Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oidhche ar Bharr Tuinne agus Scéalta Eile
Title
Oidhche ar Bharr Tuinne agus Scéalta Eile
Author(s)
Renascence, aistrithe ag Nioclás Tóibín,
Pen Name
Renascence
Translator
Tóibín, Nioclás 1890-1966
Composition Date
1924
Publisher
Cualacht Oideachais na hÉireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ROIMH-RÁDH. Tá h-ocht gcinn de scéalta sa leabhar so. Is me féin do cheap cheithre cinn aca. Leagaint ar scéalta Béarla, Fraincís agus Iodáilis is eadh trí cinn eile díobh. Fuaireas "Conal Ceárnach ar Chnoc Chailbhre" ó Bhuadhach Ó Coileáin. Béidir ná fuil fírinne an scéil d'réir staire. Mar sin féin is dóigh liom gur scéal deas so-léighte é agus is buidheach me don té thug dom é. Is buidheach me, leis, de ollamhain Iolscol na Mumhan a chabhraig liom. NIOCLÁS TÓIBÍN.
OIDHCHE AR BHARR TUINNE. DOCHTÚIR le Diadhacht, sagart beannuighthe, fear a bhfuil a shúile thar shuarachas an tsaoghail - seo a tháinigh 'on Rinn sa Samhradh, bliain an Tighearna, a 1919. Ag foghluim na Gaedhilge a bhí sé ann. Ba ghean leis muintir na Rinne, na h-iascairí go ró- speisialta, agus ó'n chéad lá chuir sé aithne orra ní raibh sé sásta leis féin go mbeadh oidhche caithte aige 'na gcuideachta agus 'na gcomhluadar ar bharr tuinne. Fuair sé an chaoi ar dhul amach oidhche agus dhein sé rud di. Badh ghráin leis dul in' aonar mar ná raibh an Ghaedhealg ar a thoil aige, dar leis, agus dob' eagal leis ná bainfeadh sé leath ná trian a dhóthain cainte as na h-iascairí. Chuir sé ar thriúr eile teacht leis. Ní raibh aon chur 'na choinne aca. Bhogadar, an ceathrar aca. Ba dheas mar chuideachta an ceathrar úd agus an ceathrar a bhí i mbun an bháid. Oidhche ní ba dheise níor chaitheadar riamh. Bhí an aimsir ar áilneacht. Peictiúir i ngach rud a leagfá súil air. I ndorchadas na h-oidhche féin bhí níos mó ná a ndóithin le feicsint ag súile cinn a bheadh oscailte. Agus níor ghádh dos na lámha bheith díomhaoin mar bhí cóir iascaireacht do chách. Na cluasa níorbh' shuan dóibh óir ní i dtaobh leis an nglór daona a bhí an uain. An oidhche úd thar aon oidhche dár chaith an ceathrar úd riamh! Le féachaint siar uirre bhí rud éigin neamh- choitchianta ag gabháil léi; rud éigin a chuirfeadh ag cuimhneamh agus ag maranna an duine; rud éigin in a raibh adhbhar scríbhinn agus seanchais; rud éigin a
ghreamochadh an duine agus ná h-imtheochadh d' urchar as a chuimhne. Chuadar 'on tráigh thimcheall a sé chlog um thráthnóna. Sa ché istigh bhí roint bád leath-cheangailte leath-scaoilte; iad siar agus aniar, anonn agus anall, in gach aon tslighe, díreach, mar a bheadh scata bó ar an aonach nó mar a bheadh capaill a bheadh á gcruinniú féin i gcóir an ráis. B'fhuiris d'aithint orra ná beadh suaimhneas na h-oidhche aca sa doca úd. B'fhuirist d'aithint orra go rabhdar ag fuireach le n-a gcuid marcach. Bhí na marcaigh — na h-iascairí — 'na suidhe annsúd ar phlanc a bhí leagtha ag bun falla an ché. Ní bhíonn aon bhóna ná carabhat ar iascaire. Ní bhearrann sé é féin in aghaidh an lae. Ní dhéineann, mar ní ar mhaise pearsan a bhíonn a mhaireachtain acht ar mhille maise. Bhí a rian orra, bhí a gcuid brístí breacuighthe liath ag an sáile; léine ghorm olna ar gach fear aca; leadhb de shean-chaipín nó pleidhce de hata fiar-sceabha air; gach ball éadaigh dá raibh air gan mórán de'n taithneamh ann. Acht 'na dhiaidh sin an té d'fhéachfadh go cruinn idir an dá shúil orra chífeadh sé go raibh buaidh thar aingcise aca, go raibh buaidh thar mhaise aca, sé sin, togha agus toradh na sláinte. Agus cé go raibh a gcneas gan snas agus a gceann gan cioradh, bhí 'na bpearsa agus 'na gceannacha an t-éifeacht agus an tuigsint sin ba dhual do'n nGaedheal riamh. D' eirigheadar 'na seasamh. Féachaint dá dtugadar soir, siar agus ó dheas; ba leor sin chum tairngireacht na h-aimsire as sin go maidin do chraobh-scaoileadh. "Bléata gaoithe adtuaidh a bheidh ann. Beidh sé 'na chalma go maidin," arsa fear aca. "Ní bheidh," arsa fear eile, "beidh meum bheag ghaoithe
aniar andeas ann a thabharfaidh amach sinn agus raghaidh sí siar ó thuaidh air fé mhaidin." "Pé gaoth a bheidh ann," ars an tríomhadh fear, "déanfaidh sí oidhche bhreágh ar an bhfarraige." Ba mhór an sólás an méid sin do'n gceathrar a bhí ag éisteacht. Badh chuma leo súd acht an oidhche bheith go breágh aca. Ba ghairid gur bhain fear crothadh as féin agus dhein sé ceann ar aghaidh ar a bhád. Bhíodar ag imtheacht 'na nduine agus 'na nduine go dtí go raibh a fuireann féin istigh i ngach bád. Chuaidh an Dochtúir agus a chuideachta isteach sa mbád a bhí in áirighthe aige. Bhí téada á scaoileadh, ancraí á dtarraingt; polaí á sádhadh agus á gcur i dtaca, seolta á dteannadh anáirde ar feadh cúig nó deich nóimentí. Sin a raibh ann, bhí gach bád ag treabhadh na mara agus gan de shuim ag an té a bhí istigh innte sa tír isteach uaidh acht díreach gus ná beadh sí ann ar aon chor. Is ar an bhfarraige a bhíodar. Bhí gach fear insan mbád 'na shuidhe go seascair nó 'na luighe ar a leath-liosta in áit éigin. Is ar an tobac a chuadhadh, cé ná fuil aon rud is mó a luathochadh tinneas farraige leis. Acht ní ag cuimhneamh ar thinneas a bhíonn duine nuair is é aoibhneas Dé atá i gcoróinn. Ba dhóthain do aoinne a mbeadh a mharthainn ar tír, gan dada eile thabhairt fé ndeara acht an báidín úd. An seoilín crochta anáirde uirre agus an leoithne gaoithe ag breith air agus á theannadh. An méid sin ag tabhairt siubhail di. Bhí sí ag imtheacht anonn chum na farraige díreach gus dá mbeadh péire súl innte agus cheithre cosa fúithe. Í ag gearradh léi. An fear ar an stiúir ag déanamh eolais agus gan mhairg sa saoghal air á dhéanamh. Badh dheas a bheith ag éisteacht leis an nglór ciúin caoin a bhí ag an mbád á bhaint amach agus
cogarnac agus siosma na n-iascairí iar na meascadh le chéile. Amhlaidh sin a bhíodar ag goid na slighe. An mhuir mhór bhraonach fé'n mbád thíos. An spéir ghorm glan os a cionn. An tír, oileáin bheaga, carraigeacha, failtreacha, páirceacha, guirt, cnuic is sléibhte is gleannta isteach uatha. Na sléibhte go h-ioldaithte órnáideach ag eirghe ón bhfarraige anáirde. A gciumhais anáirde ag déanamh líne mí-chothrom ar fhioghar na spéireach. Fuinne na gréine ag breith barr maise agus scéimhe ar na rudaí agus ar na nithe seo go léir. Na préacháin bhána go h-uaibhreach agus go dána ag eitilt os cionn an bháid, nó le meidhir is magadh ag eirghe agus ag túirling sa bhfarraige — gach aon rud ag breith brágha ar a chéile. Bhí Peaid Cheallaigh agus Séamas Ó Muirgheasa — beirt iascairí — ag iascaireacht le dhá dhró (dhorugha) ar feadh scathaimh. Mharbhuigheadar roint macraelí. "Seadh, a Athair," arsa Peaid, leis an Dochtúir, "bain tástáil as an dró so, féachaint an bhfuil an chéird agat." Bhí fear an bháid — Liam Ó h-Aodha — ar an stiúir. "Ná bac leis, a Athair," ar sé. "Is fearr an dró tharraingt isteach agus na líonta chur amach. Tá trí báid stríoctha á gcur amach cheana féin." Tarraingeadh isteach an dá dhró agus cuireadh i leath taoibh iad. Leagadh an seol agus ceangaileadh go dian daingean le téada é. Sguireadh de'n chrann é, agus ceangaileadh de chlíathán an bháid é. Bhíodar réidh annsin chum na líonta a chur amach. Rug Peaid Cheallaigh ar earball na líonta agus chaith amach é. Annsin rug sé ar an téad a bhí in uachtar an lín agus rug Séamas Ó Muirgheasa ar an
mbonn. Bhí Liam ar an stiúir agus Tomás Ó h-Aodha, a dhritheáir, ag caitheamh amach agus ag réidhteach na mbuidheana. Bhí an ceathrar eile agus a mbéil agus a súile oscailte ag féachaint orra. Ba ghairid an mhoill iad a chur amach. Nuair a bhí a ndeire amuigh ceangaileadh téad mhór láidir dá gceann agus ceangaileadh an ceann eile de'n téad sin ar an gcrann. Nuair a bhí sin déanta bhí an bád agus na líonta annsúd sínte treasna na farraige. Ní raibh aon ghaoth ann acht mar sin féin bhí crostacht sa bhfarraige a bhí ag déanamh luascadh a dóthain ar an mbád, agus níorbh' fhearrde na "máirnéalaig nua" é. Ní rabhdar 'na thaithighe. Ní luasca chum suain ná síor-chodlata bhí ann acht suathadh grána a dhein tinn iad. Thuit Mártan — ceann aca — leis an suathadh. Chaith sé síneadh siar ar an siota agus fuireach ann ag cur taomana tinnis de gur thuit dá chodla go sámh seascair ar bhruach na mara. Cuireadh an seol tosaigh fé agus anuas air mar chosaint ón síon. Bhí bruachadghail tinnis ag teacht ar an Dochtúir leis agus ní ar a chosa badh mhéinn leis a bheith. Shín sé é féin, agus ní ar leaba clúid de chlúmh na n-éan é ná ar aon adhbhar sámháin eile acht ar chláracha an tsiota deire. Cuireadh sean-chasóga beaifití agus sean-léinteacha mar philiúr fé n-a cheann agus bhí cúpla casóg casta thimcheall air. Mar sin, ar fhleasc a dhroma, a bhí sé sínte. A aghaidh do'n spéir mar a raibh na mílte miliún raelt ag taithneamh go soilseach agus ag féachaint air. Bhí triúr iascairí i gcabhail an bháid, agus 'na bhfochair bhí Dic agus Labhrás — an bheirt eile de'n gceathrar. Bhí an ceáthramha iascaire istigh fé'n siota ag gabháil do'n teine agus ag cur méile an mheadhon-oidhche i
gcóir. Tugadh dhá dhró do Labhrás agus do Dhic — ceann an duine. Bhí duirighthe ag an triúr eile. Luigheadar go léir san iascaireacht. Faoitíní a bhí ag eirghe chúcha. Ní raibh le déanamh aca acht an dró a scaoileadh síos amach de chlíathán an bháid agus níorbh' luaithe thíos í ná faoitín ag á itheadh. Tarraingt annsin agus bhí an faoitín bocht marbh. Bhí na faoitíní ag itheadh agus ag teacht go tiugh acht stadadar den itheadh agus b'éigin na duirighthe tharraing isteach sa mbád. Leis an linn seo bhí an méile i gcóir ag Tomás Ó h-Aodha. Chuaidh gach fear a bhí in iúil ar dhul isteach fé'n siota isteach. Acht ní raibh slighe dóibh. Tháinigh Séamas Ó Muirgheasa amach, agus chrom sé ag pléidhe leis an dró arís agus ag caint leis an Dochtúir. Luigh an chuid eile san itheadh. Bí taoscán maith té agus fairsinge éisc i gcóir. Bhí Dic agus Labhrás ar a sástacht. Ní raibh a leithéid de mhéile bídh riamh aca. B'aerach an méile é. Bhí cáirt té cois na teine agus siúicre is té caithte i dteannta a chéile innte. Nuair d'fhuar sí cuireadh roint de'n té i gcrúiscín eile a bhí ann. Bhí an t-iasc i gceaintín. Na cláracha, a bhí mar úrlár thimcheall an teinteáin, an bórd; agus blúire pháipéar an t-éadach búird agus an pláta. Aoinne a bhí ró-ghalánta chum gan a mhéara a shádhadh sa phláta, bhí thiar air. Bhí an crúiscín idir Pheaid Cheallaigh agus Labhrás agus an cháirt idir Dhic agus Liam Ó h-Aodha. Bhí cead tarraingt ar an gcrúiscín nó ar an gcáirt d'réir uain. "An dtaithnigheann an t-iasc leat, a Labhrais?" arsa Peaid. "Chím ná fuilir ag dul ró-dhoimhin ann." "Éist, a dhuine," arsa Labhrás, "ná feiceann tú go bhfuilim ar mo dhícheall? 'Dé chúis go bhfuil an
t-iasc chómh deas milis? Is dóigh liom nár bhlaiseas riamh aon rud chómh so-bhlasta leis." "Nuair a bhíonn iasc beirbhthe sa sáile bíonn sé amhlaidh, acht béidir go bhfuil dúil agat ann leis." "Adeirim leat go bhfuil, agus ní fheadar an domhan 'dé chúis an té a bheith chómh deas agus gan aon bhraon bainne air. Is ait liom an scéal." "An tsean-chaint, a Labhráis. Bíonn blas milis ar phairseach na gcomharsan." "Ní fheadar. Ní h-é sin atá á dhéanamh. Míorbhuailt éigin atá sa scéal." "Dá mbeadh scian agus farc agus na córacha catha eile agat anois béidir ná beadh an blas leath chómh maith." "Ná trácht liom orra. Cad a bhuaidhfeadh ar an bhfarc a thug Dia dúinn?" "Dada. Dá mbeadh an scéal ag dul ar an ngéire is iad na méara badh thúisce a bhainfeadh an béal amach." "Adeirim-se féin sin." Bhíodar sásta go maith de'n té agus de'n iasc um an taca so. Bhuail Dic amach agus rug sé ar dhró a bhí amach de chlíathán an bháid. Bhain sé cúpla straca aiste. D'airigh sé an t-ualach. Tharraing. D'airigh Peaid Cheallaigh an tarraingt. "An diabhal! tarraing! tarraing! Tá colamúir agat," arsa Peaid. Bhí Dic ag tarraingt mar a bheadh fear méaracán. Thug sé an colamúir ar bórd. Ba bhreágh an breac é. Bhí gaisce na h-oidhche déanta ag Dic. Nuair a bhí greim bídh ithte ag Séamas Mhuirgheasa tháinigh sé amach agus chuaidh sé ar an dró arís agus ag caint leis an Dochtúir. Chuaidh Labhrás agus Dic isteach fé'n siota. Bhí diúdarnghail chodlata ag teacht orra agus badh bhreágh leo síneadh in áit éigin. Bí
Liam agus Tomás fé'n siota agus ní bheidís sásta go raghadh Dic agus Labhrás isteach sa leaba. Ghlacadar an chomhairle. Acht i gcúrsaí leaba! Annsúd a bhí an leaba. Bhí clár maith láidir sínte ar a chlíathán treasna ó thaobh taobh an bháid. Bhí sé tamaillín ón teine agus árduighthe rud beag ó úrlár an teinteáin. Chuadar isteach thairis sin. Bhí nádúir cláracha mar thóin sa leaba. Sop tuighe caithte anuas orra. Téada, sean-bheaifití, sean-léinteacha — aon angréis a bhfuighfeá cuimhneamh air caithte muirc mairc ar a chéile ann. Shíneadar ann. Sean-arán stáltha a bhí fé cheann Dhic, agus bluic adhmaid a bhí fé cheann Labhráis. Thuit sámháinín chodlata orra acht níorbh' throm suan dóibh. D'imthigh an bheirt a bhí fé'n siota amach. Ba ghairid gur thuit coinneal a bhí lasta ann le luasca an bháid. Bhíodar sa dorchadas annsin, agus bhí deatach na teine á dhéanamh níos doirchighe. Ní rabhdar 'na gcodla agus ní rabhdar 'na ndúiseacht. D'airighdís an ceathrar amuigh ag corruighe anois agus arís, agus ag mion- chaint. Bhí an Dochtúir agus Séamas ag caitheamh focail le n-a chéile. Is beag nár thuigeadar an méid cainte a bhí idir an bheirt seo. "Is iongantach an saoghal é bhur saoghal," arsan Dochtúir le Séamas. "Saoghal mí-ádhmhárach, a Athair." arsa Séamas. "An ndéarfá sin?" "Dhéarfainn. Níl aon saoghal ag aoinne ná fuil codla na h-oidhche aige. Tá sé i gcoinne nádúra an duine, é bheith 'na dhúiseacht agus an saoghal 'na chodla." "Tá agus ní'l. Is iomdha duine atá sínte ar a leaba anocht ná fuil aigne leath chomh socair, ná leath chómh sásta aige agus atá agat-sa anois." "Tá sin féin amhlaidh, acht is cuma sin tagann saoghal
mar seo le sláinte an duine. Ní bhíonn an seasamh ann." "Ní dhéarfainn go bhfuil an ceart agat. Is dóigh liom-sa ná fuil aon saoghal níos folláine ná do shaoghal. Béidir go bhfuil roint droch-úsáid ag baint leis, acht dar ndóigh cuid de'n chéird is eadh an droch-úsáid." "An chéird ar fad, dá ndéarfá é, a Athair." "Cuir i gcás tú féin anois. Is dócha go bhfuil tú tuitthe isteach i ngo leor blianta, agus ná fuil tú díreach chómh maith agus a bhí tú aon lá riamh?" "Ní bhfuighinn a bheith. Is deacair do aon tsean- duine mar mise a bhfuil chúig bhliana déag is trí fichid traochta aige, gan a bheith traochta go maith é féin. Acht mar adeirir, ní bheinn sa tslighe do dhuine go fóil." "An bhfuil tú san aois sin?" "Gach aon lá agus oidhche dhi, agus tá sé dian má thugas seachtmhain de m' shaoghal tinn ar aon leaba." "Agus tá do shaoghal ar fad caithte ar an bhfarraige agat?" "Táim ag dul ar an bhfarraige ó chosain mo bhróga tistiún. Acht thug me thimcheall ceáthramhadh chéad blian i Sasana Nua." "Agus, dar ndóigh, ní ar an bhfarraige a bhís annsin?" "M'anam ag Dia gurbh' eadh. Thugas trí seachtmhaine ag obair ann mar longshoreman ag aistriú malaí le truc. Ní raibh ann acht gur mhair me 'na dhiaidh. Bhí gach aon chnámh a bhí im' chorp as ionad." "Ag iascaireacht a thug tú an aimsir mar sin?" "Ó, masa b'eadh. Ar na Georgies. Is dócha gur minic d'airigh tú trácht ar na Georgies." "Níor airigheas, acht dá chomhartha sin féin. Tá fhios agam go bhfuil a leithéid d'áit ann."
"Bhoil, sin é mar a chaitheas-sa mo chuid aimsire annsúd ag iascaireacht ar na Georgies. Is dócha gur mó iascairí ón Rinn atá ag iascaireacht annsúd ná mar atá sa Rinn anois. Acht adeirim-se leat nach iascaireacht mar mhagadh í. Tá sí dian go maith annso acht is déine seacht n-uaire déag annsúd í. Is iomdha fear breágh d'fhág an áit seo le dá fhichead bliain agus ar thug na Georgies giorr-shaoghal do." "Chaith siad a bheith contabharthach mar sin?" "Contabharthach! Níorbh' chontabhairt go dtí iad, agus níorbh' í an chontabhairt féin acht an obair. Is dócha gur minic a thugais fé ndeara ceann des na scúnéirí dhá chrann sin a bhíonn ag tabhairt an ghuail ó Shasna. Báid mar sin a bhíonn ann. Cuirtear gach aon chóir isteach ionta. Teidheann fuireann fear i ngach ceann aca. Ní bhíonn aon uimhir fé leith in aon bhád. Gheobhadh ó mhór-sheisear go dtí fiche duine a bheith i bhfuirinn — gach fear do féin nó beirt i bpáirt. Teidheann an bád thimcheall céad míle ó thalamh. Scaoiltear amach aiste báid bheaga. Teidheann beirt i ngach bád beag agus teidhid ag iascaireacht le spléir. Bíd ag imtheacht agus ag teacht go dtí 'n mbád mór ar feadh seachtmhaine nó coigthighse. Is minic agus iad imthighthe ó'n mbád mór go dtagann stuirm mhór Ní bheadh fhios agat 'dén árd a mbeadh an ghaoth ag séideadh as. Haraoicéin a thugtar ar an stuirm. Muna mbeifeá istigh sa mbád mór agus an stuirm sin ann beadh sé chomh maith agat coimirche t'anama a chur ar Dhia. Uch, a athair mo chroidhe thú, atá na Georgies tar éis céadta sár-fhear a sciobadh gan tásc gan tuairisc." "Go bhféacha Dia orra. Agus a ndeir tú liom go bhfuil an-chuid de mhuintir na h-áite-seo amuigh i Sasna Nua?"
"Tá, a Athair. Tá sráid i mBostún agus 'sé leas- ainm atá uirre ná Baile na nGall. Gaedhealg ar fad a labhartar innte. Annsúd a aireochthá an Ghaedhealg." "Ní chreidfinn tú." "Ná fuilim ag innsint na fírinne dhuit? Creid me nó ná creid." Bhí Peaid Cheallaigh ag éisteacht leis an gcaint go léir, agus bhí sé de bhioth air gan a bheith tamall in aon chuideachta, gan achrann nó aighneas éigin a chur ar bun. Agus tar éis an achrainn go léir ní bheadh fhios agat ar Pheaid nach ag gáire a bheadh sé ar feadh na h-aimsire. Bhí sé annsúd gan mórán cainte ná siosma á dhéanamh aige. Dhéarfadh duine ná raibh a chluais anáirde ar aon chor. Acht ní túisce d'airigh sé Séamas agus an Dochtúir ag teacht treasna ar a chéile ná chuir sé focal isteach. Peaid. — A Athair. Nár chóir go mbeadh ciall agat-sa agus ná beifeá ag éisteacht le bladar agus le glagar mar sin? Ná feiceann tú gur éitheach ar fad atá sé sin a stracadh aníos as a bholg? Séamas. — Ná bac leis an gciapaire sin, a Athair. Táim ag innsint na fírinne dhuit. Peaid. — Muna mbacair, beidh do chluasa bodhar ag ráiméis a chuirfidh tinneas cinn ort. Dochtúir. — Ní bheidh go deimhin. Ná bac linn. Fonn imiris atá ort-sa anois. Peaid. — Ó, bíodh agaibh mar sin, acht is deacair dom' leithéid-se bheith ag éisteacht le caint gan túis gan deire mar seo. Séamas. — Boil, féach anois, a gharsúin, cuirfidh tú
ar buile me. Níor airigh aoinne riamh a leithéid de chaint á rádh le duine i láthair sagairt. Peaid. — Ná dubhairt an sagart féin leat ná creideann sé thú? Séamas. — Tá buaidhte agat. Acht is maith an rud duit gur annso atá tú. Dá mbeadh cúpla gloine ólta agam-sa chífeá ná beinn-se ag éisteacht leat. Thabharfainn-se féirín duit a chuirfeadh ar lorg do mheabhrach thú. Peaid. — Thabharfá — amáireach! Dochtúir. — Dhéarfainn go bhfuil sé ró-óg duit, a Shéamais. Séamas. — Ní'l, ná pioc, a Athair. Thabharfainn-se a dhóthain do fós, acht níor mhór dom a bheith leath ar meisce. Liam. — Seadh, nó ar meisce ar fad. Leis an linn seo luigh Liam .i. fear an bháid, ar a ghlúine agus dhein na h-iascairí eile an cleas céadna. Bhí ciúnas ar feadh tamaill, mar bhíodar ar úrnuighthe. Annsin thosnuigh an Yank ag caint, arís. Bhí a phíopa 'na bhéal ag Peaid agus ní raibh aon rud aige chum é dheargadh. Chuir sé a cheann isteach fé'n siota. Níor labhair sé focal. Ní raibh aon solus ann acht an teine. Bhailigh sé ladhar geir-caindle a fuair sé fé n-a lámha agus chaith sé isteach sa teine é. Dhearg sé a phíopa le blúire pháipéar agus tháinigh amach. Bhí Dic agus Labhrás 'na ndúiseacht acht níor chuireadar cniug asta. D'eirigh muthal deataigh as an teine. Bhí sé chomh tiugh agus go ngearrfadh an scian é agus bhí boladh millteach ceart uaidh. "An bhfuil tú id' dhúiseacht?" arsa Dic le Labhrás. "Seadh, bhfuilim," arsa Labhrás. "Creidim go bhfuil an áit-seo gairid do'n mbás." "Nach iongantach an ceo é?"
