Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tusa A Mhaicín

Title
Tusa A Mhaicín
Author(s)
Mac Cumhaill, Mághnus,
Pen Name
Fionn Mac Cumhaill
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bárr a' Bhealaigh Mhóir.



Ní'l Árd na Cruaiche i bhfad o'n Ghrugán, agus is
o'n Ghrugán a chaith Fionn Mhac Cumhaill an chloch mhór
go Léim an tSionnaigh nuair a thug sé dubhshlán
gaiscidheach na h-Éireann ag cathadh na cloiche. Le
taobh Árd na Cruaiche tá croisbhealach agus le linn
a maireann anois níor imthigh a'n trathnóna Dia
Domhnaigh ríth an Earraigh ná ar feadh an t-Samhraidh
nach rabh na buachailli óga as na trí paróistibh
cruinnighthe ag an chroisbhealach sin. Agus chruinnigheadh
na cailíní óga annsin fosta, na 'siomaidh cailín a
mbíodh óglaoch aicí 'a fhiachailt féin annsin. Agus
'siomaidh buachaill glan díreach a gnidheadh níos mó
na a dhícheall ag na cleasa' luth na is maith a bhí fhios
aige go rabh togha na gcailín le fághail ag an fhear
a b'fheárr. Agus is iomaidh sean fhear a thigeadh
annsin fosta go bhfeicfeadh siad na fir óga 'a
bhfiachailt fein na ma bhí an aois 'sna cnámhaibh ní
rabh 'sa' chroidhe. Ba mhaith a ba chuimhin leo féin
laethe a n-óige nuair a chaith siad a' chloch agus gheárr
siad léim ar an réidhteach chéadna, agus ba mian
croidhe gach sean dhuine aca óganach de a chineadh
féin no ar sgor ar bith óganach as a pharóiste féin
an bhuaidh a bheith leis.


L. 2


Corr uair ba le cuid fear Ghaoth Dobhair ba treise:
corr uair ba le cuid fear na Rosa Uachtarach ba
treise: corr uair ba le cuid fear na Rosa Íochtarach
ba treise. Acht fá'n am a thoisigheann an sgéal seo
agus le cúig no sé bhliadhna roimh ré, ní rabh a'n
fhear le fághail 'sna trí pobaileacha' a thiocfadh ar
na gaobhair do chuid fear óg Mhín a' Bheatha. Bhí
ceithre teaghlaigh ar an bhaile seo ins na Rosaibh
Uachtarach agus triúr no cheathrar de diúlaigh' óga
ar gach teaghlach aca nach rabh fhios ceaca ba bhfeárr
na ba mheasa le méid a bhfeabhais ag gach uile sheort
de chleasaibh luth. Ní rabh a'n éacht a rinneadh le
fiche bliadhain roimh ré ag Árd na Cruaiche ag cathadh
cloich' ghualann no cloich' tharrainghte, ag geárradh
túslóg, léim' rúid no dhá choisceim agus léim, no
cleas ar bith eile de'n t-seort, nar ghread siad go dtí
'sa' deireadh nach rabh duine ar bith le na ndubhshlán
a thabhairt. Ní rabh fhios cia'n áit a bhfuighfidhe fear
a mbuadhchta.



Satharn amháin Samhraidh i dtrathaibh an ama seo
go díreach le luighe gréine léim buachaill óg ó'n
traén nuair a stad sí ag Loch Míle. D'amharc sé
thart fá dtaobh de mar dheánfadh duine nach mbéadh
eolas a' bhealaigh aige, acht níor bhfada gur shiubhail
sé amach 'na' bhealaigh mhóir agus bhuail díreach an
bothar 'na Chlocháin Léith.



Ní'l an Clochán Liath acht trí mhíle o Loch Míle. Ní'l
ann acht sráid-bhaile fá thuairim ceathramhadh míle
ar fad; teach pobail ar chionn amháin de'n bhaile agus
beairric saighdiur dubh ar an chionn eile; trí no


L. 3


ceathair de thoighthibh ósta agus trí no ceathair deag
de thoighthibh leanna. Bhí sé ag'ul ó sholas nuair a
bhuail an buachaill óg isteach i gcionn de na toighthibh
ósta agus d'iarr lóistín go maidín, an rud a fuair.
Cosamhail le in gach baile beag de'n tseort a bhfuil
beagán da dheánamh ann agus mórán da rádh ann,
ní rabh sé leath uair ar a' bhaile nuair a bhí duine liath
agus leanbh ag cainnt air. Cuid aca a shíl gur oifigeach
a bhí ann de réir mar chuala siad; dubhairt cuid eile
a chonnaic é go rabh sé ró óg le bheith na oifigeach ma
bhí deánamh an t-saighdiura féin air, acht indiaidh a
bheith tursach ag cainnt air ní rabh a'n duine aca ábalta
dheánamh amach cia é féin. Acht bhí siad uile go léir
ar an aon intinn go rabh sé ar bhuachaill óg comh breagh
agus chonnaic siad le fada. Agus b'fhíor dóbhtha.
Níor bhé a airde gidh go rabh a sháith airde ann, acht
ba é a dheánamh é. Bhí sé glan díreach, leigthe gasta
i gcuma agus dhá shlinnean air a chuirfeadh aoibhneas
ar do chuid súl. Bhí sé cumtha fá'n aghaidh fosta
agus gruag fhionn air nach rabh catach agus nach rabh
díreach.



Bhí an Dómhnach ann lá ar na mhárach agus tamall
indhiaidh am' aifrinn bhog an sgafaire óg leis soir go
rabh sé i Mín a' Bheatha. Bhuail sé isteach i dtoigh siopa
annsin. Bhí fear a' toighe agus a bhean na suidhe 'sa'
chisteanaigh. Fear breagh fearamhail i gcuma a bhí
i bhfear a' toighe agus bhí sé comh fearamhail agus bhí
a chuma. Ní rabh sé deacair aithne ar a chuid cainnte
gur chaith sé seal de a shaoghal 'san Oileán Úr, agus
thigeadh focal-tláith an Phunncánaigh leis comh réidh


L. 4


le paidir a mháthara. Bhí sé ag portaidheacht agus ba
bhreagh binn an guth toll a bhí aige. Bhí greim bhárra
méar aige ar naoidheanán a bhí ag iarraidh seasadh ar
an urlár ua féin agus gan é ábalta. No i n-áit
a bheith ábalta seasadh go díreach bhí sé ag deánadh
crann-'dai-bogadaigh ar a chuid cos beag, agus bhí
an greim a bhí ag a athair air 'a chongbháil o thuitim ar
a chúl no ar a aghaidh. Bhí bean a' toighe na suidhe os
coinne a fir anonn. Bhí sí dóigheamhail agus gan
mórán de ghnaoi a h-óige caillte aici go fóil. Bhí
aoibh ar an h-aghaidh agus deallramh in a cuid súl agus
í ag amharc ar a leanbh nach mbíonn acht ar aghaidh agus
i súilibh máthara. Sgiob sí an leanbh ó'n athair agus
chuir é na shuidhe ann a h-ucht comh luath agus chonnaic
sí an sgafaire ag teacht 'un toighe.



Ar a theacht isteach do'n bhuachaill óg bheannuigh
siad dó agus bheannuigh seisean dóbhtha. D'iarr siad
air suidhe agus a sgríste a dheánadh, acht dubhairt
seisean nach rabh faill suidhe aige na go rabh sé ag 'ul
'fhad le Árd na Cruaiche, agus nach dtáinig sé isteach
acht le feiceáil an dtiocfadh leo lóistín a thabhairt
do go cionn coicdhisé no mar sin. "Maise," arsa
bean a' toighe, "ní dheán muid cleachtadh ar a'n dhuine
a chongbháil 'sa' teach seo, acht na dhiaidh sin, mar mhaithe
le seal gairid mar sin bhéadh sé mór páistí annseo agus
thógfadh siad blaosg na cloigne duit i n-amannaibh
leis a' challán a ghnidheas siad." "Is amhlaidh is
feárr mar sin é," arsa'n buachaill óg, "coingbheochaidh
siad mé ó thuitim i dtrom-dubhach." "Maise," arsa


L. 5


fear a' toighe, "dheánfaidh siad sin na bíodh eagla
ort." Indhiaidh tamaill bhig eile comhráidh a dheánadh
shiubhail an buachaill óg leis soir go rabh sé ag Árd na
Cruaiche.



Bhí sluagh mór cruinnighthe annsin. Bhí sean daoiní
annsin; buachaillí óga agus 'siomaidh cailín i mbláth
a h-óige. Bhí siad annsin ag faire go géar ar Thomás
Mhac Ruaidhrí as Mín a' Bheatha, ar Shéumas Mhac Giolla
Bhríghde as Gaoth Dobhair agus ar Shéan Ua Cnámhsaigh
as na Rosaibh Íochtarach.



Bhí an triúr gaiscidheach seo indhiaidh buaidh 'a fhághail
ar chách ag an léim árd, agus anois bhí siad féin ag
fiachailt cia aca fear aca féin a b'feárr. Bhí lucht
leanamhna gach fir aca 'a bhroslughadh agus ag cur
"Dia go deo leat" nuair a ghlanfadh sé an trasnán.
Acht b'fhurast aithne anois go rabh a dhícheall choir a
bheith deánta ag gach duine aca, na leag 'ach a'n fhear
aca an maide trasna iarraidh amháin sul ar ghlan sé
an léim deireannach. Tógadh an trasnán órlach
eile. Ba ar Thomás a bhí an chead léim, gheárr sé
agus leag sé an maide. Acht ní rabh beag-uchtach
ar bith air féin no ar a lucht leanamhna go fóil; bhí
dhá iarraidh eile roimhe mar bhí trí léim le fághail ag
gach duine aca. Gheárr Séumas annsin acht ma gheárr
féin leag sé an maide. Gheárr Séan acht ní feárr
na sin a d'éirigh dó, leag seisean an maide fosta.
Gheárr gach duine aca an dara h-iarraidh acht thárla
do mar thárla leis an chead iarraidh.



Bhí Tomás ag 'ul i gcionn an tríomhadh léim. Bhí
tost ar an chruinniughadh uile go léir. Ní raibh anál


L. 6


a' thairint féin. Ní rabh a'n súil da rabh annsin nach
rabh ar Thomás. Chaith sé sileóg ar a chuid lámh, thug
leis rúide, d'éirigh 'un airde agus ghlan an léim acht
ní rabh ann acht é. Acht ar ndóigh ba chuma acht go
deárn sé é, chluinfeá a lucht leanamhna míle ó bhaile
ag greadadh bos, agus da mbeitheá le taobh Nuala
Báine chluinfeá osna nár shaothruigh buaidhseamh ariamh.
D'fhiach Séumas agus d'fhiach Séan, acht ma d'fhiach féin,
caidé an mhaith a bhí ann. Ní rabh ag a lucht leanamhna
as Gaoth Dobhair agus na Rosaibh Íochtarach acht
"Och" a radh.



Chraith an triúr fear lámh le chéile annsin agus ba
bhreágh an triúr fear iad. Bhí 'ach a'n fhear aca comh
díreach le feagh, thar shé troighthe ar airde agus trom
de réir. Ní rabh 'ach a'n rud thart go fóil. Bhí léim
rúide agus dá choiscéim agus léim le geárradh. Bhí
cloch ghualann agus cloch tharanta le cathadh, agus
bhí crainn le cathadh eadar na cailínibh óga go bhfeicfidhe
cia'n fear is mó a dtug siad toil do an lá sin.



Ní thug a'n dhuine fá ndeara an sgafaire óg a shiubhail
as an Chlochan Liath go dtí anois. Shiubhail sé trasna
na faithche agus dubhairt rud eiginteacht leis na
fearaibh a bhí ag 'ul a thógail leo na maidí gheall ar
fairsneach a fhágáil fa choinne na léimneach eile.



"Cinnte" arsa 'ach a'n fhear aca sin agus d'fhág
siad na maidí, maide trasna agus eile, mar bhí siad
nuair a gheárr Tomás mhac Ruaidhrí an léim deireannach.
Chuaidh an sgafaire giota beag ar a chúl annsin, thug
leis trí nó ceathair 'e choiscéimeannaibh de rhuideóig,
ghlan a' léim agus a lámh faoi sciorta a chasóige.


L. 7


Bhí an oiread sin iongantais ar a rabh i lathair nach
deárn siad acht duine amharc ar an duine eile agus
a rádh go rabh siad náirighthe go bráth. "Ní'l fhios
agam," arsa Cathaoir Ua Dubhthaigh, "tchidhthear damh
gur chóir damh a chrochaidheacht a aithne." "Aru!"
arsa'n Bacach Ruadh, "biodh ciall agat, ní'l a'n dhuine óg
na sean ins na trí pobaileachaibh nach bhfuil aithne agamsa
air agus ní'l an sgafaire sin ar dhuine aca." Ní
rabh níos mo de annsin. Bhí na fir réidh le dul i
gcionn chaithte na cloiche. Fuaras cloc ghualann.
Chaith fear indhiaidh an fhir eile í agus ba mhaith a bhí
siad ábalta í a chathadh. Sgairteadh ar an sgafaire
agus h-iarradh ar cathadh, a rud a rinne. Chuir sé
an chloch an fhad sin thar an fhear a b'fheárr nach gcaithfeadh
duine ar bith í níos mó. Fuaras cloch tharanta annsin.
Chaith an sgafaire í ar dtús agus chaith sé í gan bhraédeal.
D'fhiach triúr de na fearaibh a b'fheárr ar an fhaithche
léithe annsin acht ní thiocfadh leo theacht fa na gaobhair
do. Toisiughadh ar an léim rúide acht ghlan an
sgafaire fá thuairim slat thar an fhear a b'fheárr.
Ní rabh níos mó cleas luth an lá sin. Chaill na fir
an uchtach na bhí siad ag deánamh gur chuma caidé
mar rachadh sé go mbainfeadh an sgafaire.



Ach bhí na crainn le cathad eadar na cailiní go
fóil go bhfeicfidhe cia do is mó a thug siad toil. Agus
seo mar caitheadh na crainn an lá sin, agus ariamh
roimh no na dhiaidh níor caitheadh an dóigh sin iad.
Fágadh páipear agus peann-luaidhe ar chloich amach
giota ó'n chruinniughadh. Chuaidh cailín óg ar a seal
agus sgríobh ainm an fhir a dtug sí toil dó, stróc


L. 8


an giota léithe, chórnuigh é, thug arais agus chuir isteach
i mbearad é a bhí ag fear de na fearaibh in a lámhaibh.
Nuair a chuir an cailín deireannach a páipear 'sa'
bhearad, tógadh iomlán na bpáipear amach agus
deisigheadh iad ionnas go rabh an méid páipear a
fuair gach fear na moll leo fein. Annsin h-innseadh
ainm an fhir a b'fheárr leis na cailínibh agus bhí airsean
a rogha cailín a thabhairt leis agus tús a chuir ar a'
damhsa ag na crois bhealaigh'.



Ní rabh ainm an sgafaire ar pháipear ar bith. Bhí
páipear amháin ann a rabh "Maicín" air agus ní
rabh fhios ag duine ar bith cia Maicín. Acht thug
cuid de na cailínibh fá ndeara gur shéid an ghaoth an
hata gréine a bhí ar an sgafaire óg nuair a gheárr
sé an chead léim, anonn fhad le Nóra Ní Dhrioscoill
an áit a rabh sí 'na seasamh leithe féin, gur thóg Nóra
an hata agus chuinnigh greim air go rabh na cleasa
lúth thart; agus annsin go deachaidh an sgafaire
fhad leithe, gur úmhluigh sé duithe, ghlac a hata uaithe,
thug buaidheachas duithe agus gur imthigh sé leis annsin
o fháithche na h-imeartha. Dubhairt cuid eile de na
cailínibh fosta go dtug an sgafaire fá ndeara fhad
is bhí sé ag'ul de na cleasaibh lúth go rabh a hata ag
Nóra. Ó sin amach ní rabh de ainm ar an sgafaire
óg acht Maicín.



Ba do Thomás Mhac Ruaidhrí is mó a thug na cailíní
toil, agus ba í Nuala Bhán a thóg seisean nuair a bhí
sé ag cur tús ar an damhsa. Ach ní rabh siamsa
ar bith 'sa' damhsa an trathnóna seo i bhfaras mar
ba ghnáthach a bheith. Bhí cineál de ghruaim ar gach


L. 9


duine cia bith ba ádhbhar leis. Bhí gach duine ag cainnt
ar Mhaicín agus na h-éachta a rinn sé an lá sin. Bhí
cailíní ann a bhí i n-éad le Nuala cionnus nar thuit
rogha Thomáis ortha fein, agus arsa bean aca le Nuala:
"Caidé shíleas tú de'n ghreadadh a thug Maicín do
Thomás indhiu?" "Is furust dó é" arsa Nuala,
"ní rabh sé faoi n-a chliabh o mhaidín go h-oidhche le
seachtmhain cosamhail le Tomás agus annsin aige le
suidhe darna 'ach a'n oidhche le Séimí mór atá as a
mheabhair." Ní rabh a'n chailín ar an phobal comh maisea-
mhail no comh dóigheamhail le Nuala Bháin. Acht níor
amharc sí ariamh leath comh maiseamhail no comh dóighea-
mhail agus d'amharc sí anois. Sheasuigh sí caol díreach,
chan le dánacht no le dolbacht, acht le racht na fírinne
a bhí ag teacht amach ó na croidhe óg le ceart a sheasadh do
Thomás. Ghoill sé ortha uile annsin go bhfuaras buaidh
Thomáis ag na cleasa lúth, agus ghoill sé dha oiread
ortha gur fhiach siad a bheag a dheanadh de os coinne
Nuala. Bhí an trathnóna beag ann anois agus mar
bhí i bhfad ag cuid aca le dhul leis an bhaile bhainnt
amach thoisigh siad ag sgabadh. Ní rabh i bhfad go dtí
nach rabh a'n duine fágtha ag na crois bhealaigh' ar
ainm dóbhtha fá'n chómhursanacht sin Bárr a' Bhealaigh
Mhóir.


L. 10


I dToigh Chathaoir Uí Dhubhthaigh.



Bhí teach Chathaoir Uí Dhubhthaigh cómhgarach do bhárr
a' bhealaigh mhóir, agus nuair a thoisigh an t-aos óg ar
an damhsa thug Cathaoir cuireadh dó na sean-daoinibh
'un toighe. "Siubhailigidh" arsa Cathaoir, "siubhailigidh
shibhse a fheara breághtha a deachaidh lúth na gcnamh
cosamhail liom fein 'sna croiseannaibh agaibh síos 'un
toighe go rabh subhailce thobac againn." "Maise,
creidim go bhfuil sé lán chomh maith," arsa fear eile,
cá feárr dúinn áit a gcaithfidhmid tamall de'n
trathnóna." Bhog ceathrar no chúigear aca sios
leis agus isteach 'un toighe."



"Tairinigidh orraibh na cathaoireacha sin" arsa
Cachaoir, "agus suidhigidh síos. Breast a chathaoir
sin atá agat-sa, a Fheilimidh, gabh síos 'un t-seomra
agus tabhair leat ceann de na cathaoireachaibh úra."



"Seo cliabh," arsa Feilimidh, buailfidh mé a bhéal
faoi agus dheánfaidh sé gnaithe breaghtha damh."



"Do chómhairle féin is lugha a chuirfeas fearg ort,
agus fanaigidh orraibh anois a fheara agus cuirfidh
me bacóg mhóna ar an teinidh," arsa Cathaoir.



"Ach! caidé an teine atá dhith orainn trathnóna
breágh mar seo," arsa'n chuid eile.



"Teach fuar teach gan teinidh," arsa Cathaoir.


L. 11


Fuair sé an mhóin agus chuir síos craos theineadh.
Shuidh sé annsin ar cholbha na leabtha, thairing air
stiall thobac agus shín ag fear de na fearaibh é.



"Seo chugaibh a fheara, líonaigidh na píopaí."



"Ach, nach bhfuilmid dóighte leis" arsa siadsan.



Ach 'san am chéadna beireadh ar an tobac, líonadh
na píopai agus deargadh iad.



Slat iasgaireacht de fhear i ndeas do cheithre sgór
bliadhain a bhí i gCathaoir a rabh dúil mhór aige i seanachas,
agus dóchas as cuimse aige i dtarngaireacht Chuilm
Cille. Is cuma caidé thárla i n-Éirinn ariamh bhí
sa' tarnagaireacht sin, agus thiocfadh leis 'ach a'n
rud innse duit a bhí le theacht no ní thiocfadh rud
ar bith acht a'n rud a bhí 'sa' tarngaireacht, agus bhí
an tarngaireacht leis ar a theangaidh. Bhí dúil mhór
aige a bheith ag moladh a chlainne féin fosta gidh nach
rabh a'n dhuine aca fágtha aige anois. Chuir fear
ceist air lá amháin cia leis a rabh a inghean a ba óige
cosamhail. "Tá," arsa Cathaoir, "cailín breagh, mór,
ábalta, dóigheamhail í, ar dhéanadh mo theaglaigh uilig."



"Éist liom!" arsa Feilimidh na Míne a bhí 'na
shuidhe ar a' chliabh, "caidé deir an tarngaireacht fá'n
sgafaire a rinn na héachta ag bárr an bhealaigh mhóir
indiú nuair a ghreadh sé sgaith na bhfear a bhí againn
annsin?"



"Tá, nósfaidh mé sin duit," arsa Cathaoir, "acht
ní'l mé ro chinnte nach do oighridhibh na Rosann an
sgafaire ceadna. Sin rása na muice duibhe an
bóthar iarainn atá eadar Leitir Ceanainn agus Ailt


L. 12


a' Corráin. Tá sé críochnuighthe anois le seal bliadhanta
agus tá sé 'sa' tarngaireacht. "Nuair a bhéas rása
na muice duibhe críochnuighthe, bíodh sé laethe amuigh,
bíodh sé gealaigh amuigh no bíodh sé bliadhanta amuigh
tiocfaidh lá an ghéibhinn." Sin lá an ghéibhinn againn
anois ma's coimhightheach é a bhuail na fir is feárr atá
againn."



Le sin rith buachaill as a cómhursain isteach a' rádh
go rabh Séimí Mór socair, gur thuit néal bomaite
ar an fhear a bhí 'a choimhead agus gur chosamhail go
bhfaca Séimí seo, gur imthigh ar a shean rása, gur
chaith sé é féin amach leis na beannaibh síos 'sa' loch
agus gur báitheadh é sul a dtiocfadh le duine ar
bith tárrthail a thabhairt air.



"Go ndeánaidh Dia grásta air," arsa a rabh i
lathair, "agus go gcúmhduigh an Spiorad Naomh sinn
uile go léir!"



"Och! nach millteanach an bás é," arsa Feilimidh,



"Bás gan sagart gan brathair, ach caidé an mhaith
do shagart a bheith aige nuair a chuir sé a lámh in a
bhás féin."



"Ní'l fhios agam," arsa Cathaoir, "ar ndóigh bhí sé
thairis féin agus ní eifireochadh Dia rud ar bith ar
dhuine a bhéadh as a stuaim."



"Ba mhaith mar sin é," arsa Feilmidh, "acht nar
eifrigh Dia orm é, tá eagla orm gur an bhiotáilte
a chuir as a stuaim é. Agus ba mhór an truaighe!
tá cuimhne agam-sa nuair a bhí sé ar bhuachaillibh
breághtha na Rosann, agus ní'l sin an fhad sin uile
go léir o shoin."


L. 13


"Maise bhí sé ortha," arsa Cathaoir, "agus is
cuimhin liom-sa agus is cuimhin libh uile go léir nuair
nach rabh a'n fhear ag teacht go bárr a' bhealaigh mhóir
a dtionntochadh sé cúl a dhá chois air, agus ar ndóigh
ní iarrfaidhe do phléisiúr acht é a fheiceáil ar an urlár
ag fidleóir no ag damhsa."



"Ní'l fhios agam caidé thainig air ar chor ar bit"
arsa fear de na fearaibh eile a bhí astuigh, "luighe leis
an ól mar rinn sé ar na bliadhantaibh deireannacha
seo."



"Inniseochaidh mise sin díbh" arsa Feilimidh, "mar
d'innis a bhéal féin damh é fá Shamhain seo chuaidh
thart."



"A Shéimí," arsa mise lá amháin leis - bhí sé go
díreach ag teacht chuige fein indhiaidh a bheith ag ól ar
feadh míosa -" cad chuige nach dtugann tú suas do'n
ólachan ar fad agus a bheith réidh leis?"



"Fheilmidh," arsa seisean "is furust duit a bheith
ag cainnt. Ní'l neart agam air."



"Acht tá tú do mharbhadh fein." arsa mise.




"Tá fhios agam sin níos feárr na thig le duine ar
bith é innse damh," arsa seisean. "Ní'l áird ag duine
ar bith orm agus ní'l áird agam ar a'n dhuine agus
ní'l a dhath 'sa t-saoghal seo acht buaidhreadh agus cad
chuige a mbéadhmaois dó. Ar an ádhbhar sin is cuma
liom féin beo no marbh mé: ní thig liom mórán níos
mó a fhuilstean ar an t-saoghal ud eile na tá mé 'a
fhuilstean ar an t-saoghal seo."



"Ach, a Shéimí," arsa mise arais, "nach bhfuil fhios


L. 14


agat féin caidé is cionntaigh le a bhfuil tu 'a
fhuilstean?"



"Tá fhios agam go maith," arsa Séimí, "gurab é an
t-ólachan is cionntaigh leis. 'Sé íde 'ach uilc é agus
inniseochaidh mise duit-se anois a Fheilimidh o thús go
deireadh, ariamh anall, caidé mar bhuail mé leis an
ól go dtí go bhfuil mé anois mo shean dhuine bliadhanta
roimh m'am."



"Nuair a bhí mise mo bhuachaill óg bhí lúth na gcnámh
agus urradh na sgiathán liom. Bhí airgead i gcómhnuidhe
fá na pócaibh agam agus bhí mé furust a mhealladh.
Bhí fir fá'n áit a bhí mór liom, ach ma bhí, ba mar mháithe
leis an leann a cheannuighinn dóbhtha. Bhíodh siad
'mo mholadh agus 'a mo shíor mholadh agus a' rádh nach
rabh a'n fhear 'san áit ion-churtha liom. Thoisigh mé
fhéin ar an ól annsin. Ní rabh dúil ar bith agam ann
ar dtús, chuireadh sé samhnas orm, acht chuinnigh mé
leis ar a' droch uair damh féin gheall ar tabhairt le
h-innse dóbhtha go rabh mé 'mo fhear ar an dóigh sin
comh maith agus bhí mé ar dhóigh ar bith eile. Ar dtús
ní dheárn sé an chuid mhór dochair damh; ní rabh a dhith
orm acht deoch uisge ar maidín agus bhí mé ceart go
leor. De réir a cheile bhí mé ag cailleadh dúil in
'ach uile chuideachta acht an chuideachta a bhí le fághail
i dtoigh an leanna. Agus go bhfóiridh Dia ar an
chuideachta sin! Is minic a cuireadh comhairle orm
a bheith réidh leis an uisge bheatha. Ní rabh gar ann:
ní dheánfainn ach gáire: bhí mé óg go fóil. Anois
bhínn tinn ar maidín; ní bhínn ábalta greim a ithe;
ní bhínn ábalta a dhul i gcionn mo ghnaithe go bhfáighinn


L. 15


biotáilte, agus ní bhíodh cuimhne agam caidé bhínn 'a
dhéanadh an oidhche roimh ré na caidé mar thainig mé
na bhaile."



Stad sé bomaite agus annsin lean sé leis ar an
sgéal.



"I dtráthaibh an ama seo a Feilimidh," arsa seisean
annsin, "casadh cailín óg orm agus ma bhí aingeal
ar an t-saoghal seo ariamh, bhí sise na haingeal. Tá
sí ar shluagh na marbh anois agus tá fhios agam go
maith go bhfuil sí i Ríoghacht na Glóire. Níor chleacht
mé ariamh mo rún a leigint le mnaoi, ach ní rabh sise
cosamhail le duine ar bith eile. Mo bhrón! Dubhairt
sí go rabh rud amháin cearr liom, go rabh mé tugtha
do'n ól. D'fhobair gur réab mo chroidhe in mo chliabh.
Dá n-iarrfadh sí orm an uair sin geall a thabhairt
duithe nach mblasfainn biotáilte go bráth, bheirfinn
an geall sin duithe agus chuinneochainn é d'iondeoin
a bhfuil de dhiabhail' i n-ifreann. Ach níor iarr sí
geall ar bith orm. D'fhag sé mé liom féin gan sólás
acht le crádh. Mo leanbh bocht, bhí sí óg! Chuaidh
mé chómhair a bheith as mo mheabhair. Ní fhaca mé níos
mó í go dtí mí ó'n lá sin nuair a bhí sí sínte i gcómhnair
chaol chlárai'. Bhí mo chuid 'e'n t-saoghal 'sa' chómhnair
sin. Ní leigfinn do a'n dhuine lámh a chuir chómhair
na cómhnrach sin. D'iomchar mé féin an leath mhíle
í go dtí an roilig, d'fhág 'san uaigh í agus chruinnigh
oiread bláth agus chúmhdaigh an chómhnair sul a leigfinn
dóbhtha a'n ghrainín de'n chréafóig dhuibh dhorcha a chur
ar mo stóirín. Bhuail mé níos truime leis an ól
annsin, níos truime na aríamh, agus níor thóg mé


L. 16


mo cheann as o shoin. Tá mé ó mhaith anois agus 'sé
an t-ól is cionntaigh leis."



Bhí truaighe ag mo chroidhe astuigh do, agus arsa
mise, "a Shéimí, nar chóir go stadfá de'n ól anois
féin muna mbéadh ann féin acht le meas ar an chaoin
chailín a d'fhág tú 'sa' chill?" Bhí na deóra leis.



"Char iarr sí orm é, a Fheilimídh," arsa seisean,
"agus ní thiocfadh liom anois ar sgor ar bith, na sí an
bhiotáilte atá mo choingbheáil beó agus sí an bhiotáilte
atá mo mharbhadh."



Le sin thainig Íde s'againne fhad linn agus gan
innti acht tachránn ag 'ul na sgoile agus bhí sí ag
fóghluim an teagasg Chríosta. "Cia mhéad Dia ann?"
arsa sise le Séimí. "Aon Dhia amháin," arsa Séimí.
Ríth sise leithe annsin sásta cionnus go bhfuair sí
an freagra ceart, ach nuair a bhí sí ar shiubhal. "Tá
Dia na biotáilte ann," arsa Séimí.



Chonnaic mé féin nach rabh maith a bheith leis agus
thoisighmid a comhrádh ar rud eiginteacht eile.



"An duine gránna, nach dona a fágadh é!" arsa
gach duine.



"Nach breágh an chuimhne chinn atá agat, a Fheilimidh?"
arsa Cathaoir.



"Go dtí lá na bréithe," arsa Feilimidh, "cha deánaim
dearmad de a chómhrádh liom an lá sin."



"An bhfuil tórradh ort ann?" arsa Cathaoir.



"Tá, leoga," arsa Feilimidh, "tórradh agus ofráil
orm, no an lá a bhí m'athair 'a chur, thainig Séimí é féin
isteach 'un toighe, agus shiubail leis an tórradh go rabh


L. 17


sé shios ar a' Chruit agus dhíol sgilling de ofráil - an
ofráil a ba mhó a díoladh an lá sin taobh amuigh de
ofráil shagairt na páróiste. Dhíol seisean dhá sgilling.



Bhí na fir eile 'na seasadh anois. D'éirigh Feilimidh
fosta, agus arsa seisean, "creidim go bhfuil sé
i n-am againn a bheith ag 'ul na bhaile."



"Tá sibh in mbur seacht sáith ama," arsa Cathaoir.



"Nuair a bhéas an t-eallach astuigh" arsa fear
eile, "agus timthireacht bheag deánta fá'n teach béidh
an oidhche ann."



"Beannacht agat! a Chathaoir," arsa 'ach a'n fhear
aca. "Och, maise," arsa Cathaoir "go seacht sairbhigh
Dia dibh!"



Nuair a bhí siad uile imighthe, chuir Cathaoir síos
teallachán dó féin agus fhad is bhí na préataí da
rósadh, shiubhail sé thart ar an teach go bhfeicfeadh sé
an rabh gach rud i gceart, dhruid an cró ar na lachainn',
thug isteach bacóg mhóna fa chionne na maidne, chuir
a' ceangal ar a' doras, agus nuair a bhí sin deánta
aige dubhairt sé a urnaigh. Agus chan go h-íseal a
deireadh Cathaoir a chuid urnaighe. Chan eadh! Chluinfeá
é amuigh ar an bhealach mhór. Nuair a bhí a urnaigh
ráidhte aige, bhí na préatai rósta. Rúisg sé eadar
a chuid lámh iad leis an luath a bhainnt daobhtha. Annsin
fuair sé uisge agus salann agus rinn sgadán caoch,
mar nach rabh ánnlann níos feárr le fághail aige.
Thoisigh sé ar a shuipear. Ní rabh sé ar obair i gceart
nuair a mhothuigh sé an cat shuas ar an dreisiúr.



"Ach droch mhúnadh ort!" arsa seisean, "ach go bé
tú bhéadh bainne agam anocht le mo shuipear. Char


L. 18


bheag duit buideal a bhainne a cuireadh isteach chugam
indiu a bhriseádh nuair a fuair tú amuigh mé gan a
bheith indhiaidh na deoire bige atá agam 'sa' chupa fá
choinne taé na maidne. Anois, bíodh sin agat, a
bhitheamhnaigh," agus thug sé urchar de'n phréata a bhí
in a dhórn do. Ach in-áit an cat a bhualadh, bhuail
sé an cupa, bris é, agus dóirteadh an bainne.



"Nach bhfuil seo féin cruaidh go leór," arsa seisean
leis féin. "Ghuid sé breac orm ar maidín, annsin
trathnóna bhris se buideál bainne orm, agus anois,
d'fhág sé gan bainne taé mé agus tá sé ar shiubhal
i bhfolach orm gan mé oiread agus an bhuille amháin
féin a fhághail air."



"Ní'l teach ar bith ar sgor ar bith," ar seisean leis
féin annsin, "i gceart nach bhfuil bean ann, agus
dá leigfidhe damh bean a fhághail tá cúig bliadhna
o shoin nuair á bhí an tolann in mo chionn ní bhéinn
mar atá mé anocht. Ní rabh mé a dhath amháin ro shean,
agus bhéadh cúig bliadhna de shógh agam i n-áit anrógh.
Nach mairg gan mé i n-áit Thomáis Mhic Ruaidhrí atá
ag 'ul 'un mná ar an h-oidhcheannaibh seo. Ní bhéidh
mé ar an sgadán caoch an oidhche sin. Bhí fhios agam
nach bhfágfaidhe mé gan cuireadh 'un dála."



Acht ma bhí Cathaoir ag cainnt mar seo fein ní
dheárn sé dearmad ar a shuipear. Bhí sé ag ithe,
agus d'ith sé gur ith sé an préata deireannach. Choigil
sé an teine annsin. Bhain de a bhróga agus a stocaí,
chroch na stocaí ar bhacán a bhí sáighte i gcloich a' bhaic,
agus chuaidh a luighe.


L. 19


Nóra Ní Dhrioscoill agus a Máthair.



D'fhág Nóra Ní Dhrioscoill bárr an bhealaigh mhóir
sul ar thoisigh an damhsa agus thug iarraidh ar an
teach mhór a bhí shíos ins a' ghleann, i n-áit a rabh sí
féin agus a mátháir ag cathadh a gcuid laethe saoire
ar a' t-suaimhneas leo féin.
Tá cáil Luimnigh ar fud an dómhain de thairbhe
calmacht a cuid fear agus bréaghtacht a cuid ban.
Ach i Luimneach féin bhí cáil ar Nóra Ní Dhrioscoill mar
gheall ar a scéimh. Agus thuil sí uilig é. Bhí Nóra
i ndeis bhláth a h-óige. Ní rabh a' dhath deas 'sa' t-
saoghal nach rabh ag cur aoibhnis uirthi. Ní rabh fhios
aici a' dhath uilc 'sa' t-saoghal na tógadh í go cúramach.
Ní rabh sí cúlta, acht chan dána a bhí sí: bhí sí mórdha.
Ar a bealach 'un toigh' mhóir duithe, casadh fear óg
uirthi a bhí gléasta go galánta ar dhóigh gur bhfurust
aithne nar de bhunadh na h-áite é, agus stán sé níos
mó uirthi na thaitinn léithe. Shiubhail sí léithe níos
géire anois agus ní rabh fhios aici i gceart caidé an
t-ádhbhar. Agus gidh aríamh go fóil nach dtug sí
toil na neamh-thoil do fhear ar bith, ní thiocfadh léithe
cur amach as a cionn nar mhaith léithe Maicín a bheith
cómhgarach dá gcasfaidhe an fear galánta uirthi arais.


L. 20


Níor bhain sí faoithe gur bhain sí an teach amach. Bhí
a máthair ag fanacht uirthi.



"A Nóra, a chroidhe is orm atá an lúthgháir go
bhfuil tú arais no bhí mé an-uaigneach gan tú."



"A mháthair mhuirneach tá buaidhreadh an t-saoghail
orm cionnus go rabh tú uaigneach, ach ar n-dóigh ní
rachainn go bárr a' bhealaigh mhóir ach go bé go dtug
tú cead damh."



"Tá fhios agam go maith nach ndeánfadh mo leanbh
rud ar bith gan mo chead, no rud ar bith eile a shílfeadh
sí nach dtaitneocadh le na máthair."



"Leóga, a mháthair mhilis, ní dheánfainn, agus anois
sin póg eile chugat."



"A Nóra, a rtór, is tú mo chuid 'e'n t-saoghal.
Éirigh a leanbh agus deán réidh braon taé dúinn, agus
fhad agus bhéas sinn ag ól an tae thig leat innse
damh caidé mar thaitin na cleasa lúth ag bárr an
bhealaigh mhóir leat, agus nuair a bhéas an tae ólta
againn tá rud éiginteacht le rádh agam le mo stóirín
féin."



"Maith go leór a mháthair."



Rinn Nóra réidh a' taé, agus fhad agus bhí siad 'a
ól d'innis do a máthair fá dtaobh de na cleasa' lúth
agus caidé mar bhuaidh an sgafaire óg ar 'ach lúth
ghaiscidheach dá rabh annsin. Agus d'innis sí fosta
caidé mar shéid an ghaoth an hata gréine fhad léithe-se
agus mar thóg sí é agus choingbhigh go dtainig sé fá
na choinne nuair a bhí na cleasa lúth thart.



