ROIMH-RÁDH.
Tá h-ocht gcinn de scéalta sa leabhar so. Is me
féin do cheap cheithre cinn aca. Leagaint ar scéalta
Béarla, Fraincís agus Iodáilis is eadh trí cinn eile
díobh.
Fuaireas "Conal Ceárnach ar Chnoc Chailbhre" ó
Bhuadhach Ó Coileáin. Béidir ná fuil fírinne an scéil
d'réir staire. Mar sin féin is dóigh liom gur scéal
deas so-léighte é agus is buidheach me don té thug dom é.
Is buidheach me, leis, de ollamhain Iolscol na Mumhan
a chabhraig liom.
NIOCLÁS TÓIBÍN.
OIDHCHE AR BHARR TUINNE.
DOCHTÚIR le Diadhacht, sagart beannuighthe, fear
a bhfuil a shúile thar shuarachas an tsaoghail - seo
a tháinigh 'on Rinn sa Samhradh, bliain an Tighearna, a
1919. Ag foghluim na Gaedhilge a bhí sé ann. Ba
ghean leis muintir na Rinne, na h-iascairí go ró-
speisialta, agus ó'n chéad lá chuir sé aithne orra ní
raibh sé sásta leis féin go mbeadh oidhche caithte aige
'na gcuideachta agus 'na gcomhluadar ar bharr tuinne.
Fuair sé an chaoi ar dhul amach oidhche agus dhein sé
rud di. Badh ghráin leis dul in' aonar mar ná raibh
an Ghaedhealg ar a thoil aige, dar leis, agus dob' eagal
leis ná bainfeadh sé leath ná trian a dhóthain cainte
as na h-iascairí. Chuir sé ar thriúr eile teacht leis.
Ní raibh aon chur 'na choinne aca. Bhogadar, an ceathrar
aca. Ba dheas mar chuideachta an ceathrar úd agus
an ceathrar a bhí i mbun an bháid.
Oidhche ní ba dheise níor chaitheadar riamh. Bhí an
aimsir ar áilneacht. Peictiúir i ngach rud a leagfá
súil air. I ndorchadas na h-oidhche féin bhí níos mó
ná a ndóithin le feicsint ag súile cinn a bheadh oscailte.
Agus níor ghádh dos na lámha bheith díomhaoin mar bhí
cóir iascaireacht do chách. Na cluasa níorbh' shuan
dóibh óir ní i dtaobh leis an nglór daona a bhí an uain.
An oidhche úd thar aon oidhche dár chaith an ceathrar úd
riamh! Le féachaint siar uirre bhí rud éigin neamh-
choitchianta ag gabháil léi; rud éigin a chuirfeadh ag
cuimhneamh agus ag maranna an duine; rud éigin in
a raibh adhbhar scríbhinn agus seanchais; rud éigin a
ghreamochadh an duine agus ná h-imtheochadh d' urchar
as a chuimhne.
Chuadar 'on tráigh thimcheall a sé chlog um thráthnóna.
Sa ché istigh bhí roint bád leath-cheangailte leath-scaoilte;
iad siar agus aniar, anonn agus anall, in gach aon
tslighe, díreach, mar a bheadh scata bó ar an aonach nó
mar a bheadh capaill a bheadh á gcruinniú féin i
gcóir an ráis. B'fhuiris d'aithint orra ná beadh
suaimhneas na h-oidhche aca sa doca úd. B'fhuirist
d'aithint orra go rabhdar ag fuireach le n-a gcuid
marcach. Bhí na marcaigh — na h-iascairí — 'na suidhe
annsúd ar phlanc a bhí leagtha ag bun falla an ché.
Ní bhíonn aon bhóna ná carabhat ar iascaire. Ní
bhearrann sé é féin in aghaidh an lae. Ní dhéineann,
mar ní ar mhaise pearsan a bhíonn a mhaireachtain acht
ar mhille maise. Bhí a rian orra, bhí a gcuid brístí
breacuighthe liath ag an sáile; léine ghorm olna
ar gach fear aca; leadhb de shean-chaipín nó
pleidhce de hata fiar-sceabha air; gach ball éadaigh
dá raibh air gan mórán de'n taithneamh ann. Acht 'na
dhiaidh sin an té d'fhéachfadh go cruinn idir an dá shúil
orra chífeadh sé go raibh buaidh thar aingcise aca, go
raibh buaidh thar mhaise aca, sé sin, togha agus toradh na
sláinte. Agus cé go raibh a gcneas gan snas agus
a gceann gan cioradh, bhí 'na bpearsa agus 'na
gceannacha an t-éifeacht agus an tuigsint sin ba dhual
do'n nGaedheal riamh.
D' eirigheadar 'na seasamh. Féachaint dá dtugadar
soir, siar agus ó dheas; ba leor sin chum tairngireacht
na h-aimsire as sin go maidin do chraobh-scaoileadh.
"Bléata gaoithe adtuaidh a bheidh ann. Beidh sé 'na
chalma go maidin," arsa fear aca.
"Ní bheidh," arsa fear eile, "beidh meum bheag ghaoithe
aniar andeas ann a thabharfaidh amach sinn agus raghaidh
sí siar ó thuaidh air fé mhaidin."
"Pé gaoth a bheidh ann," ars an tríomhadh fear,
"déanfaidh sí oidhche bhreágh ar an bhfarraige."
Ba mhór an sólás an méid sin do'n gceathrar a bhí
ag éisteacht. Badh chuma leo súd acht an oidhche bheith
go breágh aca. Ba ghairid gur bhain fear crothadh as
féin agus dhein sé ceann ar aghaidh ar a bhád. Bhíodar
ag imtheacht 'na nduine agus 'na nduine go dtí go
raibh a fuireann féin istigh i ngach bád. Chuaidh an
Dochtúir agus a chuideachta isteach sa mbád a bhí
in áirighthe aige. Bhí téada á scaoileadh, ancraí á
dtarraingt; polaí á sádhadh agus á gcur i dtaca,
seolta á dteannadh anáirde ar feadh cúig nó deich
nóimentí. Sin a raibh ann, bhí gach bád ag treabhadh
na mara agus gan de shuim ag an té a bhí istigh innte
sa tír isteach uaidh acht díreach gus ná beadh sí ann
ar aon chor. Is ar an bhfarraige a bhíodar.
Bhí gach fear insan mbád 'na shuidhe go seascair nó
'na luighe ar a leath-liosta in áit éigin. Is ar an tobac
a chuadhadh, cé ná fuil aon rud is mó a luathochadh tinneas
farraige leis. Acht ní ag cuimhneamh ar thinneas a bhíonn
duine nuair is é aoibhneas Dé atá i gcoróinn. Ba
dhóthain do aoinne a mbeadh a mharthainn ar tír, gan
dada eile thabhairt fé ndeara acht an báidín úd. An
seoilín crochta anáirde uirre agus an leoithne gaoithe
ag breith air agus á theannadh. An méid sin ag tabhairt
siubhail di. Bhí sí ag imtheacht anonn chum na farraige
díreach gus dá mbeadh péire súl innte agus cheithre
cosa fúithe. Í ag gearradh léi. An fear ar an stiúir
ag déanamh eolais agus gan mhairg sa saoghal air á
dhéanamh. Badh dheas a bheith ag éisteacht leis an nglór
ciúin caoin a bhí ag an mbád á bhaint amach agus
cogarnac agus siosma na n-iascairí iar na meascadh
le chéile.
Amhlaidh sin a bhíodar ag goid na slighe. An mhuir
mhór bhraonach fé'n mbád thíos. An spéir ghorm glan
os a cionn. An tír, oileáin bheaga, carraigeacha,
failtreacha, páirceacha, guirt, cnuic is sléibhte is
gleannta isteach uatha. Na sléibhte go h-ioldaithte
órnáideach ag eirghe ón bhfarraige anáirde. A gciumhais
anáirde ag déanamh líne mí-chothrom ar fhioghar na
spéireach. Fuinne na gréine ag breith barr maise
agus scéimhe ar na rudaí agus ar na nithe seo go léir.
Na préacháin bhána go h-uaibhreach agus go dána ag
eitilt os cionn an bháid, nó le meidhir is magadh ag
eirghe agus ag túirling sa bhfarraige — gach aon rud ag
breith brágha ar a chéile.
Bhí Peaid Cheallaigh agus Séamas Ó Muirgheasa —
beirt iascairí — ag iascaireacht le dhá dhró (dhorugha) ar
feadh scathaimh. Mharbhuigheadar roint macraelí.
"Seadh, a Athair," arsa Peaid, leis an Dochtúir,
"bain tástáil as an dró so, féachaint an bhfuil an
chéird agat."
Bhí fear an bháid — Liam Ó h-Aodha — ar an stiúir.
"Ná bac leis, a Athair," ar sé. "Is fearr an
dró tharraingt isteach agus na líonta chur amach. Tá
trí báid stríoctha á gcur amach cheana féin."
Tarraingeadh isteach an dá dhró agus cuireadh i leath
taoibh iad. Leagadh an seol agus ceangaileadh go
dian daingean le téada é. Sguireadh de'n chrann
é, agus ceangaileadh de chlíathán an bháid é. Bhíodar
réidh annsin chum na líonta a chur amach.
Rug Peaid Cheallaigh ar earball na líonta agus
chaith amach é. Annsin rug sé ar an téad a bhí in
uachtar an lín agus rug Séamas Ó Muirgheasa ar an
mbonn. Bhí Liam ar an stiúir agus Tomás Ó h-Aodha,
a dhritheáir, ag caitheamh amach agus ag réidhteach na
mbuidheana. Bhí an ceathrar eile agus a mbéil agus
a súile oscailte ag féachaint orra. Ba ghairid an
mhoill iad a chur amach. Nuair a bhí a ndeire amuigh
ceangaileadh téad mhór láidir dá gceann agus
ceangaileadh an ceann eile de'n téad sin ar an gcrann.
Nuair a bhí sin déanta bhí an bád agus na líonta
annsúd sínte treasna na farraige. Ní raibh aon
ghaoth ann acht mar sin féin bhí crostacht sa bhfarraige
a bhí ag déanamh luascadh a dóthain ar an mbád, agus
níorbh' fhearrde na "máirnéalaig nua" é. Ní rabhdar
'na thaithighe. Ní luasca chum suain ná síor-chodlata
bhí ann acht suathadh grána a dhein tinn iad. Thuit
Mártan — ceann aca — leis an suathadh. Chaith sé síneadh
siar ar an siota agus fuireach ann ag cur taomana
tinnis de gur thuit dá chodla go sámh seascair ar
bhruach na mara. Cuireadh an seol tosaigh fé agus
anuas air mar chosaint ón síon.
Bhí bruachadghail tinnis ag teacht ar an Dochtúir
leis agus ní ar a chosa badh mhéinn leis a bheith. Shín
sé é féin, agus ní ar leaba clúid de chlúmh na n-éan
é ná ar aon adhbhar sámháin eile acht ar chláracha an
tsiota deire. Cuireadh sean-chasóga beaifití agus
sean-léinteacha mar philiúr fé n-a cheann agus bhí cúpla
casóg casta thimcheall air. Mar sin, ar fhleasc a
dhroma, a bhí sé sínte. A aghaidh do'n spéir mar a
raibh na mílte miliún raelt ag taithneamh go soilseach
agus ag féachaint air.
Bhí triúr iascairí i gcabhail an bháid, agus 'na bhfochair
bhí Dic agus Labhrás — an bheirt eile de'n gceathrar.
Bhí an ceáthramha iascaire istigh fé'n siota ag gabháil
do'n teine agus ag cur méile an mheadhon-oidhche i
gcóir. Tugadh dhá dhró do Labhrás agus do Dhic —
ceann an duine. Bhí duirighthe ag an triúr eile.
Luigheadar go léir san iascaireacht. Faoitíní a bhí
ag eirghe chúcha. Ní raibh le déanamh aca acht an dró
a scaoileadh síos amach de chlíathán an bháid agus níorbh'
luaithe thíos í ná faoitín ag á itheadh. Tarraingt
annsin agus bhí an faoitín bocht marbh. Bhí na faoitíní
ag itheadh agus ag teacht go tiugh acht stadadar den
itheadh agus b'éigin na duirighthe tharraing isteach sa
mbád.
Leis an linn seo bhí an méile i gcóir ag Tomás Ó
h-Aodha. Chuaidh gach fear a bhí in iúil ar dhul isteach
fé'n siota isteach. Acht ní raibh slighe dóibh. Tháinigh
Séamas Ó Muirgheasa amach, agus chrom sé ag pléidhe
leis an dró arís agus ag caint leis an Dochtúir.
Luigh an chuid eile san itheadh. Bí taoscán maith té
agus fairsinge éisc i gcóir. Bhí Dic agus Labhrás ar
a sástacht. Ní raibh a leithéid de mhéile bídh riamh aca.
B'aerach an méile é. Bhí cáirt té cois na teine agus
siúicre is té caithte i dteannta a chéile innte. Nuair
d'fhuar sí cuireadh roint de'n té i gcrúiscín eile a
bhí ann. Bhí an t-iasc i gceaintín. Na cláracha, a bhí
mar úrlár thimcheall an teinteáin, an bórd; agus
blúire pháipéar an t-éadach búird agus an pláta.
Aoinne a bhí ró-ghalánta chum gan a mhéara a shádhadh
sa phláta, bhí thiar air. Bhí an crúiscín idir Pheaid
Cheallaigh agus Labhrás agus an cháirt idir Dhic agus
Liam Ó h-Aodha. Bhí cead tarraingt ar an gcrúiscín
nó ar an gcáirt d'réir uain.
"An dtaithnigheann an t-iasc leat, a Labhrais?"
arsa Peaid. "Chím ná fuilir ag dul ró-dhoimhin ann."
"Éist, a dhuine," arsa Labhrás, "ná feiceann tú
go bhfuilim ar mo dhícheall? 'Dé chúis go bhfuil an
t-iasc chómh deas milis? Is dóigh liom nár bhlaiseas
riamh aon rud chómh so-bhlasta leis."
"Nuair a bhíonn iasc beirbhthe sa sáile bíonn sé
amhlaidh, acht béidir go bhfuil dúil agat ann leis."
"Adeirim leat go bhfuil, agus ní fheadar an domhan
'dé chúis an té a bheith chómh deas agus gan aon bhraon
bainne air. Is ait liom an scéal."
"An tsean-chaint, a Labhráis. Bíonn blas milis ar
phairseach na gcomharsan."
"Ní fheadar. Ní h-é sin atá á dhéanamh. Míorbhuailt
éigin atá sa scéal."
"Dá mbeadh scian agus farc agus na córacha catha
eile agat anois béidir ná beadh an blas leath chómh
maith."
"Ná trácht liom orra. Cad a bhuaidhfeadh ar an
bhfarc a thug Dia dúinn?"
"Dada. Dá mbeadh an scéal ag dul ar an ngéire
is iad na méara badh thúisce a bhainfeadh an béal amach."
"Adeirim-se féin sin."
Bhíodar sásta go maith de'n té agus de'n iasc um
an taca so. Bhuail Dic amach agus rug sé ar dhró
a bhí amach de chlíathán an bháid. Bhain sé cúpla straca
aiste. D'airigh sé an t-ualach. Tharraing. D'airigh
Peaid Cheallaigh an tarraingt. "An diabhal! tarraing!
tarraing! Tá colamúir agat," arsa Peaid.
Bhí Dic ag tarraingt mar a bheadh fear méaracán.
Thug sé an colamúir ar bórd. Ba bhreágh an breac
é. Bhí gaisce na h-oidhche déanta ag Dic.
Nuair a bhí greim bídh ithte ag Séamas Mhuirgheasa
tháinigh sé amach agus chuaidh sé ar an dró arís agus
ag caint leis an Dochtúir. Chuaidh Labhrás agus Dic
isteach fé'n siota. Bhí diúdarnghail chodlata ag teacht
orra agus badh bhreágh leo síneadh in áit éigin. Bí
Liam agus Tomás fé'n siota agus ní bheidís sásta go
raghadh Dic agus Labhrás isteach sa leaba. Ghlacadar
an chomhairle. Acht i gcúrsaí leaba! Annsúd a bhí
an leaba. Bhí clár maith láidir sínte ar a chlíathán
treasna ó thaobh taobh an bháid. Bhí sé tamaillín ón
teine agus árduighthe rud beag ó úrlár an teinteáin.
Chuadar isteach thairis sin. Bhí nádúir cláracha mar
thóin sa leaba. Sop tuighe caithte anuas orra. Téada,
sean-bheaifití, sean-léinteacha — aon angréis a bhfuighfeá
cuimhneamh air caithte muirc mairc ar a chéile ann.
Shíneadar ann. Sean-arán stáltha a bhí fé cheann Dhic,
agus bluic adhmaid a bhí fé cheann Labhráis. Thuit
sámháinín chodlata orra acht níorbh' throm suan dóibh.
D'imthigh an bheirt a bhí fé'n siota amach. Ba ghairid
gur thuit coinneal a bhí lasta ann le luasca an bháid.
Bhíodar sa dorchadas annsin, agus bhí deatach na teine
á dhéanamh níos doirchighe. Ní rabhdar 'na gcodla
agus ní rabhdar 'na ndúiseacht. D'airighdís an ceathrar
amuigh ag corruighe anois agus arís, agus ag mion-
chaint. Bhí an Dochtúir agus Séamas ag caitheamh focail
le n-a chéile. Is beag nár thuigeadar an méid cainte
a bhí idir an bheirt seo.
"Is iongantach an saoghal é bhur saoghal," arsan
Dochtúir le Séamas.
"Saoghal mí-ádhmhárach, a Athair." arsa Séamas.
"An ndéarfá sin?"
"Dhéarfainn. Níl aon saoghal ag aoinne ná fuil
codla na h-oidhche aige. Tá sé i gcoinne nádúra an
duine, é bheith 'na dhúiseacht agus an saoghal 'na chodla."
"Tá agus ní'l. Is iomdha duine atá sínte ar a
leaba anocht ná fuil aigne leath chomh socair, ná leath
chómh sásta aige agus atá agat-sa anois."
"Tá sin féin amhlaidh, acht is cuma sin tagann saoghal
mar seo le sláinte an duine. Ní bhíonn an seasamh
ann."
"Ní dhéarfainn go bhfuil an ceart agat. Is dóigh
liom-sa ná fuil aon saoghal níos folláine ná do shaoghal.
Béidir go bhfuil roint droch-úsáid ag baint leis,
acht dar ndóigh cuid de'n chéird is eadh an droch-úsáid."
"An chéird ar fad, dá ndéarfá é, a Athair."
"Cuir i gcás tú féin anois. Is dócha go bhfuil tú
tuitthe isteach i ngo leor blianta, agus ná fuil tú
díreach chómh maith agus a bhí tú aon lá riamh?"
"Ní bhfuighinn a bheith. Is deacair do aon tsean-
duine mar mise a bhfuil chúig bhliana déag is trí fichid
traochta aige, gan a bheith traochta go maith é féin.
Acht mar adeirir, ní bheinn sa tslighe do dhuine go fóil."
"An bhfuil tú san aois sin?"
"Gach aon lá agus oidhche dhi, agus tá sé dian má
thugas seachtmhain de m' shaoghal tinn ar aon leaba."
"Agus tá do shaoghal ar fad caithte ar an bhfarraige
agat?"
"Táim ag dul ar an bhfarraige ó chosain mo bhróga
tistiún. Acht thug me thimcheall ceáthramhadh chéad
blian i Sasana Nua."
"Agus, dar ndóigh, ní ar an bhfarraige a bhís
annsin?"
"M'anam ag Dia gurbh' eadh. Thugas trí seachtmhaine
ag obair ann mar longshoreman ag aistriú malaí
le truc. Ní raibh ann acht gur mhair me 'na dhiaidh.
Bhí gach aon chnámh a bhí im' chorp as ionad."
"Ag iascaireacht a thug tú an aimsir mar sin?"
"Ó, masa b'eadh. Ar na Georgies. Is dócha gur
minic d'airigh tú trácht ar na Georgies."
"Níor airigheas, acht dá chomhartha sin féin. Tá fhios
agam go bhfuil a leithéid d'áit ann."
"Bhoil, sin é mar a chaitheas-sa mo chuid aimsire
annsúd ag iascaireacht ar na Georgies. Is dócha gur
mó iascairí ón Rinn atá ag iascaireacht annsúd ná
mar atá sa Rinn anois. Acht adeirim-se leat nach
iascaireacht mar mhagadh í. Tá sí dian go maith annso
acht is déine seacht n-uaire déag annsúd í. Is iomdha
fear breágh d'fhág an áit seo le dá fhichead bliain agus
ar thug na Georgies giorr-shaoghal do."
"Chaith siad a bheith contabharthach mar sin?"
"Contabharthach! Níorbh' chontabhairt go dtí iad,
agus níorbh' í an chontabhairt féin acht an obair. Is
dócha gur minic a thugais fé ndeara ceann des na
scúnéirí dhá chrann sin a bhíonn ag tabhairt an ghuail
ó Shasna. Báid mar sin a bhíonn ann. Cuirtear gach
aon chóir isteach ionta. Teidheann fuireann fear i
ngach ceann aca. Ní bhíonn aon uimhir fé leith in aon
bhád. Gheobhadh ó mhór-sheisear go dtí fiche duine a
bheith i bhfuirinn — gach fear do féin nó beirt i bpáirt.
Teidheann an bád thimcheall céad míle ó thalamh.
Scaoiltear amach aiste báid bheaga. Teidheann beirt
i ngach bád beag agus teidhid ag iascaireacht le spléir.
Bíd ag imtheacht agus ag teacht go dtí 'n mbád mór
ar feadh seachtmhaine nó coigthighse. Is minic agus
iad imthighthe ó'n mbád mór go dtagann stuirm mhór
Ní bheadh fhios agat 'dén árd a mbeadh an ghaoth ag
séideadh as. Haraoicéin a thugtar ar an stuirm. Muna
mbeifeá istigh sa mbád mór agus an stuirm sin ann
beadh sé chomh maith agat coimirche t'anama a chur ar
Dhia. Uch, a athair mo chroidhe thú, atá na Georgies tar
éis céadta sár-fhear a sciobadh gan tásc gan tuairisc."
"Go bhféacha Dia orra. Agus a ndeir tú liom
go bhfuil an-chuid de mhuintir na h-áite-seo amuigh
i Sasna Nua?"
"Tá, a Athair. Tá sráid i mBostún agus 'sé leas-
ainm atá uirre ná Baile na nGall. Gaedhealg ar
fad a labhartar innte. Annsúd a aireochthá an
Ghaedhealg."
"Ní chreidfinn tú."
"Ná fuilim ag innsint na fírinne dhuit? Creid
me nó ná creid."
Bhí Peaid Cheallaigh ag éisteacht leis an gcaint go
léir, agus bhí sé de bhioth air gan a bheith tamall in
aon chuideachta, gan achrann nó aighneas éigin a chur ar
bun. Agus tar éis an achrainn go léir ní bheadh fhios
agat ar Pheaid nach ag gáire a bheadh sé ar feadh na
h-aimsire. Bhí sé annsúd gan mórán cainte ná siosma
á dhéanamh aige. Dhéarfadh duine ná raibh a chluais
anáirde ar aon chor. Acht ní túisce d'airigh sé Séamas
agus an Dochtúir ag teacht treasna ar a chéile ná
chuir sé focal isteach.
Peaid. — A Athair. Nár chóir go mbeadh ciall agat-sa
agus ná beifeá ag éisteacht le bladar agus le glagar
mar sin? Ná feiceann tú gur éitheach ar fad atá
sé sin a stracadh aníos as a bholg?
Séamas. — Ná bac leis an gciapaire sin, a Athair.
Táim ag innsint na fírinne dhuit.
Peaid. — Muna mbacair, beidh do chluasa bodhar ag
ráiméis a chuirfidh tinneas cinn ort.
Dochtúir. — Ní bheidh go deimhin. Ná bac linn. Fonn
imiris atá ort-sa anois.
Peaid. — Ó, bíodh agaibh mar sin, acht is deacair dom'
leithéid-se bheith ag éisteacht le caint gan túis gan
deire mar seo.
Séamas. — Boil, féach anois, a gharsúin, cuirfidh tú
ar buile me. Níor airigh aoinne riamh a leithéid de
chaint á rádh le duine i láthair sagairt.
Peaid. — Ná dubhairt an sagart féin leat ná
creideann sé thú?
Séamas. — Tá buaidhte agat. Acht is maith an rud
duit gur annso atá tú. Dá mbeadh cúpla gloine
ólta agam-sa chífeá ná beinn-se ag éisteacht leat.
Thabharfainn-se féirín duit a chuirfeadh ar lorg do
mheabhrach thú.
Peaid. — Thabharfá — amáireach!
Dochtúir. — Dhéarfainn go bhfuil sé ró-óg duit, a
Shéamais.
Séamas. — Ní'l, ná pioc, a Athair. Thabharfainn-se a
dhóthain do fós, acht níor mhór dom a bheith leath ar meisce.
