Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meadhon Foghmhair, 1916
Title
Meadhon Foghmhair, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. 6. MEADHON FOGHMHAIR, 1916. Pinginn a Fhiacha. SGÉILÍN ÓS NA DÉISIBH. Bhí baintreabhach n-a cómhnuidhe i n-aice Portláirge go raibh feirm mhór talmhan aici & de bhrigh go dtugadh sí aireachas maith dá gnó ní raibh easba aon rud uirthe. Bhí gach uile chóir & úirlis aici chun a h-oibre do dheanamh. Ní thabharfadh sí tamall d'aon rud uaithi ámhthach do aoinne dá dhona bheadh sé ag teastáil uaidh is ní mó a dh'iarrfadh sí féin tamall de rud ar bith ó aoinne. Thárlaidh go raibh an chómhursa ba ghiorra dhi ag cáthadh cruithneachta lá áirighthe aghus nuair bhíodar ghá líonadh is na málaidhibh bhí mála amháin i n-easnamh ortha. Ní raibh fhios acu cá bhfaghaidís mála mar ní raibh aon tigh i ngiorracht dóibh ach tigh na baintreabhaighe agus bhí cómhartaí fear- thainne ann. “Sé rud a dhéanfad,” arsa fear oibre a bhí ag an bhfeirmeóir, “acht bualadh anonn go dtí an bhaintreabhach & tamall de mhála d'iarraidh uirrthi.” “Ní h-aon mhaith ar domhan duit dul chúichi-se,” ars an feirmeóir, “níor thug sí tamall d'aon nidh riamh uaithi agus ní iarrann sí tamall d'aon nidh í féin.” “Cuirfead galún leanna leat go bhfaghaidh mise tamall de mhála uaithi anois,” arsa an duine eile. “Cuirfead is fáilte agus béarfad é, leis, mar chomh cinnte is iarrfas tú é eiteóchthar thu,” ars an feirmeóir. “Fan leat go fóil agus chífidh tú an eiteóchthar,” ars an duine eile leis sin. Bhuail sé anonn fé dhéin tighe na bain- treabhaighe. Bhí sí amuich sa mhachainn ag nighe prátaí agus a h-inghean 'n-a fochair. De mhuintir Chárrthaigh a b'eadh an mháthair. Máire ab ainm do'n inghin. Do bheannuig an fear oibre dhi agus d'iarr an mála mar leanas: “Mhuise bail ó Dhia ort, a bhean dheas des na Cárrthaigh, An bheanín bheag mheanmnach triopal- lach sásta I dtigheas is i dtaca go gcuiridh tu Máire Tháinig me go dtí tú ag iarraidh tamall de mhála Ní leigfidh me brúghadh air briseadh ná beárnadh Cuirfidh me tuighe idir é is an lása Is beidh sé sa bhaile agat um an taca so amáireach.” “Caithfidh tu é fhághailt,” ars an bhain- treabhach. Thug sí dho é & rug sé an geall. M. Ó D. COMÓRTAS MAIRTÍN a'BHÁILLE LEIS AN nGABHAR. Bob Bheldon, file na gCumarach ins na Déise do cheap so. Báille b'eadh Mairtín a bhí ag Tighearna Portláirge. “Marbhán” do chuir chugainn é seo. I. Ag gabháilt amach dom tráthnóinín aereach, Thugamar féin an samhradh linn; Gan neach am' ghabháilt ach mé 'taisteal im' aonar, Thugamar féin an samhradh linn. Casadh im' chuaird liom beirt áiléadach, (?) Thugamar féin an samhradh linn, Ar thaobh na gréine de chnocán Paorach, Thugamar féin an samhradh linn. Curfá: Thugamar, thugamar, thugamar, thugamar — Thugamar féin an samhradh linn, Thugamar cheana is cé bhainfeadh dinn é, Thugamar féin an samhradh linn. II. Mairtín Ó Ciardhubháin, buachaill scléipeach, Thugamar féin an ramhradh linn, 'S pocán le Fathaigh ó Bhearna 'n Dré amuich, Thugamar, &rl. Bhí an dís úd adeirim is iad go lán-fhaobhrach, Thugamar, &rl. Ag tobhach is ag tairiscint catha d'á chéile, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. III. Bhí an pocán allta is cealltar dána air, Thugamar, &rl. 'Na sheasamh ar stolla ar charraig anáirde, Thugamar, &rl. Le n-a bhannlá' de mheigioll is adharca scáineacha, Thugamar, &rl. Is gaisgidheach calma ná beadh aige scáth roimis, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. IV. Bhí Mairtín fé ghruaim go buaidheartha feargach, Thugamar, &rl. Le n-a mhaide glan éille is faobhar air chun marbhtha, Thugamar, &rl. Mionnaí móra is móid 'á spalpadh aige, Thugamar, &rl. Dá bhfaghadh sé caoth go ndéanfadh sé stalcadh dhe, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. V. Labhair an pocán is dubhairt go gairgeach, Thugamar, &rl. Cad é do chúis chugham a chlamhaire shean- duine, Thugamar, &rl. Nó cad é an fáth go bhfuil tú ag eascainidhe, Thugamar, &rl. Ag rith m'ainm 's mo cáil-se anuas fé tharcaisne, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. VI. Dalladh gan leigheas ort treighid is tnáth- airt, Thugamar, &rl. A ghiolla na n-adharc gan aithis gan náire, Thugamar, &rl. Agus fios agat' chroidhe gur deinis romáile, Thugamar, &rl. Go moch ar maidin lem' dhorn gabáisde, Thugamar, &rl. Curfá: Tugamar, thugamar, &rl. VII. B' é do chuid-se gabáisde an gabáisde beag gioballach, Thugamar, &rl. Sciomaigín gan áird 's nárbh' fhiú thar phinginn é, Thugamar, &rl. Cíortha slámtha ag cearca giobacha, Thugamar, &rl. Lachainn is geanna ag rinnce sa mullach air, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. VIII. Ar mo ghabháilt tar brághaid le práidhinn is deithneas, Thugamar, &rl. D'fhéachas tar fál 's mheabhruigh mé an chuideachta, Thugamar, &rl. Ghlac mé tnúthán leó ós 'á innsint duit, Thugamar, &rl. Má ba mhuileat é an mádh go n-imreochainn cluiche leo, Thugamar, &rl. Curfá: Thugamar, thugamar, &rl. SGÉILÍN. Fear ó Ghleann Fleisge do chuaidh amach lá ag baint easrach ar an gcnoc. Nuair a bhí beart maith dhi bainte, fáisgithe aige, do shocruig sé thiar ar a dhrom é & bhí ag cur an chnuic anuas de. Sa t-slighe dho bhí de mhí-ádh air a chos a bhualadh i gcoinnibh cloiche. Do baineadh bara- thuisle as an nduine bhocht agus síos leis an mbeart uaidh le fánaidh an chnuic. “Dar fiadh,” ar seisean, “d'airighinn riamh gur tréis a tuigtear gach beart, agus chím-se mo bheart romham amach!”
