Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feabhra, 1917
Title
Feabhra, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a II. FEABHRA, 1917. Pinginn a Fhiacha. TÍR AN PHLÁMÁIS. Sagart atá t'réis teacht abhaile ó Thír na Síne & tá ana chur-síos aige ar mhuíntir na tíre úd. Nuair a gheibhean duine iasachta cuireadh chun dínnéir ó Shínigheach, caithfidh sé bheith an-aireach i dtaobh a ndeinean sé nó b'fhéidir go dtabharfadh sé masla do'n Sínigheach uasal: An túisce is a gheibhir an cuireadh, caithfir scríobha chun fear a' tighe 'á rádh leis go bhfuil an-áthas ort i dtaobh an cuireadh fhagháil agus go raghair chun an dínnéir siúd is go bhfuil eagla ort nách fiú é thu bheith i gcóluadar chomh rí-uasal san. Nuair a raghair chun an doruis, déarfaidh an seirbhíseach le fear an tighe go bhfuil “an duine rí-uasal ró-mhaith iasachta” sa doras. Cuirean fear an tighe fáilte romhat agus tugan sé isteach chun seomra an bhídh thu, agus iarann sé ort suidhe: “Má's é lán toil mhacánta an duine rí-uasail iasachta suidhe chun búird liom-sa, is mór agus is iongantach an onóir dómh-sa — duine úir-íseal — an gníomh san!” Ansan, má bhíon fios ceart do bheus agat-sa, tá ort é seo a rádh: “Ós uaisle a bhfad tusa 'ná duine suarach iasachta, b'fhearr liom gan suidhe go suidhir-se ar dtúis.” Ós rud é go mbíon fios a bheus ag gach Sínigheach, tugan fear an tighe é seo mar fhreagra ort. “Is ró-mhór agam an duine uasal ias- achta agus ní féidir liom suidhe go suidhean seisean ar dtúis!” Muran maith leat ainm na mí-shéimhe bheith ort caithfir so a rádh: “Ní fiú mé é go mbeadh tosach agam ar dhuine uasal léigheanta de shár-fhuil mhóir na Síne.” Nuair a bheidh tuirse na cainte ag teacht ort, caithfir géilleadh. Ansan cuirfear an cheist seo chugat: “Cad is aos duit?” Má tá aos mhaith agat beidh árd mheas ort. Is d'réir faid a chuid féasóige a braithtar aos duine sa tSín. Ní cuirtear an cheist sin ar mhnáibh riamh mar is cuma i dtaobh na mban sa tír sin. Níl puínn measa ag na Sínígh ar mhnáibh. Má thagan beirt Sínigheach isteach sa tseomra le n-a chéile, bíd ag aighneas go beusach féachaint ciaca is deirinighe a shuidhfidh, agus ní chrothan fear an tighe aon lámh leó ach umhluighean dóibh & umhluighid sin dó-san ar an gcuma so: an dá láimh do árdú agus na méireana d'fhilleadh in a chéile, an dá láimh a chur i gcoinnibh an eudain ós cionn na súl, an cholann do lúbadh annsan & umhlú go talamh. É sin a dhéanamh trí huaire. Deintear san sa tsráid chómh maith le gach áit eile. Bainean sé roint aimsire de dhuine, ach is cuma san de, mar is ciallmhar an duine an Sínigheach agus bíon aimsir a dhóthain i gcómhnaidhe aige chun gacha ní. Ní bfaighean aoinne bás de'n bhfotharaga sa tír sin na Síne. Is é céad rud a gheibhir i gcóir dínnéir 'ná gloinín beag fíona agus iaran fear an tighe ort é ól, & iaran tusa air-sin a chuid féin d'ól siar ar dtúis agus mar sin de go ngéillean duine agaibh. Bíon gach beirt sa tig ag gabháil go beusach dá chéile ar an gcum a gcéadna. Ar thaobh na láimh' chlé de fhear an tighe a bhíon an duine is mhó le rádh — tú féin, ós duine uasal iasachta thú. Ubhla, nó toradh éigin mar iad, a bhíon ansan agat, agus tosnuighean fear an tighe ag gabháil do'n duine atá ar a láimh dheis — duit-se, agus dírighean cách ar a chomharsain sa tslighe chéadna agus i gcionn aga agus roinnt mhór aimsire cromaid ar na h-ubhla 'ithe. Bíon roinnt mísleáin ansan aca agus is ansan a thosnuighid i gceart ar an ndínnéar. Cuirtear mias mhór lán de iasc i lár an bhúird — bórd chomh-chruinn a bhíon i gcómh- naidhe aca — agus gheibhean gach duine dhá bhiorán fhada adhmaid — maidí bídh, agus cuirean gach aoinne a dhá mhaide chaola os cionn na méise agus iaran cách ar a chomharsain an t-iasg a bhlaiseadh. Bíon ana-chuid suainseáin aca sara dtagan de mhisneach do dhuine éigin aca tosnú'. Ní dheinean aoinne aon iongna de'n rí-rá mór cainte is ní chuimhnighean aoinne ar aon gháire a dhéanamh, rud is iongna liom agus a bhfuil de bhunús céille sa tSínigheach. Bíon ana chuid babhtaí bídh aca — naoi gcinn, b'fhéidir, agus idir gach dhá bhabhta, ólaid gloine beag fíona. An rís an biadh is deirinighe a roinntear agus má ithir thar lán spiúnóige dhi sin beidh fear an tighe i n-earaid leat, óir is é cheapfaidh sé 'ná nár thaithn an chuid eile de'n dínnéar leat agus gur fhág san ocras ort agus dúil sa rís agat. Óltar ana-chuid fíona d'éis na ríse, a sé nó a seacht de ghloiníbh an duine, agus muran maith leat do chuid féin de ól níl a bhac ort iaradh ar do chómharsain é ól duit, agus is anamh riamh a dheinean an chomharsa aon aighneas i dtaobh an méid sin! I ndeire bárra éirighean fear an tighe in a sheasamh agus deinean sé óráid. “Is mór go deó agam, a dhaoine uaisle, bhur gcóluadar le linn an dínnéir indiu agus is é is oth liom — agus bhus oth liom go deó deó, an dá lá déag is an fhaid a mhairfead —gur cuireadh cóir chómh h-ainnis is chómh mí-shlachtmhar san oraibh indiu. Ní raibh aon rath ar an gcuma 'nar cóirigheadh an bórd agus maidir le cócaireacht is í is measa dá ndeárnadh riamh. Beirbhiú ar bith ní deárnadh ar chuid des na biadhana agus is ró-bhaoghal liom ná tiocfaidh aon duine uasal chun mo dhroch-thighe-se go deó de dheascaibh na mí-chórach a cuireadh indiu air. Mo dhíth!” Ansan eirighean an duine is comhgaraighe dho — tusa, ós duine uasal iasachta thu, agus deinean tú do scar féin de'n chaint: “Is onóir thar meón liom bheith anso indiu ag caitheamh dínnéir i dteannta daoine chómh rí-uasal libh-se, a dhaoine uaisle, agus níl mearthal d'á luighead orm ná fuil sa tSín indiu 'ná fé luighe na gréine féin, fear tighe chomh