"Ar labhair sé leat?"


L. 21


"Níor labhair, a mháthair, ach nuair a shín mé an
hata chuige bheir sé greim air, d'úmhluigh domh, agus
arsa seisean "go rabh céad míle maith agat," chuir
an hata air agus d'imthigh leis ó'n chuideachta, síar
an bealach mór mar bhéadh sé ag tairint ar an Chlochán
Liath; agus bhí na daoiní uile go léir ag amharc na
dhiaidh."



"Cia é féin?"



"Ní'l fhios agam a mháthair agus de réir mo bharamhla
ní rabh aithne ag a'n dhuine dá rabh annsin air, no níor
labhair a'n dhuine leis nuair a bhí sé ag imtheacht."



Smaointigh a máthair léithe féin gur bh'fhéidir gurab
é bhí ann, agus arsa sise.



"Cia leis a rabh sé cosamhail?"



Ní'l fhios agam i gceart, a mháthair, ach tá fhios
agam nach rabh a'n dhuine annsin ion churtha leis. Agus
an gcreidfeá é a mháthair, ní rabh oiread agus a'n
chailín óg amháin annsin a thug toil dó ach mé féin,
indhiaidh a deárn sé."



"Toil?"



Thoisigh Nóra annsin agus d'innis do n-a máthair fá
chleas a' hata.



"Agus a Nóra, ar ndóigh ní rabh fhios agat a ainm."



"Ní rabh fhios agam, a mhathair, ach bhaist mé féin
Maicín air."



"Agus a croidhe, caidé chuir an t-ainm sin in do
chionn?"



"Tá, a mhathair, bhí mé ag smaointeadh ar an t-sean
fhocal "imeasg fear an dómhain is ar an ghaiscidheach
is mo ghean," agus rinn mise Maicín amach as mo gean."


L. 22


"A Nóra, a rún, ní'l a dhath le h-imtheacht ort."



Bhí an taé ólta aca anois. D'éirigh Nóra, thóg
sí na sóithigh ó'n tábla agus chuir i leath taoibh iad.
Chuaidh a mátháir anonn agus shuidh ar shuidheachán a'
chois na fuinneóige. Chuaidh Nóra agus shuidh ar
stól íseal le n-a taoibh, chuir lámh amháin dá cuid ar
ghlún a máthara agus a lámh eile ar a gualainn.



"Anois, a mháthair, caidé an sgéal iongantach
atá agat le h-innse damh?"



"A Nóra, a rún, níor innis me duit ariamh caidé
mar casadh d'athair - go ndeánaidh Dia grásta air -
orm an chead uair ariamh."



"A mháthair, níor innis, agus is minic a bhí me ag
brath ceist a chur ort ach annsin níor mhaith liom, no
bhí fhios agam i gcomhnuidhe go n-inniseocha damh é
lá éiginteacht."



Chrom a máthair a ceann bomaite agus annsin
dhírigh sí í féin. Bhí sí óg go fóil gidh go rabh a cuid
gruaige comh geal leis an t-sneachta, agus bhí a h-
eadán leathán agus a h-ághaidh caoin-dheánta ion
churtha le na cuid gruaige. Ar a h-ághaidh ní rabh
aoibh an gháire no gruaim ach thaisbeáin sé croidhe a
fuair crádh agus grádh nach dtiocfadh léithe a shéanadh.



Bhí bean Uí Dhrioscoill dóigheamhail agus an-
an-dhóigheamhail nuair a bhí sí 'na cailín óg. Bhí sí
dóigheamhail anois agus ma chaill sí aoibh an gháire
féin a bhí uirthi nuair a bhí sí 'na cailín óg, ba deise
na sin a bhí áilneacht an chruineis a bhí ar a h-ághaidh
anois mar gheall ar a mór ghrádh ar a leanbh féin.


L. 23


"Bhí mise comh óg agus tá tusa anois lá do mo
shaoghal, a Nóra."



Chuir sí a lámh thart ar mhuineál Nóra. Théann
Nóra níos cómhgaraighe léithe.



"Bhí mé óg. Bhí daoiní a deireadh go rabh mé
dóigheamhail."



"A mháthair, ní'l gnaithe duit innse do'n dhuine go
rabh tú dóigheamhail nuair a bhí tú óg. Ní thiocfadh
leis go rabh cailín ar bith leath ion-churtha leat."



Chuir a máthair a lámh eile thart ar Nóra annsin
agus chrom a ceann go dtug sí póg duithe sul ar
dhubhairt sí.



"'Sí mo chaoin-ingean féin a deir sin, ach tá fhios
agamsa cailín atá an chosamhail le mar bhí mise nuair
a bhí mé óg ach go bhfuil sí i bhfad níos deise na bhí
mise."



"Ó, a mhathair!"



"A Nóra, nuair a bhí mise óg, bhí mé mar tá tusa
anois, gan rud ar bith 'sa' dómhan mhór ag cur bhuadhartha
orm, agus gan mé ag smaointeadh ar rud ar bith ach
ar a' ghrádh a bhí agam ar mo mháthair agus ar an ghrádh
a bhí ag mo mháthair orm. Níor ghnáthach linn m'athair
a fheiceáil go minic. D'imthigheadh sé isteach na cathrach
go luath ar maidín agus ní philleadh sé na bhaile go
rabh sé i n-am luighe. Dia Dómhnaigh féin ní chaitheadh
sé mórán do'n lá 'sa' bhaile: bhí sé ag deánadh airgid.
Ní rabh sógh dá dtiocfadh le airgead a fhághail damh
féin no do mo mháthair nach rabh againn, agus bhí mo
mháthair agam-sa le na chois sin. Níor chuala mé
m'athair ariamh ag labhairt go feargach, ach níor chuala


L. 24


mé é ariamh ag labhairt go cineálta. Is minic nuair
a thiginn isteach ar mo mháthair go tobann tchínn na
deóra leis na súilibh aici, ach mar bhíodh sí ag urnaigh
'san am shílinn gur sin a b'ádhbhar leis. Ní rabh ciall
agam do'n t-saoghal annsin.



Ins an am sin ní rabh lá ar bith nach dtéidhinn-sa na
cathrach le cuairt a thabhairt ar thoigh a' phobail. Lá
amháin nuair a bhí mé ar a' bhealach arais na bhaile
thainig taom mór fearthanna. Bhí mé go díreach ag
Árd na Callaighe 'san am. Ní rabh cóta ar bith liom
mar bhí lá bréagh ann nuair a d'fhág mé an baile. Bhí
cruach mhónadh ar fhód a' bhealaigh mhóir agus chuaidh mé
thart ar chúl na cruaiche le dul ar fascadh. Bhí fear
na sheasadh ar chúl na cruaiche agus nuair a chonnaic
mé é baineadh stad asam. Chonnaic sé gur sgánnruigh
mé. "Na bíodh eagla ort," arsa seisean, agus theann
sé suas giota uaim ar dhóigh go mbéadh fasgadh agamsa
gan é bheith mo chómhair. D'éirigh an fhearthainn níos
truime, agus sul a rabh fhios agam-sa go rabh sé 'a
dheánadh bhain sé de a chóta mór agus chuir thart orm
fhéin é. Nuair a bhí turadh ann thug mé féin dó a
chóta agus thug buaidheachas dó. D'iarr sé orm an
cóta a thabhairt liom na go mbfheidir go gcuirfeadh
sé arais. Thug mé féin buaidheachas do airís agus
dubhairt nach rabh i bhfad agam le dhul, ag taisbeánadh
an bhaile do. Dubhairt seisean go rabh sé ag 'ul an
bealach céadna síos fhad leis an Fhál Mhór an áit ar
tógadh é. Bhí eolas agam-sa ar an Fhál Mhór, agus
dubhairt mé leis nach rabh a'n dhuine na chómhnuidhe
ann. Dubhairt sé nach rabh, agus d'aimhdheoin nach


L. 25


rabh ballógaí an toighe ar rugadh é ann fágtha féin,
gur mhaith leis cuairt a thabhairt ar na seanfháruis'.
Bhí mise ag taobh an toighe anois agus bhog seisean
leis gan níos mó a rádh.



D'innis mise do mo mháthair comh luath agus chuaidh
mé un toighe fá'n fhear a casadh orm agus cá rabh sé
ag 'ul. Chuir sí ceist orm cia leis a rabh sé cosamhail,
agus d'innis mise duithe go rabh sé ar an fhear a ba
bhréaghta a chonnaic mé ariamh. Agus leóga bhí, a
Nóra, agus ní fhaca mé a'n fhear o shoin comh bréagh
leis."



"Faraor! a mháthair ma's ar m'athair atá tú ag
cainnt ní'l mórán cuimhne agam air."



"A thaiscidh, is air, ach caidé mar thiocfadh leat
cuimhne a bheith agat air agus gan tú ach an dá bhliadhain
go leith comhthrom an oidhche fuair sé bás.



Smaointigh mo mhathair ar a' bhomaite cia bhí ann.
"Sin Naos Ua Drioscoill ma tá sé beo," ar sise.
D'innis mo mháthair damh annsin caidé mar bhí an
tighearna óg ag mardhaiceacht aníos a' bealach mór
lá amháin agus gur casadh deirbhshiúr Naois air, agus
nuair nar úmhluigh sí dó, gur tharaing sé an steafóg
a bhí in a láimh agus bhuail trasna an leicinn í. Nuair
a chuala Naos caidé rinn sé, shuibhail sé caol díreach
go dtí an caisleán. Bhí an tighearna é féin ag an
doras agus chuir ceist ar Naos caidé bhí sé 'a dheánadh
annsin. Chuir Naos ceist airsean caidé thug air a
dheirbhshiúr a bhualadh. "Oc!" arsa'n tighearna, "bhfuil
deirbhshiúr ar bith eile agat go dtaisbeánochaidh mé
duithe caidé rud múnadh nuair a chastar tighearna


L. 26


uirthi." Ní dhearn Naos ach a lámh a thairrint agus
cnámh a ghéill a bhriseadh leis an bhuille a thug sé dó.
Beireadh ar Naos annsin agus cuireadh deich mbliadhna
air 'sa' phríoson, ach tugadh cead a' chinn dó nuair
a bhí cúig bliadhna riaraighthe aige. Nuair a thainig
biseach ar an tighearna chuir sé iomlán an teaghlaigh
amach as a mbaile agus a gcomhnuidhe agus sgabadh
ar fud an t-saoghail iad.



Ba sin mar d'innis mo mháthair an sgéala damhsa
a Nóra, agus an oidhche sin ní thiocfadh liom codhladh
ach ag smaointeadh agus ag smaointeadh liom."



"Níorbh iongantas ar bith é a mhathair."



"Lá ar na mhárach casadh Naos orm arais nuair a
bhí mé ag teacht amach as toigh a' phobail agus 'ach a'n
lá go cionn thrí seachtmhainí. D'innis mé an chuid
eile de'n sgéal duit roimh-ré, caidé mar pósadh sinn
agus caidé mar nar labhair m'athair liom go rabh sé
ar leabaidh an bháis, na ní thug sé mathamhnas damh go
dtí sin nuair nach bpósfainn an fear a thoghaidh sé
féin damh."



"Ach! a mhathair níor innis tú ariamh damh cia thoghaidh
sé duit."



"An tighearna, ach a Nóra, shil m'athair gur mhór
an onóir damhsa tighearna a fhághail."



"A Nóra, dheánfaimid réidh le dhul a luighe agus
inniseochaidh mé an chuid eile duit i mbárach."



"Maith go leór, a mhathair."



Lá ar na bhárach shín a mhathair leitir a fuair sí an
lá roimh ré, chuig Nóra, agus d'iarr uirthi í a léigheadh.
Bheir Nóra ar an leitir agus léigh -


L. 27


Teach-taiscidh an Iarla,
Luimneach,
Dia h-aoine.



A bhean uasal,



Is ró-mhór go mbéinn go h-an bhuidheach duit dá
dtéidheadh agat fáilte a thabhairt do mo mhac Seoirse
'un toighe chugat dá mbéadh i ndán's go gcasfaidhe
in do bhealach é. 'Sé mheasaim go bhfuil sé fá na
t-imcheall sin mar mhaithe leis féin ag cathadh a chuid
laethe saoire. B'fhéidir nar bhé de'n mhúnadh é nuair
a d'innis mé do sul ar fhág sé an baile cá rabh tú
do chómhnuidhe, ach níor thrácht mé ar ingean a bheith
agat. 'Sí an óige an óige i gcómhnuidhe.



Sgríobhfaidh mé chugat fá chionn lae no dhó fá bhiseach
an airgid.



Is mise,
Le mór mheas,
Laoide Mac an Ghadaidhé.



Ag. - Mar d'innis mé duit an lá deireannach a bhí
mé ag cainnt leat, tá Seóirse, chan cionnus mé
féin a rádh, comh maith le'n bhuachailll a thóg athair ariamh.
L. Mac an Gh.



"Tá meas aige ar a mhac ar sgór ar bith," arsa
Nóra.


L. 28


Tá, a Nóra, agus do réir mar thuig mé an uair
dheireannach a bhí mé ag cainnt leis ba mhaith leis dá
mbéadh meas againne air fosta. 'Sé smaointigh
mé nuair a chuala mé tú ag trácht ar an ghaisgidheach
a bhí ag bárr a' Bhealaigh Mhóir gur mb' fhéidir gurab
é bhí ann."



"B'fhéidir go díreach gurab é, a mhathair."



Le sin mhothuigh siad duine éiginteacht ag an doras
agus chuaidh Bean Uí Drioscoill amach agus d'fhosgail
é go bhfeicfeadh si cia bhí ann. Ba fear óg a bhí ann.



"Is mise," arsa seisean, "Seóirse Mac an Ghadaidhe
agus d'iarr m'athair orm nuair a bhí mé ag fágail
an bhaile cuairt a thabhairt ort."



"Maise, tá fáilte romhat," arsa Bean Uí Dhrioscoill
agus thug sí isteach 'un t-reomra é a bhí ar thaobh láimhe
clídhe de'n doras ar éadán an toighe. Ní rabh Seóirse
ar dhóigh ar bith cúlta, shuidh sé agus chan le Bean Uí
Drioscoill ionann agus da mbéadh aithne aige uirthi
le bliadhantaibh. Leig sé air féin go rabh a sháith
iongantais air nuair a dubhairt Bean Uí Droiscoill
go rabh sí ag 'ul amach le na ingean Nóra a thabhairt
isteach. Leig sé air féin nach rabh fhios aige go
rabh ingean aici.



Chuaidh Bean Uí Droiscoill amach.



Comh luath agus chuaidh sí amach d'éirigh Seóirse
agus thoisig sé a dhearcadh ar na pioctúiribh a bhí ar na
ballaibh. Nuair a chonnaic sé pioctúirí na bhfear
calma a fuair bás ar son na h-Éireann, "tchím,"
arsa seisean. Annsin, chonnaic sé pioctúir cailín
óig agus smaointigh sé ar an bhomaite gur bhí a casadh


L. 29


air an lá roimh ré. "Dheánfaidh sí gnaithe breághtha
damh," arsa seisean leis fein, "is annamh tá oiread
de'n dá chuid le fághail i n-aoinfheacht le na chéile,
ach tá sise gnaoidheamhail agus tá an t-airgead aici
fosta." Le sin mhothuigh sé trup agus shuidh sé síos
arais.



Fear óg caol árd a bhí i Seóirse. Bhí sé gléasta
ar 'ach uile dhóigh go galánta. Bhí sé droch-dhaiteach
'san ághaidh, agus bhí a ghruag dhubh comh slíocaighthe sin
nach rabh bun ribe amach no bárr ribe isteach. Bhí
srón fada air a rabh cruman ar a bhárr, agus bhí a
smigead beag, cruinn. Bhí cuma an-ghéar-chúiseach
air, go h-airighthe fá na súilibh a bhí níos cómhgaraigh
do chéile na is gnáthach le súilibh a bheith.



Thainig Bean Uí Dhrioscoill isteach agus a ingean
léithe, ach sul a bhfuair sí focal a labhairt bhí Séoirse
ar a bhonnaibh agus chraith lámh le Nóra.



"A Bhean Uí Dhrioscoill," arsa seisean, "is maith
is cóir duit bród a bheith ort cionnus léithid 'e ingean
a bheith agat; is bréagh an cailín í."



Shuidh sé, agus shuidh Nóra agus a máthair.



D'aithin Nóra comh luath géar agus d'amharc sí
air gur bh'é stán uirthi agus í ag teacht na bhaile ó
Bhárr a' Bhealaigh Mhóir, agus smaointigh sí comh beag
agus bhí ar a shon aici smaointeadh, gur bh'fheidir gur
Mac an Ghadaidhe an gaiscidheach ar bhaist sí Maicín
air. Chan Seóirse ar siud agus ar seo. Bhí an
tuile-shí' chainnte as a bhéal ar fad. Bhí sé ag rádh
go rabh athás an dómhain air go rabh léithid Nóra agus
a máthara aige le cuairt a thabhairt ortha, no go rabh


L. 30


na daoiní fá Thír Conaill gan mhúnadh gan oideachas
agus nach dtiocfadh le duine uasal cathadh aimsire
ar bith a fhághail in a gcuideachta. Bhí sé ag deanamh
go gcaithfeadh sé go rabh Bean Uí Dhrioscoill agus
a ingean an-uaigneach, gan duine ar bith a tógadh mar
tógadh iad féin le cuairt a thabhairt ortha. Bhí a dhá
shúil sáithte i Nóra ar fad, ach ní rabh sise ag amharc
air no ag tabhairt freagra air ach nuair a chaitheadh
sí é a dheánadh. Ní rabh Bean Uí Drioscoill í féin
ag rádh mórán. Fá dheiread d'éirigh sé le h-imtheacht.



"Béidh mé ar an bhealach seo arais i mbárach,"
arsa seisean, "agus bheirfidh mé "Beannuighadh Dia"
díbh."



"Deán é," arsa Bean Uí Dhrioscioll.



Char dhubhairt Nóra leis "tar no fan," ach má thug
Seóirse sin fá ndeara níor leig sé a dhath air féin,
agus nuair a d'fhág Bean Uí Dhrioscoill ag an doras
é, d'imthigh sé leis agus aoibh bhreágh air.



"An sin Maicín?" arsa Bean Uí Dhrioscoill
nuair a thainig sí isteach arais.



"Ní h-é no a'n chuid de, a mháthair," arsa Nóra.


L. 31


Maicín agus an Bacach Ruadh.



Nuair a d'fhág Maicín Árd na Cruaiche, shiúbhail
sé leis ar a shuaimhneas ag tairrint ar Mhín a' Bheatha.
Sheasadh sé anois agus airís agus dh'amharcadh sé uaidh.
Bhí trathnóna an bhreágh ann agus b'fhéidir gur bhé sin
an rud a ba chionntaigh leis. Bhí an ghrian ag éirighe
íseal. Shílfeá da mbéadh duine ar Chloich an Amhairc
go mbéadh sé ábalta a lámh a leagaint uirthi. Bhí
sí ag 'ul síos ar a suaimhneas, agus gidh go rabh sí féin
comh dearg le fuil, deirfeá go rabh sí ag cur dath
dubh gorm ar an aer eadar thú féin agus í féin. Bhí
'ach a'n rud ciúin. Bhí an toit liath-ghorm ag 'ul suas
glan díreach 'san spéir as na toighthib. Tchídhfeá
sean-dhuine amuigh ag giall a thoighe ag deánadh a
chomhráidh le sean-dhuine eile na shuidhe ag a theach
féin cupla céad slat ar shiúbhal. Annsin tchífeá
bean toighe ag 'ul fá choinne uisge, agus chluinfeá í
ag rádh le duine éighinteacht go rabh an t-am ann le
dhul fá dhéin an eallaigh. Ní rabh glór na bpáistí
le cluinstin, na bhí siad tursach indhiaidh a bhéith ag
deánamh toighthe beaga ó mhaidin, agus bhí codhladh ag
teacht ortha anois. Ní dheachaidh na cuileógaí fá
chómhnuidhe go fóil, no' fhad agus bhí solas na gréine


L. 32


ar a gcuid eiteóg, bhí siad 'na sluaighte annsud
agus annseo agus a' ciarlamán ag cuir sgaithteach
ionnta agus é ag ciarsanacht a thréirthe.



Nuair a thainig Maicín 'fhad leis an Abhainn Bhuidhe,
shiubhail sé trasna leath bealaigh ar an mhaide
ghnídheas ionad droichid ar an abhainn, agus sheasuigh
sé annsin ag amharc síos ar an t-sruth a bhí chómhair a
bheith tirim ar siocair an tiormlaigh. B'fhéidir go
rabh sé ag smaointeadh ar na laethibh a chaith sé ag
ruagadh breac nuair a bhí sé na ghasúr, no b'fhéidir
go rabh sé smaointeadh ar caidé mar ba ghnáthach
leis bréith ortha faoi na clochaibh le na lámhaibh, no
b'fhéidir go rabh sé ag smaointeadh ar an uisge nach
rabh ann ach é go rabh sé ag sileadh eadar na clochaibh,
agus na dhiaidh sin, go mbainfeadh sé an fhairrge
amach bíodh an lá sin fada na gairid amuigh. Cia bith
air a rabh sé ag smaointeadh, chaith sé i bhfad ar an
mhaide. Ins a' deireadh chonnaic sé fear ag teacht
fhad leis, agus b'éigin dó siúbhal trasna go dtí an
taobh eile de'n mhaide leis an fhear a leigint trasna.
Ba é an Bacach Ruadh a bhí ann agus é ag tairrint
siar fosta.



Bheannuigh sé do Mhaicín agus bheannuigh Maicín dó.



"Ca bhfuil do thriall?" arsa'n Bacach Ruadh.



"Go Mín a' Bheatha," arsa Maicín.



Bhí bacaigh i gcomhnuidhe dána i dTír Chonaill.
B'fhéidir gur cionnus go rabh na daoiní comh maith
sin dóbhtha agus bhí siad a ghnidheadh dána iad. Ach
ar sgor ar bith bhí na bacaigh dána, agus ní bíodh a'n
teach a mbíodh siad ag cur faobhtha ann, nach mbéadh


L. 33


lán o chúl go doras ag éisteacht leó ag sgéalaidheacht
ar na h-iongantais a chonnaic siad i n-áiteachaibh
eile. Ach imeasg bachach ní rabh a'n bhacach comh dána
leis an Bhacach Ruadh. Bhí teanga chliste aige agus
teanga ghéar dá gcuirfidhe corruigh air, agus bhí sé
ábalta liaspáin a chur ar shúilibh óg agus sean le
na dheagh-bhriathraibh, agus le sgéalaidheacht ar thíortaibh
coimhightheach. Bhí daoiní ann a deireadh gur chaith sé
seal dá shaoghal 'san arm.



"Is maith a thig leat léim a gheárradh agus cloch a
chathadh" arsa seisean le Maicín.



Thainig aoibh a' ghaire ar Mhaicín ach char labhair sé,
agus arsa'n Bacach arais:



"Bhí mise lá de mo shaoghal agus ní leigfinn an
bhuaidh leat go réidh," agus dhírigh sé é fein.



Ba dheacair a aois a dheánadh amach anois. D'fhéad-
fadh sé a bheith aois ar bith eadar dhá sgór go leith agus
trí sgór bliadhanta, agus b'fhéidir nach rabh sé comh
sean sin agus gur bh'é a chuid féasóige fada ruaidhe
a bhí ag cur cuma ná h-aoise sin air. Anois nuair
a dhírigh sé é féin, b'fhurust aithne gur fear ar dóigh
a bhí ann nuair a bhí sé óg: bhí sé thar shé troighthe ar
airde go fóil, agus ma bhí a chuid slinneán ag éirighe
crom féin, sgéal fada ar a leithead a bhí ionnta.
Agus le urradh a chuid sgiathán a thaisbeánadh, chas
sé an bata droighin a bhí in a láimh go dtí narfhan an
léab chroicinn air ó bhun go bárr nar réabadh de.



"B'fheárr liom do chabhair na do chealg go fóil,"
arsa Maicín. Thaiteann sin leis an Bhacach Ruadh
agus arsa seisean:



"Ma's maith ar bith duit mo chabhair bíodh sí agat


L. 34


agus an lá a b'fheárr a bhí mé ariamh thiocfá taobh na
gaoithe ar mo chealg. 'Siomaidh fear a chonnaic mise
agus 'siomaidh fear maith a chonnaic mé. Chonnaic
mé fir a bhí comh mór sin nach mbéadh ionnam-sa ach
gasúr le na dtaobh agus iad urradhanta de réir, ach
de réir mar bhí siad mór is amhlaidh is lúgha a bhí
siad cliste. Ní rabh ionnta ach méid agus urradh
agus gan iad indán usaid a dheánam de cheachtar aca.
Ach fear ion-churtha leat-sa chan fhaca mé dha uair
ariamh."



Tharraing an Bacach amach dubhdóg as a phóca annsin,
shuidh síos ar bhruach na h-abhanna agus dhearg é. Thairring
Maicín amach a phíopa agus rinn an cleas céadna.
Bhí fear ag tairrint ortha. Connaic Maicín é ó thainic
sé ar amharc, agus nuair a bhí sé ag teacht cómhgarach
chuir Maicín ceist ar an Bhacach an rabh aithne aige ar
an fhear a bhí tairrint ortha.



"Ní aithnighim é" arsa'n Bacach Ruadh, agus d'aithne-
ochainn Éireannach: ní aithnighim thusa acht aithnighim
gur Éireannach thú."



Nuair a thainig an coimhightheach fhad leo chuir sé
ceist ortha an rabh sé i bhfad 'na' Chlocháin Léith. D'innis
an Bacach dó go rabh sé cúig mhíle, agus nuair a chuala
sé sin thug sé buaidheachas dóbhtha agus bhog leis.



"Is mithidh damh féin an baile a bhainnt amach,"
arsa Maicín.



"Maise!" arsa'n Bacach, "thárla go bhfuil mise
ag 'ul go Mín a' Bheatha fosta creidim gur de'n
mhúnadh é thú a comóradh, agus cia bith é féin an fear
siar stán sé go géar ort-sa."


L. 35


"Ar stán," arsa Maicín.



Ar a mbealach siar chuir Maicín mórán ceist fá
bhunadh óg na h-áite agus fá dtaobh de'n Bhacach é
féin. D'fhuasgail an Bacach iad go h-iomlán ach
chan gan smaointeadh leis féin uair na dhó go gcaithfeadh
sé go rabh an fear seo an taobh 'e'n tír roimh ré.
Nuair a thainig siad fhad le toigh an t-siopa, dubhairt
Maicín gur seo an áit a rabh sé féin ag bainnt faoi.
Dubhairt an Bacach go rabh rún aige féin a fhárus a
dheánadh ann go maidín fosta; go rabh sgiobál mhaith
chocháin faoi an t-siopa, agus nar dhiúltuigh fear a'
toighe na a bhean é ariamh fá dhídean an sgiobáil go
maidín. Chuaidh an bheirt 'un toighe i n-aoinfheacht.



Bhí fear a' toighe agus a bhean na suidhe ar dhá thaoibh
na teineadh: bhí na páistí uile go léir 'na luighe.
Bhí sgéala ar na h-éachtai' a rinn Maicín ag bárr a'
bhealaigh mhóir roimhe, agus chuir sé iongantas air
nuair a thug bean a' toighe "Maicín" air nuair a bhí
sí ag cur ceiste air cia aca a b'fheárr leis suipear
bracháin no suipear taé. Ba é sin an chead uair do
an t-aim a chluinstean, ach thaitin sé leis. Cionnus
nar aithin a'n dhuine é ní rabh sé ag 'ul a innse do
mhór agus do bheag cia é féin, agus dar leis go
nglacfadh sé leis an ainm. Ach an oidhche sin is minic
a smaointigh sé caidé mar fuair bean a' toighe an
t-ainm sin, no bhí fhios aige go maith nach dtug sí air
é as maol a conláinn. Chuaidh sé a luighe comh luath
agus rinn sé a shuipear, rud nar thaitin leis an Bhacach
Ruadh, no b'éigin do-san a dhul amach 'na' sgiobáil
nuair nach rabh cómhrádh ar bith le fághail aige, mar


L. 36


bhí ceann urraidh an toighe agus a bhean ag smaointeadh
ar dúl a luighe fosta.



Ar maidín la ar na mhárach d'éirigh Maicín go luath
agus chuaidh sé isteach na sgiobáil a bhí faoi'n t-siopa.
"Nonach bhfuil tú do shuidhe go fáil a Mhícheáil?"
arsa seisean leis an bhacach. Ní rabh a dhath de'n
bhacach le feiceáil ach a cheann. Bhí sé cuachta astuigh
'sa' chochán fá n-a chirteach, agus a dhá chois sáithte
astuigh i mála a bhí tarraingté anios aige ar féin
go dtí faoi n-a dhá easgaill. Chaith sé an cochán de,
d'éirigh aniar agus bhain de an mála sul ar labhair
sé.



"Cá fios duit ainm an bhacaigh?"



"Ní críonna an cat na'n coimheadaidhe," arsa
Maicín. "Comh luath agus gheobhas tú greim le
n-ithe," arsa Maicín annsin, "rachaidh tú na Chlocháin
Léith. Tá lá aonaigh annsin indhiu agus béidh fear na
fídeóige ag seinim ar an t-sráid. Bheirfidh tú seo
dó agus béidh fhios agat féin cia 'n uair agus cia'n
t-am le na thabhairt dó."



Thug sé litir do'n bhacach annsin. Bheir an bacach.
greim ar an leitir agus chuir isteach ann a ochras í



"Dheánfaid mé sin," arsa'n bacach.


L. 37


Oidhche Dála.



Chaith Maicín mórán de a chuid ama ar feadh
coicthighise ag íasgáireacht fá na h-aibhneachaibh agus
fá na lochannaibh, agus ag seilg. Chaith sé mórán de
a chuid ama fosta ag cainnt leis na buachaillíbh óga,
agus is beag lá nach bfeicfidhe é féin agus Tomás
Mhac Ruaidhrí i gcuideachta a chéile. Corr lá
d'imthigheadh sé ar maidín agus ní philleadh sé go h-am
luighe. Bhí oidhche no dhó ann nar phill sé go maidín.
Maidín amháin nuair a thainig sé isteach 'un toighe
indhiaidh a bheith amuigh ó oidhche, bhí bean a' toighe na
suidhe ar chataoir agus í na codhladh. Mhusgail sí
le linn a theacht isteach dó.



"A chroidhe ó," arsa sise, "ní thiocfadh liom a dhul
a luighe aréir no bhí mo chroidhe ag 'ul amach ar mo
bhéal ar eagla's gur bhain rud éiginteacht duit. Tá'n
t-am atá ann creathnach, agus ar ndóigh ní rabh fhios
agam nach go mb'fheidir gur bh'iad na sgaighdiúirí
a bheir ort."



"Ní bhainfeadh siad le mo léithéid-sa" arsa Maicín.
Fuair sé a bhricfeasta agus chuaidh a luighe agus é
ag smaointeadh ar chnocaibh Bhárr' Ghaoth-Dóbhair.


L. 38


Cá bhfuil an áit ar fud na tíre is lúgha cáil na
cnuic Bhárr' Ghaoth-dóbhair, agus cá bhfuil an áit is
mo thuilleas cáil? Ar fhad d'amhairch ar chúl gréine
tá cnoc ag éirigh ar chúl cnuic go dtí go bhfuil an
chuid is fuide ar shiúbhal ag cur a gcuid cruach 'sna
néaltaibh. Anuas taobhannaí na gcnoc seo tá srútháin
agus silteáin na rith na gcéadtaí, cuid aca ag 'ul
i gcómhair le n-a cheile, ach an t-iomlán aca ag munumar
agus ag deánadh crónain de réir mar tá an t-uisge
ag tuitim ó lamhtán go lamhtán, agus iad ag tarraint
ar na lochannaibh atá ar íochtar. Imeasg na gcnoc
seo ní'l a'n chnoc ann níos áilne na Cnoc a' Toir,
atá fá fhad mearóige de Bhárr a' Bhealaigh Mhóir.
Agus ní'l a'n chnoc in imeasg níos airde agus é
cúmhdaighte le fraoch feannán agus cinealtas. Síleann
an té atá ag 'ul suas air an chead iarraidh ariamh go
mbéidh sé ag n-a bhárr comh luath agus shroichfidh sé an
mullach atá roimhe, ach comh luath agus tá sé ar an
mhullach sin, tchí sé mullach eile roimhe, go dtí 'sa'
deireadh nuair atá sé tuirseach ag siúbhal agus ag
bainnt dúil de bhárr a' chnuic a bhainnt amach go bráth,
fághann sé buaidh ar an staighre dheireannach. Ach
anois nuair atá sé ar bhárr an chnuic, tchí sé gur
mhaith a b'fhiú dó an turas a dheánadh. Ar amharc dó
bealach luighe gréine, tchí sé shíos faoi lochannaí sgabtha
thall agus ibhfos n-a sgórthaibh, agus aibhneacha ag
casadh mar sud agus mar seo eatorra. Tchí sé ar
imeall na lochannaí, páirceánnaí glasa agus toighthe
geala aol-nighte, agus fad amhairc uaid, tchí sé an
fhairrge mhór ag greadadh isteach ar na cruachaibh
gainimh, a dtugtar méillte Íocthair Tíre ortha.


L. 39


Anuas taobh Chnuic a' Toir, tá abha na rith a dtugtar
Abhainn-an-sgeárdáin uirthi. Ní'l innti ach silteán
beag 'san áit a n-éirigheann sí thuas ag bárr an chnuic,
ach ar a bhealach anuas tá sí ag léitheadadh de réir
mar tá silteáin bheaga ag ríth isteach innti, go dtí
go bhfuil sí fá thuairim fiche troigh ar léithead ag bárr
an sgeárdáin. Tá an sgeárdán é féin fá thuairim
céad troigh ar airde, agus an tormán a ghnidheas an
t-uisge agus é ag tuitim anuas glan díreach na
céad troigh sin ar na clochaibh atá ar íochtar, tá sé
mar bheadh tormán táirrnighe ann. Nuair a bhriseann
néall os cionn an chnuic, annsin tuiteann an fhearthainn
na chnap, líonann na silteáin mar ghreadfá do dhá
bhois ar a chéile, líonann siad-san abhainn an sgeárdáin,
agus thig an t-uisge ag rollugadh anuas na h-abhna
sin n-a chraos, ag iomchar leis gach rud a chartar in
a bhealach, go mbuailidh sé a cheann faoi ag bun an
sgeárdáin 'sa' chubhar a rinn sé féin a mhaistreadh.



Bhí an tráthnóna ann nuair a d'éirigh Maicín, agus
soir leis, agus shuidh ar an Chloich Stucaigh. Bhí sé ag
amharc soir ar chnocaibh Bhárr Ghaoth-Dóbhair. Chuir sé
bailc ar na cnocaibh ó chuaidh sé a luighe, agus thiocfadh
leis an t-uisge a fheiceáil ag dórtadh anuas an
sgeárdán, agus thiocfadh leis a thormán a cluinstean
agus e mar bhéadh tormán an bharra ann. Bhí turadh
ann anois, agus bhí na caoirigh le feiceáil ag ingilt
ar an fheanntraigh agus na gabhair ar bhárra' na mbeann.
Bhí Maicín ag dearcadh ar sgáile na néall, ceann 'sa'
tóir ar an chionn eile amach go bárr a' chnuic de
réir mar bhí na nealta ag 'ul trasna na gréine. Bhí


L. 40


an ghrian ag 'ul a luighe anois, ach sul a
deachaidh sí a luighe sgiord sí amach o chúl néall agus
thug amharc amháin eile ar Chnoc a' Toir. Bhí an t-
airgead beó ag feitheamh ar an amharc sin, no comh
luath agus thug an ghrian an t-amharc sin, shoillsigh an
t-airgead beo comh loinnreach agus soillsigh grian
ariamh. Ní rabh níos mó de; chuaidh an ghrian a luighe
agus thainig dat dubh gorm ar na cnocaibh.



Bhí an oidhche ann nuair a thainig Tomás Mhac Ruaidhrí
fhad le Maicín 'san áit a rabh sé n-a shuidhe.



"Tá mé ag 'ul toigh Nuala Báine anocht," arsa
Tomás, "agus ba mhaith liom dá dtéightheá liom mar
gheall tú. Bhí Nuala ag trácht ort, agus tá fhios
agam go maith gur mháith léithe tú a bheith ann."



"Rachaidh mé agus fáilte," arsa Maicín.



"Tá an chuid eile de na fearaibh atá ag 'ul liom,"
arsa Tomás, "ag fanacht orainn idtoigh m'athara,
agus tá an t-uisge beatha annsin fosta."



"Cia iad fein?" arsa Maicín.



"Tá, Cathaoir Ua Dubhthaigh, Feilimidh na Míne,
agus tá cuireadh ag an Bhacach Ruadh fosta."
"Thárla go bhfuil siad ag fanacht orainn," arsa
Maicín, "tá sé lán go maith againn tarraint ortha
anois."



Bhí sé 'dhubh sholas nuair a chuaidh siad isteach 'un
toighe. Bhithear ag fanacht ortha mar dubhairt Tomás,
agus bhí an Bacach Ruadh annsin fosta agus é n-a
shuidhe ag cionn an tábla. Comh luath géar agus
chuir siad a gcinn isteach faoi árd-mhaide an dorais,
beiridh Conall Mór greim ar bhuideál agus ar ghloine,


L. 41


líon sé an gloine agus thairg do Mhaicín é. Bheir
Maicín ar an ghloine as a láimh agus shín arais chuige
é agus thug buaidheachas do.



"No nach bhfuil tú ag 'ul a ól?" arsa Conall.



"Ní thig liom é: ní bhainim leis, agus tá mé comh
buidheach duit-se agus da n-ólfainn é." arsa Maicín.



"Na h-iarr air é, a athair," arsa Tomás ní'l sé ag
bhainnt leis."



Thárla gur mar sin atá," arsa Conall, "ní bhéidh
mé 'a iarraidh ort."



Shín sé an gloine annsin chuig Cathaoir. Bheir
Cathaoir ar an ghloine agus arsa seisean "Seo
mbur sláinte uile go léir, a fheara; do shláinte,
a Thomáis Chonaill, agus go n-éirigh ar siubhal linn."