Liam. — Seadh, nó ar meisce ar fad.
Leis an linn seo luigh Liam .i. fear an bháid, ar a
ghlúine agus dhein na h-iascairí eile an cleas céadna.
Bhí ciúnas ar feadh tamaill, mar bhíodar ar úrnuighthe.
Annsin thosnuigh an Yank ag caint, arís.
Bhí a phíopa 'na bhéal ag Peaid agus ní raibh aon rud
aige chum é dheargadh. Chuir sé a cheann isteach fé'n
siota. Níor labhair sé focal. Ní raibh aon solus
ann acht an teine. Bhailigh sé ladhar geir-caindle a
fuair sé fé n-a lámha agus chaith sé isteach sa teine é.
Dhearg sé a phíopa le blúire pháipéar agus tháinigh
amach. Bhí Dic agus Labhrás 'na ndúiseacht acht níor
chuireadar cniug asta. D'eirigh muthal deataigh as
an teine. Bhí sé chomh tiugh agus go ngearrfadh an
scian é agus bhí boladh millteach ceart uaidh.
"An bhfuil tú id' dhúiseacht?" arsa Dic le Labhrás.
"Seadh, bhfuilim," arsa Labhrás. "Creidim go bhfuil
an áit-seo gairid do'n mbás."
"Nach iongantach an ceo é?"
"Ó! a mhic ó! Seo go deo. Nárbh' iongantach
na h-amadáin a fuair bás i bpoll dubh Cheailcuite,
agus a rádh go maireann daoine macánta annso.
Nach iongantach an cladhaire é Peaid Cheallaigh agus
a leithéid de chleas d'imirt orainn."
"Ní fheadar sé an raibh sé á dhéanamh ar aon chor."
"Ní fheadar — amáireach! Ná h-airigheann tú ag mion-
gháire leath-ismuigh annsin é?"
"Ag caint atá sé. Seo, amach linn nó táimíd múchta."
Thángadar amach. Ní rabhdar acht amuigh nuair a
bhí Tomás istigh sa chócaireacht arís.
"Ní'l greim bídh ithte ag an sagart ná ag Mártan
fós," ar sé, "agus is baoghlach go gcaillfear leis
an ocras iad, i bhfad uainn an t-olc, agus go mbeidh
milleán a mbáis orainn."
Ní ró-fhada a bhí sé ag cur i gcóir an mhéile.
Dhúisigheadh Mártan. Chuaidh sé féin agus an Dochtúir
isteach fé'n siota. Luigheadar san itheadh, acht má
luigheadar féin is beag a chuaidh síos leo mar bhí an
poll ró-mhúchta agus deatach an gheir-caindle fós ann.
Ní mhairfeadh madra ann. Chaitheadar boga gan mórán
sásamh a bhaint amach. Ba iad Dic agus Labhrás a
tháinigh 'na ndiaidh a dhein an léir-scrios.
Nuair a bhí an méile caithte, bhí gach aoinne amuigh
i gcabhail an bháid.
"Tá an bád sin ar an taobh theas dínn ag tarraingt,"
arsa Liam Ó h-Aodha. "Tá sé chómh maith againn-ne
a bheith sa tarraingt leis."
"Fan go n-eireochaidh an rae," arsa Peaid.
"Déanfaidh sí athrú eile ar an uisce. Caochfaidh sí na
scadáin agus na macraelí."
"Tá deire leis an oidhche anois. Tá sé 'na dhonnfhainn.
Beidh an ghrian ag eirghe i gceann uaire an chluig eile."
"Tá go maith. Beir orra."
Chuadar sa tarraingt. Fear ar an téad. Fear
ar an mbonn. Fear ag socrú na líonta agus an fear
eile tamall ar an mbonn agus tamall ar an téad
d'réir mar d'oir. Bhí na líonta ag teacht isteach go
deas sítheolta. Macrael annso, scadán annsúd
ionnta gan mórán i dteannta a chéile in aon áit. An
fhaid a bhí na líonta ag teacht mar sin, lasadh an t-uisce
le gach corruidhe a bhaintí as. Thagadh dath dearg air
agus bhíodh an dath céadna ar an iasc.
"'Dé chúis an dath sin, a Pheaid?" ars an Dochtúir.
"Teine ghealáin a thugtar ar sin, a Athair," arsa
Peaid. "Nuair atá sé ag teacht ar an donnfhainn
anois, is gairid go mbeidh sin imthighthe."
Ba ghairid go raibh na líonta istigh. Theannadh
anáirde an seol agus tugadh tosach an bháid ar chuan
Dhúngarbhán. Bhí breaca an lae ann. Ba chosmhail
an spéir agus an fharraige le duine a bheadh díreach
tar éis dúiseacht as a chodla ar maidin. Leadarán
dorachas na h-oidhche ag righineacáil go dtiocfadh solus
an lae 'na riocht ceart. Bhí báid eile le feicsint fé
sheol leis. Chífeá uait iad mar a chífeá tuir aitinn
nó crainn i bpáirc oidhche spéir ghealaighe. Bhí sé ag
geala in áit a chéile. Ba ghairid go raibh an talamh
le feicsint. Bí fuairneimh ins an mhaidin le linn na
h-uaire seo.
Chuaidh Labhrás isteach fé'n siota agus tháinigh amach
gan mórán moille a dhéanamh.
"An mbraitheann tú fuar é, a Pheaid?" ar sé.
"Tá sé rud beag fuar, acht ní dada é sin," arsa
Peaid.
"Dá mbeadh braoinín maith láidir ag duine anois
ní dhéanfadh sé aon díoghbháil do." arsa Dic.
"Adeirim-se leat ná déanfadh," arsa Peaid.
"Acht 'dé mhaith a bheith ag caint mar gheall air?"
"'Dé chúis?" arsa an Dochtúir.
"Nuair ná fuil sé againn. Agus dá mbeadh féin,
a Athair, ní leigfeadh náire dhúinn é d'ól agus tusa
annsin".
"Bhoil, badh chruaidh an fear é Dia dá gcuirfeadh
Sé i gcoinne braoinín thabhairt duit anois," ars an
Dochtúir.
"Bheadh Sé cruaidh go maith, a Athair," arsa Peaid.
Do chuir Labhrás a lámh isteach i bpóca a oscala.
Tarraing amach buidéal.
"Cad déarfá leis seo?" ar sé le Peaid.
"Muise, mo ghrádh deoil thú," arsa Peaid.
Bhí nádúir tomhais éigin ag Labhrás agus líon go
bruach é, agus thug do Shéamas Ó Muirgheasa é.
"Nuair a bheidh sin ólta agat anois ná bíodh aon
fhonn achrainn ort," arsa Labhrás.
"An fhaid a bheidh an sagart annso ní'l aon phráidhinn
le h-achrann. Seo sláinte," arsa Séamas.
"Sláinte agus saoghal chugat," an freagra.
Bhain gach fear stracadh as an mbuidéal acht amháin
an Dochtúir agus Tomás.
"Féach, a Athair," arsa Séamas, "bíodh is gur sagart
tú míle uair, ní dhéanfadh braoinín de sin aon díoghbháil
duit anois. Tá deallradh an-fhuar an-shuaite ort.
Téidhfidh sé thú."
"Dhéanfadh sé an-thinn me," ars an Dochtúir.
Bhí gach aoinne rud beag níos sásta nuair a bhí an
braoinín thiar. Bhí an-fhuascailt ag baint leis. Thosnaigh
Séamas ag comhaireamh na bhfaoitíní a bhí marbh aige.
"Trí scór go leith," ar sé. "Trí scillinge an
scór. Tá an scéal 'na leath-shobharn."
"Cé cheannuigheann uait, a Shéamais?" arsa Labhrás.
"Bíonn dó nó trí mhongairí i gcomhnuidhe ar an
gcé chum dorn éisc a cheannach. Is beag a cheannochadh
a ndícheall. Nuair a bhíonn iasc fairsing bheadh sé
chómh maith a bheith díomhaoin le bheith ag braith orra."
"An maireann Bhaití Ó Dálaigh i gcomhnuidhe agus
an mhiúil?"
"Seadh, an maireann! 'Sé an chéad fhear ar an
gcé gach maidin é. Ní dócha go gcodluigheann sé
néal. I gcúrsaí na miúlach, caithfear í siúd a chaitheamh
le h-abhainn nó í chur beo i bpoll éigin. Tá sí chomh
aosta leis na beacha."
"B'fhéidir go bhfuil agus níos sine. Is iongantach
an mianach a bhí innte."
"Ní'l sí chómh millteach agus a bhíodh sí. Sceimhle
shiorruidhe ba eadh í. Is cuimhin liom maidean fhoghmhair a
bhíos ar ché Dhúngarbháin. Bhí ualach éisc uirre. Chuaidh
Bhaití isteach i dtigh ósda ag díol pé iascaire a raibh
sé in achrann leis. Tháinigh dailtín éigin a raibh bata
'na láimh aige agus ní bhfuigheadh sé a bhóthar a thabhairt
air gan an bata a bhaint le drom na miúlach. Ar
phaiste tinn a bhí le h-ais na srathrach a leag sé an
bata. Chuir sí sraoth aisti agus bhain sí crochadh aiste
féin. Chrom sí ag eirghe ar a cosa deire. Annsin
thosnuigh sí ag caitheamh a cosa deire siar uaithe. An
té ná feacaidh iasc agus boscaí á gcur ag rince san
aer ní'l aon tseanchas aige. Ní raibh aon fhághail ar
í stad. Bhí marbhú 'na mílte innte. Cuireadh tóir
ar Bhaití. Tháinigh sé de rith. "Bho hó Sin," ar sé.
Stad sí de phreab. Níor fhan cor innte. Dá bhfeicfeá
an fear bocht agus í féin annsin, chuirfidís truagh ort."
"Bhí an mianach céadna in Bhaití a bhí sa mhiúil,"
arsa Labhrás. "Is cuimhin liom a bheith ag ráiseanna
i gCeapa Chuinn uair. Bhí rás miúlach le rith. Bhí
Bhaití agus a mhiúil ann. Thug cúpla duine a bhí ann
fé ndeara Bhaití agus chuireadar d'fhiacha air an
mhiúil a chur ag rith sa rás. Bhí fhios aca an lón ba mhilse
leis an mhiúil — pionta leanna agus bulóg aráin.
Fuaireadar an lón, agus chaith sí é go macánta.
Cuireadh i gcóir do'n rás. Tháinigh na miúlacha amach.
Bhí an-chuid boscaí thimcheall na h-áite a rabhadh ag cur
tosach ar an rás. Tugadh an fógra chum cur des na
buinn. D'imthigh gach miúil acht miúil Bhaití. Bhí sé
ag casadh agus ag casadh go dtí gur shocraigh sí é féin
'na ceart. Thug sí a cosa deire dos na boscaí.
Chrom sí á ngreadadh. Ní fheadar aoinne cár ghabh
an marcach. Aoinne a bhí thimcheall uirre ná i ngiorracht
béice asail di chaith sé bheith ag cur de. Ní raibh aon
stríocadh ag baint léi. Chuir sí stad leis na miúlacha
eile a bhí ag rith an ráis agus chuir sí an duine déanach
dé'n pháirc."
"Ba ghairid an mhoill uirre é," arsa Séamas.
Bhí glaiseacht bheag sa maidin i gcomhnuidhe. Bhí an ghrian
díreach ag cur a cinn aníos. Badh dheas leat glór na
gcúirliún agus na nguinéan agus na mílte éan eile,
ag teacht ó fhaill agus ó thráigh — na créatúiríní bochta
le luathgháir agus le h-áthas ag cur fáilte roimh sholus
an lae. Bhí na préacháin bhána ag teacht as gach árd
ag déanamh ar na báid. Tháinigh cuid aca díreach os
cionn an báid. Sheasaigh ceann aca ar bhárr an chrainn,
agus bhí cúpla ceann aca nach mór ag teacht isteach
sa mbád, agus gan pioc scáth ná eagla aca roimh
aoinne. Fuaireadar fuighleach beag ó fhearaibh an
bháid acht ní fheadar an rabhdar sásta leis mar bhíodar
á dtionnlacann i gcomhnuidhe.
Sa deire thiar thall, bhí an ghrian go taithneamhach
thoir. D'imthigh an ghlaiseacht. Ba dheas é an saoghal.
Na h-iascairí bochta an uair sin, tar éis na h-oidhche
a thabhairt 'na suidhe, chómh sultmhar, chómh sásta, chómh
cainteach agus dá mbeidís 'na gcodla ar feadh na
h-oidhche. Bhí roint éisc ar bórd aca agus ní raibh
de chúram orra acht dul go Dúngarbhán agus é chur
dá láimh. Chiúnaigh an ghaoth agus chaitheadar dul san
iomradh. Ba mhaith sin don gceathrar eile. Bhíodar
breac fhuar ar feadh na h-oidhche agus chuir an t-iomradh
an fuacht as a gcnámhna.
Bhí an bád ag teacht isteach béal an chuain um an
taca so. Bhí an fharraige 'na h-aon bhraitlín amháin
agus solus na gréine thoir ag rinnce uirre mara bheadh
ar ghloine acht gan an solus a bheith chomh láidir. Bád
le feicsint annso agus bád annsúd. Na seolta teann
anáirde orra acht gan aon seol ag breith na gaoithe
mar ná raibh aon ghaoth ann. Ní raibh long ná árthach
le feicsint acht iad féin. Bhí pictiúir na talmhan
athruighthe, mar is siar a bhí taithneamh na gréine. Níor
chodail na Comaraigh ná Cnoc Mhaol Domhnaigh. Ní túisce
bhí an ghrian 'na suidhe ná mar a bhíodar ag bagairt
a gcinn uirre. Bhí Dúngarbhán sa dorchadas, acht in
áit a chéile bhí cnoc agus fánadh, árd agus íseal,
coill agus crann agus na guirt le n-a slaoda barraí
arbhair ag geala agus ag freagairt do thaithneamh na
gréine. Annsin chrom sí ag gabháil siar Lag na nDéise.
Bhí maise ag baint leis an radharc úd agus leis an
mhaidin úd — bhí go deimhin.
Ag teacht thar Oileán Heilbhic dóibh bhí leoithne beag
gaoithe ag bualadh ar an seol.
"Ní bheimíd i bhfad ag dul 'an bhaile mhóir anois, a
Labhráis," arsa Séamas. "Tá bolath beag gaoithe aniar
andeas ag teacht. Chífidh tú mongairí fé cheann i bhfad."
"Ní dhéanfadh sé an gnó, a Shéamais," arsa Labhrás.
"Tá bhur ngnó déanta agaibh-se anois. Caithfimíd-ne
dul agus ár gcuid féin a dhéanamh."
"Eist. Glac saoire indiu agus tair i bhaile mhór."
"Ní'l aon mhaith dhuit liom. Caithfimíd dul i dtír."
"Tá go maith. Iompochaimíd an bád agus cuirfimíd
i dtír i gcé Heilbhic sibh."
Tháinigh an bád isteach agus cuireadh i dtír iad.
Tugadh taoscán maith éisc dóibh le breith abhaile. Thug
an bád a h-aghaidh ar Dhúngarbhán.
Ag gabháil anoir dóibh an bóthar bhí an ghrian á
h-árdach féin thoir. Ní raibh scamall ná smúit ar
an spéir. Ceo brothaill 'na líne le faid na gComarach.
Deirge na gréine ag tabhairt dath corcar air. An
fharraige chómh ciúin le mur. Solus na gréine ag
rinnce i ngach fuinneoig siar uatha go mbadh dhóigh leat
gur lóchrann soluis a bhí i ngach ceann aca. Bhí gach
aon rud ar áilneacht agus an saoghal 'na chodla —
gach aoinne acht na h-iascairí bochta a bhí ag treabhadh
na mara ag saothrú' a mbeathaidh. Dheineadar — an
ceathrar — an bóthar a chur díobh. Bhíodar silte go
maith tar éis na h-oidhche. Ní mórán go raibh focal
as aoinne. Bhí easnamh éigin orra. Agus bhí an
t-easnamh sin mar throm-ualach orra. Ba é an codla
ba mhéinn leo.
Bhuaileadar port ag Coláiste na Rinne. Ní raibh
glór duine na daonaidhe le h-aireachtain ann, acht
amháin an madra, Smuilc, ag rith go dtí Labhrás. Chrom
sé annsin ag failtiú na coda eile. Shíneadar iad
féin go dtí a naoi ar maidin. D'eirigheadar annsin
agus d'itheadar a sáth de fhoghmhar na farraige.
Sin mar a chuireadar síos an oidhche ar bhárr tuinne.
CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE.
NUAIR a fuair Cúchulann bás níor mhair i
gcrích Fódla an gaisgidheach sin a bhainfeadh
aon bheárna de Chonal Ceárnach. Bhí sean-charadas
idir Conal agus Laoghaire Buadhach agus b'fhada
an bheirt aca ag oibriú as lámha a chéile d'iarraidh
an lámh uachtarach d'fhagháil ar Chúchulann. Acht fé
dheire, tamaillín fé chuaidh sé do'n úir, chaitheadar
géilleadh agus a admháil gurbh' leis an chraobh. Nuair
a chuaidh Cúchulann d'éag fuair Conal an chraobh le
cead cháich. Bhí sé trí fichid bliain d'aois an uair
sin. Ba mhór an aois í, acht ba chuma a méad mar
bí sé chómh oilte, chómh lúthmhar agus chómh bríoghmhar an
uair sin ná leomhfadh neach a dhubhshlán a chur fé ná a
réim a mhaoidheamh air.
Bhí sé amuigh ar fuaid na h-Éireann go raibh gaiscidhigh
mhóra tar éis teacht go dtí an Bhreatain, gaiscidhigh
a rug an buaidh leo ó gach áit dá rabhdar riamh agus
ná raibh a leithéidí eile le fagháil ar fuaid na cruinne.
D'airigh Conal an scéal agus suaimhneas lae ná oidhche
ní bheadh air go mbainfeadh sé triail as chuid des na
gaiscidhigh ba threise orra dá mbadh chomhrac mar mhagadh
féin leo é. Chuaidh sé d'aithchuinge ar an Rí .i.
Connchubhar Mac Neasa, é scaoileadh thar caladh anonn
chúcha. Ba é bail Chonnchubhair leigin le Conal mar
ba mhór leis an chlú agus an cháil a bhí ag teacht do
agus an meas a bhí ag cách air: bhí sé i n-éad leis.
Agus níorbh' iongna sin leis mar ar theacht i réim agus
i rachmas do Chonnchubhar ba 'mó beart foghla agus
fola a bhí le h-agairt air — nithe nárbh' órnáid do rí
ná do ridire. Ba é sin an chúis a raibh deithneas aige
le Conal d'imtheacht, ar feadh tamaill pé scéal é.
Bhí an t-an-eagla aige roimhe.
D'imthigh Conal. Chuaidh cuideachta i dtánaiste do
chuideachta aon árd-fhlatha á choimhdeacht. Nuair a
chuireadar i dtír thall chuadar ar thóir an laochra.
Dubhradh le Conal go raibh a leithéidí ann fé dhó, acht
gur fadó a bhíodar tar éis casadh thar n-ais ar roinn
na h-Eoirpe agus go raibh tír na h-Eoirpe go léir
fé n-a smacht. Níor dhein Conal acht casadh ar a sháil
agus déanamh thar n-ais ar an tráigh agus cur chum
farraige arís. B'fhada leis go bhfeicfeadh sé na
gaiscidhigh seo. Bhí an tuairisc a bhí fuighte aige orra,
maidir le gail agus gaisce, á luathú, á spriocadh
agus á ghéarú in aghaidh na h-uaire. Ní raibh uaidh acht
iad d'fheicsint chum a chuid nirt a thomhas agus a
thástáil leo. Ar dhul i dtír dó sa bhFrainnc chuaidh sé
ceann ar aghaidh go dtí an dún 'na raibh na gaiscidhigh —
ní ró-fhada ó'n gcaladh-phort a bhí an dún. Chuir Conal
tóir ar an taoiseach agus tháinigh sé chuige. Nuair
d'aithris Conal fios agus fáth a thuruis do, chuir sé
na tuartha fáilte roimhe agus roimh a lucht coinleachta;
agus adubhairt gur tháinigh sé sa n-áit cheart agus
go dtabharfaidhe gach aon chaoi agus gach aon chongnamh
dho chum gan a thurus a bheith i n-aistir. Áthas a bhí ar
an taoiseach a leithéid de dhuine a bhualadh chuige agus
ní baoghal ná gur dhein sé rud dá fhocal. Ní raibh lá
dár tháinigh ar Chonal ná raibh cleachta gaile agus gaisce
éigin i ndán do, agus sin, leis na gaiscidhigh dob'
fhearr a bhí ar an sluagh Rómhánach. Acht ba ghairid
gur oscail sé súile na Rómhánach. B'ait agus b'iongna
leo conus mar a dhéineadh an gaiscidheach beag ó
Éirinn fiadhaile chaoch de'n dream ba threise orra.
Ní raibh aon teacht ag aoinne aca thíos ná thuas air
ar aon chluithche ná gaisce. Ar rith, ar léim, ar neart
is lúth, ar ghéireacht súl, ar chaitheamh saighead agus
aimsiú, ar mharcuidheacht nó ar chor iomrascála ba
mhar a chéile é. Is maith a thuig na gaiscidhigh úd ná
raibh Conal acht ag súgradh leo. Agus 'na dhiaidh sin
bhí Conal chómh deas agus cómh geal-gháireach leo ná
fuigheadh aon olc rith le h-aoinne aca chuige. Nuair
a bhíodh an lá caithte agus a theighdís ag caitheamh fléidhe
agus féasta an lae sin ní raibh aoinne orra a raibh
scéal chómh greannmhar aige le h-innsint, ná duine
orra ba luaithe a chuireadh an t-árthach i ndísc, ná fear
orra a dhéanfadh gáire chómh breágh nó a bhainfeadh
iarracht gháire ní b'fhearr amach, leis an té sin a
bhfeacadar gníomhartha an lae sin as. Acht is é mheall
ar fad na Rómhánaigh ná an uair a tháinigh an ceoltóir
a bhí ag gabháil le Conal 'na láthair agus a chruit ar
iomchar aige. Chrom sé ag prioca leis na téada agus
ba ghairid gur sheinn orra ceol — ceol a bhí chómh bog
agus chómh binn sin go ndubhairt na Rómhánaigh nár
airigheadar féin riamh a leithéid. Agus ar sheint do
ceol gráidh nó ceol catha ba bhinn agus ba bhríoghmhar
adeireadh Conal na focail leis an gceol — bhíodh a
ghuth chómh binn sin go dteidheadh sé dtí an smior sa
té bhíodh ag éisteacht.
Ní raibh Conal ró-fhada i gcuideachta an tsluaigh
seo nuair a fuaireadar scéala ar chasadh do'n Róimh.
Badh bhreágh leis na taoisigh Conal a theacht in éinfeacht
leo. Chuadar in athchuinge air teacht, agus is é slighe
a bhogadar e chum teacht ná a rádh leis go rabhdar
deimin go dteaghmhochadh sé sa Róimh le gaiscidhigh a
thabharfadh nios mó na a dhá dhóthain le déanamh dho.
Dubhradar leis ná raibh san áit 'na rabhdar acht sciorta
beag suarach de Impireacht na Róimhe acht go rabhdar
ag dul do'n Róimh .i. príomh longport na h-impireachta
agus gur ann a bhí togha laochra an domhain mar go
raibh a dtriall ann ó gach árd. Ní bhfuigheadh Conal
an diúlta a thabhairt dóibh. Chuaidh sé leo.
Nuair a tháinigh an sluagh do'n Róimh ba é an chéad
scéal a bhí ag sna taoisigh ann ná go raibh gaiscidheach
ó oileáinín beag, nár leag an Rómhánach cois fós air,
'na gcuideachta, agus go raibh sé tar éis buadhchant
go bog ar na gaiscidhigh ba threise orra, agus gurb
é a thug annso é ná chum triail a bhaint as na gaiscidhigh
is fearr in Impireacht na Róimhe. Bhí an t-Impire,
Tiberíos, as baile, acht bhí fear-ionad do ann. Badh
bhreágh leis siúd an scéal, mar fear ba eadh é a raib
an-thaithneamh aige do ghníomh is do ghaisce agus go
ró-speisialta nuair a bhí rud éigin neamh-choitchianta
sa scéal. Dá bhrígh sin chuir sé fógra amach dá shluaighte
ar fad á rádh leo cur i gcóir go mear mar gurbh' é
an chéad uair aca taoiseach ó Éirinn a theacht cúcha
chum dul i gcúdabhaid leis na gaiscidhigh ba thréine
orra féin. Tháinigh an lá agus má tháinig ba mheirgeach
agus ba mhairgeach an lá do'n Róimh é. Chuir Conal
de gach fathach a tháinigh 'na choinne ó dhuine go duine
gan duadh gan dochar do féin. Ní fheadar sé nach
páistí bhí aige ionta. Ar rith, ar léim, ar throid agus
ar mharcuigheacht chuir ridire na Craoibhe Ruaidhe an
ball ar gach aoinne aca, ba chuma dá oilteacht nó
dá chlisteacht iad. Acht i mbárr an tráthnóna tháinigh
chuige Daisian .i. an te ba chruaidhe agus ba threise orra.
