosgail siad gach sean-chneach dá rabh orm. Thoisigh
mé a tharraingt pioctúireach ann m'intinn. Chonnaic mé mé
féin ag siubhal 'fhad le m'athair, agus gan ag labhairt focail
acht ag amharc isteach 'sna súilibh air, isteach 'sa chroidhe dhubh
air, go dtí go dtáinig dath bán air agus gur thuit sé ag
mo chosaibh. D'agair sé mé maitheamhnas a thabhairt dó.
Chuir mé mo chos uaim leis agus d'fhág mé 'na luighe annsin é
mar bhéadh uath-phéist ghránna ann. D'imthigh sin agus tháinig
amharc eile os mo choinne. Bhí mé ag tarraingt ar theach
m'athara anns an oidhche. D'fhosgail sé an dorus agus
chuir an ghealach luinnir bháithteach i n-a shean-ghnúis. D'amharc
mé isteach san aghaidh air agus dubhairt mé focal amháin leis;
Dúnmharbhthóir! Dhruid sé an dorus agus d'imthigh sé i
bhfolach… Chonnaic mé teach an phobail, agus na daoiní
uilig i láthair, ar maidín Dia Dómhnaigh. Chuadh mé suas
ar bhalla theach an phobail agus m'athair liom ar ghreim
gualanna. Labhair mé leis an phobal. D'innis mé daobhtha
an éagcóir a rinneadh orm, go dtí go rabh siad uilig ag
smeacharnaigh agus na deóra ag teacht leo. Theisbeáin
mé daobhtha goidé ba chúis le bás mo mhná, an fear a bhain
mo chuid de'n tsaoghal díom agus d'fhág mé go deileoir.
D'iarr mé ortha a mallacht a chur air, é a sheachaint, gan
labhairt 'sa bhealach leis, ná amharc air. D'eirigh callán
fríd na daoinibh; bhí siad ar aon gháir amháin, ag eascaine ar
an tseanduine ghránna.



Thigeadh tamall orm nach mó ná go mbíodh sé de thoil agam
lámh ná cos a bogadh, acht ag meabhrughadh agus ag eiteallaigh
eadar dhá chomhairle. Amach as a lár sin thigeadh tallann
orm nach rabh cluain le cur air. Tallann acú seo a chuir go
dorus m'athara roimhe an lá mé. Smuaintighim corr uair,


L. 16


a shagairt, agus bheir sé faoiseamh beag de mo náire, gurbh
eadh r'd a bhí greim ag deomhan éigin orm an oidhche udaidh
agus nach rabh neart agam ar mo ghníomharthaibh.



Chuaidh mé anonn go dtí an dorus, agus bhuail mé.
Mhothuigh mé duine ag bogadaigh agus ag osnaighil astoigh.
Bhuail mé arís. "Cé sin?" arsa'n glór. Bhuail mé arís
go borb, agus scairt mé leis an dorus a fhoscladh. Seal
mór fada, dar liom, a b'éigean damh fanacht sul ar mhothuigh
mé trup na mboltaí dá mbaint.



Is cumhain leat gur dhubhairt mé go rabh nádúir m'athara
agus mo nádúir-sa comh h-éagcosamhail le dhá nidh ar bith
ar an domhan chláir - nádúir shaoghalta shanntach agus nádúir
fhiliúnta. Nuair a nocht sé chugam an oidhche sin, bhí iomlán a
chuid saoghaltachta agus sainnte comh soiléir agus gur chuir
siad gráin uathbhásach orm. Bhí coinneal i láimh de na chuid
agus smaichtín de bhata throm anns an láimh eile. Thuig mé
na smuantigheacha a b'uaignighe ann a chroidhe; bhí eagla air
gur gaduidhe a bhí ionnam, ag teacht san oidhche go ngoidinn na
pighneacha airgid a bhí anns an spaga aige.



Bhí sé oiread i n-aghaidh mo nádúire 'na sheasamh annsin,
agus nach rabh foighde agam amharc air. Ba é seo an an-
chuma a chuireadh grádh airgid ar anam duine!…



Acht ní thig liom na focla a luadh a innseóchas an chuid eile
de'n sgéal. Ó, na buillí sin! Orú, an sgreadach! Orú,
an fhuil sin! Agus, a Dhia, an ceann liath sin agus na tuil-
teacha dearga 'ghá bhreacadh! Ó, mo mhire! mo mhire! mo
mhire!…



XI



Bhí maidín bhreagh ghlan chiúin ann, maidín dheireadh Fóghmhair,
agus mé 'mo sheasamh ar an laftán, ag fanacht leis an chéad
traen ag Léim an Fhéidh. Bhí mé aníos agus síos go corrach
crith-eaglach. Shíl mé gur cheart do'n bhealach a bhí faoi mo
chois, agus do na h-éanacha a bhí ag seinm, agus do'n eas
a bhí ag búirfidh taobh thall díom, fios a bheith aca ar an rún
a bhí mar bhéadh luaidhe throm theith ann mo chliabh. Tháinig fear
an staid amach agus d'amharc sé orm. Baineadh stad as,


L. 17


chonnaiceas damh. Ní rabh ann acht nár dhubhairt mé:
"Chualaidh tú gur mharbh mé é." D'imthigh mé as an áit a
rabh siubhal na ndaoiní oirthí.



Sul ar fhág mé an bealach mór casadh tachrán beag orm.
Ní rabh sí os cionn chúig mbliadhan de aois. Ní'l aon nidh,
ná aon chréatúr ar an domhan comh beannuighthe le leanbh.
Chuir a folt catach bán, agus a súile glana luinnireacha agus
a h-aoibh a ba deise ná éirghe na gréine - chuir siad uathbhás
ar mo chroidhe dubh sgólta. A Dhia, nach iongantach Thú, a
leigeas dá leithéid de bheirt a bheith beo ar an talamh
amháin.



Bhain mé an sliabh amach. Ní bhéadh a fhios ag na sean-
fhathaigh a bhí 'na luighe i suan ó bhí tús an tsaoghail ann, goidé
an seort créatúir mé. Níor bhog siad le linn mé druidim
leo. Níor bh'fhiú leo íongantas a chur i gcréatúr comh beag
éadtreórach liom. Bhí mé ag siubhal an fhraoich go rabh
tráthnóna ann. Corr-uair nochtadh fairgneadh beag toigh-
theach i n-ascaill sléibhe. Acht cé go rabh an t-ocras do mo
bhualadh, ní rachainn dá gcomhair. Uair amháin, chonnaic mé
fear eadar mé agus léas ar bhárr cnuic. Theich mé mílte
as a bhealach. Nach mb'fhéidir gur péas a bhí ann, a bhí ag
cuartughadh - daoiní a mharbh a muinntir?



Thainig an oidhche orm. Leathnuigh an dorchadas é féin ar
an tsliabh. Bhéarfainn mionna go rabh na cnuic mhóra ag
srannfaigh, ag tarraingt achan anál mhillteanach a shiabfadh
cathracha, acht go bé go rabh siad comh ciúin, mall-triallach.
Bhog feochán cianach gaoithe fá bhun Shliabh Sneachta. Chuaidh
sé a dh'eascaine orm fá mo dhroch-ghníomharthaí. Bhí sé ag cur
cruaidh orm. Thoisigh glórthaí a theacht fá na gleanntaibh,
agus taiseannaí. Bhí an sliabh ag éirghe beo. Bhí sé ag
doicheall romham, eisean nach dteárn doicheall roimhe aon
dhuine 'riamh. Cá rachainn, 'm'aon bhocht mhalluighthe ag teicheadh
trasna an tsaoghail; láimh Dé ag mo dhruim, cos Dé ag mo
shálaibh, fearg Dé ag cruinniughadh os mo chionn?



Shuidh mé síos fá dheireadh a dheánamh mo sgíste. Bhí mo
dhá chois marbh leis an tuirse. Bhí ocras orm. Bhí eagla
agus uaigneas orm. Bhí mo chorp agus m'anam uilig i
bpianaigh. Luigh mé ar shlait mo dhroma 'sa fhraoich, agus
dh'amharc mé anáirde. Bhí trí cheathramhadh gealaighe ann, ag
seoladh go bródamhail ar an spéir. Le linn mé amharc
oirthi, fuair mé sólas. Bhí sí ag sileadh sonais agus sogha


L. 18


ar an domhan mhór. A ghealach gheal dhílis, dar liom féin,
nár mhéanáir dá gcromfá anuas orm agus mé a áirdiughadh
leat, mar rinne tú fad ó shoin le Dómhnall Mhac na Bain-
treabhaighe! Nár dheas a bheith 'mo luighe ar do ghualainn
ghléighil ag coimheád ort ag tiomáint na solus agus na
scáilí trasna na gcnoc, mar bhéadh sréadaidhe a mbéadh
sgaoi caorach dubh agus bán aige. Nár mhéanáir - acht
siud néall donn ar shiubhal trasna ar ghnúis na gealaighe.
Chuir sí sgáth eadar í féin agus an droch chréatúr.



