Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feabhra, 1917

Title
Feabhra, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a II. FEABHRA, 1917. Pinginn a Fhiacha.



TÍR AN PHLÁMÁIS.



Sagart atá t'réis teacht abhaile ó Thír
na Síne & tá ana chur-síos aige ar mhuíntir
na tíre úd. Nuair a gheibhean duine
iasachta cuireadh chun dínnéir ó Shínigheach,
caithfidh sé bheith an-aireach i dtaobh a
ndeinean sé nó b'fhéidir go dtabharfadh sé
masla do'n Sínigheach uasal:



An túisce is a gheibhir an cuireadh, caithfir
scríobha chun fear a' tighe 'á rádh leis go
bhfuil an-áthas ort i dtaobh an cuireadh
fhagháil agus go raghair chun an dínnéir siúd
is go bhfuil eagla ort nách fiú é thu bheith
i gcóluadar chomh rí-uasal san.



Nuair a raghair chun an doruis, déarfaidh
an seirbhíseach le fear an tighe go bhfuil “an
duine rí-uasal ró-mhaith iasachta” sa doras.
Cuirean fear an tighe fáilte romhat agus
tugan sé isteach chun seomra an bhídh thu,
agus iarann sé ort suidhe:



“Má's é lán toil mhacánta an duine
rí-uasail iasachta suidhe chun búird liom-sa,
is mór agus is iongantach an onóir dómh-sa
— duine úir-íseal — an gníomh san!”



Ansan, má bhíon fios ceart do bheus
agat-sa, tá ort é seo a rádh:



“Ós uaisle a bhfad tusa 'ná duine
suarach iasachta, b'fhearr liom gan suidhe
go suidhir-se ar dtúis.”



Ós rud é go mbíon fios a bheus ag
gach Sínigheach, tugan fear an tighe é
seo mar fhreagra ort.



“Is ró-mhór agam an duine uasal ias-
achta agus ní féidir liom suidhe go suidhean
seisean ar dtúis!”



Muran maith leat ainm na mí-shéimhe bheith
ort caithfir so a rádh:



“Ní fiú mé é go mbeadh tosach agam ar
dhuine uasal léigheanta de shár-fhuil mhóir
na Síne.”



Nuair a bheidh tuirse na cainte ag teacht
ort, caithfir géilleadh. Ansan cuirfear
an cheist seo chugat:



“Cad is aos duit?” Má tá aos mhaith
agat beidh árd mheas ort. Is d'réir faid a
chuid féasóige a braithtar aos duine sa
tSín. Ní cuirtear an cheist sin ar mhnáibh
riamh mar is cuma i dtaobh na mban sa tír
sin. Níl puínn measa ag na Sínígh ar
mhnáibh.



Má thagan beirt Sínigheach isteach sa
tseomra le n-a chéile, bíd ag aighneas go
beusach féachaint ciaca is deirinighe a
shuidhfidh, agus ní chrothan fear an tighe aon
lámh leó ach umhluighean dóibh & umhluighid sin
dó-san ar an gcuma so: an dá láimh do
árdú agus na méireana d'fhilleadh in a
chéile, an dá láimh a chur i gcoinnibh an
eudain ós cionn na súl, an cholann do
lúbadh annsan & umhlú go talamh. É sin a
dhéanamh trí huaire. Deintear san sa
tsráid chómh maith le gach áit eile. Bainean
sé roint aimsire de dhuine, ach is cuma san
de, mar is ciallmhar an duine an Sínigheach
agus bíon aimsir a dhóthain i gcómhnaidhe
aige chun gacha ní. Ní bfaighean aoinne bás
de'n bhfotharaga sa tír sin na Síne.



Is é céad rud a gheibhir i gcóir dínnéir
'ná gloinín beag fíona agus iaran fear an
tighe ort é ól, & iaran tusa air-sin a chuid
féin d'ól siar ar dtúis agus mar sin de
go ngéillean duine agaibh. Bíon gach beirt
sa tig ag gabháil go beusach dá chéile ar an
gcum a gcéadna.



Ar thaobh na láimh' chlé de fhear an tighe
a bhíon an duine is mhó le rádh — tú féin, ós
duine uasal iasachta thú.



Ubhla, nó toradh éigin mar iad, a bhíon
ansan agat, agus tosnuighean fear an tighe
ag gabháil do'n duine atá ar a láimh dheis —
duit-se, agus dírighean cách ar a chomharsain
sa tslighe chéadna agus i gcionn aga agus
roinnt mhór aimsire cromaid ar na h-ubhla
'ithe. Bíon roinnt mísleáin ansan aca
agus is ansan a thosnuighid i gceart ar an
ndínnéar.



Cuirtear mias mhór lán de iasc i lár an
bhúird — bórd chomh-chruinn a bhíon i gcómh-
naidhe aca — agus gheibhean gach duine dhá
bhiorán fhada adhmaid — maidí bídh, agus
cuirean gach aoinne a dhá mhaide chaola os
cionn na méise agus iaran cách ar a
chomharsain an t-iasg a bhlaiseadh. Bíon
ana-chuid suainseáin aca sara dtagan de
mhisneach do dhuine éigin aca tosnú'. Ní
dheinean aoinne aon iongna de'n rí-rá mór
cainte is ní chuimhnighean aoinne ar aon
gháire a dhéanamh, rud is iongna liom agus
a bhfuil de bhunús céille sa tSínigheach.



Bíon ana chuid babhtaí bídh aca — naoi
gcinn, b'fhéidir, agus idir gach dhá bhabhta,
ólaid gloine beag fíona. An rís an biadh
is deirinighe a roinntear agus má ithir thar
lán spiúnóige dhi sin beidh fear an tighe
i n-earaid leat, óir is é cheapfaidh sé 'ná
nár thaithn an chuid eile de'n dínnéar leat
agus gur fhág san ocras ort agus dúil sa
rís agat.



Óltar ana-chuid fíona d'éis na ríse, a
sé nó a seacht de ghloiníbh an duine, agus
muran maith leat do chuid féin de ól níl a
bhac ort iaradh ar do chómharsain é ól duit,
agus is anamh riamh a dheinean an chomharsa
aon aighneas i dtaobh an méid sin!



I ndeire bárra éirighean fear an tighe in
a sheasamh agus deinean sé óráid.



“Is mór go deó agam, a dhaoine uaisle,
bhur gcóluadar le linn an dínnéir indiu
agus is é is oth liom — agus bhus oth liom
go deó deó, an dá lá déag is an fhaid a
mhairfead —gur cuireadh cóir chómh h-ainnis
is chómh mí-shlachtmhar san oraibh indiu. Ní
raibh aon rath ar an gcuma 'nar cóirigheadh
an bórd agus maidir le cócaireacht is í is
measa dá ndeárnadh riamh. Beirbhiú ar bith
ní deárnadh ar chuid des na biadhana agus
is ró-bhaoghal liom ná tiocfaidh aon duine
uasal chun mo dhroch-thighe-se go deó de
dheascaibh na mí-chórach a cuireadh indiu air.
Mo dhíth!”



