Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eanair, 1918

Title
Eanair, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh 22. EANAIR, 1918. PINGINN A FHIACHA.



AN FEAR SIUBHAIL.



Bhí ceó na h-oidhche ann. Bhí an solus
imthighthe. Bhí mise ag gabháil siar agus
eisean ag teacht aniar agus do bhuail-
eamar le chéile. Chonnac ar dtúis ag
corruighe i lár an cheóidh é mar a bheadh
sprid nó siabhra. Baineadh geit asam
ar dtúis, do phreab mo chroidhe, acht do
ghabhas misneach ionnam & do bhuaileas go
dána anall chuige tríd an dorchadhas.



Seanduine aosta a bhí ann. Sean-
duine caithte críona. Gach ruibe dá gharbh-
ghruaig i n-achrann le chéile ar a cheann,
féasóg fhada liath ar sileadh sios leis go
h-ucht. Bhí sé go cromtha is a dhá ghlúin
go tréith-lag fann ag lúbadh fé. Acht
dob' uaisle a mhéinn ná cruth déithe na
Gréige. Dob' uaibhreach é déanamh a leathan
éadain mhaordha, is ba chaomh bog glórmhar
an solus a bí ag lonnradh 'na shúilibh.



Cheapas arís gur sprid é — teachtaire ó
shluaightibh na marbh ag siubhal na gcnoc
istoidhche. Deirtear nár mhaith leo súd
aoinne do bheith amuigh fé'n aer ar fán
nó ar strae acht gur mhaith leo na sléibhte,
na beanna, na locha 's na gleannta do bheith
futha féin go teacht gréine na maidne.
Bhíos ag feitheamh go gcuirfeadh sé an
méid sin i bhfios dom mar ba ghnáthach leis
an sprid nó leis an taidhbhse, is do b'iong-
nadh liom nár chuir.



Do dhruid sé chugham anall go sgáthmhar.
Do sheasaimh sé is do chuir sé cainnt orm.
Do labharas leis go caoin is go cneasda
i dtreó go dtáinig misneach a chroidhe ar
ais chuige, is do chuaidh a chuid eagla i
luighead is a chuid dánuidheachta i méid.
Ba bheag cainnt a bhí ag ceachtar againn
ar dtúis ach do ghéaruigheamar chuige is ba
ghairid go raibh an friotal ag teacht as a
bheul go bhinn-bhriathrach aibidh, go tric is
go luath-fhoclach caoin. D'innis sé dhom
scéalta na Craoibhe Ruaidhe is scéalta
na Féinne, scéalta ar Bhrian ag ruagadh
Danar as Éirinn, scéalta ‘Aoidh Ruaidh’
is a chroidhe ar lasadh le teas-ghrádh a thíre,
na Sasanaig roimis is é á réabadh go
fuadrach dá dtreóir. Mar sin dó seal
ag tracht ar ghníomharthaibh gaisce is gaile
sean-laochra na h-Éireann, seal eile ag
gabháil go ceólmhar binn sean-phuirt do
cumadh is do ceapadh na céadhta blian
sara rugadh Aodhagán ná Eoghan Ruadh.



Do stad sé go h-obann. Do bhuail sé
a lámh ar mo ghualainn. “A mhic,” ar
sheisean, “tá tú óg is b'fhéidir gur fearr
t'eolus ar na neithibh seo ná m'eolas sa.
Ach ní féidir liom gan bheith ag cuimhneamh
ortha is níor mhothuigheas me féin ag
cainnt. D'innis me dhuit scéulta ar
Fhéinn na h-Éirean, ar a ríoghradh is ar
a macaibh is anois inneósaidh me dhuit mo
scéul féinig — scéul a bhainfidh na deóra
as do shúilibh nó ar a luighead scéul go
mbeidh agatsa 'na dhiaidh urraim & meas
do sheanduine shuarach aosta.” Chuir mise
cluas orm féin.



Fadó bhí mise & mo bhean 'nár gcomh-
nuidhe istigh san ngleann úd thall. Bhí
ceathrar againn ann — sinne & ár mbeirt
mhac. Bhíomar go léir go sóghach sásta.
Ach lá amháin so chuaidh an mac ba shine
agam, Seán, go dtí an baile mór agus
do chuaidh sé ar meisge. Seachtain arís
'na dhiaidh sin bhíomar go léir 'nár suidhe
cois na teine. Bhí an oidhche ann, is amuich
bhí an t-síon go fuadrach fíochmhar. Bhí an
bháisteach ag teacht na tuilthíbh is bhí an
t-anfadh ag búithrigh go torannach go
maidin. Buaileadh cnag ar an ndorus.
Tháinig saighdiúir isteach. Tháinig ceann
eile is ceann eile arís. “Bhfuil Seán
Ó Raghallaigh istigh,” arsa duine aca.
D'éirig Seán agus é ar chrith. Bhí sé ar
an mbaile mór seachtain roimhe sin. Bhí
sé ar meisge & do ghlac sé an scilling
agus b'éigean do dul leo.



Deich mbliana 'na dhiaidh sin bhí a raibh
ann againn 'nár suidhe arís ar an dteinn-
teán. Ní raibh ann ach me féinig agus
mo bhean. Bhí Seán i bhfad i gcéin uainn
ag troid ar son na Sasanach. Bí an
buachaill eile ag tabhairt an fhéir, sínte
marbh taobh linn go h-uaigeach san roilig,
Buaileadh buille ar an ndorus. Tháinig
duine isteach. Bhí sé go caithte traochta.
Bhí mála fé n-a oscuil aige, lámh leis
ag sileadh síos le n-a thaobh, lámh eile
agus í gearrtha ó'n uilinn amach de. Do
bheannuigh sé dhúinn. Do bheannuigheamar
dó, is do bhuail sé suas chun na teine.
Cuireadh cóir bidh & dighe ós a chomhair
ar an mbórd ach ba bheag dhith sé. Bhí
cogadh ar siubhal an uair úd idir na
Sasanaig agus an Mahdi. Dubhairt sé
go raibh sé féin ann is gur annsúd a
baineadh an ghéag de. Thosnuigh sé ar
chainnt annsan ar an gcogadh is ar na
cathaibh, ar na buidheantaibh is ar na cipíbh
go fuadrach ag scuabadh i gcoinnibh is i
gcomhdháil a chéile. Torann na saighdiúrí
ar thréan-rith, gártha na bfear is osnaigheal
na ndaoine ngonta.



Ach do cuireadh stop leis go h-obann.
Do chuir mo bhean cosc leis. “Is tú
Seán,” ar sise. Ní dubhairt seisean ach
“Is me.”



Tamall 'na dhiaidh sin do cailleadh Seán.
A lámh ba thrúig bháis dó. Tamall eile
i n-a dhiaidh sin do cailleadh mo bhean.
Do cuireadh me féin as seilbh is do thógas
mo bhata im' láimh dheis, mo mhála im' láimh
chlé agus mar sin do chuas im' aonar fén
domhan dubhach bhagarthach amach.



Do thóg sé a mhála na láimh arís, mála
suarach folamh a bhí ann, is do chuir sé
chun imtheachta. Do chuireas cosg leis.
Bhí scilling im' phóca. Sin a raibh ar
fad agam is do shíneas chuige í. Ní
ghlacfadh sé uaim í, ach do sháitheas 'na
phóca í is do chuireas chun siubhail arís
go tapaidh.



“An Domhnallach Óg,”



Abhainn a' Scáil, do scríobh.



