Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eanair, 1918
Title
Eanair, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Lóchrann PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh 22. EANAIR, 1918. PINGINN A FHIACHA. AN FEAR SIUBHAIL. Bhí ceó na h-oidhche ann. Bhí an solus imthighthe. Bhí mise ag gabháil siar agus eisean ag teacht aniar agus do bhuail- eamar le chéile. Chonnac ar dtúis ag corruighe i lár an cheóidh é mar a bheadh sprid nó siabhra. Baineadh geit asam ar dtúis, do phreab mo chroidhe, acht do ghabhas misneach ionnam & do bhuaileas go dána anall chuige tríd an dorchadhas. Seanduine aosta a bhí ann. Sean- duine caithte críona. Gach ruibe dá gharbh- ghruaig i n-achrann le chéile ar a cheann, féasóg fhada liath ar sileadh sios leis go h-ucht. Bhí sé go cromtha is a dhá ghlúin go tréith-lag fann ag lúbadh fé. Acht dob' uaisle a mhéinn ná cruth déithe na Gréige. Dob' uaibhreach é déanamh a leathan éadain mhaordha, is ba chaomh bog glórmhar an solus a bí ag lonnradh 'na shúilibh. Cheapas arís gur sprid é — teachtaire ó shluaightibh na marbh ag siubhal na gcnoc istoidhche. Deirtear nár mhaith leo súd aoinne do bheith amuigh fé'n aer ar fán nó ar strae acht gur mhaith leo na sléibhte, na beanna, na locha 's na gleannta do bheith futha féin go teacht gréine na maidne. Bhíos ag feitheamh go gcuirfeadh sé an méid sin i bhfios dom mar ba ghnáthach leis an sprid nó leis an taidhbhse, is do b'iong- nadh liom nár chuir. Do dhruid sé chugham anall go sgáthmhar. Do sheasaimh sé is do chuir sé cainnt orm. Do labharas leis go caoin is go cneasda i dtreó go dtáinig misneach a chroidhe ar ais chuige, is do chuaidh a chuid eagla i luighead is a chuid dánuidheachta i méid. Ba bheag cainnt a bhí ag ceachtar againn ar dtúis ach do ghéaruigheamar chuige is ba ghairid go raibh an friotal ag teacht as a bheul go bhinn-bhriathrach aibidh, go tric is go luath-fhoclach caoin. D'innis sé dhom scéalta na Craoibhe Ruaidhe is scéalta na Féinne, scéalta ar Bhrian ag ruagadh Danar as Éirinn, scéalta ‘Aoidh Ruaidh’ is a chroidhe ar lasadh le teas-ghrádh a thíre, na Sasanaig roimis is é á réabadh go fuadrach dá dtreóir. Mar sin dó seal ag tracht ar ghníomharthaibh gaisce is gaile sean-laochra na h-Éireann, seal eile ag gabháil go ceólmhar binn sean-phuirt do cumadh is do ceapadh na céadhta blian sara rugadh Aodhagán ná Eoghan Ruadh. Do stad sé go h-obann. Do bhuail sé a lámh ar mo ghualainn. “A mhic,” ar sheisean, “tá tú óg is b'fhéidir gur fearr t'eolus ar na neithibh seo ná m'eolas sa. Ach ní féidir liom gan bheith ag cuimhneamh ortha is níor mhothuigheas me féin ag cainnt. D'innis me dhuit scéulta ar Fhéinn na h-Éirean, ar a ríoghradh is ar a macaibh is anois inneósaidh me dhuit mo scéul féinig — scéul a bhainfidh na deóra as do shúilibh nó ar a luighead scéul go mbeidh agatsa 'na dhiaidh urraim & meas do sheanduine shuarach aosta.” Chuir mise cluas orm féin. Fadó bhí mise & mo bhean 'nár gcomh- nuidhe istigh san ngleann úd thall. Bhí ceathrar againn ann — sinne & ár mbeirt mhac. Bhíomar go léir go sóghach sásta. Ach lá amháin so chuaidh an mac ba shine agam, Seán, go dtí an baile mór agus do chuaidh sé ar meisge. Seachtain arís 'na dhiaidh sin bhíomar go léir 'nár suidhe cois na teine. Bhí an oidhche ann, is amuich bhí an t-síon go fuadrach fíochmhar. Bhí an bháisteach ag teacht na tuilthíbh is bhí an t-anfadh ag búithrigh go torannach go maidin. Buaileadh cnag ar an ndorus. Tháinig saighdiúir isteach. Tháinig ceann eile is ceann eile arís. “Bhfuil Seán Ó Raghallaigh istigh,” arsa duine aca. D'éirig Seán agus é ar chrith. Bhí sé ar an mbaile mór seachtain roimhe sin. Bhí sé ar meisge & do ghlac sé an scilling agus b'éigean do dul leo. Deich mbliana 'na dhiaidh sin bhí a raibh ann againn 'nár suidhe arís ar an dteinn- teán. Ní raibh ann ach me féinig agus mo bhean. Bhí Seán i bhfad i gcéin uainn ag troid ar son na Sasanach. Bí an buachaill eile ag tabhairt an fhéir, sínte marbh taobh linn go h-uaigeach san roilig, Buaileadh buille ar an ndorus. Tháinig duine isteach. Bhí sé go caithte traochta. Bhí mála fé n-a oscuil aige, lámh leis ag sileadh síos le n-a thaobh, lámh eile agus í gearrtha ó'n uilinn amach de. Do bheannuigh sé dhúinn. Do bheannuigheamar dó, is do bhuail sé suas chun na teine. Cuireadh cóir bidh & dighe ós a chomhair ar an mbórd ach ba bheag dhith sé. Bhí cogadh ar siubhal an uair úd idir na Sasanaig agus an Mahdi. Dubhairt sé go raibh sé féin ann is gur annsúd a baineadh an ghéag de. Thosnuigh sé ar chainnt annsan ar an gcogadh is ar na cathaibh, ar na buidheantaibh is ar na cipíbh go fuadrach ag scuabadh i gcoinnibh is i gcomhdháil a chéile. Torann na saighdiúrí ar thréan-rith, gártha na bfear is osnaigheal na ndaoine ngonta. Ach do cuireadh stop leis go h-obann. Do chuir mo bhean cosc leis. “Is tú Seán,” ar sise. Ní dubhairt seisean ach “Is me.” Tamall 'na dhiaidh sin do cailleadh Seán. A lámh ba thrúig bháis dó. Tamall eile i n-a dhiaidh sin do cailleadh mo bhean. Do cuireadh me féin as seilbh is do thógas mo bhata im' láimh dheis, mo mhála im' láimh chlé agus mar sin do chuas im' aonar fén domhan dubhach bhagarthach amach. Do thóg sé a mhála na láimh arís, mála suarach folamh a bhí ann, is do chuir sé chun imtheachta. Do chuireas cosg leis. Bhí scilling im' phóca. Sin a raibh ar fad agam is do shíneas chuige í. Ní ghlacfadh sé uaim í, ach do sháitheas 'na phóca í is do chuireas chun siubhail arís go tapaidh. “An Domhnallach Óg,” Abhainn a' Scáil, do scríobh. AN GABHAIRÍN BUIDHE. An bhfeaca tú an gabhairín buidhe, An gabhairín buidhe, an gabhairín buidhe, An bhfeaca tú an gabhairín buidhe Ag rinnce ar an mbóthar? Ní fheaca-sa aon ghabhairín buidhe, aon ghabh- airín buidhe, &rl. Ní fheaca-sa aon ghabhairín buidhe Ach chonac muncaoí mór ann. Agus chonac bean is píb aici, is píb aici, &rl. Chonac bean is píb aici — Gus í ag seinm ceoil do. Gur chuas-sa féin is Máirín bheag, is Máirín bheag, &rl. Chuas-sa féin is Máirín bheag Ag rinnce ar an mbóthar. Mara bhfeaca sibh an rinnce sin, &rl. Mara bhfeaca sibh an rinnce sin Is mór an truagh go deo sibh. Bhí an muncaoí mór go h-ana-dheas, &rl. Bhí an muncaoí mór go h-ana-dheas Ag rinnce ar an mbóthar. Dá bhfeiceadh sibh a sheana-ghrabhas, &rl. Dá bhfeiceadh sibh a sheana-ghrabhas Do gháirfeadh sibh bhúr ndóithin. Bhí erabaillín gearr aige, &rl. Bhí erabaillín gearr aige Agus cosa bhí go bórach. Lorga Liath-bhán. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