"Ó! a mhic ó! Seo go deo. Nárbh' iongantach na h-amadáin a fuair bás i bpoll dubh Cheailcuite, agus a rádh go maireann daoine macánta annso. Nach iongantach an cladhaire é Peaid Cheallaigh agus a leithéid de chleas d'imirt orainn." "Ní fheadar sé an raibh sé á dhéanamh ar aon chor." "Ní fheadar — amáireach! Ná h-airigheann tú ag mion- gháire leath-ismuigh annsin é?" "Ag caint atá sé. Seo, amach linn nó táimíd múchta." Thángadar amach. Ní rabhdar acht amuigh nuair a bhí Tomás istigh sa chócaireacht arís. "Ní'l greim bídh ithte ag an sagart ná ag Mártan fós," ar sé, "agus is baoghlach go gcaillfear leis an ocras iad, i bhfad uainn an t-olc, agus go mbeidh milleán a mbáis orainn." Ní ró-fhada a bhí sé ag cur i gcóir an mhéile. Dhúisigheadh Mártan. Chuaidh sé féin agus an Dochtúir isteach fé'n siota. Luigheadar san itheadh, acht má luigheadar féin is beag a chuaidh síos leo mar bhí an poll ró-mhúchta agus deatach an gheir-caindle fós ann. Ní mhairfeadh madra ann. Chaitheadar boga gan mórán sásamh a bhaint amach. Ba iad Dic agus Labhrás a tháinigh 'na ndiaidh a dhein an léir-scrios. Nuair a bhí an méile caithte, bhí gach aoinne amuigh i gcabhail an bháid. "Tá an bád sin ar an taobh theas dínn ag tarraingt," arsa Liam Ó h-Aodha. "Tá sé chómh maith againn-ne a bheith sa tarraingt leis." "Fan go n-eireochaidh an rae," arsa Peaid. "Déanfaidh sí athrú eile ar an uisce. Caochfaidh sí na scadáin agus na macraelí." "Tá deire leis an oidhche anois. Tá sé 'na dhonnfhainn. Beidh an ghrian ag eirghe i gceann uaire an chluig eile."
"Tá go maith. Beir orra." Chuadar sa tarraingt. Fear ar an téad. Fear ar an mbonn. Fear ag socrú na líonta agus an fear eile tamall ar an mbonn agus tamall ar an téad d'réir mar d'oir. Bhí na líonta ag teacht isteach go deas sítheolta. Macrael annso, scadán annsúd ionnta gan mórán i dteannta a chéile in aon áit. An fhaid a bhí na líonta ag teacht mar sin, lasadh an t-uisce le gach corruidhe a bhaintí as. Thagadh dath dearg air agus bhíodh an dath céadna ar an iasc. "'Dé chúis an dath sin, a Pheaid?" ars an Dochtúir. "Teine ghealáin a thugtar ar sin, a Athair," arsa Peaid. "Nuair atá sé ag teacht ar an donnfhainn anois, is gairid go mbeidh sin imthighthe." Ba ghairid go raibh na líonta istigh. Theannadh anáirde an seol agus tugadh tosach an bháid ar chuan Dhúngarbhán. Bhí breaca an lae ann. Ba chosmhail an spéir agus an fharraige le duine a bheadh díreach tar éis dúiseacht as a chodla ar maidin. Leadarán dorachas na h-oidhche ag righineacáil go dtiocfadh solus an lae 'na riocht ceart. Bhí báid eile le feicsint fé sheol leis. Chífeá uait iad mar a chífeá tuir aitinn nó crainn i bpáirc oidhche spéir ghealaighe. Bhí sé ag geala in áit a chéile. Ba ghairid go raibh an talamh le feicsint. Bí fuairneimh ins an mhaidin le linn na h-uaire seo. Chuaidh Labhrás isteach fé'n siota agus tháinigh amach gan mórán moille a dhéanamh. "An mbraitheann tú fuar é, a Pheaid?" ar sé. "Tá sé rud beag fuar, acht ní dada é sin," arsa Peaid. "Dá mbeadh braoinín maith láidir ag duine anois ní dhéanfadh sé aon díoghbháil do." arsa Dic.
"Adeirim-se leat ná déanfadh," arsa Peaid. "Acht 'dé mhaith a bheith ag caint mar gheall air?" "'Dé chúis?" arsa an Dochtúir. "Nuair ná fuil sé againn. Agus dá mbeadh féin, a Athair, ní leigfeadh náire dhúinn é d'ól agus tusa annsin". "Bhoil, badh chruaidh an fear é Dia dá gcuirfeadh Sé i gcoinne braoinín thabhairt duit anois," ars an Dochtúir. "Bheadh Sé cruaidh go maith, a Athair," arsa Peaid. Do chuir Labhrás a lámh isteach i bpóca a oscala. Tarraing amach buidéal. "Cad déarfá leis seo?" ar sé le Peaid. "Muise, mo ghrádh deoil thú," arsa Peaid. Bhí nádúir tomhais éigin ag Labhrás agus líon go bruach é, agus thug do Shéamas Ó Muirgheasa é. "Nuair a bheidh sin ólta agat anois ná bíodh aon fhonn achrainn ort," arsa Labhrás. "An fhaid a bheidh an sagart annso ní'l aon phráidhinn le h-achrann. Seo sláinte," arsa Séamas. "Sláinte agus saoghal chugat," an freagra. Bhain gach fear stracadh as an mbuidéal acht amháin an Dochtúir agus Tomás. "Féach, a Athair," arsa Séamas, "bíodh is gur sagart tú míle uair, ní dhéanfadh braoinín de sin aon díoghbháil duit anois. Tá deallradh an-fhuar an-shuaite ort. Téidhfidh sé thú." "Dhéanfadh sé an-thinn me," ars an Dochtúir. Bhí gach aoinne rud beag níos sásta nuair a bhí an braoinín thiar. Bhí an-fhuascailt ag baint leis. Thosnaigh Séamas ag comhaireamh na bhfaoitíní a bhí marbh aige. "Trí scór go leith," ar sé. "Trí scillinge an scór. Tá an scéal 'na leath-shobharn."
"Cé cheannuigheann uait, a Shéamais?" arsa Labhrás. "Bíonn dó nó trí mhongairí i gcomhnuidhe ar an gcé chum dorn éisc a cheannach. Is beag a cheannochadh a ndícheall. Nuair a bhíonn iasc fairsing bheadh sé chómh maith a bheith díomhaoin le bheith ag braith orra." "An maireann Bhaití Ó Dálaigh i gcomhnuidhe agus an mhiúil?" "Seadh, an maireann! 'Sé an chéad fhear ar an gcé gach maidin é. Ní dócha go gcodluigheann sé néal. I gcúrsaí na miúlach, caithfear í siúd a chaitheamh le h-abhainn nó í chur beo i bpoll éigin. Tá sí chomh aosta leis na beacha." "B'fhéidir go bhfuil agus níos sine. Is iongantach an mianach a bhí innte." "Ní'l sí chómh millteach agus a bhíodh sí. Sceimhle shiorruidhe ba eadh í. Is cuimhin liom maidean fhoghmhair a bhíos ar ché Dhúngarbháin. Bhí ualach éisc uirre. Chuaidh Bhaití isteach i dtigh ósda ag díol pé iascaire a raibh sé in achrann leis. Tháinigh dailtín éigin a raibh bata 'na láimh aige agus ní bhfuigheadh sé a bhóthar a thabhairt air gan an bata a bhaint le drom na miúlach. Ar phaiste tinn a bhí le h-ais na srathrach a leag sé an bata. Chuir sí sraoth aisti agus bhain sí crochadh aiste féin. Chrom sí ag eirghe ar a cosa deire. Annsin thosnuigh sí ag caitheamh a cosa deire siar uaithe. An té ná feacaidh iasc agus boscaí á gcur ag rince san aer ní'l aon tseanchas aige. Ní raibh aon fhághail ar í stad. Bhí marbhú 'na mílte innte. Cuireadh tóir ar Bhaití. Tháinigh sé de rith. "Bho hó Sin," ar sé. Stad sí de phreab. Níor fhan cor innte. Dá bhfeicfeá an fear bocht agus í féin annsin, chuirfidís truagh ort." "Bhí an mianach céadna in Bhaití a bhí sa mhiúil," arsa Labhrás. "Is cuimhin liom a bheith ag ráiseanna
i gCeapa Chuinn uair. Bhí rás miúlach le rith. Bhí Bhaití agus a mhiúil ann. Thug cúpla duine a bhí ann fé ndeara Bhaití agus chuireadar d'fhiacha air an mhiúil a chur ag rith sa rás. Bhí fhios aca an lón ba mhilse leis an mhiúil — pionta leanna agus bulóg aráin. Fuaireadar an lón, agus chaith sí é go macánta. Cuireadh i gcóir do'n rás. Tháinigh na miúlacha amach. Bhí an-chuid boscaí thimcheall na h-áite a rabhadh ag cur tosach ar an rás. Tugadh an fógra chum cur des na buinn. D'imthigh gach miúil acht miúil Bhaití. Bhí sé ag casadh agus ag casadh go dtí gur shocraigh sí é féin 'na ceart. Thug sí a cosa deire dos na boscaí. Chrom sí á ngreadadh. Ní fheadar aoinne cár ghabh an marcach. Aoinne a bhí thimcheall uirre ná i ngiorracht béice asail di chaith sé bheith ag cur de. Ní raibh aon stríocadh ag baint léi. Chuir sí stad leis na miúlacha eile a bhí ag rith an ráis agus chuir sí an duine déanach dé'n pháirc." "Ba ghairid an mhoill uirre é," arsa Séamas. Bhí glaiseacht bheag sa maidin i gcomhnuidhe. Bhí an ghrian díreach ag cur a cinn aníos. Badh dheas leat glór na gcúirliún agus na nguinéan agus na mílte éan eile, ag teacht ó fhaill agus ó thráigh — na créatúiríní bochta le luathgháir agus le h-áthas ag cur fáilte roimh sholus an lae. Bhí na préacháin bhána ag teacht as gach árd ag déanamh ar na báid. Tháinigh cuid aca díreach os cionn an báid. Sheasaigh ceann aca ar bhárr an chrainn, agus bhí cúpla ceann aca nach mór ag teacht isteach sa mbád, agus gan pioc scáth ná eagla aca roimh aoinne. Fuaireadar fuighleach beag ó fhearaibh an bháid acht ní fheadar an rabhdar sásta leis mar bhíodar á dtionnlacann i gcomhnuidhe. Sa deire thiar thall, bhí an ghrian go taithneamhach
thoir. D'imthigh an ghlaiseacht. Ba dheas é an saoghal. Na h-iascairí bochta an uair sin, tar éis na h-oidhche a thabhairt 'na suidhe, chómh sultmhar, chómh sásta, chómh cainteach agus dá mbeidís 'na gcodla ar feadh na h-oidhche. Bhí roint éisc ar bórd aca agus ní raibh de chúram orra acht dul go Dúngarbhán agus é chur dá láimh. Chiúnaigh an ghaoth agus chaitheadar dul san iomradh. Ba mhaith sin don gceathrar eile. Bhíodar breac fhuar ar feadh na h-oidhche agus chuir an t-iomradh an fuacht as a gcnámhna. Bhí an bád ag teacht isteach béal an chuain um an taca so. Bhí an fharraige 'na h-aon bhraitlín amháin agus solus na gréine thoir ag rinnce uirre mara bheadh ar ghloine acht gan an solus a bheith chomh láidir. Bád le feicsint annso agus bád annsúd. Na seolta teann anáirde orra acht gan aon seol ag breith na gaoithe mar ná raibh aon ghaoth ann. Ní raibh long ná árthach le feicsint acht iad féin. Bhí pictiúir na talmhan athruighthe, mar is siar a bhí taithneamh na gréine. Níor chodail na Comaraigh ná Cnoc Mhaol Domhnaigh. Ní túisce bhí an ghrian 'na suidhe ná mar a bhíodar ag bagairt a gcinn uirre. Bhí Dúngarbhán sa dorchadas, acht in áit a chéile bhí cnoc agus fánadh, árd agus íseal, coill agus crann agus na guirt le n-a slaoda barraí arbhair ag geala agus ag freagairt do thaithneamh na gréine. Annsin chrom sí ag gabháil siar Lag na nDéise. Bhí maise ag baint leis an radharc úd agus leis an mhaidin úd — bhí go deimhin. Ag teacht thar Oileán Heilbhic dóibh bhí leoithne beag gaoithe ag bualadh ar an seol. "Ní bheimíd i bhfad ag dul 'an bhaile mhóir anois, a Labhráis," arsa Séamas. "Tá bolath beag gaoithe aniar andeas ag teacht. Chífidh tú mongairí fé cheann i bhfad."
"Ní dhéanfadh sé an gnó, a Shéamais," arsa Labhrás. "Tá bhur ngnó déanta agaibh-se anois. Caithfimíd-ne dul agus ár gcuid féin a dhéanamh." "Eist. Glac saoire indiu agus tair i bhaile mhór." "Ní'l aon mhaith dhuit liom. Caithfimíd dul i dtír." "Tá go maith. Iompochaimíd an bád agus cuirfimíd i dtír i gcé Heilbhic sibh." Tháinigh an bád isteach agus cuireadh i dtír iad. Tugadh taoscán maith éisc dóibh le breith abhaile. Thug an bád a h-aghaidh ar Dhúngarbhán. Ag gabháil anoir dóibh an bóthar bhí an ghrian á h-árdach féin thoir. Ní raibh scamall ná smúit ar an spéir. Ceo brothaill 'na líne le faid na gComarach. Deirge na gréine ag tabhairt dath corcar air. An fharraige chómh ciúin le mur. Solus na gréine ag rinnce i ngach fuinneoig siar uatha go mbadh dhóigh leat gur lóchrann soluis a bhí i ngach ceann aca. Bhí gach aon rud ar áilneacht agus an saoghal 'na chodla — gach aoinne acht na h-iascairí bochta a bhí ag treabhadh na mara ag saothrú' a mbeathaidh. Dheineadar — an ceathrar — an bóthar a chur díobh. Bhíodar silte go maith tar éis na h-oidhche. Ní mórán go raibh focal as aoinne. Bhí easnamh éigin orra. Agus bhí an t-easnamh sin mar throm-ualach orra. Ba é an codla ba mhéinn leo. Bhuaileadar port ag Coláiste na Rinne. Ní raibh glór duine na daonaidhe le h-aireachtain ann, acht amháin an madra, Smuilc, ag rith go dtí Labhrás. Chrom sé annsin ag failtiú na coda eile. Shíneadar iad féin go dtí a naoi ar maidin. D'eirigheadar annsin agus d'itheadar a sáth de fhoghmhar na farraige. Sin mar a chuireadar síos an oidhche ar bhárr tuinne.
CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE. NUAIR a fuair Cúchulann bás níor mhair i gcrích Fódla an gaisgidheach sin a bhainfeadh aon bheárna de Chonal Ceárnach. Bhí sean-charadas idir Conal agus Laoghaire Buadhach agus b'fhada an bheirt aca ag oibriú as lámha a chéile d'iarraidh an lámh uachtarach d'fhagháil ar Chúchulann. Acht fé dheire, tamaillín fé chuaidh sé do'n úir, chaitheadar géilleadh agus a admháil gurbh' leis an chraobh. Nuair a chuaidh Cúchulann d'éag fuair Conal an chraobh le cead cháich. Bhí sé trí fichid bliain d'aois an uair sin. Ba mhór an aois í, acht ba chuma a méad mar bí sé chómh oilte, chómh lúthmhar agus chómh bríoghmhar an uair sin ná leomhfadh neach a dhubhshlán a chur fé ná a réim a mhaoidheamh air. Bhí sé amuigh ar fuaid na h-Éireann go raibh gaiscidhigh mhóra tar éis teacht go dtí an Bhreatain, gaiscidhigh a rug an buaidh leo ó gach áit dá rabhdar riamh agus ná raibh a leithéidí eile le fagháil ar fuaid na cruinne. D'airigh Conal an scéal agus suaimhneas lae ná oidhche ní bheadh air go mbainfeadh sé triail as chuid des na gaiscidhigh ba threise orra dá mbadh chomhrac mar mhagadh féin leo é. Chuaidh sé d'aithchuinge ar an Rí .i. Connchubhar Mac Neasa, é scaoileadh thar caladh anonn chúcha. Ba é bail Chonnchubhair leigin le Conal mar ba mhór leis an chlú agus an cháil a bhí ag teacht do agus an meas a bhí ag cách air: bhí sé i n-éad leis. Agus níorbh' iongna sin leis mar ar theacht i réim agus i rachmas do Chonnchubhar ba 'mó beart foghla agus
fola a bhí le h-agairt air — nithe nárbh' órnáid do rí ná do ridire. Ba é sin an chúis a raibh deithneas aige le Conal d'imtheacht, ar feadh tamaill pé scéal é. Bhí an t-an-eagla aige roimhe. D'imthigh Conal. Chuaidh cuideachta i dtánaiste do chuideachta aon árd-fhlatha á choimhdeacht. Nuair a chuireadar i dtír thall chuadar ar thóir an laochra. Dubhradh le Conal go raibh a leithéidí ann fé dhó, acht gur fadó a bhíodar tar éis casadh thar n-ais ar roinn na h-Eoirpe agus go raibh tír na h-Eoirpe go léir fé n-a smacht. Níor dhein Conal acht casadh ar a sháil agus déanamh thar n-ais ar an tráigh agus cur chum farraige arís. B'fhada leis go bhfeicfeadh sé na gaiscidhigh seo. Bhí an tuairisc a bhí fuighte aige orra, maidir le gail agus gaisce, á luathú, á spriocadh agus á ghéarú in aghaidh na h-uaire. Ní raibh uaidh acht iad d'fheicsint chum a chuid nirt a thomhas agus a thástáil leo. Ar dhul i dtír dó sa bhFrainnc chuaidh sé ceann ar aghaidh go dtí an dún 'na raibh na gaiscidhigh — ní ró-fhada ó'n gcaladh-phort a bhí an dún. Chuir Conal tóir ar an taoiseach agus tháinigh sé chuige. Nuair d'aithris Conal fios agus fáth a thuruis do, chuir sé na tuartha fáilte roimhe agus roimh a lucht coinleachta; agus adubhairt gur tháinigh sé sa n-áit cheart agus go dtabharfaidhe gach aon chaoi agus gach aon chongnamh dho chum gan a thurus a bheith i n-aistir. Áthas a bhí ar an taoiseach a leithéid de dhuine a bhualadh chuige agus ní baoghal ná gur dhein sé rud dá fhocal. Ní raibh lá dár tháinigh ar Chonal ná raibh cleachta gaile agus gaisce éigin i ndán do, agus sin, leis na gaiscidhigh dob' fhearr a bhí ar an sluagh Rómhánach. Acht ba ghairid gur oscail sé súile na Rómhánach. B'ait agus b'iongna leo conus mar a dhéineadh an gaiscidheach beag ó
Éirinn fiadhaile chaoch de'n dream ba threise orra. Ní raibh aon teacht ag aoinne aca thíos ná thuas air ar aon chluithche ná gaisce. Ar rith, ar léim, ar neart is lúth, ar ghéireacht súl, ar chaitheamh saighead agus aimsiú, ar mharcuidheacht nó ar chor iomrascála ba mhar a chéile é. Is maith a thuig na gaiscidhigh úd ná raibh Conal acht ag súgradh leo. Agus 'na dhiaidh sin bhí Conal chómh deas agus cómh geal-gháireach leo ná fuigheadh aon olc rith le h-aoinne aca chuige. Nuair a bhíodh an lá caithte agus a theighdís ag caitheamh fléidhe agus féasta an lae sin ní raibh aoinne orra a raibh scéal chómh greannmhar aige le h-innsint, ná duine orra ba luaithe a chuireadh an t-árthach i ndísc, ná fear orra a dhéanfadh gáire chómh breágh nó a bhainfeadh iarracht gháire ní b'fhearr amach, leis an té sin a bhfeacadar gníomhartha an lae sin as. Acht is é mheall ar fad na Rómhánaigh ná an uair a tháinigh an ceoltóir a bhí ag gabháil le Conal 'na láthair agus a chruit ar iomchar aige. Chrom sé ag prioca leis na téada agus ba ghairid gur sheinn orra ceol — ceol a bhí chómh bog agus chómh binn sin go ndubhairt na Rómhánaigh nár airigheadar féin riamh a leithéid. Agus ar sheint do ceol gráidh nó ceol catha ba bhinn agus ba bhríoghmhar adeireadh Conal na focail leis an gceol — bhíodh a ghuth chómh binn sin go dteidheadh sé dtí an smior sa té bhíodh ag éisteacht. Ní raibh Conal ró-fhada i gcuideachta an tsluaigh seo nuair a fuaireadar scéala ar chasadh do'n Róimh. Badh bhreágh leis na taoisigh Conal a theacht in éinfeacht leo. Chuadar in athchuinge air teacht, agus is é slighe a bhogadar e chum teacht ná a rádh leis go rabhdar deimin go dteaghmhochadh sé sa Róimh le gaiscidhigh a thabharfadh nios mó na a dhá dhóthain le déanamh dho.
Dubhradar leis ná raibh san áit 'na rabhdar acht sciorta beag suarach de Impireacht na Róimhe acht go rabhdar ag dul do'n Róimh .i. príomh longport na h-impireachta agus gur ann a bhí togha laochra an domhain mar go raibh a dtriall ann ó gach árd. Ní bhfuigheadh Conal an diúlta a thabhairt dóibh. Chuaidh sé leo. Nuair a tháinigh an sluagh do'n Róimh ba é an chéad scéal a bhí ag sna taoisigh ann ná go raibh gaiscidheach ó oileáinín beag, nár leag an Rómhánach cois fós air, 'na gcuideachta, agus go raibh sé tar éis buadhchant go bog ar na gaiscidhigh ba threise orra, agus gurb é a thug annso é ná chum triail a bhaint as na gaiscidhigh is fearr in Impireacht na Róimhe. Bhí an t-Impire, Tiberíos, as baile, acht bhí fear-ionad do ann. Badh bhreágh leis siúd an scéal, mar fear ba eadh é a raib an-thaithneamh aige do ghníomh is do ghaisce agus go ró-speisialta nuair a bhí rud éigin neamh-choitchianta sa scéal. Dá bhrígh sin chuir sé fógra amach dá shluaighte ar fad á rádh leo cur i gcóir go mear mar gurbh' é an chéad uair aca taoiseach ó Éirinn a theacht cúcha chum dul i gcúdabhaid leis na gaiscidhigh ba thréine orra féin. Tháinigh an lá agus má tháinig ba mheirgeach agus ba mhairgeach an lá do'n Róimh é. Chuir Conal de gach fathach a tháinigh 'na choinne ó dhuine go duine gan duadh gan dochar do féin. Ní fheadar sé nach páistí bhí aige ionta. Ar rith, ar léim, ar throid agus ar mharcuigheacht chuir ridire na Craoibhe Ruaidhe an ball ar gach aoinne aca, ba chuma dá oilteacht nó dá chlisteacht iad. Acht i mbárr an tráthnóna tháinigh chuige Daisian .i. an te ba chruaidhe agus ba threise orra. Bhí sé de cháil air nár sháruigheadh riamh é agus gur aige bhí craobh fear ndomhan. Chuireadar ar a chéile. Rugadar isteach ar a chéile.
