Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Márta, 1919

Title
Márta, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 36. MÁRTA, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha.



SIÚCIRE.



Tá's ag an saoghal go bhfuil an siúcire
an-ghann le tamall anuas. Is dócha gur
ab é an cogadh fé ndear san, ach pé
mí-ádh is bun leis, bheirim-se mo sheacht
gcéad mallacht do. Ní fheadar cad é
an dúil mhalluithe a bhíon ag daoinibh sa
tsiúcire. Is feárr an té dá éamais. Ní
raibh a fhios san agam go dtí seachtain
ó shin, ach níor chuireas aon tsiúcire im
chuid té ó soin, is ní chuirfead go deo
arís. Cad do b'áil le daoinibh a bheith
ag lot an té le siúcire. Loitean sé
blas an uachtair leis, is gach aon dea'-
bhlas eile a bhainean le cupán maith té.
Dhá spiúnóig siúcire i gcupán de! Och!
cuirean sé droch-bhlas im bheul nuair a
chuimhnighim air. Agus a rádh go mbíodh
sé agam féin, tráth! Mo mháthair an
chéad duine a thug siúcire dhom chun mé
do bhréaghadh lá bhíos an-chrosta. Sin é
adubhairt sí liom, ach go h-áirithe, nuair a
chuireas an cheist chúici an lá fé dheire.
Marach' í, b'fhéidir ná blaisfinn in ao'-chor
é, ach anois, ó's rud é go bhfuil 'fhios
agam gur so-bhlasta an deoch é té gan
siúcire, tá sé chomh maith agam aithris
conus a fuaireas amach an méid sin.
B'éidir go mbeinn ag cur daoine eile
ar bhealach a leasa. 'Sé sin a gcuid tae
ól gan siúcire ann.



Bhí céilidh annso istoidhche Dé Sathairn
seo ghaibh tharainn, ach má's eadh, ní raibh
mórán siúcire againn i gcóir an té.
Bheadh gach aoinne ana-shásta leis an
gcaitheamh-aimsire ‘marach’ an té searbh.
Bhíodar leamh díobh féin; bhíodar “gan
ceol, gan spórt gan scléip,” an fhaid
is a bhí an tae dhá ól aca.



Dubhradh liom-sa um meádhon an lae
Dé Sathairn ocht bpúint siúcire fhághail.
Ocht bpúint siúcire is an chéilidh le
bheith againn an oidhche chéadna san. Chuas
amach taréis dinnéir, is mála leathair im
láimh agam. Cheapas go bhfuighinn mórán
Éireann de shiúcire gan aon mhoill. Tá
aithne agam ar na cailíníbh go léir anso
a dtuigeann tu? Ach, mo chreach! ba
bheag an mhaitheas san nuair a bhíos ag
lorg siúcire do dhaoinibh eile. Tá cailín i
siopa anso — bhímís an-mhór le chéile tráth
— agus go dtí an Satharn mí-ámharach san
bhí sí an-mhuinteardha liom. Ach ní thug
sí aon tsiúcire dhom. Nuair a bhuaileas
isteach chúici, is an mála beag leathair
im láimh agam, sé dubhairt sí liom ná,
“Ó, a Liam, a chroidhe, ní ag imtheacht
uainn ataoi?”



“Go deimhin ní h-eadh,” arsa mise, “ach
ar lorg siúcire atáim i gcóir na h-oidhche
anocht.” “Bhfuil aon tsiúcire le spáráil
agat?”



“Siúcire i gcóir na céilidhe,” ar sise.
“Níl aon tsiúcire mar sin agam. Níl
puinn siúcire sa tigh ach doirnín de
shiúcire dearg a gheallas do Thomás Óg.
Beidh meitheal aige i mbárach, ag buaileadh
coirce.” “Ach, a Liam,” ar sise, “tabhar-
fad siúcire duit-se i gcóir do chuid tae
féin, tá's agat go ndéanfad.” “Cé bheidh
in éinfheacht leat. Nach maith nár iarrais
orm-sa dul ann. Beidh cailín eile id'
theannta, is dócha.”



“Ó! bhí a fhios agam go mbeifeá ag
obair go ró-dhéanach chun dul ann.”



“Bhí a fhios agat an eadh! Connus a
bheadh a fhios agat nuair nár chuiris an
cheist orm?”



“Dubhairt Síle liom é.”



“Síle. Cé dubhairt léi-sin go mbeinn
ag obair?” Is dóigh liom gurab í sin a
bheidh id' theannta ag dul go dtí an chéilidh.
Sin í a bhí uaith nuair dubhairt sí leat
go mbeinn-se ag obair. Imthigh leat a
bhuachaill mhaith, agus faigh siúcire uaithe.”



Ritheas amach gan fiú “Slán agat”
do rádh léi. Bhíos ag cuimhneamh ar dhul
isteach i siopa go bhfuil cailín eile ar
mh'aithne ach bhí scannra ró-mhór orm tar
éis an sgóladh a fhuaireas ó'n chéad duine
aca. Bhí eagla orm go marbhóch' an tarna
cailín ar fad mé nuair nách chúichi féin
a chuas ar dtúis.



Treasna na sráide liom, mo mhála
beag leathair im láimh dheis agam, is
isteach go tigh Sheáin Mhóir. Bhí Seán
féin istigh romham, bíonn sé ann i gcomh-
nuidhe. Ní thagan sé amach ach dhá uair
sa tseachtain — Dia Domhnaigh chun dul
go dtí an t-Aifrionn, is Dia Luain chun
dearcadh ar an bhfuinneóig ó'n dtaobh
amuigh féachaint a mbíonn gach aon rud
ann socair i gceart i gcóir na seacht-
aine. Ní fheaca riamh aon fhuinneóg mar
í ach amháin sa' Daingean. Níl siopa mar
siopa Sheáin in aon áit eile. Tá gach
aon tsaghas ruda dhá dhíol aige. Bíonn
siúcire ar an bhfuinneóig nuair bhíonn
sé le fághail, is galúnach in aice leis,
is tobac in aice leis sin, is stocaí, is
mísleán, is cúpla ubhall, is sóda nigh-
eacháin, is pónairí ó'n bhFrainnc, is cártaí
Nodlag is cuileóga sa tsamhradh, is mar
sin de, is iad go léir trí na chéile. Ní
fhéadfadh aoinne ach Seán féin na h-earraí
shocrú sa tslighe na mbíd siad aige. Seo
isteach liom chuige, ach go h-áirithe, is mo
mhála beag im' láimh agam.



“Ó, Dia bheatha-sa id shláinte a sháir-
fhir óig!”



“Cuirim go h-árd céad fáilte rómhat,”
ar seisean. Tá an-chuid filidheachta ag
Seán tá's agat, is an-chuid plámáis leis.
“Féach,” ar seisean, “tá cártaí Nod-
lag gleoite agam duit, indé thánadar,
coróinn an dosaon atá ortha, táid siad
go breágh. Ceannuigh anois iad, ní bheidh
a leithéidí le fághail ar ball; tiocfaidh
na póilíní isteach is béarfaid leó iad.
Ceannuigh in am iad, tá go maith, cuir-
fead t'ainm síos, dhá dhosaon.”



