Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Márta, 1919
Title
Márta, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 36. MÁRTA, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha. SIÚCIRE. Tá's ag an saoghal go bhfuil an siúcire an-ghann le tamall anuas. Is dócha gur ab é an cogadh fé ndear san, ach pé mí-ádh is bun leis, bheirim-se mo sheacht gcéad mallacht do. Ní fheadar cad é an dúil mhalluithe a bhíon ag daoinibh sa tsiúcire. Is feárr an té dá éamais. Ní raibh a fhios san agam go dtí seachtain ó shin, ach níor chuireas aon tsiúcire im chuid té ó soin, is ní chuirfead go deo arís. Cad do b'áil le daoinibh a bheith ag lot an té le siúcire. Loitean sé blas an uachtair leis, is gach aon dea'- bhlas eile a bhainean le cupán maith té. Dhá spiúnóig siúcire i gcupán de! Och! cuirean sé droch-bhlas im bheul nuair a chuimhnighim air. Agus a rádh go mbíodh sé agam féin, tráth! Mo mháthair an chéad duine a thug siúcire dhom chun mé do bhréaghadh lá bhíos an-chrosta. Sin é adubhairt sí liom, ach go h-áirithe, nuair a chuireas an cheist chúici an lá fé dheire. Marach' í, b'fhéidir ná blaisfinn in ao'-chor é, ach anois, ó's rud é go bhfuil 'fhios agam gur so-bhlasta an deoch é té gan siúcire, tá sé chomh maith agam aithris conus a fuaireas amach an méid sin. B'éidir go mbeinn ag cur daoine eile ar bhealach a leasa. 'Sé sin a gcuid tae ól gan siúcire ann. Bhí céilidh annso istoidhche Dé Sathairn seo ghaibh tharainn, ach má's eadh, ní raibh mórán siúcire againn i gcóir an té. Bheadh gach aoinne ana-shásta leis an gcaitheamh-aimsire ‘marach’ an té searbh. Bhíodar leamh díobh féin; bhíodar “gan ceol, gan spórt gan scléip,” an fhaid is a bhí an tae dhá ól aca. Dubhradh liom-sa um meádhon an lae Dé Sathairn ocht bpúint siúcire fhághail. Ocht bpúint siúcire is an chéilidh le bheith againn an oidhche chéadna san. Chuas amach taréis dinnéir, is mála leathair im láimh agam. Cheapas go bhfuighinn mórán Éireann de shiúcire gan aon mhoill. Tá aithne agam ar na cailíníbh go léir anso a dtuigeann tu? Ach, mo chreach! ba bheag an mhaitheas san nuair a bhíos ag lorg siúcire do dhaoinibh eile. Tá cailín i siopa anso — bhímís an-mhór le chéile tráth — agus go dtí an Satharn mí-ámharach san bhí sí an-mhuinteardha liom. Ach ní thug sí aon tsiúcire dhom. Nuair a bhuaileas isteach chúici, is an mála beag leathair im láimh agam, sé dubhairt sí liom ná, “Ó, a Liam, a chroidhe, ní ag imtheacht uainn ataoi?” “Go deimhin ní h-eadh,” arsa mise, “ach ar lorg siúcire atáim i gcóir na h-oidhche anocht.” “Bhfuil aon tsiúcire le spáráil agat?” “Siúcire i gcóir na céilidhe,” ar sise. “Níl aon tsiúcire mar sin agam. Níl puinn siúcire sa tigh ach doirnín de shiúcire dearg a gheallas do Thomás Óg. Beidh meitheal aige i mbárach, ag buaileadh coirce.” “Ach, a Liam,” ar sise, “tabhar- fad siúcire duit-se i gcóir do chuid tae féin, tá's agat go ndéanfad.” “Cé bheidh in éinfheacht leat. Nach maith nár iarrais orm-sa dul ann. Beidh cailín eile id' theannta, is dócha.” “Ó! bhí a fhios agam go mbeifeá ag obair go ró-dhéanach chun dul ann.” “Bhí a fhios agat an eadh! Connus a bheadh a fhios agat nuair nár chuiris an cheist orm?” “Dubhairt Síle liom é.” “Síle. Cé dubhairt léi-sin go mbeinn ag obair?” Is dóigh liom gurab í sin a bheidh id' theannta ag dul go dtí an chéilidh. Sin í a bhí uaith nuair dubhairt sí leat go mbeinn-se ag obair. Imthigh leat a bhuachaill mhaith, agus faigh siúcire uaithe.” Ritheas amach gan fiú “Slán agat” do rádh léi. Bhíos ag cuimhneamh ar dhul isteach i siopa go bhfuil cailín eile ar mh'aithne ach bhí scannra ró-mhór orm tar éis an sgóladh a fhuaireas ó'n chéad duine aca. Bhí eagla orm go marbhóch' an tarna cailín ar fad mé nuair nách chúichi féin a chuas ar dtúis. Treasna na sráide liom, mo mhála beag leathair im láimh dheis agam, is isteach go tigh Sheáin Mhóir. Bhí Seán féin istigh romham, bíonn sé ann i gcomh- nuidhe. Ní thagan sé amach ach dhá uair sa tseachtain — Dia Domhnaigh chun dul go dtí an t-Aifrionn, is Dia Luain chun dearcadh ar an bhfuinneóig ó'n dtaobh amuigh féachaint a mbíonn gach aon rud ann socair i gceart i gcóir na seacht- aine. Ní fheaca riamh aon fhuinneóg mar í ach amháin sa' Daingean. Níl siopa mar siopa Sheáin in aon áit eile. Tá gach aon tsaghas ruda dhá dhíol aige. Bíonn siúcire ar an bhfuinneóig nuair bhíonn sé le fághail, is galúnach in aice leis, is tobac in aice leis sin, is stocaí, is mísleán, is cúpla ubhall, is sóda nigh- eacháin, is pónairí ó'n bhFrainnc, is cártaí Nodlag is cuileóga sa tsamhradh, is mar sin de, is iad go léir trí na chéile. Ní fhéadfadh aoinne ach Seán féin na h-earraí shocrú sa tslighe na mbíd siad aige. Seo isteach liom chuige, ach go h-áirithe, is mo mhála beag im' láimh agam. “Ó, Dia bheatha-sa id shláinte a sháir- fhir óig!” “Cuirim go h-árd céad fáilte rómhat,” ar seisean. Tá an-chuid filidheachta ag Seán tá's agat, is an-chuid plámáis leis. “Féach,” ar seisean, “tá cártaí Nod- lag gleoite agam duit, indé thánadar, coróinn an dosaon atá ortha, táid siad go breágh. Ceannuigh anois iad, ní bheidh a leithéidí le fághail ar ball; tiocfaidh