Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eanair, 1919

Title
Eanair, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


2d.
AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 34. EANAIR, 1919. Dhá Phinginn a Fhiacha.



EÓINÍN.



I.



Tráthnóna breágh samhraidh a bhí ann.
Bhí obair an lae críochnuithe, & bhí solas s
an lae ag dul i luighead is i luighead,
agus scáil dhubh na h-oidhche ag dul i
dtreise, is i dtreise. Is beag fuaim
a bhí le clos. D'aireóchá-géimreach bó
anois agus arís, nó séis na n-éan agus
iad ag cur fútha i gcóir na h-oidhche.
Bhí síocháin & suaineas ar an ndúthaigh
go léir; ach ní raibh suaineas ná síocháin
ag Eóinín bocht. Bhí sé sa bhaile le h-ais
na teine, a lámh fé'n a chorrán aige, a
uille ar a lea'-ghlúin, agus deora le'n
a shúilibh. Bhí teinneas fiacal ar an
ngarsún mbocht. Bhí a mháthair go gnóthach
ag dul ó'n dteine go dtí an bórd,
agus ó'n mbórd go dtí an teine. Bhí
béile d'athair Éóinín dá ullmhú aici.
Anois & arís, do labhradh sí go caoin
cneasda le'n a maicín dólásach. 'Sa
deire bhí gach ní ullamh aici — an bórd
& an biadh; agus nuair a bhí, do shuidh
sí ar an stól i n-aice an leinbh, agus
do thóg sí chúiche a cheann beag te ar
a baclainn.



“'Bhfuil aon lagú ag teacht ar an
bpéin, a laogh?” ar sise leis.



“Níl, a Mham,” ars' Eóinín, “ní féidir
liom é 'fhulaing níos a shia” — agus do
thosnuigh sé ar ghol.



“Ó, faire fút!” ars a mháthair. “Glac
misneach. Fulaing ar son Íosa é. Is le
grádh dhuit a thug sé le fulaing duit é.”



“Conus san?” ar seisean. “Dá mbeadh
grádh agam-sa do dhuine, agus go bhféad-
fainn rudaí deasa do thabhairt do, ní
teinneas fiacal a thabharfainn do.”



“Leis sin d'airigheadar coiscéim amuigh.
Tháinig athair Eóinín isteach.



“Cad tá ar Eóinín?” ar sé.



“Tá teinneas fiacal,” ars a mháthair,
“agus níl aon tsos aige dá fhá'il uaidh.”



“Cuir an fear bocht a chodla,” ars
an t-athair. “In a leabaidh is fearr
dó bheith.”



Do cuireadh Eóinín a chodla. Thug a
mháthair póg do, & d'fhág sí 'n-a sheomra
bheag é.



Níor fhéad an garsún bocht an codla
mhealladh chuige féin go ceann i bhfad
leis an dtinneas. Bhí sé ghá únfairt
féin anonn 's anall ar feadh uair a
chloig; acht sa deire thiar thall, le neart
tuirse, do thuit a chodla air.



Uair éigin amach san oidhche do dhúisigh
sé. Bhí an teinneas fiacal fós air. Do
mhothuigh sé go raibh duine éigin in a
láthair, agus gurbh é an duine sin fé
ndeara dho dúiseacht. Ar a shon san
ní raibh scáth ná eagla air. D'eirigh sé
aniar ar a uillinn sa leabaidh, agus do
chonnaic sé 'n-a sheasamh ar thaobh na
leapthan buachaill beag óg áluinn. Bhí
fáth'gáire ar a bhéal, ceann beag fionn
air, scáil sholais 'n-a thímpal, agus é go
léir taithneamhach thar meón.



“Bhfuil an teinneas fiacal ad ghortú
go mór?” ar sé le h-Eóinín.



“Tá, mhuise,” arsa Eóinín go trua'-
mhéileach.



“Tabhair póg dom,” arsa leanbh an
chinn bháin, “agus ní bheidh sé ad ghortú
a thuille.”



Leis sin do dhruid sé isteach chun
Eóinín, & do shín Eóinín é féin amach
'n-a choinnibh, agus do thug sé póg do.
Déis na póg sin do mhothuigh sé a chroidhe
ar lasadh le grádh do'n “leinbhín áluinn
fionn,” agus do leighiseadh láithreach ó'n
dtinneas é.



“A raghaidh tú ag súgra liom?” ars
an leanbh.



“Raghad,” arsa Eóinín, “acht ní fuláir
dom cead fhá'il óm' mháthair ar dtúis.”



Do léim Eóinín as an leabaidh, agus
do chuadar araon isteach go seomra
máthar Eóinín.



“A mham, arsa Eóinín, “an misde
dhom dul amach ag súgra leis an leanbh
geal iasachta so?”



“Ní misde, go deimhin, a chuidín,” arsa
mam, “ba mhaith liom gurbh é bheadh ag
súgra go deó leat.



Do phóg Eóinín a mháthair, agus d'imthigh
an bheirt amach.



Ar ndul amach dóibh do thug Eóinín fé
ndeara go rabhadar araon ar chliathán
an tsléibhe a bhí ar aghaidh an tighe amach.
Ní fheidir sé conus a thánadar ann, acht
ar aon-chuma is ann a bhíodar. Rud
iongantach eile: Bhí an ghrian ag taith-
neamh go gléineach, na h-éanlaith ag can-
tain go suairc, na beacha & na cuileana
ag déanamh dórdáin 'n-a dtímpal. Bhí
radharc aca ar an bhfarraige, agus ar
chapallaibh bána Mhanannáin ag rith chun
tíre go léithmhar, léidmhach, & dá mbris-
eadh féin i gcoinnibh na bhfaillteach fé'n
a bun.



D'fhan an leanbh iasachta agus é féin
ag súgra ann go ceann i bhfad. Ba
mhilis le h-Eóinín bheith 'n-a fhochair, agus
bheith ag éistheacht len a chaint bhinn
shuairc. Do phiocadh sé dórnáin bhláthana,
agus do thugadh sé mar bhronntanas do
Eóinín iad.



Fé dheire do tháinig tuirse ortha. Do
luigheadar thársa ar an bhfionnán mbog
ag éisteacht leis an ngaoith ag séideadh
tríd an bhfraoch. I gcionn tamaill do
labhair an leanbh:



“Bhfuil grádh agat dom, 'Eóinín?”
ar sé.



“Tá, gan amhras,” ars Eóinín. “Ca'
n-a thaobh ná beadh? Ní raibh do leithéid
de chomráda riamh agam.”



“An bhfuil éinne eile beó is annsa
leat ná mise?” ar sé.



Do stad Eóinín ag machtnamh.



“Tá cion mór agam ort,” ars Eóinín,
“acht is mó an cion atá ar mo mháthair
agam ná tá ar éinne eile beo.