Ansan eirighean an duine is comhgaraighe
dho — tusa, ós duine uasal iasachta thu, agus
deinean tú do scar féin de'n chaint:



“Is onóir thar meón liom bheith anso indiu
ag caitheamh dínnéir i dteannta daoine chómh
rí-uasal libh-se, a dhaoine uaisle, agus níl
mearthal d'á luighead orm ná fuil sa tSín
indiu 'ná fé luighe na gréine féin, fear
tighe chomh fial, fáilteach, flaitheamhail leis
an deagh-dhuine ró uasal a thug cuireadh
chun dínnéir dhúinn indiu.



Is beag ná táinig fraoch feirge orm ó
chianaibh nuair a chuala an chaint mhí-réasúnta
a dhein sé i dtaobh na córach a chuir sé
orainn. Deirim so leis — ná fuil i ndán
dom go deó, ach chomh beag is a bhí riamh,
aon bhiadh chómh blasda deagh-bheirbhthe do
chaitheamh leis an mbiadh atá caithte anso
indiu agam, agus i dtaobh fhíona ní dearnadh
riamh, do dhaoinibh 'ná do dhéithibh, aon fhíon
chomh buacach, so-bhlasta leis an bhfíon a dháil
fear uasal an tighe seo orainn!”



Ansan eirighean duine eile agus sáruigh-
ean sé tusa ag moladh an dínnéir agus ag
moladh an té sholáthruig é, agus leanan
duine eile é agus mar sin dóibh sa tím-
cheal. Tá an taobh san, taobh na cainte
de'n dínnéar, coitchianta go leór i dtior-
thaibh ná fuil sa domhan toir in aon chor.
Tá so ann, ámh, go bhfágan an fear tighe —
bíodh sé in a árd mhaor nó in a ridire nó
in a fhear inid do rí nó do phrionnsa —
cáineadh an bhídh agus cáineadh an tíghe fé
dhuine eile, ní baoghal do féin díriugha air.
Agus is lugha 'ná san gur baoghal do'n
duine eile é dhéanamh má bhíon aon tsúil
nú tnúthán le dínnéar eile bheith ann sul
i bhfad. Níl aon deifridheacht ró mhór ar
fad idir críochnú' dínnéir sa domhan toir
seachas sa domhan tiar.



Seán Tóibín.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. Mac Curtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


CIARRAIDHE.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
cuir fút sa tigh seo



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN.



An tig is fearr in Uibh Ráthach.



Labharfar Gaedhilg leat ann.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



BÁS.



41 — Níl luibh ná leigheas i n-aghaidh an
bháis.



42 — Is fada bhíonn an fear ag fás 's is
gearr a bhíonn an bás 'á chlaoidhe.



43 — Maireann an chraobh ar an bhfál,
Ach ní mhaireann an lámh do chuir.



44 — Galar fada ní abrann síorraidhe
bréag



i. Sé an bás a dheire.



45 — Is mó lá thabharfam ar thaobh an
teampaill.



Agus dá bhrigh sin cad é an tairbhe bheith ró dhian
sa tsaoghal so?



46 — Ní thagann éag gan adhbhar.



47 — Dritheáir do'n mbás an codladh.





Céile do'n leabaidh an uaigh,
Céile do'n tsuan an bás,
Céile do'n oidhche Ifreann fuar —
Tuig a dhuine gur chruaidh do chás.



48 — Oscluigheann Dia béal na h-uaighe
chun naoidhe na truaighe a leigean
isteach.



49 — Liagh gach boicht bás.



50 — Tugann béal na h-uaighe rud do
naoidhe na truaighe.



51 — Ní fhaghair ach comhra is bairrlín,
An rud a fuair Mór is a cailín.



i. Tar éis bháis. Le duine mór a déarfaí é sin.
Ní fhuair an bheanuasal, Mór, tar éis bháis, ach an
rud a fuair a cailín aimsire — ceithre cláracha cómh-
rann agus bhairrlín.



52 — M'fhatuirse! Tadhgh sa Mhainistir
agus gnó sa bhaile aige.



Sa Mhainistir, i., sa roilig.



53 — Is mór an tsochraid a leath.



Adéarfaí le gasra maith daoine.



RADHARC AGUS DAILLE.



54 — Radharc Chaillighe Béara.



Bhí sí i mBéara lá agus chonnaic sí bó ag dul i
ngort arbhair a dreiféar i mBólus. Do ghlaoidh
sí ar an dreifír chun an bhó a thiomáint.



55 — Chífeadh sé ceann ruadh an ruig.



Duine go mbíonn radharc ghéar aige. “ruig”?



56 — Is fearr súil sa chúinne ná dhá shúil
ar fuaid an tighe.



57 — Ní shásuightear an tsúil le h-amharc
ná ní líontar an chluas le h-éist-
eacht.



58 — Seachnuigheann súil an ní ná
feiceann.



i. Ní bhacann leis an rud ná feiceann. An rud
a bhíonn as radharc imthigheann sé as cuimhne.



59 — Ná feic a bhfeicir



i. Ná h-abair go bhfeacais. Seo an chomhairle
go léir:



Ná feic a bhfeicir,
Is ná clois a gcloisir,
Is má fiafruightear díot —
Abair ná feadaraís.



60 — Táim-se im' chodladh is gan codladh
ach ar shúil liom.



i. Táim-se ag faire i gan fhios.



61 — Ní fheicfeá méar a chur id' shúil.



i. Le doircheacht adeirtear é sin.



62 — Is dall súil i gcúil duine eile (nó
i gcúram.)



“I gcúil” i., i n-ionad, i n-oifig, i n-obair
duine eile. Ní bhíonn fhios ag ‘súil’ deórata cá
mbíonn aon rud.



63 — Chonnaic sé Murchadh (nó an rud ba
ghiorra dho).



Is gnáth a rádh le duine ghabhann tré chruatan
agus annró mór. “Murchadh,” i. Murchadh an Tóit-
eáin ó Briain a tógadh i gcúirt Eilíse Shasanna agus
a tháinig anall gur dhóigh agus gur chreach an Mhumhain.



64 — Ní martruighthe go daille ach is
measa bheith ar buile.



Martruighthe, i. bheith millte, loitthe.



65 — Aimsigheann an dall a bhéal.



66 — Ar lí ní breitheamh fear gan súile.



Lí .i. dath.



67 — I ndomhan na ndall is rí fear aon
tsúile.



68 — Aon tsúil amháin i gceann is cuma i
bheith ann nó as.



69 — Is geall le fear gan aon tsúil fear
ar aon tsúil amháin.



70 — Is minic a rug dall ar ghirrfhiadh.



Dall, .i. amadán. Girrfhiadh, .i. duine géar,
gasta.



ÉISTEACHT AGUS BODHAIRE.



71 — D'aireochadh sé an féar ag fás.



Duine go mbeadh cluasa géara aige.



72 — Tá éisteacht na muice bradaighe
aige.



Muc bhradach .i. muc a bhíonn ag tóbhach garrdha
prátaí nó meacan.



73 — Ná clois a gcloisir.



Féach uimhir a 59 thuas.



74 — An rud ná cloiseann an chluas ní
chuireann sé buairt ar an gcroidhe.



75 — Bíonn cluas bhodhar ar fhear na
foghla.



Fear na foghla, .i. gadaidhe.



76 — Beireann cluas bhodhar a lán féin
léi.



Daoine a leigeann ortha a bheith bodhar, do
chloisfidís rud nár ceapadh dóibh a chlos.