AN GABHAIRÍN BUIDHE.



An bhfeaca tú an gabhairín buidhe,
An gabhairín buidhe, an gabhairín buidhe,
An bhfeaca tú an gabhairín buidhe
Ag rinnce ar an mbóthar?



Ní fheaca-sa aon ghabhairín buidhe, aon ghabh-
airín buidhe, &rl.
Ní fheaca-sa aon ghabhairín buidhe
Ach chonac muncaoí mór ann.



Agus chonac bean is píb aici, is píb aici, &rl.
Chonac bean is píb aici —
Gus í ag seinm ceoil do.



Gur chuas-sa féin is Máirín bheag, is Máirín
bheag, &rl.
Chuas-sa féin is Máirín bheag
Ag rinnce ar an mbóthar.



Mara bhfeaca sibh an rinnce sin, &rl.
Mara bhfeaca sibh an rinnce sin
Is mór an truagh go deo sibh.



Bhí an muncaoí mór go h-ana-dheas, &rl.
Bhí an muncaoí mór go h-ana-dheas
Ag rinnce ar an mbóthar.



Dá bhfeiceadh sibh a sheana-ghrabhas, &rl.
Dá bhfeiceadh sibh a sheana-ghrabhas
Do gháirfeadh sibh bhúr ndóithin.



Bhí erabaillín gearr aige, &rl.
Bhí erabaillín gearr aige
Agus cosa bhí go bórach.



Lorga Liath-bhán.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.



D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


COIS FARRAIGE THIAR
atá an
COLÁISTE ATLANTIC.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



MUIRIS MAC GEARAILT,
CATHAIR SAIBHÍN, I GCIARRAIDHE.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



BONAÍ, CARABHATAÍ,
LÉINTE, CIAIRSIÚRAÍ
AGUS LÍNÉADACH.



M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE



ARÁN HOSFORD.



NÁ H-ITH A MHALAIRT!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



30 — As do bholg nár thaga sé.



Le duine a bhíonn ag lorg iomad le n-ól nó
le n-ithe.



31 — Gurab é a labharfaidh leat.
An céadna arís.



32 — Díth is deacair ort.



33 — Bascadh is brúgh' ort.



34 — Mallacht Dé ort.



35 — Léan ort.



36 — Mo mhilleán anuas ort.



37 — Gan geir ort.



Mallacht magaidh.



38 — Dúbhlú [?] ort.



39 — Dúbhluighe ar do chroidhe.



40 — Diuc ort.



Diuc .i. galar cearc.



41 — Losgadh doighe ort.



.i. Loscadh croidhe.



42 — Loiscreán tinn dóighte ort.



43 — Loiscreán marbh ort.



44 — Lomadh an Luain ort.



.i. Scrios lae an bhreitheamhantais ort.



45 — Míle míochomhthrom ort.



46 — Breith i mball cumhang ort.



47 — Ciorrbhadh ort.



48 — Ciorrbhadh gan leigheas ort.



49 — Gan rath ort.



50 — Gan leigheas ort.



.i. Nuair adéarfadh duine go raibh sé go dona.



51 — Drochchríoch ort.



52 — Fuacht sa tsioc ort má tá fuacht
indiu ort.



53 — Fuacht failce ort.



54 — Rás ort [ar muin chapaill anáirde.]



55 — Lá fiadhaigh ort.



56 — Leathadh leathóige ort.



Nuair a bhíonn leanbh tré n-a chionnta féin leathta
leis an bhfuacht.



57 — Faoileáil Philib a gheitire [.i. geat-
aire] ort a bhíonn ag faoileáil go
mbíonn deire leis.



Le duine guagach is gnáth é sin do rádh. Faoil-
eáil = wheel-áil. Pilib a gheataire .i. cleas a bhíonn
ag páistí le geataire giumhaise a thógaid as an
dteine.



58 — Leaghadh cubhair na h-abhann ort.



59 — Marbhfháisc ort.
.i. Éadaighe an bháis ad' cheangal.



60 — Tnáthadh gan tonnachadh ort.



.i. Tú tnáithte ag an mbás is gan fagháil ar do
chorp chun a nighte.



61 — Bás gan sagart chughat.



62 — Lá breagh ag do cháirdibh — ad' ad'
lacan.



'Na earball san atá an chealg, agus sa cheann so —



63 — Sliocht is séan ort, oiread le céad
fear — a bheadh á n-éaghmais.



64 — Cosa circe fút is iad go briste fút.



65 — Nár chúitighthear do shaothar leat.



Nuair ná taithneochadh do ghníomh le duine.



66 — Nár éirighe do bhóthar leat [nó “do
thurus.]



67 — Go mbeire 'n diabhal leis thu,





68 — Go n-árduighe 'n diabhal leis 'na
mhála thú,





69 — Gurab é an Fear Mór a bhéarfaidh
leis thu.



70 — Go mbeire 'n diabhal go h-Árd na
gCreach thu.



I n-Iarthar Chiarraighe atá an mallacht san. Tá
árd na gcreach ag Córdal ar an mbóthar idir Oileán
Ciarraighe agus Baile Rí Liam. Is annsan a thagadh
na foghlaidhthe oidhche ar na daoine ó'n iarthar a bhíodh
ag filleadh ó mhargaíbh Chorcaighe & bhainidís a gcuid
airgid díobh.



71 — Athair mo chéile 'na stéig ag an gcat,
Is máthair mo chéile nár mhaire sí i
bhfad.



72 — Marbhú an Dúna ort.



.i. An marbhú fealltach a dhein na Sasannaigh ar
na Spáineachaibh & ar na Gaedhealaibh i nDún an Óir
sa mbl. 1580.



(Tuille le teacht).



MICHEÁL NA MÓNA.



Fad ó shin, nuair a bhí mise im' garsún
óg, bhí sean-fhear na chómhnuidhe 'sa phar-
róiste seo againne agus bhí “Micheál na
Móna” mar leas-ainm air. Tá sé ar
thaoibh an teampaill i gCill Mhuire le
bliantaibh anois — beannacht Dé na nGrás
le na anam.



Bhí capallín bacach bán aige — cómh-aois
dó féin, 'sé mo thuairim — & bhíodh Micheál
ag tabhairt ciseán móna go dtí an baile
mór, .i. Luimneach, gach uile lá. Sin é an
chúis go dtugtaí “Micheál na Móna” air.



Tráthnóna dá raibh sé san gCathair i mí
na Nodlag, agus braon beag ólta aige
mar ba ghnáthach (bhí an braon dighe go
flúirseach an uair sin agus go saor leis.
Slán beo leis an aimsir úd), do thuit
an oidhche air & nuair a tháinig sé amach
as an tigh tabhairne bhí an capaillín imighthe.



Bhí Micheál bocht i gcruaidh-chás agus do
chuaidh sé annso agus annsúd ar a lorg.
I gceann tamaill cá siubhalóchadh sé ach
síos Sráid Sáirséil agus níor stad sé
go dtáinig sé go bruach na Sionann. Bhí
an oidhche ana-dhorcha agus thug sé cois-
céim eile agus thuit an fear bocht ar
mhullach a chinn 'san abhainn mhóir.



Do shaoil sé go raibh sé ag dul isteach
i siopa éigin agus nuair a shrois sé an
t-uisge ní dúbhairt sé ach: “Bail ó Dhia
orraibh annso, nách fliuch atá an t-urlár
agaibh?”