CIARRAIDHE. Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach eile igcóir culaithe: SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ ag MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE. Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, KENMARE PLACE. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha; Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne — ÍM, UIBHE & SICÍNÍ. SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN, 47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. CAOIRIGH. 1 — Ná bac aoinne ná fuil bearradh a chaorach féin aige. .I. Is dealbh an duine ná bíonn caora aige. Bíonn sé gan olann gan éadach. 2 — Fliuchann fear aon chaorach a bhrat chomh maith le fear a sé nó a seacht. Caithfidh fear aon chaorach bheith amuich fé'n mbáistigh chomh maith & dá mbeadh tréad aige. 3 — Is fearr cinn ná ceann, mara mbeadh ann ach dhá cheann seana- chaorach. 4 — Fear na caorach beirbhighthe. Bhí feoil tamall aige ach bhí scartha go deo aige le h-olainn. 5 — Is minic a cailleadh caora i ngioll ar luach leathphingne de tharra. Chun marc a chur uirthi an tarra. 6 — Bíonn dhá cheann ar gach caora aige, nó 7 — Bíonn dhá lomra ar do chaora-sa gach aon lá. Le daoinibh a bhíonn ag maoidheamh as a gcuid saidhbhreasa adeirtear 6 agus 7. 8 — Lá Conchubhair d'á chaoire agus lá Síle d'á gabhraibh. Caoire bhí ag Conchubhar agus gabhair ag Síle, agus ba chuma leo cad a dhéanfadh an saoghal go léir ach go mbeadh an aimsir oireamhnach dá gcuid stuic féin. B'é tubaist an scéil, ámhthach, nach í an saghas céadna aimsire bhíodh uatha araon. 9 — Caora mhór an t-uan i bhfad. .i. Nuair a bheadh ualach beag i bhfad ort bheadh sé, dar leat, chomh trom le h-ualach mór. 10 — Bíonn caora dhubh ar an dtréad is gile. 11 — Bíonn caora dhubh ar tosach uair éigin. Agus treoruigheann chuid eile ar aimhleas. 12 — Is deacair a h-uan a bhaint de'n tseana-chaora. Bíonn sí imnidheach glic. 13 — Is minic a bhí uan bán ag caora dhubh. .i. Is minic mac maith ag droch-athair nó máthair. 14 — An t-uan ag múineadh méidhlighe d'á mháthair. .i. An duine gan eolas ag múineadh a oide. 15 — Ní bhíonn aon tréad gan raimín. Raimín .i. rud beag suarach. 16 — Ní truimide an chaora an olann. Ní bhraitheann sí gur ualach di a lomra. 17 — Bearr an t-uan is caith uait an olann. .i. Is ceart uan a bhearradh ach ní h-aon mhaith an olann. 18 — Nuair a throidid mná na gcomhar- san sin é uair a gheibhim tuairisc mo mhuilt. Is dóigh gurab amhlaidh a goideadh an molt & gur scéidh na mná ar a chéile le linn na feirge. 19 — Luigh le h-uanaibh agus éirigh le h-éanaibh. 1 — Chomh luath le girrfhiadh. 2 — Léim ghirrfhiaidh (nó ghirrfhéidh) .I. Léim fhada árd. 3 — Trí ghníomh ó'n míolmuighe: rith géar, léim árd, filleadh grod. Míolmuighe = girrfhiadh. 4 — Má's gasta an míolmuighe gabhtar fé dheire é. 5 — Is deacair girrfhiadh a chur as tor ná bíonn sé. 6 — Tabhair póg do chois an ghirrfhiaidh! .I. Nuair a bhíonn an girrfhiadh an cnoc amach. Le seirbhthean adeirtear é sin le duine a thagann ró-dhéidheannach chun rud a dhéanamh. 7 — Is minic a bheir dall ar ghirrfhiadh. .I. Is minic a dhein duine rud nár ceapadh go bhféadfadh sé é dhéanamh. 8 — Gach 'ra bliadhain bíonn an girr- fhiadh fireann is baineann. Na patacháin óga bhíonn amhlaidh, má's fíor. 9 — Girrfhiadh idir chonartaibh. Ruidín bocht lag ná bíonn truagh ná taise dho. 10 — Coinín i bpoll is a cheann amach. Duine eaglach scáthmhar imnidheach a bhíonn mar sin. LUCHAIGH. 1 — Chomh ciúin le luich. 2 — Téigheann luch fé stáca nó 3 — Is minic a chuaidh luch fé stáca 4 — Iomcharuigheann an luch an stáca. .i. ní gádh eagla roimh rud mór. 5 — Cnoc ag tórmach ar feadh seacht mbliadhan & nár tháinig uaidh ach luch. .i. Geallamhaintí móra & cóimhlíonadh suarach. 6 — Bhearrfadh sé luch 'na codladh. Duine aiclidhe a dhéanfadh san, nó faobhar maith. 7 — Nuair bhíonn an cat amuich bíonn an luch ag rinnce. AINMHIDHTHE EILE. 1 — Is fuirist féasóg an leomhain a stathadh, Nuair a bhíonn sé féin marbh. 2 — Cnuasach na gráinneoige. A bhailightear go bocht & a imthigheann go h-olc. 3 — Ní lugha liom arcluachra ná é. Le rud go mbeadh an ghráin agat air adéarfaí é sin. 4 — Roinnt Éamoinn MhágCraith ar an bhfiadh. .I. É go léir a bheith aige féin. Fiadhaithe a mhairbh fiadh agus níor fhéadadar réidtheach i dtaobh a roinnte. D'iarradar ar Éamonn é dhéanamh. Seo mar a dhein sé é: A cheathramha 's a leath d'Éamonn MhágCraith, 'S an cheathramha sa roinnt d'Éamonn MhágCraith, A chosa 's a cheann d'fhiadhaithe an domhain, Is a chroiceann chun bróga d'Éamonn MhágCraith.