Níor labhair leanbh an chinn bháin gíog;
acht i gceann tamaill bhig dubhairt sé
go h-obann:



“Tá máthair agam-sa leis: Ar mhaith
leat í' fheicsint?”



“Ó! ba mhaith go dheimhin,” ars Eóinín,
agus fonn a chroidhe air.



“Beir ar láimh orm, mar sin,” ars
an leanbh, “beir ar láimh orm, agus dún
dho dhá shúil.”



II.



Do dhein Eóinín rud air.



“Oscail do shúile anois,” ars an leanbh.



D'oscail Eóinín a shúile, agus b'iong-
antach an radharc a chonnaic sé. Bhí tig
a mhuinntire agus a raibh tímpal air —
cnoc, an fharraige — imthithe gan tuairisg.
Bhí an bheirt 'n-a seasamh ar bhóthar gharbh
dhro'-dhéanta i dtír éigin eile. Tír fhair-
sing, réidh ab eadh í, acht amháin go raibh
cnocáin bheaga ag eirighe anso agus an
súd tríthe. Níor bh'ionann na crainn a
bhí ag fás ann agus na crainn ag baile.
Na géaga agus duilleabhar a bhí ortha —
thuas ar fíor-bhárr na gcrann is eadh
bhíodar ag fás. Bhí a lán tighthe beaga



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



Tigh “An Bhata Droighin Éille”
Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san



Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



Seán Ó Curráin,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



os cómhair na leanbh, agus mór-chuid
bláthana ag fás 'n-a dtímpal; ach is é
an rud is mó chuir iongna ar Eóinín i
dtaobh na dtighthe — go rabhadar an-íseal,
agus go raibh cinn ortha mar a bheadh
úrlár.



Bhí bean 'n-a seasamh sa doras i
gceann des na tighthibh sin. Bhí cion &
fáilte le feicsint 'n-a ceannachaibh agus
an mhion-gháire bhog ar a béal.



Do dhein an bheirt fé'n a déin. Do
rug sí lom barróige ar an leanbh áluinn,
agus do labhradar le chéile i dteangain
nár thuig Eóinín. Chuir sé sin brón ar
Eóinín, mar bhí eagla air ná féadfadh sé
caint léi. Acht níor fhág sí an brón i
bhfad air. D'iompuigh sí a súile ceannsa
gorma air, agus dubhairt sí: “Is tusa
mo leanbh, leis — Eóinín beag ó Éirinn”
do phóg sí é, agus do chuadar a dtriúr
isteach sa tigh.



“Tá ocras anois oraibh, a leanbhaí,”
ar sí.



“Tá, agus tart, a mhathair,” ars an
leanbh.



“Cad do bhí agaibh ghá dhéanamh,” ar
sí, agus do chuir sí arán agus fíon ar
an mbórd chúca.



“Bhíomar ag súgra ar feadh tamaill
ar thaobh an chnoic, a mháthair. Ansan do
tháinig tuirse orm-sa, agus do shíneas ar
an bhfionnán ann, agus do phioc Eóinín
bláthana, agus do thug sé, chugam-sa iad.
Ansan do shín sé féin im' aice.”



“Agus cad a dheinis leis na bláth-
anaibh?”



“Do chuireas sa talamh arís iad.”



“Tá bláthana breaghtha i n-Éirinn,” ars
an mháthair.



“Beidh siad i bhfad níos breághtha fós
ann,” ars an leanbh.



Déis tamaill a chaitheamh ag caint leis
an mnaoi áluinn, dubhairt an leanbh go
ndéanfadh sé Eóinín a thionnlac abhaile
D'fhágadar slán aici ansan, agus do
ghluaiseadar ortha. Nuair a bhíodar
tamaillín ó'n dtigh do labhair an leanbh.



“Beir ar láimh orm,” ar sé, “agus
dún do dhá shúil.”



Do rug Eóinín ar láimh air, acht sar
ar dhún sé a shúile do thug sé féachaint i
'n-a dhiaidh ar an dtigh. Bhí an bhean 'n-a
seasamh sa doras, agus í ag féachaint i
dtreo an mhic. Bhí an oiread san bróin
le feicsint 'n-a súilibh go dtáinig na
deóra chun súl Eóinín. D'fhéach an bhean
air féin ansan, agus dhein sí mion-gháire.
Tríd an mbuairt go léir a bhí 'fhios aige
bheith uirthe do bhí muintearthas & ceann-
sacht chómh mór sa bhféachaint sin gur
las croidhe Eóinín le truagh & le ghrádh
dhí. Ansan do dhún sé a shúile. Bhíodar
thar n-ais ar chliathán an tsléibhe sa
nómat céadna.



Shuidheadar ar an bhfionnán arís. Bhí
eagla ar Eóinín go gcuirfead sé buairt
ar an leanbh dá bhfiaruigheadh sé cúis
an bhrón a bhí ar an máthair. Fé dheire,
ámhthach, do labhair sé 'n-a thaobh. Níor
dhein an leanbh acht breith ar láimh air.



“Dún do dhá shúil,” ar sé.



Do dhún.



“Oscail anois iad,” ars an leanbh.



D'oscail; acht chonnaic sé go raibh
sgamall dubh dorcha 'n-a dtímpal i
dtreo ná táinig leis dada 'fheicsint. I
gcionn tamaill do chuaidh sgaipe' ar an
sgamall, nó do chuaidh a shúile i dtaithighe
an dorchadais, agus diaidh ar ndiaidh do
thug sé an peictiúir uathbhásach go léir fé
ndeara. Bhíodar 'n-a seasamh ar chnoc
chlochach. Bhí crois mhór d'adhmud gharbh
'n-a seasamh sa talamh ar a n-aghaidh
amach. Bhí duine ar an gcrois — é lom-
nachta — rian droch-úsáide air — tairngí
móra, ceann trí gach deárnain leis, agus
ceann trí 'na chosaibh ghá chiomeád ceang-
uilte de'n chrois — coróinn deilgne ar a
cheann — at in a ghruadh — gan órlach slán
'n-a chorp ó bhonnaibh a chos go mullach
a chinn.



Bhí saighdiúirí agus sluagh de dhaoinibh
droch-mhúinte cathrach tímpal na croise,
agus iad ag magadh & ag fonóid fé'n
té bhí céasta. Is áirithe go bhfuaradar
sult mór sa mhagadh, mar d'fhanadar ghá
dhéanamh i bhfad. Acht do tháinig an t-am
sa deire' go rabhdar tuirseach de, agus
d'imthigheadar.



