Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tusa A Mhaicín
Title
Tusa A Mhaicín
Author(s)
Mac Cumhaill, Mághnus,
Pen Name
Fionn Mac Cumhaill
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bárr a' Bhealaigh Mhóir. Ní'l Árd na Cruaiche i bhfad o'n Ghrugán, agus is o'n Ghrugán a chaith Fionn Mhac Cumhaill an chloch mhór go Léim an tSionnaigh nuair a thug sé dubhshlán gaiscidheach na h-Éireann ag cathadh na cloiche. Le taobh Árd na Cruaiche tá croisbhealach agus le linn a maireann anois níor imthigh a'n trathnóna Dia Domhnaigh ríth an Earraigh ná ar feadh an t-Samhraidh nach rabh na buachailli óga as na trí paróistibh cruinnighthe ag an chroisbhealach sin. Agus chruinnigheadh na cailíní óga annsin fosta, na 'siomaidh cailín a mbíodh óglaoch aicí 'a fhiachailt féin annsin. Agus 'siomaidh buachaill glan díreach a gnidheadh níos mó na a dhícheall ag na cleasa' luth na is maith a bhí fhios aige go rabh togha na gcailín le fághail ag an fhear a b'fheárr. Agus is iomaidh sean fhear a thigeadh annsin fosta go bhfeicfeadh siad na fir óga 'a bhfiachailt fein na ma bhí an aois 'sna cnámhaibh ní rabh 'sa' chroidhe. Ba mhaith a ba chuimhin leo féin laethe a n-óige nuair a chaith siad a' chloch agus gheárr siad léim ar an réidhteach chéadna, agus ba mian croidhe gach sean dhuine aca óganach de a chineadh féin no ar sgor ar bith óganach as a pharóiste féin an bhuaidh a bheith leis.
Corr uair ba le cuid fear Ghaoth Dobhair ba treise: corr uair ba le cuid fear na Rosa Uachtarach ba treise: corr uair ba le cuid fear na Rosa Íochtarach ba treise. Acht fá'n am a thoisigheann an sgéal seo agus le cúig no sé bhliadhna roimh ré, ní rabh a'n fhear le fághail 'sna trí pobaileacha' a thiocfadh ar na gaobhair do chuid fear óg Mhín a' Bheatha. Bhí ceithre teaghlaigh ar an bhaile seo ins na Rosaibh Uachtarach agus triúr no cheathrar de diúlaigh' óga ar gach teaghlach aca nach rabh fhios ceaca ba bhfeárr na ba mheasa le méid a bhfeabhais ag gach uile sheort de chleasaibh luth. Ní rabh a'n éacht a rinneadh le fiche bliadhain roimh ré ag Árd na Cruaiche ag cathadh cloich' ghualann no cloich' tharrainghte, ag geárradh túslóg, léim' rúid no dhá choisceim agus léim, no cleas ar bith eile de'n t-seort, nar ghread siad go dtí 'sa' deireadh nach rabh duine ar bith le na ndubhshlán a thabhairt. Ní rabh fhios cia'n áit a bhfuighfidhe fear a mbuadhchta. Satharn amháin Samhraidh i dtrathaibh an ama seo go díreach le luighe gréine léim buachaill óg ó'n traén nuair a stad sí ag Loch Míle. D'amharc sé thart fá dtaobh de mar dheánfadh duine nach mbéadh eolas a' bhealaigh aige, acht níor bhfada gur shiubhail sé amach 'na' bhealaigh mhóir agus bhuail díreach an bothar 'na Chlocháin Léith. Ní'l an Clochán Liath acht trí mhíle o Loch Míle. Ní'l ann acht sráid-bhaile fá thuairim ceathramhadh míle ar fad; teach pobail ar chionn amháin de'n bhaile agus beairric saighdiur dubh ar an chionn eile; trí no
ceathair de thoighthibh ósta agus trí no ceathair deag de thoighthibh leanna. Bhí sé ag'ul ó sholas nuair a bhuail an buachaill óg isteach i gcionn de na toighthibh ósta agus d'iarr lóistín go maidín, an rud a fuair. Cosamhail le in gach baile beag de'n tseort a bhfuil beagán da dheánamh ann agus mórán da rádh ann, ní rabh sé leath uair ar a' bhaile nuair a bhí duine liath agus leanbh ag cainnt air. Cuid aca a shíl gur oifigeach a bhí ann de réir mar chuala siad; dubhairt cuid eile a chonnaic é go rabh sé ró óg le bheith na oifigeach ma bhí deánamh an t-saighdiura féin air, acht indiaidh a bheith tursach ag cainnt air ní rabh a'n duine aca ábalta dheánamh amach cia é féin. Acht bhí siad uile go léir ar an aon intinn go rabh sé ar bhuachaill óg comh breagh agus chonnaic siad le fada. Agus b'fhíor dóbhtha. Níor bhé a airde gidh go rabh a sháith airde ann, acht ba é a dheánamh é. Bhí sé glan díreach, leigthe gasta i gcuma agus dhá shlinnean air a chuirfeadh aoibhneas ar do chuid súl. Bhí sé cumtha fá'n aghaidh fosta agus gruag fhionn air nach rabh catach agus nach rabh díreach. Bhí an Dómhnach ann lá ar na mhárach agus tamall indhiaidh am' aifrinn bhog an sgafaire óg leis soir go rabh sé i Mín a' Bheatha. Bhuail sé isteach i dtoigh siopa annsin. Bhí fear a' toighe agus a bhean na suidhe 'sa' chisteanaigh. Fear breagh fearamhail i gcuma a bhí i bhfear a' toighe agus bhí sé comh fearamhail agus bhí a chuma. Ní rabh sé deacair aithne ar a chuid cainnte gur chaith sé seal de a shaoghal 'san Oileán Úr, agus thigeadh focal-tláith an Phunncánaigh leis comh réidh
le paidir a mháthara. Bhí sé ag portaidheacht agus ba bhreagh binn an guth toll a bhí aige. Bhí greim bhárra méar aige ar naoidheanán a bhí ag iarraidh seasadh ar an urlár ua féin agus gan é ábalta. No i n-áit a bheith ábalta seasadh go díreach bhí sé ag deánadh crann-'dai-bogadaigh ar a chuid cos beag, agus bhí an greim a bhí ag a athair air 'a chongbháil o thuitim ar a chúl no ar a aghaidh. Bhí bean a' toighe na suidhe os coinne a fir anonn. Bhí sí dóigheamhail agus gan mórán de ghnaoi a h-óige caillte aici go fóil. Bhí aoibh ar an h-aghaidh agus deallramh in a cuid súl agus í ag amharc ar a leanbh nach mbíonn acht ar aghaidh agus i súilibh máthara. Sgiob sí an leanbh ó'n athair agus chuir é na shuidhe ann a h-ucht comh luath agus chonnaic sí an sgafaire ag teacht 'un toighe. Ar a theacht isteach do'n bhuachaill óg bheannuigh siad dó agus bheannuigh seisean dóbhtha. D'iarr siad air suidhe agus a sgríste a dheánadh, acht dubhairt seisean nach rabh faill suidhe aige na go rabh sé ag 'ul 'fhad le Árd na Cruaiche, agus nach dtáinig sé isteach acht le feiceáil an dtiocfadh leo lóistín a thabhairt do go cionn coicdhisé no mar sin. "Maise," arsa bean a' toighe, "ní dheán muid cleachtadh ar a'n dhuine a chongbháil 'sa' teach seo, acht na dhiaidh sin, mar mhaithe le seal gairid mar sin bhéadh sé mór páistí annseo agus thógfadh siad blaosg na cloigne duit i n-amannaibh leis a' challán a ghnidheas siad." "Is amhlaidh is feárr mar sin é," arsa'n buachaill óg, "coingbheochaidh siad mé ó thuitim i dtrom-dubhach." "Maise," arsa
fear a' toighe, "dheánfaidh siad sin na bíodh eagla ort." Indhiaidh tamaill bhig eile comhráidh a dheánadh shiubhail an buachaill óg leis soir go rabh sé ag Árd na Cruaiche. Bhí sluagh mór cruinnighthe annsin. Bhí sean daoiní annsin; buachaillí óga agus 'siomaidh cailín i mbláth a h-óige. Bhí siad annsin ag faire go géar ar Thomás Mhac Ruaidhrí as Mín a' Bheatha, ar Shéumas Mhac Giolla Bhríghde as Gaoth Dobhair agus ar Shéan Ua Cnámhsaigh as na Rosaibh Íochtarach. Bhí an triúr gaiscidheach seo indhiaidh buaidh 'a fhághail ar chách ag an léim árd, agus anois bhí siad féin ag fiachailt cia aca fear aca féin a b'feárr. Bhí lucht leanamhna gach fir aca 'a bhroslughadh agus ag cur "Dia go deo leat" nuair a ghlanfadh sé an trasnán. Acht b'fhurast aithne anois go rabh a dhícheall choir a bheith deánta ag gach duine aca, na leag 'ach a'n fhear aca an maide trasna iarraidh amháin sul ar ghlan sé an léim deireannach. Tógadh an trasnán órlach eile. Ba ar Thomás a bhí an chead léim, gheárr sé agus leag sé an maide. Acht ní rabh beag-uchtach ar bith air féin no ar a lucht leanamhna go fóil; bhí dhá iarraidh eile roimhe mar bhí trí léim le fághail ag gach duine aca. Gheárr Séumas annsin acht ma gheárr féin leag sé an maide. Gheárr Séan acht ní feárr na sin a d'éirigh dó, leag seisean an maide fosta. Gheárr gach duine aca an dara h-iarraidh acht thárla do mar thárla leis an chead iarraidh. Bhí Tomás ag 'ul i gcionn an tríomhadh léim. Bhí tost ar an chruinniughadh uile go léir. Ní raibh anál
a' thairint féin. Ní rabh a'n súil da rabh annsin nach rabh ar Thomás. Chaith sé sileóg ar a chuid lámh, thug leis rúide, d'éirigh 'un airde agus ghlan an léim acht ní rabh ann acht é. Acht ar ndóigh ba chuma acht go deárn sé é, chluinfeá a lucht leanamhna míle ó bhaile ag greadadh bos, agus da mbeitheá le taobh Nuala Báine chluinfeá osna nár shaothruigh buaidhseamh ariamh. D'fhiach Séumas agus d'fhiach Séan, acht ma d'fhiach féin, caidé an mhaith a bhí ann. Ní rabh ag a lucht leanamhna as Gaoth Dobhair agus na Rosaibh Íochtarach acht "Och" a radh. Chraith an triúr fear lámh le chéile annsin agus ba bhreágh an triúr fear iad. Bhí 'ach a'n fhear aca comh díreach le feagh, thar shé troighthe ar airde agus trom de réir. Ní rabh 'ach a'n rud thart go fóil. Bhí léim rúide agus dá choiscéim agus léim le geárradh. Bhí cloch ghualann agus cloch tharanta le cathadh, agus bhí crainn le cathadh eadar na cailínibh óga go bhfeicfidhe cia'n fear is mó a dtug siad toil do an lá sin. Ní thug a'n dhuine fá ndeara an sgafaire óg a shiubhail as an Chlochan Liath go dtí anois. Shiubhail sé trasna na faithche agus dubhairt rud eiginteacht leis na fearaibh a bhí ag 'ul a thógail leo na maidí gheall ar fairsneach a fhágáil fa choinne na léimneach eile. "Cinnte" arsa 'ach a'n fhear aca sin agus d'fhág siad na maidí, maide trasna agus eile, mar bhí siad nuair a gheárr Tomás mhac Ruaidhrí an léim deireannach. Chuaidh an sgafaire giota beag ar a chúl annsin, thug leis trí nó ceathair 'e choiscéimeannaibh de rhuideóig, ghlan a' léim agus a lámh faoi sciorta a chasóige.
Bhí an oiread sin iongantais ar a rabh i lathair nach deárn siad acht duine amharc ar an duine eile agus a rádh go rabh siad náirighthe go bráth. "Ní'l fhios agam," arsa Cathaoir Ua Dubhthaigh, "tchidhthear damh gur chóir damh a chrochaidheacht a aithne." "Aru!" arsa'n Bacach Ruadh, "biodh ciall agat, ní'l a'n dhuine óg na sean ins na trí pobaileachaibh nach bhfuil aithne agamsa air agus ní'l an sgafaire sin ar dhuine aca." Ní rabh níos mo de annsin. Bhí na fir réidh le dul i gcionn chaithte na cloiche. Fuaras cloc ghualann. Chaith fear indhiaidh an fhir eile í agus ba mhaith a bhí siad ábalta í a chathadh. Sgairteadh ar an sgafaire agus h-iarradh ar cathadh, a rud a rinne. Chuir sé an chloch an fhad sin thar an fhear a b'fheárr nach gcaithfeadh duine ar bith í níos mó. Fuaras cloch tharanta annsin. Chaith an sgafaire í ar dtús agus chaith sé í gan bhraédeal. D'fhiach triúr de na fearaibh a b'fheárr ar an fhaithche léithe annsin acht ní thiocfadh leo theacht fa na gaobhair do. Toisiughadh ar an léim rúide acht ghlan an sgafaire fá thuairim slat thar an fhear a b'fheárr. Ní rabh níos mó cleas luth an lá sin. Chaill na fir an uchtach na bhí siad ag deánamh gur chuma caidé mar rachadh sé go mbainfeadh an sgafaire. Ach bhí na crainn le cathad eadar na cailiní go fóil go bhfeicfidhe cia do is mó a thug siad toil. Agus seo mar caitheadh na crainn an lá sin, agus ariamh roimh no na dhiaidh níor caitheadh an dóigh sin iad. Fágadh páipear agus peann-luaidhe ar chloich amach giota ó'n chruinniughadh. Chuaidh cailín óg ar a seal agus sgríobh ainm an fhir a dtug sí toil dó, stróc
an giota léithe, chórnuigh é, thug arais agus chuir isteach i mbearad é a bhí ag fear de na fearaibh in a lámhaibh. Nuair a chuir an cailín deireannach a páipear 'sa' bhearad, tógadh iomlán na bpáipear amach agus deisigheadh iad ionnas go rabh an méid páipear a fuair gach fear na moll leo fein. Annsin h-innseadh ainm an fhir a b'fheárr leis na cailínibh agus bhí airsean a rogha cailín a thabhairt leis agus tús a chuir ar a' damhsa ag na crois bhealaigh'. Ní rabh ainm an sgafaire ar pháipear ar bith. Bhí páipear amháin ann a rabh "Maicín" air agus ní rabh fhios ag duine ar bith cia Maicín. Acht thug cuid de na cailínibh fá ndeara gur shéid an ghaoth an hata gréine a bhí ar an sgafaire óg nuair a gheárr sé an chead léim, anonn fhad le Nóra Ní Dhrioscoill an áit a rabh sí 'na seasamh leithe féin, gur thóg Nóra an hata agus chuinnigh greim air go rabh na cleasa lúth thart; agus annsin go deachaidh an sgafaire fhad leithe, gur úmhluigh sé duithe, ghlac a hata uaithe, thug buaidheachas duithe agus gur imthigh sé leis annsin o fháithche na h-imeartha. Dubhairt cuid eile de na cailínibh fosta go dtug an sgafaire fá ndeara fhad is bhí sé ag'ul de na cleasaibh lúth go rabh a hata ag Nóra. Ó sin amach ní rabh de ainm ar an sgafaire óg acht Maicín. Ba do Thomás Mhac Ruaidhrí is mó a thug na cailíní toil, agus ba í Nuala Bhán a thóg seisean nuair a bhí sé ag cur tús ar an damhsa. Ach ní rabh siamsa ar bith 'sa' damhsa an trathnóna seo i bhfaras mar ba ghnáthach a bheith. Bhí cineál de ghruaim ar gach
duine cia bith ba ádhbhar leis. Bhí gach duine ag cainnt ar Mhaicín agus na h-éachta a rinn sé an lá sin. Bhí cailíní ann a bhí i n-éad le Nuala cionnus nar thuit rogha Thomáis ortha fein, agus arsa bean aca le Nuala: "Caidé shíleas tú de'n ghreadadh a thug Maicín do Thomás indhiu?" "Is furust dó é" arsa Nuala, "ní rabh sé faoi n-a chliabh o mhaidín go h-oidhche le seachtmhain cosamhail le Tomás agus annsin aige le suidhe darna 'ach a'n oidhche le Séimí mór atá as a mheabhair." Ní rabh a'n chailín ar an phobal comh maisea- mhail no comh dóigheamhail le Nuala Bháin. Acht níor amharc sí ariamh leath comh maiseamhail no comh dóighea- mhail agus d'amharc sí anois. Sheasuigh sí caol díreach, chan le dánacht no le dolbacht, acht le racht na fírinne a bhí ag teacht amach ó na croidhe óg le ceart a sheasadh do Thomás. Ghoill sé ortha uile annsin go bhfuaras buaidh Thomáis ag na cleasa lúth, agus ghoill sé dha oiread ortha gur fhiach siad a bheag a dheanadh de os coinne Nuala. Bhí an trathnóna beag ann anois agus mar bhí i bhfad ag cuid aca le dhul leis an bhaile bhainnt amach thoisigh siad ag sgabadh. Ní rabh i bhfad go dtí nach rabh a'n duine fágtha ag na crois bhealaigh' ar ainm dóbhtha fá'n chómhursanacht sin Bárr a' Bhealaigh Mhóir.
I dToigh Chathaoir Uí Dhubhthaigh. Bhí teach Chathaoir Uí Dhubhthaigh cómhgarach do bhárr a' bhealaigh mhóir, agus nuair a thoisigh an t-aos óg ar an damhsa thug Cathaoir cuireadh dó na sean-daoinibh 'un toighe. "Siubhailigidh" arsa Cathaoir, "siubhailigidh shibhse a fheara breághtha a deachaidh lúth na gcnamh cosamhail liom fein 'sna croiseannaibh agaibh síos 'un toighe go rabh subhailce thobac againn." "Maise, creidim go bhfuil sé lán chomh maith," arsa fear eile, cá feárr dúinn áit a gcaithfidhmid tamall de'n trathnóna." Bhog ceathrar no chúigear aca sios leis agus isteach 'un toighe." "Tairinigidh orraibh na cathaoireacha sin" arsa Cachaoir, "agus suidhigidh síos. Breast a chathaoir sin atá agat-sa, a Fheilimidh, gabh síos 'un t-seomra agus tabhair leat ceann de na cathaoireachaibh úra." "Seo cliabh," arsa Feilimidh, buailfidh mé a bhéal faoi agus dheánfaidh sé gnaithe breaghtha damh." "Do chómhairle féin is lugha a chuirfeas fearg ort, agus fanaigidh orraibh anois a fheara agus cuirfidh me bacóg mhóna ar an teinidh," arsa Cathaoir. "Ach! caidé an teine atá dhith orainn trathnóna breágh mar seo," arsa'n chuid eile. "Teach fuar teach gan teinidh," arsa Cathaoir.
Fuair sé an mhóin agus chuir síos craos theineadh. Shuidh sé annsin ar cholbha na leabtha, thairing air stiall thobac agus shín ag fear de na fearaibh é. "Seo chugaibh a fheara, líonaigidh na píopaí." "Ach, nach bhfuilmid dóighte leis" arsa siadsan. Ach 'san am chéadna beireadh ar an tobac, líonadh na píopai agus deargadh iad. Slat iasgaireacht de fhear i ndeas do cheithre sgór bliadhain a bhí i gCathaoir a rabh dúil mhór aige i seanachas, agus dóchas as cuimse aige i dtarngaireacht Chuilm Cille. Is cuma caidé thárla i n-Éirinn ariamh bhí sa' tarnagaireacht sin, agus thiocfadh leis 'ach a'n rud innse duit a bhí le theacht no ní thiocfadh rud ar bith acht a'n rud a bhí 'sa' tarngaireacht, agus bhí an tarngaireacht leis ar a theangaidh. Bhí dúil mhór aige a bheith ag moladh a chlainne féin fosta gidh nach rabh a'n dhuine aca fágtha aige anois. Chuir fear ceist air lá amháin cia leis a rabh a inghean a ba óige cosamhail. "Tá," arsa Cathaoir, "cailín breagh, mór, ábalta, dóigheamhail í, ar dhéanadh mo theaglaigh uilig." "Éist liom!" arsa Feilimidh na Míne a bhí 'na shuidhe ar a' chliabh, "caidé deir an tarngaireacht fá'n sgafaire a rinn na héachta ag bárr an bhealaigh mhóir indiú nuair a ghreadh sé sgaith na bhfear a bhí againn annsin?" "Tá, nósfaidh mé sin duit," arsa Cathaoir, "acht ní'l mé ro chinnte nach do oighridhibh na Rosann an sgafaire ceadna. Sin rása na muice duibhe an bóthar iarainn atá eadar Leitir Ceanainn agus Ailt
a' Corráin. Tá sé críochnuighthe anois le seal bliadhanta agus tá sé 'sa' tarngaireacht. "Nuair a bhéas rása na muice duibhe críochnuighthe, bíodh sé laethe amuigh, bíodh sé gealaigh amuigh no bíodh sé bliadhanta amuigh tiocfaidh lá an ghéibhinn." Sin lá an ghéibhinn againn anois ma's coimhightheach é a bhuail na fir is feárr atá againn." Le sin rith buachaill as a cómhursain isteach a' rádh go rabh Séimí Mór socair, gur thuit néal bomaite ar an fhear a bhí 'a choimhead agus gur chosamhail go bhfaca Séimí seo, gur imthigh ar a shean rása, gur chaith sé é féin amach leis na beannaibh síos 'sa' loch agus gur báitheadh é sul a dtiocfadh le duine ar bith tárrthail a thabhairt air. "Go ndeánaidh Dia grásta air," arsa a rabh i lathair, "agus go gcúmhduigh an Spiorad Naomh sinn uile go léir!" "Och! nach millteanach an bás é," arsa Feilimidh, "Bás gan sagart gan brathair, ach caidé an mhaith do shagart a bheith aige nuair a chuir sé a lámh in a bhás féin." "Ní'l fhios agam," arsa Cathaoir, "ar ndóigh bhí sé thairis féin agus ní eifireochadh Dia rud ar bith ar dhuine a bhéadh as a stuaim." "Ba mhaith mar sin é," arsa Feilmidh, "acht nar eifrigh Dia orm é, tá eagla orm gur an bhiotáilte a chuir as a stuaim é. Agus ba mhór an truaighe! tá cuimhne agam-sa nuair a bhí sé ar bhuachaillibh breághtha na Rosann, agus ní'l sin an fhad sin uile go léir o shoin."
"Maise bhí sé ortha," arsa Cathaoir, "agus is cuimhin liom-sa agus is cuimhin libh uile go léir nuair nach rabh a'n fhear ag teacht go bárr a' bhealaigh mhóir a dtionntochadh sé cúl a dhá chois air, agus ar ndóigh ní iarrfaidhe do phléisiúr acht é a fheiceáil ar an urlár ag fidleóir no ag damhsa." "Ní'l fhios agam caidé thainig air ar chor ar bit" arsa fear de na fearaibh eile a bhí astuigh, "luighe leis an ól mar rinn sé ar na bliadhantaibh deireannacha seo." "Inniseochaidh mise sin díbh" arsa Feilimidh, "mar d'innis a bhéal féin damh é fá Shamhain seo chuaidh thart." "A Shéimí," arsa mise lá amháin leis - bhí sé go díreach ag teacht chuige fein indhiaidh a bheith ag ól ar feadh míosa -" cad chuige nach dtugann tú suas do'n ólachan ar fad agus a bheith réidh leis?" "Fheilmidh," arsa seisean "is furust duit a bheith ag cainnt. Ní'l neart agam air." "Acht tá tú do mharbhadh fein." arsa mise. "Tá fhios agam sin níos feárr na thig le duine ar bith é innse damh," arsa seisean. "Ní'l áird ag duine ar bith orm agus ní'l áird agam ar a'n dhuine agus ní'l a dhath 'sa t-saoghal seo acht buaidhreadh agus cad chuige a mbéadhmaois dó. Ar an ádhbhar sin is cuma liom féin beo no marbh mé: ní thig liom mórán níos mó a fhuilstean ar an t-saoghal ud eile na tá mé 'a fhuilstean ar an t-saoghal seo." "Ach, a Shéimí," arsa mise arais, "nach bhfuil fhios
agat féin caidé is cionntaigh le a bhfuil tu 'a fhuilstean?" "Tá fhios agam go maith," arsa Séimí, "gurab é an t-ólachan is cionntaigh leis. 'Sé íde 'ach uilc é agus inniseochaidh mise duit-se anois a Fheilimidh o thús go deireadh, ariamh anall, caidé mar bhuail mé leis an ól go dtí go bhfuil mé anois mo shean dhuine bliadhanta roimh m'am." "Nuair a bhí mise mo bhuachaill óg bhí lúth na gcnámh agus urradh na sgiathán liom. Bhí airgead i gcómhnuidhe fá na pócaibh agam agus bhí mé furust a mhealladh. Bhí fir fá'n áit a bhí mór liom, ach ma bhí, ba mar mháithe leis an leann a cheannuighinn dóbhtha. Bhíodh siad 'mo mholadh agus 'a mo shíor mholadh agus a' rádh nach rabh a'n fhear 'san áit ion-churtha liom. Thoisigh mé fhéin ar an ól annsin. Ní rabh dúil ar bith agam ann ar dtús, chuireadh sé samhnas orm, acht chuinnigh mé leis ar a' droch uair damh féin gheall ar tabhairt le h-innse dóbhtha go rabh mé 'mo fhear ar an dóigh sin comh maith agus bhí mé ar dhóigh ar bith eile. Ar dtús ní dheárn sé an chuid mhór dochair damh; ní rabh a dhith orm acht deoch uisge ar maidín agus bhí mé ceart go leor. De réir a cheile bhí mé ag cailleadh dúil in 'ach uile chuideachta acht an chuideachta a bhí le fághail i dtoigh an leanna. Agus go bhfóiridh Dia ar an chuideachta sin! Is minic a cuireadh comhairle orm a bheith réidh leis an uisge bheatha. Ní rabh gar ann: ní dheánfainn ach gáire: bhí mé óg go fóil. Anois bhínn tinn ar maidín; ní bhínn ábalta greim a ithe; ní bhínn ábalta a dhul i gcionn mo ghnaithe go bhfáighinn
biotáilte, agus ní bhíodh cuimhne agam caidé bhínn 'a dhéanadh an oidhche roimh ré na caidé mar thainig mé na bhaile." Stad sé bomaite agus annsin lean sé leis ar an sgéal. "I dtráthaibh an ama seo a Feilimidh," arsa seisean annsin, "casadh cailín óg orm agus ma bhí aingeal ar an t-saoghal seo ariamh, bhí sise na haingeal. Tá sí ar shluagh na marbh anois agus tá fhios agam go maith go bhfuil sí i Ríoghacht na Glóire. Níor chleacht mé ariamh mo rún a leigint le mnaoi, ach ní rabh sise cosamhail le duine ar bith eile. Mo bhrón! Dubhairt sí go rabh rud amháin cearr liom, go rabh mé tugtha do'n ól. D'fhobair gur réab mo chroidhe in mo chliabh. Dá n-iarrfadh sí orm an uair sin geall a thabhairt duithe nach mblasfainn biotáilte go bráth, bheirfinn an geall sin duithe agus chuinneochainn é d'iondeoin a bhfuil de dhiabhail' i n-ifreann. Ach níor iarr sí geall ar bith orm. D'fhag sé mé liom féin gan sólás acht le crádh. Mo leanbh bocht, bhí sí óg! Chuaidh mé chómhair a bheith as mo mheabhair. Ní fhaca mé níos mó í go dtí mí ó'n lá sin nuair a bhí sí sínte i gcómhnair chaol chlárai'. Bhí mo chuid 'e'n t-saoghal 'sa' chómhnair sin. Ní leigfinn do a'n dhuine lámh a chuir chómhair na cómhnrach sin. D'iomchar mé féin an leath mhíle í go dtí an roilig, d'fhág 'san uaigh í agus chruinnigh oiread bláth agus chúmhdaigh an chómhnair sul a leigfinn dóbhtha a'n ghrainín de'n chréafóig dhuibh dhorcha a chur ar mo stóirín. Bhuail mé níos truime leis an ól annsin, níos truime na aríamh, agus níor thóg mé
mo cheann as o shoin. Tá mé ó mhaith anois agus 'sé an t-ól is cionntaigh leis." Bhí truaighe ag mo chroidhe astuigh do, agus arsa mise, "a Shéimí, nar chóir go stadfá de'n ól anois féin muna mbéadh ann féin acht le meas ar an chaoin chailín a d'fhág tú 'sa' chill?" Bhí na deóra leis. "Char iarr sí orm é, a Fheilimídh," arsa seisean, "agus ní thiocfadh liom anois ar sgor ar bith, na sí an bhiotáilte atá mo choingbheáil beó agus sí an bhiotáilte atá mo mharbhadh." Le sin thainig Íde s'againne fhad linn agus gan innti acht tachránn ag 'ul na sgoile agus bhí sí ag fóghluim an teagasg Chríosta. "Cia mhéad Dia ann?" arsa sise le Séimí. "Aon Dhia amháin," arsa Séimí. Ríth sise leithe annsin sásta cionnus go bhfuair sí an freagra ceart, ach nuair a bhí sí ar shiubhal. "Tá Dia na biotáilte ann," arsa Séimí. Chonnaic mé féin nach rabh maith a bheith leis agus thoisighmid a comhrádh ar rud eiginteacht eile. "An duine gránna, nach dona a fágadh é!" arsa gach duine. "Nach breágh an chuimhne chinn atá agat, a Fheilimidh?" arsa Cathaoir. "Go dtí lá na bréithe," arsa Feilimidh, "cha deánaim dearmad de a chómhrádh liom an lá sin." "An bhfuil tórradh ort ann?" arsa Cathaoir. "Tá, leoga," arsa Feilimidh, "tórradh agus ofráil orm, no an lá a bhí m'athair 'a chur, thainig Séimí é féin isteach 'un toighe, agus shiubail leis an tórradh go rabh
sé shios ar a' Chruit agus dhíol sgilling de ofráil - an ofráil a ba mhó a díoladh an lá sin taobh amuigh de ofráil shagairt na páróiste. Dhíol seisean dhá sgilling. Bhí na fir eile 'na seasadh anois. D'éirigh Feilimidh fosta, agus arsa seisean, "creidim go bhfuil sé i n-am againn a bheith ag 'ul na bhaile." "Tá sibh in mbur seacht sáith ama," arsa Cathaoir. "Nuair a bhéas an t-eallach astuigh" arsa fear eile, "agus timthireacht bheag deánta fá'n teach béidh an oidhche ann." "Beannacht agat! a Chathaoir," arsa 'ach a'n fhear aca. "Och, maise," arsa Cathaoir "go seacht sairbhigh Dia dibh!" Nuair a bhí siad uile imighthe, chuir Cathaoir síos teallachán dó féin agus fhad is bhí na préataí da rósadh, shiubhail sé thart ar an teach go bhfeicfeadh sé an rabh gach rud i gceart, dhruid an cró ar na lachainn', thug isteach bacóg mhóna fa chionne na maidne, chuir a' ceangal ar a' doras, agus nuair a bhí sin deánta aige dubhairt sé a urnaigh. Agus chan go h-íseal a deireadh Cathaoir a chuid urnaighe. Chan eadh! Chluinfeá é amuigh ar an bhealach mhór. Nuair a bhí a urnaigh ráidhte aige, bhí na préatai rósta. Rúisg sé eadar a chuid lámh iad leis an luath a bhainnt daobhtha. Annsin fuair sé uisge agus salann agus rinn sgadán caoch, mar nach rabh ánnlann níos feárr le fághail aige. Thoisigh sé ar a shuipear. Ní rabh sé ar obair i gceart nuair a mhothuigh sé an cat shuas ar an dreisiúr. "Ach droch mhúnadh ort!" arsa seisean, "ach go bé tú bhéadh bainne agam anocht le mo shuipear. Char
bheag duit buideal a bhainne a cuireadh isteach chugam indiu a bhriseádh nuair a fuair tú amuigh mé gan a bheith indhiaidh na deoire bige atá agam 'sa' chupa fá choinne taé na maidne. Anois, bíodh sin agat, a bhitheamhnaigh," agus thug sé urchar de'n phréata a bhí in a dhórn do. Ach in-áit an cat a bhualadh, bhuail sé an cupa, bris é, agus dóirteadh an bainne. "Nach bhfuil seo féin cruaidh go leór," arsa seisean leis féin. "Ghuid sé breac orm ar maidín, annsin trathnóna bhris se buideál bainne orm, agus anois, d'fhág sé gan bainne taé mé agus tá sé ar shiubhal i bhfolach orm gan mé oiread agus an bhuille amháin féin a fhághail air." "Ní'l teach ar bith ar sgor ar bith," ar seisean leis féin annsin, "i gceart nach bhfuil bean ann, agus dá leigfidhe damh bean a fhághail tá cúig bliadhna o shoin nuair á bhí an tolann in mo chionn ní bhéinn mar atá mé anocht. Ní rabh mé a dhath amháin ro shean, agus bhéadh cúig bliadhna de shógh agam i n-áit anrógh. Nach mairg gan mé i n-áit Thomáis Mhic Ruaidhrí atá ag 'ul 'un mná ar an h-oidhcheannaibh seo. Ní bhéidh mé ar an sgadán caoch an oidhche sin. Bhí fhios agam nach bhfágfaidhe mé gan cuireadh 'un dála." Acht ma bhí Cathaoir ag cainnt mar seo fein ní dheárn sé dearmad ar a shuipear. Bhí sé ag ithe, agus d'ith sé gur ith sé an préata deireannach. Choigil sé an teine annsin. Bhain de a bhróga agus a stocaí, chroch na stocaí ar bhacán a bhí sáighte i gcloich a' bhaic, agus chuaidh a luighe.
Nóra Ní Dhrioscoill agus a Máthair. D'fhág Nóra Ní Dhrioscoill bárr an bhealaigh mhóir sul ar thoisigh an damhsa agus thug iarraidh ar an teach mhór a bhí shíos ins a' ghleann, i n-áit a rabh sí féin agus a mátháir ag cathadh a gcuid laethe saoire ar a' t-suaimhneas leo féin. Tá cáil Luimnigh ar fud an dómhain de thairbhe calmacht a cuid fear agus bréaghtacht a cuid ban. Ach i Luimneach féin bhí cáil ar Nóra Ní Dhrioscoill mar gheall ar a scéimh. Agus thuil sí uilig é. Bhí Nóra i ndeis bhláth a h-óige. Ní rabh a' dhath deas 'sa' t- saoghal nach rabh ag cur aoibhnis uirthi. Ní rabh fhios aici a' dhath uilc 'sa' t-saoghal na tógadh í go cúramach. Ní rabh sí cúlta, acht chan dána a bhí sí: bhí sí mórdha. Ar a bealach 'un toigh' mhóir duithe, casadh fear óg uirthi a bhí gléasta go galánta ar dhóigh gur bhfurust aithne nar de bhunadh na h-áite é, agus stán sé níos mó uirthi na thaitinn léithe. Shiubhail sí léithe níos géire anois agus ní rabh fhios aici i gceart caidé an t-ádhbhar. Agus gidh aríamh go fóil nach dtug sí toil na neamh-thoil do fhear ar bith, ní thiocfadh léithe cur amach as a cionn nar mhaith léithe Maicín a bheith cómhgarach dá gcasfaidhe an fear galánta uirthi arais.
Níor bhain sí faoithe gur bhain sí an teach amach. Bhí a máthair ag fanacht uirthi. "A Nóra, a chroidhe is orm atá an lúthgháir go bhfuil tú arais no bhí mé an-uaigneach gan tú." "A mháthair mhuirneach tá buaidhreadh an t-saoghail orm cionnus go rabh tú uaigneach, ach ar n-dóigh ní rachainn go bárr a' bhealaigh mhóir ach go bé go dtug tú cead damh." "Tá fhios agam go maith nach ndeánfadh mo leanbh rud ar bith gan mo chead, no rud ar bith eile a shílfeadh sí nach dtaitneocadh le na máthair." "Leóga, a mháthair mhilis, ní dheánfainn, agus anois sin póg eile chugat." "A Nóra, a rtór, is tú mo chuid 'e'n t-saoghal. Éirigh a leanbh agus deán réidh braon taé dúinn, agus fhad agus bhéas sinn ag ól an tae thig leat innse damh caidé mar thaitin na cleasa lúth ag bárr an bhealaigh mhóir leat, agus nuair a bhéas an tae ólta againn tá rud éiginteacht le rádh agam le mo stóirín féin." "Maith go leór a mháthair." Rinn Nóra réidh a' taé, agus fhad agus bhí siad 'a ól d'innis do a máthair fá dtaobh de na cleasa' lúth agus caidé mar bhuaidh an sgafaire óg ar 'ach lúth ghaiscidheach dá rabh annsin. Agus d'innis sí fosta caidé mar shéid an ghaoth an hata gréine fhad léithe-se agus mar thóg sí é agus choingbhigh go dtainig sé fá na choinne nuair a bhí na cleasa lúth thart. "Ar labhair sé leat?"