"Iocshláinte duit," arsa'n chuid eile agus d'ól
Cathaoir an gloine. Líon Conall an gloine arais
agus thug do Fheilimidh é. Bheir Filimidh greim air,
agus arsa seisean, "Go gcuiridh Dia an t-adh orainn
uile go léir," agus annsin d'ól sé fá thuairim
leath an gloine agus bhí 'a shíneadh arais chuig Conall.



"Caith siar ann do phluic é," arsa Conall, "agus
bídh réidh leis." Rinne Feilimidh sin.



Thug sé gloine annsin do'n Bhacach Ruadh. Bheir
an Bacach air agus arsa seisean:



"Seo sláinte na h-Éireann agus na gcúig chúigi
sa dhó, agus an té nach n-ólann 'sa' t-sláinte seo
na rabh sé i bhfad beó." "Amén," arsa Conall.



Chaith an Bacach siar an bhiotáilte gan an gloine a
bhainnt ó n-a chionn.


L. 42


"Bhfuil maith damh a'n dheór a thabhairt duit-se.
a mhic?"



"Ní'l," arsa Tomás, "ta dálta Mhaicín orm-sa,
ní'l mé ag bainnt leis." D'ól Conall é féin bolgam
annsin agus arsa seisean.



"Tá sé go maith againn i n-ainm Dé a bheith ag 'ul
'un siúbhal. Tá 'ach a'n dhuine na luighe anois agus
béidh sé déidheannach go leór nuair a bhéas sinn i
Mín-eadar-a'-da-loch."



"Tá'n ceart agat," arsa Feilimidh, "cia bheirfeas
an t-uisge beatha leis?"



"Bheirfidh mé féin liom é;" arsa Conall, "ní
bhéidh an oiread sin uile go léir 'e dhith orainn anocht
thárla gan ach an beagán againn ann."



Fuair sé an t-uisge coisrioctha, craith air féin agus
ortha go h-uile agus ar cheithre bhallaibh an toighe.
Nuair a bhí sin deánta, bhog siad leo go rabh siad ag
teach Phádraig Shéarluis i Mín-eadar-a'-dá-loch.
Nuair a bhí siad ag teach Phádraig chonnaic siad nach
rabh 'ach a'n dhuine na luighe, no bhí solas 'sa' teach.
Chuaidh Conall fhad leis an doras agus bhuail sinitín
air. Thoisigh an madadh a bhí astuigh a thathmann.



Droch mhúnadh ort a mhadaidh mhalluighthe! Luigh
faot," arsa Pádraig, agus d'fhosgail sé an doras.



"Maise, sé do bheatha, a Chonaill Mhóir: tar ar
d'ághaidh. Cia tá leat?"



"Tá, ceathrar no chúigear fear liom annseo,"
arsa Conall.



"Taraigidh isteach, a fheara, agus 'sé mbur mbeatha."
Chuaidh siad isteach. D'éirigh Máire, bean Phádruig,


L. 43


ó'n t-súgán a rabh sí n-a suidhe air agus chuir fáilte
rompa uile go léir i n-aoinfheacht.



"Tarrainigidh orraibh na cathaoireacha sin agus
suidhigidh, a fheara," arsa Pádruig, "muna bhfuil
mbur ndeifre mór."



"Ar mhéad ar ndeifre," arsa Conall, "beirfidh
an saoghal orainn."



"Maise," arsa Máire, "sin féin an focal fíor,
a Chonaill."



Shuidh Conall agus Cathaoir ag taobh an tábla a
bhí faoi'n fhuinneóig, agus shuidh Feilimidh na Míne
agus an Bacach i lár an urláir. Rann Tomás agus
Maicín cathaoir ag an chionn íochtarach de'n tábla.
Shuidh Pádruig ar cholbha na leabtha agus shuidh Máire
'sa' chlúdaigh.



Ní luaithe a bhí siad na suidhe na tharraing Conall
ar buideál agus chuir ceist ar Phádruig an rabh
sóitheach ólachain ar bith fá láimh aige.



"Maise, ba chóir go mbéadh," arsa Pádruig, agus
bhí sé ag éirigh le n-a fhághail.



"Fan ort," arsa Máire, "ghéobhaidh mise é."



D'éirigh sí, chuaidh síos fhad leis an dreisiúr agus
thug léithe an gloine bhí ar chúl na bplátaí. Chuir sí
an t-airgead briste a bhí ann in a póca, nígh é agus
thug do Chonall. Líon Conall an glione go dtí'n
béal agus thug do Mháire é. Bheir sise ar an ghloine.



"Seo mbur sláinte, agus sé mbur mbeatha uile
go léir." D'ól sí braon as agus shín arais é.



"Ól bolgam eile as," arsa Conall.



"Cha dtiocfadh liom é," arsa Máire.


L. 44


"Ní dheánfaidh sé dochar ar bith duit."



"Seo dhuit; ní thig sé damh."



Ní rabh maith a bheith léithe. Bheir Conall ar an
ghloine agus chuir braon eile ann gur líon sé é, agus
thug do Phádraig. D'ól Pádraig sláinte na bhfear
go h-uile agus chuir fáilte rompa arais. D'ól
Cathaoir, Feilimidh, an Bacach agus Conall é féin
gloine annsin. B'fhurust aithne nach rabh doicheall
ar bith ag Máire no ag Pádraig roimh a gcuideachta.



"A lánamhain chóir," arsa Cathaoir, "ní'l gnaithe
dúinn suidhe níos fuide annseo gan innse díbh caidé
thug annseo sinn fá'n am seo de oidhche."



"Ní'l," arsa Conall.



"Maise," arsa Padraig, "tá fáilte agaibh faoi
chreataibh an toighe seo ar uair an mheadhon oidhche
comh maith le uair an mheadhon lae."



"Maise is íontach nach mbéadh," arsa Máire.



"Támuid buidheach díbh," arsa Cathaoir, "agus
thainigmid annseo dh'iarraidh mbur n-ingine do Thomás
Chonaill. Tá eolas agaibh féin air agus ní'l gnaithe
damh-sa a dhath a rádh fá dtaobh de; tá fhios ag an
t-saoghal go bhfuil sé ar bhuachaillibh breághtha na
Rosann."



"Tá tú ag rádh na fírinne," arsa Pádraig.



"Bhfuil tú toilteanach Nuala Bhán a thabhairt dó?"
arsa Cathaoir.



"Fágfaidh mise sin," arsa Padraig, "ar a cómhairle
féin. Caidé deir tusa, a Mháire?"



"'Sí féin is cóir a bheith sásta," arsa Máire agus
chuaidh sí go doras an t-seomra agus sgáirt ar Nuala.


L. 45


Má bhí Nuala n-a luighe ní rabh sí i bhfad ag éirighe
agus dá gléasadh féin agus ag teacht anuas na cis-
teanadh. Thainig sí anuas agus 'sí bhí dóigheamhail.
Istoigh no amuigh ba bréagh an cailín í.



"Sé mbur mbeatha, a fheara," arsa sise, agus
sheasuigh sí go díreach taobh i bhfus de dhoras an t-
seomra.



"A Nuala," arsa'n t-athair, "thainig Conall Mhac
Ruaidhrí agus a chuid fear annseo anocht ar eacht
cleamhnas a dheánadh eadar thú féin agus a mhac Tomás.
Tá mise agus do mháthair a fhágail ar do chómhairle
féin cia aca ghlacfas tú é no fhágfas tú é. Deán
do rogha rud anois."



Ní rabh sé deacair aithne ar Nuala caidé bhí sí ag
'ul a dheanadh.



"Glacfaidh mé Tomás," agus shiubhail sí síos go
dtí'n áit a rabh sé féin agus Maicín na suidhe agus
craith lámh leis. Thainig sí féin agus Tomás aníos
agus sheasuigh siad ar chladach na teineadh. Thug
Pádraig agus Máire a mbeannacht do a n-ingean
agus thug Conall a bheannacht do n-a mhac. Shuidh
an lánamhain ag taobh a chéile ar stól a bhí sínte le
cois a' bhalla eadar an ceann uachtarach de'n tábla
agus doras an t-seomra. Thainig Maicín agus
shuidh sé le n-a dtaobh.



"Ní'l le socrughadh anois ach an cruth," arsa Cathaoir.



"Ní'l," arsa Feilimidh.



"Maise, de réir chosamhalacht ar an lánamhain,"
arsa'n Bacach, "ní ro mhór an t-áthrughadh a chuirfeas
sé ortha is cuma caidé mar rachas an cruth."


L. 46


"Sin mar is cóir do bheith," arsa Conall, "agus
thárla go bhfuil 'ach a'n rud ag 'ul mar tá sé ólfaimid
bolgam eile sul a mbainfimid le n-a dhath."



Thug sé an chead ghloine do Mháire.



"Go gcuiridh Dia rath ar mo chuid páistí," agus
d'ól sí braon beag as an ghloine ach ní ólfadh sí ach
sin.



D'ól Pádraig sláinte na lánamhaine, agus d'ól
sé lán an ghloine. Rinn Cathaoir Ua Dubhthaigh,
Feilimidh na Míne agus an Bacach an cleas céadna,
agus annsin d'ól Conall é féin gloine.



"Tá sé lán go maith againn an cruth a shocrughadh
anois;" arsa Cathaoir, "tá Conall ag tabhairt leath
a chuid talaimh, druim-sgoiltí, do Thomás, agus thárla
nach bhfuil aige ach é anois gheóbhaidh sé iomlan a bhfuil
'en t-saoghal aige ó n-a lá féin amach. Nach bfuil
an ceart agam? a Chonaill."



"Tá, a Chathaoir, tá tú ag innse na fírinne. Agus
is maith an airidhe ar Thomás é, no tá sé ar mhac comh
maith agus thóg athair ariamh."



"Maise," arsa Pádraig, "ní rabh againne ariamh
ach Nuala Bhán, agus bhéadh sé mór againn gan a mhór
a dheánadh duithe. Agus chan cionnus mise é a rádh,
níor tógadh ingean annseo ariamh a b'fheárr dó na
h-athair agus máthair na Nuala s'againne. Agus an
lá a fhágfas sí sinne le Tomás Mhac Ruaidhrí, béidh
oiread léithe, bos cos, agus fuair seisean ó n-a
athair. Bhfuil sibh sásta le sin? a fheara breághtha."



"Bhfuil tú sásta, a Chonaill?" arsa Cathaoir.


L. 47


"Tá mé sásta," arsa Conall, caidé níos mó a
bhéinn dh'iarraidh."



"Thárla mar sin do," arsa Cathaoir, "ní'l le
socrughadh anois acht caidé an lá a phósfar iad."



"Tá sin socruighthe againn fein;" arsa Tomás,
"pósfar sinn seachtmhain ó márach."



"Bhí sé ar chleamhnas comh furust a dheánadh," arsa
Feilimidh, "le'n chionn a rabh mé aige ariamh."



"Ba bheag ar gcuideadh inne, a Fheilimidh," arsa'n
Bacach.



"H-óladh sláinte na lánamhaine anois dairíribh,
agus gan an lánamhain no Maicín ag tabhairt mórán
áirde ortha: bhí siadsan ag cainnt eatorra féin.
D'éirigh Máire agus thoisigh sí ag deánadh réidh taé,
agus thoisigh na fir a chainnt ar an t-saoghal a bhí ann
i bhfad ó shoin, nuair a bhéadh lán toighe fear cruinnighthe
oidhche dála agus póitín comh fairsing le h-uisge.



"'Siomaidh gábha a rabh Naos Mór ann," arsa Cathaoir,
"de thairbhe dheánta póitín. Is cuimhneach liom
maidin amháin i bhfad ó shoin, creidim go bhfuil sé
i ndeas do thrí sgór bliadhain anois, bhí Naos n-a
sheasadh i ndoras chró na stileadh shiar ag páirc a'
locha nuair a thainig beirt de na raibhinigh' air.



"Tá tú gaibhte 'sa' deireadh, a Naois," arsa fear
aca.



"Chan fhuil go fóil," arsa Naos, "ag bréith greim
dhá chois air agus 'a chasadh thart mar bhéadh sé ag
bualadh buille le órd mór, agus chnag sé an fear
eile 'sa' chloiginn le cionn an fhir a rabh greim aige
air. Rinneadh gillírí de'n bheirt aca. D'fág Naos


L. 48


na luighe annsin iad, agus thug leis iomlán a chuid
gléasaraí agus chuir i bhfolach i Loch-an-Iubhair iad
A, ba mhillteanach an fear é Naos Mór!"



"Ba bhreagh urradhanta an fear é," arsa Conall,
"agus ní rabh a dhath 'e cheilg ann acht oiread le páiste"



"An cuimhneach le'n dhuine agaibh a dheártháir
Donnchadh?" arsa Pádraig.



"Seo, Seo!" arsa Máire, "suas libh uile go léir
'un t-seomra go n-ólaidh sibh bolgam taé; tá sé
réidh anois."



"Tá sé lán go maith," arsa Padraig. "Siubhailigidh
libh."



Chuaidh.



Shuidh siad isteach 'un bidh gan duine ar bith togha na
rogha a dheánadh ar an áit a suidhfeadh sé. Nuair a
bhí an taé ólta aca, anuas leo na cisteanadh agus
h-óladh snathadh eile de'n uisge bheatha.



"Ach, ag cainnt ar dheártháir Naois Mhóir a bhí me,"
arsa Pádraig.



"Ba sin féin an duine le Dia," arsa Cathaoir.



"Maise ba é," arsa Pádraig. Bhí dúil is cuimse
aige 'sa' bhiotáilte agus bhí an Sagart mór i gcómhnuidhe
na dhiaidh air mar gheall ar sin. Ar chuala sibh fá'n
lá a chuaidh an Sagart mór isteach 'un toighe chuige?"
Char chuala," arsa'n chuid eile.



"Chuaidh, leóga, sé isteach lá amháin," arsa Padraig,
"agus bhí Donnchadh na shuidhe ar chliabh i lár an urláir
agus braon maith 'sa' ghrágán aige. Bhí basgóid
sgeallán le na thaobh agus é ag glanadh brúitíní. Bhí
sé ag drandanacht cheoil ar "Bhímid ag ól ó bhí'n


L. 49


neóin go rabh'n mhaidín ann" nuair a bhuail an sagart
isteach. "Dia 'sa teach." "Dia agus Muire díbh, a
shagairt agus 'sé mbur mbeatha," arsa Donnchadh.
"Char stád tú de'n ólachan go fóil," arsa'n sagart
leis ar an dara focal. "Maise féudaim a rádh gur
stad," arsa Donnchadh, "ar sgáth a bhfuil mé a ól de
ar na saoghaltaíbh deireannacha seo." "D'ól tú
glincín indhiu," arsa'n sagart. "Maise d'ól agus
níor ól. Bhí mé shíos ag Naos Mór an áit a deárn
se téitheadh agus thug sé orm braon de a ól go
bhfeicfeadhmaois caidé an t-urradh a bhí ann."



"Ní fhágfaidh mise an teach indiu," arsa'n sagart,
"go dtabhairfidh tú gealltanas a bheith réidh leis an
ólachan." "Caide mar thiocfadh libh sin a iarraidh orm,
a shagairt, agus go bhfuil fhios agaibh nach n-ólaim a'n
dheór amach ó anois agus airís nuair a bhíos braon
a dhith orm." "Gabh síos annsin ar do dhá ghlún."
arsa'n Sagart Mór



"Mhaighdean, a Mhuire, a shagairt, a chroidhe, an ag
cailleadh mbur gcéille bhéad sibh! Nach bhfuil fhios
agaibh go maith gur sínte 'sa' chill a bhéinn munab é
na corr bhraon a ólaim: nar bhé an braon biotáilte,
agus chan an doctúir, a leigheas mé an uair dheireannach
a bhuail an t-eileaca mé." "Gabh síos ar do chuid glún,"
arsa'n sagart. "A shagairt, nach bhfuil fhios agaibh
go mbíonn píantaí cnámh agus aicideacha eile mar
sin ag cur as damh agus nach bhfuil rud ar bith le
faoiseamh a thabhairt damh ach corr leith-cheann." "Ní
bhéidh mé cruaidh ort;" arsa'n Sagart Mór, fágfaidh
mé cead agat braon a ól nuair a bhéas sé a dhith ort."


L. 50


"Toil Dé go rabh deánta!" arsa Donnchadh, chuaidh
ar a ghlúnaibh agus bhain de a hata. "Abair seo mo
dhiaidh," arsa'n sagart.



"M'fhocal duit a Dia."



"M'fhocal duit, a Dia," arsa Donnchadh.



"Nac mblasaim a'n dheór biotáilte ó'n lá indhiu
go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, acht."



"Caidé mar thig liom-sa sin a rádh, a shagairt?
Nar gheall sibh go bhfágfadh sibh cead agam braon a
ól i n-am riachtanais?"



"Gheall," arsa'n sagart, "agus thig leat cia bith a
shíleas tú a bhéas riachtanach agat a rádh nuair a thiocfas
tú go dtí, ach."



"Abair arais na focla damh," a shagairt, "tá
diarmad deánta agam ortha,"



"Nach mblaisim a'n deor bhiotáilte."



"Nach mblaisim a'n dheor bhiotáilte" arsa Donnchadh.



"Ó'n lá indhiu go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, ach."



"Ó'n lá indhiu go dtí bliadhain ó'n lá indhiu, ach."



"Anois, a Dhonnchaidh," arsa'n sagart, "abair féin
cia bith a shíleas tú a bheith riachtanach agat."



"Maise, tá sin féin cruaidh go leor;" arsa
Donnchadh, "seo a n-iarrfaidh mé - ach ar bhainfhéis
agus baisteadh agus a bhfuigh' mé ar mo choiscéim,
leath-phionnta lá aonaigh agus a dtabhairfidh Naos
Mór ann mo dhórn damh?"



Rinn siad uile go léir gan fiú Maicín agus an
lánámhain óg gáire faoi'n ghealltanas a thug Donnchadh.



"Agus caidé rinn an Sagart Mór?" arsa Cathaoir.


L. 51


"Tá," arsa Padraig, "d'fhág sé an teach nuair
a chonnaic sé nach rabh maith do a bheith le Donnchadh."



"Creidim go rabh sin lán comh maith aige," arsa'n
Bacach.



"Bhí Séimí Tharlaigh tiuth go leor ag na raibhinígh'
fosta," arsa Feilimidh na Míne.



"Ní rabh a'n fhear 'sna bailtibh comh luath-chosach
le Séimí," arsa Conall, no ins na bailtibh is deise
dóbhtha."



"Is minic a chuala mé m'athair - go ndeánaidh Dia
grásta air - ag cainnt," arsa Feilimidh, "ar an
rása mhór a bhí eadar Séimí agus na raibhinigh."



"Fan go rabh braon eile agaibh," arsa Conall.
H-óladh deoch eile.



"Sin uisge beatha comh maith agus d'ól mé dha uair
ariamh," arsa Feilimidh, "acht inniseochaidh mé díbh
fá'n rása. Bhí Séimí réidh le téitheadh a dheánadh
thoir ag Béal a' Chlocháin nuair a thainig na raibhiní 'sa'
mhullach air. Ní rabh faill aige a anam a thabhairt do
Dhia no do Mhuire ach imtheacht trasna an chaoráin mhóir
ar a shean rása agus iad-san na dhiaidh. Trasna
Srath-an-Arbhair leo go rabh siad ag bun na gcnoc.
Ní rabh dul ag Séimí na raibhiní a sgathadh. Bhí anál
bhreágh ag Séimí agus níor chuir an cnoc beag-uchtach ar
bith air. Suas taobh an chnuic leis, agus nuair a bhí
sé leath bealaigh suas, dhearc sé thar a ghualainn agus
chonnaic sé go rabh na saighdiúirí dubha ag cailleadh,
ach ní dhearn sé moill ar bith, bhí rún aige mullach a'
chnuic a chur eadar é féin agus iad féin. Nuair a
bhí sé chómhair a bheith ag bárr a' chnuic, tchí sé beirt de


L. 52


chuid raibhiní Mhín-a'-Lábain ag éirigh ó'n áit a rabh siad
i bhfolach ag coimhead ar an rása agus ag deánadh
air. B'éigin dó a ághaidh a thabhairt bealach an Toir
annsin. Shéid an rása comh h-úr nuaidh agus bhí
ariamh agus saighdiúirí Mhín-a'-Labain 'sna sálaibh
aige go rabh siad ag Abhainn na Marbh. Bhí gearr
léithead i n-Abhainn-na-Marbh, ach bhí sí níos leithne an
lá seo, no bhí sé ag cur ar feadh chupla lá roimh ré
agus bhí an t-uisge ag 'ul thar na bruaigh. Ghlan
Séimí an abhainn de léim; dhearc sé thart agus chonnaic
sé na raibhiní ar an taobh thall agus gan iad ábalta
an léim a gheárradh. Shuidh sé a dheánadh a sgríste.



"Sin léim mór, arsa fear de na saighdiúirí."



"Go dtugaidh an diabhal buaidheachas damh" arsa
Séimí, "bhí mo shaith 'e rúideóig liom."



"Bhí an teanga ar a lúth aige fosta," arsa Conall.



"Maise bhí," arsa Cathaoir, "agus ba é an fear a
ba chruaidhe é de easna agus de thoirt da bhfaca mé
ariamh. Connaic mé lá amháin ar an Chlochán Liath,
agus thainig eadar é fein agus Peadar Mór Ua
Domhnaill. Ba é an míniughadh agus an réidhteadh
a bhí ar an sgéal, gur rith Séimí an chiotóg isteach ar
an deasóig, chas an órdóg 'sa' gháilleach ag Peadar
agus d'fhág ághaidh air mar bhéadh fód spadair ann.
Chuala mé é féin ag rádh, nar casadh lán a bheiste de
fhear ariamh air a chuirfeadh eagla air, agus nach dtainig
sé aniar bealach mór na gcnoc ariamh fear amháin
a rachadh sé ar a leath-ghlún dó ach Pádraig Brocach
agus Cathal Óg."



"Maise," arsa'n Bacach Ruadh níor náire ar


L. 53


bith dó-san a dhul ar a leath-ghlún do Phádraic Bhrocach
no do Chathal Óg. 'Siomaidh fear iomráidhteach a
chuaidh ar a leath-ghlún do na fearaibh céadna."



"Sílim fein," arsa Conall, "nar tógadh 'sa' taobh
ó tuaidh de Éirinn ariamh, fear amhain a bhí níos feárr
na ceachtar aca."



"Níor tógadh," arsa'n Bacach ¬Ruad, "no fear ach
oiread a chuirfeá ar an iomaire leobhtha. Bhí mise
ar an talamh an lá a bhí an briseadh mór eadar Clann
na nGaedeal agus na Gaill i gCelsí. Ní rabh Pádraig
Brocach ariamh roimhe no n-a dhiaidh na fhear comh maith
agus bhí sé an lá sin. Cha deánaim dearmad de'n
lá sin go gcuirtear órdóg an bháis ar an t-súil
agam. Ba é an Dómhnach a bhí ann i ndeireadh an
fhóghmhair, agus bhí na h-Éireannaigh cruinnighthe as 'ach
uile áit a rabh siad ag deánadh fóghmhair, astuigh ag
an aifreann. Nuair a thainigmid amach as toigh a'
phobail bhí na h-Albanaigh na seasadh annsud agus
annseo na gcloiginí', agus bata 'n-a dhórn ag gach
uile fhear ariamh aca. Níor mhothuigh sinn gur cragadh
fear againn le cloich agus gur fágadh báidhte in a
chuid fola é. Ní rabh an sin ach tús. Bhí an chuid a
bfeárr de'n talamh ag na h-Albanaigh no bhí siad ar
an taobh amuigh duinn agus rómhainn. Bhí na h-airm
aca fosta agus gan againne ach na duirn. Shéid
siad orainn leis na bataibh. Chosainn cuid againn
sinn féin comh maith agus thainig linn, agus cuid eile
theith.



Bhí Pádruig Brocach i lár na briste, agus ní rabh
a'n fhear ariamh dá rabh sé ag fághail buille air nach


L. 54


rabh sé 'a chur faoi. Ach bhí barraidheacht os ar
gcoinne, agus ba chuma caidé bhí Pádraig 'a dheánamh
b'éigin duinn uilig teannadh ar ar gcúl. Theith cuid
mhór de ar gcuid fear inne nuair a fuair siad cead
na coise leo, agus ba é an deireadh a bhí air, go rabh
an t-iomlán againn greadtha go dtí'n ceann uachtarach
de'n t-sráid.



Chuala Cathal Óg ó fhear de na fearaibh a theith caidé
bhí ag 'ul ar aghaidh, agus go rabh Pádraic Brocach
i n-áit a chartuighthe. Níor fhan Cathal le dadadh a
dheánadh ach dhul isteach 'un sgiobail a rabh sé ar lóistín
ann, dha bhata droighin a thabhairt leis, agus iarraidh
a thabhairt ar an bhaile mhór comh tiuth géar agus thainig
leis. Nuair a chonnaic an mhuinntear a bhí ag teitheadh
go rabh Cathal ag 'ul 'un catha, phill siad, agus chruinnigh
siad, agus thug leo bataí, ronnsaí agus steafógaí.
Bhímid chómhair a bheith greadtha amach, no bhí triur aca-
san anois os coinne an fhir a bhí againne, agus bhí
Pádraig dearg in a chuid fola. Le sin mhothuigh mé
féin an glór árd garbh a radh, "a Padruig tá mise
annseo." Le sin tchím Cathal Óg agus é ag síneadh
bata droighin chuig Pádraic. "Sheacht n-anam thú, a
Chathail Óig," arsa Pádraig, "ní rachaidh leo anois,"



Thainig an chuid eile de na fearaibh anois a phill le
Cathal, agus rann siad na bataí go h-aithghiorra le
cia bith a d'fhan. 'Un tosaigh le Pádraic agus Cathal,
guala ar ghualainn, ach ma bhí siad ag cragadh agus
ag leagan féin ní rabh siad ag deánadh mórán talaimh,
no ní rabh an chuid eile de na fearaibh s'againne ag
'ul 'un sleanntrach mar ba choir.


L. 55


Thionntuigh Pádraic thart, agus labhair sí go h-árd
acmhuineach agus go feargach. "A fheara bréaghtha,"
arsa seisean. "caidé tá sibh 'a dheánamh? Na bíodh
sé le rádh go bráth, go bhfuair na Gaill buaidh ar
Chlann na nGaedeal."



Mar ghreadfá do dha bhois ar a chéile shín na Gaedeail
ar na h-Albanaigh: ní feicfeá a dhath ach daoiní, fuil
agus bataí, agus ní cluinfeá a dhath ach ach tormán
bataí agus broslughadh na gceannphort. De réir
a chéile thoisigh na h-Albanaigh 'a chailleadh agus thug
sin tuilleadh uchtaighe dúinne. Luighmuid leo, agus
luighmuidh leo. Ní rabh ceathramha anama le fághail ar
thaobh no ar thaobh eile, agus ní rabh a'n dhuine a
iarraidh.



"Tá'n bhuaidh linn," arsa Pádraig, "luighigidh leo
ma rinn sibh ariamh é," agus chluinfeá a ghlór míle
ó bhaile. Bhí'n bhuaidh linn. Bhíomar ag deánadh
talaimh go tiuth. Thoisigh cuid de na h-Álbanaigh'
a theitheadh, ach bhí cuid aca ag troid go calma agus
go cíocrac. Ghread sinne ortha, 'a gcur ar gcúl,
a gcur ar gcúl, go dtí 'sa' deireadh, nuair a bhíomar
ag troid corrughadh le trí h-uaire, theith an t-Albanach
deireannach go dtí'n droichead atá ar an chionn eile
de'n t-sráid. Sheasuigh siadsan uile go léir annsin
ag an droichead, agus sheasuigh sinne fá thuairim
fiche slat uatha. Ba mhian le cuid againne dhul 'un
tosaigh airís ach ní leigfeadh Pádruig dúinn. Ach
amach leis féin ar an réidhteach a bhí eadar na sluaighte,
chaith de a chóta agus a bheiste, agus chornuigh suas
muinchillí a léineadh go dtí an da easgaill. D'fheadfá


L. 56


rádh gur fear ar dóigh a bhí ann. Bhí sé ar fhear comh
bréagh agus chonnaic mé dhá uair ariamh. Bhí'n airde
ann; bhí'n léithead ann; bhí'n meáchán ann, agus bhí'n
t-urradh ann. Agus da bhfeicfeá an dá sgiathán a
bhí air, bhí siad comh ramhar le rámhaibh. Bhí gach duine
ag coimhead ar Phádruig, agus gan oiread agus
focal dá labhairt. Le sin thug Pádruig aghaidh ar an
namhaid. Dhírigh sé é féin agus labhair sé go h-árd
agus go soilléir. "Ní rabh ariamh nach rabh Clann na
nGaedheal níos feárr na na Gaill de réir fear agus
fear, agus bheirim-sa anois dúbhslán a'n Albanaigh dá
bhfuil annseo indhiu, no níor rugadh, tógadh, no beitheadh
an t-Albanach sin, atá na fhear amháin comh maith
liom-sa, agus fear ar bith a bhfuil áthrughadh de bharamhail
ag cur as dó, tarradh sé 'un tosaigh agus deánadh
sé cómhrac liom-sa anois." Chas sé a bhata droighin
le n-a mhéar agus le n-a ódóig os cionn mhullaigh
a chinn mar bheadh soithleagan rotha ann, agus annsin
d'fhág na luighe ag bárr a dhá bhróig é ar an talamh.
'Un tosaigh le Cathal Óg, agus sheasuigh ar ghualainn
Phádraig, agus arsa seisean. "Seasochaidh mise ceart
duit go dtéidh an lá geal fríd mo chorp." Agus
ba bhréagh an fear Cathal! Bhí sé lán a bhealaigh comh
bréagh le Pádraig muna rabh níos bréaghtha.



Le sin, shiubhail fear de na h-Albanaigh caol díreach
aníos, agus sheasuigh fá chupla slat de'n áit a rabh
Padraig agus Cathal. Ba é an ceannphort é a bhí
ar na h-Albanaigh agus ba iargcúlta an fear é.
Bhí sé níos mó agus níos truime na Pádraig ma bhí
a dhath ann, agus chuirfeadh an chuma dhubhranta a bhí


L. 57


air scánnradh ar dhuine. Bhí cuma fhiadhanta air,
agus bhí glór fiadhanta aige nuair a sgairt sé amach
comh h-árd agus bhí ann a chionn, nar tógadh fear no
samhailt fir ariamh i n-Éirinn nach dtabhairfeadh seisean
cómhrac do.



Bhain sé de a chóta agus a bheiste mar rinn Pádraig,
agus chaith síos iad fad a urcháir uaidh. Chórnuigh sé
muinchillí a léineadh suas go dtí an da easgaill,
agus ma chornuigh féin, ní rabh náire ar bith do ann.
Bhí dhá sgiathán air comh breágh agus bhí ar a'n fhear
ariamh. Thóg sé a bhata droighin agus rinn an cleas
céadhna leis a rinn Pádruig, agus annsin d'fhág na
luighe é ag bárr a chuid bróg. Aníos leis an dara
h-Albanach agus sheasuigh ar a ghualainn. Ní rabh níos
mó cainnte ann. Gheárr an t-Albanach séo agus
Cathal Óg stríoc trasna na sráide eadar an bheirt
ghaisgidheach, agus sheasuigh siad féin, duine ag 'ach
ceann de'n stríc. Bhí tost ar an dá shluagh agus
gan a'n dhuine aca corrughadh as áit na mbonn.



Chrom an dá throdaidhthe agus thóg siad a gcuid bataí
droighin. Bhí greim ag gach fear aca ar a bhata féin
in a láimh dheis, chómhair a bheith i lár an bhata, ach beagán
níos comhgaraigh do chionn an duirn na do'n chionn
eile. Bhí'n bheirt ag an stríoc i bhfaiteadh na súl
agus na bataí crasach ar a cheile aca. Bhí an troid
ar obair, agus ba sin an áit a rabh an troid. Ní
rabh léithid Phádraic le fághail i gcionn bata, agus bhí
an t-Albanach ion churtha leis. Bhí an dá shluagh ag
coimhead agus gan ann ach é go rabh siad ag tarraint
anála. Bhí gach taobh aca oiread i bhfáthach leis an


L. 58


bhuaidh a bheith le na bhfear féin, go rabh siad chómhair a
bheith cinnte go gcaillfeadh sé. Bhí'n bheirt ag troid
fá thuairim ceathramhadh uaire anois agus níor chuir
fear aca buille i gcroiceann an fhir eile 'go fóil.
Ní rabh a'n buille ag ceachtar aca nach rabh an fear
eile ábalta a chosnadh. Bomaite amháin bhéadh an
bheirt fhear na seasamh ag amharc ar a chéile agus gan
bogadh asta; an dara bomaite bhí a gcuid bataí ag
'ul comh tiuth sin go sílfeá go rabh siad ag geárradh
glan fríd a cheile, bhí an bualadh agus an cosnadh dá
dheánadh comh tiuth sin. D'fhiach gach fear aca lámh
an uachtair a fhághail ar an fhear eile le n-a uile chleas
a dtiocfadh leis smaointeadh air. Bhí 'an ghrian ag
soillsiughadh go tréan agus shíl fear aca an ghrian
a fhághail i súilibh an fhir eile, ach ní rabh gar ann. Throid
siad thart agus thart; ní rabh dul ar gcúl no dul
ar aghaidh ann. Ní rabh a'n léab chroicinn ar a'n chionn
de na bataí anois ach cuid an duirn. Throid siad
deasach agus ciotach ach bhí fear comh achmuir leis an
fhear eile.



Le sin d'fhobair gur fhág an croidhe mé fein.
Tchím Pádraig mar bhéadh sé ag tuitim ar thaobh
a láimhe clí, agus chuir sé trasna an bata a bhí in a
láimh dheis go rabh a cheann ar an talamh le n-a chosnadh.
Shílmid uilig go rabh Pádraig réidh. Shíl an t-Albanach
an cleas céadhna, agus thóg sé a bhata os cionn mhullaigh
a chinn le buille a thabhairt do Phádruig a chuirfeadh
deireadh leis. Ach i bpreabadh na súl, tharraing
Pádraic a bhata aníos ó'n mhúrnán agus bhuail an
t-Albanach i mbun na cluaise. Thuit an t-Albanach


L. 59


i n-áit na mbonn. Rinn slis-bhuille an mhúrnáin
a ghnaithe.



Ní thiocfadh liom innse díbh an t-ollgháirdeachas
a bhí ar Chlann na nGaedeal nuair a chonnaic siad go
rabh an bhuaidh le Pádraig Brocach. Bhí an t-Albanach
ar lár, ach ar feadh bomaite ní dheárn siad a dhath.
Bhí siad mar bhéad siad gan tuigbheáil go rabh a bhuaidh
ag Pádruig. Bhí siad an oiread sin i bhfáthach le
Pádruig an bhuaidh a bheith leis, gur shíl siad anois
nuair a bhí sin leis, go rabh sé ro-mhaith le bheith fíor.
Ach sgairt duine éiginteacht amach, "Dia go deo
leat a Phádruig a bhfuil m'anam ionnat." Le sin
ní chluinfeá ach, "se buaidh fear Éireann go bráth é."



Thóg an bheirt a bhí ag tabhairt comhthrom na féinne
do'n dá ghaisghidheach an t-Albanach, d'iomchar, agus
d'fhág shíos ag n-a chuid fear féin é, agus é maol
marbh. Phill Cathal arais chugainn féin.



Ba mhian leis na fearaibh s'againne toiseacht arais
ar na h-Albanaigh agus iad a dhíbirt amach as Celsí
ar fad, ach chuir Pádraig cosg orainn. Thionntaigh
sé thart orainn. "Tá go leor fola tarraingthe
Dómhnach Aifrinn," arsa seisean. Chrom sé, thóg a
chóta agus bheiste agus chuir air iad. Chuaidh gach duine
na bhaile agus ní rabh níos mó de an lá sin."



"Maise, an fhad sin de thinneas bliadhna na rabh
ort," arsa Máire, "muna leat a thig sgéal innse
go bréagh."



"Ní bhéinn tuirseach ag sgéalaidheacht ar Phádraig
Bhrocach agus ar Chathal Óg go cionn bliadhna," arsa'n
Bacach.


L. 60


"Ní bhéadh no sinne ag éisteacht leat," arsa
Feilimidh, "dar liom gur b'iad an bheirt fhear a
b'fheárr iad a tógadh annseo ariamh." "Ba iad gan
amhras," arsa'n Bacach.



Fhad agus bhí an Bacach ag innse an sgéil ní dheárn
Conall dearmad ar an bhiotáilte. Níor fhág sé
tart ar a'n dhuine. Chuir sé thart an t-uisge beatha
anois arais. Mhair an comhrádh, ach bhí siad ag
cainnt 'na mbeirteanna anois, 'ach a'n fhear agus a
sgéal féin aige. B'fhéidir gur bhé an bhiotáilte ba
chionntaigh le seo, agus b'fhéidir nar bhé, no ní rabh
lorg gloine ar fhear ar bith. Cia bith mar bhí, níor
mhothuigh siad go rabh trí h-uaire de lá gheal ann, agus
an ghrian leath-bealaigh isteach ar an fhuinneóig.



D'éirigh Conall na sheasadh agus arsa seisean.



"A fheara, b'fhéidir gur mithidh duinn an baile
bhainnt amach." D'éirigh an t-iomlán aca.



"Tá sibh in mbur seacht sáith ama," arsa Padraig.



"Ní fhágfaidh sibh an teach," arsa Máire, "go rabh
bolgam eile taé agaibh; ní bhéidh me bomaite 'a dheánadh
réidh."



"Go rabh céad míle maith agat;" arsa Conall,
"ní dheánfaidh tú réidh taé ar bith damh-sa, no ní
thiocfadh liom a'n dheór a ól anois."



"Maise, ní dheánfaidh no duinne," arsa'n chuid eile,
"no tá ar sáith ólta againn agus gan taé a ól."



"Tá sé le fághail agus fáilte agaibh má ólann sibh
é," arsa Máire.



"Leóga, tá fhios againn go bhfuil," arsa Cathaoir,
"ach bainfimid an baile amach."