na póilíní isteach is béarfaid leó iad. Ceannuigh in am iad, tá go maith, cuir- fead t'ainm síos, dhá dhosaon.” “Ach, ní thugas cárta Nodlag d'aoinne riamh,” arsa mise. “Má's mar sin atá,” arsa Seán. “Is mithid duit tosnú anois.” “Tá go maith,” arsa mise, “is anois, a Sheáin, a bhféadfá cúpla púnt siúicre thabhairt dom?” “Beidh céilidh againn anocht.” “Céilidh agaibh anocht,” ar seis- ean, “beidh tú ag rinnce mar sin. Féach na bróga deasa atá dá ndíol agam — bróga chun rinnce tá's agat.” “Ach, a Sheáin,” arsa mise, “bfhearr liom mo bhróga féin go mór.” “Na bróga atá ort anois, an eadh?” “Dhera, tá siad ró-throm, ró-aindis ar fad, a dhuine.” “Féach ortha so anois,” ar seisean, is bhain sé a bhróga féin de, is chuir na bróga rinnce uime. “Féach,” ar seisean, “comh deas eudtrom is atá siad.” Níl puínn rinnce im' chosaibh, ach cuireann siad so an-fhonn rinnce orm. Dá mbeadh aon-cheol anso anois, do raghainn in áirde ar an gcúntúirt le fonn rinnce.” “Do dhéanfaidís an marbhán beó Nó buachaillín óg de'n tsean-duine.’ “Ceannuigh iad is beir an-bhuidheach díom- sa anocht. Níl ach trí-déag is raol ortha. Seadh, seadh, trí-déag is raol is coróinn ar na cártaí Nodlag — sin ocht deug is saol.” “Ach, cad mar gheall ar an siúcire, a Sheáin?” Ó, seadh, an siúcire, ba dhóbair Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. Tigh “An Bhata Droighin Éille” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’ Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN: MARGAIRÍN “LOVING CUP” I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in a phúntaibh nó in a chnapógaibh. ó DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA, I gCORCAIGH. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. dhom é dhearmhad. Tabharfad cúpla púnt siúcire dhuit is fáilte, ar son na Gaedh- ilge, tá's agat. Ní thabharfainn d'aoinne eile é. Ní thabharfainn go deimhin. Sin trí raolacha eile, púnt ar fad.” Chuireas an dá phúnt siúcire, na bróga rinnce, is na cártaí Nodlag isteach im' mhála. Thugas an púnt do Sheán, is seirbhthean orm; mo phúnt bhreágh imthithe uaim de bhárr dhá phúnt siúicre! “Seadh,” arsa mise liom féin, “b'fhearra dhom stad de.” Fógraim 'on diach é mar shiúcire! “Liam,” Lios Tuathail. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Maidean bhreágh shamhraidh, nuair a ghaibh partán trágha amach as a pruais, cé chífeadh sí ach a mac óg ag siubhal i measc na gcloch. “Nách cam a shiubhlair, a mhic?” ar sise leis. “An mar sin é,” ar seisean. “Mhaise, a mháthair,” ar seisean, “siubhail romham amach agus taisbeáin dom conus siubhal i gceart.” D'imthigh an partán críonna uirthe ag siubhal agus d'á chaime agus d'á aindise a shiubhail an partán óg is seacht measa a shiubhail an partán críona. “Aililiú!” ars an bioránach óg, “má shiubhlaim-se níos a measa 'ná san tá an donas ar fad orm.” S. Ó S., Lios Póil. “AN LASAIR.” Don Té Léigheas — Beannacht! Ó stadadh de “Irisleabhar na Gaedhilge” (i mbliain a 1910) níl aon rud i bhfuirm leabhair irise nó dian-eolais ag Gaedhlaibh, agus ní call a rádh gur mistide sin an Ghaedhilg. Tá beartuithe agam irisleabhar in aghaidh na ráithe do chur ar bun, más toil le Gaedh- laibh cabhrú liom. Irisleabhar de shaghas “Ghuth na Bliadhna” nó “Chambers' Journal” an Bheurla a bheidh ann & “AN LASAIR” mar ainm air. Beurla ar bith ní bheidh ann. 7/6 in aghaidh na bliana an táille ar chóib gach ráithe. Má tá suím agat sa ní, a chara, d'fheudfá cabhrú liom ar chuma aca so, led thoil: (1) Síntiús bliana do thabhairt ar son cóib gach ráithe; nó (2) Síntiús do thabhairt gan aon-choinghill; nó (3) Díol as roinnt cóib dod' cháirdibh Gaedhal; nó (4) Más scríobhnóir tu, aistí do scríobha' ar nithe ná scríobhtar go minic ortha; nó (5) Má tá gnó siopa (nó aon-ghnó eile) ar siubhal agat, do chuid earraí d'fhógairt san iris- leabhar. Nuair a bheidh deimhin agam go gcean- nóchar 300 cóib, bead ullamh ar thosnú, le congnamh Dé. Tá anso síos fuirm le líonadh i gcóir cóibeana in aghaidh na bliana. Ag súil le freagra uait, led' thoil. Mise, SEÁN TÓIBÍN. “AN LASAIR.” Díolfadh £ leat gach bliain i ngeall ar cóib gach ráithe, & cuirfad an cheud'-airgead chugat nuair a lorgóchair orm é. Mise, Do Sheán Tóibín, i mBaile an Teampaill, i gCorcaigh. TRIÚR MAC AN TÁILLIÚRA. Bhí táilliúir ann fadó, go raibh triúr mac aige. Ní raibh aon tslighe bheatha eile aige ach a shnáthad, ach bhí gabhar aige a thug braon bainne dhóibh maidean a's tráthnóna. Ní raibh aon chúram ar an dtriúr mac ach gach re maidean aca ag seóladh an ghabhair. Aon mhaidean amháin dhiúltaig duine acu do'n seóladh, & ní sheólfadh aonne de'n mbeirt eile é ach oiread. Chaith an táilliúir féin é 'sheóladh ansan, agus ach a dtáinig sé abhaile, dubhairt sé pé rud a dhéanfadh sé gan iad feasta, ná beadh aonne acu sa tigh níos sia. Chuir sé amach an triúr ansan agus d'imthigheadar ag lorg áite go raghaidís in aimsir ann. Do chuaidh an dritháir ba shine in aim- sir go dtí feirmeoir ar feadh bliana, & i gceann tamaill do fuair an bheirt eile áit gur chuadar féin in aimsir ann, an fhaid chéadna. Nuair a bhí aimsir an drithár ba shine acu suas, do