An chéad iarracht a bhain an Daisian as Chonal chuir sé go glúin é acht chruinnigh sé é féin arís. Is annsin a thuig Conal go raibh fear a dhiongmhála aige. Bhí Conal caithte go maith cheana féin tar éis an lae. Bhí roint mhaith iarrachtaí bainte as. Dá mbadh 'na lán neart agus 'na lán-dhóchas do é, bhí sé ag rith leis ná déanfadh sé an gnó ar an ngaiscidheach so. Tháinigh náire agus aithis air, ní nach iongna. 'dé chúis ná tiocfadh? …Conal Ceárnach, gaol gairid do Chúchulann, an gaiscidheach do b'fhearr i gCúig Uladh agus i gcúig gCúige na h-Éireann, chum a bheith suaidhte sáruighthe agus sínte fé shúile na ndaoine fiadhaine seo. (Ba é sin an tuairm a bhí ag Conal ar lucht Impireachta na Róimhe seachas sliocht uasal na nGaedheal. Ní raibh ionta leis acht díreach mar atá i lucht Impireachta Shasna linn-ne.) Bhí gach aon rud mar sin ag rith in' aigne agus leis an linn chéadna gach féith a bhí 'na chorp teann tarraingthe d'iarraidh coimeád ar a chosa agus a bheith maith a dhóthain do'n té a raibh sé in iomadh leis. Sa deire thiar thall chuimhnigh sé ar dhul ar úrnuighthe. Cé gurbh' phágánach é thuig sé go raibh cómhacht éigin do-fheicsithe ní ba threise ná é féin, agus óir gur bheir an phráidhinn air ghuidh sé chum an Dé mhóir a bhí de shíor ag féachaint agus ag faire ar Éirinn; an Dia a dhein an tírín áluinn sin mar bhlúirín dá árus neamhdha féin; an Dia sin a bheir do Éirinn treibh a raibh laoch mar Chúchulann ar a sliocht — Cúchulann .i. rí na fírinne, na fortachta agus na flaitheamlachta; an Dia mór sin a bhronn gníomh agus gaisce ar fhearaibh Éireann, agus maise agus módhamhlacht ar a mnáibh. "A Dhia mhóir! A Spioraid do-fheicsithe na nGaedheal!" ar sé, ó'n a chroidhe, "tair agus fóir orm anois, ar uair mo phráidhinneach;
ná leig do dhuine de'n dream sin a thug onóir agus uraim riamh duit tuitim i láthair an dreama so nár ghéill do aon rud ceart riamh." Díreach, mar a thiocfadh toradh ar a ghuidhe, tháinigh fiucha 'na chuislinn agus 'na fhéitheacha go léir agus lúth neamh-choitchianta 'na ghéaga. Dhaingnigh sé a ghreim agus bhailigh sé a lán-neart agus le h-aon bhinib mhillteach amháin chuir sé an Daisian 'na sheasamh ceart díreach idir a dhá ghéig. Annsin bhain sé fásca uathbhásach as a dhein císte i gcoinne a uchta dhe. Bhí cnámh uchta agus asnaidheacha an Daisian le h-aireachtain ag cnagadh agus ag briseadh. Nuair a bhog Conal a ghreim thuit an Daisian .i. craobh fear ndomhan, ar lár, 'na chorp. D'eirigh liúigh gháir ó'n sluagh acht níorbh' chlos do chluasa Chonail í. Bhí a chiall agus a chuimhne imthighthe i bhfad i gcéin: bhí a chroidhe agus a inntinn i gCúig Uladh agus é ag breith buidheachais le n-a Dhia mór i dtaobh é féin agus Uladh agus Éire a shaoradh ó cháineadh agus ó mhasla go deo. Bhí féile agus féasta ar siubhal ar feadh scathaimh mhaith 'na dhiaidh sin sa Róimh. Ba mhór an onóir a tugadh do Chonal. Ba iad na taoisigh a thug don Róimh é ba mhó mórtais agus ba mhó raibh áthas orra — bhíodar ag déanamh a gcuid féin de, agus á rádh leis ná beadh aon fhagháil aige ar iad d'fhágaint. Ní ró-fhada an fuireach a bhí orra sa Róimh. Fuaireadar órdú dul thar teorainn arís. Tháinigh na taoisigh go dtí Conal. "Is minic," ar siad leis, "a bhís ag seanchas cois na teine linn sa bhFrainc gur ó'n Domhan Thoir a tháinigh do shinsir romhat. Anois, má thagann tú linn-ne, beidh caoi agat ar lán do dhá shúl d'fagháil de'n áit sin. Is ann atá ár dtriall agus bheadh sé chómh maith agat teacht linn."
"Raghad, agus fáilte," ars an Taoiseach Gaedheal go grod. Chuir an sluagh chum bóthair. Nuair a thángadar go Ioppe chuireadar fútha ann ar feadh scathaimh agus annsin thugadar a n-aghaidh ar Ieriúsailium. Ba é la a bhuaileadar isteach sa mbaile sin ná Aoine an Chéasta. Bhí árd-ghleithireán sa mbaile. Sceimhle an rí-rá a bhí ar siubhal i ngach sráid ann. B'fhuiris dos na Rómhánaigh a thuigsint go raibh rud éigin neamh- choitchianta ag corruidhe na ndaoine. Chuireadar ceist féachaint an bhfuighdís a dhéanamh amach cad a bhí orra agus 'sé freagra a fuaireadar ná go raibh cime meirligh á chur chum báis. D'fhiafruigheadar annsin 'dé'n choir a bhí 'na choinne, agus dubhradh leo go ndubhairt an cime seo gurb é féin rí na nGiúdach. "Chonách sin air," arsa na Rómhánaigh, "nár chóir go mbeadh fhios aige ná raibh aon rí ann acht Caesar?" D'airigh Conal an chaint seo agus d'fhiafruigh sé an raibh aon cheart ar aon chor ag an duine seo an ríoghacht d'éileamh. Dubhairt ceann des na Giúdaigh leis go raibh se ar dhuine de'n treibh ríoghdha; gur shíolraigh sé ó Dháithí. "'Dé chúis, annsin," arsa Conal, chómh diongmhálta agus dá mbeadh Leabhar na mBreitheamhan de ghlan- mheabhair aige, "ná fuil sé de cheart aige troid a dhéanamh chum a cheart a bhaint amach? Is éagcóir é chur chum báis mar gheall ar a bheith ag éileamh a chirt." "Seadh," ars an Giúdach, "acht, seo fear ná troidfeadh ar aon chor. Dá mbainfeá an chluais de d'iontochadh sé an chluais eile chughat chum í bhaint de leis." "Níor ghádh dho troid a dhéanamh." arsa Conal. "Gheobhadh sé a chuid laochra a bheith aige chum sin a dhéanamh."
Nuair d'airigh na Giúdaig an chaint sin gháireadar agus arsa ceann aca. "Tá sé siúd ró-dhealbh ró- íseal sa saoghal chum aoinne rud mar sin a dhéanamh dho." Tháinigh olc ar Chonal agus bhain sé stuir as féin. "Cá bhfuil sé?" arsa sé, "go bhfeicfead é. Táim-se chum troid a dhéanamh dho. Déanfad-sa cion gaiscidhigh do." Bhí duine ann a theasbáin do bóthar fada a bhí ag dul amach ón gcathair agus dubhairt sé le Conal go raibh an cime agus an sluagh tar éis gabháil mar sin — gurbh' é sin an bóthar a thabharfadh go Cnoc Chailbhre é. Níor dhein Conal acht dul sa rith agus chrom na Rómhánaigh ag liúirigh fé agus ag glaodhach air agus a rádh leis gan a bheith ag déanamh amadáin de féin. Acht bhí cluais bhodhar ag Conal dóibh. D'réir mar a bhíodar sin ag liúirigh agus ag glaodhach is eadh bhí sé sin ag géarrú sa rith. Bhí sé ag cur de mar sin go dtáinig sé a fhaid le gasra ban a bhí ar an mbóthar. Bhíodar ag féachaint le h-iongantas agus le h-uathbhás ar rud éigin a bhí 'na binn ag bean a bhí 'na suidhe ar chloich mhóir. Bhí Conal chómh fiosrach sin ná fuigheadh sé gan a fhiafruighe cad a bhí ann. "Ó," árs an bhean a raibh an rud 'na binn aici, "nuair a bhíodar ag stracadh an fhir bhoicht sin leo agus gan ann siubhal tháinigh cathú orm. Ba dhícheall do a chosa a chur fé agus chaith sé an chrois d'iomchar dóibh. Bhí deallradh chómh diombádhach agus chómh annróch sin air agus a aghaidh go léir chómh brúighte, chómh loitighthe sin agus é lán de fhuil agus de sheilí gur ghlacas truagh dho agus gur théidh mo chuid fola leis, bíodh is ná feacaidh me riamh é. Dheineas mo shlighe trí na méirligh a bhí timcheall air agus chimiligheas mo aprún dá aghaidh.
Thug sé féachaint gheal-gháireach orm agus iad á stracadh leo. Tháinigh fantais orm féin. Shíleas go n-imtheochadh an t-anam asam. Thuiteas dem' chodla annso mar a bhfuilim. Nuair a dhúisigheas leagas mo shúile ar mo aprún, agus féach cad a chonnacas!" D'árduigh sí anáirde éadach geal á theasbáint do Chonal. Bí pictiúir aghaidh fir — aghaidh iongantach áluinn — air. "Dar déithe na h-Éireann," arsa Conal, "ní aghaidh cime an aghaidh seo. Aghaidh rí; aghaidh Dé, 'seadh an aghaidh seo!" Ní dubhairt sé focal eile acht cur de chum reatha arís i bhfad níos mire na roimhe sin. Ní raibh uaidh acht breith 'na bheatha ar an Duine seo agus É shábháil nó neachtar aca tuitim in éinfeacht Leis. Díreach a bhí na tairingí buailtí trí Chríost ar an gcrois nuair a tháinigh Conal ar an láthair agus bhí na Giúdaigh ag dul chum É thógaint anuas agus É chur san uaigh. Tharraing Conal a chlaidheamh as a thruaill agus rith d'iarracht orra chum É gabháil den chlaidhim orra. Acht ní túisce tháinigh sé le h-ais cois na croise ná thuit braon den fuil bheannuighthe ó Croidhe Naomhtha Íosa ar a éadan. Chaill Conal a lúth den iarracht sin. Thuit an claidheamh de thuairt uaidh ar an talamh. Níor fhan de ghustal ann acht a cheann d'árdach agus féachaint anáirde ar a Shlánuightheoir. Bhí sé mar a bheadh íomáigh gan chor as: é mar a bheadh sé ag adhradh Íosa os íseal. D'fhan sé sa riocht sin ar feadh trí h-uaire an chluig, an fhaid a bhí na Giúdaigh ag tógaint anuas an Chuirp agus Á chur san uaigh. Nuair a bhí sin déanta aca is eadh tháinigh Conal chuige féin. Nuair a tháinigh a chiall agus a chuimhne chuige agus a fhéach sé timcheall air féin chonnaic sé gasra d'iarraidh cloch mhór a bhogadh chum í thabhairt dtí béal na h-uaighe. Níor dhein sé acht dul anonn chúcha agus
a rádh leo fuireach siar. Ba é Conal Ceárnach d'aistrigh an chloch a dhún an uaigh sin an lá sin — an chloch mhór a raibh eagla ar na mná beannuighthe a tháinigh ar maidin Domhnach Cásca ná beadh aoinne chum a h-aistrighthe. Acht nuair a thángadar leis na nithe cumhra a bhí aca le leagaint ar an gCorp, chonnacadar go raibh an chloch úd aistrighthe ag cómhacht éigin eile — cómhacht a bhí i bhfad ní ba threise ná cómhacht Chonail Cheárnaigh. Tuigtear ón scéal so gurb é Conal an teachtaire ó Éirinn a bhí ar Chnoc Cailbhre an lá sin. Adeirtear go raibh teachtaire ó gach náisiún ar domhan ann ar chuma éigin agus gurb é Conal teachtaire na nGaedheal — an treibh sin d'fhan dílis do Chríost ó shin riamh i leith agus gur dóigh go bhfanfaidh go deo agus choidhche.
SEOG ADHTAM. FEAR caifí a chur a bhí san India uair. Cheannaigh sé reidhse mór talmhan agus fásach ba eadh a fhormhór. Bhí sé lán de chrainn agus de bhuin crann agus de phneuca agus de gach aon saghas fáis fiadhain. Ba bheag an mhaith a bheith ag cuimhneamh ar chaifí ná ar aon rud eile a chur ann. Leagadh a raibh de chrainn ann agus deineadh glanadh mór ar an scotharnach coille. Is le púdar agus le teine a bhaintí na buin chrann tamall acht chuimhnigheadh ar sheift eile chúcha. Gheibhtí eilipheaint mór láidir agus chuirtí slabhra mór na diaidh; cheangluightí an slabhra de bhun crainn agus leigtí do'n eilipheaint a bheith á stracadh leis 'na dhiaidh. Chuir an fear so fógra amach ar lorg eilipheant. Fuair sé roint mhaith aca agus thosnuigh an straca. Is ag an tománaí ba mheasa bhí an t-eilipheaint dob' fhearr orra. Seog Adhtam ainm an eilipheaint. Bhí an tománaí an-thabhartha do'n ól agus nuair a bhíodh an sparán teann aige de bharr shaothair Sheog theidheadh sé ar an ól agus ní stadadh sé go mbíodh an sparán chómh seang agus chómh silte le lánán folamh. Theidheadh sé abhaile annsin agus é ar dhearg-mheisce. Is minic a stadadh sé ar lár an bhóthair agus chromadh ag pógadh agus ag síor-phógadh a chomarádaí — Seog bocht. "Mhuise, is tusa mo ghrádh agus mo thaithneamh agus mo chumann cléibhe-se," adeireadh sé leis. Is minic, leis, a bhíodh braoinín 'na phóca aige ag dul abhaile dho. Thugadh sé braon do Sheog agus d'óladh sé an fuighleach é féin agus thuiteadh dá chodla annsin
ar an mbóthar. 'Sé rud a dhéineadh an t-eilipheaint ná cos tosaigh leis a chur ar gach taobh de, agus an fhaid a bhíodh sé amhlaidh ní raibh sé de chead ag capall ná cearr ná aon trucaill eile gabháil an tslighe go ndúisigheadh sé. An lá so, bhíodar ag obair leo ar a ndícheall; an tománaí 'na shuidhe anáirde ar shlinneán Sheog agus é ag tabhairt gach ordú' dho, díreach mar d'oir. Bhí Seog ag straca leis ar a lán-dhícheall. Uaireannta thugadh an tománaí cogar do á mholadh agus a rádh leis gurbh' é rí na n-eilipheant é. Ar dhul fé na gréine scuireadar agus d'itheadar a suipéar. Trí chéad tor glasraí a dhein méile an eilipheaint. Pláta ríse d'ith an tománaí. Nuair a bhí sé in am codlata shuidh an tománaí idir chosa Sheog agus dhein sé a leaba de'n áit sin. Bhí abha buailte leo agus theidhdís araon ar snámh innte uair sa tseachtmhain. Bhí an saoghal ar a dtoil aca — saoghal breágh gan mhairg. Acht uaireannta bhíodh an tománaí — Ólsiar a ainm — amuigh leis féin. Nuair a bhuaileadh an dúil san ól Ólsiar bhíodh deire le suaimhneas agus le sástacht aigne. Briseadh ar an bhfoidne aige agus adeireadh sé ná raibh aon bhrígh le bheith ag ól braoiníní beaga gan mhaith, ná raibh ann acht a bheith ag sugradh le h-ól. "Caithfidh mise deire a chur leis na diúigíní seo," ar sé. Chuaidh Ólsiar de'n iarracht sin go dtí fear an chaifí. "Tá mo mháthair tar éis bháis," ar sé leis, agus chrom sé ag béice agus ag gol go fuigheach, acht bhí sean-aithne ag fear an chaifí ar Ólsiar. "Fuair sí bás dhá mhí ó shin leis," ar sé, "agus is maith is cuimhin liom go bhfuair sí bás anuraidh nuair a bhí tú ag leagaint na gcrann.
"Ní hí mo mháthair a mheas me rádh," arsa Ólsiar, "acht m'áintín. 'Sí m'áintín atá tar éis bháis agus bhí sí chómh maith le máthair dom," agus chrom sé ag gol agus ag béice ní ba threise annsin. "Tá ochtar déag páistí 'na diaidh agus iad fé ocras agus fé annró. Ní'l aoinne chum fuascailt beag ná mór a dhéanamh orra acht amháin mise féin," agus chrom sé á lúbadh féin agus ag bualadh a chinn ar an úrlár le neart cathuighthe. "Cé hé do scéalaí?" arsa fear an chaifí. "Fear an phuist," arsa Ólsiar. "Níor tháinigh aon fhear puist annso le seachtmhain. Imthigh leat anois i mbun do ghnó agus ná bí ag baint iarracht mhagadh asam-sa." "Tá galar uathbhásach tar éis teacht ar an mbaile agam agus tá mo chuid ban go léir ag fagháil bháis." Bhí Ólsiar sa mbéice arís agus é á rádh so. Abair le Díothal teacht annso chugham," arsa fear an chaifí. Tháinigh Díothal. "A Dhíothail," ars an fear, "is ó'n áit chéadna duit-se agus do Ólsiar. Innis dom an iomdha bean a ghabhann leis?" "An iomdha bean ag gabháil leis! Ní'l bean sa n-áit a chaithfeadh súil leis dá dtógfadh sé ó'n mbás í. B'fhearr leo a bheith ag féachaint ar Sheog Adhtaim." Stad Ólsiar de'n mbéice. "Féach," ar sé, "tá sé chómh maith agam dul ar an bhfírinne. Tá me le dhá mhí gan a bheith ar meisce, agus is dóigh liom gur gairid dom an bás nó rud éigin níos measa má bhím níos sia. Badh bhreágh liom dul in áit éigin as so ar feadh scathaimh agus mo dhóthain d'ól ar mo shuaimhneas. Ní bheinn ag cur isteach ná amach ar aoinne annsin." "Ní bheifeá is dócha. Bhoil, ós mar sin atá an scéal agat, tabharfad-sa céad púnt duit agus fáilte. Acht
cad mar gheall ar Sheog Adhtam? Ní dhéanfadh sé dada do aoinne acht duit-se." "Mhuise, faid ar do shaoghal," arsa Ólsiar. "Ní bhead uait acht deich lá gan mhaith agus geallaim duit nuair a thiocfad thar n-ais go ndéanfad-sa agus Seog Adhtam cion beirte." Scaoil sé liúigh as annsin agus d'fhreagair Seog é agus tháinigh chuige ó pé áit a raibh sé. "Mo ghrádh deoil thú! Chugham anoir agus aniar thú, a Sheog! Is tusa ná feicfeadh duine a mbeadh braoinín ólta aige i mbaoghal. Anois, a chuaille nirt, eist liom." Shín an t-eilipheaint a shrón mhór amach díreach mar a bheadh sé ag cur cluais le h-éisteacht air féin. "Táim ag dul as baile," arsa Ólsiar. Las solus neamh-choitchianta i súile an eilipheaint; shíl sé go mbeadh sé féin ag fagháil saoire leis. "Acht féach, a Sheog, caithfidh tusa fuireach sa mbaile agus do chuid oibre a dhéanamh; ní bheadh aon ghnó díomhaoin agat." D'imthigh an solus ó shúile Sheog de'n iarracht sin. Bhí an ghráin aige ar a bheith ag stracadh na mbun gcrann agus na bpneuc a bhí sa bhfásach. Bhí a chíor-fhiacal ag teacht caithte ó'n obair. "Anois, a chumainn agus a stóir mo chroidhe," arsa Ólsiar, "táim le bheith as baile go cionn deich lá. Tabhair dom an choisín seo is giorra dhom anois agus déanfad níos cruinne ar an gcomhaireamh tú." D'árduigh Ólsiar an ceap coise úd agus thug sé deich mbuille sa n-iongain do Sheog. Chrom an t-eilipheaint ag dranntán agus é ar ball-chrith. "Ar feadh deich lá, tá sé ort a dhéanamh mar a dhéarfaidh Díothal annso leat. Beidh an obair chéadna ort. Gheobhair Díothal a bhogadh anáirde agus é leagaint ar bhaic do mhuiníl."
Bhain Seog casadh as a shrón de'n iarracht sin. Leag Díothal a chos isteach sa chor a bhí 'na bharr agus d'arduigheadh anáirde go deas simplidhe ar ghualainn Sheog é. Bhuail Díothal le buille de'n mbata iarrainn a bhí aige é; acht má bhuail, chuir Seog sraoth as. "Eist, anois, a Rí an Fásaigh," arsa Ólsiar, "táim-se ag cur díom anois agus cuimhnigh gurb é Díothal an maighistir a bheidh ort go gcasfad. Déin mara dhéarfaidh sé leat nó beidh thiar ort. Tabhair dom póg, anois, a phlúr na n-eilipheant. Nár fheicidh tú galar ná contabhairt go gcasfad-sa ort. Bí macánta deas anois." Chas Seog Adhtam a shrón thimcheall ar Ólsiar agus d'árduigh sé fé dhó de'n talamh é. Sin é freagra a bhí aige dho. "Déanfaidh sé an obair duit," arsa Ólsiar le Díothal, "acht ná bí grána leis." D'imthigh Ólsiar leis agus chuaidh Seog agus a thománaí i mbun a ngnó. Fear deas ciallmhar ba eadh Díothal agus ní raibh sé dian ar Sheog. Acht ba chuma le Seog deas nó grána Díothal, ná é féin díomhaoin nó dícheallach. D'airigh sé uaidh Ólsiar agus is é bhí uaigneach 'na diaidh. Ba mhinic a thugadh Díothal cístí agus rudaí deasa an domhain do, agus nuair a theidhdís abhaile tar éis an lae thagadh páistí Dhíothail agus a bhean agus bhídís ag sugradh le Seog agus ag tabhairt gach aon ainm dheas air — "A Sheoigín, a stóirín," agus mar sin. Acht ba bheag ar Sheog mná ná páistí. Ní raibh uaidh acht a mhaighistir féin agus bhí sé sin ar iarraidh. Níorbh' shuairc do go mbíodh sé ar meisce agus 'na chodla idir a chosa. Níorbh' dheise leis é á phógadh ná á bhualadh. Agus 'na dhiaidh sin bhí sé ag cur iongantais ar Dhíothal, a fheabhas a bhí sé ag obair.