D'éaluigh mé síos gleann dubh domhain. Bhí sé comh
domhain agus go rabh sgáile trom uilig air. Thíos ann
a lár bhí loch chruinn dhomhain. Ní fhacaidh mé aon loch ariamh a
bhí comh domhain, nó comh dorcha nó comh duibheagánach leis an
loch sin. Sheasuigh mé ar bhruach fraoich agus d'amharc mé
isteach inntí. Bhí sí comh ciúin le leic ghloine; d'fhéadfá,
dar liom, ceairtlín dorga a bhéadh comh mór leis an Eargal,
a leigean síos inntí agus gan an t-íochtar a bhualadh. Bhí
scáilí scáthmhara inntí. Chonnaic mé neach mór millteanach ag
teicheadh trasna na locha, agus neach eile 'na dhiaidh agus a
lámh sínte ag iarraidh breith air. Bhí aghaidheanna anns an
loch sin, aghaidheanna bána taidhbhseacha a bhí comh mór le néall
de chuid na spéire. Bhí spioraid agus deamhain ann, mar
bhéadh sgáilí ann, agus iad ag éalódh go mall-triallach trasna
an locha.



D'imthigh na taiseanna, agus d'éirigh an t-uisce comh
glan comhthrom, eadar a bheith 'na sholus agus 'na scáile.
Bhí suaimhneas mar shuaimhneas a bíos anns an tír ag gabháil
ó sholus de - ní h-eadh, acht shíothchaimh síorruidhe a bhí ann a
gnúis. A Dhia, nár dheas an áit í le mo leabaidh a chóiriughadh.
Dá mbéinn 'mo luighe annsin ar thóin an locha sin, ní bhéadh
pian ná imnidhe i n-innimh a mbealach a ghearradh fríd na
feadhannaibh fada fionnfhuara a bhéadh síolthuighthe os mo chionn.
Thiocfadh brionglóideacha suaimhneacha thart fá dtaobh díom,
agus líonfadh an sogh mo cholainn bhocht go smir an chnáimh.
Ní thiocfadh liom a innse cá fhad a chaith mé ag amharc isteach sa
loch seo, ag meabhrughadh agus ag síormheabhrughadh.



Níor mhothuigh mé go dtainig caochlódh air. Anuas an
gleann le siothmhadh gaoithe. Dhorchaigh an spéir agus thoisigh
na deora a theacht. D'imthigh an dreach áluinn de'n loch.
Tháinig gruaim - smúid - rinn uirthi. Thoisigh scaileógaí beaga
confadhacha a dh'eirghe daoithe. Ní rabh iarraidh ar bith aíci


L. 19


orm; chuir sí cuil uirthi féin, ar eagla go mbéinn ag brath
a cuid uisce shoineannta a shalughadh le mo chnámhaibh malluighthe.
Thug mé cúl mo chinn léithe agus an síon do mo chriathrughadh.



Shiubhail mé léab mhór shléibhe go seachránach, go dtí gur
fágadh thíos i ngleann mé, an áit a rabh bealach mór. Bhí sé
ag cur air i dtólamh, agus bhí gaoth mhór agus fearthainn ann
a bhí léanmhar go deo. Bhí splanncacha ag réabadh agus táir-
neach ag roiseadh thart orm. Bhíthear 'ghá mo sheilg de dhruim
an domhain. Shuibhail mé giota beag leis an ghaoith, agus
mé ag imtheacht roimhe achan séideán mar bhéadh sop cocháin
ann. Bhí achan bhúirfe agus achan siothmhadh ag an ghaoith agus
bhéarfainn mionna duit go rabh sí ag bagar agus ag mal-
lachtaigh orm. Bhí an fhearthainn 'ghá mo ghreadadh sa chloiginn
mar bhéadh na mílte sgiúirsí ann. Bhíthear ag baint na
h-anála díom agus mé ag cleitearnaigh siar an bealach
righin uaighneach udaidh.



Thart coradh liom agus fágadh ar bhlár fhoscailte mé.
Bheir iomghaoth uathbhásach orm. Chraith sí agus d'uthbhairt
agus shiabh sí mé mar bhéadh sí ag brath mo chnámha a roinnt ar
gach creig anns an sliabh. Chuaidh an fhearthainn fríd mo
cheirteach mar bhéadh pileáir ann. Bhléasc splannc isteach
anns an dá shúil orm: shíl mé gur dhóigh sí an ghruag ar mo
cheann. Mhothuigh mé a boladh ann mo ghaothsán. Agus 'na
diaidh tigidh an rois tháirnighe a ba mhillteanaighe a cluineadh ó
rinneadh an domhan. Rinne sí tormán mar bhéadh na sléibhte
thart timcheall orm ag scoilteadh ann a lár agus ag tutim,
'na gcunamar anuas le fánaidh.



Thug mé iarraidh ar fhoscadh, agus mé mar bhéinn dall,
bodhar balbh, gan mhothughadh. Ba léir damh go deachaidh mé
isteach ar gheafta, agus go gearr 'na dhiaidh, fuair mé sgath
os mo cheann.



Bhí mé i dteach pobail. Bhí sgaradh oidhche agus lae ó chéile
ann, agus bhí an teampall leath-dhorcha. Bhí na ballaí bána
scáthmhar. Bhí an solus beannuighthe os coinne na h-altóra
agus é go buan, ciúin foighdeach. Theich mé o'n tsolus sin
agus o'n chroich chéasta mar dhéanfadh diabhal as ifreann.
B'fhearr liom an doineann agus an táirneach 'ná aghaidh
a thabhairt ar Mhac Dé céasta ar an Chroich. Cé ariamh a
chéas mar chéas mise?



Bhí an doineann ag socrughadh. Shuidh mé i gcois claidhe
agus rinne mé mo sgíste. Bhí mé ag tuitim as a chéile le


L. 20


tuirse, le fuacht agus le h-ocras. Shuidh mé annsin fada
buan, ag breathnughadh mo dhóigh'. Thoisigh mé a fhágháil mo
chéille. Thuig mé go mbéadh lámh Dé 'mo dhiaidh achan áit a
rachainn, go rabh an saoghal mór ag doicheall romham, ach nach
rabh faoiseamh ná foscadh le fágháil i n-áit ar bith ag an dún-
mharbhthóir. Bhí a fhios agam go mbéadh an ghruag liath agus an
fhuil dhearg - Och a Mhic Dé! - ann mo shúilibh go lá mo bháis.
Bhí a fhios agam go mbéadh an séala ar m'éadan a d'aith-
neóchaidhe, ba chuma cá rachainn o'n áit ann a rabh mé go mbéinn
anns an Domhan Thoir. Goidé a dheánfainn? Thóg mé mo
shúil agus bhí beiric thall 'sa ghleann os mo choinne. D'éirigh
mé agus shiubhail mé caol díreach anonn.



Sin anois uilig agat é, a shagairt. Bhí sé comh nimhneach
an sgéal a aithris agus bhí sé a theacht fríd an phianpháis uilig.
Tá mé tuirseach, a shagairt. Tá mé mar bhéadh duine tinn
a bhéadh ag socrughadh i ndiaidh taom mhór a chur de. Thug
an t-innse sólás damh. B'fhéidir, a shagairt, nach bhfuil mo
chinneamhaint comh dona sin. Nach bhfuil sé ráidthe go dtógann
Uan Dé peacaidh an tsaoghail, an chuid is truime agus is
duibhe acú. Tá teinte tréana i bPurgadóir. B'fhéidir
nach bhfuil sé peacach agam a bheith ag smuaintiughadh go
nglanfadh siad an smál roimhe Lá an Luain.



A Mhuire mhuirneach, as béalaibh Ifrinn agraim thú, mé a
chosaint ar do Mhac millteanach.



(An Deireadh.)


L. 21


TEAMPALL CHONCHUBHAIR



Is iomdha fearthainn agus fuacht
Is struirm chuain do chuiris díot,
Ó tiodhlacadh thú ar dtús
Do Righ na nDúl mar thigheas.



- Seán Ua Coileáin.



'Tchítear damh féin go bhfuil cuma ar chuid cladach Thír
Chonaill, go bhfuil siad níos sine 'ná áit ar bith eile dá
bhfaca mé ariamh. Thig dreach na h-oige ar chuid fearann
féarmhar na tíre nuair a thig an t-Earrach, acht ní thógann
Earrach ná Samhradh an ghruaim de na creagachaibh breaca,
de na cladaigh dhubha, ná de na méiltibh loma gainimh atá
i dTír Chonaill Thiar.



Tá a shliocht ortha, tá stair agus seanchas fá na sean-
chreagachaibh céadna. Sean-seanchas ársaidh uasal atá
ann mar bhéadh Fiannuidheacht ann, atá ag cur le gnúis
chaithte na tíre.



An chéad Samhradh a bhí mé anns na Rosaibh d'innis sean-
duine sgéal damh a thaitin go mór liom. Tráthnóna amháin
bhí mé thíos fá Thobar an Chonnaigh ag amharc ar an tsean
teampall. Sin féin an áit ar fiú amharc oirthi. Tá
léana beag glas ar bhruach an chladaigh, agus an tseanbhallóg
'na seasamh air; an fhairrge mhór amach uadh go fíorghlinnte
an aeir.



Uaigneas, aois, agus farsaingeach!



Bhí gléas tarraingt pioctúireach liom, agus nuair a chaith
mé tamall ag amharc ar an teampall, tharraing mé a
phioctúir. Bhí an lúthgháir orm, go rabh a leithéid agam le
teisbeáint do mo cháirde nuair a rachainn 'na bhaile go Béal
Feirsde.



Bhailigh mé liom mo chuid gléasraí annsin agus d'imthigh
mé siar an cladach.



Chonnaic mé seanduine ag tarraingt orm agus a cholann


L. 22


dubh eadar mé agus léas. Thainig sé go dtí mé, bheannuigh
muid dá chéile, agus chuaidh muid chun cómhráidh.