"Níor labhair, a mháthair, ach nuair a shín mé an hata chuige bheir sé greim air, d'úmhluigh domh, agus arsa seisean "go rabh céad míle maith agat," chuir an hata air agus d'imthigh leis ó'n chuideachta, síar an bealach mór mar bhéadh sé ag tairint ar an Chlochán Liath; agus bhí na daoiní uile go léir ag amharc na dhiaidh." "Cia é féin?" "Ní'l fhios agam a mháthair agus de réir mo bharamhla ní rabh aithne ag a'n dhuine dá rabh annsin air, no níor labhair a'n dhuine leis nuair a bhí sé ag imtheacht." Smaointigh a máthair léithe féin gur bh'fhéidir gurab é bhí ann, agus arsa sise. "Cia leis a rabh sé cosamhail?" Ní'l fhios agam i gceart, a mháthair, ach tá fhios agam nach rabh a'n dhuine annsin ion churtha leis. Agus an gcreidfeá é a mháthair, ní rabh oiread agus a'n chailín óg amháin annsin a thug toil dó ach mé féin, indhiaidh a deárn sé." "Toil?" Thoisigh Nóra annsin agus d'innis do n-a máthair fá chleas a' hata. "Agus a Nóra, ar ndóigh ní rabh fhios agat a ainm." "Ní rabh fhios agam, a mhathair, ach bhaist mé féin Maicín air." "Agus a croidhe, caidé chuir an t-ainm sin in do chionn?" "Tá, a mhathair, bhí mé ag smaointeadh ar an t-sean fhocal "imeasg fear an dómhain is ar an ghaiscidheach is mo ghean," agus rinn mise Maicín amach as mo gean."
"A Nóra, a rún, ní'l a dhath le h-imtheacht ort." Bhí an taé ólta aca anois. D'éirigh Nóra, thóg sí na sóithigh ó'n tábla agus chuir i leath taoibh iad. Chuaidh a mátháir anonn agus shuidh ar shuidheachán a' chois na fuinneóige. Chuaidh Nóra agus shuidh ar stól íseal le n-a taoibh, chuir lámh amháin dá cuid ar ghlún a máthara agus a lámh eile ar a gualainn. "Anois, a mháthair, caidé an sgéal iongantach atá agat le h-innse damh?" "A Nóra, a rún, níor innis me duit ariamh caidé mar casadh d'athair - go ndeánaidh Dia grásta air - orm an chead uair ariamh." "A mháthair, níor innis, agus is minic a bhí me ag brath ceist a chur ort ach annsin níor mhaith liom, no bhí fhios agam i gcomhnuidhe go n-inniseocha damh é lá éiginteacht." Chrom a máthair a ceann bomaite agus annsin dhírigh sí í féin. Bhí sí óg go fóil gidh go rabh a cuid gruaige comh geal leis an t-sneachta, agus bhí a h- eadán leathán agus a h-ághaidh caoin-dheánta ion churtha le na cuid gruaige. Ar a h-ághaidh ní rabh aoibh an gháire no gruaim ach thaisbeáin sé croidhe a fuair crádh agus grádh nach dtiocfadh léithe a shéanadh. Bhí bean Uí Dhrioscoill dóigheamhail agus an- an-dhóigheamhail nuair a bhí sí 'na cailín óg. Bhí sí dóigheamhail anois agus ma chaill sí aoibh an gháire féin a bhí uirthi nuair a bhí sí 'na cailín óg, ba deise na sin a bhí áilneacht an chruineis a bhí ar a h-ághaidh anois mar gheall ar a mór ghrádh ar a leanbh féin.
"Bhí mise comh óg agus tá tusa anois lá do mo shaoghal, a Nóra." Chuir sí a lámh thart ar mhuineál Nóra. Théann Nóra níos cómhgaraighe léithe. "Bhí mé óg. Bhí daoiní a deireadh go rabh mé dóigheamhail." "A mháthair, ní'l gnaithe duit innse do'n dhuine go rabh tú dóigheamhail nuair a bhí tú óg. Ní thiocfadh leis go rabh cailín ar bith leath ion-churtha leat." Chuir a máthair a lámh eile thart ar Nóra annsin agus chrom a ceann go dtug sí póg duithe sul ar dhubhairt sí. "'Sí mo chaoin-ingean féin a deir sin, ach tá fhios agamsa cailín atá an chosamhail le mar bhí mise nuair a bhí mé óg ach go bhfuil sí i bhfad níos deise na bhí mise." "Ó, a mhathair!" "A Nóra, nuair a bhí mise óg, bhí mé mar tá tusa anois, gan rud ar bith 'sa' dómhan mhór ag cur bhuadhartha orm, agus gan mé ag smaointeadh ar rud ar bith ach ar a' ghrádh a bhí agam ar mo mháthair agus ar an ghrádh a bhí ag mo mháthair orm. Níor ghnáthach linn m'athair a fheiceáil go minic. D'imthigheadh sé isteach na cathrach go luath ar maidín agus ní philleadh sé na bhaile go rabh sé i n-am luighe. Dia Dómhnaigh féin ní chaitheadh sé mórán do'n lá 'sa' bhaile: bhí sé ag deánadh airgid. Ní rabh sógh dá dtiocfadh le airgead a fhághail damh féin no do mo mháthair nach rabh againn, agus bhí mo mháthair agam-sa le na chois sin. Níor chuala mé m'athair ariamh ag labhairt go feargach, ach níor chuala
mé é ariamh ag labhairt go cineálta. Is minic nuair a thiginn isteach ar mo mháthair go tobann tchínn na deóra leis na súilibh aici, ach mar bhíodh sí ag urnaigh 'san am shílinn gur sin a b'ádhbhar leis. Ní rabh ciall agam do'n t-saoghal annsin. Ins an am sin ní rabh lá ar bith nach dtéidhinn-sa na cathrach le cuairt a thabhairt ar thoigh a' phobail. Lá amháin nuair a bhí mé ar a' bhealach arais na bhaile thainig taom mór fearthanna. Bhí mé go díreach ag Árd na Callaighe 'san am. Ní rabh cóta ar bith liom mar bhí lá bréagh ann nuair a d'fhág mé an baile. Bhí cruach mhónadh ar fhód a' bhealaigh mhóir agus chuaidh mé thart ar chúl na cruaiche le dul ar fascadh. Bhí fear na sheasadh ar chúl na cruaiche agus nuair a chonnaic mé é baineadh stad asam. Chonnaic sé gur sgánnruigh mé. "Na bíodh eagla ort," arsa seisean, agus theann sé suas giota uaim ar dhóigh go mbéadh fasgadh agamsa gan é bheith mo chómhair. D'éirigh an fhearthainn níos truime, agus sul a rabh fhios agam-sa go rabh sé 'a dheánadh bhain sé de a chóta mór agus chuir thart orm fhéin é. Nuair a bhí turadh ann thug mé féin dó a chóta agus thug buaidheachas dó. D'iarr sé orm an cóta a thabhairt liom na go mbfheidir go gcuirfeadh sé arais. Thug mé féin buaidheachas do airís agus dubhairt nach rabh i bhfad agam le dhul, ag taisbeánadh an bhaile do. Dubhairt seisean go rabh sé ag 'ul an bealach céadna síos fhad leis an Fhál Mhór an áit ar tógadh é. Bhí eolas agam-sa ar an Fhál Mhór, agus dubhairt mé leis nach rabh a'n dhuine na chómhnuidhe ann. Dubhairt sé nach rabh, agus d'aimhdheoin nach
rabh ballógaí an toighe ar rugadh é ann fágtha féin, gur mhaith leis cuairt a thabhairt ar na seanfháruis'. Bhí mise ag taobh an toighe anois agus bhog seisean leis gan níos mó a rádh. D'innis mise do mo mháthair comh luath agus chuaidh mé un toighe fá'n fhear a casadh orm agus cá rabh sé ag 'ul. Chuir sí ceist orm cia leis a rabh sé cosamhail, agus d'innis mise duithe go rabh sé ar an fhear a ba bhréaghta a chonnaic mé ariamh. Agus leóga bhí, a Nóra, agus ní fhaca mé a'n fhear o shoin comh bréagh leis." "Faraor! a mháthair ma's ar m'athair atá tú ag cainnt ní'l mórán cuimhne agam air." "A thaiscidh, is air, ach caidé mar thiocfadh leat cuimhne a bheith agat air agus gan tú ach an dá bhliadhain go leith comhthrom an oidhche fuair sé bás. Smaointigh mo mhathair ar a' bhomaite cia bhí ann. "Sin Naos Ua Drioscoill ma tá sé beo," ar sise. D'innis mo mháthair damh annsin caidé mar bhí an tighearna óg ag mardhaiceacht aníos a' bealach mór lá amháin agus gur casadh deirbhshiúr Naois air, agus nuair nar úmhluigh sí dó, gur tharaing sé an steafóg a bhí in a láimh agus bhuail trasna an leicinn í. Nuair a chuala Naos caidé rinn sé, shuibhail sé caol díreach go dtí an caisleán. Bhí an tighearna é féin ag an doras agus chuir ceist ar Naos caidé bhí sé 'a dheánadh annsin. Chuir Naos ceist airsean caidé thug air a dheirbhshiúr a bhualadh. "Oc!" arsa'n tighearna, "bhfuil deirbhshiúr ar bith eile agat go dtaisbeánochaidh mé duithe caidé rud múnadh nuair a chastar tighearna
uirthi." Ní dhearn Naos ach a lámh a thairrint agus cnámh a ghéill a bhriseadh leis an bhuille a thug sé dó. Beireadh ar Naos annsin agus cuireadh deich mbliadhna air 'sa' phríoson, ach tugadh cead a' chinn dó nuair a bhí cúig bliadhna riaraighthe aige. Nuair a thainig biseach ar an tighearna chuir sé iomlán an teaghlaigh amach as a mbaile agus a gcomhnuidhe agus sgabadh ar fud an t-saoghail iad. Ba sin mar d'innis mo mháthair an sgéala damhsa a Nóra, agus an oidhche sin ní thiocfadh liom codhladh ach ag smaointeadh agus ag smaointeadh liom." "Níorbh iongantas ar bith é a mhathair." "Lá ar na mhárach casadh Naos orm arais nuair a bhí mé ag teacht amach as toigh a' phobail agus 'ach a'n lá go cionn thrí seachtmhainí. D'innis mé an chuid eile de'n sgéal duit roimh-ré, caidé mar pósadh sinn agus caidé mar nar labhair m'athair liom go rabh sé ar leabaidh an bháis, na ní thug sé mathamhnas damh go dtí sin nuair nach bpósfainn an fear a thoghaidh sé féin damh." "Ach! a mhathair níor innis tú ariamh damh cia thoghaidh sé duit." "An tighearna, ach a Nóra, shil m'athair gur mhór an onóir damhsa tighearna a fhághail." "A Nóra, dheánfaimid réidh le dhul a luighe agus inniseochaidh mé an chuid eile duit i mbárach." "Maith go leór, a mhathair." Lá ar na bhárach shín a mhathair leitir a fuair sí an lá roimh ré, chuig Nóra, agus d'iarr uirthi í a léigheadh. Bheir Nóra ar an leitir agus léigh -
Teach-taiscidh an Iarla, Luimneach, Dia h-aoine. A bhean uasal, Is ró-mhór go mbéinn go h-an bhuidheach duit dá dtéidheadh agat fáilte a thabhairt do mo mhac Seoirse 'un toighe chugat dá mbéadh i ndán's go gcasfaidhe in do bhealach é. 'Sé mheasaim go bhfuil sé fá na t-imcheall sin mar mhaithe leis féin ag cathadh a chuid laethe saoire. B'fhéidir nar bhé de'n mhúnadh é nuair a d'innis mé do sul ar fhág sé an baile cá rabh tú do chómhnuidhe, ach níor thrácht mé ar ingean a bheith agat. 'Sí an óige an óige i gcómhnuidhe. Sgríobhfaidh mé chugat fá chionn lae no dhó fá bhiseach an airgid. Is mise, Le mór mheas, Laoide Mac an Ghadaidhé. Ag. - Mar d'innis mé duit an lá deireannach a bhí mé ag cainnt leat, tá Seóirse, chan cionnus mé féin a rádh, comh maith le'n bhuachailll a thóg athair ariamh. L. Mac an Gh. "Tá meas aige ar a mhac ar sgór ar bith," arsa Nóra.
Tá, a Nóra, agus do réir mar thuig mé an uair dheireannach a bhí mé ag cainnt leis ba mhaith leis dá mbéadh meas againne air fosta. 'Sé smaointigh mé nuair a chuala mé tú ag trácht ar an ghaisgidheach a bhí ag bárr a' Bhealaigh Mhóir gur mb' fhéidir gurab é bhí ann." "B'fhéidir go díreach gurab é, a mhathair." Le sin mhothuigh siad duine éiginteacht ag an doras agus chuaidh Bean Uí Drioscoill amach agus d'fhosgail é go bhfeicfeadh si cia bhí ann. Ba fear óg a bhí ann. "Is mise," arsa seisean, "Seóirse Mac an Ghadaidhe agus d'iarr m'athair orm nuair a bhí mé ag fágail an bhaile cuairt a thabhairt ort." "Maise, tá fáilte romhat," arsa Bean Uí Dhrioscoill agus thug sí isteach 'un t-reomra é a bhí ar thaobh láimhe clídhe de'n doras ar éadán an toighe. Ní rabh Seóirse ar dhóigh ar bith cúlta, shuidh sé agus chan le Bean Uí Drioscoill ionann agus da mbéadh aithne aige uirthi le bliadhantaibh. Leig sé air féin go rabh a sháith iongantais air nuair a dubhairt Bean Uí Droiscoill go rabh sí ag 'ul amach le na ingean Nóra a thabhairt isteach. Leig sé air féin nach rabh fhios aige go rabh ingean aici. Chuaidh Bean Uí Droiscoill amach. Comh luath agus chuaidh sí amach d'éirigh Seóirse agus thoisig sé a dhearcadh ar na pioctúiribh a bhí ar na ballaibh. Nuair a chonnaic sé pioctúirí na bhfear calma a fuair bás ar son na h-Éireann, "tchím," arsa seisean. Annsin, chonnaic sé pioctúir cailín óig agus smaointigh sé ar an bhomaite gur bhí a casadh
air an lá roimh ré. "Dheánfaidh sí gnaithe breághtha damh," arsa seisean leis fein, "is annamh tá oiread de'n dá chuid le fághail i n-aoinfheacht le na chéile, ach tá sise gnaoidheamhail agus tá an t-airgead aici fosta." Le sin mhothuigh sé trup agus shuidh sé síos arais. Fear óg caol árd a bhí i Seóirse. Bhí sé gléasta ar 'ach uile dhóigh go galánta. Bhí sé droch-dhaiteach 'san ághaidh, agus bhí a ghruag dhubh comh slíocaighthe sin nach rabh bun ribe amach no bárr ribe isteach. Bhí srón fada air a rabh cruman ar a bhárr, agus bhí a smigead beag, cruinn. Bhí cuma an-ghéar-chúiseach air, go h-airighthe fá na súilibh a bhí níos cómhgaraigh do chéile na is gnáthach le súilibh a bheith. Thainig Bean Uí Dhrioscoill isteach agus a ingean léithe, ach sul a bhfuair sí focal a labhairt bhí Séoirse ar a bhonnaibh agus chraith lámh le Nóra. "A Bhean Uí Dhrioscoill," arsa seisean, "is maith is cóir duit bród a bheith ort cionnus léithid 'e ingean a bheith agat; is bréagh an cailín í." Shuidh sé, agus shuidh Nóra agus a máthair. D'aithin Nóra comh luath géar agus d'amharc sí air gur bh'é stán uirthi agus í ag teacht na bhaile ó Bhárr a' Bhealaigh Mhóir, agus smaointigh sí comh beag agus bhí ar a shon aici smaointeadh, gur bh'fheidir gur Mac an Ghadaidhe an gaiscidheach ar bhaist sí Maicín air. Chan Seóirse ar siud agus ar seo. Bhí an tuile-shí' chainnte as a bhéal ar fad. Bhí sé ag rádh go rabh athás an dómhain air go rabh léithid Nóra agus a máthara aige le cuairt a thabhairt ortha, no go rabh
na daoiní fá Thír Conaill gan mhúnadh gan oideachas agus nach dtiocfadh le duine uasal cathadh aimsire ar bith a fhághail in a gcuideachta. Bhí sé ag deanamh go gcaithfeadh sé go rabh Bean Uí Dhrioscoill agus a ingean an-uaigneach, gan duine ar bith a tógadh mar tógadh iad féin le cuairt a thabhairt ortha. Bhí a dhá shúil sáithte i Nóra ar fad, ach ní rabh sise ag amharc air no ag tabhairt freagra air ach nuair a chaitheadh sí é a dheánadh. Ní rabh Bean Uí Drioscoill í féin ag rádh mórán. Fá dheiread d'éirigh sé le h-imtheacht. "Béidh mé ar an bhealach seo arais i mbárach," arsa seisean, "agus bheirfidh mé "Beannuighadh Dia" díbh." "Deán é," arsa Bean Uí Dhrioscioll. Char dhubhairt Nóra leis "tar no fan," ach má thug Seóirse sin fá ndeara níor leig sé a dhath air féin, agus nuair a d'fhág Bean Uí Dhrioscoill ag an doras é, d'imthigh sé leis agus aoibh bhreágh air. "An sin Maicín?" arsa Bean Uí Dhrioscoill nuair a thainig sí isteach arais. "Ní h-é no a'n chuid de, a mháthair," arsa Nóra.
Maicín agus an Bacach Ruadh. Nuair a d'fhág Maicín Árd na Cruaiche, shiúbhail sé leis ar a shuaimhneas ag tairrint ar Mhín a' Bheatha. Sheasadh sé anois agus airís agus dh'amharcadh sé uaidh. Bhí trathnóna an bhreágh ann agus b'fhéidir gur bhé sin an rud a ba chionntaigh leis. Bhí an ghrian ag éirighe íseal. Shílfeá da mbéadh duine ar Chloich an Amhairc go mbéadh sé ábalta a lámh a leagaint uirthi. Bhí sí ag 'ul síos ar a suaimhneas, agus gidh go rabh sí féin comh dearg le fuil, deirfeá go rabh sí ag cur dath dubh gorm ar an aer eadar thú féin agus í féin. Bhí 'ach a'n rud ciúin. Bhí an toit liath-ghorm ag 'ul suas glan díreach 'san spéir as na toighthib. Tchídhfeá sean-dhuine amuigh ag giall a thoighe ag deánadh a chomhráidh le sean-dhuine eile na shuidhe ag a theach féin cupla céad slat ar shiúbhal. Annsin tchífeá bean toighe ag 'ul fá choinne uisge, agus chluinfeá í ag rádh le duine éighinteacht go rabh an t-am ann le dhul fá dhéin an eallaigh. Ní rabh glór na bpáistí le cluinstin, na bhí siad tursach indhiaidh a bhéith ag deánamh toighthe beaga ó mhaidin, agus bhí codhladh ag teacht ortha anois. Ní dheachaidh na cuileógaí fá chómhnuidhe go fóil, no' fhad agus bhí solas na gréine
ar a gcuid eiteóg, bhí siad 'na sluaighte annsud agus annseo agus a' ciarlamán ag cuir sgaithteach ionnta agus é ag ciarsanacht a thréirthe. Nuair a thainig Maicín 'fhad leis an Abhainn Bhuidhe, shiubhail sé trasna leath bealaigh ar an mhaide ghnídheas ionad droichid ar an abhainn, agus sheasuigh sé annsin ag amharc síos ar an t-sruth a bhí chómhair a bheith tirim ar siocair an tiormlaigh. B'fhéidir go rabh sé ag smaointeadh ar na laethibh a chaith sé ag ruagadh breac nuair a bhí sé na ghasúr, no b'fhéidir go rabh sé smaointeadh ar caidé mar ba ghnáthach leis bréith ortha faoi na clochaibh le na lámhaibh, no b'fhéidir go rabh sé ag smaointeadh ar an uisge nach rabh ann ach é go rabh sé ag sileadh eadar na clochaibh, agus na dhiaidh sin, go mbainfeadh sé an fhairrge amach bíodh an lá sin fada na gairid amuigh. Cia bith air a rabh sé ag smaointeadh, chaith sé i bhfad ar an mhaide. Ins a' deireadh chonnaic sé fear ag teacht fhad leis, agus b'éigin dó siúbhal trasna go dtí an taobh eile de'n mhaide leis an fhear a leigint trasna. Ba é an Bacach Ruadh a bhí ann agus é ag tairrint siar fosta. Bheannuigh sé do Mhaicín agus bheannuigh Maicín dó. "Ca bhfuil do thriall?" arsa'n Bacach Ruadh. "Go Mín a' Bheatha," arsa Maicín. Bhí bacaigh i gcomhnuidhe dána i dTír Chonaill. B'fhéidir gur cionnus go rabh na daoiní comh maith sin dóbhtha agus bhí siad a ghnidheadh dána iad. Ach ar sgor ar bith bhí na bacaigh dána, agus ní bíodh a'n teach a mbíodh siad ag cur faobhtha ann, nach mbéadh
lán o chúl go doras ag éisteacht leó ag sgéalaidheacht ar na h-iongantais a chonnaic siad i n-áiteachaibh eile. Ach imeasg bachach ní rabh a'n bhacach comh dána leis an Bhacach Ruadh. Bhí teanga chliste aige agus teanga ghéar dá gcuirfidhe corruigh air, agus bhí sé ábalta liaspáin a chur ar shúilibh óg agus sean le na dheagh-bhriathraibh, agus le sgéalaidheacht ar thíortaibh coimhightheach. Bhí daoiní ann a deireadh gur chaith sé seal dá shaoghal 'san arm. "Is maith a thig leat léim a gheárradh agus cloch a chathadh" arsa seisean le Maicín. Thainig aoibh a' ghaire ar Mhaicín ach char labhair sé, agus arsa'n Bacach arais: "Bhí mise lá de mo shaoghal agus ní leigfinn an bhuaidh leat go réidh," agus dhírigh sé é fein. Ba dheacair a aois a dheánadh amach anois. D'fhéad- fadh sé a bheith aois ar bith eadar dhá sgór go leith agus trí sgór bliadhanta, agus b'fhéidir nach rabh sé comh sean sin agus gur bh'é a chuid féasóige fada ruaidhe a bhí ag cur cuma ná h-aoise sin air. Anois nuair a dhírigh sé é féin, b'fhurust aithne gur fear ar dóigh a bhí ann nuair a bhí sé óg: bhí sé thar shé troighthe ar airde go fóil, agus ma bhí a chuid slinneán ag éirighe crom féin, sgéal fada ar a leithead a bhí ionnta. Agus le urradh a chuid sgiathán a thaisbeánadh, chas sé an bata droighin a bhí in a láimh go dtí narfhan an léab chroicinn air ó bhun go bárr nar réabadh de. "B'fheárr liom do chabhair na do chealg go fóil," arsa Maicín. Thaiteann sin leis an Bhacach Ruadh agus arsa seisean: "Ma's maith ar bith duit mo chabhair bíodh sí agat
agus an lá a b'fheárr a bhí mé ariamh thiocfá taobh na gaoithe ar mo chealg. 'Siomaidh fear a chonnaic mise agus 'siomaidh fear maith a chonnaic mé. Chonnaic mé fir a bhí comh mór sin nach mbéadh ionnam-sa ach gasúr le na dtaobh agus iad urradhanta de réir, ach de réir mar bhí siad mór is amhlaidh is lúgha a bhí siad cliste. Ní rabh ionnta ach méid agus urradh agus gan iad indán usaid a dheánam de cheachtar aca. Ach fear ion-churtha leat-sa chan fhaca mé dha uair ariamh." Tharraing an Bacach amach dubhdóg as a phóca annsin, shuidh síos ar bhruach na h-abhanna agus dhearg é. Thairring Maicín amach a phíopa agus rinn an cleas céadna. Bhí fear ag tairrint ortha. Connaic Maicín é ó thainic sé ar amharc, agus nuair a bhí sé ag teacht cómhgarach chuir Maicín ceist ar an Bhacach an rabh aithne aige ar an fhear a bhí tairrint ortha. "Ní aithnighim é" arsa'n Bacach Ruadh, agus d'aithne- ochainn Éireannach: ní aithnighim thusa acht aithnighim gur Éireannach thú." Nuair a thainig an coimhightheach fhad leo chuir sé ceist ortha an rabh sé i bhfad 'na' Chlocháin Léith. D'innis an Bacach dó go rabh sé cúig mhíle, agus nuair a chuala sé sin thug sé buaidheachas dóbhtha agus bhog leis. "Is mithidh damh féin an baile a bhainnt amach," arsa Maicín. "Maise!" arsa'n Bacach, "thárla go bhfuil mise ag 'ul go Mín a' Bheatha fosta creidim gur de'n mhúnadh é thú a comóradh, agus cia bith é féin an fear siar stán sé go géar ort-sa."
"Ar stán," arsa Maicín. Ar a mbealach siar chuir Maicín mórán ceist fá bhunadh óg na h-áite agus fá dtaobh de'n Bhacach é féin. D'fhuasgail an Bacach iad go h-iomlán ach chan gan smaointeadh leis féin uair na dhó go gcaithfeadh sé go rabh an fear seo an taobh 'e'n tír roimh ré. Nuair a thainig siad fhad le toigh an t-siopa, dubhairt Maicín gur seo an áit a rabh sé féin ag bainnt faoi. Dubhairt an Bacach go rabh rún aige féin a fhárus a dheánadh ann go maidín fosta; go rabh sgiobál mhaith chocháin faoi an t-siopa, agus nar dhiúltuigh fear a' toighe na a bhean é ariamh fá dhídean an sgiobáil go maidín. Chuaidh an bheirt 'un toighe i n-aoinfheacht. Bhí fear a' toighe agus a bhean na suidhe ar dhá thaoibh na teineadh: bhí na páistí uile go léir 'na luighe. Bhí sgéala ar na h-éachtai' a rinn Maicín ag bárr a' bhealaigh mhóir roimhe, agus chuir sé iongantas air nuair a thug bean a' toighe "Maicín" air nuair a bhí sí ag cur ceiste air cia aca a b'fheárr leis suipear bracháin no suipear taé. Ba é sin an chead uair do an t-aim a chluinstean, ach thaitin sé leis. Cionnus nar aithin a'n dhuine é ní rabh sé ag 'ul a innse do mhór agus do bheag cia é féin, agus dar leis go nglacfadh sé leis an ainm. Ach an oidhche sin is minic a smaointigh sé caidé mar fuair bean a' toighe an t-ainm sin, no bhí fhios aige go maith nach dtug sí air é as maol a conláinn. Chuaidh sé a luighe comh luath agus rinn sé a shuipear, rud nar thaitin leis an Bhacach Ruadh, no b'éigin do-san a dhul amach 'na' sgiobáil nuair nach rabh cómhrádh ar bith le fághail aige, mar
bhí ceann urraidh an toighe agus a bhean ag smaointeadh ar dúl a luighe fosta. Ar maidín la ar na mhárach d'éirigh Maicín go luath agus chuaidh sé isteach na sgiobáil a bhí faoi'n t-siopa. "Nonach bhfuil tú do shuidhe go fáil a Mhícheáil?" arsa seisean leis an bhacach. Ní rabh a dhath de'n bhacach le feiceáil ach a cheann. Bhí sé cuachta astuigh 'sa' chochán fá n-a chirteach, agus a dhá chois sáithte astuigh i mála a bhí tarraingté anios aige ar féin go dtí faoi n-a dhá easgaill. Chaith sé an cochán de, d'éirigh aniar agus bhain de an mála sul ar labhair sé. "Cá fios duit ainm an bhacaigh?" "Ní críonna an cat na'n coimheadaidhe," arsa Maicín. "Comh luath agus gheobhas tú greim le n-ithe," arsa Maicín annsin, "rachaidh tú na Chlocháin Léith. Tá lá aonaigh annsin indhiu agus béidh fear na fídeóige ag seinim ar an t-sráid. Bheirfidh tú seo dó agus béidh fhios agat féin cia 'n uair agus cia'n t-am le na thabhairt dó." Thug sé litir do'n bhacach annsin. Bheir an bacach. greim ar an leitir agus chuir isteach ann a ochras í "Dheánfaid mé sin," arsa'n bacach.
Oidhche Dála. Chaith Maicín mórán de a chuid ama ar feadh coicthighise ag íasgáireacht fá na h-aibhneachaibh agus fá na lochannaibh, agus ag seilg. Chaith sé mórán de a chuid ama fosta ag cainnt leis na buachaillíbh óga, agus is beag lá nach bfeicfidhe é féin agus Tomás Mhac Ruaidhrí i gcuideachta a chéile. Corr lá d'imthigheadh sé ar maidín agus ní philleadh sé go h-am luighe. Bhí oidhche no dhó ann nar phill sé go maidín. Maidín amháin nuair a thainig sé isteach 'un toighe indhiaidh a bheith amuigh ó oidhche, bhí bean a' toighe na suidhe ar chataoir agus í na codhladh. Mhusgail sí le linn a theacht isteach dó. "A chroidhe ó," arsa sise, "ní thiocfadh liom a dhul a luighe aréir no bhí mo chroidhe ag 'ul amach ar mo bhéal ar eagla's gur bhain rud éiginteacht duit. Tá'n t-am atá ann creathnach, agus ar ndóigh ní rabh fhios agam nach go mb'fheidir gur bh'iad na sgaighdiúirí a bheir ort." "Ní bhainfeadh siad le mo léithéid-sa" arsa Maicín. Fuair sé a bhricfeasta agus chuaidh a luighe agus é ag smaointeadh ar chnocaibh Bhárr' Ghaoth-Dóbhair.
Cá bhfuil an áit ar fud na tíre is lúgha cáil na cnuic Bhárr' Ghaoth-dóbhair, agus cá bhfuil an áit is mo thuilleas cáil? Ar fhad d'amhairch ar chúl gréine tá cnoc ag éirigh ar chúl cnuic go dtí go bhfuil an chuid is fuide ar shiúbhal ag cur a gcuid cruach 'sna néaltaibh. Anuas taobhannaí na gcnoc seo tá srútháin agus silteáin na rith na gcéadtaí, cuid aca ag 'ul i gcómhair le n-a cheile, ach an t-iomlán aca ag munumar agus ag deánadh crónain de réir mar tá an t-uisge ag tuitim ó lamhtán go lamhtán, agus iad ag tarraint ar na lochannaibh atá ar íochtar. Imeasg na gcnoc seo ní'l a'n chnoc ann níos áilne na Cnoc a' Toir, atá fá fhad mearóige de Bhárr a' Bhealaigh Mhóir. Agus ní'l a'n chnoc in imeasg níos airde agus é cúmhdaighte le fraoch feannán agus cinealtas. Síleann an té atá ag 'ul suas air an chead iarraidh ariamh go mbéidh sé ag n-a bhárr comh luath agus shroichfidh sé an mullach atá roimhe, ach comh luath agus tá sé ar an mhullach sin, tchí sé mullach eile roimhe, go dtí 'sa' deireadh nuair atá sé tuirseach ag siúbhal agus ag bainnt dúil de bhárr a' chnuic a bhainnt amach go bráth, fághann sé buaidh ar an staighre dheireannach. Ach anois nuair atá sé ar bhárr an chnuic, tchí sé gur mhaith a b'fhiú dó an turas a dheánadh. Ar amharc dó bealach luighe gréine, tchí sé shíos faoi lochannaí sgabtha thall agus ibhfos n-a sgórthaibh, agus aibhneacha ag casadh mar sud agus mar seo eatorra. Tchí sé ar imeall na lochannaí, páirceánnaí glasa agus toighthe geala aol-nighte, agus fad amhairc uaid, tchí sé an fhairrge mhór ag greadadh isteach ar na cruachaibh gainimh, a dtugtar méillte Íocthair Tíre ortha.
Anuas taobh Chnuic a' Toir, tá abha na rith a dtugtar Abhainn-an-sgeárdáin uirthi. Ní'l innti ach silteán beag 'san áit a n-éirigheann sí thuas ag bárr an chnuic, ach ar a bhealach anuas tá sí ag léitheadadh de réir mar tá silteáin bheaga ag ríth isteach innti, go dtí go bhfuil sí fá thuairim fiche troigh ar léithead ag bárr an sgeárdáin. Tá an sgeárdán é féin fá thuairim céad troigh ar airde, agus an tormán a ghnidheas an t-uisge agus é ag tuitim anuas glan díreach na céad troigh sin ar na clochaibh atá ar íochtar, tá sé mar bheadh tormán táirrnighe ann. Nuair a bhriseann néall os cionn an chnuic, annsin tuiteann an fhearthainn na chnap, líonann na silteáin mar ghreadfá do dhá bhois ar a chéile, líonann siad-san abhainn an sgeárdáin, agus thig an t-uisge ag rollugadh anuas na h-abhna sin n-a chraos, ag iomchar leis gach rud a chartar in a bhealach, go mbuailidh sé a cheann faoi ag bun an sgeárdáin 'sa' chubhar a rinn sé féin a mhaistreadh. Bhí an tráthnóna ann nuair a d'éirigh Maicín, agus soir leis, agus shuidh ar an Chloich Stucaigh. Bhí sé ag amharc soir ar chnocaibh Bhárr Ghaoth-Dóbhair. Chuir sé bailc ar na cnocaibh ó chuaidh sé a luighe, agus thiocfadh leis an t-uisge a fheiceáil ag dórtadh anuas an sgeárdán, agus thiocfadh leis a thormán a cluinstean agus e mar bhéadh tormán an bharra ann. Bhí turadh ann anois, agus bhí na caoirigh le feiceáil ag ingilt ar an fheanntraigh agus na gabhair ar bhárra' na mbeann. Bhí Maicín ag dearcadh ar sgáile na néall, ceann 'sa' tóir ar an chionn eile amach go bárr a' chnuic de réir mar bhí na nealta ag 'ul trasna na gréine. Bhí
an ghrian ag 'ul a luighe anois, ach sul a deachaidh sí a luighe sgiord sí amach o chúl néall agus thug amharc amháin eile ar Chnoc a' Toir. Bhí an t- airgead beó ag feitheamh ar an amharc sin, no comh luath agus thug an ghrian an t-amharc sin, shoillsigh an t-airgead beo comh loinnreach agus soillsigh grian ariamh. Ní rabh níos mó de; chuaidh an ghrian a luighe agus thainig dat dubh gorm ar na cnocaibh. Bhí an oidhche ann nuair a thainig Tomás Mhac Ruaidhrí fhad le Maicín 'san áit a rabh sé n-a shuidhe. "Tá mé ag 'ul toigh Nuala Báine anocht," arsa Tomás, "agus ba mhaith liom dá dtéightheá liom mar gheall tú. Bhí Nuala ag trácht ort, agus tá fhios agam go maith gur mháith léithe tú a bheith ann." "Rachaidh mé agus fáilte," arsa Maicín. "Tá an chuid eile de na fearaibh atá ag 'ul liom," arsa Tomás, "ag fanacht orainn idtoigh m'athara, agus tá an t-uisge beatha annsin fosta." "Cia iad fein?" arsa Maicín. "Tá, Cathaoir Ua Dubhthaigh, Feilimidh na Míne, agus tá cuireadh ag an Bhacach Ruadh fosta." "Thárla go bhfuil siad ag fanacht orainn," arsa Maicín, "tá sé lán go maith againn tarraint ortha anois." Bhí sé 'dhubh sholas nuair a chuaidh siad isteach 'un toighe. Bhithear ag fanacht ortha mar dubhairt Tomás, agus bhí an Bacach Ruadh annsin fosta agus é n-a shuidhe ag cionn an tábla. Comh luath géar agus chuir siad a gcinn isteach faoi árd-mhaide an dorais, beiridh Conall Mór greim ar bhuideál agus ar ghloine,
líon sé an gloine agus thairg do Mhaicín é. Bheir Maicín ar an ghloine as a láimh agus shín arais chuige é agus thug buaidheachas do. "No nach bhfuil tú ag 'ul a ól?" arsa Conall. "Ní thig liom é: ní bhainim leis, agus tá mé comh buidheach duit-se agus da n-ólfainn é." arsa Maicín. "Na h-iarr air é, a athair," arsa Tomás ní'l sé ag bhainnt leis." Thárla gur mar sin atá," arsa Conall, "ní bhéidh mé 'a iarraidh ort." Shín sé an gloine annsin chuig Cathaoir. Bheir Cathaoir ar an ghloine agus arsa seisean "Seo mbur sláinte uile go léir, a fheara; do shláinte, a Thomáis Chonaill, agus go n-éirigh ar siubhal linn." "Iocshláinte duit," arsa'n chuid eile agus d'ól Cathaoir an gloine. Líon Conall an gloine arais agus thug do Fheilimidh é. Bheir Filimidh greim air, agus arsa seisean, "Go gcuiridh Dia an t-adh orainn uile go léir," agus annsin d'ól sé fá thuairim leath an gloine agus bhí 'a shíneadh arais chuig Conall. "Caith siar ann do phluic é," arsa Conall, "agus bídh réidh leis." Rinne Feilimidh sin. Thug sé gloine annsin do'n Bhacach Ruadh. Bheir an Bacach air agus arsa seisean: "Seo sláinte na h-Éireann agus na gcúig chúigi sa dhó, agus an té nach n-ólann 'sa' t-sláinte seo na rabh sé i bhfad beó." "Amén," arsa Conall. Chaith an Bacach siar an bhiotáilte gan an gloine a bhainnt ó n-a chionn.
