Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eanair, 1919
Title
Eanair, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
2d. AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 34. EANAIR, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha. EÓINÍN. I. Tráthnóna breágh samhraidh a bhí ann. Bhí obair an lae críochnuithe, & bhí solas s an lae ag dul i luighead is i luighead, agus scáil dhubh na h-oidhche ag dul i dtreise, is i dtreise. Is beag fuaim a bhí le clos. D'aireóchá-géimreach bó anois agus arís, nó séis na n-éan agus iad ag cur fútha i gcóir na h-oidhche. Bhí síocháin & suaineas ar an ndúthaigh go léir; ach ní raibh suaineas ná síocháin ag Eóinín bocht. Bhí sé sa bhaile le h-ais na teine, a lámh fé'n a chorrán aige, a uille ar a lea'-ghlúin, agus deora le'n a shúilibh. Bhí teinneas fiacal ar an ngarsún mbocht. Bhí a mháthair go gnóthach ag dul ó'n dteine go dtí an bórd, agus ó'n mbórd go dtí an teine. Bhí béile d'athair Éóinín dá ullmhú aici. Anois & arís, do labhradh sí go caoin cneasda le'n a maicín dólásach. 'Sa deire bhí gach ní ullamh aici — an bórd & an biadh; agus nuair a bhí, do shuidh sí ar an stól i n-aice an leinbh, agus do thóg sí chúiche a cheann beag te ar a baclainn. “'Bhfuil aon lagú ag teacht ar an bpéin, a laogh?” ar sise leis. “Níl, a Mham,” ars' Eóinín, “ní féidir liom é 'fhulaing níos a shia” — agus do thosnuigh sé ar ghol. “Ó, faire fút!” ars a mháthair. “Glac misneach. Fulaing ar son Íosa é. Is le grádh dhuit a thug sé le fulaing duit é.” “Conus san?” ar seisean. “Dá mbeadh grádh agam-sa do dhuine, agus go bhféad- fainn rudaí deasa do thabhairt do, ní teinneas fiacal a thabharfainn do.” “Leis sin d'airigheadar coiscéim amuigh. Tháinig athair Eóinín isteach. “Cad tá ar Eóinín?” ar sé. “Tá teinneas fiacal,” ars a mháthair, “agus níl aon tsos aige dá fhá'il uaidh.” “Cuir an fear bocht a chodla,” ars an t-athair. “In a leabaidh is fearr dó bheith.” Do cuireadh Eóinín a chodla. Thug a mháthair póg do, & d'fhág sí 'n-a sheomra bheag é. Níor fhéad an garsún bocht an codla mhealladh chuige féin go ceann i bhfad leis an dtinneas. Bhí sé ghá únfairt féin anonn 's anall ar feadh uair a chloig; acht sa deire thiar thall, le neart tuirse, do thuit a chodla air. Uair éigin amach san oidhche do dhúisigh sé. Bhí an teinneas fiacal fós air. Do mhothuigh sé go raibh duine éigin in a láthair, agus gurbh é an duine sin fé ndeara dho dúiseacht. Ar a shon san ní raibh scáth ná eagla air. D'eirigh sé aniar ar a uillinn sa leabaidh, agus do chonnaic sé 'n-a sheasamh ar thaobh na leapthan buachaill beag óg áluinn. Bhí fáth'gáire ar a bhéal, ceann beag fionn air, scáil sholais 'n-a thímpal, agus é go léir taithneamhach thar meón. “Bhfuil an teinneas fiacal ad ghortú go mór?” ar sé le h-Eóinín. “Tá, mhuise,” arsa Eóinín go trua'- mhéileach. “Tabhair póg dom,” arsa leanbh an chinn bháin, “agus ní bheidh sé ad ghortú a thuille.” Leis sin do dhruid sé isteach chun Eóinín, & do shín Eóinín é féin amach 'n-a choinnibh, agus do thug sé póg do. Déis na póg sin do mhothuigh sé a chroidhe ar lasadh le grádh do'n “leinbhín áluinn fionn,” agus do leighiseadh láithreach ó'n dtinneas é. “A raghaidh tú ag súgra liom?” ars an leanbh. “Raghad,” arsa Eóinín, “acht ní fuláir dom cead fhá'il óm' mháthair ar dtúis.” Do léim Eóinín as an leabaidh, agus do chuadar araon isteach go seomra máthar Eóinín. “A mham, arsa Eóinín, “an misde dhom dul amach ag súgra leis an leanbh geal iasachta so?” “Ní misde, go deimhin, a chuidín,” arsa mam, “ba mhaith liom gurbh é bheadh ag súgra go deó leat. Do phóg Eóinín a mháthair, agus d'imthigh an bheirt amach. Ar ndul amach dóibh do thug Eóinín fé ndeara go rabhadar araon ar chliathán an tsléibhe a bhí ar aghaidh an tighe amach. Ní fheidir sé conus a thánadar ann, acht ar aon-chuma is ann a bhíodar. Rud iongantach eile: Bhí an ghrian ag taith- neamh go gléineach, na h-éanlaith ag can- tain go suairc, na beacha & na cuileana ag déanamh dórdáin 'n-a dtímpal. Bhí radharc aca ar an bhfarraige, agus ar chapallaibh bána Mhanannáin ag rith chun tíre go léithmhar, léidmhach, & dá mbris- eadh féin i gcoinnibh na bhfaillteach fé'n a bun. D'fhan an leanbh iasachta agus é féin ag súgra ann go ceann i bhfad. Ba mhilis le h-Eóinín bheith 'n-a fhochair, agus bheith ag éistheacht len a chaint bhinn shuairc. Do phiocadh sé dórnáin bhláthana, agus do thugadh sé mar bhronntanas do Eóinín iad. Fé dheire do tháinig tuirse ortha. Do luigheadar thársa ar an bhfionnán mbog ag éisteacht leis an ngaoith ag séideadh tríd an bhfraoch. I gcionn tamaill do labhair an leanbh: “Bhfuil grádh agat dom, 'Eóinín?” ar sé. “Tá, gan amhras,” ars Eóinín. “Ca' n-a thaobh ná beadh? Ní raibh do leithéid de chomráda riamh agam.” “An bhfuil éinne eile beó is annsa leat ná mise?” ar sé. Do stad Eóinín ag machtnamh. “Tá cion mór agam ort,” ars Eóinín, “acht is mó an cion atá ar mo mháthair agam ná tá ar éinne eile beo. Níor labhair leanbh an chinn bháin gíog; acht i gceann tamaill