Ansan do tháinig gasra bheag de shórd
eile daoine chun bun na croise. Mná
ab eadh a bhfurmhór. Bhí bean acaso 'n-a
seasamh ann — brón agus céasadh croidhe
léirithe 'n-a ceannachaibh — acht ní raibh gol
ná bualadh bas, ná réabadh fuilt aici.
Bhí sí chómh suaineasach le bárr locha lá
dorcha ceóigh. Bhí fear óg 'n-a h-aice,
& é buartha, dólásach mar an gcéadna.
Bhí bean ar a glúnaibh ag bun na croise,
& fuil an té bhí anáirde ag sileadh anuas
uirthe. Ba chradhsgalach an radharc é!



Bhí na deóra móra i súilibh Eóinín. Do
thuig sé an sgéal go léir. Bhí fhios aige
go maith cad fé ndeara an bhuairt a bhí
i súilibh máthar an leinbh & í 'n-a seasamh
sa' doras. Bhí fhios aige gur bh'ionnan
an leanbh féin agus an fear bocht a bhí
ag saothrú an bháis ar chrois na bpian.
D'fhéach sé uaidh anonn ar ghnúis an fhir
sin. D'fhéach an fear thar n-ais air go
grádhmhar agus go ceanamhail i n-aindeoin
na bpian go léir. Do rith sruth deór
ó shúilibh Eóinín. Do rug sé barróg ar
an leanbh, agus d'fháisg sé chun a chroidhe
go dlúth é.



“Grádhaim Thú,” ar seisean.



“Grádhaim Thú os cionn gac uile ní
beó. Is ar mo shon a fhuilingís pianta
cruadha an bháis. Is chun mise a shábháil a
dheinis é. Mo pheacaí fé ndeara é. Nár
chóir dómh-sa rud beag éigin d'fhulang ar
Do shon. Tabhair an teinneas fiacal thar
n-ais dom agus déanfad é 'fhulang le
foidhne. Tuigim anois an rud adubhairt
mo mháthair — gur le grádh dom a chuiris
orm é.”



“Is le grádh dhuit a chuireas ort é,
& ní chuirfead arís ort é. Ach ná bíodh
eagla ort ná go mbeidh rud éigin agat
le fulang i gcómhnuidhe. Is maith an
rud é má dhéineann tú é 'fhulang ar



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Mo shon-sa. An té bheidh páirteach Liom
IM pheanaid, beidh sé páirteach liom
IM ghlóire.”



D'fháisg Eóinín le'n a chroidhe arís an
Leanbh.



“'Íosagáin,” ar sé, “is Tú mo stór;
is Tú mo chuid de'n tsaoghal!”



III.



Bhí an ghrian ag taithneamh isteach sa
t-seomra lá ar na mháireach nuair a
dhúisig Eóinín as a chodla. Bhí briata
bog gaoithe ag séideadh tríd an bhfraoch;
na cuileoga agus na beacha ag déanamh
dórdáin; na h-éanlaith ag cantain go
suairc. Bhí a mháthair 'n-a seasamh in
a aice. Do phreab sé 'n-a shuidhe sa
leabaidh mar bhí sé chómh h-éasca le
breac.



“Seadh, 'Eóinín, a laogh, conus tá'n
teinneas fiacal?” ar sí.



“Níl pioc de orm, a mháthair, do
leighis Íosagán mé,” ar sé, agus ceol
na bhflaitheas 'n-a chroidhe.



Do tháinig iongna & áthas i n-aonfheacht
ar an máthair nuair a chuala sí an sgéal
go léir ó Eóinín.



“Ba thaithneamhach an taidhreamh é, a
leinbh,” ar sí.



“Níorbh aon-taidhreamh é, a mháthair,”
ars Eóinín. “Nách cuimhin leat go
dtugais féin cead dom dul ag súgra
le h-Íosagán beag?”



“Do thabharfainn, agus arís,” ars a
mháthair; “agus b'fhearr liom gurb' é
bheadh ag súgra go deó leat.” Agus
do thug sí póg do.



Bráthair (ón nGleann Mín)
do scríobh.



OBAIR NA h-AITH-BHLIANA.



Ní misde do gach aicme daoine ar
thalamh an domhain bheith 'na lán ndúis-
eacht an tráth so agus níl dream ar bith
go n-oirfeadh an rud céadna dhóibh níos
mó ná do lucht na Gaedhilge. Mar
linn féin de, deunfam ár gcion féin
chomh maith le cách, le congnamh ár léigh-
theóirí.



Is mó saghas congnaimh ba mhaith linn
'fhághail ach ní iarrfam anso ach an méid
seo .i. go ndeunfadh gach léightheóir iar-
racht ar sceulta taithneamhacha, bídís nua
nó aosta, a sholáthar dúinn.



Tá an-chuid filidheachta againn nár
cuireadh fé chló riamh, ach beidh fáilte
againn roim abhrán deas i gcomhnaidhe.
Aon rud a cuirtar chugainn bu mhaith
linn é bheith chomh gairid is is féidir &
é scríobhta go soiléir ar aon taobh
amháin den pháipeur.



Sceul deas é seo a chuir an bráthair
óg úd chugainn (“Eóinín”). Is oth linn
ná raibh slighe againn do roime seo.



“An Lóchrann” (F. na L.)



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



CÁ RABHAIS AR FEADH 'N LAE UAIM.



Mairisil Ní Mhurthuile do chuir síos
an ceól dúinn.



Gléas F.



Cá rabhais ar feadh 'n lae uaim, a bhuachaillín
óig!
Cá rabhais ar feadh 'n lae uaim, a laoigh ghil
's a stóir?
A' fiadhach 's a' fobhlaeracht, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go
leór!



Cad ithis dot' dhinnéar, a bhuachaillín óig?
Cad ithis dot' dhinnéar, a laoigh ghil 's a stóir?
D'itheas sicíní nimhe bhí ar phláitíníbh óir,
Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go
leór!



Cad fhágfair 'ge t'athair, a bhuachaillín óig?
Cad fhágfair 'ge t'athair, a laoigh ghil s a
stóir?
Cóiste 's ceithre capaill, a mháithrín ó,
Agus cóirigh, &rl.



Cad fhágfair 'ge d'mháthair, a bhuachaillín óig?
Cad fhágfair 'ge d'mháthair, a laoigh ghil 's a
stóir?
Mo bha 's mo chuid tailimh, a mháithrín ó,
Agus cóirigh, &rl.



Cad fhágfair 'ge d'mhnaoi pósta, a bhuach-
aillín óig?
Cad fhágfair 'ge d'mhnaoi pósta, a laoigh gil
's a stóir?
Fágfad croch chun í chrochadh is teud láidir
chóir,
Agus cóirigh, &rl.



Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín óig?
Cár mhaith leat bheith curtha, a laoigh ghil 's a
stóir?
I dteampall Chill Mhuire, a mháithrín ó,
Agus cóirigh mo leabaidh táim breoite go
leór.



(B'amhlaidh thug a bhean phósta nimh do).