Sin é an sgéal, slán mar a n-innstear
é, agus má tá bréag ann bíodh.



Ó'n lá san go dtí an lá indiu, nuair
a thagann aoinne ó'n áit seo isteach i
dtig san chomhursannacht ní abruigheann sé
ach: “Bail ó Dhia orraibh! nach fliuch atá
an t-urlár agaibh? mar adubhairt Micheál
na Móna.”



Seán Ó Clúmháin, O. S.,



Móin a' Lín, Luimneach



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


Mairisil Ní Mhurthuile.



ÉAMONN MHÁGÁINE.



Gléas C.



Mairisil Ní Mhurthuile do chuir an ceol
i ngléas



Idir Chorcaig is Dubhglais, do chonnac-sa mo
rúnach,
Go h-atuirseach tabhartha, am choinnibh sa ród
Do labhair sí go tláith liom, de chómhrádh bhinn
mhánla,
Is do chuir sí rómham fáilte agus céad míle
póg.



Tá litir agam óm' father is beannachaí óm'
mháithrín
Le tabhairt inso ad' láthair, a ógánaigh óig,
Go bhfaghfá na táinte agus spré chnuic le
n-áireamh,
Agus mise mar bhárr air sin choidhche 's go
deó.



Ínns-si dod' father is gan dearmad dod'
mháthair
Go bhfaghfá mé le pósadh, a chailín bhig óig,
Mara mbeadh go bhfuilim in áirighthe, le bliain
agus trí ráithe
'Ge inghin Sheóin Dáibhis ó Chonndae Mhuigheó.



Mo chreach is mo sgeimhle nach marbh lag a
bhíos-sa,
An lá casadh tú 'sa' tslighe orm, a ógánaigh
óig,
Sar a mbeadh sé le h-innsint go mbeadh
bean eile a' suidhe leat,
Agus mise a' siubhal tíreach is ná faghainn
dul ad' threo.



Ná bíodh sé le h-innsint anois agat ná
choidhche
Fill a bhaile chun do mhuintire, a chailín bhig
óig
Mise Éamonn Mhágáine nár las riamh le
náire
Is do gheobhair ar shliabh fáin mé nó ar a'
gcnoc is mó ceó.



A gcuimhnigheann tusa, a dhaltha dhil, nuair
bhíos is tusa ag reachtaireacht,
Ar ínnse ar bhárr gleanna, ag amharc ár
mbó,
Sa ló is mé ghá chuímhneamh cá ngeobhfá chun
na h-oidhche,
Is gur shíleas féin choidhche ná sgaoilfeadh
ár gcumann.



Aindlightheoir (méirleach) ó Chonndae Mhuigheó do
bhí ar a theicheadh i gCúige Mumhan a b'eadh Éamonn
Mhágáine. Do chaith sé tréimhse san áit n-a raibh an
cailín deas óg 's a muintir na gcómhnuidhe. In Árd
Fhearta d'airigheas é do'n chéad uair is dóigh liom
mórán bliadhanta ó shoin ag fear do bhí breac
aosda. Tomás Ó Núnáin is Tomás ó Ciarmhuic a thug
chuige me. Scríobhas síos le déidheanaighe é ó abhrán-
uidhe binn in Oileán Dairbhre go dtugaid siad “An
Tugger” air. Fuaireas cúpla ceathramha dhe leis
ó Mhícheál Ó Beaglaoi ó Chill Orglan. Do fuair
seisean ó'n 'athair é. Is ó Mhícheál do chuir Mairisil
Ní Mhurthuile síos an ceol. Is geall leis mar a
chéile atá an fonn ag an dTugger.



Fuair Petrie leagan eile den gceol. Féach uimhir
1439 de'n Complete Petrie Collection.



Deirtear “Dúrlas” in áiteannaibh in inead “Dubh-
glais.” Theasbáin An Craoibhín dom leagan maith
cruinn de'n abhrán so do sholáthruigh an t-Athair Mac
Craith i nDéisibh Mumhan ach ní feárr ná an leagan so
do sholáthruigheas féin. B'éigean dom cúpla focal
san méid atá annso d'atharrú.



Seón Dáibhis dob' ainm do'n chrochaire do bhí ar
thóir an mhéirligh is b'í an chroch an “inghean” do bhí
“in áirighthe” leis. D'innis An Craoibhín dom gur
sa' dúthaigh inar rugadh é féin do mhair an Seón so
tá céad goileith bliain ó shoin nó mar sin is gur
teasbánadh do an áit 'na mbíodh an chroch aige.



Finghin na leamhna.



DORNÁN DÁN (le h-Aodh de Blácam,
ar 1/— ó Chlólucht Talbóid, in Áth Cliath).
D'á bhfaca-sa de leabhránaibh beaga
gleoite riamh bheirim-se an chraobh don
“Dornán” san. Tá na peictiúirí agus
an cló ar áilneacht. Tá tosnú maith
déanta ag Aodh de Blácam ar an saghas
úd gearra-dhuain — an líric, do scrí as
Gaedhilg. Tá dhá iarracht nua ann aige
& is iad is fearr sa leabhar. Tionntó
ar líricí Beurla is Frainncise is eadh
an chuid eile.



S. T.



“AN LÓCHRANN” IN A PHÁIPÉAR
TRÍ LEITH-PHINGNE.



Amhail a dubhramar i “Lóchrann” na
Bealtaine, is ró-bhaoghal linn go mbeidh
orainn 1½d. do chur ar “An Lóchrann”
as so amach. Tá ana-bhreis costais
orainn le déanaighe i dtaobh cló agus
páipéir.



Ná bíodh iongna 'ná fearg orraibh, a
cháirde, má lorgaightar 1½d. an chóibh
ar “ár lampa beag soluis” an mí
seo chughainn.



An Fear Gnótha.



DO CHABHAIR-SE, A CHARA!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.



ROSC CATHA GAEDHEAL.



THE SOLDIERS SONG. — É in a cheart idir
cheól is abhrán, agus oireamhnach don
phianó. É i nGaedhilg, chomh maith, 1/1
an chóib, per post.



WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn
i mBeurla. An file ceadna a dhein.
É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a'
chóib.



Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'na súd iad.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,



In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, Áth Cliath.



CARABHATAÍ DEN PHOIPLÍN



AR GACH DATH IS
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin‘)



A dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 SRÁID GHRAFTON,
in Áth Cliath.



Ní deintear aon phíopaí
eile in Éirinn ach
Píopaí Mhic Pheadair



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



Capp & Mac Peadair Teo.



Faiche Shain Stiabhna,
Áth Cliath.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fe rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA
ó
LÚCÁS DE BÚRCA.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



Sráid Pádraig N. a 105,
Corcaigh.



(‘Luke Burke’)



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheith sa' bheairtín idir thobac
is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Gheobhair deaghmhargadh
uainn-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Mhaghchromtha, min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN & MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH



Tá agam-sa
CULAITHE ÉADAIG do GHARSÚNAIBH.
CAIPÍNÍ & HATAÍ den uile shaghas.



Earraí Gaedhlacha.



Mícheál Ó Nualáin,
(‘M. J. NOLAN)



An Mheádhon-tSráid Thuaidh agus
Sráid an Chaisleáin,



Corcaigh.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



An Fear Gnótha…
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh



An Fear Eagair…
An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/— sa bhliain.



Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/— sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Na Díoltóirí…



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann san am gcéadna, cuir 16/— ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



DUAISEANNA DO'N AOS ÓG.