bhig dubhairt sé go h-obann: “Tá máthair agam-sa leis: Ar mhaith leat í' fheicsint?” “Ó! ba mhaith go dheimhin,” ars Eóinín, agus fonn a chroidhe air. “Beir ar láimh orm, mar sin,” ars an leanbh, “beir ar láimh orm, agus dún dho dhá shúil.” II. Do dhein Eóinín rud air. “Oscail do shúile anois,” ars an leanbh. D'oscail Eóinín a shúile, agus b'iong- antach an radharc a chonnaic sé. Bhí tig a mhuinntire agus a raibh tímpal air — cnoc, an fharraige — imthithe gan tuairisg. Bhí an bheirt 'n-a seasamh ar bhóthar gharbh dhro'-dhéanta i dtír éigin eile. Tír fhair- sing, réidh ab eadh í, acht amháin go raibh cnocáin bheaga ag eirighe anso agus an súd tríthe. Níor bh'ionann na crainn a bhí ag fás ann agus na crainn ag baile. Na géaga agus duilleabhar a bhí ortha — thuas ar fíor-bhárr na gcrann is eadh bhíodar ag fás. Bhí a lán tighthe beaga Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. Tigh “An Bhata Droighin Éille” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’ Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, Corcaigh. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. Seán Ó Curráin, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. os cómhair na leanbh, agus mór-chuid bláthana ag fás 'n-a dtímpal; ach is é an rud is mó chuir iongna ar Eóinín i dtaobh na dtighthe — go rabhadar an-íseal, agus go raibh cinn ortha mar a bheadh úrlár. Bhí bean 'n-a seasamh sa doras i gceann des na tighthibh sin. Bhí cion & fáilte le feicsint 'n-a ceannachaibh agus an mhion-gháire bhog ar a béal. Do dhein an bheirt fé'n a déin. Do rug sí lom barróige ar an leanbh áluinn, agus do labhradar le chéile i dteangain nár thuig Eóinín. Chuir sé sin brón ar Eóinín, mar bhí eagla air ná féadfadh sé caint léi. Acht níor fhág sí an brón i bhfad air. D'iompuigh sí a súile ceannsa gorma air, agus dubhairt sí: “Is tusa mo leanbh, leis — Eóinín beag ó Éirinn” do phóg sí é, agus do chuadar a dtriúr isteach sa tigh. “Tá ocras anois oraibh, a leanbhaí,” ar sí. “Tá, agus tart, a mhathair,” ars an leanbh. “Cad do bhí agaibh ghá dhéanamh,” ar sí, agus do chuir sí arán agus fíon ar an mbórd chúca. “Bhíomar ag súgra ar feadh tamaill ar thaobh an chnoic, a mháthair. Ansan do tháinig tuirse orm-sa, agus do shíneas ar an bhfionnán ann, agus do phioc Eóinín bláthana, agus do thug sé, chugam-sa iad. Ansan do shín sé féin im' aice.” “Agus cad a dheinis leis na bláth- anaibh?” “Do chuireas sa talamh arís iad.” “Tá bláthana breaghtha i n-Éirinn,” ars an mháthair. “Beidh siad i bhfad níos breághtha fós ann,” ars an leanbh. Déis tamaill a chaitheamh ag caint leis an mnaoi áluinn, dubhairt an leanbh go ndéanfadh sé Eóinín a thionnlac abhaile D'fhágadar slán aici ansan, agus do ghluaiseadar ortha. Nuair a bhíodar tamaillín ó'n dtigh do labhair an leanbh. “Beir ar láimh orm,” ar sé, “agus dún do dhá shúil.” Do rug Eóinín ar láimh air, acht sar ar dhún sé a shúile do thug sé féachaint i 'n-a dhiaidh ar an dtigh. Bhí an bhean 'n-a seasamh sa doras, agus í ag féachaint i dtreo an mhic. Bhí an oiread san bróin le feicsint 'n-a súilibh go dtáinig na deóra chun súl Eóinín. D'fhéach an bhean air féin ansan, agus dhein sí mion-gháire. Tríd an mbuairt go léir a bhí 'fhios aige bheith uirthe do bhí muintearthas & ceann- sacht chómh mór sa bhféachaint sin gur las croidhe Eóinín le truagh & le ghrádh dhí. Ansan do dhún sé a shúile. Bhíodar thar n-ais ar chliathán an tsléibhe sa nómat céadna. Shuidheadar ar an bhfionnán arís. Bhí eagla ar Eóinín go gcuirfead sé buairt ar an leanbh dá bhfiaruigheadh sé cúis an bhrón a bhí ar an máthair. Fé dheire, ámhthach, do labhair sé 'n-a thaobh. Níor dhein an leanbh acht breith ar láimh air. “Dún do dhá shúil,” ar sé. Do dhún. “Oscail anois iad,” ars an leanbh. D'oscail; acht chonnaic sé go raibh sgamall dubh dorcha 'n-a dtímpal i dtreo ná táinig leis dada 'fheicsint. I gcionn tamaill do chuaidh sgaipe' ar an sgamall, nó do chuaidh a shúile i dtaithighe an dorchadais, agus diaidh ar ndiaidh do thug sé an peictiúir uathbhásach go léir fé ndeara. Bhíodar 'n-a seasamh ar chnoc chlochach. Bhí crois mhór d'adhmud gharbh 'n-a seasamh sa talamh ar a n-aghaidh amach. Bhí duine ar an gcrois — é lom- nachta — rian droch-úsáide air — tairngí móra, ceann trí gach deárnain leis, agus ceann trí 'na chosaibh ghá chiomeád ceang- uilte de'n chrois — coróinn deilgne ar a cheann — at in a ghruadh — gan órlach slán 'n-a chorp ó bhonnaibh a chos go mullach a chinn. Bhí saighdiúirí agus sluagh de dhaoinibh droch-mhúinte cathrach tímpal na croise, agus iad ag magadh & ag fonóid fé'n té bhí céasta. Is áirithe go bhfuaradar sult mór sa mhagadh, mar d'fhanadar ghá dhéanamh i bhfad. Acht do tháinig an t-am sa deire' go rabhdar tuirseach de, agus d'imthigheadar. Ansan do tháinig gasra bheag de shórd eile daoine chun bun na croise. Mná ab eadh a bhfurmhór. Bhí bean acaso 'n-a seasamh ann — brón agus céasadh croidhe léirithe 'n-a ceannachaibh — acht ní raibh gol ná bualadh bas, ná réabadh fuilt aici. Bhí sí