Fuaireas é seo ó fhear de mhuintir Chonchubhair ó'n
mBonán mórán blian ó shoin. Do chuala “a chuid de'n
tsaoghal mór” sa tarna líne & “táimse tinn breoite
is leog dom go fóil” sa cheathramha líne de gach
bheursa ag duine éigin. Is do chuala “fuaireas dhá
eascún úra & salann is nimh brúite” ag duine eile
fós sa' trímhadh líne de'n tarna bheursa.



Finghin na Leamhna.



SEAN-CHRÚNCA FIR ADUBHAIRT.



Go scaraidh an lacha le linn do shnámh',
Go scaraidh an eala le clúimhín bán,
Go scaraidh an madra le creim na gcnámh,
Ní scarfaidh an ghanguid le h-inntinn mná!



As na mnáibh cé mór bhúr ndóigh,
Is fada dóibh ag dáil le gaoith,
Tearc neach ná mealluid siad;
'S is mairg do leigeas a rún le mnaoi.



S. Ua L.



DO CHABHAIR-SE, A CHARA!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,
Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla,
tá le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilge go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID DÁSON, A 45,
BAILE - ÁTHA - CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



IM AR FHEABHAS
AN DOMHAIN É SEO:



IM C.C.C.



Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach
chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.’ ar
chlúdach gacha bosca.



Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh
sa' 21adh tigh



ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE
(Merchants' Quay),
I gCORCAIGH.



NÍ DEINTEAR AON PHÍOPAÍ
EILE IN ÉIRINN ACH
PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



SRÁID PHÁDRAIG N. A 105,
(‘LUKE BURKE’) CORCAIGH.



Gach cóir chun tig do dheunamh



ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:



Adhmad, Táthán agus Slinnte;



Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;



Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.



Tá le fághail ó



‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’
I gCORCAIGH.



Scríobh chúca.



COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I gCIARRAIDHE.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.
“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.
“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”
Cuid a 2, 3d.



Le fághail ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



DIA LE GAEDHLAIBH!



Go mbuadha Dia go Ghaedhlaibh i
rith na Nua-bhliana, & Dia le fir ár
gcroidhe istigh atá ag fulang pianta
ar mhaithe le h-Éire!



AN FIACH DUBH.
(R.I.P.)



Do'n Tóibíneach.



Agat-sa agus ag ‘An Seabhac’ is feárr
atá 'fhios an méid oibre dhein an Crócach
ar son na Gaedhilge i gCorcaigh agus i
gCiarraidhe. Do lean sé de'n saothar
cheudna ó tháinig sé go Lugh-Mhaighe agus
dar ndó bhí fáilte againn roimis, nuair
tháinig sé mar bhí 'fhios againn gur mar
gheall ar an méid bhí 'á dhéanamh aige
do'n Ghaedhilg d'aistrig Gaill é ó Chill
Áirne.



Is aige bhí an Ghaedhilg bhreágh & blas
ó'n sliabh uirthe. Do casadh cainnteóirí
maithe Gaedhilge liom ó gach thaobh d'Éirinn
ach níor airigheas aon-chainnteóir ba mhó
thaithn liom 'ná é. Agus do réir mar
chloisim ní raibh an teanga aige ó'n
gcliabhán mar ná labhartar puinn di san
áit nar rugadh é i ndúthaigh Chairbre.



Seachtain sul ar bhuail an phláig é bhí
sé ag caint liom thar leabhrín beag a bhí
idir lámha aige, “Litreacha Gaedhilge don
aos óg.”



Bhí suim mhór aige sa “Lóchrann” agus
ó tháinig sé go Dún Dealgan tá an
páipeur dea'-Ghaedhilge sin le fághail
ins na siopaithibh ann. 'Sé an rud is
deunaighe d'ár dhein sé 'ná im-litir do
chur mór-thimcheall go dtí n-a cháirde ghá
iarraidh ortha síntiúsaí do'n “Lóchrann”
a thabhairt uatha.



Cúis bróin do gach Gaedhilgeóir bás
an Chrócaigh. Bhí spioraid fír-Éireannaigh
ann, agus tá Gaedhil Lugh-Mhaighe go
buartha brónach in a dhiaidh. I gcaitheamh
an tsamhraidh seo ghaibh tharainn bhíodh sé
go minic in aonfheacht linn cois na
farraige, nó ar bhruach na h-abhann, nó
in áirde ar shean-chaisleán, nó le h-ais
tobair bheannuithe éigin. Fóríor geur, é
bheith anois fé'n gcré — ár ndeagh-chara
croidheamhail — i dteampall Naomh Pádraig
i gcómhgar Dúna Dealgan.



Imeasc a shínsear Gaedheal, i bhFlaitheas
geal Dé, go raibh a anam indiu!



Tá truagh croidhe ag Gaedhlaibh Lugh-
Mhuighe d'á mhnaoí mhaith chéile is d'á
mhaicín gleóite ar a nglaodhadh sé féin
“An Buachaillín Bán.”



Uaithne Ó Lochlainn,
Lugh-Mhuighe.



CLAMHSÁN.



Bean ó'n dtuaith a tháinigh go Dún Garbhan, agus
chuaidh isteach i siopa chun bróg do cheannach, ach bu
leadránach í ag tosnú ar an ngnó.



Fear an Tighe: Ó sé do beatha chugainn, a
bhean mhaith! Is fada anois nár bhuail
tú isteach. Connus táir?



An Bhean: Ó, go maire' tu, a Sheáin. Dar
ndó, níl aon mhaith a bheith ag gearán &
an saoghal atá ann — tá gach aoinneach
agus a ghearán agus a chúis ghearáin
féin aige.



Seán: Maite, mhuise, is tu féin atá go
bríomhar aibidh ag feuchaint, a Mháire,
pé mar a dheunfaidh aoinne eile.



Máire: Táim, mhuise, d'iarraidh bheith amhlaidh.
Dá mbeadh an galar atá ag gabhail
domh-sa ag gabhail duit-se, bheadh fios
agat. Tá pian i ngach aon chnámh
riamh liom, ach ná leigim orm é. Ní
bhfuaireas triall ar an mbaile mór le
ráithe aca.



Seán: Dathacha, is dócha. Is olc an galar
sin. Ná rabhas féin blianta caithte
cráidhte aca — leath na h-aimsire sínte
ar chnámh mo chúil gan ionnam suidhe
'ná seasamh leó?



Máire: Agus connus dh'éirigh tú asta?
'Dé'n leigheas a fuairis dóibh? Deir-
tear liom-sa ná fuil aon leigheas dóibh
ach leigin dóibh ciora mar a bhladhmann
siad.



Seán: Éist, a bhean, agus bíodh ciall agat.
“Ní lia galar 'ná leigheas.” Cad chuige
tá na dochtúirí ann, ach chun leighis?
Téir isteach go dtí an dochtúir agus
innis do ghearán dó.