Tháinigh an t-aonmhadh lá déag. Gabhadh Seog Adhtam fé n-a chuid téada agus slabhraí chum dul ag obair acht b'fhada ó'n a chroidhe agus ó'n a aigne bhí an obair. An t-aonmhadh lá déag! Thug sé féachaint thimcheall air féin. Bhain sé crothadh as féin agus as a chosa móra, agus as leis go deas mín réidh mar a bheadh gnó in áit éigin aige. "Hé! Stad! Fan!" arsa Díothal, as aoirde a chinn. "Tair thar n-ais agus cuir anáirde ar do mhuinéal me a phlubaire!! An airigheann tú me? Hé!! a phéarla na coille!!" Dhein Seog Adhtam sraoth bheag a chur as acht níor dhein aon stad. Rug Díothal ar bhlúire téide. Rith sé agus chaith sé le Seog é. Stad Seog agus thug Díothal fé ndeara go raibh a chluasa á ndíriughadh amach aige, agus thuig sé an bhrígh a bhí leis an gcleas sin. "Geireabhait," arsa Seog Adhtam, agus níor bheag sin do Dhíothal. Is maith a thuig sé an focal sin agus na cluasa. Chuir Seog (mar adéarfá) a lámha 'na phócaí. Chuir sé géag mhór 'na bheal díreach mar a bheadh sé ag pioca a chuid fiacal léi. Shiubhal sé go deas réidh ag gualáil ó thaobh go taobh mar scoth. Bhí sé mar a bheadh sé ag magadh fé n-a chompánaigh — na h-eilipheaint eile — a bhí ag obair go dian. D'innis Díothal do fhear an chaifí cionnus mar a bhí an scéal ag Seog. "Tabharfaimíd an bualadh is fearr a fuair sé riamh do," ar sé sin. "Ní féidir le h-aon fhear eilipheaint a bhualadh i gceart," arsa Díothal. "Bíonn cuid aca a bhristear
chum smacht a chuir ar chuid eile acht is le slabhraí a dhéintear sin agus ní le bualadh." Fuaireadh dhá cheann des na h-eilipheaint seo. Cuireadh na slabhraí orra agus scaoileadh go dtí 'n cheann a bhí ar stailc oibre iad. Níor buaileadh ná níor raobadh Seog riamh le slabhra iarrainn agus níor dhóichighde go ndéanfaidhe an iarracht so i gceann a dhathad blian thall do. D'fhan sé 'na sheasamh tamall ag féachaint orra, é ag corruidhe an chinn a bhí air anonn agus anall. Is amhlaidh a bhí sé ag faire ar a amas agus nuair a fuair sé é, chuir sé stara mór fiacla a bhí aige in achrann i gclíathán chinn aca. Nuair a chonnaic an ceann eile sin thug sé a bhóthar air, agus ní ró-fhada bhí an ceann eile 'na dhiaidh. D'fhágadh Seog in' aonar, na cluasa a bhí air díreach amach roimhe i gcomhnuidhe. Chaith fear an chaifí leagaint lúib. Ní raibh aon mhaith a bheith ag pléidhe le Seog. Bhí saoire cheart ag Seog ar feadh an lae sin. Ní leomhfadh duine ná daonaidhe cur isteach ná amach air. Acht le dul fé na gréine tháinigh sé go dtí bothán Dhíothail ar thóir rud éigin le n-ithe. "Dar fiadh féin," arsa Díothal, "ní bhfuighidh tú greim ó aoinne annso dá gcaillfidhe thú. Má tá leisce ort aon rud a dhéanamh aireochaidh do bholg é. Is olc an tógaint a fuair tú a Sheog. Imthigh leat anois agus solátharaigh duit féin." Bhí páiste le Díothal sínte ar an úrlár agus é ag síneadh amach a láimhín dtí 'n ainmhidhe a bhí ag féachaint isteach air. Bhí fhios ag Seog Adhtam gur mhór ag Díothal an páiste. Chuir sé cor beag amuigh ar bharr a shróine Sín sé isteach an tsrón Rith an páiste d'iarracht ar an tsróin le h-áthas agus le luathgháir. I nóiment na h-uaire bhí an páiste ag gol is ag grágalladh san aer. Bí sé dhá troigh déag anáirde ó'n a athair.
"Ó! a Rí an Fhasaigh agus na n-ainmhidhe," arsa Díothal, "tabharfad duit dhá chíste déag de chístí deasa milse a bhfuil dhá throigh ar leithead i ngach ceann aca, agus iad ag fiucha le rum. 'Na dteannta sin tabharfad duit dhá chéad púnt de shiúicre an chána a bhaineas ar maidin. Tabharfad duit ar an bpaiste seo iad acht amháin go leagfaidh tú anuas chugham an dailtín beag suarach sin ná fuil sa saoghal agam féin acht é." Leag Seog an páiste ar an talamh agus chuir sé idir a dhá chois é. Nuair a bhí a chuid caithte aige leig sé don bpáiste sleamhnú' leis amach ón a dhá chois. Rith an mháthair amach i gcoinne an pháiste, agus sceon innte. Chrom sí á phógadh agus á uchta. Thug sí léi an páiste agus d'fhan Seog mar a raibh sé. Tháinig diúdarnghail chodlata ar Sheog. Ní mórán codlata a bhíonn ó eilipheant. Dhúisigh sé i lár na h-oidhche. Rith sé leis gurbh' amhlaidh a bhí Ólsiar ar meisce agus go raibh sé ag dul amugha sa choill, nó béidir 'na chodla in áit éigin uaigneach agus gan aoinne beo aige chum féachaint air. Níor stad sé ar feadh na h-oidhche acht ag briseadh agus ag straca trí scotharnach na coille, agus ag búirthe agus ag bladhma. Tháinigh sé go dtí bruach na h-abhann mar a dteidheadh sé féin agus Ólsiar ar snámh. Chrom sé ag búirthe ann acht ní bhfuair sé aon fhreagra. Ní raibh Ólsiar le fagháil in árd ná i n-íseal. Bhí sé ag gol agus ag béice ar nós leinbh. Le breaca an lae bhuail Ólsiar port. Bhí an-dheithneas air mar bhí fhios aige go raibh sé lá déanach. Bhí fhios aige an saghas mianaigh a bhí in Seog agus is air a bhí an t-áthas nuair a chonnaic sé bothán Dhíothail mar a raibh sé i gcomhnuidhe agus tigh fir an chaifí na sheasamh. "Glaoidh ar an ainmhidhe sin," arsa fear an chaifí
leis. "Tá sé ag imtheacht fiadhain ar feadh na h-oidhche, agus ní dhéanfadh sé pioc de mhaitheas an tsaoghail indé. Tá sé ag ithe a bhreacfast anois." Ghlaoidh Ólsiar air. D'airigh Seog é. Tháinigh sé de rith chuige. Fé raibh fhios ag Díothal go raibh Seog imthighthe bhí sé ag dorus tighe fir an chaifí. Chrom sé ag luathgháir le h-Ólsiar agus ag búirthe le h-áthas. Bhíodar araon mar a bheidís ag gol le h-áthas; iad ag cimilt agus ag láimhseáil a chéile ó bhonn go bathas féachaint a mbeadh aon díoghbháil déanta do aoinne aca. "Tá sé chómh maith againn dul ag obair. Siubhail leat a Shíoda na n-Eilipheant," arsa Ólsiar. As leo araon ar thóir na mbun gcrann arís. Ní raibh sé d'uain ag fear an chaifí bheith feargach, bhí a leithéid sin de iongantas air.
LEIGHEAS AN BHÁIS. NUAIR d'airigh an garsún a bhí tinn ar an leaba glór an bhata croise ar an staighre agus é ag brughadh leis aníos d'oscail sé a shúile agus d'fhéach sé thimcheall an tseomra. Bhí deallradh an-cholgach air. Bhí a aghaidh chómh dearg le silín ag an ngríos a bhí uirre agus féachaint mhillteach 'na shúile. Bhí a dhealbh agus é féin an-thannaidhe, mí-chreatalach ag an bhfiabhras a bhí sé tar éis gabháil tríd. Bhí seachtmhain de'n bhfiabhras curtha dhe aige, agus é de dheallradh air gurbh' é an doicheall agus an ghráin ba rogha leis. Bhí a mháthair 'na suidhe cois na teine. Ghlaoidh sé uirre agus adubhairt: "Ná scaoil isteach é! Ná scaoil isteach é! Ní thaithnigheann sé liom é fheicsint! Coimeád as mo radharc é! Ó! ná leig —"agus bhain sé casadh — únfairt bheag — as féin d'iarraidh an chlúdach a chaitheamh de. Rith a mháthair chuige agus rug sé le n-a dhá láimh ar a láimh. "An airigheann tú me, a mham?" ar sé; "ná leig isteach é! Ó! ná leig — "agus ní bhfuigheadh sé a thuille a rádh; bhí sé i riocht é féin a mhúchadh. Chrom an mháthair á bhréagadh agus ag déanamh taithnimh do d'iarraidh é stuamú. "Ní leigfead, a mhaoineach," ar sí, "duine ná daonaidhe id' ghoire ná id' ghaor. Ní baoghal go bhfeicfir é. Cuirfidh mise amach é sin; amach an dorus, anois díreach. Ní thiocfaidh aoinne isteach annso chughat-sa, a leinbhín, acht mise — do mháithrín féin," agus chimil sí a aghaidh go deas, mín, aireach, le blúirín de cheirt. "An bhfuil tú sásta anois? Mo leinbhín-se é sin," ar sí.
"Anois! Anois! Cuir amach é," ar sé; agus tharraing sé lámh a mháthar anuas ó'n a aghaidh, agus d'eirigh ar a leath-chlíathán chum í chur uaidh go dtí 'n dorus. Acht ní raibh sé de neart 'na uillinnín é choimeád anáirde agus thuit sé thar n-ais go faon. Ní raibh aon dul uaidh ag an mháthair; chaith sí dul go dtí 'n dorus agus é d'oscailt. D'oscail sí go mall é agus chonnaic sí leath-ismuigh de'n dorus a leas-mhac. Bacach grána ba eadh é. Bhí an ceann a bhí air ró-mhór dá cholann chlaoidhte agus dá ghéaga laga caola. Ní raibh óige ná áilneacht ann. Ní bheadh fhios ag duine 'dé 'n aois a bhí aige. Bhí gruaig a chinn chómh bán le folt sean-duine chian-aosta. Ba ghrána gach ball dá bhallaibh acht amháin a shúile. Bhí dhá shúil mhóra ghlasa 'na cheann agus iad ag rinnce agus ag lasadh fé n-a bhfabhraí agus fé n-a malaí mí-néata. Dhein sé ar a aghaidh isteach agus dhruid sé treasna an tseomra. Nuair a chonnaic sé an fhéachaint mhillteach, mhalluighthe a bhí ag an othar air, stad sé. Ní leomhfadh sé do féin dul níos sia. Bhí an chos bhacac ní ba ghiorra ná an chos eile agus bhí sí tógtha rud beag ón talamh agus í ag luascadh anonn agus anall. Níor chuir sé focal beag ná mór as mar balbhán ba eadh é. "Cad tá uaidh annso, a mham?" ars an buachaill sa leaba. "Cuir amach go mear é! Amach leis an gcláiríneach grána sin!" arsa Domhnall arís, le n-a mháthair. Thuig an cláiríneach — Liam dob' ainm do — an méid seo cainte. Leag sé a shúile móra glasa chómh aithiseach, chómh brónach sin ar a leas-mháthair gurbh' olc léi é chur amach as an seomra. Chuir sé a chruisín fé n-a oscail agus bhagair sé a mhéar ar an gcófra mór 'na mbíodh an t-arán agus, an t-annlan. B'fhuirist a aithint air
gurbh' é an t-ocras ba namha do. Le neart crostachta agus cancar agus searbhas ní bhfuigheadh Domhnall fuireach socair. Thosnuigh sé arís: "Ná tabhair aon rud do. Cuir amach é!" Chrom Liam a cheann agus lúb sé é féin nuair a chuir a leas-mháthair a lámh ar a ghualainn. Tháinigh na deora ó'n a shúile agus d'imthigh sé amach go ciúin. Nuair a dúnadh an dorus 'na dhiaidh chrom sé ag osnghail go truagh-mhéileach, agus d'réir mar a bhí an t-ocras agus an t-uaigneas ag luighe air do mhéadaigh ar a liúigh agus ar a scread. "Chum mise a chrádhadh thagann sé mar sin," arsa Domhnall le n-a mháthair, "agus anois an airighir é?" agus lean sé air ag caint mar sin go raibh an bhean bhocht cráidhte céasta agus go raibh deire na foidne caithte aici. D'eirigh sí de phreab agus d'oscail sí an dorus d'urchar. Bhí an balbhán agus a ghlúin i gcoinne an doruis aige agus thuit sé isteach leis an dorus. Chrom sí ag gabháil air gan truagh gan taise. An fhaid a bhí sí á bhualadh bhí Domhnall ar a ghroga sa leaba agus é ag bualadh a bhas agus gach aon "Arís! Arís!" aige, díreach mar a bheadh sé dá mbeadh cluithche nó cleas éigin greannmhar ar siubhal. Ní fheadar Liam cionnus a dhein sé an tsráid. Bhí meabhrán 'na cheann ó'n ngreada a thug a leas-mháthair do. Bhí géire an ocrais air leis mar ní bhfuair sé aon ghreim le n-itheadh, acht fo-ghreim, leis an dá lá roimhe sin, bhí a leas-mháthair chómh gleithireánach sin thimcheall an leinbh a bhí tinn. Is ar éigin a bhí sé in iúil ar a bhata croise a chur fé. Tráthnóna breágh gréine a bhí ann. Bhí an tsráid dubh le páistí a bhí ag triall a bhaile ó'n scoil — iad ag sugradh leo agus ag imirt a gcuid cleas beag
dóibh féin. Ghabh scata aca thar brághaid — iad ag sciotghail agus ag gáire mar is gnáth le buachaillí 'na n-aois. Chonnacadar an balbhán agus é d'iarraidh goid as an tslighe uatha isteach i gcúinne éigin. Chuadar chuige. "An cláiríneach! An t-amadán!" arsa ceann aca, agus rith na focail i mbéal gach duine aca gur bhailigheadar go léir thimcheall air. "An cláiríneach!! agus bhíodar á phiocadh agus á ghiobadh agus ag pléidhe leis an mbata croise agus le n-a cheann mór agus leis an gcois ghairid. Ba é deire bhí ar an scéal ná gur rug ceann aca ar bhata croise leis agus rith sé leis. Lean an chuid eile é. Ba bhocht é cás an chláirínigh bhoicht. Ba é an t-ocras ba mhó a bhí ar aigne aige; bhí an t-ocras go millteach air. "Rud éigin le n-itheadh," ar sé leis féin. "Raghad ag iarraidh déirce in áit éigin." Ba mhilis é bolath an aráin te bacaera a bhí ag teacht ar an ngaoith chuige ó'n mbácús a bhí ar chúinne na sráide. Ba mhór an cancas é. Bhí uisce ag teacht le n-a fhiacla. Bhí an lá ag teacht caithte. Bhí an ghrian ag dul fé thiar, agus cúpla réilthín á dteasbáint féin ar an spéir a bhí gan scamall gan smúit. D'eitil fo-éinín go ciúin mall os a chionn anáirde. Bhíodar ag dul ar thóir a suaimhnis. Bhí sé d'iarraidh a bheith ag snámh leis ar an mbóthar acht bhí an t-ocras ró-dhian sa troid leis agus chaith sé stríocadh. Ba bheag nár chuaidh sé i laige. "Gheobhaidh me bás leis an ocras," ar sé, in a aigne féin, "muna bhfuighidh me greim éigin le n-itheadh." D'airigh sé clog an tséipéil á bhualadh. Dhein sé boga beag go righin (mall) duadhnaoiseach d'iarracht ar an séipéal. Shrois sé é. Bhí an dorus oscailte. Dhein
sé ar a aghaidh isteach. Bhí an séipéal dorcha mar ná raibh aon solus lasta acht amháin léas bheag a bhí ós na coinnle a bhí thimcheall na h-altórach. Bhí sé ag fagháil bolath na cumhrachta agus bolath na mbláth. Shuidh sé. Bhí sé idir a bheith 'na chodla agus 'na dhúiseacht nuair d'airigh sé an duine ag seint ar an oragán. Thosnuigh an ceol go ciúin agus go caoin agus go bog binn — é ag líonadh agus ag borradh, ag dul in aoirde in áit a chéile go dtí gur líon foghar agus fothram an cheoil an séipéal go léir. Dhein sin tógaint croidhe do Liam. D'imthigh an pian de. Ghuidh sé go dúthrachtach chum Dé. Tháinigh an chór cheoil isteach. D'eirigh geoin cheoil. Bhain so corruidhe eile as Liam. Thosnuigh na daoine ag teacht isteach go mear 'na mbeirt agus 'na dtriúr. Dhruid Liam anonn go dtí 'n dorus agus shín sé amach a lámh acht tháinigh mántas air agus tharraing sé siar arís í agus chuaidh thar n-ais mar a raibh sé. Chonnaic sé a leas-mháthair agus a sean-chlóca dubh uirre. "Dá raghainn abhaile anois," ar sé "b'fhéidir go bhfuighinn blúirín beag éigin a íosfainn; acht ní mór dom deithineas a dhéanamh mar ní fada bheidh sí annso." D'imthigh sé chómh-mear agus bhí aige agus le neart an deithinis a bhí sé a dhéanamh bhí gach aoinne ar an tsráid á thabhairt fé ndeara. Tháinigh sé fhaid leis an tigh. Shleamhnaigh sé anáirde an staighre. Bhí dorus an tseomra fé ghlas acht fuair sé an eochair mar a mbíodh sí i bhfolach agá leas-mháthair agus í amuigh. Fér chuir sé an eochair i bpoll an ghlais chonnaic sé go raibh an lampa ar lasa ar an gclabhar os cionn na teine agus go raibh Domhnall ag cur codla dhe, agus go raibh a chúl leis an dorus.
"Ní fheadar an bhfuighinn teacht ar bhlúirín aráin gan é dhúiseacht?" arsa Liam leis féin. Chas sé an eochair go h-aireach. Níorbh' fhiú a rádh gur tharraing sé a anáil agus é á dhéanamh: bhí a léitheid sin de sceimhle air. Sheasaigh sé i gcoinne ursa an doruis. Bhí a chroidhe ag bualadh agus eagla a chroidhe air go raibh an glór a bhí sé a dhéanamh ar fuaid an tighe go léir. Acht tháinigh misneach do mar gheall ar an bpráidhinn a bhí air agus d'éaluigh sé treasna an úrláir. Bhí srantarnghail bheag á dhéanamh ag Domhnall. Ní raibh aon deallradh dúiseachta air. Nuair a tháinigh Liam go dtí 'n chófra stad sé. Tháinigh crith-eagla eile air… Chuir sé a bhata croise i dtaca agus dhein sé iarracht ar an gcófra d'oscailt. Bhí an clúdach a bhí air ró-throm do, agus bhí sé d'iarraidh gan aon ghlór a dhéanamh. Acht dá mhéid é a chuid aire dhein sé glór. Dhúisigh Domhnall de gheit. Nuair d'oscail sé a shúile chonnaic sé an leas-dritheáir agus an obair a bhí ar siubhal aige. Scread sé agus scread sé. Annsin dhein Liam sár-sheift ar dhul i bhfeidhm ar an gcófra. Badh chuma leis Domhnall 'na chodla nó 'na dhúiseacht. Bhí sé cromtha treasna clíatháin an chófra agus an scréacha agus an gleithireán chómh mór sin ag déanamh mearthail do nár airigh sé Domhnall ag teacht amach as an leaba. Tháinigh agus shuidh sé anáirde ar chlúdach an chófra. Bhí an cláiríneach ag lapadáil leis féachaint an dtiocfadh blúirín aráin fé n-a lámha, acht ba thúisce tháinigh an clúdach ar a mhuinéal. Bhí an clúdach agus Domhnall ró-throm mar ualach anuas air. Ní raibh aon teacht ó'n ualach aige. Bhain sé cúpla únfairt as féin mar a dhéanfadh beithidheach allta a bheadh i bpranc, acht ní raibh aon mhaith dho ann. Is beag ná raibh sé 'na gheilt
le neart péine agus fulaing. Bhí Domhnall sa tslighe chéadna. Ní fheadar sé cad a bhí sé dhéanamh. D'fháisc sé an clúdach le n-a lán neart anuas ar Liam. Luigh an clúdach agus faobhar clíatháin an chófra chómh mór sin ar mhuinéal an chláirínigh gur tachtadh é Thuit sé 'na chorpán maol marbh gan chor, gan anam ar an úrlár. Nuair a chonnaic Domhnall cad a bhí déanta aige d'eirigh a chroidhe air. Tháinigh scáth, gráin agus eagla air. Chaith sé é féin isteach sa leaba. Dhein sé ceirtlín de'n chlúdach thimcheall air féin. Ní raibh le h-aireachtain sa seomra acht a chuid fiacal ag bualadh agus ag cnagadh ar a chéile… Bhí an mille déanta.
AN GRÁDH AGUS AN T-AIRGEAD. PÉ rud a bhí ar Thomás léan ní raibh sé sásta le n-a shaoghal, agus dar ndóigh badh cheart go mbeadh. Bhí an Traoití socair; deire le cogadh; bhí cead aige a uain a thógaint, agus cead aige luighe go sámh ar a leabaidh féin seachas a bheith fé thóir agus i mbaoghal a mharbhtha ar fuaid na dúithche. Níor chóir go mbeadh aon mhí-shástacht anois air mar is é bhí go slán folláin tar éis na troda go léir. Ní raibh cos ná lámh leis briste ná brúighte agus in' fhochair sin fios aige go raibh cion fir déanta aige. Acht bhí rud éigin neamh-choitchianta tar éis teacht air. Ní raibh sé leath ná trian chómh geal-gháireach agus bhíodh sé. Cúpla bliain roimhe sin nuair a bhíodh sé féin agus Páidín Traoin i bhfochair a chéile ní bhíodh lag orra acht ag feadghail agus ag amhrán agus ag déanamh suilt agus sughchais ó mhaidin go h-oidhche. Acht béidir go raibh rud éigin sa scéal. Ní mar a cheile duine a bhíonn pósta agus duine ná bíonn. Bhí bean ag Páidín agus ní raibh ag Tomás. Fonn pósta a bhé ar Thomás. An tráthnóna so agus é sa mbaile bhain sé an ceann de'n scéal. "Ní'l aon deallradh orainn annso, a athair," ar sé. "Mise agus tusa sa tigh seo agus gan aoinne againn a thabharfadh cupán té dhúinn ar maidin ná a bheirbheochadh práta dhúinn um eadthrath. Ní'l aon deallradh ar bhothán tighe gan bean éigin a bheith ann. Nár mhór an suaimhneas agus an socracht dúinn-ne araon é dá mbeadh bean i mbun an tighe seo. Bad mhór an mhaise ar an tigh é agus badh mhór an congnamh tighis leis é." Lean sé air mar sin ag caint. I ndeire, ar se, "Ní fheadar an mbeadh aon deallradh ar Mháirín Thaidhg?"