bhí sé chun teacht abhaile agus is é an rud a bhí 'á fhághail aige ón bhfeirmeoir ná bórd beag agus aon uair a déarfá leis an mbórd “biadh ollamh” thiocfadh gach aon tsaghas bídh romhat amach air. Bhí sé ag teacht abhaile go dtí an táilliúir leis an mbórd agus stad sé i dtig ósda. Rógaire bitheamhnaig ab' eadh fear a' tighe sin agus i gcaitheamh na h-oidhche do bhíodar ag cur sgeulta trí chéile. Bhíodar ag cur síos ar iongn- taisí. Dubhairt mac an táilliúra go raibh bórd aige féin a thabharfadh biadh dhó gach aon uair ba mhaith leis é. “Tá go maith,” arsa fear an tighe ósda leis féin. Nuair a chuadar a chodhla do ghoid an bitheamhnach an bórd, agus chuir sé seana-bhórd a bhí aige féin na ionad. Ach a dtáinig mac an táilliúra abhaile, dubhairt sé len' athair go raibh bórd aige a thabharfadh biadh dhó, gach aon uair ba mhaith leis é. “Glaodhaigh isteach ar na cómhursain go bfeicid siad an t-iongntas,” ar seisean len' athair. Ghlaodhaigh an t-athair ortha & tháinig cuid acu in éinfheacht leis. Shochruigh sé ar an úrlár an bórd & shuidh cuid acu tímpal air fé bhráid bhídh mar dh'eadh. Dubhairt sé leis an mbórd “biadh ollamh.” Níor dhein an bórd aon choraighe. D'fhéach an t-athair ar an mac — bhí sé ar buile chuige & rug sé ar bhata, agus bhí ag gabháilt air nó gur chuir sé ó'n dtig arís é. Nuair a bhí an tarna dritháir ag teacht abhaile, fuair sé asal ó'n bhfear go raibh sé in aimsir aige, & aon uair a déarfá leis an asal “tro'm airgead” bheadh sé ag caitheamh airgid chugat nó go ndéarfá leis “stad.” Nuair a bhí sé ag teacht abhaile stad sé sa tig chéadna & deineadh an cleas céadna air. Goideadh an t-asal uaidh agus cuireadh sean-asal in ionad. Tháinig sé abhaile agus dubhairt sé len' athair go raibh asal iongantach aige, a thabharfadh airgead a dhóthain dó ach é rádh leis. “Glaodhaigh isteach ar na cómh- ursain go bhfeice siad an t-asal.” Do ghlaodhaigh & leath sé bairthlín fé bhéal an asail, & dubhairt leis “tr'om airgead.” Níor dhein an t-asal aon-choraighe ach mar “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
a dhein an bórd. Tháinig an-fhearg ar an dtáilliúir chun a mhic & dubhairt leis gan teacht i ngoire an tighe len a bheó arís. Ach a raibh mac óg an táilliúra ag teacht abhaile ní raibh aige ach maide a fuair sé ó'n bhfeirmeoir go raibh sé in aimsir aige, agus dá ndéarfá leis an maide “buail é sin” nó “buail é siúd” dhéanfadh sé dhuit é go bríomhar. Nuair a bhí an mac óg ag teacht abhaile, stad sé sa' tigh ósda chéadna, agus d'fhiaruig fear a' tighe dhe raibh aon-sgeul nua aige. Dubhairt sé ná raibh ach go raibh maide aige a dhéanfadh ao' rud ba mhaith leis dó. Theasbeáin sé do'n bhfear an maide agus ach a chuadar a chodhla, bhí fear a' tighe ag iarraidh é ghoid uaidh & maide a bhí aige féin a chur in 'ionad. Nuair a bhí sé 'á ghoid uaidh, dhúisig an fear óg & dubhairt sé leis an maide “buail é, buail é” d'eirigh an maide & bhuail sé é & lean air bheith á' bhualadh go dtí go ndúbhairt fear an ósda leis an maide stop, agus go bhfaghadh sé an t-asal & an bórd iongantach a bhí aige. Stop sé an maide annsan. Fuair an t-ógánach an bórd agus an t-asal agus d'imthig abhaile go sásta. Ach a bhfeacaidh 'athair é chuir sé fáilte mhór roimis. “Ó, athair,” adubhairt sé, “ní gádh dhuit aon lá oibre a dheanamh go deó arís, mar beidh biadh agus airgead do dhóthain agat anois.” Dubhairt sé leis an mbórd “biadh ollamh” is ar neómat na baise, bhí dínnéar breágh ar an mbórd roimis. Dubhairt sé leis an asal “tr'om air- gead” & thosnuigh an t-asal ag stealladh airgid uaidh go ndubhradar leis stad. Lá'r na mháireach chuaidh sé ag lorg a bheirt dhritháir a's fuair sé i dtaobh éigin iad, agus thug leis go dtí an tig iad, agus bhí saoghal fada sona acu go léir i dteannta a chéile as san amach. Pádraig Ó Dúbhda, Muirgheach, Corca Dhuibhne, do chuir síos ó bheul aithris. Ach a dtáinig = Nuair a tháinig. S M. M. d'aith-sgríobh. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. UM INID. AN DÁ GHIARRSACH. Cáit: Ar mh'anam 's ar mo shláinte, a Pheig, má thagan éinne ar do thuairisc an Inid seo ná leigfir in aistear é … sé sin má thaithnighean an fear leat … do réir do chainnteana tá'n tú ollamh glan chun seóltha is dóigh liom. Peig: Táim tamall maith am' stracadh féin as a chéile dhóibh is dá mbeinn 'fhaid eile aca sé an baochas céadna a bheadh orm b'fhéidir, nú cuid níos lugha. Cáit: Tá coráiste a' baint leat is gan ionnat ach spreill gearrchaile fós is an oiread san misnig a bheith agat a' dul ar theinteán iasachta … Tá'n tú ró-óg … Comh-aos dómhsa iseadh tú agus nílim a seacht deug fós. Peig: Dubhairt mo mháthair go raibh an bheirt do phós an lá eile óg suarach, ach cad a dubhairt mo mháthair-chríona ach gur a' teacht ionnta a bheadh is nach a teacht ionnamsa leis a bheidh. Cáit: Ba dhóigh liom dá mbeadh ceathrar ban a' gabháil de bhata orm ná pósfainn nú go mbeinn fiche éigin bliain a' chuid is lugha dhe ach go h-áirithe. Peigh: Is minic a bhí do leithéid plámásach, a Cháit, is 'na dhiaidh sin do bheadh a' faire ar sheans dhuine eile … ach bí 'faire nú go leigfeadsa chugat é, má's fiú liom ar