fial, fáilteach, flaitheamhail leis an deagh-dhuine ró uasal a thug cuireadh chun dínnéir dhúinn indiu. Is beag ná táinig fraoch feirge orm ó chianaibh nuair a chuala an chaint mhí-réasúnta a dhein sé i dtaobh na córach a chuir sé orainn. Deirim so leis — ná fuil i ndán dom go deó, ach chomh beag is a bhí riamh, aon bhiadh chómh blasda deagh-bheirbhthe do chaitheamh leis an mbiadh atá caithte anso indiu agam, agus i dtaobh fhíona ní dearnadh riamh, do dhaoinibh 'ná do dhéithibh, aon fhíon chomh buacach, so-bhlasta leis an bhfíon a dháil fear uasal an tighe seo orainn!” Ansan eirighean duine eile agus sáruigh- ean sé tusa ag moladh an dínnéir agus ag moladh an té sholáthruig é, agus leanan duine eile é agus mar sin dóibh sa tím- cheal. Tá an taobh san, taobh na cainte de'n dínnéar, coitchianta go leór i dtior- thaibh ná fuil sa domhan toir in aon chor. Tá so ann, ámh, go bhfágan an fear tighe — bíodh sé in a árd mhaor nó in a ridire nó in a fhear inid do rí nó do phrionnsa — cáineadh an bhídh agus cáineadh an tíghe fé dhuine eile, ní baoghal do féin díriugha air. Agus is lugha 'ná san gur baoghal do'n duine eile é dhéanamh má bhíon aon tsúil nú tnúthán le dínnéar eile bheith ann sul i bhfad. Níl aon deifridheacht ró mhór ar fad idir críochnú' dínnéir sa domhan toir seachas sa domhan tiar. Seán Tóibín. Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas. D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN. An tig is fearr in Uibh Ráthach. Labharfar Gaedhilg leat ann. tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. BÁS. 41 — Níl luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis. 42 — Is fada bhíonn an fear ag fás 's is gearr a bhíonn an bás 'á chlaoidhe. 43 — Maireann an chraobh ar an bhfál, Ach ní mhaireann an lámh do chuir. 44 — Galar fada ní abrann síorraidhe bréag i. Sé an bás a dheire. 45 — Is mó lá thabharfam ar thaobh an teampaill. Agus dá bhrigh sin cad é an tairbhe bheith ró dhian sa tsaoghal so? 46 — Ní thagann éag gan adhbhar. 47 — Dritheáir do'n mbás an codladh. nó Céile do'n leabaidh an uaigh, Céile do'n tsuan an bás, Céile do'n oidhche Ifreann fuar — Tuig a dhuine gur chruaidh do chás. 48 — Oscluigheann Dia béal na h-uaighe chun naoidhe na truaighe a leigean isteach. 49 — Liagh gach boicht bás. 50 — Tugann béal na h-uaighe rud do naoidhe na truaighe. 51 — Ní fhaghair ach comhra is bairrlín, An rud a fuair Mór is a cailín. i. Tar éis bháis. Le duine mór a déarfaí é sin. Ní fhuair an bheanuasal, Mór, tar éis bháis, ach an rud a fuair a cailín aimsire — ceithre cláracha cómh- rann agus bhairrlín. 52 — M'fhatuirse! Tadhgh sa Mhainistir agus gnó sa bhaile aige. Sa Mhainistir, i., sa roilig. 53 — Is mór an tsochraid a leath. Adéarfaí le gasra maith daoine. RADHARC AGUS DAILLE. 54 — Radharc Chaillighe Béara. Bhí sí i mBéara lá agus chonnaic sí bó ag dul i ngort arbhair a dreiféar i mBólus. Do ghlaoidh sí ar an dreifír chun an bhó a thiomáint. 55 — Chífeadh sé ceann ruadh an ruig. Duine go mbíonn radharc ghéar aige. “ruig”? 56 — Is fearr súil sa chúinne ná dhá shúil ar fuaid an tighe. 57 — Ní shásuightear an tsúil le h-amharc ná ní líontar an chluas le h-éist- eacht. 58 — Seachnuigheann súil an ní ná feiceann. i. Ní bhacann leis an rud ná feiceann. An rud a bhíonn as radharc imthigheann sé as cuimhne. 59 — Ná feic a bhfeicir i. Ná h-abair go bhfeacais. Seo an chomhairle go léir: Ná feic a bhfeicir, Is ná clois a gcloisir, Is má fiafruightear díot — Abair ná feadaraís. 60 — Táim-se im' chodladh is gan codladh ach ar shúil liom. i. Táim-se ag faire i gan fhios. 61 — Ní fheicfeá méar a chur id' shúil. i. Le doircheacht adeirtear é sin. 62 — Is dall súil i gcúil duine eile (nó i gcúram.) “I gcúil” i., i n-ionad, i n-oifig, i n-obair duine eile. Ní bhíonn fhios ag ‘súil’ deórata cá mbíonn aon rud. 63 — Chonnaic sé Murchadh (nó an rud ba ghiorra dho). Is gnáth a rádh le duine ghabhann tré chruatan agus annró mór. “Murchadh,” i. Murchadh an Tóit- eáin ó Briain a tógadh i gcúirt Eilíse Shasanna agus a tháinig anall gur dhóigh agus gur chreach an Mhumhain. 64 — Ní martruighthe go daille ach is measa bheith ar buile. Martruighthe, i. bheith millte, loitthe. 65 — Aimsigheann an dall a bhéal. 66 — Ar lí ní breitheamh fear gan súile. Lí .i. dath. 67 — I ndomhan na ndall is rí fear aon tsúile. 68 — Aon tsúil amháin i gceann is cuma i bheith ann nó as. 69 — Is geall le fear gan aon tsúil fear ar aon tsúil amháin. 70 — Is minic a rug dall ar ghirrfhiadh. Dall, .i. amadán. Girrfhiadh, .i. duine géar, gasta. ÉISTEACHT AGUS BODHAIRE. 71 — D'aireochadh sé an féar ag fás. Duine go mbeadh cluasa géara aige. 72 — Tá éisteacht na muice bradaighe aige. Muc bhradach .i. muc a bhíonn ag tóbhach garrdha prátaí nó meacan. 73 — Ná clois a gcloisir. Féach uimhir a 59 thuas. 74 — An rud ná cloiseann an chluas ní chuireann sé buairt ar an gcroidhe. 75 — Bíonn cluas bhodhar ar fhear na foghla. Fear na foghla, .i. gadaidhe. 76 — Beireann cluas bhodhar a lán féin léi. Daoine a leigeann ortha a bheith bodhar, do chloisfidís rud nár ceapadh dóibh a chlos. 77 — Bíonn cluas ar an gcoill agus dhá thaobh ar an gclaidhe. i. Ní bheadh fhios agat cá mbeadh duine ag éisteacht leat. 78 — Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhair breac! Le searbhas adeirtear é sin le daoinibh ná cuireann fuinneamh ná feidhm ortha féin chun a gcuid oibre. 78a — Bodhaire Uí Laoghaire nó Bodhaire Mhic Mhathghamhna. .i. Bodhaire a leigeann daoine ortha nuair nach maith leó freagairt. LÚTH, BACAIGHE AGUS TUIRSE. 79 — Neart a ritheann agus mire a léim- eann. 80 — An té ná fuil léim aige cimligheadh sé a thón de'n chlaidhe. 81 — Is dána gach fear go tulaigh. Tulach, .i., cnoc, duadh, cruatan. 82 — Is breagh an rud suidhe ach do bhain síneadh an bárr de. (Tuille le Teacht.) Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