"Bhfuil maith damh a'n dheór a thabhairt duit-se. a mhic?" "Ní'l," arsa Tomás, "ta dálta Mhaicín orm-sa, ní'l mé ag bainnt leis." D'ól Conall é féin bolgam annsin agus arsa seisean. "Tá sé go maith againn i n-ainm Dé a bheith ag 'ul 'un siúbhal. Tá 'ach a'n dhuine na luighe anois agus béidh sé déidheannach go leór nuair a bhéas sinn i Mín-eadar-a'-da-loch." "Tá'n ceart agat," arsa Feilimidh, "cia bheirfeas an t-uisge beatha leis?" "Bheirfidh mé féin liom é;" arsa Conall, "ní bhéidh an oiread sin uile go léir 'e dhith orainn anocht thárla gan ach an beagán againn ann." Fuair sé an t-uisge coisrioctha, craith air féin agus ortha go h-uile agus ar cheithre bhallaibh an toighe. Nuair a bhí sin deánta, bhog siad leo go rabh siad ag teach Phádraig Shéarluis i Mín-eadar-a'-dá-loch. Nuair a bhí siad ag teach Phádraig chonnaic siad nach rabh 'ach a'n dhuine na luighe, no bhí solas 'sa' teach. Chuaidh Conall fhad leis an doras agus bhuail sinitín air. Thoisigh an madadh a bhí astuigh a thathmann. Droch mhúnadh ort a mhadaidh mhalluighthe! Luigh faot," arsa Pádraig, agus d'fhosgail sé an doras. "Maise, sé do bheatha, a Chonaill Mhóir: tar ar d'ághaidh. Cia tá leat?" "Tá, ceathrar no chúigear fear liom annseo," arsa Conall. "Taraigidh isteach, a fheara, agus 'sé mbur mbeatha." Chuaidh siad isteach. D'éirigh Máire, bean Phádruig,
ó'n t-súgán a rabh sí n-a suidhe air agus chuir fáilte rompa uile go léir i n-aoinfheacht. "Tarrainigidh orraibh na cathaoireacha sin agus suidhigidh, a fheara," arsa Pádruig, "muna bhfuil mbur ndeifre mór." "Ar mhéad ar ndeifre," arsa Conall, "beirfidh an saoghal orainn." "Maise," arsa Máire, "sin féin an focal fíor, a Chonaill." Shuidh Conall agus Cathaoir ag taobh an tábla a bhí faoi'n fhuinneóig, agus shuidh Feilimidh na Míne agus an Bacach i lár an urláir. Rann Tomás agus Maicín cathaoir ag an chionn íochtarach de'n tábla. Shuidh Pádruig ar cholbha na leabtha agus shuidh Máire 'sa' chlúdaigh. Ní luaithe a bhí siad na suidhe na tharraing Conall ar buideál agus chuir ceist ar Phádruig an rabh sóitheach ólachain ar bith fá láimh aige. "Maise, ba chóir go mbéadh," arsa Pádruig, agus bhí sé ag éirigh le n-a fhághail. "Fan ort," arsa Máire, "ghéobhaidh mise é." D'éirigh sí, chuaidh síos fhad leis an dreisiúr agus thug léithe an gloine bhí ar chúl na bplátaí. Chuir sí an t-airgead briste a bhí ann in a póca, nígh é agus thug do Chonall. Líon Conall an glione go dtí'n béal agus thug do Mháire é. Bheir sise ar an ghloine. "Seo mbur sláinte, agus sé mbur mbeatha uile go léir." D'ól sí braon as agus shín arais é. "Ól bolgam eile as," arsa Conall. "Cha dtiocfadh liom é," arsa Máire.
"Ní dheánfaidh sé dochar ar bith duit." "Seo dhuit; ní thig sé damh." Ní rabh maith a bheith léithe. Bheir Conall ar an ghloine agus chuir braon eile ann gur líon sé é, agus thug do Phádraig. D'ól Pádraig sláinte na bhfear go h-uile agus chuir fáilte rompa arais. D'ól Cathaoir, Feilimidh, an Bacach agus Conall é féin gloine annsin. B'fhurust aithne nach rabh doicheall ar bith ag Máire no ag Pádraig roimh a gcuideachta. "A lánamhain chóir," arsa Cathaoir, "ní'l gnaithe dúinn suidhe níos fuide annseo gan innse díbh caidé thug annseo sinn fá'n am seo de oidhche." "Ní'l," arsa Conall. "Maise," arsa Padraig, "tá fáilte agaibh faoi chreataibh an toighe seo ar uair an mheadhon oidhche comh maith le uair an mheadhon lae." "Maise is íontach nach mbéadh," arsa Máire. "Támuid buidheach díbh," arsa Cathaoir, "agus thainigmid annseo dh'iarraidh mbur n-ingine do Thomás Chonaill. Tá eolas agaibh féin air agus ní'l gnaithe damh-sa a dhath a rádh fá dtaobh de; tá fhios ag an t-saoghal go bhfuil sé ar bhuachaillibh breághtha na Rosann." "Tá tú ag rádh na fírinne," arsa Pádraig. "Bhfuil tú toilteanach Nuala Bhán a thabhairt dó?" arsa Cathaoir. "Fágfaidh mise sin," arsa Padraig, "ar a cómhairle féin. Caidé deir tusa, a Mháire?" "'Sí féin is cóir a bheith sásta," arsa Máire agus chuaidh sí go doras an t-seomra agus sgáirt ar Nuala.
Má bhí Nuala n-a luighe ní rabh sí i bhfad ag éirighe agus dá gléasadh féin agus ag teacht anuas na cis- teanadh. Thainig sí anuas agus 'sí bhí dóigheamhail. Istoigh no amuigh ba bréagh an cailín í. "Sé mbur mbeatha, a fheara," arsa sise, agus sheasuigh sí go díreach taobh i bhfus de dhoras an t- seomra. "A Nuala," arsa'n t-athair, "thainig Conall Mhac Ruaidhrí agus a chuid fear annseo anocht ar eacht cleamhnas a dheánadh eadar thú féin agus a mhac Tomás. Tá mise agus do mháthair a fhágail ar do chómhairle féin cia aca ghlacfas tú é no fhágfas tú é. Deán do rogha rud anois." Ní rabh sé deacair aithne ar Nuala caidé bhí sí ag 'ul a dheanadh. "Glacfaidh mé Tomás," agus shiubhail sí síos go dtí'n áit a rabh sé féin agus Maicín na suidhe agus craith lámh leis. Thainig sí féin agus Tomás aníos agus sheasuigh siad ar chladach na teineadh. Thug Pádraig agus Máire a mbeannacht do a n-ingean agus thug Conall a bheannacht do n-a mhac. Shuidh an lánamhain ag taobh a chéile ar stól a bhí sínte le cois a' bhalla eadar an ceann uachtarach de'n tábla agus doras an t-seomra. Thainig Maicín agus shuidh sé le n-a dtaobh. "Ní'l le socrughadh anois ach an cruth," arsa Cathaoir. "Ní'l," arsa Feilimidh. "Maise, de réir chosamhalacht ar an lánamhain," arsa'n Bacach, "ní ro mhór an t-áthrughadh a chuirfeas sé ortha is cuma caidé mar rachas an cruth."
"Sin mar is cóir do bheith," arsa Conall, "agus thárla go bhfuil 'ach a'n rud ag 'ul mar tá sé ólfaimid bolgam eile sul a mbainfimid le n-a dhath." Thug sé an chead ghloine do Mháire. "Go gcuiridh Dia rath ar mo chuid páistí," agus d'ól sí braon beag as an ghloine ach ní ólfadh sí ach sin. D'ól Pádraig sláinte na lánamhaine, agus d'ól sé lán an ghloine. Rinn Cathaoir Ua Dubhthaigh, Feilimidh na Míne agus an Bacach an cleas céadna, agus annsin d'ól Conall é féin gloine. "Tá sé lán go maith againn an cruth a shocrughadh anois;" arsa Cathaoir, "tá Conall ag tabhairt leath a chuid talaimh, druim-sgoiltí, do Thomás, agus thárla nach bhfuil aige ach é anois gheóbhaidh sé iomlan a bhfuil 'en t-saoghal aige ó n-a lá féin amach. Nach bfuil an ceart agam? a Chonaill." "Tá, a Chathaoir, tá tú ag innse na fírinne. Agus is maith an airidhe ar Thomás é, no tá sé ar mhac comh maith agus thóg athair ariamh." "Maise," arsa Pádraig, "ní rabh againne ariamh ach Nuala Bhán, agus bhéadh sé mór againn gan a mhór a dheánadh duithe. Agus chan cionnus mise é a rádh, níor tógadh ingean annseo ariamh a b'fheárr dó na h-athair agus máthair na Nuala s'againne. Agus an lá a fhágfas sí sinne le Tomás Mhac Ruaidhrí, béidh oiread léithe, bos cos, agus fuair seisean ó n-a athair. Bhfuil sibh sásta le sin? a fheara breághtha." "Bhfuil tú sásta, a Chonaill?" arsa Cathaoir.
"Tá mé sásta," arsa Conall, caidé níos mó a bhéinn dh'iarraidh." "Thárla mar sin do," arsa Cathaoir, "ní'l le socrughadh anois acht caidé an lá a phósfar iad." "Tá sin socruighthe againn fein;" arsa Tomás, "pósfar sinn seachtmhain ó márach." "Bhí sé ar chleamhnas comh furust a dheánadh," arsa Feilimidh, "le'n chionn a rabh mé aige ariamh." "Ba bheag ar gcuideadh inne, a Fheilimidh," arsa'n Bacach. "H-óladh sláinte na lánamhaine anois dairíribh, agus gan an lánamhain no Maicín ag tabhairt mórán áirde ortha: bhí siadsan ag cainnt eatorra féin. D'éirigh Máire agus thoisigh sí ag deánadh réidh taé, agus thoisigh na fir a chainnt ar an t-saoghal a bhí ann i bhfad ó shoin, nuair a bhéadh lán toighe fear cruinnighthe oidhche dála agus póitín comh fairsing le h-uisge. "'Siomaidh gábha a rabh Naos Mór ann," arsa Cathaoir, "de thairbhe dheánta póitín. Is cuimhneach liom maidin amháin i bhfad ó shoin, creidim go bhfuil sé i ndeas do thrí sgór bliadhain anois, bhí Naos n-a sheasadh i ndoras chró na stileadh shiar ag páirc a' locha nuair a thainig beirt de na raibhinigh' air. "Tá tú gaibhte 'sa' deireadh, a Naois," arsa fear aca. "Chan fhuil go fóil," arsa Naos, "ag bréith greim dhá chois air agus 'a chasadh thart mar bhéadh sé ag bualadh buille le órd mór, agus chnag sé an fear eile 'sa' chloiginn le cionn an fhir a rabh greim aige air. Rinneadh gillírí de'n bheirt aca. D'fág Naos
na luighe annsin iad, agus thug leis iomlán a chuid gléasaraí agus chuir i bhfolach i Loch-an-Iubhair iad A, ba mhillteanach an fear é Naos Mór!" "Ba bhreagh urradhanta an fear é," arsa Conall, "agus ní rabh a dhath 'e cheilg ann acht oiread le páiste" "An cuimhneach le'n dhuine agaibh a dheártháir Donnchadh?" arsa Pádraig. "Seo, Seo!" arsa Máire, "suas libh uile go léir 'un t-seomra go n-ólaidh sibh bolgam taé; tá sé réidh anois." "Tá sé lán go maith," arsa Padraig. "Siubhailigidh libh." Chuaidh. Shuidh siad isteach 'un bidh gan duine ar bith togha na rogha a dheánadh ar an áit a suidhfeadh sé. Nuair a bhí an taé ólta aca, anuas leo na cisteanadh agus h-óladh snathadh eile de'n uisge bheatha. "Ach, ag cainnt ar dheártháir Naois Mhóir a bhí me," arsa Pádraig. "Ba sin féin an duine le Dia," arsa Cathaoir. "Maise ba é," arsa Pádraig. Bhí dúil is cuimse aige 'sa' bhiotáilte agus bhí an Sagart mór i gcómhnuidhe na dhiaidh air mar gheall ar sin. Ar chuala sibh fá'n lá a chuaidh an Sagart mór isteach 'un toighe chuige?" Char chuala," arsa'n chuid eile. "Chuaidh, leóga, sé isteach lá amháin," arsa Padraig, "agus bhí Donnchadh na shuidhe ar chliabh i lár an urláir agus braon maith 'sa' ghrágán aige. Bhí basgóid sgeallán le na thaobh agus é ag glanadh brúitíní. Bhí sé ag drandanacht cheoil ar "Bhímid ag ól ó bhí'n
neóin go rabh'n mhaidín ann" nuair a bhuail an sagart isteach. "Dia 'sa teach." "Dia agus Muire díbh, a shagairt agus 'sé mbur mbeatha," arsa Donnchadh. "Char stád tú de'n ólachan go fóil," arsa'n sagart leis ar an dara focal. "Maise féudaim a rádh gur stad," arsa Donnchadh, "ar sgáth a bhfuil mé a ól de ar na saoghaltaíbh deireannacha seo." "D'ól tú glincín indhiu," arsa'n sagart. "Maise d'ól agus níor ól. Bhí mé shíos ag Naos Mór an áit a deárn se téitheadh agus thug sé orm braon de a ól go bhfeicfeadhmaois caidé an t-urradh a bhí ann." "Ní fhágfaidh mise an teach indiu," arsa'n sagart, "go dtabhairfidh tú gealltanas a bheith réidh leis an ólachan." "Caide mar thiocfadh libh sin a iarraidh orm, a shagairt, agus go bhfuil fhios agaibh nach n-ólaim a'n dheór amach ó anois agus airís nuair a bhíos braon a dhith orm." "Gabh síos annsin ar do dhá ghlún." arsa'n Sagart Mór "Mhaighdean, a Mhuire, a shagairt, a chroidhe, an ag cailleadh mbur gcéille bhéad sibh! Nach bhfuil fhios agaibh go maith gur sínte 'sa' chill a bhéinn munab é na corr bhraon a ólaim: nar bhé an braon biotáilte, agus chan an doctúir, a leigheas mé an uair dheireannach a bhuail an t-eileaca mé." "Gabh síos ar do chuid glún," arsa'n sagart. "A shagairt, nach bhfuil fhios agaibh go mbíonn píantaí cnámh agus aicideacha eile mar sin ag cur as damh agus nach bhfuil rud ar bith le faoiseamh a thabhairt damh ach corr leith-cheann." "Ní bhéidh mé cruaidh ort;" arsa'n Sagart Mór, fágfaidh mé cead agat braon a ól nuair a bhéas sé a dhith ort."
"Toil Dé go rabh deánta!" arsa Donnchadh, chuaidh ar a ghlúnaibh agus bhain de a hata. "Abair seo mo dhiaidh," arsa'n sagart. "M'fhocal duit a Dia." "M'fhocal duit, a Dia," arsa Donnchadh. "Nac mblasaim a'n dheór biotáilte ó'n lá indhiu go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, acht." "Caidé mar thig liom-sa sin a rádh, a shagairt? Nar gheall sibh go bhfágfadh sibh cead agam braon a ól i n-am riachtanais?" "Gheall," arsa'n sagart, "agus thig leat cia bith a shíleas tú a bhéas riachtanach agat a rádh nuair a thiocfas tú go dtí, ach." "Abair arais na focla damh," a shagairt, "tá diarmad deánta agam ortha," "Nach mblaisim a'n deor bhiotáilte." "Nach mblaisim a'n dheor bhiotáilte" arsa Donnchadh. "Ó'n lá indhiu go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, ach." "Ó'n lá indhiu go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, ach." "Anois, a Dhonnchaidh," arsa'n sagart, "abair féin cia bith a shíleas tú a bheith riachtanach agat." "Maise, tá sin féin cruaidh go leor;" arsa Donnchadh, "seo a n-iarrfaidh mé - ach ar bhainfhéis agus baisteadh agus a bhfuigh' mé ar mo choiscéim, leath-phionnta lá aonaigh agus a dtabhairfidh Naos Mór ann mo dhórn damh?" Rinn siad uile go léir gan fiú Maicín agus an lánámhain óg gáire faoi'n ghealltanas a thug Donnchadh. "Agus caidé rinn an Sagart Mór?" arsa Cathaoir.
"Tá," arsa Padraig, "d'fhág sé an teach nuair a chonnaic sé nach rabh maith do a bheith le Donnchadh." "Creidim go rabh sin lán comh maith aige," arsa'n Bacach. "Bhí Séimí Tharlaigh tiuth go leor ag na raibhinígh' fosta," arsa Feilimidh na Míne. "Ní rabh a'n fhear 'sna bailtibh comh luath-chosach le Séimí," arsa Conall, no ins na bailtibh is deise dóbhtha." "Is minic a chuala mé m'athair - go ndeánaidh Dia grásta air - ag cainnt," arsa Feilimidh, "ar an rása mhór a bhí eadar Séimí agus na raibhinigh." "Fan go rabh braon eile agaibh," arsa Conall. H-óladh deoch eile. "Sin uisge beatha comh maith agus d'ól mé dha uair ariamh," arsa Feilimidh, "acht inniseochaidh mé díbh fá'n rása. Bhí Séimí réidh le téitheadh a dheánadh thoir ag Béal a' Chlocháin nuair a thainig na raibhiní 'sa' mhullach air. Ní rabh faill aige a anam a thabhairt do Dhia no do Mhuire ach imtheacht trasna an chaoráin mhóir ar a shean rása agus iad-san na dhiaidh. Trasna Srath-an-Arbhair leo go rabh siad ag bun na gcnoc. Ní rabh dul ag Séimí na raibhiní a sgathadh. Bhí anál bhreágh ag Séimí agus níor chuir an cnoc beag-uchtach ar bith air. Suas taobh an chnuic leis, agus nuair a bhí sé leath bealaigh suas, dhearc sé thar a ghualainn agus chonnaic sé go rabh na saighdiúirí dubha ag cailleadh, ach ní dhearn sé moill ar bith, bhí rún aige mullach a' chnuic a chur eadar é féin agus iad féin. Nuair a bhí sé chómhair a bheith ag bárr a' chnuic, tchí sé beirt de
chuid raibhiní Mhín-a'-Lábain ag éirigh ó'n áit a rabh siad i bhfolach ag coimhead ar an rása agus ag deánadh air. B'éigin dó a ághaidh a thabhairt bealach an Toir annsin. Shéid an rása comh h-úr nuaidh agus bhí ariamh agus saighdiúirí Mhín-a'-Labain 'sna sálaibh aige go rabh siad ag Abhainn na Marbh. Bhí gearr léithead i n-Abhainn-na-Marbh, ach bhí sí níos leithne an lá seo, no bhí sé ag cur ar feadh chupla lá roimh ré agus bhí an t-uisge ag 'ul thar na bruaigh. Ghlan Séimí an abhainn de léim; dhearc sé thart agus chonnaic sé na raibhiní ar an taobh thall agus gan iad ábalta an léim a gheárradh. Shuidh sé a dheánadh a sgríste. "Sin léim mór, arsa fear de na saighdiúirí." "Go dtugaidh an diabhal buaidheachas damh" arsa Séimí, "bhí mo shaith 'e rúideóig liom." "Bhí an teanga ar a lúth aige fosta," arsa Conall. "Maise bhí," arsa Cathaoir, "agus ba é an fear a ba chruaidhe é de easna agus de thoirt da bhfaca mé ariamh. Connaic mé lá amháin ar an Chlochán Liath, agus thainig eadar é fein agus Peadar Mór Ua Domhnaill. Ba é an míniughadh agus an réidhteadh a bhí ar an sgéal, gur rith Séimí an chiotóg isteach ar an deasóig, chas an órdóg 'sa' gháilleach ag Peadar agus d'fhág ághaidh air mar bhéadh fód spadair ann. Chuala mé é féin ag rádh, nar casadh lán a bheiste de fhear ariamh air a chuirfeadh eagla air, agus nach dtainig sé aniar bealach mór na gcnoc ariamh fear amháin a rachadh sé ar a leath-ghlún dó ach Pádraig Brocach agus Cathal Óg." "Maise," arsa'n Bacach Ruadh níor náire ar
bith dó-san a dhul ar a leath-ghlún do Phádraic Bhrocach no do Chathal Óg. 'Siomaidh fear iomráidhteach a chuaidh ar a leath-ghlún do na fearaibh céadna." "Sílim fein," arsa Conall, "nar tógadh 'sa' taobh ó tuaidh de Éirinn ariamh, fear amhain a bhí níos feárr na ceachtar aca." "Níor tógadh," arsa'n Bacach ¬Ruad, "no fear ach oiread a chuirfeá ar an iomaire leobhtha. Bhí mise ar an talamh an lá a bhí an briseadh mór eadar Clann na nGaedeal agus na Gaill i gCelsí. Ní rabh Pádraig Brocach ariamh roimhe no n-a dhiaidh na fhear comh maith agus bhí sé an lá sin. Cha deánaim dearmad de'n lá sin go gcuirtear órdóg an bháis ar an t-súil agam. Ba é an Dómhnach a bhí ann i ndeireadh an fhóghmhair, agus bhí na h-Éireannaigh cruinnighthe as 'ach uile áit a rabh siad ag deánadh fóghmhair, astuigh ag an aifreann. Nuair a thainigmid amach as toigh a' phobail bhí na h-Albanaigh na seasadh annsud agus annseo na gcloiginí', agus bata 'n-a dhórn ag gach uile fhear ariamh aca. Níor mhothuigh sinn gur cragadh fear againn le cloich agus gur fágadh báidhte in a chuid fola é. Ní rabh an sin ach tús. Bhí an chuid a bfeárr de'n talamh ag na h-Albanaigh no bhí siad ar an taobh amuigh duinn agus rómhainn. Bhí na h-airm aca fosta agus gan againne ach na duirn. Shéid siad orainn leis na bataibh. Chosainn cuid againn sinn féin comh maith agus thainig linn, agus cuid eile theith. Bhí Pádruig Brocach i lár na briste, agus ní rabh a'n fhear ariamh dá rabh sé ag fághail buille air nach
rabh sé 'a chur faoi. Ach bhí barraidheacht os ar gcoinne, agus ba chuma caidé bhí Pádraig 'a dheánamh b'éigin duinn uilig teannadh ar ar gcúl. Theith cuid mhór de ar gcuid fear inne nuair a fuair siad cead na coise leo, agus ba é an deireadh a bhí air, go rabh an t-iomlán againn greadtha go dtí'n ceann uachtarach de'n t-sráid. Chuala Cathal Óg ó fhear de na fearaibh a theith caidé bhí ag 'ul ar aghaidh, agus go rabh Pádraic Brocach i n-áit a chartuighthe. Níor fhan Cathal le dadadh a dheánadh ach dhul isteach 'un sgiobail a rabh sé ar lóistín ann, dha bhata droighin a thabhairt leis, agus iarraidh a thabhairt ar an bhaile mhór comh tiuth géar agus thainig leis. Nuair a chonnaic an mhuinntear a bhí ag teitheadh go rabh Cathal ag 'ul 'un catha, phill siad, agus chruinnigh siad, agus thug leo bataí, ronnsaí agus steafógaí. Bhímid chómhair a bheith greadtha amach, no bhí triur aca- san anois os coinne an fhir a bhí againne, agus bhí Pádraig dearg in a chuid fola. Le sin mhothuigh mé féin an glór árd garbh a radh, "a Padruig tá mise annseo." Le sin tchím Cathal Óg agus é ag síneadh bata droighin chuig Pádraic. "Sheacht n-anam thú, a Chathail Óig," arsa Pádraig, "ní rachaidh leo anois," Thainig an chuid eile de na fearaibh anois a phill le Cathal, agus rann siad na bataí go h-aithghiorra le cia bith a d'fhan. 'Un tosaigh le Pádraic agus Cathal, guala ar ghualainn, ach ma bhí siad ag cragadh agus ag leagan féin ní rabh siad ag deánadh mórán talaimh, no ní rabh an chuid eile de na fearaibh s'againne ag 'ul 'un sleanntrach mar ba choir.
Thionntuigh Pádraic thart, agus labhair sí go h-árd acmhuineach agus go feargach. "A fheara bréaghtha," arsa seisean. "caidé tá sibh 'a dheánamh? Na bíodh sé le rádh go bráth, go bhfuair na Gaill buaidh ar Chlann na nGaedeal." Mar ghreadfá do dha bhois ar a chéile shín na Gaedeail ar na h-Albanaigh: ní feicfeá a dhath ach daoiní, fuil agus bataí, agus ní cluinfeá a dhath ach ach tormán bataí agus broslughadh na gceannphort. De réir a chéile thoisigh na h-Albanaigh 'a chailleadh agus thug sin tuilleadh uchtaighe dúinne. Luighmuid leo, agus luighmuidh leo. Ní rabh ceathramha anama le fághail ar thaobh no ar thaobh eile, agus ní rabh a'n dhuine a iarraidh. "Tá'n bhuaidh linn," arsa Pádraig, "luighigidh leo ma rinn sibh ariamh é," agus chluinfeá a ghlór míle ó bhaile. Bhí'n bhuaidh linn. Bhíomar ag deánadh talaimh go tiuth. Thoisigh cuid de na h-Álbanaigh' a theitheadh, ach bhí cuid aca ag troid go calma agus go cíocrac. Ghread sinne ortha, 'a gcur ar gcúl, a gcur ar gcúl, go dtí 'sa' deireadh, nuair a bhíomar ag troid corrughadh le trí h-uaire, theith an t-Albanach deireannach go dtí'n droichead atá ar an chionn eile de'n t-sráid. Sheasuigh siadsan uile go léir annsin ag an droichead, agus sheasuigh sinne fá thuairim fiche slat uatha. Ba mhian le cuid againne dhul 'un tosaigh airís ach ní leigfeadh Pádruig dúinn. Ach amach leis féin ar an réidhteach a bhí eadar na sluaighte, chaith de a chóta agus a bheiste, agus chornuigh suas muinchillí a léineadh go dtí an da easgaill. D'fheadfá
rádh gur fear ar dóigh a bhí ann. Bhí sé ar fhear comh bréagh agus chonnaic mé dhá uair ariamh. Bhí'n airde ann; bhí'n léithead ann; bhí'n meáchán ann, agus bhí'n t-urradh ann. Agus da bhfeicfeá an dá sgiathán a bhí air, bhí siad comh ramhar le rámhaibh. Bhí gach duine ag coimhead ar Phádruig, agus gan oiread agus focal dá labhairt. Le sin thug Pádruig aghaidh ar an namhaid. Dhírigh sé é féin agus labhair sé go h-árd agus go soilléir. "Ní rabh ariamh nach rabh Clann na nGaedheal níos feárr na na Gaill de réir fear agus fear, agus bheirim-sa anois dúbhslán a'n Albanaigh dá bhfuil annseo indhiu, no níor rugadh, tógadh, no beitheadh an t-Albanach sin, atá na fhear amháin comh maith liom-sa, agus fear ar bith a bhfuil áthrughadh de bharamhail ag cur as dó, tarradh sé 'un tosaigh agus deánadh sé cómhrac liom-sa anois." Chas sé a bhata droighin le n-a mhéar agus le n-a ódóig os cionn mhullaigh a chinn mar bheadh soithleagan rotha ann, agus annsin d'fhág na luighe ag bárr a dhá bhróig é ar an talamh. 'Un tosaigh le Cathal Óg, agus sheasuigh ar ghualainn Phádraig, agus arsa seisean. "Seasochaidh mise ceart duit go dtéidh an lá geal fríd mo chorp." Agus ba bhréagh an fear Cathal! Bhí sé lán a bhealaigh comh bréagh le Pádraig muna rabh níos bréaghtha. Le sin, shiubhail fear de na h-Albanaigh caol díreach aníos, agus sheasuigh fá chupla slat de'n áit a rabh Padraig agus Cathal. Ba é an ceannphort é a bhí ar na h-Albanaigh agus ba iargcúlta an fear é. Bhí sé níos mó agus níos truime na Pádraig ma bhí a dhath ann, agus chuirfeadh an chuma dhubhranta a bhí
air scánnradh ar dhuine. Bhí cuma fhiadhanta air, agus bhí glór fiadhanta aige nuair a sgairt sé amach comh h-árd agus bhí ann a chionn, nar tógadh fear no samhailt fir ariamh i n-Éirinn nach dtabhairfeadh seisean cómhrac do. Bhain sé de a chóta agus a bheiste mar rinn Pádraig, agus chaith síos iad fad a urcháir uaidh. Chórnuigh sé muinchillí a léineadh suas go dtí an da easgaill, agus ma chornuigh féin, ní rabh náire ar bith do ann. Bhí dhá sgiathán air comh breágh agus bhí ar a'n fhear ariamh. Thóg sé a bhata droighin agus rinn an cleas céadhna leis a rinn Pádruig, agus annsin d'fhág na luighe é ag bárr a chuid bróg. Aníos leis an dara h-Albanach agus sheasuigh ar a ghualainn. Ní rabh níos mó cainnte ann. Gheárr an t-Albanach séo agus Cathal Óg stríoc trasna na sráide eadar an bheirt ghaisgidheach, agus sheasuigh siad féin, duine ag 'ach ceann de'n stríc. Bhí tost ar an dá shluagh agus gan a'n dhuine aca corrughadh as áit na mbonn. Chrom an dá throdaidhthe agus thóg siad a gcuid bataí droighin. Bhí greim ag gach fear aca ar a bhata féin in a láimh dheis, chómhair a bheith i lár an bhata, ach beagán níos comhgaraigh do chionn an duirn na do'n chionn eile. Bhí'n bheirt ag an stríoc i bhfaiteadh na súl agus na bataí crasach ar a cheile aca. Bhí an troid ar obair, agus ba sin an áit a rabh an troid. Ní rabh léithid Phádraic le fághail i gcionn bata, agus bhí an t-Albanach ion churtha leis. Bhí an dá shluagh ag coimhead agus gan ann ach é go rabh siad ag tarraint anála. Bhí gach taobh aca oiread i bhfáthach leis an
bhuaidh a bheith le na bhfear féin, go rabh siad chómhair a bheith cinnte go gcaillfeadh sé. Bhí'n bheirt ag troid fá thuairim ceathramhadh uaire anois agus níor chuir fear aca buille i gcroiceann an fhir eile 'go fóil. Ní rabh a'n buille ag ceachtar aca nach rabh an fear eile ábalta a chosnadh. Bomaite amháin bhéadh an bheirt fhear na seasamh ag amharc ar a chéile agus gan bogadh asta; an dara bomaite bhí a gcuid bataí ag 'ul comh tiuth sin go sílfeá go rabh siad ag geárradh glan fríd a cheile, bhí an bualadh agus an cosnadh dá dheánadh comh tiuth sin. D'fhiach gach fear aca lámh an uachtair a fhághail ar an fhear eile le n-a uile chleas a dtiocfadh leis smaointeadh air. Bhí 'an ghrian ag soillsiughadh go tréan agus shíl fear aca an ghrian a fhághail i súilibh an fhir eile, ach ní rabh gar ann. Throid siad thart agus thart; ní rabh dul ar gcúl no dul ar aghaidh ann. Ní rabh a'n léab chroicinn ar a'n chionn de na bataí anois ach cuid an duirn. Throid siad deasach agus ciotach ach bhí fear comh achmuir leis an fhear eile. Le sin d'fhobair gur fhág an croidhe mé fein. Tchím Pádraig mar bhéadh sé ag tuitim ar thaobh a láimhe clí, agus chuir sé trasna an bata a bhí in a láimh dheis go rabh a cheann ar an talamh le n-a chosnadh. Shílmid uilig go rabh Pádraig réidh. Shíl an t-Albanach an cleas céadhna, agus thóg sé a bhata os cionn mhullaigh a chinn le buille a thabhairt do Phádruig a chuirfeadh deireadh leis. Ach i bpreabadh na súl, tharraing Pádraic a bhata aníos ó'n mhúrnán agus bhuail an t-Albanach i mbun na cluaise. Thuit an t-Albanach
i n-áit na mbonn. Rinn slis-bhuille an mhúrnáin a ghnaithe. Ní thiocfadh liom innse díbh an t-ollgháirdeachas a bhí ar Chlann na nGaedeal nuair a chonnaic siad go rabh an bhuaidh le Pádraig Brocach. Bhí an t-Albanach ar lár, ach ar feadh bomaite ní dheárn siad a dhath. Bhí siad mar bhéad siad gan tuigbheáil go rabh a bhuaidh ag Pádruig. Bhí siad an oiread sin i bhfáthach le Pádruig an bhuaidh a bheith leis, gur shíl siad anois nuair a bhí sin leis, go rabh sé ro-mhaith le bheith fíor. Ach sgairt duine éiginteacht amach, "Dia go deo leat a Phádruig a bhfuil m'anam ionnat." Le sin ní chluinfeá ach, "se buaidh fear Éireann go bráth é." Thóg an bheirt a bhí ag tabhairt comhthrom na féinne do'n dá ghaisghidheach an t-Albanach, d'iomchar, agus d'fhág shíos ag n-a chuid fear féin é, agus é maol marbh. Phill Cathal arais chugainn féin. Ba mhian leis na fearaibh s'againne toiseacht arais ar na h-Albanaigh agus iad a dhíbirt amach as Celsí ar fad, ach chuir Pádraig cosg orainn. Thionntaigh sé thart orainn. "Tá go leor fola tarraingthe Dómhnach Aifrinn," arsa seisean. Chrom sé, thóg a chóta agus bheiste agus chuir air iad. Chuaidh gach duine na bhaile agus ní rabh níos mó de an lá sin." "Maise, an fhad sin de thinneas bliadhna na rabh ort," arsa Máire, "muna leat a thig sgéal innse go bréagh." "Ní bhéinn tuirseach ag sgéalaidheacht ar Phádraig Bhrocach agus ar Chathal Óg go cionn bliadhna," arsa'n Bacach.
"Ní bhéadh no sinne ag éisteacht leat," arsa Feilimidh, "dar liom gur b'iad an bheirt fhear a b'fheárr iad a tógadh annseo ariamh." "Ba iad gan amhras," arsa'n Bacach. Fhad agus bhí an Bacach ag innse an sgéil ní dheárn Conall dearmad ar an bhiotáilte. Níor fhág sé tart ar a'n dhuine. Chuir sé thart an t-uisge beatha anois arais. Mhair an comhrádh, ach bhí siad ag cainnt 'na mbeirteanna anois, 'ach a'n fhear agus a sgéal féin aige. B'fhéidir gur bhé an bhiotáilte ba chionntaigh le seo, agus b'fhéidir nar bhé, no ní rabh lorg gloine ar fhear ar bith. Cia bith mar bhí, níor mhothuigh siad go rabh trí h-uaire de lá gheal ann, agus an ghrian leath-bealaigh isteach ar an fhuinneóig. D'éirigh Conall na sheasadh agus arsa seisean. "A fheara, b'fhéidir gur mithidh duinn an baile bhainnt amach." D'éirigh an t-iomlán aca. "Tá sibh in mbur seacht sáith ama," arsa Padraig. "Ní fhágfaidh sibh an teach," arsa Máire, "go rabh bolgam eile taé agaibh; ní bhéidh me bomaite 'a dheánadh réidh." "Go rabh céad míle maith agat;" arsa Conall, "ní dheánfaidh tú réidh taé ar bith damh-sa, no ní thiocfadh liom a'n dheór a ól anois." "Maise, ní dheánfaidh no duinne," arsa'n chuid eile, "no tá ar sáith ólta againn agus gan taé a ól." "Tá sé le fághail agus fáilte agaibh má ólann sibh é," arsa Máire. "Leóga, tá fhios againn go bhfuil," arsa Cathaoir, "ach bainfimid an baile amach."