a' té thiocfaidh … An raibh aithne ar Cháith na leice agat, ar Pheig bheag is ar Bhrighde liath & mórán nách iad 'dir fhear agus mhnaoi a leig thársa an chéad lorgaireacht & d'fhan gan snuachar riamh ó shoin, agus nach aindis atáid a cur a saoghail! Cáit: Ach conus a bheadh an sgéal agat dá mbu stracaire drúncaera a bhuailfeadh leat, go mb'fhearra dhuit a bheith marbh ná a bheith ag plé le n-a leithéid … gruaim & malluightheacht a teacht chun a' tighe air … an teinteán briste aige, a chuid éadaig salach brocach … Peig: Féach cad a dhein a bhean le Muiris Bán … ná beadh sé i gcumas mná eile é dheanamh … Cáit: Cad a dhein sí leis, a Pheig? Peig: An trímhadh bean pósta aige dob í í. An chéad lá ansa bhaile mhór a n-éinfheacht aca, nuair a bhí Muiris lán thug sé rabhadh do'n mnaoi a bheith ullamh gan mhoill … Ní raibh sí teacht … Chuir sé teachtaire ar a lorg … Ní raibh sí i n-éinfheacht leis a dteachtaire. “Ca'il an bhean uait,” arsa Muiris. “Tá sí ansan thoir,” ar seisean. “Is ní déarfainn ná go bhfuil braon beag caithte aici.” “Braon caithte aici!” arsa Muiris. “Seadh, ar mh'anam 'mhuise!” ar seisean. “Tuille do'n tubaist chúichí, mhuise!” arsa Muiris. “Sgoltadh orm-sa go ndeine sé má théidhean aon bhraon eile am chorp-sa dhe go lá mo bháis!” Cáit: Conus bhí an sgéal ar theacht abhaile dhóibh. Peig: Bhí Muiris aige baile roimpe … leig sí uirthi a bheith ar meisge cé ná raibh braon ólta aici… Chuaidh an bheirt 'an chré ó'n lá san gan éan deóir leanna gan cath gan cómhrac. Cáit: Ní h-í gach éan-bhean a chaithean ciall mar sin le rudaí 'n tsórd san cé gur gnáthach le mór-chuid dá sórt tuitim amach. Mar dubhairt an sean-fhocal ‘Sonuachar do'n donuachar.’ Peig: Galar Cháit na leice ort-sa, a Cháit, na cosa do shleamhnú uait, maran deac- air duine acu d'fhághail duit féin. Cáit: Ambaiste gur dóigh liom nách mar sin duit-se. Peig: Nár théidhead slán abhaile, an chéad duine a thiocfaidh ar mo thuairisg ná beidh eiteach agam do mara mbeidh an diach ar fad air. Cáit: Tá an donas ort. Téanam abhaile feasda. Tomás Ó Criomhthain. NÁ DEARMHAID SO, A CHARA. Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla, tá le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilge go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID DÁSON, A 45, BAILE - ÁTHA - CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” IM AR FHEABHAS AN DOMHAIN É SEO: IM C.C.C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.’ ar chlúdach gacha bosca. Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh sa' 21adh tigh ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE (Merchants' Quay), I gCORCAIGH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PHÁDRAIG N. A 105, (‘LUKE BURKE’) CORCAIGH. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ An 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. AN DROCH-SHÍON. MAR A CHÍTEAR DO BHEIRT. AN PÁGÁNACH: Nuair a bhíon orm rud do cheannach, is mór an sásamh aigne dhom é nuair a thárluighean gur b'é sin an rud a thaithnean liom. Ceannuighim an saghas is fearr de sin atá le fághail ar airgead. Dá dtárluigheadh gurbh éigin dom rud ná taithnfadh liom do cheannach, ba dhóigh liom go mbeadh cúis ghearáin agam, agus gur riachtanach an ní é mo ghearán do chur i n-iúil. Is é chuirean chun an méid seo do rádh mé, go mbíon orm geimhre' na bliana do cheannach. Díolaim go daor as. Díolaim as an ngual a dheinean an teine dom, as an íle a thugan solus dom. Díolaim as bratachaibh troma olna, as éadaighe daora clúimh. Ní ghearánaim 'n-a thaobh so, mar is é an ráithe de'n bhliain is fearr a thaithnean liom é. Bíon áthas orm nuair a chloisim ag teacht é; bíon áthas orm im' ullamhú féin do; agus bíon áthas an domhain orm nuair a bhíon sé ag séideadh & ag stealladh im thímpal, Sin mar ba mhaith liom é bheith. Dubhart gur maith liom an saghas is fearr de'n earra a thaithnfeadh liom a bheith agam; agus, im thuairim, is é an saghas geimhre is fearr an saghas is géire & is fuaire. Cáthadh sé sneachta má's mian leis, ach caithfidh sé cnuic de do cháthadh; caithfidh sé na bóithre do thachtadh, agus na tighthe do mhúchadh sul a mbead-sa sásta. Má's sioc is mian leis a chur, cuireadh sé é, ach cuireadh sé go dubh agus go dian agus go doimhin é. Bíodh coinnle reótha ar crochadh le gach faill agus banncán im' radharc B'fhéidir gur gaoth ba mhait leis an ngeimhre do thabhairt chugainn. Tugadh; ní chuirfead isteach 'n-a thaobh air, ach amháin a chur i gcuimhne dho ná déanfidh puithínteacht an gnó. Caithfidh sí loingeas a bhátha' ar farraige, agus crainn na coille do stolladh as a bpréamhachaibh. Cé nách í an bháisdeach an síon is annsa liom, bíodh a thoil ag an ngeimhre': má's mian leis í raide' linn, cuireadh sé chugainn 'n-a clagarnaigh í ag déanamh ceoil i gcoinnibh ár n-dóir- se agus ár bhfuinneog. Agus mé féin — cá mbead? Tá tigh deas seascair agam ag bun ghleanna bhig. Tá seómra farsing ann & troscán bog ann. Bead-sa sa tseómra san, & beidh béilthigheach teine thíos agam. Beidh bórd gléasda go slachtmhar taithneamhach ar feadh an tráthnóna ann. Beidh cara nó dhó ó'n gcathair ar cuaird agam