77 — Bíonn cluas ar an gcoill agus dhá
thaobh ar an gclaidhe.



i. Ní bheadh fhios agat cá mbeadh duine ag
éisteacht leat.



78 — Éist le fuaim na h-abhann agus
gheobhair breac!



Le searbhas adeirtear é sin le daoinibh ná
cuireann fuinneamh ná feidhm ortha féin chun a gcuid
oibre.



78a — Bodhaire Uí Laoghaire

Bodhaire Mhic Mhathghamhna.



.i. Bodhaire a leigeann daoine ortha nuair nach
maith leó freagairt.



LÚTH, BACAIGHE AGUS TUIRSE.



79 — Neart a ritheann agus mire a léim-
eann.



80 — An té ná fuil léim aige cimligheadh
sé a thón de'n chlaidhe.



81 — Is dána gach fear go tulaigh.



Tulach, .i., cnoc, duadh, cruatan.



82 — Is breagh an rud suidhe ach do bhain
síneadh an bárr de.



(Tuille le Teacht.)



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


TADHG NA SÚL mBEAG.



Bhí clann mhac ag Tadhg agus do cuireadh
fé ghlas iad toisg gadaidheachta. Bhíodh
meas ar aonne a cuirfí fé ghlas de bhárr
troda i gcoinnibh Shasana, agus mheas Tadhg
dá bhfaghadh sé file a chúmfadh abhrán ghá
leigint air gur dá thoisg sin do cuireadh
a chlann féin i bpríosún go mbeadh an
sgéal n-a cheart.



Tháinig file an treo lá agus do labhair
Tadhg na súl mbeag leis mar seo:



“Is dúbhach liom an chumhgaracht 'n-a
n-airighim iad
Na sáirfhir ó'n Ruaimh thoir do chothuigh-
eadh cliar
An cumplacht nár dúnadh i ngeataíbh
riamh
Is nár túrnadh i súgradh ná i ngleac-
aidheacht iad.”



Cheap sé an sgéal do bhogadh mar sin
do'n fhile. Donnchadh Dall, agus go
leanfadh an file de'n mholadh.



Bhí aithne ag Donnchadh Dall ar chlainn
Thaidhg agus bhí fhios aige cad 'n-a thaobh
gur cuireadh i bpríosún iad, agus do
labhair sé mar seo:



“Seo an chúis le nár túrnadh i ngleac-
aidheacht iad —
Mar i bhfionntar an phúdair ní fhacthas
iad
Úr-mhart tar triuchaibh do chothuigheadh
iad
Is i ngioll le coir cionnta a tachtathaoi
a dtrian.”



Nuair d'airigh Tadhg sin do bhuail sé
Donnchadh le bata bhí na láimh aige. Ansan
do labhair Donnchadh arís agus adúbhairt:



“Is méinn liom machtnamh ar na flathaibh
is fearr sa chill
Ná feicim na seasamh ar faithche. Mo
léir! Is tinn!
Ní bheadh imirt ar spaice bhocht mharbh
mar mé gan radharc
Is ní raghadh gearradh mo bathais i
n-aisce leat saor, a Thaidhg.”



Fear saidhbhir do b'eadh Donnchadh lá dá
shaoghal ach tháinig an mí-rath air. Nuair
do bhí sé saidhbhir bhíodh Tadhg ag obair
'na sglábhaidhe aige. Agus nuair do chuimhnigh
sé ar an sean-aimsir, labhair sé mar seo:



“A Thaidhg an phuis, do chonnac-sa thusa lá
Is do mheidhil agat go fliuch ó shúgh na
gcnámh;
Do ghreim beag mine briste brúighte
id' láimh;
Gan mheidhir, gan chion, gan chuid, gan
chlú, gan cháil:
Ad' ghadhar i gcistin agus buille id'
chúl ag mnáibh.



Cormac ó Cadhlaigh,
Do fuair ó'n Athair Peadar ó Laoghaire 8: 12: 1912.



Cé rugadh roime n-a athair agus baisteadh
roime n-a mháthair?



Freagra — Mac Adam.



Cár ghlaodhaig an coileach gur chualaidh a
raibh ar a' saoghal é?



Freagra — Anns an áirc.



Tomás Ua Criomhthain.



MÁIRÍN DE BARRA.



A Mháirín de Barra do mhairbh tú
m'inntinn,
D'fhág tú dúbhach dealbh me i gan fhios dom
mhuinntir;
Ar mo luighe dhom ar mo leabaidh is ort a
bhím ag cuímhneamh.
'S ar m'éirghe dhom ar maidin mar do
chealg tú an croidhe 'nam.



Thugas agus thugas is do thugas óm' chroidhe
greann duit
Ar maidin lae 'le Muire na gcoinneall
san teampall;
Do shúilín ba ghlaise ná uisge na ngeamh-
artha,
Is do bhéilín ba bhinne ná 'n druid nuair a
labhrann.



Do shíl mé tu mhealladh le briathra 's le
póga,
Do shíl mé tu mhealladh le leabhartha 's le
móide;
Do shíl mé tú mhealladh ar bhreacadh na
h-eornan —
Ach d'fhág tú dúbhach dealbh ar theacht do'n
mbliadhain nua me.



Is aoibhinn do'n talamh a siubhlann tú féin
air.
Is aoibhinn do'n talamh nuair seinneann
tú bhéarsa
Is aoibhinn do'n leabaidh nuair luigheann
tú fé éadach
'S is ró-aoibhinn do'n bhfear a gheobhaidh tu
mar chéile.



Do shiúbhlóghainn 's do shiúbhlóghainn is do
shiúbhlóghainn an saoghal leat,
Do raghainn-se thar sáile gan dá phinginn
spré leat;
Do thug mo chroidhe grádh dhuit go bráth.
bráth ná tréigfidh,
Is do leigheasfá ó'n mbás mé ach a rádh
gur leat féin me.



D'ólfainn 's d'ólfainn 's d'ólfainn do
shláinte,
Is dá mbeinn ar bórd luinge d'ólfainn ní
b'fheárr í;
Dá mbeinn-se am bhanaltra d'oilfinn do
bhábán,
Siúd ort is ól deoch is Sé do bheatha at'
shláinte.



Mairisíl Ní Mhurthuile do sholáthruigh.



The Scottish Review i gcóir an gheimh-
ridh (14 Sráid an Mhuilinn, Peairt, 1/-
gach ráithe). Béarla ar fad atá ann-
Tá nithe láidre 'á rádh i dtaobh daoine
móra ag an bhfear eagair. Wait and See,
and, Leap and Look is tiodal do'n chaint
aige. Tá A. Newman ag tracht ar Phlátó
is 'á chur i gcóimheas le seana Ghaedhealaibh.
Tá cúrsaí ‘Ceilteacha,’ nó an méid díobh a
bhainean le Gaedhlaibh Éireann, 'á scrúdú'
ag “Béal Féirste.” Tá freagra aige 'á
thabhairt ar Mhr. John, Mh.P., fear a
scríobh ar na cúrsaí céadna ráithe ó
shin.



S. T.



BAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhair atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhair ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fionnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



Sranngscéalta mar seo: “Larch, Áth Cliath.”



An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gCOLÁISTE CHAIRBRE



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,
Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



Ceannuigh



STALCA SILVERSPRING
agus
“GORM” SILVERSPRING.