“Ach, ní thugas cárta Nodlag d'aoinne
riamh,” arsa mise. “Má's mar sin atá,”
arsa Seán. “Is mithid duit tosnú anois.”
“Tá go maith,” arsa mise, “is anois,
a Sheáin, a bhféadfá cúpla púnt siúicre
thabhairt dom?” “Beidh céilidh againn
anocht.” “Céilidh agaibh anocht,” ar seis-
ean, “beidh tú ag rinnce mar sin. Féach
na bróga deasa atá dá ndíol agam —
bróga chun rinnce tá's agat.”



“Ach, a Sheáin,” arsa mise, “bfhearr
liom mo bhróga féin go mór.”



“Na bróga atá ort anois, an eadh?”
“Dhera, tá siad ró-throm, ró-aindis ar
fad, a dhuine.” “Féach ortha so anois,”
ar seisean, is bhain sé a bhróga féin de,
is chuir na bróga rinnce uime. “Féach,”
ar seisean, “comh deas eudtrom is atá
siad.” Níl puínn rinnce im' chosaibh, ach
cuireann siad so an-fhonn rinnce orm.
Dá mbeadh aon-cheol anso anois, do
raghainn in áirde ar an gcúntúirt le
fonn rinnce.”



“Do dhéanfaidís an marbhán beó
Nó buachaillín óg de'n tsean-duine.’



“Ceannuigh iad is beir an-bhuidheach díom-
sa anocht. Níl ach trí-déag is raol ortha.
Seadh, seadh, trí-déag is raol is coróinn
ar na cártaí Nodlag — sin ocht deug
is saol.”



“Ach, cad mar gheall ar an siúcire, a
Sheáin?” Ó, seadh, an siúcire, ba dhóbair



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



Tigh “An Bhata Droighin Éille”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san



Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



NÍL A SHÁRÚ SO IN ÉIRINN:



MARGAIRÍN
“LOVING CUP”



I gCorcaigh a deintar. Tá le fáil in
a phúntaibh nó in a chnapógaibh.



ó
DHEUNTÚSACHÁN AN tSEANDÚNA,
I gCORCAIGH.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



dhom é dhearmhad. Tabharfad cúpla púnt
siúcire dhuit is fáilte, ar son na Gaedh-
ilge, tá's agat. Ní thabharfainn d'aoinne
eile é. Ní thabharfainn go deimhin. Sin
trí raolacha eile, púnt ar fad.”



Chuireas an dá phúnt siúcire, na bróga
rinnce, is na cártaí Nodlag isteach im'
mhála. Thugas an púnt do Sheán, is
seirbhthean orm; mo phúnt bhreágh imthithe
uaim de bhárr dhá phúnt siúicre!



“Seadh,” arsa mise liom féin, “b'fhearra
dhom stad de.”



Fógraim 'on diach é mar shiúcire!



“Liam,” Lios Tuathail.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Maidean bhreágh shamhraidh, nuair a ghaibh
partán trágha amach as a pruais, cé
chífeadh sí ach a mac óg ag siubhal i measc
na gcloch.



“Nách cam a shiubhlair, a mhic?” ar
sise leis.



“An mar sin é,” ar seisean. “Mhaise,
a mháthair,” ar seisean, “siubhail romham
amach agus taisbeáin dom conus siubhal
i gceart.”



D'imthigh an partán críonna uirthe ag
siubhal agus d'á chaime agus d'á aindise
a shiubhail an partán óg is seacht measa
a shiubhail an partán críona.



“Aililiú!” ars an bioránach óg, “má
shiubhlaim-se níos a measa 'ná san tá an
donas ar fad orm.”



S. Ó S., Lios Póil.



“AN LASAIR.”



Don Té Léigheas — Beannacht!



Ó stadadh de “Irisleabhar na Gaedhilge”
(i mbliain a 1910) níl aon rud i bhfuirm
leabhair irise nó dian-eolais ag Gaedhlaibh,
agus ní call a rádh gur mistide sin an
Ghaedhilg.



Tá beartuithe agam irisleabhar in aghaidh
na ráithe do chur ar bun, más toil le Gaedh-
laibh cabhrú liom. Irisleabhar de shaghas “Ghuth
na Bliadhna” nó “Chambers' Journal” an
Bheurla a bheidh ann & “AN LASAIR” mar
ainm air. Beurla ar bith ní bheidh ann. 7/6
in aghaidh na bliana an táille ar chóib gach
ráithe.



Má tá suím agat sa ní, a chara, d'fheudfá
cabhrú liom ar chuma aca so, led thoil:



(1) Síntiús bliana do thabhairt ar son cóib gach
ráithe; nó



(2) Síntiús do thabhairt gan aon-choinghill; nó



(3) Díol as roinnt cóib dod' cháirdibh Gaedhal; nó



(4) Más scríobhnóir tu, aistí do scríobha' ar nithe
ná scríobhtar go minic ortha; nó



(5) Má tá gnó siopa (nó aon-ghnó eile) ar siubhal
agat, do chuid earraí d'fhógairt san iris-
leabhar.



Nuair a bheidh deimhin agam go gcean-
nóchar 300 cóib, bead ullamh ar thosnú, le
congnamh Dé.



Tá anso síos fuirm le líonadh i gcóir
cóibeana in aghaidh na bliana. Ag súil le
freagra uait, led' thoil.



Mise, SEÁN TÓIBÍN.



“AN LASAIR.” Díolfadh £ leat



gach bliain i ngeall ar cóib gach ráithe, &
cuirfad an cheud'-airgead chugat nuair a lorgóchair
orm é. Mise,



Do Sheán Tóibín, i mBaile an Teampaill, i gCorcaigh.



TRIÚR MAC AN TÁILLIÚRA.



Bhí táilliúir ann fadó, go raibh triúr
mac aige. Ní raibh aon tslighe bheatha
eile aige ach a shnáthad, ach bhí gabhar
aige a thug braon bainne dhóibh maidean
a's tráthnóna. Ní raibh aon chúram ar
an dtriúr mac ach gach re maidean aca
ag seóladh an ghabhair. Aon mhaidean
amháin dhiúltaig duine acu do'n seóladh,
& ní sheólfadh aonne de'n mbeirt eile
é ach oiread. Chaith an táilliúir féin é
'sheóladh ansan, agus ach a dtáinig sé
abhaile, dubhairt sé pé rud a dhéanfadh
sé gan iad feasta, ná beadh aonne
acu sa tigh níos sia. Chuir sé amach
an triúr ansan agus d'imthigheadar ag
lorg áite go raghaidís in aimsir ann.



Do chuaidh an dritháir ba shine in aim-
sir go dtí feirmeoir ar feadh bliana,
& i gceann tamaill do fuair an bheirt
eile áit gur chuadar féin in aimsir ann,
an fhaid chéadna. Nuair a bhí aimsir an
drithár ba shine acu suas, do bhí sé chun
teacht abhaile agus is é an rud a bhí 'á
fhághail aige ón bhfeirmeoir ná bórd beag
agus aon uair a déarfá leis an mbórd
“biadh ollamh” thiocfadh gach aon tsaghas
bídh romhat amach air.