chun caitheamh aimsire dhéanamh dom; agus beidh citeal greanta práis ag crónán ar an iarta ann. Ní thiocfidh stad ar phort an chitil go dtagaidh fonn codlata orainn-ne. Sin geimhre' mar is mian liom-sa é 'theacht, agus sin mar is mian liom é 'chaitheamh. AN CRÍOSTADHE: Rud ró-shuarach i bhfianaise Rí na nDúl iseadh mise, agus ní cuibhe dhom rogha a bhaint as éan ráithe de'n bhliain seach as a chéile. Ní bheadh ann ach diamhasla dá mbaininn. Nuair a dhéanfainn rogha de cheann aca do thaisbeánfadh sé go rabhas ag lochtú na cod' eile. Níor cheart dom san, mar tá cómhacht agus maitheas an Tighearna le feicsint ins gach ceann aca — tá sé le feicsint i bhfuacht an gheimhre' chómh maith is tá sé le feicsint i dteas an tsamhraidh. Ach mar sin féin admhuighim dá mbeadh sé ceaduithe agam rogha do bhaint asta gurb é an geimhre do thogh- finn. Cad na thaobh? 'Sa gheimhre iseadh is mó a bhíd na daoine ag fulang — iseadh is minicí a theasduigh- eann cabhair ó chéile uatha. Sin mar is maith le Dia na daoine bheith — ag cabhrú le chéile i gcómhnuidhe, & ag taisbeáint do'n domhan gur deisciobail Do iad. Dá bhfanadh teas & breághthacht & raidhse an tsamhraidh de shíor againn, dob anamh a theastóchadh cabhair ár gcomhursan uainn. Do dhéanfadh bodaig nea'-spleádhacha dhínn; do dheighilfimís ó chéile, & ní bheadh caradas ná carthanacht 'nár measc. Ansan iseadh chruadhan an saoghal ar na bochtaibh. Bíon biadh & éadach & teas i n-easba ortha; agus bíon obair Dé Féin againn dhá dhéanamh nuair 'fhóirimíd ortha. Má bhronn Dia níos mó ná 'theasduighean uainn de ghustal an tsaoghail orainn ní chun é do dro'-chaitheamh ar phóitireacht ná ar sgléip é, acht chun ceasnaí na mbocht do leigheas. Sa gheimhre', leis, is eadh is mó a theasduighean cúram an duine ós na créatúiribh eile a chruthuig Dia — na beith- idhig agus éanlaithe beaga an aeir. Sin é fáth go ndeunfinn rogha de'n gheimhre' thar ráithíbh eile na bliana: go dtugan sé faill dom ar mhaitheas a dhéanamh dom chómhursain, & go ndéinean déanamh na maitheasa is lúgha dho-san an mhaitheas is mó dhom féin — m'aigne & mo chroidhe d'iompáil ar Dhia na Glóire, ó'n a dtagan gach maitheas sa tsaoghal so. Gruagach an Tobair. TOMÁS ÓG TÓIBÍN. R.I.P. TÓIBÍN. — Fuair Tomás Óg Tóibín bás, Dia Sathairn, an 15adh lá de mhí Feabhra, 1919, i mBaile an Teampaill, i gCorcaigh; in aois a 26 bliana do, agus é in a shóisear clainne do Thomás Tóibín. I gCillcré na mbráthar, Cois Bríde, i Múscraidhe, atá in a shuan. A Chríost Chrochda, a Cheannaidhe an chine daona, a Bhreithimh Bhrátha, dein trócaire air! a Bharra mhaith naomhtha, guidh air is a Mhuire Bheannaithe Eochaille, dein eadarguidhe dho. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Ó BHÉAL ALBANNAIGH Tháinig am báille mu chuaird is an Earrach & thachair ris [thárla leis] Murchadh. Thúirt é [dubhairt sé] re Murchadh: “Nach ann agat thá 'chruach mhór bhriagh mun taca so dhe'n bhlian?” “Mata, a bháille, is doirbh dómhsa sin a bhi agam agus súil ar fhichead ar an oileán 'ga coimhead 'ach uile lá dho'n bhlian!” “Hut, a Mhurchaidh,” arsam báille, “chan eil [níl] ann ach a fichead nó a dhá ar fhichead.” “Chan eil ann ach aon ar fhicheadh, a bháille, agus am fear ag a bheil an aon ann — mar thá Fionnlagh — sé is doirbhe dhomhsa h-ann í!” Ann an Uidhist thuadh thachair sin & is ann bha Fionnlagh — ar Oilean an Dúin Duibh. Seo iarracht ar a chur síos mar adubhairt an scéalaidhe é: Hainic um báili mu chuairt is un aruch acus hachair ris Mhuruchug. Húirt é ri Mhuruchug: “Nach ann acut há 'chruach mhór bhria-gh mun tachca so dhún bhlian?” “Mi tu, bháile, duiribh dó-su sin a bhi acum acus súil er i-chiot er an eilion gá có- íot 'uch ili lá dhun bhlian!” “Hut, a Mhuruchaí,” arsum báili, “han eil ann ach a fi-chiot nú a dhá er i-chiot.” “Han eil ann ach ún er i-chiot, u bháili acus um fer ec i bheil un ún ann — mar há Fiúnlu-gh — sé is duirifi dhó-su h-ann í!” Ann un ist hua hachair sein acus is ann bheá Fiúnlu-gh er eilion a' dúin dui'. Briagh, fionnlagh, chuir an scéalaidhe fuaim ‘g’ séimhighthe (mar bíonn i dtosach focail) ar an ‘g’ sa dá fhocal. Bhí fuaim ‘c’ séimhighthe (caol) ar an ‘ch’ ann. “An Seabhac.” Durham, 9/2/19. [Fear ar lea'-shúil dob eadh Fionnlagh. — L. an L.] PÁIDÍN Ó RAIFEARTA. Tá bríste gan bhásta ag Páidín Ó Raifearta Casóg gan chába ag Páidín Ó Raifearta, Tá lán a tighe páistí aige Páidín Ó Raifearta 'S d'éaluig Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. Curfá: Páidín 's Páidín is Páidín Ó Raifearta, Páidín 's Páidín 's Páidín Ó Raifearta, Páidín 's Páidín 's Páidín Ó Raifearta D'éaluig Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. Nuair a bhím-se sa tsráid is tnáite 's is lag a bhím Féachaint ins na h-áird i ndiaidh Pháidín Uí Raifearta Táim-se gan sláinte 's níl fagháil mo mhaitheasa Ó d'éaluig Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. Curfá: Páidín Ó Raifearta, &rl. Tháinig na focail seo ó n-ár gcaraid Tomás Ua Criomhthain. Pádraig Pléimionn do chuir an ceól i ngléas dúinn. Fuaramair an port san leabhar mór ceoil le Captaen Ó Néill, Siceágó, ach d'athar- ruigheadh cúpla nóta