Ní rabh móran aithne aige orm, ná mar dubhairt mé
cheana féin, ba é an chéad samhradh damh a bheith thíos é. Ní
rabh fhios ag na daoinibh c'ainm a bhí orm an t-am sin. Acht
tá a fhios ag an tsaoghal anois é. Mac Seamsaigh Bhéal
Feirsde a bheir siad orm, agus i n-amannaibh Mac Seamsaigh
Néill Mhóir - siocair mé a bheith ar ceathramhain 'toigh Néill
Mhóir.



"Nach deas an teampall é?" arsa mé féin.



"Maise ní'l fhios agam goidé deas atchí tú ann," arsa
Roibín Chonaill Óig.



"An gcualaidh tú ariamh goidé mar rinneadh é?" arsa
Roibín.



"Ní chualaidh, maise," arsa mé féin.



Shuidh Roibín ar chlaidhe fód os mo choinne. Bhí an solus
ag cur dath ann a shean-leiceann. Taobh thiar de, bhí mé ag
coimheád ar an lán-mhara ghlas ar crith, agus an ghrian ag
gabhail síos i n-aice na tuinne.



"Bhí fear 'na chómhnaidhe anns an áit seo," arsa Róibín,
"fad ó shoin. Fear tábhachtach bláthmhar a bhí ann, a bhí comh
h-ionraice agus go dtug na comhrsannaí Conchubhar Cneasta
air. Ní rabh aige acht é féin agus a mhac, agus bhí siad go
seascair: taobh tíre de thalamh aca agus teach maith fiúntach.



"Thainig droch-bhliadhain agus bhí cuid mhór daoiní ar
an anás. Má bhí féin, is iomdha déirce a rinne Conchubhar
Cneasta agus a mhac ortha. Acht is doiligh a dhul de na
daoinibh, agus indiaidh comh fial agus bhí siad, bhíthear ag
goid uatha. Oidhche amháin, arsa Conchubhar le na mhac: "Tá
mo chuid préataí ag imtheacht as an sciobál; tá mé ag dul
amach anocht a choimheád go bhfeicidh mé an rachaidh agam
greim a fhághail ar an ghadaidhe."



"Chuaidh. Eadar sin agus maidín, nuair a b'fhada leis
an mhac a bhí sé gan sgéala a fhághail as an sciobál, d'éirigh
sé agus chuaidh sé amach. Fuair sé an seanduine gránna
'na luighe ag saothrughadh an bháis. Thainig an gadaidhe,
agus nuair a chonnaic sé gur h-aithnigheadh é bheir sé ar fhorc
agus sháith sé i gConchubhar go bun na mbionglán í.



"Thoisigh Conchubhar Óg a chaoineadh agus a fhiafruighe de'n
athair cé a chuir 'sa chluiche sin é. Ní innseóchadh sé dó an


L. 23


chead uair é. Acht fá dheireadh, d'innis sé ainm an ghadaidhe
dó, ar shéala gan é trácht air le duine ar bith go bhfuaradh an
bás a bhéal.



"Tugadh an sagart chuig Conchubhar Cneasta agus ní
mó ná gur bheir sé beo air. Nuair a fuair sé bás rinneadh
a fhaire go fiúntach, agus cuireadh anns an roilig é ag cnámhaibh
a mhuinntir.



"Chuaidh seacht mbliadhna thart. Níor thrácht Conchubhar
Óg le'n duine ariamh ar an ghadaidhe. Níor bh'fhada gur
imthigh 'acha'n seort mí-rath ar an ghadaidhe. Fuair sé féin
bás, agus d'fhág sé bean agus dílleachta 'na dhiaidh. Chuaidh
an bhean rud beag ar seachrán san inchinn, eadar buaidhreadh
an tsaoghal agus an bhoichtíneacht, agus 'acha'n chineál leis an
chinéal eile. Ba é an deireadh a bhí oirthí go mb'éigean
daoithe an dorus a tharraingt amach 'na diaidh agus a dhul a
chruinniughadh a codach.



"Lá amháin Earraigh bhí Conchubhar ag 'na shuidhe anns
an sciobál ag scoilteadh póir, agus cé thainig isteach acht
bean an ghadaidhe. Chaith sé gráinín préataí chuicí, agus
d'imthigh sí. Acht goidé a rinne an tachrán acht cromadh
a dh'amhallaigh ar na preátaí a bhí ar an urlár, agus ní rabh
oiread de stuaim ag an mháthair agus gur chrothnuigh sí é.
Bhí Conchubhar tamall fada ag coimheádh air, agus is cosamhail
sa deireadh gur spreag an diabhal é. Bheir sé ar spáid
agus rinne sé leircín de'n tachrán ar bhun an urláir.



"Nuair a bhí an gníomh déanta, bhuail an t-aithreachas
Conchubhar agus bhuail an eagla é. Thug sé leis corp an
leinbh agus chuir sé é eadar an tuighe agus na scrathaibh os
cionn fhuinneóg na cistinighe. Chuaidh cuartughadh ar an
leanbh, acht ní rabh sé le fágháil thall ná i bhfos.



"Chuaidh seacht mbliadhna eile thart, agus lá tuairisge
ní fhuarthas fá'n leanbh, go dtí lá amháin a bhí an sagart ag
léigheadh Aifrinn, toigh Chonchubhair Óig. Bhí an altóir ag an
fhuinneóig aige, agus go díreach nuair a bhí sé i lár an Aifrinn,
thuit deor theith fhola anuas ar an éadach gheal."



Thost Roibín, mar bhéadh sé a gheall ar faill a thabhairt
damh smuantiughadh ar an amharc sin. Chonnaictheas damh
go rabh sé os coinne mo dhá shúl - an teach lán, an altóir
bheag gheal faoi'n fhuinneóig, agus an sagart ag rádh:



"Hic est enim calix sanguinis mei." Le sin tuitidh
deor fhola, mar bhéadh an Slánuightheoir ag dórtadh A chuid


L. 24


fola go so-fheicseanach arís. Chonnaic mé an stad a baineadh
as an tsagart.



"An dá luathas agus thuit an deór," arsa Roibín, "d'aithin
an sagart go raibh rud éigin cearr. Thug sé ar na fir an
tuighe a bhaint de'n teach, agus fuarthas corp an leinbh, agus
gan lobhadh ná críonadh air acht oiread leis an lá a marbhadh é.
Nuair a chonnaic Conchubhar Óg seo, chaith sé é féin ar a dhá
ghlún faoi an tsagart agus rinne sé a fhaoiside.



"''Shagairt," arsa seisean, "creidim nach bhfuil maitheamh-
nas i ndán damh?"



"'Ní dhéarnadh aon pheacadh ariamh nach dtig le Dia a
mhaitheadh,' arsa'n sagart. "Caithfidh tú an breitheamhnas
aithrighe seo a chur díot sul a bhfágh' tú maitheamhnas":



"'An chéad rud,' arsa seisean, 'droichead a chur ar
abhainn an Choinléim.'



"'An darna rud,' arsa seisean, 'teampall a dhéanamh
i dTobar an Chonnaigh.'



"'Agus an treas rud,' arsa seisean, 'suidhe i bhfuin-
neóig an teampaill go dtaraidh éan de chuid an aéir agus go
mbeiridh sé uibh ar do bhois.'



"D'imthigh Conchubhair Óg agus dhíol sé a theach agus a
chuid talaimh. Chuir sé an droichead ar an abhainn, agus
rinne sé an teampall sin thall. Acht ba bheag an chuid de
n-a phionas an méid sin. Chuaidh sé fhad leis an tsagart
agus d'innis sé dó goidé a bhí déanta aige.



"'Imthigh anois,' arsa'n sagart, 'agus cuir díot an
chuid eile de do bhreitheamhnas aithrighe.'



"D'imthigh sé agus shuidh sé san fhuinneóig. Chuaidh na
laethe thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh bliadhain thart. Ní
thainig an t-éan. Chuaidh seacht mbliadhna thart.



"Lá amháin bhí Conchubhar 'na shuidhe agus gan ann acht
na feirste de, nach rabh caithte ag an fhuacht agus ag an
ánró. Thainig éan geal bán anuas agus shuidh sé ar a bhois
agus bheir sé uibh oirthí.



"Thug sé míle altughadh do Dhia agus thuit sé marbh annsin."



Tá pioctúir an teampaill agam fá choinne duine ar
bith ar mhaith leis a fheiceáil. I dtaca leis an sgéal, má
shíleann duine ar bith nach bhfuil sé ion-chreidthe na bíodh sé
ag éileamh ar Sheosamh Mhac Seamsaigh as Béal Feirsde
acht labhaireadh sé le Roibín Chonaill Óig as Tobar a' Chonnaigh.


L. 25


TEACHT CHEALLAIGH MHÓIR



I



"Agus tá lánamhain thall annsin i mBaile an Teampaill
agaibh," arsa sean Séarlas a Gleadair le Donnchadh Óg
Dhonnchaidh Bhriain.



Bhí Donnchadh Óg tógtha le Síle, an bhean a ba óige de
chuid nigheanach Shéarlais, agus ba mhinic fá'n teach é. Bhí
sé 'na shuidhe ar an stól ag taobh na leabtha an tráthnóna
seo, ag iarraidh cómhrádh a choinneáil leis an tseanduine,
agus ag breathnughadh Shíle a bhí anns an am cheadna ag timthir-
eacht fríd an teach.



"Tá," arsa Donnchadh, "béidh oidhche mhór 'toigh Eoghain
Uí Cheallaigh anocht."