L. 61


Thoisigh lucht na dála agus d'fhág siad slán ag
Nuala Bhán ar tús, agus annsin ag Máire agus ag
Pádraig. Ba é Maicín agus Tomás an chead bheirt
a d'fhág agus bhí an chuid eile ins na sálaibh aca. Bhí
Cathaoir ar deireadh, agus phill sé arais trí h-uaire
agus d'fhág slán ag bunadh an toighe 'ach a'n iarraidh
aca. Agus nuair a bhí sé ag imtheacht an iarraidh
dheireannach arsa, seisean le Padraig, "Bhí sin,
oidhche bhreágh shubhailceach againn, agus an chuid is feárr
de'n iomlán, ní'l lorg gloine ar fhear ar bith."


L. 62


"Dia agus Muire Liom!"



Ní dheachaidh Maicín na bhaile go toigh an t-siopa
indhiaidh na dála. Bhí maidín an bhreágh ar fad amach
ann, agus dar leis féin go rachadh sé a sheilg. Thug
sé leis cú Thomáis agus soir leis féin, agus Creath
leis ar shreangán, ag tarraint ar Chnoc an Toir. Nuair
a bhí sé thoir ag Ailt-a'-Ghearrfhiadh, d'éirigh gearrfhiadh
agus sgaoil Maicín a cheann le Creath. Shéid an
rása amach bárr na h-ailte eadar an gearrfhiadh agus
Creath. Suas le Maicín comh gasta agus thainig
leis go bárr na h-ailte, gheall ar feiceáil caidé mar
rachadh an rása. Bhí an cú ag deánadh talaimh ar an
ghearrfhiadh. Thug an gearrfhiadh aghaidh ar chnoc Loch
Leice, no bhí fhios aige da dtéidheadh aige an cnoc
a bhainnt amac am amháin, go mbeadh leis agus go
gcuirfeadh sé cor ar Chreath. Ach bhí míle talaimh
roimhe sul a rachadh aige an cnoc a bhainnt amach, agus
de réir chosamhalacht ar Chreath ní leigfeadh sé na
chnuic é. No sul a rabh siad leath bealaigh 'na chnuic,
bhí Creath fá thrí léim de. Ach ma bhí féin, ní rabh an
gearrfhiadh gaibhte no an chuid de. Nuair a bhí siad
ag tarraint cómhgarach ar eadar an da loch bhí siad
léim ar léim le na cheile. Bhí cineal truaighe ag


L. 63


Maicín do'n ghearrfiadh anois, no shíl sé go mbéadh
sé gaibhte 'ach a'n bhomaite Thug an gearrfhiadh léim
taoibhe, ach bhí an oiread sin do fhuinneamh faoi Chreath
go deáchaidh sé cupla léim ar aghaid sul a rabh sé
ábalta corrughadh. Bhí buaidh cheathair no chúig léim
ag an ghearrfhiadh air anois airís, agus é ag deánadh
ar an chnoc rith an ama. Ní rabh i bhfad go rabh an cú
léim ar léim leis airís. Thug an gearrfhiadh léim
taoibhe agus chuaidh Creath ar mhullach a chinn agus é
ag iarraidh corrughadh. Rith an gearrfhiadh iogach
mar sin, agus é ag fághail níos cómhgaraigh agus níos
cómhgaraigh do'n chnoc. Bhí Creath ag éirigh níos sean-
aimseardha; bhí sé léim ar léim leis an ghearrfhiadh airís,
ach ma bhí féin, ní rabh sé brath leigean do'n gearrfhiadh
corrughadh anonn no anall an iarraidh seo, no dá
bhfiachfadh sé le sin a dheánadh bhéad seisean ábalta
corrughadh fosta, mar nach rabh oireadh de fhuinneamh
faoi anois. Bhí siad léim ar léim le na cheile anois
ar feadh fiche léim no mar sin, agus dar le Creath
go rabh an t-am aige greim a fhághail air. Thug sé
léim amháin deánadh go rabh leis, ach an iarraidh seo
ní thug an gearrfhiadh ach leath léim, agus chuaid an
cú cúig slata tharais. Arais leis an ghearrfhiadh
caol díreach an bealach a deachaidh sé, ag tarraint
ar Ailt-a'-Ghearrfhiadh. Bhí deich léim de bhuaidh aige
ar Chreath sul a bhfaca seisean ca deachaidh sé. Shéid
an rása comh úr nuaidh agus bhí ariamh. Ba mhaith an
mhaise do Chreath é, ní rabh sé ag brath an gearrfhiadh
leigean uaidh; shín sé é féin, agus ma shín féin bhí a
shliocht sin air, bhí sé ag teacht i dtír ar an ghearrfhiadh


L. 64


airís. Seo an gearrfhiadh ag tarraint ar Mhaicín,
agus an cú fá léim de. B'fhurust do Mhaicín an
gearrfhiadh a chorrughadh, agus bhéadh le Creath, ach ba
bhocht leis deireadh a chur leis an t-seilg, agus ba
bhocht leis gan ceart a thabhairt do'n ghearrfhiadh.
Níor bhog Maicín. Chuaidh an gearrfhiadh thart le n-a
chosaibh agus Creath léim ar léim leis arais airíst.
Thug an gearrfhiadh iarraidh ar an bheinn atá ag bárr
na h-ailte. Dar le Maicín go mbrisfidhe muineál
na beirte síos leis an bheinn. Ar ághaidh leó. Bhí
siad fá ghiota de bhárr na beinne agus a shoc sínte
ag Creath leis an ghearrfiadh a chathadh i n-áirde. Ní
rabh léim féin eadar an gearrfhiadh agus bárr na
beinne anois. Thug sé an léim ach ma thug féin,
bhuail sé a cheithre boinn ar bhárr na beinne, agus
luigh Ach, níor bhé do Creath é; ni rabh a dhath giortach
in a léim-san, agus chuaidh sé go bun na beinne.
Bhí fhios ag an ghearrfhiadh go rabh leis, agus ar shiubhal
leis ar a shuaimhneas ag tarraint ar an chnoc. Síos
le Maicín comh gasta agus thainig leis go bhfeicfeadh
sé cia aca bhí Creath beó no marbh. Nuair a chuaid
sé fhad leis, bhí Creath bocht na sheasadh ag bun na
beinne agus é ar bhárr amháin creatha, ach sin a rabh
cearr leis. Chuir Maicín an sreang fá'n a mhuineál
agus soir leis, agus Creath eadar a bheith ag siubhal
agus ag sodar le na thaobh.



Nuair a bhí sé thoir ag an abhainn bhuidhe, bhí an ghrian
chómhair a bheith díreach os cionn mhullaigh a chinn. Dar
leis féin go rabh sé i bhfad 'sa' lá le bheith ag seilg,
ach na dhiaidh sin ba bhocht leis pilleadh. Soir leis


L. 65


go rabh sé ag bun Chnoic a' Toir. Bhí Maicín báidhte
in a chuid alluis. Dar leis féin go rabh sí ar mhaidín
comh teith agus mhothuigh sé da uair ariamh. Shuidh sé
ag bun an chnuic le na sgríste a dheánadh. Chonnaiceas
dó go rabh an spéir ag éirghe dorcha. Bhí sé ag éirghe
dorcha, agus ag éirghe dorcha go gasta. Bhí dath ar
an aér; bhí céad dath air. Bhí sé ag éirghe níos teo.
Dar le Maicín go dtiocfadh leis mar bhéadh solais
bheaga a fheiceáil 'san aér. Le sin tchí sé splannc,
agus gan mhoill na dhiaidh bhí táirneach. Thainig splannc
eile; bhí sé cómhgarach, no bhí an táirneach comh luath
leis. Bhí na splanncacha ag teacht anois ar dhruim
a cheile, bhí siad ag teacht comh tiuth sin. Bhí an t-aér
lán solais, agus ní rabh le cluinstean ach táirneach.
Bhí an táirneach comh tréan sin, gur shíl Maicín go
rabh na carraigeacha da réabadh thart fá dtaobh de.



Comh luath agus thoisigh an táirneach chuaidh sé ar
fhasgadh, isteach faoi bhun beinne, agus dar leis uair
amháin go rabh an bheinn anuas 'sa' mhullach air. Mhair
an táirneach fá thuairim leath-uaire. Thoisigh corr
dheor a thuitim, agus bhí 'ach a'n dheor aca sin comh
mór le caora chaorthainn. Thoisigh na deóra a thuitim
níos tiughfa. Le sin thoisigh an fhearthainn a tuitim
mar bheithfidhe 'a dhórtadh amach as béal stópa. Ní
rabh a'n dheór ag teacht ar Mhaicín no ar Chreath 'san
áit a rabh siad, agus iad go seasgar faoi bhun na
beinne ag coimhead ar an fhearthainn ag bainnt toite
as an talamh.



D'fhág Nóra Ní Dhrioscoill an teach mór an mhaidín
chéadna seo go measardha luath, agus mar bhí an


L. 66


mhaidín maith, bhí rún aici a dhul go mullach Chnuic a'
Toir dh'amharc uaithe. Ní rabh sí ariamh ar mhullach
an chnuic, ach chuala sí gur mhaith a b'fhiú an siubhal a
dheánadh; go rabh amharc le fághail go bun na spéire
o bhárr an chnuic. Bhí tuighe eile aicí fosta a dhul
suas; bhí Seoirse Mac an Ghadaidhe ag teacht 'un
toighe mhóir an lá seo fosta, agus bhí sí dhubh thuirseach
ag amharc air agus ag éisteacht leis. Ní rabh an lá
le seachtmhain anois nach dtug sé cuairt uirthi féin
agus ar a mathair agus ní rabh a'n am a bhfeicfeadh
Nóra é nar bh'amhlaidh a ba mhó a bhí sí ag tabhairt
fuath dó. Ach, ba chuma le Nóra anois, bhí sí réidhte
leis ar feadh an laé sin, no ní rabh sí brath pilleadh
ó'n chnoc go dtí'n trathnóna. D'innis sí do a máthair
ag imtheacht dí nach mbéadh sí arais go trathmóna.



Bhí Nóra óg agus lán croidhe agus aignidh. Suas
leithe ag tarraint ar ghualainn íochtaraigh an chnuic,
na ba sin an ghuala a bhí in aice an toighe mhóir. Nuair
a bhí sí ag bun an chnuic thoisigh sí ag 'ul suas air ar
fiar. Ba ann a bhí an mhaidín the, agus shuidheadh sí
anois agus airís le na sgríste a dheánadh agus
d'amharcadh sí uaithe. Bhí an saoghal mór ag cur
pléisiúir uirthi, agus cad chuige nach mbéadh? Ní
rabh fhios aicí ariamh caidé'n rud buaidhreadh no
trioblóid. Nuair a bhí sí shuas ar ghualainn an chnuic,
bhí'n lá comh te sin nach rabh ann ach é go rabh sí ábalta
anál a tharraint. Shuidh sí ar thurtóig. Bhí sí go
díreach os cionn na h-ailte a bhfuil Abhainn-an-Sgeárdáin
ag rith anuas in a lár. Bhí sí ag dearcad síos ar
an abhainn nach rabh ann ach é go rabh lorg uisge innti


L. 67


anois ar siocair an tiormlaigh. Ba dheas an cnoc;
bhí an fraoch deas donn agus bláth deas air. Dar
léithe go rabh an bláth dearg, ach na dhiaidh sin, bhí sé
níos deise na bheith dearg. Shíos faoithe ar dhá thaobh
na h-abhanna bhí an talamh comhthrom agus féar glas
air. Bhí triúr fear ar an taobh eile de'n abhainn
agus iad ag lomadh chaorach. Bhí na h-uain ag meidhligh
agus ní thiocfadh siad chómhair na bhfear a bhí ag lomadh.
Bhí na caoirigh ag tabhairt freagra ar na h-uain; bhí
truaighe ag Nóra do na h-uain' no bhí sí ag deánadh
go rabh glór caointe ins an mheidhleach a bhí siad 'a
dheánadh. Ní thug sí fá ndeara an spéir ag éirghe
dorcha, agus níor mhothuigh sí go bhfaca sí an splannc.
"Dia agus Muire liom!" arsa sise, agus síos
léithe na h-ailte le sgáth a fhághail. Fuair sí sin
chuaid sí isteach faoi bhéinn-leic. Ní rabh eagla ar
bith uirthi ach bhí sí imnidheach fá na máthair. Bhí fhios
aicí go mbéadh an t-anam ag fágail a máthara ar
eagla's go mbainfeadh a dhath duithe. Thiocfadh léithe
na fir a fheiceáil ar an taobh thall de'n abhainn. Stad
siad de'n lomadh, agus sul ar thoisigh an fhearthainn
chuaidh siadsan ar fascadh fosta. Sheasuigh na caoirigh
le taobh na dtúrtóg agus na h-uain ar a sgáth. Bhí
truaighe ag Nóra do na caoirigh' bhí lom. Bhí cuma
ortha go rabh siad fuar. Bhí cruit ortha agus an
fhearthainn ag greadadh ortha. Bhí sgéal fada ar comh
gasta agus bhí an abhainn ag líonadh. Bhí an t-uisge
chómhair a bheith aníos fhad le béal na mbruach a cheana
féin. Bhí an t-uisge go deas glan nuair a bhí Nóra
ag amharc air sul ar thoisig an fhearthainn, ach ní rabh


L. 68


sé glan anois. Bhí dath dubh buidhe an eabair air.
Bhí sé ag rith anuas mar bhéadh rollógaí ann, ag brúghadh,
ag cartughadh agus ag iomchar gach rud leis a bhí 'sa'
bhealach aige. Bhí turadh ann anois. D'éirigh Nóra
amach ó'n áit a rabh sí agus thoisigh a choimheád ar an
uisge ag teacht anuas, ag iomchar leis turtógaí,
maidí, smutáin agus gach uile sheort da rabh in a
bhealach aige. Agus bhí sí ag coimheád ar an uisge
a n-iomchar leis síos go dtéidh' siad as amharc, ceann
indhiaidh an chinn eile, leis an eas mhór bhí fá thuairim
fiche slat níos fuide síos.



Anonn le Nóra níos cómhgaraigh do'n abhainn. Bhí
an t-uisge anois ag 'ul thar na bruagh'. Chonnaic
sí na fir ar an taobh thall agus iad ag bagair uirthi
gan a dhul ro chómhgarach do bhéal na h-abhanna, ach ní
rabh ann ach é go rabh sí ábalta cluinstean caidé
bhí siad ag radh, bhí tormán an uisge comh mór sin.
Le sin amharcaidh sí suas an abhainn, agus tchí sí uan
ag teacht anuas ar bhárr an uisge. "Och, an t-uan
bocht!" Ní rabh ann ach é go rabh sin ráidte aicí
nuair a bhí an t-uan ar shiubhal síos thairsti, fá shlat
de'n bhruach a rábh sí na séasadh air. Ach, caidé thiocfadh
léithe a dheánadh? "An t-uan bocht!" B'fhéidir
go gcapfadh an tom saileóige é! Cheap



Bhí tom saileóige duibhe fá thuairim dheich slata
síos ó'n áit a rabh Nóra na seasadh. Bhí saileóg
láidir ann, agus bhí sí ag fás amach as bruach na
habhanna. Bhí fréamhacha comh daingean sin aici i dtaobh
an bhruaigh nach rabh an t-uisge ábalta an tor a strócadh
leis. Bhí an talamh ar thaobh an chnuic de'n tom ithte


L. 69


ar shiubhal ag an uisge 'sa' chruth go rabh an áit a rabh
an tom ag fás mar ghuala ann amach ar thaobh na
habhanna. Bhí na saileógaí iad féin chómhair a bheith sínte
comhthrom leis an t-sruth. Bhí dos beag dreasóg ag
fás annsin fosta.



Nuair a thainig an t-uan fhad leis an chainlinn seo
ceapadh é. Chuaidh a chuid olna i bhfasta i gcionn de
na dreasógaibh. Chás an t-uisge thart é, ach ní dheárn
sin ach an driseóg a chur i bhfasta níos daingne 'san
olainn. Rith Nóra síos le tarthail a dheánadh ar an
uan. Sgairt na fir a bhí ar an taobh thall léithe leigean
dó. Ní rabh gar ann. Thug sí iarraidh a lámh a shíneadh
amach le breith ar an uan; ní rabh sí áblata. Sheasuigh
sí ar an áit a rabh an tor ag fás, thóg ceann de na
saileógaibh aníos chuicí, fuair greim daingean ar an
t-slait le na láimh deis, chuaidh ar a leath-ghlun, shín
amach a lámh agus fuair greim olna ar an uan.



Bhí na fir na seasadh ar an taobh thall agus iad na
stangairí a coimheád uirthi. Thóg sí an t-uan aníos
as an uisge ach shleamhain an greim a bhí aicí air. Thug
sí iarraidh ath-greim a fhághail air, ach chuaidh sí amach
ar mhullach a cinn 'san abhainn. An rabh tártháil le
deánadh uirthi? Thug an t-uisge thart ar an
ghualainn í. Bhí greim daingean aici ar an
t-slait in a láimh deis go fóil. Chonnaic na fir sin,
ach an mbéadh sí ábalta greim a choingbheáil ar an
t-slait go rachadh aca tárthail a dheánadh uirthi. Ach,
caidé thiocfadh leó a dheánadh? Bhí an abhainn fiche
troigh ar léithead agus ní rabh a'n fhear aca ábalta
léim a thabhairt trasna. Ní thiocfadh leo siubhal


L. 70


trasna, na h-abhanna no bhí an sruth comh láidir sin go
n-iomcharochadh sé ar shiúbhal iad mar d'iomcharochadh
sé giota de chipín. Caidé bhí le deánadh aca? Ní
thiocfadh leó a dhul trasna na h-abhanna mar dtéidh'
siad suas corrughadh le ceathramhadh míle. Ach sin a
rabh aca le deánadh.



Rith beirt aca suas i n-éadán a' chnuic comh gasta
agus thainig leó ag tarraint ar an áit a dtiocfadh
leó fághail trasna. Sheasuigh an fear eile 'san áit
a rabh sé agus sgairt léithe a greim a choingbheáil,
go rabh tártháil ag tarraint uirthi. Ach ar ndóigh in
rabh fhios aige cia aca chuala sí é no nar chuala.



Nuair a thuit Nóra amach 'san abhainn thug an sruth
thart leis ar an ghualainn í. "M'anam do Dhia agus
do Mhuire," arsa sise. Ní rabh níos mó de h-aire
uirthi féin. Bhí fhios aicí go rabh greim aicí ar an
t-slait, ach bhí fhios aici nach mbéadh sí ábalta a greim
a choingbheáil i bhfad. Bhí an sruth láidir. Bhí sí
ag smaointeadh ar a máthair anois; ag smaointeadh
caidé dheánfadh a máthair gan í; an mháthair sin ar
bh'fheárr léithe féin bás a fhághail, fiche uair, na a dhath
a theacht uirthi-se. Cia bheirfeadh sgéala duithe go rabh
sí caillte. Caidé dheánfadh a máthair nuair a tchífeadh
sí í agus gan í ábalta labhairt léithe? Caidé dheánfadh
a máthair nuair a tchífeadh sí í briste, brúighte,
stróctha agus marbh indiaidh tuitim síos leis an eas
mhór? "A Mhuire, mháthair Dé cuidigh le mo mháthair
agus tabhair aire duithe agus tabhair sólas duithe
go gcastar orm 'sna Flaithis í. Tá mé ag éirghe lag.
Bhfuil mé ag cailleadh mo ghreama? M'anam do


L. 71


Dhia agus do Mhuire. A Íosa, a Mhuire agus a Iósep,
coimrighe m'anama oraibh. A Mhuire cuidigh le mo
mháthair."



Shíl an fear a bhí ar an taobh thall nach mbéadh an
bheirt eile thuas go bráth ag an áit a mbéadh siad
ábalta fághail trasna. Bhí sé ag coimheád ortha
agus iad na rith ar a ndicheall agus gan iad baoghal
ar shuas go fóil. "Ní bheirfidh siad uirthi go bráth.
Ní thig léithe seasadh mórán níos fuide. Tá sí ag
cailleadh. Go gcuididh Dia léithe."



Le sin rith gearrfhiadh thart le na chosaibh agus cú
na dhiaidh. Amharcaidh sé thart agus tchí sé fear
na ndiaidh, agus é fá ghiota dó. Aithnigheann sé
Maicín. Shín sé a lámh ag taisbeánadh caidé bhí cearr.
Chonnaic Maicín i mbomaite caidé bhí cearr. Anuas
leis, thug leis rúide, agus i bpreabadh na súl bhí sé
ar an taobh thall de'n abhainn. Cia eile gheárrfadh
an léim sin ach é féin? Cia eile bhéadh ábalta an léim a
gheárradh? I gcupla coiscéim bhí sé le taobh Nóra.
Bhí an t-slat go díreach ag sleamhnughadh uaithe nuair
a fuair Maicín greim chaol láimhe uirthi. Thóg sé
isteach í. Bhí sí ag cailleadh a meabhrach nuair a rinn
Maicín í a thárthail. Ní rabh sí i bhfad ag teacht chuicí
féin. Bhí sí ábalta seasadh ar bheagan cuididh. D'aithin
sí é. "Tá tú ceart go leór anois," arsa Maicín.
Le sin thainig an bheirt fhear eile. Chonnaic siad gur
thárthail Maicín í, agus bhí luthgháir ortha. D'innis
siad dó caidé mar thárla, acht aimhdheóin go rabh Nóra
ag éisteacht, ní thiocfadh léithe iad a thuigbeáil mar
ba chóir, no iad a chluinstean i gceart, no bhí ceól


L. 72


in a cluasaibh go fóil. Bhí sí fliuch báidhte agus an
t-uisge na rith as a cirteach.



"Bainfimid an baile amac," arsa Maicín léithe.
Bhí sí ábalta siúbhal anois, agus d'imthigh siad a mbeirt
síos leath-stuaic an chnuic ag tarraint ar an teach
mhór. Níor chan Maicín léithe ar chontabhairt, no
ar uisge, agus ní thug sé faill duithe smaointeadh
ar cheachtar aca. Ach chan sé rith an ama, agus bhí
Nóra ag éisteacht. Nar dheas a bhí Maicín ábalta
cómhrádh a dheánadh. Nar dheas a bhí sé ábalta 'ach
a'n rud a rádh. Nar bhé bhí láidir agus gasta. Nar
ghairid a bhí siad ag bainnt an bhaile amach. Bhí siad
fá ghiota de'n teach anois, agus tchí Nóra a máthair
amuigh agus í ag fanacht uirthi. Agus chonnaic sí
Mac an Ghadaidhe fosta agu sé na sheasadh ins a' doras.



"Siud mo mháthair ag fanacht orm," arsa Nóra.



"Tchíim í, arsa Maicin; tá leat anois." Chraith
sé lámh léithe, agus bhí sé ar shiúbhal sul a bhfuair sí
faill buidheachas féin a thabhairt dó as a deárn sé
duithe. Caidé'n neart a bhí aici air?



"A Nóra, a chroidhe, bhí eagla orm gur caillte bhí
tú. Nar mhillteanach an lá rinn sé? Níor mhothuigh
mé a léithid ariamh, agus ach go bé go rabh Mac an
Ghadaidhe annseo rith an ama, ní'l fhios agam caidé
dheánfainn."



"Rinn sé lá millteanach, a mháthair."



A chroide ó! caidé bhain duit? a Nóra, tá tú
fliuch báidhte.



D'innis Nóra caidé bhain duithe agus caidé mar


L. 73


thug Maicín tártháil uirthi. Thug a máthair buidheachas
do Dhia fiche uair cionnus a h-ingean a bheith slán aici
airíst.



"An sin Maicín a chonnaic mé leat?"



" 'Se, a mháthair."



"Agus cad chuige nach dtug tú cuireadh 'un toighe
do go dtabhairfinn buidheachas dó? Ca ainm dó
ó cheart?"



"Mháthair, níor smaointigh mé ceist a chur air
c'ainm é, agus bhí sé ar shiubhal sul a bhfuair mé faill
cuireadh a thabhairt dó 'un toighe."



Le sin thainig Seóirse agus é buadhartha i gceart
fá mar d'éirigh do Nóra, ach ní thug siad mórán áirde
air. Thug a máthair Nóra isteach 'un toighe agus chuir
a luighe í, agus b'éigin do Mhac an Ghadaidhe imtheacht
leis.



Nuair a chonnaic na fir a bhí ag lomad na gcaorach
Nóra agus Maicín ag imtheacht,



"Dh'fhobhair duithe," arsa fear aca, "agus ba mhór an
truaighe."



"Char bhac duithe go rabh Maicín cómhgarach." arsa'n
fear eile. "Ach, nar bhréagh an lánamhain dheánfadh
siad?"


L. 74


Bainfhéis.



Cha deachaidh Pádraig, a bhean no Nuala Bhán a
luighe ach oiread ar maidín indhiaidh na dála. Bhí
go leór le deánadh ag Nuala, agus bhí go leór le
smaointeadh aici air agus í le posadh ar Thomás
seachtmhain ó'n lá sin. B'fhada'n lá í ag fanacht ar
an lá sin, ach anois bhí gach rud socruighthe, agus ní
mhoitheochadh sí an t-seachtmhain ag 'ul thart.



Ach, ba é an chead rud a bhí ar aire Phádruig agus
a mhná, cia dó a dtabhairfeadh siad cuireadh na bainse.
Ba mhian le Máire bainfhéis mhór a bheith aca,
ach bhí Pádraig de'n bharamhail nach rabh gnaithe le
bainfhéis comh mór sin. "Anois," agus thoisigh Máire
ar an chunntas, "ní'l an treas duine ó Chnoc na gCaorach
aniar nach bhfuil mise an dá ua leis."



"Ní'l;" arsa Pádruig, "maise ba bheag an
mhaith duit iad nuair a shiab an ghaoth mhór an ceann
de'n teach seo, agus mise i n-Albain. Ní rabh siadsan
ag maoidheamh mórán gaoil ort-sa. Ba iad do
chuid comhursannaí a b'éigean ceann a chur air duit
arais."


L. 75


"A Phádraig is beag muinteardhas atá ionnat,
agus is beag áird atá agat ar do ghaoltaibh."



"Is mó chaill mé leo ariamh," arsa Pádruig, "na
ghnóthuigh mé ortha,"



"Och! trócaire go bfághmuid, a gcluin sibh anois
é!" arsa Máire.



"Gread leat," arsa Pádruig, "cunntais leat."



"Ní'l tú ach a gheall ar mé chur fríd mo chunntas,"
arsa Máire, "Sin sgór a bhí agam eadar Cnoc na
gCaorach agus an Clochán Liath."



"Na deán dearmad ar an t-sagart. B'fhéidir
go bhfuil tú an dá ua leis-sean fosta."



"Maise, ma's ag magadh féin atá tú," arsa Máire.
"b'fhéidir go bfuilmid gaolmhar do n-a cheile. Is
minic a chuala mé m'athair - go ndeánaidh Dia grásta
air - ag rádh go rabh sé féin agus athair an t-sagairt
ag buain i gcuideachta chéile i n-Albain."



"An stadfá do'n rábhallaigh chainnte atá ort,"
arsa Pádraig, "nach bhfuil fhios ag do chroidhe astuigh,
a Mháire, ma théidheann tú ar aghaidh ag cunntas mar
sin, agus cuireadh a thabhairt dóbhtha uilig, nach dtiocfadh
leat an ceathramhadh cuid déag aca a chur faoi chreataibh
an toighe seo. Agus le na chois sin chuala mé Conall
ag rádh nach mbéadh le Tomás ach dhá lánamhain dhéag,
agus nach dtaibhairfeadh sé cuireadh do'n dhuine ach
sin, amach ó chuid de na comhursannaibh chois dorais
aige. Agus ní bhéadh sé ceart, cóir no ion-deánta
againne níos mó curthach a thabhairt na Conall."


L. 76


"Maise, a Phádraig, b'fhéidir go bhfuil an ceart
agat, ach má fhágamuid duine ar bith de ar n-
gaoltaibh ar ndiaidh béidh siad na dhiaidh orainn."



"Chead aca, a Mháire, no is cuma caidé, bhéadh
duine éighinteacht ag ceasacht."



"Agus caidé tá le deánadh againn, a Pádruig?"



"Tá" arsa Padruig, "tá triúr deárthar agat-sa
agus beirt deirbhshiur; bheirfidhmid cuireadh do
lánamhain as 'ach teach aca. Bheirfidhmid cuiread do'n
oiread chéadhna de'n bhunadh s'agam-sa. Dheánfaidh
sin deich lánamhain. Is mian le Nuala lánamhain a
bheith léithe as toigh Feilimidh na Míne. Beirfidhmid
cuireadh do mhaighistear na sgoile agus chead aige
a dheirbhsiur a bheith leis. Dheánfaidh sin dhá lánamhain
dhéag agus tá ar sáith ann."



"A Áird Rí Naomhtha! a Nuala Bhán 'an gcluin tú
caidé tá d'athair ag brath a dheánadh? Tá sé brath
cuireadh a thabhairt do mhaighistear na sgoile, comh
maith agus da mbéadh a'n dhuine annseo ábalta Béarla
a thabhairt dó."



"Tá oiread Gaedhilge ag an mhaighistear úr seo
agus tá agat féin, agus b'fhéidir níos mó," arsa
Pádruig.



"Tá, leóga, a mháthair," arsa Nuala, "agus gan
leisg air í labhairt ach oiread le sin."



"Ó go gcumhdaigh sibh me! caidé na h-áthruigheacha
atá ag teacht ar an t-saoghal! Gaedhilg ag maigh-
istear na scoile! Agus gan oiread agus focal


L. 77


amháin Gaedilge ag an mhaighistear a bhí annsin go
deireannach. Ba ag an mhaighistear sin a bhí an léigheann
agus an fhóghluim. An cuimhin leat, a Phádruig, an
bhliadhain a fuáir muid an próiste de thairbhe na
ngeárrthach agus tusa i n-Albain?"



"Is cuimhin liom go maith," arsa Pádruig, "agus
ba tusa a ba chionntaigh nuair nar dhiol tú i n-am
iad, agus an t-airgead 'sa' teach agat."



"Anois sin tuilleadh de," arsa Máire. "Ach ar
sgor ar bith chuaidh mise síos toigh na scoile go sgríobh-
fadh an maighistear leitir damh. Nuair a bhí mé ag
teach na sgoile bhí na páistí ag fághail a gcinn tráthnóna.
Sheasuigh mé féin ag an doras go rabh deireadh amuigh.
Chonnaic an maighistear mé agus thainig sé anuas
fhad liom. Shín mé féin an próiste chuige agus bhí
oiread Béarla agam agus d'innis dó gur mhaith liom
dá sgriobhfadh sé leitir damh chuig fear na ngeárrthach.
Thug sé leis peann agus páipear, sgriobh an leitir
damh agus 'sé nach rabh i bhfad léithe. D'iarr mé
féin air í a léigheadh annsin, go bhfeicfinn caidé chuir
sé inntí. Sheasuigh sé i lár an urláir. Ba é an fear
uasal é. Léigh sé an leitir agus bhí sí sgriobhtha comh
maith sin nar thuig mé oiread agus an fhocal amháin
féin duithe. Bá déas a thiocfadh leis an Béarla a
labhairt. Bheirfeá mionna gur sagart na paróiste
é féin a bhí ag cainnt."



"Tá do sháith ráidhte agat anois," arsa Pádruig,
"ach an ndeánfaidh an dá lánamhain dhéag do sháith?"



"B'fhéidir gur chóir dúinn gnaithe a dheánadh leis,


L. 78


ach caithfimid cuireadh a thabhairt do fhear an t-siopa
agus do n-a mhnaoi," arsa Máire.



"Caithfidh cinnte," arsa Pádraig.



"An dtabhairfidh tú cuireadh dóbhtha uilig indhiu?
a Phádruig."



"Tá me in mo sháith ama imbárach," arsa Pádruig.



"Má's mar sin atá," arsa Máire, "thig liom-sa
a dhul 'un t-siopa agus neathannaí a bheas 'e dhith
orainn fá choinne na bainse a fhághail, agus nuair
a bhéas mé ann bheirfidh me cuireadh do fhear an t-siopa
agus do n-a mhnaoi."



"Féudann tú sin a dheánadh, ma's toil leat é."
arsa Pádruig.



Ghléas Máire í féin agus síos léithe 'un t-siopa.
Ní rabh fear an t-siopa é féin astuigh, ach bhí a bhean
'sa' chisteanaigh agus chuir sí fáilte roimh Mháire.
Sheasuigh Máire i lár an urláir agus cuma uirthi go
rabh deifre mhór uirthi.



"Caidé'n géibheann atá ort, a Mháire, nuair nach
dtig leat suidhe agus do chainnt agus do chomhrádh
a dheánadh?" arsa bean an toighe.



"Tá mé fá dheifre, a bhean udai," arsa Máire,
"ní bhéidh mórán faill suidhe no comhráidh agam go
cionn seachtmhaine."



"Ní de'n mhúnadh é ceist a chur ort caidé tá ar
cois," arsa bean an toigh.



"Thainig Tomás Chonaill chuig Nuala Bhán aréir
agus tá siad le pósadh seachtmhain o indhiu," arsa
Máire.


L. 79


"Maise, go mairidh sibh an lánamhain óg," arsa
bean an toigh agus chraith sí lamh le Máire.



"Go mairidh tú do shláinte," arsa Máire, "fágfaidh
sí mé féin agus Pádruig ar an uaigneas, agus léoga,
ar an anas fosta, ach caidé'n neart atá air,"



"Maise, béidh sibh uaigneach cinnte na diaidh, a
Mháire, ach sí'n óige an óige agus ghlac muid féin
fear nuair a fuair muid é, agus ar ndóigh tá Nuala
a fághail fir comh bréagh agus tá 'sa' phobal."



"Tá Tomás na bhuachaill bhréagh agus ba cheart do
sin, no bhí a athair féin na fhear bhréagh; agus léoga
dhiultuigh Nuala Bhán níos mó na an fhear amháin a
bhí ag brath uirthi, ach cuinnigh sin agat fein," arsa
Máire.



"Ní h-íonghantas ar bith sin," arsa bean an toighe.
"Tá'n ghnaoi ar Nuala Bháin, ach chan a ghuid no a
fhuadach a rinn sí a Mháire, agus tusa na máthair
aici."



"Ma bhí mé gnaoidheamhail lá de'n t-saoghal," arsa
Máire, "féudaim sin a shéanadh anois, ach ní rabh
a'n bhean 'sna cnuic a fuair oiread masla liom-sa.
Bhí mé ariamh ag streachailt leis an t-saoghal agus
an saoghal ag streachailt liom."



"Leóga fuair tú sin, masla, a Mháire, ach is beag
duine nach dtugann an saoghal a sháith dó."



"Is beag agus is ro-bheag," arsa Máire, "ach
siúbhail leat siar 'un t-siopa."



Chuaidh siad siar. Chuir Máire focal ar arán gheal
ar mhuicfheóil agus na neathannaí' a bhí 'e dhioghbháil


L. 80


fá coinne na bainse. Fuair sí iasacht cupaí
agus rudaí eile nach rabh go leór daobhtha aici féin
'sa' bhaile, agus thug sí cuireadh do bhean an t-siopa
agus do na fear na bainse. Gheall bean an
t-siopa go bhfágfaidhe iomlán shuas 'sa' teach aici in
am go leór fá choinne na bainse.



"Caithfidh mé a dhul siar na Chlocháin Léith thárla
nach bhfuil an fhuil-dhragúin agat," arsa Máire.



"Cad chuige a bhfuil tú do?" arsa bean a' t-siopa.



"Ma loiteann na fir a cheile," arsa Máire,
"caithfear plástar buidhe a chur leó, agus ní rabh plástar
buidhe deánta i gceart ariamh muna rabh a bheagán
no a mhórán de fhuil-dhragúin air."



Siar le Máire na Chlocháin Léith. Bhí deifre mhór
uirthi, ach ma bhí féin, níor casadh a'n fhear no a'n
bhean uirthi ar a bealach nac deárn sí a comhrádh leó,
agus nar innis dóbhtha go rabh deifre mhór uirthi.
Fá dheireadh bhí sí shiar. Chaith sí bunadhas an lae ag
cainnt agus ag comrádh agus ag 'ul ó shiopa go siopa
ar lorg fuil-dhragúin sul a bhfuair sí í 'sa' deireadh
i dtoigh Dhomhnaill Antoin. Bhain sí aniar amach,
agus chuaidh isteach toigh an t-siopa arais ar a bhealach
na bhaile, agus mhaoidheamh sí le bean an t-siopa gur
bh'iomdha rud a bhéadh gan deánadh muna bé na mná.



"Tá Pádraig na fhear mhaith, ach ghlac se an saoghal
ariamh ar a shuaimhneas."



Bhí siad gnoitheach idtoigh Phádraic i Mín-eadar-a
dá-loch, agus níor mhothuigh siad an t-am ag 'ul thart
go rabh maidín lae na bainse ann. Ba í Róise
Fheilimidh agus Séumas Mhac Giolla Bhríghde an dá


L. 81


chead bhaidhteóirí a bhí leis an lánamhain. Ar maidín,
lá na bainse, thainig Roise go toigh Phádraig go
luath ar maidín, agus chuidigh sí Nuala Bhán a chóiriughadh.
Agus nuair a bhí Nuala cóirighthe, ba deacair a macasa-
mhail a fheiceáil. Níorbh íonghantas ar bith gur dhubairt
Róise léithe, "A Nuala ní fhaca mé an ghiorsach
ariamh comh deas leat."



I dtráthaibh an naoi a chlog, thainig Tomás Mhac
Ruaidhrí agus Séumas Mhac Giolla Bhríghde 'un toighe
indhiaidh cuairt a dheánadh ar 'ac a'n teach ar a mbealach.
Thug siad deoch do dhuine ar bith a d'ólfadh é in 'ach
teach a rabh siad, agus d'fhág braon na ndiaidh i gcupa
ar an dreisiúr. Ar theacht 'un toighe do Thomás agus
Séumas craitheadh lámh go fearadh-fháilteach leobhtha,
agus ba í Nuala Bhán í féin a thug léithe an t-uisge
coisrioctha gur chraith sí ar an iomlán aca é. Ní
rabh níos mó de. Shiúbhail Tomás agus Nuala amach
ar tús agus Séumas agus Róise ins na sálaibh aca.
Chaith Máire an maide briste na ndiaidh, agus annsin
chuaidh sí féin agus Pádraig go giall a' toighe agus
sheasuigh ag amharc na ndiaidh go deachaidh siad as
amharc.



"Go rabh Dia libh" arsa Pádraig.