Thoisigh lucht na dála agus d'fhág siad slán ag Nuala Bhán ar tús, agus annsin ag Máire agus ag Pádraig. Ba é Maicín agus Tomás an chead bheirt a d'fhág agus bhí an chuid eile ins na sálaibh aca. Bhí Cathaoir ar deireadh, agus phill sé arais trí h-uaire agus d'fhág slán ag bunadh an toighe 'ach a'n iarraidh aca. Agus nuair a bhí sé ag imtheacht an iarraidh dheireannach arsa, seisean le Padraig, "Bhí sin, oidhche bhreágh shubhailceach againn, agus an chuid is feárr de'n iomlán, ní'l lorg gloine ar fhear ar bith."
"Dia agus Muire Liom!" Ní dheachaidh Maicín na bhaile go toigh an t-siopa indhiaidh na dála. Bhí maidín an bhreágh ar fad amach ann, agus dar leis féin go rachadh sé a sheilg. Thug sé leis cú Thomáis agus soir leis féin, agus Creath leis ar shreangán, ag tarraint ar Chnoc an Toir. Nuair a bhí sé thoir ag Ailt-a'-Ghearrfhiadh, d'éirigh gearrfhiadh agus sgaoil Maicín a cheann le Creath. Shéid an rása amach bárr na h-ailte eadar an gearrfhiadh agus Creath. Suas le Maicín comh gasta agus thainig leis go bárr na h-ailte, gheall ar feiceáil caidé mar rachadh an rása. Bhí an cú ag deánadh talaimh ar an ghearrfhiadh. Thug an gearrfhiadh aghaidh ar chnoc Loch Leice, no bhí fhios aige da dtéidheadh aige an cnoc a bhainnt amac am amháin, go mbeadh leis agus go gcuirfeadh sé cor ar Chreath. Ach bhí míle talaimh roimhe sul a rachadh aige an cnoc a bhainnt amach, agus de réir chosamhalacht ar Chreath ní leigfeadh sé na chnuic é. No sul a rabh siad leath bealaigh 'na chnuic, bhí Creath fá thrí léim de. Ach ma bhí féin, ní rabh an gearrfhiadh gaibhte no an chuid de. Nuair a bhí siad ag tarraint cómhgarach ar eadar an da loch bhí siad léim ar léim le na cheile. Bhí cineal truaighe ag
Maicín do'n ghearrfiadh anois, no shíl sé go mbéadh sé gaibhte 'ach a'n bhomaite Thug an gearrfhiadh léim taoibhe, ach bhí an oiread sin do fhuinneamh faoi Chreath go deáchaidh sé cupla léim ar aghaid sul a rabh sé ábalta corrughadh. Bhí buaidh cheathair no chúig léim ag an ghearrfhiadh air anois airís, agus é ag deánadh ar an chnoc rith an ama. Ní rabh i bhfad go rabh an cú léim ar léim leis airís. Thug an gearrfhiadh léim taoibhe agus chuaidh Creath ar mhullach a chinn agus é ag iarraidh corrughadh. Rith an gearrfhiadh iogach mar sin, agus é ag fághail níos cómhgaraigh agus níos cómhgaraigh do'n chnoc. Bhí Creath ag éirigh níos sean- aimseardha; bhí sé léim ar léim leis an ghearrfhiadh airís, ach ma bhí féin, ní rabh sé brath leigean do'n gearrfhiadh corrughadh anonn no anall an iarraidh seo, no dá bhfiachfadh sé le sin a dheánadh bhéad seisean ábalta corrughadh fosta, mar nach rabh oireadh de fhuinneamh faoi anois. Bhí siad léim ar léim le na cheile anois ar feadh fiche léim no mar sin, agus dar le Creath go rabh an t-am aige greim a fhághail air. Thug sé léim amháin deánadh go rabh leis, ach an iarraidh seo ní thug an gearrfhiadh ach leath léim, agus chuaid an cú cúig slata tharais. Arais leis an ghearrfhiadh caol díreach an bealach a deachaidh sé, ag tarraint ar Ailt-a'-Ghearrfhiadh. Bhí deich léim de bhuaidh aige ar Chreath sul a bhfaca seisean ca deachaidh sé. Shéid an rása comh úr nuaidh agus bhí ariamh. Ba mhaith an mhaise do Chreath é, ní rabh sé ag brath an gearrfhiadh leigean uaidh; shín sé é féin, agus ma shín féin bhí a shliocht sin air, bhí sé ag teacht i dtír ar an ghearrfhiadh
airís. Seo an gearrfhiadh ag tarraint ar Mhaicín, agus an cú fá léim de. B'fhurust do Mhaicín an gearrfhiadh a chorrughadh, agus bhéadh le Creath, ach ba bhocht leis deireadh a chur leis an t-seilg, agus ba bhocht leis gan ceart a thabhairt do'n ghearrfhiadh. Níor bhog Maicín. Chuaidh an gearrfhiadh thart le n-a chosaibh agus Creath léim ar léim leis arais airíst. Thug an gearrfhiadh iarraidh ar an bheinn atá ag bárr na h-ailte. Dar le Maicín go mbrisfidhe muineál na beirte síos leis an bheinn. Ar ághaidh leó. Bhí siad fá ghiota de bhárr na beinne agus a shoc sínte ag Creath leis an ghearrfiadh a chathadh i n-áirde. Ní rabh léim féin eadar an gearrfhiadh agus bárr na beinne anois. Thug sé an léim ach ma thug féin, bhuail sé a cheithre boinn ar bhárr na beinne, agus luigh Ach, níor bhé do Creath é; ni rabh a dhath giortach in a léim-san, agus chuaidh sé go bun na beinne. Bhí fhios ag an ghearrfhiadh go rabh leis, agus ar shiubhal leis ar a shuaimhneas ag tarraint ar an chnoc. Síos le Maicín comh gasta agus thainig leis go bhfeicfeadh sé cia aca bhí Creath beó no marbh. Nuair a chuaid sé fhad leis, bhí Creath bocht na sheasadh ag bun na beinne agus é ar bhárr amháin creatha, ach sin a rabh cearr leis. Chuir Maicín an sreang fá'n a mhuineál agus soir leis, agus Creath eadar a bheith ag siubhal agus ag sodar le na thaobh. Nuair a bhí sé thoir ag an abhainn bhuidhe, bhí an ghrian chómhair a bheith díreach os cionn mhullaigh a chinn. Dar leis féin go rabh sé i bhfad 'sa' lá le bheith ag seilg, ach na dhiaidh sin ba bhocht leis pilleadh. Soir leis
go rabh sé ag bun Chnoic a' Toir. Bhí Maicín báidhte in a chuid alluis. Dar leis féin go rabh sí ar mhaidín comh teith agus mhothuigh sé da uair ariamh. Shuidh sé ag bun an chnuic le na sgríste a dheánadh. Chonnaiceas dó go rabh an spéir ag éirghe dorcha. Bhí sé ag éirghe dorcha, agus ag éirghe dorcha go gasta. Bhí dath ar an aér; bhí céad dath air. Bhí sé ag éirghe níos teo. Dar le Maicín go dtiocfadh leis mar bhéadh solais bheaga a fheiceáil 'san aér. Le sin tchí sé splannc, agus gan mhoill na dhiaidh bhí táirneach. Thainig splannc eile; bhí sé cómhgarach, no bhí an táirneach comh luath leis. Bhí na splanncacha ag teacht anois ar dhruim a cheile, bhí siad ag teacht comh tiuth sin. Bhí an t-aér lán solais, agus ní rabh le cluinstean ach táirneach. Bhí an táirneach comh tréan sin, gur shíl Maicín go rabh na carraigeacha da réabadh thart fá dtaobh de. Comh luath agus thoisigh an táirneach chuaidh sé ar fhasgadh, isteach faoi bhun beinne, agus dar leis uair amháin go rabh an bheinn anuas 'sa' mhullach air. Mhair an táirneach fá thuairim leath-uaire. Thoisigh corr dheor a thuitim, agus bhí 'ach a'n dheor aca sin comh mór le caora chaorthainn. Thoisigh na deóra a thuitim níos tiughfa. Le sin thoisigh an fhearthainn a tuitim mar bheithfidhe 'a dhórtadh amach as béal stópa. Ní rabh a'n dheór ag teacht ar Mhaicín no ar Chreath 'san áit a rabh siad, agus iad go seasgar faoi bhun na beinne ag coimhead ar an fhearthainn ag bainnt toite as an talamh. D'fhág Nóra Ní Dhrioscoill an teach mór an mhaidín chéadna seo go measardha luath, agus mar bhí an
mhaidín maith, bhí rún aici a dhul go mullach Chnuic a' Toir dh'amharc uaithe. Ní rabh sí ariamh ar mhullach an chnuic, ach chuala sí gur mhaith a b'fhiú an siubhal a dheánadh; go rabh amharc le fághail go bun na spéire o bhárr an chnuic. Bhí tuighe eile aicí fosta a dhul suas; bhí Seoirse Mac an Ghadaidhe ag teacht 'un toighe mhóir an lá seo fosta, agus bhí sí dhubh thuirseach ag amharc air agus ag éisteacht leis. Ní rabh an lá le seachtmhain anois nach dtug sé cuairt uirthi féin agus ar a mathair agus ní rabh a'n am a bhfeicfeadh Nóra é nar bh'amhlaidh a ba mhó a bhí sí ag tabhairt fuath dó. Ach, ba chuma le Nóra anois, bhí sí réidhte leis ar feadh an laé sin, no ní rabh sí brath pilleadh ó'n chnoc go dtí'n trathnóna. D'innis sí do a máthair ag imtheacht dí nach mbéadh sí arais go trathmóna. Bhí Nóra óg agus lán croidhe agus aignidh. Suas leithe ag tarraint ar ghualainn íochtaraigh an chnuic, na ba sin an ghuala a bhí in aice an toighe mhóir. Nuair a bhí sí ag bun an chnuic thoisigh sí ag 'ul suas air ar fiar. Ba ann a bhí an mhaidín the, agus shuidheadh sí anois agus airís le na sgríste a dheánadh agus d'amharcadh sí uaithe. Bhí an saoghal mór ag cur pléisiúir uirthi, agus cad chuige nach mbéadh? Ní rabh fhios aicí ariamh caidé'n rud buaidhreadh no trioblóid. Nuair a bhí sí shuas ar ghualainn an chnuic, bhí'n lá comh te sin nach rabh ann ach é go rabh sí ábalta anál a tharraint. Shuidh sí ar thurtóig. Bhí sí go díreach os cionn na h-ailte a bhfuil Abhainn-an-Sgeárdáin ag rith anuas in a lár. Bhí sí ag dearcad síos ar an abhainn nach rabh ann ach é go rabh lorg uisge innti
anois ar siocair an tiormlaigh. Ba dheas an cnoc; bhí an fraoch deas donn agus bláth deas air. Dar léithe go rabh an bláth dearg, ach na dhiaidh sin, bhí sé níos deise na bheith dearg. Shíos faoithe ar dhá thaobh na h-abhanna bhí an talamh comhthrom agus féar glas air. Bhí triúr fear ar an taobh eile de'n abhainn agus iad ag lomadh chaorach. Bhí na h-uain ag meidhligh agus ní thiocfadh siad chómhair na bhfear a bhí ag lomadh. Bhí na caoirigh ag tabhairt freagra ar na h-uain; bhí truaighe ag Nóra do na h-uain' no bhí sí ag deánadh go rabh glór caointe ins an mheidhleach a bhí siad 'a dheánadh. Ní thug sí fá ndeara an spéir ag éirghe dorcha, agus níor mhothuigh sí go bhfaca sí an splannc. "Dia agus Muire liom!" arsa sise, agus síos léithe na h-ailte le sgáth a fhághail. Fuair sí sin chuaid sí isteach faoi bhéinn-leic. Ní rabh eagla ar bith uirthi ach bhí sí imnidheach fá na máthair. Bhí fhios aicí go mbéadh an t-anam ag fágail a máthara ar eagla's go mbainfeadh a dhath duithe. Thiocfadh léithe na fir a fheiceáil ar an taobh thall de'n abhainn. Stad siad de'n lomadh, agus sul ar thoisigh an fhearthainn chuaidh siadsan ar fascadh fosta. Sheasuigh na caoirigh le taobh na dtúrtóg agus na h-uain ar a sgáth. Bhí truaighe ag Nóra do na caoirigh' bhí lom. Bhí cuma ortha go rabh siad fuar. Bhí cruit ortha agus an fhearthainn ag greadadh ortha. Bhí sgéal fada ar comh gasta agus bhí an abhainn ag líonadh. Bhí an t-uisge chómhair a bheith aníos fhad le béal na mbruach a cheana féin. Bhí an t-uisge go deas glan nuair a bhí Nóra ag amharc air sul ar thoisig an fhearthainn, ach ní rabh
sé glan anois. Bhí dath dubh buidhe an eabair air. Bhí sé ag rith anuas mar bhéadh rollógaí ann, ag brúghadh, ag cartughadh agus ag iomchar gach rud leis a bhí 'sa' bhealach aige. Bhí turadh ann anois. D'éirigh Nóra amach ó'n áit a rabh sí agus thoisigh a choimheád ar an uisge ag teacht anuas, ag iomchar leis turtógaí, maidí, smutáin agus gach uile sheort da rabh in a bhealach aige. Agus bhí sí ag coimheád ar an uisge a n-iomchar leis síos go dtéidh' siad as amharc, ceann indhiaidh an chinn eile, leis an eas mhór bhí fá thuairim fiche slat níos fuide síos. Anonn le Nóra níos cómhgaraigh do'n abhainn. Bhí an t-uisge anois ag 'ul thar na bruagh'. Chonnaic sí na fir ar an taobh thall agus iad ag bagair uirthi gan a dhul ro chómhgarach do bhéal na h-abhanna, ach ní rabh ann ach é go rabh sí ábalta cluinstean caidé bhí siad ag radh, bhí tormán an uisge comh mór sin. Le sin amharcaidh sí suas an abhainn, agus tchí sí uan ag teacht anuas ar bhárr an uisge. "Och, an t-uan bocht!" Ní rabh ann ach é go rabh sin ráidte aicí nuair a bhí an t-uan ar shiubhal síos thairsti, fá shlat de'n bhruach a rábh sí na séasadh air. Ach, caidé thiocfadh léithe a dheánadh? "An t-uan bocht!" B'fhéidir go gcapfadh an tom saileóige é! Cheap Bhí tom saileóige duibhe fá thuairim dheich slata síos ó'n áit a rabh Nóra na seasadh. Bhí saileóg láidir ann, agus bhí sí ag fás amach as bruach na habhanna. Bhí fréamhacha comh daingean sin aici i dtaobh an bhruaigh nach rabh an t-uisge ábalta an tor a strócadh leis. Bhí an talamh ar thaobh an chnuic de'n tom ithte
ar shiubhal ag an uisge 'sa' chruth go rabh an áit a rabh an tom ag fás mar ghuala ann amach ar thaobh na habhanna. Bhí na saileógaí iad féin chómhair a bheith sínte comhthrom leis an t-sruth. Bhí dos beag dreasóg ag fás annsin fosta. Nuair a thainig an t-uan fhad leis an chainlinn seo ceapadh é. Chuaidh a chuid olna i bhfasta i gcionn de na dreasógaibh. Chás an t-uisge thart é, ach ní dheárn sin ach an driseóg a chur i bhfasta níos daingne 'san olainn. Rith Nóra síos le tarthail a dheánadh ar an uan. Sgairt na fir a bhí ar an taobh thall léithe leigean dó. Ní rabh gar ann. Thug sí iarraidh a lámh a shíneadh amach le breith ar an uan; ní rabh sí áblata. Sheasuigh sí ar an áit a rabh an tor ag fás, thóg ceann de na saileógaibh aníos chuicí, fuair greim daingean ar an t-slait le na láimh deis, chuaidh ar a leath-ghlun, shín amach a lámh agus fuair greim olna ar an uan. Bhí na fir na seasadh ar an taobh thall agus iad na stangairí a coimheád uirthi. Thóg sí an t-uan aníos as an uisge ach shleamhain an greim a bhí aicí air. Thug sí iarraidh ath-greim a fhághail air, ach chuaidh sí amach ar mhullach a cinn 'san abhainn. An rabh tártháil le deánadh uirthi? Thug an t-uisge thart ar an ghualainn í. Bhí greim daingean aici ar an t-slait in a láimh deis go fóil. Chonnaic na fir sin, ach an mbéadh sí ábalta greim a choingbheáil ar an t-slait go rachadh aca tárthail a dheánadh uirthi. Ach, caidé thiocfadh leó a dheánadh? Bhí an abhainn fiche troigh ar léithead agus ní rabh a'n fhear aca ábalta léim a thabhairt trasna. Ní thiocfadh leo siubhal
trasna, na h-abhanna no bhí an sruth comh láidir sin go n-iomcharochadh sé ar shiúbhal iad mar d'iomcharochadh sé giota de chipín. Caidé bhí le deánadh aca? Ní thiocfadh leó a dhul trasna na h-abhanna mar dtéidh' siad suas corrughadh le ceathramhadh míle. Ach sin a rabh aca le deánadh. Rith beirt aca suas i n-éadán a' chnuic comh gasta agus thainig leó ag tarraint ar an áit a dtiocfadh leó fághail trasna. Sheasuigh an fear eile 'san áit a rabh sé agus sgairt léithe a greim a choingbheáil, go rabh tártháil ag tarraint uirthi. Ach ar ndóigh in rabh fhios aige cia aca chuala sí é no nar chuala. Nuair a thuit Nóra amach 'san abhainn thug an sruth thart leis ar an ghualainn í. "M'anam do Dhia agus do Mhuire," arsa sise. Ní rabh níos mó de h-aire uirthi féin. Bhí fhios aicí go rabh greim aicí ar an t-slait, ach bhí fhios aici nach mbéadh sí ábalta a greim a choingbheáil i bhfad. Bhí an sruth láidir. Bhí sí ag smaointeadh ar a máthair anois; ag smaointeadh caidé dheánfadh a máthair gan í; an mháthair sin ar bh'fheárr léithe féin bás a fhághail, fiche uair, na a dhath a theacht uirthi-se. Cia bheirfeadh sgéala duithe go rabh sí caillte. Caidé dheánfadh a máthair nuair a tchífeadh sí í agus gan í ábalta labhairt léithe? Caidé dheánfadh a máthair nuair a tchífeadh sí í briste, brúighte, stróctha agus marbh indiaidh tuitim síos leis an eas mhór? "A Mhuire, mháthair Dé cuidigh le mo mháthair agus tabhair aire duithe agus tabhair sólas duithe go gcastar orm 'sna Flaithis í. Tá mé ag éirghe lag. Bhfuil mé ag cailleadh mo ghreama? M'anam do
Dhia agus do Mhuire. A Íosa, a Mhuire agus a Iósep, coimrighe m'anama oraibh. A Mhuire cuidigh le mo mháthair." Shíl an fear a bhí ar an taobh thall nach mbéadh an bheirt eile thuas go bráth ag an áit a mbéadh siad ábalta fághail trasna. Bhí sé ag coimheád ortha agus iad na rith ar a ndicheall agus gan iad baoghal ar shuas go fóil. "Ní bheirfidh siad uirthi go bráth. Ní thig léithe seasadh mórán níos fuide. Tá sí ag cailleadh. Go gcuididh Dia léithe." Le sin rith gearrfhiadh thart le na chosaibh agus cú na dhiaidh. Amharcaidh sé thart agus tchí sé fear na ndiaidh, agus é fá ghiota dó. Aithnigheann sé Maicín. Shín sé a lámh ag taisbeánadh caidé bhí cearr. Chonnaic Maicín i mbomaite caidé bhí cearr. Anuas leis, thug leis rúide, agus i bpreabadh na súl bhí sé ar an taobh thall de'n abhainn. Cia eile gheárrfadh an léim sin ach é féin? Cia eile bhéadh ábalta an léim a gheárradh? I gcupla coiscéim bhí sé le taobh Nóra. Bhí an t-slat go díreach ag sleamhnughadh uaithe nuair a fuair Maicín greim chaol láimhe uirthi. Thóg sé isteach í. Bhí sí ag cailleadh a meabhrach nuair a rinn Maicín í a thárthail. Ní rabh sí i bhfad ag teacht chuicí féin. Bhí sí ábalta seasadh ar bheagan cuididh. D'aithin sí é. "Tá tú ceart go leór anois," arsa Maicín. Le sin thainig an bheirt fhear eile. Chonnaic siad gur thárthail Maicín í, agus bhí luthgháir ortha. D'innis siad dó caidé mar thárla, acht aimhdheóin go rabh Nóra ag éisteacht, ní thiocfadh léithe iad a thuigbeáil mar ba chóir, no iad a chluinstean i gceart, no bhí ceól
in a cluasaibh go fóil. Bhí sí fliuch báidhte agus an t-uisge na rith as a cirteach. "Bainfimid an baile amac," arsa Maicín léithe. Bhí sí ábalta siúbhal anois, agus d'imthigh siad a mbeirt síos leath-stuaic an chnuic ag tarraint ar an teach mhór. Níor chan Maicín léithe ar chontabhairt, no ar uisge, agus ní thug sé faill duithe smaointeadh ar cheachtar aca. Ach chan sé rith an ama, agus bhí Nóra ag éisteacht. Nar dheas a bhí Maicín ábalta cómhrádh a dheánadh. Nar dheas a bhí sé ábalta 'ach a'n rud a rádh. Nar bhé bhí láidir agus gasta. Nar ghairid a bhí siad ag bainnt an bhaile amach. Bhí siad fá ghiota de'n teach anois, agus tchí Nóra a máthair amuigh agus í ag fanacht uirthi. Agus chonnaic sí Mac an Ghadaidhe fosta agu sé na sheasadh ins a' doras. "Siud mo mháthair ag fanacht orm," arsa Nóra. "Tchíim í, arsa Maicin; tá leat anois." Chraith sé lámh léithe, agus bhí sé ar shiúbhal sul a bhfuair sí faill buidheachas féin a thabhairt dó as a deárn sé duithe. Caidé'n neart a bhí aici air? "A Nóra, a chroidhe, bhí eagla orm gur caillte bhí tú. Nar mhillteanach an lá rinn sé? Níor mhothuigh mé a léithid ariamh, agus ach go bé go rabh Mac an Ghadaidhe annseo rith an ama, ní'l fhios agam caidé dheánfainn." "Rinn sé lá millteanach, a mháthair." A chroide ó! caidé bhain duit? a Nóra, tá tú fliuch báidhte. D'innis Nóra caidé bhain duithe agus caidé mar
thug Maicín tártháil uirthi. Thug a máthair buidheachas do Dhia fiche uair cionnus a h-ingean a bheith slán aici airíst. "An sin Maicín a chonnaic mé leat?" " 'Se, a mháthair." "Agus cad chuige nach dtug tú cuireadh 'un toighe do go dtabhairfinn buidheachas dó? Ca ainm dó ó cheart?" "Mháthair, níor smaointigh mé ceist a chur air c'ainm é, agus bhí sé ar shiubhal sul a bhfuair mé faill cuireadh a thabhairt dó 'un toighe." Le sin thainig Seóirse agus é buadhartha i gceart fá mar d'éirigh do Nóra, ach ní thug siad mórán áirde air. Thug a máthair Nóra isteach 'un toighe agus chuir a luighe í, agus b'éigin do Mhac an Ghadaidhe imtheacht leis. Nuair a chonnaic na fir a bhí ag lomad na gcaorach Nóra agus Maicín ag imtheacht, "Dh'fhobhair duithe," arsa fear aca, "agus ba mhór an truaighe." "Char bhac duithe go rabh Maicín cómhgarach." arsa'n fear eile. "Ach, nar bhréagh an lánamhain dheánfadh siad?"
Bainfhéis. Cha deachaidh Pádraig, a bhean no Nuala Bhán a luighe ach oiread ar maidín indhiaidh na dála. Bhí go leór le deánadh ag Nuala, agus bhí go leór le smaointeadh aici air agus í le posadh ar Thomás seachtmhain ó'n lá sin. B'fhada'n lá í ag fanacht ar an lá sin, ach anois bhí gach rud socruighthe, agus ní mhoitheochadh sí an t-seachtmhain ag 'ul thart. Ach, ba é an chead rud a bhí ar aire Phádruig agus a mhná, cia dó a dtabhairfeadh siad cuireadh na bainse. Ba mhian le Máire bainfhéis mhór a bheith aca, ach bhí Pádraig de'n bharamhail nach rabh gnaithe le bainfhéis comh mór sin. "Anois," agus thoisigh Máire ar an chunntas, "ní'l an treas duine ó Chnoc na gCaorach aniar nach bhfuil mise an dá ua leis." "Ní'l;" arsa Pádruig, "maise ba bheag an mhaith duit iad nuair a shiab an ghaoth mhór an ceann de'n teach seo, agus mise i n-Albain. Ní rabh siadsan ag maoidheamh mórán gaoil ort-sa. Ba iad do chuid comhursannaí a b'éigean ceann a chur air duit arais."
"A Phádraig is beag muinteardhas atá ionnat, agus is beag áird atá agat ar do ghaoltaibh." "Is mó chaill mé leo ariamh," arsa Pádruig, "na ghnóthuigh mé ortha," "Och! trócaire go bfághmuid, a gcluin sibh anois é!" arsa Máire. "Gread leat," arsa Pádruig, "cunntais leat." "Ní'l tú ach a gheall ar mé chur fríd mo chunntas," arsa Máire, "Sin sgór a bhí agam eadar Cnoc na gCaorach agus an Clochán Liath." "Na deán dearmad ar an t-sagart. B'fhéidir go bhfuil tú an dá ua leis-sean fosta." "Maise, ma's ag magadh féin atá tú," arsa Máire. "b'fhéidir go bfuilmid gaolmhar do n-a cheile. Is minic a chuala mé m'athair - go ndeánaidh Dia grásta air - ag rádh go rabh sé féin agus athair an t-sagairt ag buain i gcuideachta chéile i n-Albain." "An stadfá do'n rábhallaigh chainnte atá ort," arsa Pádraig, "nach bhfuil fhios ag do chroidhe astuigh, a Mháire, ma théidheann tú ar aghaidh ag cunntas mar sin, agus cuireadh a thabhairt dóbhtha uilig, nach dtiocfadh leat an ceathramhadh cuid déag aca a chur faoi chreataibh an toighe seo. Agus le na chois sin chuala mé Conall ag rádh nach mbéadh le Tomás ach dhá lánamhain dhéag, agus nach dtaibhairfeadh sé cuireadh do'n dhuine ach sin, amach ó chuid de na comhursannaibh chois dorais aige. Agus ní bhéadh sé ceart, cóir no ion-deánta againne níos mó curthach a thabhairt na Conall."
"Maise, a Phádraig, b'fhéidir go bhfuil an ceart agat, ach má fhágamuid duine ar bith de ar n- gaoltaibh ar ndiaidh béidh siad na dhiaidh orainn." "Chead aca, a Mháire, no is cuma caidé, bhéadh duine éighinteacht ag ceasacht." "Agus caidé tá le deánadh againn, a Pádruig?" "Tá" arsa Padruig, "tá triúr deárthar agat-sa agus beirt deirbhshiur; bheirfidhmid cuireadh do lánamhain as 'ach teach aca. Bheirfidhmid cuiread do'n oiread chéadhna de'n bhunadh s'agam-sa. Dheánfaidh sin deich lánamhain. Is mian le Nuala lánamhain a bheith léithe as toigh Feilimidh na Míne. Beirfidhmid cuireadh do mhaighistear na sgoile agus chead aige a dheirbhsiur a bheith leis. Dheánfaidh sin dhá lánamhain dhéag agus tá ar sáith ann." "A Áird Rí Naomhtha! a Nuala Bhán 'an gcluin tú caidé tá d'athair ag brath a dheánadh? Tá sé brath cuireadh a thabhairt do mhaighistear na sgoile, comh maith agus da mbéadh a'n dhuine annseo ábalta Béarla a thabhairt dó." "Tá oiread Gaedhilge ag an mhaighistear úr seo agus tá agat féin, agus b'fhéidir níos mó," arsa Pádruig. "Tá, leóga, a mháthair," arsa Nuala, "agus gan leisg air í labhairt ach oiread le sin." "Ó go gcumhdaigh sibh me! caidé na h-áthruigheacha atá ag teacht ar an t-saoghal! Gaedhilg ag maigh- istear na scoile! Agus gan oiread agus focal
amháin Gaedilge ag an mhaighistear a bhí annsin go deireannach. Ba ag an mhaighistear sin a bhí an léigheann agus an fhóghluim. An cuimhin leat, a Phádruig, an bhliadhain a fuáir muid an próiste de thairbhe na ngeárrthach agus tusa i n-Albain?" "Is cuimhin liom go maith," arsa Pádruig, "agus ba tusa a ba chionntaigh nuair nar dhiol tú i n-am iad, agus an t-airgead 'sa' teach agat." "Anois sin tuilleadh de," arsa Máire. "Ach ar sgor ar bith chuaidh mise síos toigh na scoile go sgríobh- fadh an maighistear leitir damh. Nuair a bhí mé ag teach na sgoile bhí na páistí ag fághail a gcinn tráthnóna. Sheasuigh mé féin ag an doras go rabh deireadh amuigh. Chonnaic an maighistear mé agus thainig sé anuas fhad liom. Shín mé féin an próiste chuige agus bhí oiread Béarla agam agus d'innis dó gur mhaith liom dá sgriobhfadh sé leitir damh chuig fear na ngeárrthach. Thug sé leis peann agus páipear, sgriobh an leitir damh agus 'sé nach rabh i bhfad léithe. D'iarr mé féin air í a léigheadh annsin, go bhfeicfinn caidé chuir sé inntí. Sheasuigh sé i lár an urláir. Ba é an fear uasal é. Léigh sé an leitir agus bhí sí sgriobhtha comh maith sin nar thuig mé oiread agus an fhocal amháin féin duithe. Bá déas a thiocfadh leis an Béarla a labhairt. Bheirfeá mionna gur sagart na paróiste é féin a bhí ag cainnt." "Tá do sháith ráidhte agat anois," arsa Pádruig, "ach an ndeánfaidh an dá lánamhain dhéag do sháith?" "B'fhéidir gur chóir dúinn gnaithe a dheánadh leis,
ach caithfimid cuireadh a thabhairt do fhear an t-siopa agus do n-a mhnaoi," arsa Máire. "Caithfidh cinnte," arsa Pádraig. "An dtabhairfidh tú cuireadh dóbhtha uilig indhiu? a Phádruig." "Tá me in mo sháith ama imbárach," arsa Pádruig. "Má's mar sin atá," arsa Máire, "thig liom-sa a dhul 'un t-siopa agus neathannaí a bheas 'e dhith orainn fá choinne na bainse a fhághail, agus nuair a bhéas mé ann bheirfidh me cuireadh do fhear an t-siopa agus do n-a mhnaoi." "Féudann tú sin a dheánadh, ma's toil leat é." arsa Pádruig. Ghléas Máire í féin agus síos léithe 'un t-siopa. Ní rabh fear an t-siopa é féin astuigh, ach bhí a bhean 'sa' chisteanaigh agus chuir sí fáilte roimh Mháire. Sheasuigh Máire i lár an urláir agus cuma uirthi go rabh deifre mhór uirthi. "Caidé'n géibheann atá ort, a Mháire, nuair nach dtig leat suidhe agus do chainnt agus do chomhrádh a dheánadh?" arsa bean an toighe. "Tá mé fá dheifre, a bhean udai," arsa Máire, "ní bhéidh mórán faill suidhe no comhráidh agam go cionn seachtmhaine." "Ní de'n mhúnadh é ceist a chur ort caidé tá ar cois," arsa bean an toigh. "Thainig Tomás Chonaill chuig Nuala Bhán aréir agus tá siad le pósadh seachtmhain o indhiu," arsa Máire.