COIS FARRAIGE THIAR atá an COLÁISTE ATLANTIC. Múintear Sranngscéaluidheacht & Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do ógánaig atá idir a 16 agus a 24. Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide — MUIRIS MAC GEARAILT, CATHAIR SAIBHÍN, I GCIARRAIDHE. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — BONAÍ, CARABHATAÍ, LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ AGUS LÍNÉADACH. M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE ARÁN HOSFORD. NÁ H-ITH A MHALAIRT! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. TÁILLIÚIREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 30 — As do bholg nár thaga sé. Le duine a bhíonn ag lorg iomad le n-ól nó le n-ithe. 31 — Gurab é a labharfaidh leat. An céadna arís. 32 — Díth is deacair ort. 33 — Bascadh is brúgh' ort. 34 — Mallacht Dé ort. 35 — Léan ort. 36 — Mo mhilleán anuas ort. 37 — Gan geir ort. Mallacht magaidh. 38 — Dúbhlú [?] ort. 39 — Dúbhluighe ar do chroidhe. 40 — Diuc ort. Diuc .i. galar cearc. 41 — Losgadh doighe ort. .i. Loscadh croidhe. 42 — Loiscreán tinn dóighte ort. 43 — Loiscreán marbh ort. 44 — Lomadh an Luain ort. .i. Scrios lae an bhreitheamhantais ort. 45 — Míle míochomhthrom ort. 46 — Breith i mball cumhang ort. 47 — Ciorrbhadh ort. 48 — Ciorrbhadh gan leigheas ort. 49 — Gan rath ort. 50 — Gan leigheas ort. .i. Nuair adéarfadh duine go raibh sé go dona. 51 — Drochchríoch ort. 52 — Fuacht sa tsioc ort má tá fuacht indiu ort. 53 — Fuacht failce ort. 54 — Rás ort [ar muin chapaill anáirde.] 55 — Lá fiadhaigh ort. 56 — Leathadh leathóige ort. Nuair a bhíonn leanbh tré n-a chionnta féin leathta leis an bhfuacht. 57 — Faoileáil Philib a gheitire [.i. geat- aire] ort a bhíonn ag faoileáil go mbíonn deire leis. Le duine guagach is gnáth é sin do rádh. Faoil- eáil = wheel-áil. Pilib a gheataire .i. cleas a bhíonn ag páistí le geataire giumhaise a thógaid as an dteine. 58 — Leaghadh cubhair na h-abhann ort. 59 — Marbhfháisc ort. .i. Éadaighe an bháis ad' cheangal. 60 — Tnáthadh gan tonnachadh ort. .i. Tú tnáithte ag an mbás is gan fagháil ar do chorp chun a nighte. 61 — Bás gan sagart chughat. 62 — Lá breagh ag do cháirdibh — ad' ad' lacan. 'Na earball san atá an chealg, agus sa cheann so — 63 — Sliocht is séan ort, oiread le céad fear — a bheadh á n-éaghmais. 64 — Cosa circe fút is iad go briste fút. 65 — Nár chúitighthear do shaothar leat. Nuair ná taithneochadh do ghníomh le duine. 66 — Nár éirighe do bhóthar leat [nó “do thurus.] 67 — Go mbeire 'n diabhal leis thu, nó 68 — Go n-árduighe 'n diabhal leis 'na mhála thú, nó 69 — Gurab é an Fear Mór a bhéarfaidh leis thu. 70 — Go mbeire 'n diabhal go h-Árd na gCreach thu. I n-Iarthar Chiarraighe atá an mallacht san. Tá árd na gcreach ag Córdal ar an mbóthar idir Oileán Ciarraighe agus Baile Rí Liam. Is annsan a thagadh na foghlaidhthe oidhche ar na daoine ó'n iarthar a bhíodh ag filleadh ó mhargaíbh Chorcaighe & bhainidís a gcuid airgid díobh. 71 — Athair mo chéile 'na stéig ag an gcat, Is máthair mo chéile nár mhaire sí i bhfad. 72 — Marbhú an Dúna ort. .i. An marbhú fealltach a dhein na Sasannaigh ar na Spáineachaibh & ar na Gaedhealaibh i nDún an Óir sa mbl. 1580. (Tuille le teacht). MICHEÁL NA MÓNA. Fad ó shin, nuair a bhí mise im' garsún óg, bhí sean-fhear na chómhnuidhe 'sa phar- róiste seo againne agus bhí “Micheál na Móna” mar leas-ainm air. Tá sé ar thaoibh an teampaill i gCill Mhuire le bliantaibh anois — beannacht Dé na nGrás le na anam. Bhí capallín bacach bán aige — cómh-aois dó féin, 'sé mo thuairim — & bhíodh Micheál ag tabhairt ciseán móna go dtí an baile mór, .i. Luimneach, gach uile lá. Sin é an chúis go dtugtaí “Micheál na Móna” air. Tráthnóna dá raibh sé san gCathair i mí na Nodlag, agus braon beag ólta aige mar ba ghnáthach (bhí an braon dighe go flúirseach an uair sin agus go saor leis. Slán beo leis an aimsir úd), do thuit an oidhche air & nuair a tháinig sé amach as an tigh tabhairne bhí an capaillín imighthe. Bhí Micheál bocht i gcruaidh-chás agus do chuaidh sé annso agus annsúd ar a lorg. I gceann tamaill cá siubhalóchadh sé ach síos Sráid Sáirséil agus níor stad sé go dtáinig sé go bruach na Sionann. Bhí an oidhche ana-dhorcha agus thug sé cois- céim eile agus thuit an fear bocht ar mhullach a chinn 'san abhainn mhóir. Do shaoil sé go raibh sé ag dul isteach i siopa éigin agus nuair a shrois sé an t-uisge ní dúbhairt sé ach: “Bail ó Dhia orraibh annso, nách fliuch atá an t-urlár agaibh?” Sin é an sgéal, slán mar a n-innstear é, agus má tá bréag ann bíodh. Ó'n lá san go dtí an lá indiu, nuair a thagann aoinne ó'n áit seo isteach i dtig san chomhursannacht ní abruigheann sé ach: “Bail ó Dhia orraibh! nach fliuch atá an t-urlár agaibh? mar adubhairt Micheál na Móna.” Seán Ó Clúmháin, O. S., Móin a' Lín, Luimneach Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Mairisil