"Béidh," arsa Séarlas, "tá an rathamhnas ag Eoghan."
Thost sé bomaite. "Fiche bliadhain 'gus an oidhche anocht,
go díreach, a d'imthigh Ceallaigh Mór. Bhí teach buadhartha
ag Eoghan an oidhche sin."



Thóg Donnchadh a shúile de'n mhuineál gheal fhada a bhí ar
Shíle agus d'amharc sé isteach 'sna súilibh ar an tsean-duine.



"Sin dearbhráthair Eoghain. Chualaidh mé iomrádh go
minic ar an fhear sin. Nach é chuaidh dhe léim trasna Pholl
na Péiste?"



"Rachadh sé 'léim thaire rud mheasardha ar bith, lá dá
rabh sé," arsa Séarlas. "M'anam do Dhia ba é sin an
fear, dá mbíodh ciall aige. Chonnaic mise - "



"Goidé a chuir Ceallaigh Mór ar shiubhal as an tír, 'athair?"
arsa Síle. Bhí Séarlas ag gabhail a thoiseacht ar scéal
eighinteacht eile, acht thainig Síle aníos agus chuaidh sí ar a
leath-ghlún ag na thaoibh, agus leag sí a lámh láidir gheal ar a
ghlún. Thug sé isteach daoithe. Chuir sé a bhata 'na sheasamh
díreach agus a dhá láimh ar a cheann, agus d'amharc sé isteach
sa teinidh agus na bliadhanta meara misneamhla a bhí caithte
ag deallramh ann a shúilibh.


L. 26


"Sul a dtainig tú ar an tsaoghal, a nighean, bliadhain
is fiche ó shoin, a bhí Ceallaigh Mór i dtreis. Ba bhreágh
amach an giota dh'fhear é. Bhí sé sé troighthe ar aoirde,
trom dá réir, agus aghaidh fir air cómh dóigheamhail agus
thiocfadh leat a fheiceáil. Shílfeá Eoghan a bheith 'na fhear
bhreágh fheiceálach i gcruinniughadh, acht ní rabh ann acht cleitire
beag suarach le taoibh an fhir seo. A Chúirt Aingeal, an
muineál a bhí air agus an dá shlinneán a bhí air! Agus an
coiscéim a bhí leis! Ní bhrisfeadh sifín cocháin faoi na bhonn.
Ní rabh a'n fhear bata i n-íochtar na conndae a bhí ion-churtha
leis. Bhí sé 'na reathaidhe, 'na snámhaidhe, 'na charaidhe, 'na
iomróir. Ní fhaca mé a'n fhear ariamh ar urlár ag damhsa
ba deise ná é. Tá fhios agat an chloch mhór ghlas atá a chois
na h-abhainn, faoi theach Dhoiminic Ruaidh. Thóg sé an chloch sin.
Sé mo dhá shúil féin a chonnaic é. Agus i dtaca le léimneach
dó, bhí sé mar bhéadh an eilit mhaol ann. Léim sé Poll na
Péiste, agus léim sé Abhainn na Madadh, agus ar ndóighe tá
léim Cheallaigh le feiceáil ag an tsaoghal mhór thiar ar a'
Phollán Raithnighe. Theiseáin Éamonn Mhac Ailín damh-sa í an
uair dheireannach a bhí mé thiar. Tá dhá chloich ar an léana ag
marcáil na h-áite ar éirigh sé agus na h-áite a dtainig sé
anuas. Breitheamhnas Dé ar m'anam má tá mé ag déanamh
focal bréige - tá cúig troighthe fichead eadar an dá chloich!



"Ní rabh Conchubhar Ó Ceallaigh os cionn bliadhain is fiche
nuair a bhí a gháir achan áit fríd an chonndae. Ní rabh aonach
ná margadh nach mbíodh sé air, ná damhsaí, ná cuideachta ó
seo go Gaoth Beara nach mbíodh sé aige, agus dá mbíodh
féin ní rabh fear ar bith ann a leigfeadh an eagla dó dhul
'un spáirne leis. Ní rabh a'n ainm air acht Ceallaigh Mór
agus ní rabh a'n Chríostaidhe, ó dhuine liath go leanbh, i dtrí
phobal Eabhra nach rabh an t-ainm sin ann a bhéal.



"Bhí na mná ag briseadh na gcos na dhiaidh, nídh nach íongnadh
ná chuirfeadh sé pléisiúr ar mhnaoi ar bith, bhí sé comh dóigheamh-
ail sin. Ní rabh a leithéid dhe thoil ag Ceallaigh daobhtha-san,
na dhiaidh sin. Chuireadh sé thart an t-am go subhailceach ann
a gcuideachta, acht bhí sé fada buan agus níor thóg sé é féin
le cailín ar bith áirithe. Fá dheireadh thug sé thoil mhór do
Nóra Pheadair Uí Bhraonáin i n-Ailt Eoin. Daoine
toiceamhla mór-luachacha a bhí 'sna Braonain sin ariamh. Bhí
muileann ag Peadar - tá sé beo go fóill, mar Pheadar -
agus léab mhór thalaimh, agus péire beáthach. Bíodh a fhios


L. 27


agat go rabh sé 'na shuidhe go teith, agus go bhfuil a
chlann annsin 'na dhiaidh. Chonnaictheas dó ar scor ar bith,
nach rabh Ceallaigh Mór maith go leor ag na nighin. Ní
rabh ar bhunadh Cheallaigh acht beo bhocht san am sin, siud
is go dtainig siad 'un tosaigh go maith ó shoin. Ba mhaith
le Peadar a' Mhuilinn cleamhnas a dhéanamh eadar Nóra
agus mac de Éamonn Ó Chanann a dtugadh siad Séamus
Catach air. Bhí Mac Uí Chanann na thoicidhe agus 'na fhear
chruaidh ghasta le na chois sin, agus 'na fhear chríonna thábhachtach
nach mbéadh ar shiubhal na phléaráca cosamhail le Ceallaigh bocht.



"B'fhéarr leis an mhnaoi óig méar beag Cheallaigh Mhóir
ná Séamus Catach ó bhun go bárr, acht ní chluinfeadh a muinntir
iomradh ar í bheith ag chómhrádh ar chor ar bith leis. Na dhiaidh
sin bhíodh sí ag coinneáil cuideachta leis eadar amannaíbh go
for-mhorthuighthe, agus ní thugadh sí uchtach ar bith do'n fhear
chatach. Bliadhain amháin ar scor ar bith, d'imthigh Ceallaigh
suas toighe Pheadair na gColpach i Sráth-na-Bratóige ar
cuairt. Bhí Peadar gaolmhar daobhtha, tá fhios agaibh, ó
thairbhe Phádruig Duibh. Chaith Ceallaigh seachtmhain thuas,
agus ag teacht 'na bhaile dó, goidé bhí acht Séamus Catach ag
Nóra Ní Bhraonáin an oidhche sin.



"'S dóigh liom go ndiúltóchadh sí féin é, acht ní dhéan-
fadh a dhath maith de na muinntir acht í a chur leis. Ghlac
sí sa deireadh é fríd chaoineadh. Chuireadh sgéala chuig
sgaifte beag de'n chomhursain, agus shuidh siad thart go
súgach a chaitheamh oidhche na dála.



"Níor bh'fhada is níor gheárr go dtainig Ceallaigh Mór
isteach. Dubhairt sé leobhtha go rabh dúil aige nach mbéadh
siad ag doicheall roimhe, siud is gur stucaire a bhí ann.
Hubhradh ar ndóigh go rabh fáilte aige, cé nach rabh mórán
dúile ag Peadar a' Mhuilinn ná ag Muinntir Chanann ann.
Chuaidh an bhiotáilte thart agus thoisig an t-ól. Sa deireadh
d'éirigh Peadar Ó Braonáin agus d'iarr sé orthú sláinte
na lánamhaine óige a ól, mar bhí Nóra agus Séamus Catach
Ó Canann. Chuaidh an gloine thart. D'ól acha'n dhuine é go
fonnmhar, go dtí go dtainigtheas fhad le Ceallaigh.



"'Sin sláinte nach n-ólann an mac seo go bráthach,'
arsa seisean. D'éirigh sé le'n rúchladh amháin agus chuir sé
a lámh thart ar Nórainn. Amach ar an dorus leis an bheirt
acú, agus tharraing Ceallaigh an dorus 'na dhiaidh a gheall
ar moill a bhaint as an mhuinntir eile.


L. 28


"Shín an rása. Ní bhéadh Ceallaigh i bhfad ag cur folach
cnoc ar lucht na dála acht go bé go mb'éigin dó fanacht i
mbun Nórann. Thug siad a n-aghaidh ar an chladach, an áit a
rabh bád agus cupla comráduidhe inntí fá choinne Nóra a
thabhairt ar shiubhal. Bhain siad an chreag amach. Chuaidh
Ceallaigh de léim isteach sa bhád. Bheir sé greim láimhe ar
Nórainn 'ghá tabhairt isteach. Le sin taraidh Séamus Catach
'un tosaigh agus beiridh sé greim thaire 'na corp oirthí.
Thug Ceallaigh iarraidh í a sgathadh as a chuid greamannaí
acht ní rabh dul aige é a dhéanamh. Bhí an sluagh ag tarraingt
orthu, agus iad sa taoibh laig. Bheir Ceallaigh ar chrann na
stiúrthach agus bhuail sé Séamus Catach trasna na cloigne
agus rinne sé ceirthlín de. Tharraing sé Nóra isteach sa
bhád, bheir ar 'a rámha agus as go bráthach leo.