dhe chun é chur i gcóir leis an abhrán. Finghin na Leamhna. BRIGHID STAC. Beidh aithmhéala ar léighthóiribh “An Lóchrainn” nuair chloisfid gur sgiob an bás leis an scríobhnóir óg Gaedhilge — Brighid Stach. An aicíd uathbhásach atá ar fuaid na dúthaighe a rug chun siubhail i. Do rugadh Brighid i mbaile iar gcúlta ar a nglaodhtar Árd na Caithne-Bhaile fíor-Ghaodhalach ar bhruach Dhúin an Óir. Ní raibh sí ach 18 mbliana d'aois & do bhí mór - cháil uirthe cheana féin imeasg Gaedhilgeoirí mar gheall ar a scríobh- nóireacht. Do deineadh leabhar beag in oifig “An Lóchrainn” den Chúntas Cinn Lae a scríobh sí agus tá sé mar leabhar Gaedhilge in a lán do na scoileanaibh. Á h-ollmhú féin chun múinteóireachta is eadh bhí Brighid. Do bhí sí le dul fé scrúdú um Cháisc chun dul i gcoláisde & ní raibh aon-bhaoghal ná go n-eireóchadh léi mar b'iongantach go léir an mheabhair is an éifeacht a bhronn Dia uirthe. Ní raibh aon-fhocal Beurla aici nuair tháinig sí ar scoil ar dtúis, ná aon - tuigsint aici air, ach có' beag, ach ní fada a bhí sí dá fhoghluim, & ní dócha gurbh fhéidir cailín dá h-aois d'fhághail in Éirinn a bhí ní ba chlisde i mBeurla ná mar bhí sí sar ar eug sí. Is 'mó duais a bronnadh riamh uirthe. Do thosnuigh sí ar scríobhnóireacht go h-an-óg ar fad. Ní raibh sí ach deich mbliana d'aois nuair fuair sí an chéad duais ar scéilín Gaedhilge agus ó shin anuas ní dheaghaidh aon staonadh ar a láimhín euchtach. Ó Nua-Eabhrac féin do rug sí an chraobh léi ar aisde Gaedhilge. Airgead, éadach & leabhartha, do bhuaidh sí iad len a peann beag. Cad é 'n laochas a chuirfeadh sí fós ar Ghaodhlaibh len a saothar ar son na h-Éireann, ach níorbh é toil an Athar Naomhtha í fhágaint ar an saoghal so. Tá mí-ádh éigint ar ár máithrín, Éire, ná fágtar aici éinne a bhíonn ag cabhrú léi, ach aige Dia féin is fearr fhios. Truagh mhór linn do bhás, a Bhrighdín chaoin chneasda. Is deacair linn a chuimh- neamh go bhfuil do bhéilín binn-bhriathrach 'na thost, do pheann cliste caithte as do láimh agat go bráth arís. Ón ár gcroidhthibh eirigheann trom - osna nuair mhachtnuighmíd ort. Do bhí mhór - dhóchas againn asat, a stóirín, & níorbh' iongna san, a Bhrighidín na Gaedhilge binne. Ba ghearaid é do ré ach is iomdha duine a chualaidh teacht thart. Ciúin, cúthail, caoin, sin mar bhís, a mhaoin. Mór cháil tuillte agat, gan lorg, gan iarraidh. Is fada a bheidh do chuimhne imeasg na ndaoine a chuir aithne ort. Lán do chion ar gach éinne a bhí do chroidhe beag féinig. Mar gath gréine a bhí do ré beag ar an saoghal so. Imeasg na n-aingeal indiu i bhflaitheas Dé taoi. Do choingibh an t-Uan Geal go glé thu & do thóg Sé go h-óg thu go Righeacht gheal Dé. Bean Aniar. Táimíd fé dhubhachas ó chualamar an dró' - sceul so. Beannacht dílis Dé len a h-anam. — Lucht “An Lóchrainn.” GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. MAITH AN tSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár-mhaith an dá shaghas so: “SHANDON PLUG” agus “EXHIBITION ROLL.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naomh Pádraig a 9, CORCAIGH. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ agus LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk “EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Ait atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.
Tá ÁTHRAIGHE AIRGID den tsaghas so go h-oireamhnach mar BHRONNTANAS BAISTE. Deinimíd-ne iad san agus an uile-shaghas eile mar atá — CAILÍSÍ, CUIRN agus CUACHA, agus ÓRNÁIDÍ I bhFUIRM BONN agus CROSANA CEILTEACHA, mar aon le h-ÉIDE SAGART, LÁSAÍ, agus COINNLEÓIRÍ. I gCorcaigh a deintar. Cuir tuairisc a luach ar LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA, de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ agus BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Ó FÁILBHE MÓR. (Dráma Duaise). A lucht cómhráidh anso: Seán Ó Fáilbhe — seanduine Aodh agus Domhnal — a bheirt mhac san Tadhg Ó Duinnín Seanchaidhe Uibh Ráthaigh An t-Athair Muiris Ó Beóláin Fear sceula 'fhógairt (gan eisean dá thaisbeáint féin). (Tuille dhe). Tadhg (go fuadrach do): Agamsa is mó atá ceart an dei'-sceul fhógairt. Oscail an dorus dom! Seán: Cad deir an Seanchaidhe Mór? Tadhg: An focal adeir, cloisfidh Éire agus Eoghantacht é. É do dhul ar a lea'-ghlúin. Beannuighim duit a Cheannuraid Ua bhFáilbhe. Go mbu fada buan duit! Seán: Ná dein fonóid, a Thaidhg Uí Dhuinnín. A Dhomhnail! 