Bhí sé de cháil air nár sháruigheadh riamh é agus gur
aige bhí craobh fear ndomhan.
Chuireadar ar a chéile. Rugadar isteach ar a chéile.
An chéad iarracht a bhain an Daisian as Chonal chuir sé
go glúin é acht chruinnigh sé é féin arís. Is annsin a
thuig Conal go raibh fear a dhiongmhála aige. Bhí
Conal caithte go maith cheana féin tar éis an lae. Bhí
roint mhaith iarrachtaí bainte as. Dá mbadh 'na lán
neart agus 'na lán-dhóchas do é, bhí sé ag rith leis ná
déanfadh sé an gnó ar an ngaiscidheach so. Tháinigh
náire agus aithis air, ní nach iongna. 'dé chúis ná
tiocfadh? …Conal Ceárnach, gaol gairid
do Chúchulann, an gaiscidheach do b'fhearr i gCúig Uladh
agus i gcúig gCúige na h-Éireann, chum a bheith suaidhte
sáruighthe agus sínte fé shúile na ndaoine fiadhaine
seo. (Ba é sin an tuairm a bhí ag Conal ar lucht
Impireachta na Róimhe seachas sliocht uasal na nGaedheal.
Ní raibh ionta leis acht díreach mar atá i lucht
Impireachta Shasna linn-ne.) Bhí gach aon rud mar sin
ag rith in' aigne agus leis an linn chéadna gach féith
a bhí 'na chorp teann tarraingthe d'iarraidh coimeád
ar a chosa agus a bheith maith a dhóthain do'n té a raibh
sé in iomadh leis. Sa deire thiar thall chuimhnigh sé ar
dhul ar úrnuighthe. Cé gurbh' phágánach é thuig sé go
raibh cómhacht éigin do-fheicsithe ní ba threise ná é
féin, agus óir gur bheir an phráidhinn air ghuidh sé chum
an Dé mhóir a bhí de shíor ag féachaint agus ag faire
ar Éirinn; an Dia a dhein an tírín áluinn sin mar
bhlúirín dá árus neamhdha féin; an Dia sin a bheir
do Éirinn treibh a raibh laoch mar Chúchulann ar a
sliocht — Cúchulann .i. rí na fírinne, na fortachta agus
na flaitheamlachta; an Dia mór sin a bhronn gníomh
agus gaisce ar fhearaibh Éireann, agus maise agus
módhamhlacht ar a mnáibh. "A Dhia mhóir! A Spioraid
do-fheicsithe na nGaedheal!" ar sé, ó'n a chroidhe,
"tair agus fóir orm anois, ar uair mo phráidhinneach;
ná leig do dhuine de'n dream sin a thug onóir agus
uraim riamh duit tuitim i láthair an dreama so nár
ghéill do aon rud ceart riamh."
Díreach, mar a thiocfadh toradh ar a ghuidhe, tháinigh
fiucha 'na chuislinn agus 'na fhéitheacha go léir agus
lúth neamh-choitchianta 'na ghéaga. Dhaingnigh sé a ghreim
agus bhailigh sé a lán-neart agus le h-aon bhinib mhillteach
amháin chuir sé an Daisian 'na sheasamh ceart díreach
idir a dhá ghéig. Annsin bhain sé fásca uathbhásach as
a dhein císte i gcoinne a uchta dhe. Bhí cnámh uchta
agus asnaidheacha an Daisian le h-aireachtain ag cnagadh
agus ag briseadh. Nuair a bhog Conal a ghreim thuit
an Daisian .i. craobh fear ndomhan, ar lár, 'na chorp.
D'eirigh liúigh gháir ó'n sluagh acht níorbh' chlos do
chluasa Chonail í. Bhí a chiall agus a chuimhne imthighthe
i bhfad i gcéin: bhí a chroidhe agus a inntinn i gCúig
Uladh agus é ag breith buidheachais le n-a Dhia mór
i dtaobh é féin agus Uladh agus Éire a shaoradh ó
cháineadh agus ó mhasla go deo.
Bhí féile agus féasta ar siubhal ar feadh scathaimh
mhaith 'na dhiaidh sin sa Róimh. Ba mhór an onóir a
tugadh do Chonal. Ba iad na taoisigh a thug don Róimh
é ba mhó mórtais agus ba mhó raibh áthas orra — bhíodar
ag déanamh a gcuid féin de, agus á rádh leis ná beadh
aon fhagháil aige ar iad d'fhágaint.
Ní ró-fhada an fuireach a bhí orra sa Róimh. Fuaireadar
órdú dul thar teorainn arís. Tháinigh na taoisigh
go dtí Conal. "Is minic," ar siad leis, "a bhís ag
seanchas cois na teine linn sa bhFrainc gur ó'n Domhan
Thoir a tháinigh do shinsir romhat. Anois, má thagann tú
linn-ne, beidh caoi agat ar lán do dhá shúl d'fagháil
de'n áit sin. Is ann atá ár dtriall agus bheadh sé
chómh maith agat teacht linn."
"Raghad, agus fáilte," ars an Taoiseach Gaedheal
go grod.
Chuir an sluagh chum bóthair. Nuair a thángadar go
Ioppe chuireadar fútha ann ar feadh scathaimh agus
annsin thugadar a n-aghaidh ar Ieriúsailium. Ba é la
a bhuaileadar isteach sa mbaile sin ná Aoine an Chéasta.
Bhí árd-ghleithireán sa mbaile. Sceimhle an rí-rá
a bhí ar siubhal i ngach sráid ann. B'fhuiris dos na
Rómhánaigh a thuigsint go raibh rud éigin neamh-
choitchianta ag corruidhe na ndaoine. Chuireadar ceist
féachaint an bhfuighdís a dhéanamh amach cad a bhí orra
agus 'sé freagra a fuaireadar ná go raibh cime meirligh
á chur chum báis. D'fhiafruigheadar annsin 'dé'n choir
a bhí 'na choinne, agus dubhradh leo go ndubhairt an
cime seo gurb é féin rí na nGiúdach.
"Chonách sin air," arsa na Rómhánaigh, "nár chóir go
mbeadh fhios aige ná raibh aon rí ann acht Caesar?"
D'airigh Conal an chaint seo agus d'fhiafruigh sé an
raibh aon cheart ar aon chor ag an duine seo an ríoghacht
d'éileamh. Dubhairt ceann des na Giúdaigh leis go
raibh se ar dhuine de'n treibh ríoghdha; gur shíolraigh
sé ó Dháithí.
"'Dé chúis, annsin," arsa Conal, chómh diongmhálta
agus dá mbeadh Leabhar na mBreitheamhan de ghlan-
mheabhair aige, "ná fuil sé de cheart aige troid a
dhéanamh chum a cheart a bhaint amach? Is éagcóir é
chur chum báis mar gheall ar a bheith ag éileamh a chirt."
"Seadh," ars an Giúdach, "acht, seo fear ná troidfeadh
ar aon chor. Dá mbainfeá an chluais de d'iontochadh
sé an chluais eile chughat chum í bhaint de leis."
"Níor ghádh dho troid a dhéanamh." arsa Conal.
"Gheobhadh sé a chuid laochra a bheith aige chum sin a
dhéanamh."
Nuair d'airigh na Giúdaig an chaint sin gháireadar
agus arsa ceann aca. "Tá sé siúd ró-dhealbh ró-
íseal sa saoghal chum aoinne rud mar sin a dhéanamh
dho."
Tháinigh olc ar Chonal agus bhain sé stuir as féin.
"Cá bhfuil sé?" arsa sé, "go bhfeicfead é. Táim-se
chum troid a dhéanamh dho. Déanfad-sa cion gaiscidhigh
do."
Bhí duine ann a theasbáin do bóthar fada a bhí ag
dul amach ón gcathair agus dubhairt sé le Conal go
raibh an cime agus an sluagh tar éis gabháil mar sin —
gurbh' é sin an bóthar a thabharfadh go Cnoc Chailbhre
é. Níor dhein Conal acht dul sa rith agus chrom na
Rómhánaigh ag liúirigh fé agus ag glaodhach air agus a
rádh leis gan a bheith ag déanamh amadáin de féin.
Acht bhí cluais bhodhar ag Conal dóibh. D'réir mar
a bhíodar sin ag liúirigh agus ag glaodhach is eadh bhí
sé sin ag géarrú sa rith. Bhí sé ag cur de mar sin
go dtáinig sé a fhaid le gasra ban a bhí ar an mbóthar.
Bhíodar ag féachaint le h-iongantas agus le h-uathbhás
ar rud éigin a bhí 'na binn ag bean a bhí 'na suidhe ar
chloich mhóir. Bhí Conal chómh fiosrach sin ná fuigheadh
sé gan a fhiafruighe cad a bhí ann.
"Ó," árs an bhean a raibh an rud 'na binn aici,
"nuair a bhíodar ag stracadh an fhir bhoicht sin leo
agus gan ann siubhal tháinigh cathú orm. Ba dhícheall
do a chosa a chur fé agus chaith sé an chrois d'iomchar
dóibh. Bhí deallradh chómh diombádhach agus chómh annróch
sin air agus a aghaidh go léir chómh brúighte, chómh loitighthe
sin agus é lán de fhuil agus de sheilí gur ghlacas truagh
dho agus gur théidh mo chuid fola leis, bíodh is ná feacaidh
me riamh é. Dheineas mo shlighe trí na méirligh a bhí
timcheall air agus chimiligheas mo aprún dá aghaidh.
Thug sé féachaint gheal-gháireach orm agus iad á stracadh
leo. Tháinigh fantais orm féin. Shíleas go n-imtheochadh
an t-anam asam. Thuiteas dem' chodla annso mar a
bhfuilim. Nuair a dhúisigheas leagas mo shúile ar mo
aprún, agus féach cad a chonnacas!" D'árduigh sí
anáirde éadach geal á theasbáint do Chonal. Bí
pictiúir aghaidh fir — aghaidh iongantach áluinn — air.
"Dar déithe na h-Éireann," arsa Conal, "ní aghaidh
cime an aghaidh seo. Aghaidh rí; aghaidh Dé, 'seadh
an aghaidh seo!" Ní dubhairt sé focal eile acht cur
de chum reatha arís i bhfad níos mire na roimhe sin.
Ní raibh uaidh acht breith 'na bheatha ar an Duine seo
agus É shábháil nó neachtar aca tuitim in éinfeacht
Leis. Díreach a bhí na tairingí buailtí trí Chríost ar
an gcrois nuair a tháinigh Conal ar an láthair agus
bhí na Giúdaigh ag dul chum É thógaint anuas agus É
chur san uaigh. Tharraing Conal a chlaidheamh as a
thruaill agus rith d'iarracht orra chum É gabháil den
chlaidhim orra. Acht ní túisce tháinigh sé le h-ais cois
na croise ná thuit braon den fuil bheannuighthe ó
Croidhe Naomhtha Íosa ar a éadan. Chaill Conal a
lúth den iarracht sin. Thuit an claidheamh de thuairt
uaidh ar an talamh. Níor fhan de ghustal ann acht a
cheann d'árdach agus féachaint anáirde ar a Shlánuightheoir.
Bhí sé mar a bheadh íomáigh gan chor as: é mar a bheadh
sé ag adhradh Íosa os íseal. D'fhan sé sa riocht sin
ar feadh trí h-uaire an chluig, an fhaid a bhí na Giúdaigh
ag tógaint anuas an Chuirp agus Á chur san uaigh.
Nuair a bhí sin déanta aca is eadh tháinigh Conal chuige
féin. Nuair a tháinigh a chiall agus a chuimhne chuige
agus a fhéach sé timcheall air féin chonnaic sé gasra
d'iarraidh cloch mhór a bhogadh chum í thabhairt dtí béal
na h-uaighe. Níor dhein sé acht dul anonn chúcha agus
a rádh leo fuireach siar. Ba é Conal Ceárnach d'aistrigh
an chloch a dhún an uaigh sin an lá sin — an chloch mhór
a raibh eagla ar na mná beannuighthe a tháinigh ar maidin
Domhnach Cásca ná beadh aoinne chum a h-aistrighthe.
Acht nuair a thángadar leis na nithe cumhra a bhí aca le
leagaint ar an gCorp, chonnacadar go raibh an chloch úd
aistrighthe ag cómhacht éigin eile — cómhacht a bhí i bhfad
ní ba threise ná cómhacht Chonail Cheárnaigh.
Tuigtear ón scéal so gurb é Conal an teachtaire
ó Éirinn a bhí ar Chnoc Cailbhre an lá sin. Adeirtear
go raibh teachtaire ó gach náisiún ar domhan ann ar
chuma éigin agus gurb é Conal teachtaire na nGaedheal
— an treibh sin d'fhan dílis do Chríost ó shin riamh i
leith agus gur dóigh go bhfanfaidh go deo agus
choidhche.
SEOG ADHTAM.
FEAR caifí a chur a bhí san India uair. Cheannaigh
sé reidhse mór talmhan agus fásach ba eadh a
fhormhór. Bhí sé lán de chrainn agus de bhuin crann
agus de phneuca agus de gach aon saghas fáis fiadhain.
Ba bheag an mhaith a bheith ag cuimhneamh ar chaifí ná
ar aon rud eile a chur ann. Leagadh a raibh de chrainn
ann agus deineadh glanadh mór ar an scotharnach coille.
Is le púdar agus le teine a bhaintí na buin chrann
tamall acht chuimhnigheadh ar sheift eile chúcha. Gheibhtí
eilipheaint mór láidir agus chuirtí slabhra mór na
diaidh; cheangluightí an slabhra de bhun crainn agus
leigtí do'n eilipheaint a bheith á stracadh leis 'na dhiaidh.
Chuir an fear so fógra amach ar lorg eilipheant. Fuair
sé roint mhaith aca agus thosnuigh an straca. Is ag
an tománaí ba mheasa bhí an t-eilipheaint dob' fhearr
orra. Seog Adhtam ainm an eilipheaint. Bhí an
tománaí an-thabhartha do'n ól agus nuair a bhíodh an
sparán teann aige de bharr shaothair Sheog theidheadh sé
ar an ól agus ní stadadh sé go mbíodh an sparán
chómh seang agus chómh silte le lánán folamh. Theidheadh
sé abhaile annsin agus é ar dhearg-mheisce. Is minic
a stadadh sé ar lár an bhóthair agus chromadh ag pógadh
agus ag síor-phógadh a chomarádaí — Seog bocht.
"Mhuise, is tusa mo ghrádh agus mo thaithneamh agus
mo chumann cléibhe-se," adeireadh sé leis.
Is minic, leis, a bhíodh braoinín 'na phóca aige ag dul
abhaile dho. Thugadh sé braon do Sheog agus d'óladh
sé an fuighleach é féin agus thuiteadh dá chodla annsin
ar an mbóthar. 'Sé rud a dhéineadh an t-eilipheaint
ná cos tosaigh leis a chur ar gach taobh de, agus an
fhaid a bhíodh sé amhlaidh ní raibh sé de chead ag capall
ná cearr ná aon trucaill eile gabháil an tslighe go
ndúisigheadh sé.
An lá so, bhíodar ag obair leo ar a ndícheall; an
tománaí 'na shuidhe anáirde ar shlinneán Sheog agus é
ag tabhairt gach ordú' dho, díreach mar d'oir. Bhí
Seog ag straca leis ar a lán-dhícheall. Uaireannta
thugadh an tománaí cogar do á mholadh agus a rádh
leis gurbh' é rí na n-eilipheant é. Ar dhul fé na gréine
scuireadar agus d'itheadar a suipéar. Trí chéad
tor glasraí a dhein méile an eilipheaint. Pláta ríse
d'ith an tománaí. Nuair a bhí sé in am codlata shuidh
an tománaí idir chosa Sheog agus dhein sé a leaba
de'n áit sin. Bhí abha buailte leo agus theidhdís araon
ar snámh innte uair sa tseachtmhain.
Bhí an saoghal ar a dtoil aca — saoghal breágh gan
mhairg. Acht uaireannta bhíodh an tománaí — Ólsiar a
ainm — amuigh leis féin. Nuair a bhuaileadh an dúil
san ól Ólsiar bhíodh deire le suaimhneas agus le
sástacht aigne. Briseadh ar an bhfoidne aige agus
adeireadh sé ná raibh aon bhrígh le bheith ag ól braoiníní
beaga gan mhaith, ná raibh ann acht a bheith ag sugradh
le h-ól. "Caithfidh mise deire a chur leis na diúigíní
seo," ar sé.
Chuaidh Ólsiar de'n iarracht sin go dtí fear an chaifí.
"Tá mo mháthair tar éis bháis," ar sé leis, agus
chrom sé ag béice agus ag gol go fuigheach, acht bhí
sean-aithne ag fear an chaifí ar Ólsiar.
"Fuair sí bás dhá mhí ó shin leis," ar sé, "agus is
maith is cuimhin liom go bhfuair sí bás anuraidh nuair
a bhí tú ag leagaint na gcrann.
"Ní hí mo mháthair a mheas me rádh," arsa Ólsiar,
"acht m'áintín. 'Sí m'áintín atá tar éis bháis agus
bhí sí chómh maith le máthair dom," agus chrom sé ag
gol agus ag béice ní ba threise annsin. "Tá ochtar
déag páistí 'na diaidh agus iad fé ocras agus fé
annró. Ní'l aoinne chum fuascailt beag ná mór a
dhéanamh orra acht amháin mise féin," agus chrom sé
á lúbadh féin agus ag bualadh a chinn ar an úrlár le
neart cathuighthe.
"Cé hé do scéalaí?" arsa fear an chaifí.
"Fear an phuist," arsa Ólsiar.
"Níor tháinigh aon fhear puist annso le seachtmhain.
Imthigh leat anois i mbun do ghnó agus ná bí ag baint
iarracht mhagadh asam-sa."
"Tá galar uathbhásach tar éis teacht ar an mbaile
agam agus tá mo chuid ban go léir ag fagháil bháis."
Bhí Ólsiar sa mbéice arís agus é á rádh so.
Abair le Díothal teacht annso chugham," arsa fear
an chaifí. Tháinigh Díothal. "A Dhíothail," ars an fear,
"is ó'n áit chéadna duit-se agus do Ólsiar. Innis
dom an iomdha bean a ghabhann leis?"
"An iomdha bean ag gabháil leis! Ní'l bean sa
n-áit a chaithfeadh súil leis dá dtógfadh sé ó'n mbás í.
B'fhearr leo a bheith ag féachaint ar Sheog Adhtaim."
Stad Ólsiar de'n mbéice. "Féach," ar sé, "tá
sé chómh maith agam dul ar an bhfírinne. Tá me le
dhá mhí gan a bheith ar meisce, agus is dóigh liom gur
gairid dom an bás nó rud éigin níos measa má bhím
níos sia. Badh bhreágh liom dul in áit éigin as so ar
feadh scathaimh agus mo dhóthain d'ól ar mo shuaimhneas.
Ní bheinn ag cur isteach ná amach ar aoinne annsin."
"Ní bheifeá is dócha. Bhoil, ós mar sin atá an scéal
agat, tabharfad-sa céad púnt duit agus fáilte. Acht
cad mar gheall ar Sheog Adhtam? Ní dhéanfadh sé
dada do aoinne acht duit-se."
"Mhuise, faid ar do shaoghal," arsa Ólsiar. "Ní
bhead uait acht deich lá gan mhaith agus geallaim duit
nuair a thiocfad thar n-ais go ndéanfad-sa agus Seog
Adhtam cion beirte." Scaoil sé liúigh as annsin agus
d'fhreagair Seog é agus tháinigh chuige ó pé áit a
raibh sé. "Mo ghrádh deoil thú! Chugham anoir agus
aniar thú, a Sheog! Is tusa ná feicfeadh duine a mbeadh
braoinín ólta aige i mbaoghal. Anois, a chuaille nirt,
eist liom." Shín an t-eilipheaint a shrón mhór amach
díreach mar a bheadh sé ag cur cluais le h-éisteacht
air féin.
"Táim ag dul as baile," arsa Ólsiar. Las solus
neamh-choitchianta i súile an eilipheaint; shíl sé go
mbeadh sé féin ag fagháil saoire leis. "Acht féach, a
Sheog, caithfidh tusa fuireach sa mbaile agus do chuid
oibre a dhéanamh; ní bheadh aon ghnó díomhaoin agat."
D'imthigh an solus ó shúile Sheog de'n iarracht sin.
Bhí an ghráin aige ar a bheith ag stracadh na mbun gcrann
agus na bpneuc a bhí sa bhfásach. Bhí a chíor-fhiacal ag
teacht caithte ó'n obair.
"Anois, a chumainn agus a stóir mo chroidhe," arsa
Ólsiar, "táim le bheith as baile go cionn deich lá.
Tabhair dom an choisín seo is giorra dhom anois agus
déanfad níos cruinne ar an gcomhaireamh tú."
D'árduigh Ólsiar an ceap coise úd agus thug sé
deich mbuille sa n-iongain do Sheog. Chrom an
t-eilipheaint ag dranntán agus é ar ball-chrith.
"Ar feadh deich lá, tá sé ort a dhéanamh mar a
dhéarfaidh Díothal annso leat. Beidh an obair chéadna
ort. Gheobhair Díothal a bhogadh anáirde agus é leagaint
ar bhaic do mhuiníl."
Bhain Seog casadh as a shrón de'n iarracht sin. Leag
Díothal a chos isteach sa chor a bhí 'na bharr agus
d'arduigheadh anáirde go deas simplidhe ar ghualainn
Sheog é. Bhuail Díothal le buille de'n mbata iarrainn
a bhí aige é; acht má bhuail, chuir Seog sraoth as.
"Eist, anois, a Rí an Fásaigh," arsa Ólsiar, "táim-se
ag cur díom anois agus cuimhnigh gurb é Díothal an
maighistir a bheidh ort go gcasfad. Déin mara dhéarfaidh
sé leat nó beidh thiar ort. Tabhair dom póg, anois, a phlúr
na n-eilipheant. Nár fheicidh tú galar ná contabhairt
go gcasfad-sa ort. Bí macánta deas anois."
Chas Seog Adhtam a shrón thimcheall ar Ólsiar agus
d'árduigh sé fé dhó de'n talamh é. Sin é freagra
a bhí aige dho.
"Déanfaidh sé an obair duit," arsa Ólsiar le
Díothal, "acht ná bí grána leis."
D'imthigh Ólsiar leis agus chuaidh Seog agus a
thománaí i mbun a ngnó. Fear deas ciallmhar ba
eadh Díothal agus ní raibh sé dian ar Sheog. Acht ba
chuma le Seog deas nó grána Díothal, ná é féin díomhaoin
nó dícheallach. D'airigh sé uaidh Ólsiar agus is é bhí
uaigneach 'na diaidh. Ba mhinic a thugadh Díothal cístí
agus rudaí deasa an domhain do, agus nuair a theidhdís
abhaile tar éis an lae thagadh páistí Dhíothail agus a
bhean agus bhídís ag sugradh le Seog agus ag tabhairt
gach aon ainm dheas air — "A Sheoigín, a stóirín," agus
mar sin.
Acht ba bheag ar Sheog mná ná páistí. Ní raibh uaidh
acht a mhaighistir féin agus bhí sé sin ar iarraidh. Níorbh'
shuairc do go mbíodh sé ar meisce agus 'na chodla
idir a chosa. Níorbh' dheise leis é á phógadh ná á bhualadh.
Agus 'na dhiaidh sin bhí sé ag cur iongantais ar Dhíothal,
a fheabhas a bhí sé ag obair.
Tháinigh an t-aonmhadh lá déag. Gabhadh Seog Adhtam
fé n-a chuid téada agus slabhraí chum dul ag obair
acht b'fhada ó'n a chroidhe agus ó'n a aigne bhí an obair.
An t-aonmhadh lá déag! Thug sé féachaint thimcheall
air féin. Bhain sé crothadh as féin agus as a chosa
móra, agus as leis go deas mín réidh mar a bheadh
gnó in áit éigin aige.
"Hé! Stad! Fan!" arsa Díothal, as aoirde a
chinn. "Tair thar n-ais agus cuir anáirde ar do
mhuinéal me a phlubaire!! An airigheann tú me?
Hé!! a phéarla na coille!!"
Dhein Seog Adhtam sraoth bheag a chur as acht níor
dhein aon stad. Rug Díothal ar bhlúire téide. Rith
sé agus chaith sé le Seog é. Stad Seog agus thug
Díothal fé ndeara go raibh a chluasa á ndíriughadh
amach aige, agus thuig sé an bhrígh a bhí leis an gcleas
sin.
"Geireabhait," arsa Seog Adhtam, agus níor bheag
sin do Dhíothal. Is maith a thuig sé an focal sin agus
na cluasa.