ÉANLAITHE. Tá tréithe i n-éanaibh agus is maith an chosmhalóid iad ar chúrsaí saoghalta agus, dá bhrigh sin, tá roinnt mhaith sean- fhocal sa Ghaedhilg ag tagairt d'éanaibh. Ó b'í an chearc tighe is gnáthaighe a bhíodh os comhair súile daoine, is fearr a tugadh fé ndeara a tréithe sin ná tréithe na n-éan eile, agus is mó de sheanráidhtibh atá ann 'na taobh. 1 — Éanlaithe aon-chlúdach is dlúth iad le chéile nó 2 Éanlaithe aon-chleite fé aon sceich. .I. Daoine go mbíonn an meon céadna aca bíd i dteannta a chéile. 3 — Is minic a rug na cleití an fheoil leo. .i. Slán ar eitilt ó'n namhaid a bhíonn ar tí feola an éin. 4 — Is fearr éan amháin ar láimh ná dhá éan ar an dtor. 5 — Is minic a bheadh an t-ubh agus ná beadh an t-éan. .I. Bíonn níos mó d'ubhaibh ná de shicíníbh ann. 6 — Ní bhíonn aon scata gan plispíneach. Plispíneach = rud beag suarach. CEARCA. 7 — An chearc istigh is an t-ubh amuigh. .I. Tairbhe an t-saothair caillte. 8 — Ní cearc ag breith amuich í. Déarfaí san le duine slachtmhar, gasta. 9 — Is olc an chearc ná scríobfadh di féin. 10 — Chomh gnóthach le circ go mbeadh ubh aici. 11 — Trom cearc i bhfad. .I. Nuair a bheadh sí dá iomchar i bhfad agat. 12 — Ubh na circe duibhe (nó an tsicín duibh). .I. Rud gur mhór agat é, rud go mbeadh meas air nár thuill sé lé feabhas, ach gur leis an “gcirc duibh” é. “An Chearc Dhubh” = peata ceana. 13 — Ag díol circe lá fliuch. .I. Rud díth céillidhe. Nuair a fliuchtar cearc ní bhíonn deallramh fóghanta uirthi chun í dhíol. 14 — Léim choiligh ar charn aoiligh. .I. Léim dhána, thighearnamhail. 15 — Glaodhann gach coileach go dána ar a charn aoiligh féin. 16 — Coileach bán ar chearcaibh nó file mná i mbaile. Ní maith iad. 17 — Cearca samhraidh nó coileacha fogh- mhair. Ní maith iad. 18 — Sicíní foghmhair píopairí earraigh. Píopairí = rudaí beaga glóracha gan mhaith. 19 — Níor thacht an biadh riamh máthair na sicíní. Mar is iad na sicíní is mó itheann é. 20 — Bíonn cearc an tsicín amháin gnóthach. Ag scríobadh chomh maith le circ an áil mhóir. 21 — Níor reamhruigh cearc ghuir riamh. 22 — Ag ithe 's ag gearnán ar nós cearc ghuir. (Tuille le Teacht.) CARAIG NA h-ALTÓRACH. Soir ó Bhunáth i dTuath Ó Siosta i gCiaraighe atá Caraig na h-Altórach. Is ann do bhí sagart ag léigh' Aifrinn nuair a tháinig Cian Bitheamhnach i bhfuirb colúir ar an Altóir roimhe. Is amhlaidh a fuair an sagart san glaodhach chun ola chur ar an mbitheamhnach le linn báis d'fhághail do. Chuaidh an sagart chuige, ach ní thiubharadh sé ola ná aithrighe dhó toisg ar dhein sé de'n bhitheamhntacht. “Ach, cuirim de cheist & de bhreith ort teacht chugham t'réis do bháis chun ínsint dom cad é an saoghal a bheidh agat,” ars an sagart leis, agus é ag imtheacht. 'Seadh, lá Domhnaig bhí an t-Aifreann dá léigh' ag an sagart nuair a tháinig an colúr & do chuir fé ar an gcaraig. “Cad é an saghas tú?” ars an sagart. “Mise Cian na mBeann Óir; Is sia mo lón ná mo shaoghal; Níor chuireas éinne riamh as mo thigh, As níor cuireadh me a' tigh Dé,” arsan colúr. “Dia liom-sa,” arsan sagart, “thugas breith ort.” Tadhg na Samhna. AN MAIRNÉALACH AGUS AN MINISTIR. Seo mairnéalach a tháinig abhaile ó'n fhairrge t'réis mórán bliadhna a chaith- eamh uirthi, & níor mhaith leis dul chuig an teampuill. Abraham an t-ainm a bhí air. Gach Domhnach bhíodh a mháthair 'á dh'iarraidh air teacht léithi chuig an team- puill, agus ní rachadh sé. An lá seo rinne sí cáca milis agus thug sí dhó é. Thaithn an cáca leis go h-an-mhaith. D'iarr an mháthair air a' dtiocfadh sé anois, agus dubhairt sé go dtiocfadh. D'ith sé leath an cháca agus do chuir sé an leath eile isteach 'n-a bhrollach. Chuaidh sé isteach 'sa teampoll agus do shuidh sé síos, Bhí an ministir ag déanú seanmóra de na foclaibh seo — “'Abraham, céard atá in do bhrollach?” agus mar is gnáthach le cuid de na ministirí, dubhairt sé na focla sin go h-an-mhinic. 'Sa deire thiar thall shíl an mairnéalach gurbh é féin a bhí i gceist aige, agus nuair adubhairt sé arís iad tháinig feargh ar an mairnéalach. Dubhairt sé leis féin dá n-abróchadh an ministir na focla arís gur ghearr go mbeadh fhios aige céard a bhí i n-a bhrollach. Níor fhan sé i bhfad. “'Abraham, 'Abraham, céard atá in do bhrollach?” ars an ministir. “Cáca atá ann, a shean-spleóta, agus seo dhuit é!” Chaith sé an cáca leis agus d'imthigh sé an doras amach agus fearg mhór air. Seán Mac Giollabháin, Acaill Beag, Co. Mhuigheó. Béarla ní chanaim, níl agam ach sórd, Gaoluinn liom labhair & freagra gheobhair. BAILE ÁTHA CLIATH. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhearla, le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg clár na leabhar. Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH. SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” CILL CHAOI, Condae an Chláir. DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA. Cuir leitir nó sranngscéala chun INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA, 23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí. IS MAITH AN PÁIPÉAR do'n duine óg nó do'n duine fásta: “OUR BOYS” Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí. Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith, agus scéilíní deasa a bhaineann le stair- sheanchus na hÉireann. NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA ATÁ IN A BHUN. EARRAÍ GAEDHEALACHA DO GHAEDHLAIBH! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí, ó TH. Ó LOCHLAINN. 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35 - 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA An t-aon Chraobh amháin ná fuil de chúram uirthi ach aire thabhairt do sna Ceanntracha Gaedhealacha. Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal- tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán- aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.