Máire: Agus an é siúd 'leighis tusa?



Seán: Cé eile dheunfadh é?



Máire: Galar gan díobháil a bhí ort, a mhic
ó, ath-fhás nó trálacha, nó rud éigin mar
codla grífín a bhí ag gabháil duit.



Seán: Is dóigh leat gurbh é do dhála féin
agam é, is dócha?



Máire: Ní dóigh ar aon chor, ach is dóigh
liom ná fuil de mhaith i ndochtúiribh ach
a bheith ag creacha na ndaoine. Ní
dhíolfadh mo chúil-fhiacla as córacha
dochtúra.



Seán: An sean-sgéal i gcomhnuidhe — an
t-airgead agus an cámas, ach cuimhnigh
go bhfuil sean-fhocal ann — “ag breith
na pingne agus ag cailleamhaint na
sgillinge.” An fhaid a bheir ag claoidh
leis an ngalar sin, beir ag cailleamh-
aint na sgillinge & ag breith na pingne.



Máire: Is fhíor san, ach tá sean-rádh eile
ann “go n-imthigheann an t-airgead &
go bhfanann an óinseach.” Ach maidir
liom-sa dhe, a mhic ó, táim bog ar shean-
ráidhte mar is gann agam an phingin
ná an sgilling.



Seán: Ó, 'seadh arís é, & sibh lán d'airgead,
agus tá a rian air — tá eagla bhúr
gcroidhe oraibh go mbeidh aon deire
leis an gcogadh so. Adeirim-se, agus
adeirim gan bhréig é, go b'é seo an
cogadh le h-ádh do feirmeoiribh na
h-Éireann.



Máire: Tá do chaint go breágh bog agat.
Cá bhfuighmis-ne airgead? Feuch ar
gach aon earra níos daoire ná a chéile.
Ní troime an gual ná a luach de
phingníbh. An plúr agus an t-arán
atá ar an saoghal, tá raol i n-aghaidh
na pingne air, agus ní biadh do mhadra
é. Fiú an bhoiscín ‘maitseanna’ tá
trí pingne air, agus i gcursaí siúicre
níl sé le fághail ar ór ná ar airgead.
Agus annsin an ball beag eudaigh nó
péire bróg atá uait — dada ach ná
bíonn an croiceann is a luach ag lucht
siopaithe, mar ní daoire go daoireacht
an bhaill, & ní dona go donacht an bhaill.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


Seán: Masa, tá sé 'na phaidir chapaill
agat. Nach deas chuiris len a chéile é.
Ach cogar mé seo leat. Cad mar
gheall ar an ubh a bhfuil tuistiún air?
Feuch ar an bpúintín ime a bhfuil lea'-
chróinn buailte anuas 'sa cluais air.
Tá prátaí cómh daor go mba dóigh
leat nár díoladh ar raol a' chloch riamh
iad. Fiú an tuirín gabáiste, ba dhóigh
leat go mbeadh súile air an taidhseacht
a bhíonn ann nuair a tugtar buille de
thuistiún sa drom do. Agus dar ndóigh,
má thosnuighim ag tracht ar bheithidhigh
leat, & an daoireacht atáid, imtheóchair
as do cheirte le neart áthais ag cuimh-
neamh ar an gcealmán airgid atá i
dtaisce agat.



Máire: An mhisde 'fhiafruighe dhíot-sa cár
'foghluimís na paidreacha? Adeirim
leat gur maith cruinn a thugais leat
iad. Ach seo! ní h-é sin ach é siúd.
An bhfuil fonn ort mé chimeád annso
feadh an tráthnóna, nó an dóigh leat
go bhfuil aon rud eile de chúram orm
ach bheith ag éisteacht led' chuid magaidh.



Seán: Is díreach é go mbíonn an fhírinne
searbh. Tú féin a tharraing ort mé,
agus ní mó an deithneas atá ort ná
orm féin. Cad é seo atá uait?



Nioclás Tóibín ón Rinn.



AN CHAORA DHUBH.



Bíodh is gur ceart ainmhidhe éigin,
caora nó eile, do mharbhú in onóir do
Naomh Mártan ní mholfainn do dhaoinibh
caora dhubh do mharbhú gan chúis. Tá
sgéal agam a theasbánfaidh nách ceart:



Bhí fear bocht thíos sa Lei'-triúch roinnt
bhlian ó shin ná raibh aige ach miúil is
goirtín. Maidean áirithe bhí caora dhubh
i bhfochair miúile sa ghort beag is do
lean sí an mhiúil a bhaile. Chuir an fear
d'á fógairt í ag séipeul an Chlocháin ach
ní tháinig éinne dá h-iarraidh is d'fhan
sí aige.



Tar éis tamaill bhí dhá uan aici is
nuair tháinig an t-am bhí dhá uan ag
gach uan díobh san is do lean an sgéal
mar sin, dhá uan i gcómhnuidhe ag gach
ceann acu go dtí go raibh cheithre fichid
caora ar fad aige is b'éigean do blúire
talmhan eile d'fhághail dóibh.



Seadh, tháinig Oidhche le Mártan agus
dubhairt an fear le n-a mhac.



“Tá sé in am againn an chaora dhubh
san a mharbhú,” ar seisean. “Téir amach
agus tabhair leat í go marbhógham í.”



“Tá go maith,” ars an buachaill is
d'imthigh sé mar a raibh na caoire.



Nuair do tháinig sé suas leó, thóg
an chaora dhubh a ceann is do mhéil sí.
Seo amach í agus seo an chuid eile 'n-a
diaig. Chuadar go barra an chnuic go dtí
áit n-a bhfuil loch. Chuaidh gach aon ceann
acu isteach sa loch is ní feacatha só shin iad.



Is mar sin do chuala féin an sgéal
ach go h-áirithe.



Muiris Ó Cinnéide, Daingean Uí Chúis.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



TADHG GABHA.



Is dócha gur beag duine léigheann “An
Lóchrann” ná fuil sórt aithne aige ar
“Thadhg Gabha.” Agus ó 's rud é go bhfuil
“Tadhg” bocht ag tabhairt an fhéir leis na
bliantaibh ní miste dhom ainm dhílis Thaidhg
a thabhairt anois do phobul “An Lóchrainn.”



Tomás a' Dúna ab' ainm do. I gCill
Lócháin i n-aice le droichead na Geadaighe
a bhí a cheárdcha. Tá an cheárdcha ann
fós; ach má tá níl aon ghabha innti. Do
lean a mhac, Pádraig, de'n ghaibhneacht
tar éis bháis a athar, acht do báthadh é
cheithre bliana deug ó shin, ag teacht
abhaile ó Chill Orglan, “oidhche na gaoithe
móire,” agus ó shin a leith níl aon ghabha
'sa cheárdchain.