Chuir Seog (mar adéarfá) a lámha 'na phócaí. Chuir
sé géag mhór 'na bheal díreach mar a bheadh sé ag pioca
a chuid fiacal léi. Shiubhal sé go deas réidh ag gualáil
ó thaobh go taobh mar scoth. Bhí sé mar a bheadh sé ag
magadh fé n-a chompánaigh — na h-eilipheaint eile — a bhí
ag obair go dian.
D'innis Díothal do fhear an chaifí cionnus mar a
bhí an scéal ag Seog.
"Tabharfaimíd an bualadh is fearr a fuair sé riamh
do," ar sé sin.
"Ní féidir le h-aon fhear eilipheaint a bhualadh i
gceart," arsa Díothal. "Bíonn cuid aca a bhristear
chum smacht a chuir ar chuid eile acht is le slabhraí a
dhéintear sin agus ní le bualadh."
Fuaireadh dhá cheann des na h-eilipheaint seo. Cuireadh
na slabhraí orra agus scaoileadh go dtí 'n cheann a
bhí ar stailc oibre iad. Níor buaileadh ná níor raobadh
Seog riamh le slabhra iarrainn agus níor dhóichighde go
ndéanfaidhe an iarracht so i gceann a dhathad blian
thall do. D'fhan sé 'na sheasamh tamall ag féachaint
orra, é ag corruidhe an chinn a bhí air anonn agus anall.
Is amhlaidh a bhí sé ag faire ar a amas agus nuair a
fuair sé é, chuir sé stara mór fiacla a bhí aige in
achrann i gclíathán chinn aca. Nuair a chonnaic an ceann
eile sin thug sé a bhóthar air, agus ní ró-fhada bhí an ceann
eile 'na dhiaidh. D'fhágadh Seog in' aonar, na cluasa
a bhí air díreach amach roimhe i gcomhnuidhe. Chaith fear
an chaifí leagaint lúib. Ní raibh aon mhaith a bheith ag
pléidhe le Seog. Bhí saoire cheart ag Seog ar feadh
an lae sin. Ní leomhfadh duine ná daonaidhe cur
isteach ná amach air. Acht le dul fé na gréine tháinigh
sé go dtí bothán Dhíothail ar thóir rud éigin le n-ithe.
"Dar fiadh féin," arsa Díothal, "ní bhfuighidh tú
greim ó aoinne annso dá gcaillfidhe thú. Má tá
leisce ort aon rud a dhéanamh aireochaidh do bholg é.
Is olc an tógaint a fuair tú a Sheog. Imthigh leat
anois agus solátharaigh duit féin."
Bhí páiste le Díothal sínte ar an úrlár agus é ag
síneadh amach a láimhín dtí 'n ainmhidhe a bhí ag féachaint
isteach air. Bhí fhios ag Seog Adhtam gur mhór ag
Díothal an páiste. Chuir sé cor beag amuigh ar bharr
a shróine Sín sé isteach an tsrón Rith an páiste
d'iarracht ar an tsróin le h-áthas agus le luathgháir.
I nóiment na h-uaire bhí an páiste ag gol is ag grágalladh
san aer. Bí sé dhá troigh déag anáirde ó'n a athair.
"Ó! a Rí an Fhasaigh agus na n-ainmhidhe," arsa
Díothal, "tabharfad duit dhá chíste déag de chístí
deasa milse a bhfuil dhá throigh ar leithead i ngach ceann
aca, agus iad ag fiucha le rum. 'Na dteannta sin
tabharfad duit dhá chéad púnt de shiúicre an chána a
bhaineas ar maidin. Tabharfad duit ar an bpaiste
seo iad acht amháin go leagfaidh tú anuas chugham an
dailtín beag suarach sin ná fuil sa saoghal agam féin
acht é."
Leag Seog an páiste ar an talamh agus chuir sé
idir a dhá chois é. Nuair a bhí a chuid caithte aige leig
sé don bpáiste sleamhnú' leis amach ón a dhá chois.
Rith an mháthair amach i gcoinne an pháiste, agus sceon
innte. Chrom sí á phógadh agus á uchta. Thug sí léi
an páiste agus d'fhan Seog mar a raibh sé.
Tháinig diúdarnghail chodlata ar Sheog. Ní mórán
codlata a bhíonn ó eilipheant. Dhúisigh sé i lár na h-oidhche.
Rith sé leis gurbh' amhlaidh a bhí Ólsiar ar meisce agus
go raibh sé ag dul amugha sa choill, nó béidir 'na chodla
in áit éigin uaigneach agus gan aoinne beo aige chum
féachaint air. Níor stad sé ar feadh na h-oidhche acht
ag briseadh agus ag straca trí scotharnach na coille,
agus ag búirthe agus ag bladhma. Tháinigh sé go dtí
bruach na h-abhann mar a dteidheadh sé féin agus Ólsiar
ar snámh. Chrom sé ag búirthe ann acht ní bhfuair sé
aon fhreagra. Ní raibh Ólsiar le fagháil in árd ná
i n-íseal. Bhí sé ag gol agus ag béice ar nós leinbh.
Le breaca an lae bhuail Ólsiar port. Bhí an-dheithneas
air mar bhí fhios aige go raibh sé lá déanach. Bhí fhios
aige an saghas mianaigh a bhí in Seog agus is air a bhí
an t-áthas nuair a chonnaic sé bothán Dhíothail mar a
raibh sé i gcomhnuidhe agus tigh fir an chaifí na sheasamh.
"Glaoidh ar an ainmhidhe sin," arsa fear an chaifí
leis. "Tá sé ag imtheacht fiadhain ar feadh na h-oidhche,
agus ní dhéanfadh sé pioc de mhaitheas an tsaoghail
indé. Tá sé ag ithe a bhreacfast anois."
Ghlaoidh Ólsiar air. D'airigh Seog é. Tháinigh sé
de rith chuige. Fé raibh fhios ag Díothal go raibh Seog
imthighthe bhí sé ag dorus tighe fir an chaifí. Chrom
sé ag luathgháir le h-Ólsiar agus ag búirthe le h-áthas.
Bhíodar araon mar a bheidís ag gol le h-áthas; iad ag
cimilt agus ag láimhseáil a chéile ó bhonn go bathas
féachaint a mbeadh aon díoghbháil déanta do aoinne aca.
"Tá sé chómh maith againn dul ag obair. Siubhail
leat a Shíoda na n-Eilipheant," arsa Ólsiar.
As leo araon ar thóir na mbun gcrann arís.
Ní raibh sé d'uain ag fear an chaifí bheith feargach,
bhí a leithéid sin de iongantas air.
LEIGHEAS AN BHÁIS.
NUAIR d'airigh an garsún a bhí tinn ar an leaba
glór an bhata croise ar an staighre agus é ag
brughadh leis aníos d'oscail sé a shúile agus d'fhéach
sé thimcheall an tseomra. Bhí deallradh an-cholgach
air. Bhí a aghaidh chómh dearg le silín ag an ngríos
a bhí uirre agus féachaint mhillteach 'na shúile. Bhí a
dhealbh agus é féin an-thannaidhe, mí-chreatalach ag an
bhfiabhras a bhí sé tar éis gabháil tríd. Bhí seachtmhain
de'n bhfiabhras curtha dhe aige, agus é de dheallradh
air gurbh' é an doicheall agus an ghráin ba rogha leis.
Bhí a mháthair 'na suidhe cois na teine. Ghlaoidh sé
uirre agus adubhairt: "Ná scaoil isteach é! Ná
scaoil isteach é! Ní thaithnigheann sé liom é fheicsint!
Coimeád as mo radharc é! Ó! ná leig —"agus
bhain sé casadh — únfairt bheag — as féin d'iarraidh an
chlúdach a chaitheamh de.
Rith a mháthair chuige agus rug sé le n-a dhá láimh ar
a láimh. "An airigheann tú me, a mham?" ar sé; "ná
leig isteach é! Ó! ná leig — "agus ní bhfuigheadh
sé a thuille a rádh; bhí sé i riocht é féin a mhúchadh. Chrom
an mháthair á bhréagadh agus ag déanamh taithnimh do
d'iarraidh é stuamú. "Ní leigfead, a mhaoineach," ar sí,
"duine ná daonaidhe id' ghoire ná id' ghaor. Ní baoghal
go bhfeicfir é. Cuirfidh mise amach é sin; amach an
dorus, anois díreach. Ní thiocfaidh aoinne isteach annso
chughat-sa, a leinbhín, acht mise — do mháithrín féin,"
agus chimil sí a aghaidh go deas, mín, aireach, le blúirín
de cheirt.
"An bhfuil tú sásta anois? Mo leinbhín-se é sin,"
ar sí.
"Anois! Anois! Cuir amach é," ar sé; agus
tharraing sé lámh a mháthar anuas ó'n a aghaidh, agus
d'eirigh ar a leath-chlíathán chum í chur uaidh go dtí 'n
dorus. Acht ní raibh sé de neart 'na uillinnín é
choimeád anáirde agus thuit sé thar n-ais go faon.
Ní raibh aon dul uaidh ag an mháthair; chaith sí dul go
dtí 'n dorus agus é d'oscailt. D'oscail sí go mall
é agus chonnaic sí leath-ismuigh de'n dorus a leas-mhac.
Bacach grána ba eadh é. Bhí an ceann a bhí air ró-mhór
dá cholann chlaoidhte agus dá ghéaga laga caola. Ní
raibh óige ná áilneacht ann. Ní bheadh fhios ag duine
'dé 'n aois a bhí aige. Bhí gruaig a chinn chómh bán le
folt sean-duine chian-aosta. Ba ghrána gach ball dá
bhallaibh acht amháin a shúile. Bhí dhá shúil mhóra ghlasa
'na cheann agus iad ag rinnce agus ag lasadh fé n-a
bhfabhraí agus fé n-a malaí mí-néata. Dhein sé ar a
aghaidh isteach agus dhruid sé treasna an tseomra.
Nuair a chonnaic sé an fhéachaint mhillteach, mhalluighthe
a bhí ag an othar air, stad sé. Ní leomhfadh sé do féin
dul níos sia. Bhí an chos bhacac ní ba ghiorra ná an
chos eile agus bhí sí tógtha rud beag ón talamh agus í
ag luascadh anonn agus anall. Níor chuir sé focal
beag ná mór as mar balbhán ba eadh é.
"Cad tá uaidh annso, a mham?" ars an buachaill
sa leaba. "Cuir amach go mear é! Amach leis an
gcláiríneach grána sin!" arsa Domhnall arís, le n-a
mháthair.
Thuig an cláiríneach — Liam dob' ainm do — an méid
seo cainte. Leag sé a shúile móra glasa chómh aithiseach,
chómh brónach sin ar a leas-mháthair gurbh' olc léi é chur
amach as an seomra. Chuir sé a chruisín fé n-a oscail
agus bhagair sé a mhéar ar an gcófra mór 'na mbíodh
an t-arán agus, an t-annlan. B'fhuirist a aithint air
gurbh' é an t-ocras ba namha do. Le neart crostachta
agus cancar agus searbhas ní bhfuigheadh Domhnall
fuireach socair. Thosnuigh sé arís: "Ná tabhair aon
rud do. Cuir amach é!"
Chrom Liam a cheann agus lúb sé é féin nuair a
chuir a leas-mháthair a lámh ar a ghualainn. Tháinigh
na deora ó'n a shúile agus d'imthigh sé amach go ciúin.
Nuair a dúnadh an dorus 'na dhiaidh chrom sé ag osnghail
go truagh-mhéileach, agus d'réir mar a bhí an t-ocras
agus an t-uaigneas ag luighe air do mhéadaigh ar a
liúigh agus ar a scread.
"Chum mise a chrádhadh thagann sé mar sin," arsa
Domhnall le n-a mháthair, "agus anois an airighir é?"
agus lean sé air ag caint mar sin go raibh an bhean
bhocht cráidhte céasta agus go raibh deire na foidne
caithte aici. D'eirigh sí de phreab agus d'oscail sí
an dorus d'urchar. Bhí an balbhán agus a ghlúin i
gcoinne an doruis aige agus thuit sé isteach leis an
dorus. Chrom sí ag gabháil air gan truagh gan taise.
An fhaid a bhí sí á bhualadh bhí Domhnall ar a ghroga sa
leaba agus é ag bualadh a bhas agus gach aon "Arís!
Arís!" aige, díreach mar a bheadh sé dá mbeadh cluithche
nó cleas éigin greannmhar ar siubhal.
Ní fheadar Liam cionnus a dhein sé an tsráid. Bhí
meabhrán 'na cheann ó'n ngreada a thug a leas-mháthair
do. Bhí géire an ocrais air leis mar ní bhfuair sé
aon ghreim le n-itheadh, acht fo-ghreim, leis an dá lá
roimhe sin, bhí a leas-mháthair chómh gleithireánach sin
thimcheall an leinbh a bhí tinn. Is ar éigin a bhí sé in
iúil ar a bhata croise a chur fé.
Tráthnóna breágh gréine a bhí ann. Bhí an tsráid
dubh le páistí a bhí ag triall a bhaile ó'n scoil — iad
ag sugradh leo agus ag imirt a gcuid cleas beag
dóibh féin. Ghabh scata aca thar brághaid — iad ag
sciotghail agus ag gáire mar is gnáth le buachaillí
'na n-aois. Chonnacadar an balbhán agus é d'iarraidh
goid as an tslighe uatha isteach i gcúinne éigin. Chuadar
chuige.
"An cláiríneach! An t-amadán!" arsa ceann aca,
agus rith na focail i mbéal gach duine aca gur
bhailigheadar go léir thimcheall air. "An cláiríneach!!
agus bhíodar á phiocadh agus á ghiobadh agus ag pléidhe
leis an mbata croise agus le n-a cheann mór agus
leis an gcois ghairid. Ba é deire bhí ar an scéal ná
gur rug ceann aca ar bhata croise leis agus rith sé
leis. Lean an chuid eile é.
Ba bhocht é cás an chláirínigh bhoicht. Ba é an t-ocras
ba mhó a bhí ar aigne aige; bhí an t-ocras go millteach
air. "Rud éigin le n-itheadh," ar sé leis féin.
"Raghad ag iarraidh déirce in áit éigin." Ba mhilis
é bolath an aráin te bacaera a bhí ag teacht ar an ngaoith
chuige ó'n mbácús a bhí ar chúinne na sráide. Ba mhór
an cancas é. Bhí uisce ag teacht le n-a fhiacla.
Bhí an lá ag teacht caithte. Bhí an ghrian ag dul fé
thiar, agus cúpla réilthín á dteasbáint féin ar an
spéir a bhí gan scamall gan smúit. D'eitil fo-éinín
go ciúin mall os a chionn anáirde. Bhíodar ag dul
ar thóir a suaimhnis. Bhí sé d'iarraidh a bheith ag snámh
leis ar an mbóthar acht bhí an t-ocras ró-dhian sa troid
leis agus chaith sé stríocadh. Ba bheag nár chuaidh sé
i laige.
"Gheobhaidh me bás leis an ocras," ar sé, in a aigne
féin, "muna bhfuighidh me greim éigin le n-itheadh."
D'airigh sé clog an tséipéil á bhualadh. Dhein sé boga
beag go righin (mall) duadhnaoiseach d'iarracht ar an
séipéal. Shrois sé é. Bhí an dorus oscailte. Dhein
sé ar a aghaidh isteach. Bhí an séipéal dorcha mar ná
raibh aon solus lasta acht amháin léas bheag a bhí ós na
coinnle a bhí thimcheall na h-altórach. Bhí sé ag fagháil
bolath na cumhrachta agus bolath na mbláth. Shuidh sé.
Bhí sé idir a bheith 'na chodla agus 'na dhúiseacht nuair
d'airigh sé an duine ag seint ar an oragán. Thosnuigh
an ceol go ciúin agus go caoin agus go bog binn — é
ag líonadh agus ag borradh, ag dul in aoirde in áit a
chéile go dtí gur líon foghar agus fothram an cheoil
an séipéal go léir. Dhein sin tógaint croidhe do
Liam. D'imthigh an pian de. Ghuidh sé go dúthrachtach
chum Dé. Tháinigh an chór cheoil isteach. D'eirigh geoin
cheoil. Bhain so corruidhe eile as Liam. Thosnuigh na
daoine ag teacht isteach go mear 'na mbeirt agus
'na dtriúr. Dhruid Liam anonn go dtí 'n dorus agus
shín sé amach a lámh acht tháinigh mántas air agus
tharraing sé siar arís í agus chuaidh thar n-ais mar a
raibh sé. Chonnaic sé a leas-mháthair agus a sean-chlóca
dubh uirre.
"Dá raghainn abhaile anois," ar sé "b'fhéidir go
bhfuighinn blúirín beag éigin a íosfainn; acht ní mór
dom deithineas a dhéanamh mar ní fada bheidh sí annso."
D'imthigh sé chómh-mear agus bhí aige agus le neart
an deithinis a bhí sé a dhéanamh bhí gach aoinne ar an
tsráid á thabhairt fé ndeara. Tháinigh sé fhaid leis an
tigh. Shleamhnaigh sé anáirde an staighre. Bhí dorus
an tseomra fé ghlas acht fuair sé an eochair mar a
mbíodh sí i bhfolach agá leas-mháthair agus í amuigh.
Fér chuir sé an eochair i bpoll an ghlais chonnaic sé go
raibh an lampa ar lasa ar an gclabhar os cionn na
teine agus go raibh Domhnall ag cur codla dhe, agus
go raibh a chúl leis an dorus.
"Ní fheadar an bhfuighinn teacht ar bhlúirín aráin
gan é dhúiseacht?" arsa Liam leis féin.
Chas sé an eochair go h-aireach. Níorbh' fhiú a rádh
gur tharraing sé a anáil agus é á dhéanamh: bhí a léitheid
sin de sceimhle air. Sheasaigh sé i gcoinne ursa an
doruis. Bhí a chroidhe ag bualadh agus eagla a chroidhe
air go raibh an glór a bhí sé a dhéanamh ar fuaid an
tighe go léir. Acht tháinigh misneach do mar gheall ar
an bpráidhinn a bhí air agus d'éaluigh sé treasna an
úrláir. Bhí srantarnghail bheag á dhéanamh ag Domhnall.
Ní raibh aon deallradh dúiseachta air. Nuair a tháinigh
Liam go dtí 'n chófra stad sé. Tháinigh crith-eagla
eile air… Chuir sé a bhata croise i dtaca
agus dhein sé iarracht ar an gcófra d'oscailt. Bhí
an clúdach a bhí air ró-throm do, agus bhí sé d'iarraidh
gan aon ghlór a dhéanamh. Acht dá mhéid é a chuid aire
dhein sé glór. Dhúisigh Domhnall de gheit. Nuair
d'oscail sé a shúile chonnaic sé an leas-dritheáir agus
an obair a bhí ar siubhal aige. Scread sé agus scread
sé. Annsin dhein Liam sár-sheift ar dhul i bhfeidhm
ar an gcófra. Badh chuma leis Domhnall 'na chodla
nó 'na dhúiseacht. Bhí sé cromtha treasna clíatháin
an chófra agus an scréacha agus an gleithireán
chómh mór sin ag déanamh mearthail do nár airigh sé
Domhnall ag teacht amach as an leaba. Tháinigh agus
shuidh sé anáirde ar chlúdach an chófra. Bhí an
cláiríneach ag lapadáil leis féachaint an dtiocfadh
blúirín aráin fé n-a lámha, acht ba thúisce tháinigh an
clúdach ar a mhuinéal. Bhí an clúdach agus Domhnall
ró-throm mar ualach anuas air. Ní raibh aon teacht
ó'n ualach aige. Bhain sé cúpla únfairt as féin mar
a dhéanfadh beithidheach allta a bheadh i bpranc, acht ní
raibh aon mhaith dho ann. Is beag ná raibh sé 'na gheilt
le neart péine agus fulaing. Bhí Domhnall sa tslighe
chéadna. Ní fheadar sé cad a bhí sé dhéanamh.
D'fháisc sé an clúdach le n-a lán neart anuas ar Liam.
Luigh an clúdach agus faobhar clíatháin an chófra
chómh mór sin ar mhuinéal an chláirínigh gur tachtadh é
Thuit sé 'na chorpán maol marbh gan chor, gan anam
ar an úrlár.
Nuair a chonnaic Domhnall cad a bhí déanta aige
d'eirigh a chroidhe air. Tháinigh scáth, gráin agus eagla
air. Chaith sé é féin isteach sa leaba. Dhein sé ceirtlín
de'n chlúdach thimcheall air féin.
Ní raibh le h-aireachtain sa seomra acht a chuid fiacal
ag bualadh agus ag cnagadh ar a chéile…
Bhí an mille déanta.
AN GRÁDH AGUS AN T-AIRGEAD.
PÉ rud a bhí ar Thomás léan ní raibh sé sásta le n-a
shaoghal, agus dar ndóigh badh cheart go mbeadh. Bhí
an Traoití socair; deire le cogadh; bhí cead aige a uain a
thógaint, agus cead aige luighe go sámh ar a leabaidh féin
seachas a bheith fé thóir agus i mbaoghal a mharbhtha ar fuaid
na dúithche. Níor chóir go mbeadh aon mhí-shástacht anois
air mar is é bhí go slán folláin tar éis na troda go
léir. Ní raibh cos ná lámh leis briste ná brúighte agus
in' fhochair sin fios aige go raibh cion fir déanta
aige. Acht bhí rud éigin neamh-choitchianta tar éis
teacht air. Ní raibh sé leath ná trian chómh geal-gháireach
agus bhíodh sé. Cúpla bliain roimhe sin nuair a bhíodh sé
féin agus Páidín Traoin i bhfochair a chéile ní bhíodh
lag orra acht ag feadghail agus ag amhrán agus ag
déanamh suilt agus sughchais ó mhaidin go h-oidhche.
Acht béidir go raibh rud éigin sa scéal. Ní mar a
cheile duine a bhíonn pósta agus duine ná bíonn. Bhí
bean ag Páidín agus ní raibh ag Tomás. Fonn pósta
a bhé ar Thomás. An tráthnóna so agus é sa mbaile
bhain sé an ceann de'n scéal.
"Ní'l aon deallradh orainn annso, a athair," ar sé.
"Mise agus tusa sa tigh seo agus gan aoinne againn
a thabharfadh cupán té dhúinn ar maidin ná a bheirbheochadh
práta dhúinn um eadthrath. Ní'l aon deallradh ar
bhothán tighe gan bean éigin a bheith ann. Nár mhór an
suaimhneas agus an socracht dúinn-ne araon é dá
mbeadh bean i mbun an tighe seo. Bad mhór an mhaise
ar an tigh é agus badh mhór an congnamh tighis leis é."
Lean sé air mar sin ag caint. I ndeire, ar se, "Ní
fheadar an mbeadh aon deallradh ar Mháirín Thaidhg?"
"An í inghean an ghabhann thiar?"
"'Sí, airighim gur cailín an-mhaith í."
"Eist; 'dé mhaith í? Ní'l pingin ruadh 'na seilbh
sin. Cad déarfá le inghean Cháit Bhreathnach. Sin
cailín a bhfuil gaois is gastacht innte agus a bhfuil
deallradh agus dath uirre."
"Bhoil," arsa Tomás, "tá sé chómh maith foidne
bheag a bheith againn agus iarracht a thabhairt ar an rud
is fearr a dhéanamh."
Chuaidh an bheirt a chodla annsin. Ar maidin lá ar
na bhárach chuaidh Tomás i mbun a chuid oibre. Ag
treabhadh bhí sé an lá so. Ní raibh lag air ar feadh an
lae acht a maranna agus ag síor-mharanna. Pioc
suime ní raibh aige sa treabhadh. Ba chuma an céachta
i dtalamh nó as an talamh, an drae mairg a chuireadh sé
ar Thomás go dtagadh sé go dtí an chinn-fearainn.
Sin é an uair a chaitheadh sé é féin dá mharanna. Bhaineadh
sé casadh as na capaill agus níorbh' luaithe chum siubhail
iad ná Tomás ar a mharanna arís, go dtí go dtagaidís
go dtí an chinn-fhearainn eile.
Bhí na laetheanta á gcaitheamh agus Tomás ar an
inntinn chéadna i gcomhnuidhe. Bhí daoine a rádh go
raibh sé ag teacht rud beag ait ann féin, acht badh chuma
leis cad a bhí daoine a rádh. Is é an rud ba mheasa
leis acht go raibh sé ag cailleamhaint a ghoile, agus ní
fheadar sé 'dé chúis. Aon uair a thráchtfadh sé ar ainm
Mháirín le n-a athair ní éisteochadh an t-athair leis. Bhí
sin ag luighe an-mhór air mar is maith a bhí fhios aige
go raibh Máirín go deas mín mánla agus gurbh' dheise
míle uair i dtigh í ná an inghean strolúsach dúr dána
a bhí ag Cáit Breathnach. Bhí an t-airgead ann gan
aon amhras. Ba é an t-airgead an fhadhb. Ní fheadar
an raib aon réidhteach le déanamh in aon tslighe bog na
cruaidh ar an scéal!