FÓGRAÍ Ó CORCAIGH. DO LUCHT - DRÁMAÍ - A - LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua., ‘Theatrical Outfitters,’ 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR “LION” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH. RADHARC DO SHÚL! Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar Ó MANGÁIN, 3 Sráid Phádraig, N., Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. GHEOBHAIR LÉINE RÍ-MHAITH GHAEDHLACH (den éadach “Oxford” nó den bhflannelette) agus STOCAÍ den uile shaghas sa tsiopa so. SEÁN Ó MURCHADHA, 2 Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, i gCill Áirne An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. MNÁ RÁIS. Bhí baintreach ann uair gurbh ainm do Seághan, Duine beag meodhon-aoise ab' eadh é. Cheap daoine gurbh í a phaidrín ba mhó a bhí n-a chúram air Sheághan ach am'basa níorbh í in-ao' chor. Ag taidh- reamh ar phósadh ab'eadh a bhí sé. Chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé dho cad a bhí sé chun a dheunamh. Bhí áthas ar an sagart agus mhol sé dho an pósadh a dheunamh. “Ach, a Sheághain,” ar sé sin, “níor innsis dom cia h-í féin.” “Tá, a athair,” arsa Seághan, “bean tslachtmhar cheart a chuirfidh compórd orm indeire mo shaoghail — Neil Ní Dhálaigh ó Mhacha na Bó.” “Neil Ní Dhálaigh, an eadh!” ars' an sagart. “Mhuise, leun léir uait, a Sheághain, agus cad ab áil leat dá pósadh súd. Ná fuil coiscéim bhacaighe innte agus í níos sine ná tú féin?” “Dhé mhuise, a athair má tá féin,” arsa Seághan ag baint searadh as a shlineáin, “ní baoghal ná go n-deunfaidh sí an gnó. Ní chun ráis a theastuigheann sí uainn, a athair.” PAIDREACHA. PAIDIR. I. Ag Críost an síol, ag Críost an fóghmhar, I n-iothlainn Dé go dtugtar sinn. II. Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc, I líontaibh Dé go gcastar sinn. III. Ó fhás go h-aois, ó aois go bás, Do dhá láimh, a Chríost anall tharainn. IV. Ó bhás go crích nach críoch ach athfhás, I bParrthas na nGrást go rabhamar. PAIDIR NA SCAFAL. Seo mar do fuaireas-sa é ó bhéalaithris Uilliam Uí Chómhraighe, Uitsiteá, i scáit Ceanras, Meiriocá, fear aosda ó Chill Muire Uí Bhriocáin i gConndae an Chláir. Is den stoc céadna é len ar bhain Eoghan Ó Cómhraidhe. Go mbeannuighthear duit a lucht na sgafall. Ná déin faillighe bhúr gcás, Is mairg a bhíonn gan caraid ar uair a bháis. Ná hith feóil Dé Céadaoin agus ná héagcaoin ar do thuirse. Déin do shíothcháin le Mac Dé is beir comh saor leis na leinbh. D'eirigh Muire is a mac amach sa lá. Cé fheicfidhís chúcha ach Naomh Símon neach beannuighthe ó'n Róimh Do leathan sé a bhrat ar na brainsíbh úir. Féach san a mháthair mar rabhadh roim a bhás, Féach féin air a Mhic, ós agat atá fhios. Crios Mhuire, mo chrios, Crios a rugadh Críost ann. Crios ar baisteadh Críost as. Níl neach fir ná mná a mbeidh mo rann aige agus déarfaidh í gach maidean Luain ná beidh Flaitheas Dé aige ar uair a bháis agus Muire Mháthair fheiscint trí lá roim a bhás. Fínghín na Leamhna. A' DUL A CHODLADH DHUIT. A Mhic do chuaidh sa chrann Is do leig orrainn fuil do bhall, Shidé chúghainn an t-am A's ná leig ár n-anam i ngeall. A' DUL A' CHODLADH DHUIT. Uair na ngrást Ar uair mo bháis An uair is feárr Ar leamhnú Dé 's na Maighdine. 'SA LEABAIDH DUIT. Mar a luighim san uaig, Deinim m'fhaoísdin leat go cruaidh; A's a Dhia mhóir & a Mhuire meidhreach, Tabhair solus na soillse chúghainn, A's radharc na Trionóide, A's grásta na foidhne i n-agh' na h-éagcóra. An Fiach Dubh do sholáthruigh. Méid mo chroidhe agus luighead M'fhagháltais fé ndeara dhom beith bocht. Sé deir tuata, Gurab 'iúd duine uasal, Nuair chionn sé buatais Ar mhac caillighe na luaithe. D. Ó C. Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
SEAN-AMHRÁIN AR CEAL (Tuille acu.) Ba mhaith linn ceathramha nó dhó d'fhághail de gach ceann díobh so leanas: 26 — “Bean a Leanna.” 27 — “Do bhíos-sa lá breágh gréine Ag iasgaireacht cois abhann.” 28 — “Nuair d'éirigh an cailín ar maidin.” 29 — “Bobaró dederó Gráinne Mhaol.” 30 — “Máiréad Ní Cheallaigh.” 31 — “Fóil, fóil, a dhuine, nó ar buile ataoi'n tú.” 32 — “Leagas mo phíb ag taobh de'n bhinnse Do bhí cois teine acu Do bhí cois teine acu.” 33 — “Lá breágh tamall dá rabhas-sa Thíos i gCloichín a' Mhargaidh.” 34 — Abhrán do dhein sagart i dtaobh “Tobar na Molt” ag tosnú. “Lem ráiteachas éistighidh 'éigse an ghrinn.” 35 — “Geobhaidh me siar fé'n iarrthar.” 36 — “Ó mhuise a bhfeicfeadh sibh Conchubhairín a phíobhaire.” 37 — “A chailín donn deas an chnótadh bháin.” 38 — “Rachadsa chughatsa chughatsa.” 39 — “I gCarraig an Éide glégeal aoibhinn Ag taisdeal do bhíossa lá sa bhfóghmhar.” (Abhrán le Eoghan Ruadh é seo). 40 — “Croth do chos, corraig í is téanam ag rinnce. 41 — “Tair-se chugham a Nóra Bhéarfad ór duit is airgead.” 