Bhí sé ag teacht abhaile go dtí an
táilliúir leis an mbórd agus stad sé
i dtig ósda. Rógaire bitheamhnaig ab'
eadh fear a' tighe sin agus i gcaitheamh
na h-oidhche do bhíodar ag cur sgeulta
trí chéile. Bhíodar ag cur síos ar iongn-
taisí. Dubhairt mac an táilliúra go raibh
bórd aige féin a thabharfadh biadh dhó gach
aon uair ba mhaith leis é. “Tá go maith,”
arsa fear an tighe ósda leis féin. Nuair
a chuadar a chodhla do ghoid an bitheamhnach
an bórd, agus chuir sé seana-bhórd a bhí
aige féin na ionad. Ach a dtáinig mac
an táilliúra abhaile, dubhairt sé len' athair
go raibh bórd aige a thabharfadh biadh dhó,
gach aon uair ba mhaith leis é. “Glaodhaigh
isteach ar na cómhursain go bfeicid siad
an t-iongntas,” ar seisean len' athair.
Ghlaodhaigh an t-athair ortha & tháinig cuid
acu in éinfheacht leis. Shochruigh sé ar an
úrlár an bórd & shuidh cuid acu tímpal
air fé bhráid bhídh mar dh'eadh. Dubhairt
sé leis an mbórd “biadh ollamh.” Níor
dhein an bórd aon choraighe. D'fhéach an
t-athair ar an mac — bhí sé ar buile chuige
& rug sé ar bhata, agus bhí ag gabháilt
air nó gur chuir sé ó'n dtig arís é.



Nuair a bhí an tarna dritháir ag teacht
abhaile, fuair sé asal ó'n bhfear go raibh
sé in aimsir aige, & aon uair a déarfá
leis an asal “tro'm airgead” bheadh sé
ag caitheamh airgid chugat nó go ndéarfá
leis “stad.” Nuair a bhí sé ag teacht
abhaile stad sé sa tig chéadna & deineadh
an cleas céadna air. Goideadh an t-asal
uaidh agus cuireadh sean-asal in ionad.
Tháinig sé abhaile agus dubhairt sé len'
athair go raibh asal iongantach aige, a
thabharfadh airgead a dhóthain dó ach é
rádh leis. “Glaodhaigh isteach ar na cómh-
ursain go bhfeice siad an t-asal.” Do
ghlaodhaigh & leath sé bairthlín fé bhéal an
asail, & dubhairt leis “tr'om airgead.”
Níor dhein an t-asal aon-choraighe ach mar



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


a dhein an bórd. Tháinig an-fhearg ar an
dtáilliúir chun a mhic & dubhairt leis gan
teacht i ngoire an tighe len a bheó arís.



Ach a raibh mac óg an táilliúra ag
teacht abhaile ní raibh aige ach maide a
fuair sé ó'n bhfeirmeoir go raibh sé in
aimsir aige, agus dá ndéarfá leis an
maide “buail é sin” nó “buail é siúd”
dhéanfadh sé dhuit é go bríomhar. Nuair
a bhí an mac óg ag teacht abhaile, stad
sé sa' tigh ósda chéadna, agus d'fhiaruig
fear a' tighe dhe raibh aon-sgeul nua aige.
Dubhairt sé ná raibh ach go raibh maide
aige a dhéanfadh ao' rud ba mhaith leis
dó. Theasbeáin sé do'n bhfear an maide
agus ach a chuadar a chodhla, bhí fear a'
tighe ag iarraidh é ghoid uaidh & maide
a bhí aige féin a chur in 'ionad. Nuair
a bhí sé 'á ghoid uaidh, dhúisig an fear
óg & dubhairt sé leis an maide “buail
é, buail é” d'eirigh an maide & bhuail sé
é & lean air bheith á' bhualadh go dtí go
ndúbhairt fear an ósda leis an maide
stop, agus go bhfaghadh sé an t-asal &
an bórd iongantach a bhí aige. Stop sé
an maide annsan. Fuair an t-ógánach
an bórd agus an t-asal agus d'imthig
abhaile go sásta. Ach a bhfeacaidh 'athair
é chuir sé fáilte mhór roimis. “Ó,
athair,” adubhairt sé, “ní gádh dhuit aon
lá oibre a dheanamh go deó arís, mar
beidh biadh agus airgead do dhóthain agat
anois.” Dubhairt sé leis an mbórd “biadh
ollamh” is ar neómat na baise, bhí
dínnéar breágh ar an mbórd roimis.
Dubhairt sé leis an asal “tr'om air-
gead” & thosnuigh an t-asal ag stealladh
airgid uaidh go ndubhradar leis stad.



Lá'r na mháireach chuaidh sé ag lorg a
bheirt dhritháir a's fuair sé i dtaobh éigin
iad, agus thug leis go dtí an tig iad,
agus bhí saoghal fada sona acu go léir
i dteannta a chéile as san amach.



Pádraig Ó Dúbhda, Muirgheach, Corca Dhuibhne,
do chuir síos ó bheul aithris.



Ach a dtáinig = Nuair a tháinig.
S M. M. d'aith-sgríobh.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



UM INID.



AN DÁ GHIARRSACH.



Cáit: Ar mh'anam 's ar mo shláinte, a Pheig,
má thagan éinne ar do thuairisc an
Inid seo ná leigfir in aistear é …
sé sin má thaithnighean an fear leat
… do réir do chainnteana tá'n tú
ollamh glan chun seóltha is dóigh liom.



Peig: Táim tamall maith am' stracadh féin
as a chéile dhóibh is dá mbeinn 'fhaid eile
aca sé an baochas céadna a bheadh orm
b'fhéidir, nú cuid níos lugha.



Cáit: Tá coráiste a' baint leat is gan
ionnat ach spreill gearrchaile fós is
an oiread san misnig a bheith agat a'
dul ar theinteán iasachta … Tá'n tú
ró-óg … Comh-aos dómhsa iseadh tú
agus nílim a seacht deug fós.



Peig: Dubhairt mo mháthair go raibh an bheirt
do phós an lá eile óg suarach, ach cad
a dubhairt mo mháthair-chríona ach gur a'
teacht ionnta a bheadh is nach a teacht
ionnamsa leis a bheidh.



Cáit: Ba dhóigh liom dá mbeadh ceathrar ban
a' gabháil de bhata orm ná pósfainn nú
go mbeinn fiche éigin bliain a' chuid is
lugha dhe ach go h-áirithe.



Peigh: Is minic a bhí do leithéid plámásach,
a Cháit, is 'na dhiaidh sin do bheadh a'
faire ar sheans dhuine eile … ach bí
'faire nú go leigfeadsa chugat é, má's
fiú liom ar a' té thiocfaidh … An
raibh aithne ar Cháith na leice agat, ar
Pheig bheag is ar Bhrighde liath & mórán
nách iad 'dir fhear agus mhnaoi a leig
thársa an chéad lorgaireacht & d'fhan
gan snuachar riamh ó shoin, agus nach
aindis atáid a cur a saoghail!