chómh suaineasach le bárr locha lá dorcha ceóigh. Bhí fear óg 'n-a h-aice, & é buartha, dólásach mar an gcéadna. Bhí bean ar a glúnaibh ag bun na croise, & fuil an té bhí anáirde ag sileadh anuas uirthe. Ba chradhsgalach an radharc é! Bhí na deóra móra i súilibh Eóinín. Do thuig sé an sgéal go léir. Bhí fhios aige go maith cad fé ndeara an bhuairt a bhí i súilibh máthar an leinbh & í 'n-a seasamh sa' doras. Bhí fhios aige gur bh'ionnan an leanbh féin agus an fear bocht a bhí ag saothrú an bháis ar chrois na bpian. D'fhéach sé uaidh anonn ar ghnúis an fhir sin. D'fhéach an fear thar n-ais air go grádhmhar agus go ceanamhail i n-aindeoin na bpian go léir. Do rith sruth deór ó shúilibh Eóinín. Do rug sé barróg ar an leanbh, agus d'fháisg sé chun a chroidhe go dlúth é. “Grádhaim Thú,” ar seisean. “Grádhaim Thú os cionn gac uile ní beó. Is ar mo shon a fhuilingís pianta cruadha an bháis. Is chun mise a shábháil a dheinis é. Mo pheacaí fé ndeara é. Nár chóir dómh-sa rud beag éigin d'fhulang ar Do shon. Tabhair an teinneas fiacal thar n-ais dom agus déanfad é 'fhulang le foidhne. Tuigim anois an rud adubhairt mo mháthair — gur le grádh dom a chuiris orm é.” “Is le grádh dhuit a chuireas ort é, & ní chuirfead arís ort é. Ach ná bíodh eagla ort ná go mbeidh rud éigin agat le fulang i gcómhnuidhe. Is maith an rud é má dhéineann tú é 'fhulang ar “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
Mo shon-sa. An té bheidh páirteach Liom IM pheanaid, beidh sé páirteach liom IM ghlóire.” D'fháisg Eóinín le'n a chroidhe arís an Leanbh. “'Íosagáin,” ar sé, “is Tú mo stór; is Tú mo chuid de'n tsaoghal!” III. Bhí an ghrian ag taithneamh isteach sa t-seomra lá ar na mháireach nuair a dhúisig Eóinín as a chodla. Bhí briata bog gaoithe ag séideadh tríd an bhfraoch; na cuileoga agus na beacha ag déanamh dórdáin; na h-éanlaith ag cantain go suairc. Bhí a mháthair 'n-a seasamh in a aice. Do phreab sé 'n-a shuidhe sa leabaidh mar bhí sé chómh h-éasca le breac. “Seadh, 'Eóinín, a laogh, conus tá'n teinneas fiacal?” ar sí. “Níl pioc de orm, a mháthair, do leighis Íosagán mé,” ar sé, agus ceol na bhflaitheas 'n-a chroidhe. Do tháinig iongna & áthas i n-aonfheacht ar an máthair nuair a chuala sí an sgéal go léir ó Eóinín. “Ba thaithneamhach an taidhreamh é, a leinbh,” ar sí. “Níorbh aon-taidhreamh é, a mháthair,” ars Eóinín. “Nách cuimhin leat go dtugais féin cead dom dul ag súgra le h-Íosagán beag?” “Do thabharfainn, agus arís,” ars a mháthair; “agus b'fhearr liom gurb' é bheadh ag súgra go deó leat.” Agus do thug sí póg do. Bráthair (ón nGleann Mín) do scríobh. OBAIR NA h-AITH-BHLIANA. Ní misde do gach aicme daoine ar thalamh an domhain bheith 'na lán ndúis- eacht an tráth so agus níl dream ar bith go n-oirfeadh an rud céadna dhóibh níos mó ná do lucht na Gaedhilge. Mar linn féin de, deunfam ár gcion féin chomh maith le cách, le congnamh ár léigh- theóirí. Is mó saghas congnaimh ba mhaith linn 'fhághail ach ní iarrfam anso ach an méid seo .i. go ndeunfadh gach léightheóir iar- racht ar sceulta taithneamhacha, bídís nua nó aosta, a sholáthar dúinn. Tá an-chuid filidheachta againn nár cuireadh fé chló riamh, ach beidh fáilte againn roim abhrán deas i gcomhnaidhe. Aon rud a cuirtar chugainn bu mhaith linn é bheith chomh gairid is is féidir & é scríobhta go soiléir ar aon taobh amháin den pháipeur. Sceul deas é seo a chuir an bráthair óg úd chugainn (“Eóinín”). Is oth linn ná raibh slighe againn do roime seo. “An Lóchrann” (F. na L.) LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. CÁ RABHAIS AR FEADH 'N LAE UAIM. Mairisil Ní Mhurthuile do chuir síos an ceól dúinn. Gléas F. Cá rabhais ar feadh 'n lae uaim, a bhuachaillín óig! Cá rabhais ar feadh 'n lae uaim, a laoigh ghil 's a stóir? A' fiadhach 's a' fobhlaeracht, a mháithrín ó, Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leór! Cad ithis dot' dhinnéar, a bhuachaillín óig? Cad ithis dot' dhinnéar, a laoigh ghil 's a stóir? D'itheas sicíní nimhe bhí ar phláitíníbh óir, Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leór! Cad fhágfair 'ge t'athair, a bhuachaillín óig? Cad fhágfair 'ge t'athair, a laoigh ghil s a stóir? Cóiste 's ceithre capaill, a mháithrín ó, Agus cóirigh, &rl. Cad fhágfair 'ge d'mháthair, a bhuachaillín óig? Cad fhágfair 'ge d'mháthair, a laoigh ghil 's a stóir? Mo bha 's mo chuid tailimh, a mháithrín ó, Agus cóirigh, &rl. Cad fhágfair 'ge d'mhnaoi pósta, a bhuach- aillín óig? Cad fhágfair 'ge d'mhnaoi pósta, a laoigh gil 's a stóir? Fágfad croch chun í chrochadh is teud láidir chóir, Agus cóirigh, &rl. Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín óig? Cár mhaith leat bheith curtha, a laoigh ghil 's a stóir? I dteampall Chill Mhuire, a mháithrín ó, Agus cóirigh mo leabaidh táim breoite go leór. (B'amhlaidh thug a bhean phósta nimh do). Fuaireas é seo ó fhear de mhuintir Chonchubhair ó'n mBonán mórán blian ó shoin. Do chuala “a chuid de'n tsaoghal mór” sa tarna líne & “táimse tinn breoite is leog dom go fóil” sa cheathramha líne de gach bheursa ag duine éigin. Is do chuala “fuaireas dhá eascún úra & salann is nimh brúite” ag duine eile fós sa' trímhadh líne de'n tarna bheursa. Finghin na Leamhna. SEAN-CHRÚNCA FIR ADUBHAIRT. Go scaraidh an lacha le linn do shnámh', Go scaraidh an eala le clúimhín bán, Go scaraidh an madra le creim na gcnámh, Ní scarfaidh an ghanguid le h-inntinn mná! As na mnáibh cé mór bhúr ndóigh, Is fada dóibh ag dáil le gaoith, Tearc neach ná mealluid siad; 'S is mairg do leigeas a rún le mnaoi. S. Ua L. DO CHABHAIR-SE, A CHARA! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla, tá le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilge go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID DÁSON, A 45, BAILE - ÁTHA - CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” IM AR FHEABHAS AN DOMHAIN É SEO: IM C.C.C. Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.’ ar chlúdach gacha bosca. Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh sa' 21adh tigh ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE (Merchants' Quay), I gCORCAIGH. NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ EILE IN ÉIRINN ACH PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PHÁDRAIG N. A 105, (‘LUKE BURKE’) CORCAIGH. Gach cóir chun tig do dheunamh ÓN ÚRLÁR GO BÁRR AN TIGHE: Adhmad, Táthán agus Slinnte; Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus Bácúsa; Dathán, agus an uile shaghas Íle 'gus Ola. Tá le fághail ó ‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’ I gCORCAIGH. Scríobh chúca. COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaig atá idir a 16 agus 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DIA LE GAEDHLAIBH! Go mbuadha Dia go Ghaedhlaibh i rith na Nua-bhliana, & Dia le fir ár gcroidhe istigh atá ag fulang pianta ar mhaithe le h-Éire! AN FIACH DUBH. (R.I.P.) Do'n Tóibíneach. Agat-sa agus ag ‘An Seabhac’ is feárr atá 'fhios an méid oibre dhein an Crócach ar son na Gaedhilge i gCorcaigh agus i gCiarraidhe. Do lean sé de'n saothar cheudna ó tháinig sé go Lugh-Mhaighe agus dar ndó bhí fáilte againn roimis, nuair tháinig sé mar bhí 'fhios againn gur mar gheall ar an méid bhí 'á dhéanamh aige do'n Ghaedhilg d'aistrig Gaill é ó Chill Áirne. Is aige bhí an Ghaedhilg bhreágh & blas ó'n sliabh uirthe. Do casadh cainnteóirí maithe Gaedhilge liom ó gach thaobh d'Éirinn ach níor airigheas aon-chainnteóir ba mhó thaithn liom 'ná é. Agus do réir mar chloisim ní raibh an teanga aige ó'n gcliabhán mar ná labhartar puinn di san áit nar rugadh é i ndúthaigh Chairbre. Seachtain sul ar bhuail an phláig é bhí sé ag caint liom thar leabhrín beag a bhí idir lámha aige, “Litreacha Gaedhilge don aos óg.” Bhí suim mhór aige sa “Lóchrann” agus ó tháinig sé go Dún Dealgan tá an páipeur dea'-Ghaedhilge sin le fághail ins na siopaithibh ann. 'Sé an rud is deunaighe d'ár dhein sé 'ná im-litir do chur mór-thimcheall go dtí n-a cháirde ghá iarraidh ortha síntiúsaí do'n “Lóchrann” a thabhairt uatha. Cúis bróin do gach Gaedhilgeóir bás an Chrócaigh. Bhí spioraid fír-Éireannaigh ann, agus tá Gaedhil Lugh-Mhaighe go buartha brónach in a dhiaidh. I gcaitheamh an tsamhraidh seo ghaibh tharainn bhíodh sé go minic in aonfheacht linn cois na farraige, nó ar bhruach na h-abhann, nó in áirde ar shean-chaisleán, nó le h-ais tobair bheannuithe éigin. Fóríor geur, é bheith anois fé'n gcré — ár ndeagh-chara croidheamhail — i dteampall Naomh Pádraig i gcómhgar Dúna Dealgan. Imeasc a shínsear Gaedheal, i bhFlaitheas geal Dé, go raibh a anam indiu! Tá truagh croidhe ag Gaedhlaibh Lugh- Mhuighe d'á mhnaoí mhaith chéile is d'á mhaicín gleóite ar a nglaodhadh sé féin “An Buachaillín Bán.” Uaithne Ó Lochlainn, Lugh-Mhuighe. CLAMHSÁN. Bean ó'n dtuaith a tháinigh go Dún Garbhan, agus chuaidh isteach i siopa chun bróg do cheannach, ach bu leadránach í ag tosnú ar an ngnó. Fear an Tighe: Ó sé do beatha chugainn, a bhean mhaith! Is fada anois nár bhuail tú isteach. Connus táir? An Bhean: Ó, go maire' tu, a Sheáin. Dar ndó, níl aon mhaith a bheith ag gearán & an saoghal atá ann — tá gach aoinneach agus a ghearán agus a chúis ghearáin féin aige. Seán: Maite, mhuise, is tu féin atá go bríomhar aibidh ag feuchaint, a Mháire, pé mar a dheunfaidh aoinne eile. Máire: Táim, mhuise, d'iarraidh bheith amhlaidh. Dá mbeadh an galar atá ag gabhail domh-sa ag gabhail duit-se, bheadh fios agat. Tá pian i ngach aon chnámh riamh liom, ach ná leigim orm é. Ní bhfuaireas triall ar an mbaile mór le ráithe aca. Seán: Dathacha, is dócha. Is olc an galar sin. Ná rabhas féin blianta caithte cráidhte aca — leath na h-aimsire sínte ar chnámh mo chúil gan ionnam suidhe 'ná seasamh leó? Máire: Agus connus dh'éirigh tú asta? 