An mhaidean so bhuail sé amach dtí tigh na mbó ag
féachaint ceann des na ba a bhí tinn, agus cé chífeadh
sé amuigh roimhe ná a athair. Bhí sé ar a ghlúine agus
é ag cur bosca éigin a bhí na láimh aige i dtalamh. Nuair
a bhí an bosca i dtalamh aige leag sé cúpla clár anuas
ar an áit 'na raibh sé. Níor leig Tomás aon rud air.
D'fhan sé go raibh an t-athair imthighthe a chodla an oidhche
sin. Chuaidh sé go dtí an chúinne. Thóg sé an tuighe
agus na cláracha agus thóg sé aníos an sean-bhosca
beag as an bpoll. D'oscail sé é. Nótaí ar fad a
bhí ann. Chuaidh sé go dtí an dorus le h-eagla go
mbeadh aoinne thimcheall. An drae duine. Shuidh sé
síos ar a shuaimhneas ar an tuighe agus chomhairimh sé
na nótaí ó cheann go ceann. Trí chéad púnt! Chomh-
airimh sé arís iad. An comhaireamh céadna bhí ionnta.
Dhéanfadh an méid sin bráca beag tighe a thógaint do
agus bheadh an oiread fágtha agus a cheannochadh rudaí
beaga oireamhnacha eile do. Agus annsin, Máirín —
Seadh! Dá mbeadh an méid sin ag Máirín ní fheadar
an bhfuigheadh sé — an ndéanfadh sí —?
Theaghmhaig sé féin agus Máirín le n-a chéile an oidhche
'na dhiaidh sin. D'innis sé a scéal di. Ní bheadh aon
bhaint aici leis an airgead.
"Ní bheadh lá de'n rath orainn," ar sí, "dá mbeadh
aon lámh againn in airgead mar sin."
Bhíodar ag caint agus ag caint mar gheall ar an
scéal gur dheineadar socrú beag eatorra féin. Ní
raibh aon ghealach ann agus níor bhaoghal dóibh súile
aoinne. Is ar Thomás a bhí an t-áthas an oidhche sin
gan a fhios don saoghal.
Ní ró-mhinic a bhíodh triall an athar ar an mboiscín.
Ní theidheadh sé 'na ghoire go dtí go mbíodh rud éigin
aige le cur 'na chionn. "In áit a chéile a thógtar na
caisleáin," adeireadh sé. Tháinigh lá aonaigh agus
dhíol sé seafaid agus pé pingin a fuair sé uirre tháinigh
sé abhaile léi lom díreach agus dhein sé ar an mboiscín.
D'oscail sé é agus cad a bheadh acht é follamh. Dóbair
go bhfuigheadh an fear bocht bás. Níor fhan tarraingt
na h-anála ann. Nuair a tháinigh sé chuige féin d'fhéach
sé thimcheall an bhotháin. Thug sé fé ndeara go raibh
cúpla cearc a bhí aige imthighthe leis. Rith sé amach
ar an mbóthar agus chrom sé ag féachaint soir siar
agus ó dheas mar a bheadh duine a bheadh as a chiall.
Acht cearc ná airgead ní raibh le feicsint aige, pé
bitheamhnach a bhuail fútha. Ní raibh aon rud fágtha aige
acht an boiscín agus é folamh.
D'innis sé a scéal dá mhac. Má innis d'eirigh
Tomás chuige. "Féach anois, cá bhfuilmíd," ar sé.
"Cá bhfuil an mhaith dhuit bheith ag cuimhneamh ar chleamh-
nas a dhéanamh anois le inghin Cháit Bhreathnach — ná fuil
fhios ag an saoghal anois ná fuil pingin ruadh 'nár
seilbh — go bhfuil sé imthighthe gan tásc gan tuairisc?
Is baoghlach go bhfuil deire le pósadh agus gach aon
rud anois.". Ní raibh focal olc ná maith le rádh ag an
bhfear bocht. "Caithfead bheith sásta le Máirín Thaidhg
agus ní fheadar-sa an ngeobhaidh sí liom anois;
ní dóigh liom go ndéanfaidh; tá sé dian má thagann
sí isteach annso."
"Ní thiocfaidh — amáireach! Badh chóir di a bheith ag rith
chughat."
"Tá do chaint go breágh agat. Cuimhnig ná fuil an
scéal chómh maith agus a bhí sé. Ná fuil dhá chéad púnt
spré le fagháil le Máirín ag aoinne a dtuitfeadh sí leis."
"Dhá chéad! Cá bhfuigheadh sí é? Acht 'na dhiaidh sin
bhí an t-athair baileach sanntach. Ní raibh sé riamh
caithteach."
'Sé deire bhí ar an scéal ná go raibh an buaidh ag
Tomás. Chuaidh an t-athair go dtí Tadhg gabha, agus
ba mhór é a mhaoidheamh as an talamh agus an stoc a
bhí ar an talamh aige. Níorbh' fhiú gaoth i mbéal duine an
cúpla púnt a goideadh.
"Bhoil," arsa Tadhg leis, "má tá tusa sásta ar
Shean-Chluain a thabhairt uait, táim-sé sásta ar dhá
chéad púnt a leagaint ar bhais Mháirín — sin a bhfuil
agam le rádh sa scéal."
Socruigheadh an scéal ar an láthair. I gcionn mí
ón lá sin, bhí pósadh thuas sa séipéal. Máirín agus
Tomás an lánamha. Agus i gcionn na h-oidhche bhí an
cóisire ar siubhal. Muna raibh ceol, spórt agus
aoibhneas ar siubhal ní lá fós é.
Ar maidin agus an gleithireán caithte, pé rud a
ruaig do'n sean-duine bualadh amach go dtí tigh na
mbó chuaidh agus chrom ag cur tóir ar an mbosca arís
chum é dheisiú'. Fuair sé caithte sa chúinne é agus
é leath-lán de rud éigin, Chaith sé amach as pé rud
a bhí ann agus cad a bheadh ann acht na nótaí. Is ar
éigin a chreid sé gurb iad a gheobhadh a bheith ann.
Chomhairimh sé iad. Bhíodar go léir ann — fiú an
sean-nóta beag stractha deich scillinge a fuair sé
'na dhearmhad lá an aonaigh.
Theasbáin sé do Thomás iad. Pioc iongantais ní
raibh ar Thomás.
"Is dócha ná raibh a fhios agat cá raibh sé i bhfolach
agat," ar sé.
"Masa," ars an t-athair, "ní h-é sin ar aon chor é,
acht is maith an rud nár scaip na cearca é agus ná
fuair na bitheamhnaigh a bhí annso ar feadh na h-oidhche é.
Is maith a scaramair orra!!"
Dhéarfainn féin gurbh' í Máirín ba chionntach leis an
airgead a chasadh mar ná raibh uaithe acht an cleas
d'imirt.
Dhéarfainn leis go raibh sé d'fhonn ar Thomás an
t-airgead a choimeád acht ná leigfeadh sí do é dhéanamh.
Ar an dul sin ní ro-throm an peaca a bhí aici le h-innsint
'na faoisidín. Cár chuma le Tomás é choimeád nó
gan a choimeád? Bhí an té bhí uaidh aige agus badh bheag
air aon rud a dhéanfadh sé dhi. Acht an duine eile
úd — Inghean Cháit Bhreathnach — í siúd a raibh an t-airgead
aici —!!!
CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE.
LÁNAMHA a bhí ann uair agus bhí ceathrar mac aca.
An fhaid a bhí an murar ag eirghe suas ní fhuair an
t-athair agus an mháthair mórán duadh le n-a dtógaint,
acht nuair a tháinigh ionnta bhí an saoghal ag teacht
ganchúiseach orra, mar bhí an áit a bhí aca ró-bheag agus
ní raibh aon rud le déanamh aca. Bhraith na garsúin féin
é sin mar bhí tuiscint ionnta. Chuireadar a gcinn le
n-a chéile agus d'aontuigheadar ná raibh aon deallradh
dhóibh bheith caithte sa bhaile ag brughadh ar a chéile,
gur bh'fhearr dhóibh dul in áit éigin as baile agus dul i
mbun soláthair dóibh féin. An oidhche bhí 'na gceann
chuaidh an ceathrar aca go dtí a n-athair agus d'innis-
eadar a scéal do. Ba leasc leis aon fhreagra a
thabhairt orra mar níor rith sé riamh leis go mbuailfeadh
a leithéid d'fhonn iad. Acht, ar an taobh eile de'n scéal,
ba leasc leis aon bhac a chur orra, mar is mairg a
chuirfeadh isteach ar dhuine 'na shaoghal. "Bhoil," ar sé,
"níor thuar me a leithéid sin de chor díbh agus
má imthigheann sibh is uaigneach a bhead-sa 'nbhur ndiaidh.
Acht ós toil libh imtheacht, ní bheidh sé le casadh agaibh
choidhche liom gur bhacas bhur leas díbh. Tá fhios agaibh
gur mhaith liom go maith sibh agus tá gach aon
choinne agam nach imtheacht gan chasadh dhíbh é agus
go gcuimhneochaidh sibh orm i gcomhnuidhe. Tá mo
bheannacht-sa agaibh, pé áit a raghaidh sibh."
Ar maidin lá ar na bhárach d'éirigheadar. D'ith-
eadar a mbriocfast, agus chuireadar i gcóir don
mbóthar. Nuair a bhíodar i gcóir, d'fhágadar slán
ag á n-athair agus as leo. Bhíodar ag imtheacht leo an
bóthar gur theaghmhuigheadar le crosaire cheithre rian.
Stadadar annsin. D'fhéachadar soir, siar agus ó
dheas agus d'iarradar ar Dhia iad a chur ar a leas.
Chuadar i gcomhairle arís, agus sé rud a shocruigheadar
air ná gach duine aca a thabhairt a bhóthar féin air agus
bheith thar n-ais ar an gcrosaire céadna i gcionn lae
agus bliana.
Bhog gach fear chum bóthair, agus ní h-aithristear
scéala aoinne aca go raibh an bhliain caithte. I gcionn
na bliana ba é an té ba shine bhí orra an chéad duine a
bhí ar an gcrosaire. Ní fada a bhí sé ann nuair a tháinigh
an tarna fear. Chuireadar fáilte roimh a chéile agus
thosnuigheadar ag caint. Sa chaint dóibh d'fhiafruigh
an chéad fhear de'n tarna fear conus d'eirigh do, nó
an raibh aon rud aige tar éis na bliana.
"An drae rud," ar sé, "acht amháin gur fhoghlum-
uigheas céird. Bitheamhnach is eadh me."
"Ní h-olc mar chéird í acht go bhfuightheá do dhóthain
le déanamh agus go rithfeadh leat," ars an chéad fhear.
Ní raibh acht an méid sin ráidhte nuair a tháinigh an
tríomhadh fear agus ní fada a bhí sé sa chaint nuair
d'fhiafruigh an chéad fhear de an raibh aon chonlach beag
aige tar éis a shaothair.
"Pingin ruadh," ar sé, "ní'l agam. Ní'l agam
acht an guna so a chíonn tú im' láimh. Foghlaer is eadh
me."
"Go maith," ars an chéad fhear, "ní fearr ar domhan
port atá agat, muna baoghal dúinn féin tú. Ní'l
aon mhaith a bheith ró-fhiosrach leat-sa."
Agus ní raibh an ceáthramhadh fear i bhfad gan teacht.
"Táim ag féachaint oraibh ó mhaidin," ar sé.
"Conus a bheithfeá," ars an chéad fhear, "agus gur
anois atá tú tar éis teacht."
"Féach ar an rud so im' láim," ar sé, "sin gloine.
Fear gloine 'seadh mise. Chífinn rud aon fhaid ó bhaile
leis sin."
"Agus an bhfuil aon rud eile agat tar éis do bhliana
acht an gloine sin?"
"Dada. Tá mo chéird im' láimh agam."
"Masa, 'sé an scéal céadna agam féin é. Faic
go Dia ní'l agam, acht amháin gur táiliúir me. Is
aingcis an ceathrar sinn chum bualadh isteach go dtí aon
duine bocht gan aon rud sa saoghal againn acht ár
lámha ar liobarna linn. Acht caithfimíd dul abhaile
is dócha, pé rud atá againn nó uainn."
D'imthigheadar, agus bhuaileadar dorus béal bóthair
isteach abhaile. Bhí an t-athair istigh. Is air a bhí an
t-áthas iad d'fheicsint isteach chuige. Do phóg sé agus
dheoch sé iad. Ba mhór an óige air iad d'fheicsint thar
n-ais chuige arís. Chuir sé cóir bídh agus dighe orra
agus luigheadar ar sheanchus. Níorbh' fhada sa seanchus
dóibh nuair a bhí fhios aige cad dob' fhiú iad tar éis na
bliana. Ní mórán carbhuaice a chuir sé air a bhochtanacht a
bhíodar. Dubhairt sé go raibh árd-obair déanta aca
mar gurbh' fhearr céird aon lá ná bheith 'na h-éaghmais.
"Acht," ar sé, "badh mhaith liom tástáil bheag a bheith
agam asaibh féachaint a bhfuil bhur gcéird i gceart
agaibh."
Thug sé amach sa ngáirdín a bhí ar chúl an tighe an ceathrar
aca. Bí crann thimcheall cheithre fichid slat ar aoirde
i lár an gháirdín. "Féach ar an gcrann sin," ars an
t-athair le fear an ghloine, "agus innis dom má tá
aon rud anáirde 'na bhárr."
Tharraing fear an ghloine a ghloine chuige agus dhírigh
sé ar bhárr an chrainn é. "Chím," ar sé, "nead
colbhair. Tá cheithre cinn de uibhe ann agus an t-éan
'na luighe orra."
"Go maith," ars an t-athair. "Thoicim, anois, a
bhitheamhnaigh. Teidhir anáirde sa chrann sin agus beir
leat anuas na h-uibhe sin chughainn gan an t-éinín sin
a chorruighe."
Ní túisce bhí an chaint as béal an athar ná mar a bhí
an bitheamhnach ag sleamhnú' leis anáirde an crann.
D'éaluigh sé go deas ar an éinín agus thóg amach na
h-uibhe go mín socair réidh uaithe gan an oiread le cor
a bhaint aiste agus anuas leis arís. Thug sé na h-uibhe
dá athair.
"Tá sin déanta mear go maith." ars an t-athair.
"Anois, siubhluighidh isteach liom." Bhí bórd cheithre
chúinneach istig sa seomra. Leag sé ubh ar gach cúinne.
"Anois," ar sé leis an bhfoghlaer, "faigh do ghuna
agus déin dhá leath díreach de gach ubh aca sin gan aon
chorruighe a dhéanamh ar aon rud atá istig ionnta."
Ghabh an foghlaer a ghuna chuige. Chaith sé cheithre
urchair. D'fhéachadh ar na h-uibhe. Bhí dhá leath glan
díreach déanta de gach ceann aca.
"Nár chaillir t'aimsiú," ars an t-athair. "Anois,
a tháiliúir, faigh do shnáth agus do shnáthad agus fuaghail
iad sin agus ná fág rian briseadh ná brughadh orra."
Fuair an táiliúir a chuid úirlisí agus d'fhuaghail sé
na h-uibhe sa tslighe ná h-aithneochadh duine ar bhain aon
rud riamh dóibh.
"Dia leat," ars an t-athair, "tá déanta go maith agat.
Anois, a bhitheamhnaigh, críochnuigh do chuid de'n obair.
Cuir na h-uibhe sin mar a rabhdar agus ná cuir amugha a
codladh ar an mháthair."
D'imthigh an bitheamhnach agus ní ró-fhada bhí se nuair
a bhí sé thar n-ais agus a ghnó déanta aige.
"Molaim," ars an t-athair, "ní bréag a rádh go
bhfuil a chéird ag gach fear agaibh. Tá árd-obair déanta
agaibh ó d'imthigheabhair. Fanaidhí im' fhochair anois
go cionn tamaillín agus gheobhaidh sibh bhur rogha rud
a dhéanamh annsin."
Bhíodar sásta. Acht bhí an aimsear á caitheamh agus
gan aon rud ar aon chor á dhéanamh aca. Bhí an fhoidne
á caitheamh aca agus meirg ag teacht orra le neart
díomhaointais. Badh bhreágh leo a bheith ag cur chum
bóthair arís chum caoi d'fhagháil ar a gcéird a chleachtadh.
Le linn agus iad a bheith ar an inntinn seo, thuit rud
éigin amach thimcheall na h-áite. Bhí prionsa 'na
chómhnuidhe tamall uatha agus bhí leanbh óg de inghin
aige. Tháinigh fiolar i gan fhios ar an leanbh agus ghoid
sé leis í in a dhá chrobh. Bhí teaghlach an rí an-thre n-a
chéile. Ní raibh fhios aca cad dob' fhearr a dhéanamh.
Ní raibh aon tseift nár chuimhnigheadar air agus nár
tharraingeadar chúcha agus nár chuireadar ag obair.
D'airigh an prionsa, ar chuma éigin, go raibh an ceathrar
mac so díomhaoin, agus níor stad cois leis gur chuaidh
sé chúcha. Dubhairt sé leo aon rud badh mhaith leo a
dhéanamh, féachaint an bhfuighdís teacht ar aon teimheal
de'n leanbh.
Ní raibh uatha acht gaoth an fhocail. Cuadar go dtí 'n
tráigh. D'órduigh an táiliúir do'n triúr eile, gach cipín a
bhí le fagháil a thabhairt chuige. Chuadar sa mbailiú'.
D'réir mar a bhí na cipíní ag teacht bhí an táiliúir á
gcur le n-a chéile agus á bhfuaghail. Ba ghairid go
raibh corachán deas déanta ag an táiliúir. Cuireadh
ar farraige í agus isteach leo innte. Thugadar a
n-aghaidh do mhuir. Bhí fear an ghloine chum tosaigh agus
é ag síor-fhéachaint ar an tír isteach uaidh. Bhíodar
tamall maith ar an bhfarraige nuair a labhair sé.
"Chím," ar sé, "fiolar ag déanamh chum faille agus
tá, mar a bheadh, cleite bán 'na scíathán."
"Sin é an buachaill," ars an bitheamhnach.
Tugadh aghaidh an bháid do thalamh; fear an ghloine i
gcomhnuidhe sa bhfaire. Bhuaileadar port fé bhun na
faille. Theasbáin fear an ghloine an áit 'nar chuaidh an
fiolar do'n mbitheamhnach. Amach leis an mbitheamhnach,
agus dhein ar an bhfaill. Ba mhillteach an aoirde a
bhí sa bhfaill acht ba chuma leis an mbitheamhnach. Níor
fhéach sé anáirde ar aon chor — aon rud acht dul sa
bhfaill agus é chur de anáirde. Nuair a bhí sé ag teacht
gairid do'n nead chaith sé a bheith an-chiúin agus an-aireach
le h-eagla go ndúiseochadh sé an fiolar. Bhí sé ag
snámh agus ag goid leis go dtáinigh sé go dtí béal
an nid. Chonnaic sé an fiolar istig agus é 'na chodladh.
Bhí sciorta beag de éadach an leinbh amach fé'n a scíathán
agus rug sé air. Strac sé amach an leanbh chómh deas
agus chómh aireach san nár dhúisigh sé Rí na n-éan.
Bhuail sé an leanbh fé'n oscail agus tháinigh anuas an
cosán céadna ar chuaidh sé anáirde. Bhí an triúr eile
ag geitghail ag fuireach leis. Shíleadar ná déanfadh
sé an gnó choidhche; acht ba bheag an chiall a bhí aca. Tháinigh
an bitheamhnach go luath bríoghmhar go dtí 'n mbád chúcha.
Isteach leis sa mbád agus an leanbh ar iomchar aige.
Níorbh' thúisce istig é ná mar bhí an bád ag cur di thar
n-ais abhaile arís. Is iad a bhí go sásta leo féin — an
gaisce bhí déanta aca. Acht ní rabhdar sa mbaile fós.
Bhíodar isteach agus amach le leath slighe nuair a thug
fear an ghloine fé ndeara an mothal dubh sa spéir ag
déanamh orra. Bhí sé ag teacht agus ag teacht go dtáinigh
sé díreach os cionn an bháid. Stad sé annsin agus
bhí sé ag túirling. Ní raibh focal as aoinne gur labhair
an táiliúir. "Cad tá tú a dhéanamh?" ar sé le fear
an ghuna. Sin a raibh ann. Dhírigh an foghlaer a ghuna
ar an bhfiolar. Chaith sé leis. Thuit an fiolar maol
marbh anuas i lár an bháid. Dhein sé brúscar de'n
mbád. D'imthigh sí 'na cipíní ar fuaid na farraige
agus bhí an ceathrar ag lapadáil leo ar fuaid na
gcipíní, an bitheamhnach agus an leanbh anáirde ar a
dhrom aige. Ba é an táiliúir an chéad fhear do labhair
arís. "Seadhaidh," ar sé, "bídhí sa mbailiú arís."
Luigh fear an ghloine agus an foghlaer sa mbailiú.
Thugadar na cipíní 'na gcionn agus 'na gcionn go dtí
'n táiliúir agus ba ró-ghairid an mhoill air sin iad a
chur le n-a chéile agus a fhuaghail. Tar éis beagáinín
aimsire bhí an corachán chómh déanta agus a bhí an chéad
lá. Ní raibh le déanamh aca acht dul isteach innte agus
ní mórán duadh a dhein sin dóibh. Leanadar orra gur
bhuaileadar port sa mbaile. Bhí an dúthaigh go léir
ag trácht ar inghin an phrionsa. Ní raibh tásc ná tuairisc
uaithe — ní raibh go dtí gur chuaidh an bitheamhnach go dtí
'n rí-theaghlach agus gur leag sé an leanbh i mbinn a
máthar.
Dóbair go raghadh an mháthair i laige le neart áthais.
Ní fheadar sí cad a bhí le n-a rádh ná le déanamh aici.
B'ait léi an scéal. Nuair a tháinigh an prionsa abhaile
is ar éigin a chreid sé an scéal. Acht, nuair a chonnaic
sé an leanbh le n-a dhá shúil chinn féin, chreid sé é agus
chuaidh sé go dtí 'n cheathrar dritheár. Thug sé mála
óir dóibh de'n chéad dul síos agus annsin dhein sé
árus áluinn dóibh féin agus dá n-athair.
Bhí an tigh agus an t-airgead annsin aca. D'iarradar
ar a n-athair an tigh a bheith aige, acht ní bheadh. Dubhairt
sé na fágfadh sé féin an sean-bhothán beag a bhí aige ar
a raibh de chaisleáin ná de pháláis sa domhan go léir.
Agus annsin bhíodar ag cur an airgid air acht ní ghlacfadh.
Ní raibh dada le déanamh aca annsin acht dul i gcomh-
airle, féachaint cad badh mhaith dhóibh a dhéanamh. Bhíodar
ag cuimhneamh ar an airgead a roint acht níor dheineadar.
Bhíodar chum é chur ar chranna féachaint cé leis a
thuitfeadh sé acht níor dheineadar. "Tugaimís do'n
mbitheamhnach é mar sin," ars an táiliúir. "Is é is fearr
a thuill é."
"Ní thabharfar," ars an bitheamhnach, "má bhíonn
airgead uaim-se, tá slighe agam chum é dhéanamh.
Dhéarfainn-se go mbadh cheart an tigh agus an t-airgead
a thabhairt do'n táiliúir. Is é an té is sine orainn é,
agus is é is fearr a dhein chum é thuilleachtain."
D'aontuigh an bheirt eile leis an mbitheamhnach.
Bhí triúr annsin i gcoinne an táiliúra agus ní raibh
aon mhaith dho bheith ag rádh 'na gcoinne. Chaith sé
glacadh le gach aon rud.
Ghlac sé le gach aon rud, acht, ar sé, "An rud is liom-
sa is libh-se. Dheineamair go léir ár gcion sa scéal. Dá
mbeadh aoinne againn in easnamh, ní bheadh an obair
déanta. Dá bhrígh sin, ní'l sibh acht ag bronnadh gach
aon rud orm-sa. Acht, is cuma; "Sinn Féin, Sinn
Féin," agus an rud is liom-sa is libh-sé."
Ó'n lá sin go dtí 'n lá a fuaireadar bás ní raibh lá
bocht ag aoinne aca.
ROT AN ÁIDH.
NÍ raibh sé ró-bhrothallach acht bhí sé go breágh mar
bí an spéir glan agus an ghrian ag taithneamh mar
badh mhaith léi. Tráthnóna deire Bealtaine ba eadh é.