I nGleann Maghair, i gCorcaigh,
a deintear.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press,” Dhúndroma, Áth Cliath


L. 4


IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1917.



An Chéad Teurma:



Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:



Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua.,
‘Theatrical Outfitters,’
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH



Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,



Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIATH-DHROMA,
CORCAIGH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Shethanaich a dheinean
i gCorcaigh.



GEO. SHAW & SONS,
Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.



Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agus c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



ATHCHUINGHE.



Ní mór ná go bhfuil bliadhain de shaoghal
an “Lóchrainn” nua caithte. Nuair a bheidh,
déanfaimíd tagairt do chúrsaí an pháipéirín
seo. Tá aon rud amháin ámhthach, agus ní
mór tagairt do an mhí seo. Bliadhain ó shin
nuair a bhíomar ag tosnú, tháinig cáirde
fiala Gaedhealacha chugainn agus thugadar
airgead dúinn chun dosaonacha nó leath-
dosaonacha de'n “Lóchrann” a chur go
dtí scoileanna sa Gaedhealtacht. Tá san
dá dhéanamh againn le bliadhain. Ba mhaith
tairbheach an cuimhneamh é — bhí tairbhe do'n
Ghaedhealtacht ann agus roinnt mhaith tairbhe
do'n “Lóchrann.” Táimíd-ne go buidheach
des na cáirde fiala san ar son an
“Lóchrainn”; agus níl aon amhras ná fuil
na leanbhaí sa Ghaedhealtacht buidheach — is
aoibhne leó an “Lóchrann” a theacht chucha ná
aon chló dá bhfeacadar riamh.



Ach tá an bhliadhain nach mór caithte anois,
agus an méid “Lóchrann” gur díoladh mar
sin asta nach mór curtha amach. Ní maith
linn stad d'é chur chun na sgoileanna san
mar ba ghnáthach agus dá bhrígh sin táimíd á
iarraidh ar ár gcáirde maithe an rud a
dheineadar cheana a dhéanamh arís i gcóir na
bliadhna seo chúghainn, .i. díol as roinnt
cóibeanna de'n “Lóchrann” le cur go dtí
Scoil éigin sa Ghaedhealtacht i n-aon áit i
n-Éirinn is maith leo. Tá súil againn nach
cluas bhodhar a gheobhaidh an t-iarratas so.
Bíodh scéala againn roimh Lá le Pádraig.



DUAISEANNA.
DUAIS AN RIDIRE.



Sé aiste déag a cuireadh chugam i gcóir
na duaise seo agus is mé a bhí go h-áthast-
amhail agus go maoiteach asaibh, a scríobh-
nóirí óga “An Lóchrainn.” Is fiú gach
aon aiste riamh díobh a chur i gcló. Ní
raibh aon phioc dá choinne agam go raibh
oiread san scríobhnóirí óga ag saothar
do'n “Lóchrann.” Go deimhin féin is mór
an misneach atá á chur agaibh orm.



Ach i dtaobh na duaise; chuireas an sé
aiste déagh go dtí fear a molta agus
a scrúduighthe. Tháinig an scéal go dian
air. Bhí an iomad aca go maith agus
ní raibh aige ach culaith amháin éadaigh. Ní
fhéadfadh sé an chulaith a thabhairt ar seal-
aidheacht féin dóibh, mar bhí cailíní is buach-
aillí ann! Chualaidh duine i mBlá' Cliath
an cruadh-chás a bhí air.



Chuir sí púnt go dtí an duine bocht.
Annsan do dhein sé an moladh mar seo:



1. An chulaith éadaigh do Bhrighid
Stac, Scoil na gCailíní, Baile
an Fhirtéaraigh.



2. 5/- do Mhícheál Ó Siochrú, Scoil na
mBráithre sa Daingean.



3. An rud céadna do Sheán Ó Curráin,
Ceanntrágha.



4. 2/6 an duine do
Mháire Bhreathnach, Rinn Ó gCuanach;
“An Dreoilín” (.i. Seán Mac
Giollabháin), Acaill Bheag;
Máire Ní Bheaglaoich, Baile Mhic
Griaire, Cillorglan; agus
Pádraig Ó h-Éigeartaigh, Lubhghor-
tán, Scibirín.



Táimíd buidheach do Mhac an Ridire, City
Woolen Mills, Blá. Cliath, a thug an
chulaith éadaigh dúinn. Ba mhaith é dá
ndeineadh a thuille an gníomh céadna.



DUAISEANNA EILE.



3/- do E. Ní Fhoghludha, Baile na Corradh,
Luimneach. Sean-scéal nár airigh-
eas riamh a shamhail a chuir sí chugam.



3/- do Shinéad Ní Lubhaing, Sc. Chailíní
Cheanntrágha.



2/6 do Mhícheál Ó Cathaláin, Gabhlán
Árd, Lios-Póil, do chuir sean-scéal
eile chugham.



Táimíd buidheach do “Dhreifír Áine” do
chuir £1 go dtí “An Lóchrann” (per Seán
Tóibín) chun a roinnt n-a dhuaiseannaibh.
Nár fheicidh a sparán lá folamh go bráth.



DUAIS SPEISIALTA EILE.



Cara do'n “Lóchrann” i Libherpool do
chuir 10/- chugam mar dhuais do'n té is
fearr a scríobhfaidh aiste ar an Dochtúir
Mícheál Ó h-Iceadha a cailleadh timcheall
ráithe ó shin i bPortlághach. Bíodh na h-aistí
agam Lá 'le Pádraig. Beidh súil agam
le h-aistí maithe ó dhúthaigh Déiseach ar
an Athair Micheál — leomhan na Gaedhilge.



Nár bheiridh lá dealbh go bráth ar ár
gcaraid i Liberpool.



Ná dearmhadaidh, a chlann ó, go mbeidh
súil i gcomhnaidhe agam go mbeidh sibh
ag scríobh. Beidh duaiseanna leis agam
má gheibhim stuif mhaith. Seo libh, a rógairí,
agus bídh ag mealladh rudaí ós na
sean-daoine.



“An Seabhac,”
Daingean Uí Chúise.



DOD' CHÁIRDE IN AIMEIRCE!



Is féidir dhá chóib de'n “Lóchrann” do
chur go h-Aimeirce gach mí ar dhalaor sa
bhliain. Ní raibh cead againn san a
dhéanamh go dtí anois.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


TRÍM AISLING DOM AR LEABAIDH
CHLUTHMHAIR.



Deirtear gur Fínghín “Pyne” Ó Súiliobháin do
chúm do Bhrighid Ní Shúiliobháin.



Fonn: “Gáirdín na Nóiníní.”



I.



Trím aisling dom ar leabaidh chluthmhair,
sheasgair, bhuig, im aonar,
Im luighe síos, suim bhíos, támhach lag gan
treoir,
Seadh d'amharcas ag teacht im ghoire, an
ainnir mhilis mhaordha,
'Na gnaoi bhí' ag bruighean, trí bhán-tsneachta,
an rós.
Dob' fhada tiugh a camar-fhuilth, ag teacht
go troig le chéile,
'Na mbeartaibh snaidhmthe, casta fighte, ar
dath na luisne gréine,
A mala is gainne ar a h-aighthe ghil ná dais
mar chuirid cléirigh,
Ag scríobhadh síos de dhruim pinn ar
phársmiota dhóibh.