42 — “Bulla bulla báisín” (Abhrán le Séafra ó Donnchadha). Bhéarfam duais do'n té dhéanfaidh an soláthar is feárr de'n méid bhéarsaí atá le fághail díobh so is de'n liost eile a bhí i “Lóchrann” an Mheithimh agus de'n cheann bhí i “Lóchrann” na Lúghnasa. Fear “An Lóchrainn.” CIONNUS PRÁTAÍ D'ITHE. I n-aimsir an droch-shaoghail do bhí athair & mac ag obair ag feirmeóir i dteannta chéile. Tar éis gabhála amach óna ndinnéar dóibh do ghlaoidh an mac chun cogair ar a athair agus dubhairt: “Níor itheas-sa leath mo dhóthana.” “Ca' na thaobh?” ars' an t-athair. “Mar do bhí náire orm fanamhaint 'nbhúr ndiaidh go léir ag ithe.” “Cionnus a dh'itheann tú i n-ao' chor?” ars an t-athair. “Cionnus íosfainn,” ars an mac, “acht mar íosfadh aoinne, práta do lomadh & é d'ithe, agus mar sin de.” “T'anam ó'n riabhach, a amadáin!” ars an t-athair, “is beag an t-iongnadh ocras do bheith ort má's mar sin do dhinis é. Acht éist liom agus inneósad dhuit an tslighe cheart. Bí ag ithe práta, ag lomadh práta, bíodh dhá phráta eile i gcúl do dhuirn agat, & do dhá shúil ag féachaint ar dhá phráta ar an mbórd agus bíodh geall ná beidh aon ocras ort as so amach.” SALANN AN DAINGIN. Tamall maith ó shoin anois, bhí fear na chómhnuidhe i mbaile beag i dtaobh thiar den Daingean. Seán Ua Laoghaire b'ainm dó. Feirmeóir b'eadh é, ach níor chuir sé puinn duaigh ar féin riamh mar gheall ar ghnóthaí na firme a bhí aige. Bhí sé ró leisgéamhail chun an talamh do threabhadh, ná chun aon nídh a chur ná a bhaint. Acht bhí mac aige, buachaill óg, ciallmhar, agus sin é a dhein gach aon nídh a bhí le deanamh timcheall an tighe. Ansan gan dabhat ní raibh a bhac ar Sheán pé nídh ba mhaith leis a dhéanamh. Agus do dhein. Ó mhaidin go h-oidhche, ní dheineadh sé aon nídh ach a chuid bídh a dh'ithe — agus níor ghádh glaodhach air chuige leis. 'Seadh aon mhaidin bhreágh amháin d'éirig sé a mach chun gal a bheith aige, ach ní raibh a thuille tobac aige. Bhuail sé amach féachaint an mbuailfeadh aoinne leis go mbeadh aon dlús tobac aige. D'iompuigh sé isteach i bpáirc & shiubhluigh sé go dtí an taobh eile. Agus é ag cuardach a phócaí féachaint an mbuail- feadh aon bhlúire tobac i n-aon phóca leis. Díreach nuair a tháinig sé go dtí an claidhe ar an dtaobh eile, fuair sé cáithnín tobac i gcúinne póca a bheste. Shocruigh sé é féin go deas cois an chlaidhe, chuir sé an tobac sa phíop, agus níorbh' fhada go raibh sé ar siubhal aige agus é ar a shástacht. D'fhan sé mar seo ar feadh tamaill mhaith agus níorbh' fhada go raibh suan ag teacht air. Bhí sé ag ól leis go breágh agus a shúile leath-dhúnta aige. Chualaidh sé glór beag mar bheadh ag cloch ag corruighe tamall uaidh síos. D'iompuigh sé a cheann agus cad a chífeadh sé chuige aníos ach firín beag timcheall le sé órdlacha ar aoirde agus é nách mór múchta sa raithnigh. Bhí caipín beag dearg ar a cheann, bríste glún air & casóigín uaithne. Bhí bróga beaga ar a chosaibh agus iad ceangailte le búclaí airgid. Bhí a aghaidh chómh críona, chómh casta agus dá mbeadh sé ar an saoghal le céad bliadhan. Níor leig Seán air go bhfeaca sé é. Bhí an firín ag déanamh aníos air agus leig Seán air a bheith 'na chodladh. Chonnaic an laprochán é agus stad sé & dubhairt sé leis féin: “Mo ghraidhin tu, a Sheáin, is breágh an saoghal atá agat id' shuidhe annsan duit féin agus do ghal tabac agat, rud ná fuil agam- sa. N' fheadar,” ar seisean, “an mbeadh aon cháithnín tobac aige. Ní dócha go bhfuil. Ní bhíonn aon nídh ró-fhlúirseach ag muintir Laoghaire.” Chuir sé a lámh i bpóca le Seán ach ní raibh aon nídh ann. Chuir sé a lámh i bpóca eile; ní raibh aon nídh annsan ach oiread. “Tá eagla orm go mbead gan tobac,” ar seisean, agus chuir sé a lámh i bpóca eile. Má chuir, níor thair- ring, mar rug Seán greim air. Tá'n tú agam anois, a bhuachaill,” ar seisean. “Ó! Scaoil liom, bog díom!” arsan laprachán. “Níor dheineas aon nídh riamh Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL Tá raidhse páipéir againn i gcóir fallaí, agus é go saor. D. & A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh (Níl aon tig eile againn-ne). SLIGHE BHEATHA MHAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a SHEOLAIDHE SCÉALA-GAN- SRAÍNNG Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) “SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY,” CORCAIG. Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac, Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh. Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn. Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook, CORCAIGH. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht Comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar Chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailísí, miasa, &c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus PAIDRÍNÍ. LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “Exhibition Roll” agus “Shandon Plug.