Cáit: Ach conus a bheadh an sgéal agat dá
mbu stracaire drúncaera a bhuailfeadh
leat, go mb'fhearra dhuit a bheith marbh
ná a bheith ag plé le n-a leithéid …
gruaim & malluightheacht a teacht chun
a' tighe air … an teinteán briste
aige, a chuid éadaig salach brocach …



Peig: Féach cad a dhein a bhean le Muiris
Bán … ná beadh sé i gcumas mná
eile é dheanamh …



Cáit: Cad a dhein sí leis, a Pheig?



Peig: An trímhadh bean pósta aige dob í
í. An chéad lá ansa bhaile mhór a
n-éinfheacht aca, nuair a bhí Muiris lán
thug sé rabhadh do'n mnaoi a bheith ullamh
gan mhoill … Ní raibh sí teacht …
Chuir sé teachtaire ar a lorg … Ní
raibh sí i n-éinfheacht leis a dteachtaire.



“Ca'il an bhean uait,” arsa Muiris.



“Tá sí ansan thoir,” ar seisean.



“Is ní déarfainn ná go bhfuil braon
beag caithte aici.”



“Braon caithte aici!” arsa Muiris.



“Seadh, ar mh'anam 'mhuise!” ar
seisean.



“Tuille do'n tubaist chúichí, mhuise!”
arsa Muiris. “Sgoltadh orm-sa go
ndeine sé má théidhean aon bhraon eile
am chorp-sa dhe go lá mo bháis!”



Cáit: Conus bhí an sgéal ar theacht abhaile
dhóibh.



Peig: Bhí Muiris aige baile roimpe …
leig sí uirthi a bheith ar meisge cé ná
raibh braon ólta aici… Chuaidh an
bheirt 'an chré ó'n lá san gan éan deóir
leanna gan cath gan cómhrac.



Cáit: Ní h-í gach éan-bhean a chaithean ciall
mar sin le rudaí 'n tsórd san cé gur
gnáthach le mór-chuid dá sórt tuitim
amach. Mar dubhairt an sean-fhocal
‘Sonuachar do'n donuachar.’



Peig: Galar Cháit na leice ort-sa, a Cháit,
na cosa do shleamhnú uait, maran deac-
air duine acu d'fhághail duit féin.



Cáit: Ambaiste gur dóigh liom nách mar
sin duit-se.



Peig: Nár théidhead slán abhaile, an chéad
duine a thiocfaidh ar mo thuairisg ná
beidh eiteach agam do mara mbeidh an
diach ar fad air.



Cáit: Tá an donas ort. Téanam abhaile
feasda.



Tomás Ó Criomhthain.



NÁ DEARMHAID SO, A CHARA.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,
Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla,
tá le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilge go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, A 45,
BAILE - ÁTHA - CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



IM AR FHEABHAS
AN DOMHAIN É SEO:



IM C.C.C.



Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach
chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.’ ar
chlúdach gacha bosca.



Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh
sa' 21adh tigh



ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE
(Merchants' Quay),
I gCORCAIGH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PHÁDRAIG N. A 105,
(‘LUKE BURKE’) CORCAIGH.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



An 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.
“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.
“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”
Cuid a 2, 3d.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



AN DROCH-SHÍON.



MAR A CHÍTEAR DO BHEIRT.



AN PÁGÁNACH: Nuair a bhíon orm rud
do cheannach, is mór an sásamh aigne
dhom é nuair a thárluighean gur b'é sin
an rud a thaithnean liom. Ceannuighim an
saghas is fearr de sin atá le fághail ar
airgead. Dá dtárluigheadh gurbh éigin
dom rud ná taithnfadh liom do cheannach,
ba dhóigh liom go mbeadh cúis ghearáin
agam, agus gur riachtanach an ní é mo
ghearán do chur i n-iúil.



Is é chuirean chun an méid seo do rádh
mé, go mbíon orm geimhre' na bliana do
cheannach. Díolaim go daor as. Díolaim
as an ngual a dheinean an teine dom,
as an íle a thugan solus dom. Díolaim
as bratachaibh troma olna, as éadaighe
daora clúimh. Ní ghearánaim 'n-a thaobh
so, mar is é an ráithe de'n bhliain is
fearr a thaithnean liom é. Bíon áthas
orm nuair a chloisim ag teacht é; bíon
áthas orm im' ullamhú féin do; agus
bíon áthas an domhain orm nuair a bhíon
sé ag séideadh & ag stealladh im thímpal,
Sin mar ba mhaith liom é bheith. Dubhart
gur maith liom an saghas is fearr de'n
earra a thaithnfeadh liom a bheith agam;
agus, im thuairim, is é an saghas geimhre
is fearr an saghas is géire & is fuaire.
Cáthadh sé sneachta má's mian leis, ach
caithfidh sé cnuic de do cháthadh; caithfidh
sé na bóithre do thachtadh, agus na tighthe
do mhúchadh sul a mbead-sa sásta. Má's
sioc is mian leis a chur, cuireadh sé é,
ach cuireadh sé go dubh agus go dian
agus go doimhin é. Bíodh coinnle reótha
ar crochadh le gach faill agus banncán
im' radharc B'fhéidir gur gaoth ba mhait
leis an ngeimhre do thabhairt chugainn.
Tugadh; ní chuirfead isteach 'n-a thaobh
air, ach amháin a chur i gcuimhne dho ná
déanfidh puithínteacht an gnó. Caithfidh
sí loingeas a bhátha' ar farraige, agus
crainn na coille do stolladh as a
bpréamhachaibh. Cé nách í an bháisdeach an
síon is annsa liom, bíodh a thoil ag an
ngeimhre': má's mian leis í raide' linn,
cuireadh sé chugainn 'n-a clagarnaigh í
ag déanamh ceoil i gcoinnibh ár n-dóir-
se agus ár bhfuinneog.



Agus mé féin — cá mbead? Tá tigh
deas seascair agam ag bun ghleanna
bhig. Tá seómra farsing ann & troscán
bog ann. Bead-sa sa tseómra san, &
beidh béilthigheach teine thíos agam. Beidh
bórd gléasda go slachtmhar taithneamhach
ar feadh an tráthnóna ann. Beidh cara
nó dhó ó'n gcathair ar cuaird agam
chun caitheamh aimsire dhéanamh dom;
agus beidh citeal greanta práis ag
crónán ar an iarta ann. Ní thiocfidh
stad ar phort an chitil go dtagaidh
fonn codlata orainn-ne.



Sin geimhre' mar is mian liom-sa é
'theacht, agus sin mar is mian liom é
'chaitheamh.