"Go rabh Dia agus Muire leó," arsa Máire.



Nuair a thainig an da lánamhain 'na bhealaigh mhóir
bhí na lánamhaineacha eile a bhí ag 'ul siar ag fanacht
ortha.



Bhí deich lánamhaineacha siar le gach duine aca,
agus shiúbhail siad leó beirt ar bheirt ag tairrint ar
an Chlochán Liath. Bhí daoiní ag 'ach a'n dhoras, agus


L. 82


ar chionn 'ach a'n áird ag amharc ortha ag 'ul siar,
agus chluinfidhe iad ag sgairtigh "Go gcuiridh Dia
an t-ádh orraibh."



Níor fhág an lánamhain óg na bailte ariamh is mó
ortha a rabh meas. Bhí Tomás Mhac Ruaidhrí ainmiste
de thairbhe a chuid gníomh, agus b'airidh air é, agus
bhí an báire le Nuala Bháin ar chailínibh na Rosann
mar gheall ar a dóigheamhlacht. Fa dheireadh bhí siad
ag toigh a' phobail, agus nuair a bhí an lánamhain pósta,
chuaidh siad uile go léir síos an t-sráid agus isteach
leó toigh Dhómhnaill. Bhí lá spóirt agus ceóil aca
annsin, togha gach bidh agus rogha gach dighe, go rabh
an t-am aca an baile a bhainnt amach. Ar a mbealach
aniar, bhí teinte amuigh ar na h-áirdibh ag cur fáilte
rompa, agus bhí Tomás agus Nuala tursach sul a
rabh siad 'sa' bhaile, ag craitheadh lámh leis na daoinibh
a casadh ortha, agus bhí ag mairstean an t-saoghail
úir dóbhtha.



Nuair a bhain siad an baile amach, bhí na daoíní
go h-uile cruinnighthe a fuair cuireadh agus nach
deachaidh leis an lánamhain 'na Clochain Léith, ach amháin
Maicín. Sean daoiní a ba mhó a bhí ionnta.



Maireadh an saoghal úr arís agus arís don
lánamhain óig agus cuireadh thart an bhiotáilte go
mion agus go minic go rabh an suipear caithte.
Réidhteadh an cheisteanach fá choinne damhsa annsin.
Shuidh Séarlus Ruadh ar chathaoir astuigh 'sa' leabaidh
agus thairing air an fhideal. Thoisigh sé a chasadh na
dtéad. Sgríobh sé ar feadh bomaite, agus annsin
thoisigh sé a sheinm "Éachtraí an Chonnachtaigh" Ní


L. 83


luaithe thoisigh sé a sheinm na bhí céad cos ag bualadh
an phuirt ar an urlár.



"Éirigidh a bhuachaillí breághtha, agus a chailíní
dóigheamhla," arsa Pádraic, "agus deánaigidh mbur
sáith damhsa. Chonnaic mé féin agus Máire an lá a
gcuirfeadh sinn tús air, acht dheánfaidh Tomás agus
Nuala sin dúinn anocht, agus sinne atá ro shean le
damhsa a dheánadh, rachaimid 'un t-seomra agus
fágfaidh sin tuilleadh fairsnighe annseo. D'éirigh
Tomás agus thóg sé Nuala Bhán, agus níor bh'fhada go
rabh oiread ar an urlár agus thiocfadh leis a choingbheáil;
agus thoisigh an damhsa. Lean na sean daoiní Pádraic
'un t-seomra.



Ní rabh ach spórt agus subhailce faoi chreataibh an
toighe - na sean daoiní ag cainnt ar an am a chuaidh
thart, agus an t-aos óg ag damhsa agus ag cainnt
ar an am a bhí le theacht. Ní dheárn Mac Giolla
Bhríghde dearmad ann a chuid oibre féin; níor fhág
sé tart ar a'n dhuine. Bhí fear an t-siopa 'sa' t-
seomra agus h-iarradh air amhrán a rádh. Réidhtghi
sé a sgeadamán agus thug sé an "Droighneán Donn"
ua. Ní rabh sé ar obair i gceart nuair a stad an
ghleó 'sa' chisteanaigh. Bhí siad go huile ag éisteacht
leis an amhrán, agus aoibh ar a n-aghaidhibh ag taisbeánadh
go rabh dearmad deánta aca de'n t-saoghal mhór,
go rabh a gcroidhthe 'sa' cheól agus ins an t-subhailce
a bhí sé 'a thabhairt dóbhtha.



Níor bh'iongantas ar bith é. Bhí siad ag éisteacht
leis an t-sean cheól chéadhna a chuala siad o thús nuair
a bhithear da gcealgadh sul a rabh siad ábalta a'n


L. 84


fhocal a labhairt; bhí siad ag éisteacht leis an t-sean
cheól chéadhna a ba ghnáthach iad a chur 'un suain 'ach
a'n oidhche de réir mar bhí siad ag éirghe mór agus go
dtainig ciall chuca; bhí siad ag éisteacht leis an
t-sean cheól chéadhna a chuala siad an oidhche sul ar
imthigh an cailín óg udai, no an buachaill óg udai -
ní rabh a'n dhuine 'sa' teach nach rabh duine éiginteacht
de n-a bhunadh 'san Oileán Úr - 'un Oileáin Úir le gan
pilleadh go bráth, agus bhí siad ag éisteacht le fear ag
rádh an amhráin nach rabh a'n dhuine 'sa' phobal 'un churtha
leis ag an t-sean cheól. Nuair a bhí sé réidh, bhí cuid ag
greadadh bos, agus bhí cuid eile a rabh na deóra
leo, ach chluinfeá "Dia go deó leat" ó óg agus sean.
Thoisigh an fhideal 'sa' chisteanaigh airís, ach 'sa' t-
seomra bhí siad ag cainnt ar an amhrán go fóil, agus
ar an ghuth bhréagh bhí ag an cheóltóir.



"Chan a ghuid na a fhuadach a rinn sé ceól a bheith
aige," arsa Cathaoir Ua Dubhthaigh. "Bhí mise ar bhainfhéis
a mháthara agus creidim go rabh sí comh mór, agus
comh breágh le a'n bhainfhéis dá rabh 'san áit seo ariamh.
Bhí teach Eoghain agus teach Dhonnchaidh lán o chúl go
doras comh maith le teach a h-athara. Ní rabh a'n áit
ó'n Chuimín go dtéidhfeá go Gort a' Choirce nach rabh
daoiní muinnteardha aca, agus níor fhan aon aca
nach dtainig na cuirime. Fheara breághtha, ba siud
an bhainfhéis agus chan ag lochtadh na bainse seo
atá mé, ach ní ionann an dóigh atá leis na fearaibh
óga anois agus bhí leobhtha i bhfad o shoin. Ar bhainfhéis
i bhfad o shoin ní thainig an meadhon oidhche ariamh go
mbéadh an bhruighean ar siubhal. Ach ag cainnt ar


L. 85


bhainfhéis Ghráinne Móire a bhí mé. Bhí préataí agus
iasg mór ar fhuigheall ann, agus bhí dha theidheadh iomlán
uisge bheatha ann.



"Bhí snathadh breágh ólta ag na fearaibh i dtráthaibh
am luighe de oidhche. Bhí an t-uisge beatha ag 'ul
thart. Ní rabh a'n lá ariamh nach rabh dúil ag Séamus
Bhriain 'sa' bhruighin, agus nuair a thainig an corn
fhad leis, bheir sé air, chaith an t-uisge beatha siar
thar a ghualainn, d'fhág an corn ar an dreisiúr agus
a bhéal faoi, ionann agus a rádh gur é féin an fear
a b'fheárr 'sa' teach. Bhruid duine eighinteacht Séainín
Mór agus d'éirigh seisean de léim 'na sheasamh, agus
arsa seisean, "nior shiubhail sé slat an droichid bhig
ó thainig ann damh-sa an fear amhain sin a dtionn-
tochainn cúl mo dha chois air, agus duine ar bith a
bhfuil áthrughadh de bharamhail ag cur as dó, taradh
sé liom-sa na sráide anois."



"Mhic a bhfuil m'anam ionnat, fhad agus bheitheá ag
bualadh do dha bhois ar a chéile, bhí na fir i bfasta in
a chéile na cloiginnibh i lár an urláir - cuid ag 'ul
'un spáirne, agus cuid ag deánadh eadar-uiscín.
Annsin, thoisigh Gráinne Mhór ar an cheol. Dubhairt
sí ceithre ceathramhnacha fichéad de "Fhial Uí Dhomhnaill."
Shocruigh na fir síos, siar, gan oiread agus focal
asta. Ba aici bhí an ceól; chuirfeadh sí clár ar do
chluasaibh."



"Bhí an ceól amach aici," arsa Feilimidh. "Chonnaic
mise í i gcionn a corráin ag bainnt an fhóghmhair,
dálta na mban uilig a rabh a gcuid fear i n-Albain.
Bhí a leanbh 'na luighe ar chídeóig i gcúl stuca agus


L. 86


gan bogadh as, ach ag greadadh a chuid bos beag ar
a chéile ag éisteacht le na mháthair a bhí ag coingbheáil
ceóil leis agus ag bainnt an choirce 'san am cheadna.
Bhí lá breagh fóghmhair ann an lá céadhna, agus deifre
orm féin na bhaile le dhul i gcionn mo ghnaithe, ach
droch cheann bogadh rinn mé amach as áit na mbonn
ar feadh leath uair' an chluig, ach ag éisteacht léithe ag
gabhail cheóil. Chuirfea sí na cuacha a chodhladh. Agus
sin anois an fear a bhí na luighe i gcúl an stuca an
lá sin, thainig sé aniar go maith 'sa' t-saoghal, ach is
air féin a bhuidheachas go bhfuil sé 'na shuidhe go teith
anois."



"Maise, go rabh mar sin do," arsa a rabh ag éisteacht.



"A dhaoiní muinteardha," arsa fear an t-siopa,
"níor chuir a' dhath oiread buadhartha ariamh orm
agus chuir an neamart a rinne mé i gcuid amhrán
mo mháthara a fhóghlaim. Níor fhóglaim mé an ceathramhadh
cuid déag aca. Ní rabh an locht go h-iomlán orm-sa,
ach caidé'n mhaith sin indiu nuair nach bhfuil siad agam
no ag a'n dhuine eile ach oiread liom. Nuair a bhí
mise mo ghasúr, agus mé ag 'ul na sgoile, sul ar
b'éigin damh an baile a fhágail, ní rabh mórán áird
ar Ghaedhilg na ar amhráin' Ghaedhilge; ní rabh ortha
acht droch-mheas. Da gcluinfeadh an maighistir a'n
dhuine againn ag labhairt Gaedhilge i dtoigh na scoile
bheirfeadh sé bog-mharbhadh orainn, agus dheánfadh sé
níos measa na sin, na dheánfadh sé a bheag de ar
gcuid aithreach agus maithreach, agus dúinn fein.
Is minic a chuala mé é a' rádh gur choir an Ghaedhilg a
fhágail ag na lachain?" "Aru!" arsa Cathaoir


L. 87


ag tionntughadh thart ó'n áit a rabh sé féin agus an
Bacach Ruadh ag amhthroid fá rud éiginteacht.



"B'fhéidir gur b'amhlaidh a bfeárr é, nach barraidheacht
Gaidhilge a bhí againn, agus ar ndóighe ní thabhairfeadh
Gaedhilg thar Ghleann-dómhain thu ar sgor ar bith."



"Caidé sin atá tú ag rádh?" arsa'n Bacach Ruadh
ag thabhairt aghaidh a chraois air, "thug sé fir níos
feárr na tusa thar Ghleann-dómhain, agus fir níos
feárr na mise fosta, agus an lá is feárr a bhí tú
ariamh dheánfainn-se biadh míoltóg de do chorp."



"Seo, Seo, a fheara!" arsa Pádraig.



"Cia bheirfeadh áird ar Bhacach?" arsa Cathaoir.



"'Siomaidh fear a d'iomchar mála," arsa'n Bacach,
nar locht ar bith air féin é."



"D'iomchar leóga," arsa Conall.



"Tá fhios agam-sa rud amháin," arsa'n Bacach,
'siomaidh fear a rabh coir a chrochta níos lúgha na an
choir a rinne na maighistrí céadhna sin, agus dá
gcrochfadh na daoiní iad 'san am sin i n-áit a bpáistí
a chur na sgoile chuca, b'fheárr do Éirinn indhiu é.
Agus rud eile de, ní'l a'n dhuine a labhaireas Béarla
ach an té atá ag úmhlughadh do'n tSasanach, ag tabhairt
droch-mheasa ar a thír féin, agus ag deánadh a bheag
de ar n-aithreachaibh móra a throid go cruaidh agus go
calma, a d'fhulaing an ghorta agus an phiolóid sul a
bhfuighfidhe a mbuaidh. Agus a mbuaidh ní fhuaras
ariamh."



"Ba bhreágh na fir a bhí ann i bhfad o shoin," arsa
Conall.


L. 88


"Tá fir an lae indhiu comh maith leó, agus níos
feárr," arsa'n Bacach.



Le sin thainig Mac Ghiolla Bhríghde thart leis an
uisge-bheatha airist, agus h-óladh sláinte indhiaidh
sláinte go dtainig a sheal ar an Bhacach a bheir ar an
ghloine, agus arsa seisean,



"Seo sláinte na máithreach fíor, a thóg na tréan
fhir nar chlaoidh Sasainn ariamh."



"Amén," arsa Cathaoir, "acht caidé tá ann ach
dith na céille a bheith ag iarraidh buaidh a fhághail ar
Shasainn. Tá sí ro-láidir. Anois tá siad ag troid
le cúig bliadhna' agus caidé tá againn de bhárr -
'dhath ar bith ach toighthe agus bailte doighte, fir agus mná
marbh, agus leath a bhfuil beó ar an anas. Agus
bídim ag cainnt le fearaibh anois agus airís a bhfuil
ceann fada ortha, agus eolas trom aca ar 'ach uile
sheort, no léigheann siad na páipeir, agus deir siad
liom nach dtig buaidh Shasana a fhághail."



"Tá do dhálta féin ar na fearaibh sin," arsa'n
Bacach, "Cáthbhruith a fuair siad i n-áit bainne nuair
a bhithear da n-oileamhaint."



"A Chathaoir," arsa Pádraig, "a bhfuil trácht ar
bith air 'sa' tarngáireacht caidé mar ráchas an iarraidh
seo le Clann na nGaedeal?"



"Tá'n ceist sin trom go leór agam," arsa Cathaoir.
"Bhí mé ag deánadh stuidéir air. Thoisigh mé ag
tús an tarngáireacht agus chuaidh mé siar go deireadh
uirthi ann m' intinn féin, ar eagal's go bhfágfainn
a dhath mo dhiaidh de, agus ní thiocfadh liom léigheadh
air i gceart cia'n áit a dtigeann an briseadh seo


L. 89


isteach ann, muna dtig sé isteach 'san áit a rabh Colm
Cille ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail. Deir
sé nach ndíolann na h-Éireannaigh cíos na geárradh
seal gairid roimh dheireadh an t-saoghail, agus de
réir mar chluinim-se ní'l duine ar bith taobh amuigh
de Bhéal Feirsde ag díol cíosa na geárrtha anois.
Agus creidim nuair a bhí an naomh ag deánadh na
cainnte sin, nar bhuadhair sé a cheann fá Bhéal Feirsde.
A Phádruig, sé mo bharamhail é - agus níor mhaith liom
mo bhreathamhnas a thabhairt ar ceist throm de'n t-seort
gan fios a bheith agam chaidé bhéinn a' rádh - go bhfuil
sé comhgarach do dheireadh an t-saoghail."



Thainig Máire isteach anois agus cuid de na sean
mhnáibh eile léithe indhiaidh a bheith 'sa' chisteanaigh, agus
arsa sise,



"Cia tá ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail?
Nach bhfuil fhios ag an t-saoghal mhór nach bhfuil sé sona a
bheith ag cainnt ar dheireadh an t-saoghail oidhche
bainse? Nach minic a chuala sibh ariamh, "Ceó ar
fhaire, ceól ar bhainfhéis." Níor mhothuigh mé a'n bhain-
fhéis ariamh comh suaimhneach leis an bhainfhéis seo.
Tá na fir óga 'sa' chisteanaigh ar a sáimhin suilt, agus
níor chras fear aca focal i mbéal an fhir eile o thainig
a oidhche."



"Buidheachas do'n Righ," arsa Conall, "go bhfuil
ciall ag na fearaibh óga anois."



"A Phádraig," arsa Máire, "abair féin amhrán."



"Caidé an ceól atá agam-sa," arsa Pádraig



"Dheánfaidh sé gnaithe ar fheabhas," arsa'n chuid
eile.


L. 90


"Maith go leór. Dheánfaidh mé mo dhicheall "Ceithre
Raithi na Bliadna" a thabhairt uaim."



"'Sheacht n-anam thú," arsa'n Bacach Ruadh.
"Amhrán breágh é."



Thoisigh sé agus dubhairt sé an t-amhrán. Bhí guth
breágh cinn ag Pádraig, agus nuair a bhí sé réidh,
d'fhág sé ar Fheilimidh annsin é. Stad an damhsa 'sa'
chisteanaigh, agus os coinne an amhráin a deirfidhe
'sa' t-seomra deirfidhe ceann eile 'sa' chisteanaigh.
Mhair an ceól go rabh trí h-uaire de lá gheal ann sul
ar imthigh deireadh na bhaile. Nuair a bhí siad uile
imighthe, arsa Pádraig le Máire,



"Ní'l fhios agam caidé thainig ar Mhaicín nuair nac
dtainig sé na bainse. Bhí 'ach a'n dhuine ag cur
crochnuighthe air."



"Bhí mé ag cur ceiste," arsa Máire, "ar fhear
an t-siopa agus a mhnaoi fá dtaoibh de, agus dubhairt
siad gur fhág sé an teach rompa-san: ach ní ar Mhaicín
a bhí mé ag smaointeadh."



"Cia air a rabh tú ag smaointeadh?" arsa Pádraig.



"Tá, bhí mé ag smaointeadh ar comh beag agus
bhí le deánadh agam, mo lá a chuir amudha ar an Chlochán
Liath an lá fá dheireadh ar lorg fuil-dhragúin, agus
nar chuir a'n fhear buille i gcroiceann an fhir eile
rith an h-oidhche."



"Na dhiaidh sin," arsa Padraig, "bhí bainfhéis
bhreágh againn."



"Bhí tú i gcomnuidhe furust a sheásadh, a Phádraig."


L. 91


Ní thiocfadh liom thú a phósadh.



Nuair a d'fhág Maicín Nóra an lá sin a thártháil
sé í, thug sé a ághaidh siar ag tarraint ar thoigh Chonaill
go bhfeicfeadh sé an rabh an cú 'sa' bhaile roimhe. Nuair
a bhí sé ag 'ul siar ag Loch Chathaoir casadh an Bacach
Ruadh air ar a bhealach mhór. Phill an Bacach leis
giota, ach nuair a bhí sé ag na h-Airdibh Dóighte, chor
sé síos mar bhéadh sé ag tarraint ar an Choillín Darach.



Nuair a tháinig Maicín fhad le toigh Chonaill bhí
Creath 'sa' bhaile roimhe agus a shoc dearg le fuil,
ag tabhairt taisbeánadh gur mharbh sé an gearrfhiadh
agus go mb'fhéidir gur íth sé é fosta. D'fhan sé
tamall ag cainnt le Tomás agus annsin bhain sé
an baile amach. Indhiaidh a dhul na bhaile do, chodhlaidh
sé tamall, ach sul ar thuit sé na chodhladh, thug sé
buidheachas do Dhia gur threoruigh Sé an bealach é i
n-am le Nóra a shábhail, agus thug sé móid nach bfuigheadh
Mac an Ghadaidhe í go bráth le na croidhe a bhriseadh.



Ach, ba chuma le Mac an Ghadaidhe cia aca bhrisfeadh
sé a croide no nach mbrisfeadh. Ba ar a cuid airgid
is mo bhí a aire, agus ar an dóigh le na fhághail. Ní
rabh sé dall air ach oiread go rabh Nóra dóigheamhail,


L. 92


agus da bpósfadh sé í go ráchadh aige an t-airgead
a fhághail.



Ó'n chead lá a thug sé cuairt ar an teach mhór char
imthigh lá air gan a bheagán no mhórán ama a chaitheadh
annsin. Comhráidhteach breágh a bhí ann. Shiubhail sé
bunadhas na dtíortha coimhthigheach go h-uile, agus bhí
sé ábalta gach seort ionghantais a innse fá dtaobh
daobhtha. Thaitinn a chuid comhráidh go mór le Bean
Uí Dhrioscoill agus le Nóra, ach diombaite de chuid
comhráidh de char thaitinn sé le Nóra. Ní dheárn
sé dearmad ach oiread, lideadh a thabhairt dóbhtha
anois agus airís nach rabh sé gan a bheith saidhbhir
Bhí na laethe ag 'ul thart agus dar leis féin go rabh an
t-am aige innse dóbhtha ar dhóigh éiginteacht caidé bhí
faoi. Ariamh go fóil, ní bhfuair sé am no faill no
bealach ar fhocal a rádh le Nóra léithe féin, agus de
réir mar chonnaic sé bhéadh sé mar sin. Níor shamhail
sé i n-am ar bith go ndiúltochadh Nóra é, ach bhí fhios
aige go gcaithfeadh sé a bheith ar a fhaithchilt ar ach uile
dhóigh, agus gurbh fheáirrde do é dá mbéadh meas ag
a máthair air. Nuair a thainigh sé 'un toigh mhóir an
lá a chuaidh Nóra na chnuic, smaointigh sé go labhairfeadh
sé le na máthair fá dtaobh duithe. Labhair. D'innis
sé cuid mhór do Bhean Uí Dhrioscoill, agus d'iarr
cead ceist a chur ar Nóra an bpósfadh sí é. Thug
Bean Uí Dhrioscoill an chead sin dó, agus dubhairt
sí go n-inniseochadh sí do Nóra ar dhubhairt sé. Gheall
Seóirse go dtiocfadh sé lá ar na mhárach le freagra
Nóra a fhághail.



Indhiaidh Nóra a chur a luighe an lá sin, d'innis a


L. 93


máthair duithe gach rud ar dhubhairt Seóirse. D'éist
Nóra léithe agus nuair a bhí sí réidh ag cainnt, arsa
sise, "ar ndóigh ní'l tú ag éirghe tuirseach damh, a
mháthair?"



"A Nóra, a chroidhe, nach bhfuil fhios agat nach
dtiocfadh liom a bheith beo gan tú, ach tá sé de bhuaidh
ar an chineadh daonda go gcaithfidh siad pósadh. Agus
ma phósann tú Mac an Ghadaidhe ní bhéimid sgartha
ó na cheile, no deir sé cia bith áit a bhéas duine againn
go mbéidh an triúr againn annsin."



"A mhathair, da mbitheá thusa in mo chuideachta i
gcómhnuidhe, ba chuma liom cia aca bhéinn pósta air
no nach mbéinn."



"A Nóra, ní'l fhios agam an dtiocfaidh an Bacach
Ruadh an bealach seo indiu?



"Ní'l fhios agam a mháthair; ach, cad chuige a bhfuil
tú dó?"



"Tá, a Nóra, ba mhaith liom aithne a chur ar Mhaicín
muna a mbéadh ann féin ach le buidheachas a thabhairt
dó ar son a deárn sé, agus tá mé de'n bharamhail go
mbéadh an Bacach Ruadh ábalta innse damh cia é féin,
no tá aithne aige air an t-saoghal mhór."



Ba bheag a smaointigh Nóra ar an chontabhairt a
rabh sí ann. D'fhan sí na luighe ar a leabaidh ar feadh
an lae sin. Corr uair bhéadh sí ag smaointeadh caidé
an freagra ba cheart duithe a thabhairt ar Sheóirse
lá ar na mhárach, ach le smaointeadh ar rud leis an rud
eile, ní bhfuair sí a h-intinn a dheánamh amach i gceart
caidé ba chóir duithe a dheánadh. Agus ar dhóigh éigin,
ba ar Mhaicín ba mhó a bhí sí ag smaointeadh. I n-am


L. 94


luighe chuir a máthair ceist uirthi caidé bhí sí ag 'ul a
dheánadh lá ar na mharach, cia aca ghlacfadh sí Mac an
Ghadaidhe no d'fhágfadh sí é.



"Ní'l fhios agam, a mháthair, caidé ba chóir damh
a dheánadh?"



"A rún, is tú féin is chóir a bheith sásta, ach ma
tá tú le pósadh b'fhéidir go mbéadh sé comh maith
agat i n-anim Dé é a ghlacfadh. Ní bhéidh tú óg i gcómh-
nuidhe; agus ní'l fear maith le fághail 'ach a'n lá."



"Ma's maith leath mé é a ghlacfadh, a mháthair,
dheánfaidh mé sin."



"A thaiscí, caithfidh tú do chómhairle féin a dheánadh;
ní'l mise ach ag cur cómhairle ort comh maith agus
thig liom."



"A mháthair nach dtainig an Bacach Ruadh an bealach
seo indhiu ar chor ar bith?"



"Maise, ní thainig a Nóra, agus ní'l fhios agam
caidé thainig air indhiu, no is annamh lá nach dtig sé
an bealach; creidim dá mbéinn gan a bheith oiread
i bhfáthach le na fheiceáil go dtiocfadh sé."



"Nach mór an truaighe, a mháthair, nach é Maicín
atá mo iarraidh le pósadh?"



"A Nóra a stór, cad chuige a n-abrann tú sin?"



"Tá, a mháthair, ní bhéadh eagla ar bith orm eisean
a phósadh."



"Go gcúmhdaigh Dia sinn! a Nóra, níor chóir duit
labhairt mar sin."



"Nach bhfuil sé ceart agam sin a rádh, a mháthair?"


L. 95


"Abrochaimid an paidrín, a Nóra, tá'n t-am
agam-sa ann a bheith ag 'ul a luighe fosta." Dubhradh
an paidrín agus chuaidh Bean Uí Dhrioscoill a luighe,
ach níor chodluigh sí mórán an oidhche sin. Chaith sí
an oidhche ag guidhe Dé go seolfadh Sé Nóra ar
bhealach a leasa lá ar na mhárach nuair a thiocfadh Mac
an Ghadaidhe. Níor chodluigh Nóra mórán an oidhche
sin ach oiread, no bhí sí ag brionglóidigh go rabh sí
ag tuitim síos leis an sgeárdán, agus go díreach
nuair a bhéadh sí ag caillead na h-anála mhusglochadh
sí, agus bheirfeadh sí buidheachas do Dhia nach rabh sí
ach ag brionglóidigh.



Tráthnóna lá ar na mhárach, chuaidh an Bacach Ruadh
go doras an toigh mhóir. Chuaidh Nóra go dtí'n doras
agus d'iarr air a theacht isteach go bhfághadh sé greim
le h-ithe. Rinn sí réidh tae agus thug do é.



"Go mbuanaidh Dia fá shaoghal agus fá shláinte thú,"
arsa'n Bacach Ruadh, "agus lá na gorta go dtriallaigh
sé i bhfad uait."



Thoisigh sé ar an tae agus bfurust aithne nach rabh
tart no ocras air, no ní rabh sé ach ag baint liomóg
as an arán agus ag sciolldarughadh an tae. Bhí
Nóra go díreach ag cur ceiste air caidé'n bealach
a d-thainig sé nuair a thainig a máthair isteach.



"Beannughadh ar an obair," arsa sise leis an
Bhacach.



"Go mbeannuigh Dia agus Muire duit féin agus
do do chúram, a bhean uasal," arsa'n Bacach.



"Tá ceist agam ort, a dhuine mhacanta. B'fhéidir


L. 96


gur chuala tú iomrádh ar bhuachaill óg a shábhail mo
níghean indhe ar a bás?"



"Cualas leóga," arsa'n Bacach, "agus is orm
féin atá an luthgháir gur sabháladh. Agus buidheachas
do'n Righ níor bhain an contabhairt a rabh sí ann beangadh
aisti de réir chosamhalacht, no ní fhaca mé í riamh ag
amharc níos feárr."



B'éigin do Nóra gáire a deánadh nuair a chuala
sí caidé dubhairt an Bacach, ach ní dheárn a máthair
ach ceist a chur ca h-ainm do'n bhuachaill óg, car b'as
dó, agus ca rabh sé na chómhnuidhe.



"Maise," arsa'n Bacach, ní fios damh-sa c'ainm é
ach go dtugtar Maicín air, tá mé níos seachránaighe
fá'n áit arb as é, ach comhnuigheann sé fá láthair i
dtoigh an t-siopa, i Mín a' Bheatha"



"Caithfidh mé," arsa Bean Uí Dhrioscoill, "a dhul
siar a dh'amarc air le mo bhuidheachas a thabhairt dó
ar a laghad."



Ní bhfuair siad níos mo a rádh gur chuala siad
Mac an Ghadaidhe ag tiomaint aníos 'un toighe ar charr.
Thug an Bacach fá ndeára go dtug Nóra amharc ar a
máthair, ionann agus ceist a chur uirthi caidé ba chóir
duithe a dheánadh.



"Deán cia bith a iarrfas do chroidhe ort, arsa
a máthair agus chuaidh sí 'un dorais i n-aircis Mhic
an Ghadaidhe. Tug sí cuireadh 'un toighe dó agus
shiubhal an bheirt isteach an t-sheomra chéadna ar tugadh
Seóirse isteach ann an chead uair a thainig sé 'un
toighe. Chuir sé ceist caidé mar bhí Nóra. Dhubhairt a
máthair go rabh sí go maith agus rinne sí sgairt ar a


L. 97


níghin. Tainig Nóra comh luath agus rinn a máthair
sgairt uirthi, shiubhail isteach 'un t-seomra, sheasaigh
le taobh a máthara agus chuir lámh amháin thart fá dtaobh
duithe, mar bhéadh sí ag iarraidh tárrthala ar an mháthair
sin nar cheil agus nar dhiúlt' a dhath ariamh uirthi.
D'amharc a máthair uirthi, agus bród uirthi aisti, agus
níor b'iongantas ar bith é. Thóg sí a níghean comh
cúramach agus tógadh níghean ariamh. Thóg sí a
níghean i ngrádh Dé i n-eólas na ndeagh thréithe agus
i n-aineólas uilc. D'fhás Nóra aníos, ag éirghe níos
dóigheamhla lá ar lá, go rabh sí anois ar chailín comh
dóigheamhail 's ar shoillsigh grian ariamh uirthi. Agus
le na chois sin le bárr a chuir ar a maise, bhí an
soineanndas sin in a h-aghaidh a shaothruigh an tógáil
a fuair sí, an soineanndas sin nach dtig a léiriughadh,
agus a bhfuil scéimh cailín óig d'easbhaidh, mar áille
an rósa atá ro-shéidhte, briste brúighte de bhárr
barraidheacht láimhdeachais.



Bheannuigh sí do Mhac an Ghadaidhe, agus bheannuigh
seisean duithe. Ní rabh sé comh cainnteach indiu leis
an chead lá a thainig sé. Bhí creatha air. Bhí cia bith
thainig de a shaoghal caithte aige le droch bhéasaibh,
agus ma shanntuigh sé Nóra roimh ré mar gheall ar a
cuid airgid, shanntuigh sé an speir-bhean óg anois
go díreach, mar shanntuigheas mórán in a gcroidhe nidh
a innseas an croidhe céadna dóbhtha nach bhfuil air
fághail.



Bhí sé na sheasamh annsin agus laige chroidhe air
ach bhí sainnt na maoine agus na colna daonda in
a shúilibh. Bhithear le breitheamhnas a thabhairt air.


L. 98


Bhí maith le breitheamhnas a thabhairt an rachadh sé i
gcomhar le h-olc. Ní thig le bláth na Beáltaine a
dhul i gcomhar le seidean geimhridh. Ní thig le uan
an earraigh dhul i gcomhar le mactíre na bhfiacal nimhe,
agus ní thiocfadh le Nóra Ní Dhrioscoill a dhul i gcomhar
le Seóirse Mac an Ghadaidhe.



Bhí an triúr aca na seasadh agus ar feadh bomaite
níor labhair a'n dhuine. Annsin arsa Bean Uí
Dhrioscoill,



"Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, d'innis mé do mo
níghin gach rud ar dhubhairt tu liom indé, agus d'innis
mé duithe fosta gur dhubairt tú go dtiocfa indiu
le na freagra a fhághail."



"Agus caidé dubairt sí?" arsa Seóirse go
fadalach, go díreach mar bhéadh duine ann a mbéadh
fhios aige go rabh sé ag 'ul a fhághail droch chunntas,
ach chuirfeadh ar gcúl é fhad agus thiocfadh leis.



"Innseochaidh Nóra i féin duit é," arsa a máthair
Thionntuigh sé a chuid súl sanntach cíocrach ar Nóra
annsin. Ach an t-amharc sin a thug sé uirthi, chuir
se dealán fríd chroidhe na h-óig' mhná. Dhiúlt' gach
ball de na chorp dó; dhiúlt' a croidhe dó; agus dhiúlt'
a h-anam dó. Theann sí an lámh a bhí aici thart ar a
máthair. Chuir sí sgáth ar a cuid súl leis an láimh
eile ar feadh bomaite. Annsin theann sí coiscéim
ar gcúl, a dhá láimh le na taobhannaibh, agus arsa sise,



"Ní thiocfadh liom thú a phósadh," agus shiúbhail sí
amach as an t-seomra agus dh'fobair gur bhuail
sí í féin i n-éadán an Bhacaigh a bhí taobh amuigh
de'n doras, agus cuma air go rabh sé ag imtheacht


L. 99


Nuair a tugadh an breitheamhnas ar Mhac an Ghadaidhe
fágadh gan focal é ar feadh bomaite. Annsin rinn
sé scolgháire agus d'fhág an teach gan slán na beannacht
a fhágail ag a'n dhuine. Bhí an Bacach ag 'ul amach
ar an gheata roimhe, agus chuala sé é ag mionnughadh
leis féin go mbéadh sí aige d'a deoin no d'a h-indeoin.
Shiubhail an Bacach caol díreach go Mín a' Bheatha nuair
a d'fhág sé an teach mór. Bhí Maicín na shuidhe ar
dhroichead na bpoll beag agus gan cuma air go rabh
a' dhath ar an t-saoghal mhór ag cur bhuadhartha air.
Bhí sé ag cómhrádh le beirt pháistidhe a bhí indhiaidh an
siopa a fhágail, ach nuair a bhí an Bacach fa ghiota de,
d'iarr sé ar na páistidhibh a bheith ar shiubhal na bhaile
no go mbéadh an oidhche ortha, agus d'imthigh siadsan
ar sodar mar ghnidheas páistidhe beaga i gcómhnuidhe,
Chaith sé féin agus an Bacach tamall fada ag cainnt
annsin. D'innis an Bacach dó ar tús caidé mar
chait sé an t-am an lá roimh ré agus an lá sin go
dtí go rabh sé ag an teach mhór. Dh'innis sé annsin
fá na ceasteannaibh a chuir Bean Uí Drioscoill air,
agus gur mhaith léithe buidheachas a thabhairt dó as a
níghean a shabhail.



"Innis damh fá Mac an Ghadaidhe," arsa Maicín.
"ma bhí sé ann, sin an rud a bhfuil mé ag fanacht
air." D'innis an Bacach do annsin caidé mar bhí
sé féin ag cúil-éisteacht taobh amuigh de'n doras
nuair a dhiúltuigh Nóra Seóirse a phósadh, agus gur
leig sé air féin gur ag fágáil an toighe a bhí sé nuair
a dh'fhobair dó Nóra bualadh ann a éadán agus í indiaid
an seomra a fhágail. D'innis sé fosta fá'n gháire


L. 100


chuala sé nuair a bhí sé ag 'ul thart le giall an toighe,
agus fá'n mhionna a chuala sé Mac an Ghadaidhe 'a
thabhairt.



"Is feárr mar sin é," arsa Maicín, "ní bhéidh de
fhiachaibh orainn-ne innse anois caidé an seórt é."



"Nach mairg nar cuireadh cos i bpoll leis sul a
bhfuair sé a dhul i chómhair an toighe ar chor ar bith,"
arsa'n Bacach.



"Ní rabh neart air," arsa Maicín, bhí sé ag 'ul un
toighe sul a rabh fhios againn go rabh cailín óg fá'n
teach."



"Ar sgor ar bith," arsa'n Bacach, "ma mhionnuigh
sé féin, ní'l mé ag deánamh go dtéidh sé chomhair an
toighe arais, na tá mé chinnte nach mbéadh maith dó ann
indhiaidh na cainnte chuala mise."



"Go bhfóiridh Dia ar do chill," arsa Maicín, "ní'l
sé trom no teith an rud na ndeánfadh sé, tá sé comh
h-olc sin."



"Mar sin de," arsa'n Bacach, "ma tá sé níos
measa na shílim-se é a bheith, caithfidh sé gur diabhal
as fíor íochtar ifrinn é."



"Rachaidh tú go Mín-na-Leice comh luath agus
éireóchas tú i mbárach;" arsa Maicín, "béidh Fear
na Fídeóige annsin, agus abair leis gur iarr mise air
an t-aonach a fhágail, a dhul na Chlocháin Léith agus
coimheád a dheánadh ar Mhac an Ghadaidhe. Béidh fhios
aige féin caidé'n dóigh is feárr le sin a dheánadh,
agus ma bhíonn sgéala ar bith aige fá mo choinne iarr
air a féin theacht leis, agus go mbéidh mise ag fanacht


L. 101


air ag Loch a' Chaorthainn ag iasgáireacht. Thig leat
féin a theacht na bhaile i n-am le bheith ag an bhainfhéis."



"Maith go leór," arsa'n Bacach.



"Ca bhfuil tú ag 'ul a chodladh anocht?"



"Tá mé ag 'ul a chodladh," arsa'n Bacach, "i sgiobál
fhir an t-siopa."



Shiubhail an Bacach leis siar go toigh a' t-siopa agus
shuidh Maicín ar a' droichead. Níor bhfada dó na
shuidhe nuair a thainig Feilimidh na Míne fhad leis
agus é ag dranntánacht cheóil.



"Dia duit, a dhuine uasail," arsa seisean le
Maicín, "tá tú go díreach ag amharc uait."



"Dia agus Muire duit;" arsa Maicín, bhí an
trathnóna comh breágh sin gur luath liom a dhul 'un
toighe."