"Maise, go mairidh sibh an lánamhain óg," arsa bean an toigh agus chraith sí lamh le Máire. "Go mairidh tú do shláinte," arsa Máire, "fágfaidh sí mé féin agus Pádruig ar an uaigneas, agus léoga, ar an anas fosta, ach caidé'n neart atá air," "Maise, béidh sibh uaigneach cinnte na diaidh, a Mháire, ach sí'n óige an óige agus ghlac muid féin fear nuair a fuair muid é, agus ar ndóigh tá Nuala a fághail fir comh bréagh agus tá 'sa' phobal." "Tá Tomás na bhuachaill bhréagh agus ba cheart do sin, no bhí a athair féin na fhear bhréagh; agus léoga dhiultuigh Nuala Bhán níos mó na an fhear amháin a bhí ag brath uirthi, ach cuinnigh sin agat fein," arsa Máire. "Ní h-íonghantas ar bith sin," arsa bean an toighe. "Tá'n ghnaoi ar Nuala Bháin, ach chan a ghuid no a fhuadach a rinn sí a Mháire, agus tusa na máthair aici." "Ma bhí mé gnaoidheamhail lá de'n t-saoghal," arsa Máire, "féudaim sin a shéanadh anois, ach ní rabh a'n bhean 'sna cnuic a fuair oiread masla liom-sa. Bhí mé ariamh ag streachailt leis an t-saoghal agus an saoghal ag streachailt liom." "Leóga fuair tú sin, masla, a Mháire, ach is beag duine nach dtugann an saoghal a sháith dó." "Is beag agus is ro-bheag," arsa Máire, "ach siúbhail leat siar 'un t-siopa." Chuaidh siad siar. Chuir Máire focal ar arán gheal ar mhuicfheóil agus na neathannaí' a bhí 'e dhioghbháil
fá coinne na bainse. Fuair sí iasacht cupaí agus rudaí eile nach rabh go leór daobhtha aici féin 'sa' bhaile, agus thug sí cuireadh do bhean an t-siopa agus do na fear na bainse. Gheall bean an t-siopa go bhfágfaidhe iomlán shuas 'sa' teach aici in am go leór fá choinne na bainse. "Caithfidh mé a dhul siar na Chlocháin Léith thárla nach bhfuil an fhuil-dhragúin agat," arsa Máire. "Cad chuige a bhfuil tú do?" arsa bean a' t-siopa. "Ma loiteann na fir a cheile," arsa Máire, "caithfear plástar buidhe a chur leó, agus ní rabh plástar buidhe deánta i gceart ariamh muna rabh a bheagán no a mhórán de fhuil-dhragúin air." Siar le Máire na Chlocháin Léith. Bhí deifre mhór uirthi, ach ma bhí féin, níor casadh a'n fhear no a'n bhean uirthi ar a bealach nac deárn sí a comhrádh leó, agus nar innis dóbhtha go rabh deifre mhór uirthi. Fá dheireadh bhí sí shiar. Chaith sí bunadhas an lae ag cainnt agus ag comrádh agus ag 'ul ó shiopa go siopa ar lorg fuil-dhragúin sul a bhfuair sí í 'sa' deireadh i dtoigh Dhomhnaill Antoin. Bhain sí aniar amach, agus chuaidh isteach toigh an t-siopa arais ar a bhealach na bhaile, agus mhaoidheamh sí le bean an t-siopa gur bh'iomdha rud a bhéadh gan deánadh muna bé na mná. "Tá Pádraig na fhear mhaith, ach ghlac se an saoghal ariamh ar a shuaimhneas." Bhí siad gnoitheach idtoigh Phádraic i Mín-eadar-a dá-loch, agus níor mhothuigh siad an t-am ag 'ul thart go rabh maidín lae na bainse ann. Ba í Róise Fheilimidh agus Séumas Mhac Giolla Bhríghde an dá
chead bhaidhteóirí a bhí leis an lánamhain. Ar maidín, lá na bainse, thainig Roise go toigh Phádraig go luath ar maidín, agus chuidigh sí Nuala Bhán a chóiriughadh. Agus nuair a bhí Nuala cóirighthe, ba deacair a macasa- mhail a fheiceáil. Níorbh íonghantas ar bith gur dhubairt Róise léithe, "A Nuala ní fhaca mé an ghiorsach ariamh comh deas leat." I dtráthaibh an naoi a chlog, thainig Tomás Mhac Ruaidhrí agus Séumas Mhac Giolla Bhríghde 'un toighe indhiaidh cuairt a dheánadh ar 'ac a'n teach ar a mbealach. Thug siad deoch do dhuine ar bith a d'ólfadh é in 'ach teach a rabh siad, agus d'fhág braon na ndiaidh i gcupa ar an dreisiúr. Ar theacht 'un toighe do Thomás agus Séumas craitheadh lámh go fearadh-fháilteach leobhtha, agus ba í Nuala Bhán í féin a thug léithe an t-uisge coisrioctha gur chraith sí ar an iomlán aca é. Ní rabh níos mó de. Shiúbhail Tomás agus Nuala amach ar tús agus Séumas agus Róise ins na sálaibh aca. Chaith Máire an maide briste na ndiaidh, agus annsin chuaidh sí féin agus Pádraig go giall a' toighe agus sheasuigh ag amharc na ndiaidh go deachaidh siad as amharc. "Go rabh Dia libh" arsa Pádraig. "Go rabh Dia agus Muire leó," arsa Máire. Nuair a thainig an da lánamhain 'na bhealaigh mhóir bhí na lánamhaineacha eile a bhí ag 'ul siar ag fanacht ortha. Bhí deich lánamhaineacha siar le gach duine aca, agus shiúbhail siad leó beirt ar bheirt ag tairrint ar an Chlochán Liath. Bhí daoiní ag 'ach a'n dhoras, agus
ar chionn 'ach a'n áird ag amharc ortha ag 'ul siar, agus chluinfidhe iad ag sgairtigh "Go gcuiridh Dia an t-ádh orraibh." Níor fhág an lánamhain óg na bailte ariamh is mó ortha a rabh meas. Bhí Tomás Mhac Ruaidhrí ainmiste de thairbhe a chuid gníomh, agus b'airidh air é, agus bhí an báire le Nuala Bháin ar chailínibh na Rosann mar gheall ar a dóigheamhlacht. Fa dheireadh bhí siad ag toigh a' phobail, agus nuair a bhí an lánamhain pósta, chuaidh siad uile go léir síos an t-sráid agus isteach leó toigh Dhómhnaill. Bhí lá spóirt agus ceóil aca annsin, togha gach bidh agus rogha gach dighe, go rabh an t-am aca an baile a bhainnt amach. Ar a mbealach aniar, bhí teinte amuigh ar na h-áirdibh ag cur fáilte rompa, agus bhí Tomás agus Nuala tursach sul a rabh siad 'sa' bhaile, ag craitheadh lámh leis na daoinibh a casadh ortha, agus bhí ag mairstean an t-saoghail úir dóbhtha. Nuair a bhain siad an baile amach, bhí na daoíní go h-uile cruinnighthe a fuair cuireadh agus nach deachaidh leis an lánamhain 'na Clochain Léith, ach amháin Maicín. Sean daoiní a ba mhó a bhí ionnta. Maireadh an saoghal úr arís agus arís don lánamhain óig agus cuireadh thart an bhiotáilte go mion agus go minic go rabh an suipear caithte. Réidhteadh an cheisteanach fá choinne damhsa annsin. Shuidh Séarlus Ruadh ar chathaoir astuigh 'sa' leabaidh agus thairing air an fhideal. Thoisigh sé a chasadh na dtéad. Sgríobh sé ar feadh bomaite, agus annsin thoisigh sé a sheinm "Éachtraí an Chonnachtaigh" Ní
luaithe thoisigh sé a sheinm na bhí céad cos ag bualadh an phuirt ar an urlár. "Éirigidh a bhuachaillí breághtha, agus a chailíní dóigheamhla," arsa Pádraic, "agus deánaigidh mbur sáith damhsa. Chonnaic mé féin agus Máire an lá a gcuirfeadh sinn tús air, acht dheánfaidh Tomás agus Nuala sin dúinn anocht, agus sinne atá ro shean le damhsa a dheánadh, rachaimid 'un t-seomra agus fágfaidh sin tuilleadh fairsnighe annseo. D'éirigh Tomás agus thóg sé Nuala Bhán, agus níor bh'fhada go rabh oiread ar an urlár agus thiocfadh leis a choingbheáil; agus thoisigh an damhsa. Lean na sean daoiní Pádraic 'un t-seomra. Ní rabh ach spórt agus subhailce faoi chreataibh an toighe - na sean daoiní ag cainnt ar an am a chuaidh thart, agus an t-aos óg ag damhsa agus ag cainnt ar an am a bhí le theacht. Ní dheárn Mac Giolla Bhríghde dearmad ann a chuid oibre féin; níor fhág sé tart ar a'n dhuine. Bhí fear an t-siopa 'sa' t- seomra agus h-iarradh air amhrán a rádh. Réidhtghi sé a sgeadamán agus thug sé an "Droighneán Donn" ua. Ní rabh sé ar obair i gceart nuair a stad an ghleó 'sa' chisteanaigh. Bhí siad go huile ag éisteacht leis an amhrán, agus aoibh ar a n-aghaidhibh ag taisbeánadh go rabh dearmad deánta aca de'n t-saoghal mhór, go rabh a gcroidhthe 'sa' cheól agus ins an t-subhailce a bhí sé 'a thabhairt dóbhtha. Níor bh'iongantas ar bith é. Bhí siad ag éisteacht leis an t-sean cheól chéadhna a chuala siad o thús nuair a bhithear da gcealgadh sul a rabh siad ábalta a'n
fhocal a labhairt; bhí siad ag éisteacht leis an t-sean cheól chéadhna a ba ghnáthach iad a chur 'un suain 'ach a'n oidhche de réir mar bhí siad ag éirghe mór agus go dtainig ciall chuca; bhí siad ag éisteacht leis an t-sean cheól chéadhna a chuala siad an oidhche sul ar imthigh an cailín óg udai, no an buachaill óg udai - ní rabh a'n dhuine 'sa' teach nach rabh duine éiginteacht de n-a bhunadh 'san Oileán Úr - 'un Oileáin Úir le gan pilleadh go bráth, agus bhí siad ag éisteacht le fear ag rádh an amhráin nach rabh a'n dhuine 'sa' phobal 'un churtha leis ag an t-sean cheól. Nuair a bhí sé réidh, bhí cuid ag greadadh bos, agus bhí cuid eile a rabh na deóra leo, ach chluinfeá "Dia go deó leat" ó óg agus sean. Thoisigh an fhideal 'sa' chisteanaigh airís, ach 'sa' t- seomra bhí siad ag cainnt ar an amhrán go fóil, agus ar an ghuth bhréagh bhí ag an cheóltóir. "Chan a ghuid na a fhuadach a rinn sé ceól a bheith aige," arsa Cathaoir Ua Dubhthaigh. "Bhí mise ar bhainfhéis a mháthara agus creidim go rabh sí comh mór, agus comh breágh le a'n bhainfhéis dá rabh 'san áit seo ariamh. Bhí teach Eoghain agus teach Dhonnchaidh lán o chúl go doras comh maith le teach a h-athara. Ní rabh a'n áit ó'n Chuimín go dtéidhfeá go Gort a' Choirce nach rabh daoiní muinnteardha aca, agus níor fhan aon aca nach dtainig na cuirime. Fheara breághtha, ba siud an bhainfhéis agus chan ag lochtadh na bainse seo atá mé, ach ní ionann an dóigh atá leis na fearaibh óga anois agus bhí leobhtha i bhfad o shoin. Ar bhainfhéis i bhfad o shoin ní thainig an meadhon oidhche ariamh go mbéadh an bhruighean ar siubhal. Ach ag cainnt ar
bhainfhéis Ghráinne Móire a bhí mé. Bhí préataí agus iasg mór ar fhuigheall ann, agus bhí dha theidheadh iomlán uisge bheatha ann. "Bhí snathadh breágh ólta ag na fearaibh i dtráthaibh am luighe de oidhche. Bhí an t-uisge beatha ag 'ul thart. Ní rabh a'n lá ariamh nach rabh dúil ag Séamus Bhriain 'sa' bhruighin, agus nuair a thainig an corn fhad leis, bheir sé air, chaith an t-uisge beatha siar thar a ghualainn, d'fhág an corn ar an dreisiúr agus a bhéal faoi, ionann agus a rádh gur é féin an fear a b'fheárr 'sa' teach. Bhruid duine eighinteacht Séainín Mór agus d'éirigh seisean de léim 'na sheasamh, agus arsa seisean, "nior shiubhail sé slat an droichid bhig ó thainig ann damh-sa an fear amhain sin a dtionn- tochainn cúl mo dha chois air, agus duine ar bith a bhfuil áthrughadh de bharamhail ag cur as dó, taradh sé liom-sa na sráide anois." "Mhic a bhfuil m'anam ionnat, fhad agus bheitheá ag bualadh do dha bhois ar a chéile, bhí na fir i bfasta in a chéile na cloiginnibh i lár an urláir - cuid ag 'ul 'un spáirne, agus cuid ag deánadh eadar-uiscín. Annsin, thoisigh Gráinne Mhór ar an cheol. Dubhairt sí ceithre ceathramhnacha fichéad de "Fhial Uí Dhomhnaill." Shocruigh na fir síos, siar, gan oiread agus focal asta. Ba aici bhí an ceól; chuirfeadh sí clár ar do chluasaibh." "Bhí an ceól amach aici," arsa Feilimidh. "Chonnaic mise í i gcionn a corráin ag bainnt an fhóghmhair, dálta na mban uilig a rabh a gcuid fear i n-Albain. Bhí a leanbh 'na luighe ar chídeóig i gcúl stuca agus
gan bogadh as, ach ag greadadh a chuid bos beag ar a chéile ag éisteacht le na mháthair a bhí ag coingbheáil ceóil leis agus ag bainnt an choirce 'san am cheadna. Bhí lá breagh fóghmhair ann an lá céadhna, agus deifre orm féin na bhaile le dhul i gcionn mo ghnaithe, ach droch cheann bogadh rinn mé amach as áit na mbonn ar feadh leath uair' an chluig, ach ag éisteacht léithe ag gabhail cheóil. Chuirfea sí na cuacha a chodhladh. Agus sin anois an fear a bhí na luighe i gcúl an stuca an lá sin, thainig sé aniar go maith 'sa' t-saoghal, ach is air féin a bhuidheachas go bhfuil sé 'na shuidhe go teith anois." "Maise, go rabh mar sin do," arsa a rabh ag éisteacht. "A dhaoiní muinteardha," arsa fear an t-siopa, "níor chuir a' dhath oiread buadhartha ariamh orm agus chuir an neamart a rinne mé i gcuid amhrán mo mháthara a fhóghlaim. Níor fhóglaim mé an ceathramhadh cuid déag aca. Ní rabh an locht go h-iomlán orm-sa, ach caidé'n mhaith sin indiu nuair nach bhfuil siad agam no ag a'n dhuine eile ach oiread liom. Nuair a bhí mise mo ghasúr, agus mé ag 'ul na sgoile, sul ar b'éigin damh an baile a fhágail, ní rabh mórán áird ar Ghaedhilg na ar amhráin' Ghaedhilge; ní rabh ortha acht droch-mheas. Da gcluinfeadh an maighistir a'n dhuine againn ag labhairt Gaedhilge i dtoigh na scoile bheirfeadh sé bog-mharbhadh orainn, agus dheánfadh sé níos measa na sin, na dheánfadh sé a bheag de ar gcuid aithreach agus maithreach, agus dúinn fein. Is minic a chuala mé é a' rádh gur choir an Ghaedhilg a fhágail ag na lachain?" "Aru!" arsa Cathaoir
ag tionntughadh thart ó'n áit a rabh sé féin agus an Bacach Ruadh ag amhthroid fá rud éiginteacht. "B'fhéidir gur b'amhlaidh a bfeárr é, nach barraidheacht Gaidhilge a bhí againn, agus ar ndóighe ní thabhairfeadh Gaedhilg thar Ghleann-dómhain thu ar sgor ar bith." "Caidé sin atá tú ag rádh?" arsa'n Bacach Ruadh ag thabhairt aghaidh a chraois air, "thug sé fir níos feárr na tusa thar Ghleann-dómhain, agus fir níos feárr na mise fosta, agus an lá is feárr a bhí tú ariamh dheánfainn-se biadh míoltóg de do chorp." "Seo, Seo, a fheara!" arsa Pádraig. "Cia bheirfeadh áird ar Bhacach?" arsa Cathaoir. "'Siomaidh fear a d'iomchar mála," arsa'n Bacach, nar locht ar bith air féin é." "D'iomchar leóga," arsa Conall. "Tá fhios agam-sa rud amháin," arsa'n Bacach, 'siomaidh fear a rabh coir a chrochta níos lúgha na an choir a rinne na maighistrí céadhna sin, agus dá gcrochfadh na daoiní iad 'san am sin i n-áit a bpáistí a chur na sgoile chuca, b'fheárr do Éirinn indhiu é. Agus rud eile de, ní'l a'n dhuine a labhaireas Béarla ach an té atá ag úmhlughadh do'n tSasanach, ag tabhairt droch-mheasa ar a thír féin, agus ag deánadh a bheag de ar n-aithreachaibh móra a throid go cruaidh agus go calma, a d'fhulaing an ghorta agus an phiolóid sul a bhfuighfidhe a mbuaidh. Agus a mbuaidh ní fhuaras ariamh." "Ba bhreágh na fir a bhí ann i bhfad o shoin," arsa Conall.
"Tá fir an lae indhiu comh maith leó, agus níos feárr," arsa'n Bacach. Le sin thainig Mac Ghiolla Bhríghde thart leis an uisge-bheatha airist, agus h-óladh sláinte indhiaidh sláinte go dtainig a sheal ar an Bhacach a bheir ar an ghloine, agus arsa seisean, "Seo sláinte na máithreach fíor, a thóg na tréan fhir nar chlaoidh Sasainn ariamh." "Amén," arsa Cathaoir, "acht caidé tá ann ach dith na céille a bheith ag iarraidh buaidh a fhághail ar Shasainn. Tá sí ro-láidir. Anois tá siad ag troid le cúig bliadhna' agus caidé tá againn de bhárr - 'dhath ar bith ach toighthe agus bailte doighte, fir agus mná marbh, agus leath a bhfuil beó ar an anas. Agus bídim ag cainnt le fearaibh anois agus airís a bhfuil ceann fada ortha, agus eolas trom aca ar 'ach uile sheort, no léigheann siad na páipeir, agus deir siad liom nach dtig buaidh Shasana a fhághail." "Tá do dhálta féin ar na fearaibh sin," arsa'n Bacach, "Cáthbhruith a fuair siad i n-áit bainne nuair a bhithear da n-oileamhaint." "A Chathaoir," arsa Pádraig, "a bhfuil trácht ar bith air 'sa' tarngáireacht caidé mar ráchas an iarraidh seo le Clann na nGaedeal?" "Tá'n ceist sin trom go leór agam," arsa Cathaoir. "Bhí mé ag deánadh stuidéir air. Thoisigh mé ag tús an tarngáireacht agus chuaidh mé siar go deireadh uirthi ann m' intinn féin, ar eagal's go bhfágfainn a dhath mo dhiaidh de, agus ní thiocfadh liom léigheadh air i gceart cia'n áit a dtigeann an briseadh seo
isteach ann, muna dtig sé isteach 'san áit a rabh Colm Cille ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail. Deir sé nach ndíolann na h-Éireannaigh cíos na geárradh seal gairid roimh dheireadh an t-saoghail, agus de réir mar chluinim-se ní'l duine ar bith taobh amuigh de Bhéal Feirsde ag díol cíosa na geárrtha anois. Agus creidim nuair a bhí an naomh ag deánadh na cainnte sin, nar bhuadhair sé a cheann fá Bhéal Feirsde. A Phádruig, sé mo bharamhail é - agus níor mhaith liom mo bhreathamhnas a thabhairt ar ceist throm de'n t-seort gan fios a bheith agam chaidé bhéinn a' rádh - go bhfuil sé comhgarach do dheireadh an t-saoghail." Thainig Máire isteach anois agus cuid de na sean mhnáibh eile léithe indhiaidh a bheith 'sa' chisteanaigh, agus arsa sise, "Cia tá ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail? Nach bhfuil fhios ag an t-saoghal mhór nach bhfuil sé sona a bheith ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail oidhche bainse? Nach minic a chuala sibh ariamh, "Ceó ar fhaire, ceól ar bhainfhéis." Níor mhothuigh mé a'n bhain- fhéis ariamh comh suaimhneach leis an bhainfhéis seo. Tá na fir óga 'sa' chisteanaigh ar a sáimhin suilt, agus níor chras fear aca focal i mbéal an fhir eile o thainig a oidhche." "Buidheachas do'n Righ," arsa Conall, "go bhfuil ciall ag na fearaibh óga anois." "A Phádraig," arsa Máire, "abair féin amhrán." "Caidé an ceól atá agam-sa," arsa Pádraig "Dheánfaidh sé gnaithe ar fheabhas," arsa'n chuid eile.
"Maith go leór. Dheánfaidh mé mo dhicheall "Ceithre Raithi na Bliadna" a thabhairt uaim." "'Sheacht n-anam thú," arsa'n Bacach Ruadh. "Amhrán breágh é." Thoisigh sé agus dubhairt sé an t-amhrán. Bhí guth breágh cinn ag Pádraig, agus nuair a bhí sé réidh, d'fhág sé ar Fheilimidh annsin é. Stad an damhsa 'sa' chisteanaigh, agus os coinne an amhráin a deirfidhe 'sa' t-seomra deirfidhe ceann eile 'sa' chisteanaigh. Mhair an ceól go rabh trí h-uaire de lá gheal ann sul ar imthigh deireadh na bhaile. Nuair a bhí siad uile imighthe, arsa Pádraig le Máire, "Ní'l fhios agam caidé thainig ar Mhaicín nuair nac dtainig sé na bainse. Bhí 'ach a'n dhuine ag cur crochnuighthe air." "Bhí mé ag cur ceiste," arsa Máire, "ar fhear an t-siopa agus a mhnaoi fá dtaoibh de, agus dubhairt siad gur fhág sé an teach rompa-san: ach ní ar Mhaicín a bhí mé ag smaointeadh." "Cia air a rabh tú ag smaointeadh?" arsa Pádraig. "Tá, bhí mé ag smaointeadh ar comh beag agus bhí le deánadh agam, mo lá a chuir amudha ar an Chlochán Liath an lá fá dheireadh ar lorg fuil-dhragúin, agus nar chuir a'n fhear buille i gcroiceann an fhir eile rith an h-oidhche." "Na dhiaidh sin," arsa Padraig, "bhí bainfhéis bhreágh againn." "Bhí tú i gcomnuidhe furust a sheásadh, a Phádraig."
Ní thiocfadh liom thú a phósadh. Nuair a d'fhág Maicín Nóra an lá sin a thártháil sé í, thug sé a ághaidh siar ag tarraint ar thoigh Chonaill go bhfeicfeadh sé an rabh an cú 'sa' bhaile roimhe. Nuair a bhí sé ag 'ul siar ag Loch Chathaoir casadh an Bacach Ruadh air ar a bhealach mhór. Phill an Bacach leis giota, ach nuair a bhí sé ag na h-Airdibh Dóighte, chor sé síos mar bhéadh sé ag tarraint ar an Choillín Darach. Nuair a tháinig Maicín fhad le toigh Chonaill bhí Creath 'sa' bhaile roimhe agus a shoc dearg le fuil, ag tabhairt taisbeánadh gur mharbh sé an gearrfhiadh agus go mb'fhéidir gur íth sé é fosta. D'fhan sé tamall ag cainnt le Tomás agus annsin bhain sé an baile amach. Indhiaidh a dhul na bhaile do, chodhlaidh sé tamall, ach sul ar thuit sé na chodhladh, thug sé buidheachas do Dhia gur threoruigh Sé an bealach é i n-am le Nóra a shábhail, agus thug sé móid nach bfuigheadh Mac an Ghadaidhe í go bráth le na croidhe a bhriseadh. Ach, ba chuma le Mac an Ghadaidhe cia aca bhrisfeadh sé a croide no nach mbrisfeadh. Ba ar a cuid airgid is mo bhí a aire, agus ar an dóigh le na fhághail. Ní rabh sé dall air ach oiread go rabh Nóra dóigheamhail,
agus da bpósfadh sé í go ráchadh aige an t-airgead a fhághail. Ó'n chead lá a thug sé cuairt ar an teach mhór char imthigh lá air gan a bheagán no mhórán ama a chaitheadh annsin. Comhráidhteach breágh a bhí ann. Shiubhail sé bunadhas na dtíortha coimhthigheach go h-uile, agus bhí sé ábalta gach seort ionghantais a innse fá dtaobh daobhtha. Thaitinn a chuid comhráidh go mór le Bean Uí Dhrioscoill agus le Nóra, ach diombaite de chuid comhráidh de char thaitinn sé le Nóra. Ní dheárn sé dearmad ach oiread, lideadh a thabhairt dóbhtha anois agus airís nach rabh sé gan a bheith saidhbhir Bhí na laethe ag 'ul thart agus dar leis féin go rabh an t-am aige innse dóbhtha ar dhóigh éiginteacht caidé bhí faoi. Ariamh go fóil, ní bhfuair sé am no faill no bealach ar fhocal a rádh le Nóra léithe féin, agus de réir mar chonnaic sé bhéadh sé mar sin. Níor shamhail sé i n-am ar bith go ndiúltochadh Nóra é, ach bhí fhios aige go gcaithfeadh sé a bheith ar a fhaithchilt ar ach uile dhóigh, agus gurbh fheáirrde do é dá mbéadh meas ag a máthair air. Nuair a thainigh sé 'un toigh mhóir an lá a chuaidh Nóra na chnuic, smaointigh sé go labhairfeadh sé le na máthair fá dtaobh duithe. Labhair. D'innis sé cuid mhór do Bhean Uí Dhrioscoill, agus d'iarr cead ceist a chur ar Nóra an bpósfadh sí é. Thug Bean Uí Dhrioscoill an chead sin dó, agus dubhairt sí go n-inniseochadh sí do Nóra ar dhubhairt sé. Gheall Seóirse go dtiocfadh sé lá ar na mhárach le freagra Nóra a fhághail. Indhiaidh Nóra a chur a luighe an lá sin, d'innis a
máthair duithe gach rud ar dhubhairt Seóirse. D'éist Nóra léithe agus nuair a bhí sí réidh ag cainnt, arsa sise, "ar ndóigh ní'l tú ag éirghe tuirseach damh, a mháthair?" "A Nóra, a chroidhe, nach bhfuil fhios agat nach dtiocfadh liom a bheith beo gan tú, ach tá sé de bhuaidh ar an chineadh daonda go gcaithfidh siad pósadh. Agus ma phósann tú Mac an Ghadaidhe ní bhéimid sgartha ó na cheile, no deir sé cia bith áit a bhéas duine againn go mbéidh an triúr againn annsin." "A mhathair, da mbitheá thusa in mo chuideachta i gcómhnuidhe, ba chuma liom cia aca bhéinn pósta air no nach mbéinn." "A Nóra, ní'l fhios agam an dtiocfaidh an Bacach Ruadh an bealach seo indiu? "Ní'l fhios agam a mháthair; ach, cad chuige a bhfuil tú dó?" "Tá, a Nóra, ba mhaith liom aithne a chur ar Mhaicín muna a mbéadh ann féin ach le buidheachas a thabhairt dó ar son a deárn sé, agus tá mé de'n bharamhail go mbéadh an Bacach Ruadh ábalta innse damh cia é féin, no tá aithne aige air an t-saoghal mhór." Ba bheag a smaointigh Nóra ar an chontabhairt a rabh sí ann. D'fhan sí na luighe ar a leabaidh ar feadh an lae sin. Corr uair bhéadh sí ag smaointeadh caidé an freagra ba cheart duithe a thabhairt ar Sheóirse lá ar na mhárach, ach le smaointeadh ar rud leis an rud eile, ní bhfuair sí a h-intinn a dheánamh amach i gceart caidé ba chóir duithe a dheánadh. Agus ar dhóigh éigin, ba ar Mhaicín ba mhó a bhí sí ag smaointeadh. I n-am
luighe chuir a máthair ceist uirthi caidé bhí sí ag 'ul a dheánadh lá ar na mharach, cia aca ghlacfadh sí Mac an Ghadaidhe no d'fhágfadh sí é. "Ní'l fhios agam, a mháthair, caidé ba chóir damh a dheánadh?" "A rún, is tú féin is chóir a bheith sásta, ach ma tá tú le pósadh b'fhéidir go mbéadh sé comh maith agat i n-anim Dé é a ghlacfadh. Ní bhéidh tú óg i gcómh- nuidhe; agus ní'l fear maith le fághail 'ach a'n lá." "Ma's maith leath mé é a ghlacfadh, a mháthair, dheánfaidh mé sin." "A thaiscí, caithfidh tú do chómhairle féin a dheánadh; ní'l mise ach ag cur cómhairle ort comh maith agus thig liom." "A mháthair nach dtainig an Bacach Ruadh an bealach seo indhiu ar chor ar bith?" "Maise, ní thainig a Nóra, agus ní'l fhios agam caidé thainig air indhiu, no is annamh lá nach dtig sé an bealach; creidim dá mbéinn gan a bheith oiread i bhfáthach le na fheiceáil go dtiocfadh sé." "Nach mór an truaighe, a mháthair, nach é Maicín atá mo iarraidh le pósadh?" "A Nóra a stór, cad chuige a n-abrann tú sin?" "Tá, a mháthair, ní bhéadh eagla ar bith orm eisean a phósadh." "Go gcúmhdaigh Dia sinn! a Nóra, níor chóir duit labhairt mar sin." "Nach bhfuil sé ceart agam sin a rádh, a mháthair?"
"Abrochaimid an paidrín, a Nóra, tá'n t-am agam-sa ann a bheith ag 'ul a luighe fosta." Dubhradh an paidrín agus chuaidh Bean Uí Dhrioscoill a luighe, ach níor chodluigh sí mórán an oidhche sin. Chaith sí an oidhche ag guidhe Dé go seolfadh Sé Nóra ar bhealach a leasa lá ar na mhárach nuair a thiocfadh Mac an Ghadaidhe. Níor chodluigh Nóra mórán an oidhche sin ach oiread, no bhí sí ag brionglóidigh go rabh sí ag tuitim síos leis an sgeárdán, agus go díreach nuair a bhéadh sí ag caillead na h-anála mhusglochadh sí, agus bheirfeadh sí buidheachas do Dhia nach rabh sí ach ag brionglóidigh. Tráthnóna lá ar na mhárach, chuaidh an Bacach Ruadh go doras an toigh mhóir. Chuaidh Nóra go dtí'n doras agus d'iarr air a theacht isteach go bhfághadh sé greim le h-ithe. Rinn sí réidh tae agus thug do é. "Go mbuanaidh Dia fá shaoghal agus fá shláinte thú," arsa'n Bacach Ruadh, "agus lá na gorta go dtriallaigh sé i bhfad uait." Thoisigh sé ar an tae agus bfurust aithne nach rabh tart no ocras air, no ní rabh sé ach ag baint liomóg as an arán agus ag sciolldarughadh an tae. Bhí Nóra go díreach ag cur ceiste air caidé'n bealach a d-thainig sé nuair a thainig a máthair isteach. "Beannughadh ar an obair," arsa sise leis an Bhacach. "Go mbeannuigh Dia agus Muire duit féin agus do do chúram, a bhean uasal," arsa'n Bacach. "Tá ceist agam ort, a dhuine mhacanta. B'fhéidir
gur chuala tú iomrádh ar bhuachaill óg a shábhail mo níghean indhe ar a bás?" "Cualas leóga," arsa'n Bacach, "agus is orm féin atá an luthgháir gur sabháladh. Agus buidheachas do'n Righ níor bhain an contabhairt a rabh sí ann beangadh aisti de réir chosamhalacht, no ní fhaca mé í riamh ag amharc níos feárr." B'éigin do Nóra gáire a deánadh nuair a chuala sí caidé dubhairt an Bacach, ach ní dheárn a máthair ach ceist a chur ca h-ainm do'n bhuachaill óg, car b'as dó, agus ca rabh sé na chómhnuidhe. "Maise," arsa'n Bacach, ní fios damh-sa c'ainm é ach go dtugtar Maicín air, tá mé níos seachránaighe fá'n áit arb as é, ach comhnuigheann sé fá láthair i dtoigh an t-siopa, i Mín a' Bheatha" "Caithfidh mé," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "a dhul siar a dh'amarc air le mo bhuidheachas a thabhairt dó ar a laghad." Ní bhfuair siad níos mo a rádh gur chuala siad Mac an Ghadaidhe ag tiomaint aníos 'un toighe ar charr. Thug an Bacach fá ndeára go dtug Nóra amharc ar a máthair, ionann agus ceist a chur uirthi caidé ba chóir duithe a dheánadh. "Deán cia bith a iarrfas do chroidhe ort, arsa a máthair agus chuaidh sí 'un dorais i n-aircis Mhic an Ghadaidhe. Tug sí cuireadh 'un toighe dó agus shiubhal an bheirt isteach an t-sheomra chéadna ar tugadh Seóirse isteach ann an chead uair a thainig sé 'un toighe. Chuir sé ceist caidé mar bhí Nóra. Dhubhairt a máthair go rabh sí go maith agus rinne sí sgairt ar a
níghin. Tainig Nóra comh luath agus rinn a máthair sgairt uirthi, shiubhail isteach 'un t-seomra, sheasaigh le taobh a máthara agus chuir lámh amháin thart fá dtaobh duithe, mar bhéadh sí ag iarraidh tárrthala ar an mháthair sin nar cheil agus nar dhiúlt' a dhath ariamh uirthi. D'amharc a máthair uirthi, agus bród uirthi aisti, agus níor b'iongantas ar bith é. Thóg sí a níghean comh cúramach agus tógadh níghean ariamh. Thóg sí a níghean i ngrádh Dé i n-eólas na ndeagh thréithe agus i n-aineólas uilc. D'fhás Nóra aníos, ag éirghe níos dóigheamhla lá ar lá, go rabh sí anois ar chailín comh dóigheamhail 's ar shoillsigh grian ariamh uirthi. Agus le na chois sin le bárr a chuir ar a maise, bhí an soineanndas sin in a h-aghaidh a shaothruigh an tógáil a fuair sí, an soineanndas sin nach dtig a léiriughadh, agus a bhfuil scéimh cailín óig d'easbhaidh, mar áille an rósa atá ro-shéidhte, briste brúighte de bhárr barraidheacht láimhdeachais. Bheannuigh sí do Mhac an Ghadaidhe, agus bheannuigh seisean duithe. Ní rabh sé comh cainnteach indiu leis an chead lá a thainig sé. Bhí creatha air. Bhí cia bith thainig de a shaoghal caithte aige le droch bhéasaibh, agus ma shanntuigh sé Nóra roimh ré mar gheall ar a cuid airgid, shanntuigh sé an speir-bhean óg anois go díreach, mar shanntuigheas mórán in a gcroidhe nidh a innseas an croidhe céadna dóbhtha nach bhfuil air fághail. Bhí sé na sheasamh annsin agus laige chroidhe air ach bhí sainnt na maoine agus na colna daonda in a shúilibh. Bhithear le breitheamhnas a thabhairt air.
Bhí maith le breitheamhnas a thabhairt an rachadh sé i gcomhar le h-olc. Ní thig le bláth na Beáltaine a dhul i gcomhar le seidean geimhridh. Ní thig le uan an earraigh dhul i gcomhar le mactíre na bhfiacal nimhe, agus ní thiocfadh le Nóra Ní Dhrioscoill a dhul i gcomhar le Seóirse Mac an Ghadaidhe. Bhí an triúr aca na seasadh agus ar feadh bomaite níor labhair a'n dhuine. Annsin arsa Bean Uí Dhrioscoill, "Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, d'innis mé do mo níghin gach rud ar dhubhairt tu liom indé, agus d'innis mé duithe fosta gur dhubairt tú go dtiocfa indiu le na freagra a fhághail." "Agus caidé dubairt sí?" arsa Seóirse go fadalach, go díreach mar bhéadh duine ann a mbéadh fhios aige go rabh sé ag 'ul a fhághail droch chunntas, ach chuirfeadh ar gcúl é fhad agus thiocfadh leis. "Innseochaidh Nóra i féin duit é," arsa a máthair Thionntuigh sé a chuid súl sanntach cíocrach ar Nóra annsin. Ach an t-amharc sin a thug sé uirthi, chuir se dealán fríd chroidhe na h-óig' mhná. Dhiúlt' gach ball de na chorp dó; dhiúlt' a croidhe dó; agus dhiúlt' a h-anam dó. Theann sí an lámh a bhí aici thart ar a máthair. Chuir sí sgáth ar a cuid súl leis an láimh eile ar feadh bomaite. Annsin theann sí coiscéim ar gcúl, a dhá láimh le na taobhannaibh, agus arsa sise, "Ní thiocfadh liom thú a phósadh," agus shiúbhail sí amach as an t-seomra agus dh'fobair gur bhuail sí í féin i n-éadán an Bhacaigh a bhí taobh amuigh de'n doras, agus cuma air go rabh sé ag imtheacht
Nuair a tugadh an breitheamhnas ar Mhac an Ghadaidhe fágadh gan focal é ar feadh bomaite. Annsin rinn sé scolgháire agus d'fhág an teach gan slán na beannacht a fhágail ag a'n dhuine. Bhí an Bacach ag 'ul amach ar an gheata roimhe, agus chuala sé é ag mionnughadh leis féin go mbéadh sí aige d'a deoin no d'a h-indeoin. Shiubhail an Bacach caol díreach go Mín a' Bheatha nuair a d'fhág sé an teach mór. Bhí Maicín na shuidhe ar dhroichead na bpoll beag agus gan cuma air go rabh a' dhath ar an t-saoghal mhór ag cur bhuadhartha air. Bhí sé ag cómhrádh le beirt pháistidhe a bhí indhiaidh an siopa a fhágail, ach nuair a bhí an Bacach fa ghiota de, d'iarr sé ar na páistidhibh a bheith ar shiubhal na bhaile no go mbéadh an oidhche ortha, agus d'imthigh siadsan ar sodar mar ghnidheas páistidhe beaga i gcómhnuidhe, Chaith sé féin agus an Bacach tamall fada ag cainnt annsin. D'innis an Bacach dó ar tús caidé mar chait sé an t-am an lá roimh ré agus an lá sin go dtí go rabh sé ag an teach mhór. Dh'innis sé annsin fá na ceasteannaibh a chuir Bean Uí Drioscoill air, agus gur mhaith léithe buidheachas a thabhairt dó as a níghean a shabhail. "Innis damh fá Mac an Ghadaidhe," arsa Maicín. "ma bhí sé ann, sin an rud a bhfuil mé ag fanacht air." D'innis an Bacach do annsin caidé mar bhí sé féin ag cúil-éisteacht taobh amuigh de'n doras nuair a dhiúltuigh Nóra Seóirse a phósadh, agus gur leig sé air féin gur ag fágáil an toighe a bhí sé nuair a dh'fhobair dó Nóra bualadh ann a éadán agus í indiaid an seomra a fhágail. D'innis sé fosta fá'n gháire
chuala sé nuair a bhí sé ag 'ul thart le giall an toighe, agus fá'n mhionna a chuala sé Mac an Ghadaidhe 'a thabhairt. "Is feárr mar sin é," arsa Maicín, "ní bhéidh de fhiachaibh orainn-ne innse anois caidé an seórt é." "Nach mairg nar cuireadh cos i bpoll leis sul a bhfuair sé a dhul i chómhair an toighe ar chor ar bith," arsa'n Bacach. "Ní rabh neart air," arsa Maicín, bhí sé ag 'ul un toighe sul a rabh fhios againn go rabh cailín óg fá'n teach." "Ar sgor ar bith," arsa'n Bacach, "ma mhionnuigh sé féin, ní'l mé ag deánamh go dtéidh sé chomhair an toighe arais, na tá mé chinnte nach mbéadh maith dó ann indhiaidh na cainnte chuala mise." "Go bhfóiridh Dia ar do chill," arsa Maicín, "ní'l sé trom no teith an rud na ndeánfadh sé, tá sé comh h-olc sin." "Mar sin de," arsa'n Bacach, "ma tá sé níos measa na shílim-se é a bheith, caithfidh sé gur diabhal as fíor íochtar ifrinn é." "Rachaidh tú go Mín-na-Leice comh luath agus éireóchas tú i mbárach;" arsa Maicín, "béidh Fear na Fídeóige annsin, agus abair leis gur iarr mise air an t-aonach a fhágail, a dhul na Chlocháin Léith agus coimheád a dheánadh ar Mhac an Ghadaidhe. Béidh fhios aige féin caidé'n dóigh is feárr le sin a dheánadh, agus ma bhíonn sgéala ar bith aige fá mo choinne iarr air a féin theacht leis, agus go mbéidh mise ag fanacht
air ag Loch a' Chaorthainn ag iasgáireacht. Thig leat féin a theacht na bhaile i n-am le bheith ag an bhainfhéis." "Maith go leór," arsa'n Bacach. "Ca bhfuil tú ag 'ul a chodladh anocht?" "Tá mé ag 'ul a chodladh," arsa'n Bacach, "i sgiobál fhir an t-siopa." Shiubhail an Bacach leis siar go toigh a' t-siopa agus shuidh Maicín ar a' droichead. Níor bhfada dó na shuidhe nuair a thainig Feilimidh na Míne fhad leis agus é ag dranntánacht cheóil. "Dia duit, a dhuine uasail," arsa seisean le Maicín, "tá tú go díreach ag amharc uait." "Dia agus Muire duit;" arsa Maicín, bhí an trathnóna comh breágh sin gur luath liom a dhul 'un toighe." "Maise rinne sé trathnóna galánta," arsa Feilimidh, "agus ní'l air ach tuilleadh teasbhaigh, no chonnaic mé an duibheán indiu agus a theanga amuigh. Ach nach sónnraidheach an t-am atá ann? Tá mé ag 'ul siar anois go toig a' t-siopa go bhfeicfidh mé bhfuil a dhath ar pháipeár an lae indiu fá'n chogadh. B'fhéidir go bhfaca tusa an páipeár?" "Maise ní fhaca mé páipeár ar bith," arsa Maicín, acht béidh mé leat siar." Shiubhail an bheirt siar agus isteach go toigh an t- siopa. Bhí naoi no deich 'e chloignibh fear annsin rompa na suidhe thart ag caitheadh tobac agus an Bacach Ruadh na luighe ar a leas-luighe shuas ar thaobh na teineadh de'n chliabhan a bhí bean a' toighe 'a bhogadh
le taobh na leabtha. Bhí fear a' toighe é féin na shuidhe ar chathaoir, ar an taobh eile de'n teinidh, faoi'n t-solas a bhí crochta os a chionn ar taobh an bhalla. Bhí a chuid speaclaide air agus é ag léigheadh an pháipéir comh h-árd sin go gcluinfeá é amuigh ar an bhealach mhór. Ní thug Maicín áird ortha. Chuaidh sé a luighe.