Cill Lócháin: chuala-sa mar mhiniú' ar
an ainim seo gurab amhlaidh do bhíodh
muinntir an bhaile ag cáthadh ar an
árdán úd agus go mbíodh an lóchán
'n-a luighe ann i n-aice na sean-chille
ach níl aon bhaint ag cáthadh 'ná ag
lóchán cáithte leis an áit. Naomh ab eadh
Lóchán, agus sé Lóchán Naomhtha a chuir an
tsean-chill ar bun. Tá cuid bheag d'fhalla
na sean-chille ann fós, buille beag soir
ó'n gceárdchain.



Ba mhinic do cuirtí mise go dtí an
cheárdcha úd le capall, chun cruidhte a
chur fúithi nó le soc ceuchta chun cruaidh
a chur air. Ba ró-bheag é mo dheabhadh
abhaile. Bhíodh an-dhúil agam bheith ag
éisteacht le lucht na ceárdchan ag cur
an tsaoghail tré na chéile. Do bhíodh
lea'-sceul éigin agam dom' athair mar
gheall ar an moill — agus ba ró-mhinic
ná raibh ann acht lea'-sceul bacach. Do
bhíodh duine eile romham agus a lán le
déanamh aige, ná do thagadh capall an
tsagairt isteach, agus, gan amhrus, do
bhíodh tosach ag capall an tsagairt ar
pé duine a bheadh roimis.



Ba mhinic “Micheál na gCleas” ann;
agus dála Mhíchíl tá sé féin & a bhean,
Máire, beo beathaidh fós, agus pinsion
(pínse) ag gach duine aca. Dob' é
an breastaidhe ceudna d'imir an cleas
úd ar Stiabhna Ó Múrnáin i dtaobh na
bprátaí sa scéilín úd “Prátaí Mhichil
Thaidhg” — agus d'imir sé an cleas lom
díreach mar atá innste 'san eachtra.
Do cailleadh Stiabhna bocht blianta ó
shin. De mhuinntir Churráin ab eadh é
agus is ró-mhaith is cuimhin liom-sa a
bhean ag deunamh gabháile i gcóir na
Nodlag. “Beannacht Dé le na n-anam
agus le h-anman na marbh go léir!”



Beirt Fhear.



Sloinne is eadh ‘A Dúna.’



Nách mór an truagh Gaedhilg na Paróiste sin Tuatha
bheith ag imtheacht go tiugh agus gan aon-phioc buartha
in a thaobh san ar aonne! Ní fada go mbeidh paróiste
“Taidhg Gabha” chomh saor ó Ghaedhilg “agus tá Loch
Cruite ó mhíoltaibh móra.”



Lucht An Lóchrainn.



COSA GLOINE FÚIBH!



Deirtear so leis na cearcaibh nuair
théidhid isteach i ngort.



“Ó mhuise, nár leige Dia dhúinn sibh
agus cosa gloine fúibh!” adubhairt sean-
Léan Bhán nuair a chuaidh cearca na
gcómhursan isteach 'na garraidhe beag.



‘Cosa so-bhriste fúibh’ an bhrigh atá leis.



GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.



MAITH AN tSNAOIS —



“SNAOIS CHORCAIGHE.”



Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.



Tobac sár-mhaith
an dá shaghas so:



“SHANDON PLUG”
agus
“EXHIBITION ROLL.”



Scríobh chugainn-ne:



“CUALACHT LAMBCIN,”
Sráid Naomh Pádraig a 9,
CORCAIGH.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BÓNAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
agus LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),
CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá ÁTRAIGHE ÓIR is
ÁTHRAIGHE AIRGID



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, TEO.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHIDHEACH



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



AN 3adh tigh i Sráid an Rí,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCANIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Ó FÁILBHE MÓR.
(Dráma Duaise).



A lucht cómhráidh anso:



Seán Ó Fáilbhe — seanduine
Aodh agus Domhnal — a bheirt mhac san
Tadhg Ó Duinnín
Seanchaidhe Uibh Ráthaigh
An t-Athair Muiris Ó Beóláin
Fear sceula 'fhógairt (gan eisean dá thaisbeáint
féin).



(Tuille dhe).



Seán (ag feuchaint do tríd an bhfuinneóig):
Tá nea'-thaithneamh ar an spéir sin gan
aon-agó!



Ag dul fé dhéin na teine dhó, agus é d'á
h-adú. Aodh do theacht ansan. É go doc-
raideach cortha. Gan aonne do labhairt, ar
feadh tamail.



Seán (go nea'-ghiobúnta, ciúin): Tá sí
seo ag dul in eug orm. Tá Domhnal
lasmuigh ansan ag gabháil do sna
buaibh.



Aodh: Is amhlaidh nár chuimhneabhar ar theine
'ná ar bhó go dtí go bhfacabhar chugaibh
mé! Bheadh sé chomh maith agat é rádh
liom lom díreach. Is duine gan ghaois
tusa, 'athair!



Seán: Ní fheadar.



Aodh: Iseadh, 'athair. Níl aon mhaith ionat
chun éithigh. Is mór agam an fear maith
atá mar athair agam. Fear gan chlis.
Ní h-iongna nár bhuadhais riamh ar an
aonach ach an phinginn bu lugha.



Seán: 'Seadh, is dóigh, d'imrigh daoine cleas
orm anois is arís, ach ní thuigim gur
dhein sé aon tairbhe mór dóibh féin.



Aodh: Níor dhein, 'athair, 'ná ní thug sé ciall
duit-se. Ní fada chuimhnighis air —
Éist! Cad é siúd; an airighir?



Seán: Ní airighim.



Aodh: Bfhéidir nach aon ní é. Im' cheann 'is
im' chluasa atá. Fothrom na h-abhann
úd, leanfa' sé dhíom go fóil. Tá
clocha agus crainn 'á scuabadh chun
siubhail aici.



Seán: Ní glór binn atá anois aici, mar
sin.



Aodh: Tá sí ag mallachtaighe roímpe.
Bascfa' sí ár gcuid.



Seán: An baoghal don arbhar?



Aodh: Baoghal? Ró-bhaoghal! bádhfar agus
scuabfar chun siubhail é.



In a dtost dóibh araon, ar feadh nómait.



Aodh: Ná fuil aon-mhóin tirm sa' tigh?



Seán: Níl.



Aodh; Ag éisteacht le glór uisce 'chaitheas
an lá, agus tá geónaighal uisce ó an
dteine agam nuair a thagaim abhaile.
Sin é an rath atá ar mhuinntir Fháilbhe!



Seán: Glaodhfad ar Dhomhnal. Deunfa'
sibh comhluadar d'á chéile.



Aodh: Ná corraigh. Glaodhfad féin air …
A Dhomhnail, a dhaltha! Seo leat. Ní
lasfadh an teine dhúinn-ne. Níl aon
ró-aithne againn uirthe.