"Maise rinne sé trathnóna galánta," arsa Feilimidh,
"agus ní'l air ach tuilleadh teasbhaigh, no chonnaic mé
an duibheán indiu agus a theanga amuigh. Ach nach
sónnraidheach an t-am atá ann? Tá mé ag 'ul siar
anois go toig a' t-siopa go bhfeicfidh mé bhfuil
a dhath ar pháipeár an lae indiu fá'n chogadh. B'fhéidir
go bhfaca tusa an páipeár?"



"Maise ní fhaca mé páipeár ar bith," arsa Maicín,
acht béidh mé leat siar."



Shiubhail an bheirt siar agus isteach go toigh an t-
siopa. Bhí naoi no deich 'e chloignibh fear annsin
rompa na suidhe thart ag caitheadh tobac agus an
Bacach Ruadh na luighe ar a leas-luighe shuas ar thaobh
na teineadh de'n chliabhan a bhí bean a' toighe 'a bhogadh


L. 102


le taobh na leabtha. Bhí fear a' toighe é féin na shuidhe
ar chathaoir, ar an taobh eile de'n teinidh,
faoi'n t-solas a bhí crochta os a chionn ar taobh an
bhalla. Bhí a chuid speaclaide air agus é ag léigheadh
an pháipéir comh h-árd sin go gcluinfeá é amuigh ar
an bhealach mhór. Ní thug Maicín áird ortha. Chuaidh
sé a luighe.


L. 103


Fear na Fídeóige?



Tráthnóna beag lá ar na mhárach d'fhág Fear na
Fídeóige an Clochán Liath ar a bhealach aniar. Nuair
a bhí sé fá thuairim leith-mhíle amach bealach an Chaoráin
Mhóir, d'fág sé an bealach mór agus chor sé síos
bealach na h-abhanna. Chuaidh sé trasna na h-abhanna ar
dhroicead maide atá annsin, agus shiubhail leis aniar
a' cnoc, eadar a' Tullaigh agus Croch Uí Bhaoighill
gan a dhul cómhgarach do theach ar bith, agus aniar leis
ar a' taobh uachtarach de Thullaigh-na-Gréine. Bhí sé
ag 'ul o sholas de nuair a bhí sé ag an chionn uachtarach
de Loch a' Chaorthainn. Bhí Maicín annsin ag fanacht
air, agus diocán breágh breac marbh aige. Chraith
sé féin agus Fear na Fídeóige lámh go fearadh-fhailteach
le na chéile.



"Ní bheadh sé furust thú a aithne ar an bhomaite,
a Liam," arsa Maicín.



Rinn Fear na Fídeóige gáire, agus arsa seisean.
"Níor mhaith liom thusa a bheith ar mo lorg, a Oisín,
na bhéadh eagla orm go n-aithneocha mé, ach ar sgor
ar bith níor aithin Mac an Ghadaide mé go fóil."


L. 104


"Is feárr mar sin é," arsa Maicín, "ach tá mé
fanacht ort innse damh caidé mar chaith Mac an Ghadaidhe
an lá indiú."



"Comh luath agus thug an Bacach Ruadh do órdughadh
damh ar maidín indiu i Mín-na-Leice," arsa Fear na
Fídeóige, "shiubhail mé caol díreac isteach 'na'
Chlocháin Léith. Ghlach sé mé uair go leith ag 'ul siar,
ach mar sin fhéin bhí mé shiar sul ar éirigh Seoirse as
a leabaidh. Chuaidh mé isteach ar an taobh chúil de
thoig an ósta, fuair mo chuid éudaigh fhéin agus chuir
orm iad. Thart liom annsin go doras na sráide
agus isteach go seomra an itheacáin. Thug bean
de na cailínibh isteach an deoch chugam a d'iarr
mé uirthi. Ní rabh mé i gceart mo shuidhe nuair a
tháinig Mac an Ghaidaidhe isteach 'un t-seomra agus
gan é ach indiaidh eirghe, agus cuma air go rabh sé ag
ól go trom an oidhche roimh-ré. Bhí sé go díreach ag
sgairtigh ar dheoch nuair a tháinig fear rabh culaidh
oifigigh air isteach, agus bheannuigh an bheirt go car-
thannach le na chéile. Sgairt Mac an Ghadaidhe annsin
ar an digh fá choinne na beirte. Ní rabh sé deacair
é a fheiceáil go rabh rud éiginteacht faobhtha nar mhaith
leo ainm a chur air fhad is bhí duine ar bith ag éisteacht.
Ach ní rabh deifre ar bith orm-sa le mo dheoch.



"Bhfuair tú buaidh ar mhí-adh an lae indé go fóil?"
arsa'n t-Oifigeach.



"Ní bhfuair acht gheobhaidh" arsa Mac an Ghadaidhe
"Íocfaidh sé ar a shon siud."



Rinne an t-Oifigeach geal-gháire, agus tháinig cuma
ar a ghnúis níos measa na an chuma bhí ar ghnúis Mhic an
Ghadaide é fein."


L. 105


"Bhfuil aithne agat ar an Oifigeach?" arsa Maicín.



"Ní'l aithne agam air, ach chuala mé gur áthrughadh
indé a tháinig sé. Ach arsa Mac an Ghadaide annsin
leis an Oifigeach,



"An mbéidh tú réidh anocht?"



"Ní bhéidh" arsa'n t-Oifigeach.



"Agus cia'n uair a bhéas tú réid?"



"Béidh mé réidh le dhul 'san oidhche i mbárach; ach
caidé mar rachas an roinn?"



"Leath mar leath," arsa Mac an Ghadaidhe. Annsin
arsa'n t-Oifigeac agus é ag ul' amach "An mbéidh
sé i bhfad go rabh tú thall?"



Rachaidh mé anonn comh luath agus gheobhas mé mo
bhricfeast" arsa Mac an Ghadaidhe."



"Tchím" arsa Maicín, "go bhfuil siad ag brath
í a thabhairt leo."



"Sin an rud a thuig mise" arsa Fear na Fídeóige,
"ach caidé an roinn ar thrácht siad air?"



"Tá" arsa Maicín, "ma éirigheann leóbhtha breith
uirthi, geallfaidh siad duithe go dtabhairfeadh siad
cead a cinn duithe ma bheir sí go leór airgid
dóbhtha."



"Tchím," arsa Fear na Fídeóige, "caithfimid
gan leigint dó í a fhuadach. Is feárr damh cos i bpoll
a chuir leis imbárach."



"Na deán," arsa Maicín, ní dheánfadh sin gnaithe,
ach bí thoir ag an droichead 'san oidhche i mbárach
i dtráthaibh dhul o sholas de. Béidh mise annsin


L. 106


fosta agus tá mé ag deánadh go mbéimid ar mbeirt
tiuth go leór ag an Oifigeach, agus an spíodóir, agus
go mbéidh bunadh an toigh mhóir sábhailte."



"Bhéidh mé annsin cinnte le cuideadh Dé," arsa
Fear na Fídeóige, "agus ní orainne a bhéas a' locht
muna bhfáigh' siad luach saothair a dturais. Caithfidh
mé a beith ag imteacht anois siar arais. Tá scealpaigh
bheag dheas sheasgair, cómhgarach do'n bhealach mhór,
taobh thiar de Chroch Uí Bhaoighill agus codlochaidh mé
annsin anocht arais. Ní thig le a'n dhuine mé a fheiceáil
agus thig liom lán rudai a chluinstin ó na daoinibh
a bhíos ag 'ul an bealach mór. Caithfidh mé fosta
coimeád cruaidh a choingbheáil ar Sheóirse i mbárach.
Beannacht agat, a Oisín"



"Choimrighe Dhia leat, a Liamh."



D'imthigh Fear na Fídeóige leis siar agus phill
Maicín ar a' bhaile agus na bric leis. Ar a bhealach
aniar casadh bean bhocht air, agus thug sé na bric duithe,
agus ar sise,



"Go dtugaidh Dia do chuid de na grásta' duit"



Ní rabh a'n dhuine i dtoigh an t-siopa nuair a bhain
sé an baile amach. Bhí fear a' toighe agus a bhean
ar a' bhainfhéis, agus bhí na páistí i dtoigh a máthara
móire. Chuaidh sé isteach 'un toighe agus shuidh sé.
Bhí sé mí-shuaimhneach. Ba mhaith leis a dhul na bainse
mar gheall sé go rachadh sé. Ní thiocfadh leis ach a
bheith ag smaointeadh ar an fheall a bhí Mac an Ghadaidhe
ag brath a dheánadh. Bhí sé ag smaointeadh gur
bhféidir gur bhfeárr dá leigfeadh sé dóbhtha cos i
bpoll a chuir le Seóirse i gConndae an Chláir nuair


L. 107


a ba airidh air é, i n-áit é a chreidbheáil go bhfágfadh
sé an tír ar fad. Rinn sé réidh braon tae do féin,
agus nuair a bhí an tae ólta aige d'fhág sé an teach,
agus d'imthigh leis soir mar nach dtiocfadh leis
suaimhneas a fhághail. Ní rabh fios aige caidé bhí 'a
thabhairt soir, ach bhí sé ag deánamh gur mhaith an t-am
aige é nuair a bhí 'ach a'n dhuine na luighe, dearcadh
cia'n áit a bfeárr breith ar na fearaibh oidhche ar na
mhárach. Níor casadh a'n dhuine air ar a bhealach soir.
Ní rabh solas i dteach ar bith. Bhí gach duine na luighe,
ach bhí dorsa na dtoighthe uilig fosgailte mar bhí an
oidhche maith. Bhí 'ach a'n rud comh ciúin sin go rabh
munumar na h-abhanna le cluinstin aige bhí míle
taobh thoir de. Ní rabh a' dhath beó le cluinstean
aige. Ní rabh gocarsach na gcearc fraoich féin le
cluinstin, no ní rabh an t-am aca ann a bheith ar a
gcois go fóil. Nuair a bhí sé thoir ag bun Ailt Dhoimnic,
léim laparán isteach saoi phíopa an bhealaigh mhóir
agus bhain sin cliseadh as. Tháinig aoibh gáire air
ach cha deárn sé gáire. Annsin rinne an Laparán
cásán agus chonnaiceas do Mhaicín nar chuala sé aon
rud ariamh a bhí comh cosamhail le srannfach. Sheasuigh
sé bomaite. Stad a' cásán agus thiocfadh leis
lapadán an uisge a chluinstin go fóil ag bualadh
n-éadán thaobanna an phíopa, agus é ag spréidheadh
amach na fháinnibh ó'n áit ar léim an laparán síos.
Bhí an ghealach ag éirghe anois acht ní rabh sí ach ag deánadh
'ach a'n rud níos uaignigh. Bhí sí ag soillsiughadh ar
na grugánaibh, ar na stopalanaibh agus ar na grágaibh,
ionnas go sílfeá go rabh duine na shuidhe ar chionn
'ach a'n áird. Agus bhí 'ach a'n lag comh dorcha sin


L. 108


nach mbéadh fhios caidé bhéadh i bhfolach i gcionn aca
réidh lé léim a thabhairt amach. Chonnaiceas do Mhaicín
go rabh uaigneas ag teacht air, agus na dhiaidh sin,
níor mhaith leis admhail dó féin go rabh. Chuir sé
suas port feadalaigh, ach an macálla a bhí ó'n phort
níor thaitin sé leis, na d'innis sé dó nach rabh croidhe
ar bith 'san fheadalaigh.



Shiubail sé leis suas an mhalaidh, agus le taisbeanadh
dó féin nach rabh eagla ar bith air, chuaidh sé amach
cupla coiscéim ó'n bhealach mhór agus shuidh ar mhullach
an leachta a tógadh 'san áit ar cailleadh Eoghan Óg.
Níor chuidigh sin leis, gidh go rabh sé ag rádh leis féin
nuair a thiocfadh leis sin a dheánadh nach rabh mórán
uaignis air. Thoisigh sé ag smaointeadh ar Eoghan Óg.
Bhí 'ach a'n rud comh soilléir roimh a shúilibh leis an
mhaidín indiaidh lae aonaigh, na bliadhanta roimh ré,
agus é féin agus gasúr eile ag 'ul na chnuic le
caoirigh' agus d'fhág ceann aca an bealach mór annseo.
Chuaidh Maicín na dhiaidh le na ceapadh agus chonnaic
sé an fear na luighe. Thainig scánnradh air agus
sgairt sé ar an ghasúr eile. D'amharc an bheirt
air. Shíl siad o thús go rabh sé na chodladh. Bhí
Eoghan Óg na luighe annsin ar chúl a chinn gan bearrad.
Shíl siad annsin go rabh sé ag amharc ortha; bhí a dhá
shúil fosgailte. Thiocfadh le Maicín é a fheiceáil
n-a luighe annsin anois an dóigh cheadna. Thiocfadh
leis a chuid éudaigh a fheiceáil go fóil - an léine
linéudaigh, an cóta gorm agus na brístí stríocach.
Annsin smaointigh sé ar na sgéaltaibh a chuala
sé fá'n tais a chonnaictheas annsin indhiaidh chaillte


L. 109


Eoghain Óig. Bhí sé ag rádh leis féin nach rabh i sgéal
na taise ach amadaigh, ach d'amharc sé thar a ghualainn
uair no dhó ar eagla's go mbfhéidir go rabh sí ann.
Bhí an t-árd beag le na thaoibh ar ghnáthach le tais na
mná suidhe aige, agus mainte fá na cionn, ag iarraidh
láimhe agus focail arais ar an fhear a chuaidh na siorrui-
dheachta, gan a thoil féin agus ar neamh chead duithe-se.
Bhí an bachta giota taobh shíos de ar gheárr sí léim
trasna air an oidhche lean Tomás Mhac Ruaidhrí í go
bhfeicfeadh sé cia bhí ann. Ní rabh Tomás tugtha do
na bréagaibh, agus mhionnochadh sé leis an sgéal seo.



Bhí sé ag teacht anoir maidín amháin i dtráthaibh
an dó o chlog ó fhaire, agus chonnaic sé an bhean agus
mainte fá na cionn na suidhe eadar an leacht agus
an t-árdan beag a bhí ar chul Mhaicín. Ní rabh eagla
ar bith air, agus shiubhail sé anonn go bhfeicfeadh sé
cia bhí ann. D'éirigh an bhean agus d'imthigh sí giota
ua. Labhair sé ach ní thug sí freagra ar bith air. Dar
leis féin go bhfeicfeadh sé cia bhí amuigh fá'n am sin
de oidhche, agus thairring sé uirthi go gasta. D'imthigh
sise uaidh lán comh gasta. Ríth sé annsin acht ríth sise
fosta agus choingbhuigh fhad 'e bhealach eatorra ríth
an ama. Ní rabh eagla ar bith ar Thomás go fóil
agus arsa seisean leis fein "ní'l a'n fhear 'sna
bailtibh a d'imtheochadh orm-sa chan é amháin tusa a
chailín chóir," agus rinne sé a theann rása na diaidh,
ach bhí sise trí no cathair de choisceimneachaibh roimhe
rith an ama, agus nuair a thainig sí fhad leis an bhachta
thug sí léim glan tharais. Ní rabh Tomás ábalta
an léim a gheárradh. Tháinig eagla air. Smaointigh


L. 110


sé gurb í an tais 'a bhí ann no bhí fhios aige nach mbéadh
duine ar bith saoghalta ábalta an léim a gheárradh.
Thionntuigh sí annsin thart agus í ar an taobh eile de'n
bhachta, agus arsa sise "An bhfaca tú Eoghan Óg?"



D'fhág a' t-anam Tomás. Ní rabh sé ábalta
corrughadh as áit na mbonn. Níor fhan a'n ruibe
gruaige ar mhullach a chinn nar sheasuigh suas díreach.
Ní rabh sé ábalta lámh a thógáil le n-a féin a choisreacadh
féin. Thoisigh sí a imtheacht uaidh agus de réir mar bhí
sí ag imtheacht bhí seisean ag teacht chuige féin.
Choisreac sé é féin agus thairing amach a choróin Mhuire.
Thug sé iarraidh ar an bhealach mhór arais agus é ag
coingbheáil súil' uirthi-sé ríth an ama. Ach ní dheachaidh
Tomás na bhaile an oidhche sin. Chuaidh an bhean isteach
faoi phíopa an bhealaigh mhóir a mbéadh aige le dhul
trasna air, agus dá bhfághfadh sé galún Uí Dhomhnaill
ní ráchadh sé trasna ar an phíopa an oidhche sin. Phill
sé arais go toigh na faire agus ní rabh a'n dhuine
annsin nach dtug fá ndeára an dreach agus a' chuma
a bhí air.



Smaointigh Maicín ar seo go h-uile, agus ar chuid
mhaith eile le na chois. Le sin mhothuigh sé spunnc
'a lasadh ar chúl an áird bhig a bhí ar a chúl. Baineadh
léim as, agus ní rabh fhios aige caidé bhí sé 'a dheánadh
go rabh sé 'na sheasadh ag taobh an áird. Chuala sé
glór ag rádh "Ca bhfuil mo sgian?" D'aithnigh
Maicín an glór. Ba é Antoin Dubh a bhí ann. Bíodh
fhios agat go rabh luthgháir ar Mhaicín nuair a d'aithin
sé cia bhí ann.


L. 111


"Antoin" arsa seisean, "nach fada ó'n teinidh
a shuidheas tú?"



"Och!" arsa Antoin, agus níor baineadh cliseadh
na rud eile as-san. "Bhí mé ag 'ul soir le leitir
chuig an mhaighistir agus tháinig mé isteach annseo le
mo sgríste a dheánadh, agus b'éigin do gur thuit néal
orm. Chaill mé mo sgian agus ní'l dul agam a
fághail. Caithfidh sé gur thuit sí as mo láimh fhad
agus bhí me mo chodladh."



"Cad chuige a' rabh tú do'n sgin?" arsa Maicín.



"Tá," arsa Antoin, "sin leacht Eoghain Óig."



"Agus," arsa Maicín, "nach rabh uaigneas ort
agus tú le taobh an leachta?"



"Caidé an t-uaigneas a bhéadh orm," arsa Antoine,
"fhad agus bhéadh mo sgian agam. Ta'n t-iarann
coisreactha."



"Bhfuil tú ag 'ul soir anois go toigh a mhaighis-
teara?" arsa Maicín.



"Ní'l anois," arsa Antoin. "Tá sé ro-mhall:
tá mé ro mhaith 'san áit a bhfiul mé no tá'n oidhche
maith."



D'fhág Maicín é ag cuartughadh na sgine agus
d'imthigh leis soir. Ní thiocfadh leis gan admhail dó
féin go rabh uaigneas air sul a bhfaca sé Antoin,
ach bhí uchtach aige anois no bhí fhios aige go mbéadh
Antoin 'san áit chéadna nuair a bhéadh sé ag pilleadh
arais. Agus thoisigh sé ag smaointeadh leis féin
nach rabh 'san uaigneas ach amaidigh. Bhí sé ag
smaointeadh leis mar seo go rabh sé ag bárr an
Bhealaigh Mhóir nuair a mhothuigh se tormán. Sheasuigh


L. 112


sé bomaite ag éisteacht. Carr a bhí ann ag an teach
mhór. Chuala sé an carr ag imtheacht uaidh síos an
gleann.



"Tá sé ar shiubhal léithe anois," arsa Maicín leis
féin. "Íocfaidh sé ar son oibre na h-oidhche seo.
Ní thabhairfidh mé maitheamhnas damh féin go bráth
cionnus nach rabh mé i n-am le n-a sábhail. Caidé
thug orm a dhul i chómhair an leachta, ach go bé sin bhéinn
i n-am."



Chuaidh Maicín go dtí'n teach mór. B'fhíor dó,
bhí sí ar shiubhal. Bhí an doras fosgailte agus bhí
ceann de na fuinneógaibh fosgailte. Shiubhail sé
isteach, las solas agus sgairt sé annsud agus annseo,
an rabh a'n dhuine astuigh. Ní rabh a' dhath le freagra
a thabhairt air ach tormán a chuid cos féin. Chonnaic
sé na pictiúiri ar an bhalla - an t-iomlán aca - ach
ba os coinne chinn Nóra a sheasuigh sé. Bhí sé ag
cainnt leis an phichtiúir.



"Tá súil agam nach dtig a' dhath ort go bhfágh mise
tú a shábail, agus sábhlochaidh mé thú dá mbéadh i ndán
's go gcuirfinn mo cheann i nguais 'a fhiachailt. Nach
mairg nach bhfuil fhios agat go bhfuil daoiní le thú
a shábhail, bheirfeadh sé uchtach duit."



Phill Maicín na bhaile. Bhí sé gruamdha ach ma
bhí féin níor chuir sin beag-uchtach ar bith air. Bhí
sé gnaitheach ag smaointeadh cia'n áit a ba dóiche do
Mhac an Ghadaidhe Nóra agus a máthair a thabhairt.
Dubhairt sé leis féin nach dtiocfadh leis iad a thabhairt
áit ar bith ach go beirric saighdiúir, no ní chuideochadh
a'n teach i dTír Chonaill leis feall a dheánadh ortha.


L. 113


Ní thiocfadh leis iad a thabhairt soir go beirric Ghaoth-
Dóbhair, na bhí an droichead briste ag an Chúirt agus
ag an Bhun Bheag. Mar sin de, chaithfeadh sé iad a
thabhairt go beirric Chroch-Uí-Bhaoighill, no go
beirrich na h-Ailte Móire. Annsin, bhí sé ag
smaointeadh ciaca de'n da bheirric ba dóiche dóbhtha a
bheith ann, agus ar an dóigh a bfeárr le dhul in a
chionn le na sábhail. Bhí sé ag meabhrughadh ar seo
go rabh sé 'sa' bhaile agus char smaointigh sé ar
Antoin Dhubh, ar leacht, no ar uaigneas.



Nuair a bhain sé an baile amach, chuaidh sé isteach
'un toighe ach cha deachaidh sé a luighe. Bhí an lá geal
ann. D'fhaduigh sé an teine agus shuidh sé aici.
Thairring sé páipéir amach as a phóca agus dhearc sé
i bhfad ar chionn aca. Bhí cunntas aige ar na pháipéir
sin caidé mar bhí beiric Chroch-Uí-Bhaoigill suidhte.
agus cunntas ar beiric na h-Ailte Móire fosta,
Bhí beiric na h-Ailte Móire ar an lom, gan ann
ach seomra amháin, agus urlár amháin, agus ceithre
sgór saighdiúir na gcómhnuidhe ann. Bhí beiric
Chroch-Uí-Bhaoigill ar dha urlár ar a éadán, agus
trí hurláir ar a thaob cúil. Bhí bádhbhdhún thart fá
dtaobh de agus bhí balla an bhádhbhdhúin fiche troigh ar
airde fiche slat amach ó éadán na beirice, deich
slata ó'n bhinn thiar, deich slata ó chúl na beirice,
agus leith chéad slat ó'n bhinn thoir. Bhí geafta láidir
ádhmuid ar éadhan an bhádhbhdhúin amach díreach os
choinne ghéill thoir na beirice. Ní rabh ach a'n doras
amháin ar an bheiric, agus bhí an doras sin ar a
éadán. Bhí cómhla láidir ar a' doras deánta de


L. 114


ádhmad, agus trasnáin iarainn uirthi. Bhí dá fhuinneóig
ar an urlár íochtarach, ceann ar 'ach taobh de'n doras,
agus dorsa iarainn fa choinne gach cinn aca le cur
ortha i n-am riachtanais. Bhí trí fuinneógaí ar a'
dara hurlar, ceann os cionn an dorais, agus an
bheirt eile os cionn an dá fhuinneóig íochtaraigh. Bhí
cómhlacha iarrainn fá na gcoinne seo fosta. Ní
rabh fuinneóg ar bith ar chúl a' toighe ach ceann amháin
a bhí ar an tríomhadh urlár, agus gan cosnamh ar bith
air an fhuinneóig seo ach go rabh beirt shaighdiúir ag
spaisteóireacht anoir agus aniar de lá agus de
oidhche ar chúl na beirice. Chaith sé i bhfad ag amharc
ar na páipéir' agus níor chuir sé ann a phóca iad go
dtainig fear an toighe agus a bhean arais ó'n bhain-
féis Bhí iongantas ortha-san é a fheiceáil na shuidhe,
ach dubhairt Maicín leo gur mhór an truaighe a bheith
n-a luighe léithéid de mhaidín bhréagh. Nuair a fuair
sé a bhéile maidne d'imthigh sé leis amach fá na h-
áirdibh Níor bhfada go dtáinig an Bacach Ruadh
'fhad leis. D'iarr sé ar an Bhacach sgéala a thabhairt
do Tomás Mhac Ruaidhri a bheith thiar ar an Chlochán
Liath roimh luighe gréine an oidhche sin, agus ceathrar
de na fearaibh a bfeárr aige a bheith leis.



"Iarrfaidh," arsa'n Bacach, "ach nach mbéidh Nuala
Bhán mí-shuaimhneach?"



"Ní bhéidh," arsa Maicín, "na béidh fhios ag Tomás
caidé déarfas sé léithe."



Idtráthaibh mheadhon lae bhí Maicín ag 'ul siar ag
an tSruthán Shalach nuair a casadh Fear na Fídeóige
air. D'innis seisean dó caidé mar bhí sé indhiaidh


L. 115


fághail 'fhad leis an scealpaigh, agus bhí sé brath greim
a ithe, nuair a mhothuigh sé tormán carr; nuair a
d'amharc sé, go bhfaca sé an carr ag teacht anuas
chuige o Árd-a'-Ghriail mar bhéadh caor theineadh ann;
nach rabh sé bomaite go rabh an carr ar shiubhal thairis;
go dtiocfadh leis mar bhéad beirt bhan agus fear a
fheiceáil ar an charr le cois an tiomanuidhe, agus
gur smaointigh sé ar an bhomaite gur Mac an Ghadaidhe
a bhí ann agus cuid ban an toigh mhóir fuaduighthe leis.



"Tá siad fuaduighthe leis," arsa Macín, "ach
béidh daor air."



"Annsin," arsa Fear na Fídeóige, "chor an
carr suas mar bhéadh sé ag tairrint ar bheric Chroch-
Uí-Bhaoighill. Le bódharanacht an lae chuaidh mé féin
suas agus thart liom ar chúl bhádhbhdhúin na beirice
ag deánamh go bhfeicfinn no go gcluinfinn rud
éighinteacht. Ní rabh gach ar bith le móchtáil ach trup
beirt fhear ar gárda a bhí ag siubhal aniar agus siar
taobh astuigh de'n bhalla. Sheasuigh siad agus chuala
mé fear aca ag rádh leis an fhear eile agus iad 'na
seasadh,



"Caidé rinne siad?"



"Chuala mé go rabh siad ag tabhairt fáruis do
mhéirleach" arsa'n fear eile.



Chuala mé iad ag tionntughadh ar a sálaibh agus
'ach a'n fhear ag spaisteóireacht ar shiubhal ar a chionn
féin de'n chasán. Mheas mé annsin go rabh siad ins
an bheiric."



"Tchim," arsa Maicín, "ba é mo mheas féin é go
dtabhairfeadh sé iad annsin, agus go leigfeadh sé


L. 116


air féin go rabh siad ag deánadh rud éiginteacht a
dheánfadh dochar do'n righ. Ach ní bhéidh siad i bhfad
annsin acht an oidhche anocht a theacht a'n uair amháin."



D'imthig Maicín leis na Chlocháin Léith annsin an
áit nach bhfacas é ó'n trathnóna a tháinig sé na h-áite.
Nuair a bhí sé fá ghiota de'n bhaile mhór gheárr sé
isteach fríd na páirceánnabh, agus chuaidh isteach ar
an taobh cúil i gcionn de na toighthibh, i n-áit a dhul
bealach na sráide. Ní rabh i bhfad go rabh Fear na
Fídeóige ar an bhaile fosta agus é ag seinm annsud
agus annseo ar an t-sráid mar ba ghnáthach leis


L. 117


An Dá Spíodóir.



Nuair a dfág Seoirse Mac an Ghadaidhe an teach
mór indhiaidh Nóra é a dhiúltadh, bhí an oiread sin
feirge air nach rabh a chuma féin air ar chor ar bith.
Le hamharc ar a ghnúis dearfá nach duine saoghalta
a bhí ann. Thiomáin sé leis siar mar bhéadh an ghaoth
ann go rabh sé ag bheiric Chroch-Uí-Bhaoighill, agus
bhí an t-an chuma a bhí air ag éirghe níos measa de
réir mar bhí sé ag mionnadh leis féin caidé an íde a
bheirfeadh sé do Nóra agus a máthair ach é greim a
fhághail ortha. Ní rabh amhras ar bith air nach mbéadh
siad aige le na chómhairle féin a dheánadh leo. Nuair
a chuaidh sé isteach na beirice níor fhan sé le labhairt
le duine ar bith go deachaidh sé fhad le Casúr na Choille
Glaise.



Ní rabh an t-árd spiódóir ach indhiaidh a theacht an
lá roimh-re. Bhí sé cóirighthe i gculaidh oifigigh agus
é na shuidhe ar chathaoir mhór shócamhalach, tábla ag na
thaoibh, agus buideál uisge bheata agus gloine air.
Fear mór cnámhac a bhí ann nach rabh óg agus nach rabh
sean. Bhí gruag dhubh air agus croiceann dorcha.
Bhí dhá shúil ann a chionn nach dtiocfadh leis amharc
díreach ar a'n dhuine leo, agus bhí a chár comh mór


L. 118


agus comh garbh sin go rabh sé ag cur leis an chuid
eile de. Bhí a phuisíní dúbha gorma comh trom sin
go rabh siad cosamhail le dhá shilide a bhéad indiaidh
iad féin a líonadh le fuil.



"Bhfuair tú í?" arsa seisean ar an chead focal
le Seóirse.



"Can fhuair," arsa Seóirse, "ach ní imtheóchaidh
sí orm."



"Och!" arsa Casúr, "shíl mé go rabh tusa do
bhanaidhe comh mór sin go ráchadh bean ar bith leat
ach tú caochadh uirthi."



"Is minic a chuaidh," arsa Seóirse, "agus rachaidh
sise fosta, glac m'fhocal-sa ar sin, agus tá mé
cinnte go mbéadh sí agam indiu ach go bé an méirleach
sin, Oisín. Droch chréath air."



"Agus cad cuige," arsa Casúr, "nar bheir tú
air-sean an lá a shabhail sé í, bhéadh sé as a' bhealach
agat agus an míle punnt sin agat de bhárr do
shaothair?"



"Ní'l sé comh furust sin breith air," arsa Seóirse
"Chan indiu na indé a chleacht an fear céadna
sgaoileadh le gunna, agus ar sgor ar bith dá n-
eireochadh liom é a sgaoileadh an lá sin féin, ní
labhairfeadh Nóra níos mó liom cionnus an fear a
mharbhadh a shábhail í, agus fosta, ní imtheóchainn ar
mhuinntear na h-áite na bhéadh fhios aca gur spíodóir
atá ionnaim."



"Caithfear breith air," arsa Casúr, "agus caithfi-
mid breith air beo ma thig linn e. Bheirfimid bás
dó is mó airidh air na é a sgaoileadh."


L. 119


"Bheirfidh," arsa Seóirse agus bhain sé díoscarnach
as a chuid fiacal; béirfimid bás dó a mbéidh
lúthgháir air fághail go h-ifreann agus a bheith reidhtighthe
linn."



"Caithfimid breith air gan mhoill," arsa Casúr,
na muna mbeirfear go gasta air ní bheirfear go
bráth air. Ní'l a'n bheiric fágtha anois aige féin
agus a chuid fear 'sa' taobh seo de'n chonndae ach
an bheirt atá annseo le cois cheann Ailt'-a'-Ratha
agus a' ceann atá i nGaoth Dóbhair, agus ma mhaireann
an troid seo mórán níos fuide ní'l fhios cia'n uair
a bheirfeadh siad iarraidh orainn féin."



"Caithfear breith air," arsa Mac an Ghadaidhe,
"ach mar dubhairt mé cheana féin ní'l sé furust é
a dheánadh. Ní thig linn duine ar bith a fhághail fá'n
áit seo le spíodóracht a dheánadh air linn, agus
ní'l maith damh na saighdiúiri a thabhairt amach go dtí
an áit a bhfuil sé na chómhnuidhe, na ní bheadh siad ábalta
a gcuid carr mór a thabhairt leó as siocair go bhfuil
na bealaigh comh h-olc agus tá siad, agus gan na
carrannai móra dheánfaidhe arbhuach ortha."



"An dtig sé isteach na Chlocháin Léith ar chor ar
bith?"



"Ní thig," arsa Seóirse, "dá diocfadh ní bhéimis i
bhfad ag breith air."



"Caithfimid," arsa Casúr, "é a mhealladh isteach
ar dhóigh éigin ma sháruigheann sé orainn breith air
ar dhóigh ar bith eile. Ach caidé fá'n chailín ghnaoidhe-
amhail seo, caidé tá tú ag brath a dheánadh léithe-se?"


L. 120


"Tá sí gnaoidheamhail," arsa Seóirse, "agus tá
mé ag deánamh nach rabh cailín comh gnaoidheamhail
léithe agam i n-aon áit da rabh mé. Ní'l fhios aici
a' dhath fá'n t-saoghal agus ar an ádhbhar sin ní bhéidh
sé furust í a cheannsughadh ar dtús ach ní bhéidh sí
i bhfad agam go gclaoifidh mé í"



"Ach," arsa Casur, "nach bhfuil darna 'ach a'n
bhean groidheamhail 'sa' tír seo, agus cad chuige a
bhfuil tú duithe-se ach oiread le bean éighinteacht
eile?"



"Oc!" arsa Seóirse, "an sin a bhfuil fhios agat?
Tá cúig mhíle agus fiche punnt aici ar a sgór féin
agus sgór a máthara i mbanc a bhfuil an sean-óganach
na uachtárán air i Luimhneach."



"Fuis!" arsa Casúr, "Sin rud eile. Cuideochaidh
mé leat í a fhághail ma roinneann tú an t-airgeadh."



"Bheirfidh mé na cúig mhíle chorra duit," arsa
Seóirse, "ar son do chuididh."



"Bheirfidh tú níos mó na sin damh."



"Bheirfinn dá dtiocfadh liom, ach ní thig liom na
tá an chuid eile a dhith orm féin"



"Tá, agus a dhith orm-sa" arsa Casúr.



"Anois ní'l mé comh olc ar chor ar bith agus cuig
mhíle a ofráil duit, agus ar sgor ar bith béidh an
chuid eile de'n airgead gann go leór agam féin ma
chaithim an tír a fhágail, an rud a chaitheas ma éirigheann
leis na diabhail' Éireannach seo mórán níos faide
mar tá ag éirghe leo anois."



"Agus tá an t-airgead a dhíoghbháil orm-sa leis


L. 121


an chleas chéadna a dheánadh," arsa Casúr, "na ma
éirigheann leis na h-Éireannaibh - ach nar leigidh an
diabhal go dtiocfadh le sin a bheith - ní bhéidh an chuid
mór grádh aca orm-sa."



"Chan 'a maoidheamh ort atá mé," arsa Seóirse,
"ach nach deárn tusa do shaidhbhreas i mBaile Atha
Cliath, agus ins an taobh o dhéas?"



"Ní dheárn mé an oiread sin uile go léir, no i
gcuid de na toighthibh a chuartuigh sinn ní rabh ann ach
é gur bhfiú dúinn an mhéid a fuairmid a thabhairt
linn."



"Is maith atá fhios agam-sa sin," arsa Sheóirse,
"nach mbíonn an chuid mhór le fághail 'sna toighthibh,
acht caidé fá na bancannaibh?"



"Och!" arsa Casúr agus mothughadh feirge ag
teacht air, "cia bith a fuairmid 'sna toighthib airgid
tá sé sábhailte, agus nuair a bhí sé rannta ní rabh an
t-iomlán agam-sa."



"Caidé'n mhéid a glacfas tú," arsa Seóirse annsin,
agus cuidiughadh liom breith uirthi seo?"



"Glacfaidh mé leath an airgid druim sgoiltí gan
píghinn chuige na uaidh," arsa Casúr, "muna mian leat
sin a dheánadh deán do chómhairle féin."



"Ní thiocfadh liom an oiread sin a thabhairt duit,"
arsa Seóirse, "bhéinn sgriosta."



"Béidh tú níos sgriosta ma bhionn tú gan a'n
phíghinn de'n airgead a fhághail," arsa Casúr.



"Gheobhfaidh mé an t-airgead," arsa Seóirse,
"na bíodh eagla ort-sa."


L. 122


"Na bí comh deánfásach sin," arsa Casur "ach
innis damh ar dtús caidé mar tá tú ag 'ul a fhághail
an airgid."



"Tá," arsa Seóirse, "ráchaidh mé féin agus tusa
indhiaidh na h-oidhche soir 'un toigh mhóir, agus bheirfidh
sinn linn í féin agus a mathair agus beirfimid
annseo na beirice iad, agus an uair amháin a bhéas
siad annseo ní bhéidh sé deacair an t-airgead a fhághail"



"Shíl mé gur dhubhairt tú go rabh an t-airgead 'sa'
bhanc i Luimhneac," arsa Casúr.



"Tá sé i Luimneach acht gheobhaidh mé é."
"Caidé an dóigh?" arsa Casúr.



"Tá, comh luath agus bhéas siad gaibhte agus faoi
ghlas annseo, bheirfidh mise geall dóbhtha go bhfuigh'
siad cead a gcinn ach iad lorg a lámh a fhágail go
bhfuigh' mise an t-airgead, agus nuair a bhéas lorg
a lámh agam-sa sgriobhfaidh mé chuig an t-sean dhuine
go bhfuil mé féin agus an bhean óg pósta, agus go
bhfuilmid ag 'ul a thabhairt cuarta air. Rachaidh
mise chuige annsin, dheánfaidh mé leith-sgeal leis
an airgead a thairint, agus dearfidh mé gur fhág mé
ise ar an bhealach agus go mbéidh sé in mo dhiaidh."



"Tchím" arsa Casúr, "tá 'ach a'n rud socruighthe
agat ach caidé tá tú ag 'ul a dheánadh leis na mnaibh?"



"Cuinneochaimid annseo iad go dtigidh mise
arais agus annsin socrochaimid leó."



Agus cia tá ag 'ul a amharc na ndiaidh nuair a
bhéas tusa ar shiubhal?"