'Dé'n leigheas a fuairis dóibh? Deir- tear liom-sa ná fuil aon leigheas dóibh ach leigin dóibh ciora mar a bhladhmann siad. Seán: Éist, a bhean, agus bíodh ciall agat. “Ní lia galar 'ná leigheas.” Cad chuige tá na dochtúirí ann, ach chun leighis? Téir isteach go dtí an dochtúir agus innis do ghearán dó. Máire: Agus an é siúd 'leighis tusa? Seán: Cé eile dheunfadh é? Máire: Galar gan díobháil a bhí ort, a mhic ó, ath-fhás nó trálacha, nó rud éigin mar codla grífín a bhí ag gabháil duit. Seán: Is dóigh leat gurbh é do dhála féin agam é, is dócha? Máire: Ní dóigh ar aon chor, ach is dóigh liom ná fuil de mhaith i ndochtúiribh ach a bheith ag creacha na ndaoine. Ní dhíolfadh mo chúil-fhiacla as córacha dochtúra. Seán: An sean-sgéal i gcomhnuidhe — an t-airgead agus an cámas, ach cuimhnigh go bhfuil sean-fhocal ann — “ag breith na pingne agus ag cailleamhaint na sgillinge.” An fhaid a bheir ag claoidh leis an ngalar sin, beir ag cailleamh- aint na sgillinge & ag breith na pingne. Máire: Is fhíor san, ach tá sean-rádh eile ann “go n-imthigheann an t-airgead & go bhfanann an óinseach.” Ach maidir liom-sa dhe, a mhic ó, táim bog ar shean- ráidhte mar is gann agam an phingin ná an sgilling. Seán: Ó, 'seadh arís é, & sibh lán d'airgead, agus tá a rian air — tá eagla bhúr gcroidhe oraibh go mbeidh aon deire leis an gcogadh so. Adeirim-se, agus adeirim gan bhréig é, go b'é seo an cogadh le h-ádh do feirmeoiribh na h-Éireann. Máire: Tá do chaint go breágh bog agat. Cá bhfuighmis-ne airgead? Feuch ar gach aon earra níos daoire ná a chéile. Ní troime an gual ná a luach de phingníbh. An plúr agus an t-arán atá ar an saoghal, tá raol i n-aghaidh na pingne air, agus ní biadh do mhadra é. Fiú an bhoiscín ‘maitseanna’ tá trí pingne air, agus i gcursaí siúicre níl sé le fághail ar ór ná ar airgead. Agus annsin an ball beag eudaigh nó péire bróg atá uait — dada ach ná bíonn an croiceann is a luach ag lucht siopaithe, mar ní daoire go daoireacht an bhaill, & ní dona go donacht an bhaill. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Seán: Masa, tá sé 'na phaidir chapaill agat. Nach deas chuiris len a chéile é. Ach cogar mé seo leat. Cad mar gheall ar an ubh a bhfuil tuistiún air? Feuch ar an bpúintín ime a bhfuil lea'- chróinn buailte anuas 'sa cluais air. Tá prátaí cómh daor go mba dóigh leat nár díoladh ar raol a' chloch riamh iad. Fiú an tuirín gabáiste, ba dhóigh leat go mbeadh súile air an taidhseacht a bhíonn ann nuair a tugtar buille de thuistiún sa drom do. Agus dar ndóigh, má thosnuighim ag tracht ar bheithidhigh leat, & an daoireacht atáid, imtheóchair as do cheirte le neart áthais ag cuimh- neamh ar an gcealmán airgid atá i dtaisce agat. Máire: An mhisde 'fhiafruighe dhíot-sa cár 'foghluimís na paidreacha? Adeirim leat gur maith cruinn a thugais leat iad. Ach seo! ní h-é sin ach é siúd. An bhfuil fonn ort mé chimeád annso feadh an tráthnóna, nó an dóigh leat go bhfuil aon rud eile de chúram orm ach bheith ag éisteacht led' chuid magaidh. Seán: Is díreach é go mbíonn an fhírinne searbh. Tú féin a tharraing ort mé, agus ní mó an deithneas atá ort ná orm féin. Cad é seo atá uait? Nioclás Tóibín ón Rinn. AN CHAORA DHUBH. Bíodh is gur ceart ainmhidhe éigin, caora nó eile, do mharbhú in onóir do Naomh Mártan ní mholfainn do dhaoinibh caora dhubh do mharbhú gan chúis. Tá sgéal agam a theasbánfaidh nách ceart: Bhí fear bocht thíos sa Lei'-triúch roinnt bhlian ó shin ná raibh aige ach miúil is goirtín. Maidean áirithe bhí caora dhubh i bhfochair miúile sa ghort beag is do lean sí an mhiúil a bhaile. Chuir an fear d'á fógairt í ag séipeul an Chlocháin ach ní tháinig éinne dá h-iarraidh is d'fhan sí aige. Tar éis tamaill bhí dhá uan aici is nuair tháinig an t-am bhí dhá uan ag gach uan díobh san is do lean an sgéal mar sin, dhá uan i gcómhnuidhe ag gach ceann acu go dtí go raibh cheithre fichid caora ar fad aige is b'éigean do blúire talmhan eile d'fhághail dóibh. Seadh, tháinig Oidhche le Mártan agus dubhairt an fear le n-a mhac. “Tá sé in am againn an chaora dhubh san a mharbhú,” ar seisean. “Téir amach agus tabhair leat í go marbhógham í.” “Tá go maith,” ars an buachaill is d'imthigh sé mar a raibh na caoire. Nuair do tháinig sé suas leó, thóg an chaora dhubh a ceann is do mhéil sí. Seo amach í agus seo an chuid eile 'n-a diaig. Chuadar go barra an chnuic go dtí áit n-a bhfuil loch. Chuaidh gach aon ceann acu isteach sa loch is ní feacatha só shin iad. Is mar sin do chuala féin an sgéal ach go h-áirithe. Muiris Ó Cinnéide, Daingean Uí Chúis. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. TADHG GABHA. Is dócha gur beag duine léigheann “An Lóchrann” ná fuil sórt aithne aige ar “Thadhg Gabha.” Agus ó 's rud é go bhfuil “Tadhg” bocht ag tabhairt an fhéir leis na bliantaibh ní miste dhom ainm dhílis Thaidhg a thabhairt anois do phobul “An Lóchrainn.” Tomás a' Dúna ab' ainm do. I gCill Lócháin i n-aice le droichead na Geadaighe a bhí a cheárdcha. Tá an cheárdcha ann fós; ach má tá níl aon ghabha innti. Do lean a mhac, Pádraig, de'n ghaibhneacht tar éis bháis a athar, acht do báthadh é cheithre bliana deug ó shin, ag teacht abhaile ó Chill Orglan, “oidhche na gaoithe móire,” agus ó shin a leith níl aon ghabha 'sa cheárdchain. Cill Lócháin: chuala-sa mar mhiniú' ar an ainim seo gurab amhlaidh do bhíodh muinntir an bhaile ag cáthadh ar an árdán úd agus go mbíodh an lóchán 'n-a luighe ann i n-aice na sean-chille ach níl aon bhaint ag cáthadh 'ná ag lóchán cáithte leis an áit. Naomh ab eadh Lóchán, agus sé Lóchán Naomhtha a chuir an tsean-chill ar bun. Tá cuid bheag d'fhalla na sean-chille ann fós, buille beag soir ó'n gceárdchain. Ba mhinic do cuirtí mise go dtí an cheárdcha úd le capall, chun cruidhte a chur fúithi nó le soc ceuchta chun cruaidh a chur air. Ba ró-bheag é mo dheabhadh abhaile. Bhíodh an-dhúil agam bheith ag éisteacht le lucht na ceárdchan ag cur an tsaoghail tré na chéile. Do bhíodh lea'-sceul éigin agam dom' athair mar gheall ar an moill — agus ba ró-mhinic ná raibh ann acht lea'-sceul bacach. Do bhíodh duine eile romham agus a lán le déanamh aige, ná do thagadh capall an tsagairt isteach, agus, gan amhrus, do bhíodh tosach ag capall an tsagairt ar pé duine a bheadh roimis. Ba mhinic “Micheál na gCleas” ann; agus dála Mhíchíl tá sé féin & a bhean, Máire, beo beathaidh fós, agus pinsion (pínse) ag gach duine aca. Dob' é an breastaidhe ceudna d'imir an cleas úd ar Stiabhna Ó Múrnáin i dtaobh na bprátaí sa scéilín úd “Prátaí Mhichil Thaidhg” — agus d'imir sé an cleas lom díreach mar atá innste 'san eachtra. Do cailleadh Stiabhna bocht blianta ó shin. De mhuinntir Churráin ab eadh é agus is ró-mhaith is cuimhin liom-sa a bhean ag deunamh gabháile i gcóir na Nodlag. “Beannacht Dé le na n-anam agus le h-anman na marbh go léir!” Beirt Fhear. Sloinne is eadh ‘A Dúna.’ Nách mór an truagh Gaedhilg na Paróiste sin Tuatha bheith ag imtheacht go tiugh agus gan aon-phioc buartha in a thaobh san ar aonne! Ní fada go mbeidh paróiste “Taidhg Gabha” chomh saor ó Ghaedhilg “agus tá Loch Cruite ó mhíoltaibh móra.” Lucht An Lóchrainn. COSA GLOINE FÚIBH! Deirtear so leis na cearcaibh nuair théidhid isteach i ngort. “Ó mhuise, nár leige Dia dhúinn sibh agus cosa gloine fúibh!” adubhairt sean- Léan Bhán nuair a chuaidh cearca na gcómhursan isteach 'na garraidhe beag. ‘Cosa so-bhriste fúibh’ an bhrigh atá leis. GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13 & a 14, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. MAITH AN tSNAOIS — “SNAOIS CHORCAIGHE.” Sinn-ne a dhein ar dtúis í agus atá 'á deunamh fós. Tobac sár-mhaith an dá shaghas so: “SHANDON PLUG” agus “EXHIBITION ROLL.” Scríobh chugainn-ne: “CUALACHT LAMBCIN,” Sráid Naomh Pádraig a 9, CORCAIGH. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BÓNAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ agus LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, TEO. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCANIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Ó FÁILBHE MÓR. (Dráma Duaise). A lucht cómhráidh anso: Seán Ó Fáilbhe — seanduine Aodh agus Domhnal — a bheirt mhac san Tadhg Ó Duinnín Seanchaidhe Uibh Ráthaigh An t-Athair Muiris Ó Beóláin Fear sceula 'fhógairt (gan eisean dá thaisbeáint féin). (Tuille dhe). Seán (ag feuchaint do tríd an bhfuinneóig): Tá nea'-thaithneamh ar an spéir sin gan aon-agó! Ag dul fé dhéin na teine dhó, agus é d'á h-adú. Aodh do theacht ansan. É go doc- raideach cortha. Gan aonne do labhairt, ar feadh tamail. Seán (go nea'-ghiobúnta, ciúin): Tá sí seo ag dul in eug orm. Tá Domhnal lasmuigh ansan ag gabháil do sna buaibh. Aodh: Is amhlaidh nár chuimhneabhar ar theine 'ná ar bhó go dtí go bhfacabhar chugaibh mé! Bheadh sé chomh maith agat é rádh liom lom díreach. Is duine gan ghaois tusa, 'athair! Seán: Ní fheadar. Aodh: Iseadh, 'athair. Níl aon mhaith ionat chun éithigh. Is mór agam an fear maith atá mar athair agam. Fear gan chlis. Ní h-iongna nár bhuadhais riamh ar an aonach ach an phinginn bu lugha. Seán: 'Seadh, is dóigh, d'imrigh daoine cleas orm anois is arís, ach ní thuigim gur dhein sé aon tairbhe mór dóibh féin. Aodh: Níor dhein, 'athair, 'ná ní thug sé ciall duit-se. Ní fada chuimhnighis air — Éist! Cad é siúd; an airighir? Seán: Ní airighim. Aodh: Bfhéidir nach aon ní é. Im' cheann 'is im' chluasa atá. Fothrom na h-abhann úd, leanfa' sé dhíom go fóil. Tá clocha agus crainn 'á scuabadh chun siubhail aici. Seán: Ní glór binn atá anois aici, mar sin. Aodh: Tá sí ag mallachtaighe roímpe. Bascfa' sí ár gcuid. Seán: An baoghal don arbhar? Aodh: Baoghal? Ró-bhaoghal! bádhfar agus scuabfar chun siubhail é. In a dtost dóibh araon, ar feadh nómait. Aodh: Ná fuil aon-mhóin tirm sa' tigh? Seán: Níl. Aodh; Ag éisteacht le glór uisce 'chaitheas an lá, agus tá geónaighal uisce ó an dteine agam nuair a thagaim abhaile. Sin é an rath atá ar mhuinntir Fháilbhe! Seán: Glaodhfad ar Dhomhnal. Deunfa' sibh comhluadar d'á chéile. Aodh: Ná corraigh. Glaodhfad féin air … A Dhomhnail, a dhaltha! Seo leat. Ní lasfadh an teine dhúinn-ne. Níl aon ró-aithne againn uirthe. Domhnal do theacht gan choinne leis. Níor ghádh an glaodhach! Domhnal: Níor ghádh. Bhíos chugat. Tá an bhó bhán go donaidhe. Aodh: Gura slán an