Bronnfaidh Dáil na Gaeltachta, i mBaile
Átha Cliath, SÉ CINN de FHOCLÓIRIBH
GAEDHILGE IS BÉARLA ar an seisear
buachaillí is cailíní scoile is feárr a
chuirfidh síos óna muintir nó ó n-a
gcómhursanaibh 500 focal nó níos mó
de shean-aimsearacht nó de chainteanaibh
bhlasda Gaeluinne nár cuireadh riamh i
gcló. Bíodh a rogha féin de shaghas
píosaí ag gach scríbhneoir. Déanfaidh
prós nó filidheacht nó iad measgaithe
an gnó. Lorgaidh giotaí, bhéarsaí, ráim-
éisí beaga, sgéilíní grinn, cluichí,
ceisteanna, cómhráidhtí, amhráin fastuíme,
is sean-ráidhte ar na sean-daoinibh, a
óga, nó cuiridh síos focal ar fhocal
cuid de'n chaint a chloisfidh sibh uatha,
aon lá. Seóltar na scríbhinní go dtí
Fionán Mac Coluim, Cillorglan, Ciarr-
aighe, roim an 12adh lá de Feabhra.



HER IRISH HERITAGE (le h-Annie
M. P. Smithson — ar 5/— ó Chlólucht Tal-
bóid, in Áth Cliath). Bainean deire an
scéil sin le h-Eirighe amach na Cásca.
Tá fíor-ghrádh dá dúthaig ag an t-é
scríobh é. Ní leabhar iongantach é, ach
neartóghaidh sé grádh dá Dhúthaig is don
Chreideamh i gcroidhe an t-é 'léighean.
Bu mhór an grádh Dé é chur i lámhaibh
na n-ógbhan a bhíon ag léighe ráiméise
na leabhar seacht bpinginne a thagan i
leith ó Shasana is ón bhFrainnc. Is mó
den chomhrádh atá ann 'ná de ‘ghníomh’
agus is ró-léir gur bean a scríobh. Ní
abróghainn go raibh aon dlú-bhaint ag
A. M. P. Smithson riamh le h-obair na
Gaedhilge. D'imthig sí thar fóir in aon
áit amhain, lch. a 120, agus í ag cur
síos ar chúrsaí creidimh. Is maith mar
a thuigean sí saoghal na mbocht in Áth
Cliath Laighean.



S. T.



POST DO ÓGMHNAOI a bhfuil Gaedhilg
go cruinn aici — a bheith ag múineadh leanbhaí
is ag tabhairt aire dhóibh. Cuir gach ní
i n-iúl do “Bhean an Mharcusa” f/c
Thimthire an Spúncáin, Íbh Ráthach, i gCiar-
raidhe, gan mhoill.



CLEAMHNAS SHEÁINÍN LÉITH.



Fonn: “An Brianach Óg.”



Seán:



A Mháire, a ghrádh gheal, is fada a'rás dom,
Ag lorg sáir-bhean, is deighleáil spré,
Má thógair-se ar láimh mé, táim leat sásta,
Is ragham go dtí an Athair Pádraig, sinn
araon.
Pósfam láithreach, is beidh rí ráth againn,
Imeasg ár gcáirde, go h-eirghe an lae,
Is nó go mbuailfidh an bás mé, ní dhéanfad
náda,
Gan do thoil-se, a Mháire, le congnamh Dé.



Máire:



Go deimhin a Sheáin duit, nílim sásta,
Le h-imtheacht láithreach, mar deirir-sé,
Mar do réir do ráidhte, taoir i bhfad a'
soláthar,
Is níor bhacais Máire go deire an lae.
Fé mar tá an sgéal, do réir gach deáll-
raimh,
Tá do shúile anáirde le deighleáil spré,
Ach táim-se dá rádh leat, gan sgáth, gan
náire,
Ná faghair piginn ó Mháire ar feadh do
shaoghail.



Seán:



Dhera, ná tuigfeá, a Mháire, go bhfuilim am'
fhear óg láidir,
Agus deighleáil dhánta (táinte?) agam
féin,
Tá 'gam asal lárach, go bhfuil searrach mór
breágh aici,
Agus cairt ghalánta aige, dhúinn araon
Tá bó bhreac bhán ann, thugas ó'n mBlárnain,
Chun bainne thál duit, ar bharra féir,
Tá dhá ghabhar is a mionnáin ann, agus céis
dheas chránach,
Is ná déarfadh aon bhean mhacánta, go
bhfuilim i dteideal spré.



Máire:



Ach deirim-se a Sheáin, is ar mhaithe atáim
leat,
Má gheibhir bean óg láidir i dtúis a
saoghail,
'Bheidh bog subháilceach, cneasda, grádhmhar,
Í thógaint láithreach, is bheith sásta léi,
A chrúdhfadh do Bháiní is a gheóbhadh do láir
duit,
'S a chuirfeadh na mionnáin duit i gcrích
le céill,
Thabharfadh aire do'n chráin duit, is chuir-
feadh ar bhanbhaíbh a' tál í,
Ní mholfainn go bráth duit a thuille spré.



Seán:



Mhuise, faire! a Mháire, ná beadh ort náire,
Is a thagairt go bráth liom, bean gan spré,
Fear gan mháthair, gan athair, ga pháisde,
Go mbeadh a thig beag breágh deas ar
fad fút féin.
Tá an citeal 's an pláta ann, an chroch 's
an corcán ann,
Tá an chathaoir chláir ann, is í lán de
phéint,
Ach ó táim sa ghábhatar gur thuiteas i ngrádh
leat,
Beidh mé sásta — le cúig phúint féin.



Máire:



Níl a thuille le rádh, 'gam, tugaim druim
mo láimhe leat,
Ní bhfaghaidh tú Máire ar a bhfuil rómhat
a d'shaoghal,
B'fheárr liom fear 's a mhála, ná tusa is
stáit leat,
A sheineóir ghránda! go bhfuil do chroidhe
sa tsaoghal.
Taoir a' maoidheamh as do dhánta, rud nár
ghádh dhuit,
Is as do bhothán gránda, atá déanta 'chré,
Is fada thu a' soláthar, is níl seóid 'gat dá
bhárr fós,
Mar ní bean atá uait, ach cúig púint spré!



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 5


Seán:



Is dóigh mhuise go ngoilfir-se, a Mháire
mara bpósair Seán bocht,
Fear óg láidir, i dtúis a shaoghail,
A d'eireóch láithreach, gach maidean breágh
dhuit,
Ach dá mbeadh fearthainn ná ár ann, b'fhé
go mbogfá féin.
Gheobhair a' bríste ad' láimh uaim, agus beidh
tú ad' mháighistir,
Is pé nidh is áil leat, déanfads' é,
Is ó taoir chomh coimeádthach ar a' sparán
ghrándha,
Tógfad mar táir thu, is ní iarrfad raol.



Máire:



Ní chreidim-se a Sheáin uait, is ní chreidfinn
ó'n bPáp' é,
Gur le grádh do Mháire ná go n-iarrfá
an raol,
Ach tú bheith cortha cráidhte, briste ad'
shláinte,
Ó bheith ag soláthar, is gan éinne ad'
spéis,
Is an brístín bán san, a thugais ó'n
mBlárnain,
Ní chaithfead go bhráth é, go raghad 'n chré,
Is ní eireoghaidh Máire i bhfearthainn ná in
ár duit,
Sin beannacht is slán leat, is nár fhaghair
bean let' shaoghal!