II.



A b(é)al-sa milis is tana-bhinne ná cantain-
ghuth na n-éanlaith,
A píop mar an mhín-eala, 's í ag snámh le
spórt,
Ar a pearsain deis, ba chailce cruth, a
mama cruinne geura,
Le'r críochnuígheadh na mílte ráib i mbrón.
An taice sin nuair dhearcas-sa i n-aice
liom an réilthion,
Do phreabas-sa am' sheasamh is níor theang-
mhuigh liom ach gaoth dhi,
Nách ar mh'aigne bhí an atuirse, 's ná feadar
cad do dhéanfainn,
Gur smaoinigheas na trí ríoghachta a thrácht
'na deóigh.



III.



Ar maidin sin chun reatha me, ag taisdeal
cnuic is sléibhte,
'S gach slíghe tríd an mín-tír, im' fhánuidhe
gan treoir,
'S go stadainn ar feadh seachtmhaine ins
gach baile-puirt in Éirinn,
'S ná h-innsínn do phuínn daoine fáth mo
bhróin,
Ag amharc ar gach ainnir shuilth, 's a samhail
sin níor léir dom,
I bpearsain deis, i maise cruth, i labhartha
's i dtréithe,
Trí m'aistear dom, gur casadh me, i
mbaile ag bun an Fhéinn Ghlais,
Mar ar críochnuigheadh linn, í fhághail 'na
h-ógh.



IV.



Ní h-ag bladar libh, do chanaim-se, an
barra riug ó Bhénus,
'S ó'n ríogh-mhnaoi do chlaoidh Naois, 's na
táinte eile i ngleó,
'S ó'n eala dheas d'á ngairmid mar ainm
uirthi Hélen,
Do dhruim grínn 'na luíng bhí ag Páris
ar bórd,
Gur leanadar mar aithristear ana-mhile
Greugach,
Dá deascaibh sin gur lasadar i mbarra
teine an Trae thoir,
'S i gcathaibh cnuic le h-Aicilles gur
cailleadh Hector treun ann,
Is Righ Priam gan mhoíll bhí n-a dheághaidh
gan aon treóir.



V.



Is breágh tharraiceann an ainnir seo le
barra a croibh ar dhaor-bhrat,
Gach nídh síos do chíonn sí i ndeallramh is i
Seannaig, puic, ar barra tuinne barca 's
loingeas ghleusta,
Le h-íntligheacht a gcrainn aoird, a gcáblaí,
's a róip;
Na marcaig ar na capallaibh go meanmnach
ag léimrig,
An bhanaltra 's a leanbh aici 's a fear
amuigh ag cré-chur,
An reachtaire 's a bha ar cnoc, is
cearc ag piocadh déise,
An míol-mhuighe ar a' mín-tír is gáir
chon 'na dheóig.



VI.



Ar na brataibh sin, bíonn tarraingthe aici,
beacha agus a saothar,
Gach ímpire 's gach rígh bhíonn i ndeallramh
fé choróin,
An leathan-mhuir go feargach, an abhainn
agus a h-éisg uirthi,
An faoilín ar mín-línn ag snámh a's an
rón,
An t-arm so na Sacsan thoir 's a saiseanna
go gléusta,
An gearra-bhroc 'dir carraigreachaibh, cat
is luch is faol-choin,
Ar chrannaibh coille barra-ghlais', gach
samhail uile éanlaith,
Is fíor-bhínn do ghníonn sí, siúd ráidhte
mo sgeóil.



VII.



Is breágh tharraigeann an Eaglais, 's a'
t-Aifreann d'á éisteacht,
'Ge 'n mbuidhin bhí ó dhlighe Mhaois, ag trácht
n-a chómhair,
Gallaphuic i n-Acheron a's lasracha 'á
séideadh,
Cí sítheach bhíd i síodaí 's a mbánbhrataibh-
sróil,
Na h-Aspail is na h-Aingil, 's an t-Athair
milis Naomhtha,
I bhflaitheasaibh an Araid Mhic d'ár n-anam-
naibh go réidhid sinn,
Go maithid dom gach peaca 's coir do
theangmhaigh liom do dhéanamh,
Ó aoisigheas trí mhí, is me im pháisde
bheag óg.



VIII.



Trím aistear dom 's ar thaistealas 's a
bhfeacasa de'n réilthion,
'S me 'm luighe síos 'seadh smaoinigheas
gabháil lem' stór,
'S me 'm chailleamhain ag dairtibh nimhe
chaitheadh Ciúpid caoch liom,
'S ná h-innsinn dom' líontighe, fios fáth
mo bhróin,
Chun gur sladadh as mo sheasamh me, a
gan fhios dos na gaoltaibh,
Is d'fhiosras de'n ainnir shuilth, a nglacfadh
mé mar chéile,
Sé labhair sí go banamhail “ná tar, a dhuine,
i ngaor dom,
An ar baois 'taoi, nuair a smaoinighis, go
ngrádhfainn do shórd?”



IX.



Stadfad-sa dom rannaibh suilt, 's a
h-ainm anois déarfad,
Sí Bríghdeach na rinn-rosg, d'árd-fhuil
Eóghain,
An ainnir mhilis bhanamhail d'fhuil Eochaidh
agus Éibhir,
De fhíor-Chlanna Míleadh dob' fheárr in sa
Chóig,
Na ballaibh bhí fuil Charrathach, fuil Bharraig,
agus Néilligh,
Is na flatha cirt dob fhairsinge is dob
fheárr i rith na h-Éireann,
'S gur faraire mear meanmnach, go mbeidh
talamh aige 'gus treuda,
Do guidhim-se bheith snaídhmthe le bláth gheal
na n-óg.



Seághan Ua Séaghdha, Cathair Saidhbhín, do thug
dom é seo mar dán. Ceann iseadh é go bhfuil cáil
air imeasg na sean daoine i gCiarraighe 's i
gCorcaig. Chuala fad ó é, nuair a bhíos am'
ógánach, dá chanadh ag dall de mhuíntir Chárrthaigh,
ar an sráid i dTráighlí. Dheineas iarracht ar é
fhághail uaidh ach bhí sé manntach is níor bh'fhéidir
liom na focail do chur síos tapaidh a dhóthain chun
breith ar aon ádhbhar de. Táim a d'iarraidh é
sholáthar in iomlán le mórán bliadhan is ní beag de
dhuadh atá fachta agam mar gheall air. Fuair
Seághan Ó Séaghda mórán dá dhuadh leis, deir sé
liom, ach is feárr d'éirig leis 'ná mar d'eirigh
liom-sa mar fuair sé gach uile rann de. Ní raibh
agam-sa ach seacht gcinn.



Fínghín na Leamhna.



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



COLÁISDE NA MÚMHAN.



OSCLÓFAR AN COLÁISDE
i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH,



Dia Luain an naomhadh lá de
mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917.



Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le
fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro,
i gCathair Chorcaighe.



COLÁISTE AN DAINGIN



Dhá Théarma —



Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar feabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha, min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



S. & T. MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



TÁ CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



I n-Éirinn a Deintear



“BRÓGA NA LAOÍ.”



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailíní, miasa, &c.



CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



BUINN ÓIR
is
AIRGID.



LIAM MAC AODHGÁIN & a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag



Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh
tá ag



SÉAMUS Ó h-AODHA,
10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
i maghchromtha.