AN CRÍOSTADHE: Rud ró-shuarach i
bhfianaise Rí na nDúl iseadh mise, agus
ní cuibhe dhom rogha a bhaint as éan
ráithe de'n bhliain seach as a chéile. Ní
bheadh ann ach diamhasla dá mbaininn.
Nuair a dhéanfainn rogha de cheann aca
do thaisbeánfadh sé go rabhas ag lochtú
na cod' eile. Níor cheart dom san, mar
tá cómhacht agus maitheas an Tighearna
le feicsint ins gach ceann aca — tá sé
le feicsint i bhfuacht an gheimhre' chómh
maith is tá sé le feicsint i dteas an
tsamhraidh. Ach mar sin féin admhuighim
dá mbeadh sé ceaduithe agam rogha do
bhaint asta gurb é an geimhre do thogh-
finn. Cad na thaobh?



'Sa gheimhre iseadh is mó a bhíd na daoine
ag fulang — iseadh is minicí a theasduigh-
eann cabhair ó chéile uatha. Sin mar is
maith le Dia na daoine bheith — ag cabhrú
le chéile i gcómhnuidhe, & ag taisbeáint
do'n domhan gur deisciobail Do iad.
Dá bhfanadh teas & breághthacht & raidhse
an tsamhraidh de shíor againn, dob anamh
a theastóchadh cabhair ár gcomhursan uainn.
Do dhéanfadh bodaig nea'-spleádhacha dhínn;
do dheighilfimís ó chéile, & ní bheadh caradas
ná carthanacht 'nár measc.



Ansan iseadh chruadhan an saoghal ar
na bochtaibh. Bíon biadh & éadach & teas i
n-easba ortha; agus bíon obair Dé Féin
againn dhá dhéanamh nuair 'fhóirimíd ortha.
Má bhronn Dia níos mó ná 'theasduighean
uainn de ghustal an tsaoghail orainn ní
chun é do dro'-chaitheamh ar phóitireacht
ná ar sgléip é, acht chun ceasnaí na
mbocht do leigheas.



Sa gheimhre', leis, is eadh is mó a
theasduighean cúram an duine ós na
créatúiribh eile a chruthuig Dia — na beith-
idhig agus éanlaithe beaga an aeir.



Sin é fáth go ndeunfinn rogha de'n
gheimhre' thar ráithíbh eile na bliana: go
dtugan sé faill dom ar mhaitheas a
dhéanamh dom chómhursain, & go ndéinean
déanamh na maitheasa is lúgha dho-san an
mhaitheas is mó dhom féin — m'aigne & mo
chroidhe d'iompáil ar Dhia na Glóire, ó'n
a dtagan gach maitheas sa tsaoghal so.



Gruagach an Tobair.



TOMÁS ÓG TÓIBÍN.



R.I.P.



TÓIBÍN. — Fuair Tomás Óg Tóibín bás, Dia Sathairn,
an 15adh lá de mhí Feabhra, 1919, i mBaile an
Teampaill, i gCorcaigh; in aois a 26 bliana do,
agus é in a shóisear clainne do Thomás Tóibín. I
gCillcré na mbráthar, Cois Bríde, i Múscraidhe,
atá in a shuan. A Chríost Chrochda, a Cheannaidhe
an chine daona, a Bhreithimh Bhrátha, dein trócaire
air! a Bharra mhaith naomhtha, guidh air is a Mhuire
Bheannaithe Eochaille, dein eadarguidhe dho.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


Ó BHÉAL ALBANNAIGH



Tháinig am báille mu chuaird is an
Earrach & thachair ris [thárla leis] Murchadh.
Thúirt é [dubhairt sé] re Murchadh: “Nach
ann agat thá 'chruach mhór bhriagh mun taca
so dhe'n bhlian?” “Mata, a bháille, is
doirbh dómhsa sin a bhi agam agus súil
ar fhichead ar an oileán 'ga coimhead 'ach
uile lá dho'n bhlian!” “Hut, a Mhurchaidh,”
arsam báille, “chan eil [níl] ann ach a
fichead nó a dhá ar fhichead.” “Chan eil
ann ach aon ar fhicheadh, a bháille, agus
am fear ag a bheil an aon ann — mar thá
Fionnlagh — sé is doirbhe dhomhsa h-ann í!”



Ann an Uidhist thuadh thachair sin & is ann
bha Fionnlagh — ar Oilean an Dúin Duibh.



Seo iarracht ar a chur síos mar adubhairt
an scéalaidhe é:



Hainic um báili mu chuairt is un aruch
acus hachair ris Mhuruchug. Húirt é ri
Mhuruchug: “Nach ann acut há 'chruach mhór
bhria-gh mun tachca so dhún bhlian?” “Mi
tu, bháile, duiribh dó-su sin a bhi acum
acus súil er i-chiot er an eilion gá có-
íot 'uch ili lá dhun bhlian!” “Hut, a
Mhuruchaí,” arsum báili, “han eil ann ach
a fi-chiot nú a dhá er i-chiot.” “Han eil
ann ach ún er i-chiot, u bháili acus um
fer ec i bheil un ún ann — mar há Fiúnlu-gh
— sé is duirifi dhó-su h-ann í!”



Ann un ist hua hachair sein acus is
ann bheá Fiúnlu-gh er eilion a' dúin dui'.



Briagh, fionnlagh, chuir an scéalaidhe fuaim ‘g’
séimhighthe (mar bíonn i dtosach focail) ar an ‘g’ sa
dá fhocal. Bhí fuaim ‘c’ séimhighthe (caol) ar an ‘ch’
ann.



“An Seabhac.”



Durham, 9/2/19.
[Fear ar lea'-shúil dob eadh Fionnlagh. — L. an L.]



PÁIDÍN Ó RAIFEARTA.



Tá bríste gan bhásta ag Páidín Ó
Raifearta
Casóg gan chába ag Páidín Ó
Raifearta,
Tá lán a tighe páistí aige Páidín
Ó Raifearta
'S d'éaluig Peig Bhán le Páidín
Ó Raifearta.



Curfá:



Páidín 's Páidín is Páidín Ó Raifearta,
Páidín 's Páidín 's Páidín Ó Raifearta,
Páidín 's Páidín 's Páidín Ó Raifearta
D'éaluig Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta.



Nuair a bhím-se sa tsráid is tnáite
's is lag a bhím
Féachaint ins na h-áird i ndiaidh
Pháidín Uí Raifearta
Táim-se gan sláinte 's níl fagháil
mo mhaitheasa



Ó d'éaluig Peig Bhán le Páidín
Ó Raifearta.



Curfá: Páidín Ó Raifearta, &rl.



Tháinig na focail seo ó n-ár gcaraid Tomás Ua
Criomhthain. Pádraig Pléimionn do chuir an ceól
i ngléas dúinn. Fuaramair an port san leabhar
mór ceoil le Captaen Ó Néill, Siceágó, ach d'athar-
ruigheadh cúpla nóta dhe chun é chur i gcóir leis an
abhrán. Finghin na Leamhna.




BRIGHID STAC.



Beidh aithmhéala ar léighthóiribh “An
Lóchrainn” nuair chloisfid gur sgiob an
bás leis an scríobhnóir óg Gaedhilge —
Brighid Stach. An aicíd uathbhásach atá ar
fuaid na dúthaighe a rug chun siubhail i.