sceulaidhe! Is geal mar atá gach sceul — Sceul na bó, an bhruinne dhearg uirthe! Sceul an mhóinfhéir, é go h-eudtrom scáinte gan dothain féir go Nodlaig ann! Sceul na gcaorach, an cnumh ortha! Ach, a bhráthair ó, ní baoghal don leabhar — do Dhuanaire Ua bhFáilbhe. Ní baoghal do sin! Tugtar aire ró-mhaith dho! Níl aon tinneas air sin. Fonn gáirí atá air — fúinn-ne! Tuigean sé go bhfuilimíd fé smacht aige. Seán: Is truagh liom gan caidreamh agat- sa leis, 'Aodh. Aodh: Ag gabháil aníos dom, dar liom go gcuala é ag gáirí fúinn. Deunfad-sa gáire, freisin, arsa mise. Níl rud ar domhan chomh geal le tigh lán de gháire. Bu bhinn liom é a leithéid seo 'oidhche. Domhnal: Bhíos ag braith air go ngealfadh an oidhche & go bhfeudfaimís ár dtriúr dul fé dhéin na h-ínse. Aodh: Hóró, a dhritháirín ó; cad deirir? Dá dtéighinn-se chun na Frainnce d'iarraidh bheith im thaoiseach airm i mbuidhin an Diolúnaigh Mhóir, amhail atá Liam Ó Fáilbhe, nách fúm-sa a beifí ag gáirí! Nó, mé bheith ar an bhfarraige sa' loing úd le Feidhlim Ó Mathúna nách ar na Spáinnigh sin aige' bheadh an t-iongna! Bíodh 'inead ceart féin ag gach n-aon, a dhritháir ó. Léigheann na leabhar agat-sa agus an sclábhuidheacht agam-sa! Seán: Agus an congnamh chun gnótha an chainnt sin? Domhnal: Éist! 'athair. Aodh: Is cuma i dtaobh ghnótha anois. Cad tá ann ach goirtín suarach eornan. Tá deire le ré na raidhse. Bhí crích orainn-ne, tráth, agus ciall dá réir againn. Cad chuige go mbeimís ag saothar anois? Chun filí meisce na Mumhan do chothú! Lucht múinte scol ó Shliabh Luachra is Sliabh Mhis, tá árd- mheas aca orainn-ne. Níorbh iongna liom dá séideadh an ghaoth duine aca chugainn anocht. A leithéid seo oidhche is gnáthaighe leó teacht. Donncha Ruadh, b'fhéidir, agus “Bail ó Dhia anso” mar phaidir phras aige. Má thagan anocht, dar fia go gcuirfad-sa fáilte is fiche roimis! “Dia bheatha chugainn, a Dhonncha Ruaidh na n-eachtraí. Suidh, go n-innsir dúinn sceul ar Thalamh an Éisc. Sceul a chuirfidh ag gáirí sinn, a Dhonncha. Is mór an ní gáire; gáire de bhárr sásaimh aigne, tá 'fhios agat. Domhnal: Ciúineóchaidh an oidhche, dar liom. Aodh: A' gcloisir, 'athair? Ciúineóchaidh an oidhche, deir sé. Domhnal: Agus má eirighan an ghealach, níl a bhac orainn dhul don ínse. Aodh: Ní solus is mó atá uainn chun na h-oibre, ach bád! bíodh sé geal nó dorcha, tuitfidh an claidhe mór anocht, agus leathfidh an t-uisce tímpal an tighe seo an ghealgháire. Beidh an tigh seo in a leus soluis sa' doirceacht ansan, 'athair. Nách maith an t-abhar é chun abhráin? M'anam, is eadh! a Dhomhnail; dein-se dán as … Cia 'n chiall díbh-se, beirt, bheith dubhach anois? … Feuch mar fheuchaid orm! … Nách cuma riamh má thuitean an claidhe anocht? Seán: Ní baoghal don chlaidhe! Aodh: Agus nuair a thuitfidh, cloisfar scol breágh gáire ón leabhar san na ndán; gáire chomh breágh is chomh mór san go scoiltfidh ar an gclúdach leathair. Ná fágaimís an gáire le chéile fé sin! Domhnal: 'Aodh, a chroidhe, suidh; nílir ar foghnamh anocht. Aodh: Do chiall mhór féin, 'athair, a thug dúinn sólás is sásamh anocht. Ní bheadh aon ghile ar ár gcroidhe anocht, mura mbeadh an leabhar dán san ár gcine. Creach lasmuigh, ach tá soilbhreas anso istigh. Leag an leabhar dán ansan ar an mbórd, a Dhomhnail, go mbéam ag amharc air. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Seán: Tá a lán dán searbhais (‘searúis’) ann, 'Aodh, & fir de Chlainn Fháilbhe do rinne. Bhí an buadh san an tsearbhais D riamh ag do chine, 'Aodh. Aodh: Tóg amach an leabhar, a Dhomhnail! A Ní thógfir? Aodh féin do dhul d'ionnsuidhe an leabhair; é d'á thógaint agus d'á chur ar an gclár. Fheiceadh sé an mí-threó atá ar Mhuinn- tir Fháilbhe. É féin fé ndeara é! Tuille soluis do, a Dhomhnail, i dtreó is gur fearr a chífe sé an aindise! É féin do lasadh coinnle is d'á cur anuas ar an leabhar. Suidhimís in a thímpal anois, a bhráithre! Domhnal: Cá gádh dhuit an searbhas go léir? Nár dhein m'athair cion fir len a shaoghal? An fhaid a bhí neart is fuinneamh ann, do chruinnigh sé ar fheud sé. Aodh: Agus chaith sé ar leabhar é! Domhnal: Is mó duine ar t'aithne a chaith a chuid i dtigh tábhairne Stiabhna thoir, agus ní bhíon aon-mhac 'á chasadh leis. Aodh: Díreach san! Tá abhar eile abhráin ansan agat. Cuireadh ceann fine Fháilbhe mallacht ar a mhac — ar an mac a bhí i bhfeighil toradh na talmhan agus an chuid eile dá mhuinntir cois teine ag scrúdú léighinn! Seán (agus fearg air): Tá abhar dáin ann. Is fearra dhuit éisteacht! Aodh: Tá abhar dáin ann gan aon-agó. Brostaigh! Seán: Seo dhuit é agus mairfidh a chuimhne agat: 'Aithreacha clainne, bídh tuigsionach céillidhe tráth Is dréir acfuinn bhur gclainne tug- aidh dóibh saothar gnáth Neach den fhuirinn sin an duine seo, ar a nglaodhtar Seán D'á mhacaibh do thugadh an obair, dá méinn, dob fheárr. Tar ínse nuair léimfadh treun-tuille an Fhomhair 'Gus ón gcoinnligh do bheurfadh an chaomh-chruithneacht sóghail Do língfadh an cheud-mhac 'á saor' ón annró 'Gus dá dhíchiol, ní