Scríobhtha ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair i Lios
Póil i gCorca Dhuibhne, Ciarraighe.



Finghin na Leamhna.



STÓIRÍN ÓG MO CHROIDHE.



Tá treun-tocht bróin ag dóghadh mo chroidhe,
Níl éinne beó chómh deórach linn,
Go ceusta breoidhte dreóidhte tréith,
A Stóirín óig mo chroidhe.
Annso dhom féin gan éinne im' threó —
Ó's cionn do chré mo léan! ag feógha,
San úir go tréith gan ghéill' dom chaoi,
A Stóirín óig mo chroidhe.



A Stóirín óig mo chroidhe,
A Stóirín óig mo chroidhe,
Mo shlán go deó de lá is d'oidhch'
Le Stóirín óg mo chroidhe.



Déin codladh sámh go bráth, bráth déin,
A's raghad ar fán thar sáil' i gcéin
Níl sé i ndán dom fé'n mbán leat luighe —
A Stóirín óig mó chroidhe.
Níl spéis im' shaoghal ná in éinní 'gam,
Ach spéis 'sa tsaoghal thar spéir dar liom,
Mar ar mhéin liom féin i ngaor duit suidhe,
A Stóirín óig mó chroidhe.



Luinneógh:



A Stóirín óig mo chroidhe, &rl.



Ó, táim go faon, níl spéir im' ghnaoi,
A's tá mo shaoghal gan réim gan bhrígh,
Fiú amháin do'n ngréin tá néall uirthí —
A Stóirín óig mo chroidhe.
Tá an neóinín bán ag fás ó's cionn,
Do chló ró bhreágh, a ghrádh sa rún,
Mo dheora táid dá gcáthadh síos
Ar Stóirín óig mo chroidhe.



Luinneóg:



A Stóirín óig mo chroidhe, &rl.



Muiris Ó Catháin.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



AN NAOMH AR IARRAIDH.



“An Craoibhín Aoibhinn” do scríobh.



An Fhuireann:



Sean-fhear
Féidhlim
Oide
Feargus
Conall
Art
Fearghaill
Aodh
Páistí, &c.



Seomra mór mar do bhíodh ins na sean-aimsiribh.
Bórd fada ann. Sgata páistí ann, cuid aca ag ithe
a mbéile agus cuid aca 'na seasamh taréis a ithte.
Tá oide ag cromadh ar leabhar do léigheadh i gcúinne
eile de'n tseomra.



Art (ag seasamh suas): Tar amach, a
Fhéidhlim, go bhfeicfimíd an chú nuadh.



Féidhlim: Ní fhéadfaimíd. Dubhairt an
máighistir linn gan dul amach go ndéar-
faimís an dán úd dó, an dán do mhúin
sé dhúinn indé.



Fearghaill: Maiseadh, gráin go deó ar
an sean dán céadna, ach níl eagla orm-
sa: Rachaidh mise amach ar aon chuma.
Tá sé de mheabhair agam-sa — ach ní mheas-
aim go bhfuighidh tusa cead dul amach, a
Chonaill. Ó! sin é an máighistir agus é
réidh chun tosnuighthe.



An t-Oide (ág árdú a chinn): Anois,
a chlann O, bhfuil an béile críochnuighthe
agaibh?



Páiste: Níl go fóil.



[Tig sean-fhear liath droch-ghléasta go
dtí an dorus].



Art: Ó sin é sean-Chormaicín a bhíos
ag meilt na mine dhúinn agus ag tabhairt
aire do'n áithche.



An Sean-fhear: Go mbeannuighidh Dia
annso! A mháighistir, an dtiubraidh tú
cead dom an sprúilleach bidh sin do
chruinniughadh agus é thabhairt amach liom?



An t-Oide: Déan sin (leis an páistibh)
tagaidh annso anois, go bhfeicidh mé' bhfuil
an dán úd i gceart agaibh, agus leigfidh
mé dhaoibh dul amach, nuair bheidh sé ráidhte
agaibh.



Feargus: Táimíd ag teacht, ach fan
nóimid go n-innseóchaidh sean-Chormaicín
dúinn cad tá sé chun a dhéanamh leis an
sprúilleach bidh sin.



An Sean-fhear: Tá mé d'á chruinniú
le tabhairt do na h-éanlaithibh, a mhúirnín.



An t-Oide: Déanfaidh sin anois. Gabh
i leith annso (seasuigheann na páistí os
a choinne).



An t-Oide: Anois innseóchaidh mé dhaoibh
cia rinne an dán atá sibh chun a rádh. Bhí
fear cráibhtheach naomhtha i n-Éirinn bliadh-
anta ó shin. Aonghus Céile Dé an t-ainm
do bhí air. Ní raibh aon duine i n-Éirinn
ba mhó úmhlacht 'na é. Níor mhaith leis, na
daoine do bheith ag tabhairt onóra dhó, na
do bheith 'gá rádh go mba mhór an naomh é,
ná go mba bhreágh an file é. Ar an ádhbhar
sin, bhí sé chomh h-úmhal sin, gur éalaigh
sé leis, aon oidhche amháin. Chuir sé culaidh
bréige air féin, agus d'imthigh sé 'na dhuine
bhocht ar fud na tíre ag saothrú a bheatha
féin, agus gan aithne ag duine ar bith air.
Tá sé imtighthe as eólas anois, gan fhios ag
duine ar bith cá bhfuil sé. B'éidir gur ag
beathughadh muc nó gur ag meilt mine atá
sé anois, mar aon duine bocht eile.



Fearghaill: Ag meilt mine mar shean-
Chormaicín annso.



An t-Oide: Go díreach. Ach sul ar
imthigh sé leis, is mó dán breágh binn do
rinne sé ag moladh Dé & na n-aingeal,
agus is ceann aca sin do bhí mé mhúineadh
dhaoibh indé.



Art: Cad é an t-ainm, dubhairt tú,
do bhí air?



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,



Sráid an Rí, i gCorcaig



Scriobh chuige.



MÁ TÁ BÁIGH CHEART AGAT



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



BRÓGA IS STOCAÍ,
LÉINTE IS GUAILEÁIN,
LÁMHAINNÍ IS BÓNAÍ.



T. Ó LOCHLAINN,



19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



FEIS CHORCAIGHE



(fé chúram an Choiste Conndae)



I Mí an Mheithimh, 1918, a tionólfar.



DUAISEANA.



1 — £10 ar Nua-Scéal 7,000 focal.
2 — £2 ar Abhrán nó Dán.
3 — £2 ar aon déantús i gcóir Aithrise, bíodh in a
Dhuan nó in a Phrós.
4 — £2 & £1 ar Chnósacht Sean-Abhrán nár cuireadh
fós fé chló.
5 — £1 10 ar Nua-Agallamh Grinn.
6 — £1 10 ar Chnósacht Tomhasana gona bhfreagairt.
7 — £4 ar Nua Dhrama ‘uaire a chloig.’
8 — £3 don Scoil is feárr sa Ghaedhaltacht.
9 — £3 don Scoil is feárr lasmuich den Ghaedhal-
tacht.



Scríobh chun na Rúnaithe:



A. Ó TUAMA agus
P. Ó h-ANNRACHÁIN.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



Buínn Óir is Buínn Airgid



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá Átraighe Óir is
Áthraighe Airgid



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl. MHAC Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid



Gaedhil: sa tSiopa Bagúin



atá ag



TOMÁS Ó MURCHADHA,



(‘T. J. Murphy’)



111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,



ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”



Guthán: 7 Cork; i Midleton.