Nuair a thainig bunadh Shéamuis Chataigh chun tosaigh fuair
siad 'na luighe annsin é gan smeach ann. Thóg siad é agus
thug siad 'un toighe é. Chaith siad an oidhche ag iarraidh é a
thabhairt fríd. Ní rabh gar ann. Bhí blaosc na cloigne
briste aige agus fuair sé bás roimhe an mheadhon-oidhche.



Lá ar na bhárach d'éirigh an gháir go rabh Ceallaigh Mór
i ndiaidh Séamus Catach a mharbhadh agus a bhean a bhaint de.
Chuaidh muinntir Chanann síos chuig an Chaiptín Ua Hannluain
agus d'innis a sgéal dó. Thug sé cead daobhtha fir a chruin-
niughadh agus breith ar Cheallaigh Mhór. Rinne siad sin. Ní
rabh an áit a rabh duine de na muinntir fríd na bailte nár
chruinnigh siad iad, agus thainig fear agus fiche go Baile an
Teampaill a bhreith ar an fhear mhór.



Ní rabh fhios ag Ceallaigh a dhath fá bhás Shéamuis, agus
bhí iongantas air nuair a chonnaic sé an sluagh ag déanamh
air, agus spádaí, foirc, corráin, sgiana agus acha'n arm
a dtiocfadh leobhtha a lámha a fhágháil air, ar iomchar leobhtha.



"Bhí sé istoigh 'toigh a uncail, 'toigh Sheáin Ruaidh, é féin
agus Nóra. Chonnaic sé an sluagh ag tarraingt ar theach a
áthara. Chonnaic sé arais ag pilleadh iad i n-diaidh an teach
a chuartughadh. Rinne sé amach gur 'na dhiaidh a bhí siad.
Amach leis go dtí cárnán cloch agus sheasuigh sé annsin go
dtainig siad fá fhad urchair de. Thoisigh sé a chaitheamh orthú
annsin comh tiugh géar agus 'thiocfadh leis. Níor chaith sé
a'n urchar cam ariamh, agus bhí a shliocht air, bhí cloigne dearga
ag Muinntir Chanann sul a rabh sé i bhfad ar obair. Bhí sé
ag teicheadh ar fad agus é ag caitheamh go dtí go dtáinig


L. 29


sé go mullach Árd-na-gaoithe, agus thoisigh sé agus chaith sé a
rabh de chlochaibh sa leachta orthú. Bhuail cloch mhór throm
Proinnsíos Anna Eoin sa chloiginn agus loit sí go millteanach
é. Buaileadh agus geárradh cuid mhór eile acú fosta, agus
b'éigean daobhtha sa deireadh an bealach a thabhairt do Cheallaigh
Mhór.



"D'éaluigh Ceallaigh agus Nóra as an tír an oidhche sin
agus ní fhacthas ceachtar aca ó shoin. Nuair a chualaidh an
pobal gur mharbh sé Séamus Catach agus gur chaith sé an
leacht a bhí os cionn na marbh ar an mhuintir a thainig ar
a thóir, tháinig siad i gcionn a chéile agus rinne siad amach gan
Ceallaigh a leigin isteach 'na h-áite a choidhche arais. Acht
ní dóiche go gcuirfidh Ceallaigh coisgreadh ar bith faobhtha, nó
níor chualthas iomrádh ó shoin air."



Stad Séarlus. Níor labhair aon dhuine ar feadh leath
bomaite.



"Agus 'athair," arsa Síle, "dá dtigeadh sé anois nach
shílfeá go leigfidhe dó? Is fada sin thart anois."



"Tá eagla orm nach leigfidhe, a shiúr," arsa sean Seárlus.
"Ní dheárn Muintir Chanann dearmad ar bith de bhás Shéamuis
Chataigh go fóill, agus ní bheadh siad i bhfad ag spreagadh suas
na ndaoine."



"Ba truaghcánta an scéal é," arsa Donnchadh Óg go leath-
íseal ag amharc isteach sa teinidh. Bhí sé 'ghá fheiceáil féin
i n-áit Cheallaigh Mhóir agus é ag goid Shíle ó na námhaid
oidhche na dála. Ba é a Shéamus Catach-san Niall Sheáin
Mhóir - stócach beag gnaoidheamhail a rabh toil aige do Shíle,
agus, shílfeá amannaí toil aicí dó fosta. Nuair a bhí an
bhrionglóideach críochnuighthe aige d'éirigh sé 'na sheasamh.



"Nach bhfuil tú i n-am go leor?" arsa Séarlus.



"Caithfear deánamh réidh fá choinne na bainse," arsa
Donnchadh, ag tabhairt amharc ar Shíle, ionann 's a rádh,
"deán deifre, a chailín."



II



Nuair a tháinig Donnchadh Óg isteach i dteach na bainse
bhí scaifte mór daoine cruinn. Bhí an bhiotáilte ag gabháil
thart agus an biadh ghá dheánamh réidh. Bhí Seán Mór Píobaire


L. 30


'na shuidhe sa choirneál agus é ag seinim corr-phort anois is
arís do'n chruinniughadh, agus Feidhlimidh Fidileóir 'na shuidhe
sa choirneál eile ag tarraingt an bhógha go h-aigeantach ar
an fhidil.



Bhí cisteanach agus seomra mór fada fairrsing 'toigh
Eoghain Uí Cheallaigh, agus bhí siad pluduighthe. Bhí an t-aos
óg ag damhsa agus ag ól agus ag suirighe. Bhí an dream
aosta ag comhrádh agus ag sgéaluidheacht agus ag deánamh
carthannais. Chuaidh an oidhche thart go súgach greannmhar
gleoráiseach go rabh sé a dheas de'n mheadhon-oidhche.



Bhí Donnchadh 'na shuidhe ag an bhalla bheag an t-am seo,
agus Síle ar a ghlún i ndiaidh iad cúrsa damhsa a dheánamh.
D'amharc Donnchadh trasna an toighe agus chonnaic sé fear-
bocht 'na shuidhe thall os a choinne i n-aice an dorais. Ní
rabh aithne ar bith aige air. Chroich de sheanduine mhór thoir-
teach a bhí ann, féasóg fhada gharbh liath air agus sean-hata
mór bán anuas i n-a shúilibh. Bhí a chuid éadaigh iongantach
garbh giobach scifleógach. Bhí dhá chroisín 'na luighe ann a ucht.
Ní rabh aon bhacach ins an tír nach rabh aithne ag Donnchadh air,
shíl sé féin. Acht níor léar leis go bhfaca sé an fear seo
ariamh. Stán sé go géar air. D'amharc an fear-bocht air.
Chonnaictheas do Dhonnchadh go rabh dhá shúil óga a bhí comh
géar loinnireach le súilibh iolair, ag amharc amach as faoi
dhuilleóg an t-sean-hata bháin sin.



Bhruid sé Síle agus chuir sé ceist uirthi an rabh sí ag aithne
an fhir bhoicht. Dubhairt sí nach bhfacaidh sí ariamh é. Ba léar
daobhtha go rabh go leor sa teach ar a n-aicid, nó b'iomdha súil
a tugadh ar an bhacach mhór chreapalta a rabh na croisíní leis.



Ní thiocfadh le Donnchadh a dhá shúil a thógáil de. Choimheád
sé é nuair a bhí an bhiotailte ag gabháil thart. Chonnaic sé é
ag tógáil a láimhe ag caitheamh siar gloine. Agus, mar bhí
an muinchille scifleógach gearr-ruballach stróctha, nocht an
sgiathán leath-bealaigh go dtí an uillinn nuair a thóg sé a lámh.
Ní fhacaidh Donnchadh a leithéid de sgiathán ariamh. Bhí sé
chomhair a bheith comh ramhar le muineál fir, feitheógach cruinn,
agus achan chuisle ghorm ann comh ramhar le rópa cnáibe.
Thainig truaigh ag Donnchadh dó nuair a chonnaic sé a leithéid
de fhear bhreágh agus gan lúth na gcos leis.



Stad an damhsa agus sgairteadh ar Anna Nic Éidigh amhrán
a rádh. Dubhairt sí an "Draighneán donn" go caoin binn
brónach. Sgairteadh ar Art Óg agus ar Sheán Néill agus


L. 31


ar chupla duine eile; agus bhí callán agus greadadh bos ann
a thógfadh an ceann de'n teach, dar leat.



Sa deireadh nuair a bhí na h-amhráin ráidhte agus gan an
dara ceoltóir le fágháil, d'éirigh Donnchadh ag 'na sheasamh.



"Déarfaidh an strainseir a' bhfuil an hata bán air amhrán
má's é a thoil é," ar seisean.



Ní thiocfadh leis a innse, dá muirbhfidhe é, goidé a thug air
éirghe agus sin a rádh. Tháinig sé fríd a cheann, agus acht
oireadh 's dá mbéad tapógaí ann, d'éirigh sé agus dubhairt
sé é.