Bhí sé isteach agus amach le n-a cúig a chlog. Sin é
uair a raibh Lughaidh Ó Conraoi, cúpaer, ag cur barraille
ag rith de chúinne Faithche Stiopháin. Bhí sé de
chead agus de cheart aige é dhéanamh mar bhí a cháin
díolta aige. Bhí aprún a chéirde air agus bhí sean-
chaipín ar a leath chluais, agus é a rádh ramháinín
greannmhar amhráin mar bhí an óige agus an intinn
árd aige. Uaireannta stadadh sé agus adeireadh i
nguth an-ghlórmhar an-dhoimhin, díreach agus dá mbadh
istigh sa mbarraille bheadh a cheann:-
"Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille gan
fannsa;
Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille gan
ceann ann;
Ó, mo bharraille! mo bharraille, mo bharraille tá
ramhar deas;
Mo bharraille gan eagla ag taisdeal cnoc is gleann
dom."
Ní chuireadh an barraille de shuim san amhrán acht
maolú beag a dhéanamh san imtheacht a bhí fé. Barraille
ba eadh é a raibh nádúir tuigsint ag baint leis agus
ba ghnáth leis é féin d'iomchar go maith. Nuair a bhí
Lughaidh agus é féin ag iompódh síos Sráid Ghraftain
bhí píléir mór 'na sheasamh ag ceann na sráide. Bhí
sé mar a bheadh sé cortha dhe féin agus nuair a chonnaic
sé Lughaidh agus barraille chuige agus an fuadar a bhí
fútha ghoilleadar air. Dhírigh sé é féin agus dhein sé
ar Lughaidh. "Cadé saghas cleasaidheacht é seo ar
siubhal agat-sa?" ar sé leis, "ná fuil fhios agat
go bhfuil tú sa tslighe do gach aon rud sa tsráid?"
"Muireach gur stadais mé," arsa Lughaidh, "ní bheinn
sa tslighe do aon rud." Ní raibh aon uireasba céille
ar Lughaidh agus in' fhochair sin bhí a dhóthain agus fuighleach
deaschainte aige.
"Ó, an mar sin é? An mar sin é?" ars an píléir.
"Bhoil, má's mar sin é, an dteasbáinfeá do chuid
páipéar dom?" Le searbhas a dhein sé an méid seo
cainte.
Ní raibh le déanamh ag Lughaidh, annsin, acht leagaint
lúib. Bhog sé de'n mbarraille chum na bpáipéar a
bhaint as a phóca. Ní túisce a bhí a lámh de'n mbarraille
ná bhog an barraille chum siubhail. Bhí an ghastacht
agus an greann sa mbarraille céadna agus ní raibh
aon dul amugha air cad a dhéanfadh sé. Ní raibh sé
roimhe sin riamh i Sráid Ghraftain agus nuair a fuair
sé an chaoi dhein sé rud di. D'imthigh sé leis cuibheaseach
mall ar dtúis, ag géarú rud beag in áit a chéile. Bhí
sé ag tabhairt dhá thaobh na sráide leis, ag gualáil
ó thaobh go taobh. Dhéarfadh duine gur ar meisce a
bhí sé acht níorbh' eadh. Is í an chabhail mhór a
bhí air a bhí á dhéanamh agus rud eile is dócha go raibh
mór-chúis bheag ag baint leis agus gur bhreágh leis a
bheith chómh aerach le h-aon scoth a bhíonn ar an tsráid
sin. Agus cé thógfadh air é? Ná raibh sé chómh maith
aige a bheith chómh maith le duine eile? Nuair a bhraith
sé é féin saor ceart ghéaruigh sé san imtheacht. Bhí
imtheacht deas fé síos an tsráid. Is annsin d'airigh
Lughaidh uaidh é. Chrom Lughaidh ag gearán mar gheall
ar an mbarraille agus d'iarraidh imtheacht 'na dhiaidh
acht bhí greim daingean ag an bpíléir ar ghualainn air
agus ní raibh aon fhagháil imtheachta aige. Bhain an barraille
árd-thairbhe as an scathamh seanchais a bhí ag Lughaidh
leis an bpíléir. Eachtra an glór agus an fothram
a bhí sé a bhaint amach agus leis an linn chéadna é á
ghrianú féin go breágh.
Níor thug an píléir fé ndeara ceart an fuadar a
bhí fé'n mbarraille go dtí so. D'airigh sé an glór
a bhí á dhéanamh aige. Bhog sé a ghreim de'n gcúpaer
agus seo iad araon sa rith. Bhí an píléir agus a dhóirne
amach roimhe agus é ar tosach. Bhí an cúpaer 'na dhiaidh
agus critheán agus sceon ann agus gach aon liúigh
aige, a rádh — "Stad é! Stad é!" Is amhlaidh a bhí
an liúigh seo ná ag tabhairt breis siubhail do'n bpíléir
agus ag méadú ar a shaothar. Bhí slat dá theanga
amach 'na bhéal. Bhí an-chuid daoine ar an tsráid.
B'ait leo an gleithireán. Stad a lán díobh ag féachaint
ar an ngleo, acht má stadadar thugadar aireachas
maith gan aon chuir isteach a dhéanamh ar an scéal. Bhí
fhios aca go raibh rud éigin neamh-choitchianta greannmhar
ar siubhal. Sa deire bhain an píléir tosach de'n
mbarraille. Bhí sé thíos ag bun na sráide agus dhein
sé iarracht ar é féin a stad. Níorbh' ró-fhuirist do
é dhéanamh mar bhí an iomarca imtheacht fé. Is é seift
a cheap sé ná breith ar phíléir eile a bhí 'na sheasamh ag
déanamh a ghnó go dícheallach ar lár na sráide. Dóbair
go leagfadh sé é.
"Cad a thug annso thusa?" ar sé sin le píléir
an reatha.
Is annsin a chuimhnigh sé air féin. Bhí sé tar éis
teacht leasmuigh dá límistéireacht féin agus ní'l aon
mhasla is mó leis na píléirí ná ceann aca bheith ag
cur isteach ar an duine eile. D'iompuigh sé ar a
sháil agus shiubhail sé thar n-ais go maol-chluasach. Ghabh
an barraille thairis go mórdhálach dána gan aon tsuim
a chur ann.
Ní raibh an barraille acht tar éis gabháil thar an
bpíléir nuair a bhí sé san áit is tiugha bhíonn daoine
agus roithleáin ag gabháil agus is sin é an uair ba
mhilltighe agus ba mhire a bhí sé ag imtheacht. Chaith
Lughaidh stad. Ní raibh breith thíos ná thuas ar a anáil
aige, bhí a leithéid sin de shaothar air. Bhí sé ag féachaint
ar na gluaisteáin ag gabháil síos suas thairis agus
eagla a chroidhe air go mbuailfeadh an barraille iad
acht níor ghádh dho aon eagla a bheith air mar is deas
aireach a choimeádadar amach uaidh. Acht ba ghairid
gur thuit ciotrainn amach. Nuair a tháinigh sé comhangarach
do chúinne "Yate" chrom gluaisteán an-bheag a bhí ann,
le h-ais gluaisteáin mhóir, ag dul i ndiaidh a chúil.
Bhuail sé i gcoinne an chuaille lóchrainn a bhí ar thaobh
na sráide. Thuit an lampa agus is anuas ar cheann
Tháiliúir .i. fear ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, a thuit
sé. Leagadh a hata dhe. Hata nua ceart ba eadh é.
Bhí an fear bocht féin gortuighthe go maith mar bhí sé
ag imtheacht 'na gheilt ar an tsráid le pian. Agus,
sa riocht sin do, bhí gluaisteán an-mhór ar fad ag teacht
a chaith iompódh uaidh d'urchar. Chaill an gluaisteán
sin a chiall agus a cheann ar fad mar is é áit ar
thomáineadh é ná isteach trí fhuinneoig tighe poitigéara
a bhí rud beag ní ba shia amach ar leaca na sráide ná
mar d'oir do. Sceimhle an glór agus an gleithireán
agus an trí n-a chéile a dhein sé mar ná raibh aon choinne
ag aoinne le n-a leithéid de thoirmisc. Dhein sé a
shlighe isteach ar fad sa siopa. Bhí triúr istigh ann
ag ceannach rudaí. Bhí fear cúntaisí a choimeád ann
agus beirt phoitigéirí. Ní raibh aon teimheal de aoinne
de'n seisear le feicsint; bhíodar fuilighte báidhte ag
ualach buidéal agus gloiní agus ag taoide prugóidí.
Ní raibh aon phráidhinn aca le dul go dtí tigh poitigéara
eile mar má bhí maith i bprugóidí bhíodar á múchadh
agus á dtachtadh leo.
An fhaid a bhí an gleithireán so ar siubhal bí Lughaidh
tar éis rith agus breith ar an mbarraille. Bhí
Táiliúir tar éis a hata d'fhagháil. Bhí an gluaisteán
mór eile a bhí ann ó thosach tar éis cur de chum bóthair.
Bhí síothcháin bheag agus suaimhneas ag teacht ar gach
aon rud. Acht dála gach aon droch-scéil bhí ceann
des na cailíní a bhí sa mbrúscar in áirighthe ag bancaer.
Ghortuigheadh an-mhór í agus fuair sí bás ar cheann
na h-oidhche. Nuair d'airigh an fear scéal a báis
dóbair go n-imtheochadh sé as a chiall agus níorbh' le
neart grádh ná taithnimh di é acht mar gheall ar an spré
a bhí ag teacht léi a bheith caillte aige. Bhí sé ag fuireach
go dóighte leis an spré sin chum breith ar a ghreamanna
agus chum na fiacha a bhí ag brughadh air a dhíol — bhí a
chuid agus a cáil ag braith ar an spré. Ba ghairid
gur tugadh fé ndeara go raibh sé ar lár ceart agus
tháinigh gach aon rud anuas sa cheann in éinfeacht air.
Bhí an-chuid daoine ag caitheamh an mhilleáin ar fad ar
an Táiliúir ó'n gCaisleán. Bhí sé amuigh air gurbh'
fhear an-cholgach, an-chancarach é agus dá mbadh aoinne
eile a leagfaidhe a hata dhe nárbh' fhiú biorán é. Nuair
d'airigh sé sin an chaint a bhí ar siubhal mar geall air
is amhlaidh chuaidh sé ar ghráinneacht. Dubhairt sé ó
ba rud é go raibh droch-ainm air go raibh sé chómh maith
aige í choimeád. Béidir dá dtógfaidhe bog é go mbeadh
a mhalairt de dhuine ar fad ann. Chaith sé míniú an
scéil go léir d'fhághail. Thug an riaghaltas hata nua
dho ar ghrádh an réidhtigh acht dhiúltaigh sé dho go tomanta.
D'eirigh cogadh. B'fhada, b'uathbhásach agus ba
leadránach an cogadh é. Bhí sé chómh leadránach agus
chómh millteach sin go raibh na daoine an-shásta leis
mar dubhradar dá leanfadh sé fada a dhóthain mar sin
gurb é an cogadh déanach a bheadh le n-a linn féin
ann é.
Ní dócha go raibh aoinne ní ba shásta ná Lughaidh leis
an gcogadh. Bhí roint céille cruinnighthe aige. Phós
sé inghean búistéara i gcoinne tola a h-athar i dtosach
an chogaidh. Cogadh an-rathamhail ar fheoil ba eadh é
agus ní fheadar aoinne 'dé mhéid airgid a dhein Lughaidh.
Tháinigh scamall na síothchána annsin. Tháinigh gach
aoinne ag triall ar a bhotháinín féin. Thosnuigh an
sean-shaoghal arís.
Ba é Lughaidh an té b'fhearr a tháinigh as an gcogadh.
Bhí beirt inghean aige, palás — árus aoibhinn áluinn —
gluaisteáin agus roithleáin an tsaoghail. Agus bhí
athair a chéile as an tslighe dho leis — bhí sé sa phríosún
de dheasca a bheith ag déanamh an iomarca proifíde
as a chuid earraí. Ní raibh aon rud sa saoghal beag
ná mór ag déanamh mairge do Lughaidh.
Ní'l in suairceas tar éis an tsaoghail acht iarracht
bheag do'n toil — is dúinn féin ár saoghal a bheith
taithneamhach nó mí-thaithneamhach. Is dúinn féin an
mhuc a thógaint ar a cois agus a bheith ar mhuin na muice.
Ní'l ann acht an ghreim cheart a bhreith ar chúrsaí an
tsaoghail, an chaoi d'fhaire agus a bheith roimh-ré le
ciotrainní. Ní'l in a bheith a rádh gurb é "toil Dé
gach aon rud" acht focail gan chrích. Déinid leath-
scéal do'n té a bhíonn fé dhe agus a bhíonn cionntach
é féin le bheith fé dhe.
AN SEAN AGUS AN NUA.
IS é áit a raibh comhnuidhe ar Mháire Ní Bhriain ná i
dtigín i mbarr baile bhig atá in iarthar na h-Éireann.
Tigín aonair ba eadh é. Bhí sé díreach ar thaobh an bhóthair
ar chrosaire trí rian. Bhí piniúir an tighe don mbóthar.
Bean ba eadh Máire ná raibh aon doicheall ag gabháil
léi agus gheobhadh aoinne déanamh dána uirre. Ba
bhéas le daoine a bhíodh ag gabháil thar brághaid bualadh
isteach chúichi. Dá mbéarfadh gairid ar dhuine i gcipín
soluis, ní raibh le déanamh aige acht bualadh isteach i
dtigh Mháire agus sméarthóid den teine a chur 'na phíopa.
Dá mbeadh fios ó aoinne ar tháinigh fear an phuist is
de Mháire d'fhiafrochthaidhe é. Dá mbeadh sé ag fearthainn
sheasochthaidhe ag piniúir tighe Mháire agus dá leanfadh an
fhearthainn raghfaidhe isteach fé dhéin na fothana. Bí
triúr cloinne aici — beirt gharsún agus gearrchaile.
Bhí an bheirt ba shine aca stadtha ón scoil. Bhí Páidín,
anté b' óige, ag dul go dtí an scoil. Bhí sé de fhonn
ar Mháire an-scoláire a dhéanamh dhe Pháidín, ó ba é
anté b'óige é.
Tá tamall maith de bhlianta anois ó bhí an scéal so
amhlaidh. Ní dócha go dtuitfeadh a leithéid amach
indiu. Bhí Páidín trí bliana déag go maith agus ag
dul go dtí an scoil gach lá gan teip. Pé fonn a bhuail
a mháthair stad sí é. Ní fheadar aoinne 'dé chúis a dhein
sí é. Dhéarfadh duine gur le h-aiteas a dhein sí é, mar
is minic adubhairt sí féin go dtabharfadh sí tógaint
ar Pháidín ná tugadh ar aoinne sa pharóiste riamh. Acht
pécu le h-aiteas nó le díthcéille a choimeád sí ó'n
scoil é dhein sí amhlaidh. Níor fhiafruigh maighistir ná
maighistreás, sagart ná bráthair, pílear ná báille dhi
'dé chúis ná 'dé chiall ar dhein sí é.
Ní fada a bhí Páidín istigh ón scoil nuair a tháinigh sagart
ara laetheanta saoire san áit. Ní raibh sos ná suaimhneas
air, acht ag dul ó thigh go tigh agus ó dhuine go duine
ag labhairt Gaedhilge leo agus ag stracadh Gaedhilge
asta. Bhí na daoine cráidhte aige d'iarraidh a bheith
ag tabhairt Gaedhilge dhó. Ní fheadar siad ar aon chor
'dé'n fuadar a bhí fé ná 'dé'n bhrígh a bhí leis. B'ait leo
é. Léigh sé Aifrionn sa séipéal Domhnach agus dubhairt
sé na Gnímh (Gníomhartha) agus na paidreacha eile as
Gaedhilg agus thug sé seanmhóin Gaedhilge uaidh. Nuair
a tháinigh Máire Ní Bhriain abhaile ón séipéal an Domhnach
úd, dubhairt sí nár airigh sí féin aon soiscéal chómh
breágh leis ó d'imthigh an t-Athair Seán Ó Céilleacháin
agus bhí deich mbliana fichead annsin. "Béidir," ar
sí, "gurb í an tsean-aimsear a bheadh ag casadh arís
orainn."
Níor dhein an sagart aon dearmhad ar bhualadh isteach
chum tighe Mháire, agus ba ghairid an mhoill a bhí air a
thabhairt fé ndeara gur aici a bhí an Ghaedhealg ar
dheiseacht agus ar ghlaineacht. Ní raibh lá dár ghabh sé
an bóthar nár dhubhaidh sé an dorus uirre, agus ba í
sin a chuireadh an fáilte roimhe. Bhí sí chómh mór sin
'na thaithighe é bheith ag bualadh chúichi go raibh sí ag gol
le h-uaigneas nuair d'imthigh sé.
Lá dá raibh sé istigh, bhí Páidín ann. D'fhiafruigh sé
de Pháidín an mbíonn sé ag dul ar scoil. 'Sí an mháthair
d'fhreagair é. "Ní bhíonn, a athair," ar sí.
"'Dé chúis?" ar an sagart.
"Masa, ní fheadar," ar sí. "Rith sé liom ná raibh
aon mhaith dho bheith ag dul dtí an scoil seo atá againn
agus choimeádas istigh uaithe é."
"Féach," ar sé léi, "tá fear ag teacht annso fé
chionn coigthighse agus cuirfidh sé scoil ar bun — scoil
Gaedhilge. Cuir Páidín chuige agus foghluimeochaidh
sé an oiread uaidh agus d'fhoghluimeochadh sé in aon
scoil."
B'fhíor do'n sagart. Tháinigh an duine sin agus
chuir sé an scoil ar bun. Chuaidh Páidín chuige. Níor
chuaidh críostaidhe mhic an Luain chuige go ceann leath
bhliana acht Páidín. Bhí an paróiste go léir ag magadh
fé Pháidín agus fé n-a mháthair. Ní raibh fhios aca ó
chúig árda na naoi bhfionn cad ba chiall leis an scoil
seo ar aon chor, ná cad a chuir crann uirre, ná cad ba
bhun ná ba bharr léi. Tháinigh sagart an pharóiste go
dtí Máire agus dubhairt sé léi in ainm Dé, Páidín a
thógaint ón scoil sin agus gan a bheith ag déanamh
óinsighe di féin. Seadh ná ní headh níor thug Máire dhó,
aon rud acht cluais bhodhar a thabhairt do. Tháinigh sé
arís agus arís eile, agus ní raibh aon sásamh le fagháil
aige. Bhí buile ag teacht air chúichi. Dubhairt sé léi
ná raibh aoinne ag labhairt na Gaedhilge acht daoine
bochta mí-ádhmharacha gan rath, gan séan, gan áird.
"Cuirfidh mise go dtí an scoil Bhéarla Páidín arís,"
arsa Máire leis, "má chuireann tusa saidhbhreas 'na
shlighe nó fós má thugann tú geallamhaint ar é chur 'na
shlighe."
Ní dubhairt sé focal acht imtheacht leis agus a mhéar
'na bhéal aige. Ní baoghal gur tháinigh sé leis an
gcomhairle chéadna chúichi ó shin.
Thug Páidín trí nó ceathair de bhlianta ag dul go
dtí scoil na Gaedhilge. Bhí sé 'na scoláire mhaith
Gaedhilge. Bhí sé chómh mór sin sáidhte i bhfoghluim
agus i leabhartha ná raibh an tsláinte ag fuireach aige.
Chaith sé an fhoghluim a chaitheamh uaidh agus fuireach istigh
ó'n scoil. Bhí a mháthair bhocht an-thré n-a chéile mar
gheall air. Bhí sí cráidhte mar níorbh' ró-mhór an
acfuinn a bhí aici an uair sin.
An Samhradh so tháinigh sagairtín na Gaedhilge arís.
Thriall sé ar Mháire. Bhí an-áthas air nuair d'innis
sí dho cad ba chor do Pháidín acht ba chathú leis aon
ghearán a bheith aige. Fuair sé amas ar Pháidín féin
agus d'fhiafruigh sé dhe cad badh mhaith leis a dhéanamh.
"Aon rud ar aon chor, a Athair," arsa Páidín.
"An dtiocfá liom-sa?" ars an sagart leis.
"Raghainn agus fáilte," ar sé.
"Tá go maith," ars an sagart. "Bead-sa ag imtheacht
i gcionn cúpla lá agus cuirfead leitir chughat. Gheobhaidh
tú teacht chugham annsin agus beidh tú go maith as."
D'imthigh an sagart. Bhí sé imthighthe a dó nó trí
de laetheanta agus gan aon scéal ag teacht uaidh. Bhí
Páidín bocht ag teacht mí-shásta agus mí-fhoidneach
in a aigne. Ní raibh fios a rúin ag aoinne agus dhein
sin an scéal níos measa.
An mhaidean so bhí sé ag fearthainn. Bhí Máire Ní
Bhriain amach in áit éigin. Ní raibh aoinne istigh
acht Páidín. Dhein uireasba cuideachtan a aigne
níos géire ar an leitir. Chuaidh sé go dtí an dorus
agus leag sé a dhá uillinn ar an leath-dorus ag
féachaint amach. Uaireannta theigheadh sé amach go
dtí piniúir an tighe féachaint an mbeadh fear an phuist
ag teacht. Aoinne ghabhadh an bóthar, chaitheadh sé focailín
le Páidín, agus bhuaileadh fo-dhuine isteach.
Ba é Tadhg Ó Séaghdha an chéad duine a bhuail
isteach — ag deargadh a phíopa tháinigh sé. Dhein sé ar
an teine agus shuidh.
"Druid aníos ón dorus," ar sé, le Páidin.
"Fliuchfaidh an fhearthainn sin thú agus gheobhaidh tú
fuacht."
'Ní baoghal dom. Is deas liom a bheith ag féachaint
amach thar an leath-dorus mar seo," arsa Páidín.
"Fan ann mar sin. Beatha dhuine a thoil."
"Cá rabhais indiu?"
"Bhíos ag cur dín agus chaitheas é chaitheamh uaim.
Caithfead dul abhaile anois ag deisiú bróg."
"Is iongantach an ceárduidhe thú. Bíonn tú roimh
ré le gach aimsir. Muna ag marbhú na péiste duit is
ag cur scolb san aer duit; muna ag spealadóireacht
duit is ag bearrabóireacht duit agus muna ag tógaint
tighe duit is ag gréasaidheacht duit."
"Is amhlaidh dom, a Pháidín; agus is amhlaidh a bhead
go sínfear san uaigh me." D'eirigh sé annsin agus
d'imthigh sé.
Chuir an méid seo cainte Páidín ag cuimhneamh ar
an leitir arís. D'árduigh sé a ucht den leath-dhorus
agus chuaidh sé amach féachaint an raibh fear an phuist
ag teacht. Ní raibh le feicsint acht Seáinín Amadán
a bhí ag teacht aniar an bóthar, agus bhí capall
agus trucaill ag teacht anoir. Mártan Ó Ceallaigh
a bhí ar an trucaill. Fear ba eadh Martán a raibh tigh
tábhairne agus siopa aige sa bhaile beag. Stad sé
ag caint le Páidín.
"Ar tháinigh fear an phuist fós?" ar sé.
"Níor tháinigh," arsa Páidín. "An ag dul 'an
bhaile mhóir atáir?"
"Seadh."
"Caithfidh broid a bheith ort agus ná fuighfeá an lá
indiu a scaoileadh thorat. Ná fuighfeá fuireach go
n-imtheochadh an fhearthainn?"
"Ní bhfuighinn. Caithfear gnó an lae indiu a dhéanamh.
Tiocfaidh an lá amáireach agus a chuid féin dá ghnó le
n-a chois."
"Ní'l aon rud ag déanamh scime dhuit-se acht an
t-airgead a dhéanamh, a Mhártain. Beidh tusa fada go
leor sa roilig."
Bhí Seáinín Amadán ag éisteacht leis an gcuid
deireannach de'n gcaint.
"Indé, indiu, amáireach," ar sé. "Fearthainn is
gaoth, sioc is sneachta, anfa is gairbhshion. Tagann
indé roimh indiu agus indiu roimh amáireach. Amáireach,
amáireach. Cathoin é amáireach? Beidh Mártan Ó
Ceallaigh sa roilig amáireach." Agus thug sé a bhóthar
air annsin.
"Is iongantach an rud é amadán," arsa Mártan.
"Is iongantach," arsa Páidín. "Deireann Seáinín
rudaí greannmhara uaireannta. Béidir go bhfuil sé
chómh ciallmhar linn féin. Ó, féach! sid é chughainn
fear an phuist."
D'imthigh Mhártan leis annsin, agus d'fhan Páidín go
dtáinigh fear an phuist. Badh bhreágh leis an leitir
d'fhagháil. Bhí an mhaidean agus an chaint a bhí sé tar
éis a dhéanamh mar ualach ar a chroidhe.
Tháinigh fear an phuist. "Tá rud éigin agam duit,"
ar sé le Páidín, ag síneadh leitreach chuige.
Thóg Páidín an leitir uaidh. D'oscail agus do léigh.
Bhí scéal maith innte. Bhí áthas air. Chuaidh sé isteach
agus shuidh sé ag an teine. Níorbh, fhada go raibh a
mháthair isteach 'na chionn agus í rud beag fliuch. Shéid
Páidín an teine agus ba ghairid go raibh spóirseach
bhreágh theine déanta aige. Shuidh an mháthair agus
théidhimh sí í féin. Ní bhfuigheadh Páidín foidneamh
níos sia gan a rún a leigint léi.