"An í inghean an ghabhann thiar?" "'Sí, airighim gur cailín an-mhaith í." "Eist; 'dé mhaith í? Ní'l pingin ruadh 'na seilbh sin. Cad déarfá le inghean Cháit Bhreathnach. Sin cailín a bhfuil gaois is gastacht innte agus a bhfuil deallradh agus dath uirre." "Bhoil," arsa Tomás, "tá sé chómh maith foidne bheag a bheith againn agus iarracht a thabhairt ar an rud is fearr a dhéanamh." Chuaidh an bheirt a chodla annsin. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh Tomás i mbun a chuid oibre. Ag treabhadh bhí sé an lá so. Ní raibh lag air ar feadh an lae acht a maranna agus ag síor-mharanna. Pioc suime ní raibh aige sa treabhadh. Ba chuma an céachta i dtalamh nó as an talamh, an drae mairg a chuireadh sé ar Thomás go dtagadh sé go dtí an chinn-fearainn. Sin é an uair a chaitheadh sé é féin dá mharanna. Bhaineadh sé casadh as na capaill agus níorbh' luaithe chum siubhail iad ná Tomás ar a mharanna arís, go dtí go dtagaidís go dtí an chinn-fhearainn eile. Bhí na laetheanta á gcaitheamh agus Tomás ar an inntinn chéadna i gcomhnuidhe. Bhí daoine a rádh go raibh sé ag teacht rud beag ait ann féin, acht badh chuma leis cad a bhí daoine a rádh. Is é an rud ba mheasa leis acht go raibh sé ag cailleamhaint a ghoile, agus ní fheadar sé 'dé chúis. Aon uair a thráchtfadh sé ar ainm Mháirín le n-a athair ní éisteochadh an t-athair leis. Bhí sin ag luighe an-mhór air mar is maith a bhí fhios aige go raibh Máirín go deas mín mánla agus gurbh' dheise míle uair i dtigh í ná an inghean strolúsach dúr dána a bhí ag Cáit Breathnach. Bhí an t-airgead ann gan aon amhras. Ba é an t-airgead an fhadhb. Ní fheadar
an raib aon réidhteach le déanamh in aon tslighe bog na cruaidh ar an scéal! An mhaidean so bhuail sé amach dtí tigh na mbó ag féachaint ceann des na ba a bhí tinn, agus cé chífeadh sé amuigh roimhe ná a athair. Bhí sé ar a ghlúine agus é ag cur bosca éigin a bhí na láimh aige i dtalamh. Nuair a bhí an bosca i dtalamh aige leag sé cúpla clár anuas ar an áit 'na raibh sé. Níor leig Tomás aon rud air. D'fhan sé go raibh an t-athair imthighthe a chodla an oidhche sin. Chuaidh sé go dtí an chúinne. Thóg sé an tuighe agus na cláracha agus thóg sé aníos an sean-bhosca beag as an bpoll. D'oscail sé é. Nótaí ar fad a bhí ann. Chuaidh sé go dtí an dorus le h-eagla go mbeadh aoinne thimcheall. An drae duine. Shuidh sé síos ar a shuaimhneas ar an tuighe agus chomhairimh sé na nótaí ó cheann go ceann. Trí chéad púnt! Chomh- airimh sé arís iad. An comhaireamh céadna bhí ionnta. Dhéanfadh an méid sin bráca beag tighe a thógaint do agus bheadh an oiread fágtha agus a cheannochadh rudaí beaga oireamhnacha eile do. Agus annsin, Máirín — Seadh! Dá mbeadh an méid sin ag Máirín ní fheadar an bhfuigheadh sé — an ndéanfadh sí —? Theaghmhaig sé féin agus Máirín le n-a chéile an oidhche 'na dhiaidh sin. D'innis sé a scéal di. Ní bheadh aon bhaint aici leis an airgead. "Ní bheadh lá de'n rath orainn," ar sí, "dá mbeadh aon lámh againn in airgead mar sin." Bhíodar ag caint agus ag caint mar gheall ar an scéal gur dheineadar socrú beag eatorra féin. Ní raibh aon ghealach ann agus níor bhaoghal dóibh súile aoinne. Is ar Thomás a bhí an t-áthas an oidhche sin gan a fhios don saoghal. Ní ró-mhinic a bhíodh triall an athar ar an mboiscín.
Ní theidheadh sé 'na ghoire go dtí go mbíodh rud éigin aige le cur 'na chionn. "In áit a chéile a thógtar na caisleáin," adeireadh sé. Tháinigh lá aonaigh agus dhíol sé seafaid agus pé pingin a fuair sé uirre tháinigh sé abhaile léi lom díreach agus dhein sé ar an mboiscín. D'oscail sé é agus cad a bheadh acht é follamh. Dóbair go bhfuigheadh an fear bocht bás. Níor fhan tarraingt na h-anála ann. Nuair a tháinigh sé chuige féin d'fhéach sé thimcheall an bhotháin. Thug sé fé ndeara go raibh cúpla cearc a bhí aige imthighthe leis. Rith sé amach ar an mbóthar agus chrom sé ag féachaint soir siar agus ó dheas mar a bheadh duine a bheadh as a chiall. Acht cearc ná airgead ní raibh le feicsint aige, pé bitheamhnach a bhuail fútha. Ní raibh aon rud fágtha aige acht an boiscín agus é folamh. D'innis sé a scéal dá mhac. Má innis d'eirigh Tomás chuige. "Féach anois, cá bhfuilmíd," ar sé. "Cá bhfuil an mhaith dhuit bheith ag cuimhneamh ar chleamh- nas a dhéanamh anois le inghin Cháit Bhreathnach — ná fuil fhios ag an saoghal anois ná fuil pingin ruadh 'nár seilbh — go bhfuil sé imthighthe gan tásc gan tuairisc? Is baoghlach go bhfuil deire le pósadh agus gach aon rud anois.". Ní raibh focal olc ná maith le rádh ag an bhfear bocht. "Caithfead bheith sásta le Máirín Thaidhg agus ní fheadar-sa an ngeobhaidh sí liom anois; ní dóigh liom go ndéanfaidh; tá sé dian má thagann sí isteach annso." "Ní thiocfaidh — amáireach! Badh chóir di a bheith ag rith chughat." "Tá do chaint go breágh agat. Cuimhnig ná fuil an scéal chómh maith agus a bhí sé. Ná fuil dhá chéad púnt spré le fagháil le Máirín ag aoinne a dtuitfeadh sí leis." "Dhá chéad! Cá bhfuigheadh sí é? Acht 'na dhiaidh sin
bhí an t-athair baileach sanntach. Ní raibh sé riamh caithteach." 'Sé deire bhí ar an scéal ná go raibh an buaidh ag Tomás. Chuaidh an t-athair go dtí Tadhg gabha, agus ba mhór é a mhaoidheamh as an talamh agus an stoc a bhí ar an talamh aige. Níorbh' fhiú gaoth i mbéal duine an cúpla púnt a goideadh. "Bhoil," arsa Tadhg leis, "má tá tusa sásta ar Shean-Chluain a thabhairt uait, táim-sé sásta ar dhá chéad púnt a leagaint ar bhais Mháirín — sin a bhfuil agam le rádh sa scéal." Socruigheadh an scéal ar an láthair. I gcionn mí ón lá sin, bhí pósadh thuas sa séipéal. Máirín agus Tomás an lánamha. Agus i gcionn na h-oidhche bhí an cóisire ar siubhal. Muna raibh ceol, spórt agus aoibhneas ar siubhal ní lá fós é. Ar maidin agus an gleithireán caithte, pé rud a ruaig do'n sean-duine bualadh amach go dtí tigh na mbó chuaidh agus chrom ag cur tóir ar an mbosca arís chum é dheisiú'. Fuair sé caithte sa chúinne é agus é leath-lán de rud éigin, Chaith sé amach as pé rud a bhí ann agus cad a bheadh ann acht na nótaí. Is ar éigin a chreid sé gurb iad a gheobhadh a bheith ann. Chomhairimh sé iad. Bhíodar go léir ann — fiú an sean-nóta beag stractha deich scillinge a fuair sé 'na dhearmhad lá an aonaigh. Theasbáin sé do Thomás iad. Pioc iongantais ní raibh ar Thomás. "Is dócha ná raibh a fhios agat cá raibh sé i bhfolach agat," ar sé. "Masa," ars an t-athair, "ní h-é sin ar aon chor é, acht is maith an rud nár scaip na cearca é agus ná
fuair na bitheamhnaigh a bhí annso ar feadh na h-oidhche é. Is maith a scaramair orra!!" Dhéarfainn féin gurbh' í Máirín ba chionntach leis an airgead a chasadh mar ná raibh uaithe acht an cleas d'imirt. Dhéarfainn leis go raibh sé d'fhonn ar Thomás an t-airgead a choimeád acht ná leigfeadh sí do é dhéanamh. Ar an dul sin ní ro-throm an peaca a bhí aici le h-innsint 'na faoisidín. Cár chuma le Tomás é choimeád nó gan a choimeád? Bhí an té bhí uaidh aige agus badh bheag air aon rud a dhéanfadh sé dhi. Acht an duine eile úd — Inghean Cháit Bhreathnach — í siúd a raibh an t-airgead aici —!!!
CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE. LÁNAMHA a bhí ann uair agus bhí ceathrar mac aca. An fhaid a bhí an murar ag eirghe suas ní fhuair an t-athair agus an mháthair mórán duadh le n-a dtógaint, acht nuair a tháinigh ionnta bhí an saoghal ag teacht ganchúiseach orra, mar bhí an áit a bhí aca ró-bheag agus ní raibh aon rud le déanamh aca. Bhraith na garsúin féin é sin mar bhí tuiscint ionnta. Chuireadar a gcinn le n-a chéile agus d'aontuigheadar ná raibh aon deallradh dhóibh bheith caithte sa bhaile ag brughadh ar a chéile, gur bh'fhearr dhóibh dul in áit éigin as baile agus dul i mbun soláthair dóibh féin. An oidhche bhí 'na gceann chuaidh an ceathrar aca go dtí a n-athair agus d'innis- eadar a scéal do. Ba leasc leis aon fhreagra a thabhairt orra mar níor rith sé riamh leis go mbuailfeadh a leithéid d'fhonn iad. Acht, ar an taobh eile de'n scéal, ba leasc leis aon bhac a chur orra, mar is mairg a chuirfeadh isteach ar dhuine 'na shaoghal. "Bhoil," ar sé, "níor thuar me a leithéid sin de chor díbh agus má imthigheann sibh is uaigneach a bhead-sa 'nbhur ndiaidh. Acht ós toil libh imtheacht, ní bheidh sé le casadh agaibh choidhche liom gur bhacas bhur leas díbh. Tá fhios agaibh gur mhaith liom go maith sibh agus tá gach aon choinne agam nach imtheacht gan chasadh dhíbh é agus go gcuimhneochaidh sibh orm i gcomhnuidhe. Tá mo bheannacht-sa agaibh, pé áit a raghaidh sibh." Ar maidin lá ar na bhárach d'éirigheadar. D'ith- eadar a mbriocfast, agus chuireadar i gcóir don mbóthar. Nuair a bhíodar i gcóir, d'fhágadar slán ag á n-athair agus as leo. Bhíodar ag imtheacht leo an
bóthar gur theaghmhuigheadar le crosaire cheithre rian. Stadadar annsin. D'fhéachadar soir, siar agus ó dheas agus d'iarradar ar Dhia iad a chur ar a leas. Chuadar i gcomhairle arís, agus sé rud a shocruigheadar air ná gach duine aca a thabhairt a bhóthar féin air agus bheith thar n-ais ar an gcrosaire céadna i gcionn lae agus bliana. Bhog gach fear chum bóthair, agus ní h-aithristear scéala aoinne aca go raibh an bhliain caithte. I gcionn na bliana ba é an té ba shine bhí orra an chéad duine a bhí ar an gcrosaire. Ní fada a bhí sé ann nuair a tháinigh an tarna fear. Chuireadar fáilte roimh a chéile agus thosnuigheadar ag caint. Sa chaint dóibh d'fhiafruigh an chéad fhear de'n tarna fear conus d'eirigh do, nó an raibh aon rud aige tar éis na bliana. "An drae rud," ar sé, "acht amháin gur fhoghlum- uigheas céird. Bitheamhnach is eadh me." "Ní h-olc mar chéird í acht go bhfuightheá do dhóthain le déanamh agus go rithfeadh leat," ars an chéad fhear. Ní raibh acht an méid sin ráidhte nuair a tháinigh an tríomhadh fear agus ní fada a bhí sé sa chaint nuair d'fhiafruigh an chéad fhear de an raibh aon chonlach beag aige tar éis a shaothair. "Pingin ruadh," ar sé, "ní'l agam. Ní'l agam acht an guna so a chíonn tú im' láimh. Foghlaer is eadh me." "Go maith," ars an chéad fhear, "ní fearr ar domhan port atá agat, muna baoghal dúinn féin tú. Ní'l aon mhaith a bheith ró-fhiosrach leat-sa." Agus ní raibh an ceáthramhadh fear i bhfad gan teacht. "Táim ag féachaint oraibh ó mhaidin," ar sé. "Conus a bheithfeá," ars an chéad fhear, "agus gur anois atá tú tar éis teacht."
"Féach ar an rud so im' láim," ar sé, "sin gloine. Fear gloine 'seadh mise. Chífinn rud aon fhaid ó bhaile leis sin." "Agus an bhfuil aon rud eile agat tar éis do bhliana acht an gloine sin?" "Dada. Tá mo chéird im' láimh agam." "Masa, 'sé an scéal céadna agam féin é. Faic go Dia ní'l agam, acht amháin gur táiliúir me. Is aingcis an ceathrar sinn chum bualadh isteach go dtí aon duine bocht gan aon rud sa saoghal againn acht ár lámha ar liobarna linn. Acht caithfimíd dul abhaile is dócha, pé rud atá againn nó uainn." D'imthigheadar, agus bhuaileadar dorus béal bóthair isteach abhaile. Bhí an t-athair istigh. Is air a bhí an t-áthas iad d'fheicsint isteach chuige. Do phóg sé agus dheoch sé iad. Ba mhór an óige air iad d'fheicsint thar n-ais chuige arís. Chuir sé cóir bídh agus dighe orra agus luigheadar ar sheanchus. Níorbh' fhada sa seanchus dóibh nuair a bhí fhios aige cad dob' fhiú iad tar éis na bliana. Ní mórán carbhuaice a chuir sé air a bhochtanacht a bhíodar. Dubhairt sé go raibh árd-obair déanta aca mar gurbh' fhearr céird aon lá ná bheith 'na h-éaghmais. "Acht," ar sé, "badh mhaith liom tástáil bheag a bheith agam asaibh féachaint a bhfuil bhur gcéird i gceart agaibh." Thug sé amach sa ngáirdín a bhí ar chúl an tighe an ceathrar aca. Bí crann thimcheall cheithre fichid slat ar aoirde i lár an gháirdín. "Féach ar an gcrann sin," ars an t-athair le fear an ghloine, "agus innis dom má tá aon rud anáirde 'na bhárr." Tharraing fear an ghloine a ghloine chuige agus dhírigh sé ar bhárr an chrainn é. "Chím," ar sé, "nead
colbhair. Tá cheithre cinn de uibhe ann agus an t-éan 'na luighe orra." "Go maith," ars an t-athair. "Thoicim, anois, a bhitheamhnaigh. Teidhir anáirde sa chrann sin agus beir leat anuas na h-uibhe sin chughainn gan an t-éinín sin a chorruighe." Ní túisce bhí an chaint as béal an athar ná mar a bhí an bitheamhnach ag sleamhnú' leis anáirde an crann. D'éaluigh sé go deas ar an éinín agus thóg amach na h-uibhe go mín socair réidh uaithe gan an oiread le cor a bhaint aiste agus anuas leis arís. Thug sé na h-uibhe dá athair. "Tá sin déanta mear go maith." ars an t-athair. "Anois, siubhluighidh isteach liom." Bhí bórd cheithre chúinneach istig sa seomra. Leag sé ubh ar gach cúinne. "Anois," ar sé leis an bhfoghlaer, "faigh do ghuna agus déin dhá leath díreach de gach ubh aca sin gan aon chorruighe a dhéanamh ar aon rud atá istig ionnta." Ghabh an foghlaer a ghuna chuige. Chaith sé cheithre urchair. D'fhéachadh ar na h-uibhe. Bhí dhá leath glan díreach déanta de gach ceann aca. "Nár chaillir t'aimsiú," ars an t-athair. "Anois, a tháiliúir, faigh do shnáth agus do shnáthad agus fuaghail iad sin agus ná fág rian briseadh ná brughadh orra." Fuair an táiliúir a chuid úirlisí agus d'fhuaghail sé na h-uibhe sa tslighe ná h-aithneochadh duine ar bhain aon rud riamh dóibh. "Dia leat," ars an t-athair, "tá déanta go maith agat. Anois, a bhitheamhnaigh, críochnuigh do chuid de'n obair. Cuir na h-uibhe sin mar a rabhdar agus ná cuir amugha a codladh ar an mháthair." D'imthigh an bitheamhnach agus ní ró-fhada bhí se nuair a bhí sé thar n-ais agus a ghnó déanta aige.
"Molaim," ars an t-athair, "ní bréag a rádh go bhfuil a chéird ag gach fear agaibh. Tá árd-obair déanta agaibh ó d'imthigheabhair. Fanaidhí im' fhochair anois go cionn tamaillín agus gheobhaidh sibh bhur rogha rud a dhéanamh annsin." Bhíodar sásta. Acht bhí an aimsear á caitheamh agus gan aon rud ar aon chor á dhéanamh aca. Bhí an fhoidne á caitheamh aca agus meirg ag teacht orra le neart díomhaointais. Badh bhreágh leo a bheith ag cur chum bóthair arís chum caoi d'fhagháil ar a gcéird a chleachtadh. Le linn agus iad a bheith ar an inntinn seo, thuit rud éigin amach thimcheall na h-áite. Bhí prionsa 'na chómhnuidhe tamall uatha agus bhí leanbh óg de inghin aige. Tháinigh fiolar i gan fhios ar an leanbh agus ghoid sé leis í in a dhá chrobh. Bhí teaghlach an rí an-thre n-a chéile. Ní raibh fhios aca cad dob' fhearr a dhéanamh. Ní raibh aon tseift nár chuimhnigheadar air agus nár tharraingeadar chúcha agus nár chuireadar ag obair. D'airigh an prionsa, ar chuma éigin, go raibh an ceathrar mac so díomhaoin, agus níor stad cois leis gur chuaidh sé chúcha. Dubhairt sé leo aon rud badh mhaith leo a dhéanamh, féachaint an bhfuighdís teacht ar aon teimheal de'n leanbh. Ní raibh uatha acht gaoth an fhocail. Cuadar go dtí 'n tráigh. D'órduigh an táiliúir do'n triúr eile, gach cipín a bhí le fagháil a thabhairt chuige. Chuadar sa mbailiú'. D'réir mar a bhí na cipíní ag teacht bhí an táiliúir á gcur le n-a chéile agus á bhfuaghail. Ba ghairid go raibh corachán deas déanta ag an táiliúir. Cuireadh ar farraige í agus isteach leo innte. Thugadar a n-aghaidh do mhuir. Bhí fear an ghloine chum tosaigh agus é ag síor-fhéachaint ar an tír isteach uaidh. Bhíodar tamall maith ar an bhfarraige nuair a labhair sé.
"Chím," ar sé, "fiolar ag déanamh chum faille agus tá, mar a bheadh, cleite bán 'na scíathán." "Sin é an buachaill," ars an bitheamhnach. Tugadh aghaidh an bháid do thalamh; fear an ghloine i gcomhnuidhe sa bhfaire. Bhuaileadar port fé bhun na faille. Theasbáin fear an ghloine an áit 'nar chuaidh an fiolar do'n mbitheamhnach. Amach leis an mbitheamhnach, agus dhein ar an bhfaill. Ba mhillteach an aoirde a bhí sa bhfaill acht ba chuma leis an mbitheamhnach. Níor fhéach sé anáirde ar aon chor — aon rud acht dul sa bhfaill agus é chur de anáirde. Nuair a bhí sé ag teacht gairid do'n nead chaith sé a bheith an-chiúin agus an-aireach le h-eagla go ndúiseochadh sé an fiolar. Bhí sé ag snámh agus ag goid leis go dtáinigh sé go dtí béal an nid. Chonnaic sé an fiolar istig agus é 'na chodladh. Bhí sciorta beag de éadach an leinbh amach fé'n a scíathán agus rug sé air. Strac sé amach an leanbh chómh deas agus chómh aireach san nár dhúisigh sé Rí na n-éan. Bhuail sé an leanbh fé'n oscail agus tháinigh anuas an cosán céadna ar chuaidh sé anáirde. Bhí an triúr eile ag geitghail ag fuireach leis. Shíleadar ná déanfadh sé an gnó choidhche; acht ba bheag an chiall a bhí aca. Tháinigh an bitheamhnach go luath bríoghmhar go dtí 'n mbád chúcha. Isteach leis sa mbád agus an leanbh ar iomchar aige. Níorbh' thúisce istig é ná mar bhí an bád ag cur di thar n-ais abhaile arís. Is iad a bhí go sásta leo féin — an gaisce bhí déanta aca. Acht ní rabhdar sa mbaile fós. Bhíodar isteach agus amach le leath slighe nuair a thug fear an ghloine fé ndeara an mothal dubh sa spéir ag déanamh orra. Bhí sé ag teacht agus ag teacht go dtáinigh sé díreach os cionn an bháid. Stad sé annsin agus bhí sé ag túirling. Ní raibh focal as aoinne gur labhair an táiliúir. "Cad tá tú a dhéanamh?" ar sé le fear
an ghuna. Sin a raibh ann. Dhírigh an foghlaer a ghuna ar an bhfiolar. Chaith sé leis. Thuit an fiolar maol marbh anuas i lár an bháid. Dhein sé brúscar de'n mbád. D'imthigh sí 'na cipíní ar fuaid na farraige agus bhí an ceathrar ag lapadáil leo ar fuaid na gcipíní, an bitheamhnach agus an leanbh anáirde ar a dhrom aige. Ba é an táiliúir an chéad fhear do labhair arís. "Seadhaidh," ar sé, "bídhí sa mbailiú arís." Luigh fear an ghloine agus an foghlaer sa mbailiú. Thugadar na cipíní 'na gcionn agus 'na gcionn go dtí 'n táiliúir agus ba ró-ghairid an mhoill air sin iad a chur le n-a chéile agus a fhuaghail. Tar éis beagáinín aimsire bhí an corachán chómh déanta agus a bhí an chéad lá. Ní raibh le déanamh aca acht dul isteach innte agus ní mórán duadh a dhein sin dóibh. Leanadar orra gur bhuaileadar port sa mbaile. Bhí an dúthaigh go léir ag trácht ar inghin an phrionsa. Ní raibh tásc ná tuairisc uaithe — ní raibh go dtí gur chuaidh an bitheamhnach go dtí 'n rí-theaghlach agus gur leag sé an leanbh i mbinn a máthar. Dóbair go raghadh an mháthair i laige le neart áthais. Ní fheadar sí cad a bhí le n-a rádh ná le déanamh aici. B'ait léi an scéal. Nuair a tháinigh an prionsa abhaile is ar éigin a chreid sé an scéal. Acht, nuair a chonnaic sé an leanbh le n-a dhá shúil chinn féin, chreid sé é agus chuaidh sé go dtí 'n cheathrar dritheár. Thug sé mála óir dóibh de'n chéad dul síos agus annsin dhein sé árus áluinn dóibh féin agus dá n-athair. Bhí an tigh agus an t-airgead annsin aca. D'iarradar ar a n-athair an tigh a bheith aige, acht ní bheadh. Dubhairt sé na fágfadh sé féin an sean-bhothán beag a bhí aige ar a raibh de chaisleáin ná de pháláis sa domhan go léir. Agus annsin bhíodar ag cur an airgid air acht ní ghlacfadh.
Ní raibh dada le déanamh aca annsin acht dul i gcomh- airle, féachaint cad badh mhaith dhóibh a dhéanamh. Bhíodar ag cuimhneamh ar an airgead a roint acht níor dheineadar. Bhíodar chum é chur ar chranna féachaint cé leis a thuitfeadh sé acht níor dheineadar. "Tugaimís do'n mbitheamhnach é mar sin," ars an táiliúir. "Is é is fearr a thuill é." "Ní thabharfar," ars an bitheamhnach, "má bhíonn airgead uaim-se, tá slighe agam chum é dhéanamh. Dhéarfainn-se go mbadh cheart an tigh agus an t-airgead a thabhairt do'n táiliúir. Is é an té is sine orainn é, agus is é is fearr a dhein chum é thuilleachtain." D'aontuigh an bheirt eile leis an mbitheamhnach. Bhí triúr annsin i gcoinne an táiliúra agus ní raibh aon mhaith dho bheith ag rádh 'na gcoinne. Chaith sé glacadh le gach aon rud. Ghlac sé le gach aon rud, acht, ar sé, "An rud is liom- sa is libh-se. Dheineamair go léir ár gcion sa scéal. Dá mbeadh aoinne againn in easnamh, ní bheadh an obair déanta. Dá bhrígh sin, ní'l sibh acht ag bronnadh gach aon rud orm-sa. Acht, is cuma; "Sinn Féin, Sinn Féin," agus an rud is liom-sa is libh-sé." Ó'n lá sin go dtí 'n lá a fuaireadar bás ní raibh lá bocht ag aoinne aca.