D'amharc achan duine ar an fhear-bhocht. Thost siad ó thús.
Annsin thoisigh corr-dhuine thall is i bhfos 'ghá bhroslughadh.
D'éirigh sé agus leig sé a thaca ar na croisínibh. Cheol sé an
t-amhrán a rinne Cearbhallán Dall de Nábla Ní Cheallaigh.
Nábla Ní Cheallaigh an t-ainm a bhí ar an chailín óg a bhí dá
pósadh, agus d'fhóir an t-amhrán go h-iongantach maith.
Bhí glór breágh domhain binn ag an fhear-bhocht. Chuir sé
aoibh ar bhean Eoghain Uí Cheallaigh nuair a cheól sé amach go
breágh glan árd:



"'Sí cúl tiugh na mbachall í, fáinneach geal slim.
'Sí cum na h-eala í 's gile 'shnámh ar an linn.
'Sí grádh 'gus spéis na ngasúr Nábla shéimh Ní Cheallaigh,
A' déad is deise 'leagadh i bhfárus a cinn."



Chuir sé pléisiúr ar a rabh sa teach a rabh sé réidh, agus
buaileadh bosa go teann agus sgairteadh "arís! arís!"
go dtí go rabh lucht na bainse ar aon gháir amháin uilig.



Thoisigh sé annsin ar "An Chrúisgín Lán," agus bhain sé
mac-alla as na creataighibh. Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte,
sgairt Eoghan Ua Ceallaigh an crúisgín a líonadh arais, agus
chuaidh cur eile biotailte thart. Chaith an bacach siar a ghloine
go croidheamhail. Bhí a rabh thart fá taobh de 'ghá mholadh,
agus an bhiotáilte ag gabháil i n-a cheann dó. D'éirigh sé
de léim 'na sheasamh, caith uadh na croisíní agus leig a shean
sgairt as:



"Bacach mise ar aon-chois,
Siubhailim go státamhail."



"Bhuail suas, 'Fheidhlimidh, go ndeánaidh mé aon chúrsa
amháin."


L. 32


D'éirigh munamar fríd an teach. An mhuintir a bhí ar
chúl daoine eile, shín siad a gcuid muineál a dh'amharc ar
an fear a rabh na croisíní leis agus gan gnoithe aige leobhtha.
Thoisigh Feidhlimidh Fidileóir a bhualadh, agus thoisigh an bacach a
dhamhsa. Agus a leithéid eile de dhaimhseóir ní rabh i n-Íochtar-
tíre an oidhche sin. Bhí péire de shean-bhrógaibh móra troma
air, acht, má bhí féin, bhí sé comh h-éadtrom ar a chois le
gealbhán. Chor sé agus cham sé agus lúb sé a chuid cos;
chuir sé thaire na chéile iad; níor luaithe na sála 'ná na
ladhara ar an talamh aige; agus d'aithneóchthá an purt dá
mbeitheá gan an fhideal a chluinstin ar chor ar bith, ar thormán
a chuid cos ar an urlár. Sa deireadh nuair a bhí sé tuirseach,
d'úmhluigh sé don chuideachta agus shuidh sé i dtaobh an toighe.



"Ní fhaca mé a leithéid de dhaimhseóir," arsa fear meádhon-
aosta ar ghualainn Dhonnchaidh, "ó d'imthigh Ceallaigh Mór."



Thoisigh an t-aos óg a dhamhsa arais. Bhí achan bheirt ag
caint le chéile ar fud an toighe go ceann tamaill fá'n fhear-
bhocht aistidheach seo. Acht sa deireadh chuaidh siad a dheánamh
neamh-iongantais de agus a stad a thrácht air.



Amach le Donnchadh agus le Síle a fhágháil fuaradh i ndiaidh
iad féin a théigheadh ag damhsa. Ar an léana os coinne an
toighe bhí scaifte maith cruinn. Bhí oidhche réab ghealaighe ann,
agus bhí na buachaillí óga ag geárradh léimneach. Sheasuigh
siad-san a dh'amharc orthu i gcuideachta na cuideachta.



Bhí scaifte mór 'ghá bhfiacháil féin ó thús, acht do réir
mar d'éirigh an léim fada thoisigh siad a thuitim amach go
dtí nach rabh fágtha acht triúr. Ba iad an triúr Feargal
Mór Ó Canann, Éamonn Airt Óig, agus Conall Manntach
Ó Breisleáin, agus ní rabh aon triúr fear a ba ghaiste ná
iad anns an dá phobal.



"Seacht mh'anamh sibh, a fheara!" arsa Toirdhealbhach Óg,
"seo an rud a innseóchas cá bhfuil searrach na deaghlárach."



Ba é Éamonn Airt Óig a dtainig sé ar a sheal geárradh
an chéad uair. Ghlan sé ocht dtroighthe déag. Chuaidh an
fear manntach ar a chúl annsin agus thainig sé ar aghaidh mar
bhéadh fiadh ann, agus rinne sé naoi dtroighthe déag. Gheárr
Feargal Mór fiche troigh gan mhasla gan bhraghdar.



Thug an bheirt eile cupla iarraidh a theacht aníos leis,
acht ní rabh dul acú a dhul thaire na sean-mharcannaibh. Bhí
a ndicheall agus a sean-dicheall deánta, agus thug siad suas
é. Thoisigh Muinntir Chanann a dhéanamh mórtais as Feargal.


L. 33


"Maise, ní hé sin a dhicheall," arsa fear acú. "Tá
slat eile go fóill ann a chnámha."



"Deán do dhicheall. Fág marc ag fir óga na paróisde,"
arsa cupla fear acú.



Chuaidh Feargal Mór giota maith ar a chúl agus thainig
sé chun tosaigh le rúideóig mhillteanaigh. D'éirigh sé ó'n
talamh mar bhéadh sé ag gabháil ar eiteógaibh agus gheárr sé
léim a bhain a n-anál de na fir a bhí ag amharc air. Tomhaiseadh
í. Bhí dhá throigh agus fiche geárrtha aige.



Thoisigh an moladh ar Fheargal. Hubhradh nach rabh a leithéid
eadar an dá fhearsaid, go rabh fir óga 'na h-áite 'na mbráigh
aige. Cé a bhí caithte ar a shleasluighe ar an léana, agus gan
aon dhuine ag cur chuige ná uadh, acht an bacach a rinne an
cúrsa mór i dtús na h-oidhche.



"Uch," ar seisean, "chonnaic mé fear a gheárrfadh do
léim agus gan a lámha a bhaint as a phócaíbh."



D'amharc Feargal Mór síos air. Ní rabh sé astoigh
nuair a rinne an fear-bocht an cúrsa, agus shíl sé nuair a
chonnaic sé na croisíní go rabh sé creapalta.



"'Sé do leithéid is dóighche a bheith ag cainnt," arsa seisean.



"Ar ndóighe ní gheárrfá thusa a dhath ar scor ar bith."



"Ná bac le sin," arsa'n bacach. "Bhí mise ag geárradh
léimneach le fir a b'fhearr ná thú."



"Má bhí is nuair a bhí tú óg agus luth na gcnámh leat.
Acht chuaidh an lá sin thart, a bhacaigh."



"Ní dheachaidh an lá sin thart, a bhodaigh," arsa'n fear
bocht, ag éirghe 'na sheasamh. Chaith sé uadh na croisíní.
Scaoil sé na h-iallacha ann a chuid sean-bhróg, agus chaith sé
de na cosa iad.



Gheárr sé léim. Shílfeá gur chuir sé ród talaimh de.
Thoisigh Eoghan Dubh, uncal Fheargail Mhóir, a thomhas na léime.
Chunntais sé chúig - sé - seacht - ocht slata - agus bhí fad a
bhróige fágtha. Cúig troighthe fichead!



D'éirigh súile na bhfear mór, agus d'amharc siad ar a
chéile.



"Cúig troighthe fichead!" arsa Eoghan Dubh. "Níor
gheárr aon fhear ariamh an léim sin acht Ceallaigh Mór Bhaile-
an-Teampaill."



Thug sé rúchladh anonn agus chuir sé a lámh i bhféasóig an
strainseóra agus an láimh eile ann a hata. Thainig an
dá chuid leis, agus chonnaic an scaifte aghaidh óg dhóigheamhail


L. 34


fir nach rabh os cionn dá fhichead bliadhain agus ceann fada
catach gruaige. D'aithin an chuid a ba sine dá rabh i láthair
é 'sa bhomaite. Ba é Ceallaigh Mór a thainig arais é.
D'éirigh an ghibrisg.



"An dúnmharbhthóir! an dúnmharbhthoir! beirigidh air,"
arsa Muinntir Chanann.



Chuaidh cuid de'n t-aos óg a chur cúil orthú. D'éirigh
an hullach hallach. Thoisigh lucht na bainse a theacht amach
go bhfeiceadh siad goidé an gleo a bhí ag gabháil.



Sheasuigh Ceallaigh Mór cupla bomaite. Annsin nuair a
chonnaic sé an sluagh ag déanamh air, theich sé, 'gus ba ghaiste
é 'ná an ghaoth Mhárta. Lean Muinntir Chanann é, agus eadar
an t-ólachán agus achan chineál, d'imthigh bunudhas na bhfear a
bhí i láthair a chuidiughadh leobhtha. D'imthigh an tseilg síos an
mhalaidh agus trasna na gconnlach a bhí i gcois na h-abhna.
Nuair a chonnaic na daoine an abhainn roimhe Cheallaigh leig
siad uaill astú féin, ná shíl siad go rabh sé ceapaighthe. Bhí
an abhainn cinnte ocht slata ar leithead, agus shílfeadh duine
le h-amharc oirthí go rabh sí uair go leith comh leathan sin.
Acht níor bhain sí bomaite moille as Ceallaigh Mór. D'éirigh
sé san aér. Shíl an mhuinntir a bhí ar a thóir gur cheart dó
cinnte a teacht anuas i lár na h-abhna. Dá dtigeadh, bhí
deireadh leis, ná bhí an abhainn seacht dtroighthe ar doimhne,
agus sruth ann a chartóchadh péist mhór. Acht ní thainig.
Thainig sé anuas ar an bhruach thall, agus shasuigh sé agus
d'amharc sé 'na dhiaidh.