"Ní bhéidh sin deacair a shocrugadh," arsa Seóirse,


L. 123


"amharcochaidh na shaighdiúirí na ndiaidh. Ní'l againn
le rádh ach go bhfuil coir deánta aca agus cuirfidh
me mo rogha geall go ndeánfar coimeád ortha. Ní
bhéidh fiachailt ar bith ortha go dtig mise arais le
fiadhnaise a dheánadh ortha."



"Caithfidh tú leath an airgid a thabhairt damh-sa
na ní thiocfaidh ceachtar aca na beirice seo," ars
Casúr, "agus ní'l a'n beiric eile agat le na
dtabhairt ann."



"Tchím," arsa Seóirse agus las a aghaidh le
feirg, "dheánfá sgéala orm caidé tá faoim."



"Ní'l mé ag rádh caidé dheánfainn, ach tá mo
margadh féin a dhíoghbhail orm-sa," arsa Casúr,
"caidé dheánfas tú?"



"Inniseóchaidh mé sin duit i mbárach," arsa Seóirse.
"Fanfaidh mé go márach," arsa Casúr, "ach cuimhnigh
go bhfuil leath an airgid a dhith orm-sa. Seo dhuit
ól braon de seo," agus líon sé amach lán gloine
agus shín chuig Seóirse é. Fuair sé gloine eile do
féin annsin agus líon é D'ól siad leo agus chan
siad ar a gcuid oibre feille go rabh sé i n-am ag
Seóirse an teach ósta a bhaint amach. Nuair a bhí
sé ag imtheacht arsa Casúr leis,



"Bheirfidh mé cuairt ort idtráthaibh 'n mheádhon lae
i mbárach agus bíodh fhios agat annsin ma tá tú réidh
le leath an airgid a thabhairt damh."



"Béidh fhios," arsa Seóirse agus d'imthigh sé leis
na bhaile. Ní rabh ann ach é go rabh sé ábalta siubhal
go díreach agus bhí sé ag cur rois ar rois mionna
mór ar Chasúr cionnus go rabh leath an airgid a dhith


L. 124


air. "Ach" arsa seisean leis féin, "uair amháin
a bhéas an t-airgead agam-sa ní bhéidh sé furust é
bhaint diom"



Ní rabh Seóirse acht indiaid éirigh lá ar na mhárach -
mar d'innis Fear na Fídeóige do Mhaicín - nuair
a bhuail Casúr isteach chuige agus fuair geall uaidh go
dtabhairfeadh sé leath an airgid dó. Nuair a dh'fág
Casúr é shuidh sé síos agus rinne sé a bhreicfeasta
D'éirigh sé annsin agus lean sé Casúr na beirice.



Bhí Casúr 'na shuidhe 'sa' chathaoir chéadna, an buaideál
agus gloine ar an tábla le na thaoibh. Bhí a chuma
go díreach mar bhí sé an lá roimh-ré, culaith an oifigigh
agus eile air. Stad sé de'n sgríobh a bhí air nuair
a thainig Seóirse isteach agus líon gloine de'n bheirt
aca.



"Na nac dtig leat a theacht liom anocht?" arsa
Seóirse nuair a d'ól sé a ghloine



"Cha dtig liom," arsa Casúr, "tá obair eile
eadar lámhaibh agam."



"Na nach dtig leat an obair eile sin a fhágail go
dtí am éigin eile?"



"Thig liom," arsa Casúr, "ach is feárr liom é a
fhághail as an bhealach agam."



"An eagla atá orm-sa," arsa Seóirse "go
mbféidir go mbéimis ro-mhall 'san oidhche i
mbárach. Dá smaointeochadh Bean Uí Dhrioscoill go
rabh siad i gcontabhairt ar bith dfágfadh siad an áit
agus ráchadh siad na bhaile."



"Ma's mar sin atá," arsa Casúr "B'fhéidir
gur chóir duinn a dhul anocht. Is feárr greim 'e


L. 125


chúinín na dhá greim 'e chat, agus an obair a bhí mé
ag 'ul a dheánadh indiu b'fhéidir nach mbéadh cuid mhór
tairbhe de bárr."



"Tá'n t-airgead annsud," arsa Seóirse, "ní'l
againn ach greim a fhághail ortha le na fhághail."



"Caidé an t-am is feárr le dul?" arsa Casúr
"Fagfaimid seo idtrathaibh an h-aon-dhéag ar an
charr, bheirfidh leath-uair soir sinn agus ní bhéidh a'n
dhuine fá na bealtaibh móra fá'n am sin de oidhche
le sinn a fheiceáil."



"Tchím," arsa Casúr, "racaidh mé leat anocht"



Gan mhoill roimh an h-aon dhéag an oidhche sin d'fhág
an bheirt an bheiric ar charr, soir leo fríd Loch-an-
Iubhair agus char bhain siad stad as an charr go rabh
siad fá ghiota de'n teach mhór. D'fhág siad an carr
annsin agus shiubhail siad go faithchilleach go rabh
siad ag an teach. Ní rabh solas ar bith le feiceáil
ann. D'éist siad bomaite agus chuala siad
paidreacha. Thug Seóirse cogar do Chasúr go rabh
siad ar an phaidrín astuigh 'sa' t-seomra cúil.



"Caidé dheánfas sinn?" arsa Casúr os íseal.



"Bhfuil na sreangáin agat annsin?" arsa Seóirse.
"Tabhair damh ceann aca, agus ráchaimid isteach
ar an fhuinneóig."



Thug Casúr sreangán láidir lín do. Annsin
d'fhosgail Seóirse an fhuinneóg agus chuaidh an bheirt
isteach uirthi gan oiread trup a dheánadh agus dheánfadh
luchóg bheag. Anois bhí siad ag doras an t-seomra
nach rabh le deánadh aca ach a fhosgladh le fághail isteach


L. 126


'san áit a rabh Nóra agus a máthair ag rádh a gcuid
úrnaigh sul a dtéidh 'siad a luighe.



Chualaidh siad, "Fáilte romhat a Mhuire Mhór."
I bpreabadh na súl d'fhosgail Seóirse an doras agus
bhí greim aige ar Nóra. Bhí Casúr lán comh luath
leis agus fuair greim ar a máthair. Bhí cúl na beirte
leis an doras an áit a rabh siad ar a nglúnaibh os
coinne altóra bige, agus níor mhothuigh siad go rabh
siad gaibhte. Fuair 'ach a'n fhear aca greim
dha láim ar an mhnaoi ar bheir sé féin uirthi agus thairring
aniar ar chúl a cinn iad, chuir a ghlún le n-a druim
agus bhruigh a h-aghaidh síos i n-éadán an urláir,
cheangail a cuid lámh ar chúl a cinn, theann bratóg
éudaigh comh teann agus thiocfadh leis ó faoi na smigead
go mullach a cinn agus cheangail a cuid cos le na
chéile fosta. Ní fhaca Nóra na a máthair cia bheir
ortha agus ní rabh siad le na bhfeiceáil go fóil, no sul a
bhfuair siad a gcinn a thógail ó'n talamh, cuireadh
dallóg ar 'ach a'n dhuine aca. Iomcharadh amach annsin
iad agus fágadh na luighe ar an t-sráid iad. Chuaidh
Casúr síos fá choinne an charr agus thug aníos é.
Tógadh an bheirt agus fágadh na suidhe i ndeíreadh
an charr iad. Shuidh Casúr i lár eatorra agus greim
aige ar an dallóig 'san áit a rabh sí ceangailte
ar eagla 's go mbéadh bean ar bith aca ábalta an
dallóg a bhogadh. Thiomáin Mac an Ghadaidhe an
carr.



Ní rabh fhios ag Nóra na a máthair ca rabh siad ag
'ul. Bhí fhios aca go rabh siad ceangailte ar charr
agus go rabh an carr ag siubhal go gasta, mar bhí


L. 127


sé mar béadh sé ag léimnigh. Ní rabh fhios aca cia'n
bealach a rabh siad ag 'ul agus ní rabh fhios aca cad
cuige ar beireadh ortha, na cia bheir ortha mar nar
labhair a'n fear do na fearaibh oiread agus focal amháin.
Bhí Nóra i bpéin mhóir. Bhí an sreangán ag gearradh
caol a cuid lámh bhí sé comh teannta sin: bhí a druim
nimhneach an áit ar chuir Seóirse a ghlún uirthi agus
ní rabh sí ábalta sgríste a thabhairt dó mar choingbhuigh
Casúr í na suidhe suas díreach leis an ghreim a bhí
aige uirthi. Ní rabh smaointeadh ar bith aici ar caidé
bhí ag 'ul éirghe duithe, ag smaointeadh ar a máthair
a bhí sí agus ag guidhe Dé gan oiread de phéin a bheith
ar a máthair agus bhí uirthi féin. Bhí a máthair comh
lag sin leis an sgánnradh agus an íde a fuair sí
nach rabh mórán mothuighthe ar phian aici Ní rabh de
smaointeadh aici ach an smaointeadh a bhí aici ar a
leanbh. Ní rabh eagla ar bith uirthi faoithe féin ní
thiocfadh léithe smaointead ar sheort ar bith ach ar
Nóra. Bhí fhios aici cia bith a bhí 'a dtabhairt ar shiubhal
gur le feill éigin a dheánadh ar a níghin a bhí siad.
Ba chuma léithe caidé d'eireóchadh duithe féin ach a
níghin ionmhain a bheith sábhailte. Bhí an oiread sin
eagla uirthi go mbainfidhe le na leanbh, nach dtiocfadh
leithe leigint duithe féin smaointeadh ar na rudaibh
a bhí ag ríth fríd a cionn a d'fhéadfadh siad a bheith ag
'ul a dheánadh le na caoin chailin féin. Bhí sí ag guidhe.



"A Dhia na trócaire, thóg mé mo leanbh comh maith
agus thainig liom. Ó bhí sí ábalta an chead fhocal
a labhairt theagasc mé duithe D' ainm a mholadh agus
Tú Féin adhradh. Ma ba é mo dhearmad i n-am ar


L. 128


bith gur Tusa a thug an t-subhailce sin damh nuair a
thug Tú mo leanbh damh, na h-eifir sin uirthe-se, na ní
feasach duithe coir. A Dhia deán Do rogha rud liom
féin ach i gcuimhne na Fola a dóirteadh le n-ar slánu-
ghadh fágaim Ort cúram mo leinbh. A Mhaighdean
Mhilis Mhuire, a Mhatair Dé, muna buan ar mbeatha
annseo, tabhair sinn gan smál i lathair Dé."



Stad an carr agus tógadh amach as iad Bhí fhios
aca go rabhthar 'a n-iomchar suas staighre. Fágadh
na luighe ar an urlár iad; sgaoileadh an ceangal a
bhí ar a gcosaibh agus annsin sgaoileadh an ceangal
a bhí ar a lámhaibh. Comh luath agus bhí sin deánta
fágadh leó féin iaó. Nuair a mhothuigh Nóra go rabh
a cuid cos agus lámh réidhte, thoisigh sí ag sgaoileadh
na dallóige a bhí uirthi. Bhí sí tamall maith 'a dheánadh
no bhí a lámha mar bhéadh siad na gcodladh; bhí siad
choir a bheith gan mhóthughadh. Fá dheireadh d'eirigh
leithe an dallóg a bhaint duithe féin agus an bhratóg
a bhí 'a coingbheáil gan labhairt, thug iarraidh ar a
mathair agus bhain an da chuid duith-se fosta.



Bhí a mathair mar bhéadh sí marbh; bhí sí i laige. A
deachaidh sí fríd comh maith leis an bhuaidhreadh intinne
a fuair sí ag smaointeadh ar an chontabhairt a rabh
a leanbh ann, bhí sé barraidheacht aici, Chuimil sí
lámha a máthara; chuimil sí a h-aghaidh; phóg sí í;
labhair sí léithe agus chaoin sí os a cionn. Bhí an
seomra i ndorchadas agus ní thiocfadh léithe mórán
a fheiceáil ar dtús ach bhí sí ag éirghe cleachtuighthe leis
an dorchadas anois. Chonnaic sí go rabh siad i seomra
fhada agus go rabh leabaidh i gcionn amháin de. Thóg


L. 129


sí a máthair ó'n urlár agus d'fhág na luighe ar an
leabaidh í. Leis an tógail thainig a máthair chuici
féin agus thoisigh a chainnt. Thug Nóra míle altughadh
do Dia. Ach bhí a máthair ag rámhailligh.



"Och! caidé rinne sibh le mo leanb bheag ionmhain.
A Dhia na Glóire cad chuige ar leig tú dóbhtha baint
léithe. Ca bhfuil mo leanbh, ca deachaidh siad léithe.
Caidé rinne siad leat. A Mháthair Mhuirneach cumhduigh
mo leanbh."



Bhí sí i bhfad ag rámhailligh mar seo agus Nóra
agus a lámha thart aici uirthi 'a pógadh; ag innse
duithe go rabh sí aici; go rabh sí ag cainnt léithe
agus nach rabh a' dhath uirthi. Bhí trí h-uaire de lá
ann sul a dtainig sí chuici féin i gceart agus d'aithin
sí Nóra. Ach bhí sí comh lag sin nach rabh ann ach é
go rabh sí i n-innimh seasadh nuair a d'éirigh sí amach
as a leabaidh, agus b'éigin duithe suidhe airíst ar
cholbha na leabtha. Thoisigh sí ag cur ceisteanna ar
Nóra cia'n áit a rabh siad agus ca fhad a bhí siad
annsin na bhí dearmad deánta aici ar 'ach uile sheort
ó tugadh isteach ó'n charr iad. D'innis Nora 'ach
a'n rud duithe da rabh sí ábalta innse, ach ní rabh sí
abalta innse ca rabh siad. Chuaidh Nóra annsin
anonn na fuinneóige agus d'amharc sí amach. Ní
thiocfadh léithe gach ar bith a fheiceáil ach an balla mór
árd a bhí ar chúl na beirice agus an bheirt shaighdiúir
a bhí shios faoithe ag siubhal aniar agus siar. Bhí
fhios aici annsin go rabh siad i mbeiric.



Le sin bhí tormán ag an doras, fosgladh é agus
shiubhail Mac an Ghadaidhe isteach agus a hata in a


L. 130


láimh. Bhí sé uile go léir fríd a chéile ma b'fhíor do
féin. Ní thug sé faill do dhuine ar bith labhairt gur
thoisigh sé innse caidé mar d'éirigh sé go luath agus
go deachaidh sé síos 'un t-siopa le toitínibh a fhághail,
go rabh beirt shaighdiuir astuigh ag ól agus gur chuala
sé iad ag cainnt ar bheirt ban uasal ar beireadh
ortha agus tugadh na beirice an oidhche roimh-ré.
Agus nuair a chuala sé fear aca ag rádh cia'n áit ar
tugadh as iad gur chóir a bheith gur fhág an t-anam é,
gur ríth sé na beirice comh gasta agus thainig leis
gur chuir sé ceist an rabh sé fíor agus go bhfuair
sé cead ó'n oifigeach a theacht aníos a dh'amharc ortha.



"Agus caidé tá deánta againn," arsa Nora
"gur chóir dúinn leithéid a íde a fhaghail?" "Na ca
bhfuilmid?" arsa a máthair.



"Tá sibh i mbeiric Chroch-Uí Bhaoighill," arsa
Seóirse, "ní'l fhios agam cad chuige, ach rachaidh
mé síos chuig an oifigeac anois go bhfeicfidh
mé cad chuige a bhfuil sibh annseo. Go h-ádhmhail
tá aithne agam air agus ma's féidir é ar dhóigh no ar
dhóigh eile gheobhaidh me saor sibh. Ní'l mé agam féin
i gceart go fóil leis an sgánnradh a fuair mé nuair
a chuala mé go rabh sibh annseo."



"A Sheóirse Mhic an Ghadaidhe," arsa Bean Uí
Dhrioscoill, "fágh amach as an áit seo sinn agus cha
deánaim dearmad go bráth duit."



"Gheobhaidh mise amach sibh ma's féidir é a dheánadh,"
arsa Seóirse, "muna mbéadh ann ach ar son an
chineáltais a rinne sibh orm 'ach a'n uair a deachaidh
mé 'un toighe chugaibh. Agus ma dhiúltuigh Nóra féin


L. 131


mé, ní'l neart ar bith ar sin, siomaidh fear níos
feárr na mise a diúltuigheadh, agus bhí sé mór agam
ar sgor ar bith smaointeadh go nglacfadh Nóra mé.
Ach ma dhiúltuigh sí féin mé, ní fear mé a chonnaic
bean ariamh i ngéibheann gan cuideadh léithe, agus
ní fheicfidh anois"



"Go rabh céad míle maith agat," arsa Nóra.



"Go gcuididh Dia leat," arsa a máthair.



"Anois," arsa Seóirse, "rachaidh mé síos go
bhfeicfidh mé an t-oifigeach ní bhéidh mé bomaite go
rabh mé arais."



"Míle altughadh do Dhia," arsa Bean Uí Dhrioscoill,
"go bhfuil duine eighinteacht le cuideadh linn; nar
mór a' truaighe, a Nóra, go rabh tú com géar air
athrughadh indé agus bhí tú."



"A mháthair, a chroidhe, caidé'n neart a bhí agam
air, ar ndóigh is tú féin a theagasg damh ariamh an
fhírinne a innse i gcómhnuidhe."



Ní thiocfadh leis go rabh mórán cainnte le deánadh
ag Mac an Ghadaidhe leis an oifigeach na thainig sé
isteach 'un t-seomra anois arais agus oifigeach leis.
Sul a dtainig siad isteach mhothuigh Nóra gur bhain
duine éiginteacht an glas ó'n doras. Níor smaointigh
sí a dhul a chómhair a' dorais sul a dtainig Seóirse
isteach o thús go bhfeicfeadh sí cia aca bhí glas air na
nach rabh. Bhí páipeár mór gorm leis an oifigeac
in a láimh agus seasuigh sé taobh astuigh de'n doras.
Bheannuigh sé do Nóra agus a máthair de ghuth láidir
gharbh. Ní rabh deagh chuma air agus chonnaic na
príosunaigh sin ach thug sé cineál de uchtach dóbhtha


L. 132


nuair a shiubhail Seóirse isteach agus sheasuigh le
na dtaoibh, agus thug cogar dóbhtha go ndeánfadh
seisean a dhicheall ar a son.



Thoisigh an t-oifigeach ag léigheadh an pháipéir ghoirm
mar leanas: -



"Mar bhí o thús agus mar tá anois agus mar bhéas
go lá Sheóin Doic, cumhacht os cionn ríoghacht na h-
Éireann - a rabh innti, a bhfuil innti agus a mbéidh
innti, a mhair innti, a maireann innti agus a mhairfeas
innti - ag righ na Sasana a chuir Dia ann A ghrásta
chugainn leis na trí rioghacht' a stiúradh a threorughadh
agus a chómhairliughadh mar mháithe leo féin agus mar
mháithe leis an t-saoghal; agus go dtug Bean Uí
Dhrioscoill agus a h-ingean Nóra easónoir do'n Cúig-
ead Seóirse, an fear ionad atá ag Dia anois, agus go
bhfuil a n-easumhlaidheacht do Dhia le feiceáil ins
an eas-ónoir a thug siad do n-a fhear ionad, nuair a
thug siad fárus do Oisín, Mac an Áir, a rinne feall
agus atá ag deanadh feille ar an righ, nuair a rinne
sé loit agus nuair atá sé ag deánadh loite ar theaglaigh
'an ríogh. Agus gur beireadh ar na príosunaigh' agus
gur tugadh annseo iad mar mháithe leis na h-Éireannaigh
agus leis an righ, go gcuirtear a leithéid 'e phionús
ortha mar mháithe leo féin agus na daoiní' i gcoiteann,
nach ndeán siad a mhacsamhail go bráth arais."



"Anois," arsa seisean," sin an choir atá deánta
agaibh."



"Ní'l eolas againn ar Oisín," arsa Bean Uí
Dhrioscoill, "chan é amháin fárus a thabhairt dó."



"Na labhair," arsa Seóirse léithe i gcogar, "is


L. 133


feárr leigint dó anois, no ní'l fhios caidé dheánfadh
sé da dtabhairfea an-fhreagar air."



Labhair an t-oifigeach arais agus dubhairt sé go
mbéadh sé arais fá chionn leath-uaire agus go léighfeadh
sé dóbhtha an breitheamhnas a tugadh ortha. Annsin
shiubhail sé caol díreach amach as an t-seomsa.



"Och, go gcuididh Dia Linn! Breitheamhnas a
thabhairt orainne nach bhfuil coir na éagcóir deánta
againn."



"Ní mian liom droch uchtach a thabhairt díbh," arsa
Seoirse, "ach tá'n t-oifigeach sin comh cruaidh 'sa'
chroidhe le carraic."



"Tá'n chuma sin air," arsa Nóra, "ach nach breagh
atá sé leigint duit-se fanacht 'sa' t-seomra linn."



"Tá aithne agam air agus sin an t-ádhbhar," arsa
Seóirse.



"Maise is iongantach liom-sa," arsa Nóra, "nar
bhfeárr leat gan fios a bheith ag a'n dhuine go bhfuil
aithne agat ar a leithéid de fhear."



Las Seóirse. "Ach," arsa Bean Uí Dhrioscoill,
"do bharamhail caidé an breitheamhnas a tugadh orainn?"



"Ráchaidh mé anois go bfeicfidh me," arsa Seóirse,
agus d'imthigh sé amach, dhruid an doras na dhiaidh
agus mhothuigh Nóra agus a máthair a choiscéim ag 'ul
síos an staighre. Chuaidh Nóra go dtí an doras
annsin ach ní thiocfad léithe é a fhosgladh; bhí an glas
air.



"A máthair, tá'n glas ar an doras agus caithfidh
sé go bhfuil Mac an Ghadaidhe cionntach fosta."


L. 134


"A Nóra, a chroidhe, na h-abair sin. Tá mé oiread
fríd a chéile go fóil nach bhfuil fhios agam caidé tá
mé 'a dheánadh."



"A mháthair, na bíodh eagla ar bith ort cuideochaidh
Dia linn."



"Rachaidmid ar ar nglúnaibh, a Nóra, a stór,
agus iarrfaimid A chuidead, agus toil Dé go rabh
deánta."



Chuaidh an bheirt ar a nglúnaibh agus thoisigh siad
ar an phaidrin, agus ghuidhe siad Dia agus an Mhaighdeán
Mhuire go duthrachtach agus go cráibhtheach iad a shábhail
ar olc ar ghuais agus ar éiric, agus ann a croidhe,
bhí gach duine aca ag guidhe ar son an duine eile.
Ní rabh ann ach é go rabh siad réidh leis an phaidrín
nuair a tionntughadh an eochair 'sa' doras, fosgladh é
agus shiubhail Seóirse agus an t-oifigeach isteach
Bhí cuma ar an oifigeach go rabh sé níos gairbhe anois
ma bhí a dhath ann na bhí sé an chead uair, ach bhí cuma
ghruamdha ar Mhac an Ghadaidhe.



"Thainig mé chugaibh anois," arsa'n t-oifigeach
"leis an bhreitheamhnas a tugadh oraibh a innse díbh
'Sé an breitheamhnas a thug an chúirt oraibh go
gcaitfidh gach duine agaibh seal chúig mbliadhan a
chur díbh i gcarcair." Baineadh "och, och!" as
Seoirse.



"Cia thug an breitheamhnas sin orainn," arsa Bean
Uí Dhrioscoill, "agus gan sinn i láthair, agus caidé
an cruthughadh bhí agaibh go rabh coir ar bith deánta
againn?"



"Ní sin mo gnaithe-sa," arsa'n t-oifigeach, "innse


L. 135


díbh-se cia thug breitheamhnas oraibh, ach inniseochaidh
mé seo díbh go rabh cruthughadh go leor go rabh coir
deánta agaibh, agus na fiadhnaisí a thug an cruthúghadh
sin ní chuirfimid a gcinn i nguais ag innse cia iad
féin mar mhaithe libh-se."



"A dhuine uasail," arsa Seóirse, "nach tusa an
t-oifigeach agus an ceann urraidh atá ar a bhfuil de
shaighiúiribh 'sa' chonndae, agus ar an ádhbhar sin thig
leat-sa cé's mór do chumhacht trócáire a bheith agat
ar dhaoinibh a rinne eagchoir agus gan fios aca go
rabh siad 'a dheánadh. Ann do mhór throcáire na bí
ro chruaidh ar na príosúnaigh atá annseo i láthair.
Is sean cáirde de'n bhunadh sagainne iad, agus ann
do mhór mhaitheas laghduigh a bpionús, agus rachaidh
mise mé féin i mbannaidhibh nach ndeán siad 'san am
atá le theacht rud ar bith i n-éadán an dlighe 'sa' tír
seo a bhfuilmid uile go léir oiread i bhfáthach le
siothchan a bheith innti."



Tharraing an t-oifigeach amach córnán páipeár agus
thoisig a dhearcadh ortha.



"Ba mhaith liom go mór," arsa seisean, "áird a
thabhairt ar do chuid cainnte, ach, caithfimid dlighe
a bheith againn na ní bhéadh duine ar bith sábhailte,
agus an choir atá deánta aca tá sí trom. Ar an
ádhbhar sin tá eagla orm nach dtig liom a dhath a
dheánadh."



"Da dtiocfadh leat e," arsa Seóirse, "trócáire
a bheith agat ortha an iarraidh seo bhéinn buidheach
duit go bráth, agus ma thig sé ar mo sheal a choidhche a
bheith ábalta rud ar bith a dheánadh ar do shon dheánfaidh
mé oiread duit."


L. 136


Bhí Nóra agus a máthair ag tabhairt buidheachais
do Sheóirse in a gcroidhtibh, agus bhí Nóra í féin brónach
anois go rabh sí comh cruaidh air agus bhí, agus bhí
sí ag smaointeadh go mb'fhéidir go dearn sí éagchoir
air.



Shiubhail an t-oifigeach aníos agus síos an t-urlár
uair no dhó agus cuma air go rabh sé ag smaointeadh.
Sheasuigh sé.



"a Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, ba mhaith liom a
bheith trócáireach. Caidé tá tú 'a iarraidh orm a
dheánadh leis na príosunaigh'?"



"Tá" arsa Seóirse, "iad a leigean saor."



Chuaidh an t-oifigeach ar splanncacha' mire.



"Iad a leigean saor;" arsa seisean.



"Da n-iarrfadh duine ar bith eile orm ach tusa a
leithéid a rud a dheánadh, chuirfinn na phríosúin é.
Ach dheánfaidh mé seo agus chuige na uaidh cha dtéidhim.
Gheobhaidh na príosúnaigh cead a gcinn i mbárach ach
sul a bfágh siad cead a gcinn, caithfidh siad lorg
a lámh a fhágail a' tabhairt a bhfuil de mhaoin shaoghalta
aca damh-sa go dtabhairfidh mise do'n riogh ghabhaltas
é. A phríosúnaigh deánaigidh mbur gcómhairle féin
anois cia aca chaithfidh sibh cúig bliadhna i bpríosún
no bheirfidh sibh cia bith maoin shaoghalta atá agaibh
do'n ríogh, ghabhaltas. Tiocfaidh mé arais annseo
fá chionn leath-uaire le n-a shocrughadh."



D'fhág sé iad annsin.



"Tá sin féin cruaidh go leór," arsa Seóirse,
"sibh a bheith saor ach a bheith gan pínghinn gan bonn,
ach ar olcas é is feárr é na an príosún."


L. 137


Ní rábh smaointeadh ag Nóra no a máthair anois
ar airgead. Bheirfeadh siad a bhfaca siad ariamh
ach an lá ar na mhárach a bheith ann agus a saoirse a
bheith aca airíst. Thug siad buidheachas agus fiche
do Sheóirse as a deárn sé ar a son.



Ní thiocfadh le mo chroidhe e sheasamh," arsa Seoirse,
"go rachadh sibh 'na' phríosúin; rachainn féin ann ar
mbur son da dtiocfadh liom é, ach nuair nach bhfuil
níos feárr le deánadh caithfimid gan leigean do
mórán de mbur gcuid airgid a fhaghail."



"Is cuma liom-sa fá airgead," arsa Bean Uí
Dhrioscoill, "ach níor mhaith liom mo leanbh a bheith
'na h-ualach ar dhuine ar bith."



"Na cuireadh sin buaidhreadh ar bith ort, a mháthair,
gheobhaimid oiread agus dheánfas gnaithe dúinn,
agus chead an t-airgead a bheith aca."



"Tá fhios agam," arsa Seóirse," gur cuma libh
fá airgead ach caidé'n mhaith é a chathadh uaibh chuig an
ríogh ghabhaltas. Cia'n áit a bhfuil mbur gcuid airgid
agaibh agus cuideochaidh mé libh ma thig liom é?"
"Tá sé go h-uile i mbanc i Luimneach a bhfuil
d'athair 'na uachtárán air."



"Is amhlaidh is feárr é"; arsa Seóirse, "sin mar is
fusa damh-sa cuideadh libh. Bhfuil iomlan agaibh
annsin?"



"Tá iomlán a bhfuil againn annsin - corrughadh
beag le cúig mhíle agus fiche."



"Och!" arsa Seóire, char shíl mé go rabh rud ar
bith cosamhail leis an oiread sin airgid agaibh. Caith-
fidh mé smaointeadh ar dhóigh éigin le na shábhail díbh,


L. 138


ba mhór an peacadh marbhtha an oiread sin airgid a
leigean leis an ríogh ghabhaltas. Na h-innis do'n
oifigeach go bhfuil an oiread sin agaibh; na leigigidh
oraibh go bhfuil níos mó na cúig mhíle agaibh. Caithfidh
mé deifre a dheánadh ma bhím i n-am le na shábhail
díbh na is gairid go rabh an t-oifigeach annseo airíst
Ráchaidh mé amach go dtí banc an Clocháin Léith
an áit a bhfuil mo chuid airgid féin agam agus
bféidir go dtiocfadh leis an uachtárán innse damh
caidé ba chóir damh a dheánadh. Béidh mé arais comh
luath géar agus thig liom."



D'imthigh sé amach annsin agus d'fhág Nóra agus a
máthair leo féin. Bhí uchtach acha anois na chreid
siad go rabh Seóirse mar mhaithe leó, ach dá bhfeicfeadh
siad é indiaidh a dhul amach dó, ní bhéadh mórán uchtaigh
aca. Comh luath agus d'fhág Seóirse, thainig aoibh
an gháire air agus chuaidh sé isteach chuig Casúr an
áit a rabh seisean i gcionn a ghloine airíst.



"Rinn tú sin go maith," arsa Casúr leis.



"Rinn tusa do chuid féin de lán níos feárr.
arsa Seóirse," agus tá me ag deánamh go bhfuil
'ach a'n rud ag 'ul i gceart anois Rachaidh mise
suas ar ball agus gheobhaidh mé lorg a lámh ar son
na fiche míle agus annsin thig leat-sa theacht isteach
mo dhiaidh agus na cúig mhíle a fhághail, agus nuair
a béas an t-iomlán againn roinnfimid é druim
sgoilte."



"Ólfaimid gloine eile os a chionn sin," arsa
Casúr agus líon sé na gloiní go rabh maoil chómhair a
bheith ortha, agus d'ól siad iad.


L. 139


"Nuair a bhéas an t-airgead seo againn," arsa
Casúr, "thig linn rud éiginteacht níos feárr na
uisge beatha a fhághail le h-ól."



"Thig linn," arsa Seóirse, "ar rogha rud a fhághail
annsin."



Bhí leabhar in a phóca ag Seóirse agus tharraing
sé amach é. Ba leabhair díolaidheacht é de chuid an
bainc a rabh a athair n-a uachtárán air. Dhearc sé ar
an leabhar agus chuir sé arais in a phóca é.



"Nar bhfeárr béile maidne a chuir suas chuca?"
arsa Seóirse.



"Creidim gur bhfeárr," arsa Casúr, "ach bfeárr
liom gan mórán de na fearaibh fios a bheith aca fá
dtaoibh daobhtha go rabh sinn réidh leó."



"Cuirfimid suas fear de na saighdiúiribh leis,"
arsa Seóirse, "agus chead aige é a fhágail taobh
astuigh de'n doras agus pilleadh airíst."



Chuir. D'fhág an saighdiúir tae agus arán taobh
astuigh de'n doras, agus indiaidh ráidhte leó gur
sin a mbéile maidne d'imthigh sé gan níos mo moille
a dheánadh. Ba bhuaidh buadhacht le Nóra agus a máthair
an tae a fhághail. Bhí thart ortha agus iad claoidhte
amach indhiaid ar fhulaing siad. D'ól siad an tae
ach ní thiocfad leóbhtha greim ar bith de'n arán a íthe.
Go díreach nuair a bhí siad réidh leis an tae thainig
Mac an Ghadaidhe isteach agus cuma air go rabh sé
fá dheifre mhóir.



"An bhfuil mé i n-am;" arsa seisean, "an rabh
an t-oifigeach annso o shoin?"



"Ní rabh sé annseo go fóil," arsa Nóra.


L. 140


"Tá an t-ádh orainn mar sin de," arsa Seóirse
"Tá mé indiaidh bainc an Chlocháin Léith a fhágail agus
thug an t-uachtaran an leabhar seo damh - leabhar díol-
aidheacht bainc Luimhnigh. Agus 'sé an chómhairle chuir
sé oraibh an t-airgead a thabhairt damh-sa in m'ainm
féin agus annsin chead agam-sa é a thabhairt dó-san
agus go mbéadh sé sábhailte aige-sean fá mbur
gcoinne. Caithfimid deifre a dheánadh sul a dtigidh
an t-oifigeach isteach orainn. Nuair a bhéas an t-
airgead ann m'ainm-se cha dtig leis baint leis."
Sgríobh sé fiche míle punnt 'sa' leabhar annsin ag
rádh nach bhfóirfeadh sé iomlán a sgríobh ann, agus
go sílfeadh an t-oifigeach nach rabh aca ach na cúig
mhíle agus nach mbéadh sé ag súil le níos mó. Chuir
Nóra agus a máthair a n-ainmneacha leis annsin,
agus chuir Seóirse an leabhar in a phóca. Ní rabh sé
ann a phóca i gceart aige nuair a thainig an t-oifigeach
isteach.



"Caidé tá sibh ag 'ul a dheánadh," arsa seisean
leis na príosúnaigh, "cia aca rachaidh sibh 'na' phríosúin
no bheirfidh sibh mbur gcuid maoine do'n riogh
ghabhaltas?"



"Dheánfaimid seort ar bith," arsa Bean Uí
Dhroscoill "acht fághail amach as seo."



"Tchím," arsa'n t-oifigeach. "Caidé an méid
saidhbhris atá le mbur n-ainm?"



"Tá fá thuairim cúig mhíle againn," arsa Bean Uí
Dhrioscoill.



"Tá sé gann go leór. Ca bhfuil sé agaibh?"
arsa'n t-oifigeach. H-inniseadh dó ca rabh sé, agus
arsa seisean,


L. 141


"Cuirigidh mbur n-ainmneacha le seo," agus rinne
Nóra agus a máthair sin gan feiceáil go rabh na cúig
mhíle sgríobhtha aige air sul a dtainig sé isteach, agus
gur duilleóg a bhí ann as an leabhar a bhí ag Mac an
Ghadaidhe. Chuir sé an duilleóg in a phóca annsin
agus d'innis dóbhtha go bhfuigheadh siad cead a gcinn
lá ar na mhárach nuair a bhéadh sgéala aige ó'n bhanc
i Luimneach go rabh an t-airgead annsin. Chuaid sé
amach as an t-seomra. Chuaidh Seóirse 'na dhiaidh
ach sul ar imthigh sé dubhairt sé leis na príosúnaigh'
go rabh 'ach a'n rud i gceart, go mbéadh siad saor
lá ar na mhárach, agus go dtiocfadh sé gan mhoill le
rudaibh a dheánfadh an áit comh sócamhlach dóbhtha ar
feadh seal oidhche agus b'fhéidir a leithéid 'e áit a
dheánadh.



D'imthigh Casúr agus Seóirse 'na' Chlocháin Léith
annsin agus iad breágh sásta leó féin as an obair
a bhí deánta aca. Bhí siad annsin eadar dhá intinn
cia aca d'imtheochadh Seóirse an oidhche sin leis an
airgead a fhághail no d'fhanfadh sé go dtí lá ar na
mhárach. Comh luath agus chuaidh siad fhad leis an
Chlochán Liath, chuir Seóirse teachtaireacht chuig an
athair gur pósadh é fhéin agus Nóra Ní Dhrioscoill,
go rabh siad ag fágail le cuairt a thabhairt ar an
bhaile, agus é a bheith ag suil leó lá ar na mhárach no
lá ar a n-oirthear. Chuaidh siad isteach go toigh an
ósta annsin, d'órduigh buideál uisge bheatha agus
thoisigh dh'ól fá shult. Bhí siad ag dréim le oidhche
mhór a bheith aca no rinn siad amach gur bhfeárr
do Sheóirse gan an baile a fhágail go maidín.


L. 142


An trathnóna céadna sul ar fhág Casúr agus
Seóirse an teach ósta, shiubhail beirt fhear isteach
'un t-seomra a rabh siad ag ól ann, agus sul ar
mhothuigh Casúr agus Seóirse bhí siad gaibhte agus
ceangailte. Nuair a chonnaic siad go rabh siad
gaibhte, chuirfeadh a gcuid mionna mór creathnadh
ar dhuine, agus nuair a chonnaic siad go rabh Oisín ar
fhear de na fearaibh a bheir ortha bhí siad seacht n-uaire
níos measa. Bhíos ag Maicín gur aithin siad é
agus rinne sé gáire, ach char labhair sé.



"Ní bhéidh mórán ádhbhair gáire agat nuair a bhéas
cead ar gcinn linne airíst," arsa Seóirse.



"Ní bhéid," arsa Casúr, íocfaidh sé go géar goirt
ar a shon seo."



Níor labhair Maicín, ach thug sé féin agus Fear na
Fídeóige amach an bealach cúil iad.



Ní rabh sé ó sholas i gceart an oidhche sin nuair a
bhí an spéir lasta leis na solais 'a bhithear 'a sgaoileadh
'un áirde shíos ag Ailt a' Racha. Mar bhuailfeá do
dhá bhois ar a chéile, bhí na carrannaí móra dá bhfághail
réidh 'sna beiriceachaibh. Léim saighdiúiri dúbha
agus buidhe faoi na gcuid airm agus éadaigh isteach
'sna carrannaibh, agus thiomáin leo mar bhéadh caor
theineadh ann ag tarraingt ar Ailt a' Racha, an áit
a rabh siad ag deánamh go rabhthar ag cur cruaidh ar
a gcuid fear annsin. Níor fhan ann a ndiaidh ach
deichneabhar fear i mbeiric Chroch Uí Bhaoighill
agus fá thuairim an oiread chéadna i mbeiric na
h-Ailte Móire. Bhí ceithre mhíle aca le dhul le fághail


L. 143


go beiric Ailt a' Racha, ach ma bhí féin, ní rabh siad
i bhfad ag cur na gceithre mhíle sin tharsta.