Scríobh chuige.



EACHTRA AN DOCHTÚRA.



Gleann deas 'seadh Claedeach ar an
dtaobh thoir theas de Chonndae Chiarruighe.
Ar an dtaobh thuaidh de'n ghleann tá cnuic
an-árd ar a dtugtar mar ainim an Dá
Chích. Uatha san soir tá cnoc eile go bhfuil
Cathair Bheárnach mar ainm air. Tá a lán
des na cnocaibh sin garbh, iomardamhail &
gan aon bhreith ag fear ná ag beithídheach iad
do shiubhal: ach tá cuid mhaith gabhar ann &
mórán díobh fiadhain.



Tá daoine deasa macánta i gClaedigh &
bíodh is gur áit iargcúla é, ní bhíonn aon
easba spóirt ná grinn ortha dá bharr san.
Tá fear n-a chomhnuidhe ann go nglaodhtar
“An Dochtúir” air, agus is mó sgéal
greannmhar atá ag muinntir an ghleanna
mar gheall ar an bhfear céadna. Is amhlaidh
do fuair sé an dochtúireacht ar bhaiste dho.
Do rugadh Aoine an Céasta é & do bais-
teadh Domhnach Cásga é & tá fhios ag an
saoghal mór go mbíonn buadh fé leith ag
a leithéid sin de dhuine. Is féidir leis
mórán aicídí a leigheas, go mór-mhór aicídí
capall. Tá trácht mór aige agus siúbhlann
sé an dúthaigh ag tabhairt cómhairleacha agus
leighiseanna dhóibh siúd atá n-a ngádh.
Stracaire maith fir 'seadh an Dochtúir, ach
tá stad n-a chainnt aige agus do bheadh
truagh agat do'n duine bhocht & é a d'iaraidh
na focail a thabhairt thar a bhéal amach.
Bíonn an donas ar fad air nuair a bhíonn
braon thar cheart óltha aige — is cuma nú
balbhán é.



Tamaillín ó shoin do thárla go raibh an
Dochtúir ag teacht abhaile ó Chill Áirne ar
an dtraen agus fear eile ó Ghort a' Char-
thainn n-a theannta. Bhí an bheirt súgach go
leór & is ar éigin a bhí an traen ar ghluais-
eacht nuair do chromadar ar bheith ar
argóint le n-a chéile.



“Dhera, cad é an buadh atá agat-sa thar
aon fhear eile?” arsa fear an Ghuirt.



“Tá, go bhfuil im chumas aon sórd péiste
a mharbhú' lem' mhéir, agus dá chomhartha san
féin ba bheag a mhoill orm gabhar a dhéanamh
díot-sa dá mba mhaith liom é.”



Is dócha go raibh an mac mallachtain ag
séideadh fé'n bhfear eile mar ní ghéillfeadh
sé do'n chainnt sin i n-aon chor.



“Ort féin bíodh,” ars an Dochtúir agus
do dhírig ar orthaí éigin do rádh. “Is
gearr go mbeidh fhios agat cad é an
chómhacht atá agam-sa. Ach tugaim an
foláireamh so dhuit — má bhíonn sé de
phláinéid ort go n-aistireóchaidh an ghaoth,
beidh tú id' ghabhar ag poc léimrig ar thaobh
Chathair Bheárnach go dtí Lá an Bhráith.”



Níor chuir an méid sin cainnte aon chora-
bhuais ar an bhfear eile. Ní raibh teas an
bhiotáille imthighthe as go fóill. Do thos-
nuigh an Dochtúir ar na h-orthaí airís. Do
leanadar ortha mar sin go ceann tamaill
— an Dochtúir ag imirt a chuid deismir-
eachta agus fear an Ghuirt ag déanamh
neamh-nídh dhe. Bhí teas an bhiotáille ag
imtheacht agus bhí ag dul dá mhisneach.
Annsan do tháinig saghas scannraidh ar
an bhfear bhocht. Is amhlaidh do samhluigheadh
do go raibh atharú éigin ag teacht ar a
dheilbh — go raibh a chuid féasóige ag dul i
bhfaid agus i gcaoile agus go raibh rud
éigin i bhfuirim meigill gabhair ceangailthe
dá smeigín. Do bhraith sé a chuid ghruaige
ag éirighe n-a coilg-sheasamh agus níorbh aon
iongna leis dá bhfásadh an dá adhairc tríd
a phlaosg amach. D'fhéach sé síos ar a
bhrógaibh agus do thabharfadh an duine
bocht an leabhar go raibh cló crúb gabhair
tagaithe ortha. Mo ghraidhn é, do chrith
a chuid fola le fiannaightheacht: do
rith ruití fuachta síos suas tré n-a bhallaibh
beatha — tháinig crith cos is lámh air. Do
ghlaoidh sé i n-árd a chinn is a ghutha, ach
do theip urlabhra air agus níor tháinig ó
n-a bhéal ach “meig — meig — meig.” Cheap
sé go raibh sé réidh annsan murab ionnan
is riamh. D'éirig sé n-a sheasamh, do thug
aon iarracht amháin as a chorp, d'aimsigh
córda an ghairm agus do tharraig chuige
anuas é ar a dhícheall. Do stad an traen
láithreach agus siúd an doras amach leis.
D'éirig sé mar éireóch' leoghan de bhaoth-
léim thar pala amach, agus mura raibh sé
n-a ghabhar dob' fhearr an léim do thug
sé thar an bpala anonn ná an léim do thug
Pucán an Daingin nuair a léim sé an
Báisín i dTráighlí. 'Seadh, as go brách
leis i dtánaiste an anama siar ó thuaidh
tríd an dtír agus féachaint n-a dhá shúil
go ndéarfá go ndéanfadh sé amach Gleann
na nGealt de'n stáir sin.



'Sé cheap gárda na traenach nuair a
stopadh í 'ná gurbh amhlaidh go raibh Droich-
ead an Mhuilinn Iarainn tréis tuitim as
a chéile. Ach níor bhfada dho fé mhearthall.
Chonnaic sé doras an chóiste ar dian-
leathadh agus an dochtúir n-a shuidhe istig
ann. D'fhiafruig sé dhe cad a bhí air nú
cad chuige gur tharraig sé córda an
ghairm. Do leath a chainnt ar an nDoch-
túir agus ní fhéadfadh sé a rádh ach “ní
m-m-m-mí …,” dá bhfaigheadh sé Éire
air. Nuair nár fhéad an gárda aon
fhreagra baint as, shaoil sé gur bhalbhán
a bhí ann, do chuir an glas ar an ndoras
agus do ghluais an traen léi go Lios na
gCeann. Do stad sí annsan. Tháinig an
gárda chun an Dochtúra airís: tháinig a raibh
de dhaoinibh ar an stáisiún chuige. Bhí ana-
phililliú ann. Do thuit an lug ar an lag
ag an ndochtúir bhocht. Do bhagair sé a
dhá cuislinn ar nós muileann gaoithe ach
diabhal focal cainnte tháinig ó n-a bhéal
ach “fota-fata, fota-fata.” Dúbhairt cuid
des na daoine gur amadán bocht é:
dubhairt cuid eile nárbh eadh, ach amadán
iarainn. Bhíodar mar sin ag cur is ag
cúiteamh le n-a chéile go dtí gur tháinig
connstábla chúcha, agus dubhairt leó an
duine fhágaint fé féinig agus nárbh fhada
go bhfaigheadh sé amach fios fáth an sgéil
uaidh. Airiú! do chuir an pílear scannradh
a bháis ar an nDochtúir i dtreó is gur
ghéaruigh ba sheacht mheasa ar an ‘fota-fata’
aige. Sa deire thiar thall tháinig cuimh-
neamh do'n chonnstábla. “Druididh siar, a
dhaoine,” ar seisean, “nach dall atáthaoí
ná feiceann sibh gur bitheamhnach Gearmán-
aig é seo. Aithnighim a chainnt go maith
— cainnt ghránna na nGearmánach. Is
deallramhthach gur chun spideóireacht a
dhéanamh do tháinig sé annso — an crochaire!”