DÁNTA DIADHA GAEDHEAL.



Tá Cualucht Chuilm Cille, i Magh Nuadhat,
tréis cnuasacht bheag de Dhántaibh Diadha
do chuir in eagar idir cheol agus focail.
Ocht ndánta atá sa' leabhrín.



TÁ “ADESTE FIDÉLES” ANN.



“Tórna” do thionntuig.



Bu cheart do lucht ceoil gacha scoile is
gacha paróiste roinnt cóib de bheith aca.



Leath raol a fhiacha (3d.)



Dosaon cóib ar leath choróinn (2/6).



Ó Rúnaire Chualucht Chuilm Cille, Magh Nuadhat





ó Mh. H. Gill, i mBaile Átha Cliath.



LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



Trí leath-phinginní (1½ d.) fiacha gacha leabhair díobh.



1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's diary).



2. Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).



3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”



4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).



5. “Cunntas Cinn Lae” le Bríd Stac.
le fághail ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



An siopa in a bhfuil Paipéir, Leabhair is Tobac ann
don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



Agus ó Éasún, Átha Cliath.



An t-Oide: Aonghus Céile Dé. Thug
siad “Céile Dé” air, toisc é bheith chomh
naomhtha sin. Anois, a Fhéidhlim, abair an
dá líne thosaigh, tusa, agus déarfaidh Art
an dá líne leanfas, agus déarfaidh Conall
an dá líne 'na dhiaidh sin, agus mar sin go
dtí an deire.



Féidhlim: Shuas i bhflaitheas Dé, atá
Árd-aingeal ag gach aon-lá.



Art: Agus is iad sin go cruinn
A stiúruigheas an tseachtmhain.



Aodh: An chéad-lá, is naomhtha é,
Ag Dia atá Dia Dómhnaigh.



Fearghaill: Faireann Gabriel go buan
'Ch uile sheachtmhain an Dia-Luain.



Conall: Faireann Gabriel go buan —



An t-Oide: Ní h-eadh, dubhradh san
cheana. Ag Dia-Máirt atáimíd anois.
Cia h-é ag a bhfuil Dia-Máirt? [Ní
fhreagrann an buachaillín]. Cia h-é ag a
bhfuil Dia-Máirt? Ná bí id' amadáinín
anois.



Conall (ag cur ailt a mhéar chum a
shúile): Níl fhios agam.



An t-Oide: Ó, mo náire thú! Féach
anois, gabh i n-áit a raibh Fearghaill agus
rachaidh seisean id' áit-se. 'Nois, a Fhear-
ghaill!



Fearghaill: Is fíor é go bhfuil Dia-Máirt
Ag Micheál in a lán-neart.



An t-Oide: Seadh 'nois, a Chonaill,
abair, Cia ag a bhfuil Dia Luain.



Conall (ag gol): Ní fheadar.



An tOide: Abair an dá líne thosaigh,
mar sin, agus beidh mé sásta. Cia ag a
bhfuil Dia Dómhnaigh.



Conall (ag gol): Níl fhios agam.



An t-Oide: Ó nach tú an t-amadáinín!
Ní chuirfidh mé dadaidh id' cheann a choidhche.
Ní leigfidh mé amach thú go mbéidh an dán
sin agat. A bhuachaillí, sgrios amach libh
anois agus fágfaimíd Conall amadán
annso. [Imthigheann an t-oide agus na
páistí eile amach].



An Sean-fhear (ag leagadh a láimhe ar a
cheann): Bíodh meisneach agat, a stóir.
Béidh tú id' fhear fhoghlumtha fós le cong-
namh Dé. Gabh i leith annso & cabhruigh liom
ag roinnt na sprúille seo. [Éirigheann
an buachaillín]. Sin é anois, tiormuigh
do shúile, & ná bíodh aon droch-mheisneach
ort.



Conall (ag triomú a shúl): Cad chuige
bhfuil tú ag déanamh trí chuid de'n sprúil-
leach so?



An Sean-fhear: Tá mé chun an chuid
seo do thabhairt do sna géanaibh, chuir mé
an gabáiste uile go léir ar an méis seo
dhóibh, agus nuair rachad amach croithfidh mé
gráinín mine air sin, agus beathóchaidh sé
go breágh iad. Tá sprúilleach na feóla
agam annso agus sean-sgreamóga, agus
arán briste tríd, agus bhéarfaidh mé é sin
do na cearcaibh: béarfaidh siad uibhe níos
fearr nuair gheobhaidh siad biadh mar sin.
Tá an sprúilleach beag so agam le tabh-
airt do na h-éinínibh beaga bhíos ag seinm
dom ar maidin, agus a dhúisigheas mé le
n-a gcuid ceóil. Tá sé brúighte mion
agam dóibh. [Sguabann sé an t-úrlár
agus cruinnuighean sé mion-ghiotaí aráin].
Tá grádh mór agam do na h-éinínibh
beaga.



[Féachann an sean-fhear suas, agus chidh sé go bhfuil
an buachaillín 'na luidhe ar chuisín & é 'na chodladh, agus
é ag osnaoil in a chodladh. Seasuigheann sé tamaillín
ag féachaint anuas air. Tagann deóra in a shúilibh
féin. Annsin téidheann sé ar a dhá ghlúin].



An Sean-fhear: Ó, a Thighearna a Dhé,
bíodh truagh do'n pháistín bhog óg so agat.
Cuir críonnacht in a cheann, glan a chroidhe,
sgap an ceó atá ar a intinn, agus leig dó
a cheacht d'fhóghluim ar nós na mbuachaillí
eile. Ó, a Thighearna, do bhí tú féin óg,
tráth, glach truaighe do'n óige. O, a Thigh-
earna, do shil tú féin na deóra, triomuigh
deóra an bhuachaillín seo. Éist, a Thigh-
earna, le guidhe do sheirbhísigh, agus ná tóg
air an ní beag so d'iarraidh ort. Ó, a
Thighearna, is goirt deóra an leinbh, milsigh
iad, is doimhin smaointe an leinbh, ciúnaigh
iad, is searbh brón an leinbh, bain dé é, is
bog croidhe an leinbh, Ó, ná Cruadhuigh é.



[Nuair atá an sean-fhear ag guidhe, tagann an
t-oide isteach. Féachann sé air. Sméideann sé ar
na páistibh atá taobh amuigh, tagann siad isteach,
cruinnigheann siad in a thimchioll. Tógann an sean-
fhear a cheann. Preabann sé 'na shuidhe agus lasadh
náire air].



An t-Oide: Chuala mé do ghuidhe a
shean-duine, ach níl aon mhaith ann. Molaim
go mór thú mar gheall air, ach tá an leanbh
sin go ró-mhall ag fóghluim. Rinne mé
féin athchuinge ar Dhia uair nó dó, ar a
shon, ach ní raibh aon mhaith ann.



An Sean-fhear: B'éidir go gcualaidh
Dia mé — tá Dia réidh le h-éisteacht i
gcómhnuidhe. An uair a bhímíd féin folamh
gan aon ní, éisteann Dia linn, agus ní
chuimhnighimíd ar na neithibh do chailleamar,
ach cuirimíd ár ndóchas i nDia.