TADHG NA SÚL mBEAG. Bhí clann mhac ag Tadhg agus do cuireadh fé ghlas iad toisg gadaidheachta. Bhíodh meas ar aonne a cuirfí fé ghlas de bhárr troda i gcoinnibh Shasana, agus mheas Tadhg dá bhfaghadh sé file a chúmfadh abhrán ghá leigint air gur dá thoisg sin do cuireadh a chlann féin i bpríosún go mbeadh an sgéal n-a cheart. Tháinig file an treo lá agus do labhair Tadhg na súl mbeag leis mar seo: “Is dúbhach liom an chumhgaracht 'n-a n-airighim iad Na sáirfhir ó'n Ruaimh thoir do chothuigh- eadh cliar An cumplacht nár dúnadh i ngeataíbh riamh Is nár túrnadh i súgradh ná i ngleac- aidheacht iad.” Cheap sé an sgéal do bhogadh mar sin do'n fhile. Donnchadh Dall, agus go leanfadh an file de'n mholadh. Bhí aithne ag Donnchadh Dall ar chlainn Thaidhg agus bhí fhios aige cad 'n-a thaobh gur cuireadh i bpríosún iad, agus do labhair sé mar seo: “Seo an chúis le nár túrnadh i ngleac- aidheacht iad — Mar i bhfionntar an phúdair ní fhacthas iad Úr-mhart tar triuchaibh do chothuigheadh iad Is i ngioll le coir cionnta a tachtathaoi a dtrian.” Nuair d'airigh Tadhg sin do bhuail sé Donnchadh le bata bhí na láimh aige. Ansan do labhair Donnchadh arís agus adúbhairt: “Is méinn liom machtnamh ar na flathaibh is fearr sa chill Ná feicim na seasamh ar faithche. Mo léir! Is tinn! Ní bheadh imirt ar spaice bhocht mharbh mar mé gan radharc Is ní raghadh gearradh mo bathais i n-aisce leat saor, a Thaidhg.” Fear saidhbhir do b'eadh Donnchadh lá dá shaoghal ach tháinig an mí-rath air. Nuair do bhí sé saidhbhir bhíodh Tadhg ag obair 'na sglábhaidhe aige. Agus nuair do chuimhnigh sé ar an sean-aimsir, labhair sé mar seo: “A Thaidhg an phuis, do chonnac-sa thusa lá Is do mheidhil agat go fliuch ó shúgh na gcnámh; Do ghreim beag mine briste brúighte id' láimh; Gan mheidhir, gan chion, gan chuid, gan chlú, gan cháil: Ad' ghadhar i gcistin agus buille id' chúl ag mnáibh. Cormac ó Cadhlaigh, Do fuair ó'n Athair Peadar ó Laoghaire 8: 12: 1912. Cé rugadh roime n-a athair agus baisteadh roime n-a mháthair? Freagra — Mac Adam. Cár ghlaodhaig an coileach gur chualaidh a raibh ar a' saoghal é? Freagra — Anns an áirc. Tomás Ua Criomhthain. MÁIRÍN DE BARRA. A Mháirín de Barra do mhairbh tú m'inntinn, D'fhág tú dúbhach dealbh me i gan fhios dom mhuinntir; Ar mo luighe dhom ar mo leabaidh is ort a bhím ag cuímhneamh. 'S ar m'éirghe dhom ar maidin mar do chealg tú an croidhe 'nam. Thugas agus thugas is do thugas óm' chroidhe greann duit Ar maidin lae 'le Muire na gcoinneall san teampall; Do shúilín ba ghlaise ná uisge na ngeamh- artha, Is do bhéilín ba bhinne ná 'n druid nuair a labhrann. Do shíl mé tu mhealladh le briathra 's le póga, Do shíl mé tu mhealladh le leabhartha 's le móide; Do shíl mé tú mhealladh ar bhreacadh na h-eornan — Ach d'fhág tú dúbhach dealbh ar theacht do'n mbliadhain nua me. Is aoibhinn do'n talamh a siubhlann tú féin air. Is aoibhinn do'n talamh nuair seinneann tú bhéarsa Is aoibhinn do'n leabaidh nuair luigheann tú fé éadach 'S is ró-aoibhinn do'n bhfear a gheobhaidh tu mar chéile. Do shiúbhlóghainn 's do shiúbhlóghainn is do shiúbhlóghainn an saoghal leat, Do raghainn-se thar sáile gan dá phinginn spré leat; Do thug mo chroidhe grádh dhuit go bráth. bráth ná tréigfidh, Is do leigheasfá ó'n mbás mé ach a rádh gur leat féin me. D'ólfainn 's d'ólfainn 's d'ólfainn do shláinte, Is dá mbeinn ar bórd luinge d'ólfainn ní b'fheárr í; Dá mbeinn-se am bhanaltra d'oilfinn do bhábán, Siúd ort is ól deoch is Sé do bheatha at' shláinte. Mairisíl Ní Mhurthuile do sholáthruigh. The Scottish Review i gcóir an gheimh- ridh (14 Sráid an Mhuilinn, Peairt, 1/- gach ráithe). Béarla ar fad atá ann- Tá nithe láidre 'á rádh i dtaobh daoine móra ag an bhfear eagair. Wait and See, and, Leap and Look is tiodal do'n chaint aige. Tá A. Newman ag tracht ar Phlátó is 'á chur i gcóimheas le seana Ghaedhealaibh. Tá cúrsaí ‘Ceilteacha,’ nó an méid díobh a bhainean le Gaedhlaibh Éireann, 'á scrúdú' ag “Béal Féirste.” Tá freagra aige 'á thabhairt ar Mhr. John, Mh.P., fear a scríobh ar na cúrsaí céadna ráithe ó shin. S. T. BAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. Gaedhilg agus Suairceas Saoghail: I gCOLÁISTE CHAIRBRE a bheidh, i rith mí LUGHNASA, 1917. Cuir tuairisc gacha ní ar MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S., Seanachúirt, SCIOBAIRÍN. A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. Ceannuigh STALCA SILVERSPRING agus “GORM” SILVERSPRING. I nGleann Maghair, i gCorcaigh, a deintear. Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dhúndroma, Áth Cliath
IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, 1917. An Chéad Teurma: Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na hOidí go toghtha. PÁDRAIG Ó CADHLA, An Fear le Scríobhadh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua., ‘Theatrical Outfitters,’ 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH Má tá TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE uait, Nó deisiú le déanamh ar rothaí, &c., &c., Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne: C. Ó CONAILL agus a Chualucht, SRÁID LIATH-DHROMA, CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Shethanaich a dheinean i gCorcaigh. GEO. SHAW & SONS, Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, agus c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. ATHCHUINGHE. Ní mór ná go bhfuil bliadhain de shaoghal an “Lóchrainn” nua caithte. Nuair a bheidh, déanfaimíd tagairt do chúrsaí an pháipéirín seo. Tá aon rud amháin ámhthach, agus ní mór tagairt do an mhí seo. Bliadhain ó shin nuair a bhíomar ag tosnú, tháinig cáirde fiala Gaedhealacha chugainn agus thugadar airgead dúinn chun dosaonacha nó leath- dosaonacha de'n “Lóchrann” a chur go dtí scoileanna sa Gaedhealtacht. Tá san dá dhéanamh againn le bliadhain. Ba mhaith tairbheach an cuimhneamh é — bhí tairbhe do'n Ghaedhealtacht ann agus roinnt mhaith tairbhe do'n “Lóchrann.” Táimíd-ne go buidheach des na cáirde fiala san ar son an “Lóchrainn”; agus níl aon amhras ná fuil na leanbhaí sa Ghaedhealtacht buidheach — is aoibhne leó an “Lóchrann” a theacht chucha ná aon chló dá bhfeacadar riamh. Ach tá an bhliadhain nach mór caithte anois, agus an méid “Lóchrann” gur díoladh mar sin asta nach mór curtha amach. Ní maith linn stad d'é chur chun na sgoileanna san mar ba ghnáthach agus dá bhrígh sin táimíd á iarraidh ar ár gcáirde maithe an rud a dheineadar cheana a dhéanamh arís i gcóir na bliadhna seo chúghainn, .i. díol as roinnt cóibeanna de'n “Lóchrann” le cur go dtí Scoil éigin sa Ghaedhealtacht i n-aon áit i n-Éirinn is maith leo. Tá súil againn nach cluas bhodhar a gheobhaidh an t-iarratas so. Bíodh scéala againn roimh Lá le Pádraig. DUAISEANNA. DUAIS AN RIDIRE. Sé aiste déag a cuireadh chugam i gcóir na duaise seo agus is mé a bhí go h-áthast- amhail agus go maoiteach asaibh, a scríobh- nóirí óga “An Lóchrainn.” Is fiú gach aon aiste riamh díobh a chur i gcló. Ní raibh aon phioc dá choinne agam go raibh oiread san scríobhnóirí óga ag saothar do'n “Lóchrann.” Go deimhin féin is mór an misneach atá á chur agaibh orm. Ach i dtaobh na duaise; chuireas an sé aiste déagh go dtí fear a molta agus a scrúduighthe. Tháinig an scéal go dian air. Bhí an iomad aca go maith agus ní raibh aige ach culaith amháin éadaigh. Ní fhéadfadh sé an chulaith a thabhairt ar seal- aidheacht féin dóibh, mar bhí cailíní is buach- aillí ann! Chualaidh duine i mBlá' Cliath an cruadh-chás a bhí air. Chuir sí púnt go dtí an duine bocht. Annsan do dhein sé an moladh mar seo: 1. An chulaith éadaigh do Bhrighid Stac, Scoil na gCailíní, Baile an Fhirtéaraigh. 2. 5/- do Mhícheál Ó Siochrú, Scoil na mBráithre sa Daingean. 3. An rud céadna do Sheán Ó Curráin, Ceanntrágha. 4. 2/6 an duine do Mháire Bhreathnach, Rinn Ó gCuanach; “An Dreoilín” (.i. Seán Mac Giollabháin), Acaill Bheag; Máire Ní Bheaglaoich, Baile Mhic Griaire, Cillorglan; agus Pádraig Ó h-Éigeartaigh, Lubhghor- tán, Scibirín. Táimíd buidheach do Mhac an Ridire, City Woolen Mills, Blá. Cliath, a thug an chulaith éadaigh dúinn. Ba mhaith é dá ndeineadh a thuille an gníomh céadna. DUAISEANNA EILE. 3/- do E. Ní Fhoghludha, Baile na Corradh, Luimneach. Sean-scéal nár airigh- eas riamh a shamhail a chuir sí chugam. 3/- do Shinéad Ní Lubhaing, Sc. Chailíní Cheanntrágha. 2/6 do Mhícheál Ó Cathaláin, Gabhlán Árd, Lios-Póil, do chuir sean-scéal eile chugham. Táimíd buidheach do “Dhreifír Áine” do chuir £1 go dtí “An Lóchrann” (per Seán Tóibín) chun a roinnt n-a dhuaiseannaibh. Nár fheicidh a sparán lá folamh go bráth. DUAIS SPEISIALTA EILE. Cara do'n “Lóchrann” i Libherpool do chuir 10/- chugam mar dhuais do'n té is fearr a scríobhfaidh aiste ar an Dochtúir Mícheál Ó h-Iceadha a cailleadh timcheall ráithe ó shin i bPortlághach. Bíodh na h-aistí agam Lá 'le Pádraig. Beidh súil agam le h-aistí maithe ó dhúthaigh Déiseach ar an Athair Micheál — leomhan na Gaedhilge. Nár bheiridh lá dealbh go bráth ar ár gcaraid i Liberpool. Ná dearmhadaidh, a chlann ó, go mbeidh súil i gcomhnaidhe agam go mbeidh sibh ag scríobh. Beidh duaiseanna leis agam má gheibhim stuif mhaith. Seo libh, a rógairí, agus bídh ag mealladh rudaí ós na sean-daoine. “An Seabhac,” Daingean Uí Chúise. DOD' CHÁIRDE IN AIMEIRCE! Is féidir dhá chóib de'n “Lóchrann” do chur go h-Aimeirce gach mí ar dhalaor sa bhliain. Ní raibh cead againn san a dhéanamh go dtí anois. Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
TRÍM AISLING DOM AR LEABAIDH CHLUTHMHAIR. Deirtear gur Fínghín “Pyne” Ó Súiliobháin do chúm do Bhrighid Ní Shúiliobháin. Fonn: “Gáirdín na Nóiníní.” I. Trím aisling dom ar leabaidh chluthmhair, sheasgair, bhuig, im aonar, Im luighe síos, suim bhíos, támhach lag gan treoir, Seadh d'amharcas ag teacht im ghoire, an ainnir mhilis mhaordha, 'Na gnaoi bhí' ag bruighean, trí bhán-tsneachta, an rós. Dob' fhada tiugh a camar-fhuilth, ag teacht go troig le chéile, 'Na mbeartaibh snaidhmthe, casta fighte, ar dath na luisne gréine, A mala is gainne ar a h-aighthe ghil ná dais mar chuirid cléirigh, Ag scríobhadh síos de dhruim pinn ar phársmiota dhóibh. II. A b(é)al-sa milis is tana-bhinne ná cantain- ghuth na n-éanlaith, A píop mar an mhín-eala, 's í ag snámh le spórt, Ar a pearsain deis, ba chailce cruth, a mama cruinne geura, Le'r críochnuígheadh na mílte ráib i mbrón. An taice sin nuair dhearcas-sa i n-aice liom an réilthion, Do phreabas-sa am' sheasamh is níor theang- mhuigh liom ach gaoth dhi, Nách ar mh'aigne bhí an atuirse, 's ná feadar cad do dhéanfainn, Gur smaoinigheas na trí ríoghachta a thrácht 'na deóigh. III. Ar maidin sin chun reatha me, ag taisdeal cnuic is sléibhte, 'S gach slíghe tríd an mín-tír, im' fhánuidhe gan treoir, 'S go stadainn ar feadh seachtmhaine ins gach baile-puirt in Éirinn, 'S ná h-innsínn do phuínn daoine fáth mo bhróin, Ag amharc ar gach ainnir shuilth, 's a samhail sin níor léir dom, I bpearsain deis, i maise cruth, i labhartha 's i dtréithe, Trí m'aistear dom, gur casadh me, i mbaile ag bun an Fhéinn Ghlais, Mar ar críochnuigheadh