Ní Mhurthuile. ÉAMONN MHÁGÁINE. Gléas C. Mairisil Ní Mhurthuile do chuir an ceol i ngléas Idir Chorcaig is Dubhglais, do chonnac-sa mo rúnach, Go h-atuirseach tabhartha, am choinnibh sa ród Do labhair sí go tláith liom, de chómhrádh bhinn mhánla, Is do chuir sí rómham fáilte agus céad míle póg. Tá litir agam óm' father is beannachaí óm' mháithrín Le tabhairt inso ad' láthair, a ógánaigh óig, Go bhfaghfá na táinte agus spré chnuic le n-áireamh, Agus mise mar bhárr air sin choidhche 's go deó. Ínns-si dod' father is gan dearmad dod' mháthair Go bhfaghfá mé le pósadh, a chailín bhig óig, Mara mbeadh go bhfuilim in áirighthe, le bliain agus trí ráithe 'Ge inghin Sheóin Dáibhis ó Chonndae Mhuigheó. Mo chreach is mo sgeimhle nach marbh lag a bhíos-sa, An lá casadh tú 'sa' tslighe orm, a ógánaigh óig, Sar a mbeadh sé le h-innsint go mbeadh bean eile a' suidhe leat, Agus mise a' siubhal tíreach is ná faghainn dul ad' threo. Ná bíodh sé le h-innsint anois agat ná choidhche Fill a bhaile chun do mhuintire, a chailín bhig óig Mise Éamonn Mhágáine nár las riamh le náire Is do gheobhair ar shliabh fáin mé nó ar a' gcnoc is mó ceó. A gcuimhnigheann tusa, a dhaltha dhil, nuair bhíos is tusa ag reachtaireacht, Ar ínnse ar bhárr gleanna, ag amharc ár mbó, Sa ló is mé ghá chuímhneamh cá ngeobhfá chun na h-oidhche, Is gur shíleas féin choidhche ná sgaoilfeadh ár gcumann. Aindlightheoir (méirleach) ó Chonndae Mhuigheó do bhí ar a theicheadh i gCúige Mumhan a b'eadh Éamonn Mhágáine. Do chaith sé tréimhse san áit n-a raibh an cailín deas óg 's a muintir na gcómhnuidhe. In Árd Fhearta d'airigheas é do'n chéad uair is dóigh liom mórán bliadhanta ó shoin ag fear do bhí breac aosda. Tomás Ó Núnáin is Tomás ó Ciarmhuic a thug chuige me. Scríobhas síos le déidheanaighe é ó abhrán- uidhe binn in Oileán Dairbhre go dtugaid siad “An Tugger” air. Fuaireas cúpla ceathramha dhe leis ó Mhícheál Ó Beaglaoi ó Chill Orglan. Do fuair seisean ó'n 'athair é. Is ó Mhícheál do chuir Mairisil Ní Mhurthuile síos an ceol. Is geall leis mar a chéile atá an fonn ag an dTugger. Fuair Petrie leagan eile den gceol. Féach uimhir 1439 de'n Complete Petrie Collection. Deirtear “Dúrlas” in áiteannaibh in inead “Dubh- glais.” Theasbáin An Craoibhín dom leagan maith cruinn de'n abhrán so do sholáthruigh an t-Athair Mac Craith i nDéisibh Mumhan ach ní feárr ná an leagan so do sholáthruigheas féin. B'éigean dom cúpla focal san méid atá annso d'atharrú. Seón Dáibhis dob' ainm do'n chrochaire do bhí ar thóir an mhéirligh is b'í an chroch an “inghean” do bhí “in áirighthe” leis. D'innis An Craoibhín dom gur sa' dúthaigh inar rugadh é féin do mhair an Seón so tá céad goileith bliain ó shoin nó mar sin is gur teasbánadh do an áit 'na mbíodh an chroch aige. Finghin na leamhna. DORNÁN DÁN (le h-Aodh de Blácam, ar 1/— ó Chlólucht Talbóid, in Áth Cliath). D'á bhfaca-sa de leabhránaibh beaga gleoite riamh bheirim-se an chraobh don “Dornán” san. Tá na peictiúirí agus an cló ar áilneacht. Tá tosnú maith déanta ag Aodh de Blácam ar an saghas úd gearra-dhuain — an líric, do scrí as Gaedhilg. Tá dhá iarracht nua ann aige & is iad is fearr sa leabhar. Tionntó ar líricí Beurla is Frainncise is eadh an chuid eile. S. T. “AN LÓCHRANN” IN A PHÁIPÉAR TRÍ LEITH-PHINGNE. Amhail a dubhramar i “Lóchrann” na Bealtaine, is ró-bhaoghal linn go mbeidh orainn 1½d. do chur ar “An Lóchrann” as so amach. Tá ana-bhreis costais orainn le déanaighe i dtaobh cló agus páipéir. Ná bíodh iongna 'ná fearg orraibh, a cháirde, má lorgaightar 1½d. an chóibh ar “ár lampa beag soluis” an mí seo chughainn. An Fear Gnótha. DO CHABHAIR-SE, A CHARA! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith, 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBeurla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a' chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'na súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, Áth Cliath. CARABHATAÍ DEN PHOIPLÍN AR GACH DATH IS AR GACH GNÉ DATHA. LIAM Ó hAIMHEIRGÍN, (‘W. Bergin‘) A dheinean do lucht siopaithe. Scriobh ag triall air go 62 SRÁID GHRAFTON, in Áth Cliath. Ní deintear aon phíopaí eile in Éirinn ach Píopaí Mhic Pheadair agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — Capp & Mac Peadair Teo. Faiche Shain Stiabhna, Áth Cliath. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fe rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ de DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: Sráid Pádraig N. a 105, Corcaigh. (‘Luke Burke’) Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheith sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Gheobhair deaghmhargadh uainn-se i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- fad-sa an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Mhaghchromtha, min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN & MAC CURTÁIN, SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH Tá agam-sa CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH. CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas. Earraí Gaedhlacha. Mícheál Ó Nualáin, (‘M. J. NOLAN) An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. An Fear Gnótha… Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh An Fear Eagair… An Seabhac, Daingean Uí Chúise Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/— sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/— sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Na Díoltóirí… Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann san am gcéadna, cuir 16/— ag triall orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. DUAISEANNA DO'N AOS ÓG. Bronnfaidh Dáil na