Domhnal do theacht gan choinne leis.



Níor ghádh an glaodhach!



Domhnal: Níor ghádh. Bhíos chugat. Tá an
bhó bhán go donaidhe.



Aodh: Gura slán an sceulaidhe! Is geal
mar atá gach sceul — Sceul na bó,
an bhruinne dhearg uirthe! Sceul an
mhóinfhéir, é go h-eudtrom scáinte
gan dothain féir go Nodlaig ann!
Sceul na gcaorach, an cnumh ortha!
Ach, a bhráthair ó, ní baoghal don leabhar
— do Dhuanaire Ua bhFáilbhe. Ní baoghal
do sin! Tugtar aire ró-mhaith dho!
Níl aon tinneas air sin. Fonn gáirí
atá air — fúinn-ne! Tuigean sé go
bhfuilimíd fé smacht aige.



Seán: Is truagh liom gan caidreamh agat-
sa leis, 'Aodh.



Aodh: Ag gabháil aníos dom, dar liom go
gcuala é ag gáirí fúinn. Deunfad-sa
gáire, freisin, arsa mise. Níl rud ar
domhan chomh geal le tigh lán de gháire.
Bu bhinn liom é a leithéid seo 'oidhche.



Domhnal: Bhíos ag braith air go ngealfadh
an oidhche & go bhfeudfaimís ár dtriúr
dul fé dhéin na h-ínse.



Aodh: Hóró, a dhritháirín ó; cad deirir?
Dá dtéighinn-se chun na Frainnce
d'iarraidh bheith im thaoiseach airm i
mbuidhin an Diolúnaigh Mhóir, amhail
atá Liam Ó Fáilbhe, nách fúm-sa a
beifí ag gáirí! Nó, mé bheith ar an
bhfarraige sa' loing úd le Feidhlim
Ó Mathúna nách ar na Spáinnigh sin
aige' bheadh an t-iongna! Bíodh 'inead
ceart féin ag gach n-aon, a dhritháir ó.
Léigheann na leabhar agat-sa agus an
sclábhuidheacht agam-sa!



Seán: Agus an congnamh chun gnótha an
chainnt sin?



Domhnal: Éist! 'athair.



Aodh: Is cuma i dtaobh ghnótha anois. Cad
tá ann ach goirtín suarach eornan.
Tá deire le ré na raidhse. Bhí crích
orainn-ne, tráth, agus ciall dá réir
againn. Cad chuige go mbeimís ag
saothar anois? Chun filí meisce na
Mumhan do chothú! Lucht múinte scol
ó Shliabh Luachra is Sliabh Mhis, tá árd-
mheas aca orainn-ne. Níorbh iongna
liom dá séideadh an ghaoth duine aca
chugainn anocht. A leithéid seo oidhche
is gnáthaighe leó teacht. Donncha Ruadh,
b'fhéidir, agus “Bail ó Dhia anso” mar
phaidir phras aige. Má thagan anocht,
dar fia go gcuirfad-sa fáilte is
fiche roimis! “Dia bheatha chugainn, a
Dhonncha Ruaidh na n-eachtraí. Suidh,
go n-innsir dúinn sceul ar Thalamh an
Éisc. Sceul a chuirfidh ag gáirí sinn,
a Dhonncha. Is mór an ní gáire; gáire
de bhárr sásaimh aigne, tá 'fhios agat.



Domhnal: Ciúineóchaidh an oidhche, dar liom.



Aodh: A' gcloisir, 'athair? Ciúineóchaidh an
oidhche, deir sé.



Domhnal: Agus má eirighan an ghealach, níl
a bhac orainn dhul don ínse.



Aodh: Ní solus is mó atá uainn chun na
h-oibre, ach bád! bíodh sé geal nó
dorcha, tuitfidh an claidhe mór anocht,
agus leathfidh an t-uisce tímpal an
tighe seo an ghealgháire. Beidh an tigh
seo in a leus soluis sa' doirceacht
ansan, 'athair. Nách maith an t-abhar
é chun abhráin? M'anam, is eadh! a
Dhomhnail; dein-se dán as … Cia
'n chiall díbh-se, beirt, bheith dubhach
anois? … Feuch mar fheuchaid orm!
… Nách cuma riamh má thuitean an
claidhe anocht?



Seán: Ní baoghal don chlaidhe!



Aodh: Agus nuair a thuitfidh, cloisfar scol
breágh gáire ón leabhar san na ndán;
gáire chomh breágh is chomh mór san go
scoiltfidh ar an gclúdach leathair. Ná
fágaimís an gáire le chéile fé sin!



Domhnal: 'Aodh, a chroidhe, suidh; nílir ar
foghnamh anocht.



Aodh: Do chiall mhór féin, 'athair, a thug
dúinn sólás is sásamh anocht. Ní bheadh
aon ghile ar ár gcroidhe anocht, mura
mbeadh an leabhar dán san ár gcine.
Creach lasmuigh, ach tá soilbhreas anso
istigh. Leag an leabhar dán ansan ar
an mbórd, a Dhomhnail, go mbéam ag
amharc air.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Seán: Tá a lán dán searbhais (‘searúis’)
ann, 'Aodh, & fir de Chlainn Fháilbhe do
rinne. Bhí an buadh san an tsearbhais D
riamh ag do chine, 'Aodh.



Aodh: Tóg amach an leabhar, a Dhomhnail! A
Ní thógfir?



Aodh féin do dhul d'ionnsuidhe an leabhair;
é d'á thógaint agus d'á chur ar an gclár.



Fheiceadh sé an mí-threó atá ar Mhuinn-
tir Fháilbhe. É féin fé ndeara é!
Tuille soluis do, a Dhomhnail, i dtreó
is gur fearr a chífe sé an aindise!



É féin do lasadh coinnle is d'á cur anuas
ar an leabhar.



Suidhimís in a thímpal anois, a bhráithre!



Domhnal: Cá gádh dhuit an searbhas go léir?
Nár dhein m'athair cion fir len a
shaoghal? An fhaid a bhí neart is
fuinneamh ann, do chruinnigh sé ar
fheud sé.



Aodh: Agus chaith sé ar leabhar é!



Domhnal: Is mó duine ar t'aithne a chaith
a chuid i dtigh tábhairne Stiabhna thoir,
agus ní bhíon aon-mhac 'á chasadh leis.



Aodh: Díreach san! Tá abhar eile abhráin
ansan agat. Cuireadh ceann fine
Fháilbhe mallacht ar a mhac — ar an mac
a bhí i bhfeighil toradh na talmhan agus
an chuid eile dá mhuinntir cois teine
ag scrúdú léighinn!



Seán (agus fearg air): Tá abhar dáin ann.
Is fearra dhuit éisteacht!



Aodh: Tá abhar dáin ann gan aon-agó.
Brostaigh!