linn, í fhághail 'na h-ógh. IV. Ní h-ag bladar libh, do chanaim-se, an barra riug ó Bhénus, 'S ó'n ríogh-mhnaoi do chlaoidh Naois, 's na táinte eile i ngleó, 'S ó'n eala dheas d'á ngairmid mar ainm uirthi Hélen, Do dhruim grínn 'na luíng bhí ag Páris ar bórd, Gur leanadar mar aithristear ana-mhile Greugach, Dá deascaibh sin gur lasadar i mbarra teine an Trae thoir, 'S i gcathaibh cnuic le h-Aicilles gur cailleadh Hector treun ann, Is Righ Priam gan mhoíll bhí n-a dheághaidh gan aon treóir. V. Is breágh tharraiceann an ainnir seo le barra a croibh ar dhaor-bhrat, Gach nídh síos do chíonn sí i ndeallramh is i Seannaig, puic, ar barra tuinne barca 's loingeas ghleusta, Le h-íntligheacht a gcrainn aoird, a gcáblaí, 's a róip; Na marcaig ar na capallaibh go meanmnach ag léimrig, An bhanaltra 's a leanbh aici 's a fear amuigh ag cré-chur, An reachtaire 's a bha ar cnoc, is cearc ag piocadh déise, An míol-mhuighe ar a' mín-tír is gáir chon 'na dheóig. VI. Ar na brataibh sin, bíonn tarraingthe aici, beacha agus a saothar, Gach ímpire 's gach rígh bhíonn i ndeallramh fé choróin, An leathan-mhuir go feargach, an abhainn agus a h-éisg uirthi, An faoilín ar mín-línn ag snámh a's an rón, An t-arm so na Sacsan thoir 's a saiseanna go gléusta, An gearra-bhroc 'dir carraigreachaibh, cat is luch is faol-choin, Ar chrannaibh coille barra-ghlais', gach samhail uile éanlaith, Is fíor-bhínn do ghníonn sí, siúd ráidhte mo sgeóil. VII. Is breágh tharraigeann an Eaglais, 's a' t-Aifreann d'á éisteacht, 'Ge 'n mbuidhin bhí ó dhlighe Mhaois, ag trácht n-a chómhair, Gallaphuic i n-Acheron a's lasracha 'á séideadh, Cí sítheach bhíd i síodaí 's a mbánbhrataibh- sróil, Na h-Aspail is na h-Aingil, 's an t-Athair milis Naomhtha, I bhflaitheasaibh an Araid Mhic d'ár n-anam- naibh go réidhid sinn, Go maithid dom gach peaca 's coir do theangmhaigh liom do dhéanamh, Ó aoisigheas trí mhí, is me im pháisde bheag óg. VIII. Trím aistear dom 's ar thaistealas 's a bhfeacasa de'n réilthion, 'S me 'm luighe síos 'seadh smaoinigheas gabháil lem' stór, 'S me 'm chailleamhain ag dairtibh nimhe chaitheadh Ciúpid caoch liom, 'S ná h-innsinn dom' líontighe, fios fáth mo bhróin, Chun gur sladadh as mo sheasamh me, a gan fhios dos na gaoltaibh, Is d'fhiosras de'n ainnir shuilth, a nglacfadh mé mar chéile, Sé labhair sí go banamhail “ná tar, a dhuine, i ngaor dom, An ar baois 'taoi, nuair a smaoinighis, go ngrádhfainn do shórd?” IX. Stadfad-sa dom rannaibh suilt, 's a h-ainm anois déarfad, Sí Bríghdeach na rinn-rosg, d'árd-fhuil Eóghain, An ainnir mhilis bhanamhail d'fhuil Eochaidh agus Éibhir, De fhíor-Chlanna Míleadh dob' fheárr in sa Chóig, Na ballaibh bhí fuil Charrathach, fuil Bharraig, agus Néilligh, Is na flatha cirt dob fhairsinge is dob fheárr i rith na h-Éireann, 'S gur faraire mear meanmnach, go mbeidh talamh aige 'gus treuda, Do guidhim-se bheith snaídhmthe le bláth gheal na n-óg. Seághan Ua Séaghdha, Cathair Saidhbhín, do thug dom é seo mar dán. Ceann iseadh é go bhfuil cáil air imeasg na sean daoine i gCiarraighe 's i gCorcaig. Chuala fad ó é, nuair a bhíos am' ógánach, dá chanadh ag dall de mhuíntir Chárrthaigh, ar an sráid i dTráighlí. Dheineas iarracht ar é fhághail uaidh ach bhí sé manntach is níor bh'fhéidir liom na focail do chur síos tapaidh a dhóthain chun breith ar aon ádhbhar de. Táim a d'iarraidh é sholáthar in iomlán le mórán bliadhan is ní beag de dhuadh atá fachta agam mar gheall air. Fuair Seághan Ó Séaghda mórán dá dhuadh leis, deir sé liom, ach is feárr d'éirig leis 'ná mar d'eirigh liom-sa mar fuair sé gach uile rann de. Ní raibh agam-sa ach seacht gcinn. Fínghín na Leamhna. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. COLÁISDE NA MÚMHAN. OSCLÓFAR AN COLÁISDE i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH, Dia Luain an naomhadh lá de mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917. Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro, i gCathair Chorcaighe. COLÁISTE AN DAINGIN Dhá Théarma — Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917. Tá Coláiste an Daingin i lár na dúthaighe is Gaedhlaighe i gCúige Mumhan. Má's Gaeluinn atá uait tar 'n Daingean. Gach eolas le fagháil ó AN RÚNAIDHE, Coláiste an Daingin, Daingean Uí Cúise. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar feabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha, min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. S. & T. MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. TÁ CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA NA LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailíní, miasa, &c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus BUINN ÓIR is AIRGID. LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh tá ag SÉAMUS Ó h-AODHA, 10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, i maghchromtha. Scríobh chuige. EACHTRA AN DOCHTÚRA. Gleann deas 'seadh Claedeach ar an dtaobh thoir theas de Chonndae Chiarruighe. Ar an dtaobh thuaidh de'n ghleann tá cnuic an-árd ar a dtugtar mar ainim an Dá Chích. Uatha san soir tá cnoc eile go bhfuil Cathair Bheárnach mar ainm air. Tá a lán des na cnocaibh sin garbh, iomardamhail & gan aon bhreith ag fear ná ag beithídheach iad do shiubhal: ach tá cuid mhaith gabhar ann & mórán díobh fiadhain. Tá daoine deasa macánta i gClaedigh & bíodh is gur áit iargcúla é, ní bhíonn aon easba spóirt ná grinn ortha dá bharr san. Tá fear n-a chomhnuidhe ann go nglaodhtar “An Dochtúir” air, agus is mó sgéal greannmhar atá ag muinntir an ghleanna mar gheall ar an bhfear céadna. Is amhlaidh do fuair sé an dochtúireacht ar bhaiste