An t-Oide: Is fíor a n-abrann tú, ach
níl aon mhaith i n-athchuinge an turus so.
Tá an gasún so ró dheacair a mhúineadh.
[Téidheann sé féin agus an sean-fhear go
dtí an buachaillín atá fós 'na chodladh &
lorg na ndeór ar a ghruaidh]. Caithfidh sé
oibriú go cruaidh agus go an-chruaidh, agus
b'éidir le neart oibre go bhféadfaidh sé
beagán fóghlama do tharraing chuige am
éigin. [Cuireann sé a lámh ar ghuallainn
an bhuachaillín agus preabann sé 'na dhúis-
eacht, agus iongantas air nuair chidh sé na
daoine eile 'na thimchioll].



An Sean-fhear: Fiafruigh dhé anois.



An t-Oide: An gcuimhnigheann tú ar an
dán anois, a Chonaill?



Conall: Shuas i bhflaitheas Dé atá
Árd aingeal ag gach aon lá.



Agus is iad sin go cruinn
A stiúruigheas an t-seachtmhain,



An chéad lá is naomhtha é,
Ag Dia atá Dia-Dómhnaigh.



Faireann Gabriel go buan
'Ch-uile sheachtmhain an Dia-Luain.



Agus fós atá Dia Máirt
Ag Micheál in a lán-neart.



Rafael go cóir ceart caoin,
Is aige tá Dia Céadaoin.



Ag Saciel nach cam claon
Gach seachtmhain tá an Diardaoin.



Haniel árd aingeal Dé,
Is aige tá Dia hAoine.



Cassiel geal na súl ngorm
Stiúraigheann sé an Sátharn.



An t-Oide: Is míorbhúilt é! Níor
theip focal air. Ach innis dam, a Chonaill,
a stóir, cia an chaoi ar fhóghluim tú an dán
sin ó shoin?



Conall: Nuair bhí mé im' chodladh anois,
tháinig sean-duine chugham, agus dar liom-
sa do bhí gach dath d'á bhfuil san mbógha-
gréine air, agus rug sé ar mo léine agus
stróch sé í, agus annsin d'fhosgail sé mo
bhrollach agus chuir sé an dán isteach in mo
chroidhe.



An Sean-fhear: Is é Dia do thug an
bhrionglóid sin dó. Ní dóigh liom go
mbéidh sé 'na bhuachaill do-mhúinte as so
amach.



Conall: Agus an fear do tháinig
chugham, shaoil mé go mba é Sean-Chor-
maicín annsan do bhí ann.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Fearghaill: B'éidir go mb' é Aonghus
Céile Dé do bhí ann!



Aodh: B'éidir gur Cormaicín Aonghus!



An t-Oide: An tú Aonghus Céile Dé?
Cuirim ort as ucht Dé a innsint dom.



An Sean-fhear (ag cromadh a chinn): Ó
fuair sibh amach anois é. Ó! shaoil mé ná
béadh aithne ag duine ar bith go bráth orm.
Mo léan! fuair sibh amach mé!



An t-Oide (ag dul ar a dhá ghlúin): A
Aonghuis Naomhtha, maith dham é. Tabhair do
bheannacht do na páistibh seo.



[Téidhid na páistí ar a nglúnaibh 'na thimchioll].



An Sean-fhear (ag tógáil a láimhe):
Beannacht Dé orraibh. Beannacht Críosta
agus a naomh-mháthar orraibh. Mo bheannacht
féin orraibh.



An Críoch.



AN PÍOPA FÍONA.



'Seadh, ó táim chun tagairt do'n phíopa-
so, ní cóir dam gan preabadh isteach na
chorp do gheit, mar is dóigh liom nách mór
dam féachaint róm féin, chun túbhairt amach
ceart ar cad é an chríoch a dh'imthigh air.



Lá dár ghaibh beirt fhear an caladh amach
le naomhóig ansa Bhlascaod Mhór, níorbh'
fhada ansa tslíghe a bhíodar nuair a bhuail
an naomhóg air an ailp. Do b'ait leó san,
agus do baineadh preab asda, d'fhéach fear
aca fé na bhun, agus cad a chonnaic sé ná
an píopa. Do bhuaileadar téad air, agus
do thairigeadar leó abhaile é. Nuair a bhí
sé tirim sábhálta aca, do chuireadar poll
ann, ach má chuireadar, ní fíor-uisge ná
saile a bhí ann, ach beóir-dhearg, do chuir-
eadar go dtí an dtigh é, agus ní rabhdar
chómh beag de chabhair 'á chur ann agus do
bheidís dábur [dá mba] soitheach tarraig a
bheadh aca.



D'an an píopa mairsin go dtí Domhnach
a bhí chúghainn. Do chuaidh an bheirt a gcómh-
airle chéile, féachaint cad ba chóir a dhéanamh
leis. Dúbhradar féin le chéile, gur fada
roimhisin gur sheól a leithéid chúcha, agus go
raibh fear maith éigin laistiar agus go
m'fhéidir go leigfeadh sé aniar ceann,
& ceann eile uaidh, agus ó bhí an Fear
i n-Áirde moladh go deo leis, agus an
fear-laistiar a cur le chéile, gur fada
go mbeadh an mhór-mhuir folamh.



As an machtnamh-san do'n bheirt do
thugadar órdú Báll a bheith air, agus
leigeant do gach fear, bean, leanbh, &
páisde, a bheith air gan mhoill. Do bhailibh
an baile go léir na thimcheall ní nách
iongnadh, cá raibh an duine ná raibh ábalta
ar shlugóig fíona a leigeant siar darnó.
Bhíodar ó bhraon go braon, nú gur gheal
an lá anoir orra, ach ní raibh an píopa
folamh fós. An fear a thuit thar claidhe
níor bhraith sé fé féin ach cos, an duine
a chuaidh le gleann, do bhí úsáid láimhe
dhe. Na seana-mhná a bhí a bh'fheighil na
dtighthe a chaith iad fhásgadh, agus tá cnámha
éigin age líne an chatha is caime ná iad,
chnách orra é. Ar maidin an tríomhadh lae,
seadh a dheineas féin amach ceart gur am
thigh féin a bhíos. Is minic a chuala na
seandaoine a trácht ar mheisge-fíona le
na bhuaine, agus do bhí an ceart aca.



Tomás ó Criomhthain,
Blascaod Mór.



TAIDHGÍN A' PHÚCA.



Istoidhche Dé h-Aoine dúisigheadh as a
leapacha gach aoinne ar an mbaile seo
le gleo úbhásach a bhí amuigh. Sháigheadar
balcuis éigint ortha féin & seo amach
iad féachaint cad a bhí ag déanamh an
ghleóidh ar fad.



“Chómh siúrálta is mhairean tú,” arsa
duine aca, “Muicín Mháire Pheadí atá
á ghuid.”



“Ní h-eadh,” arsa duine eile, “ach
Seán is Mícheál seo shoir thánaig abhaile
ar meisge agus táid siad ag marbhú
a chéile.”



Bhí 'oipineón féin ages gach aoinne
ach is geárr go raibh fios an ghleóidh
aca mar bhíodar ag buint na gcos dá
chéile ag rith amach. D'fhanasa sa leab-
aidh dom féin. Is gearr go dtáinig
Peig isteach agus anatha uirthi. “Cad
é seo anois ort?” arsa mise. “Ó!”
ar sise, “Táidhgín a' Phúca agus Máire
atá ag marbhú a chéile mar gheall ar
uisge beatha. “Ó! Ó! Ó!” ar sise,
“tá Máire bhocht marbh aige. Ó! cad
a dhéanfamíd?”