ROT AN ÁIDH. NÍ raibh sé ró-bhrothallach acht bhí sé go breágh mar bí an spéir glan agus an ghrian ag taithneamh mar badh mhaith léi. Tráthnóna deire Bealtaine ba eadh é. Bhí sé isteach agus amach le n-a cúig a chlog. Sin é uair a raibh Lughaidh Ó Conraoi, cúpaer, ag cur barraille ag rith de chúinne Faithche Stiopháin. Bhí sé de chead agus de cheart aige é dhéanamh mar bhí a cháin díolta aige. Bhí aprún a chéirde air agus bhí sean- chaipín ar a leath chluais, agus é a rádh ramháinín greannmhar amhráin mar bhí an óige agus an intinn árd aige. Uaireannta stadadh sé agus adeireadh i nguth an-ghlórmhar an-dhoimhin, díreach agus dá mbadh istigh sa mbarraille bheadh a cheann:- "Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille gan fannsa; Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille gan ceann ann; Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille tá ramhar deas; Mo bharraille gan eagla ag taisdeal cnoc is gleann dom." Ní chuireadh an barraille de shuim san amhrán acht maolú beag a dhéanamh san imtheacht a bhí fé. Barraille ba eadh é a raibh nádúir tuigsint ag baint leis agus ba ghnáth leis é féin d'iomchar go maith. Nuair a bhí Lughaidh agus é féin ag iompódh síos Sráid Ghraftain bhí píléir mór 'na sheasamh ag ceann na sráide. Bhí
sé mar a bheadh sé cortha dhe féin agus nuair a chonnaic sé Lughaidh agus barraille chuige agus an fuadar a bhí fútha ghoilleadar air. Dhírigh sé é féin agus dhein sé ar Lughaidh. "Cadé saghas cleasaidheacht é seo ar siubhal agat-sa?" ar sé leis, "ná fuil fhios agat go bhfuil tú sa tslighe do gach aon rud sa tsráid?" "Muireach gur stadais mé," arsa Lughaidh, "ní bheinn sa tslighe do aon rud." Ní raibh aon uireasba céille ar Lughaidh agus in' fhochair sin bhí a dhóthain agus fuighleach deaschainte aige. "Ó, an mar sin é? An mar sin é?" ars an píléir. "Bhoil, má's mar sin é, an dteasbáinfeá do chuid páipéar dom?" Le searbhas a dhein sé an méid seo cainte. Ní raibh le déanamh ag Lughaidh, annsin, acht leagaint lúib. Bhog sé de'n mbarraille chum na bpáipéar a bhaint as a phóca. Ní túisce a bhí a lámh de'n mbarraille ná bhog an barraille chum siubhail. Bhí an ghastacht agus an greann sa mbarraille céadna agus ní raibh aon dul amugha air cad a dhéanfadh sé. Ní raibh sé roimhe sin riamh i Sráid Ghraftain agus nuair a fuair sé an chaoi dhein sé rud di. D'imthigh sé leis cuibheaseach mall ar dtúis, ag géarú rud beag in áit a chéile. Bhí sé ag tabhairt dhá thaobh na sráide leis, ag gualáil ó thaobh go taobh. Dhéarfadh duine gur ar meisce a bhí sé acht níorbh' eadh. Is í an chabhail mhór a bhí air a bhí á dhéanamh agus rud eile is dócha go raibh mór-chúis bheag ag baint leis agus gur bhreágh leis a bheith chómh aerach le h-aon scoth a bhíonn ar an tsráid sin. Agus cé thógfadh air é? Ná raibh sé chómh maith aige a bheith chómh maith le duine eile? Nuair a bhraith sé é féin saor ceart ghéaruigh sé san imtheacht. Bhí imtheacht deas fé síos an tsráid. Is annsin d'airigh
Lughaidh uaidh é. Chrom Lughaidh ag gearán mar gheall ar an mbarraille agus d'iarraidh imtheacht 'na dhiaidh acht bhí greim daingean ag an bpíléir ar ghualainn air agus ní raibh aon fhagháil imtheachta aige. Bhain an barraille árd-thairbhe as an scathamh seanchais a bhí ag Lughaidh leis an bpíléir. Eachtra an glór agus an fothram a bhí sé a bhaint amach agus leis an linn chéadna é á ghrianú féin go breágh. Níor thug an píléir fé ndeara ceart an fuadar a bhí fé'n mbarraille go dtí so. D'airigh sé an glór a bhí á dhéanamh aige. Bhog sé a ghreim de'n gcúpaer agus seo iad araon sa rith. Bhí an píléir agus a dhóirne amach roimhe agus é ar tosach. Bhí an cúpaer 'na dhiaidh agus critheán agus sceon ann agus gach aon liúigh aige, a rádh — "Stad é! Stad é!" Is amhlaidh a bhí an liúigh seo ná ag tabhairt breis siubhail do'n bpíléir agus ag méadú ar a shaothar. Bhí slat dá theanga amach 'na bhéal. Bhí an-chuid daoine ar an tsráid. B'ait leo an gleithireán. Stad a lán díobh ag féachaint ar an ngleo, acht má stadadar thugadar aireachas maith gan aon chuir isteach a dhéanamh ar an scéal. Bhí fhios aca go raibh rud éigin neamh-choitchianta greannmhar ar siubhal. Sa deire bhain an píléir tosach de'n mbarraille. Bhí sé thíos ag bun na sráide agus dhein sé iarracht ar é féin a stad. Níorbh' ró-fhuirist do é dhéanamh mar bhí an iomarca imtheacht fé. Is é seift a cheap sé ná breith ar phíléir eile a bhí 'na sheasamh ag déanamh a ghnó go dícheallach ar lár na sráide. Dóbair go leagfadh sé é. "Cad a thug annso thusa?" ar sé sin le píléir an reatha. Is annsin a chuimhnigh sé air féin. Bhí sé tar éis teacht leasmuigh dá límistéireacht féin agus ní'l aon
mhasla is mó leis na píléirí ná ceann aca bheith ag cur isteach ar an duine eile. D'iompuigh sé ar a sháil agus shiubhail sé thar n-ais go maol-chluasach. Ghabh an barraille thairis go mórdhálach dána gan aon tsuim a chur ann. Ní raibh an barraille acht tar éis gabháil thar an bpíléir nuair a bhí sé san áit is tiugha bhíonn daoine agus roithleáin ag gabháil agus is sin é an uair ba mhilltighe agus ba mhire a bhí sé ag imtheacht. Chaith Lughaidh stad. Ní raibh breith thíos ná thuas ar a anáil aige, bhí a leithéid sin de shaothar air. Bhí sé ag féachaint ar na gluaisteáin ag gabháil síos suas thairis agus eagla a chroidhe air go mbuailfeadh an barraille iad acht níor ghádh dho aon eagla a bheith air mar is deas aireach a choimeádadar amach uaidh. Acht ba ghairid gur thuit ciotrainn amach. Nuair a tháinigh sé comhangarach do chúinne "Yate" chrom gluaisteán an-bheag a bhí ann, le h-ais gluaisteáin mhóir, ag dul i ndiaidh a chúil. Bhuail sé i gcoinne an chuaille lóchrainn a bhí ar thaobh na sráide. Thuit an lampa agus is anuas ar cheann Tháiliúir .i. fear ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, a thuit sé. Leagadh a hata dhe. Hata nua ceart ba eadh é. Bhí an fear bocht féin gortuighthe go maith mar bhí sé ag imtheacht 'na gheilt ar an tsráid le pian. Agus, sa riocht sin do, bhí gluaisteán an-mhór ar fad ag teacht a chaith iompódh uaidh d'urchar. Chaill an gluaisteán sin a chiall agus a cheann ar fad mar is é áit ar thomáineadh é ná isteach trí fhuinneoig tighe poitigéara a bhí rud beag ní ba shia amach ar leaca na sráide ná mar d'oir do. Sceimhle an glór agus an gleithireán agus an trí n-a chéile a dhein sé mar ná raibh aon choinne ag aoinne le n-a leithéid de thoirmisc. Dhein sé a shlighe isteach ar fad sa siopa. Bhí triúr istigh ann
ag ceannach rudaí. Bhí fear cúntaisí a choimeád ann agus beirt phoitigéirí. Ní raibh aon teimheal de aoinne de'n seisear le feicsint; bhíodar fuilighte báidhte ag ualach buidéal agus gloiní agus ag taoide prugóidí. Ní raibh aon phráidhinn aca le dul go dtí tigh poitigéara eile mar má bhí maith i bprugóidí bhíodar á múchadh agus á dtachtadh leo. An fhaid a bhí an gleithireán so ar siubhal bí Lughaidh tar éis rith agus breith ar an mbarraille. Bhí Táiliúir tar éis a hata d'fhagháil. Bhí an gluaisteán mór eile a bhí ann ó thosach tar éis cur de chum bóthair. Bhí síothcháin bheag agus suaimhneas ag teacht ar gach aon rud. Acht dála gach aon droch-scéil bhí ceann des na cailíní a bhí sa mbrúscar in áirighthe ag bancaer. Ghortuigheadh an-mhór í agus fuair sí bás ar cheann na h-oidhche. Nuair d'airigh an fear scéal a báis dóbair go n-imtheochadh sé as a chiall agus níorbh' le neart grádh ná taithnimh di é acht mar gheall ar an spré a bhí ag teacht léi a bheith caillte aige. Bhí sé ag fuireach go dóighte leis an spré sin chum breith ar a ghreamanna agus chum na fiacha a bhí ag brughadh air a dhíol — bhí a chuid agus a cáil ag braith ar an spré. Ba ghairid gur tugadh fé ndeara go raibh sé ar lár ceart agus tháinigh gach aon rud anuas sa cheann in éinfeacht air. Bhí an-chuid daoine ag caitheamh an mhilleáin ar fad ar an Táiliúir ó'n gCaisleán. Bhí sé amuigh air gurbh' fhear an-cholgach, an-chancarach é agus dá mbadh aoinne eile a leagfaidhe a hata dhe nárbh' fhiú biorán é. Nuair d'airigh sé sin an chaint a bhí ar siubhal mar geall air is amhlaidh chuaidh sé ar ghráinneacht. Dubhairt sé ó ba rud é go raibh droch-ainm air go raibh sé chómh maith aige í choimeád. Béidir dá dtógfaidhe bog é go mbeadh a mhalairt de dhuine ar fad ann. Chaith sé míniú an
scéil go léir d'fhághail. Thug an riaghaltas hata nua dho ar ghrádh an réidhtigh acht dhiúltaigh sé dho go tomanta. D'eirigh cogadh. B'fhada, b'uathbhásach agus ba leadránach an cogadh é. Bhí sé chómh leadránach agus chómh millteach sin go raibh na daoine an-shásta leis mar dubhradar dá leanfadh sé fada a dhóthain mar sin gurb é an cogadh déanach a bheadh le n-a linn féin ann é. Ní dócha go raibh aoinne ní ba shásta ná Lughaidh leis an gcogadh. Bhí roint céille cruinnighthe aige. Phós sé inghean búistéara i gcoinne tola a h-athar i dtosach an chogaidh. Cogadh an-rathamhail ar fheoil ba eadh é agus ní fheadar aoinne 'dé mhéid airgid a dhein Lughaidh. Tháinigh scamall na síothchána annsin. Tháinigh gach aoinne ag triall ar a bhotháinín féin. Thosnuigh an sean-shaoghal arís. Ba é Lughaidh an té b'fhearr a tháinigh as an gcogadh. Bhí beirt inghean aige, palás — árus aoibhinn áluinn — gluaisteáin agus roithleáin an tsaoghail. Agus bhí athair a chéile as an tslighe dho leis — bhí sé sa phríosún de dheasca a bheith ag déanamh an iomarca proifíde as a chuid earraí. Ní raibh aon rud sa saoghal beag ná mór ag déanamh mairge do Lughaidh. Ní'l in suairceas tar éis an tsaoghail acht iarracht bheag do'n toil — is dúinn féin ár saoghal a bheith taithneamhach nó mí-thaithneamhach. Is dúinn féin an mhuc a thógaint ar a cois agus a bheith ar mhuin na muice. Ní'l ann acht an ghreim cheart a bhreith ar chúrsaí an tsaoghail, an chaoi d'fhaire agus a bheith roimh-ré le ciotrainní. Ní'l in a bheith a rádh gurb é "toil Dé gach aon rud" acht focail gan chrích. Déinid leath- scéal do'n té a bhíonn fé dhe agus a bhíonn cionntach é féin le bheith fé dhe.
AN SEAN AGUS AN NUA. IS é áit a raibh comhnuidhe ar Mháire Ní Bhriain ná i dtigín i mbarr baile bhig atá in iarthar na h-Éireann. Tigín aonair ba eadh é. Bhí sé díreach ar thaobh an bhóthair ar chrosaire trí rian. Bhí piniúir an tighe don mbóthar. Bean ba eadh Máire ná raibh aon doicheall ag gabháil léi agus gheobhadh aoinne déanamh dána uirre. Ba bhéas le daoine a bhíodh ag gabháil thar brághaid bualadh isteach chúichi. Dá mbéarfadh gairid ar dhuine i gcipín soluis, ní raibh le déanamh aige acht bualadh isteach i dtigh Mháire agus sméarthóid den teine a chur 'na phíopa. Dá mbeadh fios ó aoinne ar tháinigh fear an phuist is de Mháire d'fhiafrochthaidhe é. Dá mbeadh sé ag fearthainn sheasochthaidhe ag piniúir tighe Mháire agus dá leanfadh an fhearthainn raghfaidhe isteach fé dhéin na fothana. Bí triúr cloinne aici — beirt gharsún agus gearrchaile. Bhí an bheirt ba shine aca stadtha ón scoil. Bhí Páidín, anté b' óige, ag dul go dtí an scoil. Bhí sé de fhonn ar Mháire an-scoláire a dhéanamh dhe Pháidín, ó ba é anté b'óige é. Tá tamall maith de bhlianta anois ó bhí an scéal so amhlaidh. Ní dócha go dtuitfeadh a leithéid amach indiu. Bhí Páidín trí bliana déag go maith agus ag dul go dtí an scoil gach lá gan teip. Pé fonn a bhuail a mháthair stad sí é. Ní fheadar aoinne 'dé chúis a dhein sí é. Dhéarfadh duine gur le h-aiteas a dhein sí é, mar is minic adubhairt sí féin go dtabharfadh sí tógaint ar Pháidín ná tugadh ar aoinne sa pharóiste riamh. Acht pécu le h-aiteas nó le díthcéille a choimeád sí ó'n scoil é dhein sí amhlaidh. Níor fhiafruigh maighistir ná
maighistreás, sagart ná bráthair, pílear ná báille dhi 'dé chúis ná 'dé chiall ar dhein sí é. Ní fada a bhí Páidín istigh ón scoil nuair a tháinigh sagart ara laetheanta saoire san áit. Ní raibh sos ná suaimhneas air, acht ag dul ó thigh go tigh agus ó dhuine go duine ag labhairt Gaedhilge leo agus ag stracadh Gaedhilge asta. Bhí na daoine cráidhte aige d'iarraidh a bheith ag tabhairt Gaedhilge dhó. Ní fheadar siad ar aon chor 'dé'n fuadar a bhí fé ná 'dé'n bhrígh a bhí leis. B'ait leo é. Léigh sé Aifrionn sa séipéal Domhnach agus dubhairt sé na Gnímh (Gníomhartha) agus na paidreacha eile as Gaedhilg agus thug sé seanmhóin Gaedhilge uaidh. Nuair a tháinigh Máire Ní Bhriain abhaile ón séipéal an Domhnach úd, dubhairt sí nár airigh sí féin aon soiscéal chómh breágh leis ó d'imthigh an t-Athair Seán Ó Céilleacháin agus bhí deich mbliana fichead annsin. "Béidir," ar sí, "gurb í an tsean-aimsear a bheadh ag casadh arís orainn." Níor dhein an sagart aon dearmhad ar bhualadh isteach chum tighe Mháire, agus ba ghairid an mhoill a bhí air a thabhairt fé ndeara gur aici a bhí an Ghaedhealg ar dheiseacht agus ar ghlaineacht. Ní raibh lá dár ghabh sé an bóthar nár dhubhaidh sé an dorus uirre, agus ba í sin a chuireadh an fáilte roimhe. Bhí sí chómh mór sin 'na thaithighe é bheith ag bualadh chúichi go raibh sí ag gol le h-uaigneas nuair d'imthigh sé. Lá dá raibh sé istigh, bhí Páidín ann. D'fhiafruigh sé de Pháidín an mbíonn sé ag dul ar scoil. 'Sí an mháthair d'fhreagair é. "Ní bhíonn, a athair," ar sí. "'Dé chúis?" ar an sagart. "Masa, ní fheadar," ar sí. "Rith sé liom ná raibh aon mhaith dho bheith ag dul dtí an scoil seo atá againn agus choimeádas istigh uaithe é."
"Féach," ar sé léi, "tá fear ag teacht annso fé chionn coigthighse agus cuirfidh sé scoil ar bun — scoil Gaedhilge. Cuir Páidín chuige agus foghluimeochaidh sé an oiread uaidh agus d'fhoghluimeochadh sé in aon scoil." B'fhíor do'n sagart. Tháinigh an duine sin agus chuir sé an scoil ar bun. Chuaidh Páidín chuige. Níor chuaidh críostaidhe mhic an Luain chuige go ceann leath bhliana acht Páidín. Bhí an paróiste go léir ag magadh fé Pháidín agus fé n-a mháthair. Ní raibh fhios aca ó chúig árda na naoi bhfionn cad ba chiall leis an scoil seo ar aon chor, ná cad a chuir crann uirre, ná cad ba bhun ná ba bharr léi. Tháinigh sagart an pharóiste go dtí Máire agus dubhairt sé léi in ainm Dé, Páidín a thógaint ón scoil sin agus gan a bheith ag déanamh óinsighe di féin. Seadh ná ní headh níor thug Máire dhó, aon rud acht cluais bhodhar a thabhairt do. Tháinigh sé arís agus arís eile, agus ní raibh aon sásamh le fagháil aige. Bhí buile ag teacht air chúichi. Dubhairt sé léi ná raibh aoinne ag labhairt na Gaedhilge acht daoine bochta mí-ádhmharacha gan rath, gan séan, gan áird. "Cuirfidh mise go dtí an scoil Bhéarla Páidín arís," arsa Máire leis, "má chuireann tusa saidhbhreas 'na shlighe nó fós má thugann tú geallamhaint ar é chur 'na shlighe." Ní dubhairt sé focal acht imtheacht leis agus a mhéar 'na bhéal aige. Ní baoghal gur tháinigh sé leis an gcomhairle chéadna chúichi ó shin. Thug Páidín trí nó ceathair de bhlianta ag dul go dtí scoil na Gaedhilge. Bhí sé 'na scoláire mhaith Gaedhilge. Bhí sé chómh mór sin sáidhte i bhfoghluim agus i leabhartha ná raibh an tsláinte ag fuireach aige. Chaith sé an fhoghluim a chaitheamh uaidh agus fuireach istigh
ó'n scoil. Bhí a mháthair bhocht an-thré n-a chéile mar gheall air. Bhí sí cráidhte mar níorbh' ró-mhór an acfuinn a bhí aici an uair sin. An Samhradh so tháinigh sagairtín na Gaedhilge arís. Thriall sé ar Mháire. Bhí an-áthas air nuair d'innis sí dho cad ba chor do Pháidín acht ba chathú leis aon ghearán a bheith aige. Fuair sé amas ar Pháidín féin agus d'fhiafruigh sé dhe cad badh mhaith leis a dhéanamh. "Aon rud ar aon chor, a Athair," arsa Páidín. "An dtiocfá liom-sa?" ars an sagart leis. "Raghainn agus fáilte," ar sé. "Tá go maith," ars an sagart. "Bead-sa ag imtheacht i gcionn cúpla lá agus cuirfead leitir chughat. Gheobhaidh tú teacht chugham annsin agus beidh tú go maith as." D'imthigh an sagart. Bhí sé imthighthe a dó nó trí de laetheanta agus gan aon scéal ag teacht uaidh. Bhí Páidín bocht ag teacht mí-shásta agus mí-fhoidneach in a aigne. Ní raibh fios a rúin ag aoinne agus dhein sin an scéal níos measa. An mhaidean so bhí sé ag fearthainn. Bhí Máire Ní Bhriain amach in áit éigin. Ní raibh aoinne istigh acht Páidín. Dhein uireasba cuideachtan a aigne níos géire ar an leitir. Chuaidh sé go dtí an dorus agus leag sé a dhá uillinn ar an leath-dorus ag féachaint amach. Uaireannta theigheadh sé amach go dtí piniúir an tighe féachaint an mbeadh fear an phuist ag teacht. Aoinne ghabhadh an bóthar, chaitheadh sé focailín le Páidín, agus bhuaileadh fo-dhuine isteach. Ba é Tadhg Ó Séaghdha an chéad duine a bhuail isteach — ag deargadh a phíopa tháinigh sé. Dhein sé ar an teine agus shuidh. "Druid aníos ón dorus," ar sé, le Páidin.
"Fliuchfaidh an fhearthainn sin thú agus gheobhaidh tú fuacht." 'Ní baoghal dom. Is deas liom a bheith ag féachaint amach thar an leath-dorus mar seo," arsa Páidín. "Fan ann mar sin. Beatha dhuine a thoil." "Cá rabhais indiu?" "Bhíos ag cur dín agus chaitheas é chaitheamh uaim. Caithfead dul abhaile anois ag deisiú bróg." "Is iongantach an ceárduidhe thú. Bíonn tú roimh ré le gach aimsir. Muna ag marbhú na péiste duit is ag cur scolb san aer duit; muna ag spealadóireacht duit is ag bearrabóireacht duit agus muna ag tógaint tighe duit is ag gréasaidheacht duit." "Is amhlaidh dom, a Pháidín; agus is amhlaidh a bhead go sínfear san uaigh me." D'eirigh sé annsin agus d'imthigh sé. Chuir an méid seo cainte Páidín ag cuimhneamh ar an leitir arís. D'árduigh sé a ucht den leath-dhorus agus chuaidh sé amach féachaint an raibh fear an phuist ag teacht. Ní raibh le feicsint acht Seáinín Amadán a bhí ag teacht aniar an bóthar, agus bhí capall agus trucaill ag teacht anoir. Mártan Ó Ceallaigh a bhí ar an trucaill. Fear ba eadh Martán a raibh tigh tábhairne agus siopa aige sa bhaile beag. Stad sé ag caint le Páidín. "Ar tháinigh fear an phuist fós?" ar sé. "Níor tháinigh," arsa Páidín. "An ag dul 'an bhaile mhóir atáir?" "Seadh." "Caithfidh broid a bheith ort agus ná fuighfeá an lá indiu a scaoileadh thorat. Ná fuighfeá fuireach go n-imtheochadh an fhearthainn?" "Ní bhfuighinn. Caithfear gnó an lae indiu a dhéanamh.
Tiocfaidh an lá amáireach agus a chuid féin dá ghnó le n-a chois." "Ní'l aon rud ag déanamh scime dhuit-se acht an t-airgead a dhéanamh, a Mhártain. Beidh tusa fada go leor sa roilig." Bhí Seáinín Amadán ag éisteacht leis an gcuid deireannach de'n gcaint. "Indé, indiu, amáireach," ar sé. "Fearthainn is gaoth, sioc is sneachta, anfa is gairbhshion. Tagann indé roimh indiu agus indiu roimh amáireach. Amáireach, amáireach. Cathoin é amáireach? Beidh Mártan Ó Ceallaigh sa roilig amáireach." Agus thug sé a bhóthar air annsin. "Is iongantach an rud é amadán," arsa Mártan. "Is iongantach," arsa Páidín. "Deireann Seáinín rudaí greannmhara uaireannta. Béidir go bhfuil sé chómh ciallmhar linn féin. Ó, féach! sid é chughainn fear an phuist." D'imthigh Mhártan leis annsin, agus d'fhan Páidín go dtáinigh fear an phuist. Badh bhreágh leis an leitir d'fhagháil. Bhí an mhaidean agus an chaint a bhí sé tar éis a dhéanamh mar ualach ar a chroidhe. Tháinigh fear an phuist. "Tá rud éigin agam duit," ar sé le Páidín, ag síneadh leitreach chuige. Thóg Páidín an leitir uaidh. D'oscail agus do léigh. Bhí scéal maith innte. Bhí áthas air. Chuaidh sé isteach agus shuidh sé ag an teine. Níorbh, fhada go raibh a mháthair isteach 'na chionn agus í rud beag fliuch. Shéid Páidín an teine agus ba ghairid go raibh spóirseach bhreágh theine déanta aige. Shuidh an mháthair agus théidhimh sí í féin. Ní bhfuigheadh Páidín foidneamh níos sia gan a rún a leigint léi.