dho. Do rugadh Aoine an Céasta é & do bais- teadh Domhnach Cásga é & tá fhios ag an saoghal mór go mbíonn buadh fé leith ag a leithéid sin de dhuine. Is féidir leis mórán aicídí a leigheas, go mór-mhór aicídí capall. Tá trácht mór aige agus siúbhlann sé an dúthaigh ag tabhairt cómhairleacha agus leighiseanna dhóibh siúd atá n-a ngádh. Stracaire maith fir 'seadh an Dochtúir, ach tá stad n-a chainnt aige agus do bheadh truagh agat do'n duine bhocht & é a d'iaraidh na focail a thabhairt thar a bhéal amach. Bíonn an donas ar fad air nuair a bhíonn braon thar cheart óltha aige — is cuma nú balbhán é. Tamaillín ó shoin do thárla go raibh an Dochtúir ag teacht abhaile ó Chill Áirne ar an dtraen agus fear eile ó Ghort a' Char- thainn n-a theannta. Bhí an bheirt súgach go leór & is ar éigin a bhí an traen ar ghluais- eacht nuair do chromadar ar bheith ar argóint le n-a chéile. “Dhera, cad é an buadh atá agat-sa thar aon fhear eile?” arsa fear an Ghuirt. “Tá, go bhfuil im chumas aon sórd péiste a mharbhú' lem' mhéir, agus dá chomhartha san féin ba bheag a mhoill orm gabhar a dhéanamh díot-sa dá mba mhaith liom é.” Is dócha go raibh an mac mallachtain ag séideadh fé'n bhfear eile mar ní ghéillfeadh sé do'n chainnt sin i n-aon chor. “Ort féin bíodh,” ars an Dochtúir agus do dhírig ar orthaí éigin do rádh. “Is gearr go mbeidh fhios agat cad é an chómhacht atá agam-sa. Ach tugaim an foláireamh so dhuit — má bhíonn sé de phláinéid ort go n-aistireóchaidh an ghaoth, beidh tú id' ghabhar ag poc léimrig ar thaobh Chathair Bheárnach go dtí Lá an Bhráith.” Níor chuir an méid sin cainnte aon chora- bhuais ar an bhfear eile. Ní raibh teas an bhiotáille imthighthe as go fóill. Do thos- nuigh an Dochtúir ar na h-orthaí airís. Do leanadar ortha mar sin go ceann tamaill — an Dochtúir ag imirt a chuid deismir- eachta agus fear an Ghuirt ag déanamh neamh-nídh dhe. Bhí teas an bhiotáille ag imtheacht agus bhí ag dul dá mhisneach. Annsan do tháinig saghas scannraidh ar an bhfear bhocht. Is amhlaidh do samhluigheadh do go raibh atharú éigin ag teacht ar a dheilbh — go raibh a chuid féasóige ag dul i bhfaid agus i gcaoile agus go raibh rud éigin i bhfuirim meigill gabhair ceangailthe dá smeigín. Do bhraith sé a chuid ghruaige ag éirighe n-a coilg-sheasamh agus níorbh aon iongna leis dá bhfásadh an dá adhairc tríd a phlaosg amach. D'fhéach sé síos ar a bhrógaibh agus do thabharfadh an duine bocht an leabhar go raibh cló crúb gabhair tagaithe ortha. Mo ghraidhn é, do chrith a chuid fola le fiannaightheacht: do rith ruití fuachta síos suas tré n-a bhallaibh beatha — tháinig crith cos is lámh air. Do ghlaoidh sé i n-árd a chinn is a ghutha, ach do theip urlabhra air agus níor tháinig ó n-a bhéal ach “meig — meig — meig.” Cheap sé go raibh sé réidh annsan murab ionnan is riamh. D'éirig sé n-a sheasamh, do thug aon iarracht amháin as a chorp, d'aimsigh córda an ghairm agus do tharraig chuige anuas é ar a dhícheall. Do stad an traen láithreach agus siúd an doras amach leis. D'éirig sé mar éireóch' leoghan de bhaoth- léim thar pala amach, agus mura raibh sé n-a ghabhar dob' fhearr an léim do thug sé thar an bpala anonn ná an léim do thug Pucán an Daingin nuair a léim sé an Báisín i dTráighlí. 'Seadh, as go brách leis i dtánaiste an anama siar ó thuaidh tríd an dtír agus féachaint n-a dhá shúil go ndéarfá go ndéanfadh sé amach Gleann na nGealt de'n stáir sin. 'Sé cheap gárda na traenach nuair a stopadh í 'ná gurbh amhlaidh go raibh Droich- ead an Mhuilinn Iarainn tréis tuitim as a chéile. Ach níor bhfada dho fé mhearthall. Chonnaic sé doras an chóiste ar dian- leathadh agus an dochtúir n-a shuidhe istig ann. D'fhiafruig sé dhe cad a bhí air nú cad chuige gur tharraig sé córda an ghairm. Do leath a chainnt ar an nDoch- túir agus ní fhéadfadh sé a rádh ach “ní m-m-m-mí …,” dá bhfaigheadh sé Éire air. Nuair nár fhéad an gárda aon fhreagra baint as, shaoil sé gur bhalbhán a bhí ann, do chuir an glas ar an ndoras agus do ghluais an traen léi go Lios na gCeann. Do stad sí annsan. Tháinig an gárda chun an Dochtúra airís: tháinig a raibh de dhaoinibh ar an stáisiún chuige. Bhí ana- phililliú ann. Do thuit an lug ar an lag ag an ndochtúir bhocht. Do bhagair sé a dhá cuislinn ar nós muileann gaoithe ach diabhal focal cainnte tháinig ó n-a bhéal ach “fota-fata, fota-fata.” Dúbhairt cuid des na daoine gur amadán bocht é: dubhairt cuid eile nárbh eadh, ach amadán iarainn. Bhíodar mar sin ag cur is ag cúiteamh le n-a chéile go dtí gur tháinig connstábla chúcha, agus dubhairt leó an duine fhágaint fé féinig agus nárbh fhada go bhfaigheadh sé amach fios fáth an sgéil uaidh. Airiú! do chuir an pílear scannradh a bháis ar an nDochtúir i dtreó is gur ghéaruigh ba sheacht mheasa ar an ‘fota-fata’ aige. Sa deire thiar thall tháinig cuimh- neamh do'n chonnstábla. “Druididh siar, a dhaoine,” ar seisean, “nach dall atáthaoí ná feiceann sibh gur bitheamhnach Gearmán- aig é seo. Aithnighim a chainnt go maith — cainnt ghránna na nGearmánach. Is deallramhthach gur chun spideóireacht a dhéanamh do tháinig sé annso — an crochaire!” Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Do rug sé ar baic a mhuiníl ar an nDochtúir bhocht. “Tar liom, a ropaire,” ar seisean, “tá dho phort-sa seinnte,” agus do rug sé le leis é chun na bearraice. Maidin amáireach a bhí chúghainn do fuarathas amach an t-iomroll aithne a deineadh agus do tugadh cead a chos do'n Dhochtúir, ach tá muinntir Chlaedighe ag gáírí fé'n eachtra ó shoin. Tadhg an Chabáiste. CAISLEÁIN AEIR. Do bhí bacach agus a bhean ann uair. Bhídís gach lá ag siúbhal ar lorg déirce. Lá, chuadar i bhfad ó bhaile agus fuaireadar galún bainne mar dhéirc. Gluaiseadar abhaile go mall agus go leadránach. Tháinig tuirse ortha agus shuídheadar ar thaobh an bhóthair ar charn cloch. Thairrig an fear a phíp chuige, ach bhí sí folamh. Do bhí sé annsan ag cainnt agus ag cnáimh- seáil. Do bhí sé mí-shásta toisc an phíp a bheith folamh. “Go deimhin féin,” ar seis- ean, “is cruaidh an saoghal againn é, ag siubhal gach lá agus gach seachtain agus gach bliain tré bhóithribh agus casánaibh agus bóithríní cama, salacha na dúthaighe agus gan gal sa phíp againn dá bharr go léir. A chreach chráidhte é!” “Mhuise, a laogh!” arsan bhean, “ná bac san. Féach! ná fuil galún breagh bainne againn? Raghaimíd ar an sráid anois agus díolfaimíd an bainne agus ceannochaimíd leath dosaon ubh. Cuirfimíd fé chirc iad agus beidh leath dosaon breagh sicíní againn. Fásfaidh na sicíní sin agus beidh morán ubh aca. Díolfaimíd na h-uibhe annsan agus ceannochaimíd gamhain óg. Fásfaidh an ghamhain óg, agus beidh sí 'n-a bó bhreagh agus beidh flúirse bainne 'gus ime againn le díol. Annsan ceannochaimíd gamhain eile agus gamhain eile agus mar sin de go mbeimíd ana- shaidhbhir. Annsan ceannochaimíd feirm thalmhan agus tógfaimíd tigh breagh agus beidh cnap práis ar an ndoras. Mair- fimíd go sásta annsan an chuid eile dár saoghal … agus beimíd go maith dos na bochtaibh,” ar sise nuair a ritheadar isteach 'n-a cuimhne. Do phreab an fear. “Stad, a bhean, stad,” ar seisean, “nó beimíd creachta agat. Na boicht! Airiú cad é sin dúinne na bacaigh díomhaoine sin. Cuirfimíd na madraí leó!” Agus bhuail sé buille dá chois sa talamh le feirg, ach, slán mar a n-ínnstear é, leag sé an galún agus do dortadh an bainne go léir. Sin é mo scéal. Mara dtuigeann tusa é ní'l leigheas agam ort. Eilís Stac do chéad scríbh. Má's go h-Ifreann ataoí ag dul, Is me le seacht mbliadhna d'iarraidh tú chosc; Seo mo ghearrán, mo shrian is m' iallait, Is ná téir ann choidhche it' chois! DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE ANSO. I. — BIADH (Tuille dhe). Is fearr gan biadh agus deoch do chaith- eamh i dteannta a chéile. Ní féidir béile bidhe d'ithe gan deoch éigin, ach dá luighead dighe a bheidh ag duine le n-a bhéile bidhe iseadh is fearr é. Ar maidin t'réis éirighe, isdoidhche roimh dul a chodladh, agus idir na béilí bidhe is fearr deoch do chaitheamh. Is é an t-arán an biadh is choitchiannta dá chaitheamh againn, agus go dtí le déanaí is mó saghas aráin a bhí ann, ach ní mór an chabhair bheith ag trácht ortha anois óir ní fiú a rádh go bhfuil thar aon tsaghas amháin aráin le fághail, agus pé aca olc maith é; caithfear glacadh leis. An t-arán ruadh do bhíodh ag na daoine fadó is amhlaidh do dheinidís é ná an gráinne cruithneachtan ar fad do mheilt le bróin, agus an t-arán a dhéanamh as an bplúr san. Bhí an t-arán san folláin, ach bhí sé cruaidh, agus an té ná bíodh fiacla maithe aige ba dheacair do é ithe. Ba ghnáthach, ámh, fiacla maithe ag daoi- nibh an uair úd, mar do neartuigh- eadh an obair iad; agus deirtear gur ab é an chúis is mó atá leis na fiaclaibh lobhtha atá ag daoinibh anois ná an biadh do bheith ró-bhog, agus gan an obair ag na fiaclaibh. Níor mhór an t-arán ruadh san do chogaint an-mhaith, agus aimsir a chaitheamh leis; ach do tháinig an-ghleithireán agus an-dheithneas ar an saoghal le trí fichid bliadhain anuas, agus ní raibh uain ag daoinibh a mbiadh do chogaint, nó cheap- adar ná raibh. Do fhágadar cuid de'n ngrán as an bplúr agus dheanadar arán bán bog. Ní raibh sé chómh maith leis an arán ruadh. Thosnuig daoine annsan ag cur datha ruadh ar arán le bran a mheasgadh air, agus le slightibh eile: ach níor bh'é an sean arán é ná an rud bán a bhí againn go dtí so. Is fearr do dhaoinibh an biadh a thagann i n-a dtír féin ná an biadh a tugtar anall tar lear, agus is mór an mhaitheas go bhfuiltear chun breis do'n talamh a shaothrughadh feasta. Ba cheart do gach aon duine a bhfuil aon roinnt talmhan aige beagán éigin cruith- neachtan do chur gach bliadhain agus plúr a dhéanamh di ins an muillean is giorra dho agus arán dá theighlach a dhéanamh as an bplúr san. Bheadh biadh annsan aige mar an t-arán ruadh a bhíodh ag na daoinibh fadó. Is gnáthach leis na sagairt suidhe faois- tine bheith aca cúpla uair sa mbliadhain i dtightibh na bhfeirmeoirí agus is dóigh leis na daoinibh gur maith leo arán bán; ach dá n-iarradh na sagairt an t-arán ruadh do bheadh sé ann n-a gcóir, agus do thioc- fadh meas ag na daoinibh féin air i ndiaig a chéile. (Tuille). Peig. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Ltd. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. GUAILNEÁIN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX is a chlann mhac (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne, & é chomh saor le h-aon rud a gheobhfá i gCorcaigh nó i mBaile Átha Cliath. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL is a chlann mhac (teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