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh tá ag SÉAMUS Ó h-AODHA, 10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. Ceannuigh STALC SILVERSPRING agus “GORM” SILVERSPRING. I nGleann Maighir, i gCorcaigh, a deintear. TROSCÁN TIGHE AGUS GACH CÓIR LEABTHAN! Tá flúirse de sna h-Earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. leat ná le haoinne a bhain leat. Bhi do mhuintir ar na daoine ab fhearr le fagháil, agus tá tú féin ar an gceann is feárr aca.” “Cuir uait do chuid cainnte. Ní mar sin a dubhraís ó chianaibh é,” arsa Seán. Ní imtheachair uaim go dtabharfair cuid de'n ór atá agat dom.” “Ó! a Sheáin, níl ór ná airgead agam-sa le tabhairt duit. Rugadh cheana orm an lá eile agus b'éigean dom a raibh d'ór agam a thabhairt uaim.” “Cad a thabharfair dom mar sin?” arsa Seán. “Tá bosca beag draoidheachta agam,” arsan laprachán. “Gheibhimíd ceann gach aon deich mbliadhna a's dachad ó'n righ má ritheann linn gan breith orainn agus gan aon chuid de'n ór a bheith imthighthe uainn. Deineann cuid aca ór a dhéanamh, agus deineann a thuille aca cruinneacht a dhéanamh agus mar sin. Tá ceann agam-sa a dheineann salann & tabharfad duit é má bhíonn tú annso ar maidin imbáireach.” Scaoil Seán chun siubhail annsan é & d'imthigh sé air abhaile. Bí sé amuigh go moch ar mhaidin a bhí chughainn, agus shuidh sé san áit chéadna go raibh sé an mhaidin roimhe sin. Níorbh fhada go bhfeaca sé an laprachán ag teacht chuige agus rud éigin fé n-a oscail aige. “Seo dhuit an bosca anois, a Sheáin,” ar seisean. “Agus mar seo cuirtear ar siúbhal é,” arsan firín, “Cas an roth beag so agus abair na focail seo: ‘A bhosca draoidheachta tabhair uait do shaidhbhreas, Mar órduig an rígh agus cuir do thoil leis’; Annsan oibreochaidh sé dhuit gur maith leat é a stop. Annsan cas an roth mar seo agus abair na focail seo: ‘A bhosca draoidheachta stad go fóilidh Sé toil an rígh é, agus is é a dh'órduigh’ agus annsan stopfaidh sé.” Thug Seán an bosca leis abhaile agus níorbh fhada gur chuir sé an roth agus dubhairt sé na focail, agus d'oibrigh an bosca go h-áluinn. Dhein sé an salann agus salann breágh glan do b'eadh é. As san amach níor dhein Seán ná a mhac aon lá oibre ar an bhfeirm. Dhíol sé í, agus thóg sé muileann, agus chuir sé an bosca draoidheachta ag obair. Níorbh fhada go raibh lán áthraigh de shalann déanta aige. Cheannuigh Sasanach an salann agus chuir sé áthrach ag triall air. Thóg sí an salann léithe & d'innis an captaon do gach aoinne a bhuail leis go raibh salann breágh dhá dhíol sa Daingean, & é chómh saor san gurbh' fhéidir saidhbhreas a dhéanamh 'á cheannach agus 'á dhíol arís. Nuair a chualaidh muintir Shasana agus na dtíortha amuigh an sgeul chromadar go léir ar a bheith ag cur fios ar shalann go dtí Seán. Bhí an boiscín ag obair i gcomhnuidhe ag déanamh salainn agus bhí a lán daoine ag obair de ló 's 'oidhche sa mhuileann ag taoscadh an tsalainn & 'á chur isteach i málaí. Bhí Cuan an Daingin lán des gach aon tsaghas áthraí ó's gach aon chúinne de'n domhan agus gach aoinne & a theanga féin aige 'á labhairt agus gliseám na máirnéalach ar siubhal gac lá is gach oidhche. Bhí capaill agus cartacha ag oibriughudh ag tarrac salainn síos ar an gcaladh go dtí na h-áthraí. Bhí ag éirighe go breágh le Seán. Bhí na céadta púnt ag teacht isteach chuige gach aon tseachtmhain. Bhí caisleán tógtha aige, agus bhí sé féin agus a bhean agus a chlann 'na gcómhnuidhe ann. Do bheidís sásta mara mbeadh aon nídh amháin. Ní fhuair Seán aon tsuaimhneas ó chuir sé an muileann ar siubhal, mar bhí éad ar na comharsain go léir leis. Ní rabhadar sásta in aon chor, agus dubhradar gur bh'é an éagóir an bosca a dh'fhágaint ag Seán. Chuaidh cuid aca chun cainnte leis & dubhradar leis go raibh an bosca fada a dhóithin anois aige & é a thabhairt do dhuine éigint eile ar feadh tamaill. Dubhairt Seán leo mar olc ortha, go gcoinneochadh sé é go bhfaghadh sé bás, agus annsan go gcuirfidhe in éinfheacht leis é. Chuadar abhaile annsan agus dubhradar muna bhfaghaidís uaidh é, go mbeadh sé aca gan a chead. Thugadar fé dul isteach sa mhuileann agus é do thógaint leo, ach thárluigh go raibh Seán féin istigh rómpa agus maide draighin aige, agus madra mór & sgaimh dainn- séarach air le n-a chois agus ba mhó go mór an deabhadh amach a bhí ar na comh- arsain ná mar a bhí isteach ortha agus fuaireadar a leithéid sin de cleithireáil nár bhacadar arís leis an muileann. Bhíodh na daoine a bhí ag obair sa mhuileann ag lorg árdú páigh go minic agus gheibidís é. Ach dá mhéid a bhí aca sé is mó a bhí uatha. Chuireadhar isteach ar árdú eile. Ní bhfaighidís é. Ansan chuireadar suas de n-a thuille oibre a dhéanamh. Ní bhfaigheadh Seán aoinne a dh'oibreochadh sa mhuileann dó, ná capaill chun an salann a thabhairt go dtí na h-áthraí. Do b'éigean do an bosca a stop mar bhí an muileann lán de shalann. Do dhún sé an muileann ar fad. Annsan táirrig sé do chaptaon luinge ó Shasana an bosca a dhíol leis. “Cad a bheadh uait air?” arsan captaon. “Miliún púnt,” arsa Seán. Thug sé dhó é. Annsan do thaispeáin Seán do connus an bosca a chur ar siubhal agus a stop. Thóg an Sasanach an bosca draoidheachta leis annsan, & chomh luath & chuir sé a cheann taobh amuigh de dhoras Sheáin bhí a raibh de dhaoine díomhaoine sa Daingean na dhiaidh chun an bosca do bhaint de, agus muna mbeadh gur Sasanach é, & rith maith aige bhí an bosca bainte dhe aca. Bhí sé ró mhaith ins na cosaibh dóibh. Níorbh fhada go raibh sé ar bhórd an áthraigh. Ní raibh leath a chuid máirnéalach aige ach ba chuma