Nuair a thainig na fir eile go bruach na h-abhann ní rabh
fear ar bith ábalta í a ghlanadh de léim, 'gus b'éigean
daobhth seasamh annsin. Chuaidh Ceallaigh Mór a gháiridhe
faobhtha.



"Gabhaigidh anall, a fheara breághtha," arsa seisean, "ná
caillfidh sibh an tseilg. Tá Clochán an Áir leath-mhíle suas
agus béidh mise ar an Phollán Raithnighe nuair a bhéas sibh
thart."



Goidé a rinne Feargal Mór acht mór a bhí 'toigh Eoghain
Uí Cheallaigh a thabhairt leis nuair a thoisigh an rása. Chonnaic
sé amuigh sa sgiobál é, agus dar leis go mbéadh sé úsáideach.



"Cuirfidh mise mo ghiolla anonn romham, a Cheallaigh Mhóir,"
arsa seisean.



Sgaoil sé, agus chuir sé lán béal an ghunna fríd an fhear
thall.


L. 35


"Sin urchár an daill fa'n abhaill," arsa Feargal Mór
Ó Canann.



Níor baineadh biongadh as Ceallaigh. Chuir sé a lámh
isteach ann a ochras agus tharraing sé amach piostal. Bhí
cubhar fola le na bhéal. 'Na dhiaidh sin ní rabh de chrith ar
a láimh acht oiread le carraig. Sgaoil sé agus shiab sé
blaosc na cloigne de Fheargal Mhór.



"Níor leig mise mo chuid fola le'n fhear ariamh," arsa
Ceallaigh Mór Bhaile an Teampaill, agus thuit sé.



BÍONN SÚIL LE MUIR ACHT NÍ BHÍONN
SÚIL LE H-UAIGH



Sean-bhean dheileóir a bhí i sean-Bhrighid Níc Shuibhne. Chuir
sí a céile fir agus a cúigear mac agus a triúr nigheanach.
Bhí sí beo fada buan i ndiaidh an iomláin agus gan aicí acht
tachrán giorrsaighe - dílleachta beag le nighin daoithe. Bhéadh
an sean-chréatúr liath go h-uaigneach i n-a cró thíos ag
cladach Rinn-na-ruacán, acht go bé Síle bheag.



Bhí ceann ruadh ar Shíle a bhí mar bhéadh grian an Fhóghmhair
ann. Bhí sí lán de chroidhe agus de aigneadh. Rugadh i mbrón
í agus tógadh i dteach bhrónach í; agus 'na dhiaidh sin ba lúth-
gháirighe í 'ná an fhuiseóg ins an Earrach. Ba ghnáthach le sean-
Bhrighid a rádh go dtéidheadh an ghrian as nuair a d'fhágadh
sí an teach.



Lá Lughnasa bhí Síle seacht mbliad[h]na agus í ar thachrán comh
maith agus tháinig 'un 'tsaoghail i Rinn-na-ruacán ariamh.
Lá Fhéil' Mhuire bhí sí 'na luighe go h-íseal agus deireadh dúil'
bainte de na biseach.



An lá thar na bhárach i ndiaidh Lá Fhéil Muire, bhí Bríghid 'na
seasamh ag colbha na leabtha, tráthnóna, agus a croidhe gearr-
lán.


L. 36


"A leinbh dhílis, goidé mar tá tú anois?"



"A mháthair-mhór, tá mé 'g imtheacht uait."



"Óch, óch, a Shíle bheag mhuirneach, ná fág liom féin mé.
Ná fág mé agus gan agam acht thú … Ó, a Dhia, nach
domh atá an buaidhreadh i ndán. Chuir mé m'fhear agus
m'ochtar clainne. Agus a Dhia, an bhfuil Tú ag brath an
leanbh a thabhairt uaim agus gan Críostaidhe in m'aice acht í.
Óch, óch, nach mairg a tháinig 'un 'tsaoghail ariamh."



"A mhathair-mhór, béidh mise ins na flaithis anocht."



"A leinbh dhílis, nach dtiocfaidh tú chugam arais le cian a
thógáil díom?"



"Tiocfaidh, a mháthair-mhór. Tiocfaidh mé anuas arais
Dia Luain."



"Agus cá h-áit a bhfeicidh mé thú, a chroidhe?"



"Beidh mé thíos ar an tráigh ag Carraic an Róin, go
bhfeicidh mé an bhfuil an teach beag a rinne mé sa ghainimh 'na
sheasamh. Agus bí thusa ansin, a mháthair-mhór, agus béidh
mé ag innse duit fá na rudaí deasa atá ins na flaithis."



Bhí loinnir ag teacht i n-a gnúis mar bhéadh sí ag coimheád
ar Ríoghachta Dé. Níor éaluigh mórán bomaití gur shíothluigh
sí go socair, mar thuitfeadh sí 'na codhladh.



Ba truagh an t-sean-bhean ag amharc uirthi, agus grian an
tráthnóna ag cur loinnire ins na fáinníbh óir a bhí fá na píb
agus fá na brághaid.



II



Tráthnóna Dia h-Aoine a fuair Síle Bheag bás. Oidhche
Aoine agus oidhche Shathairn rinneadh an cholann bheag a fhaire
ins an leabaidh chéadna ar síneadh Micheál Mór agus a chlann
inntí, duine i ndiaidh an duine eile.



Níor chaoin Bríghid aon deor amháin. Bhí sé creidthe
aicí go dtiocfadh an tachrán chuicí mar gheall sí, comh cinnte
agus thóg an Slánuightheoir an liag maidín Dhómhnach Cásg'.
Chuir na daoiní iongantas inntí. Chroith cuid acu a gceann,
agus dubhairt siad go rabh a croidhe ró-bhrúighte le í na deora
a fhágháil léithe.



Lá an tórraimh nuair a tógadh an chómhnáir ó'n doras níor
dhubhairt sí acht an chainnt seo:



"Mo sheacht mbeannacht leat, a leinbh; is goirid go
gcastar ar a chéile sinn arís."


L. 37


Níor chuir duine ar bith sónrughadh annsin. Nach rabh cos
amuigh agus cos istoigh san uaigh aicí, agus nár ghoirid go
mbéadh sí i gcuideachta a muintire uilig i n-áit na fírinne!



III



Árd-tráthnóna, Dia Luain, bhí Bríghid thíos ag Carraic
an Róin. Shiubhail sí thart an cladach ag breathnughadh achan
choirneáil, ag amharc ar lorgnachaibh chosa an tachráin, agus ar
na toighthe-beaga a bhí sí a dheánamh sa ghainimh. Tháinig na
deora léithe nuair a chonnaic sí lorg a láimhe. Nárbh é an
cladach a bhí uaigneach gan í.



D'amharc sí thall agus i bhfos; d'amharc sí i cúl achan
charraige, acht ní rabh dadadh le feiceáil aicí. D'amharc sí
amach ar an fhairrge mhóir. Bhí dath liath ar na tonnaibh fada
fuara, agus iad ag éagcaoin mar nach mbéadh siad ag fágháil
a n-iarraidh nó a n-athchuinge. Ba nimhneach scréachach na
bhfaoileann fionn ag dul go fíor-ghlinnte an aéir.



Chuaidh dhá uair fhada righne thart. Bhéadh an teinidh as oirthi
ag pilleadh 'un 'toighe díthe. Acht nar chuma … An
dtiocfadh sí? Chuaidh Bríghid ar a dhá glún 'sa ghainimh,
agus ghuidh sí go dúthrachtach ar feadh leath-uaire. D'éirigh
sí annsin agus d'amharc sí ins na ceithre h-áirde-fichead.
Acht duine nó samhail duine níor léar daoithe.



D'fhan sí annsin go rabh an ghrian 'na seasamh ar dhruim an
láin-mhara. Bhí an oidhche ag teacht oirthi, agus bhí sí ag
cailleadh an dóchais. Sheasuigh sí annsin ar an tráigh, eadar
dhá intinn. Bhí an ga-gréine ag deallramh ar a h-aghaidh, agus
gaoth na mara móire ag siabadh dlaoidh liath gruaige trasna
ar a h-éadan.



Ag Dia féin atá fhios cad chuige a dheárn Sé an chros comh
trom - cad chuige ar órduigh Sé daoithe a bheith 'na seasamh go
deileóir ins an bheárn eadar an dá shaoghal, ag feitheamh
leis an mharbhánach a theacht arais!



IV



Tháinig feochán beag fionn-fhuar isteach ó luighe na gréine -
feochán éadtrom cumhra; b'fhéidir gur fosgailte a bhí


L. 38


geaftaí na bhflaitheas agus gur bh'iad cuid eiteóg na
n-aingeal a sheol anuas é. D'éirigh croidhe na sean-mhná.
Thug sí a súil thart agus baineadh cliseadh aistí. An lias-
páin a bhí ag imtheacht de na súilibh? Bhí sí 'na suidhe annsin
ar an charraig agus an ceann óir sin uirthí, mar bhí ariamh,
agus aoibh an gháire oirthí.



Sin an áit a rabh an luthgháir. Nuair a shocair Brighid
shuidh sí ag taobh an leinbh, agus thoisigh sí a chur ceisteannaí
uirthí.