"Beidh gluaisteán ag teacht go dtí an tigh seo
amáireach," ar sé léi.
"Cad chuige?" ar sí.
"Beidh sagart na Gaedhilge ag teacht fém' dhéin-se."
"An ag magadh fúm atá tú?"
"Ní headh. Tá leitir annso agam uaidh."
"Léigh í."
Ag léigheamh —
"Do Pháidín Ó Briain,
"Bead ag gabháil thar an tigh agat Dia Céadaoin.
Buailfead isteach chughat. Gheobhaidh tú teacht liom
ar an ngluaisteán. Cuimhnigh anois ar bheith i gcóir.
"Beir buaidh agus beannacht,
"Mise,
"Liam Mac Gabhann, Sagart."
"Agus an maith leat dul leis?" ars an mháthair.
"Badh mhaith. Nár bhreágh dhom a bheith in' fhochair ag
labhairt na Gaedhilge leis agus ag déanamh acraí beaga
eile dho?"
"Agus cad dhéanfainn-se gan tú? Ná fuil fhios
agat go mbeinn-se uaigneach gan tú?"
"Ní dóigh liom go mbeidh tú. Ná fuil do dhóthain de
chuideachta agat. Dar ndóigh, má bhír, tiocfad thar
n-ais."
"Agus an mbeidh aon uaigneas ort féin?"
"Ní fheadar fós."
"Agus ná caithfidh me bróigíní agus culaith éadaigh
agus rudaí beaga eile a cheannach duit?"
"Ní gádh dhuit. Gheobhaidh an sagart dom iad."
"Tá go maith," ars an mháthair, agus chrom sí ag gol,
mar bhí an-chion aici ar Pháidín. Bhí nádúir amhrais
aici go raibh buaidh aige ar an ngnáth-gharsún. Bhí rud
éigin ag gabháil leis a mhéadaigh ar a taithneamh do in
aghaidh an lae. "Pé áit a raghaidh tú, a mhaoinín," ar
sí, "go mbuaidhe Dia agus an saoghal leat."
Chuir na ceisteanna so agus an focal déanach
adubhairt a mháthair caitheamh ar Pháidín. Bhí fhios aige
anois go n-aireochadh sí uaidh é. Bhí uaigneas á bhualadh
mar bhí an cion agus an taithneamh a bhí aige di ag éirghe
chuige. Ba leasc leis bheith ag cuimhneamh ar í
d'fhágaint mar bhí fhios aige ná fuigheadh sé aoinne a
bheadh mar í do. Acht bhí na h-uaireannta á gcaitheamh
agus an lá amáireach ag teacht. Amáireach! amáireach!!
Dia Céadaoin, timcheall meadhon lae tháinigh an
gluaisteán. Stad sé agus chuaidh an t-Athair Mac
Gabhann isteach. Ní mórán moille a dhein sé acht Páidín
a bhreith leis. Fuair Páidín marcuidheacht an lá sin a
shíl sé ná fuigheadh sé go bráth. Bhí os cionn trí fichid
míle curtha dhe aige nuair a stad sé. Stad sé ag tigh
breágh a bhí buailte le baile mór. Tháinigh an sagart
amach agus d'oscail sé geata a bhí ag dul isteach ag
cúl an tighe. Isteach leis ar an ngluaisteán arís agus
chuir sé isteach an geata é. Bhí an turus tabhartha. Ba
ghairid go raibh Páidín agus an sagart ar aon bhórd
ag caitheamh an t-aon mhéile — iad ag itheadh leo agus
ag spalpadh na Gaedhilge le n-a chéile.
Choimeád an t-Athair Mac Gabhann Páidín aige féin ar
feadh scathaimh mhaith. Ní raibh cíos, cás ná cathú ar Pháidín
acht amháin uaireannta go mbíodh sé ag cuimhneamh ar
an mbaile. "Ní fheadar," adeireadh sé leis féin, "cé
theigheann go dtí an tobar dom' mháthair anois? cé
shéideann an teine dhi? cé thugann isteach an t-asal di?
cé bhaineann prátaí an dinnéir di?" Míle ceist mar
sin a thagadh chum a aigne. Acht, tar éis ráithe nó mar sin
chaith sé as a aigne na ceisteanna sin. Bhí sé ag láidriú.
Bhí deallradh agus dath ag teacht air, agus bhí an dúil
ag fuireach sa léigheann aige i gcomhnuidhe.
An lá so tháinigh an sagart chuige. "A Pháidín,"
ar sé, "tá fonn orm tú chur ag múineadh na Gaedhilge.
Tá múinteoir ag teastáil sa mbaile mór uatha agus
is dóigh liom go ndéanfá an gnó. An mbeadh an
misneach agat tabhairt fé?"
"Aon rud is maith leat féin, a athair. Ní dócha go
mbeinn ró-mhaith go cionn tamaill."
"Gheobhaidh tú tástáil a bhaint as, pé scéal é, agus
má theipeann ort ní mórán díoghbhála a bheidh déanta."
"Tá go maith, a athair."
Cuireadh Páidín ag múineadh sa mbaile mór. Dhein
sé a dhícheall ceart ar an múineadh a dhéanamh. As an
dícheall sin tháinigh sástacht don dream a bhí ag foghluim
uaidh. Bhí bliain curtha dhe aige leis an múineadh. Dhein
sin misneach mór do. Thosnuigh sé arís agus chuir bliain
eile dhe. I gcionn trí bliana ag múineadh dho ní raibh
múinteoir ar an mbóthar chómh maith leis. Agus in'
fhochair sin bhí sé ag cur feabhais air féin le scríobhadh
agus le léigheamh.
Tá sé indiu agus is mór le rádh sa tír é. Is
minic a mháthair ag maoidheamh as. Ní raibh fhios aici
riamh gur thug sí tógaint agus tabhairt suas ar Pháidín
nár tugadh ar aon mhac máthar le fada dhe bhlianta
roimhe sin. Is fíor gur thug, mar is tabhairt suas
ceart, fíor-ghaedhealach a bhí ar Pháidín. Agus tá fhios
aige féin é sin. Tá fhios aige go bhfuair sé féin an
saidhbhreas agus an oighreacht a ceileadh ar gach aoinne
eile de Chlanna Gaedheal le breis is céad blian.
Adeirtear ná fuil de dheifir idir an Sean agus an
Nua acht comhaireamh na h-aimsire. D'imthigh an
Ghaedhealg leis an t-sean-shinsear agus tháinigh an Béarla
leis an nua-shinsear. Tá an Sean agus an Nua
sin imthighthe agus anois tá an sean-rud ag teacht tar
n-ais chughainn arís. Is é Páidín comhartha an Sean
sin. Cuirtear an Sean sin i bhfeidhm agus ní bheidh
de'n Nua ann acht a chuimhne.
CEISTEANNA
agus
ADHBHAR CEAPADÓIREACHTA.
OIDHCHE AR BHARR TUINNE.
Iar léigheamh an leabhair fé dhó nó fé thrí.
1. Scríobh cúntas ar aon Choláiste Gaedhilge ar t'eolas.
2. Tabhair éagosc na h-áite is deise ar t'eolas.
3. Ceap cómhrádh a bheadh idir (a) beirt i gcaréiste sa traen;
(b) idir feirmeoir agus duine ón chathair; (c) idir gabha agus
feirmeoir; (d) idir siopadóir agus duine a bheadh ag ceannach
earra; (e) idir sclábhuighe agus a mhaighistir; (f) idir Saor-
státach agus Publachtánach; (g) idir feirmeoir agus iascaire.
4. Cad é do thuairm ar an saoghal atá ag sna h-iascairí sa
scéal so? An ceart feabhas a chur air? Conus?
5. Cad é an moladh agus an dí-mholadh atá ar shaoghal an
iascaire d'réir an scéil seo?
6. Tabhair cúntas ar conus a bhí na h-iascairí le linn agus
iad a bheith ag cur chum farraige; agus le linn an bád a bheith
ag dul amach.
7. Déin idirdhealbhú idir slighe agus saoghal iascaire ar tír
agus a shlighe agus a shaoghal ar farraige.
8. An raibh an méile a bhí ag sna h-iascairí nádúrtha? Ar
bhfearrde iad bórd deas agus na leagaintí amach eile a bheith
aca? 'Dé'n tuairm a bheadh ag an dochtúir agus ag an triúr
in' fhochair ar an méile seo?
9. Cad é an deifir idir an leaba a bhí sa mbád agus an leaba
a bheadh sa mbaile? Tabhair do mharanna féin ar an scéal.
10. Déin aith-innsint ar an gcómhrádh a bhí idir an dochtúir
agus Séamus ó Muirgheasa. An raibh an tuairm chéadna aca
araon? Cár thángadar treasna ar a chéile? Ar tháinig
Séamus treasna air féin in aon áit? Cad é an áit?
11. Tabhair do thuairm ar imirce óige tíre go tír eile agus
a gcasadh ar a dtír féin i n-ear a n-aoise. An folláin an
rud é? Tóg Séamas mar dheismireacht.
12. Cad é an deire bhí ar an gcomhrádh? An raibh Peaid
Cheallaigh agus Séamus ar buile chum a chéile? Ciacu greann
nó gruaim a bhainfeá as an gcómhrádh a bhí eatorra?
13 Cad a bhain don mbeirt a bhí 'na gcodla? An raibh buile
orra mar gheall air?
14. An raibh tinneas farraige ar aoinne? Conus a chaith
sé an oidhche?
15. Scríobh cúntas ar chur amach agus ar tharraingt na líonta.
An ceart a rádh gur saoghal díomhaoin a bhíonn ag iascaire?
16. 'Dé chúis go mbíonn iascairí níos tabhartha don ól ná
daoine eile? An maith an bhail orra é?
17. Tabhair do thuairm as an scéal ar fad; ar an uraim a bhí
ag sna h-iascairí don sagart? An raibh aon scáth ná eagla
aca roimhe?
18. An raibh na h-iascairí mí-mheanmanach cráidhte tar éis
na h-oidhche? Cad é an scéal grinn a tharraingeadar chúcha?
Innis scéilín i dtaobh aon mhiúil mhalluighthe dá bhfeacais riamh.
19. Ar leathanach a 17, tosnuigheann éagosc nó peictiúir —
'bhí glaiseacht bheag, agus rl.' go dtí — 'bhí go deimhin' ar leath-
anach a 18. Breathnaigh agus mínigh a bhfuil ann.
20. Tabhair do bhreath ar shaoghal an iascaire.
21. Scríobh gach cor-cainte dá bhfuil sa scéal so agus mínigh
iad.
CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE.
1. Cé h-iad na gaiscidhigh a tháinigh go dtí an Bhreatain?
Ar bhfíor í an tuairisc a bhí amuigh orra?
2. An ar mhaithe le Conal a thug Connchubhar cead do imtheacht?
'Dé chúis ar scaoil sé leis?
3. An raibh sé fuiris do Chonal na gaiscidhigh a dhéanamh amach?
An 'mó áit a chaith sé dul chum iad d'fhagháil? Nuair a fuair
sé amach iad conus mar a thárla dó?
4. Raibh aon bhuadh ag Conal seachas buadh troda? Cad é
an buadh é nó iad?
5. 'Dé chúis nár chas Conal ón bhFrainc? Conus a mhealladar
go dtí an Róimh é?
6. Conus d'eirigh le Conal sa Róimh? Cé bhain an chéad
siar as? Tabhair éagosc na troda idir é féin agus Conal.
Cad air a chuir Conal a choimirce? Arbh' ait uaidh sin a
dhéanamh?
7. Dé chúis go raibh sé ós na Rómhánaigh a gcuid féin do
dhéanamh dhe? An ndéineann náisiúin an lae indiu amhlaidh?
8. An raibh aistir eile ar Chonal? Cad é an lá agus cad
é an áit atá i gceist? Tabhair cúntas ar cad a thárla.
9. Cad é an cómhrádh a sprioc Conal chum dul i gcabhair ar
an Slánuightheoir? An bhfeacaidh Conal aoinne ar a shlighe
go Cnoc Cailbhre a luathaigh é? Cé hí?
10. Cad a thuigtear ón scéal? 'Dé mhéid de'n bhfírinne
dhéarfá atá insa scéal so?
11. Scríobh cúntas ar na h-áiteanna 'na raibh Conal ó thúis
deire an scéil agus mar d'éirigh leis.
12. Tabhair ainm an ghaiscidhigh is treise sa tír fé láthair agus
an deifir, dar leat, idir é agus Conal Ceárnach.
13. Dá mbeadh Conal Ceárnach beo indiu cad é an tuairm
a bheadh aige ar Ghaedhil?
14. Déin idirdhealbhú ar chogadh an lae indiu agus cogadh
na h-aimsire úd.
SEOG ADHTAM.
1. Cá raibh Seog Adhtam agus a mhaighistir 'na gcómhnuidhe
agus cad é an tslighe mhaireachtain a bhí aca?
2. Cad é an moladh agus an locht a bhí ar Sheog agus ar a
thománaí? An mbídís i gcómhnuidhe sásta leo féin?
3. Cad é an fonn a bhuail Ólsiar? Ar chreid fear an chaifí
na leath-scéil a bhí aige le dul abhaile? Ar tháinigh an fhírinne
i ndeire? Ar aontuigh fear an chaifí len' imtheacht?
4. Tabhair cúntas ar ar thuit amach idir Sheog agus Ólsiar
fér imthigh Ólsiar.
5. An raibh Seog dílis an fhaid a bhí Ólsiar ar iarraidh? Cad
a thárla ar an t-aonmhadh lá déag?
6. Cathoin a chuaidh Seog ar stailc, agus conus d'iomcharaigh
sé é féin ar stailc? Cad iad na h-iarrachtaí a dhein fear an
chaifí ar é chur ag obair' arís? Ar eirigh leis?
7. Déin cur síos ar chasadh Ólsiar agus a chasadh le Seog.
LEIGHEAS AN BHÁIS.
1. An ar tuaith nó ar baile mór atá an scéal so ag cur
síos? An áilneacht saoghal baile móir nó a mhalairt atá
ann?
2. Cé h-iad atá sa scéal? Tabhair cúntas ar gach duine
aca d'réir an scéil?
3. An rabhdar bocht nó saidhbhir? 'Dé chúis an doicheall
a bheith chómh mór idir an othar agus an cláiríneach.
4. An raibh an leas-mháthair sásta gur dhein sí an rud ceart
leis an gcláiríneach? Ar dhein sí an rud ceart? Cad dhéanfá
dá mbeifeá 'na cás?
5. Tabhair do thuairm, maidir le cúrsaí an tsaoghail, ar an
deifir a bhí idir an cláiríneach agus na páistí a bhí ag teacht
ón scoil.
6. An mó rud a bhí ag cur ar an gcláiríneach? Cad é an
rud ba mhó bhí ag cur air? Cá bhfuair sé faothamh beag? Cuir
síos ar ar thárla dó sa séipéal. Cad a dhein sé? Cad a chuala
sé? Agus cad a chonnaic sé?
7. 'Dé chúis gur fhág sé an séipéal? Cuir síos ar an deire
a bhí ar an scéal. An ndéarfá gur thuill an cláiríneach an
chrích sin? Arbh' fhearrde dó bheith beo?
8. Scríobh aiste ar an deifir atá idir duine bocht tuaithe
agus duine bocht baile móir.
9. "An té bhíonn tinn ní binn leis aon rud acht is binn
leis faothamh."
10. Scríobh aiste ar an mbuaidh atá i gceol.
AN GRÁDH AGUS AN t-AIRGEAD.
1. Ar tháinigh athrú aigne ar Thomás Léan? Cad a thug an
t-athrú air? An mó brígh atá le 'ceann'? "Bain an ceann
de'n scéal." Mínigh sin.
2. Conus a bhain Tomás an ceann de'n scéal? An raibh
ciall leis an gcaint a dhein sé?
3. Ar réidhtigh sé féin agus a athair le chéile maidir le togha
mná? Cá raibh an t-easaontas?
4. An raibh Tomás i ngrádh? Cá bhfios duit? Cad is grádh
ann? An raibh a athair sanntach? Cad is saint ann?
5. Innis an deifir, dar leat, idir an dá chailín i gceist.
6. Cad é an seift a cheap Tomás chum a athair a thabhairt ar
aon aigne leis? Conus a chabhraigh Máirín leis?
7. Cad é an deire bhí ar an scéal? Cad é do thuairm féin
ar an scéal so?
8. Scríobh aiste ar —
(a) "Is fearr bean ná spré."
(b) "Ní céasadh go pósadh."
(c) Cleamhnas, pósadh, cóisire.
CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE.
1. "Is mairg a chuirfeadh isteach ar dhuine 'na shaoghal."
Conus a bhaineann an rádh so le tosach an scéil? Cad é do
thuairm féin ar an rádh?
2. Aithris scarmhaint an cheathrar dritheár ag crosaire na
cheithre rian agus a dteacht le n-a chéile arís.
3. An raibh fáilte ag a n-athair rómpa ar a gcasadh? Cad
a dhein a n-athair nuair a inniseadar dó cad a bhí aca de bharr
na bliana? An raibh sé sásta leis an tástáil?
4. Aithris an scéal a thárla 'na dhiaidh sin. Conus a roinneadar
toradh a saothair?
5. Tóg aon bheirt nó triúr ceárdaighthe eile agus scríobh
scéal na dtaobh.
6. Scríobh scéal ar bheirt cailíní a theidheann ar lorg a bhfortún.
7. Ciaca des na cheithre ceárduighthe ba chliste? An bhfuigheadh
aon triúr aca an gnó a dhéanamh gan an ceathramhadh duine?
8. Scríobh aiste ar "Beatha dhuine a thoil."
ROTH AN ÁIDH.
1. "Bhí a cháin díolta ag Lughaidh." Cad é an brígh atá leis
an gcaint seo?
2. Cé hé an chéad duine a dhein cur isteach ar Lughaidh agus
ar a bharraille? Cad a thárla eatorra?
3. Conus d'éaluigh an barraille? Aithris a thurus trí
Shráid Graifton. Conus a ghabh sé thar an dara píléir?
4. Cad é an deire a bhí ar an réim reatha a bhí fé'n mbarraille?
5. An mó duine a bhí in achrann sa scéal? Ar tháinigh cogadh
as an scéal?
6. Conus d'éirigh an cogadh le Lughaidh?
7. "Is minic a tháinigh cogadh as clúdach píopa." An fíor
é an rádh so? Tabhair deismireacht.
8. Scríobh aiste ar "Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine
éigin." Mínigh an rádh so agus dein tagairt do chogadh mór
na h-Eoirpe.
9. Scríobh aiste ar "An rud badh mheasa leat ná do bhás
ní bheadh fhios agat nárbh' é lár do leasa é."
10. Scríobh cheithre cnámhna an scéil seo.
AN SEAN AGUS AN NUA.
1. Cuir síos ar Mháire ní Bhriain. An bhfuil aithne agat
féin ar aon bhean dá leithéid?
2. An raibh an mháthair go maith do Pháidín? 'Dé chúis,
dar leat, a choimeád sí ón scoil é?
3. Cé tháinigh ar an áit? Cad a chuir i gceann Mháire an
tsean-aimsir a bheith ag casadh arís?
4. Cad a bhí idir an sagart agus Páidín? Cad a tháinigh
as?
5. An gnáth sagart ag dul go dtí an ghaedhealtacht? An
rabhais féin riamh ann? Cad a thug ann thú?
6. Scríobh cómhrádh idir duine ag briseadh cloch ar an mbóthar
agus (a) buachaill ag dul ar scoil, (b) agus sean-bhean ag
casadh ón mbaile mór, (c) agus iascaire, (d) agus feirmeoir,
(e) agus fear siubhail.
7. Scríobh aiste ar shaoghal mhúinteora Gaedhilge.
8. "Ní'l de dheifir idir an Sean agus an Nua acht comhaireamh
na h-aimsire." Scríobh aiste ar an rádh so.
NÓTAÍ.
OIDHCHE AR BHARR TUINNE.
Leathanach 1.
A SHÚILE THAR SHUARACHAS AN TSAOGHAIL .i. gur beag
air nithe saoghalta agus ná bíonn a aigne fé aon dualgas mar
gheall orra. Dá mbeadh "a shúil" ann gheobhfaidhe brígh eile
bhaint as .i. a shúil leis an saoghal eile.
BA GHEAN LEIS .i. ba thaithneamh leis. Nuair a deintear
úsáid de "BA" i rádh mar seo bíonn cruinneas agus neart
sa rádh. "Badh dheas leat;" "Badh bhreágh leat," & rl.
DHEIN SÉ RUD DI .i. níor scaoil sé an chaoi uaidh;
bhain sé úsáid aiste.
AR A THOIL .i. mar ba mhaith leis. Ní raibh rith ceart
na cainte aige.
CHUIR SÉ AR THRIÚR… LEIS .i. d'iarr sé orra
teacht agus mheall sé chuige iad.
I mBUN AN BHÁID .i. ag oibriú agus ag faire an
bháid.
NÍ I dTAOBH LEIS .i. ní ag braith air; bhí níos mó
glóir ann ná an chaint a bhí ar siubhal.
AN UAIN .i. an uair sin agus an áit agus gach ar
bhain leis an áit agus leis an am agus leis an aimsir a bhí ann.
"Is a Chríost, nár ró-bhreágh an uain í, a inghin an Fhaoit ón
ngleann?" Deirtear leis, "ní'l aon uain agam" .i. am.
"Fan led' uain." "Bhíodar ag uainigheacht ar a chéile."
AG GABHÁIL LÉI .i. ag baint léi.
Leath. a 2.
A GHREAMOCHADH AN DUINE .i. rud a gcuirfeadh duine
a shuim agus a thaithneamh ann agus a leanfadh in a aigne. "Tá
an leabhar sin greamamhail."
SCATA BÓ .i. an-chuid bó. Deirtear amhlaidh "scuaithne
cearc." Cialluigheann na focail seo go mbíonn na nithe dá
mbítear ag tagairt gan aon riar.
Á GCRUINNIÚ FÉIN .i. ag teacht amach as cathaoir
an ráis agus ag dul mar a mbíonn an fear a thugann fógra an
reatha.
FIAR-SCEABHA .i. an caipín dála chuma liom ar a leath-
cheann.
IDIR AN DÁ SHÚIL .i. féachaint díreach orra. Deirtear
leis "ag cur na súl tríom."
TOGHA AGUS TORADH .i. an té mbíonn an tsláinte
go maith aige bíonn deallradh agus dath dá réir air. Ní
h-ionann toradh agus airgead ná luath-saothair annso.
BLEATA GAOITHE .i. leoithne nó scathamh gaoithe ná
beadh ró-sheasamhach.
MEUM GAOITHE .i. leoithne beag lag.
Leath. a 3.
SIAR Ó THUAIDH AIR .i. aistreochaidh sí go dtí an áird
sin. Beidh an ghaoth aniar adtuaidh. Cuirtear "air" go
minic sa chaint ar an dul sin.
CEANN AR A AGHAIDH .i. díreach ar a aghaidh.
IN ÁIRIGHTHE AIGE .i. a raibh socrú roimh ré déanta
aige le dul innte.
AR A LEATH-LIOSTA .i. caithte ar a chlíathán.
AR AN TOBAC A CHUADHADH .i. tugadh tosach don
phíopa; annsin an chaint. "Níorbh' thúisce gal ná scéal."
Bíonn an rádh sin go minic againn — "chuaidh sé ar ól;"
"chuaidh sé ar chaint;" "chuaidh sé ar na dóirne," & rl.
A LUATHOCHADH .i. is luaithe nó is túisce thabharfadh
congnamh do ar theacht.
I gCORÓINN .i. nuair a bhíonn aoibhneas Dé i seilbh.
A MHARTHAINN .i. caitheamh agus imtheacht a shaoghail.
Á BHAINT AMACH .i. clíathán nó leath-bhogha an bháid ag
bualadh agus ag gearradh an uisce.
Leath. a 4.
AG GOID NA SLIGHE .i. ag giorrú na slighe.
LÍNE MÍ-CHOTHROM .i. ar nós peictiúra; fioghar na
spéireach mar dhrom agus imeal an tsléibhe mar líne ar a fhuaid.
FUINNE NA GRÉINE .i. dul fé na gréine; deire lae
AG BREITH BRÁGHA .i. ag comórtas le n-a chéile ar
fheabhas.
SGUIREADH DE'N RANN .i. baineadh de'n chrann é
mar a bhainfidhe trucaill de chapall.
EARBALL NA LÍONTA .i. an chéad líon ag dul amach
agus an líon déanach ag teacht isteach. An líon is sia ón
mbád agus na líonta amuigh.
Leath. a 5.
AG RÉIDHTEACH NA mBUIDHEANNA .i. bíonn téada ag
gabháil leis na buidheanna agus is minic in achrann iad.
A mBÉIL AGUS A SÚILE OSCAILTE .i. cómhartha
iongantais.