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


Do rug sé ar baic a mhuiníl ar an
nDochtúir bhocht. “Tar liom, a ropaire,”
ar seisean, “tá dho phort-sa seinnte,” agus
do rug sé le leis é chun na bearraice.



Maidin amáireach a bhí chúghainn do
fuarathas amach an t-iomroll aithne a
deineadh agus do tugadh cead a chos do'n
Dhochtúir, ach tá muinntir Chlaedighe ag
gáírí fé'n eachtra ó shoin.



Tadhg an Chabáiste.



CAISLEÁIN AEIR.



Do bhí bacach agus a bhean ann uair.
Bhídís gach lá ag siúbhal ar lorg déirce.
Lá, chuadar i bhfad ó bhaile agus fuaireadar
galún bainne mar dhéirc. Gluaiseadar
abhaile go mall agus go leadránach.
Tháinig tuirse ortha agus shuídheadar ar
thaobh an bhóthair ar charn cloch. Thairrig an
fear a phíp chuige, ach bhí sí folamh. Do
bhí sé annsan ag cainnt agus ag cnáimh-
seáil. Do bhí sé mí-shásta toisc an phíp a
bheith folamh. “Go deimhin féin,” ar seis-
ean, “is cruaidh an saoghal againn é, ag
siubhal gach lá agus gach seachtain agus gach
bliain tré bhóithribh agus casánaibh agus
bóithríní cama, salacha na dúthaighe agus
gan gal sa phíp againn dá bharr go léir.
A chreach chráidhte é!”



“Mhuise, a laogh!” arsan bhean, “ná bac
san. Féach! ná fuil galún breagh bainne
againn? Raghaimíd ar an sráid anois agus
díolfaimíd an bainne agus ceannochaimíd
leath dosaon ubh. Cuirfimíd fé chirc iad
agus beidh leath dosaon breagh sicíní againn.
Fásfaidh na sicíní sin agus beidh morán ubh
aca. Díolfaimíd na h-uibhe annsan agus
ceannochaimíd gamhain óg. Fásfaidh an
ghamhain óg, agus beidh sí 'n-a bó
bhreagh agus beidh flúirse bainne
'gus ime againn le díol. Annsan
ceannochaimíd gamhain eile agus gamhain
eile agus mar sin de go mbeimíd ana-
shaidhbhir. Annsan ceannochaimíd feirm
thalmhan agus tógfaimíd tigh breagh agus
beidh cnap práis ar an ndoras. Mair-
fimíd go sásta annsan an chuid eile dár
saoghal … agus beimíd go maith dos
na bochtaibh,” ar sise nuair a ritheadar
isteach 'n-a cuimhne.



Do phreab an fear. “Stad, a bhean,
stad,” ar seisean, “nó beimíd creachta
agat. Na boicht! Airiú cad é sin dúinne
na bacaigh díomhaoine sin. Cuirfimíd na
madraí leó!” Agus bhuail sé buille dá
chois sa talamh le feirg, ach, slán mar a
n-ínnstear é, leag sé an galún agus do
dortadh an bainne go léir.



Sin é mo scéal. Mara dtuigeann tusa
é ní'l leigheas agam ort.



Eilís Stac do chéad scríbh.



Má's go h-Ifreann ataoí ag dul,
Is me le seacht mbliadhna d'iarraidh
tú chosc;
Seo mo ghearrán, mo shrian is m' iallait,
Is ná téir ann choidhche it' chois!



DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



I. — BIADH (Tuille dhe).



Is fearr gan biadh agus deoch do chaith-
eamh i dteannta a chéile. Ní féidir
béile bidhe d'ithe gan deoch éigin, ach dá
luighead dighe a bheidh ag duine le n-a
bhéile bidhe iseadh is fearr é. Ar maidin
t'réis éirighe, isdoidhche roimh dul a chodladh,
agus idir na béilí bidhe is fearr deoch
do chaitheamh.



Is é an t-arán an biadh is choitchiannta
dá chaitheamh againn, agus go dtí le déanaí
is mó saghas aráin a bhí ann, ach ní mór
an chabhair bheith ag trácht ortha anois óir
ní fiú a rádh go bhfuil thar aon tsaghas
amháin aráin le fághail, agus pé aca olc
maith é; caithfear glacadh leis. An t-arán
ruadh do bhíodh ag na daoine fadó is
amhlaidh do dheinidís é ná an gráinne
cruithneachtan ar fad do mheilt le bróin,
agus an t-arán a dhéanamh as an bplúr
san. Bhí an t-arán san folláin, ach bhí
sé cruaidh, agus an té ná bíodh fiacla
maithe aige ba dheacair do é ithe. Ba
ghnáthach, ámh, fiacla maithe ag daoi-
nibh an uair úd, mar do neartuigh-
eadh an obair iad; agus deirtear gur
ab é an chúis is mó atá leis na fiaclaibh
lobhtha atá ag daoinibh anois ná an biadh
do bheith ró-bhog, agus gan an obair ag na
fiaclaibh. Níor mhór an t-arán ruadh san
do chogaint an-mhaith, agus aimsir a
chaitheamh leis; ach do tháinig an-ghleithireán
agus an-dheithneas ar an saoghal le trí
fichid bliadhain anuas, agus ní raibh uain
ag daoinibh a mbiadh do chogaint, nó cheap-
adar ná raibh. Do fhágadar cuid de'n
ngrán as an bplúr agus dheanadar arán
bán bog. Ní raibh sé chómh maith leis an
arán ruadh. Thosnuig daoine annsan ag
cur datha ruadh ar arán le bran a
mheasgadh air, agus le slightibh eile: ach
níor bh'é an sean arán é ná an rud bán a
bhí againn go dtí so. Is fearr do dhaoinibh
an biadh a thagann i n-a dtír féin ná
an biadh a tugtar anall tar lear, agus
is mór an mhaitheas go bhfuiltear chun breis
do'n talamh a shaothrughadh feasta. Ba
cheart do gach aon duine a bhfuil aon
roinnt talmhan aige beagán éigin cruith-
neachtan do chur gach bliadhain agus plúr
a dhéanamh di ins an muillean is giorra
dho agus arán dá theighlach a dhéanamh as
an bplúr san. Bheadh biadh annsan aige
mar an t-arán ruadh a bhíodh ag na daoinibh
fadó.