“Éist do bheul, a óinsigh,” arsa mise
léi ach chasas mo sheál orm agus seo
amach mé, ach má chuas ní fhéadhfaim aon
ní d'fheiscint ach chuala an cliotar go
léir. Ba dhóig leat gur b'iad na saigh-
dhiúirí a bhí chúghainn.



Thána isteach arís agus is geárr go
dtáinig an chuid eile isteach leis agus
buidéal fuisgí aca; ach ní raibh sé ach
leath-lán agus mara raibh spórt aca 'á ól!
Nuair a bhí sé ólta aca thosnuigheadar
ar innsint connus a ghuideadar an
buidéal nuair a bhí Tadhg is Máire ag
tabhairt aghaidh na muc is na madraí
ar a chéile. Seo mar tuit amach: Bhí
Máire ag cóiriú na leabthan agus bhí an
buidéal fé'n bpeiliúr aici i gan fhios do
Thadhg mar bhí dúil aici féin is ag Tadhg
sa bhraon. Nuair thóg Máire amach an
peiliúr chonnaic Tadhg an buidéal. Léim
sé ó'n áit i raibh sé agus sara raibh am
ag Máire é thógaint sciob Tadhg é.



Seo Máire i n-achran ann ach má chuaidh,
rith Tadhg amach an dhoras agus Máire na
dhiaidh agus í ag beárrthóireacht air.



Nuair ritheadh Tadg tamall i gcomhnaidhe
bhuaileadh sé an buidéal ar a cheann agus
leigeadh siar slogóg de agus ritheadh arís.
Bhíodh Máire tamall ag gol is ag caoine
agus tamall ag beárrthóireacht i n-árd a
gutha i slighe is go ndúiseochad sí na mairbh.
Sa deire bheir sí ar Thadhg agus bhí sí a
d'iaraidh an buidéal do bhaint de ach bhí
greim an duine bháidhte ag Tadhg ar an
mbuidéal. Thuit sé uaidh sa deire agus bhí
garsún na n-aice agus sciob sé é agus as
go bráth leis chomh maith is bhí sé 'na chosaibh
go dtí gur bhain sé ár dtig-na amach. Bhí an
chuid eile na dhiaidh & d'fhágadar Taidhgín
an Phúca & Máire Chrón annsan ag baint
sásaimh dá chéile.



Síghle Ní Chonchúbhair,
Sc. Chill mhic Ciarain.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teó.



(‘H. JOHNSTON’)



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaighe.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,



I SIOPA AN BHÚRCAIGH



.i. Tig na cúinne, idir



SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,



I gCORCAIGH.



Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



Tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN



agus



LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUINNTIR FHALLAMHAIN



(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13, & a 14,



in Áth Cliath.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.



Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.



Tá…



Scéaluidheacht-gan-
Sraínng



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I Scoil Uí Shúileabháin



sa ‘Mhardíog,’



I gCorcaigh.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear



Sranng-Scéaluidheacht
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



ó



CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I DTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN IS IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “TÁTHÁN” (Cement),
agus gach cóir eile oirean do lucht
tógála teach.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
SA DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



CLÁR FEISE ÍBH RÁTHAIGH.



Tionólfar i gCathair Saidhbhín,



Dé Sathairn, an 29adh de Mheithiomh, 1918.



1. Duais 15/— do'n té is feárr a scríobh-
faidh cainnt a thárlochadh idir bheirt mar
gheall ar chothú is tógaint stuic in Íbh Ráthach.



2. Duais 15/— ar aighneas do scríobhadh
mar a bheadh idir cheathrar fear ag imirt
cártaí go n-eireóch gráscar eatorra chuir-
feadh eagla ar mhnáibh a tighe.



3. Duais 10/— do'n chailín is feárr a
scríobhfaidh cúnntas cinn lae ag cur síos
ar nidhthibh thárla dhi nó gur smaoinigh sí
ortha i gcaitheamh coic-thíse. Dara duais,
coróinn.



4. Duaiseanna de'n mhéid céadna i gcóir
buachaillí ar na coinghíll céadna.



[I bhfochair an dá chomórtas so bronn-
far duais bheag ar an iarracht is feárr
ó leanbhaíbh scoile i ngach parróisde in
Íbh Ráthach ar leithilig ná gnóthóghaidh na
duaiseanna eile.]



5. Dsna, 6/—, 4/—, 3/—, 2/6, do bhuachaillíbh
nó do chailíníbh scoile fé bhun 14 bl. i
bparróisde Chathair Saidhbhín is feárr a
fhreagróghaidh ceisteanna ar na puinntibh
seo (a) Cé'r a dhíobh iad is cá gcómhnuigh-
eann, (b) Aimsir is clog, (c) Cóimhreamh is
airgead, (d) Baill na colna, (e) ainmhithe
coitchionna, (f) mion-phaidreacha.



[Triailfear na h-iomaitheoirí sa chomór-
tas so um a h-aon 'o chlog sa ló san
Leabharlainn Phuiblidhe.]



6. Duais £1 do'n bhfuirinn is feárr
chun ceann des na cluichíbh seo a dhéanamh
(a) Tadhg Saor, (b) Tadhg Ruadh, (c) Bairbre
Ruadh. Níl a bhac ar iomaitheoiribh an chaint
ins na píosaíbh seo d'atharrú ar aon tslighe
oirfidh dóibh. Dara duais, 10/—.



7. Seacht is raol do'n duine is feárr chun
sgéalta beaga grinn d'innsint ach gan thar
cúig nóimeataí do bheith ag aon iomaitheóir.
Coróinn do'n tarna duine.



8. 10/- do'n bheirt is feárr chun agallamh,
i bhfilidheacht nó i gcainnt scurtha, do rádh
chun a chéile. Dara duais, 6/—.



(Tuille).



UNKNOWN MORTALS (le Herbert M.
Pim — 3/6 ó Chlólucht Talbóid, i mBaile
Átha Cliath). Leabhar nea'choitianta ait é
sin. Gearraistí ar lucht díolta éisc is
misleáin atá ann. ‘Fastaoimeóg’ gach
aiste aca. Labhran an t-ughdar ar fhear
bailithe giobal is ceirt amhail a labharfadh
sé ar rí nó ar ridire. Gearraiste ar
fheabhas an domhain iseadh ‘The Madman‘
agus molan an t-ughdar féin é sa réamh-
fhocal. Sin comhartha eile gur leabhar
nea'choitianta é. Tá scéilín nua sidhe
ann & bfhiú d'aonne 'bhfuil aon Bhéurla
aige é léighe cúpla uair, feuchaint an
dtuigfadh sé é. B'éidir go scríobhfadh
an t-ughdar féin aiste dhúinn fós ag cur
in iúl dúinn cad is brigh leis an scéilín
sidhe sin. Tá gluais (foclóir) le cuid
des na h-aistibh. Sin comhartha eile (más
gádh san), gur leabhar nea'choitianta atá
curtha amach ag Mr. Pim.



S. T.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/— go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/— go 21/—;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabhail leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN.



35 — 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh;



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,”a I., II., III., 2½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/—, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



CHÓMH BLASTA LE H-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Má léighir Béarla,



LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/— agus postas 4d.



Tá Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C. J. Kickham; 4/— agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F. Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,



Sráid Westmoreland a' 38, Áth Cliath.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services