Gaeltachta, i mBaile Átha Cliath, SÉ CINN de FHOCLÓIRIBH GAEDHILGE IS BÉARLA ar an seisear buachaillí is cailíní scoile is feárr a chuirfidh síos óna muintir nó ó n-a gcómhursanaibh 500 focal nó níos mó de shean-aimsearacht nó de chainteanaibh bhlasda Gaeluinne nár cuireadh riamh i gcló. Bíodh a rogha féin de shaghas píosaí ag gach scríbhneoir. Déanfaidh prós nó filidheacht nó iad measgaithe an gnó. Lorgaidh giotaí, bhéarsaí, ráim- éisí beaga, sgéilíní grinn, cluichí, ceisteanna, cómhráidhtí, amhráin fastuíme, is sean-ráidhte ar na sean-daoinibh, a óga, nó cuiridh síos focal ar fhocal cuid de'n chaint a chloisfidh sibh uatha, aon lá. Seóltar na scríbhinní go dtí Fionán Mac Coluim, Cillorglan, Ciarr- aighe, roim an 12adh lá de Feabhra. HER IRISH HERITAGE (le h-Annie M. P. Smithson — ar 5/— ó Chlólucht Tal- bóid, in Áth Cliath). Bainean deire an scéil sin le h-Eirighe amach na Cásca. Tá fíor-ghrádh dá dúthaig ag an t-é scríobh é. Ní leabhar iongantach é, ach neartóghaidh sé grádh dá Dhúthaig is don Chreideamh i gcroidhe an t-é 'léighean. Bu mhór an grádh Dé é chur i lámhaibh na n-ógbhan a bhíon ag léighe ráiméise na leabhar seacht bpinginne a thagan i leith ó Shasana is ón bhFrainnc. Is mó den chomhrádh atá ann 'ná de ‘ghníomh’ agus is ró-léir gur bean a scríobh. Ní abróghainn go raibh aon dlú-bhaint ag A. M. P. Smithson riamh le h-obair na Gaedhilge. D'imthig sí thar fóir in aon áit amhain, lch. a 120, agus í ag cur síos ar chúrsaí creidimh. Is maith mar a thuigean sí saoghal na mbocht in Áth Cliath Laighean. S. T. POST DO ÓGMHNAOI a bhfuil Gaedhilg go cruinn aici — a bheith ag múineadh leanbhaí is ag tabhairt aire dhóibh. Cuir gach ní i n-iúl do “Bhean an Mharcusa” f/c Thimthire an Spúncáin, Íbh Ráthach, i gCiar- raidhe, gan mhoill. CLEAMHNAS SHEÁINÍN LÉITH. Fonn: “An Brianach Óg.” Seán: A Mháire, a ghrádh gheal, is fada a'rás dom, Ag lorg sáir-bhean, is deighleáil spré, Má thógair-se ar láimh mé, táim leat sásta, Is ragham go dtí an Athair Pádraig, sinn araon. Pósfam láithreach, is beidh rí ráth againn, Imeasg ár gcáirde, go h-eirghe an lae, Is nó go mbuailfidh an bás mé, ní dhéanfad náda, Gan do thoil-se, a Mháire, le congnamh Dé. Máire: Go deimhin a Sheáin duit, nílim sásta, Le h-imtheacht láithreach, mar deirir-sé, Mar do réir do ráidhte, taoir i bhfad a' soláthar, Is níor bhacais Máire go deire an lae. Fé mar tá an sgéal, do réir gach deáll- raimh, Tá do shúile anáirde le deighleáil spré, Ach táim-se dá rádh leat, gan sgáth, gan náire, Ná faghair piginn ó Mháire ar feadh do shaoghail. Seán: Dhera, ná tuigfeá, a Mháire, go bhfuilim am' fhear óg láidir, Agus deighleáil dhánta (táinte?) agam féin, Tá 'gam asal lárach, go bhfuil searrach mór breágh aici, Agus cairt ghalánta aige, dhúinn araon Tá bó bhreac bhán ann, thugas ó'n mBlárnain, Chun bainne thál duit, ar bharra féir, Tá dhá ghabhar is a mionnáin ann, agus céis dheas chránach, Is ná déarfadh aon bhean mhacánta, go bhfuilim i dteideal spré. Máire: Ach deirim-se a Sheáin, is ar mhaithe atáim leat, Má gheibhir bean óg láidir i dtúis a saoghail, 'Bheidh bog subháilceach, cneasda, grádhmhar, Í thógaint láithreach, is bheith sásta léi, A chrúdhfadh do Bháiní is a gheóbhadh do láir duit, 'S a chuirfeadh na mionnáin duit i gcrích le céill, Thabharfadh aire do'n chráin duit, is chuir- feadh ar bhanbhaíbh a' tál í, Ní mholfainn go bráth duit a thuille spré. Seán: Mhuise, faire! a Mháire, ná beadh ort náire, Is a thagairt go bráth liom, bean gan spré, Fear gan mháthair, gan athair, ga pháisde, Go mbeadh a thig beag breágh deas ar fad fút féin. Tá an citeal 's an pláta ann, an chroch 's an corcán ann, Tá an chathaoir chláir ann, is í lán de phéint, Ach ó táim sa ghábhatar gur thuiteas i ngrádh leat, Beidh mé sásta — le cúig phúint féin. Máire: Níl a thuille le rádh, 'gam, tugaim druim mo láimhe leat, Ní bhfaghaidh tú Máire ar a bhfuil rómhat a d'shaoghal, B'fheárr liom fear 's a mhála, ná tusa is stáit leat, A sheineóir ghránda! go bhfuil do chroidhe sa tsaoghal. Taoir a' maoidheamh as do dhánta, rud nár ghádh dhuit, Is as do bhothán gránda, atá déanta 'chré, Is fada thu a' soláthar, is níl seóid 'gat dá bhárr fós, Mar ní bean atá uait, ach cúig púint spré! Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Seán: Is dóigh mhuise go ngoilfir-se, a Mháire mara bpósair Seán bocht, Fear óg láidir, i dtúis a shaoghail, A d'eireóch láithreach, gach maidean breágh dhuit, Ach dá mbeadh fearthainn ná ár ann, b'fhé go mbogfá féin. Gheobhair a' bríste ad' láimh uaim, agus beidh tú ad' mháighistir, Is pé nidh is áil leat, déanfads' é, Is ó taoir chomh coimeádthach ar a' sparán ghrándha, Tógfad mar táir thu, is ní iarrfad raol. Máire: Ní chreidim-se a Sheáin uait, is ní chreidfinn ó'n bPáp' é, Gur le grádh do Mháire ná go n-iarrfá an raol, Ach tú bheith cortha cráidhte, briste ad' shláinte, Ó bheith ag soláthar, is gan éinne ad' spéis, Is an brístín bán san, a thugais ó'n mBlárnain, Ní chaithfead go bhráth é, go raghad 'n chré, Is ní eireoghaidh Máire i bhfearthainn ná in ár duit, Sin beannacht is slán leat, is nár fhaghair bean let' shaoghal! Scríobhtha ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair i Lios Póil i gCorca Dhuibhne, Ciarraighe. Finghin na Leamhna. STÓIRÍN ÓG MO CHROIDHE. Tá treun-tocht bróin ag dóghadh mo chroidhe, Níl éinne beó chómh deórach linn, Go ceusta breoidhte dreóidhte tréith, A Stóirín óig mo chroidhe. Annso dhom féin gan éinne im' threó — Ó's cionn do chré mo léan! ag feógha, San úir go tréith gan ghéill' dom chaoi, A Stóirín óig mo chroidhe. A Stóirín óig mo chroidhe, A Stóirín óig mo chroidhe, Mo shlán go deó de lá is d'oidhch' Le Stóirín óg mo chroidhe. Déin codladh sámh go bráth, bráth déin, A's raghad ar fán thar sáil' i gcéin Níl sé i ndán dom fé'n mbán leat luighe — A Stóirín óig mó chroidhe. Níl spéis im' shaoghal ná in éinní 'gam, Ach spéis 'sa tsaoghal thar spéir dar liom, Mar ar mhéin liom féin i ngaor duit suidhe, A Stóirín óig mó chroidhe. Luinneógh: A Stóirín óig mo chroidhe, &rl. Ó, táim go faon, níl spéir im' ghnaoi, A's tá mo shaoghal gan réim gan bhrígh, Fiú amháin do'n ngréin tá néall uirthí — A Stóirín óig mo chroidhe. Tá an neóinín bán ag fás ó's cionn, Do chló ró bhreágh, a ghrádh sa rún, Mo dheora táid dá gcáthadh síos Ar Stóirín óig mo chroidhe. Luinneóg: A Stóirín óig mo chroidhe, &rl. Muiris Ó Catháin. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. AN NAOMH AR IARRAIDH. “An Craoibhín Aoibhinn” do scríobh. An Fhuireann: Sean-fhear Féidhlim Oide Feargus Conall Art Fearghaill Aodh Páistí, &c. Seomra mór mar do bhíodh ins na sean-aimsiribh. Bórd fada ann. Sgata páistí ann, cuid aca ag ithe a mbéile agus cuid aca 'na seasamh taréis a ithte. Tá oide ag cromadh ar leabhar do léigheadh i gcúinne eile de'n tseomra. Art (ag seasamh suas): Tar amach, a Fhéidhlim, go bhfeicfimíd an chú nuadh. Féidhlim: Ní fhéadfaimíd. Dubhairt an máighistir linn gan dul amach go ndéar- faimís an dán úd dó, an dán do mhúin sé dhúinn indé. Fearghaill: Maiseadh, gráin go deó ar an sean dán céadna, ach níl eagla orm- sa: Rachaidh mise amach ar aon chuma. Tá sé de mheabhair agam-sa — ach ní mheas- aim go bhfuighidh tusa cead dul amach, a Chonaill. Ó! sin é an máighistir agus é réidh chun tosnuighthe. An t-Oide (ág árdú a chinn): Anois, a chlann O, bhfuil an béile críochnuighthe agaibh? Páiste: Níl go fóil. [Tig sean-fhear liath droch-ghléasta go dtí an dorus]. Art: Ó sin é sean-Chormaicín a bhíos ag meilt na mine dhúinn agus ag tabhairt aire do'n áithche. An Sean-fhear: Go mbeannuighidh Dia annso! A mháighistir, an dtiubraidh tú cead dom an sprúilleach bidh sin do chruinniughadh agus é thabhairt amach liom? An t-Oide: Déan sin (leis an páistibh) tagaidh annso anois, go bhfeicidh mé' bhfuil an dán úd i gceart agaibh, agus leigfidh mé dhaoibh dul amach, nuair bheidh sé ráidhte agaibh. Feargus: Táimíd ag teacht, ach fan nóimid go n-innseóchaidh sean-Chormaicín dúinn cad tá sé chun a dhéanamh leis an sprúilleach bidh sin. An Sean-fhear: Tá mé d'á chruinniú le tabhairt do na h-éanlaithibh, a mhúirnín. An t-Oide: Déanfaidh sin anois. Gabh i leith annso (seasuigheann na páistí os a choinne). An t-Oide: Anois innseóchaidh mé dhaoibh cia rinne an dán atá sibh chun a rádh. Bhí fear cráibhtheach naomhtha i n-Éirinn bliadh- anta ó shin. Aonghus Céile Dé an t-ainm do bhí air. Ní raibh aon duine i n-Éirinn ba mhó úmhlacht 'na é. Níor mhaith leis, na daoine do bheith ag tabhairt onóra dhó, na do bheith 'gá rádh go mba mhór an naomh é, ná go mba bhreágh an file é. Ar an ádhbhar sin, bhí sé chomh h-úmhal sin, gur éalaigh sé leis, aon oidhche amháin. Chuir sé culaidh bréige air féin, agus d'imthigh sé 'na dhuine bhocht ar fud na tíre ag saothrú a bheatha féin, agus gan aithne ag duine ar bith air. Tá sé imtighthe as eólas anois, gan fhios ag duine ar bith cá bhfuil sé. B'éidir gur ag beathughadh muc nó gur ag meilt mine atá sé anois, mar aon duine bocht eile. Fearghaill: Ag meilt mine mar shean- Chormaicín annso. An t-Oide: Go díreach. Ach sul ar imthigh sé leis, is mó dán breágh binn do rinne sé ag moladh Dé & na n-aingeal, agus is ceann aca sin do bhí mé mhúineadh dhaoibh indé. Art: Cad é an t-ainm, dubhairt tú, do bhí air? Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCorcaig Scriobh chuige. MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: BRÓGA IS STOCAÍ, LÉINTE IS GUAILEÁIN, LÁMHAINNÍ IS BÓNAÍ. T. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. FEIS CHORCAIGHE (fé chúram an Choiste Conndae) I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar. DUAISEANA. 1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal. 2 — £2 ar Abhrán nó Dán. 3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a Dhuan nó in a Phrós. 4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh fós fé chló. 5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn. 6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt. 7 — £4 ar Nua Dhrama ‘uaire a chloig.’ 8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht. 9 — £3 don Scoil is feárr lasmuich den Ghaedhal- tacht. Scríobh chun na Rúnaithe: A. Ó TUAMA agus P. Ó h-ANNRACHÁIN. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne Buínn Óir is Buínn Airgid den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá Átraighe Óir is Áthraighe Airgid mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl. MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid Gaedhil: sa tSiopa Bagúin atá ag TOMÁS Ó MURCHADHA, (‘T. J. Murphy’) 111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH, ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. DÁNTA DIADHA GAEDHEAL. Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat, tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha do chuir in eagar idir cheol agus focail. Ocht ndánta atá sa' leabhrín. TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN. “Tórna” do thionntuig. Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca. Leath raol a fhiacha (3d.) Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6). Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat nó ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. Trí leath-phinginní (1½ d.) fiacha gacha leabhair díobh. 1. “Laethanta Geala” (Kerry School- girl's diary). 2. Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs to Catchy Tunes). 