Ní rabh faill aca a bheith i gceart ag Ailt a' Racha
nuair a thiomáin carr mór fá dheifre suas fhad le
geata bheirice Chroch-Uí-Bhaoighill agus seisear
fear ann, cultacha saighdiúr ortha, agus iad faoi na
gcuid airm agus éadaigh. Shéid an tiománaidhe
adharc na fosgailte, agus d'fhosgail saighdiúir dubh
an geata i mbomaite. I n-áit tiomáint suas go
dtí an ceann thiar de'n bheirice le na charr a chuir
i gcuideachta na codach eile, thiomáin an tiománaidhe
go gasta go dtí'n taobh thoir agus bhain stad as an
charr nuair a chor sé giall na beinne. Léim an
seisear fear ó'n charr agus bhí an bheirt fhear a bhí
ar gárda ar chúl na beirice na bpríosúnach cean-
gailte, a gcuid airm caillte aca agus iad na luighe
i n-áit shábhailte chois an bhalla sul a rabh faill aca
smaointeadh caidé bhí ag 'ul ar aghaidh. 'San am
chéadna, bhí urchair dá sgaoileadh fa bheirice na
h-Ailte Móire. Chonnaic na saighdiúiri a bhí 'sa'
bheiric go rabh rud eiginteacht cearr, amach leó go
dtí an doras, thosnuigh siad ag sgaoileadh ach ní rabh
a gcuid urchar ach ag baint léabthach as giall na
beirice. Bhí urchair ag teacht ó'n taobh a rabh an
carr air a bhí ag deánadh an chleas chéadna, agus cuid
eile aca a bhí ag greadadh i n-éadán an gheata ar dhóigh
gur thaisbean siad nar b'fhéidir le duine ar bith a
dhul an bealach sin.



Chaith Nóra agus a máthair an chead chuid de'n
trathnóna fá uchtach na bhí siad ag deanamh nach mbéadh


L. 144


sé i bhfad go mbéadh cead a gcinn aca airís. Ach
de réir mar bhí an trathnóna 'a chaitheamh agus gan
iomrádh ar bith ag Mac an Ghadaidhe pilleadh, na rud
ar bith a chur chuca mar gheall sé, bhí siad ag éirghe
gruamdha, agus le teacht na h-oidhche bhí siad ag cailleadh
uchtaighe. De réir mar bhí Nóra ag cailleadh
uchtaighe sin mar ba mhó bhí sí ag tabhairt uchtaighe do
n-a máthair. Ach ar mhéad agus bhí de ghrád ag a
máthair ar Nóra ariamh, bhí a sheacht n-oiread aici
uirthi anois. Ba chuma léithe fá dtaobh duithe féin;
ní rabh dhath ar bith ag cur bhuadhartha uirthi ach a leanbh,
no indheoin nar thrácht sí air bhí sí cinnte anois go
deárn Seóirse feall ortha. Bhí rud éighinteacht ag
innse duithe go deárn, agus ma rinne sé feall amháin
níor mhaith smaointeadh ar caide nach dtiocfadh leis a
dheánadh.



Bhí sé ag 'ul o sholas anois. Ní rabh oiread agus
coiscéim le cluinstéin fá'n áit ach coiscéimeacha
na saighdiúr a bhí ar gárda ar an fhuinneóig. Bhi
Nóra agus a máthair na suidhe ar cholbha na leabtha.
Thug Nóra fá ndeára deór ag sileadh anuas gruaidh
a máthara. Ní thiocfadh léithe féin é a sheasadh níos
fuide. Bhí an bheirt aca anois agus a gcuid lámh
thart ar a chéile, agus iad ag gul go dúbhrónach sin
go rabh gach osna a bhithear 'a bhaint as duine aca ag
briseadh croidhe an duine eile.



Le sin bainead léim asta. Mhothuigh siad shíos
faobhtha fir ag ríth annsud agus annseo, tormán
airm agus cnúdán carrannaí. Thainig uchtach chuca
arais, ní rabh fhios aca cad chuige, ach níor mhair an


L. 145


uchtach i bhfad. Mhothuigh siad tormán na gcarr ag
imtheacht, agus bhí an tormán ag éirghe níos lugha agus
níos lúgha go dtí nach rabh sé le cloistin ar chor ar
bith, agus bhí 'ach a'n rud comh socair agus comh uaigneac
agus bhí ariamh.



"Deirfimid an paidrín, i n-ainm Dé, a thaiscí
mhilis, 'se a bhfuil de chuidead againn é anois."



"Deirfidh, a mháthair, agus ní h-eagal dúinn."
Ma dubhradh an paidrín go craibhtheach ariamh dubhradh
é an uair sin. Ní thiocfadh le Máthair Dé gan éisteacht
leó, ghuidhe siad í comh duthrachtach sin cuideadh leó.



Ní rabh ann ach é go rabh an paidrín críochnuighthe
aca nuair a mhothuigh siad tormán carr ag teacht
isteach, agus shíl siad gur ceann de na carrannaibh
a d'imhthigh a bhí ann ag pilleadh. Le sin mhothuigh siad
na h-urcháir.



"Go gcumhdaidh Dia sinn," arsa gach duine aca.
Rith Nóra go dtí'n fhuinneóg agus d'amharc sí síos.
Chonnaic sí carr agus fir annsin, agus fear amháin
faoi'n fhuinneóig a sgairt léithe go rabh tárrtháil ag
tarraint ortha. D'aithin Nóra a ghlór agus rith sí
anonn chuig a máthair agus chuir a dá láimh thart uirthi.



"A mháthair mhuirneach, támuid sábhailte, sin Maicín."



"Míle altughadh duit, a Dhia! an bhfuil tú cinnte
gurb é ta ann a Nóra?"



"Tá."



Mhothuigh siad na h-urchair ag 'ul annsin comh tiugh
sin agus nach rabh cunntas ortha, agus mhothuigh siad
mar bhéadh duine ag tiomáint rud éiginteacht isteach
'sa' bhalla faoi'n fhuinneóig. Chuaidh an bheirt anonn


L. 146


na fuinneóige ach sgairteadh ortha a dhul ar gcúl.
Le sin bualadh cupla buille ar an fhuinneóig, briseadh
na ghiotaibh í, fuair Maicín greim ar urlár na
fuinneóige agus thóg é féin isteach 'un t-seomra.
D'iarr sé ortha gan bogadh bomaite agus gur ghairid
go mbéadh siad sábhailte. Ní rabh Nóra na a máthair
ábalta mórán a rádh ar sgor ar bith bhí an oiread sin
lúthgháire ortha.



Aníos ar shálaibh Mhaicín an bealach céadna tháinig
Fear na Fídeóige, agus isteach 'un t-seomra. Le
sin mothuigheadh fir ag rith aníos an staighre. Rith
Maicín agus Fear na Fídeóige in a n-aircis agus
d'fhosgail an doras le urchar amháin. Ní rabh siad
bomaite ro luath. Bhí seisear saighdiúr ag teacht
aníos an staighre agus a gcuid gunnaidhe fada leo.
Bhí an [chead bheirt ag an chorugadh ag bárr an staighre
nuair a thug Maicín an t-órdughadh dóbhtha seasamh.
Rinne siad sin ar an bhomaite mar nach rabh níos fearr
le deánadh aca, no bhí an staighre cúmhang agus ní
bhéadh siad ábalta a gcuid gunnaidhe a thabhairt thart
le sgaoileadh. D'órduigh sé dóbhtha a gcuid airm
a chathadh síos agus rinne siad sin. Léim sé féin
agus Fear na Fídeóige annsin amach os a gcoinne
agus d'órduigh do na saighdiuiribh eile a gcuid gunnaidhe
a chaitheamh síos rud a rinne. B'éigin dóbhtha sin
a dheánadh na bhí Maicín agus Fear na Fídeóige ar
sgáth an da shaighdiúr a chor siad thart ag bár an
staighre. Ar an sgáth sin ní thiocfadh le rud ar bith
baint leó agus 'san am cheadna bhí iomlán na bhfear
faoi na smacht. Thug siad ar an t-steisear siubhal


L. 147


síos an staighre annsin airíst, chuir isteach i seomra
iad a bhí ag bun an staighre, agus chuir an glas ar an
doras. Chuaidh Maicín agus Fear na Fídeóige amach
annsin ar dhoras na beirice, agus mar nach rabh an
cheathrar fear a bhí ag sgaoileadh annsin agus a gcúl
leis an doras, ag suil go dtiocfadh a námhaid a
bealach sin, ní rabh sé deachair lámh an uachtair a fhághail
ortha. Fuair siad lámh an uachtair ortha agus chuir
isteach 'sa' t-seomra chéadna iad a rabh an chuid
eile de na saighdiúiribh. Rinn Fear na Fídeóige
fead. Léim na fir ar an charr agus thiomáin amach
go dtí an geata. Chuaidh Maicín fá dhéin Nóra agus
a máthara, thug amach agus chuir ar an charr iad.
D'fhosgail Fear na Fídeóige an geata, léim sé féin
agus Maicín isteach ar an charr agus thiomáin an
t-iomlán leó.



Nuair a chuaidh na saighdiúirí a d'fhág Croch-Uí-
Bhaoighill agus an Ailt Mhór fhad le Ailt a' Racha
ní rabh rud ar bith cearr annsin. Bhí fhios aca annsin
gur h-imreadh cleas ortha agus thug siad iarraidh ar an
bhaile comh tiugh gear agus thainig leó. Ach nuair
a bhí siad leath bealaigh ar an bhealach na bhaile baineadh
stad as an charr tosaigh. Bhí díog mhór geárrtha
trasna an bhealaigh mhóir. Líonadh an díog agus
thiomáin siad leó airíst, ach ag an chead chorrughadh
eile ins an bhealach bhí díog mhór eile geárrtha. Bhain
sin moill mhór eile asta, agus nuair a bhain siad an
baile amach bhí a gcuid fear a d'fhág siad na ndiaidh
i mBeiric Chroch-Uí-Bhaoighill faoi ghlas, an bheirt
a d'fhág siad ar gárda na luighe ar an talamh agus


L. 148


iad ceangailte, agus na príosúnaigh ar fághail.
Chualaidh siad ó na fearaibh a d'fhág siad na diaidh
'san Ailt Mhóir go rabh daoiní éiginteacht ag sgaoileadh
leis an bheiric sin ó d'fhág siad agus nach rabh sé
i bhfad o stad siad. Ní rabh duine ar bith marbh agus
níor loiteadh a'n dhuine, ach d'fhág Maicín sgéala
na dhiaidh i mbeiric Chroch-Uí-Bhaoighill go rabh Casúr
na Coille Glaise agus Seóirse Mac an Ghadaidhe
gaibhthe cionnus príosúnaigh a dheánadh de Bhean Uí
Dhrioscoill agus a níghean agus gan coir ar bith
deánta aca.



"Maise, go rabh mar sin dóbhtha!" arsa'n t-oifigeach
a bhí ar na saighdiúiribh, "ní rabh bomaite suaimhnis
againn ó chonnaic sinn an chead amharc ortha."



Indiaidh breithe ar Chasur agus ar Sheóirse, tugadh
amach na gcnoc iad agus cuireadh isteach i dteach
fholamh iad. Baineadh an ceangal daobhtha ach sul
ar baineadh an ceangal daobhtha bainead duilleógaí
na díolaidheachta daobhtha ar chuir Nóra agus a máthair
a n-ainmneacha leo. Fágadh biadh agus deoch ar
thábla aca; cuireadh an glas ar an doras agus cuireadh
gárda ar an teach.



Ní thainig daoiní atá cionntach 'san eagchóir chéadna
ariamh le chéile lá an chruaidhteáin, agus ba é do
Chasúr é agus do Mhac an Ghadaidhe é. Dubhairt Seóirse
go mbéadh sé saor agus ar shiubhal go Luimneach leis
an airgead a fhághail ach go bé Casúr, agus nach rabh
fhios aige anois caidé d'éireóchadh dó, agus dá bhfághadh
sé cead a chinn féin anois go rabh an t-airgead caillte
air. D'fhreagar Chasúr nar chuir seisean bac ar


L. 149


bith air, agus ach go bé é nach mbéadh baint na roinnt
aige leis an chleas mhalluighthe a rinneadh ar Bhean Uí
Dhrioscoill agus a níghean, agus nach mbéadh sé gaibhthe
anois. Thug Seóirse bréagach dó, agus dubhairt gur
Casúr a rinne spíodóir de; agus ó bheagán go mórán
go dtí gur thóg Seóirse pláta ó'n tábla, chrag Casúr
leis 'san ághaidh agus rinne céad giota de'n phláta.
Thug Casúr iarraidh air annsin agus fuair an bheirt
fhear greim ar a chéile. Bhí an bheirt aca ar mire le
feirg. Bhí fearg ortha nach dtig a chlaoidh go dtigidh
laige intinne ar an duine a bhfuil sí air, no laige a
phágas an corp ar a leithéid de dhóig nach bhfuil mothugadh
na urradh fágtha ann. Bhí Casúr ag fághail bhuaidhe
ar Mhac an Ghadaidhe. Bhí sé lúbtha anonn ar an
tábla aige agus a dhá órdóig sáithte ann a mhuineál
aige 'a theachadh. Ní rabh cuma críostaidhe ar Chasúr;
ghlacfá a dhul go fíor íochtar ifrinn le n-a chómh-chos-
amhlacht a fhághail. Agus bhí cuma níos measa - ma
b'fhéidir é a bheith níos measa - ar Sheóirse. Bhí a
dhá shúil ag 'ul amach ar a chionn agus chuirfeadh an
t-amharc a bhí ionnta nuair nach dtiocfadh leis
Casúr a mharbhadh creathnúghadh ar dhuine, agus bhí a
theanga amuigh ar thaobh a bhéil leis an tachtadh a bhí
sé 'a fhághail. Shleamhnuigh an tábla, d'éirigh sé ar a
churr agus thuit an bheirt fhear ar an urlár. Mhothuig
an gárda an tormán agus ríth siad anuas ó'n árd
a rabh siad na seasamh air go dtí an teach go bfeicfeadh
siad goidé bhí cearr. Nuair a d'amharc siad isteach
ar an fhuinneóig chonnaic siad an bheirt i bfasta in
a chéile ar an urlár. D'fhosgail siad an doras comh
gasta agus tháinig leó, agus chuaidh siad isteach, ach


L. 150


bhí siad ro mhall le tárrtháil a thabhairt ar cheachtar
aca. Nuair a d'imthigh an tábla as faobhtha, thuit
Seóirse ar an urlár agus Casúr in a mhullach, ach
nuair a bhí siad ag tuitim sgaoil greim Chasúir bomaite
agus fuair Seóirse anál leis, agus bheir sé ar ghiota
de'n phláta bhriste a bhí le na thaoibh. Ach bhí greim
ag Casúr air airíst agus theann sé comh cruaidh ar a
sgeadamán agus tháinig leis. Dheinn Seóirse an
giota phláta isteach i muineál Chasúir faoi'n chluais.
Bhí Seóirse ins na smeathannaibh deairennacha anois,
ach dheinn sé an giota phláta, agus é ag tarraint na
h-anála dheireannaighe, isteach i muineál Chasúir go rabh
a mhéara astuigh 'sa' pholl a rinn sé. Tháinig brúcht
fola amach ar a bhéal agus ar a shróin, agus thóg an
bás leis é. Thuit ceann Chasúr. D'fhiach sé le h-éirigh
ach ní rabh sé ábalta. Thóg an gárda é ach bhí sé maol
marbh in a lámhaibh. Bhí an fhuil ag sceárdadh amach
as a mhuineál agus d'fhág siad na luighe ar an urlár
airíst é. Chuir sé rois mhillteanach mionna mór as.
Thóg sé a cheann ag iarraidh a anal a tharraint. Rinn
sé glugarnach scáthmhar ann a sgeadamán. Thuit
a cheann airíst agus shíothluigh se.



Oidhche ar na mhárach cuireadh cómhnair ar gach duine
aca, agus tugadh amach iad agus cuireadh an bheirt
taobh ar thaoibh le na chéile. Tá an uaigh le feiceáil
annsin ag an tsaoghal mhór i gcúl na beinne móire,
agus balla thart fá dtaobh duithe. Nuair a bhíos
daoiní ag 'ul thart léithe ar an bhealach mhór atá le na
taoibh, ní labhaireann siad ach i gcogar, agus gidh gur
cuireadh scraith ghlas uirthi, níor fhás a'n ghas féir


L. 151


ariamh ar an uaigh sin a bhfuil innti cnamha Chasúir
na Coille Glaise agus Sheóirse Mhic an Ghadaidhe, an
dá spíodóir a rinn marbh ar a chéile, a' léaghadh agus
ag fanacht ar lá mór an bhreitheamhnais.



Nuair a d'fhág Maicín agus a chuid fear beiric Chroch
Uí-Bhaoighill le Bean Uí Dhrioscoill agus a níghean,
thiomáin siad isteach 'na Chlocháin Léith, agus d'fhág an
carr mór a bhí coirighthe aca mar carr saighdiúr ann,
ins an áit a bfuair siad é, agus mar fuair siad é.
Annsin fuair siad carr beag agus thiomáin siad
Nóra agus a máthair soir bealach na gcnoc agus
d'fhág 'sa' bhaile iad. D'fhan Maicín agus triúr
de na fearaibh fá'n teach go maidín le cuideachta
a choingbheáil leo na bhí an bheirt aca i bhfad fríd a
chéile indhiaid a dtáinig siad fríd. D'fhiach siad fiche
uair le buideachas a thabairt do Mhaicín agus a chuid
fear ach ní rabh siad ábalta. Bhí siad ro bhuidheach dóbhtha
e bheith ábalta innse caidé comh buidheach agus bhí
siad dóbhtha. Bhí fhios ag Maicín sin agus choinbhuigh
sé iad ag cainnt ar sud agus seo rith an ama gan
trácht ariamh a dheánadh ar rud ar bith a thárla an lá
sin no an lá roimh-ré.



Lá ar na n-óirthear d'fhág Bean Uí Dhriocsoill
agus a níghean an teach mór agus chuaidh na bhaile go
Luimneach. Bhí Maicín annsin ar maidín nuair a
bhí siad ag imtheacht na dubhairt Bean Uí Dhrioscoill
gur mhaith léithe é a fheiceáil airíst sul a bhfágfadh
siad. Bhí siad réidh le h-imtheacht agus an carr ag
fanacht ortha, ach ní thainig Maicín go fóil.



"A Nóra, ní'l fhios agam an dtiocfaidh Maicín?"


L. 152


"Tiocfaidh cinnte, a mháthair, dubhairt sé go dtioc-
fadh se."



Le sin tcí siad Maicín ag tarraint ortha: bhí sé
ag na dtaobh anois: bhí siad ag cainnt ach ar dhóigh
éiginteacht ní thiocfadh le ceachtar aca mórán a rádh.
Chuaidh Bean Uí Dhriocsoill isteach ar an charr; annsin
chuaid Nóra isteach. Chraith siad lámh le Maicín.
Bhí siad ag imtheacht.



"An bhfeicfidhmid go bráthach arais thú?" arsa
Bean Uí Dhrioscoill.



"Le cuideadh Dé tchifidh," arsa Maicín.



"An dtiocfaidh tú dh'amharc orainn, a Mhaicín?"
arsa Nóra.



"Tiocfaid."



Bhí an carr ar shiubhail. Sheasuigh Maicín 'san áit
a rabh sé ag amharc na ndhiaidh go deachaidh siad as amharc
thart corughadh an bhealaigh mhóir. Agus bhí bean
de'n bheirt a bhí ar an charr ag amharc na diaidh nuair a
bhí an carr ag 'ul as amharc.


L. 153


Cuairt.



Tráthnóna lá Samhna a bhí ann. Bhí sé ag sioc o
tháinig an tráthnóna agus bhí flichneadh sneachta leis an
ghaoith anois.



Bhí Bean Uí Dhriscoill agus a níghean 'sa' bhaile
na suidhe fá ghiota bheag de theinidh mhóir a rabh cupla
smután innti. Bhí Nóra ar thaobh na fuinneóige de'n
teinidh agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig síos
a' bealach mór. Bhí sé chómhair a bheith bliadhain go leith
anois o d'fhág siad an teach mór, ach má bhí féin ní
rabh athrughadh ar bith le feiceáil ar a'n dhuine aca ach
go mb'fhéidir go rabh cuid gruaige na máthara rud
éiginteacht níos gile, agus go rabh Nóra níos dóighea-
mhala má bhí a dhath ann.



"A Nóra nach iongantach nach dtáinig Maicín
riamh dh'amharc orainn agus 'ach a'n rud socair 'sa'
tír anois?"



"Tiocfaidh sé a mháthair na dubhairt sé go dtiocfadh."



Ní rabh ann ach é go rabh an chainnt deánta aici
nuair a chonnaic sí an fear ag teacht aníos an bealach
mór ag tarraint ar an teach. D'aithin Nóra ar an
bhomaite é. D'éirigh sí na seasamh.


L. 154


"A mháthair seo anois é."



"Cia?"



"Maicín. Tar annseo go bhfeicfidh tú."



Chuaidh Bean Uí Dhrioscoill go dtí an fhuinneóg.



"An é atá ann?"



"'Se cinnte, a mháthair."



"'Sé cinnte, thcím féin anois gur bé. Rith a
Nóra agus fosgail an doras do."



Ní rabh Nóra i bhfad ag 'ul 'un dorais agus 'a
fhosgladh. Sheasuigh sí go dtáinig Maicín fhad léithe.
Ní rabh áthrughadh ar bith airsean ach oiread, ach go
rabh cuma níos sine agus níos cruaidhe air, agus go
rabh sé níos tainidhe fá'n aghaidh anois.



"Cead míle fáilte romhat, a Mhaicín."



"Go rabh maith agat, a Nóra."



Tháinig Bean Uí Dhrioscoill 'un dorais annsin.



"Míle glóir do Dhia go bfeicim thú slán airíst."



"Buidheachas do'n Righ go bhfeicim sibh féin slán
airist," arsa Maicín.



Chuaidh siad isteach agus shuidh siad ag an teinidh
Ní íosfadh Maicín greim ar bith na dubhairt sé nach
rabh sé ach indiaidh a bheith ag ithe. Chan siad ar fhiche
rud go dtí 'sa' deireadh gur thrácht Bean Uí Dhrioscoill
ar mar shábhail Maicín iad nuair a bhí siad i mbeiric
Chroch-Uí-Bhaoighill.



"B'fheidir gur mar mháithe liom féin a rinne mé
sin," arsa Maicín.



Léoga ní rabh tú ag smaointeadh ort fhéin agus
ní shamhlóchainn duit e," arsa Bean Uí Dhrioscoill


L. 155


Bhí duine éighinteacht ag an doras agus chuaidh
Bean Uí Drioscoill amach go bfeicfeadh sí cia bhí
ann. Nuair a chonnaic sí gur bean bhocht a bhí ann
agus í chómhair a bheit siocaidh leis an fhuacht, thug sí isteach
na cisteanadh í, rinn tae, thug duithe é agus d'fhág
na suidhe ag an teinidh í le na goradh a dheánadh.



Nuair a phill Bean Uí Dhrioscoill isteach 'un t-
seomra bhí Maicín na sheasadh agus a chúl leis an
teinidh, agus arsa sise,



"Ar ndóigh ní'l tú ag imtheacht?"



"Ní'l go fóil muna gcuireann tusa ar shiubhal
me," arsa Maicín.



"Tá shúil agam nach dtig' an lá sin go bráthach le
cuidead Dé," arsa Bean Uí Dhrioscoill.



"An dtabhairfid tú do bheannacht damh féin agus
do Nóra?" arsa Maicín.



Dhearc sí ar Nóra: ní rabh an dara amharc a dhith
uirthi.



Bheirfidh mé mo leanbh fá bheannacht duit agus míle
fáilte agus go rabh beannacht Dé agus na Maighdeana
Muire oraibh fosta.



Mí ó'n lá sin pósadh Oisín agus Nóra, agus lá
an phósta bhí cras bheag de shíoda dhubh ag Oisín ar a
mhuinchille. Ní rabh fhios ag a'n dhuine ach é féin agus
Nóra go rabh an chras bheag dhubh annsin, i gcuimhne
Fhir na Fídeóige a cailleadh ag an bhriseadh dheireannach
a bhí taobh amuigh de bhallaibh Luimhnigh.


L. 156


'Sé tús agus deireadh an t-saoghail é.



Fá chupla oidhche de Oidhche'n Nodlag, bhí cruinneadh
fear astuigh i dtoigh a' tsiopa ag áirneál mar ba
ghnáthach. Bhí Cathaoir Ua Dubhthaigh agus Feilimidh
na Míne annsin fosta agus ní rabh siad ag teacht le
chéile ach oiread agus mar bhí siad ariamh. Bhí Cathaoir
i gcómhnuidhe ag cainnt ar na fearaibh a bhí ann i bhfad
o shoin, ach b'fheárr le Feilimidh a bheith ag cainnt ar
fhearaibh an lae indiu. Bhí óg agus sean cleachtuighthe
a bheith ag éisteacht leo ar an ealadhain sin, agus ba
mhór an chuid chuideachta dóbhtha an bheirt. Bhí a rabh astuigh
ag éisteacht leo anois gan a dhath a rádh ach duine a
deirfeadh rud éighinteacht anois agus airíst le na
gcoingbheáil le chéile nuair a bhéad cuma ortha go
rabh sé ag socrughadh.



Bhí Feilimidh ag cur comh cruaidh sin air anois gur
b'éigin do Chathaoir a dhul ar gcúl fhad leis na Fiannaibh
le fir a fhághail a rinn éachtaí a bhí ion-churtha leis na
h-éachtaí a rinn na fir, a rabh Feilimidh ag trácht ortha,
'sa' chogadh dheireannach.



"Na buadhair sinn," arsa Feilimidh, "tá do chuid
sgéalta comh h-eachrannach le do tharngaireacht."


L. 157


"Ní'l a dhath cearr leis an tarngaireacht," arsa
Cathaoir, "ní'l ort acht díoghbhail nach dtuigeann
tú í."



"Agus cad chuige," arsa Feilimidh, "nach bhfuil
trácht ar bith air innti fá Éire a bheith saor airíst?"



"Ní'l sé deacair léigheadh ar sin;" arsa Cataoir,
"sin pionús a chuir Dia ar Cholm Cille cionnus go
rabh sé ro theintrighe nuair a bhí sé óg; ba sin an
t-amharc a b'áil le na chroidhe ach ní bhfuair sé an
taisbeánadh sin."



"Bhfuil fios agat caidé tá mé ag 'ul a innse
duit, a Chathaoir," arsa Feilimidh, "tá mé ag deánamh
go bhfuil tú ag 'ul 'san aois leanbaidhe."



"Ma bhíonn comh beag ag cur bhuadhartha orm san
aois sin agus bhí nuair a bhí mé mo leanbh," arsa
Cathaoir," dá luadhas a dtiocfaidh sé, is amhlaidh is
feárr é."



Bhí aire gach duine dá rabh astuigh an oiread sin
ar Chathaoir agus ar Fheilimidh nach dtug siad fá ndeára
fear ag teacht isteach go rabh sé n-a sheasamh i lár an
urláir.



"Dia 'sa' teach," arsa seisean.



Bhí an oiread sin iongantais ortha nach rabh a'n
dhuine aca ábalta labhairt ar feadh bomaite. Fear
a' toighe a labhair ar dtús.



"Maise go mbeannuigh Dia agus Muire dhuit a
dhuine mhodhamhail agus céad míle fáilte romhat
arais airíst."



D'éirigh siad uile go léir agus chraith siad lámh leis,
agus a seacht sáith lúthgháire a bhí ortha é a fheiceáil


L. 158


airíst. Ach chómhair a bheith nach dtiocfadh leo chreidbheáil
gur bhé an Bacach Ruadh a bhí ann. Ní rabh cuma a
dhath amháin níos sine air, ach cuma dheich mbliadna
níos óige a bhí air ó chonnaic siad é go deireannach.
Bhí an fhéasóg ruadh air chómhair a bheith comh fada agus
bhí sí ariamh ach bhí sí sgiobtha go ceannasgach aige,
bhí culaidh bhréagh éudaigh air agus é glan órdamhail
ar 'ach uile dhóigh. Cuireadh é na shuidhe ag an teinidh
agus cuireadh an oiread sin ceasteanna air, nach
rabh sé ábalta an cúigeadh cuid déag aca a fhuasgladh
bhí siad ag teacht comh tiugh sin air.



"Innis dúinn," arsa Bean a' toighe, "fá Mhaicín
má chonnaic tú é, no má chuala tú iomrádh i naon
áit da rabh tú caidé d'éirigh dó ar chor ar bith."



"Chuala mé fá Mhaicín agus chonnaic mé é. Tá sé
go maith agus sin a n-inniseóchaidh mé dibh fá dtaobh
de anois."



"Maise, míle altughadh duit a Dhia," arsa bean
a' toige, "nach cuma linn ach é a bheith go maith."



"Maise," arsa'n chuid eile, "ba mhór an truaighe
a dhath a bheith air ba bhréagh an fear é."



"Tá sé iomráidhtheach," arsa Feilimidh.



"Ba an fear a b'fheárr é a shiubhail bealach mór
na gcnoc ariamh," arsa fear a' toige.



"Bhí sé ortha," arsa Cathaoir.



"Bhí," arsa'n Bacach, "agus ar an fhear a ba bhréaghta
measg togha na bhfear a sheasuigh cliú na tíre nuair
is mo a bhí sí riamh i ngéibheann."



"An bhfeicfimid go bráthach arais é?" arsa
bean a' toighe.


L. 159


"Tcífidh," arsa'n Bacach agus ní'l an lá sin
ibhfad amuigh, "agus d'éirigh sé le h-imtheacht."



"Nac dtig leat fanacht 'san áit a bhfuil tú go
maidín" arsa bean a' toighe, "cá mbeitheá ag 'ul fá'n
am seo de oidhche."



"Caithfidh mé a dhul soir 'un toigh mhóir," arsa'n
Bacach. "Ní dheárn mé acht theacht isteach ar mo
choiscéim go bhfeicfinn caidé mar bhí sibh uilig."



"Maise tá fáilte agat fanacht go maidín," arsa
fear a' toighe, "agus ar sgor ar bith ní'l a'n dhuine
'sa' teach mhór agus ní rabh le bliadhain go leith ó
d'fhág Bean Uí Dhrioscoill é.



"Is goirid go rabh," arsa'n Bacach. "Slán codalta
agaibh uile go léir," agus d'imthig sé leis soir.



"Maise go soirbhigh Dia duit," arsa bunadh an
toighe, "agus na bíodh sé ibhfad go rabh tú arais.



"Ní'l fhios agam caidé atá ag tabhairt an Bhacaigh
an toigh mhóir?" arsa Feilimidh.



"Maise, chan fhuil fhios agam," arsa fear an tsiopa,
"agus cuala mé an lá fá dheireadh gur le fear de
chlainn - tá a shloineadh fríd mo chionn. Ní'l cuimhne
chinn ar bith agam, ach tá fhios agam go bhfuil daoiní
de a shloineadh 'sna cnuic agus gur Oisín an t-ainm
baiste atá air. Chuala mé ar sgór ar bith gur leis
an teach mór."



"Creidim," arsa Cathaoir, "gur fear de chuid
Bhaile Atha Cliath a bhéas ann; tá maith 'ach a'n seort
aca. Fuair siad buaidh ar Shasainn ach má fuair
féin, níor fhág siad iad féin ar an anás."


L. 160


"Ní rabh tú ariamh gan bun-sgéal a bheith agat,"
arsa Feilimidh, dá mbéadh an Bacach Ruadh annseo
anois, ní leigfeadh an eagla duit labhairt mar sin,
no dá labhairfeá ní rachadh leat."



"Tá áird agam ar an Bhacach Ruadh go dearbhtha
duit é. Chan fhuil a dhath amháin, maise," arsa Cathaoir
agus d'éirigh sé le h-imtheacht. D'éirigh iomlán.



"Maise, ní'l sé dadadh le h-am luighe go fóil,"
arsa fear a' toighe.



"Béidh am luighe dómhain ann nuair a bhéas mise
'sa' bhaile," arsa Cathaoir.



Fágadh slán codalta ag bunadh an toighe. Nuair
a bhí Cathaoir taobh amuigh de'n doras phill sé arais
agus thug leis beo le n-a thabhairt thar an abhainn.



Ní rabh an Bacach na thost 'sa' teach mhór. Fuair
sé daoiní le cuideadh leis an teach a deánadh deismeir
amuigh agus astuigh, agus ba iongantas an t-saogail
é do na comhursannaibh cia bhí ag teacht ann. Ach ní
rabh maith ceist a chur ar an bhacach. Thug sé an freagra
céadna ar gach duine, gur bé a mhaighistear a bhí ag
teacht.



Chuaidh Máire Phádruig Shéarluis soir i n-aon
ghnaithe an toigh mhóir agus chuir ceist ar an Bhacach
cia bhí ag teacht. "Tá, mo mhaighistear," arsa'n
Bacac. Bhí an oiread sin mí-sasta ar Mháire gur
phill sí caol díreach ar an bhaile. Agus ma dubhairt
sí an uair amháin léithe féin. "Ba mhinic sin maighis-
tear ag Bacach," dubhairt sí céad uair é.



Bhí oidhche mhór áirnéil i dtoigh Phádraic Shéarluis
an oidhche sin; agus bhí Cathaoir agus Feilimidh annsin.


L. 161


Ach mar dtug Máire a cheart féin do'n Bhachach ní lá
go fóil é. I dtráthaibh am luighe tháinig Conall
Mór isteach indhiaidh a bheith shíos toigh a' t-siopa.



"Tháinig Maicín," arsa seisean. "Bhí fear a'
t-siopa agus a bhean ag innse damh gur bhuail sé
féin agus a bhean, Nóra Ní Dhrioscoill isteach an
toigh ar a mbealach soir an toigh mhóir."



Bhí an oiread sin iongantais ar lucht an áirnéil
agus an oiread sin luthgháire ortha go rabh Maicín
arais agus gur leis an teach mór nach rabh a dhath
le cluinstian ach. "Rígh na bhfideal!" "Fheara
na gCarad!" "Fheara Bréaghtha!" "Athair na
Páirte!" ach a'n dhuine agus a mhionna féin leis agus
é ag amharc ar Chonall.



"A mhuirnín shíorruidhe!" arsa Máire, agus phós
se Nóra Ní Dhrioscoill.



"Cia'r dhó ba chórtha," arsa Feilimidh.



Bain sé í le gaiscidheamhlact ar Chnoc a' Toir
agus le calmacht ag Croch Uí Bhaoighill," arsa Conall.



"Can sin a bhí in mo chionn ar chor ar bith," arsa
Máire, "ach 'sé shíl mé nach bpósfadh sé an bhean go
bráth, no nuair a bhí sé annseo ní fhaca mé agus níor
chuala mé gur labhair sé le cailín óg.



"Bhí ciall dó annsin," arsa Pádraig.



"Chonnaic mé ise," arsa Cathaoir, "ag bárr a'
Bealaigh Mhóir bliadhain go samhradh's chuaidh thart,
agus dá mbínn mo bhuachaill óg an lá sin, ba í mo
roghain thar mhnáibh an dómhain í, agus chonnaic mé
eisean an lá céadna, agus ma chonnaic féin, chonnaic


L. 162


mé fear agus chan ionann sin. Saoghalach slán go
rabh siad !"



Bhí an oidhche ann nuair a bhí Maicín agus Nóra ag
'ul soir ag Bárr a' Bhealaigh Mhóir ach bhí oidhche réabh
ghealaigh ann. Bhí fhios ag Nóra cia'n áit a rabh Maicín
na sheasadh an chead uair a fuair sí amharc ariamh air,
Bhí abhainn an sgeárdáin le feiceáil aca os a gcoinne
anonn. Bhí an Bacach Ruadh in a n-aircis agus casadh
ortha é 'san áit ar casadh Seóirse Mhac an Ghadaidhe
ar Nóra an lá a stán sé uirthi. Thóg siad an Bacach
agus thiomáin leo an toigh mhóir. Chuir an Bacach
ceist ca rabh Bean Uí Dhrioscoill. Dubhairt Maicín
gur ghairid go mbéadh sí ag teacht ar cuairt chuca.



Ní thug an Bacach faill dóbhtha suidhe féin gur
bhuail sé méar i dtaobh Mhaicín. Lean Maicín amach
go dtí'n doras é.



"Creidim," arsa'n Bacach, "nach mbíonn gnaithe
leis an Bhacach agat feasta?"



"Béidh gnaithe agam leat i gcómhnuidhe. Geobhaidh
tú do sháit le deánadh annseo," arsa Maicín.



"Ar ndóigh, ní bhéidh níos mó troda?" arsa'n
Bacach.



"Béidh," arsa Maicín, "na h-Éireannaigh iad
'féin ag troid roimh mhórán bliadhanta."



"Na h-Éireannaigh iad féin ag troid!" arsa'n
Bacach.



"Rachaidh íseal agus uasal le chéile;" arsa Maicín,
agus rachaidh íseal i n-éadan an chreididh, sin an rud a
chaillfeas an lá ortha agus fhágfas an bhuaidh ag uasal."


L. 163


"Caidé'n taobh a mbéid sinne air?" arsa'n Bacach.



"Béimid 'inne ar thaobh an chreididh," arsa Maicín.



Shiubhail an Bacach Ruadh thart ar an teach agus é
ag gabhail cheóil os íseal.



"Sheacht n-anam fear mo thíre
Ar a bfaca mé do dhaoiní'
'Sgur tógadh mise i n-Éirinn
I mbaile le do thaoibh."



Phill Maicín isteach an toighe. Bhí Nóra na seasadh
ag an teinidh agus a cóta agus a hata duithe anois.
Chuir Maicín a lámh thart uirthi.



"Cia is measa leat, a Nóra?"



"Tusa, a Mhaicín."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services