Do rugadh Brighid i mbaile iar gcúlta
ar a nglaodhtar Árd na Caithne-Bhaile
fíor-Ghaodhalach ar bhruach Dhúin an Óir.
Ní raibh sí ach 18 mbliana d'aois & do
bhí mór - cháil uirthe cheana féin imeasg
Gaedhilgeoirí mar gheall ar a scríobh-
nóireacht. Do deineadh leabhar beag in
oifig “An Lóchrainn” den Chúntas Cinn
Lae a scríobh sí agus tá sé mar leabhar
Gaedhilge in a lán do na scoileanaibh.
Á h-ollmhú féin chun múinteóireachta is
eadh bhí Brighid. Do bhí sí le dul fé
scrúdú um Cháisc chun dul i gcoláisde
& ní raibh aon-bhaoghal ná go n-eireóchadh
léi mar b'iongantach go léir an mheabhair
is an éifeacht a bhronn Dia uirthe. Ní
raibh aon-fhocal Beurla aici nuair tháinig
sí ar scoil ar dtúis, ná aon - tuigsint
aici air, ach có' beag, ach ní fada a bhí
sí dá fhoghluim, & ní dócha gurbh fhéidir
cailín dá h-aois d'fhághail in Éirinn a bhí
ní ba chlisde i mBeurla ná mar bhí sí
sar ar eug sí.



Is 'mó duais a bronnadh riamh uirthe.
Do thosnuigh sí ar scríobhnóireacht go
h-an-óg ar fad. Ní raibh sí ach deich
mbliana d'aois nuair fuair sí an chéad
duais ar scéilín Gaedhilge agus ó shin
anuas ní dheaghaidh aon staonadh ar a
láimhín euchtach. Ó Nua-Eabhrac féin do
rug sí an chraobh léi ar aisde Gaedhilge.
Airgead, éadach & leabhartha, do bhuaidh
sí iad len a peann beag.



Cad é 'n laochas a chuirfeadh sí fós
ar Ghaodhlaibh len a saothar ar son na
h-Éireann, ach níorbh é toil an Athar
Naomhtha í fhágaint ar an saoghal so. Tá
mí-ádh éigint ar ár máithrín, Éire, ná
fágtar aici éinne a bhíonn ag cabhrú léi,
ach aige Dia féin is fearr fhios.



Truagh mhór linn do bhás, a Bhrighdín
chaoin chneasda. Is deacair linn a chuimh-
neamh go bhfuil do bhéilín binn-bhriathrach
'na thost, do pheann cliste caithte as
do láimh agat go bráth arís. Ón ár
gcroidhthibh eirigheann trom - osna nuair
mhachtnuighmíd ort. Do bhí mhór - dhóchas
againn asat, a stóirín, & níorbh' iongna
san, a Bhrighidín na Gaedhilge binne. Ba
ghearaid é do ré ach is iomdha duine
a chualaidh teacht thart. Ciúin, cúthail,
caoin, sin mar bhís, a mhaoin. Mór cháil
tuillte agat, gan lorg, gan iarraidh.
Is fada a bheidh do chuimhne imeasg na
ndaoine a chuir aithne ort. Lán do chion
ar gach éinne a bhí do chroidhe beag
féinig. Mar gath gréine a bhí do ré
beag ar an saoghal so. Imeasg na
n-aingeal indiu i bhflaitheas Dé taoi.
Do choingibh an t-Uan Geal go glé thu
& do thóg Sé go h-óg thu go Righeacht
gheal Dé.



Bean Aniar.



Táimíd fé dhubhachas ó chualamar an dró' - sceul
so. Beannacht dílis Dé len a h-anam. — Lucht “An
Lóchrainn.”



GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.



MAITH AN tSNAOIS —



“SNAOIS CHORCAIGHE.”



Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.



Tobac sár-mhaith
an dá shaghas so:



“SHANDON PLUG”
agus
“EXHIBITION ROLL.”



Scríobh chugainn-ne:



“CUALACHT LAMBCIN,”
Sráid Naomh Pádraig a 9,
CORCAIGH.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
agus LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Ait atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


Tá ÁTHRAIGHE AIRGID
den tsaghas so go h-oireamhnach
mar BHRONNTANAS BAISTE.



Deinimíd-ne iad san agus an
uile-shaghas eile mar atá —



CAILÍSÍ, CUIRN agus CUACHA,
agus
ÓRNÁIDÍ I bhFUIRM BONN
agus
CROSANA CEILTEACHA,



mar aon
le h-ÉIDE SAGART, LÁSAÍ, agus
COINNLEÓIRÍ.



I gCorcaigh a deintar.



Cuir tuairisc a luach ar
LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA,
de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’



I gCORCAIGH.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
agus BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Ó FÁILBHE MÓR.
(Dráma Duaise).



A lucht cómhráidh anso:



Seán Ó Fáilbhe — seanduine
Aodh agus Domhnal — a bheirt mhac san
Tadhg Ó Duinnín
Seanchaidhe Uibh Ráthaigh
An t-Athair Muiris Ó Beóláin
Fear sceula 'fhógairt (gan eisean dá thaisbeáint
féin).



(Tuille dhe).



Tadhg (go fuadrach do): Agamsa is mó atá
ceart an dei'-sceul fhógairt. Oscail
an dorus dom!



Seán: Cad deir an Seanchaidhe Mór?



Tadhg: An focal adeir, cloisfidh Éire agus
Eoghantacht é.



É do dhul ar a lea'-ghlúin.



Beannuighim duit a Cheannuraid Ua
bhFáilbhe. Go mbu fada buan duit!



Seán: Ná dein fonóid, a Thaidhg Uí Dhuinnín.
A Dhomhnail! 'Aodh! bhfuil labhartha ag
an Seanchaidhe?



Domhnal: Aonne amháin an dá Ruairí,
'athair!



Aodh: Ná labhair-se a thuille, a Thaidhg.
Taoi 'á chur ar mire. Tá cuma geilt
cheana air.



Seán: Dein teagasc dom, a Thaidhg. Duine
bocht seannda me gan eólas gan oll-
mhaithas. Cad is córa dhom a rádh? Cad
is córa dhom a dheunamh?



Seanchaidhe: Tá dhá cheann an scéil tabhartha
le chéile agam, agus ní mór domh-sa
beannú don cheann fine, leis.



É d'eirighe agus do dhul ar a lea'-ghlúin.



Go mbeannuighe Rí na Naomh duit, Uí
Fháilbhe Mhóir! Beir buadh & beannacht!



Domhnal (é do dhul ar a lea'-ghlúin, leis):
Ó Fáilbhe Mór!



Aodh (é do dhul ar a lea'-ghlúin): Maith dhom,
'athair, ar ghrádh th'ainme agus t'uasal-
shloinne.



Seán (é go crithánach): Mise Ó Fáilbhe Mór!
(In a stad do)' Aodh, 'Aodh, beir ar
láimh orm. (Aodh d'á dheunamh san).
Is truagh ná mairean do mháthair mhaith,
'Aodh; bu thógaint croidhe dhi an sceul
so. Chugam-sa anuas a tháinig cáil &
comhacht Ua bhFáilbhe! Ní h-oireamhnach
an áit é seo d'uaislibh Gaedhal. Eirighidh
nbur suidhe. (Iad d'eirighe).