3. “Sean-Amhráin na Mumhan.” 4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short Dramatic Sketch). 5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac. le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, An siopa in a bhfuil Paipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. Agus ó Éasún, Átha Cliath. An t-Oide: Aonghus Céile Dé. Thug siad “Céile Dé” air, toisc é bheith chomh naomhtha sin. Anois, a Fhéidhlim, abair an dá líne thosaigh, tusa, agus déarfaidh Art an dá líne leanfas, agus déarfaidh Conall an dá líne 'na dhiaidh sin, agus mar sin go dtí an deire. Féidhlim: Shuas i bhflaitheas Dé, atá Árd-aingeal ag gach aon-lá. Art: Agus is iad sin go cruinn A stiúruigheas an tseachtmhain. Aodh: An chéad-lá, is naomhtha é, Ag Dia atá Dia Dómhnaigh. Fearghaill: Faireann Gabriel go buan 'Ch uile sheachtmhain an Dia-Luain. Conall: Faireann Gabriel go buan — An t-Oide: Ní h-eadh, dubhradh san cheana. Ag Dia-Máirt atáimíd anois. Cia h-é ag a bhfuil Dia-Máirt? [Ní fhreagrann an buachaillín]. Cia h-é ag a bhfuil Dia-Máirt? Ná bí id' amadáinín anois. Conall (ag cur ailt a mhéar chum a shúile): Níl fhios agam. An t-Oide: Ó, mo náire thú! Féach anois, gabh i n-áit a raibh Fearghaill agus rachaidh seisean id' áit-se. 'Nois, a Fhear- ghaill! Fearghaill: Is fíor é go bhfuil Dia-Máirt Ag Micheál in a lán-neart. An t-Oide: Seadh 'nois, a Chonaill, abair, Cia ag a bhfuil Dia Luain. Conall (ag gol): Ní fheadar. An tOide: Abair an dá líne thosaigh, mar sin, agus beidh mé sásta. Cia ag a bhfuil Dia Dómhnaigh. Conall (ag gol): Níl fhios agam. An t-Oide: Ó nach tú an t-amadáinín! Ní chuirfidh mé dadaidh id' cheann a choidhche. Ní leigfidh mé amach thú go mbéidh an dán sin agat. A bhuachaillí, sgrios amach libh anois agus fágfaimíd Conall amadán annso. [Imthigheann an t-oide agus na páistí eile amach]. An Sean-fhear (ag leagadh a láimhe ar a cheann): Bíodh meisneach agat, a stóir. Béidh tú id' fhear fhoghlumtha fós le cong- namh Dé. Gabh i leith annso & cabhruigh liom ag roinnt na sprúille seo. [Éirigheann an buachaillín]. Sin é anois, tiormuigh do shúile, & ná bíodh aon droch-mheisneach ort. Conall (ag triomú a shúl): Cad chuige bhfuil tú ag déanamh trí chuid de'n sprúil- leach so? An Sean-fhear: Tá mé chun an chuid seo do thabhairt do sna géanaibh, chuir mé an gabáiste uile go léir ar an méis seo dhóibh, agus nuair rachad amach croithfidh mé gráinín mine air sin, agus beathóchaidh sé go breágh iad. Tá sprúilleach na feóla agam annso agus sean-sgreamóga, agus arán briste tríd, agus bhéarfaidh mé é sin do na cearcaibh: béarfaidh siad uibhe níos fearr nuair gheobhaidh siad biadh mar sin. Tá an sprúilleach beag so agam le tabh- airt do na h-éinínibh beaga bhíos ag seinm dom ar maidin, agus a dhúisigheas mé le n-a gcuid ceóil. Tá sé brúighte mion agam dóibh. [Sguabann sé an t-úrlár agus cruinnuighean sé mion-ghiotaí aráin]. Tá grádh mór agam do na h-éinínibh beaga. [Féachann an sean-fhear suas, agus chidh sé go bhfuil an buachaillín 'na luidhe ar chuisín & é 'na chodladh, agus é ag osnaoil in a chodladh. Seasuigheann sé tamaillín ag féachaint anuas air. Tagann deóra in a shúilibh féin. Annsin téidheann sé ar a dhá ghlúin]. An Sean-fhear: Ó, a Thighearna a Dhé, bíodh truagh do'n pháistín bhog óg so agat. Cuir críonnacht in a cheann, glan a chroidhe, sgap an ceó atá ar a intinn, agus leig dó a cheacht d'fhóghluim ar nós na mbuachaillí eile. Ó, a Thighearna, do bhí tú féin óg, tráth, glach truaighe do'n óige. O, a Thigh- earna, do shil tú féin na deóra, triomuigh deóra an bhuachaillín seo. Éist, a Thigh- earna, le guidhe do sheirbhísigh, agus ná tóg air an ní beag so d'iarraidh ort. Ó, a Thighearna, is goirt deóra an leinbh, milsigh iad, is doimhin smaointe an leinbh, ciúnaigh iad, is searbh brón an leinbh, bain dé é, is bog croidhe an leinbh, Ó, ná Cruadhuigh é. [Nuair atá an sean-fhear ag guidhe, tagann an t-oide isteach. Féachann sé air. Sméideann sé ar na páistibh atá taobh amuigh, tagann siad isteach, cruinnigheann siad in a thimchioll. Tógann an sean- fhear a cheann. Preabann sé 'na shuidhe agus lasadh náire air]. An t-Oide: Chuala mé do ghuidhe a shean-duine, ach níl aon mhaith ann. Molaim go mór thú mar gheall air, ach tá an leanbh sin go ró-mhall ag fóghluim. Rinne mé féin athchuinge ar Dhia uair nó dó, ar a shon, ach ní raibh aon mhaith ann. An Sean-fhear: B'éidir go gcualaidh Dia mé — tá Dia réidh le h-éisteacht i gcómhnuidhe. An uair a bhímíd féin folamh gan aon ní, éisteann Dia linn, agus ní chuimhnighimíd ar na neithibh do chailleamar, ach cuirimíd ár ndóchas i nDia. An t-Oide: Is fíor a n-abrann tú, ach níl aon mhaith i n-athchuinge an turus so. Tá an gasún so ró dheacair a mhúineadh. [Téidheann sé féin agus an sean-fhear go dtí an buachaillín atá fós 'na chodladh & lorg na ndeór ar a ghruaidh]. Caithfidh sé oibriú go cruaidh agus go an-chruaidh, agus b'éidir le neart oibre go bhféadfaidh sé beagán fóghlama do tharraing chuige am éigin. [Cuireann sé a lámh ar ghuallainn an bhuachaillín agus preabann sé 'na dhúis- eacht, agus iongantas air nuair chidh sé na daoine eile 'na thimchioll]. An Sean-fhear: Fiafruigh dhé anois. An t-Oide: An gcuimhnigheann tú ar an dán anois, a Chonaill? Conall: Shuas i bhflaitheas Dé atá Árd aingeal ag gach aon lá. Agus is iad sin go cruinn A stiúruigheas an t-seachtmhain, An chéad lá is naomhtha é, Ag Dia atá Dia-Dómhnaigh. Faireann Gabriel go buan 'Ch-uile sheachtmhain an Dia-Luain. Agus fós atá Dia Máirt Ag Micheál in a lán-neart. Rafael go cóir ceart caoin, Is aige tá Dia Céadaoin. Ag Saciel nach cam claon Gach seachtmhain tá an Diardaoin. Haniel árd aingeal Dé, Is aige tá Dia hAoine. Cassiel geal na súl ngorm Stiúraigheann sé an Sátharn. An t-Oide: Is míorbhúilt é! Níor theip focal air. Ach innis dam, a Chonaill, a stóir, cia an chaoi ar fhóghluim tú an dán sin ó shoin? Conall: Nuair bhí mé im' chodladh anois, tháinig sean-duine chugham, agus dar liom- sa do bhí gach dath d'á bhfuil san mbógha- gréine air, agus rug sé ar mo léine agus stróch sé í, agus annsin d'fhosgail sé mo bhrollach agus chuir sé an dán isteach in mo chroidhe. An Sean-fhear: Is é Dia do thug an bhrionglóid sin dó. Ní dóigh liom go mbéidh sé 'na bhuachaill do-mhúinte as so amach. Conall: Agus an fear do tháinig chugham, shaoil mé go mba é Sean-Chor- maicín annsan do bhí ann. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Fearghaill: B'éidir go mb' é Aonghus Céile Dé do bhí ann! Aodh: B'éidir gur Cormaicín Aonghus! An t-Oide: An tú Aonghus Céile Dé? Cuirim ort as ucht Dé a innsint dom. An Sean-fhear (ag cromadh a chinn): Ó fuair sibh amach anois é. Ó! shaoil mé ná béadh aithne ag duine ar bith go bráth orm. Mo léan! fuair sibh amach mé! An t-Oide (ag dul ar a dhá ghlúin): A Aonghuis Naomhtha, maith dham é. Tabhair do bheannacht do na páistibh seo. [Téidhid na páistí ar a nglúnaibh 'na thimchioll]. An Sean-fhear (ag tógáil a láimhe): Beannacht Dé orraibh. Beannacht Críosta agus a naomh-mháthar orraibh. Mo bheannacht féin orraibh. An Críoch. AN PÍOPA FÍONA. 'Seadh, ó táim chun tagairt do'n phíopa- so, ní cóir dam gan preabadh isteach na chorp do gheit, mar is dóigh liom nách mór dam féachaint róm féin, chun túbhairt amach ceart ar cad é an chríoch a dh'imthigh air. Lá dár ghaibh beirt fhear an caladh amach le naomhóig ansa Bhlascaod Mhór, níorbh' fhada ansa tslíghe a bhíodar nuair a bhuail an naomhóg air an ailp. Do b'ait leó san, agus do baineadh preab asda, d'fhéach fear aca fé na bhun, agus cad a chonnaic sé ná an píopa. Do bhuaileadar téad air, agus do thairigeadar leó abhaile é. Nuair a bhí sé tirim sábhálta aca, do chuireadar poll ann, ach má chuireadar, ní fíor-uisge ná saile a bhí ann, ach beóir-dhearg, do chuir- eadar go dtí an dtigh é, agus ní rabhdar chómh beag de chabhair 'á chur ann agus do bheidís dábur [dá mba] soitheach tarraig a bheadh aca. D'an an píopa mairsin go dtí Domhnach a bhí chúghainn. Do chuaidh an bheirt a gcómh- airle chéile, féachaint cad ba chóir a dhéanamh leis. Dúbhradar féin le chéile, gur fada roimhisin gur sheól a leithéid chúcha, agus go raibh fear maith éigin laistiar agus go m'fhéidir go leigfeadh sé aniar ceann, & ceann eile uaidh, agus ó bhí an Fear i n-Áirde moladh go deo leis, agus an fear-laistiar a cur le chéile, gur fada go mbeadh an mhór-mhuir folamh. As an machtnamh-san do'n bheirt do thugadar órdú Báll a bheith air, agus leigeant do gach fear, bean, leanbh, & páisde, a bheith air gan mhoill. Do bhailibh an baile go léir na thimcheall ní nách iongnadh, cá raibh an duine ná raibh ábalta ar shlugóig fíona a leigeant siar darnó. Bhíodar ó bhraon go braon, nú gur gheal an lá anoir orra, ach ní raibh an píopa folamh fós. An fear a thuit thar claidhe níor bhraith sé fé féin ach cos, an duine a chuaidh le gleann, do bhí úsáid láimhe dhe. Na seana-mhná a bhí a bh'fheighil na dtighthe a chaith iad fhásgadh, agus tá cnámha éigin age líne an chatha is caime ná iad, chnách orra é. Ar maidin an tríomhadh lae, seadh a dheineas féin amach ceart gur am thigh féin a bhíos. Is minic a chuala na seandaoine a trácht ar mheisge-fíona le na bhuaine, agus do bhí an ceart aca. Tomás ó Criomhthain, Blascaod Mór. TAIDHGÍN A' PHÚCA. Istoidhche Dé h-Aoine dúisigheadh as a leapacha gach aoinne ar an mbaile seo le gleo úbhásach a bhí amuigh. Sháigheadar balcuis éigint ortha féin & seo amach iad féachaint cad a bhí ag déanamh an ghleóidh ar fad. “Chómh siúrálta is mhairean tú,” arsa duine aca, “Muicín Mháire Pheadí atá á ghuid.” “Ní h-eadh,” arsa duine eile, “ach Seán is Mícheál seo shoir thánaig abhaile ar meisge agus táid siad ag marbhú a chéile.” Bhí 'oipineón féin ages gach aoinne ach is geárr go raibh fios an ghleóidh aca mar bhíodar ag buint na gcos dá chéile ag rith amach. D'fhanasa sa leab- aidh dom féin. Is gearr go dtáinig Peig isteach agus anatha uirthi. “Cad é seo anois ort?” arsa mise. “Ó!” ar sise, “Táidhgín a' Phúca agus Máire atá ag marbhú a chéile mar gheall ar uisge beatha. “Ó! Ó! Ó!” ar sise, “tá Máire bhocht marbh aige. Ó! cad a dhéanfamíd?” “Éist do bheul, a óinsigh,” arsa mise léi ach chasas mo sheál orm agus seo amach mé, ach má chuas ní fhéadhfaim aon ní d'fheiscint ach chuala an cliotar go léir. Ba dhóig leat gur b'iad na saigh- dhiúirí a bhí chúghainn. Thána isteach arís agus is geárr go dtáinig an chuid eile isteach leis agus buidéal fuisgí aca; ach ní raibh sé ach leath-lán agus mara raibh spórt aca 'á ól! Nuair a bhí sé ólta aca thosnuigheadar ar innsint connus a ghuideadar an buidéal nuair a bhí Tadhg is Máire ag tabhairt aghaidh na muc is na madraí ar a chéile. Seo mar tuit amach: Bhí Máire ag cóiriú na leabthan agus bhí an buidéal fé'n bpeiliúr aici i gan fhios do Thadhg mar bhí dúil aici féin is ag Tadhg sa bhraon. Nuair thóg Máire amach an peiliúr chonnaic Tadhg an buidéal. Léim sé ó'n áit i raibh sé agus sara raibh am ag Máire é thógaint sciob Tadhg é. Seo Máire i n-achran ann ach má chuaidh, rith Tadhg amach an dhoras agus Máire na dhiaidh agus í ag beárrthóireacht air. Nuair ritheadh Tadg tamall i gcomhnaidhe bhuaileadh sé an buidéal ar a cheann agus leigeadh siar slogóg de agus ritheadh arís. Bhíodh Máire tamall ag gol is ag caoine agus tamall ag beárrthóireacht i n-árd a gutha i slighe is go ndúiseochad sí na mairbh. Sa deire bheir sí ar Thadhg agus bhí sí a d'iaraidh an buidéal do bhaint de ach bhí greim an duine bháidhte ag Tadhg ar an mbuidéal. Thuit sé uaidh sa deire agus bhí garsún na n-aice agus sciob sé é agus as go bráth leis chomh maith is bhí sé 'na chosaibh go dtí gur bhain sé ár dtig-na amach. Bhí an chuid eile na dhiaidh & d'fhágadar Taidhgín an Phúca & Máire Chrón annsan ag baint sásaimh dá chéile. Síghle Ní Chonchúbhair, Sc. Chill mhic Ciarain. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó. (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na húmaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Calaphort an Phápa, CORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. CEANNUIGH DO CHUID LEIGHIS, I SIOPA AN BHÚRCAIGH .i. Tig na cúinne, idir SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA & SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE, I gCORCAIGH. Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean a ngnó agus a dheinean go cruinn é. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE! Tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a 13, & a 14, in Áth Cliath. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá… Scéaluidheacht-gan- Sraínng d'á múineadh ag togha na múinteóirí I Scoil Uí Shúileabháin sa ‘Mhardíog,’ I gCorcaigh. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear Sranng-Scéaluidheacht ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. ó CHOMPLUCHT DONOBHÁIN, I DTRÁIGHLÍ, a gheobhair an deaghmhargadh, má bhíon aon rud mar iad so uait TROSCÁN TIGHE, ÁRAISTÍ BÚIRD, ÁTHRAIGHE STÁIN IS IARAINN. GUAL, AOL, BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement), agus gach cóir eile oirean do lucht tógála teach. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. SEÁN Ó CURRÁIN, SA DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. CLÁR FEISE ÍBH RÁTHAIGH. Tionólfar i gCathair Saidhbhín, Dé Sathairn, an 29adh de Mheithiomh, 1918. 1. Duais 15/— do'n té is feárr a scríobh- faidh cainnt a thárlochadh idir bheirt mar gheall ar chothú is tógaint stuic in Íbh Ráthach. 2. Duais 15/— ar aighneas do scríobhadh mar a bheadh idir cheathrar fear ag imirt cártaí go n-eireóch gráscar eatorra chuir- feadh eagla ar mhnáibh a tighe. 3. Duais 10/— do'n chailín is feárr a scríobhfaidh cúnntas cinn lae ag cur síos ar nidhthibh thárla dhi nó gur smaoinigh sí ortha i gcaitheamh coic-thíse. Dara duais, coróinn. 4. Duaiseanna de'n mhéid céadna i gcóir buachaillí ar na coinghíll céadna. [I bhfochair an dá chomórtas so bronn- far duais bheag ar an iarracht is feárr ó leanbhaíbh scoile i ngach parróisde in Íbh Ráthach ar leithilig ná gnóthóghaidh na duaiseanna eile.] 5. Dsna, 6/—, 4/—, 3/—, 2/6, do bhuachaillíbh nó do chailíníbh scoile fé bhun 14 bl. i bparróisde Chathair Saidhbhín is feárr a fhreagróghaidh ceisteanna ar na puinntibh seo (a) Cé'r a dhíobh iad is cá gcómhnuigh- eann, (b) Aimsir is clog, (c) Cóimhreamh is airgead, (d) Baill na colna, (e) ainmhithe coitchionna, (f) mion-phaidreacha. [Triailfear na h-iomaitheoirí sa chomór- tas so um a h-aon 'o chlog sa ló san Leabharlainn Phuiblidhe.] 6. Duais £1 do'n bhfuirinn is feárr chun ceann des na cluichíbh seo a dhéanamh (a) Tadhg Saor, (b) Tadhg Ruadh, (c) Bairbre Ruadh. Níl a bhac ar iomaitheoiribh an chaint ins na píosaíbh seo d'atharrú ar aon tslighe oirfidh dóibh. Dara duais, 10/—. 7. Seacht is raol do'n duine is feárr chun sgéalta beaga grinn d'innsint ach gan thar cúig nóimeataí do bheith ag aon iomaitheóir. Coróinn do'n tarna duine. 8. 10/- do'n bheirt is feárr chun agallamh, i bhfilidheacht nó i gcainnt scurtha, do rádh chun a chéile. Dara duais, 6/—. (Tuille). UNKNOWN MORTALS (le Herbert M. Pim — 3/6 ó Chlólucht Talbóid, i mBaile Átha Cliath). Leabhar nea'choitianta ait é sin. Gearraistí ar lucht díolta éisc is misleáin atá ann. ‘Fastaoimeóg’ gach aiste aca. Labhran an t-ughdar ar fhear bailithe giobal is ceirt amhail a labharfadh sé ar rí nó ar ridire. Gearraiste ar fheabhas an domhain iseadh ‘The Madman‘ agus molan an t-ughdar féin é sa réamh- fhocal. Sin comhartha eile gur leabhar nea'choitianta é. Tá scéilín nua sidhe ann & bfhiú d'aonne 'bhfuil aon Bhéurla aige é léighe cúpla uair, feuchaint an dtuigfadh sé é. B'éidir go scríobhfadh an t-ughdar féin aiste dhúinn fós ag cur in iúl dúinn cad is brigh leis an scéilín sidhe sin. Tá gluais (foclóir) le cuid des na h-aistibh. Sin comhartha eile (más gádh san), gur leabhar nea'choitianta atá curtha amach ag Mr. Pim. S. T. LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/— go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/— go 21/—; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabhail leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN. 35 — 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh; “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,”a I., II., III., 2½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/—, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. CHÓMH BLASTA LE H-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Má léighir Béarla, LÉIGH LEABHAIR MHAITHE. “Poets and Poetry of Munster,” by James Clar- ence Mangan; 3/— agus postas 4d. Tá Béarla is Gaedhilg ann. “Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/— agus postas 5d. “In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing- ton; 3/6 agus postas 5d. “The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais é sin; 3/6 agus postas 5d. “Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 & postas 5d. Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais. SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA., Sráid Westmoreland a' 38, Áth Cliath. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services