Fear na Fídeóige? Tráthnóna beag lá ar na mhárach d'fhág Fear na Fídeóige an Clochán Liath ar a bhealach aniar. Nuair a bhí sé fá thuairim leith-mhíle amach bealach an Chaoráin Mhóir, d'fág sé an bealach mór agus chor sé síos bealach na h-abhanna. Chuaidh sé trasna na h-abhanna ar dhroicead maide atá annsin, agus shiubhail leis aniar a' cnoc, eadar a' Tullaigh agus Croch Uí Bhaoighill gan a dhul cómhgarach do theach ar bith, agus aniar leis ar a' taobh uachtarach de Thullaigh-na-Gréine. Bhí sé ag 'ul o sholas de nuair a bhí sé ag an chionn uachtarach de Loch a' Chaorthainn. Bhí Maicín annsin ag fanacht air, agus diocán breágh breac marbh aige. Chraith sé féin agus Fear na Fídeóige lámh go fearadh-fhailteach le na chéile. "Ní bheadh sé furust thú a aithne ar an bhomaite, a Liam," arsa Maicín. Rinn Fear na Fídeóige gáire, agus arsa seisean. "Níor mhaith liom thusa a bheith ar mo lorg, a Oisín, na bhéadh eagla orm go n-aithneocha mé, ach ar sgor ar bith níor aithin Mac an Ghadaide mé go fóil."
"Is feárr mar sin é," arsa Maicín, "ach tá mé fanacht ort innse damh caidé mar chaith Mac an Ghadaidhe an lá indiú." "Comh luath agus thug an Bacach Ruadh do órdughadh damh ar maidín indiu i Mín-na-Leice," arsa Fear na Fídeóige, "shiubhail mé caol díreac isteach 'na' Chlocháin Léith. Ghlach sé mé uair go leith ag 'ul siar, ach mar sin fhéin bhí mé shiar sul ar éirigh Seoirse as a leabaidh. Chuaidh mé isteach ar an taobh chúil de thoig an ósta, fuair mo chuid éudaigh fhéin agus chuir orm iad. Thart liom annsin go doras na sráide agus isteach go seomra an itheacáin. Thug bean de na cailínibh isteach an deoch chugam a d'iarr mé uirthi. Ní rabh mé i gceart mo shuidhe nuair a tháinig Mac an Ghaidaidhe isteach 'un t-seomra agus gan é ach indiaidh eirghe, agus cuma air go rabh sé ag ól go trom an oidhche roimh-ré. Bhí sé go díreach ag sgairtigh ar dheoch nuair a tháinig fear rabh culaidh oifigigh air isteach, agus bheannuigh an bheirt go car- thannach le na chéile. Sgairt Mac an Ghadaidhe annsin ar an digh fá choinne na beirte. Ní rabh sé deacair é a fheiceáil go rabh rud éiginteacht faobhtha nar mhaith leo ainm a chur air fhad is bhí duine ar bith ag éisteacht. Ach ní rabh deifre ar bith orm-sa le mo dheoch. "Bhfuair tú buaidh ar mhí-adh an lae indé go fóil?" arsa'n t-Oifigeach. "Ní bhfuair acht gheobhaidh" arsa Mac an Ghadaidhe "Íocfaidh sé ar a shon siud." Rinne an t-Oifigeach geal-gháire, agus tháinig cuma ar a ghnúis níos measa na an chuma bhí ar ghnúis Mhic an Ghadaide é fein."
"Bhfuil aithne agat ar an Oifigeach?" arsa Maicín. "Ní'l aithne agam air, ach chuala mé gur áthrughadh indé a tháinig sé. Ach arsa Mac an Ghadaide annsin leis an Oifigeach, "An mbéidh tú réidh anocht?" "Ní bhéidh" arsa'n t-Oifigeach. "Agus cia'n uair a bhéas tú réid?" "Béidh mé réidh le dhul 'san oidhche i mbárach; ach caidé mar rachas an roinn?" "Leath mar leath," arsa Mac an Ghadaidhe. Annsin arsa'n t-Oifigeac agus é ag ul' amach "An mbéidh sé i bhfad go rabh tú thall?" Rachaidh mé anonn comh luath agus gheobhas mé mo bhricfeast" arsa Mac an Ghadaidhe." "Tchím" arsa Maicín, "go bhfuil siad ag brath í a thabhairt leo." "Sin an rud a thuig mise" arsa Fear na Fídeóige, "ach caidé an roinn ar thrácht siad air?" "Tá" arsa Maicín, "ma éirigheann leóbhtha breith uirthi, geallfaidh siad duithe go dtabhairfeadh siad cead a cinn duithe ma bheir sí go leór airgid dóbhtha." "Tchím," arsa Fear na Fídeóige, "caithfimid gan leigint dó í a fhuadach. Is feárr damh cos i bpoll a chuir leis imbárach." "Na deán," arsa Maicín, ní dheánfadh sin gnaithe, ach bí thoir ag an droichead 'san oidhche i mbárach i dtráthaibh dhul o sholas de. Béidh mise annsin
fosta agus tá mé ag deánadh go mbéimid ar mbeirt tiuth go leór ag an Oifigeach, agus an spíodóir, agus go mbéidh bunadh an toigh mhóir sábhailte." "Bhéidh mé annsin cinnte le cuideadh Dé," arsa Fear na Fídeóige, "agus ní orainne a bhéas a' locht muna bhfáigh' siad luach saothair a dturais. Caithfidh mé a beith ag imteacht anois siar arais. Tá scealpaigh bheag dheas sheasgair, cómhgarach do'n bhealach mhór, taobh thiar de Chroch Uí Bhaoighill agus codlochaidh mé annsin anocht arais. Ní thig le a'n dhuine mé a fheiceáil agus thig liom lán rudai a chluinstin ó na daoinibh a bhíos ag 'ul an bealach mór. Caithfidh mé fosta coimeád cruaidh a choingbheáil ar Sheóirse i mbárach. Beannacht agat, a Oisín" "Choimrighe Dhia leat, a Liamh." D'imthigh Fear na Fídeóige leis siar agus phill Maicín ar a' bhaile agus na bric leis. Ar a bhealach aniar casadh bean bhocht air, agus thug sé na bric duithe, agus ar sise, "Go dtugaidh Dia do chuid de na grásta' duit" Ní rabh a'n dhuine i dtoigh an t-siopa nuair a bhain sé an baile amach. Bhí fear a' toighe agus a bhean ar a' bhainfhéis, agus bhí na páistí i dtoigh a máthara móire. Chuaidh sé isteach 'un toighe agus shuidh sé. Bhí sé mí-shuaimhneach. Ba mhaith leis a dhul na bainse mar gheall sé go rachadh sé. Ní thiocfadh leis ach a bheith ag smaointeadh ar an fheall a bhí Mac an Ghadaidhe ag brath a dheánadh. Bhí sé ag smaointeadh gur bhféidir gur bhfeárr dá leigfeadh sé dóbhtha cos i bpoll a chuir le Seóirse i gConndae an Chláir nuair
a ba airidh air é, i n-áit é a chreidbheáil go bhfágfadh sé an tír ar fad. Rinn sé réidh braon tae do féin, agus nuair a bhí an tae ólta aige d'fhág sé an teach, agus d'imthigh leis soir mar nach dtiocfadh leis suaimhneas a fhághail. Ní rabh fios aige caidé bhí 'a thabhairt soir, ach bhí sé ag deánamh gur mhaith an t-am aige é nuair a bhí 'ach a'n dhuine na luighe, dearcadh cia'n áit a bfeárr breith ar na fearaibh oidhche ar na mhárach. Níor casadh a'n dhuine air ar a bhealach soir. Ní rabh solas i dteach ar bith. Bhí gach duine na luighe, ach bhí dorsa na dtoighthe uilig fosgailte mar bhí an oidhche maith. Bhí 'ach a'n rud comh ciúin sin go rabh munumar na h-abhanna le cluinstin aige bhí míle taobh thoir de. Ní rabh a' dhath beó le cluinstean aige. Ní rabh gocarsach na gcearc fraoich féin le cluinstin, no ní rabh an t-am aca ann a bheith ar a gcois go fóil. Nuair a bhí sé thoir ag bun Ailt Dhoimnic, léim laparán isteach saoi phíopa an bhealaigh mhóir agus bhain sin cliseadh as. Tháinig aoibh gáire air ach cha deárn sé gáire. Annsin rinne an Laparán cásán agus chonnaiceas do Mhaicín nar chuala sé aon rud ariamh a bhí comh cosamhail le srannfach. Sheasuigh sé bomaite. Stad a' cásán agus thiocfadh leis lapadán an uisge a chluinstin go fóil ag bualadh n-éadán thaobanna an phíopa, agus é ag spréidheadh amach na fháinnibh ó'n áit ar léim an laparán síos. Bhí an ghealach ag éirghe anois acht ní rabh sí ach ag deánadh 'ach a'n rud níos uaignigh. Bhí sí ag soillsiughadh ar na grugánaibh, ar na stopalanaibh agus ar na grágaibh, ionnas go sílfeá go rabh duine na shuidhe ar chionn 'ach a'n áird. Agus bhí 'ach a'n lag comh dorcha sin
nach mbéadh fhios caidé bhéadh i bhfolach i gcionn aca réidh lé léim a thabhairt amach. Chonnaiceas do Mhaicín go rabh uaigneas ag teacht air, agus na dhiaidh sin, níor mhaith leis admhail dó féin go rabh. Chuir sé suas port feadalaigh, ach an macálla a bhí ó'n phort níor thaitin sé leis, na d'innis sé dó nach rabh croidhe ar bith 'san fheadalaigh. Shiubail sé leis suas an mhalaidh, agus le taisbeanadh dó féin nach rabh eagla ar bith air, chuaidh sé amach cupla coiscéim ó'n bhealach mhór agus shuidh ar mhullach an leachta a tógadh 'san áit ar cailleadh Eoghan Óg. Níor chuidigh sin leis, gidh go rabh sé ag rádh leis féin nuair a thiocfadh leis sin a dheánadh nach rabh mórán uaignis air. Thoisigh sé ag smaointeadh ar Eoghan Óg. Bhí 'ach a'n rud comh soilléir roimh a shúilibh leis an mhaidín indiaidh lae aonaigh, na bliadhanta roimh ré, agus é féin agus gasúr eile ag 'ul na chnuic le caoirigh' agus d'fhág ceann aca an bealach mór annseo. Chuaidh Maicín na dhiaidh le na ceapadh agus chonnaic sé an fear na luighe. Thainig scánnradh air agus sgairt sé ar an ghasúr eile. D'amharc an bheirt air. Shíl siad o thús go rabh sé na chodladh. Bhí Eoghan Óg na luighe annsin ar chúl a chinn gan bearrad. Shíl siad annsin go rabh sé ag amharc ortha; bhí a dhá shúil fosgailte. Thiocfadh le Maicín é a fheiceáil n-a luighe annsin anois an dóigh cheadna. Thiocfadh leis a chuid éudaigh a fheiceáil go fóil - an léine linéudaigh, an cóta gorm agus na brístí stríocach. Annsin smaointigh sé ar na sgéaltaibh a chuala sé fá'n tais a chonnaictheas annsin indhiaidh chaillte
Eoghain Óig. Bhí sé ag rádh leis féin nach rabh i sgéal na taise ach amadaigh, ach d'amharc sé thar a ghualainn uair no dhó ar eagla's go mbfhéidir go rabh sí ann. Bhí an t-árd beag le na thaoibh ar ghnáthach le tais na mná suidhe aige, agus mainte fá na cionn, ag iarraidh láimhe agus focail arais ar an fhear a chuaidh na siorrui- dheachta, gan a thoil féin agus ar neamh chead duithe-se. Bhí an bachta giota taobh shíos de ar gheárr sí léim trasna air an oidhche lean Tomás Mhac Ruaidhrí í go bhfeicfeadh sé cia bhí ann. Ní rabh Tomás tugtha do na bréagaibh, agus mhionnochadh sé leis an sgéal seo. Bhí sé ag teacht anoir maidín amháin i dtráthaibh an dó o chlog ó fhaire, agus chonnaic sé an bhean agus mainte fá na cionn na suidhe eadar an leacht agus an t-árdan beag a bhí ar chul Mhaicín. Ní rabh eagla ar bith air, agus shiubhail sé anonn go bhfeicfeadh sé cia bhí ann. D'éirigh an bhean agus d'imthigh sí giota ua. Labhair sé ach ní thug sí freagra ar bith air. Dar leis féin go bhfeicfeadh sé cia bhí amuigh fá'n am sin de oidhche, agus thairring sé uirthi go gasta. D'imthigh sise uaidh lán comh gasta. Ríth sé annsin acht ríth sise fosta agus choingbhuigh fhad 'e bhealach eatorra ríth an ama. Ní rabh eagla ar bith ar Thomás go fóil agus arsa seisean leis fein "ní'l a'n fhear 'sna bailtibh a d'imtheochadh orm-sa chan é amháin tusa a chailín chóir," agus rinne sé a theann rása na diaidh, ach bhí sise trí no cathair de choisceimneachaibh roimhe rith an ama, agus nuair a thainig sí fhad leis an bhachta thug sí léim glan tharais. Ní rabh Tomás ábalta an léim a gheárradh. Tháinig eagla air. Smaointigh
sé gurb í an tais 'a bhí ann no bhí fhios aige nach mbéadh duine ar bith saoghalta ábalta an léim a gheárradh. Thionntuigh sí annsin thart agus í ar an taobh eile de'n bhachta, agus arsa sise "An bhfaca tú Eoghan Óg?" D'fhág a' t-anam Tomás. Ní rabh sé ábalta corrughadh as áit na mbonn. Níor fhan a'n ruibe gruaige ar mhullach a chinn nar sheasuigh suas díreach. Ní rabh sé ábalta lámh a thógáil le n-a féin a choisreacadh féin. Thoisigh sí a imtheacht uaidh agus de réir mar bhí sí ag imtheacht bhí seisean ag teacht chuige féin. Choisreac sé é féin agus thairing amach a choróin Mhuire. Thug sé iarraidh ar an bhealach mhór arais agus é ag coingbheáil súil' uirthi-sé ríth an ama. Ach ní dheachaidh Tomás na bhaile an oidhche sin. Chuaidh an bhean isteach faoi phíopa an bhealaigh mhóir a mbéadh aige le dhul trasna air, agus dá bhfághfadh sé galún Uí Dhomhnaill ní ráchadh sé trasna ar an phíopa an oidhche sin. Phill sé arais go toigh na faire agus ní rabh a'n dhuine annsin nach dtug fá ndeára an dreach agus a' chuma a bhí air. Smaointigh Maicín ar seo go h-uile, agus ar chuid mhaith eile le na chois. Le sin mhothuigh sé spunnc 'a lasadh ar chúl an áird bhig a bhí ar a chúl. Baineadh léim as, agus ní rabh fhios aige caidé bhí sé 'a dheánadh go rabh sé 'na sheasadh ag taobh an áird. Chuala sé glór ag rádh "Ca bhfuil mo sgian?" D'aithnigh Maicín an glór. Ba é Antoin Dubh a bhí ann. Bíodh fhios agat go rabh luthgháir ar Mhaicín nuair a d'aithin sé cia bhí ann.
"Antoin" arsa seisean, "nach fada ó'n teinidh a shuidheas tú?" "Och!" arsa Antoin, agus níor baineadh cliseadh na rud eile as-san. "Bhí mé ag 'ul soir le leitir chuig an mhaighistir agus tháinig mé isteach annseo le mo sgríste a dheánadh, agus b'éigin do gur thuit néal orm. Chaill mé mo sgian agus ní'l dul agam a fághail. Caithfidh sé gur thuit sí as mo láimh fhad agus bhí me mo chodladh." "Cad chuige a' rabh tú do'n sgin?" arsa Maicín. "Tá," arsa Antoin, "sin leacht Eoghain Óig." "Agus," arsa Maicín, "nach rabh uaigneas ort agus tú le taobh an leachta?" "Caidé an t-uaigneas a bhéadh orm," arsa Antoine, "fhad agus bhéadh mo sgian agam. Ta'n t-iarann coisreactha." "Bhfuil tú ag 'ul soir anois go toigh a mhaighis- teara?" arsa Maicín. "Ní'l anois," arsa Antoin. "Tá sé ro-mhall: tá mé ro mhaith 'san áit a bhfiul mé no tá'n oidhche maith." D'fhág Maicín é ag cuartughadh na sgine agus d'imthigh leis soir. Ní thiocfadh leis gan admhail dó féin go rabh uaigneas air sul a bhfaca sé Antoin, ach bhí uchtach aige anois no bhí fhios aige go mbéadh Antoin 'san áit chéadna nuair a bhéadh sé ag pilleadh arais. Agus thoisigh sé ag smaointeadh leis féin nach rabh 'san uaigneas ach amaidigh. Bhí sé ag smaointeadh leis mar seo go rabh sé ag bárr an Bhealaigh Mhóir nuair a mhothuigh se tormán. Sheasuigh
sé bomaite ag éisteacht. Carr a bhí ann ag an teach mhór. Chuala sé an carr ag imtheacht uaidh síos an gleann. "Tá sé ar shiubhal léithe anois," arsa Maicín leis féin. "Íocfaidh sé ar son oibre na h-oidhche seo. Ní thabhairfidh mé maitheamhnas damh féin go bráth cionnus nach rabh mé i n-am le n-a sábhail. Caidé thug orm a dhul i chómhair an leachta, ach go bé sin bhéinn i n-am." Chuaidh Maicín go dtí'n teach mór. B'fhíor dó, bhí sí ar shiubhal. Bhí an doras fosgailte agus bhí ceann de na fuinneógaibh fosgailte. Shiubhail sé isteach, las solas agus sgairt sé annsud agus annseo, an rabh a'n dhuine astuigh. Ní rabh a' dhath le freagra a thabhairt air ach tormán a chuid cos féin. Chonnaic sé na pictiúiri ar an bhalla - an t-iomlán aca - ach ba os coinne chinn Nóra a sheasuigh sé. Bhí sé ag cainnt leis an phichtiúir. "Tá súil agam nach dtig a' dhath ort go bhfágh mise tú a shábail, agus sábhlochaidh mé thú dá mbéadh i ndán 's go gcuirfinn mo cheann i nguais 'a fhiachailt. Nach mairg nach bhfuil fhios agat go bhfuil daoiní le thú a shábhail, bheirfeadh sé uchtach duit." Phill Maicín na bhaile. Bhí sé gruamdha ach ma bhí féin níor chuir sin beag-uchtach ar bith air. Bhí sé gnaitheach ag smaointeadh cia'n áit a ba dóiche do Mhac an Ghadaidhe Nóra agus a máthair a thabhairt. Dubhairt sé leis féin nach dtiocfadh leis iad a thabhairt áit ar bith ach go beirric saighdiúir, no ní chuideochadh a'n teach i dTír Chonaill leis feall a dheánadh ortha.
Ní thiocfadh leis iad a thabhairt soir go beirric Ghaoth- Dóbhair, na bhí an droichead briste ag an Chúirt agus ag an Bhun Bheag. Mar sin de, chaithfeadh sé iad a thabhairt go beirric Chroch-Uí-Bhaoighill, no go beirrich na h-Ailte Móire. Annsin, bhí sé ag smaointeadh ciaca de'n da bheirric ba dóiche dóbhtha a bheith ann, agus ar an dóigh a bfeárr le dhul in a chionn le na sábhail. Bhí sé ag meabhrughadh ar seo go rabh sé 'sa' bhaile agus char smaointigh sé ar Antoin Dhubh, ar leacht, no ar uaigneas. Nuair a bhain sé an baile amach, chuaidh sé isteach 'un toighe ach cha deachaidh sé a luighe. Bhí an lá geal ann. D'fhaduigh sé an teine agus shuidh sé aici. Thairring sé páipéir amach as a phóca agus dhearc sé i bhfad ar chionn aca. Bhí cunntas aige ar na pháipéir sin caidé mar bhí beiric Chroch-Uí-Bhaoigill suidhte. agus cunntas ar beiric na h-Ailte Móire fosta, Bhí beiric na h-Ailte Móire ar an lom, gan ann ach seomra amháin, agus urlár amháin, agus ceithre sgór saighdiúir na gcómhnuidhe ann. Bhí beiric Chroch-Uí-Bhaoigill ar dha urlár ar a éadán, agus trí hurláir ar a thaob cúil. Bhí bádhbhdhún thart fá dtaobh de agus bhí balla an bhádhbhdhúin fiche troigh ar airde fiche slat amach ó éadán na beirice, deich slata ó'n bhinn thiar, deich slata ó chúl na beirice, agus leith chéad slat ó'n bhinn thoir. Bhí geafta láidir ádhmuid ar éadhan an bhádhbhdhúin amach díreach os choinne ghéill thoir na beirice. Ní rabh ach a'n doras amháin ar an bheiric, agus bhí an doras sin ar a éadán. Bhí cómhla láidir ar a' doras deánta de
ádhmad, agus trasnáin iarainn uirthi. Bhí dá fhuinneóig ar an urlár íochtarach, ceann ar 'ach taobh de'n doras, agus dorsa iarainn fa choinne gach cinn aca le cur ortha i n-am riachtanais. Bhí trí fuinneógaí ar a' dara hurlar, ceann os cionn an dorais, agus an bheirt eile os cionn an dá fhuinneóig íochtaraigh. Bhí cómhlacha iarrainn fá na gcoinne seo fosta. Ní rabh fuinneóg ar bith ar chúl a' toighe ach ceann amháin a bhí ar an tríomhadh urlár, agus gan cosnamh ar bith air an fhuinneóig seo ach go rabh beirt shaighdiúir ag spaisteóireacht anoir agus aniar de lá agus de oidhche ar chúl na beirice. Chaith sé i bhfad ag amharc ar na páipéir' agus níor chuir sé ann a phóca iad go dtainig fear an toighe agus a bhean arais ó'n bhain- féis Bhí iongantas ortha-san é a fheiceáil na shuidhe, ach dubhairt Maicín leo gur mhór an truaighe a bheith n-a luighe léithéid de mhaidín bhréagh. Nuair a fuair sé a bhéile maidne d'imthigh sé leis amach fá na h- áirdibh Níor bhfada go dtáinig an Bacach Ruadh 'fhad leis. D'iarr sé ar an Bhacach sgéala a thabhairt do Tomás Mhac Ruaidhri a bheith thiar ar an Chlochán Liath roimh luighe gréine an oidhche sin, agus ceathrar de na fearaibh a bfeárr aige a bheith leis. "Iarrfaidh," arsa'n Bacach, "ach nach mbéidh Nuala Bhán mí-shuaimhneach?" "Ní bhéidh," arsa Maicín, "na béidh fhios ag Tomás caidé déarfas sé léithe." Idtráthaibh mheadhon lae bhí Maicín ag 'ul siar ag an tSruthán Shalach nuair a casadh Fear na Fídeóige air. D'innis seisean dó caidé mar bhí sé indhiaidh
fághail 'fhad leis an scealpaigh, agus bhí sé brath greim a ithe, nuair a mhothuigh sé tormán carr; nuair a d'amharc sé, go bhfaca sé an carr ag teacht anuas chuige o Árd-a'-Ghriail mar bhéadh caor theineadh ann; nach rabh sé bomaite go rabh an carr ar shiubhal thairis; go dtiocfadh leis mar bhéad beirt bhan agus fear a fheiceáil ar an charr le cois an tiomanuidhe, agus gur smaointigh sé ar an bhomaite gur Mac an Ghadaidhe a bhí ann agus cuid ban an toigh mhóir fuaduighthe leis. "Tá siad fuaduighthe leis," arsa Macín, "ach béidh daor air." "Annsin," arsa Fear na Fídeóige, "chor an carr suas mar bhéadh sé ag tairrint ar bheric Chroch- Uí-Bhaoighill. Le bódharanacht an lae chuaidh mé féin suas agus thart liom ar chúl bhádhbhdhúin na beirice ag deánamh go bhfeicfinn no go gcluinfinn rud éighinteacht. Ní rabh gach ar bith le móchtáil ach trup beirt fhear ar gárda a bhí ag siubhal aniar agus siar taobh astuigh de'n bhalla. Sheasuigh siad agus chuala mé fear aca ag rádh leis an fhear eile agus iad 'na seasadh, "Caidé rinne siad?" "Chuala mé go rabh siad ag tabhairt fáruis do mhéirleach" arsa'n fear eile. Chuala mé iad ag tionntughadh ar a sálaibh agus 'ach a'n fhear ag spaisteóireacht ar shiubhal ar a chionn féin de'n chasán. Mheas mé annsin go rabh siad ins an bheiric." "Tchim," arsa Maicín, "ba é mo mheas féin é go dtabhairfeadh sé iad annsin, agus go leigfeadh sé
air féin go rabh siad ag deánadh rud éiginteacht a dheánfadh dochar do'n righ. Ach ní bhéidh siad i bhfad annsin acht an oidhche anocht a theacht a'n uair amháin." D'imthig Maicín leis na Chlocháin Léith annsin an áit nach bhfacas é ó'n trathnóna a tháinig sé na h-áite. Nuair a bhí sé fá ghiota de'n bhaile mhór gheárr sé isteach fríd na páirceánnabh, agus chuaidh isteach ar an taobh cúil i gcionn de na toighthibh, i n-áit a dhul bealach na sráide. Ní rabh i bhfad go rabh Fear na Fídeóige ar an bhaile fosta agus é ag seinm annsud agus annseo ar an t-sráid mar ba ghnáthach leis
An Dá Spíodóir. Nuair a dfág Seoirse Mac an Ghadaidhe an teach mór indhiaidh Nóra é a dhiúltadh, bhí an oiread sin feirge air nach rabh a chuma féin air ar chor ar bith. Le hamharc ar a ghnúis dearfá nach duine saoghalta a bhí ann. Thiomáin sé leis siar mar bhéadh an ghaoth ann go rabh sé ag bheiric Chroch-Uí-Bhaoighill, agus bhí an t-an chuma a bhí air ag éirghe níos measa de réir mar bhí sé ag mionnadh leis féin caidé an íde a bheirfeadh sé do Nóra agus a máthair ach é greim a fhághail ortha. Ní rabh amhras ar bith air nach mbéadh siad aige le na chómhairle féin a dheánadh leo. Nuair a chuaidh sé isteach na beirice níor fhan sé le labhairt le duine ar bith go deachaidh sé fhad le Casúr na Choille Glaise. Ní rabh an t-árd spiódóir ach indhiaidh a theacht an lá roimh-re. Bhí sé cóirighthe i gculaidh oifigigh agus é na shuidhe ar chathaoir mhór shócamhalach, tábla ag na thaoibh, agus buideál uisge bheata agus gloine air. Fear mór cnámhac a bhí ann nach rabh óg agus nach rabh sean. Bhí gruag dhubh air agus croiceann dorcha. Bhí dhá shúil ann a chionn nach dtiocfadh leis amharc díreach ar a'n dhuine leo, agus bhí a chár comh mór
agus comh garbh sin go rabh sé ag cur leis an chuid eile de. Bhí a phuisíní dúbha gorma comh trom sin go rabh siad cosamhail le dhá shilide a bhéad indiaidh iad féin a líonadh le fuil. "Bhfuair tú í?" arsa seisean ar an chead focal le Seóirse. "Can fhuair," arsa Seóirse, "ach ní imtheóchaidh sí orm." "Och!" arsa Casúr, "shíl mé go rabh tusa do bhanaidhe comh mór sin go ráchadh bean ar bith leat ach tú caochadh uirthi." "Is minic a chuaidh," arsa Seóirse, "agus rachaidh sise fosta, glac m'fhocal-sa ar sin, agus tá mé cinnte go mbéadh sí agam indiu ach go bé an méirleach sin, Oisín. Droch chréath air." "Agus cad cuige," arsa Casúr, "nar bheir tú air-sean an lá a shabhail sé í, bhéadh sé as a' bhealach agat agus an míle punnt sin agat de bhárr do shaothair?" "Ní'l sé comh furust sin breith air," arsa Seóirse "Chan indiu na indé a chleacht an fear céadna sgaoileadh le gunna, agus ar sgor ar bith dá n- eireochadh liom é a sgaoileadh an lá sin féin, ní labhairfeadh Nóra níos mó liom cionnus an fear a mharbhadh a shábhail í, agus fosta, ní imtheóchainn ar mhuinntear na h-áite na bhéadh fhios aca gur spíodóir atá ionnaim." "Caithfear breith air," arsa Casúr, "agus caithfi- mid breith air beo ma thig linn e. Bheirfimid bás dó is mó airidh air na é a sgaoileadh."
"Bheirfidh," arsa Seóirse agus bhain sé díoscarnach as a chuid fiacal; béirfimid bás dó a mbéidh lúthgháir air fághail go h-ifreann agus a bheith reidhtighthe linn." "Caithfimid breith air gan mhoill," arsa Casúr, na muna mbeirfear go gasta air ní bheirfear go bráth air. Ní'l a'n bheiric fágtha anois aige féin agus a chuid fear 'sa' taobh seo de'n chonndae ach an bheirt atá annseo le cois cheann Ailt'-a'-Ratha agus a' ceann atá i nGaoth Dóbhair, agus ma mhaireann an troid seo mórán níos fuide ní'l fhios cia'n uair a bheirfeadh siad iarraidh orainn féin." "Caithfear breith air," arsa Mac an Ghadaidhe, "ach mar dubhairt mé cheana féin ní'l sé furust é a dheánadh. Ní thig linn duine ar bith a fhághail fá'n áit seo le spíodóracht a dheánadh air linn, agus ní'l maith damh na saighdiúiri a thabhairt amach go dtí an áit a bhfuil sé na chómhnuidhe, na ní bheadh siad ábalta a gcuid carr mór a thabhairt leó as siocair go bhfuil na bealaigh comh h-olc agus tá siad, agus gan na carrannai móra dheánfaidhe arbhuach ortha." "An dtig sé isteach na Chlocháin Léith ar chor ar bith?" "Ní thig," arsa Seóirse, "dá diocfadh ní bhéimis i bhfad ag breith air." "Caithfimid," arsa Casúr, "é a mhealladh isteach ar dhóigh éigin ma sháruigheann sé orainn breith air ar dhóigh ar bith eile. Ach caidé fá'n chailín ghnaoidhe- amhail seo, caidé tá tú ag brath a dheánadh léithe-se?"
"Tá sí gnaoidheamhail," arsa Seóirse, "agus tá mé ag deánamh nach rabh cailín comh gnaoidheamhail léithe agam i n-aon áit da rabh mé. Ní'l fhios aici a' dhath fá'n t-saoghal agus ar an ádhbhar sin ní bhéidh sé furust í a cheannsughadh ar dtús ach ní bhéidh sí i bhfad agam go gclaoifidh mé í" "Ach," arsa Casur, "nach bhfuil darna 'ach a'n bhean groidheamhail 'sa' tír seo, agus cad chuige a bhfuil tú duithe-se ach oiread le bean éighinteacht eile?" "Oc!" arsa Seóirse, "an sin a bhfuil fhios agat? Tá cúig mhíle agus fiche punnt aici ar a sgór féin agus sgór a máthara i mbanc a bhfuil an sean-óganach na uachtárán air i Luimhneach." "Fuis!" arsa Casúr, "Sin rud eile. Cuideochaidh mé leat í a fhághail ma roinneann tú an t-airgeadh." "Bheirfidh mé na cúig mhíle chorra duit," arsa Seóirse, "ar son do chuididh." "Bheirfidh tú níos mó na sin damh." "Bheirfinn dá dtiocfadh liom, ach ní thig liom na tá an chuid eile a dhith orm féin" "Tá, agus a dhith orm-sa" arsa Casúr. "Anois ní'l mé comh olc ar chor ar bith agus cuig mhíle a ofráil duit, agus ar sgor ar bith béidh an chuid eile de'n airgead gann go leór agam féin ma chaithim an tír a fhágail, an rud a chaitheas ma éirigheann leis na diabhail' Éireannach seo mórán níos faide mar tá ag éirghe leo anois." "Agus tá an t-airgead a dhíoghbháil orm-sa leis
an chleas chéadna a dheánadh," arsa Casúr, "na ma éirigheann leis na h-Éireannaibh - ach nar leigidh an diabhal go dtiocfadh le sin a bheith - ní bhéidh an chuid mór grádh aca orm-sa." "Chan 'a maoidheamh ort atá mé," arsa Seóirse, "ach nach deárn tusa do shaidhbhreas i mBaile Atha Cliath, agus ins an taobh o dhéas?" "Ní dheárn mé an oiread sin uile go léir, no i gcuid de na toighthibh a chuartuigh sinn ní rabh ann ach é gur bhfiú dúinn an mhéid a fuairmid a thabhairt linn." "Is maith atá fhios agam-sa sin," arsa Sheóirse, "nach mbíonn an chuid mhór le fághail 'sna toighthibh, acht caidé fá na bancannaibh?" "Och!" arsa Casúr agus mothughadh feirge ag teacht air, "cia bith a fuairmid 'sna toighthib airgid tá sé sábhailte, agus nuair a bhí sé rannta ní rabh an t-iomlán agam-sa." "Caidé'n mhéid a glacfas tú," arsa Seóirse annsin, agus cuidiughadh liom breith uirthi seo?" "Glacfaidh mé leath an airgid druim sgoiltí gan píghinn chuige na uaidh," arsa Casúr, "muna mian leat sin a dheánadh deán do chómhairle féin." "Ní thiocfadh liom an oiread sin a thabhairt duit," arsa Seóirse, "bhéinn sgriosta." "Béidh tú níos sgriosta ma bhionn tú gan a'n phíghinn de'n airgead a fhághail," arsa Casúr. "Gheobhfaidh mé an t-airgead," arsa Seóirse, "na bíodh eagla ort-sa."