"Beidh gluaisteán ag teacht go dtí an tigh seo amáireach," ar sé léi. "Cad chuige?" ar sí. "Beidh sagart na Gaedhilge ag teacht fém' dhéin-se." "An ag magadh fúm atá tú?" "Ní headh. Tá leitir annso agam uaidh." "Léigh í." Ag léigheamh — "Do Pháidín Ó Briain, "Bead ag gabháil thar an tigh agat Dia Céadaoin. Buailfead isteach chughat. Gheobhaidh tú teacht liom ar an ngluaisteán. Cuimhnigh anois ar bheith i gcóir. "Beir buaidh agus beannacht, "Mise, "Liam Mac Gabhann, Sagart." "Agus an maith leat dul leis?" ars an mháthair. "Badh mhaith. Nár bhreágh dhom a bheith in' fhochair ag labhairt na Gaedhilge leis agus ag déanamh acraí beaga eile dho?" "Agus cad dhéanfainn-se gan tú? Ná fuil fhios agat go mbeinn-se uaigneach gan tú?" "Ní dóigh liom go mbeidh tú. Ná fuil do dhóthain de chuideachta agat. Dar ndóigh, má bhír, tiocfad thar n-ais." "Agus an mbeidh aon uaigneas ort féin?" "Ní fheadar fós." "Agus ná caithfidh me bróigíní agus culaith éadaigh agus rudaí beaga eile a cheannach duit?" "Ní gádh dhuit. Gheobhaidh an sagart dom iad." "Tá go maith," ars an mháthair, agus chrom sí ag gol, mar bhí an-chion aici ar Pháidín. Bhí nádúir amhrais
aici go raibh buaidh aige ar an ngnáth-gharsún. Bhí rud éigin ag gabháil leis a mhéadaigh ar a taithneamh do in aghaidh an lae. "Pé áit a raghaidh tú, a mhaoinín," ar sí, "go mbuaidhe Dia agus an saoghal leat." Chuir na ceisteanna so agus an focal déanach adubhairt a mháthair caitheamh ar Pháidín. Bhí fhios aige anois go n-aireochadh sí uaidh é. Bhí uaigneas á bhualadh mar bhí an cion agus an taithneamh a bhí aige di ag éirghe chuige. Ba leasc leis bheith ag cuimhneamh ar í d'fhágaint mar bhí fhios aige ná fuigheadh sé aoinne a bheadh mar í do. Acht bhí na h-uaireannta á gcaitheamh agus an lá amáireach ag teacht. Amáireach! amáireach!! Dia Céadaoin, timcheall meadhon lae tháinigh an gluaisteán. Stad sé agus chuaidh an t-Athair Mac Gabhann isteach. Ní mórán moille a dhein sé acht Páidín a bhreith leis. Fuair Páidín marcuidheacht an lá sin a shíl sé ná fuigheadh sé go bráth. Bhí os cionn trí fichid míle curtha dhe aige nuair a stad sé. Stad sé ag tigh breágh a bhí buailte le baile mór. Tháinigh an sagart amach agus d'oscail sé geata a bhí ag dul isteach ag cúl an tighe. Isteach leis ar an ngluaisteán arís agus chuir sé isteach an geata é. Bhí an turus tabhartha. Ba ghairid go raibh Páidín agus an sagart ar aon bhórd ag caitheamh an t-aon mhéile — iad ag itheadh leo agus ag spalpadh na Gaedhilge le n-a chéile. Choimeád an t-Athair Mac Gabhann Páidín aige féin ar feadh scathaimh mhaith. Ní raibh cíos, cás ná cathú ar Pháidín acht amháin uaireannta go mbíodh sé ag cuimhneamh ar an mbaile. "Ní fheadar," adeireadh sé leis féin, "cé theigheann go dtí an tobar dom' mháthair anois? cé shéideann an teine dhi? cé thugann isteach an t-asal di? cé bhaineann prátaí an dinnéir di?" Míle ceist mar sin a thagadh chum a aigne. Acht, tar éis ráithe nó mar sin
chaith sé as a aigne na ceisteanna sin. Bhí sé ag láidriú. Bhí deallradh agus dath ag teacht air, agus bhí an dúil ag fuireach sa léigheann aige i gcomhnuidhe. An lá so tháinigh an sagart chuige. "A Pháidín," ar sé, "tá fonn orm tú chur ag múineadh na Gaedhilge. Tá múinteoir ag teastáil sa mbaile mór uatha agus is dóigh liom go ndéanfá an gnó. An mbeadh an misneach agat tabhairt fé?" "Aon rud is maith leat féin, a athair. Ní dócha go mbeinn ró-mhaith go cionn tamaill." "Gheobhaidh tú tástáil a bhaint as, pé scéal é, agus má theipeann ort ní mórán díoghbhála a bheidh déanta." "Tá go maith, a athair." Cuireadh Páidín ag múineadh sa mbaile mór. Dhein sé a dhícheall ceart ar an múineadh a dhéanamh. As an dícheall sin tháinigh sástacht don dream a bhí ag foghluim uaidh. Bhí bliain curtha dhe aige leis an múineadh. Dhein sin misneach mór do. Thosnuigh sé arís agus chuir bliain eile dhe. I gcionn trí bliana ag múineadh dho ní raibh múinteoir ar an mbóthar chómh maith leis. Agus in' fhochair sin bhí sé ag cur feabhais air féin le scríobhadh agus le léigheamh. Tá sé indiu agus is mór le rádh sa tír é. Is minic a mháthair ag maoidheamh as. Ní raibh fhios aici riamh gur thug sí tógaint agus tabhairt suas ar Pháidín nár tugadh ar aon mhac máthar le fada dhe bhlianta roimhe sin. Is fíor gur thug, mar is tabhairt suas ceart, fíor-ghaedhealach a bhí ar Pháidín. Agus tá fhios aige féin é sin. Tá fhios aige go bhfuair sé féin an saidhbhreas agus an oighreacht a ceileadh ar gach aoinne eile de Chlanna Gaedheal le breis is céad blian. Adeirtear ná fuil de dheifir idir an Sean agus an Nua acht comhaireamh na h-aimsire. D'imthigh an
Ghaedhealg leis an t-sean-shinsear agus tháinigh an Béarla leis an nua-shinsear. Tá an Sean agus an Nua sin imthighthe agus anois tá an sean-rud ag teacht tar n-ais chughainn arís. Is é Páidín comhartha an Sean sin. Cuirtear an Sean sin i bhfeidhm agus ní bheidh de'n Nua ann acht a chuimhne.
CEISTEANNA agus ADHBHAR CEAPADÓIREACHTA. OIDHCHE AR BHARR TUINNE. Iar léigheamh an leabhair fé dhó nó fé thrí. 1. Scríobh cúntas ar aon Choláiste Gaedhilge ar t'eolas. 2. Tabhair éagosc na h-áite is deise ar t'eolas. 3. Ceap cómhrádh a bheadh idir (a) beirt i gcaréiste sa traen; (b) idir feirmeoir agus duine ón chathair; (c) idir gabha agus feirmeoir; (d) idir siopadóir agus duine a bheadh ag ceannach earra; (e) idir sclábhuighe agus a mhaighistir; (f) idir Saor- státach agus Publachtánach; (g) idir feirmeoir agus iascaire. 4. Cad é do thuairm ar an saoghal atá ag sna h-iascairí sa scéal so? An ceart feabhas a chur air? Conus? 5. Cad é an moladh agus an dí-mholadh atá ar shaoghal an iascaire d'réir an scéil seo? 6. Tabhair cúntas ar conus a bhí na h-iascairí le linn agus iad a bheith ag cur chum farraige; agus le linn an bád a bheith ag dul amach. 7. Déin idirdhealbhú idir slighe agus saoghal iascaire ar tír agus a shlighe agus a shaoghal ar farraige. 8. An raibh an méile a bhí ag sna h-iascairí nádúrtha? Ar bhfearrde iad bórd deas agus na leagaintí amach eile a bheith aca? 'Dé'n tuairm a bheadh ag an dochtúir agus ag an triúr in' fhochair ar an méile seo? 9. Cad é an deifir idir an leaba a bhí sa mbád agus an leaba a bheadh sa mbaile? Tabhair do mharanna féin ar an scéal. 10. Déin aith-innsint ar an gcómhrádh a bhí idir an dochtúir agus Séamus ó Muirgheasa. An raibh an tuairm chéadna aca araon? Cár thángadar treasna ar a chéile? Ar tháinig Séamus treasna air féin in aon áit? Cad é an áit? 11. Tabhair do thuairm ar imirce óige tíre go tír eile agus a gcasadh ar a dtír féin i n-ear a n-aoise. An folláin an rud é? Tóg Séamas mar dheismireacht. 12. Cad é an deire bhí ar an gcomhrádh? An raibh Peaid Cheallaigh agus Séamus ar buile chum a chéile? Ciacu greann nó gruaim a bhainfeá as an gcómhrádh a bhí eatorra? 13 Cad a bhain don mbeirt a bhí 'na gcodla? An raibh buile orra mar gheall air? 14. An raibh tinneas farraige ar aoinne? Conus a chaith sé an oidhche?
15. Scríobh cúntas ar chur amach agus ar tharraingt na líonta. An ceart a rádh gur saoghal díomhaoin a bhíonn ag iascaire? 16. 'Dé chúis go mbíonn iascairí níos tabhartha don ól ná daoine eile? An maith an bhail orra é? 17. Tabhair do thuairm as an scéal ar fad; ar an uraim a bhí ag sna h-iascairí don sagart? An raibh aon scáth ná eagla aca roimhe? 18. An raibh na h-iascairí mí-mheanmanach cráidhte tar éis na h-oidhche? Cad é an scéal grinn a tharraingeadar chúcha? Innis scéilín i dtaobh aon mhiúil mhalluighthe dá bhfeacais riamh. 19. Ar leathanach a 17, tosnuigheann éagosc nó peictiúir — 'bhí glaiseacht bheag, agus rl.' go dtí — 'bhí go deimhin' ar leath- anach a 18. Breathnaigh agus mínigh a bhfuil ann. 20. Tabhair do bhreath ar shaoghal an iascaire. 21. Scríobh gach cor-cainte dá bhfuil sa scéal so agus mínigh iad. CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE. 1. Cé h-iad na gaiscidhigh a tháinigh go dtí an Bhreatain? Ar bhfíor í an tuairisc a bhí amuigh orra? 2. An ar mhaithe le Conal a thug Connchubhar cead do imtheacht? 'Dé chúis ar scaoil sé leis? 3. An raibh sé fuiris do Chonal na gaiscidhigh a dhéanamh amach? An 'mó áit a chaith sé dul chum iad d'fhagháil? Nuair a fuair sé amach iad conus mar a thárla dó? 4. Raibh aon bhuadh ag Conal seachas buadh troda? Cad é an buadh é nó iad? 5. 'Dé chúis nár chas Conal ón bhFrainc? Conus a mhealladar go dtí an Róimh é? 6. Conus d'eirigh le Conal sa Róimh? Cé bhain an chéad siar as? Tabhair éagosc na troda idir é féin agus Conal. Cad air a chuir Conal a choimirce? Arbh' ait uaidh sin a dhéanamh? 7. Dé chúis go raibh sé ós na Rómhánaigh a gcuid féin do dhéanamh dhe? An ndéineann náisiúin an lae indiu amhlaidh? 8. An raibh aistir eile ar Chonal? Cad é an lá agus cad é an áit atá i gceist? Tabhair cúntas ar cad a thárla. 9. Cad é an cómhrádh a sprioc Conal chum dul i gcabhair ar an Slánuightheoir? An bhfeacaidh Conal aoinne ar a shlighe go Cnoc Cailbhre a luathaigh é? Cé hí? 10. Cad a thuigtear ón scéal? 'Dé mhéid de'n bhfírinne dhéarfá atá insa scéal so? 11. Scríobh cúntas ar na h-áiteanna 'na raibh Conal ó thúis deire an scéil agus mar d'éirigh leis.
12. Tabhair ainm an ghaiscidhigh is treise sa tír fé láthair agus an deifir, dar leat, idir é agus Conal Ceárnach. 13. Dá mbeadh Conal Ceárnach beo indiu cad é an tuairm a bheadh aige ar Ghaedhil? 14. Déin idirdhealbhú ar chogadh an lae indiu agus cogadh na h-aimsire úd. SEOG ADHTAM. 1. Cá raibh Seog Adhtam agus a mhaighistir 'na gcómhnuidhe agus cad é an tslighe mhaireachtain a bhí aca? 2. Cad é an moladh agus an locht a bhí ar Sheog agus ar a thománaí? An mbídís i gcómhnuidhe sásta leo féin? 3. Cad é an fonn a bhuail Ólsiar? Ar chreid fear an chaifí na leath-scéil a bhí aige le dul abhaile? Ar tháinigh an fhírinne i ndeire? Ar aontuigh fear an chaifí len' imtheacht? 4. Tabhair cúntas ar ar thuit amach idir Sheog agus Ólsiar fér imthigh Ólsiar. 5. An raibh Seog dílis an fhaid a bhí Ólsiar ar iarraidh? Cad a thárla ar an t-aonmhadh lá déag? 6. Cathoin a chuaidh Seog ar stailc, agus conus d'iomcharaigh sé é féin ar stailc? Cad iad na h-iarrachtaí a dhein fear an chaifí ar é chur ag obair' arís? Ar eirigh leis? 7. Déin cur síos ar chasadh Ólsiar agus a chasadh le Seog. LEIGHEAS AN BHÁIS. 1. An ar tuaith nó ar baile mór atá an scéal so ag cur síos? An áilneacht saoghal baile móir nó a mhalairt atá ann? 2. Cé h-iad atá sa scéal? Tabhair cúntas ar gach duine aca d'réir an scéil? 3. An rabhdar bocht nó saidhbhir? 'Dé chúis an doicheall a bheith chómh mór idir an othar agus an cláiríneach. 4. An raibh an leas-mháthair sásta gur dhein sí an rud ceart leis an gcláiríneach? Ar dhein sí an rud ceart? Cad dhéanfá dá mbeifeá 'na cás? 5. Tabhair do thuairm, maidir le cúrsaí an tsaoghail, ar an deifir a bhí idir an cláiríneach agus na páistí a bhí ag teacht ón scoil. 6. An mó rud a bhí ag cur ar an gcláiríneach? Cad é an rud ba mhó bhí ag cur air? Cá bhfuair sé faothamh beag? Cuir síos ar ar thárla dó sa séipéal. Cad a dhein sé? Cad a chuala sé? Agus cad a chonnaic sé?
7. 'Dé chúis gur fhág sé an séipéal? Cuir síos ar an deire a bhí ar an scéal. An ndéarfá gur thuill an cláiríneach an chrích sin? Arbh' fhearrde dó bheith beo? 8. Scríobh aiste ar an deifir atá idir duine bocht tuaithe agus duine bocht baile móir. 9. "An té bhíonn tinn ní binn leis aon rud acht is binn leis faothamh." 10. Scríobh aiste ar an mbuaidh atá i gceol. AN GRÁDH AGUS AN t-AIRGEAD. 1. Ar tháinigh athrú aigne ar Thomás Léan? Cad a thug an t-athrú air? An mó brígh atá le 'ceann'? "Bain an ceann de'n scéal." Mínigh sin. 2. Conus a bhain Tomás an ceann de'n scéal? An raibh ciall leis an gcaint a dhein sé? 3. Ar réidhtigh sé féin agus a athair le chéile maidir le togha mná? Cá raibh an t-easaontas? 4. An raibh Tomás i ngrádh? Cá bhfios duit? Cad is grádh ann? An raibh a athair sanntach? Cad is saint ann? 5. Innis an deifir, dar leat, idir an dá chailín i gceist. 6. Cad é an seift a cheap Tomás chum a athair a thabhairt ar aon aigne leis? Conus a chabhraigh Máirín leis? 7. Cad é an deire bhí ar an scéal? Cad é do thuairm féin ar an scéal so? 8. Scríobh aiste ar — (a) "Is fearr bean ná spré." (b) "Ní céasadh go pósadh." (c) Cleamhnas, pósadh, cóisire. CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE. 1. "Is mairg a chuirfeadh isteach ar dhuine 'na shaoghal." Conus a bhaineann an rádh so le tosach an scéil? Cad é do thuairm féin ar an rádh? 2. Aithris scarmhaint an cheathrar dritheár ag crosaire na cheithre rian agus a dteacht le n-a chéile arís. 3. An raibh fáilte ag a n-athair rómpa ar a gcasadh? Cad a dhein a n-athair nuair a inniseadar dó cad a bhí aca de bharr na bliana? An raibh sé sásta leis an tástáil? 4. Aithris an scéal a thárla 'na dhiaidh sin. Conus a roinneadar toradh a saothair? 5. Tóg aon bheirt nó triúr ceárdaighthe eile agus scríobh scéal na dtaobh.
6. Scríobh scéal ar bheirt cailíní a theidheann ar lorg a bhfortún. 7. Ciaca des na cheithre ceárduighthe ba chliste? An bhfuigheadh aon triúr aca an gnó a dhéanamh gan an ceathramhadh duine? 8. Scríobh aiste ar "Beatha dhuine a thoil." ROTH AN ÁIDH. 1. "Bhí a cháin díolta ag Lughaidh." Cad é an brígh atá leis an gcaint seo? 2. Cé hé an chéad duine a dhein cur isteach ar Lughaidh agus ar a bharraille? Cad a thárla eatorra? 3. Conus d'éaluigh an barraille? Aithris a thurus trí Shráid Graifton. Conus a ghabh sé thar an dara píléir? 4. Cad é an deire a bhí ar an réim reatha a bhí fé'n mbarraille? 5. An mó duine a bhí in achrann sa scéal? Ar tháinigh cogadh as an scéal? 6. Conus d'éirigh an cogadh le Lughaidh? 7. "Is minic a tháinigh cogadh as clúdach píopa." An fíor é an rádh so? Tabhair deismireacht. 8. Scríobh aiste ar "Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin." Mínigh an rádh so agus dein tagairt do chogadh mór na h-Eoirpe. 9. Scríobh aiste ar "An rud badh mheasa leat ná do bhás ní bheadh fhios agat nárbh' é lár do leasa é." 10. Scríobh cheithre cnámhna an scéil seo. AN SEAN AGUS AN NUA. 1. Cuir síos ar Mháire ní Bhriain. An bhfuil aithne agat féin ar aon bhean dá leithéid? 2. An raibh an mháthair go maith do Pháidín? 'Dé chúis, dar leat, a choimeád sí ón scoil é? 3. Cé tháinigh ar an áit? Cad a chuir i gceann Mháire an tsean-aimsir a bheith ag casadh arís? 4. Cad a bhí idir an sagart agus Páidín? Cad a tháinigh as? 5. An gnáth sagart ag dul go dtí an ghaedhealtacht? An rabhais féin riamh ann? Cad a thug ann thú? 6. Scríobh cómhrádh idir duine ag briseadh cloch ar an mbóthar agus (a) buachaill ag dul ar scoil, (b) agus sean-bhean ag casadh ón mbaile mór, (c) agus iascaire, (d) agus feirmeoir, (e) agus fear siubhail. 7. Scríobh aiste ar shaoghal mhúinteora Gaedhilge. 8. "Ní'l de dheifir idir an Sean agus an Nua acht comhaireamh na h-aimsire." Scríobh aiste ar an rádh so.
NÓTAÍ. OIDHCHE AR BHARR TUINNE. Leathanach 1. A SHÚILE THAR SHUARACHAS AN TSAOGHAIL .i. gur beag air nithe saoghalta agus ná bíonn a aigne fé aon dualgas mar gheall orra. Dá mbeadh "a shúil" ann gheobhfaidhe brígh eile bhaint as .i. a shúil leis an saoghal eile. BA GHEAN LEIS .i. ba thaithneamh leis. Nuair a deintear úsáid de "BA" i rádh mar seo bíonn cruinneas agus neart sa rádh. "Badh dheas leat;" "Badh bhreágh leat," & rl. DHEIN SÉ RUD DI .i. níor scaoil sé an chaoi uaidh; bhain sé úsáid aiste. AR A THOIL .i. mar ba mhaith leis. Ní raibh rith ceart na cainte aige. CHUIR SÉ AR THRIÚR… LEIS .i. d'iarr sé orra teacht agus mheall sé chuige iad. I mBUN AN BHÁID .i. ag oibriú agus ag faire an bháid. NÍ I dTAOBH LEIS .i. ní ag braith air; bhí níos mó glóir ann ná an chaint a bhí ar siubhal. AN UAIN .i. an uair sin agus an áit agus gach ar bhain leis an áit agus leis an am agus leis an aimsir a bhí ann. "Is a Chríost, nár ró-bhreágh an uain í, a inghin an Fhaoit ón ngleann?" Deirtear leis, "ní'l aon uain agam" .i. am. "Fan led' uain." "Bhíodar ag uainigheacht ar a chéile." AG GABHÁIL LÉI .i. ag baint léi. Leath. a 2. A GHREAMOCHADH AN DUINE .i. rud a gcuirfeadh duine a shuim agus a thaithneamh ann agus a leanfadh in a aigne. "Tá an leabhar sin greamamhail." SCATA BÓ .i. an-chuid bó. Deirtear amhlaidh "scuaithne cearc." Cialluigheann na focail seo go mbíonn na nithe dá mbítear ag tagairt gan aon riar. Á GCRUINNIÚ FÉIN .i. ag teacht amach as cathaoir an ráis agus ag dul mar a mbíonn an fear a thugann fógra an reatha. FIAR-SCEABHA .i. an caipín dála chuma liom ar a leath- cheann. IDIR AN DÁ SHÚIL .i. féachaint díreach orra. Deirtear leis "ag cur na súl tríom."
TOGHA AGUS TORADH .i. an té mbíonn an tsláinte go maith aige bíonn deallradh agus dath dá réir air. Ní h-ionann toradh agus airgead ná luath-saothair annso. BLEATA GAOITHE .i. leoithne nó scathamh gaoithe ná beadh ró-sheasamhach. MEUM GAOITHE .i. leoithne beag lag. Leath. a 3. SIAR Ó THUAIDH AIR .i. aistreochaidh sí go dtí an áird sin. Beidh an ghaoth aniar adtuaidh. Cuirtear "air" go minic sa chaint ar an dul sin. CEANN AR A AGHAIDH .i. díreach ar a aghaidh. IN ÁIRIGHTHE AIGE .i. a raibh socrú roimh ré déanta aige le dul innte. AR A LEATH-LIOSTA .i. caithte ar a chlíathán. AR AN TOBAC A CHUADHADH .i. tugadh tosach don phíopa; annsin an chaint. "Níorbh' thúisce gal ná scéal." Bíonn an rádh sin go minic againn — "chuaidh sé ar ól;" "chuaidh sé ar chaint;" "chuaidh sé ar na dóirne," & rl. A LUATHOCHADH .i. is luaithe nó is túisce thabharfadh congnamh do ar theacht. I gCORÓINN .i. nuair a bhíonn aoibhneas Dé i seilbh. A MHARTHAINN .i. caitheamh agus imtheacht a shaoghail. Á BHAINT AMACH .i. clíathán nó leath-bhogha an bháid ag bualadh agus ag gearradh an uisce. Leath. a 4. AG GOID NA SLIGHE .i. ag giorrú na slighe. LÍNE MÍ-CHOTHROM .i. ar nós peictiúra; fioghar na spéireach mar dhrom agus imeal an tsléibhe mar líne ar a fhuaid. FUINNE NA GRÉINE .i. dul fé na gréine; deire lae AG BREITH BRÁGHA .i. ag comórtas le n-a chéile ar fheabhas. SGUIREADH DE'N RANN .i. baineadh de'n chrann é mar a bhainfidhe trucaill de chapall. EARBALL NA LÍONTA .i. an chéad líon ag dul amach agus an líon déanach ag teacht isteach. An líon is sia ón mbád agus na líonta amuigh. Leath. a 5. AG RÉIDHTEACH NA mBUIDHEANNA .i. bíonn téada ag gabháil leis na buidheanna agus is minic in achrann iad. A mBÉIL AGUS A SÚILE OSCAILTE .i. cómhartha iongantais.