THUIT MÁRTAN LEIS .i. fuair an suathadh an lámh
uachtarach air; bhuaidh an suathadh air.
SEOL TOSAIGH .i. nuair ná bíonn acht dhá sheol ar bhád
an seol mór an seol deire, agus an seol beag an seol tosaigh.
BRUACHADGHAIL TINNIS .i. bhí an tinneas ag eirghe chuige,
d'iarraidh teacht air. Deirtear an focal le duine a bhíonn
ag brath ar bhiadh leis — "féach an bhruachadghail atá aige air"
.i. an chúinneireacht atá aige d'iarraidh teacht air.
ADHBHAR SÁMHÁIN .i. áit a luathochadh an codla.
AR FHLEASC A DHROMA .i. ar leithead a dhroma, ar chnámh
a dhroma.
Leath. a 6.
AG EIRGHE CHÚCHA .i. faoitíní an t-iasc a bhíodar do
mharbhadh.
AG PLÉIDHE LEIS .i. ag gabháil do; á láimhseáil.
BHÍ THIAR AIR .i. bhí sé gan a dhada.
Leath. a 7.
CHÓMH SO-BHLASTA LEIS .i. aon rud a raibh blas chómh
deas air.
BÍONN BLAS… gCOMHARSAN, .i. bíonn blas milis
ar an rud ná bíonn agat féin agus a bhíonn ag duine eile.
Mar atá "bíonn adharca fada ar na ba a bhíonn i bhfad ó bhaile."
Cialluigheann "pairseach na gcomharsan" an ní a gheibhtear
in aisce leis.
AN FARC A THUG DIA DHÚINN .i. ár méara.
AR AN nGÉIRE .i. dá mbeadh sé deacair dúinn mar
gheall ar an dorchadas ná aon rud mar sin ár mbéal a fhagháil
amach is ar na méara a bheadh ár mbraith.
D'AIRIGH SÉ AN T-UALACH .i. mhothuigh sé nó bhraith sé
go raibh breac éigin ar an dubhán.
DIÚDARNGHAIL CHODLATA .i. an codla ag goid nó ag
sleamhnú orra dá dheonta féin.
Leath. a 8.
I GCÚRSAÍ LEABA .i. maidir le leaba; ag trácht ar
leaba.
AON ANGRÉIS .i. gach aon fhuighleach, rud gan mhaith,
sean-éadach, sean-phíosaí iarainn, & rl.
MUIRC MAIRC .i. gan riaghail gan réir; tré n-a chéile.
NÍORBH' THROM SUAN DÓIBH .i. níor thuit aon chodla
ceart orra.
Leath. a 9.
TAGANN… LE SLÁINTE .i. má gheibheann duine droch-
úsáid in óige fanann iarsma na droch-úsáide in achrann ann
agus bíonn sin ag seasamh ar an tsláinte i gcómhnuidhe go
bhfuigheann an duine bás.
TRAOCHTA AIGE .i. caithte aige.
TÁ SÉ DIAN .i. is deacair a rádh.
ACHT DÁ CHOMHARTHA SIN FÉIN .i. acht ar éigin; aon
rud acht é bheith ann.
Leath. a 10.
GACH AON CHÓIR .i. gach rud a bheadh ag teastáil chum
iascaireachta agus bídh, & rl.
Leach. a 11.
DE BHIOTH .i. de bhuaidh aige; de chleas oilte aige.
CLUAIS ANÁIRDE .i. cluais le h-éisteacht. Bíonn
Tuiseal Tabharthaidh go minic in áit Tuiseal. Ainm sa dara
díochlaonodh.
AG TEACHT TREASNA .i. ag cros a chéile; ar mhalairt
aigne.
BLADAR AGUS GLAGAR .i. caint ná beadh aon dáirír-
eacht ag baint léi.
FONN IMIRIS .i. fonn cur tré n-a chéile.
GAN TÚIS GAN DEIRE .i. gan ciall gan éifeacht.
AR BUILE .i. fearg. Bíonn "ar" mar seo i ráidhte,
mar atá — tá siad "ar stailc;" "ar meisce;" "ar
díthcéille."
Leath. a 12.
THABHARFAINN-SE FÉIRÍN DUIT .i. thabharfainn buille
éigin duit nó droch-iarracht.
THABHARFÁ-AMÁIREACH! Searbhas é seo. "Ní thabharfá,
go deimhin."
MUTHAL DEATAIGH .i. scamall deataigh.
SEADH, A bhFUILIM .i. táim, go deimhin.
Leath. a 13.
SA CHÓCAIREACHT .i. bíonn "sa" sa chaint mar seo
go minic. Chuaidh sé "sa snámh;" "sa chontabhairt."
AN LÉIR-SCRIOS .i. do ith gach aon rud.
AG TARRAINGT .i. ag tarraingt isteach na líonta.
CAOCHFAIDH SÍ… MACRAELÍ .i. baineann aon athrú
a thagann ar an uisce an radharc de'n iasc.
'NA DHONNFAINN .i. breacadh lae; eirghe gréine; an
uair a bhíonn an lá a breith ar an oidhche.
Leath. a 14.
GO DEAS SÍTHEOLTA .i. go deas cothrom gan mórán
duadh.
TEINE GHEALÁIN .i. an dath dearg a bhíonn ar chnámhna
éisc san oidhche nó ar an sáile nuair a chorruightear é.
AG RIGHINEACÁIL .i. ag fuireach in áit a bheith ag
imtheacht.
FÉ SHEOIL .i. an seol orra.
AG GEALA .i. an dorchadas ag imtheacht, Deirtear
so le spéir fearthanna leis. "Tá an lá ag geala."
AN mBRAITHEANN .i. an mothuigheann tú?
NÍ DADA É SIN .i. ní'l aon díoghbháil annsin.
BRAOINÍN MAITH LÁIDIR .i. braoinín beatha uisce.
Leath. a 15.
BADH CHRUAIDH AN FEAR .i. bheadh sé 'na thíoránach.
NÁDÚIR TOMHAIS .i. gloine beag stáin; árthach beag
éigin.
Leath. a 16.
SCEIMHLE SHIORRUIDHE .i. eachtra ba eadh í; ní raibh
aon teora léi.
IN ACHRANN LEIS .i. ag dileáil leis; tar éis iasc a
cheannach uaidh.
AR A COSA DEIRE .i. ag seasamh ar a cosa deire.
AON FHAGHÁIL .i. aon chaoi; aon tslighe.
Leath. a 17.
CUR DES NA BUINN .i. imtheacht; tosach reatha a
dhéanamh.
AG CUR DE .i. ag rith leis uaithe.
AON STRÍOCADH .i. aon stad; aon mhaolú.
Á dTIONNLACANN .i. á leanamhaint.
Leath. a 18.
BREAC-FHUAR .i. saghas fuar; beagáinín fuar. Deirtear
"braith-fhuar" leis.
AG BREITH NA GAOITHE .i. ag gabháil na gaoithe.
AG BAGAIRT A gCINN .i. bhí taithneamh na gréine le
feicsint orra.
BOLATH BEAG GAOITHE .i. leoithne beag lag.
Leath. a 19.
CHÓMH CIÚIN LE MUR .i. an-chiúin ar fad. Is dócha gur
ionann mur agus umar annso.
SILTE GO MAITH .i. caithte cortha.
FOGHMHAR NA FARRAIGE .i. an t-iasc.
CONAL CEÁRNACH AR CHNOC CAILBHRE.
Leath. a 20.
BHAINFEADH AON BHEÁRNA .i. a bheadh maith a dhóthain
do in aon tslighe.
NÁ LEOMHFADH NEACH A DHUBHSHLÁN… .i. go raibh
eagla ar aoinne dul in iomaidh leis.
A RÉIM A MHAOIDHEAMH AIR .i. nár mhór le h-aoinne
dhó a réim. Ba é an fear ceart san áit cheart é.
BHÍ SÉ AMUIGH AIR .i. bhí sé d'ainm aige.
COMHRAC MAR MHAGADH .i. comhrac caradais.
D'AITHCHUINGNE AR AN RÍ .i. d'iarr sé ar an rí.
AG TEACHT DÓ .i. á thuilleamh aige.
Leath. a 21.
LE h-AGAIRT AIR .i. le cur 'na choinne.
I dTÁNAISTE .i. mar; cosmhail le.
Á CHOIMHDEACHT .i. ag tabhairt aire do agus mar
chuideachta.
CHUIREADAR I dTÍR .i. chuadar i dtír.
AR THÓIR .i. ar lorg.
AN LAOCHRA .i. na gaiscidhigh.
FÉ DHÓ .i. dhá bhobhta; baineann so leis an gcuaird a
thug na Rómhánaigh ar an mBreatain annallód.
OSCAIL SÉ SÚILE .i. gur theasbáin sé dóibh an mianach
a bhí ann.
Leath a 22.
FIADHAILE CHAOCH .i. spur spar; neamh-ní.
THÍOS NÁ THUAS .i. in aon tslighe ar aon chor.
AG SÚGRADH LEO .i. mar a bheadh páiste.
AON OLC .i. aon díoghbháil; aon bhuile teacht orra.
AN t-ÁRTHACH I nDÍSC .i. d'fholamhochadh an gloine.
IS É MHEALL .i. is é chuir an t-iongantas ar fad orra.
GO DTÍ AN SMIOR .i. go dtí an chroidhe.
GO dTEAGMHOCHADH SÉ .i. go mbuailfeadh sé le; go
gcasfaidh sé air.
Leath. a 23.
SCIORTA BEAG .i. Cuid nó roint bheag nárbh' fhiú a
áireamh.
BUADHCHANT GO BOG .i. buadhchant gan aon trioblóid
ná duadh.
I gCÚDABHAID LE .i. i gcomórtas le; i dtriail le;
in iomaidh le.
BA MHEIRGEACH… MHAIRGEACH .i. bha mhór an mille
deineadh orra agus ba mhór an leagaint ar a gcáil é.
DÁ OILTEACHT .i. dá mhéid a gcuid foghluim agus cleachta.
FEAR nDOMHAN .i. Tuiseal na Geinidinn san Iolradh
ar domhan. Tá an Domhan Toir agus an Domhan Tiar
againn isna sean-scéalta.
Leath. a 24.
CHRUINNIGH SÉ É FÉIN .i. bhailigh sé a chuid nirt go léir
agus cuir sé a chosa agus a lámha i dtaca mar ba chóir.
FEAR A DHIONGMHÁLA .i. fear a chómh nirt agus a
chómh thréithe.
CAITHTE GO MAITH .i. sáruighthe go maith.
ROINT MHAITH IARRACHTAÍ .i. droch-iarrachtaí fuighte
aige.
AG RITH LEIS .i. ba é a thuairim; ag rith in a aigne.
SUAIDHTE SÁRUIGHTHE .i. Suaidhte de dheasca na n-iarr-
achtaí bí fuighte aige mar a bheadh sé ó thinneas farraige;
sáruighthe .i. buaidhte glan air.
GUR BHEIR AN PHRÁIDHINN .i. bheir annso in áit "rug."
Is amhlaidh bhíonn sa chaint nuair a bhíonn an bhrígh seo leis.
Leath. a 25.
FIUCHA 'NA CHUISLINN .i. fiucha fola; théidheamh an fhuil
ann.
AON BHINIB MHILLTEACH .i. aon fhogha nirt láidir ceart.
A DHEIN CÍSTE .i. a dhein brus de.
LIÚIGH GHÁIR .i. liúigh mhaoidhte; gáir mholta.
A gCUID FÉIN DE .i. a rádh gur ón Róimh é mar is
béas le Sasnaigh a rádh anois .i. gur leo féin aon Ghaedheal le
cáil.
THÁINIG DO SHINNSIR .i. tagairt do theacht Chloinne
Mhilleadh go h-Éirinn ó thúis.
Leath. a 26.
GO GROD .i. thug sé a fhocal go raghadh agus ba leor
sin.
CIME MÉIRLIGH .i. duine a raibh coir an-mhór déanta
aige.
CHONÁCH SIN AIR .i. is maith an scéal; tá sé tuillte
aige.
CHÓMH DIONGMHÁLTA .i. chómh cruinn; chómh deimhin;
chómh eolgaiseach.
A CHUID LAOCHRA .i. a chuid saighdiúirí.
Leath. a 27.
BHAIN SÉ STIUR AS FÉIN .i. bhain sé crothadh feirge
as féin.
CLUAIS BHODHAR .i. níor éist sé leo.
A CHOSA CHUR FÉ .i. seasamh ar a chosa.
THÉID MO CHUID FOLA LEIS .i. ghlacas truagh agus
taithneamh chómh mór sin do gur thuigeas gur fuil agus feoil
a bhí ann mar me féin.
Leath. a 28.
NÓ NEACHTAR ACA .i. nó ar an taobh eile de'n scéal.
CHUM GABHÁIL DEN CHLAIDHIMH .i. chum iad a bualadh
leis an gclaidhimh.
DE THUAIRT .i. thuit an claidheamh marbh ceart as a
láimh agus óir go raibh sí an-throm dhein sí glór an-mhór.
DE GHUSTAL .i. de chiall ná de éifeacht.
Leath. a 29.
NITHE CUMHRA .i. rudaí deasa luachmhara.
SEOG ADHTAM.
Leath. a 30.
REIDHSE MÓR .i. fairsinge talmhan; an-chuid.
SCOTHARNACH COILLE .i. an fás fiadhain a bhíonn le cois
na gcrann.
CHÓMH SEANG AGUS CHÓMH SILTE .i. chómh folamh agus
chómh leadhbach.
Leath. a 31.
AMUIGH LEIS FÉIN .i. cráidhte in a aigne.
AG SÚGRADH LE h-ÓL .i. ag déanamh beag de ól;
ag ól mar a bheadh páiste.
AG GOL GO FUIGHEACH .i. go truaghmhéileach; na deora
ag teacht go tiugh leis.
Leath. a 32.
LE NEART CATHUIGHTHE .i. le neart truagh agus briseadh
croidhe mar gheall ar an scéal.
DO SCÉALAÍ .i. cé thug an scéal chughat?
IARRACHT MHAGADH ASAM .i. ná bí ag déanamh amadáin
díom.
DUL AR AN bhFÍRINNE .i. an fhírinne d'innsint.
Leath. a 33.
DEICH LÁ GAN MHAITH .i. deich lá suarach nach fiú trácht
orra.
CHUGHAM ANOIR AGUS ANIAR THÚ .i. níor theip tú
riamh orm.
AG FAGHÁIL SAOIRE .i. ag fagháil laetheanta Saoire.
AN CEAP COISE .i. an chos uathbhásach mhór.
Leath. a 34.
BEIDH THIAR ORT .i. díolfaidh tú as; ní bheidh aon mheas
agam-sa ort.
NÁ BÍ GRÁNA LEIS .i. ná bí crosta leis; tabhair
ceart dó.
BA BHEAG AR SHEOG .i. ba thuma le Seog mar gheall
ar…
AR IARRAIDH .i. gan a bheith ann.
Leath. a 35.
GABHADH SEOG .i. gléasadh Seog fé…
NÍOR BHEAG SIN .i. ba leor sin mar chómhartha do.
AG GUALÁIL .i. ag luascadh anonn agus anall sa
tsiubhal.
A BHRISTEAR .i. a mhúintear.
Leath. a 36.
NÍOR DHÓICHIGHDE .i. níor dhóigh go ndéanfaidhe .i. chuir-
feadh Seog 'na choinne d'réir deallradh.
THALL DÓ .i. a dhathad blian a bheith caithte aige.
AG FAIRE AR AMAS .i. ag fuireach le caoi.
LEAGAINT LÚIB .i. maolú; a bheith níos séimhe agus
níos macánta.
AIREOCHAIDH DO BHOLG .i. mothochaidh do bholg é.
GUR MHÓR AG… .i. go raibh an-chion aige air.
Leath, a 37.
SCEON INNTE .i. eagla agus uathbhás uirre.
BHUAIL ÓLSIAR PORT .i. tháinig sé thar n-ais.
Leath. 39.
AG BRUGHADH LEIS .i. ag déanamh air aníos.
TAR ÉIS GABHÁIL TRÍD .i. tar éis a chur de.
Leath. a 40.
AON DUL UAIDH .i. chaith sí géille dhó.
GURBH' OLC LÉI .i. go raibh sé ar a h-aigne go raibh sí
ag deanamh feall.
Leath. a 41.
D'URCHAR .i. go h-obann; mear; tapaidh.
LEIS AN DORUS .i. in éinfeacht leis an dorus; gan
aon duadh.
AR A GHROGA .i. 'na shuidhe ar a chosa.
A DHEIN SÉ AN tSRÁID .i. a shrois sé an tsráid.
GÉIRE AN OCRAIS .i. éileamh an bhídh.
IS AR ÉIGIN .i. ba dhícheall dó.
Leath a 42.
AG PLÉIDHE LEIS .i. ag gabháil dó.
BA BHOCHT É CÁS .i. ba mhór an truagh.
AR AN nGAOITH .i. leis an ngaoith.
Leath a 43.
LÉAS bheag .i. beagáinín beag. Deirtear "ní'l léas
céille aige" leis.
GEOIN CHEOIL .i. meascán ceoil.
CORRUIGHE EILE .i. corruighe croidhe.
Leath. a 44.
AR DHUL I bhFEIDHM .i. ar pé rud a bhí uaidh sa chófra
d'fhagháil.
AG LAPADÁIL LEIS .i. ag cuardach le n-a lámha.
Leath. a 45.
D'ÉIRIGH A CHROIDHE AIR .i. Chaill sé a cheadfa le
sceimhle.
AN GRÁDH AGUS AN t-AIRGEAD.
Leath. a 46.
LAG ORRA .i. ní bhíodh aon sos orra.
BHAIN SÉ AN CEANN DE'N SCÉAL .i. leig sé rúr
an scéil. Thosnuigh sé ag cómhrádh mar gheall air.
NÍ'L AON DEALLRADH .i. ní'l aon áird orainn. Tá
ár saoghal go h-aincis.
Leath. a 47.
PINGIN RUADH .i. aon leath-phingne ar aon chor.
AN DRAE MAIRG .i. pioc mairge, pioc carbhuaice; ní
raibh aon suim aige ann.
A CHAITHEADH SÉ É FÉIN .i. a scuireadh sé é féin;
stadadh sé ag maranna.
AR AN INNTINN CHÉADNA .i. ar an aigne chéadna;
an rud céadna ag déanamh scime dó.
AIT ANN FÉIN .i. ag cailleamhaint a chuid céille.
Leath. a 48.
NÓTAÍ AR FAD .i. nótaí púint.
Leath a 49.
LE CUR 'NA CHIONN .i. le cur leis.
LOM DÍREACH .i. díreach ceart.
A BHUAIL FÚTHA .i. a thug an mhéar dóibh; a ghoid iad.
D'ÉIRIGH TOMÁS CHUIGE .i. chrom sé ag troid leis.
CÁ bhFUILMÍD? .i. conus mar táimíd?
AN nGEOBHAIDH SÍ LIOM .i. an nglacfaidh sí liom.
TÁ SÉ DIAN .i. tá sé cruaidh.
NÍ THIOCFAIDH AMÁIREACH .i. searbhas. Tiocfaidh, ambasa.
AG RITH CHUGHAT .i. an-chaitheamh a bheith aici id' dhiaidh.
Leath. a 50.
GAOTH I mBÉAL DUINE .i. neamh-ní; dada.
PÉ RUD A RUAIG .i. pé rud a chuir in a aigne.
CEATHRAR CEÁRDUIGHTHE.
Leath. a 52.
A THÁINIG IONTA .i. nuair a tháinig aois ógánach dóibh.
AON DEALLRADH DHÓIBH .i. ann chiall dóibh.
AG BRUGHADH AR A CHÉILE .i. sa tslighe dá chéile; ag
déanamh dada.
BHÍ 'NA gCEANN .i. an oidhche 'na dhiaidh sin.
NÍOR THUAR ME .i. níor shileas.
NÍ BHEIDH SÉ LE CASADH .i. ní bheidh sé le rádh agaibh
liom.
GUR BHACAS BHUR LEAS DÍBH .i. gur thuireas isteach
oraibh 'nbhur saoghal.
Leath. a 53.
CROSAIRE CHEITHRE RIAN .i. crosaire cheithre bóithre.
Leath. a 54.
FAIC GO DIA .i. dada ar aon chor.
ÁR LÁMHA AR LIOBARNA LINN .i. gan aon rud
tuillte againn ná aon rud á thuilleamh againn.
DORUS BÉAL BÓTHAIR .i. an dorus ar aghaidh an
bhóthair.
Leath. a 56.
BHUR ROGHA RUD .i. pé rud is maith libh.
CHUM TOSAIGH .i. i dtosach an bháid.
Leath. a 57.
SIN É AN BUACHAILL .i. sin é mo leaid. Sin é an
fiolar atá uainn.
BHUAIL SÉ… FÉ'N OSCAIL .i. chuir sé… fé'n
oscail.
Leath. a 58.
MAOL MARBH .i. 'na chorp gan bheatha.
DE'N CHÉAD DUL SÍOS .i. an chéad iarracht.
AG CUR… AIR .i. bhíodar d'iarraidh an t-airgead
a thabhairt dó.
Leath. a 59.
DUL I gCÓMHAIRLE .i. a gcinn a chur le chéile.
É CHUR AR CHRANNA .i. cheithre bhrobh d'fhagháil féachaint
cé tharraingeochadh an ceann ba shia; nó cleas éigin mar sin.
ROTH AN ÁIDH.
Leath. a 60.
SAN IMTHEACHT A BHÍ FÉ .i. an t-imtheacht a bhí sé a
dhéanamh.
D'IOMCHAR GO MAITH .i. gan aon rud bun os cionn
a dhéanamh.
Leath. a 61.
GHOILLEADAR AIR .i. chuireadar ar buile é.
AG GÉARÚ .i. ag dul níos mire.
CÉ THÓGFADH AIR É .i. cé dhéarfadh aon rud leis dá
cionn?
Leath. a 62.
Á GHRIANÚ FÉIN .i. ag tabhairt a bhuilg don ngréin.
BAIN SÉ TOSACH DE… .i. chuaidh sé roimhe.
Leath. a 63.
GO MAOL-CHLUASACH .i. go macánta; a mhéar 'na bhéal
aige.
CUAILLE LÓCHRAINN .i. piléar an tsoluis.
Leath. a 64.
AR CHEANN NA h-OIDHCHE .i. ar theacht na h-oidhche.
CHUM BREITH AR A GHREAMANNA .i. chum a bheith saor
ó fiacha, & rl.
Leath. a 65.
AN MHUC A THÓGAINT AR A COIS .i. Glacadh leis an
gcaoi nuair a gheibhmíd í.
AN SEAN AGUS AN NUA.
Leath. a 66.
DÉANAMH DÁNA UIRRE .i. bhí gabháil le gach aoinne
aice; ní raibh aoinne amuigh léi.
AR THÁINIG AN POST .i. teacht fear an phuist an clog
a bhíonn ag daoine sa tuaith. An post; an traen; an coilleach;
an taoide, & rl.
TÓGAINT AR PHÁIDÍN… RIAMH .i. sid é rádh gach
teaghlaigh — gach aoinne ag déanamh a dhíchill.
Leath. a 67.
NÍ FHEADAR SIAD DÉN FUADAR, & rl. .i. béas le
daoine bochta a labhann an Ghaedhealg a bheith ag cuimhneamh
gur chum airgid a dhéanamh a bhíonn daoine eile á foghluim.
NÁR DHUBHAIDH SÉ AN DORUS .i. nár tháinigh sé go
dtí an dorus féachaint an raibh sí istigh.
Leath. a 68.
CHÚIG ÁRDA .i. ná chúig bóithre go dtí'n Teamhair.
NA NAOI bhFIONN .i. ní fheadar ciaca "naoi mbeann"
nó "naoi bhfionn" is cirte.
Leath. a 69.
SAGAIRTÍN .i. ní le n-a luighead an "ín" acht le cion
air agus taithneamh do.
AMAS AR PHÁIDÍN .i. caoi ar é fheicsint leis féin.
CHAITHEADH SÉ FOCAILÍN .i. bheanuigheadh sé dó.
Leath. a 70.
É CHAITHEAMH UAIM .i. Stad de'n obair.
MARBHÚ NA PÉISTE .i. ag romhar; ag sclábhuigheacht.
SCOLB SAN AER .i. ag cur dín ar thigh.
AG BEARRABÓIREACHT .i. is gnáth duine éigin áirighthe
ag bearradh an choda eile i mbaile beag tuaithe. Ní céird
ag duine sin.
BROID A BHEITH ORT .i. práidhinn an-mhór.
Leath. a 71.
LE N-A CHOIS .i. In' fhochair.
AG DÉANAMH SCIME .i. ag déanamh cúraim.
SPÓIRSEACH BHREÁGH .i. teine bhreágh ag lasadh.
Leath. a 73.
CAITHEAMH AR PHÁIDÍN .i. cathú; mairg.
AG EIRGHE CHUIGE .i. ag troid leis in' aigne
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11