Is gnáthach leis na sagairt suidhe faois-
tine bheith aca cúpla uair sa mbliadhain i
dtightibh na bhfeirmeoirí agus is dóigh leis
na daoinibh gur maith leo arán bán; ach
dá n-iarradh na sagairt an t-arán ruadh
do bheadh sé ann n-a gcóir, agus do thioc-
fadh meas ag na daoinibh féin air i ndiaig
a chéile.



(Tuille). Peig.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Ltd.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne, &
é chomh saor le h-aon rud
a gheobhfá i gCorcaigh nó
i mBaile Átha Cliath.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
CIONN tSÁILE,
Co. Chorcaighe.



Togha gacha bídh i gcór na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


FEIRMEÓIREACHT.



PRÁTAÍ SGÉIDHTE.



Ní'l bliain a ghaibh tharrainn le fada ná
go bhfeaca in sna páipéiribh i mí na
bhfuíteach cúntas mar seo: “Do chuir an
droch-aimsir atá le coigcidheas againn
cosg le cuireadóireacht na bprátaí
ngrod (luath); agus ní h-é sin is measa
dhe, acht is baoghalach, toisg an tsneachtaig
agus an tseaca atá le seachtmhain againn,
go gcaillfidh an méid go bhfuil curtha aca
an síol. Tá imshníomh & buaidhreamh aigne
ar na feirmóiribh mar ghiúll ar seo.”



Cuireann an cúntas so iongna mhór orm
gach uair a chím é, mar ní chuirim féin
prátaí groda (luatha) go dtagann an
t-Abrán, cé go bhfuilim im chómhnuidhe i
n-áit atá chómh cluthmhar, chómh grianmhar le
éan áit i n-Éirinn; agus bíonn prátaí a
chuirim an uair sin lán aibig ó'n ficheadh
lá de'n Mhitheamh amach. Ní mheathluigheann
an siol acht chómh beag: fásann gach ceann
a chuirim díobh. Agus ní dheinim-se acht mar
a dheinid mo chómhursain.



Tá boscaí áirighthe ghá ndíol i gcóir na
bprátaí. Sul ar bhris an cogadh amach do
bhí Bórd na Cuireadóireachta 'ghá dtabhairt
uatha ar dhá phinginn go leith an ceann.
Do bhí lucht siopithe ag iarraidh tuistiún
ortha, agus is dócha go bhfuil siad raol
anois. Tá na boscaí dhá throig ar faid,
agus troigh ar leithead. Tá an dá cheann
níos áirde ná an dá thaobh, agus tá scarán
nó iompar idir an dá cheann. Táim ag
cur peictúra chinn aca leis an sgríbhinn
seo, acht ní dócha go bhféadfar é chur
i gcló.



I n-ionad an tsíl do chur dá leathadh sa
talamh i dtosach an earraig cuirtear na
prátaí slána in sna boscaíbh, cloch nó cloch
go leith ins gach bosca. Cuirtear na
boscaí lán anuas ar a chéile, deich gcinn
má bhíonn an tig árd a dhóithin, i gcás ná
tógfadh dathad bosca de'n úrlár suas
acht slighe cheithre cínn, 'Sé an áit is
fearr oireann dóibh lochta stábla nó
sgiobóil. Tosnuighid na prátaí ar sgéidhe
ins na boscaíbh, agus nuair a thagfaidh
aimsir bhog an Abráin ortha beidh buinneáin
nó péacáin ortha a bheidh cúpla órlach ar
faid. Má bhíonn an ball dorcha beidh na
buinneáin fada, lag; acht má leogtar an
solus cúcha beidh siad téagartha, cinn
ghlasa ortha, agus préamhacha ag leathadh
fútha. Seo mar is fearr iad.



Nuair a bhítear chun iad do chur tugtar
na boscaí amach ar an bpáirc, agus
deintear iad do athromhar, nó iad do
sháthadh ar nós sgeallán. Ba cheart beirt
do bheith ghá sáthadh, — duine ghá gcur as an
mbosca in sna pollaibh de réir mar a
dheineann an duinn eile na poill. Má
bhíd siad reamhar ní misde iad do scolta
ar an iomaire, dá chuid nó trí coda do
dhéanamh de gach práta, — sé sin má bhíonn
an oiread san bhuinneán (piacán) ortha.
Má deintear iad do ghearradh is ceart
iad fhágaint gearrtha ar aghaidh na gréine
ar feadh cúpla uair a' chloig i gcas go
dtagfadh sgreamh ortha, rud a chosnann ar
phiastaíbh agus ar fhliuchra an talimh iad.
Is cóir an leasughadh-mála do bheith leathte
ar an dtalamh sul a sáidhtear iad, agus
annsan aoileach agus cré do chur ortha
an lá céadna. Beidh siad 'n-a ngasaibh
ag iarraidh na h-aith-chré i gceann trí
seachtmhaine.



Nuair a bheifar ag baint na bprátaí sa
Mhitheamh nó 'n-a dhiadh sin é an uair ba
cheart síol na h-aithbhliana do phiocadh, na
prátaí is lúghadh, iad do chur in sna boscaíbh
agus iad d'fhágaint amuigh fé'n ngréin go
dtagaidh dath an aeir ortha. Annsan iad
do chur isteach ar lochta an stábla mar a
dubhramair cheana. Mairfidh na boscaí
chómh fada leis an bhfeirmóir féin má
thugann sé aire dhóibh.



Do chómhairleó'inn do fheirmóir má tá
neart aige air, an cleas so do dhéanamh
le n-a chuid síl go léir, nó le cuid de
pé sgéal é. Mar a bhfuil boscaí aige ba
cheart do cuid dá chuid síl do leathadh ar
lochna nó ar úrlár éigin, agus leogaint
dóibh bheith ag sgéidhe ann. Mar a mbeidh
curtha amach aca acht lán a súl de bhuin-
neánaibh is mór an chomaoine ortha é: beidh
siad mí níos groide ná an síol ná beidh
éin nidh curtha amach aca, agus is mór an
chosaint ar an ndubh 'n-a dhiaidh sin é sin.



Gruagach an Tobair.



SEAN-AMHRÁIN AR CEAL



43 — “Sé an baile seo togha na droch-
áite.”



44 — “Eirigh ar maidin
“Is gaibh do chapall.”



45 — “Dá mbeadh mo ghrádh-sa ar lár
do chroidhe-se.”



46 — “I Milltown chuala mé an ceól.”



47 — “Mo stóirín ó Mhúscraidhe.”



48 — “A théagair, an fios duit ná
codluighim-se oidhche.”



49 — “Séid a bhean bhocht is bí súgach!”



50 — “Síos imeasg na gcoillte.”



51 — “Tar liom ar an aonach.”



52 — “Chorraig Diarmuid an capall
beag”



53 — “Grádh mo chroidhe an píosa d'fhear.”



54 — “Fan mar táir, a chladhaire!”



55 — “A chailleach a' tsúsa bhrúidhte
bhrónach.”



56 — “Ó mo chailín d'imthigh sí.”



Do bheidhmís buidheach d'aoinne chuirfeadh
chughainn fiú is ceathramha amháin d'aon
cheann acu so. Táid na fuinn againn
cheana.



Fear an Lóchrann.



DO CHABHAIR-SE, A CHARA!



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH, &rl.



A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.



“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.



“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),



“Humours of Irish Life (C. L. Graves, M.A.),



“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),



“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),



“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M. A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.



Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!



Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí.



ó Th. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.




PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services