"Na bí comh deánfásach sin," arsa Casur "ach innis damh ar dtús caidé mar tá tú ag 'ul a fhághail an airgid." "Tá," arsa Seóirse, "ráchaidh mé féin agus tusa indhiaidh na h-oidhche soir 'un toigh mhóir, agus bheirfidh sinn linn í féin agus a mathair agus beirfimid annseo na beirice iad, agus an uair amháin a bhéas siad annseo ní bhéidh sé deacair an t-airgead a fhághail" "Shíl mé gur dhubhairt tú go rabh an t-airgead 'sa' bhanc i Luimhneac," arsa Casúr. "Tá sé i Luimneach acht gheobhaidh mé é." "Caidé an dóigh?" arsa Casúr. "Tá, comh luath agus bhéas siad gaibhte agus faoi ghlas annseo, bheirfidh mise geall dóbhtha go bhfuigh' siad cead a gcinn ach iad lorg a lámh a fhágail go bhfuigh' mise an t-airgead, agus nuair a bhéas lorg a lámh agam-sa sgriobhfaidh mé chuig an t-sean dhuine go bhfuil mé féin agus an bhean óg pósta, agus go bhfuilmid ag 'ul a thabhairt cuarta air. Rachaidh mise chuige annsin, dheánfaidh mé leith-sgeal leis an airgead a thairint, agus dearfidh mé gur fhág mé ise ar an bhealach agus go mbéidh sé in mo dhiaidh." "Tchím" arsa Casúr, "tá 'ach a'n rud socruighthe agat ach caidé tá tú ag 'ul a dheánadh leis na mnaibh?" "Cuinneochaimid annseo iad go dtigidh mise arais agus annsin socrochaimid leó." Agus cia tá ag 'ul a amharc na ndiaidh nuair a bhéas tusa ar shiubhal?" "Ní bhéidh sin deacair a shocrugadh," arsa Seóirse,
"amharcochaidh na shaighdiúirí na ndiaidh. Ní'l againn le rádh ach go bhfuil coir deánta aca agus cuirfidh me mo rogha geall go ndeánfar coimeád ortha. Ní bhéidh fiachailt ar bith ortha go dtig mise arais le fiadhnaise a dheánadh ortha." "Caithfidh tú leath an airgid a thabhairt damh-sa na ní thiocfaidh ceachtar aca na beirice seo," ars Casúr, "agus ní'l a'n beiric eile agat le na dtabhairt ann." "Tchím," arsa Seóirse agus las a aghaidh le feirg, "dheánfá sgéala orm caidé tá faoim." "Ní'l mé ag rádh caidé dheánfainn, ach tá mo margadh féin a dhíoghbhail orm-sa," arsa Casúr, "caidé dheánfas tú?" "Inniseóchaidh mé sin duit i mbárach," arsa Seóirse. "Fanfaidh mé go márach," arsa Casúr, "ach cuimhnigh go bhfuil leath an airgid a dhith orm-sa. Seo dhuit ól braon de seo," agus líon sé amach lán gloine agus shín chuig Seóirse é. Fuair sé gloine eile do féin annsin agus líon é D'ól siad leo agus chan siad ar a gcuid oibre feille go rabh sé i n-am ag Seóirse an teach ósta a bhaint amach. Nuair a bhí sé ag imtheacht arsa Casúr leis, "Bheirfidh mé cuairt ort idtráthaibh 'n mheádhon lae i mbárach agus bíodh fhios agat annsin ma tá tú réidh le leath an airgid a thabhairt damh." "Béidh fhios," arsa Seóirse agus d'imthigh sé leis na bhaile. Ní rabh ann ach é go rabh sé ábalta siubhal go díreach agus bhí sé ag cur rois ar rois mionna mór ar Chasúr cionnus go rabh leath an airgid a dhith
air. "Ach" arsa seisean leis féin, "uair amháin a bhéas an t-airgead agam-sa ní bhéidh sé furust é bhaint diom" Ní rabh Seóirse acht indiaid éirigh lá ar na mhárach - mar d'innis Fear na Fídeóige do Mhaicín - nuair a bhuail Casúr isteach chuige agus fuair geall uaidh go dtabhairfeadh sé leath an airgid dó. Nuair a dh'fág Casúr é shuidh sé síos agus rinne sé a bhreicfeasta D'éirigh sé annsin agus lean sé Casúr na beirice. Bhí Casúr 'na shuidhe 'sa' chathaoir chéadna, an buaideál agus gloine ar an tábla le na thaoibh. Bhí a chuma go díreach mar bhí sé an lá roimh-ré, culaith an oifigigh agus eile air. Stad sé de'n sgríobh a bhí air nuair a thainig Seóirse isteach agus líon gloine de'n bheirt aca. "Na nac dtig leat a theacht liom anocht?" arsa Seóirse nuair a d'ól sé a ghloine "Cha dtig liom," arsa Casúr, "tá obair eile eadar lámhaibh agam." "Na nach dtig leat an obair eile sin a fhágail go dtí am éigin eile?" "Thig liom," arsa Casúr, "ach is feárr liom é a fhághail as an bhealach agam." "An eagla atá orm-sa," arsa Seóirse "go mbféidir go mbéimis ro-mhall 'san oidhche i mbárach. Dá smaointeochadh Bean Uí Dhrioscoill go rabh siad i gcontabhairt ar bith dfágfadh siad an áit agus ráchadh siad na bhaile." "Ma's mar sin atá," arsa Casúr "B'fhéidir gur chóir duinn a dhul anocht. Is feárr greim 'e
chúinín na dhá greim 'e chat, agus an obair a bhí mé ag 'ul a dheánadh indiu b'fhéidir nach mbéadh cuid mhór tairbhe de bárr." "Tá'n t-airgead annsud," arsa Seóirse, "ní'l againn ach greim a fhághail ortha le na fhághail." "Caidé an t-am is feárr le dul?" arsa Casúr "Fagfaimid seo idtrathaibh an h-aon-dhéag ar an charr, bheirfidh leath-uair soir sinn agus ní bhéidh a'n dhuine fá na bealtaibh móra fá'n am sin de oidhche le sinn a fheiceáil." "Tchím," arsa Casúr, "racaidh mé leat anocht" Gan mhoill roimh an h-aon dhéag an oidhche sin d'fhág an bheirt an bheiric ar charr, soir leo fríd Loch-an- Iubhair agus char bhain siad stad as an charr go rabh siad fá ghiota de'n teach mhór. D'fhág siad an carr annsin agus shiubhail siad go faithchilleach go rabh siad ag an teach. Ní rabh solas ar bith le feiceáil ann. D'éist siad bomaite agus chuala siad paidreacha. Thug Seóirse cogar do Chasúr go rabh siad ar an phaidrín astuigh 'sa' t-seomra cúil. "Caidé dheánfas sinn?" arsa Casúr os íseal. "Bhfuil na sreangáin agat annsin?" arsa Seóirse. "Tabhair damh ceann aca, agus ráchaimid isteach ar an fhuinneóig." Thug Casúr sreangán láidir lín do. Annsin d'fhosgail Seóirse an fhuinneóg agus chuaidh an bheirt isteach uirthi gan oiread trup a dheánadh agus dheánfadh luchóg bheag. Anois bhí siad ag doras an t-seomra nach rabh le deánadh aca ach a fhosgladh le fághail isteach
'san áit a rabh Nóra agus a máthair ag rádh a gcuid úrnaigh sul a dtéidh 'siad a luighe. Chualaidh siad, "Fáilte romhat a Mhuire Mhór." I bpreabadh na súl d'fhosgail Seóirse an doras agus bhí greim aige ar Nóra. Bhí Casúr lán comh luath leis agus fuair greim ar a máthair. Bhí cúl na beirte leis an doras an áit a rabh siad ar a nglúnaibh os coinne altóra bige, agus níor mhothuigh siad go rabh siad gaibhte. Fuair 'ach a'n fhear aca greim dha láim ar an mhnaoi ar bheir sé féin uirthi agus thairring aniar ar chúl a cinn iad, chuir a ghlún le n-a druim agus bhruigh a h-aghaidh síos i n-éadán an urláir, cheangail a cuid lámh ar chúl a cinn, theann bratóg éudaigh comh teann agus thiocfadh leis ó faoi na smigead go mullach a cinn agus cheangail a cuid cos le na chéile fosta. Ní fhaca Nóra na a máthair cia bheir ortha agus ní rabh siad le na bhfeiceáil go fóil, no sul a bhfuair siad a gcinn a thógail ó'n talamh, cuireadh dallóg ar 'ach a'n dhuine aca. Iomcharadh amach annsin iad agus fágadh na luighe ar an t-sráid iad. Chuaidh Casúr síos fá choinne an charr agus thug aníos é. Tógadh an bheirt agus fágadh na suidhe i ndeíreadh an charr iad. Shuidh Casúr i lár eatorra agus greim aige ar an dallóig 'san áit a rabh sí ceangailte ar eagla 's go mbéadh bean ar bith aca ábalta an dallóg a bhogadh. Thiomáin Mac an Ghadaidhe an carr. Ní rabh fhios ag Nóra na a máthair ca rabh siad ag 'ul. Bhí fhios aca go rabh siad ceangailte ar charr agus go rabh an carr ag siubhal go gasta, mar bhí
sé mar béadh sé ag léimnigh. Ní rabh fhios aca cia'n bealach a rabh siad ag 'ul agus ní rabh fhios aca cad cuige ar beireadh ortha, na cia bheir ortha mar nar labhair a'n fear do na fearaibh oiread agus focal amháin. Bhí Nóra i bpéin mhóir. Bhí an sreangán ag gearradh caol a cuid lámh bhí sé comh teannta sin: bhí a druim nimhneach an áit ar chuir Seóirse a ghlún uirthi agus ní rabh sí ábalta sgríste a thabhairt dó mar choingbhuigh Casúr í na suidhe suas díreach leis an ghreim a bhí aige uirthi. Ní rabh smaointeadh ar bith aici ar caidé bhí ag 'ul éirghe duithe, ag smaointeadh ar a máthair a bhí sí agus ag guidhe Dé gan oiread de phéin a bheith ar a máthair agus bhí uirthi féin. Bhí a máthair comh lag sin leis an sgánnradh agus an íde a fuair sí nach rabh mórán mothuighthe ar phian aici Ní rabh de smaointeadh aici ach an smaointeadh a bhí aici ar a leanbh. Ní rabh eagla ar bith uirthi faoithe féin ní thiocfadh léithe smaointead ar sheort ar bith ach ar Nóra. Bhí fhios aici cia bith a bhí 'a dtabhairt ar shiubhal gur le feill éigin a dheánadh ar a níghin a bhí siad. Ba chuma léithe caidé d'eireóchadh duithe féin ach a níghin ionmhain a bheith sábhailte. Bhí an oiread sin eagla uirthi go mbainfidhe le na leanbh, nach dtiocfadh leithe leigint duithe féin smaointeadh ar na rudaibh a bhí ag ríth fríd a cionn a d'fhéadfadh siad a bheith ag 'ul a dheánadh le na caoin chailin féin. Bhí sí ag guidhe. "A Dhia na trócaire, thóg mé mo leanbh comh maith agus thainig liom. Ó bhí sí ábalta an chead fhocal a labhairt theagasc mé duithe D' ainm a mholadh agus Tú Féin adhradh. Ma ba é mo dhearmad i n-am ar
bith gur Tusa a thug an t-subhailce sin damh nuair a thug Tú mo leanbh damh, na h-eifir sin uirthe-se, na ní feasach duithe coir. A Dhia deán Do rogha rud liom féin ach i gcuimhne na Fola a dóirteadh le n-ar slánu- ghadh fágaim Ort cúram mo leinbh. A Mhaighdean Mhilis Mhuire, a Mhatair Dé, muna buan ar mbeatha annseo, tabhair sinn gan smál i lathair Dé." Stad an carr agus tógadh amach as iad Bhí fhios aca go rabhthar 'a n-iomchar suas staighre. Fágadh na luighe ar an urlár iad; sgaoileadh an ceangal a bhí ar a gcosaibh agus annsin sgaoileadh an ceangal a bhí ar a lámhaibh. Comh luath agus bhí sin deánta fágadh leó féin iaó. Nuair a mhothuigh Nóra go rabh a cuid cos agus lámh réidhte, thoisigh sí ag sgaoileadh na dallóige a bhí uirthi. Bhí sí tamall maith 'a dheánadh no bhí a lámha mar bhéadh siad na gcodladh; bhí siad choir a bheith gan mhóthughadh. Fá dheireadh d'eirigh leithe an dallóg a bhaint duithe féin agus an bhratóg a bhí 'a coingbheáil gan labhairt, thug iarraidh ar a mathair agus bhain an da chuid duith-se fosta. Bhí a mathair mar bhéadh sí marbh; bhí sí i laige. A deachaidh sí fríd comh maith leis an bhuaidhreadh intinne a fuair sí ag smaointeadh ar an chontabhairt a rabh a leanbh ann, bhí sé barraidheacht aici, Chuimil sí lámha a máthara; chuimil sí a h-aghaidh; phóg sí í; labhair sí léithe agus chaoin sí os a cionn. Bhí an seomra i ndorchadas agus ní thiocfadh léithe mórán a fheiceáil ar dtús ach bhí sí ag éirghe cleachtuighthe leis an dorchadas anois. Chonnaic sí go rabh siad i seomra fhada agus go rabh leabaidh i gcionn amháin de. Thóg
sí a máthair ó'n urlár agus d'fhág na luighe ar an leabaidh í. Leis an tógail thainig a máthair chuici féin agus thoisigh a chainnt. Thug Nóra míle altughadh do Dia. Ach bhí a máthair ag rámhailligh. "Och! caidé rinne sibh le mo leanb bheag ionmhain. A Dhia na Glóire cad chuige ar leig tú dóbhtha baint léithe. Ca bhfuil mo leanbh, ca deachaidh siad léithe. Caidé rinne siad leat. A Mháthair Mhuirneach cumhduigh mo leanbh." Bhí sí i bhfad ag rámhailligh mar seo agus Nóra agus a lámha thart aici uirthi 'a pógadh; ag innse duithe go rabh sí aici; go rabh sí ag cainnt léithe agus nach rabh a' dhath uirthi. Bhí trí h-uaire de lá ann sul a dtainig sí chuici féin i gceart agus d'aithin sí Nóra. Ach bhí sí comh lag sin nach rabh ann ach é go rabh sí i n-innimh seasadh nuair a d'éirigh sí amach as a leabaidh, agus b'éigin duithe suidhe airíst ar cholbha na leabtha. Thoisigh sí ag cur ceisteanna ar Nóra cia'n áit a rabh siad agus ca fhad a bhí siad annsin na bhí dearmad deánta aici ar 'ach uile sheort ó tugadh isteach ó'n charr iad. D'innis Nora 'ach a'n rud duithe da rabh sí ábalta innse, ach ní rabh sí abalta innse ca rabh siad. Chuaidh Nóra annsin anonn na fuinneóige agus d'amharc sí amach. Ní thiocfadh léithe gach ar bith a fheiceáil ach an balla mór árd a bhí ar chúl na beirice agus an bheirt shaighdiúir a bhí shios faoithe ag siubhal aniar agus siar. Bhí fhios aici annsin go rabh siad i mbeiric. Le sin bhí tormán ag an doras, fosgladh é agus shiubhail Mac an Ghadaidhe isteach agus a hata in a
láimh. Bhí sé uile go léir fríd a chéile ma b'fhíor do féin. Ní thug sé faill do dhuine ar bith labhairt gur thoisigh sé innse caidé mar d'éirigh sé go luath agus go deachaidh sé síos 'un t-siopa le toitínibh a fhághail, go rabh beirt shaighdiuir astuigh ag ól agus gur chuala sé iad ag cainnt ar bheirt ban uasal ar beireadh ortha agus tugadh na beirice an oidhche roimh-ré. Agus nuair a chuala sé fear aca ag rádh cia'n áit ar tugadh as iad gur chóir a bheith gur fhág an t-anam é, gur ríth sé na beirice comh gasta agus thainig leis gur chuir sé ceist an rabh sé fíor agus go bhfuair sé cead ó'n oifigeach a theacht aníos a dh'amharc ortha. "Agus caidé tá deánta againn," arsa Nora "gur chóir dúinn leithéid a íde a fhaghail?" "Na ca bhfuilmid?" arsa a máthair. "Tá sibh i mbeiric Chroch-Uí Bhaoighill," arsa Seóirse, "ní'l fhios agam cad chuige, ach rachaidh mé síos chuig an oifigeac anois go bhfeicfidh mé cad chuige a bhfuil sibh annseo. Go h-ádhmhail tá aithne agam air agus ma's féidir é ar dhóigh no ar dhóigh eile gheobhaidh me saor sibh. Ní'l mé agam féin i gceart go fóil leis an sgánnradh a fuair mé nuair a chuala mé go rabh sibh annseo." "A Sheóirse Mhic an Ghadaidhe," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "fágh amach as an áit seo sinn agus cha deánaim dearmad go bráth duit." "Gheobhaidh mise amach sibh ma's féidir é a dheánadh," arsa Seóirse, "muna mbéadh ann ach ar son an chineáltais a rinne sibh orm 'ach a'n uair a deachaidh mé 'un toighe chugaibh. Agus ma dhiúltuigh Nóra féin
mé, ní'l neart ar bith ar sin, siomaidh fear níos feárr na mise a diúltuigheadh, agus bhí sé mór agam ar sgor ar bith smaointeadh go nglacfadh Nóra mé. Ach ma dhiúltuigh sí féin mé, ní fear mé a chonnaic bean ariamh i ngéibheann gan cuideadh léithe, agus ní fheicfidh anois" "Go rabh céad míle maith agat," arsa Nóra. "Go gcuididh Dia leat," arsa a máthair. "Anois," arsa Seóirse, "rachaidh mé síos go bhfeicfidh mé an t-oifigeach ní bhéidh mé bomaite go rabh mé arais." "Míle altughadh do Dhia," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "go bhfuil duine eighinteacht le cuideadh linn; nar mór a' truaighe, a Nóra, go rabh tú com géar air athrughadh indé agus bhí tú." "A mháthair, a chroidhe, caidé'n neart a bhí agam air, ar ndóigh is tú féin a theagasg damh ariamh an fhírinne a innse i gcómhnuidhe." Ní thiocfadh leis go rabh mórán cainnte le deánadh ag Mac an Ghadaidhe leis an oifigeach na thainig sé isteach 'un t-seomra anois arais agus oifigeach leis. Sul a dtainig siad isteach mhothuigh Nóra gur bhain duine éiginteacht an glas ó'n doras. Níor smaointigh sí a dhul a chómhair a' dorais sul a dtainig Seóirse isteach o thús go bhfeicfeadh sí cia aca bhí glas air na nach rabh. Bhí páipeár mór gorm leis an oifigeac in a láimh agus seasuigh sé taobh astuigh de'n doras. Bheannuigh sé do Nóra agus a máthair de ghuth láidir gharbh. Ní rabh deagh chuma air agus chonnaic na príosunaigh sin ach thug sé cineál de uchtach dóbhtha
nuair a shiubhail Seóirse isteach agus sheasuigh le na dtaoibh, agus thug cogar dóbhtha go ndeánfadh seisean a dhicheall ar a son. Thoisigh an t-oifigeach ag léigheadh an pháipéir ghoirm mar leanas: - "Mar bhí o thús agus mar tá anois agus mar bhéas go lá Sheóin Doic, cumhacht os cionn ríoghacht na h- Éireann - a rabh innti, a bhfuil innti agus a mbéidh innti, a mhair innti, a maireann innti agus a mhairfeas innti - ag righ na Sasana a chuir Dia ann A ghrásta chugainn leis na trí rioghacht' a stiúradh a threorughadh agus a chómhairliughadh mar mháithe leo féin agus mar mháithe leis an t-saoghal; agus go dtug Bean Uí Dhrioscoill agus a h-ingean Nóra easónoir do'n Cúig- ead Seóirse, an fear ionad atá ag Dia anois, agus go bhfuil a n-easumhlaidheacht do Dhia le feiceáil ins an eas-ónoir a thug siad do n-a fhear ionad, nuair a thug siad fárus do Oisín, Mac an Áir, a rinne feall agus atá ag deanadh feille ar an righ, nuair a rinne sé loit agus nuair atá sé ag deánadh loite ar theaglaigh 'an ríogh. Agus gur beireadh ar na príosunaigh' agus gur tugadh annseo iad mar mháithe leis na h-Éireannaigh agus leis an righ, go gcuirtear a leithéid 'e phionús ortha mar mháithe leo féin agus na daoiní' i gcoiteann, nach ndeán siad a mhacsamhail go bráth arais." "Anois," arsa seisean," sin an choir atá deánta agaibh." "Ní'l eolas againn ar Oisín," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "chan é amháin fárus a thabhairt dó." "Na labhair," arsa Seóirse léithe i gcogar, "is
feárr leigint dó anois, no ní'l fhios caidé dheánfadh sé da dtabhairfea an-fhreagar air." Labhair an t-oifigeach arais agus dubhairt sé go mbéadh sé arais fá chionn leath-uaire agus go léighfeadh sé dóbhtha an breitheamhnas a tugadh ortha. Annsin shiubhail sé caol díreach amach as an t-seomsa. "Och, go gcuididh Dia Linn! Breitheamhnas a thabhairt orainne nach bhfuil coir na éagcóir deánta againn." "Ní mian liom droch uchtach a thabhairt díbh," arsa Seoirse, "ach tá'n t-oifigeach sin comh cruaidh 'sa' chroidhe le carraic." "Tá'n chuma sin air," arsa Nóra, "ach nach breagh atá sé leigint duit-se fanacht 'sa' t-seomra linn." "Tá aithne agam air agus sin an t-ádhbhar," arsa Seóirse. "Maise is iongantach liom-sa," arsa Nóra, "nar bhfeárr leat gan fios a bheith ag a'n dhuine go bhfuil aithne agat ar a leithéid de fhear." Las Seóirse. "Ach," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "do bharamhail caidé an breitheamhnas a tugadh orainn?" "Ráchaidh mé anois go bfeicfidh me," arsa Seóirse, agus d'imthigh sé amach, dhruid an doras na dhiaidh agus mhothuigh Nóra agus a máthair a choiscéim ag 'ul síos an staighre. Chuaidh Nóra go dtí an doras annsin ach ní thiocfad léithe é a fhosgladh; bhí an glas air. "A máthair, tá'n glas ar an doras agus caithfidh sé go bhfuil Mac an Ghadaidhe cionntach fosta."
"A Nóra, a chroidhe, na h-abair sin. Tá mé oiread fríd a chéile go fóil nach bhfuil fhios agam caidé tá mé 'a dheánadh." "A mháthair, na bíodh eagla ar bith ort cuideochaidh Dia linn." "Rachaidmid ar ar nglúnaibh, a Nóra, a stór, agus iarrfaimid A chuidead, agus toil Dé go rabh deánta." Chuaidh an bheirt ar a nglúnaibh agus thoisigh siad ar an phaidrin, agus ghuidhe siad Dia agus an Mhaighdeán Mhuire go duthrachtach agus go cráibhtheach iad a shábhail ar olc ar ghuais agus ar éiric, agus ann a croidhe, bhí gach duine aca ag guidhe ar son an duine eile. Ní rabh ann ach é go rabh siad réidh leis an phaidrín nuair a tionntughadh an eochair 'sa' doras, fosgladh é agus shiubhail Seóirse agus an t-oifigeach isteach Bhí cuma ar an oifigeach go rabh sé níos gairbhe anois ma bhí a dhath ann na bhí sé an chead uair, ach bhí cuma ghruamdha ar Mhac an Ghadaidhe. "Thainig mé chugaibh anois," arsa'n t-oifigeach "leis an bhreitheamhnas a tugadh oraibh a innse díbh 'Sé an breitheamhnas a thug an chúirt oraibh go gcaitfidh gach duine agaibh seal chúig mbliadhan a chur díbh i gcarcair." Baineadh "och, och!" as Seoirse. "Cia thug an breitheamhnas sin orainn," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "agus gan sinn i láthair, agus caidé an cruthughadh bhí agaibh go rabh coir ar bith deánta againn?" "Ní sin mo gnaithe-sa," arsa'n t-oifigeach, "innse
díbh-se cia thug breitheamhnas oraibh, ach inniseochaidh mé seo díbh go rabh cruthughadh go leor go rabh coir deánta agaibh, agus na fiadhnaisí a thug an cruthúghadh sin ní chuirfimid a gcinn i nguais ag innse cia iad féin mar mhaithe libh-se." "A dhuine uasail," arsa Seóirse, "nach tusa an t-oifigeach agus an ceann urraidh atá ar a bhfuil de shaighiúiribh 'sa' chonndae, agus ar an ádhbhar sin thig leat-sa cé's mór do chumhacht trócáire a bheith agat ar dhaoinibh a rinne eagchoir agus gan fios aca go rabh siad 'a dheánadh. Ann do mhór throcáire na bí ro chruaidh ar na príosúnaigh atá annseo i láthair. Is sean cáirde de'n bhunadh sagainne iad, agus ann do mhór mhaitheas laghduigh a bpionús, agus rachaidh mise mé féin i mbannaidhibh nach ndeán siad 'san am atá le theacht rud ar bith i n-éadán an dlighe 'sa' tír seo a bhfuilmid uile go léir oiread i bhfáthach le siothchan a bheith innti." Tharraing an t-oifigeach amach córnán páipeár agus thoisig a dhearcadh ortha. "Ba mhaith liom go mór," arsa seisean, "áird a thabhairt ar do chuid cainnte, ach, caithfimid dlighe a bheith againn na ní bhéadh duine ar bith sábhailte, agus an choir atá deánta aca tá sí trom. Ar an ádhbhar sin tá eagla orm nach dtig liom a dhath a dheánadh." "Da dtiocfadh leat e," arsa Seóirse, "trócáire a bheith agat ortha an iarraidh seo bhéinn buidheach duit go bráth, agus ma thig sé ar mo sheal a choidhche a bheith ábalta rud ar bith a dheánadh ar do shon dheánfaidh mé oiread duit."
Bhí Nóra agus a máthair ag tabhairt buidheachais do Sheóirse in a gcroidhtibh, agus bhí Nóra í féin brónach anois go rabh sí comh cruaidh air agus bhí, agus bhí sí ag smaointeadh go mb'fhéidir go dearn sí éagchoir air. Shiubhail an t-oifigeach aníos agus síos an t-urlár uair no dhó agus cuma air go rabh sé ag smaointeadh. Sheasuigh sé. "a Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, ba mhaith liom a bheith trócáireach. Caidé tá tú 'a iarraidh orm a dheánadh leis na príosunaigh'?" "Tá" arsa Seóirse, "iad a leigean saor." Chuaidh an t-oifigeach ar splanncacha' mire. "Iad a leigean saor;" arsa seisean. "Da n-iarrfadh duine ar bith eile orm ach tusa a leithéid a rud a dheánadh, chuirfinn na phríosúin é. Ach dheánfaidh mé seo agus chuige na uaidh cha dtéidhim. Gheobhaidh na príosúnaigh cead a gcinn i mbárach ach sul a bfágh siad cead a gcinn, caithfidh siad lorg a lámh a fhágail a' tabhairt a bhfuil de mhaoin shaoghalta aca damh-sa go dtabhairfidh mise do'n riogh ghabhaltas é. A phríosúnaigh deánaigidh mbur gcómhairle féin anois cia aca chaithfidh sibh cúig bliadhna i bpríosún no bheirfidh sibh cia bith maoin shaoghalta atá agaibh do'n ríogh, ghabhaltas. Tiocfaidh mé arais annseo fá chionn leath-uaire le n-a shocrughadh." D'fhág sé iad annsin. "Tá sin féin cruaidh go leór," arsa Seóirse, "sibh a bheith saor ach a bheith gan pínghinn gan bonn, ach ar olcas é is feárr é na an príosún."
Ní rábh smaointeadh ag Nóra no a máthair anois ar airgead. Bheirfeadh siad a bhfaca siad ariamh ach an lá ar na mhárach a bheith ann agus a saoirse a bheith aca airíst. Thug siad buidheachas agus fiche do Sheóirse as a deárn sé ar a son. Ní thiocfadh le mo chroidhe e sheasamh," arsa Seoirse, "go rachadh sibh 'na' phríosúin; rachainn féin ann ar mbur son da dtiocfadh liom é, ach nuair nach bhfuil níos feárr le deánadh caithfimid gan leigean do mórán de mbur gcuid airgid a fhaghail." "Is cuma liom-sa fá airgead," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "ach níor mhaith liom mo leanbh a bheith 'na h-ualach ar dhuine ar bith." "Na cuireadh sin buaidhreadh ar bith ort, a mháthair, gheobhaimid oiread agus dheánfas gnaithe dúinn, agus chead an t-airgead a bheith aca." "Tá fhios agam," arsa Seóirse," gur cuma libh fá airgead ach caidé'n mhaith é a chathadh uaibh chuig an ríogh ghabhaltas. Cia'n áit a bhfuil mbur gcuid airgid agaibh agus cuideochaidh mé libh ma thig liom é?" "Tá sé go h-uile i mbanc i Luimneach a bhfuil d'athair 'na uachtárán air." "Is amhlaidh is feárr é"; arsa Seóirse, "sin mar is fusa damh-sa cuideadh libh. Bhfuil iomlan agaibh annsin?" "Tá iomlán a bhfuil againn annsin - corrughadh beag le cúig mhíle agus fiche." "Och!" arsa Seóire, char shíl mé go rabh rud ar bith cosamhail leis an oiread sin airgid agaibh. Caith- fidh mé smaointeadh ar dhóigh éigin le na shábhail díbh,
ba mhór an peacadh marbhtha an oiread sin airgid a leigean leis an ríogh ghabhaltas. Na h-innis do'n oifigeach go bhfuil an oiread sin agaibh; na leigigidh oraibh go bhfuil níos mó na cúig mhíle agaibh. Caithfidh mé deifre a dheánadh ma bhím i n-am le na shábhail díbh na is gairid go rabh an t-oifigeach annseo airíst Ráchaidh mé amach go dtí banc an Clocháin Léith an áit a bhfuil mo chuid airgid féin agam agus bféidir go dtiocfadh leis an uachtárán innse damh caidé ba chóir damh a dheánadh. Béidh mé arais comh luath géar agus thig liom." D'imthigh sé amach annsin agus d'fhág Nóra agus a máthair leo féin. Bhí uchtach acha anois na chreid siad go rabh Seóirse mar mhaithe leó, ach dá bhfeicfeadh siad é indiaidh a dhul amach dó, ní bhéadh mórán uchtaigh aca. Comh luath agus d'fhág Seóirse, thainig aoibh an gháire air agus chuaidh sé isteach chuig Casúr an áit a rabh seisean i gcionn a ghloine airíst. "Rinn tú sin go maith," arsa Casúr leis. "Rinn tusa do chuid féin de lán níos feárr. arsa Seóirse," agus tá me ag deánamh go bhfuil 'ach a'n rud ag 'ul i gceart anois Rachaidh mise suas ar ball agus gheobhaidh mé lorg a lámh ar son na fiche míle agus annsin thig leat-sa theacht isteach mo dhiaidh agus na cúig mhíle a fhághail, agus nuair a béas an t-iomlán againn roinnfimid é druim sgoilte." "Ólfaimid gloine eile os a chionn sin," arsa Casúr agus líon sé na gloiní go rabh maoil chómhair a bheith ortha, agus d'ól siad iad.
"Nuair a bhéas an t-airgead seo againn," arsa Casúr, "thig linn rud éiginteacht níos feárr na uisge beatha a fhághail le h-ól." "Thig linn," arsa Seóirse, "ar rogha rud a fhághail annsin." Bhí leabhar in a phóca ag Seóirse agus tharraing sé amach é. Ba leabhair díolaidheacht é de chuid an bainc a rabh a athair n-a uachtárán air. Dhearc sé ar an leabhar agus chuir sé arais in a phóca é. "Nar bhfeárr béile maidne a chuir suas chuca?" arsa Seóirse. "Creidim gur bhfeárr," arsa Casúr, "ach bfeárr liom gan mórán de na fearaibh fios a bheith aca fá dtaoibh daobhtha go rabh sinn réidh leó." "Cuirfimid suas fear de na saighdiúiribh leis," arsa Seóirse, "agus chead aige é a fhágail taobh astuigh de'n doras agus pilleadh airíst." Chuir. D'fhág an saighdiúir tae agus arán taobh astuigh de'n doras, agus indiaidh ráidhte leó gur sin a mbéile maidne d'imthigh sé gan níos mo moille a dheánadh. Ba bhuaidh buadhacht le Nóra agus a máthair an tae a fhághail. Bhí thart ortha agus iad claoidhte amach indhiaid ar fhulaing siad. D'ól siad an tae ach ní thiocfad leóbhtha greim ar bith de'n arán a íthe. Go díreach nuair a bhí siad réidh leis an tae thainig Mac an Ghadaidhe isteach agus cuma air go rabh sé fá dheifre mhóir. "An bhfuil mé i n-am;" arsa seisean, "an rabh an t-oifigeach annso o shoin?" "Ní rabh sé annseo go fóil," arsa Nóra.
"Tá an t-ádh orainn mar sin de," arsa Seóirse "Tá mé indiaidh bainc an Chlocháin Léith a fhágail agus thug an t-uachtaran an leabhar seo damh - leabhar díol- aidheacht bainc Luimhnigh. Agus 'sé an chómhairle chuir sé oraibh an t-airgead a thabhairt damh-sa in m'ainm féin agus annsin chead agam-sa é a thabhairt dó-san agus go mbéadh sé sábhailte aige-sean fá mbur gcoinne. Caithfimid deifre a dheánadh sul a dtigidh an t-oifigeach isteach orainn. Nuair a bhéas an t- airgead ann m'ainm-se cha dtig leis baint leis." Sgríobh sé fiche míle punnt 'sa' leabhar annsin ag rádh nach bhfóirfeadh sé iomlán a sgríobh ann, agus go sílfeadh an t-oifigeach nach rabh aca ach na cúig mhíle agus nach mbéadh sé ag súil le níos mó. Chuir Nóra agus a máthair a n-ainmneacha leis annsin, agus chuir Seóirse an leabhar in a phóca. Ní rabh sé ann a phóca i gceart aige nuair a thainig an t-oifigeach isteach. "Caidé tá sibh ag 'ul a dheánadh," arsa seisean leis na príosúnaigh, "cia aca rachaidh sibh 'na' phríosúin no bheirfidh sibh mbur gcuid maoine do'n riogh ghabhaltas?" "Dheánfaimid seort ar bith," arsa Bean Uí Dhroscoill "acht fághail amach as seo." "Tchím," arsa'n t-oifigeach. "Caidé an méid saidhbhris atá le mbur n-ainm?" "Tá fá thuairim cúig mhíle againn," arsa Bean Uí Dhrioscoill. "Tá sé gann go leór. Ca bhfuil sé agaibh?" arsa'n t-oifigeach. H-inniseadh dó ca rabh sé, agus arsa seisean,
"Cuirigidh mbur n-ainmneacha le seo," agus rinne Nóra agus a máthair sin gan feiceáil go rabh na cúig mhíle sgríobhtha aige air sul a dtainig sé isteach, agus gur duilleóg a bhí ann as an leabhar a bhí ag Mac an Ghadaidhe. Chuir sé an duilleóg in a phóca annsin agus d'innis dóbhtha go bhfuigheadh siad cead a gcinn lá ar na mhárach nuair a bhéadh sgéala aige ó'n bhanc i Luimneach go rabh an t-airgead annsin. Chuaid sé amach as an t-seomra. Chuaidh Seóirse 'na dhiaidh ach sul ar imthigh sé dubhairt sé leis na príosúnaigh' go rabh 'ach a'n rud i gceart, go mbéadh siad saor lá ar na mhárach, agus go dtiocfadh sé gan mhoill le rudaibh a dheánfadh an áit comh sócamhlach dóbhtha ar feadh seal oidhche agus b'fhéidir a leithéid 'e áit a dheánadh. D'imthigh Casúr agus Seóirse 'na' Chlocháin Léith annsin agus iad breágh sásta leó féin as an obair a bhí deánta aca. Bhí siad annsin eadar dhá intinn cia aca d'imtheochadh Seóirse an oidhche sin leis an airgead a fhághail no d'fhanfadh sé go dtí lá ar na mhárach. Comh luath agus chuaidh siad fhad leis an Chlochán Liath, chuir Seóirse teachtaireacht chuig an athair gur pósadh é fhéin agus Nóra Ní Dhrioscoill, go rabh siad ag fágail le cuairt a thabhairt ar an bhaile, agus é a bheith ag suil leó lá ar na mhárach no lá ar a n-oirthear. Chuaidh siad isteach go toigh an ósta annsin, d'órduigh buideál uisge bheatha agus thoisigh dh'ól fá shult. Bhí siad ag dréim le oidhche mhór a bheith aca no rinn siad amach gur bhfeárr do Sheóirse gan an baile a fhágail go maidín.