'Aodh! bhfuil labhartha ag an Seanchaidhe? Domhnal: Aonne amháin an dá Ruairí, 'athair! Aodh: Ná labhair-se a thuille, a Thaidhg. Taoi 'á chur ar mire. Tá cuma geilt cheana air. Seán: Dein teagasc dom, a Thaidhg. Duine bocht seannda me gan eólas gan oll- mhaithas. Cad is córa dhom a rádh? Cad is córa dhom a dheunamh? Seanchaidhe: Tá dhá cheann an scéil tabhartha le chéile agam, agus ní mór domh-sa beannú don cheann fine, leis. É d'eirighe agus do dhul ar a lea'-ghlúin. Go mbeannuighe Rí na Naomh duit, Uí Fháilbhe Mhóir! Beir buadh & beannacht! Domhnal (é do dhul ar a lea'-ghlúin, leis): Ó Fáilbhe Mór! Aodh (é do dhul ar a lea'-ghlúin): Maith dhom, 'athair, ar ghrádh th'ainme agus t'uasal- shloinne. Seán (é go crithánach): Mise Ó Fáilbhe Mór! (In a stad do)' Aodh, 'Aodh, beir ar láimh orm. (Aodh d'á dheunamh san). Is truagh ná mairean do mháthair mhaith, 'Aodh; bu thógaint croidhe dhi an sceul so. Chugam-sa anuas a tháinig cáil & comhacht Ua bhFáilbhe! Ní h-oireamhnach an áit é seo d'uaislibh Gaedhal. Eirighidh nbur suidhe. (Iad d'eirighe). Aodh: Suidh féin go fóil, 'athair. Seán: Ní shuidhfad, 'Aodh. Neartóchaidh an dei'-sceul so me. De phrímh-shliocht Mhíle sinn-ne. Clann na mór-righte — Aodh: Agus daoine ar an mbaile seo á rádh ná raibh riamh ionainn ach lucht dealbhais (dealúis). Domhnal: Ní gádh an mhóráil! Feuch tímpal ort ar an mbotháinín sugha! Tadhg: Cuimhnigh ar an sean leath-rann, a dhalta: Ó Fáilbhe go h-uasal mar is dual do bheith, Ó Fáilbhe 'n 'fhear déirce nó Ó Fáilbhe 'n a fhlaith. Seanchaidhe: Tá an rann san ann. Tadhg: Tá abhar machtnaimh anois ag muinn- tir Fháilbhe úd sa bhFosadh — lucht an tighe slinne agus an mhachaire bó! Seán (ag labhairt do leis an Seanchaidhe): A dhuine chóir an mhór-léighinn, bu cheart do Dhomhnal Ó Ceallacháin a chuid leabhar do chur anso chugat ó Chorcaigh. Bu chóra gur anso a deunfaí scrúdú léighinn. Iad uile d'fheuchaint air le h-iongna. Foth- rom capaill lasmuigh. An dorus dá bhualadh ansan. Teachtaire uaidh é seo, bfhéidir. An t-Athair Muiris Ó Beóláin (ag labhairt do lasmuigh): Bail ó Dhia anso! Domhnal: Cia h-é sin? Aodh: Guth glan Gaedhlach é. Ní bitheamhnach 'ná báille súd. Aodh d'oscailt an dorus don sagart. Gan culaith sagairt air. Dia bheatha-sa chun an tighe seo! An Sagart: Muinntir Fháilbhe atá anso? Aodh: Is eadh. An Sagart: Níl aon aithne orm-sa sa' taobh so 'n duthaigh. Ní rabhas riamh chomh fada so aniar. Aodh: Bain díot do chóta mór, a chara, led thoil. Is dóigh go bhfuil sé fliuch. An Sagart: Ní mór é, go raibh maith agat. Tá mórán fé dhíon an tighe seo anocht. An amhlaidh atá an sceul agaibh cheana féin? Tá fear creidhleach 'á innsint i sráid-bhaile ná fuil ró-fhada siar as so. Domhnal (len a athair): Dar liom gur sag- art riartha na triúcha so é. (É do labhairt leis an sagart, ansan). Má bhraithir aon trí-chéile sa tigh se, 'Athair, ní gan fáth é. Do fógruigheadh sceul mór anso ó chiainibh beag. Seán: Gurab é do bheatha do theacht chugainn, Athair! Níor aithnigheas gur duine den chléir naomhtha thu. An Sagart: Síocháin Dé ar lucht an tighe seo! Is fear liom ná a lán nách mise is túisce thug an dro'-sceula chugaibh, ach bfhearr aonne 'á thabhairt 'ná an duine atá ag teacht im' dhiaigh. Bhí a raibh thiar go gnóthach i bhfeighil an arbhair agus thánag féin. Bíodh misneach agat, a Sheáin Uí Fháilbhe, bfhéidir go ndeun- fadh Dia fuascailt ort. Seán: Ní baoghal dom mhuinntir bhrúite, feasta, 'Athair, óir béad-sa mar sciath chosanta aca. Fan go gcruinnighean mo chine-se — gach n-aon díobh, ó Chorca Dhuibhne is ó Uibh Ráthach is ó Dheasumhain agus ní baoghal d'aonne aca ón lá san amach. Domhnal: Suidh anso, 'athair. É do bhreith ar láimh ar Sheán. Eisean amhail duine go mbeadh taidhreamh 'á dheunamh do. Aodh: Cad é an truagh atá agat dúinn, 'Athair. An amhail ná fuil fios ár scéil agat? An Sagart (ag feuchaint in a thímpal do ar an gcuideachtain): Is dóigh gurab iad so na cáirde a thug chugaibh an sceula? Clog d'á bualadh, lasmuigh; é tamal maith ón dtig. Iad go léir d'éisteacht leis. Feuch go dtáinigh sé siúd chomh luath liom, nách mór! Tadhg: Níl a sceul súd 'ná do sceul-sa againn fós, 'Athair. Cad é sin adeir se? An clog dá bhualadh arís agus sceul d'á innsint ach gan 'é d'á chlos i gceart aca. Gan aon spéis ag Seán in aon ní ach é ag bagairt a chínn leis, anonn is anall, go sásta. An Sagart: Siúd é an dro'-sceula anois agaibh, a cháirde, & is peannaid domh- sa é. Aodh: An é ainm m'athar atá 'á luadha' aige siúd? An Sagart: Is é, agus is ró-oth liom-sa san, Domhnal: Ní chloisim ró-mhaith é, 'Athair. Tá an ghaoth 'á thoirmeasc orm. Cad deir sé, 'Athair? An clog dá bhualadh arís is an sceula 'á innsint ar an gcuma gceudna. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Seán (ag labhairt do in árd a ghutha amhail a bheadh sé ag cainnt le lucht freasdail): Ceud mart ramhar! Deich ndabhach den lionn seannda! Dabhach fíona ó Phluais Doire Fhionáin! Ceud brat den síoda is míne, Agus ceud cláirseach! É do leanamhaint d'á chainnt in a chogar. An Sagart: Fan-se taobh leis, 'Aodh. Aodh: É siúd amuigh atá ag tabhairt seana- scéil éigin chun cuimhne m'athar. Is dóigh dá mbu sceul ar foghnamh é siúd go mbeadh sé innste fadó agat-sa, 'Athair? Cad é an sceul dubhach é? Ta orm-sa dul amach i mbun mo chuid eórnan. An Sagart: Do chuid eórnan? Aodh: An baoghal di? An Sagart: Do chuid eornan, do chuid talmhan is do thigh — díolfar gan mhoill iad, ar an gcros-bhóthar! Sin é an sceul atá dá fhógairt. Bu mhaith liom dá bhfeudainn teacht i gcabhair oraibh. Aodh: An gabháltas beag so m'athar — mar a rugadh is mar ar tógadh sinn — é bheith dá dhíol! Marbhócha' sé m'athair bocht! An Sagart: Beidh airgead dá thairigsint air gan mhoill. An bhfeudfadh t'athair aon tairigsint do dheunamh? Aodh: Níl de stór fé dhíon an tighe seo ach leabhar — leabhar d'innis