Aodh: Suidh féin go fóil, 'athair.



Seán: Ní shuidhfad, 'Aodh. Neartóchaidh an
dei'-sceul so me. De phrímh-shliocht
Mhíle sinn-ne. Clann na mór-righte —



Aodh: Agus daoine ar an mbaile seo á
rádh ná raibh riamh ionainn ach lucht
dealbhais (dealúis).



Domhnal: Ní gádh an mhóráil! Feuch tímpal
ort ar an mbotháinín sugha!



Tadhg: Cuimhnigh ar an sean leath-rann, a
dhalta:



Ó Fáilbhe go h-uasal mar is dual do bheith,
Ó Fáilbhe 'n 'fhear déirce nó Ó Fáilbhe 'n a
fhlaith.



Seanchaidhe: Tá an rann san ann.



Tadhg: Tá abhar machtnaimh anois ag muinn-
tir Fháilbhe úd sa bhFosadh — lucht an tighe
slinne agus an mhachaire bó!



Seán (ag labhairt do leis an Seanchaidhe): A
dhuine chóir an mhór-léighinn, bu cheart do
Dhomhnal Ó Ceallacháin a chuid leabhar
do chur anso chugat ó Chorcaigh. Bu
chóra gur anso a deunfaí scrúdú
léighinn.



Iad uile d'fheuchaint air le h-iongna. Foth-
rom capaill lasmuigh. An dorus dá bhualadh
ansan.



Teachtaire uaidh é seo, bfhéidir.



An t-Athair Muiris Ó Beóláin (ag labhairt
do lasmuigh): Bail ó Dhia anso!



Domhnal: Cia h-é sin?



Aodh: Guth glan Gaedhlach é. Ní bitheamhnach
'ná báille súd.



Aodh d'oscailt an dorus don sagart. Gan
culaith sagairt air.



Dia bheatha-sa chun an tighe seo!



An Sagart: Muinntir Fháilbhe atá anso?



Aodh: Is eadh.



An Sagart: Níl aon aithne orm-sa sa' taobh
so 'n duthaigh. Ní rabhas riamh chomh fada
so aniar.



Aodh: Bain díot do chóta mór, a chara, led
thoil. Is dóigh go bhfuil sé fliuch.



An Sagart: Ní mór é, go raibh maith agat.
Tá mórán fé dhíon an tighe seo anocht.
An amhlaidh atá an sceul agaibh cheana
féin? Tá fear creidhleach 'á innsint i
sráid-bhaile ná fuil ró-fhada siar as so.



Domhnal (len a athair): Dar liom gur sag-
art riartha na triúcha so é. (É do
labhairt leis an sagart, ansan). Má
bhraithir aon trí-chéile sa tigh se, 'Athair,
ní gan fáth é. Do fógruigheadh sceul
mór anso ó chiainibh beag.



Seán: Gurab é do bheatha do theacht chugainn,
Athair! Níor aithnigheas gur duine den
chléir naomhtha thu.



An Sagart: Síocháin Dé ar lucht an tighe
seo! Is fear liom ná a lán nách mise
is túisce thug an dro'-sceula chugaibh,
ach bfhearr aonne 'á thabhairt 'ná an
duine atá ag teacht im' dhiaigh. Bhí a
raibh thiar go gnóthach i bhfeighil an arbhair
agus thánag féin. Bíodh misneach agat,
a Sheáin Uí Fháilbhe, bfhéidir go ndeun-
fadh Dia fuascailt ort.



Seán: Ní baoghal dom mhuinntir bhrúite,
feasta, 'Athair, óir béad-sa mar sciath
chosanta aca. Fan go gcruinnighean
mo chine-se — gach n-aon díobh, ó Chorca
Dhuibhne is ó Uibh Ráthach is ó Dheasumhain
agus ní baoghal d'aonne aca ón lá san
amach.



Domhnal: Suidh anso, 'athair.



É do bhreith ar láimh ar Sheán. Eisean
amhail duine go mbeadh taidhreamh 'á dheunamh
do.



Aodh: Cad é an truagh atá agat dúinn,
'Athair. An amhail ná fuil fios ár
scéil agat?



An Sagart (ag feuchaint in a thímpal do ar
an gcuideachtain): Is dóigh gurab iad
so na cáirde a thug chugaibh an sceula?



Clog d'á bualadh, lasmuigh; é tamal maith
ón dtig. Iad go léir d'éisteacht leis.



Feuch go dtáinigh sé siúd chomh luath
liom, nách mór!



Tadhg: Níl a sceul súd 'ná do sceul-sa
againn fós, 'Athair. Cad é sin adeir
se?



An clog dá bhualadh arís agus sceul d'á
innsint ach gan 'é d'á chlos i gceart aca.
Gan aon spéis ag Seán in aon ní ach é ag
bagairt a chínn leis, anonn is anall, go
sásta.



An Sagart: Siúd é an dro'-sceula anois
agaibh, a cháirde, & is peannaid domh-
sa é.



Aodh: An é ainm m'athar atá 'á luadha'
aige siúd?



An Sagart: Is é, agus is ró-oth liom-sa san,



Domhnal: Ní chloisim ró-mhaith é, 'Athair.
Tá an ghaoth 'á thoirmeasc orm. Cad
deir sé, 'Athair?



An clog dá bhualadh arís is an sceula 'á
innsint ar an gcuma gceudna.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Seán (ag labhairt do in árd a ghutha amhail a
bheadh sé ag cainnt le lucht freasdail):



Ceud mart ramhar!
Deich ndabhach den lionn seannda!
Dabhach fíona ó Phluais Doire Fhionáin!
Ceud brat den síoda is míne,
Agus ceud cláirseach!



É do leanamhaint d'á chainnt in a chogar.



An Sagart: Fan-se taobh leis, 'Aodh.



Aodh: É siúd amuigh atá ag tabhairt seana-
scéil éigin chun cuimhne m'athar. Is dóigh
dá mbu sceul ar foghnamh é siúd go
mbeadh sé innste fadó agat-sa, 'Athair?
Cad é an sceul dubhach é? Ta orm-sa
dul amach i mbun mo chuid eórnan.



An Sagart: Do chuid eórnan?



Aodh: An baoghal di?



An Sagart: Do chuid eornan, do chuid
talmhan is do thigh — díolfar gan mhoill
iad, ar an gcros-bhóthar! Sin é an
sceul atá dá fhógairt. Bu mhaith liom
dá bhfeudainn teacht i gcabhair oraibh.



Aodh: An gabháltas beag so m'athar — mar
a rugadh is mar ar tógadh sinn — é bheith
dá dhíol! Marbhócha' sé m'athair bocht!



An Sagart: Beidh airgead dá thairigsint
air gan mhoill. An bhfeudfadh t'athair
aon tairigsint do dheunamh?