staonfadh, go ndeunfadh an gnó. Ach tuille na mblian go dian, nuair a sciobfadh le fánaigh Ar deineadh i gcian le cliar na cine sin Fáilbhe, Do chuirfadh, ad' iaraidh an iarsma' chosaint ón ráig sin, A mhac eile fial, go ciallmhar, chuir- fadh ar phár iad. Aodh (in árd a ghutha dho): Scuir de sin! Raghadh rann mar sin ó Bheura go Doire in 'abhrán magaidh ag lucht póite. Níorbh áil leat daoine bheith ar mo thí? Seán: Maith mar do réir an laoch a mhacra ceart gan smáil, An macha 'á ghlanadh ag aon, 'gus an té eile' glanadh a gcáil, Mac ag saothrú léighinn agus mac ag grafadh báin! Aodh (do rith chuige, agus Domhnal do rith fé dhéin Aodha): Ná cráidh a thuille mé! (Le Domhnal — “Ní bhuailfad aonne.”) Mar seo a moltar mo shaothar-sa! Mé am' aoradh mar sclábhuidhe. An Múin- fir do lucht póite é? Domhnal: Ní mhúinfidh! Aodh: Múinfidh. Tá móráil air in a thaobh! Domhnal: Suidh, 'athair, is ná h-abair a thuille. Seán: “Mac ag saothrú léighinn agus mac ag grafadh báin.” Domhnal: 'Athair! Caithfir stad de anois! Suidh! Aodh: Níl deire fós aige, feuch! agus sid é mo luach saothair. Domhnal: Chuiris féin cath air. Bhís d'á chrádh. Aodh: Más crádh dho mise bheith im' sclábhaidhe don bheirt — Domhnal: Tá cion mór aige ar an leabhar. Aodh: Ní leabhar súd ach sciúirse! Pláig iseadh é! Mallacht iseadh é! Scrios an tighe seo iseadh é! Domhnal: Táir 'a ghríosadh arís! Aodh: An fhírinne atá 'á innsint agam! Cad eile é ach pláig? Domhnal: Ní beag san de, 'Aodh! … Is geal lem' athair an leabhar agus is geal liom-sa é! Aodh: Is gile leis é 'ná a chlann mhac! Abhar mioscaire sa tigh seo an leabhar san! Domhnal: Is mór agam 'athair an leabhar san, 'Aodh, agus beidh sé sa tigh pé faid is maith leis sin é! Aodh: Ní dhíolfe sé an cíos dúinn! Seán: Fiche mac a bheith agam, ní bhuadhfaidís le chéile orm-sa! Domhnal: 'Athair, cuimhnigh ar do gheallamh- aint! Aodh: Is ró-thoghail a bheadh sé, dá mbu aige bheadh an ceart! Domhnal: Ag Aodh atá an ceart, 'athair. Cois teine a chaithamar-na an lá, rud nár chóir, agus eisean d'á mharbhú féin ar an ínse. É d'iompáil chun Aodha ansan. Mura mbeadh tusa, 'Aodh, bheimís gan tigh, gan treabhachas; sinn ag gabháil an bóthar, de shíor, ar nós a lán eile de shíol Éibhir. Is oth liom, 'Aodh, ná táinig cuimhneamh dom in am. Aodh: Díbh araon, a Dhomhnail. Domhnal: Dubhart lem athair sara dtainís isteach gur fút-sa fhágaimíd gach sclábhuidheacht. Aodh: Ach, níor iaras aon chongnamh ort, a Domhnail, mar ná deunfadh do dhícheal aon-mhaith don sceul. Imtheochaidh a bhfuil againn de arbhar nuair eireochaidh an ghealach! Seán: Ná bímís d'ár gcrádh féin ag trácht ar mhí-ádh beag den tsaghas so. Chonnac-sa an duthaigh seo Dheasumhan in a lasair! (Ní Críoch). Domhnal Ó Corcra (is ughdar do “A Munster Twilight”) do rinne an dráma san. Iar n-a thionn- tó go Gaedhilg do Sheán Tóibín. Do bronnadh an cheud-duais (a leath) ar an dtionntó san ar an Oireachtas i mbliana. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. GUTH NA BLIADHNA (ar 1/- gach ráithe ó Ruaraidh Arascain, Sráid a Mhuilinn a 12, Peairt, in Albain). Aiste ar “Linn an Óir” an ní is mó in “Guth” an Gheimhridh; A.M.E. an scriobhnóir. Tá stáir eile den sár-obair úd “Leanmhuinn Chríosda” ann & é so-léighte go leór don Éireannach. “Bíodh deagh-chogúis agat & díonaidh Dia thu gu ró-mhaith. S.T. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street). CORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua. tta., I gCORCAIGH, in a thaobh. FEÓIL ÚR GHAEDHLACH. Uaim-se gheobhair san. agus EUNLAITH is GLASAIRÍ. MÍCHEÁL BARÓID, Both a 64 & 65, Margadh na Feóla, CORCAIGH. Guthán a “276, Corcaigh.” CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN ‘LEANDAR’ TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA & a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. EUDACH BUAN - tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis “Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní é sin, an aimsir seo. Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, I gCORCAIGH. CARABHATAÍ den PHOIPLÍN AR GACH DATH is AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin’) a dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in ÁTH CLIATH. NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT, ach an uair a raghair ar lorg SAIGRÉIDÍ MAITHE, agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan. Abair “SILK CUT” le cailín an tsiopa. I nDÚNDEALGAN a deintear, agus tá 'á gcaitheamh AR FUAID ÉIREANN. P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA. (teor.) Lucht a ndeunta. ó ‘CHUALUCHT EUMOINN MHIC EÓIN, Tta.’ (‘Ed. Johnson Ltd.’) a gheóbhair BUINN, SEÓDA, FÁINNÍ is CLOIG, ar dheise is ar shaoire. Scriobh ar Lorg an ‘Luach-Leabhráin’ go SRÁID GHRAFTON A 94, in ÁTH CLIATH. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. Iad ar a lán saghas datha mar atá: cróin, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’ I gCORCAIGH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services