A Shíle bheag! A leinbh b'fhearr a bhí ag aon duine ariamh,
an bhfacaidh tú d'athair-mhór ó shoin - Micheál Mór Mhac
Suibhne, tá 'fhios agat."



"Ní fhacaidh, níl sé san áit a bhfuil mise."



"Ná do chuid uncal - Séamus agus Dómhnall agus Eoghan
agus Peadar? Agus mo Niall beag a d'imthigh gan sagart?
Tá fhios agam-sa go dtug Dia maitheamhnas dó, nó ní dheárn
sé olc nó urchóid do'n duine ariamh.



"Ní fhacaidh mé aon duine aca acht Niall."



"Agus goidé mar tá mo leanbh?"



"Tá fárus aige is deirge 'ná an ghrian, agus níl cead ag
gaoith nó ag síon a theacht á chomhair."



"Míle altughadh duit, a Dhia! Agus a thaiscidh an bhfacaidh
tú do mháthair?"



"Ní fhacaidh."



"Nó Brighid nó Gráinne?"



"Ní fhacaidh."



Chuir sin imnidhe ar Bhríghid. Acht smaoithigh sí ar chainnt
an t-Slánuightheóra. "Is iomdha cúirt 'dtoigh m'Athara."
Ba dóighche go rabh cuid mhór áiteach ins na Flaithis, nach mbéadh
faill ag tachrán a shiubhal i ngeárr-aimsir, nó bh'féidir nach
bhfuigheadh sí cead a siubhal.



"An bhfuil páistí agus daoiní móra 'san áit a bhfuil tú,
a leanbh?"



"Tá siad achan aois ann, ó dhuine liath go leanbh."



"Agus cogar mé seo, an bhfacaidh tú - ".



Le sin chuir an ghiorsach a lámha fá na muineál agus phóg
sí í.



"Caithfidh mise bheith ar shiubhal, a mháthair-mhór."



"Cá h-uair a thiocfas tú arais, a chroidhe?"



"Tráthnóna amárach."



"D'imthigh sí mar d'imtheóchadh toit ins an aer. Bhí


L. 39


Brighid ag gabháil a fhiafruidhe daoithe an bhfacaidh sí Dia nuair
a d'fhág sí slán aicí.



V



Níor bh'fhada go gcualaidh na comursanaí go rabh an
ghiorsach ag teacht chuig sean-Bhríghid. Sin an áit a rabh an
chainnt agus an cárnadh - achan duine agus a scéal féin
aige. Bhí siad uilig go h-olc leis an uaigneas. Ó rachadh
sé ó sholus ní rachadh duine aca amach thar an doras ar a
mheádhchán féin óir. Thoisigh cuid aca a chrathadh a gcuid
ceann críonna agus a rádh nach déagh-spiorad ar bith a bhí
ag tarraingt ar an t-sean-mhnaoi.



Bhí seanduine cneasta diadhánta san áit a dtugadh siad
Cill-dé air. Bhí gallán ar a smigead, siúd 's nach bhfuil
mórán baint' ag sin leis an sgéal, acht an méid seo - gur
baisteadh as é agus gur ghreamuigh an t-ainm dó. Acht
tá an chuid sin den sgéal i n-am go leór.



Ní chuirfeadh a dhath as ceann Chill-dé nach droch-spiorad
a bhí i riocht an pháiste. Agus ó thárla go rabh fonn air a
bheith ag tabhairt aire de anam a chomhursan comh maith le
n-a cheann féin, chuaidh sé síos 'na trágha agus Coróin
Mhuire leis.



Bhí Bhríghid agus an ghiorsach 'na suidhe ag taobh a chéile
agus iad ag comhrádh. Lé sin chuaidh an tachrán ar aon
bhárr amháin creatha.



"An bhfuil tú fuar, a leanbh?"



"Ní'l acht caithfidh mé bheith ar shiubhal."



"Maise ar ndóighe ní'l sé fá leath-uair de bheith comh
mall agus bhí sé nuair a d'imthigh tú aréir."



"Cluinim mo cháirde ag scairtigh orm. Slán agat, a
mháthair-mhór. Béidh mé agat tráthnóna imbárach."



Casadh Brighid ar Chill-dé ag an chladach agus í ag pilleadh
'un toighe. Chuaidh siad 'un comhráidh.



"Nach bhfuil tú ag deánamh," arsa Cill-dé, "go bhféadfadh


L. 40


an Droch-Rud - Dia eadar muid féin agus é féin - go
bhféadfadh sé a theacht chugat i gcosamhlacht do thachráin?"



"Orú, droch-chríoch ort - nár aifrighe Dia orm é - an ag
cur síos do mo thachrán - ?"



"Ó, ní h-eadh, ní h-eadh ar chor ar bith, a Bhrighid. Acht
tá mé ag maoidheamh go dtiocfadh leis an an-spiorad -
Dia ar sábháil - go dtiocfadh leis a theacht chugat. Deir
siad - diúltaimid do - go dtiocfadh leis cosamhlacht ar
bith ar mhian leis a chur air féin. B'fhéidir, a rún, go bhfuil
sé a gheall ar d'aimhleas a dheánamh."



"Orú, fuist, a Chill-dé, a rún."



"Cogar mé seo, a Bhrighid," arsa Cill-dé. "Ar luaidh
tú an t-Ainm Beannuighthe ariamh os a choinne?"



Baineadh stad as Bríghid. A dhó ná'r trí 'chuarta bhí
ainm an Chruithightheóra ar bhárr a teangtha nuair a d'imthigh
an ghiorsach agus d'fhág sí í.



Níor chodail sí aon néall an oidhche sin acht ag meabhrughadh
ar an chainnt a dubhairt Cill-dé. Ar maidin an lá thar
na bhárach ghléas uirthí agus níor stad go rabh sí ag an
t-Sagart Mhór a Dhómhnaill.



VI



Bhí an Sagart Mór ag siubhal anuas is suas ar an t-sráid
ag léigheadh a fhortuis nuair a tháinig Brighid i n-a láthair.
Nuair a bhí sé réidh dhruid sé an leabhar agus d'éist sé leis
an sgéal.



"'Tchím," arsa an Sagart Mór. "Anois imthigh agus
deán mar iarrfaidh mise ort. Tabhair leat do Choróin
Mhuire agus do bhata agus gabh síos 'na trágha go dtí an áit
a dtig an ghiorsach chugat. Deán fáinne leis an bhata ins an
ghainimh, i nAinm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Gabh ar do ghlúinibh astoigh i n-a lár nuair a tchífeas tú
an ghiorsach ag teacht, agus toisigh ar an phaidrín. Iarr
oirthi a theacht isteach chugat, agus má ghní sí sin, féadann
tú bheith cinnte go bhfuil sí ceart go leór. Acht mara
dtigidh, diabhal as Ifreann atá inntí. Cuir ceist oirthí cé
í féin agus caithfidh sí a innse duit. Má's é an diabhal
atá ann órduigh síos é go dtí an áit a d'fhág sé."


L. 41


VII



Chruinnigh bunadh na h-áite uilig an tráthnóna sin go
bhfeiceadh siad goidé mar rachadh sé eadar Brighid agus
an neach a bhí ag teacht as an t-saoghal eile. Ní dheachaidh
aon dhuine aca níos fuide 'ná bárr na mbeann. Choimheád
siad an t-sean-bhean ag geárradh an fháinne ins an ghainimh.
Chualaidh siad na focla: i n-Ainm an Athar agus an Mhic
agus an Spioraid Naoimh.



D'fhan Brighid tamall beag - shíl sí féin gur fhan sí
uair go leith. Chonnaic sí annsin ag tarraingt oirthi
anall í. Chuaidh sí isteach san fháinne agus thoisigh an urnaighe,
acht ba í an urnaighe a bhí i n-a croidhe: "A Dhia na trócaire,
cuir chugam mo ghiorsach i n-áit an An-Spioraid."



An scaifte a bhí ar an chladach ní fhacaidh siad dadadh.
Bhí achan duine aca ag amharc ar an t-sean-mhnaoi agus a
súile ag gabháil amach ar a gcloiginn. Bhí siad ag éisteacht
leis an urnaigh.



"'Sé do bheata, 'Mhuire - "



"Bhí Cill-dé 'na sheasamh scaithte amach ó'n scaifte,
hata cruaidh dubh air agus bata dubh droighin le na scorróig.
Bhí sé ag breathnughadh go géar.



"Glóir do'n Athair, don Mhac agus don Spiorad Naomh.
Gabh isteach chugam, a leanbh."



"Tá mé ag gabháil isteach chugat." Chuir sí a cos isteach
go fíor-imeal an fháinne. D'éirigh croidhe Bhrighde. Ba í
a leanbh féin a bhí ann i ndiaidh an iomláin.



Acht dá gcuireadh an tachrán fiche cor daoithe féin,
isteach san fháinne ní thiocfadh sí.



"I n-ainm an Tighearna Íosa Críost, cé thú féin?"



"Is mé an DIABHAL."



"Imthigh síos go fíor-íochtar Ifrinn."



"A Chill-dé 'n ghalláin, béidh daor ort," arsa an t-an-
spiorad, agus d'imthigh sé.



Bhí Cill-dé ag maoidheamh go bhfacaidh sé caor theineadh
ag éirghe ó'n tráigh agus ag gabháil i bhfairrge i mbéal an
Toir Ghlais.



(An deireadh.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services