leis. Bhí déanamh a ghnótha aige dhíobh. Thug sé órdú na seolta dh'árdú agus cur chun fairrge. Bhí cóir aige, agus eagla air go mbeadh an tóir na dhiaidh. Ní raibh na máirnéalaigh a bhí aige ró- shásta a bheith ag imtheacht ó'n Daingean chómh tapaidh san. Níor dhein an cap- taon ach balcuire pórtair oscailt dóibh agus leigint dóibh a ndóthain d'ól. Luigheadar leis Níorbh' fhada go raibh dath an fhuachta imthighthe dhíobh. Thóg an captaon an bosca draoidh- eachta & dubhairt sé na focail & chuir sé ar siubhal é. D'oibrigh sé go h-álainn agus níorbh' fhada go raibh cnocáinín salainn le h-ais leis. Bhí an cnocáinín ag méadughadh agus ag méadughadh i gcomhnuidhe go raibh cnocáinín maith ann sa deire. Tháinig cuid des na máir- néalaigh ag féachaint air — oiread aca agus a bhí ábalta ar fhéachaint ar aon nídh gan dá rud fheiscint in ionad aon cheann amháin tar éis an méid a bhí ólta aca. Bhí iongantas a gcroidhe ortha nuair a chonacadar an salann ag tuitim as an mbosca, & cnocán mór salainn shíos i dtóin an áthraigh. Bhí cuid aca ghá rádh nár shalann in aon chor é. Bhí duine aca agus a dhóthain — & ádhbhairín níos mó — ólta aige ghá rádh nár shalann é, & a fhiarfruighe des na fearaibh eile an bhfeacadar salann riamh roimhe sin, & muna mbeadh gur amadáin iad go mbeadh a fios aca nách salann a bhí ann. Níor thaithnigh le duine aca amadán 'á thabhairt air féin agus dubhairt sé leis an bhfear eile gurbh' fhearra dho a shuaimhneas a cheapadh. Dubhairt an fear eile gurbh' é sin an t-amadán ba mhó ortha. Níor dhein seis- ean ach breith ar chúl a chinn air agus a cheann a sháthadh sa chnocán salainn, & é fhágaint ann. Do scairt a raibh láith- reach. D'éirigh an máirnéalach na shuidhe ar an salann, & é ag cimilt salainn as a shúile agus as a bhéul agus as a shróin. “Seadh, anois, an salann é?” arsan fear a chaith isteach é, ach níor thug an fear eile aon fhreagra air. Ní dubhairt sé a thuille ach d'éirigh sé 'na sheasamh & d'imthigh sé síos san chábán agus níorbh' fhada go raibh sé féin agus an soitheach ana mhuinteardha le na chéile arís. Bhí an bosca ag obair i gcomhnuidhe agus an salann ag árdú san áthrach agus an captaon ag féuchaint air & é go lán tsásta. “Is maith an rud dómh-sa go raibh an iomad teaspaigh ar mhuintir an Daingin,” ar seisean, agus annsan d'imthigh sé & chuaidh sé ar meisce sa chábán & d'fhág sé an bosca ag obair. Seadh, níorbh' fhada go raibh an t-áthrach lán a dóthain. Do ghlaoidh an máta ar an gcaptaon agus dubhairt sé leis go raibh sé in-am an bosca a stop. Bhí sé ag glaodhach air ar feadh tamaill mhaith sar ar dhúisigh an captaon mar bhí mearathal na dighe air. D'éirigh sé agus chuaidh sé suas ar bórd. Bhí an t-áthrach síos go dtí n-a faobhar & an bosca ar a dhícheall ag déanamh salainn. Bhailigh na máirnéalaigh timcheall air agus an méid aca ná raibh ar stealladh na ngrást le meisce bhí scannradh ortha. Bhí an captaon ag iarraidh cuimhneamh ar na focail chun an bosca do stop ach leis an meisce a bhí air d'imthigh na focail as a chuimhne, & toisg gur Sasanach é féin agus gan tuiscint ar Ghaeluinn aige labhair sé as Béarla leis, ach níor thuig an bosca an Béarla. Thriail sé na téarmaí Gealuinne a bhí aige leis — “Dí-smura-gut,” ar seisean; “Hanaman - díl,” ar seisean; “Trum póg,” ar seisean, ach níor stad an bosca. Bhí an t-áthrach ag dul síos i gcomhnuidhe agus níorbh' fhada gur bhris tonn mhór os a cionn. ‘Caith an bosca i bhfairrge,” arsa duine. Tug cuid de sna máirnéalaigh iarracht ar an mbosca a chaitheamh amach ach thair- ring an captaon a ghuna beag chuige, & do choinnibh uaidh amach iad. Bhí na máirnéalaigh ag malachtú ar an gcap- taon agus ar a chéile agus bhí “liútar aotar” aca agus an bosca ag oibriú leis gan stad ná staonadh gur tháinig tonn mhór eile. Leis an ualach a bhí uirthí bhris plannc mór i gcliathán an áthraigh. Rith an t-uisge isteach sa tsalann & níorbh' fhada go raibh sáile istigh & amuigh aca. D'imthigh an fear a thuit sa tsalann síos sa chabán agus thug sé leis aníos boidéal. Thóg sé deoch bhreágh agus chuir an boidéal fén' oscail díreach agus an t-áthrac ag dul fé chois & na máirnéalaigh ag malachtú ar an