dúinn sceula móra ar maidin! An Sagart: Is baoghal liom go dtógfar a bhfuil agaibh mar sin. Aodh: Táimíd gan feidhm, 'Athair. Níl sa tsaoghal againn ach an leabhar san. Seanchaidhe: Clann Fháilbhe gan feidhm gan áitreabh! An Sagart: An bhfuil cabhair le fághail ó Ó Fáilbhe Fosaidh? Aodh: Níl aon mhuíntearthas eadrainn. Tá acfuinn aca súd, ach ní le macántacht é. An clog dá bhualadh & an sceul dá innsint. Cuid de 'á chlos: “An gabháltas atá ag Seán Ó Fáilbhe …” Tá ainm m'athar dá luadh ar fuaid an cheanntair mar seo! Táthar ag cómh- reamh an óir cheana féin i gcóir lae na reice. Roinnt bheag tailimh & sainnt ar gach n-aon chuige! Aodh do phreabadh amach ar lár an úrlár ansan. É do chur cluaise air féin. Ó! dar Muire! Torann dá chlos i bhfad uatha, amhail treun- tuille uisce. An clog d'á bhualadh arís. Buail leat, 'fhir na creidhleach! Tá an claidhe mór ar lár. Tá ár gcuid scuabtha ag an abhainn. Buail leat 'fhir na creidhleach! Tá Ó Fáilbhe dá ruagairt as Lios Gamhan! Eirigh id shuidhe 'athair. Tá scartha go deo againn le Corca Dhuibhne, is le h-Uibh Ráthach is le Deasumhain. Eirigh id shuidhe, 'athair, ní call duit aon duairc- eas croidhe. Tá sceul mór agus fiche sa leabhar gan innsint fós! Seán: Sceul is fiche. Maith é sin, dar Duach! Tá deire le dealbhas is le ganna- chúise. Tá deire le dian-saothar is le sclábhacht. Ta fleadh dá h-ullamhú, a cháirde is a dhaoine muínteartha. Fearaim fáilte is fiche ó chroidhe roim gach n-aon díobh. Tá slighe anso don uile fhlaith gona ghiolla is gona chapall. Dia bheatha-sa ad' shláinte a Thiarna- Ab ó Mhuc-Ros! Bu shinnsear dom Amhlaoibh úd Ó Fáilbhe do chuir an Mhainistir sin ar bun i mbliain a míle, a dhá cheud, a cúig is trí fichid. Tá árd-trácht ar an Amhlaoibh sin sa tseanchus. Is maith liom do theacht-sa, dá bhrigh sin, a Thiarna-Ab. Agus sid é agaibh mo mhac, Aodh — an té is táiniste dhom. Tá sé le pósadh amáireach cois Léin-Locha, le h-inghean don Chárthach Mhór. Is í an peurla is gile sa Mhumhain í. Agus seo é agaibh Domhnal atá d'éis filleadh abhaile indé. Bhí in a dhalta dhil ag Ó Donnchadha an Ghleanna le cúig bliana; agus a bhfuil de léigheann i nGleann Fleisce tá in a cheann indiu aige. Reult eolais Sliocht Fháilbhe é feasta. Go Salamanca sa Spáinn a bheidh a thriall d'éis na Bealtaine, agus mac le h-Ó Néill Mór mar chomrádaighe aige. An chlog d'á bhualadh arís. Tá mo mhuinntir ag feitheamh liom thall ag Lia na mBreitheamhan. Tá breith is fiche le tabhairt indiu agam. Tá fear garmtha an dúna so ag glaodhach orainn. (Ag caint do le Seanchaidhe Uibh Ráthaigh). Is mór é do chabhair-se, 'ollamh liom, bu mhinic dom tuirse orm mura mbheadh tu. Níl ag á lán dem mhuinntir-se ach gort nó dhó; ach machaire, dar leó, is eadh gach gort aca san. Lucht mór- chúise iad, ach ní tógtha san ar mhuinntir na fola uaisle. Táthar ag feitheamh liom. Gluaisídh libh, a mhuinntir ó. An tósach díbh-se, a phíobairí na bport mbinn! É do dhul de choisimtheacht tomhaiste fé dhéin an doruis. Domhnal: Fan istigh anocht, 'athair. Tá an duthaigh fé uisce. Feuch! Domhnal d'oscailt an doruis do. An áit lasmuich fliuch agus anaithe gaoithe ann. Seán (agus preab d'á baint as): 'Aodh! Aodh! Tá ár gcuid arbhair millte! É do thitim. Iad uile do rith chuige. An Sagart: Fanaidh siar uaidh. (Le h-Aodh) Cá bhfuil 'árus codlata? Árduighidh go réidh é. Domhnal: 'Athair, a chroidhe, labhair linn, 'athair! (Leis an sagart) An bhaoghal dó, 'Athair? — An Sagart: Ní baoghal, a mhic ó, cuirfe sé dhe é. Aodh: Tá lóchrann istigh sa tseómra, a Thaidhg, las é. Tadhg do dhul isteach sa' tseómra. An Sagart: Árduighidh isteach anois é — go réidh! É do rádh na paidre seo de ghuth íseal: Averte faciem tuam a peccatis eius et omnes iniquitates suas dele. Iad dá bhreith isteach sa tseómra eile. Seanchaidhe Uibh Ráthaigh in a aonar ansan. Tadhg do theacht thar n-ais d'éis lea'-nómait. Seanchaidhe: An beó dho? Tadhg: Is eadh. Seanchaidhe: An mairfidh sé? Tadhg: Mairfidh. Seanchaidhe: Is truagh liom san. Is truagh lem chroidhe é! (A Chríoch). Domhnal Ó Corcra (is ughdar do “A Munster Twilight”) do rinne an dráma san. Iar n-a thionn- tó go Gaedhilg do Sheán Tóibín. Do bronnadh an cheud-duais (a leath) ar an dtionntó san ar an Oireachtas i mbliana (1918). Mícheál Ó Cuileanáin do dheachtaigh an rann aoir. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., a 2, 3, 9, 10 An Mheadhon-tsráid Theas (2, 3, 9, 10 South Main Street). CORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san. agus EUNLAITH is GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 & 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a “276, Corcaigh.” CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraidhe. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA & a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. EUDACH BUAN - tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, I gCORCAIGH. BÍ GO FIAL I mBLIANA, A CHARA, AGUS TABHAIR SÍNTIÚS MAITH MÓR UAIT, NUAIR A BHEIDH SEACHTAIN NA GAEDHILGE ANN ÓN 16adh lá go dtí an 23adh lá de MHÁRTA, 1919. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services