FEIRMEÓIREACHT. PRÁTAÍ SGÉIDHTE. Ní'l bliain a ghaibh tharrainn le fada ná go bhfeaca in sna páipéiribh i mí na bhfuíteach cúntas mar seo: “Do chuir an droch-aimsir atá le coigcidheas againn cosg le cuireadóireacht na bprátaí ngrod (luath); agus ní h-é sin is measa dhe, acht is baoghalach, toisg an tsneachtaig agus an tseaca atá le seachtmhain againn, go gcaillfidh an méid go bhfuil curtha aca an síol. Tá imshníomh & buaidhreamh aigne ar na feirmóiribh mar ghiúll ar seo.” Cuireann an cúntas so iongna mhór orm gach uair a chím é, mar ní chuirim féin prátaí groda (luatha) go dtagann an t-Abrán, cé go bhfuilim im chómhnuidhe i n-áit atá chómh cluthmhar, chómh grianmhar le éan áit i n-Éirinn; agus bíonn prátaí a chuirim an uair sin lán aibig ó'n ficheadh lá de'n Mhitheamh amach. Ní mheathluigheann an siol acht chómh beag: fásann gach ceann a chuirim díobh. Agus ní dheinim-se acht mar a dheinid mo chómhursain. Tá boscaí áirighthe ghá ndíol i gcóir na bprátaí. Sul ar bhris an cogadh amach do bhí Bórd na Cuireadóireachta 'ghá dtabhairt uatha ar dhá phinginn go leith an ceann. Do bhí lucht siopithe ag iarraidh tuistiún ortha, agus is dócha go bhfuil siad raol anois. Tá na boscaí dhá throig ar faid, agus troigh ar leithead. Tá an dá cheann níos áirde ná an dá thaobh, agus tá scarán nó iompar idir an dá cheann. Táim ag cur peictúra chinn aca leis an sgríbhinn seo, acht ní dócha go bhféadfar é chur i gcló. I n-ionad an tsíl do chur dá leathadh sa talamh i dtosach an earraig cuirtear na prátaí slána in sna boscaíbh, cloch nó cloch go leith ins gach bosca. Cuirtear na boscaí lán anuas ar a chéile, deich gcinn má bhíonn an tig árd a dhóithin, i gcás ná tógfadh dathad bosca de'n úrlár suas acht slighe cheithre cínn, 'Sé an áit is fearr oireann dóibh lochta stábla nó sgiobóil. Tosnuighid na prátaí ar sgéidhe ins na boscaíbh, agus nuair a thagfaidh aimsir bhog an Abráin ortha beidh buinneáin nó péacáin ortha a bheidh cúpla órlach ar faid. Má bhíonn an ball dorcha beidh na buinneáin fada, lag; acht má leogtar an solus cúcha beidh siad téagartha, cinn ghlasa ortha, agus préamhacha ag leathadh fútha. Seo mar is fearr iad. Nuair a bhítear chun iad do chur tugtar na boscaí amach ar an bpáirc, agus deintear iad do athromhar, nó iad do sháthadh ar nós sgeallán. Ba cheart beirt do bheith ghá sáthadh, — duine ghá gcur as an mbosca in sna pollaibh de réir mar a dheineann an duinn eile na poill. Má bhíd siad reamhar ní misde iad do scolta ar an iomaire, dá chuid nó trí coda do dhéanamh de gach práta, — sé sin má bhíonn an oiread san bhuinneán (piacán) ortha. Má deintear iad do ghearradh is ceart iad fhágaint gearrtha ar aghaidh na gréine ar feadh cúpla uair a' chloig i gcas go dtagfadh sgreamh ortha, rud a chosnann ar phiastaíbh agus ar fhliuchra an talimh iad. Is cóir an leasughadh-mála do bheith leathte ar an dtalamh sul a sáidhtear iad, agus annsan aoileach agus cré do chur ortha an lá céadna. Beidh siad 'n-a ngasaibh ag iarraidh na h-aith-chré i gceann trí seachtmhaine. Nuair a bheifar ag baint na bprátaí sa Mhitheamh nó 'n-a dhiadh sin é an uair ba cheart síol na h-aithbhliana do phiocadh, na prátaí is lúghadh, iad do chur in sna boscaíbh agus iad d'fhágaint amuigh fé'n ngréin go dtagaidh dath an aeir ortha. Annsan iad do chur isteach ar lochta an stábla mar a dubhramair cheana. Mairfidh na boscaí chómh fada leis an bhfeirmóir féin má thugann sé aire dhóibh. Do chómhairleó'inn do fheirmóir má tá neart aige air, an cleas so do dhéanamh le n-a chuid síl go léir, nó le cuid de pé sgéal é. Mar a bhfuil boscaí aige ba cheart do cuid dá chuid síl do leathadh ar lochna nó ar úrlár éigin, agus leogaint dóibh bheith ag sgéidhe ann. Mar a mbeidh curtha amach aca acht lán a súl de bhuin- neánaibh is mór an chomaoine ortha é: beidh siad mí níos groide ná an síol ná beidh éin nidh curtha amach aca, agus is mór an chosaint ar an ndubh 'n-a dhiaidh sin é sin. Gruagach an Tobair. SEAN-AMHRÁIN AR CEAL 43 — “Sé an baile seo togha na droch- áite.” 44 — “Eirigh ar maidin “Is gaibh do chapall.” 45 — “Dá mbeadh mo ghrádh-sa ar lár do chroidhe-se.” 46 — “I Milltown chuala mé an ceól.” 47 — “Mo stóirín ó Mhúscraidhe.” 48 — “A théagair, an fios duit ná codluighim-se oidhche.” 49 — “Séid a bhean bhocht is bí súgach!” 50 — “Síos imeasg na gcoillte.” 51 — “Tar liom ar an aonach.” 52 — “Chorraig Diarmuid an capall beag” 53 — “Grádh mo chroidhe an píosa d'fhear.” 54 — “Fan mar táir, a chladhaire!” 55 — “A chailleach a' tsúsa bhrúidhte bhrónach.” 56 — “Ó mo chailín d'imthigh sí.” Do bheidhmís buidheach d'aoinne chuirfeadh chughainn fiú is ceathramha amháin d'aon cheann acu so. Táid na fuinn againn cheana. Fear an Lóchrann. DO CHABHAIR-SE, A CHARA! Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl. A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i. “AN LÚCÁNIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M. A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge do mhúineadh: “Scéalta don Aos Óg,” 2d. “Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d. “Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” — iad go daithte is go hoireamhnach ar gach chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6 Gaedhil a bhfuil Trácht ortha: Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach, Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán, An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach garm — £3 an beart. Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar — “Saints and Sinners (Dr. Hyde), “Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.), “Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle), “Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.), “Selections from Thomas Davis” (T. W. Rolleston, M. A.). “Songs of Myself and Lyrics” (Thomas Mac Donagh), 4/6. Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6. Cuir cárta ag triall orainn ar lorg leabhráin eolais: “The Educational Co. of Ireland,” 89 Sráid Talbóid, Áth Cliath. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí. ó Th. Ó LOCHLAINN, 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. BÍODH PÍOPA MAITH GAEDHLACH AGAT. Tá PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR Teo. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services