gcaptaon & é sin & greim ar an mbosca draoidheachta aige agus ar a ghuna. D'imthigh an t-áthrach fé chois — máirnéalaigh, captaon, bosca, salann 's uile, agus ní fheachaigh aoinne duine aca ó shoin riamh beo ná marbh. D'imthigh an bosca draoidheachta síos, agus é ag déanamh salainn & gan aoinne chun é a stop, agus tá sé ag déanamh salainn shíos ó shoin; agus sin é atá ag dul tríd an uisge agus á dhéanamh guirt. Sin é mo sgéul-sa & má tá bréag ann bíodh. Séamus Ua Caomháin, Rinn Bheag, Daingean Uí Chúise. SLIOCHT NA h-ABHANN. Bhí treabhachas de mhuinntir Shúileabháin na gcomhnaidhe i n-aice Locha Luigheach i n-Uibh Ráthach. Ba leo toradh na h-abhann go nglaodhtar An Chumarach uirthi — sé sin le rádh gur leo pé iasc a bhíodh innti. Bhí leas-ainm ortha dá bhrigh sin — tugtaí “Sliocht na Cumaraighe” nó “Sliocht na h-Abhann” ortha. Do phós an t-oighre óg bean uasal de mhuinntir Shéaghdha. Tháinig sí abhaile i gcionn mí agus thug sí gior- racht éigin cainnte do mháthair a céile — — d'fhiafruigh sí dhi ar de “Shliocht na h-Abhann” í. Do labhair an bhean eile — “Is annamh sliocht ar abhainn,” ar sise, “Mara mbeadh breach nó bradán ann, Nuair a bhí mo shliocht-sa ann Do bhí do shliocht-sa go fann, Ní raibh aca cnoc ná gleann Ná iomad éisc ar abhainn.” FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá pianacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneacb, Ath Cliath is CORCAIGH. GUAILNEÁN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaidh dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA na LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH na DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe. COSA BUIDHE ÁRDA Do'n Aos Óg. Ó MO LEANBH É.
COSA BUIDHE ÁRDA DO'N AOS ÓG. Ó MO LEANBH É. Raghaidh, raghaidh, raghaidh, gan amhras, Raghaidh, mo leanbh, ar aonach na Samhna; Raghaidh, raghaidh, raghaidh, mo ghamhain-se, Raghaidh, raghaidh, 's is maith an fear ann é. Luinneóg: Ó, mo leanbh é! Ó, mo laogh é! Ó, mo leanbh é ag banairthle ghléigeal. II. Raghaidh, raghaidh, raghaidh go direach Raghaidh, mo leanbh, ar aonach Neidíneach Ceannaghaidh mé capall is ceannóghaidh me caora Is ceannóghadh mé turann chun olna do shníomh do. Ó, mo leanbh é! &rl. III. Raghaidh Dairbhre is raghaidh sé go Dínis, Is raghaidh ar'on Scairbh ag lorg coiníní, Tiocfaidh sé a bhaile is a bhád aige dinncthe, Tiocfaidh is tiocfaidh is tiocfaidh mo bhuidheanach. Ó, mo leanbh é! &rl. IV. Is maith a gnó seachtmhain' 'gus is maith an gnó ráithe, Is maith a gnó seachtmhain' a chaitheamh anáirde; Togha na bhfear óg é is togha na bhfear críona, Togha na bhfear óg é pósta is sgaoilte. Ó, mo leanbh é! &rl. V. Is minic do dheineas 's is minic do dheárnas 'S is minic do chaitheas mo leanbh anáirde Sé mo leanbh é! sé gan domhat é! Sé mo leanbh é! sé gan amhras! Ó, mo leanbh é! &rl. VI. D'obair go n-ithfeadh is d'óbair go ndéan- fadh Is dóbair go n-íosfadh an rón ar an gcaol é Sé mo leanbh é! sé gan domhat é! Sé mo leanbh é! sé gan amhras! Ó, mo leanbh é! &rl. VII. Caith amach, caith amach, caith amach theighdí, Caith amach capaillín Dómhnaill na Caidhpe, Cuir-se an crúdh is cuirfead an táirnge Is beimíd i gCorcaig ar maidin amáireach. Ó, mo leanbh é! &rl. VIII. Ceannóchaidh me capall is ceannóchaidh me srian do Téigheadh sé ar an margadh & tugadh leis iallait, Ceannóchaidh me gunna dho is ceannóchaidh me claidheamh do Is cuirfead isteach i ngárda an ríogh é. Ó, mo leanbh é! &rl. Eibhlís Ní Shéaghdha, Cathair Sabháin, in Íbh Ráthach, do sholáthruigh an chuid is mó dhe seo. CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM. Bhí na focail i “Lóchrann” na Bealtaine. RAITHINEACH A BHEAN BHEAG. Bhí na focail i “Lóchrann” an Mheitheimh. BEIDH RÍL AGAINN. Bhí na focail i “Lóchrann” an Mheithimh. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl. Más Múinteoir tú, ná bí ad varú fén agus a marú na leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar. An Cuman um Letriú Shimplí, Tigósda Minerva, Bleáclieh. A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i. “AN LÚCÁNIA” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (teo.) CÍLL ÁIRNE, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus SEOGH EARRAÍ GAEDHEALACHA Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. Múinteóir: “Cad é an Ghramadach Ghaedhilge is fearr?” Fear an Eólais: “Ní deacair an cheist sin d'fhreagairt; is é CEACHTA CAINNTE GRAMADAIGHE Is binne Gaedhealg Is cirte Gramadach Is usa Múineadh d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge againn i ndiu.” Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é; molaid na múinteóirí é; agus molaid na scoláirí féin é. LEATH-CHORÓINN A FHIACHA. MUINNTIR GHUILL & A MAC, 50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH. FOCAL SA' CHÚIRT. Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services