Aodh: Níl de stór fé dhíon an tighe seo ach
leabhar — leabhar d'innis dúinn sceula
móra ar maidin!



An Sagart: Is baoghal liom go dtógfar a
bhfuil agaibh mar sin.



Aodh: Táimíd gan feidhm, 'Athair. Níl sa
tsaoghal againn ach an leabhar san.



Seanchaidhe: Clann Fháilbhe gan feidhm gan
áitreabh!



An Sagart: An bhfuil cabhair le fághail ó
Ó Fáilbhe Fosaidh?



Aodh: Níl aon mhuíntearthas eadrainn. Tá
acfuinn aca súd, ach ní le macántacht é.



An clog dá bhualadh & an sceul dá innsint.
Cuid de 'á chlos: “An gabháltas atá ag Seán
Ó Fáilbhe …”



Tá ainm m'athar dá luadh ar fuaid an
cheanntair mar seo! Táthar ag cómh-
reamh an óir cheana féin i gcóir lae na
reice. Roinnt bheag tailimh & sainnt
ar gach n-aon chuige!



Aodh do phreabadh amach ar lár an úrlár
ansan. É do chur cluaise air féin.



Ó! dar Muire!



Torann dá chlos i bhfad uatha, amhail treun-
tuille uisce. An clog d'á bhualadh arís.



Buail leat, 'fhir na creidhleach! Tá
an claidhe mór ar lár. Tá ár gcuid
scuabtha ag an abhainn. Buail leat
'fhir na creidhleach! Tá Ó Fáilbhe dá
ruagairt as Lios Gamhan! Eirigh id
shuidhe 'athair. Tá scartha go deo
againn le Corca Dhuibhne, is le h-Uibh
Ráthach is le Deasumhain. Eirigh id
shuidhe, 'athair, ní call duit aon duairc-
eas croidhe. Tá sceul mór agus fiche
sa leabhar gan innsint fós!



Seán: Sceul is fiche. Maith é sin, dar Duach!
Tá deire le dealbhas is le ganna-
chúise. Tá deire le dian-saothar is
le sclábhacht. Ta fleadh dá h-ullamhú,
a cháirde is a dhaoine muínteartha.
Fearaim fáilte is fiche ó chroidhe roim
gach n-aon díobh. Tá slighe anso don
uile fhlaith gona ghiolla is gona chapall.



Dia bheatha-sa ad' shláinte a Thiarna-
Ab ó Mhuc-Ros! Bu shinnsear dom
Amhlaoibh úd Ó Fáilbhe do chuir an
Mhainistir sin ar bun i mbliain a míle,
a dhá cheud, a cúig is trí fichid. Tá
árd-trácht ar an Amhlaoibh sin sa
tseanchus. Is maith liom do theacht-sa,
dá bhrigh sin, a Thiarna-Ab.



Agus sid é agaibh mo mhac, Aodh — an
té is táiniste dhom. Tá sé le pósadh
amáireach cois Léin-Locha, le h-inghean
don Chárthach Mhór. Is í an peurla is
gile sa Mhumhain í.



Agus seo é agaibh Domhnal atá d'éis
filleadh abhaile indé. Bhí in a dhalta
dhil ag Ó Donnchadha an Ghleanna le
cúig bliana; agus a bhfuil de léigheann
i nGleann Fleisce tá in a cheann indiu
aige. Reult eolais Sliocht Fháilbhe é
feasta. Go Salamanca sa Spáinn
a bheidh a thriall d'éis na Bealtaine,
agus mac le h-Ó Néill Mór mar
chomrádaighe aige.



An chlog d'á bhualadh arís.



Tá mo mhuinntir ag feitheamh liom
thall ag Lia na mBreitheamhan. Tá
breith is fiche le tabhairt indiu agam.
Tá fear garmtha an dúna so ag
glaodhach orainn. (Ag caint do le
Seanchaidhe Uibh Ráthaigh). Is mór é do
chabhair-se, 'ollamh liom, bu mhinic dom
tuirse orm mura mbheadh tu.



Níl ag á lán dem mhuinntir-se ach
gort nó dhó; ach machaire, dar leó, is
eadh gach gort aca san. Lucht mór-
chúise iad, ach ní tógtha san ar mhuinntir
na fola uaisle.



Táthar ag feitheamh liom. Gluaisídh
libh, a mhuinntir ó. An tósach díbh-se,
a phíobairí na bport mbinn!



É do dhul de choisimtheacht tomhaiste fé
dhéin an doruis.



Domhnal: Fan istigh anocht, 'athair. Tá an
duthaigh fé uisce. Feuch!



Domhnal d'oscailt an doruis do. An áit
lasmuich fliuch agus anaithe gaoithe ann.



Seán (agus preab d'á baint as): 'Aodh!
Aodh! Tá ár gcuid arbhair millte!



É do thitim. Iad uile do rith chuige.



An Sagart: Fanaidh siar uaidh. (Le h-Aodh)
Cá bhfuil 'árus codlata? Árduighidh
go réidh é.



Domhnal: 'Athair, a chroidhe, labhair linn,
'athair! (Leis an sagart) An bhaoghal
dó, 'Athair? —



An Sagart: Ní baoghal, a mhic ó, cuirfe sé
dhe é.



Aodh: Tá lóchrann istigh sa tseómra, a
Thaidhg, las é.



Tadhg do dhul isteach sa' tseómra.



An Sagart: Árduighidh isteach anois é — go
réidh!



É do rádh na paidre seo de ghuth íseal:



Averte faciem tuam a peccatis eius
et omnes iniquitates suas dele.



Iad dá bhreith isteach sa tseómra eile.
Seanchaidhe Uibh Ráthaigh in a aonar ansan.
Tadhg do theacht thar n-ais d'éis lea'-nómait.



Seanchaidhe: An beó dho?



Tadhg: Is eadh.



Seanchaidhe: An mairfidh sé?



Tadhg: Mairfidh.



Seanchaidhe: Is truagh liom san. Is truagh
lem chroidhe é!



(A Chríoch).



Domhnal Ó Corcra (is ughdar do “A Munster
Twilight”) do rinne an dráma san. Iar n-a thionn-
tó go Gaedhilg do Sheán Tóibín. Do bronnadh an
cheud-duais (a leath) ar an dtionntó san ar an
Oireachtas i mbliana (1918).



Mícheál Ó Cuileanáin do dheachtaigh an rann aoir.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
a 2, 3, 9, 10 An Mheadhon-tsráid Theas
(2, 3, 9, 10 South Main Street).



CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua.
tta.,



I gCORCAIGH,
in a thaobh.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.
Uaim-se gheobhair san.



agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraidhe. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA & a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



EUDACH
BUAN - tSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
I gCORCAIGH.



BÍ GO FIAL
I mBLIANA,



A CHARA,
AGUS
TABHAIR



SÍNTIÚS MAITH MÓR
UAIT,



NUAIR A BHEIDH



SEACHTAIN NA
GAEDHILGE ANN



ÓN 16adh lá go dtí
an 23adh lá de
MHÁRTA, 1919.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services