An trathnóna céadna sul ar fhág Casúr agus Seóirse an teach ósta, shiubhail beirt fhear isteach 'un t-seomra a rabh siad ag ól ann, agus sul ar mhothuigh Casúr agus Seóirse bhí siad gaibhte agus ceangailte. Nuair a chonnaic siad go rabh siad gaibhte, chuirfeadh a gcuid mionna mór creathnadh ar dhuine, agus nuair a chonnaic siad go rabh Oisín ar fhear de na fearaibh a bheir ortha bhí siad seacht n-uaire níos measa. Bhíos ag Maicín gur aithin siad é agus rinne sé gáire, ach char labhair sé. "Ní bhéidh mórán ádhbhair gáire agat nuair a bhéas cead ar gcinn linne airíst," arsa Seóirse. "Ní bhéid," arsa Casúr, íocfaidh sé go géar goirt ar a shon seo." Níor labhair Maicín, ach thug sé féin agus Fear na Fídeóige amach an bealach cúil iad. Ní rabh sé ó sholas i gceart an oidhche sin nuair a bhí an spéir lasta leis na solais 'a bhithear 'a sgaoileadh 'un áirde shíos ag Ailt a' Racha. Mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, bhí na carrannaí móra dá bhfághail réidh 'sna beiriceachaibh. Léim saighdiúiri dúbha agus buidhe faoi na gcuid airm agus éadaigh isteach 'sna carrannaibh, agus thiomáin leo mar bhéadh caor theineadh ann ag tarraingt ar Ailt a' Racha, an áit a rabh siad ag deánamh go rabhthar ag cur cruaidh ar a gcuid fear annsin. Níor fhan ann a ndiaidh ach deichneabhar fear i mbeiric Chroch Uí Bhaoighill agus fá thuairim an oiread chéadna i mbeiric na h-Ailte Móire. Bhí ceithre mhíle aca le dhul le fághail
go beiric Ailt a' Racha, ach ma bhí féin, ní rabh siad i bhfad ag cur na gceithre mhíle sin tharsta. Ní rabh faill aca a bheith i gceart ag Ailt a' Racha nuair a thiomáin carr mór fá dheifre suas fhad le geata bheirice Chroch-Uí-Bhaoighill agus seisear fear ann, cultacha saighdiúr ortha, agus iad faoi na gcuid airm agus éadaigh. Shéid an tiománaidhe adharc na fosgailte, agus d'fhosgail saighdiúir dubh an geata i mbomaite. I n-áit tiomáint suas go dtí an ceann thiar de'n bheirice le na charr a chuir i gcuideachta na codach eile, thiomáin an tiománaidhe go gasta go dtí'n taobh thoir agus bhain stad as an charr nuair a chor sé giall na beinne. Léim an seisear fear ó'n charr agus bhí an bheirt fhear a bhí ar gárda ar chúl na beirice na bpríosúnach cean- gailte, a gcuid airm caillte aca agus iad na luighe i n-áit shábhailte chois an bhalla sul a rabh faill aca smaointeadh caidé bhí ag 'ul ar aghaidh. 'San am chéadna, bhí urchair dá sgaoileadh fa bheirice na h-Ailte Móire. Chonnaic na saighdiúiri a bhí 'sa' bheiric go rabh rud eiginteacht cearr, amach leó go dtí an doras, thosnuigh siad ag sgaoileadh ach ní rabh a gcuid urchar ach ag baint léabthach as giall na beirice. Bhí urchair ag teacht ó'n taobh a rabh an carr air a bhí ag deánadh an chleas chéadna, agus cuid eile aca a bhí ag greadadh i n-éadán an gheata ar dhóigh gur thaisbean siad nar b'fhéidir le duine ar bith a dhul an bealach sin. Chaith Nóra agus a máthair an chead chuid de'n trathnóna fá uchtach na bhí siad ag deanamh nach mbéadh
sé i bhfad go mbéadh cead a gcinn aca airís. Ach de réir mar bhí an trathnóna 'a chaitheamh agus gan iomrádh ar bith ag Mac an Ghadaidhe pilleadh, na rud ar bith a chur chuca mar gheall sé, bhí siad ag éirghe gruamdha, agus le teacht na h-oidhche bhí siad ag cailleadh uchtaighe. De réir mar bhí Nóra ag cailleadh uchtaighe sin mar ba mhó bhí sí ag tabhairt uchtaighe do n-a máthair. Ach ar mhéad agus bhí de ghrád ag a máthair ar Nóra ariamh, bhí a sheacht n-oiread aici uirthi anois. Ba chuma léithe fá dtaobh duithe féin; ní rabh dhath ar bith ag cur bhuadhartha uirthi ach a leanbh, no indheoin nar thrácht sí air bhí sí cinnte anois go deárn Seóirse feall ortha. Bhí rud éighinteacht ag innse duithe go deárn, agus ma rinne sé feall amháin níor mhaith smaointeadh ar caide nach dtiocfadh leis a dheánadh. Bhí sé ag 'ul o sholas anois. Ní rabh oiread agus coiscéim le cluinstéin fá'n áit ach coiscéimeacha na saighdiúr a bhí ar gárda ar an fhuinneóig. Bhi Nóra agus a máthair na suidhe ar cholbha na leabtha. Thug Nóra fá ndeára deór ag sileadh anuas gruaidh a máthara. Ní thiocfadh léithe féin é a sheasadh níos fuide. Bhí an bheirt aca anois agus a gcuid lámh thart ar a chéile, agus iad ag gul go dúbhrónach sin go rabh gach osna a bhithear 'a bhaint as duine aca ag briseadh croidhe an duine eile. Le sin bainead léim asta. Mhothuigh siad shíos faobhtha fir ag ríth annsud agus annseo, tormán airm agus cnúdán carrannaí. Thainig uchtach chuca arais, ní rabh fhios aca cad chuige, ach níor mhair an
uchtach i bhfad. Mhothuigh siad tormán na gcarr ag imtheacht, agus bhí an tormán ag éirghe níos lugha agus níos lúgha go dtí nach rabh sé le cloistin ar chor ar bith, agus bhí 'ach a'n rud comh socair agus comh uaigneac agus bhí ariamh. "Deirfimid an paidrín, i n-ainm Dé, a thaiscí mhilis, 'se a bhfuil de chuidead againn é anois." "Deirfidh, a mháthair, agus ní h-eagal dúinn." Ma dubhradh an paidrín go craibhtheach ariamh dubhradh é an uair sin. Ní thiocfadh le Máthair Dé gan éisteacht leó, ghuidhe siad í comh duthrachtach sin cuideadh leó. Ní rabh ann ach é go rabh an paidrín críochnuighthe aca nuair a mhothuigh siad tormán carr ag teacht isteach, agus shíl siad gur ceann de na carrannaibh a d'imhthigh a bhí ann ag pilleadh. Le sin mhothuigh siad na h-urcháir. "Go gcumhdaidh Dia sinn," arsa gach duine aca. Rith Nóra go dtí'n fhuinneóg agus d'amharc sí síos. Chonnaic sí carr agus fir annsin, agus fear amháin faoi'n fhuinneóig a sgairt léithe go rabh tárrtháil ag tarraint ortha. D'aithin Nóra a ghlór agus rith sí anonn chuig a máthair agus chuir a dá láimh thart uirthi. "A mháthair mhuirneach, támuid sábhailte, sin Maicín." "Míle altughadh duit, a Dhia! an bhfuil tú cinnte gurb é ta ann a Nóra?" "Tá." Mhothuigh siad na h-urchair ag 'ul annsin comh tiugh sin agus nach rabh cunntas ortha, agus mhothuigh siad mar bhéadh duine ag tiomáint rud éiginteacht isteach 'sa' bhalla faoi'n fhuinneóig. Chuaidh an bheirt anonn
na fuinneóige ach sgairteadh ortha a dhul ar gcúl. Le sin bualadh cupla buille ar an fhuinneóig, briseadh na ghiotaibh í, fuair Maicín greim ar urlár na fuinneóige agus thóg é féin isteach 'un t-seomra. D'iarr sé ortha gan bogadh bomaite agus gur ghairid go mbéadh siad sábhailte. Ní rabh Nóra na a máthair ábalta mórán a rádh ar sgor ar bith bhí an oiread sin lúthgháire ortha. Aníos ar shálaibh Mhaicín an bealach céadna tháinig Fear na Fídeóige, agus isteach 'un t-seomra. Le sin mothuigheadh fir ag rith aníos an staighre. Rith Maicín agus Fear na Fídeóige in a n-aircis agus d'fhosgail an doras le urchar amháin. Ní rabh siad bomaite ro luath. Bhí seisear saighdiúr ag teacht aníos an staighre agus a gcuid gunnaidhe fada leo. Bhí an [chead bheirt ag an chorugadh ag bárr an staighre nuair a thug Maicín an t-órdughadh dóbhtha seasamh. Rinne siad sin ar an bhomaite mar nach rabh níos fearr le deánadh aca, no bhí an staighre cúmhang agus ní bhéadh siad ábalta a gcuid gunnaidhe a thabhairt thart le sgaoileadh. D'órduigh sé dóbhtha a gcuid airm a chathadh síos agus rinne siad sin. Léim sé féin agus Fear na Fídeóige annsin amach os a gcoinne agus d'órduigh do na saighdiuiribh eile a gcuid gunnaidhe a chaitheamh síos rud a rinne. B'éigin dóbhtha sin a dheánadh na bhí Maicín agus Fear na Fídeóige ar sgáth an da shaighdiúr a chor siad thart ag bár an staighre. Ar an sgáth sin ní thiocfadh le rud ar bith baint leó agus 'san am cheadna bhí iomlán na bhfear faoi na smacht. Thug siad ar an t-steisear siubhal
síos an staighre annsin airíst, chuir isteach i seomra iad a bhí ag bun an staighre, agus chuir an glas ar an doras. Chuaidh Maicín agus Fear na Fídeóige amach annsin ar dhoras na beirice, agus mar nach rabh an cheathrar fear a bhí ag sgaoileadh annsin agus a gcúl leis an doras, ag suil go dtiocfadh a námhaid a bealach sin, ní rabh sé deachair lámh an uachtair a fhághail ortha. Fuair siad lámh an uachtair ortha agus chuir isteach 'sa' t-seomra chéadna iad a rabh an chuid eile de na saighdiúiribh. Rinn Fear na Fídeóige fead. Léim na fir ar an charr agus thiomáin amach go dtí an geata. Chuaidh Maicín fá dhéin Nóra agus a máthara, thug amach agus chuir ar an charr iad. D'fhosgail Fear na Fídeóige an geata, léim sé féin agus Maicín isteach ar an charr agus thiomáin an t-iomlán leó. Nuair a chuaidh na saighdiúirí a d'fhág Croch-Uí- Bhaoighill agus an Ailt Mhór fhad le Ailt a' Racha ní rabh rud ar bith cearr annsin. Bhí fhios aca annsin gur h-imreadh cleas ortha agus thug siad iarraidh ar an bhaile comh tiugh gear agus thainig leó. Ach nuair a bhí siad leath bealaigh ar an bhealach na bhaile baineadh stad as an charr tosaigh. Bhí díog mhór geárrtha trasna an bhealaigh mhóir. Líonadh an díog agus thiomáin siad leó airíst, ach ag an chead chorrughadh eile ins an bhealach bhí díog mhór eile geárrtha. Bhain sin moill mhór eile asta, agus nuair a bhain siad an baile amach bhí a gcuid fear a d'fhág siad na ndiaidh i mBeiric Chroch-Uí-Bhaoighill faoi ghlas, an bheirt a d'fhág siad ar gárda na luighe ar an talamh agus
iad ceangailte, agus na príosúnaigh ar fághail. Chualaidh siad ó na fearaibh a d'fhág siad na diaidh 'san Ailt Mhóir go rabh daoiní éiginteacht ag sgaoileadh leis an bheiric sin ó d'fhág siad agus nach rabh sé i bhfad o stad siad. Ní rabh duine ar bith marbh agus níor loiteadh a'n dhuine, ach d'fhág Maicín sgéala na dhiaidh i mbeiric Chroch-Uí-Bhaoighill go rabh Casúr na Coille Glaise agus Seóirse Mac an Ghadaidhe gaibhthe cionnus príosúnaigh a dheánadh de Bhean Uí Dhrioscoill agus a níghean agus gan coir ar bith deánta aca. "Maise, go rabh mar sin dóbhtha!" arsa'n t-oifigeach a bhí ar na saighdiúiribh, "ní rabh bomaite suaimhnis againn ó chonnaic sinn an chead amharc ortha." Indiaidh breithe ar Chasur agus ar Sheóirse, tugadh amach na gcnoc iad agus cuireadh isteach i dteach fholamh iad. Baineadh an ceangal daobhtha ach sul ar baineadh an ceangal daobhtha bainead duilleógaí na díolaidheachta daobhtha ar chuir Nóra agus a máthair a n-ainmneacha leo. Fágadh biadh agus deoch ar thábla aca; cuireadh an glas ar an doras agus cuireadh gárda ar an teach. Ní thainig daoiní atá cionntach 'san eagchóir chéadna ariamh le chéile lá an chruaidhteáin, agus ba é do Chasúr é agus do Mhac an Ghadaidhe é. Dubhairt Seóirse go mbéadh sé saor agus ar shiubhal go Luimneach leis an airgead a fhághail ach go bé Casúr, agus nach rabh fhios aige anois caidé d'éireóchadh dó, agus dá bhfághadh sé cead a chinn féin anois go rabh an t-airgead caillte air. D'fhreagar Chasúr nar chuir seisean bac ar
bith air, agus ach go bé é nach mbéadh baint na roinnt aige leis an chleas mhalluighthe a rinneadh ar Bhean Uí Dhrioscoill agus a níghean, agus nach mbéadh sé gaibhthe anois. Thug Seóirse bréagach dó, agus dubhairt gur Casúr a rinne spíodóir de; agus ó bheagán go mórán go dtí gur thóg Seóirse pláta ó'n tábla, chrag Casúr leis 'san ághaidh agus rinne céad giota de'n phláta. Thug Casúr iarraidh air annsin agus fuair an bheirt fhear greim ar a chéile. Bhí an bheirt aca ar mire le feirg. Bhí fearg ortha nach dtig a chlaoidh go dtigidh laige intinne ar an duine a bhfuil sí air, no laige a phágas an corp ar a leithéid de dhóig nach bhfuil mothugadh na urradh fágtha ann. Bhí Casúr ag fághail bhuaidhe ar Mhac an Ghadaidhe. Bhí sé lúbtha anonn ar an tábla aige agus a dhá órdóig sáithte ann a mhuineál aige 'a theachadh. Ní rabh cuma críostaidhe ar Chasúr; ghlacfá a dhul go fíor íochtar ifrinn le n-a chómh-chos- amhlacht a fhághail. Agus bhí cuma níos measa - ma b'fhéidir é a bheith níos measa - ar Sheóirse. Bhí a dhá shúil ag 'ul amach ar a chionn agus chuirfeadh an t-amharc a bhí ionnta nuair nach dtiocfadh leis Casúr a mharbhadh creathnúghadh ar dhuine, agus bhí a theanga amuigh ar thaobh a bhéil leis an tachtadh a bhí sé 'a fhághail. Shleamhnuigh an tábla, d'éirigh sé ar a churr agus thuit an bheirt fhear ar an urlár. Mhothuig an gárda an tormán agus ríth siad anuas ó'n árd a rabh siad na seasamh air go dtí an teach go bfeicfeadh siad goidé bhí cearr. Nuair a d'amharc siad isteach ar an fhuinneóig chonnaic siad an bheirt i bfasta in a chéile ar an urlár. D'fhosgail siad an doras comh gasta agus tháinig leó, agus chuaidh siad isteach, ach
bhí siad ro mhall le tárrtháil a thabhairt ar cheachtar aca. Nuair a d'imthigh an tábla as faobhtha, thuit Seóirse ar an urlár agus Casúr in a mhullach, ach nuair a bhí siad ag tuitim sgaoil greim Chasúir bomaite agus fuair Seóirse anál leis, agus bheir sé ar ghiota de'n phláta bhriste a bhí le na thaoibh. Ach bhí greim ag Casúr air airíst agus theann sé comh cruaidh ar a sgeadamán agus tháinig leis. Dheinn Seóirse an giota phláta isteach i muineál Chasúir faoi'n chluais. Bhí Seóirse ins na smeathannaibh deairennacha anois, ach dheinn sé an giota phláta, agus é ag tarraint na h-anála dheireannaighe, isteach i muineál Chasúir go rabh a mhéara astuigh 'sa' pholl a rinn sé. Tháinig brúcht fola amach ar a bhéal agus ar a shróin, agus thóg an bás leis é. Thuit ceann Chasúr. D'fhiach sé le h-éirigh ach ní rabh sé ábalta. Thóg an gárda é ach bhí sé maol marbh in a lámhaibh. Bhí an fhuil ag sceárdadh amach as a mhuineál agus d'fhág siad na luighe ar an urlár airíst é. Chuir sé rois mhillteanach mionna mór as. Thóg sé a cheann ag iarraidh a anal a tharraint. Rinn sé glugarnach scáthmhar ann a sgeadamán. Thuit a cheann airíst agus shíothluigh se. Oidhche ar na mhárach cuireadh cómhnair ar gach duine aca, agus tugadh amach iad agus cuireadh an bheirt taobh ar thaoibh le na chéile. Tá an uaigh le feiceáil annsin ag an tsaoghal mhór i gcúl na beinne móire, agus balla thart fá dtaobh duithe. Nuair a bhíos daoiní ag 'ul thart léithe ar an bhealach mhór atá le na taoibh, ní labhaireann siad ach i gcogar, agus gidh gur cuireadh scraith ghlas uirthi, níor fhás a'n ghas féir
ariamh ar an uaigh sin a bhfuil innti cnamha Chasúir na Coille Glaise agus Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, an dá spíodóir a rinn marbh ar a chéile, a' léaghadh agus ag fanacht ar lá mór an bhreitheamhnais. Nuair a d'fhág Maicín agus a chuid fear beiric Chroch Uí-Bhaoighill le Bean Uí Dhrioscoill agus a níghean, thiomáin siad isteach 'na Chlocháin Léith, agus d'fhág an carr mór a bhí coirighthe aca mar carr saighdiúr ann, ins an áit a bfuair siad é, agus mar fuair siad é. Annsin fuair siad carr beag agus thiomáin siad Nóra agus a máthair soir bealach na gcnoc agus d'fhág 'sa' bhaile iad. D'fhan Maicín agus triúr de na fearaibh fá'n teach go maidín le cuideachta a choingbheáil leo na bhí an bheirt aca i bhfad fríd a chéile indhiaid a dtáinig siad fríd. D'fhiach siad fiche uair le buideachas a thabairt do Mhaicín agus a chuid fear ach ní rabh siad ábalta. Bhí siad ro bhuidheach dóbhtha e bheith ábalta innse caidé comh buidheach agus bhí siad dóbhtha. Bhí fhios ag Maicín sin agus choinbhuigh sé iad ag cainnt ar sud agus seo rith an ama gan trácht ariamh a dheánadh ar rud ar bith a thárla an lá sin no an lá roimh-ré. Lá ar na n-óirthear d'fhág Bean Uí Dhriocsoill agus a níghean an teach mór agus chuaidh na bhaile go Luimneach. Bhí Maicín annsin ar maidín nuair a bhí siad ag imtheacht na dubhairt Bean Uí Dhrioscoill gur mhaith léithe é a fheiceáil airíst sul a bhfágfadh siad. Bhí siad réidh le h-imtheacht agus an carr ag fanacht ortha, ach ní thainig Maicín go fóil. "A Nóra, ní'l fhios agam an dtiocfaidh Maicín?"
"Tiocfaidh cinnte, a mháthair, dubhairt sé go dtioc- fadh se." Le sin tcí siad Maicín ag tarraint ortha: bhí sé ag na dtaobh anois: bhí siad ag cainnt ach ar dhóigh éiginteacht ní thiocfadh le ceachtar aca mórán a rádh. Chuaidh Bean Uí Dhriocsoill isteach ar an charr; annsin chuaid Nóra isteach. Chraith siad lámh le Maicín. Bhí siad ag imtheacht. "An bhfeicfidhmid go bráthach arais thú?" arsa Bean Uí Dhrioscoill. "Le cuideadh Dé tchifidh," arsa Maicín. "An dtiocfaidh tú dh'amharc orainn, a Mhaicín?" arsa Nóra. "Tiocfaid." Bhí an carr ar shiubhail. Sheasuigh Maicín 'san áit a rabh sé ag amharc na ndhiaidh go deachaidh siad as amharc thart corughadh an bhealaigh mhóir. Agus bhí bean de'n bheirt a bhí ar an charr ag amharc na diaidh nuair a bhí an carr ag 'ul as amharc.
Cuairt. Tráthnóna lá Samhna a bhí ann. Bhí sé ag sioc o tháinig an tráthnóna agus bhí flichneadh sneachta leis an ghaoith anois. Bhí Bean Uí Dhriscoill agus a níghean 'sa' bhaile na suidhe fá ghiota bheag de theinidh mhóir a rabh cupla smután innti. Bhí Nóra ar thaobh na fuinneóige de'n teinidh agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig síos a' bealach mór. Bhí sé chómhair a bheith bliadhain go leith anois o d'fhág siad an teach mór, ach má bhí féin ní rabh athrughadh ar bith le feiceáil ar a'n dhuine aca ach go mb'fhéidir go rabh cuid gruaige na máthara rud éiginteacht níos gile, agus go rabh Nóra níos dóighea- mhala má bhí a dhath ann. "A Nóra nach iongantach nach dtáinig Maicín riamh dh'amharc orainn agus 'ach a'n rud socair 'sa' tír anois?" "Tiocfaidh sé a mháthair na dubhairt sé go dtiocfadh." Ní rabh ann ach é go rabh an chainnt deánta aici nuair a chonnaic sí an fear ag teacht aníos an bealach mór ag tarraint ar an teach. D'aithin Nóra ar an bhomaite é. D'éirigh sí na seasamh.
"A mháthair seo anois é." "Cia?" "Maicín. Tar annseo go bhfeicfidh tú." Chuaidh Bean Uí Dhrioscoill go dtí an fhuinneóg. "An é atá ann?" "'Se cinnte, a mháthair." "'Sé cinnte, thcím féin anois gur bé. Rith a Nóra agus fosgail an doras do." Ní rabh Nóra i bhfad ag 'ul 'un dorais agus 'a fhosgladh. Sheasuigh sí go dtáinig Maicín fhad léithe. Ní rabh áthrughadh ar bith airsean ach oiread, ach go rabh cuma níos sine agus níos cruaidhe air, agus go rabh sé níos tainidhe fá'n aghaidh anois. "Cead míle fáilte romhat, a Mhaicín." "Go rabh maith agat, a Nóra." Tháinig Bean Uí Dhrioscoill 'un dorais annsin. "Míle glóir do Dhia go bfeicim thú slán airíst." "Buidheachas do'n Righ go bhfeicim sibh féin slán airist," arsa Maicín. Chuaidh siad isteach agus shuidh siad ag an teinidh Ní íosfadh Maicín greim ar bith na dubhairt sé nach rabh sé ach indiaidh a bheith ag ithe. Chan siad ar fhiche rud go dtí 'sa' deireadh gur thrácht Bean Uí Dhrioscoill ar mar shábhail Maicín iad nuair a bhí siad i mbeiric Chroch-Uí-Bhaoighill. "B'fheidir gur mar mháithe liom féin a rinne mé sin," arsa Maicín. Léoga ní rabh tú ag smaointeadh ort fhéin agus ní shamhlóchainn duit e," arsa Bean Uí Dhrioscoill
Bhí duine éighinteacht ag an doras agus chuaidh Bean Uí Drioscoill amach go bfeicfeadh sí cia bhí ann. Nuair a chonnaic sí gur bean bhocht a bhí ann agus í chómhair a bheit siocaidh leis an fhuacht, thug sí isteach na cisteanadh í, rinn tae, thug duithe é agus d'fhág na suidhe ag an teinidh í le na goradh a dheánadh. Nuair a phill Bean Uí Dhrioscoill isteach 'un t- seomra bhí Maicín na sheasadh agus a chúl leis an teinidh, agus arsa sise, "Ar ndóigh ní'l tú ag imtheacht?" "Ní'l go fóil muna gcuireann tusa ar shiubhal me," arsa Maicín. "Tá shúil agam nach dtig' an lá sin go bráthach le cuidead Dé," arsa Bean Uí Dhrioscoill. "An dtabhairfid tú do bheannacht damh féin agus do Nóra?" arsa Maicín. Dhearc sí ar Nóra: ní rabh an dara amharc a dhith uirthi. Bheirfidh mé mo leanbh fá bheannacht duit agus míle fáilte agus go rabh beannacht Dé agus na Maighdeana Muire oraibh fosta. Mí ó'n lá sin pósadh Oisín agus Nóra, agus lá an phósta bhí cras bheag de shíoda dhubh ag Oisín ar a mhuinchille. Ní rabh fhios ag a'n dhuine ach é féin agus Nóra go rabh an chras bheag dhubh annsin, i gcuimhne Fhir na Fídeóige a cailleadh ag an bhriseadh dheireannach a bhí taobh amuigh de bhallaibh Luimhnigh.
'Sé tús agus deireadh an t-saoghail é. Fá chupla oidhche de Oidhche'n Nodlag, bhí cruinneadh fear astuigh i dtoigh a' tsiopa ag áirneál mar ba ghnáthach. Bhí Cathaoir Ua Dubhthaigh agus Feilimidh na Míne annsin fosta agus ní rabh siad ag teacht le chéile ach oiread agus mar bhí siad ariamh. Bhí Cathaoir i gcómhnuidhe ag cainnt ar na fearaibh a bhí ann i bhfad o shoin, ach b'fheárr le Feilimidh a bheith ag cainnt ar fhearaibh an lae indiu. Bhí óg agus sean cleachtuighthe a bheith ag éisteacht leo ar an ealadhain sin, agus ba mhór an chuid chuideachta dóbhtha an bheirt. Bhí a rabh astuigh ag éisteacht leo anois gan a dhath a rádh ach duine a deirfeadh rud éighinteacht anois agus airíst le na gcoingbheáil le chéile nuair a bhéad cuma ortha go rabh sé ag socrughadh. Bhí Feilimidh ag cur comh cruaidh sin air anois gur b'éigin do Chathaoir a dhul ar gcúl fhad leis na Fiannaibh le fir a fhághail a rinn éachtaí a bhí ion-churtha leis na h-éachtaí a rinn na fir, a rabh Feilimidh ag trácht ortha, 'sa' chogadh dheireannach. "Na buadhair sinn," arsa Feilimidh, "tá do chuid sgéalta comh h-eachrannach le do tharngaireacht."
"Ní'l a dhath cearr leis an tarngaireacht," arsa Cathaoir, "ní'l ort acht díoghbhail nach dtuigeann tú í." "Agus cad chuige," arsa Feilimidh, "nach bhfuil trácht ar bith air innti fá Éire a bheith saor airíst?" "Ní'l sé deacair léigheadh ar sin;" arsa Cataoir, "sin pionús a chuir Dia ar Cholm Cille cionnus go rabh sé ro theintrighe nuair a bhí sé óg; ba sin an t-amharc a b'áil le na chroidhe ach ní bhfuair sé an taisbeánadh sin." "Bhfuil fios agat caidé tá mé ag 'ul a innse duit, a Chathaoir," arsa Feilimidh, "tá mé ag deánamh go bhfuil tú ag 'ul 'san aois leanbaidhe." "Ma bhíonn comh beag ag cur bhuadhartha orm san aois sin agus bhí nuair a bhí mé mo leanbh," arsa Cathaoir," dá luadhas a dtiocfaidh sé, is amhlaidh is feárr é." Bhí aire gach duine dá rabh astuigh an oiread sin ar Chathaoir agus ar Fheilimidh nach dtug siad fá ndeára fear ag teacht isteach go rabh sé n-a sheasamh i lár an urláir. "Dia 'sa' teach," arsa seisean. Bhí an oiread sin iongantais ortha nach rabh a'n dhuine aca ábalta labhairt ar feadh bomaite. Fear a' toighe a labhair ar dtús. "Maise go mbeannuigh Dia agus Muire dhuit a dhuine mhodhamhail agus céad míle fáilte romhat arais airíst." D'éirigh siad uile go léir agus chraith siad lámh leis, agus a seacht sáith lúthgháire a bhí ortha é a fheiceáil
airíst. Ach chómhair a bheith nach dtiocfadh leo chreidbheáil gur bhé an Bacach Ruadh a bhí ann. Ní rabh cuma a dhath amháin níos sine air, ach cuma dheich mbliadna níos óige a bhí air ó chonnaic siad é go deireannach. Bhí an fhéasóg ruadh air chómhair a bheith comh fada agus bhí sí ariamh ach bhí sí sgiobtha go ceannasgach aige, bhí culaidh bhréagh éudaigh air agus é glan órdamhail ar 'ach uile dhóigh. Cuireadh é na shuidhe ag an teinidh agus cuireadh an oiread sin ceasteanna air, nach rabh sé ábalta an cúigeadh cuid déag aca a fhuasgladh bhí siad ag teacht comh tiugh sin air. "Innis dúinn," arsa Bean a' toighe, "fá Mhaicín má chonnaic tú é, no má chuala tú iomrádh i naon áit da rabh tú caidé d'éirigh dó ar chor ar bith." "Chuala mé fá Mhaicín agus chonnaic mé é. Tá sé go maith agus sin a n-inniseóchaidh mé dibh fá dtaobh de anois." "Maise, míle altughadh duit a Dhia," arsa bean a' toige, "nach cuma linn ach é a bheith go maith." "Maise," arsa'n chuid eile, "ba mhór an truaighe a dhath a bheith air ba bhréagh an fear é." "Tá sé iomráidhtheach," arsa Feilimidh. "Ba an fear a b'fheárr é a shiubhail bealach mór na gcnoc ariamh," arsa fear a' toige. "Bhí sé ortha," arsa Cathaoir. "Bhí," arsa'n Bacach, "agus ar an fhear a ba bhréaghta measg togha na bhfear a sheasuigh cliú na tíre nuair is mo a bhí sí riamh i ngéibheann." "An bhfeicfimid go bráthach arais é?" arsa bean a' toighe.
"Tcífidh," arsa'n Bacach agus ní'l an lá sin ibhfad amuigh, "agus d'éirigh sé le h-imtheacht." "Nac dtig leat fanacht 'san áit a bhfuil tú go maidín" arsa bean a' toighe, "cá mbeitheá ag 'ul fá'n am seo de oidhche." "Caithfidh mé a dhul soir 'un toigh mhóir," arsa'n Bacach. "Ní dheárn mé acht theacht isteach ar mo choiscéim go bhfeicfinn caidé mar bhí sibh uilig." "Maise tá fáilte agat fanacht go maidín," arsa fear a' toighe, "agus ar sgor ar bith ní'l a'n dhuine 'sa' teach mhór agus ní rabh le bliadhain go leith ó d'fhág Bean Uí Dhrioscoill é. "Is goirid go rabh," arsa'n Bacach. "Slán codalta agaibh uile go léir," agus d'imthig sé leis soir. "Maise go soirbhigh Dia duit," arsa bunadh an toighe, "agus na bíodh sé ibhfad go rabh tú arais. "Ní'l fhios agam caidé atá ag tabhairt an Bhacaigh an toigh mhóir?" arsa Feilimidh. "Maise, chan fhuil fhios agam," arsa fear an tsiopa, "agus cuala mé an lá fá dheireadh gur le fear de chlainn - tá a shloineadh fríd mo chionn. Ní'l cuimhne chinn ar bith agam, ach tá fhios agam go bhfuil daoiní de a shloineadh 'sna cnuic agus gur Oisín an t-ainm baiste atá air. Chuala mé ar sgór ar bith gur leis an teach mór." "Creidim," arsa Cathaoir, "gur fear de chuid Bhaile Atha Cliath a bhéas ann; tá maith 'ach a'n seort aca. Fuair siad buaidh ar Shasainn ach má fuair féin, níor fhág siad iad féin ar an anás."
"Ní rabh tú ariamh gan bun-sgéal a bheith agat," arsa Feilimidh, dá mbéadh an Bacach Ruadh annseo anois, ní leigfeadh an eagla duit labhairt mar sin, no dá labhairfeá ní rachadh leat." "Tá áird agam ar an Bhacach Ruadh go dearbhtha duit é. Chan fhuil a dhath amháin, maise," arsa Cathaoir agus d'éirigh sé le h-imtheacht. D'éirigh iomlán. "Maise, ní'l sé dadadh le h-am luighe go fóil," arsa fear a' toighe. "Béidh am luighe dómhain ann nuair a bhéas mise 'sa' bhaile," arsa Cathaoir. Fágadh slán codalta ag bunadh an toighe. Nuair a bhí Cathaoir taobh amuigh de'n doras phill sé arais agus thug leis beo le n-a thabhairt thar an abhainn. Ní rabh an Bacach na thost 'sa' teach mhór. Fuair sé daoiní le cuideadh leis an teach a deánadh deismeir amuigh agus astuigh, agus ba iongantas an t-saogail é do na comhursannaibh cia bhí ag teacht ann. Ach ní rabh maith ceist a chur ar an bhacach. Thug sé an freagra céadna ar gach duine, gur bé a mhaighistear a bhí ag teacht. Chuaidh Máire Phádruig Shéarluis soir i n-aon ghnaithe an toigh mhóir agus chuir ceist ar an Bhacach cia bhí ag teacht. "Tá, mo mhaighistear," arsa'n Bacac. Bhí an oiread sin mí-sasta ar Mháire gur phill sí caol díreach ar an bhaile. Agus ma dubhairt sí an uair amháin léithe féin. "Ba mhinic sin maighis- tear ag Bacach," dubhairt sí céad uair é. Bhí oidhche mhór áirnéil i dtoigh Phádraic Shéarluis an oidhche sin; agus bhí Cathaoir agus Feilimidh annsin.
Ach mar dtug Máire a cheart féin do'n Bhachach ní lá go fóil é. I dtráthaibh am luighe tháinig Conall Mór isteach indhiaidh a bheith shíos toigh a' t-siopa. "Tháinig Maicín," arsa seisean. "Bhí fear a' t-siopa agus a bhean ag innse damh gur bhuail sé féin agus a bhean, Nóra Ní Dhrioscoill isteach an toigh ar a mbealach soir an toigh mhóir." Bhí an oiread sin iongantais ar lucht an áirnéil agus an oiread sin luthgháire ortha go rabh Maicín arais agus gur leis an teach mór nach rabh a dhath le cluinstian ach. "Rígh na bhfideal!" "Fheara na gCarad!" "Fheara Bréaghtha!" "Athair na Páirte!" ach a'n dhuine agus a mhionna féin leis agus é ag amharc ar Chonall. "A mhuirnín shíorruidhe!" arsa Máire, agus phós se Nóra Ní Dhrioscoill. "Cia'r dhó ba chórtha," arsa Feilimidh. Bain sé í le gaiscidheamhlact ar Chnoc a' Toir agus le calmacht ag Croch Uí Bhaoighill," arsa Conall. "Can sin a bhí in mo chionn ar chor ar bith," arsa Máire, "ach 'sé shíl mé nach bpósfadh sé an bhean go bráth, no nuair a bhí sé annseo ní fhaca mé agus níor chuala mé gur labhair sé le cailín óg. "Bhí ciall dó annsin," arsa Pádraig. "Chonnaic mé ise," arsa Cathaoir, "ag bárr a' Bealaigh Mhóir bliadhain go samhradh's chuaidh thart, agus dá mbínn mo bhuachaill óg an lá sin, ba í mo roghain thar mhnáibh an dómhain í, agus chonnaic mé eisean an lá céadna, agus ma chonnaic féin, chonnaic
mé fear agus chan ionann sin. Saoghalach slán go rabh siad !" Bhí an oidhche ann nuair a bhí Maicín agus Nóra ag 'ul soir ag Bárr a' Bhealaigh Mhóir ach bhí oidhche réabh ghealaigh ann. Bhí fhios ag Nóra cia'n áit a rabh Maicín na sheasadh an chead uair a fuair sí amharc ariamh air, Bhí abhainn an sgeárdáin le feiceáil aca os a gcoinne anonn. Bhí an Bacach Ruadh in a n-aircis agus casadh ortha é 'san áit ar casadh Seóirse Mhac an Ghadaidhe ar Nóra an lá a stán sé uirthi. Thóg siad an Bacach agus thiomáin leo an toigh mhóir. Chuir an Bacach ceist ca rabh Bean Uí Dhrioscoill. Dubhairt Maicín gur ghairid go mbéadh sí ag teacht ar cuairt chuca. Ní thug an Bacach faill dóbhtha suidhe féin gur bhuail sé méar i dtaobh Mhaicín. Lean Maicín amach go dtí'n doras é. "Creidim," arsa'n Bacach, "nach mbíonn gnaithe leis an Bhacach agat feasta?" "Béidh gnaithe agam leat i gcómhnuidhe. Geobhaidh tú do sháit le deánadh annseo," arsa Maicín. "Ar ndóigh, ní bhéidh níos mó troda?" arsa'n Bacach. "Béidh," arsa Maicín, "na h-Éireannaigh iad 'féin ag troid roimh mhórán bliadhanta." "Na h-Éireannaigh iad féin ag troid!" arsa'n Bacach. "Rachaidh íseal agus uasal le chéile;" arsa Maicín, agus rachaidh íseal i n-éadan an chreididh, sin an rud a chaillfeas an lá ortha agus fhágfas an bhuaidh ag uasal."
"Caidé'n taobh a mbéid sinne air?" arsa'n Bacach. "Béimid 'inne ar thaobh an chreididh," arsa Maicín. Shiubhail an Bacach Ruadh thart ar an teach agus é ag gabhail cheóil os íseal. "Sheacht n-anam fear mo thíre Ar a bfaca mé do dhaoiní' 'Sgur tógadh mise i n-Éirinn I mbaile le do thaoibh." Phill Maicín isteach an toighe. Bhí Nóra na seasadh ag an teinidh agus a cóta agus a hata duithe anois. Chuir Maicín a lámh thart uirthi. "Cia is measa leat, a Nóra?" "Tusa, a Mhaicín."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services