THUIT MÁRTAN LEIS .i. fuair an suathadh an lámh uachtarach air; bhuaidh an suathadh air. SEOL TOSAIGH .i. nuair ná bíonn acht dhá sheol ar bhád an seol mór an seol deire, agus an seol beag an seol tosaigh. BRUACHADGHAIL TINNIS .i. bhí an tinneas ag eirghe chuige, d'iarraidh teacht air. Deirtear an focal le duine a bhíonn ag brath ar bhiadh leis — "féach an bhruachadghail atá aige air" .i. an chúinneireacht atá aige d'iarraidh teacht air. ADHBHAR SÁMHÁIN .i. áit a luathochadh an codla. AR FHLEASC A DHROMA .i. ar leithead a dhroma, ar chnámh a dhroma. Leath. a 6. AG EIRGHE CHÚCHA .i. faoitíní an t-iasc a bhíodar do mharbhadh. AG PLÉIDHE LEIS .i. ag gabháil do; á láimhseáil. BHÍ THIAR AIR .i. bhí sé gan a dhada. Leath. a 7. CHÓMH SO-BHLASTA LEIS .i. aon rud a raibh blas chómh deas air. BÍONN BLAS… gCOMHARSAN, .i. bíonn blas milis ar an rud ná bíonn agat féin agus a bhíonn ag duine eile. Mar atá "bíonn adharca fada ar na ba a bhíonn i bhfad ó bhaile." Cialluigheann "pairseach na gcomharsan" an ní a gheibhtear in aisce leis. AN FARC A THUG DIA DHÚINN .i. ár méara. AR AN nGÉIRE .i. dá mbeadh sé deacair dúinn mar gheall ar an dorchadas ná aon rud mar sin ár mbéal a fhagháil amach is ar na méara a bheadh ár mbraith. D'AIRIGH SÉ AN T-UALACH .i. mhothuigh sé nó bhraith sé go raibh breac éigin ar an dubhán. DIÚDARNGHAIL CHODLATA .i. an codla ag goid nó ag sleamhnú orra dá dheonta féin. Leath. a 8. I GCÚRSAÍ LEABA .i. maidir le leaba; ag trácht ar leaba. AON ANGRÉIS .i. gach aon fhuighleach, rud gan mhaith, sean-éadach, sean-phíosaí iarainn, & rl. MUIRC MAIRC .i. gan riaghail gan réir; tré n-a chéile. NÍORBH' THROM SUAN DÓIBH .i. níor thuit aon chodla ceart orra.
Leath. a 9. TAGANN… LE SLÁINTE .i. má gheibheann duine droch- úsáid in óige fanann iarsma na droch-úsáide in achrann ann agus bíonn sin ag seasamh ar an tsláinte i gcómhnuidhe go bhfuigheann an duine bás. TRAOCHTA AIGE .i. caithte aige. TÁ SÉ DIAN .i. is deacair a rádh. ACHT DÁ CHOMHARTHA SIN FÉIN .i. acht ar éigin; aon rud acht é bheith ann. Leath. a 10. GACH AON CHÓIR .i. gach rud a bheadh ag teastáil chum iascaireachta agus bídh, & rl. Leach. a 11. DE BHIOTH .i. de bhuaidh aige; de chleas oilte aige. CLUAIS ANÁIRDE .i. cluais le h-éisteacht. Bíonn Tuiseal Tabharthaidh go minic in áit Tuiseal. Ainm sa dara díochlaonodh. AG TEACHT TREASNA .i. ag cros a chéile; ar mhalairt aigne. BLADAR AGUS GLAGAR .i. caint ná beadh aon dáirír- eacht ag baint léi. FONN IMIRIS .i. fonn cur tré n-a chéile. GAN TÚIS GAN DEIRE .i. gan ciall gan éifeacht. AR BUILE .i. fearg. Bíonn "ar" mar seo i ráidhte, mar atá — tá siad "ar stailc;" "ar meisce;" "ar díthcéille." Leath. a 12. THABHARFAINN-SE FÉIRÍN DUIT .i. thabharfainn buille éigin duit nó droch-iarracht. THABHARFÁ-AMÁIREACH! Searbhas é seo. "Ní thabharfá, go deimhin." MUTHAL DEATAIGH .i. scamall deataigh. SEADH, A bhFUILIM .i. táim, go deimhin. Leath. a 13. SA CHÓCAIREACHT .i. bíonn "sa" sa chaint mar seo go minic. Chuaidh sé "sa snámh;" "sa chontabhairt." AN LÉIR-SCRIOS .i. do ith gach aon rud. AG TARRAINGT .i. ag tarraingt isteach na líonta. CAOCHFAIDH SÍ… MACRAELÍ .i. baineann aon athrú a thagann ar an uisce an radharc de'n iasc. 'NA DHONNFAINN .i. breacadh lae; eirghe gréine; an uair a bhíonn an lá a breith ar an oidhche.
Leath. a 14. GO DEAS SÍTHEOLTA .i. go deas cothrom gan mórán duadh. TEINE GHEALÁIN .i. an dath dearg a bhíonn ar chnámhna éisc san oidhche nó ar an sáile nuair a chorruightear é. AG RIGHINEACÁIL .i. ag fuireach in áit a bheith ag imtheacht. FÉ SHEOIL .i. an seol orra. AG GEALA .i. an dorchadas ag imtheacht, Deirtear so le spéir fearthanna leis. "Tá an lá ag geala." AN mBRAITHEANN .i. an mothuigheann tú? NÍ DADA É SIN .i. ní'l aon díoghbháil annsin. BRAOINÍN MAITH LÁIDIR .i. braoinín beatha uisce. Leath. a 15. BADH CHRUAIDH AN FEAR .i. bheadh sé 'na thíoránach. NÁDÚIR TOMHAIS .i. gloine beag stáin; árthach beag éigin. Leath. a 16. SCEIMHLE SHIORRUIDHE .i. eachtra ba eadh í; ní raibh aon teora léi. IN ACHRANN LEIS .i. ag dileáil leis; tar éis iasc a cheannach uaidh. AR A COSA DEIRE .i. ag seasamh ar a cosa deire. AON FHAGHÁIL .i. aon chaoi; aon tslighe. Leath. a 17. CUR DES NA BUINN .i. imtheacht; tosach reatha a dhéanamh. AG CUR DE .i. ag rith leis uaithe. AON STRÍOCADH .i. aon stad; aon mhaolú. Á dTIONNLACANN .i. á leanamhaint. Leath. a 18. BREAC-FHUAR .i. saghas fuar; beagáinín fuar. Deirtear "braith-fhuar" leis. AG BREITH NA GAOITHE .i. ag gabháil na gaoithe. AG BAGAIRT A gCINN .i. bhí taithneamh na gréine le feicsint orra. BOLATH BEAG GAOITHE .i. leoithne beag lag.
Leath. a 19. CHÓMH CIÚIN LE MUR .i. an-chiúin ar fad. Is dócha gur ionann mur agus umar annso. SILTE GO MAITH .i. caithte cortha. FOGHMHAR NA FARRAIGE .i. an t-iasc. CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE. Leath. a 20. BHAINFEADH AON BHEÁRNA .i. a bheadh maith a dhóthain do in aon tslighe. NÁ LEOMHFADH NEACH A DHUBHSHLÁN… .i. go raibh eagla ar aoinne dul in iomaidh leis. A RÉIM A MHAOIDHEAMH AIR .i. nár mhór le h-aoinne dhó a réim. Ba é an fear ceart san áit cheart é. BHÍ SÉ AMUIGH AIR .i. bhí sé d'ainm aige. COMHRAC MAR MHAGADH .i. comhrac caradais. D'AITHCHUINGNE AR AN RÍ .i. d'iarr sé ar an rí. AG TEACHT DÓ .i. á thuilleamh aige. Leath. a 21. LE h-AGAIRT AIR .i. le cur 'na choinne. I dTÁNAISTE .i. mar; cosmhail le. Á CHOIMHDEACHT .i. ag tabhairt aire do agus mar chuideachta. CHUIREADAR I dTÍR .i. chuadar i dtír. AR THÓIR .i. ar lorg. AN LAOCHRA .i. na gaiscidhigh. FÉ DHÓ .i. dhá bhobhta; baineann so leis an gcuaird a thug na Rómhánaigh ar an mBreatain annallód. OSCAIL SÉ SÚILE .i. gur theasbáin sé dóibh an mianach a bhí ann. Leath a 22. FIADHAILE CHAOCH .i. spur spar; neamh-ní. THÍOS NÁ THUAS .i. in aon tslighe ar aon chor. AG SÚGRADH LEO .i. mar a bheadh páiste. AON OLC .i. aon díoghbháil; aon bhuile teacht orra. AN t-ÁRTHACH I nDÍSC .i. d'fholamhochadh an gloine. IS É MHEALL .i. is é chuir an t-iongantas ar fad orra. GO DTÍ AN SMIOR .i. go dtí an chroidhe. GO dTEAGMHOCHADH SÉ .i. go mbuailfeadh sé le; go gcasfaidh sé air.
Leath. a 23. SCIORTA BEAG .i. Cuid nó roint bheag nárbh' fhiú a áireamh. BUADHCHANT GO BOG .i. buadhchant gan aon trioblóid ná duadh. I gCÚDABHAID LE .i. i gcomórtas le; i dtriail le; in iomaidh le. BA MHEIRGEACH… MHAIRGEACH .i. bha mhór an mille deineadh orra agus ba mhór an leagaint ar a gcáil é. DÁ OILTEACHT .i. dá mhéid a gcuid foghluim agus cleachta. FEAR nDOMHAN .i. Tuiseal na Geinidinn san Iolradh ar domhan. Tá an Domhan Toir agus an Domhan Tiar againn isna sean-scéalta. Leath. a 24. CHRUINNIGH SÉ É FÉIN .i. bhailigh sé a chuid nirt go léir agus cuir sé a chosa agus a lámha i dtaca mar ba chóir. FEAR A DHIONGMHÁLA .i. fear a chómh nirt agus a chómh thréithe. CAITHTE GO MAITH .i. sáruighthe go maith. ROINT MHAITH IARRACHTAÍ .i. droch-iarrachtaí fuighte aige. AG RITH LEIS .i. ba é a thuairim; ag rith in a aigne. SUAIDHTE SÁRUIGHTHE .i. Suaidhte de dheasca na n-iarr- achtaí bí fuighte aige mar a bheadh sé ó thinneas farraige; sáruighthe .i. buaidhte glan air. GUR BHEIR AN PHRÁIDHINN .i. bheir annso in áit "rug." Is amhlaidh bhíonn sa chaint nuair a bhíonn an bhrígh seo leis. Leath. a 25. FIUCHA 'NA CHUISLINN .i. fiucha fola; théidheamh an fhuil ann. AON BHINIB MHILLTEACH .i. aon fhogha nirt láidir ceart. A DHEIN CÍSTE .i. a dhein brus de. LIÚIGH GHÁIR .i. liúigh mhaoidhte; gáir mholta. A gCUID FÉIN DE .i. a rádh gur ón Róimh é mar is béas le Sasnaigh a rádh anois .i. gur leo féin aon Ghaedheal le cáil. THÁINIG DO SHINNSIR .i. tagairt do theacht Chloinne Mhilleadh go h-Éirinn ó thúis. Leath. a 26. GO GROD .i. thug sé a fhocal go raghadh agus ba leor sin.
CIME MÉIRLIGH .i. duine a raibh coir an-mhór déanta aige. CHONÁCH SIN AIR .i. is maith an scéal; tá sé tuillte aige. CHÓMH DIONGMHÁLTA .i. chómh cruinn; chómh deimhin; chómh eolgaiseach. A CHUID LAOCHRA .i. a chuid saighdiúirí. Leath. a 27. BHAIN SÉ STIUR AS FÉIN .i. bhain sé crothadh feirge as féin. CLUAIS BHODHAR .i. níor éist sé leo. A CHOSA CHUR FÉ .i. seasamh ar a chosa. THÉID MO CHUID FOLA LEIS .i. ghlacas truagh agus taithneamh chómh mór sin do gur thuigeas gur fuil agus feoil a bhí ann mar me féin. Leath. a 28. NÓ NEACHTAR ACA .i. nó ar an taobh eile de'n scéal. CHUM GABHÁIL DEN CHLAIDHIMH .i. chum iad a bualadh leis an gclaidhimh. DE THUAIRT .i. thuit an claidheamh marbh ceart as a láimh agus óir go raibh sí an-throm dhein sí glór an-mhór. DE GHUSTAL .i. de chiall ná de éifeacht. Leath. a 29. NITHE CUMHRA .i. rudaí deasa luachmhara. SEOG ADHTAM. Leath. a 30. REIDHSE MÓR .i. fairsinge talmhan; an-chuid. SCOTHARNACH COILLE .i. an fás fiadhain a bhíonn le cois na gcrann. CHÓMH SEANG AGUS CHÓMH SILTE .i. chómh folamh agus chómh leadhbach. Leath. a 31. AMUIGH LEIS FÉIN .i. cráidhte in a aigne. AG SÚGRADH LE h-ÓL .i. ag déanamh beag de ól; ag ól mar a bheadh páiste. AG GOL GO FUIGHEACH .i. go truaghmhéileach; na deora ag teacht go tiugh leis.
Leath. a 32. LE NEART CATHUIGHTHE .i. le neart truagh agus briseadh croidhe mar gheall ar an scéal. DO SCÉALAÍ .i. cé thug an scéal chughat? IARRACHT MHAGADH ASAM .i. ná bí ag déanamh amadáin díom. DUL AR AN bhFÍRINNE .i. an fhírinne d'innsint. Leath. a 33. DEICH LÁ GAN MHAITH .i. deich lá suarach nach fiú trácht orra. CHUGHAM ANOIR AGUS ANIAR THÚ .i. níor theip tú riamh orm. AG FAGHÁIL SAOIRE .i. ag fagháil laetheanta Saoire. AN CEAP COISE .i. an chos uathbhásach mhór. Leath. a 34. BEIDH THIAR ORT .i. díolfaidh tú as; ní bheidh aon mheas agam-sa ort. NÁ BÍ GRÁNA LEIS .i. ná bí crosta leis; tabhair ceart dó. BA BHEAG AR SHEOG .i. ba thuma le Seog mar gheall ar… AR IARRAIDH .i. gan a bheith ann. Leath. a 35. GABHADH SEOG .i. gléasadh Seog fé… NÍOR BHEAG SIN .i. ba leor sin mar chómhartha do. AG GUALÁIL .i. ag luascadh anonn agus anall sa tsiubhal. A BHRISTEAR .i. a mhúintear. Leath. a 36. NÍOR DHÓICHIGHDE .i. níor dhóigh go ndéanfaidhe .i. chuir- feadh Seog 'na choinne d'réir deallradh. THALL DÓ .i. a dhathad blian a bheith caithte aige. AG FAIRE AR AMAS .i. ag fuireach le caoi. LEAGAINT LÚIB .i. maolú; a bheith níos séimhe agus níos macánta. AIREOCHAIDH DO BHOLG .i. mothochaidh do bholg é. GUR MHÓR AG… .i. go raibh an-chion aige air. Leath, a 37. SCEON INNTE .i. eagla agus uathbhás uirre. BHUAIL ÓLSIAR PORT .i. tháinig sé thar n-ais.
Leath. 39. AG BRUGHADH LEIS .i. ag déanamh air aníos. TAR ÉIS GABHÁIL TRÍD .i. tar éis a chur de. Leath. a 40. AON DUL UAIDH .i. chaith sí géille dhó. GURBH' OLC LÉI .i. go raibh sé ar a h-aigne go raibh sí ag deanamh feall. Leath. a 41. D'URCHAR .i. go h-obann; mear; tapaidh. LEIS AN DORUS .i. in éinfeacht leis an dorus; gan aon duadh. AR A GHROGA .i. 'na shuidhe ar a chosa. A DHEIN SÉ AN tSRÁID .i. a shrois sé an tsráid. GÉIRE AN OCRAIS .i. éileamh an bhídh. IS AR ÉIGIN .i. ba dhícheall dó. Leath a 42. AG PLÉIDHE LEIS .i. ag gabháil dó. BA BHOCHT É CÁS .i. ba mhór an truagh. AR AN nGAOITH .i. leis an ngaoith. Leath a 43. LÉAS bheag .i. beagáinín beag. Deirtear "ní'l léas céille aige" leis. GEOIN CHEOIL .i. meascán ceoil. CORRUIGHE EILE .i. corruighe croidhe. Leath. a 44. AR DHUL I bhFEIDHM .i. ar pé rud a bhí uaidh sa chófra d'fhagháil. AG LAPADÁIL LEIS .i. ag cuardach le n-a lámha. Leath. a 45. D'ÉIRIGH A CHROIDHE AIR .i. Chaill sé a cheadfa le sceimhle.
AN GRÁDH AGUS AN t-AIRGEAD. Leath. a 46. LAG ORRA .i. ní bhíodh aon sos orra. BHAIN SÉ AN CEANN DE'N SCÉAL .i. leig sé rúr an scéil. Thosnuigh sé ag cómhrádh mar gheall air. NÍ'L AON DEALLRADH .i. ní'l aon áird orainn. Tá ár saoghal go h-aincis. Leath. a 47. PINGIN RUADH .i. aon leath-phingne ar aon chor. AN DRAE MAIRG .i. pioc mairge, pioc carbhuaice; ní raibh aon suim aige ann. A CHAITHEADH SÉ É FÉIN .i. a scuireadh sé é féin; stadadh sé ag maranna. AR AN INNTINN CHÉADNA .i. ar an aigne chéadna; an rud céadna ag déanamh scime dó. AIT ANN FÉIN .i. ag cailleamhaint a chuid céille. Leath. a 48. NÓTAÍ AR FAD .i. nótaí púint. Leath a 49. LE CUR 'NA CHIONN .i. le cur leis. LOM DÍREACH .i. díreach ceart. A BHUAIL FÚTHA .i. a thug an mhéar dóibh; a ghoid iad. D'ÉIRIGH TOMÁS CHUIGE .i. chrom sé ag troid leis. CÁ bhFUILMÍD? .i. conus mar táimíd? AN nGEOBHAIDH SÍ LIOM .i. an nglacfaidh sí liom. TÁ SÉ DIAN .i. tá sé cruaidh. NÍ THIOCFAIDH AMÁIREACH .i. searbhas. Tiocfaidh, ambasa. AG RITH CHUGHAT .i. an-chaitheamh a bheith aici id' dhiaidh. Leath. a 50. GAOTH I mBÉAL DUINE .i. neamh-ní; dada. PÉ RUD A RUAIG .i. pé rud a chuir in a aigne. CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE. Leath. a 52. A THÁINIG IONTA .i. nuair a tháinig aois ógánach dóibh. AON DEALLRADH DHÓIBH .i. ann chiall dóibh. AG BRUGHADH AR A CHÉILE .i. sa tslighe dá chéile; ag déanamh dada.
BHÍ 'NA gCEANN .i. an oidhche 'na dhiaidh sin. NÍOR THUAR ME .i. níor shileas. NÍ BHEIDH SÉ LE CASADH .i. ní bheidh sé le rádh agaibh liom. GUR BHACAS BHUR LEAS DÍBH .i. gur thuireas isteach oraibh 'nbhur saoghal. Leath. a 53. CROSAIRE CHEITHRE RIAN .i. crosaire cheithre bóithre. Leath. a 54. FAIC GO DIA .i. dada ar aon chor. ÁR LÁMHA AR LIOBARNA LINN .i. gan aon rud tuillte againn ná aon rud á thuilleamh againn. DORUS BÉAL BÓTHAIR .i. an dorus ar aghaidh an bhóthair. Leath. a 56. BHUR ROGHA RUD .i. pé rud is maith libh. CHUM TOSAIGH .i. i dtosach an bháid. Leath. a 57. SIN É AN BUACHAILL .i. sin é mo leaid. Sin é an fiolar atá uainn. BHUAIL SÉ… FÉ'N OSCAIL .i. chuir sé… fé'n oscail. Leath. a 58. MAOL MARBH .i. 'na chorp gan bheatha. DE'N CHÉAD DUL SÍOS .i. an chéad iarracht. AG CUR… AIR .i. bhíodar d'iarraidh an t-airgead a thabhairt dó. Leath. a 59. DUL I gCÓMHAIRLE .i. a gcinn a chur le chéile. É CHUR AR CHRANNA .i. cheithre bhrobh d'fhagháil féachaint cé tharraingeochadh an ceann ba shia; nó cleas éigin mar sin. ROTH AN ÁIDH. Leath. a 60. SAN IMTHEACHT A BHÍ FÉ .i. an t-imtheacht a bhí sé a dhéanamh. D'IOMCHAR GO MAITH .i. gan aon rud bun os cionn a dhéanamh.
Leath. a 61. GHOILLEADAR AIR .i. chuireadar ar buile é. AG GÉARÚ .i. ag dul níos mire. CÉ THÓGFADH AIR É .i. cé dhéarfadh aon rud leis dá cionn? Leath. a 62. Á GHRIANÚ FÉIN .i. ag tabhairt a bhuilg don ngréin. BAIN SÉ TOSACH DE… .i. chuaidh sé roimhe. Leath. a 63. GO MAOL-CHLUASACH .i. go macánta; a mhéar 'na bhéal aige. CUAILLE LÓCHRAINN .i. piléar an tsoluis. Leath. a 64. AR CHEANN NA h-OIDHCHE .i. ar theacht na h-oidhche. CHUM BREITH AR A GHREAMANNA .i. chum a bheith saor ó fiacha, & rl. Leath. a 65. AN MHUC A THÓGAINT AR A COIS .i. Glacadh leis an gcaoi nuair a gheibhmíd í. AN SEAN AGUS AN NUA. Leath. a 66. DÉANAMH DÁNA UIRRE .i. bhí gabháil le gach aoinne aice; ní raibh aoinne amuigh léi. AR THÁINIG AN POST .i. teacht fear an phuist an clog a bhíonn ag daoine sa tuaith. An post; an traen; an coilleach; an taoide, & rl. TÓGAINT AR PHÁIDÍN… RIAMH .i. sid é rádh gach teaghlaigh — gach aoinne ag déanamh a dhíchill. Leath. a 67. NÍ FHEADAR SIAD DÉN FUADAR, & rl. .i. béas le daoine bochta a labhann an Ghaedhealg a bheith ag cuimhneamh gur chum airgid a dhéanamh a bhíonn daoine eile á foghluim. NÁR DHUBHAIDH SÉ AN DORUS .i. nár tháinigh sé go dtí an dorus féachaint an raibh sí istigh. Leath. a 68. CHÚIG ÁRDA .i. ná chúig bóithre go dtí'n Teamhair. NA NAOI bhFIONN .i. ní fheadar ciaca "naoi mbeann" nó "naoi bhfionn" is cirte.
Leath. a 69. SAGAIRTÍN .i. ní le n-a luighead an "ín" acht le cion air agus taithneamh do. AMAS AR PHÁIDÍN .i. caoi ar é fheicsint leis féin. CHAITHEADH SÉ FOCAILÍN .i. bheanuigheadh sé dó. Leath. a 70. É CHAITHEAMH UAIM .i. Stad de'n obair. MARBHÚ NA PÉISTE .i. ag romhar; ag sclábhuigheacht. SCOLB SAN AER .i. ag cur dín ar thigh. AG BEARRABÓIREACHT .i. is gnáth duine éigin áirighthe ag bearradh an choda eile i mbaile beag tuaithe. Ní céird ag duine sin. BROID A BHEITH ORT .i. práidhinn an-mhór. Leath. a 71. LE N-A CHOIS .i. In' fhochair. AG DÉANAMH SCIME .i. ag déanamh cúraim. SPÓIRSEACH BHREÁGH .i. teine bhreágh ag lasadh. Leath. a 73. CAITHEAMH AR PHÁIDÍN .i. cathú; mairg. AG EIRGHE CHUIGE .i. ag troid leis in' aigne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services