Seán: Seo dhuit é agus mairfidh a chuimhne
agat:



'Aithreacha clainne, bídh tuigsionach
céillidhe tráth
Is dréir acfuinn bhur gclainne tug-
aidh dóibh saothar gnáth
Neach den fhuirinn sin an duine seo,
ar a nglaodhtar Seán
D'á mhacaibh do thugadh an obair, dá
méinn, dob fheárr.



Tar ínse nuair léimfadh treun-tuille
an Fhomhair
'Gus ón gcoinnligh do bheurfadh an
chaomh-chruithneacht sóghail
Do língfadh an cheud-mhac 'á saor'
ón annró
'Gus dá dhíchiol, ní staonfadh, go
ndeunfadh an gnó.



Ach tuille na mblian go dian, nuair
a sciobfadh le fánaigh
Ar deineadh i gcian le cliar na cine
sin Fáilbhe,
Do chuirfadh, ad' iaraidh an iarsma'
chosaint ón ráig sin,
A mhac eile fial, go ciallmhar, chuir-
fadh ar phár iad.



Aodh (in árd a ghutha dho): Scuir de sin!
Raghadh rann mar sin ó Bheura go Doire
in 'abhrán magaidh ag lucht póite.
Níorbh áil leat daoine bheith ar mo thí?



Seán: Maith mar do réir an laoch a mhacra
ceart gan smáil,
An macha 'á ghlanadh ag aon, 'gus an
té eile' glanadh a gcáil,
Mac ag saothrú léighinn agus mac ag
grafadh báin!



Aodh (do rith chuige, agus Domhnal do rith fé
dhéin Aodha): Ná cráidh a thuille mé!
(Le Domhnal — “Ní bhuailfad aonne.”)
Mar seo a moltar mo shaothar-sa! Mé
am' aoradh mar sclábhuidhe. An Múin-
fir do lucht póite é?



Domhnal: Ní mhúinfidh!



Aodh: Múinfidh. Tá móráil air in a thaobh!



Domhnal: Suidh, 'athair, is ná h-abair a
thuille.



Seán: “Mac ag saothrú léighinn agus mac
ag grafadh báin.”



Domhnal: 'Athair! Caithfir stad de anois!
Suidh!



Aodh: Níl deire fós aige, feuch! agus sid
é mo luach saothair.



Domhnal: Chuiris féin cath air. Bhís d'á
chrádh.



Aodh: Más crádh dho mise bheith im' sclábhaidhe
don bheirt —



Domhnal: Tá cion mór aige ar an leabhar.



Aodh: Ní leabhar súd ach sciúirse! Pláig
iseadh é! Mallacht iseadh é! Scrios
an tighe seo iseadh é!



Domhnal: Táir 'a ghríosadh arís!



Aodh: An fhírinne atá 'á innsint agam!
Cad eile é ach pláig?



Domhnal: Ní beag san de, 'Aodh! … Is
geal lem' athair an leabhar agus is
geal liom-sa é!



Aodh: Is gile leis é 'ná a chlann mhac!
Abhar mioscaire sa tigh seo an leabhar
san!



Domhnal: Is mór agam 'athair an leabhar
san, 'Aodh, agus beidh sé sa tigh pé
faid is maith leis sin é!



Aodh: Ní dhíolfe sé an cíos dúinn!



Seán: Fiche mac a bheith agam, ní bhuadhfaidís
le chéile orm-sa!



Domhnal: 'Athair, cuimhnigh ar do gheallamh-
aint!



Aodh: Is ró-thoghail a bheadh sé, dá mbu
aige bheadh an ceart!



Domhnal: Ag Aodh atá an ceart, 'athair.
Cois teine a chaithamar-na an lá, rud
nár chóir, agus eisean d'á mharbhú féin
ar an ínse.



É d'iompáil chun Aodha ansan.



Mura mbeadh tusa, 'Aodh, bheimís gan
tigh, gan treabhachas; sinn ag gabháil
an bóthar, de shíor, ar nós a lán eile
de shíol Éibhir. Is oth liom, 'Aodh, ná
táinig cuimhneamh dom in am.



Aodh: Díbh araon, a Dhomhnail.



Domhnal: Dubhart lem athair sara dtainís
isteach gur fút-sa fhágaimíd gach
sclábhuidheacht.



Aodh: Ach, níor iaras aon chongnamh ort, a
Domhnail, mar ná deunfadh do dhícheal
aon-mhaith don sceul. Imtheochaidh a
bhfuil againn de arbhar nuair eireochaidh
an ghealach!



Seán: Ná bímís d'ár gcrádh féin ag
trácht ar mhí-ádh beag den tsaghas so.
Chonnac-sa an duthaigh seo Dheasumhan
in a lasair!



(Ní Críoch).



Domhnal Ó Corcra (is ughdar do “A Munster
Twilight”) do rinne an dráma san. Iar n-a thionn-
tó go Gaedhilg do Sheán Tóibín. Do bronnadh an
cheud-duais (a leath) ar an dtionntó san ar an
Oireachtas i mbliana.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



GUTH NA BLIADHNA (ar 1/- gach ráithe
ó Ruaraidh Arascain, Sráid a Mhuilinn a
12, Peairt, in Albain). Aiste ar “Linn
an Óir” an ní is mó in “Guth” an
Gheimhridh; A.M.E. an scriobhnóir. Tá
stáir eile den sár-obair úd “Leanmhuinn
Chríosda” ann & é so-léighte go leór don
Éireannach. “Bíodh deagh-chogúis agat &
díonaidh Dia thu gu ró-mhaith. S.T.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street).
CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua.
tta.,



I gCORCAIGH,
in a thaobh.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.
Uaim-se gheobhair san.



agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL,
Ó MATHÚNA & a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



EUDACH
BUAN - tSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,
SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,
I gCORCAIGH.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN
AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)



a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go
62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



NÍ GÁDH BEURLA 'LABHAIRT,
ach an uair a raghair ar lorg
SAIGRÉIDÍ MAITHE,
agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair
“SILK CUT”
le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN
a deintear, agus tá 'á gcaitheamh



AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó CEARBHAILL IS A CHUA.
(teor.)
Lucht a ndeunta.



ó ‘CHUALUCHT
EUMOINN MHIC EÓIN, Tta.’



(‘Ed. Johnson Ltd.’)
a gheóbhair



BUINN, SEÓDA,
FÁINNÍ is CLOIG,



ar dheise is ar shaoire.



Scriobh ar Lorg an
‘Luach-Leabhráin’ go



SRÁID GHRAFTON A 94,
in ÁTH CLIATH.



In
ÁIRCÉID NA MUMHAN
gheobhair
LÁMHAINNÍ OLNA



de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: cróin,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



ÁIRCÉID NA MUMHAN
le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’
I gCORCAIGH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk























19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services